Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/2195(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0227/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0227/2023

Díospóireachtaí :

PV 03/10/2023 - 19
CRE 03/10/2023 - 19

Vótaí :

PV 04/10/2023 - 7.7
CRE 04/10/2023 - 7.7

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0346

Téacsanna atá glactha
PDF 192kWORD 66k
Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair 2023 - Strasbourg
An Úisbéiceastáin
P9_TA(2023)0346A9-0227/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2023 ar an Úisbéiceastáin (2022/2195(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 15 Bealtaine 2019 dar teideal ‘The EU and Central Asia: New Opportunities for a Stronger Partnership’ [An tAontas Eorpach agus an Áise Láir: Deiseanna Nua do Chomhpháirtíocht Níos Láidre] (JOIN(2019)0009),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2019 maidir leis an Straitéis Nua don Áise Láir,

–  ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal ‘An Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile – Clocha coirnéil ionsar straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh’ (JOIN(2018)0031),

–  ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana maidir le Comhar i réimse an Fhuinnimh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÚisbéiceastáine an 24 Eanáir 2011 agus arna athnuachan i mí Feabhra 2017,

–  ag féachaint do chlár comhpháirteach an Aontais Eorpaigh/Comhairle na hEorpa dar teideal ‘Central Asia Rule of Law Programme’ [Clár na hÁise Láir maidir leis an Smacht Reachta] (2020-2023) a síníodh an 28 Samhain 2019,

–  ag féachaint do Theachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘Global Gateway’ (JOIN(2021)0030),

–  ag féachaint do thorthaí an 18ú cruinniú d’Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus na hÁise Láir a tionóladh an 17 Samhain 2022 in Samarkand, inar díríodh ar réitigh a fháil ar dhúshláin choiteanna,

–  ag féachaint don ráiteas comhpháirteach preasa ó Chinn Stáit na hÁise Láir agus ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a eisíodh tar éis an chéad chruinnithe ardleibhéil réigiúnaigh a tionóladh in Astana an 27 Deireadh Fómhair 2022,

–  ag féachaint don ráiteas ó Urlabhraí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an 4 Iúil 2022 maidir leis na forbairtí is déanaí san Úisbéiceastáin,

–  ag féachaint don phreasráiteas comhpháirteach an 28 Deireadh Fómhair 2022 ó Shavkat Mirziyoyev, Uachtarán Phoblacht na hÚisbéiceastáine agus Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí,

–  ag féachaint don Chomhaontú le cur in ionad an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile(1),

–  ag féachaint don 18ú cruinniú den Fhochoiste um Cheartas, um Ghnóthaí Baile agus um Chearta an Duine den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir AE agus an Úisbéiceastáin an 29 Márta 2022,

–  ag féachaint don ráiteas ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in Tashkent an 15 Márta 2023,

–  ag féachaint do na barúlacha deiridh ar an séú tuarascáil thréimhsiúil ón Úisbéiceastáin ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 1 Márta 2022, don tríú tuarascáil thréimhsiúil ón Úisbéiceastáin ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha ó mhí Feabhra 2022 agus don chúigiú tuarascáil thréimhsiúil ón Úisbéiceastáin ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh i mí Mheán Fómhair 2022,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989,

–  ag féachaint do na barúlacha deiridh o Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ar an gcúigiú tuarascáil thréimhsiúil an 1 Bealtaine 2020 ón Úisbéiceastáin maidir leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach,

–  ag féachaint don Tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe ar chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint agus an sceimhlitheoireacht á comhrac ag an am céanna tar éis cuairt oifigiúil ar an Úisbéiceastáin ón 29 Samhain go dtí an 7 Nollaig 2021, a foilsíodh an 25 Feabhra 2022,

–  ag féachaint do straitéis náisiúnta na hÚisbéiceastáine 2021-2026 chun an t-antoisceachas agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac,

–  ag féachaint don Tuarascáil Chríochnaitheach ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Mhisean Breathnóireachta Toghchán um Chearta an Duine ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE ODIHR) an 24 Deireadh Fómhair 2021 a foilsíodh an 22 Aibreán 2022,

–  ag féachaint don ráiteas ar réamhthorthaí agus conclúidí Mhisean Breathnóireachta Reifrinn Teoranta ESCE ODIHR chuig Poblacht na hÚisbéiceastáine a foilsíodh an 1 Bealtaine 2023;

–  ag féachaint dá moladh an 26 Márta 2019 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcomhaontú cuimsitheach nua idir AE agus an Úisbéiceastáin(2),

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an Úisbéiceastáin,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0227/2023),

A.  de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an Úisbéiceastáin san Áise Láir, ar réigiún í a bhfuil leas straitéiseach ag AE inti maidir le slándáil, nascacht, éagsúlú fuinnimh, réiteach coinbhleachtaí agus cosaint an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhaigh;

B.  de bhrí go ndearnadh na caibidlíochtaí maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úisbéiceastáin (CCCF), lena ndéantar nuachóiriú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair atá ann cheana a síníodh in 1999, a sheoladh go foirmiúil an 23 Samhain 2018 agus gur tugadh i gcrích go rathúil iad an 6 Iúil 2022; de bhrí go mbeidh toiliú na Parlaiminte ag teastáil ó CCCF chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm;

C.  de bhrí go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag Rialtas na hÚisbéiceastáine chun cothromaíocht a bhaint amach idir an fás eacnamaíoch agus cosaint an chomhshaoil; de bhrí go n-áirítear i measc na n-ábhar imní a tuairiscíodh maidir leis an gcomhshaol díghrádú talún, salannú ithreach, cáilíocht laghdaithe uisce agus dobharchreimeadh;

D.  de bhrí go bhfuil EUR 76 mhilliún leithdháilte ag AE don chéad cheithre bliana (2021-2024) do Chlár Táscach Ilbhliantúil 2021-2027 aige don Úisbéiceastáin, le EUR 7 milliún breise curtha i leataobh chun tacú le heagraíochtaí um chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

E.  de bhrí go bhfuil an Áise Láir ag tabhairt aghaidh ar cheann de na géarchéimeanna uisce is tromchúisí ar domhan, rud a chuir teorainn mhór le baint amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) sa réigiún; de bhrí nach bhfuil rochtain ach ag níos mó ná leath den daonra san Úisbéiceastáin ar uisce óil sábháilte, agus go bhfuil slándáil uisce i bhfad níos ísle ag ceantair thuaithe ná mar atá ag ceantair uirbeacha; de bhrí go n-ídíonn an talmhaíocht, go háirithe tionscal an chadáis, níos mó ná 90 % d’uisce na hÚisbéiceastáine; de bhrí go meastar go dtiocfaidh laghdú suas le 15 % faoi 2050 ar an uisce a shreabhann trí aibhneacha Syr Darya agus Amu Darya, a chuireann cuid mhaith de sholáthar uisce na hÚisbéiceastáine ar fáil;

F.  de bhrí, ó thit an tAontas Sóivéadach agus a bheartas talmhaíochta tubaisteach agus a chóras aonadach bainistithe uisce, go bhfuil tionchar mór ag díospóidí uisce ar shlándáil agus ar chobhsaíocht réigiún na hÁise Láir; ag tabhairt dá haire go ndearna an t-athrú aeráide san Áise Láir difear d’acmhainní uisce agus go bhfuil róshaothrú uisce mar thoradh ar dhianghníomhaíochtaí daonna; de bhrí, mar thoradh ar mhíbhainistiú meargánta uisce agus truailliú na bpríomhaibhneacha chun goirt chadáis a uisciú, ar chuir an réimeas Sóivéadach tús leo agus atá ag dul ar aghaidh fós den chuid is mó sa lá atá inniu ann, lena gcuimsítear sé thír sa réigiún, go bhfuil Muir Aral agus cuid mhaith dá fo-lochanna nach mór imithe go hiomlán mar thoradh air sin agus go bhfuil daonra leochaileach an cheantair nochta d’fhadhbanna tubaisteacha sláinte, éiceolaíochta agus sóisialta; de bhrí go bhfuil srian curtha ar phleanáil aontaithe agus leithdháileadh éifeachtúil aibhneacha trasteorann ag coinbhleachtaí rialta uisce agus ag éagobhsaíocht pholaitiúil, rud a fhágann go ndéantar acmhainní uisce a shaothrú agus a úsáid go neamhéifeachtach sa réigiún;

G.  de bhrí gur ranníoc AE os cionn EUR 5.2 milliún le Ciste Iontaobhais Ilpháirtí na Náisiún Aontaithe um Shlándáil an Duine do réigiún Mhuir Aral faoin gComhaontú Glas don Eoraip; de bhrí gur gheall AE breis agus 27 000 crann a chur in 2022, i gcomhar le hiarrachtaí Rialtas na hÚisbéiceastáine talamh a mhíntíriú ó Fhásach Aralkum;

H.  de bhrí gur bhris agóidí amach i bPoblacht na Cara-Chalpacastáine an 1 Iúil 2022 tar éis fhoilsiú leasuithe molta ar bhunreacht na hÚisbéiceastáine, a chuirfeadh deireadh lena stádas mar phoblacht cheannasach laistigh den Úisbéiceastáin agus a cheart scartha; de bhrí gur maraíodh 21 duine ar a laghad agus gur gortaíodh os cionn 270 duine, agus gur thuairiscigh cuid de na cimí céasadh agus drochíde sa chniogbheartaíocht a rinne na húdaráis ina dhiaidh sin; de bhrí gur thuairiscigh grúpaí agus gníomhaithe chearta an duine gur bhain fórsaí slándála úsáid as fórsa marfach gan údar agus as freagairtí iomarcacha eile chun agóideoirí síochánta den chuid is mó a scaipeadh; de bhrí gur coinníodh 516 duine, lena n-áirítear iriseoirí, agus gur coinníodh roinnt acu ar leithlis ar feadh seachtainí tar éis na n-agóidí; de bhrí gur gearradh pianbhreith ar 22 dhuine an 13 Eanáir 2023 as a rannpháirtíocht sa chorraíl agus gur gearradh 16 bliana príosúnachta ar Dauletmurat Tajimuratov, dlíodóir a cúisíodh as an gcorraíl a threorú; de bhrí, an 17 Márta 2023, gur cuireadh deireadh leis an dara triail i gcoinne 39 duine eile a bhí cúisithe as páirt a ghlacadh sna hagóidí agus gur tugadh téarmaí fada príosúnachta suas le 11 bhliain dóibh;

I.  de bhrí go maíonn Rialtas na hÚisbéiceastáine go poiblí go bhfuil os cionn 10 000 eagraíocht sochaí sibhialta (ESSanna) ag feidhmiú san Úisbéiceastáin faoi láthair, agus go léiríonn grúpaí um chearta sibhialta gur eagraíochtaí neamhrialtasacha atá eagraithe ag an rialtas iad formhór na n-eagraíochtaí sin;

J.  de bhrí gur tháinig feabhas de réir a chéile ar an tír de bharr athchóirithe eacnamaíocha agus polaitiúla a rinneadh faoin Uachtarán Shavkat Mirziyoyev, ach go bhfuil gá fós le tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh, go háirithe an t-athbhreithniú a gealladh ar an gCód Coiriúil agus ar chód nua eagraíochta neamhrialtasacha (ENR); de bhrí gur rangaíodh an Úisbéiceastáin mar ‘neamhshaor’ i dtuarascáil ‘Saoirse ar Domhan’ 2023 agus i dtuarascáil ‘Saoirse ar an Idirlíon’ 2022 ó Freedom House agus go bhfuil sí rangaithe sa 137ú háit as 180 tír in Innéacs Domhanda 2023 um Shaoirse an Phreasa, i gcomparáid leis an 133ú háit in 2022; de bhrí go bhfuil an Úisbéiceastáin rangaithe sa 126ú háit as 180 tír in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2022 de chuid Transparency International;

K.  de bhrí gur luaigh ESCE nach raibh fíoriomaíocht ná rannpháirtíocht fhóinteach idir iarrthóirí agus saoránaigh i dtoghchán uachtaránachta 2021 agus gur thug sí dá haire neamhrialtachtaí suntasacha nós imeachta;

L.  de bhrí gur shocraigh Seanad Oliy Majlis an 30 Aibreán 2023 mar an dáta le haghaidh reifreann ar athchóirithe bunreachtúla tar éis é a chur siar mar gheall ar ghéarchéim 2022 sa Chara-Chalpacastáin; de bhrí go ndéanann na leasuithe a chuirtear i láthair sa reifreann difear do thart ar dhá thrian den bhunreacht; de bhrí go n-áirítear foráil sna leasuithe lena gcuirfí ar chumas an Uachtaráin fanacht in oifig ar feadh dhá théarma seacht mbliana eile; de bhrí, de réir an Choimisiúin Lárnaigh Toghchán, gurbh é 84,5 % an ráta vótála don reifreann agus go raibh 90,2 % de na vótaí i bhfabhar an bhunreachta nua;

M.  de bhrí gur chinn Misean Breathnóireachta Reifrinn Teoranta ESCE ODIHR ina réamhthorthaí agus ina chonclúidí ‘gur tugadh isteach an reifreann chun leanúint d’athchóirithe níos leithne a cuireadh chun feidhme le blianta beaga anuas ach gur tharla sé i dtimpeallacht nach raibh fíor-iolrachas polaitiúil ná fíoriomaíocht pholaitiúil ann’ agus go raibh ‘an gá le tuairimí malartacha a spreagadh tuilleadh, deiseanna a chur ar fáil don tsochaí shibhialta neamhspleách agus urraim do shaoirsí bunúsacha, a leanann de bheith srianta’; de bhrí, de réir Ráiteas ESCE ODIHR maidir le Réamhthorthaí agus Conclúidí, ‘go raibh mí-úsáid fhorleathan acmhainní riaracháin tugtha dá n-aire ag breathnóirí’;

N.  de bhrí, i bhfianaise thionchar méadaitheach na Síne sa réigiún, go bhfuil an Úisbéiceastáin agus an tSín ag leathnú a gcomhar eacnamaíoch le blianta beaga anuas; de bhrí go bhfágfadh an tionscadal iarnróid idir an tSín, an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin go mbeadh an Úisbéiceastáin ina geata chuig an Áise Theas agus go nascfadh sé an dá réigiún agus go seachnófaí ag an am céanna an Afganastáin atá faoi rialú an Talaban, ach go mbeadh sí ina cuid lárnach den Tionscnamh Creasa agus Bóthair freisin;

O.  de bhrí go leantar de shaincheisteanna suntasacha maidir le cearta an duine a thuairisciú san Úisbéiceastáin, lena n-áirítear cásanna céasta nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach, in ainneoin an cleachtas a bheith toirmiscthe faoin dlí; de bhrí go n-áirítear ar ábhair imní eile a tuairiscíodh maidir le cearta an duine gabhálacha treallacha nó coinneáil, gabháil agus príosúnacht príosúnach polaitiúil, fadhbanna le neamhspleáchas na mbreithiúna, éilliú agus srianta ar shaoirsí comhthionóil, na meán agus cainte, lena n-áirítear ar an idirlíon; de bhrí gur cionta coiriúla fós iad clúmhilleadh agus masla, lena n-áirítear an t-uachtarán a mhaslú, in ainneoin ghealltanas an Uachtaráin Mirziyoyev in 2020 an dá chion a dhíchoiriúlú; de bhrí gur gearradh trí bliana príosúnachta ar an mblagálaí Sobirjon Babaniyazov as an uachtarán a mhaslú ar líne;

P.  de bhrí gur mhéadaigh an Úisbéiceastáin a príosúnacht iriseoirí agus blagálaithe le blianta beaga anuas, lena n-áirítear Otabek Sattoriy, blagálaí neamhspleách, iriseoir iniúchach agus gníomhaí a bhfuil téarma príosúnachta sé bliana agus sé mhí á chaitheamh aige mar gheall ar a thuairisciú ar éilliú; de bhrí, le cinneadh ó Mheitheal na Náisiún Aontaithe um Ghabháil gan Chúis i mí na Samhna 2022, go raibh coinneáil Sattoriy ag sárú an dlí idirnáisiúnta; de bhrí go n-áirítear ar iriseoirí agus blagálaithe eile a daoradh as a dtuairisciú nó a léiriú Miraziz Bazarov, blagálaí a cuireadh faoi bhraighdeanas baile i mí Aibreáin 2021 agus gur gearradh trí bliana de shaoirse shrianta air ar chúiseamh clúmhillte mar gheall ar a cheart chun tuairimí a nochtadh a fheidhmiú, Fazilkhoja Arifkhojayev, blagálaí a gabhadh i mí an Mheithimh 2021 agus a gearradh seacht mbliana agus sé mhí air mar gheall ar athphostáil a dhéanamh maidir le hábhair reiligiúnacha ar na meáin shóisialta agus trácht a dhéanamh orthu, agus Lolagul Kallykhanova, bunaitheoir Makan.uz, a gabhadh i mí Iúil 2022 agus a ngearradh ocht mbliana saoirse srianta uirthi as a rannpháirtíocht líomhnaithe in agóidí na Cara-Chalpacastáine; de bhrí go bhfuil Valijon Kalonov, cáinteoir rialtais a d’iarr baghcat ar thoghcháin uachtaránachta 2021, á reáchtáil in ospidéal síciatrach i réigiún Samarkand tar éis do chúirt a rialú gur cheart dó dul faoi chóireáil shíciatrach éigeantach;

Q.  de bhrí, i mí an Mhárta 2020, gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, a dhéanann faireachán ar chomhlíonadh an Chúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, in iúl gur cúis imní dó ‘tuarascálacha leanúnacha maidir le céasadh agus drochíde, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus éigniú, ag oifigigh príosúin agus pearsanra forfheidhmithe dlí i gcoinne daoine a bhfuil saoirse bainte díobh, lena n-áirítear daoine aonair atá á gcoinneáil ar chúiseanna a bhfuil an chuma orthu a bheith ina gcúiseanna polaitiúla’;

R.  de bhrí gur thuairiscigh Coiste na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta i mí Eanáir 2020 ‘go leantar de chéasadh agus drochíde a dhéanamh go rialta ag oifigigh forfheidhmithe dlí Pháirtí an Stáit, oifigigh imscrúdaitheacha agus oifigigh phríosúin, nó arna dtionscnamh ag na hoifigigh sin agus le toiliú uaidh, go príomha chun admhálacha nó faisnéis a bheidh le húsáid in imeachtaí coiriúla a bhaint amach’; de bhrí, mar thoradh ar ghealltanais an tUachtarán Mirziyoyev go dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna an chéasta faoi choimeád an stáit, gur glacadh roinnt beart dearfach amhail reachtaíocht lena sonraítear nach bhfuil fianaise a fuarthas faoi chéasadh inghlactha sa chúirt; de bhrí nach gcuirtear na coimircí dlíthiúla sin chun feidhme go comhsheasmhach agus nach ndéanann na húdaráis imscrúdú ceart de ghnáth ar chásanna céasta; de bhrí gur minic a staonann daoine atá á gcoinneáil ó ghearáin a dhéanamh mar gheall ar eagla roimh dhíoltais;

S.  de bhrí go bhfuil na húdaráis fós ag díriú ar Mhoslamaigh a chleachtann a gcreideamh lasmuigh de rialú an stáit le cúisimh choiriúla bhréagacha a bhaineann le hantoisceachas reiligiúnach; ag tabhairt dá haire, mar shampla, gur gearradh os cionn cúig bliana i bpríosún ar Bobirjon Tukhtamurodov as páirt a ghlacadh in eagraíocht reiligiúnach ar cuireadh toirmeasc air agus go gcuireadh Moslamaigh eile, lena n-áirítear Oybek Khamidov, Khasan Abdirakhimov agus Alimardon Sultonov i bpríosún ar chúisimh choiriúla a bhaineann leis an antoisceachas;

T.  de bhrí nach bhfuil críochnú tagtha fós le héagóracha a chur ina gceart a rinneadh san am atá thart i gcoinne daoine san Úisbéiceastáin a cuireadh i bpríosún go neamhdhleathach agus de shárú ar a gcearta; de bhrí, cé go bhfuil na scórtha iarphríosúnach coinsiasa scaoilte ag an Úisbéiceastáin le blianta beaga anuas, nach bhfuil bearta déanta ag na húdaráis chun na daoine sin a athshlánú, atá fós ciontaithe i gcoireanna faoin dlí, ná chun an díobháil a rinneadh dóibh de bharr a gcoinneáil fhada agus céasadh a rinneadh orthu a dheisiú agus chun an drochíde a d’fhulaing go leor daoine, leithlisiú óna dteaghlach agus a gcairde agus cailliúint oibre, i measc iarmhairtí eile, a dheisiú;

U.  de bhrí gur ghlac an Úisbéiceastáin straitéis náisiúnta i mí Iúil 2021 chun an t-antoisceachas agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac don tréimhse 2021-2026; de bhrí gurb é aidhm shonraithe na straitéise beartas stáit éifeachtach agus comhordaithe a shaothrú chun an t-antoisceachas agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus chun an tslándáil náisiúnta agus cearta agus saoirsí na saoránach a áirithiú; de bhrí gur mhéadaigh gabháil cumhachta an Talaban ar an Afganastáin imní na hÚisbéiceastáine maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an sceimhlitheoireacht ón Afganastáin ar a comharsana san Áise Láir, go háirithe ag an Stát Ioslamach — Cúige Khorasan, chomh maith le hAontas Jiohád Ioslamaigh, Gluaiseacht Ioslamach na hÚisbéiceastáine, Katibat al-Imam al-Bukhari agus Jamaat Ansarullah; de bhrí go leanann an Úisbéiceastáin de bheith ina rannpháirtí gníomhach in ardán taidhleoireachta C5+ 1 agus sa chomhar gaolmhar maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht/an t-antoisceachas foréigneach a chomhrac (CT/CVE);

V.  de bhrí gur cinneadh i suirbhé a rinne institiúid taighde na hÚisbéiceastáine um Theaghlach agus Mná go raibh bean amháin as gach triúr thíos le mí-úsáid óna bhfear céile agus go raibh bean amháin as gach ceathrar thíos le mí-úsáid óna máthair chéile; de bhrí nach sroicheann ach 7 % de chásanna foréigin teaghlaigh cúirteanna; de bhrí nach bhfuil formhór na n-íospartach foréigin teaghlaigh in ann rochtain a fháil ar thacaíocht dhlíthiúil toisc go bhfuil siad spleách ar a gcéilí ó thaobh airgeadais de; de bhrí go bhfuil íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh thíos freisin le cúnamh éigeandála neamhleor, le líon neamhleor dídine agus easpa cistithe do bheolínte, chomh maith le heaspa oibrithe sóisialta agus síceolaithe oilte; de bhrí gur toradh coitianta é feimeamharú ag fear céile nó ag gaolta eile ar an tsaoirse ó phionós as foréigean teaghlaigh, cé nach bhfuil aon staidreamh oifigiúil ar fáil; de bhrí go bhfuil póstaí leanaí fós forleathan i roinnt ceantar tuaithe san Úisbéiceastáin agus go gcuireann siad bac ar chearta na mban sa tír trí theorainn a chur lena ndeiseanna oideachais agus fostaíochta;

W.  de bhrí, faoi Airteagal 120 de Chód Coiriúil na hÚisbéiceastáine, gur cion coiriúil inphionóis é iompar comhghnéis comhthoiliúil idir fir lena ngabhann suas le trí bliana i bpríosún; de bhrí nach amháin go sáraíonn an dlí sin cearta daonna na bhfear aerach agus déghnéasach, ach go ndéanann sé an pobal LGBTIQ i gcoitinne a imeallú tuilleadh, rud a chruthaíonn timpeallacht naimhdeach agus idirdhealaitheach, a chuireann bac ar a gcumas rochtain a fháil ar chearta bunúsacha agus ar sheirbhísí bunúsacha agus a fhágann go bhfuil sé ina dhúshlán dóibh a saol a chaitheamh faoi shaoirse agus go hoscailte;

X.  de bhrí gur fhulaing an Úisbéiceastáin ganntanas fuinnimh tromchúiseach gan fasach le linn Gheimhreadh 2022-2023, a d’fhág codanna móra den tír gan téamh agus leictreachas agus a rannchuidigh le muinín an phobail i riarachán an stáit a laghdú;

Y.  de bhrí gur thug Coiste um Ghnóthaí Eachtracha na Parlaiminte cuairt ar an Úisbéiceastáin an 23 agus an 24 Feabhra 2022; de bhrí go bhfuil cuairteanna tugtha go rialta ar an Úisbéiceastáin ag a Toscaireacht chun na gCoistí um Chomhar Parlaiminteach idir AE agus an Chasacstáin, idir AE agus an Chirgeastáin, idir AE agus an Úisbéiceastáin agus idir AE agus an Táidsíceastáin agus don chaidreamh leis an Tuircméanastáin agus leis an Mongóil;

Z.  de bhrí gur tharraing an Úisbéiceastáin siar ó Eagraíocht an Chonartha um Chomhshlándáil faoi stiúir na Rúise in 2018; de bhrí, ó sheol an Rúis a cogadh foghach gan chúis, gan údar agus neamhdhleathach ar an Úcráin, go bhfuil seasamh neodrach glactha ag an Úisbéiceastáin agus gur iarr sí go réiteofaí an choinbhleacht go síochánta; de bhrí, an 17 Márta 2022, gur luaigh iar-Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚisbéiceastáine Abdulaziz Kamilov nach n-aithneodh an Úisbéiceastáin stáit scarúnaíocha Donetsk agus Luhansk san Úcráin;

An caidreamh idir AE agus an Úisbéiceastáin

1.  á chur in iúl gur geal léi gur tugadh an chaibidlíocht chun críche maidir le CCCF idir AE agus an Úisbéiceastáin, lena gcruthaítear creat nua, nua-aimseartha agus uaillmhianach chun an caidreamh déthaobhach a dhoimhniú; á athdhearbhú go gcuirtear béim láidir sa chomhaontú ar luachanna comhroinnte, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, agus ar an bhforbairt inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire go ndéantar an bealach a réiteach ann do chomhar feabhsaithe sa bheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna amhail cobhsaíocht réigiúnach, nascacht dhigiteach, comhar idirnáisiúnta agus cosc coinbhleachtaí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar méadaithe idir AE agus an Úisbéiceastáin, go háirithe i bhfianaise imeachtaí geopholaitiúla a tharla le déanaí, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

2.  á iarraidh go ndéanfaí na nósanna imeachta dlíthiúla agus teicniúla is gá a thabhairt chun críche go pras agus go síneofaí CCCF, lena réiteofaí an bealach don Pharlaimint a saincheart a fheidhmiú maidir le daingniú an chomhaontaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúth-rannpháirtíocht na Parlaiminte maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gach cuid de CCCF a luaithe a thiocfaidh sé i bhfeidhm;

3.  ag tabhairt dá haire go bhfuil athchóirithe uaillmhianacha beartaithe faoi Straitéis Forbartha na hÚisbéiceastáine Nua do 2022-2026, arb é is aidhm di fíorathrú a bhaint amach sa tír maidir le forbairt shocheacnamaíoch, riarachán éifeachtúil, córas breithiúnach níos neamhspleáiche agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha; á chur in iúl gur geal léi bearta chun feabhas a chur ar an gcóras frith-éillithe agus á iarraidh ar na húdaráis leanúint dá n-iarrachtaí agus iad a threisiú i ndáil leis sin, agus conclúidí Dhara Fóram Idirnáisiúnta Tashkent um Fhrith-Éilliú á gcur san áireamh; á iarraidh go n-áireofaí i gclár oibre na n-athchóirithe ráthaíochtaí do shaoirse reiligiúin agus do shaoirse an phreasa, lena n-áirítear rochtain ar idirlíon agus ar mheáin shaora agus oscailte; á chur i bhfáth gur deis é an t-athchóiriú bunreachtúil chun an smacht reachta a neartú agus chun bunús láidir dlí a thabhairt do na hathchóirithe; á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine leanúint den phróiseas sin i gcomhairle le saoránaigh, sochaí shibhialta agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa, bunaithe ar noirm idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtais;

4.  ag tabhairt dá haire torthaí an reifrinn bhunreachtúil san Úisbéiceastáin a tionóladh an 30 Aibreán 2023, lenar formheasadh an bunreacht nua a bhfuil sé mar aidhm leis athruithe suntasacha a dhéanamh ar chreat dlíthiúil na tíre; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di na forálacha lena gceadaítear don Uachtarán síneadh a chur lena thréimhse oifige; á chur in iúl gur oth léi gur athraigh an rialtas teorainneacha an téarma ar bhealach neamh-thrédhearcach agus neamhdhaonlathach agus ag tathant ar an rialtas prionsabail an daonlathais agus an smachta reachta a leanúint; á chur i bhfios go láidir gur cheart dlús a chur le próiseas daonlathaithe na hÚisbéiceastáine;

5.  á chur in iúl gur geal léi go ndearna ESCE ODIHR misean breathnóireachta reifrinn teoranta a imscaradh an 28 Márta 2023 chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina ndearnadh an reifreann; á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine aird ar leith a thabhairt ar thorthaí agus ar chonclúidí Mhisean Breathnóireachta Reifrinn Teoranta agus na moltaí ó Thuarascáil Chríochnaitheach Mhisean Breathnóireachta Toghchán ODIHR 2021 a chur chun feidhme, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais reachtacha agus riaracháin chun páirtithe polaitiúla a chlárú agus deighilt shoiléir a bhunú idir an stát agus an páirtí, mar aon le smachtbhannaí éifeachtacha i gcoinne mí-úsáid acmhainní riaracháin; á iarraidh ar na húdaráis an creat dlíthiúil toghcháin a athchóiriú tuilleadh chun go mbeidh na hiarrthóirí daonlathacha uile rannpháirteach i dtoghcháin a bheidh ann amach anseo agus chun timpeallacht pholaitiúil atá fíor-iolraíoch a chruthú;

Comhar réigiúnach, caidreamh idirnáisiúnta agus dúshláin dhomhanda

6.  á mheas gur réigiún í an Áise Láir a bhfuil leas straitéiseach ann don Aontas Eorpach maidir le slándáil, nascacht, éagsúlú fuinnimh, réiteach coinbhleachtaí agus cosaint an oird idirnáisiúnta iltaobhaigh riailbhunaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Úisbéiceastáin i staid uathúil chun bheith ina ceann feadhna ar an gcomhar réigiúnach a chuideodh leis an Áise Láir a bheith ina spás eacnamaíoch agus polaitiúil níos athléimní, níos rathúla agus níos idirnasctha; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na hÚisbéiceastáine ar ardán C5+ 1; ag spreagadh AE chun dlús a chur lena ghealltanais polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála leis an Áise Láir i gcomhréir lena thábhacht gheostraitéiseach agus i gcomhréir le luachanna an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta atá mar bhonn agus mar thaca ag gníomhaíocht sheachtrach AE;

7.  á chur i bhfios go láidir an acmhainneacht mhór a bhaineann le comhar comhthairbheach maidir le nascacht inbhuanaithe agus dhigiteach, go háirithe trína thionscnamh Global Gateway maidir le fuinneamh, uisce agus slándáil, ach freisin trí chur chuige ilghnéitheach chun bealaí trádála a éagsúlú, infheistíocht phríobháideach níos fearr a chothú, comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, cúram sláinte, táirgeadh tionsclaíoch agus fothú acmhainneachta a fheabhsú, oiliúint agus oideachas post a chur ar fáil, agus teagmhálacha duine le duine a chothú; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, a thábhachtaí atá cláir chomhair agus idirphlé AE amhail Bainistiú Teorainneacha san Áise Láir, Clár Gníomhaíochta Drugaí na hÁise Láir agus Forfheidhmiú an Dlí san Áise Láir, atá ríthábhachtach don chomhar sna réimsí beartais sin;

8.  á mheas gur gá Straitéis 2019 AE maidir leis an Áise Láir a thabhairt cothrom le dáta tuilleadh chun iarmhairtí na ngéarchéimeanna geopholaitiúla a tharla le déanaí a léiriú, lena n-áirítear cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gabháil na hAfganastáine ag an Talaban, uaillmhianta domhanda na Síne agus athruithe polaitiúla i dtíortha comharsanachta;

9.  ag aithint go bhfuil idir dhúshláin agus deiseanna ann don Úisbéiceastáin agus do stáit eile na hÁise Láir, a bhfuil sé de nós acu dlúthchaidreamh a choinneáil leis an Rúis, mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na himpleachtaí a bhaineann leis sin; á chur in iúl gur oth léi nár cháin an Úisbéiceastáin ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin agus ag spreagadh na n-údarás é sin a dhéanamh go soiléir i gcomhréir leis an gcomhphobal idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi ráiteas an iar-Aire Gnóthaí Eachtracha Kamilov an 17 Márta 2022 ina n-iarrann sé go gcuirfí stop láithreach leis an gcogaíocht san Úcráin agus aitheantas á thabhairt aige do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine; ag tabhairt dá haire ag an am céanna nár aithin údaráis na hÚisbéiceastáine neamhspleáchas phoblachtaí Donetsk agus Luhansk, mar a thugtar orthu; á chur in iúl gur saoth léi gur staon an Úisbéiceastáin sa vótáil ar rúin Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an Úcráin, go háirithe rúin an 2 Márta 2022, an 24 Márta 2022 agus an 23 Feabhra 2023 lena n-éilítear deireadh a chur le hionsaí na Rúise agus tarraingt siar láithreach ón Úcráin; á chur in iúl gur oth léi go raibh an Úisbéiceastáin i gcoinne an Rúis a dhíbirt ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 7 Aibreán 2022; á chur in iúl gur oth léi go raibh Uachtarán na hÚisbéiceastáine i láthair ag Paráid an Bhua an 9 Bealtaine 2023 i Moscó;

10.  ag tabhairt dá haire gur gheall ceannaireacht pholaitiúil na hÚisbéiceastáine gan imchéimniú na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar an Rúis agus ar an mBealarúis agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go gcloífidh leis an ngealltanas sin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar aghaidh sa 11ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise ar imchéimniú smachtbhannaí tríd an Áise Láir, mar go léirítear leis an méadú géar ar an trádáil idir na tíortha sa réigiún sin agus Cónaidhm na Rúise ón mbliain seo caite go bhféadfadh sé a bheith ina phointe trasloingsithe don Rúis agus don Bhealarúis maidir le hearraí agus teicneolaíochtaí atá faoi smachtbhannaí; á iarraidh ar AE teagmháil dhlúth a dhéanamh leis na húdaráis maidir leis an ábhar sin;

11.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlús curtha ag Rialtas agus muintir na hÚisbéiceastáine chun bia agus cúnamh leighis a chur ar fáil don Úcráin agus á iarraidh orthu leanúint de chúnamh a chur ar fáil don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise; á chur in iúl gur geal léi, i bhfianaise choinscríobh agus chniogbheartaíocht na Rúise ar shaoirsí bunúsacha, ról dearfach na hÚisbéiceastáine maidir le fáilte a chur roimh líon mór saoránach Rúiseach atá ag teitheadh ón Rúis ar chúiseanna polaitiúla éagsúla; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ó Ambasáid na hÚisbéiceastáine i Moscó go meastar gur gníomhaíocht amhais é aon chineál rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí míleata ar chríoch tíortha eachtracha, a rinneadh mar fhreagairt ar iarraidh ar roinnt saoránach Úisbéiceastáin a bhfuil cónaí orthu sa Rúis páirt a ghlacadh in ionradh leanúnach gan choinne na Rúise ar an Úcráin;

12.  ag aithint prionsabail bheartas eachtrach na hÚisbéiceastáine maidir le staonadh ó chomhghuaillíochtaí míleata, diúltú trúpaí a imscaradh lasmuigh dá chríocha náisiúnta nó bunáiteanna míleata eachtracha a óstáil, agus neamh-idirghabháil i ngnóthaí inmheánacha na dtíortha eachtracha; ag moladh ról na hÚisbéiceastáine ar ardáin iltaobhacha, lena n-áirítear a tionscnaimh thábhachtacha faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhaimseartha réigiúnacha agus domhanda;

13.  á chur in iúl gur geal léi straitéis náisiúnta na hÚisbéiceastáine 2021-2026 chun an t-antoisceachas agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit comhar frithsceimhlitheoireachta níos dlúithe a fhiosrú, go háirithe chun a áirithiú nach mbeidh aon iarmhairtí sceimhlitheoireachta ann ón Afganastáin don réigiún máguaird;

14.  ag aithint go bhfuil dúshláin thromchúiseacha ann don rannpháirtíocht réigiúnach sa chomhthéacs geopholaitiúil agus slándála atá ann faoi láthair, go háirithe leis an neamh-aitheantas domhanda do rialtas an Talaban san Afganastáin agus tionchar smachtbhannaí idirnáisiúnta ar phleananna eacnamaíocha agus ar thionscnaimh nascachta;

15.  ag tabhairt dá haire go bhfuil dlúthchaidreamh seanbhunaithe ag an Úisbéiceastáin leis an Afganastáin, dlúthchaidreamh a lean ar aghaidh ón ngabháil ag an Talaban; ag moladh a cuid iarrachtaí chun an ghéarchéim dhaonnúil thromchúiseach sa tír a mhaolú trí leictreachas agus cabhair dhaonnúil a sholáthar, go háirithe do mhná agus cailíní na hAfganastáine, agus trí Mhol Réigiúnach Lóistíochta Daonnúla Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe a bhunú in Termez gar don teorainn idir an Úisbéiceastáin agus an Afganastáin;

16.  á iarraidh ar an Úisbéiceastáin a teagmhálacha leis an Talaban a úsáid ar bhealach cuiditheach chun a áitiú go ndéanfar cearta agus daonnacht na mban agus na gcailíní a urramú agus ar bhonn níos ginearálta go n-urramófar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha na nAfganastánach uile, lena n-áirítear mionlaigh agus daoine faoi mhíchumas, ar coinníollacha bunriachtanacha iad le haghaidh rannpháirtíocht idirnáisiúnta níos fearr leis an Afganastáin, lena n-áirítear trí nascacht chun tacú le cearta an duine agus trí éifeachtaí an radacaithe réigiúnaigh agus na himirce de dheasca coinbhleachta a chosc; á cáineadh go láidir an athuair chinntí an Talaban cosc a chur ar mhná agus ar chailíní freastal ar mheánscoileanna agus ar ollscoileanna agus an toirmisc a chur sé ar mhná a fhostú in ENRanna agus sna Náisiúin Aontaithe; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil daoine faoi mhíchumas fós ag dul i ngleic le hidirdhealú, le seirbhísí teoranta agus le heaspa creata reachtaigh nó institiúidigh chun a áirithiú go n-urramófar a gcearta bunúsacha san Afganastáin;

17.  ag moladh na hÚisbéiceastáine as dídeanaithe ón Afganastáin a óstáil agus as na cruinnithe idirnáisiúnta bliantúla maidir leis an Afganastáin ó 2019 i leith, inar léiríodh rannpháirtíocht ó réimse éagsúil gníomhaithe agus inar cuireadh fóram ar fáil le haghaidh plé cuiditheach ar chobhsaíocht réigiúnach; ag tabhairt dá haire, áfach, nach sínitheoir í an Úisbéiceastáin le Coinbhinsiún 1951 na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe, rud a chruthaíonn deacrachtaí do réiteach fadtéarmach d’Afganastánaigh san Úisbéiceastáin; ag tathant ar Rialtas na hÚisbéiceastáine an Coinbhinsiún a shíniú agus a dhaingniú agus ligean do níos mó dídeanaithe Afganastánacha tearmann a lorg nó idirthuras a dhéanamh tríd an tír;

18.  á chur in iúl gur geal léi an comhar idir AE agus an Úisbéiceastáin maidir le tacaíocht UNICEF a chur ar fáil do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh ar cuireadh iallach orthu teitheadh ón Afganastáin, lena n-áirítear trí oideachas cuimsitheach, seirbhísí sóisialta agus cúnamh dlíthiúil; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar SEGS dul i dteagmháil leis an Úisbéiceastáin maidir le cúnamh a thabhairt do mhná a dhéanann iarracht teitheadh ón Afganastáin;

19.  á chur in iúl gur geal léi comhaontú stairiúil an 27 Eanáir 2023 idir an Úisbéiceastáin agus an Chirgeastáin maidir le leagan amach na teorann idir an dá thír, lena réitítear na saincheisteanna a bhí fós gan réiteach idir an dá thaobh agus lena dtugtar próiseas chun deireadh a mhair tríocha bliain; á chur in iúl gur geal léi freisin gur síníodh an dearbhú maidir le comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach idir an dá thír; á chur in iúl gur geal léi go rannchuideoidh na comhaontuithe sin freisin le caidrimh agus comhair dhéthaobhaigh a dhoimhniú tuilleadh, lena n-áirítear in earnálacha na trádála agus an fhuinnimh; á chur in iúl gur geal léi comhaontú an 22 Nollaig 2022 idir an Úisbéiceastáin agus an Chasacstáin maidir le críochú theorainn stáit idir an Chasacstáin agus an Úisbéiceastáin, atá mar thoradh ar 19 mbliana de chaibidlíocht; ag moladh na hÚisbéiceastáine as a bheith in ann saincheisteanna casta maidir le húsáid uisce, teorannú agus díospóidí teorann lena chomharsana, amhail an Táidsíceastáin, a réiteach; ag aithint ról ríthábhachtach na hÚisbéiceastáine maidir le naisc níos dlúithe a chothú le tíortha comharsanachta, lena n-áirítear an Chasacstáin, trí raon tionscadal nascachta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá cobhsaíocht réigiúnach agus ag tathant ar na páirtithe uile páirt a ghlacadh in idirphlé cuiditheach chun aon choinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann a réiteach ar bhealach síochánta agus taidhleoireachta;

20.  á chur in iúl gur geal léi gur ghlac rialtas na hÚisbéiceastáine straitéis forbartha na hearnála uisce 2020-2030 agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige tacaíocht idirnáisiúnta a shlógadh chun dul i ngleic leis na hiarmhairtí a bhaineann le triomú agus le salannú Mhuir Aral agus le cliseadh a éiceachórais ar fad; ag spreagadh tuilleadh comhair réigiúnaigh agus dhomhanda chun teacht ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail tionscadal Chruinniú Mullaigh Aral um Chultúr a fógraíodh le déanaí, lena dtabharfar an pobal áitiúil agus idirnáisiúnta le chéile agus lena gcuirfear talmhaíocht inbhuanaithe chun cinn; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil AE agus eagraíochtaí eile rannpháirteach i bhfeabhsú na staide comhshaoil agus socheacnamaíche i réigiún Mhuir Aral;

21.  á chur in iúl gur geal léi ról méadaitheach na hÚisbéiceastáine sa taidhleoireacht réigiúnach uisce agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS cúnamh a thabhairt don Úisbéiceastáin ina comhar leis na tíortha comharsanachta, go háirithe leis an gCasacstáin agus leis an gCirgeastáin, chomh maith leis an gcúnamh teicniúil agus airgeadais is gá a chur ar fáil don Úisbéiceastáin agus a comharsana ábhartha chun éiceachórais na Mara Aral agus a himchuach a athbhunú trí shreabhadh uisce a mhéadú chun salandacht a laghdú, canálacha uisciúcháin a fheabhsú agus cabhrú le barra a thabhairt isteach lena n-éilítear níos lú uisce agus níos lú táirgí tocsaineacha, i measc bearta eile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcaidreamh réigiúnach i gcomhthéacs an uisce, mar gur léirigh taighde nach é ganntanas acmhainní iomlána uisce ach cleachtais leithdháilte uisce is cúis leis an ngéarchéim uisce san Áise Láir; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach athmhuintearas a dhéanamh maidir le coinbhleachtaí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le dáileadh uisce, chun cobhsaíocht réigiúnach fhadtéarmach agus SDGanna a bhaint amach;

Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an smacht reachta agus an tsochaí shibhialta

22.  ag cáineadh an chos ar bolg agus an fhoréigin i gcoinne mhuintir na Cara-Chalpacastáine agus á chur in iúl gur oth léi gur chaill daoine a mbeatha le linn agóidí i bPoblacht na Cara-Chalpacastáine an 1 agus an 2 Iúil 2022; ag tathant ar údaráis na hÚisbéiceastáine staonadh ó fhórsa díréireach a úsáid i gcoinne agóideoirí síochánta agus imscrúdú atá neamhspleách, neamhchlaonta agus éifeachtach i ndáiríre a bhunú ar na himeachtaí, lena n-áirítear maidir leis na básanna agus na gortuithe tromchúiseacha a tharla agus maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne na fórsaí slándála, lena n-áirítear na hairm a d’úsáid siad; á chur i bhfios go láidir iarrachtaí údaráis na hÚisbéiceastáine na trialacha sin a oscailt don phobal agus do na meáin, ach á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá trialacha breithiúnacha trédhearcacha bunaithe ar chearta cosantóirí a urramú agus cloí le dea-chleachtas idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ó údaráis na hÚisbéiceastáine stádas bunreachtúil reatha na Cara-Chalpacastáine a choinneáil;

23.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá ceart daoine chun saoirse comhthionóil, an ceart chun saoirse comhlachais agus an ceart chun saoirse cainte; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú neamhspleách ar gach líomhain chéasta agus drochíde a thuairiscigh cosantóirí le linn na dtrialacha a bhaineann leis na hagóidí agus ag an ngníomhaí agus an dlíodóir Dauletmurat Tajimuratov, chomh maith le bás Polat Shamshetov a bhásaigh laethanta tar éis a chiontaithe; á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine a áirithiú go gcoinneofar cimí agus príosúnaigh faoi dhálaí a bheidh comhsheasmhach le hurraim do dhínit an duine; á iarraidh go gcuirfí ar ceal ciontuithe chun cumhacht a ghabháil trí chur isteach ar an ord bunreachtúil, toisc go raibh na hagóideoirí ag iarraidh go seasfaí leis an mbunreacht; á chur in iúl gur oth léi gur ciontaíodh agóideoirí ón gCara-Chalpacastáin agus gur gearradh téarma fada príosúnachta orthu agus á iarraidh go scaoilfí saor na príosúnaigh pholaitiúla go léir, lena n-áirítear iad siúd a gabhadh le linn agóidí na Cara-Chalpacastáine, chomh maith leis na mílte duine eile atá i bpríosún ar chúiseamh a bhaineann le cúiseanna polaitiúla;

24.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí ar an gcos ar bolg trasnáisiúnta arna ndéanamh ag an Úisbéiceastáin ag díriú ar Chara-Calpáicigh ón diaspóra i ndiaidh agóidí mhí Iúil 2022, ós rud é gur gabhadh gníomhaithe na Cara-Chalpacastáine i dtíortha eile nó gur díbríodh le forneart ó thíortha eile iad;

25.  á chur i bhfios go láidir an ról tábhachtach is féidir leis an tsochaí shibhialta a imirt maidir le tacú le hathchóirithe éifeachtacha agus cuimsitheacha agus leis an dea-rialachas; á chur in iúl gur oth léi na bacainní suntasacha ar chlárú ENR ós rud é gur diúltaíodh clárú arís agus arís eile do roinnt ESSanna neamhspleácha ar fhorais a bhfuil an chuma orthu go bhfuil cuspóirí polaitiúla ag baint leo; á chur in iúl gur oth léi na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ENRanna a fhaigheann cistiú eachtrach leis an Rialachán maidir le Comhordú idir Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Neamhthráchtála agus Údaráis Phoiblí i gcur chun feidhme Tionscadal Deontais Idirnáisiúnta arna bhformheas le Foraithne Uimh. 328 ó Chomh-Aireacht Airí na hÚisbéiceastáine an 13 Meitheamh 2022, lena laghdaítear an spás do ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta agus lena gcuirtear bac ar fheidhmiú na saoirse comhlachais; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tionchar a bheith ag an mbacainn ar chlárú ENRanna freisin ar chaidreamh gnó AE-Úisbéiceastáine, ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hacmhainneacht faireacháin ENRanna le haghaidh reachtaíocht díchill chuí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát;

26.  á iarraidh ar Rialtas na hÚisbéiceastáine cead a thabhairt d’eagraíochtaí neamhspleácha um chearta an duine, lena n-áirítear grúpaí idirnáisiúnta um chearta an duine, clárú sa tír agus a ngníomhaíochtaí a dhéanamh gan cur isteach míchuí ón stát, chomh maith le cód ENR a ghlacadh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;

27.  á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le comhlíonadh na bprionsabal a bhaineann le stádas na n-institiúidí náisiúnta chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint (Prionsabail Pháras);

28.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di drochthaifead na hÚisbéiceastáine maidir leis an daonlathas, saoirse na meán, cearta an duine agus an smacht reachta, mar a thuairiscigh eagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil cead beagnach ag páirtithe an fhreasúra feidhmiú laistigh den tír agus gur minic go mbíonn mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha faoi ghannionadaíocht i struchtúir stáit agus go ndéantar idirdhealú ina gcoinne; á iarraidh ar Rialtas na hÚisbéiceastáine saoirse comhlachais a urramú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do pháirtithe polaitiúla araon; á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin roinnt feabhsuithe ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe, na breabaireachta, an fhiníochais agus an tsractha, go bhfuil siad fós forleathan ar fud an riaracháin phoiblí;

29.  á iarraidh ar Rialtas na hÚisbéiceastáine an t-athchóiriú ar an gCód Coiriúil a atosú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus leis na moltaí ó chomhlachtaí conarthacha na Náisiún Aontaithe, go háirithe chun leasú a dhéanamh ar na hairteagail a bhaineann le sainmhínithe róleathan ar chionta i gcoinne an stáit agus an antoisceachais, chun airteagail a aisghairm lena gceadaítear síneadh treallach a chur le pianbhreitheanna príosúnach polaitiúil, chun ‘clúmhilleadh’ agus ‘masla’ a dhíchoiriúlú, lena n-áirítear cáineadh ar líne an Uachtaráin, agus an sainmhíniú ar chéasadh a leasú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla; á chur in iúl gur oth léi an easpa coinníollachta maidir le cearta an duine agus á chur i bhfáth gur cheart cistiú AE a bheith coinníollach ar staid chearta an duine a fheabhsú;

30.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ról agus obair Oliy Majlis a neartú chun maoirseacht pharlaiminteach a fheabhsú; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an gcomhar idirpharlaiminteach idir Parlaimint na hEorpa, go háirithe an Coiste um Chomhar Parlaiminteach, agus Parlaimint na hÚisbéiceastáine maidir le saincheisteanna leasa choitinn, amhail feabhas a chur ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha;

31.  ag cáineadh úsáid leanúnach thuairiscithe an chéasta agus na híde atá cruálach agus mídhaonna i gcoinneáil agus i bpríosúin san Úisbéiceastáin agus á iarraidh go ndéanfaí coimircí dlíthiúla a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus go ndéanfaí imscrúduithe cuí ar gach tuairisc ar chéasadh;

32.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta chun an Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach a dhaingniú agus ag spreagadh na húdaráis an próiseas sin a thabhairt chun críche a luaithe is féidir;

33.  á chur in iúl gur saoth léi easpa iolrachais na meán san Úisbéiceastáin; á iarraidh go n-áiritheofaí inbhuanaitheacht airgeadais agus neamhspleáchas na n-eagraíochtaí meán chun tionchar polaitiúil a dhíothú; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le húinéireacht na meán d’fhonn neamhspleáchas agus iolrachas na meán a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur gá athléimneacht mheáin na hÚisbéiceastáine i gcoinne bolscaireachta agus bréagaisnéise a neartú trí mheáin teanga Úisbéiceastáinise agus cláir oiliúna digití a chur chun cinn, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar faoi Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh;

34.  ag cáineadh aon bhagairtí i gcoinne iriseoirí agus blagálaithe agus á iarraidh ar na húdaráis a áirithiú go n-urramófar cearta iriseoirí, blagálaithe neamhspleácha, táirgeoirí inneachair agus cosantóirí chearta an duine agus a gcosaint ar foréigean, ar chiapadh, ar choinneáil gan bhunús, ar bhrú, ar bhagairtí ina gcoinne agus ar a dteaghlaigh agus ar chéasadh agus imscrúdú a dhéanamh ar aon ionsaithe ina gcoinne;

35.  ag cáineadh na ngabhálacha agus na géarleanúna a rinneadh le déanaí ar iriseoirí a cuireadh ina leith go raibh siad rannpháirteach in agóidí mhí Iúil 2022 agus gur gearradh pianbhreith ar Dauletmurat Tajimuratov; á iarraidh go scaoilfear saor iriseoirí, blagálaithe neamhspleácha, cáinteoirí rialtais agus cosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd ó Chara-Chalpacastáin, a ionchúisíodh as a gcuid oibre; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, cásanna sonracha na mblagálaithe Otabek Sattoriy, Miraziz Bazarov agus Fazilkhoja Arifkhojayev, chomh maith leis an iriseoir Cara-Calpáiceach Lolagul Kallykhanova agus daoine eile, lena n-áirítear Sobirjon Babaniyazov agus Valijon Kalonov;

36.  ag cáineadh go láidir an dréachtchód faisnéise a mhol Gníomhaireacht Faisnéise agus Ollchumarsáide na hÚisbéiceastáine agus a foilsíodh i lár mhí na Nollag 2022, ar cód é, má ghlactar é, ar bagairt thromchúiseach é don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do chearta an duine sa tír, agus á iarraidh go dtarraingeofaí siar é; á mheabhrú do na húdaráis a thábhachtaí atá sé seasamh leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar líne agus as líne araon, le saoirse comhthionóil, le saoirse comhlachais agus le neamhspleáchas na meán;

37.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé staonadh ó shuíomhanna gréasáin a theorannú nó a bhlocáil agus á iarraidh ar an rialtas a áirithiú go mbeidh aon srianta teoranta go docht do chásanna ina bhfuil an teorannú sin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go mbeidh sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha arna sainiú sa dlí, agus go mbeidh siad inneachar-sonrach, agus á áirithiú go gcuirfear an pobal ar an eolas go cuí ag an am céanna;

38.  á iarraidh ar an rialtas an ceart chun saoirse reiligiúin a chosaint agus Dlí Reiligiúin 2021 a leasú i gcomhréir le moltaí arna n-eisiúint ag iar-Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Saoirse Reiligiúin nó Creidimh i dtuarascáil an 29 Márta 2023, ina dtugtar dá haire go bhfuil na sainmhínithe ar antoisceachas agus sceimhlitheoireacht doiléir agus róleathan, as a n-eascraíonn coinneáil threallach agus srianta míchuí ar an gceart chun saoirse reiligiúin nó creidimh; á mholadh go ndéanfaí na forálacha dlíthiúla gaolmhara a dhréachtú go cúng agus go beacht; á chur in iúl gur saoth léi an ghéarleanúint reiligiúnach agus á iarraidh go scaoilfear saor láithreach agus gan choinníoll Bobirjon Tukhtamurodov, Oybek Khamidov, Khasan Abdirakhimov agus Alimardon Sultonov; ag tathant ar údaráis na hÚisbéiceastáine iompaithigh Chríostaí atá i mbaol ionsaithe fhisiciúil, fuadaigh agus pósta éigeantais ag a dteaghlaigh agus ag a bpobal a chosaint;

39.  ag tathant ar údaráis na hÚisbéiceastáine bearta a dhéanamh chun íospartaigh coinneála éagóraí a athshlánú agus chun an díobháil a rinneadh dóibh a dheisiú, lena n-áirítear trína gciontuithe a chur ar ceal, ag aithint agus ag cúiteamh dóibh as an díobháil a rinneadh agus cúnamh amhail cúram leighis agus síceolaíoch a chur ar fáil;

40.  ag tabhairt dá haire, in ainneoin gur glacadh dlíthe roimhe seo, lena n-áirítear Dlí 2019 maidir le Mná a Chosaint ó Chiapadh agus Foréigean, go bhfuil foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban forleathan i gcónaí; á chur in iúl gur geal léi an bille maidir le foréigean inscnebhunaithe, lena gcumhdaítear freisin foréigean teaghlaigh agus mí-úsáid ghnéasach mionaoiseach, a ghlac Seanad na hÚisbéiceastáine an 6 Aibreán 2023 agus a shínigh an tUachtarán Mirziyoyev an 11 Aibreán 2023, mar chéim shuntasach i dtreo coiriúlú iomlán an fhoréigin teaghlaigh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; ag aithint, i ndáil leis an méid sin, na blianta abhcóideachta a rinne gníomhaithe chearta na mban san Úisbéiceastáin; á iarraidh go ndéanfaidh na húdaráis i ngach réigiún san Úisbéiceastáin gach dlí a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach;

41.  á iarraidh ar na húdaráis leanúint de bhearta a dhéanamh chun an Úisbéiceastáin a chur go hiomlán i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, mar a léirítear sna barúlacha deiridh maidir leis an séú tuarascáil thréimhsiúil ón Úisbéiceastáin ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú; á iarraidh ar údaráis na hÚcráine leanúint d’oibriú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta áitiúla agus idirnáisiúnta agus le comhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin; ag dréim leis go ndéanfaidh údaráis na hÚisbéiceastáine comhionannas inscne a chur chun cinn in earnáil an oideachais, san ionad oibre agus sa riarachán poiblí ina iomláine;

42.  ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart rannpháirtíocht ghníomhach na mban sa saol poiblí agus sa saol polaitiúil, go háirithe ar an leibhéal sinsearach agus ar an leibhéal cinnteoireachta, a éascú trí bhíthin tionscnaimh chuimsitheacha dhlíthiúla, institiúideacha agus oideachais agus gur cheart páirtithe polaitiúla a spreagadh chun dul chun cinn polaitiúil na mban a éascú, infheictheacht na mban a mhéadú le linn feachtais toghcháin agus saincheisteanna inscne a chomhtháthú ina n-ardáin;

43.  ag spreagadh na n-údarás dlús a chur leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur le pósadh leanaí san Úisbéiceastáin agus á iarraidh ar Rialtas na hÚisbéiceastáine níos mó a dhéanamh chun deireadh a chur lena chleachtas sa tír agus cearta cailíní agus buachaillí a chosaint, lena n-áirítear an ceart chun oideachais do chailíní agus do mhná; ag dréim leis go n-áiritheoidh údaráis na hÚisbéiceastáine comhdheiseanna agus rochtain ar oideachas do gach mac léinn san Úisbéiceastáin, gan beann ar a gcúlra nó a stádas socheacnamaíoch;

44.  ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, go ndéantar caidrimh ghnéis chomhghnéis chomhthoiliúil idir fir a choiriúlú go fóill agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leitheadúlacht imeaglaithe, ciaptha, foréigin agus stiogma i gcoinne daoine LGBTIQ sa tír; ag tathant ar údaráis na hÚisbéiceastáine iompar gnéasach comhghnéis a dhíchoiriúlú trí Airteagal 120 den Chód Coiriúil a aisghairm, i gcomhréir le ICCPR, chun slándáil, príobháideachas agus neamh-idirdhealú daoine LGBTIQ san Úisbéiceastáin a áirithiú agus dlí cuimsitheach frith-idirdhealaithe a ghlacadh lena n-áirítear gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne mar fhorais chosanta; á iarraidh ar an rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna le haghaidh fodhlí nua, a moladh i mí Lúnasa 2022, lena n-éilítear scrúduithe leighis éigeantacha ar ghrúpaí contúirteacha, mar a thugtar orthu, eadhon fir a bhfuil gnéas acu le fir, le hoibrithe gnéis agus le húsáideoirí drugaí, chun tástáil VEID a dhéanamh;

Comhar earnálach

45.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas na hÚisbéiceastáine astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus ag spreagadh na tíre, mar phríomhtháirgeoir leictreachais san Áise Láir, tús áite a thabhairt do réitigh fuinnimh inbhuanaithe ar mhaithe le leas fadtéarmach an réigiúin; á iarraidh ar an Úisbéiceastáin leanúint dá cláir um aistriú glas agus dlús a chur leo i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, a bhfuil an Úisbéiceastáin ina páirtí ann;

46.  ag tabhairt dá haire acmhainneacht acmhainní nádúrtha na hÚisbéiceastáine in éagsúlú fuinnimh AE i gcomhthéacs comhpháirtíochtaí inbhuanaithe, agus ag an am céanna ag aithint ról ríthábhachtach an Aontais Eorpaigh maidir le hathchóirithe earnála na hÚisbéiceastáine a mhaoiniú, a éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; á mheas, ar bhonn Mheabhrán Tuisceana AE-an Úisbéiceastáin agus na gcomhairliúchán déthaobhach, go bhfuil an dá pháirtí ag iarraidh a slándáil fuinnimh agus comhshaoil a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi, i ndáil leis sin, na buntáistí a thugtar do chuideachtaí stáit na Rúise agus do Rúisigh a bhfuil cos istigh acu ó thaobh na polaitíochta de a bhaineann tairbhe as earnáil an gháis san Úisbéiceastáin agus as iarrachtaí na Rúise buntáistí polaitiúla a fháil trí ghás a sholáthar;

47.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS iarrachtaí a mhéadú chun rannchuidiú le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh san Úisbéiceastáin i gcomhréir leis na SDGanna agus chun géarchéimeanna amach anseo de dheasca ganntanais breoslaí iontaise a chosc; á chur in iúl gur geal léi tionscadail rathúla Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe a d’fhorbair tithíocht atá fuinneamhéifeachtúil agus ísealcharbóin san Úisbéiceastáin a bhfuil an ghéarchéim fuinnimh seasta acu agus á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine rannchuidiú leis na hiarrachtaí sin a leathnú agus iad a leathnú chuig an stoc tithíochta atá ann cheana freisin;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún bailchríoch a chur ar an staidéar maidir le conairí iompair inbhuanaithe a nascann an Eoraip leis an Áise Láir, a seoladh ag deireadh 2021 agus atá á chur chun feidhme ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus arb é is aidhm dó na conairí iompair is inbhuanaithe a shainaithint agus príomhghníomhaíochtaí a mholadh d’fhorbairt na gconairí;

49.  ag moladh ERASMUS+ agus an Plean Gníomhaíochta don Aos Óg i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá teagmhálacha idirphearsanta, go háirithe idir daoine óga le linn a n-oideachais, agus á iarraidh ar an Aontas agus ar an Úisbéiceastáin tuilleadh iarrachta a dhéanamh i leathnú na dteagmhálacha agus na malartuithe sin idir an tAontas agus an Úisbéiceastáin agus tacaíocht a thabhairt dóibh, chun tairbhe an dá thaobh;

An caidreamh trádála

50.  á chur in iúl gur geal léi gur tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas agus an Úisbéiceastáin chun críche go rathúil agus go bhfuil sí ag dréim leis go rannchuideoidh an comhaontú sin leis an Úisbéiceastáin a chomhtháthú tuilleadh sa chóras iltaobhach trádála, le sásraí an gheilleagair margaidh a neartú agus le muinín infheisteoirí coigríche a mhéadú; á chreidiúint go n-áiritheofar leis an gcomhaontú timpeallacht rialála níos fearr d’oibreoirí eacnamaíocha i réimsí amhail trádáil earraí agus seirbhísí, fiontair faoi úinéireacht stáit, soláthar agus cearta maoine intleachtúla; á mheabhrú gurb iad an smacht reachta, an dea-rialachas, cur chun feidhme luachanna comhroinnte agus prionsabail an daonlathais agus urraim do shaoirsí bunúsacha agus do chearta an duine agus do chearta sóisialta an bonn lárnach don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas agus an Úisbéiceastáin, lena múnlaítear caidreamh déthaobhach;

51.  ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag an Úisbéiceastáin chun caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a chur chun feidhme, go háirithe maidir le deireadh a chur le saothar leanaí agus saothar éignithe in earnáil an chadáis; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha i ndáil leis sin; ag tathant ar Rialtas na hÚisbéiceastáine oibriú chun pá cothrom d’oibrithe cadáis a áirithiú; ag aithint gur glacadh Cód Saothair nua na hÚisbéiceastáine, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2023 agus lena dtugtar isteach nuálaíochtaí i gcaidreamh saothair agus i réiteach díospóidí; ag tathant ar Rialtas na hÚisbéiceastáine sonraí maidir le saothar leanaí a dhéanamh níos trédhearcaí do na geallsealbhóirí uile agus cead clárú a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann le saothar éignithe, saothar leanaí agus dúshaothrú leanaí; á iarraidh ar an Úisbéiceastáin athchóirithe níos leithne a thabhairt isteach chun an tsochaí shibhialta a chumhachtú agus chun institiúidí éifeachtacha a fhorbairt chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú agus chun dul chun cinn a chomhdhlúthú i ngach cuid d’earnáil an chadáis;

52.  á aithint go bhfuil tábhacht straitéiseach mhéadaitheach ag an Áise Láir agus go bhfuil ról lárnach ag an Úisbéiceastáin sa chomhar réigiúnach agus sa nascacht réigiúnach, go háirithe mar chuid de Thionscnamh Global Gateway; á chreidiúint, faoi bheartas uathriail straitéiseach oscailte an Choimisiúin, go neartófar athléimneacht an tslabhra soláthair trí líonra geallsealbhóirí iontaofa a bhunú a bheidh bunaithe ar ghníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe agus a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh, agus ar mhalartuithe rialta taidhleoireachta chomh maith;

53.  á chur i bhfáth gur cheart don Aontas agus don Úisbéiceastáin a gcomhar eacnamaíoch agus tráchtála a úsáid chun tionscail na hÚisbéiceastáine a éagsúlú go gníomhach d’fhonn tacú le haistriú brostaithe chuig fuinneamh in-athnuaite agus chun iarrachtaí a mhéadú éifeachtúlacht fuinnimh a ráthú faoi Chomhaontú Pháras agus chun feabhas a chur ar chomhtháthú na margaí fuinnimh san Áise Láir le margaí na dtíortha comharsanachta agus leis an Aontas trí shineirgí a chruthú idir straitéisí éagsúla beartais fuinnimh agus tionscadail bhonneagair sa réigiún, i gcomhréir leis an gcaibidlíocht ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le rialacha agus critéir a bhunú chun trádáil, an aeráid agus an comhshaol a nascadh; á mheabhrú gur cheart go rachadh sé sin chun tairbhe na saoránach tríd an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú, trí aistriú cóir i dtreo astaíochtaí nialasacha a ráthú faoi 2050 agus trí réigiún na hÁise Láir atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhunú faoin dáta sin;

54.  ag aithint na ndúshlán atá os comhair na hÚisbéiceastáine i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair, de réir mar a dhéanann a rialtas iarracht a spleáchais eacnamaíocha agus trádála ar an Rúis a éagsúlú agus é ag iarraidh comhar níos fearr lena comhpháirtithe Eorpacha a spreagadh;

55.  á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh nascacht agus comhar sa réigiún le hiarrachtaí athbheoite faoi Ardán AE-na hÁise Láir maidir leis an gComhshaol agus leis an gComhar Uisce ar bhealach casta agus cuimsitheach; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar a thábhachtaí atá prionsabail na hinbhuanaitheachta sóisialta agus comhshaoil le linn acmhainní nádúrtha a asbhaint nó a phróiseáil; á athdhearbhú, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach ioncam ó acmhainní nádúrtha a athinfheistiú d’fhorbairt shocheacnamaíoch na hÚisbéiceastáine agus chun a áirithiú go mbeidh an tír agus a comharsana athléimneach in aghaidh dúshlán domhanda agus réigiúnach amach anseo, trí chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe lena 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a chumasú; á chreidiúint go bhfuil sé sin ríthábhachtach chun rannchuidiú le geilleagair chiorclacha inbhuanaithe a bhunú sa tír agus sa réigiún;

56.  á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Úisbéiceastáin freisin sa tslándáil réigiúnach agus sa chobhsaíocht eacnamaíoch, go háirithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce folaithí, na coireachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus an éillithe;

57.  ag tarraingt aird ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go bhféadfadh an Úisbéiceastáin cúnamh a thabhairt don Rúis, ós rud é go bhféadfadh sé a bheith ag cabhrú leis an Rúis dul timpeall ar smachtbhannaí trádála arna bhforchur ag AE; á iarraidh go ndéanfaí faireachán cúramach ar an staid;

58.  á athdhearbhú a thábhachtaí atá ballraíocht na hÚisbéiceastáine i Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Plus (GSP+), a chuireann le fás eacnamaíoch agus a mbíonn torthaí an-dearfach aici (tháinig méadú 34 % ar onnmhairí chuig an Aontas in 2021); á aithint go léiríonn glacadh leis an Úisbéiceastáin mar thairbhí GSP+ aitheantas na n-athchóirithe atá déanta ag Rialtas na hÚisbéiceastáine; ag tabhairt dá haire, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag an Úisbéiceastáin le blianta beaga anuas, go bhfuil roinnt ábhar imní fós ann maidir le cur chun feidhme éifeachtach na 27 gcroíchoinbhinsiún idirnáisiúnta; á athdhearbhú gur gá na coinbhinsiúin a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe faoin scéim GSP+; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cur chun feidhme éifeachtach na 27 gcroíchoinbhinsiún idirnáisiúnta uile faoi GSP+ maidir le cearta an duine agus cearta saothair, rialacháin chomhshaoil agus prionsabail an dea-rialachais, agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin; á iarraidh go mbeadh comhar ann leis an Úisbéiceastáin chun nósanna imeachta custaim éifeachtúla agus iontaofa a fhorbairt lena gcuirfear leis an digiteáil agus leis an simpliú riaracháin, rud a chuideoidh go dearfach le sreafaí trádála a mhéadú;

59.  á chur i bhfáth, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta maidir le deireadh a chur le saothar éignithe, le drochdhálaí oibre agus le pá íseal, go bhfuil urraim iomlán do chearta oibrithe agus aitheantas do shaoirse comhlachais, lena n-áirítear an ceart chun ceardchumainn neamhspleácha a bhunú, fós ina bhfadhbanna móra san Úisbéiceastáin;

60.  ag tabhairt dá haire gur féidir leis an Úisbéiceastáin ról tábhachtach a bheith aici maidir le slabhraí soláthair réigiúnacha agus domhanda a éagsúlú trí mhianraí agus miotail a sheachadadh chun tairbhe na dtionscal intíre, réigiúnach agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear tionscail an Aontais, trína áirithiú go bhfuil comhpháirtíocht agus comhar teicneolaíoch frithpháirteach ina dtagarmharcanna agus trí tacú leis an aistriú glas;

61.  á chur i bhfáth, mar gheall ar an easpa rochtana dírí ar chalafoirt, go bhfuil forbairt bonneagair agus conairí lóistíochta, go háirithe an Bealach Iompair Idirnáisiúnta Tras-Chaispeach, ríthábhachtach don trádáil agus chun an Úisbéiceastáin a nascadh le margaí na gcomhpháirtithe trádála féideartha; á thabhairt dá haire go ndéanfaidh naisc agus gréasáin éifeachtúla agus inbhuanaithe idir an Eoraip agus an Áise Láir trí chonairí tosaíochta iompair, lena n-áirítear aeriompar, iompar ar muir agus ar tír, chomh maith le gréasáin dhigiteacha, fuinnimh agus idirphearsanta, méadú ar shreafaí trádála;

62.  á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an chéad cheardchumann neamhspleách san Úisbéiceastáin in earnáil an chadáis; á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine, i gcomhréir le coinbhinsiúin EIS atá daingnithe ag an Úisbéiceastáin, bunú ceardchumann neamhspleách agus malartach a chur chun cinn i ngach earnáil den gheilleagar;

63.  á iarraidh ar údaráis na hÚisbéiceastáine Coinbhinsiún 155 EIS maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde a dhaingniú;

64.  á iarraidh go mbeadh comhar agus tacaíocht ón Aontas ann don fhorbairt ghlas agus go bhféachfaí tuilleadh ar acmhainneacht na hÚisbéiceastáine maidir le caidreamh trádála agus eacnamaíoch a thógáil leis an Aontas.

o
o   o

65.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na hÚisbéiceastáine.

(1) IO L 229, 31.8.1999, lch. 3.
(2) IO C 108, 26.3.2021, lch. 126.

An nuashonrú is déanaí: 11 Eanáir 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais