Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 120kWORD 49k
Déardaoin, 5 Deireadh Fómhair 2023 - Strasbourg
Ceapachán Wopke Hoekstra mar Chomhalta den Choimisiún Eorpach a fhormheas
P9_TA(2023)0347

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Wopke Hoekstra a cheapadh mar Chomhalta den Choimisiún (C9-0335/2023 - 2023/0809(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 246, an dara mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do phointe 6 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach(1),

–  ag féachaint do Frans Timmermans d’éirí as oifig mar Chomhalta den Choimisiún,

–  ag féachaint don litir ón gComhairle dar dáta an 8 Meán Fómhair 2023, trína ndeachaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le cinneadh, a ghlacfar de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin, maidir le Wopke Hoekstra a cheapadh mar Chomhalta den Choimisiún (C9-0335/2023),

–  ag féachaint don litir ó Uachtarán an Choimisiúin an 1 Meán Fómhair 2023,

–  ag féachaint don éisteacht le Wopke Hoekstra an 2 Deireadh Fómhair 2023, a raibh an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia i gceannas uirthi, i gcomhlachas leis an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, an Coiste um Fhorbairt agus an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, agus don litir mheastóireachta a tarraingíodh suas tar éis na héisteachta sin,

–  ag féachaint don scrúdú a rinne Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí ag a cruinniú an 4 Deireadh Fómhair 2023, agus don scrúdú a rinne Comhdháil na nUachtarán ag a cruinniú an 4 Deireadh Fómhair 2023,

–  ag féachaint do Riail 125 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leo,

1.  ag formheas cheapachán Wopke Hoekstra mar Chomhalta den Choimisiún don chuid eile de théarma oifige an Choimisiúin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 304, 20.11.2010, lch. 47.

An nuashonrú is déanaí: 11 Eanáir 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais