Leithdháileadh freagrachtaí nua ar Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Maroš Šefčovič, a fhormheas
P9_TA(2023)0348
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2023 maidir le freagrachtaí nua a leithdháileadh ar Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Maroš Šefčovič (2023/2196(INS))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 17(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagal 248 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do phointe 7 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach(1),
– ag féachaint do na litreacha ó Uachtarán an Choimisiúin an 22 Lúnasa agus an 1 Meán Fómhair 2023,
– ag féachaint don éisteacht le Maroš Šefčovič an 3 Deireadh Fómhair 2023, a raibh an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia i gceannas uirthi, i gcomhlachas leis an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, agus don litir mheastóireachta a tarraingíodh suas tar éis na héisteachta sin,
– ag féachaint don scrúdú a rinne Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí ag a cruinniú an 4 Deireadh Fómhair 2023, agus don scrúdú a rinne Comhdháil na nUachtarán ag a cruinniú an 4 Deireadh Fómhair 2023,
– ag féachaint do Riail 125 dá Rialacha Nós Imeachta, agus d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leo,
1. ag formheas leithdháileadh freagrachtaí nua ar Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Maroš Šefčovič, don chuid eile de théarma oifige an Choimisiúin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.