Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/83/AE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/65/CE (COM(2022)0204 – C9-0175/2022 – 2022/0147(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0204),
– ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9‑0175/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2022(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0097/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ag an gcéad léamh an 5 Deireadh Fómhair 2023 chun go nglacfaí le Treoir (AE) 2023/...ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhísí airgeadais a thugtar i gcrích go cianda agus lena n‑aisghairtear Treoir 2002/65/CE
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2023/2673.)