Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (athmhúnlú) (COM(2022)0541 – C9-6363/2022 – 2022/0345(COD))(1)
(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh treorach Aithris 1 a (nua)
(1a) Is leas poiblí é an t-uisce a bhaineann le gach duine agus atá do gach duine agus mar acmhainn nádúrtha riachtanach, atá do-athsholáthraithe agus riachtanach don bheatha, ní mór é a chur san áireamh agus a chomhtháthú ina thrí ghné: sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil.
Leasú 2 Togra le haghaidh treorach Aithris 1 b (nua)
(1b) I rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2022 maidir le rochtain ar uisce mar cheart daonna — an ghné sheachtrach, agus rún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Right2Water’ luaitear gur cheart caitheamh le huisce mar leas coiteann.
Leasú 3 Togra le haghaidh treorach Aithris 2
(2) Le Treoir 91/271/CE leagtar síos i dTreoir 91/271/CEE an creat dlíthiúil maidir le bailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh agus le sceitheadh fuíolluiscí in-bhithdhíghrádaithe ó earnálacha tionsclaíocha áirithe. Is é is cuspóir di an comhshaol a chosaint ar dhochar díobhálach mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh nach bhfuil dóthain cóireála déanta air. Ba cheart don Treoir seo leanúint den chuspóir céanna a shaothrú, agus ag an am céanna rannchuidiú le cosaint na sláinte poiblí, nuair a dhéantar, mar shampla, fuíolluisce uirbeach a sceiteadh isteach in uiscí snámha nó i ndobharlaigh a úsáidtear chun uisce óil a bhaint astu, nó nuair a úsáidtear fuíolluisce uirbeach mar tháscaire le haghaidh paraiméadair atá ábhartha don tsláinte phoiblí. Ba cheart go gcuirfí feabhas leis, freisin, ar an rochtain ar shláintíocht agus ar phríomhfhaisnéis a bhaineann le rialachas na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh. Ar deireadh, leis an Treoir seo ba cheart go rannchuideofaí le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíothú de réir a chéile de ghníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, go háirithe trí tuilleadh laghdaithe a chur ar astaíochtaí nítrigine ach freisin tríd an éifeachtúlacht fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin ba cheart go rannchuideofaí le baint amach cuspóir 2050 maidir le Neodracht Aeráide a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37 .
(2) Le Treoir 91/271/CE leagtar síos i dTreoir 91/271/CEE an creat dlíthiúil maidir le bailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh agus le sceitheadh fuíolluiscí in-bhithdhíghrádaithe ó earnálacha tionsclaíocha áirithe. Is é is cuspóir don chreat seo, an comhshaol, lena n-áirítear bithéagsúlacht éiceachóras talamhbhunaithe, muirí agus cósta a chosaint i gcoinne dochar díobhálach mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh nach bhfuil dóthain cóireála déanta air chun na cuspóirí a bunaíodh faoi Threoir 2000/60/CE agus faoi reachtaíocht ábhartha eile a bhaint amach. Ba cheart don Treoir seo, i bhfianaise na gcuspóirí aistrithe ghlais a leagtar síos sa Chomhaontú Glas, leanúint den chuspóir céanna a shaothrú, agus ag an am céanna rannchuidiú le cosaint na sláinte poiblí, nuair a dhéantar, mar shampla, fuíolluisce uirbeach a sceiteadh isteach in uiscí snámha nó i ndobharlaigh a úsáidtear chun uisce óil a bhaint astu, nó nuair a úsáidtear fuíolluisce uirbeach mar tháscaire le haghaidh paraiméadair atá ábhartha don tsláinte phoiblí. Ba cheart go n‑áiritheofaí leis freisin rochtain ar shláintíocht agus ar phríomhfhaisnéis a bhaineann le rialachas na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh. Leis an Treoir seo ba cheart go rannchuideofaí freisin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú de réir a chéile de ghníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh, go háirithe trí tuilleadh laghdaithe a chur ar astaíochtaí nítrigine ach freisin tríd an éifeachtúlacht fuinnimh agus táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin ba cheart go rannchuideofaí le baint amach cuspóir 2050 maidir le Neodracht Aeráide a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37. Ar deireadh, ba cheart go spreagfadh sé úsáid réitigh dhúlrabhunaithe amhail bogach tógtha mar uirlis chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil agus a sceitheadh.
_________________
_________________
37 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
37 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 4
(4) Cuireann ceirtleáin bheaga brú suntasach ar sciar 11 % de na dobharlaigh dhromchla san Aontas39. Chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an truailliú ó cheirtleáin den sórt sin, agus chun cosc a chur ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte isteach sa chomhshaol, ba cheart go n-áireofaí i raon feidhme na Treorach seo gach ceirtleán ina bhfuil 1 000 coibhéis daonra (CD) agus os a chionn.
(4) Cuireann ceirtleáin bheaga brú suntasach ar sciar 11 % de na dobharlaigh dhromchla san Aontas39. Chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an truailliú ó na ceirtleáin sin, agus chun cosc a chur ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh neamhchóireáilte isteach sa chomhshaol, ba cheart go n-áireofaí i raon feidhme na Treorach seo ceirtleáin ina bhfuil 750 coibhéis daonra (CD) agus os a chionn.
_________________
_________________
39 EEA report, European waters: Assessment of status and pressures 2018, No 7/2018. [Tuarascáil EEA, Uiscí na hEorpa: Measúnú ar stádas agus ar fhoinsí brú 2018, Uimh. 7/2018.]
39 EEA report, European waters: Assessment of status and pressures 2018, No 7/2018. [Tuarascáil EEA, Uiscí na hEorpa: Measúnú ar stádas agus ar fhoinsí brú 2018, Uimh. 7/2018.]
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 5
(5) Chun cóireáil éifeachtach ar fhuíolluisce uirbigh a áirithiú sula sceitear isteach sa chomhshaol é, ba cheart na fuíolluiscí uirbeacha go léir ó cheirtleáin ina bhfuil 1 000 CD agus os a chionn a bhailiú i gcórais bailithe láraithe. I gcás ina mbíonn córais den sórt sin ar bun cheana féin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foinse fuíolluisce uirbigh nasctha leo.
(5) Chun cóireáil éifeachtach ar fhuíolluisce uirbigh a áirithiú sula sceitear isteach sa chomhshaol é, ba cheart na fuíolluiscí uirbeacha go léir ó cheirtleáin ina bhfuil 750 CD agus os a chionn a bhailiú i gcórais bailithe láraithe. I gcás ina mbíonn córais den sórt sin ar bun cheana féin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foinse fuíolluisce uirbigh nasctha leo. I gcás nach bhfuil na córais sin nasctha le chéile, ba cheart do na Ballstáit spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do bhardais bheaga teacht le chéile chun fuíolluisce a bhainistiú i dteannta a chéile, agus leis an gcomhbhainistiú sin, d’fhéadfaí costais a laghdú.
Leasú 6 Togra le haghaidh treorach Aithris 6
(6) Ar bhonn eisceachtúil, i gcás inar féidir a léiriú nach dtiocfadh aon tairbhe comhshaoil as córas bailithe fuíolluisce uirbigh láraithe a bhunú ná go mbeadh costas as cuimse i gceist lena bhunú, ba cheart a cheadú do na Ballstáit córais aonair a úsáid chun fuíolluisce uirbeacha chóireáil, chomh fada agus a áirithítear leo an leibhéal céanna cóireála agus a chuirtear ar fáil le cóireáil thánaisteach agus threasach. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit cláir náisiúnta a bhunú chun córais aonair a úsáidtear ar a gcríoch a shainaithint agus ba cheart dóibh na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur leor dearadh na gcóras sin, go ndéantar na córais a chothabháil go cuí agus go mbíonn siad faoi réir rialú rialta comhlíontachta. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le córais aonair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a stóráil, go mbíonn siad neamh-thréscaoilteach agus díonach i gcoinne sceitheadh leachta, agus go ndéantar faireachán agus cigireacht ar na córais go tráthrialta agus de réir eatraimh rialta.
(6) Ar bhonn eisceachtúil, i gcás inar féidir a léiriú nach dtiocfadh aon tairbhe comhshaoil as córas bailithe fuíolluisce uirbigh láraithe a bhunú ná go mbeadh costas as cuimse i gceist lena bhunú, ba cheart a cheadú do na Ballstáit córais aonair a úsáid chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil, chomh fada agus a áirithítear leo an leibhéal céanna cosanta comhshaoil agus a chuirtear ar fáil le cóireáil thánaisteach agus threasach. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit cláir náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí,réigiúnacha a bhunú chun córais aonair a úsáidtear ar a gcríoch a shainaithint agus ba cheart dóibh na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur leor dearadh na gcóras sin, go ndéantar na córais a chothabháil go cuí agus go mbíonn siad faoi réir rialú rialta comhlíontachta. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le córais aonair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a stóráil, go mbíonn siad neamh-thréscaoilteach agus díonach i gcoinne sceitheadh leachta, agus go ndéantar faireachán agus cigireacht ar na córais go tráthrialta agus de réir eatraimh rialta. Chun go bhféadfar rialáil chomhchuibhithe a dhéanamh ar chórais aonair i measc na mBallstát, ba cheart don Choimisiún treoraíocht a sholáthar i dtaca leis na ceanglais thuasluaite maidir le dearadh, oibriú agus cothabháil na gcóras aonair sin.
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 7
(7) Le linn na báistí, is as forsceitheadh uiscí stoirme agus rití chun srutha uirbeacha a thagann méid nach beag den chuid eile den truailliú a sceitear isteach sa chomhshaol. Meastar go dtiocfaidh méadú ar na hastaíochtaí sin mar thoradh ar éifeachtaí comhcheangailte an uirbithe agus an athraithe atá ag teacht de réir a chéile ar thitim shéasúrach na báistí atá ceangailte leis an athrú aeráide. Ba cheart sainiú a dhéanamh ar leibhéal áitiúil ar na réitigh chun an fhoinse truaillithe sin a laghdú, agus na dálaí áitiúla sonracha á gcur san áireamh. Ba cheart iad a bhunú ar bhainistiú comhtháite cainníochtúil agus cáilíochtúil uisce i limistéir uirbeacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunófar pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh ar an leibhéal áitiúil le haghaidh gach ceirtleáin ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn ó tharla gurb iad na ceirtleáin sin is cúis le sciar suntasach den truailliú a astaítear. Thairis sin, ba cheart pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce a chur ar bun le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD agus inar baol don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí forsceitheadh uiscí stoirme nó rití chun srutha uirbeacha.
(7) Le linn na báistí, is as forsceitheadh uiscí stoirme agus sceitheadh rití chun srutha uirbeacha a thagann méid nach beag den chuid eile den truailliú a sceitear isteach sa chomhshaol. Meastar go dtiocfaidh méadú ar na hastaíochtaí sin mar thoradh ar éifeachtaí comhcheangailte an uirbithe agus an athraithe atá ag teacht de réir a chéile ar thitim shéasúrach na báistí atá ceangailte leis an athrú aeráide. Go deimhin, méadóidh an t-athrú aeráide an dóchúlacht go dtarlóidh forsceitheadh uiscí stoirme agus rití chun srutha uirbeacha. Dá bhrí sin, tá leochaileacht faoi leith ag bonneagair bainistithe fuíolluisce uirbigh don athrú aeráide. Ba cheart sainiú a dhéanamh ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach ar na réitigh chun an fhoinse truaillithe sin a laghdú, agus na dálaí áitiúla sonracha á gcur san áireamh, lena n-áirítear dálaí aeráide mar aon le leochaileacht na mbonneagar sin. Bheadh sé tairbheach freisin pleananna gníomhaíochta áitiúla agus réigiúnacha a bheith ann lena gcumhdófaí go leor ceantar nuair a d’fhéadfadh na sruthchúrsaí céanna tionchar a imirt orthu go léir i gcúinsí ina bhfuil frasaíocht fhlúirseach agus, go hintuigthe, ag rití chun srutha uirbeacha. Ba cheart iad a bhunú ar bhainistiú comhtháite cainníochtúil agus cáilíochtúil uisce i limistéir uirbeacha. Ina theannta sin, ba cheart rialú ag an bhfoinse, lena n-áirítear trí réitigh dhúlrabhunaithe, a phríomhshruthú mar chéad chéim chun truailliú le linn rith chun srutha uirbigh a sheachaint, chomh maith le comhordú beart chun rialú a dhéanamh ar chainníocht an rith chun srutha uirbigh ag an bhfoinse. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunófar pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh, lena n-áirítear measúnú tástála struis ar leochaileacht na gcóras bailithe agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh bunaithe ar chásanna athraithe aeráide, ar an leibhéal áitiúil agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh gach ceirtleán ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn ó tharla gurb iad na ceirtleáin sin is cúis le sciar suntasach den truailliú a astaítear. Thairis sin, ba cheart pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce a chur ar bun le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD agus inar baol don chomhshaol nó don tsláinte phoiblí forsceitheadh uiscí stoirme nó rití chun srutha uirbeacha. An sprioc atá beartaithe maidir le forsceitheadh uiscí stoirme a laghdú go dtí thart ar 1 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí de shreabhadh uisce le linn triomaigh agus arna thomhas ag ionraon an ghléasra chóireála, tagraíonn sí go háirithe don chion nítrigine. De bharr coinníollacha teicniúla, féadfaidh na Ballstáit, de réir na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 5, spriocanna malartacha a shocrú do pharaiméadair eile, amhail éileamh ceimiceach ar ocsaigin, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ar dtús leis an gcéatadán, ag brath ar an bparaiméadar, ach is féidir iad a shamhaltú chuig na paraiméadair chéanna leis an sprioc bhunaithe.
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 7 a (nua)
(7a) Agus a bpleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh á mbunú acu, ba cheart do na Ballstáit éifeachtaí carnacha athruithe déimeagrafacha, feiniméin mheitéareolaíocha agus an t-ardú a bhfuiltear ag súil leis ar leibhéal na farraige a chur san áireamh, go háirithe i limistéir chósta agus i réigiúin chladachúla. Bíonn tionchar diúltach ag na héifeachtaí carnacha sin, a chruthaíonn forsceitheadh i ngléasraí cóireála fuíolluisce, ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte trí thruailliú a mhéadú. Ba cheart aghaidh a thabhairt go hiomchuí ar bhainistiú fuíolluisce i gceantair den sórt sin, lena n-áirítear faireachán rialta ar chothabháil córas fuíolluisce.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 7 b (nua)
(7b) Rannchuideofar leis an oiriúnú i leith na haeráide ach bainistiú níos fearr a dhéanamh ar cháilíocht agus cainníochtaí uisce i gceantair uirbeacha. Chun éifeachtaí diúltacha forsceitheadh uisce stoirme a laghdú, ba cheart do na Ballstáit díriú ar spásanna glasa agus gorma a mhéadú i gceantair uirbeacha tríd an ardán don Ghlasú Uirbeach a chur san áireamh, ardán lena soláthraítear treoir agus eolas chun tacú le bailte agus cathracha. Ba cheart do na Ballstáit díriú freisin ar bhonneagair nua a fhorbairt, agus tosaíocht á tabhairt do bhonneagar glas agus gorm amhail spásanna uirbeacha glasa, díonta glasa, díoga fásmhara, bogaigh chóireála agus linnte stórála arna ndearadh chun tacú leis an mbithéagsúlacht. Maidir le bearta coisctheacha arb é is aidhm dóibh gan ligean d’uiscí báistí neamhthruaillithe dul isteach sna córais bailithe fuíolluisce, agus bearta lena méadaítear spásanna glasa agus gorma, ba cheart go n-áireofaí leo bearta lena gcuirtear coinneáil nádúrtha an uisce nó bailiú uiscí báistí chun cinn. D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí eile méadú a dhéanamh ar líon na bpáirceanna, na gcrann agus dáileachtaí coillearnaí le speicis dhúchasacha, díonta glasa, féarthailte bláthanna fiáine, gairdíní, sráideanna a bhfuil crainn lena dtaobh, móinéir uirbeacha agus fálta, linnte agus sruthchúrsaí a chuireann teorainn le dromchlaí neamhscagacha i gceirtleáin agus méid na gairneoireachta cathrach, rud a d’fhágfadh ní hamháin go gcruthófaí gnáthóg mhaith do phailneoirí, d’éin agus do speicis eile, ach freisin a chuideodh go díreach le huisce báistí agus truailliú gaolmhar a rialú agus a laghdú, agus cáilíocht fhoriomlán na beatha sna cathracha sin a fheabhsú ag an am céanna. I gcás inarb ábhartha, ba cheart athúsáid uisce a bhreithniú i gcomhthéacs fhorbairt na bpleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh.
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 8
(8) Chun cost-éifeachtúlacht na bpleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeidh siad bunaithe ar dhea-chleachtais i limistéir uirbeacha forbartha. Dá bhrí sin, na bearta atá le cur sa mheá, ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar anailís chríochnúil ar na dálaí áitiúla agus ba cheart dóibh tosaíocht a thabhairt do chur chuige coisctheach arb é is aidhm dó teorainn a chur le bailiú uiscí báistí neamhthruaillithe agus oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana. Agus tús áite á thabhairt d’fhorbairtí ‘glasa’, níor cheart bonneagar nua liath a bheartú ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis. Chun cosaint a thabhairt don chomhshaol, go háirithe an comhshaol cósta agus muirí, agus don tsláinte phoiblí i gcoinne dochar díobhálach mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh nach bhfuil dóthain cóireála déanta air, ba cheart cóireáil thánaisteach a dhéanamh ar an bhfuíolluisce uirbeach go léir ó cheirtleáin ina bhfuil 1 000 CD agus os a chionn.
(8) Chun a áirithiú go mbeidh na pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh costéifeachtach, tá sé tábhachtach go mbeidh siad bunaithe ar dhea-chleachtais in ardlimistéir uirbeacha, agus infhaighteacht uirlisí digiteacha agus athrú leanúnach ar chomhdhéanamh ceimiceach fuíolluisce mar thoradh ar tháirgí nua a bheith ar an margadh á gcur san áireamh freisin, rud a fhágann gur gá bearta iomchuí chun na táirgí sin a shainaithint agus a dhíothú ón bhfuíolluisce. Dá bhrí sin, na bearta atá le cur sa mheá, ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar anailís chríochnúil ar na dálaí áitiúla agus ba cheart dóibh tosaíocht a thabhairt do chur chuige coisctheach arb é is aidhm dó teorainn a chur le bailiú uiscí báistí neamhthruaillithe agus oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an mbonneagar atá ann cheana chun coigilteas fuinnimh a ghiniúint agus rannchuidiú le laghdú astaíochtaí. Agus tús áite á thabhairt d’fhorbairtí agus d’ infheistíochtaí ‘glasa’ agus ‘gorma’, níor cheart bonneagar nua liath a bheartú ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis. Chun cosaint a thabhairt don chomhshaol, go háirithe an comhshaol cósta agus muirí, agus don tsláinte phoiblí, lena n-áirítear cosaint uisce dromchla, screamhuisce agus uisce óil, i gcoinne dochar díobhálach mar thoradh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh nach bhfuil dóthain cóireála déanta air, ba cheart cóireáil thánaisteach a dhéanamh ar an bhfuíolluisce uirbeach go léir ó cheirtleáin ina bhfuil 750 CD agus os a chionn.
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Aithris 9 a (nua)
(9a) Tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún na deacrachtaí agus na dúshláin ollmhóra a bhaineann le cóireáil fuíolluisce san áireamh, amhail san athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le Clárú, Meastóireacht agus Údarú Ceimiceán (‘Rialachán REACH’) i ndáil le deireadh a chur de réir a chéile le substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS). Sa teachtaireacht uaidh an 14 Deireadh Fómhair 2020, dar teideal ‘Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment’ [Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí], cuireann an Coimisiún i bhfios go bhfuil gá le haird ar leith a thabhairt ar PFAS, i bhfianaise líon mór cásanna éillithe ithreach agus uisce, lena n-áirítear uisce óil, san Aontas agus ar fud an domhain, i bhfianaise líon na ndaoine atá buailte le speictream iomlán tinnis agus i bhfianaise na gcostas sochaíoch agus eacnamaíoch a bhaineann leo, agus leagtar síos an cuspóir PFAS a chéimniú amach san Aontas ach amháin má chruthaítear go bhfuil siad bunriachtanach don tsochaí.
Leasú 12 Togra le haghaidh treorach Aithris 10
(10) Ba cheart don chóireáil threasach a bheith ina cóireáil shainordaitheach freisin sna ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn agus a sceitear ábhar i limistéir atá faoi réir, nó atá i mbaol, an eotrófaithe. Chun a áirithiú go gcomhordaítear na hiarrachtaí chun an eotrófú a theorannú ar leibhéal na n-abhantrach ábhartha le haghaidh an dobharcheantar ina iomláine, ba cheart na limistéir ina meastar an t-eotrófú a bheith ina shaincheist de réir na sonraí atá ar fáil faoi láthair a liostú sa Treoir seo. Ina theannta sin, chun comhleanúnachas a áirithiú idir reachtaíocht ábhartha an Aontais, ba cheart do na Ballstáit sainaithint a dhéanamh ar limistéir eile ar a gcríoch atá faoi réir, nó i mbaol, an eotrófaithe, go háirithe ar bhonn na sonraí a bhailítear faoi Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle40, faoi Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle41 agus faoi Threoir 91/676/CEE ón gComhairle42. Athneartú na dteorainnluachanna, sainaithint níos comhleanúnaí agus níos cuimsithí ar na limistéir atá íogair i leith an eotrófaithe, agus an oibleagáid chun cóireáil threasach a dhéanamh sna saoráidí móra uile, is bearta iad sin a rannchuideoidh, i gcomhcheangal le chéile, leis an eotrófú a theorannú. Ó tharla mar thoradh air sin go mbeidh gá le hinfheistíochtaí breise ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun an bonneagar is gá a bhunú.
(10) Ba cheart don chóireáil threasach a bheith ina cóireáil shainordaitheach freisin sna ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn agus a sceitear ábhar i limistéir atá faoi réir, nó atá i mbaol, an eotrófaithe. Chun a áirithiú go gcomhordaítear na hiarrachtaí chun an eotrófú a theorannú ar leibhéal na n-abhantrach ábhartha le haghaidh an dobharcheantar ina iomláine, ba cheart na limistéir ina meastar an t-eotrófú a bheith ina shaincheist de réir na sonraí atá ar fáil faoi láthair a liostú sa Treoir seo. Ina theannta sin, chun comhleanúnachas a áirithiú idir reachtaíocht ábhartha an Aontais, ba cheart do na Ballstáit sainaithint a dhéanamh ar limistéir eile ar a gcríoch atá faoi réir, nó i mbaol an eotrófaithe, agus a shainaithint an bhfuil na limistéir nítrigin-íogair nó fosfar-íogair, go háirithe ar bhonn na sonraí a bhailítear faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle40, faoi Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle41 agus faoi Threoir 91/676/CEE ón gComhairle42. Athneartú na dteorainnluachanna, sainaithint níos comhleanúnaí agus níos cuimsithí ar na limistéir atá íogair i leith an eotrófaithe, agus an oibleagáid chun cóireáil threasach a dhéanamh sna saoráidí móra uile, is bearta iad sin a rannchuideoidh, i gcomhcheangal le chéile, leis an eotrófú a theorannú. Ó tharla mar thoradh air sin go mbeidh gá le hinfheistíochtaí breise ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun an bonneagar is gá a bhunú.
_________________
_________________
40 Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
40 Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
41 Treoir 2008/56/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
41 Treoir 2008/56/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
42 Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
42 Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
Leasú 13 Togra le haghaidh treorach Aithris 10 a (nua)
(10a) Is éard a bheadh i gceist le forbairt acmhainneacht na hearnála fuíolluisce uirbigh i dtreo geilleagar ciorclach cothaitheach, agus le cur chun feidhme athúsáide uisce a chur chun cinn, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach1a, go bhféadfadh uisce athshlánaithe atá le húsáid chun críoch uiscithe talmhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán Eorpach maidir le hAthúsáid Uisce, ceanglais nach bhfuil chomh sriantach céanna a chur i bhfeidhm maidir le baint na gcothaitheach a bhunaítear sa Treoir seo.
_________________
1aTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche.
Leasú 14 Togra le haghaidh treorach Aithris 11
(11) Baineadh úsáid as eolas eolaíoch a fuarthas le déanaí mar bhonn le roinnt straitéisí43 de chuid an Choimisiúin agus san eolas sin cuirtear i dtábhacht an gá atá le gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt shaincheist na micreathruailleán, ar ábhar é a bhraitear anois in uiscí uile an Aontais. Tá cuid de na micreathruailleáin sin contúirteach don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol fiú i gcainníochtaí beaga. Dá bhrí sin ba cheart cóireáil bhreise, i.e. cóireáil cheathartha, a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbainfear speictream mór micreathruailleán ón bhfuíolluisce uirbeach. Ba cheart cóireáil chathrach a dhíriú i dtosach ar mhicreathruailleáin orgánacha, ar cuid shuntasach iad den truailliú iad agus ar ina leith a ceapadh teicneolaíochtaí bainte ábhair cheana. Ba cheart an chóireáil a fhorchur ar bhonn chur chuige an réamhchúraim i gcomhcheangal le cur chuige rioscabhunaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn cóireáil cheathartha a sholáthar, ó tharla gur ó na saoráidí sin a thagann sciar suntasach den ábhar micreathruailleán a sceitear isteach sa chomhshaol agus ó tharla gur próiseas costéifeachtach é micreathruailleáin a bhaint ar an scála sin sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. I gcás ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit cóireáil cheathartha a dhéanamh i limistéir atá sainaitheanta mar limistéir atá íogair i leith an truaillithe ó mhicreathruailleáin ar bhonn critéir shoiléire, ar critéir iad ba cheart a bheith a shonrú. Ba cheart a áireamh sna limistéir sin suíomhanna ina bhfaightear cóimheasa caolúcháin ísle mar thoradh ar fhuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitear isteach sna dobharlaigh, nó ina n-úsáidtear na dobharlaigh ghlactha chun uisce óil a tháirgeadh nó mar uiscí snámha. Chun an bheith in ann an ceanglas maidir le cóireáil cheathartha a sheachaint le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a léiriú nach bhfuil rioscaí ann don chomhshaol ná don tsláinte phoiblí ar bhonn measúnú riosca caighdeánaithe. Chun go mbeidh dóthain ama ag na Ballstáit an bonneagar is gá a phleanáil agus a sholáthar, ba cheart go mbeadh feidhm de réir a chéile ag an gceanglas maidir le cóireáil cheathartha go dtí 2040, maille le cuspóirí soiléire eatramhacha.
(11) Baineadh úsáid as eolas eolaíoch a fuarthas le déanaí mar bhonn le roinnt straitéisí43 de chuid an Choimisiúin agus san eolas sin cuirtear i dtábhacht an gá atá le gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt shaincheist na micreathruailleán, ar ábhar é a bhraitear anois in uiscí uile an Aontais agus atá á nginiúint trí tháirgí nua baile nó tionsclaíocha a bheith ar an margadh, rud a fhágann gur gá modhanna nua chun fuíolluisce a shainaithint agus a dhíothú. Tá cuid de na micreathruailleáin sin contúirteach don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol fiú i gcainníochtaí beaga. Dá bhrí sin ba cheart cóireáil bhreise, i.e. cóireáil cheathartha, a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbainfear speictream mór micreathruailleán ón bhfuíolluisce uirbeach. Ba cheart cóireáil chathrach a dhíriú i dtosach ar mhicreathruailleáin orgánacha, ar cuid shuntasach iad den truailliú iad agus ar ina leith a ceapadh teicneolaíochtaí bainte ábhair cheana. Ba cheart an chóireáil a bheith comhsheasmhach le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir Réime maidir le hUisce’) agus ba cheart í a fhorchur ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim i gcomhcheangal le cur chuige rioscabhunaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh ina bhfuil 150 000 CD agus os a chionn cóireáil cheathartha a sholáthar, ó tharla gur ó na saoráidí sin a thagann sciar suntasach den ábhar micreathruailleán a sceitear isteach sa chomhshaol agus ó tharla gur próiseas costéifeachtach é micreathruailleáin a bhaint ar an scála sin sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. I gcás ceirtleáin ina bhfuil idir 35 000 CD agus 150 000 CD, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit cóireáil cheathartha a dhéanamh i limistéir atá sainaitheanta mar limistéir atá íogair i leith an truaillithe ó mhicreathruailleáin ar bhonn critéir shoiléire, ar critéir iad ba cheart a bheith a shonrú. Ba cheart a léiriú go háirithe leis na critéir sin na rioscaí a bhaineann le micreaphlaistigh agus PFASanna. Ba cheart a áireamh sna limistéir sin suíomhanna ina bhfaightear cóimheasa caolúcháin ísle mar thoradh ar fhuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitear isteach sna dobharlaigh, nó ina n-úsáidtear na dobharlaigh ghlactha chun uisce óil a tháirgeadh nó mar uiscí snámha. Chun a bheith in ann an ceanglas maidir le cóireáil cheathartha a sheachaint le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil idir 35 000 CD agus 150 000 CD, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a léiriú nach bhfuil rioscaí ann don chomhshaol ná don tsláinte phoiblí ar bhonn measúnú riosca caighdeánaithe. Chun go mbeidh dóthain ama ag na Ballstáit an bonneagar is gá a phleanáil agus a sholáthar, ba cheart go mbeadh feidhm de réir a chéile ag an gceanglas maidir le cóireáil cheathartha go dtí [cuir isteach an dáta cúig bliana déag tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] maille le cuspóirí soiléire eatramhacha.
_________________
_________________
43 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach] (COM/2018/028 final); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol (COM(2019) 128 final); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí (COM(2020) 667 final); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dTreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir’ (COM/2021/400 final).
43 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach] (COM/2018/028 final); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol (COM(2019) 128 final); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí (COM(2020) 667 final); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dTreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir’ (COM/2021/400 final).
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Aithris 13
(13) Beidh impleachtaí ó thaobh costas breise de ag baint leis an gcóireáil cheathartha is gá chun micreathruailleáin a bhaint den fhuíolluisce uirbeach, amhail costas a bhaineann le faireachán agus le hardtrealamh nua atá le suiteáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh áirithe. Chun an costas breise sin a chumhdach agus i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ a chuirtear in iúl in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé fíor-riachtanach, maidir leis na táirgeoirí a chuireann ar mhargadh an Aontais táirgí ina bhfuil substaintí a fhaightear, ag deireadh a saolré, mar mhicreathruailleáin i bhfuíolluisce uirbeach (substaintí micreathruaillitheacha’), go nglacfaidh siad an fhreagracht as an gcóireáil bhreise is gá chun na substaintí sin a bhaint, ar substaintí iad a gineadh i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí gairmiúla. Córas freagrachta leathnaithe táirgeoirí is ea an modh is iomchuí chun é sin a bhaint amach, de bhrí go gcuirfeadh sé teorainn leis an tionchar airgeadais ar an gcáiníocóir agus ar na taraifí uisce, agus ag an am céanna sholáthrófaí dreasacht leis chun táirgí níos glaise a fhorbairt. Is iad iarmhair na dtáirgí cosmaideacha agus na dtáirgí cógaisíochta príomhfhoinsí na micreathruailleán a fhaightear san fhuíolluisce uirbeach agus óna dteastaíonn cóireáil bhreise (cóireáil cheathartha). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag freagracht leathnaithe tairgeoirí maidir leis an dá ghrúpa táirgí sin.
(13) Beidh impleachtaí ó thaobh costas breise de ag baint leis an gcóireáil cheathartha is gá chun micreathruailleáin a bhaint den fhuíolluisce uirbeach, amhail costas a bhaineann le faireachán agus le hardtrealamh nua atá le suiteáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh áirithe. Chun an costas breise sin a chumhdach agus i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ a chuirtear in iúl in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé fíor-riachtanach, maidir leis na táirgeoirí a chuireann ar mhargadh an Aontais táirgí ina bhfuil substaintí a fhaightear, ag deireadh a saolré, mar mhicreathruailleáin i bhfuíolluisce uirbeach (substaintí micreathruaillitheacha’), go nglacfaidh siad an fhreagracht as an gcóireáil bhreise is gá chun na substaintí sin a bhaint, ar substaintí iad a gineadh i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí gairmiúla. Córas freagrachta leathnaithe táirgeoirí is ea an modh is iomchuí chun é sin a bhaint amach, de bhrí go gcuirfeadh sé teorainn leis an tionchar airgeadais ar an gcáiníocóir agus ar na taraifí uisce, agus ag an am céanna sholáthrófaí dreasacht leis chun táirgí níos glaise a fhorbairt. Chun iarmhairtí neamhbheartaithe ar infhaighteacht, inacmhainneacht agus inrochtaineacht táirgí ríthábhachtacha a theorannú, ba cheart an fhreagracht táirgeora a chomhlánú le cistiú náisiúnta, mar gheall ar ardluach sochaíoch na n-earnálacha a chumhdaítear leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora. Ba cheart scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a chur chun feidhme i gcomhréir leis an spriocdháta dá bhforáiltear i bhforálacha trasuímh na Treorach seo. De bhun Airteagal 191 CFAE tá beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le díriú ar ardleibhéal cosanta, agus éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais á gcur san áireamh. Tá sé le fothú ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, gur cheart damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse ar bhonn práinne agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Tagraíonn an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as do phrionsabal ar dá réir ba cheart do thruaillitheoirí costais a dtruaillithe nó a ndamáiste don chomhshaol a sheasamh, lena n-áirítear costas na mbeart a dhéantar chun an truailliú a chosc, a rialú agus a leigheas. Tá an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora dá bhforáiltear sa Treoir seo bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus tá sí dírithe ar chur chun feidhme iomlán i gcomhcheangal le ranníocaíocht náisiúnta mar gheall ar an ngá atá le scrúdú breise a dhéanamh chun freagracht iomlán as an truailliú uile atá ann a áirithiú agus cistiú iomlán a áirithiú gan an bonn a bhaint d’infhaighteacht agus d’inrochtaineacht táirgí ríthábhachtacha. Is iad iarmhair na dtáirgí cosmaideacha agus na dtáirgí cógaisíochta príomhfhoinsí na micreathruailleán a fhaightear san fhuíolluisce uirbeach agus óna dteastaíonn cóireáil bhreise (cóireáil cheathartha). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag freagracht leathnaithe tairgeoirí maidir leis an dá ghrúpa táirgí sin. Mar gheall ar éagsúlachtaí náisiúnta, ba cheart dóthain solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun na táirgí a aicmítear mar tháirgí ríthábhachtacha a ainmniú, a d’fhéadfadh a bheith, mar shampla, cógais a bhfuil tionchar mór acu ar cháilíocht saoil, táirgí sláinteachais nó táirgí cosanta gréine. Ba cheart liosta na ngrúpaí táirgí a oiriúnú amach anseo, más gá agus de réir mar is gá, i gcomhréir le forbairt eolaíoch agus theicneolaíoch, le héabhlóid raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh agus le sonraí nua ó fhaireachán.
Leasú 16 Togra le haghaidh treorach Aithris 13 a (nua)
(13a) Is minic is iad próisis ruaimnithe agus níocháin teicstílí sintéiseacha is cúis leis an truailliú micreaphlaistigh agus an truailliú nanaphlaistigh ós rud é go scaoiltear micreashnáithíní sintéiseacha isteach i bhfuíolluisce. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás micreashnáithíní plaisteacha nó nanaphlaistigh, blúirí macraphlaisteacha, macradhramhaíola nó cáithníní ó chineálacha eile díghrádaithe phlaistigh, a ndearnadh gannmheas ar a láithreacht sa chomhshaol agus san aigéan le fada. Scaoiltear an chuid is mó de mhicreaphlaistigh ó theicstílí le linn an chéad chúig go deich níochán, rud a dhaingníonn an nasc idir mearfhaisean agus truailliú micreaphlaisteach. Ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh, a mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis, i gcomhréir lena thionscnamh maidir le ‘Truailliú micreaphlaisteach — bearta chun a thionchar ar an gcomhshaol a laghdú’ chun é a dhéanamh éigeantach scagairí micreashnáithín a fheistiú le haghaidh meaisíní níocháin nua ar leibhéal an Aontais faoin 31 Nollaig 2027.
Leasú 17 Togra le haghaidh treorach Aithris 14
(14) Mar sin féin, ba cheart go mbeifí in ann díolúintí a fháil ón bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí i gcás ina gcuirtear táirgí ar an margadh i gcainníochtaí beaga, i.e. méid is lú ná 2 thona táirgí, ó tharla go mbeadh an t-ualach breise riaracháin ar an táirgeoir i gcásanna den sórt sin díréireach i gcomparáid leis na tairbhí don chomhshaol. Anuas air sin, ba cheart go mbeifí in ann díolúintí a fháil nuair is féidir leis an táirgeoir a léiriú nach ngintear aon mhicreathruailleáin ag deireadh shaolré táirge. D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh atá an cás mar shampla nuair is féidir a chruthú go bhfuil go bhfuil na hiarmhair ó tháirge in-bhithdhíghrádaithe go tapa san fhuíolluisce agus sa chomhshaol, nó nach sroicheann na hiarmhair na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a bhunú chun sainaithint a dhéanamh ar na táirgí a chuirtear ar an margadh agus nach ngintear micreathruailleáin díobh san fhuíolluisce ag deireadh a saolré. Le linn dó na critéir sin a fhorbairt, ba cheart don Choimisiún faisnéis eolaíoch nó faisnéis theicniúil eile atá ar fáil a chur san áireamh, lena n-áirítear caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.
(14) Mar sin féin, ba cheart go mbeifí in ann díolúintí a fháil ón bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí i gcás ina gcuirtear táirgí ar an margadh i gcainníochtaí beaga, i.e. méid is lú ná 2 thona táirgí arna ríomh do mhargadh an Aontais, ó tharla go mbeadh an t-ualach breise riaracháin ar an táirgeoir sna cásanna sin díréireach i gcomparáid leis na tairbhí don chomhshaol. Ba cheart go mbeifí in ann díolúintí a fháil freisin nuair is féidir leis an táirgeoir a léiriú go bhfuil na táirgí a chuireann siad ar an margadh in-bhithmhillte go tapa nó nach ngintear aon mhicreathruailleáin ag deireadh shaolré táirge. D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh atá an cás mar shampla nuair is féidir a chruthú go bhfuil go bhfuil na hiarmhair ó tháirge in-bhithdhíghrádaithe go tapa san fhuíolluisce agus sa chomhshaol, nó nach sroicheann na hiarmhair na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a bhunú chun sainaithint a dhéanamh ar na táirgí a chuirtear ar an margadh agus nach ngintear micreathruailleáin díobh san fhuíolluisce ag deireadh a saolré. Le linn dó na critéir sin a fhorbairt, ba cheart don Choimisiún faisnéis eolaíoch nó faisnéis theicniúil eile atá ar fáil a chur san áireamh, lena n-áirítear caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.
Leasú 18 Togra le haghaidh treorach Aithris 14 a (nua)
(14a) Agus é á áirithiú go bhfuil freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann earnálacha eile, amhail lotnaidicídí, táirgí tí agus breiseáin phlaisteacha, a chur leis, ar bhonn na fianaise go bhfuil micreathruailleáin san uisce tar éis dóibh dul trí chóireáil threasach, sa sloda nó go buan sa chóras chun sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú.
Leasú 19 Togra le haghaidh treorach Aithris 15
(15) Chun cásanna de shaobhadh inmheánach sa mhargadh a sheachaint, ba cheart íoscheanglais maidir le cur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeoirí a bhunú sa Treoir seo, fad is gur cheart eagrú praiticiúil an chórais a chinneadh ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart go mbeadh ranníocaíochtaí na dtáirgeoirí comhréireach le cainníochtaí na dtáirgí a chuireann siad ar an margadh agus leis an nguais a bhaineann lena gcuid iarmhar. Ba cheart go gcumhdódh, ach níor cheart go sáródh, na ranníocaíochtaí na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faireacháin le haghaidh micreathruailleán, a bhaineann le bailiú, tuairisciú agus fíorú neamhchlaonta staidrimh maidir le cainníochtaí agus guais na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, agus a bhaineann le cur i bhfeidhm na cóireála ceathartha ar an bhfuíolluisce uirbeach ar bhealach éifeachtúil agus i gcomhréir leis an Treoir seo. Ó tharla go ndéantar comhchóireáil ar an bhfuíolluisce uirbeach, is iomchuí ceanglas a thabhairt isteach chun go rachadh táirgeoirí isteach in eagraíocht láraithe atá in ann a gcuid oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chur chun feidhme thar a gceann.
(15) Chun cásanna de shaobhadh inmheánach sa mhargadh a sheachaint, ba cheart íoscheanglais maidir le cur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeoirí a bhunú sa Treoir seo, fad is gur cheart eagrú praiticiúil an chórais a chinneadh ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún treoir a chur ar fáil maidir leis na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora chun cur chun feidhme comhchuibhithe a cheadú i measc na mBallstát. Ba cheart go mbeadh ranníocaíochtaí na dtáirgeoirí comhréireach le cainníochtaí na dtáirgí a chuireann siad ar an margadh agus leis an nguais a bhaineann lena gcuid iarmhar. Ba cheart go gcumhdófaí leis na ranníocaíochtaí, mar aon le maoiniú náisiúnta, na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faireacháin le haghaidh micreathruailleán, a bhaineann le bailiú, anailísiú, tuairisciú agus fíorú neamhchlaonta staidrimh maidir le cainníochtaí agus guais na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, na costais a bhaineann le faisnéis leormhaith a sholáthar do thomhaltóirí agus le cur i bhfeidhm agus oibriú na cóireála ceathartha ar an bhfuíolluisce uirbeach ar bhealach éifeachtúil agus i gcomhréir leis an Treoir seo. Ó tharla go ndéantar comhchóireáil ar an bhfuíolluisce uirbeach, is iomchuí ceanglas a thabhairt isteach chun go rachadh táirgeoirí isteach in eagraíocht láraithe atá in ann a gcuid oibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a chur chun feidhme thar a gceann.
Leasú 20 Togra le haghaidh treorach Aithris 16
(16) Léiríodh sa mheastóireacht freisin go bhfuil an deis ann in earnáil na cóireála fuíolluisce chun a tomhaltas fuinnimh féin a laghdú go suntasach agus a cuid fuinnimh in-athnuaite féin a tháirgeadh, mar shampla trí úsáid níos fearr a bhaint as na dromchlaí atá ar fáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i gcomhair fuinneamh gréine a tháirgeadh nó trí bhithghás a tháirgeadh ó shloda. Léiríodh sa mheastóireacht freisin nach féidir a bheith ag coinne ach le dul chun cinn páirteach san earnáil sin in éagmais oibleagáidí dlíthiúla soiléire. Sa chomhthéacs sin, maidir leis an méid iomlán fuinnimh a úsáidtear sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, atá ar chríocha náisiúnta na mBallstát, agus ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a áirithiú nach sáróidh sé sin an méid fuinnimh a tháirgeann na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach de réir spriocanna eatramhacha faoin 31 Nollaig 2040. Má bhaintear amach sprioc sin na neodrachta fuinnimh, beifear ag rannchuidiú le laghdú 46 % a chur ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa inseachanta ón earnáil, agus ag an am céanna beifear ag tacú le cuspóirí aeráidneodrachta 2050 agus cuspóirí gaolmhara náisiúnta agus Aontais a bhaint amach, [amhail na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45 . Cuideofar freisin le spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú, ar ceann de na cuspóirí é a chuirtear in iúl i bPlean ‘REPower EU’47 an Aontais, trí tháirgeadh AE-bhunaithe bithgháis nó fuinnimh gréine a spreagadh agus ag an am céanna trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a fheabhsú i gcomhréir leis an prionsabal ‘Tosaíocht don Éifeachtúlacht Fuinnimh46 , rud a chiallaíonn lánaird a thabhairt ar bhearta ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh cost-éifeachtúla le linn beartas fuinnimh a mhúnlú agus cinntí infheistíochta ábhartha á ndéanamh. Tá sé i gcomhréir freisin le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle48 agus le Treoir (AE) 2018/2001 ina gcáilítear láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh mar ‘sprioclimistéir’ le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, rud a chiallaíonn gur suíomh é atá ainmnithe mar áit atá rí-oiriúnach chun gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh. Chun cuspóir na neodrachta fuinnimh a bhaint amach trí bhearta optamacha le haghaidh gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus le haghaidh an chórais bailithe fuíolluisce, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar iniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle49 gach 4 bliana. Ba cheart a áireamh sna hiniúchtaí sin sainaithint deiseanna maidir le húsáid nó táirgeadh cost-éifeachtach fuinnimh in-athnuaite de réir na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/27/AE.
(16) Léiríodh sa mheastóireacht freisin go bhfuil an deis ann in earnáil na cóireála fuíolluisce chun a tomhaltas fuinnimh féin a laghdú go suntasach agus a cuid fuinnimh in-athnuaite féin a tháirgeadh, mar shampla trí úsáid níos fearr a bhaint as na dromchlaí atá ar fáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i gcomhair fuinneamh gréine a tháirgeadh nó trí bhithghás a tháirgeadh ó shloda,agus trí theas nó fuinneamh cinéiteach nó foinsí eile fuinnimh in-athnuaite a d’fhéadfadh a bheith ar fáil mar thoradh ar thaighde amach anseo i gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (2009/28/CE). Léiríodh sa mheastóireacht freisin nach féidir a bheith ag coinne ach le dul chun cinn páirteach san earnáil sin in éagmais oibleagáidí dlíthiúla soiléire. Sa chomhthéacs sin, maidir leis an méid iomlán fuinnimh a úsáidtear sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, atá ar chríocha náisiúnta na mBallstát, agus ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a áirithiú nach sáróidh sé sin an méid fuinnimh a tháirgeann na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44, trí, mar shampla, tháirgeadh ar an láthair nó in aice leis an láthair, nó rannchuidithe le córas seachtrach táirgthe fuinnimh, amhail sloda a sheoladh chuig saoráid láraithe táirgthe bithgháis. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach de réir spriocanna eatramhacha faoin 31 Nollaig 2040. Má bhaintear amach sprioc sin na neodrachta fuinnimh, beifear ag rannchuidiú le laghdú 46 % a chur ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa inseachanta ón earnáil, agus ag an am céanna beifear ag tacú le cuspóirí aeráidneodrachta 2050 agus cuspóirí gaolmhara náisiúnta agus Aontais a bhaint amach, [amhail na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45. Cuideofar freisin le spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú, ar ceann de na cuspóirí é a chuirtear in iúl i bPlean ‘REPower EU’47 an Aontais, trí tháirgeadh AE-bhunaithe bithgháis nó fuinnimh gréine a spreagadh agus ag an am céanna trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a fheabhsú i gcomhréir leis an prionsabal ‘Tosaíocht don Éifeachtúlacht Fuinnimh’46, rud a chiallaíonn lánaird a thabhairt ar bhearta ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh cost-éifeachtúla le linn beartas fuinnimh a mhúnlú agus cinntí infheistíochta ábhartha á ndéanamh. Tá sé i gcomhréir freisin le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle48 agus le Treoir (AE) 2018/2001 ina gcáilítear láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh mar ‘sprioclimistéir’ le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, rud a chiallaíonn gur suíomh é atá ainmnithe mar áit atá rí-oiriúnach chun gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh. Chun cuspóir na neodrachta fuinnimh a bhaint amach trí bhearta optamacha le haghaidh gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus le haghaidh an chórais bailithe fuíolluisce, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar iniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle49gach 4 bliana lena ngabhann plean gníomhaíochta lena leagtar síos sraith beart a bheidh le cur chun feidhme ag na gléasraí chun a dtomhaltas fuinnimh a laghdú. Mura bhfuil a n-uasmhéid éifeachtúlachta fuinnimh bainte amach ag na gléasraí i gcomhréir leis an Treoir seo nó le haon spriocanna náisiúnta níos déine, ba cheart plean gníomhaíochta a bheith ag gabháil leis na hiniúchtaí sin ina leagfar síos sraith beart a bheidh le déanamh ag na gléasraí chun a dtomhaltas fuinnimh a laghdú. Ba cheart a áireamh sna hiniúchtaí sin freisin sainaithint na hacmhainneachta chun tomhaltas fuinnimh a laghdú i gcomhréir le céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, aisghabháil agus úsáid chostéifeachtach dramhtheasa, bíodh sé ar an láthair nó trí chóras fuinnimh ceantair, nó úsáid nó táirgeadh costéifeachtach fuinnimh in-athnuaite de réir na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/27/AE, chomh maith le feabhsuithe féideartha a shainaithint chun astaíochtaí meatáin agus ocsaíde nítriúla a laghdú.
_________________
_________________
44 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
44 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
45 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
45 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
46 Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá chur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin.
46 Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal Tús áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas — Treoirlínte agus samplaí dá chur chun feidhme sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus níos faide i gcéin.
47 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Plean REPowerEU (COM/2022/230 final).
47 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Plean REPowerEU (COM/2022/230 final).
48 Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).
48 Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).
49 Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
49 Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
Leasú 21 Togra le haghaidh treorach Aithris 16 a (nua)
(16a) Tá fuíolluisce ar cheann de na ceithre phríomhfhoinse d’astaíochtaí meatáin, in éineacht le talmhaíocht, fuinneamh agus dramhaíl. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a mholadh faoin 31 Nollaig 2025 agus bunaithe ar mheasúnú tionchair, sprioc cheangailteach don Aontas go laghdófaí astaíochtaí meatáin faoi 2030, lena gcumhdófar na hearnálacha ábhartha astaithe ar fad. Tá an méid a baineadh amach i laghduithe meatáin 82.5 uair níos éifeachtaí, thar thréimhse 20 bliain, ná laghduithe CO2, agus le 12 bhliain i gcomparáid le níos mó ná na céadta bliain i gcás CO2, tá meatán i bhfad níos tapúla le tuaslagadh as an atmaisféar agus, dá bhrí sin, tá laghduithe an-ábhartha agus buntáisteach, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh faoin nGealltanas Domhanda maidir le Meatán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbainfidh an earnáil fuíolluisce an sprioc maidir le haeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach.
Leasú 22 Togra le haghaidh treorach Aithris 17
(17) Ó tharla, mar thoradh ar chineál trasteorann an truaillithe uisce, gur gá do chomharsana Ballstáit nó tríú tíortha dul i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar thruailliú den sórt sin agus bearta a shainaithint chun dul i ngleic le foinse an truaillithe, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a chéile nó an tríú tír a chur ar an eolas i gcás ina mbíonn tionchar, nó inar dócha go mbeidh tionchar, ar cháilíocht an uisce de chuid Ballstát eile nó de chuid tríú tír ag truailliú uisce a thagann ó sceitheadh fuíolluisce uirbigh i mBallstát amháin nó i dtríú tír. Ba cheart an fógra sin a thabhairt láithreach i gcás truailliú teagmhasach a dhéanann difear suntasach do dhobharlaigh níos faide síos le sruth. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas agus, más gá, ba cheart don Choimisiún a bheith rannpháirteach sna cruinnithe ar iarraidh ó na Ballstáit. Tá sé tábhachtach freisin dul i ngleic leis an truailliú trasteorann ó thríú tíortha a roinneann na dobharlaigh chéanna le roinnt de na Ballstáit. Chun déileáil le truailliú a thagann ó, nó a shroicheann, na tríú tíortha, féadfar an comhar agus an comhordú le tríú tíortha a dhéanamh faoi chuimsiú Choinbhinsiún Uisce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE)50 nó Choinbhinsiúin réigiúnacha ábhartha eile amhail na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha nó Aibhneacha.
(17) Ó tharla, mar thoradh ar chineál trasteorann an truaillithe uisce, gur gá do chomharsana Ballstáit nó tríú tíortha dul i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar thruailliú den sórt sin agus bearta a shainaithint chun dul i ngleic le foinse an truaillithe, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a chéile nó an tríú tír a chur ar an eolas i gcás ina mbíonn tionchar, nó inar dócha go mbeidh tionchar, ar cháilíocht an uisce de chuid Ballstát eile nó de chuid tríú tír ag truailliú uisce a thagann ó sceitheadh fuíolluisce uirbigh i mBallstát amháin nó i dtríú tír. Ba cheart an fógra sin a thabhairt láithreach i gcás truailliú teagmhasach a dhéanann difear suntasach do dhobharlaigh níos faide síos le sruth trí bhíthin córais rabhaidh tráthúla ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus trasteorann i gcás truailliú teagmhasach. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas agus, más gá, ba cheart don Choimisiún a bheith rannpháirteach sna cruinnithe ar iarraidh ó na Ballstáit. Tá sé tábhachtach freisin dul i ngleic leis an truailliú trasteorann ó thríú tíortha a roinneann na dobharlaigh chéanna le roinnt de na Ballstáit. Chun déileáil le truailliú a thagann ó, nó a shroicheann, na tríú tíortha, féadfar an comhar agus an comhordú le tríú tíortha a dhéanamh faoi chuimsiú Choinbhinsiún Uisce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE)50 nó Choinbhinsiúin réigiúnacha ábhartha eile amhail na Coinbhinsiúin maidir le Farraigí Réigiúnacha nó Aibhneacha.
_________________
_________________
50 Coinbhinsiún UNECE maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta arna leasú le, maille le cinneadh VI/3 lena sonraítear an nós imeachta aontachais.
50 Coinbhinsiún UNECE maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta arna leasú le, maille le cinneadh VI/3 lena sonraítear an nós imeachta aontachais.
Leasú 23 Togra le haghaidh treorach Aithris 18
(18) Chun cosaint ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir leis na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a tógtar chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, go ndéantar iad a dearadh, a thógáil, a oibriú, agus a chothabháil chun feidhmíocht leordhóthanach a áirithiú faoi na gnáthdhálaí aeráide áitiúla go léir.
(18) Chun cosaint an chomhshaoil agus na sláinte a áirithiú i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an córas bailithe agus na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a thógtar chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh a dhearadh, a thógáil, a oibriú agus a chothabháil chun feidhmíocht leordhóthanach a áirithiú faoi na gnáthdhálaí aeráide áitiúla go léir agus ba cheart dóibh a modhanna a oiriúnú go leanúnach chun truailleáin i bhfuíolluisce a shainaithint agus táirgí nua á gcur ar an margadh a d’fhéadfaí a fháil i bhfuíolluisce ina dhiaidh sin.
Leasú 24 Togra le haghaidh treorach Aithris 19
(19) Glacann gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh fuíolluisce neamhthí isteach freisin, lena n-áirítear fuíolluisce tionsclaíoch, ar ábhar é a d’fhéadfadh raon truailleán nach gcumhdaítear go sainráite le Treoir 91/271/CEE, amhail miotail throma, micreaphlaistigh, micreathruailleáin agus ceimiceáin eile. I bhformhór na gcásanna, is bocht an tuiscint agus an t-eolas atá ann maidir le truailliú den sórt sin, ar truailliú é a d’fhéadfadh meath a chur ar fheidhmiú an phróisis cóireála agus rannchuidiú le truailliú na n-uiscí glactha, ach anuas air sin a d’fhéadfadh cosc a chur ar aisghabháil sloda agus athúsáid fuíolluisce chóireáilte. Dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit faireachán agus tuairisciú a déanamh go tráthrialta ar thruailliú neamhthí den sórt sin a théann isteach sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus sceitear isteach i ndobharlaigh. Chun cosc a chur ag an bhfoinse ar thruailliú ó sceitheadh fuíolluisce neamhthí, ba cheart d’ábhair a scaoiltear ó thionscail nó ó fhiontair atá nasctha le córais bailithe fuíolluisce a bheith faoi réir réamhúdarú. Chun a áirithiú go mbíonn córais bailithe fuíolluisce agus gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh in ann, go teicniúil, an truailliú a thagann isteach a ghlacadh agus a chóireáil, ba cheart dul i gcomhairle leis na hoibreoirí a bhainistíonn na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a ghlacann an fuíolluisce neamhthí sula n-eiseofar na ceadanna sin agus ba cheart do na hoibreoirí sin a bheith in ann na ceadanna sin a cheadú chun a bheith in ann iad a oiriúnú dá gcuid bpróiseas cóireála. I gcás ina sainaithnítear gurb ann do thruailliú neamhthí sna huiscí atá ag teacht isteach, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun an truailliú a laghdú ag an bhfoinse, tríd an bhfaireachán ar thruailleáin sna córais bailithe fuíolluisce a fheabhsú ionas gur féidir foinsí an truaillithe a shainaithint agus, i gcás inar gá, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe a soláthraíodh do na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ábhartha atá nasctha. Tá an brú atá ar acmhainní uisce an Aontais ag dul i méid ar feadh an ama, agus mar thoradh air sin bíonn ganntanas uisce buan nó sealadach ann i roinnt limistéar san Aontas. D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do na brúnna méadaitheacha ar acmhainní uisce trí athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce uirbeach cóireáilte, lena dteorannófaí an méid uisce úir a bhaintear as dobharlaigh dhromchla agus screamhuisce. Dá bhrí sin, ba cheart athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte a spreagadh agus a chur i bhfeidhm nuair is iomchuí, á chur san áireamh ag an am céanna gur gá a áirithiú go gcomhlíontar na cuspóirí maidir le dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach na ndobharlach glactha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/60/CE. Le hathneartú na gceanglas maidir le fuíolluisce uirbeach a chóireáil, agus leis na gníomhaíochtaí chun gur fearr an faireachán, rianú agus laghdú a dhéantar ar thruailliú ag an bhfoinse, imreofar tionchar ar cháilíocht an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte, agus dá bhrí sin tacófar le hathúsáid uisce. I gcás inarb é an t-uisciú talmhaíochta is cuspóir don athúsáid uisce, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle51.
(19) Glacann gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh fuíolluisce neamhthí isteach freisin, lena n-áirítear fuíolluisce tionsclaíoch, ar féidir raon truailleán, lena n-áirítear micreashnáithíní agus nanaphlaistigh nach gcumhdaítear go sainráite le Treoir 91/271/CEE a bheith iontu, amhail miotail throma, micreaphlaistigh, micreathruailleáin agus ceimiceáin eile. I bhformhór na gcásanna, is bocht an tuiscint agus an t-eolas atá ann maidir le truailliú den sórt sin, ar truailliú é a d’fhéadfadh meath a chur ar fheidhmiú an phróisis cóireála agus rannchuidiú le truailliú na n-uiscí glactha, ach anuas air sin a d’fhéadfadh cosc a chur ar aisghabháil sloda agus athúsáid fuíolluisce chóireáilte. Dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit faireachán agus tuairisciú a déanamh go tráthrialta ar thruailliú neamhthí den sórt sin a théann isteach sna gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus sceitear isteach i ndobharlaigh. Chun cosc a chur ag an bhfoinse ar thruailliú ó sceitheadh fuíolluisce neamhthí, ba cheart d’ábhair a scaoiltear ó thionscail nó ó fhiontair atá nasctha le córais bailithe fuíolluisce a bheith faoi réir réamhúdarú. Chun a áirithiú go mbíonn córais bailithe fuíolluisce agus gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh in ann, go teicniúil, an truailliú a thagann isteach a ghlacadh agus a chóireáil, ba cheart dul i gcomhairle leis na hoibreoirí a bhainistíonn na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a ghlacann an fuíolluisce neamhthí agus a n-aontú a fháil sula n-eiseofar na ceadanna sin agus ba cheart do na hoibreoirí sin a bheith in ann na ceadanna sin a cheadú chun a bheith in ann iad a oiriúnú dá gcuid bpróiseas cóireála. Ina theannta sin, ba cheart a cheadú d’oibreoirí córas bailithe agus gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a fhaigheann fuíolluisce neamhthí faireachán a dhéanamh ar an sceitheadh sin sula dtéann na sceitheadh sin isteach i gcórais bhailithe agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh. I gcás ina sainaithnítear gurb ann do thruailliú neamhthí sna huiscí atá ag teacht isteach, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun an truailliú a laghdú ag an bhfoinse, tríd an bhfaireachán ar thruailleáin sna córais bailithe fuíolluisce a fheabhsú ionas gur féidir foinsí an truaillithe a shainaithint agus, i gcás inar gá, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe a soláthraíodh do na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ábhartha atá nasctha. Tá an brú atá ar acmhainní uisce an Aontais ag dul i méid ar feadh an ama, agus mar thoradh air sin bíonn ganntanas uisce buan nó sealadach ann i roinnt limistéar san Aontas. D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do na brúnna méadaitheacha ar acmhainní uisce trí athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce uirbeach cóireáilte, lena dteorannófaí an méid uisce úir a bhaintear as dobharlaigh dhromchla agus screamhuisce. Dá bhrí sin, ba cheart athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte a spreagadh agus a chur i bhfeidhm nuair is iomchuí, go háirithe i bpróisis thionsclaíocha agus i dtéamh agus fuarú ceantair. Ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta um shábháil agus athúsáid uisce a bhunú lena sainaithneofar cuspóirí athúsáide uisce agus coigilte uisce ar fud na n-earnálacha uile a mheastar a bheith ábhartha, agus an gá atá lena áirithiú ag an am céanna go gcomhlíonfar na cuspóirí maidir le dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach na ndobharlach glactha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2000/60/CE iad, lena n-áiritheofar sreabhadh íosta éiceolaíoch. Le hathneartú na gceanglas maidir le fuíolluisce uirbeach a chóireáil, agus leis na gníomhaíochtaí chun gur fearr an faireachán, rianú agus laghdú a dhéantar ar thruailliú ag an bhfoinse, imreofar tionchar ar cháilíocht an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte, agus dá bhrí sin tacófar le hathúsáid uisce. I gcás inarb é an t-uisciú talmhaíochta is cuspóir don athúsáid uisce, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle51.
_________________
_________________
51 Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).
51 Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).
Leasú 25 Togra le haghaidh treorach Aithris 19 a (nua)
(19a) Ag croílár an naisc uisce-fuinnimh sin tá méadú mear ag teacht ar an tuiscint go bhfuil córais aeráide agus uisce nasctha, agus go spreagann athruithe i gcóras amháin athruithe tábhachtacha neamhlíneacha sa chóras eile. Dá bhrí sin, ba cheart spriocanna aeráidneodrachta agus aird ar acmhainní uisce a fhorbairt ar bhealach a threisíonn a chéile trí shochaí atá cliste ó thaobh bainistiú uisce de a bhaint amach. Ciallaíonn sé sin sochaí ina n-aithnítear agus ina réadaítear luach an uisce, go ndéantar na foinsí uisce go léir atá ar fáil a bhainistiú ionas go seachnófar ganntanas uisce agus truailliú; tá an córas uisce athléimneach i ndáil le tionchar na n-athruithe déimeagrafacha, na dtriomach agus na dtuilte, agus tá na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach chun rialachas inbhuanaithe uisce a ráthú, agus tá lúba uisce agus acmhainní dúnta den chuid is mó chun geilleagar ciorclach a chothú.
Leasú 26 Togra le haghaidh treorach Aithris 20
(20) Chun cur chun feidhme cuí na Treorach seo a áirithiú agus go háirithe ó thaobh urramú na dteorainnluachanna astaíochta, tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar fhuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitear isteach sa chomhshaol. Ba cheart an faireachán a dhéanamh trí chóras sainordaitheach réamhúdaraithe a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun an fuíolluisce chun an fuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitheadh isteach sa chomhshaol. Ina theannta sin, chun cosc a chur ar sceitheadh neamhbheartaithe bithmheán plaisteach isteach sa chomhshaol ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear an teicníc sin, tá sé riachtanach go gcuirtear ar áireamh sna húdaruithe um sceitheadh oibleagáidí sonracha maidir le faireachán a dhéanamh go leanúnach agus sceitheadh ábhar den sórt sin a chosc.
(20) Chun cur chun feidhme cuí na Treorach seo a áirithiú agus go háirithe ó thaobh urramú na dteorainnluachanna astaíochta, tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar fhuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitear isteach sa chomhshaol. Ba cheart an faireachán a dhéanamh trí chóras sainordaitheach réamhúdaraithe a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun an fuíolluisce chun an fuíolluisce uirbeach cóireáilte a sceitheadh isteach sa chomhshaol. Ina theannta sin, chun cosc leanúnach a chur ar sceitheadh géar trí thimpiste agus ar sceitheadh idirleata leanúnach bithmheán plaisteach araon, lena n-áirítear bithiompróirí, bithchoirníní agus coirníní polaistiréin ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ach gan a bheith teorantadóibh sin, tá sé riachtanach oibleagáidí sonracha a chur san áireamh sna húdaruithe um sceitheadh chun réitigh choinneála iomchuí amhail greillí agus mogaill a úsáid chun sceitheadh a chosc agus chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar aon sceitheadh bithmheáin phlaisteacha. Chun ullmhú don fhás a bhfuiltear ag súil leis in úsáid na mbithmheán chomh maith le dul chun cinn teicneolaíoch san earnáil, ba cheart na teicneolaíochtaí uile atá ann cheana a chuimsiú sa sainmhíniú ar bhithmheáin phlaisteacha, agus ag an am céanna a bheith slán i bhfad na haimsire agus solúbtha go leor chun dul chun cinn sa réimse sin amach anseo a chur san áireamh.
Leasú 27 Togra le haghaidh treorach Aithris 21
(21) Chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú, ba cheart fuíolluisce neamhthí in-bhithdhíghrádaithe a sceitear go díreach isteach sa chomhshaol ó earnálacha tionsclaíocha áirithe a bheith faoi réir réamhúdaraithe ar an leibhéal náisiúnta agus faoi réir ceanglais iomchuí. Ba cheart a áirithiú leis na ceanglais sin go mbíonn ábhair a sceitear go díreach isteach sa chomhshaol faoi réir cóireáil thánaisteach, threasach agus cheathartha de réir mar is gá chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.
(21) Chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú, ba cheart fuíolluisce neamhthí in-bhithdhíghrádaithe a sceitear go díreach isteach sa chomhshaol ó earnálacha tionsclaíocha áirithe a bheith faoi réir réamhúdaraithe ar an leibhéal náisiúnta agus faoi réir ceanglais iomchuí. Ba cheart a áirithiú leis na ceanglais sin go mbeidh sceitheadh díreach ó earnálacha tionsclaíocha áirithe faoi réir cóireáil thánaisteach, threasach agus cheathartha de réir mar is gá chun antsláinte a chosaint i gcomhréir leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ agus leis an gcomhshaol, agus go n-urramófar, san anailís deiridh, na paraiméadair a socraíodh le haghaidh fuíolluisce cóireáilte.
Leasú 28 Togra le haghaidh treorach Aithris 22
(22) De réir Airteagal 168(1) CFAE, le gníomhaíocht an Aontais comhlánaítear beartais náisiúnta agus tá sí le díriú ar an tsláinte phoiblí a fheabhsú agus ar ghalair a chosc. Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as sonraí ábhartha sláinte poiblí ón bhfuíolluisce uirbeach, ba cheart faireachas fuíolluisce uirbigh a bhunú agus a úsáid chun críocha coisctheacha nó luathrabhaidh, mar shampla i ndáil le víris shonracha i bhfuíolluisce uirbeach a bhrath agus sin a úsáid mar chomhartha go bhfuil eipidéimí nó paindéimí ag teacht chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé agus comhordú buan a bhunú idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as bainistiú an fhuíolluisce uirbigh. I gcomhthéacs an chomhordaithe sin, ba cheart liosta a bhunú ina bhfuil paraiméadair ábhartha le haghaidh sláinte phoiblí a bhfuil faireachán le déanamh orthu san fhuíolluisce uirbeach, agus ina sonraítear minicíocht agus suíomh na samplála. Leis an gcur chuige sin bainfear tairbhe as, agus comhlánófar, tionscnaimh eile de chuid an Aontais i réimse na cosanta sláinte poiblí, amhail faireachán comhshaoil lena n-áirítear faireachas fuíolluisce52 . Ar bhonn faisnéis a bailíodh le linn phaindéim COVID-19 agus ar bhonn taithí a fuarthas ó chur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le cur chuige comhchoiteann i leith faireachas córasach a bhunú ar SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach i bhfuíolluiscí san Aontas53 (an ‘moladh’), ba cheart a cheangal ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar pharaiméadair sláinte a bhaineann le SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach. Chun a áirithiú go n-úsáidtear modhanna comhchuibhithe, ba cheart do na Ballstáit, a mhéid is féidir, úsáid a bhaint as modhanna samplála agus anailíse a leagtar amach sa mholadh maidir le faireachán ar SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach.
(22) De réir Airteagal 168(1) CFAE, le gníomhaíocht an Aontais comhlánaítear beartais náisiúnta agus tá sí le díriú ar an tsláinte phoiblí a fheabhsú agus ar ghalair a chosc. Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as sonraí ábhartha sláinte poiblí ón bhfuíolluisce uirbeach, ba cheart faireachas fuíolluisce uirbigh a bhunú agus a úsáid chun críocha coisctheacha nó luathrabhaidh, mar shampla i ndáil le víris shonracha i bhfuíolluisce uirbeach a bhrath agus sin a úsáid mar chomhartha go bhfuil eipidéimí nó paindéimí ag teacht chun cinn, mar a tharla le linn phaindéim COVID-19. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé agus comhordú buan a bhunú idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as bainistiú an fhuíolluisce uirbigh agus róil agus freagrachtaí agus costais a leithdháileadh go soiléir ar na húdaráis inniúla sin. I gcomhthéacs an chomhordaithe sin, ba cheart liosta a bhunú ina bhfuil paraiméadair ábhartha le haghaidh sláinte phoiblí a bhfuil faireachán le déanamh orthu san fhuíolluisce uirbeach, agus ina sonraítear minicíocht agus suíomh na samplála. Leis an gcur chuige sin bainfear tairbhe as, agus comhlánófar, tionscnaimh eile de chuid an Aontais i réimse na cosanta sláinte poiblí, amhail faireachán comhshaoil lena n-áirítear faireachas fuíolluisce52. Ar bhonn faisnéis a bailíodh le linn phaindéim COVID-19 agus ar bhonn taithí a fuarthas ó chur chun feidhme an Mholta ón gCoimisiún maidir le cur chuige comhchoiteann i leith faireachas córasach a bhunú ar SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach i bhfuíolluiscí san Aontas53 (an ‘moladh’), ba cheart a cheangal ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar pharaiméadair sláinte. Chun a áirithiú go n-úsáidtear modhanna comhchuibhithe, ba cheart do na Ballstáit, a mhéid is féidir, úsáid a bhaint as modhanna samplála agus anailíse a leagtar amach sa mholadh maidir le faireachán ar SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach.
_________________
_________________
52 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte a thabhairt isteach, an chéad chéim eile i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa a thabhairt chun críche (COM (2021) 576 final).
52 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte a thabhairt isteach, an chéad chéim eile i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa a thabhairt chun críche (COM (2021) 576 final).
53 Moladh (AE) 2021/472 ón gCoimisiún an 17 Márta 2021 maidir le cur chuige coiteann chun faireachas córasach ar SARS-CoV-2 agus a athraithigh i bhfuíolluiscí a bhunú san Aontas Eorpach (IO L 98, 19.3.2021, lch. 3).
53 Moladh (AE) 2021/472 ón gCoimisiún an 17 Márta 2021 maidir le cur chuige coiteann chun faireachas córasach ar SARS-CoV-2 agus a athraithigh i bhfuíolluiscí a bhunú san Aontas Eorpach (IO L 98, 19.3.2021, lch. 3).
Leasú 29 Togra le haghaidh treorach Aithris 23 a (nua)
(23a) Aithnítear sa Treoir seo an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ mar a d’aithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte é, gur cur chuige comhtháite agus aontaithe é arb é is aidhm dó cothromaíocht inbhuanaithe a bhaint amach agus sláinte daoine, ainmhithe agus éiceachóras a bharrfheabhsú. Aithnítear leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ go bhfuil dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe clóis agus sláinte ainmhithe fiáine, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil i gcoitinne, lena n-áirítear éiceachórais. Is iomchuí, dá bhrí sin, a leagan síos gur cheart go gcuimseodh cóireáil fuíolluisce éifeachtaí díobhálacha sláinte a sheachaint, lena n-áirítear eipidéimí, agus an ceart chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a urramú. I ndáil le tiomantas G7 aitheantas a thabhairt don mhéadú tapa atá tagtha ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (FSFM) ar scála domhanda, is gá úsáid stuama agus fhreagrach antaibheathach i gcógas don duine agus i gcógas tréidliachta a chur chun cinn.
Leasú 30 Togra le haghaidh treorach Aithris 24
(24) Chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, ba cheart do na Ballstáit na rioscaí a bhaineann le bainistiú fuíolluisce uirbigh a shainaithint. Ar bhonn na sainaitheanta sin, agus i gcás inar gá chun ceanglais reachtaíocht uisce an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh le haghaidh fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a chóireáil is déine ná na bearta sin is gá chun na híoscheanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Ag brath ar an gcás, ar na bearta níos déine sin féadfar a áireamh, inter alia, córais bailithe fuíolluisce a bhunú, pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a fhorbairt nó cóireáil thánaisteach, threasach nó cheathartha a dhéanamh ar an bhfuíolluisce uirbeach i gcás ceirtleáin nó gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach sroicheann na tairseacha CD lena ngníomhachtaítear cur i bhfeidhm na gceanglas caighdeánach. Féadfar a áireamh orthu freisin cóireáil níos forbartha ná an chóireáil is gá chun urraim a thabhairt do na híoscheanglais le haghaidh fuíolluisce uirbeach cóireáilte a dhíghalrú chun Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh55 .
(24) Chun an comhshaol agus an tsláinte a chosaint i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, ba cheart do na Ballstáit na rioscaí a bhaineann le bainistiú fuíolluisce uirbigh a shainaithint. Chuige sin, mar chur chuige roimh ré, ba cheart rialú ag an bhfoinse a chur chun cinn chun truailliú i bhfuíolluisce uirbeach a chosc i gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ar bhonn na sainaitheanta sin, agus i gcás inar gá chun ceanglais reachtaíocht uisce an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh le haghaidh fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a chóireáil is déine ná na bearta sin is gá chun na híoscheanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Ag brath ar an gcás, ar na bearta níos déine sin féadfar a áireamh, inter alia, bearta coisctheacha, córais bailithe fuíolluisce a bhunú, pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a fhorbairt nó cóireáil thánaisteach, threasach nó cheathartha a dhéanamh ar an bhfuíolluisce uirbeach i gcás ceirtleáin nó gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh nach sroicheann na tairseacha CD lena ngníomhachtaítear cur i bhfeidhm na gceanglas caighdeánach, chomh maith le hathbhreithniú ar údaruithe sceite agus úsáid cóireála coibhéisí lena n-áirithítear an leibhéal céanna cosanta comhshaoil. Féadfar a áireamh orthu freisin cóireáil níos forbartha ná an chóireáil is gá chun urraim a thabhairt do na híoscheanglais le haghaidh fuíolluisce uirbeach cóireáilte a dhíghalrú chun Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh55.
_________________
_________________
55 Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n-aisghairtear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).
55 Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n-aisghairtear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).
Leasú 31 Togra le haghaidh treorach Aithris 25
(25) Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 agus an sprioc ghaolmhar lena gceanglaítear ar na Ballstáit ‘rochtain do chách ar shláintíocht agus sláinteachas leordhóthanach agus cothrom a bhaint amach agus deireadh a chur le dífhaecú faoin aer, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na mban agus na gcailíní agus iad siúd atá i gcásanna leochaileacha’ faoi 203056. Thairis sin, i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta57 sonraítear go bhfuil ag cách an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear uisce agus sláintíocht. I bhfianaise an mhéid sin, agus i gcomhréir leis na moltaí i dTreoirlínte EDS maidir le Sláintíocht agus Sláinte58 agus le forálacha an Phrótacail maidir le hUisce agus Sláinte59 ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic le saincheist na rochtana ar shláintíocht ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhaíochtaí arb éard is cuspóir dóibh feabhas a chur ar an rochtain ar shláintíocht do chách, mar shampla trí shaoráidí sláintíochta a chur ar bun i spásanna poiblí, agus freisin trí spreagadh a thabhairt d’infhaighteacht saoráidí sláintíochta iomchuí in áitribh riaracháin phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí saor in aisce agus\nó an costas a bhaineann leo a dhéanamh inacmhainne do chách. Le saoráidí sláintíochta ba cheart a bheith in ann fual, faecas agus fuil mhíosta an duine a bhainistiú agus a dhiúscairt go sábháilte. Ba cheart iad a bhainistiú go sábháilte, rud a thugann le tuiscint gur cheart iad a bheith inrochtana i gcónaí, lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu, amhail leanaí, daoine aosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean, agus gur iad a lonnú i suíomh lena n-áirithítear an riosca is lú do shábháilteacht na n-úsáideoirí, agus gur cheart go mbeadh siad sábháilte lena n-úsáid go teicniúil agus ó thaobh sláinteachais de. Anuas air sin ba cheart go mbeadh líon leordhóthanach saoráidí den sórt sin ann chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais na ndaoine agus nach mbeidh amanna feithimh rófhada ann.
(25) Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 agus an sprioc ghaolmhar lena gceanglaítear ar na Ballstáit ‘rochtain do chách ar shláintíocht agus sláinteachas leordhóthanach agus cothrom a bhaint amach agus deireadh a chur le dífhaecú faoin aer, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na mban agus na gcailíní agus iad siúd atá i gcásanna leochaileacha’ faoi 203056.Thairis sin, i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta57 sonraítear go bhfuil ag cách an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear uisce agus sláintíocht. I bhfianaise an mhéid sin, agus i gcomhréir leis na moltaí i dTreoirlínte EDS maidir le Sláintíocht agus Sláinte58 agus le forálacha an Phrótacail maidir le hUisce agus Sláinte59 ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic le saincheist na rochtana ar shláintíocht ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhaíochtaí arb éard is cuspóir dóibh rochtain ar shláintíocht do chách a áirithiú, mar shampla trí shaoráidí sláintíochta a chur ar bun i spásanna poiblí, agus freisin trí spreagadh a thabhairt d’infhaighteacht saoráidí sláintíochta iomchuí in áitribh riaracháin phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí saor in aisce agus\nó an costas a bhaineann leo a dhéanamh inacmhainne do chách. Ba cheart go bhfágfadh saoráidí sláintíochta go mbeifear in ann fual agus faecas daonna a bhainistiú agus a dhiúscairt go sábháilte agus táirgí míosta a athrú. Ba cheart iad a bhainistiú go sábháilte, rud a thugann le tuiscint gur cheart iad a bheith inrochtana i gcónaí, lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu, amhail leanaí, daoine aosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine gan dídean, agus gur iad a lonnú i suíomh lena n-áirithítear an tsábháilteacht is fearr na n-úsáideoirí, agus gur cheart go mbeadh siad sábháilte lena n-úsáid go teicniúil agus ó thaobh sláinteachais de. Anuas air sin ba cheart go mbeadh líon leordhóthanach na saoráidí sin ann chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais na ndaoine agus nach mbeidh amanna feithimh rófhada ann.
_________________
_________________
56 Rún arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 (A/70/L.1)
56 Rún arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 (A/70/L.1)
57 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún lena mbunaítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (COM/2017/0250 final).
57 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún lena mbunaítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (COM/2017/0250 final).
58 Treoirlínte EDS maidir le Sláintíocht agus Sláinte, 2018.
58 Treoirlínte EDS maidir le Sláintíocht agus Sláinte, 2018.
59 Prótacal maidir le hUisce agus Sláinte a ghabhann le Coinbhinsiún 1992 maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta, an 17 Meitheamh 1999.
59 Prótacal maidir le hUisce agus Sláinte a ghabhann le Coinbhinsiún 1992 maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta, an 17 Meitheamh 1999.
Leasú 32 Togra le haghaidh treorach Aithris 26
(26) I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation’ [Aontas Comhionannais: Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach], ina n-iarrtar go méadófar rochtain éifeachtach chothrom ar sheirbhísí riachtanacha, aithníodh cás sonrach na gcultúr mionlach, amhail Romaigh agus an Lucht Siúil, is cuma aistreach nó neamhaistreach iad, agus go háirithe an easpa rochtana a bhíonn acu ar shláintíocht. Ar an iomlán, is iomchuí go dtabharfadh na Ballstáit aird faoi leith ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe trí na bearta riachtanacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag na grúpaí sin ar an tsláintíocht. Tá sé tábhachtach go ndéanfar na grúpaí sin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle60. Ar na bearta a d’fhéadfaí a áireamh chun feabhas a chur ar rochtain ar shláintíocht ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe tá saoráidí sláintíochta a chur ar fáil i spásanna poiblí saor in aisce nó ar tháille seirbhíse íseal, feabhsú nó cothabháil an naisc le córais leordhóthanacha chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, agus feasacht a ardú i leith na saoráidí sláintíochta is gaire.
(26) I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation’ [Aontas Comhionannais: Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach], ina n-iarrtar go méadófar rochtain éifeachtach chothrom ar sheirbhísí riachtanacha, aithníodh cás sonrach na gcultúr mionlach, amhail Romaigh agus an Lucht Siúil, is cuma aistreach nó neamhaistreach iad, agus go háirithe an easpa rochtana a bhíonn acu ar shláintíocht. Ar an iomlán, is iomchuí go dtabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar ghrúpaí leochaileacha nó ar ghrúpaí leochaileacha atá imeallaithe mar gheall ar thosca a bhaineann lena staid shocheacnamaíoch, eitneacht, gnéasacht, inscne, míchumas, easpa dídine, stádas dlíthiúil, ciontú reiligiúnach nó cúiseanna eile trí na bearta is gá a dhéanamh chun rochtain ar shláintíocht a áirithiú do na grúpaí sin. Tá sé tábhachtach go ndéanfar na grúpaí sin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle. Ar na bearta a d’fhéadfaí a áireamh chun feabhas a chur ar rochtain ar shláintíocht ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe tá saoráidí sláintíochta a chur ar fáil i spásanna poiblí agus príobháideacha saor in aisce nó ar tháille íseal seirbhíse agus i bhfoirgnimh riaracháin phoiblí, an nasc le córais leordhóthanacha chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, agus feasacht a ardú i leith na saoráidí sláintíochta is gaire.
_________________
60 Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
Leasú 33 Togra le haghaidh treorach Aithris 28
(28) Sa mheastóireacht thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí feabhas a chur ar bhainistiú sloda chun é a ailíniú níos fearr le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. Maidir leis na gníomhaíochtaí chun faireachán agus laghdú níos fearr a dhéanamh ar thruailliú ó sceitheadh ábhar neamhthí ag an bhfoinse, cuideoidh siad le feabhas a chur ar cháilíocht an tsloda a tháirgtear agus áiritheoidh siad go n-úsáidfear go sábháilte é sa talmhaíocht. Chun a áirithiú go ndéantar cothaithigh a aisghabháil go cuí agus go sábháilte, lena n-áirítear fosfar, arb é an tsubstaint chriticiúil é, ón sloda, ba cheart íosrátaí aisghabhála a shainiú ar leibhéal an Aontais.
(28) Sa mheastóireacht thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí feabhas a chur ar bhainistiú sloda chun é a ailíniú níos fearr le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. Maidir leis na gníomhaíochtaí chun faireachán agus laghdú níos fearr a dhéanamh ar thruailliú ó sceitheadh ábhar neamhthí ag an bhfoinse, cuideoidh siad le feabhas a chur ar cháilíocht an tsloda a tháirgtear agus áiritheoidh siad go n-úsáidfear go sábháilte é sa talmhaíocht agus in earnálacha eile. Chun aisghabháil chuí agus shábháilte cothaitheach ó shloda agus ó fhuíolluisce a áirithiú agus chun comhleanúnachas a áirithiú i ndáil le haidhm an Aontais a áirithiú go mbeidh slabhraí soláthair slána agus inbhuanaithe ar fáil d’amhábhair chriticiúla, lena n-áirítear an tsubstaint chriticiúil fosfair, ba cheart íosrátaí aisghabhála a shainiú ar leibhéal an Aontais agus, ag an am céanna, is gá oibriú níos dlúithe leis an saol acadúil agus le taighdeoirí chun na modhanna is iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm chun cothaithigh a aisghabháil ó shloda lena n-úsáid sa talmhaíocht ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún creataí reachtacha a chur chun cinn chun margadh feidhmiúil a fhorbairt d’fhosfar agus nítrigin aisghafa, agus ba cheart do na Ballstáit rochtain ar an margadh agus úsáid bhreise fosfair aisghafa a éascú. Ba cheart na ceanglais maidir le téarnamh a bheith oscailte i gcónaí d’fhorbairtí amach anseo sa teicneolaíocht agus i mbealaí próisis le haghaidh téarnamh cothaitheach. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar acmhainní luachmhara a eastóscadh ó shloda séarachais chun críocha talmhaíochta chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht na hearnála a chomhdhlúthú agus chun cur le neamhspleáchas straitéiseach thionscal leasacháin an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit díriú ar chiorclaíocht éifeachtach cothaitheach agus ba cheart dóibh iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chothaitheach sloda séarachais agus ar théarnamh miotail agus é dírithe ar chomhthairbhí eile a bhaint amach amhail táirgeadh bithgháis nó bithghualach.
Leasú 34 Togra le haghaidh treorach Aithris 29
(29) Is gá faireachán breise a dhéanamh chun go bhfíorófaí comhlíontacht leis na ceanglais nua maidir le micreathruailleáin, truailliú neamhthí, neodracht fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa, forsceitheadh uiscí stoirme agus rití chun srutha uirbeacha. Chun fíorú a dhéanamh ar fheidhmíocht na cóireála ceathartha i ndáil le laghdú na micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach a sceitear, is leor faireachán a dhéanamh ar shraith theoranta micreathruailleán ionadaíoch. Ba cheart na minicíochtaí faireacháin a ailíniú leis na dea-chleachtais atá ann faoi láthair, mar a fheidhmítear san Eilvéis faoi láthair. Chun go leanfaidh siad de bheith costéifeachtach, ba cheart na hoibleagáidí sin a chur in oiriúint do mhéid na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus do mhéid na gceirtleán. Rannchuideoidh an faireachán freisin le sonraí a sholáthar don Chreat Faireachán Comhshaoil arna bhunú faoin 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil63, agus ar bhealach níos sonraí cothóidh sé an Creat Faireacháin maidir le Truailliú Nialasach atá mar bhonn taca leis64.
(29) Is gá faireachán breise a dhéanamh chun go bhfíorófaí comhlíontacht leis na ceanglais nua maidir le micreathruailleáin, truailliú neamhthí, neodracht fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa lena n-áirítear ocsaíd nítriúil, meatán, agus róshreabha uisce stoirme agus sruthanna srutha uirbeacha. Leis an bhfaireachán sin, tacaítear le tuairisciú ar fhardail náisiúnta, cuirtear an bonneagar is gá ar fáil chun Treoirlínte IPCC a chur chun feidhme maidir le faireachán a dhéanamh ar phleananna gníomhaíochta le haghaidh maolú eolaíochtbhunaithe atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Chun fíorú a dhéanamh ar fheidhmíocht na cóireála ceathartha i ndáil le laghdú na micreathruailleán i bhfuíolluisce uirbeach a sceitear, is leor faireachán a dhéanamh ar shraith theoranta micreathruailleán ionadaíoch. Ba cheart go gcuirfeadh na minicíochtaí faireacháin leis na dea-chleachtais atá ann faoi láthair, mar a dhéantar san Eilvéis faoi láthair. Ba cheart iad a leathnú chun substaintí fíorghuaiseacha amhail teilmeasartan, bisfeanól A, béite éastraidé-ól agus aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) a ghabháil. Chun go leanfaidh siad de bheith costéifeachtach, ba cheart na hoibleagáidí sin a chur in oiriúint do mhéid na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus do mhéid na gceirtleán. Rannchuideoidh an faireachán freisin le sonraí a sholáthar don Chreat Faireachán Comhshaoil arna bhunú faoin 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil63, agus ar bhealach níos sonraí cothóidh sé an Creat Faireacháin maidir le Truailliú Nialasach atá mar bhonn taca leis64 agus tacóidh sé leis an aistriú digiteach san earnáil uisce i gcomhréir le Straitéis Dhigiteach an Aontais.
_________________
_________________
63 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
63 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
64 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dTreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir’ (COM/2021/400 final).
64 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dTreo Truailliú Nialasach don Aer, d’Uisce agus don Ithir’ (COM/2021/400 final).
Leasú 35 Togra le haghaidh treorach Aithris 30
(30) Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus leas níos fearr a bhaint as na deiseanna atá ar fáil ón digitiú, ba cheart an tuairisciú ar chur chun feidhme na Treorach a fheabhsú agus a shimpliú trí dheireadh a chur leis an oibleagáid ar na Ballstáit chun tuarascáil a thabhairt don Choimisiún gach 2 bhliain agus ar an gCoimisiún chun tuarascálacha a fhoilsiú gach dara bliain. Ina hionad ba cheart go gcuirfí ceanglas ar na Ballstáit feabhas a chur ar, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), na tacair sonraí caighdeánaithe náisiúnta atá ann cheana faoi Threoir 91/271/CEE, agus iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Ba cheart rochtain bhuan ar na bunachair sonraí náisiúnta a sholáthar don Choimisiún agus do EEA. Chun faisnéis iomlán a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart a áireamh sna tacair sonraí faisnéis maidir le comhlíontacht na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh leis na ceanglais chóireála (pas/teip, ualaigh agus leibhéil tiúchana na dtruailleán a sceitear), maidir le cuspóirí na neodrachta fuinnimh a bhaint amach, maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na ngléasraí cóireála ina bhfuil os cionn 10 000 CD agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhthéacs forsceitheadh uiscí stoirmí/rití chun srutha uirbeacha, rochtain ar shláintíocht agus cóireáil ag córais aonair. Thairis sin, ba cheart comhleanúnachas iomlán le Rialachán (CE) 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle65 chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na sonraí, agus chun tacú chomh maith céanna le trédhearcacht iomlán.
(30) Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus leas níos fearr a bhaint as na deiseanna atá ar fáil ón digiteáil, ba cheart an tuairisciú ar chur chun feidhme na Treorach a fheabhsú agus a shimpliú trí dheireadh a chur leis an oibleagáid ar na Ballstáit chun tuarascáil a thabhairt don Choimisiún gach 2 bhliain agus ar an gCoimisiún chun tuarascálacha a fhoilsiú gach dara bliain. Ina hionad ba cheart go gcuirfí ceanglas ar na Ballstáit feabhas a chur ar, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA), na tacair sonraí caighdeánaithe náisiúnta atá ann cheana faoi Threoir 91/271/CEE, agus iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Ba cheart rochtain bhuan ar na bunachair sonraí náisiúnta a sholáthar don Choimisiún agus do LEE agus ba cheart í a chur ar fáil don phobal trí bhunachar sonraí láraithe ar fud an Aontais maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh. Leis an mbunachar sonraí sin, ba cheart go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir na Ballstáit maidir le feidhmíocht gléasraí cóireála chun truailliú a chosc, tagarmharcáil na mbeart a rinneadh a cheadú agus tacú le comhlíonadh na Treorach seo, lena n-áirítear freagracht leathnaithe táirgeora a chur i bhfeidhm agus béim ar leith á leagan ar fhoinsí an truaillithe. Chun faisnéis iomlán a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart a áireamh sna tacair sonraí faisnéis maidir le comhlíontacht na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh leis na ceanglais chóireála (pas/teip, ualaigh agus leibhéil tiúchana na dtruailleán a sceitear), maidir le cuspóirí na neodrachta fuinnimh a bhaint amach, maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na ngléasraí cóireála ina bhfuil os cionn 10 000 CD agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhthéacs forsceitheadh uiscí stoirmí/rití chun srutha uirbeacha, lena n-áirítear córais luathrabhaidh i gcás rúidbhealaí, rochtain ar shláintíocht agus cóireáil ag córais aonair agus cur chun feidhme freagrachta leathnaithe táirgeora. Thairis sin, ba cheart comhleanúnachas iomlán le Rialachán (CE) 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle65 chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na sonraí, agus chun tacú chomh maith céanna le trédhearcacht iomlán. Ba cheart go n-urramófaí prionsabal na comhréireachta i gcónaí leis an ualach riaracháin a bhaineann le faisnéis agus sonraí a sholáthar don phobal.
_________________
_________________
65 Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) IO L 33, 4.2.2006, lch. 1–17
65 Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) IO L 33, 4.2.2006, lch. 1–17
Leasú 36 Togra le haghaidh treorach Aithris 31 a (nua)
(31a) Tá cistiú suntasach ón Aontas ar fáil faoi láthair chun íoc as na costais a bhaineann leis an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh a chur chun feidhme. Is ionann leithdháiltí an Bheartais Chomhtháthaithe agus EUR 38,8 billiún don earnáil fuíolluisce ó 2000 i leith. Chomh maith le cistiú an bheartais chomhtháthaithe le haghaidh infheistíocht dhíreach in earnáil an uisce, thacaigh cistí an Aontais, lena n-áirítear cistí an bheartais chomhtháthaithe, Fís 2020 agus cistí LIFE, le taighde in earnáil uisce an Aontais freisin. Idir 2000 agus 2017, mhaoinigh an tAontas 138 dtionscadal LIFE a bhain le cóireáil fuíolluisce. Beidh gá le tuilleadh tacaíochta ar leibhéal an Aontais chun spriocanna uaillmhianacha nua a chur chun feidhme agus gan aon duine a fhágáil ar lár agus, ag an am céanna, ardleibhéal cóireála fuíolluisce uirbigh agus rochtain na saoránach ar an gcóireáil sin a áirithiú ar fud na hEorpa. Ba cheart maoiniú na cóireála ceathartha a mhaoiniú, áfach, trí na scéimeanna náisiúnta EPR mar aon le maoiniú náisiúnta chun teorainn a chur leis an tionchar ar bhillí uisce na saoránach agus chun a áirithiú go n-urramaítear an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Mar bheart breise i gcomhréir leis an measúnú cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear acmhainní iomchuí airgeadais ar fáil le haghaidh cóireáil fuíolluisce chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit uile na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo trí chláir infheistíochta an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile (CAI, iar-2027).
Leasú 37 Togra le haghaidh treorach Aithris 32
(32) Tá earnáil bailithe agus cóireála an fhuíolluisce uirbigh sonrach, ag oibriú mar mhargadh faoi chuing, ina bhfuil fiontair phoiblí agus bheaga arna nascadh leis an gcóras bailithe fuíolluisce gan deis a n-oibreoirí a roghnú. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach rochtain phoiblí a áirithiú ar phríomhtháscairí feidhmíochta na n-oibreoirí, amhail an leibhéal cóireála a bhaintear amach, costais na cóireála, an méid fuinneamh a úsáidtear agus a tháirgtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus an lorg carbóin a bhaineann leo. Chun an pobal a dhéanamh níos feasaí maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le cóireáil fuíolluisce uirbigh, ba cheart príomhfhaisnéis maidir le costas bliantúil bailithe agus cóireála an fhuíolluisce a sholáthar,, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, le haghaidh gach teaghlaigh, mar shampla ar na sonraisc, agus ba cheart faisnéis mhionsonraithe eile a bheith inrochtana ar líne, ar shuíomh gréasáin an oibreora nó an údaráis inniúil.
(32) Tá earnáil bailithe agus cóireála an fhuíolluisce uirbigh sonrach ina bhfuil fiontair phoiblí agus bheaga arna nascadh leis an gcóras bailithe fuíolluisce gan deis a n-oibreoirí a roghnú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, rochtain ar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach freisin rochtain phoiblí a áirithiú ar phríomhtháscairí feidhmíochta na n-oibreoirí, amhail an leibhéal cóireála a bhaintear amach, costais na cóireála, an méid fuinneamh a úsáidtear agus a tháirgtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus an lorg carbóin a bhaineann leo. Chun an pobal a dhéanamh níos feasaí maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le cóireáil fuíolluisce uirbigh, ba cheart príomhfhaisnéis maidir le costas bliantúil bailithe agus cóireála an fhuíolluisce a sholáthar,, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, le haghaidh gach teaghlaigh, ar na sonraisc, agus ba cheart faisnéis mhionsonraithe eile a bheith inrochtana go héasca ar líne, ar shuíomh gréasáin an oibreora nó an údaráis inniúil.
Leasú 38 Togra le haghaidh treorach Aithris 33
(33) Le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle66 ráthaítear an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol sna Ballstáit i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus 1998 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’). Le Coinbhinsiún Aarhus cuimsítear oibleagáidí leathana a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, arna hiarraidh sin, agus le faisnéis den sórt sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh forálacha na Treorach seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe comhroinnte sonraí an Treoir sin a chomhlánú, tríd an oibleagáid a bhunú chun faisnéis a chur ar fáil don phobal ar líne, ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir, maidir le bailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh, gan córas dlí ar leith a chruthú.
(33) Le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle66 ráthaítear an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol sna Ballstáit i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus 1998 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’). Le Coinbhinsiún Aarhus cuimsítear oibleagáidí leathana a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, arna hiarraidh sin, agus leis an bhfaisnéis sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh forálacha na Treorach seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe comhroinnte sonraí an Treoir sin a chomhlánú, tríd an oibleagáid a bhunú chun faisnéis a chur ar fáil don phobal ar líne, ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir, maidir le bailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh, gan córas dlí ar leith a chruthú. Agus é á áirithiú go gcuirfear an pobal sa réimse lena mbaineann ar an eolas faoi na leibhéil éillithe dhíobhálacha agus shuntasacha i gcás truailliú uisce atá os cionn na tairsí a leagtar síos leis an Aontas nó leis an reachtaíocht náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit treoir ón gCoimisiún a chur san áireamh agus córais rabhaidh phoiblí a bhunú bunaithe ar réitigh dea-chleachtais amhail an Teicneolaíocht Craoltóireachta Cealla.
_________________
_________________
66 Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26–32).
66 Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26–32).
Leasú 39 Togra le haghaidh treorach Aithris 35
(35) Chun an Treoir seo a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith codanna áirithe de na hIarscríbhinní a leasú i ndáil leis na ceanglais maidir le cóireáil, thánaisteach, threasach agus cheathartha agus i ndáil leis na ceanglais maidir le húdaruithe sonracha le haghaidh fuíolluisce neamhthí a sceitear isteach i gcórais bailithe fuíolluisce agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus i leith an Treoir seo a fhorlíonadh trí íosrátaí athúsáide agus athchúrsála a bhunú le haghaidh fosfar agus nítrigin ó shloda. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(35) Chun an Treoir seo a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith codanna áirithe de na hIarscríbhinní a leasú i ndáil leis na ceanglais maidir le cóireáil, thánaisteach, threasach agus cheathartha agus i ndáil leis na ceanglais maidir le húdaruithe sonracha le haghaidh fuíolluisce neamhthí a sceitear isteach i gcórais bailithe fuíolluisce agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus i leith an Treoir seo a fhorlíonadh trí íosrátaí athúsáide agus athchúrsála a bhunú le haghaidh fosfar agus nítrigin ó fhuíolluisce uirbeach agus sloda, chun teicnící aisghabhála éagsúla a dhreasú, lena n-áirítear pirealú agus deascadh strúivíte, chomh maith le hathghabháil cothaitheach ó shloda. Ós rud é gur acmhainní luachmhara don talmhaíocht iad fosfar agus nítrigin, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh laistigh de bhliain amháin ó dheireadh na tréimhse trasuímh don treoir seo. Laistigh den tréimhse ama sin, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun cur le liosta na n-earnálacha a rannchuidíonn le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora.
Leasú 40 Togra le haghaidh treorach Aithris 36
(36) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin a ghlacadh le haghaidh córais aonair a dhearadh, chun modhanna faireacháin agus measúnaithe a ghlacadh le haghaidh tháscairí na cóireála ceathartha, chun coinníollacha coiteanna agus critéir choiteanna a bhunú le haghaidh chur i bhfeidhm an díolmhaithe ón bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí do tháirgí áirithe, chun modheolaíochtaí a bhunú chun tacú le pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a fhorbairt agus chun tomhas a dhéanamh ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus ar mhicreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach, agus chun formáid agus módúlachtaí a ghlacadh lena gcuirfear i láthair an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit agus atá le tiomsú ag EEA maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle67.
(36) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun caighdeáin a ghlacadh le haghaidh córais aonair a dhearadh, chun modhanna faireacháin agus measúnaithe a ghlacadh le haghaidh tháscairí na cóireála ceathartha, chun liosta na micrithruailleán a bhunú agus a uasdátú, chun coinníollacha coiteanna agus critéir choiteanna a bhunú le haghaidh chur i bhfeidhm an díolmhaithe ón bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí do tháirgí áirithe, chun modheolaíochtaí a bhunú chun tacú le pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a fhorbairt agus chun tomhas a dhéanamh ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus ar mhicreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach, agus chun formáid agus módúlachtaí a ghlacadh lena gcuirfear i láthair an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit agus atá le tiomsú ag EEA maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle67. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun ceanglais a leagan síos maidir le faireachán a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach dá bhforáiltear sa Treoir seo, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear sa Treoir seo, 12 mhí tar éis iad a chur leis an liosta faire faoi Threoir 2022/0344 (COD).
_________________
_________________
67 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
67 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Leasú 41 Togra le haghaidh treorach Aithris 37 a (nua)
(37a) Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhforáiltear leis an Treoir seo do cháilíocht níos fearr uisce a bhaint amach agus gan inrochtaineacht, infhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí ríthábhachtacha a chur i mbaol ag an am céanna.
Leasú 42 Togra le haghaidh treorach Aithris 37 b (nua)
(37b) Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann aisíocaíocht bhreise a bheartú ar an difríocht idir na costais arna nginiúint ag na ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo chun críche tacú le cógais leighis bhunriachtanacha chun a áirithiú go mbeidh siad ar fáil ar an margadh i gcónaí agus go mbeidh rochtain ag saoránaigh orthu.
Leasú 43 Togra le haghaidh treorach Aithris 38
(38) De bhun an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr68, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo laistigh de thréimhse ama áirithe ón dáta a shocraítear chun í a thrasuí. Ba cheart don mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar thaithí a fuarthas agus ar shonraí a bailíodh le linn don Treoir seo a bheith á cur chun feidhme, ar aon mholtaí atá ar fáil ó EDS, agus ar shonraí ábhartha eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha. Sa mheastóireacht, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann oiriúnú a dhéanamh ar an liosta táirgí atá le bheith faoi chumhdach na freagrachta leathnaithe táirgeoirí de réir na héabhlóide ar raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, de réir fheabhsú an eolais maidir le micreathruailleáin a bheith san fhuíolluisce agus a dtionchar ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol, agus i leith sonraí ó na hoibleagáidí faireacháin nua ar mhicreathruailleáin sna hionraonta agus sna hasraonta de chuid na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh.
(38) De bhun an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr68, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo laistigh de thréimhse ama áirithe ón dáta a shocraítear chun í a thrasuí. Ba cheart don mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar thaithí a fuarthas agus ar shonraí a bailíodh le linn don Treoir seo a bheith á cur chun feidhme, ar aon mholtaí atá ar fáil ó EDS, agus ar shonraí ábhartha eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha. Sa mheastóireacht, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le spriocanna laghdaithe a thabhairt isteach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil cóireála fuíolluisce, ar an ngá atá le micreaphlaistigh agus PFASanna a bhaint den fhuíolluisce uirbeach sula scaoiltear iad, ar an ngá atá le liosta na dtáirgí atá le cumhdach ag freagracht leathnaithe táirgeora a oiriúnú de réir éabhlóid raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, agus ar an modh chun deireadh a chur leis na táirgí sin agus iad a dhiúltú ag céim na húsáide deiridh gan mórthionchar ar an gcomhshaol, ar fheabhsú eolais ar láithreacht micreathruailleán sna fuíolluisce agus ar an tionchar a bhíonn acu ar shláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol, agus ar shonraí ó na hoibleagáidí nua faireacháin agus anailíse ar mhicreathruailleáin i ngléasraí fuíolluisce. Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach i dtaca leis an truailliú uisce, ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a bheith faoi threoir ‘phrionsabal an réamhchúraim’ agus an phrionsabail gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’, arna bhunú , arna bhunú in CFAE, agus faoi threoir an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip.
_________________
_________________
68 An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14).
68 An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1–14).
Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha maidir le bailiú, cóireáil, agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh , chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus, ag an am céanna, astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíothú de réir a chéile agus cothromaíocht fuinnimh na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh a fheabhsú. Leagtar síos leis freisin rialacha maidir le rochtain ar shláintíocht, maidir le trédhearcacht earnáil an fhuíolluisce uirbigh agus maidir le faireachas tráthrialta ar pharaiméadair a bhaineann le sláinte phoiblí sna fuíolluiscí uirbeacha .
Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha maidir le bailiú, cóireáil, agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh, chun an comhshaol agus an tsláinte a chosaint, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa á laghdú de réir a chéile agus cothromaíocht fuinnimh na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh á bhfeabhsú agus ag an am céanna rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le rochtain ar shláintíocht do chách, maidir le trédhearcacht earnáil an fhuíolluisce uirbigh agus maidir le faireachas rialta ar pharaiméadair ábhartha sláinte poiblí i bhfuíolluisce uirbeach, agus trí phleanáil chomhtháite maidir le bainistiú fuíolluisce, is é is aidhm dó sineirgí a mhéadú le hoiriúnú don athrú aeráide agus le gníomhaíocht athchóirithe éiceachórais uirbigh.
(1) ciallaíonn ‘fuíolluisce uirbeach’ uisce tí , meascán ina bhfuil fuíolluisce tí agus fuíolluisce neamhthí nó meascán ina bhfuil fuíolluisce tí agus rití chun srutha uirbeacha ;
(1) ciallaíonn ‘fuíolluisce uirbeach’ aon cheann díobh seo a leanas:
Leasú 46 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe a (nua)
a) fuíolluisce tí;
Leasú 47 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe b (nua)
(b) an meascán d’fhuíolluisce tí agus fuíolluisce neamhthí;
Leasú 48 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 – pointe c (nua)
(c) an meascán d’fhuíolluisce tí agus de rith chun srutha uirbeach;
Leasú 49 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 — mír 1 — pointe 1 — pointe d (nua)
(d) an meascán d’fhuíolluisce tí, fuíolluisce neamhthí agus rith chun srutha uirbeach;
Leasú 50 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – an chuid réamhráiteach
(3) ciallaíonn ‘fuíolluisce neamhthí’ aon fhuíolluisce a sceitear isteach i gcórais bailithe fuíolluisce ó áitreabh a úsáidtear le haghaidh aon cheann de na nithe seo a leanas:
(3) ciallaíonn ‘fuíolluisce neamhthí’ aon fhuíolluisce nach toradh é den chuid is mó ar mheitibileacht an duine ná ar ghníomhaíochtaí tí agus a sceitear isteach i gcórais bhailithe ó áitreabh a úsáidtear le haghaidh aon cheann de na nithe seo a leanas:
(4) ciallaíonn 'ceirtleáin' limistéar ina bhfuil leibhéal tiúchana an ualaigh truaillithe san fhuíolluisce uirbeach ard a dhóthain (10 CD in aghaidh an heicteáir nó os a chionn) chun go ndéanfar fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a sheoladh chuig gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó chuig pointe sceite deiridh;
(4) ciallaíonn 'ceirtleáin' limistéar ina bhfuil leibhéal tiúchana an ualaigh truaillithe san fhuíolluisce uirbeach ard a dhóthain (25 CD in aghaidh an heicteáir nó os a chionn) chun go ndéanfar fuíolluisce uirbeach a bhailiú agus a sheoladh chuig gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó chuig pointe sceite deiridh;
(6) ciallaíonn 'forsceitheadh uisce stoirme’ fuíolluisce uirbeach neamhchóireáilte a sceitear isteach in uiscí glactha ó chomhchórais séarachais de dheasca uisce báistí;
(6) ciallaíonn ‘róshreabhadh uisce stoirme’ fuíolluisce uirbeach atá cóireáilte go páirteach agus neamhchóireáilte a sceitheadh in uiscí glactha ó shéaraigh chomhcheangailte nó ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh arb é báisteach iomarcach is cúis leis;
(16) ciallaíonn ‘micreathruailleán’ substaint, lena n-áirítear a cuid táirgí díghrádúcháin, a mbíonn leibhéil tiúchana is lú ná milleagraim in aghaidh an lítir di le fáil sa chomhshaol agus san fhuíolluisce uirbeach de ghnáth, agus ar féidir a mheas gur substaint í atá ina guais do shláinte an duine nó don chomhshaol ar bhonn aon cheann de na critéir a leagtar amach i gCuid 3 agus i gCuid 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán CE69;
(16) ciallaíonn ‘micreathruailleán’ substaint mar a shainmhínítear í i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, lena n-áirítear a tháirgí dianscaoilte, a bhíonn le fáil de ghnáth sa chomhshaol agus fuíolluisce uirbeach i dtiúchain micreagraim in aghaidh an lítir, nó faoi bhun an lítir, agus ar féidir a mheas gur substaint ghuaiseach í don tsláinte agus don chomhshaol bunaithe ar na critéir a leagtar amach i gCuid 3 agus i gCuid 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE)Uimh. 1272/200869;
_________________
_________________
69 Rialachán CE 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
69 Rialachán (CE)Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(19) ciallaíonn ‘Eagraíocht um Fhreagracht Tairgeoirí’ eagraíocht arna bunú i dteannta a chéile ag táirgeoirí chun a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh;
(19) ciallaíonn ‘Eagraíocht um Fhreagracht Táirgeoirí’ eagraíocht arna bunú faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát le tacaíocht chun a chur ar chumas táirgeoirí a n-oibleagáidí faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh;
Leasú 56 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 19 a (nua)
(19a) ciallaíonn ‘an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ prionsabal ar dá réir a íocfaidh na truaillitheoirí costais a dtruaillithe nó a ndamáiste don chomhshaol, lena n-áirítear costas na mbeart arna nglacadh chun truailliú a chosc, a rialú agus a leigheas;
(20) ciallaíonn ‘sláintíocht’ saoráidí agus seirbhísí a úsáidtear chun fual, faecas agus fuil mhíosta an duine a dhiúscairt go sábháilte;
(20) ciallaíonn ‘sláintíocht’ saoráidí agus seirbhísí chun fual agus faecas daonna a dhiúscairt ar bhealach sábháilte, sláintiúil, slán agus inghlactha go sóisialta agus go cultúrtha, agus chun táirgí míosta a athrú agus a dhiúscairt, lena soláthraítear príobháideachas agus lena n-áirithítear dínit;
Leasú 58 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 21 a (nua)
(21a) ciallaíonn ‘an cur chuige Aon Sláinte Amháin’ cur chuige comhtháite aontaithe arb é is aidhm dó cothromaíocht inbhuanaithe a bhaint amach agus sláinte daoine, ainmhithe, plandaí agus éiceachóras a bharrfheabhsú. Aithnítear leis go bhfuil dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe clóis agus sláinte ainmhithe fiáine, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil i gcoitinne, lena n-áirítear éiceachórais, agus go bhfuil siad spleách ar a chéile.
(22) ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal dá ndéantar difear nó ar dócha go ndéanfar difear dó, mar thoradh ar na nósanna imeachta cinnteoireachta maidir le cur chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann chun cinn cosaint shláinte an duine nó an chomhshaoil, nó an pobal bhfuil leas aige sna nósanna imeachta cinnteoireachta sin;
(22) ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal dá ndéantar difear nó ar dócha go ndéanfar difear dó, mar thoradh ar na nósanna imeachta cinnteoireachta maidir le cur chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint na sláinte chun cinn, i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, nó an comhshaol;
(23) ciallaíonn ‘bithmheán plaisteach’ taca plaisteach a úsáidtear chun forbairt a dhéanamh ar na baictéir is gá chun fuíolluiscí uirbeacha a chóireáil;
(23) ciallaíonn ‘bithmheáin phlaisteacha’ aon tacaíocht phlaisteach a úsáidtear chun baictéir a fhorbairt, lena n-áirítear bithiompróirí, bithchoirníní, coirníní polaistiréin, ach gan bheith teoranta dóibh sin, a bhfuil gá leo chun fuíolluisce a chóireáil;
Leasú 61 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 24 a (nua)
(24a) ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha’ astaíochtaí a thagann ó fhoinsí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus na gcóras bailithe, lena n-áirítear astaíochtaí gáis amhail meatán agus ocsaíd nítriúil;
Leasú 62 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 24 b (nua)
(24b) ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa indíreacha’ scaoileadh gás mar thoradh ar tháirgeadh leictreachais ceannaithe a thugtar isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus sna córais bailithe fuíolluisce uirbigh, agus mar thoradh ar oibriú na ngléasraí agus na gcóras sin.
Leasú 63 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Faoin 31 Nollaig 2030, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach ceirtleán ina bhfuil idir 1 000 CD agus 2 000 CD na ceanglais seo a leanas:
2. Faoin 31 Nollaig 2032, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach ceirtleán a bhfuil CD idir 750 agus 2 000 acu na ceanglais seo a leanas:
Leasú 64 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 3 a (nua)
3a. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar na leibhéil sceite fuíolluisce agus ar na hastaíochtaí gaolmhara ar a gcríoch agus ar an bhféidearthacht feabhsuithe a dhéanamh ar sceitheadh fuíolluisce. Cuirfear na gnéithe ábhartha sláinte poiblí, comhshaoil, teicniúla agus eacnamaíocha san áireamh sa mheasúnú sin. Glacfaidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2030, spriocanna náisiúnta chun leibhéil sceite fuíolluisce ina gcríoch a laghdú faoin 31 Nollaig 2035. Féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí fóinteacha a sholáthar chun a áirithiú go mbainfidh oibreoirí séarachais ina gcríoch na spriocanna náisiúnta amach.
1. De mhaolú ar Airteagal 3, i gcás , go heisceachtúil, nach bhfuil bonn cirt le córas bailithe fuíolluisce a bhunú ó tharla nach dtiocfadh aon tairbhe don chomhshaol as nó ó tharla go mbeadh costas iomarcach i gceist leis, áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidtear córais aonair chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil (‘córais aonair’) .
1. De mhaolú ar Airteagal 3, i gcás , go heisceachtúil, nach bhfuil bonn cirt le córas bailiúcháin nó nasc le córas bailithe fuíolluisce a bhunú ó tharla nach dtiocfadh aon tairbhe don chomhshaol as nó ó tharla go mbeadh costas iomarcach i gceist leis, áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidtear córais aonair chun fuíolluisce uirbeach a chóireáil (‘córais aonair’) nó córais iomchuí eile lena mbaintear amach an leibhéal céanna cosanta sláinte agus comhshaoil a chóireáil.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais aonair a dhearadh, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach lena n-áiritheofar go ndéanfar an leibhéal céanna cóireála ar a laghad agus dhéantar leis an gcóireáil thánaisteach agus leis an gcóireáil threasach dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na córais aonair dá dtagraítear i mír 1 a dhearadh, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh ar a laghad an leibhéal céanna cosanta sláinte agus comhshaoil agus atá ag na cóireálacha tánaisteacha agus treasacha dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar ceirtleáin ina n-úsáidtear córais aonair a chlárú i gclárlann phoiblí agus go ndéanfaidh an t-údarás iomchuí cigireachtaí rialta ar na córais sin.
Áiritheoidh na Ballstáit go gclárófar córais aonair i gclárlann phoiblí agus go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cigireachtaí rialta ar na córais sin, agus malartóidh siad dea-chleachtas maidir le húsáid agus oibriú córas aonair agus maidir le cigireachtaí rialta gach ceithre bliana, lena n-áirítear gnéithe bainistíochta agus oibríochtúla na n-údarás inniúil.
3. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí íoscheanglais a bhunú maidir le dearadh, oibriú agus cothabháil córas aonair agus trí na ceanglais a shonrú le haghaidh na gcigireachtaí rialta dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír.
3. Bunóidh na Ballstáit íoscheanglais bunaithe ar threoir arna soláthar ag an gCoimisiún laistigh de 24 mhí ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo maidir le dearadh, oibriú agus cothabháil córas aonair ar fud an Aontais agus bunóidh siad na ceanglais maidir leis na cigireachtaí rialta dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír.
Leasú 69 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
4. Maidir leis na Ballstáit a úsáideann córais aonair chun cóireáil a dhéanamh ar níos mó ná sciar 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin ina bhfuil 2 000 CD agus os a chionn, soláthróidh siad don Choimisiún bonn cirt mionsonraithe le haghaidh córais aonair a úsáid i ngach ceann de na ceirtleáin. Leis an mbonn cirt sin:
4. Maidir leis na Ballstáit a úsáideann córais aonair chun cóireáil a dhéanamh ar níos mó ná sciar 2 % den ualach fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin ina bhfuil 2 000 CD agus os a chionn, soláthróidh siad don Choimisiún bonn cirt mionsonraithe le haghaidh córais aonair a úsáid. Leis an mbonn cirt sin:
Leasú 70 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 4 – pointe c
(c) léireofar comhlíontacht leis na híoscheanglais dá dtagraítear i mír 3 i gcás ina mbeidh an Coimisiún tar éis a chumhacht tharmligthe faoin mír sin a fheidhmiú.
scriosta
Leasú 71 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 4 – pointe c a (nua)
(ca) comhlíonadh na gcuspóirí comhshaoil a bunaíodh i dTreoir 2000/60/CE a léiriú.
Leasú 72 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Faoin 31 Nollaig 2025, bunóidh na Ballstáit liosta ceirtleán ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD i gcás ina bhfuil feidhm, agus sonraí stairiúla agus réamh-mheastacháin aeráide úrscothacha á gcur san áireamh, le ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
Faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na treorach seo],bunóidh na Ballstáit liosta ceirtleán idir 10 000 CD agus 100 000 CD i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas agus sonraí stairiúla agus réamh-mheastacháin úrscothacha aeráide á meas acu, lena n-áirítear athruithe séasúracha:
Leasú 73 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a
(a) tá riosca ann don chomhshaol nó do shláinte an duine de dheasca forsceitheadh uiscí stoirme nó rití chun srutha uirbeacha;
(a) tá riosca ann don chomhshaol nó do shláinte an duine de dheasca forsceitheadh uiscí stoirme nó rití chun srutha uirbeacha; i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin;
Leasú 74 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
(b) tá forsceitheadh uiscí stoirme ina chion is mó ná 1 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí aimsire tirime;
(b) tá forsceitheadh uiscí stoirme ina chion is mó ná thart ar 1 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí aimsire tirime;
Leasú 75 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 — mír 2 — fomhír 1 — pointe c — pointe iv a (nua)
(iva) na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1 de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
4. Cuirfear pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
4. Déanfar pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh,lena n-áirítear sonrú na gcodanna atá curtha i gcrích agus na n-eilimintí atá fós le cur i bhfeidhm, a chur ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó laistigh de thrí mhí tar éis a bhfoilsithe.
5. Beidh ar áireamh i bpleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad.
5. Áireofar sna pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar a laghad agus tabharfar tús áite do réitigh maidir le bonneagar glas agus gorm nuair is féidir.
Leasú 78 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 5 a (nua)
5a. Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí maidir leis na pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh arna mbunú ag na Ballstáit, i gcás nach n-áirítear sna pleananna sin ar a laghad na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
Leasú 79 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 6 – fomhír 1 – pointe b
(b) modheolaíochtaí a sholáthar chun táscairí malartacha a chinneadh maidir lena fhíorú an mbaintear amach an cuspóir táscach um laghdú truaillithe dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn V;
(b) modheolaíochtaí a sholáthar chun táscairí malartacha a chinneadh mar a leagtar amach i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn V chun a fhíorú an mbaintear amach an cuspóir maidir le truailliú a laghdú dá dtagraítear sa phointe sin;
Leasú 80 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 6 a (nua)
6a. Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit an spás glas a mhéadú i limistéir uirbeacha chun róshreabha uisce stoirme a laghdú bunaithe ar réitigh nádúrtha.
Leasú 81 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 6 b (nua)
6b. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pleananna comhtháite bainistithe fuíolluisce uirbigh a athbhreithniú gach 5 bliana tar éis a mbunaithe agus go ndéanfar iad a nuashonrú i gcás inar gá.
Leasú 82 Togra le haghaidh treorach Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
De mhaolú air sin, féadfar cóireáil a dhéanamh ar sceitheadh fuíolluisce uirbigh in uiscí atá suite i réigiúin ina bhfuil aeráid fhuar ina bhfuil sé deacair cóireáil bhitheolaíoch éifeachtach a chur i bhfeidhm de bharr teochtaí ísle (éileamh ocsaigine bithcheimicigh, BOD5 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 1, tábla 1, sraith 2) nach bhfuil chomh dian leis an gceann a fhorordaítear i mír 1, má tá meánteocht bhliantúil uisce an ionraoin faoi bhun 6°C, agus ar choinníoll go léirítear i staidéir mhionsonraithe nach ndéanann na an sceitheadh sin dochar don chomhshaol. Mar sin féin, ní mór don chóireáil íoschéatadán laghdaithe 40 % a bhaint amach, arna thomhas go seachtainiúil ar a laghad. Na Ballstáit a bhainfidh úsáid as an maolú sin, tuairisceoidh siad don Choimisiún é.
2. I gcás ceirtleáin ina bhfuil idir 1 000 CD agus 2 000 CD, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 go mbíonn fuíolluisce uirbeach a théann isteach i gcórais bailithe fuíolluisce faoi réir cóireáil thánaisteach i gcomhréir le mír 3 nó faoi réir cóireáil choibhéiseach sula sceitear é.
2. I gcás ceirtleáin ina bhfuil idir 750 CD agus 2 000 CD, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2032 go mbíonn fuíolluisce uirbeach a théann isteach i gcórais bailithe fuíolluisce faoi réir cóireáil thánaisteach i gcomhréir le mír 3 nó faoi réir cóireáil choibhéiseach sula sceitear é.
4. Déanfar an t-ualach arna shloinneadh in CD a ríomh ar bhonn an mheánualaigh íosta sheachtainiúil a théann isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh le linn na bliana, cé is moite de dhálaí neamhghnácha mar gheall ar bháisteach throm.
4. Déanfar an t-ualach arna shloinneadh in CD a ríomh ar bhonn an mheánualaigh íosta sheachtainiúil a théann isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh le linn na bliana, cé is moite de dhálaí aimsire neamhghnácha amhail iad siúd a tharlaíonn mar gheall ar bháisteach throm.
Maidir le sceitheadh ábhar ó sciar 50 % de ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 100 000 CD agus os a chionn agus nach ndéantar cóireáil threasach iontu faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sceitheadh ábhar den sórt sin faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4 faoin 31 Nollaig 2030.
Maidir le sceitheadh ábhar ó sciar 50 % de ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 100 000 CD agus os a chionn agus nach ndéantar cóireáil threasach iontu faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an sceitheadh sin faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4 faoin 31 Nollaig 2033.
Faoin 31 Nollaig 2035, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir ina gcóireáiltear ualach 100 000 CD agus os a chionn faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4.
Faoin 31 Nollaig 2038, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir ina gcóireáiltear ualach 100 000 CD agus os a chionn faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4.
Faoin 31 Nollaig 2025, bunóidh na Ballstáit liosta de limistéir ar a gcríoch atá íogair i leith an eotrófaithe agus déanfaidh siad an liosta sin a nuashonrú gach 5 bliana dar tús an 31 Nollaig 2030.
Faoin ... [cuir isteach an dáta 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit liosta de limistéir ábhartha ar a gcríoch atá íogair d’eotrófú,agus áireoidh siad leis an liosta sin faisnéis maidir le cibé acu an limistéir atá íogair ó thaobh fosfair agus/nó nítrigine-íogair iad agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta gach cúig bliana dar tús an 31 Nollaig 2030, lena n-áirítear freisin faisnéis faoi chúis an eotrófaithe.
Beidh ar áireamh sa liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na limistéir a shainaithnítear in Iarscríbhinn II.
Beidh ar áireamh sa liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír na limistéir a shainaithnítear in Iarscríbhinn II. Faoin 31 Nollaig 2024, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur chun feidhme comhchuibhithe Iarscríbhinn 2, go háirithe maidir le dobharlaigh trasteorann.
Faoin 31 Nollaig 2035, i gcás sciar 50 % de na ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD a sceitheann ábhair isteach sna limistéir atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 2 agus nach ndéanann cóireáil threasach faoin [Oifig na bhfoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn fuíolluisce uirbeach a théann isteach i gcórais bailithe fuíolluisce faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4 sula sceitear é isteach sna limistéir sin .
Gan dochar do mhír 1, faoin 31 Nollaig 2038, i gcás sciar 50 % de na ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD agus os a chionn sin a sceitheann ábhair isteach sna limistéir atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 2 agus nach ndéanann cóireáil threasach faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn fuíolluisce uirbeach a théann isteach i gcórais bailithe fuíolluisce faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4 sula sceitear é isteach sna limistéir sin .
Faoin 31 Nollaig 2040, maidir le gach ceirtleán ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn an fuíolluisce uirbeach ann a théann isteach i gcórais bailithe fuíolluisce faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4 sula sceitear isteach i limistéir a áirítear ar liosta dá dtagraítear i mír 2.
Gan dochar do mhír 1, faoin 31 Nollaig 2043, maidir le gach ceirtleán ina bhfuil 10 000 CD nó os a chionn sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn an fuíolluisce uirbeach ann a théann isteach i gcórais bailithe fuíolluisce faoi réir cóireáil threasach i gcomhréir le mír 4 sula sceitear isteach i limistéir a áirítear ar liosta dá dtagraítear i mír 2.
Maidir le samplaí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Cuid D d’Iarscríbhinn I den Treoir seo, comhlíonfaidh siad na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i dTábla 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I. Leagtar amach i dTábla 4 de Chuid D d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na luachanna paraiméadracha i dTábla 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
Maidir le meán bliantúil na samplaí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Cuid D d’Iarscríbhinn I den Treoir seo, comhlíonfaidh siad na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i dTábla 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú. Leagtar amach i dTábla 4 de Chuid D d’Iarscríbhinn I an líon uasta samplaí ar ceadmhach dóibh gan na luachanna paraiméadracha i dTábla 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
Leasú 92 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 5 – pointe a
(a) 82,5 % i gcás fosfar iomlán agus 80 % i gcás nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2035;
(a) 90 % i gcás fosfar iomlán agus 75 % i gcás nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2035;
Leasú 93 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 5 – pointe b
(b) 90 % i gcás fosfar iomlán agus 85 % i gcás nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2040;
(b) 93 % i gcás fosfar iomlán agus 80 % i gcás nítrigin iomlán faoin 31 Nollaig 2040. Na laethanta ina dtiteann an teocht eisilteach faoi bhun 12°C, níl siad ábhartha chun baint nítrigine a ríomh chun na críche dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
7. Maidir le sceitheadh ábhar ó ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh atá lonnaithe i limistéar a chuirtear ar áireamh i liosta dá dtagraítear i mír 2 tar éis ceann amháin de na nuashonruithe rialta ar an liosta a cheanglaítear faoin mír sin, comhlíonfaidh sceitheadh ábhar de sórt sin na ceanglais a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 laistigh de 7 mbliana ón limistéar a bheith curtha ar áireamh sa liosta sin.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh atá suite i limistéar atá ar áireamh ar liosta dá dtagraítear i mír 2 agus sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh isteach i ndobharcheantar limistéir atá ar áireamh ar an liosta a cheanglaítear faoin mír sin, comhlíonfaidh an sceitheadh ábhar sin na ceanglais a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 laistigh de 7 mbliana ón limistéar a bheith curtha ar áireamh sa liosta sin.
Faoin 31 Nollaig 2030, maidir le sciar 50 % den ábhar a sceitear as gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 100 000 CD. agus os a chionn, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-ábhar sin faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5.
Faoin ... [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], maidir le sciar 50 % den ábhar a sceitear as gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach 150 000 CD. agus os a chionn, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-ábhar sin faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5.
Faoin 31 Nollaig 2035, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir ina gcóireáiltear ualach 100 000 CD agus os a chionn faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5.
Faoin [deich mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh go léir ina gcóireáiltear ualach 100 000 CD agus os a chionn faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5.
An 31 Nollaig 2030, beidh arna bhunú ag na Ballstáit liosta de na limistéir ar a gcíoch náisiúnta ina bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol mar thoradh ar an tiúchan nó carnadh micreathruailleán. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta sin gach 5 bliana agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é más gá.
Faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], beidh liosta ceirtleán de 100 000 CD agus os a chionn ar a gcríoch náisiúnta bunaithe agus foilsithe ag na Ballstáit, agus faoin... [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] liosta ceirtleán de 35 000 CD agus níos mó i gcás ina bhfuil riosca don tsláinte nó don chomhshaol mar thoradh ar an tiúchan nó carnadh micreathruailleán. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an liosta sin gach cúig bliana ar a laghad ina dhiaidh sin agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é gan mhoill neamhriachtanach más gá.
Leasú 98 Togra le haghaidh treorach Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Beidh na limistéir seo a leanas ar áireamh sa liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, mura féidir a léiriú ar bhonn measúnú riosca nach ann do riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol sna limistéir sin:
Beidh na limistéir seo a leanas ar áireamh sna liostaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, mura féidir a léiriú ar bhonn measúnú riosca nach ann do riosca don tsláinte nó don chomhshaol sna limistéir sin:
Leasú 99 Togra le haghaidh treorach Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f
(f) limistéir inar gá cóireáil bhreise a dhéanamh chun na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE agus 2008/105/CE a chomhlíonadh.
(f) limistéir ina bhfuil gá le cóireáil bhreise chun na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE, 2008/105/CE agus 2008/56/CE a chomhlíonadh;
Leasú 100 Togra le haghaidh treorach Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 2 – pointe f a (nua)
(fa) limistéir chaomhantais speisialta arna n-ainmniú faoi Threoir 92/43/CEE agus limistéir faoi chosaint speisialta arna n-ainmniú faoi Threoir 79/409/CEE atá bunaithe ar líonra éiceolaíoch Natura 2000.
Leasú 101 Togra le haghaidh treorach Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
2a. I gcás nach ndéanfaidh Ballstát na liostaí dá dtagraítear i mír 2 a bhunú faoi na teorainneacha ama a leagtar amach ann, beidh gach sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a dhéanann cóireáil ar ualach 35 000 CD nó os a chionn faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5.
Leasú 102 Togra le haghaidh treorach Airteagal 8 – mír 3 a (nua)
3a. Gan dochar do mhír 1, faoin... [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] áiritheoidh na Ballstáit, i gcás 50 % de cheirtleáin idir 100 000 CD agus 150 000 CD, go mbeidh fuíolluisce uirbeach a thagann isteach i gcórais bhailithe faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5 sula scaoilfear é i limistéir a áirítear ar liosta dá dtagraítear i mír 2.
Faoin ... [deich mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fuíolluisce uirbeach a thagann isteach i gcórais bhailithe faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5 sula scaoilfear é i limistéir a áirítear i liosta dá dtagraítear i mír 2 maidir le gach ceirtleán idir 100 000 CD agus 150 000 CD
Faoin 31 Nollaig 2035, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás sciar 50 % de na ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD, go mbíonn fuíolluisce uirbeach a théann isteach i gcóras bailithe fuíolluisce na gceirtleán sin faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5 sula sceitear isteach é i limistéir a áirítear ar liosta dá dtagraítear i mír 2.
Gan dochar do mhír 1, faoin... [deich mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] áiritheoidh na Ballstáit, i gcás 50 % de cheirtleáin ina bhfuil 35 000 CD agus os a chionn sin, go mbeidh fuíolluisce uirbeach a thagann isteach i gcórais bhailithe faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5 sula scaoilfear é i limistéir a áirítear ar liosta dá dtagraítear i mír 2.
Faoin 31 Nollaig 2040, áiritheoidh na Ballstáit go mbíonn fuíolluisce uirbeach a théann isteach i gcórais bailithe fuíolluisce faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5 sula sceitear isteach i limistéir a áirítear ar liosta dá dtagraítear i mír 2 maidir le gach ceirtleán ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD
Faoin ... [cúig bliana déag tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fuíolluisce uirbeach a théann isteach i gcórais bhailithe faoi réir cóireáil cheathartha i gcomhréir le mír 5 sula scaoilfear é i limistéir a áirítear ar liosta dá dtagraítear i mír 2 maidir le gach ceirtleán idir 35 000 CD agus os a chionn.
Leasú 105 Togra le haghaidh treorach Airteagal 8 – mír 4 a (nua)
4a. Beidh sceitheadh ó ionaid chóireála fuíolluisce uirbigh de 35 000 CD agus os a chionn isteach i ndobharcheantar limistéir atá ar áireamh ar liosta dá dtagraítear i mír 2 faoi réir mhíreanna 3 agus 4.
Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27 chun Codanna B agus D d’Iarscríbhinn I a leasú chun na ceanglais agus modhanna dá dtagraítear sa dara fomhír a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27 chun Codanna B agus D d’Iarscríbhinn I a leasú chun na ceanglais agus modhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go mbeidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí a chuireann ar an margadh aon cheann de na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III.
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí a chuireann ar an margadh aon cheann de na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III.
Leasú 108 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Déanfar freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlánú le maoiniú náisiúnta a chuirfear ar bun chun gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a uasghrádú chun a áirithiú nach mbeidh aon iarmhairtí neamhbheartaithe ann d’infhaighteacht, d’inacmhainneacht agus d’inrochtaineacht táirgí ríthábhachtacha, go háirithe cógais leighis, arna sainaithint le cúnamh ó EMA agus ó ECHA, agus chun a áirithiú go mbeidh cistí leordhóthanacha ar fáil d’oibreoirí. Ní mó ná 20 % a bheidh sa chistiú náisiúnta agus ní bhainfidh sé an bonn ón bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.
Leasú 109 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Áireofar leis na bearta sin go gcumhdófar na nithe seo a leanas:
Cumhdófar an méid seo a leanas le freagracht leathnaithe táirgeora agus le maoiniú náisiúnta:
Leasú 110 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a) na costais iomlána a bhaineann leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 a chomhlíonadh, lena n-áirítear na costais a bhaineann le cóireáil cheathartha ar fhuíolluisce uirbeach chun go mbainfear as micreathruailleáin a eascraíonn as na táirgí, agus as a n-iarmhair, a chuireann siad ar an margadh, maidir le faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a); agus
(a) na costais iomlána a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8, lena n-áirítear na costais a bhaineann le cóireáil cheathartha (CAPEX agus OPEX) fuíolluisce uirbigh chun micreathruailleáin a bhaint nach féidir a bhaint le cóireáil phríomhúil, thánaisteach nó threasach, ar toradh iad ar na táirgí agus ar a n-iarmhair a chuireann siad ar an margadh, chun faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a); agus
Leasú 111 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c
(c) costais eile is gá chun a bhfreagracht leathnaithe tairgeoirí a fheidhmiú.
(c) costais eile is gá chun an fhreagracht leathnaithe táirgeora a fheidhmiú.
Leasú 112 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
1a. Bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 21, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú gach cúig bliana ar liosta na dtáirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn 3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an liosta táirgí a chumhdaítear le hIarscríbhinn 3 a leathnú.
Leasú 113 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 b (nua)
1b. Tá feidhm ag freagracht leathnaithe táirgeora gan beann ar cé acu a monaraíodh nó nár monaraíodh na táirgí a chuirtear ar an margadh nó comhpháirteanna aonair díobh i mBallstát nó i dtríú tír, nó an bhfuil oifig chláraithe ag na táirgeoirí san Aontas nó an gcuirtear an táirge ar an margadh trí ardán digiteach.
Leasú 114 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 1 c (nua)
1c. Féadfaidh na Ballstáit earnálacha eile a chur leis bunaithe ar fhianaise go bhfuil na micreathruaillithe ann a tháirgtear san earnáil sin.
Leasú 115 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 2 – pointe a
(a) gur lú ná 2 thona in aghaidh na bliana an chainníocht den táirge a chuireann siad ar an margadh;
(a) gur lú ná 2 thona in aghaidh na bliana an chainníocht den táirge a chuireann siad ar mhargadh an Aontais;
Leasú 116 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 2 – pointe b
(b) nach ngintear micreathruailleáin san fhuíolluisce de na táirgí a chuireann siad ar an margadh ag deireadh a saolré.
(b) go bhfuil na táirgí a chuireann siad ar an margadh in-bhithmhillte go tapa i gcomhréir le Cuid 4.1.2.9.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 1di bhfuíolluisce nó nach ngintear micreathruailleáin san fhuíolluisce de na táirgí a chuireann siad ar an margadh ag deireadh a saolré.
_________________
1a Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
Leasú 117 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 –mír 2 – pointe b a (nua)
(ba) go bhfuil na substaintí i dtáirgí a chuirtear ar an margadh in-bhithmhillte go tapa faoi dhálaí uisceacha, i gcomhréir le Cuid 4.1.2.9.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 1a.
_________________
1a Rialachán CE Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
3. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choinníll a leagtar síos i mír 2, pointe (b), maidir le catagóirí sonracha táirgí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
3. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir mhionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an choinníll a leagtar síos i mír 2, pointe (b), maidir le catagóirí sonracha táirgí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh agus tráth nach déanaí ná... [dáta chur i bhfeidhm Airteagal 8(1)] i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
Leasú 119 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 3 a (nua)
3a. Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le bunú na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 a bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a fheidhmiú i dteannta a chéile trí bhallraíocht a bhaint amach in eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 a bhfreagracht leathnaithe táirgeoirí a fheidhmiú i dteannta a chéile trí bhallraíocht a bhaint amach in eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí nó go gcuirfidh eagraíocht bhunaithe ar chumas na dtáirgeoirí sin a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
Leasú 121 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 4 – fomhír 2 – pointe a – pointe i
(ii) faisnéis faoina ghuaisí is atá na táirgí dá dtagraítear i bpointe (i) san fhuíolluisce ag deireadh a saolré;
(ii) faisnéis faoina ghuaisí is atá na táirgí dá dtagraítear i bpointe (i) san fhuíolluisce agus faoina n-in-bhithmhillteacht ag deireadh a saolré;
Leasú 122 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 5 – pointe c a (nua)
(ca) go mbeidh ranníocaíocht airgeadais na dtáirgeoirí curtha in áirithe do na costais a luaitear i mír 1, agus go mbeidh na hoibreoirí gléasra cóireála in ann rochtain a fháil ar na cistí de réir a dtimthriallta agus a riachtanas infheistíochta.
Leasú 123 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 – mír 5 a (nua)
5a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na ceanglais don scéim freagrachta leathnaithe táirgeora agus d’eagraíochtaí um fhreagracht leathnaithe táirgeora a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 sula gcuirfear tús le cur chun feidhme na gceanglas maidir le cóireáil cheathartha a leagtar amach in Airteagal 8(1), (4) agus (5).
Leasú 124 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca) comhaontaíonn sí rialacha mionsonraithe maidir le comhroinnt ualaigh agus tosca amhail cainníocht na micrithruailleán sa táirge á gcur san áireamh.
Leasú 125 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 1 a (nua)
1a. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi bhearta coiscthe dramhaíola, faoi chórais glactha ar ais agus faoi chórais bailithe, agus faoi thionchar mhodhanna míchuí diúscartha dramhaíola na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn III maidir le bailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce.
2. Bunóidh na Ballstáit creat leormhaith faireacháin agus forfheidhmithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a gcuid oibleagáidí, go mbainfear úsáid cheart as acmhainní airgeadais na n-eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus go ndéanfaidh na gníomhaithe uile ar a bhfuil freagracht leathnaithe táirgeoirí sonraí iontaofa a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus, nuair a iarrtar sin, do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.
2. Bunóidh na Ballstáit creat faireacháin agus forfheidhmithe leormhaith chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a n-oibleagáidí ar bhealach trédhearcach, go n-úsáidfear mar is ceart acmhainní airgeadais na n-eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, go bhféadfaidh na Ballstáit dul i gcomhairle le heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus go ndéanfaidh siad aon infheistíocht sna gléasraí cóireála fuíolluisce neamhspleách ar na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus go ndéanfaidh na gníomhaithe uile ar a bhfuil freagracht leathnaithe táirgeoirí sonraí iontaofa a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus, nuair a iarrtar sin, do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí. Déanfaidh na húdaráis inniúla na sonraí is gá a chur in iúl agus a mhalartú le húdaráis inniúla eile ar bhonn rialta, gach sé mhí ar a laghad, chun na ceanglais a chomhlíonadh.
4. Áiritheoidh Ballstát go ndéanfaidh na táirgeoirí atá bunaithe i gcríoch de chuid Ballstáit eile, agus a chuireann táirgí ar a mhargadh, an méid seo a leanas:
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na táirgeoirí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile nó i dtríú tír, agus a chuireann táirgí ar a mhargadh, duine dlítheanach nó nádúrtha atá bunaithe ar a chríoch a cheapadh mar ionadaí údaraithe chun oibleagáidí na Treorach seo maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a chomhlíonadh ar a chríoch.
(a) duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapadh atá bunaithe ar a chríoch mar ionadaí údaraithe chun na hoibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh ar a chríoch; nó
(b) bearta a dhéanamh atá coibhéiseach le pointe (a).
Leasú 128 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 5 – fomhír 1 a (nua)
Maidir leis an idirphlé dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sé de chineál go háirithe go mbeifear in ann bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun go mbeidh an fhreagracht táirgeora leathnaithe agus an fhreagracht a thruaillíonn sé chomh héifeachtúil agus is féidir ó thaobh an gheilleagair de, amhail bearta chun an brú micreathruaillithe ar fhuíolluisce a laghdú, chomh maith leis an teicneolaíocht is iomchuí a roghnú i gcóireáil cheathartha agus chun aon iarmhairtí neamhbheartaithe d’inacmhainneacht, inrochtaineacht agus infhaighteacht táirgí íocshláinte a chosc.
Leasú 129 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 5 a (nua)
5a. Beidh stádas breathnóra ag comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí gléasra cóireála fuíolluisce laistigh de na heagraíochtaí um fhreagracht leathnaithe táirgeora.
Leasú 130 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ar chórais bailithe fuíolluisce gach 4 bliana. Déanfar na hiniúchtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/AE agus áireofar iontu sainaithint ar an bhféidearthacht atá ann chun fuinneamh in-athnuaite a úsáid nó a tháirgeadh ar bhealach costéifeachtach, agus spriocdhíriú ar leith á dhéanamh chun an fhéidearthacht atá ann ó thaobh táirgeadh bithgháis a shainaithint agus a úsáid, agus ag an am céanna astaíochtaí meatáin á laghdú. Déanfar na chéad iniúchtaí:
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh ar ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus ar chórais bailithe fuíolluisce gach 4 bliana. Déanfar na hiniúchtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/AE agus Airteagal 11 de Threoir (...) maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (athmhúnlú) agus, trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha i gcás inarb indéanta, agus áireofar iontu sainaithint ar an bhféidearthacht atá ann chun fuinneamh in-athnuaite a úsáid nó a tháirgeadh ar bhealach costéifeachtach, tomhaltas fuinnimh a laghdú, dramhtheas a aisghabháil agus a úsáid ar an láthair nó trí chóras ceantair, nó fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh. Spriocdhíriú ar leith á dhéanamh chun an fhéidearthacht atá ann ó thaobh táirgeadh bithgháis a shainaithint agus a úsáid, agus fós astaíochtaí meatáin agus ocsaíde nítriúla a laghdú. Déanfar na chéad iniúchtaí:
Leasú 131 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 1 – pointe a
(a) faoin 31 Nollaig 2025 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn agus na gcóras bailithe fuíolluisce atá nasctha leo;
(a) faoin ... [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn agus na gcóras bailithe fuíolluisce atá nasctha leo;
Leasú 132 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 1 – pointe b
(b) faoin 31 Nollaig 2030 i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD agus na gcóras bailithe fuíolluisce atá nasctha leo;
(b) faoin ... [48 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD agus na gcóras bailithe fuíolluisce atá nasctha leo;
Leasú 133 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Maidir leis an méid fuinnimh iomlán bliantúil a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite, mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001, agus a tháirgtear ar an leibhéal náisiúnta ó ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid sin coibhéiseach leo seo a leanas:
2. Maidir leis an méid fuinnimh iomlán bliantúil a fhaightear ó fhoinsí in-athnuaite, mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001, agus a ghintear ar an leibhéal náisiúnta ar an láthair nó lasmuigh den láthair i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn agus go neamhspleách má úsáideann a n-úinéirí nó a n-oibreoirí é ar an láthair nó lasmuigh den láthair sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an méid sin coibhéiseach leo seo a leanas ar a laghad:
Leasú 134 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 2 – pointe a
(a) sciar 50 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann gléasraí den sórt faoin 31 Nollaig 2030;
(a) sciar 50 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann gléasraí den sórt faoin 31 Nollaig 2033;
Leasú 135 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 2 – pointe b
(b) sciar 75 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann gléasraí den sórt faoin 31 Nollaig 2035;
(b) sciar 75 % den mhéid fuinnimh iomlán bliantúil a úsáideann gléasraí den sórt faoin 31 Nollaig 2036;
Leasú 136 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 2 a (nua)
2a. Éascóidh na Ballstáit nósanna imeachta formheasa le haghaidh táirgeadh in-athnuaite a fhorbairt lena úsáid ag gléasraí cóireála fuíolluisce i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001.
Leasú 267 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 2 b (nua)
2b. De mhaolú air sin, mura mbaineann Ballstát 100 % den neodracht fuinnimh amach ar an leibhéal náisiúnta i gcás gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina gcóireáiltear ualach ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, d’ainneoin na bearta éifeachtúlachta fuinnimh uile a leagtar amach sna hiniúchtaí fuinnimh i mír 1 den Airteagal seo a bheith curtha chun feidhme aige, agus nach bhfuil sé in ann an táirgeadh fuinnimh a mhéadú ar an láthair nó lasmuigh den láthair i ngléasraí cóireála fuíolluisce mar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit sin a cheadú, ar bhonn eisceachtúil, fuinneamh inathnuaite a cheannach ó fhoinsí seachtracha trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta i leith na gcéatadán atá fágtha, ach suas go dtí uasmhéid 40 %, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile thuasluaite.
Leasú 138 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 2 c (nua)
2c. Molfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, treochlár do 2030 maidir le laghduithe ar astaíochtaí meatáin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an earnáil cóireála fuíolluisce neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.
Tabharfar an fógra sin láithreach i gcás truailliú teagmhasach a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do dhobharlaigh níos faide síos le sruth.
Tabharfar an fógra sin láithreach i gcás truailliú a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do dhobharlaigh níos faide síos le sruth. Cuirfear an fógra chuig geallsealbhóirí dobharcheantair ábhartha freisin, amhail oibreoirí uisce óil. I gcás aon sceitheadh lena ndéantar difear don tsláinte nó don chomhshaol i mBallstát eile, áiritheoidh an Ballstát ar ina chríoch a tharla an sceitheadh go gcuirfear údarás inniúil an Bhallstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Leasú 140 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir le mír 1.
Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann chun sainaithint a dhéanamh ar an sceitheadh ábhar atá i gceist agus ar na bearta atá le déanamh ag an bhfoinse chun na huiscí a bhfuil dochar déanta dóibh a chosaint d’fhonn comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú.
Comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann chun sainaithint a dhéanamh ar an sceitheadh ábhar atá i gceist, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le truailleáin uisce agus ar na bearta atá le déanamh ag an bhfoinse chun na huiscí a bhfuil dochar déanta dóibh a chosaint d’fhonn comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú.
Leasú 142 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b) ligean d’oibreoirí na córas bailithe fuíolluisce agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a ghlacann an fuíolluisce neamhthí a sceitear na húdaruithe sonracha arna ndeonú ina ndobharcheantair a cheadú arna iarraidh sin.
(b) ligean d’oibreoirí na córas bailithe fuíolluisce agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a ghlacann an fuíolluisce neamhthí a sceitear na húdaruithe sonracha ina ndobharcheantair a cheadú sula ndeonaítear iad;
Leasú 143 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b a (nua)
(ba) áirithíonn sé go gcomhlíonann an t-oibreoir a sceitheann an fuíolluisce neamhthí gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
(i) na substaintí truailliúcháin a scaoiltear, ní chuireann siad bac ar oibriú an ghléasra cóireála fuíolluisce ná ar an gcumas acmhainní a aisghabháil;
(ii) ní dhéanann na substaintí truailliúcháin a scaoiltear díobháil do shláinte na foirne atá ag obair i gcórais bhailithe fuíolluisce agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce;
(iii) dearadh an gléasra cóireála fuíolluisce agus tá sé feistithe chun na substaintí truailliúcháin arna scaoileadh a laghdú;
Leasú 144 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b b (nua)
(bb) ní dheonaíonn sé an t-údarú sonrach nuair atá an sceitheadh neamhthí ina bhaol do dhobharlaigh a úsáidtear le haghaidh uisce atá beartaithe lena ól ag an duine a aistarraingt, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184;
Leasú 145 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b c (nua)
(bc) ní chuireann nósanna imeachta den sórt sin moill mhíchuí ar dheonú an údaraithe shonraigh.
Leasú 146 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí, lena n-áirítear an t-údarú sonrach a athbhreithniú, chun na foinsí truaillithe i bhfuíolluisce neamhthí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, a chosc agus a laghdú a mhéid is féidir i gcás ina dtarlaíonn aon cheann de na cásanna seo a leanas chun cinn:
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí, lena n-áirítear an t-údarú sonrach a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, a chúlghairm, chun na foinsí truaillithe i bhfuíolluisce neamhthí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, a chosc agus a laghdú a mhéid is féidir i gcás ina dtarlaíonn aon cheann de na cásanna seo a leanas chun cinn:
Leasú 147 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 2 – pointe c
(c) tá fuíolluisce uirbeach cóireáilte le hathúsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741;
(c) tá fuíolluisce uirbeach cóireáilte le hathúsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 nó le hathúsáid chun críocha seachas chun críocha talmhaíochta;
Leasú 148 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 – mír 4 a (nua)
4a. I gcás teagmhas nó tionóisc a dhéanann difear d’oibreoirí gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, ceanglóidh an t-údarás inniúil ar an oibreoir ag a bhfuil údarú sonrach aon bhearta comhlántacha iomchuí a ghlacadh a mheasann an t-údarás inniúil is gá chun na hiarmhairtí don chomhshaol a theorannú agus chun teagmhais nó tionóiscí eile a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc. Cuirfidh an t-údarás inniúil oibreoirí gléasraí cóireála fuíolluisce, lena n-áirítear aon oibreoirí fuíolluisce trasteorann dá ndéantar difear, faoi na bearta arna nglacadh chun damáiste de bharr an truaillithe sin don tsláinte agus don chomhshaol a chosc nó a leigheas.
1. Déanfaidh na Ballstáit cur chun cinn córasach ar athúsáid fuíolluisce chóireáilte ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2020/741 .
1. Déanfaidh na Ballstáit cur chun cinn córasach ar athúsáid fuíolluisce chóireáilte ó gach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh, go háirithe i limistéir ina bhfuil strus ar uisce agus go háirithe chun críoch tionsclaíoch, mura mbíonn éifeacht dhíobhálach ar an gcomhshaol ann agus má bhíonn bearta bainistithe riosca sláinte curtha chun feidhme. Déanfar measúnú ar ngá le hathúsáid uisce ag féachaint do phleananna bainistithe abhantraí náisiúnta arna mbunú faoi Threoir Réime 2000/60/CE maidir le hUisce. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh athúsáid an fhuíolluisce an sreabhadh éiceolaíoch sna huiscí glactha i mbaol agus críocha athúsáide á mbeartú acu. I gcás ina n-athúsáidtear fuíolluisce cóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2020/741.
Leasú 150 Togra le haghaidh treorach Airteagal 15 – mír 1 a (nua)
1a. Chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, ní bheidh feidhm go sealadach ag ceanglais um chóireáil threasach mar a leagtar amach in Airteagal 7 agus i dTábla 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I maidir le huisce athshlánaithe atá ceaptha lena athúsáid go heisiach in uisciú talmhaíochta, rud a laghdóidh an gá le nítrigin agus fosfar a chur le huisce a úsáidtear don uisciú.
Ní cheadófar uisce athshlánaithe a athúsáid chun críoch talmhaíochta mar a luaitear sa chéad fhomhír ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) níl aon riosca ann don tsláinte ná don chomhshaol, lena n-áirítear eotrófú;
(b) comhlíonann an t-uisce athshlánaithe na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2020/741;
(c) déantar faireachán breise ar mhicreathruailleáin agus ar mhicreaphlaistigh i bhfuíolluisce uirbeach athshlánaithe;
(d) níl sreabhadh éiceolaíoch íosta na ndobharlach glactha i mbaol;
(e) tá acmhainneacht chóireála nó stórála leordhóthanach ann do na fuíolluiscí uirbeacha uile atá ag teacht isteach i gcás tréimhsí ar lena linn nach ndéantar fuíolluisce uirbeach a athúsáid sa talmhaíocht.
Nuair a úsáidtear an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh feidhm ag an gcóireáil cheathartha maidir leis an bhfuíolluisce uirbeach athúsáidte i gcomhréir le hAirteagal 8.
Leasú 151 Togra le haghaidh treorach Airteagal 15 – mír 1 b (nua)
1b. Mura rud é go mbeidh straitéisí uisce náisiúnta inchomparáide forbartha cheana ag na Ballstáit, faoin ... [cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh na Ballstáit, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí rialtais agus rialtais réigiúnacha agus áitiúla, fóntais uisce, an lucht tionscail, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus an lucht léinn, plean Náisiúnta um Shábháil agus Athúsáid Uisce:
(a) lena sainaithneofar sraitheanna gníomhaíochtaí is gá chun slándáil, inbhuanaitheacht agus athléimneacht acmhainní uisce nó acmhainní uisce trasteorann faoi seach na mBallstát a roinntear le Ballstát eile nó le tríú tír a áirithiú;
(b) lena saineofar cuspóirí náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta sna réimsí sainithe, mar a liostaítear i bpointe (a), lena n-áirítear le haghaidh athúsáid uisce agus sábháil uisce gan dochar d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/741, agus fós aird a thabhairt ar réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide maidir le hinfhaighteacht uisce, i gcás ina sceitear fuíolluisce uirbeach cóireáilte;
(c) lena dtabharfar tuairisc ar na bearta cur chun feidhme chun na cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear na hacmhainní airgeadais gaolmhara.
Leasú 152 Togra le haghaidh treorach Airteagal 15 – mír 3 a (nua)
3a. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a mbonneagar bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh a réamh-mheas agus a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar ualaí méadaithe fuíolluisce tí, lena n-áirítear bonneagar nua a thógáil i gcás inar gá. Déanfar gach beart réamhchúraim chun meathlú ar stádas éiceolaíoch agus ceimiceach na ndobharlach dá ndéantar difear a sheachaint.
Measfar go gcomhlíonann na Ballstáit na cuspóirí a leagtar amach i Treoir 2000/60/CE má chomhlíontar na critéir uile seo a leanas:
(a) ní rachadh bealaí malartacha chun aghaidh a thabhairt ar an méadú ar ualaí fuíolluisce tí agus ualaí rití chun srutha, lena n-áirítear pointí malartacha sceite a mheas, níos mó chun tairbhe don chomhshaol nó bheadh costas iomarcach i gceist leo;
(b) déantar na bearta maolaithe uile atá indéanta go teicniúil a leagan amach in údarú an ghléasra cóireála fuíolluisce dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 agus cuirtear chun feidhme go héifeachtach iad chun tionchar an fhuíolluisce uirbigh ar na dobharlaigh dá ndéantar difear a íoslaghdú lena n-áirítear, i gcás inar gá sin, rialuithe astaíochtaí níos déine d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE agus na caighdeáin cháilíochta comhshaoil a leagtar síos i gcomhréir le Treoir 2008/105/CE a bhaint amach.
Léireofar go bhfuil na critéir dá dtagraítear sa dara fomhír á gcomhlíonadh sna Pleananna Bainistithe Abhantraí ábhartha arna bhforbairt faoi Threoir 2000/60/CE.
Leasú 153 Togra le haghaidh treorach Airteagal 15 – mír 3 b (nua)
3b. I gcás ina n-éileoidh caighdeán cáilíochta comhshaoil go mbeadh coinníollacha is déine ná na coinníollacha a leagtar amach i gCuid A agus B d’Iarscríbhinn I ann, áireofar bearta breise san údarú sonrach, gan dochar do bhearta eile a fhéadfar a dhéanamh chun na caighdeáin cáilíochta comhshaoil a chomhlíonadh.
Leasú 154 Togra le haghaidh treorach Airteagal 17 – mír 1 – pointe f
(f) aon pharaiméadair sláinte poiblí eile a measann údaráis inniúla na mBallstát iad a bheith ábhartha le faireachán a dhéanamh orthu.
(f) aon pharaiméadair sláinte poiblí eile, amhail E-Coli nó legionella, a mheasann anLárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) nó údaráis inniúla na mBallstát a bheith ábhartha chun críoch faireacháin.
Leasú 155 Togra le haghaidh treorach Airteagal 17 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Chun críche mhír 1, bunóidh na Ballstáit córas náisiúnta le haghaidh comhar agus comhordú buan idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as cóireáil fuíolluisce uirbigh maidir leis an méid seo a leanas:
2. Chun críche mhír 1, bunóidh na Ballstáit córas náisiúnta le haghaidh comhar agus comhordú buan idir na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus na húdaráis inniúla atá freagrach as cóireáil fuíolluisce uirbigh, trí úsáid a bhaint as uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha de réir mar is iomchuí, maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 156 Togra le haghaidh treorach Airteagal 17 – mír 2 – pointe a a (nua)
(aa) leithdháileadh soiléir na ról, na bhfreagrachtaí agus na gcostas i measc oibreoirí agus údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear i gcás gaol a bheith ann le sampláil agus anailís;
Leasú 157 Togra le haghaidh treorach Airteagal 17 – mír 2 – pointe a b (nua)
(ab) freagrachtaí na n-údarás inniúil lena mbaineann, oibreoirí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus gníomhaithe ábhartha eile a shonrú, i gcás nach ndéanfar costais bhreise i leith samplála agus anailíse a eascraíonn as na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a leithdháileadh ar oibreoirí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh;
Leasú 158 Togra le haghaidh treorach Airteagal 17 – mír 2 – pointe b
(b) suíomh na samplála agus minicíocht na samplála a chinneadh don tsampláil agus anailís fuíolluisce uirbigh a dhéanfar i gcás gach paraiméadair sláinte poiblí arna shainaithint i gcomhréir le mír 1, agus na sonraí sláinte atá ar fáil agus na riachtanais atá ann i dtéarmaí sonraí sláinte poiblí agus, i gcás inarb ábhartha, na staideanna eipidéimeolaíocha áitiúla á gcur san áireamh;
(b) suíomh na samplála agus minicíocht na samplála a chinneadh don tsampláil agus anailís fuíolluisce uirbigh a dhéanfar i gcás gach paraiméadair sláinte poiblí arna shainaithint i gcomhréir le mír 1, cé gurb iad na húdaráis atá freagrach as cóireáil fuíolluisce uirbigh atá freagrach as an tsampláil a dhéanamh agus gurb iad na húdaráis atá freagrach as an tsláinte phoiblí atá freagrach as na hanailísí a dhéanamh, Cuirfear san áireamh leis sin na sonraí sláinte atá ar fáil agus na riachtanais atá ann ó thaobh sonraí sláinte poiblí agus, i gcás inarb ábhartha, na staideanna eipidéimeolaíocha áitiúla de.
Leasú 159 Togra le haghaidh treorach Airteagal 17 – mír 2 – pointe c
(c) eagrú a dhéanamh ar chur in iúl iomchuí agus tráthúil na dtorthaí faireacháin do na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus d’ardáin an Aontais, i gcás ina bhfuil ardáin den sórt sin ar fáil.
(c) eagrú a dhéanamh ar chur in iúl iomchuí agus tráthúil na dtorthaí faireacháin do na húdaráis inniúla atá freagrach as an tsláinte phoiblí agus d’ardáin an Aontais, i gcás ina bhfuil ardáin den sórt sin ar fáil, agus do na cuideachtaí uisce óil.
Nuair a fhógraíonn an t-údarás inniúil atá freagrach as an tsláinte phoiblí sa Bhallstát go bhfuil éigeandáil sláinte poiblí ann de dheasca SARS-CoV-2, déanfar faireachán ar láithreacht SARS-CoV-2 agus a chuid athraitheach san fhuíolluisce uirbeach a thagann ó sciar 70 % ar a laghad den daonra náisiúnta agus tógfar sampla amháin ar a laghad in aghaidh na seachtaine i gcás na gceirtleán ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn. Leanfar den fhaireachán sin go dtí go bhfógróidh an t-údarás inniúil sin go bhfuil deireadh leis an éigeandáil sláinte poiblí de dheasca SARS-CoV-2.
Nuair a fhógraíonn an t-údarás inniúil atá freagrach as an tsláinte phoiblí sa Bhallstát go bhfuil éigeandáil sláinte poiblí ann, déanfar faireachán ar fhuíolluiscí uirbeacha a thagann ó sciar 70 % ar a laghad den daonra náisiúnta agus tógfar sampla amháin ar a laghad in aghaidh na seachtaine i gcás na gceirtleán ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn. Leanfar den fhaireachán sin go dtí go bhfógróidh an t-údarás inniúil sin go bhfuil deireadh leis an éigeandáil sláinte poiblí.
I gcás ceirtleáin ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 1 Eanáir 2025, go ndéanfar faireachán an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha dhá uair sa bhliain ar a laghad sna hionraonta agus asraonta de chuid na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus, nuair is ábhartha, sna córais bailithe fuíolluisce.
I gcás ceirtleáin ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 1 Eanáir 2025, go ndéanfar faireachán an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha dhá uair sa bhliain ar a laghad sna hionraonta agus asraonta de chuid na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh agus, nuair is ábhartha, sna córais bailithe fuíolluisce. Molfaidh na Ballstáit faireachán breise a dhéanamh ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha nuair a bhíonn teicneolaíochtaí oiriúnacha ar fáil ar ráta costéifeachtach.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28 chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach seo a áirithiú trí mhodheolaíocht chomhchuibhithe a bhunú chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha san fhuíolluisce uirbeach a thomhas.
Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht chomhchuibhithe a bhunú chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha san fhuíolluisce uirbeach a thomhas, agus déanfaidh sé sonraí ó údaráis náisiúnta sláinte poiblí agus ó údaráis náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chur san áireamh.
Leasú 163 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Faoin [IO cuir isteach an dáta = an lá deireanach den dara bliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], sainaithneoidh na Ballstáit na rioscaí a eascraíonn as sceitheadh fuíolluisce uirbigh don chomhshaol agus do shláinte an duine agus na rioscaí sin a bhaineann leis an méid seo a leanas ar a laghad:
1. Faoin [IO cuir isteach an dáta = an lá deireanach den dara bliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], sainaithneoidh na Ballstáit na rioscaí a eascraíonn as sceitheadh fuíolluisce uirbigh don chomhshaol agus don tsláinte, agus luaineachtaí séasúracha agus imeachtaí foircneacha á gcur san áireamh, agus na rioscaí sin a bhaineann leis an méid seo a leanas ar a laghad:
Leasú 164 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – pointe c
(c) an stádas maith éiceolaíoch a bhaineann le dobharlach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 22, de Threoir 2000/60/CE;
(c) dea-stádas éiceolaíoch dobharlaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22), dea-stádas ceimiceach dobharlach dromchla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, (pointe 24) agus dea-stádas ceimiceach dobharlach screamhuisce mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25) de Threoir 2000/60/CE;
Leasú 165 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da) dea-stádas comhshaoil na muirthimpeallachta mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE.
Leasú 166 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. I gcás inar sainaithníodh rioscaí i gcomhréir le mír 1, glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt orthu, ar na bearta sin áireofar iad seo a leanas i gcás inarb iomchuí:
2. I gcás inar sainaithníodh rioscaí i gcomhréir le mír 1, glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt orthu, a bhféadfar na bearta seo a leanas a áireamh orthu sin:
Leasú 167 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 2 – pointe -a (nua)
(–a) bearta coisctheacha sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear nó arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE, i gcás inar gá sin chun cáilíocht an dobharlaigh a choimirciú; Déanfaidh na Ballstáit an rialú ag an bhfoinse a chur chun cinn chun truailliú san fhuíolluisce uirbeach a chosc, i gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Leasú 168 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 2 – pointe a
(a) córais bailithe fuíolluisce a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil níos lú ná 1 000 CD;
(a) córais bailithe fuíolluisce a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil níos lú ná 750 CD;
Leasú 169 Togra le haghaidh treorach Airteagal 18 – mír 2 – pointe b
(b) cóireáil thánaisteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin ina bhfuil níos lú ná 1 000 CD;
(b) cóireáil thánaisteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 ar fhuíolluisce uirbeach a sceitear ó cheirtleáin ina bhfuil níos lú ná 750 CD;
3. Déanfar athbhreithniú gach 5 bliana ar an tsainaithint rioscaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Sna pleananna náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus a chuirfear in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin, áireofar achoimre ar na rioscaí a sainaithníodh mar aon le tuairisc ar na bearta a glacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
3. Déanfar athbhreithniú gach 6 bliana ar an tsainaithint rioscaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus beidh an t-athbhreithniú sin ailínithe le huainiú an athbhreithnithe ar na Pleananna Bainistithe Abhantraí arna bhforbairt faoi Threoir 2000/60. Sna pleananna náisiúnta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus a chuirfear in iúl don Choimisiún arna iarraidh sin, áireofar achoimre ar na rioscaí a sainaithníodh mar aon le tuairisc ar na bearta a glacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Cuirfear an achoimre sin ar fáil don phobal.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun rochtain do chách ar shláintíocht a fheabhsú, go háirithe do ghrúpaí daoine leochaileacha agus imeallaithe.
Gan dochar do phrionsabal na coimhdeachta ná do phrionsabal na comhréireachta, agus an dearcadh áitiúil agus réigiúnach agus na himthosca don tsláintíocht á gcur san áireamh acu, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun rochtain do chách ar shláintíocht a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí daoine leochaileacha agus imeallaithe.
Chun na críche sin, faoin 31 Nollaig 2027 déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
Chun na críche sin, faoin 31 Nollaig 2030 déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
Leasú 173 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 2 – pointe a
(a) catagóirí daoine a shainaithint nach bhfuil rochtain acu, nó ag a bhfuil rochtain theoranta, ar shaoráidí sláintíochta, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus na cúiseanna atá le heaspa rochtana den sórt sin a sholáthar;
(a) catagóirí daoine nach bhfuil rochtain acu, nó ag a bhfuil rochtain theoranta, ar shaoráidí sláintíochta a shainaithint, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus na cúiseanna atá le heaspa rochtana den sórt sin a sholáthar;
Leasú 174 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 2 – pointe b
(b) measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann chun rochtain ar shaoráidí sláintíochta a fheabhsú do na catagóirí daoine dá dtagraítear i bpointe (a);
(b) measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann chun rochtain a bheith ann ar shaoráidí sláintíochta, agus chun feabhas a chur ar an rochtain sin, do na catagóirí daoine dá dtagraítear i bpointe (a);
Leasú 175 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 2 – pointe c
(c) i gcás gach ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, spreagadh a thabhairt do bhunú líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta i spásanna poiblí, ar saoráidí iad atá inrochtana saor in aisce agus go sábháilte, go háirithe do mhná.
(c) i gcás gach ceirtleáin ina bhfuil 5000 CD agus os a chionn, a mholadh go mbunófaí líon leordhóthanach saoráidí sláintíochta i spásanna poiblí, ar saoráidí iad atá inrochtana saor in aisce agus go sábháilte, go háirithe do mhná;
Leasú 176 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca) a mholadh do na húdaráis inniúla saoráidí sláintíochta saor in aisce a chur ar fáil i bhfoirgnimh phoiblí, go háirithe i bhfoirgnimh riaracháin, agus a mholadh go gcuirfí ar fáil saoráidí sláintíochta do chách uile, saor in aisce nó ar tháille seirbhíse íseal, i mbialanna, i siopaí agus i spásanna príobháideacha comhchosúla;
Leasú 177 Togra le haghaidh treorach Airteagal 19 – mír 2 – pointe c b (nua)
(cb) bearta breise a dhéanamh a mheasann siad a bheith riachtanach agus iomchuí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar shláintíocht.
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh bealaí bainistithe sloda i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. Leis na bealaí sin uasmhéadófar an úsáid a bhainfear as bearta coisctheacha, uasmhéadófar athúsáid agus athchúrsáil acmhainní, agus íoslaghdófar na héifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol.
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh bealaí bainistithe sloda i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE. Leis na bealaí sin, uasmhéadófar cosc, athúsáid agus athchúrsáil acmhainní, agus áiritheofar nach mbeidh aon éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte ná ar an gcomhshaol ann.
Leasú 179 Togra le haghaidh treorach Airteagal 20 – mír 1 a (nua)
1a. Leagfaidh na Ballstáit síos dianchaighdeán cáilíochta náisiúnta don sloda a bheidh le hathúsáid tuilleadh, i gcomhréir le Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (‘an Treoir maidir le Sloda Séarachais’), maille le ceanglais bhreise maidir le micreaphlaistigh, chun a chinntiú go mbeidh úsáid an tsloda sábháilte don tsláinte, go háirithe i gcás ina n-úsáidtear tuilleadh é sa talmhaíocht.
Leasú 180 Togra le haghaidh treorach Airteagal 20 – mír 1 b (nua)
1a. Breithneoidh na Ballstáit na roghanna uile a d’fhéadfadh a bheith ann chun acmhainní luachmhara a bhaint as sloda séarachais agus as fuíolluisce atá sábháilte don tsláinte agus don chomhshaol chun an geilleagar ciorclach a áirithiú, lena n-áirítear fosfar a aisghabháil agus a athchúrsáil, chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht na hearnála talmhaíochta a chomhdhlúthú agus chun rannchuidiú le neamhspleáchas straitéiseach thionscal leasacháin an Aontais.
2. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na rátaí íosta athúsáide a leagan síos i gcomhair fosfair agus nítrigine ó shloda, chun na teicneolaíochtaí aisghabhála fosfair agus nítrigine i sloda a chur a chur san áireamh.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na rátaí íosta athúsáide i gcomhair fosfar agus nítrigin ón bhfuíolluisce uirbeach agus ón sloda a leagan amach, chun na teicneolaíochtaí atá ar fáil le haghaidh aisghabháil fosfair agus nítrigine san fhuíolluisce uirbeach agus i sloda a chur san áireamh agus trí rialacha a leagan amach le haghaidh bainistiú sloda sábháilte lena n-áiritheofar nach mbeidh aon éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte ná ar an gcomhshaol ann. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin faoin ... [dáta an lae dheireanaigh den bhliain tar éis dheireadh na tréimhse trasuímh don Treoir seo].
Leasú 182 Togra le haghaidh treorach Airteagal 20 – mír 2 a (nua)
2a. Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh chun ceannach cothaitheach aisghafa ó fhuíolluisce uirbeach agus ó shloda a spreagadh. Déanfaidh an Coimisiún creataí reachtacha cumasúcháin le haghaidh forbairt margaidh fheidhmiúil d’fhosfar agus nítrigean aisghafa a chur chun cinn.
Leasú 183 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 1 – pointe c
(c) ceann scríbe an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte lena n-áirítear an sciar den uisce athúsáidte;
(c) ceann scríbe an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte lena n-áirítear an sciar den uisce athúsáidte, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar shreabhadh éiceolaíoch íosta a bheith á áirithiú i gcónaí, i gcás ina scaoileann an fuíolluisce cóireáilte amach i ndobharlach;
Leasú 184 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 1 – pointe d
(d) na gáis ceaptha teasa arna dtáirgeadh agus an fuinneamh arna úsáid i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina bhfuil os cionn 10 000 CD
(d) na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha a bhíonn ann mar gheall ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla uile an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh agus an fuinneamh arna úsáid agus arna ghineadh i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina bhfuil os cionn 10 000 CD. Áireofar san fhaireachán freisin sceitheadh meatáin agus fuíolluisce neamhchóireáilte ó chórais bhailithe a bhrath;
2. I gcás gach ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar thiúchan agus ualaí na dtruailleán ó fhorsceitheadh uiscí stoirme agus ó rití chun srutha uirbeacha a sceitear isteach i ndobharlaigh.
2. I gcás gach ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí faireachán ar mhinicíocht agus méid an fhorsceite uiscí stoirme agus na rití chun srutha uirbeacha agus ar thiúchan agus ualaí na dtruailleán a sceitear isteach i ndobharlaigh.
Leasú 186 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a – an chuid réamhráiteach
(a) truailleáin a liostaítear sna háiteanna seo a leanas:
(a) truailleáin ábhartha a liostaítear sna háiteanna seo a leanas:
Leasú 187 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b
(b) paraiméadair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184, i gcás ina sceitear fuíolluisce uirbeach i ndobharcheantar dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir sin;
(b) paraiméadair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2020/2184, i gcás ina sceitear fuíolluisce uirbeach i ndobharcheantar dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir sin;
Leasú 188 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 1 – pointe c a (nua)
(ca) substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) agus clóratailinil a bheith ann i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/2184 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine agus le Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce;
I gcás gach ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar láithreacht micreaphlaisteach sa sloda.
I gcás gach ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar láithreacht mhicreathruailleán agus micreaphlaisteach sa sloda.
Leasú 190 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 2 a (nua)
Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh, a mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis, i gcomhréir lena thionscnamh maidir le ‘Truailliú ó mhicreaphlaistigh — bearta chun tionchar an truaillithe sin ar an gcomhshaol a laghdú’.
Leasú 191 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 3 – pointe b
(b) sampla amháin ar a laghad gach 2 bhliain le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD
(b) sampla amháin ar a laghad gach bliain le haghaidh ceirtleáin ina bhfuil idir 10 000 CD agus 100 000 CD
I gcás na gceirtleán uile ina bhfuil os cionn 10 000 CD, déanfaidh na Ballstáit scagthástáil leathan ceimiceán gach bliain, lena n-áirítear meascáin cheimiceacha, chun substaintí is cúis imní don saol uisceach, do cháilíocht an uisce óil nó an uisce snámha nó a léiríonn sceitheadh neamhchomhlíontach i gcás sceitheadh tionscail chuig séaraigh a shainaithint.
Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28 chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na Treorach seo a áirithiú trí mhodheolaíocht a bhunú chun micreaphlaistigh san fhuíolluisce uirbeach agus i sloda a thomhas.
Faoin 30 Meitheamh 2025,glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a bhunú chun micreaphlaistigh san fhuíolluisce uirbeach agus i sloda a thomhas.
Leasú 193 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 4 a (nua)
Moltar do na Ballstáit leanúint d’úsáid a bhaint as cistiú sin an Aontais atá ar fáil chun gur féidir leibhéal uisce atá chomh maith céanna le hearnáil straitéiseach a bheith ann. Moltar do na Ballstáit freisin dea-chleachtais a mhalartú maidir le conas feabhas a chur ar ionsú Chistí an Aontais.
Leasú 194 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 4 b (nua)
Faoin 30 Meitheamh 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a bhunú le haghaidh substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) san fhuíolluisce uirbeach agus i sloda a thomhas.
Leasú 195 Togra le haghaidh treorach Airteagal 21 – mír 3 – fomhír 4 c (nua)
Faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla agus caighdeáin chomhchuibhithe a leagan síos a bheidh i bhfeidhm ar fud an Aontais maidir le córais leanúnacha agus bheachta, agus, i gcás inarb indéanta, ar líne, um fhaireachán ar thruailliú i leith cáilíocht an uisce a thomhas.
Leasú 196 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe a
(a) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 21, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), agus torthaí na dtástálacha maidir leis na critéir maidir le pas/teip a bhunaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn I, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(a) faoin 31 Nollaig 2026, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 21, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 21(1), pointe (a), agus torthaí na dtástálacha maidir leis na critéir maidir le pas/teip a bhunaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn I, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
Leasú 197 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe b
(b) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina léirítear an céatadán den fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear i gcomhréir le hAirteagal 3, agus tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(b) faoin 31 Nollaig 2026, tacar sonraí a bhunú ina léirítear an céatadán den fhuíolluisce uirbeach a bhailítear agus a chóireáiltear i gcomhréir le hAirteagal 3, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
Leasú 198 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe c
(c) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis faoi na bearta a rinneadh chun Airteagal 4(4) a chur chun feidhme agus faoin ualach fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin ina bhfuil os cionn 2 000 CD agus a chóireáiltear i gcórais aonair, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(c) faoin 31 Nollaig 2026, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis faoi na bearta a rinneadh chun Airteagal 4(4) a chur chun feidhme agus faoin ualach fuíolluisce uirbigh ó cheirtleáin ina bhfuil os cionn 2 000 CD agus a chóireáiltear i gcórais aonair, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
Leasú 199 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe d
(d) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis faoin líon samplaí a bailíodh agus faoin líon samplaí arna ghlacadh i gcomhréir le Cuid D d’Iarscríbhinn I ar theip orthu;
(d) faoin 31 Nollaig 2026, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis faoin líon samplaí a bailíodh agus faoin líon samplaí arna ghlacadh i gcomhréir le Cuid D d’Iarscríbhinn I ar theip orthu;
Leasú 200 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe e
(e) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ina mbeidh maille le miondealú ar na gáis éagsúla agus maidir leis an méid iomlán fuinnimh a úsáideadh agus an méid iomlán fuinnimh in-athnuaite a táirgeadh i ngach glas ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, chomh maith le ríomh ar an gcéatadán a baineadh amach ó thaobh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11(2), agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(e) faoin 31 Nollaig 2027, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha uileó na gníomhaíochtaí oibríochtúla uile maille le miondealú idir na gáis éagsúla, lena n-áirítear meatán agus ocsaíd nítriúil, foinsí astaíochtaí, agus maidir leis an méid iomlán fuinnimh a úsáideadh agus an méid iomlán fuinnimh in-athnuaite a táirgeadh i ngach gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn, chomh maith le ríomh ar an gcéatadán a baineadh amach ó thaobh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11(2), agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
Leasú 201 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe f
(f) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh na bearta a rinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn V, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(f) faoin 31 Nollaig 2027, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh na bearta a rinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn V, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
Leasú 202 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe g
(g) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh na torthaí faireacháin dá dtagraítear i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (4), agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
(g) faoin 31 Nollaig 2027, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh na torthaí faireacháin dá dtagraítear i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (4), agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ina dhiaidh sin;
Leasú 203 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe h
(h) faoin 31 Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir atá íogair i leith an eotrófaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus, an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana ina dhiaidh sin;
(h) faoin 31 Nollaig 2027, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh liosta na limistéar a sainaithníodh mar limistéir atá íogair i leith an eotrófaithe i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus, an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana ina dhiaidh sin;
Leasú 204 Togra le haghaidh treorach Airteagal 22 – mír 1 – pointe j a (nua)
(ja) faoi Nollaig 2025, tacar sonraí a bhunú ina mbeidh faisnéis maidir le cineál agus méid, más infheidhme, na dteicneolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh cóireáil bhitheolaíoch fuíolluisce, amhail bithmheán plaisteach, arna n-úsáid ag gléasraí aonair, bardasacha agus tionsclaíocha, agus an tacar sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana ina dhiaidh sin;
Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh EEA rochtain don phobal ar shonraí ábhartha tríd an gClár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006.
Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh EEA rochtain don phobal ar shonraí ábhartha tríd an gClár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 agus lenar féidir comparáid a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus malartú dea-chleachtas ar leibhéal an Aontais maidir le feidhmíocht gléasraí cóireála, agus lena dtacaítear le comhlíonadh na Treorach seo trína bhunachar sonraí.
Leasú 206 Togra le haghaidh treorach Airteagal 23 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
b) sainaithint agus pleanáil na n-infheistíochtaí is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme le haghaidh gach ceirtleáin, lena meastachán táscach airgeadais agus ord tosaíochta do na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le méid an cheirtleáin agus leis an tionchar a bhíonn ag fuíolluisce uirbeach neamhchóireáilte ann ar an gcomhshaol;
b) sainaithint agus pleanáil na n-infheistíochtaí is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme le haghaidh gach ceirtleáin, lena n-áirítear meastachán táscach airgeadais, lena n-áirítear meastachán ar an ranníocaíocht airgeadais ó na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir seo, agus ord tosaíochta do na hinfheistíochtaí sin a bhaineann le méid an cheirtleáin agus leis an tionchar a bhíonn ag fuíolluisce uirbeach neamhchóireáilte ar an gcomhshaol;
Leasú 207 Togra le haghaidh treorach Airteagal 23 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c
c) meastachán ar na hinfheistíochtaí is gá chun na bonneagair fuíolluisce uirbigh atá ann cheana a athnuachan, lena n-áirítear córais bailithe fuíolluisce, ar bhonn a n-aoise agus a rátaí dímheasa;
c) meastachán ar na hinfheistíochtaí is gá chun na bonneagair fuíolluisce uirbigh atá ann cheana a athnuachan, lena n-áirítear córais bailithe fuíolluisce, ar bhonn a n-aoise agus a rátaí dímheasa, agus trí úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as uirlisí digiteacha;
3. Déanfaidh na Ballstáit a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana ar a laghad. Cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad faoin 31 Nollaig, ach amháin i gcás inar féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad Airteagail 3 go 8.
3. Déanfaidh na Ballstáit a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ar a laghad agus déanfaidh siad é sin i gcomhréir le huainiú an athbhreithnithe ar Chláir Beart na bPleananna Bainistíochta Abhantraí arna bhforbairt faoi Threoir 2000/60/CE. Cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad faoin 31 Nollaig, ach amháin i gcás inar féidir leo a léiriú go gcomhlíonann siad Airteagail 3 go 8.
Faoi cheann 12 mhí tar éis dóibh a bpleananna gníomhaíochta maidir le hathúsáid agus sábháil uisce a leagtar amach faoi Airteagal 15, mír (1ab), a ghlacadh, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar staid chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta sin.
Faoin ... [48 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] cuirfidh na Ballstáit toradh an mheasúnaithe in iúl.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal i ngach ceirtleán, ar bhealach saincheaptha is furasta a úsáid, ar fhaisnéis leordhóthanach faoi bhailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh. Beidh ar áireamh ar a laghad san fhaisnéis na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VI.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal i ngach ceirtleán, ar bhealach saincheaptha is furasta a úsáid, ar fhaisnéis leormhaith, sho-rochtana, faoi bhailiú agus cóireáil fuíolluisce uirbigh. Beidh ar áireamh ar a laghad san fhaisnéis na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn VI.
Leasú 210 Togra le haghaidh treorach Airteagal 24 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na duine go léir atá nasctha le córais bailithe fuíolluisce an fhaisnéis seo a leanas go tráthrialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, san fhoirm is iomchuí, lena n-áirítear ar a gcuid sonrasc nó trí fheidhmchláir chliste, gan call dóibh í a iarraidh:
2. Sa bhreis air sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na duine go léir atá nasctha le córais bailithe fuíolluisce an fhaisnéis seo a leanas go tráthrialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, san fhoirm is iomchuí agus is so-rochtana, lena n-áirítear ar a sonrasc agus trí mhodhanna digiteacha, amhail feidhmchláir chliste, gan call dóibh í a iarraidh:
Leasú 211 Togra le haghaidh treorach Airteagal 24 – mír 2 – pointe a
(a) faisnéis maidir le comhlíonadh na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh le hAirteagail 3, 4, 6, 7 agus 8, lena n-áirítear comparáid idir an méid iarbhír truailleán a scaoileadh isteach sna huiscí glactha agus na teorainnluachanna a leagtar amach i dTáblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I;
(a) faisnéis maidir le comhlíonadh na ngníomhaíochtaí bailithe agus cóireála fuíolluisce uirbigh le hAirteagail 3, 4, 6, 7 agus 8, lena n-áirítear comparáid idir an méid iarbhír truailleán a scaoileadh isteach sna huiscí glactha agus na teorainnluachanna a leagtar amach i dTáblaí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I; cuirfear an fhaisnéis sin i láthair ar bhealach a fhágfaidh go bhféadfar comparáid a dhéanamh go héasca, mar shampla céatadán den chomhlíonadh;
Leasú 212 Togra le haghaidh treorach Airteagal 24 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca) iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa (i dtonaí de choibhéis CO2) a astaítear in aghaidh na bliana agus in aghaidh na foinse;
Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le sásraí leormhaithe éifeachtacha sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí.
Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, pras agus in am agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le sásraí leormhaithe éifeachtacha sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí.
Leasú 214 Togra le haghaidh treorach Airteagal 25 – mír 2 a (nua)
2a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de dheasca sárú ar bhearta náisiúnta a glacadh de bhun na Treorach seo, go mbeidh sé de cheart ag na daoine aonair a ndéantar difear dóibh cúiteamh maidir leis an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, ó na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as an sárú.
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndearnadh dochar don tsláinte nó don chomhshaol de dheasca sárú ar bhearta náisiúnta a glacadh de bhun na Treorach seo, go mbeidh sé de cheart ag na daoine aonair a ndéantar difear dóibh cúiteamh maidir leis an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, ó na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as an sárú.
2. Maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh, mar chuid den phobal lena mbaineann, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine aonair a ndéantar difear dóibh agus gníomhaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh cúitimh a thionscnamh. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh na daoine aonair a ndéantar difear dóibh agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha dá dtagraítear sa mhír seo saothrú faoi dhó a dhéanamh ar éileamh mar gheall ar shárú a dtagann dochar as.
2. Maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh, mar chuid den phobal lena mbaineann, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine aonair a ndéantar difear dóibh agus gníomhaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh cúitimh a thionscnamh. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh na daoine aonair a ndéantar difear dóibh agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha dá dtagraítear sa mhír seo saothrú faoi dhó a dhéanamh ar éileamh mar gheall ar shárú a dtagann dochar as.
4. I gcás ina mbeidh éileamh ar chúiteamh i gcomhréir le mír 1, ar éileamh é a mbeidh fianaise ag tacú leis ónar féidir nasc cúisíoch idir an dochar agus an sárú a thoimhdiú, áiritheoidh na Ballstáit gur ar an duine atá freagrach as an sárú a bheidh an dualgas a chruthú nach raibh an sárú ina chúis leis an damáiste ná nár rannchuidigh sé leis an dochar.
scriosta
Leasú 217 Togra le haghaidh treorach Airteagal 26 – mír 5 a (nua)
5a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal maidir lena gceart chun cúiteamh a éileamh as damáiste.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(4), Airteagal 8(5), Airteagal 14(3), Airteagal 20(2), agus Airteagal 24(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar síneadh a chur go hintuigthe le tarmligean na cumhachta go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1a) (nua), 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(4), Airteagal 8(5), Airteagal 9(1), Airteagal 14(3), Airteagal 20(2), agus Airteagal 24(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar síneadh a chur go hintuigthe le tarmligean na cumhachta go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(4), Airteagal 8(5), Airteagal 14(3), Airteagal 20(2), agus Airteagal 24(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(1a) (nua), Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(4), Airteagal 8(5), Airteagal 9(1), Airteagal 14(3), Airteagal 20(2), agus Airteagal 24(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(4), Airteagal 8(5), Airteagal 14(3), Airteagal 20(2), nó Airteagal 24(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(1a) (nua), Airteagal 4(3), Airteagal 6(3), Airteagal 7(4), Airteagal 8(5), Airteagal 14(3), Airteagal 20(2), nó Airteagal 24(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 221 Togra le haghaidh treorach Airteagal 29 – mír 2 – pointe c
(c) an daonra nó an comhshaol dá ndéanann an sárú difear, agus aird á tabhairt ar thionchar an tsáraithe ar an gcuspóir atá ann chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach.
(c) an daonra nó an comhshaol dá ndéanann an sárú difear, agus aird á tabhairt ar thionchar an tsáraithe ar an gcuspóir atá ann chun ardleibhéal cosanta don tsláinte agus don chomhshaol a bhaint amach.
Leasú 222 Togra le haghaidh treorach Airteagal 30 – mír 1 – fomhír 1 – pointe e
(e) anailís ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann an liosta táirgí atá le bheith faoi chumhdach na freagrachta leathnaithe táirgeoirí a oiriúnú i leith na héabhlóide ar raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, i leith an eolais feabhsaithe maidir le micreathruailleáin a bheith san fhuíolluisce agus a dtionchar ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol, agus i leith sonraí ó na hoibleagáidí faireacháin nua ar mhicreathruailleáin sna hionraonta agus sna hasraonta de chuid na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh.
(e) anailís ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann an liosta táirgí atá le bheith faoi chumhdach na freagrachta leathnaithe táirgeoirí a oiriúnú, go háirithe substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS), i leith na héabhlóide ar raon na dtáirgí a chuirtear ar an margadh, i leith an eolais feabhsaithe maidir le micreathruailleáin a bheith san fhuíolluisce agus a dtionchar ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol, agus i leith sonraí ó na hoibleagáidí faireacháin nua ar mhicreathruailleáin sna hionraonta agus sna hasraonta de chuid na gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh.
Gach 5 bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo, agus beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí leis an gCoimisiún.
Faoin 1 Eanáir 2030 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo, agus beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí leis an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le raon feidhme na Freagrachta Leathnaithe Táirgeora a leathnú, go háirithe chuig táirgí ina bhfuil micreaphlaistigh agus substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) arna gcur ar an margadh agus fós aon srianta ar PFAS a chur san áireamh.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus Airteagal 6(1) ón 31 Nollaig 2027 i leith Mayotte.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) agus Airteagal 6 ón 31 Nollaig 2030 maidir le Mayotte. Roimh dheireadh na hidirthréimhse, baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun anailís a dhéanamh ar an ngá atá leis na socruithe idirthréimhseacha sin a fhadú.
Leasú 266 Togra le haghaidh treorach Airteagal 32 – mír 4 a (nua)
4a. Féadfaidh na réigiúin is forimeallaí maolú ó fhorálacha Airteagail 6, 7 agus 8 maidir le sceitheadh fuíolluisce uirbigh in uiscí cósta ó cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra ná 150 000 p.e., agus leibhéal iomchuí cóireála a ghlacadh, atá chomh dian le cóireáil phríomhúil, áfach, mura bhfuil sé indéanta go teicniúil nó má bhaineann costais iomarcacha leis sin de réir an chóimheasa costais is tairbhe agus go dtacódh staidéir eolaíocha leis an gcóireáil sin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh na Ballstáit a chuimsíonn an réigiún is forimeallaí na staidéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin.
Breithneofar sna staidéir eolaíocha, go háirithe, saintréithe an fhuíolluisce a sceitear isteach in uiscí cósta chomh maith leis an timpeallacht ghlactha.
Leasú 225 Togra le haghaidh treorach Airteagal 33 – mír 1 a (nua)
1a. Faoin ... [aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun an scéim EPR a chur chun feidhme.
Leasú 226 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I — Cuid A — mír 2 — an chuid réamhráiteach
Déanfar córais bailithe fuíolluisce a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil i gcomhréir leis an eolas teicniúil is fearr nach mbaineann costais iomarcacha leis, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
Déanfar córais bailithe fuíolluisce a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil i gcomhréir leis an eolas teicniúil is fearr agus trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha iomchuí i gcás inarb indéanta, nach mbaineann costais iomarcacha leo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 227 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn II – cuid B – pointe 5
5. Sna húdaruithe le haghaidh sceitheadh ábhar ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin phlaisteacha, beidh ar áireamh iontu oibleagáid maidir faireachán buan a dhéanamh ar gach scaoileadh bithmheán neamhbheartaithe isteach sa chomhshaol agus maidir le cosc a chur ar gach scaoileadh den sórt sin.
5. Sna húdaruithe le haghaidh sceitheadh ábhar ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh ina n-úsáidtear bithmheáin phlaisteacha, beidh ar áireamh iontu oibleagáid chun na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi na teicneolaíochtaí bithmheán, lena n-áirítear cineál agus méid na mbithmheán plaisteach, agus an trealamh coinneála arna shuiteáil agus chun faireachán buan a dhéanamh ar gach scaoileadh bithmheán neamhbheartaithe amach sa chomhshaol agus maidir le cosc a chur ar gach scaoileadh den sórt sin. I gcás sceitheadh ábhar amach sa chomhshaol, ceanglófar ar na hoibreoirí an teagmhas a thuairisciú do na húdaráis inniúla.
Leasú 228 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid C – pointe 1 – pointe e a (nua)
(ea) comhlíonann an fuíolluisce neamhthí an t-uas-leibhéal incheadaithe ábhartha arna shocrú de bhun Threoir 2008/105/CE;
Leasú 229 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – mír 4
1 Ceanglais maidir le cóireáil threasach ar ábhair a sceitear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (3) . Féadfar paraiméadar amháin nó an dá pharaiméadar a chur i bhfeidhm ag brath ar an staid áitiúil. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair an chéatadáin laghdaithe.
Ceanglais maidir le cóireáil threasach ar ábhair a sceitear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (3). I gcás na ngléasraí cóireála fuíolluisce dá dtagraítear in Airteagal 7(1), beidh feidhm ag an dá pharaiméadar. I gcás na ngléasraí cóireála fuíolluisce dá dtagraítear in Airteagal 7(3), féadfar paraiméadar amháin nó an dá pharaiméadar a chur i bhfeidhm ag brath ar an staid áitiúil. Beidh feidhm ag na luachanna i gcomhair tiúchana nó i gcomhair an chéatadáin laghdaithe. Féadfar tomhas coibhéiseach ar bhraiteoirí digiteacha ar líne a úsáid mar rogha mhalartach chun na críche sin.
Leasú 230 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – mír 5
Nóta 1: Ní chuirfear san áireamh coinneáil nádúrtha na nítrigine agus an céatadán íosta laghdaithe á ríomh.
Nóta 1: Féadfar coinneáil nádúrtha na nítrigine a chur san áireamh agus an céatadán íosta laghdaithe á ríomh, más féidir a chruthú go mbeadh níos mó ná dhá bhliain ann sula sroichfeadh an t-uisce an dobharcheantar atá leochaileach i leith na nítrigine agus go mbeadh sé ina shiocair le heotrófú an limistéir sin, agus tuairisceofar don Choimisiún í. Comhlíonann na tiúchain nítrigine sna limistéir dá dtagraítear i bpointe (b) de choinníoll (1) na coinníollacha tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn V.1.2.1 de Threoir 2000/60/CE chun dea-stádas éiceolaíoch na limistéar sin a shainiú.
Leasú 231 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – mír 7
Nóta 1: Déanfar tiúchan na substaintí orgánacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a thomhas.
Nóta 1: Déanfar tiúchan na substaintí orgánacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) a thomhas.
Leasú 232 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – mír 8
Nóta 2: Déanfar ríomh ar an gcéatadán arna bhaint le haghaidh 6 shubstaint ar a laghad. Beidh líon na substaintí i gcatagóir 1 dhá oiread líon na substaintí i gcatagóir 2. I gcás nach féidir ach líon is lú ná 6 shubstaint a thomhas ina dtiúchan leordhóthanach, ainmneoidh an t-údarás inniúil substaintí eile chun ríomh a dhéanamh ar an gcéatadán arna bhaint nuair is gá sin. Le linn an ríofa bainfear úsáid as meán na gcéatadán arna bhaint le haghaidh na substaintí go léir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a baineadh amach an céatadán íosta arna bhaint, is é sin 80 %, nó nár baineadh.
Nóta 2: Déanfar ríomh ar an gcéatadán arna bhaint ar shreabhadh uisce le linn triomaigh le haghaidh 6 shubstaint ar a laghad i gcatagóir 1 agus catagóir 2 agus na substaintí uile i gcatagóir 3. Beidh líon na substaintí i gcatagóir 1 dhá oiread líon na substaintí i gcatagóir 2. I gcás nach féidir ach líon is lú ná 6 shubstaint a thomhas ina dtiúchan leordhóthanach, ainmneoidh an t-údarás inniúil substaintí eile chun ríomh a dhéanamh ar an gcéatadán arna bhaint nuair is gá sin. Le linn an ríomha, bainfear úsáid as meán na gcéatadán arna bhaint le haghaidh na substaintí go léir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a baineadh amach an céatadán íosta arna bhaint, is é sin 80 %, nó nár baineadh.
Leasú 233 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – pointe 2 – mír 1
Déanfar samplaí sreabh-chomhréireacha nó samplaí 24 uair an chloig a bhailiú ag an bpointe céanna dea-shainithe in asraon agus, más gá, in ionraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh . Mar sin féin, samplaí 48 uair an chloig a bheidh in aon samplaí ambhunaithe a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin.
Úsáidfidh na Ballstáit samplaí 24 uair an chloig a bhaileofar ag an bpointe céanna dea-shainithe in asraon agus, más gá, in ionraon an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh . Samplaí 48 uair an chloig, áfach, a bheidh in aon samplaí ambhunaithe a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar mhicreathruailleáin.
Leasú 234 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I — Cuid D — pointe b a (nua)
(ba) Catagóir 3 (substaintí ardriosca)
(i) Teilmeasartan (Uimh. CAS 144701-48-4),
(ii) Bisfeanól A (Uimh. CAS 80-05-7)
(iii) Béite éastraidé-ól (Uimh. CAS 50-28-2)
(iv) Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) (Uimh. CAS 1763-23-1)
Leasú 235 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – Pointe 3 – Tábla
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
— 1000 CD go 9 999 CD:
Sampla amháin in aghaidh na míosa
— 10 000 CD go 49 999 CD:
Dhá shampla in aghaidh na míosa
I gcás micreathruailleán, sampla amháin in aghaidh na míosa
— 50 000 CD go 99 999 CD:
Sampla amháin in aghaidh na seachtaine.
I gcás micreathruailleán, dhá shampla in aghaidh na seachtaine
100 000 p.e. nó os a chionn:
Sampla amháin in aghaidh an lae
I gcás micreathruailleán, dhá shampla in aghaidh na seachtaine
Leasú
— 750 CD go 9 999 CD:
Sampla amháin in aghaidh na míosa
— 10 000 CD go 49 999 CD:
Dhá shampla in aghaidh na míosa
I gcás micreathruailleán, sampla amháin in aghaidh dhá mhí
— 50 000 CD go 99 999 CD:
Sampla amháin in aghaidh na seachtaine.
I gcás micreathruailleán, sampla amháin in aghaidh dhá mhí
100 000 p.e. nó os a chionn:
Sampla amháin in aghaidh na seachtaine
I gcás micreathruailleán, sampla amháin in aghaidh na míosa
Leasú 236 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – pointe 6
6. Is ar shamplaí scagtha a dhéanfar anailísí maidir le hábhair a sceitear ó mhurlaigh íonúcháin; mar sin féin, ní cheadaítear tiúchan iomlán na solad ar fuaidreamh i samplaí uisce neamhscagtha d’ábhair den sórt sin a sceitheadh a bheith níos mó ná 150 mg/l.
6. Is ar shamplaí scagtha a dhéanfar anailísí maidir le hábhair a sceitear ó mhurlaigh íonúcháin; ní cheadaítear, áfach, tiúchan iomlán na solad ar fuaidreamh i samplaí uisce neamhscagtha d’ábhair den sórt sin a sceitheadh a bheith níos mó ná 150 mg/l. Féadfar tomhas coibhéiseach ar bhraiteoirí digiteacha ar líne a úsáid mar rogha mhalartach chun na críche sin.
Leasú 237 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn I – Cuid D – Tábla 2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Paraiméadair
Tiúchan
An céatadán íosta laghdaithe7
(Féach Nóta 1)
Modh tagartha tomhais
Fosfar iomlán
2
0,5 mg/L
90
Speictreafótaiméadracht ionsúite mhóilínigh
Cion iomlán nítrigine
6 mg/L
85
Speictreafótaiméadracht ionsúite mhóilínigh
___________
7 Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh.
Leasú
Paraiméadair
Tiúchan
An céatadán íosta laghdaithe7
(Féach Nóta 1)
Modh tagartha tomhais
Fosfar iomlán
0,2 mg/L
93
Speictreafótaiméadracht ionsúite mhóilínigh nó an tomhas coibhéiseach ar bhraiteoirí digiteacha ar líne.
Cion iomlán nítrigine
8 mg/L7a
80
Speictreafótaiméadracht ionsúite mhóilínigh nó an tomhas coibhéiseach ar bhraiteoirí digiteacha ar líne.
_________________________
7 Laghdú i ndáil le hualach an insiltigh.
7a Is éard atá sna luachanna seo i gcomhair tiúchana ná modhanna bliantúla amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, mír D.4(c). Féadfar na ceanglais maidir le nítrigin a sheiceáil, áfach, trí mheáin laethúla a úsáid i gcás ina gcruthófar, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, mír D.1, go ndéantar an leibhéal céanna cosanta a fháil. Sa chás sin, ní fhéadfaidh an meán laethúil dul thar 20 mg/l den nítrigin iomlán i leith na samplaí go léir nuair a bhíonn an teocht ón eisilteach san imoibreoir bitheolaíoch níos airde ná 12 °C nó cothrom le 12 °C. D’fhéadfaí teorainn ar uainiú na hoibríochta a chur in ionad na ndálaí maidir le teocht chun dálaí aeráide réigiúnacha a chur san áireamh.
Leasú 238 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn II – pointe 1
1. Limistéir atá suite i ndobharcheantair Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe, codanna den Mhuir Thuaidh a sainaithníodh a bheith íogair i leith eotrófaithe faoi Threoir 2008/56/CE agus codanna de Mhuir Aidriad a sainaithníodh a bheith íogair i leith eotrófaithe faoi Threoir 2008/56/CE;
1. Limistéir atá suite i ndobharcheantair Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe, na Mara Thuaidh agus Mhuir Aidriad a sainaithníodh a bheith íogair i leith eotrófaithe faoi Threoir 2008/56/CE nó Treoir 2000/60/CE;
Leasú 239 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 1 – pointe b a (nua)
(ba) measúnú tástála struis ar leochaileacht na gcóras bailithe agus na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh bunaithe ar chásanna athraithe aeráide;
Leasú 240 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 2 – point a – mír 1
cuspóir táscach ar dá réir nach mbeidh forsceitheadh uiscí stoirme ina chion is mó ná 1 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí aimsire tirime;
sprioc ar dá réir nach mbeidh forsceitheadh uiscí stoirme ina chion is mó ná tuairim is 1 % den ualach fuíolluisce uirbigh a bhailítear go bliantúil le linn dálaí aimsire tirime, agus na riachtanais áitiúla maidir le cosaint an chomhshaoil, is féidir a bhaint amach trí mhodhanna atá comhréireach go teicniúil agus go heacnamaíoch, á gcur san áireamh;
Leasú 241 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe a – mír 1 a (nua)
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur féidir, mar mhalairt air sin, an sprioc dá dtagraítear sa chéad fhomhír a léiriú bunaithe ar fhorsceitheadh uiscí stoirme a bheith ann roinnt uaireanta (ach gan níos mó ná 20 cás a bheith ann in aghaidh na bliana) nó ar thoirt de rith chun srutha uirbeach arna sceitheadh (ach gan níos mó ná 15 % den toirt bhliantúil, bunaithe ar shamhaltú);
Leasú 242 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 2 – point a – mír 1 b (nua)
Féadfar maolú ar an oibleagáid i mír 2(a) ar an leibhéal náisiúnta a dheonú i gcás ina mbaintear úsáid éifeachtach as séaraigh ar leith mar atá in Airteagal 2 (9) (d) má áirithítear leis sin an leibhéal céanna cosanta don chomhshaol.
Leasú 243 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe a – mír 2 – an chuid réamhráiteach
Comhlíonfaran cuspóir táscach sin:
Beidh bearta chun an sprioc sin a bhaint amachi bhfeidhm faoin:
Leasú 244 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe a – mír 2 – pointe i
(i) faoin 31 Nollaig 2035 i gcás gach ceirtleáin ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn;
(i) faoin 31 Nollaig 2030 i gcás na gceirtleán uile ina bhfuil 100 000 CD agus os a chionn;
Leasú 245 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 2 – pointe a – mír 2 – pointe ii
(ii) faoin 31 Nollaig 2040 i gcás ceirtleáin ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn agus a shainaithnítear i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 5;
(ii) faoin 31 Nollaig 2035 i gcás na gceirtleán uile ina bhfuil 10 000 CD agus os a chionn agus a shainaithnítear i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 5;
Leasú 246 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 3
3. na bearta atá le déanamh chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach, agus beidh ag gabháil leo sonraí lena sainaithnítear go soiléir na gníomhaithe lena mbaineann agus na freagrachtaí a bheidh orthu ó thaobh chur chun feidhme an phlean chomhtháite.
3. na bearta a bheidh le déanamh chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach agus bearta oiriúnúcháin i ndáil leis an athrú aeráide i leith na mbonneagar ábhartha ar bhonn an mheasúnaithe tástála struis dá dtagraítear i bpointe (ba) de phointe 1, agus beidh ag gabháil leo sainaithint shoiléir ar na gníomhaithe lena mbaineann agus na freagrachtaí a bheidh orthu ó thaobh chur chun feidhme an phlean chomhtháite.
Leasú 247 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 4 – pointe a
(a) ar an gcéad dul síos, bearta coisctheacha arb é is aidhm dóibh gan ligean d’uiscí báistí neamhthruaillithe dul isteach sna córais bailithe fuíolluisce, lena n-áirítear bearta lena gcuirtear chun cinn coinneáil nádúrtha an uisce nó bailiú uiscí baistí, agus bearta lena méadaítear spásanna glasa nó lena dteorannaítear dromchlaí neamhscagacha sna ceirtleáin;
(a) ar an gcéad dul síos, bearta coisctheacha arb é is aidhm dóibh gan ligean d’uiscí báistí neamhthruaillithe dul isteach sna córais bailithe fuíolluisce, lena n-áirítear bearta lena gcuirtear chun cinn coinneáil nádúrtha an uisce nó bailiú uiscí baistí, agus bearta lena méadaítear spásanna glasa agus gorma lena dteorannaítear dromchlaí neamhscagacha sna ceirtleáin;
Leasú 248 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn V – pointe 4 – pointe c
(c) ar deireadh, i gcás inar gá é chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach, bearta maolaithe breise lena n-áirítear oiriúnú an bhonneagair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus a chóireáil, nó bonneagar nua a chruthú agus tosaíocht á tabhairt do bhonneagar glas amhail díoga fásmhara, bogaigh chóireála agus linnte stórála arna ndearadh chun tacú leis an mbithéagsúlacht. I gcás inarb ábhartha, déanfar breithniú ar athúsáid uisce i gcomhthéacs fhorbairt na bpleananna comhtháite fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 5.
(c) ar deireadh, i gcás inar gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe 2 a bhaint amach, bearta maolaithe breise lena n-áirítear oiriúnú an bhonneagair a úsáidtear chun fuíolluisce uirbeach a bhailiú, a stóráil agus a chóireáil, amhail limistéir uirbeacha nuathógtha a nascadh le séaraigh ar leith, nó bonneagar nua a chruthú agus tosaíocht á tabhairt do bhonneagar glas agus gorm amhail spásanna glasa uirbeacha, díonta glasa, díoga fásmhara, bogaigh chóireála agus linnte stórála arna ndearadh chun tacú leis an mbithéagsúlacht. Déanfar breithniú ar athúsáid uisce i gcomhthéacs fhorbairt na bpleananna comhtháite fuíolluisce uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 5.
Leasú 249 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VI – pointe 1 a (nua)
(1a) Beidh rochtain ar líne ar an bhfaisnéis sna pointí seo a leanas, agus féadfaidh tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ar bhealaí eile arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe dóibh.
Leasú 250 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VI – pointe 8 – pointe c
(c) an méid coibhéiseach tonaí CO2a táirgeadh nó a seachnaíodh in aghaidh na bliana mar gheall ar oibriú an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh.
(c) iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha (i dtonaí de choibhéis CO2) a astaítear in aghaidh na bliana agus in aghaidh na foinse.
Leasú 251 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VI – pointe 10
(10) achoimre ar chineál na ngearán a fuarthas agus ar na staitisticí i dtaobh na ngearán, agus ar na freagraí a thug oibreoirí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh maidir le cúrsaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
(10) faisnéis faoi conas gearán a thaisceadh agus faoi conas sceitheadh fuíolluisce neamhchomhlíontach a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus achoimre ar chineál na ngearán a fuarthas agus ar na staitisticí i dtaobh na ngearán, agus ar na freagraí a thug oibreoirí na ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh maidir le cúrsaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.
Leasú 252 Togra le haghaidh treorach Iarscríbhinn VI – pointe 10 a (nua)
(10a) ar iarraidh chuí-réasúnaithe chuige sin, beidh sonraí stairiúla, ag dul siar 10 mbliana ar a laghad, inrochtana.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0276/2023).