Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1683/95, (CE) Uimh. 333/2002 (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa (COM(2022)0658 – C9-0165/2022 – 2022/0132A(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0658),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2), pointe (a) agus d’Airteagal 79(2), pointe (a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0165/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2022(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 6 Iúil 2023 chun a údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an togra ón gCoimisiún thuasluaite a roinnt agus dhá thuarascáil reachtach ar leith a tharraingt suas ar a bhonn,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0025/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ag an gcéad léamh an 18 Deireadh Fómhair 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin ▌(CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2667.)