Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach (COM(2022)0329 – C9-0223/2022 – 2022/0210(COD))(1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1
(1) Dearbhaíodh i gCinneadh Uimh. 2022/591/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leagtar síos Clár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 203012 go bhfuil faisnéis fhónta ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, ar na príomhbhrúnna agus ar na príomhghníomhaithe i ndáil le hathrú comhshaoil sár-riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus an beartas sin a chur chun feidhme, agus chun saoránaigh a chumhachtú. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d’fhonn cur le feasacht an phobail maidir leis na hiarmhairtí comhshaoil a ghabhann le gníomhaíocht eacnamaíoch. Tá cuntais eacnamaíocha chomhshaoil ar cheann de na n-ionstraimí sin.
(1) Dearbhaíodh i gCinneadh Uimh. 2022/591/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leagtar síos Clár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 203012 go bhfuil meantóireacht lena n-airítear faisnéis fhónta ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, ar na príomhbhrúnna agus ar na príomhghníomhaithe i ndáil le hathrú comhshaoil sár-riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus an beartas sin a chur chun feidhme, chun cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach, agus chun saoránaigh a chumhachtú. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d’fhonn feasacht ghinearálta a fheabhsú maidir le héifeachtaí na gníomhaíochta eacnamaíche ar an gcomhshaol agus maidir leis an méid a chuireann an comhshaol leis an ngeilleagar agus leis an dea-bhail. Tá cuntais eacnamaíocha chomhshaoil ar cheann de na n-ionstraimí sin.
_________________
_________________
12 IO L 114, 12.4.2022, lch. 22.
12 IO L 114, 12.4.2022, lch. 22.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3
(3) Rannchuideoidh na modúil nua go díreach le tosaíochtaí beartais an Aontais maidir le fás glas agus éifeachtúlacht acmhainní.
(3) Rannchuideoidh na modúil nua go díreach le tosaíochtaí bheartas comhshaoil an Aontais mar a leagtar síos, inter alia, san 8ú CGC.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) Ag an 43ú seisiún a bhí aige i mí na Feabhra 2012, ghlac an Coimisiún Staidrimh de chuid na Náisiún Aontaithe creat lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (‘CCEC’) mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta agus ghlac sé Cuntasaíocht Éiceachórais CCEC (caibidil 1 go dtí caibidil 7 ina dtuairiscítear an creat cuntasaíochta agus na cuntais fhisiceacha) ag an 52ú seisiún a bhí aige i mí an Mhárta 2021. Tá na modúil nua atá a leagtar amach leis an Rialachán seo ag teacht go hiomlán le CCEC.
(4) Ag an 43ú seisiún a bhí aige i mí na Feabhra 2012, ghlac an Coimisiún Staidrimh de chuid na Náisiún Aontaithe creat lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (‘CCEC’) mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta agus ghlac sé Cuntasaíocht Éiceachórais CCEC (caibidil 1 go dtí caibidil 7 ina dtuairiscítear an creat cuntasaíochta agus na cuntais fhisiceacha) ag an 52ú seisiún a bhí aige i mí an Mhárta 2021. Tá na modúil nua atá a leagtar amach leis an Rialachán seo ag teacht go hiomlán le CCEC. Ina theannta sin, tá Córas na gCuntas Comhshaoil-Eacnamaíoch d’Uisce (CCEC-Uisce) curtha chun feidhme ag an SEEA, córas a thacaíonn le Creat Lárnach CCEC.
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Ba cheart rochtain a bheith ag an Aontas ar fhaisnéis atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun a chúraimí a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14, i gcomhréir lena sainchuspóirí.
(5) Ba cheart rochtain a bheith ag an Aontas ar fhaisnéis atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun a chúraimí agus faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14, i gcomhréir lena sainchuspóirí. Ina theannta sin, is gá do Eurostat na sonraí a bhailítear a chur i láthair ar bhealach níos inrochtana agus níos soláimhsithe, agus na sonraí sin á gcur chun cinn go gníomhach.
_________________
_________________
14 Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164)
14 Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164)
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6
(6) Chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach glas, iomaíoch agus athléimneach agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcomhthéacs an Aontais, tá gá le sonraí breise.
(6) Chun cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí a bhaint amach, is den ríthábhacht é reachtaíocht agus próisis uile an Aontais a ailíniú le cuspóirí fadtéarmacha comhshaoil agus aeráide an Aontais arna mbunú faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoi Rialachán (AE) 2021/1119 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’), go háirithe Airteagal 6(4) de agus faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Éilíonn roinnt píosaí reachtaíochta de chuid an Aontais cheana dlúthfhaireachán ar threochtaí, agus ar an gcaoi sin, sonraí breise agus sonraí níos beaichte. De réir shonraí an Choimisiúin, chun clár uaillmhianach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht shuntasach agus meastar gurb ionann an bhearna infheistíochta príobháidí agus poiblí chun cúram a dhéanamh den aistriú glas agus beagnach EUR 520 billiún in aghaidh na bliana, as seo go ceann deich mbliana. Ina theannta sin, de réir shonraí an Choimisiúin, meastar go mbeidh gá le EUR 210 mbilliún d’infheistíochtaí breise faoi dheireadh 2027 chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ó thríú tíortha a laghdú agus chun dlús a chur le haistriú fuinnimh an Aontais ó bhreoslaí iontaise. Is léir freisin, cé go soláthróidh an earnáil phríobháideach sciar suntasach den infheistíocht, go mbeidh gá le méadú suntasach ar an infheistíocht phoiblí chomh maith. Agus an méid sin á chur san áireamh, is den ríthábhacht é sonraí ábhartha agus mionsonraithe a fháil ó na Ballstáit faoina mbearnaí infheistíochta san aeráid, san fhuinneamh agus sa chomhshaol chun a áirithiú go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach le caipiteal poiblí agus príobháideach leordhóthanach arna leithdháileadh ar an aistriú Glas. Ar na cúiseanna sin go léir, déanfar córas na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil a fhorbairt go tapa ina uirlis chuimsitheach lena soláthrófar sonraí suntasacha breise chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí comhshaoil an Aontais agus ar cheapadh beartas comhshaoil. Ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun modúil nua a ghlacadh lena ngabhfar na sonraí ábhartha agus na luachanna tuairiscithe uile a bhaineann le spriocanna an Aontais.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6 a (nua)
(6a) Agus modúil nua á bhforbairt agus á bpíolótú, ba cheart aird ar leith a thabhairt agus tús áite a thabhairt d’fhorbairt cuntas eacnamaíoch comhshaoil maidir le fóirdheontais fuinnimh lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise. Iarrtar i gClár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 go mbunófaí creat ceangailteach de chuid an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhaontaithe, agus gan mhoill, lena leagfar síos spriocdháta maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise i gcomhréir leis an uaillmhian an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C, sprioc Chomhaontú Pháras, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart go dtacódh cuntais eacnamaíocha chomhshaoil leis an sprioc sin trí na sonraí is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a sholáthar i modúl nua maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6 b (nua)
(6b) Is acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce agus is réamhriachtanas é modúl nua maidir le huisce a chomhtháthú i gcuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil chun é a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chomh maith le tuiscint a fháil ar an ngaol atá aige le gníomhaíocht eacnamaíoch.
AmendmentLeasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6 c (nua)
(6c) Is cuid fhíorthábhachtach den fhreagairt dhomhanda fhadtréimhseach ar an athrú aeráide é an t-oiriúnú. Is gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don tsláinte a bhaineann leis an aeráid atá ag éirí níos líonmhaire, lena n-áirítear tonnta teasa, dóiteáin fhiáine agus tuilte a tharlaíonn níos minice agus atá níos déine, bagairtí sábháilteachta agus slándála uisce agus bia, agus teacht chun cinn agus leathadh galar tógálach. D’fhéadfadh na héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag an athrú aeráide a bheith níos mó ná acmhainneachtaí oiriúnaitheachta na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaithe, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear in Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht eile a uasmhéadú. Ceanglaítear le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1119 go nglacfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha oiriúnaitheachta atá bunaithe ar anailísí téagartha ar an athrú aeráide agus ar leochaileacht, ar mheasúnuithe agus táscairí ar dhul chun cinn, agus iad á dtreorú faoi threoir na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil le fáil agus is déanaí. Ós rud é gur gá faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo oiriúnú don athrú aeráide, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun modúl nua a ghlacadh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, lena gcuimsítear na sonraí ábhartha uile agus na luachanna tuairiscithe uile a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide.
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6 d (nua)
(6d) Tá cailliúint na bithéagsúlachta, mar aon leis an athrú aeráide, ar cheann de na príomhleochaileachtaí atá os comhair na ngeilleagar, agus an chailliúint sin á méadú ag an athrú aeráide. Is den ríthábhacht í an bhithéagsúlacht don tslándáil bia, do dhea-bhail an duine agus d’athléimneacht fhoriomlán na sochaithe agus na ngeilleagar. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas, dá bhrí sin, feabhas a chur ar a bhfreagairt ar ghéarchéim na bithéagsúlachta i gcomhréir lena ngealltanais idirnáisiúnta faoi Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal. Ós rud é gur gá faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo meath na bithéagsúlachta a aisiompú, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun modúl nua maidir leis an mbithéagsúlacht a ghlacadh.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6 e (nua)
(6e) Is é is aidhm do chuntais éiceachórais mar mhodh chun sonraí a thíolacadh maidir le méid agus staid na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar luach a chur ar an dúlra ionas gur féidir na costais a bhaineann leis an dúlra a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ba cheart é a bheith mar aidhm le luachanna airgeadaíochta a bhunú infheictheacht ar chostas na neamhghníomhaíochta a ardú agus tacú leis an Aontas a chuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Chun na héifeachtaí beartaithe a bhaint amach ina n-iomláine, ba cheart an modúl a fhorbairt tuilleadh amach anseo, lena n-áirítear trí thuairisciú ar luachanna airgeadaíochta a chur leis b’fhéidir.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8
(8) In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta Uimh. 2019/16 dar teideal ‘Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil: is féidir an tairbhe do lucht ceaptha beartas a fheabhsú’.15 Léirítear sa tuarascáil sin go bhfuil gá le sonraí níos iomláine faoi fhoraoisí agus éiceachórais agus gur gá cuntais fhoraoiseacha a chur chun feidhme ina n-iomláine.
(8) In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta Uimh. 2019/16 dar teideal ‘Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil: is féidir an tairbhe do lucht ceaptha beartas a fheabhsú’.15 Léirítear sa tuarascáil sin go bhfuil gá le sonraí níos iomláine faoi fhoraoisí agus éiceachórais agus gur gá cuntais fhoraoiseacha a chur chun feidhme ina n-iomláine. Ba iad na trí mholadh deiridh ón gCúirt Iniúchóirí ná feabhas a chur ar an gcreat straitéiseach do shonraí EEEA, ar ábharthacht mhodúil EEEA maidir le ceapadh beartas agus ar thráthúlacht shonraí EEEA. Ina theannta sin, leagadh amach sa tuarascáil go bhfuil dúshláin roimh Eurostat maidir le sonraí tráthúla ardcháilíochta a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí ardcháilíochta a sholáthar le haghaidh na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil Eorpach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo.
(9) Liostaítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 na foinsí a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil. Chun solúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar Institiúidí Staidrimh Náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cineálacha cur chuige nuálacha a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcónaí agus mionsonraí a sholáthar a mhéid a bhaineann le cáilíocht na gcineálacha cur chuige sin chun deis a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí.
(9) Liostaítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 na foinsí a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil. Chun solúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar Institiúidí Staidrimh Náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cuir chuige nuálacha a úsáid amhail, mar shampla, breathnóireacht na cruinne (seirbhísí Copernicus). Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcónaí agus mionsonraí a sholáthar a mhéid a bhaineann le cáilíocht na gcineálacha cur chuige sin chun deis a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí. Ba cheart seirbhísí Copernicus a fhorbairt tuilleadh d’fhonn sonraí a bhailiú go huathoibríoch agus ba cheart iad a mhaoiniú go leordhóthanach chun na críche sin.
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11
(11) Is gá liosta na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus atá liostaithe in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta chun iad a ailíniú le tosaíochtaí beartais reatha an Aontais.
(11) Ós rud é go bhfuil géarghá le leathnú a dhéanamh ar chóras na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil (EEEA) chun beartais a cheapadh agus chun faireachán a dhéanamh orthu, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun na modúil nua a liostaítear sa Rialachán seo a ghlacadh agus na modúil atá ann cheana a leagtar amach in iarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a fheabhsú agus a fhorbairt tuilleadh.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14
(14) Chun staid reatha fhorbairt na modheolaíochtaí a chur san áireamh chun seirbhísí éiceachórais a luacháil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún d’fhonn an Rialachán a fhorlíonadh trí bhunú cé acu de na seirbhísí éiceachórais atá san áireamh cheana sna táblaí tuairiscithe atá i roinn 5 d’Iarscríbhinn IX ar cheart luachanna airgeadúla a thuairisciú ina leith, an chéad bhliain tagartha mar aon le liosta de mhodhanna inghlactha chun na luachanna airgeadúla sin a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr17. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(14) Chun EEEA a fhorbairt tuilleadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán a fhorlíonadh trí mhodúil nua a ghlacadh agus trí na modúil atá ann cheana a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr17. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
-1. Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 1(1):
Is é an cuspóir foriomlán atá aige sonraí a chur ar fáil a thacaíonn le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais maidir lena chuspóirí comhshaoil a leagtar síos i ndlí an Aontais a chomhlíonadh chomh maith lena ghealltanais idirnáisiúnta sa réimse sin.
(8) ciallaíonn ‘fordheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla’ aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, mar a shainmhínítear in CCE 2010, a cheaptar chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní náisiúnta agus táirgí gaolmhara;
(8) ciallaíonn ‘fordheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla’ aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, mar a shainmhínítear in CCE 2010, a cheaptar chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha agus táirgí gaolmhara;
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a a (nua) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 Airteagal 3 – mír 1 a (nua)
(aa) Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a. Faoi ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun na modúil seo a leanas a fhorbairt:
(a) Fóirdheontais fuinnimh lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise;
(b) Fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol seachas iad siúd de bhun phointe (a);
(c) Cuntais Uisce (cainníochtúil agus cáilíochtúil);
(d) Cuntas Dramhaíola;
(e) Ráta úsáide ábhair chiorclaigh;
(f) Maolú ar an athrú aeráide;
(g) Oiriúnú don athrú aeráide;
(h) Cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras;
(i) Cosc agus rialú ar thruailliú;
(j) Cuntais Chaiteachais um Bainistiú Acmhainní, lena n-áirítear amhábhar criticiúil;
4a. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéar modheolaíochta agus féidearthachta ar luacháil airgeadaíochta na seirbhísí éiceachórais. Ar bhonn thorthaí an staidéir sin, féadfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh chun an méid seo a leanas a shainiú, trí bhíthin gníomh tarmligthe, ar cé acu de naseirbhísí éiceachórais atá san áireamh cheana sna táblaí tuairiscithe i roinn 5 d’Iarscríbhinn IXandéanfar luachanna airgeadaíochta a thuairisciú ina leith, ar an gcéad bhliain tagarthaagusar liosta de mhodhanna inghlactha chun na luachanna airgeadaíochta sin a bhunú.;
4a. Faoin .... [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le luacháil airgeadaíochta na seirbhísí éiceachórais. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar fhéidearthachtaí modheolaíochta agus indéantacht na luachála airgeadaíochta, luachanna tuairiscithe féideartha i gcás ina bhfuil na luachanna sin ar iarraidh agus bealaí malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun Cuntais seirbhísí Éiceachórais a thomhas. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a leasú.;
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 a (nua) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 Airteagal 3 – mír 4a a (nua)
(ba) cuirtear an mhír nua 4aa seo a leanas isteach:
4aa. Faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh an Coimisiún staidéar ina ndéanfar anailís ar na sonraí tuairiscithe a áirítear faoi láthair sa rialachán seo maidir le maolú ar an athrú aeráide, chomh maith le moladh go gcruthófaí modúl tiomnaithe maidir le hoiriúnú don athrú aeráide chun a áirithiú go soláthróidh na Ballstáit na luachanna tuairiscithe uile chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpaigh, an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus an Ghnímh um Thionscal Glan Nialasach a bhaint amach. Beidh amlíne tháscach ag gabháil leis an staidéar d’fhorbairt na modúl amach anseo.
(2a) in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1. Déanfaidh an Coimisiún clár a dhreachtú le haghaidh staidéar píolóta atá le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár seo staidéir píolóta chun tástáil a dhéanamh ar a indéantaatá sé modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach. Áiritheoidh an Coimisiún, agus an clár á tharraingt suas aige, nach gcuirfear aon ualaigh breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.
"1. Déanfaidh an Coimisiún clár a dhreachtú le haghaidh staidéar píolóta atá le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár seo staidéir píolóta chun tástáil a dhéanamh ar mhodúil nua an chuntais eacnamaíoch comhshaoil. Agus an clár á tharraingt suas, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar mhodúil lena dtáirgtear sonraí maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, agus áiritheoidh sé nach gcuirfear aon ualaí breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar an aonad is freagróir.’
(d) aon fhoinsí ábhartha, modhanna nó cineálacha nuálacha cur chuige eile a mhéid a gceadaítear leo staitisticí a tháirgeadh atá inchomparáide agus atá i gcomhréir leis na saincheanglais cáilíochta is infheidhme.
(d) aon fhoinsí ábhartha, modhanna nó cineálacha nuálacha cur chuige eile a mhéid a cheadaítear leo cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a tháirgeadh atá inchomparáide agus atá i gcomhréir leis na saincheanglais cáilíochta is infheidhme.
Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, na modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i bpointe (d), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha ar lena linn a thabharfar isteach an fhoinse, an modh nó an cur chuige nuálach agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí a fhaightear.;
Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, na modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i bpointe (d), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha ar lena linn a thabharfar isteach an fhoinse, an modh nó an cur chuige nuálach agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí a fhaightear. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, comhairle a chur ar na Ballstáit gan cur chuige nuálach sonrach a úsáid má mheasann sé nach leor cáilíocht na sonraí nó moltaí a dhéanamh maidir le conas cáilíocht na sonraí is gá a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas maidir le cineálacha cur chuige nuálacha a éascú i measc na mBallstát uile. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a gheofar ó na Ballstáit de bhun na fomhíre seo mar aon lena chomhairle, i gcás inarb infheidhme.
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 Airteagal 6 a (nua)
(3a) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
Airteagal 6a
Faoin ... [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) faisnéis faoi staid na himeartha maidir le sonraí a chumhdaítear leis na modúil, amhail conair laghdaithe astaíochtaí GCT, agus na cuspóirí a leagtar amach sa dlí Aeráide Eorpach, dul chun cinn i dtreo athchóiriú na bithéagsúlachta agus na hinfheistíochtaí gaolmhara á gcur san áireamh, a fhorbairt agus a sholáthar do Dhais na gCuntas Comhshaoil Eorpach. Déanfar an Deais a nuashonrú go bliantúil, agus cumhdófar leis modúil agus sonraí nua atá ar fáil.
2. Chun maolú faoi mhír 1 a fháil i leith Iarscríbhinní VII, VIII agus IX, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin agus údar cuí leis tráth nach déanaí ná [Iarrtar ar OPOCE an dáta beacht a chur isteach a bheidh 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].;
2. Chun maolú faoi mhír 1 a fháil i leith Iarscríbhinní VII, VIII agus IX, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin agus údar cuí leis tráth nach déanaí ná [Iarrtar ar OPOCE an dáta beacht a chur isteach a bheidh 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Foilseoidh an Coimisiún gach iarraidh a gheofar ó na Ballstáit.’;
2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), (4) agus (4a) ar feadh tréimhse cúig bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33(1a), (3), (4) agus (4ab) ar feadh tréimhse 5 bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), (4) agus (4a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1a), (3), (4) agus (4ab) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), (4) agus (4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(1a), (3), (4) agus (4ab) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.;
(6) in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad phointe fleiscín:
(6) in Airteagal 10, scriostar an chéad phointe fleiscín.
‘ - tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail Cuntais Uisce (cáilíochtúil agus cainníochtúil), Cuntais ar Chaiteachas i leith Bainistiú Acmhainní, Fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus Cuntais Dramhaíola’;
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 a (nua)
Chun na cuspóirí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit isteach sonraí maidir le maolú ar an athrú aeráide amhail ón 1 Eanáir 2025. Leis na sonraí a sholáthrófar maidir le hinfheistíocht um maolú ar an athrú aeráide, déanfar infheistíochtaí reatha agus aistrithe caipitil de réir earnálacha institiúideacha (lena n-áirítear an rialtas ginearálta, corparáidí agus teaghlaigh) a chomhtháthú i ndáil le gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241, lena sonrófar cibé acu a leithdháileadh comhéifeacht 40 % nó 100 % chun an tacaíocht don athrú aeráide a ríomh, i gcás na n-earnálacha a liostaítear i NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlánaithe A*64), i gcás inarb ábhartha.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 Iarscríbhinn VII – roinn 4 – mír 2
(2) Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(2) Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 Iarscríbhinn VIII – roinn 4 – mír 2
(2) Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(2) Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I Rialachán (AE) 691/2011 Iarscríbhinn IX – roinn 3 – mír 1 – pointe 3 – pointe e – an tríú fleasc (nua)
— innéacs na n-éan coiteann foraoise; leis an táscaire éan foraoise, tugtar tuairisc ar threochtaí i líonmhaireacht na n-éan foraoise coiteann ar fud a réimsí Eorpacha le himeacht ama. is innéacs ilchodach é a cruthaíodh ó shonraí breathnóireachta ar speicis éan atá ina saintréith de ghnáthóga foraoise san Eoraip. tá an t-innéacs bunaithe ar liosta sonrach speiceas i ngach Ballstát.
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I Rialachán (AE) 691/2011 Iarscríbhinn IX – roinn 3 – mír 1 – pointe 4 – pointe c
(c) Seirbhísí cultúrtha
(c) Seirbhísí dúlra-bhunaithe a bhaineann leis an turasóireacht
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 Iarscríbhinn IX – roinn 4 – mír 2
(2) Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(2) Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0296/2023).