Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0083(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0316/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0316/2023

Díospóireachtaí :

PV 20/11/2023 - 17
CRE 20/11/2023 - 17

Vótaí :

PV 21/11/2023 - 7.3
CRE 21/11/2023 - 7.3
Mínithe ar vótaí
PV 23/04/2024 - 5.25
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0400
P9_TA(2024)0308

Téacsanna atá glactha
PDF 242kWORD 90k
Dé Máirt, 21 Samhain 2023 - Strasbourg
Rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn
P9_TA(2023)0400A9-0316/2023

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (COM(2023)0155 – C9-0117/2023 – 2023/0083(COD))(1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
(1)  Is é an cuspóir atá le Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á bhaint amach ag an am céanna. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais, is é an cuspóir atá leis an Treoir seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus tomhaltas níos inbhuanaithe á chur chun cinn ag an am céanna, agus ar an gcaoi sin comhlánaíonn sí an cuspóir a shaothraítear le Treoir (AE) 2019/771.
(1)  Is é is cuspóir do Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á bhaint amach ag an am céanna chomh maith le ciorclaíocht mhéadaithe laistigh den gheilleagar. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais, is é is cuspóir don Treoir seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus tomhaltas níos inbhuanaithe á chur chun cinn ag an am céanna, agus comhlánaíonn sí, dá bhrí sin, an cuspóir a shaothraítear le Treoir (AE) 2019/771.
__________________
__________________
12 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).
12 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3
(3)  Chun diúscairt roimh am earraí inmharthana a cheannaíonn tomhaltóirí a laghdú agus chun tomhaltóirí a spreagadh a gcuid earraí a úsáid níos faide, is gá rialacha a leagan amach maidir le deisiú na n-earraí sin. Ba cheart tomhaltas níos inbhuanaithe a bheith mar thoradh ar dheisiú, ós rud é gur dócha go nginfear níos lú dramhaíola de bharr earraí a dhiúscairt, níos lú éilimh ar acmhainní, lena n-áirítear fuinneamh, mar thoradh ar an bpróiseas lena ndéantar earraí nua a mhonarú agus a dhíol le cur in ionad earraí lochtacha, chomh maith le níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Cuireann an Treoir seo tomhaltas inbhuanaithe chun cinn d’fhonn sochair a bhaint amach don chomhshaol agus, ag an am céanna, sochair a bhaint amach do thomhaltóirí trí chostais a bhaineann le ceannacháin nua a sheachaint sa ghearrthéarma.
(3)  Chun laghdú a dhéanamh ar dhiúscairt roimh am na n-earraí inmharthana a cheannaíonn tomhaltóirí agus chun tomhaltóirí a spreagadh úsáid níos faide a bhaint as a gcuid earraí, is gá ceart chun deisiúcháin na dtomhaltóirí a neartú, trínar féidir le tomhaltóirí deisiú atá ar ardcháilíocht agus inacmhainne a lorg óna rogha soláthraí. Ba cheart tomhaltas inbhuanaithe a bheith mar thoradh ar dheisiú, lena n-urramaítear teorainneacha pláinéadacha ós rud é gur dócha gur lú dramhaíl a ghinfear leis, dramhaíl ar ann di de thoradh earraí a dhiúscairt, gur lú éileamh a bheidh ar acmhainní, lena n-áirítear fuinneamh, mar thoradh ar an bpróiseas lena ndéantar earraí nua a mhonarú agus a dhíol agus a chuirtear in ionad earraí lochtacha, chomh maith le níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Cuireann an Treoir seo tomhaltas inbhuanaithe chun cinn d’fhonn sochair a bhaint amach don chomhshaol, trí shaolré táirgí a chur chun cinn lena n-áirítear athúsáid, deisiú agus athchóiriú, agus sochair á soláthar léi freisin do thomhaltóirí trí chostais a bhaineann le ceannacháin nua a sheachaint sa ghearrthéarma.
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Tá réimse leathan gnéithe i gceist le hiompraíocht tomhaltóirí. Agus rogha á déanamh idir earra a dheisiú nó a cheannach nua, bíonn ról tábhachtach ag critéir ar an gcinneadh, amhail éifeachtúlacht eacnamaíoch, marthanacht, a ghaireacht do sheirbhís deisiúcháin, agus an t-am a theastaíonn chun deisiúchán a dhéanamh. D’fhéadfadh bacainní éagsúla cosc a chur ar thomhaltóirí ó dheisiú a roghnú, amhail neamh-infhaighteacht faisnéise maidir le hindeisitheacht táirge agus earra á cheannach, easpa rochtana ar pháirteanna spártha, easpa faisnéise maidir le seirbhísí deisiúcháin, agus costais an deisithe. I dteannta na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart bearta múscailte feasachta chun cultúr deisiúcháin a chur chun cinn, feabhas a chur ar eolas na dtomhaltóirí ar chothabháil chuí agus cúram cuí táirgí agus eolas ar na cearta atá acu cheana, lena n-áirítear ó thaobh ráthaíocht dhlíthiúil de, chomh maith le dreasachtaí airgeadais do thomhaltóirí, do tháirgeoirí agus do dheisitheoirí a chur chun cinn agus a chothú ar bhealach coibhéiseach.
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
(6)  Ba cheart go gcuimseodh ceanglais indeisitheachta na ceanglais uile faoi ghníomhartha dlí an Aontais lena n-áirithítear gur féidir earraí a dheisiú, lena n-áirítear ceanglais faoin gcreat éicidhearthóireachta dá dtagraítear i Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], ach gan a bheith teoranta dóibh, chun raon leathan táirgí a chumhdach chomh maith le forbairtí a dhéanfar amach anseo in aon réimse eile de dhlí an Aontais.
(6)  Ba cheart do cheanglais indeisitheachta na ceanglais uile faoi ghníomhartha dlí an Aontais a chuimsiú lena n-áirithítear gur féidir earraí a dheisiú, lena n-áirítear ceanglais faoin gcreat éicidhearthóireachta dá dtagraítear i Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], ach gan a bheith teoranta dóibh sin, chun raon leathan táirgí chomh maith le forbairtí a dhéanfar amach anseo a chumhdach.
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)  Chun cabhrú le tomhaltóirí seirbhísí oiriúnacha deisithe a shainaithint agus a roghnú, ba cheart faisnéis bhunriachtanach maidir le seirbhísí deisiúcháin a thabhairt do thomhaltóirí. Ba cheart príomhpharaiméadair a mbíonn tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí agus iad ag breithniú ar chóir earraí lochtacha a dheisiú a leagan síos leis an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú. Ba cheart formáid chaighdeánaithe shamplach a leagan amach sa Treoir seo. Le formáid chaighdeánaithe chun seirbhísí deisiúcháin a chur i láthair, ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin agus iad a chur i gcomparáid le chéile go héasca. Ba cheart go n-éascódh formáid chaighdeánaithe den sórt sin an próiseas chun faisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí deisiúcháin, go háirithe do mhicrifhiontair, do ghnólachtaí beaga agus do ghnólachtaí meánmhéide a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin. Chun ualaí breise a sheachaint mar gheall ar cheanglais fhorluiteacha maidir le faisnéis réamhchonarthach, ba cheart a mheas go bhfuil na ceanglais chomhfhreagracha faisnéise a bhaineann le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais comhlíonta ag deisitheoir, i gcás inarb infheidhme, más rud é go bhfuil an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú líonta isteach i gceart agus curtha ar fáil don tomhaltóir. Ba cheart faisnéis san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/88214.
(7)  Chun cabhrú le tomhaltóirí seirbhísí oiriúnacha deisiúcháin a shainaithint agus a roghnú, ba cheart do thomhaltóirí faisnéis bhunriachtanach maidir le seirbhísí deisiúcháin a fháil. Ba cheart don Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú príomhpharaiméadair a leagan síos a bhfuil tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí agus breithniú á dhéanamh acu i dtaobh earraí lochtacha a dheisiú. Ba cheart don Treoir seo formáid chaighdeánaithe shamplach a leagan amach. Ba cheart d’fhormáid chaighdeánaithe chun seirbhísí deisiúcháin a chur i láthair, lamháil do thomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin agus iad a chur i gcomparáid le chéile go héasca. Ba cheart don fhormáid chaighdeánaithe sin éascú a dhéanamh ar an bpróiseas chun faisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí deisiúcháin, go háirithe i gcás micrifhiontar, gnólachtaí beaga agus gnólachtaí meánmhéide a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin. Ba cheart an fhaisnéis atá san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/88214.
__________________
__________________
14 Treoir 2019/882/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
14 Treoir 2019/882/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8
(8)  Ba cheart saor-rogha an tomhaltóra cinneadh a dhéanamh cé a dhéanfaidh a chuid earraí a dheisiú a éascú tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a iarraidh ní hamháin ar an táirgeoir, ach freisin ar dhíoltóir na n-earraí lena mbaineann nó ar na deisitheoirí neamhspleácha, i gcás inarb infheidhme. Níor cheart do dheisitheoirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil ach amháin i gcás ina n-iarrann an tomhaltóir an fhoirm sin agus ina bhfuil sé beartaithe ag an deisitheoir an tseirbhís deisiúcháin a sholáthar nó ina bhfuil sé d’oibleagáid air í a dheisiú. Féadfaidh tomhaltóir a roghnú freisin gan an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh agus conradh a thabhairt i gcrích chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar le deisitheoir de bhun faisnéis réamhchonarthach arna soláthar ar mhodhanna eile i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15.
(8)  Ba cheart saor-rogha an tomhaltóra cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé a dheisíonn a chuid earraí a éascú tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a chuirtear ar fáil go deonach ní hamháin ón táirgeoir, ach freisin ó dhíoltóir na n-earraí lena mbaineann nó ó deisitheoirí neamhspleácha, i gcás inarb infheidhme. Níor cheart do dheisitheoirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a chur ar fáil ach ar bhonn deonach amháin. Féadfaidh tomhaltóir freisin conradh maidir le soláthar seirbhísí deisiúcháin a thabhairt i gcrích le deisitheoir de bhun faisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear ar mhodhanna eile i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15.
__________________
__________________
15 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64–88).
15 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64–88).
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 9
(9)  Tá cásanna ann ina dtabhaíonn deisitheoir costais is gá chun an fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi phraghas atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an deisitheoir iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí le bheith in ann an fabht nó an cineál deisiúcháin is gá a chinneadh, lena n-áirítear an gá atá le páirteanna spártha, agus an praghas deisiúcháin a mheas. Sna cásanna sin, ní féidir le deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir ach na costais is gá a íoc chun an fhaisnéis atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar. I gcomhréir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach agus le ceanglais eile a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE, ba cheart don deisitheoir an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na costais sin sula n-iarrfaidh an tomhaltóir go soláthrófaí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Féadfaidh tomhaltóirí gan an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh i gcás ina measann siad go bhfuil na costais a bhaineann leis an bhfoirm sin a fháil ró-ard.
(9)  Tá cásanna ann ina dtabhaíonn deisitheoir costais a bhfuil gá leo chun an fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi phraghas atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a sholáthar. Ba cheart muirearú na gcostas sin a bheith teoranta do chásanna ina bhféadfadh sé go mbeadh ar an deisitheoir iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí chun bheith ábalta an locht nó an cineál deisiúcháin is gá a chinneadh, lena n-áirítear an gá atá le páirteanna spártha, agus an praghas deisiúcháin a mheas. Sna cásanna sin, ní fhéadfaidh deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir ach na costais is gá a íoc chun an fhaisnéis sin atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a sholáthar. Níor cheart do na costais sin a bheith ina gconstaic ar an gcuid eile den phróiseas deisiúcháin ar bhealach ar bith ná tionchar athchomhairleach a bheith acu ar an deisiú i gcoitinne. I gcomhréir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach agus le ceanglais eile a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE, ba cheart don deisitheoir an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na costais sin sula n-iarrann an tomhaltóir an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a sholáthar. Féadfaidh tomhaltóirí staonadh ón Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a fháil i gcás ina measann siad go bhfuil na costais a bhaineann leis an bhfoirm sin a fháil ró-ard.
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 11
(11)  Le Treoir (AE) 2019/771 forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann an tráth a seachadadh na hearraí agus a thagann chun solais laistigh den tréimhse dliteanais. Faoin Treoir sin, níl tomhaltóirí i dteideal lochtanna atá lasmuigh den oibleagáid sin a dheisiú. Mar thoradh air sin, déantar líon mór earraí atá lochtach, ach atá inmharthana ar shlí eile, a dhiúscairt roimh am. Chun tomhaltóirí a spreagadh lena gcuid earraí a dheisiú i gcásanna den sórt sin, ba cheart, leis an Treoir seo, oibleagáid a fhorchur ar tháirgeoirí earraí a dheisiú a bhfuil feidhm ag ceanglais indeisitheachta arna bhforchur ag gníomhartha dlí an Aontais maidir leo. Ba cheart an oibleagáid deisiúcháin sin a fhorchur, arna iarraidh sin don tomhaltóir, ar tháirgeoirí na n-earraí sin, ós rud é gurb iad seolaithe na gceanglas indeisitheachta sin iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le táirgeoirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon i ndáil le hearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
(11)  Le Treoir (AE) 2019/771 forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí i leith earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann tráth sheachadadh na n-earraí agus a thagann chun solais laistigh den tréimhse dliteanais. Faoin Treoir sin, níl tomhaltóirí i dteideal deisiú ar lochtanna nach dtagann faoin oibleagáid sin. Mar thoradh air sin, déantar líon mór earraí atá lochtach, ach atá inmharthana seachas sin, a dhiúscairt roimh am. Chun tomhaltóirí a spreagadh lena gcuid earraí a dheisiú i gcásanna den sórt sin, ba cheart, leis an Treoir seo, oibleagáid a fhorchur ar tháirgeoirí na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a dheisiú. Ba cheart an oibleagáid deisiúcháin sin a fhorchur, arna iarraidh sin don tomhaltóir, ar tháirgeoirí na n-earraí sin, ós rud é gurb iad seolaithe na gceanglas indeisitheachta sin iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin i leith táirgeoirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon i ndáil le hearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, ba cheart an oibleagáid i leith deisiúcháin a bheith comhréireach agus infhaighteacht páirteanna spártha ar feadh shaolré an táirge a chur san áireamh léi. Ba cheart ar a laghad páirteanna spártha a chur ar fáil ar feadh na tréimhse a leagtar amach i ngníomhartha an Aontais. Thairis sin, níor cheart, leis an Treoir seo, amhras a chaitheamh ar shaoirse eacnamaíoch na dtáirgeoirí i dtaobh deireadh a chur le monarú táirge.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 12
(12)  Ós rud é go gcumhdaíonn an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a fhorchuirtear ar tháirgeoirí faoin Treoir seo lochtanna nach é neamh-chomhréireacht na n-earraí le conradh díolacháin is cúis leo, féadfaidh táirgeoirí deisiúchán a sholáthar in aghaidh praghas a íocann an tomhaltóir nó deisiúchán a sholáthar saor in aisce. Agus praghas á ghearradh, ba cheart táirgeoirí a spreagadh le samhlacha gnó inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí deisiúcháin a sholáthar. Féadfar a chur san áireamh i bpraghas den sórt sin, mar shampla, costais saothair, costais do pháirteanna spártha, costais chun an tsaoráid deisithe a oibriú agus gnáthchorrlach. Ba cheart an praghas ar dheisiú agus na coinníollacha deisithe a chomhaontú i gconradh idir an tomhaltóir agus an táirgeoir agus ba cheart go leanfadh an tomhaltóir de bheith saor chun a chinneadh an bhfuil an praghas sin agus na coinníollacha sin inghlactha. Ba cheart go spreagfadh an gá atá le conradh den sórt sin agus an brú iomaíoch ó dheisitheoirí eile táirgeoirí a bhfuil oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh chun an praghas a choinneáil inghlactha don tomhaltóir. Féadfar an oibleagáid deisithe a dhéanamh saor in aisce freisin nuair a chumhdaítear an locht le ráthaíocht tráchtála, mar shampla, i ndáil le marthanacht ráthaithe earraí.
(12)  Ós rud é go gcumhdaíonn an oibleagáid i leith deisiúcháin a fhorchuirtear ar tháirgeoirí faoin Treoir seo lochtanna nach é neamh-chomhréireacht na n-earraí le conradh díolacháin is cúis leo, féadfaidh táirgeoirí deisiú a sholáthar ar phraghas a íocann an tomhaltóir, ar chúiteamh de chineál eile nó deisiú a sholáthar saor in aisce. Agus praghas á mhuirearú, ba cheart táirgeoirí a spreagadh le samhlacha gnó inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí deisiúcháin a sholáthar. Féadfar a chur san áireamh sa phraghas sin, mar shampla, costais saothair, costais do pháirteanna spártha, costais chun an tsaoráid deisiúcháin a oibriú agus gnáthchorrlach. I gcásanna nach féidir na costais sin a mheas roimh an deisiú a dhéanamh, ba cheart faisnéis maidir leis an uasphraghas a bhfuiltear ag dréim leis a sheachadadh do thomhaltóirí. Ba cheart an praghas ar dheisiú agus na coinníollacha deisiúcháin a chomhaontú i gconradh idir an tomhaltóir agus an táirgeoir agus ba cheart go leanfadh an tomhaltóir de bheith saor chun a chinneadh an bhfuil an praghas sin agus na coinníollacha sin inghlactha. Ba cheart don ghá atá le conradh den sórt sin a bheith ann agus don bhrú iomaíoch ó dheisitheoirí eile spreagadh a thabhairt do tháirgeoirí a bhfuil sé d’oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh, an praghas a choinneáil inghlactha don tomhaltóir. Féadfar an oibleagáid i leith deisiúcháin a fheidhmiú saor in aisce freisin nuair a chumhdaítear an locht le ráthaíocht tráchtála, mar shampla, i ndáil le marthanacht ráthaithe earraí. Mar dhreasú do thomhaltóirí a dtáirge a dheisiú lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil, féadfaidh táirgeoir iasacht d’earra athsholáthair nó d’earra athchóirithe a chur ar fáil fad a bheidh an deisiúchán á dhéanamh, earra a mbeifear ag dréim lena thabhairt ar ais a luaithe a bhfaighidh an tomhaltóir a earra deisithe ar ais.
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 13
(13)  Féadfaidh táirgeoirí a n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh trí fhochonraitheoireacht, mar shampla, mura bhfuil an bonneagar deisiúcháin ag an táirgeoir nó más féidir le deisitheoir atá suite níos gaire don tomhaltóir deisiúchán a dhéanamh, i measc nithe eile i gcás ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas.
(13)  Féadfaidh táirgeoirí a n-oibleagáid deisiúchán a chomhlíonadh tríd an deisiúchán a chur amach ar fhochonradh, mar shampla, mura bhfuil an bonneagar deisiúcháin ag an táirgeoir. Chun costais loingseoireachta agus astaíochtaí neamhriachtanacha a chosc, ba cheart an deisiú a dhéanamh chomh gar agus is féidir don tomhaltóir. Dá bhrí sin, is féidir le deisitheoir atá suite níos gaire don tomhaltóir an deisiúchán a dhéanamh, go háirithe sna cásanna sin ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas.
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 14
(14)  Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16 , ar dá réir ba cheart do tháirgeoirí rochtain a thabhairt ar pháirteanna spártha, ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil nó ar aon uirlisí bogearraí, dochtearraí nó modhanna cúnta comhchosúla a bhaineann le deisiú. Áirithítear leis na ceanglais sin indéantacht theicniúil an deisithe, ní hamháin ag an táirgeoir, ach ag deisitheoirí eile freisin. Mar thoradh air sin, is féidir leis an tomhaltóir deisitheoir dá rogha féin a roghnú.
(14)  Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16, ar dá réir ba cheart do tháirgeoirí rochtain a thabhairt ar pháirteanna spártha, ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil nó ar aon uirlisí bogearraí, dochtearraí nó modhanna cúnta comhchosúla a bhaineann le deisiú. Áirithítear leis na ceanglais sin indéantacht theicniúil an deisithe, ní hamháin ag an táirgeoir, ach ag deisitheoirí eile freisin. Chun na bearta sin a chomhlánú, ba cheart rochtain do dheisitheoirí, d’athmhonaróirí, d’athchóiritheoirí neamhspleácha agus d’úsáideoirí deiridh ar pháirteanna spártha uile, ar fhaisnéis agus uirlisí uile, lena n-áirítear uirlisí diagnóiseacha, a sholáthar ar chostas réasúnta agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré ionchasach an táirge ar a laghad. Dá réir sin, ba cheart iomaíocht a áirithiú leis sin agus go rachadh sé chun tairbhe do thomhaltóirí le seirbhísí níos fearr agus praghsanna níos ísle agus a rogha deisitheora á roghnú acu, nó i gcás ina bhfuil ar a gcumas chun a dhéanta, an deisiúchán a dhéanamh as a stuaim féin. Tá castacht agus sábháilteacht an deisiúcháin nasctha leis an gcineál fearais. I gcás ina bhféadfaí a thuar go réasúnta go bhféadfadh guais sábháilteachta a bheith mar thoradh ar an deisiú a dhéanfaí faoi lámha an ghnáth-thomhaltóra nó go mbeadh uirlisí ardfhorbartha ag teastáil, ba cheart do na táirgeoirí rabhadh sainráite a thabhairt don tomhaltóir.
__________________
__________________
16 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10–35).
16 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10–35).
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15
(15)  Ba cheart go mbeadh an oibleagáid deisithe éifeachtach freisin i gcásanna ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas. Chun a chur ar a cumas do thomhaltóirí dul i muinín oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe laistigh den Aontas chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déantar foráil sa Treoir seo maidir le seicheamh oibreoirí eacnamaíocha malartacha ar gá dóibh oibleagáid an táirgeora deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh sna cásanna sin. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar a gcumas do tháirgeoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a eagrú agus a chomhlíonadh laistigh den Aontas.
(15)  Ba cheart go mbeadh an oibleagáid i leith deisiúcháin éifeachtach freisin i gcásanna ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas. Chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí dul i muinín oibreora eacnamaíoch atá bunaithe laistigh den Aontas chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déantar foráil sa Treoir seo maidir le seicheamh na n-oibreoirí malartacha eacnamaíocha a gceanglaítear orthu oibleagáid an táirgeora i leith deisiúcháin a chomhlíonadh sna cásanna sin. Mar gheall ar an ról atá acu i slabhra soláthair na n-earraí do thomhaltóirí, ba cheart soláthraithe seirbhíse comhlíonta a chumhdach leis an Treoir seo freisin. Ba cheart go gcoiscfeadh sé sin cásanna nach bhfuil aon oibreoir eacnamaíoch bunaithe san Aontas chun an oibleagáid deisiúcháin a chomhlíonadh. Ba cheart do tháirgeoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a n-oibleagáid i leith deisiúcháin a eagrú agus a chomhlíonadh laistigh den Aontas.
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16
(16)  Ionas nach gcuirfear ró-ualach ar tháirgeoirí agus chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh, ba cheart an oibleagáid sin a theorannú do na táirgí sin dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais agus a mhéid a fhoráiltear d’aon cheanglais indeisitheachta. Ní chuireann ceanglais indeisitheachta oibleagáid ar tháirgeoirí earraí lochtacha a dheisiú, ach áirithíonn siad go bhfuil earraí indeisithe. Is féidir ceanglais indeisitheachta den sórt sin a leagan síos i ngníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Is samplaí iad gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17, lena gcruthaítear creat chun inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí a fheabhsú. Áirithítear leis an teorannú sin ar an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh nach mbeidh ach na hearraí sin atá indeisithe trí dhearadh faoi réir oibleagáid den sórt sin. Áirítear ar na ceanglais indeisitheachta ábhartha ceanglais deartha lena bhfeabhsaítear an cumas na hearraí a dhíchóimeáil agus raon páirteanna spártha atá le cur ar fáil ar feadh íostréimhse. Comhfhreagraíonn an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh do raon feidhme na gceanglas indeisitheachta, mar shampla, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais éicidhearthóireachta ach amháin maidir le comhpháirteanna áirithe de na hearraí nó féadfar tréimhse shonrach ama a leagan síos chun páirteanna spártha a chur ar fáil. Leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh faoin Treoir seo, lenar féidir leis an tomhaltóir deisiúchán a éileamh go díreach in aghaidh an táirgeora le linn na céime iardhíola, comhlánaítear na ceanglais indeisitheachta a bhaineann le taobh an tsoláthair a leagtar síos i Rialachán [maidir leis na Táirgí Inbhuanaithe Éicidhearthóireachta] lena spreagtar éileamh na dtomhaltóirí ar dheisiú.
(16)  Ionas nach gcuirtear ró-ualach ar tháirgeoirí agus chun a áirithiú go bhfuil siad ábalta a n-oibleagáid i leith deisiúcháin a chomhlíonadh, ba cheart an oibleagáid sin a leagan síos do na táirgí sin a bhfuil ceanglais indeisitheachta foráilte ina leith i ngníomhartha dlí an Aontais agus a mhéid a fhoráiltear d’aon cheanglais indeisitheachta sna gníomhartha dlí sin agus i gcás táirgi indeisithe eile, lena n-áirítear rothair. Ní chuireann ceanglais indeisitheachta oibleagáid ar tháirgeoirí earraí lochtacha a dheisiú, ach áirithíonn siad go bhfuil earraí indeisithe. Is féidir na ceanglais indeisitheachta sin a leagan síos i ngníomhartha dlí ábhartha an Aontais. Is samplaí iad gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17, lena gcruthaítear creat chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Áirithítear leis an teorannú sin ar an oibleagáid i leith deisiúcháin nach mbeidh ach na hearraí sin atá indeisithe trí dhearadh faoi réir oibleagáid den sórt sin. Áirítear ar na ceanglais indeisitheachta ábhartha ceanglais deartha lena bhfeabhsaítear an cumas na hearraí a dhíchóimeáil agus raon páirteanna spártha atá le cur ar fáil ar feadh íostréimhse. Comhfhreagraíonn an oibleagáid i leith deisiúcháin do raon feidhme na gceanglas indeisitheachta, mar shampla, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais éicidhearthóireachta ach amháin i leith comhpháirteanna áirithe de na hearraí nó féadfar tréimhse shonrach ama a leagan síos chun páirteanna spártha a chur ar fáil. Leis an oibleagáid i leith deisiúcháin faoin Treoir seo, lenar féidir leis an tomhaltóir deisiú a éileamh go díreach in aghaidh an táirgeora le linn na céime iardhíola, comhlánaítear na ceanglais indeisitheachta a bhaineann le taobh an tsoláthair a leagtar síos i Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], lena spreagtar éileamh na dtomhaltóirí ar dheisiú.
__________________
__________________
17 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú).
17 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú).
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16 a (nua)
(16a)  Faoi cheann 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo agus measúnú a dhéanamh ar a rannchuidiú, agus go háirithe Airteagail 5, 9a agus 12, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, leis an ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus leis an bhfeabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí, mar aon lena dtionchar ar ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Maidir le hAirteagal 7, ba cheart dó meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na n-ardán ar líne le haghaidh deisiú bunaithe ar shonraí ó Bhallstáit aonair, ina bhfuil faisnéis faoin líon soláthraithe seirbhísí deisiúcháin gníomhacha, tomhaltóirí agus líon na n-idirbheart a dhéantar. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhréachtú ar na príomhthorthaí agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a chur ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú. Ba cheart go mbeadh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 17
(17)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo liostaítear grúpaí táirgí ábhartha a chumhdaítear leis na ceanglais indeisitheachta sin faoi ghníomhartha dlí an Aontais. Chun comhleanúnachas a áirithiú le ceanglais indeisitheachta amach anseo faoi ghníomhartha dlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le grúpaí táirgí nua a chur le hIarscríbhinn II go háirithe nuair a ghlacfar ceanglais nua indeisitheachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr18. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(17)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo liostaítear grúpaí táirgí ábhartha maidir leis an oibleagáid i leith deisiúcháin faoin Treoir seo nó a chumhdaítear le ceanglais indeisitheachta faoi ghníomhartha dlí an Aontais mar aon le hearraí indeisithe eile, lena n-áirítear rothair. Chun comhleanúnachas a áirithiú le forbairtí sa mhargadh agus le forbairtí reachtacha a bheidh ann amach anseo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith grúpaí táirgí nua a chur le hIarscríbhinn II, mar shampla nuair a ghlactar ceanglais nua indeisitheachta. Agus grúpaí táirgí nua á gcur le hIarscríbhinn II, ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh, go háirithe nuair a dhéantar an bhreisíocht go neamhspleách ar ghníomhartha eile faoi dhlí an Aontais. Is den tábhachtach é, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr18. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
__________________
18 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 213, 12.5.2016, lch. 1).
18 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 213, 12.5.2016, lch. 1).
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 20
(20)  Chun feasacht an tomhaltóra a mhéadú maidir le hinfhaighteacht deisithe agus, dá bhrí sin, an dóchúlacht a bhaineann leis sin, ba cheart do tháirgeoirí tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil an oibleagáid sin ann. Ba cheart na hearraí ábhartha a chumhdaítear leis an oibleagáid sin a lua san fhaisnéis, mar aon le míniú go gcuirtear deisiúchán ar fáil do na hearraí sin agus a mhéid a chuirtear deisiúchán ar fáil dóibh, mar shampla trí fhochonraitheoirí. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, gan gá don tomhaltóir í a iarraidh, agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882. saorchead ag an táirgeoir na modhanna trína gcuireann sé an tomhaltóir ar an eolas a chinneadh.
(20)  Chun feasacht an tomhaltóra a mhéadú maidir le hinfhaighteacht deisithe agus, dá bhrí sin, an dóchúlacht a bhaineann leis sin, ba cheart do tháirgeoirí nó do dhíoltóirí na tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil an oibleagáid sin ann. Ba cheart na hearraí ábhartha a chumhdaítear leis an oibleagáid sin a lua san fhaisnéis, mar aon le míniú go gcuirtear deisiú ar fáil do na hearraí sin agus a mhéid a chuirtear deisiú ar fáil dóibh, mar shampla trí fhochonraitheoirí. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, gan gá don tomhaltóir í a iarraidh, agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882. Tá saoirse ag an táirgeoir nó, i gcás inarb ábhartha, ag an díoltóir na modhanna trína gcuireann sé an tomhaltóir ar an eolas a chinneadh, mar shampla trí mhodhanna ag an díolphointe ar bhealach infheicthe feiceálach.
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 21
(21)  Chun deisiúchán a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ardán ar líne amháin ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí oiriúnacha a chuardach. Féadfaidh an t-ardán sin a bheith ann cheana nó a bheith á oibriú go príobháideach, má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart go n-áireofaí ar an ardán sin uirlisí comparáide atá éasca le húsáid agus neamhspleách agus a chuidíonn le tomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhiúntas soláthraithe seirbhísí deisiúcháin éagsúla agus iad a chur i gcomparáid le chéile, agus ar an gcaoi sin tomhaltóirí a dhreasú chun deisiúchán a roghnú seachas earraí nua a cheannach. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an ardán sin éascú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin a chuardach sa chaidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit an caidreamh idir gnólachtaí a chumhdach lena raon feidhme chomh maith le tionscnaimh deisithe faoi stiúir an phobail a chur san áireamh.
(21)  Chun deisiú a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ardán ar líne amháin ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí oiriúnacha a chuardach. Féadfaidh an t-ardán sin a bheith ann cheana nó a bheith á oibriú go príobháideach, má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Murab ann d’ardán ar líne den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le ceann a chruthú i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann. Ba cheart go n-áireofaí ar an ardán sin uirlisí comparáide atá éasca le húsáid agus neamhspleách agus a chuidíonn le tomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhiúntas soláthraithe éagsúla seirbhísí deisiúcháin agus iad a chur i gcomparáid le chéile, lena ndreasaítear tomhaltóirí, dá bhrí sin, chun deisiú a roghnú seachas earraí nua a cheannach. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an ardán sin éascú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin a chuardach sa chaidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a raon feidhme a leathnú freisin chun an caidreamh idir gnólachtaí chomh maith le tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail a chur san áireamh.
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 25
(25)  Chun an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a éascú, ba cheart go mbeadh an deis ann ar an ardán ar líne do thomhaltóirí an fhoirm sin a iarraidh go díreach ón deisitheoir tríd an ardán ar líne. Ba cheart an fhéidearthacht sin a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar an ardán ar líne. Chun feasacht a chruthú faoi ardáin náisiúnta deisithe ar líne agus chun rochtain ar na hardáin sin ar fud an Aontais a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar a n-ardáin ar líne trí leathanaigh ghréasáin náisiúnta ábhartha atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20. Chun feasacht na dtomhaltóirí ar an ardán ar líne a ardú, ba cheart do na Ballstáit tabhairt faoi chéimeanna iomchuí, mar shampla, fógraíocht a dhéanamh ar an ardán ar líne ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta gaolmhara nó feachtais chumarsáide a dhéanamh.
(25)  Chun an fháil ar Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a éascú, ba cheart go mbeadh an deis ann ar an ardán ar líne do thomhaltóirí an fhoirm sin a iarraidh go díreach ón deisitheoir tríd an ardán ar líne. Ba cheart an deis sin a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar an ardán ar líne. Chun feasacht a chruthú faoi ardáin náisiúnta deisiúcháin ar líne agus chun rochtain ar na hardáin sin ar fud an Aontais a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ar a n-ardáin ar líne trí leathanaigh ghréasáin náisiúnta ábhartha atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20. Ba cheart do na Ballstáit nasc na n-ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin atá ann cheana ar a gcríoch a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus nasc gach ardáin nua ar líne le haghaidh deisithe a chur in iúl laistigh de 14 lá oibre tar éis a seolta. Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí a choinneáil d’ardáin ar líne le haghaidh deisiúcháin arna chlárú laistigh de na Ballstáit atá ar fáil go poiblí agus a bhfuil rochtain éasca air agus atá meaisín-inléite.
__________________
__________________
20 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
20 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Aithris 25 a (nua)
(25a)  Chun feasacht tomhaltóirí a ardú maidir leis an ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh, mar shampla, an t-ardán ar líne a chur in iúl ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta gaolmhara nó feachtais chumarsáide a dhéanamh. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha nó d’ardáin ar líne a cheadaíonn cianchonarthaí bearta iomchuí a dhéanamh freisin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin, mar shampla, tríd an nasc a sheoladh chuig an tomhaltóir nó é a fhógairt sa siopa. Déanfar tomhaltóirí a bhfuil scileanna litearthachta agus scileanna digiteacha ísle acu a chur san áireamh sna modhanna chun feasacht a ardú agus beidh siad inrochtana do na tomhaltóirí sin.
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Aithris 26 a (nua)
(26a)  Ós rud é gur fearr le tromlach soiléir de shaoránaigh an Aontais go ndéanfaí earra a dheisiú seachas ceann nua a cheannach1a, ba cheart go mbeadh sé d’acmhainn ag gach tomhaltóir a gcuid earraí a dheisiú lasmuigh de thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla. Ní hamháin go bhfónfadh sé sin don Aistriú Glas ach thacódh sé le gnólachtaí Eorpacha chomh maith. Ina leith sin, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí airgeadais a fhorbairt chun deisiú a chur chun cinn. I roinnt mhaith Ballstát, tá bearta den sórt sin ann cheana i bhfoirm cistí náisiúnta deisiúcháin nó dearbháin deisiúcháin. Chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit deisiú a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún leasú a mholadh don Chomhairle chun raon feidhme phointe (19) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha a leathnú chuig catagóirí táirgí eile, ar a laghad chuig na catagóirí sin a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. D’fhéadfadh sé sin níos mó comhleanúnachais a chruthú idir na catagóirí táirgí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle. D’fhéadfadh sé seo a chur ar chumas gach tomhaltóra a gcuid earraí a dheisiú seachas cinn nua a cheannach. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ós rud é go bhfuil a ngnólachtaí siúd ina gcuid bhunriachtanach den slabhra deisiúcháin. Ba cheart do na Ballstáit na bearta atá glactha a thuairisciú don Choimisiún, agus ba cheart don Choimisiún na bearta a chur ar fáil go poiblí.
__________________
1a Féach tuarascáil flais-Eorabharaiméadair 388 ó mhí an Mheithimh 2014 dar teideal ‘Attitudes of Europeans towards waste management and resource efficiency’ [Dearcthaí ó mhuintir na hEorpa maidir le bainistiú dramhaíola agus éifeachtúlacht acmhainní]
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Aithris 26 b (nua)
(26b)  Is den riachtanas é do na Ballstáit pionóis a leagan síos maidir le sáruithe ar an Treoir seo agus a áirithiú go ndeanfar iad a fhorfheidhmiú. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Aithris 27
(27)  Ba cheart don Choimisiún forbairt caighdeáin cháilíochta Eorpaigh dheonaigh a chumasú le haghaidh seirbhísí deisiúcháin, mar shampla trí chomhar deonach maidir le caighdeán idir gnólachtaí, údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh agus a éascú nó trí iarraidh ar chaighdeánú a eisiúint do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. D’fhéadfadh caighdeán Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin cur le muinín tomhaltóirí i seirbhísí deisiúcháin ar fud an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcaighdeán sin gnéithe a mbíonn tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí maidir le deisiúchán, amhail an t-am chun deisiúchán a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, dearbhuithe cáilíochta amhail ráthaíocht tráchtála maidir le deisiúchán, agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha amhail aistriú, suiteáil agus iompar arna dtairiscint ag deisitheoirí.
(27)  Ba cheart don Choimisiún an fhorbairt ar chaighdeán deonach cáilíochta Eorpach a chumasú le haghaidh seirbhísí deisiúcháin, mar shampla trí chomhar deonach maidir le caighdeán idir gnólachtaí, údaráis phoiblí agus geallsealbhóirí eile a spreagadh agus a éascú, amhail soláthraithe deisiúcháin neamhspleácha agus soláthraithe deisiúcháin pobail, nó trí iarraidh ar chaighdeánú a eisiúint do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. D’fhéadfadh caighdeán Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin cur le muinín na dtomhaltóirí as seirbhísí deisiúcháin ar fud an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcaighdeán sin gnéithe a bhfuil tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí maidir le deisiú, amhail an t-am chun deisiú a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, dearbhuithe cáilíochta amhail ráthaíocht tráchtála maidir le deisiú, agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha amhail aistriú, suiteáil agus iompar arna dtairiscint ag deisitheoirí.
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Aithris 28
(28)  Chun deisiúchán a chur chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771, ba cheart na coinníollacha comhchuibhithe faoinar féidir an rogha idir na leigheasanna deisiúcháin agus athsholáthair a fheidhmiú a oiriúnú. An prionsabal a bhunaítear i dTreoir (AE) 2019/771 chun leas a bhaint as an mbreithniú an bhforchuirfeadh an leigheas a roghnaíodh costais ar an díoltóir atá díréireach i gcomparáid leis an leigheas eile, mar cheann de na critéir chun an leigheas is infheidhme a chinneadh, ba cheart an prionsabal sin a choimeád. Tá an tomhaltóir fós i dteideal deisiúchán a roghnú thar athsholáthar, mura rud é go mbeadh deisiúchán dodhéanta nó go gcuirfeadh sé costais dhíréireacha ar an díoltóir i gcomparáid le hathsholáthar. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil na costais a bhaineann le hathsholáthar níos airde ná na costais deisithe nó comhionann leo, ba cheart don díoltóir na hearraí a dheisiú i gcónaí. Dá bhrí sin, níl an tomhaltóir i dteideal athsholáthar a roghnú ach amháin i gcás ina mbíonn sé níos saoire ná deisiú. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú dá réir.
(28)  Chun deisiú a chur chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771, ba cheart oiriúnú a dhéanamh ar na coinníollacha comhchuibhithe faoinar féidir an rogha idir na leigheasanna deisiúcháin agus athsholáthair a fheidhmiú. An prionsabal a bhunaítear i dTreoir (AE) 2019/771 chun leas a bhaint as an mbreithniú i dtaobh an bhforchuirfeadh an leigheas atá roghnaithe costais ar an díoltóir atá díréireach i gcomparáid leis an leigheas eile, mar cheann de na critéir chun an leigheas is infheidhme a chinneadh, ba cheart an prionsabal sin a choimeád. Tá an tomhaltóir fós i dteideal deisiú a roghnú thar athsholáthar, mura rud é go mbeadh deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil na costais a bhaineann le hathsholáthar níos airde ná na costais deisiúcháin nó comhionann leo, ba cheart don díoltóir na hearraí a dheisiú i gcónaí, mura gcruthódh an deisiú míchaoithiúlacht don tomhaltóir. Ba cheart cásanna ina gcruthódh an deisiú míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir a bhreithniú de réir an cháis, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh. Ina leith sin, tá sé suite ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhféadfaí míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir a thuiscint mar ualach ar dócha go ndíspreagfadh sé an gnáth-thomhaltóir óna chearta a fheidhmiú. Sa chomhthéacs sin, is amhlaidh atá go háirithe i gcás ina bhfuil leas bailí ag an tomhaltóir maidir le húsáid neamh-idirbhriste na n-earraí, agus nach féidir earra athsholáthair sealadach a chur ar fáil nó nach féidir é a sholáthar in am trátha nó nach mbeadh sé leormhaith do riachtanais an tomhaltóra, lena ndíspreagfaí an tomhaltóir, dá bhrí sin, ó dheisiú na n-earraí. Is féidir glacadh leis go bhfuil míchaoithiúlacht shuntasach ann freisin i gcás ina bhfuil bearta deisiúcháin déanta ar na hearraí cheana chun na caighdeáin chomhréireachta a chomhlíonadh agus inar gá na hearraí a dheisiú ina dhiaidh sin tar éis tréimhse ghearr mar gheall ar easpa comhréireachta, lena ndéantar dochar, dá bhri sin, don mhuinín as indeisitheacht na n-earraí agus a dhíspreagann an tomhaltóir óna cheart chun deisiúcháin a fheidhmiú. Thairis sin, i gcásanna nach mbeidh an t-earra i gcomhréir mar thoradh ar dheisiú, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail arna mbunú le Treoir 2019/771. Ba cheart go gcoiscfeadh sé sin cásanna ina mbíonn ar thomhaltóir earra a dheisiú go leanúnach i ngeall ar an locht céanna a bhíonn ar an earra céanna. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2019/771 a leasú dá réir.
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Aithris 28 a (nua)
(28a)  Chun tacú le tomhaltóirí agus chun deisiú a dhreasú, ba cheart don díoltóir, ag brath ar shainiúlachtaí na catagóire táirge ábhartha, táirge athsholáthair a thabhairt ar iasacht don tomhaltóir, murar cuireadh an deisiú i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta ama. Is féidir an táirge athsholáthair seo a bheith ina earra athchóirithe freisin ach ba cheart é a thabhairt ar iasacht go sealadach don tomhaltóir gan costas. Ina theannta sin, ba cheart don díoltóir tabhairt faoin deisiú sin laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Aithris 28 b (nua)
(28b)  Le Treoir (AE) 2019/771 forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta arbh ann di tráth a seachadadh na hearraí agus ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse dliteanais. Chun deisiú a chur chun cinn laistigh den tréimhse dliteanais, a luaithe a roghnaíonn siad deisiú mar leigheas chun earra a thabhairt chun comhréireachta, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann tairbhe a bhaint as tréimhse bhreise dhliteanais fhadaithe aon bhliana ag tosú ón uair a thugtar a n-earra ar ais dóibh, agus í deisithe, ar choinníoll go bhfuil teorainneacha ama coinnithe ar bun nó tugtha isteach ag na Ballstáit maidir le comhréireacht an earra bhunaidh i gcomhréir le hAirteagal 10, míreanna 1, 2 nó 3 den Treoir sin. Níor cheart feidhm a bheith ag an síneadh sin ar thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla ach amháin maidir leis an gcéad deisiú faoi Threoir (AE) 2019/771. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú dá réir.
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Aithris 28 c (nua)
(28c)  Tomhaltóirí a roghnaíonn deisiú mar leigheas le go dtabharfar na hearraí chun comhréireachta, ba cheart cead a bheith acu rogha a dhéanamh idir an díoltóir nó an táirgeoir le go dtabharfar na hearraí chun comhréireachta. Nuair a roghnaíonn tomhaltóirí gur cheart don táirgeoir an táirge a thabhairt chun comhréireachta, ba cheart dliteanas díreach táirgeora a bhunú maidir le táirgí a dheisiú. I gcás den sórt sin, ba cheart don táirgeoir an táirge a dheisiú chun an neamh-chomhréireacht a leigheas. Ba cheart do tháirgeoirí iarracht a dhéanamh freagairt go tapa lena measúnú i dtaobh an féidir an táirge a dheisiú. Má tá an deisiú dodhéanta ba cheart don táirgeoir an cás a mheas agus é a réiteach ar bhealach atá áisiúil don tomhaltóir, mar shampla trí dhul i dteagmháil leis an díoltóir tosaigh agus leis an tomhaltóir. Chun nach ndéanfadh an díoltóir an deisiú céanna ar an bhfabht céanna i gcás den sórt sin, ba cheart an díoltóir a urscaoileadh óna dhliteanas i leith an fhabht sin agus nuair a dheisíonn an táirgeoir go rathúil é, ba cheart a mheas go bhfuil an t-earra i gcomhréireacht. Níor cheart don dliteanas táirgeora sin difear a dhéanamh d’aon chearta eile atá ag an tomhaltóir faoi Threoir (AE) 2019/771 i gcás deisiú a bheith mar leigheas ar neamhchomhréireacht.
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Aithris 28 d (nua)
(28d)  Chun tomhaltóirí a dhreasú le deisiú a roghnú, níor cheart aon téarmaí a bheith sa ráthaíocht tráchtála lena ndéanfaí tomhaltóirí a dhíspreagadh ó leas a bhaint as a cheart chun earra nach bhfuil i gcomhréireacht a dheisiú.
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Aithris 30
(30)  Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint don Treoir seo, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm roinnt Airteagal den Treoir seo. Dá bhrí sin, na hoibleagáidí deisiúchán a dhéanamh agus faisnéis ghaolmhar faoin oibleagáid sin a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar tar éis [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Níor cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Threoir (AE) 2019/771 ach amháin maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích tar éis [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dóthain ama a thabhairt do dhíoltóirí iad féin a chur in oiriúint do na leigheasanna leasaithe deisithe agus athsholáthair.
(30)  Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint don Treoir seo, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm roinnt Airteagal den Treoir seo. Dá bhrí sin, na hoibleagáidí deisiúchán a dhéanamh agus faisnéis ghaolmhar faoin oibleagáid sin a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar tar éis [18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Níor cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Threoir (AE) 2019/771 ach amháin maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích tar éis [18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dóthain ama a thabhairt do dhíoltóirí iad féin a chur in oiriúint do na leigheasanna leasaithe deisiúcháin agus athsholáthair.
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1
1.  Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus foráil á déanamh ag an am céanna d’ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol.
1.  Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna lena neartaítear an ceart chun deisiú earraí do thomhaltóirí, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus foráil á déanamh ag an am céanna d’ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol.
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
1a.  ciallaíonn ‘deisiú’ táirge lochtach nó dramhaíl a chur ar ais i riocht ina gcomhlíonann sé an úsáid atá beartaithe dó;
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2
2.  ciallaíonn ‘deisitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís deisiúcháin a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n-áirítear táirgeoirí agus díoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, bídís neamhspleách nó cleamhnaithe le táirgeoirí nó díoltóirí den sórt sin;
2.  ciallaíonn ‘deisitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís deisiúcháin a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n-áirítear táirgeoirí agus díoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, bídís deisitheoirí neamhspleácha, deisitheoirí gairmiúla nó deisitheoirí cleamhnaithe le táirgeoirí nó díoltóirí den sórt sin;
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
2a.  ciallaíonn ‘oibreoir neamhspleách’ duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas ionadaí údaraithe nó deisitheoir údaraithe, atá páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú agus i gcothabháil an earraí, agus áirítear leis deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, mar aon le foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí cúnaimh, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála, oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe agus do sholáthróirí cianseirbhíse;
Leasú 33
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6 a (nua)
6a.  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann, le linn gníomhaíocht tráchtála, péire ar a laghad de na seirbhísí seo a leanas: trádstóráil, pacáistiú, seoladh a chur ar tháirge agus seoladh táirge, gan úinéireacht a bheith aige ar an táirge, cé is moite de ‘seirbhísí poist’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, ‘seirbhísí seachadta beartán’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b, agus aon seirbhísí poist nó seirbhísí iompair lastais eile;
__________________
1aTreoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).
1bRialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann (IO L 112, 2.5.2018, lch. 19).
Leasú 34
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit, sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal ag conradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar, go ndéanfaidh an deisitheoir, arna iarraidh sin, an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach de réir bhrí Airteagal 2 (11) de Threoir (AE) 2019/771.
1.  Féadfaidh deisitheoirí an Fhoirm Faisnéise Eorpach um Dheisiú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach de réir bhrí Airteagal 2(11) de Threoir 2019/771/AE. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh táirgeoirí nó an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha faoi Airteagal 5 den Treoir seo an fhaisnéis is gá don deisitheoir chun an Fhoirm Faisnéise Eorpach um Dheisiú a chomhlánú.
Leasú 35
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 2
2.  Deisitheoirí nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh de bhua Airteagal 5, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar i gcás nach bhfuil sé i gceist acu an tseirbhís deisiúcháin a sholáthar.
scriosta
Leasú 36
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 3 – fomhír 1
Féadfaidh an deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir na costais a thabhaíonn an deisitheoir a íoc chun an fhaisnéis atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar.
I gcás inar gá scrúdú fisiceach a dhéanamh ar an táirge chun praghas an deisithe a mheas, lena n-áirítear measúnú ar an láthair, féadfaidh an deisitheoir a iarraidh ar an tomhaltóir na costais is gá a bhaineann le scrúdú fisiceach den sórt sin a íoc.
Leasú 37
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 4 – pointe e
(e)  an praghas nó, mura bhfuil sé réasúnach an praghas a ríomh roimh ré, an modh ina ríomhfar an praghas agus uasphraghas an deisithe;
(e)  an t-uasphraghas a bhfuiltear ag súil leis don deisiú, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do chostais do pháirteanna spártha, costais saothair, costais a bhaineann leis an lasta, na muirir seachadta nó phoist nó, mura féidir an praghas iomlán aon cheann dá fhochodanna a ríomh go réasúnta roimh ré, an bealach ina ríomhfar an praghas;
Leasú 38
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 4 – pointe i a (nua)
(i a)  faisnéis bhreise a chuireann an deisitheoir ar fáil go deonach.
Leasú 39
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don tomhaltóir, go ndéanfaidh an táirgeoir, saor in aisce nó in aghaidh praghais nó in aghaidh cineál comaoine eile, earraí a dheisiú bhforáiltear, agus a mhéid a fhoráiltear, do cheanglais indeisitheachta i ngníomhartha dlí an Aontais mar a liostaítear in Iarscríbhinn II. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an táirgeoir na hearraí sin a dheisiú i gcás nach féidir iad a dheisiú. Féadfaidh an táirgeoir deisiúchán a ligean ar fochonradh chun a oibleagáid maidir le deisiúchán a chomhlíonadh.
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndeiseoidh an táirgeoir, arna iarraidh sin don tomhaltóir, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, cibé acu a fhoráiltear nó nach bhforáiltear do cheanglais indeisitheachta le haghaidh na n-earraí sin i ngníomhartha dlí an Aontais. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an táirgeoir na hearraí sin a dheisiú i gcás ina bhfuil deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil. Ní dhiúltóidh an táirgeoir d’iarraidh an tomhaltóra de bharr cúinsí eacnamaíocha amhail na costais amháin. Féadfaidh an táirgeoir deisiúchán a ligean ar fochonradh chun a oibleagáid maidir le deisiúchán a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh an táirgeoir an fhaisnéis ábhartha uile don deisitheoir chun go mbeidh an deisitheoir in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh.
Leasú 40
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 a (nua)
1a.  Déanfar an deisiú de bhun mhír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)  déanfar é a chur i gcrích saor in aisce nó mar chúiteamh ar chomaoin;
(b)  déanfar é laistigh de thréimhse réasúnach ón uair a bheidh seilbh fhisiciúil ag an táirgeoir ar an earra, an t-earra faighte aige nó rochtain tugtha ag an tomhaltóir dó ar an earra;
(c)  féadfaidh an táirgeoir earra athsholáthair a thabhairt ar iasacht don tomhaltóir saor in aisce nó in aghaidh táille réasúnta ar feadh thréimhse an deisithe; agus
(d)  i gcásanna ina mbeidh an deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil, féadfaidh an táirgeoir táirge athchóirithe a sholáthar don tomhaltóir agus déanfar an táirgeoir a urscaoileadh ón oibleagáid deisiúcháin faoin Airteagal seo nuair a ghlacfaidh an tomhaltóir leis an táirge athchóirithe sin.
Leasú 41
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 2
2.  I gcás ina bhfuil an táirgeoir a bhfuil oibleagáid air deisiúchán a dhéanamh de bhun mhír 1 bunaithe lasmuigh den Aontas, comhlíonfaidh a ionadaí údaraithe san Aontas oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ag an táirgeoir san Aontas, comhlíonfaidh allmhaireoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon allmhaireoir ann, comhlíonfaidh dáileoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora.
2.  I gcás ina bhfuil an táirgeoir a bhfuil oibleagáid air deisiú a dhéanamh de bhun mhír 1 bunaithe lasmuigh den Aontas, ceapfaidh sé, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo. Áiritheoidh sé go mbeidh na hacmhainní agus an sainordú ag a ionadaí údaraithe chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.
I gcás nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ag an táirgeoir san Aontas, comhlíonfaidh allmhaireoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon allmhaireoir ann, comhlíonfaidh soláthraí seirbhíse comhlíonta an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon soláthraí seirbhíse comhlíonta ann, comhlíonfaidh dáileoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora.
Leasú 42
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 3
3.  Áiritheoidh táirgeoirí go mbeidh rochtain ag deisitheoirí neamhspleácha ar pháirteanna spártha agus ar fhaisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiúchán i gcomhréir leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II.
3.  I gcás na n-earraí uile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, áiritheoidh táirgeoirí go mbeidh rochtain ag deisitheoirí neamhspleácha, athmhonaróirí, athchóiritheoirí agus úsáideoirí deiridh ar gach páirt spártha agus ar gach faisnéis agus uirlis a bhaineann le deisiú, lena n-áirítear uirlisí diagnóise, ar chostas réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré ionchasach an táirge ar a laghad. Tabharfar rochtain ar uirlisí diagnóiseacha faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le rúin trádála a chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe 1 de Threoir (AE) 2016/943.
Leasú 43
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 3 a (nua)
3a.  Cuirfidh táirgeoirí ar fáil ar a suíomhanna gréasáin an fhaisnéis uile a bhaineann le deisiú, amhail praghsanna deisiúcháin agus praghsanna páirteanna spártha le haghaidh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
Leasú 44
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 3 b (nua)
3b.  Ní chuirfidh táirgeoirí bac ar dheisiú le haon teicníc chonarthach, crua-earraí nó bogearraí. Ní chuirfidh táirgeoirí bac ar úsáid páirteanna spártha bunaidh nó athláimhe, páirteanna spártha comhoiriúnacha agus páirteanna spártha arna n-eisiúint ó phriontáil 3D, ag deisitheoirí neamhspleácha i gcás ina bhfuil na páirteanna spártha sin i gcomhréir leis na ceanglais faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais.
Leasú 45
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 3 c (nua)
3c.  Ní dhiúltóidh táirgeoirí feiste a ceannaíodh nó a deisíodh cheana féin lasmuigh dá seirbhís údaraithe nó dá líonraí dáileacháin a sheirbhísiú nó a dheisiú.
Leasú 46
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 4
4.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn II a leasú tríd an liosta de ghníomhartha dlí an Aontais lena leagtar síos ceanglais indeisitheachta a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí reachtacha.
4.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn II a leasú trí earraí indeisithe nua a chur leis an liosta i bhfianaise forbairtí reachtacha nó margaidh.
Leasú 47
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 1
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh táirgeoirí tomhaltóirí ar an eolas faoina n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh de bhun Airteagal 5 agus go soláthróidh siad faisnéis faoi na seirbhísí deisiúcháin ar bhealach atá inrochtana go héasca, soiléir agus sothuigthe, mar shampla tríd an ardán ar líne dá dtagraítear in Airteagal 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh táirgeoirí nó díoltóirí tomhaltóirí ar an eolas faoina n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh de bhun Airteagal 5 agus go soláthróidh siad faisnéis faoi na seirbhísí deisiúcháin saor in aisce, ar bhealach atá inrochtana go héasca, soiléir agus sothuigthe, tríd an ardán ar líne dá dtagraítear in Airteagal 7, trína a suíomhanna gréasáin ábhartha nó ag an díolphointe.
Leasú 48
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardán amháin ar líne ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí a aimsiú. Déanfaidh an t-ardán sin an méid seo a leanas:
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardán ar líne amháin ar a laghad ann dá gcríoch. Cuirfidh na Ballstáit tionscnaimh phríobháideacha chun cinn go háirithe iad arb é is aidhm dóibh ardáin ar líne den sórt sin a bhunú. Cuirfidh ardáin ar líne den sórt sin ar chumas tomhaltóirí deisitheoirí a aimsiú go héasca, lena n-áirítear pobail faoi stiúir deisiú agus caiféanna deisiúcháin agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:
Leasú 49
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 1 – pointe a
(a)  áireofar ann feidhmeanna cuardaigh maidir le hearraí, suíomh seirbhísí deisiúcháin, dálaí deisithe, lena n-áirítear an t-am is gá chun an deisiúchán a chur i gcrích, infhaighteacht earraí sealadacha athsholáthair agus an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh le haghaidh deisiúcháin, infhaighteacht agus coinníollacha seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann deisitheoirí, agus na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó náisiúnta is infheidhme;
(a)  áireofar iontu feidhmeanna cuardaigh maidir le hearraí, suíomh na seirbhísí deisiúcháin, lena n-áirítear feidhm léarscáil bhunaithe, an fhéidearthacht seirbhísí trasteorann a sholáthar, dálaí deisithe, lena n-áirítear an t-am is gá chun an deisiú a chur i gcrích, infhaighteacht earraí sealadacha athsholáthair agus an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh le haghaidh deisithe, infhaighteacht agus coinníollacha seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann deisitheoirí, agus na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó nái siúnta is infheidhme;
Leasú 50
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi dhreasachtaí airgeadais agus fioscacha is infheidhme chun costais deisiúcháin a laghdú;
Leasú 51
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  deis a thabhairt do thomhaltóirí athbhreithniú nó rátáil a dhéanamh, cáilíocht obair na ndeisitheoirí a léiriú;
Leasú 52
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Aon uair a bhíonn ardán amháin ar a laghad i gcríoch Ballstáit faoi úinéireacht phríobháideach a chomhlíonann na ceanglais a liostaítear sa chéad fhomhír, measfar go bhfuil an oibleagáid san fhomhír sin comhlíonta ag an mBallstát faoi seach.
Leasú 53
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 3
3.  Is ar bhonn deonach a dhéanfar clárú ar an ardán ar líne le haghaidh deisitheoirí, chomh maith le díoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú. Cinnfidh na Ballstáit an rochtain ar an ardán i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh úsáid an ardáin ar líne saor in aisce do thomhaltóirí.
3.  Is ar bhonn deonach a dhéanfar clárú ar an ardán ar líne le haghaidh deisitheoirí, chomh maith le tionscnaimh deisiúcháin pobail amhail caiféanna deisiúcháin, díoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú. Cinnfidh na Ballstáit an rochtain ar an ardán i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh úsáid an ardáin ar líne saor in aisce do thomhaltóirí.
Leasú 54
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 3 a (nua)
3a.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardáin ar líne inrochtana, agus áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis a sholáthrófar cothrom le dáta, agus go gcuirfear i láthair í ar bhealach atá áisiúil don tomhaltóir.
Leasú 55
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 3 b (nua)
3b.  Déanfaidh na Ballstáit an nasc chuig na hardáin ar líne atá ann cheana le haghaidh deisiú ina gcríoch a chur in iúl don Choimisiún faoin ... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus an nasc chuig gach ardán nua ar líne le haghaidh deisiú laistigh de 14 lá oibre tar éis a sheolta. Coinneoidh an Coimisiún bunachar sonraí d’ardáin ar líne le haghaidh deisiú arna chlárú laistigh de na Ballstáit atá ar fáil go poiblí, a bhfuil rochtain éasca air agus atá meaisín-inléite.
Leasú 56
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 3 c (nua)
3c.  Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus díoltóirí ábhartha a chur ar an eolas faoi infhaighteacht ardán ar líne arna mbunú de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus go bhfuil rochtain éasca ag tomhaltóirí orthu.
Leasú 57
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 3 d (nua)
3d.  Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó d’ardán ar líne a ligeann do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí maidir le hinfhaighteacht ardán ar líne, arna mbunú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ina gcríoch.
Leasú 58
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7a
Bearta do Mhicrifhiontair, Fhiontar Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna)
1.  Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le micrifhiontair agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh acu. Cuimseofar sna bearta sin na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)  treoirlínte nó bearta comhchosúla chun feasacht a mhúscailt maidir le conas na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh;
(b)  oiliúint shaincheaptha d’fhiontraithe agus dá bhfostaithe.
Leasú 59
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 9 a (nua)
Airteagal 9a
Bearta na mBallstát lena gcuirtear deisiú chun cinn
1.  Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun deisiúchán a chur chun cinn.
2.  Féadfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 1, mar shampla, a bheith i bhfoirm dearbháin deisiúcháin, cistí deisiúcháin náisiúnta nó gníomhaíochtaí agus dreasachtaí eile.
3.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta arna ndéanamh faoi mhír 1 a thuairisciú don Choimisiún. Faoin ... [12 mhí tar éis dháta thrasuí na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún na bearta sin ar fáil go poiblí. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta is infheidhme faoin...[12 mhí tar éis dháta thrasuí na Treorach seo].
4.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus ag an tsaoirse bunaíochta, ar saoirsí bunúsacha iad, mar a chumhdaítear sna Conarthaí maidir le soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, lena n-áirítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/958, de réir mar is infheidhme. Thairis sin, ní thabharfaidh na Ballstáit ceanglais cháilíochta isteach nach bhfuil údar leo ina ndlíthe náisiúnta do sheirbhísí deisiúcháin gairmiúla ná ní dhéanfaidh siad seiceálacha, cigireachtaí ná imscrúduithe nach bhfuil bonn cirt leo i bhfianaise na saoirsí bunúsacha sin.
5.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh soláthraí deisiúcháin faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta i leith na páirte nó na bpáirteanna deisithe, na ngnéithe nó na gné den earra, arbh ann dóibh nó di tráth a fuair an tomhaltóir an t-earra dheisithe agus a thagann chun solais laistigh de thréimhse íosta dhá mhí dhéag ar a laghad ón tráth sin.
6.  Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar chleachtais a chuireann bac ar thomhaltóirí a gceart chun deisiúcháin a fheidhmiú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dó:
(a)  toirmeasc a chur ar chleachtais a spreagann tomhaltóirí chun a mheas nach féidir a n-earra a dheisiú mar gheall ar dheisiú nó iniúchtaí a rinne deisitheoir neamhspleách, deisitheoir neamhghairmiúil nó úsáideoirí deiridh roimhe sin, nó trína thabhairt le tuiscint go bhféadfadh rioscaí a bhaineann le sábháilteacht teacht as a deisiú;
(b)  toirmeasc a chur ar aon teicníc chonarthach, crua-earraí nó bogearraí lena bhféadfaí deisiú a chosc nó a theorannú agus toirmeasc a chur ar dhiúltú earra a dheisiú a deisíodh roimhe sin ag deisitheoir neamhspleách, deisitheoir neamhghairmiúil nó úsáideoir deiridh.
Leasú 60
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar i gcónaí ceart chun deisiúcháin don táirge a chumhdaítear le linn a ré le ráthaíochtaí tráchtála i leith marthanachta a dhíoltar sa bhreis ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht faoi Threoir (AE) 2019/771. Agus an ráthaíocht tráchtála á cur chun cinn acu, áiritheoidh táirgeoirí go soláthrófar achoimre ar choinníollacha na ráthaíochta tráchtála ar bhealach soiléir agus beacht, ionas go mbeidh tomhaltóirí go hiomlán ar an eolas faoina gcearta agus nach gcuirfear ar míthreoir iad.
Leasú 61
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 1 a (nua)
1a.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a)  cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;
(b)  acmhainní airgeadais agus méid an fhiontair lena mbaineann;
(c)  aon ghníomhaíocht a rinne an díoltóir nó an táirgeoir chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;
(d)  aon sáruithe a rinne an díoltóir nó an táirgeoir roimhe seo;
(e)  na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an díoltóir nó an táirgeoir, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;
(f)  pionóis arna bhforchur ar an díoltóir nó ar an táirgeoir as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(g)  aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis.
Leasú 62
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 1 b (nua)
1b.  I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar iontu an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, gurb ionann uasmhéid na bhfíneálacha sin agus 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an táirgeora sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
Leasú 63
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 1 c (nua)
1c.  I gcásanna ina bhfuil fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 1b, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an táirgeora ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh a n-uasmhéid EUR 2 mhilliún ar a laghad.
Leasú 64
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 2
2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1, faoi cheann 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1, faoi cheann 18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Leasú 65
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe -1 (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 7 – mír 1 – pointe d
Leasaítear Treoir (AE) 2019/771 mar a leanas:
(-1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1), pointe (d):
beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.
‘(d) beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, indeisitheacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú
Leasú 66
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 – pointe a (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 13 – mír 2 – fomhír 2 (nua)
(1)  leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
In Airteagal 13(2) de Threoir (AE) 2019/771, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:
(a)  i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘De mhaolú ar an gcéad abairt den mhír seo, i gcás ina bhfuil na costais le haghaidh athsholáthair cothrom leis na costais deisiúcháin nó níos airde, déanfaidh an díoltóir na hearraí a dheisiú chun na hearraí sin a thabhairt i gcomhréireacht.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina bhfuil na costais le haghaidh athsholáthair cothrom leis na costais deisithe nó níos mó ná iad, déanfaidh an díoltóir na hearraí a dheisiú chun na hearraí sin a thabhairt chun comhréireachta, ach amháin má tá an deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil nó má chruthaíonn sé míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir’
Leasú 67
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 – pointe b (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 13 – mír 3 a (nua)
(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘3a. I gcás ina roghnaíonn an tomhaltóir deisiú mar an leigheas chun go dtabharfar na hearraí chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir a iarraidh go díreach ar an táirgeoir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta. Má chomhlíonann an táirgeoir an iarraidh sin, meastar go n-urscaoileann sé an díoltóir óna dhliteanas de bhun Airteagal 10.
Leasú 68
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 – pointe c (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 13 – mír 4 a (nua)
(c)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘4a. I gcás, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, inar tugadh an t-earra chun comhréireachta trína deisiú, beidh an díoltóir nó an táirgeoir faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta a bhí ann an tráth a fuair an tomhaltóir na hearraí deisithe agus a thagann chun solais laistigh de bhliain amháin tar éis an ama sin ar choinníoll gur choinnigh nó gur thug na Ballstáit isteach comhréireacht an earra bhunaidh i gcomhréir le hAirteagal 10, míreanna 1, 2 nó 3. Ní bheidh feidhm ag an méid sin má dheisigh an díoltóir na hearraí go rathúil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 10. Gan dochar d’Airteagal 7(3), beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Beidh an mhír seo gan dochar do theorainneacha ama eile faoi Airteagal 10 agus d’éilimh bhreise an tomhaltóra.’
Leasú 69
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua) – pointe a (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 14 – mír 1
(1a)  leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1.   Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:
1. Déanfar deisithe a chur i gcrích:
(a)   saor in aisce;
(a)   saor in aisce;
(b)   laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta; agus
(b)   laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin deisiú;
(c)   gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.
(c)  gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh; agus
(ca)   ag brath ar shainiúlachtaí na catagóire táirgí ábhartha, go háirithe maidir lena buan-infhaighteacht don tomhaltóir, soláthróidh an díoltóir earra athsholáthair don tomhaltóir saor in aisce, lena n-áirítear earra athchóirithe ar iasacht mura féidir an deisiú a chur i gcrích le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe b).
Leasú 70
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 a (nua) – pointe b (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
(b)   cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a. Déanfar athsholáthar:
(a)   saor in aisce;
(b)   laistigh de thréimhse réasúnach ama ón uair a chuir an tomhaltóir an díoltóir ar an eolas faoin easpa comhréireachta;
(c)   gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an cuspóir a raibh na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir ina leith á gcur san áireamh.
(d)   arna iarraidh sin go sainráite don tomhaltóir, trí earra athchóirithe a thairiscint.’;
Leasú 71
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua) – pointe c (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 14 – mír 4 a (nua)
(c)   cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘4a. I gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir, de bhun Airteagal 13(3a), go ndéanfaidh an táirgeoir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta trí na ndeisiú, measfar gurb é an táirgeoir an díoltóir chun críche an Airteagail seo.’
Leasú 72
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 b (nua)
Treoir (AE) 2019/771
Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
(1b)   in Airteagal 17 cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘1a. Tá an ráthaíocht tráchtála gan dochar do cheart an tomhaltóra de bhun Airteagal 13(3a) rogha a dhéanamh don táirgeoir earra nach bhfuil i gcomhréireacht a dheisiú. Aon téarmaí de chuid na ráthaíochta tráchtála a dhíspreagann an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as a cheart de bhun Airteagal 13(3ú), measfar iad a bheith ar neamhní.’
Leasú 73
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 14 a (nua)
Airteagal 14a
Tuarascáil mheastóireachta
1.   Faoi cheann 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus measúnú ar a rannchuidiú, agus go háirithe Airteagail 5, 9a agus 12, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, leis an ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus leis an bhfeabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí, mar aon lena dtionchar ar ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Maidir le hAirteagal 7, déanfaidh sé meastóireacht agus measúnú ar éifeachtacht na n-ardán ar líne le haghaidh deisiú bunaithe ar shonraí ó Bhallstáit aonair, ina bhfuil faisnéis faoin líon soláthraithe seirbhísí deisiúcháin gníomhacha, tomhaltóirí agus líon na n-idirbheart a dhéantar.
2.   Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar na príomhthorthaí agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún í. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.
3.   Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.
Leasú 74
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 1
1.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) agus (2) ná ag Airteagal 6 den Treoir seo maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar arna dtabhairt i gcrích roimh [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
1.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) agus (2) ná ag Airteagal 6 den Treoir seo maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar arna dtabhairt i gcrích roimh [18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
Leasú 75
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 2
2.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 12 den Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích roimh [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]
2.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 12 den Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích roimh [18 mí tar éis an teacht i bhfeidhm]
Leasú 76
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 1
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin [18 mí tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Leasú 77
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 17 – mír 1 – fomhír 3
Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón [18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
Leasú 78
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – Cuid 2 – Tábla – líne 4
Praghas le haghaidh an deisiúcháin nó, mura féidir é a ríomh, an modh ríofa is infheidhme agus an t-uasphraghas le haghaidh an deisiúcháin
An t-uasphraghas a bhfuiltear ag súil leis i gcomhair an deisithe nó, mura féidir é a ríomh, an modh ríofa is infheidhme
Leasú 79
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – Cuid 2 – Tábla – líne 10 a (nua)
Más infheidhme, faisnéis bhreise a chuireann an deisitheoir ar fáil go deonach.
Leasú 80
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn II – ceannteideal
LIOSTA DE GHNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS A LEAGANN SÍOS CEANGLAIS INDEISITHEACHTA
LIOSTA DE GHNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS LENA LEAGTAR SÍOS CEANGLAIS INDEISITHEACHTA AGUS LIOSTA D’EARRAÍ INDEISITHE
Leasú 81
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn II – pointe 9
9.  [Fóin phóca, fóin gan sreang agus táibléid de réir Rialachán (AE).../... ón gCoimisiún29]
9.  Fóin phóca, fóin gan sreang agus táibléid de réir Rialachán (AE).../... ón gCoimisiún29
__________________
__________________
29
29
Leasú 82
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn II – pointe 9 a (nua)
9a.  Rothair

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0316/2023).

An nuashonrú is déanaí: 15 Feabhra 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais