Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0081(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0343/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0343/2023

Díospóireachtaí :

PV 20/11/2023 - 16
CRE 20/11/2023 - 16

Vótaí :

PV 21/11/2023 - 7.4
CRE 21/11/2023 - 7.4
Mínithe ar vótaí
PV 25/04/2024 - 7.11

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0401
P9_TA(2024)0378

Téacsanna atá glactha
PDF 576kWORD 162k
Dé Máirt, 21 Samhain 2023 - Strasbourg
Creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta tháirgí teicneolaíochta glan-nialasacha an Aontais a neartú (An Gníomh um Thionscal Glan-nialasach)
P9_TA(2023)0401A9-0343/2023
Téacs
 Téacs comhdhlúite

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161 – C9-0062/2023 – 2023/0081(COD))(1)
LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA(2)
ar an togra ón gCoimisiún
---------------------------------------------------------
2023/0081 (COD)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Leasú 1

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0343/2023).
(2)* Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.


Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a néartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(-1)  Is é príomhchuspóir meántéarmach bheartas tionsclaíoch na hEorpa cur ar chumas thionscal an Aontais na haistrithe fuinnimh, aeráide, comhshaoil agus digiteacha a chur chun feidhme, agus ag an am céanna a iomaíochas ar an margadh domhanda a chaomhnú, poist ardcháilíochta a chothabháil san Eoraip agus a cumas nuálaíochta agus táirgthe san Eoraip a neartú, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí glana.

(1)  Tá an tAontas tiomanta do dhícharbónú luathaithe a gheilleagair agus d’úsáid uaillmhianach foinsí fuinnimh in-athnuaite chun an aeráidneodracht nó astaíochtaí glan-nialasachta (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach faoi 2050. Tá an cuspóir sin i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Straitéis Eorpach nuashonraithe maidir le Tionsclaíocht, agus i gcomhréir le tiomantas an Aontais do ghníomhú domhanda ar son na haeráide faoi Chomhaontú Pháras(3). Chun sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach, le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) leagtar síos sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir leis an aeráid chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Is é is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’(5) atá beartaithe sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus déanann sé athbhreithniú agus nuashonrú ar reachtaíocht an Aontais ina leith sin.

(1a)  Mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, ní mór don Aontas bearta a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leis dlús a chur leis an gclaochlú tionsclaíoch glan-nialasachta sa bhaile. Is cuid de na bearta sin é an Rialachán sin agus tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar an gcás gnó le haghaidh dícharbónú tionsclaíoch san Aontas.

(1b)  Ar mhaithe le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, tá sé ríthábhachtach díriú níos mó ar chiorclaíocht agus ar shaolré fada teicneolaíochtaí chun athléimneacht thionscal monaraíochta an Aontais a neartú, agus a thionchair chomhshaoil a laghdú chun rannchuidiú lena iomaíochas inbhuanaithe.

(2)  Leis an Margadh Aonair, soláthraítear an timpeallacht iomchuí chun rochtain ar na teicneolaíochtaí is gá a chumasú ar an scála agus ar an luas atá ag teastáil chun uaillmhian aeráide an Aontais a bhaint amach chomh maith le gealltanas an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun iomaíochas inbhuanaithe a dhéanamh den dícharbónú. I bhfianaise chastacht agus chineál trasnáisiúnta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, le bearta náisiúnta neamh-chomhordaithe chun rochtain ar na teicneolaíochtaí sin a áirithiú, d’fhéadfaí an iomaíocht a shaobhadh agus an Margadh Aonair a ilroinnt. Dá bhrí sin, chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a chosaint, ní mór creat dlíthiúil comhchoiteann de chuid an Aontais a chruthú chun aghaidh a thabhairt le chéile ar an dúshlán lárnach sin trí athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais a mhéadú i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta.

(2a)  Ba cheart aon shlógadh státchabhrach a bheith spriocdhírithe agus sealadach, agus ba cheart di a bheith comhsheasmhach le cuspóirí beartais an Aontais amhail an Comhaontú Glas agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Níor cheart éagothromaíochtaí breise idir na Ballstáit a bheith mar thoradh ar mhaoiniú den sórt sin i gcomhréir le beartais iomaíochta agus chomhtháthaithe an Aontais.

(2b)  Measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go mbeidh luach thart ar USD 650 billiún in aghaidh na bliana ar an margadh domhanda le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí fuinnimh ghlain ollmhonaraithe faoi 2030, rud atá níos mó ná trí oiread an leibhéil reatha. Tá an tionscal glan-nialasachta ar fud an domhain ag fás ag ráta atá ag méadú, go feadh méid an éilimh a sháraíonn an soláthar uaireanta. Tá tionscal an Aontais ina chuid de gheilleagar sóisialta margaidh atá oscailte, dírithe ar onnmhairiú, dian ar chaipiteal agus nach féidir rathúnas a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais leis ach amháin má tá sé iomaíoch ar an margadh domhanda agus oscailte dó. Ba cheart uaillmhian an Aontais maidir leis an tionscal glan-nialasachta a ailíniú leis sin agus ba cheart é a bheith mar aidhm leis sciar suntasach den mhargadh domhanda a ghabháil.

(3)  Maidir le gnéithe seachtracha, cuirfidh an tAontas dlús lena iarrachtaí dul i gcomhar le comhpháirtithe oscailte daonlathacha atá tiomanta do Chomhaontú Pháras. Maidir le margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha, féachfaidh an tAontas le comhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe do chách a bhaint amach faoi chuimsiú Straitéis Global Gateway an Aontais, lena gcuirtear le héagsúlú a shlabhra soláthair amhábhar, spriocanna domhanda aeráide a bhaint amach chomh maith le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta an t-aistriú dúbailte a shaothrú agus breisiú luacha áitiúil a fhorbairt.

(4)  Chun na gealltanais sin a chomhlíonadh, ní mór don Aontas dlús a chur lena luas aistrithe chuig geilleagar glan-nialasachta, lena n-áirítear trí sciar an fhuinnimh ghlain ina mheascán fuinnimh a mhéadú, agus trí éifeachtúlacht fuinnimh agus sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú. Cuideoidh sé sin le spriocanna an Aontais i bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta do 2030 a bhaint amach, is é sin ráta fostaíochta 78 % ar a laghad agus rannpháirtíocht 60 % ar a laghad de dhaoine fásta in gcúrsaí oiliúna. Cuideoidh sé freisin chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú glas cóir agus cothrom(6).

(5)  Leis na praghsanna fuinnimh níos airde mar gheall ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, tugadh spreagadh láidir chun dlús a chur le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus athléimneacht an Aontais Fuinnimh a threisiú trí dhlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas agus trí dheireadh a chur le haon spleáchas ar bhreoslaí iontaise a onnmhairítear ó Chónaidhm na Rúise. Tá ról lárnach ag plean REPowerEU(7) maidir le freagairt a thabhairt ar an gcruatan agus ar an gcur isteach ar an margadh fuinnimh domhanda a tharla mar gheall ar an ionradh a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Is é is aidhm don phlean sin dlús a chur leis an aistriú fuinnimh san Aontas Eorpach, chun ídiú gáis agus leictreachais an Aontais a laghdú agus borradh a chur faoi infheistíochtaí maidir le himscaradh réiteach ísealcharbóin fuinneamhéifeachtúil. Leagtar amach sa phlean sin inter alia na spriocanna chun acmhainneacht fhótavoltach gréine a dhúbailt faoi 2025 agus 600 GW d’acmhainneacht fhótavoltach gréine a shuiteáil faoi 2030; an ráta úsáide teaschaidéal a mhéadú faoi dhó; 10 milliún tona de hidrigin in-athnuaite intíre a thairgeadh faoi 2030; agus táirgeadh bithmheatáin a mhéadú go mór suas le 35 bhilliún méadar ciúbach faoi 2030. Leagtar amach sa phlean freisin, chun spriocanna REPowerEU a bhaint amach, go mbeidh gá le soláthar an trealaimh fuinnimh ísealcharbóin agus na n-amhábhar criticiúil a éagsúlú, leis na spleáchais earnála a laghdú, le bacainní sa slabhra soláthair a shárú agus le hacmhainneacht mhonaraíochta teicneolaíochta fuinnimh ghlain an Aontais a leathnú. Mar chuid d’iarrachtaí an Choimisiúin sciar an fhuinnimh in-athnuaite i nginiúint cumhachta, i dtionscail, i bhfoirgnimh agus in iompar a mhéadú, molann sé an sprioc sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite a mhéadú go 45 % faoi 2030 agus an sprioc sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a mhéadú go 13 %. Leis sin, bheadh na hacmhainneachtaí iomlána giniúna fuinnimh in-athnuaite 1 236 GW faoi 2030, i gcomparáid le 1 067 GW faoi 2030 atá beartaithe faoi thogra 2021, agus tiocfaidh méadú ar na riachtanais stórála le ceallraí chun déileáil leis an eadrannacht san eangach leictreachais. Ar an gcuma chéanna, beartais a bhaineann le dícharbónú na hearnála bóithre, amhail Rialachán (AE) 2019/631(8) agus Rialachán (AE) 2019/1242(9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh siad ina spreagadh láidir chun earnáil an iompair de bhóthar a leictriú a thuilleadh agus, ar an gcaoi sin, an t-éileamh ar cheallraí a mhéadú.

(6)  Tá athruithe tionsclaíocha, eacnamaíocha agus geopholaitiúla ollmhóra ann cheana féin ar fud an domhain mar gheall ar an gclaochlú i dtreo na glan-nialasachta, rud a bheith níos suntasaí ná riamh de réir mar a théann an domhan chun cinn sna hiarrachtaí dícharbónaithe atá á ndéanamh aige. Leis an gconair i dtreo geilleagar aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus glan-nialasach, tugtar deiseanna láidre chun tionscal glan-nialasachta an Aontais a leathnú, agus úsáid á baint as neart an Mhargaidh Aonair, trí infheistíocht a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta ▌agus sna slabhraí soláthair atá acu. Is iad sin na teicneolaíochtaíis gá chun cuspóirí na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a bhaint amach, rud a rannchuidíonn le hathléimneacht agus iomaíochas thionscal an Aontais, rud a fhágann gur féidir ár n-earnálacha eacnamaíocha a dhícharbónú, ón soláthar fuinnimh go dtí an earnáil iompair, foirgnimh agus tionscal. Is féidir le tionscal glan-nialasachta láidir laistigh den Aontas ▌cuidiú go mór le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach go héifeachtach, chomh maith le tacú le cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais, amhail poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chruthú, trí bhonn tionsclaíoch a chruthú a bheidh dírithe ar onnmhairiú agus ar sholáthar intíre.

(7)  Chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ní mór tosaíocht a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh. Is é coigilt fuinnimh an bealach is saoire, is sábháilte agus is glaine chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is prionsabal foriomlán de chuid bheartas fuinnimh an Aontais ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ agus tá sé tábhachtach i dtaca le cur i bhfeidhm praiticiúil an bheartais agus na hinfheistíochta araon. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a leathnú le haghaidh teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh, amhail teaschaidéil agus teicneolaíochtaí eangaí cliste, rudaí a chuidíonn leis an Aontas a ídiú fuinnimh a laghdú agus a rialú.

(8)  Maidir le cuspóirí dícharbónaithe an Aontais, slándáil an tsoláthair fuinnimh, digitiú an chórais fuinnimh agus éileamh a leictriú, mar shampla i dtaca le soghluaisteacht agus an gá atá le pointí mearluchtaithe, tá gá le leathnú ollmhór ar eangacha leictreachais san Aontas ▌ina leith, ar leibhéal an tarchurtha agus ar an leibhéal dáileacháin araon. Ar leibhéal an tarchurtha, tá gá le córais srutha dhírigh ardvoltais chun fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a nascadh; ar an leibhéal dáileacháin, trí sholáthraithe leictreachais a nascadh agus solúbthacht ar thaobh an éilimh a bhainistiú, tógtar ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí eangaí nuálacha, amhail luchtú cliste feithiclí leictreacha, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus uathoibriú tionscail agus rialuithe cliste, ard-infreastruchtúr méadraithe agus córais bainistíochta fuinnimh sa bhaile. Tá gá ag an eangach leictreachais a bheith ag idirghníomhú le go leor gníomhaithe nó gairis bunaithe ar leibhéal mionsonraithe inbhraiteachta, agus, dá bhrí sin, ar infhaighteacht sonraí, chun solúbthacht, luchtú cliste agus foirgnimh chliste a chumasú le heangacha cliste fuinnimh agus seirbhísí solúbhthachta ar mhionscála lena gcumasófar freagairt don éileamh ó thomhaltóirí agus glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh. Chun na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a nascadh le líonra an Aontais▌, is gá leathnú mór a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí monaraíochta le haghaidh eangacha leictreachais i réimsí amhail cáblaí, fostáisiúin agus claochladáin amach ón gcósta agus ar tír.

(8a)  Trí ghníomhaíocht thionsclaíoch a bhraisliú atá dírithe ar siombóis thionsclaíoch, is féidir tionchar na ngníomhaíochtaí ar an gcomhshaol a íoslaghdú chomh maith le gnóthachain éifeachtúlachta a chur ar fáil don tionscal. Dá réir sin, is féidir le braisliú rannchuidiú go mór le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin; cuirtear chun cinn leis an Rialachán sin forbairt Ghleannta um an Tionscal Glan-nialasachta (Gleannta). Ba cheart go mbeadh na Gleannta sin teoranta ó thaobh raon feidhme geografach agus teicneolaíochta de chun siombóis thionsclaíoch a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit na gleannta a ainmniú agus ba cheart Plean ina mbeadh bearta nithiúla náisiúnta a bheith ag gabháil le gach ainmniú chun cur le tarraingteacht an Ghleanna mar shuíomh le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta. Ba cheart gleannta a úsáid go háirithe mar uirlis chun réigiúin a ath-thionsclú, go háirithe i gcás réigiúin ghuail atá i mbun aistrithe.

(8b)  Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann Gleannta a ainmniú agus tacú leo. Agus Gleann á ainmniú aige, ba cheart don Bhallstát plean a tharraingt suas don Ghleann ina sonrófar cé acu gníomhaíocht monaraíochta ghlan-nialasachta atá le cumhdach sa Ghleann (Plean). Ba cheart don Bhallstát measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh freisin de réir mar is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta atá le tarlú sa Ghleann. Leis an measúnú tionchair sin, cuirtear teorainn suntasach leis an ngá atá ann do ghnóthais na measúnuithe sin a dhéanamh le haghaidh ceadanna do na gníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta i raon feidhme an Ghleanna. Ba cheart go n-áireofaí sa Phlean torthaí na measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol chomh maith leis na bearta náisiúnta atá le déanamh chun an tionchar diúltach ar an gcomhshaol a íoslaghdú nó a mhaolú. Ba cheart bearta nithiúla náisiúnta a áireamh sa Phlean freisin chun tacú le gníomhaíocht thionsclaíoch faoi raon feidhme an Ghleanna. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin bearta chun infheistíocht phríobháideach a dhéanamh i mbonneagar fuinnimh, digiteach agus iompair nó chun infheistíocht phríobháideach sa bhonneagar sin a spreagadh, chomh maith le bearta chun an caiteachas oibríochtúil ar an tionscal sa Ghleann a laghdú, amhail conarthaí difríochta le haghaidh praghsanna fuinnimh. Bearta eile atá le breithniú is ea bearta chun cosaint maoine intleachtúla a neartú, mol nuálaíochta a bhunú i nGleann chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta a mhealladh chuig an nGleann. Chun slándáil infheistíochta a sholáthar don tionscal, ba cheart fad na mbeart tacaíochta a shonrú sa Phlean freisin.

(9)  Tá gá le hiarracht bhreise beartais chun tacú leis na teicneolaíochtaí sin atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus a bhfuil acmhainneacht mhaith acu méadú go tapa chun tacú le spriocanna aeráide an Aontais, slándáil an tsoláthair fuinnimh le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair a fheabhsú, agus chun athléimneacht agus iomaíochas foriomlán chóras fuinnimh an Aontais a chosaint nó a neartú. Áirítear leis rochtain ar fhoinse breoslaí shábháilte agus inbhuanaithe den aicme is fearr, mar a thuairiscítear in aithris 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún.

(10)  Chun cuspóirí 2030 a bhaint amach, tá gá le fócas ar leith ar tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, freisin i bhfianaise a rannchuidiú mór i dtreo na conaire i dtreo na glan-nialasachta a bhaint amach faoi 2050. Tá ról lárnach ag na tionscadail sin in uathriail straitéiseach oscailte an Aontais, rud a áirithíonn go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhuinneamh glan, inacmhainne, slán. I bhfianaise an róil atá acu, ba cheart go mbainfeadh na tionscadail sin tairbhe as nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla, ba cheart an stádas náisiúnta is airde is féidir a fháil a chur ar fáil dóibh faoin dlí náisiúnta agus tairbhe a bhaint as tacaíocht bhreise chun infheistíochtaí a phlódú isteach. Chun go n-aithneofar é mar thionscadal straitéiseach, ba cheart don tionscnóir tionscadail na hoibleagáidí is infheidhme a chomhlíonadh i réimsí an dlí shóisialta agus saothair arna mbunú le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

(10a)  Ba cheart tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a chur chun feidhme go hinbhuanaithe trí bheith ag brath ar úsáid cleachtas lena mbaineann freagracht shóisialta lena n-áirítear cearta an duine agus cearta saothair a urramú, rannpháirtíocht fhiúntach a dhéanamh le pobail áitiúla, agus trí bheith ag brath ar chleachtais gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leordhóthanacha um chomhlíonadh chun an riosca go n-imreofar drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht. 

(11)  Chun a áirithiú go mbeidh an córas fuinnimh a bheidh ag an Aontas amach anseo athléimneach, ba cheart an t-uas-scálú sin a dhéanamh feadh shlabhra soláthair iomlán na dteicneolaíochtaí atá i gceist, i gcomhlántacht iomlán leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla.

(11a)  Ó 2007 i leith agus teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 22 Samhain 2007 dar teideal A European Strategic Energy Technology Plan (Set-Plan) - Towards a low carbon future [Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) - I dtreo todhchaí ísealcharbóin] agus an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hathbhreithniú an Phlean Straitéisigh Fuinnimh (SET), tá nuálaíocht an Aontais i dteicneolaíochtaí fuinnimh á spreagadh ag an bPlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET). Dá bhrí sin, chuir Plean SET go mór le bonn eolais láidir ar theicneolaíochtaí fuinnimh agus bhí sé ríthábhachtach chun tosaíochtaí straitéiseacha maidir le taighde, nuálaíocht agus cur in úsáid teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a ailíniú. Chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a chuspóirí iomlána neodrachta carbóin a bhaint amach faoi 2050, ní mór an bonn eolais sin a ghiaráil agus a fheabhsú tuilleadh. Dá bhrí sin, is ionstraim dho-athsholáthair é Plean SET chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach agus is cnámh droma é do chlár oibre nuálaíochta an Rialacháin sin.

(12)  In 2020, ghlac an Coimisiún ▌Straitéis an Aontais Eorpaigh um Comhtháthú Córas Fuinnimh. Leagadh amach sa straitéis fís maidir leis an gcaoi dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh níos comhtháite, córas a thacaíonn le geilleagar aeráidneodrach ar an gcostas is ísle ó earnáil go chéile. Cuimsítear leis trí choincheap chomhlántacha a threisíonn a chéile: ar an gcéad dul síos, córas fuinnimh níos ciorclaí, agus an éifeachtúlacht fuinnimh ina chroílár; ar an dara dul síos, leictriú díreach níos mó in earnálacha na n-úsáideoirí deiridh; ar an tríú dul síos, breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, lena n-áirítear hidrigin▌. Tagraíonn breithnithe a bhaineann le comhtháthú an chórais fuinnimh do réitigh chun an leictreachas ar fad arna ghiniúint ag suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú go hiomlán sa chóras fuinnimh níos leithne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, réitigh theicniúla a ghlacadh lenar féidir farasbarr leictreachais arna ghiniúint ag suiteálacha leictreachais in-athnuaite a chomhtháthú, lena n-áirítear trína stóráil agus trí fhoinsí cumhachta inphleanáilte saor ó iontaisí a leathnú san eangach, sna foirmeacha éagsúla agus trí bhainistiú ar an éileamh.

(12a)  Is teicneolaíocht é gabháil agus stóráil dé-ocsaíde carbóin (CCS) a chuirfidh leis an athrú aeráide a mhaolú. Is éard atá i gceist leis dé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch faoi thalamh chun críocha buanstórála.

(13)  Tá teipthe ar chomhordú a dhéanamh ar réitigh gabhála agus stórála carbóin a fhorbairt don tionscal. Ar an gcéad dul síos, d’ainneoin na dreasachta praghais CO2 atá ag fás, arna soláthar ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais chun go ndéanfaidh tionscal infheistíochtaí in astaíochtaí CO2 a ghabháil, rud lena ndéanfar na hinfheistíochtaí sin marthanach ó thaobh na heacnamaíochta de, tá riosca mór rompu nach mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar láithreán stórála geolaíoch ceadaithe. Ar an dara dul síos, bíonn costais tosaigh roimh infheisteoirí sna chéad láithreáin stórála CO2 chun iad a aithint, a fhorbairt agus a mheas fiú sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar chead stórála rialála. Trédhearcacht maidir le hacmhainneacht stórála CO2 fhéideartha i dtéarmaí oiriúnacht gheolaíoch na limistéar ábhartha agus na sonraí geolaíocha atá ann cheana, go háirithe de thoradh thaiscéaladh láithreán táirgthe hidreacarbóin, is féidir leis an trédhearcacht sin tacú le hoibreoirí margaidh a n-infheistíochtaí a phleanáil. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí agus tuairisciú a dhéanamh go tráthrialta le peirspictíocht fhadtéarmach maidir leis an dul chun cinn láithreáin stórála CO2 agus na riachtanais chomhfhreagracha maidir le hacmhainneachtaí insteallta agus stórála thuas a fhorbairt, chun an sprioc ar fud an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach i gcomhpháirt. Ar an tríú dul síos, níl tionscadail stórála CO2 inmharthana go heacnamaíoch ach amháin nuair is ann do chás gnó feadh an tslabhra luacha iomláin, lena n-áirítear iompar. Dá bhrí sin, ba cheart beartais agus bearta éifeachtacha Aontais agus náisiúnta a bheith ag gabháil le haon oibleagáidí stórála dlíthiúla chun comhordú agus infheistíocht ar fud an tslabhra luacha a áirithiú.

(14)  Is scrogall ríthábhachtach d’infheistíochtaí gabhála carbóin atá ag éirí níos inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de í infhaighteacht láithreán stórála CO2 san Aontas, rud atá mar bhonn agus mar thaca leis na dreasachtaí ó Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10). Chun an teicneolaíocht a uas-scálú agus chun cur leis na príomhacmhainneachtaí atá aige, ní mór don Aontas soláthar réamhbhreathnaitheach de láithreáin stórála CO2 gheolaíocha bhuana a fhorbairt, ar láithreáin iad a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2009/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11). Trí sprioc de chuid an Aontais, mar atá 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil a shainiú faoi 2030, i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí a bhfuil coinne leo in 2030, is féidir leis na hearnálacha ábhartha a n-infheistíochtaí a chomhordú i dtreo shlabhra luacha Aontais um iompar agus stóráil glan-nialasachta CO2, slabhra ar féidir le hearnálacha a úsáid chun a n-oibríochtaí a dhícharbónú. Leis an gcur in úsáid tosaigh sin, tacófar le stóráil CO2 bhreise i dtéarmaí 2050 freisin. Dé réir mheastacháin an Choimisiúin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Aontas suas le 550 milliún tona CO2 a ghabháil in aghaidh na bliana faoi 2050 chun an cuspóir glan-nialasachta a bhaint amach, lena n-áirítear an cuspóir le haghaidh aistrithe carbóin. Leis an gcéad acmhainneacht stórála ar an scála tionsclaíoch sin, bainfear an riosca d’infheistíochtaí chun astaíochtaí CO2 a ghabháil mar uirlis thábhachtach chun aeráidneodracht a bhaint amach. I bhfianaise na gceanglas stórála a bhfuiltear ag súil leo in 2050, ní mór margadh stórála CO2 an Aontais a chomhlánú le margadh a chumhdaíonn tríú tíortha san Eoraip a bhfuil acmhainneacht mhór stórála acu. Nuair a dhéanfar an rialachán seo a ionchorprú i gComhaontú LEE, déanfar sprioc an Aontais ▌acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil ▌a choigeartú dá réir sin. Chun a áirithiú go mbainfear amach sprioc an Aontais, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid tionscadal gabhála agus stórála carbóin a éascú agus a dhreasú. Ba cheart go bhféadfaí a áireamh i mbearta den sórt sin bearta chun astaírí a dhreasú chun astaíochtaí a ghabháil, tacaíocht maoinithe d’infheisteoirí don bhonneagar is gá chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála agus chun tionscadail stórála CO2 a chistiú go díreach.

(15)  Tríd na láithreáin stórála CO2 a chuireann le sprioc 2030 an Aontais mar thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, nó thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a shainiú, is féidir dlús a chur le forbairt láithreán stórála CO2 agus é sin a éascú, agus is féidir an t-éileamh tionsclaíoch méadaithe maidir le láithreáin stórála a threorú i dtreo na láithreán stórála is costéifeachtaí. Tá méadú ag teacht ar líon na ngort gáis agus ola atá ag deireadh a saolré táirgthe úsáideach a d’fhéadfaí a thiontú ina láithreáin stórála CO2. Anuas air sin, dhearbhaigh an tionscal ola agus gáis a dhiongbháilte atá sé tabhairt faoi aistriú fuinnimh agus tá na sócmhainní, na scileanna agus an t-eolas is gá aige chun láithreáin stórála bhreise a iniúchadh agus a fhorbairt. Chun sprioc an Aontais 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil a bhaint amach faoi 2030, ní mór don earnáil a rannchuidiú a chomhthiomsú chun a áirithiú go mbeidh gabháil agus stóráil carbóin mar réiteach aeráide ar fáil sula dtiocfaidh an t-éileamh. Chun a áirithiú go ndéanfar láithreáin stórála CO2 a fhorbairt ar bhealach tráthúil costéifeachtach ar fud an Aontais i gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta, ba cheart do cheadúnaithe táirgthe ola agus gáis san Aontas rannchuidiú leis an sprioc sin ar bhonn pro rata dá n-acmhainneacht mhonaraíochta ola agus gáis, agus solúbthacht á soláthar an tráth céanna chun comhoibriú agus chun rannchuidiú eile ó thríú páirtithe a chur san áireamh. Ba cheart do cheadúnaithe táirgthe ola agus gáis laistigh den Aontas gach iarracht a dhéanamh laistigh dá n-údarás na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh d’fhonn a rannchuidiú faoi seach a chomhlíonadh chun acmhainneacht bhliantúil oibríochtúil insteallta CO2 a bhaint amach. Mar sin féin, ba cheart na hiarrachtaí sin a bheith faoi réir teorainneacha oibiachtúla tráchtála, airgeadais, teicniúla, dlíthiúla agus comhshaoil nach bhfuil neart ag na cuideachtaí sin orthu, a bhféadfadh tionscadail stórála aonair a bheith mar thoradh orthu, d’ainneoin iarrachtaí réasúnta agus stuama ó thaobh na tráchtála de, toisc nach féidir iad a chur i gcrích go hoibiachtúil in am chun na hoibleagáidí a leagtar amach faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(15a)  Tá gá le hiarrachtaí beartais breise chun tacú le hiompar trasteorann CO2 toisc go dtoirmeasctar ar dtús le Prótacal Londan onnmhairiú CO2 le haghaidh stóráil bhuan gheolaíoch faoi bhun ghrinneall na farraige. Rinne páirtithe conarthacha Prótacal Londan a leasú in 2009 chun iompar trasteorann CO2 a cheadú le haghaidh stóráil fho-ghrinneall na farraige, ach ní mór do dhá thrian de na páirtithe conarthacha an leasú a dhaingniú le teacht i bhfeidhm. Ní dócha go dtarlóidh sé sin go luath. Tá gá le hiarrachtaí beartais breise chun aghaidh a thabhairt ar an mbacainn ar imscaradh agus ar mhargadh inmheánach a chruthú d’iompar trasteorann CO2.

(15b)  Tá iarracht bhreise beartais ríthábhachtach chun cur in úsáid na pleanála bonneagair trasteorann a chinntiú. Tá ról ríthábhachtach ag inrochtaineacht agus nascacht raon iomlán na socruithe iompair CO2 maidir le tionscadail CCS agus tionscadail Gabhála agus Stórála Carbóin (CCU) a imscaradh. Cumhdaítear le socruithe den sórt sin long, báirse, traein agus trucail chomh maith le saoráidí seasta chun nascadh agus duga a dhéanamh, le haghaidh leachtú, stóráil maolánach agus tiontairí CO2 i bhfianaise a n-iompair tuilleadh trí phíblínte agus i modhanna tiomnaithe iompair.

(15c)  Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú agus síneadh leanúnach ar an sprioc maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 agus stóráil don tréimhse tar éis 2030 chun riachtanais an Aontais a léiriú chun a sprioc aeráide do 2040 agus neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 i sineirge le dlí gaolmhar an Aontais.

(15d)  Trí CO2 gafa a úsáid i bpróisis táirgthe áirithe, is féidir CO2 a stóráil go buan agus/nó rannchuidiú le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart na heintitis uile a bhfuil baint acu le slabhra luacha na ngníomhaíochtaí insteallta CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo a spreagadh chun a mheas an bhféadfaí an CO2 atá le stóráil a stóráil go buan i dtáirgí nua nó an bhféadfadh sé tacú le cuspóirí an Aontais a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. 

(16)  Chuidigh an tAontas le córas eacnamaíoch domhanda a chruthú atá bunaithe ar thrádáil oscailte, thrédhearcach agus riailbhunaithe, d’éiligh sé caighdeáin maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil agus maidir leis an aistriú aeráide a urramú agus a chur chun cinn, agus tá sé tiomanta go hiomlán do na luachanna sin. Tá sé d’aidhm ag an Aontas cothrom iomaíochta a bhaint amach, go háirithe trí chleachtais éagóracha trádála agus ró-acmhainneacht táirgeachta a chomhrac chun timpeallacht iomaíoch chothrom a áirithiú do thionscal an Aontais, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta (Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-Nialasachta), lena gcuirfear poist ardcháilíochta ar fáil d’oibrithe.

(17)  Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus chun rannchuidiú le tacú le hathléimneacht chóras fuinnimh an Aontais agus le hiarrachtaí dícharbónaithe agus nuachóirithe, ní mór an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas a leathnú. Ní mór do mhonaróirí teicneolaíochtaí fótavoltacha gréine an Aontais a mbuntáiste iomaíoch a mhéadú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú, trí dhíriú ar 30 gigeavata ar a laghad d’acmhainneacht mhonaraíochta fótavoltaí gréine oibríochtúla a bhaint amach faoi 2030, ar fud an tslabhra luacha iomláin fhótavoltaigh gréine, i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i gComhghuaillíocht na hEorpa um an Tionscal Fótavoltach Gréine, a fhaigheann tacaíocht faoi Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh(12). Ní mór do mhonaróirí teicneolaíochtaí gaoithe agus teaschaidéal an Aontais a mbuntáiste iomaíoch a chomhdhlúthú agus a sciar reatha den mhargadh a choinneáil ar bun nó a leathnú le linn na deacáide seo, i gcomhréir le réamh-mheastacháin imlonnaithe teicneolaíochta an Aontais lena gcomhlíontar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais. Ciallaíonn sé sin acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais 36 GW ar a laghad maidir le gaoth agus, 31 GW ar a laghad maidir le teaschaidéil, in 2030. Ní mór do mhonaróirí ceallraí agus leictrealóirí an Aontais a gceannaireacht teicneolaíochta a chomhdhlúthú agus rannchuidiú go gníomhach leis na margaí sin a mhúnlú. I gcás teicneolaíochtaí ceallraí, chiallódh sé sin go rannchuideofaí le cuspóirí Chomhghuaillíocht na hEorpa um Cheallraí agus go mbeadh sé d’aidhm aige go bhfreastalódh monaróirí ceallraí an Aontais ar bheagnach 90 % d’éileamh ceallraí an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh acmhainneacht mhonaraíochta 550 GWh ar a laghad ag an Aontas in 2030. I gcás monaróirí leictrealóirí an Aontais, tá 10 milliún tona de tháirgeadh hidrigine in-athnuaite intíre agus suas le 10 milliún tona breise d’allmhairí hidrigine in-athnuaite faoi 2030 á dtuar ag REPowerEU. Chun a áirithiú go dtiocfaidh ceannaireacht tráchtála as ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais, arna tacú faoin Dearbhú Comhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan, ba cheart do mhonaróirí leictrealóirí an Aontais borradh breise a chur faoina n-acmhainneacht, ionas go sroichfeadh an acmhainneacht fhoriomlán suiteáilte leictrealóirí atá á húsáid 100 GW de hidrigin faoi 2030. Thairis sin, leagtar amach cuspóir sa phlean RePowerEU chun táirgeadh inbhuanaithe bithmheatáin a mhéadú go 35 bhilliún méadar ciúbach faoi 2030. Ós rud é go bhfuil a shlabhra soláthair bunaithe den chuid is mó san Eoraip sa lá atá inniu ann, rannchuidíonn bithmheatán le hathléimneacht an Aontais cheana féin, rud ba cheart a chur chun cinn tuilleadh.

(18)  Agus na cuspóirí sin á gcur san áireamh le chéile, agus é á chur san áireamh an tráth céanna go bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais íseal i gcás gnéithe áirithe den slabhra soláthair (amhail inbhéartóirí, chomh maith le grianchealla, sliseoga, agus uingí le haghaidh fuinneamh fótavoltach gréine nó catóidí agus anóidí le haghaidh ceallraí), ba cheart d’acmhainneacht bhliantúil mhonaraíochta an Aontais díriú ar 40 % ar a laghad de na riachtanais maidir le himscaradh bliantúil a bhaint amach faoi 2030 maidir leis na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a shainmhínítear sa Rialachán seo.Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdódh acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil teicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais ar a laghad 25 % den éileamh domhanda ar na teicneolaíochtaí comhfhreagracha.

(19)  Trí acmhainneacht mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas ▌a mhéadú, méadófar chomh maith soláthar domhanda teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus an t-aistriú chuig forbairt eacnamaíoch ghlan ar fud an domhain freisin. In éineacht le bearta eile chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú, ba cheart go n-áiritheofaí freisin le bearta chun an acmhainneacht mhonaraíochta san Aontas a mhéadú gur cheart don Aontas ról ceannasach a imirt i gcodanna straitéiseacha den slabhra luacha, lena n-áirítear táirgí deiridh, chun an leibhéal cinnteachta soláthair a theastaíonn ón Aontas chun a chuspóirí aeráide a bhaint amach a áirithiú.

(20)  An tráth céanna, cuirfidh táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta le hathléimneacht an Aontais agus le cinnteacht slándáil an tsoláthair fuinnimh de chuid an Aontais maidir le fuinneamh glan. Tá soláthar slán fuinnimh ghlain ina réamhriachtanas don fhorbairt eacnamaíoch, agus don ord poiblí agus don tslándáil freisin. Beidh tairbhe ag baint le táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta freisin d’earnálacha eacnamaíocha eile a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, amhail earnáil na feirmeoireachta agus táirgeadh bia trí rochtain ar fhuinneamh glan agus ar innealra ar phraghsanna iomaíocha a áirithiú, rud a chuirfidh ar bhealach inbhuanaithe le slándáil bia an Aontais agus a chuirfidh roghanna malartacha bithbhunaithe ar fáil tríd an ngeilleagar ciorclach. Ar an gcaoi chéanna, beidh fás eacnamaíoch agus folláine shóisialta mar thoradh ar chomhlíonadh uaillmhianta aeráide an Aontais.

(21)   Braitheann monaraíocht teicneolaíochtaí glan-nialasachta ar shlabhraí luacha atá casta agus idirnasctha ar fud an domhain. Chun an t-iomaíochas a choinneáil ar bun agus chun na spleáchais straitéiseacha ar allmhairí atá ann faoi láthair maidir le táirgí teicneolaíochta glan-nialasacha agus maidir lena slabhraí soláthair a laghdú, agus cruthú táirgí nua atá ag brath ar allmhairí á seachaint an tráth céanna, ní mór don Aontas leanúint dá bhonn tionsclaíoch ▌a neartú agus a bheith níos iomaíche agus níos fabhraí don nuálaíocht. Ní mór don Aontas forbairt na hacmhainneachta mhonaraíochta a chumasú ar bhealach níos tapúla, níos simplí agus níos intuartha tríd an ualach rialála agus riaracháin ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha laistigh dá chríoch a laghdú agus cothrom iomaíochta a bhaint amach le hiomaitheoirí idirnáisiúnta. Go háirithe, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas, faoi 2030, laghdú 20 % a bhaint amach ar an ualach rialála ginearálta ar an tionscal, laghdú 40 % ar an ualach rialála atá ar tháirge nua a chur ar an margadh inmheánach, agus laghdú 40 % ar an ualach riaracháin do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart na hiarrachtaí sin a dhéanamh, go háirithe, laistigh den chreat um Rialáil Níos Fearr agus gan dochar do chaighdeáin chomhshaoil agus saothair an Aontais. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí sin ina Shuirbhé Bliantúil Ualaigh.

(21a)  Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Aontas ar sholáthar slán agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta is gá chun athléimneacht an Aontais a choimirciú agus chun a spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, ní mór don mhargadh inmheánach a bheith ina thimpeallacht thacúil don nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. Beidh an nuálaíocht ina gné ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a áirithiú agus chun cuspóirí glan-nialasachta a bhaint amach a luaithe is féidir. I bhfianaise na bhforbairtí tapa ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta chomh maith leis an treoraíocht rialála shuntasach a sholáthraítear don aistriú glas, tá sé ríthábhachtach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go ndéanfar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag reachtaíocht agus tionscnaimh bheartais an Aontais ar nuálaíocht a mheas go críochnúil agus iad á n-ullmhú, á n-athscrúdú agus á n-athbhreithniú trí phrionsabal na nuálaíochta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Uirlis um Rialáil Níos Fearr #22 chomh maith leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2018 dar teideal A renewed European Agenda for Research and Innovation — Europe’s chance to shape its future [Clár Oibre Eorpach athnuaite don Taighde agus don Nuálaíocht — Deis na hEorpa a todhchaí a mhúnlú].  

(21b)  Tá tábhacht ar leith ag baint le laghdú na n-ualaí rialála agus riaracháin chomh maith le creat rialála oiriúnach a bheith acu do FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún Toscaire FBManna a cheapadh mar chomhairleoir dá Uachtarán. Ba cheart go mbeadh sainordú ag Toscaire na FBManna chun a áirithiú go léireofar go leordhóthanach leasanna FBManna i mbeartais agus i ngníomhartha dlí an Aontais. Ba cheart go mbeadh gach Coimisiún nua in ann Toscaire FBManna a cheapadh laistigh de shé mhí tar éis a cheapacháin féin.

(21c)  Ba cheart na Conairí Aistrithe atá á bhforbairt i ndiaidh Straitéis Tionsclaíochta Nuashonraithe 2021 an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun cuspóirí an Rialacháin sin a léiriú agus ba cheart cumasóirí chomh maith le bacainní ar aistriú agus ar iomaíochas domhanda thionscal an Aontais a shainaithint.

(22)  De bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) ba cheart do na Ballstáit dréachtaí nuashonraithe dá gcuid Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 2021-2030 (PNFAnna) a chur isteach i mí an Mheithimh 2023. Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Treoraíocht ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú(14), ba cheart tuairisc a thabhairt sna pleananna nuashonraithe ar chuspóirí agus ar bheartais na mBallstát chun éascú a dhéanamh ar uas-scálú na dtionscadal monaraíochta maidir le teicneolaíochtaí, trealamh agus príomh-chomhpháirteanna ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá ar fáil ar bhonn tráchtála laistigh dá gcríoch. Ba cheart cur síos a dhéanamh sna pleananna sin freisin ar chuspóirí agus ar bheartais na mBallstát chun uas-scálú a bhaint amach trí iarrachtaí éagsúlaithe i dtríú tíortha, agus chun a chur ar a gcumas do thionscail na mBallstát astaíochtaí CO2 a ghabháil agus a stóráil go buan i láithreáin stórála gheolaíocha. Ba cheart na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin a bheith mar bhonn ar a gcinnfear an gá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta.

(23)  Anuas air sin, leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach(15) cur chuige cuimsitheach chun tacú le huas-scálú teicneolaíochta fuinnimh ghlain bunaithe ar cheithre cholún. Is é is aidhm don chéad cholún timpeallacht rialála a chruthú lena simplítear agus lena gcuirtear dlús le ceadú láithreáin nua monaraíochta agus cóimeála teicneolaíochta glan-nialasachta agus lena n-éascaítear uas-scálú thionscal glan-nialasachta an Aontais. Is é an dara colún den phlean borradh a chur faoin infheistíocht i dtáirgeadh teicneolaíochta glan-nialasachta agus borradh a chur faoin maoiniú ina leith, tríd an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe athbhreithnithe a glacadh i mí an Mhárta 2023 agus trí Chiste Eorpach Ceannasachta a chruthú chun buntáiste an Aontais maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach a chaomhnú. Baineann an tríú colún le forbairt na scileanna is gá chun an t-aistriú a chur i gcrích agus chun líon na n-oibrithe oilte in earnáil na teicneolaíochta fuinnimh ghlain a mhéadú. Dírítear sa cheathrú colún ar thrádáil agus ar éagsúlú shlabhra soláthair na n-amhábhar criticiúil. Áirítear leis sin club amhábhar criticiúil a chruthú, lena n-oibrítear le comhpháirtithe atá ar aon intinn chun na slabhraí soláthair a neartú i dteannta a chéile agus chun éagsúlú a dhéanamh ar shiúl ó sholáthraithe aonair le haghaidh ionchur criticiúil.

(24)  Faoin gcéad cholún, ba cheart don Aontas bonn tionsclaíoch a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun réitigh teicneolaíochta ghlan-nialasachta a sholáthar chun a sholáthar fuinnimh a dhaingniú, agus a uaillmhianta maidir le haeráidneodracht á gcomhlíonadh an tráth céanna. Chun tacú leis an sprioc sin agus chun spleáchais a sheachaint maidir le soláthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chuirfeadh moill ar iarrachtaí an Aontais maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó a chuirfeadh slándáil an tsoláthair fuinnimh i mbaol, leagfar amach sa Rialachán seo forálacha chun éileamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta inbhuanaithe athléimneacha a spreagadh.

(25)  Le Treoracha 2014/23/AE(16), 2014/24/AE(17) agus 2014/25/AE(18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceadaítear cheana féin d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis a dhámhann conarthaí trí nósanna imeachta soláthair phoiblí, anuas ar chúrsaí praghsála nó costais, chun brath ar chritéir bhreise chun an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a shainaithint. Baineann na critéir sin, mar shampla, le cáilíocht na tairisceana lena n-áirítear saintréithe sóisialta, rialachais, comhshaoil agus nuálacha. Agus conarthaí le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta á ndámhachtain trí sholáthar poiblí, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha measúnú cuí a dhéanamh ar rannchuidiú na dtairiscintí le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht chomhshaoil agus shóisialta i ndáil le sraith critéar a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, nuálaíocht, comhtháthú córais agus athléimneacht na tairisceana. Ní foláir d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha a áirithiú go gcaitear go cothrom le soláthraithe náisiúnta leis na nósanna imeachta a bhunaítear i mBallstáit eile agus chun neamh-idirdhealú a áirithiú agus critéir á mbunú acu.

(26)  Is féidir critéir inbhuanaitheachta shóisialta a chur i bhfeidhm cheana féin faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair agus is féidir dálaí oibre agus cómhargáil a áireamh iontu i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Treoir 2014/23/AE, le hAirteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE agus le hAirteagal 36(2) de Threoir 2014/25/AE. Ba cheart do na húdaráis chonarthacha a mheas go rannchuidíonn na tairiscintí leis an inbhuanaitheacht shóisialta trí na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i bhfeidhmiú conarthaí poiblí dóibh, na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí dhlí saothair agus sóisialta an Aontais agus náisiúntaagus i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sna forálacha idirnáisiúnta maidir leis an dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair a liostaítear in Iarscríbhinn X de Threoir 2014/23/AE, Iarscríbhinn X de Threoir 2014/24/AE agus Iarscríbhinn XIV de Threoir 2014/25/AE, agus fostaíocht tharraingteach a thairiscint.

(27)  Gan dochar do reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le teicneolaíocht shonrach, lena n-áirítear faoin Togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos(19) agus faoin Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola(20), agus mura léirítear a mhalairt go sonrach iontu, le linn d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht comhshaoil réiteach glan-nialasachta arna soláthar ar bhonn an Rialacháin seo, spreagtar iad gnéithe éagsúla a bhfuil tionchar acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a chur san áireamh. Féadfar a áireamh orthu sin, mar shampla, marthanacht agus iontaofacht an réitigh; an éascaíocht maidir le deisiúchán agus cothabháil; an éascaíocht maidir le nuashonrú agus athriochtú; an éascaíocht maidir le cáilíocht agus athchúrsáil; substaintí áirithe a úsáid; ídiú fuinnimh, uisce agus acmhainní eile ag céim amháin nó níos mó de shaolré an táirge; meáchan agus toirt an táirge agus an pacáistiú atá aige; ionchorprú ábhar in-athnuaite nó comhpháirteanna úsáidte; cainníocht, saintréithe agus infhaighteacht na dtomhaltán is gá le haghaidh úsáid agus cothabháil chuí; lorg comhshaoil an táirge agus a thionchair ar an gcomhshaol ar feadh a shaolré; lorg carbóin an táirge; an scaoileadh micreaphlaisteach; astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir a scaoiltear in aon chéim saolré amháin nó níos mó den táirge; méideanna na dramhaíola a ghintear; na coinníollacha maidir le húsáid. I gcomhréir le Straitéis Chibearshlándála an Aontais, ba cheart d’údaráis chonarthacha le haghaidh tairiscintí faoin Rialachán seo diúltú do thairiscintí nár deimhníodh faoin scéim ábhartha um dheimhniú cibearshlándála.

(28)  Chun críocha soláthar níos sláine a áirithiú trína chur san áireamh, laistigh de nós imeachta soláthair phoiblí, an gá le foinsí soláthair teicneolaíochtaí glan-nialasachta a éagsúlú ó fhoinsí aonair soláthair de réir bhrí Airteagal 19(2), agus gan dochar do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart a mheas nach bhfuil an soláthar éagsúlaithe go leordhóthanach ar a laghad i gcás ina ndéanfaidh foinse amháin níos mó ná 65 % den éileamh ar theicneolaíocht glan-nialasachta shonrach laistigh den Aontas a sholáthar.

(29)  Chun críocha scéimeanna a bhunú a théann chun tairbhe do theaghlaigh, gnólachtaí, nó do thomhaltóirí, lena ndéantar ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a dhreasú, agus gan dochar do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart a mheas nach bhfuil an soláthar éagsúlaithe go leordhóthanach i gcás ina ndéanfaidh foinse aonair níos mó ná 50% den éileamh iomlán laistigh den Aontas ar theicneolaíocht glan-nialasachta shonrach a sholáthar▌. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún liosta bliantúil a fhoilsiú dar tús dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir le dáileadh thionscnamh na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a thagann faoin gcatagóir seo, arna mhiondealú de réir an sciar de sholáthar an Aontais de thionscnamh foinsí éagsúla le bliain anuas a bhfuil sonraí ar fáil ina leith.

(30)  Le Cinneadh 2014/115/AE(21) ón gComhairle, formheasadh go háirithe an leasú ar Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais’) ▌. Is é is aidhm don Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais creat iltaobhach de chearta agus d’oibleagáidí cothromaithe a bhunú a bhaineann le conarthaí poiblí d’fhonn léirscaoileadh agus leathnú na trádála domhanda a bhaint amach. I gcás conarthaí a chumhdaítear le Foscríbhinn I an Aontais a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais, chomh maith le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil an tAontas faoi cheangal orthu, lena n-áirítear comhaontuithe saorthrádála agus Airteagal III:8(a) den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil maidir le gníomhaireachtaí rialtais do sholáthar táirgí a cheannaítear d’fhonn iad a athdhíol ó thaobh na tráchtála de nó d’fhonn iad a úsáid i dtáirgeadh earraí le haghaidh díolacháin tráchtála, níor cheart d’údaráis chonarthacha ná d’eintitis chonarthacha ceanglais Airteagal 19(2a) agus Airteagal 19(4a), pointe (a) a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí eacnamaíocha foinsí soláthair ar sínitheoirí leis na comhaontuithe iad. 

(31)  Maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le hathléimneacht i nósanna imeachta soláthair phoiblí a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán sin, ba cheart é a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán 2022/1031/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22), Airteagal 25 de Threoir 2014/24/AE▌, agus Airteagail 43 agus 85 de Threoir 2014/25/AE▌, de réir threoraíocht 2019 ón gCoimisiún(23). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go leanfadh forálacha soláthair phoiblí d’fheidhm a bheith acu maidir le hoibreacha, soláthairtí agus seirbhísí faoi réir Airteagal 19, lena n-áirítear Airteagal 67(4) de Threoir 2014/24/AE agus aon bheart cur chun feidhme a eascraíonn as an Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún(24).

(32)  Is íostairseach é ualú na gcritéar maidir le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na tairisceana i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí. Laistigh den íostairseach sin, féadfaidh na húdaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha idirdhealú a dhéanamh idir ualú na gcritéar aonair, gan neamhaird iomlán a dhéanamh ar cheann amháin acu. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha tairseach níos airde a leagan síos i gcónaí le haghaidh critéir ábhartha amháin nó roinnt critéar ábhartha maidir le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú, ba cheart do na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha aird shuntasach a thabhairt ar an rannchuidiú athléimneachta.

(33)  Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin a eascraíonn as an ngá atá ann critéir a chur san áireamh a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus rannchuidiú athléimneachta tairisceana, go háirithe do cheannaitheoirí beaga poiblí agus do chonarthaí ar luach níos ísle ná sin nach bhfuil tionchar tábhachtach acu ar an margadh, ba cheart cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur siar go ceann 2 bhliain i gcás ceannaitheoirí poiblí nach comhlachtaí lárnacha ceannaigh iad agus i gcás conarthaí ar lú a luach ná EUR 25 milliún.

(34)  Chun críocha chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le soláthar poiblí de réir Airteagal 19 den Rialachán sin, i gcás ina gcumhdaítear táirge le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25), níor cheart d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha ach na táirgí a cheannach a chomhlíonann an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 7(2) den Rialachán sin.

(35)  Tá teaghlaigh, gnólachtaí agus tomhaltóirí deiridh ina gcodanna ríthábhachtacha d’éileamh an Aontais ar tháirgí deiridh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus is uirlisí tábhachtacha iad scéimeanna tacaíochta poiblí chun spreagadh a thabhairt do theaghlaigh táirgí den sórt sin a cheannach, go háirithe do theaghlaigh agus do thomhaltóirí leochaileacha ar ioncam íseal agus ar ioncam meánaicmeach íseal, chun dlús a chur leis an aistriú glas. Faoin tionscnamh um dhíonta gréine a fógraíodh i straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh (26)▌, ba cheart do na Ballstáit, mar shampla, cláir náisiúnta a bhunú chun tacú le himscaradh ollmhór grianfhuinnimh dín. I bplean REPowerEU, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as bearta tacaíochta a spreagann an t-athrú chuig teaschaidéil. Ba cheart do scéimeanna tacaíochta den sórt sin a bhunaíonn na Ballstáit go náisiúnta nó a bhunaíonn údaráis áitiúla nó réigiúnacha go háitiúil rannchuidiú le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus athléimneacht theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais. Ba cheart d’údaráis phoiblí, mar shampla, cúiteamh airgeadais níos airde a sholáthar do thairbhithe as ceannach táirgí deiridh glan-nialasachta lena ndéanfar rannchuidiú níos airde le hathléimneacht san Aontas. Ba cheart d’údaráis phoiblí a áirithiú go mbeadh a scéimeanna oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ionas go gcuirfidh siad leis an éileamh ar tháirgí teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas. Ba cheart d’údaráis phoiblí freisin teorainn a chur leis an gcúiteamh airgeadais breise do tháirgí den sórt sin ionas nach gcuirfear moill ar imscaradh na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas. Chun éifeachtúlacht scéimeanna den sórt sin a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh rochtain éasca ar fhaisnéis ar shuíomh gréasáin saor in aisce ag do tomhaltóirí agus monaróirí teicneolaíochta glan-nialasachta araon. Úsáid an rannchuidithe inbhuanaitheachta agus athléimneachta ag údaráis phoiblí i scéimeanna dírithe ar thomhaltóirí nó ar theaghlaigh, ba cheart í a bheith gan dochar do rialacha maidir leis an státchabhair nó do rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais.

(36)  Agus scéimeanna á gceapadh a théann chun tairbhe teaghlaigh, gnólachtaí nó tomhaltóirí lena ndreasaítear ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, ba cheart do na Ballstáit, d’údaráis réigiúnacha nó áitiúla, do chomhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó do chomhlachais ina bhfuil údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí, ba cheart dóibh a áirithiú go n-urramófar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil scéimeanna comhoiriúnach le forálacha EDT agus nach sroichfidh scéimeanna méid a bheadh ina gcúis le dochar tromchúiseach do leas chomhaltaí EDT.

(37)  ▌Ba cheart d’Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa (Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa) ról tábhachtach a bheith aige freisin maidir le dlús a chur le cur chun feidhme rannchuidiú na mBallstát agus na n-údarás poiblí maidir le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht ina gcleachtais soláthair phoiblí agus cheantála agus ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt freisin do na Ballstáit scéimeanna a cheapadh atá dírithe ar theaghlaigh, gnólachtaí agus tomhaltóirí chun sineirgí a fhorbairt agus dea-chleachtais a mhalartú. Tá sé tábhachtach tuiscint shoiléir a bheith ag na húdaráis chonarthacha nó ag na heintitis chonarthacha araon agus ag na cuideachtaí táirgeachta ar gach ceann de na critéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le hArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na hathléimneachta agus na hinbhuanaitheachta, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna, ar cheart deis chothrom a bheith acu a bheith rannpháirteach sa mhargadh substaintiúil don soláthar poiblí. Beidh comhleanúnachas leis an reachtaíocht atá ann cheana ríthábhachtach. Ina theannta sin, ba cheart go soiléireofaí leis an ngníomh cur chun feidhme sin na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 19(4). Thairis sin, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le hArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa, treoraíocht a eisiúint maidir le conas na critéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta a nascadh le reachtaíocht sa todhchaí. Is féidir leis an treoraíocht seo samplaí nithiúla agus sonracha agus dea-chleachtais a chur ar fáil tuilleadh. Chun bheith comhleanúnach leis an reachtaíocht uile a bheidh ann sa todhchaí, ba cheart don Choimisiún a threoraíocht a thabhairt cothrom le dáta gach 6 mhí ar a laghad.

(38)  D’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh soláthar poiblí agus ceantanna chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid go fírinneach le hathléimneacht an Aontais, ní mór na gníomhaíochtaí sin a bheith intuartha don earnáil tionsclaíochta. Chun a chur ar a chumas don tionscal a tháirgeacht a choigeartú in am trátha, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha an margadh a chur ar an eolas roimh ré maidir lena riachtanais soláthair réamh-mheasta le haghaidh táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta. Ba cheart a léiriú i gceantanna freisin go gcruthaíonn boilsciú, mar aon leis an aga tionscanta fada a ghabhann le tionscadail imscartha fuinnimh in-athnuaite, riosca suntasach do ghnólachtaí agus go bhféadfadh sé sin gnólachtaí a dhíspreagadh ó thairiscint a dhéanamh. Chun cinnteacht a sholáthar maidir le cás gnó tairisceana ceant, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sásra innéacsaithe boilscithe san áireamh i ngach ceant. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tairiscintí diúltacha a eisiamh ó cheantanna toisc go bhféadfadh praghsanna fuinnimh arda gan choinne a bheith mar thoradh ar na tairiscintí sin do chustaiméirí an táirgthe fuinnimh in-athnuaite imscartha.

(39)  Mar a léirítear sa Teachtaireacht maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach, a foilsíodh an 1 Feabhra 2023, tá sciartha margaidh thionscal an Aontais faoi bhrú láidir, mar gheall ar fhóirdheontais i dtríú tíortha lena mbaintear an bonn ó chothrom iomaíochta. Tá roinnt tríú tíortha ag cur scéimeanna tacaíochta i bhfeidhm a bhfuil sé d’aidhm acu tionscal na teicneolaíochta glaine a dhaingniú agus a mhealladh. Leis an staid sin, cuirtear dúshlán iomaíoch ar fáil don Aontas a thionscal féin a chothabháil agus a fhorbairt. Fágann sé sin go bhfuil gá le freagairt thapa agus uaillmhianach ón Aontas maidir lena chreat dlíthiúil a nuachóiriú chun dul san iomaíocht ar fud an domhain chun trádáil oscailte chóir a chosaint trí leas iomlán agus éifeachtúil a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil, lena n-áirítear ionstraimí cosanta trádála, agus trí chaighdeáin an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn.

(39a)  I bhfianaise sprioc an Aontais spleáchais straitéiseacha ar thríú tíortha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a laghdú, tá sé ríthábhachtach nach gcuirfidh sásraí tacaíochta poiblí, amhail soláthar agus ceantanna, leis na spleáchais sin. Dá bhrí sin, ba cheart teorainneacha a shocrú maidir le cion na dtáirgí i gconarthaí soláthair a fhaightear ó thríú tíortha, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27) agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28). Thairis sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/1031 agus Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29) a úsáid a mhéid is féidir chun a áirithiú nach mbeidh iomaíocht éagórach roimh chuideachtaí an Aontais le haghaidh conarthaí poiblí.

(39b)  Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, tá gá le foinse thiomnaithe maoinithe phoiblí chun tacú leis na tionscadail a dhéantar dá bhun. Leis an gcistiú sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh rochtain ag cuideachtaí ar fud an Aontais ar an gcistiú is gá, gan beann ar acmhainneachtaí fioscacha na mBallstát ina bhfuil an tionscadal le forbairt. Ní dhéantar foráil maidir leis sin i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 mar a comhaontaíodh in 2020. Tugann an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ‘STEP’ aghaidh i bpáirt ar an tacaíocht is gá do thionscadail faoin Rialachán seo. Cé go mbraitheann STEP ar ath-chlársceidealú agus atreisiú na gclár atá ann cheana chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha, is gné thábhachtach é freisin chun indéantacht agus ullmhú idirghabhálacha nua a thástáil mar chéim i dtreo Ciste Eorpach Ceannasachta. Sa mheastóireacht ar STEP in 2025, déanfar measúnú ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a rinneadh agus beidh sí mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an tacaíocht d’earnálacha straitéiseacha a mhéadú. 

(40)  Tá rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach ríthábhachtach chun uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a áirithiú agus chun bonn monaraíochta daingean agus iomaíoch a bhunú le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair ar fud an Aontais. Tiocfaidh formhór na n-infheistíochtaí is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach ó chaipiteal príobháideach(30), caipiteal a mhealltar le hacmhainneacht fáis an éiceachórais glan-nialasachta. Beidh margaí caipitil atá ag feidhmiú go maith, domhain agus comhtháthaithe ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun na cistí is gá a thiomsú agus a threorú i dtreo an aistrithe ghlais agus na dtionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Tá gá le dul chun cinn gasta i dtreo Aontas na Margaí Caipitil, dá bhrí sin, chun go bhféadfaidh an tAontas a chuspóirí glan-nialasachta a bhaint amach. Tá ról ríthábhachtach ag an gclár oibre airgeadais inbhuanaithe (agus ag an maoiniú cumaiscthe) freisin maidir le huas-scálú infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus iomaíochas na hearnála á ráthú an tráth céanna. Mar a léirítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Rialachán seo, is ionann na riachtanais infheistíochta agus thart ar EUR 92 bhilliún thar an tréimhse 2023-2030, le raon idir thart ar EUR 52 bhilliún agus thart ar EUR 119 mbilliún ag brath ar chásanna éagsúla, rud a d’fhágfadh go mbeadh riachtanais maoinithe phoiblí de EUR 16 go 18 mbilliún ann. Ós rud é nach gcuirtear san áireamh sa mheasúnú sin ach cúig theicneolaíocht shonracha, is dócha go mbeidh an gá le fíor-infheistíocht i bhfad níos airde.

(41)  I gcás nach bhfuil infheistíocht phríobháideach leordhóthanach ann féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht phoiblí i bhfoirm Státchabhrach ag teastáil chun tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta a rolladh amach go héifeachtach. Ní mór éifeacht dreasachta a bheith ag an gcabhair sin, ní mór gá a bheith leis an gcabhair agus ní mór di a bheith iomchuí agus comhréireach. Leis na treoirlínte maidir le Státchabhair atá ann cheana a ndearnadh athbhreithniú domhain orthu le déanaí i gcomhréir leis na cuspóirí dé-aistrithe, soláthraítear féidearthachtaí iomadúla chun tacú le hinfheistíochtaí le haghaidh tionscadail faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir coinníollacha áirithe. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag na Ballstáit maidir le rochtain ar mhaoiniú a éascú do thionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta trí aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh trí thacaíocht spriocdhírithe Státchabhrach. Is é is aidhm don Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, a glacadh an 9 Márta 2023, cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach, agus é dírithe ar na hearnálacha sin inar sainaithníodh riosca um dhí-comhchruinnithe tríú tír, agus atá comhréireach ó thaobh méideanna cabhrach de. Chuirfeadh sé ar a gcumas do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le hinfheistíochtaí nua i saoráidí táirgthe in earnálacha straitéiseacha glan-nialasachta sainithe, lena n-áirítear trí shochair chánach. Féadfar méid na cabhrach atá ceadaithe a mhodhnú le déine cabhrach níos airde agus le huasteorainneacha níos airde ar mhéid na cabhrach má tá an infheistíocht lonnaithe i limistéir fóirithinte, chun rannchuidiú le sprioc an chóineasaithe idir na Ballstáit agus na réigiúin. Tá gá le coinníollacha iomchuí chun na rioscaí nithiúla a bhaineann le hatreorú na hinfheistíochta lasmuigh de Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a fhíorú mar aon le haon bhaol ann go n-athlonnófaí í laistigh de LEE agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. Chun acmhainní náisiúnta a shlógadh chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit sciar d’ioncam Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) a úsáid, ar sciar é nach mór do na Ballstáit a leithdháileadh chun críocha a bhaineann leis an aeráid.

(41a)  Ba cheart foinsí iomadúla maoiniúcháin a chur ar fáil go hiomlán amhail méideanna nár úsáideadh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tacaíocht thiomnaithe ó Chiste AE don Nuálaíocht, scéimeanna maoinithe tiomnaithe ón mBanc Eorpach Infheistíochta, agus úsáid a bhaint, a mhéid is féidir, as cistí uile CAI nár úsáideadh fós. Ba cheart tuilleadh infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a spreagadh trí ráthaíochtaí tiomnaithe Stáit, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí tionsclaíocha i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta.

(42)  Tá roinnt clár cistiúcháin de chuid an Aontais ar fáil freisin, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, InvestEU, cláir bheartais chomhtháthaithe nó an Ciste don Nuálaíocht chun infheistíochtaí a chistiú i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Ní leor buiséad reatha an Aontais chun tacú le cuspóirí an Rialacháin sin nó chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh san athbhreithniú ar CAI 2021-2027 do bhuiséad Eorpach atá oiriúnach dá fheidhm. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do STEP acmhainní airgeadais breise a sholáthar atá tiomnaithe i bpáirt do thionscadail monaraíochta glan-nialasachta a rannchuidíonn le spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú agus le hiomaíochas a thionscail.

(43)  Leis an Rialachán leasaithe maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(31), cuireadh EUR 20 billiún breise de thacaíocht neamh-inaisíoctha ar fáil do na Ballstáit chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun breoslaí iontaise a ionadú, trí thionscadail tionsclaíochta glan-nialasachta an Aontais, i measc nithe eile. Mar a luadh sa Treoraíocht ón gCoimisiún maidir le caibidlí REPowerEU(32), moltar do na Ballstáit bearta a chur san áireamh i gcaibidil REPowerEU dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, bearta lena dtacaítear le hinfheistíochtaí i monaraíocht teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus i nuálaíocht thionsclaíoch, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33).

(43a)  Leis an méadú ar phraghsanna CTA AE, tá méadú suntasach tagtha ar ioncaim ó CTA AE do na Ballstáit. Chun dícharbónú thionscal an Aontais a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit méadú suntasach a dhéanamh ar a leithdháileadh ioncaim náisiúnta a eascraíonn as CTA AE chun tacú le dícharbónú an tionscail agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh 25 % ar a laghad dá n-ioncam náisiúnta a eascraíonn as CTA AE a leithdháileadh chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo.

(44)  Is é clár InvestEU clár suaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoin infheistíocht, go háirithe maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, trí mhaoiniú agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil, mar shampla trí shásraí measctha. Rannchuidíonn cur chuige den sórt sin chun caipiteal poiblí agus príobháideach breise a phlódú isteach. Thairis sin, moltar do na Ballstáit rannchuidiú le hurrann Bhallstáit InvestEU chun tacú le táirgí airgeadais atá ar fáil do mhonaraíocht teicneolaíochta glan-nialasachta, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair.

(45)  Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a sholáthar ó chláir an bheartais chomhtháthaithe i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34) chun glacadh tionscadal straitéiseach glan-nialasachta a spreagadh chomh maith le tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta sna réigiúin ar fad, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha, i réigiúin trasdula agus i gcríocha an Chiste um Aistriú Cóir, trí phacáistí infheistíochta bonneagair, infheistíocht tháirgiúil sa nuálaíocht, acmhainneacht mhonaraíochta FBManna, seirbhísí, beart oiliúna agus uas-scilithe, lena n-áirítear tacaíocht maidir le tógáil acmhainneachta na n-údarás poiblí agus na dtionscnóirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh na rátaí cómhaoinithe is infheidhme arna socrú i gcláir suas le 85 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha agus suas le 60 % nó 70 % maidir le réigiúin trasdula ag brath ar an gciste lena mbaineann agus stádas an réigiúin ach féadfaidh na Ballstáit na huasteorainneacha sin a shárú ar leibhéal an tionscadail lena mbaineann, i gcás inarb indéanta faoi na rialacha maidir le Státchabhair. Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, is féidir cabhrú leis na Ballstáit agus le réigiúin straitéisí fáis glan-nialasachta a ullmhú, timpeallacht an ghnó a fheabhsú, rómhaorlathas a laghdú agus dlús a chur le ceadú. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun inbhuanaitheacht tionscadal ▌ glan-nialasachta a chur chun cinn trí na hinfheistíochtaí sin a leabú i slabhraí luacha Eorpacha, go sonrach trína bheith ag tógáil ar líonraí comhair idir-réigiúnacha agus trasteorann. Ba cheart glacadh beart den sórt sin a mheas go háirithe maidir le Gleannta.

(46)  Leis an gCiste don Nuálaíocht, freisin, soláthraítear bealach a bhfuil gealladh faoi agus atá éifeachtúil ó thaobh costais de chun tacú le huas-scálú monaraíochta agus le himscaradh hidrigine glaine in-athnuaite agus teicneolaíochtaí glan-nialasachta eile san Eoraip, rud a threisíonn ceannasacht na hEorpa i bpríomhtheicneolaíochtaí don ghníomhú ar son na haeráide agus don tslándáil fuinnimh.

(47)  Le Ciste Eorpach Ceannasachta, bheadh freagra struchtúrach ar fáil ar na riachtanais infheistíochta. Chabhródh sé chun buntáiste Eorpach a chaomhnú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Cuirfidh an ionstraim struchtúrach sin leis an taithí a fuarthas ar thionscadail iltíre chomhordaithe faoi IPCEInna agus féachfaidh sí le rochtain na mBallstát uile ar thionscadail den sórt sin a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin déanfar comhtháthú agus an Margadh Aonair a chosaint ar rioscaí a eascraíonn as infhaighteacht éagothrom Státchabhrach. Is féidir [Rialachán STEP] a mheas mar chéim i dtreo Ciste Eorpach Ceannasachta a bhunú a d’fhéadfadh rannchuidiú le beartas tionsclaíoch Eorpach a mhúnlú agus a neartú trí mhaoiniú méadaithe a chur ar fáil do thionscal na hEorpa sa CAI tar éis 2027.

(48)  Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, chun na srianta a bhaineann leis na hiarrachtaí ilroinnte atá ann faoi láthair maidir le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shárú, agus chun comhtháthú agus toradh ar infheistíocht a éascú, ba cheart dóibh sineirgí a chruthú idir na cláir chistiúcháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chomh maith le comhordú agus comhoibriú níos fearr a áirithiú le lucht tionscail agus le príomhpháirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach. Tá ról lárnach ag an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa chun léargas cuimsitheach a fhorbairt ar na deiseanna cistiúcháin ábhartha atá ar fáil agus chun plé a dhéanamh agus tacaíocht a chomhordú ar riachtanais maoinithe aonair na dtionscadal straitéiseach glan-nialasachta. Ba cheart gurb iad na tionscadail a bheidh le plé na cinn a chuirfidh Ballstát nó an Coimisiún ar aghaidh.

(49)  D’fhonn tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus/nó tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a imscaradh nó a leathnú a luaithe is féidir chun rannchuidiú le cinnteacht sholáthar an Aontais le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, tá sé tábhachtach cinnteacht pleanála agus infheistíochta a chruthú tríd an ualach riaracháin ar thionscnóirí tionscadail a choinneáil chomh híseal agus is féidir, gan dochar d’ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais. Chuige sin, ba cheart próisis deonaithe ceadanna na mBallstát le haghaidh tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a chuíchóiriú, agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh na tionscadail sin sábháilte, slán, feidhmiúil ó thaobh an chomhshaoil de, agus go gcomhlíonfaidh siad ceanglais chomhshaoil, shóisialta agus sábháilteachta. Leagtar síos i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais coinníollacha comhchoiteanna le haghaidh próiseáil agus ábhar na bpróiseas deonaithe ceadanna náisiúnta, agus áirithítear ar an gcaoi sin ardleibhéal cosanta don chomhshaol. ▌.

(50)  An tráth céanna, de dheasca dhothuarthacht, chastacht agus, anois agus arís, fhad iomarcach na bpróiseas deonaithe ceadanna náisiúnta, déantar dochar don tslándáil infheistíochta is gá chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a fhorbairt go héifeachtach. Dá bhrí sin, chun a gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú agus dlús a chur leis, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta ceadúcháin a chur i bhfeidhm atá cuíchóirithe agus intuartha. Ina theannta sin, ba cheart stádas tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt do thionscadail straitéiseacha teicneolaíochta glan-nialasachta chun cóireáil mhear riaracháin agus cóireáil phráinneach a áirithiú i ngach nós imeachta breithiúnach nó réitithe díospóide a bhaineann leo.Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit nuálaíocht beartais sa réimse seo a mheas. Chun a áirithiú gur féidir tús áite a thabhairt do thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh trealamh agus foireann leordhóthanach ag na húdaráis inniúla.

(51)  I bhfianaise an róil atá acu slándáil soláthair an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a áirithiú, agus i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ba cheart do na húdaráis cheadúnúcháin fhreagracha a mheas go bhfuil tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta chun leas an phobail. Bunaithe ar mheasúnú de réir an cháis, féadfaidh údarás ceadúcháin atá freagrach a chinneadh go sáraíonn an leas poiblí ar a bhfuil an tionscadal ag freastal na leasa poiblí a bhaineann leis an dúlra agus le cosaint an chomhshaoil agus, dá réir sin, go bhféadfar an tionscadal a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ábhartha uile a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle(36) agus Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37).

(52)  Chun castacht a laghdú agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart do thionscnóirí tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a bheith in ann idirghníomhú le húdarás náisiúnta aonair atá freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna ina iomláine a chomhordú agus as cinneadh cuimsitheach a eisiúint laistigh den teorainn ama is infheidhme. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta aonair a ainmniú (údarás ainmnithe) nó a bhunú. Ag brath ar eagrúchán inmheánach Ballstáit, ba cheart a bheith in ann cúraimí na n-údarás inniúil ▌ a tharmligean chuig údarás eile, faoi réir na gcoinníollacha céanna. Chun an t-ardleibhéal grinnscrúdaithe feadh an phróisis cheadaithe a ráthú, agus chun cur chun feidhme éifeachtach freagrachtaí na mBallstát a áirithiú, ba cheart dóibh pearsanra agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar dá n-údarás ▌inniúil, nó d’aon údarás atá ag gníomhú thar a gceann.

(52a)  Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as Tionscadail Straitéiseacha Ghlan-Nialasachta a roghnú chun breithnithe straitéiseacha a cheadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na PNFAnna. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfónann na tionscadail do leas coiteann an Aontais freisin, lena n-áirítear leasanna buiséadacha an Aontais, ba cheart an t-údarás a bheith ag an gCoimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh ó Bhallstát tionscadal a ainmniú mar Thionscadal Straitéiseach. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne ainmniúcháin, ba cheart an tionscadal a thabhairt chuig an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa. Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le stádas an tionscadail.

(53)  Chun soiléireacht a áirithiú maidir le stádas ceadaithe tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadal straitéiseach ghlan-nialasachta agus chun teorainn a chur le héifeachtacht dlíthíochta mí-úsáidí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus gan an bonn a bhaint d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach an tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go réiteofar aon díospóid a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna ar bhealach tráthúil. Chuige sin, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a áirithiú go mbeidh rochtain ag iarratasóirí agus ag tionscnóirí tionscadail ar nós imeachta simplí um réiteach díospóidí agus go dtabharfar cóir phráinneach do na tionscadail sin i ngach nós imeachta breithiúnach agus réitigh díospóide a bhaineann leo agus urraim do chearta na cosanta á háirithiú an tráth céanna.

(54)  Chun go mbeidh gnólachtaí agus tionscnóirí tionscadail, lena n-áirítear le haghaidh tionscadail trasteorann, in ann tairbhe dhíreach a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh gan ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a thabhú, déantar foráil i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38) maidir le rialacha ginearálta chun nósanna imeachta atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. An fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta mar chuid de na próisis deonaithe ceadanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfar í a chumhdach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 tar éis a leasaithe leis an Rialachán seo, agus tá na nósanna imeachta gaolmhara san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis chun a áirithiú gur féidir le tionscnóirí tionscadail tairbhe a bhaint as nósanna imeachta atá ar líne ina n-iomláine agus as an gCóras Teicniúil Aonuaire. Tá údaráis ainmnithe ▌ atá ag gníomhú mar ionad ilfhreastail de bhun an Rialacháin seo san áireamh i liosta na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2018/1724.

(55)  Bíonn nósanna imeachta ceadúcháin fada casta, idir 2-7 mbliana, ag tionscadail monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta, ag brath ar an mBallstát, ar an teicneolaíocht agus ar an deighleog sa slabhra luacha. I bhfianaise mhéid na n-infheistíochtaí is gá – go háirithe i gcás tionscadail de mhéid gigeahmhonarchan atá ag teastáil chun na barainneachtaí scála a bhfuil coinne leo a bhaint amach – le ceadú easnamhach cruthaítear bacainn bhreise, bacainn lena ndéantar dochar de ghnáth, chun acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhéadú san Aontas. Chun an tslándáil agus an tsoiléireacht is gá a sholáthar do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí eile chun forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtéann an próiseas deonaithe ceadanna a bhaineann le tionscadail den sórt sin thar theorainneacha ama réamhshocraithe. I gcás Tionscadal Straitéiseach Glan-nialasachta, níor cheart fad an phróisis deonaithe ceadanna a bheith níos faide ná 9 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos mó ná 1 GW acu agus 6 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos lú ná 1 GW acu. I gcás ▌ tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta eile, níor cheart fad an phróisis deonaithe ceadanna a bheith níos faide ná 12 mhí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos mó ná 1 GW acu agus 9 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos lú ná 1 GW acu. I gcás teicneolaíochtaí glan-nialasachta nach bhfuil méadracht GW ábhartha ina leith, amhail eangacha leictreachais agus teicneolaíochtaí ▌CCS ▌ nó ▌CCU ▌, ba cheart feidhm a bheith ag uasteorainneacha na sprioc-amanna thuasluaite. Chun na línte táirgeachta atá ann cheana a mhéadú, ba cheart gach ceann de na teorainneacha ama thuasluaite a laghdú faoina leath.

(56)  Thairis sin, i bhfianaise na tábhachta a bhaineann le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta maidir le soláthar fuinnimh an Aontais, ba cheart deireadh a chur go páirteach le sraith srianta riaracháin nó iad a shimpliú chun dlús a chur lena gcur chun feidhme.

(57)  Na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear i ndáil le huisce, aer, éiceachórais, gnáthóga, bithéagsúlacht agus éin, is cuid lárnach iad den nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus is coimirce riachtanach iad chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a chosc nó a íoslaghdú. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta intuartha agus tráthúil, ba cheart aon acmhainneacht chun na measúnuithe agus na húdaruithe is gá a chuíchóiriú, agus sin gan leibhéal na cosanta comhshaoil a ísliú an tráth céanna, a bhaint amach. I ndáil leis sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh na measúnuithe is gá cuachta chun forluí neamhriachtanach a chosc agus ba cheart a áirithiú go dtiocfaidh tionscnóirí tionscadail agus údaráis fhreagracha ar chomhaontú go sainráite maidir le raon feidhme an mheasúnaithe chuachta sula ndéanfar an measúnú ionas nach ndéanfar beart leantach nach bhfuil gá leis.

(58)  Is féidir le coinbhleachtaí úsáide talún bacainní a chruthú maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur in úsáid. Pleananna atá deartha go maith, lena n-áirítear pleananna spásúla agus criosaithe, lena gcuirtear san áireamh an acmhainneacht chun tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun feidhme agus a ndéantar measúnú ar a dtionchar ar an gcomhshaol, tá an acmhainneacht ag na pleananna sin cabhrú le hearraí agus leasanna poiblí a chothromú, an poitéinseal coinbhleachta a laghdú agus dlús a chur le cur in úsáid inbhuanaithe tionscadal monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis fhreagracha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla breithniú a dhéanamh ar fhorálacha maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur san áireamh agus pleananna ábhartha á bhforbairt acu.

(59)  Déanfar sonraí agus seirbhísí spáis arna ndíorthú ó Chlár Spáis an Aontais, agus go háirithe Copernicus, a úsáid a mhéid is féidir chun faisnéis a sholáthar maidir le geolaíocht, bitheolaíocht, éiceolaíocht, forbairt shocheacnamaíoch, agus infhaighteacht acmhainní le haghaidh na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil; sonraí agus seirbhísí den sórt agus, go háirithe, acmhainneacht faireacháin agus fíorúcháin astaíochtaí CO2 antrapaigineacha Copernicus, is iad sin na sonraí agus na seirbhísí is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal tionsclaíoch agus ar thionchar na linnte CO2 antrapaigineacha ar thiúchain agus ar fhloscanna gáis ceaptha teasa domhanda.

(60)  Ba cheart don Choimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39), a iarraidh ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeáin Eorpacha a dhréachtú chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo.

(61)  Tá ról tábhachtacha ag Gleannta Hidrigine a bhfuil feidhmeanna úsáide deiridh tionsclaíocha acu maidir leis na tionscal dianfhuinnimh a dhícharbónú. Leag REPowerEU síos an cuspóir líon na nGleannta Hidrigine san Aontais a dhúbailt. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur le deiseanna trialacha rialála agus iad a mheas agus tosaíocht a thabhairt do rochtain ar chistiú. Chun athléimneacht an tionscail ghlan-nialasachta a neartú, ba cheart do na Ballstáit idirnascadh na nGleannta Hidrigine a áirithiú thar theorainneacha an Aontais. Ba cheart suiteálacha tionsclaíocha a tháirgeann a gcuid fuinnimh féin, agus a rannchuidíonn go dearfach le táirgeadh leictreachais, ba cheart iad a spreagadh chun rannchuidiú leis an eangach chliste fuinnimh mar tháirgeoirí fuinnimh trí cheanglais rialála a shimpliú.

(62)  Is féidir le deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun nuálaíocht a chur chun cinn i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus na foghlama rialála. Ní mór an nuálaíocht a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta ós rud é gur gá torthaí eolaíocha a thástáil i bhfíorthimpeallacht rialaithe. Ba cheart deiseanna trialacha rialála a thabhairt isteach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a thástáil i dtimpeallacht rialaithe ar feadh tréimhse teoranta ama. Is iomchuí cothromaíocht a bhaint amach idir an gcinnteacht dhlíthiúil do rannpháirtithe sna deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta agus baint amach chuspóirí dhlí an Aontais. Ós rud é nach mór do dheiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta na ceanglais riachtanacha maidir le teicneolaíocht ghlan-nialasachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a chomhlíonadh, is iomchuí foráil a dhéanamh nach mbeidh rannpháirtithe faoi réir aon fhíneáil riaracháin nó pionós riaracháin, ar rannpháirtithe iad a chomhlíonfaidh na ceanglais incháilithe do dheiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta agus a leanfaidh, de mheon macánta, an treoraíocht arna tabhairt ag na húdaráis inniúla agus na téarmaí agus na coinníollacha de chuid an phlean a comhaontaíodh leis na húdaráis sin. Tá údar leis sin ós rud é go n-áiritheofar leis na coimircí atá i bhfeidhm, i bprionsabal, go gcomhlíonfar go héifeachtach dlí an Aontais nó dlí na mBallstát maidir leis an teicneolaíocht ghlan-nialasachta a ndéantar maoirseacht uirthi sna deiseanna trialacha rialála. Foilseoidh an Coimisiún doiciméad um Threoraíocht maidir le Deiseanna Trialacha in 2023 mar a fógraíodh sa Chlár Oibre Eorpach um Nuálaíocht nua chun tacú leis na Ballstáit na deiseanna trialacha teicneolaíochta glan-nialasachta. D’fhéadfadh sé go mbeadh na teicneolaíochtaí nuálacha sin bunriachtanach faoi dheireadh chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach, chun slándáil an tsoláthair fuinnimh agus athléimneacht córas fuinnimh an Aontais a áirithiú, agus, dá réir sin, chun dul faoi réir raon feidhme na dteicneolaíochtaí ▌glan-nialasachta.

(63)  Déantar tagarmharc foriomlán agus cuspóirí táscacha a chur chun cinn maidir le monaraíocht táirgí teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas chun iomaíochas tionsclaíoch domhanda an Aontais a fheabhsú agus chun cabhrú le dul i ngleic le spleáchas ar allmhairí agus ábhair imní leochaileachta agus chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais.

(64)  Ceann de phríomhchuspóirí bheartas tionsclaíoch an Aontais is ea an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chumasú agus, ag an am céanna, fás inbhuanaithe agus iomaíochas an Aontais a chaomhnú, poist ardcháilíochta a chothabháil agus a chumas nuálaíochta agus táirgthe a neartú, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí glana. Tá gá mór le hoibrithe oilte breise chun tionscail teicneolaíochtaí glan-nialasachta na hEorpa a uas-scálú mar aon le huathriail straitéiseach oscailte na hEorpa a áirithiú, rud a thugann le tuiscint riachtanais infheistíochta maidir le hathsciliú agus uas-sciliú, lena n-áirítear i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Go sonrach, éileoidh an t-aistriú fuinnimh méadú suntasach ar líon na n-oibrithe oilte i raon earnálacha, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, teicneolaíochtaí eangaí, táirgeadh ceallraí chomh maith le réitigh TF nó chliste le haghaidh barrfheabhsú agus bainistiú córas fuinnimh, agus teicneolaíochtaí eile dícharbónaithe tionsclaíocha. De réir staidéar, d’fhéadfadh an geilleagar ciorclach rannchuidiú le thart ar 700 000 post a chruthú san Aontas Eorpach amháin faoi 2030(40). Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, poist i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a dhéanamh tarraingteach agus inrochtana, go háirithe gairmeacha teicniúla lena n-áirítear trí fheachtais faisnéise de chuid an Aontais chun an t-oideachas teicniúil agus an gairmoideachas a chur chun cinn, chomh maith le poist a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, bainistiú acmhainní agus claochlú tionsclaíoch agus dícharbónú i gcoitinne. Ina theannta sin, is gá dul i ngleic leis an neamhréir atá ann faoi láthair idir scileanna oibrithe an Aontais agus riachtanais na gcuideachtaí. Meastar go mbeidh gá le 180 000 oibrí, teicneoir agus innealtóir oilte san fho-earnáil hidrigine breosla-chille sa mhonaraíocht, agus san fho-earnáil sin amháin, faoi 2030, de réir Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh de chuid an Choimisiúin(41). In earnáil an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh, bheadh gá le suas le 66 000 post sa mhonaraíocht agus sin sa mhonaraíocht amháin. Ina theannta sin, in éagmais cláir oideachais lena gcuirtear chun cinn na scileanna is gá le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, rud a chruthaíonn ganntanas fostaithe oilte agus easpa tuisceana laistigh den riarachán áitiúil i réigiúin áirithe den Aontas, d’fhéadfaí bac suntasach a chur ar fhorbairt thionsclaíoch inbhuanaithe.

(65)  Ós rud é nach mbeidh sé indéanta cumas monaraíochta príomhtheicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas a neartú gan lucht saothair oilte mór, is gá bearta a thabhairt isteach chun dlús a chur le comhtháthú níos mó daoine i margadh an tsaothair, agus chun na tionscail agus na gairmeacha teicniúla lena mbaineann an Rialachán seo a dhéanamh níos tarraingtí, go háirithe do mhná ós rud é go bhfuil an chothromaíocht inscne i bhfad ó bheith bainte amach i ngairmeacha atá dírithe ar an teicneolaíocht, agus do dhaoine óga lena n-áirítear trí chineálacha cur chuige scileanna mar chomhlánú ar earcaíocht ar bhonn cáilíochtaí. Ina theannta sin, ba cheart díriú ar oibrithe ó thríú tíortha freisin toisc nach meallann an tAontas ach sciar beag d’imircigh cháilithe. Sa bhreis air sin, i gcomhréir le cuspóirí an Mholta ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, tá tábhacht le tacaíocht shonrach d’aistriú ó phost go post agus d’fhonn tús áite a thabhairt don fhoghlaim agus oiliúint ar feadh an tsaoil d’oibrithe in earnálacha iomarcacha agus in earnálacha atá ag meath. Is éard atá i gceist leis sin infheistíocht a dhéanamh i scileanna do chách, agus cur chuige spriocdhírithe a bheith ann, ag an am céanna, i leith grúpaí leochaileacha. Áirítear leis sin grúpaí de dhaoine nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), oibrithe imirceacha atá ina gcónaí go dleathach chomh maith le daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair, a bhfuil rochtain theoranta acu ar dheiseanna oiliúna nó a bhfuil poist acu, ar poist iad atá i mbaol dul ar iarraidh nó a bhfuil a n-ábhar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór ag teicneolaíochtaí nua, go háirithe i réigiúin a ndéanann tionchar an aistrithe i dtreo spriocanna 2030 an Aontais de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42) agus Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 difear dóibh. Ba cheart gurb é an cuspóir deiridh poist ardcháilíochta a chruthú a theastaíonn le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas i gcomhréir leis na spriocanna maidir le fostaíocht agus oiliúint Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear pá cothrom agus leormhaith, feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre de bhun Threoir (AE)2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(43), rochtain ar chosaint shóisialta, deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, dálaí maithe oibre in ionaid oibre atá sábháilte agus sláintiúil, chomh maith le cearta cómhargála. Go deimhin, is uirlisí tábhachtacha iad uas-sciliú agus athsciliú ach ní ráthaíonn siad poist ardcháilíochta. D’fhéadfadh ganntanas lucht saothair a bheith mar thoradh ar phá íseal, poist neamhtharraingteacha, drochdhálaí oibre, agus easpa infheistíochta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. Is gnéithe tábhachtacha iad freisin aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus feabhas a chur ar cháilíocht na bpost in earnálacha agus i gcuideachtaí a bhfuil drochdhálaí oibre acu chun oibrithe a mhealladh agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist imirce daoine oilte, rud a fhágann go dtagann méadú ar neamhionannais idir réigiúin, go bhfuil forbairt éagothrom ann agus go bhfuil cumas éagothrom ann an nuálaíocht a spreagadh agus poist ardcháilíochta a chruthú. Ag cur leis na tionscnaimh atá ann cheana, amhail an Comhshocrú AE do Scileanna, gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais maidir le faisnéis agus réamhaisnéis scileanna, amhail an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, Eurofound agus an tÚdarás Eorpach Saothair, agus na Treoirphleananna um chomhar earnála maidir le scileanna, is é an cuspóir atá ann na gníomhaithe uile a shlógadh: udaráis na mBallstát, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, soláthraithe oideachais agus oiliúna lena n-áirítear ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna um eolaíocht fheidhmeach agus comhghuaillíochtaí ollscoile, mar aon le comhpháirtithe sóisialta agus lucht tionscail, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, agus fiontair shóisialta chun riachtanais scileanna a shainaithint, cláir oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus iad a chur in úsáid ar mórscála ar bhealach tapa agus oibríochtúil. Tá ról lárnach ag tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta i ndáil leis sin. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún tacaíocht airgeadais a áirithiú chun a dtionchar agus a bhfor-rochtain a chur in úsáid trí leas a bhaint as féidearthachtaí bhuiséad an Aontais trí ionstraimí amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, InvestEU, an Ciste um Aistriú Cóir, Cistí Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste don Nuachóiriú, REPowerEU agus Clár an Mhargaidh Aonair.

(66)  Ag tógáil ar thionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha agus ar thaithí roimhe seo, amhail moil le haghaidh forbairt scileanna, Comhshocrú AE do Scileanna agus Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, nó an Chomhghuaillíocht Fuinnimh In-athnuaite Eischósta, na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta, ar líonra saineolaithe ábhartha iad (na hAcadaimh), ba cheart dóibh ábhar oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus a chur in úsáid chun oibrithe a theastaíonn le haghaidh príomhshlabhraí luacha teicneolaíochta glan-nialasachta a uas-sciliú agus a athsciliú, amhail teicneolaíochtaí fótavoltacha agus teirmeacha gréine, fuinneamh in-athnuaite muirí, teicneolaíochtaí hidrigine in-athnuaite agus amhábhair, agus CCU. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit raon feidhme agus líon na nAcadamh a chinneadh faoi chuimsiú an Ardáin um Ghlan-nialasachta ar bhonn na staidéar atá ann cheana agus staidéir oibiachtúla i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche agus bunaithe ar chleachtadh mapála ar riachtanais reatha agus riachtanais réamh-mheasta i dtionscail ghlan-nialasachta, lena n-áirítear i réigiúin atá i mbun aistriú. Ba cheart don chleachtadh mapála sin faisnéis a sholáthar faoi ghanntanais scileanna atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn i bpríomhthionscail ghlan-nialasachta ar fud an Aontais agus faoin gcaoi a gcuirtear deiseanna oiliúna ar fáil i dtionscail den sórt sin. Leis an gcleachtadh mapála, ba cheart anailís a dhéanamh freisin ar bhunchúis scileanna agus ar ghanntanais lucht saothair, go háirithe i ndáil le cáilíocht na tairisceana poist i dtionscail ghlan-nialasachta, amhail trí mheasúnú a dhéanamh ar dhálaí oibre agus ar chumhdach na cómhargála. Ina theannta sin, bunaithe ar thorthaí an chleachtaidh mhapála agus na staidéar atá ann cheana agus i gcomhairle leis an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa, ba cheart don Choimisiún glao ar thograí a eisiúint chun acadamh a sheoladh i dteicneolaíocht ar leith nuair a shainaithnítear go bhfuil ganntanas criticiúil scileanna ann i ndáil le teicneolaíocht ghlan-nialasachta (Acadamh). Ba cheart síolchistiú an Aontais a chur ar fáil chun na hAcadaimh a chur ar bun agus chun gur féidir leo feidhmiú d’fhonn iad a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de 3 bliana tar éis a mbunaithe trí ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón earnáil phríobháideach. Tá gá le rialachas láidir chun go mbeidh na hAcadaimh ag feidhmiú chomh tapa agus is féidir chun cláir oiliúna a fhorbairt i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. Ba cheart go ndéanfaí é sin gan dochar don ról cinntitheach is féidir a bheith ag comhpháirtithe sóisialta agus ag ollscoileanna maidir le hAcadaimh den sórt sin a chruthú, amhail i gcás na Comhghuaillíochta Ceallraí. Ba cheart an ról atá ag comhghuaillíochtaí idirnáisiúnta agus idirdhisciplíneacha ollscoile, amhail Transform4Europe, a mheas go háirithe chun caighdeáin níos aontaithe agus níos comhchoitinne a bhaint amach i ngníomhaíochtaí oiliúna agus athscilithe nó uas-scilithe. Go ginearálta, ba cheart tosaíocht a thabhairt freisin d’úsáid bonneagar taighde agus teagaisc atá ann cheana.

(66a)  Ba cheart go mbeadh sé ar cheann d’aidhmeanna na nAcadamh rannchuidiú le hationsclú agus dícharbónú an Aontais agus lena uathriail straitéiseach oscailte. Ba cheart do na hAcadaimh aghaidh a thabhairt freisin ar an ngá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta ag a bhfuil ardchaighdeáin shóisialta agus aeráide a tháirgtear san Aontas. Ba cheart na hAcadaimh a bhunú faoin 31 Nollaig 2024 agus ba cheart dóibh ábhar foghlama a sholáthar san oiread teangacha de chuid institiúidí an Aontais agus is féidir, agus é mar aidhm cothromaíocht gheografach a bhaint amach ar fud na mBallstát. Faoin 31 Nollaig 2025, ba cheart dóibh tosú ar ábhar foghlama tosaigh a scaipeadh ar sholáthraithe ábhartha oideachais agus oiliúna sna Ballstáit, amhail ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna um eolaíochtaí feidhmeacha agus comhghuaillíochtaí ollscoile, gnóthais a chuireann oideachas agus oiliúint den sórt sin ar fáil, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair shóisialta, comhpháirtithe sóisialta agus oiliúnóirí oiliúna. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na hAcadaimh oiliúint agus oideachas 100 000 foghlaimeoir a chumasú in aghaidh an acadaimh, laistigh de 3 bliana ó bhunaítear iad, agus méid na nganntanas scileanna sainaitheanta á chur san áireamh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héagsúlacht i líon na bhfoghlaimeoirí in aghaidh an Acadaimh. Ba cheart do na hAcadaimh rannchuidiú le hinfhaighteacht na scileanna is gá do na teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena n-áirítear FBManna. Ba cheart cláir foghlama atá ann cheana agus a forbraíodh faoi chuimsiú an Chomhshocraithe áitiúil do Scileanna agus na n-ionad barr feabhais gairmiúil a chur san áireamh san ábhar foghlama agus ba cheart go ndíreofaí leis ar gach leibhéal oideachais agus cáilíochta agus ar gach oibrí, lena n-áirítear printísigh, feadh an tslabhra luacha sna hearnálacha lena mbaineann ina gcuirtear gach céim thionsclaíoch i ndiaidh a chéile san áireamh, ó dhearadh an táirge (nó na seirbhíse), go dtí céim na monaraíochta, lena n-áirítear athchúrsáil agus athúsáid ábhar, trína ndéantar na gairmeacha éagsúla uile ar fud an tslabhra luacha a mheas. Ba cheart modúil foghlama ina bhfuil faisnéis ábhartha faoi shláinte agus sábháilteacht ag an obair do gach teicneolaíocht shonrach a áireamh san ábhar sin chomh maith le faisnéis ábhartha ghinearálta maidir le cearta oibrithe agus dálaí oibre, lena n-áirítear maidir le ham oibre agus cearta oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin. D’fhéadfadh soláthraithe oideachais agus oiliúna an t-ábhar sin a choigeartú tuilleadh, i gcás inarb ábhartha, don dlí náisiúnta, do chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme agus do shainiúlachtaí críochacha agus earnála. Ba cheart an t-ábhar foghlama a dhíriú freisin ar fhostaithe i riaracháin náisiúnta agus áitiúla (go háirithe atá freagrach as ceadú, measúnú tionchair agus rialacháin teicneolaíochtaí nua), rud a chuirfeadh le fothú acmhainneachta i measc riaracháin náisiúnta agus le laghdú ar éagothromaíochtaí i measc na mBallstát.

(66b)  Ba cheart do na Ballstáit an t-ábhar foghlama arna fhorbairt ag na hAcadaimh a úsáid agus a chur in úsáid in ionstraimí atá ann cheana amhail an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg a bhfuil sé mar cheann dá chuspóirí oideachas agus oiliúint a chur ar fáil do NEETanna, agus i gcláir mheantóireachta atá ann cheana. Chun trédhearcacht agus iniomparthacht scileanna agus soghluaisteacht oibrithe a áirithiú, agus chun tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin, déanfaidh na hAcadaimh dintiúir a fhorbairt agus a imscaradh, lena n-áirítear micridhintiúir, lena gcumhdófar gnóthachtálacha foghlama. Ba cheart iad a eisiúint i bhformáid na ndintiúr Eorpach don fhoghlaim agus d’fhéadfaí iad a chomhtháthú isteach in EUROPASS agus, i gcás inarb ábhartha, iad a áireamh sna Creataí Náisiúnta um Cháilíochtaí. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an t-ábhar arna fhorbairt ag na hAcadaimh a úsáid chun tacú le hathsciliú agus uas-sciliú leanúnach agus leis na soláthraithe ábhartha oideachais agus oiliúna ar a gcríocha trí chláir náisiúnta agus cistiú ón Aontas, lena n-áirítear ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, ón Ráthaíocht threisithe don Aos Óg, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ó InvestEU, ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón Sásra um Aistriú Cóir, ón gCiste don Nuachóiriú agus ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus chun tacú le comhtháthú na mban i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach maidir le Comhionannas Inscne chun aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne oideachais agus ceirde. Is féidir ról suntasach a bheith ag líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta maidir le húsáid a bhaint as ábhar foghlama na gclár oiliúna arna soláthar ag Acadaimh scileanna chun próifílí gairme Eorpacha a chruthú agus a chur in úsáid agus trí fhaisnéis a sholáthar do sheirbhísí fostaíochta náisiúnta ina dtaobh.

(66c)  Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa cuidiú le treoir a thabhairt d’obair na nAcadamh lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ina n-inneachar ar na ganntanais scileanna arna sainaithint sa chleachtadh mapála agus formhaoirseacht a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an ionadaí náisiúnta arna cheapadh gníomhú mar nasc idir na haireachtaí náisiúnta ábhartha agus údaráis inniúla na mBallstát chomh maith leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus ionadaithe tionscail. Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa faisnéis a bhailiú maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag na hAcadaimh éagsúla agus tuarascáil forléargais a chur ar fáil faoi dheireadh 2026 maidir le cur in úsáid na gclár foghlama, lena n-áirítear líon na bhfoghlaimeoirí a bhaineann tairbhe as cláir na nAcadamh atá imdhealaithe de réir earnálacha tionsclaíocha, inscne, aoise, agus leibhéil oideachais agus cáilíochta.

(67)  In éagmais forálacha sonracha lena dtugtar isteach íoscheanglais oiliúna maidir le rochtain ar ghairm rialáilte nó le saothrú na gairme sin a leagtar amach i ndlí an Aontais, is inniúlacht de chuid an Bhallstáit cinneadh a dhéanamh an ndéanfar gairm a rialáil agus conas a dhéanfar sin, níor cheart rialacha náisiúnta lena n-eagraítear rochtain ar ghairmeacha rialáilte a bheith ina gconstaic gan údar nó díréireach ar fheidhmiú na gceart bunúsach sin. Ba cheart an inniúlacht chun rochtain ar ghairm a rialáil a fheidhmiú laistigh de theorainneacha phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an comhréireachta, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ▌. Sa mheasúnú a dhéanfaidh siad, ba cheart do na Ballstáit aon éifeacht díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag rialáil nó ag gairmeacha ar infhaighteacht scileanna sa Tionscal Glan-nialasachta a chur san áireamh agus féachaint leis an rialachán sna réimsí sin a theorannú a mhéid is féidir.

(68)  I gcás ina n-eascróidh dintiúir as na cláir foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh ▌, ar dintiúir iad a bheadh ina gcabhair lena n-áirítear do dhaoine atá ag lorg rochtain ar ghairm atá rialáilte, ba cheart do na Ballstáit agus d’fhostóirí, chun soghluaisteacht sna gairmeacha tionscail glan-nialasachta a éascú, glacadh leis na dintiúir sin mar chruthúnas leordhóthanach ar an eolas, ar na scileanna agus ar na hinniúlachtaí a fhianaíonn siad.

(68a)  Ní féidir rannchuidiú na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta le cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach ach amháin nuair a chuirtear na teicneolaíochtaí sin in úsáid. Is dócha go dtarlóidh imscaradh den sórt sin, a bheag nó a mhór, i dteaghlaigh phríobháideacha, ach is dócha go dtiocfaidh an chuid is mó den dícharbónú as próisis thionsclaíocha a dhícharbónú. Chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí le haghaidh an dícharbónaithe sin san Aontas, rud atá riachtanach chun poist mhaithe agus rathúnas a áirithiú san Aontas agus chun cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a chomhlíonadh, tá sé ríthábhachtach go rannchuideoidh sé le feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta don tionscal san Aontas.

(69)  Ar leibhéal an Aontais, ba cheart an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa a bhunú, ardán a bheadh comhdhéanta de na Ballstáit agus de Pharlaimint na hEorpa, agus a mbeadh an Coimisiún ina chathaoirleach air. Féadfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le ceisteanna sonracha agus comhlacht tagartha a sholáthar, ina ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a ngníomhaíocht a chomhordú agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo a éascú. Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa na cúraimí a leagtar amach in Airteagail éagsúla an Rialacháin seo a dhéanamh tuilleadh, go háirithe i ndáil le cead a thabhairt, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail, Tionscadail Straitéiseacha Ghlan-nialasachta, maoiniú a chomhordú agus rochtain a fháil air, rochtain ar mhargaí agus ar scileanna chomh maith le deiseanna trialacha rialála le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha glan-nialasachta agus teicneolaíochtaí nuálacha eile. I gcás inar gá, ba cheart go mbeadh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa in ann foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú agus cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe, amhail saineolaithe nó ionadaithe ó thionscail glan-nialasachta.

(70)  Mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-Nialasachta a thabhairt i gcrích lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Is dócha go ndéanfaidh comhar trí na Comhpháirtíochtaí sin glacadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn ar fud an domhain, chun tacú le comhpháirtíochtaí lena dtreisítear an dá thaobh idir an tAontas agus tríú tíortha, lena n-áirítear infheistíochtaí inbhuanaithe agus cúnamh teicniúil. Is féidir le Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-Nialasachta rannchuidiú freisin le héagsúlú agus athléimneacht sholáthar an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a gcomhpháirteanna, feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise idir an tAontas agus a chomhpháirtithe maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt agus tacú le tionscail ghlan-nialasachta an Aontais i dtaobh rochtain a fháil ar an margadh domhanda fuinnimh ghlain agus, ag an am céanna, tacú le tionscail nuaghinte i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain i dtríú tíortha ag a bhfuil buntáistí soiléire comparáideacha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhordú a dhéanamh laistigh den Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa ar na Comhpháirtíochtaí, agus plé á dhéanamh acu ar chomhpháirtíochtaí agus ar phróisis ábhartha atá ann cheana, amhail comhpháirtíochtaí glasa, idirphlé faoi fhuinneamh agus cineálacha eile socruithe conarthacha déthaobhacha atá ann cheana, chomh maith le sineirgí féideartha le comhaontuithe déthaobhacha ábhartha de chuid na mBallstát le tríú tíortha. Ba cheart go léireodh comhaontuithe le tríú tíortha, lena n-áirítear Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan‑Nialasachta, príomhluachanna agus cuspóirí an Aontais, go háirithe maidir le caighdeáin saothair agus caighdeáin idirnáisiúnta chomhshaoil a chur chun cinn sna tíortha sin. Thairis sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan‑Nialasachta rannchuidiú leis an gclaochlú tionsclaíoch ar fud shlabhra luacha iomlán ghnóthais an Aontais agus tríú tíortha agus margaí oscailte agus trádáil chóir á n-áirithiú.

(71)  Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas éagsúlú a dhéanamh ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta lena gcruthaítear comhpháirtíochtaí treisiúcháin frithpháirteacha, ag tógáil ar phleananna forbartha inbhuanaithe na gcomhpháirtithe féin, ar chaighdeáin ábhartha chomhshaoil agus chearta an duine agus ardchaighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil á gcur chun cinn ar fud an domhain. Ba cheart an méid sin a dhéanamh i ndlúthchomhar agus i gcomhpháirtíocht le tíortha atá ar aon intinn leis trí chomhaontuithe atá ann cheana nó margaí straitéiseacha nua. Ar an gcuma chéanna, ba cheart comhar idirnáisiúnta níos láidre ar iarrachtaí taighde agus nuálaíochta a shaothrú chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt agus a chur in úsáid i ndlúthchomhar le tíortha comhpháirtíochta ar bhealach oscailte agus cothromaithe, agus aird chuí á tabhairt ar leasanna agus riachtanais straitéiseacha an Aontais.

(71a)  Ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2023, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin gur bord neamhspleách a dhéanfaidh an tSeiceáil Iomaíochais. Ba cheart do chomhlacht leanúnach oibre an obair sin a chur in iúl maidir leis an ualach rialála a chruthaítear le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus maidir lena tionchar ar iomaíochas thionscal an Aontais, lena n-áirítear tionscail ghlan-nialasachta. Chun an obair sin a éascú, bunaítear leis an Rialachán seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála. Ba cheart don Bhord Comhairleach comhairle eolaíochtbhunaithe a fhorbairt maidir le tionchar an ualaigh rialála san Aontas, ar bhonn cásanna aonair.

(72)  I gcás ina ndéanfar an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún faoin Rialachán seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(44). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(73)  Sa mhéid gur státchabhair atá in aon cheann de na bearta atá beartaithe leis an Rialachán seo, tá na forálacha a bhaineann leis na bearta sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE.

(74)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo creat na mbeart chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, ar fud an Aontais, maidir le nuálaíocht agus uas-scálú acmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, chomh maith le hacmhainneacht mhonaraíochta na gcomhpháirteanna, na n-ábhar agus an innealra feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfeidhmiú san Aontas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  tacú le spriocanna comhshaoil agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, mar a shainítear i Rialachán (AU) 2021/1119;

(b)  iomaíochas tionsclaíoch idirnáisiúnta an Aontais a chothú chun rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú;

(c)  feabhas a chur ar rochtain an Aontais ar sholáthar slán agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta;

(d)  uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a neartú;

(e)  athléimneacht shlabhraí soláthair comhfhreagracha an Aontais a choimirciú; agus

(f)  dícharbónú gheilleagar agus shochaí an Aontais a bhaint amach.

2.  Chun an cuspóir ginearálta dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, tá bearta sa Rialachán seo d’fhonn an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)  laghdú ar spleáchais straitéiseacha san Aontas ar na teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta, agus ar na comhpháirteanna, ábhair agus innealra feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfeidhmiú agus go mbainfear amach acmhainneacht mhonaraíochta faoi 2030 a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas:

(i)  40 % ar a laghad de riachtanais imscartha bhliantúla an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha atá riachtanach chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach, bunaithe ar an imscaradh teicneolaíoch atá beartaithe ar fud an Aontais de réir na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna n-ullmhú agus arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1999; agus

(ii)  25 % ar a laghad den éileamh domhanda ar na teicneolaíochtaí comhfhreagracha;

(b)  saorghluaiseacht ráthaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus seirbhísí gaolmhara a chuirtear ar an margadh inmheánach.

3.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 35, nach dócha go mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 amach, déanfaidh sé measúnú ar indéantacht agus comhréireacht beart a mholadh nó a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí sin amach. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht spriocanna níos gráinní le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí agus comhpháirteanna a bhunú, lena n-áirítear trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 33, lena bhforlíontar an Rialachán seo, chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa chun a chinneadh cé na bearta nó na cumhachtaí ba cheart a chur i bhfeidhm.

Airteagal 2

Raon feidhme

Cé is moite d’Airteagail 26 agus 27 den Rialachán seo, a bhfuil feidhm acu maidir le teicneolaíochtaí nuálacha glan-nialasachta, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta, mar a liostaítear in Airteagal 3a(1), agus maidir leis na comhpháirteanna, na hábhair agus leis an innealra feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfeidhmiú. Déanfar amhábhair, ábhair phróiseáilte agus comhpháirteanna a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE).../... [cuir isteach fonóta ina bhfuil tagairtí foilseacháin an Rialacháin um Amhábhair Chriticiúla] agus faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1781 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta’ na teicneolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 3a(1);

(b)  ciallaíonn ‘comhpháirt’ eilimint mhonaraithe de tháirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta;

(ba)  ciallaíonn ‘ábhair’ aon amhábhair nó aon ábhair phróiseáilte is gá chun comhpháirt de theicneolaíocht glan-nialasachta nó táirge deiridh a tháirgeadh;

(c)  ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha’ teicneolaíochtaí a chuimsíonn fíornuálaíocht, nach bhfuil ar fáil ar an margadh inmheánach faoi láthair agus a chuireann feabhas ar an teicneolaíocht inchomparáide cheannasach ghlan-nialasachta ar bhealach amháin ar a laghad, chomh maith le haon teicneolaíocht a áirítear sa Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 26d;

(ca)  ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí nuálacha eile’ teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach agus glan a chumasú agus spleáchais straitéiseacha a laghdú, a chuimsíonn fíornuálaíocht nach bhfuil ar fáil ar an margadh inmheánach faoi láthair agus atá forbartha go leor le tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe;

(cb)  ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha réamhthráchtála’ teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ach atá forbartha go leor chun tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe;

(cc)  ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta tráchtála nua’ teicneolaíochtaí glan-nialasachta nach bhfuil ar fáil go fóill ar bhonn tráchtála ar mórscála, a bhfuil sciar íseal den mhargadh acu, a chuireann feabhas ar na teicneolaíochtaí inchomparáide ceannasacha ar bhealach amháin ar a laghad, agus a bhfuil leibhéal soiléir riosca ag baint leo nuair a áirítear iad i soláthar;

(cd)  ciallaíonn ‘soláthar réamhthráchtála’ soláthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha réamhthráchtála a bhaineann roinnt riosca-sochair faoi dhálaí margaidh leis, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, ina bhfuil scaradh soiléir idir gníomhaíochtaí forbartha na dtáirgí a sholáthraítear agus imscaradh mhéideanna tráchtála na dtáirgí deiridh;

(ce)  ciallaíonn ‘soláthar poiblí réiteach nuálach’ soláthar dá bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar chustaiméir céadtrialach le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha tráchtála, a bhféadfaí tástáil chomhréireachta a áireamh ann;

(d)  ciallaíonn ‘tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’ saoráid thionsclaíoch bheartaithe nó leathnú nó athrú cuspóra saoráide atá ann cheana chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta, táirgí deiridh nó comhpháirteanna, ábhair nó innealra a mhonarú feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfheidhmiú;

(e)  ciallaíonn ‘tionscadal straitéiseach glan-nialasachta’ tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a roghnaítear i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 10;

(ea)  ciallaíonn ‘gleann um an tionscal glan-nialasachta’ nó ‘Gleann’ limistéar talún sonrach atá ainmnithe ag Ballstát chun tógáil nó leathnú saoráidí monaraíochta a chur chun cinn i slabhra soláthair an tionscail glan-nialasachta;

(f)  ciallaíonn ‘próiseas deonaithe ceadanna’ próiseas lena gcumhdaítear na ceadanna riaracháin ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a phleanáil, a thógáil, a mhéadú agus a oibriú, amhail tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, lena n-áirítear ceadanna, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, i gcás inar gá leo sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta riaracháin uile ón iarratas ▌a fháil ag an údarás ainmnithe go dtí go dtabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach nó, i gcás inarb ábhartha, an t-oibreoir eangaí atá freagrach fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta;

(g)  ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tsraith cinntí a dhéanann údaráis de chuid na mBallstát, gan cúirteanna ná binsí a áireamh, lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil tionscnóir tionscadail údaraithe chun tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chur chun feidhme, gan dochar d’aon chinneadh a dhéanfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;

(h)  ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ aon ghnóthas nó aon chuibhreannas gnóthas a bhfuil tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó tionscadal straitéiseach glan-nialasachta á fhorbairt aige;

(ia)   ciallaíonn ‘deis thrialach rialála teicneolaíochta glan-nialasachta’ scéim lena gcuirtear ar a gcumas do ghnóthas teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a thástáil i bhfíorthimpeallacht rialaithe, faoi phlean sonrach, a dhéanann údarás inniúil í a fhorbairt agus faireachán uirthi.

(k)  ciallaíonn ‘údarás lena mbaineann’ údarás atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe a eisiúint a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh;

(l)  ciallaíonn ‘nós imeachta soláthair phoiblí’ aon cheann díobh seo a leanas:

(i)  aon chineál nós imeachta dámhachtana a chumhdaítear le Treoir 2014/24/AE maidir le conradh poiblí a thabhairt i gcrích nó le Treoir 2014/25/AE maidir le conradh soláthair, oibreacha agus seirbhíse a thabhairt i gcrích;

(ii)  nós imeachta maidir le hoibreacha nó lamháltas seirbhíse a dhámhachtain a chumhdaítear le Treoir 2014/23/AE;

(m)  ciallaíonn ‘údarás conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, údarás conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 2(1), pointe (1) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE;

(n)  ciallaíonn ‘eintiteas conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, eintiteas conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE;

(o)  ciallaíonn ‘conradh’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, conradh poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5) de Threoir 2014/24/AE, ‘conarthaí’ mar a shainmhínítear sa téarma ‘conarthaí soláthair, oibreacha agus seirbhíse’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE, agus ‘lamháltais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Threoir 2014/23/AE;

(p)  ciallaíonn ‘ceant’ sásra le haghaidh nósanna imeachta iomaíocha tairisceana nach dtagann faoin sainmhíniú ar ‘lamháltais’ de réir Airteagal 5, pointe (1), de Threoir 2014/23/AE;

(q)  ciallaíonn ‘acmhainneacht insteallta CO2’ an méid bliantúil CO2 is féidir a instealladh i láithreán stórála geolaíoch oibríochtúil, a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, lena n-áirítear uiscígh shailíne, a chuirtear ar fáil leis an modh chun CO² a ghabháil agus a iompar chuig an láithreán, agus chun astaíochtaí a laghdú nó chun aistrithe dé-ocsaíde carbóin a mhéadú, go háirithe ó shuiteálacha tionsclaíocha mórscála agus a thomhaistear i dtonaí in aghaidh na bliana;

(qa)  ciallaíonn ‘gréasáin iompair CO2’ bonneagar iompair ilmhódach CO2, lena n-áirítear gréasán píblínte, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora ghaolmhara, chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála;

(r)  ciallaíonn ‘comhtháthú córas fuinnimh’ réitigh chun an córas fuinnimh ina iomláine a phleanáil agus a oibriú, ar fud iompróirí fuinnimh, bonneagair agus earnálacha tomhaltais éagsúla, trí naisc níos láidre a chruthú eatarthu chun seirbhísí fuinnimh atá saor ó iontaise, iontaofa agus tíosach ar acmhainní a sholáthar, ar an gcostas is lú is féidir don tsochaí.

(s)  ciallaíonn ‘acmhainneacht mhonaraíochta’ méid iomlán acmhainneachta táirgeachta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgtear i dtionscadal monaraíochta. Mura dtáirgeann an tionscadal monaraíochta táirgí deiridh ach comhpháirteanna sonracha nó innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun táirgí den sórt sin a tháirgeadh, tagraíonn an acmhainneacht monaraíochta d’acmhainneacht táirgeachta an táirge deiridh a ndéanfaí as comhpháirteanna nó innealra sonrach den sórt sin.

Airteagal 3a

Teicneolaíochtaí glan-nialasachta

1.  Is iad seo a leanas na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo: 

(a)  teicneolaíochtaí a úsáidtear chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainítear i dTreoir (AE) 2018/2001;

(b)  teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe agus comhleá núicléach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí thimthriall an bhreosla núicléach;

(c)  teicneolaíochtaí stórála fuinnimh;

(d)  teicneolaíochtaí um baint, ghabháil, iompar, instealladh, stóráil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (CO2), meatáin (CH4) agus ocsaíde nítriúla (N2O);

(e)  teicneolaíochtaí bonneagair iompair hidrigine (H2);

(f)  teicneolaíochtaí leictrealóirí agus breosla-chille; 

(g)  teicneolaíochtaí leictreacha, hidrigine (H2), breoslaí malartacha inbhuanaithe mar a shainítear i Rialachán (AE).../... [IO chun tagairt do Rialachán 2021/0210(COD) maidir le breoslaí muirí inbhuanaithe a chur isteach], agus tiomána gaoithe le haghaidh iompair;

(h)  teicneolaíochtaí luchtaithe leictrigh le haghaidh iompair;

(i)  teicneolaíochtaí maidir le bonneagar táirgthe agus athbhreoslaithe hidrigine (H2), breoslaí malartacha inbhuanaithe mar a shainítear i Rialachán (AE).../... (IO chun tagairt do ...[Eitlíocht ReFuel 2021/0205(COD)] agus bithmheatáin (CH4);

(j)  teicneolaíochtaí teaschaidéal;

(k)  teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh;  

(l)  teicneolaíochtaí dáilte fuinnimh theirmigh agus eangaí leictrí;

(m)  teicneolaíochtaí bainistithe fuinnimh;

(n)  teicneolaíochtaí próiseas tionsclaíoch agus leictriúcháin ardéifeachtúlachta do thionscail atá dian ar fhuinneamh agus ar charbón;

(o)  teicneolaíochtaí táirgthe bithábhar, lena n-áirítear teicneolaíochtaí táirgthe ceimiceán bithbhunaithe;

(p)  teicneolaíochtaí athchúrsála.

2.  Laistigh de 6 mhí ón spriocdháta chun fógra a thabhairt faoi gach plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus laistigh de 6 mhí ón spriocdháta chun gach nuashonrú ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chur isteach de bhun Airteagal 14(2) den Rialachán sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe a mholadh, i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán seo, lena leasófar an liosta sin chun a áirithiú go léireofar ann na riachtanais teicneolaíochta a eascraíonn as pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát.

Caibidil II.

Coinníollacha cumasúcháin le haghaidh monaraíocht teicneolaíochta glan-nialasachta

Roinn I.

Próisis riaracháin agus deonaithe ceadanna a chuíchóiriú

Airteagal 4

Ionad ilfhreastail

1.  Faoin ...[3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh nó bunóidh na Ballstáit údarás inniúil amháin (údarás ainmnithe). Beidh an t-údarás ainmnithe freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna a éascú agus a chomhordú le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ▌agus chun comhairle a sholáthar maidir leis an ualach riaracháin a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.  Is é an t-údarás ainmnithe ▌an t-aon phointe teagmhála a bheidh ag an tionscnóir tionscadail sa phróiseas deonaithe ceadanna as a dtiocfaidh cinneadh cuimsitheach maidir le tionscadal áirithe, agus déanfaidh an t-údarás ainmnithe sin cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad a chomhordú.

3.  Féadfar freagrachtaí an údaráis ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 nó na cúraimí a bhaineann leis a tharmligean chuig údarás eile nó féadfaidh an t-údarás eile sin iad a chur i gcrích, i gcás aon tionscadal áirithe, ar choinníoll:

(a)  go dtabharfaidh an t-údarás ainmnithe fógra don tionscnóir tionscadail faoin tarmligean sin;

(b)  go mbeidh údarás amháin freagrach as gach ceann de na tionscadail faoi seach;

(c)  go ndéanfaidh údarás amháin cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad a chomhordú.

4.  Ceadófar do thionscnóirí tionscadail aon doiciméad atá ábhartha maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a chur isteach i bhfoirm leictreonach.

5.  Cuirfidh an t-údarás ainmnithe aon staidéar bailí a rinneadh agus aon chead nó údarú a eisíodh le haghaidh tionscadal áirithe sular tháinig an tionscadal isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna san áireamh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus ní éileoidh sé staidéir dhúbailte, ceadanna dúbailte ná údaruithe dúbailte, mura gceanglaítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais.

6.  Áiritheoidh an t-údarás ainmnithe go mbeidh rochtain éasca ag iarrthóirí ar nósanna imeachta simplí agus faisnéis faoi na nósanna imeachta sin chun díospóidí a réiteach a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus le ceadanna a eisiúint chun tionscadail a thógáil nó a mhéadú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí réitigh díospóide malartacha.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá, lena n-áirítear le haghaidh an uas-scilithe agus an athscilithe, ag na húdaráis náisiúnta lena mbaineann agus ag údaráis inniúla eile atá freagrach as aon chéim feadh na bpróiseas deonaithe ceadanna, lena n-áirítear gach céim ghnásúil, chun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach.

8.  Déanfaidh an tArdán dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 29 plé tréimhsiúil ar chur chun feidhme na Roinne seo agus Airteagail 12 agus 13 agus comhroinnfidh sé dea-chleachtais maidir le húdaráis inniúla náisiúnta a eagrú agus dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe.

8a.  Breithneoidh na Ballstáit ar thacaíocht dhíreach a mhéadú don údarás ainmnithe faoi Phleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil ar fáil don údarás ainmnithe agus do na Ballstáit chun an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích.

8b.  Déanfaidh an t-údarás ainmnithe na ceanglais mhionsonraithe agus an méid faisnéise a iarrfar ar thionscnóir tionscadail a shonrú agus a chur ar fáil sula gcuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.  

Airteagal 5

Inrochtaineacht faisnéise ar líne

Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi phróisis riaracháin atá ábhartha maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, ar líne agus ar bhealach láraithe inrochtana:

(a)  an próiseas deonaithe ceadanna;

(b)  seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta;

(c)  deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát;

(d)  seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla, dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin.

Airteagal 5 a

Dlús a chur leis an gcur chun feidhme

1.  Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi ghníomhaíochtaí chun dlús a chur le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i dtionscadail monaraíochta glan-nialasachta agus chun na hinfheistíochtaí a phlódú isteach. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, tacaíocht a sholáthar do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú a fháil, agus an tacaíocht sin a chomhordú. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go gcuirfear an tacaíocht ar fáil don tionscnóir tionscadail laistigh de 6 mhí ón iarraidh ar an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chur isteach.

2.  Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht riaracháin agus oibríochtúil ar fáil do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe ar a gcríoch, chun a gcur chun feidhme tapa agus éifeachtach a éascú, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna atá rannpháirteach sna tionscadail, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)  cúnamh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí riaracháin agus tuairiscithe is infheidhme a áirithiú; 

(b)  cúnamh do thionscnóirí tionscadail chun glacadh an phobail leis an tionscadal a mhéadú tuilleadh. 

(c)  cúnamh do thionscnóirí tionscadail le linn an phróisis deonaithe ceadanna, go háirithe do FBManna.

Sa bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn na Ballstáit, soláthróidh an Coimisiún tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír do na tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta.

Chun é sin a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leormhaithe ag na comhlachtaí riaracháin ábhartha agus go mbeidh foireann leormhaith acu chun freagra a thabhairt laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme ar iarrataí a dhéanfar amach anseo.

3.  Faoin 31 Nollaig 2024, molfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle modh chun comhordú a dhéanamh ar na foinsí éagsúla cistiúcháin phoiblí le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ón Aontas agus ó na Ballstáit d’fhonn dlús a chur lena n-imscaradh.

Airteagal 6

Fad an phróisis deonaithe ceadanna

1.  Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta níos faide ná aon cheann de na teorainneacha ama seo a leanas:

(a)  9 mí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;

(b)  12 mhí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil ar mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW.

2.  I gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná teorainn ama 12 mhí.

3.  I gcás acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú i saoráidí monaraíochta atá ann cheana, déanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath.

4.  I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla síneadh 1 mhí ar a mhéad a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás.

I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe nó an phobail i gcoitinne, agus i gcás ina mbeidh gá le ham breise chun a shuí go bhfuil coimircí leormhaithe curtha i bhfeidhm, féadfaidh siad síneadh 6 mhí eile a chur leis na teorainneacha ama sin, sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás.

5.  I gceachtar cás, cuirfidh an t-údarás ainmnithe an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna leis an síneadh agus faoin dáta a bhfuil coinne leis an gcinneadh cuimsitheach i scríbhinn.

6.  Tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis do na húdaráis inniúla an t-iarratas ar dheonú ceada a fháil, déanfaidh siad an t-iarratas a bhailíochtú nó, murar sheol an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis uile is gá chun iarratas a phróiseáil, iarrfaidh siad ar an tionscnóir tionscadail iarratas iomlán a chur isteach laistigh de 14 lá tar éis na hiarrata sin. Is é an dáta a admhóidh an t-údarás ainmnithe náisiúnta ▌go bhfuair sé an t-iarratas den chéad uair tús an phróisis deonaithe ceadanna.

7.  Tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta a ghlacfar le bailíocht an iarratais, déanfaidh an t-údarás ainmnithe, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna. Foilseoidh an t-údarás ainmnithe ▌an sceideal ar shuíomh gréasáin saor-rochtana.

8.  Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.

9.  Na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainn ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.

9a.  Áiritheoidh an t-údarás ainmnithe go measfar na céimeanna idirmheánacha sonracha a bheith formheasta mar thoradh ar an easpa freagartha ó na comhlachtaí riaracháin ábhartha laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear san Airteagal sin, ach amháin i gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin sa chóras dlí náisiúnta. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le cinntí críochnaitheacha i dtaca le toradh an phróisis. Nuair a ghlacfar cinneadh críochnaitheach maidir le toradh an phróisis ar bhonn formheas intuigthe, cuirfear fógra sainráite chuig an tionscnóir tionscadail laistigh de sheachtain tar éis theacht i bhfeidhm an fhormheasa intuigthe. Cuirfear gach cinneadh, lena n-áirítear fógra maidir le formheas intuigthe, ar fáil go poiblí.

9b.  I gcomhréir leis an Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun tacar íosta ceanglas um dheonú ceadanna a bhunú nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, go háirithe chun an obair ullmhúcháin a shimpliú do thionscnóirí a chuireann tionscadail mhonaraíochta isteach, agus ag an am céanna treoir na n-iarrataí ó riaracháin a éascú.

Airteagal 7

Measúnuithe agus údaruithe comhshaoil

1.  I gcás nach mór measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 5 go 9 de Threoir 2011/92/AE, iarrfaidh an tionscnóir tionscadail lena mbaineann tuairim ar an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4 ar raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le háireamh sa tuarascáil maidir leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 5(1) den Treoir sin. Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta go n-eiseofar an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a luaithe is féidir agus laistigh de thréimhse ama nach faide ná 20gan eisceacht ón dáta a chuir an tionscnóir tionscadail a iarraidh isteach, ar choinníoll go n-áireofar san iarraidh sin an doiciméadacht uile is gá. Cuirfidh na húdaráis inniúla liosta den doiciméadacht is gá ar fáil don tionscnóir tionscadail ag tús a n-iarrtha, beidh sé mar aidhm acu an próiseas a chuíchóiriú agus treoir a thabhairt don tionscnóir tionscadail tríd an bpróiseas.

2.  I gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE, Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(45), Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(46), Treoir 2010/75/AE nó Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(47), déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta foráil maidir le nósanna imeachta comhordaithe nó comhpháirteacha lena gcomhlíonfar ceanglais na reachtaíochta sin de chuid an Aontais.

Faoin nós imeachta comhordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhordóidh an t-údarás inniúil náisiúnta na measúnuithe aonair éagsúla ar thionchar comhshaoil tionscadail ar leith a cheanglaítear le reachtaíocht infheidhme an Aontais.

Faoin nós imeachta comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta foráil maidir le measúnú aonair ar thionchar comhshaoil tionscadail ar leith a cheanglaítear le reachtaíocht infheidhme an Aontais.

Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm an nós imeachta chomhpháirtigh nó an nós imeachta comhordaithe difear d’inneachar an mheasúnaithe tionchair ar an gcomhshaol.

3.  Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta go n-eiseoidh na húdaráis lena mbaineann conclúid réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(iv) de Threoir 2011/92/AE maidir leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol laistigh de 80 lá tar éis dóibh an fhaisnéis uile is gá a bailíodh de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 den Treoir sin a fháil, a cáilíocht a fhíorú, agus na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin a thabhairt i gcrích.

3a.  I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina n-éilítear amhlaidh mar gheall ar chineál, castacht, suíomh nó méid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhadú go ceann 30 lá ar a mhéad, sula rachaidh siad in éag nó ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lenar tugadh údarú leis an bhfadú agus faoin dáta a bhfuiltear ag dréim leis an gconclúid réasúnaithe.

4.  Ní bheidh na tréimhsí chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann maidir leis an tuarascáil chomhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/92/AE níos faide ná 80 lá ná níos giorra ná 40 lá. I gcásanna a thagann faoi Airteagal 6(4), an dara fomhír, féadfar síneadh 90 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna lena dtugtar údar leis an síneadh. Cuirfear tús leis an gcomhairliúchán poiblí a luaithe a mheasfaidh an t-údarás inniúil riaracháin an comhad a chuir an tionscnóir tionscadail isteach a bheith iomlán agus déanfar é i gcomhthráth leis an measúnú ar an iarraidh ar thionscadal ag an údarás inniúil náisiúnta, agus na ceanglais maidir le dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann a leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE á gcomhlíonadh agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí á gcur ar fáil don údarás inniúil.

4a.  I gcás ina ndéanfadh tionscadal difear do limistéar ainmnithe Natura 2000, beidh an measúnú comhshaoil faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 92/43/CEE.

4b.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-údaráis inniúla náisiúnta agus údaráis eile de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 2011/92/AE feistithe go leormhaith chun a gcuid oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh.

Airteagal 8

Pleanáil

1.  Agus pleananna á n-ullmhú, lena n-áirítear criosú, pleananna spásúlachta agus pleananna úsáide talún, áireoidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna pleananna sin, i gcás inarb iomchuí, forálacha maidir le forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, chomh maith leis an mbonneagar is gá agus na gleannta um an tionscal glan-nialasachta. Tabharfar tús áite do dhromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha, láithreáin athfhorbraíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin úrnua nach bhfuil inúsáidte le haghaidh na talmhaíochta agus na foraoiseachta. Chun forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí ábhartha uile maidir le pleanáil spásúlachta ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.  I gcás ina n-áireofar i bpleananna forálacha maidir le forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, agus a mbonneagar a éilítear, atá faoi réir measúnaithe de bhun Threoir 2001/42/CE agus de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, déanfar na measúnuithe sin a chomhcheangal. I gcás inarb ábhartha, tabharfar aghaidh sa mheasúnú comhcheangailte sin freisin ar an tionchar ar dhobharlaigh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus fíorófar an bhféadfadh na tionscadail shonracha faoin bplean cosc a chur ar dhobharlach stádas maith nó poitéinseal maith a bhaint amach nó a bheith ina chúis le meathlú stádais nó poitéinsil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE nó an bhféadfadh an plean bac a chur ar dhobharlach stádas maith nó poitéinseal maith a bhaint amach. I gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit ábhartha measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo ar an muirthimpeallacht, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí ar muir agus ar tír, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE, cumhdófar na tionchair sin leis an measúnú comhcheangailte freisin. Má chomhcheanglaítear measúnuithe de bhun na míre seo, ní dhéanfaidh sé sin difear dá n-inneachar ná dá gcáilíocht. Déanfar measúnuithe comhcheangailte ar bhealach nach mbeidh fadú ar na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo mar thoradh air.

Airteagal 9

Infheidhmeacht Choinbhinsiúin UNECE

1.  Tá na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi ▌Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, a síníodh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, agus faoi Choinbhinsiún UNECE maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann, a síníodh in Espoo an 25 Feabhra 1991.

2.  Déanfar na cinntí uile a ghlacfar de bhun na Roinne seo agus Airteagail 12, 13, 14 agus 21 a chur ar fáil go poiblí ar bhealach sothuigthe agus beidh na cinntí uile maidir le tionscadal ar leith ar fáil ó fhoinse aonair.

Roinn II

Tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta

Airteagal 10

Critéir roghnúcháin

1.  Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta lena gcuirtear san áireamh spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus atá lonnaithe san Aontas a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo agus a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas, déanfaidh na Ballstáit iad a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta:

(a)  rannchuidíonn an tionscadal ▌le hathléimneacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais tríd ▌an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)  cur le hacmhainneacht mhonaraíochta san Aontas le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó le haghaidh comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh, dá bhfuil an tAontas ag brath níos mó ná 50 % ar allmhairí a thagann ó thríú tír amháin; nó 

(ii)  cur le hacmhainneacht mhonaraíochta nó an acmhainneacht mhonaraíochta atá ann cheana san Aontas a nuashonrú le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó le haghaidh comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh, a n-onnmhairíonn an tAontas níos mó ná 25 % dá aschur táirgeachta;  

(b)  rannchuidíonn an tionscadal ▌le hiomaíochas san Aontas agus ar na margaí domhanda agus le cruthú post ardcháilíochta trí nuálaíocht a chur ar fáil maidir le próiseas monaraíochta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, nó próiseas monaraíochta na gcomhpháirteanna nó n-ábhar feadh shlabhra soláthair na dteicneolaíochtaí sin nach bhfuil ann go substaintiúil go fóill nó nach bhfuil gealltanas tugtha go fóill go dtógfar iad laistigh den Aontas nó trí tháirgeadh na teicneolaíochta glan-nialasachta is fearr atá ar fáil a áirithiú, lena n-áirítear na comhpháirteanna nó na hábhair is fearr atá ar fáil ina slabhra soláthair, chomh maith leis an méid seo a leanas:

(i)  rannchuidiú le hiomaíochas FBManna;

(ii)  bearta a chur i bhfeidhm chun lucht saothair is gá le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhealladh, a choinneáil, a uas-sciliú nó a athsciliú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí, cúrsaí oiliúna, oideachas acadúil leanúnach nó iarchéime i ndlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta lena n-áirítear ceardchumainn; nó

(c)  rannchuidíonn an tionscadal le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach tríd an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh agus tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: 

(i)  teicneolaíocht ghlan-nialasachta a mhonarú nó comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh ag a bhfuil gnéithe feabhsaithe inbhuanaitheachta agus feidhmíochta comhshaoil nó ciorclaíochta, lena n-áirítear éifeachtúlacht chuimsitheach ísealcharbóin, fuinnimh, uisce agus ábhair, a mhonarú; 

(ii)  cleachtais mhonaraíochta a ghlacadh a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh ag a bhfuil gnéithe feabhsaithe inbhuanaitheachta comhshaoil agus feidhmíochta nó ciorclaíochta, lena n-áirítear éifeachtúlacht chuimsitheach ísealcharbóin, fuinnimh, uisce agus ábhair agus cleachtais chiorclacha, chomh maith le haisghabháil fuíollteasa; nó 

(iii)  cur le hacmhainneacht shuntasach mhonaraíochta, rud a chuirfidh go mór le cuspóirí aeráide 2030 an Aontais. 

1a.  Faoin ... [3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3) ina leagfar amach treoirlínte lena n-áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme na gcritéar a liostaítear san Airteagal seo. Ba cheart a áireamh sna treoirlínte sin, ar a laghad, treoraíocht shonrach maidir leis na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: 

(a)  cibé an úsáidtear comhpháirt nó innealra go príomha chun teicneolaíocht ghlan-nialasachta a tháirgeadh;  

(b)  cibé an mbaineann acmhainneacht mhonaraíochta bhreise le hacmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta chéaduaire nó le hacmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta is fearr atá ar fáil; 

(c)  cibé an féidir a mheas gur acmhainneacht shuntasach í an acmhainneacht mhonaraíochta bhreise. 

2.  Aithneoidh na Ballstáit mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta na tionscadail straitéiseacha CO2 seo a leanas:

(a)  na tionscadail gabhála CO2 agus na tionscadail bonneagair CO2 atá riachtanach chun CO2 gafa a iompar chuig láithreáin stórála CO2:

(i)  a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(6), pointe (a); agus

(ii)  a bhfuil sé mar aidhm leo CO2 a ghabháil chun é stóráil i láithreán stórála CO2 dá dtagraítear in Airteagal 16(1);

(b)  na tionscadail stórála CO2:

(i)  a bhaineann le láithreáin stórála CO2 atá lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(ii)  a rannchuidíonn leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 18 a bhaint amach; agus

(iii)  a bhfuil iarratas déanta acu ar chead le haghaidh stóráil gheolaíoch shábháilte agus bhuan CO2 i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.

3.  Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chomhfhreagraíonn do theicneolaíocht a liostaítear in Airteagal 3a(1) atá lonnaithe i ‘réigiúin bheagfhorbartha agus trasdula’ agus i gCríocha an Chiste um Aistriú Cóir agus atá incháilithe do chistiú faoi rialacha an bheartais chomhtháthaithe, aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 11(3) arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 11(2).

4.  Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe san Aontas agus a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(1) agus a thairbhíonn den Chiste don Nuálaíocht, nó atá ina chuid de Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne, den Chomhpháirtíocht Eorpach um Ghleannta Hidrigine, nó den Bhanc Hidrigine, i gcás ina dtacaíonn na cistí le hinfheistíocht in acmhainneachtaí monaraíochta a chomhfhreagraíonn do theicneolaíocht a liostaítear in Airteagal 3a(1), aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 11(3) arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 11(2).

Airteagal 11

Iarratas agus aitheantas

1.  Maidir le hiarratais ar thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, cuirfidh an tionscnóir tionscadail faoi bhráid an Bhallstáit ábhartha iad.

2.  Beidh na nithe seo a leanas go léir san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)  fianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 10(1) nó (2);

(b)  plean gnó ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail i gcomhréir leis an gcuspóir poist ardcháilíochta a chruthú.

3.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an iarratas dá dtagraítear i mír 1 laistigh de mhí amháin le próiseas cothrom trédhearcach. Beidh an cinneadh a thiocfaidh as an bpróiseas sin réasúnaithe agus cuirfear in iúl é don tionscnóir tionscadail, don Ardán agus do Pharlaimint na hEorpa. Mura ndéanfaidh na Ballstáit cinneadh laistigh den tréimhse sin, is formheas ar an tionscadal a bheidh ann.

3a.  Faoin ... [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh gach Ballstát liosta lena suífear na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3a(1) ar féidir leo tairbhe a bhaint as na forálacha a bhaineann le tionscadail straitéiseacha a aithnítear faoin Airteagal seo sa Bhallstát ábhartha.

4.  Féadfaidh an Coimisiún a thuairim a sholáthar ar na tionscadail arna bhformheas. I gcás ina ndiúltóidh Ballstát don iarratas, beidh sé de cheart ag an iarratasóir an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas laistigh de 20 lá oibre.

5.  I gcás ina ndeimhneoidh an Coimisiún diúltú an Bhallstáit don iarratas tar éis dó measúnú a dhéanamh i gcomhréir le mír 4, tabharfaidh sé fógra faoina chonclúid don iarratasóir i bhfoirm litreach. I gcás nach mbeidh an Coimisiún ag teacht leis an mBallstát ar a mheasúnú, pléifidh an tArdán ▌an tionscadal atá i gceist agus déanfaidh sé cinneadh maidir lena stádas.

6.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nó Ballstát go ndearnadh athruithe substaintiúla ar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 10 ▌, nó i gcás ina raibh a aitheantas bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis mhícheart, cuirfidh sé an tionscnóir tionscadail lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Tar éis éisteacht leis an tionscnóir tionscadail, féadfaidh an Ballstát an cinneadh lena ndeonaítear stádas tionscadail straitéisigh glan-nialasachta do thionscadal a aisghairm.

7.  Tionscadail nach n-aithnítear a thuilleadh mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, caillfidh siad na cearta uile a bhaineann leis an stádas sin faoin Rialachán sin.

8.  Déanfaidh an Coimisiún clárlann tionscadal straitéiseach glan-nialasachta a bheidh ar fáil go hoscailte a bhunú agus a choinneáil ar bun.

Airteagal 12

Stádas tosaíochta tionscadal straitéiseach glan-nialasachta

1.  Áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe éagsúla a eisiúint a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, gur i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta go gcaithfear leis na próisis sin ar an mbealach is gasta is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

2.  Gan dochar d’oibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, deonóidh na Ballstáit an stádas lena mbaineann an tábhacht náisiúnta is airde is féidir do thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, i gcás inarb ann do stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus caithfear leo dá réir sin sna próisis deonaithe ceadanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le measúnuithe comhshaoil agus má fhoráiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, leis an bpleanáil spásúlachta.

3.  Measfar go rannchuidíonn tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta le slándáil an tsoláthair teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leasa an phobail iad. Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol a dtugtar aghaidh orthu in Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)I de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE, measfar gur chun leasa an phobail iad tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta san Aontas agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach sna Treoracha sin.

4.  Maidir le gach nós imeachta um réiteach díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta os comhair aon chúirte, binse, painéal náisiúnta, lena n-áirítear idirghabháil nó eadráin, i gcás inarb ann dóibh sa dlí náisiúnta, caithfear leo mar ábhair phráinneacha, más rud é agus a mhéid a dhéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir leis na nósanna imeachta práinne sin agus ar choinníoll go n-urramófaí na cearta is infheidhme de ghnáth maidir le daoine aonair nó pobail áitiúla a chosaint. Glacfaidh tionscnóirí tionscadail de thionscadal straitéiseach glan-nialasachta páirt sa nós imeachta práinne sin, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 13

Fad an phróisis deonaithe ceadanna i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta

1.  Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta níos faide ná aon cheann de na teorainneacha ama seo a leanas:

(a)  6 mhí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;

(b)  9 mí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil ar mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;

(c)  18 mí le haghaidh na gceadanna uile is gá chun láithreán stórála a oibriú i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.

2.  I gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná teorainn ama 9 mí.

3.  I gcás acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú i saoráidí monaraíochta atá ann cheana, déanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath.

4.  Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta gurb é an toradh a bheidh ar an easpa freagartha ó na comhlachtaí riaracháin ábhartha laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear san Airteagal sin go measfar go bhfuil na céimeanna idirmheánacha sonracha formheasta, ach amháin i gcás ina bhfuil an tionscadal sonrach faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle nó Threoir 2000/60/CE, Threoir 2008/98/CE, Threoir 2009/147/CE, Threoir 2010/75/AE, 2011/92/AE nó Threoir 2012/18/AE nó cinneadh i dtaobh an bhfuil gá leis an measúnú sin ar an tionchar ar an gcomhshaol agus nach ndearnadh na measúnuithe ábhartha lena mbaineann go fóill, nó i gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin sa chóras dlí náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le cinntí críochnaitheacha i dtaca le toradh an phróisis, ar cinntí iad atá le bheith sainráite. Cuirfear na cinntí uile ar fáil go poiblí.

4a.  I gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin sa dlíchóras náisiúnta agus, i gcás measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 92/43/CEE, 2000/60/CE, 2008/98/CE, 2009/147/CE, 2010/75/AE, 2011/92/AE nó 2012/18/AE, nó cinneadh i dtaobh an bhfuil gá leis an measúnú sin ar an tionchar ar an gcomhshaol, beidh pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha ann mar thoradh ar easpa freagartha ó na comhlachtaí riaracháin ábhartha laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear san Airteagal seo. Leithdháilfear an t-ioncam ón bpionós ar an tionscadal a ndearna an mhoill difear dó agus comhfhreagróidh sé don luach eacnamaíoch a cailleadh mar thoradh ar an moill.

Airteagal 13a

Gleannta um an Tionscal Glan-nialasachta

1.  Chun cuspóirí an Rialacháin sin a chomhlíonadh, ainmneoidh gach Ballstát limistéir gheografacha mar Ghleannta um an Tionscal Glan-Nialasachta (Gleannta). 

2.  Is iad seo a leanas cuspóirí na nGleannta: 

(a)  braislí de ghníomhaíocht thionsclaíoch ghlan-nialasachta a chruthú as a dtiocfaidh gnóthachain éifeachtúlachta do na gníomhaithe tionsclaíocha uile lena mbaineann; 

(b)  tarraingteacht an Aontais a mhéadú mar shuíomh do ghníomhaíochtaí monaraíochta; 

(c)  na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh bunú acmhainneachtaí monaraíochta glan-nialasachta a chuíchóiriú tuilleadh, thar an gcuíchóiriú a leagtar amach i gCaibidlí eile den Rialachán seo; 

3.  Agus limistéir le haghaidh bunú na nGleannta á sainaithint acu, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh: 

(a)  an gá atá ann tús áite a thabhairt d’úsáidí iomadúla na limistéar arna sainaithint chun leathnú, ationsclú nó cruthú braislí tionsclaíocha Eorpacha a áirithiú; 

(b)  infhaighteacht bonneagair ábhartha iompair agus gréasáin, infhaighteacht stórais agus uirlisí solúbthachta eile nó an cumas bonneagar nó stóras den sórt sin a chruthú. 

(c)  an t-aistriú cóir agus a chuspóirí, go háirithe maidir le réigiúin ghuail atá i mbun aistrithe; 

(d)  aon phíblíne agus plean tionscadail atá beartaithe nó atá ann cheana; 

(e)  an acmhainneacht forálacha oideachais agus oiliúna a eagrú maidir le hinfhaighteacht scileanna i dtáirgí teicneolaíochta glan-nialasachta; 

(f)  an acmhainneacht maidir le poist ardcháilíochta a chruthú agus fostaithe áitiúla a fhostú ag láithreáin táirgthe fhéideartha; 

(g)  an gá atá le limistéar a roghnú nach mbeidh tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar thógáil nó leathnú cineáil shonraigh nó cineálacha sonracha de thionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. 

4.  Chun an tionchar comhshaoil a bhaineann le tógáil nó leathnú cineáil shonraigh nó cineálacha sonracha de thionscadal straitéiseach monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta i nGleanna a laghdú a mhéid is féidir, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas: 

(a)  tabharfaidh siad tús áite do dhromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha, láithreáin athfhorbraíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin úrnua nach bhfuil inúsáidte le haghaidh na talmhaíochta; 

(b)  in imthosca eisceachtúla, Gleannta a bhunú i limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe de réir na bPleananna Athchóirithe Náisiúnta arna n-ullmhú faoin Rialachán maidir le hAthchóiriú Dúlra nó limistéir ainmnithe Natura 2000. 

Airteagal 13b

Ainmniú na nGleannta 

1.  Beidh plean (Plean) ag gabháil le cinneadh ó Bhallstát Gleann a ainmniú ina leagfar amach an méid seo a leanas: 

(a)  na gníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta sonracha a chumhdaítear leis an nGleann; 

(b)  bearta nithiúla náisiúnta chun tarraingteacht an Ghleanna a mhéadú mar shuíomh do ghníomhaíochtaí monaraíochta; 

(c)  torthaí an mheasúnaithe comhshaoil chomh maith leis na bearta a dhéanfaidh an Ballstát chun tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a mhaolú, dá dtagraítear i mír 2. 

2.  Mar chuid den phróiseas cinnteoireachta chun Gleann a ainmniú agus sula nglacfaidh siad plean nó pleananna lena n-ainmnítear Gleann, déanfaidh na Ballstáit measúnú comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh siad na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhfuil Gleann um an Tionscal Glan-Nialasachta tiomnaithe ina leith. Ba cheart go gcumhdófaí leis na measúnuithe sin na teicneolaíochtaí uile agus na gníomhaíochtaí monaraíochta gaolmhara a bheidh an Gleann tiomnaithe ina leith. 

Bunaithe ar thoradh na measúnuithe, déanfaidh na Ballstáit foráil, le haghaidh gach cineál tionscadail, do pharaiméadair shoiléire maidir le cur chun feidhme tionscadal, in éineacht le rialacha agus bearta comhréireacha chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair ar an gcomhshaol.  

Aon cheanglais maidir le measúnú comhshaoil agus aon bhearta maolaitheacha maidir le cead le haghaidh acmhainneacht mhonaraíochta nua nó leathnaithe atá i gcomhréir le ceanglais an Phlean agus leis an dlí is infheidhme, measfar iad a bheith comhlíonta trí mheasúnú comhshaoil arna dhéanamh de bhun na míre seo agus tairbhe a bhaint as nós imeachta mear agus bailíochtú mear.  

3.  Tabharfaidh na Ballstáit tuairim, mar a leagtar amach in Airteagal 7(1) chomh maith le sceideal mionsonraithe maidir leis an nós imeachta ceadaithe mar a leagtar amach in Airteagal 6(7), le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile dá bhforáiltear sa Ghleann. Áireofar sa tuairim freisin tuairisc mhionsonraithe ar aon sonraí, aon fhaisnéis nó aon anailís a bhailigh an Ballstát agus an measúnú dá dtagraítear i mír 2 á dhéanamh aige agus a bhféadfaidh an t-iarratasóir brath uirthi agus sonrófar inti, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis bhreise, na sonraí breise nó an anailís bhreise is gá don iarratasóir a sholáthar fós. I gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfear na sonraí, an fhaisnéis agus an anailís go léir arna mbailiú ag an mBallstát ar fáil ar líne d’iarratasóirí.

4.  Áireofar i gcinneadh lena n-ainmnítear Gleann de bhun Airteagal 13a(1) agus i gcomhréir leis an Airteagal seo dáta cur i bhfeidhm agus dáta éaga. Féadfaidh Ballstát cinneadh den sórt sin a athnuachan. Cuirfidh na Ballstáit na cinntí sin ar fáil don phobal.

5.  Measfar go rannchuidíonn tionscadail monaraíochta glan-nialasachta i nGleannta le slándáil an tsoláthair teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leasa an phobail iad. Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol a dtugtar aghaidh orthu in Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)I de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE, measfar gur chun leasa an phobail iad tionscadail monaraíochta glan-nialasachta i nGleannta agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach sna Treoracha sin. 

6.  Áireofar ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) na scéimeanna tacaíochta eacnamaíche agus riaracháin seo a leanas ar a laghad: 

(a)  bunú tapa riaracháin Gleanna a áirithiú; 

(b)  an bonneagar is gá a fhorbairt sa Ghleann; 

(c)  tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí príobháideacha sa Ghleann; 

(d)  athsciliú agus uas-sciliú leormhaith an lucht saothair áitiúil a áirithiú. 

7.  Maidir le hinfheistíochtaí poiblí atá dírithe ar Ghleannta a bhunú, ar Ghleannta a fheistiú le bonneagar iomchuí, ar láithreáin athfhorbraíochta a thiontú agus ar leordhóthanacht an díorma scileanna áitiúla a fhorbairt, féadfaidh siad tairbhe a bhaint as rátaí cómhaoinithe méadaithe suas le 10 % faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Réigiúnach, faoin gCiste um Aistriú Cóir agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, má tá an Gleann lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha agus trasdula nó san Aistriú Cóir.

Airteagal 15

Comhordú an mhaoinithe

1.  Déanfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa a bhunaítear in Airteagal 28 measúnú ar riachtanais airgeadais agus scrogaill i dtionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, na cleachtais is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann a bhailiú, go háirithe chun slabhraí soláthair trasteorann an Aontais a fhorbairt, go háirithe ar bhonn malartuithe rialta agus moltaí ón Sainghrúpa um an Tionscal Glan-Nialasachta agus le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ábhartha.

2.  Arna iarraidh sin do thionscnóir an tionscadail straitéisigh glan-nialasachta, déanfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa plé agus comhairle a thabhairt maidir leis an gcaoi ar féidir maoiniú a thionscadail a thabhairt i gcrích, tacaíocht a sholáthar agus a chomhordú dá thionscadal atá le cur i gcrích, go háirithe chun na critéir a shainítear in Airteagal 19(2) a chomhlíonadh agus an cistiú a fuarthas cheana á chur san áireamh agus na heilimintí seo a leanas ar a laghad á meas:

(a)  foinsí maoiniúcháin príobháideacha breise;

(b)  tacaíocht trí acmhainní ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nó ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;

(c)  ionstraimí agus cláir de chuid na mBallstát atá ann cheana, lena n-áirítear ó bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;

(d)  cláir chistiúcháin agus mhaoiniúcháin ábhartha de chuid an Aontais lena n-áirítear trí STEP.

2a.  Faoin... [3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa moltaí don Choimisiún chun maoiniú leordhóthanach a ráthú, lena n-áirítear trí bhuiséad an Aontais, chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú.

Airteagal 15a 

Teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhaoiniú 

1.  Gan dochar do Threoir 2003/87/CE, tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil maidir le céatadán na n-ioncam náisiúnta a ghintear ó cheantáil na lamháltas, i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a cheadaítear faoi Airteagal 10(3) den Treoir sin, a úsáidtear chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo d’fhonn 25 % ar a laghad a bhaint amach.

2.  I gcomhréir le hAirteagal 2 de [Rialachán STEP], Tionscadail Straitéiseacha Ghlan-Nialasachta a roghnaítear de bhun Airteagal 10(1), pointí (a) nó (b), den Rialachán seo, aithnítear go gcomhlíonann siad cuspóirí STEP agus, dá bhrí sin, beidh siad incháilithe chun an Séala Ceannasach a fháil faoi Airteagal 4 den Rialachán sin chomh maith le cistí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán sin.

Caibidil III

Acmhainneacht insteallta CO2

Airteagal 16

Cuspóir ar leibhéal an Aontais: acmhainneacht insteallta CO2

1.   Bainfear acmhainneacht insteallta bhliantúil 50 milliún tona CO2 ar a laghad amach faoi 2030, i láithreáin stórála, a chiallaíonn láithreáin stórála gheolaíocha a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, lena n-áirítear olacheantair agus gáscheantair ídithe agus uiscígh shailíne, atá lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ▌agus nach ndéanfar a chomhcheangal le Gnóthú Hidreacarbón Faoi Spreagadh (EHR).

2.  Dearfar na láithreáin stórála dá dtagraítear i mír 1 sa chaoi go n-oibreoidh siad ar feadh cúig bliana ar a laghad.  

3.  Faoin 31 Nollaig 2026, molfaidh an Coimisiún, más iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ceanglais maidir leis an acmhainneacht bhliantúil insteallta CO2 a bheidh le soláthar faoi 2035, 2040 agus 2050, agus aird á tabhairt ar riachtanais na mBallstát ar fud an Aontais.

4.  Faoin ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo sprioc bhliantúil an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta, lena n-áirítear staid an mhargaidh a bhaineann leis an acmhainneacht insteallta. Áireofar sa tuairisc forléargas ar raon geografach na láithreán stórála ar fud an Aontais.

5.  Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 measúnú leordhóthanachta stórála agus acmhainneachta insteallta CO2, agus úsáid á baint, go háirithe, as an bhfaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 18(6), lena ndéanfar an méid seo a leanas: 

(a)  anailís mhionsonraithe a sholáthar ar na leordhóthanachtaí geografacha agus ama idir na láithreáin stórála CO2 atá ann cheana agus atá beartaithe agus na tionscadail gabhála CO2 le haghaidh astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha laistigh den Aontas;  

(b)  an príomhbhonneagar is gá le haghaidh iompar agus stóráil astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha ar fud an Aontais a shainaithint;

(c)  acmhainneacht shonrach a shainaithint maidir le húsáid CO2 chun rannchuidiú le stóráil bhuan CO2, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le riachtanais laghdaithe maidir le stóráil CO2, nó le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú. 

6.  I gcás ina léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 go bhfuil an t-éileamh ar acmhainneacht insteallta CO2 i bhfad níos airde nó níos ísle ná mar a léirítear sna spriocanna acmhainneachta a leagtar amach faoi mhíreanna 1 agus 3, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe chun na spriocanna acmhainneachta a ailíniú leis an éileamh.  

7.  I gcás ina léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nach bhfuil an margadh forbartha go leordhóthanach chun acmhainneacht insteallta leormhaith a sholáthar, féadfaidh an Coimisiún na rannchuidithe faoi Airteagal 18 a choigeartú agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh a ndóthain ama ag na heintitis dá ndéantar difear chun a bpleananna gnó a choigeartú de réir na n-oibleagáidí nua-shainithe.

8.  Féadfaidh an tAontas a thíortha comharsanachta a lánpháirtiú ina iarrachtaí faoin gCaibidil seo trí fhorálacha na Caibidle seo a chomhtháthú i gcomhaontuithe leis na tíortha sin nó trí chomhaontuithe nua a bhunú a chumhdaíonn forálacha na Caibidle seo. Agus na forálacha sin á gcomhtháthú i gcomhaontuithe atá ann cheana nó nuair a bheidh comhaontuithe nua á mbunú, áiritheofar leis an gcomhaontú go n-urramófar caighdeáin agus ceanglais chomhshaoil, sábháilteachta agus slándála uile an Aontais is infheidhme maidir le tionscadail faoin gCaibidil seo sa tríú tír. Leagfar amach sa chomhaontú freisin sprioc insteallta chomhréireach bhreise don tríú tír agus, i gcomhréir le hAirteagal 18, rannchuidiú pro rata le haghaidh na n-eintiteas ábhartha sa tríú tír.  

Airteagal 17

Trédhearcacht sonraí maidir le hacmhainneacht stórála CO2

1.  Faoi ... [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)  sonraí a chur ar fáil go poiblí maidir le limistéir inar féidir láithreáin stórála CO2 a cheadú ar a gcríoch.

(b)  oibleagáid a chur ar eintitis a bhfuil údarú acu mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(48) ar a gcríoch na hamhshonraí geolaíocha go léir a bhaineann le láithreáin táirgthe a díchoimisiúnaíodh nó ar tugadh fógra faoina dhíchoimisiúnú don údarás inniúil a chur ar fáil go poiblí ar bhonn neamh-tuilleamaí, agus réamh-mheasúnuithe eacnamaíocha ar na costais faoi seach maidir le hinstealladh CO2 a chumasú ar gach láithréan, lena n-áirítear sonraí i dtaobh:

(i)  an bhfuil an láithreán oiriúnach chun CO2 a instealladh agus a stóráil ar bhealach inbhuanaithe, sábháilte agus buan; 

(ii)  an bhfuil fáil ar bhonneagar iompair agus modhanna iompair atá oiriúnach chun CO2 a iompar go sábháilte chun an láithreáin a bhaint amach nó ar féidir iad a thógáil.

(c)  Chun críocha phointe (a), áireofar sna sonraí an fhaisnéis a iarrtar san Fhógra ón gCoimisiún maidir le Treoir do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú, ar a laghad agus a nuashonruithe ina dhiaidh sin.

2.  Faoin ... [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, a chuirfear ar fáil don phobal, ina dtabharfar tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a)  mapáil ar thionscadail gabhála CO2 atá idir lámha ar a chríoch nó i gcomhar le Ballstáit eile agus meastachán ar na riachtanais chomhfhreagracha maidir le hacmhainneachtaí insteallta agus stórála, agus iompar CO2;

(b)  mapáil ar thionscadail stóráil CO2 agus iompar CO2 atá ar siúl ar a chríoch, lena n-áirítear stádas an cheadaithe faoi Threoir 2009/31/CE, dátaí a bhfuil coinne le Cinneadh Críochnaitheach Infheistíochta agus le teacht i ngníomh;

(c)  na bearta tacaíochta náisiúnta a glacadh agus bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh chun tionscadail dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) a spreagadh.

(ca)  an straitéis agus na spriocanna náisiúnta arna leagadh síos chun CO2 a ghabháil faoi 2030, agus nuair is infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 16(3) le haghaidh 2035, 2040 agus 2050.

(cb)  na socruithe, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha arna ndéanamh chun iompar trasteorann CO2 a éascú, a rinneadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag eintitis a ghabhann CO2 ar mhodh sábháilte agus neamh-idirdhealaitheach chun CO2 a iompar;

(cc)  Tionscadail iompair CO2 atá ar siúl agus meastachán ar acmhainneacht riachtanach na dtionscadal iompair CO2 a bheidh ann amach anseo chun an acmhainneacht ghabhála agus stórála chomhfhreagrach a mheaitseáil.

2a.  Má léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 nach bhfuil aon tionscadal stórála CO2 ar siúl ar a gcríoch, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar phleananna chun dícharbónú na n-earnálacha tionsclaíocha a bhfuil astaíochtaí dosheachanta CO2 ag bagairt orthu a éascú. Ba cheart go n-áireofaí leis sin iompar trasteorann CO2 chuig láithreáin stórála atá lonnaithe i mBallstáit eile, chomh maith le tionscadail úsáide CO2.

Airteagal 17a

Bonneagar iompair CO2

1.  Chun gnóthú an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 16 a éascú, déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit, i gcomhpháirtíocht leis na cuideachtaí a thairbhíonn ón mbonneagar sin a áirithiú go ndéanfar an t-infheistiú is gá sa bhonneagar iompair CO2, lena n-áirítear bonneagar trasteorann.

2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh úsáideoirí ionchasacha láithreán stórála in ann rochtain a fháil ar ghréasáin iompair CO2 agus ar láithreáin stórála chun críocha stóráil gheolaíoch an CO2 arna tháirgeadh agus arna ghabháil.

3.  Chun tionchar an iompair CO2 ar an gcomhshaol a íoslaghdú, beidh sé d’aidhm ag an Aontas, ag a Bhallstáit agus ag gach gníomhaí eile lena mbaineann an gá le hiompar CO2 a íoslaghdú.

4.  Féadfaidh na Ballstáit eintitis a bhunú, nó féadfaidh siad tacaíocht a chur ar fáil lena mbunú, ar eintitis iad a bhfuil mar chuspóir acu gréasáin iompair CO2 a chruthú, lena n-áirítear bonneagair a tógáil nó soithí a sholáthar nó modhanna iompair eile. Déanfar bunú na n-eintiteas den sórt sin a athbhreithniú gach dhá bhliain ar a laghad.

5.  Faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin], déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhstraitéis a tharraingt suas chun an bonneagar dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú.

Airteagal 18

Rannchuidiú táirgeoirí údaraithe ola agus gáis

1.  Beidh gach eintiteas a dhíolann amhola, táirgí peitriliam, nó gás nádúrtha san Aontas faoi réir rannchuidiú aonair agus éigeantach leis an sprioc uile-Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 16. Déanfar na rannchuidithe sin a ríomh ar bhonn pro rata ar bhonn sciar gach eintiteas d’amhola, táirgí peitriliam agus gás nádúrtha a dhíoltar san Aontas▌ ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus is éard a bheidh iontu acmhainneacht insteallta CO2 i láithreán stórála a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus atá ar fáil don mhargadh faoi 2030.

1a.  Beidh eintitis dá dtagraítear i mír 1 in ann a rannchuidiú aonair leis an sprioc uile-Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a chomhlíonadh trí acmhainneacht insteallta a chur ar fáil i stórais atá lonnaithe i dtíortha dá dtagraítear in Airteagal 16(8).

1b.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun astaírí a éascú agus a dhreasú chun astaíochtaí a ghabháil, chun infheisteoirí a dhreasú chun an bonneagar is gá a mhaoiniú chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála, agus i gcás inar gá, chun tionscadail stórála CO2 a chistiú go díreach.

1c.  I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil agus a iompar i mBallstát amháin agus ina n-iompraítear agus ina stóráiltear é i mBallstáit eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta a luaitear i mír 1b a chomhordú. Déanfaidh an Coimisiún comhordú den sórt sin a áirithiú agus a éascú trí Ghrúpálacha Réigiúnacha CCS a bhunú.

2.  Laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit na heintitis dá dtagraítear i mír 1 agus a dtoirteanna i ndíol amhola agus gáis nádúrtha ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 a shainaithint agus a thuairisciú don ▌Choimisiún.

3.  Tar éis don Choimisiún na tuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 17(2) a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, sonróidh sé an sciar den rannchuidiú le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 faoi 2030 ó eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

4.  Laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 plean faoi bhráid an Choimisiúin ina sonrófar an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a rannchuidiú le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach faoi 2030. Sna pleananna sin:

(a)  deimhneofar rannchuidiú an eintitis, a shloinnfear i dtéarmaí spriocthoirt na hacmhainneachta nua stórála agus insteallta CO2 a choimisiúnófar faoi 2030;

(b)  sonrófar na modhanna agus na garspriocanna chun an spriocthoirt a bhaint amach.

5.  Chun a spriocthoirteanna acmhainneachta insteallta atá ar fáil a bhaint amach, féadfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)  tionscadail stórála CO2, nó iad a fhorbairt ina n-aonar nó i gcomhar le chéile nó infheistíocht a dhéanamh iontu;

(b)  comhaontuithe a dhéanamh le heintitis eile dá dtagraítear i mír 1, agus ar an gcaoi sin an aidhm fhoriomlán maidir le hacmhainneacht stórála réigiúnach a mhéadú san Aontas á meas;

(c)  comhaontuithe a dhéanamh le forbróirí tionscadal stórála, gabhála agus iompair tríú páirtí nó le hinfheisteoirí chun a rannchuidiú a chomhlíonadh.

6.  Faoin ... [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin] agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil faoi bhráid údarás inniúil na mBallstát agus an Choimisiúin ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta acu maidir lena rannchuidiú a chomhlíonadh. I gcomhréir le Treoir 2009/31/CE, áireofar sa tuarascáil sin mionsonraí maidir leis na hacmhainneachtaí stórála a coimisiúnaíodh le déanaí, méid a úsáide, agus forléargas ar indéantacht eacnamaíoch na n-acmhainneachtaí insteallta atá beartaithe agus na moltaí do na Ballstáit maidir le tomhas breise atá ag teastáil chun na spriocanna insteallta CO2 a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha sin a fhoilsiú go poiblí.

6a.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle sin ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairt na módúlachtaí iompair CO2 a ghabhann leis na láithreacha insteallta chomh maith le forbairt gníomhaíochtaí gabhála CO2 chun an t-éileamh ar instealladh CO2 a sholáthar. Má tá gníomhaíochtaí bonneagair ná gníomhaíochtaí gabhála, a bhfuil gá leo chun go mbeidh tionscadal insteallta sonrach oibríochtúil, in easnamh in eintiteas sonrach nach gcomhlíonann a oibleagáidí leis an Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún an oibleagáid insteallta atá ar eintiteas sonrach a laghdú le haghaidh bliain shonrach. Aisghabhfar aon laghdú laistigh de 5 bliana tar éis an laghdaithe a bheith déanta.

7.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  Na módúlachtaí ar dá réir a chuirtear comhaontuithe idir eintitis dá dtagraítear i mír 1 agus infheistíochtaí in acmhainneacht stórála atá ag tríú páirtithe san áireamh chun a rannchuidiú aonair faoi mhír 5, pointí b agus c, a bhaint amach.

(b)  Ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 6;

(ba)  Smachtbhannaí agus pionóis athchomhairleacha agus chomhréireacha a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar na heintitis dá dtagraítear i mír 1 nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin sin.

7a.  Chun rannchuidiú le cuspóir acmhainneachta insteallta CO2 an Aontais, tá na heintitis dá dtagraítear i mír 1 i dteideal an acmhainneacht insteallta CO2 a chomhfhreagraíonn do na scaireanna tionscadail atá faoi úinéireacht scairshealbhóra eile atá rannpháirteach i dtionscadal stórála a chur san áireamh, i gcás nach dtagann an scairshealbhóir sin faoi raon feidhme mhír 1.

Airteagal 18 a

Creat rialála don mhargadh le haghaidh CO2 gafa

1.  Faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], foilseoidh an Coimisiún treoirlínte ina léireofar na huasleibhéil iomchuí íonachta CO2 agus na riandúile laistigh den sreabhadh a bhfuil le sonrú ag eintiteas atá ag iarraidh tionscadal stórála CO2 a dheimhniú mar rannchuidiú le cuspóir acmhainneachta insteallta an Aontais.

2.  Faoin ... [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú i gcomhréir le mír 2 agus, más iomchuí, chun togra reachtach a thíolacadh lena mbunaítear creat rialála le haghaidh margadh uile-Aontais um ghabháil, úsáid, stóráil agus iompar CO2 chun na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2009/31/CE a chomhlánú, lena leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:  

(a)  rochtain agus sábháilteacht líonra stórála agus iompair CO2 ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach; 

(b)  rochtain chun críocha úsáide agus stórála CO2 ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach; 

(c)  feidhmiú agus idirnasc líonra iompair CO2 mar aon le bonneagar eile san Aontas; 

(d)  dreasachtaí eacnamaíocha, sásraí cistiúcháin agus cúnaimh airgeadais; 

(e)  caighdeáin sonraíochta maidir le stóráil agus iompar CO2

(f)  caighdeáin chomhshaoil; 

(g)  ráthaíochtaí le haghaidh tionscnamh CO2;  

(h)  sásraí forfheidhmithe.

2a.  Sula nglacfaidh sé aon togra reachtach dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)  le feidhmiú an mhargaidh CO2, áirithítear rochtain leordhóthanach ar acmhainneacht insteallta maidir le hastaíochtaí CO2 dosheachanta; 

(b)  leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18(1), cuirtear forbairt an mhargaidh stórála CO2 san Aontas chun cinn go héifeachtach.  

I gcás ina léirítear sa mheasúnú de bhun na míre seo nach bhfuil an margadh ag forbairt i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh rialacha a chur san áireamh chun rochtain tosaíochta a chur ar fáil le haghaidh astaíochtaí ar acmhainneacht insteallta, arb astaíochtaí iad nárbh fhéidir a sheachaint agus chun an Rialachán seo a leasú chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18(1) a athrú. 

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain leordhóthanach ar acmhainneacht insteallta CO2 ag gach earnáil a bhfuil astaíochtaí próisis thionsclaíocha dhosheachanta acu. I gcás ina léiríonn a chuid measúnuithe nach bhfuil an margadh ag forbairt i gcomhréir leis an gcuspóir sin, forbróidh an Coimisiún rialacha chun rochtain tosaíochta a thabhairt d’astaíochtaí próisis thionsclaíocha dhosheachanta ar acmhainn insteallta CO2.

Chun an measúnú de bhun na míre seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún liosta earnálacha a fhorbairt ina bhfuil astaíochtaí próisis thionsclaíocha dhosheachanta ó shuiteálacha tionsclaíocha ar mhórscála nach bhfuil aon roghanna díreacha laghdaithe astaíochtaí ar fáil ina leith tar éis na teicnící is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm, bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir lena n-áirítear fianaise eolaíoch, staid reatha úrscothach na dteicneolaíochtaí ábhartha, indéantacht eacnamaíoch, chomh maith le bearta iomchuí maidir le hastaíochtaí a laghdú ó thaobh an éilimh de.

Caibidil IV.

Rochtain ar mhargaí

Airteagal 19

Rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta i nósanna imeachta soláthair phoiblí

1.   Gan dochar do Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais (GPA) agus do chomhaontuithe idirnáisiúnta eile lena bhfuil an tAontas faoi cheangal chomh maith leis an reachtaíocht earnála is infheidhme, go háirithe Rialacháin (AE) 2022/1031 agus (AE) 2022/2560, bunóidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha dámhachtain conarthaí le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3 den Rialachán seo a cheannach agus a úsáid, agus, go háirithe trí sholáthar poiblí réiteach nuálach agus soláthar poiblí réamhthráchtála, teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nó teicneolaíochtaí nuálacha eile, i nós imeachta soláthair phoiblí maidir leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch, lena n-áireofar an cóimheas idir praghas agus cáilíocht is fearr, lena gcuimseofar ar a laghad rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta comhshaoil agus sóisialta na tairisceana, i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, nó 2014/25/AE ▌. Áiritheoidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha go bhfuil an próiseas soláthair oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena lamhálfar d’iomaíocht chóir a bheith ann idir na soláthraithe incháilithe uile.

I gcás nach bhfuil teicneolaíocht ghlan-nialasachta atá mar ábhar an chonartha ach nach bhfuil inti ach cuid de agus go bhfuil luach measta na coda ábhartha den chonradh os cionn na dtairseach a leagtar amach i dTreoir 2014/23/AE, Treoir 2014/24/AE nó Treoir 2014/25/AE, déanfaidh údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha ceann de na nithe seo a leanas: 

(a)  an chuid a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta a dheighilt ina luchtóga nó ina luchtóga tiomnaithe; 

(b)  conradh nó conarthaí ar leithligh a ullmhú don chuid a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta; nó 

(c)  oibleagáid a fhorchur ar an bpríomhchonraitheoir fochonraitheoireacht iomaíoch a dhéanamh maidir le soláthar na dtáirgí teicneolaíochta glan-nialasachta faoi seach lena gcuirtear Treoir 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, agus an tAirteagal seo. 

2.  Beidh ranncuidiú inbhuanaitheachta▌ agus athléimneachta comhshaoil agus sóisialta na tairisceana bunaithe ar na critéir charnacha seo a leanas a bheidh oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach:

(a)  inbhuanaitheacht comhshaoil a théann thar na híoscheanglais sa reachtaíocht is infheidhme;

(b)  i gcás inar gá réiteach nuálach a fhorbairt, tionchar agus cáilíocht an phlean cur chun feidhme, lena n-áirítear bearta bainistithe riosca;

(c)  i gcás inarb infheidhme, rannchuidiú na tairisceana le comhtháthú earnáil fuinnimh;

(d)   rannchuidiú na tairisceana le pá cuibhiúil agus le dálaí oibre cuibhiúla, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, printíseachtaí a thairiscint chomh maith le cuspóirí dea-shainithe ó thaobh scileanna, athsciliú agus uas-sciliú de, chun tarraingteacht na fostaíochta in earnálacha tionsclaíocha glan-nialasachta a mhéadú.

2a.  Bunófar rannchuidiú athléimneachta na tairisceana ar na critéir charnacha seo a leanas a bheidh oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach:  

(a)  i gcás inarb infheidhme, rannchuidiú na tairisceana le slándáil fuinnimh an Aontais;

(b)  rannchuidiú na tairisceana le hathléimneacht an Aontais, agus slándáil na soláthairtí á cur san áireamh trí chion na dtáirgí de thionscnamh foinse aonair soláthair a mheas, arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Measfar nach mbeidh an soláthar daingnithe go leordhóthanach i gcás ina bhfuil níos mó ná 50 % den éileamh iomlán laistigh den Aontas ar theicneolaíocht ghlan-nialasachta shonrach nó comhpháirteanna a úsáideadh go príomha maidir le táirgeadh na dteicneolaíochtaí sin atá soláthraithe ag foinse aonair, le linn na bliana deiridh a bhfuil na sonraí le fáil ina leith;

(c)  i gcás inarb infheidhme, rannchuidiú leis an nuálaíocht trí réitigh atá go hiomlán nua a chur ar fáil nó trí réitigh inchomparáide úrscothacha a fheabhsú.

3.  Tabharfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ualú 30 % ar a laghad ar rannchuidiú ▌inbhuanaitheachta agus athléimneachta de na critéir dhámhachtana don chuid de thairiscint a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, agus an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta araon á gcur san áireamh ar bhealach cothrom.

Maidir le cur chun feidhme na gcritéar dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo, tagraíonn na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha do na sonraí is déanaí atá sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo, agus cinnfear tionscnamh an tsoláthair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

4.  De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás conarthach ná ar an eintiteas conarthach na breithnithe a bhaineann le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur i bhfeidhm i gcás ina gcuirfeadh a gcur i bhfeidhm oibleagáid shoiléir ar an údarás nó ar an eintiteas sin trealamh a fháil a mbeadh costais dhíréireacha ag baint leis▌. Ní ríomhfar difríochtaí costais ach amháin do chostas an trealaimh, seachas seirbhísí gaolmhara, agus féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a thoimhdiú go bhfuil siad díréireach i gcás ina bhfuil siad os cionn 30 %, i gcomparáid le tairiscint gan rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta. Beidh an fhoráil seo gan dochar don fhéidearthacht tairiscintí thar a bheith íseal a eisiamh faoi Airteagal 69 de Threoir 2014/24/AE agus faoi Airteagal 84 de Threoir 2014/25/AE, ▌gan dochar do chritéir eile maidir le dámhachtain conarthaí agus le heisiamh de réir reachtaíocht an Aontais, agus gan dochar do shaincheart na n-údarás conarthach sonraíochtaí teicniúla a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2014/24/AE chun a áirithiú nach mbeidh soláthar trealaimh neamh-chomhoiriúnach ar a mbíonn costais i mhíréasúnta ró-ard de dhíth chun comhoiriúnacht an trealaimh atá ann cheana a áirithiú mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo.

Féadfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa moltaí a eisiúint do na húdaráis chonarthacha agus do na heintitis chonarthacha san Aontas maidir le tairseacha iomchuí níos airde chun costais dhíréireacha a shainmhíniú i bhfianaise imthosca an mhargaidh le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta sonracha. 

Féadfaidh na Ballstáit a mbuiséid fhoriomlána arna leithdháileadh ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a choigeartú chomh maith leis na huasleibhéil tairisceana lena mbaineann chun freastal ar chur chun feidhme na gcritéar neamhphraghais.

4a.  Cuirfidh na húdaráis chonarthacha na coinníollacha réamhcháiliúcháin seo a leanas i bhfeidhm le haghaidh nósanna imeachta soláthair faoin Airteagal seo:

(a)  ní bheidh níos mó ná 50 % den chuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, arna thomhas de réir luach airgeadais an trealaimh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, de thionscnamh tríú tíortha nach sínitheoirí le Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (GPA) iad;

(b)  gach trealamh a sholáthraítear faoin gcuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, déanfar é a dheimhniú i dtéarmaí cibearshlándála a mhéid is gurb ann do chreat deimhniúcháin cibearshlándála de chuid an Aontais nó náisiúnta le haghaidh an trealaimh;

(c)  oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn cuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, ní bheidh siad faoi réir beart IPI mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/1031, go háirithe Airteagail 6 agus 8 de.

I gcás nach mbeidh aon tairiscint oiriúnach mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha réamhcháiliúcháin sin i nós imeachta soláthair, féadfaidh an t-údarás conarthach an nós imeachta a atosú gan coinníollacha réamhcháiliúcháin phointe (a) agus phointe (c) den mhír seo a chur i bhfeidhm.

4b.  Ní dhéanfaidh an Ballstát idirdhealú in aghaidh an tsoláthraí ná ní chaithfear go difriúil le soláthraí ná le táirgí glan-nialasachta ó Bhallstát eile, bunaithe ar chritéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta.

Airteagal 20

Ceantanna chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid

1.  Gan dochar d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(49), agus Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, ná do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais lena n-áirítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile atá ina gceangal ar an Aontas, déanfaidh na Ballstáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí, measúnú ar an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus 2(a) den Rialachán seo agus na critéir á ndearadh a úsáidfear chun tairiscintí a rangú faoi chuimsiú ceantanna, arb é is aidhm dóibh tacú le táirgeadh nó tomhaltas fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001. Ní chuirfidh sé sin bac ar na heintitis sin critéir eile neamhphraghais a úsáid.

2.  Tabharfar ualú idir 35 % agus 50 % de na critéir dhámhachtana don rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta, rannchuidiú athbhuanaitheachta agus athléimneachta araon á gcur san áireamh ar bhealach cothrom, gan dochar don fhéidearthacht ualú níos airde a thabhairt do na critéir in Airteagal 19(2), pointí (a) agus (b), i gcás inarb infheidhme faoi reachtaíocht an Aontais, ná d’aon teorainn le critéir neamhphraghais a shocraítear faoi rialacha maidir leis an státchabhair. Agus na critéir nithiúla neamhphraghais á roghnú, á gceapadh agus á gcur chun feidhme mar chuid den rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta, déanfaidh saintréithe teicneolaíocht-sonracha a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach orthu.

3.  Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, údaráis réigiúnacha ná áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí ná comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin ná comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí na breithnithe a bhaineann le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur i bhfeidhm i gcás ina gcuirfeadh a gcur i bhfeidhm oibleagáid ar na heintitis sin trealamh a fháil lena mbaineann costais dhíréireacha ▌. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a thoimhdiú go bhfuil difríochtaí costais os cionn 10 % díréireach i gcás ina mbeadh costais na tacaíochta a thairgeann an earnáil phoiblí don tionscadal níos mó ná 15 % níos airde, i gcomparáid le nós imeachta gan na rannchuidithe inbhuanaitheachta agus athléimneachta.  Beidh an mhír seo gan dochar do shaincheart na n-údarás conarthach sonraíochtaí teicniúla a fhoirmliú i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2014/24 chun a áirithiú nach mbeidh soláthar trealaimh neamh-chomhoiriúnach ar a mbíonn costais mhíréasúnta ró-ard de dhíth chun comhoiriúnacht leis an trealamh atá ann cheana a áirithiú mar thoradh ar chur i bhfeidhm na míre seo.

Féadfaidh na Ballstáit a mbuiséid fhoriomlána arna leithdháileadh ar cheantanna fuinnimh in‑athnuaite a choigeartú chomh maith leis na huasleibhéil tairisceana lena mbaineann chun freastal ar chur chun feidhme na gcritéar neamhphraghais.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásra innéacsaithe boilscithe san áireamh i ngach ceant. Deanfar tairiscintí diúltacha, i gcás inarb iomchuí, a eisiamh ó cheantanna.

3a.  Cuirfidh na húdaráis na coinníollacha réamhcháiliúcháin seo a leanas i bhfeidhm le haghaidh ceantanna faoin Airteagal seo:

(a)  ní bheidh níos mó ná 50 % den chuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, arna thomhas de réir luach airgeadais an trealaimh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, de thionscnamh tríú tíortha nach sínitheoirí le Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (GPA) iad;

(b)  gach trealamh a sholáthraítear faoin gcuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, déanfar é a dheimhniú i dtéarmaí cibearshlándála a mhéid is gurb ann do chreat deimhniúcháin cibearshlándála de chuid na hEorpa nó náisiúnta le haghaidh an trealaimh;

(c)  oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn cuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, ní bheidh siad faoi réir beart IPI mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/1031, go háirithe Airteagail 6 agus 8 de.

I gcás nach mbeidh aon tairiscint oiriúnach mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha réamhcháiliúcháin sin i gceant, féadfaidh an t-údarás conarthach an ceant a atosú gan coinníollacha réamhcháiliúcháin phointe (a) agus phointe (c) a chur i bhfeidhm.

Airteagal 20a

Treoir ón gCoimisiún

1.  Faoin ...[sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún treoir shoiléir a sholáthar maidir le cur chun feidhme nithiúil Airteagal 19 i gcomhar le hAirteagal 20, tríd na nithe seo a leanas a chur ar fáil: 

(a)  catalóg de chritéir nithiúla agus de chritéir neamhphraghais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht le haghaidh ceantanna fuinnimh in-athnuaite, ina ndéanfar idirdhealú idir critéir neamhphraghais atá oiriúnach do phróisis tairisceana iomaíocha agus critéir neamhphraghais atá oiriúnach mar cheanglais réamhcháiliúcháin i gceantanna fuinnimh in-athnuaite; 

(b)  modheolaíocht maidir le conas measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta comhshaoil agus sóisialta na tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointí (a) agus (d);  

(c)  modheolaíocht maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na difríochtaí costais dá dtagraítear in Airteagal 20(3). 

2.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar rannchuidiú chritéir neamhphraghais an Rialacháin seo arb é is aidhm dóibh dreasacht a chur ar fáil don nuálaíocht is gá chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 agus 2050 an Aontais a bhaint amach agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa faoin ... [dhá bhliain tar éis dháta an teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Más gá, déanfaidh an Coimisiún rannchuidiú na gcritéar neamhphraghais a mhodhnú chun monaraíocht san Aontas a chothú, chun ardchaighdeáin chomhshaoil agus inbhuanaitheachta a áirithiú, chun slabhraí luacha a fhorbairt san Aontas agus chun iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a mhéadú ar an leibhéal domhanda.

Airteagal 20b

Soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach tráchtála nuálach 

1.  Féachfaidh na Ballstáit le soláthar réamhthráchtála a úsáid le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha réamhthráchtála agus soláthar poiblí teicneolaíochtaí glan-nialasachta tráchtála nuálacha faoi chuimsiú chur chun feidhme a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Féadfar cistiú ar leibhéal an Aontais a chur le soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí faoi chuimsiú Chláir an Aontais atá ann cheana le haghaidh soláthar réamhthráchtála comhpháirteach nó soláthar poiblí ar fud na mBallstát. 

2.  Déanfaidh PNFAnna, uasdátaithe ar PNFA agus tuarascálacha ar dhul chun cinn PNFA maidir le huainiú PCPanna agus PSPanna agus a gcuspóirí a mhionsonrú. Ullmhóidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa moltaí maidir le dearadh an tsoláthair réamhthráchtála nó an tsoláthair phoiblí.

Airteagal 21

Cineálacha eile idirghabhála poiblí

1.  Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE ná d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001(50) agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh scéimeanna a bhunú a rachaidh chun tairbhe do theaghlaigh, do ghnólacht nó do thomhaltóirí a dhreasaíonn ceannach na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3a(1) den Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí iad a dhearadh ar bhealach a chuirfidh chun cinn go gceannóidh tairbhithe táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta lena mbaineann rannchuidiú ard inbhuanaitheachta agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán seo, trí chúiteamh airgeadais comhréireach breise a sholáthar.

2.  De bharr chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointí (b), (c) agus (d) agus in Airteagal 19(2a), ní bheidh an cúiteamh airgeadais breise arna dheonú ag na húdaráis i gcomhréir le mír 1 níos mó ná 5 % de chostas an táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta ar an tomhaltóir, seachas na scéimeanna lena ndíreofar ar shaoránaigh atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh arb é 15% an teorainn ina leith.

3.  Agus scéim a thagann faoi mhír 1 á dearadh agus á cur chun feidhme ag an údarás, úsáidfidh sé próiseas oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú athléimneachta agus inbhuanaitheachta na dtáirgí atá ar fáil ar an margadh. Beifear i dteideal iarratas a dhéanamh i leith aon táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta dul isteach sa scéim tráth ar bith. Sonróidh an t-údarás pasmharc ar dá réir a bheidh táirgí incháilithe don chúiteamh airgeadais breise faoin scéim tacaíochta.

4.  Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis uile a bhaineann le scéimeanna de bhun Airteagal 21(1) i gcás gach táirge ábhartha teicneolaíochta glan-nialasachta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin aonair saor in aisce.

Airteagal 22

Tionscnaimh maidir le rochtain ar mhargaí a chomhordú

1.  Faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(3) ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht agus rannchuidiú inbhuanaitheachta na dtáirgí atá ar fáil a chumhdaítear leis na foirmeacha idirghabhála poiblí a chumhdaítear faoi Airteagail 19, 20 agus 21, i gcomhréir le forálacha comhchosúla i ngníomhartha dlí atá ann cheana, agus lena mbunaítear na critéir le haghaidh an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 19(4). Cuirfidh an Coimisiún comhthéacs sonrach FBManna san áireamh.

1a.  I gcás ina mbeidh coimhlint idir na critéir dhámhachtana agus na critéir inbhuanaitheachta éagsúla a leagtar síos faoi ghníomhartha dlí eile an Aontais, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfuil na forálacha sin ann i gcomhthráth. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a threoraíocht agus, i gcás inar gá, tabharfaidh sé cothrom le dáta í gach sé mhí.

2.  Déanfaidh an Coimisiún liosta de gach táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3 a chur ar fáil agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, arna mhiondealú de réir an sciar de sholáthar an Aontais de thionscnamh tríú tíortha éagsúla le linn na bliana deireanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. Rachaidh an Coimisiún agus an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa i gcomhairle le comhlachais geallsealbhóirí tionsclaíocha agus le gníomhaithe tionsclaíocha chun na críche sin.

3.  Pléifidh an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa bearta a rinne na Ballstáit chun Airteagail 19 agus 21 a chur chun feidhme agus malartóidh sé dea-chleachtais, inter alia, maidir le húsáid phraiticiúil na gcritéar lena sainítear an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta sa soláthar poiblí, nó scéimeanna a dhreasaíonn ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta.

Caibidil V.

Feabhas a chur ar scileanna chun poist ardcháilíochta a chruthú

Airteagal 23

Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta

1.  Bunaithe ar chleachtadh mapála agus dá dtagraítear in Airteagal 23a, tacóidh an Coimisiún, lena n-áirítear trí shíolmhaoiniú a sholáthar, le hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú mar líonra saineolaithe ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta, arb é is aidhm dóibh:

(a)  cláir foghlama a fhorbairt, ábhar agus ábhair foghlama agus oiliúna a fhorbairt le haghaidh oiliúna agus oideachais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt, a tháirgeadh, a shuiteáil, a choimisiúnú, a oibriú, a chothabháil agus a athchúrsáil agus maidir le hamhábhair atá sainaitheanta tríd an gcleachtadh mapála, chomh maith le tacú le hacmhainneachtaí na n-údarás poiblí atá inniúil chun ceadanna agus údaruithe dá dtagraítear i gCaibidil II a eisiúint agus leis na húdaráis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán seo;

(aa)  a áirithiú go n-éascaíonn na cláir foghlama a fhorbraítear sealbhú agus neartú inniúlachtaí idirdhisciplíneacha, sa bhreis ar scileanna a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht ar leith nó le hearnáil ar leith, chun oiriúnú ó thionscal amháin go tionscal eile a éascú, rud a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí a bheith soghluaiste agus inoiriúnaithe don staid atá ag síorathrú i margadh an tsaothair agus níos faide i gcéin;

(ab)  a áirithiú go mbeidh sna cláir foghlama faisnéis agus oiliúint atá ábhartha agus cothrom le dáta maidir le saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le cearta oibrithe agus dálaí oibre;

(ac)  díriú ar oiliúint agus oideachas 100 000 foghlaimeoir in aghaidh an Acadaimh a chumasú, laistigh de thrí bliana tar éis a mbunaithe, trí fhoghlaim ghairmiúil ar feadh an tsaoil agus uas-sciliú nó athsciliú a spreagadh, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí, trí chláir mheantóireachta chomh maith le cláir oiliúna ghearrtréimhseacha agus fhadtréimhseacha;

(b)  úsáid na gclár foghlama, an ábhair agus na n-ábhar ag soláthraithe oideachais agus oiliúna sna Ballstáit a chumasú agus a chur chun cinn, amhail ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna sna heolaíochtaí feidhmeacha agus comhghuaillíochtaí ollscoile, gnóthais a sholáthraíonn oideachas agus oiliúint den sórt sin, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair shóisialta, comhpháirtithe sóisialta, agus oiliúnóirí oiliúna;

(ba)  sásraí a fhorbairt chun cáilíocht na hoiliúna a chuireann soláthraithe oideachais agus oiliúna ar fáil sna Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, i dtíortha atá comhlachaithe le cláir thaighde agus nuálaíochta an Aontais, amhail Fís Eorpach agus an Eoraip Dhigiteach, a áirithiú, bunaithe ar chláir foghlama, ábhar agus ábhair na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta;

(bb)  rannchuidiú leis an gcuspóir fadtéarmach an tAontas a thionsclú agus a dhícharbónú ag an am céanna agus rannchuidiú lena neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta de dhéantús an Aontais agus le hoibrithe oilte;

(c)  dintiúir a fhorbairt agus a chur in úsáid, lena n-áirítear micridhintiúir, chun aithint na scileanna a gheofar a éascú, chun inaistritheacht idir poist agus tionscail agus soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair a éascú, agus chun meaitseáil le poist ardcháilíochta ábhartha a chur chun cinn trí uirlisí amhail an Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) agus EURAXESS.

2.  Déanfaidh Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta steiréitíopaí inscne a chomhrac agus déanfaidh siad rochtain chomhionann ar inneachar foghlama a chur chun cinn do chách, agus aird ar leith a thabhairt ar an ngá le níos mó ban agus daoine óga, go háirithe iad siúd nach bhfuil i mbun oideachas, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna), daoine scothaosta, oibrithe i ngairmeacha atá i mbaol dul ar iarraidh nó a bhfuil a n-inneachar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór ag teicneolaíochtaí nua agus ag daoine atá ag obair i réigiúin atá i mbun aistriú a ghníomhachtú. Déanfaidh Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta éagsúlacht agus cuimsitheacht daoine faoi mhíchumas, imircigh agus daoine atá i staideanna leochaileacha a chur chun cinn. .

Article 23a

Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú agus a rialú

Le cleachtadh mapála, sainaithneofar ganntanais saothair agus scileanna i bpríomhearnálacha tionsclaíocha agus i dtionscail ghlan-nialasachta bunaithe ar riachtanais an chlaochlaithe thionsclaíoch agus an dícharbónaithe agus déanfar measúnú ar an rochtain ar dheiseanna oiliúna a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin ar an leibhéal náisiúnta.

Déanfar anailís sa chleachtadh mapála ar bhunchúiseanna na nganntanas sin, go háirithe iad siúd a bhaineann le cáilíocht na tairisceana poist, agus ar an gcaoi sin measúnófar an bhfuil gá le bearta breise chun níos mó oibrithe de gach leibhéal cáilíochta a mhealladh i dtionscail áirithe.

Más rud é, ar bhonn an chleachtaidh léarscáilithe, go sainaithnítear leibhéal criticiúil de ghanntanais scileanna i dteicneolaíocht straitéiseach ghlan-nialasachta, eiseoidh an Coimisiún glao ar thograí chun Acadaimh um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú.

Is éard a bheidh i gcomhaltaí na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta roinnt gníomhaithe, amhail tionscail ina bhfuil úsáid na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha ríthábhachtach ina slabhraí luacha, ina soláthraithe oideachais agus oiliúna, ina gcomhpháirtithe sóisialta agus ina ngnóthais lena n-áirítear FBManna. Beidh sé d’aidhm ag comhdhéanamh na ballraíochta, i gcás inar féidir, cothromaíocht gheografach a bhaint amach ar fud na mBallstát, agus á áirithiú go mbeidh an t-inneachar foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta ar fáil i dteangacha éagsúla ionas go mbeidh rochtain ag an líon is mó foghlaimeoirí ar na cláir foghlama, go háirithe i measc na ngrúpaí is leochailí.

Cuirfear imchlúdach airgeadais dar luach EUR 102 000 000 ar a laghad i bpraghsanna reatha ar fáil do bhunú agus d’fheidhmiú na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2027. Bainfidh na Ballstáit úsáid as cistí ábhartha an Aontais, go háirithe CSE+, chun ábhar foghlama na nAcadamh a imscaradh go héifeachtach, agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil don Choimisiún faoin méid cistí den Aontas a leithdháileadh chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Trí bliana tar éis a mbunaithe, beidh na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de trí ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón earnáil phríobháideach.

Déanfaidh an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa arna bhunú de bhun Airteagal 28(1) faireachán ar obair na nAcadamh Eorpach um an Tionsacal Glan-nialasachta agus eiseoidh sé tuarascáil faoin 31 Nollaig 2026 maidir le cur in úsáid a gclár foghlama.

Gan mhoill tar éis don Choimisiún teacht i bhfeidhm, seolfaidh an Coimisiún an próiseas mapála agus eiseoidh sé an chéad ghlao ar thograí chun Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú, a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an obair atá ar bun cheana agus as tionscadail na ngníomhaithe ábhartha agus na mBallstát.

Faoin [31 Nollaig 2024], bunófar Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta.

Faoin [31 Nollaig 2025], tosóidh na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta ag soláthar agus ag scaipeadh inneachar foghlama tosaigh. Le céim imlonnaithe an inneachair foghlama, tabharfar aird ar leith ar réigiúin atá i mbun claochlú tionsclaíoch, ina bhfuil ganntanas scileanna criticiúla nó ar na réigiúin sin ina bhfuil ráta ard dífhostaíochta, go háirithe dífhostaíocht i measc na hóige.

Airteagal 24

Gairmeacha rialaithe i dTionscail Ghlan-nialasachta agus aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla

1.  Faoin 31 Nollaig 2024 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, sainaithneoidh na Ballstáit an bhfuil na cláir foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialáilte laistigh de raon feidhme gairme agus spéis ar leith ag an tionscal glan-nialasachta chun ationsclú agus dícharbónú a dhéanamh ag an am céanna d’fhonn na cáilíochtaí arna n-iarraidh a ailíniú, lena gcumhdaítear cáilíochtaí teicniúla agus acadúla araon. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear torthaí na measúnuithe ar fáil go poiblí agus go mbeidh rochtain éasca orthu ar líne. I gcás ina meastar nach bhfuil na cláir foghlama coibhéiseach leis na cáilíochtaí a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialáilte, míneoidh an Ballstát sin na difríochtaí don Choimisiún agus sonróidh sé conas coibhéis a bhaint amach.

2.  Má chinneann Ballstát go bhfuil coibhéis ann, mar a thuairiscítear sa chéad mhír den Airteagal seo, áiritheoidh sé, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, go n-aithneofar dintiúir arna n-eisiúint ag soláthraithe oideachais agus oiliúna ar bhonn na gclár foghlama a d’fhorbair na hacadaimh, faoi Theideal III Caibidil I de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(51), aon uair a iarrann sealbhóir dintiúr den sórt sin rochtain ar ghairm rialáilte de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) de Threoir 2005/36/CE, agus a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis don tionscal glan-nialasach, trí ghlacadh leis an dintiúr mar fhianaise leordhóthanach ar cháilíochtaí foirmiúla.

3.  I gcás ina rialaítear rochtain ar ghairm lena mbaineann tábhacht ar leith le haghaidh an tionscadail glan-nialasachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) de Threoir 2005/36/CE, oibreoidh na Ballstáit chun tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí íosta a fhorbairt a theastaíonn chun an ghairm shonrach sin a shaothrú chun creat comhchoiteann oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 49a(1) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú chun aitheantas uathoibríoch cáilíochtaí a chumasú. Féadfaidh an tArdán um an Tionscal Glan-nialasachta moltaí dá dtagraítear in Airteagal 49a(3) de Threoir 2005/36/CE a chur isteach freisin.

Airteagal 25

An tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa agus scileanna

Tacóidh an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa dá dtagraítear in Airteaga 28 le hinfhaighteacht agus úsáid scileanna i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha, agus in údaráis inniúla agus údaráis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil II agus i gCaibidil IV, trí na cúraimí seo a leanas, agus na struchtúir atá ann cheana a bheith á dtógáil laistigh de chóras náisiúnta oideachais agus gairmoiliúna:

(1)  cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun measúnú, faireachán leanúnach agus réamhaisnéis a dhéanamh ar éileamh agus soláthar lucht saothair ag a bhfuil na tacair scileanna a theastaíonn i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus ar infhaighteacht agus glacadh deiseanna oideachais agus oiliúna comhfhreagracha, agus eolas á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta de réir mar is iomchuí;

(2)  faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíoch na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta agus, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit agus ag na húdaráis náisiúnta de bhun Airteagal 31(2), faisnéis a bhailiú faoin líon daoine a bhain tairbhe as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh agus a sholáthraíonn sonraí imdhealaithe de réir earnálacha tionsclaíocha, inscne, aoise, agus leibhéil oideachais agus cháilíochta, sineirgí a chothú le tionscnaimh agus tionscadail scileanna eile náisiúnta agus de chuid an Aontais, agus formhaoirseacht a sholáthar chun lucht saothair éagsúil a mhealladh, lena n-áirítear trí fheachtais chumarsáide spriocdhírithe;

(3)  cúnamh a thabhairt geallsealbhóirí a shlógadh, lena n-áirítear lucht tionscail, gnóthais, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair shóisialta, comhpháirtithe sóisialta agus soláthraithe oideachais agus oiliúna, amhail ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna sna heolaíochtaí feidhmeacha agus comhghuaillíochtaí ollscoile, do chur i bhfeidhm na gclár foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta;

(4)  cuidiú le glacadh agus aitheantas dhintiúir foghlama Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta sna Ballstáit chun aitheantas scileanna agus meaitseáil scileanna agus post a chur chun cinn, inter alia trí bhailíocht agus glacadh na ndintiúr ar fud mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh agus trí bhéim a leagan ar chláir oiliúna fhadtéarmacha agus ar phrintíseachtaí íoctha;

(4a)   faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú ghlacadh agus aithint dintiúr foghlama agus rannchuidiú le réitigh a sholáthar i gcás ina mbraitear saincheisteanna neamhaitheantais;

(5)  forbairt próifílí gairmeacha Eorpacha a éascú arb éard a bheidh iontu tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí le haghaidh na bpríomhghairmeacha sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus leas á bhaint, inter alia, as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta, agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as an téarmaíocht a sholáthraítear san Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) chun trédhearcacht agus soghluaisteacht idir poist agus thar theorainneacha an mhargaidh inmheánaigh a éascú;

(6)  ionchais ghairme agus dálaí oibre ardcháilíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear pá cothrom agus leormhaith i bpoist i dtionscail atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chomh maith le tarraingteacht an oideachais theicniúil, lánpháirtiú na hóige, na mban, na seanóirí agus daoine ó chúlra faoi mhíbhuntáiste do thionscail teicneolaíochtaí glan-nialasacha i margadh an tsaothair, agus oibrithe oilte ó thríú tíortha a mhealladh trí ionstraimí amhail an Cárta Gorm Eorpach agus, ar an gcaoi sin, lucht saothair níos éagsúla a bhaint amach;

(6a)  soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais a spreagadh agus tacú léi agus poist fholmha a fhoilsiú trí bhíthin líonra EURES;

(7)  comhordú níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas agus fios gnó a éascú idir na Ballstáit agus laistigh den earnáil phríobháideach chun feabhas a chur ar infhaighteacht scileanna sna glanteicneolaíochtaí nialais, lena n-áirítear trí rannchuidiú le beartais an Aontais agus na mBallstát chun daoine tréitheacha nua a mhealladh ó thríú tíortha agus ó gach leibhéal oideachais.

Caibidil VI.

Nuálaíocht

Airteagal 26

Deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta

-1.  Faoin ... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh nó bunóidh na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta aonair a bheidh freagrach as na deiseanna trialacha rialála glan-nialasachta. Is é an t-údarás sin amháin a bheidh mar an t-aon phointe teagmhála d’aon ghrúpáil eagraíochtaí atá toilteanach a iarraidh go mbunófaí deis thrialach rialála glan-nialasachta de bhun an Airteagail seo.

1.  Féadfaidh na Ballstáit agus i gcás inarb iomchuí in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le Ballstáit eile, ar a dtionscnamh féin, deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a bhunú, lena bhféadfar teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a fhorbairt, a thástáil agus a bhailíochtú, i bhfíorthimpeallacht rialaithe ar feadh tréimhse teoranta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad, rud a chuirfidh feabhas ar an bhfoghlaim rialála agus ar an uas-scálú a d’fhéadfaí a dhéanamh agus ar an úsáid níos leithne a d’fhéadfaí a bhaint astu. Bunóidh na Ballstáit deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta i ndlúthchomhar le hinstitiúidí tionscail agus taighde, agus i gcás inarb ábhartha, le comhpháirtithe sóisialta agus sochaí sibhialta, i gcomhréir le mír 1 arna iarraidh sin d’aon chuideachta atá ag forbairt teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile, a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin dá dtagraítear i mír 4(a) agus ar roghnaigh na húdaráis inniúla é de réir an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 4(b).

2.  Déanfar na módúlachtaí agus na coinníollacha maidir le bunú agus oibriú na ndeiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta faoin Rialachán seo a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Leis na módúlachtaí agus na coinníollacha, tacófar a mhéid is féidir le solúbthacht d’údaráis inniúla náisiúnta a ndeiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a bhunú agus a oibriú, nuálaíocht agus foghlaim rialála a chothú agus cuirfear san áireamh go háirithe imthosca agus cumais speisialta FBManna rannpháirteacha agus gnólachtaí nuathionscanta. Áireofar sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír▌ sin príomhphrionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

(a)  incháilitheacht do rannpháirtíocht sna deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta agus roghnú lena haghaidh;

(b)  nós imeachta maidir leis na deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a chur i bhfeidhm, a bheith rannpháirteach iontu, faireachán a dhéanamh orthu, imeacht astu agus iad a fhoirceannadh, lena n-áirítear an plean maidir le deiseanna trialacha agus an tuarascáil imeachta;

(c)  na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe.

3.  Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sna deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás a dhéanann maoirseacht ar an deis thrialach rialála. Déanfar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a thástáil, a fhorbairt agus a bhailíochtú faoi mhaoirseacht dhíreach agus faoi threoraíocht na n-údarás inniúil. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta ar bhealach solúbtha laistigh de theorainneacha na reachtaíochta ábhartha, agus déanfaidh siad na cleachtais rialála atá ann cheana á oiriúnú agus a gcumhachtaí lánroghnacha a úsáid agus forálacha dlíthiúla á gcur chun feidhme agus á bhforfheidhmiú acu maidir le tionscadal deise trialaí rialála teicneolaíochta glan-nialasachta, d’fhonn bacainní a bhaint, an t-ualach rialála a mhaolú, éiginnteacht rialála a laghdú, agus tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta.

4.  I gcás inarb ábhartha chun cuspóir an Airteagail seo a bhaint amach, breithneoidh na húdaráis inniúla ar mhaoluithe nó díolúintí a dheonú a mhéid a cheadaítear faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-áiritheofar leis an bplean maidir le deiseanna trialacha rialála go n-urramófar príomhchuspóirí agus ceanglais fhíor-riachtanacha reachtaíocht an Aontais agus na reachtaíochta náisiúnta. Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar aon riosca mór don tsláinte, don tsábháilteacht nó don chomhshaol a shainaithneofar le linn forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a chur in iúl go poiblí agus go gcuirfear an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí láithreach dá dheasca go dtí go ndéanfar an riosca sin a mhaolú. I gcás ina measfaidh údaráis inniúla go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe, an phobail i gcoitinne, nó an chomhshaoil, go háirithe toisc go mbaineann sé le tástáil, forbairt nó bailíochtú lena mbaineann substaintí fíorthocsaineacha, ní fhormheasfaidh siad an plean maidir leis an deis thrialach rialála go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil coimircí leordhóthanacha curtha i bhfeidhm atá i gcomhréir leis an riosca eisceachtúil a sainaithníodh.

5.  Ar choinníoll go n-urramóidh na rannpháirtithe an plean maidir le deis thrialach agus na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht iontu arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Airteagal seo agus dá dtagraítear i mír 2 agus go leanfaidh siad, de mheon macánta, an treoraíocht a thabharfaidh na húdaráis, ní fhorchuirfidh na húdaráis aon fhíneáil riaracháin ná pionós eile mar gheall ar shárú ar reachtaíocht infheidhme an Aontais nó na mBallstát a bhaineann leis an teicneolaíocht ghlan-nialasachta a ndéanfar maoirseacht uirthi sa deis thrialach rialála.

6.  Beidh rannpháirtithe sa deis thrialach rialála teicneolaíochta glan-nialasachta faoi dhliteanas i gcónaí faoi reachtaíocht dliteanais is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát le haghaidh aon dochair a dhéanfar do thríú páirtithe de thoradh na tástála a dhéanfar sa deis thrialach.

7.  Féadfar síneadh a chur le fad na deise trialaí rialála teicneolaíochta glan-nialasachta tríd an nós imeachta céanna, le comhaontú an údaráis inniúil náisiúnta.

8.  Déanfar na deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach, i gcás inarb ábhartha, a éascóidh comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla náisiúnta. Na Ballstáit a bhfuil deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta bunaithe acu, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus comhoibreoidh siad faoi chuimsiú an Ardáin um ghlan-nialasacht na hEorpa leis na cuspóirí mar atá faisnéis ábhartha a chomhroinnt. Tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún maidir le torthaí chur chun feidhme na ndeiseanna trialacha rialála, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena mbunú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais laistigh den deis thrialach rialála ar bhealach atá oiriúnaithe chun críocha na deise trialaí.

Airteagal 26a

Nuálaíocht ar mhaithe le hiomaíochas agus dícharbónú 

Beidh sé d’aidhm leis na bearta sa Roinn sin dlús a chur leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh laistigh den Aontas, chun dlús a chur le húsáid na dteicneolaíochtaí sin chun iarrachtaí dícharbónaithe an Aontais a chothú agus chun iomaíochas domhanda thionscal glan-nialasachta an Aontais a mhéadú d’fhonn uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a áirithiú trí onnmhairiú na dteicneolaíochtaí sin a mhéadú. 

Airteagal 26b

Prionsabal na Nuálaíochta 

Gan dochar dá inniúlachtaí faoi na Conarthaí, agus i gcomhréir lena Threoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr an 3 Samhain.2021, cuirfidh an Coimisiún prionsabal na nuálaíochta i bhfeidhm, mar a thuairiscítear san Uirlis um Rialáil Níos Fearr #22 agus sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2018 dar teideal ‘Clár Oibre Eorpach athnuaite don Taighde agus don Nuálaíocht — Deis na hEorpa a todhchaí a mhúnlú’, agus gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais á n-ullmhú agus le linn athbhreithniú agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana, d’fhonn a áirithiú go gcothaíonn creat rialála an mhargaidh inmheánaigh an nuálaíocht agus go dtacóidh sé léi.  

Airteagal 26c

Bord Plean SET 

1.  Chun an Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26d a bhunú agus a chur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún Bord Plean SET. Beidh Bord Plean SET freagrach as an treoir straitéiseach agus as cinntí ginearálta, lena n-áirítear an cinneadh maidir leis na teicneolaíochtaí atá le cur san áireamh, maidir leis an bPlean SET agus a chur chun feidhme. 

2.  Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún a bheidh ar Bord Plean SET. Ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach air. Áireofar ann rannpháirtíocht struchtúrach agus bhuan na ngníomhaithe tionscail agus taighde. 

3.  Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil chuig Bord Plean SET. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a bheith aige i ndáil le cúraimí éagsúla a bhaineann le hobair Bord Plean SET. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta de Bhord Plean SET. 

4.  Ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh Bord Plean SET a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí. 

5.  Tiocfaidh Bord Plean SET le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach, cúraimí a shonraítear sa Rialachán sin. I gcás inar gá, tiocfaidh Bord Plean SET le chéile ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó thromlach simplí dá chomhaltaí. 

6.  Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do Bhord Plean SET trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta. 

7.  Féadfaidh Bord Plean SET foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha. 

8.  Iarrfaidh Bord Plean SET ar ionadaithe Pharlaimint na hEorpa freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, lena n‑áirítear na buan‑fhoghrúpaí nó na foghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 7. 

9.  I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Bord Plean SET nó an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do thríú páirtithe eile chuig cruinnithe Bord Plean SET agus na bhfoghrúpaí nó chun aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar. 

10.  Glacfaidh Bord Plean SET na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. 

11.  Déanfaidh Bord Plean SET a dhícheall teacht ar chomhthuairim. 

Airteagal 26d-

Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh 

1.  Faoin ... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh Bord Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26c Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET). Is é an cuspóir a bheidh ag an bPlean SET fócas agus comhordú idir scéimeanna agus foinsí cistiúcháin éagsúla a áirithiú, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta agus chun tacú le forbairt teicneolaíochtaí fuinnimh atá neodrach ó thaobh na haeráide de chomh maith le hailíniú straitéiseach a áirithiú maidir le tosaíochtaí le haghaidh taighde, nuálaíochta agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.

2.  Sainaithneofar i bPlean SET na teicneolaíochtaí fuinnimh a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Aontas, agus a rannchuidiú le cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais á chur san áireamh chomh maith le hiomaíochas tionsclaíoch an Aontais, agus a dteastaíonn gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta uathu chun an aibíocht is gá le haghaidh cur in úsáid ar scála iomlán a bhaint amach. 

3.  Beidh Bord Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26c freagrach as Plean SET a chur chun feidhme. Chun críocha chur chun feidhme an Phlean SET sin, glacfaidh an Coimisiún an liosta teicneolaíochtaí a shainaithnítear sa Phlean SET trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). 

4.  Faoi údarás Bhord Phlean SET agus le rannpháirtíocht dhomhain na n-earnálacha ábhartha, lena n-áirítear an earnáil taighde, forbrófar cláir oibre taighde agus nuálaíochta le haghaidh gach ceann de na teicneolaíochtaí fuinnimh a shainaithnítear i bPlean SET. Beidh na cláir oibre sin mar bhonn don chomhordú idir an tAontas agus na Ballstáit maidir le cistiú le haghaidh na ngníomhaíochtaí a shainaithnítear sa chlár oibre agus maidir leis na bonneagair teicneolaíochta is gá le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin. Déanfaidh Bord Phlean SET na cláir oibre sin a fhormhuiniú.  

5.  Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú go bliantúil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le dul chun cinn an Phlean SET. Déanfar athbhreithniú ar Phlean SET agus, más gá, athbhreithneofar é laistigh de 18 mí tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. 

Airteagal 27

Bearta le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:

(a)  rochtain tosaíochta a sholáthar do FBManna ar na deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta nuálacha sa mhéid go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 26;

(b)  gníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagrú maidir le rannpháirtíocht FBManna sna deiseanna trialacha rialála;

(c)  i gcás inarb iomchuí, bealach tiomnaithe a bhunú chun cumarsáid a dhéanamh le FBManna chun treoraíocht a sholáthar agus chun freagra a thabhairt ar cheisteanna faoi chur chun feidhme Airteagal 26.

2.  Cuirfidh na Ballstáit leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna san áireamh, agus soláthróidh siad tacaíocht riaracháin leordhóthanach chun páirt a ghlacadh sna deiseanna trialacha rialála. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, ba cheart do na Ballstáit FBManna a chur ar an eolas faoin tacaíocht airgeadais atá ar fáil dá ngníomhaíochtaí sna deiseanna trialacha rialála.

2a.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gnólachtaí nuathionscanta.

Caibidil VII.

Rialachas

Airteagal 28

Bunú agus cúraimí an Ardáin um Ghlan-nialasacht na hEorpa

1.  Bunaítear leis seo an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa (‘an tArdán’).

2.  Déanfaidh an tArdán na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.  Féadfaidh an tArdán comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit i ndáil lena ngníomhaíochtaí chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát arna gcur isteach faoi Rialachán (AE) 2018/1999(52) á gcur san áireamh.

4.  Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú a dhéanamh laistigh den Ardán▌ le tríú tíortha ábhartha chun cuidiú le glacadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn ar fud an domhain, chun comhoibriú a dhéanamh i bhforbairt na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus chun tacú le ról chumais thionsclaíocha an Aontais chun an bealach a réiteach le haghaidh an aistrithe dhomhanda chuig fuinneamh glan, i gcomhréir le cuspóirí foriomlána an Rialacháin seo a eascraíonn as Airteagal 1 den Rialachán seo. Déanfaidh an tArdán an méid seo a leanas:

(a)  plé a dhéanamh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, i gcás inar gá, a mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit, bealaí chun comhar, fios gnó agus comhroinnt teicneolaíochta feadh an tslabhra luacha glan-nialasachta idir an tAontas agus tríú tíortha a fheabhsú agus a chur chun cinn;

(aa)  plé a dhéanamh leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, bealaí a mholadh don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfar an rialachán seo a chur in iúl agus a ailíniú le tionscnaimh eile de chuid an Aontais nó le scéimeanna sealadacha a thagann faoi Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais;

(ab)  faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn slabhraí luacha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, athruithe teicneolaíocha agus tionsclaíocha a rianú, agus slabhraí luacha straitéiseacha a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo a shainaithint;

(ac)  faireachán a dhéanamh ar fhógra tráthúil maidir le Státchabhair ó na Ballstáit agus ar a húdarú ón gCoimisiún;

(ad)  faireachán a dhéanamh ar iarrataí ar rochtain ar dheontais trí chistí agus cláir de chuid an Aontais chun críocha a bhaineann leis an Rialachán seo agus, i gcás inar gá, moltaí a eisiúint chun dlús a chur leis an nós imeachta agus é a chomhordú agus a éascú;

(ae)  measúnú a dhéanamh ar riachtanais infheistíochta agus chistiúcháin, treoraíocht a chur ar fáil i ndáil le forbairt scileanna, agus dea-chleachtais a phlé maidir le cur chun feidhme Roinn I de Chaibidil II chomh maith le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 agus dlús a chur leis na spriocdhátaí ceadaithe;

(b)   plé a dhéanamh leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, a mholadh don Choimisiún, conas aghaidh a thabhairt ar bhacainní neamhtharaifí trádála, amhail trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do mheasúnú comhréireachta nó trí ghealltanais a dhéanamh chun srianta ar onnmhairiú a sheachaint;

(c)   a mholadh don Choimisiún cé na tríú tíortha ar cheart tús áite a thabhairt dóibh chun comhpháirtíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta a thabhairt i gcrích, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(i)  an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann le slándáil an tsoláthair, agus a n-acmhainneacht mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta á cur san áireamh;

(ii)  an bhfuil comhaontuithe comhair ann cheana idir tríú tír agus an tAontas;

(iia)  Acmhainní insteallta agus stórála CO2 laistigh dá gcríocha;

(ca)  meastóireacht a dhéanamh ar uirlisí cosanta trádála chun dul i ngleic le haon bhearta ó thríú tíortha a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a chur i mbaol. 

5.  Tacóidh na Ballstáit leis an gCoimisiún agus na bearta comhair a leagtar amach sa chomhpháirtíocht thionsclaíoch ghlan-nialasachta á chur chun feidhme. Beidh sé de chuspóir ag comhpháirtíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta trádáil i measc rannpháirtithe a éascú, lena n-áirítear trí thús áite a thabhairt d’infheistíochtaí riachtanacha laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, athléimneacht agus inbhuanaitheacht na slabhraí luacha tacaíochta a fheabhsú, agus cothrom iomaíochta a ráthú.

5a.  Déanfaidh an tArdán, ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, measúnú ar iomaíochas domhanda na dtionscal Eorpach laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin agus molfaidh sé gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar an iomaíochas sin.

5b.  Faoin ... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach trí mhí ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme Seiceála Iomaíoch ar iomaíochas a sholáthar don Ardán chomh maith leis an nGrúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta agus do Bhord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála. Leagfar amach sa tuarascáil na tograí reachtacha a rinneadh sna trí mhí a chumhdaítear leis an tuarascáil, an chaoi ar cuireadh an tSeiceáil Iomaíochais i bhfeidhm agus na tograí sin á n-ullmhú, agus cad iad na hathruithe a rinneadh ar na tograí chun a áirithiú nach ndéanfaidís dochar gan ghá d’iomaíochas an Aontais. Pléifidh an tArdán cur chun feidhme na Seiceála Iomaíochais dhá uair sa bhliain ar a laghad, ar bhonn ionchur ó Ghrúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta.

5c.  Comhordóidh an tArdán go rialta leis an bhFóram Ardleibhéil maidir le Caighdeánú chun plé a dhéanamh ar úsáid an chaighdeánaithe chun tacú le forbairt na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Eoraip.

Airteagal 29

Struchtúr agus feidhmiú an Ardáin um Ghlan-nialasacht na hEorpa

1.  Beidh an tArdán comhdhéanta de na Ballstáit, den Choimisiún agus de Pharlaimint na hEorpa. Ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach air.

2.  Déanfaidh gach Ballstát agus Parlaimint na hEorpa ionadaí a cheapadh chuig an mBord. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát agus Parlaimint na hEorpa níos mó ná ionadaí amháin a bheith aige i ndáil le cúraimí éagsúla a bhaineann le hobair an Ardáin. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Ardán.

3.  Ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh an tArdán a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí.

4.  Tiocfaidh an tArdán le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach, cúraimí a shonraítear sa Rialachán seo. I gcás inar gá, tiocfaidh an tArdán le chéile ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó thromlach simplí dá chomhaltaí.

5.  Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh don Ardán trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.

6.  Féadfaidh an tArdán foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha.

Bunóidh an tArdán na buan‑fhoghrúpaí seo a leanas ar a laghad: 

(a)  foghrúpa chun riachtanais airgeadais agus scrogaill i dtionscadail straitéiseacha glan-nialasachta, na dea-chleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann a phlé, go háirithe chun slabhraí soláthair trasteorann an Aontais a fhorbairt, agus chun maoiniú le haghaidh tionscadail straitéiseacha glan-nialasachta a chomhordú; 

(b)  foghrúpa chun cur chun feidhme na bhforálacha de bhun Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a phlé; 

(c)  foghrúpa chun na Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-nialasachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a phlé agus a chomhordú, lena n-áiritheofar comhar le fóraim ábhartha chomhordúcháin eile; 

(d)  foghrúpa chun cur chun feidhme iomchuí na nAcadamh um an Tionscal Glan-nialasachta a áirithiú de bhun Chaibidil V; 

(e)  foghrúpa atá tiomnaithe do dheiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta dá dtagraítear in Airteagal 26, chun an leas is mó is féidir a bhaint as éifeachtaí iarmharta ar fud an Aontais trí chomhar trasteorann a éascú agus tríd an riosca go ndéanfar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht a theorannú.

6a.  Tiocfaidh an tArdán le chéile ar a laghad uair sa bhliain le Bord Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26c chun ailíniú straitéiseach chur chun feidhme an Rialacháin seo le Plean SET a phlé.

7a.  Bunóidh an tArdán Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta. Beidh an Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta comhdhéanta d’ionadaithe ó earnálacha tionsclaíocha laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. Tiocfaidh aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh ó FBManna nó déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann FBManna. Déanfaidh an Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-Nialasachta, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Ardán, moltaí a chur ar fáil don Ardán. Éascóidh an Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta idirghníomhaíocht idir an tArdán agus comhlachtaí comhairleacha nó comhairleacha arna mbunú faoi chuimsiú bheartas tionsclaíoch an Aontais.

8.  I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tArdán cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a dhéanann ionadaíocht do thionscal, don tsochaí shibhialta, don lucht acadúil, do cheardchumainn agus do thríú páirtithe eile chuig cruinnithe an Ardáin agus na bhfoghrúpaí nó chun aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar.

9.  Déanfaidh an tArdán na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.

10.  Déanfaidh an tArdán a dhícheall teacht ar chomhthoil.

11.  Déanfaidh an tArdán comhordú agus comhoibriú le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha atá ann cheana agus iarrfaidh sé orthu freastal ar a chruinnithe, lena n-áirítear na foghrúpaí buana nó sealadacha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, chun tuairisc a thabhairt ar stádas na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 1 agus chun moltaí a dhéanamh maidir leis na spriocanna sin.

Airteagal 29a

Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála

1.  Bunaítear leis seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála (an ‘Bord Comhairleach Eolaíoch’). 

2.  Beidh an Bord Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de 15 shaineolaí eolaíocha shinsearacha a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch na critéir a leagtar síos i mír 4.

3.  Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhalta den Bhord Comhairleach Eolaíoch. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch inchurtha in amhras. 

4.  Ainmneofar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh téarma ceithre bliana, a bheidh ina tréimhse in-athnuaite uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Bunófar roghnú na gcomhaltaí ar na critéir seo a leanas: 

(a)  barr feabhais eolaíoch; 

(b)  taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar sna réimsí saineolais; 

(c)  saineolas i réimse an riaracháin phoiblí nó i réimsí eile atá ábhartha do chúraimí an Ardáin; 

(d)  taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta. 

5.  Déanfar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí go hiomlán neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch cathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana agus glacfaidh sé a rialacha nós imeachta. 

6.  Tacóidh an Bord Comhairleach Eolaíoch le hobair an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát agus é ag gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige trí thuarascálacha comhairleacha a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  tionchar agus ualach rialála dhlí an Aontais atá ann cheana;

(b)  tionchar agus ualach rialála na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme atá ann cheana; agus

(c)  dlí na mBallstát atá ann cheana lena dtrasuitear Treoracha an Aontais. 

7.  Bunóidh an Bord Comhairleach Eolaíoch a chlár oibre bliantúil go neamhspleách, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Cuirfidh cathaoirleach an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar an eolas faoi ábhar agus faoi chur chun feidhme a chláir oibre bhliantúil. Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, do Choimisinéir aonair nó do Bhallstáit aonair, nó ar bhonn iarraidh réasúnaithe ó gheallsealbhóir, comhairle a thabhairt maidir le tionchar agus ualach rialála dhréachtdlí an Aontais nó sa phróiseas cinnteoireachta. 

8.  Déanfar na tuarascálacha comhairleacha dá dtagraítear i mír 5 a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.  

9.  Is é an Coimisiún a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Comhairleach Eolaíoch. 

Airteagal 30

Caidreamh le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide

Cuirfidh na Ballstáit mionsonraí na mbeart ar fáil ar a bhfuil i gceist acu chun cur chun feidhme chuspóir an Rialacháin seo a thabhairt isteach ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe orthu, pleananna agus nuashonruithe arna gcur isteach de bhun Airteagail 3, 9 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ngné den Aontas Fuinnimh mar atá ‘taighde, nuálaíocht agus iomaíochas’, agus ina dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin. Go háirithe, sainaithneoidh na Ballstáit bearta chun taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur chun cinn chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Caibidil VIII.

Faireachán

Airteagal 31

Faireachán

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an méid seo a leanas:

(a)  Dul chun cinn an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, agus tionchar gaolmhar an Rialacháin seo;

(b)  an dul chun cinn maidir le cuspóir ar leibhéal an Aontais mar atá acmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear in Airteagal 16;

(ba)  leordhóthanacht chumas riaracháin na mBallstát chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta a ainmneoidh siad chun na críche sin sonraí agus fianaise eile is gá de bhun mhír 1, pointí (a) agus (b) a bhailiú agus a sholáthar. Déanfaidh siad sonraí maidir leis na nithe seo a leanas a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún gach bliain go háirithe:

(a)  forbairtí teicneolaíochta glan-nialasachta agus treochtaí margaidh, lena n-áirítear meánchostais infheistíochta monaraíochta agus meánchostais táirgthe, agus praghsanna margaidh ar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta faoi seach;

(b)  acmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochta glan-nialasachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear sonraí maidir le fostaíocht agus scileanna agus dul chun cinn maidir le baint amach spriocanna 2030 dá dtagraítear in aithris 13;

(c)  luach agus méid na n-allmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta isteach san Aontas agus na n-onnmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta lasmuigh den Aontas;

(ca)  líon FBManna atá mar chuid de thionscadail monaraíochta na dteicneolaíochta glan-nialasachta;

(d)  meánfhad na nósanna imeachta ceadaithe faoin Rialachán seo;

(e)  cineálacha agus líon na gceadanna a deonaíodh ar an leibhéal náisiúnta le linn na 12 mhí roimhe;

(f)  líon na bpróiseas deonaithe ceadanna a tugadh i gcrích, a stopadh nó a cuireadh ar ceal le linn na 12 mhí roimhe agus na cineálacha bacainní a tháinig chun cinn i gcás stoptha nó cealaithe;

(g)  líon na ndeiseanna trialacha a bunaíodh le linn na 12 mhí roimhe;

(h)  an méid CO2 a stóráiltear faoi thalamh go buan i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.

3.  Áireofar sna sonraí an fhaisnéis a iarrtar san Fhógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú, ar a laghad.

4.  Seolfaidh gach Ballstát an chéad tuarascáil chuig an gCoimisiún ag deireadh mhí na Bealtaine den bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Seolfar na tuarascálacha ina dhiaidh sin faoi dheireadh mhí na Bealtaine gach bliain.

5.  Tarchuirfidh na Ballstáit freisin na sonraí arna mbailiú de bhun mhír 2 den Airteagal seo chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat chun staitisticí a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(53). Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na sonraí a tharchur chuig na hoifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.

6.  Ar bhonn na dtuarascálacha a chuirfear isteach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn an Aontais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo agus foilseoidh sé moltaí gaolmhara ar bhonn bliantúil mar chuid de na Tuarascálacha Bliantúla maidir le hIomaíochas na dTeicneolaíochtaí Fuinnimh Ghlain, de bhun Airteagal 35(2), pointe (m), de Rialachán (AE) 2018/1999.

7.  Ar bhonn na ndréachtiarratas ar chead arna gcur isteach de bhun Airteagal 10 de Threoir 2009/31/CE agus ar bhonn na dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 17(2), Airteagal 18(4) agus Airteagal 18(6) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le baint amach na sprice uile-Aontais i dtaca le hacmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear i mír 1 pointe (b) den Airteagal seo agus tuairisceoidh sé go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Chuige sin, cruthóidh an Coimisiún bunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí de na sonraí uile atá ar fáil a bhaineann le stóráil CO2 san Aontas chun rannchuidiú le láithreáin stórála CO2 a mhapáil agus chun faireachán a dhéanamh ar bhaint amach na sprice foriomláine a leagtar amach in Airteagal 16.

7a.  Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus in Airteagal 18(4) agus arna dtíolacadh ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) faoin 31 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo a mheasúnú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh athbhreithniú ag gabháil léi má mheastar gur gá sin.

Caibidil IX.

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 33

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Tabharfar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 1(3), Airteagal 3(2) agus Airteagal 18(7) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [dáta theacht i bhfeidhm]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(3), in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 18(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(3), Airteagal 3(2) nó Airteagal 18(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 de.

Airteagal 35

Meastóireacht

1.  Faoin ... [3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.  Déanfar measúnú sa mheastóireacht ar baineadh cuspóirí an Rialacháin seo a bhunaítear in Airteagal 1 amach agus ar a thionchar ar úsáideoirí gnó, go háirithe FBManna, agus úsáideoirí deiridh, agus ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

3.  Cuirfear toradh an phróisis faireacháin a leagtar amach in Airteagal 31 san áireamh sa mheastóireacht.

4.  Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.

Airteagal 36

Faisnéis rúnda a láimhseáil

1.  Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus déanfar í a chosaint le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair, rúnda agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a ghinfear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta atá le déanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthrófar nó a mhalartófar faoin Rialachán seo a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.

4.  Mar sin féin, má mheasann Ballstát go bhféadfadh cur i láthair na faisnéise comhiomlánaithe i gcomhthéacs Airteagal 18 dochar a dhéanamh dá leas slándála náisiúnta, féadfaidh sé agóid a dhéanamh in aghaidh chur i láthair an Choimisiúin trí fhógra cuí-réasúnaithe.

5.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a bhfostaithe agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Tá feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionadaithe uile na mBallstát, breathnadóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile a fhreastalaíonn ar chruinnithe an Ardáin de bhun Airteagal 29.

Airteagal 37

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:

(1)  in Iarscríbhinn I, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’.

(2)  in Iarscríbhinn I, sa dara colún, sa ró ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:"

‘1. faisnéis faoin bpróiseas deonaithe ceadanna’

‘2. seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta’

‘3. deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát’

‘4. seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla, dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin’.

"

(3)  in Iarscríbhinn II, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’.

(4)  in Iarscríbhinn II, sa dara colún, sa ró ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:"

‘Nósanna imeachta le haghaidh na gceadanna riaracháin ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a phleanáil, a thógáil, a mhéadú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, i gcás inar gá leo sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta riaracháin uile’.

"

(5)  in Iarscríbhinn II, sa tríú colún, sa ró ‘Tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:"

‘Gach aschur a bhaineann leis na nósanna imeachta atá sa raon idir admháil bhailíocht an iarratais agus an tráth a thugann an t-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta’.

"

(6)  In Iarscríbhinn III, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

‘(8) Údaráis inniúla náisiúnta atá ag gníomhú mar ionad ilfhreastail de bhun Airteagal 4 den Rialachán [maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta].’

"

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ... [an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh].

Beidh feidhm aige ón [dáta teacht i bhfeidhm]. Go dtí an [2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], ní bheidh feidhm ag Airteagal 19(2), pointí (a), (b) ná (c) ach amháin maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag comhlachtaí lárnacha ceannaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (16), de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 2(1), pointe (12), de Threoir 2014/25/AE agus maidir le conarthaí dar luach EUR 25 mhilliún nó níos mó.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/in/sa ▌,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 349, 29.9.2023, lch. 179.
(2) IO C, C/2023/254, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/254/oj
(3) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. ‘Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach. COM(2021) 550, 14.7.2021.
(6) Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, arna ghlacadh an 16 Meitheamh 2022 mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean REPowerEU, COM/2022/230 final, 18.5.2022.
(8) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú) (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
(9) Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
(10) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(11) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(12) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh, SWD(2022) 148 final, 18.05.2022.
(13) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(14) Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú 2022/C 495/02, (IO C 495, 29.12.2022, lch. 24).
(15) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíocht agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach, COM/2023/62 final, 01.02.2023.
(16) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(17) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(18) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)
(19) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE, COM/2022/142 final, 30.03.2022.
(20) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020, COM/2020/798 final, 10.12.2020.
(21) Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta — IPI) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 1).
(23) Teachtaireacht ón gCoimisiún: Treoraíocht maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí tríú páirtí i margadh soláthair an Aontais, 24.7.2019, C(2019) 5494 final.
(24) Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
(25) Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch.1).
(26) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh, COM(2022) 221 final, 18.05.2022.
(27) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(28) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(29) Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022, lch. 1).
(30) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Ag sainaithint riachtanais téarnaimh na hEorpa, a ghabhann leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile, SWD(2020) 98 final, Identifying Europe's recovery needs, 27.05.2020.
(31) Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
(32) Fógra ón gCoimisiún – Treoraíocht maidir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhthéacs REPowerEU 2023/C 80/01, (IO C 80, 3.3.2023, p. 1).
(33) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(34) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(35) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(36) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(37) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(38) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(39) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(40) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (2020/2077(INI)) (IO C 465, 17.11.2021, lch. 11)
(41) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh, Oifig na bhFoilseachán, 2019, https://data.europa.eu/doi/10.2777/04888.
(42) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. ).
(43) Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach ((IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(44) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(45) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
(46) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(47) Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
(48) Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3).
(49) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(50) Treoir 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn
(51) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
(52) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(53) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

An nuashonrú is déanaí: 15 Feabhra 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais