Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar bhunphrionsabal tosaíochta dhlí an Aontais a chur chun feidhme (2022/2143(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagail 1, 2, 4 agus 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint d’Airteagail 258, 267 agus 344 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Dhearbhú Uimh. 17 maidir le tosaíocht, a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin arna shíniú an 13 Nollaig 2007(1),
– ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
– ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le géarchéim an smachta reachta sa Pholainn agus tosaíocht dhlí an Aontais(2),
– ag féachaint do rún uaithi an Déardaoin 19 Bealtaine 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta(3),
– ag féachaint don staidéar ó mhí Iúil 2022 dar teideal ‘Tosaíocht dhlí an Aontais'’, arna choimisiúnú ag a Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais(4),
– ag féachaint do staidéar an 27 Aibreán 2021 dar teideal ‘Deireadh na Tosáíochta? Maidir leis na hiarmhairtí Dlí a ghabhann le Rialú Chúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme an 5 Bealtaine 2020 maidir le Tosaíocht Dhlí an Aontais Eorpaigh’, arna choimisiúnú ag a Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus arna fhoilsiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais(5),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0341/2023),
A. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar comhluachanna iad ag na Ballstáit; de bhrí gur réamhriachtanas d’aontachas leis an Aontas é na luachanna sin a urramú mar aon le hoibleagáid ar na Ballstáit; de bhrí go bhfuil comhlíonadh dhlí príomha agus tánaisteach AE i gceist le hurraim do dhlí an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, croíphrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais; de bhrí, de réir fhomhír 2 d’Airteagal 4(3) de CAE, nach mór do na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na n-oibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais;
B. de bhrí, mar phobal atá bunaithe ar an smacht reachta, go bhfuil AE ag brath ar chur i bhfeidhm agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach agus aonfhoirmeach a dhlí ag CBAE agus ag cúirteanna na mBallstát; de bhrí nach féidir an éifeachtacht agus an aonfhoirmeacht sin a áirithiú ach amháin má tá tosaíocht ag dlí an Aontais ar an dlí éagsúil náisiúnta i réimsí a bhfuil feidhm ag dlí an Aontais leo; de bhrí, dá bhrí sin, gur bunchloch de dhlíchóras AE é prionsabal na tosaíochta, rud atá bunriachtanach d’fheidhmiú AE;
C. de bhrí nach foirceadal dlíthiúil amháin atá i gceist le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ach gur léiriú é freisin ar chomhtháthú polaitiúil agus eacnamaíoch AE; de bhrí, den mheon céanna, go rannchuidíonn prionsabal na tosaíochta le ‘aontas buandlúite idir pobail na hEorpa’ a chruthú, mar a fhoráiltear sna Conarthaí; de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir tosaíocht dhlí an Aontais agus prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí, ós rud é go ráthaítear leis cosaint chomhionann ar na cearta a thugtar le dlí an Aontais do shaoránaigh uile AE;
D. de bhrí nach bhfuil prionsabal na tosaíochta cumhdaithe go sainráite sna Conarthaí, ach gur tháinig forbairt air le blianta fada trí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE); de bhrí, i nDearbhú Uimh. 17 maidir le tosaíocht, atá i gceangal le Conradh Liospóin, go meabhraítear don Chomhdháil, i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe CBAE, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ag an Aontas ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an gcásdlí sin;
E. de bhrí gur athdhearbhaigh CBAE go mion minic, óna mbreithiúnas cinniúnach Costa v E.N.E.L an 15 Iúil 1964 i gCás C-6/64(6) i leith, go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais ar dhlí na mBallstát, gan beann ar chéim na reachtaíochta náisiúnta nó ar an tráth a glacadh í; de bhrí go bhfuil feidhm ag prionsabal na tosaíochta, dá bhrí sin, maidir le haon fhoráil den dlí náisiúnta, lena n-áirítear forálacha de chineál bunreachtúil, i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe CBAE; de bhrí, de bhua an chásdlí chéanna, go bhfuil feidhm ag an bprionsabal freisin maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit i gcás ina gcumhdaítear na comhaontuithe sin faoi réimse inniúlachta AE;
F. de bhrí go bhfuil dlíchóras AE fréamhaithe i gconarthaí dlí idirnáisiúnta poiblí, a achtaítear trí ghníomhartha daingniúcháin náisiúnta; de bhrí go bhfuil dlíchóras AE agus dlíchóras gach Ballstáit araon infheidhme laistigh de chríoch Ballstáit; de bhrí, i gcás coinbhleacht idir forálacha dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go bhfuil gá le riail easaontachta; de bhrí gur riail easaontachta den sórt sin é prionsabal na tosaíochta;
G. de bhrí nach dtugann prionsabal na tosaíochta le tuiscint go bhfuil ordlathas ann idir dlíchórais AE agus na mBallstát, ach go n-éilítear leis, i gcás forálacha contrártha de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta, nach ndéanann údaráis agus cúirteanna náisiúnta na forálacha náisiúnta sin a chur i bhfeidhm ná iad a fhorfheidmiú, agus go léirmhíníonn údaráis agus cúirteanna náisiúnta a ndlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; de bhrí, thairis sin, go n-eascraíonn sé as an bprionsabal go ndéanfar forálacha easaontacha náisiúnta a dhífheidhmiú, a aisghairm nó a leasú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an dlí náisiúnta dlí an Aontais go hiomlán;
H. de bhrí go n-eascraíonn an t-idirphlé leanúnach idir CBAE agus na cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta maidir le léirmhíniú phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais as tuiscintí éagsúla ar shainchúram AE agus ar dhlíchórais náisiúnta, amhail maidir le hinniúlachtaí a roinnt idir an dá cheann agus cé aige a bhfuil an t-údarás deiridh chun a shainiú cibé an dtagann ábhar faoi raon feidhme na gcumhachtaí a thugann na Ballstáit do AE;
I. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, nach mór go n-urramódh an tAontas féiniúlacht náisiúnta na mBallstát atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach; de bhrí go bhfuil an gaol idir dlíchóras AE agus dlíchórais náisiúnta bunaithe ar phrionsabal na tabhartha mar a chumhdaítear in Airteagal 4(1) CAE; de bhrí nach bhfuil feidhm ag prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ach amháin laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais;
J. de bhrí gur ghlac na Ballstáit go forleathan leis an gcásdlí lena mbunaítear prionsabal na tosaíochta; de bhrí gur áitigh cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta áirithe mar sin féin go bhfuil teorainneacha áirithe ann le prionsabal na tosaíochta, a bhaineann den chuid is mó le hurraim d’inniúlachtaí AE, don fhéiniúlacht bhunreachtúil náisiúnta agus do leibhéal cosanta na gceart bunúsach; de bhrí gur féidir léirmhínithe den sórt sin ag cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a mheas mar fhorchoimeádais maidir le prionsabal na tosaíochta; de bhrí gur chuir cúirt bhunreachtúil náisiúnta amháin i gcoinne phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais maidir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta; de bhrí go bhfuil roinnt cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha eile tar éis an prionsabal a chonspóid go hintuigthe;
K. de bhrí go bhfuil róil dhlisteanacha ag CBAE agus ag na cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta araon maidir le raon feidhme na ndlíchóras faoi seach a chinneadh; de bhrí gur féidir le cúirteanna náisiúnta agus CBAE, faoin réamhnós imeachta tagartha, dul i mbun idirphlé cuiditheach maidir le coinbhleachtaí idir an dlíchóras náisiúnta agus dlíchóras AE;
L. de bhrí, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 267 CFAE, go bhfuil dlínse ag CBAE rialuithe a thabhairt ar gach ceist a bhaineann le léirmhíniú na gConarthaí agus le bailíocht agus léirmhíniú ghníomhartha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí AE i gcomhthéacs an réamhnós imeachta tagartha; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil inniúlacht eisiach ag CBAE chun léirmhíniú cinntitheach ar dhlí an Aontais a sholáthar;
M. de bhrí go gcuireann an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE d’oibleagáid ar chúirteanna náisiúnta na céime deiridh réamhnós imeachta tagartha a thionscnamh má ardaítear an cheist sin; de bhrí go bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta na céime deiridh réamhcheisteanna breise a tharchur chuig CBAE i gcás nach bhfuil an chúirt náisiúnta in ann an cás atá idir lámha a chinneadh ar bhonn an fhreagra roimhe sin; de bhrí, de bhun Airteagal 344 CFAE, go ngabhann na Ballstáit orthu féin gan díospóid maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm na gConarthaí a chur faoi bhráid aon mhodha seachas na modhanna dá bhforáiltear iontu;
N. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE, go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, tús a chur le nós imeachta um shárú os comhair CBAE in aghaidh Ballstáit nár chomhlíon a oibleagáidí faoi na Conarthaí, agus de bhrí, i bhfianaise chásdlí CBAE agus Dhearbhú Uimh. 17 a bhaineann le tosaíocht atá i gceangal le Conradh Liospóin, go bhfuil an nós imeachta sin infheidhme freisin i gcás sárú oibleagáidí mar thoradh ar phrionsabal na tosaíochta; de bhrí, de bhun Airteagal 40 de Reacht CBAE, agus i gcomhréir le Riail 149(4) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, gur féidir leis an bParlaimint idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an gCoimisiún in imeachtaí um shárú den sórt sin faoi Airteagal 258 CFAE;
O. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 7 CAE, go bhféadfaidh an Chomhairle a chinneadh cuid de na cearta a eascraíonn as na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar Bhallstát a fhionraí, más rud é gur chinn an Chomhairle Eorpach go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an mBallstát i dtrácht ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE;
Príomhchonclúidí
1. ag athdhearbhú, mar gheall ar a n-aontachas le AE, gur chloígh na Ballstáit le corpas iomlán dhlí an Aontais, lena n-áirítear le cásdlí CBAE, agus le luachanna agus prionsabail uile AE dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, atá i bpáirt acu, dá bhrí sin, agus a bhfuil gealltanas tugtha acu iad a urramú i gcónaí; á mheabhrú go n-áirítear leis sin, inter alia, prionsabal na tosaíochta, atá ríthábhachtach chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú ar fud an Aontais agus chun comhionannas shaoránaigh AE os comhair an dlí a ráthú;
2. ag aithint gur cúram comhpháirteach do dhlíchóras AE agus do dhlíchórais náisiúnta na mBallstát é bunluachanna agus prionsabail amhail cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint go héifeachtach, agus do na cúirteanna a bhfuil sé de chúram orthu na dlíchórais sin a léirmhíniú;
3. á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go ndéanfar comhbheartais agus comhchuspóirí AE a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud na mBallstát uile, lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta agus lena gcuirfear muinín fhrithpháirteach chun cinn i measc na mBallstát;
4. ag athdhearbhú, cé nach bhfuil sé cumhdaithe go sainráite sna Conarthaí, go bhfuil feidhm ag prionsabal tosaíochta dhlí an Aontais maidir le gach comhlacht de chuid na mBallstát, agus go bhfuil a éifeachtaí ceangailteach ar na comhlachtaí sin i gcónaí; á chur i bhfios go láidir éifeacht Dhearbhú Uimh. 17 atá i gceangal le Conradh Liospóin, maidir le tosaíocht;
5. á mheabhrú go bhfuil prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais nó prionsabail thosaíocht an dlí idirnáisiúnta ar an dlí náisiúnta i láthair in ord bunreachtúil roinnt Ballstát;
6. á mheabhrú go n-aithnítear féiniúlacht náisiúnta na mBallstát in Airteagal 4(2) CAE, lena n-áirítear a struchtúir bhunreachtúla; á athdhearbhú, i dtéarmaí praiticiúla, go bhfuil cur chuige CBAE i leith Airteagal 4(2) CAE bunaithe ar anailís ar chomhluachanna Eorpacha, dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE; á chur i bhfios, dá bhrí sin, nár cheart tagairtí d’Airteagal 4(2) CAE ag cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a úsáid riamh chun comhluachanna Eorpacha a chur i mbaol; á chur i bhfios go láidir go bhfuil idirphlé gníomhach idir cúirteanna náisiúnta agus CBAE i gceist le cur i bhfeidhm Airteagal 4(2) agus Airteagal 5 CAE; á mheabhrú gur faoi CBAE atá sé, i bhfianaise a hinniúlachta eisiache maidir le léirmhíniú cinntitheach ar dhlí an Aontais a sholáthar, raon feidhme phrionsabal na tosaíochta a shainiú bunaithe ar chur i bhfeidhm Chonarthaí AE;
7. ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann formhór mór chúirteanna na mBallstát prionsabal tosaíochta dhlí an Aontais i bhfeidhm; á thabhairt dá haire, ón mbreithiúnas ó Costa v E.N.E.L. an 15 Iúil 1964, nach raibh ach líon an-bheag cásanna inar dhiúltaigh cúirt náisiúnta glacadh le hiarmhairtí réamhrialaith, i gcomparáid le líon mór na réamhthagairtí;
8. á chur i bhfios, áfach, iarmhairtí diúltacha chinntí na gcúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a chuireann in aghaidh nó nach n-éiríonn leo prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth, dá mbeadh gach cúirt bhunreachtúil nó uachtarach náisiúnta in ann cinneadh a dhéanamh maidir le teorainneacha thosaíocht dhlí an Aontais, go gcuirfí éifeachtacht agus aonfhoirmeacht dhlí an Aontais i mbaol go mór, mar aon, dá bhrí sin, le ráthaíocht maidir le cóir chomhionann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh agóid i gcoinne bhreithiúnais CBAE ar bhonn forchoimeádais bhunreachtúla náisiúnta maidir le hurraim d’inniúlachtaí AE nó an fhéiniúlacht bhunreachtúil náisiúnta gan réamhcheisteanna maidir le léirmhíníu na mbreithiúnas sin a tharchur chuig CBAE an bonn a bhaint d’údarás CBAE; á chreidiúint go bhféadfadh cásdlí aon chúirte bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a dhéanann agóid i gcoinne phrionsabal na tosaíochta cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha na mBallstát eile a spreagadh chun agóid a dhéanamh i gcoinne thosaíocht dhlí an Aontais;
9. ag meabhrú na héagsúlachta i measc na dtraidisiún dlí a bhaineann go sonrach le gach Ballstát; á chreidiúint go bhfuil difríochtaí den sórt sin ar cheann de na tosca a rannchuidíonn le cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta chun agóid a dhéanamh i gcoinne rialuithe CBAE; ag cur béim ar an bhfíoras go mbunaíonn CBAE prionsabail ghinearálta atá bunaithe ar thraidisiúin choiteanna bhunreachtúla de dhlíchórais na mBallstát;
10. á chur i bhfios go láidir go dtéann idirphlé cuiditheach idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta agus CBAE chun tairbhe d’fhorbairt dhlí an Aontais toisc gur féidir leis a bheith ina bhealach chun an teannas idir na dlíchórais Eorpacha agus náisiúnta maidir le roinnt na n-inniúlachtaí a réiteach; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an t-idirphlé sin cuiditheach agus nach ndéanann sé aon neamhaird ar chinntí CBAE a dhlisteanú;
11. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an réamhnós imeachta tagartha maidir le hidirphlé breithiúnach saor agus cuiditheach a chothú agus gur príomhionstraim é chun coinbhleachtaí a réiteach idir cúirteanna náisiúnta na céime deireanaí agus CBAE; á iarraidh ar na cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta an nós imeachta réamhthagairt a úsáid nuair is iomchuí; ag cur béim ar an bhfíoras, ós rud é go n-áirithítear leis léirmhíniú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais, gur réamhriachtanas é do chomhsheasmhacht agus neamhspleáchas dhlíchóras AE; á mheabhrú gur léirigh CBAE cheana, i gcásanna áirithe, go bhfuil sí toilteanach a réasúnú a athrú sa dara réamhrialú arna iarraidh ag an gcúirt bhunreachtúil náisiúnta chéanna a thionscain an chéad réamhthagairt, lena léirítear go bhforáiltear leis an nós imeachta sin d’idirphlé éifeachtach idir cúirteanna; á mheas go bhféadfadh na coinbhleachtaí idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta áirithe agus CBAE fianaise a thabhairt ar easpa idirphlé le linn na n-imeachtaí;
12. á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an nós imeachta reachtach arb é is aidhm dó Prótacal Uimh. 3 ar Reacht CBAE a athrú; á chreidiúint gur cheart, le dáileadh níos cothroime saothair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, spás a thabhairt d’idirphlé breithiúnach níos déine idir cúirteanna agus binsí AE agus cúirteanna agus binsí na mBallstát, rud a chuirfeadh ar a gcumas teannas leanúnach maidir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a réiteach;
13. á chur in iúl gur geal léi na sásraí neamhfhoirmiúla uile atá ann cheana lenar féidir an t-idirphlé breithiúnach a neartú idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta agus CBAE, amhail Cruinniú na mBreithiúna lena dtugtar le chéile Uachtarán CBAE agus uachtaráin na gcúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta, agus Gréasán Breithiúnach ardán AE, a cruthaíodh ar a dtionscnamh in 2017;
14. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil feidhm ag trédhearcacht na cinnteoireachta mar phrionsabal daonlathach freisin maidir leis na breithiúna agus go gcothaíonn sí muinín an phobail as an bpróiseas breithiúnach; á chreidiúint go gcuireann rochtain phoiblí ar dhoiciméid, comhaid agus taifid chúirte le trédhearcacht agus cuntasacht na mbreithiúna sna Ballstáit agus ar leibhéal AE;
Moltaí
15. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil freagracht ar chomhlachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha na mBallstát freisin a áirithiú go n-urramaíonn a mBallstát faoi seach dlí an Aontais; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart do chomhlachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha gníomhú chun gníomhartha dlí a leasú nó a tharraingt siar ar cinneadh gur sárú ar dhlí an Aontais iad;
16. ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme cuí dhlí an Aontais agus chásdlí CBAE bunriachtanach chun prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ina ról mar chaomhnóir na gConarthaí, cur leis an tuarascáil bhliantúil maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais trí anailís a thabhairt isteach ar staid chur chun feidhme chásdlí CBAE, lena n-áirítear scórchlár maidir le comhlíonadh bhreithiúnais CBAE sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin tús a chur leis na himeachtaí iomchuí i gcoinne Ballstáit a mhainníonn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú;
17. á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar rialuithe na gcúirteanna náisiúnta maidir le tosaíocht dhlí an Aontais agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar mar fhreagairt; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis iomlán a chur ar fáil maidir le haon choinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann, i bhfianaise a fhreagrachta don Pharlaimint faoi na Conarthaí;
18. á iarraidh ar an gCoimisiúin nósanna imeachta um shárú a thionscnamh faoi Airteagal 258 CFAE mar fhreagairt ar bhreithiúnais ó chúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a dhéanann agóid i gcoinne phrionsabal na tosaíochta agus, dá bhrí sin, go mbíonn sárú ar dhlí an Aontais mar thoradh orthu, nuair a theipeann ar chineálacha eile idirphlé; á mholadh, thairis sin, go bhfeabhsófaí éifeachtacht na nósanna imeachta um shárú;
19. á mholadh go láidir go rachadh CBAE agus na cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta i mbun idirphlé neamhfhoirmiúil rialta, in éineacht leis na modhanna breithiúnacha réamhthagartha; ag spreagadh fóram a bhunú inar féidir na cúirteanna sin a thabhairt le chéile, chun na críche sin, de mheon an chomhair fhrithpháirtigh agus é mar aidhm leis comhchuibhiú ar léirmhíniú dhlí an Aontais a spreagadh ar fud na gcóras breithiúnach uile; ag moladh do na mBallstáit aonair agus an Choimisiúin tacú leis na hiarrachtaí sin; ag moladh d’institiúidí acadúla agus comhlachtaí dlíthiúla laistigh de AE modúil chuimsitheacha maidir le prionsabal na tosaíochta a ionchorprú ina gcuraclam agus é mar aidhm leo tuiscint agus léirthuiscint níos doimhne ar an bprionsabal bunúsach sin a chothú i measc cleachtóirí dlí agus lucht ceaptha beartas amach anseo;
20. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil fothú acmhainneachta leormhaith ríthábhachtach d’idirphlé tairbheach agus do chur chun feidhme cuí phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbainfí úsáid as clár AE lena dtairgtear oiliúint chríochnúil atá dírithe ar chórais bhreithiúnacha na mBallstát, lena n-áirítear breithiúna, giúistísí, dlíodóirí, ionchúisitheoirí agus iad siúd atá ag obair san earnáil phoiblí, agus ar lucht ceaptha beartas, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE araon, chun tuiscint níos fearr a spreagadh ar thosaíocht dhlí an Aontais, ar dhlíchóras AE i gcoitinne agus ar na hiarmhairtí a bhaineann le cur chun feidhme mícheart dhlí an Aontais agus chásdlí CBAE;
21. ag tabhairt dá haire, i gcásanna áirithe, go mbaineann easaontas idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta le cinntí CBAE le cosaint ceart bunúsach, go háirithe nuair a léirmhíníonn cúirteanna náisiúnta nach bhfuil na cearta bunúsacha a dheonaítear le dlí an Aontais chomh cosantach leis na cearta bunúsacha a dheonaítear leis an mbunreacht náisiúnta; á mheas go bhféadfadh aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine laghdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh coinbhleachtaí ann sa réimse sin trí choimircí breise a thabhairt isteach lena gcosnaítear cearta bunúsacha shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais agus trí shásra breise a chur ar fáil chun cearta an duine a fhorfheidhmiú, eadhon an fhéidearthacht gearán a thaisceadh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine i ndáil le sárú ar chearta an duine a eascraítear ó ghníomh arna dhéanamh ag institiúid de chuid an Aontais nó ag Ballstát a chuireann dlí an Aontais chun feidhme, ar gníomh é a thagann faoi shainchúram na cúirte sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar an próiseas aontachais sin i gcrích go pras;
22. ag tabhairt dá haire gur cheistigh na Ballstáit go straitéiseach faoi nós imeachta Airteagal 7 maidir leis an mbonn a bhaint go córasach den smacht reachta, prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar chúiseanna polaitiúla; á mheas gur bagairt don dlíchóras sa Bhallstát lena mbaineann agus do chomhar dílis i measc na mBallstát, chomh maith le mainneachtain an Bhallstáit sin a oibleagáidí Conartha a chomhlíonadh, na cásanna sin ina mbaintear an bonn go córasach den smacht reachta; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as a chumhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á chur i bhfáth go bhfuil rún daingean ag an bParlaimint tús a chur leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 CAE i gcásanna ina bhfuil baol soiléir ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar luachanna AE agus á iarraidh an athuair ar an gComhairle iarrachtaí nithiúla agus inchreidte a dhéanamh chun gach imeacht leanúnach faoi Airteagal 7 a chur ar aghaidh;
23. ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt tíortha is iarrthóirí i mbun aontachais le AE faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go n-áirítear sa phróiseas aontachais fothú acmhainneachta maidir le dlíchóras AE agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais; á mholadh go mbunófaí idirphlé struchtúrtha rialta idir CBAE agus cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta na dtíortha is iarrthóirí;
24. ag moladh, i gcás athbhreithniú ar na Conarthaí, go ndéanfaí prionsabal na tosaíochta a áireamh mar fhoráil shainráite Chonartha; á mheabhrú gur leagadh síos tosaíocht dhlí an Aontais go sainráite sa Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip; á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh an clásal tosaíochta sin san áireamh i gConradh Liospóin;
o o o
25. á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Staidéar — ''Príomhacht dhlí an Aontais Eorpaigh'', Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais C — Cearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla, Iúil 2022.
Staidéar – ‘Deireadh na Tosaíochta? Maidir leis na hiarmhairtí Dlí a ghabhann le Rialú Chúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme an 5 Bealtaine 2020 maidir le Tosaíocht dhlí an Aontais'’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais C – Cearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla, an 27 Aibreán 2021.