Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0367(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0363/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0363/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 22/11/2023 - 8.1

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0412

Téacsanna atá glactha
PDF 126kWORD 46k
Dé Céadaoin, 22 Samhain 2023 - Strasbourg
Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023: Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, coigeartuithe eile agus nuashonruithe teicniúla
P9_TA(2023)0412A9-0363/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2023 ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023 de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 – Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, coigeartuithe eile agus nuashonruithe teicniúla (14622/2023 – C9-0410/2023 – 2023/0367(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

–  ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, mar a glacadh go cinntitheach é an 23 Samhain 2022(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(3),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus freisin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4),

–  ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(5),

–  ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 11 Deireadh Fómhair 2023 (COM(2023)0530),

–  ag féachaint don seasamh ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 9 Samhain 2023 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2023 (14622/2023 – C9-0410/2023),

–  ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0363/2023),

A.  de bhrí gurb í príomhchuspóir Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023 taobh caiteachais an bhuiséid a nuashonrú, i measc nithe eile, chun laghdú EUR 280 000 000 a dhéanamh ar leithreasuithe an tionscadail d’Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER) i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 264 000 000 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, mar gheall ar mhoilleanna ar an gcur chun feidhme, agus leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don Chlár don Eoraip Dhigiteach, do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, do Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a laghdú go méid iomlán EUR 3 000 000 000;

B.  de bhrí gurb ionann glantionchar foriomlán Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023 ar chaiteachais agus laghdú EUR 247 500 000 ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 3 254 800 000 ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

1.  ag cur sonrú i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023 mar a thíolaic an Coimisiún é;

2.  á thabhairt chun suntais gur moladh tionscadal ITER a chiorrú, a thagann sa bhreis ar an gciorrú a rinneadh tráth chaibidlíocht bhuiséad 2023 agus ar an gciorrú a mhol an Coimisiún i ndréachtbhuiséad 2024; á chur in iúl gur cúis shuntasach imní di an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme ITER agus á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí agus faoina dtionchar ar ranníocaíocht airgeadais de chuid an Aontais agus míniú níos mionsonraithe a thabhairt maidir leis na cúiseanna atá leis na moilleanna suntasacha sa chlár;

3.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di na moilleanna ar chur chun feidhme na gclár sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha agus an laghdú iarmhartach ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; á iarraidh ar na Ballstáit brú ar aghaidh leis an gcur chun feidhme, le tacaíocht ón gCoimisiún, chun a áirithiú go n-ionsúfar go hiomlán na leithreasuithe atá ar fáil; á chur i bhfáth gur gá géarchéim íocaíochtaí a sheachaint ag deireadh an CAI reatha; ag meabhrú, i bhfianaise an méid sin, a togra chun an Ionstraim Corrlaigh Aonair a leasú chun deireadh a chur leis an uasteorainn bhliantúil i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí maidir le dul i muinín na hIonstraime sin mar chuid den athbhreithniú ar CAI agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún tacú leis an togra ón bParlaimint;

4.  ag cur béim ar an gciorrú ar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) a mhol an Coimisiún mar gheall go bhfuil roinnt sonraisc ardluacha fós á n-anailísiú agus go bhfuil roinnt ceanglais ann maidir le coinníollacht íocaíochta nár comhlíonadh go fóill i dtaca le tionscadail áirithe; á mheas go bhfuil fadhbanna móra ag baint le moilleanna den sórt sin ós rud é nach mór AMIF a bheith solúbtha agus freagrúil i gcás sreabha imirce; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bpróiseas chun go mbeidh sé in ann tacaíocht iomlán a thabhairt do na Ballstáit agus iad ag tabhairt aghaidh ar shreabha móra imirce; 

5.  á chur in iúl gur geal léi an togra chun leibhéal na leithreasuithe a mhéadú do shlándáil fhoirgneamh agus chórais TF Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus chun ochtar gníomhairí sealadacha breise a shannadh; ag athdhearbhú a seasaimh sheanbhunaithe maidir leis an ngá atá lena áirithiú go bhfaighidh gníomhaireachtaí, ar cuireadh síneadh lena sainordú, méadú comhréireach ar an bhfoireann agus ar an mbuiséad atá acu;

6.  ag cur sonrú sna coigeartuithe a mhol an Coimisiún maidir le Ceannteideal 7; á thabhairt chun suntais go n-éilíonn institiúidí an Aontais na hacmhainní is gá chun go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí dlíthiúla agus conarthacha a chomhlíonadh agus a sainordú a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne na hInstitiúidí chun beagnach gach méid is gá a chumhdach, trí ath-imlonnuithe agus trí infheistíochtaí neamhéigeantacha a chur ar athló, mar gheall ar an ráta nuashonraithe tuarastail níos airde; ag cur sonrú sa mhéadú beag is gá maidir le caiteachas pinsin agus leis an méid a éilíonn na Scoileanna Eorpacha chun praghsanna arda fuinnimh a chumhdach;

7.  á mheas nach mór don Aontas freagairt láidir a thabhairt ar riachtanais atá ag dul i méid go tapa, go háirithe maidir le cabhair dhaonnúil, lena n-áirítear sa Mheánoirthear agus i réigiún Chugais; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fhéidearthachtaí buiséadacha chun tacaíocht a chur ar fáil in 2023, trí dhréachtbhúiséad leasaitheach eile nó trí aistriú;

8.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2023;

9.  á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad leasaitheach Uimh. 4/2023 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

10.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(2) IO L 58, 23.2.2023, lch. 1.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(4) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(5) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 15 Feabhra 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais