Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2023 maidir leis an téacs comhpháirteach ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh faoin nós imeachta buiséadach (11565/2023 – C9-0336/2023 – 2023/0264(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don téacs comhpháirteach a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh agus do na ráitis ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (11565/2023 – C9‑0336/2023),
– ag féachaint do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 5 Iúil 2023 (COM(2023)0300),
– ag féachaint don seasamh maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 5 Meán Fómhair 2023 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2023 (11565/2023 – C9‑0336/2023),
– ag féachaint do Litir leasaitheach Uimh. 1/2024 i dtaca le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, a thíolaic an Coimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2023 (COM(2023)0531),
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024(1) agus do na leasuithe buiséadacha a ghabhann leis,
– ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagal 106(a) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(4),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(5),
– ag féachaint do Rialacha 95 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón Toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh (A9-0362/2023),
1. ag formheas an téacs chomhpháirtigh;
2. ag dearbhú a ráitis chomh maith leis na ráitis chomhpháirteacha atá i gceangal leis an rún seo;
3. ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún sin;
4. á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 glactha go críochnaitheach agus socrú a dhéanamh le haghaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán an rún reachtach sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
De réir na ngnéithe maidir le conclúidí comhpháirteacha:
— Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad 2024 socraithe ag EUR 189 385,4 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 360,1 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, méid atá faoi bhun uasteorainneacha CAI don bhliain 2024.
— Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad 2024 socraithe ag EUR 142 630,3 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 31 018,5 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, méid atá faoi bhun uasteorainn CAI don bhliain 2024.
— Déantar an Ionstraim Sholúbthachta don bhliain 2024 a shlógadh i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do mhéid arb ionann é agus EUR 1 635,5 milliún, as a n-áirítear EUR 1 289,5 milliún le haghaidh fho-cheannteideal 2b Athléimneacht agus Luachanna, EUR 317,2 milliún le haghaidh cheannteideal 5 Slándáil agus Cosaint agus EUR 28,9 milliún le haghaidh cheannteideal 6 Comharsanacht agus an Domhan.
— I gcomhréir le hAirteagal 11(1) a de Rialachán CAI, déantar an Ionstraim Corrlaigh Aonair a shlógadh i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do mhéid arb ionann é agus EUR 586,1 milliún, as a n-áirítear EUR 371,1 milliún le haghaidh cheannteideal 6 Comharsanacht agus an Domhan agus EUR 215,0 milliún le haghaidh cheannteideal 7 Riarachán Poiblí Eorpach.
Tá sé measta ag an gCoimisiún gurb ionann agus EUR 1 734,4 milliún na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in 2024 a bhaineann le slógadh na Ionstraime Solúbthachta sna blianta 2021 go 2024. Tá sceideal íocaíochta measta na méideanna gaolmhara gan íoc do na blianta sin sonraithe sa tábla seo a leanas:
An Ionstraim Sholúbthachta – próifíl íocaíochta (i milliúin EUR)
Bliain slógtha
2024
2025
2026
2027
Iomlán
2021
7,6
0,0
0,0
0,0
7,6
2022
49,8
36,7
0,0
0,0
86,5
2023
279,0
120,6
83,2
0,0
482,8
2024
1 398,0
107,6
83,7
46,3
1 635,5
Iomlán
1 734,4
265,0
166,9
46,3
2 212,5
B. Buiséad 2023
Formheastar Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DAB) Uimh. 4/2023 arna mholadh ag an gCoimisiún.
1. Buiséad 2024
1.1. 'Línte ‘iata’
Mura luaitear a mhalairt sna conclúidí seo, deimhnítear na línte buiséid go léir mar a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad do 2024 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024.
Ina theannta sin, mura sonraítear a mhalairt, deimhnítear na línte buiséid go léir arna leasú ag an gComhairle agus arna gcomhaontú ag an bParlaimint ina léamh mar atá leasaithe ag an gComhairle.
I gcás na línte buiséid eile, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis na conclúidí a áirítear i roinn 1.2 go roinn 1.7 thíos.
1.2. Saincheisteanna cothrománacha
Gníomhaireachtaí díláraithe
Déantar ranníocaíocht an Aontais (i bhfoirm leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) agus líon na bpost sa phlean bunaíochta do na gníomhaireachtaí díláraithe uile, a shocrú ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad do 2024 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 cé is moite de:
— Faoi fho-cheannteideal 2b:
— Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE, airteagal buiséid 07 10 08) a ndéantar 13 phost a chur leis an bplean bunaíochta agus méadú EUR 4 mhilliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith.
— Faoi cheannteideal 4:
— Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA, airteagal buiséid 10 10 01) a ndéantar méadú EUR 1 mhilliún ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ina leith chun costais 10 bpost breise do ghníomhairí conarthacha a chumhdach.
— An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex, airteagal buiséid 11 10 01) a ndéantar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí a laghdú EUR 15 mhilliún ina leith.
Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Déantar ranníocaíocht AE (i bhfoirm leithreasuithe i gcomhair gealltanas agus leithreasuithe i gcomhair íocaíochtaí) agus líon na bpost sa phlean bunaíochta do na ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin, a shocrú ag an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad.
Treoirthionscadail/Réamhbhearta
Comhaontaítear pacáiste cuimsitheach de 46 threoirthionscadal/réamhbhearta (PP/PA), a bhfuil 36 díobh nua, do mhéid iomlán arb ionann é agus EUR 107,4 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar atá molta ag an Parlaimint na hEorpa.
Urramaítear leis an bpacáiste sin na huasteorainneacha do threoirthionscadail agus do réamhbhearta a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais.
1.3. Ceannteidil chaiteachais an chreata airgeadais - leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
Tar éis dó na conclúidí thuas maidir le gníomhaireachtaí agus treoirthionscadail agus réamhbhearta a chur i gcuntas, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:
Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
1.0.11
Fís Eorpach
12 812 088 532
12 897 088 532
85 000 000
01 02 01 01
An Chomhairle Eorpach um Thaighde
2 164 231 124
2 176 231 124
12 000 000
01 02 01 02
Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie
891 754 891
899 754 891
8 000 000
01 02 02 10
An Bhraisle ‘Sláinte’
650 549 025
675 549 025
25 000 000
01 02 02 20
An bhraisle ‘an Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’
298 612 665
306 612 665
8 000 000
01 02 02 50
Braisle “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”
1 288 842 641
1 309 842 641
21 000 000
01 02 02 60
An Bhraisle ‘Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol’
Na saoráidí ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú — An Comhghnóthas Eorpach um ITER — agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt
548 002 426
428 002 426
-120 000 000
1.0.221
SCE Iompair
1 727 250 201
1 757 250 201
30 000 000
02 03 01
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) — Iompar
1 717 181 785
1 747 181 785
30 000 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
67 020 000
Iomlán
62 020 000
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 21 493,4 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 104,6 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 1.
Fo-cheannteideal 2a – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
Déantar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a shocrú ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad gan aon choigeartú a dhéanamh. Dá bharr sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 64 665,2 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 17,8 milliún faoi uasteorainn chaiteachais fho-cheannteideal 2a.
Fo-cheannteideal 2b – Athléimneacht agus Luachanna
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
2.2.23
Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)
3 796 000 000
3 340 000 000
-456 000 000
06 04 01
Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – Íocaíocht cúpóin thréimhsiúil agus fuascailt tráth na haibíochta
3 790 000 000
3 334 000 000
-456 000 000
2.2.24
An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU)
230 311 354
240 311 354
10 000 000
06 05 01
Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta
230 311 354
240 311 354
10 000 000
2.2.32
Erasmus+
3 736 131 530
3 796 131 530
60 000 000
07 03 01 01
Soghluaisteacht foghlama daoine aonair agus grúpaí, agus comhar, cuimsiú agus cothromas, barr feabhais, cruthaitheacht agus nuálaíocht a chur chun cinn ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna, a chur chun cinn — Bainistíocht indíreach
2 566 731 926
2 617 731 926
51 000 000
07 03 02
Soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus rannpháirtíocht i measc daoine óga, agus comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse na hóige, a chur chun cinn
384 913 639
393 913 639
9 000 000
2.2.34
Eoraip na Cruthaitheachta
331 788 132
334 788 132
3 000 000
07 05 01
Sraith an Chultúir
101 802 039
103 802 039
2 000 000
07 05 03
An tsraith Thrasearnálach
27 603 081
28 603 081
1 000 000
2.2.352
Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
214 962 993
219 462 993
4 500 000
07 06 01
Comhionannas agus cearta
36 019 970
37 519 970
1 500 000
07 06 02
Ról agus rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais
55 671 418
57 671 418
2 000 000
07 06 03
Daphne
25 146 868
26 146 868
1 000 000
2.2.3DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
290 845 169
294 845 169
4 000 000
07 10 08
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
66 307 729
70 307 729
4 000 000
2.2.3SPEC
Sainphribhléidí
181 077 079
183 077 079
2 000 000
07 20 04 06
Inniúlachtaí sonracha i réimse an bheartais shóisialta, lena n-áirítear idirphlé sóisialta
22 221 446
23 221 446
1 000 000
07 20 04 09
Bearta faisnéise agus oiliúna d’eagraíochtaí oibrithe
22 728 699
23 728 699
1 000 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
25 827 500
Iomlán
-346 672 500
I gcomhthéacs costais mhaireachtála níos airde, déantar Erasmus+ a threisiú faoi EUR 60 milliún, go háirithe chun an clár a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu.
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 9 895,5 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais fho-cheannteideal 2b agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 1 289,5 milliún i gcomhréir le hAirteagal 12 de CAI.
Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
3.1.11
An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT)
40 602 078 000
40 517 278 000
-84 800 000
08 02 01
Cúlchiste talmhaíochta
530 000 000
516 500 000
-13 500 000
08 02 04 01
Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta
18 373 500 000
18 282 200 000
-91 300 000
08 02 04 03
Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga
650 000 000
670 000 000
20 000 000
3.2.21
An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)
744 949 659
764 949 659
20 000 000
09 02 01
An dúlra agus an bhithéagsúlacht
285 202 126
300 202 126
15 000 000
09 02 02
Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil
177 796 220
178 796 220
1 000 000
09 02 03
Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin
122 679 608
125 679 608
3 000 000
09 02 04
An t-aistriú chuig fuinneamh glan
133 496 971
134 496 971
1 000 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
14 540 000
Iomlán
-50 260 000
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 57 338,6 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 110,4 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 3.
Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
4.0.11
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
1 500 715 253
1 508 215 253
7 500 000
10 02 01
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF)
1 496 055 626
1 503 555 626
7 500 000
4.0.1DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
168 101 176
169 101 176
1 000 000
10 10 01
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)
168 101 176
169 101 176
1 000 000
4.0.211
An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) - An ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (BMVI)
1 020 632 303
1 023 132 303
2 500 000
11 02 01
An ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don bhainistiú teorainneacha agus don bheartas víosaí
1 017 832 303
1 020 332 303
2 500 000
4.0.2DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
1 063 483 939
1 048 483 939
-15 000 000
11 10 01
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
824 329 442
809 329 442
-15 000 000
Iomlán
-4 000 000
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 3 892,7 milliún, lena bhfágtar corrlach EUR 127,3 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 4.
Ceannteideal 5 – An tSlándáil agus an Chosaint
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
5.0.11
An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF)
314 885 754
321 885 754
7 000 000
12 02 01
An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF)
312 435 754
319 435 754
7 000 000
5.0.22
Soghluaisteacht Mhíleata
241 367 376
251 367 376
10 000 000
13 04 01
An tsoghluaisteacht mhíleata
239 640 880
249 640 880
10 000 000
Iomlán
17 000 000
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 2 321,2 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 5 agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 317,2 milliún i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán CAI.
Ceannteideal 6 – An Chomharsanacht agus an Domhan
Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 ach leis na coigeartuithe seo a leanas, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla thíos:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
6.0.111
An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta– An Eoraip Dhomhanda (NDICI - An Eoraip Dhomhanda)
11 373 889 314
11 523 889 314
150 000 000
14 02 01 10
Comharsanacht an Deiscirt
1 630 931 763
1 730 931 763
100 000 000
14 02 01 11
Comharsanacht an Oirthir
622 537 696
672 537 696
50 000 000
6.0.12
Cabhair Dhaonnúil (HUMA)
1 660 704 480
1 910 704 480
250 000 000
14 03 01
Cabhair dhaonnúil
1 569 106 062
1 819 106 062
250 000 000
Iomlán
400 000 000
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 16 230,0 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 6 agus slógadh na hIonstraime Solúbthachta le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 28,9 milliún i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán CAI agus slógadh na hIonstraime Corrlaigh Aonair le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 371,1 milliún i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) de Rialachán CAI.
Ceannteideal 7 – An Riarachán Poiblí Eorpach
Tá líon na bpost i bpleananna bunaíochta na n-institiúidí agus na leithreasuithe a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2024, comhaontaithe ag an gCoiste Idir-réitigh leis na heisceachtaí seo a leanas: déantar na ranna de Pharlaimint na hEorpa, den Chomhairle Eorpach, den Choimisiún, den Chúirt Bhreithiúnais, de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus den Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a choigeartú chun a léiriú gur cheart an caiteachas a bhaineann le Feisirí a fhaigheann tuarastail ó bhuiséad an Aontais, atá faoi réir an innéacsaithe, a aicmiú mar chaiteachas tuarastail agus, dá bhrí sin, é a eisiamh ó threoirlínte an Choimisiúin maidir leis an méadú ar chaiteachas nach mbaineann le tuarastal a theorannú go 2%.
Tá méadú EUR 33,8 milliún de cheannteideal 7 mar thoradh ar an gcoigeartú foriomlán.
Déantar leasuithe a thug Parlaimint na hEorpa isteach ina leith ar a cuid féin a athbhunú gan aon mhodhnú. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn air sin ná leibhéal leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arb ionann é agus EUR 2 383,1 milliún, ar méadú EUR 27 707 693milliún é i gcomparáid leis an Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2024.
I gcás na ranna eile lena mbaineann, i bhfianaise na méideanna bunaidh a iarradh ar na línte neamhthuarastail, leagtar amach na mionsonraí de réir línte buiséid thíos agus na treoirlínte 2 % á n-urramú:
Roinn 2 – An Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
2 0 1 1
Uisce, gás, leictreachas agus téamh
6 302 000
6 340 180
38 180
Iomlán
38 180
Roinn 3 – An Coimisiún Eorpach
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
20 03 01 02
Caiteachas a bhaineann le foirgnimh
88 593 000
90 535 400
1 942 400
20 03 02 02
Caiteachas a bhaineann le foirgnimh
24 636 000
25 466 000
830 000
20 03 13 01
Caiteachas aistriúcháin
13 000 000
14 000 000
1 000 000
Iomlán
3 772 400
Roinn 4 – An Chúirt Bhreithiúnais
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
1 0 0 0
Luach saothair agus liúntais
36 403 711
37 675 000
1 271 289
2 0 2 4
Tomhaltas fuinnimh
3 163 000
3 230 531
67 531
Iomlán
1 338 820
Roinn 5 – Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
2 0 2 4
Tomhaltas fuinnimh
1 197 070
1 719 530
522 460
Iomlán
522 460
Roinn 9 – An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)
DB 2024 (AL1 san áireamh)
Buiséad 2024
Difríocht
2 0 0
Cíosanna, muirir agus caiteachais foirgneamh
1 650 000
1 751 494
101 494
3 0 4 5
Comhairliúchán seachtrach agus staidéir sheachtracha
150 000
456 000
306 000
Iomlán
407 494
Áirítear freisin sa tábla le haghaidh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí ceartú teicniúil chun coigeartuithe roimhe sin arna gcomhaontú i mBuiséid Leasaitheacha Uimh. 1/2023 agus Uimh. 3/2023 araon a ionchorprú agus tionchar acu ar an méid tagartha a úsáidtear chun riachtanais le haghaidh 2024 a ríomh, i gcomhréir leis an modheolaíocht atá i bhfeidhm.
Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 11 988,0 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 7 agus slógadh na hIonstraime Corrlaigh Aonair le haghaidh méid arb ionann é agus EUR 215,0 milliún i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(a) de Rialachán CAI.
Ionstraimí speisialta téamacha: CED, SEAR agus BAR
Déantar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED), don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) agus do Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR), a shocrú ag an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad.
1.4 Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mBuiséad 2024 socraithe ar leibhéal an Dréachtbhuiséid, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 leis na coigeartuithe seo a leanas arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh:
1. Déantar leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh caiteachas neamhdhifreáilte (ceannteidil 1 go 6), a bhfuil leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí cothrom le leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ina leith, a chur i gcuntas. Tá feidhm aige sin maidir le laghdú EUR 456,0 milliún ar chostas maoinithe Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) agus maidir leis an laghdú foriomlán EUR 84,8 milliún ar CERT. Agus an coigeartú ar ranníocaíocht an Aontais do ghníomhaireachtaí díláraithe a chur i gcuntas freisin, is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus laghdú EUR 550,8 milliún;
2. An coigeartú faoi cheannteideal 7 a bhfuil méadú EUR 33,8 milliún mar thoradh air;
3. Déantar na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do na treoirthionscadail nua uile agus do na réamhbhearta uile a mholann Parlaimint na hEorpa a shocrú ag 25% de leibhéal na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ag an leibhéal a mholann Parlaimint na hEorpa, más ísle iad. I gcás ina ndéantar síneadh a chur leis na treoirthionscadail agus na réamhbhearta atá cheana ann, is é leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí an leibhéal a shainmhínítear sa Dréachtbhuiséad arna leasú leis an Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 móide 25 % de leibhéal na leithreasuithe nua comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ag an leibhéal a mholann Parlaimint na hEorpa, más ísle sin. Is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus méadú EUR 26,8 milliún;
4. Maidir leis na coigeartuithe ar línte buiséid i gcomhair caiteachas difreáilte, is ionann an éifeacht chomhcheangailte agus méadú EUR 134,5 milliún.
Déantar na coigeartuithe, a mbíonn laghdú EUR 355,7 milliún mar thoradh orthu, a leagan amach sa tábla seo a leanas:
Líne bhuiséid / Clár
Ainm
Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas
Na saoráidí ITER a thógáil, a oibriú agus a shaothrú — An Comhghnóthas Eorpach um ITER — agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt
459 482 428
354 482 428
-105 000 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
16 755 000
Iomlán Cheannteideal 1
-88 245 000
Fo-cheannteideal 2b
2.2.23
Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)
3 796 000 000
3 340 000 000
-456 000 000
06 04 01
Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – Íocaíocht cúpóin thréimhsiúil agus fuascailt tráth na haibíochta
3 790 000 000
3 334 000 000
-456 000 000
2.2.24
An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU)
249 908 000
259 908 000
10 000 000
06 05 01
Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta
211 000 000
221 000 000
10 000 000
2.2.32
Erasmus+
3 491 138 893
3 522 138 893
31 000 000
07 03 01 01
Soghluaisteacht foghlama daoine aonair agus grúpaí, agus comhar, cuimsiú agus cothromas, barr feabhais, cruthaitheacht agus nuálaíocht a chur chun cinn ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna, a chur chun cinn — Bainistíocht indíreach
2 498 750 000
2 524 750 000
26 000 000
07 03 02
Soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus rannpháirtíocht i measc daoine óga, agus comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse na hóige, a chur chun cinn
369 700 000
374 700 000
5 000 000
2.2.34
Eoraip na Cruthaitheachta
364 763 754
365 763 754
1 000 000
07 05 03
An tsraith Thrasearnálach
25 430 875
26 430 875
1 000 000
2.2.352
Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
221 064 096
225 564 096
4 500 000
07 06 01
Comhionannas agus cearta
51 815 746
53 315 746
1 500 000
07 06 02
Ról agus rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais
46 911 774
48 911 774
2 000 000
07 06 03
Daphne
23 877 030
24 877 030
1 000 000
2.2.3DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
282 083 169
286 083 169
4 000 000
07 10 08
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
66 307 729
70 307 729
4 000 000
2.2.3SPEC
Sainphribhléidí
165 953 586
166 953 586
1 000 000
07 20 04 06
Inniúlachtaí sonracha i réimse an bheartais shóisialta, lena n-áirítear idirphlé sóisialta
19 500 000
20 000 000
500 000
07 20 04 09
Bearta faisnéise agus oiliúna d’eagraíochtaí oibrithe
21 000 000
21 500 000
500 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
6 456 875
Iomlán fho-cheannteideal 2b
-398 043 125
Ceannteideal 3
3.1.11
An Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT)
40 590 282 213
40 505 482 213
-84 800 000
08 02 01
Cúlchiste talmhaíochta
530 000 000
516 500 000
-13 500 000
08 02 04 01
Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta
18 373 500 000
18 282 200 000
-91 300 000
08 02 04 03
Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga
650 000 000
670 000 000
20 000 000
TTR
Treoirthionscadail agus réamhbhearta
3 635 000
Iomlán Cheannteideal 3
-81 165 000
Ceannteideal 4
4.0.11
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
1 354 073 000
1 359 073 000
5 000 000
10 02 01
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF)
1 035 023 000
1 040 023 000
5 000 000
4.0.1DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
168 101 176
169 101 176
1 000 000
10 10 01
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)
168 101 176
169 101 176
1 000 000
4.0.2DAG
Gníomhaireachtaí Díláraithe
1 055 455 267
1 040 455 267
-15 000 000
11 10 01
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
824 329 442
809 329 442
-15 000 000
Iomlán Cheannteideal 4
-9 000 000
Ceannteideal 5
5.0.11
An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF)
230 580 000
237 580 000
7 000 000
12 02 01
An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF)
175 130 000
182 130 000
7 000 000
Iomlán Cheannteideal 5
7 000 000
Ceannteideal 6
6.0.111
An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta– An Eoraip Dhomhanda (NDICI - An Eoraip Dhomhanda)
10 743 801 966
10 763 801 966
20 000 000
14 02 01 10
Comharsanacht an Deiscirt
761 962 895
776 962 895
15 000 000
14 02 01 11
Comharsanacht an Oirthir
416 206 581
421 206 581
5 000 000
6.0.12
Cabhair Dhaonnúil (HUMA)
1 737 373 786
1 897 373 786
160 000 000
14 03 01
Cabhair dhaonnúil
1 649 312 168
1 809 312 168
160 000 000
Iomlán Cheannteideal 6
180 000 000
Ceannteideal 7
7.2
Caiteachas riaracháin na n-institiúidí
9 141 588 794
9 175 375 841
33 787 047
7.1.21
Parlaimint na hEorpa
2 354 555 881
2 382 263 574
27 707 693
7.1.22
An Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
676 842 943
676 881 123
38 180
7.2
An Coimisiún
4 218 068 825
4 221 841 225
3 772 400
7.1.24
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
502 443 711
503 782 531
1 338 820
7.1.25
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
185 133 430
185 655 890
522 460
7.1.29
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
23 921 966
24 329 460
407 494
Iomlán Cheannteideal 7
33 787 047
IOMLÁN
-355 666 078
Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn air sin ná leibhéal leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arb ionann é agus EUR 142 630,3 milliún, ar laghdú EUR 355,7 milliún é i gcomparáid leis an Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2024.
1.5. Cúlchistí
Níl aon chúlchistí sa bhreis ar na cúlchistí atá sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2024.
1.6. Barúlacha maidir leis an mBuiséad
Freagraíonn téacs na mbarúlacha buiséid don Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach Uimh. 1/2024 leis na coigeartuithe seo a leanas atá molta sa litir infhorghníomhaitheachta agus a chomhaontaigh an Coiste Idir-réitigh:
— Formheastar na línte buiséid seo a leanas a bhfuil leasuithe tugtha isteach ag Parlaimint na hEorpa ina leith ar a cuid féin gan aon mhodhnú:
— Mír 1 4 0 0 – Foireann eile – Ardrúnaíocht agus grúpaí polaitiúla
Déantar an téacs a leasú mar a leanas:
Tá imchlúdach EUR 362 040 san áireamh sa leithreasú seo a bhaineann le foireann an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha
— Airteagal 2 3 8 – Caiteachas riaracháin eile
Déantar an téacs a leasú mar a leanas:
– nithe ilghnéitheacha arna gceannach i dtaca le freagracht shóisialta chorparáideach na Parlaiminte (EMAS san áireamh),
– seirbhísí ilghnéitheacha i dtaca le bainistiú airgeadais agus fardail na Parlaiminte.
— Airteagal 2 3 9 – Gníomhaíochtaí EMAS, lena n-áirítear cur chun cinn, agus scéim fritháirimh carbóin Pharlaimint na hEorpa
Déantar an ceannteideal a leasú mar a leanas:
Gníomhaíochtaí EMAS agus gníomhaíochtaí inbhuanaitheachta, lena n-áirítear cur chun cinn, agus scéim fritháirimh carbóin Pharlaimint na hEorpa
Déantar an téacs a leasú mar a leanas:
Tá sé beartaithe go gcumhdódh an leithreasú seo an caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí inbhuanaitheachta i bParlaimint na hEorpa agus gníomhaíochtaí EMAS arb é is aidhm dóibh feidhmíocht chomhshaoil Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú, lena n-áirítear cur chun cinn na ngníomhaíochtaí sin, agus scéim fritháirimh carbóin Pharlaimint na hEorpa.
Tá glacadh leis nach féidir le leasuithe a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle raon feidhme an bhunúis dlí atá ann cheana a mhodhnú ná a leathnú, ná nach féidir cur isteach ar neamhspleáchas riaracháin na n-institiúidí, agus gur féidir an beart a chumhdach leis na hacmhainní atá ar fáil.
1.7. Ainmníocht bhuiséadach
Comhaontaítear an ainmníocht bhuiséadach a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2024, agus na treoirthionscadail nua agus na réamhbhearta nua san áireamh. Tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú freisin maidir le líne bhuiséid amháin a scriosadh i roinn Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 5 0 2 — an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha – Luach saothair agus liúntais).
2. Buiséad 2023
Formheastar Dréachtbhuiséad Leasaitheach (DAB) Uimh. 4/2023 arna mholadh ag an gCoimisiún.
3. Ráitis
3.1. Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthfhaireachán gníomhach a dhéanamh le linn na bliana 2024 ar chur chun feidhme chláir na CAInna atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe sin (go háirithe i bhfo-cheannteideal 2a agus Forbairt Tuaithe). Chuige sin, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún tíolacadh a dhéanamh, ar bhonn tráthúil, ar fhigiúirí nuashonraithe a mhéid a bhaineann le staid na himeartha agus le meastacháin maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 2024 (agus cruinneas réamhaisnéisí feabhsaithe na mBallstát á gcur i gcuntas i gcás inarb infheidhme). Má léirítear leis na figiúirí nach leor na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2024 chun na riachtanais a chumhdach, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún réiteach iomchuí, inter alia dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh a luaithe is féidir, d’fhonn lamháil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle aon chinntí is gá a dhéanamh a luaithe is féidir gan moill mhíchuí i gcás riachtanais a bhfuil bonn cirt leo. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcuntas práinn an ábhair, lena ngiorrófar an tréimhse 8 seachtaine le haghaidh cinnidh má mheastar gur gá sin. Is amhlaidh an cás mutatis mutandis má léirítear leis na figiúirí go bhfuil na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2024 níos airde ná mar is gá.
3.2. Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le toradh an athbhreithnithe mheántéarma ar CAI a chomhtháthú i mbuiséad 2024
Tugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n-aire an plé atá ar siúl faoi láthair maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, 2021-2027. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle leanúint ar aghaidh leis an obair, d’fhonn teacht ar chomhaontú foriomlán maidir le CAI athbhreithnithe atá á bheartú faoi dheireadh na bliana, agus ar an gcaoi sin, go mbeifear in ann é a ghlacadh go pras agus aird chuí á tabhairt ar ról Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sna Conarthaí. Dá bhrí sin, ní féidir tionchar an chomhaontaithe sin don bhliain airgeadais 2024 a chur isteach ach amháin trí dhréachtbhuiséad leasaitheach.
Dá bhrí sin, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún Dréachtbhuiséad Leasaitheach a mholadh a luaithe a chomhaontófar an t-athbhreithniú ar Rialachán CAI d’fhonn buiséad 2024 a ailíniú le Rialachán CAI athbhreithnithe.
Geallann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfaidh siad an togra ón gCoimisiún a mheas gan moill mhíchuí, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.
3.3. Ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún maidir leis an bhfóirdheontas ráta úis MFA+ don bhliain airgeadais 2024
Geallann an Coimisiún go molfaidh sé na bearta buiséadacha iomchuí chun na hacmhainní a leithdháiltear d’fhóirdheontas ráta úis MFA+ (Airteagal 14 07 01) don bhliain airgeadais 2024 a shaoradh, i gcás go dtiocfar ar réiteach maoinithe malartach in am trátha.
3.4. Ráiteas aontaobhach ó Pharlaimint na hEorpa maidir lefóirdheontas ráta úis MFA+
Tugann Parlaimint na hEorpa dá haire an ráiteas ón gCoimisiún. Meabhraíonn Parlaimint na hEorpa gur cheart, faoi Rialachán (AE) 2022/2463, fóirdheontas ráta úis maidir le MFA+ don Úcráin a mhaoiniú le ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit agus go bhféadfadh buiséad an Aontais ranníocaíocht a dhéanamh faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil. Sa chomhthéacs sin, cuireann Parlaimint na hEorpa i bhfios go láidir gur eisceacht aonuaire é an leithreasú a iontráil go sealadach ar líne bhuiséid 14 07 01 agus nach fasach é d'aon nósanna imeachta buiséadacha a bheidh ann amach anseo.
IARSCRÍBHINN: LIOSTA EINTITEAS NÓ DAOINE ÓNA BHFUAIR NA RAPÓIRTÉIRÍ IONCHUR
Rinneadh an liosta seo a leanas a tharraingt suas faoi fhreagracht eisiach na rapóirtéirí.
Fuair na rapóirtéirí ionchur ó na heintitis nó na daoine a leanas agus an tuarascáil á hullmhú acu:
Entity and/or person
Spanish Secretary of State, President-in-Office, Council of the European Union
Permanent Representative of Spain to the European Union
Permanent Representative of the Federal Republic of Germany to the European Union
Permanent Representative of France to the European Union
Permanent Representative of the Netherlands to the European Union
Permanent Representative of Belgium to the European Union
Commissioner for Budget and Administration
Commissioner for Promoting our European Way of Life
Commissioner for Justice
Commissioner for Crisis Management
Director-General for Budget, European Commission
Director-General for Communication, European Commission
Federal Ministry of Finance, Federal Government of Germany
Registrar of the Court of Justice of the European Union
President of the European Court of Auditors
Vice-President of the European Economic and Social Committee
Secretary-General of the European Committee of the Regions
EU High Representative for Foreign Affairs
Secretary-General of the European External Action Service
Executive Director, European Union Agency for Fundamental Rights
Executive Director, European Union Asylum Agency
Executive Director, Frontex
European Chief Prosecutor, European Public Prosecutor's Office
Executive Director, World Food Programme Global Office to the EU
Representative Office for Europe, United Nations Relief and Works Agency for Palestine Refugees in the Near East (UNRWA)