Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2023 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (06551/2023 – C9-0142/2023 – 2020/0126(APP))
(An nós imeachta reachtach speisialta – toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtrialachán ón gComhairle (06551/2023),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0142/2023),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0352/2023),
1. ag tabhairt a toilithe don dréachtrialachán ón gComhairle;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.