Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0407(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0327/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0327/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 22/11/2023 - 8.10

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0421

Téacsanna atá glactha
PDF 248kWORD 82k
Dé Céadaoin, 22 Samhain 2023 - Strasbourg
CBL: rialacha don ré dhigiteach
P9_TA(2023)0421A9-0327/2023

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach (COM(2022)0701 – C9-0021/2023 – 2022/0407(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0701),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0021/2023),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0327/2023),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1 a (nua)
(1a)  Is é is aidhm don phacáiste ‘CBL sa Ré Dhigiteach’, ar cuid é den Treoir seo, prionsabal na comhréireachta a urramú, ar thaobh amháin, maidir leis an gcuspóir calaois a chomhrac agus, ar an taobh eile, maidir leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcur i bhfeidhm na rialacha atá beartaithe do chuideachtaí, go háirithe do FBManna agus do mhicreaghnóthais, agus gnólachtaí á reáchtáil go laethúil, agus d’údaráis náisiúnta. Ba cheart na hoibleagáidí nua CBL a eascraíonn as an athchóiriú a bheith simplí, soiléir, éifeachtach agus cothrom do na páirtithe uile lena mbaineann chun oibriú go praiticiúil do ghnólachtaí agus d’údaráis riaracháin.
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1 b (nua)
(1b)  Is é is aidhm don phacáiste ‘CBL sa Ré Dhigiteach’ a áirithiú go n-urramófar go hiomlán na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint, chomh maith le hinfheidhmeacht Rialacháin (AE) 2016/6791a agus (AE) 2018/17251b ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Níor cheart go mbeadh na húdaráis chánach inniúla in ann an fhaisnéis a bhailítear a phróiseáil ach amháin chun calaois a chomhrac.
________
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
1b Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1 c (nua)
(1c)  Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-urramófar cearta cáiníocóirí, i bhfianaise go mbeidh rochtain ag údaráis chánach ar mhéideanna móra sonraí, lena n-áirítear ó chórais anailíse sonraí algartamacha. Agus teicneolaíochtaí nua á n-úsáid, ba cheart go n-urramófaí luachanna an Aontais, cearta an duine agus an dlí príomha.
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1 d (nua)
(1d)  Níor cheart, in imthosca ar bith, go sáródh bailiú shonraí pearsanta an duine aonair ceart an duine aonair chun príobháideachais. Murach sin, mheasfaí gurbh ionann é agus faireachas neamhdhleathach. D’fhéadfadh faisnéis íogair maidir le daoine nádúrtha sonracha, amhail faisnéis faoi earraí ceannaithe (lena n-áirítear táirgí dlúthphearsanta), socruithe taistil nó seirbhísí dlí, a nochtadh san fhaisnéis atá sna sonraisc.
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
(2)   Ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe CBL a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an ngeilleagar ardán agus chun an gá atá le clárúcháin iolracha CBL san Aontas a laghdú.
(2)   Ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe CBL a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an ngeilleagar ardán, chun an gá le clárúcháin iolracha san Aontas a laghdú agus chun costais chomhlíonta do cháiníocóirí a laghdú go suntasach, eadhon FBManna, chun cothrom iomaíochta agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3
(3)   Measadh gurbh ionann caillteanas ioncaim CBL, ar a dtugtar ‘an Bhearna CBL’, agus EUR 93 bhilliún61 san Aontas in 2020, agus bhí calaois ina cuid shuntasach den mhéid sin, go háirithe calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí ar iarraidh62, a measadh a bheith sa raon idir EUR 40 agus EUR 60 billiún63. I dtuarascáil chríochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa éilíonn saoránaigh ‘Comhchuibhiú agus comhordú beartas cánach laistigh de Bhallstáit an Aontais chun imghabháil agus seachaint cánach a chosc’, agus ‘An comhar a chur chun cinn idir Ballstáit an Aontais chun a áirithiú go n-íocann gach cuideachta san Aontas sciar chothrom den cháin’. Tá an tionscnamh CBL sa Ré Dhigiteach i gcomhréir leis na spriocanna sin.
(3)   Measadh gurbh ionann caillteanas ioncaim CBL, ar a dtugtar ‘an Bhearna CBL’, agus EUR 93 bhilliún61 san Aontas in 2020, agus bhí calaois ina cuid shuntasach den mhéid sin, go háirithe calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí ar iarraidh62, a measadh a bheith sa raon idir EUR 40 agus EUR 60 billiún63. Léiríonn an bhearna CBL atá ann faoi láthair gur gá dul i ngleic le calaois trasteorann CBL agus calaois rothlach trí mhalartú éifeachtúil sásraí faisnéise agus modhanna leormhaithe a chur chun feidhme go cuí le haghaidh malartú den sórt sin, lena n-áirítear acmhainní daonna, airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha. Thairis sin, tá difríocht shuntasach idir méid luach na bearna CBL ó Bhallstát go chéile agus dá bhrí sin tá sé tábhachtach comhar agus comhordú a fheabhsú ar leibhéal an Aontais.
_________________
_________________
61 Is éard atá sa Bhearna CBL an difríocht fhoriomlán idir an t-ioncam CBL a bhfuil coinne leis bunaithe ar reachtaíocht CBL agus rialacháin choimhdeacha agus an méid a bhailítear go hiarbhír: https://ec.europa.eu/taxation_customs/business/vat/vat-gap_en
61 Is éard atá sa Bhearna CBL an difríocht fhoriomlán idir an t-ioncam CBL a bhfuil coinne leis bunaithe ar reachtaíocht CBL agus rialacháin choimhdeacha agus an méid a bhailítear go hiarbhír: https://ec.europa.eu/taxation_customs/business/vat/vat-gap_en
62 Europol: https://www.europol.europa.eu/crime-areas-and-statistics/crime-areas/economic-crime/mtic-missing-trader-intra-community-fraud
62 Europol: https://www.europol.europa.eu/crime-areas-and-statistics/crime-areas/economic-crime/mtic-missing-trader-intra-community-fraud
63 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR15_24/SR_VAT_FRAUD_EN.pdf
63 Cúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR15_24/SR_VAT_FRAUD_EN.pdf
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Cuireann an ‘bhearna CBL’ leis an easpa muiníne idir údaráis chánach an Aontais agus léiríonn sí i bhfad níos mó ná calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh (calaois MTIC). Ba é an bealach ab fhearr chun dul i ngleic le calaois MTIC, lena n-áirítear calaois rothlach, ná deireadh a chur leis an díolúine ó CBL ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí laistigh den Chomhphobal, ós rud é gur briseadh i mbailiú ilroinnte CBL is cúis leis an gcalaois sin den chuid is mó. Chun teorainn níos fearr a chur leis an gcomhrac i gcoinne chalaois CBL, ba cheart don Choimisiún tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí cur chun feidhme na Treorach seo an bealach a réiteach chun deireadh a chur leis an díolúine ó CBL maidir le soláthar earraí agus seirbhísí laistigh den Chomhphobal (i.e. an ‘córas cinntitheach CBL’).
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 b (nua)
(3b)  Is uirlis riachtanach é bailiú sonraí le haghaidh staidreamh trádála idirnáisiúnta (Intrastat) i gcomhthéacs idirbhearta laistigh den Chomhphobal do riaracháin chánach na mBallstát sa chomhrac i gcoinne chalaois CBL agus ba cheart é a choinneáil ar bun.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 c (nua)
(3c)  D’fhéadfadh an díolúine ó CBL ar sholáthar earraí agus seirbhísí laistigh den Chomhphobal cur leis an bhféidearthacht go dtarlódh calaois, go háirithe ar an leibhéal miondíola.
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4
(4)   Chun bailiú cánach ar idirbhearta trasteorann a mhéadú agus chun deireadh a chur leis an ilroinnt atá ann faoi láthair a eascraíonn as cur chun feidhme córais tuairiscithe éagsúla i measc na mBallstát, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le ceanglais tuairiscithe dhigitigh san Aontas. Leis na rialacha sin ba cheart faisnéis a sholáthar do riaracháin chánach ar bhonn gach idirbhirt, chun crosmheaitseáil sonraí a cheadú, chun cumais rialaithe na riarachán cánach a mhéadú agus chun éifeacht dhíspreagthach ar neamhchomhlíonadh a chruthú, agus ag an am céanna costais chomhlíontachta a laghdú do ghnólachtaí a oibríonn i mBallstáit éagsúla agus deireadh a chur le bacainní laistigh den mhargadh inmheánach.
(4)   Chun bailiú cánach ar idirbhearta trasteorann a mhéadú agus chun deireadh a chur leis an ilroinnt atá ann faoi láthair a eascraíonn as cur chun feidhme córas tuairiscithe éagsúil i measc na mBallstát, rud a fhágann go bhfuil ualach suntasach ar ghnólachtaí agus rialuithe neamhéifeachtacha trasteorann, ba cheart rialacha a leagan síos le haghaidh ceanglais tuairiscithe dhigitigh san Aontas. Leis na rialacha sin ba cheart faisnéis a sholáthar do riaracháin chánach ar bhonn gach idirbhirt, chun crosmheaitseáil sonraí a cheadú, chun cumais rialaithe na riarachán cánach a mhéadú agus chun éifeacht dhíspreagthach ar neamhchomhlíonadh a chruthú, agus ag an am céanna costais chomhlíontachta a laghdú do ghnólachtaí a oibríonn i mBallstáit éagsúla agus deireadh a chur le bacainní laistigh den mhargadh inmheánach.
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Is minic calaois CBL a bheith nasctha le coireacht eagraithe agus is féidir le líon an-bheag líonraí eagraithe a bheith freagrach as calaois CBL trasteorann arb ionann í agus na billiúin euro, lena n-imrítear tionchar ar, ní hamháin bailiú ioncaim sna Ballstáit ach ina n-imrítear drochthionchar ar acmhainní dílse an Aontais. Dá bhrí sin, tá freagracht chomhroinnte ar na Ballstáit as ioncam CBL na mBallstát uile a chosaint.
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 b (nua)
(4b)  Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear san áireamh sna ceanglais tuairiscithe dhigitigh an taithí a fuarthas i mBallstáit áirithe a rinne infheistíocht cheana féin i ríomhshonrascadh agus i dtuairisciú digiteach, ionas nach gcaillfear infheistíochtaí atá ann cheana sna Ballstáit sin agus gur féidir leis na geallsealbhóirí uile tairbhe a bhaint astu.
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 c (nua)
(4c)  Maidir le ceanglais tuairiscithe dhigitigh a bhfuil sé mar aidhm leo faisnéis a sholáthar d’údaráis chánach ar bhonn gach idirbhirt, ba cheart go mbeadh siad cóir, inréadaithe agus cothrom, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Ba cheart go mbeadh deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe ann le haghaidh cáiníocóirí mar thoradh ar iontaofacht na réiteach teicneolaíochta a bhaineann le calaois a bhrath.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
(5)   Chun uathoibriú an phróisis tuairiscithe a éascú do dhaoine inchánach agus do riaracháin chánach araon, ba cheart na hidirbhearta atá le tuairisciú do na riaracháin chánach a dhoiciméadú go leictreonach. Ba cheart an ríomhshonrascadh a bheith ina chóras réamhshocraithe chun sonraisc a eisiúint. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann modhanna eile a údarú le haghaidh soláthairtí intíre. Níor cheart eisiúint ríomhshonrasc ón soláthróir agus a dtarchur chuig an gcustaiméir a bheith mar choinníoll ar údarú nó ar fhíorú roimh ré ón riarachán cánach.
(5)   Chun uathoibriú an phróisis tuairiscithe a éascú do dhaoine inchánach agus do riaracháin chánach araon, ba cheart na hidirbhearta atá le tuairisciú do na riaracháin chánach a dhoiciméadú go leictreonach. D’fhéadfadh an ríomhshonrascadh a bheith ina chóras réamhshocraithe chun sonraisc a eisiúint. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann modhanna eile a údarú le haghaidh soláthairtí intíre. Níor cheart eisiúint ríomhshonrasc ón soláthróir agus a dtarchur chuig an gcustaiméir a bheith mar choinníoll ar údarú nó ar fhíorú roimh ré ón riarachán cánach amhail ón 1 Eanáir 2028.
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
(6)   Ba cheart an sainmhíniú ar ríomhshonrasc a ailíniú leis an sainmhíniú a úsáidtear i dTreoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle64, chun caighdeánú a bhaint amach i réimse an tuairiscithe CBL.
(6)   Ag deireadh na hidirthréimhse, ba cheart an sainmhíniú ar ríomhshonrasc a ailíniú leis an sainmhíniú a úsáidtear i dTreoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle64, chun caighdeánú a bhaint amach i réimse an tuairiscithe CBL. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé de shaoirse i gcónaí ag gnólachtaí, go háirithe micreaghnóthais agus gnóthais bheaga mar a shainmhínítear i dTreoir 2013/34/AE64a iad agus comhlachtaí neamhbhrabúsacha, caighdeáin eile a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 217 de Threoir 2006/112/CE.
__________________
__________________
64 Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).
64 Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).
64a Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6 a (nua)
(6a)  Chun cabhrú le gnólachtaí agus le riaracháin chánach, ba cheart inneachar an chaighdeáin ríomhshonrasctha Eorpaigh a dhéanamh inrochtana, simplí agus soiléir, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcaighdeán sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. I bhfianaise go bhfuil an caighdeán ríomhshonrasctha Eorpach dá dtagraítear i dTreoir 2014/55/AE curtha in oiriúint do chomhthéacs ‘gnólacht le rialtas’ (B2G), ba cheart a fhorbairt a phleanáil chun riachtanais ‘gnólacht le gnólacht’ (B2B) a chur san áireamh.
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)   Chun an córas tuairiscithe CBL a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, is gá go sroichfidh an fhaisnéis an riarachán cánach gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an sprioc-am chun sonrasc a eisiúint le haghaidh idirbhearta trasteorann a shocrú ag 2 lá oibre tar éis don teagmhas inmhuirir tarlú.
(7)   Chun go gcuirfear an córas tuairiscithe CBL chun feidhme ar bhealach éifeachtúil, is gá go sroichfidh an fhaisnéis an riarachán cánach gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an sprioc-am chun sonrasc a eisiúint le haghaidh idirbhearta trasteorann a shocrú ag ocht lá oibre tar éis don teagmhas inmhuirir tarlú. Ba cheart na tréimhsí teorann chun calaois CBL a ionchúiseamh a choigeartú dá réir.
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 9
(9)   Ní fhéadfaí an ríomhshonrasc a chur chun feidhme mar an modh réamhshocraithe chun idirbhearta a dhoiciméadú chun críocha CBL má fhanann úsáid an ríomhshonraisc faoi réir a ghlactha ag an bhfaighteoir. Dá bhrí sin, níor cheart a bheith le glacadh den sórt sin a thuilleadh chun ríomhshonrasc a eisiúint.
(9)   Ní fhéadfaí an ríomhshonrasc a chur chun feidhme mar an modh réamhshocraithe chun idirbhearta a dhoiciméadú chun críocha CBL má fhanann úsáid an ríomhshonraisc faoi réir a ghlactha ag an bhfaighteoir. Dá bhrí sin, níor cheart glacadh an fhaighteora a éileamh a thuilleadh amhail ón 1 Eanáir 2028.
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Aithris 10 a (nua)
(10a)   Spáráiltear am agus costais le sonraisc achomair agus laghdaítear leo an t-ualach riaracháin a bhaineann le sonrascadh. Ina theannta sin, laghdaítear leo an fhéidearthacht go mbeidh earráidí ann agus déantar an obair a shimpliú do sholáthróirí agus do chustaiméirí a bhuí le taifid a choinneáil ar bhealach simplithe. Mar sin féin, d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint astu freisin le haghaidh calaoise. Dá bhrí sin, níor cheart sonraisc achoimre a choinneáil ach amháin i gcás idirbhearta gnó-le-gnó agus níor cheart ach tréimhse theoranta ama a chumhdach leo.
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Aithris 12
(12)   Chun tarchur na sonraí sonraisc a éascú do dhaoine inchánach, ba cheart do na Ballstáit na modhanna is gá chun an tarchur sin a dhéanamh a chur ar fáil do na daoine inchánach, rud a cheadódh gurb é an duine inchánach a sheolann na sonraí go díreach nó gur tríú páirtí a dhéanann iad a sheoladh thar a cheann.
(12)   Éilítear leis an sreabhadh méadaitheach faisnéise a mhalartaítear go laethúil bogearraí ríomhaireachta ardfheidhmíochta atá in ann an fhaisnéis a tharchur go leanúnach chuig riaracháin náisiúnta ar bhealach slán. Chun tarchur na sonraí sonraisc a éascú do dhaoine inchánach, ba cheart do na Ballstáit na modhanna is gá chun an tarchur sin a dhéanamh a chur ar fáil do na daoine inchánach, agus go háirithe do na micreaghnóthais agus gnóthais bheaga a shainmhínítear i dTreoir 2013/34/AE iad agus d’eintitis neamhbhrabúsacha, rud a cheadódh gurb é an duine inchánach a sheolann na sonraí go díreach nó gur tríú páirtí a dhéanann iad a sheoladh thar a cheann.
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Aithris 13
(13)   Cé gur cheart an fhaisnéis atá le tarchur trí na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a bheith cosúil leis an méid a tarchuireadh trí na ráitis achoimreacha, is gá iarraidh ar dhaoine inchánach sonraí breise a sholáthar, lena n-áirítear sonraí bainc agus méideanna íocaíochta, chun gur féidir le riaracháin chánach ní hamháin na hearraí ach na sreabha airgeadais a leanúint freisin.
(13)   Cé gur cheart an fhaisnéis atá le tarchur trí na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a bheith cosúil leis an méid a tarchuireadh trí na ráitis achoimreacha, is gá iarraidh ar dhaoine inchánach sonraí breise a sholáthar, lena n-áirítear sonraí bainc agus méideanna íocaíochta, chun gur féidir le riaracháin chánach ní hamháin na hearraí ach na sreabha airgeadais a leanúint freisin agus gur féidir leo faisnéis iomchuí a fháil faoi na sreafaí airgeadais sin.
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Aithris 14
(14)   Ualach riaracháin gan ghá a chur ar dhaoine inchánach a oibríonn i mBallstáit éagsúla, ba cheart é a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na daoine inchánach sin a bheith in ann an fhaisnéis is gá a sholáthar dá riaracháin chánach agus úsáid á baint as an gcaighdeán Eorpach a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún65, lena gcomhlíontar an iarraidh a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/55/AE maidir le caighdeán Eorpach a chruthú le haghaidh shamhail sonraí séimeantacha na bpríomhghnéithe a bhíonn i ríomhshonrasc. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le modhanna breise maidir leis na sonraí a thuairisciú a d’fhéadfadh a bheith níos éasca do dhaoine inchánach áirithe a chomhlíonadh.
(14)   Ualach riaracháin gan ghá a chur ar dhaoine inchánach a oibríonn i mBallstáit éagsúla, ba cheart é a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na daoine inchánach sin a bheith in ann an fhaisnéis riachtanach a sholáthar dá riaracháin chánach agus úsáid á baint as an gcaighdeán Eorpach a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún65, lena gcomhlíontar an iarraidh a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/55/AE maidir le caighdeán Eorpach a chruthú le haghaidh shamhail sonraí séimeantacha na bpríomhghnéithe a bhíonn i ríomhshonrasc. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le modhanna eile maidir leis na sonraí a thuairisciú a d’fhéadfadh a bheith níos éasca do dhaoine inchánach áirithe a chomhlíonadh agus a bhféadfadh laghdú ar ualaí neamhriachtanacha a bheith mar thoradh orthu.
_________________
_________________
65 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le foilsiú na tagartha don chaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 266, 17.10.2017, lch. 19).
65 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le foilsiú na tagartha don chaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 266, 17.10.2017, lch. 19).
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15
(15)   Chun an comhchuibhiú is gá a bhaint amach agus sonraí ar idirbhearta laistigh den Chomhphobal á dtuairisciú, ba cheart an fhaisnéis atá le tuairisciú a bheith mar an gcéanna i ngach Ballstát, gan na Ballstáit a bheith in ann sonraí breise a iarraidh.
(15)   Chun an comhchuibhiú is gá a bhaint amach agus sonraí ar idirbhearta laistigh den Chomhphobal á dtuairisciú, ba cheart an fhaisnéis atá le tuairisciú a bheith mar an gcéanna i ngach Ballstát, gan na Ballstáit a bheith in ann sonraí breise a iarraidh. Le bailiú na sonraí sin, ba cheart go mbeifí in ann staidreamh níos fearr a bheith ann maidir le méid na calaoise CBL agus ba cheart go bhféadfaí an chalaois sin a laghdú dá bharr.
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16 a (nua)
(16a)  Fágann an digitiú go mbíonn cuideachtaí níos leochailí i leith cibearchoireachta agus ionsaithe ó haiceálaithe. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú, a mhéid is féidir, go gcosnófar sonraí i gcoinne cibirionsaithe agus ionsaithe ó haiceálaithe nó ó bhogearraí coiscthe (zappers), le linn a dtarchur, ar bhonn idirbheart-ar-idirbheart, agus le linn a stórála ag údaráis chánach.
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16 b (nua)
(16b)  Níl feidhm ag na rialacha lena rialaítear ríomhshonrascadh agus ceanglais tuairiscithe dhigitigh maidir le ceannacháin a bhaineann le cosaint a dhíolmhaítear ó na rialacha sin faoi Airteagail 143 agus 151 de Threoir 2006/112/CE.
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16 c (nua)
(16c)  Chun slándáil na sonraí arna dtarchur a áirithiú, ba cheart liosta uileghabhálach de na húdaráis atá údaraithe chun na sonraí a scrúdú a tharraingt suas, mar aon le nós imeachta chun na sonraí a phróiseáil. Ba cheart go mbeadh OIPE, OLAF agus Europol ar an liosta sin.
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Aithris 17
(17)   Tá ceanglais tuairiscithe éagsúla curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát maidir le hidirbhearta laistigh dá gcríocha, agus bíonn ualaí suntasacha riaracháin ann mar thoradh air sin do dhaoine inchánach a oibríonn i mBallstáit éagsúla, toisc gur gá do na daoine sin a gcórais chuntasaíochta a oiriúnú chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Chun na costais a eascraíonn as an éagsúlacht sin a sheachaint, ba cheart do na córais a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin idir daoine inchánach laistigh dá gcríocha a thuairisciú na gnéithe céanna den chóras a chuirtear chun feidhme le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna leictreonacha chun an fhaisnéis a tharchur agus, mar is amhlaidh i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal, ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a chur isteach i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870, cé go bhféadfadh an Ballstát ábhartha foráil a dhéanamh maidir le modhanna breise chun na sonraí a tharchur. Ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a tharchur go díreach nó ba cheart do thríú páirtí iad a tharchur thar a cheann.
(17)   Tá ceanglais tuairiscithe éagsúla curtha ar bun ag roinnt Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 273 de Threoir 2006/112/CE, d’idirbhearta laistigh dá gcríocha. Déanann na ceanglais tuairiscithe éagsúla sin dochar d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun na costais a eascraíonn as ilroinnt an chreata rialála a sheachaint, maidir leis na córais a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit chun soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin idir daoine inchánach laistigh dá gcríocha a thuairisciú, d’fhéadfaidís na gnéithe céanna den chóras a chuirtear chun feidhme le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chomhlíonadh a bheith acu. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na modhanna leictreonacha chun an fhaisnéis a tharchur agus, mar is amhlaidh i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal, ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a chur isteach i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1870, ach amháin dá bhféadfadh an Ballstát ábhartha foráil a dhéanamh do mhodhanna eile, atá chomh héifeachtach céanna, chun na sonraí a tharchur. Ba cheart don duine inchánach a bheith in ann na sonraí a tharchur go díreach nó ba cheart do thríú páirtí iad a tharchur thar a cheann.
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18
(18)   Níor cheart é a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit ceanglas tuairiscithe dhigitigh a chur chun feidhme maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin idir daoine inchánach laistigh dá gcríoch. Má tá siad chun ceanglas den sórt sin a chur chun feidhme amach anseo, áfach, ba cheart dóibh é a ailíniú leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil córas tuairiscithe le haghaidh na n-idirbheart sin i bhfeidhm acu cheana féin na córais sin a oiriúnú chun a áirithiú go dtuairiscítear na sonraí i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh le haghaidh idirbhearta laistigh den Chomhphobal.
(18)   Níor cheart é a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit ceanglas tuairiscithe dhigitigh a chur chun feidhme maidir le soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin idir daoine inchánach laistigh dá gcríoch. Ag deireadh na hidirthréimhse, beidh na Ballstáit fós in ann caighdeáin eile a thabhairt isteach, cé go mbeidh orthu glacadh le ríomhshonraisc bunaithe ar an gCaighdeán Eorpach.
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18 a (nua)
(18a)  Níor cheart, in imthosca ar bith, go sáródh bailiú shonraí pearsanta an duine aonair an ceart chun príobháideachais atá ag an duine sin.
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19
(19)   Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe dhigitigh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheasúnachta a ullmhú ina ndéanfaí meastóireacht ar thionchar na gceanglas tuairiscithe dhigitigh ar laghdú na bearna CBL agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme agus le comhlíontacht do dhaoine inchánach agus do riaracháin chánach, chun a fhíorú an bhfuil a chuspóirí bainte amach ag an gcóras nó an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe.
(19)   Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe dhigitigh laistigh den Chomhphobal, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheasúnachta a ullmhú ina ndéanfaí meastóireacht ar thionchar na gceanglas tuairiscithe dhigitigh laistigh den Chomhphobal ar laghdú na bearna CBL agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme agus le comhlíontacht do dhaoine inchánach agus do riaracháin chánach, chun a fhíorú an bhfuil a chuspóirí bainte amach ag an gcóras nó an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe ná aon síneadh i leith idirbhearta intíre. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún staidéar neamhspleách a choimisiúnú ina mbeadh anailís chuimsitheach ar chalaois arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh, ar catagóir ar leith de chalaois CBL í, agus go háirithe ar éifeachtacht na gceanglas tuairiscithe dhigitigh chun calaois den sórt sin a chomhrac. Ba cheart don Choimisiún staidéar neamhspleách a ordú freisin chun measúnú críochnúil a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an tIonad Ilfhreastail Allmhairiúcháin (IOSS) a dhéanamh éigeantach.
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Aithris 20
(20)   Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leanúint de bhearta eile a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbaileofar CBL i gceart agus chun imghabháil a chosc. Níor cheart dóibh a bheith in ann tuilleadh oibleagáidí tuairiscithe a fhorchur ar na hidirbhearta a chumhdaítear leis na ceanglais tuairiscithe dhigitigh, áfach.
(20)   Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leanúint de bhearta eile a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbaileofar CBL i gceart agus chun imghabháil a chosc.
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Aithris 20 a (nua)
(20a)  Chun laghdú a dhéanamh ar an riosca dlíthiúil a bhfuil gnólachtaí, go háirithe FBManna agus micreaghnóthais, neamhchosanta air mar gheall ar chastacht rátaí CBL laistigh den Aontas, d’fhéadfaí bunachair sonraí an Choimisiúin a leathnú chuig uirlis atá cothrom le dáta agus a bhfuil rochtain éasca ag gnólachtaí uirthi, arb uirlis í lena soláthrófar faisnéis neas-fhíorama faoi rátaí CBL an Aontais agus freagairtí ar fhiosrúcháin chánach.
Leasú 33
Togra le haghaidh treorach
Aithris 22
(22)   Mar thoradh ar an ngeilleagar ardán tá saobhadh gan údar ann ar an iomaíocht idir soláthairtí a dhéantar trí ardáin ar líne a éalaíonn ó chánachas CBL, agus soláthairtí a dhéantar sa gheilleagar traidisiúnta atá faoi réir CBL. Tar éis na ríomhthráchtála ba ghéire an saobhadh sa dá earnáil is mó de chuid an gheilleagair ardán, is é sin earnáil na cóiríochta gearrthéarma ar cíos agus an earnáil iompair paisinéirí.
(22)   Tá rioscaí saofa ann ar an iomaíocht idir soláthairtí a dhéantar trí ardáin ar líne a éalaíonn ó chánachas CBL, agus soláthairtí a dhéantar sa gheilleagar traidisiúnta atá faoi réir CBL.
Leasú 34
Togra le haghaidh treorach
Aithris 23
(23)   Is gá, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh na hiomaíochta in earnáil na cóiríochta gearrthéarma ar cíos agus in earnáil an iompair paisinéirí trí bhíthin an ról a bhíonn ag ardáin ioncam CBL a bhailiú a athrú (ag teacht chun bheith ina sholáthróir measta). Faoin múnla seo, ba cheart a éileamh ar ardáin CBL a ghearradh i gcás ina bhfuil CBL dlite ach nach ngearrann an soláthróir foluiteach CBL toisc gur duine nádúrtha nó duine inchánach é, mar shampla, ag baint leas as an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga.
(23)   Is gá, dá bhrí sin, rialacha soiléire, cothroma agus comhréireacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh na hiomaíochta a d’fhéadfadh a bheith in earnáil na cóiríochta gearrthéarma ar cíos agus in earnáil an iompair paisinéirí trí shamhail an tsoláthróra mheasta a thabhairt isteach. Faoin tsamhail sin, ceanglaítear ar na hardáin CBL a ghearradh agus cuntas a thabhairt ina leith ar an mbunsoláthar i gcás nach ngearrann an soláthróir aon CBL, agus is féidir leo a bheith faoi réir oibleagáidí tuairiscithe. Cé go bhfuil prionsabal na neodrachta CBL ríthábhachtach don chóras CBL, agus gur cheart cloí leis a mhéid is féidir, tá gá le cur chuige tiomnaithe trí shamhail an tsoláthróra mheasta i ngeall ar shaintréithe na n-earnálacha cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos agus iompar paisinéirí.
Leasú 35
Togra le haghaidh treorach
Aithris 23 a (nua)
(23a)  Ós rud é go mbeidh costais bhreise ar na hardáin bheaga chun samhail an tsoláthróra mheasta a bhunú, ba cheart dreasachtaí a sholáthar chun iad a spreagadh chun comhlíonadh a dhéanamh a luaithe is féidir chun cothrom iomaíochta agus dálaí le haghaidh iomaíocht chóir a ráthú sna margaí sin.
Leasú 36
Togra le haghaidh treorach
Aithris 23 b (nua)
(23b)  Níor cheart go mbeadh feidhm ag scéim an tsoláthróra mheasta maidir le hardáin ar gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad mar a shainmhínítear i dTreoir 2013/34/AE, e.g. soláthróirí beaga cóiríochta gearrthéarma (STR) ar cíos (óstaigh nó gnólachtaí atá díolmhaithe ó CBL), a chuireann le turasóireacht inbhuanaithe san Aontas agus a chuireann taisteal chun cinn chuig áiteanna nach dtugann mórán daoine cuairt orthu. Ina theannta sin, ba cheart go n-áiritheofaí cothrom iomaíochta le scéim an tsoláthróra mheasta agus nach dtabharfaí buntáiste iomaíoch d’ardáin mhóra, ar fearr a gcumas costais bhreise a sheasamh.
Leasú 37
Togra le haghaidh treorach
Aithris 24
(24)   Déanann Ballstáit áit an tsoláthair le haghaidh na seirbhíse éascaithe arna soláthar ag na hardáin do dhaoine neamh-inchánach a léirmhíniú ar bhealach difriúil. Dá bhrí sin, is gá an riail seo a shoiléiriú.
(24)   Déanann Ballstáit áit an tsoláthair le haghaidh na seirbhíse éascaithe arna soláthar ag na hardáin do dhaoine neamh-inchánach a léirmhíniú ar bhealach difriúil. Is gá an riail sin a shoiléiriú ionas nach gcruthófar buntáiste iomaíoch do sholáthraí ar aon bhealach le húsáid ardáin éascaíochta. Is gá freisin, ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, sainmhíniú aonfhoirmeach a bhunú ar an téarma ‘idirghabhálaí ardáin’.
Leasú 38
Togra le haghaidh treorach
Aithris 31 a (nua)
(31a)  Chun córais éagsúla i leith ionad ilfhreastail an Aontais (UOSS) a chur chun feidhme sna Ballstáit, ní mór sonraíochtaí teicniúla leordhóthanacha a sholáthar do chuideachtaí chun a áirithiú nach mbeidh na dearbhuithe maidir le hionaid ilfhreastail (OSS) éagsúil ó thír go tír agus rogha a thabhairt do chuideachtaí comhad a íoslódáil chun dearbhú OSS a chur isteach.
Leasú 39
Togra le haghaidh treorach
Aithris 31 b (nua)
(31b)  Chun reáchtáil laethúil gnólachtaí a shimpliú, d’fhéadfadh an Coimisiún machnamh a dhéanamh ar chomhdhlúthú na dtrí chlárúchán atá ann faoi láthair, i.e. ionad ilfhreastail allmhairiúcháin (IOSS), ionad ilfhreastail de chuid an Aontais (UOSS) agus ionad ilfhreastail nach de chuid an Aontais é (neamh-UOSS), ionas gur féidir na soláthairtí uile (eadhon earraí allmhairithe, seirbhísí agus díolacháin intíre) a dhearbhú trí thairseach aonair.
Leasú 40
Togra le haghaidh treorach
Aithris 32
(32)   I measc beart eile, le Treoir (AE) 2017/2455 cuireadh síneadh le raon feidhme den Mhion-ionad ilfhreastail a bheith ina OSS níos leithne, a chumhdaíonn na soláthairtí trasteorann seirbhísí go léir do dhaoine neamh-inchánach a tharlaíonn san Aontas agus ciandíol earraí ar fad laistigh den Chomhphobal. Go heisceachtúil, is féidir le comhéadain leictreonacha, amhail margaí agus ardáin a thagann chun bheith ina soláthróirí measta le haghaidh soláthairtí earraí áirithe laistigh den Aontas soláthairtí intíre earraí áirithe a dhearbhú freisin i scéim UOSS. Chun tacaíocht a thabhairt don chuspóir go mbeidh clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart raon feidhme scéim UOSS a leathnú a thuilleadh chun soláthairtí eile earraí a chumhdach, lena n-áirítear soláthairtí earraí intíre idir gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas ag daoine inchánach nach sainaithnítear chun críocha CBL sa Bhallstát tomhaltais, á áirithiú nach gá do ghnólachtaí clárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn soláthairtí earraí den sórt sin do thomhaltóirí. Ina theannta sin, ba cheart raon feidhme scéim UOSS a leathnú chun go n-áireofaí freisin soláthairtí intíre earraí de chuid na scéime corrlaigh d’aon duine, nuair a sholáthraítear na hearraí sin ag duine inchánach (déileálaí inchánach) nach sainaithnítear é nó í sa Bhallstát ina dtarlaíonn soláthairtí earraí den sórt sin. Leis an leasú seo, beidh déileálaithe inchánach in ann tairbhiú de na simplithe OSS agus ba cheart go mbeifear in ann an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a íoc i mBallstát aitheantais amháin trí scéim OSS méadaithe de chuid an Aontais.
(32)   I measc beart eile, le Treoir (AE) 2017/2455 cuireadh síneadh le raon feidhme den Mhion-ionad ilfhreastail a bheith ina OSS níos leithne, a chumhdaíonn na soláthairtí trasteorann seirbhísí go léir do dhaoine neamh-inchánach a tharlaíonn san Aontas agus ciandíol earraí ar fad laistigh den Chomhphobal. Go heisceachtúil, is féidir le comhéadain leictreonacha, amhail margaí agus ardáin a thagann chun bheith ina soláthróirí measta le haghaidh soláthairtí earraí áirithe laistigh den Aontas soláthairtí intíre earraí áirithe a dhearbhú freisin i scéim UOSS. Chun tacaíocht a thabhairt don chuspóir go mbeidh clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart raon feidhme scéim UOSS a leathnú a thuilleadh chun soláthairtí eile earraí a chumhdach, lena n-áirítear soláthairtí earraí intíre idir gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas ag daoine inchánach nach sainaithnítear chun críocha CBL sa Bhallstát tomhaltais, á áirithiú nach gá do ghnólachtaí clárú i gcomhair CBL i ngach Ballstát ina dtarlaíonn soláthairtí earraí den sórt sin do thomhaltóirí. Ina theannta sin, ba cheart raon feidhme scéim UOSS a leathnú chun go n-áireofaí freisin soláthairtí intíre earraí de chuid na scéime corrlaigh d’aon duine, nuair a sholáthraítear na hearraí sin ag duine inchánach (déileálaí inchánach) nach sainaithnítear é nó í sa Bhallstát ina dtarlaíonn soláthairtí earraí den sórt sin. Leis an leasú seo, beidh déileálaithe inchánach in ann tairbhiú de na simplithe OSS agus ba cheart go mbeifear in ann an CBL atá dlite ar na soláthairtí sin a dhearbhú agus a íoc i mBallstát aitheantais amháin trí scéim OSS méadaithe de chuid an Aontais. Mar sin féin, ba cheart aon leathnú ar scéim UOSS chuig soláthairtí earraí agus seirbhísí ag duine inchánach do dhuine inchánach eile a sheachaint. Leis an tsaoirse, i gcás daoine inchánach a bhfuil buanbhunaíochtaí acu i mBallstáit éagsúla, maidir le Ballstát aitheantais chun críocha OSS a roghnú, cuirtear leis an margadh inmheánach lena gcothófaí fás.
Leasú 41
Togra le haghaidh treorach
Aithris 33
(33)   De ghnáth, gearrtar CBL agus tugann soláthróir na n-earraí nó na seirbhísí cuntas uirthi. In imthosca áirithe, áfach, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh faoin sásra aistrithe táillí go mbeidh oibleagáid ar fhaighteoir an tsoláthair seachas an soláthróir cuntas a thabhairt ar an CBL atá dlite. Chun tacaíocht níos mó a thabhairt don chuspóir maidir le clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart rialacha a leagan síos chun go ndéanfadh na Ballstáit an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm go héigeantach i gcásanna nach bhfuil an soláthróir bunaithe chun críocha CBL sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite. Ba cheart do sholáthróir, atá ag déanamh soláthairtí earraí nó seirbhísí do dhuine atá sainaitheanta le haghaidh CBL sa Bhallstát ina bhfuil an soláthar inchánach a bheith i dteideal an aistriú táillí a chur i bhfeidhm. Chun críocha rialála, ba cheart soláthairtí den sórt sin a thuairisciú sa ráiteas achoimreach.
(33)   De ghnáth, gearrtar CBL agus tugann soláthróir na n-earraí nó na seirbhísí cuntas uirthi. In imthosca áirithe, áfach, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh faoin sásra aistrithe táillí go mbeidh oibleagáid ar fhaighteoir an tsoláthair seachas an soláthróir cuntas a thabhairt ar an CBL atá dlite. Chun tacaíocht níos mó a thabhairt don chuspóir maidir le clárú aonair CBL san Aontas, ba cheart rialacha a leagan síos chun go ndéanfadh na Ballstáit an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm go héigeantach i gcásanna nach bhfuil an soláthróir bunaithe chun críocha CBL sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite. Chun críocha rialála, ba cheart soláthairtí den sórt sin a thuairisciú sa ráiteas achoimreach.
Leasú 42
Togra le haghaidh treorach
Aithris 35 a (nua)
(35a)  Ba cheart do scéimeanna IOSS feidhmiú go trédhearcach agus go slán. Le cur chuige aontaithe idir IOSS ar thaobh amháin, agus reachtaíocht agus cleachtas custam ar an taobh eile, chuideofaí le deireadh a chur le neamhréireachtaí, le hearráidí agus le cánachas dúbailte.
Leasú 43
Togra le haghaidh treorach
Aithris 36
(36)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun Treoir 2006/112/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún chun an úsáid cheart agus an próiseas fíoraithe d’uimhreacha aitheantais CBL IOSS a dhaingniú i mbealach níos fearr chun críocha na díolúine dá bhforáiltear sa Threoir sin. Ba cheart go gceadódh an cumhachtú seo don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Baineann bearta speisialta den sórt sin, inter alia, le huimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL IOSS. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle71 agus chun na críocha seo is é an rud ba cheart a bheith ann an coiste a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle72 .
(36)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun Treoir 2006/112/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún chun an úsáid cheart agus an próiseas fíoraithe d’uimhreacha aitheantais CBL IOSS a dhaingniú i mbealach níos fearr chun críocha na díolúine dá bhforáiltear sa Threoir sin. Ba cheart go gceadódh an cumhachtú seo don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Baineann bearta speisialta den sórt sin, inter alia, le huimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL IOSS. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle71 agus chun na críocha seo is é an rud ba cheart a bheith ann an coiste a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle72. Ba cheart cearta na gcáiníocóirí chun rúndachta a chur san áireamh i gcumhachtaí an Choimisiúin. Déanfar aon dréachtghníomh cur chun feidhme a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa le haghaidh faisnéise, chun gur féidir a cearta a chur i bhfeidhm.
__________________
__________________
71 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
71 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
72 Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
72 Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
Leasú 44
Togra le haghaidh treorach
Aithris 38
(38)   Le Treoir 2006/112/CE déantar foráil maidir le cóireáil shimplithe CBL le haghaidh earraí a aistrítear faoi shocruithe stoic ar glao i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha forordaithe áirithe. Ós rud é go bhfuil an scéim shimplithe le haghaidh aistrithe earraí dílse cuimsitheach agus go gcuimsítear inti gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear faoi láthair le socruithe stoic ar glao faoi airteagal 17a den Treoir sin, is gá deireadh a chur de réir a chéile leis na socruithe seo trí dháta deiridh a chur san áireamh sula mbainfear na forálacha stoic ar glao ina n-iomláine i dTreoir 2006/112/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta deiridh an 31 Nollaig 2024 a leagan síos, agus ina dhiaidh sin ní bheidh sé indéanta a thuilleadh aon socruithe stoic ar glao nua a dhéanamh. Maidir le socruithe stoic ar glao dar tús an 31 Nollaig 2024 nó roimhe sin, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha ábhartha fós, lena n-áirítear teorainn ama 12 mhí chun úinéireacht na n-earraí sin a aistriú chuig an gceannaitheoir beartaithe. I gcomhthráth leis an dáta deiridh nua a chur san áireamh, ba cheart mír nua a chur isteach sna forálacha a bhaineann le socruithe stoic ar ghlao chun a áirithiú go scoirfidh na socruithe sin d’fheidhm a bheith acu an 31 Nollaig 2025, mar ní bheidh gá a thuilleadh leo ina dhiaidh sin.
(38)   Le Treoir 2006/112/CE déantar foráil maidir le cóireáil shimplithe CBL le haghaidh earraí a aistrítear faoi shocruithe stoic ar glao i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha forordaithe áirithe. Ós rud é go bhfuil an scéim shimplithe le haghaidh aistrithe earraí dílse cuimsitheach agus go gcuimsítear inti gluaiseachtaí trasteorann earraí a chumhdaítear faoi láthair le socruithe stoic ar glao faoi airteagal 17a den Treoir sin, is gá deireadh a chur de réir a chéile leis na socruithe seo trí dháta deiridh a chur san áireamh sula mbainfear na forálacha stoic ar glao ina n-iomláine i dTreoir 2006/112/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta deiridh an 31 Nollaig 2025 a leagan síos, agus ina dhiaidh sin ní bheidh sé indéanta a thuilleadh aon socruithe stoic ar glao nua a dhéanamh. Maidir le socruithe stoic ar glao dar tús an 31 Nollaig 2025 nó roimhe sin, ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha ábhartha fós, lena n-áirítear teorainn ama 12 mhí chun úinéireacht na n-earraí sin a aistriú chuig an gceannaitheoir beartaithe. I gcomhthráth leis an dáta deiridh nua a chur san áireamh, ba cheart mír nua a chur isteach sna forálacha a bhaineann le socruithe stoic ar ghlao chun a áirithiú go scoirfidh na socruithe sin d’fheidhm a bheith acu an 31 Nollaig 2026, mar ní bheidh gá a thuilleadh leo ina dhiaidh sin.
Leasú 45
Togra le haghaidh treorach
Aithris 39
(39)   Feidhmíonn an scéim corrlaigh trí cheadú do dhéileálaithe inchánach CBL a íoc ar an difríocht idir praghas díola agus praghas ceannaigh na n-earraí a chumhdaítear leis an scéim seo is é sin earraí athláimhe, saothar ealaíne, earraí inbhailithe agus seandachtaí. Chun a áirithiú go ngearrtar cáin ar na soláthairtí sonracha sin sa Bhallstát a bhfuil an custaiméir bunaithe, a bhfuil a sheoladh buan aige nó a seoladh buan aici, nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun riail nua maidir le háit soláthair a thabhairt isteach. Ina theannta sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun soláthairtí earraí de chuid na scéime corrlaigh a eisiamh go sonrach ó chur i bhfeidhm sainordaitheach an tsásra aistrithe táillí. Chun tacaíocht a thabhairt don chuspóir go mbeidh clárú aonair CBL san Aontas, áfach, agus chun ualaí móra comhlíontachta a íoslaghdú, is féidir le déileálaithe inchánach a fheidhmíonn faoin scéim corrlaigh rogha a dhéanamh clárú chun Scéim UOSS a úsáid chun an CBL atá dlite ar sholáthairtí earraí áirithe de chuid na scéime corrlaigh a dhearbhú agus a íoc, gan aon ghá clárú i mBallstáit iomadúla.
(39)   Feidhmíonn an scéim corrlaigh trí cheadú do dhéileálaithe inchánach CBL a íoc ar an difríocht idir praghas díola agus praghas ceannaigh na n-earraí a chumhdaítear leis an scéim seo, is é sin earraí athláimhe, lena n-áirítear earraí caipitiúla amhail foirgnimh, innealra, uirlisí agus trealamh, saothair ealaíne, earraí inbhailithe agus seandachtaí. Chun a áirithiú go ngearrtar cáin ar na soláthairtí sonracha sin sa Bhallstát a bhfuil an custaiméir bunaithe, a bhfuil a sheoladh buan aige nó a seoladh buan aici, nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun riail nua maidir le háit soláthair a thabhairt isteach. Ina theannta sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun soláthairtí earraí de chuid na scéime corrlaigh a eisiamh go sonrach ó chur i bhfeidhm sainordaitheach an tsásra aistrithe táillí. Chun tacaíocht a thabhairt don chuspóir go mbeidh clárú aonair CBL san Aontas, áfach, agus chun ualaí móra comhlíontachta a íoslaghdú, is féidir le déileálaithe inchánach a fheidhmíonn faoin scéim corrlaigh rogha a dhéanamh clárú chun Scéim UOSS a úsáid chun an CBL atá dlite ar sholáthairtí earraí áirithe de chuid na scéime corrlaigh a dhearbhú agus a íoc, gan aon ghá clárú i mBallstáit iomadúla.
Leasú 46
Togra le haghaidh treorach
Aithris 39 a (nua)
(39a)  Agus aitheantas á thabhairt don tábhacht a bhaineann le cleachtais inbhuanaithe, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh an modh chun CBL a ríomh ar an gcorrlach brabúis simplí agus soiléir maidir le hearraí athláimhe agus earraí comhchoiteanna a dhíol. Ba cheart don Aontas a mheas an bhfuil gá le modhanna ríofa eile (mar shampla, meánráta corrlaigh CBL arna sholáthar ag an díoltóir agus de réir catagóir rudaí) chun cur i bhfeidhm agus feidhmiú na scéime corrlaigh CBL le haghaidh earraí athláimhe a fheabhsú.
Leasú 47
Togra le haghaidh treorach
Aithris 39 b (nua)
(39b)  Ní dhéanann roinnt Ballstát tabhartais chomhchineáil a dhíolmhú ó CBL, cé gur féidir díolúine den sórt sin a thabhairt faoin Treoir CBL atá ann cheana, rud a fhágann go scriosann gnólachtaí earraí tomhaltais, go háirithe fillteacha, seachas iad a dheonú do chúiseanna carthanúla. Ba cheart don Choimisiún treoraíocht a eisiúint do na Ballstáit, lena soiléirítear go bhfuil díolúintí CBL le haghaidh tabhartais chomhchineáil i gcomhréir le dlí CBL an Aontais atá ann cheana.
Leasú 48
Togra le haghaidh treorach
Aithris 41 a (nua)
(41a)  Beidh sé thar a bheith dúshlánach ceanglais tuairiscithe dhigitigh a chur chun feidhme i margaí na mBallstát uile ag an am céanna in 2028. Dá gcuirfí na ceanglais tuairiscithe dhigitigh chun feidhme de réir a chéile, áiritheofaí go mbeadh pearsanra cáilithe leordhóthanacha ar fáil maidir le bogearraí uile na gcuideachtaí a oiriúnú. Ba cheart go molfadh an Coimisiún réitigh phraiticiúla chun costais cur chun feidhme a laghdú do ghnólachtaí sula gcuirfear an Treoir seo chun feidhme.
Leasú 49
Togra le haghaidh treorach
Aithris 41 b (nua)
(41b)  Ba cheart an pacáiste ''CBL sa Ré Dhigiteach'' a thabhairt isteach de réir a chéile ón 1 Eanáir 2025.
Leasú 50
Togra le haghaidh treorach
Aithris 41 c (nua)
(41c)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/17251a agus thug sé a thuairim uaidh an 3 Márta 20231b.
________________
1a Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
1b IO C 113, 28.3.2023, lch. 26.
Leasú 51
Togra le haghaidh treorach
Aithris 41 d (nua)
(41d)  D’fhéadfadh méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa teacht as leathnú na seirbhísí néalríomhaireachta, mar thoradh ar cheanglais tuairiscithe dhigitigh. Ba cheart don Choimisiún bearta a dhéanamh agus dreasachtaí a sholáthar chun ''glasú'' na hearnála digití a áirithiú, mar shampla trí lárionaid sonraí a lárú chun a bhfeidhmiú a bharrfheabhsú, trí chabhrú le cuideachtaí fuinnimh in-athnuaite a úsáid in ionad breoslaí iontaise chun a lárionaid sonraí a chumhachtú agus trí intleacht shaorga a úsáid chun a dtruailliú a laghdú.
Leasú 52
Togra le haghaidh treorach
Aithris 41 e (nua)
(41e)  Cuimsítear leis an Treoir seo roinnt athruithe ar an gcaoi a ndéantar ioncam CBL a dhearbhú. D’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar chineál obair fhostaithe na riarachán cánach. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis chánach a áirithiú go mbeidh rochtain ag a bhfostaithe ar an oiliúint is gá roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo.
Leasú 53
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – teideal
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2024
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2025
Leasú 54
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 217
Airteagal 217
Airteagal 217
Chun críocha na Treorach seo, is éard a chiallaíonn ''ríomhshonrasc'' ná sonrasc ina bhfuil an fhaisnéis a éilítear leis an Treoir seo, agus atá eisithe, tarchurtha agus faighte i bhformáid leictreonach struchtúrtha lena bhféadtar é a phróiseáil go huathoibríoch agus go leictreonach.;
Chun críocha na Caibidle seo, is éard a chiallaíonn ''ríomhshonrasc'' ná sonrasc ina bhfuil an fhaisnéis a éilítear leis an Treoir seo, agus atá eisithe, tarchurtha agus faighte i bhformáid leictreonach ar bith.
Chun críocha Theideal XI, Caibidil 6, Ranna 1 agus  2, is éard a chiallaíonn ''ríomhshonrasc'' ná sonrasc ina bhfuil an fhaisnéis a éilítear leis an Treoir seo, agus atá eisithe, tarchurtha agus faighte i bhformáid leictreonach struchtúrtha lena bhféadtar é a phróiseáil go huathoibríoch agus go leictreonach.
Leasú 55
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 218 – mír 1
1.   Chun críocha na Treorach seo, glacfaidh Ballstáit le doiciméid nó le teachtaireachtaí ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach mar shonraisc i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.
1.   Chun críocha na Treorach seo, glacfaidh Ballstáit le doiciméid nó le teachtaireachtaí ar pháipéar, i bhformáid dhigiteach nó i bhfoirm leictreonach mar shonraisc i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.
Leasú 56
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 218 – mír 2
2.   Féadfaidh Ballstáit eisiúint ríomhshonrasc a fhorchur mar oibleagáid. Agus an oibleagáid sin á forchur ag Ballstáit, beifear in ann ríomhshonraisc a eisiúint a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Ní bheidh eisiúint ríomhshonrasc ag daoine inchánach ná a dtarchur faoi réir ag údarú éigeantach roimh ré ná ag fíorú ag na húdaráis chánach, gan dochar do na bearta speisialta a údaraítear faoi Airteagal 395 agus a bheidh curtha chun feidhme cheana féin an tráth a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm.
2.   Féadfaidh Ballstáit eisiúint ríomhshonrasc a fhorchur mar oibleagáid. Agus an oibleagáid sin á forchur ag Ballstáit, beifear in ann ríomhshonraisc a eisiúint a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Féadfaidh na Ballstáit eisiúint ríomhshonrasc i bhformáid eile a cheadú freisin, i gcomhréir le hAirteagal 217 den Treoir seo, fad is go gceadófar úsáid an chaighdeáin Eorpaigh leo freisin. I gcás idirbhearta intíre, féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar dhaoine inchánach atá bunaithe laistigh dá gcríoch ríomhshonraisc a eisiúint le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí laistigh dá gcríoch.
__________________
__________________
* Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).’;
* Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).’;
Leasú 57
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 218 – mír 2 a (nua)
2a.  Foilseofar an caighdeán Eorpach maidir le ríomhshonrascadh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Leasú 58
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 218 – mír 2 b (nua)
2b.  Féadfaidh micreaghnóthais agus gnóthais bheaga mar a shainmhínítear i dTreoir 2013/34/AE agus eintitis neamhbhrabúis caighdeáin a aithnítear agus atá i bhfeidhm sa Bhallstát seachas an caighdeán dá bhforáiltear i dTreoir 2014/55/AE a úsáid, fad is a gcomhlíonann siad Airteagal 217 den Treoir seo.
Leasú 59
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 232
(9)   Scriostar Airteagal 232;
(9)   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 232:
Leasú 60
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 232
Airteagal 232
Airteagal 232
Beidh úsáid na ríomhshonrasc faoi réir ghlacadh an fhaighteora.
1.  Go dtí an 31 Nollaig 2027, beidh úsáid ríomhshonraisc faoi réir a ghlactha ag an bhfaighteoir chun earraí a fháil a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 20 agus i gcás soláthairtí seirbhíse atá inchánach i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil an soláthróir bunaithe.
Ón 1 Eanáir 2028, ní bheidh úsáid ríomhshonraisc faoi réir a ghlactha ag an bhfaighteoir chun earraí a fháil a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 20 agus i gcás soláthairtí seirbhíse atá inchánach i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil an soláthróir bunaithe.
2.  Maidir le héadálacha agus soláthairtí earraí agus seirbhísí atá fágtha nach dtagraítear dóibh i mír 1, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n-eisiúint ag daoine inchánach atá bunaithe laistigh dá gcríoch faoi réir ghlacadh an fhaighteora atá bunaithe ina gcríoch.
Leasú 61
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – teideal
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2025
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2026
Leasú 62
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe a
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 14a – mír 2
2.   I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar earraí laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine a éascaíonn an soláthar na hearraí sin.
2.   I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar earraí laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine a éascaíonn an soláthar na hearraí sin. Féadfaidh an soláthróir measta pléadáil de mheon macánta agus gan a bheith faoi dhliteanas i gcás nach ndearbhaíonn soláthróir foluiteach d’aon turas nach duine inchánach é nó í.
Leasú 63
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 14a – mír 3
3.   I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, aistriú earraí chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17(1) ag duine inchánach, seachas earraí caipitiúla mar a shainmhínítear iad ag an mBallstát ar chuige a sheoltar nó a iompraítear na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 189, pointe (a), nó earraí ar ina leith nach ann do cheart asbhainte iomlán sa Bhallstát sin, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine a éascaíonn an t-aistriú na hearraí sin.
3.   I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, aistriú earraí chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17(1) ag duine inchánach, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine a éascaíonn an t-aistriú na hearraí sin. Féadfaidh an soláthróir measta pléadáil de mheon macánta agus gan a bheith faoi dhliteanas i gcás nach ndearbhaíonn soláthraí foluiteach d’aon turas nach duine inchánach é nó í.
Leasú 64
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 14a – mír 4 a (nua)
4a.  Déanfaidh na Ballstáit treoraíocht thiomnaithe a ullmhú agus a chur ar fáil do na daoine aonair sin a liostaítear in Airteagal 28a den Treoir seo a roghnaíonn clárú mar dhaoine inchánach, tar éis córas an tsoláthróra mheasta a thabhairt isteach sna hearnálacha cóiríochta agus iompair paisinéirí sa gheilleagar ardán.
Leasú 65
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 14a – mír 4 b (nua)
4b.  Déanfaidh an Coimisiún staidéar neamhspleách a choimisiúnú tar éis an 31 Nollaig 2027, chun measúnú a dhéanamh ar éirigh leis na rialacha maidir le soláthróirí measta agus, má éiríodh, chun earnálacha nua i gcás comhchosúil a shainaithint, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí dá mbeadh IOSS éigeantach. Cuirfidh sé an staidéar sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Leasú 66
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 28a – mír 1 – an chuid réamhráiteach
D’ainneoin Airteagal 28, maidir le duine inchánach a éascaíonn, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar cóiríochta gearrthéarma ar cíos, dá dtagraítear in Airteagal 135(3), nó soláthar iompair paisinéirí, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine sin na seirbhísí sin i gcás inar duine de na daoine a leanas é nó í an duine a chuireann na seirbhísí sin ar fáil:
D’ainneoin Airteagal 28, maidir le duine inchánach a éascaíonn, trí chomhéadan leictreonach amhail margadh, ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar cóiríochta gearrthéarma ar cíos, dá dtagraítear in Airteagal 135(3), nó soláthar iompair paisinéirí de bhóthar laistigh den Aontas, measfar go bhfuair agus gur sholáthair an duine sin na seirbhísí sin i gcás inar duine de na daoine a leanas é nó í an duine a chuireann na seirbhísí sin ar fáil:
Leasú 67
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 28a – mír 1 – pointe f
(f)  duine inchánach atá faoi réir na scéime speisialta d’fhiontair bheaga.;
scriosta
Leasú 68
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 28a – mír 1 a (nua)
Ní bheidh feidhm ag scéim an tsoláthróra mheasta dá bhforáiltear sa chéad mhír maidir le hardáin ar gnóthais bheaga iad de réir bhrí Threoir 2013/34/AE1a.
Thairis sin, ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír maidir le seirbhísí iompair do phaisinéirí ná maidir le soláthar cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos a éascaítear trí chomhéadan leictreonach a úsáid i gcás nach mbeadh seirbhís iompair do phaisinéirí nó cóiríocht ghearrthéarma ar cíos arna soláthar ag duine a bhfuil tuairisc air sa chéad mhír agus nach n-éascaítear trí chomhéadan leictreonach a úsáid, faoi réir CBL.
______________________________
1aTreoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
Leasú 69
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 35
(4)   Scriostar Airteagal 35;
(4)   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:
Leasú 70
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 35
Airteagal 35
Airteagal 35
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 33 maidir le soláthairtí earraí athláimhe, saothair ealaíne, earraí inbhailithe nó seandachtaí, mar a shainmhínítear i bpointí (1) go (4) d’Airteagal 311(1), ná maidir le soláthairtí córacha iompair athláimhe, mar a shainmhínítear in Airteagal 327(3), faoi réir CBL i gcomhréir leis na socruithe speisialta ábhartha.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 33 maidir le soláthairtí earraí athláimhe, mar a shainmhínítear in Airteagal 311(1), pointe (1), ná maidir le soláthairtí córacha iompair athláimhe, mar a shainmhínítear in Airteagal 327(3), faoi réir CBL i gcomhréir leis na socruithe speisialta ábhartha.
Leasú 71
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 46a
(6)  Cuirtear isteach an tAirteagal 46a seo a leanas:
scriosta
''Airteagal 46a
Is éard a bheidh in áit soláthair na seirbhíse éascaíochta a sholáthraítear do dhuine neamh-inchánach le hardán, tairseach nó modh comhchosúil eile, an áit ina soláthraítear an t-idirbheart foluiteach i gcomhréir leis an Treoir seo.''
Leasú 72
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 135 – mír 3
3.   Maidir le cóiríocht ar cíos ar feadh uasmhéid de 45 lá gan bhriseadh, le soláthar seirbhísí coimhdeacha eile nó gan soláthar seirbhísí coimhdeacha eile, measfar go mbeidh feidhm aige sin atá den tsamhail chéanna leis an earnáil óstán.;
3.   Measfar go mbeidh feidhm ag an méid seo a leanas atá den tsamhail chéanna leis an earnáil óstán:
(a)  maidir le cóiríocht ar cíos ar feadh uasmhéid de 31 oíche gan bhriseadh, le soláthar seirbhísí coimhdeacha eile nó gan soláthar seirbhísí coimhdeacha eile;
(b)  trí sheirbhís choimhdeacha shuntasacha nó níos mó a sholáthar le linn cóiríocht a fháil ar cíos.
Leasú 73
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 143 – mír 1a – fomhír 1
Chun críocha na díolúine dá ndéantar foráil i mír 1, pointe (ca), glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc trí, inter alia, uimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 369q.
Chun críocha na díolúine dá ndéantar foráil i mír 1, pointe (ca), glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun bearta speisialta a thabhairt isteach chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc trí, inter alia, uimhir uathúil na coinsíneachta a nascadh leis an uimhir aitheantais CBL chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 369q. Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa, OIPE, OLAF agus Europol ar an eolas faoi sin.
Leasú 74
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 12
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 194 – mír 1
1.   Gan dochar d’Airteagail 195 agus 196, i gcás inar duine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an CBL dlite a dhéanann an soláthar inchánach earraí nó seirbhísí, ceadóidh Ballstáit gurb é an duine dá soláthraítear na hearraí nó na seirbhísí é an duine inchánach atá dlite an CBL a íoc, i gcás inar sainaithníodh an duine sin sa Bhallstát sin cheana féin.
1.   Gan dochar d’Airteagail 195 agus 196, i gcás inar duine inchánach nach sainaithnítear chun críocha CBL sa Bhallstát ina bhfuil an CBL dlite a dhéanann an soláthar inchánach earraí nó seirbhísí, is é an duine dá soláthraítear na hearraí nó na seirbhísí é an duine inchánach atá dlite CBL a íoc, i gcás inar sainaithníodh an duine sin chun críocha CBL sa Bhallstát sin cheana féin.
Leasú 75
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 12
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 194 – mír 1 a (nua)
1a.  D’ainneoin mhír 1, beidh gnólachtaí neamhbhunaithe in ann CBL áitiúil a chlárú agus cuntas a thabhairt uirthi má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh.
Leasú 76
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 12
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 194 – mír 2 a (nua)
2a.  Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht an Airteagail seo agus ar a bhreisluach maidir le calaois CBL a chomhrac, eadhon, calaois arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh, agus cuirfidh sé torthaí an mheasúnaithe sin in iúl go cuí don Pharlaimint agus don Chomhairle.
Leasú 77
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 14 – pointe a
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 242a – mír 1a
1a.   I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadán leictreonach amhail ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos nó seirbhísí iompair phaisinéirí, agus nach meastar go bhfuair agus gur sholáthair an duine sin na seirbhísí sin iad féin faoi Airteagal 28a, cuirfear d’oibleagáid ar an duine inchánach a éascaíonn an soláthar taifid ar na soláthairtí sin a choimeád.;
1a.   I gcás ina n-éascaíonn duine inchánach, trí chomhéadán leictreonach amhail ardán, tairseach nó modh comhchosúil eile a úsáid, soláthar cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos nó seirbhísí iompair phaisinéirí de bhóthar laistigh den Aontas, agus nach meastar go bhfuair agus gur sholáthair an duine sin na seirbhísí sin iad féin faoi Airteagal 28a, cuirfear d’oibleagáid ar an duine inchánach a éascaíonn an soláthar taifid ar na soláthairtí sin a choimeád.;
Leasú 78
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 14 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 242 a – mír 2 – fomhír 2
Ní mór na taifid sin a choimeád ar feadh tréimhse 10 mbliana ó dheireadh na bliana ina ndearnadh an t-idirbheart.;
Déanfaidh an duine inchánach lena mbaineann na taifid sin a choimeád ar feadh tréimhse 7 mbliana ó dheireadh na bliana ina ndearnadh an t-idirbheart.;
Leasú 79
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 27
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369xa – mír 1 – pointe 1
(1)   ciallaíonn ‘aistriú earraí dílse’ aistriú earraí chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17(1), lena n-áirítear aistrithe de bhun Airteagal 14a(3), agus ní áireofar leis aistrithe earraí caipitiúla mar a shainmhínítear iad ag an mBallstát ar chuige a sheoltar nó a iompraítear na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 189(a), nó earraí ar ina leith nach ann do cheart asbhainte iomlán sa Bhallstát sin.
(1)   ciallaíonn ‘aistriú earraí dílse’ aistriú earraí chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17(1), lena n-áirítear aistrithe de bhun Airteagal 14a(3).
Leasú 80
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 27
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369xe – mír 1 – pointe b
(b)  i gcás ina bhféadfar glacadh leis ar shlí eile go bhfuil deireadh le gníomhaíochtaí inchánach an duine inchánach a chumhdaítear leis an scéim speisialta seo;
scriosta
Leasú 81
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 27
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369xh – mír 1 – fomhír 1
Is in euro a shloinnfear an tuairisceán CBL.
Is in euro a shloinnfear an tuairisceán CBL nó, i gcás Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu, ina n-airgeadra náisiúnta.
Leasú 82
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – teideal
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2026
Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2027
Leasú 83
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 138 – mír 1a
(2)  in Airteagal 138, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:
scriosta
1a.  Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá ndéantar foráil i mír 1 den Airteagal seo i gcás nár chomhlíon an soláthróir an oibleagáid dá ndéantar foráil in Airteagail 262 agus 263 chun na sonraí faoi idirbhearta laistigh den Chomhphobal a chur in iúl, ná i gcás nach bhfuil an fhaisnéis cheart sna sonraí sin a aistríodh maidir leis an soláthar mar a éilítear faoi Airteagal 264, ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an soláthróir údar cuí a thabhairt le haon easnamh chun sástacht na n-údarás inniúil.’;
Leasú 84
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 218
Airteagal 218
Airteagal 218
Chun críocha na Treorach seo, eiseofar sonraisc i bhformáid leictreonach struchtúrtha. Féadfaidh Ballstáit glacadh le doiciméid ar pháipéar nó i bhformáid eile, áfach, mar shonraisc le haghaidh idirbheart nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i dTeideal XI, Caibidil 6. Ceadóidh Ballstáit do ríomhshonraisc a eisiúint ar sonraisc iad a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní bheidh eisiúint ríomhshonrasc ag daoine inchánach agus a dtarchur faoi réir ag údarú éigeantach roimh ré ná ag fíorú ag na húdaráis chánach.;
Chun críocha na Treorach seo, eiseofar sonraisc i bhformáid leictreonach struchtúrtha. Maidir le hidirbhearta nach bhfuil faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos i dTeideal XI Caibidil 6, féadfaidh na Ballstáit eisiúint doiciméad ar pháipéar nó i bhformáidí eile a dhícheadú mar shonraisc amhail ón 1 Eanáir 2028. Ceadóidh Ballstáit do ríomhshonraisc a eisiúint ar sonraisc iad a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le ríomhshonraisc a eisiúint i bhformáid eile, i gcomhréir le hAirteagal 217 den Treoir seo.
Leasú 85
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 222 – mír 1
Maidir le soláthairtí earraí a dhéantar i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 138 nó maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí dá bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagail 194 agus 196, eiseofar sonrasc tráth nach déanaí ná 2 lá oibre i ndiaidh an teagmhais inmhuirir.;
Maidir le soláthairtí earraí a dhéantar i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 138 nó maidir le soláthairtí earraí nó seirbhísí dá bhfuil CBL iníoctha ag an gcustaiméir de bhun Airteagail 194 agus 196, eiseofar sonrasc tráth nach déanaí ná ocht lá oibre i ndiaidh an teagmhais inmhuirir;
Leasú 86
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 222 – mír 1 a (nua)
Molfaidh an Coimisiún réitigh phraiticiúla chun costais cur chun feidhme a laghdú do ghnólachtaí roimh ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Leasú 87
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 222 – mír 1 b (nua)
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le ceannacháin a bhaineann le cosaint, ar ceannacháin iad a dhíolmhaítear faoi Airteagail 143 agus 151.
Leasú 88
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 223
(5)  Scriostar Airteagal 223;
scriosta
Leasú 89
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 226 – mír 1 – pointe 16
(16)   i gcás sonrasc ceartaitheach, an uimhir sheicheamhach lena sainaithnítear an sonrasc ceartaithe, dá dtagraítear i bpointe (2);
(16)   i gcás sonrasc ceartaitheach, an uimhir sheicheamhach lena sainaithnítear an sonrasc ceartaithe, dá dtagraítear i bpointe (2), nó sraithuimhir an tsonraisc cheartaithe nó uimhir nó aitheantóir comhchosúil eile an chomhaontaithe as a dtagann an ceartúchán, dá dtagraítear i bpointe (2);
Leasú 90
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 226 – mír 1 – pointe 17
(17)  uimhir IBAN chuntas bainc an tsoláthróra a chuirfear do shochar le híocaíocht an tsonraisc. I gcás nach bhfuil fáil ar an uimhir IBAN, aon aitheantóir eile lena sainaithnítear go soiléir an cuntas bainc a chuirfear do shochar leis an sonrasc;
scriosta
Leasú 91
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 226 – mír 1 – pointe 18
(18)  An dáta ar a bhfuil an íocaíocht do sholáthar na n-earraí nó seirbhísí dlite nó, i gcás ina gcomhaontaítear íocaíochtaí páirteacha, dáta agus méid gach íocaíochta.;
scriosta
Leasú 92
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 226 – mír 1 – 18 a (nua)
(18a)  bunghnéithe ríomhshonraisc mar a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2014/55/EU, cé is moite de phointí (a), (b), (i) agus (k), nach bhfuil gá leo ó thaobh loighic CBL de;
Leasú 93
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 9 – pointe a
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 262 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Gach duine inchánach a sainaithníodh chun críocha CBL, cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil an duine sin bunaithe nó sainaitheanta chun críocha CBL na sonraí seo a leanas maidir le gach soláthar agus aistriú earraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 138, maidir le gach éadáil earraí laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le hAirteagal 20 agus maidir le gach soláthar seirbhíse ar seirbhís í atá inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthróir bunaithe:;
Gach duine inchánach a sainaithníodh chun críocha CBL, cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil an duine sin bunaithe nó sainaitheanta chun críocha CBL, gan moill mhíchuí, na sonraí seo a leanas maidir le gach soláthar agus aistriú earraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 138, maidir le gach éadáil earraí laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le hAirteagal 20 agus maidir le gach soláthar seirbhíse ar seirbhís í atá inchánach i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an soláthróir bunaithe:;
Leasú 94
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 10
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 263 – mír 1 – fomhír 1
Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 262(1) a tharchur le haghaidh gach idirbheart aonair a rinne an duine inchánach tráth nach déanaí ná 2 lá oibre i ndiaidh an sonrasc a eisiúint, nó i ndiaidh an dáta ar a raibh an sonrasc le heisiúint i gcás nach gcomhlíonann an duine inchánach an oibleagáid maidir le sonrasc a eisiúint. Is é an duine inchánach nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach sin a tharchuirfidh na sonraí. Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na modhanna leictreonacha chun sonraí den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 262(1) a tharchur le haghaidh gach idirbheart aonair a rinne an duine inchánach tráth nach déanaí ná trí lá oibre i ndiaidh an dáta seolta i leabhair chuntais an duine inchánach nó i ndiaidh an dáta ar a raibh an sonrasc le heisiúint i gcás nach gcomhlíonann an duine inchánach an oibleagáid maidir le sonrasc a eisiúint. Is é an duine inchánach nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach sin a tharchuirfidh na sonraí. Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na modhanna leictreonacha chun sonraí den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Leasú 95
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 10
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 263 – mír 1 – fomhír 3
Féadfaidh Ballstáit ceadú d’aistriú sonraí ó ríomhshonraisc agus formáidí sonraí eile á n-úsáid a áirithíonn idir-inoibritheacht leis an gcaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh.
Féadfaidh Ballstáit ceadú, saor in aisce, d’aistriú sonraí ó ríomhshonraisc agus formáidí sonraí eile á n-úsáid a áirithíonn idir-inoibritheacht leis an gcaighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh.
Leasú 96
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 10
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 263 – mír 2 a (nua)
2a.  Níl feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le ceannacháin a bhaineann le cosaint, ar ceannacháin iad a dhíolmhaítear faoi Airteagal 143 agus Airteagal 151.
Leasú 97
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 271a – mír 1
1.   Féadfaidh Ballstáit a cheangal, maidir le daoine inchánach a sainaithníodh chun críocha CBL ina gcríoch, go seolfaidh siad go leictreonach chuig a n-údarás cánach sonraí faoi na soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin a dhéantar chuig daoine inchánach eile laistigh dá gcríoch.
1.   Féadfaidh Ballstáit a cheangal, maidir le daoine inchánach a sainaithníodh chun críocha CBL ina gcríoch, go seolfaidh siad go leictreonach chuig a n-údarás cánach sonraí faoi na soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin a dhéantar chuig daoine inchánach eile laistigh dá gcríoch agus sonraí faoi na soláthairtí earraí agus seirbhísí ar comaoin a chuireann daoine inchánach eile laistigh dá gcríoch ar fáil dóibh.
Leasú 98
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 271a – mír 2
2.  Féadfaidh Ballstáit a cheangal, maidir le daoine inchánach a sainaithníodh chun críocha CBL ina gcríoch, go seolfaidh siad go leictreonach chuig a n-údarás cánach sonraí faoi idirbhearta inchánach seachas na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 262.
scriosta
Leasú 99
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 271b – mír 1
I gcás ina gceanglaíonn Ballstát go seoltar na sonraí de bhun Airteagal 271a, déanfaidh an duine inchánach, nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach, na sonraí sin a tharchur ar bhonn gach idirbhirt tráth nach déanaí ná 2 lá oibre i ndiaidh an sonrasc a eisiúint, nó i ndiaidh an dáta ar a raibh an sonrasc le heisiúint i gcás nach gcomhlíonann an duine inchánach an oibleagáid maidir le sonrasc a eisiúint. Ceadóidh Ballstáit d’aistriú sonraí ó ríomhshonraisc a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh agus liosta a chomhréireanna de bhun Threoir 2014/55/AE.
I gcás ina gceanglaíonn Ballstát go seoltar na sonraí de bhun Airteagal 271a, déanfaidh an duine inchánach, nó tríú páirtí thar ceann an duine inchánach, na sonraí sin a tharchur ar bhonn gach idirbhirt tráth nach déanaí ná cúig lá oibre i ndiaidh an dáta seolta i leabhair chuntais an duine inchánach nó i ndiaidh an dáta ar a raibh an sonrasc le heisiúint i gcás nach gcomhlíonann an duine inchánach an oibleagáid maidir le sonrasc a eisiúint. Ceadóidh Ballstáit d’aistriú sonraí ó ríomhshonraisc a chomhlíonann an caighdeán Eorpach i ndáil le ríomhshonrascadh dá dtagraítear i dTreoir 2014/55/AE lena gcumhdaítear caighdeáin shéimeantacha agus chomhréireacha, seachas modhanna tarchurtha.
Leasú 100
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 271b – mír 2 a (nua)
I gcás idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí agus idirbhearta le hoibreoirí nach oibreoirí Aontais iad, féadfaidh Ballstáit ceadú d’aistriú sonraí, nach gá go mbeidís le tarraingt ó ríomhshonraisc agus formáidí sonraí eile á n-úsáid.
Leasú 101
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 17
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 271c – mír 1
Faoin 31 Márta 2033 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle faoi fheidhmiú na gceanglas tuairiscithe intíre a leagtar amach sa Roinn seo. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá le bearta breise comhchuibhithe agus, má mheastar gur ghá, déanfaidh sé moladh iomchuí le haghaidh bearta den sórt sin.;
Faoin 31 Márta 2034 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle faoi fheidhmiú na gceanglas tuairiscithe intíre a leagtar amach sa Roinn seo.
Leasú 102
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 18
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 273 – mír 1
Féadfaidh Ballstáit oibleagáidí eile a fhorchur, ar oibleagáidí iad a mheasann siad a mbeidh gá leo chun bailiúchán ceart CBL a áirithiú agus chun imghabháil a sheachaint, faoi réir an cheanglais maidir le cóir chomhionann amhail idir idirbhearta intíre agus idirbhearta a dhéantar idir Ballstáit ag daoine inchánach agus ar choinníoll nach n-eascraíonn foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha as oibleagáidí den sórt sin maidir le trádáil idir Ballstáit.
Féadfaidh Ballstáit oibleagáidí eile a fhorchur, ar oibleagáidí iad a mheasann siad a mbeidh gá leo chun bailiúchán ceart CBL a áirithiú agus chun imghabháil a sheachaint, faoi réir phrionsabail na comhréireachta agus na córa comhionainne amhail idir idirbhearta intíre agus idirbhearta a dhéantar idir Ballstáit ag daoine inchánach agus ar choinníoll nach n-eascraíonn foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha as oibleagáidí den sórt sin maidir le trádáil idir Ballstáit.
Leasú 103
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1
Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2023, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Leasú 104
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 2
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025 maidir le cuideachtaí ina bhfuil níos mó ná 250 fostaí agus ón 1 Eanáir 2026maidir le gach cuideachta eile.
Leasú 105
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1
Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, pé dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 2 den Treoir seo a chomhlíonadh.
Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2025, pé dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 2 den Treoir seo a chomhlíonadh.
Leasú 106
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.
Leasú 107
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 3 – fomhír 1
Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2025, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 3 den Treoir seo a chomhlíonadh.
Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2026, pé dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 3 den Treoir seo a chomhlíonadh.
Leasú 108
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 3 – fomhír 2
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2027.
Leasú 109
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 a (nua)
Airteagal 5a
Athbhreithniú
(1)  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le hionad ilfhreastail CBL faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024. Beidh sa tuarascáil seo go háirithe:
(a)  anailís a dhéanamh ar éifeachtacht an ionaid ilfhreastail CBL agus na heasnaimh atá fós ann a shainaithint;
(b)  féachaint an bhféadfaí an t-ionad ilfhreastail CBL a leathnú tuilleadh chuig na réimsí eile d’idirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí nach gcumhdaítear go fóill;
(c)  féachaint ar na buntáistí a bhaineann le raon feidhme an ionaid ilfhreastail a leathnú chun idirbhearta gnólacht le gnólacht a chumhdach freisin;
(d)  féachaint ar réimsí chun na nósanna imeachta do chuideachtaí beaga agus meánmhéide a shimpliú tuilleadh agus, ar an gcaoi sin, comhtháthú an mhargaidh aonair a spreagadh.
Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.
An nuashonrú is déanaí: 15 Feabhra 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais