Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 ar an mBanc Hidrigine Eorpach (2023/2123(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,
– ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
– ag féachaint do theachtaireacht an 16 Márta 2023 ón gCoimisiun maidir leis an mBanc Hidrigine Eorpach (COM(2023)0156),
– ag féachaint do theachtaireacht an 1 Feabhra 2023 ón gCoimisiún dar teideal A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach] (COM(2023)0062),
– ag féachaint do theachtaireacht an 18 Bealtaine 2022 ón gCoimisiún dar teideal ‘ Plean REPowerEU’ (COM(2022)0230),
– ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach] (COM(2020)0301),
– ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal ‘Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration’ [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis Eorpach um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh] (COM(2020)0299),
– ag féachaint do theachtaireacht an 10 Márta 2020 ón gCoimisiún dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip] (COM(2020)0102),
– ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiun maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do thogra an 20 Meitheamh 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (COM(2023)0337),
– ag féachaint do thogra an 20 Meitheamh 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (COM(2023)0335),
– ag féachaint do thogra an 16 Márta 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (An Gníomh um Amhábhair Chriticiúla) (COM(2023)0160),
– ag féachaint do thogra an 16 Márta 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas(1), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE(2), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
– ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn(3) (An Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE(4),
– ag féachaint do Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE(5), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005(6),a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,
– ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle(7),
– ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce(8), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha(9),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014(10),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2(11),
– ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2023/1184 an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (12),
– ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2023/1185 an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte(13),
– ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht(14),
– ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi ar Straitéis Eorpach i ndáil le Hidrigin(15),
– ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi ar straitéis Eorpach maidir le comhtháthú córas fuinnimh(16),
– ag féachaint do rún an 10 Iúil 2020 uaithi maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh de(17),
– ag féachaint do rún an 15 Eanáir 2020 uaithi maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(18),
– ag féachaint do rún an 14 Márta 2019 uaithi maidir leis an athrú aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras(19),
– ag féachaint do rún an 25 Deireadh Fómhair 2018 uaithi maidir le ‘hImscaradh bonneagair i gcomhair breoslaí malartacha san Aontas Eorpach: tá sé in am gníomhú!’(20),
– ag féachaint do rún an 6 Feabhra 2018 uaithi maidir le dlús a chur le nuálaíocht an fhuinnimh ghlain(21),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 maidir leis an mBanc Eorpach Hidrigine(22),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 30 Samhain 2023 maidir leis an mBanc Eorpach Hidrigine,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9‑0379/2023),
A. de bhrí gur páirtí é an tAontas i gComhaontú Pháras agus go bhfuil gealltanas tugtha aige astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;
B. de bhrí gur féidir hidrigin a úsáid mar bhunábhar, mar bhreosla nó mar iompróir fuinnimh agus go bhfuil acmhainneacht shuntasach dícharbónaithe ag baint léi i gcás tionscail ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú agus i gcás iompar trom, mar nach bhfuil sé indéanta go teicneolaíoch nó iomaíoch é a leictriú go díreach;
C. de bhrí gur féidir hidrigin a úsáid freisin mar rogha dheiridh stórála fuinnimh chun an córas fuinnimh a chothromú, rud a chuirfidh le comhtháthú an chórais fuinnimh;
D. de bhrí gur gás ceaptha teasa indíreach í hidrigin freisin agus go bhfuiltear ag éirí níos eolasaí faoina tionchair aeráide, ar cheart díriú go cuí orthu le bearta faireacháin, coiscthe agus maolúcháin i ndlúthchomhar leis an tionsclaíocht;
E. de bhrí go bhfuil cuspóir leagtha síos i Straitéis AE maidir le Hidrigin i ndáil le 40 GW ar a laghad de leictrealóirí hidrigine in-athnuaite a shuiteáil agus 10 milliún tona de hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh san Aontas faoi 2030 agus gur moladh i bplean REPowerEU an cuspóir sin a chomhlánú tríd an méid céanna hidrigine in-athnuaite a allmhairiú;
F. de bhrí go meastar go mbeidh infheistíocht iomlán EUR 335-471 bhilliún ag teastáil chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, agus infheistíocht bhreise EUR 500 billiún ag teastáil chun allmhairiú an mhéid hidrigine inathnuaite bheartaithe a dhaingniú;
G. de bhrí go ndearna an tionscal monaraíochta leictrealóra san Eoraip suiteáil acmhainneacht mhonaraíochta 25 GW ar a laghad faoi 2025 a leagan amach mar chuspóir, arb ionann í agus thart ar 120 GW d’acmhainneacht shuiteáilte san Eoraip;
H. de bhrí gur tháinig laghdú 60 % ar chostas leictrealóirí cheana féin le 10 mbliana anuas agus go bhfuiltear ag dréim le laghdú 50 % eile ar an gcostas in 2030, i dtuairim an Choimisiúin, de bharr barainneachtaí scála;
I. de bhrí go mbíonn comhpháirteanna atá dian ar theicneolaíocht ag teastáil i gcealla fuinnimh agus i leictrealóirí mar aon le roinnt amhábhar criticiúil, go háirithe miotail sa ghrúpa platanaim, a bhfuil a bpríomhtháirgeoirí lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, cuid mhaith díobh i dtíortha ina bhfuil an mhianadóireacht nasctha le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, rialachas atá ag dul in olcas, coinbhleachtaí agus díghrádú an chomhshaoil, agus go mbíonn ar tháirgeoirí san Aontas Eorpach díriú ar dhálaí oibriúcháin neamhiomaíocha;
J. de bhrí go bhfuil margadh don hidrigin inathnuaite fós le tógáil agus go mbeidh gá le cosaint iomchuí do chustaiméirí agus le hinfheistíochtaí suntasacha chun gur féidir dícharbónú a dhéanamh sna hearnálacha uile ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú;
K. de bhrí gur gá an t-éileamh úsáide deiridh ar hidrigin inathnuaite a dhreasachtú ar fud na n-earnálacha go léir, lena n-áirítear earnálacha a d’fhéadfadh leas a bhaint as hidrigin ísealcharbóin ina n-aistriú go geilleagar dícharbónaithe;
L. de bhrí go bhfuil ríthábhacht leis an bpraghas-aimsiú chun bunsraith an mhargaidh hidrigine a dhaingniú, chun díriú ar thacaíocht airgeadais phoiblí agus formhaoirseacht rialála éifeachtach agus faireachán poiblí éifeachtach a chumasú;
M. de bhrí go measann an Coimisiún go bhfuil praghas hidrigine inathnuaite san Aontas Eorpach idir EUR 2,5 agus 5,5 in aghaidh an kg arb iad praghas leictreachais inathnuaite agus praghas leictrealóirí is cúis leis, agus go bhfuil praghas hidrigine bunaithe ar bhreosla iontaise thart ar EUR 1,5 in aghaidh an kg;
N. de bhrí go ndéanann comhpháirtithe eacnamaíocha domhanda agus iomaitheoirí tacaíocht láidir airgeadais a chur ar fáil dá dtáirgeadh intíre hidrigine inathnuaite, lena n-áirítear an tAcht um Boilsciú a Laghdú sna Stáit Aontaithe lena ndéantar hidrigin inathnuaite a chur chun cinn le creidmheas cánach suas le USD 3 in aghaidh an chileagraim;
1. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an mBanc Hidrigine Eorpach (EHB); ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ‘an Banc Hidrigine Eorpach’ a bheith míthreorach mar ainm, ós rud é nach banc é ach tionscnamh arb é is aidhm dó gníomhú mar ionad ilfhreastail éifeachtúil agus cuíchóirithe chun gníomhaíochtaí agus maoiniú a chomhordú ar feadh an tslabhra soláthair uile mar thacaíocht do thionscadail hidrigine inathnuaite;
2. ag spreagadh an Choimisiúin chun cistiú breise agus infheictheacht bhreise a chur ar fáil don tionscnamh, ós rud é gur garsprioc thábhachtach an méid sin chun borradh a chur faoi mhargadh hidrigine na hEorpa; á mheas gur ar an mBanc Hidrigine Eorpach ba cheart freagracht a bheith, go soiléir, as cur chun feidhme na moltaí atá san áireamh sa rún seo;
3. á mheabhrú gurb í hidrigin inathnuaite an t-aon chineál hidrigine inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire gurb ionann leictrealóirí agus níos lú ná 4 % den táirgeadh iomlán hidrigine san Aontas; ag tabhairt dá haire go mbeidh ról ag hidrigin ísealcharbóin le linn na hidirthréimhse i dtreo geilleagar glan-nialasach agus sa bhorradh faoin margadh hidrigine;
4. á aithint go go mbíonn táirgeadh hidrigine inathnuaite dian ar fhuinneamh; ag tabhairt dá haire go gcaithfear borradh a chur faoi mhonarú leictrealóirí a mbíonn amhábhair chriticiúla iontu chun na spriocanna maidir le hidrigin inathnuaite a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go dteastódh leathnú suntasach ar acmhainneacht an leictreachais inathnuaite freisin chuige sin agus an eangach chumhachta a uasghrádú;
5. á mheabhrú go measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh gur san Eoraip a bheidh 32 % den acmhainneacht leictrealóirí dhomhanda lonnaithe faoi 2030 más rud é go dtagann ann do na tionscadail uile atá beartaithe; á chur i bhfáth nach mór don Aontas a cheannaireacht dhomhanda maidir le hidrigin a choinneáil agus a fheabhsú trí mhargadh nuálach agus éifeachtúil a fhorbairt lena nasctar táirgeoirí le tomhaltóirí, agus bonneagair leordhóthnanacha in úsáid;
6. á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach agus Gníomh um Amhábhair Chriticiúla agus athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite a rannchuideodh le slabhraí luacha slána, iomaíocha agus athléimneacha a bheadh ag freastal ar an éileamh méadaithe ar hidrigin inathnuaite agus leictrealóirí ar san Aontas a táirgeadh iad; á chur i bhfáth gur cheart go bhfeidhmeodh an Banc Hidrigine Eorpach mar chomhlánú ar an nGníomh um Thionscal Glan-Nialasach;
7. ag tacú go láidir le nósanna imeachta ceada cuíchóirithe agus níos tapúla ar fud an tslabhra luacha go léir chun borradh a chur faoin táirgeadh hidrigine inathnuaite agus chun an nuálaíocht a chothú; á áitiú go ndéanfar an leibhéal ard cosanta ar an gcomhshaol atá ann faoi láthair a choimeád nuair a dhéantar iarratais cheada a mheasúnú, agus go ndéanfar gnéithe áirithe de na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus de na próisis riaracháin le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite a chuíchóiriú;
8. á mheas, chun ceannasacht thionsclaíoch an Aontais Eorpaigh a dhaingniú i gcomhthéacs uathriail straitéiseach oscailte, nár mhór, faoi chéad chéim cur chun feidhme an EHB, ardleibhéal tosaíochta a thabhairt don táirgeadh intíre a fhás go tapa agus go bhféadfaí síneadh a chur le céimeanna ina dhiaidh sin chun fás allmhairí iomaíocha de hidrigin inathnuaite a chumasú; á mheabhrú gur faoi inniúlacht an EHB ba cheart an tacaíocht le haghaidh táirgeadh intíre agus allmhairí araon a theacht;
9. á chur in iúl gur geal léi ról an EHB i dtaca le breis trédhearcachta maidir le sreafaí, idirbhearta agus praghsanna sa mhargadh hidrigine atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur feidhm ríthábhachtach é sin chun muinín an mhargaidh a mhéadú, formhaoirseacht rialála agus faireachán poiblí a neartú, agus eolas a dhéanamh do phleanáil comhtháite an bhonneagair fuinnimh;
10. ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh ról lárnach ag an gcistiú príobháideach maidir le margadh Eorpach le haghaidh hidrigin inathnuaite a thógáil agus nár cheart margadh éifeachtúil, a luaithe a fhorbraítear é, a bheith ag brath ar fhóirdheontais phoiblí;
11. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh creat stóinseach rialála margaidh AE le haghaidh hidrigine a bheith ina chabhair chun margadh dea-fheidhmiúil a bhunú; á chreidiúint gur den riachtanas conair phraghais intuartha ar bheagán luaineachta chun cinnteacht infheistíochta a chruthú le haghaidh infheistíochtaí fíor-riachtanacha sa táirgeadh hidrigine agus sa bhonneagar hidrigine;
12. á mheas go bhfuil na gníomhartha tarmligthe maidir le breoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch tar éis cur leis an intuarthacht agus leis an gcinnteacht d’infheisteoirí; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh pacáiste margaidh i dtaca le hidrigin agus gás dícharbónaithe; á áitiú go mbeidh timpeallacht rialála chomhtháite agus chobhsaí le cur ar fáil don tionscal
13. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an táirgeadh hidrigine trí bhíthin leictrealóirí dian ar uisce, dar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh Inathnuaite, agus go n-ídítear idir 18 agus 24 kg uisce leis in aghaidh an kg hidrigine; á thabhairt chun suntais go mbíonn an tomhailt uisce níos airde fós nuair a chuirtear an slabhra luacha réamhtheachtach san áireamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar éifeachtúlacht acmhainní agus ar an Treoir Réime maidir le hUisce(23), go háirithe i gcás réigiúin a mbaineann baol triomaigh leo; á iarraidh go ndéanfar breis taighde ar theicneolaíochtaí díshalannaithe uisce lena n-íoslaghdaítear an tomhailt uisce agus na tionchair ar an gcomhshaol, go háirithe an baol truaillithe ó uisce goirt;
14. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag Gleannta Hidrigine agus bonneagair ghaolmhara mar uirlisí chun tacú le dícharbónú ceantar tionsclaíoch, an nuálaíocht a chothú agus rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil; ag tabhairt dá haire go soláthraíonn Gleannta Hidrigine braislí daingnithe soláthair agus éilimh hidrigine san Eoraip; á mheas gurb é an Banc Hidrigine Eorpach atá freagrach as na lárionaid tomhaltais ábhartha go léir ar fud Gleannta Hidrigine a chomhordú agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh, agus tionscnaimh shuaitheanta mhórscála a uas-scálú;
Tacaíocht airgeadais do tháirgeadh intíre hidrigine inathnuaite
15. á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin an chéad cheant píolótach praghasbhunaithe a sheoladh chun tacú le hidrigin inathnuaite; ag cur sonrú sa bhuiséad EUR 800 milliún chun tacú leis an táirgeadh hidrigine inathnuaite ar feadh thréimhse 10 mbliana; ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun measúnú gan mhoill ar an gceant píolótach sin a mhéid a bhaineann lena éifeachtúlacht, agus lena iarmhairtí maicreacnamaíocha agus tionsclaíocha;
16. á aithint gur roghnaigh an Coimisiún tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm préimh sheasta sa chéad cheant píolótach, ós rud é go mbeidh difríocht mhór idir an táirgeadh hidrigine agus an tomhailt hidrigine, i dtús ama ar aon nós; á áitiú go leagtar síos préimh sheasta le haghaidh ceantanna amach anseo a bheidh coibhéiseach leis an bpréimh atá á moladh ag na Stáit Aontaithe faoin Acht um Boilsciú a Laghdú, nó níos airde ná an phréimh sin; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí comhlántacha amhail deontais, conarthaí difríochta agus conarthaí difríochta carbóin a mheas; á mheas go bhféadfadh na sásraí comhlántacha sin tacú, ní hamháin le táirgeadh hidrigine inathnuaite, ach leis an éileamh ar hidrigin inathnuaite freisin;
17. á athdhearbhú go bhfuil an-tábhacht le cothromaíocht gheografach agus earnálach chun an táirgeadh hidrigine inathnuaite a chumasú ar fud an Aontais Eorpaigh agus a húsáid a chumasú ag earnálacha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú; á áitiú gur den riachtanas gan na díréireachtaí réigiúnacha atá ann cheana féin, de bharr a oiread éagsúlachta a bhaineann le forbairt an mhargaidh hidrigine, a dhoimhniú tuilleadh; ag tathant ar an gCoimisiún ceantanna réigiúnacha a fhorbairt agus, chuige sin, réigiúin a shainiú a bheadh mór go leor chun iomaíocht leordhóthanach a dhaingniú agus cothromaíocht gheografach a áirithiú freisin; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún eochair leithdháilte a mholadh chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt chothrom ar mhargadh hidrigine na hEorpa ar fud na réigiún;
18. ag iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit atá ar bheagán rannpháirtíochta, dá bhforáiltear san athbhreithniú is déanaí ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí(24); á chur i bhfáth gur cheart go spreagfadh an tacaíocht sin rannpháirtíocht iarratasóirí ó na Ballstáit go léir sna ceantanna faoin EHB;
19. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an EHB tionscadail forbartha níos lú a mhealladh freisin ag moladh don Choimisiún go gcoigeartódh sé gnéithe de dhearadh ceant, go háirithe an ceanglas maidir le hacmhainneacht íosta an leictrealóra suiteáilte agus an srian ar uasmhéid tairisceana, agus go measfadh sé an bhféadfaí iarratais a chomhthiomsú, chun rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a éascú;
20. á iarraidh ar an gCoimisiún na rialacha maidir le comhoiriúnacht idir tacaíocht airgeadais phoiblí agus cistiú arna sholáthar faoin EHB a athmheasúnú agus a shoiléiriú, ag cur san áireamh nár cheart aon charnadh a bheith ann maidir leis na costais chéanna, chun iomaíocht chóir a chosaint i measc na n-iarratasóirí go léir;
21. á chur i bhfáth gur cheart i ndearadh ceantanna amach anseo go ndéanfaí tosaíocht de hidrigin inathnuaite a dhíol le tionscail ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú agus le hiompar trom, go háirithe eitlíocht agus loingseoireacht; á chreidiúint, i ndail leis sin, gur cheart sriantachtaí áirithe a bheith san áireamh i gcritéir incháilitheachta na gceantanna;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún, ní hamháin praghas a mheas, ach córas soiléir pointí bónais a chur san áireamh freisin i rangú na dtairiscintí; ag tabhairt dá haire gur cheart go dtabharfadh córas den sórt sin luach saothair do thairiscintí lena soláthraítear an leibhéal is airde inbhuanaitheachta, as a n-eascraíonn cruthú fostaíochta suntasach agus lena gcuirtear cúrsaí oiliúna ardcháilíochta, printíseachtaí agus athsciliú nó uas-sciliú oibrithe chun cinn;
23. á aithint go bhfuil géarghá le borradh a chur faoi tháirgeadh leictrealóirí san Aontas; á mholadh go ndéanfaí idirdhealú idir caiteachas oibríochtúil agus caiteachas caipitiúil; á mheas nár cheart tacaíocht fhéideartha do chaiteachas caipitiúil ar hidrigin ísealcharbóin a dhíriú ach ar infheistíochtaí ar féidir leo rannchuidiú le táirgeadh hidrigine inathnuaite ag céim níos déanaí, go háirithe maidir le leictrealóirí a cheannach, agus nár cheart caiteachas oibriúcháin ar hidrigin ísealcharbóin a chumhdach léi;
Tacaíocht neamhairgeadais d’éiceachóras hidrigine an Aontais
24. á chur in iúl gur geal léi smaoineamh an Choimisiúin an coincheap ‘ceantanna mar sheirbhís’ a sheoladh; á mheas go bhféadfadh sé na costais riaracháin do na Ballstáit a laghdú agus conair fhíor-Eorpach i dtreo aistriú fuinnimh a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún an coincheap sin a mheas agus a fhorbairt thairis sin le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite eile a fhiosrú; á chur i bhfáth gur cheart na hualaí riaracháin sa phróiseas iarratais a laghdú a mhéid is féidir, chun go bhféadfadh FBManna na próisis dámhachtana a láimhseáil freisin;
25. ag moladh go mbeadh ar chumas an EHB comhairle dhílsithe a chur ar fáil do ghníomhaithe príobháideacha maidir le suiteálacha hidrigine inathnuaite agus ísealcharbóin a fhorbairt san Aontas; á chreidiúint gur cheart seirbhís den sórt sin a bheith neamhspleách ar chistiú ón EHB a bheith faighte, nó gan a bheith faighte, ag an iarratasóir; ag moladh go mbeadh an tseirbhís chomhairleach sin ag brath ar shaineolas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI); á mholadh go ndeánfaí gníomhaíochtaí na Comhpháirtíochta Eorpaí don Hidrigin Ghlan a áireamh faoin EHB chun fóram fisiciúil a chruthú ina bhféadfadh táirgeoirí agus tomhaltóirí hidrigine teacht le chéile chun comhairle a fháil agus dea-chleachtais a mhalartú;
26. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ilroinnt eintitis AE a bhíonn ag plé le hidrigin a shrianadh; á mholadh go ndéanfar gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, agus go háirithe an Fhaireachlann Breosla-Chille a chur san áireamh faoi chuimsiú an EHB; á áitiú nach laghdófaí ar an infheistíocht phoiblí ar son taighde, forbairt agus nuáil amr gheall ar an gcur san áireamh sin;
27. á chreidiúint go bhféadfadh sásra comhcheannach deonach i gcomhair hidrigine rannchuidiú le forbairt an mhargaidh hidrigine intíre agus le hallmhairí faoin EHB a dhaingniú; á chur i bhfáth freisin maidir le ceannacháin i gcomhpháirt go ndéanfaí infheistíochtaí i dtoilleadh hidrigine inathnuaite a éascú, soláthar hidrigine inathnuaite ar phraghsanna inacmhainne a áirithiú agus tomhaltóirí Eorpacha a chosc ar a bheith ag ceantáil ar a chéile;
28. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh AggregateEU gníomhú mar threoirthionscadal d’fhorbairt an mhargaidh hidrigine faoin EHB; ag iarraidh ar an gCoimisiún a dhéanamh ar fhorbairt sásra i gcomhair comhiomlánú deonach éilimh agus ceannach comhpháirteach hidrigine agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur isteach chuige sin; á chreidiúint go bhféadfaí an measúnú sin a bhunú ar mhionanailís ar na samhlacha imleora comhair cuideachta agus ar an bhféidearthacht go ndéanfaí scéimeanna ráthaíochta a chruthú faoina bhféadfaí cuideachtaí níos lú agus FBManna a fhostú go héifeachtach;
29. ag iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an soláthar poiblí glas chun bheith i bhfách le hearraí a táirgeadh le hidrigin inathnuaite, amhail cruach a úsáidtear chun foirgnimh phoiblí agus bonneagar a thógáil;
Allmhairí de hidrigin inathnuaite
30. ag tabhairt dá haire, in ainneoin méadú ar an táirgeadh intíre hidrigine inathnuaite, go bhféadfadh allmhairí ó thíortha nach tíortha AE iad a bheith ag teastáil mar gheall ar éileamh a bheith ag dul i méid; á chur i bhfáth gur cheart don EHB sineirgí a shaothrú maidir le luathú allmhairí de hidrigin inathnuaite, agus díriú ar an éileamh breise ar mhargadh na hEorpa;
31. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na conairí bonneagair arna sainaithint sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean REPowerEU a chur chun cinn, chun allmhairiú suas le 10 milliún tona hidrigine inathnuaite a éascú, agus tacaíocht a thabhairt don dícharbónú sna tíortha comhpháirtíochta;
32. á mheabhrú go mbeidh feidhm ag an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) maidir le hidrigin; ag cur béim ar a thábhachtaí atá ról AE mar bhunaitheoir caighdeán domhanda agus ag iarraidh ar an gCoimisiún scéim choiteann deimhniúcháin, scéim stóinseach, a sholáthar faoin 31 Nollaig 2025, i gcomhréir leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite le haghaidh allmhairí de hidrigin inathnuaite, a bheidh comhionann leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir leis an táirgeadh intíre, chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chomhpháirtithe idirnáisiúnta iontaofa;
33. á áitiú gur cheart infheistíocht i hidrigin inathnuaite ó thríú tíortha a bheith faoi réir na bprionsabal idirnáisiúnta díchill chuí, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh: Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach;
34. ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte a ullmhú ina mbeidh critéir shoiléire agus thrédhearcacha maidir le hincháilitheacht táirgeoirí ó thíortha neamh-Aontais le haghaidh tacaíocht AE, bunaithe ar rioscaí geopholaitiúla agus an fhéidearthacht iad a laghdú trí chomhar, infhaighteacht acmhainní dá n-aistriú fuinnimh intíre agus iad a bheith ailínithe le luacha AE agus le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta AE, lena n-áirítear dálaí oibre agus cearta na bpobal dúchasach;
35. á chur i bhfáth go bhfuil réigiúin ar domhan a bhfuil dálaí i bhfad níos fearr iontu i gcomhair tháirgeadh hidrigine inathnuaite mar go bhfuil neart spáis acu agus leictreachas inathnuaite; á mheabhrú gur cheart forbairt margaí domhanda riailbhunaithe, trédhearcacha agus neamhshaofa do hidrigin a chur chun cinn le taidhleoireacht fuinnimh agus hidrigine an Aontais Eorpaigh agur gur cheart é a bheith mar aidhm na tíortha comhpháirtíochta domhanda, agus go háirithe tíortha i gcomharsanacht an Aontais, a chumasú chun a n-aistrithe fuinnimh a bhaint amach agus a gcaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus dhaonlathais a fheabhsú;
36. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé soláthróirí a éagsúlú agus cothrom iomaíochta domhanda a choinneáil nuair a thugtar tacaíocht do tháirgeadh hidrigine inathnuaite i dtíortha nach tíortha Aontais iad; á mholadh go gceanglófar an euro a úsáid le haghaidh allmhairí de hidrigin inathnuaite a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, chun go ndéanfar airgeadra tagartha domhanda na malartán hidrigine de ar fud an domhain;
37. ag cur béim ar an bhfíoras gur den riachtanas, chun an margadh hidrigine a luathú go rathúil, infheistíocht leordhóthanach a áirithiú chun go bhforbrófar bonneagar hidrigine imleor, ní hamháin chun soláthar agus éileamh a nascadh, ach chun hidrigin a stóráil agus a iompar ar fud an Aontais Eorpaigh freisin (mar shampla, feadh an chnámh droma Eorpaigh hidrigine); á áitiú gur cheart scóigeanna tráchta agus naisc atá ar iarraidh a sheachaint chun go bhféadfaidh hidrigin na margaí is géire a dteastaíonn sí iontu a bhaint amach; á chur i bhfáth maidir le córais hidrigine a fhorbairt go dtabharfaí tosaíocht, a mhéid is féidir, do chomshuí an táirgthe agus na húsáide, agus a oiread sineirgí agus is féidir a chumasú leis an mbonneagar reatha le haghaidh iompair gáis nádúrtha;
38. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit infheistíocht phríobháideach a spreagadh agus, i gcás inar gá, a áirithiú go mbeidh cistiú poiblí ann do shuiteálacha nua le haghaidh hidrigine agus le haghaidh athchuspóiriú suiteálacha atá in úsáid don ghás nádúrtha cheana féin; á mheas gur ionstraimí oiriúancha iad deontais agus conarthaí difríochta (carbóin), a mbeadh iompar ina chomhchuid den chostas, chun tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar carbóin; á chur i bhfáth, ón bpeirspictíocht chéanna, gur cheart acmhainní náisiúnta a leithdháileadh ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chun cistiú an bhonneagair ábhartha a fheabhsú, agus gur cheart foinsí malartacha cistiúcháin Aontais faoin mBeartas Comhtháthaithe agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a shlógadh;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún a leagan mar chúram ar an EHB comhordú a dhéanamh ar bhailiú na sonraí ábhartha go léir arna n-eisiúint ag an gCoimisiún, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag an tionscal i ndáil le táirgeadh, stóráil, iompar, dáileadh agus tomhailt hidrigine; ag tabhairt dá haire gur cheart na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí, a mhéid is féidir, agus go bhféadfaí leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta chun bonneagar a bhaineann le hidrigin a fhormheas faoin Rialachán athbhreithnithe maidir le Gréasáin Fuinnimh Thras-Eorpacha(25);
Cuíchóiriú ionstraimí agus sásraí airgeadais AE
40. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil tionscail i lathair na huaire ag plé le héagsúlacht ionstraimí tacaíochta airgeadais le haghaidh táirgeadh hidrigine; ag iarraidh ar an gCoimisiún ionaid ilfhreastail le haghaidh maoiniú hidrigine a dhéanamh den EHB;
41. ag cur sonrú sa bhuiséad foriomlán EUR 3 bhilliún don EHB a fógraíodh in Aitheasc 2022 ar Staid an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar an mbuiséad bliantúil a bheidh ar fáil as seo go ceann cúig bliana faoi gach colún den EHB agus treochlár a ullmhú de na ceantanna a bheartaítear; á áitiú gur cheart ceantanna amach anseo a fhógairt 12 mhí roimh ré ar a laghadh chun intuarthacht a chur ar fáil don tionscal;
42. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di buiséad foriomlán EHB i gcomparáid leis na fóirdheontais, na dreasachtaí agus an creat infheistíochta níos tarraingtí i réigiún eile ar domhan, go háirithe sa tSín agus SAM; á chreidiúint go bhfuil an clúdach reatha EUR 800 milliún don chéad cheant píolótach rótheoranta; ag iarraidh ar an gCoimisiún buiséad iomchuí a mholadh don EHB trína mhéadú go suntasach le hacmhainní úra sna blianta romhainn;
43. á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú meántéarmach ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) mar ar mhol an Coimisiún EUR 5 bhilliún sa bhreis i gcomhair an Chiste don Nuálaíocht; ag iarraidh go ndéanfar cuid shuntasach den airgead breise sin a leithdháileadh ar an EHB, chun go bhféadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacaíocht a thabhairt do bhreis tionscadal; á thabhairt chun suntais gur cheart, de bhreis ar an gCiste don Nuálaíocht, féachaint ar chistiú eile chun go mbeidh an EHB neamhspleách ar éagsúlachtaí i bpraghas carbóin;
44. ag iarraidh ar an gCoimisiún innéacsú boilscithe a mheas i gcás na préimhe seasta, chun cobhsaíocht a áirithiú agus táirgeoirí – go háirithe táirgeoirí beaga agus meánmhéide – a chosaint ar mhéaduithe praghais féideartha ar fhuinneamh, amhábhair agus obair oibríochtúil amach anseo;
45. ag tabhairt dá haire nár tháinig an Coimisiún suas le hionstraim airgeadais go fóill chun tacú le hallmhairí de hidrigin inathnuaite; ag spreagadh comhair idir an EHB agus cláir arna mbunú ag na Ballstáit nuair a bhítear ag ple le hallmhairí; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh le haghaidh ionstraim airgeadais ina spriocdhírítear ar allmhairí ó thíortha neamh-Aontais faoin EHB, i gcás inarb iomchuí agus ina luíonn sé leis an SCCT;
46. á chur i bhfáth go bhfuil gá le foireann dhílsithe chun oibríochtaí EHB a shaothrú agus á iarraidh go mbeadh cistiú leordhóthanach ann ina leith; ag moladh tascfhórsa a chur ar bun don EHB agus foireann ann ó na seirbhísí ábhartha go léir sa Choimisiún ;
47. á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin úsáid chistiú AE le haghaidh tionscadail hidrigine a chuíchóiriú, agus an togra reachtach le haghaidh Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), áit a sainítear hidrigin inathnuaite mar theicneolaíocht ghlan chriticiúil a bhfuil breis tacaíochta de dhíth uirthi; á iarraidh go mbeidh an leibhéil sineirge is airde idir STEP agus EHB;
48. á áitiú go mbeadh EHB ina phointe teagmhála aonair chun faisnéis a sholáthar maidir le cistiú AE atá ar fáil ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun tacú le tionscadail hidrigine inathnuaite; ag moladh go ndéantar an Compás Hidrigine le haghaidh Cistiú Poiblí a chomhcheangal leis an EHB agus faisnéis maidir leis na hionstraimí airgeadais ábhartha go léir a bheith san áireamh, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh: an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Fís Eorpach agus an Ciste don Nuálaíocht, agus nuashonruithe ar bhonn rialta;
49. ag moladh go ndéanfadh an EHB uirlis ar líne a chur ar bun chun deis a thabhairt don tionscal agus do FBManna go háirithe measúnú tapa a dhéanamh ar incháilitheacht fhéideartha tionscadail a bhaineann le hidrigin inathnuaite nó ísealcharbóin i gcomhair cistiú Aontais, a bheadh gan dochar don chinneadh críochnaitheach agus nach gceanglódh aon fhaisnéis rúnda a chur ar fáil;
50. á iarraidh ar an EHB an rochtain ar airgeadas a fheabhsú le haghaidh tionscadail hidrigine inathnuaite; á iarraidh ar an EHB iasachtaí ar ráta nialasach nó iasachtaí ráthaithe a chur ar fáil, cúnamh a thabhairt chun maoiniú fadtéarmach a dhaingniú agus cothromas agus infheistíochtaí eile i dtionscadail ábhartha a chumasú;
51. ag tacú le le praghas síleála a thabhairt isteach maidir leis an bpréimh sheasta, arna mholadh ag an gCoimisiún, chun nach róchúiteofar iarratasóirí rathúla a ghlacann páirt i gceantanna; á áitiú gur cheart go dtiocfadh deireadh le tacaíocht Aontais a luaithe a éiríonn praghas hidrigine inathnuaite iomaíoch; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcostas táirgthe agus ar phraghas an mhargaidh ar hidrigin inathnuaite agus athmheasúnú a dhéanamh ar an bpréimh sheasta a bhronntar ar thionscadail bhuaiteacha ag deireadh gach socrú conarthach idir táirgeoirí agus tomhaltóirí, nó gach cúig bliana ar a laghad;
Trédhearcacht, cuntasacht agus tuairisciú
52. á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn i bhforbairt an mhargaidh hidrigine inathnuaite agus ina ndéanfar meastóireacht ar ghníomhaíochtaí EHB; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar mhiondealú geografach an chistiúcháin, ar líon na bpost a chruthaítear, ar athruithe ar an soláthar agus an éileamh, ar chostas na hidrigine inathnuaite i gcomparáid le cineálacha eile hidrigine, agus ar fhorbairt bonneagar dílsithe hidrigine;
53. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chuimsitheach ar EHB a thíolacadh roimh a thogra le haghaidh CAI nua;
o o o
54. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig gach ceann d’institiúidí an Aontais agus chuig na Ballstáit.
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009 agus (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).