Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (COM(2022)0142 – C9-0132/2022 – 2022/0095(COD))(1)
(1) Is éard atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip25 straitéis na hEorpa maidir le fás inbhuanaithe a bhfuil sé a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, iomaíoch, neodrach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach. Leagtar amach an cuspóir uaillmhianach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ar an gcéad ilchríoch a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Aithníonn sé na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais trí Eoraip níos cothroime, níos glaise agus níos digití a thógáil. Tá ról lárnach ag táirgí san aistriú glas seo. Ag cur i dtábhacht go bhfuil na próisis táirgthe agus na patrúin tomhaltais atá ann faoi láthair fós ró-líneach agus go bhfuil siad ag brath an iomarca ar thríchur ábhar nua a bhaintear, a thrádáiltear agus a phróiseáiltear agus a dhiúscraítear ar deireadh mar dhramhaíl nó mar astaíochtaí, cuireann an Comhaontú Glas don Eoraip béim ar an ngéarghá atá le haistriú go samhail an gheilleagair chiorclaigh agus cuireann sé béim ar an dul chun cinn suntasach atá fós le déanamh. Sainaithnítear leis in an éifeachtúlacht fuinnimh mar thosaíocht i ndícharbónú na hearnála fuinnimh agus i mbaint amach na gcuspóirí aeráide in 2030 agus 2050.
(1) Is éard atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip25 straitéis na hEorpa maidir le fás inbhuanaithe a bhfuil sé a bhfuil sé d’aidhm aici sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, iomaíoch, neodrach ó thaobh na haeráide de agus ciorclach agus comhshaol saor ó thocsainí. Leagtar amach an cuspóir uaillmhianach chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ar an gcéad ilchríoch a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Aithníonn sé na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais trí Eoraip níos cothroime, níos glaise agus níos digití a thógáil. Tá ról lárnach ag táirgí san aistriú glas seo. Ag cur i dtábhacht go bhfuil na próisis táirgthe agus na patrúin tomhaltais atá ann faoi láthair fós ró-líneach agus go bhfuil siad ag brath an iomarca ar thríchur ábhar nua a bhaintear, a thrádáiltear agus a phróiseáiltear agus a dhiúscraítear ar deireadh mar dhramhaíl nó mar astaíochtaí, cuireann an Comhaontú Glas don Eoraip béim ar an ngéarghá atá le haistriú go samhail an gheilleagair chiorclaigh agus cuireann sé béim ar an dul chun cinn suntasach atá fós le déanamh. Sainaithnítear leis in an éifeachtúlacht fuinnimh mar thosaíocht i ndícharbónú na hearnála fuinnimh agus i mbaint amach na gcuspóirí aeráide in 2030 agus 2050.
__________________
__________________
25 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An Comhaontú Glas don Eoraip COM(2019)40 final.
25 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An Comhaontú Glas don Eoraip COM(2019)40 final.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Chun dlús a chur leis an aistriú chuig samhail den gheilleagar ciorclach, cheap an Coimisiún clár oibre atá dírithe ar an todhchaí ina Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach le haghaidh Eoraip a bheidh níos glaine agus níos iomaíche26 (CEAP), agus é ina chuspóir aige an creat rialála a chur in oiriúint do thodhchaí inbhuanaithe. Mar a leagtar amach sa phlean seo, níl aon tacar cuimsitheach ceanglas ann faoi láthair chun a áirithiú go mbeidh na táirgí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais ag éirí níos inbhuanaithe agus go gcomhlíonann siad critéir na ciorclaíochta. Go háirithe, le dearadh táirgí ní chuirtear inbhuanaitheacht chun cinn go leordhóthanach le linn na saolré iomláine. Dá thoradh sin, tá táirgí á n-athsholáthar go minic, lena mbaineann úsáid shuntasach fuinnimh agus acmhainní chun táirgí nua a tháirgeadh agus a dháileadh agus chun seantáirgí a dhiúscairt. Tá sé ródheacair fós d’oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh roghanna inbhuanaithe a dhéanamh maidir le táirgí ós rud é go bhfuil an fhaisnéis ábhartha nó roghanna inacmhainne chun é sin a dhéanamh in easnamh. Dá thoradh sin cailltear deiseanna i dtaca le hinbhuanaitheacht agus le hoibríochtaí luachchoinneála, leis an éileamh teoranta ar ábhair thánaisteacha agus le bacainní ar ghlacadh samhlacha gnó ciorclacha.
(2) Chun dlús a chur leis an aistriú chuig samhail den gheilleagar ciorclach, cheap an Coimisiún clár oibre atá dírithe ar an todhchaí ina Phlean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach le haghaidh Eoraip a bheidh níos glaine agus níos iomaíche26 (CEAP), agus é ina chuspóir aige an creat rialála a chur in oiriúint do thodhchaí inbhuanaithe. Cuirtear i bhfios go láidir sa phlean go gcuirfidh an geilleagar ciorclach táirgí ardcháilíochta, feidhmiúla agus sábháilte ar fáil do na saoránaigh, ar táirgí iad atá éifeachtúil agus inacmhainne, a mhaireann níos faide agus atá ceaptha lena n-athúsáid, lena ndeisiú agus lena n-athchúrsáil ar ardcháilíocht. Mar a leagtar amach sa phlean seo, níl aon tacar cuimsitheach ceanglas ann faoi láthair chun a áirithiú go mbeidh na táirgí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais ag éirí níos inbhuanaithe agus go gcomhlíonann siad critéir na ciorclaíochta. Go háirithe, le dearadh táirgí ní chuirtear inbhuanaitheacht chun cinn go leordhóthanach le linn na saolré iomláine. Dá thoradh sin, tá táirgí á n-athsholáthar go minic, lena mbaineann úsáid shuntasach fuinnimh agus acmhainní chun táirgí nua a tháirgeadh agus a dháileadh agus chun seantáirgí a dhiúscairt. Tá sé ródheacair fós d’oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh roghanna inbhuanaithe a dhéanamh maidir le táirgí ós rud é go bhfuil an fhaisnéis ábhartha nó roghanna inacmhainne chun é sin a dhéanamh in easnamh. Dá thoradh sin cailltear deiseanna i dtaca le hinbhuanaitheacht agus le hoibríochtaí luachchoinneála, leis an éileamh teoranta ar ábhair thánaisteacha agus le bacainní ar ghlacadh samhlacha gnó ciorclacha.
__________________
__________________
26 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Plean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach COM/2020/98 final.
26 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Plean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach COM/2020/98 final.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3 a (nua)
(3a) Tá sé ríthábhachtach amhábhair chriticiúla a bheith ar fáil ar bhealach slán agus leordhóthanach le go n-éireoidh leis an dá aistriú Eorpach, agus tionscal Eorpach iomaíoch á áirithiú ag an am céanna. Tá sé tábhachtach ceanglais chuimsitheacha faisnéise a leagan síos maidir le hábhair, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla, maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais chun go mbainfear amach thorthaí an chur chuige a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2020 maidir le Critical Raw Materials Resilience: Charting a Path towards greater Security and Sustainability1a [Athléimneacht Amhábhar Criticiúil:Conair a leagan síos i dtreo níos mó Slándála agus Inbhuanaitheachta] 1b agus i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2021 maidir le straitéis Eorpach le haghaidh amhábhair chriticiúla1b.
__________________
1a teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Critical Raw Materials Resilience: Charting a Path towards greater Security and Sustainability [Athléimneacht Amhábhar Criticiúil:Conair a leagan síos i dtreo níos mó Slándála agus Inbhuanaitheachta](COM(2020)0474)
(4) I gcás nach bhfuil ann do reachtaíocht ar leibhéal an Aontais, tá cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta ann cheana maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ceanglais faisnéise maidir le fad comhoiriúnachta bogearraí feistí leictreonacha agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le láimhseáil earraí marthanacha gan díol ina measc. Is léiriú é seo gur dócha go mbeidh ilroinnt bhreise sa mhargadh inmheánach de thoradh iarrachtaí breise náisiúnta chun na haidhmeanna atá á saothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú an tráth céanna, tá gá le creat rialála chun ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh táirgí. Leis an Rialachán seo, déanfar an creat sin a chur ar fáil tríd an gcur chuige éicidhearthóireachta a leagadh amach ar dtús i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 is infheidhme maidir leis an réimse is leithne is féidir táirgí.
(4) I gcás nach bhfuil ann do reachtaíocht ar leibhéal an Aontais, tá cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta ann cheana maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ceanglais faisnéise maidir le fad comhoiriúnachta bogearraí feistí leictreonacha agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le láimhseáil earraí marthanacha gan díol ina measc. Is léiriú é seo gur dócha go mbeidh ilroinnt bhreise sa mhargadh inmheánach de thoradh iarrachtaí breise náisiúnta chun na haidhmeanna atá á saothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú an tráth céanna, tá gá le creat rialála uaillmhianach chun ceanglais éicidhearthóireachta a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh táirgí. Leis an Rialachán seo, déanfar an creat sin a chur ar fáil tríd an gcur chuige éicidhearthóireachta a leagadh amach ar dtús i dTreoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 is infheidhme maidir leis an réimse is leithne is féidir táirgí.
__________________
__________________
29 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
29 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Leis an Rialachán seo rannchuideofar le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a chur in oiriúint do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, dramhaíl a laghdú agus a áirithiú gur gnáthchaighdeán í feidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht de réir a chéile. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, ar a n-athúsáid, ar a n-uasghrádaitheacht agus ar a n-indeisitheacht, ar na féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú.
(5) Leis an Rialachán seo, tacófar le patrúin táirgthe agus tomhaltais atá ailínithe le spriocanna inbhuanaitheachta foriomlána an Aontais, lena n-áirítear spriocanna aeráide, comhshaoil, fuinnimh, úsáide acmhainní agus bithéagsúlachta, agus beifear ag fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid, trí chreat reachtach a bhunú lena rannchuideofar le cuimsiú táirgí atá oiriúnach do gheilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, le dramhaíl a laghdú agus lena áirithiú go ndéanfar gnáthchleachtas de réir a chéile d’fheidhmíocht na gceannródaithe san inbhuanaitheacht. Ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir le ceanglais nua éicidhearthóireachta a shocrú chun feabhas a chur ar mharthanacht táirgí, agus chun gur fearr is féidir iad a uasghrádú, a athchúrsáil agus a dheisiú, chun feabhas a chur ar na féidearthachtaí maidir le hathchóiriú agus cothabháil, chun aghaidh a thabhairt ar cheimiceáin ghuaiseacha i dtáirgí, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní na dtáirgí a mhéadú, chun a nginiúint ábhar dramhaíola a bhfuil coinne léi a laghdú agus chun ábhar athchúrsáilte i dtáirgí a mhéadú, agus an tráth céanna feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí a áirithiú, athmhonarú agus athchúrsáil ardcháilíochta a chumasú agus an lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 a (nua)
(5a) Cleachtais a fhágann go dtéann táirgí i léig roimh am nó a fhágann neamhfheidhmiúil iad, bíonn tionchar diúltach acu ar thomhaltóirí, agus bíonn tionchar diúltach acu ar an gcomhshaol mar gheall ar úsáid mhéadaithe ábhair inár ngeilleagar. Chun a áirithiú go mbeidh saolré fhada ag táirgí do thomhaltóirí, chun giniúint dramhaíola a laghdú agus chun rannchuidiú le tomhaltas inbhuanaithe, ba cheart aghaidh a thabhairt sa Rialachán seo ar chleachtais den sórt sin, go háirithe nuair is toradh iad ar roghanna deartha a dhéanann monaróirí, nuair nach gcuirtear nuashonruithe bogearraí nó gabhálais ar fáil laistigh de thréimhse iomchuí ama, nó nuair a bhíonn feidhmiúlacht teoranta ag táirge, agus tomhaltáin, páirteanna spártha nó gabhálais nach soláthraíonn an monaróir bunaidh á n-úsáid ag tomhaltóirí. Ós rud é gur bunchloch í an indeisitheacht le haghaidh saolré fhada do tháirgí, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán freisin nach gcuirfear bac ar dhíchóimeáil na bpríomh-chomhpháirteanna, agus nach mbeidh rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi pháirteanna spártha teoranta do dheisitheoirí údaraithe.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6
(6) Sa Rún uaithi an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘I dtreo margaidh aonair níos inbhuanaithe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí’,30 chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur díol sásaimh di táirgí marthanacha a chur chun cinn, ar táirgí iad atá níos éasca a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Ina thuarascáil maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Nua um an nGeilleagar Ciorclach Nua a glacadh an 16 Feabhra 202131, thacaigh Parlaimint na hEorpa tuilleadh leis an gclár oibre a chuir an Coimisiún i láthair i CEAP. Mheas sí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, gur féidir réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá ann faoi láthair agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19. Ina conclúidí maidir le bheith ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas, a glacadh ar an 11 Nollaig 202032, ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin rún an Choimisiúin tograí reachtacha a chur isteach mar chuid de chreat beartais cuimsitheach, comhtháite agus inbhuanaithe do tháirgí lena gcuirtear neodracht aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach chun cinn, lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí.
(6) Sa Rún uaithi an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘I dtreo margaidh aonair níos inbhuanaithe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí’30, d’iarr Parlaimint na hEorpa go leagfaí amach creat ceart chun a áirithiú go ndéanfaí táirgí marthanacha a tháirgeadh ar táirgí iad a bheadh níos éasca a dheisiú, a athúsáid agus a athchúrsáil , agus cearta breise á gcur ar fáil do thomhaltóirí, lena n-áirítear ceanglais faisnéise agus tréimhsí ráthaíochta dlíthiúla níos faide. Ina rún an 16 Feabhra 2021 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach31, chuir Parlaimint na hEorpa i bhfios go láidir gur cheart táirgí agus ábhair atá inbhuanaithe, ciorclach, sábháilte agus neamhthocsaineach a bheith ina ngnáthchleachtas i margadh an Aontais seachas ina n-eisceacht, agus gur cheart breathnú orthu mar an rogha réamhshocraithe, atá tarraingteach, inacmhainne agus inrochtana do gach tomhaltóir. D’iarr Parlaimint na hEorpa freisin go ndéanfadh spriocanna ceangailteacha an Aontais laghdú suntasach ar loirg ábhair agus tomhaltais an Aontais. Mheas sí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, gur féidir réitigh a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil atá ann faoi láthair agus ar an ngéarchéim eacnamaíoch a tháinig as paindéim COVID-19. Ina conclúidí maidir le bheith ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas, a glacadh ar an 11 Nollaig 202032, ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin rún an Choimisiúin tograí reachtacha a chur isteach mar chuid de chreat beartais cuimsitheach, comhtháite agus inbhuanaithe do tháirgí lena gcuirtear neodracht aeráide, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní agus geilleagar ciorclach neamhthocsaineach chun cinn, lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí.
(8) Leis an Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú freisin le cuspóirí comhshaoil níos leithne an Aontais a bhaint amach. Cumhdaíonn an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil38 i gcreat dlíthiúil cuspóir an Aontais fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid agus sainaithnítear ann coinníollacha cumasúcháin chun cuspóirí tosaíochta a bhaint amach, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach neamhthocsaineach san áireamh. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, iarrtar ar an Aontas freisin faireachán níos fearr a dhéanamh ar thruailliú aeir, uisce, ithreach agus táirgí tomhaltais, agus an truailliú sin a chosc agus a leigheas. Ciallaíonn sé sin nach mór ceimiceáin, ábhair agus táirgí a bheith chomh sábháilte agus chomh hinbhuanaithe agus is féidir ina ndearadh agus le linn a saolré, agus rud a bheidh timthriallta ábhar neamhthocsaineach ina thoradh air39. Ina theannta sin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le CEAP aithnítear go soláthraíonn margadh inmheánach an Aontais mais chriticiúil lenar féidir tionchar a imirt ar chaighdeáin dhomhanda maidir le hinbhuanaitheacht táirgí agus dearadh táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart ról nach beag a bheith ag an Rialachán seo maidir le roinnt spriocanna arna mbunú faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe ‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’40, laistigh agus lasmuigh den Aontas, a bhaint amach.
(8) Leis an Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú freisin le cuspóirí comhshaoil níos leithne an Aontais a bhaint amach. Cumhdaíonn an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil38 i gcreat dlíthiúil cuspóir an Aontais fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid agus sainaithnítear ann coinníollacha cumasúcháin chun cuspóirí tosaíochta a bhaint amach, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach neamhthocsaineach san áireamh. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, iarrtar ar an Aontas freisin faireachán níos fearr a dhéanamh ar thruailliú aeir, uisce, ithreach agus táirgí tomhaltais, agus an truailliú sin a chosc agus a leigheas. Ciallaíonn sé sin nach mór ceimiceáin, ábhair agus táirgí a bheith sábháilte agus inbhuanaithe anois nó amach anseo ina ndearadh agus le linn a saolré, agus rud a bheidh timthriallta ábhar neamhthocsaineach ina thoradh air39. Ina theannta sin, leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le CEAP aithnítear go soláthraíonn margadh inmheánach an Aontais mais chriticiúil lenar féidir tionchar a imirt ar chaighdeáin dhomhanda maidir le hinbhuanaitheacht táirgí agus dearadh táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart ról nach beag a bheith ag an Rialachán seo maidir le roinnt spriocanna arna mbunú faoi Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe ‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’40, laistigh agus lasmuigh den Aontas, a bhaint amach.
__________________
__________________
38 Cinneadh (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 [Cuir isteach tagairt nuair a fhoilseofar in IO é – comhaontú tríthaobhach an 2 Nollaig 2021].
38 Cinneadh (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 [Cuir isteach tagairt nuair a fhoilseofar in IO é – comhaontú tríthaobhach an 2 Nollaig 2021].
39 Mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Aontais i dtreo neamh-thruailliú le haghaidh aeir, uisce agus ithreach (COM(2021)400 final) agus an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (COM(2020)667 final), ina n-iarrtar na spriocanna nialasacha maidir le truailliú a bhaint amach i dtáirgeadh agus i dtomhaltas.
39 Mar a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta an Aontais i dtreo neamh-thruailliú le haghaidh aeir, uisce agus ithreach (COM(2021)400 final) agus an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (COM(2020)667 final), ina n-iarrtar na spriocanna nialasacha maidir le truailliú a bhaint amach i dtáirgeadh agus i dtomhaltas.
40 Lena n-áirítear spriocanna faoi SDG 12 go háirithe (‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’).
40 Lena n-áirítear spriocanna faoi SDG 12 go háirithe (‘Tomhaltas agus táirgeacht freagrach’).
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 a (nua)
(12a) Bíonn ról ar leith ag an earnáil athláimhe maidir le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear samhlacha gnó ciorclacha nua a fhorbairt. De bharr shainiúlachtaí na hearnála sin, atá bunaithe ar shaolré táirge a dhéanamh níos faide agus ar gan dramhail a dhéanamh de, níor cheart táirgí athláimhe, go háirithe táirgí a ndéantar athchóiriú nó deisiú orthu, ar táirgí de thionscnamh an Aontais iad, a mheas mar tháirgí nua a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís agus níor cheart, dá bhrí sin, gur ghá ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh leo. Ba cheart táirgí dara láimhe a allmhairítear ó thríú tíortha a bheith i gcomhréir le ceanglais éicidhearthóireachta, ach ba cheart go bhféadfaí iad a dhíolmhú ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13
(13) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. I bprionsabal, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais éicidhearthóireachta sin maidir le grúpaí sonracha táirgí, amhail meaisíní níocháin nó meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí. Chun éifeachtacht na gceanglas éicidhearthóireachta a uasmhéadú agus chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú go héifeachtúil, ba cheart a bheith in ann ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta amháin nó níos mó a leagan amach le haghaidh réimse níos leithne de ghrúpaí táirgí, amhail fearais leictreonacha nó teicstílí. Ba cheart ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a bhunú i gcás ina bhfágann cosúlachtaí teicniúla grúpaí táirgí gur féidir feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil bunaithe ar na ceanglais chéanna.
(13) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú agus chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. I bprionsabal, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais éicidhearthóireachta sin maidir le grúpaí sonracha táirgí, amhail meaisíní níocháin nó meaisíní níocháin agus niteoir-triomadóirí. Chun éifeachtacht na gceanglas éicidhearthóireachta a uasmhéadú agus chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú go héifeachtúil, ba cheart a bheith in ann ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta amháin nó níos mó a leagan amach le haghaidh réimse níos leithne de ghrúpaí táirgí, amhail fearais leictreonacha nó teicstílí. Ba cheart ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a bhunú i gcás ina bhfágann cosúlachtaí teicniúla grúpaí táirgí gur féidir feabhas a chur ar a n-inbhuanaitheacht comhshaoil bunaithe ar na ceanglais chéanna. Tá sé tábhachtach go bhforbrófaí ceanglais chothrománacha go háirithe maidir le marthanacht agus indeisitheacht. Ba cheart dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun dul in oiriúint do cheanglais nua éicidhearthóireachta. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sna ceanglais chothrománacha sin na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol a eascraíonn as úsáid a bhaint as comhluchtaire amháin le haghaidh roinnt táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart go gceanglófaí ar ghrúpaí táirgí a bhfuil cosúlachtaí teicniúla eatarthu a bheith feistithe le luchtairí coiteanna.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14
(14) Chun go mbeidh an Coimisiún in ann ceanglais a shocrú de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear, ba cheart ceanglais feidhmíochta agus faisnéise a áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta. Ba cheart na ceanglais sin a úsáid chun feabhas a chur ar ghnéithe táirgí atá ábhartha d’inbhuanaitheacht comhshaoil, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht, indeisitheacht agus an lorg carbóin agus comhshaoil. Ba cheart na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta.
(14) Chun go mbeidh an Coimisiún in ann ceanglais a shocrú de réir mar is iomchuí le haghaidh na ngrúpaí táirgí a chumhdaítear, ba cheart ceanglais feidhmíochta agus faisnéise a áireamh sna ceanglais éicidhearthóireachta. Ba cheart na ceanglais sin a úsáid chun feabhas a chur ar ghnéithe táirgí ábhartha maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht, indeisitheacht, in-athúsáidteacht, in-athchúrsáilteacht, agus an lorg carbóin agus comhshaoil. Ba cheart na ceanglais éicidhearthóireachta a bheith trédhearcach, oibiachtúil, comhréireach agus i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta. Ba cheart na ceanglais sin a bheith bunaithe freisin ar na paraiméadair táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus, agus iad á socrú, ba cheart don Choimisiún cuspóirí an Aontais a chur san áireamh i réimsí na haeráide, an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta, na héifeachtúlachta fuinnimh agus na slándála acmhainní. Ba cheart go rannchuideodh na ceanglais sin le laghdú a dhéanamh ar loirg chomhshaoil, ábhair agus tomhaltais an Aontais chun iad a thabhairt laistigh de theorainneacha an phláinéid a luaithe is féidir.
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15
(15) A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta i gcás grúpa táirgí ar leith, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ceanglais feidhmíochta náisiúnta a shocrú a thuilleadh bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear faoi na ceanglais feidhmíochta sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin, agus níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh ceanglais faisnéise náisiúnta a shocrú bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear leis na ceanglais faisnéise sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún a shuíomh nach bhfuil gá le ceanglais éicidhearthóireachta i bhfoirm ceanglas feidhmíochta agus/nó i bhfoirm ceanglas faisnéise i ndáil le paraiméadar sonrach táirge.
(15) A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta i gcás grúpa táirgí ar leith, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ceanglais feidhmíochta náisiúnta a shocrú a thuilleadh bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear faoi na ceanglais feidhmíochta sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin, agus níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh ceanglais faisnéise náisiúnta a shocrú bunaithe ar pharaiméadair táirgí a chumhdaítear leis na ceanglais faisnéise sin a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún a shuíomh nach bhfuil gá le ceanglais éicidhearthóireachta i bhfoirm ceanglas feidhmíochta agus/nó i bhfoirm ceanglas faisnéise i ndáil le paraiméadar sonrach táirge. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh i gcás ina gcinneann sé gan ceanglais feidhmíochta nó faisnéise a leagan síos.
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17
(17) Chun dúbláil iarrachtaí agus ualach rialála a sheachaint, ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht eile de chuid an Aontais nó dá bun, go háirithe an reachtaíocht maidir le táirgí, ceimiceáin agus dramhaíl51. Mar sin féin, le cumhachtuithe faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais chun ceanglais a shocrú ag a bhfuil na héifeachtaí céanna nó comhchosúla leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ní chuirtear teorainn leis na cumhachtuithe a áirítear sa Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.
(17) Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir an Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht eile de chuid an Aontais nó dá bun, go háirithe an reachtaíocht maidir le táirgí, ceimiceáin, pacáistíocht agus dramhaíl.51. Mar sin féin, le cumhachtuithe faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais chun ceanglais a shocrú ag a bhfuil na héifeachtaí céanna nó comhchosúla leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ní chuirtear teorainn leis na cumhachtuithe a áirítear sa Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo.
__________________
__________________
51 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach dar teideal on the implementation of the circular economy package - options to address the interface between chemical, product and waste legislation [Maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach: roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an reachtaíocht maidir le ceimiceáin, táirgí agus dramhaíl] (COM(2018) 32 final).
51 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach dar teideal on the implementation of the circular economy package - options to address the interface between chemical, product and waste legislation [Maidir le cur chun feidhme an phacáiste um an ngeilleagar ciorclach: roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an reachtaíocht maidir le ceimiceáin, táirgí agus dramhaíl] (COM(2018) 32 final).
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 19
(19) Chun éagsúlacht na dtáirgí a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún na modhanna a roghnú chun measúnú a dhéanamh ar shocrú na gceanglas éicidhearthóireachta agus, de réir mar is iomchuí, iad a fhorbairt a thuilleadh bunaithe ar chineál an táirge, ar na gnéithe is ábhartha de agus ar a thionchar le linn a shaolré. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an taithí atá aige measúnú a dhéanamh ar leagan amach na gceanglas faoi Threoir 2009/125/CE agus ar na hiarrachtaí leanúnacha chun uirlisí measúnaithe eolaíochtbhunaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, amhail an mhodheolaíocht d’éicidhearthóireacht táirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt cothrom le dáta, agus an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún56, lena n-áirítear maidir le stóráil shealadach carbóin, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear éifeachtúlacht ábhartha táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ag cur leis na huirlisí sin agus ag baint úsáide as staidéir thiomnaithe nuair is gá, ba cheart don Choimisiún treisiú breise a dhéanamh ar ghnéithe ciorclaíochta (amhail marthanacht, indeisitheacht, córas scórála deisithe san áireamh, sainaithint ceimiceán a chuireann bac ar athúsáid agus ar athchúrsáil) maidir le measúnú a dhéanamh ar tháirgí agus maidir le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, agus ba cheart dó modhanna nó uirlisí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige nua a bheith ag teastáil freisin chun critéir éigeantacha um sholáthar poiblí a ullmhú agus chun cosc a chur ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú.
(19) Chun éagsúlacht na dtáirgí a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún na modhanna a roghnú chun measúnú a dhéanamh ar shocrú na gceanglas éicidhearthóireachta agus, de réir mar is iomchuí, iad a fhorbairt a thuilleadh bunaithe ar chineál an táirge, ar na gnéithe is ábhartha de agus ar a thionchar le linn a shaolré. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an taithí atá aige measúnú a dhéanamh ar leagan amach na gceanglas faoi Threoir 2009/125/CE agus ar na hiarrachtaí leanúnacha chun uirlisí measúnaithe eolaíochtbhunaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, amhail an mhodheolaíocht d’éicidhearthóireacht táirgí a bhaineann le fuinneamh a thabhairt cothrom le dáta, agus an modh tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún56, lena n-áirítear maidir le stóráil shealadach carbóin, chomh maith le caighdeáin a fhorbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha um chaighdeánú, lena n-áirítear éifeachtúlacht ábhartha táirgí a bhaineann le fuinneamh, chomh maith le réimse na hinnealtóireachta leictrí. Ag cur leis na huirlisí sin agus ag baint úsáid as staidéir thiomnaithe nuair is gá, ba cheart don Choimisiún gnéithe ciorclaíochta a threisiú tuilleadh (amhail marthanacht, indeisitheacht lena n-áirítear scóráil indeisitheachta, in-athchúrsáilteacht, in-athúsáidteacht, sainaithint ceimiceán a chuireann bac ar athúsáid agus athchúrsáil) agus measúnú á dhéanamh ar tháirgí, i gcomhréir le cur chuige saolré d’fhonn ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, agus ba cheart dó modhanna nó uirlisí nua a fhorbairt i gcás inarb iomchuí. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige nua a bheith ag teastáil freisin chun critéir éigeantacha um sholáthar poiblí a ullmhú agus chun cosc a chur ar tháirgí tomhaltais gan díol a dhíothú.
__________________
__________________
56 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl.
56 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht comhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 20
(20) Ba cheart baint a bheith ag na ceanglais feidhmíochta le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha don ghné táirge spriocdhírithe a sainaithníodh go bhféadfaí inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú ina leith. Féadfar a áireamh ar na ceanglais sin íosleibhéil nó uasleibhéil feidhmíochta i ndáil le paraiméadar an táirge, ceanglais neamhchainníochtúla arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht i ndáil le paraiméadar an táirge, nó ceanglais a bhaineann le feidhmíocht fheidhmiúil an táirge chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag na ceanglais feidhmíochta roghnaithe ar chumas an táirge an fheidhm ar ceapadh agus ar margaíodh é lena haghaidh a chomhlíonadh. Maidir le híosleibhéil nó le huasleibhéil, féadfaidh siad, mar shampla, a bheith i bhfoirm teorann ar thomhaltas fuinnimh sa chéim úsáide nó i bhfoirm cainníochtaí ábhair ar leith a ionchorpraítear sa táirge, i bhfoirm ceanglas maidir le híoschainníochtaí d’ábhar athchúrsáilte, nó i bhfoirm teorann ar chatagóir shonrach tionchair ar an gcomhshaol nó i bhfoirm comhiomlánaithe de na tionchair ábhartha uile ar an gcomhshaol. Sampla de cheanglas neamhchainníochtúil is ea an toirmeasc ar réiteach teicniúil sonrach a dhéanann dochar d’indeisitheacht an táirge. Úsáidfear ceanglais feidhmíochta chun a áirithiú go mbainfear na táirgí is neamhfheidhmiúla den mhargadh i gcás inar gá sin chun cur le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin.
(20) Ba cheart baint a bheith ag na ceanglais feidhmíochta le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha don ghné táirge spriocdhírithe a sainaithníodh go bhféadfaí inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú ina leith. Féadfar a áireamh ar na ceanglais sin íosleibhéil nó uasleibhéil feidhmíochta i ndáil le paraiméadar an táirge, ceanglais neamhchainníochtúla arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht i ndáil le paraiméadar an táirge, nó ceanglais a bhaineann le feidhmíocht fheidhmiúil an táirge chun a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag na ceanglais feidhmíochta roghnaithe ar chumas an táirge an fheidhm ar ceapadh agus ar margaíodh é lena haghaidh a chomhlíonadh. Maidir le híosleibhéil nó le huasleibhéil, féadfaidh siad, mar shampla, a bheith i bhfoirm teorann ar thomhaltas fuinnimh sa chéim úsáide nó i bhfoirm cainníochtaí ábhair ar leith a ionchorpraítear sa táirge, i bhfoirm ceanglas maidir le híoschainníochtaí d’ábhar athchúrsáilte, agus infhaighteacht ábhar athchúrsáilte á cur san áireamh, nó i bhfoirm teorann ar chatagóir shonrach tionchair ar an gcomhshaol nó i bhfoirm comhiomlánaithe de na tionchair ábhartha uile ar an gcomhshaol. Sampla de cheanglas neamhchainníochtúil is ea an toirmeasc ar réiteach teicniúil sonrach a dhéanann dochar d’indeisitheacht an táirge. Úsáidfear ceanglais feidhmíochta chun a áirithiú go mbainfear na táirgí is neamhfheidhmiúla den mhargadh agus chun bogadh de réir a chéile chuig na táirgí is fearr feidhmíocht i gcás inar gá sin chun rannchuidiú le cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin. Ba cheart go ndéanfaí breathnú sa Rialachán seo freisin ar úsáid a bhaint as ábhar in-athnuaite arna bhfoinsiú go hinbhuanaithe i dtáirgí agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar scaoileadh nanaphlaisteach agus micreaphlaisteach.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 22
(22) Is gné aitheanta d’inbhuanaitheacht táirge í an tsábháilteacht cheimiceach. Tá sí bunaithe ar ghuaiseacha intreacha ceimiceán ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol in éineacht le nochtadh sonrach nó cineálach, agus tugtar aghaidh uirthi le reachtaíocht ceimiceán, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59, Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60, Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle61 agus Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle62. Níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú bunaithe ar shábháilteacht cheimiceach, mar a rinneadh faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia. Le dlí an Aontais maidir le ceimiceáin agus bia, áfach, ní cheadaítear aghaidh a thabhairt, trí shrianta ar shubstaintí áirithe, ar thionchair ar inbhuanaitheacht nach mbaineann le sábháilteacht cheimiceach ná le sábháilteacht bia. D’fhonn an teorannú sin a shárú, ba cheart a cheadú leis an Rialachán seo, faoi choinníollacha áirithe, srian a chur, go príomha ar chúiseanna seachas sábháilteacht cheimiceach nó sábháilteacht bia, ar shubstaintí atá i dtáirgí nó a úsáidtear ina bpróisis mhonaraíochta agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar inbhuanaitheacht táirgí. Níor cheart dúbláil ná ionadú srianta ar shubstaintí a chumhdaítear le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle63 a bheith mar thoradh ar an Rialachán seo ach oiread, Treoir a bhfuil sé mar chuspóir aici sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear aisghabháil agus diúscairt dramhaíola ó threalamh leictreach agus leictreonach arna ndéanamh ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de.
(22) Is gné aitheanta d’inbhuanaitheacht táirge í an tsábháilteacht cheimiceach. Tá sí bunaithe ar ghuaiseacha intreacha ceimiceán ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol in éineacht le nochtadh sonrach nó cineálach, agus tugtar aghaidh uirthi le reachtaíocht ceimiceán, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59, Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60, Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle61 agus Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle62. Níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú bunaithe ar shábháilteacht cheimiceach, mar a rinneadh faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mura rud é go bhfuil riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, ar riosca é a eascraíonn as úsáid substainte atá sa táirge nó sa chomhpháirt táirge nuair a chuirtear ar an margadh í nó le linn chéimeanna a shaolré ina dhiaidh sin. Níor cheart don Rialachán seo srianadh substaintí a chumasú ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia. Le dlí an Aontais maidir le ceimiceáin agus bia, áfach, ní cheadaítear aghaidh a thabhairt, trí shrianta ar shubstaintí áirithe, ar thionchair ar inbhuanaitheacht nach mbaineann le sábháilteacht cheimiceach ná le sábháilteacht bia. D’fhonn an teorannú sin a shárú, ba cheart a cheadú leis an Rialachán seo, faoi choinníollacha áirithe, srian a chur ar shubstaintí atá i dtáirgí a mbíonn tionchar diúltach acu ar inbhuanaitheacht táirgí. Ba cheart go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo, i gcás inar gá, srianta ar shubstaintí a chumhdaítear le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle63, a bhfuil sé mar chuspóir aici sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear aisghabháil agus diúscairt dramhaíola ó threalamh leictreach agus leictreonach ar bhealach neamhdhíobhálach don chomhshaol, ach níor cheart dúbláil ná ionadú na srianta sin a bheith mar thoradh air.
__________________
__________________
58 Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).
58 Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).
59 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpaighch Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.).
59 Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpaighch Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.).
60 Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
60 Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
61 Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
61 Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
62 Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
62 Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
63 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).
63 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 23
(23) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ba cheart baint a bheith ag ceanglais faisnéise le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha do ghné an táirge, amhail lorg comhshaoil an táirge nó a mharthanacht. Féadfaidh siad a cheangal ar an monaróir faisnéis a chur ar fáil maidir le feidhmíocht an táirge i ndáil le paraiméadar roghnaithe táirge nó faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun feidhmíocht a fheabhsú i ndáil le paraiméadar den sórt sin. Ba cheart ceanglais faisnéise den sórt sin a shocrú sa bhreis ar na ceanglais feidhmíochta ar an bparaiméadar táirge céanna, nó ina n-ionad, de réir mar is iomchuí. I gcás ina n-áirítear ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe, ba cheart a shonrú ann an modh chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil, amhail í a chur ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, ar phas táirge nó ar lipéad táirge. Tá gá le ceanglais faisnéise le go dtarlóidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. Trí bhonn láidir a chur ar fáil do cheannaitheoirí agus d’údaráis phoiblí chun táirgí a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn a n-inbhuanaitheachta comhshaoil, táthar ag súil go gcuirfidh na ceanglais faisnéise dlús le tomhaltóirí agus le húdaráis phoiblí i dtreo roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh.
(23) Chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú, ba cheart baint a bheith ag ceanglais faisnéise le paraiméadar táirge roghnaithe atá ábhartha do ghné an táirge, amhail lorg comhshaoil agus carbóin an táirge agus a mharthanacht. Ba cheart dóibh a cheangal ar an monaróir faisnéis a chur ar fáil maidir le feidhmíocht an táirge i ndáil le paraiméadar roghnaithe táirge nó faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun feidhmíocht a fheabhsú i ndáil le paraiméadar den sórt sin. Ba cheart ceanglais faisnéise den sórt sin a shocrú sa bhreis ar na ceanglais feidhmíochta ar an bparaiméadar táirge céanna, nó ina n-ionad, de réir mar is iomchuí. Tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh gan ach ceanglais faisnéise a leagan síos in ionad ceanglais feidhmíochta. I gcás ina n-áirítear ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe, ba cheart a shonrú ann an modh chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana go héasca, amhail í a chur ar shuíomh gréasáin saor-rochtana, ar phas táirge nó ar lipéad táirge. Ba cheart faisnéis bhunriachtanach a bhaineann le sláinte, sábháilteacht agus cearta úsáideoirí deiridh a sholáthar do thomhaltóirí i gcónaí trí mhodhanna fisiceacha agus ba cheart rochtain a bheith uirthi trí iompróir sonraí atá ar an táirge. Tá gá le ceanglais faisnéise le go dtarlóidh an t-athrú iompraíochta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Rialacháin seo. Ba cheart faisnéis atá ábhartha do chinneadh ceannaigh feasach a chur ar fáil don tomhaltóir sula gceannaítear an táirge. Trí bhonn láidir a chur ar fáil do cheannaitheoirí agus d’údaráis phoiblí chun táirgí a chur i gcomparáid le chéile ar bhonn a n-inbhuanaitheachta comhshaoil, táthar ag súil go gcuirfidh na ceanglais faisnéise dlús le tomhaltóirí agus le húdaráis phoiblí i dtreo roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 24
(24) I gcás ina mbeidh ceanglais faisnéise sna gníomhartha tarmligthe, féadfaidh siad ina theannta sin aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil le paraiméadar táirge ábhartha amháin nó níos mó, d’fhonn comparáid idir táirgí ar bhonn an pharaiméadair sin a éascú. Le haicmí feidhmíochta, ba cheart a bheith in ann táirgí a dhifreáil bunaithe ar a n-inbhuanaitheacht choibhneasta agus d’fhéadfadh tomhaltóirí agus údaráis phoiblí araon iad a úsáid. Dá réir sin, tá sé i gceist leo an margadh a chur chun cinn i dtreo táirgí níos inbhuanaithe.
(24) I gcás ina mbeidh ceanglais faisnéise sna gníomhartha tarmligthe, féadfaidh siad ina theannta sin aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil le paraiméadar táirge ábhartha amháin nó níos mó, d’fhonn comparáid idir táirgí ar bhonn an pharaiméadair sin a éascú. Le haicmí feidhmíochta, ba cheart a bheith in ann táirgí a dhifreáil bunaithe ar a n-inbhuanaitheacht choibhneasta agus d’fhéadfadh tomhaltóirí agus údaráis phoiblí araon iad a úsáid. Dá réir sin, tá sé i gceist leo an margadh a chur chun cinn i dtreo táirgí níos inbhuanaithe gan cur as don fheidhmiúlacht. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag ceanglais faisnéise i dtaca le marthanacht agus indeisitheacht táirgí maidir le tomhaltóirí agus iad ag gabháil do phatrúin tomhaltais inbhuanaithe, ba cheart go bhféadfaí scóir indeisitheachta a bhunú leis an Rialachán seo.
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán seo. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart an pas táirge a bheith ina chabhair le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh, trí ghníomhaithe eile slabhra luacha, amhail deisitheoirí nó lucht athchúrsála, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha chun rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, agus trína chur ar a gcumas d’údaráis inniúla náisiúnta a ndualgais a chomhlíonadh. Chun na críche sin, níor cheart an pas táirge a ionadú ach comhlánú a dhéanamh ar na foirmeacha neamhdhigitiúla a bhaineann le faisnéis a tharchur, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais.
(26) Ba cheart an ceanglas maidir le pas táirge a chur ar fáil a bheith san áireamh sna ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach faoin Rialachán seo. Is uirlis thábhachtach é an pas táirge chun faisnéis a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine agus ba cheart feabhas suntasach a theacht ar inrianaitheacht táirge ó cheann go ceann ar feadh a shlabhra luacha má tá pas táirge ar fáil. I measc nithe eile, ba cheart go gcuideodh an pas táirgí le tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar tháirgí ábhartha, a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha agus do ghníomhaithe eile sa slabhra luacha, amhail deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí nó athchúrsálaithe rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha agus a chur ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta a gcuid dualgas a chomhlíonadh, gan cosaint faisnéise rúnda gnó a chur i mbaol. Chuige sin, níor cheart don phas táirge foirmeacha neamhdhigiteacha tarchurtha faisnéise a ionadú, ach ba cheart é iad a chomhlánú, amhail faisnéis sa lámhleabhar táirge nó ar an lipéad. Ina theannta sin, ba cheart a bheith ábalta an pas táirge a úsáid le haghaidh faisnéis faoi ghnéithe inbhuanaitheachta eile is infheidhme maidir leis an ngrúpa táirgí ábhartha de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais.
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 27
(27) Chun cineál an táirge agus a mhargadh a chur san áireamh, ba cheart an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge a scrúdú go cúramach ar bhonn cás ar chás agus rialacha a bhaineann go sonrach leis an táirge á n-ullmhú. Chun rochtain ar an bhfaisnéis a eascraíonn as sin a bharrfheabhsú agus cearta maoine intleachtúla á gcosaint an tráth céanna, ní mór an pas táirge a cheapadh agus a chur chun feidhme le go gceadófar rochtain dhifreáilte ar an bhfaisnéis a chuimsítear sa phas táirge ag brath ar chineál na faisnéise agus ar thíopeolaíocht na bpáirtithe leasmhara. Ar an gcaoi chéanna, chun costais atá ar chuideachtaí agus ar an bpobal a sheachaint, ar costais iad a bheadh díréireach leis na sochair níos leithne, ba cheart baint shonrach a bheith ag an bpas táirge leis an tsamhail ítime, bhaisce nó táirge, ag brath, mar shampla, ar chastacht an tslabhra luacha, ar mhéid, ar chineál nó ar thionchair na dtáirgí a bhreithnítear.
(27) Chun cineál an táirge agus a mhargadh a chur san áireamh, ba cheart an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge a scrúdú go cúramach ar bhonn cás ar chás agus rialacha a bhaineann go sonrach leis an táirge á n-ullmhú, agus aird á tabhairt ar chásanna na n-ítimí uathúla agus ar chosaint faisnéise rúnda gnó. Chun rochtain ar an bhfaisnéis a eascraíonn as sin a bharrfheabhsú agus cearta maoine intleachtúla á gcosaint an tráth céanna, ní mór an pas táirge a cheapadh agus a chur chun feidhme le go gceadófar rochtain dhifreáilte ar an bhfaisnéis a chuimsítear sa phas táirge ag brath ar chineál na faisnéise agus ar thíopeolaíocht na bpáirtithe leasmhara. Ar an gcaoi chéanna, chun costais atá ar chuideachtaí agus ar an bpobal a sheachaint, ar costais iad a bheadh díréireach leis na sochair níos leithne, ba cheart baint shonrach a bheith ag an bpas táirge leis an tsamhail ítime, bhaisce nó táirge, ag brath, mar shampla, ar chastacht an tslabhra luacha, ar mhéid, ar chineál nó ar thionchair na dtáirgí a bhreithnítear. Ba cheart go mbeadh an pas táirge ar fáil ar feadh saolré ionchasach táirge ar leith ar a laghad, ach ba cheart corrlach leordhóthanach a bheith ann chun a áirithiú go mbeadh an pas táirge ar fáil i gcásanna ina maireann an táirge níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis.
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28
(28) D’fhonn idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart na cineálacha iompróirí sonraí ceadaithe a shonrú. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an t-iompróir sonraí agus an t-aitheantóir táirge uathúil a scaoileadh i gcomhréir le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú trí chaighdeáin a ionadú nó a chur isteach, ar caighdeáin iad ar i gcomhréir leo a fhéadfar an t-iompróir sonraí agus na haitheantóirí uathúla a scaoileadh, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil nó eolaíoch. Ba cheart a áirithiú leis sin go bhféadfaidh gach oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis atá sa phas táirge a thaifeadadh agus a tharchur, chomh maith le comhoiriúnacht an aitheantóra uathúil le comhpháirteanna seachtracha amhail gairis scanacháin a ráthú.
(28) D’fhonn idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart na cineálacha iompróirí sonraí ceadaithe a shonrú. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an t-iompróir sonraí agus an t-aitheantóir táirge uathúil a scaoileadh i gcomhréir le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Ba cheart do na sonraí a bheith inaistrithe trí ghréasán malartaithe sonraí oscailte idir-inoibritheach gan an díoltóir a ghaibhniú. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú trí chaighdeáin a ionadú nó a chur isteach, ar caighdeáin iad ar i gcomhréir leo a fhéadfar an t-iompróir sonraí agus na haitheantóirí uathúla a scaoileadh, i bhfianaise dul chun cinn teicniúil nó eolaíoch. Ba cheart a áirithiú leis sin go bhféadfaidh gach oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis atá sa phas táirge a thaifeadadh agus a tharchur, chomh maith le comhoiriúnacht an aitheantóra uathúil le comhpháirteanna seachtracha amhail gairis scanacháin a ráthú.
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 29
(29) Chun nach gcuirfear moill gan ghá ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta seachas ar an bpas táirge nó chun a áirithiú gur féidir pasanna táirge a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla ar fáil i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i gcomhair dhearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge. Ar an gcaoi chéanna, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar oibreoir eacnamaíoch a chosc, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás ina bhfuil córas ann cheana féin i ndlí eile de chuid an Aontais chun faisnéis faoin táirge a sholáthar go digiteach lena gceadófaí do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge ábhartha agus lena n-éascófaí fíorú ar chomhlíontacht leis an táirge ag údaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na díolúintí sin agus aird á tabhairt ar infhaighteacht bhreise sonraíochtaí teicniúla.
(29) Chun nach gcuirfear moill gan ghá ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta seachas ar an bpas táirge nó chun a áirithiú gur féidir pasanna táirge a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás nach bhfuil sonraíochtaí teicniúla ar fáil i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha i gcomhair dhearadh agus oibriú teicniúil an phas táirge. Ar an gcaoi chéanna, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar oibreoir eacnamaíoch a chosc, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún grúpaí táirgí a dhíolmhú d’eisceacht ó na ceanglais maidir le pasanna táirge i gcás ina bhfuil córas ann cheana féin i ndlí eile de chuid an Aontais chun faisnéis faoin táirge a sholáthar go digiteach lena gceadófaí do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge ábhartha agus lena n-éascófaí fíorú ar chomhlíontacht leis an táirge ag údaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na díolúintí sin agus aird á tabhairt ar infhaighteacht bhreise sonraíochtaí teicniúla agus deireadh a chur leo i gcás inarb féidir.
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 33
(33) Chun rolladh amach éifeachtach an phas táirge a áirithiú, ba cheart dearadh teicniúil, ceanglais sonraí agus oibriú an phas táirge a bheith i gcomhréir le tacar ceanglas teicniúil riachtanach. Le ceanglais den sórt sin ba cheart bonn a sholáthar chun an pas táirge a imscaradh go comhsheasmhach thar earnálacha. Ba cheart sonraíochtaí teicniúla a bhunú chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas fíor-riachtanach sin a áirithiú, i bhfoirm an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear san Iris Oifigiúil nó, mar rogha chúltaca, sonraíocht choiteann arna glacadh ag an gCoimisiún. Leis an dearadh teicniúil, ba cheart a áirithiú go mbeidh sonraí á n-iompar ar an bpas táirge ar bhealach slán, agus rialacha príobháideachais á n-urramú. Forbrófar an pas táirge digiteach i gcomhphlé oscailte le comhpháirtithe idirnáisiúnta, chun a dtuairimí a chur san áireamh agus sonraíochtaí teicniúla á bhforbairt agus chun a áirithiú go gcuideoidh siad le deireadh a chur le bacainní trádála ar tháirgí níos glaise agus le costais a ísliú d’infheistíochtaí, do mhargaíocht agus do chomhlíontacht inbhuanaithe. Chun go bhféadfar iad a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais theicniúla a bhaineann le hinrianaitheacht ar fud an tslabhra luacha a fhorbairt, a mhéid is féidir, bunaithe ar chur chuige comhthoiliúil agus ar rannpháirtíocht, ceannach isteach agus comhoibriú éifeachtach tacar éagsúil gníomhaithe, lena n-áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, comhlachais tionscail, eagraíochtaí tomhaltóirí, saineolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear geilleagair i mbéal forbartha.
(33) Chun rolladh amach éifeachtach an phas táirge a áirithiú, ba cheart dearadh teicniúil, ceanglais sonraí agus oibriú an phas táirge a bheith i gcomhréir le tacar ceanglas teicniúil riachtanach. Le ceanglais den sórt sin ba cheart bonn a sholáthar chun an pas táirge a imscaradh go comhsheasmhach thar earnálacha. Ba cheart sonraíochtaí teicniúla a bhunú chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas fíor-riachtanach sin a áirithiú, i bhfoirm an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear san Iris Oifigiúil nó, mar rogha chúltaca, sonraíocht choiteann arna glacadh ag an gCoimisiún. Leis an dearadh teicniúil, ba cheart a áirithiú go mbeidh sonraí á n-iompar ar an bpas táirge ar bhealach slán, agus rialacha príobháideachais á n-urramú. Forbrófar an pas táirge digiteach i gcomhphlé oscailte le comhpháirtithe idirnáisiúnta, chun a dtuairimí a chur san áireamh agus sonraíochtaí teicniúla á bhforbairt agus chun a áirithiú go gcuideoidh siad le deireadh a chur le bacainní trádála ar tháirgí níos glaise a bhfuil saolré fadaithe agus ciorclaíocht acu, chun costais a ísliú d’infheistíochtaí, do mhargaíocht agus do chomhlíontacht inbhuanaithe agus chun tacú leis an nuálaíocht. Chun go bhféadfar iad a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais theicniúla a bhaineann le hinrianaitheacht ar fud an tslabhra luacha a fhorbairt, a mhéid is féidir, bunaithe ar chur chuige comhthoiliúil agus ar rannpháirtíocht, ceannach isteach agus comhoibriú éifeachtach tacar éagsúil gníomhaithe, lena n-áirítear comhlachtaí um chaighdeánú, comhlachais tionscail, gnólachtaí nuathionscanta, eagraíochtaí tomhaltóirí, saineolaithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear geilleagair i mbéal forbartha.
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 35
(35) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla laistigh de na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle66. Aon phróiseáil a dhéanfaidh an Coimisiún ar shonraí pearsanta, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle67.
(35) Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla laistigh de na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle66, agus aird ar leith á tabhairt ar phrionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Aon phróiseáil a dhéanfaidh an Coimisiún ar shonraí pearsanta, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle67. Níor cheart sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh a stóráil sa phas táirge digiteach.
__________________
__________________
66 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
66 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
67 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
67 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 39
(39) Chun tomhaltóirí a spreagadh i dtreo roghanna níos inbhuanaithe, ba cheart faisnéis a sholáthar ar lipéid, nuair a cheanglaítear sin leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, lena gceadófaí comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí, mar shampla trí aicmí feidhmíochta a léiriú. I gcomhair tomhaltóirí go sonrach, is féidir le lipéid fhisiceacha a bheith ina bhfoinse bhreise faisnéise ag an áit díolacháin. Is féidir leo bonn tapa amhairc a sholáthar do thomhaltóirí chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a bhfeidhmíocht i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó tacar paraiméadar táirge. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, rochtain a cheadú leo ar fhaisnéis bhreise trí thagairtí sonracha a bheith orthu amhail seoltaí suíomhanna gréasáin, cóid dhinimiciúla QR, naisc chuig lipéid ar líne nó aon mhodh iomchuí atá dírithe ar an tomhaltóir. Ba cheart don Choimisiún a leagan amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha an bealach is éifeachtaí chun lipéid den sórt sin a thaispeáint, lena n-áirítear iad a thaispeáint i gcás ciandíolachán ar líne, agus na himpleachtaí le haghaidh custaiméirí agus oibreoirí eacnamaíocha agus saintréithe na dtáirgí lena mbaineann á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh freisin go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge.
(39) Chun tomhaltóirí a spreagadh i dtreo roghanna inbhuanaithe, ba cheart faisnéis shoiléir shothuigthe a sholáthar ar lipéid, nuair a cheanglaítear sin leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, lena gceadófaí comparáid éifeachtach a dhéanamh idir táirgí, mar shampla trí aicmí feidhmíochta a léiriú. I gcomhair tomhaltóirí go sonrach, is féidir le lipéid fhisiceacha a bheith ina bhfoinse bhreise faisnéise ag an áit díolacháin. Is féidir leo bonn tapa amhairc a sholáthar do thomhaltóirí chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí bunaithe ar a bhfeidhmíocht i ndáil le paraiméadar sonrach táirge nó tacar paraiméadar táirge. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, rochtain a cheadú leo ar fhaisnéis bhreise trí thagairtí sonracha a bheith orthu amhail seoltaí suíomhanna gréasáin, cóid dhinimiciúla QR, naisc chuig lipéid ar líne nó aon mhodh iomchuí atá dírithe ar an tomhaltóir. Ba cheart don Choimisiún a leagan amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha an bealach is éifeachtaí chun lipéid den sórt sin a thaispeáint, lena n-áirítear iad a thaispeáint i gcás ciandíolachán ar líne, agus na himpleachtaí le haghaidh custaiméirí agus oibreoirí eacnamaíocha agus saintréithe na dtáirgí lena mbaineann á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún a éileamh freisin go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge.
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 41
(41) Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach a d’fhéadfadh cur isteach ar a roghanna i gcás táirgí níos inbhuanaithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh ar a bhfuil lipéad a dhéanann aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
(41) Ba cheart tomhaltóirí a chosaint ar fhaisnéis mhíthreorach a d’fhéadfadh cur isteach ar a roghanna i gcás táirgí níos inbhuanaithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh ar a bhfuil lipéad ar a bhfuil faisnéis mhíthreorach nó bhréagnaitheach nó a dhéanann aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí leanúint d’éicilipéad AE nó éicilipéad eile de chineál I atá ann cheana a thaispeáint mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 66/2010.
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 42
(42) Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla agus chun aghaidh a thabhairt ar na táirgí is mó tionchar ar dtús, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do na táirgí atá le rialáil faoin Rialachán seo agus do na ceanglais a mbeidh feidhm acu maidir leo. Ba cheart don Choimisiún plean oibre a ghlacadh bunaithe ar an bpróiseas a leanadh le haghaidh beartú tosaíochta faoi Threoir 2009/125/CE, lena gcumhdófaí 3 bliana ar a laghad, lena leagfaí síos liosta de ghrúpaí táirgí a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith mar aon le gnéithe an táirge a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith a bhfuil feidhm chothrománach acu. Ba cheart don Choimisiún a thosaíocht a bhunú ar shraith critéar a bhaineann go háirithe le rannchuidiú féideartha na ngníomhartha tarmligthe le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus fuinnimh an Aontais agus a n-acmhainneacht chun feabhas a chur ar ghnéithe an táirge a roghnaítear gan costais dhíréireacha a bheith ar oibreoirí poiblí agus eacnamaíocha. I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun cuspóirí fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ba cheart a áireamh sna pleananna oibre sciar leordhóthanach de na gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara freisin tríd an bhFóram Éicidhearthóireachta. I ngeall ar na comhlántachtaí idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, ba cheart na hamlínte i gcomhair an phlean oibre faoin Rialachán seo agus an ceann dá bhforáiltear faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1369 a ailíniú.
(42) Chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla agus chun aghaidh a thabhairt ar na táirgí is mó tionchar ar dtús, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do na táirgí atá le rialáil faoin Rialachán seo agus do na ceanglais a mbeidh feidhm acu maidir leo. Ba cheart don Choimisiún plean oibre a ghlacadh bunaithe ar an bpróiseas a leanadh le haghaidh beartú tosaíochta faoi Threoir 2009/125/CE, lena gcumhdófaí 3 bliana ar a laghad, lena leagfaí síos liosta de ghrúpaí táirgí a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith mar aon le gnéithe an táirge a bhfuil sé beartaithe aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina leith a bhfuil feidhm chothrománach acu, agus na hamlínte measta dá mbunú. Ba cheart an plean oibre agus na nuashonruithe air a bheith ar fáil go poiblí agus iad a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa sula nglacfar iad. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go háirithe ar na grúpaí táirgí sin a shainaithnítear sa Rialachán seo, agus a thosaíocht a bhunú ar shraith critéar a bhaineann go háirithe le rannchuidiú na ngníomhartha tarmligthe le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus fuinnimh an Aontais agus a n-acmhainneacht chun feabhas a chur ar ghnéithe an táirge a roghnaítear gan costais dhíréireacha a bheith ar oibreoirí poiblí agus eacnamaíocha. I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun cuspóirí fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ba cheart a áireamh sna pleananna oibre sciar leordhóthanach de na gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara freisin tríd an bhFóram Éicidhearthóireachta. I ngeall ar na comhlántachtaí idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh, ba cheart na hamlínte i gcomhair an phlean oibre faoin Rialachán seo agus an ceann dá bhforáiltear faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2017/1369 a ailíniú.
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 42 a (nua)
(42a) Is ó thionscal na stroighne, mar cheann de na hearnálacha is mó atá dian ar fhuinneamh, ar ábhair agus ar charbón, a thagann thart ar 7 % de na hastaíochtaí domhanda agus 4 % d’astaíochtaí CO2 an Aontais 1a, rud a fhágann gur príomhearnáil í chun ailíniú le comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus le cuspóirí aeráide an Aontais a luaithe is féidir. Cé go bhfuil táirgí foirgníochta, lena n-áirítear stroighin, le cumhdach faoi [Rialachán atá le teacht lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 305/2011 (2022/0094 COD)], fanann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun nach mbeidh easpa ceanglas táirge ann a bhfuil géarghá leo chun ár gcuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, ba cheart go gcuirfí na ceanglais sin san áireamh sa chéad phlean oibre eile den Rialachán seo in éagmais ceanglais leormhaithe feidhmíochta agus faisnéise le haghaidh na dtáirgí sin faoi [Rialachán atá le teacht lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 305/2011 (2022/0094 COD)].
__________________
1d Roghanna dícharbónaithe do thionscal na stroighne, EUR 31378 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, ISBN 978-92-76-61599-6, doi:10.2760/174037, JRC131246.
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 43
(43) Agus aghaidh á tabhairt ar tháirgí foirgníochta, níor cheart don Rialachán seo ceanglais a leagan síos maidir le táirgí deiridh ach amháin nuair nach dócha go mbainfear amach go leordhóthanach na cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil a shaothraítear leis an Rialachán seo leis na hoibleagáidí a chruthaítear leis [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] agus a chur chun feidhme. Ina theannta sin, agus pleananna oibre á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, i leanúint an chleachtais reatha, go dtabharfar leis [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta], i ndáil le táirgí a bhaineann le fuinneamh ar táirgí foirgníochta iad freisin, leitheadúlacht do na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos faoin Rialachán seo. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás téitheoirí, coirí, teaschaidéil, fearais téimh uisce agus spáis, gaothráin, córais fhuaraithe agus aerála agus táirgí fótavoltacha (seachas painéil fhótavoltacha foirgnimh). I gcás na dtáirgí sin, féadfaidh [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] idirghabháil a dhéanamh ar bhealach comhlántach i gcás inar gá, go príomha i ndáil le gnéithe sábháilteachta, agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le táirgí amhail fearais gháis, voltas íseal agus innealra á cur san áireamh.
(43) Agus pleananna oibre á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, i leanúint an chleachtais reatha, go dtabharfar leis [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta], i ndáil le táirgí a bhaineann le fuinneamh ar táirgí foirgníochta iad freisin, leitheadúlacht do na ceanglais inbhuanaitheachta a leagtar síos faoin Rialachán seo. Ba cheart an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás téitheoirí, coirí, teaschaidéil, fearais téimh uisce agus spáis, gaothráin, córais fhuaraithe agus aerála agus táirgí fótavoltacha (seachas painéil fhótavoltacha foirgnimh). I gcás na dtáirgí sin, féadfaidh [an Rialachán athbhreithnithe maidir le Táirgí Foirgníochta] idirghabháil a dhéanamh ar bhealach comhlántach i gcás inar gá, go príomha i ndáil le gnéithe sábháilteachta, agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le táirgí amhail fearais gháis, voltas íseal agus innealra á cur san áireamh.
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 44
(44) D’fhonn féinrialáil a spreagadh mar rogha mhalartach bhailí ar chineálacha cur chuige rialála, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo, i leanúint Threoir 2009/125/CE, go bhféadfadh an tionscal bearta féinrialála a thíolacadh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na bearta féinrialála arna mbeartú ag an tionscal, mar aon leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a thíolaic na sínitheoirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i bhfianaise ghealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais agus an ghá atá le comhsheasmhacht le dlí an Aontais a áirithiú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomh a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ina liostaítear na bearta féinrialála a mheastar a bheith ina malairtí bailí ar ghníomh tarmligthe lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta. Is iomchuí freisin, mar shampla i bhfianaise forbairtí ábhartha sa mhargadh nó forbairtí teicneolaíocha laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann, go mbeadh an Coimisiún in ann leagan athbhreithnithe den bheart féinrialála a iarraidh aon uair a mheastar gur gá sin. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh cur chun feidhme, tá ionchas dlisteanach ann d’oibreoirí eacnamaíocha nach nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta don ghrúpa táirgí sonrach sin. Ní chuirtear as an áireamh, áfach, go bhféadfaidh an Coimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a ghlacadh freisin a mbeadh feidhm acu maidir leis na táirgí a chumhdaítear le beart féinrialúcháin aitheanta le haghaidh ghnéithe an táirge nach dtugtar aghaidh orthu leis an mbeart féinrialála sin. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, ba cheart dó an fhéinrialáil sin a bhaint den ghníomh cur chun feidhme ina liostaítear na bearta féinrialála aitheanta. Dá bhrí sin, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú ansin do na grúpaí táirgí ar tugadh aghaidh orthu roimhe seo leis an mbeart féinrialála, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
(44) D’fhonn féinrialáil a spreagadh mar rogha mhalartach bhailí ar chineálacha cur chuige rialála, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo, i leanúint Threoir 2009/125/CE, go bhféadfadh an tionscal bearta féinrialála a thíolacadh nuair nach n-áirítear na táirgí nó na grúpaí táirgí sin sa phlean oibre éicidhearthóireachta. Ba cheart bearta féinrialála a ailíniú le cuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na bearta féinrialála arna mbeartú ag an tionscal, mar aon leis an bhfaisnéis agus leis an bhfianaise a thíolaic na sínitheoirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i bhfianaise ghealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais agus an ghá atá le comhsheasmhacht le dlí an Aontais a áirithiú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun gníomh a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ina liostaítear na bearta féinrialála a mheastar a bheith ina malairtí bailí ar ghníomh tarmligthe lena leagtar síos ceanglais. Is iomchuí freisin, mar shampla i bhfianaise forbairtí ábhartha sa mhargadh nó forbairtí teicneolaíocha laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann, go mbeadh an Coimisiún in ann leagan athbhreithnithe den bheart féinrialála a iarraidh aon uair a mheastar gur gá sin. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe, tá ionchas dlisteanach ann d’oibreoirí eacnamaíocha nach nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta don ghrúpa táirgí sonrach sin. Ní chuirtear as an áireamh, áfach, go bhféadfaidh an Coimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta a ghlacadh freisin a mbeadh feidhm acu maidir leis na táirgí a chumhdaítear le beart féinrialúcháin aitheanta le haghaidh ghnéithe an táirge nach dtugtar aghaidh orthu leis an mbeart féinrialála sin. I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, ba cheart dó an fhéinrialáil sin a bhaint den ghníomh tarmligthe ina liostaítear na bearta féinrialála aitheanta. Dá bhrí sin, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú ansin do na grúpaí táirgí ar tugadh aghaidh orthu roimhe seo leis an mbeart féinrialála, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 45
(45) D’fhéadfadh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tairbhe mhór a bhaint as méadú ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a bheith i gceist le roinnt de na ceanglais freisin. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, ina réimsí freagrachta sonracha, faisnéis leordhóthanach a sholáthar, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach a sholáthar, lena n-áirítear cúnamh airgeadais, do FBManna atá gníomhach i monarú táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Ba cheart do na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, ríomh lorg comhshaoil an táirge agus cur chun feidhme teicniúil an phas táirge a chumhdach. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair.
(45) D’fhéadfadh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) tairbhe mhór a bhaint as méadú ar an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a bheith i gceist le roinnt de na ceanglais freisin. Chun tacú le FBManna, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, ina réimsí freagrachta faoi seach, faisnéis leordhóthanach a sholáthar, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach a sholáthar, lena n-áirítear trí uirlisí airgeadais cistithe agus maoinithe atá ann cheana, do mhicrifhiontair agus do FBManna atá gníomhach i monarú táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Ba cheart sásraí sonracha ar a laghad a áireamh sna bearta sin chun comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa phas táirge a éascú agus chun measúnuithe saolré a dhéanamh. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair.
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 46
(46) Díothú táirgí tomhaltais gan díol, amhail teicstílí agus coisbheart, ag oibreoirí eacnamaíocha, tá sé ina fhadhb chomhshaoil fhorleathan ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar an bhfás tapa atá tagtha ar dhíolacháin ar líne. Caillteanas acmhainní eacnamaíocha luachmhara atá i gceist de réir mar a dhéantar earraí a tháirgeadh, a iompar agus a scriosadh ina dhiaidh sin gan iad a úsáid riamh chun na críche a ceapadh dóibh. Is gá, dá bhrí sin, ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, go mbunaítear leis an Rialachán seo creat chun díothú táirgí gan díol a chosc, ar táirgí iad a ceapadh go príomha do thomhaltóirí de bhun Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle69, lena n-áirítear táirgí arna gcur ar ais ag tomhaltóir i bhfianaise a chirt tarraingt siar mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle70. Laghdóidh sé sin tionchar na dtáirgí sin ar an gcomhshaol trí ghiniúint dramhaíola a laghdú agus trí rótháirgeadh táirgí a dhídhreasú. Ina theannta sin, ós rud é gur thug roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta isteach maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú, rud a chruthaíonn saobhadh margaidh, tá gá le rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú chun a áirithiú go mbeidh dáileoirí, miondíoltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha agus na ndreasachtaí céanna ar fud na mBallstát.
(46) Díothú táirgí tomhaltais gan díol, amhail teicstílí agus coisbheart chomh maith le trealamh nó feistí leictreacha agus leictreonacha ag oibreoirí eacnamaíocha, tá sé ina fhadhb chomhshaoil fhorleathan ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar an bhfás tapa atá tagtha ar dhíolacháin ar líne. Caillteanas acmhainní eacnamaíocha luachmhara atá i gceist de réir mar a dhéantar earraí a tháirgeadh, a iompar agus a scriosadh ina dhiaidh sin gan iad a úsáid riamh chun na críche a ceapadh dóibh. Is gá, dá bhrí sin, ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, go mbunaítear leis an Rialachán seo creat chun díothú táirgí gan díol a chosc, ar táirgí iad a ceapadh go príomha do thomhaltóirí de bhun Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle69, lena n-áirítear táirgí arna gcur ar ais ag tomhaltóir i bhfianaise a chirt tarraingt siar mar a leagtar síos i dTreoir (AE) 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle70. Laghdóidh sé sin tionchar na dtáirgí sin ar an gcomhshaol trí ghiniúint dramhaíola a laghdú agus trí rótháirgeadh táirgí a dhídhreasú. Ina theannta sin, ós rud é gur thug roinnt Ballstát reachtaíocht náisiúnta isteach maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú, rud a chruthaíonn saobhadh margaidh, tá gá le rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú chun a áirithiú go mbeidh dáileoirí, miondíoltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha agus na ndreasachtaí céanna ar fud na mBallstát.
__________________
__________________
69 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 6).
69 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 6).
70 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
70 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 47
(47) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a dhídhreasú agus chun sonraí a ghiniúint a thuilleadh maidir leis an gcleachtas sin a bheith ag tarlú, ba cheart oibleagáid trédhearcachta a thabhairt isteach leis an Rialachán seo d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil táirgí tomhaltais acu san Aontas, lena gceanglófaí orthu faisnéis a nochtadh maidir le líon na dtáirgí tomhaltais gan díol lena bhfaightear réidh in aghaidh na bliana. Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch an cineál táirge nó an chatagóir táirgí, na cúiseanna le fáil réidh leo agus a seachadadh le haghaidh oibríochtaí cóireála dramhaíola ina dhiaidh sin a léiriú. Cé gur cheart an tsaoirse a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha a chinneadh conas an fhaisnéis sin a nochtadh ar bhealach is iomchuí dá dtimpeallacht ghnó, ba cheart a mheas gur dea-chleachtas é an fhaisnéis riachtanach a áireamh i ráiteas neamhairgeadais atá ar fáil go poiblí arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 19a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle71 i gcás inarb infheidhme.
(47) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a dhídhreasú agus chun sonraí a ghiniúint a thuilleadh maidir leis an gcleachtas sin a bheith ag tarlú, ba cheart oibleagáid trédhearcachta a thabhairt isteach leis an Rialachán seo d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil táirgí tomhaltais acu san Aontas, lena gceanglófaí orthu faisnéis a nochtadh maidir le líon na dtáirgí tomhaltais gan díol lena bhfaightear réidh in aghaidh na bliana ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an cineál táirge nó an chatagóir táirgí, na cúiseanna lena ndiúscairt agus lena seachadadh le haghaidh oibríochtaí cóireála dramhaíola dá éis sin a léiriú. Ba cheart a mheas ina theannta sin gur dea-chleachtas é an fhaisnéis riachtanach a áireamh i ráiteas neamhairgeadais atá ar fáil go poiblí arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 19ú de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle71 i gcás gurb infheidhme.
__________________
__________________
71 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
71 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 48
(48) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a sheachaint, i gcás ina bhfuil díothú na dtáirgí sin forleathan, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar dhíothú táirgí den sórt sin. I bhfianaise an réimse leathain táirgí a d’fhéadfaí a dhíothú gan iad a dhíol ná a úsáid riamh, is gá cumhachtú den sórt sin a bhunú sa Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe maidir le grúpaí sonracha táirgí atá le cinneadh ar bhonn measúnú ón gCoimisiún ar a mhéid a dhíothaítear na táirgí sin sa chleachtas, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha á cur san áireamh i gcás inarb iomchuí. Chun a áirithiú go bhfuil an oibleagáid sin comhréireach, ba cheart don Choimisiún díolúintí sonracha a mheas faoina bhféadfaí táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh fós, mar shampla i bhfianaise saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta. Chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an toirmisc sin agus chun imchéimniú a dhídhreasú, ba cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha líon na dtáirgí tomhaltais gan díol arna ndíothú agus na cúiseanna lena ndíothú faoi na díolúintí is infheidhme a nochtadh. Ar deireadh, chun aon ualach riaracháin míchuí ar FBManna a sheachaint, ba cheart iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí maidir lena dtáirgí gan díol a nochtadh agus ón toirmeasc ar fháil réidh le grúpaí táirgí sonracha a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe. I gcás ina bhfuil fianaise réasúnta ann, áfach, go bhféadfaí FBManna a úsáid chun dul timpeall ar na hoibleagáidí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal, sna gníomhartha tarmligthe sin, i gcás roinnt grúpaí táirgí, go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide.
(48) Chun díothú táirgí tomhaltais gan díol a sheachaint, i gcás ina bhfuil díothú na dtáirgí sin forleathan, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar dhíothú na dtáirgí sin. I bhfianaise an réimse leathain táirgí a d’fhéadfaí a dhíothú gan iad a dhíol ná a úsáid riamh, is gá na cumhachtú sin a bhunú sa Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe maidir le grúpaí sonracha táirgí atá le cinneadh ar bhonn measúnú ón gCoimisiún ar a mhéid a dhíothaítear na táirgí sin sa chleachtas, agus an fhaisnéis arna cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha á cur i gcuntas i gcás inarb iomchuí. Chun a áirithiú go bhfuil an oibleagáid sin comhréireach, ba cheart don Choimisiún díolúintí sonracha a mheas faoina bhféadfaí táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh fós, mar shampla i bhfianaise saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta. Ba cheart don Choimisiún freisin go leor ama a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha chun dul i dtaithí ar cheanglais nua toirmisc den sórt sin. Chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an toirmisc sin agus chun imchéimniú a dhídhreasú, ba cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha líon na dtáirgí tomhaltais gan díol arna ndíothú agus na cúiseanna lena ndíothú faoi na díolúintí is infheidhme a nochtadh. Ar deireadh, chun aon ualach riaracháin míchuí ar fhiontair bheaga, mheánmhéide agus micrifhiontair a sheachaint, ba cheart iad a dhíolmhú ó na hoibleagáidí maidir lena dtáirgí gan díol a nochtadh agus ón toirmeasc ar fháil réidh le grúpaí táirgí sonracha a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe. I gcás ina bhfuil fianaise réasúnta ann, áfach, go bhféadfaí fiontair bheaga, mheánmhéide agus micrifhiontair a úsáid chun dul timpeall ar na hoibleagáidí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal, sna gníomhartha tarmligthe sin, i gcás roinnt grúpaí táirgí, go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide. Bliain amháin tar éis... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart go mbeadh toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh i gcás teicstílí agus coisbhirt, agus i gcás trealamh leictreach agus leictreonach, ós rud é go bhfuil dóthain fianaise ann chun a léiriú go bhfuil scriosadh na dtáirgí sin ag tarlú agus go bhfuil sé díobhálach don chomhshaol.
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 59
(59) Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. Forchuirtear oibleagáid maidir le comhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74 i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Chun an comhar a fheabhsú a thuilleadh chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach a bhaineann le táirgí neamhchomhlíontacha, ba cheart oibleagáidí nithiúla a áireamh sa Rialachán seo chun an comhar sin a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le margaí ar líne. Mar shampla, bíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh ag cur feabhais i rith an ama ar na huirlisí teicneolaíochta a úsáideann siad le haghaidh an fhaireachais margaidh ar líne chun táirgí neamhchomhlíontacha a dhíoltar ar líne a shainaithint. Chun go mbeidh na huirlisí sin oibríochtúil, ba cheart do mhargaí ar líne rochtain a thabhairt ar a gcomhéadan. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na húdaráis um fhaireachas margaidh sonraí a chamchóipeáil ó na margaí ar líne freisin.
(59) Tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh margaí ar líne i ndlúthchomhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. Forchuirtear oibleagáid maidir le comhar leis na húdaráis um fhaireachas margaidh ar sholáthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74 i ndáil le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos dóibh. Chun coinneáil suas le forbairt theicneolaíoch agus le modhanna nua díola, ba cheart feidhm a bheith ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dearaidh a leagtar síos do sholáthraithe margaí ar líne in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle74a chun críoch na faisnéise a cheanglaítear le hAirteagal 25 agus Airteagal 30(1) den Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh na gceanglas a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo. Ba cheart forfheidhmiú na n-oibleagáidí sin a bheith faoi réir na rialacha a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065. Chun críocha Airteagal 31, mír 3 de Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne úsáid a bhaint as an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad. Ba cheart gurbh ionann an pointe teagmhála aonair faoin Rialachán seo agus an pointe teagmhála faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2065, gan an cuspóir i leith fadhbanna a bhaineann le sábháilteacht táirgí a láimhseáil ar bhealach tapa sonrach a chur i mbaol.
_________________
_________________
74 Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
74 Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
74A Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 68
(68) In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart úsáid a bhaint as sonraíochtaí coiteanna mar réiteach cúltaca chun oibleagáid an mhonaróra a éascú maidir leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh, mar shampla nuair atá an próiseas caighdeánaithe blocáilte mar gheall ar easpa comhdhearcaidh idir páirtithe leasmhara nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ar chaighdeán comhchuibhithe a bhunú. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear an cháilíocht riachtanach amach. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann dul i muinín an réitigh sin i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shrianadh nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Ba cheart go mbeadh comhlíontacht sonraíochtaí coiteanna ina cúis le toimhde na comhréireachta freisin.
(68) Is é atá i gcreat caighdeánaithe reatha an Aontais atá bunaithe ar phrionsabail an ‘Cur Chuige Nua’ mar a thugtar air agus ar phrionsabail Rialachán (AE) 1025/2012 an creat chun caighdeáin a mhionsaothrú lena soláthraítear toimhde comhréireachta leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán sin. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart úsáid a bhaint as sonraíochtaí coiteanna, trí ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, mar réiteach cúltaca chun oibleagáid an mhonaróra ceanglais éicidhearthóireachta a chomhlíonadh a éascú, mar shampla nuair a chuirtear bac ar an bpróiseas caighdeánaithe mar gheall ar easpa comhthola idir geallsealbhóirí nó i gcás ina bhfuil moill mhíchuí ann maidir le caighdeán comhchuibhithe a bhunú agus nach féidir an spriocdháta a leagadh síos a chomhlíonadh. D’fhéadfadh na moilleanna sin a bheith ann, mar shampla, nuair nach mbaintear an cháilíocht riachtanach amach. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann dul i muinín an réitigh sin i gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shrianadh nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Ba cheart go mbeadh comhlíontacht sonraíochtaí coiteanna ina cúis le toimhde na comhréireachta freisin. Chun éifeachtúlacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún ról a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas lena mbunaítear sonraíochtaí comhchoiteanna lena gcumhdaítear ceanglais éicidhearthóireachta an Rialacháin sin.
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 86
(86) Chun tomhaltóirí a dhreasú le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe nuair nach mbíonn na táirgí atá níos inbhuanaithe inacmhainne go leor, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí amhail éiceadhearbháin agus cánachas comhshaoil. Nuair a chinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as dreasachtaí chun luaíocht a thabhairt do na táirgí is fearr feidhmíochta i measc na dtáirgí sin ar socraíodh aicmí feidhmíochta dóibh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh trí dhíriú ar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde, mura léirítear a mhalairt leis an ngníomh tarmligthe ábhartha. Mar sin féin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh bunaithe ar a aicme feidhmíochta. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na paraiméadair táirgí nó na leibhéil ghaolmhara feidhmíochta a bhaineann le dreasachtaí na mBallstát a shonrú a thuilleadh i gcás nach gcinntear aon aicme feidhmíochta sa ghníomh tarmligthe is infheidhme nó i gcás ina mbunaítear aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar táirge amháin. Tabhairt isteach dhreasachtaí na mBallstát, ba cheart é a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.
(86) Chun tomhaltóirí a dhreasú le roghanna inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe nuair nach bhfuil na táirgí atá níos inbhuanaithe inacmhainne go leor, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí amhail éiceadhearbháin nach féidir a úsáid ach amháin chun táirgí agus seirbhísí lena n-urramaítear an comhshaol a cheannach, agus cánachas comhshaoil. Nuair a chinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as dreasachtaí chun luaíocht a thabhairt do na táirgí is fearr feidhmíochta i measc na dtáirgí sin ar socraíodh aicmí feidhmíochta dóibh trí ghníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh é sin a dhéanamh trí dhíriú ar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde, mura léirítear a mhalairt leis an ngníomh tarmligthe ábhartha. Mar sin féin, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann toirmeasc a chur ar tháirge a chur ar an margadh bunaithe ar a aicme feidhmíochta. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na paraiméadair táirgí nó na leibhéil ghaolmhara feidhmíochta a bhaineann le dreasachtaí na mBallstát a shonrú a thuilleadh i gcás nach gcinntear aon aicme feidhmíochta sa ghníomh tarmligthe is infheidhme nó i gcás ina mbunaítear aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar táirge amháin. Ba cheart tabhairt isteach dhreasachtaí na mBallstát a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair.
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 87
(87) Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a cheangal, i gcás inarb iomchuí, ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE78 agus 2014/25/AE79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a soláthar a chur i gcomhréir le critéir nó spriocanna sonracha maidir le soláthar poiblí glas, atá le leagan amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart na critéir nó na spriocanna a leagtar síos le gníomhartha tarmligthe do ghrúpaí sonracha táirgí a chomhlíonadh, ní hamháin nuair a fhaightear na táirgí sin go díreach i gconarthaí soláthair phoiblí ach freisin i gconarthaí oibreacha poiblí nó seirbhísí poiblí i gcás ina n-úsáidfear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad. I gcomparáid le cur chuige deonach, áiritheofar le critéir nó spriocanna éigeantacha go n-uasmhéadófar giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí a fheidhmíonn níos fearr. Ba cheart go mbeadh na critéir sin trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.
(87) Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach lena gcosnaítear an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun a cheangal, i gcás inarb iomchuí, ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE78 agus 2014/25/AE79 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a soláthar a chur i gcomhréir le critéir nó spriocanna sonracha maidir le soláthar poiblí glas, atá le leagan amach sna gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart na critéir nó na spriocanna a leagtar síos le gníomhartha tarmligthe do ghrúpaí sonracha táirgí a chomhlíonadh, ní hamháin nuair a fhaightear na táirgí sin go díreach i gconarthaí soláthair phoiblí ach freisin i gconarthaí oibreacha poiblí nó seirbhísí poiblí i gcás ina n-úsáidfear na táirgí sin le haghaidh gníomhaíochtaí arb iad ábhar na gconarthaí sin iad. I gcomparáid le cur chuige deonach, áiritheofar le critéir nó spriocanna éigeantacha go n-uasmhéadófar giaráil an chaiteachais phoiblí chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí a fheidhmíonn níos fearr sna Ballstáit uile. Ba cheart go mbeadh na critéir sin trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.
__________________
__________________
78 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
78 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
79 Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
79 Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 88
(88) Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta fíor-riachtanach chun iomaíocht chomhionann i margadh an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán seo agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 lena leagtar amach creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos ina leith de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir, an cineál nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta na dtáirgí a chumhdaítear le bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE a laghdú, chun neamhchomhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta amach anseo a chosc ar bhealach níos fearr, agus raon feidhme níos leithne agus uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin seo i gcomparáid le Treoir 2009/125/CE á gcur san áireamh, ba cheart rialacha breise sonracha a bheith sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear an creat a cruthaíodh le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na rialacha sonracha breise sin a dhíriú ar phleanáil, comhordú agus tacaíocht iarrachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh agus ba cheart uirlisí breise a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc.
(88) Tá forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta fíor-riachtanach chun iomaíocht chomhionann i margadh an Aontais a áirithiú agus chun a áirithiú go mbainfear amach na tairbhí a mheastar a thiocfaidh as an Rialachán seo agus an méid a mheastar a chuirfidh sé le cuspóirí aeráide, fuinnimh agus ciorclaíochta an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 lena leagtar amach creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais maidir le táirgí a bhfuil ceanglais éicidhearthóireachta leagtha síos ina leith de bhun an Rialacháin seo, sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir, an cineál nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta na dtáirgí a chumhdaítear le bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2009/125/CE a laghdú, chun neamhchomhlíontacht le ceanglais éicidhearthóireachta amach anseo a chosc ar bhealach níos fearr, agus raon feidhme níos leithne agus uaillmhian mhéadaithe an Rialacháin seo i gcomparáid le Treoir 2009/125/CE á gcur san áireamh, ba cheart rialacha breise sonracha a bheith sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear an creat a cruthaíodh le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na rialacha sonracha breise sin a dhíriú ar phleanáil, comhordú agus tacaíocht iarrachtaí na mBallstát a neartú a thuilleadh agus ba cheart uirlisí breise a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfaidh údaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc agus comhlíontacht a athbhunú i gcás inarb ábhartha.
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 90
(90) Chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart do na Ballstáit plean gníomhaíochta tiomnaithe a tharraingt suas ina sainaithneofar na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht táirgí ábhartha leis na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha a laghdú. I gcás inarb ábhartha, ba cheart an plean gníomhaíochta sin a bheith ina chuid de straitéisí náisiúnta faireachais margaidh na mBallstát arna nglacadh de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020.
(90) Chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil le ceanglais éicidhearthóireachta, ba cheart do na Ballstáit plean gníomhaíochta tiomnaithe a tharraingt suas ina sainaithneofar na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíonadh na dtáirgí ábhartha nó na gceanglas éicidhearthóireachta ábhartha a laghdú nó chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta ábhartha. I gcás inarb ábhartha, ba cheart an plean gníomhaíochta sin a bheith ina chuid de straitéisí náisiúnta faireachais margaidh na mBallstát arna nglacadh de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020.
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 91
(91) Ba cheart tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo a shainaithint bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail na leibhéil neamhchomhlíontachta a bhreathnaítear nó na tionchair ar an gcomhshaol a eascraíonn as neamhchomhlíontacht. Na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, ba cheart iad a bheith comhréireach ina seal leis na fíorais is cúis lena dtosaíocht. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun táirgí agus ceanglais a chinneadh ar cheart do na Ballstáit a chur san áireamh mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh i gcomhthéacs a bpleananna gníomhaíochta lena sainaithnítear tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht a laghdú.
(91) Ba cheart tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán sin a shainaithint bunaithe ar chritéir oibiachtúla amhail na leibhéil neamhchomhlíontachta a bhreathnaítear nó na tionchair ar an gcomhshaol a eascraíonn as neamhchomhlíontacht nó líon na ngearán a fuarthas. Na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, ba cheart iad a bheith comhréireach ina seal leis na fíorais is cúis lena dtosaíocht. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun táirgí agus ceanglais a chinneadh ar cheart do na Ballstáit a chur san áireamh mar thosaíochtaí maidir le faireachas margaidh i gcomhthéacs a bpleananna gníomhaíochta lena sainaithnítear tosaíochtaí maidir le faireachas margaidh faoin Rialachán seo agus gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht a laghdú.
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 92
(92) I gcás ina mbreathnaítear leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta leis na ceanglais éicidhearthóireachta in ainneoin na pleanála, an chomhordaithe agus na tacaíochta feabhsaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar scála leordhóthanach. Dá bhrí sin, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun líon íosta seiceálacha a leagan síos atá le déanamh ar tháirgí sonracha nó ar cheanglais shonracha. Ba cheart an cumhachtú sin a bheith sa bhreis ar an gcumhachtú in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020.
(92) I gcás ina mbreathnaítear leibhéil fhadhbacha neamhchomhlíontachta leis na ceanglais éicidhearthóireachta in ainneoin na pleanála, an chomhordaithe agus na tacaíochta feabhsaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh go pras agus go héifeachtúil chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar scála leordhóthanach. Dá bhrí sin, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas éicidhearthóireachta a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun líon íosta seiceálacha a leagan síos atá le déanamh ar tháirgí sonracha nó ar cheanglais shonracha. Ba cheart an cumhachtú sin a bheith sa bhreis ar an gcumhachtú in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2019/1020.
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 94
(94) Chun comhordú na n-údarás um fhaireachas margaidh a neartú a thuilleadh, ba cheart don ghrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, chun na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh faoin Rialachán seo agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht leis an Rialachán seo a laghdú, teacht le chéile go tráthrialta agus comhthosaíochtaí maidir le faireachas margaidh a bheidh le cur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta na mBallstát, tosaíochtaí maidir le soláthar tacaíochta ón Aontas, agus ceanglais éicidhearthóireachta a léirmhínítear ar bhealaí éagsúla as a dtiocfaidh saobhadh sa mhargadh a shainaithint.
(94) Chun comhordú na n-údarás um fhaireachas margaidh a neartú a thuilleadh, ba cheart don ghrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2019/1020, chun na táirgí nó na ceanglais a shainaithnítear mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh faoin Rialachán sin agus na gníomhaíochtaí a bheartaítear chun neamhchomhlíontacht leis an Rialachán sin a laghdú nó deireadh a chur leis, teacht le chéile go tráthrialta agus comhthosaíochtaí maidir le faireachas margaidh a bheidh le cur san áireamh i bpleananna gníomhaíochta na mBallstát, tosaíochtaí maidir le soláthar tacaíochta ón Aontas, agus ceanglais éicidhearthóireachta a léirmhínítear ar bhealaí éagsúla as a dtiocfaidh saobhadh sa mhargadh a shainaithint.
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 95
(95) Chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Choimisiún comhthionscadail um fhaireachas agus tástáil margaidh i réimsí comhleasa, infheistíochtaí comhpháirteacha in acmhainneachtaí faireachais margaidh agus oiliúint choiteann d’fhoireann na n-údarás um fhaireachas margaidh, do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhaoiniú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas ceanglais éicidhearthóireachta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú i gcás inar gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad.
(95) Chun tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht leordhóthanach chun neamhchomhlíontacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta a chosc, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Choimisiún comhthionscadail um fhaireachas agus tástáil margaidh i réimsí comhleasa, infheistíochtaí comhpháirteacha in acmhainneachtaí faireachais margaidh agus oiliúint choiteann d’fhoireann na n-údarás um fhaireachas margaidh, do na húdaráis a thugann fógra agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra a eagrú agus, i gcás inarb iomchuí, iad a mhaoiniú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas ceanglais éicidhearthóireachta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhchuibhithe iad.
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 101
(101) Chun muinín as na táirgí a chuirtear ar an margadh a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfíoras go gcomhlíonann siad na ceanglais éicidhearthóireachta, ní mór don phobal a bheith cinnte go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirgí neamhchomhlíontacha ar an margadh faoi réir pionós. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíontacht leis an Rialacháin seo.
(101) Chun muinín as na táirgí a chuirtear ar an margadh a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfíoras go gcomhlíonann siad na ceanglais éicidhearthóireachta, ní mór don phobal a bheith cinnte go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirgí neamhchomhlíontacha ar an margadh faoi réir pionós. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíontacht leis an Rialacháin seo. Chun cur i bhfeidhm na bpionós ar bhealach níos comhsheasmhaí a éascú, ba cheart critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha a leagan síos chun na cineálacha agus na leibhéil pionóis atá le forchur i gcás sáruithe ar an Rialachán seo a chinneadh. Ba cheart do na critéir sin, inter alia, cineál agus tromchúis an tsáraithe agus na tairbhí eacnamaíocha a baineadh as agus an damáiste a rinneadh don chomhshaol mar gheall ar an sárú a chur san áireamh, a mhéid is féidir iad a chinneadh.
Leasú 46 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Bunaítear creat leis an Rialachán seo chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí agus chun saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan síos, ar ceanglais iad a chomhlíonfaidh táirgí ionas go gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Na ceanglais éicidhearthóireachta sin, a mhionsaothróidh an Coimisiún a thuilleadh i ngníomhartha tarmligthe, baineann siad leis an méid seo a leanas:
Bunaítear creat leis an Rialachán seo chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí chun gurb ionann táirgí inbhuanaithe agus an norm agus chun a lorg foriomlán comhshaoil a laghdú le linn a saolré, agus chun saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan síos, ar ceanglais iad a chomhlíonfaidh táirgí ionas go gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Na ceanglais éicidhearthóireachta sin, a mhionsaothróidh an Coimisiún a thuilleadh i ngníomhartha tarmligthe, baineann siad leis an méid seo a leanas:
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe g
(g) athmhonarú agus athchúrsáil táirgí;
(g) athmhonarú táirgí;
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe g a (nua)
(13) ciallaíonn ‘deireadh ré’ an chéim sa tsaolré a thosaíonn nuair a dhéantar táirge a dhiúscairt agus a chríochnaíonn nuair a chuirtear an táirge ar ais sa dúlra mar tháirge dramhaíola nó nuair a théann sé isteach i saolré táirge eile;
(13) ciallaíonn ‘deireadh ré’ an chéim sa tsaolré a thosaíonn nuair a dhéantar táirge a dhiúscairt agus a chríochnaíonn nuair a chuirtear ábhar dramhaíola an táirge ar ais sa dúlra nó nuair a théann sé isteach i saolré táirge eile;
(15) ciallaíonn ‘aicme feidhmíochta’ raon leibhéal feidhmíochta i ndáil le paraiméadar táirge amháin nó níos mó de na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus iad ordaithe ina gcéimeanna leantacha chun gur féidir difreáil táirgí a dhéanamh;
(15) ciallaíonn ‘aicme feidhmíochta’ raon leibhéal feidhmíochta i ndáil le paraiméadar táirge amháin nó níos mó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, a bhunaítear ar mhodheolaíocht choiteann don táirge nó don ghrúpa táirgí, agus iad ordaithe ina gcéimeanna leantacha chun gur féidir difreáil táirgí a dhéanamh;
(16) ciallaíonn ‘athmhonarú’ próiseas tionsclaíoch ina dtáirgtear táirge as réada ar dramhaíl, táirgí nó comhpháirteanna iad agus ina ndéantar athrú amháin ar a laghad ar an táirge a dhéanann difear do shábháilteacht, feidhmíocht, cuspóir nó cineál an táirge a chuirtear ar an margadh de ghnáth le ráthaíocht tráchtála;
(16) ciallaíonn ‘athmhonarú’ próiseas tionsclaíoch ina dtáirgtear táirge as réada ar dramhaíl, táirgí nó comhpháirteanna iad agus ina ndéantar athrú amháin ar a laghad ar an táirge a dhéanann difear go suaithinseach do shábháilteacht nó feidhmíocht, nó a dhéanann difear do chuspóir nó cineál an táirge a chuirtear ar an margadh de ghnáth le ráthaíocht tráchtála;
(18) ciallaíonn ‘athfheistiú’ réad ar dramhaíl nó táirge atá ann a ullmhú nó a mhodhnú chun a fheidhmíocht nó a fheidhmiúlacht a athbhunú laistigh den úsáid atá beartaithe dó agus den raon feidhmíochta agus cothabhála a ceapadh i dtosach ag céim an deartha, nó chun caighdeáin theicniúla nó ceanglais rialála is infheidhme a chomhlíonadh, agus is é an toradh a bhíonn air sin táirge lánfheidhmiúil a dhéanamh;
(18) ciallaíonn ‘athfheistiú’ réad ar táirge nó dramhaíl é a thástáil, a chothabháil nó a dheisiú chun a fheidhmíocht nó a fheidhmiúlacht a athbhunú laistigh den úsáid bheartaithe a ceapadh ar dtús ag céim an deartha, agus a bhfuil de thoradh air táirge lánfheidhmiúil a dhéanamh;
Leasú 54 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 20 a (nua)
(20a) ciallaíonn ‘dífheidhmeacht anabaí’ táirge a chur ar fáil ar an margadh a bhfuil gné aige a chuireann teorainn lena shaolré intuartha;
(21) ciallaíonn ‘marthanacht’ cumas táirge feidhmiú de réir mar is gá, faoi choinníollacha sonraithe úsáide, cothabhála agus deisiúcháin, go dtí go gcuirfidh teagmhas teorannaithe cosc ar a fheidhmiú;
(21) ciallaíonn ‘marthanacht’ cumas táirge feidhmiú agus a fheidhm agus a fheidhmíocht riachtanach a chothabháil ar feadh tréimhse ama áirithe faoi ghnáthchoinníollacha sonraithe úsáide, cothabhála agus deisiúcháin go dtí go gcuirfidh teagmhas teorannaithe cosc ar an táirge feidhmiú;
(22) ciallaíonn ‘iontaofacht’ an dóchúlacht go bhfeidhmíonn táirge de réir mar is gá faoi choinníollacha áirithe ar feadh tréimhse ar leith gan teagmhas teorannaithe;
(22) ciallaíonn ‘iontaofacht’ an dóchúlacht ard go bhfeidhmíonn táirge de réir mar is gá faoi choinníollacha áirithe ar feadh tréimhse ar leith gan teagmhas teorannaithe;
(23) ciallaíonn ‘lorg comhshaoil’ cainníochtú ar thionchair chomhshaoil táirge, cibé acu i ndáil le catagóir tionchair comhshaoil aonair nó le sraith chomhiomlánaithe de chatagóirí tionchair bunaithe ar an modh tomhais táirge maidir le Lorg Comhshaoil;
(23) ciallaíonn ‘lorg comhshaoil’ cainníochtú ar thionchair shaolré an táirge ar an gcomhshaol, cibé acu i ndáil le catagóir amháin tionchair ar an gcomhshaol nó le sraith chomhiomlánaithe de chatagóirí tionchair bunaithe ar mhodh an Lorg Comhshaoil Táirge nó ar mhodhanna eolaíocha eile arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus arna dtástáil go forleathan i gcomhar le hearnálacha tionscail éagsúla agus arna n-aithint ag an gCoimisiún;
Leasú 58 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 25 a (nua)
(25a) ciallaíonn ‘lorg ábhartha’ cainníochtú na n-ábhar is gá le haghaidh córas táirge mar shuim na bithmhaise, na mbreoslaí iontaise, na mianta miotail agus na mianraí neamh-mhiotalacha a thomhailtear;
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 – pointe a
(a) a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 agus a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; nó
(a) a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; nó
Leasú 60 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 – pointe b – fleasc 9 a (nua)
— substaintí a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
__________________
1a Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
Leasú 61 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 28 – pointe b – fleasc 9 b (nua)
— substaintí srianta sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
(35) ciallaíonn ‘díothú’ dochar a dhéanamh do tháirge d’aon ghnó nó táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl d’aon ghnó, cé is moite de dhiúscairt chun críche táirge a sheachadadh chun ullmhú d’oibríochtaí athúsáide nó athmhonaraithe agus chun na críche sin amháin;
(35) ciallaíonn ‘díothú’ dochar a dhéanamh do tháirge d’aon ghnó nó táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl d’aon ghnó, cé is moite de dhiúscairt chun críche táirge a sheachadadh chun ullmhú d’oibríochtaí athúsáide, athchóirithe nó athmhonaraithe agus chun na críche sin amháin;
(37) ciallaíonn ‘táirge tomhaltais gan díol’ aon táirge tomhaltais nár díoladh nó a thug tomhaltóir ar ais i bhfianaise a chirt tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2011/83/AE;
(37) ciallaíonn ‘táirge tomhaltais gan díol’ aon táirge tomhaltais atá oiriúnach lena thomhailt nó lena dhíol agus nár díoladh, lena n-áirítear barrachas, fardal iomarcach, róstoc agus stoc marbh, lena n-áirítear táirgí a thug tomhaltóir ar ais i bhfianaise a chirt tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2011/83/AE;
Leasú 64 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 46 a (nua)
(46a) ciallaíonn ‘oibreoir neamhspleách’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá neamhspleách ar an monaróir agus atá páirteach go díreach nó go hindíreach in athchóiriú, i ndeisiú, i gcothabháil nó in athrú cuspóra an táirge, agus áirítear leis oibreoirí bainistíochta dramhaíola, athchóiritheoirí, deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, mar aon le foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála agus oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh;
Leasú 65 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 46 b (nua)
(46b) ciallaíonn ‘deisitheoir gairmiúil’ duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí deisithe nó cothabhála do tháirge, is cuma cibé acu a ghníomhaíonn an duine sin i gcóras dáileacháin an mhonaróra nó go neamhspleách;
(55) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a fhágann gur féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 a dhíol;
(55) ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann comhéadan ar líne a fhágann gur féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 a dhíol;
Leasú 67 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 3 a (nua)
Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar ‘threalamh leictreach agus leictreonach’ nó ‘TLL’ in Airteagal 3, pointe (1)(a) de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1d.
__________________
1a Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
Leasú 68 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 4 a (nua)
Beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘soláthróir substainte nó meascáin’ agus ‘soláthróir earra’ in Airteagal 3, pointí (32) agus (33), faoi seach, de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a bhunú le haghaidh, nó i ndáil le, táirgí chun a n-inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú. Áireofar ar na ceanglais sin na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn VI agus is i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 agus le Caibidil III a bhunófar iad. Áirítear sa chumhachtú chun ceanglais éicidhearthóireachta a ghlacadh an chumhacht a bhunú nach bhfuil aon cheanglas feidhmíochta, ceanglas faisnéise ná ceanglas feidhmíochta ná faisnéise riachtanach i gcás paraiméadair shonraithe tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.
Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a bhunú le haghaidh, nó i ndáil le, táirgí chun a n-inbhuanaitheacht comhshaoil a fheabhsú. Áireofar ar na ceanglais sin na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn VI agus is i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 agus le Caibidil III a bhunófar iad. Áirítear sa chumhachtú chun ceanglais éicidhearthóireachta a ghlacadh an chumhacht a bhunú nach bhfuil aon cheanglas feidhmíochta, ceanglas faisnéise nó i gcásanna eisceachtúla ceanglas feidhmíochta ná faisnéise riachtanach i gcás paraiméadair shonraithe tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.
Leasú 70 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Áireofar leis an gcumhachtú chun ceanglais éicidhearthóireachta a ghlacadh an chumhacht chun a shuí nach mbeidh feidhm ag aon cheanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí nó grúpaí táirgí athláimhe allmhairithe, ar feadh tréimhse teoranta, i gcás go gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe tionchair arna dhéanamh faoi Airteagal 5(4)(b), an méid seo a leanas:
(a) is ábhartha táirge nó grúpa táirgí athláimhe allmhairithe áirithe a dhíolmhú ar cuntas an sciar suntasach is ionann agus ionadaíocht ar mhargadh ábhartha táirgí athláimhe an Aontais agus an t-éileamh fíorthomhaltóra a bhfreagraíonn sé dó; agus
(b) ní bhainfeadh díolúine den sórt sin an bonn ó ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo ná ó chur i bhfeidhm níos leithne na gceanglas éicidhearthóireachta ar mhargadh ábhartha táirgí an Aontais; agus
(c) is mó an coigilteas acmhainní de bharr an táirge nó an grúpa táirgí athláimhe allmhairithe a chur ar an margadh ná buntáistí na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí nua nó do ghrúpaí táirgí nua.
Agus ceanglais éicidhearthóireachta á mbunú i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán seo freisin trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 36.
Agus ceanglais éicidhearthóireachta á mbunú i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an Coimisiún dóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha dul in oiriúint do na ceanglais nua, go háirithe agus riachtanais na micrifhiontar agus FBManna á gcur san áireamh. Forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán seo freisin trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú as measc na modúl a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 36.
Leasú 72 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 3 – pointe c a (nua)
(ca) an mhodheolaíocht a shonrú chun indeisitheacht táirge a mheasúnú, na haicmí feidhmíochta a bheidh le taispeáint ag an scór indeisitheachta a shainiú, agus na catagóirí táirgí a mbeidh feidhm ag an scór indeisitheachta maidir leo a shainiú.
Leasú 73 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 – pointe g
(g) substaintí ar ábhar imní iad a bheith i láthair;
(g) substaintí ar ábhar imní iad a bheith i láthair i dtáirgí;
Leasú 74 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 – pointe k
(k) an fhéidearthacht athmhonarú nó athchúrsáil a dhéanamh;
(k) an fhéidearthacht athmhonarú a dhéanamh;
Leasú 75 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 – pointe k a (nua)
É sin ráite, i gcás ina léiríonn dhá ghrúpa táirgí nó níos mó cosúlachtaí teicniúla a fhágann gur féidir feabhas a chur ar ghné tháirge dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar cheanglas coiteann, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú go cothrománach le haghaidh na ngrúpaí táirgí sin.
I gcás ina léiríonn dhá ghrúpa táirgí nó níos mó cosúlachtaí teicniúla a fhágann gur féidir feabhas a chur ar ghné tháirge dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar cheanglas coiteann, féadfar ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú go cothrománach le haghaidh na ngrúpaí táirgí sin. Féadfar na ceanglais chothrománacha sin a shonrú tuilleadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a bhunú do ghrúpa sonrach táirgí a chumhdaítear le ceanglas cothrománach éicidhearthóireachta.
Leasú 77 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
4. Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
4. Agus ceanglais éicidhearthóireachta á n-ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún comhsheasmhacht le reachtaíocht eile an Aontais a áirithiú agus ceanglais chontrártha leis an reachtaíocht sin a sheachaint, agus déanfaidh sé an méid seo a leanas:
Leasú 78 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe i
(i) tosaíochtaí an Aontais i dtaca leis an aeráid, leis an gcomhshaol agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus tosaíochtaí gaolmhara eile de chuid an Aontais;
(i) Cuspóirí an Aontais maidir leis an méid seo a leanas:
— an aeráid, go háirithe an cuspóir aeráidneodracht a ghnóthú faoi 2050 ar a dhéanaí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119;
— an comhshaol, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, éifeachtúlacht agus slándáil acmhainní agus laghdú lorg comhshaoil, ábhair agus tomhaltais, agus fanacht laistigh de theorainneacha an phláinéid mar a leagtar amach san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol;
— neamhthocsaineacht;
— éifeachtúlacht fuinnimh; agus
— cuspóirí gaolmhara eile an Aontais;
Leasú 79 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe ii
(ii) reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugtar aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1;
(ii) reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a thugann sí aghaidh ar na gnéithe táirge ábhartha a liostaítear i mír 1 agus ar an bprionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;
Leasú 80 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe ii a (nua)
(iia) comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha;
Leasú 81 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – pointe a – pointe v a (nua)
(va) bearta a chur in ord tosaíochta i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE;
Leasú 82 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – pointe b
(b) measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, de réir mar is iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin Eorpacha. Agus an méid sin á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar na gnéithe táirge a liostaítear i mír 1 comhréireach lena suntasacht. Ní chuirfear moill mhíchuí ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta maidir leis na gnéithe is suntasaí de tháirge i measc na ngnéithe a liostaítear i mír 1 de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú chun feabhas a chur ar ghnéithe eile den táirge sin;
(b) measúnú tionchair a dhéanamh bunaithe ar an bhfianaise agus ar na hanailísí is fearr atá ar fáil, agus, de réir mar is iomchuí, ar staidéir bhreise agus ar thorthaí taighde arna dtáirgeadh faoi chláir chistiúcháin Eorpacha. Ní chuirfear moill mhíchuí ar bhunú ceanglas éicidhearthóireachta maidir leis na gnéithe táirge a liostaítear i mír 1 de dheasca éiginnteachtaí maidir leis an bhféidearthacht ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú chun feabhas a chur ar ghnéithe eile den táirge sin. Sna measúnuithe tionchair, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(i) a áirithiú go ndéanfar anailís ar ghnéithe uile an táirge a liostaítear i mír 1 agus go mbeidh doimhneacht na hanailíse ar ghnéithe an táirge a liostaítear i mír 1 comhréireach lena dtábhacht;
(ii) a áirithiú go ndéanfar anailís ar chomhbhabhtálacha idir na gnéithe éagsúla táirge a liostaítear i mír 1;
(iii) measúnú a sholáthar ar an laghdú ionchais ar an lorg comhshaoil, carbóin agus ábhartha leis na ceanglais nua éicidhearthóireachta;
(iv) measúnú a sholáthar ar chomhlíonadh na gcritéar arna mbunú sa dara mír d’Airteagal 4, maidir le táirgí athláimhe allmhairithe, i gcás gurb ábhartha;
(v) measúnú a sholáthar ar aon tionchair ábhartha ar shláinte an duine;
(vi) measúnú a sholáthar ar íosleibhéal feidhmíochta táirge nó grúpa táirgí, nach mór a d’fhéadfaí a bhaint amach sa todhchaí chun go mbeidh an táirge nó an grúpa táirgí sin i gcomhréir le cuspóirí an Aontais mar a liostaítear i mír 4, pointe (a)(i);
I gcás gurb iomchuí, úsáidfear an measúnú tionchair chomh maith chun tacú le critéir a leagan síos maidir le soláthar poiblí glas, Éicilipéad, chomh maith le dreasachtaí eacnamaíocha eile d’fhonn comhsheasmhacht idir ionstraimí beartais éagsúla a fheabhsú.
Leasú 83 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – pointe c a (nua)
(ca) cosaint faisnéise rúnda gnó a chur san áireamh;
Leasú 84 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 4 – pointe c b (nua)
(cb) aon aiseolas a chuirtear ar fáil trí chomhchomhairliúcháin phoiblí a chur san áireamh;
Leasú 85 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 5 – pointe a
(a) ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith acu ar fheidhmiúlacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de;
(a) ní bheidh tionchar diúltach suntasach ar bith acu ar fheidhmiúlacht ná ar shabháilteacht an táirge, ó thaobh dhearcadh an úsáideora de;
Leasú 86 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 5 – pointe c
(c) ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ar thomhaltóirí i dtéarmaí inacmhainneacht táirgí ábhartha, agus rochtain ar tháirgí athláimhe, marthanacht agus costas saolré táirgí á gcur san áireamh freisin;
(c) ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ar thomhaltóirí i dtéarmaí inacmhainneacht táirgí ábhartha, agus rochtain ar tháirgí athláimhe, lena n-áirítear táirgí athláimhe allmhairithe, marthanacht agus costas saolré táirgí á gcur i gcuntas freisin;
Leasú 87 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 5 – pointe d
(d) ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas gníomhaithe eacnamaíocha, nó FBManna ar a laghad;
(d) ní bheidh aon tionchar diúltach díréireach ar iomaíochas gníomhaithe eacnamaíocha, go háirithe micrifhiontar agus FBManna;
Leasú 88 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 5 – pointe f
(f) ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eacnamaíocha eile.
(f) ní bheidh aon ualach riaracháin díréireach ar mhonaróirí ná ar ghníomhaithe eacnamaíocha eile, go háirithe i gcás micrifhiontar agus FBManna;
Leasú 89 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 5 – pointe f a (nua)
(fa) beidh go leor ama tugtha do mhonaróirí nó do ghníomhaithe eacnamaíocha eile chun dul i dtaithí ar na ceanglais nua, go háirithe agus riachtanais micrifhiontar agus FBManna á gcur san áireamh.
8. Foilseoidh an Coimisiún na staidéir agus na hanailísí ábhartha a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
8. Foilseoidh an Coimisiún na staidéir agus na hanailísí ábhartha nuair a bheidh fáil orthu, lena n-áirítear na measúnuithe tionchair dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), ar staidéir agus anailísí iad a úsáidtear chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Leasú 91 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 a (nua)
Airteagal 5a
Marthanacht agus indeisitheacht na dtáirgí
1. Agus na ceanglais éicidhearthóireachta á socrú de bhun Airteagal 5(1), áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh monaróirí teorainn le marthanacht táirge a fhágann go bhfuil sé tite as feidhm roimh am, go háirithe mar thoradh ar dhearadh gné ar leith, úsáid tomhaltán, páirteanna spártha, nó neamhsholáthar nuashonruithe bogearraí nó gabhálas laistigh de thréimhse iomchuí ama.
2. Agus na ceanglais éicidhearthóireachta á socrú de bhun Airteagal 5(1), áiritheoidh an Coimisiún nach dteorannóidh monaróirí indeisitheacht táirgí trí bhac a chur ar dhíchóimeáil na bpríomh-chomhpháirteanna nó trí rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus páirteanna spártha a theorannú do dheisitheoirí údaraithe amháin.
Leasú 92 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Beidh na ceanglais feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus áireofar orthu, de réir mar is iomchuí, na nithe seo a leanas:
2. Beidh na ceanglais feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar na paraiméadair táirge ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus áireofar orthu, de réir mar is iomchuí, na nithe seo a leanas:
3. Leis na ceanglais feidhmíochta arna mbunú ar an bparaiméadar táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (f), ní chuirfear srian ar shubstaintí a bheith i dtáirgí ar chúiseanna a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach.
3. Ní chuirfidh ceanglais feidhmíochta bunaithe ar pharaiméadar an táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (f), srian ar shubstaintí a bheith i dtáirgí ar chúiseanna a bhaineann go príomha le sábháilteacht cheimiceach, mura mbeidh riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, a eascraíonn as úsáid substainte atá sa táirge nó sa chomhpháirt táirge nuair a chuirtear ar an margadh í nó le linn chéimeanna a saolré dá éis sin.
Leasú 94 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 2 – pointe b – mír 1– pointe ii
(ii) faisnéis le haghaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile maidir le conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, chomh maith le faisnéis maidir le conas an táirge a chur ar ais nó a dhiúscairt ag deireadh ré;
(ii) faisnéis shoiléir shothuigthe le haghaidh tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile maidir le conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, chomh maith le faisnéis maidir le conas an táirge a chur ar ais nó a dhiúscairt ag deireadh ré;
Leasú 95 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 2 – pointe b – mír 1– pointe ii a (nua)
(iia) faisnéis shoiléir shothuigthe i gcomhair tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile, maidir le conas córais oibriúcháin tríú páirtí a shuiteáil;
Leasú 96 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 2 – pointe b – mír 1– pointe ii b (nua)
(iib) faisnéis ábhartha do sholáthraithe seirbhísí deisithe agus athchóirithe agus d’oibreoirí a bhfuil baint acu le hullmhú d’athúsáid, le athúsáid, deisiú agus díchóimeáil;
Comhfhreagróidh na haicmí feidhmíochta sin d’fheabhsuithe ar leibhéil feidhmíochta atá suntasach ó thaobh staidrimh de.
Comhfhreagróidh na haicmí feidhmíochta sin d’fheabhsuithe ar leibhéil feidhmíochta atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus úsáidfidh siad, mar íosleibhéal, na híoscheanglais feidhmíochta arna mbunú de bhun Airteagal 6.
Leasú 98 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 4 a (nua)
4a. I gcás inarb iomchuí, bunaithe ar an bhfianaise a sholáthraítear sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear in Airteagal 5(4), pointe (b), beidh na ceanglais faisnéise maidir le feidhmíocht an táirge a bhaineann le hindeisitheacht i bhfoirm scór indeisitheachta chun cur ar chumas úsáideoirí deiridh comparáid a dhéanamh go héasca idir feidhmíocht na dtáirgí. Déanfar an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar indeisitheacht táirgí a fhorbairt de réir shonraíochtaí na gcatagóirí táirgí agus a leagan síos sa ghníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh faoi Airteagal 4. Saineofar sa ghníomh tarmligthe sin freisin inneachar agus leagan amach an lipéid ina bhfuil an scór indeisitheachta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 14, trí úsáid a bhaint as teanga agus picteagraim atá soiléir agus éasca le tuiscint, chun ró-ualach faisnéise do thomhaltóirí a sheachaint.
Nuair a bheidh sí ar fáil, féadfar gnéithe ábhartha eile de tháirge a áireamh sa mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar indeisitheacht táirgí, amhail inmharthanacht, iontaofacht nó stóinseacht, agus féadfar í a shonrú tuilleadh sa ghníomh tarmligthe ábhartha agus sainiúlachtaí na catagóire táirgí á gcur i gcuntas.
Leasú 99 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 1, fágfar go mbeifear in ann rianú a dhéanamh ar na substaintí uile ar ábhar imní iad le linn saolré táirgí, ach amháin má tá rianú den sórt sin cumasaithe cheana féin le gníomh tarmligthe eile arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar leis an méid seo a leanas ar a laghad:
Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 1, fágfar go mbeifear in ann rianú a dhéanamh ar na substaintí uile ar ábhar imní iad atá sa táirge mar a chuirtear ar an margadh é, i gcomhréir le cur chuige bunaithe ar thairseach, le linn saolré táirgí, ach amháin má tá rianú den sórt sin cumasaithe cheana féin le gníomh tarmligthe eile arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar leis an méid seo a leanas ar a laghad:
Leasú 100 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a
(a) ainm na substaintí ar ábhar imní iad atá sa táirge;
(a) Aontas Idirnáisiúnta na Ceimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC) ainm na substaintí ar údar imní iad sa táirge, lena n-áirítear an uimhir aitheantais cheimiceach, is é sin an Fardal Eorpach um Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtála Reatha (EINECS) nó uimhir an Liosta Eorpaigh de Shubstaintí Ceimiceacha dá dTugtar Fógra (ELINCS) nó uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS);
Leasú 101 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe d
(d) treoracha ábhartha maidir leis an táirge a úsáid go sábháilte;
(d) treoracha ábhartha chun an táirge a úsáid go sábháilte agus chun an táirge a bhainistiú ar shlí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ag deireadh a ré;
Leasú 102 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 5 – fomhír 1 – pointe e
(e) faisnéis ábhartha le haghaidh díchóimeála.
(e) faisnéis ábhartha le haghaidh díchóimeála agus ullmhú le haghaidh athúsáide.
Maidir leis na díolúintí dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), féadfar iad a sholáthar bunaithe ar a indéanta nó ar a ábhartha atá sé substaintí ar ábhar imní iad a rianú, ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó a chosaint agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo.
Féadfar díolúintí dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), a sholáthar bunaithe ar a indéanta nó ar a ábhartha atá sé substaintí ar ábhar imní iad a rianú, ar mhodhanna anailíse a bheith ann chun iad a bhrath agus a chainníochtú, ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó a chosaint agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo.
Leasú 104 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 6 – fomhír 2 – pointe e
(e) i lámhleabhar úsáideora;
(e) i lámhleabhar úsáideora nó i ndoiciméadacht eile a ghabhann leis an táirge;
Tabharfar faisnéis lena n-áiritheofar inrianaitheacht substaintí de bhun mhír 5 ar an táirge nó beidh sí inrochtana trí iompróir sonraí atá san áireamh ar an táirge.
Déanfar faisnéis atá ríthábhachtach do shláinte, sábháilteacht agus cearta úsáideoirí deiridh a sholáthar agus beidh rochtain uirthi trí fhoirm fhisiceach leis an táirge agus trí iompróir sonraí atá ar an táirge.
Leasú 106 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 6 – fomhír 3 a (nua)
Cuirfear faisnéis atá ábhartha do chinneadh ceannaigh feasach ar fáil do thomhaltóirí sula gceannaítear táirge.
Leasú 107 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 7 a (nua)
7a. Soláthrófar an fhaisnéis atá le soláthar de bhun ceanglais faisnéise i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta faoi Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.
__________________
1a Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
1. Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7(1), forálfar nach féidir táirgí a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse ach amháin má tá pas táirge ar fáil i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagail 9 agus 10.
1. Leis na ceanglais faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7(1), forálfar nach féidir táirgí a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse ach amháin má tá pas táirge ar fáil i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagail 9 agus 10. Beidh an fhaisnéis sa phas táirge cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.
Leasú 109 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 2 – pointe a
(a) an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge de bhun Iarscríbhinn III;
(a) an fhaisnéis atá le cuimsiú sa phas táirge de bhun Iarscríbhinn III agus comaoin shonrach i leith faisnéis rúnda ghnó.
Leasú 110 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 2 – pointe f
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí leasa phoiblí agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann;
(f) na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis sa phas táirge agus an fhaisnéis a mbeidh rochtain acu uirthi, lena n-áirítear custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí, athdhéantóirí, athchúrsálaithe, údaráis inniúla náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, taighdeoirí, ceardchumainn agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann;
Leasú 111 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 2 – pointe g
(g) na gníomhaithe a fhéadfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge, lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, deisitheoirí, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann;
(g) na gníomhaithe a dhéanfaidh an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta sa phas táirge lena n-áirítear, más gá, pas táirge nua a chruthú a bheidh nasctha le pas nó pasanna táirge an bhuntáirge, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear monaróirí, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athchóiritheoirí, gairmithe cothabhála, athmhonaróirí, athchúrsáileoirí, údaráis inniúla náisiúnta, agus an Coimisiún, nó aon eagraíocht atá ag gníomhú thar a gceann, agus dúbláil faisnéise agus tuairiscithe á seachaint ag an am céanna;
Leasú 112 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 2 – pointe h
(h) an tréimhse a mbeidh an pas táirge ar fáil lena linn.
(h) an tréimhse a mbeidh an pas táirge ar fáil lena linn, ar tréimhse í a chomhfhreagróidh do shaolré ionchasach táirge ar leith ar a laghad.
Leasú 113 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
(a) áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaithe feadh an tslabhra luacha, go háirithe tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla náisiúnta, in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis táirge atá ábhartha dóibh;
(a) áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaithe feadh an tslabhra luacha ábalta rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh;
Leasú 114 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a) beidh sé nasctha le haitheantóir táirge uathúil trí iompróir sonraí;
(a) beidh sé nasctha trí iompróir sonraí le haitheantóir uathúil táirge lena sainaithneofar an táirge, go neamhspleách ar aitheantóir aon phas táirge agus ar aon ainm fearainn idirlín;
Leasú 115 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha agus inchuardaithe, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10;
(d) maidir leis an bhfaisnéis uile a chuimsítear sa phas táirge, beidh sí bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbartha le formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí inléite ag meaisín, struchtúrtha, agus inchuardaithe, agus beidh sí inaistrithe trí ghréasán malartaithe sonraí oscailte idir-inoibritheach gan gaibhniú ag díoltóir, i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 10;
Leasú 116 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
(da) Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoir deiridh an táirge a stóráil sa phas táirge;
3. Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh cóip dhigiteach den iompróir sonraí do dhéileálaithe chun go mbeidh an déileálaí in ann é a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí i gcás nach féidir leo rochtain fhisiceach a fháil ar an táirge. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an chóip dhigiteach sin a sholáthar saor in aisce agus laistigh de 5 lá oibre tar éis iarraidh an déileálaí.
3. Soláthróidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh cóip dhigiteach den iompróir sonraí do dhéileálaithe agus do mhargaí ar líne chun go mbeidh siad in ann é a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí i gcás nach féidir leo rochtain fhisiceach a fháil ar an táirge. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an chóip dhigiteach sin a sholáthar saor in aisce agus laistigh de 5 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.
Leasú 118 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa) beidh pasanna táirgí idir-inoibritheach le bunachair sonraí táirgí láithreacha, amhail an bunachar sonraí maidir le Substaintí Is Údar Imní in earraí, mar sin nó i nithe casta (Táirgí) (SCIP) agus bunachar sonraí na Clárlainne Táirgí Eorpaí le haghaidh Lipéadú Fuinnimh (EPREL), aon uair is indéanta agus is ábhartha;
Leasú 119 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe b
(b) beidh saor-rochtain ag tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas táirge bunaithe ar a gcearta rochtana féin a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(b) beidh rochtain saor in aisce agus éasca ag custaiméirí, úsáideoirí deiridh, monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí, déileálaithe, deisitheoirí gairmiúla, oibreoirí neamhspleácha, athmhonaróirí, athchúrsálaithe, údaráis náisiúnta inniúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus gníomhaithe ábhartha eile ar an bpas táirge bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
Leasú 120 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 –mír 1 – pointe b a (nua)
(ba) déanfar pasanna táirgí a dhearadh agus a oibriú ionas go mbeidh siad so-úsáidte;
Leasú 121 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe c
(c) is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge a chruthú, nó oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, a stórálfaidh na sonraí a chuimsítear sa phas táirge;
(c) is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge a chruthú, nó oibreoirí atá údaraithe chun gníomhú thar a cheann, a stórálfaidh na sonraí a chuimsítear sa phas táirge;
Leasú 122 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 a (nua)
Airteagal 12 a
Léibheann Comparáide
1. Faoin [cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún uirlis ar líne a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi a chur ar bun agus a chothabháil a lamháiltear do gheallsealbhóirí comparáid a dhéanamh idir faisnéis atá san áireamh sna pasanna táirgí atá stóráilte ag an oibreoir eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 10(c). Dearfar an uirlis ionas chun a ráthú gur féidir le geallsealbhóirí an fhaisnéis a chuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana faoi seach de bhun Airteagal 10(1)(b).
Leasú 123 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 1 – pointe b
(b) leagan amach an lipéid agus infheictheacht agus inléiteacht á gcur san áireamh;
(b) leagan amach an lipéid lena n-áirithítear infheictheacht agus inléiteacht;
Leasú 124 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 1 – pointe c
(c) an bealach ina gcuirfear an lipéad ar taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ciandíolacháin, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 agus na himpleachtaí do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha á gcur san áireamh;
(c) an bealach ina gcuirfear an lipéad ar taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ciandíolacháin, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26, na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882, agus na himpleachtaí do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha á gcur san áireamh;
2. I gcás ina mbeidh sé i gceist le ceanglas faisnéise go gcuimseofar ar lipéad an aicme feidhmíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(4), le leagan amach an lipéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), cuirfear ar chumas custaiméirí feidhmíocht an táirge a chur i gcomparáid go héasca leis an bparaiméadar táirge ábhartha agus táirgí feidhmíochta níos fearr a roghnú.
2. I gcás ina mbeidh sé i gceist le ceanglas faisnéise go gcuimseofar ar lipéad an aicme feidhmíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(4), beidh leagan amach an lipéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), soiléir agus sothuigthe, agus cuirfear ar chumas custaiméirí feidhmíocht an táirge a chur i gcomparáid go héasca leis an bparaiméadar táirge ábhartha agus táirgí feidhmíochta níos fearr a roghnú.
I gcás nach gceanglaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lipéad a bheith ag táirgí, ní fhéadfar na táirgí sin a chur ar an margadh ná a chur i mbun seirbhíse má dhéanann siad lipéid a sholáthar nó a chur ar taispeáint ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis na lipéid dá bhforáiltear in Airteagal 14.
Ní chuirfear táirgí ar an margadh ná i mbun seirbhíse má sholáthraíonn siad nó má chuireann siad ar taispeáint lipéid ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis na lipéid dá bhforáiltear in Airteagal 14, lena n-áirítear i gcás nach gceanglaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lipéad a bheith ar tháirgí.
Leasú 127 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 1 – pointe c
(c) dáileadh na dtionchar ar an gcomhshaol, úsáid fuinnimh agus giniúint dramhaíola ar fud an tslabhra luacha, go háirithe cibé acu a tharlaíonn siad laistigh den Aontas nó nach dtarlaíonn;
(c) dáileadh na dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, úsáid fuinnimh, úsáid acmhainní agus giniúint dramhaíola ar fud an tslabhra luacha;
Déanfaidh an Coimisiún plean oibre a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, lena gcumhdófar tréimhse 3 bliana ar a laghad, ina leagfar amach liosta de ghrúpaí táirgí a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar sa liosta sin gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta arna mbunú de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(2) a ghlacadh ina leith.
Déanfaidh an Coimisiún plean oibre a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, mar aon leis na doiciméid ullmhúcháin ábhartha. Leagfar amach sa phlean oibre liosta grúpaí táirgí a bhfuil sé ar intinn aige ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hamlínte measta dá mbunú. Áireofar sa liosta sin gnéithe táirgí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta arna mbunú de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(2) a ghlacadh ina leith. Cumhdóidh an plean oibre tréimhse 3 bliana ar a laghad agus tabharfar é cothrom le dáta go rialta.
Agus an plean oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus rachaidh sé i gcomhairle leis an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 17.
Agus an plean oibre dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh nó á thabhairt cothrom le dáta aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus rachaidh sé i gcomhairle leis an bhFóram Éicidhearthóireachta dá dtagraítear in Airteagal 17 laistigh de chreat ama iomchuí.
Leasú 130 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)
Tíolacfaidh an Coimisiún an dréachtphlean oibre do Pharlaimint na hEorpa sula nglacfar iad.
Leasú 131 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 2 b (nua)
Don tréimhse 2024-2027, breithneoidh an Coimisiún tús áite a thabhairt do na grúpaí táirgí seo a leanas sa chéad phlean oibre atá le glacadh tráth nach déanaí ná... [cuir isteach an dáta 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Mura n-áirítear aon cheann de na grúpaí táirgí seo a leanas sa phlean oibre, tabharfaidh an Coimisiún údar lena chinneadh sa phlean oibre:
— iarann, cruach
— alúmanam
— teicstílí, go háirithe éadaí agus coisbheart
— troscán, lena n-áirítear tochtanna
— boinn
— glantaigh
— péinteanna
— bealaí
— ceimiceáin
— táirgí a bhaineann le fuinneamh, ar gá a mbearta cur chun feidhme a athbhreithniú nó a shainiú as an nua
Mura bhfuil ceanglais leordhóthanacha feidhmíochta agus faisnéise ann maidir leis an gcomhshaol agus an lorg carbóin stroighne faoin [Rialachán atá le teacht lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe chun táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 305/2011 (2022/0094 COD)] faoi 2027, spreagfar stroighin a áireamh mar chatagóir táirgí tosaíochta sa chéad phlean oibre eile den Rialachán seo.
Áiritheoidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu leis an táirge nó leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena n-áirítear FBManna agus lucht tionscail cheirde, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta an chomhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Rannchuideoidh na páirtithe sin go sonrach le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú, le hiniúchadh ar éifeachtacht na sásraí bunaithe maidir le faireachas margaidh agus le measúnú ar bhearta féinrialála eile.
Áiritheoidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu leis an táirge nó leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena n-áirítear FBManna, fiontair shóisialta agus lucht tionscail cheirde, oibreoirí bainistithe dramhaíola, eagraíochtaí caighdeánaithe, ceardchumainn agus comhlachais, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí agus eagraíochtaí cosanta an chomhshaoil, agus eagraíochtaí tomhaltóirí taighdeoirí agus saineolaithe eile.
Leasú 134 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
Rannchuideoidh na páirtithe dá dtagraítear sa chéad mhír go háirithe le ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú agus le scrúdú ar éifeachtacht na sásraí seanbhunaithe maidir le faireachas margaidh agus measúnú ar bhearta féinrialaithe.
Leasú 135 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 17 – mír 2 a (nua)
Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin na cruinnithe den ‘Fhóram Éicidhearthóireachta’ atá ar na bacáin, lena n-áiritheofar go gcuirfear na páirtithe ábhartha ar an eolas in am trátha sula dtarlaíonn sainchomhairle.
Leasú 136 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 17 – mír 2 c (nua)
Comhlíonfaidh an Fóram Éicidhearthóireachta a chúraimí ar bhealach iomlán trédhearcach. Foilseoidh an Coimisiún conclúidí glactha agus miontuairiscí chruinnithe an Fhóraim Éicidhearthóireachta agus na doiciméid ábhartha uile eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Leasú 137 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 17 – mír 2 c (nua)
Féadfaidh an Fóram Éicidhearthóireachta a iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais éicidhearthóireachta a ullmhú le haghaidh grúpa táirgí ar leith. Cuirfidh an Coimisiún an iarraidh sin san áireamh.
1. Féadfaidh dhá oibreoir eacnamaíocha nó níos mó beart féinrialála lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar mhalairt ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Cuirfidh na hoibreoirí sin fianaise ar fáil go gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (e). Maidir le mír 3, pointe (a), is éard a bheidh san fhianaise sin anailís struchtúrtha theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena dtabharfar údar do cheanglais agus do chuspóirí éicidhearthóireachta an bhirt féinrialála, agus do mheasúnú ar thionchair na gceanglas éicidhearthóireachta a leagtar síos sa bheart féinrialála sin.
1. Féadfaidh dhá oibreoir eacnamaíocha nó níos mó beart féinrialála lena mbunaítear ceanglais éicidhearthóireachta chun táirgí a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar mhalairt ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, mura n-áireofar na táirgí sa phlean oibre. Cuirfidh na hoibreoirí sin fianaise ar fáil go gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (e). Maidir le mír 3, pointe (a), is éard a bheidh san fhianaise sin anailís struchtúrtha theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena dtabharfar údar do cheanglais agus do chuspóirí éicidhearthóireachta an bhirt féinrialála, agus do mheasúnú ar thionchair na gceanglas éicidhearthóireachta a leagtar síos sa bheart féinrialála sin.
Leasú 139 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bheart féinrialála:
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bheart féinrialála a chuirfear isteach de bhun mhír 1:
Leasú 140 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
(b) na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála;
(b) na ceanglais éicidhearthóireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5, is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála;
Leasú 141 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 1 – fomhír 1 – pointe d
(d) rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag sínitheoirí agus maidir le tástáil agus cigireachtaí.
(d) rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag sínitheoirí agus rialacha maidir le tástáil agus cigireachtaí.
Leasú 142 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
(da) rialacha maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh sínitheora;
Leasú 143 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d b (nua)
(db) míniú ar an gcaoi a gcuireann an beart féinrialála a chuirtear isteach de bhun mhír 1 feabhas ar inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus an chaoi a n-áirithíonn sé saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach ar bhealach níos tapúla nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.
Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo cothrom le dáta agus beidh sí ar fáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air.
Coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo cothrom le dáta agus beidh sí ar fáil ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a bhfuil rochtain ag an bpobal air. Tabharfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athruithe ar an mbeart féinrialála, go háirithe faoi aon athruithe ar na sínitheoirí.
Leasú 145 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart féinrialála atá beartaithe agus, i gcás inar gá, lorgóidh sé comhairle eolaíoch ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, suífidh sé an rogha mhalartach bhailí é ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart féinrialála atá beartaithe agus, i gcás inar gá, lorgóidh sé comhairle eolaíoch ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis an bhfóram Éicidhearthóireachta maidir leis an mbeart féinrialála arna thíolacadh de bhun mhír 1. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, suífidh sé an rogha mhalartach bhailí é ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
Leasú 146 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a
(a) cuireann an beart féinrialála le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí agus le saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú go tapa nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(a) cuireann an beart féinrialála le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus le saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú níos tapúla nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina mbeidh liosta de bhearta féinrialála arna suí mar roghanna malartacha bailí ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 66 ina mbeidh liosta de bhearta féinrialála arna suí mar roghanna malartacha bailí ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Déanfar an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
4. Tráth ar bith, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíochta laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh a thuilleadh.
4. Tráth ar bith, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh i bhfianaise forbairtí margaidh agus teicneolaíochta laistigh den ghrúpa táirgí lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh a thuilleadh. Déanfaidh na sínitheoirí leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh laistigh de thrí mhí ón iarraidh a dhéanfaidh an Coimisiún.
5. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, tuairisceoidh sínitheoirí an bhirt sin don Choimisiún go tráthrialta, de réir mar a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin, maidir leis an dul chun cinn i dtreo cuspóirí na mbeart féinrialála a bhaint amach agus chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3, pointí (a) go (e), á gcomhlíonadh i gcónaí. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air.
5. A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, tuairisceoidh sínitheoirí an bhirt sin don Choimisiún go tráthrialta, de réir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin, maidir leis an dul chun cinn i dtreo cuspóirí na mbeart féinrialála a bhaint amach agus chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3, pointí (a) go (e), á gcomhlíonadh i gcónaí. I gcás nach gcomhlíonann sínitheoir ceanglais an bhirt féinrialála, ní mór dó gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Tabharfaidh an cigire neamhspleách fógra don Choimisiún maidir le neamhchomhlíonadh sínitheora. Déanfar tuarascálacha ar dhul chun cinn, lena n-áirítear tuarascálacha ar chomhlíonadh arna ndéanamh ag an gcigire neamhspleách, agus fógraí maidir le neamhchomhlíonadh agus gníomhaíocht cheartaitheach chomhfhreagrach a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a mbeidh rochtain ag an bpobal air.
6. I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 4 nó 5, nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh, scriosfaidh sé é ón liosta dá dtagraítear sa mhír sin. I gcásanna áirithe, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an táirge a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála sin a ghlacadh.
6. I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 2, 4 nó 5, nach gcomhlíonann beart féinrialála na critéir a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh, scriosfaidh sé é ón liosta dá dtagraítear sa mhír sin. I gcásanna áirithe, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an táirge a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála sin a ghlacadh.
1. I gcomhthéacs na gclár a bhféadfaidh FBManna tairbhe a bhaint astu, ba cheart don Choimisiún tionscnaimh a chur san áireamh a chabhraíonn le FBManna gnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, a chomhtháthú ina slabhra luacha.
1. I gcomhthéacs na gclár a bhféadfaidh micrifhiontair agus FBManna tairbhe a bhaint astu, ba cheart don Choimisiún tionscnaimh a chur san áireamh a chabhraíonn le micrifhiontair agus FBManna gnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, a chomhtháthú ina slabhra luacha.
2. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 4, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe leis na gníomhartha sin lena gcumhdaítear sainiúlachtaí FBManna atá gníomhach in earnáil an táirge nó in earnáil an ghrúpa táirgí a ndéantar difear dóibh chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag FBManna a éascú.
2. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 4, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha tarmligthe leis na gníomhartha sin lena gcumhdaítear sainiúlachtaí micrifhiontar agus FBManna atá gníomhach in earnáil an táirge nó in earnáil an ghrúpa táirgí a ndéantar difear dóibh chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag micrifhiontair agus FBManna a éascú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha micrifhiontar agus FBManna agus na treoirlínte á ndréachtú aige.
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cuidiú le FBManna ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur i bhfeidhm.
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cuidiú le micrifhiontair agus FBManna ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur i bhfeidhm. Agus bearta den sórt sin á n-ullmhú acu, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha micrifhiontar agus FBManna.
Áireofar ar na bearta sin a áirithiú ar a laghad go mbeidh ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla ar fáil chun feasacht a mhéadú agus deiseanna líonraithe a chruthú le haghaidh FBManna chun iad féin a chur in oiriúint do cheanglais.
Áireofar ar na bearta sin a áirithiú ar a laghad go mbeidh ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla ar fáil chun feasacht a mhéadú agus deiseanna líonraithe a chruthú le haghaidh micrifhiontar agus FBManna chun iad féin a chur in oiriúint do cheanglais. Áireofar sásraí sonracha ar a laghad sna bearta sin chun comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach in Airteagail 8 go 12a a éascú agus chun measúnuithe saolré a dhéanamh.
Leasú 155 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 3 – pointe a
(a) tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí bhuntáistí fioscacha a thabhairt agus infheistíochtaí i mbonneagair fhisiciúla agus dhigiteacha a sholáthar;
(a) tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear trí bhuntáistí fioscacha a thabhairt, rannpháirtíocht san Fhóram Éicidhearthóireachta a chumasú, infheistíochtaí i mbonneagar fisiciúil agus digiteach a sholáthar;
Leasú 156 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a) líon na dtáirgí tomhaltais gan díol a dhiúscraítear gach bliain, difreáilte de réir cineál táirge nó catagóir táirgí;
(a) líon agus céatadán na dtáirgí tomhaltais gan díol a dhiúscraítear gach bliain, difreáilte de réir cineál táirge nó catagóir táirgí;
Leasú 157 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c
(c) seachadadh táirgí a dhiúscraítear chun ullmhú d’athúsáid, athmhonarú, athchúrsáil, aisghabháil fuinnimh agus oibríochtaí diúscartha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.
(c) seachadadh táirgí a dhiúscraítear mar thabhartais, chun ullmhú d’athúsáid, athmhonarú, athchúrsáil, aisghabháil fuinnimh agus oibríochtaí diúscartha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.
Nochtfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin a bhfuil saor-rochtain air nó cuirfidh sé ar fáil go poiblí í ar bhealach eile, go dtí go mbeidh feidhm ag gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3 maidir leis an gcatagóir de tháirgí tomhaltais gan díol arna ndiúscairt ag an oibreoir atá i gceist.
Nochtfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a bhfuil saor-rochtain air, go dtí go mbeidh feidhm ag gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3 maidir leis an gcatagóir de tháirgí tomhaltais gan díol arna ndiúscairt ag an oibreoir atá i gceist.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach an fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh, lena n-áirítear an cineál nó an chatagóir agus an chaoi a bhfuil an fhaisnéis le fíorú.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach an fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a nochtadh, lena n-áirítear an cineál nó an chatagóir agus an chaoi a bhfuil an fhaisnéis le fíorú.
Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú san Aontas, i gcás ina mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag díothú táirgí tomhaltais gan díol a thagann faoi ghrúpa táirgí áirithe.
Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thoirmeasc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú san Aontas, i gcás ina mbeidh tionchar neamhdhiomaibhseach ar an gcomhshaol ag díothú táirgí tomhaltais gan díol a thagann faoi ghrúpa táirgí áirithe.
Leasú 161 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
Ar bhonn na faisnéise arna soláthar faoi mhír 1, déanfaidh an Coimisiún faoin... [cuir isteach an dáta 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 3 bliana ina dhiaidh tuarascáil a fhoilsiú maidir le scriosadh earraí nár díoladh. Sa tuarascáil sin, sainaithneoidh an Coimisiún na táirgí a measann sé ar gá gníomh tarmligthe a ghlacadh ina leith lena dtoirmiscfear earraí nár díoladh a dhíothú.
Leasú 162 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a
(a) údair imní sláinte agus sábháilteachta;
(a) údair imní sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta;
Leasú 163 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe b
(b) damáiste do tháirgí mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhrath tar éis táirge a bheith curtha ar ais ag tomhaltóir;
(b) damáiste do tháirgí nach féidir a dheisiú ar bhealach costéifeachtach mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhrath tar éis táirge a chur ar ais;
Leasú 164 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe c
(c) oiriúnacht an táirge don chríoch dá bhfuil sé beartaithe, agus i gcás inarb infheidhme, dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta agus caighdeáin theicniúla á gcur san áireamh;
scriosta
Leasú 165 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a (nua)
(da) táirgí góchumtha.
Leasú 166 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a
(a) an líon táirgí tomhaltais gan díol a díothaíodh;
(a) líon agus céatadán táirgí tomhaltais gan díol a díothaíodh;
Leasú 167 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 – mír 6 a (nua)
6a. Tabharfaidh an Coimisiún a ndóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha dul i dtaithí ar cheanglais nua.
Leasú 168 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 20 a (nua)
Airteagal 20a
1. Bliain amháin tar éis... [cuir isteach dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], beidh toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais gan díol a dhíothú i gcás na gcatagóirí táirgí seo a leanas:
(a) teicstílí agus coisbheart;
(b) trealamh leictreach agus leictreonach.
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le díolúintí áirithe ó na toirmisc dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a) údair imní sláinte, sláinteachais agus sábháilteachta;
(b) damáiste do tháirgí nach féidir a dheisiú ar bhealach costéifeachtach mar thoradh ar iad a láimhseáil nó a bhrath tar éis táirge a chur ar ais;
(c) táirgí le deonú a dhiúltú, ullmhú d’athúsáid nó d’athmhonarú.
(d) táirgí góchumtha.
3. I gcás ina ndíothaítear táirgí gan díol faoi dhíolúine dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach an méid seo a leanas a nochtadh ar shuíomh gréasáin a bhfuil saor-rochtain air nó a chur ar fáil go poiblí ar bhealach eile:
(a) líon agus céatadán na dtáirgí nár díoladh;
(b) na cúiseanna le díothú na dtáirgí nár díoladh, ag tagairt don díolúine is infheidhme;
(c) seachadadh táirgí a dhíothaítear d’oibríochtaí athchúrsála, aisghabhála fuinnimh agus diúscartha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.
Na mionsonraí agus an fhormáid maidir le nochtadh faisnéise dá bhforáiltear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír Airteagal 20(2), beidh feidhm acu maidir leis an bhfaisnéis atá le nochtadh de bhun na míre seo, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 2.
4. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le FBManna.
Féadfaidh an Coimisiún, áfach, sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2, foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol dá dtagraítear i mír 1 nó ag an oibleagáid maidir le nochtadh dá dtagraítear i mír 3 maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) fiontair mheánmhéide, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann gurb iad atá freagrach as sciar suntasach de na táirgí tomhaltais gan díol a scriosadh;
(b) micrifhiontair agus fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfar iad a úsáid chun dul timpeall ar an toirmeasc ar dhíothú táirgí tomhaltais gan díol dá dtagraítear i mír 1 nó ar an oibleagáid maidir le nochtadh dá dtagraítear i mír 3.
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse. Féadfar tréimhse níos faide nó níos giorra ná 10 mbliana a shonrú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 chun cineál na dtáirgí nó na gceanglas lena mbaineann a chur san áireamh.
3. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse. Féadfar tréimhse níos faide nó níos giorra ná 10 mbliana a shonrú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 chun cineál na dtáirgí, castacht na faisnéise atá le soláthar, nó na ceanglais lena mbaineann a chur san áireamh.
7. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt go sábháilte, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus de bhun Airteagal 7(2)(b), pointe (ii), ar a laghad.
7. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha i bformáid dhigiteach ag gabháil le táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chuirfidh ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt go sábháilte, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus de bhun Airteagal 7(2)(b), pointe (ii), ar a laghad. Sonrófar freisin sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 an tréimhse ar lena linn a chuirfear na treoracha sin ar fáil ar líne. Ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 10 mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh.
Leasú 171 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 21 – mír 7 a (nua)
7a. Agus na treoracha dá dtagraítear i mír 7 á soláthar aige, tíolacfaidh an monaróir iad i bhformáid lenar féidir iad a íoslódáil agus a shábháil ar fheiste leictreonach ionas go mbeidh an tomhaltóir nó an t-úsáideoir deiridh eile in ann rochtain a fháil orthu i gcónaí.
Leasú 172 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 21 – mír 7 b (nua)
7b. Arna iarraidh sin don tomhaltóir nó don úsáideoir deiridh eile tráth an cheannaigh nó suas le 6 mhí tar éis an cheannaigh sin, cuirfidh an monaróir na treoracha ar fáil saor in aisce i bhformáid pháipéir.
Leasú 173 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 21 – mír 7 c (nua)
7c. Féadfar a shonrú sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, i gcásanna a bhfuil údar maith leo, go bhféadfar faisnéis ghonta áirithe atá mar chuid de na treoracha dá bhforáiltear i mír 7 den Airteagal sin a sholáthar i bhformáid pháipéir.
Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí.
Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá gan moill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí.
Leasú 175 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 21 – mír 8 a (nua)
8a. Bunóidh monaróirí bealaí cumarsáide a bheidh ar fáil don phobal amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó roinn thiomnaithe ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine atá faoi mhíchumas á gcur san áireamh, chun go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann gearáin nó ábhair imní a chur isteach maidir le neamhchomhréireacht fhéideartha táirgí.
Déanfaidh monaróirí bearta iomchuí nuair a mheasann siad nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin á gcomhlíonadh, agus cuirfidh siad na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas. Coinneoidh monaróirí clár de ghearáin agus ní bhaineann sé ach le fad is gá chun críche an Rialacháin sin agus cuirfidh siad ar fáil é arna iarraidh sin d’údarás um fhaireachais margaidh.
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, soláthróidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarratas.
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, soláthróidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú, agus beidh an doiciméadacht theicniúil ann i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarraidh.
Leasú 177 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 22 – mír 2 – pointe d
(d) de thoradh iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil laistigh de 10 lá tar éis an iarraidh sin a fháil;
(d) de thoradh iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis an iarraidh sin a fháil;
4. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha ag gabháil leis an táirge a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.
4. Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh treoracha ag gabháil leis an táirge a chuirfidh ar chumas an tomhaltóra an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil, a dheisiú agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus beidh an fhaisnéis iontu a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21, míreanna 7b agus 7c.
Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí.
Allmhaireoirí a mheasann, nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, agus atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá ganmoill mhíchuí chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó é a tharraingt siar nó a aisghairm láithreach, más iomchuí.
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil laistigh de 10 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil an Bhallstáit iarratas.
Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 15 lá ón uair a fhaigheann údarás inniúil náisiúnta iarraidh.
Leasú 181 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 24 – mír 2 – pointe b
(b) go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha ag gabháil leis an táirge, chun go mbeidh an tomhaltóir in ann an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(b) go bhfuil na doiciméid is gá agus treoracha ag gabháil leis an táirge, chun go mbeidh an tomhaltóir in ann an táirge a chóimeáil, a shuiteáil, a oibriú, a stóráil, a chothabháil agus a dhiúscairt, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh, agus go bhfuil na treoracha sin soiléir, intuigthe agus inléite agus go n-áirítear iontu ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(2), pointe (b), pointe (ii), mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; beidh feidhm mutatis mutandis ag na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21, míreanna 7b agus 7c.
Leasú 182 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 25 – mír 3 – pointe c
(c) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad.
(c) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad maidir le ceanglais éicidhearthóireachta.
Leasú 183 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 25 a (nua)
Airteagal 25 a
Oibleagáidí soláthróirí
Déanfaidh soláthróir substainte nó meascáin nó soláthróir earra an fhaisnéis ábhartha uile a sholáthar do na hoibreoirí eacnamaíocha saor in aisce chun comhlíonadh na gceanglas feidhmíochta agus faisnéise a leagtar amach sa Rialachán seo a éascú.
Leasú 184 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 26 – mír 4 – pointe b
(b) ní sholáthróidh siad ná ní léireoidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile ar dócha go gcuirfí custaiméirí amú leo nó go gcuirfí mearbhall orthu leo i ndáil leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad.
(b) ní dhéanfaidh siad lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a chur ar fáil ná a chur ar taispeáint ar dóigh dóibh custaiméirí a chur ar míthreoir nó mearbhall a chur orthu maidir leis an bhfaisnéis atá ar an lipéad trí lipéid éigeantacha a mhacasamhlú nó trí fhaisnéis a sholáthar atá contrártha le lipéid éigeantacha. Ní chuimseoidh na srianta sin Éicilipéad AE dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 agus Éicilipéid eile de chuid EN ISO 14024 de chineál 1-Éicilipéid eile a aithnítear go náisiúnta nó go réigiúnach dá dtagraítear sa Rialachán sin.
Leasú 185 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 29 – teideal
Oibleagáidí margaí ar líne agus inneall cuardaigh ar líne
1. Maidir leis an gcomhar dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le margaí ar líne agus chun críocha an Rialacháin seo, áireofar, go háirithe, an méid seo a leanas ann:
1. Comhoibreoidh margaí ar líne, chun críocha an Rialacháin sin, leis na húdaráis um fhaireachais margaidh, arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachais margaidh agus i gcásanna sonracha, chun éascú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí, nó chun na rioscaí sin a mhaolú mura féidir é sin a dhéanamh.
(a) obair i gcomhar a dhéanamh chun bearta éifeachtacha um fhaireachas margaidh a áirithiú, lena n-áirítear trí staonadh ó bhacainní a chur i bhfeidhm maidir le bearta den sórt sin;
(b) na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh;
(c) malartú rialta agus struchtúrtha faisnéise a bhunú maidir le tairiscintí a bhain margaí ar líne deireadh leo ar bhonn an Airteagail seo;
(d) cead a thabhairt d’uirlisí ar líne arna n-oibriú ag údaráis um fhaireachas margaidh rochtain a fháil ar a gcomhéadain chun táirgí neamhchomhlíontacha a shainaithint;
(e) ach a n-iarrfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh sin, nuair atá bacainní teicniúla curtha i bhfeidhm ag na margaí ar líne nó na díoltóirí ar líne roimh shonraí a asbhaint óna gcomhéadan ar líne, cead a thabhairt do na húdaráis um fhaireachas margaidh na sonraí sin a chamchóipeáil chun críoch comhlíontachta táirgí, ar bhonn paraiméadair aitheantais arna soláthar ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a rinne an iarraidh.
Chun críoch cheanglais [Airteagal 22(7)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha], déanfaidh margaí ar líne a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuirfidh ar chumas déileálaithe a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 25 a chomhlíonadh agus a fhágfaidh gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoi Airteagal 30(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh.
Beifear in ann an fhaisnéis a sholáthar le haghaidh gach táirge a thairgfear agus taispeánfar nó cuirfear ar fáil go héasca í do chustaiméirí ar bhealach eile ar an liostú táirgí.
Go háirithe, i gcás ina gceanglaítear, le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, go mbeidh faisnéis leictreonach ar líne, faisnéis atá le taispeáint ar an sásra taispeána, ag gabháil le fógraíocht amhairc ar líne le haghaidh táirgí áirithe, cuirfidh margaí ar líne ar chumas déileálaithe í a thaispeáint. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hinnill chuardaigh ar líne agus ardáin eile ar líne a sholáthraíonn fógraíocht amhairc ar líne le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann.
3. A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachas margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear le gníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, a ordú do mhargadh ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge neamhchomhlíontach a bhaint óna chomhéadan ar líne, sin nó rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a gheobhaidh siad rochtain air. Comhlíonfaidh orduithe den sórt sin [Airteagal 8(1)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
3. A mhéid a bhaineann le cumhachtaí arna dtabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis um fhaireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le hinneachar sonrach a thagraíonn do thairiscint ar tháirge neamhchomhlíontach le ceanglais an Rialacháin sin, ordú a eisiúint lena gceanglófar ar sholáthraithe margaí ar líne an t-inneachar sin a bhaint dá gcomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a bheidh rochtain acu air. Comhlíonfaidh orduithe den sórt sin [Airteagal 8(1)] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
4. Déanfaidh margaí ar líne na bearta is gá chun na horduithe dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir le [Airteagal 8] de Rialachán (AE).../... [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha].
Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála aonair trínar féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.
Bunóidh margaí ar líne pointe teagmhála atá ann cheana nó a cheapadh mar phointe teagmhála aonair lenar féidir cumarsáid dhíreach a dhéanamh le húdaráis um fhaireachais margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin sin agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 agus cuirfidh siad ar chumas tomhaltóirí cumarsáid dhíreach agus thapa a dhéanamh leo maidir le ceanglais éicidhearthóireachta.
Féadfaidh gurb é an pointe teagmhála an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in [Airteagal 20(1)] de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] nó [Airteagal 10(1)] de Rialachán (AE).../... [an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha].
Féadfaidh gurb é an pointe teagmhála an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in [Airteagal 20(1)] de Rialachán (AE).../... [an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí] nó [Airteagal 11] de Rialachán (AE) 2022/2065.
Leasú 194 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 30 – mír 1 – pointe c
(c) faisnéis lena sainaithnítear an táirge, lena n-áirítear a chineál agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, baiscuimhir nó uimhir sraithe nó aon aitheantóir táirge eile.
(c) faisnéis lenar féidir an táirge a shainaithint, lena n-áirítear pictiúr de, a chineál agus aon aitheantóir táirge eile;
Leasú 195 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 30 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir seo a leanas:
Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (a), cuirfidh an Coimisiún san áireamh na critéir seo a leanas:
Leasú 196 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 31 – mír 3 – fomhír 1 – pointe a a (nua)
(aa) an gá atá ann cosaint sonraí agus príobháideachais sonraí a áirithiú;
Leasú 197 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 31 – mír 3 – fomhír 2 – pointe a
(a) na sonraí in-úsáide a bhailiú más féidir rochtain a fháil orthu go cianda tríd an idirlíon, ach amháin má dhiúltaíonn an t-úsáideoir deiridh go sainráite na sonraí sin a chur ar fáil;
(a) na sonraí in-úsáide a bhailiú más féidir iad a rochtain go cianda tríd an idirlíon tar éis toiliú sainráite a fháil ón úsáideoir deiridh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 chunna sonraí a chur ar fáil;
Ní fhágfaidh nuashonruithe bogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge níos measa i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáideadh don mheasúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina bhfaightear toiliú sainráite an úsáideora deiridh roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú.
Ní fhágfaidh nuashonruithe bogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge i bhfad níos measa i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáideadh don mheasúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina bhfaightear toiliú sainráite an úsáideora deiridh roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(3).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(3). I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme, nó codanna díobh, ina bhfuil na ceanglais éicidhearthóireachta chéanna.
1. Maidir le ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí.
1. Gan dochar do Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, maidir le ceanglais de bhun Airteagal 4, an tríú fomhír, pointe (h), le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, nó eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, beidh siad i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla éigeantacha, critéir roghnúcháin, critéir dhámhachtana, clásail feidhmíochta conartha, nó spriocanna, de réir mar is iomchuí.
Leasú 201 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 58 – mír 1 a (nua)
1a. Cuirfidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, cúnamh ar fáil d’údaráis chonarthacha náisiúnta chun uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh ar fhoireann atá i gceannas ar sholáthar poiblí glas.
Leasú 202 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 58 – mír 2 – pointe b
(b) an gá atá ann a áirithiú go mbeidh éileamh leordhóthanach ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
(b) tairbhí don chomhshaol agus an gá atá ann éileamh leordhóthanach ar tháirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú;
Gan dochar d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh gach Ballstát, gach 2 bhliain ar a laghad, plean gníomhaíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh a bheartaítear chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí ar scála leordhóthanach i ndáil leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Déanfaidh gach Ballstát an chéad phlean gníomhaíochta den sórt sin a dhréachtú faoin [16 Iúil 2024].
Gan dochar d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh gach Ballstát, gach 2 bhliain ar a laghad, plean gníomhaíochta a tharraingt suas ina leagfar amach na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh a bheartaítear chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha, cigireachtaí nó iniúchtaí iomchuí, lena n-áirítear seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leordhóthanacha, ar scála leordhóthanach i ndáil leis an Rialachán sin agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4. Déanfaidh gach Ballstát an chéad phlean gníomhaíochta den sórt sin a dhréachtú faoin [16 Iúil 2024].
Leasú 204 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 59 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b) na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh atá beartaithe chun neamhchomhlíonadh a laghdú i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí, lena n-áirítear cineál agus líon íosta na seiceálacha atá le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean gníomhaíochta.
(b) na gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh atá beartaithe a laghdú nó chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí, lena n-áirítear cineál agus líon íosta na seiceálacha atá le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean gníomhaíochta.
Leasú 205 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 59 –mír 2 – pointe b a (nua)
(ba) líon na ngearán a fuarthas ó úsáideoirí deiridh, ó eagraíochtaí tomhaltóirí nó ó fhaisnéis eile a fuarthas ó oibreoirí eacnamaíocha nó ó na meáin chumarsáide;
3. Beidh cineál agus líon na seiceálacha atá beartaithe de bhun mhír 1, pointe (b), comhréireach leis na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun na tosaíochtaí a shainaithint i gcomhréir le mír 2.
3. Beidh cineál agus líon na seiceálacha atá beartaithe de bhun mhír 1, pointe (b), comhréireach leis na critéir oibiachtúla a úsáidtear chun na tosaíochtaí a shainaithint i gcomhréir le mír 2. I gcás catagóirí táirgí a shainaithnítear a bheith ina n-ardriosca neamhchomhlíonta, measfaidh na húdaráis um fhaireachais margaidh go n-áireofar sna seiceálacha sin seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leordhóthanacha.
Leasú 207 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 59 – mír 3 a (nua)
3a. Chun faireachas margaidh a dhéanamh i ndáil leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údaráis faireachais margaidh na hacmhainní is gá, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha buiséadacha agus acmhainní leordhóthanacha eile, amhail líon leordhóthanach pearsanra inniúil, saineolas, nósanna imeachta agus socruithe eile chun a gcuid dualgas a fheidhmiú go cuí.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear na táirgí nó na ceanglais a mheasfaidh na Ballstáit a bheith ina dtosaíochtaí ar a laghad i dtaca le faireachas margaidh de bhun mhír 1, pointe (a).
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66 chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí na táirgí nó na ceanglais a áireoidh na Ballstáit mar thosaíochtaí d’fhaireachas margaidh de bhun mhír 1, pointe (a) a liostú.
1. Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 faisnéis faoi chineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.
1. Cuirfidh údaráis um fhaireachas margaidh isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 faisnéis faoi líon agus cineál na seiceálacha agus na n-iniúchtaí atá le déanamh, chomh maith le cineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin sin.
3. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé achoimre den tuarascáil ar fáil go poiblí.
3. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé achoimre den tuarascáil agus an tuarascáil araon ar fáil go poiblí
Leasú 213 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 62 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
(da) i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus le saineolaithe.
I gcás ina bhfaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus atá comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad a bheith ar áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach a cheanglaítear ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
I gcás ina bhfaigheann na húdaráis um fhaireachas margaidh amach le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus atá comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, le leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 ar a laghad a bheith ar áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach a cheanglaítear ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 61(1) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 6 bliana amhail ó [mhí amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 61(1) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó [dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 61(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4, Airteagal 9(1), an dara fomhír, Airteagal 11(4), Airteagal 20(3), agus Airteagal 60(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Na pionóis a bhforáiltear dóibh, is pionóis iad a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, ag tabhairt san áireamh méid an neamhchomhlíonta agus líon na dtáirgí neamhchomhlíontacha a cuireadh ar mhargadh an Aontais. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar dá éis sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar dá éis sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Leasú 218 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 68 – mír 1 a (nua)
Agus cineál agus leibhéal na bpionós a fhorchuirfear i gcás sáruithe á gcinneadh acu, tabharfaidh na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát aird chuí ar na critéir seo a leanas:
(a) cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, lena n-áirítear líon na n-aonad de tháirgí neamhchomhlíontacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais;
(b) i gcás inarb iomchuí, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;
(c) láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhreithnítear freagrach, a léirítear, mar shampla, trí láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh a bhreithnítear freagrach, nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha a bhreithnítear freagrach;
(d) na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach ón sárú, a mhéid a d’fhéadfaí iad a chinneadh;
(e) an damáiste do shláinte an duine nó don chomhshaol arb é an sárú is cúis leis, a mhéid is féidir é a chinneadh;
(f) aon ghníomh arna dhéanamh ag an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach as an damáiste de dheasca an tsáraithe a mhaolú nó a leigheas;
(g) an leibhéal comhair idir an duine nádúrtha nó dlítheanach a gcuirtear an fhreagracht air agus an t-údarás inniúil;
(h) sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ag an duine nádúrtha nó ag an duine dlítheanach atá freagrach;
(i) aon ghníomh arb é is aidhm dó dul timpeall ar na rialuithe riaracháin nó bac a chur leo agus
(j) aon fhachtóir géaraitheach nó maolaithe eile is infheidhme maidir le cúinsí an cháis.
Leasú 219 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 68 – mír 1 b (nua)
Beidh sé de chumas ar na Ballstáit na pionóis seo a leanas, ar a laghad, a fhorchur i gcás sáruithe ar an Rialachán seo:
(a) fíneálacha;
(b) an t-ioncam a fhaigheann duine nádúrtha nó duine dlítheanach ó idirbheart a bhaineann leis an sárú a choigistiú;
(c) eisiamh ó nósanna imeachta soláthair phoiblí.
Leasú 220 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 69 – teideal
-1. Tiomsóidh an Coimisiún sonraí ábhartha maidir le táirgí agus grúpaí táirgí faoi réir ceanglais éicidhearthóireachta, lena n-áirítear maidir lena saolré, a lorg comhshaoil, carbóin agus ábhar d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na feabhsuithe ar inbhuanaitheacht chomhshaoil na dtáirgí sin. Ar bhonn na sonraí sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go tráthrialta, agus uair amháin gach 3 bliana ar a laghad tar éis ghlacadh na gceanglas éicidhearthóireachta, ar na ceanglais sin, d’fhonn an gá atá le hathbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a shainaithint.
Tráth nach luaithe ná [8 mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.
Tráth nach déanaí ná [6 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a mhéid a chuir sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar úsáid díolúintí le haghaidh táirgí athláimhe allmhairithe nó grúpaí táirgí athláimhe allmhairithe dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.
Tráth nach déanaí ná [cuir isteach an dáta 4 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], breithneoidh an Coimisiún cuimsiú ceanglas inbhuanaitheachta sóisialta agus díchill chuí laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.
Leasú 223 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 69 a (nua)
Airteagal 69a
Leigheasanna ar easpa comhlíontachta
1. I gcás nach gcomhlíonann táirge ceanglais éicidhearthóireachta, measfar an táirge a bheith neamh-chomhréireach leis an gconradh díolacháin, de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir (AE) 2019/771, agus tabharfaidh sé an ceart do thomhaltóirí leigheas a fháil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13 den Treoir seo, go neamhspleách ar dhul in éag na dteorainneacha ama mar a shainmhínítear in Airteagal 10 den Treoir seo.
2. Measfar gur cleachtas tráchtála éagórach é táirge nach gcomhlíonann ceanglais éicidhearthóireachta a mhargú nó a thairiscint lena dhíol i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2005/29/CE agus dá bhrí sin tugtar an ceart do thomhaltóirí leigheas a fháil faoi Airteagal 11a den Treoir seo.
Leasú 224 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 69 b (nua)
Airteagal 69b
Leasú ar Threoir(AE) 2020/1828
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (27) a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a:
* (27) Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ... maidir le creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a bhunú le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE
__________________
1a Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
Leasú 225 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Féadfar na paraiméadair seo a leanas a úsáid, de réir mar is iomchuí, agus i gcás inar gá arna bhforlíonadh le paraiméadair eile, mar bhonn chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1):
Déanfar na paraiméadair seo a leanas, de réir mar is iomchuí, agus i gcás inar gá arna bhforlíonadh le paraiméadair eile, a úsáid, ar bhonn aonair nó in éineacht, mar bhonn chun feabhas a chur ar na gnéithe táirge dá dtagraítear in Airteagal 5(1):
Leasú 226 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe b
(b) éascaíocht deisithe agus cothabhála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: saintréithe, infhaighteacht agus aga seachadta páirteanna spártha, módúlacht, comhoiriúnacht le páirteanna spártha atá ar fáil go coiteann, infhaighteacht treoracha deisithe agus cothabhála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu;
(b) éascaíocht deisithe agus cothabhála, agus sábháilteacht táirgí á cur san áireamh, mar a léirítear tríd an méid seo a leanas: saintréithe, infhaighteacht, aga seachadta agus inacmhainneacht páirteanna spártha, modúlacht, comhoiriúnacht le huirlisí agus le páirteanna spártha atá ar fáil go coiteann, infhaighteacht treoracha deisithe agus cothabhála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus cibé an bhfuil gá le huirlisí speisialaithe, éascaíocht díchóimeála agus athchóimeála neamhscriosaí, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu;
Leasú 227 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe d
(d) éascaíocht agus caighdeán athchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu, comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, féidearthacht maidir le sórtáil ardíonachta, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu;
(d) éascaíocht, cáilíocht agus inmharthanacht eacnamaíoch na hathchúrsála mar a léirítear trí na nithe seo a leanas: úsáid ábhar atá éasca le hathchúrsáil, rochtain shábháilte, éasca agus neamhscriosach ar chomhpháirteanna agus ábhair in-athchúrsáilte nó ar chomhpháirteanna agus ábhair a bhfuil substaintí guaiseacha iontu agus comhdhéanamh agus aonchineálacht ábhair, féidearthacht maidir le sórtáil ardíonachta, dearadh le haghaidh athchúrsála, an líon ábhar agus comhpháirteanna a úsáidtear, úsáid comhpháirteanna caighdeánacha, úsáid caighdeán códúcháin comhpháirteanna agus ábhar maidir le sainaithint na gcomhpháirteanna agus na n-ábhar, líon agus castacht na bpróiseas agus na n-uirlisí a bhfuil gá leo, díchóimeáil agus athchóimeáil neamhscriosach a éascú, coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí táirge, coinníollacha maidir le rochtain ar chrua-earraí agus ar bhogearraí a bhfuil gá leo nó úsáid a bhaint astu;
Leasú 228 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe d
(e) seachaint réiteach teicniúil atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna;
(e) seachaint réiteach teicniúil atá díobhálach d’athúsáid, uasghrádú, deisiú, cothabháil, athchóiriú, athmhonarú agus athchúrsáil táirgí agus comhpháirteanna,agus sábháilteacht táirgí á cur san áireamh;
Leasú 229 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
(ea) dífheidhmeacht anabaí a sheachaint;
Leasú 230 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn V – mír 1 – pointe f
(f) úsáid substaintí, leo féin, mar chomhábhair de shubstaintí nó i meascáin, le linn phróiseas táirgthe na dtáirgí, nó as a dtagann a láithreacht i dtáirgí, lena n-áirítear a luaithe a bheidh na táirgí sin ina ndramhaíl;
(f) úsáid substaintí, agus go háirithe úsáid substaintí ar údar imní iad, leo féin, mar chomhábhair de shubstaintí nó i meascáin, le linn phróiseas táirgthe na dtáirgí, nó as a dtagann a láithreacht i dtáirgí, lena n-áirítear a luaithe a bheidh na táirgí sin ina ndramhaíl;
Leasú 231 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
(ha) úsáid nó cion ábhar athchúrsáilte arna bhfoinsiú ar bhealach inbhuanaithe;
Leasú 232 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c b (nua)
(hb) úsáid nó cion amhábhar criticiúil;
Leasú 233 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
(ma) lorg ábhair an táirge;
Leasú 234 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe b
Leasú 235 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe b
(p) méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear;
(p) méideanna dramhaíola a ghintear, lena n-áirítear dramhaíl phlaisteach agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a n-éascaíocht athúsáide, a n-éascaíocht athchúrsála agus méideanna dramhaíola guaisí a ghintear;
Leasú 236 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe d
(q) coinníollacha maidir le húsáid.
(q) coinníollacha úsáide, lena n-áirítear an tionchar ar an gcomhshaol agus na tairbhí le linn na húsáide.
Leasú 237 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c a (nua)
(qa) tionchair ar shláinte an duine;
Leasú 238 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c b (nua)
(qb) soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar.
Leasú 239 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Socrófar ceanglais feidhmíochta mar a leanas:
Leis na ceanglais feidhmíochta, rannchuideofar leis na cuspóirí a luaitear i bpointe (a) d’Airteagal 5(4) a bhaint amach, agus cuirfear torthaí na measúnuithe tionchair ábhartha san áireamh. Socrófar na ceanglais feidhmíochta mar a leanas:
Leasú 240 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – mír 2
Leis an anailís theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch sainaithneofar freisin, i gcás an pharaiméadair atá faoi bhreithniú, na táirgí agus na teicneolaíochtaí is fearr feidhmíocht atá ar fáil ar an margadh.
Leis an anailís theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch sainaithneofar freisin, i gcás an pharaiméadair atá faoi bhreithniú, na táirgí agus na teicneolaíochtaí is fearr feidhmíocht atá ar fáil ar an margadh chomh maith leis na feabhsúcháin a meastar a thiocfaidh ar an teicneolaíocht. Cuirfear san áireamh ann freisin treochláir earnálacha atá ann cheana mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119.
Leasú 241 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – mír 4
Bunaithe ar an anailís seo, agus an fhéidearthacht eacnamaíoch agus theicniúil á cur san áireamh, lena n-áirítear infhaighteacht príomhacmhainní agus príomhtheicneolaíochtaí, mar aon leis an bhféidearthacht maidir le feabhsú, déanfar leibhéil nó ceanglais neamhchainníochtúla a shainmhíniú.
Bunaithe ar an anailís seo, agus na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar thimpeallacht an táirge feadh a shaolré, teorainneacha pláinéadacha, an fhéidearthacht eacnamaíoch agus theicniúil á gcur san áireamh, lena n-áirítear infhaighteacht príomhacmhainní agus príomhtheicneolaíochtaí, mar aon leis an bhféidearthacht maidir le feabhsú, déanfar leibhéil nó ceanglais neamhchainníochtúla a shainmhíniú.
Leasú 242 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 8
(8) dátaí cur chur chun feidhme, aon bheart céimnithe nó idirthréimhseach nó aon tréimhse chéimnithe nó idirthréimhseach, agus tionchar féideartha ar FBManna nó ar ghrúpaí táirgí sonracha arna monarú go príomha ag FBManna á gcur san áireamh;
(8) dátaí cur chun feidhme, aon bheart nó tréimhsí céimnithe nó idirthréimhseacha, agus aird á tabhairt go háirithe ar riachtanais micrifhiontar agus FBManna nó ar ghrúpaí sonracha táirgí a mhonaraíonn micrifhiontair agus FBManna go príomha;
Leasú 243 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VII – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Féadfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas de chritéir tháscacha a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála mar rogha mhalartach ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo:
Déanfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas de chritéir tháscacha a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar bhearta féinrialála mar rogha mhalartach ar ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo:
Leasú 244 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VII – mír 1 – pointe 2
Ní mór do bhearta féinrialála freagairt ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta d’fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór do bhearta féinrialála cur chuige comhtháite a bheith acu maidir le leasanna na dtomhaltóirí, sláinte, cáilíocht saoil agus leasanna eacnamaíocha a chosaint.
Ní mór do bhearta féinrialála freagairt ar chuspóirí beartais an Rialacháin seo agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach leis na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta d’fhorbairt inbhuanaithe. Ní mór do bhearta féinrialála cur chuige comhtháite a bheith acu maidir le leasanna comhshaoil na dtomhaltóirí, sláinte, cáilíocht saoil agus leasanna eacnamaíocha a chosaint.
Leasú 245 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VII – mír 1 – pointe 4
Ní mór na cuspóirí a shainmhíníonn na sínitheoirí ina mbearta féinrialála a leagann síos i dtéarmaí soiléire agus gan débhrí, ag tosú le bunlíne dhea-shainithe. I gcás ina gcumhdaítear tréimhse fhada ama leis an mbeart féinrialála, ní mór spriocanna eatramhacha a chur san áireamh. Ní mór a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na cuspóirí agus spriocanna eatramhacha ar bhealach inacmhainne inchreidte, ag úsáid táscairí soiléire iontaofa.
Ní mór na cuspóirí a shainmhíníonn na sínitheoirí ina mbearta féinrialála a leagann síos i dtéarmaí soiléire, inchainníochtúil agus gan débhrí, ag tosú le bunlíne dhea-shainithe. I gcás ina gcumhdaítear tréimhse fhada ama leis an mbeart féinrialála, ní mór spriocanna eatramhacha a chur san áireamh. Ní mór a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na cuspóirí agus spriocanna eatramhacha ar bhealach inacmhainne inchreidte, ag úsáid táscairí soiléire iontaofa.
Leasú 246 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 5 – mír 1
D’fhonn trédhearcacht a áirithiú, ní mór bearta féinrialála a phoibliú, lena n-áirítear ar líne agus trí mhodhanna leictreonacha eile chun faisnéis a scaipeadh.
D’fhonn trédhearcacht a áirithiú, ní mór bearta féinrialála a phoibliú, lena n-áirítear ar líne ar shuíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus trí mhodhanna leictreonacha eile chun faisnéis a scaipeadh.
Leasú 247 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 5 – mír 2
Geallsealbhóirí lena n-áirítear Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus comhlachais tomhaltóirí, ní mór cuireadh a thabhairt dóibh a mbarúlacha a thabhairt ar bheart féinrialála.
Geallsealbhóirí lena n-áirítear Ballstáit, an earnáil tionsclaíochta laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus comhlachais tomhaltóirí, ní mór cuireadh a thabhairt dóibh a mbarúlacha a thabhairt ar bheart féinrialála.
Leasú 248 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 6 – mír 4
I gcás nár chomhlíon sínitheoir ceanglais an bhirt féinrialála, ní mór dó gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.
I gcás nach gcomhlíonann sínitheoir ceanglais an bhirt féinrialála, ní mór dó gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh. Ní mór don chigire neamhspleách fógra a thabhairt do na sínitheoirí eile atá rannpháirteach sa bheart féinrialála maidir le neamhchomhlíonadh an tsínitheora agus maidir leis an ngníomhaíocht cheartaitheach atá beartaithe ag an sínitheoir a dhéanamh. Mura bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach déanta ag an sínitheoir laistigh de thrí mhí, ní mór é a dhíbhe ón mbeart féinrialála.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0218/2023).
Táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach
200k
73k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí agus muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2022)0721 – C9-0426/2022 – 2022/0417(COD))(1)
(1) Tá ról lárnach ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) in áirithiú a dhéanamh nach gcuirtear ach táirgí íocshláinte atá slán, d’ardcháilíocht agus éifeachtúil ar mhargadh an Aontais ag cur, dá réir sin, le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus lena n-áirithítear leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbíonn acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Ghníomhaireacht chun a gníomhaíochtaí, lena n-áirítear acmhainní a thagann as táillí, a mhaoiniú.
(1) Tá ról lárnach ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) chun a áirithiú nach gcuirtear ach táirgí íocshláinte atá sábháilte, ar ardcháilíocht agus éifeachtúil ar mhargadh an Aontais, lena rannchuidítear, dá bhrí sin, le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus lena n-áirithítear leibhéal ard saineolais agus cosanta do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbíonn acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Ghníomhaireacht chun an saineolas a mhealladh agus a choinneáil a bhfuil gá leis chun a cúraimí a chomhlíonadh agus chun a gníomhaíochtaí a mhaoiniú, lena n-áirítear acmhainní a thagann as táillí.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3
(3) Ba cheart do na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht a bheith comhréireach leis an obair a dhéantar i ndáil le fáil agus coimeád údaraithe ón Aontas, agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar mheastóireacht de mheastacháin agus réamhaisnéisí na Gníomhaireachta a mhéid a bhaineann le hualach oibre agus costais ghaolmhara na hoibre sin, chomh maith le meastóireacht ar chostais na seirbhísí a sholáthraíonn údaráis inniúla Ballstát atá freagrach as táirgí íocshláinte a rialú don Ghníomhaireacht, a ghníomhaíonn mar rapóirtéirí agus mar chomhrapóirtéirí arna gceapadh ag coistí eolaíochta na Gníomhaireachta i gcás inarb infheidhme.
(3) Ba cheart do na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht a bheith comhréireach leis an obair a dhéantar i ndáil le húdarú ón Aontas a fháil agus a choimeád, agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar mheastóireacht thrédhearcach ar mheastacháin agus réamhaisnéisí na Gníomhaireachta a mhéid a bhaineann leis an ualach oibre agus costais ghaolmhara na hoibre sin, chomh maith le meastóireacht ar chostais na seirbhísí arna soláthar don Ghníomhaireacht ag údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as táirgí íocshláinte a rialú, a ghníomhaíonn mar Rapóirtéirí agus, i gcás inarb infheidhme, mar Chomhrapóirtéirí arna gceapadh ag coistí eolaíochta na Gníomhaireachta. Ba cheart aon athrú ar chreat rialála an Aontais do tháirgí íocshláinte a chur san áireamh sna táillí agus sa struchtúr táillí. Ba cheart maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil don bhonneagar poiblí criticiúil sin chun borradh a chur faoina shaineolas agus chun a inbhuanaitheacht a áirithiú trí mhaoiniú iomchuí.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 a (nua)
(4a) Tar éis phaindéim COVID-19 agus tionscnaimh mhéadaithe i réimse na sláinte ar leibhéal an Aontais, tá ualach oibre atá ag méadú de shíor ar an ngníomhaireacht, ualach a bhfuil riachtanais bhuiséadacha bhreise i gceist leis ó thaobh foirne agus acmhainní airgeadais de. Maidir leis an obair bhreise, lena n-áirítear tar éis Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a a ghlacadh agus an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a chruthú, ba cheart cistiú iomchuí ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a bheith ag gabháil leis.
_________________
1a Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 b (nua)
(4b) Cé go dtagann an chuid is mó dá cistiú ó fhoinsí príobháideacha, is údarás poiblí í an Ghníomhaireacht agus tá sé ríthábhachtach a hionracas agus a neamhspleáchas a chosaint chun muinín an phobail as an gcreat reachtach agus rialála do chógais san Aontas a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht ionas gur féidir léi a hoibleagáidí agus a gealltanais trédhearcachta a chomhlíonadh.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 c (nua)
(4c) Ba cheart go léireofaí leis na táillí a íocfar leis an nGníomhaireacht na meastóireachtaí casta is gá chun údarú Aontais a fháil agus a choimeád. Is iomchuí aitheantas a thabhairt do na ranníocaíochtaí ó údaráis inniúla na mBallstát, chomh maith leis na speansais a thabhaíonn siad. Is iomchuí go háirithe na sineirgí a bhaintear amach trí fhoirne measúnaithe ilnáisiúnta a aithint agus tacú le hiarrachtaí comhoibríocha na bhfoirne ilnáisiúnta sin. Ba cheart don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bhfoirne ilnáisiúnta measúnaithe agus na hathruithe is gá ar struchtúr luacha saothair na mBallstát á gcinneadh acu.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Ba cheart go gcumhdódh táillí agus muirir costas sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí reachtúla na Gníomhaireacht nach gcumhdaítear leis na ranníocaíochtaí lena hioncam ó fhoinsí eile. Ba cheart reachtaíocht ábhartha uile an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí agus táillí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí a chur san áireamh nuair a shuitear táillí agus muirir, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh 726/2004, Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21, Treoir 2001/83/EC, Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22, Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23, Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24, Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún25, Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún26, Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27, Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, Rialachán (AE) 2018/782 ón gCoimisiún29, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún30 agus Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún31.
(5) Ba cheart do tháillí agus muirir costas sheirbhísí agus ghníomhaíochtaí reachtúla na Gníomhaireacht a chumhdach, nach gcumhdaítear cheana leis na ranníocaíochtaí a dhéantar lena hioncam ó fhoinsí eile. Ba cheart reachtaíocht ábhartha uile an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí agus táillí na Gníomhaireachta a chur san áireamh nuair a shuitear táillí agus muirir, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh 726/2004, Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21, Treoir 2001/83/EC, Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22, Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23, Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24, Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún25, Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún26, Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27, Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, Rialachán (AE) 2022/123, Rialachán (AE) 2018/782 ón gCoimisiún29, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún30 agus Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún31.
_________________
_________________
21 Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
21 Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
22 Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatraiceach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1).
22 Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatraiceach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1).
23 Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachtacha (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1).
23 Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachtacha (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1).
24 Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).
24 Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).
25 Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2005 lena ndéantar, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha a leagan síos maidir le híocaíocht táillí leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus maidir le cúnamh riaracháin a fhaigheann na fiontair sin ón nGníomhaireacht (IO L 329, 16.12.2005, lch. 4).
25 Rialachán (CE) Uimh. 2049/2005 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2005 lena ndéantar, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha a leagan síos maidir le híocaíocht táillí leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus maidir le cúnamh riaracháin a fhaigheann na fiontair sin ón nGníomhaireacht (IO L 329, 16.12.2005, lch. 4).
26 Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le hathruithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta a scrúdú (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7).
26 Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le hathruithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta a scrúdú (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7).
27 Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
27 Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
28 Rialachán (CE) 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).
28 Rialachán (CE) 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).
29 Rialachán (AE) Uimh. 2018/782 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena mbunaítear na prionsabail mhodheolaíochta do mheasúnú riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 (IO L 132, 30.5.2018, lch. 5).
29 Rialachán (AE) Uimh. 2018/782 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2018 lena mbunaítear na prionsabail mhodheolaíochta do mheasúnú riosca agus na moltaí i leith an bhainistithe riosca dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 (IO L 132, 30.5.2018, lch. 5).
30 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dea-chleachtas faireachais cógas agus maidir le formáid, ábhar agus achoimre ar mháistirchomhad an chórais faireachais cógas le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 279, 3.8.2021, lch. 15).
30 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1281 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dea-chleachtas faireachais cógas agus maidir le formáid, ábhar agus achoimre ar mháistirchomhad an chórais faireachais cógas le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 279, 3.8.2021, lch. 15).
31 Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún an 7 Samhain 1996 maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar aistriú údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2309/93 ón gComhairle (IO L 286, 8.11.1996, lch. 6).
31 Rialachán (CE) Uimh. 2141/96 ón gCoimisiún an 7 Samhain 1996 maidir le scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar aistriú údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2309/93 ón gComhairle (IO L 286, 8.11.1996, lch. 6).
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7
(7) I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, i ndáil le comhlachtaí ina bhfuil an t-ioncam comhdhéanta de tháillí agus muirir anuas ar ranníocaíocht an Aontais, ba cheart na táillí a shocrú ar leibhéal ag a seachnófaí easnamh nó carnadh suntasach barrachais agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair nach amhlaidh an cás. Dá bhrí sin, ba cheart córas faireacháin costais a chur i bhfeidhm. Is é an fheidhm ba cheart a bheith ag córas faireacháin den sórt sin athruithe suntasacha ar chostais a bhrath, cinn a bhféadfaidh a éileamh leo, nuair a chuirtear san áireamh an ranníocaíocht ón Aontas agus ioncam eile neamhtháillí, athrú ar tháillí, muirir nó luach saothair a shuitear faoin rialachán seo. Chomh maith leis sin, ba cheart don chóras faireacháin sin a bheith in ann, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil is féidir a dheimhniú, athruithe suntasacha ar an gcostas a bhaineann le luach saothair as seirbhísí a sholáthraíonn údaráis inniúla Ballstát don Ghníomhaireacht a bhrath, Ballstáit a ghníomhaíonn mar rapóirtéirí agus comhrapóirtéirí, i gcás inarb infheidhme, agus seirbhísí a sholáthraíonn saineolaithe a bhfuil conradh tugtha ag an nGníomhaireacht dóibh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe maidir le feistí leighis. Faisnéis maidir le costas a bhaineann le seirbhísí a dtugann an Ghníomhaireacht luach saothair ina leith, ba cheart don fhaisnéis sin a bheith so-iniúchta i gcomhréir le hAirteagal 257 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32.
(7) I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, i gcás comhlachtaí ina bhfuil an t-ioncam comhdhéanta de tháillí agus muirir sa bhreis ar ranníocaíocht an Aontais, ba cheart na táillí a shocrú ar leibhéal ag a seachnófaí easnamh nó carnadh suntasach barrachais agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair nach amhlaidh an cás. Dá bhrí sin, ba cheart córas trédhearcach faireacháin costais a chur i bhfeidhm. Ba cheart gurb é cuspóir an chórais faireacháin sin athruithe suntasacha ar chostais na Gníomhaireachta a bhrath, agus ranníocaíocht ón Aontas agus ioncam eile neamhtháillí á chur i gcuntas, ar athruithe iad a d’fhéadfadh athrú ar tháillí, muirir nó luach saothair a shuitear faoin rialachán seo a éileamh. Ba cheart, chomh maith céanna, don chóras faireacháin sin a bheith in ann, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil is féidir a dheimhniú, athruithe suntasacha ar an gcostas a bhaineann le luach saothair as seirbhísí a sholáthraíonn údaráis inniúla na mBallstát don Ghníomhaireacht a bhrath, ar údaráis iad a ghníomhaíonn mar Rapóirtéirí agus, i gcás inarb infheidhme, mar Chomhrapóirtéirí agus as seirbhísí a sholáthraíonn saineolaithe a bhfuil conradh tugtha ag an nGníomhaireacht dóibh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe maidir le feistí leighis. Faisnéis maidir le costas a bhaineann le seirbhísí a dtugann an Ghníomhaireacht luach saothair ina leith, ba cheart don fhaisnéis sin a bheith in-iniúchta i gcomhréir le hAirteagal 257 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32.
_________________
_________________
32 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
32 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15
(15) I gcomhréir le beartais an Aontais, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le laghduithe ar na táillí chun tacú le hearnálacha agus iarratasóirí nó sealbhóirí údaruithe margaíochta sonracha, amhail micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), nó chun freagairt d’imthosca sonracha, amhail táirgí a fhreagraíonn do thosaíochta sláinte poiblí nó sláinte ainmhithe aitheanta nó táirgí íocshláinte tréidliachta atá beartaithe do mhargadh teoranta a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/6.
(15) I gcomhréir le beartais an Aontais, tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le laghduithe ar na táillí chun tacú le hearnálacha agus iarratasóirí nó sealbhóirí údaraithe margaíochta sonracha, amhail micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus an earnáil acadúil nó chun freagairt d’imthosca sonracha, amhail táirgí a fhreagraíonn do thosaíochta sláinte poiblí nó sláinte ainmhithe aitheanta nó táirgí íocshláinte tréidliachta atá beartaithe do mhargadh teoranta a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/6.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17
(17) Ba cheart a chur ar a chumas do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta laghduithe eile ar tháillí a sholáthar ar chúiseanna a bhfuil údar leo chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula ndeonfaí tuilleadh laghduithe ar tháillí, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú. Ina theannta sin, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, agus ar chúiseanna dianriachtanacha maidir leis an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a bheith in ann cineálacha áirithe táillí a laghdú ar bhonn scrúdú criticiúil ar staid shonrach gach cáis.
(17) Ba cheart Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta a chumhachtú chun tuilleadh laghduithe ar tháillí a sholáthar ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula ndeonófaí tuilleadh laghduithe ar tháillí, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú. Chun críoch trédhearcachta, ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin maidir leis na cinntí i dtaobh tuilleadh laghduithe breise ar tháillí, lena n-áirítear faisnéis faoi na faighteoirí agus faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh maidir le tuilleadh laghduithe ar tháillí. Ina theannta sin, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, agus ar chúiseanna dianriachtanacha maidir leis an tsláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe, ba cheart do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a bheith in ann cineálacha áirithe táillí a laghdú ar bhonn scrúdú criticiúil ar staid shonrach gach cáis. Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin agus na cúiseanna atá leis na cinntí sin a leagan amach.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 18
(18) Chun solúbthacht a thabhairt, go háirithe chun oiriúnú d’fhorbairt san eolaíocht, ba cheart a chur ar a chumas do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta socruithe oibre a shonrú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Go háirithe, ba cheart a chur ar a chumas don Bhord Bainistíochta spriocdhátaí agus sprioc-amanna le haghaidh íocaíochta, modhanna íocaíochta, amchlár, ranguithe mionsonraithe, liostaí de laghduithe breise ar tháillí agus méideanna mionsonraithe laistigh de theorainneacha raoin shuite a shuí. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula gcuirtear an togra faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú.
(18) Chun solúbthacht a thabhairt, go háirithe chun oiriúnú d’fhorbairt san eolaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne agus ar riachtanais leighis, ba cheart a chur ar a chumas do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta socruithe oibre a shonrú chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Go háirithe, ba cheart a chur ar a chumas don Bhord Bainistíochta spriocdhátaí agus sprioc-amanna le haghaidh íocaíochta, modhanna íocaíochta, amchlár, aicmiúcháin mhionsonraithe, liostaí de laghduithe breise ar tháillí agus méideanna mionsonraithe laistigh de theorainneacha raoin shuite a shuí. Ba cheart tuairim fhabhrach ón gCoimisiún a bheith éigeantach sula gcuirtear an togra faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh, chun ailíniú le dlí an Aontais agus beartais fhoriomlána an Aontais a áirithiú.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 19
(19) I gcás a measúnuithe, rapóirtéirí agus comhrapóirtéirí agus na róil eile a mheastar mar róil choibhéiseacha chun críocha an rialacháin seo i ndáil le moladh eolaíoch agus cigireachtaí, braitheann siad ar mheastóireachtaí eolaíochta agus acmhainní údaráis inniúla na mBallstát, fad atá sé faoi dhualgas na Gníomhaireachta na hacmhainní eolaíocha atá ann a chuireann na Ballstáit ar fáil dó a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. I bhfianaise an mhéid sin, agus chun acmhainní iomchuí a áirithiú do na measúnuithe eolaíocha a bhaineann leis na nósanna imeachta a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht luach saothair a íoc as na seirbhísí measúnúcháin eolaíocha a sholáthraíonn na rapóirtéirí agus na comhrapóirtéirí a cheapann na Ballstáit mar chomhaltaí de choistí eolaíocha na Gníomhaireachta, nó, i gcás inarb ábhartha, seirbhísí a sholáthraíonn rapóirtéirí agus comhrapóirtéirí sa ghrúpa comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2001/83/CE. Ba cheart do mhéid an luacha saothair as na seirbhísí a sholáthraíonn na rapóirtéirí agus na comhrapóirtéirí sin a bheith bunaithe ar mheastacháin ar an ualach oibre lena mbaineann agus ba cheart iad a chur san áireamh i socrú leibhéal na dtáillí a mhuirearaíonn an Ghníomhaireacht.
(19) I gcás a measúnuithe, bíonn Rapóirtéirí agus Comhrapóirtéirí agus na róil eile a mheastar mar róil choibhéiseacha chun críoch an rialacháin seo i dtaca le moladh eolaíoch agus cigireachtaí, ag brath ar mheastóireachtaí eolaíochta agus acmhainní údaráis inniúla na mBallstát, fad atá sé faoi dhualgas na Gníomhaireachta na hacmhainní eolaíocha atá cheana ann a chuireann na Ballstáit ar fáil dó a chomhordú, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. I bhfianaise an mhéid sin, agus chun acmhainní iomchuí a áirithiú do na measúnuithe eolaíocha a bhaineann leis na nósanna imeachta a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht luach saothair a íoc as na seirbhísí measúnúcháin eolaíocha a sholáthraíonn na Rapóirtéirí agus na Comhrapóirtéirí a cheapann na Ballstáit mar chomhaltaí de choistí eolaíocha na Gníomhaireachta, nó, i gcás inarb ábhartha, seirbhísí a sholáthraíonn Rapóirtéirí agus Comhrapóirtéirí sa ghrúpa comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2001/83/CE. Ba cheart do mhéid an luacha saothair as na seirbhísí a sholáthraíonn na Rapóirtéirí agus na Comhrapóirtéirí sin a bheith bunaithe ar mheastacháin ar an ualach oibre lena mbaineann agus ba cheart iad a chur san áireamh i socrú leibhéal na dtáillí a mhuirearaíonn an Ghníomhaireacht. Bunaithe ar leas sonrach poiblí a rachadh chun tairbhe don Aontas agus do na Ballstáit araon, i gcás ina ndeonaíonn an Ghníomhaireacht tarscaoileadh iomlán táillí, ba cheart luach saothair na Rapóirtéirí agus na gComhrapóirtéirí a laghdú 50 % nó 100 %, mar a shonraítear in Iarscríbhinn V.
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26 a (nua)
(26a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil chun an fhoireann agus na hacmhainní eile is gá a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla chun na gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh a bhaineann leis na táillí agus leis na muirir a thoibhítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart aon athbhreithniú ar na táillí agus ar na muirir de bhun Airteagal 11 a chur san áireamh freisin.
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26 b (nua)
(26b) Agus méidanna na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair á ríomh cuirtear i gcuntas an ráta boilscithe arna thomhas trí bhíthin an Innéacs Chomhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/792 go dtí dáta glactha an togra le haghaidh Rialacháin seo. Bhí an ráta boilscithe ard nuair a tíolacadh an togra le haghaidh an Rialacháin seo, tá sé fós ard arna thomhas in 2023, agus de réir réamhaisnéis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, meastar go bhfanfaidh sé ard in 2024. Ba cheart na méideanna ábhartha a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar na táillí, na muirir agus an luach saothair is iníoctha a choigeartú don bhoilsciú sin roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú ar bhonn an ráta boilscithe arna fhoilsiú 4 mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
(5a) Ciallaíonn ‘an saol acadúil’ nó ‘an earnáil acadúil’ forais ardoideachais phoiblí nó phríobháideacha a dhámhann céimeanna acadúla, eagraíochtaí taighde neamhbhrabúis poiblí nó príobháideacha a bhfuil sé mar phríomh-mhisean acu taighde a shaothrú, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta um leas Eorpach;
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 b (nua)
(5b) ciallaíonn ‘eagraíocht neamhbhrabúsach’ nó ‘eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach’ eintiteas dlítheanach atá neamhbhrabúsach de réir na foirme dlíthiúla atá aige nó a bhfuil oibleagáid dhlithiúil nó reachtúil air gan brabús a roinnt ar a scairshealbhóirí ná ar a chomhaltaí aonair;
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5 c (nua)
(5c) ciallaíonn ‘eagraíocht idirnáisiúnta um leas Eorpach’ eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha gaolmhara iad tromlach a comhaltaí, agus a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aici an comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn san Aontas;
(6) ciallaíonn ‘éigeandáil sláinte poiblí’ staid éigeandála sláinte poiblí a aithníonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle40.
(6) ciallaíonn ‘éigeandáil sláinte poiblí’ staid éigeandála sláinte poiblí a aithníonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle40.
_________________
_________________
40Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).
40Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.).
2. Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, i gcás ina mbeidh feidhm ag laghduithe táille, ní laghdófar an luach saothair a thabharfar d’údaráis inniúla na mBallstát arb iníoctha é i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, i gcás nach mbeidh feidhm ag laghduithe ar táillí iomlána, ní laghdófar an luach saothair a thabharfar d’údaráis inniúla na mBallstát arb iníoctha é i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mar sin féin, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo, i gcás ina ndeonófar tarscaoiltí táillí, laghdófar an luach saothair mar a leagtar síos in Iarscríbhinn V.
4. Féadfaidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Gníomhaireachta, go háirithe togra le haghaidh sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chosaint nó le haghaidh tacú le cineálacha sonracha táirgí nó iarratasóirí a roghnaítear ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, laghdú iomlán nó páirteach an mhéid is infheidhme a dheonú, tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 8.
4. Féadfaidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, ar thogra a bhfuil údar cuí leis ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Gníomhaireachta, go háirithe togra le haghaidh sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a chosaint nó chun tacaíocht a thabhairt do chineálacha sonracha táirgí nó do chineálacha iarratasóirí, a roghnaítear ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, laghdú iomlán nó páirteach an mhéid is infheidhme a dheonú, tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 8. Cuirfidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi na laghduithe sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, ina leagfar amach na cúiseanna atá leis an laghdú.
5. Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, in imthosca eisceachtúla agus ar chúiseanna dianriachtanacha a bhaineann le sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe agus de réir an cháis, laghduithe iomlána nó páirteacha a dheonú maidir leis na táillí a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV, ach amháin na táillí a leagtar amach i bpointí 6, 15 agus 16 d’Iarscríbhinn I, i bpointí 7 agus 10 d’Iarscríbhinn II agus i bpointe 3 d’Iarscríbhinn III. Cuirfear in iúl in aon chinneadh a ghlacfar de bhun an Airteagail seo na cúiseanna ar a mbunaítear an cinneadh sin.
5. Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, in imthosca eisceachtúla agus ar chúiseanna dianriachtanacha a bhaineann le sláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a bhfuil údar cuí leo agus de réir an cháis, laghduithe iomlána nó páirteacha a dheonú maidir leis na táillí a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV, cé is moite de na táillí a leagtar amach i bpointí 6, 15 agus 16 d’Iarscríbhinn I, pointí 7 agus 10 d’Iarscríbhinn II agus pointe 3 d’Iarscríbhinn III. Cuirfear in iúl in aon chinneadh a ghlacfar de bhun an Airteagail seo na cúiseanna ar a mbunaítear an cinneadh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis maidir leis na cinntí sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis an laghdú, a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.
1. Déanfar na méideanna a leagtar amach sna hiarscríbhinní a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.
1. Déanfar na méideanna a leagtar amach sna hiarscríbhinní a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus déanfar iad a thabhairt cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar aon athruithe.
2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar a cuid costas agus soláthróidh Stiúrthóir Feidhmeannach na Gníomhaireachta, mar chuid den tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí faisnéis mhionsonraithe, a mbeidh bunús léi, faoi na costais atá le cumhdach leis na táillí agus na muirir atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus miondealú ar na costais a bhain leis an mbliain féilire roimhe sin agus réamhaisnéis don bhliain féilire atá le teacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht forléargas ar an bhfaisnéis sin freisin ina tuarascáil bhliantúil.
2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar a cuid costas agus soláthróidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, gan mhoill, mar chuid den tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí, faisnéis mhionsonraithe a mbeidh bunús léi, faoi na costais atá le cumhdach leis na táillí agus na muirir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Áireofar ar an bhfaisnéis sin an fhaisnéis feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, agus faisnéis ábhartha eile, go háirithe maidir leis na gnéithe praiticiúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a mbailíonn an Ghníomhaireacht táillí nó muirir ina leith, agus miondealú ar na costais a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin agus le réamhaisnéis don bhliain féilire dár gcionn. Foilseoidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill, forléargas ar an bhfaisnéis sin freisin ina tuarascáil bhliantúil.
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 2 a (nua)
2a. Na táillí uile a fhaightear, lena n-áirítear na táillí sin a bhfuil laghduithe agus tarscaoiltí deonaithe ina leith, agus na táillí atá dlite ach nach bhfuil faighte fós ag an nGníomhaireacht, foilseofar iad ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta agus liostófar iad ina tuarascáil bhliantúil.
Ina theannta sin, liostófar i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta miondealú mionsonraithe ar na méideanna uile a íoctar le húdaráis náisiúnta as a gcuid oibre.
5. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an ráta boilscithe, arna thomhas trí bhíthin an Innéacs Chomhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/792, i ndáil le méideanna na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní dhéanfar an feidhmiú faireacháin roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta aon bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Beidh feidhm ag aon choigeartú arna dhéanamh i gcomhréir leis an mboilsciú, ar tháillí, muirir agus luach saothair arna mbunú i gcomhréir leis an rialachán seo ar an 1 Eanáir den bhliain tar éis na bliana féilire a ndearnadh an feidhmiú faireacháin lena linn, ar a luaithe.
5. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an ráta boilscithe, arna thomhas trí bhíthin an Innéacs Chomhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2016/792, i ndáil le méideanna na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní dhéanfar an feidhmiú faireacháin roimh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta aon bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Ar bhonn an chleachtais sin, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Beidh feidhm ag aon choigeartú, i gcomhréir leis an mboilsciú agus tar éis na tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2), i leith táillí, muirear agus luach saothair a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar a luaithe, an 1 Eanáir den bhliain féilire tar éis na bliana féilire a ndearnadh an feidhmiú faireacháin lena linn.
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6. Ar a luaithe ar an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 bliana tar éis dháta an chur i bhfeidhm] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, i gcás ina meastar gur ábhartha é i bhfianaise Airteagal 11(2), agus tar éis dó dul i gcomhairle le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, tuarascáil speisialta a sholáthar don Choimisiún, ina léireofar, ar bhealach oibiachtúil, moltaí a mbeidh údar cuí leo, a bheidh bunaithe ar fhíorais agus a ngabhfaidh mionsonraí leordhóthanacha leo:
6. Ar a luaithe ar an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 3 bliana tar éis dháta an chur i bhfeidhm] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, i gcás ina meastar gur ábhartha é i bhfianaise Airteagal 11(2), agus tar éis dó dul i gcomhairle le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, tuarascáil speisialta a sholáthar don Choimisiún. Foilseoidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil speisialta gan mhoill agus déanfaidh sí na moltaí seo a leanas a leagan amach ar bhealach oibiachtúil, a bhfuil údar cuí leo agus atá bunaithe ar fhíorais agus atá mionsonraithe a dhóthain:
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 6 – pointe a a (nua)
(aa) aon táille, muirear nó luach saothair a oiriúnú, nó táille, muirear nó luach saothair nua a thabhairt isteach tar éis athrú ar chúraimí reachtúla na Gníomhaireachta agus a mbeidh athrú suntasach ar na costais faoi seach mar thoradh air sin;
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 6 – fomhír 1 a (nua)
Cuirfear an tuarascáil speisialta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun críoch faisnéise.
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 6 a (nua)
6a. D’fhonn tacú leis an nGníomhaireacht teacht ar a conclúidí ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, le linn di tuarascáil a ullmhú, eagróidh an Ghníomhaireacht comhairliúcháin le geallsealbhóirí chun ionchur a fháil maidir le struchtúr agus leibhéal na dtáillí, na muirear agus an luacha saothair, lena n-áirítear na cúiseanna atá le haon athrú a dhéanfar ina leith.
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 6 b (nua)
6b. Cuirfear an tuarascáil speisialta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta. Áireofar sa tuarascáil speisialta faisnéis faoi na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo agus an tuarascáil sin á hullmhú.
8. Féadfaidh an Coimisiún aon soiléiriú nó cruthú breise a iarraidh maidir leis an tuarascáil agus na moltaí a ghabhfaidh léi, má mheastar gur gá sin a dhéanamh. Tar éis di iarraidh den sórt sin a fháil, soláthróidh an Ghníomhaireacht don Choimisiún, gan moill mhíchuí, leagan nuashonraithe den tuarascáil ina dtabharfar aghaidh ar aon bharúlacha a thabharfaidh an Coimisiún agus aon cheisteanna a tharraingeoidh sé anuas.
8. Féadfaidh an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon soiléiriú nó cruthú breise a iarraidh maidir leis an tuarascáil agus na moltaí a ghabhfaidh léi, má mheastar gur gá sin a dhéanamh. Tar éis di iarraidh den sórt sin a fháil, soláthróidh an Ghníomhaireacht don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gan moill mhíchuí, leagan nuashonraithe den tuarascáil ina dtabharfar aghaidh ar aon bharúlacha a tugadh agus ar aon cheist a rinne an institiúid faoi seach a tharraingt anuas.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 9 – an chuid réamhráiteach
9. Féadfar an tréimhse tuairiscithe eatraimh dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh níos giorra in aon cheann de na cásanna seo leanas:
9. Féadfar an t-eatramh ama a ghabhann leis an gcéad tuarascáil speisialta chomh maith leis an eatramh ama tuairiscithe dá dtagraítear i mír 6 a ghiorrú in aon cheann de na cásanna seo leanas:
-1. Faoin... [4 mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún, d’ainneoin Airteagal 10(5), gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 13, chun Iarscríbhinní I, II, III agus IV a leasú, chun na méideanna a leagtar amach iontu a choigeartú don ráta boilscithe arna fhoilsiú 4 mhí roimh ... dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 1 – pointe c
(c) athrú a bheith tagtha ar chúraimí reachtúla na Gníomhaireachta ar cúis é le hathrú suntasach a bheith tagtha ar a cuid costas;
scriosta
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 1 – pointe e
(e) faisnéis ábhartha eile, go háirithe maidir le gnéithe praiticiúla le haghaidh gníomhaíochtaí a chur i gcrích a mbailíonn an Ghníomhaireacht táillí nó muirir ina leith.
scriosta
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún tosca eile a chur san áireamh a bhféadfadh tionchar substainteach a bheith acu ar bhuiséad na Gníomhaireachta, lena n-áirítear a hualach oibre agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le luaineachtaí ina hioncam ó tháillí, ach gan a bheith teoranta dóibh. Socrófar leibhéal na dtáillí ar leibhéal lena n-áiritheofar gur leor an t-ioncam a fhaightear astu, nuair a chomhcheanglaítear iad le foinsí eile ioncaim de chuid na Gníomhaireachta, chun costais na seirbhísí a sholáthraítear i gcomhréir leis na príomhtháscairí feidhmíochta agus leis na prionsabail trédhearcachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a chumhdach.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon tuairim arna tabhairt ag saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 17 – mír 2 a (nua)
Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(-1) ón ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an chéad lae den mhí i ndiaidh dul in éag 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm].
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh feidhm ag táille EUR 55 200 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:
Beidh feidhm ag táille EUR 94 000 i leith aon cheann de na hiarrataí seo a leanas:
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1 – mír 2
Beidh an luach saothair cothrom le EUR 10 400 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.
Beidh an luach saothair cothrom le EUR 23 500 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.2 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh feidhm ag táille EUR 44 700 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:
Beidh feidhm ag táille EUR 70 600 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.2 – mír 2
Beidh an luach saothair cothrom le EUR 6 500 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.
Beidh an luach saothair cothrom le EUR 17 650 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh feidhm ag táille EUR 37 200 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:
Beidh feidhm ag táille EUR 46 900 maidir le haon cheann de na hiarrataí seo a leanas:
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.3 – mír 2
Beidh an luach saothair cothrom le EUR 5 300 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.
Beidh an luach saothair cothrom le EUR 11 730 le haghaidh gach duine den dá chomhordaitheoir comhairle eolaíochta.
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 6 – pointe 6.1
6.1. Beidh feidhm ag táille EUR 136 700 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 12 400 le haghaidh an rapóirtéara agus EUR 12 400 le haghaidh an chomhrapóirtéara.
6.1. Beidh feidhm ag táille EUR 136 700 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 6 200 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR 6 200 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 6 – pointe 6.2
6.2. Beidh feidhm ag táille EUR 262 400 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 15 300 le haghaidh an rapóirtéara agus le EUR 15 300 le haghaidh an chomhrapóirtéara.
6.2. Beidh feidhm ag táille EUR 262 400 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 7 650 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR 7 650 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
Leasú 46 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 6 – pointe 6.3
6.3. Beidh feidhm ag táille EUR 83 000 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 29(4) de Threoir 2001/83/CE. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 2 800 le haghaidh an rapóirtéara agus EUR 2 800 le haghaidh an chomhrapóirtéara.
6.3. Beidh feidhm ag táille EUR 83 000 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 29(4) de Threoir 2001/83/CE. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 1 400 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR 1 400 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 10 – pointe 10.1
10.1. Beidh feidhm ag táille EUR 143 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta agus neamhchliniciúla a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an t-uasmhéid cothrom le EUR 47 400 le haghaidh an rapóirtéara.
10.1. Beidh feidhm ag táille EUR 143 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta agus neamhchliniciúla a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 23 700 le haghaidh an Rapóirtéara.
_________________
_________________
43 Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).
43 Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121).
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 10 – pointe 10.2
10.2. Beidh feidhm ag táille EUR 95 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta, agus sin amháin, a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 31 500 le haghaidh an rapóirtéara.
10.2. Beidh feidhm ag táille EUR 95 200 maidir le hiarratas ar na sonraí cáilíochta, agus sin amháin, a mheas agus a dheimhniú de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 15 750 le haghaidh an Rapóirtéara.
Leasú 49 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.1
11.1. Beidh feidhm ag táille EUR 31 700 maidir le hiarratas ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh a iarrtar de bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 a chomhaontú. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an t-uasmhéid cothrom le EUR 6 700 le haghaidh an rapóirtéara.
11.1. Beidh feidhm ag táille EUR 31 700 maidir le hiarratas ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh a iarrtar de bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 a chomhaontú. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 3 350 le haghaidh an Rapóirtéara.
Leasú 50 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.2
11.2. Beidh feidhm ag táille EUR 17 600 maidir le hiarratas ar mhodhnú ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh comhaontaithe de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an t-uasmhéid cothrom le EUR 6 400 le haghaidh an rapóirtéara.
11.2. Beidh feidhm ag táille EUR 17 600 maidir le hiarratas ar mhodhnú ar phlean imscrúdaithe phéidiatraicigh comhaontaithe de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 3 200 le haghaidh an Rapóirtéara.
Leasú 51 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.3
11.3. Beidh feidhm ag táille EUR 12 000 maidir le hiarratas ar tharscaoileadh táirgeshonrach de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 1 800 le haghaidh an rapóirtéara.
11.3. Beidh feidhm ag táille EUR 12 000 maidir le hiarratas ar tharscaoileadh táirgeshonrach de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 900 le haghaidh an Rapóirtéara.
Leasú 52 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 11 – pointe 11.4
11.4. Beidh feidhm ag táille EUR 8 000 maidir le hiarraidh ar sheiceáil comhlíontachta leis an bplean imscrúdaithe phéidiatraicigh de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 1 000 le haghaidh an rapóirtéara.
11.4. Beidh feidhm ag táille EUR 8 000 maidir le hiarraidh ar sheiceáil comhlíontachta leis an bplean imscrúdaithe phéidiatraicigh de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 500 le haghaidh an Rapóirtéara.
Leasú 53 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 12 – mír 2
Beidh feidhm ag táille EUR 16 800 maidir le hiarratas ar tháirge íocshláinte dílleachtach a ainmniú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 141/2000. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 1 500 le haghaidh an rapóirtéara.
Beidh feidhm ag táille EUR 16 800 maidir le hiarratas ar tháirge íocshláinte dílleachtach a ainmniú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 141/2000. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 750 le haghaidh an Rapóirtéara.
Leasú 54 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II – pointe 7 – pointe 7.1
7.1. Beidh feidhm ag táille EUR 152 700 maidir le measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 54(8) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 21 100 le haghaidh an Rapóirtéara agus le EUR 9 600 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
7.1. Beidh feidhm ag táille EUR 152 700 maidir le measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 54(8) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 10 550 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR 4 800 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
Leasú 55 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II – pointe 7 – pointe 7.2
7.2. Beidh feidhm ag táille EUR 209 300 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 70(11) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 29 200 le haghaidh an rapóirtéara agus EUR 12 900 le haghaidh an chomhrapóirtéara.
7.2. Beidh feidhm ag táille EUR 209 300 maidir leis an measúnú a dhéantar i gcomhthéacs nós imeachta a thionscnaítear faoi Airteagal 70(11) de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 14 600 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR 6 450 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
Leasú 56 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II – pointe 7 – pointe 7.3
7.3. Beidh feidhm ag táille EUR 147 200 maidir leis an measúnú a dhéantar de bhun Airteagal 141(1), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair cothrom le EUR 17 500 le haghaidh an Rapóirtéara agus le EUR 7 700 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
7.3. Beidh feidhm ag táille EUR 147 200 maidir leis an measúnú a dhéantar de bhun Airteagal 141(1), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) 2019/6. Tarscaoilfear táille den sórt sin ina hiomláine. Beidh an luach saothair sin cothrom le EUR 8 750 le haghaidh an Rapóirtéara agus EUR 3 850 le haghaidh an Chomhrapóirtéara.
Leasú 57 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn V – pointe 1 a (nua)
1a. Laghduithe ar tháillí a dheonaítear don saol acadúil agus don earnáil taighde neamhbhrabúis
1. Déanfar laghdú iomlán ar an táille ar chúnamh prótacail agus ar iarrataí ar chomhairle eolaíoch maidir le táirgí íocshláinte a dheonú d’iarratasóirí ón saol acadúil nó ón earnáil acadúil.
2. Maidir le hiarratasóirí ón saol acadúil nó ón earnáil acadúil nach bhfuil á maoiniú ná á mbainistiú ag eagraíochtaí brabúis príobháideacha san earnáil chógaisíochta (PPO), nó nach bhfuil aon chomhaontuithe oibriúcháin tugtha i gcrích acu le haon PPO maidir lena n-urraíocht nó lena rannpháirtíocht sa tionscadal taighde sonrach a bhfuil díolúine táille á lorg ina leith, soláthróidh siad an méid seo a leanas:
(a) an Fhoirm Eintitis Dhlítheanaigh (LEF) agus an ‘doiciméad bunaidh’ (nó aon doiciméad oiriúnach eile a sholáthraítear le linn an phróisis iarratais);
(b) fianaise ar an áit bhunaíochta, a d’fhéadfadh gurb é an doiciméad bunaidh nó aon doiciméad oiriúnach eile é lena gcruthaítear go bhfuil suíomh an eintitis suite san Aontas, san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Iorua;
(c) cruthúnas nach bhfuil an t-iarratasóir faoi rialú díreach nó indíreach aon PPO.
Chun críoch mhír 2, pointe (c), féadfaidh ceachtar den dá chineál rialaithe seo a bheith ann:
(i) sealúchas díreach nó indíreach ar mó é ná 50 % de luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe san iarratasóir, nó de thromlach chearta vótála scairshealbhóirí nó chomhpháirtithe an iarratasóra sin, nó
(ii) sealúchas díreach nó indíreach, i bhfíoras nó i ndlí, ar chumhachtaí cinnteoireachta san iarratasóir.
Ar iarraidh ar chomhairle eolaíoch a fháil, seiceálfaidh an Ghníomhaireacht dearbhú incháilitheachta an iarratasóra agus inghlacthacht an dearbhaithe bunaithe ar theimpléad sainithe chomh maith leis na doiciméid tacaíochta.
Forchoimeádfaidh an Ghníomhaireacht a ceart seiceáil ex post a dhéanamh agus fianaise a iarraidh lena ndeimhnítear go bhfuil na critéir don díolúine ó tháille comhlíonta tráth ar bith sula nglacfar an litir chríochnaitheach chomhairle.
3. I gcás ina bhfuil feidhm ag laghdú de bhun phointe 1a, ní íocfar aon luach saothair leis na húdaráis náisiúnta inniúla sna Ballstáit.
Leasú 58 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn V – pointe 8 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
Beidh feidhm ag laghdú 20 % maidir leis an táille faireachais cógas bhliantúil a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn III le haghaidh na dtáirgí íocshláinte a leanas:
Beidh feidhm ag laghdú 30 % maidir leis an táille faireachais cógas bhliantúil a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn III i gcás na dtáirgí íocshláinte a leanas:
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VI – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Bainfidh an fhaisnéis seo a leanas le gach bliain féilire:
Bainfidh an fhaisnéis seo a leanas le gach bliain féilire agus cuirfear ar fáil go poiblí í ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta:
Leasú 60 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 4 a (nua)
(4a) líon na laghduithe ar tháillí arna ndeonú de réir na gcinntí feidhmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 6;
Leasú 61 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 6
(6) an líon uaireanta an chloig oibre a chaitheann an rapóirtéir agus na comhrapóirtéirí agus na saineolaithe a fuarthas ar conradh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe ar fheistí leighis in aghaidh nósanna imeachta ar bhonn na faisnéise a sholáthair na húdaráis náisiúnta inniúla lena mbaineann don Ghníomhaireacht. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na nósanna imeachta a bheidh san áireamh bunaithe ar thogra ón nGníomhaireacht.
(6) an líon uaireanta an chloig oibre a chaitheann an Rapóirtéir agus na Comhrapóirtéirí, lena n-áirítear na huaireanta an chloig a chaitheann saineolaithe agus daoine eile atá fostaithe ag údaráis inniúla na mBallstát chun cúnamh a thabhairt dóibh, agus saineolaithe a fuarthas ar conradh le haghaidh nósanna imeachta na bpainéal saineolaithe ar fheistí leighis in aghaidh na nósanna imeachta ar bhonn na faisnéise arna soláthar don Ghníomhaireacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na nósanna imeachta a bheidh san áireamh bunaithe ar thogra ón nGníomhaireacht.
Leasú 62 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 6 a (nua)
(6a) aon táscairí feidhmíochta atá ábhartha maidir le táillí seirbhíse eolaíocha nó muirir ar sheirbhísí riaracháin arna dtobhach i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (2) den Rialachán seo;
Leasú 63 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn VI – mír 1 – pointe 6 b (nua)
(6b) aon eochairtháscairí feidhmíochta ábhartha breise a imríonn tionchar ar ualach oibre athraitheach na Gníomhaireachta agus na n-údarás inniúil náisiúnta sna Ballstáit i gcreat rialála cógaisíochta an Aontais, lena n-áirítear nósanna imeachta chun táirgí íocshláinte a údarú agus a mhaoirsiú.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0224/2023).
Iascaireacht i limistéar an Chomhaontaithe maidir leis an gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CGIM)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) (athmhúnlú) (COM(2021)0434 – C9-0345/2021 – 2021/0248(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0434),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0345/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2021(1),
– ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),
– ag féachaint don litir dar dáta an 30 Márta 2022 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Iascach i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 110 agus do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0136/2022),
A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, ag áireamh mholtaí Mheitheal Oibre sheirbhís dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Iúil 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (athmhúnlú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2124)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta (COM(2021)0757 – C9-0449/2021 – 2021/0393(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0757),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0449/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0261/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Iúil 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2131.)
Malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta: ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint (COM(2021)0767 – C9-0441/2021 – 2021/0399(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0767),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0441/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 31 Bealtaine 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0041/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Iúil 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2023/2123.)
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023(1) ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an dúlra (COM(2022)0304 – C9-0208/2022 – 2022/0195(COD))(2)
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hathchóiriú an dúlra
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is gá rialacha a leagan síos ar leibhéal an Aontais maidir le hathchóiriú éiceachóras chun an téarnamh chun dúlra bithéagsúil athléimneach a áirithiú ar fud chríoch an Aontais. Trí éiceachórais a athchóiriú, cuirtear freisin le cuspóirí an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide agus maidir le hoiriúnú don athrú aeráide.
(2) Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip(5) treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, a bhfuil sé d’aidhm aige caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, ghlac an Coimisiún Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030(6).
(3) Tá an tAontas agus a Bhallstáit, mar pháirtithe don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch arna fhormheas le Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle(7), tiomanta don fhís straitéiseach fhadtéarmach a ghlac Comhdháil na bPáirtithe in 2010 le Cinneadh X/2 maidir le Plean Straitéiseach um Bithéagsúlacht 2011-2020(8), arb í, faoi 2050, go mbeidh an bhithéagsúlacht le luacháil, le caomhnú, le hathchóiriú agus le húsáid go stuama, agus seirbhísí éiceachórais á gcothabháil, pláinéad sláintiúil á choinneáil agus tairbhí riachtanacha á mbaint amach do gach duine.
(4) Ag COP 15 i mí na Nollag 2022(9), tháinig an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht ar chomhaontú maidir leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta ina leagtar amach spriocanna domhanda atá dírithe ar ghníomhaíocht le haghaidh gníomhaíocht phráinneach thar na 10 mbliana amach romhainn go dtí 2030 chun a áirithiú go mbeidh gach réimse faoi phleanáil spásúlachta rannpháirteach, chomhtháite agus chuimsitheach agus/nó faoi phróisis éifeachtacha bainistíochta lena dtugtar aghaidh ar athrú ar úsáid talún agus farraige; go gcaillfear limistéir a bhfuil ardtábhacht bithéagsúlachta ag baint leo, lena n-áirítear éiceachórais a bhfuil ardsláine éiceolaíoch ag baint leo, gar do nialas faoi 2030 agus cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil á n-urramú ag an am céanna, mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP); a áirithiú go mbeidh, faoi 2030, ar a laghad 30 faoin gcéad de limistéir na n-éiceachóras talún, uiscí intíre agus muirí agus cósta atá díghrádaithe, faoi athchóiriú éifeachtach, chun go bhfeabhsófar an bhithéagsúlacht agus feidhmeanna agus seirbhísí éiceachórais, an tsláine agus an nascacht éiceolaíoch; rannchuidiú an dúlra le daoine a athchóiriú, a chothabháil agus a fheabhsú, lena n-áirítear feidhmeanna agus seirbhísí éiceachórais, mar shampla rialú an aeir, an uisce agus na haeráide, sláinte na hithreach, pailniú agus laghdú an riosca galair, chomh maith le cosaint ar ghuaiseacha agus tubaistí nádúrtha, trí réitigh dhúlra-bhunaithe agus/nó cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais ar mhaithe le gach duine agus leis an dúlra. Leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta, beifear in ann dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna torthaí-dhírithe a bhaint amach do 2050.
(5) Tagraíonn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe(10), go háirithe spriocanna 14.2, 15.1, 15.2 agus 15.3, don ghá atá le caomhnú, le hathchóiriú agus le húsáid inbhuanaithe éiceachóras talún agus fionnuisce intíre agus a seirbhísí a áirithiú, go háirithe foraoisí, bogaigh, sléibhte agus tailte tirime.
(6) I rún an 1 Márta 2019(11), d’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 2021–2030 deich mbliana na Náisiún Aontaithe maidir le hathchóiriú éiceachóras, agus é d’aidhm aige tacú le hiarrachtaí agus iad a mhéadú chun díghrádú éiceachóras ar fud an domhain a chosc, a stopadh agus a aisiompú agus feasacht a ardú maidir leis an tábhacht a bhaineann le hathchóiriú éiceachóras.
(7) Is é is aidhm do Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a áirithiú go gcuirfear bithéagsúlacht na hEorpa ar shlí an téarnaimh faoi 2030 chun leasa daoine, an phláinéid, na haeráide agus ár ngeilleagair. Leagtar amach sa straitéis plean athchóirithe dúlra AE uaillmhianach ina bhfuil roinnt gealltanas tábhachtach, lena n-áirítear gealltanas chun togra a chur chun cinn le haghaidh spriocanna de chuid an Aontais, atá ceangailteach ó thaobh dlí, maidir le hathchóiriú an dúlra chun éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú, go háirithe na héiceachórais is mó acmhainn carbón a ghabháil agus a stóráil, agus chun tionchar tubaistí nádúrtha a chosc agus a laghdú.
(8) I rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021(12), cuireadh fáilte mhór roimh an ngealltanas togra reachtach a tharraingt suas ina mbeadh spriocanna ceangailteacha maidir le hathchóiriú dúlra, agus ina theannta sin mheas an Pharlaimint, sa bhreis ar sprioc fhoriomlán athchóirithe, gur cheart spriocanna athchóirithe a bhaineann go sonrach le héiceachórais, gnáthóga agus speicis a áireamh, lena gcumhdófaí foraoisí, féarthailte, bogaigh, tailte portaigh, pailneoirí, aibhneacha saorshreafa, limistéir chósta agus éiceachórais mhuirí.
(9) Sna conclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020(13), d’aithin an Chomhairle go mbeidh sé bunriachtanach tuilleadh meatha i staid reatha na bithéagsúlachta agus an dúlra a chosc, ach nach leordhóthanach é chun an dúlra a thabhairt ar ais sa saol. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil gá le níos mó uaillmhéine maidir le hathchóiriú an dúlra mar a mholtar i bPlean Athchóirithe Dúlra AE nua, lena n-áirítear bearta chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú lasmuigh de limistéir chosanta. Chuir an Chomhairle in iúl freisin go raibh sí ag fanacht le togra le haghaidh spriocanna athchóirithe dúlra atá ceangailteach ó thaobh dlí, faoi réir measúnú tionchair.
(10) Leagtar amach i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 gealltanas íosmhéid 30 % den talamh san Aontas a chosaint go dlíthiúil, lena n-áirítear uiscí intíre, mar aon le 30 % den fharraige san Aontas, ar cheart aon trian di ar a laghad a bheith faoi chosaint dhocht, lena n-áirítear na foraoisí príomhúla agus cianaosta uile atá fágtha. Sna critéir agus sa treoraíocht maidir leis na Ballstáit limistéir bhreise faoi chosaint a ainmniú(14) (na ‘Critéir agus an treoraíocht’), critéir agus treoraíocht a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, leagtar béim, má chomhlíonann na limistéir athchóirithe na critéir maidir le limistéir faoi chosaint, nó má tá coinne leis go gcomhlíonfaidh siad na critéir sin, gur cheart do na limistéir sin rannchuidiú freisin le spriocanna an Aontais maidir le limistéir faoi chosaint a luaithe a bheidh lánéifeacht leis an athchóiriú. Leagtar béim freisin sna Critéir agus sa treoraíocht gur féidir le limistéir faoi chosaint cur go mór leis na spriocanna athchóirithe atá i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, trí na dálaí a chruthú chun go n-éireoidh le hiarrachtaí athchóirithe. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás limistéar is féidir téarnamh go nádúrtha trí chuid den bhrú ó ghníomhaíochtaí an duine a stopadh nó a theorannú. I gcásanna áirithe is leordhóthanach limistéir den sórt sin, lena n-áirítear limistéir sa mhuirthimpeallacht, a chur faoi chosaint dhocht chun go mbeidh téarnamh ar na luachanna a cailleadh mar thoradh air. Thairis sin, leagtar béim sna Critéir agus sa treoraíocht go bhfuil coinne leis go rannchuideoidh na Ballstáit uile le spriocanna an Aontais maidir le limistéir faoi chosaint a leagtar amach i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a bhaint amach, a mhéid atá comhréireach leis na luachanna nádúrtha a bhíonn iontu agus leis an acmhainneacht atá acu maidir le hathchóiriú dúlra.
(11) Leagtar amach i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 sprioc lena áirithiú nach mbeidh aon mheathlú ar threochtaí caomhnaithe ná ar stádas gnáthóg agus speiceas faoi chosaint agus go mbeidh 30 % ar a laghad de na speicis agus de na gnáthóga nach bhfuil stádas fabhrach acu faoi láthair sa chatagóir sin nó go léireofar treocht dhearfach láidir i dtreo titim isteach sa chatagóir sin faoi 2030. Léiríonn an treoraíocht(15) a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun tacú leis na spriocanna sin a bhaint amach gur dócha go mbeidh gá le hiarrachtaí cothabhála agus athchóirithe i gcás fhormhór na ngnáthóg agus na speiceas sin, bíodh sé sin trí stop a chur leis na treochtaí diúltacha atá acu faoi 2030 nó trí threochtaí reatha cobhsaí a choimeád nó treochtaí a fheabhsú, nó trí laghdú ar ghnáthóga agus ar speicis a bhfuil stádas caomhantais fabhrach acu a chosc. Cuirtear béim sa treoraíocht freisin gur gá na hiarrachtaí athchóirithe sin, go príomha, a phleanáil, a chur chun feidhme agus a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus, de réir mar a roghnaítear agus mar a thugtar tosaíocht do na speicis agus na gnáthóga atá le feabhsú faoi 2030, go ndéanfar sineirgí le spriocanna eile de chuid an Aontais agus le spriocanna idirnáisiúnta, go háirithe spriocanna comhshaoil nó aeráide, a lorg.
(12) Tugadh ar aird sa Tuarascáil ón gCoimisiún ar Staid an Dúlra in 2020(16) nár éirigh go fóill leis an Aontas deireadh a chur le meath na gcineálacha gnáthóige agus speiceas faoi chosaint arb ábhar imní don Aontas é a gcaomhnú. Is é is cúis leis an meath sin den chuid is mó tréigean talmhaíochta fairsinge, dlús a chur le cleachtais bhainistíochta, modhnú ar réimis hidreolaíocha, an t-uirbiú agus an truailliú chomh maith le gníomhaíochtaí foraoiseachta neamh-inbhuanaithe agus saothrú speiceas. Ina theannta sin, is bagairtí móra ar fhlóra agus ar fhána dúchasacha de chuid an Aontais iad speicis choimhthíocha ionracha agus an t-athrú aeráide, bagairtí atá ag dul i méid.
(12a) San Athbhreithniú ón gCoimisiún ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach(17) – luaitear gurb é atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip straitéis forbartha nua an Aontais Eorpaigh a bheidh ina ceann feadhna a mhéid a bhaineann lenár n-iomaíochas agus a bheidh claochlú forásach domhain ár ngeilleagar mar thoradh uirthi, a bheidh tionchar láidir aige, dá réir sin, ar phatrúin trádála, agus gurb é atá i raon ollmhór chomhaontuithe trádála déthaobhacha an Aontais Eorpaigh ardán riachtanach chun plé lenár gcomhpháirtithe maidir leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht agus dá bhrí sin éilítear tabhairt isteach beart 'scáthánaithe', i gcomhréir le rialacha EDT. [Leasú ó bhéil]
(13) Is iomchuí cuspóir uileghabhálach a leagan síos d’athchóiriú éiceachóras chun claochlú eacnamaíoch agus sochaíoch, cruthú post ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chothú. Le héiceachórais bhithéagsúla amhail bogach, fionnuisce, foraois chomh maith le héiceachórais talmhaíochta, fásra scáinte, mhuirí, chósta agus uirbeacha, má bhíonn dea-bhail orthu, soláthraítear raon seirbhísí bunriachtanacha éiceachórais, agus is mó i bhfad na tairbhí a bhaineann le héiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú chun dea-bhail a chur orthu i ngach limistéar talún agus mara ná costas an athchóirithe. Cuireann na seirbhísí sin le réimse leathan sochar socheacnamaíoch, de réir gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, réigiúnacha agus áitiúla.
(14) Ag an 52ú seisiún de chuid Choimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe i mí Mhárta 2021, ghlac an Coimisiún Staidrimh Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil - Cuntasaíocht Éiceachórais (CE CCEC))(18). Is é atá in CE CCEC creat staidrimh comhtháite cuimsitheach chun sonraí faoi ghnáthóga agus tírdhreacha a eagrú, méid, bail agus seirbhísí éiceachóras a thomhas, athruithe ar shócmhainní éiceachórais a rianú, agus an fhaisnéis sin a nascadh le gníomhaíocht eacnamaíoch agus gníomhaíocht dhaonna eile.
(15) Tá dlúthnasc idir éiceachórais bhithéagsúla a dhaingniú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide. Is codanna bunúsach den chomhrac i gcoinne na géarchéime aeráide iad an dúlra agus réitigh dhúlrabhunaithe, lena n-áirítear stoic agus linnte nádúrtha carbóin. An tráth céanna, tá an ghéarchéim aeráide ina spreagadh cheana féin d’athrú san éiceachóras talún agus mara, agus ní mór don Aontas ullmhú do dhéine, minicíocht agus forleithne éifeachtaí na géarchéime. Tugadh le fios sa Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC)(19) maidir le tionchar téimh domhanda 1.5 C go bhféadfadh tionchair áirithe a bheith fadtéarmach nó dochúlaithe. Sa Séú Tuarascáil Mheasúnachta ó IPCC(20) luaitear go mbeidh sé ríthábhachtach éiceachórais a athchóiriú chun cuidiú leis an athrú aeráide a chomhrac agus le rioscaí don tslándáil bia a laghdú freisin. I dTuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda 2019 ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais(21) ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), meastar go bhfuil an t-athrú aeráide ina phríomhchúis leis an athrú ar an dúlra, agus meastar go rachaidh na tionchair a bhaineann leis i méid sna blianta amach romhainn, agus i gcásanna áirithe beidh tionchar níos mó aige ná ag cúiseanna eile leis an athrú ar éiceachórais, amhail úsáid athraithe talún agus mara.
(16) Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22) leagtar amach cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin, agus tús áite a thabhairt do laghduithe tapa intuartha ar astaíochtaí agus, an tráth céanna, feabhas a chur ar aistrithe trí linnte nádúrtha. Le hathchóiriú éiceachóras is féidir rannchuidiú go mór le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú agus leis an mbithéagsúlacht a mhéadú fad a bhíonn an t-athrú aeráide á chomhrac. Le Rialachán (AE) 2021/1119, ceanglaítear freisin ar institiúidí ábhartha an Aontais agus ar na Ballstáit dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaithe a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú. Ceanglaítear leis freisin go ndéanfaidh na Ballstáit oiriúnú a chomhtháthú i ngach réimse beartais agus réitigh dhúlrabhunaithe(23) agus oiriúnú éiceachóras-bhunaithe a chur chun cinn.
(17) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hoiriúnú don athrú aeráide ó 2021(24) ar aghaidh, leagtar béim ar an ngá atá le réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun cinn agus aithnítear ann gur féidir oiriúnú costéifeachtach don athrú aeráide a bhaint amach trí bhogaigh agus tailte portaigh chomh maith le héiceachórais chósta agus mhuirí a chosaint agus a athchóiriú, trí spásanna glasa uirbeacha a fhorbairt agus trí dhíonta agus ballaí glasa a shuiteáil agus trí fhoraoisí agus talamh feirme a chur chun cinn agus a bhainistiú go hinbhuanaithe. I ngeall ar líon níos mó éiceachóras bithéagsúil a bheith ann, is mó an athléimneacht atá ann in aghaidh an athraithe aeráide agus soláthraítear modhanna níos éifeachtaí chun tubaistí a laghdú agus a chosc.
(18) Tá athbhreithniú á dhéanamh ar bheartas aeráide an Aontais chun cloí leis an mbealach a mholtar i Rialachán (AE) 2021/1119 chun glanastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Go sonrach, is é is aidhm don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/1999(25) an méid a rannchuidíonn earnáil na talún leis an uaillmhian fhoriomlán aeráide le haghaidh 2030 a neartú agus na cuspóirí a ailíniú a mhéid a bhaineann le cuntasaíocht astaíochtaí agus aistrithe ó earnáil na talamhúsáide, an athraithe ar thalamhúsáid agus na foraoiseachta (‘LULUCF’) le tionscnaimh bheartais ghaolmhara maidir leis an mbithéagsúlacht. Leagtar béim sa togra sin ar an ngá atá le haistrithe dúlrabhunaithe carbóin a chosaint agus a fheabhsú, athléimneacht na n-éiceachóras in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú, talamh díghrádaithe agus éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú, agus tailte portaigh a athfhliuchadh. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm aige feabhas a chur ar an bhfaireachán agus ar an tuairisciú a dhéantar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar aistrithe ó thalamh atá faoi réir cosanta agus athchóirithe. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach go mbeadh dea-bhail ar éiceachórais i ngach catagóir talún, lena n-áirítear foraoisí, féarthailte, talamh curaíochta agus bogaigh, chun go mbeidh siad in ann carbón a ghabháil agus a stóráil go héifeachtach.
(19) Leag forbairtí geopholaitiúla tuilleadh béime ar an ngá atá le hathléimneacht na gcóras bia a chosaint(26). Léiríonn an fhianaise go mbíonn tionchar dearfach ag athchóiriú na n-éiceachóras ar an táirgiúlacht bia san fhadtéarma, agus feidhmíonn athchóiriú an dúlra mar bheartas árachais chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach an Aontais a áirithiú.
(20) Sa tuarascáil chríochnaitheach ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, iarrann na saoránaigh ar an Aontas an bhithéagsúlacht, an tírdhreach agus na haigéin a chosaint agus a athchóiriú, an truailliú a dhíothú, agus eolas, feasacht, oideachas agus idirphlé a chothú maidir leis an gcomhshaol, an t-athrú aeráide, agus úsáid agus inbhuanaitheacht fuinnimh(27).
(21) Trí éiceachórais a athchóiriú, i dteannta leis na hiarrachtaí chun trádáil agus tomhailt an fhiadhúlra a laghdú, cuideofar chun galair theagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus ag a mbeadh poitéinseal zónóiseach, a chosc agus leis an athléimneacht ina n-aghaidh a fhorbairt, agus ar an gcaoi sin an riosca a bhaineann le ráigeanna agus paindéimí a laghdú, agus cuideofar chun tacú le hiarrachtaí an Aontais agus iarrachtaí domhanda cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur i bhfeidhm, lena n-aithnítear an nasc intreach idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus dúlra sláintiúil athléimneach.
(22) Is cuid lárnach d’éiceachórais talún iad ithreacha. I dTeachtaireacht 2021 ón gCoimisiún dar teideal ‘EU Soil Strategy for 2030’(28) [Straitéis Ithreach an Aontais le haghaidh 2030], leagtar amach an gá atá le hithreacha díghrádaithe a athchóiriú agus an bhithéagsúlacht ithreach a fheabhsú. Bhunaigh an Sásra Domhanda agus rúnaíocht Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac (UNCCD) an Clár um Leagan Síos Spriocanna maidir le Neodracht ó thaobh Díghrádú Talún chun cabhrú le tíortha neodracht ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030.
(23) Tá sé d’aidhm ag Treoir 92/43/CEE(29) ón gComhairle agus ag Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30) cosaint, caomhnú agus maireachtáil fhadtéarmach na speiceas agus na ngnáthóg is luachmhaire san Eoraip agus is mó atá faoi bhagairt mar aon leis na héiceachórais ina bhfuil siad mar chuid a áirithiú. Is é Natura 2000, a bunaíodh in 1992 agus arb é an líonra comhordaithe is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint, an phríomhionstraim lena gcuirtear chun feidhme cuspóirí an dá Threoir sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, mar atá ag an dá Threoir sin, maidir le críoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, agus ar an gcaoi sin a bheith ailínithe freisin le Treoir 2008/56/CE.
(24) Is ann cheana do chreat agus do threoraíocht(31) chun dea-bhail na gcineálacha gnáthóige faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE a chinneadh agus chun cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a chinneadh. Is féidir spriocanna athchóirithe maidir leis na cineálacha gnáthóige sin agus gnáthóga na speiceas sin a bhunú ar an gcreat agus ar an treoraíocht sin. Ní leor an t-athchóiriú sin, áfach, chun cailliúint na bithéagsúlachta a chúlú agus chun na héiceachórais uile a théarnamh. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí breise a bhunú de réir táscairí sonracha chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú ar scála éiceachóras níos leithne.
(25) Chun tógáil ar Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE agus chun tacú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach sna Treoracha sin, ba cheart do na Ballstáit bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar gnáthóga agus speicis faoi chosaint, lena n-áirítear éin fhiáine, a théarnamh ar fud limistéir an Aontais, agus i limistéir nach dtagann faoi Natura 2000 freisin.
(26) Is é is aidhm do Threoir 92/43/CEE gnáthóga nádúrtha agus speicis fána agus flóra fiáine ar leas an Chomhphobail a chothabháil agus a athchóiriú, ar stádas caomhantais fabhrach. Mar sin féin, ní leagtar síos sprioc-am leis chun an sprioc sin a bhaint amach. Ar an gcaoi chéanna, ní leagtar síos le Treoir 2009/147/CE sprioc-am maidir le téarnamh pobal éan san Aontas.
(27) Ba cheart, dá bhrí sin, spriocdhátaí a bhunú chun bearta athchóirithe a chur ar bun laistigh de láithreáin Natura 2000 agus lasmuigh díobh, chun feabhas a chur de réir a chéile ar an mbail atá ar chineálacha gnáthóige faoi chosaint ar fud an Aontais agus chun iad a athbhunú go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach is gá chun stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach le haghaidh na gcineálacha gnáthóige sin san Aontas. D’fhonn an tsolúbthacht is gá a thabhairt do na Ballstáit chun iarrachtaí athchóirithe mórscála a chur ar bun, is iomchuí cineálacha gnáthóige a ghrúpáil de réir an éiceachórais lena mbaineann siad agus na spriocanna cainníochtaithe faoi cheangal ama de réir limistéir a shocrú le haghaidh grúpaí cineálacha gnáthóige. Cuirfidh sé sin ar chumas na mBallstát a roghnú cé na gnáthóga is túisce a athchóireofar laistigh den ghrúpa.
(28) Ba cheart ceanglais chomhchosúla a leagan síos maidir le gnáthóga speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, ag féachaint go háirithe don nascacht is gá idir an dá ghnáthóg sin chun go mbeidh rath ar phobail na speiceas.
(29) Tá sé riachtanach go mbeidh na bearta athchóirithe do chineálacha gnáthóige leormhaith agus oiriúnach chun dea-bhail a bhaint amach agus na limistéir thagartha fhabhracha a luaithe is féidir, d’fhonn a stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach. Tá sé tábhachtach gurb iad na bearta athchóirithe na bearta sin atá riachtanach chun na spriocanna cainníochtaithe faoi cheangal ama de réir limistéir a bhaint amach. Tá sé riachtanach freisin go mbeidh na bearta athchóirithe do ghnáthóga na speiceas leormhaith agus oiriúnach chun a gcáilíocht leordhóthanach agus a gcainníocht leordhóthanach a bhaint amach chomh tapa agus is féidir d’fhonn stádas caomhantais fabhrach an speicis a bhaint amach.
(29a) Maidir le bearta athchóiriúcháin faoin Rialachán seo chun cineálacha gnáthóige áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a athchóiriú nó a chothabháil, mar shampla féarthailte nó gnáthóga portaigh nó bogaigh, féadfar a cheangal i gcásanna áirithe go mbainfear foraois chun bainistiú faoi thionchar an chaomhnaithe a athshuí, a bhféadfadh gníomhaíochtaí áirithe a bheith san áireamh leo, mar shampla baint nó innilt. Is cuspóirí tábhachtacha iad athchóiriú an dúlra agus deireadh a chur leis an dífhoraoisiú agus neartaíonn siad a chéile. Forbróidh an Coimisiún treoirlínte, mar a luaitear in aithris 36 de Rialachán (AE) Uimh. [XXXX/2023] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe a bhaineann le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, chun léirmhíniú an tsainmhínithe ar ‘úsáid talmhaíochta’ in Airteagal 2 den Rialachán sin a shoiléiriú, go háirithe i ndáil le foraoisí a thiontú go talamh nach úsáid talmhaíochta is cuspóir dó.
(30) Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear feabhas nithiúil agus intomhaiste ar bhail na n-éiceachóras leis na bearta athchóirithe a chuirfear i bhfeidhm faoin Rialachán seo, ar leibhéal na limistéar aonair atá faoi réir a n-athchóirithe agus ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.
(31) Chun a áirithiú go mbeidh na bearta athchóirithe éifeachtúil agus gur féidir torthaí na mbeart sin a thomhas le himeacht ama, tá sé bunriachtanach go léireofaí feabhas leanúnach ar na limistéir atá faoi réir na mbeart athchóirithe sin, go dtí go mbainfear dea-bhail amach, d’fhonn feabhas a chur ar riocht na ngnáthóg a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE chun na gnáthóga sin a athbhunú agus a nascacht a fheabhsú.
(32) Maidir leis na limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht ghnáthóga na speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE, chomh maith le gnáthóga éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, tá sé bunriachtanach freisin go léirítear feabhas leanúnach chun rannchuidiú le cainníocht leordhóthanach agus cáilíocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas sin a bhaint amach.
(33) Tá sé tábhachtach a áirithiú go dtiocfaidh méadú de réir a chéile ar na limistéir a chumhdaítear le cineálacha gnáthóige a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE agus a bhfuil dea-bhail orthu ar fud chríoch na mBallstát agus an Aontais ina iomláine, go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach le haghaidh gach cineál gnáthóige agus go mbeidh dea-bhail ar 90 % den limistéar sin ar a laghad ar leibhéal na mBallstát, ionas go mbeidh na cineálacha gnáthóige sin san Aontas in ann stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach.
(34) Tá sé tábhachtach freisin go n-áirithítear méadú de réir a chéile ar cháilíocht agus ar chainníocht ghnáthóga na speiceas a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE, chomh maith le gnáthóga éan fiáin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/147/CE, ar fud chríoch na mBallstát agus an Aontais ar deireadh, go dtí go mbeidh sé leordhóthanach chun a áirithiú go mairfidh na speicis sin go fadtéarmach.
(35) Tá sé tábhachtach, maidir leis na ▌limistéir a chumhdaítear le cineálacha gnáthóige a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus atá faoi réir bearta athchóiriúcháin, go léireofar iontu feabhas leanúnach go dtí go mbeidh dea-bhail orthu, agus nach dtiocfaidh meathlú suntasach orthu ina dhiaidh sin, ionas nach gcuirfear i mbaol an chothabháil fhadtéarmach nó an gnóthú dea-bhail. Tá sé tábhachtach freisin go bhféachfaidh na Ballstáit chuige iarrachtaí darb aidhm cosc a chur ar mheathlú suntasach ar limistéir a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige sin a bhfuil dea-bhail orthu cheana nó nach bhfuil dea-bhail orthu ach atá fós faoi réir bearta athchóiriúcháin. Tá bearta sin tábhachtach chun méadú na riachtanas athchóirithe amach anseo a sheachaint agus ba cheart dóibh díriú ar limistéir de chineálacha gnáthóige, arna sainaithint ag na Ballstáit ina bpleananna náisiúnta athchóiriúcháin, a bhfuil gá leo chun iad a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a bhaint amach. Is ▌iomchuí machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht force majeure a bheith i gceist, amhail tubaistí nádúrtha, a bhféadfadh meathlú na limistéar a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige sin a bheith mar thoradh orthu, chomh maith le claochluithe dosheachanta gnáthóige arb é an t-athrú aeráide is cúis leo go díreach. Lasmuigh de shuíomhanna Natura 2000, is iomchuí breathnú freisin ar thoradh plean nó tionscadail leasa phoiblí sháraithigh, nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith.Maidir le limistéir atá faoi réir athchóiriú, ba cheart é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás. I gcás láithreáin Natura 2000, údaraítear pleananna agus tionscadail i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE. I gcás ina gclaochlaítear limistéar ó chineál gnáthóige amháin go cineál gnáthóige eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo mar thoradh inmhianaithe ar bheart athchóiriúcháin, níor cheart a mheas go bhfuil meathlú ar an limistéar sin.
(35a) Chun críocha na maoluithe ar na hoibleagáidí maidir le feabhsú leanúnach agus neamh-mheathlú lasmuigh de láithreáin Natura 2000 sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil gléasraí le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, a nasc leis an eangach, leis an eangach lena mbaineann agus le sócmhainní stórála, mar ghléasraí a bhfuil leas sáraitheach poiblí acu. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cur i bhfeidhm na toimhde sin a shrianadh in imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo, mar shampla cúiseanna a bhaineann le cosaint náisiúnta. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit na tionscadail sin a dhíolmhú ón oibleagáid a léiriú nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna chun críocha chur i bhfeidhm na maoluithe sin, ar choinníoll go raibh na tionscadail faoi réir measúnachta straitéisí comhshaoil nó measúnachta tionchair ar an gcomhshaol. Dá measfaí go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag na gléasraí sin agus, i gcás inarb infheidhme, dá gcuirfí teorainn leis an gceanglas measúnú a dhéanamh ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna, d’fhéadfadh na tionscadail sin tairbhe a bhaint as measúnú simplithe maidir leis na maoluithe ar an measúnú ar an leas poiblí sáraitheach faoin Rialachán seo.
(35b) Maidir le gníomhaíochtaí arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint nó slándáil náisiúnta, ba cheart tús áite a thabhairt dóibh. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit, agus bearta athchóiriúcháin á gcur i bhfeidhm acu, limistéir a dhíolmhú a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint náisiúnta má mheastar nach bhfuil na bearta sin ag luí le húsáid mhíleata leanúnach na limistéar i dtrácht. Ina theannta sin, chun cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le maoluithe ó na hoibleagáidí maidir le feabhsú leanúnach agus neamh-mheathlú lasmuigh de láithreáin Natura 2000 sa Rialachán seo, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag pleananna agus tionscadail a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin. Féadfaidh na Ballstáit na tionscadail sin a dhíolmhú ón oibleagáid a léiriú nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna, ach ba cheart dóibh bearta a chur i bhfeidhm, a mhéid is réasúnta agus is indéanta, d’fhonn an tionchar ar na cineálacha gnáthóige a mhaolú, i gcás ina gcuireann siad an díolúine sin i bhfeidhm.
(36) I Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, leagtar béim ar an ngá atá le gníomhaíocht níos láidre chun éiceachórais mhuirí dhíghrádaithe a athchóiriú, lena n-áirítear éiceachórais atá ar mhórán carbóin agus limistéir thábhachtacha sceite éisc agus limistéar iasclainne. Fógraítear sa Straitéis freisin go bhfuil an Coimisiún chun plean gníomhaíochta nua a mholadh chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus chun éiceachórais mhuirí a chosaint.
(37) Déantar na cineálacha gnáthóige muirí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE a shainmhíniú go leathan agus tá go leor fochineálacha éagsúla éiceolaíocha iontu a bhfuil acmhainneacht athchóirithe éagsúil acu, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do na Ballstáit bearta iomchuí athchóirithe a bhunú ar leibhéal na gcineálacha gnáthóige sin. Ba cheart, dá bhrí sin, na cineálacha gnáthóige muirí a shonrú a thuilleadh trí úsáid a bhaint as leibhéil ábhartha aicmithe ar ghnáthóga muirí sa chóras faisnéis Eorpach maidir leis an dúlra (EUNIS). Ba cheart do na Ballstáit limistéir thagartha fhabhracha a bhunú maidir le stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach le haghaidh gach ceann de na cineálacha gnáthóige sin, sa mhéid nach dtugtar aghaidh ar na limistéir thagartha sin cheana i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Tá an grúpa de chineálacha gnáthóige muirí dríodar bog, a chomhfhreagraíonn do roinnt de na cineálacha leathana gnáthóige beantaí a shonraítear faoi Threoir 2008/56/CE, ar fáil go forleathan in uiscí muirí roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin, a chuirtear i bhfeidhm de réir a chéile, a theorannú do sciar níos lú de limistéar na gcineálacha gnáthóige sin nach bhfuil dea-bhail orthu, ar choinníoll nach gcuirfidh sé sin cosc ar dhea-stádas comhshaoil, arna chinneadh de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2008/56/CE, a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar luachanna tairsí do thuairisceoirí 1 agus 6, a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Treoir sin, le haghaidh a mhéid a chailltear na cineálacha gnáthóige sin, le haghaidh éifeachtaí díobhálacha ar bhail na gcineálacha gnáthóige sin agus le haghaidh uasmhéid incheadaithe na n-éifeachtaí díobhálacha sin.
(38) I gcás ina n-éilítear le haghaidh cosaint gnáthóga cósta agus mara go ndéantar gníomhaíochtaí iascaireachta nó dobharshaothraithe a rialú, beidh feidhm ag an gcomhbheartas iascaigh. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) , go háirithe, go bhfuil an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh le cur chun feidhme leis an gcomhbheartas iascaigh chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin go ndéanfar iarracht leis an mbeartas sin a áirithiú go seachnófar sna gníomhaíochtaí dobharshaothraithe agus iascaigh díghrádú na muirthimpeallachta.
(39) Chun an cuspóir maidir le téarnamh leanúnach, fadtéarmach agus marthanach an dúlra bhithéagsúil athléimnigh a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil faoin gcomhbheartas iascaigh. Laistigh de raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais maidir le hacmhainn bhitheolaíoch na mara a chaomhnú, is féidir leis na Ballstáit bearta neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun stoic éisc a chaomhnú agus a bhainistiú agus chun stádas caomhnaithe na n-éiceachóras muirí a chothabháil nó a fheabhsú laistigh den teorainn 12 mhuirmhíle. Ina theannta sin, tá an deis ag na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu teacht ar chomhaontú chun moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir le bearta caomhnaithe atá riachtanach chun oibleagáidí faoi dhlí an Aontais i dtaca leis an gcomhshaol a chomhlíonadh. Déanfar na bearta sin a mheasúnú agus a ghlacadh de réir na rialacha agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear faoin gcomhbheartas iascaigh.
(40) Le Treoir 2008/56/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit comhoibriú go déthaobhach agus laistigh de shásraí comhair réigiúnacha agus foréigiúnacha, lena n-áirítear trí choinbhinsiúin réigiúnacha farraige(33), agus i gcás ina bhfuil bearta iascaigh i gceist, i gcomhthéacs na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú faoin gcomhbheartas iascaigh.
(41) Tá sé tábhachtach go gcuirfear bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm freisin maidir le gnáthóga speiceas áirithe muirí, mar shampla siorcanna agus roic, a thagann, mar shampla, faoi raon feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, nó liostaí na gCoinbhinsiún Eorpach ar Mhuir Réigiúnach na hEorpa de speicis atá i mbaol agus faoi bhagairt, ach nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE, mar go bhfuil feidhm thábhachtach acu san éiceachóras.
(42) Chun tacú le hathchóiriú agus le neamh-mheathlú gnáthóg talún, fionnuisce, cósta agus muirí, is féidir leis na Ballstáit limistéir bhreise a ainmniú mar ‘limistéir faoi chosaint’ nó ‘limistéir faoi chosaint dhocht’, bearta caomhnaithe éifeachtacha eile de réir limistéir a chur chun feidhme, agus bearta caomhnaithe maidir le talamh príobháideach a chur chun cinn.
(43) Tá thart ar 22 % de dhromchla talún an Aontais ina éiceachóras uirbeach, agus is iad na limistéir ina bhfuil tromlach shaoránaigh an Aontais ina gcónaí. Áirítear le spásanna glasa uirbeacha, inter alia, foraoisí uirbeacha, páirceanna agus gairdíní, feirmeacha uirbeacha, sráideanna atá líneáilte le crainn, móinéir uirbeacha agus fálta uirbeacha. Fearacht na n-éiceachóras eile a dtugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo, cuireann éiceachórais uirbeacha gnáthóga tábhachtacha ar fáil don bhithéagsúlacht, go háirithe plandaí, éin agus feithidí, lena n-áirítear pailneoirí. Cuireann siad neart seirbhísí eileríthábhachtacha éiceachórais ar fáil freisin, lena n-áirítear an riosca tubaiste nádúrtha a laghdú agus a rialú (e.g. tuilte, éifeachtaí teas-oileáin), fuarú, áineas, scagachán uisce agus aeir, chomh maith le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin. Is paraiméadar tábhachtach amháin é an méadú ar an spás glas uirbeach chun go méadófar ar chumas na n-éiceachóras uirbeach na seirbhísí tábhachtacha sin a sholáthar. Má mhéadaítear an clúdach glas i limistéar uirbeach ar leith, cuirtear moill ar an rith chun srutha uisce (dá bharr sin, laghdaítear an baol go dtruailleofaí aibhneacha le forsceitheadh uisce stoirme) agus cuidítear le teochtaí an tsamhraidh a choinneáil síos, rud a chuireann leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú, agus cuirtear spás breise ar fáil chun go mbíonn borradh faoin dúlra. Má mhéadaítear leibhéal an spáis ghlais uirbigh, cuirfear feabhas, i mórán cásanna, ar shláinte an éiceachórais uirbigh. Dá réir sin, tá éiceachórais uirbeacha shláintiúla ríthábhachtach chun tacú le sláinte na bpríomh-éiceachóras Eorpach eile - limistéir nádúrtha faoin tuath máguaird a nascadh, sláinte aibhneacha a fheabhsú lasmuigh den chathair, tearmann agus talamh pórúcháin a chur ar fáil do speicis éan agus pailneoirí a bhaineann le gnáthóga talmhaíochta agus foraoise, chomh maith le gnáthóga tábhachtacha a chur ar fáil le haghaidh éin ar síobadh, mar shampla.
(44) Ní mór feabhas mór a chur ar ghníomhaíochtaí lena áirithiú nach mbeidh cumhdach spásanna glasa uirbeacha, go háirithe crainn, i mbaol a laghdaithe a thuilleadh. Chun a áirithiú go leanfaidh spásanna glasa uirbeacha de na seirbhísí riachtanacha éiceachórais a chur ar fáil, ba cheart deireadh a chur lena gcaillteanas agus ba cheart iad a athchóiriú agus a mhéadú, inter alia tríd an mbonneagar glas agus réitigh dhúlrabhunaithe a chomhtháthú ▌ , amhail díonta glasa agus ballaí glasa, i ndearadh foirgneamh. Is féidir leis an gcomhtháthú sin cur ní hamháin le limistéar an spáis ghlais uirbigh ach freisin, má tá crainn san áireamh, le limistéar cumhdaigh cheannbhrat crainn uirbeach.
(44a) Leis an méadú ar sholas saorga, tá truailliú solais ina shaincheist ábhartha. Áirítear ar a chuid foinsí soilsiú taobh amuigh agus taobh istigh d’fhoirgnimh, fógraíocht, airíonna tráchtála, oifigí, monarchana, soilse sráide agus ionaid spóirt soilsithe. Tá truailliú solais ina chúis le meathlú feithidí. Tarraingíonn solas aird go leor feithidí, ach is féidir leis an mealladh ó shoilse saorga a bheith marfach. Bíonn tionchar diúltach ag an laghdú ar líon na bhfeithidí ar gach speiceas a bhíonn ag brath ar fheithidí le haghaidh bia nó pailnithe. Baineann roinnt creachadóirí leas as an mealladh seo chun a mbuntáiste, rud a chuireann isteach ar ghréasáin bhia ar bhealaí gan choinne.[Leasú 2]
(45) Éilítear iarrachtaí níos mó le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 chun éiceachórais fionnuisce agus feidhmeanna nádúrtha aibhneacha a athchóiriú. Ba cheart a áireamh le hathchóiriú éiceachóras fionnuisce iarrachtaí chun nascacht ▌ nádúrtha aibhneacha a athchóiriú mar aon lena limistéir bhruachána agus a dtuilemhánna a athchóiriú, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le bacainní saorga d’fhonn tacú le stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach d’aibhneacha, lochanna agus gnáthóga agus speicis ghláracha a chónaíonn sna gnáthóga sin atá faoi chosaint le Treoracha 92/43/CEE 2009/147/CE, agus ceann de na príomhchuspóirí i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 a bhaint amach, eadhon, 25 000 km ar a laghad d’aibhneacha saorchúrsála, a athchóiriú, arna measúnú le hais 2020 nuair a tíolacadh an Straitéis. Agus bacainní á mbaint ag na Ballstáit, ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar bhacainní atá imithe i léig go príomha, bacainní nach bhfuil gá leo a thuilleadh do ghiniúint an fhuinnimh in-athnuaite, loingseoireacht intíre, soláthar uisce nó úsáidí eile.
(46) San Aontas, tá laghdú mór tagtha ar phailneoirí le blianta beaga anuas agus tá aon trian de speicis beach agus speicis féileacán ag meathlú, agus tá deich faoin gcéad de na speicis sin ar tí dul in éag. Tá pailneoirí ríthábhachtach d’fheidhmiú éiceachóras talún, folláine an duine agus slándáil an tsoláthair bia, trí phailniú a dhéanamh ar phlandaí fiáine agus saothraithe. Tá beagnach EUR 5 000 000 000 d’aschur bliantúil talmhaíochta an Aontais inchurtha go díreach i leith pailneoirí feithidí(34).
(47) Sheol an Coimisiún Tionscnamh Pailneoirí an Aontais(35) an 1 Meitheamh 2018 mar fhreagra ar éilimh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar mheath na bpailneoirí. Léiríodh sa tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh(36) go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann maidir le dul i ngleic le meath na bpailneoirí, úsáid lotnaidicídí san áireamh. D’iarr Parlaimint na hEorpa(37) agus an Chomhairle(38) go ndéanfaí gníomhaíochtaí níos láidre chun dul i ngleic le meath na bpailneoirí agus go mbunófaí creat faireacháin uile-Aontais do phailneoirí, mar aon le cuspóirí agus táscairí soiléire maidir leis an tiomantas chun stop a chur le meath na bpailneoirí. Mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa don Choimisiún sásraí rialachais agus faireacháin iomchuí a chur ar bun le haghaidh gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí do phailneoirí(39). An 24 Eanáir 2023, thíolaic an Coimisiún leagan athbhreithnithe de Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí(40). Leagtar amach san athbhreithniú na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit chun meath na pailneoirí a aisiompú faoi 2030.
(48) Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí [lena ghlacadh an 22 Meitheamh 2022, áireofar teideal agus uimhir an ghnímh a glacadh nuair a bheidh siad ar fáil], tá sé d’aidhm aige rialáil a dhéanamh ar cheann de na cúiseanna le meath na bpailneoirí trí thoirmeasc a chur ar úsáid lotnaidicídí i limistéir atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de, go leor díobh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar shampla limistéir a chothaíonn speicis pailneora agus a aicmítear sa Liosta Dearg Eorpach(41) mar speicis atá i mbaol díothú.
(49) Tá gá le héiceachórais talmhaíochta inbhuanaithe, athléimneacha agus bhithéagsúla chun bia sábháilte, inbhuanaithe, cothaitheach agus inacmhainne a sholáthar. Leis na héiceachórais talmhaíochta is bithéagsúla méadaítear athléimneacht na talmhaíochta in aghaidh an athraithe aeráide agus in aghaidh rioscaí comhshaoil, agus áirithítear sábháilteacht agus slándáil an bhia agus cruthaítear poist nua i gceantair thuaithe, go háirithe poist a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht chomh maith leis an turasóireacht agus an t-áineas tuaithe. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas an bhithéagsúlacht ar a thailte talmhaíochta a fheabhsú trí réimse cleachtas atá ann faoi láthair a théann chun sochair d’fheabhsú na bithéagsúlachta nó atá comhoiriúnach le feabhsú na bithéagsúlachta, lena n-áirítear talmhaíocht fhairsing. Tá talmhaíocht fhairsing ríthábhachtach chun go leor speiceas agus gnáthóg a chothabháil sna limistéir is bithéagsúla. Is iomaí cleachtas talmhaíochta fairsing a bhfuil tairbhí iomadúla nó tairbhí móra acu maidir leis an mbithéagsúlacht, seirbhísí éiceachórais agus gnéithe tírdhreacha a chosaint amhail talmhaíocht bheacht, feirmeoireacht orgánach, agra-éiceolaíocht, agrafhoraoiseacht agus féarthalamh buan ísealdéine.
(50) Is gá bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm chun bithéagsúlacht na n-éiceachóras talmhaíochta ar fud an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear sna limistéir nach gcumhdaítear le cineálacha gnáthóige a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/43/CEE. In éagmais modh coiteann chun measúnú a dhéanamh ar an mbail atá ar éiceachórais talmhaíochta lena bhféadfaí spriocanna sonracha athchóirithe a leagan síos d’éiceachórais talmhaíochta, is iomchuí oibleagáid ghinearálta a leagan síos chun feabhas a chur ar an mbithéagsúlacht in éiceachórais talmhaíochta agus comhlíonadh na hoibleagáide sin a thomhas ar bhonn na dtáscairí atá ann faoi láthair.
(51) Ós rud é gurb eol agus go n-aithnítear go forleathan gur príomhtháscairí sláinte éiceachóras talmhaíochta iad éin talaimh feirme, is iomchuí spriocanna a leagan síos lena dtéarnamh. Bheadh feidhm ag an oibleagáid na spriocanna sin a bhaint amach maidir leis na Ballstáit seachas le feirmeoirí aonair. Ba cheart do na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach trí bhearta athchóirithe éifeachtacha a chur i bhfeidhm ar thalamh talmhaíochta, agus iad ag obair i gcomhar le feirmeoirí agus le geallsealbhóirí eile, agus ag tacú leo, chun na bearta sin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar an láthair.
(52) Gnéithe tírdhreacha ard-éagsúlachta ar thalamh talmhaíochta, lena n-áirítear stráicí maolánacha, talamh branair uainíochta nó talamh branair nach bhfuil de réir uainíochta, fálta sceach, crainn aonair nó grúpaí crann, sraitheanna crann, imeall páirceanna, dáileachtaí, díoga, srutháin, bogaigh bheaga, ardáin, cairn, ballaí cloiche, linnte beaga agus gnéithe cultúrtha, soláthraíonn na nithe sin spás do phlandaí agus d’ainmhithe fiáine, lena n-áirítear pailneoirí, agus leis na nithe sin déantar an creimeadh agus an t-ídiú ithreach a chosc, aer agus uisce a scagadh, tacaítear leis an athrú aeráide a mhaolú agus leis an oiriúnú don athrú aeráide agus le táirgiúlacht talmhaíochta barr a bhraitheann ar phailniú. Is féidir a mheas freisin gur gnéithe tírdhreacha a bhfuil ardluach bithéagsúlachta acu crainn tháirgiúla atá mar chuid de chórais agrafhoraoiseachta talún arúla agus gnéithe táirgiúla i bhfáluithe neamhtháirgiúla, ar choinníoll nach bhfaigheann siad leasacháin ná nach ndéantar cóireáil lotnaidicídí orthu, agus más rud é nach ndéantar an fómhar ach tráth nach gcuirfeadh sé isteach ar leibhéil arda bithéagsúlachta. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a leagan amach chun treocht mhéadaitheach a áirithiú maidir leis an sciar de thalamh talmhaíochta ag a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-éagsúlachta. ▌Ba cheart treochtaí méadaitheacha a bhaint amach freisin maidir le táscairí eile atá ann faoi láthair, amhail innéacs na bhféileacán féarthalún agus an stoc de charbón orgánach in ithreacha mianraí talún curaíochta. [Leasú 14]
(53) Is é is aidhm don Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) tacú le cosaint an chomhshaoil agus é a neartú, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht. Ar na príomhchuspóirí atá ag an mbeartais tá rannchuidiú chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú; Le caighdeán nua coinníollachta CBT Uimh 8 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC 8)(42), ceanglaítear ar thairbhithe íocaíochtaí a bhaineann le limistéir 4 % ar a laghad den talamh arúil atá acu ar leibhéal na feirme a bheith dírithe ar limistéir agus ar ghnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh branair agus gnéithe den tírdhreach atá ann cheana a choinneáil. Is féidir an sciar 4 % atá le sannadh do chomhlíonadh an chaighdeáin GAEC sin a laghdú go 3 % má chomhlíontar réamhriachtanais áirithe(43). Rannchuideoidh an oibleagáid sin leis na Ballstáit treocht dhearfach a bhaint amach i ngnéithe tírdhreacha ardéagsúlachta ar thalamh talmhaíochta. Ina theannta sin, faoi CBT, tá an deis ag na Ballstáit éiciscéimeanna a chur ar bun le haghaidh cleachtais talmhaíochta a dhéanann feirmeoirí i limistéir thalmhaíochta lena bhféadfaí a bheith san áireamh gnéithe tírdhreacha nó limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil agus a chruthú. Ar an gcaoi chéanna, ina bpleananna straitéiseacha faoi CBT, is féidir leis na Ballstáit gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear bainistiú feabhsaithe ar ghnéithe tírdhreacha a théann thar choinníollacht GAEC 8 agus/nó éiciscéimeanna. Cuideoidh tionscadail dúlra agus bithéagsúlachta an chláir LIFE le bithéagsúlacht na hEorpa ar thalamh talmhaíochta a chur ar shlí an téarnaimh faoi 2030, trí thacú le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE chomh maith le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030.
(54) Trí athchóiriú agus athfhliuchadh(44) a dhéanamh ar ithreacha orgánacha(45) a úsáidtear sa talmhaíocht (i.e faoi úsáid féarthalún agus talún curaíochta), arb é atá iontu talamh portach draenáilte, cuidítear le tairbhí suntasacha bithéagsúlachta a bhaint amach, le laghdú tábhachtach a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus le tairbhí eile don chomhshaol, agus cuirtear le tírdhreach talmhaíochta éagsúil an tráth céanna. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh idir raon leathan beart athchóirithe le haghaidh tailte portaigh draenáilte a úsáidtear sa talmhaíocht, idir talamh curaíochta a athrú go féarthalamh buan, bearta fairsingithe in éineacht le draenáil laghdaithe, agus athfhliuchadh iomlán lena ngabhann an deis riascshaothraithe, nó fásra déanta móna a bhunú. Cruthaítear na tairbhí aeráide is suntasaí trí thalamh curaíochta a athchóiriú agus a athfhliuchadh agus ina dhiaidh sin trí fhéarthalamh dian a athchóiriú. Ionas gur féidir an sprioc athchóirithe a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha i gcás tailte portaigh faoi úsáid talmhaíochta, féadfaidh na Ballstáit bearta athchóirithe agus athfhliuchadh tailte portaigh draenáilte a áireamh, chomh maith go pointe le tailte portaigh draenáilte faoi úsáidí eile talún (foraois, mar shampla) a athchóiriú agus a athfhliuchadh, mar limistéir a rannchuidíonn le baint amach na spriocanna maidir le tailte portaigh faoi úsáid talmhaíochta. I gcás ina mbeidh údar cuí leis, agus mura féidir athfhliuchadh tailte móna draenáilte faoi úsáid talmhaíochta a chur chun feidhme mar gheall ar thionchair dhiúltacha shuntasacha ar fhoirgnimh, ar bhonneagar, ar oiriúnú don athrú aeráide nó ar leasanna poiblí eile agus nach féidir tailte móna a athfhliuchadh faoi thalamh eile, féadfaidh na Ballstáit méid na dtailte móna atá le hathfhliuchadh a shocrú ar leibhéal níos ísle.
(55) D’fhonn leas iomlán a bhaint as na tairbhí bithéagsúlachta, ba cheart athchóiriú agus athfhliuchadh na dtailte portaigh draenáilte a leathnú thar na limistéir de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE atá le hathchóiriú agus le hathbhunú. Leis an tuairisciú a dhéanann na Ballstáit i bhfardail náisiúnta gás ceaptha teasa ar earnáil LULUCF, a chuirtear isteach chuig Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, déantar faireachán ar shonraí maidir le méid na n-ithreach orgánach mar aon lena n-astaíochtaí agus a n-aistrithe gás ceaptha teasa. Is féidir leanúint d’úsáid tháirgiúil a bhaint as portaigh athchóirithe agus athfhliuchta ar bhealaí malartacha. Mar shampla, maidir leis an riascshaothrú, is é sin feirmeoireacht a dhéanamh ar thailte portaigh fliucha, d’fhéadfaí a áireamh ann saothrú cineálacha éagsúla giolcach, cineálacha áirithe adhmaid, saothrú fraochán gorm agus mónóg, feirmeoireacht sfagnaim, agus féarach buabhall uisce. Ba cheart na cleachtais sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an bhainistithe inbhuanaithe agus ba cheart iad a bheith dírithe ar an mbithéagsúlacht a fheabhsú ionas go mbeidh luach ard acu ó thaobh airgeadais agus éiceolaíochta de araon. Chomh maith leis sin is féidir an riascshaothrú dul chun sochair do roinnt speiceas atá i mbaol san Aontas, agus is féidir leis sin nascacht na limistéar bogach agus phobal na speiceas gaolmhar a éascú san Aontas freisin. Is féidir cistiú a fháil ó réimse leathan foinsí, lena n-áirítear caiteachas faoi bhuiséad an Aontais agus faoi chláir mhaoiniúcháin an Aontais le haghaidh beart chun portaigh a athchóiriú agus a athfhliuchadh agus chun caillteanais ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann a chúiteamh.
(56) Leagadh amach i Straitéis Foraoise nua an Aontais Eorpaigh go dtí 2030(46) an gá atá le bithéagsúlacht foraoise a athchóiriú. Tá os cionn 43.5 % de spás talún an Aontais faoi fhoraoisí agus faoi choillearnach eile. Tá éiceachórais foraoise ar mhórán bithéagsúlachta leochaileach don athrú aeráide ach is comhghuaillí nádúrtha iad freisin maidir leis an athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chur in oiriúint agus a chomhrac, lena n-áirítear trína gcuid feidhmeanna mar stoc carbóin agus linn charbóin, agus soláthraíonn siad go leor seirbhísí agus tairbhí riachtanacha eile éiceachórais, amhail adhmad, bia agus táirgí eile neamh-adhmaid a sholáthar, rialáil aeráide, cobhsú ithreach agus rialú creimthe ithreach agus íonú an aeir agus an uisce.
▌ [Leasú 112/rev1]
(58) Maidir le spriocanna athchóiriúcháin agus oibleagáidí maidir le gnáthóga agus speicis a chosnaítear faoi Threoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, maidir le pailneoirí agus éiceachórais fionnuisce, uirbeacha, talmhaíochta agus foraoise, ba cheart na spriocanna sin a bheith comhlántach agus ba cheart dóibh oibriú i sineirgíocht, d’fhonn an cuspóir uileghabhálach a bhaint amach maidir le héiceachórais a athchóiriú ar fud limistéir talún agus mhara na mBallstát. Cuideoidh na bearta athchóirithe is gá chun sprioc shonrach amháin a bhaint amach, in a lán cásanna, le spriocanna nó oibleagáidí eile a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta athchóirithe a phleanáil go straitéiseach d’fhonn a n-éifeachtacht a uasmhéadú i dtaca le cur le téarnamh an dúlra ar fud an Aontais. Ba cheart bearta athchóiriúcháin a phleanáil freisin ar bhealach a thabharfaidh aghaidh ar mhaolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus ar chosc agus ar rialú tionchair tubaistí nádúrtha, mar aon le díghrádú talún. Ba cheart é a bheith d’aidhm acu feidhmeanna éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta na n-éiceachóras a bharrfheabhsú, lena n-áirítear a gcumas táirgiúlachta, agus an méid a chuireann siad le forbairt inbhuanaithe na réigiún agus na bpobal ábhartha á chur san áireamh. Tá sé tábhachtach go n-ullmhódh na Ballstáit pleananna náisiúnta mionsonraithe um athchóiriú de réir na fianaise eolaíche is fearr atá ar fáil.Ba cheart taifid dhoiciméadaithe maidir le dáileadh stairiúil agus limistéar stairiúil agus, freisin, maidir leis na hathruithe réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil i ngeall ar an athrú aeráide, a bheith mar bhonn eolais do bhreithiúnais maidir le réimse tagartha fabhrach de chineálacha gnáthóige. Thairis sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaí deiseanna luatha éifeachtacha don phobal páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna. Ba cheart do na Ballstáit na dálaí agus na riachtanais shonracha ina gcríoch féin a chur san áireamh chun go mbeifear in ann leis na pleananna freagairt do bhrúnna, bagairtí agus cúiseanna ábhartha maidir le cailliúint na bithéagsúlachta, agus ba cheart dóibh dul i gcomhar le chéile chun athbhunú agus nascacht a áirithiú thar theorainneacha.
(59) Chun sineirgí a áirithiú idir na bearta éagsúla a cuireadh i bhfeidhm agus na bearta atá le cur i bhfeidhm chun an dúlra a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú san Aontas, ba cheart do na Ballstáit na nithe seo a leanas a chur san áireamh agus a bpleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú acu: na bearta caomhnaithe arna mbunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 agus na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE; bearta chun dea-stádas éiceolaíoch agus ceimiceach a bhaint amach i ndobharlaigh a áirítear i bpleananna bainistíochta abhantraí a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE; straitéisí muirí chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach do réigiúin mhuirí uile an Aontais a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE; cláir náisiúnta maidir le truailliú aeir a rialú a ullmhaítear faoi Threoir (AE) 2016/2284; straitéisí náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, chomh maith le bearta caomhnaithe arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán 1380/2013 agus bearta teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(47).
(60) Chun comhleanúnachas a áirithiú idir cuspóirí an Rialacháin seo agus cuspóirí Threoir (AE) 2018/2001(48), Rialachán (AE) 2018/1999(49) agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn(50), go háirithe, le linn pleananna náisiúnta um athchóiriú a ullmhú, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an acmhainneacht atá ag tionscadail fuinnimh in-athnuaite rannchuidiú le cuspóirí athchóirithe dúlra a bhaint amach.
(61) I bhfianaise a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt go comhsheasmhach ar na dúshláin a bhaineann le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an athrú aeráide, ba cheart úsáid an fhuinnimh in-athnuaite a chur san áireamh agus an bhithéagsúlacht á hathchóiriú agus vice versa. Féadfar gníomhaíochtaí athchóiriúcháin agus imscaradh tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chomhcheangal, nuair is féidir, lena n-áirítear dlús a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus limistéir eangaí thiomnaithe.Le Treoir (AE) 2018/2001 ceanglaítear ar na Ballstáit mapáil chomhordaithe a dhéanamh chun fuinneamh in-athnuaite a imscaradh ar a gcríoch chun an acmhainneacht intíre agus an dromchla talún, an fo-dhromchla, an fharraige nó an t-uisce intíre atá ar fáil a shainaithint de réir mar is gá chun gléasraí a shuiteáil chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh, agus an bonneagar a bhaineann leo, mar shampla saoráidí eangaí agus stórála, lena n-áirítear stóráil theirmeach, a theastaíonn chun a rannchuidiú náisiúnta ar a laghad i dtreo sprioc athbhreithnithe 2030 don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. Beidh na réimsí sin, lena n-áirítear na gléasraí atá ann cheana agus na sásraí comhair, i gcomhréir leis na conairí measta agus leis an acmhainneacht iomlán suiteáilte atá beartaithe le teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite a leagtar amach sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Ba cheart do na Ballstáit fothacar de na limistéir sin a ainmniú mar dlúslimistéir in-athnuaite. Is suíomhanna sonracha iad sin, cibé acu ar talamh nó ar muir iad, atá oiriúnach go háirithe do shuiteáil gléasraí chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh, ▌i gcás nach meastar go mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag úsáid cineáil shonraigh fuinnimh in-athnuaite, i bhfianaise shaintréithe na críche roghnaithe. Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do dhromchlaí saorga agus tógtha, mar shampla díonta agus aghaidheanna foirgneamh, limistéir bonneagair iompair agus an ceantar díreach thart orthu, limistéir pháirceála, feirmeacha, láithreáin dramhaíola, láithreáin tionscail, mianaigh, dobharlaigh shaorga intíre, lochanna nó taiscumair, agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin cóireála fuíolluisce uirbigh, mar aon le talamh díghrádaithe nach bhfuil inúsáidte don talmhaíocht. Bunaítear freisin le Treoir (AE) 2018/2001 go bhféadfaidh na Ballstáit plean nó pleananna a ghlacadh chun limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú chun tionscadail eangaí agus stórála a fhorbairt a bhfuil gá leo chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, i gcás nach meastar go mbeidh tionchair shuntasacha ag an bhforbairt sin ar an gcomhshaol nó inar féidir na tionchair sin a mhaolú go cuí nó, i gcás nach féidir, iad a chúiteamh. Agus dlúslimistéir in-athnuaiteán agus limistéir bhonneagair thiomnaithe á n-ainmniú acu, ba cheart do na Ballstáit limistéir faoi chosaint a sheachaint agus a bpleananna náisiúnta athchóirithe dúlra a mheas. Ba cheart do na Ballstáit comhordú a dhéanamh ar fhorbairt pleananna náisiúnta athchóiriúcháin leis an mapáil ar na limistéir is gá a dhéanamh le haghaidh rannchuidiú náisiúnta i dtreo sprioc 2030 don fhuinneamh in-athnuaite agus, i gcás inarb ábhartha, le hainmniú na ndlúslimistéar in-athnuaiteán agus na limistéar eangaí thiomnaithe. Agus na pleananna athchóirithe dúlra á n-ullmhú, ba cheart do na Ballstáit sineirgí a áirithiú le méadú an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh agus leis na dlúslimistéir in-athnuaiteán agus leis na limistéir eangaí thiomnaithe agus a áirithiú nach dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmiú na limistéar in-athnuaiteán sin, ▌ lena n-áirítear na nósanna imeachta ceadaithe is infheidhme sna limistéir in-athnuaiteán sin ▌dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001.
(62) D’fhonn a áirithiú go mbeidh sineirgí ann leis na bearta athchóirithe atá beartaithe nó curtha ar bun cheana sna Ballstáit, ba cheart a aithint sna pleananna náisiúnta um athchóiriú na bearta athchóirithe sin agus iad a chur san áireamh. I bhfianaise na práinne a léiríodh i dtuarascáil IPCC 2022 maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh ar athchóiriú éiceachóras díghrádaithe, ba cheart do na Ballstáit na bearta sin a chur chun feidhme i gcomhthráth le hullmhú na bpleananna athchóirithe.
(63) Sna pleananna náisiúnta athchóiriúcháin agus sna bearta chun gnáthóga a athchóiriú chomh maithleis na bearta chun meathlú na ngnáthóg a chosc, ba cheart aird a thabhairt freisin ar thorthaí na dtionscadal taighde atá ábhartha chun bail na n-éiceachóras a mheasúnú, bearta athchóiriúcháin a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, agus chun críocha faireacháin, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais a chur san áireamh iontu, i gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar shampla ceanglais shóisialta, eacnamaíocha agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear dlús daonra.
(64) Is iomchuí cás sonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas a chur san áireamh, mar a liostaítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina ndéantar foráil maidir le bearta sonracha chun tacú leis na réigiúin sin. Mar a beartaíodh i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030, ba cheart díriú go háirithe ar éiceachórais na réigiún is forimeallaí a chosaint agus a athchóiriú, i bhfianaise ardluach bithéagsúlachta na réigiún is forimeallaí. Ag an am céanna, ba cheart na costais ghaolmhara a bhaineann le cosaint agus athchóiriú na n-éiceachóras sin agus iargúltacht, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid dheacair na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh, go háirithe agus na pleananna náisiúnta athchóiriúcháin á n-ullmhú.Moltar do na Ballstáit bearta sonracha athchóiriúcháin a áireamh, ar bhonn deonach, sna réigiúin is forimeallaí sin nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
(65) Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (‘EEA’) tacú leis na Ballstáit agus chun na pleananna náisiúnta um athchóiriú a ullmhú, agus ba cheart di faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo chomhlíonadh na spriocanna agus na n-oibleagáidí athchóirithe. Ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil na pleananna náisiúnta um athchóiriú leormhaith chun na spriocanna agus na hoibleagáidí sin a bhaint amach.
(66) Léiríodh sa Tuarascáil ón gCoimisiún ar Staid an Dúlra in 2020 go dtagann sciar suntasach den fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle(51) agus le hAirteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, go háirithe maidir le stádas caomhnaithe agus treochtaí na ngnáthóg agus na speiceas a dtugann siad cosaint dóibh, ó shuirbhéanna páirteacha nó go bhfuil sé bunaithe ar bhreithiúnas saineolaithe amháin. Léiríodh sa Tuarascáil sin freisin nach fios fós stádas roinnt cineálacha gnáthóige agus speiceas atá faoi chosaint faoi Threoir 92/43/CEE. Is gá na bearnaí eolais sin a líonadh agus infheistiú san fhaireachán agus san fhaireachas chun taca a chur faoi phleananna náisiúnta láidre um athchóiriú atá bunaithe ar an eolaíocht. D’fhonn tráthúlacht, éifeachtacht agus comhleanúnachas modhanna éagsúla faireacháin a mhéadú, ba cheart don fhaireachán agus don fhaireachas an úsáid is fearr is féidir a bhaint as torthaí na dtionscadal taighde agus nuálaíochta atá cistithe ag an Aontas, teicneolaíochtaí nua, amhail faireachán in situ agus cianbhraiteacht ina n-úsáidtear sonraí agus seirbhísí spáis a sholáthraítear faoi chlár spáis an Aontais (EGNOS/Galileo agus Copernicus). Tacóidh misin an Aontais ‘Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú’, ‘Oiriúnú don Athrú Aeráide’, agus ‘Comhaontú um Ithir don Eoraip’ le cur chun feidhme na spriocanna athchóirithe(52).
(66a) I bhfianaise na ndúshlán teicniúil agus airgeadais ar leith a bhaineann le muirthimpeallachtaí a mhapáil agus faireachán a dhéanamh orthu, féadfaidh na Ballstáit, mar chomhlánú ar an bhfaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2008/56/CE, faisnéis faoi bhrúnna agus bagairtí nó faisnéis ábhartha eile a úsáid mar bhonn don eachtarshuíomh agus bail na ngnáthóg muirí a liostaítear in Iarscríbhinn II á measúnú acu. Dá bhrí sin, féadfar an cur chuige sin a úsáid freisin mar bhonn chun bearta athchóiriúcháin a phleanáil i ngnáthóga muirí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart an measúnú foriomlán ar bhail na ngnáthóg muirí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a bheith bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí.
(67) Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta um athchóiriú, ar na bearta athchóirithe a cuireadh ar bun, ar na limistéar atá faoi réir na mbeart athchóirithe, agus na sonraí ar an bhfardal bacainní ar leanúnachas abhann, ba cheart córas a thabhairt isteach lena gceanglófaí ar na Ballstáit sonraí ábhartha maidir le torthaí an fhaireacháin sin a chur ar bun, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil. Ba cheart úsáid a bhaint as córas Reportnet EEA le haghaidh tuairisciú leictreonach sonraí chuig an gCoimisiún agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige an t-ualach riaracháin ar gach eintiteas a choimeád chomh héadrom agus is féidir. Chun bonneagar iomchuí a áirithiú le haghaidh rochtain phoiblí, tuairisciú agus comhroinnt sonraí idir údaráis phoiblí, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na sonraíochtaí sonraí a bhunú orthu siúd dá dtagraítear i dTreoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(53), i dTreoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(54) agus i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(55).
(68) Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil(56) lena soláthraítear tacaíocht theicniúil shaincheaptha chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme. Baineann an tacaíocht theicniúil le neartú na hacmhainneachta riaracháin, comhchuibhiú na gcreataí reachtacha agus comhroinnt na ndea-chleachtas ábhartha, mar shampla.
(69) Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo spriocanna agus oibleagáidí athchóirithe an Rialacháin seo a bhaint amach ar bhonn tuarascálacha uile-Aontais ar dhul chun cinn arna dtarraingt suas ag EEA chomh maith le hanailís agus tuarascálacha eile arna gcur ar fáil ag na Ballstáit i réimsí beartais ábhartha amhail beartais dúlra, mhara agus uisce.
(70) Chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha leordhóthanacha san athchóiriú, agus ba cheart do na Ballstáit caiteachas le haghaidh cuspóirí bithéagsúlachta, lena n-áirítear maidir le deischostais agus costais aistrithe a eascraíonn as cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta um athchóiriú, a chomhtháthú ina mbuiséid náisiúnta agus an úsáid a bhaintear as cistiú ón Aontas a léiriú. Maidir le cistiú ón Aontas, rannchuidítear le spriocanna bithéagsúlachta leis an gcaiteachas faoi bhuiséad an Aontais agus faoi chláir mhaoiniúcháin ón Aontas amhail an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)(57) an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF)(58), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)(59), an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe(60), an Ciste um Aistriú Cóir(61), mar aon leis an gClár Réime de chuid an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht, Fís Eorpach(62), agus is é an aidhm dó 7,5 % den chaiteachas in 2024, 10 % de in 2026 agus 2027, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027(63) a dhíriú ar chuspóirí bithéagsúlachta.
Foinse bhreise chistithe is ea an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)(64) chun an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú. Maidir le Clár LIFE, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar úsáid iomchuí na dTionscadal Dúlra Straitéiseach (TDSanna) mar uirlis shonrach a d’fhéadfadh tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo, trí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a phríomhshruthú ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.
(71) Tá raon tionscnamh de chuid an Aontais, de thionscnaimh náisiúnta agus de thionscnaimh phríobháideacha ar fáil chun maoiniú príobháideach a spreagadh, amhail Clár InvestEU(65), a chuireann deiseanna ar fáil maoiniú poiblí agus príobháideach a shlógadh chun tacú, inter alia, le feabhas a chur ar an dúlra agus ar an mbithéagsúlacht trí bhíthin tionscadail bhonneagair ghlais agus ghorm, agus an fheirmeoireacht charbóin mar shamhail ghlas ghnó(66).
(71a) Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, tá infheistíochtaí leordhóthanacha príobháideacha agus poiblí fíor-riachtanach do bhearta athchóirithe dúlra. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, faoi cheann 12 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm agus i gcomhairle leis na Ballstáit, tuarascáil a thíolacadh ina mbeidh anailís ina sainaithneofar aon bhearnaí i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart tograí le haghaidh bearta leordhóthanacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear bearta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh, mar shampla cistiú tiomnaithe a bhunú agus gan dochar do shainchumais na gcomhreachtóirí le haghaidh ghlacadh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile tar éis 2027.
(71b) De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, faoi phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is faoi chúirteanna na mBallstát atá sé cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, le hAirteagal 19(1) CAE ceanglaítear ar na Ballstáit leigheasanna a sholáthar atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar an gCeartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’). Faoi Choinbhinsiún Aarhus, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir leis an gcóras dlí náisiúnta ábhartha, go mbeidh rochtain ag an bpobal lena mbaineann ar an gceartas.
(72) Ba cheart do na Ballstáit cur chuige cothrom agus tras-shochaí a chur chun cinn agus a bpleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme acu, trí nósanna imeachta um rannpháirtíocht an phobail a áireamh agus trí riachtanais na bpobal áitiúil agus na bpáirtithe leasmhara a chur san áireamh.
(73) De bhun Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(67) ceaptar pleananna straitéiseacha CBT chun rannchuidiú le gnóthú spriocanna náisiúnta fadtéarmacha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha, nó ag eascairt astu, a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin, agus tá siad ceaptha chun bheith comhsheasmhach leis na spriocanna sin; Ba cheart an Rialachán seo maidir le hathchóiriú dúlra a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 159 de Rialachán (AE) 2021/2115, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, faoin 31 Nollaig 2025, ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin.
(74) I gcomhréir leis an ngealltanas san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2030(68), ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol ar an leibhéal náisiúnta, agus an úsáid is fearr á baint as ionstraimí margadh-bhunaithe agus as uirlisí buiséadacha glasa, lena n-áirítear na cinn sin a bhfuil gá leo chun aistriú atá cothrom go sóisialta a áirithiú, agus chun tacú le gnólachtaí agus le páirtithe leasmhara eile cleachtais chaighdeánaithe maidir le cuntasaíocht an chaipitil nádúrtha a fhorbairt.
(75) Chun an t-oiriúnú is gá ar an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le hIarscríbhinní I go VII a leasú chun an grúpa gnáthóg a oiriúnú, liosta na speiceas éin a oiriúnú a úsáidtear don innéacs coiteann éan talaimh feirme, chomh maith le liosta na dtáscairí bithéagsúlachta d’éiceachórais talmhaíochta, liosta na dtáscairí bithéagsúlachta d’éiceachórais foraoise agus liostaí na ngnáthóg agus na speiceas muirí ▌agus na samplaí de bhearta athchóiriúcháin, a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, chun taithí ó chur i bhfeidhm an Rialacháin a chur san áireamh nó chun comhsheasmhacht le cineálacha gnáthóige EUNIS a áirithiú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún measúnuithe tionchair agus go rachadh sé i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, ▌i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(69). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(76) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an modh a shonrú maidir le faireachán a dhéanamh ar phailneoirí, chun na modhanna a shonrú maidir le faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh éiceachórais talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar na táscairí le haghaidh éiceachórais foraoise a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, chun creata treorach a bhunú chun na leibhéil sásúla a shocrú maidir le spás glas uirbeach, clúdach ceannbhrait crainn uirbeach i limistéir éiceachórais uirbeacha, pailneoirí, táscairí le haghaidh éiceachórais talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus táscairí le haghaidh héiceachórais foraoise a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, chun creat aonfhoirmeach a leagan amach maidir leis na pleananna náisiúnta um athchóiriú, chun an fhormaid, struchtúr agus socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí agus faisnéis a thuairisciú go leictreonach don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(70).
(77) Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar na critéir maidir le héifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le spriocanna breise athchóirithe a leagan síos, de réir modhanna coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar bhail na n-éiceachóras nach gcumhdaítear le hAirteagail 4 agus 5, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí á cur san áireamh.
(78) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha a chuireann leis na nithe seo a leanas:
(a) éiceachórais ▌ bhithéagsúla▌, athléimneacha ▌ agus tháirgiúla ar fud limistéir talún agus mhara na mBallstát trí éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú; [Leasú 113/rev1]
(b) cuspóirí uileghabhálacha an Aontais a bhaint amach maidir le maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear slándáil bia, aistriú fuinnimh agus tithíocht shóisialta,agus neodracht díghrádaithe talún ; [Leasú 114]
(c) gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh.
2. Bunaítear leis an Rialachán seo creat ina gcuirfidh na Ballstáit bearta athchóiriúcháin éifeachtacha limistéarbhunaithe i bhfeidhm ▌agus é mar aidhm acu, mar sprioc de chuid an Aontais, ar fud na limistéar agus na n-éiceachóras atá laistigh den raon feidhme mar a shainítear in Airteagal 2, 20 % ar a laghad den ▌talamh agus 20 % de na limistéir farraige agus, faoi 2050, na héiceachórais uile a bhfuil gá acu le hathchóiriú, a chumhdach go comhpháirteach faoi 2030.
2a. Ní mór don Rialachán seo sineirgí a chruthú agus a bheith comhleanúnach leis an reachtaíocht atá ann cheana agus atá ar siúl faoi láthair, agus inniúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh agus comhleanúnachas le reachtaíocht an Aontais a áirithiú maidir le fuinneamh in-athnuaite, táirgí cosanta plandaí, amhábhair chriticiúla, talmhaíocht agus foraoiseacht, i measc nithe eile. [Leasú 166]
Airteagal 2
Raon feidhme geografach
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na héiceachórais dá dtagraítear in Airteagail 4 go 10:
(a) i gcríoch na mBallstát;
(aa) in uiscí cósta na mBallstát, mar atá sainmhínithe i dTreoir 2000/60/CE, a ngrinneall agus a bhfo-ithir;
(b) in uiscí, grinneall na farraige agus an fho-ithir ar thaobh na farraige den bhonnlíne óna ndéantar fairsinge na n-uiscí teorann a thomhas ag síneadh go dtí an pointe is faide amach den limistéar ina bhfuil cearta ceannasacha nó dlínseag Ballstát nó ina bhfeidhmíonn Ballstát iad nó í, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982.
Níl feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le héiceachórais i gcríoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘éiceachóras’ coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe, fungais agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo, agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil, agus áirítear leis cineálacha gnáthóige, gnáthóga speiceas agus pobail speiceas;
(2) ciallaíonn ‘gnáthóg speicis’ gnáthóg speicis mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 1 de Threoir 92/43/CEE;
(3) ciallaíonn ‘athchóiriú’ an próiseas lena gcabhraítear go gníomhach nó go héighníomhach le téarnamh éiceachórais chun a struchtúr agus a fheidhmeanna a fheabhsú darb aidhm an bhithéagsúlacht agus athléimneacht an éiceachórais a chaomhnú nó a fheabhsú; déantar éiceachórais a athchóiriú chun críocha an Rialacháin seo trí fheabhas a chur ar dhea-bhail cineáil gnáthóige, ▌é a athbhunú i limistéar tagartha fabhrach agus trí fheabhas leordhóthanach a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht gnáthóige speicis i gcomhréir le hAirteagal 4(1),(2) agus (3) agus le hAirteagal 5(1),(2) agus (3) agus trí spriocanna agus oibleagáidí faoi Airteagail 6 go 10 a chomhlíonadh lena n-áirítear leibhéil shásúla táscairí dá dtagraítear in Airteagail 8(1), 9(2) agus 10(2) a bhaint amach mar bhealach chun an bhithéagsúlacht agus athléimneacht éiceachórais a chaomhnú nó a fheabhsú;
(4) ciallaíonn ‘dea-bhail’ cineáil gnáthóige staid ina léiríonn a príomh-shaintréithe ▌, go háirithe a struchtúr agus a feidhmeanna agus a speicis thipiciúla nó a chomhdhéanamh de speicis thipiciúla an t-ardleibhéal sláine éiceolaíoch, cobhsaíochta agus athléimneachta is gá chun a áirithiú go gcoinnítear ar bun go fadtéarmach é agus, ar an gcaoi sin, go rannchuidíonn sé le stádas fabhrach caomhnaithe a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 1, pointe (e) de Threoir 92/43/CEE, i gcás ina liostaítear an cineál gnáthóige lena mbaineann in Iarscríbhinn I den Treoir sin, agus, in éiceachórais mhuirí, ina rannchuidíonn sé le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE;
(5) ciallaíonn ‘limistéar tagartha fabhrach’ an limistéar iomlán de chineál gnáthóige i réigiún bithgheografach ar leith nó i réigiún muirí ar an leibhéal náisiúnta a meastar gurb é an t-íosmhéid is gá chun inmharthanacht fhadtéarmach an chineáil ghnáthóige agus a ghnáthspeiceas nó a ghnáth-chomhdhéanamh speiceas a áirithiú, agus na héagsúlachtaí suntasacha éiceolaíocha ar fad ina raon nádúrtha, agus atá comhdhéanta de limistéar an chineál ghnáthóige agus, mura leor an limistéar sin, an limistéar is gá chun an cineál gnáthóige a athbhunú; i gcás ina liostaítear an cineál gnáthóige lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, rannchuidíonn an t-athbhunú sin le stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach de réir Airteagal 1, pointe (e) den Treoir sin agus, in éiceachórais mhuirí, rannchuidíonn an t-athbhunú sin le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE;
(6) ciallaíonn ‘cáilíocht leordhóthanach gnáthóige’ cáilíocht de ghnáthóg speicis lenar féidir ceanglais éiceolaíocha speicis a chomhlíonadh ag céim ar bith dá thimthriall bitheolaíoch ionas go mbeidh sí á cothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chuid inmharthana dá ghnáthóg ina raon nádúrtha, lena rannchuidítear le stádas fabhrach caomhnaithe speiceas a bhaint amach nó a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 1, pointe (i) de Threoir 92/43/CEE le haghaidh na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II, IV nó V a ghabhann leis an Treoir sin agus lena ndaingnítear líon na speiceas éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus, ina theannta sin, in éiceachórais mhuirí, lena rannchuidítear le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE;
(7) ciallaíonn ‘cainníocht leordhóthanach gnáthóige’ cainníocht de ghnáthóg speicis lenar féidir ceanglais éiceolaíocha speicis a chomhlíonadh ag céim ar bith dá thimthriall bitheolaíoch ionas go mbeidh sí á cothabháil ar bhonn fadtéarmach mar chuid inmharthana dá ghnáthóg ina raon nádúrtha, lena rannchuidítear le stádas fabhrach caomhnaithe speiceas a bhaint amach nó a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 1, pointe (i) de Threoir 92/43/CEE le haghaidh na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II, IV nó V a ghabhann leis an Treoir sin agus lena ndaingnítear líon na speiceas éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus, ina theannta sin, in éiceachórais mhuirí, lena rannchuidítear le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil de réir Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE;
(7a) ciallaíonn “meath” a bheith ina chúis le héifeacht dhíobhálach ghlan ar na cineálacha gnáthóige agus ar ghnáthóga na speiceas a chumhdaítear le hAirteagal 4(6) agus (7) agus le hAirteagal 5(6) agus (7), a mhéid a d’fhéadfadh an éifeacht sin a bheith suntasach i ndáil le cuspóir foriomlán Airteagal 4 agus Airteagal 5 chun na cineálacha gnáthóige agus gnáthóga na speiceas sin a chothabháil nó a athbhunú go stádas caomhantais fabhrach ar an leibhéal náisiúnta agus, spleách ar chineál gnáthóige nó ar ghnáthóg speicis lena mbaineann, ar leibhéal bithgheografach. [Leasú 117/rev1]
(8) ciallaíonn ‘pailneoir’ feithid fhiáin a iompraíonn pailin ó antar planda go dtí stiogma planda, rud a chumasaíonn leasú agus táirgeadh síolta;
(9) ciallaíonn ‘meath phobail na bpailneoirí’ laghdú ar fhlúirse nó ar éagsúlacht pailneoirí, nó ar an dá rud;
(9a) ciallaíonn ‘speicis crainn dúchasaigh’ speiceas crainn a fhaightear laistigh dá raon nádúrtha (san am a caitheadh nó san am i láthair) agus acmhainneacht scaipthe (i.e. laistigh den raon ina bhfuil sé áitithe go nádúrtha nó a d’fhéadfadh sé áitiú ann gan lámh a bheith ag an duine, go díreach nó go hindíreach, ina thabhairt isteach nó ina chúram);
(10) ciallaíonn ‘aonad riaracháin áitiúil’ nó ‘LAU’ rannán riaracháin íseal-leibhéil i mBallstát faoi bhun rannán de chuid cúige, réigiúin nó stáit, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(71);
(10a) ciallaíonn ‘lárionaid uirbeacha’ agus ‘braislí uirbeacha’ aonaid chríochacha arna n-aicmiú i gcathracha agus i mbailte agus i mbruachbhailte a úsáideann an típeolaíocht ghreillebhunaithe arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 4b.2 deRialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
(11) ciallaíonn ‘cathracha’ LAUnna ina gcónaíonn 50 % ar a laghad den daonra i lárionaid uirbeach amháin nó níos mó, rud a thomhaistear leis an leibhéal uirbithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4b.3, pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
(12) ciallaíonn ‘bailte agus bruachbhailte’ LAUnna ina gcónaíonn níos lú ná 50 % den daonra i lárionad uirbeach, ach ina gcónaíonn 50 % ar a laghad den daonra i gcnuasach uirbeach, rud a thomhaistear leis an leibhéal uirbithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4b.3, pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
(12a) ciallaíonn ‘limistéir pheirea-uirbeacha’ limistéir atá cóngarach do lárionaid uirbeacha nó do bhraislí uirbeacha, lena n-áirítear gach limistéar laistigh de 1 chiliméadar ar a laghad arna thomhas ó theorainneacha forimeallacha na lárionad uirbeach nó na mbraislí uirbeacha sin, agus atá lonnaithe sa chathair chéanna nó sa bhaile céanna agus sna bruachbhailte céanna leis na lárionaid uirbeacha nó na braislí uirbeacha sin;
(13) ciallaíonn ‘spás glas uirbeach’ limistéar iomlán crann, sceach, tom, fásra luibheach buan, léicin agus caonaigh, linnte agus sruthchúrsaí a fhaightear i gcathracha nó i mbailte agus i mbruachbhailte a ríomhtar ar bhonn sonraí arna soláthar ag seirbhís faireacháin Copernicus ar thalamh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(72), agus, i gcás ina mbíonn fáil orthu maidir leis an mBallstát lena mbaineann, sonraí forlíontacha iomchuí eile a chuireann an Ballstát sin ar fáil;
(14) ciallaíonn ‘ceannbhrat crainn uirbeach’ limistéar iomlán chumhdach na gcrann sna cathracha agus sna bailte agus sna bruachbhailte, a ríomhtar ar bhonn shonraí dhlús cumhdaigh na gcrann a sholáthraíonn Seirbhís Faireacháin Copernicus ar Thalamh arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus, i gcás ina mbíonn fáil orthu maidir leis an mBallstát lena mbaineann, sonraí forlíontacha iomchuí eile a chuireann an Ballstát sin ar fáil;
(14a) ciallaíonn ‘abhainn shaorchúrsála’ abhainn nó stráice abhann nach gcuireann struchtúir shaorga ar bacainn iad bac ar a nascacht chomhthreomhar, chliathánach agus cheartingearach agus nach ndéantar difear, den chuid is mó, dá feidhmeanna nádúrtha;
(14b) Ciallaíonn ‘athfhliuchadh tailte móna’ an próiseas a bhaineann le hithir mhóna dhraenáilte a athrú ina hithir fhliuch;
(15) ciallaíonn ‘dlúslimistéar in-athnuaiteán’ dlúslimistéar mar a shainmhínítear é i bpointe 9(a) d’Airteagal 2 de Threoir 2018/2001/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(73).
CAIBIDIL II
SPRIOCANNA AGUS OIBLEAGÁIDÍ ATHCHÓIRITHE
Airteagal 4
Éiceachórais talún, chósta agus fionnuisce a athchóiriú
1. Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit na bearta athchóirithe is gá a chur i bhfeidhm i láithreáin Natura 2000 chun bogadh i dtreo stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach maidir leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil drochbhail orthu. Cuirfear bearta den sórt sin i bhfeidhm i limistéar líonra Natura 2000 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhfuil drochbhail orthu, mar atá cainníochtaithe sa phlean náisiúnta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 12. [Leasú 21]
2. Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin is gá i bhfeidhm chun na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a athbhunú i limistéir nach gcumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige sin agus é mar aidhm acu a limistéar tagartha fabhrach a bhaint amach. Beidh bearta den sórt sin i bhfeidhm i limistéir is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo▌. [Leasú 99]
3. Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóirithe i bhfeidhm maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na n-éan fiáin a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE atá, sa bhreis ar na bearta athchóirithe i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, riachtanach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht na ngnáthóg sin, lena n-áirítear trína n-athbhunú, agus chun nascacht a fheabhsú, go dtí go mbainfear cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.
4. Beidh cinneadh na limistéar is oiriúnaí do bhearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí maidir le bail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I, a thomhaistear de réir an struchtúir agus na bhfeidhmeanna is gá dá gcothabháil fhadtéarmach lena n-áirítear a ngnáthspeicis, dá dtagraítear in Airteagal 1(e) de Threoir 92/43/CEE, agus maidir le cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo,agus úsáid á baint as an bhfaisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, agus i gcás inarb iomchuí, éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 11(9a) á cur san áireamh.
4a. Áiritheoidh na Ballstáit, faoi 2030 ar a dhéanaí, go bhfuil an bhail ar eolas maidir le 90 % ar a laghad den limistéar arna dháileadh ar fud gach cineáil gnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I. Faoi 2040 beidh eolas ar bhail gach limistéir gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I.
5. Leis na bearta athchóirithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, measfar an gá atá le nascacht fheabhsaithe idir na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cuirfear san áireamh riachtanais éiceolaíocha na speiceas dá dtagraítear i mír 3 atá sna cineálacha gnáthóige sin.
6. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú nach dtiocfaidh laghdú suntasach le himeacht ama ar an limistéar iomlán náisiúnta a bhfuil dea-bhail air, agusar an méid iomlán limistéir atá ar chaighdeán leordhóthanach ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3. [Leasú 100]
▌ [Leasuithe. 25, 101 agus 121]
8. Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6 ▌más é is cúis leis:
(a) force majeurelena n-áirítear tubaistí nádúrtha;
(b) athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; ▌
(c) plean nó tionscadal leasa phoiblí sháraithigh nach bhfuil réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ar fáil ina leith, a chinnfear ar bhonn cás ar chás;
(ca) In imthosca eisceachtúla, a bhaineann le cur i gcrích gníomhaíochtaí leas an phobail nó leanúint de ghníomhaíochtaí leas an phobail, tabharfar údar le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6, ar choinníoll nach gcuireann sé baint amach na spriocanna maidir le hathchóiriú a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na himthosca eisceachtúla sin agus tabharfaidh siad údar cuí leo gan mhoill; nó [Leasú 6]
(d) gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.
8a. Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, níl feidhm ag an oibleagáid bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm a leagtar amach i mír 7 maidir le meathlú arb é is cúis leis:
(a) force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;
(b) athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;
(c) pleananna nó tionscadail lena ngabhann leas poiblí sáraitheach nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith; or
(d) gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.
9. Maidir le láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i míreanna 6 agus 7, más é is cúis leis:
(a) force majeurelena n-áirítear tubaistí nádúrtha;
(b) athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; nó
(c) plean nó tionscadal arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE.
10. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh:
(a) méadú ar an limistéar gnáthóige a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I go dtí go mbeidh dea-bhail ar 90 % díobh ar a laghad agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach an Bhallstát lena mbaineann;
(b) treocht mhéadaitheach i dtreo cháilíocht agus chainníocht leordhóthanach ghnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas dá dtagraítear in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speiceas a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE.
10a. Sna bearta atá le glacadh faoin Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit ceanglais eacnamaíocha, shóisialta agus chultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Threoir 92/43/CEE. [Leasú 27]
Airteagal 5
Éiceachórais mhuirí a athchóiriú
1. Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóirithe is gá i bhfeidhm chun feabhas a chur ar limistéir na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhfuil drochbhail orthu. Beidh na bearta sin i bhfeidhm ar an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) 30 % ar a laghad faoi 2030 d’achar iomlán ghrúpaí 1-6 na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12;
(b) 60 % ar a laghad faoi 2040 agus 90 % ar a laghad faoi 2050 de limistéar gach ceann de grúpaí 1-6 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12;
(c) dhá thrian den chéatadán, dá dtagraítear i bpointe (d), faoi 2040de limistéar ghrúpa 7 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II nach bhfuil dea-bhail air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12; and
(d) céatadán, arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(2a), faoi 2050, den limistéar i ngrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II agus nach bhfuil bail mhaith air, mar a chainníochtaítear sa phlean náisiúnta athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12.
Socrófar an céatadán, dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo, ionas nach gcuirfear cosc ar dhea-stádas comhshaoil, arna chinneadh de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2008/56/CE, a bhaint amach nó a choinneáil ar bun.
▌ [Leasú 29]
3. Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóiriúcháin i bhfeidhm maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus maidir le gnáthóga talún, cósta agus fionnuisce na n-éan fiáin a chumhdaítear faoi Threoir 2009/147/CE atá, sa bhreis ar na bearta athchóiriúcháin arna ndéanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, riachtanach chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht na ngnáthóg sin, lena n-áirítear trína n-athbhunú, agus chun nascacht a fheabhsú, go dtí go mbainfear cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach.
4. Beidh cinneadh na limistéar is oiriúnaí do bhearta athchóiriúcháin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil agus ar an dul chun cinnteicniúil agus eolaíoch is déanaí maidir le bail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh ▌agus cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speicis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus úsáid á baint as an bhfianaise arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE agus Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE.
4a. Áiritheoidh na Ballstáit, faoi 2030 ar a dhéanaí, go bhfuil siad ar an eolas faoin mbail atá ar 50 % ar a laghad den limistéar arna scaipeadh ar fud gach cineáil gnáthóige a liostaítear i ngrúpaí 1-6 d’Iarscríbhinn II. Faoi 2040 beidh eolas ar bhail gach limistéir de ghrúpaí 1-6 de chineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, faoi 2040 ar a dhéanaí, go bhfuil siad ar an eolas faoin mbail atá ar 50 % ar a laghad den limistéar arna scaipeadh ar fud gach cineáil gnáthóige a liostaítear i ngrúpa 7 d’Iarscríbhinn II. Faoi 2050 beifear ar an eolas maidir leis an mbail ar gach limistéir de ghrúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II.
5. Leis na bearta athchóirithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, measfar an gá atá le comhleanúnachas éiceolaíoch agus nascacht fheabhsaithe idir na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II agus cuirfear san áireamh riachtanais éiceolaíocha na speiceas dá dtagraítear i mír 3 atá sna cineálacha gnáthóige sin.
6. Maidir leis na limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe de réir míreanna 1, 2 agus 3, féachfaidh na Ballstáit lena n-áirithiú go bhfeicfear feabhas leanúnach ar bhail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II go dtí go mbainfear dea-bhail amach, agus go bhfeicfear feabhas leanúnach ar cháilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear i mír 3, go dtí go mbainfear cáilíocht leordhóthanach na ngnáthóg sin amach. Féachfaidh na Ballstáit le bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm, i gcás inar féidir, chun nach dtiocfaidh meath suntasach ar an leibhéal náisiúnta ar limistéir inar baineadh dea-bhail amach, agus inar baineadh cáilíocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas amach. [Leasú 125/rev1]
▌ [Leasuithe. 32, 104 agus 126/rev1]
8. Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6 ▌ más é is cúis leis:
(a) force majeurelena n-áirítear tubaistí nádúrtha;
(b) athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; ▌
▌
(ca) in imthosca eisceachtúla, a bhaineann le cur i gcrích gníomhaíochtaí leas an phobail nó leanúint de ghníomhaíochtaí leas an phobail, tabharfar údar le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 6, ar choinníoll nach gcuireann sé baint amach na spriocanna maidir le hathchóiriú a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i mbaol. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na himthosca eisceachtúla sin agus tabharfaidh siad údar cuí leo gan mhoill; [Leasú 7]
(d) gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.
8a. Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, níl feidhm ag an oibleagáid bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm a leagtar amach i mír 7 maidir le meathlú arb é is cúis leis:
(a) force majeure lena n-áirítear tubaistí nádúrtha;
(b) athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo;
(c) pleananna nó tionscadail lena ngabhann leas poiblí sáraitheach, nach bhfuil teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna ina leith; or
(d) gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht ó thríú tíortha nach bhfuil an Ballstát lena mbaineann freagrach astu.
9. Lasmuigh de láithreáin Natura 2000, tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 6 agus 7 más é is cúis leis:
(a) force majeurelena n-áirítear tubaistí nádúrtha;
(b) athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo; nó
(c) plean nó tionscadal arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE.
10. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh:
(a) méadú ar an limistéar gnáthóige a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige a liostaítear i ngrúpaí 1–6 d’Iarscríbhinn II go dtí go mbeidh dea-bhail ar 90 % díobh ar a laghad agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach den Bhallstát lena mbaineann;
(aa) méadú ar an limistéar gnáthóige a bhfuil dea-bhail air le haghaidh cineálacha gnáthóige a liostaítear i ngrúpa 7 d’Iarscríbhinn II go dtí go mbeidh dea-bhail ar an gcéatadán ar a laghad dá dtagraítear i mír 1, pointe (d) agus go dtí go mbainfear amach an limistéar tagartha fabhrach do gach cineál gnáthóige i ngach réigiún bithgheografach den Bhallstát lena mbaineann;
(b) treocht dhearfach i dtreo cháilíocht agus chainníocht leordhóthanach ghnáthóga muirí na speiceas dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinní II, IV agus V a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speiceas a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE.
Airteagal 5a
Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite
Chun críocha Airteagal 4(8) agus (8a) agus Airteagal 5(8) agus (8a), measfar gur chun leas sáraitheach an phobail pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, a nasc leis an eangach agus leis an eangach ghaolmhar féin agus sócmhainní stórála. Féadfaidh na Ballstáit iad a dhíolmhú ón gceanglas nach mbeidh teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna faoi Airteagail 4(8) agus (8a) agus 5(8) agus (8a), má rinneadh measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE nó má bhí siad faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2011/92. Féadfaidh na Ballstáit, in imthosca cuí-réasúnaithe agus sonracha, cur i bhfeidhm na forála sin a shrianadh do chodanna áirithe dá gcríoch, agus do chineálacha áirithe teicneolaíochtaí nó do thionscadail ag a bhfuil saintréithe teicniúla áirithe, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na srianta atá curtha i bhfeidhm agus tabharfaidh siad údar cuí leo.
Airteagal 5b
Cosaint Náisiúnta
1. Agus bearta athchóiriúcháin á gcur i bhfeidhm acu chun críocha Airteagal 4(1), (2) agus (3) agus Airteagal 5(1), (2) agus (3), féadfaidh na Ballstáit limistéir a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint náisiúnta a dhíolmhú, má mheastar nach bhfuil na bearta sin ag luí le húsáid mhíleata leanúnach na limistéar i dtrácht.
2. Chun críocha Airteagal 4(8) agus (8a) agus Airteagal 5(8) agus (8a), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go dtoimhdeofar go bhfuil pleananna agus tionscadail arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo cosaint náisiúnta, chun leasa an phobail sháraitheach. Chun críocha Airteagal 4(8) agus (8a) agus Airteagal 5(8) agus (8a),Féadfaidh na Ballstáit na pleananna agus na tionscadail sin a dhíolmhú freisin ón gceanglas nach mbeidh teacht ar réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh díobhálach céanna. I gcás ina mbeidh an díolúine sin le cur i bhfeidhm, áfach, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann bearta i bhfeidhm, a mhéid is réasúnta agus is indéanta, darb aidhm an tionchar ar na cineálacha gnáthóige a mhaolú.
Airteagal 6
Éiceachórais uirbeacha a athchóiriú
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon ghlanchaillteanas i limistéar náisiúnta iomlán an spáis ghlais uirbigh, ná i gceannbhrat crainn uirbeach i limistéir éiceachórais uirbeacha, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2b),faoin 31 Nollaig 2030, i gcomparáid le [bliain theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Chun críocha na hoibleagáide sin, féadfaidh na Ballstáit na limistéir éiceachórais uirbigh ina bhfuil sciar an spáis ghlais uirbigh i lárionaid uirbeacha agus i mbraislí uirbeacha níos mó ná 45 % agus gur mó ná 10 % an sciar de chlúdach ceannbhrat na gcrann uirbeach iontu a eisiamh ón limistéar náisiúnta iomlán sin.
2. Ina dhiaidh sin, bainfidh na Ballstáit amach treocht mhéadaitheach i limistéar náisiúnta iomlán an spáis ghlais uirbigh, lena n-áirítear trí spás glas uirbeach a chomhtháthú i bhfoirgnimh agus i mbonneagar, i limistéir éiceachórais uirbigh, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2b), arna thomhas gach 6 bliana tar éis an 31 Nollaig 2030, go dtí go mbainfear amach leibhéal sásúil arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(3).
3. Bainfidh na Ballstáit amach, i ngach limistéar éiceachórais uirbigh, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2b), treocht mhéadaitheach maidir le ▌ceannbhrat crainn uirbeach, arna thomhas gach 6 bliana tar éis an 31 Nollaig 2030, go dtí go sroichfear an leibhéal sásúil arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(3).
Airteagal 7
Nascacht nádúrtha aibhneacha agus feidhmeanna nádúrtha na dtuilemhánna gaolmhara a athchóiriú
1. Déanfaidh na Ballstáit fardal de na bacainní saorga ar ▌nascacht na n-uiscí dromchla, agus a bhfeidhmeanna socheacnamaíocha á gcur san áireamh, agus sainaithneoidh siad na bacainní nach mór a bhaint chun rannchuidiú leis na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo a bhaint amach, chomh maith le sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le 25 000 km ar a laghad d’aibhneacha an Aontais a chur ag sreabhadh go saor arís faoi 0, gan dochar do Threoir 2000/60/CE, go háirithe Airteagail 4(3), 4(5) agus 4(7) de, agus Rialachán 1315/2013, go háirithe Airteagal 15 de.
2. Bainfidh na Ballstáit na bacainní saorga ar nascacht ▌na n-uiscí dromchla bunaithe ar an bhfardal faoi mhír 1 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an bplean chun iad a bhaint dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointí (e) agus (f). Agus bacainní á mbaint ag na Ballstáit, tabharfaidh siad aghaidh go príomha ar bhacainní atá imithe i léig, bacainní nach bhfuil gá leo a thuilleadh do ghiniúint an fhuinnimh in-athnuaite, loingseoireacht intíre, soláthar uisce, cosaint ar thuilte, nó úsáidí eile.
3. Comhlánóidh na Ballstáit baint na mbacainní dá dtagraítear i mír 2 leis na bearta is gá chun feabhas a chur ar fheidhmeanna nádúrtha na dtuilemhánna gaolmhara.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar nascacht nádúrtha aibhneacha agus feidhmeanna nádúrtha na tuilemhánna gaolmhara arna n-athchóiriú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.
Airteagal 8
Pobail na bpailneoirí a athchóiriú
1. Trí bhearta iomchuí agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit éagsúlacht pailneoirí a fheabhsú, cuirfidh siad meath phobail na bpailneoirí ina cheart faoi 2030 ar a dhéanaí agus bainfidh siad amach ina dhiaidh sin treocht mhéadaitheach maidir le pobail na bpailneoirí, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus ar pobail iad a thomhaisfear gach 6 bliana tar éis 2030, go dtí go mbainfear leibhéil shásúla amach, mar a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 11(3). [Leasú 88]
2. Faoin ... [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun modh eolaíochtbhunaithe a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar éagsúlacht pailneoirí agus ar phobail na bpailneoirí. [Leasú 89]
3. Leis an modh dá dtagraítear i mír 2, soláthrófar treoir do na Ballstáit chun leibhéil shásúla a shainiú de bhun Airteagal 11(3) agus cur chuige caighdeánaithe chun sonraí bliantúla a bhailiú maidir le flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí ar fud éiceachóras, chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí i bpobail na bpailneoirí agus ar éifeachtacht na mbeart athchóirithe arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. [Leasú 90]
3a. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dtiocfaidh sonraí faireacháin ó líon leormhaith láithreán chun ionadaíochas a áirithiú ar fud na críche. Áiritheoidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha chun faireachán a dhéanamh ar eolaíocht saoránach agus chun í a chur chun cinn. [Leasú 91]
3b. Tabharfaidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe EEA, EFSA agus ECHA, aghaidh go comhpháirteach ar na brúnna is mó a bhíonn ar phailneoirí agus tacóidh siad leis na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh. [Leasú 92]
▌ [Leasú 34]
Airteagal 10
Éiceachórais foraoise a athchóiriú
1. Cuirfidh na Ballstáit na bearta athchóirithe is gá i bhfeidhm chun bithéagsúlacht na n-éiceachóras foraoise a fheabhsú, chomh maith leis na limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe de bhun Airteagal 4(1), (2) agus (3).
2. Bainfidh na Ballstáit treocht mhéadaitheach amach ar an leibhéal náisiúnta de gach ceann de na táscairí seo a leanas in éiceachórais foraoise, mar a leagtar amach a thuilleadh in Iarscríbhinn VI, a thomhaisfear sa tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 31 Nollaig 2030, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, go dtí go mbainfear amach na leibhéil shásúla a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 11(3):
▌ [Leasú 129/rev1]
▌ [Leasú 130/rev1]
▌
▌
(c) innéacs na n-éan coiteann foraoise.
▌
2a. Bainfidh na Ballstáit treocht mhéadaitheach amach ar an leibhéal náisiúnta maidir le trí cinn de na táscairí seo a leanas in éiceachórais foraoise, mar a leagtar amach a thuilleadh in Iarscríbhinn VI, arna roghnú ar bhonn a gcumais chun feabhsú bhithéagsúlacht na n-éiceachóras foraoise laistigh den Bhallstát lena mbaineann a léiriú. Déanfar an treocht a thomhas sa tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 31 Nollaig 2030, agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin, go dtí go sroichfear na leibhéil shásúla arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 11(3):
(a) sciar na bhforaoisí ag a bhfuil struchtúr corraoiseach;
(b) nascacht foraoisí;
(c) stoc an charbóin orgánaigh;
(d) an sciar d’fhoraoisí arb iad speicis na gcrann dúchasach is mó atá iontu;
(e) éagsúlacht speiceas crann.
3. Tá údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 agus 2a más é is cúis leis:
(a) force majeure ar mhórscála, lena n-áirítear tubaistí nádúrtha, go háirithe falscaithe neamhphleanáilte agus neamhrialaithe; nó
(b) athruithe dosheachanta ar an ngnáthóg arb é an t-athrú aeráide is cúis go díreach leo.
Airteagal 10a
3 bhilliún crann breise a chur
1. Agus na bearta athchóirithe á sainaithint agus á gcur chun feidhme chun na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4, 6, 9 agus 10 a chomhlíonadh, rannchuideoidh na Ballstáit le cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir le 3 bhilliún crann breise ar a laghad a chur faoi 2030.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear amach an cuspóir a leagtar amach i mír 1 agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail éiceolaíocha, éagsúlacht speiceas a áirithiú, tús áite a thabhairt do speicis crann dúchasach ach amháin, i gcásanna agus i ndálaí an-sonrach, speicis neamhdhúchasacha atá oiriúnaithe don chomhthéacs áitiúil ithreach, aeráide agus éiceolaíoch agus do ghnáthóga a bhfuil ról acu maidir le hathléimneacht mhéadaithe i gcoinne an athraithe aeráide a chothú. Na bearta chun an cuspóir a bhaint amach, beidh sé d’aidhm acu nascacht a mhéadú agus beidh siad bunaithe ar phrófhoraoisiú, ar athfhoraoisiú inbhuanaithe agus ar ghlasú limistéar uirbeach.
3. Ní áireofar crainn a chuirtear chun críocha lománaíochta don chuspóir a leagtar amach i mír 1. [Leasú 80]
CAIBIDIL III
PLEANANNA NÁISIÚNTA UM ATHCHÓIRIÚ
Airteagal 11
Pleananna náisiúnta um athchóiriú a ullmhú
1. Ullmhóidh na Ballstáit pleananna náisiúnta um athchóiriú agus déanfaidh siad an faireachán agus an taighde ullmhúcháin is gá chun na bearta athchóirithe a shainaithint atá riachtanach chun rannchuidiúle spriocanna an Aontais agus chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a bhaint amach, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí, riachtanais na bpobal áitiúil, lena n-áirítear pobail uirbeacha, na bearta is costéifeachtaí agus tionchar socheacnamaíoch na mbeart sin á gcur san áireamh. Tá gá le rannpháirtíocht iomchuí geallsealbhóirí, lena n-áirítear úinéirí talún agus bainisteoirí talún, ag gach céim den phróiseas.[Leasú 35]
2. Cainníochtóidh na Ballstáit an limistéar nach mór a athchóiriú chun na spriocanna athchóirithe a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a bhaint amach, agus bail na gcineálacha gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinní 4(1), 4(2), 5(1) agus 5(2) agus cáilíocht agus cainníocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4(3) agus 5(3) ▌á gcur san áireamh. Bunófar an cainníochtú ar an bhfaisnéis seo a leanas, i measc nithe eile:
(a) maidir le gach cineál gnáthóige:
(i) an limistéar gnáthóige iomlán agus léarscáil de dháileadh an limistéir faoi láthair;
(ii) an limistéar gnáthóige a bhfuil drochbhail air;
(iii) an limistéar tagartha fabhrach agus na taifid ar dháileadh stairiúil á gcur san áireamh, mar aon leis na hathruithe réamh-mheasta ar dhálaí comhshaoil i ngeall ar an athrú aeráide;
▌ [Leasú 37]
(b) cáilíocht agus cainníocht leordhóthanach ghnáthóga na speiceas is gá chun stádas caomhantais fabhrach a bhaint amach, agus na limistéir is oiriúnaí de na gnáthóga sin á gcur san áireamh, i bhfianaise na n-athruithe i ngeall ar an athrú aeráide mar aon le feidhmeanna talún ó thaobh táirgeadh bia de agus riachtanais iomaíocha na ngnáthóg agus na speiceas; [Leasú 38]
(ba) chun an limistéar de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a) agus in Airteagal 5(1), pointe (a) a bhaint amach, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) ach limistéir arb eol an bhail atá orthu;
(bb) chun an limistéar de gach cineál gnáthóige is gá a athchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagail 4(1), pointe (b) agus 5(1), pointí (b), (c) agus (d) a chainníochtú, ní áireofar sa limistéar gnáthóige nach bhfuil dea-bhail air amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den mhír seo ach na limistéir sin arb eol an bhail atá orthu nó a bheifear ar an eolas faoin mbail orthu de bhun Airteagail 4(4a) agus 5(4a);
(bc) indéantacht an athchóirithe, costéifeachtacht agus leasanna socheacnamaíocha contrártha; [Leasú 39]
(bd) dlús daonra agus ganntanas spáis sa Bhallstát. [Leasú 40]
2a. Áiritheofar maoiniú bearnaí cistiúcháin i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo gan úsáid a bhaint as aon chistiú ó CBT, ó CBI ná ó shruthanna cistiúcháin talmhaíochta agus iascaigh eile. [Leasú 134]
2b. Maidir le grúpa 7 de na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn II, socróidh na Ballstáit an céatadán dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d).
2c. Déanfaidh na Ballstáit limistéir éiceachórais uirbigh dá dtagraítear in Airteagal 6 a chinneadh agus a mhapáil dá gcathracha agus dá mbailte agus dá mbruachbhailte go léir.
Áireofar an méid seo a leanas i limistéar éiceachórais uirbigh cathrach nó baile agus bruachbhaile:
(a) an chathair nó an baile agus an bruachbhaile ar fad; or
(b) codanna den chathair nó den bhaile agus den bhruachbhaile, lena n-áirítear ar a laghad a lárionaid uirbeacha, a bhraislí uirbeacha agus, má mheasann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé iomchuí, a limistéir pheirea-uirbeacha.
Féadfaidh na Ballstáit na limistéir éiceachórais uirbigh in dhá chathair chóngaracha nó níos mó agus/nó bailte agus bruachbhailte nó níos mó a chomhiomlánú in aon limistéar éiceachórais uirbigh amháin is coiteann do na cathracha agus/nó na bailte agus na bruachbhailte sin.
3. Socróidh na Ballstáit, faoi 2030 ar a dhéanaí, leibhéil shásúla do gach ceann de na táscairí dá dtagraítear in Airteagail 8(1), 9(2), 10(2), do gach ceann de na táscairí a roghnófar in Airteagal 10(2a) agus don spás glas uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus do chumhdach ceannbhrat crainn uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 6(3), trí phróiseas agus measúnú oscailte éifeachtach, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí▌, ar an gcreat treorach dá dtagraítear in Airteagal 17(9a) agus, má tá fáil air, ar an gcreat treorach dá dtagraítear in Airteagal 17(9).
4. Déanfaidh na Ballstáit na limistéir thalmhaíochta agus foraoise a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu a shainaithint agus a mhapáil, go háirithe na limistéir a bhfuil nascacht fheabhsaithe agus éagsúlacht tírdhreacha de dhíth orthu mar gheall ar ghéarú nó tosca bainistíochta eile.
4a. Féadfaidh na Ballstáit, laistigh de bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, modheolaíocht a fhorbairt chun an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a chomhlánú, chun faireachán a dhéanamh ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta nach gcumhdaítear faoin modh coiteann dá dtagraítear sa tuairisc ar ghnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta san Iarscríbhinn sin. Cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil maidir leis an gcreat chun modheolaíocht den sórt sin a fhorbairt laistigh de mhí amháin ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
4b. Cinnfidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, an laghdú ar mhéid na dtailte móna dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 9(4).
5. Sainaithneoidh na Ballstáit sineirgí le maolú ar an athrú aeráide, le hoiriúnú don athrú aeráide, le neodracht ó thaobh díghrádú talún agus le cosc tubaistí, agus cuirfidh siad bearta athbhunaithe in ord tosaíochta dá réir. Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh freisin:
(a) a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999;
(b) a straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999;
(c) sprioc cheangailteach an Aontais le haghaidh 2030 a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2018/2001/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
6. Comhordóidh na Ballstáit forbairt na bpleananna náisiúnta athchóiriúcháin agus mapáil na limistéar is gá chun ar a laghad a rannchuidiú náisiúnta i dtreo sprioc 2030 don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach agus, i gcás inarb ábhartha, na dlúslimistéir in-athnuaiteán agus na limistéir bhonneagair thiomnaithe a ainmniú. Agus na pleananna athchóirithe dúlra á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit sineirgí le méadú an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite agus fuinnimh agus na ndlúslimistéar athnuaiteán agus na limistéir bhonneagair thiomnaithe agus áiritheoidh siad nach dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmiú na réimsí fuinnimh in-athnuaite sin▌, lena n-áirítear na nósanna imeachta ceadaithe is infheidhme sna dlúslimistéir athnuaiteán sin▌ dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001,chomh maith le feidhmiú na dtionscadal eangaí is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais agus sna nósanna imeachta ceadaithe faoi seach.
7. Agus a bpleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú ag na Ballstáit, cuirfidh siad an méid seo a leanas san áireamh go háirithe:
(a) na bearta athchóirithe a bunaíodh le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;
(b) creataí gníomhaíochta tosaíochta a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;
(c) bearta chun dea-stádas cainníochtúil, éiceolaíoch agus ceimiceach a bhaint amach dobharlaigh a áirítear i gcláir beart agus i bpleananna bainistithe abhantracha arna n-ullmhú i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus pleananna bainistithe riosca tuilte a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;
(d) i gcás inarb infheidhme, straitéisí muirí chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach do réigiúin mhuirí uile an Aontais a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE;
(e) cláir náisiúnta maidir le truailliú aeir a rialú a ullmhaítear faoi Threoir (AE) 2016/2284;
(f) straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus pleananna gníomhaíochta a ullmhaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht;
(g) i gcás inarb infheidhme, bearta caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh faoin gcomhbheartas iascaigh;
(h) Pleananna straitéiseacha CBT arna dtarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115.
8. Agus na pleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú ag na Ballstáit, féadfaidh siad úsáid a bhaint as na samplaí éagsúla de na bearta athchóirithe a liostaítear in Iarscríbhinn VII, ag brath ar dhálaí sonracha náisiúnta agus áitiúla, agus ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí.
9. Agus na pleananna náisiúnta um athchóiriú á n-ullmhú ag na Ballstáit, beidh sé d’aidhm acu feidhmeanna éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta na n-éiceachóras a bharrfheabhsú chomh maith lena rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na réigiún agus na bpobal ábhartha.
9a. Féadfaidh na Ballstáit, agus na pleananna náisiúnta athchóiriúcháin á n-ullmhú acu, éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla a bhaineann le riachtanais shóisialta, eacnamaíocha agus chultúrtha, tréithe réigiúnacha agus áitiúla agus dlús daonra a chur san áireamh.I gcás inarb iomchuí, ba cheart cás sonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas, mar shampla a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, chomh maith lena mbithéagsúlacht shaibhir agus na costais ghaolmhara a bhaineann lena n-éiceachórais a chosaint agus a athchóiriú, a chur san áireamh.
10. Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inar féidir, sineirgí a chothú le pleananna náisiúnta athchóiriúcháin Ballstát eile, go háirithe le haghaidh éiceachórais a théann thar theorainneacha nó i gcás ina roinneann na Ballstáit réigiún muirí nó fo-réigiún muirí de réir bhrí Threoir 2008/56/CE.
10a. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus iomchuí, chun pleananna náisiúnta athbhunaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, i ndáil le héiceachórais mhuirí a athchóiriú agus a athbhunú, leas a bhaint as struchtúir chomhair institiúideacha réigiúnacha atá ann cheana.
10b. I gcás ina sainaithníonn na Ballstáitsaincheist ar dóigh di cosc a chur ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le héiceachórais mhuirí a athchóiriú agus a athbhunú agus lena n-éilítear bearta nach bhfuil siad inniúil ina leith, tabharfaidh siad aghaidh, ina n-aonar nó go comhpháirteach, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún nó ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon le tuairisc ar an tsaincheist shainaitheanta[...] agus ar na bearta a d’fhéadfadh a bheith ann, d’fhonn iad a bhreithniú agus a ghlacadh.
11. Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhófar an plean athchóirithe ar bhealach oscailte, trédhearcach, cuimsitheach agus éifeachtach agus go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal, go háirithe úinéirí talún, bainisteoirí talún, geallsealbhóirí muirí, agus gníomhaithe ábhartha eile, amhail seirbhísí comhairle agus sínidh, i gcomhréir le prionsabal an toilithe fheasaigh roimh ré, a bheith rannpháirteach in ullmhú an phlean. Comhlíonfaidh na comhairliúcháin na ceanglais a leagtar amach i ▌dTreoir 2001/42/CE. [Leasú 12]
Airteagal 12
Ábhar na bPleananna náisiúnta um athchóiriú
1. Leis an bplean náisiúnta um athchóiriú, cumhdófar an tréimhse suas le 2050, agus beidh sprioc-amanna idirmheánacha ann a chomhfhreagraíonn do na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10.
1a. De mhaolú ar mhír 1, maidir leis an bplean náisiúnta athchóiriúcháin atá le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus Airteagal 14(6), maidir leis an tréimhse tar éis mhí an Mheithimh 2032, agus go dtí go ndéanfar athbhreithniú air i gcomhréir le hAirteagal 15(1), féadfar é a theorannú d’fhorbhreathnú straitéiseach ar na nithe seo a leanas:
(a) na heilimintí dá dtagraítear i mír 2; agus;
(b) na hábhair dá dtagraítear i míreanna 3 agus 3a.
Maidir leis an bplean náisiúnta athbhreithnithe athchóiriúcháin a eascraíonn as an athbhreithniú atá le déanamh roimh Iúil 2032 i gcomhréir le hAirteagal 15(1), maidir leis an tréimhse tar éis mhí an Mheithimh 2042, agus go dtí go ndéanfar athmheas air roimh Iúil 2042 i gcomhréir le hAirteagal 15(1), féadfar é a theorannú d’fhorbhreathnú straitéiseach ar na gnéithe agus ar an inneachar sin.
2. Cuirfidh na Ballstáit na gnéithe seo a leanas san áireamh ina bplean náisiúnta um athchóiriú, agus an fhormáid aonfhoirmeach a bhunaítear i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo á húsáid acu:
(a) cainníochtú na limistéar atá le hathchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a bhaint amach bunaithe ar an obair ullmhúcháin a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 11 agus léarscáileanna táscacha de na limistéir fhéidearthaatá le hathchóiriú.
(b) tuairisc ar na bearta athchóirithe atá beartaithe, nó curtha ar bun, chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a bhaint amach agus sonraíocht maidir le cé acu de na bearta athchóirithe sin atá beartaithe, nó curtha ar bun, laistigh de líonra Natura 2000 arna bhunú i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;
(ba) roinn ar leith ina leagtar amach na bearta chun na hoibleagáidí in Airteagail 4(4a) agus 5(4a) a bhaint amach;
▌ [Leasú 41]
▌ [Leasú 42]
(e) fardal na mbacainní agus na bacainní a shainaithnítear chun iad a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 7(1), an plean chun iad a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus ▌meastachán ar fhad na n-aibhneacha saorshreafa atá le baint amach trí na bacainní sin a mheastar a bheidh ann ó 2020 go 2030 agus ▌2050, agus aon bheart eile chun feidhmeanna nádúrtha na dtuilemhánna a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 7(3);
(ea) bonn cirt, i gcás inarb infheidhme, le talamh móna a athfhliuchadh ar chion níos ísle ná mar a leagtar amach in Airteagal 9(4), an chéad fhomhír, pointí (a) go (c);
(eb) cuntas ar na táscairí d’éiceachórais foraoise arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 10(2a), agus ar a n-oiriúnacht chun feabhsú na bithéagsúlachta in éiceachórais foraoise laistigh den Bhallstát lena mbaineann a léiriú;
(f) an t-am chun na bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 10;
(g) roinn ar leith ina leagtar amach bearta athchóirithe saincheaptha sna réigiúin is forimeallaí, de réir mar is infheidhme
(h) an faireachán ar na limistéir atá faoi réir athchóiriú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5, an próiseas chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart athchóirithe a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 10 agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin nuair is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10;
(i) léiriú ar na forálacha maidir le héifeachtaí leanúnacha, fadtéarmacha agus marthanacha na mbeart athchóirithe dá dtagraítear in Airteagail 4 go 10 a áirithiú;
(j) na comhthairbhí measta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus neodracht díghrádaithe talún a bhaineann leis na bearta athchóirithe le himeacht ama, chomh maith le sochair shocheacnamaíocha níos leithne na mbeart sin;
(ja) an tionchar socheacnamaíoch a mheastar a bheidh ag cur chun feidhme na mbeart athbhunaithe; [Leasú 69]
(k) roinn thiomnaithe ina leagtar amach an chaoi a meastar na nithe seo a leanas sa phlean athchóirithe náisiúnta:
(i) ábharthacht na gcásanna athraithe aeráide don phleanáil ar chineál agus shuíomh na mbeart athchóirithe;
(ii) acmhainneacht na mbeart athchóiriúcháin chun tionchair an athraithe aeráide ar an dúlra a íoslaghdú, chun éifeachtaí tubaistí nádúrtha a chosc nó a mhaolú agus chun tacú le hoiriúnú;
(iii) sineirgí le straitéisí nó le pleananna náisiúnta oiriúnaithe agus tuarascálacha náisiúnta maidir le measúnú riosca tubaistí;
(iv) forbhreathnú ar an idirghníomhú idir na bearta atá sa phlean athchóirithe náisiúnta agus sa phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide;
(l) na riachtanais mhaoinithe mheasta le haghaidh chur chun feidhme na mbeart athchóirithe, lena n-áireofar tuairisc ar an tacaíocht do na páirtithe leasmhara a ndéanann na bearta athchóirithe nó oibleagáidí nua eile a eascraíonn as an Rialachán seo difear dóibh, agus an modh maoinithe atá beartaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear cómhaoiniú/maoiniú le hionstraimí cistiúcháin an Aontais;
(m) léiriú ar na fóirdheontais a dhéanann difear diúltach do bhaint amach na spriocanna agus do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo;
(n) achoimre ar an bpróiseas chun an plean náisiúnta um athchóiriú a ullmhú agus a bhunú, lena n-áirítear faisnéis maidir le rannpháirtíocht an phobail agus maidir leis an gcaoi ar breithníodh riachtanais na bpobal áitiúil agus na bpáirtithe leasmhara;
(o) roinn thiomnaithe ina léirítear an chaoi ar cuireadh barúlacha ón gCoimisiún maidir leis an dréachtphlean náisiúnta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 14(4) san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 14(5). Mura dtugann an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar bharúil ón gCoimisiún nó ó chuid shubstaintiúil de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú.
3. Áireofar sna pleananna athchóirithe náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, na bearta caomhnaithe agus bainistíochta a bhfuil sé ar intinn ag Ballstát a ghlacadh faoin gcomhbheartas iascaigh, lena n-áirítear bearta caomhnaithe i gcomhmholtaí a bhfuil sé ar intinn ag Ballstát a thionscnamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na bearta sin.
3a. Áireofar sna pleananna athchóirithe náisiúnta forléargas ar an idirghníomhú idir na bearta a áirítear sa phlean náisiúnta athchóirithe agus an plean straitéiseach náisiúnta faoin gcomhbheartas talmhaíochta.
3b. I gcás inarb iomchuí, áireofar sna pleananna athchóirithe náisiúnta forléargas ar bhreithnithe a bhaineann le héagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 11(9a)
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun formáid aonfhoirmeach a bhunú le haghaidh na bpleananna athchóirithe náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) cúnamh don Choimisiún agus an fhormáid aonfhoirmeach á dréachtú. Faoin [dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 21(1).
Airteagal 13
Tíolacadh an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta
Cuirfidh na Ballstáit dréacht den phlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 24 mhí a bheith istigh tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Airteagal 14
Measúnú ar na pleananna athchóirithe náisiúnta
1. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna athchóirithe náisiúnta laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar iad. Nuair a bheidh an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann.
2. Agus breithniú á dhéanamh ar an bplean náisiúnta um athchóiriú, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chomhlíontacht an phlean le hAirteagal12, chomh maith le leordhóthanacht an phlean chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail4 go10 a chomhlíonadh, agus oibleagáidí uileghabhálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal1 agus na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal7(1) chun 20 000 km ar a laghad d’aibhneacha an Aontais a chur ag sreabhadh go saor arís faoi 2035. Déanfaidh an Coimisiún breithniú freisin ar an tionchar socheacnamaíoch go háirithe ar limistéir thuaithe agus ar an tionchar atá ag an bplean náisiúnta um athchóiriú ar tháirgeadh talmhaíochta agus foraoiseachta go háirithe, chun a áirithiú nach n-athlonnófar táirgeadh lasmuigh den Aontas. [Leasú 43]
3. Chun críche an mheasúnaithe ar na dréachtphleananna athchóirithe náisiúnta, tabharfaidh saineolaithe nó EEA cúnamh don Choimisiún.
4. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl do na Ballstáit laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta.
5. Tabharfaidh na Ballstáit ▌aird ar aon bharúil ón gCoimisiún ina phlean athchóirithe náisiúnta deiridh.
6. Cuirfidh na Ballstáit an plean athchóirithe náisiúnta i gcrích, foilseoidh siad é agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiún é laistigh de 6 mhí ón dáta a gheofar barúlacha ón gCoimisiún.
Airteagal 14a
Bearta a chur chun feidhme chun éiceachórais mhuirí a athchóiriú
1. Na Ballstáit a bhfuil bearta caomhnaithe mar chuid dá bpleananna náisiúnta athchóirithe faoi chuimsiú an chomhbheartais iascaigh lena gceanglaítear comhmholtaí a thíolacadh, rachaidh siad i gcomhairle leis na Ballstáit eile a bhfuil leas díreach bainistíochta acu i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus tíolacfaidh siad na moltaí i gcomhpháirt leis na Ballstáit eile a bhfuil leas díreach bainistíochta acu:
(a) tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis a bplean náisiúnta athchóirithe maidir le bearta a bhaineann le hAirteagal 5(3) a chur isteach go críochnaitheach;
(b) tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2028 le haghaidh na mbeart um athchóiriú is gá chun na spriocanna a socraíodh do 2030 a ráthú;
(c) tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2036 i gcás na mbeart um athchóiriú is gá chun na spriocanna a socraíodh do 2040 a ráthú;
(d) tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2046 i gcás na mbeart um athchóiriú is gá chun na spriocanna a socraíodh do 2050 a ráthú.
2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn i ndáil le spriocdhátaí do na bearta lena gceanglaítear moltaí comhpháirteacha a thíolacadh faoin gcomhbheartas iascaigh.
3. Má theipeann ar na Ballstáit na moltaí comhpháirteacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a thíolacadh in am trátha, glacfaidh an Coimisiún na bearta tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis an spriocdháta le haghaidh thíolacadh an mholta chomhpháirtigh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, agus úsáid á baint aige as na huirlisí dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 in éagmais moladh comhpháirteach. [Leasú 15]
Airteagal 15
Athbhreithniú ar an pleananna athchóirithe náisiúnta
1. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú agus athchóiriú ar a bplean athchóirithe náisiúnta agus cuirfidh siad bearta forlíontacha san áireamh roimh mhí Iúil 2032 agus roimh mhí Iúil 2042. Uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a bplean athchóirithe náisiúnta agus, más gá, athbhreithneoidh siad é agus áireoidh siad bearta forlíontacha. Déanfar na hathbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12, agus an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na bpleananna, an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chomh maith leis an eolas atá ar fáil ar athruithe nó ar athruithe a bhfuiltear ag dréim leo i ndálaí comhshaoil i ngeall ar an athrú aeráide á gcur san áireamh. Sna hathbhreithnithe a dhéanfar roimh Iúil 2032 agus roimh mhí Iúil 2042, cuirfidh na Ballstáit san áireamh eolas faoi bhail na gcineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a fuarthas i gcomhréir leis na hoibleagáidí in Airteagail 4(4a) agus 5(4a). Foilseoidh na Ballstáit a bplean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe agus cuirfidh siad an plean sin in iúl don Choimisiún.
2. I gcás ina léirítear le faireachán i gcomhréir le hAirteagal 17 nach leor na bearta a leagtar amach sa phlean athchóirithe náisiúnta chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an bplean athchóirithe náisiúnta, agus, más gá, déanfaidh siad athbhreithniú air agus áireoidh siad bearta forlíontacha. Déanfaidh na Ballstáit an plean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe a fhoilsiú agus a chur in iúl don Choimisiún.
3. Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (2) agus ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(4) agus (5), má mheasann an Coimisiún nach leor an dul chun cinn atá déanta ag Ballstát chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 10 a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, a iarraidh ar an mBallstát ▌dréachtphlean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe a bhfuil bearta forlíontacha leis a chur faoina bhráid. Déanfar an plean athchóirithe náisiúnta athbhreithnithe a bhfuil bearta forlíontacha a fhoilsiú agus a thíolacadh laistigh de 6 mhí ón dáta a bhfaighfear an iarraidh ón gCoimisiún. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann agus i gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún síneadh 6 mhí bhreise a chur leis an sprioc-am sin.
▌[Leasuithe. 18cp agus 44]
CAIBIDIL IV
FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ
Airteagal 17
Faireachán
1. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar an méid seo a leanas:
(a) an bhail atá ar na cineálacha gnáthóige agus an treocht atá iontu agus an cháilíocht agus an treocht i gcáilíocht ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 sna limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (h);
(b) limistéar an spáis ghlais uirbigh agus chlúdach ceannbhrat na gcrann laistigh de limistéir éiceachórais uirbigh arna gcinneadh i gcomhréir le 11(2b), dá dtagraítear in Airteagal 6;
(c) na táscairí bithéagsúlachta in éiceachórais talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV;
(d) pobail speiceas an éin talaimh feirme choitinn a liostaítear in Iarscríbhinn V;
(e) na trí tháscaire bithéagsúlachta in éiceachórais foraoise a liostaítear in Airteagal 10(2);
(ea) trí cinn de na táscairí bithéagsúlachta in éiceachórais na bhforaoisí a liostaítear in Airteagal 10(2a), arna roghnú ag an mBallstát;
(f) flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí, de réir an mhodha arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8(2);
(g) an limistéar agus bail na limistéar a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I ▌;
(h) limistéar agus cáilíocht ghnáthóg na speiceas dá dtagraítear in Airteagail 4(3) agus 5(3) ▌.
2. Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (a), a luaithe a chuirfear na bearta athchóirithe i bhfeidhm.
3. Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointí (b), (c), (d), (e) agus (ea) ar [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
4. Cuirfear tús leis an bhfaireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (f), den Airteagal seo bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(2).
5. Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b) gach 6 bliana ar a laghad. Déanfar an faireachán i gcomhréir le mír 1, pointe (c), ▌maidir leis an stoc de charbón orgánach in ithreacha mianracha curaíochta agus maidir leis an sciar de thalamh talmhaíochta a bhfuil gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta aige, agus (e) maidir leis an adhmad marbh atá ina sheasamh agus an t-adhmad marbh atá ina luí, agus, i gcás inarb infheidhme, sciar na bhforaoisí a bhfuil struchtúr neamhchothrom ann d’aois, nascacht na foraoise, an sciar den fhoraois is mó ina bhfuil speicis na gcrann dúchasach, éagsúlacht na speiceas crann agus stoc an charbóin orgánaigh, déanfar é gach 6 bliana ar a laghad, nó, i gcás inar gá, chun meastóireacht a dhéanamh ar threochtaí atá ag méadú go dtí 2030 a bhaint amach, le heatramh níos giorra. An faireachán i gcomhréir leis an mír sin, pointe (c) maidir le hinnéacs an fhéileacáin féarthalún, leis an mír sin, pointí (d) agus (e) maidir le hinnéacs na n-éan coiteann foraoise, agus leis an mír sin, pointe (f) i dtaca le speicis pailneoirí, déanfar gach bliain é. Déanfar an faireachán i gcomhréir leis an mír sin, pointí (g) agus (h), gach 6 bliana ar a laghad agus déanfar é a chomhordú leis an timthriall tuairiscithe faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE agus leis an measúnú tosaigh faoi Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b), agus na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras foraoise dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointí (a), (b), agus 10(2a), pointe (c), den Rialachán seo, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/1999.
7. Poibleoidh na Ballstáit na sonraí a ghintear leis an bhfaireachán a dhéantar faoin Airteagal seo, i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gcomhréir leis na minicíochtaí faireacháin a leagtar amach i mír 5.
8. Oibreoidh córais faireacháin na mBallstát ar bhonn bunachar sonraí leictreonach agus córas faisnéise geografaí, agus déanfar uasmhéadú ar an rochtain ar shonraí agus ar sheirbhísí ó theicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus feistí in situ, nó sonraí eolaíochta na saoránach agus ar an úsáid a bhaintear as na sonraí agus na seirbhísí sin, agus bainfear leas as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga, ard-anailísíú sonraí agus ardphróiseáil sonraí.
9. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun:
(a) na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IV a shonrú;
(b) na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras foraoise a liostaítear in Iarscríbhinn VI a shonrú;
(c) creat treorach a bhunú chun na leibhéil shásúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus 10(2a) a shocrú.
9a. Faoi 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun creat treorach a bhunú chun na leibhéil shásúla dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 6(3), 8(1) agus 9(2) a shocrú.
9b. ▌Déanfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhíreanna (9) agus (9a) a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).
Airteagal 18
Tuairisciú
1. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go leictreonach an limistéar atá faoi réir na mbeart um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagail 4 go 10 agus na bacainní dá dtagraítear in Airteagal 7 atá bainte, ar a laghad gach 3 bliana. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach i mí an Mheithimh 2028.
2. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go leictreonach na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas, le cúnamh ó EEA, gach 6 bliana ar a laghad:
(a) an dul chun cinn a dhéantar i dtaca leis an bplean athchóirithe náisiúnta a chur chun feidhme, na bearta athchóirithe a chur i bhfeidhm agus na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagail 4 go 10 a bhaint amach;
(b) torthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 17. Déanfar tuairisciú thorthaí an fhaireacháin a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(g) agus (h) a chur isteach, agus áireofar orthu léarscáileanna ina bhfuil tagairtí geografacha;
(c) suíomh agus fairsinge na limistéar atá faoi réir na mbeart athchóirithe dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 9(4), lena n-áirítear léarscáileanna de na limistéir sin ina bhfuil tagairtí geografacha;
(d) fardal nuashonraithe na mbacainní dá dtagraítear in Airteagal 7(1);
(e) faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo riachtanais mhaoinithe a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 12(2)(l), lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh.
Cuirfear na chéad tuarascálacha isteach i mí an Mheithimh 2031, ina gcumhdófar an tréimhse suas go dtí 2030.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhormáid, an struchtúr agus na socruithe mionsonraithe a bhunú chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur i láthair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún agus an fhormáid, an struchtúr agus na socruithe mionsonraithe le haghaidh an tuairiscithe leictreonaigh á ndréachtú aige.
4. Gach 3 bliana, tabharfaidh EEA forbhreathnú teicniúil ▌don Choimisiún ar an dul chun cinn chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 17(7).
5. Déanfaidh EEA tuarascáil theicniúil uile-Aontais a chur ar fáil don Choimisiún ar an dul chun cinn chun na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo. Féadfaidh sí freisin úsáid a bhaint as faisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 15 de Threoir 2000/60/CE, Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE, agus Airteagal 17 de Threoir 2008/56/CE. Soláthrófar an tuarascáil faoi mhí an Mheithimh 2032 agus soláthrófar tuarascálacha gach 6 bliana ina dhiaidh sin.
6. Déanfaidh an Coimisiún, ón [4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 6 bliana maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
6a. Laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a) forléargas ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ar leibhéal an Aontais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme;
(b) measúnú ar na riachtanais chistiúcháin chun Airteagail 4 go 10 a chur chun feidhme, agus chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1, mír 2 a bhaint amach;
(c) anailís chun aon bhearnaí cistiúcháin i gcur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán a shainaithint;
(d) i gcás inarb iomchuí, tograí le haghaidh bearta leordhóthanacha, lena n-áirítear bearta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a shainaithnítear, mar shampla cistiú tiomnaithe a bhunú, agus gan dochar do shainchumais na gcomhreachtóirí le haghaidh ghlacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027. [Leasú 11]
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 leordhóthanach agus cothrom le dáta agus go mbeidh sí ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2007/2/CE agus (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 19
Leasuithe ar na hIarscríbhinní
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn I a leasú chun an chaoi a ndéantar na ▌cineálacha gnáthóige a ghrúpáil de réir dul chun teicniúil agus eolaíoch agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinní II a leasú chun an méid seo a leanas a chur in oiriúint:
(a) liosta na gcineálacha gnáthóige chun comhsheasmhacht a áirithiú le nuashonruithe ar aicmiú gnáthóg an chórais faisnéise Eorpaigh maidir leis an dúlra (EUNIS), agus;
(b) an chaoi a ndéantar na ▌cineálacha gnáthóige a ghrúpáil de réir dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, agus an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn III a leasú chun liosta na speiceas muirí dá dtagraítear in Airteagal 5 a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun an tuairisc ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta agus aonad agus modheolaíocht na dtáscairí sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn V a leasú chun liosta na speiceas a úsáidtear le haghaidh innéacs na n-éan coiteann talaimh feirme sna Ballstáit a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun an tuairisc ar na táscairí le haghaidh na n-éiceachóras talmhaíochta agus aonad agus modheolaíocht na dtáscairí sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn VII a leasú chun liosta na samplaí de bhearta athchóiriúcháin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.
Airteagal 20
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr .
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 21
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 21a
Leasú ar Rialachán (AE) 2022/869
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(8), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/869:"
ʻMaidir leis na tionchair ar an gcomhshaol a ndírítear orthu in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 4(8) agus (8a) agus in Airteagal 5(8) agus (8a) de [an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an dúlra], measfar go bhfuil baint ag na tionscadail sin atá ar liosta an Aontais le leas an phobail ó thaobh beartas fuinnimh de, agus féadfar a mheas gur ar mhaithe le leas sáraitheach an phobail iad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leagtar amach sna Treoracha sin.ʼ
"
Airteagal 22
Athbhreithniú
1. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ▌an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2030agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo, go háirithe ar an earnáil talmhaíochta agus ar sholáthar bia atá sábháilte agus slán, chomh maith le tionchair shocheacnamaíocha an Rialacháin seo, go háirithe i limistéir thuaithe. [Leasú 45]
2. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. I gcás ina measfaidh an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun forálacha ábhartha an Rialacháin seo a leasú, agus an gá atá le bunú spriocanna breise athchóirithe, lena n-áirítear spriocanna nuashonraithe do 2040 agus 2050, á chur san áireamh, bunaithe ar mhodhanna coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar bhail na n-éiceachóras nach gcumhdaítear le hAirteagail 4 agus 5, ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí. [Leasú 17]
Airteagal 22a
Spriocanna faoin Rialachán seo a chur siar i gcás iarmhairtí socheacnamaíocha eisceachtúla
1. Faoin... [1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i dtaobh an bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá na nósanna imeachta ceadaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit chun deiridh i ngeall ar shrianta ó reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra a mhéid a bhaineann leis na réimsí seo a leanas:
(i) tógáil agus claochlú tithe, go háirithe an earnáil tithíochta sóisialta;
(ii) cur i bhfeidhm céimneach tionscadal fuinnimh in-athnuaite i ndáil leis na cuspóirí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 [an Dlí Aeráide Eorpach] a bhaint amach;
(b) tháinig méadú 10 % thar thréimhse bliana ar an meánphraghas bia;
(c) tháinig laghdú 5 % thar thréimhse bliana ar tháirgeadh iomlán bia san Aontas.
2. I gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, cuirfear na spriocanna faoin Rialachán seo siar go dtí nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin. [Leasú 131]
Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón dáta a mbeidh sonraí stóinsithe agus eolaíocha curtha ar fáil ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na coinníollacha riachtanacha chun slándáil bia fhadtéarmach a ráthú, agus urraim á tabhairt, ar an gcaoi sin, don ghá atá le talamh arúil faoi thalmhaíocht thraidisiúnta agus éiceolaíoch, do thionchar athchóiriú an dúlra ar tháirgeadh bia, ar infhaighteacht bia agus ar phraghsanna bia. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dtabharfar an dáta óna mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. [Leasú 135]
Beidh feidhm aige ón dáta a gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 11(2a). Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dtabharfar an dáta óna mbeidh feidhm ag an Rialachán seo. [Leasú 136]
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
ÉICEACHÓRAIS TALÚN, CHÓSTA AGUS FIONNUISCE – CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE AGUS GRÚPAÍ CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 4(1) AGUS 4(2)
Áirítear sa liosta thíos gach cineál gnáthóige talún, cósta agus fionnuisce a liostaítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus 4(2), chomh maith le sé ghrúpa de na cineálacha gnáthóige sin, mar atá 1) Bogaigh (chósta & intíre), 2) Féarthailte agus gnáthóga tréadacha eile, 3) Gnáthóga abhann, locha, gláracha agus bruachánacha, 4) Foraoisí, 5) Gnáthóga steipe, fraochmhá agus scrobarnaí agus 6) Gnáthóga carraigeacha agus duimhche.
1. GRÚPA 1: Bogaigh (chósta & intíre)
Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle
Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle
Gnáthóga cósta agus sáile
1130
Inbhir
1140
Réileáin láibe agus réileáin ghainimh nach gcumhdaítear le huisce sáile ar dhíthrá
1150
Murlaigh chósta
1310
Salicornia agus bliantóga eile a dhéanann láib agus gaineamh a choilíniú
3. GRÚPA 3: Gnáthóga abhann, locha, gláracha agus bruachánacha
Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle
Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle
Aibhneacha agus lochanna
3110
Uiscí olagatrófacha nach bhfuil iontu ach fíorbheagán mianraí de mhánna gainmheacha (Littorelletalia uniflorae)
3120
Uiscí olagatrófacha nach bhfuil iontu ach fíorbheagán mianraí atá ar ithreacha gainmheacha na Meánmhara Thiar, agus ina bhfuil Isoetes spp.
3130
Idir uiscí bodhra olagatrófacha agus méiseatrófacha ina bhfuil fásra Littorelletea uniflorae agus/nó Isoëto-Nanojuncetea
3140
Uiscí olagai-méiseatrófacha crua ina bhfuil fásra beantach Chara spp.
3150
Lochanna eotrófacha nádúrtha ag a bhfuil fásra de chineál Magnopotamion nó Hydrocharition
3160
Lochanna agus linnte nádúrtha diostrófacha
3170
Linnte sealadacha na Meánmhara
3180
Turlaigh
3190
Lochanna carst gipsim
31A0
Leapacha loiteoige na Trasalváine i bhfuaráin uisce the
3210
Aibhneacha nádúrtha Fion-Lochlannacha
3220
Aibhneacha Alpacha agus an fásra luibheach ar feadh a gcuid bruach
3230
Aibhneacha Alpacha agus a bhfásra ligneach ar a bhfuil Myricaria germanica
3240
Aibhneacha Alpacha agus a bhfásra ligneach ar a bhfuil Salix elaeagnos
3250
Aibhneacha síorshreabhacha na Meánmhara ag a bhfuil Glaucium flavum
3260
Sruthchúrsaí ar leibhéil mhachaire go dtí leibhéil sléibhe ina bhfuil fásra Ranunculion fluitantis agus fásra Callitricho-Batrachion
3270
Aibhneacha ar a bhfuil bruacha láibe agus fásra Chenopodion rubri p.p. agus fásra Bidention p.p. ar na bruacha láibe sin
3280
Aibhneacha síorshreabhacha na Meánmhara ina bhfuil speicis de Paspalo-Agrostidion agus foraoisí bruachánacha de Salix agus Populus alba
3290
Aibhneacha sreabhacha eatramhacha na Meánmhara de chuid an Paspalo-Agrostidion
32A0
Cascáidí túfa aibhneacha carstacha na nAlp Dinearach
Móinéir ghláracha
6430
Ardluibheacha hídrifileacha ciumhaise ar mhánna agus ar shléibhte aníos go leibhéil Alpacha
6440
Móinéir ghláracha i ngleannta abhann Cnidion dubii
6450
Móinéir ghláracha bhóireacha thuaidh
6540
Féarthailte na fo-Mheánmhara Molinio-Hordeion secalini
Foraoisí gláracha/bruachánacha
9160
Foraoisí crann darach nó foraoisí crann darach agus crann sleamhainfo-Atlantacha agus meán-Eorpacha sa Carpinion betuli
91E0
Foraoisí gláracha ina bhfuil Alnus glutinosa agus Fraxinus excelsior (Alno-Padion, Alnion incanae, Salicion albae)
91F0
Foraoisí measctha bruachánacha Quercus robur, Ulmus laevis agus Ulmus minor, Fraxinus excelsior nó Fraxinus angustifolia, le taobh na n-aibhneacha móra (Ulmenion minoris)
92A0
Foraoisí áiléir Salix alba agus Populus alba
92B0
Foirmithe bruachánacha ar shruthchúrsaí eatramhacha na Meánmhara ina bhfuil Rhododendron ponticum, Salix agus plandaí eile nach iad
92C0
Coillte ina bhfuil Platanus orientalis agus Liquidambar orientalis (Platanion orientalis)
92D0
Foraoisí áiléir bhruachánacha dheisceartacha agus mothair bhruachánacha dheisceartacha (Nerio-Tamaricetea agus Securinegion tinctoriae)
9370
Garráin chrann pailme Phoenix
4. GRÚPA 4: Foraoisí
Cód cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle
Ainm cineáil gnáthóige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle
Foraoisí bóireacha
9010
Taïga Iartharach
9020
Seanfhoraoisí duillsilteacha leathanduilleacha nádúrtha heimeabhóireacha Fion-Lochlannacha (Quercus, Tilia, Acer, Fraxinus nó Ulmus) ar mhórán eipifítí
9030
Foraoisí nádúrtha na gcéimeanna comharbais tosaigh de chósta talamhardaithe
9040
Foraoisí fo-alpacha/fo-artacha Nordacha ina bhfuil Betula pubescens ssp. czerepanovii
9050
Foraoisí ar mhórán luibheanna Fion-Lochlannacha ina bhfuil Picea abies
9060
Foraoisí buaircíneacha atá ar eascracha oigheardhobhracha nó atá ceangailte leo
Foraoisí measartha
9110
Foraoisí feá Luzulo-Fagetum
9120
Foraoisí feá aigéadaifileacha an Atlantaigh ina bhfuil Ilex agus uaireanta freisin Taxus ar leibhéal an torbhrait (Quercion robori-petraeae nó Ilici-Fagenion)
9130
Foraoisí feá Asperulo-Fagetum
9140
Coillte feá fo-Alpacha meán-Eorpacha ina bhfuil Acer agus Rumex arifolius
Scileach siliciúil ar leibhéil sléibhe aníos go leibhéil sneachta (Androsacetalia alpinae agus Galeopsietalia ladani)
8120
Scileach cailcreach agus cailc-shiosta ar leibhéil sléibhe aníos go leibhéil Alpacha (Thlaspietea rotundifolii)
8130
Scileach na Meánmhara thiar agus scileach teirmeafileach
8140
Scileach na Meánmhara Thoir
8150
Scileach siliciúil ardtailte meán-Eorpach
8160
Scileach cailcreach meán-Eorpach ar leibhéil chnoic aníos go dtí leibhéil sléibhe
8210
Fánaí carraigeacha cailcreacha ar a bhfuil fásra casmaifíteach
8220
Fánaí carraigeacha siliciúla ar a bhfuil fásra casmaifíteach
8230
Carraigeacha siliciúla ar a bhfuil fásra téisclime den Sedo-Scleranthion nó den Sedo albi-Veronicion dillenii
8310
Pluaiseanna nach bhfuil oscailte don phobal
8320
Páirceanna laibhe agus tochaltáin nádúrtha
8340
Oighearshruthanna buana
IARSCRÍBHINN II
ÉICEACHÓRAIS MHUIRÍ – CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE AGUS GRÚPAÍ CINEÁLACHA GNÁTHÓIGE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 5(1) AGUS 5(2)
Áirítear sa liosta thíos na cineálacha gnáthóige muirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus 5(2), chomh maith le seacht ngrúpa de na cineálacha gnáthóige sin, mar atá 1) Leapacha féir mara, 2) Foraoisí macra-algacha, 3) Leapacha sliogéisc, 4) Leapacha méarla, 5) Leapacha spúinse, coiréil agus choiréilíneacha, 6) Craois agus púscadh agus 7) Dríodair bhoga (os cionn 1000 méadar doimhneachta). Cuirtear an gaol leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE i láthair freisin.
Déantar na cineálacha gnáthóige muirí a úsáidtear, arna n-idirdhealú ag réigiúin bhithgheografacha mhuirí, a aicmiú de réir an Chórais Eorpaigh Faisnéise maidir leis an Dúlra (EUNIS), mar a athbhreithníodh do thíopeolaíocht na ngnáthóg muirí in 2022 ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA). Tá an fhaisnéis maidir leis na gnáthóga gaolmhara a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle bunaithe ar an trasrian a d’fhoilsigh an EEA in 2021(74).
1. Grúpa 1: Leapacha féir mara
Cód EUNIS
Ainm cineáil gnáthóige EUNIS
Cód cineáil gnáthóige ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle
An tAtlantach
MA522
Leapacha féir mara ar ghaineamh cladachúil Atlantach
1140; 1160
MA623
Leapacha féir mara ar láib chladachúil an Atlantaigh
1140; 1160
MB522
Leapacha féir mara ar ghaineamh infrea-chladachúil an Atlantaigh
1110; 1150; 1160
Muir Bhailt
MA332
Dríodar garbh hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de fásra tumtha
1130; 1160; 1610; 1620
MA432
Dríodar measctha hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de fásra tumtha
1130; 1140; 1160; 1610
MA532
Gaineamh hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha
1130; 1140; 1160; 1610
MA632
Láib hidrea-chladachúil Mhuir Bhailt ar plandaí fréamhaithe tumtha is mó atá inti
1130; 1140; 1160; 1650
MB332
Dríodar garbh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha
1110; 1160
MB432
Dríodar measctha infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha
1110; 1160; 1650
MB532
Gaineamh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha
1110; 1130; 1150; 1160
MB632
Dríodar láibe infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de plandaí fréamhaithe tumtha
1130; 1150; 1160; 1650
An Mhuir Dhubh
MB546
Móinéir algacha féir mara agus móinéir algacha riosómatacha i bhfionnuisce na Mara Duibhe a bhfuil tionchar acu ar ghaineamh láibe infrea-chladachúil
1110; 1130; 1160
MB547
Móinéir féir mara na Mara Duibhe ar ghaineamh glan infrea-chladachúil uachtair atá measartha nochta
1110; 1160
MB548
Móinéir féir mara na Mara Duibhe ar ghaineamh infrea-chladachúil íochtair
Faiséisí ‘maití’ marbha Posidonia oceanica gan mórán eipea-fhlóra
1120; 1130; 1160
MB2524
Comhcheangal le Caulerpa prolifera ar leapacha Posidonia
1120; 1130; 1160
MB5521
Comhcheangal le Cymodocea nodosa ar ghaineamh mín atá sórtáilte go maith
1110; 1130; 1160
MB5534
Comhcheangal le Cymodocea nodosa ar ghaineamh láibe dromchla in uiscí faoi fhothain
1110; 1130; 1160
MB5535
Comhcheangal le Zostera noltei ar ghaineamh láibe dromchla in uiscí faoi fhothain
1110; 1130; 1160
MB5541
Comhcheangal le Ruppia cirrhosa agus/nó Ruppia maritima ar ghaineamh
1110; 1130; 1160
MB5544
Comhcheangal le Zostera noltei i dtimpeallacht eorahalach agus timpeallacht eoiriteirmeach ar ghaineamh
1110; 1130; 1160
MB5545
Comhcheangal le Zostera marina i dtimpeallacht eorahalach agus eoiriteirmeach
1110; 1130; 1160
2. Grúpa 2: Foraoisí macra-algacha
Cód EUNIS
Ainm cineáil gnáthóige EUNIS
Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)
An tAtlantach
MA123
Pobail feamainne ar charraig chladachúil salandachta iomláine an Atlantaigh
1160; 1170; 1130
MA125
Fúcóidigh ar charraig chladachúil salandachta athraithí an Atlantaigh
1170; 1130
MB121
Pobail cheilpe agus feamainne ar charraig infrea-chladachúil an Atlantaigh
1170; 1160
MB123
Pobail cheilpe agus feamainne ar charraig infrea-chladachúil an Atlantaigh atá buailte nó suaite de dheasca dríodair
1170; 1160
MB124
Pobail cheilpe ar charraig infrea-chladachúil salandachta athraithí an Atlantaigh
1170; 1130; 1160
MB321
Pobail cheilpe agus feamainne ar dhríodar garbh infrea-chladachúil an Atlantaigh
1160
MB521
Pobail cheilpe agus feamainne ar ghaineamh infrea-chladachúil an Atlantaigh
1160
MB621
Pobail fhásta ar láib infrea-chladachúil an Atlantaigh
1160
Muir Bhailt
MA131
Carraig hidrea-chladachúil agus bolláin hidrea-chladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith di algaí ilbhliantúla
1160; 1170; 1130; 1610; 1620
MB131
Algaí ilbhliantúla ar charraig infrea-chladachúil agus bolláin infrea-chladachúla Mhuir Bhailt
1170; 1160
MB232
Tóineanna poill infrea-chladachúila Mhuir Bhailt arb é is saintréith díobh gairbhéal sliogán
1160; 1110
MB333
Dríodar garbh infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de algaí ilbhliantúla
1110; 1160
MB433
Dríodar measctha infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de algaí ilbhliantúla
1110; 1130; 1160; 1170
An Mhuir Dhubh
MB144
Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá nochta ar diúilicíní mara is mó atá uirthi agus ar a bhfuil fúcóidigh uirthi
1170; 1160
MB149
Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá measartha nochta ar diúilicíní mara is mó atá uirthi agus ar a bhfuil fúcóidigh uirthi
1170; 1160
MB14A
Fúcóidigh agus algaí eile ar charraig fhoscúil uachtair na Mara Duibhe, soilsithe go maith
1170; 1160
An Mheánmhuir
MA1548
Comhcheangal le Fucus virsoides
1160; 1170
MB1512
Comhcheangal le Cystoseira tamariscifolia agus Saccorhiza polyschides
1170; 1160
MB1513
Comhcheangal le Cystoseira amentacea (var. amentacea, var. stricta, var. spicata)
1170; 1160
MB151F
Comhcheangal le Cystoseira brachycarpa
1170; 1160
MB151G
Comhcheangal le Cystoseira crinita
1170; 1160
MB151H
Comhcheangal le Cystoseira crinitophylla
1170; 1160
MB151J
Comhcheangal le Cystoseira sauvageauana
1170; 1160
MB151K
Comhcheangal le Cystoseira spinosa
1170; 1160
MB151L
Comhcheangal le Sargassum vulgare
1170; 1160
MB151M
Comhcheangal le Dictyopteris polypodioides
1170; 1160
MB151W
Comhcheangal le Cystoseira compressa
1170; 1160
MB1524
Comhcheangal le Cystoseira barbata
1170; 1160
MC1511
Comhcheangal le Cystoseira zosteroides
1170; 1160
MC1512
Comhcheangal le Cystoseira usneoides
1170; 1160
MC1513
Comhcheangal le Cystoseira dubia
1170; 1160
MC1514
Comhcheangal le Cystoseira corniculata
1170; 1160
MC1515
Comhcheangal le Sargassum spp.
1170; 1160
MC1518
Comhcheangal le Laminaria ochroleuca
1170; 1160
MC3517
Comhcheangal le Laminaria rodriguezii ar leapacha smionagair
1160
3. Grúpa 3: Leapacha sliogéisc
Cód EUNIS
Ainm cineáil gnáthóige EUNIS
Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)
An tAtlantach
MA122
Mytilus edulis agus/nó pobail ghiúrann ar charraig chladachúil thonn-nochta an Atlantaigh
1160; 1170
MA124
Pobail diúilicíní agus/nó ghiúrann le feamainn ar charraig chladachúil an Atlantaigh
1160; 1170
MA227
Sceireacha débhlaoscacha i gcrios cladachúil an Atlantaigh
1170; 1140
MB222
Sceireacha débhlaosacha i gcrios infrea-chladachúil an Atlantaigh
1170; 1130; 1160
MC223
Sceireacha débhlaoscacha i gcrios imchladachúil an Atlantaigh
1170
Muir Bhailt
MB231
Tóineanna poill infrea-chladachúla Mhuir Bhailt ar débhlaoscaigh eipeabheantacha is mó atá iontu
1170; 1160
MC231
Tóineanna poill imchladachúla Mhuir Bhailt ar débhlaoscaigh eipeabheantacha is mó atá iontu
1170; 1160; 1110
MD231
Tóineanna poill bithghineacha imchladachúla amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh débhlaoscaigh eipeabheantacha
1170
MD232
Tóineanna poill gairbhéil sliogán imchladachúla amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh débhlaoscaigh
1170
MD431
Tóineanna poill measctha imchladachúla amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh struchtúir bhitheacha eipeabheantacha mhacrascópacha
MD531
Gaineamh imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh struchtúir bhitheacha eipeabheantacha mhacrascópacha
MD631
Láib imchladachúil amach ón gcósta i Muir Bhailt arb é is saintréith díobh débhlaoscaigh eipeabheantacha
An Mhuir Dhubh
MB141
Carraig infrea-chladachúil íochtair na Mara Duibhe ar Inveirteabraigh is mó atá uirthi
1170
MB143
Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá nochta, ar diúilicíní mara is mó atá uirthi, agus a bhfuil algaí duilliúla (nó fúcóidigh) uirthi
1170; 1160
MB148
Carraig infrea-chladachúil uachtair na Mara Duibhe atá measartha nochta, ar diúilicíní mara is mó atá uirthi, agus ar a bhfuil algaí duilliúla (seachas fúcóidigh) uirthi
1170; 1160
MB242
Leapacha diúilicíní i limistéar infrea-chladachúil na Mara Duibhe
1170; 1130; 1160
MB243
Sceireacha oisrí ar charraig infrea-chladachúil na Mara Duibhe íochtair
1170
MB642
Láib thírghinte infrea-chladachúil na Mara Duibhe
1160
MC141
Carraig imchladachúil na Mara Duibhe ar inveirteabraigh is mó atá uirthi
1170
MC241
Leapacha diúilicíní ar láib thírghinte imchladachúil na Mara Duibhe
1170
MC645
Láib imchladachúil na Mara Duibhe íochtaraí
An Mheánmhuir
MA1544
Faiséisí ar a bhfuil Mytilus galloprovincialis in uiscí atá saibhrithe le hábhar orgánach
1160; 1170
MB1514
Faiséisí ar a bhfuil Mytilus galloprovincialis
1170; 1160
Leapacha Meánmhara oisrí infrea-chladachúla
Leapacha Meánmhara oisrí imchladachúla
4. Grúpa 4: Leapacha méarla
Cód EUNIS
Ainm cineáil gnáthóige EUNIS
Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)
An tAtlantach
MB322
Leapacha méarla ar dhríodar garbh infrea-chladachúil an Atlantaigh
1110; 1160
MB421
Leapacha méarla ar dhríodar measctha infrea-chladachúil an Atlantaigh
1110; 1160
MB622
Leapacha méarla ar dhríodar lábach infrea-chladachúil an Atlantaigh
1110; 1160
An Mheánmhuir
MB3511
Comhcheangal le ródailití i ngaineamh garbh agus i ngairbhéil mine atá measctha de dheasca tonnta
1110; 1160
MB3521
Comhcheangal le ródailítí i ngaineamh garbh agus i ngairbhéil mine atá faoi thionchar sruthanna tóna
1110; 1160
MB3522
Comhcheangal le méarla (= Comhcheangal le méarla Lithothamnion corallioides agus Phymatolithon calcareum) ar ghaineamh garbh agus gairbhéal na Meánmhara
1110; 1160
MC3521
Comhcheangal le ródailití ar thóineanna poill smionagair cósta
1110
MC3523
Comhcheangal le méarla (Lithothamnion corallioides agus Phymatholithon calcareum) ar thóineanna poill smionagair cósta
1110
5. Grúpa 5: Leapacha spúinse, coiréil agus choiréilíneacha
Cód EUNIS
Ainm cineáil gnáthóige EUNIS
Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)
An tAtlantach
MC121
Pobail mhóna fhánúla ar charraig imchladachúil an Atlantaigh
1170
MC124
Pobail fhánúla ar charraig imchladachúil salandachta athraithí an Atlantaigh
1170; 1130
MC126
Pobail phluaiseanna agus starrthacha imchladachúla an Atlantaigh
8330; 1170
MC222
Sceireacha coiréalaigh fuaruisce i gcrios imchladachúil an Atlantaigh
1170
MD121
Coilíneachtaí spúinse ar charraig imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach
1170
MD221
Sceireacha coiréalaigh fuaruisce i gcrios imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach
1170
ME122
Coilíneachtaí spúinse ar charraig ilchríochach uachtair an Atlantaigh
1170
ME123
Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar charraig ilchríochach uachtair an Atlantaigh
1170
ME221
Sceir choiréalaigh fuaruisce ilchríochach an Atlantaigh uachtair
1170
ME322
Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar dhríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh uachtair
ME324
Cumaisc spúinse ar dhríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh uachtair
ME422
Cumaisc spúinse ar dhríodar measctha ilchríochach an Atlantaigh uachtair
ME623
Cumaisc spúinse ar láib ilchríochach an Atlantaigh uachtair
ME624
Páirc choiréil cheartseasmhach ar láib ilchríochach an Atlantaigh uachtair
MF121
Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar charraig ilchríochach an Atlantaigh uachtair
1170
MF221
Sceir choiréalaigh fuaruisce ilchríochach an Atlantaigh íochtair
1170
MF321
Pobail choiréil fuaruisce mheasctha ar dhríodar garbh ilchríochach an Atlantaigh íochtair
MF622
Cumaisc spúinse ar láib ilchríochach an Atlantaigh íochtair
MF623
Páirc choiréil cheartseasmhach ar láib ilchríochach an Atlantaigh uachtair
Muir Bhailt
MB138
Carraig infrea-chladachúil agus bolláin infrea-chladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith díobh spúinsí eipeabheantacha
1170; 1160
MB43A
Dríodar measctha infrea-chladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de spúinsí eipibheantacha
1160; 1170
MC133
Carraig imchladachúil agus bolláin imchladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith di cniodáraigh eipeabheantacha
1170; 1160
MC136
Carraig imchladachúil agus bolláin imchladachúla Mhuir Bhailt arb é is saintréith di spúinsí eipeabheantacha
1170; 1160
MC433
Dríodar measctha imchladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de cniodáraigh eipeabheantacha
1160; 1170
MC436
Dríodar measctha imchladachúil Mhuir Bhailt arb é is saintréith de spúinsí eipeabheantacha
1160
An Mhuir Dhubh
MD24
Gnáthóga bithghineacha imchladachúla amach ón gcósta sa Mhuir Dhubh
1170
ME14
Carraig ilchríochach na Mara Duibhe uachtair
1170
ME24
Gnáthóg bhithghineach ílchríochach na Mara Duibhe uachtair
1170
MF14
Carraig ilchríochach na Mara Duibhe íochtair
1170
An Mheánmhuir
MB151E
Faiséisí ar a bhfuil Cladocora caespitosa
1170; 1160
MB151Q
Faiséisí ar a bhfuil Astroides calycularis
1170; 1160
MB151α
Faiséisí agus comhcheangal le bithchéanóis choiréilíneach (in iamhchríoch)
1170; 1160
MC1519
Faiséisí ar a bhfuil Eunicella cavolini
1170; 1160
MC151A
Faiséisí ar a bhfuil Eunicella singularis
1170; 1160
MC151B
Faiséisí ar a bhfuil Paramuricea clavata
1170; 1160
MC151E
Faiséisí ar a bhfuil Leptogorgia sarmentosa
1170; 1160
MC151F
Faiséisí ar a bhfuil Anthipatella subpinnata agus algaí dearga scáinte
1170; 1160
MC151G
Faiséisí ar a bhfuil spúinsí ollmhóra agus algaí dearga scáinte
1170; 1160
MC1522
Faiséisí ar a bhfuil Corallium rubrum
8330; 1170
MC1523
Faiséisí ar a bhfuil Leptopsammia pruvoti
8330; 1170
MC251
Ardáin choiréilíneacha
1170
MC6514
Faiséisí de láib greamaitheach ar a bhfuil Alcyonium palmatum agus Parastichopus regalis ar láib imchladachúil
1160
MD151
Bithchéanóis na carraige scairbhimill a Meánmhara
1170
MD25
Gnáthóga bithghineacha imchladachúla amach ón gcósta sa Mheánmhuir
1170
MD6512
Faiséisí de láib greamaitheach ar a bhfuil Alcyonium palmatum agus Parastichopus regalis ar láib imchladachúil íochtair
ME1511
Sceireacha Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara uachtair
1170
ME1512
Sceireacha Madrepora oculata ilchríochacha na Meánmhara uachtair
1170
ME1513
Sceireacha Madrepora oculata agus Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara uachtair
1170
ME6514
Faiséisí ilchríochacha na Meánmhara uachtair ar a bhfuil Pheronema carpenteri
MF1511
Sceireacha Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara íochtair
1170
MF1512
Sceireacha Madrepora oculata ilchríochacha na Meánmhara íochtair
1170
MF1513
Sceireacha Madrepora oculata agus Lophelia pertusa ilchríochacha na Meánmhara íochtair
1170
MF6511
Faiséisí ilchríochacha na Meánmhara íochtair láibe gainmhí ar a bhfuil Thenea muricata
MF6513
Faiséisí ilchríochacha na Meánmhara íochtair láibe dlúithe ar a bhfuil Isidella elongata
6. Grúpa 6: Craois agus púscadh
Cód EUNIS
Ainm cineáil gnáthóige EUNIS
Cóid Iarscríbhinn I ábhartha (an Treoir maidir le Gnáthóga)
An tAtlantach
MB128
Craois agus púscadh i gcarraig infrea-chladachúil an Atlantaigh
1170; 1160; 1180
MB627
Craois agus púscadh láib infrea-chladachúil an Atlantaigh
1130; 1160
MC127
Craois agus púscadh i gcarraig imchladachúil an Atlantaigh
1170; 1180
MC622
Craois agus púscadh i láib imchladachúil an Atlantaigh
1160
MD122
Craois agus púscadh ar charraig imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach
1170
MD622
Craois agus púscadh i láib imchladachúil amach ón gcósta san Atlantach
INNÉACS NA nÉAN TALIMH FEIRME COITEANN AR AN LEIBHÉAL NÁISIÚNTA
Tuairisc
Déantar achoimre san Innéacs Éanlaithe Talaimh Feirme (FBI) ar threochtaí pobal éan coiteann agus forleathan de thalamh feirme agus tá sé beartaithe é a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar stádas bithéagsúlachta na n-éiceachóras talmhaíochta san Eoraip. Is innéacs ilchodach ilspeiceas é an FBI náisiúnta lena dtomhaistear an ráta athraithe i bhflúirse choibhneasta speiceas éan feirme ar fud suíomhanna suirbhé roghnaithe ar an leibhéal náisiúnta. Tá an t-innéacs bunaithe ar speicis a roghnaítear go speisialta agus atá ag brath ar ghnáthóga talún feirme chun iad a bheathú agus a neadú. Tá innéacsanna na n-éan talaimh feirme coiteann náisiúnta bunaithe ar thacair speiceas atá ábhartha do gach Ballstát. Ríomhtar an t-innéacs de réir bonnbhliana nuair a shocraítear an luach innéacs ag 100. Léiríonn luachanna treochtaí an t-athrú foriomlán pobal i líon phobail na n-éan feirme comhpháirte thar thréimhse blianta.
Modheolaíocht: Brlík et al. (2021): Tacar sonraí ilspeiceas fadtéarmach agus mórscála lena rianaítear athruithe daonra éin ghoir Eorpacha choiteanna. Sonraí Sci 8, 21. https://doi.org/10.1038/s41597-021-00804-2
Ciallaíonn ‘Ballstáit ina bhfuil pobail níos ídithe d’éin talaimh feirme go stairiúil’ na Ballstáit ina bhfuil treocht dhiúltach fhadtéarmach pobal ag leath nó níos mó de na speicis atá in innéacs na n-éan talaimh feirme coiteann. Sna Ballstáit, i gcás nach bhfuil faisnéis maidir le treochtaí fadtéarmacha na bpobal ar fáil i gcás roinnt speiceas, úsáidtear faisnéis maidir le stádas Eorpach na speiceas.
Is iad seo a leanas na Ballstáit sin:
an tSeicia
an Danmhairg
an Eastóin
an Fhionlainn
an Fhrainc
an Ghearmáin
an Ungáir
an Iodáil
Lucsamburg
an Ísiltír
an Spáinn
Ciallaíonn ‘Ballstáit nach bhfuil pobail na n-éan talaimh feirme chomh hídithe céanna iontu go stairiúil’ na Ballstáit ina bhfuil treocht dhiúltach fhadtéarmach pobal ag níos lú ná leath de na speicis atá in innéacs na n-éan talaimh feirme coiteann. Sna Ballstáit, i gcás nach bhfuil faisnéis maidir le treochtaí fadtéarmacha na bpobal ar fáil i gcás roinnt speiceas, úsáidtear faisnéis maidir le stádas Eorpach na speiceas.
Is iad seo a leanas na Ballstáit sin:
an Ostair
an Bheilg
an Bhulgáir
an Chróit
an Chipir
an Ghréig
Éire
an Laitvia
an Liotuáin
Málta
an Pholainn
an Phortaingéil
an Rómáin
an tSlóvaic
an tSlóivéin
an tSualainn
Liosta na speiceas a úsáidtear le haghaidh innéacs na n-éan talaimh feirme coiteann sna Ballstáit
an Ostair
Acrocephalus palustris
Alauda arvensis
Anthus spinoletta
Anthus trivialis
Carduelis cannabina
Carduelis carduelis
Emberiza citrinella
Falco tinnunculus
Jynx torquilla
Lanius collurio
Lullula arborea
Miliaria calandra
Oenanthe oenanthe
Passer montanus
Perdix perdix
Saxicola rubetra
Saxicola torquatus
Serinus citrinella
Serinus serinus
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Turdus pilaris
Vanellus vanellus
an Bheilg - Flóndras
an Bheilg - an Vallúin
Alauda arvensis
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Anthus pratensis
Emberiza citrinella
Carduelis cannabina
Falco tinnunculus
Corvus frugilegus
Haematopus ostralegus
Emberiza citrinella
Hippolais icterina
Falco tinnunculus
Hirundo rustica
Hirundo rustica
Limosa limosa
Lanius collurio
Linaria cannabina
Miliaria calandra
Motacilla alba
Motacilla flava
Motacilla flava
Passer montanus
Numenius arquata
Perdix perdix
Passer montanus
Saxicola torquatus
Perdix perdix
Streptopelia turtur
Phoenicurus ochruros
Sturnus vulgaris
Saxicola torquatus
Sylvia communis
Sylvia communis
Vanellus vanellus
Vanellus vanellus
an Bhulgáir
Alauda arvensis
Carduelis carduelis
Carduelis cannabina
Coturnix coturnix
Corvus frugilegus
Emberiza hortulana
Emberiza melanocephala
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Lanius collurio
Miliaria calandra
Motacilla flava
Perdix perdix
Passer montanus
Sylvia communis
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Upupa epops
an Chróit
Alauda arvensis
Anthus campestris
Anthus trivialis
Carduelis cannabina
Carduelis carduelis
Coturnix coturnix
Emberiza cirlus
Emberiza citrinella
Emberiza melanocephala
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Jynx torquilla
Lanius collurio
Lanius senator
Lullula arborea
Luscinia megarhynchos
Miliaria calandra
Motacilla flava
Oenanthe hispanica
Oriolus oriolus
Passer montanus
Pica pica
Saxicola rubetra
Saxicola torquatus
Streptopelia turtur
Sylvia communis
Upupa epops
Vanellus vanellus
an Chipir
Alectoris chukar
Athene noctua
Carduelis carduelis
Cisticola juncidis
Clamator glandarius
Columba palumbus
Coracias garrulus
Corvus corone cornix
Coturnix coturnix
Emberiza calandra
Emberiza melanocephala
Falco tinnunculus
Francolinus francolinus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Chloris chloris
Iduna pallida
Linaria cannabina
Oenanthe cypriaca
Parus major
Passer hispaniolensis
Pica pica
Streptopelia turtur
Sylvia conspicillata
Sylvia melanocephala
an tSeicia
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Carduelis cannabina
Ciconia ciconia
Corvus frugilegus
Emberiza citrinella
Falco tinnunculus
Hirundo rustica
Lanius collurio
Miliaria calandra
Motacilla flava
Passer montanus
Perdix perdix
Saxicola rubetra
Saxicola torquatus
Serinus serinus
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Vanellus vanellus
an Danmhairg
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Carduelis cannabina
Carduelis carduelis
Corvus corone
Corvus frugilegus
Emberiza citrinella
Falco tinnunculus
Gallinago gallinago
Hirundo rustica
Lanius collurio
Miliaria calandra
Motacilla alba
Motacilla flava
Oenanthe oenanthe
Passer montanus
Perdix perdix
Saxicola rubetra
Sylvia communis
Sylvia curruca
Turdus pilaris
Vanellus vanellus
an Eastóin
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Corvus frugilegus
Emberiza citrinella
Hirundo rustica
Lanius collurio
Linaria cannabina
Motacilla flava
Passer montanus
Saxicola rubetra
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Vanellus vanellus
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
▌
an Fhionlainn
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Corvus monedula
Crex crex
Delichon urbica
Emberiza hortulana
Hirundo rustica
Numenius arquata
Passer montanus
Saxicola rubertra
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Turdus pilaris
Vanellus vanellus
an Fhrainc
Alauda arvensis
Alectoris rufa
Anthus campestris
Anthus pratensis
Buteo buteo
Carduelis cannabina
Corvus frugilegus
Coturnix coturnix
Emberiza cirlus
Emberiza citrinella
Emberiza hortulana
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Lanius collurio
Lullula arborea
Melanocorypha calandra
Motacilla flava
Oenanthe oenanthe
Perdix perdix
Saxicola torquatus
Saxicola rubetra
Sylvia communis
Upupa epops
Vanellus vanellus
an Ghearmáin
Alauda arvensis
Athene noctua
Emberiza citrinella
Lanius collurio
Limosa limosa
Lullula arborea
Miliaria calandra
Milvus milvus
Saxicola rubetra
Vanellus vanellus
an Ghréig
Alauda arvensis
Apus apus
Athene noctua
Calandrella brachydactyla
Carduelis cannabina
Carduelis carduelis
Carduelis chloris
Ciconia ciconia
Corvus corone
Corvus monedula
Delichon urbicum
Emberiza cirlus
Emberiza hortulana
Emberiza melanocephala
Falco naumanni
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo daurica
Hirundo rustica
Lanius collurio
Lanius minor
Lanius senator
Lullula arborea
Luscinia megarhynchos
Melanocorypha calandra
Miliaria calandra
Motacilla flava
Oenanthe hispanica
Oenanthe oenanthe
Passer domesticus
Passer hispaniolensis
Passer montanus
Pica pica
Saxicola rubetra
Saxicola torquatus
Streptopelia decaocto
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia melanocephala
Upupa epops
an Ungáir
Alauda arvensis
Anthus campestris
Coturnix coturnix
Emberiza calandra
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Lanius collurio
Lanius minor
Locustella naevia
Merops apiaster
Motacilla flava
Perdix perdix
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Sylvia nisoria
Vanellus vanellus
Éire
Carduelis cannabina
Carduelis carduelis
Columba oenas
Columba palumbus
Corvus cornix
Corvus frugilegus
Corvus monedula
Emberiza citrinella
Falco tinnunculus
Fringilla coelebs
Hirundo rustica
Chloris chloris
Motacilla alba
Passer domesticus
Phasianus colchicus
Pica pica
Saxicola torquatus
Sturnus vulgaris
an Iodáil
Alauda arvensis
Anthus campestris
Calandrella brachydactyla
Carduelis carduelis
Carduelis chloris
Corvus cornix
Emberiza calandra
Emberiza hortulana
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Jynx torquilla
Lanius collurio
Luscinia megarhynchos
Melanocorypha calandra
Motacilla alba
Motacilla flava
Oriolus oriolus
Passer domesticus italiae
Passer hispaniolensis
Passer montanus
Pica pica
Saxicola torquatus
Serinus serinus
Streptopelia turtur
Sturnus unicolor
Sturnus vulgaris
Upupa epops
an Laitvia
Acrocephalus palustris
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Carduelis carduelis
Carpodacus erythrinus
Ciconia ciconia
Crex crex
Emberiza citrinella
Lanius collurio
Locustella naevia
Motacilla flava
Passer montanus
Saxicola rubetra
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Vanellus vanellus
an Liotuáin
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Carduelis carduelis
Ciconia ciconia
Crex crex
Emberiza citrinella
Hirundo rustica
Lanius collurio
Motacilla flava
Passer montanus
Saxicola rubetra
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Vanellus vanellus
Lucsamburg
Alauda arvensis
Carduelis cannabina
Emberiza citrinella
Lanius collurio
Passer montanus
Saxicola torquatus
Sylvia communis
Málta
Calandrella brachydactyla
Linaria cannabina
Cettia cetti
Cisticola juncidis
Coturnix coturnix
Emberiza calandra
Lanius senator
Monticola solitarius
Passer hispaniolensis
Passer montanus
Serinus serinus
Streptopelia decaocto
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia conspicillata
Sylvia melanocephala
an Ísiltír
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Athene noctua
Calidris pugnax
Carduelis carduelis
Corvus frugilegus
Coturnix coturnix
Emberiza citrinella
Falco tinnunculus
Gallinago gallinago
Haematopus ostralegus
Hippolais icterina
Hirundo rustica
Limosa limosa
Miliaria calandra
Motacilla fl ava
Numenius arquata
Passer montanus
Perdix perdix
Saxicola torquatus
Spatula clypeata
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Tringa totanus
Turdus viscivorus
Vanellus vanellus
an Pholainn
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Carduelis cannabina
Ciconia ciconia
Emberiza citrinella
Emberiza hortulana
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Lanius collurio
Limosa limosa
Miliaria calandra
Motacilla flava
Passer montanus
Saxicola torquatus
Saxicola rubetra
Serinus serinus
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Upupa epops
Vanellus vanellus
an Phortaingéil
Athene noctua
Bubulcus ibis
Carduelis carduelis
Chloris chloris
Ciconia ciconia
Cisticola juncidis
Coturnix coturnix
Delichon urbicum
Emberiza cirlus
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Lanius meridionalis
Linaria cannabina
Merops apiaster
Miliaria calandra
Milvus migrans
Passer domesticus
Pica pica
Saxicola torquatus
Serinus serinus
Sturnus unicolor
Upupa epops
an Rómáin
Alauda arvensis
Anthus campestris
Calandrella brachydactyla
Ciconia ciconia
Corvus frugilegus
Emberiza calandra
Emberiza citrinella
Emberiza hortulana
Emberiza melanocephala
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Lanius collurio
Lanius minor
Linaria cannabina
Melanocorypha calandra
Motacilla flava
Passer montanus
Perdix perdix
Saxicola rubetra
Saxicola torquatus
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Upupa epops
Vanellus vanellus
an tSlóvaic
Alauda arvensis
Carduelis cannabina
Carduelis carduelis
Emberiza calandra
Emberiza citrinella
Falco tinnunculus
Hirundo rustica
Chloris chloris
Lanius collurio
Locustella naevia
Motacilla flava
Passer montanus
Saxicola rubetra
Saxicola torquatus
Serinus serinus
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Sylvia nisoria
Vanellus vanellus
an tSlóivéin
Acrocephalus palustris
Alauda arvensis
Anthus trivialis
Carduelis cannabina
Carduelis carduelis
Columba oenas
Columba palumbus
Emberiza calandra
Emberiza cirlus
Emberiza citrinella
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Jynx torquilla
Lanius collurio
Lullula arborea
Luscinia megarhynchos
Motacilla flava
Passer montanus
Phoenicurus phoenicurus
Picus viridis
Saxicola rubetra
Saxicola torquatus
Serinus serinus
Streptopelia turtur
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Upupa epops
Vanellus vanellus
an Spáinn
Alauda arvensis
Alectoris rufa
Athene noctua
Calandrella brachydactyla
Carduelis carduelis
Cisticola juncidis
Corvus monedula
Coturnix coturnix
Emberiza calandra
Falco tinnunculus
Galerida cristata
Hirundo rustica
Linaria cannabina
Melanocorypha calandra
Merops apiaster
Oenanthe hispanica
Passer domesticus
Passer montanus
Pica pica
Pterocles orientalis
Streptopelia turtur
Sturnus unicolor
Tetrax tetrax
Upupa epops
an tSualainn
Alauda arvensis
Anthus pratensis
Carduelis cannabina
Corvus frugilegus
Emberiza citrinella
Emberiza hortulana
Falco tinnunculus
Hirundo rustica
Lanius collurio
Motacilla flava
Passer montanus
Saxicola rubetra
Sturnus vulgaris
Sylvia communis
Vanellus vanellus
IARSCRÍBHINN VI
LIOSTA DE NA TÁSCAIRÍ BITHÉAGSÚLACHTA LE hAGHAIDH ÉICEACHÓRAIS FORAOISE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 10(2) AGUS 10(2a)
Táscaire
Tuairisc, aonad, agus modheolaíocht chun an táscaire a chinneadh agus chun faireachán a dhéanamh air
Adhmad marbh atá ina sheasamh
Tuairisc: Léiríonn an táscaire seo an méid bithmhaise adhmaid neamhbheo atá ina seasamh i bhforaoisí agus i gcoillearnaí eile.
Aonad: m3/ha.
Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Report, Springer, 2010, agus ag cur san áireamh an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V de Rialachán 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.
Adhmad marbh atá ina luí
Tuairisc: Léiríonn an táscaire seo an méid bithmhaise adhmaid neamhbheo atá ina luí ar an talamh i bhforaoisí agus i gcoillearnaí eile.
Aonad: m3/ha.
Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Report, Springer, 2010, agus ag cur san áireamh an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V de Rialachán 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.
Sciar na bhforaoisí ag a bhfuil struchtúr corraoiseach;
Tuairisc: Tagraíonn an táscaire seo do sciar na bhforaoisí atá ar fáil do sholáthar adhmaid ina bhfuil struchtúr corraoiseach i bhforaoisí i gcomparáid le struchtúr nach struchtúr corraoiseach é i bhforaoisí.
Aonad: Céatadán na bhforaoisí atá ar fáil do sholáthar adhmaid a bhfuil struchtúr corraoiseach acu.
Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.
Nascacht foraoisí
Tuairisc: Is éard atá i nascacht foraoisí a mhéid is dlúth na limistéir atá faoi chumhdach foraoise. Sainítear í i raon atá idir 0 agus 100.
Aonad: Innéacs.
Modheolaíocht: mar a d’fhorbair FAO, Vogt P., et al., FAO – State of the World’s Forests: Forest Fragmentation [an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta – Staid Foraoisí an Domhain: Ilroinnt ar Fhoraoisí], Tuarascáil Theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2019.
Innéacs na n-éan coiteann foraoise
Tuairisc: Leis an táscaire éan foraoise, tugtar tuairisc ar threochtaí i líonmhaireacht na n-éan foraoise coiteann ar fud a réimsí Eorpacha le himeacht ama. Is innéacs ilchodach é a cruthaíodh ó shonraí breathnóireachta ar speicis éan atá ina saintréith de ghnáthóga foraoise san Eoraip. Tá an t-innéacs bunaithe ar liosta sonrach speiceas i ngach Ballstát.
Aonad: Innéacs.
Modheolaíocht: Brlík et al. Long-term and large-scale multispecies dataset tracking population changes of common European breeding birds, Sci Data 8, 21. 2021.
Stoc an charbóin orgánaigh
Tuairisc: Leis an táscaire seo, tugtar tuairisc ar an stoc de charbón orgánach atá san easair agus san ithir mhianrach ag doimhneacht 0 go 30 cm in éiceachórais foraoise.
Aonad: tonaí carbóin orgánaigh/ha.
Modheolaíocht: mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán 2018/1999 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’Fhardal Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, agus arna tacú ag an tSuirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (LUCAS) Ithir, Jones A. et al., LUCAS Soil 2022, tuarascáil theicniúil JRC, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021.
An sciar den talamh foraoise ar speicis crann dúchasach is mó atá ann
Tuairisc: An sciar den talamh foraoise agus coillearnach eile ar speicis crann dúchasach is mó (clúdach >50 %) atá iontu
Aonad: %
Modheolaíocht: mar a d’fhorbair agus mar a d’úsáid FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.
Éagsúlacht speiceas crann
Tuairisc: Déanann an táscaire seo cur síos ar mheánlíon na speiceas crann atá i limistéir foraoise
Aonad: Innéacs
Modheolaíocht: Bunaithe ar FOREST EUROPE, State of Europe’s Forests 2020, FOREST EUROPE 2020, agus sa tuairisc ar fhardail náisiúnta foraoise in Tomppo E. et al., National Forest Inventories, Pathways for Common Reporting, Springer, 2010.
IARSCRÍBHINN VII
LIOSTA DE SHAMPLAÍ DE BHEARTA ATHCHÓIRITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN
AIRTEAGAL 11(8)
(1) Bogaigh a athchóiriú, trí thailte portaigh draenáilte a athfhliuchadh, struchtúir draenála portaigh a bhaint nó tochailt mhóna a bhaint agus a scor.
(2) Dálaí hidreolaíocha a fheabhsú trí chainníocht, cáilíocht agus dinimic na n-uiscí dromchla agus leibhéil screamhuisce i gcomhair éiceachórais nádúrtha agus leathnádúrtha a mhéadú.
(3) Cúngach scrobarnaí nach dteastaíonn nó plandálacha neamhdhúchasacha ar fhéarthailte, ar bhogaigh, ar fhoraoisí agus ar thalamh fásra scáinte a bhaint.
(4) Riascshaothrú a chur i bhfeidhm.
(5) Meánú aibhneacha a athbhunú agus lúba nó lochanna ocsó a gearradh go saorga a athcheangal.
(6) Fadbhacainní agus cliathánacha (amhail cladáin agus dambaí) a bhaint, níos mó spáis a thabhairt do dhinimic abhann agus stráicí abhann saorshreabhtha a athchóiriú.
(7) Leapacha abhann agus lochanna agus sruthchúrsaí ísealchríche a athchóiriú e.g. tríd an bhfosúchán leapa shaorga a bhaint, comhdhéanamh substráití a bharrfheabhsú, clúdach gnáthóige a fheabhsú nó a fhorbairt.
(8) Próisis dríodraithe nádúrtha a athchóiriú.
(9) Maoláin bhruachánacha a bhunú, e.g. foraoisí bruachánacha, stráicí maolánacha, móinéir nó féaraigh.
(10) Gnéithe éiceolaíochta a mhéadú i bhforaoisí, amhail crainn mhóra, seanchrainn agus crainn atá ag fáil bháis (crainn gnáthóige) agus méideanna adhmaid mhairbh atá ina luí agus ina seasamh.
(11) Oibriú i dtreo struchtúr foraoise éagsúlaithe ó thaobh e.g. comhdhéanamh agus aoise speiceas de, athghiniúint nádúrtha agus comharbas speiceas crann a chumasú.
(11a) Cabhrú le haistriú bunáitíochtaí agus speiceas nuair is gá sin de bharr an athraithe aeráide.
(12) Éagsúlacht foraoise a fheabhsú trí mhósáic de ghnáthóga neamhfhoraoise a athchóiriú, mar shampla, paistí oscailte féarthalún nó fraochmhá, linnte nó limistéir charraigeacha.
(13) Cuir chuige fhoraoiseachta ‘gar don dúlra’ ‘leanúnachais’ a úsáid; speiceas crann dúchasach a thabhairt isteach.
(14) Feabhas a chur ar fhorbairt foraoisí dúchasacha seanfháis agus ar chlampaí aibí (e.g. tríd an mbuaint a thréigean nó trí bhainistiú ghníomhach a thacaíonn le feidhmeanna uathrialála agus athléimneacht iomchuí a fhorbairt).
(15) Gnéithe tírdhreacha ard-éagsúlachta a thabhairt isteach i dtalamh arúil agus féarthailte dianúsáide, amhail stráicí maolánacha, imill pháirce ina bhfuil bláthanna dúchasacha, fálta, crainn, foraoisí beaga, ballaí léibheannacha, linnte, conairí gnáthóige, clocha cora, etc.
(16) An limistéar talmhaíochta a mhéadú faoi réir cineálacha cur chuige bainistíochta agrai-éiceolaíocha amhail talmhaíocht orgánach nó agrafhoraoiseacht, ilchúraíocht agus uainíocht na mbarr, bainistiú comhtháite lotnaidí agus cothaitheach.
(17) Déine innilte nó córais bainte féir ar fhéarthailte a laghdú i gcás inarb ábhartha agus innilt fhairsing a athbhunú le beostoc intíre agus le córais fhairsinge bainte féir sna háiteanna a tréigeadh.
(18) Deireadh a chur le húsáid lotnaidicídí ceimiceacha chomh maith le leasacháin aoiligh cheimiceacha agus leasacháin aoiligh ainmhithe nó a n-úsáid a laghdú.
(19) Deireadh a chur le féarthailte a threabhadh agus síolta féara táirgiúla a thabhairt isteach.
(20) Fáschoille ar chórais dumhcha intíre dhinimiciúla a bhaint d’fhonn dinimic ghaoithe nádúrtha a ath-chumasú i bhfabhar gnáthóga oscailte.
(21) Feabhas a chur ar an nascacht ar fud na ngnáthóg chun gur féidir pobail speiceas a fhorbairt, agus chun go mbeidh malartú leordhóthanach aonair nó géiniteach ann, mar aon le himirce speiceas agus oiriúnú don athrú aeráide.
(22) An deis a thabhairt d’éiceachórais a ndinimic nádúrtha féin a fhorbairt, mar shampla tríd an saothrú a thréigean agus trí nádúrthacht agus fiántas a chur chun cinn.
(23) Speicis choimhthíocha ionracha a bhaint agus a rialú, agus tabhairt isteach speiceas nua a chosc nó a íoslaghdú.
(24) Tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú, mar shampla trí threalamh a úsáid ar lú a thionchar ar ghrinneall na farraige.
(25) Limistéir thábhachtacha sceathraí éisc agus iasclainne a athchóiriú.
(26) Struchtúir nó substráití a sholáthar chun filleadh na beatha muirí a spreagadh, mar shampla sceireacha coiréil/oisrí/bollán.
(27) Móinéir féir mara agus foraoisí ceilpe a athchóiriú trí ghrinneall na farraige a chobhsú go gníomhach, brú a laghdú agus, i gcás inar féidir, brú a dhíothú nó trí iomadú gníomhach agus plandú gníomhach.
(27a) Daonra na speiceas dúchasach saintréitheach atá ríthábhachtach d’éiceolaíocht na ngnáthóg muirí a athchóiriú nó a fheabhsú trí bhearta athchóirithe éighníomhacha nó gníomhacha a dhéanamh, mar shampla cinn óga a thabhairt isteach.
(28) Cineálacha éagsúla truaillithe mara a laghdú, amhail luchtú cothaitheach, truailliú torainn agus dramhaíl phlaistigh.
(29) Spásanna glasa uirbeacha a mhéadú ina bhfuil gnéithe éiceolaíocha, mar shampla páirceanna, crainn agus dáileachtaí coillearnaí ▌, díonta glasa, féarthailte bláthanna fiáine, gairdíní, gairneoireacht chathrach, sráideanna a bhfuil crainn lena dtaobh, móinéir uirbeacha agus fálta, linnte agus sruthchúrsaí, agus éagsúlacht speiceas, speicis dhúchasacha, dálaí áitiúla agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, i measc nithe eile, á gcur san áireamh.
(30) Deireadh a chur le truailliú ó chógaisíocht, ó cheimiceáin ghuaiseacha, ó fhuíolluisce uirbeach agus tionsclaíoch, agus dramhaíl eile, lena n-áirítear bruscar agus plaistigh, nó sin a laghdú nó a leigheas mar aon le solas i ngach éiceachóras.
(31) Láithreáin athfhorbraíochta, iar-limistéir thionsclaíocha agus cairéil a thiontú ina láithreáin nádúrtha.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0220/2023).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Green Deal, [An Comhaontú Glas don Eoraip], 11.12.2019, (COM(2019) 640 final).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, EU Biodiversity Strategy for 2030, Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, an dúlra a thabhairt ar ais isteach inár saol], 20.5.2020, COM(2020) 380 final.
Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).
United Nations Sustainable Development – 17 Goals to Transform Our World [Forbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – 17 Sprioc Chun an Domhan a Chlaochlú].
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (2020/2273(INI))
Council Conclusions on Biodiversity - the need for urgent action, [Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBithéagsúlacht – an gá atá le gníomhaíocht phráinneach] 12210/20.
Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir leis na Critéir agus an treoraíocht le haghaidh limistéir faoi chosaint a ainmniú (SWD(2022) 23 final).
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ‘The state of nature in the European Union Report on the status and trends in 2013-2018 of species and habitat types protected by the Birds and Habitats Directives’ [Staid an dúlra san Aontas Eorpach – Tuarascáil ar stádas agus treochtaí ó 2013 go 2018 maidir le speicis agus cineálacha gnáthóige faoi chosaint ag na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga], COM/2020/635 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála - Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach – An Bhruiséil, 18.2.2021 COM(2021) 66 final.
An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC): Special Report on the impacts of global warming of 1,5° C and related global greenhouse gas emission pathways, in the context of strengthening the global response to the threat of climate change, sustainable development, and efforts to eradicate poverty [Tuarascáil Speisialta maidir le tionchar téimh domhanda 1,5 C agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú] [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, and T. Waterfield (eds.)] https://www.ipcc.ch/sr15/
IPBES, 2019: Tuarascáil Mheasúnachta dhomhanda ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais. E. S. Brondizio, J. Settele, S. Díaz, and H. T. Ngo (eagarthóirí). Ardrúnaíocht IPBES, Bonn, an Ghearmáin. 1148 leathanach. https://doi.org/10.5281/zenodo.3831673.
Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1)’;
Is éard atá i réitigh dhúlrabhunaithe réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a sholáthraíonn, go comhuaineach, tairbhí comhshaoil, tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú. Tugann na réitigh sin níos mó gnéithe agus próisis de chuid an dúlra, níos mó gnéithe agus próisis nádúrtha, agus gnéithe agus próisis níos éagsúla isteach i gcathracha, i dtírdhreacha agus i muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a oiriúnaítear go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní. Dá bhrí sin, ní mór na réitigh dhúlrabhunaithe dul chun tairbhe na bithéagsúlachta agus tacú le soláthar raon seirbhísí éiceachórais.
Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Forging a climate-resilient Europe - the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil talamhúsáide, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (COM/2021/554 final).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an tSlándáil bia a chosaint agus athléimneacht na gcóras bia a threisiú, COM/2022/133 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. EU Soil Strategy for 2030 Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Straitéis Ithreach an Aontais le haghaidh 2030 Leas a bhainfidh na daoine as ithreacha sláintiúla, mar aon le leas an bhia, an dúlra agus na haeráide] (COM/2021/699 final).
Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil. 2017, ‘Reporting under Article 17 of the Habitats Directive: Explanatory notes and guidelines for the period 2013-2018’ ‘Tuairisciú faoi Airteagal 17 den Treoir maidir le Gnáthóga: Nótaí míniúcháin agus treoirlínte le haghaidh na tréimhse 2013-2018’ agus Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil 2013, ‘Interpretation manual of European Union habitats Eur 28’ [Lámhleabhar léirmhínithe le haghaidh ghnáthóga Eur 28 an Aontais Eorpaigh].
Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
An Coinbhinsiún maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh, 1992 – Coinbhinsiún OSPAR (OSPAR), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt, 1992, Coinbhinsiún Heilsincí (HELCOM), an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara, 1995, – Coinbhinsiún Barcelona (UNEP-MAP) agus an Coinbhinsiún maidir leis an Muir Dhubh a Chosaint, 1992, – Coinbhinsiún Bhúcairist.
Vysna, V., Maes, J., Petersen, J.E., La Notte, A., Vallecillo, S., Aizpurua, N., Ivits, E., Teller, A., Accounting for ecosystems and their services in the European Union [Cuntasaíocht d’éiceachórais agus a seirbhísí san Aontas Eorpach] (INCA). Tuarascáil chríochnaitheach ó chéim II de thionscadal INCA arb é is aidhm dó treoirthionscadal a fhorbairt maidir le córas comhtháite cuntas éiceachórais don Aontas Eorpach. Tuarascáil staidrimh. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Tionscnamh Pailneoirí an Aontais (COM/2018/395 final).
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. An dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Thionscnamh Pailneoirí an Aontais (COM/2021/261 final).
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (2020/2273(INI), le fáil ag https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2021-0277_GA.pdf.
Conclúidí ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 15/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Protection of wild pollinators in the EU: Commission initiatives have not borne fruit [Cosaint pailneoirí fiáine san Aontas: Níor éirigh le tionscnaimh an Choimisiúin (14168/20).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Athbhreithniú ar Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí. Beart nua le haghaidh pailneoirí (COM/2023/35 final).
Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
I gcás ina dtugann feirmeoir gealltanas chun 7 % ar a laghad dá thalamh arúil a dhíriú ar limistéir nó ar ghnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh branair, faoi éiciscéim fheabhsaithe nó má tá sciar íosta 7 % ar a laghad den talamh arúil ar leibhéal na feirme lena n-áirítear barra breise nó barra fosaithe nítrigine, arna saothrú gan táirgí cosanta plandaí a úsáid.
Is é atá i gceist le hathfhliuchadh an próiseas a bhaineann le hithir draenáilte a athrú ina hithir fhliuch. Caibidil 1 de IPCC 2014, 2013 agus Forlíonadh do Threoirlínte 2006 ó IPCC maidir le Fardail Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa: Wetlands [Bogaigh], Hiraishi, T., Krug, T., Tanabe, K., Srivastava, N., Baasansuren, J., Fukuda, M. agus Troxler, T.G. (eagarthóirí.).
Sainmhínítear an téarma ‘ithir orgánach’ in IPCC 2006, Treoirlínte 2006 ó IPCC maidir le Fardail Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, arna n-ullmhú ag an gClár Fardal Náisiúnta de Gháis Ceaptha Teasa, Eggleston H.S., Buendia L., Miwa K., Ngara T. agus Tanabe K. (eagarthóirí).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Straitéis Foraoise nua an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 (COM/2021/572 final).
Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).▌
Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Misin Eorpacha COM(2021) 609 final).
Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).
Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (IO L 247, 13.7.2021, lch. 1).
Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíochta den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).
Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 453, 6.12.2021, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’Aonaid Chríochacha le haghaidh staidrimh (OJ L 154, 21.6.2003, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, COM(2022)222 final.
Staid an Chomhaontaithe maidir le hIdirphlé agus Comhar Polaitíochta idir an tAontas agus Cúba i bhfianaise chuairt an Ardionadaí ar an oileán
81k
41k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 i ndáil le staid an Chomhaontaithe maidir le hIdirphlé agus Comhar Polaitíochta idir an tAontas agus Cúba i bhfianaise chuairt an Ardionadaí ar an oileán(2023/2744(RSP))
– ag féachaint do chinneadh uaithi an 10 Márta 2022 maidir le coiste speisialta um paindéim COVID-19 a chur ar bun: ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí don todhchaí, agus lena sainítear na freagrachtaí, líon comhaltaí agus téarma oifige an choiste sin(1), arna nglacadh faoi Riail 207 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 3, 4, 9, 12, 16, 26, 36, 45, 52, 67, 114, 122, 151, 153, 168, 169, 173, 179, 180, 181, 187, 191, 202, 207, 216, 217, 218 agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 2, 11, 12, 16, 21, 31, 32 agus 35 di,
– ag féachaint do bhunreacht na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), arna leasú go deireanach ag an 51ú Comhthionól Domhanda Sláinte,
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe, prionsabail 16 (cúram sláinte) agus 18 (cúram fadtéarmach) de,
– ag féachaint don choimre beartais chomhpháirteach ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus ó EDS an 28 Meán Fómhair 2022 dar teideal Mental health at work [Meabhairshláinte ag an Obair] agus do thuarascáil EDS an 14 Meán Fómhair 2022 dar teideal Health and care workforce in Europe: time to act [Lucht saothair sláinte agus cúraim san Eoraip: tá sé in am gníomhú],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2021 maidir leis na ceachtanna luatha ó phaindéim COVID-19 a fhoghlaim (COM(2021)0380),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 23 Samhain 2021 maidir le hullmhacht, cumas freagartha agus athléimneacht i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a fheabhsú,
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2022 maidir leis an Eoraip a neartú sa chomhrac in aghaidh na hailse – i dtreo straitéis chuimsitheach chomhordaithe(2) agus obair an Choiste Speisialta um Shárú na hAilse (BECA),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 maidir le hAontas Sláinte na hEorpa a neartú(3),
– ag féachaint do Chinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte(4),
– ag féachaint don tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 dar teideal Introducing HERA, the European Health Emergency preparedness and Response Authority, the next step towards completing the European Health Union [HERA a thabhairt isteach, an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, an chéad chéim eile chun Aontas Sláinte na hEorpa a thabhairt chun críche] (COM(2021)0576),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 dar teideal Conference on the Future of Europe – Putting Vision into Concrete Action [Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Gníomhaíocht Nithiúil a dhéanamh de réir na Físe] (COM(2022)0404),
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 13/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 13 Meitheamh 2022 dar teideal Free movement in the EU during the COVID-19 pandemic – Limited scrutiny of internal border controls, and uncoordinated actions by Member States [Saorghluaiseacht in AE le linn phaindéim COVID-19 – Grinnscrúdú teoranta ar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, agus gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe ag na Ballstáit],
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 18/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 1 Meán Fómhair 2022 dar teideal EU institutions and COVID-19 – Responded rapidly, challenges still ahead to make the best of the crisis-led innovation and flexibility [Institiúidí AE agus COVID-19 – A thug freagairt mhear, dúshláin atá romhainn fós chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an nuálaíocht agus an tsolúbthacht arb ann di de dheasca na géarchéime],
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 19/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2022 dar teideal EU COVID-19 vaccine procurement – Sufficient doses secured after initial challenges, but performance of the process not sufficiently assessed [Soláthar vacsaíní COVID-19 AE – Dáileoga leordhóthanacha faighte tar éis dúshláin tosaigh, ach níl measúnú leordhóthanach déanta ar fheidhmíocht an phróisis],
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 11 Eanáir 2023 dar teideal Tools facilitating travel within the EU during the COVID-19 pandemic [Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19],
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 02/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 2 Feabhra 2023 dar teideal Adapting cohesion policy rules to respond to COVID-19: Funds used more flexibly, but reflection needed on cohesion policy as a crisis response tool [Rialacha an bheartais chomhtháthaithe a oiriúnú chun freagairt do COVID-19: Cistí a úsáidtear ar bhealach níos solúbtha, ach gur gá machnamh a dhéanamh ar an mbeartas comhtháthaithe mar uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna],
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 21/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2022 dar teideal The Commission’s assessment of national recovery and resilience plans – Overall appropriate but implementation risks remain [Measúnú an Choimisiúin ar phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Ar an iomlán iomchuí ach tá rioscaí cur chun feidhme fós ann],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 dar teideal COVID-19 – Sustaining EU Preparedness and Response: Looking ahead (COM(2022)0190) [COVID-19 – Ullmhacht agus Freagairt AE a Chothú: Ag breathnú chun cinn],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2022 dar teideal EU response to COVID-19: preparing for autumn and winter 2023 (COM(2022)0452) [Freagairt an Aontais ar COVID-19: ag ullmhú d’fhómhar agus do gheimhreadh 2023],
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 18 Samhain 2022 dar teideal State of Vaccine Confidence in the European Union [Staid na Muiníne as Vacsaíní san Aontas Eorpach],
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19(5),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2282 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE(6),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna i gcás táirgí íocshláinte agus feistí leighis(7),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais(8),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2371/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE(9),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú(10),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle(11),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear ionstraim éigeandála don Mhargadh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 2679/98 ón gComhairle (COM(2022)0459),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal lánáirithe agus socruithe taistil nasctha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle(12),
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91(13),
– ag féachaint do Mholadh (AE) 2020/648 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 maidir le dearbháin a thairgtear do phaisinéirí agus do thaistealaithe mar mhalairt ar aisíocaíocht ar sheirbhísí taistil agus iompair láneagraithe a cuireadh ar ceal i gcomhthéacs phaindéim COVID-19(14),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (COM(2020)0789),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Samhain 2020 dar teideal New Consumer Agenda – Strengthening consumer resilience for sustainable recovery [Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí – Athléimneacht na dtomhaltóirí a neartú ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe] (COM(2020)0696),
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2022 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (COM(2022)0457),
– ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí(15),
– ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil a thionóil an Coimisinéir um an nGeilleagar, Paolo Gentiloni, maidir le dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta iar-COVID an 1 Márta 2022 dar teideal A New Era for Europe – How the European Union Can Make the Most of its Pandemic Recovery, Pursue Sustainable Growth, and Promote Global Stability [Ré Nua don Eoraip – Conas is féidir leis an Aontas Eorpach Lántairbhe a Bhaint as a Théarnamh Paindéimeach, Fás Inbhuanaithe a Shaothrú, agus Cobhsaíocht Dhomhanda a Chur Chun Cinn],
– ag féachaint do thuarascáil ón EIS an 31 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal Monitor on the world of work. Tenth edition – Multiple crises threaten the global labour market recovery [Faireachán ar shaol na hoibre. An deichiú heagrán — Géarchéimeanna iomadúla ag bagairt ar théarnamh mhargadh an tsaothair ar fud an domhain],
– ag féachaint do thuarascáil EIS an 11 Lúnasa 2022 dar teideal Global Employment Trends for Youth 2022: Investing in transforming futures for young people [Treochtaí Fostaíochta Domhanda don Óige 2022: Infheistiú i dtodhchaí daoine óga a athrú ó bhonn],
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (COM(2022)0105),
– ag féachaint don chúigiú Sprioc Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe (SDG) maidir le comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh um Chearta an Linbh (COM(2021)0142),
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’),
– ag féachaint don cheathrú SDG de chuid na Náisiún Aontaithe chun oideachas ardcháilíochta atá cuimsitheach agus cothrom a áirithiú agus chun deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil do chách a chur chun cinn,
– ag féachaint do thuarascáil UNICEF ó mhí na Nollag 2013 dar teideal Children’s Rights in Impact Assessments: A guide for integrating children’s rights into impact assessments and taking action for children [Cearta Leanaí i Measúnuithe Tionchair: Treoir maidir le cearta an linbh a chomhtháthú i measúnuithe tionchair agus gníomhaíocht a dhéanamh do leanaí],
– ag féachaint do thuarascáil ón Líonra Eorpach Saineolaithe maidir le hEacnamaíocht an Oideachais ó 2022 dar teideal Learning deficits due to the COVID-19 analysis – A literature review [Easnaimh foghlama mar gheall ar anailís COVID-19 – Athbhreithniú litríochta (2020-2022)],
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht AE(16),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 maidir leis an Tairseach Dhomhanda (JOIN(2021)0030),
– ag féachaint do theachtaireacht ó AE chuig Comhairle Ghinearálta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) an 4 Meitheamh 2021 maidir le freagairtí práinneacha beartais trádála ar ghéarchéim COVID-19,
– ag féachaint do thuarascáil ó EDS agus ón bhFaireachlann Eorpach um Chórais Sláinte agus Beartais Sláinte an 10 Meán Fómhair 2021 dar teideal Drawing light from the pandemic: A new strategy for health and sustainable development – A review of the evidence [Ag foghlaim ón bpaindéim: straitéis nua maidir le sláinte agus forbairt inbhuanaithe – Athbhreithniú ar an bhfianaise],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 dar teideal EU Global Health Strategy – Better Health for All in a Changing World [Straitéis Sláinte Domhanda AE – Sláinte Níos Fearr do Chách i nDomhan atá ag Athrú (COM(2022)0675)],
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir le cistiú breise le haghaidh taighde bithleighis maidir le hEinceifealaimiailíteas Miailgeach (ME/CFS)(17),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(18),
– ag féachaint don rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis ráig COVID‐19(19),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le cosaint Eorpach d’oibrithe trasteorann agus séasúracha i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19(20),
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le straitéis sláinte poiblí an Aontais i ndiaidh COVID-19(21),
– ag féachaint don rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal COVID-19: EU coordination of health assessments and risk classification, and the consequences for Schengen and the single market [COVID-19: comhordú AE ar mheasúnuithe sláinte agus aicmiú riosca, agus na hiarmhairtí do Schengen agus don mhargadh aonair(22),
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 maidir le tionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha(23),
– ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le trédhearcacht AE i bhforbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19(24),
– ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach maidir le cúram(25),
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an tionchar a bhí ag dúnadh gníomhaíochtaí oideachais, cultúrtha, óige agus spóirt ar leanaí agus ar dhaoine óga in AE i ngeall ar COVID-19(26),
– ag féachaint do theachtaireacht an 7 Meán Fómhair 2022 ón gCoimisiun maidir leis an straitéis cúraim Eorpach (COM(2022)0440),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 dar teideal Tourism and transport in 2020 and beyond [Turasóireacht agus iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin (COM(2020)0550)],
– ag féachaint ‘d’Innéacs Comhionannais Inscne 2021’ ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne an 28 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do thuarascáil ón bhFhoras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) an 20 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal Recovery from COVID-19: The changing structure of employment in the EU [Téarnamh ó COVID-19: Struchtúr athraitheach na fostaíochta san Aontas Eorpach],
– ag féachaint don staidéar ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Eanáir 2021 dar teideal The response of civil society organisations to face the COVID-19 pandemic and the consequent restrictive measures adopted in Europe [Freagairt eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta sriantacha a glacadh dá bharr san Eoraip],
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 maidir le gnéithe agus impleachtaí trádála COVID-19(27),
– ag féachaint don dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le tosaíochtaí reachtacha AE do 2023 agus 2024(28),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (COM(2023)0160),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear rialacha lena rialaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 agus Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 (COM(2023)0193),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh (COM(2023)0209),
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte (COM(2022)0197),
– ag féachaint do chonclúidí agus do mholtaí an staidéir a ullmhaíodh dá Phainéal um Thodhchaí na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta (STOA) i mí na Nollag 2021 dar teideal European pharmaceutical research and development – Could public infrastructure overcome market failures? [Taighde agus forbairt chógaisíochta na hEorpa – An bhféadfadh bonneagar poiblí teipeanna margaidh a shárú?],
– ag féachaint do chonclúidí agus do mholtaí an staidéir a ullmhaíodh do STOA i mí Dheireadh Fómhair 2022 dar teideal Fostering coherence in EU health research – Strengthening EU research for better health [Comhleanúnachas a chothú i dtaighde sláinte AE – Taighde AE a neartú ar mhaithe le sláinte níos fearr],
– ag féachaint don staidéar a rinne a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha (DG IPOL) i mí na Samhna 2022 dar teideal Impact of COVID-19 measures on democracy and fundamental rights – Best practices and lessons learned in the Member States and third countries [Tionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha – Dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh sna Ballstáit agus i dtríú tíortha],
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir leis an nganntanas táirgí íocshláinte – conas aghaidh a thabhairt ar fhadhb atá ag teacht chun cinn(29),
– ag féachaint do staidéar AS IPOL ó mhí Eanáir 2023 dar teideal The effect of communication and disinformation during the COVID-19 pandemic [Tionchar na cumarsáide agus na bréagaisnéise le linn phaindéim COVID-19],
– ag féachaint do cheardlann AS IPOL an 8 Márta 2023 dar teideal EU crisis preparedness and response [Ullmhacht agus freagairt AE i gcomhair géarchéimeanna],
– ag féachaint do cheardlann AS IPOL an 9 Márta 2023 maidir le ‘COVID fadmharthanach’,
– ag féachaint do na hachainíocha a fuair an Coiste um Achainíocha maidir le paindéim COVID-19 agus don obair a rinneadh le linn phaindéim COVID-19 ar shaincheisteanna gaolmhara,
– ag féachaint do staidéar AS IPOL ó mhí Feabhra 2023 dar teideal the Social and Economic Consequences of COVID-19 [Iarmhairtí Sóisialta agus Eacnamaíocha COVID-19],
– ag féachaint do staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) ó mhí Aibreáin 2022 dar teideal Future Shocks 2022 – Addressing the risk and building capabilities for Europe in a contested word [Suaití amach anseo 2022 – Aghaidh a thabhairt ar an riosca agus ar acmhainneachtaí a fhorbairt don Eoraip i ndomhan conspóideach],
– ag féachaint do staidéar EPRS ó mhí Eanáir 2023 dar teideal Parliamentary oversight of governments’ response to the COVID-19 pandemic: Literature Review [Maoirsiú parlaiminteach ar fhreagairt rialtas ar phaindéim COVID-19: Athbhreithniú Litríochta],
– ag féachaint do staidéar EPRS ó mhí Feabhra 2023 dar teideal The European public health response to the COVID-19 pandemic: Lessons for future cross-border health threats [Freagairt sláinte poiblí na hEorpa ar phaindéim COVID-19: Ceachtanna maidir le bagairtí sláinte trasteorann amach anseo],
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin ó mhí Mheán Fómhair 2021 dar teideal Vulnerabilities of the global supply chains of medicines – Structured Dialogue on the security of medicines supply [Leochaileachtaí slabhraí soláthair domhanda cógas – Idirphlé Struchtúrtha maidir le slándáil an tsoláthair cógas],
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le dul i ngleic le dúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú WTO TRIPS maidir le vacsaíní COVID-19, cóireáil, treallamh agus méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht mhonaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha(30),
– ag féachaint do staidéar ar bheartas sláinte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an 17 Eanáir 2023 dar teideal The COVID-19 Pandemic and the Future of Telemedicine [Paindéim COVID-19 agus Todhchaí an Teilileighis],
– ag féachaint do rún ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 7 Iúil 2022 maidir le ‘Rochtain ar chógais, vacsaíní agus táirgí sláinte eile i gcomhthéacs an chirt atá ag gach duine an caighdeán sláinte coirp agus meabhairshláinte is airde is féidir a theachtadh’,
– ag féachaint do Thuarascáil ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 3 Eanáir 2023 dar teideal Ensuring equitable, affordable, timely and universal access for all countries to vaccines in response to the coronavirus disease (COVID-19) pandemic [Rochtain chothrom, inacmhainne, thráthúil agus uilíoch a áirithiú do gach tír ar vacsaíní mar fhreagairt ar phaindéim ghalar an choróinvíris (COVID-19)],
– ag féachaint do Phrionsabail Siracusa 1984 maidir le Forálacha Teorannaithe agus Maolaithe sa Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol(31),
– ag féachaint do mhionanailís AS IPOL ó mhí na Nollag 2020 dar teideal The link between biodiversity loss and the increasing spread of zoonotic diseases [An nasc idir cailliúint na bithéagsúlachta agus leathadh méadaitheach na ngalar zónóiseach],
– ag féachaint do thuarascáil EDS an 29 Meitheamh 2022 dar teideal A health perspective on the role of the environment in One Health [Peirspictíocht sláinte maidir le ról an chomhshaoil i gcás na hAon Sláinte Amháin],
– ag féachaint d’fheasacháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal Coronavirus pandemic in the EU – Fundamental Rights Implications [Paindéim an choróinvíris in AE – Impleachtaí um Chearta Bunúsacha], go háirithe feasachán 1 an 8 Aibreán 2020, feasachán 2 an 28 Bealtaine 2020 ina ndírítear ar aipeanna rianaithe teagmhála, feasachán 3 an 30 Meitheamh 2020 le béim ar dhaoine scothaosta, feasachán 4 an 30 Iúil 2020, feasachán 5 an 29 Meán Fómhair 2020 maidir leis an tionchar ar Romaigh agus ar Thaistealaithe, feasachán 6 an 30 Samhain 2020 agus feasachán 7 an 16 Meitheamh 2021 maidir le leathadh amach vacsaíní agus comhionannas rochtana san Aontas,
– ag féachaint do Thuarascálacha 2021 agus 2022 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha,
– ag féachaint do thorthaí an Ombudsman Eorpaigh i gcás 1316/2021/MIG(32) agus i gcásanna comhpháirteacha 85/2021/MIG agus 86/2021/MIG(33),
– ag féachaint do shíneadh 3 mhí a chur le téarma oifige an choiste, mar a fógraíodh sa suí iomlánach an 18 Eanáir 2023,
– ag féachaint do Rialacha 54 agus 207 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste Speisialta um phaindéim COVID-19: ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí don todhchaí (A9-0217/2023),
Réamhrá agus forbhreathnú
1. á aithint go raibh paindéim COVID-19 ina siocair le bás na milliún duine agus go raibh tionchar cothrománach aici ar gach leibhéil agus gach gné den tsochaí, agus damáiste ollmhór déanta aici san Eoraip agus ar fud an domhain;
2. á chur i bhfios go láidir nach raibh AE, mar aon leis an gcuid eile den domhan, ullmhaithe go leordhóthanach chun dul i ngleic le géarchéim den scála sin ná lena tonnta turrainge, a bhfuil difear déanta aici do shochaithe agus do gheilleagair ar fud an domhain, lena n-áirítear seirbhísí oideachais leanúnacha a sholáthar i gcás gaibhniúcháin;
3. á chur i bhfáth gurb é tionchar phaindéim COVID-19 ba chúis leis an ngéarchéim shocheacnamaíoch is dúshlánaí a bhí ag an Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe chun tacú le gnólachtaí, daoine féinfhostaithe, oibrithe, daoine lasmuigh den margadh/lucht saothair agus go háirithe daoine leochaileacha agus bochta;
4. á aithint go ndearna go leor gairmithe cúraim sláinte, oibrithe riachtanacha agus saorálaithe a saol agus a sláinte a íobairt chun muintir na hEorpa a chosaint le linn na paindéime;
5. ag aithint agus á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí comhchoiteanna agus an saineolas a léirigh gairmithe cúraim sláinte agus taighdeoirí, a bhí cinntitheach chun paindéim COVID-19 a shárú;
6. á mheas, in ainneoin easnaimh agus bearnaí i gcur chun cinn na sláinte, i ngalair a chosc, in ullmhacht agus i bhfreagairt ina leith, gur fhorbair an tAontas freagairt choiteann ar an bpaindéim agus go ndearna sé gníomhaíochtaí chun a áirithiú go ndéanfaí punann éagsúil vacsaíní a fhorbairt agus a dháileadh go cothrom ar fud mhór-roinn na hEorpa agus ar fud an domhain;
7. ag tabhairt dá haire gur léiríodh go soiléir le paindéim COVID-19 go raibh gá le struchtúir rialachais éifeachtacha a chruthú agus beartais Eorpacha a fhorbairt le haghaidh bearta coisctheacha réamhtheachtacha chun an riosca a bhaineann le teacht chun cinn pataigine a laghdú; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil athruithe antrapaigineacha ar an gcomhshaol ag déanamh éascú ar luathú leathadh pataiginí ainmhithe chuig na pobail dhaonna;
8. á chur in iúl gurb oth léi nár léirigh roinnt Ballstát, in ionad cur chuige Eorpach a ghlacadh i leith bearta agus cur chuige sláinte, dóthain dlúthpháirtíochta leis na tíortha sin a ndearna an víreas difear dóibh ar dtús agus nach raibh aon chur chuige Eorpach comhordaithe láithreach ann i leith bearta agus cur chuige sláinte;
9. á thabhairt chun suntais iompar sármhaith shaoránaigh an Aontais sa chomhrac i gcoinne na paindéime agus ag cur béim ar an bhfíoras go raibh comhar na saoránach leis na húdaráis phoiblí, trína dtiomantas do na bearta deacra a glacadh agus do na dianghlasálacha a d’eascair as an bpaindéim, fíor-riachtanach chun leathadh COVID-19 a theorannú; á aithint, gan an comhar sin, go mbeadh iarmhairtí na paindéime i bhfad níos measa;
10. á thabhairt chun suntais gur bloic thógála bhunúsacha den tionscadal Eorpach iad na ceithre shaoirse; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, an easpa comhair agus comhordaithe tosaigh i measc na mBallstát maidir le saorghluaiseacht earraí bunriachtanacha, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta (TCP) agus trealamh leighis, chomh maith le teipeanna seachadta ar fud an mhargaidh aonair le linn mhíonna tosaigh phaindéim COVID-19;
11. á aithint gur dhá thoisc ábhartha iad stíleanna maireachtála mífholláine agus truailliú an chomhshaoil i gceannairc na ngalar ainsealach; á thabhairt chun suntais go raibh iarmhairtí COVID-19 níos déine ag othair a bhfuil riochtaí ainsealacha orthu cheana;
12. ag tabhairt dá haire gur cheart breathnú ar phaindéim COVID-19 mar dheis chun dlús a chur le claochluithe don aistriú digiteach agus don aistriú glas, lena n-áirítear glacadh suntasach teicneolaíochtaí sláinte digiteacha, agus go bhfónann sí mar mheabhrúchán neamhbhalbh chun tosaíocht a thabhairt d’athléimneacht agus do cháilíocht ár gcóras cúraim sláinte poiblí chun aird níos mó a thabhairt ar an tsláinte fhisiciúil agus ar an meabhairshláinte araon ar fud an Aontais; á chur i bhfáth gur rannchuidigh an digitiú le feidhmiú na gceart bunúsach a áirithiú le linn phaindéim COVID-19 agus gur cuireadh ar a gcumas do ghníomhaíochtaí sláinte agus oideachais áirithe leanúint ar aghaidh, lena n-áirítear deimhniú digiteach COVID, lenar cumasaíodh an tsaoirse gluaiseachta;
13. á thabhairt chun suntais gur ghéaraigh an phaindéim ar na saincheisteanna struchtúracha atá ann cheana maidir le heagrú chórais sláinte agus cúraim phoiblí na mBallstát, go háirithe cistiú neamhleor don earnáil ar fud an Aontais, leochaileacht na seirbhísí cúraim phríomhúil, easpa cláir monatóireachta faireachais agus tuairiscithe iomchuí, ganntanais lucht saothair, saincheisteanna rialachais agus ganntanais táirgí íocshláinte agus trealaimh leighis, as ar eascair ‘traochadh’(34) i measc oibrithe cúraim sláinte freisin;
14. á chur i bhfios go láidir gur mhéadaigh an phaindéim freisin éagothroimaíochtaí domhanda i dtáirgeadh, soláthar agus rochtain ar tháirgí leighis tarrthála agus ar theicneolaíochtaí sláinte;
15. á dhearbhú a thábhachtaí atá faireachas, faireachán, cosc, ullmhacht, trédhearcacht agus athléimneacht i bhfianaise ráigeanna agus éigeandálaí sláinte, go háirithe ó thaobh córais cúraim sláinte, soláthairtí agus seirbhísí cúraim sláinte de, chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus éagsúlú domhanda na forbartha, an táirgthe, an dáilte agus an tsoláthair a mhéadú i bpríomhréimsí amhail cógais leighis chriticiúla agus bhunriachtanacha; á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le hacmhainneachtaí táirgeachta áitiúla a chruthú agus na hacmhainneachtaí atá ann cheana a fhorbairt agus a neartú;
16. á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar an athléimneacht fhoriomlán le linn géarchéimeanna sláinte trí dhreasachtaí a chruthú chun infheistíocht a dhéanamh agus línte táirgeachta a fhorbairt san Aontas le haghaidh cógais, vacsaíní agus trealamh leighis eile, chomh maith le hamhábhair agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta (APInna);
17. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar diúltach atá ag géarchéim COVID-19 ar mhargadh saothair na hEorpa, faoi chaillteanais post nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, go háirithe in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta, agus faoin méadú gaolmhar ar an mbochtaineacht agus ar na héagsúlachtaí sna caighdeáin mhaireachtála, lena ndéanfar difear go háirithe do dhaoine óga, do mhná agus d’oibrithe i bpoist ar bheagán oiliúna, sa gheilleagar neamhfhoirmiúil agus san fhostaíocht fhorbhásach;
18. á thabhairt chun suntais, in 2020, nach raibh an domhan ullamh chun déileáil le tionchar phaindéim COVID-19 agus go raibh ar an Eoraip aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim shocheacnamaíoch ba dhúshlánaí a bhí aici ón Dara Cogadh Domhanda i leith;
19. á chur i bhfios go láidir tionchar na paindéime ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar; á mheabhrú gur bhain tionchar eacnamaíoch na paindéime, inter alia, le hiompar paisinéirí agus earraí agus infhaighteacht táirgí bunúsacha, amhail earraí bia, agus amhábhair éagsúla, a bhfuil dúnadh seirbhísí mar thoradh ar a n-easnamh;
20. á chur i bhfáth go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe chun tacú le hoibrithe, teaghlaigh, daoine féinfhostaithe, gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), daoine bochta agus grúpaí leochaileacha, agus bearta ábhartha á n-úsáid do gach grúpa; á mheabhrú go raibh tionchar ag an ngéarchéim ar chodanna éagsúla den tsochaí ar bhealaí éagsúla, rud a mhéadaigh éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha; á mheabhrú, dá bhrí sin, gur cheart tús áite a thabhairt do thacaíocht do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus dóibh siúd is mó atá thíos leis an ngéarchéim;
21. á chur i bhfáth, cé gur ar acmhainneacht ospidéil a chaomhnú agus air sin amháin a bhíothas dírithe, d’fhulaing tithe cúraim de bharr easpa trealamh cosanta, easpa ábhair, easpa foirne agus easpa saineolais chun an phaindéim a chomhrac, lenar fágadh go raibh rátaí básmhaireachta iomarcacha ann i measc daoine scothaosta;
22. á aithint gur deimhníodh leis an bpaindéim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an ngeilleagar sóisialta agus ag eintitis an gheilleagair shóisialta maidir le tacú lenár gcórais eacnamaíocha ar an iomlán, chomh maith le ról ríthábhachtach na n-acmhainneachtaí ullmhachta agus freagartha sláinte, go háirithe a mhéid a bhaineann le teagmháil a dhéanamh le daoine óga, daoine scothaosta agus pobail leochaileacha agus cúnamh a thabhairt dóibh;
23. Ag tabhairt dá haire gur oth léi go bhfuil tionchar díréireach ag paindéim COVID-19 ar dhea-bhail mheabhrach na ndaoine sin a bhfuil éiginnteacht airgeadais ag bagairt orthu, agus iarmhairtí diúltacha ar leith acu do mhná agus do bhaill de phobail leochaileacha, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha, an pobal LGBTQIA+, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine óga;
24. á chur i bhfáth go ndearna paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí difear ar bhealach éagsúil do mhná agus d’fhir agus gur tugadh chun suntais na neamhionannais agus na heasnaimh atá ann cheana maidir le comhionannas inscne agus cearta na mban;
25. á aithint gur chuir paindéim COVID-19 isteach ar an oideachas domhanda ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana mar gheall ar dhúnadh forleathan scoileanna, luathfhágáil scoile agus caillteanas foghlama gan fasach, a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha oideachais agus sóisialta ag gach ceann acu, lena n-áirítear maidir le meabhairshláinte agus cothú leanaí agus daoine óga, rud a chuireann leis ar an riosca go méadófar foréigean agus mí-úsáidí; á thabhairt chun suntais, de réir EDS, gur spreag paindéim COVID-19 méadú 25 % ar leitheadúlacht na buartha agus an dúlagair ar fud an domhain;
26. á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú tagtha ar neamhionannais idir tíortha agus laistigh de thíortha de bharr na paindéime, gur thit ionchas saoil san Eoraip go sealadach tar éis ráig phaindéim COVID-19 agus gur cuireadh brú ar chórais cúraim sláinte agus leasa shóisialta ar fud an Aontais;
27. á thabhairt faoi deara go ndearna an éigeandáil leighis difear do dhálaí slándála agus cobhsaíochta agus do chaidrimh shóisialta, gur athraigh bealaí oibre agus oideachais, gur imríodh tionchar ar grúpaí sochaíocha éagsúla agus tháinig méadú ar neamhionannais dhomhanda;
28. ag cur béim ar a thábhachtaí atá ceachtanna a fhoghlaim agus a bheith ullmhaithe níos fearr do ghéarchéimeanna sláinte agus do ghéarchéimeanna eile amach anseo agus á chur i bhfáth nach mór ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú agus beartais, reachtaíocht, cistiú agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á ndearadh, á sainiú agus á gcur chun feidhme; á chur i bhfáth go bhfuil measúnú á dhéanamh againn fós ar éifeachtaí COVID-19 ar shláinte agus ar chórais sláinte agus ar sheirbhísí sláinte, go háirithe maidir le COVID fadmharthanach;
29. á mheabhrú go bhfuil 65 mhilliún duine ar fud an domhain agus, de réir EDS, 17 milliún duine ar a laghad san Eoraip ag fulaingt de dheasca ainiarmhairt phaiteolaíoch iar-ghéarmhíochaine de bharr SARS-CoV-2 (PASC), agus go bhfuil siondróm ionfhabhtaithe iar-ghéarmhíochaine den chineál céanna (PAIS) tugtha faoi deara freisin mar thoradh ar ghalair eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil braislí siomptóim coitianta ag gach PAIS lena n-áirítear PASC, go háirithe gur féidir siondróm tuirse ainsealaí (ME/CFS) a bheith mar thoradh orthu, agus go dtarlaíonn na siomptóim chéanna i roinnt othar tar éis an vacsaínithe (Iar-Vac);
30. ag tabhairt dá haire go bhfuil othair ag fulaingt ó riochtaí córasacha maidir le mallachair ilorgáin a ndéantar mídhiagnóis orthu go minic mar riochtaí síceasómatacha agus gur príomhshiomptóm de ME/CFS í an easláinte iar-dianúsáide, ach gur tugadh faoi deara í freisin i roinnt othar PASC, agus gurb é sin an fáth gur gá an séadaireacht a urramú; á chur i bhfios go bhfuil diagnóisí agus cóireáil ag teastáil go práinneach ó othair, agus gurb é sin an fáth a bhfuil gá le cistiú spriocdhírithe taighde a dhéanamh ar thaighde aistritheach agus cliniciúil agus ar staidéir ríthábhachtacha ina dhiaidh sin; á mheabhrú go bhfulaingíonn mná i bhfad níos minice ó PASC agus go ndéantar difear do gach aoisghrúpa, lena n-áirítear leanaí agus déagóirí; á mheabhrú gur bagairt don gheilleagar é PAIS freisin, toisc go gcuireann tinneas fadmharthanach cosc ar dhaoine ó fhilleadh ar mhargadh an tsaothair agus go gcuireann sé leis an mbaol go mbeidh cruatan eacnamaíoch ann; á chur i bhfios, i bhfianaise paindéimí a bheidh ann amach anseo, go bhfuil gá le straitéis PAIS lena dtabharfar aghaidh go cuimsitheach ar bhagairt an ghalair ainsealach tar éis ionfhabhtú;
31. á thabhairt chun suntais gur beag an tuiscint atá ar ghalair uath-imdhíonacha i gcoitinne(35) agus go ndéantar neamhshuim de PAIS den chuid is mó chomh maith céanna(36); ag tabhairt dá haire go bhfuil aghaidh á tabhairt ag an druga aptaiméire DNA BC 007 ar an uath-imdhíonacht agus gur éirigh leis COVID fadmharthanach a leigheas i staidéar beag a rinneadh ag Ospidéal Ollscoile Erlangen agus go bhfuil ardfhiníocht ag BC 007 le huath-antasubstaintí ceangailteacha gabhdóra cúpláilte próitéine G a bhfuil sé d’éifeacht acu neodrú a dhéanamh ar na huath-antasubstaintí sin(37); á mheabhrú go bhfuil maoiniú do chéim II(b) de thriail chliniciúil in easnamh;
32. ag cur béim ar an bhfíoras gur fhág an taighde eolaíoch agus an nuálaíocht – i measc nithe eile – go rabhthas in ann vacsaíní COVID-19 a fhorbairt agus a leathadh amach in am fíorghairid, rud a d’fhág go rabhthas in ann na milliúin duine a shábháil ar fud an domhain;
33. á thabhairt faoi deara go bhfuil sé bunriachtanach don Aontas taighde réamh-mheastach a dhéanamh ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, amhail rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, ar gá ullmhúchán forleathan a dhéanamh ina leith;
34. á dhearbhú gur sáraíodh paindéim COVID-19 freisin a bhuíochas leis an nuálaíocht, leis an eolaíocht a chuir vacsaíní ar fáil agus leis an bhfaisnéis ollmhór chomhchoiteann a léirigh gairmithe sláinte ar fud an Aontais;
35. á chur i bhfáth go bhféadfadh beartas sláinte Eorpach aontaithe agus comhordaithe a bheith ina thoisc amháin chun rannchuidiú le dul i ngleic le scaipeadh na faisnéise bréagaí maidir leis an tsláinte;
36. á chur i bhfáth, in éagmais beartas sláinte Eorpach aontaithe agus comhordaithe, gur fágadh an iomarca spáis ar oscailt don iliomad gníomhaithe neamheolaíocha a chothaigh faisnéis chontúirteach, bhréagach do na meáin;
37. á chur i bhfáth nach féidir leis an Eoraip bagairtí sláinte amach anseo a shárú ach amháin má sheasann na Ballstáit le chéile i ndlúthpháirtíocht, freagracht a ghlacadh agus úsáid a bhaint as na hionstraimí margaidh aonair atá ar fáil chun ullmhacht agus bainistiú paindéime a chomhordú ar bhealach níos fearr, agus an breisluach is gá a sholáthar do rialtais an Aontais agus dá saoránaigh;
38. á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go bhfuil gá le cleachtais níos fearr ón Aontas maidir le trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach i ndáil le frithbhearta géarchéime chun tacaíocht agus muinín na saoránach a neartú;
39. á mheabhrú gur bagairtí trasnáisiúnta den chuid is mó a bheidh sna bagairtí don tsláinte phoiblí amach anseo agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hanailís a dhéanamh ar roinnt na n-inniúlachtaí ábhartha faoi na Conarthaí atá i bhfeidhm, mar aon le hathchóirithe a d’fhéadfadh a bheith ann chun saoránaigh agus sochaithe an Aontais a chosaint ar bhealach níos fearr;
40. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus ar chumarsáid chomhsheasmhach, oiriúnaithe agus chomhordaithe agus aird á tabhairt ar na leibhéil éagsúla litearthachta sláinte atá ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ó na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, lena n-áirítear institiúidí AE, údaráis phoiblí na mBallstát, an pobal eolaíochta, an earnáil phríobháideach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail ionadaithe eagraíochtaí gairmiúla sláinte agus othar; á chur i bhfáth gur gá do rialachas AE a áirithiú go rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus go dtacóidh sí le bunú coistí comhairleacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun cabhrú leis an bpróiseas cinnteoireachta do gach beartas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le huirlisí éagsúla cumarsáide lena gcuirtear san áireamh na leibhéil éagsúla litearthachta sláinte atá ag saoránaigh agus gnólachtaí;
41. ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, an easpa réamhchoinníollacha a bhaineann le hinfheistíochtaí poiblí i vacsaíní COVID-19, chomh maith le forbairt cógas a d’fhéadfadh torthaí poiblí níos fearr ar infheistíochtaí poiblí a éascú;
42. á iarraidh ar an Aontas leanúint ar aghaidh ar an mbealach i dtreo Aontas Sláinte Eorpach a bhunú lena dtabharfar fíor-bhreisluach do rialachas sláinte na mBallstát, go háirithe i réimsí nach féidir leis na Ballstáit a chumhdach astu féin, agus inniúlachtaí na mBallstát sa réimse sin á n-urramú ag an am céanna, i gcomhréir leis na moltaí maidir leis an tsláinte a chuir na saoránaigh ar aghaidh sa tuarascáil maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa; á chur i bhfáth nach mór d’Aontas Sláinte na hEorpa a bheidh ann amach anseo an tAontas agus na Ballstáit a ullmhú chun géarchéimeanna sláinte a bheidh ann sa todhchaí a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr agus chun athléimneacht chórais sláinte na hEorpa a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar ullmhacht an Aontais maidir le bagairtí trasteorann;
43. á chur i bhfios go láidir nach mór cosaint sláinte agus beatha daoine a bheith ina thosaíocht in aon chinneadh maidir le beartas poiblí; á aithint go raibh sé i gceist le formhór na ngníomhaíochtaí a rinneadh le linn na paindéime an ceart chun sláinte agus chun beatha a choimirciú, ach go raibh tionchar diúltach ag roinnt gníomhaíochtaí mar sin féin ar chearta bunúsacha eile;
44. á thabhairt chun suntais gur cearta atá faoi chosaint bhunreachtúil iad cearta bunúsacha i gcónaí, fiú faoi dhálaí éigeandála; á thabhairt chun suntais, toisc go raibh an ghéarchéim gan fasach agus go raibh sí bagrach don bheatha, go raibh ar rialtais gníomhaíocht ghasta a dhéanamh gan mórán ullmhúcháin;
45. á iarraidh go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach i dtacaíocht a thabhairt d’údaráis phoiblí le linn géarchéime, i gcás inarb iomchuí, go háirithe comhlachais agus líonraí a dhéanann speisialtóireacht i gcearta bunúsacha chun ceapadh beartais a oiriúnú ar bhealach níos fearr chun cearta daoine a urramú;
46. ag tabhairt dá haire gur baineadh an bonn ó róil reachtóireachta agus ghrinnscrúdaithe na bparlaimintí náisiúnta i roinnt Ballstát, lena n-áirítear trí chumhachtaí reachtacha a tharmligean chuig an bhfeidhmeannas agus trí nósanna imeachta reachtacha éigeandála agus meara a chur chun feidhme, agus nach mór na cinntí sin a athbhreithniú go hiomchuí chun a áirithiú go gcloíonn siad le caighdeáin dhaonlathacha;
47. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Aontais i dtaobh dlús a chur le réitigh maidir le rochtain dhomhanda ar vacsaíní agus ar chógais le linn na paindéime trí thionscnaimh chomhoibríocha amhail an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 agus COVAX, ach á aithint gur gá don Aontas a bheith cheannaire domhanda i bhfad níos fearr chun a áirithiú go mbeidh ról lárnach aige maidir le bagairtí sláinte amach anseo a chosc, ullmhú ina leith agus freagairt dóibh;
48. ag cur béim ar an ngá atá le níos mó éagsúlacht dhomhanda i dtáirgeadh agus i soláthar táirgí sláinte agus i bhfrithbhearta paindéime a bheith ann chun an ganntanas soláthair agus an éagothromaíocht dhomhanda maidir le rochtain ar na táirgí sin a chosc agus a mhaolú;
49. á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Aontais chun cabhrú le ceannasacht sláinte a chothú san Afraic agus tacú le monarú vacsaíní san Afraic agus i Meiriceá Laidineach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na huaillmhianta sin a chomhlíonadh trí aistriú teicneolaíoch iomlán chuig táirgeoirí áitiúla a áirithiú agus trí shásraí agus cistiú a bhunú dá n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach airgeadais;
50. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cé gurbh é ab aidhm do COVAX 2 bhilliún dáileog a sholáthar agus a sheachadadh in 2021, gur seachadadh níos lú ná 1 bhilliún dáileog faoi dheireadh na bliana sin, agus gur dáileoga deonaithe breis agus 40 % díobh;
51. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár seachadadh ach 150 milliún tástáil COVID-19 ar an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 idir 2020 agus 2022, nó 3 % den 4.8 billiún tástáil a bhí ag teastáil chun a sprioc 100 tástáil in aghaidh an 100 000 duine in aghaidh an lae a bhaint amach;
1.Sláinte
(a) Aontas Sláinte na hEorpa a fhorbairt chun bagairtí sláinte trasteorann a chosc, ullmhú ina gcomhair agus chun freagairt ina leith
(i) Cosc, ullmhacht agus freagairt an Aontais do bhagairtí sláinte trasteorann
52. á chreidiúint nach mór cur chun cinn na sláinte agus cosc, ullmhacht agus freagairt do bhagairtí sláinte poiblí trasteorann atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a bheith ina mbunús d’Aontas Sláinte na hEorpa, d’fhonn athléimneacht, cáilíocht agus rochtain chomhionann ar chórais cúraim sláinte san Aontas a threisiú do chách, agus do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim lasmuigh den Aontas agus de thíortha sa Domhan Theas, agus chun bheith ullmhaithe níos fearr i gcás paindéim nua nó géarchéim sláinte eile ar mórscála;
53. á mheabhrú nach mór tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí leormhaithe a chur ar fáil i gcórais agus seirbhísí sláinte poiblí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear beartais náisiúnta imdhíonta a mhaoiniú ar bhealach inbhuanaithe, agus rochtain chomhionann ar na seirbhísí sin a áirithiú, feabhas a chur ar chomhtháthú agus ar chomhordú na ndúshlán comhroinnte i gcúram sláinte, agus scéimeanna comhpháirteacha soláthair vacsaíní agus cóireála a bhunú chun a áirithiú go ndáilfear go cothrom iad chun na cuspóirí sin a bhaint amach;
54. ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ar cheann de na príomh-heipitéisí a dtacaíonn an pobal eolaíochta leo maidir le tionscnamh phaindéim COVID-19 gur tháinig an víreas chun cinn mar iarmhairt zónóiseach; á aithint gurb é an bealach aonair is éifeachtaí agus is costéifeachtaí chun paindéimí de bhunadh zónóiseach a chosc ná iarmhairtí pataigine don duine, don fhiadhúlra agus d’ainmhithe eile ar an gcéad dul síos a sheachaint, i gcás inar féidir; á mholadh, dá bhrí sin, go ndéanfaí cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur chun feidhme trí bheartais phoiblí, reachtaíocht phoiblí agus taighde poiblí, le rannpháirtíocht earnálacha éagsúla(38);
55. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil formhór na mBallstát tar éis laghdú a dhéanamh ar an gcaiteachas ar shláinte phoiblí le blianta beaga anuas; á chur i bhfios go láidir go raibh na ciorruithe airgeadais sin ríthábhachtach maidir le mainneachtain na n-údarás sláinte poiblí COVID-19 a bhrath sna céimeanna níos luaithe, rud a d’fhág nach raibh siad in ann aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim ina dhiaidh sin le huirlisí agus acmhainní iomchuí nuair is gá;
56. á iarraidh ar na Ballstáit níos mó infheistíochta a dhéanamh i gcúram sláinte príomhúil agus i gcomhtháthú gnéithe sochshláinte, lena n-áirítear trí leas iomlán a bhaint as clár EU4Health, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na dúshláin a bhaineann leis an gciste sin, chun acmhainneacht agus solúbthacht a mhéadú i seirbhísí cúraim sláinte phoiblí;
57. á iarraidh go ndéanfaí eagrú seirbhísí cúraim sláinte a bharrfheabhsú chun brú iomarcach ar ospidéil nó ar sheirbhísí éigeandála a chosc, go háirithe le linn géarchéime;
58. ag tathant ar na Ballstáit plean bainistithe géarchéime sláinte poiblí a fhorbairt agus á mholadh go mbainfí úsáid as ionstraimí airgeadais, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) nó an Ciste Comhtháthaithe, agus infheistíocht a dhéanamh i gcur chuige coisctheach i leith na sláinte, an lucht saothair cúraim sláinte agus an oideachais;
59. á mheabhrú a dheacra a bhí sé rochtain a fháil ar thástálacha diagnóiseacha – amhail tástálacha maidir le frithghníomhú slabhrúil polaiméaráise (PCR) – le linn na gcéad ráigeanna den phaindéim, rud a chuir cosc ar fhíorú go raibh an t-ionfhabhtú ann, lenar cuireadh iallach ar dhaoine síneadh a chur le tréimhsí leithlisithe tar éis dóibh teagmháil a dhéanamh le daoine a raibh a dtástáil dearfach nó le daoine a léirigh siomptóim dhearfacha;
60. á iarraidh go ndéanfaí bearta, amhail úsáid teicneolaíochtaí tástála agus scagtha úrscothacha le haghaidh diagnóisiú luath, a mheas, ós rud é go méadódh siad an t-eolas ábhartha in earnálacha éagsúla de chórais cúraim sláinte;
61. á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh líonra Eorpach de shaotharlanna tagartha chun tacú le saotharlanna tagartha náisiúnta, chun dea-chleachtais a chur chun cinn agus chun ailíniú deonach na mBallstát maidir le diagnóisic, modhanna tástála agus faireachas, fógra agus tuairisciú ar ghalair a spreagadh;
62. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle moltaí a mholadh maidir le scéimeanna agus cláir náisiúnta scagtha atá inrochtana do gach othar;
63. á thabhairt chun suntais gur gá níos mó acmhainní a chur ar fáil do ghairmithe cúraim phríomhúil agus á iarraidh ar na Ballstáit na scéimeanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun feidhme mar a cheanglaítear le reachtaíocht ábhartha AE chun a áirithiú go leanfaidh a gcuid scileanna de bheith ábhartha agus go mbeidh siad in ann freagairt go héifeachtach do ghéarchéimeanna sláinte poiblí; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit cúram príomhúil a mhaoiniú go leordhóthanach agus é a chur ar fáil do chách;
64. á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Coimisiún acmhainní comhairle eolaíche go luath, amhail an t-ardán um chomhairle eolaíoch le haghaidh COVID-19, i gcomhar le saineolaithe ó na Ballstáit, a chabhraigh chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas ar bhealach comhordaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhairle eolaíoch ildisciplíneach le haghaidh dea-cheapadh beartas;
65. á mheabhrú go luaitear i Rialachán (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte gur cheart do na Ballstáit nuashonrú a sholáthar don Choimisiún maidir leis an staid is déanaí i ndáil le cosc, ullmhacht agus pleanáil freagartha agus cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit tástálacha struis a dhéanamh go práinneach ar a gcórais cúraim sláinte chun laigí a shainaithint agus chun a fhíorú go bhfuil siad ullamh do ráig eile de COVID-19 i gcás ina dtarlódh a leithéid, chomh maith le haon ghéarchéim sláinte amach anseo;
66. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais leas a bhaint as saineolas eolaíoch i gcásanna géarchéime agus níos faide i gcéin ar bhealach comhordaithe agus ildisciplíneach, trí bhealaí agus struchtúir atá bunaithe nó curtha ar fáil go dlíthiúil, ag brath ar chineál na bagartha a shainaithnítear, nó ar an mbeart atá le hullmhú, agus gur cheart an measúnú comhfhreagrach arna ullmhú ag saineolaithe a fhorbairt trí úsáid a bhaint as próiseas atá go hiomlán trédhearcach agus bunaithe ar phrionsabail na barr feabhais, an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na trédhearcachta;
67. ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go mbeadh aon leasanna airgeadais nó leasanna eile ag saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo sa chomhthéacs sin a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas, agus gur cheart dóibh dearbhú a dhéanamh maidir lena leasanna airgeadais agus leasanna eile, lena nuashonrófar é go bliantúil agus aon uair is gá i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal an Aontais; á mheas gur cheart do shaineolaithe aon fhíorais a nochtadh a dtagann siad ar an eolas fúthu le linn dóibh a bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta sin a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh coinbhleacht leasa i gceist leo nó go n-eascródh coinbhleacht leasa astu;
68. á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar píolótach a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí poiblí a ghiaráil i dtaighde agus forbairt sláinte san Aontas, chun rochtain níos fearr ar tháirgí leighis inacmhainne a áirithiú, agus chun éiceachóras taighde dinimiciúil dea-mhaoinithe a chruthú;
(ii) Ról an Rialacháin maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), agus an an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA)
69. á aithint gur glacadh Rialachán (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, Rialachán (AE) 2022/123 maidir le sainordú leathnaithe EMA, Rialachán (AE) 2022/2370 lena dtreisítear sainordú ECDC(39) agus cruthú HERA mar shamplaí d’ionstraimí tábhachtacha de chuid an Aontais a chuirfidh ar a chumas don Aontais a bheith níos athléimní agus níos éifeachtaí, agus muid ag bogadh i dtreo cur chuige aon sláinte amháin atá níos inbhuanaithe chun aon éigeandáil sláinte amach anseo a chosc, a ullmhú agus a bhainistiú;
70. á iarraidh go mbeadh comhordú níos fearr ann idir EMA, HERA, ECDC agus na húdaráis inniúla náisiúnta, i gcomhar leis an tionscal, chun go bhféadfar an mhonaraíocht a mhéadú le linn éigeandálaí sláinte;
71. á mholadh go ndéanfaí breithniú ar an gcomhordú idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí nó comhlachtaí ábhartha an Aontais, bonneagair thaighde agus EDS, i gcomhréir le rialacháin idirnáisiúnta sláinte; á iarraidh go dtabharfaí cumas feabhsaithe don Aontas chun straitéisí aonchineálacha maidir leis na hábhair sin a chomhordú agus a fhorbairt trí leas iomlán a bhaint as na hinniúlachtaí reatha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus chun féachaint ar athchóirithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar mhaithe leis na saoránaigh;
72. ag aithint chruthú HERA mar chomhlacht a bhfuil géarghá leis chun ullmhacht an Aontais i gcás éigeandálaí sláinte a fheabhsú, trí infhaighteacht frithbheart leighis agus rochtain chomhionann orthu a áirithiú agus trí rannchuidiú le héigeandálaí sláinte a chosc, ullmhú dóibh, iad a bhrath agus freagairt dóibh go mear; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, chun a shainordú a chomhlíonadh agus a chuspóirí a bhaint amach, gur cheart do HERA a bheith ina ghníomhaireacht neamhspleách de chuid AE le cistiú leordhóthanach; á mheas, dá ndéanfaí HERA a uasghrádú chuig gníomhaireacht neamhspleách, go méadódh sé leibhéal na trédhearcachta agus an ghrinnscrúdaithe dhaonlathaigh;
73. á chreidiúint go bhféadfadh HERA cabhrú le rochtain mhear, chomhionann agus inbhuanaithe ar tháirgí leighis a réamh-mheas, a dhreasú agus a fhorbairt le linn géarchéimeanna agus ina ndiaidh; ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn bagairtí sláinte trasteorann freagairt idirnáisiúnta agus gur cheart, dá bhrí sin, na huirlisí dlíthiúla agus airgeadais is gá a bheith ag HERA, mar aon le stiúrthóireachtaí eile de chuid an Choimisiúin, chun aistriú teicneolaíoch a áirithiú, lena n-áirítear chuig táirgeoirí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
74. á chur in iúl gur oth léi go mór úsáid Airteagal 122 CFAE chun HERA a bhunú, agus go ndearnadh Parlaimint na hEorpa a eisiamh ó chruthú na coda tábhachtaí sin d’Aontas Sláinte na hEorpa;
75. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cumhachtaí grinnscrúdaithe ag Parlaimint na hEorpa ar HERA agus gur cheart go mbeadh sé de chumas aici faireachán a dhéanamh ar HERA, lena rannchuideofaí, dá bhrí sin, le cuntasacht agus trédhearcacht; á athdhearbhú gur gá iarraidh ar Parlaimint na hEorpa a bheith mar bhreathnóir ar an mbord géarchéime sláinte atá le bunú faoi Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle;
76. á mheabhrú nach mór don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2024, meastóireacht a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2371 ag HERA maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, chomh maith le measúnú ar an ngá atá le HERA a bhunú mar eintiteas ar leith;
77. á chur i bhfios go bhfuil sí ag tnúth le bunú meabhráin tuisceana i measc na hArd-Stiúrthóireachta um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, HERA agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, agus lena n-athbhreithniú nó lena measúnú, a luaithe a bheidh HERA ina ghníomhaireacht lánfheidhme;
78. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé acmhainneachtaí breise monaraíochta vacsaíní agus cógas a choinneáil ar fáil san Eoraip agus á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh thionscadal FAB AE, líonra d’acmhainneachtaí táirgeachta ‘atá i gcónaí réidh le dul’ le haghaidh monarú vacsaíní agus cógas leighis, ar féidir é a ghníomhachtú i gcás géarchéimeanna sláinte agus ganntanais cógas bunriachtanacha amach anseo, mar fhreagairt ar an ngá atá ann go neartódh an tAontas a ghníomhaíochtaí táirgthe réamhtheachtacha agus iartheachtacha tionsclaíocha maidir le táirgeadh éagsúlaithe vacsaíní agus teicneolaíochta vacsaíní do APInna, cógais, vacsaíní, táirgí leighis agus réitigh theiripeacha eile i ngach céim den phróiseas;
79. á chur i bhfáth gur iarr Parlaimint na hEorpa, ina rún maidir leis an nganntanas cógas leighis(40), ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht gnóthas cógaisíochta neamhbhrabúis Eorpach amháin nó níos mó a chruthú a d’fheidhmeodh ar mhaithe le leas an phobail chun táirgí íocshláinte a mhonarú in éagmais táirgeadh tionsclaíoch atá ann cheana chun cinnteacht an tsoláthair a ráthú agus chun ganntanais cógas leighis a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc i gcás éigeandála;
80. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, ról lárnach a bheith aige sa chomhar idir na gníomhaithe ábhartha uile, maidir le riachtanais leighis a shainaithint agus tosaíochtaí taighde a leagan síos; á chreidiúint go bhfuil na comhpháirtíochtaí sin ríthábhachtach maidir le dlús a chur le freagairtí ar phaindéimí agus ar bhagairtí sláinte, agus acmhainneacht shlán á coinneáil ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur cheart comhpháirtíochtaí leis an earnáil phríobháideach a stiúradh agus a ailíniú le leas an phobail agus gur cheart sochair phoiblí a áirithiú a tacaíocht phoiblí don taighde agus don fhorbairt (T &D);
81. ag tabhairt dá haire go ndearna an t-éileamh práinneach gan fasach ar chógais agus ar fhrithbhearta leighis le linn phaindéim COVID-19 acmhainní EMA agus na n-údarás inniúil náisiúnta a thriail agus gur ghá dul i muinín bearta ad hoc;
82. ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag EMA maidir le bearta a chur chun feidhme chun próisis rialála sholúbtha agus mheara a chumasú, agus sábháilteacht agus éifeachtúlacht vacsaíní agus táirgí leighis á n-áirithiú ag an am céanna, chomh maith lena cuid oibre faireachais cógais, a seachadadh mear ar chomhairle eolaíche, athbhreithniú rollach agus údarú margaíochta coinníollach; á thabhairt chun suntais an acmhainneacht agus an breisluach a cuireadh ar fáil leis an gcur chuige sin le linn na paindéime, lena n-áirítear an t-athbhreithniú rollach;
83. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit féachaint an bhféadfaí cur chuige comhchosúil a chur i bhfeidhm thar chásanna paindéime agus comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar nósanna imeachta rialála, lena n-áirítear amanna formheasa brostaithe agus costais laghdaithe, agus sábháilteacht othar á háirithiú ag an am céanna; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh ar na táirgí leighis sin dul trí údarú margaíochta iomlán ar deireadh chun coimircí sábháilteachta agus éifeachtúlachta a choinneáil;
84. á mholadh go ndéanfaí cinntí EMA maidir le formheas vacsaíní agus táirgí leighis infheidhme go díreach sna Ballstáit, i gcás géarchéime;
85. á mheas gur réamhriachtanas é go mbeadh foireann mhaith ag na gníomhaireachtaí rialála uile chun luas agus solúbthacht a cheadú agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit níos mó infheistíochta a dhéanamh in acmhainní EMA agus i ngníomhaireachtaí náisiúnta leighis chun a n-acmhainneacht a mhéadú;
86. á mholadh, le linn a ghníomhaíochtaí, go ndéanfadh HERA sásraí láidre rannpháirtíochta geallsealbhóirí a chur chun feidhme, cosúil leis na sásraí sin arna mbunú ag EMA, chun a áirithiú go ndéanfaí grinnscrúdú maith ar phleananna teagmhasacha paindéime amach anseo agus go seachnófaí tionchair gan choinne ar dhálaí galar eile nuair is féidir;
87. á iarraidh go mbeadh comhordú Eorpach níos fearr ann maidir le réamhaisnéis agus faireachas eipidéimeolaíoch tráthúil faoi stiúir ECDC, i gcomhar le EMA, HERA agus na Ballstáit, agus go ndéanfaí staidéir ar úsáid cógas atá ann cheana maidir le galair nua, lena bhfeabhsófaí acmhainneacht ullmhachta fhoriomlán an Aontais;
88. ag tabhairt dá haire gur mór aici, faoi shainordú nua EMA, go ndearna a Tascfhórsa Éigeandála gníomhaíochtaí a tascfhórsa maidir le paindéim COVID-19 a ghlacadh ar láimh agus go bhfuil sé anois ina chomhlacht buan de EMA, lena bhfeabhsaítear idirghníomhaíochtaí leis an gCoimisiún, le forbróirí táirgí íocshláinte agus feistí leighis agus le hacadóirí, chomh maith le comhordú le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;
89. ag tabhairt dá haire go bhfuil údarú margaidh coinníollach deonaithe ag an gCoimisiún do vacsaíní le haghaidh COVID-19, tar éis dó moladh EMA a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle le Ballstáit an Aontais, ar an mbonn gur mhó i bhfad tairbhí na vacsaíní ná na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus le coimircí agus rialuithe éigeantacha, dochta iar-fhormheasa; á mheabhrú gur rannchuidigh infhaighteacht mhear ar vacsaíní ar an margadh, arna chomhlánú leis an úsáid a bhaintear as údarú margaíochta coinníollach, le laghdú suntasach ar bhásanna agus ar ospidéaluithe san Aontas, chomh maith le cosaint fhoriomlán ar na héifeachtaí is déine de COVID-19;
90. á chur i bhfios go láidir gur uirlis iomchuí é údarú margaíochta coinníollach chun dlús a chur le húdarú vacsaíní in éigeandáil sláinte poiblí amhail paindéim COVID-19; á mheabhrú gur cheart údarú coinníollach a theorannú ó thaobh ama de agus gur cheart do chuideachtaí iarratas a dhéanamh ar údaruithe rialta;
91. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar EMA agus ar na húdaráis inniúla leas a bhaint as na hiarrachtaí pragmatacha uile a rinneadh le linn ghéarchéim COVID-19, go háirithe maidir le solúbthacht rialála, d’fhonn dul i ngleic go héifeachtach le ganntanas cógas, lena n-áirítear i gcásanna éigeandála; ag tacú le húsáid an nós imeachta sin le haghaidh táirgí íocshláinte a bhfuil mórleas teiripeach ag baint leo le linn géarchéime agus ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí;
92. ag tabhairt dá haire nár bhraith na Ballstáit agus institiúidí an Aontais ar bhonn tráthúil a thromchúisí agus a bhí paindéim COVID-19 a bhí ag teacht chun cinn, agus go raibh an mhoill ar chumarsáid agus an fhreagairt mhall ina siocair le leathadh an ghalair agus lena riocht mar phaindéim;
93. á mheas gur thoradh é sin, inter alia, ar easpa comhroinnt sonraí ag údaráis na Síne, ar easpa comhroinnt sonraí thráthúil ag na Ballstáit agus ar easpa cistiúcháin agus acmhainní leormhaithe le haghaidh faireachas sláinte poiblí, ullmhacht phaindéimeach agus eipidéimeolaíochta;
94. á iarraidh go mbeadh tuilleadh soiléireachta ann maidir le dáileadh na bhfreagrachtaí idir ECDC agus HERA maidir le faireachas paindéime chun inniúlachtaí forluiteacha a sheachaint;
95. ag tacú le sainordú leathnaithe ECDC, ós rud é go soláthraíonn sé níos mó acmhainní agus réimsí inniúlachta breise chun faireachán níos fearr ar ghalair san Aontas a chumasú, chun cosc, ullmhacht agus freagairt na hEorpa a fheabhsú agus chun faireachán a dhéanamh ar thionchar galar teagmhálach ar mhórghalair neamhtheagmhálacha;
(iii) Straitéisí an Aontais maidir le vacsaíní agus teiripe
96. á athdhearbhú gur éirigh go maith le straitéis vacsaínithe an Aontais agus gurb é príomhsprioc agus gnóthú na vacsaíní SARS-CoV-2 atá ann faoi láthair galar, bás agus galracht thromchúiseach a sheachaint; á aithint go bhfuil vacsaíní arna n-údarú ag EMA éifeachtach i ndáil leis sin, mar a léirítear le próiseas vacsaínithe COVID-19; á chur i bhfios go láidir go bhfuil beatha thart ar 250 000 duine sábháilte(41) agus cásanna COVID fadmharthanach seachanta ag vacsaíní tráthúla san Aontas;
97. á mheabhrú a thábhachtaí atá litearthacht sláinte agus oideachas sláinte chun bagairtí sláinte a chosc, chun ullmhú dóibh agus chun freagairt dóibh agus go gcuireann sé le tuiscint níos fearr an phobail ar na frithbhearta le haghaidh bagairtí éagsúla agus measúnú riosca a dhéanamh orthu; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh feachtais oideachais sláinte atá bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí cabhrú le feabhas a chur ar iompar an phobail ina leith sin, agus gur cheart daoine atá eisiata agus riachtanais daoine faoi mhíchumas foghlama a chur san áireamh; á chur i bhfáth gur cheart daoine atá faoi eisiamh agus riachtanais daoine faoi mhíchumas foghlama a chur san áireamh sna hiarrachtaí ar fad chun litearthacht sláinte a mhéadú, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart éagothromaíochtaí maidir le heolas ar theicneolaíochtaí TF, maidir le rochtain orthu agus maidir lena n-úsáid, mar aon le neamhréireachtaí réigiúnacha, náisiúnta, sóisialta agus eacnamaíocha, a chur san áireamh;
98. á mheas go raibh an luas ag ar fhorbair taighdeoirí cosaint éifeachtach vacsaíní gan fasach agus gur léirigh an tAontas ceannaireacht sa fhreagairt dhomhanda ar phaindéim COVID-19;
99. ag cur béim ar an bhfíoras gurb ionann forbairt agus imlonnú punann éagsúil vacsaíní COVID-19 atá comhdhéanta d’il-ardáin chun aghaidh a thabhairt ar athraitheacha éagsúla víreas agus torthaí othar níos fearr agus athrú suntasach ar an bpaindéim, rud a d’fhág gur féidir an rogha is fearr a dhéanamh do gach othar agus muinín an phobail as vacsaíniú a mhéadú, agus gur thacaigh sé leis an ról tábhachtach atá ag taighde agus forbairt vacsaíní arna ndreasú ag fóirdheontais phoiblí;
100. á chur i bhfios go láidir gur toradh í an fhreagairt mhear ar na deicheanna de bhlianta d’infheistíochtaí poiblí i dtaighde ar ghalair thógálacha, amhail VEID agus eitinn, agus ar thorthaí na n-infheistíochtaí sin agus ar an gcumas an táirgeadh a mhéadú; á mholadh go gcuirfí coinníollacha níos fearr le cistiú poiblí don todhchaí, maidir le caighdeáin trédhearcachta maidir le húsáid cistí poiblí, aistrithe feasa gnó agus inacmhainneacht;
101. á chur i bhfáth gur cheart go n-áiritheofaí leis an athbhreithniú ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais go mbeidh an Eoraip ina ceann scríbe tarraingteach i gcónaí le haghaidh infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht agus gur cheart go gcruthófaí timpeallacht ghnó ina n-oibríonn tionscal na cógaisíochta ar mhaithe le leas na n-othar agus na saoránach; á athdhearbhú go gcreideann sí go bhféadfaí feabhas a chur ar an éifeachtúlacht sin cheana féin dá mbeadh an tAontas ag brath níos lú ar tháirgí bunriachtanacha cógaisíochta agus leighis áirithe;
102. ag aithint an róil lárnaigh atá ag tástáil maidir le leathadh an víris a shrianadh; á athdhearbhú gur gá trealamh agus imoibrithe a stoc-charn le haghaidh tástálacha agus maipíní; á chreidiúint go bhfuil sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh i dteicnící nuálacha chun SARS-CoV2 agus víris eile a bhrath;
103. á chur in iúl gur geal léi straitéis an Aontais maidir le teiripí COVID-19; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil teiripeacha comhlántach le vacsaíní agus go dtéann siad go háirithe chun tairbhe do chosaint daoine atá lagaithe maidir le himdhíonacht agus do ghrúpaí eile atá faoi réir éifeachtúlacht vacsaíní níos ísle;
104. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint d’fhaireachán agus de mheasúnú a dhéanamh ar vacsaíní COVID-19 ag EMA agus ag na Ballstáit, lena n-áirítear fo-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann a rianú; ag spreagadh bealaí éasca a chruthú chun fo-éifeachtaí a thuairisciú agus faisnéis maidir le torthaí faireacháin a fhoilsiú go rialta;
105. á chur i bhfáth nach féidir leis an Eoraip dul trí phaindéimí amach anseo ach amháin má sheasann teaghlach na hEorpa le chéile i ndlúthpháirtíocht agus i bhfreagracht, agus go mbaineann sí leas iomlán as a cumais chun an breisluach is gá a chomhordú agus a chur ar fáil do rialtais an Aontais agus dá saoránaigh, trí chomhar níos fearr leis na réigiúin is forimeallaí (ORanna) agus le tíortha agus críocha thar lear (OCTanna) a bhíonn neamhchosanta go minic ar ghalair agus zónóisí sonracha, ar dócha go gcuirfidh a gcuid eolais taighde chun cinn;
106. á chur i bhfáth go bhfuil gá le forléargas cuimsitheach ar fhorbairt COVID-19 in áiteanna éagsúla ar fud an domhain, amhail ORanna, chun na difríochtaí a bhaineann le haeráid thrópaiceach a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr; á aithint a thábhachtaí atá sé machnamh a dhéanamh ar thaithí agus ar eolas ó ORanna ó thaobh galair thógálacha agus zónóise de; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le líonra saineolaithe sna ORanna agus sna OCTanna chun réamhaíocht agus eolas leighis níos fearr a fháil i ngach timpeallacht;
107. á chur i bhfáth go ndearna gaibhniú i ndiaidh a chéile difear níos mó do na réigiúin is forimeallaí, go háirithe mar gheall ar a n-iargúltacht gheografach agus a spleáchas mór ar sheachadadh riachtanas bunúsach; á chur in iúl freisin go raibh tionchar an-diúltach ag dúnadh calafort agus ag teorainneacha ar lasta ar na críocha sin go léir, rud a d’fhág go raibh méadú an-suntasach ar an gcostas maireachtála; á mholadh go dtabharfaí isteach seirbhís íosta amach anseo chun soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais riachtanacha do na críocha sin a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE;
108. á áitiú go bhfuil gá le comhar feabhsaithe le saineolaithe ó na ORanna agus ó OCTanna maidir le bainistiú agus cóireáil galar trópaiceach, amhail dengue, chikungunya agus zika, rud a chruthaíonn damáiste comhthaobhachta de bhreis ar COVID-19;
109. á thabhairt dá haire go bhfuil straitéis vacsaínithe, ní hamháin i gcás COVID-19, fós ina hinniúlacht náisiúnta, agus á iarraidh go mbeadh ról comhordúcháin níos láidre ag an Aontas chun amlíne, raon feidhme agus torthaí riarachán vacsaíní sna Ballstáit uile a chomhchuibhiú; á aithint gur príomhcholún é vacsaíniú de chórais sláinte athléimneacha, de dhea-bhail na sochaí agus de gheilleagar sláintiúil;
110. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar ghalair theagmhálacha mar bhagairt trasteorann ar an tsláinte phoiblí, lena n-éilítear cuspóirí comhchoiteanna agus íoschaighdeáin d’fheachtais vacsaínithe, chun na difríochtaí móra i gcumhdach vacsaínithe idir na Ballstáit agus laistigh díobh a shárú agus chun an drogall i ndáil le vacsaíniú a laghdú;
111. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go n-aistrítear rioscaí airgeadais a bhaineann le dliteanas i leith éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha vacsaíní COVID-19 chuig na Ballstáit agus go bhfuil baol ann go mbeidh sé sin ina chleachtas caighdeánach; ag cur béim ar an bhfíoras, i gcás paindéimí agus vacsaíní a sholáthraítear go poiblí, gur cheart cloí leis na rialacha caighdeánacha maidir le dliteanas i leith cógas; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar HERA a áirithiú go bhfanfaidh dliteanas i leith táirgí ar mhonaróirí;
112. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar sceidil chomhchoiteanna vacsaínithe Eorpacha d’ionfhabhtuithe in-tarchurtha, más gá; ag moladh maoiniú inbhuanaithe do bheartais náisiúnta imdhíonta chun rochtain chothrom ar sheirbhísí vacsaínithe a áirithiú; á aithint gur gá gníomhaíochtaí beartais a fhorbairt chun pobail imdhíonachta a chosaint;
113. á aithint gur ábhar imní é an laghdú ar mhuinín vacsaíní i roinnt mhaith tíortha Eorpacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit AE aghaidh a thabhairt ar dhrogall i leith vacsaíní agus dul i ngleic le mífhaisnéis trí fhaisnéis agus oideachas poiblí a chur chun cinn trí phlean cumarsáide soiléir, trédhearcach, lena ngiaráiltear teicneolaíochtaí digiteacha;
114. á chur in iúl gurb oth léi nár chuir an tAontas feachtas láidir múscailte feasachta maidir leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú in éineacht le cur chun feidhme an fheachtais vacsaínithe; á iarraidh ar an Aontas mífhaisnéis agus cur isteach eachtrach ar straitéis vacsaíní AE a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí;
115. á chur i bhfios go láidir go bhfuil vacsaíní COVID-19 tar éis na milliúin bás(42) agus galar cliniciúil tromchúiseach a chosc; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit a bheith trédhearcach lena gcuid eolais maidir le frithghníomhartha díobhálacha; á chreidiúint go gcothódh trédhearcacht, cothroime agus dlúthpháirtíocht iomlán muinín i vacsaíniú;
(IV) Athléimneacht, inrochtaineacht agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte náisiúnta
116. ag tabhairt dá haire, ag tús na paindéime, nach raibh go leor córas sláinte agus seirbhísí sláinte de chuid na mBallstát ullamh chun déileáil le méid na géarchéime sin; á chur i bhfios go raibh ciorruithe buiséid ar chórais cúraim sláinte phoiblí, go háirithe trealamh, pearsanra agus saoráidí, ar cheann de na príomhchúiseanna nach raibh na Ballstáit ullmhaithe go leormhaith i gcomhair phaindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais gur gá athléimneacht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn i gcórais sláinte náisiúnta trí infheistíocht a dhéanamh sa tsláinte phoiblí;
117. á chur i bhfios go láidir, cé go raibh tionchar na paindéime éagsúil i ngach Ballstát, go raibh constaicí coiteanna rompu, inter alia, maidir le comhordú náisiúnta, comhar le saineolaithe, cistiú taighde, malartuithe sonraí agus comhar agus dlúthpháirtíocht laistigh de na Ballstáit; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go raibh méadú tobann ar an éileamh ar sheirbhísí cúraim sláinte, ganntanais leapacha in aonaid dianchúraim (ICUanna), ganntanas foirne, easpa pleananna ullmhachta, struchtúir rialachais doiléire, stoic straitéiseacha neamhleora de threalamh cosanta pearsanta, pleananna neamhleora um ionfhabhtú a chosc agus a rialú i suíomhanna cúraim sláinte, anacair ghinearálta agus seirbhísí cúraim sláinte iomchuí á soláthar do shaoránaigh agus deacrachtaí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an bpobal i gceist leis na dúshláin choiteanna; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé mar thosaíocht pleananna faireachais, faireacháin agus ullmhachta a bhunú agus a nuashonrú agus struchtúir rialachais shoiléire a chinneadh le haghaidh cásanna éigeandála ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hospidéil agus ionaid cúraim sláinte athléimneacha ar féidir iad a thiontú go tapa agus go héifeachtúil chuig saoráidí chun cabhrú le linn éigeandálaí eipidéimeacha, agus cur isteach ar sheirbhísí cúraim sláinte rialta á seachaint ag an am céanna; á thabhairt chun suntais an ról atá ag an ngéarchéim mhéadaitheach ganntanas lucht saothair sláinte, lena n-áirítear ‘imirce daoine oilte’, sa chomhthéacs sin agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an treocht sin ag baint an bhoinn ó chumas Ballstát áirithe seirbhísí cúraim sláinte poiblí leormhaithe a sholáthar; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
118. á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a rinne cuideachtaí príobháideacha chun an easpa trealamh cosanta pearsanta, trealamh leighis agus alcóil atá riachtanach do tháirgí sláinteachais a áirithiú agus chun dlús a chur lena dtáirgeadh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé liosta tosaíochta a fhorbairt ina sonrófar an trealamh agus na soláthairtí riachtanacha atá le stóráil, a thábhachtaí atá sé cúram leordhóthanach othar a áirithiú agus rioscaí ionfhabhtaithe do phearsanra cúraim sláinte a íoslaghdú;
119. á thabhairt chun suntais an ról luachmhar atá ag cógaslanna pobail agus ag aithint obair urghnách agus iarrachtaí urghnácha cógaiseoirí le linn chéad mhíonna na paindéime, ós rud é go raibh siad ar na línte tosaigh chun tacaíocht a chur ar fáil do shaoránaigh i ndálaí an-deacair agus, go minic, gan rochtain ar threalamh cosanta; á iarraidh go dtabharfaí níos mó aitheantais do chógaslanna i gceantair thuaithe mar sheirbhísí bunriachtanacha, ós rud é go gcuireann siad ar chumas na limistéar sin a bpobail a choinneáil agus infhaighteacht cógas a áirithiú; á mholadh go bhféadfadh cógaiseoirí ról níos gníomhaí a imirt i bhfaireachas eipidéimeolaíochta chun rannchuidiú le faireachán a dhéanamh ar theacht chun cinn galar teagmhálach (CDanna) agus galar neamhtheagmhálach (NCDanna); ag tathant ar an gCoimisiún earnáil na cógaslainne a áireamh i dtionscnaimh sláinte poiblí AE, agus ar na Ballstáit iad a áireamh ina gcláir sláinte, cúraim agus taighde, mar gur léir gur earnáil lárnach í agus aghaidh á tabhairt ar an bpaindéim, toisc gur thairg sé tástáil othar, vacsaíniú agus comhairle céadtheagmhála;
(v) Éifeachtacht sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt, sláinte dhigiteach a fhorbairt agus córais sláinte a dhigitiú (lena n-áirítear trédhearcacht sonraí cliniciúla), Spás Sonraí Sláinte an Aontais
120. ag tabhairt dá haire nach raibh seirbhísí faireachais oiriúnach don fheidhm agus gur nochtadh dóibh gur gá córais thiomnaithe a bhunú do phataigin nua SARS-CoV-2; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, sainordú leathnaithe ECDC, ar cheart dó faireachán ar ghalair in AE a fheabhsú;
121. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, ós rud é nach raibh sásra éifeachtach ag an Aontas chun sonraí a bhailiú agus a mhalartú, chomh maith le tuairisciú eipidéimeolaíoch, le linn na paindéime; ag tabhairt dá haire go bhfuil SARS-CoV-2 fós ina bhagairt shuntasach don tsláinte phoiblí agus á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le faireachas leanúnach agus bailiú agus malartuithe sonraí, lena n-áirítear trí chórais rabhaidh a bhunú do phaindéimí atá ar na bacáin i mBallstáit AE;
122. á chreidiúint gur gá don Aontas tuilleadh simplithe rialála a dhéanamh i gcás inarb iomchuí, comhordú agus dlús a chur le trialacha cliniciúla ar leibhéal an Aontais agus digitiú na gcóras sláinte, agus clásail sábháilteachta agus éifeachtúlachta á n-urramú go hiomlán, agus i gcomhréir le leas an phobail agus le torthaí;
123. ag cur béim ar a phráinní atá sé dlús a chur le digitiú na gcóras cúraim sláinte san Aontas agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile sa phróiseas a áirithiú, go háirithe rannpháirtíocht na n-othar agus na ngairmithe cúraim sláinte; á aithint nach mór don chlaochlú digiteach sin a léiriú sa chleachtas cliniciúil agus nach mór samhail cur chun feidhme ón mbun aníos a áireamh ann, le rannpháirtíocht na ngairmithe cúraim sláinte ar fud an Aontais;
124. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sonraí staidrimh i dtaighde leighis, agus béim ar leith á leagan ar an ngá atá le sonraí imdhealaithe de réir inscne, le córais faisnéise idir-inoibritheacha agus le comhlíonadh an chreata Eorpaigh um chosaint sonraí; ag aithint go bhfuil acmhainneacht ag sonraí ó thrialacha cliniciúla a chomhroinnt chun córais sláinte poiblí agus cúraim sláinte a athrú ó bhonn, fad a dhéantar príobháideachas a choimirciú, agus cearta saoránach agus gairmithe cúraim sláinte a chosaint; ag thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá córais faisnéise idir-inoibritheacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil an Spás Eorpach um Shonraí Sláinte mar phríomhthionscnamh sa réimse sin;
125. á iarraidh go mbeadh comhar ann maidir le bonneagar a fhorbairt le haghaidh trialacha cliniciúla ilionaid agus comhordú feabhsaithe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear torthaí a thuairisciú agus sonraí a chur ar fáil do chomhthaighdeoirí, i gcomhréir le reachtaíocht AE; ag meabhrú Rún 72.8 ón gComhthionól Domhanda Sláinte(43), ina n-iarrtar go ndéanfaí scaipeadh feabhsaithe ar chostais ó thrialacha cliniciúla agus rochtain níos fearr ar na costais sin; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, an ról tábhachtach atá ag trialacha cliniciúla comparáideacha maidir le torthaí sláinte a bharrfheabhsú trí chomparáid a dhéanamh idir idirghabhálacha formheasta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar EMA céimeanna a ghlacadh ina leith sin araon;
126. ag tacú leis an rún atá ag an gCoimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an reachtaíocht chógaisíochta, an fhaisnéis leictreonach faoi tháirgí (Epi) a fhorbairt tuilleadh agus próisis rialála dhigitithe agus éifeachtúla a chur chun cinn i gcás inarb iomchuí, mar cheann de na huirlisí chun ganntanais cógas leighis a mhaolú i gcás ina dtarlaíonn siad, agus ag an am céanna a áirithiú go mbeidh bileog faisnéise pháipéir ar fáil do gach táirge; ag tathant ar an gCoimisiún oibriú le EMA agus le líonra rialála AE, lena n-áirítear an tionscal agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, chun úsáid ePI do na cógais uile san Aontas a fhorbairt agus a chur chun feidhme i dteangacha uile na mBallstát ina gcuirtear na cógais sin ar an margadh;
127. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé córais náisiúnta cúraim sláinte a ullmhú le haghaidh úsáid fhéideartha na hintleachta saorga (IS) agus na teicneolaíochta faisnéise a chuirtear ar fáil sa réimse sin; ag tacú, más gá, le creataí rialála agus reachtaíochta an Aontais atá ann cheana, lena n-áirírtear reachtaíocht bhog a oiriúnú, chun go mbeidh córais cúraim sláinte náisiúnta agus pobal na heolaíochta in ann leas a bhaint as an intleacht shaorga (IS) i réimsí an chleachtais chliniciúil, na cóireála, an taighde bithleighis, na sláinte poiblí agus an riaracháin sláinte, agus sábháilteacht agus cóireáil chuí othar a fhaigheann cúram sláinte trí mheán IS á áirithiú ag an am céanna agus é á chinntiú go ndéantar creat cosanta sonraí an Aontais, cearta bunúsacha an othair agus dlithe neamh-idirdhealaithe a urramú;
128. ag tabhairt dá haire gur thug eagraíochtaí cúraim sláinte aghaidh ar níos mó bagairtí cibearshlándála le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí agus gníomhaireachtaí AE bearta a thabhairt isteach lena gcuirfear feabhas ar shlándáil líonraí digiteacha chun institiúidí sláinte agus othair a chosaint ar chibear-ionsaithe agus chun cosaint sonraí sláinte agus cumas na n-institiúidí oibriú i gcónaí mar is gnáth a áirithiú, go háirithe le linn éigeandálaí sláinte poiblí, agus creat cosanta sonraí AE á urramú ag an am céanna;
129. á athdhearbhú gur gá feabhas a chur ar shlándáil an bhonneagair chriticiúil, amhail eangacha cumhachta agus córais airgeadais, agus a bhfeidhmiú a ráthú, fad a dhéantar iad a chosaint i gcoinne aon chás éigeandála, amhail cibirionsaithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta chun feasacht ar rioscaí cibearshlándála a mhéadú agus chun oiliúint a chur ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí maidir le conas iad féin a chosaint, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag na cibirionsaithe sin ar othair agus ar sheirbhísí oispidéil agus ar chórais ospidéil freisin;
(vi) teanndáileog a thabhairt do lucht saothair cúraim sláinte agus sóisialta san Aontas chun bheith ullamh don chéad ghéarchéim eile
130. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár tugadh tús áite d’infheistíocht i gcúram sláinte poiblí sna Ballstáit uile, rud a fhágann go mbeidh ganntanais foirne, iarmhairtí foriomlána diúltacha sa réimse sin agus leibhéil ísle athléimneachta dá bharr i gcórais sláinte i bhfianaise éigeandálaí nua a d’fhéadfadh a bheith ann agus an trasdul déimeagrafach;
131. á iarraidh ar AE ról níos láidre a ghlacadh maidir le córais sláinte poiblí na mBallstát a threorú, a chomhordú agus a stiúradh; ag tabhairt dá haire gur féidir leis an úsáid a bhaineann pearsanra cúraim sláinte as teicneolaíochtaí leighis nua borradh a chur faoin éifeachtúlacht; á iarraidh go dtabharfaí aird ar an nganntanas gairmithe leighis agus á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí i seirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear pearsanra, chun deireadh a chur le húsáid chórasach na gconarthaí gearrthéarmacha, chun scileanna gairmithe cúraim sláinte a fheabhsú agus chun tacú leis na Ballstáit feabhas a chur ar dhálaí oibre, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta agus i réigiúin thearcfhorbartha; á iarraidh ar na Ballstáit, chun na críche sin, leas iomlán a bhaint as creat reachtach agus cistiú AE atá ann cheana chun soghluaisteacht gairmithe cúraim sláinte san Aontas a chur chun cinn, le linn a ngairmeacha oideachais agus gairmiúla araon, lena n-áirítear trí Erasmus +;
132. ag spreagadh infheistíochtaí i bpearsanra sláinte agus cúraim, trí rochtain ar oideachas agus ar oiliúint a éascú, trí thacú leis na Ballstáit dálaí oibre oibrithe cúraim sláinte a fheabhsú agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn sa réimse oibre sin chun an chéad ghlúin eile d’oibrithe sláinte agus cúraim shóisialta a mhealladh agus aghaidh a thabhairt ar an nganntanas gairmithe leighis agus cúraim sláinte, chomh maith le himirce daoine oilte laistigh den Aontas;
133. á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí leormhaithe chun feabhas a chur ar líon na bpearsanra leighis agus ar a scileanna, ar an méid trealaimh leighis agus ar líon na n-ospidéal, agus ar theicneolaíochtaí nuálacha sláinte a d’fhéadfadh cur leis an bhfeabhsú sin; á chur i bhfáth gur gá modúil éigeantacha atá tiomnaithe do bhainistiú géarchéime ar an leibhéal Eorpach a áireamh i gcláir oiliúna gairmithe;
134. á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit, mar chuid den Seimeastar Eorpach, na hinfheistíochtaí atá déanta acu ina luchtanna saothair sláinte agus ina gcórais cúraim sláinte phoiblí a thuairisciú faoi thionscadail atá nasctha le beartais sláinte AE agus arna gcistiú ag AE; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart do na Ballstáit tuairisciú go rialta ar thionchair a n-infheistíochtaí ar infhaighteacht agus inrochtaineacht seirbhísí sláinte agus cúraim do chách, agus ar shoghluaisteacht oibrithe cúraim sláinte, chun straitéisí coinneála d’oibrithe cúraim sláinte san Eoraip a fhorbairt ar bhealach níos fearr;
135. á iarraidh go ndéanfaí staidéar ar leibhéal AE maidir leis an bpá, na coinníollacha agus na tosca ina mbíonn míchothromaíochtaí inscne d’oibrithe sláinte ar fud na hEorpa mar thoradh orthu chun bonn eolais a chur faoi mholtaí maidir leis an ábhar sin;
136. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé faireachán agus rianú a dhéanamh ar infhaighteacht lucht saothair sláinte san Eoraip ar leibhéal an Aontais agus ag moladh go ndéanfaí fiosrú ar dheiseanna chun athdháileadh trasteorann an lucht saothair a éascú agus a eagrú ar bhealach níos fearr i gcúinsí atá ábhartha go sonrach (e.g. limistéir teorann), amhail trí ionstraimí maidir le haitheantas gairmiúil frithpháirteach a ghiaráil; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag lianna, altraí agus gairmithe cúraim sláinte eile maidir le cóireáil a chur ar fáil agus á iarraidh go dtabharfaí aitheantas níos leithne dá dtaithí agus dá n-eolas;
137. á chur i bhfáth gur fhulaing go leor oibrithe cúraim sláinte agus cúraim shóisialta de dheasca COVID-19 agus COVID fadmharthanach agus, mar thoradh air sin, go raibh deacrachtaí acu filleadh go hiomlán ar an obair; ag aithint an anró agus an ualaigh a chuirtear ar ghairmithe leighis le linn na paindéime agus gur gá an cúnamh síceolaíoch agus gairmiúil is gá a thabhairt dóibh; á áitiú nach mór do na Ballstáit bearta láidre comhordaithe a dhéanamh chun sábháilteacht agus sláinte cheirde (idir fhisiceach agus mheabhrach) a chosaint, go háirithe le linn agus tar éis na géarchéime sláinte; ag aithint thionchar síceasóisialta na paindéime COVID-19 ar ghairmithe cúraim sláinte;
138. á chur i bhfios go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas maidir le hinfhaighteacht gairmithe cúraim sláinte i mBallstáit áirithe, go háirithe iad siúd a bhfuil leibhéil níos ísle maidir le OTI acu agus, dá bhrí sin, leibhéil níos ísle maidir le tarraingteacht; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo;
139. á athdhearbhú gur gá do AE ról níos láidre a ghlacadh maidir le feabhsú na sláinte poiblí a threorú agus a dhíriú, ós rud é gur cheart do na Ballstáit uile an tsláinte phoiblí agus cúram sóisialta a mheas mar thosaíocht d’infheistíochtaí seachas costas ar cheart é a íoslaghdú; ag cur béim ar an bhfíoras gur infheistíocht straitéiseach agus oibleagáid mhorálta dár sochaithe agus dár ngeilleagair í sláinte an phobail a fheabhsú agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar AE agus ar na Ballstáit ról bunriachtanach an chúraim sláinte phoiblí a aithint;
140. á thabhairt chun suntais gur gá oibrithe cúraim sláinte a uas-sciliú agus a athsciliú le linn dá saol gairmiúil, mar a fhoráiltear dóibh i reachtaíocht ábhartha an Aontais, chun a bheith níos ullmhaithe do chásanna éigeandála agus géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha AE gníomhaíochtaí oiliúna spriocdhírithe a eagrú d’oibrithe cúraim sláinte i ndlúthchomhar le heagraíochtaí sláinte gairmiúla agus le heagraíochtaí othar, lena n-áirítear maidir le hoiliúint idirdhisciplíneach Aon Sláinte Amháin; ag cur béim ar a thábhachtaí atá oiliúint chomhpháirteach trasteorann, comhroinnt dea-chleachtas agus taithí leis na córais sláinte poiblí chomharsanachta i réigiúin trasteorann;
141. á iarraidh go mbeadh comhar réigiúnach ann leis na Ballstáit chomharsanachta chun an easpa pearsanra leighis a shárú i gcás géarchéim mhór; á mholadh go ndéanfaí faireachán ar infhaighteacht lucht saothair sláinte ar fud na hEorpa ar leibhéal AE;
142. ag aithint an róil bhunúsaigh atá ag pearsanra na cosanta sibhialta, ag comhraiceoirí dóiteáin agus ag fórsaí forfheidhmithe dlí le linn gach céime den phaindéim, lena gcuirtear tacaíocht leighis, cúnamh scagthástála, cabhair lóistíochta, tacaíocht don straitéis vacsaínithe agus sábháilteacht ar fáil le linn na dtréimhsí coinneála;
143. á chur i bhfios go láidir gur tosca iad pá agus dálaí oibre gairmithe cúraim sláinte a chuireann faoi láthair le ganntanais foirne san Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit Treoir (AE) 2022/2041(44) a chur chun feidhme, ina n-iarrtar go ndréachtófaí pleananna náisiúnta maidir le cumhdach cómhargála a fheabhsú in earnáil na sláinte agus an chúraim shóisialta;
(VII) ról an chúraim phríomhúil i gcórais agus i seirbhísí sláinte athléimneacha a thógáil
144. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cúram príomhúil agus ‘cúnamh ar leibhéal na gaire’ chun córais sláinte athléimneacha a thógáil lena n-éascaítear leanúnachas na seirbhísí le linn éigeandálaí agus lena rannchuidítear le plódú ospidéil agus cliseadh a sheachaint trí sholáthar seirbhísí áitiúla bunriachtanacha a chothú; á thabhairt chun suntais an ról ríthábhachtach atá ag cúram príomhúil agus ag cúram críochach maidir le faireachán agus faireachas a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha agus ar bhagairtí sláinte trasteorann, lena n-áirithítear go mbeidh seirbhísí ar fáil do chách, lena n-áirítear i gceantair iargúlta agus thuaithe, agus gur féidir leo siúd is mó a bhfuil gá acu leis an gcúram pobalbhunaithe níos fearr a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart acmhainneacht luathbhraite a mhéadú, arna éascú trí infheistíochtaí sonracha, a bheith ag gabháil le feabhas a chur ar chúram príomhúil;
145. á chur in iúl gur geal léi an straitéis Eorpach um chúram, lena gcuirtear béim ar ról an chúraim shóisialta agus lena n-iarrtar cur chuige níos comhtháite idir na hearnálacha cúraim shóisialta agus sláinte;
146. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar ról an chúraim phríomhúil, ag díriú ar a acmhainneacht chun baint a bheith aige le hothair ar bhonn laethúil, chun cosc a fheabhsú agus acmhainneacht phobail níos mó a chur chun cinn chun freagairt do bhagairtí sláinte, i ndlúthchomhar le córais cúraim sláinte;
147. ag cur béim ar a thábhachtaí atá cúram príomhúil maidir le vacsaíní COVID-19 a sholáthar ar bhonn leanúnach agus maidir le rochtain ar ghnáthvacsaíniú a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí an cúram príomhúil a atreisiú go práinneach leis na hacmhainní daonna agus teicneolaíocha is gá, ionas gur féidir leis éascú a dhéanamh ar an eipidéimeolaíocht agus ar an obair faireachais a bhaineann le COVID-19; ag spreagadh úsáid modhanna nuálacha, amhail teilileigheas i seirbhísí cúraim sláinte, chun cur le cúram príomhúil agus chun rochtain ar chúram agus ar chóireáil a éascú; ag tacú le córas cúraim sláinte príomhúil a thógáil ar féidir leis dul i dteagmháil le speisialtóirí agus othair a threorú trína dtástálacha diagnóiseacha;
148. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil clúdach sláinte uilíoch bunriachtanach chun a áirithiú go bhfaighidh gach duine cúram sláinte tráthúil, éifeachtach agus inacmhainne, lena n-áirítear na pobail is leochailí agus na pobail imeallaithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart pleananna uilíocha maidir le rochtain ar an tsláinte phoiblí a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach cuimsitheach, ina mbeidh rannpháirtíocht iomlán na sochaí sibhialta, na n-othar, na n-oibrithe sláinte, na bhfostóirí agus na gcomhpháirtithe sóisialta; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil éifeachtacht na gcóras sláinte ag brath ar pháirteachas agus rannpháirteachas an phobail, agus ar dhlisteanacht a mheastar a bheith ann;
149. á mheabhrú nach mór do chórais sláinte poiblí a bheith saor ó bhacainní airgeadais agus neamhairgeadais agus ó thosca eile a mbíonn neamhionannas agus idirdhealú mar thoradh orthu; á iarraidh go n-áiritheofaí rochtain bhuan ar chomhairliúcháin leighis, ar sheirbhísí altranais agus síceolaíocha, le teilileigheas agus le teil-chúnamh nó i spásanna sábháilte eipidéimeolaíochta in ospidéil;
150. á mholadh go ndéanfaí tuilleadh comhordaithe idir cláir oibre sláinte agus dhigiteacha AE chun cumarsáid agus idirnaisc níos fearr a chruthú idir cúram príomhúil agus cúram tánaisteach; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhordú agus prótacail theagmhasacha i measc cúram príomhúil, seirbhísí sóisialta ginearálta agus seirbhísí speisialaithe, amhail tithe altranais do dhaoine scothaosta; ag moladh seirbhísí meabhairshláinte pobail a fhorbairt i gcúram príomhúil;
151. á chur i bhfios go láidir, go bhfuil clúdach sláinte uilíoch bunriachtanach chun freagairt thráthúil, éifeachtach, inacmhainne agus leormhaith a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais sláinte acu, lena n-áirítear na pobail is leochailí agus na pobail imeallaithe; á thabhairt chun suntais gur gá, le linn éigeandálaí sláinte, seirbhísí tosaíochta agus sásraí seachadta a oiriúnú, go háirithe gníomhaíochtaí for-rochtana agus scagthástálacha ina n-úsáidtear cumais tástála saotharlainne agus diagnóiseacha;
152. á thabhairt chun suntais na héagsúlachtaí i gcórais agus seirbhísí cúraim sláinte agus i rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte i measc na mBallstát agus i measc réigiún laistigh de na Ballstáit, go háirithe i gceantair iargúlta agus thuaithe, sna réigiúin is forimeallaí, in oileáin fhorimeallacha, i dtíortha agus i gcríocha thar lear agus fiú i gceantair uirbeacha áirithe; ag cur sonrú sna dúshláin maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte sna limistéir sin, rud a d’fhág gur tháinig ‘fásaigh leighis’ chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún íoschaighdeáin a mholadh do sheirbhísí agus do chearta cúraim sláinte ar fud na hEorpa agus á mholadh go n-úsáidfí an beartas comhtháthaithe chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí sin agus chun cistí AE a fhorlíonadh chun neamhréireachtaí a laghdú;
153. á thabhairt dá haire go raibh éagsúlacht idir tacaíocht eacnamaíoch, freagairtí an rialtais agus innéacsanna déine ag brath ar thacaíocht ioncaim, bearta fioscacha agus bearta srianta gach Ballstáit; á thabhairt chun suntais go raibh tionchair shocheacnamaíocha éagsúla paindéime mar thoradh ar dhéimeagrafaic agus ar shainiúlachtaí cultúrtha éagsúla, chomh maith leis an turasóireacht mar earnáil ghnó ghníomhach i dtíortha an deiscirt, in oileáin, i stáit oileánacha agus i réigiúin is forimeallaí eile;
154. á thabhairt dá haire gur léiríodh leis na ceachtanna a foghlaimíodh go raibh infheistíochtaí neamhleora ann ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát i gcórais faireachais eipidéimeolaíochta chuimsitheacha chomhtháite agus i mbainistiú sonraí bailíochtaithe, inchomparáide agus idir-inoibritheacha, as ar eascair drochphleanáil agus droch-ullmhacht;
155. á chur in iúl gurb oth léi nár thug na húdaráis phoiblí agus na hinstitiúidí príobháideacha a raibh baint acu leis an gclár oibre taighde tús áite d’infheistíochtaí T&F i bpataiginí a mheastar a bheith contúirteach don tsláinte phoiblí; á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin an choróinvíris a bheith aitheanta cheana féin mar phataiginí a d’fhéadfadh a bheith ina bpaindéimí roimh phaindéim COVID-19, go raibh iarrachtaí T&F teoranta go páirteach mar gheall ar easpa leasa tráchtála; á aithint, áfach, gur éascaíodh forbairt vacsaíní le hinfheistíochtaí a rinneadh roimhe seo in T&F;
156. á thabhairt chun suntais go bhfuil spleáchas agus tábhacht mhór ag baint le cistiú poiblí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit chun frithbhearta agus vacsaíní leighis COVID-19 a fhorbairt, rud a bhí ríthábhachtach chun torthaí a bhaint amach i dtréimhse ghearr ama; á mheabhrú gur gá urraim a thabhairt do choinníollachtaí maidir le rialachas, trédhearcacht, infhaighteacht agus rochtain chomhionann nuair a bhíonn cistí poiblí i gceist;
157. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag cistiú poiblí i bhforbairt agus i dtáirgeadh vacsaíní COVID-19 agus go bhfuil gá le clásail lena n-áirithítear infhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí deiridh;
(viii) Ganntanais cógas leighis criticiúil agus feistí cosanta a chosc: faireachán a dhéanamh ar acmhainní monaraíochta thionscal sláinte an Aontais
158. á mheas gur leag COVID-19 béim ar fheiniméan reatha na nganntanas leighis in AE, lena n-áirítear éagsúlacht mhór táirgí, atá tar éis éirí níos minice le deich mbliana anuas; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ganntanais a bheith ann freisin mar gheall ar fhadhbanna monaraíochta, saincheisteanna cáilíochta, méadú gan choinne ar éileamh, allmhairí/onnmhairí comhthreomhara agus a thuilleadh nach iad; ag tabhairt dá haire go ndéantar réimse mór táirgí a áireamh sna drugaí atá thíos leis na ganntanais sin (lena n-áirítear drugaí fríth-ailse, antaibheathaigh, vacsaíní, ainéistéitic agus drugaí do hipirtheannas, galar croí agus neamhoird an chórais néaróg), agus go bhfuil cúiseanna éagsúla leis na ganntanais sin;
159. ag cur béim ar an bhfíoras gur gá don Aontas gaireacht chúlchistí RescEU a ráthú chun rochtain ar fhrithbhearta leighis a áirithiú do na réigiúin thuaithe, do na réigiúin iargúlta agus do na réigiúin is forimeallaí; á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos fearr chun stoc-charnadh tráthúil agus soláthar comhpháirteach frithbheart leighis i gcásanna éigeandála trasteorann tromchúiseacha a chumasú i gcomhréir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, le stoc-charn rescEU agus le moltaí EDS;
160. á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chomhordú chun cleachtais róstocála laistigh de na Ballstáit a sheachaint agus go mbunófaí cúlchiste éigeandála Eorpach de chógais bhunriachtanacha leighis atá baol mór ganntanais ann; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag gníomhaíochtaí náisiúnta neamhchomhordaithe ar sholáthar cógais ó gach cearn den Aontas;
161. á chur in iúl gurb oth léi na ganntanais mharthanacha cógas agus trealaimh agus feistí leighis agus á mholadh don Choimisiún staidéar uile-Aontais a dhéanamh ar na cúiseanna atá le ganntanais drugaí, agus béim ar leith á leagan ar na fadhbanna a eascraíonn as ganntanais drugaí cineálacha; á mheas gur mar gheall ar shaincheisteanna stoc-charntha agus dáileacháin agus easpa soláthraithe éagsúlaithe ab ea ganntanais i dtionscail cúraim sláinte le linn na paindéime, in éineacht le toirmisc ar onnmhairiú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá réamhaisnéis éilimh agus luathchumarsáid le monaróirí vacsaíní agus cógas chun ganntanais a chosc, chomh maith leis an ngá atá le luathchumarsáid maidir le roghnú tréithchineálacha;
162. á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de bhunaíochtaí chógaisíochta neamhbhrabúsacha an Aontais a chruthú a bhíonn ag oibriú chun leas an phobail chun táirgí íocshláinte a mhonarú a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo le haghaidh cúram sláinte, in éagmais táirgeadh tionsclaíoch atá ann cheana, chun slándáil an tsoláthair a chomhlánú agus a ráthú agus chun aon ghanntanais cógas a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás éigeandála a chosc; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear bearta láidre chun ganntanais cógas leighis a chosc i reachtaíocht chógaisíochta AE;
163. á thabhairt chun suntais an togra ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa maidir le liosta de threalamh agus feistí leighis a bhfuil mórleas teiripeach ag baint leo a bhunú agus cúlchiste straitéiseach soláthairtí leighis, drugaí, vacsaíní agus feistí teiripe riospráide a choinneáil;
164. ag moladh reachtaíocht nua AE maidir le trealamh leighis, cóireálacha leighis agus cógais leighis chun idirthréimhsí iomchuí a chur ar fáil agus chun an soláthar is gá a ráthú chun freastal ar an éileamh, go háirithe le linn géarchéimeanna;
165. á chur i bhfios go láidir gur gá faireachas riosca Eorpach a bhunú le haghaidh ganntanais agus trédhearcacht mhéadaithe do stoic chógais leighis chun ganntanais a thuar ar bhealach níos fearr;
166. á chreidiúint go bhfuil gá le gealltanais fhadtéarmacha agus infheistíochtaí inbhuanaithe chun ullmhú do phaindéimí agus freagairtí ar phaindéimí agus bagairtí tromchúiseacha eile ar an tsláinte, lena n-áirítear forbairt leanúnach ar chúltaiscí frithbheart leighis, chun saoránaigh a chosaint agus ag spreagadh comhoibriú méadaithe le monaróirí Eorpacha amach anseo;
(ix) Uathriail straitéiseach oscailte sláinte an Aontais: infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta a neartú
167. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a spleáchas ar chomhpháirtithe trádála tríú tír le haghaidh comhábhair ghníomhacha cógaisíochta agus príomhchógas leighis a laghdú agus gníomhú go cinntitheach chun ganntanais drugaí a chosc, aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí táirgthe agus slabhra soláthair maidir le táirgí leighis agus comhábhair ghníomhacha cógaisíochta a aimsiú agus úsáid fheabhsaithe a bhaint as soláthar comhpháirteach;
168. spreagann sí comhroinnt sonraí níos fearr maidir le réamhaisnéisí soláthair agus éilimh idir geallsealbhóirí ábhartha, réamh-mheastacháin níos luaithe ar ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear tuairisciú caighdeánaithe rialta ón tionscal, agus trédhearcacht níos fearr sa slabhra táirgthe agus dáileacháin; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an phraghsáil náisiúnta bunaithe ar thosca atá go hiomlán trédhearcach amhail na fíorchostais a bhaineann le T&F poiblí agus príobháideach agus breisluach teiripeach; ag tathant go nglacfaí cur chuige tionsclaíoch comhordaithe chun neamhspleáchas straitéiseach AE maidir leis an tsláinte a neartú;
169. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bonneagar T&F ar mhórscála, miseandírithe do shláinte poiblí an Aontais a bhíonn ag oibriú chun leas an phobail chun táirgí íocshláinte a mhonarú a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo le haghaidh cúram sláinte, in éagmais táirgeadh tionsclaíoch atá ann cheana, chun tacú leis an Aontas maidir le cliseadh margaidh a shárú, chun slándáil an tsoláthair a ráthú agus ganntanais cógas a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, agus go rannchuidíonn siad le hullmhacht níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte nua agus cásanna éigeandála;
170. á thabhairt chun suntais go raibh ról lárnach ag cistiú poiblí i bhforbairt agus i dtáirgeadh vacsaíní COVID-19, agus gur de chineál poiblí iad formhór na gcistí T&F; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfí cistiú poiblí le haghaidh T&F bithleighis torthaí leordhóthanacha ar mhaithe le leas an phobail ar fáil agus go ráthófaí infhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí deiridh sna Ballstáit uile; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé sásraí cistiúcháin éigeandála a leathnú chuig FBManna cógaisíochta agus rómhaorlathas a laghdú d’aireagóirí táirgí leighis, amhail feistí leighis, chun T&F agus táirgeadh na dtáirgí tarrthála a choinneáil san Eoraip;
(b) Rochtain ar fhrithbhearta leighis
(i) táirgeadh, stóráil agus dáileadh vacsaíní, lena n-áirítear athléimneacht an tslabhra soláthair, uathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus infhaighteacht táirgí cógaisíochta agus leighis criticiúla
171. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach dlús a chur le taighde agus forbairt freagairtí ar phataiginí a bhfuil acmhainneacht eipidéime agus paindéime acu agus acmhainneachtaí seicheamhaithe a mhéadú roimh eipidéimí agus paindéimí; ag aithint an eolais tosaigh theoranta faoi SARS-CoV-2 agus a sheicheamh géiniteach, a shaintréithe agus a iompraíocht eipidéimeolaíoch, amhail a mhodhanna ionfhabhtaithe agus tarchurtha agus a rátaí ionfhabhtaithe, tarchurtha agus sócháin, a éilíonn taighde roimh fhorbairt vacsaíní, a raibh tionchar ar acmhainneacht táirgthe an tionscail vacsaíní a fhorbairt agus a imscaradh;
172. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé FBManna a chumasú maidir le tairbhe a bhaint as socruithe cistiúcháin éigeandála chun táirgí leighis nuálacha a chur ar fáil, chomh maith leis an ngá atá ann FBManna a áireamh i mbearta lena dtacaítear le méadú taighde agus monaraíochta, agus an t-ualach riaracháin á chur san áireamh ag an am céanna;
173. á thabhairt dá haire gur éascaigh tíortha ardioncaim an margadh vacsaíní ag tús na paindéime, agus go ndearna siad formhór na saoráidí monaraíochta móra a óstáil, agus gur chuir mórchorparáidí cógaisíochta feabhas ar tháirgeadh agus soláthar domhanda uirlisí leighis tarrthála trí úinéireacht maoine intleachtúla (IP), teicneolaíochtaí agus sonraí;
174. á thabhairt dá haire gur chuir an phaindéim brú ar shlabhraí soláthair domhanda, lena n-áirítear an earnáil chógaisíochta, as a n-eascraíonn suaitheadh agus dothuarthacht i soláthar vacsaíní, i soláthairtí leighis, i dtrealamh leighis agus i bhfrithbheart eile;
175. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé beartais AE agus náisiúnta a thabhairt isteach lena ndírítear ar shlabhraí soláthair domhanda a neartú chun tacú le táirgeadh agus saorshreabhadh frithbheart leighis, lena n-áirítear vacsaíní, agus chun deireadh a chur le srianta ar onnmhairiú laistigh den mhargadh aonair;
176. á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag ECDC maidir le sonraí faireachais agus faireacháin ar leibhéal AE a chomhiomlánú agus maidir le réamhaisnéis a éascú maidir leis an éileamh a bheidh ann amach anseo ar vacsaíní agus ar theiripí i gcoinne galair thógálacha; á thabhairt chun suntais a úsáidí atá rianaire vacsaíne do COVID-19 a d’fhorbair ECDC agus á iarraidh go leathnófaí an coincheap sin chuig feachtais vacsaínithe eile, amhail feachtas vacsaíne HPV;
177. á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar leochaileachtaí sa slabhra luacha domhanda agus á iarraidh go bhforbrófaí pleananna chun ganntanas a chosc agus a bhainistiú sna Ballstáit uile; á iarraidh go gcuirfí feabhas leanúnach ar chórais luathrabhaidh agus ar chomhroinnt faisnéise idir tíortha maidir le ganntanais cógas, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon, agus á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sealadacha a thabhairt isteach tráth géarchéime chun ganntanais a mhaolú agus chun cúrsaíocht cógas leighis a éascú i measc na mBallstát, lena n-áirítear glacadh le formáidí éagsúla pacáistíochta, nós imeachta athúsáide chun a chur ar chumas sealbhóirí údaraithe margaíochta formheas a fháil i mBallstát eile, síneadh a chur le bailíocht deimhnithe dea-chleachtas monaraíochta, tréimhsí éaga níos faide, agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta; á mheabhrú gur cheart don Choimisiún faireachán dian a dhéanamh ar úsáid na mbeart sin, chun a áirithiú nach gcuirfear sábháilteacht othar i mbaol, agus chun a áirithiú go mbeadh soláthar cógas leighis ar fáil i gcás deacrachtaí nó ganntanas;
178. ag cur sonrú i leitheadúlacht na nganntanas cógas cineálach agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cógais chineálacha, bhithshamhlacha, bhreisluacha agus inacmhainne chun ganntanais cógas a chosc, rochtain chothrom d’othair a mhéadú go comhsheasmhach agus córais cúraim sláinte a dhéanamh inbhuanaithe in AE, áit a bhfuil an rochtain fós míchothrom;
179. á thabhairt chun suntais an deis atá ann le creat nua chun tacú le taighde, forbairt, táirgeacht agus úsáid drugaí le tásca formheasta nua; á iarraidh ar an gCoimisiún margú na gcógas gann sa mhargadh a chomhchuibhiú trí phacáistíocht, trí lipéadú agus trí bhileoga atá ilteangach agus digiteach, i gcás inar féidir, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh faisnéis ar fáil i bhformáid pháipéir;
180. á mheabhrú go bhfuil géarghá ann go bhforbródh an tsláinte dhomhanda agus slabhraí soláthair domhanda acmhainneachtaí táirgthe agus dáileacháin áitiúla san Aontas, i réigiúin iargúlta amhail sna Réigiúin is Forimeallaí agus sna Tíortha agus na Críocha thar lear, agus i dtíortha ísealioncaim agus i dtíortha meánioncaim, go háirithe ó thaobh taighde, teicneolaíocht, forbairt agus táirgeadh cógaisíochta de agus i gcomhréir le caighdeáin shóisialta agus dícheall cuí tionscail;
181. á iarraidh ar an gCoimisiún na straitéisí tionsclaíocha, maoine intleachtúla agus cógaisíochta a úsáid maidir le maoiniú poiblí i dtionscadail T&F a spreagadh chun go mbeifí ag cloí le prionsabal na heolaíochta oscailte agus chun an bhearna leanúnach i dtaighde agus i dtáirgeadh cógas leighis a dhúnadh trí chomhpháirtíochtaí forbartha táirgí, trí aistrithe teicneolaíochta agus trí ionaid oscailte taighde agus táirgthe a chruthú;
182. ag tuiscint gur tharla iarmhairtí polaitiúla agus eacnamaíocha na freagartha ar phaindéim COVID‑19 sular sáraíodh na córais sláinte, go háirithe mar gheall ar chliseadh na slabhraí soláthair domhanda;
183. á thabhairt dá haire, ar fud an domhain go bhfuil forbairt, táirgeadh agus seachadadh vacsaíní inbhuanaithe ag brath ar shlabhraí soláthair láidre agus trédhearcacha; á iarraidh ar EDT gníomhaíocht a dhéanamh chun sreabhadh rianúil na slabhraí soláthair agus seachadadh vacsaíní, cógas, trealaimh leighis agus táirgí leighis a áirithiú; ag aithint an róil ríthábhachtaigh a d’fhéadfadh a bheith ag an nuálaíocht theiripeach maidir le beatha daoine a shábháil trí acmhainneacht in Aonaid Dianchúraim a shaoradh agus trí thacú le hothair a bhfuil cónaí orthu le PASC;
184. á aithint gurb é an tAontas an t-onnmhaireoir vacsaíní is mó ar fud an domhain agus gur rannchuidigh sé leis na hiarrachtaí dlúthpháirtíochta domhanda le 500 milliún dáileog vacsaíní a dheonú, cé gur ar an drochuair a bhí dátaí éaga nár mhair i bhfad ag na dáileoga sin, rud a d’fhág go raibh sé deacair ar thíortha glacadóirí iad a úsáid in am agus gur ghá go leor díobh a chaitheamh amach; ag aithint sheasamh an Aontais mar cheannródaí sna hiarrachtaí sin;
(ii) Comhaontuithe soláthair chomhpháirtigh agus comhaontuithe réamhcheannaigh (caibidlíocht, trédhearcacht, dliteanais agus forfheidhmiú)
185. á chreidiúint go raibh gá ag AE le cur chuige comhchoiteann maidir le vacsaíní a sholáthar le linn phaindéim COVID-19; á aithint go raibh tairbhe ag baint leis an gcaibidlíocht maidir leis na comhaontuithe réamhcheannaigh tráth a raibh éiginnteacht ag baint le forbairt vacsaíní agus inar ullmhaíodh línte táirgeachta gan a fhios a bheith acu cén vacsaín a n-éireodh léi iarbhír nó an ndéanfaí na vacsaíní a fhormheas iarbhír; ag aithint a rathúla atá sé iomaíochas a chaomhnú i measc monaróirí agus teicneolaíochtaí vacsaíní; á thabhairt chun suntais, trí na comhaontuithe réamhcheannaigh, gur ghlac na húdaráis phoiblí formhór na rioscaí airgeadais a bhaineann le forbairt agus táirgeadh vacsaíní, rud a d’fhág gur féidir dlús a chur le hamanna forbartha;
186. á aithint, le linn phaindéim COVID-19, go raibh rath ar eisiachas na caibidlíochta agus ar an rannpháirtíocht luath ó na Ballstáit, agus gur éirigh leis an soláthar mar bhloc cumhacht ceannaigh níos mó a fháil;
187. á chreidiúint go mbainfidh AE tairbhe amach anseo freisin as soláthar comhpháirteach vacsaíní, cógas, soláthairtí cúraim sláinte agus trealaimh leighis, go háirithe le haghaidh cógais leighis costasacha agus nuálacha, go háirithe chun galair neamhchoitianta a chóireáil; á chreidiúint, thairis sin, go bhféadfadh comhaontuithe réamhcheannaigh a bheith tairbhiúil i gcás dúshláin urghnácha sláinte poiblí trasteorann;
188. á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh comhaontuithe soláthair chomhpháirtigh agus réamhcheannaigh iomaíocht fhriththáirgiúil i measc na mBallstát a chosc, cumhacht mhargála AE a uasmhéadú, níos mó solúbthachta a thabhairt don Aontas agus dá Bhallstáit de réir a riachtanas agus a áirithiú go mbeidh táirgí leighis ar fáil do chónaitheoirí uile AE, beag beann ar a mBallstáit baile;
189. á chur i bhfáth gur gá rialáil níos fearr a dhéanamh ar chonarthaí den sórt sin chun míchothromaíochtaí i mbrabúis agus i suíomhanna margaidh a chosc, agus chun iomaíochas a chosaint agus a chur chun cinn i bpróisis soláthair agus réamhcheannaigh amach anseo;
190. á chur in iúl gurb oth léi gur ghlac roinnt Ballstát srianta onnmhairiúcháin ar threalamh leighis, rud a chuir bac ar fhreagairt uile-Aontais ar an bpaindéim ar dtús;
191. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a áirithiú go leanfaidh monaróirí de bheith faoi dhliteanas, i gcomhréir le reachtaíocht AE maidir le dliteanas táirgí;
192. ag moladh go bhféachfaí ar sholáthairtí comhpháirteachai réimsí amhail galair neamhchoitianta agus ailse trí gharspriocanna, cuspóirí agus gealltanais arna gcomhaontú ag na páirtithe uile lena mbaineann a leagan amach go soiléir;
193. á thabhairt chun suntais gur gá ardleibhéil trédhearcachta a áirithiú sna tionscnaimh sin agus ceachtanna arna bhfoghlaim ó sholáthar comhpháirteach táirgí a bhain le COVID-19 a chur i bhfeidhm;
194. á chur i bhfáth nach féidir baol a bheith ann leis an soláthar poiblí go mbeadh droch-thionchar aige ar shreafaí soláthair trí bhaol na n-easnamh in AE a mhéadú;
195. á chur in iúl gur geal léi an tagairt sa straitéis chógaisíochta don Eoraip gur féidir le gníomhaíochtaí i réimse an tsoláthair phoiblí iomaíocht a chothú agus rochtain ar chógais leighis a fheabhsú; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs Threoir 2014/24/AE(45), treoirlínte a mholadh go pras do na Ballstáit, go háirithe maidir leis an gcaoi is fearr le critéir na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch a chur chun feidhme, ag féachaint ar níos mó ná na critéir a bhaineann leis an bpraghas is ísle amháin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gné bhunriachtanach í slándáil an tsoláthair agus nach mór í a úsáid mar chritéar cáilíochtúil i ndáil le conarthaí cógaisíochta poiblí a dhámhachtain agus glaonna ar thairiscintí chun cógais leighis a sholáthar; ag cur béim ar a thábhachtaí atá soláthar éagsúlaithe agus cleachtais soláthair inbhuanaithe le haghaidh cógas; á mholadh gur cheart infheistíochtaí i monarú comhábhar gníomhach agus táirgí íocshláinte críochnaithe in AE a choinneáil mar chritéar bunriachtanach, mar aon le líon agus suíomh na láithreán táirgthe, iontaofacht an tsoláthair, na brabúis a athinfheistiú in T&F agus caighdeáin shóisialta, chomhshaoil, eiticiúla agus cháilíochta a chur i bhfeidhm;
196. á chur in iúl gur oth léi an easpa trédhearcachta sna comhaontuithe soláthair chomhpháirtigh arna gcaibidliú ag an gCoimisiún agus na Ballstáit le cuideachtaí cógaisíochta, a raibh bonn cirt páirteach leis trí urraim a thabhairt don cheart chun rúndachta; á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht in obair institiúidí AE fíorthábhachtach, go háirithe faoi dhálaí ghéarchéim na paindéime nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; á mheabhrú gur cheart comhaontuithe comhpháirteacha soláthair a dhéanamh ar bhealach trédhearcach, tráthúil agus éifeachtach, le céimeanna soiléire agus trédhearcacha don phróiseas, don raon feidhme, don tairiscint, do shonraíochtaí, do thráthlínte agus d’fhoirmiúlachtaí arna sainiú agus á iarraidh go nglacfaí beartas trédhearcach le haghaidh comhaontuithe réamhcheannaigh agus soláthar comhpháirteach;
197. ag tabhairt dá haire agus ag athdhearbhú thorthaí an Ombudsman Eorpaigh maidir le drochriarachán ón gCoimisiún agus moltaí maidir le trédhearcacht agus coimeád taifead cruinnithe, nósanna imeachta oibre modhnaithe, soláthar poiblí, comhairle eolaíoch agus gníomhaíochtaí brústocaireachta na n-institiúidí Eorpacha le linn na paindéime;
198. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go gcloífeadh nósanna imeachta soláthair comhpháirteacha le hardchaighdeáin trédhearcachta maidir le hinstitiúidí an Aontais, lena n-áirítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus saoránaigh an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 15 CFAE agus á chur i bhfáth gur cheart don Pharlaimint, chun trédhearcacht a bhaint amach, grinnscrúdú a dhéanamh ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích faoin nós imeachta soláthair chomhpháirtigh; á mheas gur cheart don Choimisiún faisnéis iomlán, thráthúil agus chruinn a sholáthar don Pharlaimint maidir le caibidlíochtaí leanúnacha agus rochtain a thabhairt ar dhoiciméid tairisceana, lena n-áirítear conarthaí atá tugtha i gcrích; ag spreagadh trédhearcacht maidir le faisnéis a nochtadh lena mbaineann sceideal seachadta frithbheart leighis, téarmaí dliteanas agus slánuithe, agus líon na suíomhanna monaraíochta, agus cosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus leasanna slándála náisiúnta bunriachtanacha á gcur san áireamh ag an am céanna;
199. á mholadh gurb iad ionadaithe sainaitheanta AE agus a Bhallstáit, a mbeidh scileanna leormhaithe agus sainordú soiléir acu, a dhéanfaidh caibidlíocht chomhpháirteach le haghaidh soláthair;
200. ag spreagadh na mBallstát faisnéis a roinnt maidir le dátaí praghsála agus seachadta frithbheart leighis nuair nár úsáideadh nós imeachta soláthair chomhpháirtigh chun frithbhearta leighis a cheannach chun leibhéal méadaithe trédhearcachta a sholáthar agus, ar an gcaoi sin, a cheadú do na Ballstáit rochtain a fháil agus caibidlíocht a dhéanamh ar bhealaí níos cothroime;
(c) COVID, galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha; aghaidh a thabhairt ar PASC mar chuid de straitéis AE PAIS
201. á chur in iúl gur cúis bhuartha di ardleitheadúlacht PASC, agus ag tabhairt faoi deara go bhfuil taighde fós á dhéanamh ar na fachtóirí riosca chun PASC a fhorbairt, ar a shásraí paitifhiseolaíocha agus ar a thionchar fadtéarmach;
202. á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil taighde ar siúl, go dtugtar le tuiscint leis an taighde atá ar fáil go bhfuil pataiginéis chomhchosúil ag COVID fadmharthanach agus ag Siondróim Iar-Vacsaíne, ós rud é go bhfuil ról lárnach ag spícephróitéin an víris, agus go bhféadfadh ME/CFS a bheith mar thoradh orthu araon;
203. á mheabhrú go dtarlaíonn PAIS i bhfad níos minice anois tar éis ionfhabhtuithe COVID-19 i bhfoirm PASC, ach go bhfuil sé ar eolas freisin go mbeadh ionfhabhtuithe baictéaracha, víreasacha agus seadánacha eile mar thoradh orthu; á chur i bhfios go láidir an tairbhe a bhaineann le dearcadh níos leithne a ghlacadh maidir le taighde agus cóireáil COVID fadmharthanach;
204. á thabhairt chun suntais go bhfuil cur chuige straitéiseach de dhíth ar AE chun aghaidh a thabhairt ar PASC, ag díriú ar thaighde, oiliúint agus feasacht ar chúram príomhúil a mhéadú;
205. á mheabhrú na torthaí eolaíocha a bhaineann le PASC agus an gá atá ann d’údaráis phoiblí tacú go nithiúil le daoine atá thíos leis agus cabhrú leo, agus acmhainní agus beartais leormhaithe á n-úsáid acu;
206. á mholadh go ndéanfaí taighde tiomanta spriocdhírithe fóinteach, taighde aistritheach uile-Aontais agus trialacha cliniciúla a fhorbairt, d’fhonn diagnóisí agus cóireálacha nithiúla (seachas staidéir bhreathnóireachta go príomha) a fhorbairt agus sonraí inchomparáide, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát; á mholadh comhordú feabhsaithe ar an leibhéal Eorpach le haghaidh taighde ar PASC;
207. á iarraidh go mbunófaí sainmhíniú coiteann, bithbhainc, lárionaid tagartha agus clárlanna, lena n-áirítear clár vacsaínithe ina mbeidh faireachas cógas feabhsaithe bunaithe ar dhualgais tuairiscithe chaighdeánaithe shoiléire AE, chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí PASC agus ar éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha vacsaínithe go leordhóthanach;
208. á iarraidh go n-aithneofaí PASC mar ghalar ceirde d’oibrithe cúraim sláinte agus cúraim shóisialta;
209. á iarraidh go mbeadh cistiú leordhóthanach ann do thaighde bunúsach, chomh maith le taighde aistritheach agus trialacha cliniciúla, amhail staidéir ríthábhachtacha ar shubstaintí a bhfuil gealladh fúthu, le rannpháirtíocht fhiúntach agus ardcháilíochta othar PASC chun tosaíochtaí taighde a ailíniú le riachtanais othar; ag moladh acmhainní leordhóthanacha chun cóireálacha leormhaithe a dhearadh agus a fhorbairt;
210. á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht a éascú, lena n-áirítear teilileigheas, seirbhís cúraim othar seachtrach atá bunaithe sa bhaile agus cuairteanna baile dochtúirí do theaghlaigh nó do dhaoine a bhfuil ualach dúbailte orthu maidir le hobair agus aire a thabhairt do leanbh, do dhéagóir nó do thuismitheoir, agus do dhaoine atá gafa sa teach nó atá gafa sa leapa a bhfuil dianriachtanais chúraim acu, amhail airíonna ginearálta a d’imigh in olcas tar éis dua fisiciúil;
211. ag aithint a thábhachtaí atá clinicí ildisciplíneacha othar seachtrach deimhnithe agus ionaid athshlánaithe d’othair PASC ar fud thíortha an Aontais lena gcuirtear riachtanais shonracha na n-othar PASC san áireamh, lena n-áirítear airíonna a d’imigh in olcas tar éis dua fisiciúil, i measc nithe eile, agus lena gcuirtear an fhianaise is déanaí i bhfeidhm; á mholadh go bhforbrófaí cláir oideachais spriocdhírithe san earnáil leighis agus feachtais feasachta poiblí ar mhórscála maidir le PASC a bheith ann mar ghalar tromchúiseach chun stiogma a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfulaingíonn mná i bhfad níos minice ó PASC agus go bhfuil an baol ann go háirithe go ndéanfar mídhiagnóis orthu mar thinneas síceasómatach, rud nach bhfuil ach a stiogmatú ach a bhféadfadh cóireáil dhíobhálach a bheith mar thoradh air freisin;
212. ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist atá aitheanta le fada maidir le mídhiagnóisiú na n-othar a bhfuil PASC, Siondróim Iar-Vacsaíne agus ME/CFS orthu mar othair shíceasómatacha;
213. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chuir siomptóim éadroma le níos lú tástálacha diagnóiseacha agus, dá bhrí sin, cuireadh le líon níos lú cásanna de COVID-19 a bhrath i leanaí; á iarraidh go ndéanfaí clárlann leanaí agus déagóirí a bhfuil siomptóim COVID-19 orthu, mar aon le hobair leantach iomchuí chun éifeachtaí an ghalair a íoslaghdú;
214. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit nach féidir beag is fiú a dhéanamh d’ionfhabhtuithe PASC i leanaí, go háirithe an baol go bhforbrófar míchumas fadtéarmach, trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais speisialta oideachais agus forbartha agus trí struchtúir tacaíochta a fhorbairt amhail scolaíocht bhaile;
215. ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit iarmhairtí fadtéarmacha a mheas agus cinneadh á dhéanamh maidir le bearta nó deireadh a chur le srianta, go háirithe do na pobail is leochailí;
216. á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh taighde chun na bunchúiseanna, minicíocht agus roghanna cóireála is fearr do PASC a chinneadh, lena n-áirítear COVID fadmharthanach, géarshiondróm iar-COVID-19, Siondróim Iar-Vacsaíne agus PAIS eile agus na hiarmhairtí fadtéarmacha amhail ME/CFS a fhorbairt, agus taithí agus cuir chuige a mhalartú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar a n-éifeachtaí;
217. á iarraidh go mbunófaí líonra saineolaithe AE maidir leis na galair sin le córais faireachais chomhordaithe, lena n-áirítear sonraí arna n-imdhealú de réir foghrúpaí éagsúla ó gach Ballstát, lena n-áirítear sna Réigiúin is Forimeallaí agus sna Tíortha agus na Críocha thar lear, agus úsáid á baint as cásanna agus modheolaíochtaí atá sainithe go comhsheasmhach agus lena gcuimseofar tionchar na gcoinníollacha sin ar an tsláinte, ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar;
218. ag cur béim ar an ngá atá le cistiú breise agus glaonna tosaíochta ar thionscadail atá dírithe ar thaighde bithleighis maidir le PASC agus go dtabharfaí aitheantas níos fearr do PASC, lena n-áirítear taighde maidir le héifeachtaí díobhálacha vacsaínithe ar leibhéal na mBallstát;
219. á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú ó Fhís Eorpach a úsáid le haghaidh taighde tiomnaithe spriocdhírithe PASC agus díriú ar chomhar leis an tionscal cógaisíochta agus leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Ghalair Neamhchoitianta chun taighde maidir le COVID fadmharthanach a mhaoiniú;
220. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cúnamh agus tacaíocht leormhaith a chur ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt ó PASC, lena n-áirítear othair a bhfuil Siondróim Iar-Vacsaíne orthu; á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht iomchuí a chur ar fáil dóibh siúd a ndearnadh difear dá saol laethúil nó dá gcumas oibre chun PASC mar sháinn na bochtaineachta a mhaolú;
221. ag aithint an gá atá le hoideachas agus le hoiliúint leighis fheabhsaithe do ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta a oibríonn le PASC agus le ME/CFS a chuimsiú laistigh den Líonra Tagartha Eorpach le haghaidh Galair Néareolaíocha Neamhchoitianta;
222. ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar mhonaróirí a bheith trédhearcach maidir leis na fo-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag vacsaíní, lena n-áirítear fo-iarmhairtí aitheanta arna sainaithint ag EMA, agus cumarsáid a dhéanamh ina leith sin, chomh maith le tairbhí agus éifeachtúlacht vacsaínithe, lena gcoisctear na milliúin bás agus dianghalar cliniciúil, ar bhealach comhsheasmhach, cuimsitheach agus comhordaithe, lena ráthaítear sábháilteacht othar, trína iarraidh ar EMA, i measc nithe eile, treoirlínte a fhoilsiú maidir le vacsaíní a spreagadh chun éifeachtaí díobhálacha a sheachaint;
223. á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gurb í trédhearcacht iomlán, aitheantas ar éifeachtaí díobhálacha agus dlúthpháirtíocht le hothair an bealach is fearr chun dul i ngleic leis an drogall roimh vacsaíní, leis an mífhaisnéis agus leis an mbréagaisnéis;
224. ag tabhairt dá haire céatadán ard na n-othar atá lagaithe maidir le himdhíonacht in Aonaid Dianchúraim le linn na paindéime agus á chur in iúl gur oth léi nár tugadh aird leordhóthanach ar iarmhairtí na paindéime orthu, ós rud é nár comhtháthaíodh bearta spriocdhírithe go córasach i bhfreagairt AE; á mheabhrú go raibh othair atá lagaithe maidir le himdhíonacht agus othair a bhfuil galair neamhtheagmhálacha orthu i measc na n-othar is mó a raibh tionchar le linn na paindéime, ós rud é go raibh siad i mbaol níos mó siomptóim thromchúiseacha a fhorbairt ó COVID-19, agus gur íoc siad go daor as ar deireadh ó thaobh básanna de;
225. á thabhairt chun suntais gur fhulaing othair a bhfuil galair theagmhálacha agus galair neamhtheagmhálacha acu iarmhairtí tromchúiseacha dá sláinte mar gheall ar mhoilleanna agus ar chur isteach ar thástálacha diagnóiseacha agus ar chóireálacha, go háirithe maidir le VEID, galair ghnéas-tarchurtha, eitinn, heipitíteas, ailse, galair chardashoithíocha, diaibéiteas agus galair neamhchoitianta; á chur i bhfáth gur tháinig laghdú ar sheansanna fadsaoil, aimhréidheanna sláinte agus meath breise ar cháilíocht na beatha d’othair mar thoradh ar rochtain mhoillithe ar chúram sláinte; á iarraidh go nglacfaí straitéis AE chun an tionchar a bhíonn ag bagairtí tromchúiseacha sláinte ar dhaoine a raibh tionchar ag galair theagmhálacha agus galair neamhtheagmhálacha agus galair nó dálaí eile orthu a réamh-mheas agus faireachán a dhéanamh orthu;
226. ag aithint go gcumhdaítear daoine aonair le hiarmhairtí na n-éigeandálaí sláinte; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí agus gníomhaíochtaí a cheapadh go pras chun othair shoghabhálacha a chosaint le linn géarchéimeanna sláinte poiblí;
227. ag cur béim ar an bhfíoras go raibh éifeachtaí tubaisteacha ag paindéim COVID-19 ar othair ailse ar fud na hEorpa, ós rud é gur thuairiscigh tíortha gurb í an scagthástáil ailse an tseirbhís ba mhó ar cuireadh isteach orthu, le moilleanna ar sheirbhísí diagnóiseacha, cóireála, cúraim agus marthanais d’othair ailse, rud a chruthaíonn iarmhairtí fadtéarmacha agus tionchair fhadtéarmacha ar othair a bhfuil ailse mheiteastáiseach agus aibithe orthu, toisc go mbíonn diagnóisiú ailse ag céim níos déanaí mar thoradh ar dhiagnóisiú curtha siar, rud a fhágann go bhfuil cóireáil níos casta agus níos costasaí agus go laghdaítear dóchúlachtaí marthanais;
228. ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar scagthástáil agus diagnóisí ailse le linn na paindéime mar thoradh ar chur isteach ar sheirbhísí cúraim sláinte agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil toradh dosheachanta ar chur isteach ar scagthástáil ailse agus ar dhiagnóisí curtha siar go ndéantar ailse a dhiagnóisiú ag céim níos déanaí, rud a fhágann go bhfuil cóireáil níos casta agus níos costasaí agus go laghdaítear dóchúlachtaí marthanais(46);
229. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur cuireadh isteach ar sheirbhísí do ghalair theagmhálacha agus do ghalair neamhtheagmhálacha mar gheall ar chealú cúraim roghnaigh, dúnadh na gclár scagtha, dianghlasálacha an rialtais nó an iompair phoiblí a chuireann bac ar rochtain ar shaoráidí sóisialta agus sláinte, easpa foirne agus easpa bhonneagar leighis;
230. ag aithint a thábhachtaí atá cáilíocht an aeir do shláinte an duine agus ag moladh go ndéanfaí caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú le treoirlínte EDS;
231. á chur i bhfáth gur gá faireachán agus taighde a dhéanamh ar éifeachtaí a bheadh ag an suaitheadh ar sheirbhísí leighis do ghalair theagmhálacha agus do ghalair neamhtheagmhálacha agus dea-chleachtais shainaitheanta a bhailiú chun a áirithiú go leanfar de na seirbhísí sin le linn éigeandáil sláinte poiblí; á iarraidh go nglacfaí straitéis AE chun na tionchair a bhíonn ag bagairtí tromchúiseacha sláinte ar dhaoine a raibh tionchar ag galair theagmhálacha agus galair neamhtheagmhálacha agus dálaí eile orthu a réamh-mheas agus faireachán a dhéanamh orthu;
232. á mheabhrú, le linn phaindéim COVID-19, go raibh baol méadaithe ag mná atá in aois oibre go ndéanfaí COVID-19 a tholgadh, gur dóichí go ndéanfaí diagnóisiú ródhéanach orthu i gcás cásanna tromchúiseacha COVID-19 agus gur dhócha, dá bhrí sin, go bhfaigheadh siad bás;
233. á aithint gur tháinig méadú ar an rómheáchan agus ar an murtall i measc leanaí agus déagóirí le linn na paindéime agus go bhfuil baol méadaithe ann go mbeidh torthaí tromchúiseacha sláinte COVID-19 ann do dhaoine a bhfuil murtall orthu; á chur in iúl gurb oth léi nár thug na Ballstáit tosaíocht leordhóthanach do bheartais chun murtall agus comhghalrachtaí a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu;
234. á thabhairt faoi deara gur thug formhór na dtíortha a chuir seirbhísí galar neamhtheagmhálach san áireamh sna pleananna náisiúnta COVID-19 tús áite do sheirbhísí do na ceithre phríomhghalair neamhtheagmhálacha: seirbhísí galair cardashoithígh, seirbhísí ailse, seirbhísí diaibéiteis agus seirbhísí galair riospráide ainsealaigh; á thabhairt chun suntais go bhfuil meabhairshláinte aitheanta mar réimse tosaíochta ag roinnt tíortha;
235. á thabhairt chun suntais go dtéann cógas comhtháiteach atá aitheanta go heolaíoch agus atá formheasta ag na húdaráis sláinte poiblí chun tairbhe d’othair i dtaca leis na héifeachtaí a ghabhann le galair éagsúla, ar nós ailse, agus lena gcóireáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain ar chúram leighis lánpháirtithe a choinneáil agus cur chuige atá dírithe ar an othar a fhorbairt agus pleananna éigeandála á sainiú chun freagairt d’éigeandálaí sláinte chun leanúnachas cúraim d’othair agus cáilíocht saoil níos fearr a áirithiú;
236. á aithint gur chuir srianta agus dianghlasáil le borradh faoi shaincheisteanna meabhairshláinte a raibh tionchar díréireach acu ar mhná, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine óga, ar leanaí, ar dhaoine scothaosta, ar dhaoine aonair atá lagaithe maidir le himdhíonacht, ar a gcúramóirí, agus ar ghrúpaí eile daoine a bhfuil scaradh sóisialta acu, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart iad sin a bheith ina rogha dheiridh;
237. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na bearta a rinne na Ballstáit éagsúla chun ráig COVID-19 a shrianadh éagsúil óna chéile agus, dá bhrí sin, an difríocht idir na héifeachtaí ar leanaí a léiriú, agus é mar aidhm leis sin dea-chleachtais a fhorbairt chun an díobháil do leanaí a laghdú le linn paindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;
238. á chur in iúl gur geal léi foilsiú straitéis meabhairshláinte uilechuimsitheach ón gCoimisiún, mar fhreagairt ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;
239. á thabhairt chun suntais go bhfuil an mheabhairshláinte aitheanta mar réimse tosaíochta agus ag tathant ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta nithiúil agus straitéis meabhairshláinte a fhorbairt, a théann níos faide ná a thionscnamh ‘Níos Sláintiúla Le Chéile’ agus lena dtugtar aghaidh ar iarmhairtí fadtéarmacha phaindéim COVID-19 ar an meabhairshláinte phoiblí;
240. ag tabhairt a thacaíochta do chur chun feidhme straitéis mheabhairshláinte ar leibhéal an Aontais a d’fheidhmeodh mar chóras tacaíochta do na Ballstáit; á iarraidh ar rialtais na mBallstát tosaíocht a thabhairt don mheabhairshláinte;
241. á chur in iúl gur oth léi gur tharla céimeanna ar gcúl leis na gnáthfheachtais vacsaínithe agus gur nochtadh leis an bpaindéim leochaileacht na gcóras imdhíonta ar fud an domhain, rud is cúis imní dó faoi ráigeanna galar inchoiscthe trí vacsaíniú amach anseo;
242. ag aithint a thábhachtaí atá sé leanúint de chláir vacsaínithe náisiúnta agus iad a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur beart sláinte poiblí cost-éifeachtach é gnáthvacsaíniú;
243. á mheabhrú, cé gur saincheist sláinte seanbhunaithe leanúnach í paindéim COVID-19 nach éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í a thuilleadh, nach mór do AE agus dá Bhallstáit a bheith ar an airdeall i gcónaí maidir le rochtain chomhionann ar vacsaíní riachtanacha tarrthála a áirithiú ar an leibhéal domhanda; á aithint gur rannchuidigh an bhréagaisnéis le céimeanna ar gcúl leis an vacsaíniú agus á iarraidh go dtabharfadh institiúidí an Aontais, na Ballstáit, agus ardáin ar líne freagairt chomhordaithe maidir le cur i gcoinne na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise;
(d) Aon Sláinte Amháin
244. á thabhairt chun suntais go bhfuil galair thógálacha zónóiseacha atá ag teacht chun cinn ag éirí níos coitianta, agus gur galair zónóiseacha iad 75 % de ghalair thógálacha an duine; á áitiú gur léir ó COVID‑19 go bhfuil sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil fite fuaite ina chéile agus gur gá aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhsheasmhach agus iomlánaíoch, ag cloí go hiomlán le cur chuige na hAon Sláinte Amháin;
245. á iarraidh ar AE an tAon Sláinte Amháin, mar atá sainithe ag EDS, a chomhtháthú ina bheartais sláinte poiblí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le hathruithe ó bhonn ar fud na sochaí; á thabhairt chun suntais gur gá eolas sa réimse sin a leathnú tuilleadh agus taighde eolaíoch poiblí a chur chun cinn chun tuiscint níos fearr agus léiriú níos fearr a fháil ar na hidirthuilleamaíochtaí idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil trí chur chuige ilearnálach, trasdisciplíneach agus comhtháite a úsáid; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bhagairt go bhfuil méadú ag teacht ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) agus á thabhairt chun suntais go bhfuil AMR ar cheann de na príomhchúiseanna báis ar fud an domhain; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé gníomhú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta araon chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin le bearta nithiúla, lena n-áirítear bearta reachtacha agus rialála agus beartais sláinte poiblí;
246. á mheabhrú go n-áirítear ar bhunchúiseanna paindéimí na hathruithe comhshaoil domhanda céanna as a n-eascraíonn cailliúint na bithéagsúlachta agus géarchéim an athraithe aeráide agus gur féidir riosca na paindéime a ísliú go suntasach trí laghdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí daonna a spreagann cailliúint na bithéagsúlachta, truailliú agus téamh domhanda;
247. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ECDC pleananna faireachais a thabhairt isteach maidir le bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bailiú sonraí comhordaithe agus córasach agus taighde oibríochtúil agus iompraíochta, agus measúnuithe riosca a chur i gcrích ar na cúiseanna, na próisis agus na conairí le haghaidh teacht chun cinn, leathadh agus marthanacht galar zónóiseach, agus éiceachórais slána, athléimneacha agus sláintiúla a thréithriú agus a n-éifeacht ar ghalair a chosc, lena n-áirítear faireachas fiadhúlra, sainaitheantas na pataigine agus chun tacú leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme;
248. á iarraidh ar an gCoimisiún anailísí eacnamaíocha a dhéanamh chun costais agus tairbhí na n-idirghabhálacha coisctheacha a chainníochtú chun freagairt don riosca ó ghalair zónóiseacha atá ag teacht chun cinn agus úsáid a bhaint as na torthaí chun tacú le maoiniú inbhuanaithe sna hidirghabhálacha sin, agus athbhreithniú cuimsitheach ar iarrachtaí ECDC agus HERA ar leibhéal an Aontais maidir leis na bagairtí H5N1 agus bolgaí moncaí atá ar siúl faoi láthair;
249. á chur i bhfios go láidir go gciallaíonn príomhshruthú na hAon Sláinte Amháin a bheith in ann bagairtí sláinte domhanda a chosc, a thuar, ullmhú dóibh, iad a bhrath agus freagairt dóibh ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus á mholadh go mbeidh cur chuige na hAon Sláinte Amháin ina threoirphrionsabal i ngach tionscnamh agus beart maidir leis an tsláinte phoiblí agus i gcláir ullmhachta paindéime, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíochtaí ullmhachta paindéime, lena n-áirítear rialú veicteora le haghaidh zónóise atá ag teacht chun cinn;
250. á thabhairt chun suntais gur mó costas na neamhghníomhaíochta ná an costas a bhaineann le straitéisí domhanda a chur chun feidhme chun paindéimí a chosc;
251. á iarraidh go mbunófaí tascfhórsa trasghníomhaireachta Eorpach tiomata don chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ chun taighde trasdisciplíneach agus comhairle eolaíoch trasearnála a chur chun cinn;
252. ag tathant go líonfaí na bearnaí reatha san eolas eolaíoch chun an baol a bhaineann le galair zónóiseacha a laghdú trí thaighde ar an leibhéal Eorpach a chomhordú agus trí chomhoibriú a éascú i measc réimsí eolaíochta;
253. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cosaint gnáthóige agus laghdú ar chomhéadain idir daoine agus an fiadhúlra chun leathadh galar zónóiseach a theorannú; á iarraidh ar an gCoimisiún beartais agus reachtaíocht Aon Sláinte Amháin a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar ghalair eindéimeacha zónóiseacha, trópaiceacha agus veicteoir-iompartha a ndéantar faillí orthu laistigh de Chonradh Paindéime EDS;
254. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le Conradh Paindéime EDS chun córais faisnéise eipidéime réamh-mheastacha chomhoibríocha a fhorbairt (ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda) chun comhéadain ardriosca agus teophointí iarmharta a shainaithint, lena n-ionchorpraítear sonraí ábhartha comhshaoil agus aeráide agus sonraí maidir le taiscumair agus speicis veicteoireacha a bhunú i limistéir gheografacha nua agus córas comhchuibhithe a chur ar bun ar fud an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar pharaiméadair sláinte poiblí lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar fhuíolluisce uirbeach le haghaidh éigeandálaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann;
255. á chur in iúl gur geal léi an Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta ‘Aon Sláinte Amháin’ a sheol an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, EDS agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus á chur i bhfios go láidir an ról tábhachtach atá ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir leis an gcur chuige ‘an tsláinte a chuimsiú i ngach beartas’ a chomhordú agus tacú leis; á mheas gur cheart go gcuimseodh cur chun feidhme an chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ roinnt céimeanna bunriachtanacha, amhail leas a bhaint as taighde, agus oiliúint thrasdisciplíneach nuálach a chruthú do ghairmithe leighis agus do chinnteoirí;
256. á mheabhrú a thábhachtaí atá sláinte ainmhithe, go háirithe i ngníomhaíochtaí beostoic agus ainmhithe feirme agus gur féidir le drochdhálaí sláinte beostoic agus bearnaí i rialuithe sláintíochta an baol a bhaineann le galair zónóiseacha a ardú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di teacht chun cinn agus leathadh galar zónóiseach atá ag éirí níos minice, ar galair iad atá níos measa mar gheall ar an athrú aeráide, díghrádú comhshaoil, athruithe ar úsáid talún, dífhoraoisiú, scriosadh na bithéagsúlachta agus gnáthóga nádúrtha agus brú orthu, trádáil neamhdhleathach in ainmhithe fiáine, agus patrúin neamh-inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais bia; á thabhairt chun suntais gur bealach é sláinte ainmhithe a fheabhsú chun sláinte an duine a fheabhsú agus á iarraidh go ndéanfaí faireachán, faireachas agus foláireamh i bhfeirmeoireacht ainmhithe agus i mbeostoc chun teagmhais zónóiseacha a chosc;
(e) Conclúidí agus moltaí
(i) Córais agus seirbhísí sláinte
257. á mholadh don Aontas agus dá Bhallstáit chun pacáiste Aontas Sláinte na hEorpa a chur chun feidhme, clár oibre buan don tsláinte a fhorbairt agus féachaint ar chúram sláinte mar infheistíocht; á iarraidh go neartófaí seirbhísí sláinte bunúsacha, go háirithe cúram príomhúil, atá ar fáil do chách gan idirdhealú, agus sláinte, oideachas agus litearthacht a chur chun cinn chun staid sláinte an phobail i gcoitinne a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs phacáiste an aontais sláinte, bearta reachtacha agus rialála a thíolacadh chun seirbhísí cúraim sláinte bunúsacha íosta agus íoschaighdeáin do chúram sláinte ardcháilíochta a shainaithint agus chun iad a áirithiú don uile dhuine san Aontas;
258. á iarraidh go mbeadh pacáiste tiomanta infheistíochta ann chun earnáil cúraim agus geilleagar cúraim an Aontais a chur chun cinn agus chun comhordú a áirithiú i measc na gclár agus na dtionscnamh éagsúil lenar féidir cur chun feidhme na straitéise éifeachtaí um chúram a áirithiú;
259. á chur i bhfáth go bhfuil gá le breis comhair Eorpaigh agus idirnáisiúnta chun an faireachas eipidéimeolaíoch a dhéanamh trí chur chun feidhme na bpleananna éigeantacha le haghaidh faireachais, faireacháin, foláirimh agus ullmhachta, i ndáil le bagairtí ar an tsláinte phoiblí, treochtaí sláinte poiblí atá ag teacht chun cinn, galair theagmhálacha agus imeachtaí zónóiseacha, agus idir-inoibritheacht sonraí sláinte ar fud na hEorpa, lena n-áirítear na Réigiúin is Forimeallaí agus na Tíortha agus na Críocha thar lear mar a cheanglaítear leis an rialachán maidir le bagairtí sláinte trasteorann;
260. á chur i bhfios go láidir chun na críche sin a thábhachtaí atá comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit agus údaráis AE, idir-inoibritheacht córas faisnéise, uirlisí nua agus taighde chun taighde idirdhisciplíneach agus eolaíochtaí daonna agus sóisialta a neartú maidir le tionchar paindéimí agus bearta neamhchógaisíochta;
261. á iarraidh go gcoinneofaí gníomhaíochtaí bailithe sonraí agus faireachais COVID-19 chun aon bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an tsláinte phoiblí ó leathadh an ghalair a mhaolú agus chun ardán uile-Aontais maidir le faireachas agus seicheamhú géanómaíoch a bhunú go práinneach, agus go gcuirfí córais iomchuí foláirimh i bhfeidhm chun iad a chur ar fáil do chliniceoirí agus do thaighdeoirí;
262. á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht chun cur leis an anailís atá ann cheana ar shonraí sláinte chun freagraí a fháil ar cheisteanna amhail feidhmiú na himdhíonachta nádúrtha, rátaí ionfhabhtaithe agus déine na bhfachtóirí togracha;
263. á iarraidh go gcuirfí feabhas ar threoir AE maidir le cásanna ina ndéantar seirbhísí cúraim sláinte a chur ar fionraí, a scálú siar nó a atreorú go sealadach, ionas go mbeifear in ann othair tosaíochta a shainaithint, go háirithe othair a bhfuil scrúdú fisiceach de dhíth orthu agus nach féidir leo tairbhe a bhaint as an teilileigheas;
264. á iarraidh go mbeadh acmhainneacht fheabhsaithe ann chun pearsanra cáilithe, trealamh agus ábhair sláintíochta a áirithiú, chomh maith le bonneagar leighis chun freagairt do riachtanais shonracha chóireála na n-othar sin;
265. á iarraidh go ndéanfaí seirbhísí riaracháin a dhigitiú tuilleadh in earnáil na sláinte agus, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, go n-úsáidfí seirbhísí cúraim sláinte ar líne, agus bearta iomchuí á ndéanamh ag an am céanna chun sonraí pearsanta a chosaint agus cibear-athléimneacht na gcóras sláinte náisiúnta agus a mbonneagar a áirithiú;
266. á iarraidh go n-úsáidfí seirbhísí cúraim sláinte ar líne chun an tsláinte a chur chun cinn, a chosc agus a chóireáil, agus leibhéal leordhóthanach scileanna digiteacha á áirithiú ag an am céanna do na hoibrithe, do na gairmithe agus do na cúramóirí lena mbaineann;
267. á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint leanúnach agus forbairt ghairmiúil a chur ar fáil d’oibrithe cúraim sláinte, i gcomhréir le reachtaíocht AE atá ann cheana, lena n-áirítear oiliúint maidir le faireachas paindéime agus bainistiú géarchéime, agus béim á leagan ar fholláine agus ar shábháilteacht oibrithe cúraim sláinte, agus a áirithiú go n-aithneofar a scileanna agus go bhfeabhsófar a ndálaí oibre, lena n-áirítear luach saothair leormhaith;
268. ag aithint go raibh tionchar ag an easpa cistiúcháin agus infheistíochta poiblí ar obair, ar shláinte fhisiciúil agus ar mheabhairshláinte oibrithe cúraim sláinte; ag cur béim ar a thábhachtaí atá bearta coisctheacha agus cosanta do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na n-oibrithe, chomh maith le bearta cosanta eile nuair is gá, lena n-áirítear vacsaíní; ag tathant ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar ghairmeacha cúraim sláinte, amhail altraí agus cúramóirí, agus ar an mbearna phá idir na hinscní i ngairmeacha cúraim sláinte, agus bearta a mholadh go pras i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus na bearta arna moladh ag Parlaimint na hEorpa ina rún an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach ar chúram á gcur san áireamh(47);
269. á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh maidir le rioscaí síceasóisialta ag an obair chun dul i ngleic leis na rioscaí sin agus chun dálaí oibre gairmithe sláinte agus cúraim a fheabhsú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit clár oibre beartais fadtéarmach, meántéarmach agus gearrthéarmach a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe cúraim sláinte;
270. á chreidiúint nach mór tús áite a thabhairt don mheabhairshláinte i bpacáiste aontas sláinte AE agus á chreidiúint gur cheart an nasc idir an mheabhairshláinte agus an tsláinte choirp a aithint agus a léiriú sa phacáiste; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim mheabhairshláinte de dheasca phaindéim COVID-19, go háirithe i measc daoine óga agus leanaí agus á iarraidh go mbeadh straitéis sláinte chuimsitheach AE ann lena ndíreofar ar mheabhairshláinte na hóige agus lena gcomhtháthófar gníomhaíochtaí do na grúpaí sóisialta uile, go háirithe na grúpaí is leochailí; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na tionchair ar an tsláinte mheabhrach a chur san áireamh ina gcuid oibre ar ghéarchéimeanna sláinte agus ar phaindéim práinnfhreagartha agus ar ullmhacht;
271. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cúram sláinte meabhrach a chomhtháthú le cúram fisiciúil, cultúr agus ealaíon agus gníomhaíochtaí fóillíochta eile lena gcuirtear cúram éifeachtach, fianaisebhunaithe agus dírithe ar chearta an duine ar fáil, agus raon feidhme na seirbhísí atá ar fáil a leathnú chun rochtain níos fearr ar chóireáil a chumasú; ag tathant go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i dtacaíocht agus i seirbhísí meabhairshláinte pobalbhunaithe, chomh maith le rochtain fheabhsaithe ar chúram sláinte meabhrach laistigh de na córais sláinte náisiúnta; ag aithint thionchar na n-ealaíon ar an tsláinte agus ar an bhfolláine, lena gcuimsítear an mheabhairshláinte, agus ról na n-ealaíon i bhfreagairtí paindéime san Aontas;
272. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na Ballstáit a gcórais sláinte a mhaoiniú go cuí, chun a n-athléimneacht láithreach agus fhadtéarmach a áirithiú trí infheistíocht a dhéanamh sa lucht saothair cúraim sláinte, trialacha cliniciúla, oideachas sláinte poiblí agus bonneagar sláinte criticiúil, uirlisí, struchtúir, próisis agus acmhainneacht saotharlainne, agus á iarraidh go soláthrófaí seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inrochtana agus inacmhainne;
273. ag tathant ar an gCoimisiún plean éigeandála a chur chun feidhme chun faireachas cógas a neartú ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal na hEorpa chun tacú le mearchumais bailithe agus próiseála sonraí áitiúla, le hearcaíocht bhreise laistigh d’fhoirne náisiúnta, le próiseáil fheabhsaithe fógraí spontáineacha agus le cur chun feidhme faireachais cógas ghníomhaigh;
(ii) Conarthaí agus caibidlíocht
274. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hullmhacht níos fearr i nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh do chógais agus do tháirgí leighis, agus barrachais á seachaint ag an am céanna, i bhfianaise dhothuarthacht na bpaindéimí; á thabhairt chun suntais gur gá trédhearcacht a áirithiú fiú i gcásanna géarchéime nuair nach bhfuil mórán ama ann, chun maoirseacht dhaonlathach a ráthú agus muinín na saoránach as institiúidí poiblí, lena n-áirítear institiúidí AE, a fheabhsú;
275. á iarraidh go dtabharfaí conarthaí i gcrích agus go ndéanfaí caibidlíocht maidir le praghsanna ar bhealach atá trédhearcach;
276. ag aithint a thábhachtaí atá ról grinnscrúdaithe na Parlaiminte agus á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar thrédhearcacht sa chaibidlíocht ar chonarthaí soláthair chomhpháirtigh; á mholadh go bhfoghlaimeofaí ó thionscnaimh chomhpháirteacha soláthair chun moilleanna seachadta, praghsanna arda gan údar agus barrachas vacsaíní agus frithbhearta leighis a chosc agus chun a áirithiú go bhfanfaidh dliteanas táirgí go hiomlán leis na monaróirí; ag tathant go mbunófaí rialacha soiléire maidir le caibidlíochtaí a dhéanamh leis na cuideachtaí chun barrachas vacsaíní agus frithbhearta leighis a sheachaint agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá conarthaí soláthair vacsaíní amach anseo lena seachnófar monaplachtaí agus/nó olagaplachtaí, lena n-áiritheofar punann éagsúil de vacsaíní chun cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa;
277. ag tathant go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta comhchoiteanna agus comhpháirteacha soláthair i gcásanna éigeandála agus go mbeadh cur chuige níos comhordaithe ann, lena bhféadfaí conarthaí a oiriúnú;
278. á áitiú go mbeadh prionsabail maidir le praghsáil chothrom, trédhearcacht agus toradh cothrom ar infheistíocht phoiblí le haghaidh réamhcheannach, agus gur cheart conarthaí a oiriúnú do bhagairtí athraitheacha agus do riachtanais phoiblí; á éileamh go mbeadh liosta soiléir critéar ann maidir le soláthar comhpháirteach;
279. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar na rialacha atá ann cheana, mar a fhoráiltear dóibh i reachtaíocht an Aontais, chun táirgí ardcháilíochta a áirithiú, agus nach mbeidh aistriú dliteanais ó mhonaróirí chuig na Ballstáit ina chleachtas caighdeánach;
280. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go bhforáiltear leis an gComhaontú um Sholáthar Comhpháirteach do chlásal eisiachais faoi chuimsiú cheannach vacsaín COVID-19 agus, ar an gcaoi sin, go gcosnófaí an seasamh caibidlíochta agus go gcosnófaí slándáil an tsoláthair san Aontas agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh monaróirí a bhaineann tairbhe as cistiúcháin AE tuairisciú go rialta maidir leis an gcaoi a gcaitear na cistí sin;
(iii) Infhaighteacht ar fhrithbhearta leighis
281. á mholadh go mbunódh an tAontas córais leordhóthanacha chun cistiú cuí i mbaol a chur ar fáil do mhonaróirí i gcás géarchéim sláinte poiblí, chun tacú le forbairt agus táirgeadh na bhfrithbheart leighis ábhartha, chun cabhrú le monaróirí táirgeadh a oiriúnú agus a mhéadú go tapa, chun suaitheadh agus ganntanais cógas, feistí leighis, teicneolaíochta agus seirbhísí sláinte a sheachaint, mar shampla trí tháillí áirithinte i gconarthaí soláthair chomhpháirtigh, a d’fhéadfadh a bheith ina gcabhair go háirithe do FBManna, agus gur cheart do shásraí den sórt sin a bheith trédhearcach agus ag brath ar fhormheas agus athbhreithniú ag comhlachtaí reachtacha;
282. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis stoc-charntha inbhuanaithe shoiléir a bhunú, agus é mar aidhm leis sin stoc-chairn leighis AE agus náisiúnta comhlántacha a fhorbairt le haghaidh ullmhacht agus freagairt paindéime, agus dramhaíl a sheachaint ag an am céanna;
283. á iarraidh go n-áiritheofaí go gcuirfí an t-athbhreithniú ar an reachtaíocht ghinearálta chógaisíochta le tuiscint mhaith ar na bunchúiseanna atá le ganntanais cógas leighis; á thabhairt chun suntais gur gá slabhra soláthair éagsúlaithe agus plean maolaithe riosca a bheith ag tionscal cógaisíochta an Aontais chun dul i ngleic le haon leochaileachtaí agus rioscaí don slabhra soláthair, ar cheart, más féidir, iad a bheith lonnaithe laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus ceangal a chur ar chuideachtaí cógaisíochta leibhéil leordhóthanacha stoc sábháilteachta a bheith acu agus fógra luath a sholáthar maidir le ganntanais cógas, agus ceanglais trédhearcachta sa slabhra soláthair agus bearta coiscthe riosca mar thaca leo; á athdhearbhú gur gá slándáil an tsoláthair a fheabhsú trí fhógra níos luaithe a thabhairt faoi ghanntanais, trí oibleagáidí níos déine maidir le soláthar agus trédhearcacht, trí thrédhearcacht fheabhsaithe stoc agus trí fheabhas a chur ar chomhordú agus ar shásraí an Aontais chun ganntanais a bhainistiú agus a sheachaint;
284. ag tacú le neartú na n-acmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana sna Ballstáit, agus ag an am céanna an tionscal cógaisíochta a chur ar bun sa bhaile an athuair nuair is gá chun aghaidh a thabhairt ar spleáchais mhóra; ag cur béim ar an ngá atá le plean maolaithe riosca maidir le cógais leighis a shainmhínítear mar chógais chriticiúla;
285. á chreidiúint gur cheart go n-éascódh na Tionscadail ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) maidir leis an tsláinte forbairt teicneolaíochtaí agus próiseas táirgthe atá nuálach agus níos glaise le haghaidh monarú drugaí, teiripí géine agus ceall agus nuálaíocht i gcóireálacha straitéiseacha;
286. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú, sa bhreis ar vacsaíní COVID-19, go mbeidh táirgí teiripeacha éifeachtacha COVID-19 inrochtana do gach céim den dul chun cinn galar, chun téarnamh níos tapúla a cheadú agus chun básmhaireacht a laghdú;
(IV) SLABHRAÍ SOLÁTHAIR
287. á mholadh gur cheart forálacha níos láidre a bhaineann le briseadh soláthair a chur chun cinn i gconarthaí amach anseo maidir le soláthar táirgí leighis; á iarraidh go ndéanfaí spleáchais ardriosca a bhrath agus acmhainneachtaí táirgeachta a bhunú do tháirgí gaolmhara san Aontas agus go bhforbrófaí acmhainneachtaí táirgeachta san Eoraip le haghaidh comhábhair ghníomhacha, támháin agus táirgí coimhdeacha bunriachtanacha;
288. á chreidiúint gur cheart do AE a spleáchas ar chomhpháirtithe trádála a laghdú agus gníomhú go cinntitheach chun ganntanais drugaí a chosc; á iarraidh ar EMA leochaileachtaí sa slabhra soláthair a bhaineann leis an gcóras Eorpach chun táirgí leighis agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a fhoinsiú ó lasmuigh den Eoraip a leagan amach;
289. á chreidiúint gur cheart do AE comhroinnt níos fearr sonraí ón tionscal a áirithiú, réamh-mheastacháin níos luaithe ar an áit a bhféadfadh ganntanais tarlú amach anseo agus trédhearcacht níos fearr i dtáirgeadh agus i ndáileadh táirgí íocshláinte i gcás ina gcuideodh sé sin chun infhaighteacht agus inrochtaineacht cógas leighis atá in n-ábhair leasa phoiblí tosaíochta a áirithiú;
290. á chur i bhfáth gur tugadh chun suntais leis an bpaindéim gur gá uathriail straitéiseach AE a mhéadú i slabhraí soláthair bunriachtanacha agus i mbonneagair agus seirbhísí criticiúla agus á chreidiúint gur cheart don Aontas sciar na bpríomhtháirgeadh leighis ina chríoch a mhéadú chun uathriail shlabhra soláthair na hEorpa a neartú, agus ag an am céanna oscailteacht i leith dinimic an tslabhra soláthair dhomhanda a choinneáil le linn gnáthchásanna sláinte agus cásanna éigeandála araon;
291. á iarraidh ar an gCoimisiún smaoineamh freisin ar thionscadail straitéiseacha san earnáil sláinte a chistiú trí Chiste an Aontais um Cheannasacht a d’fhéadfadh rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais maidir le táirgí leighis a bhaint amach;
292. á chreidiúint go bhfuil spreagadh agus tógáil ar éiceachóras tionsclaíoch Eorpach tarraingteach don earnáil chógaisíochta ar cheann de na príomhchoinníollacha chun leanúint d’athlonnú saoráidí táirgthe a chothú ar ais chuig AE agus gur féidir le hathlonnuithe den chineál sin cabhrú le córais cúraim sláinte AE a dhéanamh níos neamhspleáiche ó thríú tíortha agus níos athléimní i gcoinne bristeacha; á iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha ar fad a chur chun cinn chun táirgí cógaisíochta atá ‘Déanta san Eoraip’ a chur chun cinn trí mhonaraíocht agus athléimneacht soláthair a neartú agus trí mheasúnú a dhéanamh ar chritéir bhreise don phraghsáil náisiúnta, gan aon chostas breise d’othair agus gan dochar d’inbhuanaitheacht an chórais sláinte, agus a áirithiú go n-áireofar ar na critéir sin ardchaighdeáin comhshaoil mhonaraíochta, bainistiú láidir ar shlabhraí soláthair agus infheistíocht inléirithe sa nuálaíocht agus sa taighde; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an luathphleanáil chun ganntanais a sheachaint agus chun soláthar a leithdháileadh áit a mbíonn an t-éileamh othar; á chur i bhfios go láidir gur cheart aon chineál tacaíochta ó údaráis phoiblí a bheith coinníollach ar chlásail inrochtaineachta, inacmhainneachta, infhaighteachta, sábháilteachta agus trédhearcachta;
293. á mheabhrú nach mór d’aon chistiú poiblí a bheith coinníollach ar thrédhearcacht agus inrianaitheacht infheistíochtaí, oibleagáidí soláthair ar an margadh Eorpach agus inrochtaineacht, sábháilteacht agus inacmhainneacht na gcógas leighis arna dtáirgeadh;
294. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé moilleanna riaracháin a laghdú idir iarratas ar údarú margaíochta a chur isteach agus a fhormheas ag EMA, agus nár cheart go gcuirfí na caighdeáin sábháilteachta, éifeachtúlachta agus cháilíochta i mbaol de bharr shimpliú na nósanna imeachta rialála;
295. á mholadh líonraí a fhorbairt ar féidir iad a shlógadh chun teicneolaíochtaí éagsúla a tháirgeadh ar gearrfhógra (amhail FAB AE) agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an tslabhra soláthair agus ar bhacainní trádála a mbíonn tionchar acu ar an bpróiseas táirgthe, á athdhearbhú gur gá táirgeadh neamhbhrabúsach cógas leighis a éascú;
(v) Taighde agus forbairt
296. ag spreagadh tuilleadh infheistíochta in T&F atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar chuspóirí leasa phoiblí, trí acmhainní chlár réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht agus chlár EU4Health a mhéadú, agus trí HERA a bhunú mar ghníomhaireacht de chuid an Aontais amach anseo lena dtacófar le taighde chun vacsaíní mar aon le cóireálacha nuálacha agus cóireálacha eile a chur ar fáil in aimsir géarchéime agus níos faide anonn; ag spreagadh taighde vacsaíní chun féachaint go córasach ar dhifríochtaí inscne i bhfreagairt agus éifeachtúlacht vacsaíní agus iad a chur san áireamh trí ionadaíocht na mban i dtrialacha cliniciúla a mhéadú;
297. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí críochnaithe atá níos inacmhainne agus níos inrochtana; á athdhearbhú gur gá trédhearcacht níos fearr in T&F bithleighis chun infheistíochtaí airgeadais dea-spriocdhírithe a bhunú go neamhspleách agus chun dúbailt a laghdú trína áirithiú go ndéantar sonraí agus torthaí trialacha cliniciúla a thuairisciú agus go bhfuil siad inrochtana;
298. á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a dhéanamh de shiondróim ionfhabhtaithe iar-ghéarmhíochaine (PAIS) agus straitéis AE maidir le PAIS a fhorbairt, a bheidh inchomparáide le plean sáraithe ailse na hEorpa agus le straitéis AE maidir le meabhairshláinte, agus aghaidh a thabhairt ar PAIS sa straitéis sláinte dhomhanda; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a oiread iarrachta a dhéanamh chun teacht ar leigheas d’othair PAIS agus a ghlac siad chun vacsaíní a fhorbairt;
299. á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh taighde chun na bunchúiseanna, minicíocht agus roghanna cóireála is fearr le haghaidh PASC a chinneadh, lena n-áirítear COVID fadmharthanach, géarshiondróm iar-COVID-19, Siondróm Iar-Vacsaíne agus galair iarthógálacha eile agus taighde ar a n-iarmhairtí fadtéarmacha amhail go dtiocfadh ME/CFS, agus taithí agus cuir chuige a mhalartú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar a n-éifeachtaí; á iarraidh go mbunófaí líonra saineolaithe AE maidir leis na galair sin le clár comhordaithe córas faireachais, lena n-áirítear sonraí arna n-imdhealú de réir foghrúpaí éagsúla ó gach Ballstát, lena n-áirítear sna Réigiúin is Forimeallaí agus sna Tíortha agus na Críocha thar lear, agus sainmhínithe agus modheolaíochtaí comhsheasmhacha á n-úsáid, agus lena gcuimseofar tionchar na gcoinníollacha sin ar an tsláinte, ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar; ag cur béim ar an ngá atá le cistiú breise agus glaonna tosaíochta ar thionscadail atá dírithe ar thaighde bithleighis maidir le PASC agus go dtabharfaí aitheantas níos fearr do PASC ar leibhéal na mBallstát;
300. á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú ó Fhís Eorpach a úsáid le haghaidh taighde tiomnaithe spriocdhírithe PASC, lena n-áirítear comhar leis an tionscal cógaisíochta, ar scála lenar féidir sraith uirlisí diagnóiseacha a fhorbairt, staidéir ríthábhachtacha a mhaoiniú agus drugaí a fhorbairt a thugann aghaidh ar na braislí siomptóim éagsúla agus leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Ghalair Neamhchoitianta; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhféadfadh galair thromchúiseacha a bheith mar thoradh, blianta ina dhiaidh sin, ar víris a bhfuil an chuma orthu nach bhfuil siad an-tromchúiseach; á chur i bhfios go láidir gur fearr an cosc ná an leigheas agus, dá bhrí sin, á athdhearbhú gur gá taighde a spreagadh agus a mhaoiniú chun vacsaíní a chruthú a sholáthraíonn imdhíonacht steiriúil, rud a dhéanfadh ní hamháin an galar a chóireáil ach níos tábhachtaí fós, ionfhabhtuithe a chosc, lena seachnófaí aon fhadhbanna fadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ann;
301. á mheabhrú do na Ballstáit a thábhachtaí atá sé cúnamh agus tacaíocht leormhaith a sholáthar do dhaoine atá ag fulaingt ó PASC, lena n-áirítear COVID fadmharthanach chun liúntais bhreoiteachta a leathnú, rochtain ar scéimeanna sochar sóisialta a éascú chomh maith le cúiteamh d’othair Siondróim Iar-Vacsaíne chun PASC a mhaolú mar sháinn na bochtaineachta, lena n-áirítear tacaíocht iomchuí dóibh siúd a ndéantar difear dóibh ina saol laethúil nó ina n-acmhainneacht oibre; ag aithint an gá atá le hoideachas agus le hoiliúint leighis fheabhsaithe do ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta a oibríonn le PASC agus le ME/CFS a chuimsiú laistigh den Líonra Tagartha Eorpach le haghaidh Galair Néareolaíocha Neamhchoitianta (ERNanna);
(vi) Trédhearcacht
302. á mholadh nár cheart go mbeadh aon leasanna airgeadais nó eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas ag idirbheartaithe conarthaí le cuideachtaí cógaisíochta, ná ag saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhthéacs bheartas cógaisíochta nó cláir chógaisíochta AE ná ag na Ballstáit ná ag institiúidí AE ar bhealach eile, agus gur cheart dóibh a leasanna airgeadais agus leasanna eile a dhearbhú, agus na dearbhuithe sin á dtabhairt cothrom le dáta go bliantúil acu agus nuair is gá i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal an Aontais; á mholadh go ndéanfaí na dearbhuithe sin a phoibliú; á mheas gur cheart do shaineolaithe aon fhíorais a nochtadh a dtagann siad ar an eolas fúthu le linn dóibh a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta den sórt sin a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh coinbhleacht leasa i gceist leo nó go n-eascródh coinbhleacht leasa astu;
303. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an gcóras dreasachta, agus a intuarthacht á dheimhniú agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, trédhearcacht praghsanna a mhéadú agus rúndacht ghnó á hurramú ag an am céanna agus á thabhairt chun suntais tosca na dteicneolaíochtaí sláinte agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch na gcóras sláinte poiblí;
304. á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag mhuintir uile na hEorpa an chóir is fearr is féidir a fháil, gan beann ar acmhainní airgeadais, inscne, aois, nó náisiúntacht agus á chur in iúl gur cúis imní di an éagothromaíocht mhór maidir le hinfhaighteacht agus rochtain ar theiripí éagsúla, agus go bhfuil an neamh-inacmhainneacht ina príomhchúis leis sin;
305. á iarraidh ar na Ballstáit an bhearna sláinte idir na hinscní a chur san áireamh ina n-ullmhacht agus athléimneacht i gcás paindéime amach anseo;
306. á chur i bhfios go láidir go háirithe gur gá rochtain ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe na mban a áirithiú agus á mheabhrú do na Ballstáit gur cuid bhunriachtanach dá n-oibleagáidí dlíthiúla é rochtain chomhionann ar chúram sláinte chun comhionannas inscne a chur chun cinn;
307. á áitiú gur gá rochtain chothrom ar chógais leighis atá sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne a áirithiú laistigh de AE agus ag spreagadh na mBallstát smaoineamh ar chaibidlíocht chomhpháirteach i dtaobh praghsanna le cuideachtaí cógaisíochta;
308. ag tathant ar an gCoimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 89/105/CEE ón gComhairle maidir le trédhearcacht na mbeart lena rialaítear praghsanna táirgí íocshláinte(48) chun grinnscrúdú éifeachtach a áirithiú chomh maith le trédhearcacht iomlán na nósanna imeachta a úsáidtear chun praghas na gcógas leighis agus aisíocaíocht a gcostas a chinneadh, go háirithe cógais ailse, sna Ballstáit uile;
309. á chur in iúl gur oth léi an easpa trédhearcachta le linn céimeanna caibidlíochta áirithe de chonarthaí vacsaíní ag an gCoimisiún agus á chur i bhfios go láidir go neartaítear, le trédhearcacht sa phróiseas cinnteoireachta, glacadh le roghanna polaitiúla a dhéantar thar ceann na saoránach;
310. ag spreagadh go n-úsáidfí bealaí freagracha chun feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le cistiú, conarthaí agus soláthar vacsaíní poiblí, chomh maith le frithbhearta leighis, na fíorchostais a bhaineann le T&F, agus rochtain ar thorthaí trialacha cliniciúla agus sonraí gaolmhara tríd an gcóras faisnéise um thriail chliniciúil agus aird chuí á tabhairt ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear rúin trádála;;
311. á iarraidh ar an gCoimisiún a dhualgas trédhearcachta a áirithiú trí fhaisnéis a bhaineann le dliteanas monaróirí, dátaí seachadta agus méideanna dáileoga do gach Ballstát, agus thairis sin praghas na ndáileog a dhíoltar, a phoibliú i gconarthaí soláthair;
312. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de Pharlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas agus cothrom le dáta maidir le comhaontuithe ceannaigh agus rochtain a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa ar leaganacha neamhfholaithe na gcomhaontuithe ceannaigh uile gan a thuilleadh moille;
313. á iarraidh ar an gCoimisiún leagan neamhfholaithe na gcomhaontuithe ceannaigh don phobal i gcoitinne a fhoilsiú tar éis a ndátaí foirceanta faoi seach, lena n-áirítear gach faisnéis a bhfuil spéis ag an bpobal inti, nuair is féidir sin ó thaobh an dlí de;
314. ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar mhonaróirí a bheith trédhearcach maidir leis na fo-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag vacsaíní, lena n-áirítear fo-éifeachtaí aitheanta arna sainaithint ag EMA, agus cumarsáid a dhéanamh sa chomhthéacs sin, chomh maith le tairbhí agus éifeachtúlacht vacsaínithe, ar bhealach comhsheasmhach, cuimsitheach agus comhordaithe, lena ráthaítear sábháilteacht othar, chomh maith le drogall roimh an vacsaíniú, mífhaisnéis agus bréagaisnéis a sheachaint;
315. ag spreagadh na mBallstát iarrachtaí a dhéanamh chun sonraí maidir le fo-éifeachtaí a bhailiú ar bhealach tráthúil agus leormhaith, agus na sonraí sin a chur isteach sa bhunachar sonraí faireachais cógas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá faireachas cógas, bearta maolaithe chun frithghníomhartha díobhálacha a chosc, dliteanas a chinneadh agus cúiteamh tapa a áirithiú i gcás díobhála ó mhonaróirí;
(vii) Institiúidí AE
316. á iarraidh go ndéanfaí gníomhaireacht uathrialach AE de HERA, le sainordú láidir agus dea-shainithe ón gComhairle agus ón bParlaimint (lena n-áirítear ról taighde tionsclaíoch cuí, agus sainordú), lena n-áiritheofaí formhaoirseacht pharlaiminteach agus, dá bhrí sin, lena méadófaí trédhearcacht, le hacmhainní méadaithe agus buiséad chun a shainordú a chomhlíonadh, agus é á chomhordú le tionscnaimh sláinte eile de chuid AE, ag díriú a chuid gníomhaíochtaí ar an leas poiblí a choimirciú, lena n-áirítear trí choinníollacha rochtana agus roghanna dlíthiúla chun aistriú teicneolaíochta agus comhroinnt eolais a shainordú;
2.Cur chuige comhordaithe le hurraim don daonlathas agus do chearta bunúsacha
(a) Muinín a chothú
(i) Cumarsáid sláinte níos fearr agus níos éifeachtaí ón Aontas, go háirithe maidir le heipidéimí nó géarchéimeanna sláinte
317. á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar fheidhmiú na gceart bunúsach, go háirithe cearta grúpaí áirithe, amhail daoine scothaosta, leanaí, mná agus daoine óga, agus go raibh tionchar díobhálach ar leith aici ar ghrúpaí atá imeallaithe cheana féin, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, daoine faoi mhíchumas, imircigh, daoine a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar chiníochas, daoine atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus daoine LADTIA+; á chur i bhfáth go bhfuil muinín as údaráis phoiblí agus institiúidí poiblí agus as an eolaíocht a chuirtear i bhfeidhm i gcinnteoireacht institiúidí poiblí fíor-riachtanach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar phaindéimí agus nach féidir í a choinneáil gan trédhearcacht agus cumarsáid bunaithe ar fhianaise eolaíoch i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil ag an am, arna seachadadh ar bhealach trédhearcach agus intuigthe don phobal i gcoitinne; á aithint go ndearna scaipeadh faisnéise atá bréagach ó thaobh na heolaíochta nó na míochaine de i lár géarchéime sláinte dochar tromchúiseach do shláinte dhaonra an Aontais agus fiú go gcuirtear beatha na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas i mbaol; á chur in iúl gur saoth léi úsáid na bréagnuachta agus na bréagaisnéise arna spreagadh go polaitiúil, agus na hiarrachtaí chun na hinstitiúidí poiblí a dhíchobhsú trí na modhanna sin le linn géarchéime; á thabhairt dá haire go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar fhormhaoirseacht dhaonlathach agus ar thrédhearcacht institiúidí poiblí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar diúltach ag na forbairtí sin ní hamháin ar mhuinín na saoránach as institiúidí poiblí ach ar chomhtháthú sóisialta freisin; á chur i bhfios go láidir go méadaíonn muinín agus nochtadh comhsheasmhach doiciméad poiblí mar aon le cinntí eolaíochtbhunaithe a chur in iúl ar bhealach soiléir, éifeachtach agus intuigthe don phobal i gcoitinne toilteanas daoine moltaí sláinte dá ndeoin féin a leanúint agus muinín an phobail i gcoitinne;
318. á chur i bhfáth gur gá cinntí maidir leis na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun dul i ngleic le paindéimí, go háirithe nuair a bhíonn srian ar shaoirsí i gceist leo, a bheith bunaithe ar chritéir eolaíocha agus ar chomhairle na n-údarás eolaíoch sa réimse trí phróisis chinnteoireachta fhoirmiúla, thrédhearcacha;
319. ag tabhairt dá haire iarrachtaí EMA chun faisnéis shoiléir, thrédhearcach, chruinn agus thráthúil a sholáthar maidir le húdarú agus maoirseacht vacsaíní agus teiripeacha COVID-19, le luas agus minicíocht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus á aithint go bhfuil bearta curtha chun feidhme cheana féin ag an ngníomhaireacht chun trédhearcacht a ghníomhaíochtaí rialála maidir le vacsaíní agus cóireálacha COVID‑19 a mhéadú; ag aithint gur gá don ghníomhaireacht leanúint d’fheabhas breise a chur ar thrédhearcacht, ar chumarsáid agus ar infhaighteacht faisnéise agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an ngníomhaireacht trédhearcacht agus infhaighteacht iomlán faisnéise maidir le vacsaíní agus a bpróisis údaraithe a áirithiú, d’fhonn muinín an phobail a chothú agus faisnéis iomlán a sholáthar faoi chistí poiblí agus faoina gcaiteachas; á aithint go raibh cumarsáid na gníomhaireachta ríthábhachtach chun saoránaigh a chur ar a suaimhneas, chun mífhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac le linn na paindéime agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ardleibhéil trédhearcachta a áirithiú i bhfeidhmiú na gníomhaireachta; ag aithint gur gá do ECDC, don Choimisiún agus do na Ballstáit feabhas a chur ar a straitéisí trédhearcachta agus cumarsáide in aimsir géarchéime;
320. á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí ann idir cumas na mBallstát dul i ngleic leis an mbréagaisnéis; á thabhairt dá haire gur fachtóir amháin iad na difríochtaí sin a chuireann le héagothromaíochtaí ó thaobh drogall roimh an vacsaíniú de;
321. á aithint, in ainneoin na bréagaisnéise a scaipeadh laistigh den Aontas, gur chuir saoránaigh agus sochaí an Aontais i gcoitinne fáilte mhór roimh na vacsaíní i gcoinne COVID-19 agus á thabhairt chun suntais go raibh braistint mhór freagrachta na saoránach bunriachtanach chun go mbeidh dea-fheidhmiú agus rath ar an bhfeachtas vacsaínithe i roinnt mhaith Ballstát;
322. á mheas go bhfuil oideachas sláinte, i measc beartas eile, lena n-áirítear cumarsáid agus gaireacht do sholáthraithe cúraim sláinte agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile, mar aon le fianaise eolaíoch agus torthaí a chur in iúl ar bhealach intuigthe, litearthacht sna meáin agus trédhearcacht nósanna imeachta poiblí, réitigh phobalbhunaithe agus for-rochtain ar phobail imeallaithe ar chuid de na príomhthosca chun drogall roimh an vacsaíniú a laghdú;
(ii) dul i ngleic leis an mífhaisnéis agus leis an mbréagaisnéis agus ról na meán sóisialta
323. á thabhairt chun suntais gur dúshlán atá ag teacht chun cinn í an bhréagaisnéis a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aici ar phróisis dhaonlathacha agus ar dhíospóireachtaí sochaíocha a dhéanann difear do na réimsí beartais uile, chun an bonn a bhaint de mhuinín na saoránach as an daonlathas agus chun comhar agus dlúthpháirtíocht Eorpach a dhíspreagadh;
324. á aithint gur gá cosaint níos fearr a thabhairt don spás faisnéise Eorpach; ag tabhairt dá haire an fás tapa atá tagtha ar mhífhaisnéis agus ar bhréagaisnéis ar na meáin shóisialta agus ar eagraíochtaí traidisiúnta na meán le linn na paindéime agus á mholadh go láidir straitéisí a fhorbairt chun mífhaisnéis a chosc le linn géarchéimeanna;
325. á mheabhrú gurb é an bealach is fearr chun bréagaisnéis a chomhrac ná an ceart chun faisnéise agus an ceart chun tuairimí a nochtadh a chosaint agus a áirithiú, lena dtacaítear le hiolrachas na meán agus leis an iriseoireacht neamhspleách; á iarraidh ar na Ballstáit, sa chomhthéacs sin, trédhearcacht a áirithiú agus bearta á nglacadh acu i ngéarchéim agus faisnéis agus sonraí atá cuimsitheach, cothrom le dáta, beacht agus oibiachtúil a chur ar fáil dá saoránaigh maidir leis an staid agus na bearta a dhéantar chun í a rialú, chun bréagaisnéis a chomhrac arb é is aidhm di eolas eolaíoch faoi rioscaí sláinte a mhíchlú nó a shaobhadh;
326. á chur i bhfáth gur gá le faisnéis a bheith intuigthe, comhsheasmhach, bunús eolaíoch a bheith léi agus curtha ar bhealach tráthúil chun mífhaisnéis a sheachaint agus ar an gcaoi sin treoir a chur ar fáil don phobal, do na meáin agus do sholáthraithe cúraim sláinte agus comhlíonadh moltaí sláinte poiblí a áirithiú;
327. á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar an ‘Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis’ in 2022 agus ag tacú go láidir lena ghealltanais nua agus ag moladh tuarascáil luath ar a thionchar;
328. á chur in iúl gur geal léi an gníomh Eorpach um shaoirse na meán atá beartaithe, atá ceaptha chun saoirse agus éagsúlacht na meán a chaomhnú i bhfianaise uirlisí frith-mhífhaisnéise; á chur in iúl gur geal léi obair seiceála fíricí iriseoirí chun cur i gcoinne na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise, agus cearta bunúsacha agus prionsabal shaoirse an phreasa á n-urramú go cuí; á iarraidh go mbeadh níos mó acmhainní ann chun oiliúint maidir le huirlisí frith-mhífhaisnéise a éascú agus á mholadh go mbeadh comhar níos láidre ann idir na meáin chun scaipeadh na bréagnuachta a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí in aimsir géarchéime chun a áirithiú gur féidir le hiriseoirí oibriú go sábháilte, agus na meáin nuachta a aithint mar sheirbhís bhunriachtanach;
329. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh tascfhórsa buan maidir le mífhaisnéis (roinn StratCom na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí) chun faireachán a dhéanamh ar scála na mífhaisnéise san Aontas agus á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe an plean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach chun straitéis choiteann Eorpach a bhunú chun dul i ngleic le mífhaisnéis chomh maith leis an bpacáiste um Chosaint an Daonlathais atá ar na bacáin;
330. á thabhairt chun suntais gur féidir le feachtais bhréagaisnéise, mar aon le cibirionsaithe, a bheith mar chuid de straitéisí ‘cogaíochta hibrideacha’ ag cumhachtaí eachtracha agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu mar chuid de straitéis slándála níos leithne;
331. á chur in iúl gur geal léi úsáid an Chórais Mear-Rabhaidh atá ann cheana le linn ghéarchéim COVID-19, a ceapadh go sonrach chun feachtais eachtracha bhréagaisnéise a chomhrac; á thabhairt dá haire go bhfuil bosca uirlisí ar na bacáin arna bhunú go comhpháirteach ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, lena leagtar amach réitigh ghníomhaíochta maidir le forbairt athléimneachta, rialála agus freagartha; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid níos forleithne a bhaint as an gCóras Mear-Rabhaidh agus as modhanna iomchuí eile chun an comhar le hinstitiúidí AE agus eatarthu féin a neartú, lena n-áirítear chun faisnéis atá ar fáil maidir le tásca sláinte na staide mar atá ar an láthair agus maidir lena dhul chun cinn, a chomhroinnt; ag cur béim ar an bhfíoras go raibh ról ríthábhachtach ag for-rochtain agus ag cumarsáid sa chomhrac i gcoinne na paindéime;
332. á chur in iúl gur geal léi bunú na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) lena dtacófar le pobal ildisciplíneach neamhspleách maidir le bréagaisnéis faoi COVID-19 le bonneagar teicneolaíochta a bhfuil uirlisí agus seirbhísí aige; á mholadh go gcabhródh EDMO le húdaráis phoiblí taighde a dhéanamh laistigh dá inniúlachtaí agus go mbunódh sé naisc iomchuí leis an gCóras Mear-Rabhaidh;
333. á mheabhrú ról na meán, go háirithe na meáin shóisialta maidir le hardán a chur ar fáil i scaipeadh mífhaisnéise agus bréagaisnéise a bhaineann le COVID-19 agus ceisteanna sláinte i gcoitinne; á chur i bhfios go láidir go bhfuil samhail ghnó go leor cuideachtaí meán sóisialta bunaithe ar clicmhealladh agus, dá bhrí sin, ar bhréagnuacht agus fuathchaint a ghéarú;
334. ag aithint an chomhair theoranta idir ardáin na meán sóisialta, mar gheall ar easpa soiléireachta ina dtuarascálacha agus á chur in iúl gur oth léi na difríochtaí idir straitéisí vacsaínithe, comhairle agus teachtaireachtaí vacsaínithe na mBallstát, a mbíonn teachtaireachtaí contrártha do spriocghrúpaí sonracha mar thoradh orthu uaireanta, a bhféadfadh drogall roimh an vacsaíniú a bheith mar thoradh orthu;
335. á mheabhrú go bhfuil samhail ghnó na n-ardán ar líne fós bunaithe ar shonraí, agus go bhfuil cumas na n-ardán ar líne méideanna móra sonraí pearsanta a bhailiú ag brath ar an úsáid a bhaineann ardáin na meán sóisialta as algartaim; á mheas go bhfuil ról ag algartaim maidir le hinsintí bréagacha a mhéadú;
336. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar ardáin na meán sóisialta chun tuiscint a fháil ar threochtaí leanúnacha agus treochtaí atá ag teacht chun cinn sa bhréagaisnéis agus sa bhréagnuacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhar níos fearr agus níos láidre a éileamh ó na hardáin sin, chun a áirithiú go mbeidh an díospóireacht phoiblí bunaithe ar mhuinín, trédhearcacht agus faisnéis cheart;
337. á chur in iúl gur geal léi glacadh an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha(49) (DSA) agus an Ghnímh um Margaí Digiteacha(50) in 2022, arb é is aidhm dó spás digiteach níos sábháilte a chruthú ina gcosnaítear cearta bunúsacha úsáideoirí uile na seirbhísí digiteacha; ag aithint go bhfuil gá le níos mó trédhearcachta ó chuideachtaí meán sóisialta maidir leis an inneachar a chomhroinneann siad ar a n-ardáin, céard iad na fógraí atá íogair ó thaobh na polaitíochta de a foilsíodh agus maidir leis na sonraí a stórálann siad lena n-úsáid amach anseo; á chur in iúl gur geal léi forálacha DSA lena gceanglaítear ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne faisnéis a sholáthar maidir le halgartaim, chun rochtain orthu a cheadú, chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-oibríonn siad, chun measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar phróisis dhaonlathacha agus toghcháin, agus chun bearta maolaithe riosca a dhéanamh;
338. á mholadh go dtacófaí le gníomhaíocht spriocdhírithe maidir leis an gcuimsitheacht sa téarnamh iarphaindéimeach chun an spás daonlathach a chosaint agus chun go mbeidh sé ionadaíoch do gach guth sa tsochaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin agus tacaíocht mhéadaithe don smaointeoireacht chriticiúil d’úsáideoirí na meán sóisialta ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise;
339. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go mbeadh Coiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha Uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear Bréagaisnéis (INGE) ag an bParlaimint, lena n-áirítear an bhréagaisnéis, agus um neartú an ionracais, na trédhearcachta agus na cuntasachta i bParlaimint na hEorpa;
(iii) an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail, lena n-áirítear éisteacht le hábhair imní an phobail agus aghaidh a thabhairt orthu
340. á mholadh, thairis sin, go n-áireofaí ionadaithe na n-údarás agus na bpobal áitiúil, réigiúnach agus críochach, lena n-áirítear oifigigh thofa, ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas idirinstitiúideach, il-leibhéil chun muinín a chothú, seachadadh faisnéis ina bhfuil na fíricí ceart do gach ball den tsochaí, a chomhordú agus rannpháirtíocht ghníomhach an phobail a chothú le linn géarchéime; á mholadh go nglacfaí cur chuige duinelárnach ar bhonn prionsabail maidir le cláir oibre agus beartais um fhreagairt i dtaca le héigeandáil sláinte a fhorbairt; á mholadh go gcuirfeadh an Coimisiún torthaí na gcomhairliúchán poiblí san áireamh go hiomlán ina thograí reachtacha a bhaineann le bainistiú paindéime; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, an ról tábhachtach atá ag an bpobal eolaíochta, ag eagraíochtaí othar, ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le muinín an phobail a chothú agus a fheabhsú agus á mholadh go mbeadh rannpháirtíocht níos fearr leo;
341. ag aithint an ról lárnach atá ag na húdaráis áitiúla, go háirithe réigiúin agus bardais, le linn na paindéime, ós rud é go raibh siad ar an líne thosaigh agus iad ag cur cúram sláinte ar fáil agus ag áirithiú go ndearnadh frithbhearta na paindéime a chur chun feidhme i gceart;
(b) COVID-19 agus cearta bunúsacha
342. á athdhearbhú a thábhachtaí atá próisis sheanbhunaithe ghrinnscrúdaithe, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus formhaoirseacht dhaonlathach bunaithe ar roinnt na gcumhachtaí idir cumhachtaí feidhmiúcháin, reachtacha agus breithiúnacha chun a áirithiú go dtabharfar na húdaráis náisiúnta chun cuntais as sáruithe ar shaoirse comhthionóil, ar shaoirse cainte, ar an gceart chun maoine príobháidí agus ar chearta othar, agus chun deimhneacht agus intuarthacht a áirithiú maidir le hathruithe ar rialacha do ghnólachtaí; á chur i bhfios go láidir gur gá aon srian ar chearta bunúsacha a bheith teoranta ó thaobh ama de agus a bheith comhréireach leis an ngá sealadach atá ann an daonra a chosaint; á mholadh nár cheart bearta éigeandála a bheith i bhfeidhm ach chomh fada agus is gá; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé clásail éagtha a chur i bhfeidhm maidir le bearta éigeandála i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; á thabhairt dá haire gur ghlac na húdaráis náisiúnta bearta éigeandála go ginearálta le linn na paindéime chun an tsláinte phoiblí a chosaint; á chur in iúl gur oth léi an tionchar ar chearta an duine, go háirithe ar na daoine is leochailí agus is imeallaithe;
343. á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, i gcásanna áirithe, go ndearna na Ballstáit a thug isteach staid éigeandála nó córas coibhéiseach an uirlis éigeandála sin a úsáid chun srian a chur le ceart chun saoirse tionóil na ndaoine den fhreasúra pholaitiúil, agus gur bhain siad úsáid as an uirlis éigeandála sin mar dheis chun reachtaíocht nó pleananna forbartha conspóideacha a rith;
(I) Deimhniú COVID-19, aipeanna rianaithe agus a slándáil
344. á chur in iúl gur geal léi rath foriomlán Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais agus á mheabhrú a bhuntábhacht maidir leis an tsláinte phoiblí a chosaint; á mheabhrú go raibh an deimhniú bunriachtanach chun saorghluaiseacht agus sláine an mhargaidh aonair a ráthú a luaithe a d’fhág staid na sláinte poiblí gur féidir srianta agus teorainneacha a scaoileadh; á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá sé mar shamhail don Aontas chun réitigh dhigiteacha sláinte uile-Aontais den chineál sin a chur in úsáid go rathúil más gá sa todhchaí; á thabhairt dá haire, go raibh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, in éineacht le bunú cur chuige comhordaithe maidir le teorainn sheachtrach AE, ríthábhachtach chun saorghluaiseacht daoine a athbhunú;
345. ag aithint na mbuntáistí a bhaineann le Deimhniú Digiteach COVID-19 an Aontais (DCC AE), atá bunaithe ar theicneolaíochtaí agus ar chaighdeáin foinse oscailte, lenar ceadaíodh nascadh idir tíortha nach bhfuil san Aontas agus lenar éascaíodh taisteal laistigh den Aontas agus ar fud an domhain araon; á aithint go bhféadfadh córas domhanda arna bhunú ag EDS a bheith ina chúnamh chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda sláinte amach anseo; á áitiú go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go hiomlán, mar chomhreachtóir, agus córas den sórt sin á bhunú amach anseo ar bhonn chreat AE DCC; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún togra reachtach iomchuí ar aghaidh i gcás ina mbeadh gá leis mar gheall ar phaindéim amach anseo; á mheabhrú an teorainn ama shoiléir chun DCC AE a úsáid in AE mar thoradh ar bhunú clásal éagtha; á chur in iúl gur oth léi gur chinn an Coimisiún go haontaobhach díriú ar ábhar an bhonneagair, atá nasctha go polaitiúil le Rialachán bunaidh AE maidir le DCC; á athdhearbhú an éilimh sin ar chórais AE agus dhomhanda amach anseo; á iarraidh go n-urramóidh aon chóras a bheidh ann amach anseo prionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta agus an riachtanais
346. á thabhairt dá haire go bhfuil creat láidir dlíthiúil um chosaint sonraí ag an Aontas chun daoine nádúrtha a chosaint agus a gcuid sonraí pearsanta á bpróiseáil aige; á thabhairt chun suntais gur urramaíodh an creat reachtach sin le Deimhniú Digiteach COVID AE agus le haipeanna rianaithe bunaithe ar an bprótacal maidir le Rianú Gaireachta lena gCaomhnaítear Príobháideachas (DP-3T), agus saorghluaiseacht shaoránaigh an Aontais faoi na rialacha sláintíochta a cuireadh i bhfeidhm le linn na géarchéime á ceadú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur fhorbair innealtóirí príobháideachais Eorpacha an dá chóras agus gur úsáideadh ar fud an domhain iad; á mheabhrú gur chumasaigh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais comhordú idir na Ballstáit trí rialacha comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, lena seachnaítear córais éagsúla idir na Ballstáit agus mí-eagar;
347. á chur in iúl gurb oth léi go raibh cur chuige éagsúil i measc na mBallstát agus glacadh beart náisiúnta maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a úsáid a chuaigh thar an gcuspóir saorghluaiseacht daoine agus soghluaisteacht a athbhunú, rud a bhain an bonn den mhuinín an phobail as an uirlis; á aithint go raibh roinnt modhanna agus uirlisí rianaithe teagmhálaithe a tugadh isteach agus a úsáideadh ar an leibhéal náisiúnta éadaingean, gan éifeacht, nó a sháraíonn ar phríobháideachas; á iarraidh ar na Ballstáit foghlaim ó na botúin sin;
(II) Tionchar ar chearta grúpaí leochaileacha agus imeallaithe
348. á mheas gur gné imní í an deighilt dhigiteach d’ullmhacht agus d’athléimneacht AE, ós rud é go mbíonn tionchar ar leith ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe den daonra toisc go mbíonn níos lú deiseanna nasctha acu de ghnáth; á chur i bhfios go láidir, le linn géarchéime, gur mó i bhfad an difear a dhéantar do dhaoine agus do phobail imeallaithe, do mhionlaigh agus do dhaoine faoi mhíbhuntáiste ná don phobal i gcoitinne; á aithint go ndearna srianta ar na saoirsí bunúsacha, a bhfuil údar leo ar fhorais sláinte poiblí, difear díréireach do na grúpaí daonra sin, rud a chuir lena leithlisiú agus lena scoiteacht ón tsochaí i gcoitinne;
349. á aithint go raibh idirdhealú indíreach mar thoradh ar an easpa creataí dlíthiúla soiléire agus acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear le linn triáise, as a n-eascraíonn cóir neamhionann nó tionchair dhiúltacha ar leith ar ghrúpaí áirithe, go háirithe daoine faoi mhíchumas; á thabhairt chun suntais, chun freastal go rathúil ar riachtanais na ndaoine is boichte agus is imeallaithe le linn paindéime, nach mór an fhreagairt sláinte i gcásanna éigeandála a bheith bunaithe ar phrionsabail an chothromais agus an chuimsithe;
350. á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht níos láidre ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, grúpaí sainleasa agus coistí eitice i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán na mbeart sláinte, chun cearta bunúsacha daoine leochaileacha agus imeallaithe i gcásanna éigeandála a choimirciú;
351. á iarraidh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndearna bearta éigeandála sláinte difear díréireach do phobail mhionlaigh agus/nó imeallaithe;
352. á aithint go léirítear i dtaighde a rinneadh roimhe seo ar phaindéimí go bhfuil leitheadúlacht agus déine an fhoréigin inscnebhunaithe níos measa le linn géarchéimeanna; á thabhairt chun suntais, le linn na ndianghlasálacha a d’eascair as an bpaindéim, gur tháinig méadú suntasach ar fhoréigean inscne in aghaidh na mban agus na leanaí mar gur chothaigh na bearta sriantacha timpeallacht chumasúcháin go háirithe do mhí-úsáideoirí;
353. á thabhairt dá haire, gur thuairiscigh tíortha Eorpacha EDS méadú 60 % ar ghlaonna éigeandála ó mhná atá faoi réir foréigin ag a bpáirtí dlúthchaidrimh agus á thabhairt chun suntais sa chomhthéacs sin staid achrannach na mban a ndéantar leithcheal trasnach orthu; á thabhairt dá haire gur fhág rochtain theoranta ar sheirbhísí tacaíochta, amhail tearmainn do mhná agus beolínte do mhná in go leor cásanna, mná gan aon áit le dul agus cabhair a lorg; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur spreag an digitiú méadú inbhraite ar fhoréigean inscnebhunaithe ar líne toisc go bhféadfadh daoine aonair mí-úsáideacha a n-íospartaigh nó na daoine is leochailí a rianú trí uirlisí digiteacha a úsáid;
354. á chur i bhfáth gur measa leochaileacht an daonra scothaosta mar gheall ar a leochaileacht agus a prognóis níos boichte, mar gheall ar a meánaois níos mó agus a gcomhghalrachtaí rialta, rud a d’fhág castacht chliniciúil agus cur chuige neamh-aonfhoirmeach maidir le cúram do dhaoine scothaosta;
(c) Formhaoirseacht dhaonlathach ar an bhfreagairt ar phaindéimí
355. á chur in iúl gur oth léi go raibh ról an-teoranta ag an bParlaimint le linn na paindéime, ós rud é gur faoin mbrainse feidhmiúcháin den chuid is mó a fágadh cinntí; á mheabhrú gur gá do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta a bpríomhfheidhmeanna bunreachtúla reachtaíochta a fheidhmiú, formhaoirseacht a dhéanamh ar an bhfeidhmeannas agus ionadaíocht na saoránach gan beann ar an bpráinn;
(i) Formhaoirseacht dhaonlathach ar an bhfreagairt ar phaindéimí ar an leibhéal náisiúnta
356. ag tabhairt dá haire difríochtaí suntasacha sa mhéid formhaoirseachta parlaimintí ar bhearta éigeandála a bhaineann le COVID‑19‑idir na Ballstáit, cé go bhfuil feidhmeanna formhaoirseachta arna ndéanamh ag parlaimintí náisiúnta fós ina gceanglas bunriachtanach maidir leis an daonlathas parlaiminteach, go háirithe tráth a thugtar isteach staideanna éigeandála, ionas go n-aistreofar níos mó cumhachta i dtreo an fheidhmeannais, agus go n-éilítear le formhaoirseacht pharlaiminteach éifeachtúil creat dlíthiúil lena ráthaítear cearta Feisirí freasúra agus mionlaigh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go ráthófaí leis an gcreat reachtach go dtabharfaí isteach clásal éagtha agus clásal meastóireachta san fhoraithne maidir le staid éigeandála, go n-urramódh parlaimintí gcomhpháirtíocht, más féidir, grinnscrúdú buiséadach, le hiniúchtaí neamhspleácha agus rannpháirtíocht na bparlaimintí i gcruthú coistí eolaíocha;
357. á aithint gur cheart bearta staide éigeandála leanúint de bheith de chineál sealadach agus nár cheart do rialtais fad a chur lena n-éifeacht thar thréimhse na géarchéime ar leith; á chur i bhfios go láidir, fiú i gcásanna éigeandála den sórt sin, nach mór an smacht reachta a ráthú i gcónaí;
358. á chur i bhfáth go raibh srian ar fhormhaoirseacht pharlaiminteach le linn na paindéime, á thabhairt dá haire gur ghlac údaráis náisiúnta dianbhearta éigeandála le linn na paindéime chun an tsláinte phoiblí a chosaint;
359. á aithint nach raibh srianta agus ceartúcháin ná deighilt na gcumhachtaí i mBallstáit AE ráthaithe i gcónaí ná nach raibh forlámhas acu i gcónaí faoi na dlíthe éigeandála;
360. á thabhairt dá haire, go bhfuil comhlachtaí, údaráis agus nósanna imeachta bunaithe ag na Ballstáit chun comhairle eolaíoch a sholáthar maidir le beartais phoiblí a fhoirmliú agus maidir le bearta a ghlacadh, lena n-áirítear i gcásanna géarchéime; á mholadh, i ngéarchéimeanna amach anseo, amhail paindéimí, gur cheart ainmneacha chomhaltaí agus ghairmithe na ngrúpaí saineolaithe sin a chur ar aghaidh chuig na parlaimintí náisiúnta lena ngrinnscrúdú agus lena n-eolas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus cleachtais náisiúnta;
361. á aithint go raibh ról tábhachtach ag na cúirteanna maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar reachtaíocht éigeandála faoi bhunreachtanna na mBallstát ábhartha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di dúnadh iomlán na gcúirteanna i mBallstáit áirithe, rud a chuir cosc éifeachtach ar rochtain ar aon mhodh chun agóid a dhéanamh in aghaidh bearta sriantacha a tugadh isteach chun freagairt ar an bpaindéim nó ar ábhair eile, go háirithe iad siúd chun feidhmiú ceart neamh-inmhaolaithe agus absalóideach a chosaint dá bhforáiltear le hAirteagal 2 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR); á chur i bhfios go láidir gur gá neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smachta reachta a ráthú le linn paindéimí;
362. á mheas, i ndiaidh na paindéime agus chogadh leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht, cuntasacht a choimirciú mar phríomhphrionsabail atá leabaithe i luachanna daonlathacha na hEorpa agus gur gá pleananna córasacha seachas bearta ad hoc a cheapadh;
363. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil na dúshláin atá ann cheana don daonlathas, do chearta bunúsacha, don chóras srianta agus ceartúchán agus don smacht reachta níos measa i roinnt Ballstát mar gheall ar an ngéarchéim; á chur in iúl gurb oth léi gur measadh go raibh roinnt de na hionstraimí a d’úsáid na Ballstáit chun bearta urghnácha a ghlacadh míbhunreachtúil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leathadh na dteoiricí comhcheilge, an antoisceachais pholaitiúil agus na fuathchainte le linn na paindéime i bhformhór na mBallstát agus á mheas gur bagairt é sin do dhaonlathais Eorpacha agus do luachanna Eorpacha; á chur i bhfáth gur gá d’údaráis phoiblí aird cheart a thabhairt ar an bhforbairt sin agus gur gá aghaidh a thabhairt uirthi go cothrománach;
(ii) Formhaoirseacht dhaonlathach ar an bhfreagairt ar phaindéimí ar leibhéal an Aontais
364. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh an lámh uachtarach ag an mbrainse feidhmiúcháin i gcinnteoireacht éigeandála le linn na paindéime, rud a bhain an bonn de shainchumais na Parlaiminte agus den chumas formhaoirseacht pholaitiúil a dhéanamh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá athmheasúnú a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm chun sainchumais na Parlaiminte a choimirciú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle teorainn a chur le húsáid Airteagal 122 CFAE, agus rialú parlaiminteach a mhéadú, lena n-áirítear tionscnamh reachtach Pharlaimint na hEorpa i ngníomhaíochtaí práinnfhreagartha, agus comhchinnteoireacht le haghaidh ionstraimí éagsúla chun dlisteanacht gníomhaíochtaí práinnfhreagartha a neartú;
365. á thabhairt dá haire, le linn phaindéim COVID-19, gur ghlac an Pharlaimint bearta urghnácha agus gur thug sí faoi ghníomhaíocht nuálach a chuir ar a cumas leanúint lena cuid gníomhaíochtaí, a dualgais a chomhlíonadh agus a sainchumais reachtacha, bhuiséadacha, ghrinnscrúdaithe agus formhaoirseachta a fheidhmiú faoi na Conarthaí, agus sláinte na bhFeisirí, na foirne agus daoine eile á gcosaint ag an am céanna le linn na paindéime; á thabhairt chun suntais cumas na Parlaiminte leanúint lena cuid seirbhísí ateangaireachta i 24 theanga oifigiúla AE, fiú le linn cianchruinnithe;
366. á iarraidh go ndéanfar tuilleadh comhordaithe i measc institiúidí an Aontais maidir le bearta urghnácha a ghlacadh agus á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin digitithe chun a áirithiú gur féidir le hinstitiúidí an Aontais, an Pharlaimint go háirithe, a sainorduithe agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh trí bhíthin cruinnithe pearsanta, amhail suíonna iomlánacha agus caibidlíochtaí idirinstitiúideacha (cruinnithe tríthaobhacha); ag aithint, áfach, an luach a bhaineann le réitigh dhigiteacha agus chianda nuair a bhíonn gá leo i gcásanna éigeandála, go háirithe ar chúiseanna sláinte poiblí;
367. ag cur béim ar an bhfíoras go raibh moill ar phróiseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid mar thoradh ar an bpaindéim agus ar na hathruithe ar nósanna imeachta oibre na n-institiúidí ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach do na hinstitiúidí sásraí a chur ar bun chun a áirithiú go gcoinneofar an leibhéal is airde trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid, fiú i gcás géarchéime;
(d) COVID-19 agus srianta na mBallstát ar shaorghluaiseacht daoine
368. á thabhairt chun suntais, mar fhreagairt ar ionfhabhtuithe COVID-19, gur athbhunaigh roinnt stát Schengen rialuithe ag teorainneacha inmheánacha nó gur dhún siad a dteorainneacha, gan critéir eipidéimeolaíocha, nó gur fhorchuir siad srianta ar chatagóirí áirithe taistealaithe, lena n-áirítear saoránaigh AE agus baill dá dteaghlaigh agus náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí ar a gcríoch nó ar chríoch Ballstáit eile, rud a bhaineann an bonn de phrionsabal na saorghluaiseachta agus de bhunbhrí chomhar Schengen; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur dúshlán iad na srianta agus na bearta taistil sin do shláine limistéar Schengen, gur bhain siad an bonn d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go raibh tionchar diúltach acu ar an ngeilleagar;
369. á chur i bhfáth go raibh iarmhairtí suntasacha ag cur chuige neamh-chomhordaithe na mBallstát agus ag an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann leis na srianta taistil arna bhforchur ag na Ballstáit ar thaistealaithe agus ar an tionscal turasóireachta araon;
370. á thabhairt dá haire, nár thug na Ballstáit fógra i gcónaí don Choimisiún faoi rialuithe nua teorann, nó nár thíolaic siad tuarascálacha éigeantacha ex post lena ndéantar measúnú, i measc pointí eile, ar éifeachtacht agus comhréireacht a rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, agus nuair a tíolacadh na tuarascálacha sin, gur minic nár chuir siad faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir leis na saincheisteanna sin; á aithint go ndearna sé sin difear do chumas an Choimisiúin anailís láidir a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíon na bearta rialaithe teorann reachtaíocht Schengen; á athdhearbhú gur cheart aon rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith comhréireach agus mar bheart na rogha deiridh agus tréimhse theoranta i gceist leo agus á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún grinnscrúdú cuí a fheidhmiú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh rialuithe ag teorainneacha inmheánacha reachtaíocht Schengen agus chun bailiú sonraí faoi shrianta taistil a chuíchóiriú agus chun treoir níos inghníomhaithe a sholáthar maidir le cur chun feidhme rialuithe ag teorainneacha inmheánacha;
371. á thabhairt chun suntais gur fhoilsigh an Coimisiún, in 2020, treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí riachtanacha a áirithiú, chun go ráthóidh na Ballstáit feidhmiú leanúnach na slabhraí soláthair sa mhargadh aonair agus chun aon ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, mar aon le treoirlínte maidir le saorghluaiseacht oibrithe a fheidhmiú le linn ráig COVID-19 chun ligean d’oibrithe i ngairmeacha criticiúla, go háirithe, gníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí bunriachtanacha a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi an ghníomhaíocht a rinneadh chun ‘lánaí glasa’ a shuiteáil chun oibriú an mhargaidh aonair agus saorghluaiseacht earraí a choimirciú, ach á iarraidh go n-ullmhófaí pleananna gníomhaíochta saincheaptha chun saorghluaiseacht oibrithe agus daoine trasteorann a choimirciú i ngéarchéimeanna amach anseo; á mheabhrú go raibh fadhbanna ann maidir le hoibriú na lánaí glasa ar roinnt bealaí mar gheall ar easpa seirbhísí agus soláthairtí íosta, a raibh tionchar diúltach acu ar thiománaithe agus ar oibrithe iompair;
372. ag tabhairt dá haire an togra ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2016/399 an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)(51) lena dtugtar aghaidh, inter alia, ar chumas Bhallstáit Schengen freagairt ar bhealach aonfhoirmeach do mhórbhagairtí ar an tsláinte phoiblí; á thabhairt chun suntais gur gá cur chuige comhordaithe a leanúint i measc na mBallstát i gcásanna géarchéime sláinte, chun a áirithiú go n-athbhunófar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ag na Ballstáit mar rogha na dála deiridh ar fad agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun a ráthú go n-urramófar an ceart chun tearmainn agus prionsabal an non-refoulement le linn géarchéimeanna sláinte;
(e) Conclúidí
373. á aithint, le linn na géarchéime, go raibh ar institiúidí Eorpacha agus náisiúnta aghaidh a thabhairt ar chásanna eisceachtúla inar ghá déileáil go práinneach le hábhair áirithe; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart go leanfadh trédhearcacht agus cuntasacht de bheith ina dtosaíochtaí le linn géarchéimeanna, go háirithe, chun muinín na saoránach i bhfeidhmiú institiúidí poiblí a chothú agus a chothabháil; á chur i bhfáth go bhfuil gá le pleananna ullmhachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus nach mór iad sin a bheith bunaithe ar urraim do chearta bunúsacha agus don smacht reachta, chun sáruithe a sheachaint in aimsir géarchéime;
374. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcloífear leis na caighdeáin is airde ar mhaithe le leas an phobail a choimirciú; ag tathant ar an gCoimisiún, agus folaithe ar dhoiciméid oifigiúla á gcinneadh aige, liosta a dhéanamh den eisceacht shonrach faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(52) atá á cur i bhfeidhm maidir le gach folú aonair, seachas maidir leis an doiciméad ina iomláine;
375. á mholadh do na Ballstáit litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach, oideachas saorántachta, urraim do chearta bunúsacha, smaointeoireacht chriticiúil agus cur chun cinn rannpháirtíocht an phobail ar churaclaim scoile agus ollscoile a áireamh, i gcomhthráth leis na hiarrachtaí chun feasacht a mhúscailt i measc daoine fásta;
376. á chur i bhfáth a thábhachtaí agus a riachtanaí atá idirphlé feabhsaithe i measc gairmithe cúraim sláinte, na n-údarás poiblí lena mbaineann, grúpaí taighde agus an tionscail cógaisíochta le linn paindéimí, maidir le cumarsáid maidir le galair agus treoirlínte le haghaidh paindéimí agus géarchéimeanna sláinte amach anseo;
377. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis a fhorbairt tuilleadh chun cur i gcoinne éifeachtaí diúltacha a bhaineann le ‘eipidéimí faisnéise’ i ngéarchéimeanna amach anseo;
378. á mholadh do na hInstitiúidí Eorpacha agus do na Ballstáit treoirlínte a tharraingt suas maidir le conas dul i ngleic leis na ceisteanna eiticiúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn géarchéime sláinte nó géarchéime eile; á chreidiúint gur cheart go ndíreodh na treoirlínte sin go háirithe ar conas na grúpaí is leochailí a chosaint agus ar conas is féidir a áirithiú go ndéanfar a gcearta a choimirciú freisin i ngéarchéim; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach i bhforbairt na dtreoirlínte sin, lena n-áirítear eagraíochtaí míchumais, eagraíochtaí LADTIA+, eagraíochtaí chearta na mban, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine a ndéantar idirdhealú ciníoch ina gcoinne, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar imircigh, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;
379. á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le cleachtais idirdhealaitheacha triáise, go háirithe iad siúd a úsáideann aois, riochtaí leighis atá ann cheana agus cáilíocht saoil mar chritéar uathúil, agus rochtain ar chúram sláinte do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú trí threoir agus oiliúint; á mholadh, i gcásanna nach mbeidh gairmithe cúraim sláinte in ann an leibhéal céanna cúraim a sholáthar do chách, ní mór do threoirlínte leighis a bheith neamh-idirdhealaitheach agus cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus leis na treoirlínte eitice atá ann cheana maidir le cúram i gcás tubaistí agus éigeandálaí; á athdhearbhú, agus na treoirlínte sin á gcur ar fáil acu, nach mór do na húdaráis a dtiomantas do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a chur san áireamh, go háirithe Airteagal 11 — cásanna riosca agus éigeandálaí daonnúla; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, gur gá tacú le daoine faoi mhíchumas a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar leithcheal trasnach;
380. á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar leibhéil mhéadaitheacha foréigin teaghlaigh le linn bearta sriantacha, trí fheasacht a mhúscailt, faisnéis a sholáthar i dtimpeallacht shábháilte, dídean a oscailt d’íospartaigh, trí réitigh fhíorúla nó dhigiteacha a fhorbairt, leanúint d’orduithe cosanta a eisiúint agus cásanna cúirte foréigin baile a láimhseáil le linn dianghlasálacha;
381. ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte a chur i dtoll a chéile maidir le cásanna éigeandála sláinte a bhaineann le cearta bunúsacha leanaí, daoine óga agus teaghlaigh, lena n-áirítear treoirlínte maidir le rochtain ar spásanna amuigh faoin aer a éascú i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche;
382. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta nithiúla a mholadh chun tacú le daoine agus pobail imeallaithe, mionlaigh agus daoine faoi mhíbhuntáiste agus iad a chosaint le linn géarchéimeanna, ar an leibhéal socheacnamaíoch agus ó thaobh cuimsiú sóisialta agus cultúrtha araon;
383. á chur i bhfios go láidir na deacrachtaí a bhíonn ag daoine LADTIA+ maidir le rochtain a fháil ar chúram leighis le linn na paindéime, go háirithe daoine trasinscneacha, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí a fhorbairt chun dul i ngleic leis sin in aon ghéarchéim sláinte nó géarchéim eile a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir leis an gcosaint shonrach a bhféadfadh gá a bheith ag teaghlaigh bogha ceatha léi i gcás éigeandála nó géarchéime, go háirithe i mBallstáit nach bhfuil a stádas dlíthiúil soiléir iontu;
384. á mheabhrú gur gá dlúthpháirtíocht fheabhsaithe i measc na mBallstát, go háirithe in aimsir géarchéime; á chur in iúl gur oth léi blocáil earraí bunriachtanacha, cógas leighis, feistí leighis agus trealaimh le linn na gcéimeanna is íogaire den ghéarchéim; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh dlúthpháirtíochta a chur chun cinn amach anseo agus bearta iomchuí a mholadh chun smachtbhannaí a fhorchur ar na Ballstáit atá freagrach as tionscnaimh aontaobhacha den chineál sin;
385. á mheabhrú do na Ballstáit nach mór an rogha chun rialuithe teorann ag na teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach a chur i bhfeidhm mar rogha na dála deiridh ar fad i gcásanna eisceachtúla amhail baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach agus nach mór prionsabal na comhréireachta a urramú;
386. á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar athbhreithniú ex post a dhéanamh ar an gcaoi ar ullmhaíodh córais dlí náisiúnta do na bearta a cheanglaítear leis an bpaindéim d’fhonn a n-ullmhacht agus a gcreat dlíthiúil a uasmhéadú do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;
387. ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do na Ballstáit formhaoirseacht dhaonlathach a áirithiú le linn géarchéimeanna agus cásanna éigeandála; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá srianta agus ceartúcháin agus an gá atá le trédhearcacht na cinnteoireachta poiblí a áirithiú chomh maith le ról a thabhairt do shaoránaigh agus iad a chur ar an eolas ar bhealach fáilteach agus intuigthe; á mheabhrú go bhfuil na tosca sin go léir ríthábhachtach chun muinín a chothú in institiúidí agus údaráis phoiblí agus go bhfuil muinín ar cheann de bhunchlocha sochaithe daonlathacha athléimneacha;
388. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit teacht ar réitigh reachtacha chuí amhail, mar shampla, creat Eorpach lena ngabhann critéir íosta, chun dínit agus cóir chuí daoine institiúidithe le linn paindéimí a ráthú;
389. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit sásraí a bhunú ar cheart iad a bheith ar fáil le linn cásanna géarchéime chun gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear gáinneáil, striapachas, teacht i dtír gnéasach agus éigniú; á mholadh go bhforbrófaí prótacal AE chun íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe a chosaint le linn géarchéime agus éigeandálaí agus chun é a aicmiú mar ‘sheirbhís bhunriachtanach’ sna Ballstáit;
3.Tionchar Sóisialta agus Eacnamaíoch
(a) Éifeachtaí bhearta COVID-19, lena n-áirítear dianghlasálacha, ar oibrithe, ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí
390. á thabhairt dá haire go raibh suaitheadh na paindéime ar mhargaí saothair in 2020 géar, agus go raibh an téarnamh gasta go ginearálta ach go raibh sé éagothrom idir na Ballstáit; á thabhairt dá haire gur chuidigh idirghabhálacha beartais agus tacaíocht shuntasach phoiblí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais leis an téarnamh; á chur i bhfios go raibh na Ballstáit ag déileáil le dúshláin phaindéim COVID-19 trí bhearta éagsúla a úsáid, agus go raibh tionchar na paindéime ar fheidhmiú gnólachtaí agus ar mhargadh an tsaothair éagsúil dá bhrí sin; á chur i bhfios go láidir, ar an iomlán, cé gur tháinig fostaíocht AE ar ais go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim laistigh de dhá bhliain, i gcomparáid le beagnach ocht mbliana tar éis na géarchéime airgeadais domhanda, ní leor fós an fhreagairt ón Aontas agus ó na Ballstáit, tríd is tríd, chun filleadh ar na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim, agus go bhfuil an staid in AE níos measa fós mar gheall ar an ngéarchéim ina dhiaidh sin;
391. á chur i bhfios go láidir tionchar socheacnamaíoch domhain, ginearálta agus forleathan na paindéime ar shochaithe na hEorpa, rud ba chúis le hanacair mhór agus dianbhrú ar oibrithe; á chur i bhfáth gur suaitheadh suntasach é an suaitheadh ar mhargadh an tsaothair, go háirithe do phoist ar phá íseal, d’oibrithe ar bheagán oiliúna agus do dhaoine agus do phobail atá imeallaithe go ginearálta, agus á chur in iúl gur oth léi go bhfuil na héagsúlachtaí eacnamaíocha atá ann cheana laistigh de AE níos measa de dheasca na paindéime;
392. á thabhairt dá haire gur poist ar phá íseal ab ea formhór na bpost a cailleadh le linn na paindéime agus i measc fostaithe a bhfuil conarthaí neamhthipiciúla acu, agus gur léiríodh i staidrimh go ndearnadh difear do níos mó ban (53) ná fir, ach go raibh an téarnamh san fhostaíocht le linn 2021 á spreagadh ag fás(54) i bpoist agus i ngairmeacha dea-íoctha; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar díréireach ag an bpaindéim ar chatagóirí áirithe oibrithe, lena n-áirítear oibrithe féinfhostaithe, iad siúd in earnálacha na hoibre baininscneacha, oibrithe ardáin, saoroibrithe, oibrithe conarthacha lena n-áirítear oibrithe ar fochonradh, oibrithe séasúracha agus sealadacha, oibrithe trasteorann agus iad siúd in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chomh maith le turasóireacht, fáilteachas agus miondíol; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar an bpaindéim, go bhfuil an bhearna ioncaim in AE tar éis leathnú agus éagothromaíochtaí socheacnamaíocha tar éis dul in olcas;
393. á chur i bhfáth go raibh tionchar mór ag an ngéarchéim ar dhaoine óga, rud a rinne difear dá n-ionchais fostaíochta agus a chuir isteach ar a n-oideachas;
394. á thabhairt dá haire gurb é is cúis leis an méadú ar dhífhostaíocht i measc na hóige ná ró-ionadaíocht daoine óga i bhfostaíocht fhorbhásach, amhail obair pháirtaimseartha, obair ar théarma seasta, nó obair ghníomhaireachta shealadach; á thabhairt chun suntais nach raibh rochtain ag go leor daoine óga ar scéimeanna ioncaim íosta i dtíortha AE;
395. á chur i bhfáth gur thuairiscigh thart ar 90 % de FBManna go raibh drochthionchar eacnamaíoch orthu sna chéad mhíonna den phaindéim, agus gurb seirbhísí an earnáil ba mheasa a bhí buailte, le titim idir 60 % agus 70 % ar a láimhdeachas; á thabhairt dá haire, gurbh é earnáil an bhia ar an gcéad earnáil eile ba mheasa a bhí buailte agus drochthionchar idir 10 % agus 15 % ar a láimhdeachas; á chur i bhfios gur thuairiscigh 30 % de na FBManna uile gur bhain caillteanas 80 % ar a laghad dá láimhdeachas agus gurb í earnáil fáilteachais AE ba mheasa a bhí buailte, agus gur cailleadh os cionn 1,6 milliún post san earnáil sin idir an ceathrú ráithe de 2019 agus an ceathrú ráithe de 2020;
396. á thabhairt chun suntais go raibh formhór na dtíortha ag brath ar an turasóireacht(55) agus, dá bhrí sin, gur fhulaing roinnt tíortha suaitheadh i bhfad níos mó OTI mar thoradh ar dhianghlasálacha paindéime i gcomparáid le tíortha eile mar gheall ar chásanna eipidéimeolaíocha níos dúshlánaí agus dálaí socheacnamaíocha a bhí ann cheana, lena n-áirítear ceann de phríomhfhoinsí na gníomhaíochta eacnamaíche; á thabhairt dá haire, gur measa an easpa lucht saothair cháilithe nó leormhaith a bhí ann cheana mar gheall ar chailleadh post in earnálacha an fháilteachais agus na turasóireachta, rud a fhágann gur deacra fós tallann a choinneáil;
397. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na mBallstát cabhrú le FBManna le scéimeanna amhail ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontais mar bhearta eisceachtúla in aimsir géarchéime; á chur in iúl gur oth léi, áfach, na héagothromaíochtaí sna freagairtí eacnamaíocha náisiúnta ar an bpaindéim ó thaobh mhéid agus chineál na cabhrach arna chur ar fáil, go háirithe do FBManna, agus cásanna socheacnamaíocha éagsúla na mBallstát á n-aithint ag an am céanna; á thabhairt dá haire gur bhain FBManna i ngach tír Eorpach úsáid as an scéim dífhostaíochta gearrthéarmach chun a n-oibrithe agus a ngnólachtaí a chosaint agus gur chuir na Ballstáit fóirdheontais ioncaim chun feidhme freisin chun caillteanas ioncaim oibrithe féinfhostaithe a chumhdach; á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag EU-OSHA chun tacú le cosaint na sláinte ceirde le linn na géarchéime;
398. á chur i bhfáth go bhfuarthas amach i dtuarascáil speisialta EIS maidir leis an tionchar ar fhostaíocht don aos óg go raibh margadh saothair na hóige trí huaire níos measa as le linn na paindéime ná mar a bhí do dhaoine fásta;
399. á thabhairt dá haire go bhfuil tionchar fós ag iarmhairtí na paindéime ar mhargadh an tsaothair agus go raibh tionchar ag dúnadh agus teorainneacha fada ar fhormhór mór na n-oibrithe;
400. á chur i bhfios go láidir an tionchar ollmhór a bhí ag COVID-19 ar oibrithe cúraim sláinte, go díreach ó thaobh rioscaí sláinte, ionfhabhtuithe agus básanna de, agus freisin go hindíreach ar a ndálaí oibre, uaireanta oibre, brú agus strus; á mheabhrú gur mhéadaigh an phaindéim tuilleadh brú ar oibrithe cúraim sláinte trí cheangal a chur orthu uaireanta breise a oibriú agus fágadh gur nochtadh iad do bhrú fisiceach agus meabhrach nach bhfacthas a leithéid riamh; á chur i bhfáth gur diúltaíodh ceart oibrithe cúraim sláinte oibriú i dtimpeallacht shábháilte agus chosanta le linn na géarchéime; ag aithint thionchar COVID-19 ar na hearnálacha cúraim shóisialta agus sláinte go háirithe ó thaobh cistithe, foirne agus acmhainní eile;
401. ag tabhairt dá haire tionchar diúltach phaindéim COVID-19 ar mheabhairshláinte fiontraithe agus oibrithe a bhí ag streachailt leis an mbrú go mbeadh orthu poist a choinneáil agus a ngnólachtaí a choinneáil i mbun gnó; á thabhairt chun suntais an ról tábhachtach atá ag idirphlé sóisialta cuiditheach agus ag cómhargáil maidir le héifeachtaí díobhálacha na paindéime a mhaolú agus maidir le comhthoil a bhaint amach maidir le bearta spriocdhírithe chun na hoibrithe agus na fiontair sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim a chosaint;
(b) Ionstraimí Maoinithe an Aontais (bearta EU4Health, Fís Eorpach, an Sásra um Chosaint Shibhialta, Cistí Comhtháthaithe, Ciste Téarnaimh, etc.)
402. á thabhairt dá haire, gur fhreagair an tAontas go tapa don chúlú eacnamaíoch arb í an phaindéim ba chúis leis, trí rialacha maidir le Státchabhair a mhaolú, trí rialacha fioscacha a chur ar fionraí, an ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcCás Éigeandála (SURE) a thabhairt isteach agus NextGenerationEU a sheoladh agus infheistíocht a dhéanamh i maoiniú comhpháirteach vacsaíní; ag aithint go raibh na Ballstáit in ann, a bhuí le gníomhaíochtaí údaráis airgeadaíochta agus pholaitiúla AE, airgead a chaitheamh agus a fháil ar iasacht go héasca; ag aithint thionchair éagsúla na paindéime ar OTI na mBallstát, agus tíortha áirithe agus réigiúin oileánacha áirithe thíos le suaití níos mó mar gheall ar thosca amhail staid eipidéimeolaíoch níos measa, as a n-eascraíonn dianghlasálacha níos déine, agus struchtúir shocheacnamaíocha éagsúla a bhí ann cheana;
403. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Aontais bearta sealadacha eacnamaíocha a chur i bhfeidhm go tapa amhail an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ón mBanc Ceannais Eorpach, spreagadh an chlásail éalaithe ghinearálta sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus gur ghlac an Coimisiún creat státchabhrach urghnách chun cabhrú leis na Ballstáit agus le gnólachtaí; á chur i bhfios go raibh na Ballstáit in ann freisin, a bhuí le gníomhaíochtaí údaráis airgeadaíochta agus pholaitiúla AE, airgead a chaitheamh agus a fháil ar iasacht go héasca;
404. á chur in iúl gur geal léi na bearta agus na hionstraimí a lean, le forbairt SURE, RRF agus NextGenerationEU, ar gheall an tAontas EUR 800 billiún do dheontais agus d’iasachtaí orthu; á chur i bhfios go láidir go raibh ról lárnach ag RRF agus SURE maidir le tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a mhaolú maidir lenár saoránaigh a choinneáil i bpoist; á aithint, áfach, gur gá bogadh i dtreo bearta tacaíochta airgeadais struchtúracha san fhadtéarma, agus go háirithe a thábhachtaí atá ionstraim d’oibrithe dífhostaithe, amhail SURE, atá fós in úsáid ar feadh thréimhse na staide eisceachtúla reatha agus atá fós bunaithe ar iasachtaí agus a ghníomhachtaítear go tapa i gcás suaitheadh seachtrach airgeadais nó eacnamaíoch nua;
405. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go leanfaidh ionstraim SURE de thacaíocht a thabhairt do scéimeanna oibre gearr-ama, d’ioncam oibrithe agus d’oibrithe a chuirfí as go sealadach mar gheall ar an staid eisceachtúil atá ann faoi láthair agus na hiarmhairtí a bheadh aici ina dhiaidh sin;
406. ag spreagadh na mBallstát leas iomlán a bhaint as acmhainneacht RRF, lena n-áirítear iasachtaí, chun dul i ngleic le héifeachtaí na paindéime agus leis na dúshláin a bheidh amach romhainn; á chur i bhfáth go ndearna moilleanna maidir le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas ag na Ballstáit difear mór do chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach aghaidh a thabhairt go leormhaith ar éifeachtaí na paindéime ar a bpobail, ar a ngnólachtaí agus ar a saoránaigh, go bhféadfadh sé go bhfuil an staid eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach ag dul in olcas san fhadtéarma mar thoradh air sin; i bhfianaise géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, á thabhairt dá haire gur gá athchóirithe a comhaontaíodh sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear cistí NextGenerationEU chun feidhme ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtaí, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát cothrom iomaíochta a bhunú an athuair a bheadh ríthábhachtach chun tacú le téarnamh réigiúin agus bhardais an Aontais a bhfuil neamhchinnteacht eacnamaíoch ag bagairt orthu;
407. á chreidiúint gur ann do shaincheisteanna trédhearcachta maidir le dearadh agus cur chun feidhme shaoráid an Chiste Athléimneachta agus Téarnaimh, lena n-áirítear easpa oibleagáidí soiléire chun sonraí a fhoilsiú maidir le mionsonraí i ndáil le caiteachas na gcistí a fuarthas agus maidir leis an easpa comhchaighdeán maidir le comhroinnt sonraí, a bhfuil baol suntasach éillithe ag baint leo; á mholadh gur cheart do na Ballstáit tuilleadh iarrachta a dhéanamh chun sonraí maidir lena bpleananna téarnaimh náisiúnta a chomhroinnt agus sásraí náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a bharrfheabhsú le tacaíocht ón gCoimisiún; á chur in iúl gur geal léi rialachán REPowerEU lena gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a fhoilsiú maidir leis an 100 tairbhí is mó den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á iarraidh ar na Ballstáit gealltanais shoiléire a thabhairt chun sonraí maidir le tairbhithe deiridh agus faisnéis maidir le ceann scríbe na gcistí a fhaightear a fhoilsiú; ag cur béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le héilliú agus caiteachas neamhéifeachtach;
408. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé faisnéis inrochtana a sholáthar faoi na hiasachtaí agus na deontais a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar fiú EUR 700 billiún iad; go háirithe, faisnéis ó na Ballstáit maidir le comhlíonadh aon choinníollacha a ghabhann le cistí AE agus bearta chun grinnscrúdú poiblí ar na garspriocanna atá bainte amach ag na Ballstáit a áirithiú;
409. á thabhairt dá haire gur cheart d’infheistíochtaí RRF san aistriú glas agus sa chlaochlú digiteach rannchuidiú le huathriail agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a mhéadú, agus de réir an Choimisiúin, meastar go gcuirfidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta borradh mór faoi chur chun feidhme straitéis tionsclaíochta an Aontais agus, ar an gcaoi sin, go rannchuideoidh sí le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thionscail an Aontais;
410. ag aithint an rath a bhí ar an gcreat státchabhrach sealadach agus ar an infheistíocht maidir le go leor Ballstát AE a thabhairt ar ais chuig leibhéil OTI a bhí ann roimh an bpaindéim, fostaíocht a choinneáil, agus gnólachtaí a choinneáil ar bun;
411. á thabhairt chun suntais go bhfuil EUR 100 billiún de chúnamh airgeadais leithdháilte ag SURE ar fud 19 mBallstát go dtí seo, gur eisíocadh iasachtaí NextGenerationEU le seacht mBallstát agus go bhfuil leithdháileadh ar Bhallstáit eile ar siúl faoi láthair;
412. á thabhairt dá haire gur chabhraigh ionstraimí tacaíochta eacnamaíche AE ar fud na hEorpa le 31 mhilliún duine a bpost a choinneáil agus go bhfuil 2,5 milliún gnólacht ag coinneáil a ngnó ar bun agus gur chabhraigh na hionstraimí tacaíochta sin, i gcomhar le scéimeanna sealadacha náisiúnta atá ann cheana, le laghdú 1,5 milliún a dhéanamh ar an dífhostaíocht san Eoraip;
413. ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag roinnt údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le tosaíocht a dhéanamh den tsláinte phoiblí a chosaint agus gníomhaíocht eacnamaíoch a choinneáil ar bun go rathúil ag an am céanna; á iarraidh go n-aithneofaí an ról atá ag gnólachtaí teaghlaigh, a mbíonn nasc láidir acu go minic leis an bpobal áitiúil a bhfuil siad ag feidhmiú ann, agus tús áite a thabhairt d’fhostaithe a choinneáil le linn na paindéime agus, ar an gcaoi sin, tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus le hoibrithe iompair ar áirithíodh soláthar earraí agus cógas ríthábhachtach lena n-iarrachtaí leanúnacha;
(c) Tionchar bhearta COVID-19, lena n-áirítear dianghlasálacha, ar mhná agus cailíní, ar dhaoine óga agus ar leanaí
(I) Mná agus cailíní
414. á thabhairt chun suntais go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar chomhionannas inscne; á aithint go soláthraíonn mná formhór an chúraim gan íocaíocht fós amhail obair tí, cúram leanaí agus obair a bhaineann le leanaí; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach agus ró-ionadaíocht ag mná atá ag obair i ngairmeacha atá aicmithe mar ‘bhun-riachtanach’, amhail earnálacha sóisialta, cúraim, glantacháin, oideachais, sláinte agus miondíola a choinnigh ár sochaithe ar bun le linn ghéarchéim COVID-19 agus gur tharraing an phaindéim aird ar na neamhionannais agus ar na dúshláin struchtúracha atá os comhair na mban agus na gcailíní ina n-éagsúlacht uile, agus gur ghéaraigh sí iad, go háirithe iad siúd atá i mbaol go ndéanfar leithcheal trasnach orthu;
415. á thabhairt dá haire gur ann do thionchar diúltach eacnamaíoch níos láidre i measc na mban ná na bhfear, go bhfuil rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair in earnálacha áirithe marbhánta nó laghdaithe agus go bhféadfadh tionchar láidir a bheith aige sin ar phinsin na mban tríd an mbearna phinsin atá ann cheana a ghéarú agus trí bhaol na bochtaineachta agus an spleáchais eacnamaíoch a mhéadú;
416. á aithint gur cailleadh 3,6 % d’fhostaíocht na mban in 2020 i gcomparáid le 2,9 % d’fhostaíocht na bhfear, cé go raibh na caillteanais ba mhó i gCríocha Mheiriceá, agus ina dhiaidh sin an Áise-Aigéan Ciúin, an Eoraip agus an Áise Láir, agus an Afraic; á thabhairt dá haire go raibh 20 milliún níos lú ban fós ag obair in 2021 ná mar a bhí ann roimh an bpaindéim, i gcomparáid le 10 milliún níos lú fear; á chur i bhfios go láidir go raibh níos mó coinbhleachta oibre is saoil ag mná le linn dianghlasálacha agus gur dócha go mbeidh tionchar mór ag éifeachtaí fadtéarmacha na géarchéime seo ar mhná mar gheall ar an ról sóisialta inscneach i gcás obair chúraim; á thabhairt dá haire go raibh ró-ionadaíocht ag mná sna hearnálacha ba mhó a buaileadh, amhail earnáil an fháilteachais agus na seirbhísí bia, na monaraíochta, an chúraim agus na hearnála sláinte foirmiúla; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go raibh na daoine sin a chuireann cúram ar fáil ag croílár na paindéime; á thabhairt dá haire gur mná iad céatadán mór d’oibrithe i gcúram atá faoi réir pá éagothrom;
417. á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar sheirbhísí cúraim agus méadú ar obair chúraim gan íocaíocht a rinne mná le linn phaindéim COVID-19, lena n-áirítear mná a bheith ina bpríomhchúramóirí do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine breoite ina dteaghlaigh chomh maith le hualach na ngníomhaíochtaí a bhaineann le scolaíocht bhaile a iompar, agus freastal ar a gcúraimí gairmiúla féin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an neamhionannas inscne athbhunaithe agus treisithe sin agus ag léiriú iliomad fadhbanna struchtúracha atá suite i gcóras cúraim shóisialta na hEorpa, amhail saoráidí cúraim agus córais chúraim sláinte atá gann ar acmhainní nó easpa infheistíochta; á thabhairt dá haire go raibh iarmhairtí diúltacha suntasacha acu sin do mhná ó thaobh spleáchas eacnamaíoch de; á thabhairt chun suntais nach mór an ghné idirdhealaitheach inscne sin a chur san áireamh agus straitéisí agus beartais cúraim á ndearadh; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis cúraim a chur i dtoll a chéile chun aghaidh a thabhairt ar shaothar gan íocaíocht san earnáil cúraim; á thabhairt dá haire go raibh tionchar ag ró-ualú na gcóras sláinte náisiúnta ar sheirbhísí sláinte do mhná, le cur isteach suntasach ar scagthástáil ailse chomh maith le vacsaínithe agus cúram iarbhreithe agus réamhbhreithe;
418. á chur i bhfáth gur suíodh, go háirithe ag UNICEF, go bhfuil paindéim COVID-19 ag méadú an riosca maidir le ciorrú ball giniúna ban, agus é á thuar ag na Náisiúin Aontaithe go gcuirfear dhá mhilliún cailín breise faoi réir an chleachtais sna 10 mbliana amach romhainn, go deimhin, deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil tionchar díréireach ag COVID-19 ar chailíní agus ar mhná, rud a fhágann go bhfuil ‘scáthphaindéim’ ag iarraidh deireadh a chur le gach gnás díobhálach, lena n-áirítear ciorrú ball giniúna ban, go háirithe san Afraic;
(ii) Daoine óga agus leanaí
419. á chur i bhfios go láidir nach amháin go raibh tionchar ag na bearta sriantacha sna Ballstáit ar oideachas agus fostaíocht don aos óg ach go raibh tionchar acu freisin ar mheabhairshláinte agus ar chaipiteal sóisialta daoine óga; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil fianaise láidir ann go bhfuil méadú ag teacht ar fhadhbanna meabhairshláinte, imní, siomptóim a bhaineann le dúlagar agus iompraíochtaí féinmharaithe; á thabhairt chun suntais gur dócha go raibh tionchar níos láidre ag iarmhairtí fadtéarmacha na paindéime ar an meabhairshláinte ar dhaoine óga leochaileacha agus ar dhaoine ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó ar phobail imeallaithe agus go bhfuil saincheisteanna eile níos measa acu; á thabhairt dá haire go raibh tionchar ag dianghlasálacha agus ag an easpa aclaíochta coirp dá mbarr ar shláinte agus ar fholláine daoine, agus gur léiríodh na fadhbanna sin go léir go háirithe i ngrúpaí leochaileacha ardriosca;
420. á thabhairt dá haire gur chuir dianghlasálacha cosc ar dhaoine óga atá ina gcónaí i staideanna leochaileacha rochtain a fháil ar sheirbhísí meabhairshláinte agus íoc astu; ag tathant ar na Ballstáit infheistíochtaí poiblí trasearnála a chur chun cinn chun dul i ngleic le neamhoird mheabhracha i measc leanaí agus daoine óga;
421. á thabhairt dá haire go raibh tionchar ag dúnadh scoileanna le linn phaindéim COVID-19 ar suas le 1,6 billiún leanbh ar fud an domhain(56)agus meastar go bhféadfadh 24 mhilliún dalta ar a laghad an scoil a fhágáil mar thoradh air sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ghéaraigh paindéim COVID-19 na saincheisteanna socheacnamaíocha atá os comhair daoine óga, agus go bhfuil baol na bochtaineachta i measc daoine óga méadaithe mar thoradh ar an meascán de chaillteanais post agus d’obair gan phá nó obair ar phá íseal; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chuir paindéim COVID-19 líon mór daoine óga i staideanna leochaileachta agus neamhchinnteachta a chuir cosc orthu rochtain a fháil ar bhunriachtanais;
422. ag tabhairt dá haire go raibh meath ar cháilíocht an oideachais do dhaltaí, agus laghdú ar a gcumas léitheoireachta, scríbhneoireachta agus foghlama matamaitice agus ar fhorbairt scileanna, rud a raibh tionchar diúltach fadtéarmach aige; á chur i bhfios go bhfuarthas go raibh an t-easnamh foghlama sin dhá uair an mhéid sin i measc mac léinn ó theaghlaigh ar ioncam íseal agus teaghlaigh bhochta ná mar a bhí in i measc na mac léinn sin ó theaghlaigh ar ioncam níos airde, rud a fhágann go bhfuil an bhearna idir leanaí ó theaghlaigh leochaileacha agus leanaí ó theaghlaigh atá athléimneach ó thaobh na socheacnamaíochta de tar éis leathnú;
423. á thabhairt dá haire go bhfuil difríochtaí ann idir na bearta a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar na staideanna eipidéimeolaíocha éagsúla i ngach Ballstát, chun srian a chur le leathadh an víris amhail dúnadh scoileanna agus an tionchar a bhí aige sin ar leanaí agus ar mhúinteoirí;
424. á chur i bhfáth freisin an ról lárnach atá ag múinteoirí maidir le hoiriúnú don teagasc ar líne agus é a chur ar fáil agus an ról atá acu maidir le rannchuidiú le tacaíocht shíceolaíoch agus forbairt leanaí agus daoine óga; i ndáil leis an méid sin, á aithint gur gá litearthacht mheabhairshláinte múinteoirí, agus gach pearsanra oideachais a chur chun cinn, chomh maith le hoibrithe don óige chun a áirithiú go mbeidh siad in ann tacú le leanaí agus iad féin le linn géarchéime; á thabhairt dá haire gur fhág géarchéim COVID-19 go raibh ar mhúinteoirí oiriúnú níos tapúla d’ionstraimí teagaisc ar líne agus d’ionstraimí tacaíochta oideachais ar líne le linn dhúnadh scoileanna;
425. á chur i bhfios go láidir gur fhág an digitiú go rabhthas in ann gníomhaíochtaí oideachais a atosú le linn dianghlasálacha, rud a d’éascaigh an fhoghlaim, ach gur nochtadh na laigí i gcórais scoile mar gheall ar easnaimh maidir le hinfhaighteacht na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, ábhar tacaíochta, rochtain ar sheirbhísí digiteacha, bonneagar oideachais eile agus an bhearna sa chomhtháthú; á aithint go ndearnadh difear díréireach do leanaí ó mhionlaigh eitneacha, amhail Romaigh agus iad siúd a mbaineann cúlra imirceach leo agus leanaí faoi mhíchumas;
426. á thuairisciú go raibh tionchar i gcónaí ag neamhionannais shóisialta ar fholláine mheabhrach leanaí ach gur saincheist thromchúiseach shóisialta é sin tar éis na paindéime; á thabhairt dá haire gur chuir an phaindéim leis an bhforéigean teaghlaigh agus leis an mí-úsáid i leith leanaí agus gur leathnaíodh na deighiltí oideachais agus digiteacha, go háirithe dóibh siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste; á chreidiúint go raibh dúnadh scoileanna ina chúis le cúrsaí a dhéanamh níos casta do leanaí faoi mhíbhuntáiste, rud a fhágann go bhfuil a seasamh níos fórbhásaí fós;
427. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuair leanaí agus daoine óga atá ag fulaingt ó shaincheisteanna meabhairshláinte tacaíocht mheabhrach agus shíceolaíoch leordhóthanach le linn na paindéime agus go bhféadfadh sé sin fós a bheith ina shaincheist leanúnach;
428. á chur i bhfáth gur fhulaing leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas nó atá ar speictream an uathachais go díréireach leis an gcruatan arbh í an phaindéim agus na dianghlasálacha ba chúis leis; á chur i bhfios go raibh go leor seirbhísí tacaíochta curtha ar fionraí le linn na paindéime agus gur fhág siad tuismitheoirí agus cúramóirí eile gan cúnamh bunriachtanach;
(d) Tionchar COVID-19 ar dhaoine scothaosta agus ar ghrúpaí leochaileacha/imeallaithe
429. á mheas go raibh tionchar tubaisteach ag an bpaindéim agus na dianghlasálacha, cé go raibh siad dosheachanta mar gheall ar na hábhair imní maidir leis an tsláinte poiblí, ar dhaoine faoi mhíchumas; ag cur béim ar an bhfíoras gur thug daoine faoi mhíchumas aghaidh ar idirdhealú ó thaobh faisnéis leormhaith a fháil faoin bpaindéim agus rochtain a fháil ar chúram sláinte agus go raibh deacracht acu freisin TCP a fháil; ag tabhairt dá haire gur thug daoine faoi mhíchumas aghaidh ar rochtain theoranta ar sheirbhísí cúraim, oideachais agus athshlánúcháin (mar thoradh ar rochtain éagothrom ar uirlisí digiteacha); ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, i líon ard na marbh i measc daoine faoi mhíchumas a bhí in institiúidí;
430. á chur i bhfáth go raibh tionchar mór ag na dianghlasálacha ar go leor daoine a bhí imeallaithe nó faoi mhíbhuntáiste cheana féin trína ndálaí sóisialta a ghéarú, trína ndeiseanna chun obair a aimsiú a laghdú, agus trína rannpháirtíocht sa tsochaí agus a gcearta mar shaoránaigh a theorannú; á mheabhrú gur ghéaraigh an phaindéim ar dheacrachtaí agus dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana, rud a thug castachtaí breise dóibh siúd a d’fhulaing fadhbanna andúile agus meabhairshláinte, ach go ndearna sí difear freisin do theaghlaigh ar ioncam íseal, do mhná, do dhaoine scothaosta, do leanaí, d’imircigh, do dhídeanaithe, do dhaoine LGBTQIA+, do dhaoine gan dídean agus do dhaoine faoi mhíchumas; ag tabhairt dá haire nár comhlíonadh riachtanais na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste sóisialta i gcónaí le linn na ndianghlasálacha, agus gur gá aghaidh a thabhairt i gceart ar na ceachtanna a foghlaimíodh; á chur i bhfios nár measadh gur bonneagar criticiúil iad seirbhísí cúraim agus sóisialta, lena n-áirítear cúram baile agus seirbhísí cúraim neamhchónaithe agus nár aithníodh an ról tábhachtach atá ag tosca socheacnamaíocha i rioscaí sláinte;
431. ag tabhairt dá haire go ndearna iarmhairtí ráig phaindéim COVID-19 difear díréireach do na daoine is boichte, faoi mhíbhuntáiste, imeallaithe agus gan chosaint sa tsochaí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas fisiceach agus intleachta, daoine le riochtaí ainsealacha leighis, daoine le fadhbanna meabhairshláinte agus daoine scothaosta, nó na daoine sin a raibh rochtain theoranta acu cheana féin ar shláinteachas bunúsach nó ar chóireáil bhunúsach dá riachtanais cúraim sláinte, nó nach raibh rochtain acu cheana féin orthu, agus gur éirigh na grúpaí sin níos leochailí fós mar thoradh ar an bpaindéim;
432. á mheabhrú go raibh tionchar tragóideach ag COVID-19 ar shaoráidí cónaithe fadtéarmacha san Eoraip, agus á chur san áireamh gurb ionann básanna i dtithe cúraim agus níos mó ná 50 % de na básanna a bhain le COVID-19 i roinnt Ballstát; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndearnadh othair tí altranais a eisiamh ó chúram le linn bhuaic na paindéime, rud a d’fhág go raibh rátaí mortlaíochta scanrúla ann i measc daoine scothaosta; ag tabhairt dá haire gurbh ionann básanna i measc daoine scothaosta agus cuid mhór de bhásanna mar thoradh COVID-19 agus ag meabhrú na staide suntasaí a d’fhulaing go leor acu i dtithe scoir agus i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh mar thoradh ar mhoilleanna agus bacainní ar a gcóireáil agus ar a gcúram;
433. á chur in iúl go raibh tionchar ollmhór ag an bpaindéim ar dhaoine scothaosta agus ar dhaoine a bhfuil néaltrú orthu de bharr a n-imeallaithe agus deiseanna laghdaithe le haghaidh idirghníomhaíocht shóisialta, chomh maith le stop a chur lena ngníomhaíochtaí laethúla; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh sé freisin comharthaí dúlagair agus imní i measc daoine scothaosta agus a gcúramóirí, chomh maith le deacrachtaí airgeadais méadaithe do chúramóirí; á chur i bhfios gur rannchuidigh sé sin le dul chun cinn na siomptóm a bhaineann le néaltrú, agus go raibh deacrachtaí tromchúiseacha ag daoine fásta a raibh néaltrú agus COVID-19 orthu maidir le cúram agus cúnamh leighis iomchuí a fháil;
434. ag tabhairt dá haire gur nocht an phaindéim laigí in ullmhacht tithe altranais agus saoráidí cúraim fhadtéarmaigh d’éigeandálaí sláinte poiblí; á chur i bhfios go raibh ar go leor tithe altranais agus saoráidí cúraim fhadtéarmaigh aghaidh a thabhairt ar ghanntanais TCP, soláthairtí tástála, agus ball foirne le linn na paindéime; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag tithe cúraim agus ag a gcónaitheoirí ar chúram sláinte, lena n-áirítear atreoruithe leighis, trealamh cosanta, ábhair, pearsanra agus saineolas is gá chun paindéim a fhreagairt; á mholadh go ndéanfaí cigireachtaí rialta a leathnú trí chóras iniúchtaí seachtracha, neamhspleácha agus córais chigireachta speisialta a bhunú i dtithe cúraim le linn tréimhsí leithlisithe;
435. á thabhairt chun suntais gur ghéaraigh an phaindéim agus na bearta sriantacha ar éagothromaíochtaí a bhí ann cheana maidir le murtall agus sláinte mheitibileach, le méadú foriomlán ar mheáchan coirp, go háirithe i measc na mban, daoine ar bheagán oideachais agus ar phá níos ísle, áitritheoirí na réigiún is forimeallaí, agus othair shíciatracha; ag tabhairt dá haire gur minic a chuaigh cáilíocht aistí bia daoine in olcas, agus gur tháinig laghdú ar an ngníomhaíocht choirp nuair a bhí saoráidí spóirt agus áiteanna súgartha dúnta, rud a d’fhág go raibh méadú ar iompraíocht neamhghníomhach;
436. á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar scéimeanna bainistithe éigeandála a bhunú do bhonneagar spóirt chun teorainneacha oibríochtúla a chosc mar gheall ar theagmhais gan choinne amhail paindéim, chomh maith le treoirlínte sábháilteachta agus slándála a chur chun feidhme chun sábháilteacht úsáideoirí bonneagair spóirt a áirithiú;
437. ag tabhairt dá haire go raibh dúshláin roimh dhaoine gan dídean maidir le fanacht sábháilte ó ionfhabhtú, rud a mhéadaigh a riosca mortlaíochta, agus nach raibh dídean ag feidhmiú go leormhaith mar gheall ar líon níos lú oibrithe agus saorálaithe chomh maith le heaspa treoir tosaigh chuí agus tacaíocht airgeadais do sheirbhísí;
438. á chur i bhfáth go n-éilíonn an fhreagairt ar éigeandálaí sláinte cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine agus nach mór sábháilteacht grúpaí leochaileacha agus imeallaithe a áirithiú trína rochtain ar chúram sláinte a ráthú agus gan a saoirse gluaiseachta a shrianadh ag an am céanna, i gcomhréir le ECHR;
439. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cúram maolaitheach cuimsitheach, ildisciplíneach a chur ar fáil d’othair le linn paindéimí agus géarchéimeanna sláinte; á iarraidh go mbeadh cleachtas feabhsaithe ann i gcúram maolaitheach baile agus ospidéil ar fud AE; á mholadh do na Ballstáit líon na n-aonad cúraim mhaolaithigh i ngach réigiún a uasmhéadú agus cistiú inbhuanaithe agus acmhainní daonna dea-oilte leordhóthanacha a áirithiú;
(e) COVID-19 agus teacht chun cinn teicneolaíochtaí digiteacha do ghnólachtaí agus d’oibrithe: rioscaí agus deiseanna
440. ag tabhairt dá haire gur bhog AE i dtreo cineálacha nua digitithe agus oibre solúbtha le linn na paindéime; á thabhairt chun suntais go bhféadfaidh úsáid iomchuí uirlisí digiteacha a bheith mar acmhainn d’fhostóirí agus d’oibrithe ó thaobh níos mó saoirse, neamhspleáchais agus solúbthachta a lamháil chun am oibre agus tascanna oibre a eagrú níos fearr, am ag taisteal chun na hoibre a laghdú, astaíochtaí a laghdú agus bainistiú oibleagáidí pearsanta agus teaghlaigh a dhéanamh níos éasca, agus ar an gcaoi sin cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chruthú; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht mhór idir riachtanais oibrithe agus, dá bhrí sin, ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé creat soiléir a fhorbairt lena gcuirfear solúbthacht phearsanta chun cinn agus lena gcosnófar cearta oibrithe ag an am céanna;
441. á chur i bhfáth nár cheart go dtiocfadh meath ar chearta oibrithe ná ar dhálaí oibre mar thoradh ar dhigitiú na hoibre; ag aithint go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an digitiú i saol na hoibre ar dhálaí oibre, amhail nuair a bhíonn ar oibrithe uaireanta níos faide a oibriú nó nuair nach mór dóibh a áirithiú go mbeidh siad ar fáil lasmuigh d’uaireanta oibre; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá an ceart chun dícheangail; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht mhór idir riachtanais oibrithe agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé creat soiléir a fhorbairt lena gcuirfear solúbthacht phearsanta chun cinn agus lena gcosnófar cearta oibrithe ag an am céanna; á chur i bhfios gur mó an seans go ndéanfaidh mná teilea-obair mar gheall ar a bhfreagrachtaí cúraim, agus dá bhrí sin tá creat Eorpach don teilea-obair atá íogair ó thaobh inscne de fíorthábhachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh lena leagfar síos caighdeáin do dhálaí teilea-oibre ar fud an Aontais Eorpaigh, agus é mar aidhm leo dálaí oibre agus fostaíochta atá cothrom agus iomchuí a ráthú laistigh den gheilleagar digiteach, agus á thabhairt dá haire gur inniúlacht náisiúnta i gcónaí iad na dálaí oibre;
442. ag tabhairt dá haire go mbaineann riosca freisin leis an digitiú i saol na hoibre ó thaobh bainistíochta agus an chirt chun príobháideachais de; á chur i bhfios go láidir nach mór athruithe ar dhálaí oibre a chaibidliú i gcónaí le ceardchumainn agus le hionadaithe oibrithe chun cinneadh comhthoiliúil a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, comhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta caibidlíocht a áireamh maidir le bearta atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun teilea-obair a rialáil agus an ceart chun dícheangail a áireamh ina gclár oibre d’idirphlé sóisialta 2022-2024;
443. á chur i bhfios gur mó an seans go ndéanfaidh mná teilea-obair mar gheall ar a bhfreagrachtaí cúraim; á iarraidh go ndéanfaí creat Eorpach don teilea-obair atá íogair ó thaobh inscne de a chur chun feidhme, lena ndéanfar róil inscne a mheas freisin i bhfianaise géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus béim shoiléir á leagan ar an saol oibre agus ar an saol príobháideach a thabhairt le chéile; á iarraidh go ndéanfaí an teilea-obair a chur chun feidhme le linn paindéimí amach anseo agus prionsabal an chomhionannais inscne á urramú ag an am céanna agus i gcomhréir le prionsabal na comhfhreagrachta;
444. á chur i bhfios go láidir gur fhág úsáid iomchuí uirlisí digiteacha gur féidir, i gcás gairmeacha áirithe, teorainn a chur le líon na ndaoine nach bhfuil in ann obair a fháil;
(f) Conclúidí
(i) Gnólachtaí agus oibrithe
445. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a chosaint, ar geilleagar é atá athléimneach agus a fhreagraíonn go tapa do ghéarchéimeanna agus a chothaíonn fíorthimpeallacht atá fabhrach do ghnó, ina mbeidh rochtain mhéadaithe ar chaipiteal, simpliú méadaithe ar nósanna imeachta agus níos lú maorlathais do chuideachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna, ionas go mbeidh siad in ann freagairt go tapa, leanúint dá nuálaíocht ghnó agus fiontraíocht a spreagadh, agus cearta oibrithe laistigh de theorainneacha AE á gcosaint agus á bhforfheidhmiú ag an am céanna;
446. á chur i bhfáth gur cheart go mbainfeadh gnólachtaí in earnáil na turasóireachta tairbhe as oiliúint agus forbairt bhreise, as digitiú agus as samhail ghnó níos inbhuanaithe chun a bheith níos athléimní agus níos ullmhaithe i gcás géarchéim nua sláinte nó géarchéim eile; á chur i bhfáth go ndearna tionscnóirí turas, oibreoirí iompair agus idirghabhálaithe áirithinte ar líne sárú forleathan ar chearta paisinéirí agus tomhaltóirí le linn na paindéime;
447. á chur i bhfáth gur gá tacaíocht do bheartais slándála sóisialta AE agus na mBallstát a neartú agus urraim chuí á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis na treoirlínte fostaíochta, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá rochtain chomhionann agus éifeachtach ar chosaint shóisialta leormhaith a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin rochtain chomhionann agus chothrom ar sheirbhísí cúraim sláinte ardcháilíochta a ráthú, iarrachtaí a neartú chun leibhéil níos airde fostaíochta ardcháilíochta a bhaint amach agus, ag an am céanna, neamhionannais agus bearnaí inscne i ndáil le pá agus sochair a laghdú, an t-idirphlé sóisialta a threisiú tuilleadh agus, ag an am céanna, an bhearna dhigiteach a dhúnadh agus obair fhorbhásach nó neamhdhearbhaithe a chosc in earnáil an chúraim;
448. á iarraidh go mbeadh margadh saothair níos athléimní ann ina mbeidh idirphlé sóisialta neartaithe agus comhpháirtithe sóisialta a d’fhéadfadh páirt a ghlacadh i gcomhlachtaí rialachais ardleibhéil maidir le géarchéimeanna beartais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dálaí oibre níos cothroime agus níos córa do gach oibrí ar fud AE, lena n-áirítear na hoibrithe is leochailí agus, go háirithe, le linn géarchéime;
449. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an margadh aonair, é a neartú agus a choimirciú, go háirithe saorghluaiseacht (daoine, earraí agus seirbhísí) i gcás paindéimí amach anseo agus ábhair imní maidir leis an tsláinte phoiblí agus an staid eipidéimeolaíoch á gcur san áireamh i gcónaí, agus ualach na doiciméadachta agus na reachtaíochta a íoslaghdú agus, dá bhrí sin, sláine an mhargaidh aonair a chaomhnú; ag cur béim ar an ngá atá le rialacha agus treoirlínte maidir le taisteal agus brath galar a chomhchuibhiú idir na Ballstáit, agus riachtanais FBManna á gcur san áireamh; á mheabhrú go bhfuil saorghluaiseacht earraí bunriachtanach do shlabhraí luacha dea-fheidhmiúla, go háirithe le haghaidh vacsaíní agus frithbhearta leighis eile;
450. ag cur béim ar an bhfíoras go gcuidíonn an ionstraim le haghaidh Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gCás Éigeandála (SURE) le poist a chosaint, mar a dhéantar le cláir chomhchosúla eile i bhfoirm bearta dlúthpháirtíochta eacnamaíche agus sóisialta aonuaire san Eoraip, agus béim á leagan ag an am céanna gur cheart na cláir sin a bheith bunaithe ar iasachtaí, agus nár cheart iad a ghníomhachtú ach amháin i gcás mórshuaitheadh seachtrach airgeadais nó eacnamaíoch;
451. ag tabhairt dá haire gur mhol an Coimisiún go n-aithneodh na Ballstáit COVID-19 mar ghalar ceirde in earnálacha áirithe le linn paindéime;
452. á chur in iúl, cé gur fhulaing comhar AE fadhbanna tosaigh le linn na paindéime, go ndearna sé cúiteamh san am a cuireadh amú le roinnt príomhthionscnamh; ag tabhairt dá haire go raibh saorghluaiseacht earraí agus foireann sláinte chriticiúil indéanta trí chonairí glasa a bhunú; ag tabhairt dá haire go raibh ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) maidir le treoirlínte agus faisnéis a sholáthar do ghnólachtaí faoi bhearta coisctheacha COVID-19, agus gur léiríodh le deimhniú COVID-19 atá bunaithe ar chód QR go raibh AE in ann deimhniú digiteach comhchoiteann a chruthú chun dul chun tairbhe do lucht riaracháin, do chuideachtaí agus don phobal;
453. á mholadh gur cheart dianghlasálacha nó dianbhearta sábháilteachta eile a dhéanamh in idirphlé leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, leis na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta, chomh maith le heagraíochtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta ag gach céim éagsúil d’éigeandáil atá ag titim amach, agus urraim á tabhairt do dhualgas agus do shaincheart na n-údarás poiblí bearta a dhéanamh chun sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint; á chur i bhfios go láidir gur cheart na bearta a theorannú don mhéid is gá agus is comhréireach;
454. á chur i bhfios go láidir gur aithin Ballstáit AE an ról ríthábhachtach a bhí ag FBManna ina ngeilleagair agus gur chuir siad bearta éagsúla chun feidhme chun a seasamh a neartú le linn na paindéime; á mheas gur cheart borradh breise a chur faoi bhearta chun poist a chaomhnú, lena n-áirítear poist FBManna, i gcás inar féidir trí scéimeanna tacaíochta, tacaíocht ioncaim leordhóthanach, uas-sciliú agus athsciliú oibrithe, oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil, agus tacaíocht threisithe do na hearnálacha féinfhostaithe is mó atá buailte;
455. á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as cistiú RRF, atá bunaithe ar an gcoincheap ‘atógáil chun feabhais’, trí chistí a chur chun feidhme go tráthúil agus go héifeachtach d’fhonn infheistíochtaí sóisialta a neartú, taighde agus nuálaíocht a threisiú agus borradh a chur faoin ngeilleagar trí athchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha, ag díriú go háirithe ar an aistriú glas agus digiteach, chun AE a dhéanamh níos athléimní go sóisialta; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart, agus an t-athrú déimeagrafach á chur san áireamh, ár gcórais cúraim sláinte phoiblí a threisiú agus dul i ngleic le neamhionannais sláinte a bheith ar an tríú colún den aistriú sin;
456. á chreidiúint gur cheart do AE iarracht a dhéanamh dlúthpháirtíocht agus comhordú a áirithiú idir na Ballstáit maidir leis an ngeilleagar chun iomaíochas AE a neartú, agus cuspóirí sóisialta agus aeráide á saothrú ag an am céanna, agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint;
457. á mholadh go gcuirfí tacaíocht d’earnálacha an chúraim shóisialta agus na sláinte ar áireamh in iarrachtaí ullmhachta paindéime amach anseo; á iarraidh ar na Ballstáit pleananna ullmhachta a fhorbairt le haghaidh géarchéimeanna sláinte amach anseo ina straitéisí náisiúnta sláinte agus sábháilteachta ceirde, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile; á chur i bhfios go láidir gur gá sásraí éifeachtacha a bhunú chun na pleananna sin a chomhordú ar leibhéal AE, agus tuairim an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair maidir le saincheisteanna paindéime agus saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte cheirde á gcur san áireamh; á mheas gur cheart cosaint agus cur chun cinn na meabhairshláinte a bheith mar chuid lárnach de na pleananna sláinte agus sábháilteachta ceirde sin le haghaidh géarchéimeanna sláinte amach anseo;
458. á chur i bhfáth gur gá bearta agus beartais shonracha a chur chun feidhme ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun oibrithe cúraim sláinte a chosaint agus chun tacú leo, chomh maith le hoibrithe bunriachtanacha eile, lena n-áirítear trí acmhainní iomchuí agus leordhóthanacha;
(ii) Mná
459. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit foréigean inscnebhunaithe de gach cineál agus cibé áit a dtarlaíonn sé, cibé acu laistigh nó lasmuigh den bhaile nó san ionad oibre, a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, ach á iarraidh go bhfeabhsófaí an t-inneachar chun gach íospartach a chosaint ar bhealach níos fearr, go háirithe iad siúd atá i mbaol ilchineálacha idirdhealaithe;
460. á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú agus athmheastóireacht ar obair a dhéanann mná den chuid is mó go hiondúil agus go ndéanfaí uirlisí trasearnála meastóireachta poist atá neodrach ó thaobh inscne de a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar obair a dhéanann mná den chuid is mó agus chun luach saothair níos cothroime a thabhairt ina leith agus chun pá comhionann nó obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach a áirithiú;
461. á mholadh gur cheart forbairt réiteach digiteach a chur chun cinn chun tacaíocht a chur ar fáil ar bhealach níos éasca agus níos sábháilte; á iarraidh go nglacfaí ionstraimí tacaíochta eacnamaíocha, sóisialta agus airgeadais do mhná atá ag scaradh óna gcomhpháirtithe tar éis dóibh foréigean a fhulaingt agus nach bhfuil aon acmhainní tacaíochta airgeadais acu; á mholadh go sainmhíneofaí mar sheirbhísí bunriachtanacha amach anseo seirbhísí lena gcabhraítear le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe;
462. á chreidiúint gur cheart feabhas a chur ar an gcomhar idir tíortha agus cúram á dhílárú chun go sroichfidh sé pobail iargúlta ar bhealach níos fearr; á chur in iúl go bhfuil sí suite de nach mór do phobail áitiúla, ról na mban agus comhionannas inscne feabhsaithe tuilleadh a bheith i gcroílár na réiteach; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach nuálaíocht agus digitiú a chothú laistigh de sheirbhísí sláinte, go háirithe i réimsí ina bhfuil an soláthar sláinte easnamhach, neamhleor nó tite ar gcúl, ós rud é go mbraitheann seirbhísí sláinte ar shaineolas eagraíochtaí na sochaí sibhialta(57);
463. á iarraidh ar an gCoimisiún gach cineál de theacht i dtír gnéasach a choiriúlú ar bhealach comhchuibhithe chun leibhéal comhchosúil cosanta a chur ar fáil do mhná uile in AE gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu; ag tacú le sainmhíniú ar fhoréigean gnéasach atá níos leithne ná an sainmhíniú ar éigniú a áireamh sa treoir, agus sainmhíniú ar ghnéaschiapadh i gcomhréir le treoracha frith-idirdhealaithe AE atá ann cheana agus de réir chaighdeáin Choinbhinsiún Iostanbúl;
464. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí gné na hinscne a phríomhshruthú i mbeartais uile AE agus i bpleananna téarnaimh náisiúnta uile; á chur i bhfáth go bhfuil príomhshruthú inscne i gcásanna géarchéime ríthábhachtach chun a áirithiú go n-aithnítear na heispéiris éagsúla a bhíonn ag mná agus ag fir agus go dtugtar aghaidh orthu ina leith sin;
465. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oiliúint a chur ar bhaill foirne chun príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne a thuiscint agus a chur chun feidhme go héifeachtach; á thabhairt chun suntais gur cheart príomhshruthú inscne a bheith mar chuid de bheartais lena ndírítear ar chothromaíocht inscne a mhéadú san oideachas eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice, agus sa taighde agus sa nuálaíocht; á chur in iúl gur cúis imní di sciar ard na ndaoine a thuilleann pá íosta agus a thuilleann níos lú ná an pá íosta i measc gairmithe cúraim, ar mná iad formhór díobh, agus á chreidiúint gur cheart, le bearta AE, comhionannas inscne a chur chun cinn in earnáil an chúraim agus na seirbhísí sóisialta agus ar bhonn níos ginearálta i margadh an tsaothair;
(iii) Daoine óga agus leanaí
466. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar úsáid chistí RRF agus ar a ról maidir le tacú le bearta do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh óga; á mheas gur cheart infheistíochtaí a dhéanamh i mbeartais chúiteacha, ag díriú ar dhaoine aonair a bhfuil stádas socheacnamaíoch íseal acu agus ar leanaí ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, i gcláir chun easnaimh foghlama a chosc agus dul i ngleic leo, in oideachas fianaise-bhunaithe, in oiriúnú curaclaim, lena n-áirítear maidir leis an aistriú glas agus digiteach, agus sa teicneolaíocht, i mbonneagar scoile agus i bhforbairt ghairmiúil múinteoirí; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil gá le tuilleadh maoinithe ón Aontas maidir le taighde, oideachas agus cultúr i gcomhréir le straitéis AE maidir le cearta an linbh agus leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí; ag tabhairt dá haire gur cheart Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a úsáid freisin chun na héifeachtaí is measa a bhaineann le bochtaineacht leanaí de dheasca COVID-19 a threisiú agus ar éifeachtaí iad atá níos measa mar gheall ar an ngéarchéim maidir le costas maireachtála atá ann faoi láthair;
467. á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir le tionchar na paindéime ar chearta leanaí, amhail an ceart chun sláinte, na héifeachtaí ar fhorbairt shíceasóisialta mar gheall ar leithlisiú sóisialta mar thoradh ar choraintín, cumhachtú leanaí maidir lena gcearta agus bearta éigeandála a bhaineann le leanaí a áireamh i mbeartas agus i reachtaíocht; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar AE agus ar na Ballstáit acmhainní iomchuí a leithdháileadh chun sonraí den sórt sin a fháil agus anailís a dhéanamh orthu;
468. á iarraidh, i ndáil leis sin, ar AE agus ar na Ballstáit borradh a chur faoi chistiú do thaighde AE ar leanaí agus daoine óga i gcoitinne, agus ar a sonraí; á thabhairt chun suntais gur gá díriú ar mheabhairshláinte daoine óga agus leanaí a fheabhsú tar éis na paindéime, lena n-áirítear trí bhearta arna ndéanamh ar leibhéal AE trí straitéis AE maidir leis an meabhairshláinte a ghlacadh;
469. á iarraidh ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta soiléire a fhorbairt do scoileanna chun dul i ngleic leis na héifeachtaí a bhí ag an bpaindéim ar an bhfoghlaim agus ar thorthaí foghlama; á mholadh go bhfanfaidh scoileanna agus saoráidí oideachais eile oscailte le linn géarchéimeanna sláinte amach anseo má lamháiltear é sin leis an staid eipidéimeolaíoch, agus sláinte agus sábháilteacht na mac léinn agus na múinteoirí á n-urramú i gcónaí agus tosaíocht á tabhairt do chosaint shláinte an phobail; á iarraidh go mbeadh beartas oideachais mar chuid den straitéis práinnfhreagartha, chomh maith le réitigh cúraim leanaí, idir réitigh chomhchoiteanna agus réitigh aonair;
470. á chur in iúl gur chruthaigh an t-aistriú chuig an ríomhfhoghlaim le linn COVID-19 roinnt dúshlán do mhic léinn, do mhúinteoirí agus d’institiúidí oideachais, go príomha mar gheall ar rochtain éagothrom ar theicneolaíocht agus ar nascacht idirlín, go háirithe do mhic léinn ó theaghlaigh ísealioncaim nó a bhí ina gcónaí i gceantair thuaithe, as a d’eascair éagothromaíochtaí i ndeiseanna oideachais; á thabhairt chun suntais gur féidir leis an ríomhfhoghlaim cur leis an oideachas ar an láthair; á chur i bhfáth gur cheart iarrachtaí a dhéanamh litearthacht dhigiteach a dhéanamh forleathan ar gach leibhéal den tsochaí trí úsáid chuí uirlisí digiteacha agus bonneagair dhigitigh a chumasú, agus gur cheart tacú le digitiú scoileanna agus é a fhorbairt go leanúnach; á mheas, i gcás ina dtugtar deacrachtaí faoi deara, gur cheart réitigh sholúbtha a thairiscint i gcás inar féidir;
471. á iarraidh ar na Ballstáit litearthacht dhigiteach a áireamh i gcuraclaim na n-institiúidí foghlama uile agus an oiliúint agus an trealamh is gá a sholáthar do mhúinteoirí agus d’oideoirí; ag athdhearbhú na forála sa Ráthaíocht do Leanaí lena moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh atá ag aois scoile ar ghléas digiteach agus ar leictreachas agus ar idirlíon maith ina dtithe; á chreidiúint gur cheart bearta leormhaithe a thabhairt isteach chun na scileanna teicneolaíochta agus an t-eolas atá de dhíth orthu chun go mbeidh siad faoi bhláth sa ré dhigiteach a thabhairt do gach leanbh agus duine óg;
472. á thabhairt chun suntais acmhainneacht na n-ealaíon agus an chultúir mar phríomhghné den fhreagairt ar phaindéimí mar gheall ar chumas eagraíochtaí ealaíon agus cultúir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna folláine, meabhairshláinte agus tacaíochta sóisialta, lena n-áirítear do ghrúpaí a d’fhéadfadh sé a bheith deacair teagmháil a dhéanamh leo murach sin; á mheabhrú go bhfuil na healaíona agus an cultúr ríthábhachtach chun féiniúlacht aonair leanaí agus daoine óga a fhorbairt, mar aon lena n-oideachas, lena n-áirítear a dtuiscint ar an tsochaí agus ar a ndea-bhail fhoriomlán; á chur in iúl gur cúis imní di an tionchar diúltach ar rochtain ar ealaín agus ar chultúr mar gheall ionaid chultúrtha a bheith dúnta de dheasca COVID; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, acmhainneacht na n-ealaíon agus an chultúir chun aghaidh a thabhairt ar mheabhairshláinte agus ar fholláine shóisialta grúpaí agus daoine aonair a d’fhéadfadh sé a bheith deacair teagmháil a dhéanamh leo murach sin agus á iarraidh go ndéanfaí earnáil na n-ealaíon agus an chultúir a áireamh níos mó i straitéisí freagartha éigeandála;
473. ag spreagadh na mBallstát gan cur chuige a oireann do chách a chur i bhfeidhm nuair atá gá le bearta speisialta agus chun dul i gcomhairle le gairmithe sláinte agus sábháilteachta, scoileanna, múinteoirí, eagraíochtaí óige agus seirbhísí óige, chomh maith le tuismitheoirí, chun aird iomchuí a thabhairt ar riachtanais aoisghrúpaí éagsúla, grúpaí leochaileacha agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu, chomh maith le grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus imeallaithe;
474. á mholadh gur cheart treoir UNICEF maidir le Measúnú Tionchair ar Chearta Leanaí a chur i bhfeidhm maidir le ceapadh beartais, reachtaíocht agus bearta éigeandála chun iarmhairtí diúltacha ar leanaí a sheachaint;
475. á iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha ‘seiceáil óige’ a dhéanamh do thograí reachtacha uile AE i gcomhréir leis na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;
476. á iarraidh ar na Ballstáit cláir foghlama bhreise a thabhairt isteach sa ghearrthéarma, amhail scoileanna samhraidh nó teagasc breise, chun an bhearna foghlama a laghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh foghlama atá ann cheana, ag díriú, go háirithe, ar leanaí ó theaghlaigh leochaileacha;
(iv) Daoine scothaosta agus grúpaí leochaileacha/imeallaithe
477. á chur in iúl gur geal léi an páipéar glas maidir le haosú, an tuarascáil ar thionchar an athraithe dhéimeagrafaigh agus an straitéis Eorpach um chúram mar na chéad chéimeanna do straitéis fhoriomlán AE chun aghaidh a thabhairt ar aosú an daonra san Eoraip; á chur i bhfáth gur gá do AE agus do na Ballstáit gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sláinte agus chúraim a bhaineann le daonra Eorpach atá ag dul in aois, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar ghalair neamhtheagmhálacha trí aosú gníomhach agus sláintiúil a chur chun cinn i gcomhréir le Deich mBliana d’Aosú Folláin de chuid EDS;
478. ag tabhairt dá haire, de réir mar a thagann méadú ar an acmhainneacht fad saoil, go dtagann méadú freisin ar a thábhachtaí atá iompraíocht a bhaineann leis an tsláinte, amhail timpeallachtaí sláintiúla agus stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn, ag gach aois (lena n-áirítear meánaoiseanna agus aoiseanna níos sine); á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí taighde ar fhad saoil sláintiúil agus bearta chun cosc níos fearr a chur ar ghalair neamhtheagmhálacha agus feabhsuithe ar bhainistiú agus ar chúram galar neamhtheagmhálach á n-áirithiú ag an am céanna, chun tionchar galar teagmhálach a laghdú, chun an ilghalracht agus an ilpholaitíocht a chur san áireamh agus chun freagairt dóibh agus chun deis a dhéanamh den aosú seachas bac;
479. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in uirlisí cuimsitheacha ar líne agus iad a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht dhigiteach agus cumhacht dhigiteach a thabhairt go háirithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine óga agus do ghrúpaí leochaileacha, tacú le seirbhísí agus institiúidí cúraim sláinte agus sóisialta ar líne ó thaobh airgeadais de agus bearta tacaíochta a fhorbairt do chúramóirí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta a chur chun feidhme chun rochtain chomhionann ar an idirlíon agus ar an teicneolaíocht dhigiteach a áirithiú i ngach Ballstát agus i ngach foghrúpa den daonra;
480. á chur i bhfios go bhfuil daoine scothaosta ann a bhfuil deacrachtaí acu uirlisí teicneolaíochta a úsáid agus idirghníomhú leo agus go bhfágann an digitiú nach féidir leo idirghníomhú le seirbhísí bunúsacha agus le hinstitiúidí; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh cúram sláinte ar líne comhlántach agus nár cheart go gcuirfí é in áit cúram aghaidh ar aghaidh, go háirithe don ghrúpa sin daoine a bhfuil an deighilt dhigiteach is soiléire ina leith; á mholadh gur cheart go mbeadh gá le cainéil analógacha chun freastal ar dhaoine scothaosta chun cosc a chur orthu mothú go bhfuil siad scoite amach ón tsochaí;
481. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá réitigh nuálacha a fhorbairt tuilleadh, ar réitigh iad a tháinig chun cinn le linn na paindéime, amhail modhanna nua oibre, digitithe agus rochtana do chách; á iarraidh go ndéanfaí oibrithe níos sine a athsciliú agus a uas-sciliú;
482. á mholadh do AE agus do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí an ceart chun cúraim fhadtéarmaigh a chomhtháthú ina gcórais cosanta sóisialta agus infheistíocht a dhéanamh i bplean sláinte agus cúraim chun freastal ar riachtanais an daonra scothaosta atá ag dul i méid, lena n-áirítear saoráidí cúraim chónaithe, ar bhealach atá cóir go sóisialta;
483. á iarraidh ar gach teach cúraim do dhaoine scothaosta agus ionaid cúraim sláinte agus shóisialta eile plean teagmhasach a chur in oiriúint go sonrach dá gcás agus dá staid ina ndéanfar cur síos orthu agus ina ndéanfar athbhreithniú orthu ar bhealach córasach agus sceidealaithe, agus foireann a chruthú chun éigeandálaí agus ráigeanna ionfhabhtaíocha a bhainistiú, a bheidh comhdhéanta de ghairmithe sláinte agus foireann ón teach cúraim féin, chomh maith leis an oiliúint is gá a sholáthar i mbainistiú éigeandála agus géarchéime; á chur i bhfáth gur gá do dhaoine i saoráidí cúraim agus daoine scothaosta fanacht gníomhach ó thaobh sóisialta agus meabhrach de, mar shampla, trína chur ar a gcumas leanúint d’idirghníomhú lena dteaghlach, chun aonrú, baol an dúlagair agus bás a chosc;
484. á mholadh gur cheart do na Ballstáit meastóireacht chúramach a dhéanamh ar an sochair-riosca maidir le srianta ar ghníomhaíocht choirp sula gcuirfear chun feidhme iad; á mheas, le linn géarchéim sláinte, gur cheart do rialtais treoir a thabhairt agus aistí bia níos fearr agus gníomhaíocht choirp a spreagadh do dhaoine, agus béim speisialta a leagan ar ghrúpaí imeallaithe agus faoi mhíchumas, chun athléimneacht pobal sna Ballstáit a mhéadú i gcás paindéime amach anseo;
485. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i bpróiseas coiscthe, ullmhachta agus freagartha maidir le géarchéim, ar próiséas é a bheadh cuimsitheach ó thaobh míchumais de, lena ndéanfaí iarmhairtí tubaisteacha géarchéimeanna amach anseo ar dhaoine faoi mhíchumas a thuar; á mheabhrú go bhfuil Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas daingnithe ag na Ballstáit uile agus á chur i bhfáth nach mór pleananna ullmhachta agus bearta paindéime a bheith i gcomhréir leis sin;
486. á iarraidh ar na Ballstáit beartais a chur chun cinn lena ndíreofaí ar chomhionannas deiseanna trí ghnás a dhéanamh de bhailiú sonraí comhionannais i gcomhthéacs paindéime ar fud na n-earnálacha poiblí; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit comhoibriú leis an tsochaí shibhialta chun sonraí comhionannais a bhailiú agus a anailísiú;
487. á chur i bhfios go láidir an méid a rannchuidíonn daoine scothaosta leis an tsochaí agus á chur i bhfáth gur féidir le smaointe nuálacha le haghaidh tacaíocht shóisialta rannchuidiú lena gcosaint;
488. ag spreagadh na mBallstát sásra dlúthpháirtíochta idirghlúine a bhunú chun uaigneas a chomhrac, mar shampla, i bhfoirm seirbhís shibhialta, lena gcuirfí ar chumas daoine scothaosta idirghníomhú le daoine óga;
4.AE agus an domhan
(a) AE agus bainistiú na paindéime ar an leibhéal domhanda
(i) Caidreamh le EDT, le EDS agus leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR)
489. ag tabhairt dá haire, in ainneoin fás ollmhór i dtrádáil táirgí leighis, go raibh neamhéifeachtúlachtaí suntasacha ann maidir le rochtain a fháil ar threalamh cosanta pearsanta, cóireálacha, vacsaíní agus diagnóisic; ag tabhairt dá haire, ag buaic na paindéime, gur cuireadh isteach ar tháirgeadh agus go raibh praghsanna níos airde mar thoradh ar an iomaíocht i measc tíortha agus ar bhearta sriantacha maidir le rochtain ar fheistí leighis, ar threalamh cosanta pearsanta, ar scagthástáil agus ar vacsaíní;
490. á chur in iúl go gcuireann leochaileacht ard atá nasctha le droch-éagsúlú eacnamaíoch agus le spleáchas ard ar onnmhairí amhábhar béim ar an ngá atá le slabhraí soláthair reatha a ghiorrú;
491. á chur i bhfios go láidir gur léiríodh leis an bpaindéim leochaileacht na slabhraí soláthair domhanda agus an gá atá le slabhraí luacha réigiúnacha a thógáil agus borradh a chur faoin gcomhtháthú réigiúnach;
492. ag tabhairt dá haire nár urramaíodh prionsabal na dlúthpháirtíochta i gcónaí le linn na paindéime, gurb é freagracht na mBallstát dáileadh táirgí leighis a éascú agus gurb é ról EDT ina leith sin trádáil idirnáisiúnta a éascú trí chomhar rialála idirnáisiúnta chun borradh a chur faoi allmhairí earraí agus chun toirmisc nó srianta onnmhairiúcháin a laghdú atá díobhálach don rochtain ar tháirgí leighis;
493. á chur in iúl gur oth léi spleáchas AE ar fhoinsí seachtracha de threalamh cosanta pearsanta;
494. á thabhairt chun suntais go bhfuil rochtain dhomhanda theoranta ar vacsaíní mar thoradh ar thosca éagsúla agus á iarraidh an athuair ar EDT gníomhaíocht níos mó a dhéanamh chun saorshreabhadh slabhraí soláthair agus seachadtaí vacsaíní a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann le srianta ar onnmhairiú; á chur in iúl gur oth léi go ndeachaigh go leor tíortha, lena n-áirítear roinnt comhpháirtithe AE, i muinín bearta cosantacha i bhfoirm srianta ar onnmhairiú;
495. á iarraidh ar AE díriú ar uathriail straitéiseach oscailte, lena dtacófar le héagsúlú domhanda agus athléimneacht slabhraí soláthair, agus lena gcuirfear táirgeadh ar bun in AE an athuair i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar spleáchas ard ar thríú tíortha trí bhíthin córas trádála iltaobhach, oscailte agus riailbhunaithe ag a croílár chun a áirithiú go mbeidh táirgí leighis ar fáil ar fud an domhain; ag spreagadh tíortha chun a bheith rannpháirteach i gComhaontú EDT maidir le Trádáil Táirgí Cógaisíochta agus á áitiú go leathnófaí a raon feidhme chuig gach táirge cógaisíochta agus íocshláinte; ag moladh go dtabharfaí tacaíocht do FBManna cógaisíochta Eorpacha a rannchuideodh le punann éagsúil vacsaíní a fhorbairt agus, ar an gcaoi sin, le huathriail straitéiseach AE in earnáil na sláinte, á chur i bhfios go láidir nach mór prionsabal na dlúthpháirtíochta a bheith mar threoir ag an bhfreagairt dhomhanda sláinte, ag féachaint ar an tsláinte mar leas poiblí agus gur cheart do AE oibriú i ndlúthchomhar le gníomhaithe iltaobhacha i dtíortha i mbéal forbartha chun athléimneacht agus ullmhacht na gcóras cúraim sláinte a fheabhsú do na daoine is leochailí;
496. ag tabhairt dá haire go ndreasaíonn an córas cosanta paitinne cuideachtaí infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht agus uirlisí leighis nua a tháirgeadh ar cheart dóibh a bheith ag fónamh do shaoránaigh agus leas an phobail a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, go bhféadfadh soláthar teoranta margaidh agus rochtain laghdaithe ar chógais leighis agus ar tháirgí cógaisíochta a bheith mar thoradh ar éifeacht eisiatach paitinní; á chur i bhfios go láidir gur cheart do na húdaráis phoiblí, tráth géarchéime, agus chun an tsláinte phoiblí agus beatha daoine a chosaint, a bheith in ann idirghabháil a dhéanamh maidir leis an gcóras sin agus leas a bhaint as na modhanna is gá chun rochtain a dheonú ar dhiagnóisic, ar chosc, ar chóireálacha agus ar chúram do chách;
497. ag cur sonrú sa chomhar idir AE agus EDS mar fhreagairt ar an bpaindéim; á chur i bhfios go láidir gur gá an comhar sin a threisiú tuilleadh le cur chuige níos comhordaithe, níos fadtéarmaí agus le córas na Náisiún Aontaithe a bheidh níos láidre, dea-mhaoinithe agus neamhspleách ag a chroílár; á mheabhrú, go háirithe, an ról tábhachtach atá ag oifig EDS don Eoraip maidir le faireachas agus meastóireacht a dhéanamh ar chláir sláinte Eorpacha; á iarraidh ar an Aontas Eorpach ról níos straitéisí, níos teanntásaí agus níos éifeachtaí a ghlacadh sa tsláinte dhomhanda; á chur i bhfáth gur gá do AE ról breathnóra fhoirmiúil ag EDS a ghlacadh chuige féin;
498. ag cur béim ar an bhfíoras go raibh EDS agus UNICEF ann in éineacht le tíortha ó thús go deireadh a straitéise vacsaíní, go dtí na céimeanna deireanacha sa seachadadh; ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh moilleanna agus éiginnteachtaí sa soláthar agus nár tháinig feabhas ar an staid ach amháin nuair a bhí an soláthar domhanda ag freastal ar an éileamh domhanda den chuid is mó;
499. á chur i bhfios go láidir gur gá coimircí a thabhairt isteach maidir le hathonnmhairiú ionas go gcuirfí cosc ar thrádáil aindleathach agus ionas go seachnófaí borradh a chur faoi na margaí atá ann cheana le linn éigeandáil sláinte; á chur in iúl gur saoth léi teorainneacha a chur ar ghluaiseacht earraí sláinte le linn paindéimí in AE agus ar fud an domhain agus, i gcás éigeandáil dhaonnúil, go bhféadfadh tír nach bhfuil incháilithe ar dtús a bheith ina ceann scríbe;
500. á mheas go bhfuil freagairt iltaobhach, neamhspleách agus chomhordaithe ar fud an domhain atá bunaithe ar bhunúis eolaíocha agus ar phrionsabal an réamhchúraim, agus ról na gcomhlachtaí réigiúnacha á chur san áireamh, ríthábhachtach chun athléimneacht dhomhanda a fhorbairt i gcoinne géarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo, agus gur gá tábhacht níos mó a thabhairt d’eagraíocht iltaobhach; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, nach mór eagraíochtaí iltaobhacha, go háirithe laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, a threisiú chun go mbeidh siad in ann a sainordú a chomhlíonadh;
501. á chur i bhfios go láidir go bhfuil cur chuige na hAon Sláinte Amháin bunriachtanach agus gur cheart go leanfadh sé de bheith lárnach do EDS chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda sláinte poiblí; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór é a bheith ina threoirphrionsabal agus tagairt do bheartais phoiblí maidir leis an gcomhéadan idir ainmhithe agus daoine agus an cur chuige i gcoinne AMR; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil moltaí tugtha cheana féin ag Painéal Aon Sláinte Amháin EDS, gur gá iad sin a léiriú níos fearr i mbeartais nithiúla agus iad a chur i ngníomh ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á mholadh go leathnófaí EDS chun iarmhairtí a bhaineann le taighde a chosc trí mhaoirseacht a dhéanamh ar chláir thaighde maidir le pataiginí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach; á iarraidh ar AE atreisiú agus leathnú EDS a chur chun cinn trína bhuiséad foriomlán a mhéadú agus trína chuid oibre a threisiú maidir le bealaí nochta a d’fhéadfadh a bheith ann agus na timpeallachtaí is mó riosca i dtaca le tarchur galar zónóiseach; ag tabhairt dá haire, chun iarmhairtí nádúrtha a chosc, go mbeidh gá le comhar domhanda maidir le faireachas agus rialáil a dhéanamh ar thrádáil ainmhithe clóis agus ainmhithe fiáine, agus go mbeidh ról tábhachtach ag EDS chuige sin; á mholadh freisin go dtacódh AE le leathnú EDS chun iarmhairtí a bhaineann le taighde a chosc, trí mhaoirseacht a dhéanamh ar an mbithshábháilteacht, ar an mbithshlándáil agus ar bhainistiú bithriosca na gclár taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta atá i mbun pataiginí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a bhailiú, a thástáil, agus a ionramháil go géiniteach;
502. á éileamh go gcuirfí ról na bparlaimintí san áireamh i bpléití idirnáisiúnta maidir leis an tsláinte dhomhanda chun comhar idirnáisiúnta sláinte AE a threisiú, chun urraim do phrionsabail dhaonlathacha a áirithiú agus chun dlisteanacht na bpléití sin a mhéadú, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise ar an leibhéal idirnáisiúnta, lenar cheart go gcumhdófaí gach céim ón ullmhacht go dtí an fhreagairt, lena n-áirítear Aon Sláinte Amháin;
(ii) Ról i dtionscnaimh amhail COVAX
503. á thabhairt chun suntais gur cruthaíodh an tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaín COVID-19 (COVAX) leis an aidhm vacsaíní a sheachadadh chuig tíortha ísealioncaim agus meánioncaim (LMIC), ach nár baineadh amach na hionchais arda a rabhthas ag súil leo, gur carnadh moilleanna agus nár comhlíonadh riachtanais LMIC; ag tabhairt dá haire go ndearna tíortha ísealioncaim agus meánioncaim margaí déthaobhacha le monaróirí i margadh an-iomaíoch, a raibh praghsáil éagórach agus clásail dliteanais neamhfhabhracha mar thoradh orthu; á chur in iúl gur cúis imní di nár léirigh COVAX caighdeáin thrédhearcacha maidir lena chomhaontuithe agus a oibríochtaí, rud a d’fhág go raibh easpa grinnscrúdú poiblí ar na próisis sin agus easpa cuimsithe de thíortha ísealioncaim agus meánioncaim; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caighdeáin trédhearcachta agus cuimsithe a mholadh in ardáin idirnáisiúnta nua agus reatha maidir le rochtain ar theicneolaíochtaí sláinte;
504. á aithint go bhfuil iarracht shuntasach á déanamh ar an scála domhanda chun an acmhainneacht táirgeachta a mhéadú, le tacaíocht ó úsáid mhór cistí poiblí; á chur in iúl gur geal léi gur éirigh AE a bheith ina eiseamláir maidir leis an ábhar sin agus ina infheisteoir mór ó thaobh infheistíochtaí brú (roimh fhorbairt) agus tarraingthe (comhaontuithe réamhcheannaigh), rud a d’fhág go raibh sé indéanta dóthain vacsaíní a áirithiú; á mheabhrú nach mór d’infheistíochtaí poiblí toradh poiblí a thabhairt ó thaobh inacmhainneacht, infhaighteacht agus inrochtaineacht na dtáirgí deiridh agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainneachtaí táirgeachta agus an easpa aistrithe teicneolaíochta i dtreo tíortha ísealioncaim agus meánioncaim agus sásra domhanda a bhunú chun acmhainneachtaí táirgeachta a fheabhsú laistigh de AE agus ar scála domhanda araon;
505. á chur i bhfios go láidir go raibh an comhar poiblí-príobháideach le linn na paindéime cinntitheach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus vacsaíní a sheachadadh; á mheabhrú go bhfuil an comhar poiblí-príobháideach le linn na héigeandála sláinte éagsúil ó thaobh struchtúir de leis an gcomhar faoi ‘ghnáthchúinsí’; á mheabhrú go raibh ról lárnach ag méid mór cistithe phoiblí i dtimthriall forbartha an táirge (vacsaín), i gcomhar le comhaontuithe réamhcheannaigh roimh fhormheas rialála; ag cur béim ar an bhfíoras, i ngéarchéim sláinte, ina bhfuil i bhfad níos mó práinne agus éiginnteachta ann, go bhfuil ról níos mó fós ag cistiú poiblí; ag tabhairt dá haire nach féidir leis sin oibriú ach amháin má tá creataí domhanda dea-dhréachtaithe agus má tá dlúthchomhordú ann idir na gníomhaithe uile lena mbaineann;
(iii) Straitéis Sláinte Domhanda AE
506. ag tabhairt dá haire go raibh ról tábhachtach ag Tascfhórsa COVID-19 faoi Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (AS GROW) de chuid an Choimisiúin i dtaobh uathriail straitéiseach oscailte agus athléimneacht AE a mhéadú in aghaidh na paindéime trí thacú le taighde agus nuálaíocht, trí shlabhraí soláthair a neartú agus trí chomhar agus comhordú níos fearr a spreagadh idir na Ballstáit;
507. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún Straitéis Sláinte Dhomhanda nua de chuid an Aontais arb é is cuspóir di feabhas a chur ar an tslándáil sláinte dhomhanda agus ceannaireacht an Aontais a dhoimhniú ag an am céanna agus freagracht an Aontais a athdhearbhú maidir le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus éagothromaíochtaí sláinte;
508. á mheas go raibh sé indéanta aontacht mhargadh aonair AE agus úsáid a ghiarála eacnamaíche agus polaitiúla a choimirciú tríd an ngné sheachtrach d’uathriail oibríochtúil AE a fhorbairt trí bhíthin an tsásra údaraithe onnmhairiúcháin uile-AE; á aithint, áfach, nár dáileadh frithbhearta leighis go cothrom, rud a chuir, i measc tosca eile, le codarsnacht shuntasach idir rátaí vacsaínithe i dtíortha ardioncaim agus ísealioncaim;
509. á mheas, fiú leis an leibhéal suntasach cistiúcháin phoiblí do T&F chun vacsaíní a fhorbairt go tapa, go ndearnadh acmhainneachtaí monaraíochta in AE a mhéadú go ró-mhall chun freastal ar riachtanais; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach maoin intleachtúil agus fios gnó a chomhroinnt laistigh den chreat dlíthiúil chun táirgeadh ar mórscála agus infhaighteacht dhomhanda frithbheart leighis a áirithiú; á mheabhrú, ag an am céanna, go bhfuil gá le slabhra soláthair domhanda, inbhuanaithe agus athléimneach mar gheall ar chastacht vacsaíní a mhonarú agus castacht na n-amhábhar agus na gcomhpháirteanna eile is gá don táirgeadh a sholáthar; á mheas nach féidir le haon tír a bheith go hiomlán uathrialach maidir lena táirgeadh vacsaíní, rud a d’fhág go raibh sé deacair ar AE freastal ar an éileamh ard ar vacsaíní lena acmhainneacht táirgeachta;
510. á iarraidh go gcuirfí uirlisí ar bun lena gcuirfear ar chumas an Choimisiúin beartais trádála chómhalartacha a chur chun feidhme nuair is gá (chun cur i gcoinne an Ghnímh um Tháirgeadh Cosanta, mar shampla), agus ar an gcaoi sin cothromaíocht chomhionann chumhachta agus cumas margála a choinneáil;
511. ag cur béim ar an bhfíoras go raibh ról tábhachtach ag AE sa fhreagairt dhomhanda agus sa dlúthpháirtíocht agus nach mór dó leanúint den ról sin trí iarracht níos mó a dhéanamh; á mheas nach mór do AE leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le dlúthpháirtíocht vacsaíní ar fud an domhain agus á athdhearbhú go bhfuil dlúthpháirtíocht vacsaíní mar chuid de chur chuige AE maidir leis an Aon Sláinte Amháin; á iarraidh ar na Ballstáit aird níos mó a thabhairt ar iarrachtaí comhordaithe a phleanáil, lasmuigh de thráthanna paindéime, maidir le dáileadh vacsaíní;
512. á chur i bhfios go láidir gur dócha go mbeidh ar an domhan aghaidh a thabhairt ar eipidéimí agus paindéimí nua amach anseo agus go bhfuil sé i gceist le cur chuige AE maidir leis an Aon Sláinte Amháin a bheith gníomhach in ullmhacht dhomhanda, go háirithe maidir le cuspóirí agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, dlí comhshaoil AE a urramú, an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, an laghdú práinneach agus riachtanach ar astaíochtaí CO2 agus cailliúint na bithéagsúlachta, ar tosca ar fad iad a spreagann paindéimí agus bagairtí sláinte poiblí eile, amhail bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha agus galair zónóiseacha, chomh maith le bearta a ghlacadh a chuireann le forbairt oibreán núíosach frithmhiocróbach agus lena n-infhaighteacht agus lena n-inacmhainneacht; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit tacú leis an gcomhphobal domhanda agus cabhrú leis maidir le héiceachórais shlána a chosaint agus deireadh a chur leis an trádáil tráchtála san fhiadhúlra lena chaitheamh ag an duine;
513. á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go rannchuideoidh beartas trádála AE le hathléimneacht AE agus le huathriail straitéiseach oscailte, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as an mbosca uirlisí trádála ina iomláine; á chur i bhfáth go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith mar thoradh ar shrianta trádála tráth géarchéime, lena n-áirítear do thíortha i mbéal forbartha agus do thíortha comharsanachta; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna ríthábhachtach chun éifeachtaí díobhálacha an tsuaite sa slabhra soláthair le linn géarchéime a mhaolú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an togra ón gCoimisiún maidir le hionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair lena gcaomhnaítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí i gcás éigeandálaí amach anseo, chun leasa saoránach agus gnólachtaí ar fud AE;
514. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i bhfianaise na dóchúlachta go dtarlóidh eipidéimí agus paindéimí nua amach anseo agus i bhfianaise na staidéar éagsúil ar thionscnamh phaindéim COVID-19, roinn a bhunú chun taighde agus faireachán a dhéanamh ar straitéisí sláinte poiblí tíortha nach tíortha de chuid AE iad, go háirithe iad siúd a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu maidir le leathadh trasteorann;
(iv) Comhpháirtíochtaí agus fondúireachtaí domhanda
515. ag cur sonrú sa dlúthchomhar idir an Chomhghuaillíocht um Nuálaíochtaí maidir le hUllmhacht d’Eipidéime (CEPI) agus an Chomhghuaillíocht Dhomhanda um Vacsaíní agus Imdhíonadh (Gavi), faoi choimirce EDS agus UNICEF, as ar tháinig cruthú COVAX, arb é is aidhm dó dlús a chur le forbairt agus monarú vacsaíní COVID-19 agus rochtain dhomhanda chothrom ar vacsaíní a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá na tionscnaimh sin a bheith buan agus seanbhunaithe faoi scáth chóras na Náisiún Aontaithe, lena mbaineann rialú agus grinnscrúdú daonlathach agus trí thrédhearcacht iomlán ina ngníomhaíochtaí a áirithiú;
516. ag tabhairt dá haire go ndearna Gavi Saoráid COVAX agus an tsásra domhanda um chomhroinnt riosca agus um sholáthar comhthiomsaithe de chuid COVAX a dhearadh agus a bhainistiú, agus dáileoga le haghaidh COVAX a áirithiú trí chomhaontuithe réamhcheannaigh agus tríd an tsásra um chomhroinnt dáileog de chuid COVAX, rud a threoraíonn soláthar domhanda agus seachadadh le haghaidh COVAX; ag tabhairt dá haire gur úsáid CEPI iasachtaí inghnóthaithe chun dáileoga a dhaingniú thar ceann shaoráidí COVAX; á chur i bhfios go láidir, cé go raibh roinnt réitigh cistiúcháin theagmhasaigh ag CEPI, go raibh air brath den chuid is mó ar thiomsú airgid; á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil torthaí dearfacha bainte amach ag an gcóras sin, gur gá acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe chun a áirithiú nach mbeidh siad ag brath ar thabhartais dheonacha amháin chun a sainordú a chomhlíonadh;
517. á chur in iúl gur geal léi gurb í rochtain chothrom ar vacsaíní príomhthosaíocht na bhfondúireachtaí domhanda, lena n-áirítear CEPI agus GAVI, agus go bhfuil CEPI ag cur an prionsabal neamhbhrabúis/neamhchaillteanais i ngníomh le haghaidh vacsaíní atá beartaithe do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil rátaí imdhíonta i bhfad níos ísle ag formhór na dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ná mar atá ag tíortha ardioncaim; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le caighdeáin trédhearcachta agus cuimsithe in ardáin idirnáisiúnta agus a mbeartais agus a gcoinníollacha rochtana a nuashonrú chun an soláthar do thíortha ísealioncaim agus meánioncaim a bharrfheabhsú;
518. á mheas, cé go bhfuil deonú dáileog dearfach, nach mór na tabhartais sin a phleanáil go críochnúil chun a áirithiú go rannchuideoidh siad ar an mbealach is fearr le riachtanais, féidearthachtaí agus ceanglais straitéisí vacsaínithe na bhfaighteoirí; á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE bearta a dhéanamh freisin chun a áirithiú go leanfaidh vacsaíní de bheith éifeachtach, chun tacú le hacmhainneacht na gcóras sláinte poiblí náisiúnta dáileoga a sheachadadh, chun glacadh vacsaíní a mhéadú agus chun cur i gcoinne na mífhaisnéise a spreagann drogall roimh an vacsaíniú;
519. á mheas go bhfuil forbairt, táirgeadh agus seachadadh vacsaíní inbhuanaithe ag brath ar shlabhraí soláthair láidre agus trédhearcacha; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur gá acmhainneachtaí monaraíochta a dháileadh ar bhonn níos leithne ar fud an domhain; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú ó thaobh airgeadais de le táirgeadh áitiúil agus réigiúnach vacsaíní a mhéadú agus an t-aistriú eolais agus teicneolaíochtaí agus táirgí sláinte bunriachtanacha eile a spreagadh i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
520. á iarraidh go mbunófaí acmhainneacht táirgeachta atá cothrom ar fud an domhain a bheadh in ann oiriúnú go tapa d’aon vacsaín is gá a tháirgeadh; ag tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag mol aistrithe teicneolaíochta maidir le haigéad ribeanúicléasach teachtaire (mRNA), a fhaigheann tacaíocht ó EDS, agus ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun leanúint de thacaíocht a thabhairt do thionscnaimh den sórt sin; á mheas gur céimeanna tábhachtacha iad na gealltanais a thug AE le déanaí chun tacú le ceannasacht sláinte san Afraic agus a infheistíocht de EUR 1 bhilliún san acmhainneacht táirgeachta ar an ilchríoch sin; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil easpa soiléireachta sna comhaontuithe maidir le teicneolaíocht agus aistriú eolais, lena n-áirítear sonraí maidir le maoin intleachtúil agus tástáil; á iarraidh go ndéanfaí an comhar idir EMA agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Afracach, ailíniú rialála idirnáisiúnta trí Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta na nÚdarás Rialála Leigheasra agus dlúth-rannpháirtíocht EDS a neartú tuilleadh;
(v) Athbhreithniú ar Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta agus ar an gConradh ar Phaindéimí
521. á chur i bhfáth nach mór an fhreagairt ar COVID-19 a bheith iomlánaíoch agus nach féidir í a dhíriú ar an tsláinte amháin, ach nach mór breithnithe sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh ar an scála domhanda freisin; ag tabhairt dá haire go bhfuil cosc éifeachtach ar phaindéimí, ullmhacht dóibh agus freagairt orthu ag brath ar chomhroinnt thrédhearcach agus thráthúil faisnéise, sonraí agus gnéithe eile ar gach leibhéal; á iarraidh go mbeadh comhordú feabhsaithe ann maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt, lena n-áirítear dáileadh vacsaíní;
522. á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar na creataí rialachais sláinte domhanda atá ann faoi láthair agus á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, an chaibidlíocht ar an gConradh ar Phaindéimí; á iarraidh go ndéanfaí oibleagáidí agus in-fhorfheidhmitheacht Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta a neartú go comhuaineach, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar na bearnaí (lena n-áirítear cistiú, cothromas agus rialachas domhanda) tríd an gConradh nua ar Phaindéimí nó ionstraim dlí idirnáisiúnta eile; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a ráthú go n-áireofar cosc ar phaindéimí sa chonradh agus a áirithiú gur tosaíocht sa chaibidlíocht é rannpháirtíocht éifeachtach na sochaí sibhialta agus na n-eolaithe a chumasú;
523. á chur in iúl gur geal léi ról ceannasach AE sa phlé ar an gConradh ar Phaindéimí; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé d’acmhainn ag an gConradh ar Phaindéimí athrú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an gnó cógaisíochta domhanda le linn géarchéime; á mheas gur cheart gurb iad cuspóirí an chonartha sin atá ceangailteach ó thaobh dlí de ná cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur chun cinn agus a chomhtháthú, athléimneacht ár gcóras sláinte a neartú, paindéimí a bheidh ann amach anseo a chosc agus ullmhú dóibh, freagairt chomhordaithe agus aontaithe ar ghéarchéimeanna a ráthú, rochtain uilíoch agus chothrom ar thástálacha, ar chógais leighis agus ar vacsaíní a áirithiú, an bhréagaisnéis a bhaineann an bonn go mór ó bhearta sláinte poiblí a chomhrac go héifeachtach, nuálaíocht a dhreasú, a chur chun cinn agus a fhorbairt chun freagairt do bhagairtí domhanda ar an tsláinte phoiblí agus slabhraí soláthair domhanda athléimneacha a éascú;
524. á chur i bhfios gur réamhriachtanais iad an déine, an chuntasacht agus an trédhearcacht maidir le rialacháin idirnáisiúnta sláinte le haghaidh comhordú ar an scála domhanda; á thabhairt chun suntais gur léirigh an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 a thábhachtaí atá an comhoibriú idirnáisiúnta, ós rud é gur chumasaigh sé mearfhreagairt agus comhordú nach bhfacthas riamh cheana i measc gníomhaireachtaí sláinte domhanda chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ceachtanna ón tionscnamh sin a mheas agus a fhoghlaim; ag tabhairt dá haire gur gá feabhas a chur ar acmhainneachtaí rialála agus monaraíochta agus aistrithe agus oiliúint teicneolaíochta a éascú chun feabhas a chur ar inrochtaineacht ar chógais leighis i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, agus ag moladh thionscnaimh Fhoireann na hEorpa a rannchuidigh leis na cuspóirí sin;
(vi) Ceart maoine intleachtúla i gcomhthéacs an chaidrimh idirnáisiúnta
525. á mheas gur gá don Eoraip teacht ar réiteach cuiditheach maidir le cosaint maoine intleachtúla lena gcuirfear cinnteacht agus dreasachtaí leormhaithe ar fáil d’infheistíochtaí i T&D, agus gur cheart comhaontuithe ceadúnúcháin a áireamh inti chun an táirgeadh a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil imní ann le fada an lá maidir le cearta maoine intleachtúla agus rochtain ar chógais leighis inacmhainne i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim agus is imní é atá ag méadú freisin i dtíortha ardioncaim; á chur i bhfios go láidir na solúbthachtaí i gComhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), a deimhníodh le Dearbhú Doha, mar bhearta beartais dlisteanacha ar féidir le rialtais iad a úsáid chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus a chur chun cinn trí theorainneacha agus coimircí a chur i bhfeidhm maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú; á iarraidh ar fhorbróirí táirgí leighis a maoin intleachtúil, a n-eolas agus a bhfios gnó a chomhroinnt trí thionscnaimh dhomhanda amhail Díorma Rochtana ar Theicneolaíocht COVID-19 (C-TAP) de chuid EDS le linn paindéimí, eipidéimí agus galair eindéimeacha; ag moladh iarrachtaí EDS an ionstraim sin a chur ar bun mar ionad ilfhreastail d’fhorbairt, do cheadúnú agus do mhonarú teicneolaíochtaí sláinte; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht na mBallstát don tionscnamh sin agus á iarraidh ar AE an earnáil phríobháideach a spreagadh chun rannchuidiú leis; á chur i bhfios go láidir nach réiteofar fadhb na rochtana trí dheireadh a chur le bacainní ar mhaoin intleachtúil amháin, nach bhfuil tairbhe le baint as paitinní gan aistriú teicneolaíochta agus fios gnó tionsclaíoch cuí, agus go raibh srianta ar onnmhairiú agus rochtain ar amhábhair ina mbacainní ar tháirgeadh táirgí leighis; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil sé ríthábhachtach maoin intleachtúil agus fios gnó a chomhroinnt laistigh den chreat dlíthiúil chun táirgeadh ar mórscála agus infhaighteacht dhomhanda frithbheart leighis a áirithiú le linn paindéimí, eipidéimí agus galair eindéimeacha;
526. á chur i bhfios go láidir nach n-áirithítear le ceadúnú éigeantach gur féidir le monaróirí tríú páirtí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim cógaisíocht nó trealamh a tháirgeadh, ós rud é go bhfuil gá freisin le hinfheistíocht in acmhainneachtaí agus bonneagar réigiúnach agus áitiúil; ag tabhairt dá haire go bhfuil Foireann na hEorpa ag comhoibriú le tíortha na hAfraice i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go bhfuil gá le vacsaíní, cóireálacha agus diagnóisic nuálacha le haghaidh galair thógálacha agus neamhtheagmhálacha atá nua, forleathan nó a ndéantar siléig iontu agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag cistiú ó Fís Eorpach, ón gComhpháirtíocht idir AE agus an Afraic maidir leis an tSláinte Domhanda agus ón gComhpháirtíocht maidir le Trialacha Cliniciúla Tíortha i mBéal Forbartha (EDCTP3) borradh a chur faoin taighde, acmhainneacht a fhothú agus an timpeallacht rialála san Afraic fho-Shahárach a neartú; ag tabhairt dá haire go n-oibríonn na comhpháirtíochtaí sin i gcomhar leis an tionscal cógaisíochta agus go bhfuil gá le timpeallacht chumasúcháin chun leanúint de vacsaíní agus cógais leighis a fhorbairt agus a fheabhsú do na dúshláin atá ann faoi láthair agus do phaindéimí atá le teacht;
527. á mheabhrú go gceanglaítear le hAirteagal 66(2) de chomhaontú TRIPS ar thíortha forbartha ar baill iad ‘dreasachtaí a chur ar fáil d’fhiontair agus d’institiúidí ina gcríocha chun aistriú teicneolaíochta chuig na tíortha is lú forbairt a chur chun cinn agus a spreagadh chun cur ar a gcumas bonn teicneolaíoch fónta agus inmharthana a chruthú’ agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an ceanglas sin a chomhlíonadh mar thosaíocht; ag athdhearbhú thacaíocht Pharlaimint na hEorpa do tharscaoileadh TRIPS (IP/C/W/669) mar a moladh ar dtús ag EDT(58); ag spreagadh an Choimisiúin chun oibriú le comhaltaí eile EDT chun cinneadh MC12 TRIPS a leathnú chuig teiripic agus diagnóisic;
528. á chreidiúint go bhfuil deacrachtaí ag go leor tíortha, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, maidir le solúbthachtaí TRIPS a úsáid, go háirithe Airteagal 31a;
529. á mheabhrú gur cheart do AE páirt ghníomhach a ghlacadh i gcaibidlíocht téacsbhunaithe maidir le tarscaoileadh sealadach TRIPS;
530. á iarraidh, i ndáil leis sin, ar AE tacú le tarscaoileadh sealadach ó fhorálacha áirithe de Chomhaontú TRIPS a dheonú le haghaidh COVID-19, chun feabhas a chur ar rochtain thráthúil dhomhanda ar vacsaíní, teiripic agus diagnóisic inacmhainne in aghaidh COVID-19 trí aghaidh a thabhairt ar shrianta táirgthe domhanda agus ar ghanntanais soláthair dhomhanda;
531. á iarraidh go mbunófaí buanchoiste nua um thrádáil agus sláinte ag MC12 chun cúnamh a thabhairt do rialtais eisceachtaí reatha agus solúbthachtaí sa dlí trádála idirnáisiúnta a chur chun feidhme agus an bealach a réiteach do cholún trádála don chaibidlíocht maidir le conradh idirnáisiúnta amach anseo maidir le freagairt ar phaindéimí;
532. á chur i bhfios go láidir gur gá cabhrú leis an Afraic táirgeadh don Afraic ionas nach mbeidh an Afraic ag brath chomh mór céanna ar chodanna eile den domhan;
(b) Ról AE maidir le rochtain ar vacsaíní
(i) Rochtain chothrom ar vacsaíní agus ar tháirgí leighis a sholáthar do thríú tíortha agus maoirseacht a dhéanamh orthu
533. á thabhairt faoi deara nach féidir le tíortha éigeandáil dhomhanda a chomhrac ina n-aonar agus go bhfuil comhordú comhair idirnáisiúnta ríthábhachtach, go háirithe trí bhíthin eagraíochtaí iltaobhacha amhail na Náisiúin Aontaithe; ag tarraingt aird ar leith, sa chomhthéacs sin, ar an rannchuidiú tábhachtach sa chomhrac domhanda i gcoinne COVID-19 trí athraitheach Omicron a fhionnadh; ag tabhairt dá haire, ag buaic na paindéime, gur cuireadh isteach ar tháirgeadh agus go raibh praghsanna níos airde mar thoradh ar iomaíocht agus ar bhearta sriantacha idir tíortha maidir le rochtain ar fheistí leighis, ar threalamh cosanta pearsanta, ar scagadh agus ar vacsaíní, agus go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh an toil pholaitiúil ag tíortha a tháirgeann na táirgí leighis sin rialtais a spreagadh chun a áirithiú le chéile go bhfanfaidh slabhraí soláthair ar oscailt;
534. á chreidiúint go bhfuil luach straitéiseach geopholaitiúil ag baint leis an tsláinte, chomh maith le ceart an duine, agus go bhfuil sé d’acmhainn ag an Eoraip a bheith ina ceannaire domhanda sa réimse sin; ag tathant ar AE agus ar na Ballstáit freagairt do phaindéimí ar bhonn cur chuige eiticiúil cearta-bhunaithe agus cosaint saoráidí leighis a urramú i gcás coinbhleachta (CSNA 2286) agus gan srian a chur ar an tsaoirse gluaiseachta (Prionsabail Siracusa); á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir le gníomhaithe daonnúla neamhspleácha rochtain a fháil ar uirlisí amhail an Maolán Vacsaíní Daonnúil chun freastal orthu siúd atá fágtha ar lár nó nach féidir le rialtais teagmháil a dhéanamh leo, mar shampla i suíomhanna coinbhleachta;
535. ag tathant ar an Eoraip sábháilteacht a cuid saoránach a áirithiú i gcónaí ar bhealach uathrialach agus i gcomhar lenár gcomhghuaillithe traidisiúnta trí thacaíocht fhrithpháirteach;
536. ag tabhairt dá haire go raibh deacracht ag go leor tíortha ísealioncaim agus meánioncaim ar fud an domhain rochtain a fháil ar ábhair leighis amhail cógais leighis, trealamh cosanta agus dáileoga vacsaíne mar gheall ar roinnt tosca, lena n-áirítear easpa soláthair, go háirithe ag tús na géarchéime;
537. á chur i bhfios go láidir go raibh ról ollmhór ag AE i vacsaíniú domhanda, go raibh trí cinn as na chéad cheithre vacsaín shábháilte agus éifeachtacha lonnaithe ann agus gurbh é an chéad táirgeoir agus onnmhaireoir vacsaíní mRNA é; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeadh sé sin dodhéanta gan cistiú poiblí uaillmhianach agus ag cur béim ar na freagrachtaí poiblí a eascraíonn as sin do gheallsealbhóirí príobháideacha;
538. á mheas go bhfuil líon iomarcach vacsaíní ag AE i ndáil leis an ngá atá ann, ar méid leordhóthanach é chun leanúint de bheith ag roinnt le tíortha a iarrann iad go sainráite i gcás borradh nua;
539. á mheas go bhfuil srianta ar onnmhairiú agus rochtain ar amhábhair ar chuid de na bacainní níos tromchúisí ar tháirgeadh, in éineacht le easpa rochtana ar shaineolas monaraíochta;
540. á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun rannpháirtíochta le tíortha a tháirgeann vacsaíní chun deireadh a chur go mear le bacainní ar onnmhairiú agus chun ceanglais trédhearcachta maidir le honnmhairiú a chur in ionad a shásra údaraithe onnmhairiúcháin féin, agus á áitiú go bhfaighidh sí rochtain thráthúil agus chuimsitheach ar na sonraí sin.
541. á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuimseofaí sa fhreagairt dhomhanda ar éigeandálaí sláinte cur chuige atá dírithe ar riachtanais ar thaobh an éilimh, lena soláthrófar maoiniú comhpháirteach agus réamhcheannacháin a bheidh comhordaithe ar fud an domhain, ar lámh amháin, agus straitéis chomhtháite ar thaobh an tsoláthair chun acmhainneacht táirgeachta a mhéadú ar fud an tslabhra luacha ina iomláine, ar an lámh eile; á mheas go bhfuil gá le méadú ar tháirgeadh domhanda vacsaíní, le comhordú níos fearr ar sholáthairtí agus le slabhraí luacha do vacsaíní atá neartaithe, éagsúlaithe agus athléimneach chun go ndáilfear vacsaíní ar fud an domhain. á chur i bhfios go láidir, san fhadtéarma, nach mór táirgeadh domhanda vacsaíní a leathnú go práinneach chun freastal ar an éileamh domhanda, agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le hinfheistíocht i gcumais táirgthe na dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun iad a dhéanamh níos neamhthuilleamaíche. á chur i bhfios go bhfuil gá leis an aistriú éifeachtach teicneolaíochta agus feasa gnó chun é sin a bhaint amach. á aithint gur cheart go mbeadh comhaontuithe ceadúnúcháin deonacha agus teicneolaíocht dheonach do thíortha ina bhfuil tionscail táirgthe vacsaíní ann cheana ar an mbealach is tábhachtaí chun é sin a bhaint amach agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar thíortha den dearcadh céanna gníomhú i ndáil leis sin;
542. á iarraidh go méadófaí infheistíocht agus comhordú idirnáisiúnta go práinneach le haghaidh uas-scálú táirgthe ionchur criticiúil vacsaíní, amhail earraí aon uaire agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta, chun go réiteofar scrogaill ar fud slabhraí luacha vacsaíní;
(ii) Ról an Aontais maidir lena chinntiú go raibh vacsaíní agus soláthairtí leighis inacmhainne agus ar fáil do thríú tíortha (cosc a chur ar scrogaill a d’fhéadfadh a bheith i slabhraí soláthair, bacainní trádála, etc.)
543. á mheabhrú gur chomhthiomsaigh AE a acmhainní chun tionchar a fhreagartha ar phaindéim COVID-19 a uasmhéadú agus, ó thús phaindéim COVID-19, go bhfuil EUR 53,7 billiún geallta go dtí seo ag institiúidí AE, ag na Ballstáit agus ag institiúidí airgeadais na hEorpa, chomh maith le Foireann na hEorpa, chun tacú le 140 tír, lena gcumhdaítear an fhreagairt éigeandála ar riachtanais dhaonnúla, lena neartaítear na gcóras sláinte, uisce agus sláintíochta, agus lena maolaítear iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na paindéime;
544. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a gcaidreamh le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim a neartú, go háirithe i réimse bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn a chosc agus faireachán a dhéanamh orthu; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do chórais sláinte, d’ullmhacht paindéime agus do mhonarú áitiúil cógais leighis agus vacsaíní i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú suntasach tagtha ar leochaileacht na mban agus na gcailíní de bharr na géarchéime, agus meastar go bhfuil 110 milliún cailín i mbaol an luathphósta faoi 2030, agus go bhfuil 10 milliún cailín sa breis i mbaol mar gheall ar chruatan airgeadais arb í an phaindéim is cúis leis;
545. á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun rochtain éasca agus inacmhainne ar vacsaíní, ar chógais leighis, ar dhiagnóisic agus ar chúram sláinte i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim a éascú trí thacú go gníomhach le timpeallacht lena bhféadfar acmhainneachtaí monaraíochta vacsaíní áitiúla a bhunú, ullmhacht a neartú, oiliúint a chur ar ghairmithe sláinte áitiúla agus acmhainneachtaí freagartha a mhéadú, agus tíortha a bhfuil córais cúraim sláinte leochaileacha acu a chumasú chun rochtain a fháil ar threalamh agus soláthairtí leighis; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, cláir shuaitheanta Global Gateway maidir le monarú sláinte agus rochtain ar vacsaíní, ar chógais leighis agus ar tháirgí teicneolaíochta sláinte sa tSeineagáil, i Ruanda, i nGána agus san Afraic Theas; ag aithint an róil lárnaigh a bhí ag saotharlanna na hAfraice, go háirithe san Afraic Theas, i seicheamhú an athraithigh Omicron de COVID-19; á iarraidh, dá bhrí sin, ar AE agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta an comhoibriú eolaíoch leis an Afraic a neartú tuilleadh; á thabhairt chun suntais gur bunaíodh vacsaíní mRNA EDS;
546. á chur i bhfios go láidir gur uirlis fhéideartha é uathriail straitéiseach oscailte in earnáil na sláinte, bunaithe ar acmhainneachtaí taighde a fhorbairt sna Ballstáit, ar thacaíocht d’acmhainneachtaí táirgthe áitiúla AE agus ar chomhchuibhiú rialála, chun éiceachóras cógaisíochta AE a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar shreabhadh na trádála i gcógais leighis, vacsaíní, feistí leighis agus earraí bunriachtanacha eile le linn géarchéime;
547. á thabhairt chun suntais go raibh deacrachtaí ag go leor Ballstát AE agus barrachas dáileog á dheonú acu don Domhan Theas, mar gheall, ar thaobh amháin, ar na coinníollacha a d’fhorchuir cuideachtaí cógaisíochta sna conarthaí vacsaíní, agus, ar an taobh eile, mar gheall ar an easpa éilimh ó thíortha an Domhain Theas, agus ag an am céanna go raibh an spéis i ndáileoga vacsaíní ag laghdú; ag tabhairt dá haire go raibh fadhbanna ag tíortha faighteora freisin maidir le tabhartais a ionsú mar gheall ar sheilfré ghearr na vacsaíní; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le cumarsáid níos fearr idir an tAontas agus na rialtais lena mbaineann maidir leis an ábhar sin;
548. á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh AMR a bheith ar an gcéad ghéarchéim dhomhanda sláinte eile agus, dá bhrí sin, gur gá dlús a chur le cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta reatha agus na sásraí domhanda sonracha maidir le faireachas, taighde agus nuálaíocht AMR agus maoirseacht ar fhrithmhiocróbáin; á thabhairt chun suntais gur gá tacú le hoibreáin núíosacha fhrithmhiocróbacha a fhorbairt, chomh maith lena n-infhaighteacht agus lena n-inacmhainneacht a áirithiú;
549. á mheas gur cheart do AE a bheith ina fhorbróir, ina tháirgeoir agus ina onnmhaireoir mór táirgí leighis i gcomhthéacs iomaíocht láidir idirnáisiúnta;
550. á thabhairt chun suntais gur gá díriú go háirithe ar chistiú a thabhairt d’fhorbairt frithbheart agus cóireálacha leighis chun déileáil leis an iomaíocht idirnáisiúnta; á chur i bhfios, ina leith sin, ról na gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha; ag aithint an chomhair rathúil idir cuideachtaí agus saotharlanna Eorpacha agus SAM i bhforbairt vacsaíní mRNA;
(c) Conclúidí
551. á chur in iúl gur geal léi bunú an Chiste Idirghabhálaigh Airgeadais le haghaidh Coisc, Ullmhachta agus Freagairt (PPR) de chuid an Bhainc Dhomhanda, nó bunú an Chiste Paindéimí; á iarraidh go ndéanfaí cistiú spriocdhírithe chun bearnaí criticiúla in acmhainneachtaí PPR a líonadh, i gcomhréir lena shainordú, ag tosú le bearnaí faireachais agus oiliúint éigeandála don fhórsa saothair;
552. á thabhairt chun suntais nach sroichfidh frithbhearta leighis an pobal mura nglacfaidh tairbhithe comhfhreagracht, mar shampla maidir le hinfheistíocht a dhéanamh ina bpríomhchórais sláinte; ag spreagadh tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun an sprioc a leagadh síos i nDearbhú Abuja 2001 de chuid an Aontais Afracaigh maidir le VEID/SEIF, Eitinn agus Galair Thógálacha Ghaolmhara Eile a chur chun feidhme chun ‘15 % ar a laghad den bhuiséad bliantúil a leithdháileadh chun an earnáil sláinte a fheabhsú’ agus an spás fioscach is gá á chur san áireamh; ag meabhrú an róil atá ag AE maidir le rochtain dhomhanda ar vacsaíní a chur chun cinn agus tacú léi, amhail, mar shampla, an Luasaire um Rochtain ar Uirlisí COVID-19 agus COVAX;
553. á chur i bhfios go láidir na tairbhí a bhaineann le cosaint maoine intleachtúla atá cothrom agus intuartha maidir le taighde, táirgeadh agus forbairt íocshláinte a chothú agus a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé don phobal comhroinnt maoine intleachtúla agus fios gnó frithbheart leighis a chur chun cinn, go háirithe le linn paindéimí, eipidéimí agus eindéimí; á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar sholúbthacht TRIPS a úsáid nuair is gá agus mar a fhoráiltear le comhaontú TRIPS; á aithint a thábhachtaí atá sé go bhfanfaidh an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le T&F agus trialacha cliniciúla agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí T&F laistigh den Aontas a athbheochan chun deiseanna fostaíochta a chruthú agus chun iomaíochas domhanda a fheabhsú; á chur i bhfáth gur féidir le cosaint maoine intleachtúla a bheith ina dreasacht don nuálaíocht agus don taighde ar fud an domhain; á thabhairt dá haire gur féidir leis an gcosaint sin a bheith mar bhonn do chomhaontuithe ceadúnúcháin deonacha agus d’aistriú feasa gnó agus, dá bhrí sin, gur féidir léi a bheith ina cumasóir infhaighteachta vacsaíní; ag cur béim ar na dúshláin a d’fhéadfadh a eascairt as tarscaoileadh chomhaontú TRIPS éiginnte do mhaoiniú taighde, go háirithe do thaighdeoirí, d’infheisteoirí, d’fhorbróirí agus do thrialacha cliniciúla; ag cur béim ar an bhfíoras gur oibleagáid bhunreachtúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid na mBallstát é cearta maoine a chosaint, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, a thábhachtaí atá trédhearcacht agus á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, lena dtugtar le fios nach mór aon tacaíocht dhíreach airgeadais a fhaightear ó aon údarás poiblí nó ó aon chomhlacht a fhaigheann maoiniú poiblí i ndáil le haon ghníomhaíochtaí nó taighde agus forbairt an táirge íocshláinte a dhearbhú; á thabhairt chun suntais gur gá an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir nuálaíocht a spreagadh agus rochtain ar tháirgí leighis inacmhainne a chur ar fáil; á iarraidh gur gá tacú le samhlacha nuálaíochta lena soláthraítear rochtain ar tháirgí leighis inacmhainne i ngach Ballstát, gan bacainní tromchúiseacha ar rochtain agus ar inacmhainneacht a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tionscnaimh dhomhanda lena n-éascaítear comhroinnt maoine intleachtúla amhail comhthiomsú rochtana teicneolaíochta COVID-19;
554. á thabhairt chun suntais go ndéanann an Comhaontú atá ann cheana maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil creat a thairiscint cheana féin maidir le ceadúnú éigeantach, lena gceadaítear do rialtais leaganacha cineálacha de chóireálacha paitinnithe a sholáthar dá saoránaigh trí tháirgeadh intíre nó allmhairí eachtracha; ag aithint go bhféadfadh go mbeadh luach ag gabháil le ceadúnú éigeantach le linn paindéimí, eipidéimí agus eindéimí agus ag an am céanna á aithint go bhféadfadh tionchair dhiúltacha a bheith aige, amhail an bonn a bhaint ó chinnteacht chosaint maoine intleachtúla don nuálaíocht amach anseo, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról dearfach ag comhaontuithe deonacha ceadúnúcháin maidir le táirgeadh agus rochtain ar vacsaíní COVID-19 a mhéadú, ach á chur in iúl gur oth léi úsáid theoranta na huirlise sin; á mheabhrú gur rannchuidigh 138 gcomhaontú ceadúnúcháin deonacha, agus comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí iltaobhacha, le rochtain dhomhanda ar theiripí COVID-19 trí mhodhanna eile seachas tarscaoiltí TRIPanna; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chomhlíonadh an cheanglais in Airteagal 66(2) de chomhaontú TRIPS, lena dtugtar sainordú do chomhaltaí ó thíortha forbartha dreasachtaí a chur ar fáil chun aistriú teicneolaíochta chuig na tíortha is lú forbairt a chur chun cinn agus a spreagadh, rud a chuirfidh ar a gcumas bonn teicneolaíoch fónta agus inmharthana a bhunú;
555. á aithint gur imthoisc eisceachtúil é COVID-19, a raibh réitigh eisceachtúla ag teastáil ina leith, amhail tarscaoileadh sealadach Chomhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS), chomh maith le tús áite a thabhairt d’infhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí sláinte a bhaineann le paindéimí; á chreidiúint go bhfuil deacrachtaí ag go leor tíortha, go háirithe tíortha atá i mbéal forbartha, maidir le solúbthachtaí TRIPS a úsáid, go háirithe Airteagal 31a;
556. á mheabhrú gur cheart do AE páirt ghníomhach a ghlacadh i gcaibidlíocht téacsbhunaithe maidir le tarscaoileadh sealadach TRIPS; á iarraidh, ina leith sin, ar AE tacú le tarscaoileadh sealadach ó fhorálacha áirithe de Chomhaontú TRIPS do COVID-19 a dheonú, chun feabhas a chur ar rochtain thráthúil dhomhanda ar vacsaíní, teiripeacha agus diagnóisic inacmhainne in aghaidh COVID-19 trí aghaidh a thabhairt ar shrianta táirgthe domhanda agus ar ghanntanais soláthair;
557. á chreidiúint go mbeadh bearta comhchosúla tairbheach i gcás paindéimí, eipidéimí agus eindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. á chur i bhfios go láidir, san fhadtéarma, nach mór táirgeadh domhanda vacsaíní a leathnú go práinneach chun freastal ar an éileamh domhanda, agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le hinfheistíocht i gcumais táirgthe na dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim atá i mbéal forbartha chun iad a dhéanamh níos neamhthuilleamaíche. á chur i bhfios go bhfuil gá le haistriú éifeachtach teicneolaíochta agus feasa gnó chun é sin a bhaint amach. á aithint gur cheart gurb é an bealach is tábhachtaí chun é sin a bhaint amach ná comhaontuithe deonacha ceadúnúcháin, aistrithe deonacha teicneolaíochta agus feasa gnó chuig tíortha ina bhfuil tionscail táirgthe vacsaíní acu cheana a dhreasú; á mheas go bhféadfaí, le creat dlíthiúil iltaobhach maidir le cearta maoine intleachtúla, cosaintí agus dreasachtaí a chur ar fáil atá ríthábhachtach don ullmhacht i gcoinne paindéimí a bheidh ann amach anseo agus ag aithint an róil atá aige chun an comhar leathan, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, a éascú idir rialtais, institiúidí taighde agus cuideachtaí cógaisíochta;
558. á iarraidh go mbunófaí Coiste buan nua um Thrádáil agus Sláinte ag MC12 chun cúnamh a thabhairt do rialtais eisceachtaí agus solúbthachtaí atá ann cheana sa dlí trádála idirnáisiúnta a chur chun feidhme agus an bealach a réiteach do cholún trádála don chaibidlíocht maidir le conradh idirnáisiúnta amach anseo maidir le freagairt ar phaindéimí;
Moltaí críochnaitheacha
559. á mholadh do AE cur chuige iomlánaíoch a chur chun feidhme maidir le cosc, ullmhacht chun paindéimí agus freagairt dóibh, ionas go leanfaidh sé de bheith ina cheann feadhna domhanda ina leith sin agus i gcomhréir le Dearbhú na Róimhe G20 agus leis na prionsabail a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta maidir le gníomhaíocht chun paindéimí a chomhrac, chun ullmhú dóibh, chun iad a chosc agus chun freagairt dóibh;
560. á iarraidh ar an Aontas Eorpach lá cuimhneacháin Eorpach a bhunú d’íospartaigh COVID-19;
(i) Cumas coiscthe
561. á mholadh go mbunófaí cláir thrasearnálacha um chur chun cinn agus um chosc na sláinte chun tosca riosca sláinte a laghdú agus stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn, agus cur chuige trasearnálach Eorpach maidir leis an tsláinte choisctheach a bhunú i ngach beartas lena gcomhtháthaítear táirgeadh talmhaíochta agus bia, an comhshaol, iompar, an earnáil fuinnimh, forbairt thionsclaíoch, oideachas agus seirbhísí sóisialta, chun malartú níos fearr eolais agus faisnéise a chumasú, chun dea-chleachtais a chur chun cinn, chun barainneachtaí inbhuanaithe scála a éascú agus chun acmhainneacht nuálaíochta a scaoileadh chun bheith ullmhaithe níos fearr d’aon bhagairt ar shláinte shaoránaigh na hEorpa agus chun freagairt d’aon bhagairt ar shláinte shaoránaigh na hEorpa; á chur i bhfáth gur cheart na cláir sin a fhorbairt laistigh d’ardáin thrasearnálacha, lena n-áirítear údaráis phoiblí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta;
562. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar na Ballstáit a dtiomantas chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide dhomhanda a threisiú agus a neartú tuilleadh, tuilleadh feabhais a chur ar a ngníomhaíocht chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, an comhshaol a chosaint, astaíochtaí a laghdú agus tuilleadh caillteanas bithéagsúlachta a chosc, ós rud é gur beartais chinntitheacha agus cuir chuige chinntitheacha iad sin chun paindéimí a chosc amach anseo;
563. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ECDC pleananna faireachais a thabhairt isteach maidir le bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bailiú sonraí comhordaithe agus córasach agus taighde oibríochtúil agus iompraíochta, agus measúnuithe riosca a chur i gcrích ar na cúiseanna, na próisis agus na conairí le haghaidh teacht chun cinn, leathadh agus marthanacht galar zónóiseach, agus éiceachórais slána, athléimneacha agus sláintiúla a thréithriú agus a n-éifeacht ar ghalair a chosc, lena n-áirítear faireachas fiadhúlra, pataiginí a shainaithint agus tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme;
564. á iarraidh ar an gCoimisiún anailísí eacnamaíocha a dhéanamh chun costais agus tairbhí na n-idirghabhálacha coisctheacha a chainníochtú chun freagairt don riosca ó ghalair zónóiseacha atá ag teacht chun cinn agus chun leas a bhaint as na torthaí chun tacú le maoiniú inbhuanaithe sna hidirghabhálacha sin;
565. á iarraidh go mbunófaí tascfhórsa trasghníomhaireachta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ chun taighde trasdisciplíneach agus comhairle eolaíoch trasearnála a chur chun cinn;
566. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú, i gComhaonú Paindéime EDS, le tuarchórais faisnéise eipidéime chomhoibríocha a fhorbairt (ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda) chun comhéadain ardriosca agus teophointí le haghaidh iarmharta a shainaithint, lena n-ionchorpraítear sonraí ábhartha comhshaoil agus aeráide agus sonraí maidir le taiscumair agus speicis veicteora a bhunú i limistéir gheografacha nua;
567. á mholadh go ndéanfaí dul chun cinn i dtreo Aontas Sláinte Eorpach d’fhonn athléimneacht agus cáilíocht na gcóras cúraim sláinte sna Ballstáit a threisiú, dul i ngleic le neamhionannais sláinte in AE, sásra daingean a bhunú le haghaidh soláthar comhpháirteach le treoirlínte soiléire maidir le trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach, agus pleanáil stóinseach ullmhachta chun paindéimí agus córas faireachais níos comhtháite a fhorbairt trí infheistíocht a dhéanamh i mbailiú sonraí, digiteáil, comhroinnt agus anailís, an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a chur chun feidhme, lena gcuirfear idir-inoibritheacht agus comhchuibhiú sonraí sláinte ar fáil ar fud na mBallstát, agus cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta á n-urramú ag an am céanna;
568. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit conarthaí soláthair chomhpháirtigh a áirithiú amach anseo ionas go leanfaidh monaróirí de bheith faoi dhliteanas i gcomhréir le reachtaíocht AE maidir le dliteanas táirgí;
569. á mholadh go mbunófaí ionstraimí agus cláir chistiúcháin i réimse na sláinte chun cibearbhagairtí, ionsaithe hibrideacha, bolscaireacht sheachtrach státurraithe agus trasnaíocht eachtrach a chomhrac;
570. á iarraidh ar na Ballstáit anailís inscne agus éagsúlacht atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh ar na bearta a glacadh mar fhreagairt don phaindéim agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméadacht ar thionchair inscne-shonracha agus éagsúlacht-shonracha na mbeart éigeandála ar chearta an duine chun bonn eolais a chur faoi phleananna ullmhachta agus freagartha le haghaidh éigeandálaí amach anseo; á mholadh go gcuirfí deiseanna ar fáil do chomhlachais, go háirithe grúpaí agus eagraíochtaí ban a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daoine nó grúpaí atá faoi ghannionadaíocht, páirt a ghlacadh sa togra, i ndearadh, i bhformheas, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht ar fhreagairtí d’éigeandálaí sláinte poiblí;
571. á mholadh gur cheart seirbhísí géarchéime a eagrú trí bheolínte amach anseo chun tacaíocht a sholáthar do dhaoine nach bhfuil in ann aire a thabhairt dóibh féin; á mholadh go ndéanfaí gach beart atá ar fáil a fhógairt go forleathan agus a bheith inrochtana i dteangacha a shroichfidh an pobal ar fad;
(ii) Ullmhacht
572. á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí agus ionstraimí a mholadh, agus ar na Ballstáit níos mó infheistíochta a dhéanamh i gcúram sláinte, lena n-áirítear trí RRF agus cistiú comhtháthaithe a úsáid chun éagothromaíochtaí cúraim sláinte a laghdú, córais náisiúnta sláinte poiblí agus cúraim shóisialta a neartú agus comhar sláinte trasteorann a fheabhsú chun dul i ngleic le bagairtí tromchúiseacha ar shláinte agus ar shábháilteacht san Aontas;
573. á iarraidh go mbeadh a dtionscnaimh reachtacha féin ann faoi Airteagal 225 CFAE chun inniúlacht AE sa tsláinte a mhéadú, chun feabhas a chur ar a uathriail straitéiseach oscailte, chun athléimneacht agus cáilíocht na gcóras agus na seirbhísí cúraim sláinte a fheabhsú, chun cúram leighis atá comhionann, uilíoch agus inacmhainne a áirithiú agus chun trédhearcacht a chothú maidir le cistiú poiblí le haghaidh taighde agus rialachas sláinte;
574. á iarraidh ar an gCoimisiún bearta rialála agus/nó reachtacha iomchuí maidir le slándáil sláinte a thíolacadh i gcomhréir le moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa arb é is aidhm dóibh:
—
rochtain iontaofa, inbhuanaithe agus leanúnach a shaothrú ar chomhábhair ghníomhacha chógaisíochta (APInna) mar amhábhair chriticiúla, chun aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann sa slabhra soláthair cógaisíochta a sheachaint, ganntanais cógas leighis a chosc agus rannchuidiú le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais i réimse na sláinte,
—
córais sláinte na mBallstát a fheabhsú tuilleadh chun iad a chosaint ar chibearbhagairtí,
—
a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach gairmithe cúraim sláinte dea-fheistithe agus oilte ar fáil sna Ballstáit, chomh maith leis na taighdeoirí is fearr atá fostaithe san Eoraip a choinneáil trí bheartais coinneála tallainne a bhunú,
—
an tAontas Eorpach a dhéanamh níos tarraingtí d’infheistíochtaí domhanda i T&F i réimse na sláinte,
—
coinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn eolaíoch atá déanta go han-tapa i dtáirgí agus cóireálacha nua íocshláinte, agus i dteicneolaíochtaí sláinte,
—
ationsclú na hearnála sláinte a chur chun cinn san Aontas, i gcomhréir leis an aistriú digiteach agus glas;
575. á iarraidh go ndéanfaí an cur chuige ‘sláinte i ngach beartas’ atá leabaithe i Ráiteas Heilsincí a chur chun feidhme agus a phríomhshruthú ina iomláine, trí chur chuige trasearnála a ghlacadh maidir leis an mbeartas poiblí lena ndéanfar tionchar na gcinntí ar an tsláinte a mheas go córasach, lena gcuirfear sineirgí chun cinn agus lena seachnófar éifeachtaí díobhálacha sláinte chun sláinte an daonra agus cothromas sláinte a fheabhsú;
576. á mholadh go dtabharfaí aghaidh ar an deighilt dhigiteach, a bhfuil tionchar ar leith aici ar ghrúpaí imeallaithe daonra, litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus rochtain ar an idirlíon agus ar chrua-earraí a fheabhsú chun rochtain ar oideachas, ar sheirbhísí poiblí agus ar chúram sláinte a chumasú ar bhealach níos fearr;
577. á iarraidh go bhfeabhsófaí ról Pharlaimint na hEorpa sa phróiseas cinnteoireachta le linn bainistiú géarchéime agus go neartófaí rialú agus formhaoirseacht pharlaiminteach ar ionstraimí a chruthaítear mar fhreagairt d’éigeandálaí chun a ndlisteanacht a fheabhsú;
578. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhoibriú le hardáin na meán sóisialta chun cur i gcoinne mífhaisnéise agus bréagaisnéise go héifeachtach chun nach seolfar teachtaireachtaí contrártha chuig spriocghrúpaí sonracha, a bhféadfadh drogall roimh vacsaíní a bheith mar thoradh orthu ar deireadh;
579. á iarraidh ar an gCoimisiún grinnscrúdú a dhéanamh ar aon bhearta náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha le linn géarchéimeanna sláinte agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh an rialú ag teorainneacha inmheánacha sin reachtaíocht Schengen agus gur rogha dheiridh é, go bhfuil sé comhréireach agus go bhfuil tréimhse theoranta i gceist leis; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór gach rialú teorann inmheánaí agus gach srian ar ghluaiseacht a bheith eisceachtúil, agus i gcás géarchéimeanna sláinte amach anseo gur gá aon srianta taistil a d’fhéadfadh a bheith ann a bhunú i bprionsabal an chothromais agus an chuimsithe; ag spreagadh comhchuibhiú a dhéanamh ar na srianta taistil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar leibhéal AE trí nós imeachta reachtach AE le cur chuige comhordaithe in ionad moltaí neamhcheangailteacha ón gComhairle agus ón gCoimisiún;
580. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil d’oiliúint i litearthacht sna meáin i measc dhaonra AE, mar fhrithbheart i gcoinne na bréagaisnéise; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht d’iolrachas na meán tábhachtach freisin agus á thabhairt chun suntais gur gá tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na creataí dlíthiúla atá ann; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh in oiliúint a chur ar iriseoirí agus ar eolaithe poiblí a bhfuil eolas acu ar chumarsáid géarchéime;
581. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige straitéiseach aontaithe a bhunú maidir le gníomhaithe neamh-AE atá ag iarraidh cur isteach ar phróisis dhaonlathacha in AE, le linn géarchéimeanna sláinte nó géarchéimeanna eile;
582. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht airgeadais agus theicniúil fhadtéarmach a sholáthar d’acmhainneacht táirgeachta atá dáilte, fíordhomhanda, agus inoiriúnaithe agus lenar féidir dáileoga vacsaíní (agus uirlisí eile) a dháileadh go tapa agus go cothrom i bpaindéim a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;
583. á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht chomhchosúil d’acmhainneachtaí T&F atá ann cheana i réigiúin éagsúla, go háirithe cistiú ón gclár Fís Eorpach, ón Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2, ó EDCTP agus ó HERA;
584. á iarraidh ar an gCoimisiún struchtúir agus comhpháirtíochtaí a chruthú lena n-éascófar tosaíocht a thabhairt do thaighde san earnáil sláinte agus comhroinnt torthaí;
585. á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar píolótach a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí poiblí a ghiaráil i dtaighde agus forbairt sláinte san Aontas chun rochtain níos fearr ar tháirgí deiridh inacmhainne a áirithiú;
586. á iarraidh go ndéanfaí Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a threorú chun saol na milliún duine atá eisiata go sóisialta in AE a athrú, go háirithe iad siúd atá i mbaol níos airde bochtaineachta agus neamh-inrochtana ar chúram sláinte ardcháilíochta;
(iii) Athléimneacht
587. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le hAontas Sláinte Eorpach, gur cheart go rannchuideodh cistí reatha NextGenerationEU leis agus gur cheart go mbeadh ról cinnteoireachta ag an bParlaimint le haghaidh na gclár sláinte sin; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart na hionstraimí is gá a úsáid chun an t-aistriú aeráide agus digiteach a chumasú; á mholadh go gcuirfí an t-aistriú sin chun cinn trí dhlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus dúshláin an aistrithe a mhaolú tríd an bhfórsa saothair Eorpach a athsciliú agus a uas-sciliú, tríd an ngá atá le hinfheistíochtaí áirithe a ionchorprú agus airgeadas poiblí fónta a choinneáil san athbhreithniú atá ar na bacáin ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, agus trí fheabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí agus gnólachtaí teicneolaíochta agus gnólachtaí nuálacha, glasa agus digiteacha, go háirithe FBManna;
588. á mholadh go ndéanfaí cumas institiúideach an Choimisiúin a neartú;
589. ag dréim le bheith ag obair leis an gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar reachtaíocht ghinearálta chógaisíochta an Aontais, ar cheart di leanúint de mhaoin intleachtúil a chosaint go leormhaith chun timpeallacht iomaíoch atá fabhrach don nuálaíocht a chruthú san Aontas agus chun rochtain chothrom ar chógais leighis atá sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne a fheabhsú;
590. á iarraidh ar an gCoimisiún na straitéisí tionsclaíocha, maoine intleachtúla agus cógaisíochta a úsáid maidir le maoiniú poiblí i dtionscadail taighde agus forbartha a spreagadh chun cloí le prionsabal na heolaíochta oscailte agus chun an bhearna leanúnach i dtaighde agus i dtáirgeadh cógas leighis a dhúnadh trí chomhpháirtíochtaí forbartha táirgí, trí aistrithe teicneolaíochta agus trí ionaid oscailte taighde agus táirgthe a chruthú;
591. á iarraidh ar na Ballstáit tástálacha struis a thabhairt isteach chun athléimneacht agus cáilíocht a gcóras agus a seirbhísí cúraim sláinte a neartú, bunaithe ar thorthaí agus ar an lámhleabhar oiliúna atá á bhforbairt ag tionscadail arna gcistiú ag EU4Health i gcomhar le ECFE; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht borrtha éigeandála agus i gcúram sláinte agus i bpearsanra cúraim sláinte agus feabhas a chur ar a ndálaí oibre agus ar a gcúiteamh airgeadais chun ganntanais lucht saothair a chomhrac;
592. á chur in iúl gur geal léi Rialachán (AE) 2022/2371 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE, arb ionann é agus céim i dtreo ‘Aontas Sláinte Eorpach’, le hoiriúnú inniúlachtaí AE i réimse na slándála sláinte agus ról treisithe Pharlaimint na hEorpa sa phróiseas cinnteoireachta faoi bhainistíocht géarchéime;
593. á mholadh go dtabharfaí níos mó neamhspleáchais do ECDC maidir le bailiú faisnéise agus go gcuirfí oibleagáid chórasach ar na Ballstáit sonraí intuigthe agus comparáideacha ECDC a sheoladh, go háirithe maidir le stoic trealaimh, acmhainneachtaí leapa agus othair isteach in aonaid dianchúraim, rátaí vacsaínithe agus infhaighteacht lucht saothair;
594. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar na cleachtais agus ar na modhanna arna gcur chun feidhme ag Parlaimint na hEorpa, chomh maith le parlaimintí náisiúnta, chun a áirithiú nach gcuirfear an daonlathas parlaiminteach ná an smacht reachta ar feitheamh le linn géarchéimeanna; á mholadh go bhforbródh an Coimisiún, ar an leibhéal Eorpach, liosta de dhea-chleachtais pharlaiminteacha a bheidh le leanúint in aimsir géarchéime, bunaithe ar mheasúnú ar mhodhanna agus sásraí oibre parlaiminteacha nua;
595. á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit prionsabail an dea-cheaptha beartais a chaomhnú, agus cearta bunúsacha agus an smacht reachta á n-urramú, lena n-áirítear tráth géarchéime; á athdhearbhú nach féidir cumhacht a fheidhmiú ach amháin laistigh de na srianta a leagtar amach sa dlí, agus nach mór aon idirghabhálacha a dhéantar a bheith inchosanta, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach, intuartha agus faoi réir faireachán ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta;
596. á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(59) d’fhonn ról na Parlaiminte sa phróiseas cinnteoireachta le linn bainistiú géarchéime a mhéadú, lena n-áirítear úsáid Airteagal 122 CFAE agus go háirithe chun Parlaimint na hEorpa a chumhachtú chun reachtaíocht nua a mholadh le haghaidh gníomhaíochtaí práinnfhreagartha, agus chun feabhas a chur ar an ngnáthnós imeachta reachtach le haghaidh na n-ionstraimí éagsúla le haghaidh gníomhaíochtaí práinnfhreagartha, chun dlisteanacht gníomhaíochtaí práinnfhreagartha a neartú agus, dá bhrí sin, chun dlisteanacht dhaonlathach agus formhaoirseacht pharlaiminteach a fheabhsú;
597. á iarraidh ar an gCoimisiún a lámhleabhar praiticiúil teorann a nuashonrú le samplaí de dhea-chleachtais maidir le bainistiú teorainneacha inmheánacha chun comhordú a mhéadú i measc na mBallstát, tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na bearta a fhorchuirtear le haghaidh rialú ag teorainneacha inmheánacha le linn na paindéime agus ar a dtionchar;
(iv) Uathriail Straitéiseach Oscailte
598. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá feidhmiú an mhargaidh aonair, go háirithe maidir le soláthar táirgí i gcás bagairtí sláinte; á mholadh go rachfaí i ngleic le teipeanna margaidh sa tsláinte agus an margadh aonair do tháirgí sláinte a chomhlánú;
599. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a spleáchas ar chomhpháirtithe trádála tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a laghdú a mhéid a bhaineann le API, amhábhair, príomhchógais agus feistí leighis chun uathriail straitéiseach oscailte ar leibhéal AE a áirithiú; á athdhearbhú go gcreideann sí nach mór don Aontas feabhas a chur ar athléimneacht na slabhraí soláthair cógaisíochta agus a uathriail straitéiseach oscailte a fhorbairt san earnáil chógaisíochta trí shlabhraí táirgthe agus soláthair a éagsúlú, stoc-charnadh straitéiseach a chur chun cinn agus táirgeadh agus infheistíocht san Eoraip a mhéadú;
600. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé trealamh criticiúil agus cógais leighis chriticiúla a tháirgeadh san Aontas agus infheistíocht a dhéanamh in acmhainneachtaí táirgthe áitiúla agus tacú leo, agus á iarraidh go ndéanfaí éagsúlú i soláthróirí agus go mbreithneofaí an rannchuidiú is féidir le FBManna a dhéanamh ina leith sin;
601. á mholadh go spreagfaidh AE agus na Ballstáit comhroinnt sonraí níos fearr maidir le réamhaisnéisí soláthair agus éilimh idir geallsealbhóirí ábhartha, réamh-mheastacháin níos luaithe ar ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear tuairisciú caighdeánaithe rialta ón tionscal, agus trédhearcacht níos fearr sa slabhra táirgthe agus dáileacháin;
602. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannchuidiú le cur chun feidhme rún 2019 ó EDS maidir le trédhearcacht margaí cógas, vacsaíní agus táirgí sláinte eile a fheabhsú(60);
603. á iarraidh go mbunófaí liosta de chógais leighis agus cóireálacha bunriachtanacha, tosaíochta agus nuálacha atá bunaithe ar chógais leighis chriticiúla atá ag brath ar ghníomhaireachtaí Eorpacha atá ann cheana agus HERA chun a áirithiú go mbeidh siad ar fáil do shaoránaigh;
604. á thabhairt dá haire go ndearna AE cistiú éigeandála a chur ar fáil go mear le linn na paindéime faoi na cláir Fís 2020 agus Fís Eorpach chun dlús a chur le taighde ar mhaithe le leigheas ar COVID-19. ag tabhairt dá haire gur shlóg na Ballstáit cistiú freisin chun staidéar a dhéanamh ar chóireálacha a d’fhéadfadh a bheith ann do COVID-19, ach gurb é an toradh a bhí air sin go leor trialacha cliniciúla tearc-chumhachtaithe ar mionscála nach raibh torthaí inghníomhaithe orthu; á chur i bhfáth, chun go ndéanfaidh an Eoraip uathriail straitéiseach oscailte a dhaingniú, nach mór don Aontas agus do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht agus nach mór dóibh an infheistíocht sin a chomhordú ar bhealach níos fearr chun freagairt ar bhealach níos éifeachtaí do phaindéimí; á thabhairt chun suntais gur gá an toradh poiblí a uasmhéadú trí chistiú a dhéanamh coinníollach ar infhaighteacht agus inacmhainneacht cógas agus teicneolaíochtaí sláinte eile, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais a neamhspleáchas straitéiseach a chothú;
605. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bonneagar poiblí T&D sláinte Eorpach ar mórscála agus atá miseandírithe a chruthú, agus a fheidhmíonn ar mhaithe le leas an phobail chun c cógais íocshláinte a bhfuil tábhacht sláinte agus straitéiseach leo don chúram sláinte a mhonarú, in éagmais táirgeadh tionsclaíoch atá ann cheana, chun tacú leis an Aontas cliseadh margaidh a shárú, slándáil an tsoláthair a ráthú agus ganntanais fhéideartha cógas leighis a chosc, agus ag an am céanna rannchuidiú le hullmhacht níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus éigeandálaí nua sláinte;
606. á iarraidh go n-eagrófaí stoc-charnadh straitéiseach comhordaithe ar fud AE atá teoranta do chógais bhunriachtanacha agus tosaíochta chun an ghníomhaíocht chomhordaithe fhadtéarmach is gá a bhaint amach ar leibhéal AE, agus chun sláinte agus cúram sláinte a áireamh i measc na n-inniúlachtaí comhroinnte idir AE agus Ballstáit AE trí Airteagal 4 CFAE a leasú;
607. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá torthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus aird ar leith á tabhairt ar na moltaí chun inniúlacht níos mó a thabhairt do AE i réimse na sláinte poiblí agus chun freagairt láidir AE a thógáil ar ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo;
608. á iarraidh ar an gComhairle coinbhinsiún a sheoladh chun na Conarthaí a mhodhnú, bunaithe ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa lenar gníomhachtaíodh Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
609. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tiomantas domhanda a mholadh, i gConradh Ullmhachta Paindéime EDS, arb é is aidhm dó maoiniú leordhóthanach a áirithiú do T&F bithleighis agus sásra in-fhorfheidhmithe agus éifeachtach rochtana agus comhroinnte tairbhí agus coinníollacha a chruthú chun T&F arna chistiú ag an rialtas a cheadúnú, aistriú teicneolaíochta a spreagadh, an mhaoin intleachtúil, na sonraí agus an t-eolas is gá chun táirgí a tháirgeadh agus a sholáthar a chomhroinnt agus caighdeáin agus nósanna imeachta rialála a chuíchóiriú chun frithbhearta leighis a mhargú;
610. á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar na creataí rialachais sláinte domhanda atá ann faoi láthair agus á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an Conradh ar Ullmacht chun Paindéimí;
611. á iarraidh go ndéanfaí oibleagáidí agus in-fhorfheidhmitheacht IHR a neartú go comhuaineach agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí (lena n-áirítear i gcistiú, i gcothromas agus i rialachas domhanda) tríd an gConradh nua ar Phaindéimí;
612. á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar paindéimí a chosc agus rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta agus na n-eolaithe a chumasú, ar cheart a bheith ina dtosaíochtaí sa chaibidlíocht; á mheas gur cheart gurb iad cuspóirí an Chonartha ar Ullmhacht do Phaindéimí ná cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur chun cinn agus a chomhtháthú, athléimneacht ár gcóras sláinte a neartú, paindéimí a bheidh ann amach anseo a chosc agus ullmhú dóibh, freagairt chomhordaithe agus aontaithe do ghéarchéimeanna a ráthú, rochtain uilíoch agus chothrom ar thástálacha, ar chógais leighis agus ar vacsaíní a áirithiú, an bhréagaisnéis a bhaineann an bonn go mór ó bhearta sláinte poiblí a chomhrac go héifeachtach, nuálaíocht a dhreasú, a chur chun cinn agus a fhorbairt chun freagairt do bhagairtí domhanda ar an tsláinte phoiblí agus slabhraí soláthair domhanda athléimneacha a éascú;
613. á iarraidh go gcruthófaí sásra éifeachtach lena rialófar stoc-chairn straitéiseacha idirnáisiúnta lena n-áiritheofar rochtain do ghníomhaithe daonnúla chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais pobal leochaileach i dtíortha ina bhfuil córais sláinte leochaileacha agus i suíomhanna coinbhleachta;
614. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treoirlínte comhpháirteacha agus dea-chleachtais a bhunú le haghaidh deonú vacsaíní bunaithe ar an taithí agus ar na dúshláin a bhí ann le linn phaindéim COVID-19;
615. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an easpa acmhainneachtaí táirgeachta agus an easpa aistrithe teicneolaíochta i dtreo tíortha ísealioncaim agus meánioncaim agus sásra domhanda a bhunú chun acmhainneachtaí táirgeachta a fheabhsú laistigh de AE agus ar scála domhanda araon;
616. á iarraidh ar na Ballstáit aird níos mó a thabhairt ar iarrachtaí comhordaithe a phleanáil, lasmuigh de thráthanna paindéime, maidir le dáileadh vacsaíní;
617. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú ó thaobh airgeadais de le táirgeadh áitiúil agus réigiúnach vacsaíní a mhéadú agus an t-aistriú eolais agus teicneolaíochtaí agus táirgí sláinte bunriachtanacha eile a spreagadh i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
618. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a gcaidreamh le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim a neartú, go háirithe maidir le bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn a chosc agus faireachán a dhéanamh orthu; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do chórais sláinte, d’ullmhacht chun paindéimí agus do chógais áitiúla agus do mhonarú vacsaíní i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun rochtain éasca agus inacmhainne ar vacsaíní, ar chógais, ar dhiagnóisic agus ar chúram sláinte a éascú i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
619. á chur i bhfios go láidir gur gá an comhar idir an tAontas agus EDS a threisiú tuilleadh mar fhreagairt don phaindéim le dearcadh níos comhordaithe, níos fadtéarmaí agus le córas na Náisiún Aontaithe a bheidh níos láidre, dea-chistithe agus neamhspleách i gcroílár na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an Aontas Eorpach ról níos straitéisí, níos teanntásaí agus níos éifeachtaí a ghlacadh sa tsláinte dhomhanda; á chur i bhfáth gur gá do AE ról mar bhreathnóir foirmiúil ag EDS a ghlacadh chuige féin; á mholadh go ndéanfaí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar chomhlachtaí agus ar ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe chun a áirithiú nach mbeidh siad ag brath ar thabhartais dheonacha amháin chun a sainordú a chomhlíonadh;
620. á iarraidh go neartófaí tuilleadh an comhar idir EMA agus Gníomhaireacht Leigheasra na hAfraice, le haghaidh ailíniú rialála idirnáisiúnta trí Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta na nÚdarás Rialála Leigheasra agus go mbeadh EDS rannpháirteach go dlúth; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá freagairt idirnáisiúnta a thabhairt ar bhagairtí sláinte trasteorann; á mholadh go mbeadh roghanna dlíthiúla agus airgeadais ag HERA, mar aon le stiúrthóireachtaí eile de chuid an Choimisiúin, chun aistrithe iomlána teicneolaíochta a spreagadh, lena n-áirítear chuig táirgeoirí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
o o o
621. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus chuig an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
Choutka, J. et al., ‘Unexplained post-acute infection syndromes’, Nature Medicine, Iml. 28, 2022, lgh. 911-923. Root, T., ‘Can long Covid research unlock other great medical mysteries of our time?’, The Guardian, 2022.
Hohberger, B. et al. ‘Case Report: Neutralization of Autoantibodies Targeting G-Protein-Coupled Receptors Improves Capillary Impairment and Fatigue Symptoms After COVID-19 Infection’, Frontiers in Medicine, Iml. 8, 2021.
Rialachán (AE) 2022/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (IO L 314, 6.12.2022, lch. 1).
ECFE/AE, ‘Sracfhéachaint ar an tSláinte: Eoraip 2022: Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais Eorpaigh’, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, 2022, lch 14.
Rún 72.8 ón gComhthionól Domhanda Sláinte a glacadh an 28 Bealtaine 2019 maidir le feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí le haghaidh cógas, vacsaíní agus táirgí sláinte eile,
Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
Treoir 89/105/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 a bhaineann le trédhearcacht na mbeart lena rialaítear praghsanna táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus a bhaineann lena gcur faoi raon feidhme córas árachais sláinte náisiúnta (IO L 40, 11.2.1989, lch. 8).
Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43)
Bhí an tionscal turasóireachta, arb ionann é agus 10 % d’OTI an Aontais, ar cheann de na hearnálacha is mó a ndearna an phaindéim difear dóibh; á mheabhrú gur tháinig laghdú 51 % in 2020 ar líon na n-oícheanta aíochta i mbunaíochtaí turasóireachta san Aontas i gcomparáid le 2019 agus go raibh 71 % níos lú aerthaistil san Aontas in 2020 ná mar a bhí in 2019.
Barúlacha Stiúrthóir Feidhmiúcháin UNICEF Henrietta Fore ag preasagallamh maidir le treoir nua nuashonraithe maidir le bearta sláinte poiblí a bhaineann le scoileanna i gcomhthéacs COVID-19.
Bunaithe ar thorthaí staidéar AE ó 2021 a d’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Freagairt eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta sriantacha a glacadh dá barr san Eoraip, https://www.eesc.europa.eu/sites/default/files/files/qe-02-21-011-en-n.pdf.
Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
Comhthionól Domhanda Sláinte 72. (2019). Feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí le haghaidh cógas, vacsaíní agus táirgí sláinte eile. An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. https://apps.who.int/iris/handle/10665/329301.
An caidreamh le hÚdarás na Palaistíne
176k
66k
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 don Chomhairle, don Choimisiún, do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaidreamh le hÚdarás na Palaistíne (2021/2207(INI))
– ag féachaint do Dhearbhú na bPrionsabal maidir le Socruithe Eatramhacha um Fhéin-Rialú an 13 Meán Fómhair 1993 (Comhaontuithe Osló),
– ag féachaint don Phrótacal maidir le Caidreamh Eacnamaíoch idir Rialtas Stát Iosrael agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, a ionadaíonn do mhuintir na Palaistíne, an 29 Aibreán 1994 (Prótacal Pháras), agus don Chomhaontú Eatramhach idir Iosrael agus an Phalaistín maidir leis an mBruach Thiar agus Stráice Gaza an 28 Meán Fómhair 1995 (Comhaontú Osló II),
– ag féachaint do Cheathrú Coinbhinsiúin na Ginéive,
– ag féachaint don phlean gníomhaíochta idir an tAontas Eorpach agus Údarás na Palaistíne (PA), a formheasadh i mí na Bealtaine 2013,
– ag féachaint don straitéis chomhpháirteach Eorpach chun tacú leis an bPalaistín 2021-2024 – I dtreo stát Palaistíneach daonlathach, cuntasach agus inbhuanaithe,
– ag féachaint do Chomhaontú Eatramhach Comhlachais Eora-Mheánmhara 1997 maidir le trádáil agus comhar idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (PLO) ar mhaithe le hÚdarás na Palaistíne um an mBruach Thiar agus Stráice Gaza, den pháirt eile(1),
– ag féachaint don Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile(2) (‘an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael’),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 14 Bealtaine 2012, an 12 Bealtaine 2014, an 22 Iúil 2014, an 20 Iúil 2015 agus an 20 Meitheamh 2016,
– ag féachaint do ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 22 Lúnasa 2022 maidir leis na ruathair Iosraelacha ar shé eagraíocht sochaí sibhialta de chuid na Palaistíne,
– ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 14/2013 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘European Union direct financial support to the Palestinian Authority’ [tacaíocht dhíreach airgeadais an Aontais Eorpaigh d’Údarás na Palaistíne],
– ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) an 17 Samhain 2021 maidir le tacaíocht an Aontais Eorpaigh do UNRWA (2021–2024),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Feabhra 2021 dar teideal ‘Renewed Partnership with the Southern Neighbourhood – A New Agenda for the Mediterranean’ [Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre Nua don Mheánmhuir] (JOIN(2021)0002),
– ag féachaint d’Fhógra Léirmhínitheach ón gCoimisiún an 12 Samhain 2015 maidir le tásc tionscnaimh earraí ó na críocha atá faoi fhorghabháil ag Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967(3),
– ag féachaint do bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 12 Samhain 2019(4) maidir le táirgí arna dtáirgeadh ag lonnaíochtaí Iosraelacha sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil (oPt),
– ag féachaint do thuarascáil ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an 15 Bealtaine 2023 dar teideal 2022 ‘Report on Israeli settlements in the occupied West Bank, including East Jerusalem’ [Tuarascáil 2021 maidir le lonnaíochtaí Iosraelacha sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil, lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir],
– ag féachaint don tuarascáil ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an 28 Márta 2023 dar teideal ‘One Year Report on Demolitions and Seizures in the West Bank, including East Jerusalem’ [Tuarascáil Aon bhliana ar Scartáil agus Urghabhálacha sa Bhruach Thiar, lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir],
– ag féachaint do Threoirlínte Nuashonraithe an Aontais Eorpaigh maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn(5), agus do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,
– ag féachaint do Chreat-Chomhaontú Chomhghuaillíocht Rialtas nua Iosrael agus do Threoirlínte Rialtais,
– ag féachaint don ráiteas ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 30 Aibreán 2021 maidir le cur siar na dtoghchán sa Phalaistín,
– ag féachaint do Thionscnamh Síochana Arabach 2002,
– ag féachaint do straitéis náisiúnta sláinte 2017-2022 ó Stáit na Palaistíne ó mhí Dheireadh Fómhair 2016,
– ag féachaint do rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála agus ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do thuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe an 21 Meán Fómhair 2022 maidir le staid chearta an duine sna críocha Palaistíneacha atá faoi fhorghabháil ó 1967 i leith,
– ag féachaint do thuarascáil 2022 ó Mhná na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Women’s Role in Local Peacebuilding – Recommendations to better support the work of Palestinian women-led grassroot organizations’ [Ról na mBan i dtaca leis an tSíocháin Áitiúil – Moltaí chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’obair eagraíochtaí pobail na Palaistíne atá faoi stiúir na mban],
– ag féachaint do thuarascáil ó Thascfhórsa Neamhspleách na Náisiún Aontaithe ó mhí Aibreáin 2004 maidir le hInstitiúidí Poiblí na Palaistíne a Neartú dar teideal ‘Reforming the Palestinian Authority: An Update’[Údarás na Palaistíne a athchóiriú: Nuashonrú]
– ag féachaint do na torthaí a bhí ar chruinniú Choiste Idirchaidrimh Ad Hoc na Náisiún Aontaithe an 18 Meán Fómhair 2011,
– ag féachaint do thuarascáil ó Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte an 17 Bealtaine 2023 dar teideal ‘Health conditions in the occupied Palestinian territory, including east Jerusalem, and in the occupied Syrian Golan’ [Coinníollacha sláinte sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir, agus in Gólán na Siria atá faoi fhorghabháil],
– ag féachaint do thuarascáil ón mBanc Domhanda an 22 Nollaig 2021 dar teideal Measúnú ar Gheilleagar Digiteach na Palaistíne,
– ag féachaint do thuarascálacha Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD) an 22 Nollaig 2021 dar teideal ‘The Economic Costs of the Israeli Occupation for the Palestinian People: Arrested Development and Poverty in the West Bank’ [Costais Eacnamaíocha Fhorghabháil Iosrael do Phobal na Palaistíne: Forbairt Choiscthe agus Bochtaineacht sa Bhruach Thiar] agus an 8 Lúnasa 2022 dar teideal ‘Report on UNCTAD assistance to the Palestinian people: Developments in the Economy of the Occupied Palestinian Territory’ [Tuarascáil ar chúnamh UNCTAD do mhuintir na Palaistíne: Forbairtí i nGeilleagar Chríoch Phalaistíneach na Palaistíne faoi Fhorghabháil],
– ag féachaint don imscrúdú atá ar siúl faoi láthair ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar an staid sa Phalaistín, ar cuireadh tús leis an 3 Márta 2021,
– ag féachaint don tuarascáil ó Ionad Carter an 15 Aibreán 2022 dar teideal ‘March 26, 2022 Municipal Elections in West Bank/Gaza’ [Márta 26, 2022 Toghcháin Bhardasacha sa Bhanc Thiar/Gaza],
– ag féachaint do ráiteas ó Rialtas na Sualainne an 30 Deireadh Fómhair 2014 maidir le haitheantas a thabhairt do Stát na Palaistíne,
– ag féachaint do Dhearbhú na hAilgéire, arna shíniú ag 14 fhaicsean Phalaistíneacha san Ailgéir an 13 Deireadh Fómhair 2022, inar gealladh toghcháin a eagrú faoi mhí Dheireadh Fómhair 2023,
– ag féachaint dá moladh an 14 Meán Fómhair 2022 chuig an gCoimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh / Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcomhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt - clár oibre nua don Mheánmhuir(6),
– ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le próiseas síochána an Mheánoirthir, go háirithe rún an 18 Bealtaine 2017 maidir leis an réiteach dhá stát sa Mheánoirthear a bhaint amach(7) agus an 14 Nollaig 2022 maidir le hionchais an réitigh dhá stát d’Iosrael agus don Phalaistín(8),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2014 maidir le haitheantas a thabhairt do státacht na Palaistíne(9),
– ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0226/2023),
A. de bhrí gurb é an réiteach dhá stát, le stát Iosrael agus stát na Palaistíne ag maireachtáil taobh le taobh, faoi shíocháin, faoi shlándáil agus faoi aitheantas frithpháirteach faoi theorainneacha 1967, agus Iarúsailéim mar phríomhchathair an dá stát, agus ag teacht go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta, an t-aon réiteach inmharthana ar an gcoinbhleacht, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle;
B. de bhrí go bhfuil an ceart chun féinchinntiúcháin ag muintir na Palaistíne, mar a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe agus ar sheas comhlachtaí na Náisiún Aontaithe arís agus arís eile leis, lena n-áirítear an Comhthionól Ginearálta, an Chomhairle Slándála agus an Coimisiún um Chearta an Duine/an Chomhairle um Chearta an Duine;
C. de bhrí go bhfuil aitheantas tugtha ag ceannaireacht na Palaistíne do stát Iosrael agus é ag iarraidh go mbunófaí stát Palaistíneach bunaithe ar na teorainneacha a bhí ann roimh 1967, nach ndearna rialtais Iosraelacha i ndiaidh a chéile iad a chómhalartú; de bhrí go bhfuil iarrtha go mion minic ag ceannaireacht na Palaistíne go mbeadh cainteanna síochána athnuaite ann as a dtiocfaidh réiteach dhá stát;
D. de bhrí, mar thoradh ar an bhforghabháil, nach bhfuil príomhinniúlachtaí ag Údarás na Palaistíne atá i gcroílár na státachta, lena n-áirítear rialú teorann agus an cumas bailiú cánach iomlán a dhéanamh;
E. de bhrí nach féidir caibidlíocht fhónta a dhéanamh go dtí go mbeidh an dá thaobh ar bhonn cothrom; de bhrí, i measc nithe eile, go bhfuil easpa toil pholaitiúil agus aitheantas idirnáisiúnta, mar aon leis na blianta fada d’fhorghabháil na Palaistíne, ina mbacainní tromchúiseacha ar chaibidlíocht chóir sa chás sin; de bhrí go bhfuil gá leanúnach le hinfheistíocht a dhéanamh i gcaibidlíocht fhónta idir Iosrael agus Údarás na Palaistíne;
F. de bhrí go raibh ról fóinteach ag stáit Arabacha amhail an Éigipt agus an Iordáin, a bhfuil caidreamh taidhleoireachta acu le hIosrael le blianta anuas, maidir le hidirphlé a chur chun cinn i ndáil le Próiseas Síochána an Mheánoirthir, lena n-áirítear i ndáil le slándáil agus cobhsaíocht;
G. de bhrí go bhfuil forghabháil Iosrael ar chríoch Phalaistíneach ar siúl le 56 bliana anuas; de bhrí go bhfuil sé fós ina sheasamh daingean ag AE go bhfuil forghabháil bhuan, lonnaíochtaí, scartáil agus díshealbhuithe neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na lonnaitheoirí agus ar thógáil an bhonneagair ghaolmhair sa Bhruach Thiar agus in Iarúsailéim Thoir ó síníodh Comhaontú Osló agus Oslo II agus gur sárú neamhnáireach ar an dlí idirnáisiúnta iad agus gur constaic mhór iad ar bhaint amach an réitigh dhá stát agus ar shíocháin chóir, bhuan agus chuimsitheach; de bhrí go bhfuil athrú as cuimse tagtha ar thírdhreach sóisialta agus déimeagrafach an Bhruaigh Thiar mar gheall air sin agus go bhfuil limistéir Phalaistíneacha ilroinnte mar thoradh air sin;
H. de bhrí go bhfuil Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le staid chearta an duine sna críocha Palaistíneacha atá faoi fhorghabháil ó 1967(10), chomh maith le heagraíochtaí éagsúla Iosraelacha, Palaistíneacha agus idirnáisiúnta um chearta an duine, tar éis tuarascálacha a eisiúint le déanaí inar cinneadh go gcuireann Rialtas Iosrael Palaistínigh faoi chois go córasach agus go ndéanann sé idirdhealú institiúideach ina gcoinne i roinnt réimsí, lena n-áirítear forfheidhmiú an dlí, ceadanna tógála, saoirse gluaiseachta agus gníomhaíocht eacnamaíoch; de bhrí go ndéantar na Palaistínigh agus na hIosraelaigh a thriail i gcúirteanna éagsúla agus faoi dhlíthe éagsúla maidir leis na cionta céanna; de bhrí go bhfuil an balla deighilte a thóg Iosrael sa Bhruach Thiar neamhdhleathach;
I. de bhrí nach gceadaíonn Iosrael gníomhaíochtaí Údarás na Palaistíne in Iarúsailéim Thoir atá faoi ionghabháil; de bhrí nach bhfuil ach méid áirithe smachta ag Údarás na Palaistíne ar Limistéir neamhthadhlacha A agus B den Bhruach Thiar, atá timpeallaithe ag Limistéar C, atá faoi smacht iomlán Iosrael agus arb ionann é agus 60 % den Bhruach Thiar; de bhrí nach féidir, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar chaidreamh AE le hÚdarás na Palaistíne gan aghaidh a thabhairt ar bheartais Iosraelacha;
J. de bhrí gur fhógair Rialtas nua Iosrael pleananna chun lonnaíochtaí sa Bhruach Thiar a chur chun cinn agus a fhorbairt ina Chreat-Chomhaontú Comhghuaillíochta agus ina Threoirlínte Rialtais; de bhrí go luaitear sa chéad abairt de Chreat-Chomhaontú na Comhghuaillíochta ‘go bhfuil ceart eisiach doshannta ag an bpobal Giúdach chun gach cuid de Thalamh Iosrael... an Ghailíl, an Negev, an Gólán, agus Iúdáia agus an tSamáir’
K. de bhrí go bhfuil an iomaíocht idir faicsin pholaitiúla Phalaistíneacha agus easpa físe nó straitéise náisiúnta aontaithe, atá bunriachtanach chun teacht ar réiteach polaitiúil caibidlithe, fós ar chuid de na príomhdhúshláin i bpolaitíocht na Palaistíne; de bhrí go léirítear roinnt de na dúshláin nach mór d’Údarás na Palaistíne aghaidh a thabhairt orthu le gluaiseacht briste Fatah, le comhdhlúthú na cumhachta in oifig Uachtarán Údarás na Palaistíne, leis an laghdú atá ag teacht ar an spás do shochaí shibhialta na Palaistíne agus le cur faoi chois easaontais pholaitiúil agus léirsithe chun tacú le hathchóirithe daonlathacha; de bhrí gur ainmnigh AE Hamas Palaistíneach mar eagraíocht sceimhlitheoireachta;
L. de bhrí, de réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla, gurbh é 2022 an bhliain ba mharfaí ó 2006 i leith do Phalaistínigh a bhfuil cónaí orthu sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil; de bhrí, ó thús 2023, go bhfuil dlús curtha le timthriall an fhoréigin, rud a chuireann isteach go mór ar shibhialtaigh sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil agus in Iosrael freisin agus as a n-eascraíonn teannas méadaitheach agus ionstraimiú na coinbhleachta ag grúpaí antoisceacha agus sceimhlitheoireachta;
M. de bhrí gurb iad comhpháirtithe forbartha na hEorpa (AE, a Bhallstáit, an Iorua, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe) na deontóirí is mó go mór agus go n-eisíocann siad EUR 1,2 billiún in aghaidh na bliana i gcúnamh oifigiúil forbartha do phobal na Palaistíne; de bhrí go bhfuil cúnamh idirnáisiúnta ríthábhachtach do chobhsaíocht an Bhruaigh Thiar agus Gaza agus, dá bhrí sin, go dtéann sé chun tairbhe d’Iosrael freisin; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar Iosrael faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta bunriachtanais agus folláine an phobail shibhialta atá faoina fhorghabháil a áirithiú;
N. de bhrí go ndéanann údaráis Iosrael saoráidí, sócmhainní agus struchtúir atá maoinithe ag AE sa Phalaistín a urghabháil agus/nó a scartáil; de bhrí go ndearnadh 101 struchtúr san iomlán arna gcistiú ag AE nó ag Ballstáit AE (ar luach EUR 337 019) a scartáil nó a urghabháil in 2022; de bhrí gur iarr an tAontas arís agus arís eile ar Iosrael caillteanas airgid cháiníocóirí an Aontais a chúiteamh.
O. de bhrí go gcuireann cúnamh an Aontais tacaíocht bhuiséadach ríthábhachtach ar fáil d’Údarás na Palaistíne trí chlár PEGASE; de bhrí, ó thús an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha, nár cuireadh cúnamh AE ar fáil don Phalaistín ach amháin trí phleananna gníomhaíochta bliantúla; de bhrí go soláthraítear bonn le straitéis chomhpháirteach 2021-2024 ar féidir cláir ghníomhaíochta bhliantúla a ghlacadh, ach go bhfuil ionchas ilbhliantúil do chistiú nithiúil fós in easnamh; de bhrí gur gá leanúint de phróiseas éifeachtach leithdháilte, athbhreithnithe agus grinnscrúdaithe a chur chun feidhme do chistí AE;
P. de bhrí go leanann Údarás na Palaistíne agus Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne de ‘íocaíochtaí do mhairtírigh’ a chur ar fáil do theaghlaigh na bPalaistíneach a maraíodh agus iad i mbun foréigin in aghaidh Iosrael nó á marú ag gníomhaíochtaí míleata Iosrael; de bhrí go leanann siad de stipinní ar leith a chur ar fáil do Phalaistínigh i bpríosúin Iosrael, lena n-áirítear iad siúd a chiontaítear i ngníomhartha sceimhlitheoireachta a bhaineann le spriocanna Giúdacha;
Q. de bhrí gur eagraíochtaí Palaistíneacha iad seacht n-eagraíocht as an 21 eagraíocht atá liostaithe ar liosta sceimhlitheoireachta AE; de bhrí go n-úsáideann Hamas agus eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Palaistíneacha eile atá liostaithe in AE teaicticí sceimhlitheoireachta hibrideacha, lena n-áirítear ionsaithe scian agus buamaí i gcoinne sibhialtaigh Iosraelacha, chomh maith le roicéid a scaoiltear ó Gaza go Iosrael, ag iarraidh limistéir shibhialtacha a bhuail d’aon ghnó;
R. de bhrí go bhfuil UNRWA, atá fós ina líne tharrthála ríthábhachtach do na milliúin dídeanaithe ón bPalaistín, fós ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin thromchúiseacha agus ar easnaimh mhaoinithe ainsealacha a bhaineann an bonn óna iarrachtaí a shainordú bunriachtanach a chomhlíonadh; de bhrí, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag an ngníomhaireacht maidir le cobhsaíocht agus forbairt a chur chun cinn sa réigiún agus ionchais na síochána inbhuanaithe a choinneáil beo, go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa go leanúnach lena cuid oibre bunriachtanach daonnúla agus forbartha agus go molann sí go leanfar den obair sin, agus béim láidir á leagan ar oideachas a chur chun cinn atá bunaithe ar chothú na síochána, ar athmhuintearas, ar chaoinfhulaingt, ar chómhaireachtáil agus ar neamhfhoréigean; de bhrí gur vótáil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí na Nollag 2022 chun síneadh a chur le sainordú UNRWA go dtí an 30 Meitheamh 2026; de bhrí gurb iad AE agus a Bhallstáit na deontóirí is mó don ghníomhaireacht agus go n-áirítear ranníocaíocht ilbhliantúil i gcistiú AE, lena n-áirithítear tacaíocht intuartha i gcomhréir le dearbhú comhpháirteach AE-UNRWA an 17 Samhain 2021;
S. de bhrí gur chinn Coiste Idirchaidrimh Ad Hoc na Náisiún Aontaithe in 2011 go bhfuil institiúidí na Palaistíne ullamh le haghaidh státachta; de bhrí, ó shin i leith, go bhfuil meath tagtha ar stádas daonlathach Údarás na Palaistíne mar gheall ar an bhforghabháil sheachtrach agus na fadhbanna inmheánacha, amhail meath maidir leis an smacht reachta agus an t-éilliú a bheith ag dul in olcas; de bhrí, faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, gur staid shealadach í forghabháil chríche in aimsir chogaidh agus nach mbaintear a státacht ná a ceannasacht den chumhacht atá faoi fhorghabháil;
T. de bhrí go bhfuil caillteanas dlisteanachta os comhair Údarás na Palaistíne; de bhrí gur reáchtáladh na toghcháin pharlaiminteacha dheireanacha sa Phalaistín in 2006; de bhrí gur reáchtáladh na toghcháin uachtaránachta dheireanacha sa Phalaistín in 2005; de bhrí go raibh sé beartaithe toghcháin pharlaiminteacha agus toghcháin uachtaránachta a reáchtáil i mí na Bealtaine 2021, ach gur chuir an tUachtarán Abbas ar ceal iad le foraithne uachtaránachta; de bhrí, arna iarraidh sin ag Údarás na Palaistíne, gur iarr an tAontas Eorpach cead ó údaráis Iosrael i mí Feabhra 2021 le haghaidh misean taiscéalaíoch chun breathnóireacht a dhéanamh ar na vótaí, ach nár tugadh rochtain dó;
U. de bhrí go bhfuil cleachtais atá ag éirí níos diansmachtúla glactha ag Údarás na Palaistíne, lena n-áirítear cniogbheartaíocht a dhéanamh ar agóidí síochánta le fórsa neamhdhleathach, ag díriú ar iriseoirí, ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta, agus ar dhlíodóirí le gabhálacha treallacha acu agus cimí a chéasadh; de bhrí, de réir Human Rights Watch, go gcuireann údaráis na Palaistíne drochbhail ar na Palaistínigh atá faoi choinneáil agus go ndéanann siad iad a chéasadh go córasach, lena n-áirítear lucht cáinte agus lucht freasúra; de bhrí gur iarr Coiste na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta go mbeadh ceartas ann agus gur chuir sé in iúl gur oth leis gur theip ar údaráis na Palaistíne cuntasacht a áirithiú maidir le marú Nizar Banat, gníomhaí Palaistíneach;
V. de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2022, gur eisigh an tUachtarán Abbas foraithne chun Ardchomhairle na gComhlachtaí agus na nÚdarás Breithiúnach a bhunú, rud a chuir údaráis uile na Palaistíne faoina rialú agus a dhíchóimeáil an colún deiridh de neamhspleáchas breithiúnach sa Phalaistín;
W. de bhrí go mbíonn idirdhealú roimh mhná sna críocha Palaistíneacha agus go bhfuil níos lú cearta fós ag mná ná ag fir, mar shampla i ndáil le colscaradh, coimirce leanaí agus oidhreacht; de bhrí, cé go ndearnadh díchoiriúlú ar ghníomhartha comhghnéis sa Bhruach Thiar, go mbíonn ciapadh agus idirdhealú fós roimh dhaoine ar de phobal LGBTQI+ iad;
X. de bhrí gur chreid 84 % de na rannpháirtithe i bpobalbhreith a reáchtáil an Lárionad Palaistíneach um Thaighde Beartais agus Suirbhé i mí an Mhárta 2022 go raibh éilliú in institiúidí údarás na Palaistíne;
Y. de bhrí gur bunaíodh Misean AE um Thacaíocht do Phóilíneacht Phalaistíneach agus don Smacht Reachta i mí Eanáir 2006 chun cabhrú le húdarás na Palaistíne i gcothú stáit na Palaistíne;
Z. de bhrí gur choinnigh údarás na Palaistíne comhordú slándála le hIosrael i gcónaí, rud a chuireann le slándáil Iosrael agus na Palaistíne araon; de bhrí gur stad údarás na Palaistíne de bheith ag comhoibriú le hIosrael i roinnt réimsí, lena n-áirítear slándáil, i mí Eanáir 2023, mar fhreagairt ar na forbairtí is déanaí;
AA. de bhrí go bhfuil meath mór tagtha ar dhálaí socheacnamaíocha agus fostaíochta sa Phalaistín leis an gcoinbhleacht leanúnach; de bhrí go bhforchuireann forghabháil Iosrael srianta suntasacha ar gheilleagar na Palaistíne, lena n-áirítear easpa smachta ar thalamh, ar uisce, ar theorainneacha fisiciúla, ar ioncam agus ar shoghluaisteacht; de bhrí go gcuireann na srianta sin bac ar thrádáil na Palaistíne, go lagaíonn siad ioncam buiséid údarás na Palaistíne agus go gcuireann siad lena spleáchas ar dheontóirí idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe eacnamaíocha ag údaráis na Palaistíne, ach nach leor iontu féin iad chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus forbairt na hearnála príobháidí a áirithiú sna críocha Palaistíneacha; de bhrí go gcuireann sé sin bac ar onnmhairí na Palaistíne chuig an Aontas Eorpach faoi Chomhaontú Eatramhach Comhlachais AE-PLO agus go mbaineann sé an bonn d’éifeachtacht chabhair AE;
AB. de bhrí go bhfuil an-dochar déanta ag an imshuí agus ag an gcoinbhleacht uaineach don gheilleagar in Gaza agus go bhfuil cabhair dhaonnúil de chineál éigin ag teastáil ó 63 % de chónaitheoirí an limistéir;
AC. de bhrí gur rith Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún i mí na Nollag 2022 inar iarradh ar an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ) tuairim a eisiúint maidir le hiarmhairtí dlíthiúla fhorghabháil leanúnach Iosrael ar chríocha Palaistíneacha; de bhrí gur fhreagair Iosrael do rún na Náisiún Aontaithe trí USD 39 milliún d’ioncam cánach a bailíodh thar ceann údarás na Palaistíne a urghabháil; de bhrí gur chuir níos mó ná 90 tír in iúl gur ‘gur cúis mhór imní dóibh’ bearta pionósacha Iosrael;
AD. de bhrí go bhfuil tionchar ar na Palaistínigh ag úsáid earraí spiaireachta Iosraelacha, lena n-áirítear Pegasus, sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, agus go mbaintear de na Palaistínigh a gceart chun príobháideachais, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus idirlíon oscailte, slán agus saor;
AE. de bhrí gur ceanglaíodh ar náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear saoránaigh AE, cead a iarraidh chun dul isteach sa Bhruach Thiar ón 20 Deireadh Fómhair 2022 i leith leis an Nós Imeachta nua maidir le Dul Isteach agus Cónaithe d’Eachtrannaigh i Limistéar Iúdáia agus na Samáire, a tugadh isteach le Comhordú Iosrael Gníomhaíochtaí Rialtais sna Críocha (COGAT); de bhrí go gcuireann rialacha nua COGAT srian ar chumas céilí eachtracha na bPalaistíneach taisteal chuig an mBruach Thiar agus go gcuireann siad srianta comhchosúla ar shaorálaithe, ar lucht acadúil agus ar lucht gnó atá ag obair sa Bhruach Thiar, rud a bhaineann an bonn den chaidreamh idir AE agus an Phalaistín;
AF. de bhrí go luaitear in Airteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais idir AE agus Iosrael go mbeidh ‘na caidrimh idir na Páirtithe, chomh maith le forálacha uile an Chomhaontaithe féin, bunaithe ar urraim do chearta an duine agus do phrionsabail an daonlathais, lena dtreoraítear a mbeartas inmheánach agus idirnáisiúnta agus ar gné bhunriachtanach den Chomhaontú seo iad’;
1. ag moladh don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas a dhéanamh agus caidreamh an Aontais le hÚdarás na Palaistíne á chur chun feidhme acu:
(a)
tacaíocht sheasmhach an Aontais don réiteach dhá stát a athdhearbhú, mar an t-aon réiteach inmharthana ar an gcoinbhleacht, le stát Iosrael agus stát na Palaistíne ag maireachtáil go daonlathach taobh le chéile faoi shíocháin, agus le slándáil ráthaithe, le haitheantas frithpháirteach faoi theorainneacha 1967, le babhtálacha coibhéiseacha talún a ndearnadh comhaontu frithpháirteach ina leith agus Iarúsailéim mar phríomhchathair an dá stát, bunaithe ar na paraiméadair sna Conclúidí ón gComhairle i mí Iúil 2014; tacú, ar an gcaoi sin, i bprionsabal, le haitheantas a thabhairt do státacht na Palaistíne i gcomhréir leis na paraiméadair sin; leanúint de bheith ag tacú le hurraim iomlán don dlí idirnáisiúnta; tiomantas AE do chearta comhionanna na nIosraelach agus na bPalaistíneach a athdhearbhú;
(b)
imní a chur in iúl maidir leis an bhforéigean atá ag dul i méid agus arb é is príomhthréith leis an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín ó 2022 i leith agus an baol go dtiocfaidh méadú breise air sin; a iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach le gach gníomh foréigin idir Iosrael agus na Palaistínigh d’fhonn an fáinne fí sin d’fhoréigean sin a aisiompú; dul i mbun iarrachtaí fiúntacha chun caibidlíocht síochána a atosú; a chur i bhfios go láidir nach bhfuil an foréigean, an sceimhlitheoireacht agus an gríosú ag luí, go bunúsach, le réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín;
(c)
a iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis an sceimhlitheoireacht Phalaistíneach, lena n-áirítear na hionsaithe roicéad a rinne eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Palaistíneacha atá liostaithe san Aontas, lena n-áirítear Hamas, Jiohád Ioslamach na Palaistíne agus Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne;
(d)
oibriú i gcomhpháirtíocht le hIosrael, le húdarás na Palaistíne, leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe Arabacha sa réigiún d’fhonn cosc a chur ar atharmáil grúpaí sceimhlitheoireachta i Stráice Gaza agus sa Bhruach Thiar agus ar smuigleáil arm, ar mhonarú roicéad agus ar thógáil tollán; béim a leagan ar an ngá ollmhór atá ann go ndéanfaidh gach grúpa sceimhlitheoireachta in Gaza dí-armáil; gníomhaíochtaí do-ghlactha Hamas in Gaza a cháineadh agus, sa chomhthéacs sin, a athdhearbhú gur gá d’Údarás na Palaistíne dul i gceannas ar Stráice Gaza;
(e)
a iarraidh ar Údarás na Palaistíne gach nasc le heagraíochtaí antoisceacha agus le grúpaí sceimhlitheoireachta atá gníomhach sa réigiún a cháineadh agus deireadh a chur leis na naisc sin;
(f)
an tábhacht a bhaineann le fíorchaibidlíocht dhíreach idir Iosrael agus ionadaithe Palaistíneacha bunaithe ar pharaiméadair a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur i bhfáth agus meabhrú don dá thaobh a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na mban agus mionlach reiligiúnach agus mionlach eile i ngach leibhéal den chaibidlíocht; tionscnamh comhpháirteach síochána faoi stiúir na hEorpa agus na Stát Aontaithe a chur ar bun d’fhonn deis pholaitiúil a thabhairt ar ais don tsíocháin chothrom, chuimsitheach, fhadtéarmach idir Iosrael agus an Phalaistín; aiféala an AE a chur in iúl faoi chinntí aontaobhacha roinnt stát chun Iarúsailéim a aithint mar phríomhchathair neamhroinnte Iosrael agus a n-ambasáidí a bhogadh;
(g)
á áirithiú go gcuirfidh údaráis ábhartha an Aontais cosc ar mhaoiniú an Aontais a atreorú go díreach nó go hindíreach chuig eagraíochtaí sceimhlitheoireachta; á mheabhrú, i gcomhréir le straitéis AE maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac, nach bhféadfar cistí seachtracha AE a mhí-leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a ghríosaíonn fuath agus foréigean;
(h)
béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le gach cineál fuathchainte agus iompraíocht fhoréigneach ar thaobh Iosrael agus ar thaobh na Palaistíne a cháineadh agus a dhíothú agus beag beann ar an gcomhthéacs; béim a leagan ar a thábhachtaí atá an t-oideachas chun ionchais a fhorbairt maidir le réiteach dhá stát; athdhearbhú a dhéanamh ar sheasamh AE nach mór do gach leabhar scoile agus gach ábhar scoile ar an dá thaobh cloí le caighdeáin UNESCO maidir le síocháin, caoinfhulaingt, cómhaireachtáil agus neamhfhoréigean;
(i)
á chur in iúl gur saoth léi an t-ábhar achrannach a spreagann fuath atá i dtéacsleabhair scoile agus ábhar staidéir na Palaistíne nach bhfuarthas réidh leis fós; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-oideachas agus rochtain na ndaltaí ar théacsleabhair shíochánta agus neamhchlaonta ríthábhachtach, go háirithe sa chomhthéacs go bhfuil méadú ag teacht ar rannpháirtíocht déagóirí in ionsaithe sceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth go gcuirfear tacaíocht airgeadais ón Aontas ar fáil d’Údarás na Palaistíne i réimse an oideachais ar an gcoinníoll go gcuirfear ábhar na dtéacsleabhar i gcomhréir le caighdeáin UNESCO, mar a chinn airí oideachais an Aontais i bPáras an 17 Márta 2015, go scriosfar na tagairtí frith-Sheimíteacha uile, agus go mbainfear amach na samplaí a spreagann fuath agus foréigean, mar a iarradh arís agus arís eile sna rúin a ghabhann leis na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do na blianta airgeadais 2016, 2018, 2019 agus 2020; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún grinnscrúdú géar ar cibé an athróidh Údarás na Palaistíne an curaclam iomlán;
(j)
a aithint go bhfuil Comhaontuithe Abrahám ina dtoisc in atheagrú an chaidrimh idirstáit sa réigiún; dul i mbun idirphlé leis na tíortha Arabacha a shínigh na Comhaontuithe Abrahám, in éineacht leis an Aontas Eorpach agus leis na Stáit Aontaithe, chun féachaint conas a d’fhéadfadh a gcomhaontuithe normalaithe le hIosrael cabhrú leis an réiteach dhá stát, le forbairt eacnamaíoch na Palaistíne agus le forbairt fhoriomlán an réigiúin;
(k)
a éileamh ar Iosrael, mar chumhacht forghabhála, stop a chur le scriosadh an bhonneagair shibhialtaigh ríthábhachtaigh agus le saothrú neamhdhleathach a dhéanamh ar acmhainní uisce agus talún sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, lena n-áirítear Iarúsailéim Thoir; béim a leagan ar a phráinní atá sé tionscadail atógála agus forbartha a chur chun cinn i ndáil leis sin, lena n-áirítear i Stráice Gaza, agus a iarraidh go dtacófaí leis na hiarrachtaí is gá, i gcomhréir leis na gealltanais a tugadh ag Comhdháil Idirnáisiúnta Chaireo maidir leis an bPalaistín in 2014;
(l)
tacú le hiarrataí na Palaistíne go mbeadh ionadaíocht pholaitiúil athnuaite chuimsitheach ann; áitiú go láidir ar cheannaireacht pholaitiúil na Palaistíne foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha is gá chun toghcháin pharlaiminteacha agus uachtaránachta atá saor, inchreidte, cuimsitheach, trédhearcach agus cothrom a reáchtáil gan a thuilleadh moille chun a dlisteanacht a neartú; rannpháirtíocht na hóige, na mban agus na mionlach sa phróiseas sin a chur chun cinn agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá neamhspleáchas breithiúnach agus urraim don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; a chur i bhfios go láidir go bhfuil sé do-ghlactha nach ndearna údarás na Palaistíne aon toghcháin ar feadh níos mó ná 16 bliana; éileamh ar Iosrael a oibleagáidí a urramú chun ligean do na toghcháin sin a bheith ar siúl in Iarúsailéim Thoir;
(m)
áirithiú go gceadóidh údaráis Iosrael d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa rochtain a fháil ar an gcríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, lena n-áirítear Gaza;
(n)
leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair an Choimisiúin Lárnaigh Toghchán agus dul i dteagmháil leis na gníomhaithe ábhartha chun an próiseas toghcháin a bhrú chun cinn; an tacaíocht pholaitiúil agus an cúnamh teicniúil uile is gá a sholáthar chun go n-éascófar toghcháin a reáchtáil sa chríoch Phalaistíneach ar fad, lena n-áirítear in Iarúsailéim Thoir; tairiscint ghníomhach a dhéanamh misean breathnóireachta toghchán AE a imscaradh chuig an gcríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil nuair a dhéanfar olltoghchán a fhógairt;
(o)
béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na páirtithe uile lena mbaineann toghcháin shaora, chóra agus dhaonlathacha a urramú, mar aon leis an ionchas go séanfaidh na hiarrthóirí uile a bheidh ag seasamh sna toghcháin an foréigean mar bhealach chun a gcuspóirí polaitiúla a bhaint amach;
(p)
iarraidh go láidir go dtabharfaí Iarúsailéim Thoir, an Bruach Thiar agus Stráice Gaza faoi aon riail dhlisteanach dhaonlathach amháin de chuid Údarás na Palaistíne; idirphlé náisiúnta, athmhuintearas, slándáil, síocháin agus forbairt comhdhearcaidh a éascú i measc na ngníomhaithe polaitiúla agus sochaíocha uile sa Phalaistín; iarrachtaí idirghabhála idirnáisiúnta chun teacht ar chomhaontú idir faicsin pholaitiúla Phalaistíneacha éagsúla a mholadh;
(q)
leanúint de thacaíocht a thabhairt do láithreacht agus d’fhorbairt na Palaistíne i Limistéar C agus do ghlacadh lánrialaithe ar Limistéar C ag údarás na Palaistíne, dá bhforáiltear i gComhaontú Osló agus Comhaontuithe Osló II;
(r)
iarraidh ar Údarás na Palaistíne a ráthú go n-urramófar prionsabail an smachta reachta agus scaradh na gcumhachtaí agus neamhspleáchas na mbreithiúna a athdhearbhú trí fhoraithne Dheireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear Ardchomhairle na gComhlachtaí agus na nÚdarás Breithiúnach a aisghairm, lena gcuideofaí le muinín an phobail as institiúidí a athbhunú; cabhrú le céimeanna nithiúla i dtreo athchóirithe riaracháin ar an gComhairle Reachtach agus ar an gcóras breithiúnach, go háirithe an Ard-Chúirt Bhunreachtúil; na húdaráis sa Phalaistín a spreagadh chun stop a chur le bac a chur ar dhlíthe atá ar feitheamh, go háirithe reachtaíocht teaghlaigh, shóisialta, frithsciúrtha airgid agus frithsceimhlitheoireachta;
(s)
na bearta chun an óige agus na mná a áireamh ar gach leibhéal den chinnteoireacht shochaíoch a mholadh; iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla a achtú chun an ciapadh agus an t-idirdhealú in aghaidh cailíní agus ban a chomhrac, amhail ‘maruithe onóra’, agus i gcoinne daoine a bhaineann leis an bpobal LGBTQI+, le cosantóirí chearta an duine, le gníomhaithe, le hiriseoirí, le healaíontóirí, le mionlaigh reiligiúnacha agus mionlaigh eile, agus le grúpaí imeallaithe eile;
(t)
é a chur in iúl gur cúis bhuartha dóibh an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta agus a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh an tAontas Eorpach an tsaincheist sin chun tosaigh ar chlár oibre a idirphlé pholaitiúil le húdarás na Palaistíne; tathant ar Údarás na Palaistíne deireadh a chur le srianta diansmachta ar mhaoiniú agus ar chlárú eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gan daoine a bhfuil a gcearta bunúsacha á bhfeidhmiú acu a choinneáil go treallach; leanúint de bheith ag tathant ar údarás na Palaistíne urraim a thabhairt don tsaoirse comhlachais, don tsaoirse comhthionóil shíochánta agus don cheart chun rannpháirtíochta poiblí, as líne agus ar líne araon, agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear an ceart atá ag oibrithe eagrú trí cheardchumainn atá saor agus neamhspleách;
(u)
á iarraidh ar údaráis mhíleata Iosrael a n-ainmniú ar shé eagraíocht shóisialta agus chearta an duine Palaistíneacha mar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a tharraingt siar, ionas nach laghdófar a thuilleadh an spás do shochaí shibhialta na Palaistíne;
(v)
á éileamh go mbunódh Údarás na Palaistíne sásraí neamhspleácha iontaofa chun imscrúdú a dhéanamh ar tharluithe céastóireachta nó drochíde agus sáruithe eile ar chearta an duine laistigh dá chríoch, i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá air faoin bPrótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta, ar aontaigh sé dó in 2017; ag tacú le himscrúdú neamhspleách ar bhás Nizar Banat agus á iarraidh go dtabharfaí na daoine freagracha chun cuntais; ag tathant ar Údarás na Palaistíne na fórsaí slándála a thabhairt chun cuntais i gcásanna na gabhála treallaí, na mí-úsáide agus an chéasta, gach príosúnach polaitiúil a scaoileadh saor láithreach agus gach cúiseamh a laghdú; ag cáineadh úsáid leanúnach an chéasta ag údaráis na Palaistíne;
(w)
á iarraidh ar Údarás na Palaistíne reachtaíocht náisiúnta a leasú chun ailíniú le caighdeáin dhlíthiúla idirnáisiúnta maidir le frith-idirdhealú, lena n-áirítear trí ghnéaschlaonadh agus fhéiniúlacht inscne a aithint mar shaintréithe cosanta faoin dlí sibhialta, chun a áirithiú go dtoirmiscfear coireanna fuatha uile faoin dlí, agus chun aon bhunchúiseanna idirdhealaitheacha a imscrúdú go dícheallach;
(x)
á iarraidh ar Údarás na Palaistíne reachtaíocht intíre a ailíniú leis an gCoinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, go háirithe trí aon chuid den chód pionósach a aisghairm lena maolaítear an pionós mar gheall ar mharú a dhéantar ar mhaithe leis an 'oineach' mar a thugtar air, agus trí éigniú pósta a áireamh sa sainmhíniú ar éigniú agus a áirithiú go mbeidh pionóis ar choireanna lena mbaineann foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní i gcomhréir le tromchúis na gcionta;
(y)
leanúint de chur i bhfios go láidir go bhfuil lonnaíochtaí Iosraelacha sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta; á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis an mbeartas lonnaíochta, leis na pleananna maidir le leathnú, le díshealbhú na dteaghlach Palaistíneach agus lena dtithe a scartála, ar bac mór iad ar inmharthanacht an réitigh dhá stát agus ar shíocháin inbhuanaithe agus slándáil ar an talamh a bhaint amach, agus ar sáruithe iad ar Cheathrú Coinbhinsiún na Ginéive;
(z)
á iarraidh go gcuirfí deireadh le timthriall an fhoréigin agus machnamh a dhéanamh ar bhearta spriocdhírithe de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh go sonrach ar leathnú na lonnaíochtaí sa Bhruach Thiar;
(aa)
go gcomhlíonfar an oibleagáid ar reachtaíocht AE atá ann cheana agus na socruithe déthaobhacha is infheidhme maidir le táirgí lonnaíochta a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach, lena n-áirítear a áirithiú go n-eisiafar iad ón gcóras fabhrach custaim agus feabhas a chur ar a éifeachtacht; á áirithiú go ndéanfar prionsabal na difreála dlíthiúla idir críoch stát Iosrael agus na críocha atá faoi fhorghabháil ó 1967 i leith a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le raon feidhme iomlán chaidreamh déthaobhach an Aontais le hIosrael agus go ndéanfar faireachán cuí, i gcomhréir le beartais reatha an Aontais, ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Rún 2334 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 23 Nollaig 2016; tuarascáil neamhspleách a choimisiúnú maidir le bearta breise de chuid an Aontais i ndáil le táirgí lonnaíochta;
(ab)
dul i gcomhar le hÚdarás na Palaistíne chun idirphlé polaitiúil níos rialta a bhunú ar leibhéal na n-airí, agus béim láidir á leagan ar chearta an duine, ar smacht reachta agus ar comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Comhaontú Eatramhach Comhlachais AE-Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, maidir le comhaontú comhlachais iomlán idir AE agus an Phalaistín agus comhairle comhlachais a thionól nuair a thiocfar ar chomhaontú; ag athdhearbhú thiomantas an Aontais gach cineál idirdhealaithe a chomhrac, lena n-áirítear frithsheimíteachas, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tiomanta ina chaidreamh le hÚdarás na Palaistíne; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá obair pholaitiúil Oifig Ionadaí an Aontais Eorpaigh (an Bruach Thiar agus Stráice Gaza, UNRWA) agus á iarraidh go ndéanfaí an obair sin a atreisiú;
(ac)
ag oibriú i dtreo institiúidí Palaistíneacha in Iarúsailéim Thoir ionghafa a athoscailt; cruinnithe rialta a óstáil le hoifigigh Phalaistíneacha in Iarúsailéim Thoir agus tacú lena rannpháirtíocht i bhforbairt pholaitiúil, eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha Iarúsailéim Thoir; cur i gcoinne na n-iarrachtaí chun curaclaim Iosraelacha a fhorchur ar scoileanna Palaistíneacha; urraim a thabhairt do chearta na bPalaistíneach a n-ábhair oideachais féin a roghnú;
(ad)
ag oibriú chun deireadh láithreach a chur le himshuí Stráice Gaza agus a áirithiú go n-urramóidh Iosrael agus na Palaistínigh ceart go mbeidh siad in ann maireachtáil i síocháin agus i slándáil, lena n-áirítear an deis a bheith ag na Palaistínigh taisteal lasmuigh den Stráice ar chúiseanna oibre, staidéir nó leighis nó cuairt a thabhairt ar ghaolta sa Bhruach Thiar agus in áiteanna eile, chomh maith le cúrsaíocht earraí; leanúint de thacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí chun an ghéarchéim dhaonnúil i Stráice Gaza a mhaolú agus obair ghníomhach a dhéanamh chun teacht ar réiteach polaitiúil ar an imshuí 16 bliana, lena n-áirítear ráthaíochtaí slándála ar an dá thaobh a n-urramóidh na páirtithe uile iad;
(ae)
feabhas a chur ar chistiú, lena n-áirítear cabhair dhaonnúil agus cúnamh forbartha, don aistriú glas, do rannpháirtíocht na n-óg, don daonlathú, don dea-rialachas agus do chur i bhfeidhm na n-iarrachtaí frithéillithe agus do bhearta, amhail athchóiriú ar bhainistiú airgeadais phoiblí; cabhair a leathnú do shochaí shibhialta na Palaistíne, lena n-áirítear do chosantóirí chearta an duine atá faoi ionsaí; cinntítear go gcuirfear prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais i bhfeidhm agus go gcuirfear i bhfios go láidir nach féidir cistiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó d’Údarás na Palaistíne a chur ar fionraí ar fhorais threallacha nó gan fianaise ar mhí-úsáid; maoiniú leanúnach a áirithiú do sheirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear oideachas agus cúram sláinte;
(af)
leanúint de chistiú agus de chláir AE i limistéir leochaileacha timpeall Iarúsailéim Thoir agus ceantair thuaithe an Bhruaigh Thiar agus iad a leathnú, agus cearta na bPalaistíneach atá ina gcónaí i Limistéar C a chosaint;
(ag)
á iarraidh ar Iosrael na srianta fisiciúla agus riaracháin ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ar thrádáil na Palaistíne a laghdú, agus deireadh a chur le tús áite a thabhairt do chuideachtaí lonnaitheoirí Iosraelacha thar na cuideachtaí Palaistíneacha maidir le ceadanna tógála, ceadúnais oibriúcháin agus rochtain ar acmhainní nádúrtha i Limistéar C; á áitiú go rannchuideoidh Iosrael le riachtanais bhunúsacha agus le folláine na bPalaistíneach atá faoina fhorghabháil, i gcomhréir lena oibleagáidí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, seachas an t-ualach a fhágáil faoi dheontóirí idirnáisiúnta;
(ah)
Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine a chur chun feidhme, agus gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh nuair atá cosantóirí chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta faoi ionsaí; dul i gcomhairle go comhsheasmhach le heagraíochtaí sochaí sibhialta agus le cosantóirí chearta an duine de chuid na Palaistíne chun cabhrú le beartas agus seasamh an Aontais a mhúnlú maidir leis an staid in Iosrael agus i bPalaistín;
(ai)
á chur in iúl gur saoth léi na héagothromaíochtaí suntasacha idir na seirbhísí sláinte atá ar fáil d’Iosraelaigh agus do Phalaistínigh faoi seach, as a n-eascraíonn rátaí básmhaireachta níos airde do Phalaistínigh; á éileamh go n-áiritheoidh údaráis Iosrael go mbeidh rochtain gan bhac ag othair Phalaistíneacha ar chúram leighis;
(aj)
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis chomhpháirteach 2021-2014 don Phalaistín agus dul i gcomhairle leis an bParlaimint go polaitiúil i bhfad sula ndréachtófar agus sula nglacfar an chéad straitéis chomhpháirteach eile chun tacú leis an bPalaistín, don tréimhse 2024-2027; faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann Údarás na Palaistíne agus na tairbhithe uile as cistiú an Aontais;
(ak)
slándáil agus intuarthacht pleanála fadtéarmaí a chur ar fáil do chomhpháirtithe na Palaistíne trí phlean gníomhaíochta ilbhliantúil a bheith ag gabháil le straitéis chomhpháirteach 2024-2027;
(al)
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chaoi a dhéanann lonnaíochtaí neamhdhleathacha, forghabháil Iosrael agus srianta gaolmhara ar gheilleagar na Palaistíne an bonn a bhaint ó bheartas agus ó éifeachtacht chúnamh airgeadais an Aontais sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cuntasacht agus á iarraidh go n-urródh na páirtithe uile beartas an Aontais; cúiteamh a éileamh as an mbonneagar uile atá maoinithe ag an Aontas sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil a rinneadh a scartáil; beartais i leith Iosrael a thabhairt i gcomhréir le sprioc AE chun stát Palaistíneach neamhspleách, daonlathach agus inmharthana a bhaint amach mar chuid den réiteach dhá stát agus dul i gcoinne beartas a chuireann bac ar stát Palaistíneach inmharthana;
(am)
athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú Mhisean AE chun Tacú le Póilíní na Palaistíne agus leis an Smacht Reachta, agus ar an gcaoi sin a rannchuidiú le hinmharthanacht an réitigh dhá stát ar an talamh a fheabhsú;
(an)
tuairim dhlíthiúil a choimisiúnú ar an gcaoi go mbeadh comhar AE leis an Riarachán Sibhialta Iosrael agus COGAT dá ndéanfaí iad a aistriú ó údarás an cheannasaí mhíleata go dtí údarás aire shibhialta laistigh den Aireacht Cosanta;
(ao)
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar diúltach atá ag na rialacha nua, lena gcuirtear srian ar shaoránaigh eachtracha dul isteach sa Bhruach Thiar agus cónaí ann, ar an tsochaí Phalaistíneach agus ar shaoránaigh AE araon, ar mian leo a bheith ag obair, staidéar a dhéanamh nó a bheith ina gcónaí sa Bhruach Thiar; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar mór suaiteach ag na srianta sin ar chur chun feidhme chlár Erasmus+; á éileamh ar údaráis Iosrael deireadh a chur le gach beart a mbeadh iarmhairtí den sórt sin acu; cead isteach do shaoránaigh na Palaistíne san Aontas a éascú, lena n-áirítear trí aerfort Ben Gurion;
(ap)
á athdhearbhú go dtacaíonn an tAontas go láidir le hobair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus lena neamhchlaontacht agus lena neodracht; á chur in iúl gur oth léi an dul chun cinn teoranta atá déanta ag imscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna a rinneadh sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil agus gealltanas a thabhairt cuidiú leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena hIonchúisitheoir chun dul ar aghaidh leis an imscrúdú agus leis an ionchúiseamh;
(aq)
ag cur sonrú sa tionscnamh ó Údarás na Palaistíne, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, tuairim chomhairleach a iarraidh ar CBI maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann le forghabháil Iosrael ar na críocha Palaistíneacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cinneadh Rialtas Iosrael bearta pionósacha a fhorchur i gcoinne mhuintir, cheannaireacht agus shochaí sibhialta na Palaistíne, amhail cistí a choinneáil siar agus moratóir a chur chun feidhme maidir le pleananna tógála i Limistéar C, mar fhreagra ar an iarraidh ón gComhthionól Ginearálta ar thuairim chomhairleach ó CBI; ag tacú leis na hiarrachtaí deireadh a chur le saoirse ó phionós i gcás na gcoireanna a dhéantar sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil;
(ar)
ag moladh go ndéanfaí ollchóiriú ar Phrótacal Pháras chun níos mó neamhspleáchais a sholáthar d’Údarás na Palaistíne maidir le rialachas eacnamaíoch agus fioscach, mar shampla trí chead a thabhairt dó a bheartas fioscach féin a shocrú (e.g. rátaí CBL) agus bailiú cánach a dhéanamh; ag tathant ar údaráis Iosrael staonadh ó ioncam cánach a choinneáil siar mar gheall ar údaráis na Palaistíne chun críocha polaitiúla;
(as)
leanúint den chur chuige dreasacht-bhunaithe agus den idirphlé beartais a chur i bhfeidhm laistigh de chlár PEGASE, inter alia trí chruinnithe níos minice agus níos córasaí a thionól agus trí tháscairí nithiúla a chur chun feidhme, agus é mar aidhm leis sin cabhrú le hÚdarás na Palaistíne institiúidí éifeachtacha agus cuntasacha a chothú agus iad réidh le státú agus forbairt shóisialta chuimsitheach a chumasú; idirphlé beartais a fheabhsú agus ag tathant ar Aireacht Gnóthaí Baile d’Údarás na Palaistíne agus na húdaráis faoina maoirseacht chun deireadh a chur le gabhálacha treallacha agus le húsáid céastóireachta agus chun na daoine sin atá freagrach as mí-úsáid a imscrúdú agus a ionchúiseamh; más rud é nach ndearnadh aon dul chun cinn, á mheas go gcuirfear cúnamh airgeadais an Aontais don aireacht faoi chuimsiú PEGASE ar fionraí go sealadach agus na cistí sin a atreorú chuig eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta Palaistíneacha agus chuig fairtheoirí chearta an duine go dtí go gcomhlíonfaidh an aireacht tagarmharcanna áirithe, agus leibhéal foriomlán na tacaíochta airgeadais d’Údarás na Palaistíne á choinneáil ag an am céanna;
(at)
leanúint de bheith ag obair le hÚdarás na Palaistíne agus UNRWA chun tacaíocht airgeadais leanúnach agus bhreise a áirithiú, ionas go leanfaidh dídeanaithe na Palaistíne sa chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil agus sna tíortha óstacha comharsanacha den chúnamh agus den chosaint a gcuireann sainordú ag an ngníomhaireacht ar fáil; ag spreagadh rannpháirtíocht leanúnach le deontóirí réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an tacaíocht pholaitiúil do UNRWA ag teacht le hacmhainní airgeadais oiriúnacha, agus ag impí ar an gcomhphobal idirnáisiúnta samhail chistiúcháin inbhuanaithe a chur ar fáil don ghníomhaireacht; á mheabhrú gur chinn an dá bhrainse den údarás buiséadach, sa chomhaontú le haghaidh bhuiséad 2023 an Aontais, go comhpháirteach maidir le méadú ar líne bhuiséid na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta-Comharsanacht an Deiscirt agus go ndéanfaí na cistí a thiomnú i bpáirt do UNRWA; na cistí breise a chur i leataobh do bhuiséad chroíchlár UNRWA, lena dtacaítear le soláthar seirbhísí riachtanacha, agus béim ar leith á leagan ar oideachas agus ar chúram sláinte;
2. á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Údarás na Palaistíne agus chuig Comhairle Reachtach na Palaistíne.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, 12 Samhain 2019, Organisation juive européenne and Vignoble Psagot Ltd v Ministre de l’Économie et des Finances, C-363/18, ECLI:EU:C:2019:954.
– ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(2),
– ag féachaint do thorthaí an chéad agus an dara cruinniú de Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-na Boisnia agus na Heirseagaivéine, a tionóladh an 5 agus an 6 Samhain 2015 agus an 17 Meitheamh 2021 faoi seach,
– ag féachaint d’iarratas ar bhallraíocht in AE ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin a tíolacadh an 15 Feabhra 2016,
– ag féachaint do dhearbhuithe ó chruinnithe mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 i Sóifia, an 6 Bealtaine 2020 i Ságrab, an 6 Deireadh Fómhair 2021 in Brdo pri Kranju agus an 6 Nollaig 2022 i dTiorána,
– ag féachaint do chruinniú mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, lena n-áirítear an Dearbhú maidir leis an gCómhargadh Réigiúnach agus an Dearbhú maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar,
– ag féachaint do thorthaí naoú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín an 3 Samhain 2022,
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/1923 ón gComhairle an 4 Samhain 2021 maidir le Beart Cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fothú acmhainneachta Fhórsaí Armtha na Boisnia agus na Heirseagaivéine(3),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2353 ón gComhairle an 1 Nollaig 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na Boisnia agus na Heirseagaivéine a neartú(4),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Márta 2022,
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 maidir leis an Úcráin, na Balcán Thiar agus maidir le hiarratais ar bhallraíocht na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia, na mBalcán Thiar agus an caidreamh seachtrach,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2022 lena ndeonaítear stádas mar thír is iarrthóir AE don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 dar teideal ‘Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach’ (COM(2019)0261) agus an tuarascáil anailíseach a ghabhann léi (SWD(2019)0222),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal ‘Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iarphaindéimeach – rannchuidiú an Choimisiúin roimh an gcruinniú idir AE agus ceannairí na mBalcán Thiar ar an 6 Bealtaine 2020’ (COM(2020)0315),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0641),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Teachtaireacht 2022 maidir le Beartas AE um Méadú’ (COM(2022)0528),
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 12 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Tuarascáil 2022 na Boisnia agus na Heirseagaivéine’ (SWD(2022)0336),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis an Aontais chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 (COM(2021)0170),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach’ (COM(2020)0620),
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,
– ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol i gComhthéacs Trasteorann, arna ghlacadh an 25 Feabhra 1991,
– ag féachaint do Choinbhinsiún UNESCO an 20 Deireadh Fómhair 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn,
– ag féachaint do Choinbhinsiún UNESCO an 17 Deireadh Fómhair 2003 maidir le caomhnú na hoidhreachta cultúrtha doláimhsithe,
– ag féachaint don Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022,
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 10 Eanáir 2022 dar teideal ‘Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin iarrachtaí, tá fadhbanna bunúsacha fós ann’, agus tuarascáil speisialta CIE 09/2021 an 3 Meitheamh 2021 dar teideal ‘An bhréagaisnéis a dhéanann difear don Aontas Eorpach: táthar ag dul i ngleic léi ach tá sí fós le ceansú’,
– ag féachaint do thuarascáil ó shaineolaithe an 5 Nollaig 2019 maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin,
– ag féachaint do thuairim ó Choimisiún na Veinéise an 11 Márta 2005 maidir leis an staid bhunreachtúil sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus do chumhachtaí an Ardionadaí, agus do na moltaí uaidh ina dhiaidh sin maidir le hábhair bhunreachtúla sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin,
– ag féachaint do thiomsú tuairimí agus tuarascálacha ó Choimisiún na Veinéise an 14 Nollaig 2020 maidir le cobhsaíocht an dlí toghcháin,
– ag féachaint do na rialuithe ábhartha ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine i bhfabhar na ngearánaithe, lena n-áirítear Azra Zornić(5) agus Dervo Sejdić agus Jakob Finci(6), i measc daoine eile,
– ag féachaint do Chomhaontú Mostar a síníodh an 17 Meitheamh 2020 maidir le toghcháin a reáchtáil in Mostar,
– ag féachaint do chomhaontú polaitiúil an 12 Meitheamh 2022 maidir le prionsabail chun a áirithiú go mbeidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin feidhmiúil agus go rachaidh sí chun cinn ar an gconair Eorpach,
– ag féachaint d’Innéacs 2022 na nDearcthaí i dtaca le hÉilliú de chuid Transparency International, ina bhfuil an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin rangaithe mar 110 as 180 tír,
– ag féachaint don 62ú tuarascáil ón Ardionadaí maidir le Cur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Síochána maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an 2 Samhain 2022 chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, agus do thuarascálacha roimh ré,
– ag féachaint do Rún 2658 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 2 Samhain 2022, lena gcuirtear síneadh leis an bhfórsa faoi cheannas AE (EUFOR) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin go dtí an 2 Samhain 2023,
– ag féachaint don chruinniú de Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh i Maidrid an 29 Meitheamh 2022 agus do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh ECAT i Maidrid,
– ag féachaint do chruinniú Airí Cosanta ECAT an 14 agus an 15 Feabhra 2023,
– ag féachaint do Chomhaontú Síochána Dayton lena mbunaítear sainordú Mhisean na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin,
– ag féachaint do Bhunreacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine, ina sonraítear go bhfuil trí theanga oifigiúla sa tír, agus do bhunreachtanna eintiteas Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus eintiteas Republika Srpska,
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Iúil 2015 maidir le Comóradh Srebrenica(7),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2015 maidir le comóradh 20 bliain Chomhaontú Síochána Dayton(8),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020(9),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar(10),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta AE tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine(11),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua AE don mhéadú(12),
– ag féachaint do na rúin roimhe seo uaithi maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0229/2023),
A. de bhrí gurb ionann an méadú agus an ionstraim beartais eachtraigh is éifeachtaí atá ag AE, ceann de na beartais is rathúla de chuid an Aontais í, agus infheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin mharthanach, sa daonlathas, sa rathúnas agus i gcobhsaíocht agus slándáil na mór-roinne ar fad; de bhrí go ndreasaítear agus go spreagtar cur chun cinn luachanna bunúsacha AE leis an mbeartas um méadú;
B. de bhrí nach mór do AE a ghealltanais a chomhlíonadh agus nach mór do cheannairí polaitiúla i dtíortha is iarrthóirí fíorthoil pholaitiúil a léiriú maidir le próisis athchóirithe; de bhrí go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar éifeachtacht aontachas AE agus ar thacaíocht na saoránach d’aontachas AE mar gheall ar chur siar arís agus arís eile sa phróiseas aontachais agus easpa fíorthoil pholaitiúil ó cheannairí polaitiúla i dtíortha is iarrthóirí;
C. de bhrí go bhfuil cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tar éis an bonn a bhaint den tslándáil agus den chobhsaíocht ar mhór-roinn na hEorpa, gur léiríodh an riachtanas straitéiseach atá le lánpháirtiú AE agus gur cuireadh béim bhreise ar a thábhachtaí atá ailíniú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) i dtíortha is iarrthóirí; de bhrí gur spreag sé móiminteam nua sa mhéadú, rud a spreag AE le dlús a chur le seachadtaí chuig tíortha na mBalcán Thiar, a bhí go mór thar am;
D. de bhrí gur cheart gach tír sa phróiseas méadaithe a mheas ar a fiúntas féin, agus béim á leagan ar athchóirithe lárnacha, bunaithe ar chritéir Chóbanhávan maidir leis an smacht reachta, cearta bunúsacha, caighdeáin dhaonlathacha, breithiúnacht neamhspleách, cearta mionlach agus saoirsí na meán;
E. de bhrí gur san Aontas Eorpach atá todhchaí thíortha na mBalcán Thiar; de bhrí go bhfuil tromlach mór de dhaonra na Boisnia agus na Heirseagaivéine (BiH) ag iarraidh comhtháthú Eora-Atlantach ar mhaithe le síocháin, cobhsaíocht, daonlathas agus rathúnas inbhuanaithe a bhaint amach;
F. de bhrí gur deonaíodh stádas mar thír is iarrthóir ar AE ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin; de bhrí go mbraitheann a dul chun cinn breise i dtreo aontachas AE ar chomhlíonadh na 14 phríomhthosaíocht a sainaithníodh sa tuairim ón gCoimisiún maidir lena iarratas ar bhallraíocht AE; de bhrí gur iarr an Chomhairle ar cheannaireacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine athchóirithe bunreachtúla agus toghcháin a thabhairt chun críche go práinneach;
G. de bhrí go n-éilíonn dul chun cinn na Boisnia agus na Heirseagaivéine i dtreo aontachas AE fíor-athmhuintearas, bunaithe ar chineál éagsúil, ilchultúrtha na tíre agus a heintiteas, ar urraim dá haontacht, dá ceannasacht agus dá hiomláine chríochach, ar chearta comhionanna agus ar neamh-idirdhealú dá saoránaigh uile, i gcomhréir le caighdeáin agus luachanna AE;
H. de bhrí, breis agus 25 bliana tar éis dheireadh an chogaidh, go bhfuil deighilt dhomhain fós roimh an tír, ar deighilt í atá spreagtha ag scothaicmí polaitiúla, iarrachtaí scarthacha ó cheannaireacht eintiteas Republika Srpska agus dúshláin maidir leis an smacht reachta, rialachas, cuntasacht, saoirse chun tuairimí a nochtadh agus na meáin, chomh maith le héilliú, a chuireann le himeacht na mílte saoránach gach bliain; de bhrí gur dúshlán fós é an t-idirdhealú sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin ar fhorais eitneachta, inscne agus ghnéaschlaonta, agus cosaint ceart daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;
I. de bhrí, an 18 Márta 2022, gur ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/450(13), lena gcuirtear síneadh leis an gcreat smachtbhannaí atá ann cheana do dhaoine a bhaineann an bonn de cheannasacht, d’iomláine chríochach agus d’ord bunreachtúil BiH nó de Chomhaontú Síochána Dayton;
J. de bhrí, an 23 Márta 2023, gur ghlac Tionól Náisiúnta Republika Srpska leasuithe ar Chód Coiriúil Republika Srpska, lenar tugadh isteach arís pionóis choiriúla as clúmhilleadh, agus gur fhógair Uachtarán eintiteas Republika Srpska, Milorad Dodik, pleananna chun dlí ‘gníomhaire coigríche’ a thabhairt isteach;
K. de bhrí, an 21 Meitheamh 2023, gur ghlac Tionól Náisiúnta RS Dlí maidir le Leasuithe ar an Dlí i ndáil le Foilseachán na nDlíthe agus na Rialachán Eile Republika Srpska agus an 27 Meitheamh 2023 gur ghlac sé Dlí maidir le Cinntí Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine nár Cuireadh i bhFeidhm, rud a bhain an bonn d’iomláine na Cúirte Bunreachtúla agus de Bhunreacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine;
L. de bhrí gurb ionann AE agus príomh-chomhpháirtí polaitiúil, trádála agus infheistíochta na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá aici, go háirithe tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), chomh maith leis an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar agus Cúnamh Macra-Airgeadais;
M. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis na gníomhaithe atá freagrach as trasnaíocht agus bréagaisnéis eachtrach urchóideach dhíreach agus ionadach cur leis an easaontas, an foréigean agus an teannas idir-eitneach, agus díchobhsú a dhéanamh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar réigiún iomlán na mBalcán Thiar, go háirithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis na gníomhaíochtaí sin AE a chur i láthair mar chomhpháirtí neamhiontaofa, neamhbhainteach do na Balcáin Thiar;
Tiomantas d’Aontachas le AE
1. á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle Eorpaí stádas mar iarrthóir a dheonú don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin i gcomhthéacs réaltacht gheopholaitiúil athraithe, ar an tuiscint go ndéanfar roinnt céimeanna chun ullmhacht na tíre le haghaidh caibidlíocht aontachais a neartú; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go soiléir le lánpháirtiú na Boisnia agus na Heirseagaivéine in AE, atá bunaithe ar aontacht, ar cheannasacht agus ar shláine críche;
2. ag aithint a thábhachtaí atá na Balcáin Thiar i mbeartas an Aontais um méadú, agus ag tathant ar AE dlús a chur leis an bpróiseas aontachais don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, bunaithe ar a fiúntas féin;
3. ag moladh an fhíorais go ndearnadh torthaí olltoghchán mhí Dheireadh Fómhair 2022 a chur chun feidhme go pras, gur ceapadh rialtas nua ar leibhéal an stáit, gur síníodh clár comhghuaillíochta agus gur cuireadh tús an athuair leis an gcinnteoireacht pholaitiúil; á chur in iúl gur geal léi ceapachán Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus bunú rialtas ar leibhéal Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus a cantón; á chur in iúl gur oth léi na bacainní polaitiúla a chuir bac ar a thabhairt chun críche, ar bacainní iad ar cheart do ghníomhaithe intíre iad a shárú; ag tabhairt dá haire go ndearna an tArdionadaí idirghabháil chun an tsáinn pholaitiúil a dhíbhlocáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh údaráis i bhfeidhm ar gach leibhéal chun leanúint go rathúil leis na próisis athchóirithe is gá chun dul chun cinn a dhéanamh ar chonair an Aontais;
4. ag spreagadh na n-údarás polaitiúil uile an móiminteam a thapú chun dul chun cinn fóinteach a dhéanamh maidir leis na 14 phríomhthosaíocht a chur chun feidhme i gcomhréir le mianta na saoránach uile, agus cuntasacht na n-institiúidí agus cáilíocht agus trédhearcacht an phróisis á n-urramú; á chur in iúl gur oth léi luas mall an chur chun feidhme ó 2019 i leith; ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile deireadh a chur le bacainní institiúideacha, staonadh uathu agus iad a shárú, ar bacainní iad a chuireann moill ar chinnteoireacht thábhachtach, chun sleamhnú ar ais i mbeartais bhacacha agus i reitric náisiúnaíoch a sheachaint, agus chun tiomantas a léiriú i leith na n-athchóirithe riachtanacha a bhaineann leis an Aontas, tús áite a thabhairt dóibh agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh ina leith trí dhul chun cinn a dhéanamh maidir leis na céimeanna a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún agus i gcomhaontú polaitiúil na Bruiséile an 12 Meitheamh 2022 maidir le prionsabail chun a áirithiú gur feidhmiúil a bheidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;
5. á chur i bhfios go láidir gur gá conair na Boisnia agus na Heirseagaivéine i dtreo aontachas AE a dhaingniú i bhfeidhmiú institiúidí daonlathacha, an smachta reachta, dea-rialachas, an chomhraic i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, urraim do chearta bunúsacha agus comhionannas agus neamh-idirdhealú do gach saoránach;
6. á iarraidh go ndéanfaí comhordú, comhchuibhiú agus ailíniú comhsheasmhach ar fud na tíre le caighdeáin AE ar fud réimsí beartais, agus go ndéanfaí iad a chomhtháthú, chomh maith le pleanáil agus faireachán feabhsaithe ar athchóirithe trí chomhordú polaitiúil agus teicniúil, lena n-áirítear trí chlár náisiúnta a ghlacadh chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine acquis AE a ghlacadh gan a thuilleadh moille;
7. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) leanúint de thacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar do lánpháirtiú na Boisnia agus na Heirseagaivéine in AE bunaithe ar fhiúntas agus ar choinníollacht dhocht, cuntasacht, trédhearcacht agus cuimsitheacht próiseas athchóirithe a chur chun cinn agus a iarraidh, mínithe mionsonraithe agus critéir tomhais a fhoilsiú do na 14 phríomhthosaíocht chun feasacht na saoránach a ardú maidir leis na tairbhí a bhaineann le lánpháirtiú AE agus acmhainneachtaí faireacháin sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a neartú; á iarraidh go mbeadh comhar comhordaithe acu le húdaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chomh maith le comhpháirtithe ábhartha, lena gcothófaí dálaí a bheadh fabhrach do dhul chun cinn maidir le lánpháirtiú AE; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an chéad chruinniú den Fhóram Ardleibhéil Polaitiúil sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, a tionóladh i Sairéavó an 17 Bealtaine 2023;
8. á mheabhrú gur cúis bhuartha di na líomhaintí maidir le ról an Choimisinéara um an gComharsanacht agus um Méadú; ag meabhrú oibleagáidí na gCoimisinéirí maidir le hionracas, discréid agus neamhspleáchas, i gcomhréir leis an gCód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin; ag tathant ar an gCoimisiún, arís eile, imscrúdú neamhspleách agus neamhchlaonta a thionscnamh cibé an sárú ar an gCód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin agus ar oibleagáidí an Choimisinéara faoi na Conarthaí é iompar an Choimisinéara um an gComharsanacht agus um Méadú agus na beartais arna gcur chun cinn aige;
9. ag athdhearbhú a tacaíochta do shainorduithe Oifig an Ardionadaí (OHR) a mhéid a bhaineann leis na gnéithe sibhialtacha, go háirithe maidir le cobhsaíocht agus próisis dhaonlathacha a fheabhsú sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus Oibríocht Althea EUFOR a mhéid a bhaineann leis na gnéithe míleata a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Chomhaontú Síochána Dayton, go dtí go mbeidh an ‘clár oibre 5+ 2’ comhlíonta ag an tír agus go mbeidh deireadh lena maoirseacht idirnáisiúnta;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS dul i dteagmháil go dearfach le hOifig an Ardionadaí agus le Athlea EUFOR agus brath orthu chun cobhsaíocht sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a chaomhnú, agus ar an gcaoi sin iarrachtaí aontachais AE a éascú; á iarraidh ar Bhallstáit AE tacú leis an rannpháirtíocht sin agus freagairt go práinneach do na dúshláin atá cruthaithe ag an Rúis a mhéid a bhaineann le slándáil na hEorpa, don teannas méadaithe sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus do na gníomhartha scarthacha lena mbaintear an bonn de Chomhaontú Síochána Dayton;
11. á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh síneadh le sainordú Althea EUFOR go dtí mí na Samhna 2023; á mheabhrú go bhfuil ról bunriachtanach fós ag an misean sin maidir le slándáil agus cobhsaíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine, lena n-áirítear tacú le limistéir ina bhfuil mianaigh a ghlanadh; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, a faireachán agus a rialú ar scriosadh armlóin bhreise agus arm breise; á iarraidh ar AE agus ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta láithreacht leanúnach Althea EUFOR agus athnuachan sainordú amach anseo a áirithiú, chomh maith le hacmhainneachtaí neartaithe, chun é a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais oibríochtúla, agus freisin i gcás bagairtí tobanna agus an gá atá le freagairt faoi ghearrfhógra; , agus go háirithe i bhfianaise an ghéaraithe a tháinig le déanaí ar reitric agus beartais scarthacha ag ceannaireacht Republika Srpska; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí measúnú críochnúil ar an staid agus ar na cumais slándála ar an láthair agus go mbreithneofaí pearsanra agus acmhainneachtaí breise a imscaradh do EUFOR Althea i ndáil le ceantar Brčko;
12. á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí ESCE sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, inter alia, a rannpháirtíocht i rialú arm, in athchóiriú na hearnála slándála, in imscrúduithe coireachta cogaidh agus sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine; ag cur béim ar a gníomhaíochtaí maidir le comhionannas inscne agus ar a tacaíocht don dea-rialachas agus d’athchóiriú na meán, don tsochaí shibhialta, do thionscnaimh chearta an duine agus do chosc coinbhleachtaí; ag aithint idirphlé na Boisnia agus na Heirseagaivéine le ESCE chun cobhsaíocht agus athmhuintearas a chur chun cinn;
13. ag moladh ailíniú méadaithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine le CBES AE; ag tathant go ndéanfaí feabhas leanúnach agus ailíniú iomlán i ndáil leis sin, agus go seachnófaí neamhréireachtaí i seasaimh an bheartais eachtraigh; á iarraidh go láidir ar na gníomhaithe uile ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin a cháineadh go haonchiallach agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach na smachtbhannaí spriocdhírithe uile a eascraíonn as ailíniú CBES, go háirithe i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise;
14. á chur in iúl gur geal léi vóta na Boisnia agus na Heirseagaivéine i bhfabhar rúin ábhartha ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus fionraí na Rúise ón gComhairle um Chearta an Duine; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, an seasamh atá ag ceannaireacht eintiteas Republika Srpska ar son na Rúise agus gur bronnadh idirdhealú ar Vladimir Putin; ag cáineadh go láidir an chuairt a thug Milorad Dodik agus Nenad Stevandić, Cainteoir Thionól Náisiúnta Republika Srpska, ar Mhoscó an 23 agus an 24 Bealtaine 2023, agus a gcruinnithe le Vladimir Putin agus le gníomhaithe polaitiúla ardleibhéil eile de chuid na Rúise; ag diúltú go daingean do na ráitis agus don reitric a cuireadh in iúl i gcomhthéacs na cuairte sin agus á chur in iúl gur cúis mhór imní di i gcónaí na himpleachtaí slándála a bhaineann le naisc le hoifigigh shinsearacha na Rúise; ag cáineadh na gcruinnithe le gníomhaithe polaitiúla ardleibhéil na hIaráine agus an staonta a bhí ann i vótáil na Náisiún Aontaithe ar an Iaráin, le linn sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tír agus seachadadh ladrann chuig an Rúis i gcomhthéacs a cogaidh i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin í féin a scaradh go hinchreidte ó chórais fhrithdhaonlathacha;
15. ag tacú go láidir le mianta leanúnacha na Boisnia agus na Heirseagaivéine maidir le lánpháirtiú Eora-Atlantach agus ballraíocht ECAT agus á iarraidh ar na gníomhaithe polaitiúla uile gníomhú ina leith le gníomhaíocht pholaitiúil nithiúil; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Aire Cosanta na Boisnia agus na Heirseagaivéine i gCruinniú Mullaigh ECAT 2022 i Maidrid, tiomantas ECAT borradh a chur faoi thacaíocht shaincheaptha don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin chun sláine agus athléimneacht a chothú, acmhainneachtaí a fhorbairt agus neamhspleáchas polaitiúil a chaomhnú, agus a phacáiste cabhrach don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an cinneadh ón gComhairle maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána ar fiú EUR 10 milliún é chun tairbhe Fhórsaí Armtha na Boisnia agus na Heirseagaivéine (AFBiH) agus an Chonartha Comhair agus Oiliúna do 2023 idir AFBiH agus EUFOR; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin oibriú i dtreo aonaid il-eitneacha AFBiH a bhunú;
16. á cháineadh go láidir go raibh reitric ghríosaitheach arís is arís eile mar aon le dlíthe agus beartais athfhillteacha ag ceannaireacht eintiteas Republika Srpska, lena n-áirítear ceiliúradh ar an lá míbhunreachtúil ar a dtugtar ‘Lá Republika Srpska’, agus imeachtaí eile a chruthaíonn teannas, chomh maith le diúltú rialuithe Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine a chur chun feidhme; á cháineadh go raibh oifigigh ardleibhéil rialtais na Seirbia i láthair ag an ócáid mhíbhunreachtúil ‘Lá Republika Srpska’; á chur i bhfios go láidir go ndéanann na gníomhaíochtaí sin an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a dhíchobhsú, go mbaineann siad an bonn de Chomhaontú Síochána Dayton, go dtagann siad salach ar pheirspictíocht AE na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus go gcuireann siad rochtain ar chistiú AE i mbaol; á chur in iúl gur saoth léi, sa chomhthéacs sin, cinneadh rialtas eintiteas Republika Srpska chun teagmhálacha taidhleoireachta le hionadaithe oifigiúla na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe a chiorrú;
17. ag tathant ar na hinstitiúidí ábhartha idirnáisiúnta agus ar institiúidí ábhartha AE dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bhfórsaí póilíneachta in eintiteas Republika Srpska, agus béim ar leith á leagan ar fheidhmeanna paraimíleata nó míleata a fhorbairt, a d’fhéadfadh teannas breise a chruthú, a d’fhéadfadh an tslándáil agus an chobhsaíocht a chur i mbaol sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir le Comhaontú Síochána Dayton;
18. ag cáineadh go láidir dearbhú comhpháirteach ón tromlach rialaithe in eintiteas Republika Srpska maidir le maoin stáit a chosaint agus stádas bunreachtúil eintiteas RS, a d’iarr aonad speisialta chun faireachán a dhéanamh ar an líne idireintitis; ag cáineadh, thairis sin, gur ghlac Tionól Náisiúnta RS an Dlí maidir le Cinntí Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine nár Cuireadh i bhFeidhm an 27 Meitheamh 2023 agus an 21 Meitheamh 2023 an Dlí maidir le Leasuithe ar an Dlí i ndáil le Foilseachán na nDlíthe agus na Rialachán Eile de chuid Republika Srpska; á chur i bhfáth go mbaineann na dlíthe sin an bonn go díreach ó shláine Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus Bhunreacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na cinntí ón Ardionadaí lena gcuirtear an dá dhlí ar neamhní, lena n-urramaítear, ar an gcaoi sin, Comhaontú Síochána Dayton, Bunreacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an smacht reachta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin;
19. á iarraidh an athuair go nglacfaí smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne gníomhaithe díchobhsaitheacha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, lena n-áirítear iad siúd atá ina mbagairt ar bheartas poiblí nó ar a ceannasacht, a sláine chríochach agus a hord bunreachtúil nó atá ag baint an bhoinn dá ceannasacht, dá sláine chríochach agus dá hord bunreachtúil, go háirithe Milorad Dodik, agus i gcoinne oifigigh ardleibhéil eile Republika Srpska agus oifigigh tríú tír a thugann tacaíocht pholaitiúil agus ábhartha do bheartais scarthacha; á mheabhrú gur féidir bearta sriantacha a fhorchur orthu siúd atá ina mbagairt thromchúiseach ar an staid slándála sa tír, nó a bhaineann an bonn de Chomhaontú Síochána Dayton. á iarraidh ar na Ballstáit uile a áirithiú gur féidir leis an gComhairle smachtbhannaí den sórt sin a ghlacadh agus iad a fhorchur go déthaobhach nó i gcomhar le Ballstáit eile mura féidir iad a ghlacadh; á mheabhrú go bhfuil creat AE do bhearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin i bhfeidhm go dtí an 31 Márta 2024;
20. á athdhearbhú nach mór rialuithe Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine a urramú chun cobhsaíocht agus ord bunreachtúil sa tír a áirithiú go hiomlán; á iarraidh ar na húdaráis gach rialú ón gCúirt Bhunreachtúil a chur chun feidhme go pras;
21. ag cáineadh gach cur isteach eachtrach urchóideach, feachtas bréagaisnéise agus iarrachtaí díchobhsaithe ag gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, go háirithe díchobhsú leanúnach na Rúise ar na Balcáin Thiar; á chur in iúl gur cúis mhór imní di i gcónaí naisc, cuairteanna agus cruinnithe ardphróifíle idir ceannaireacht eintiteas Republika Srpska agus daoine polaitiúla ardleibhéil agus oifigigh shinsearacha sa Rúis, láithreacht agus gníomhaíochtaí féideartha Ghrúpa Wagner sa tír, chomh maith le insintí bolscaireachta na Rúise arna scaipeadh ag gníomhaithe eachtracha agus intíre, lena n-áirítear iad siúd a léiríonn an tAontas mar chomhpháirtí neamhiontaofa neamhbhuartha;
22. á iarraidh ar gach tír sa réigiún gealltanas a thabhairt do chobhsaíocht agus d’iomláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine, úsáid na reitrice ghríosaithí a cháineadh agus rannchuidiú ar bhealach cuiditheach le dul chun cinn na Boisnia agus na Heirseagaivéine i dtreo aontachas AE;
23. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS, ar Thoscaireacht AE chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na tairbhí a bhaineann le lánpháirtiú níos dlúithe a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh i bhfeachtais chumarsáide chun tionchar eachtrach agus insintí urchóideacha a chomhrac, lena n-áirítear trí fhreagairtí fianaise-bhunaithe ar bhagairtí den sórt sin, agus trí fhaireachán StratCom a leathnú chun díriú ar bhagairtí bréagaisnéise trasteorann; ag moladh go dtionólfaí plé le sochaí shibhialta na mBalcán Thiar agus leis an earnáil phríobháideach chun iarrachtaí frith-bhréagaisnéise a chomhordú go réigiúnach le saineolas áitiúil; á chur in iúl gur geal léi gur sheol Oifig AE sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin feachtas chun dul chun cinn maidir le lánpháirtiú AE a spreagadh dar teideal ‘Is gearr uainn an dul chun cinn’;
24. á iarraidh ar an Aontas an comhar le Comhpháirtithe na mBalcán Thiar a mhéadú chun athléimneacht dhaonlathach a neartú agus chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-áirítear maidir leis an gcibearshlándáil, bonneagair chriticiúil a chosaint agus an tslándáil bia agus fuinnimh; á mheabhrú gur admhaigh an Chomhairle sa Chompás Straitéiseach nach bhfuil slándáil ná cobhsaíocht le fáil sna Balcáin Thiar go fóill agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ann mar gheall ar an meath atá ag teacht ar shlándáil na hEorpa;
25. á chur i bhfáth gur gá an smacht reachta, an dea-rialachas, an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, an t-iolrachas, tacaíocht do na meáin shaora agus neamhspleácha, cearta bunúsacha agus ailíniú le CBES a phríomhshruthú i gcistiú IPA III de chuid AE, nach mór a bheith bunaithe ar choinníollacht dhocht agus nach mór a mhodhnú, nó a chur ar fionraí fiú, i gcás cúlchéimniú suntasach nó easpa leanúnach dul chun cinn sna réimsí sin, mar a chumhdaítear i Rialachán IPA III, agus atá faoi chosaint ag maoirseacht chuimsitheach agus chríochnúil ag an gCoimisiún; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún treoirlínte a fhorbairt maidir le cur i bhfeidhm na coinníollachta, agus moltaí Thuarascáil Speisialta CIE 01/2022 a chur chun feidhme;
26. á mheabhrú nach mór go bhfanfadh cistiú AE do thionscadail in eintiteas Republika Srpska reoite go dtí go n-aisiompóidh eintiteas Republika Srpska cúlú daonlathach agus go dtí go mbeidh sé ailínithe go hiomlán le CBES, go háirithe maidir le bearta sriantacha a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a lorg ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa sula dtosófar arís ar sholáthar cistí d’eintiteas Republika Srpska;
27. á iarraidh go gcuirfí feabhas ar ionsú cistí ar fud na tíre, lena n-áirítear ag riaracháin áitiúla agus réigiúnacha; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin córais bainistíochta airgeadais, rialaithe agus iniúchóireachta éifeachtúla a chur i bhfeidhm ar fud na tíre do chistí AE; á iarraidh go dtabharfar an cúnamh teicniúil agus airgeadais is gá don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin sa chomhthéacs sin; á chur i bhfáth gur chun leasa slándála AE agus a fhreagrachta atá sé a ráthú nach rannchuideoidh cistí AE le líonraí cliantaithe a neartú ná le héilliú;
28. á iarraidh ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat chun comhoibriú éifeachtach idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus tíortha aontachais a bhunú, a áirithiú gur féidir le OIPE a hinniúlachtaí i réimse cistí AE a fheidhmiú go héifeachtach; á mholadh do thíortha na mBalcán Thiar socruithe oibre déthaobhacha a thabhairt i gcrích go pras le OIPE;
29. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh comhlachtaí oibre Theach Phobail thionól parlaiminteach na Boisnia agus na Heirseagaivéine; á iarraidh go dtabharfadh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin tiomantas athnuaite d’idirphlé beartais AE trí dhul i mbun comhar idirpharlaiminteach rialta go pras tríd an gCoiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais (SAPC), rud a rannchuideodh le comhlíonadh na 14 phríomhthosaíocht; á chur in iúl gur geal léi gur comhaontaíodh na rialacha nós imeachta do SAPC AE-BiH;
30. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Boisnia agus na Heirseagaivéine sa chéad chruinniú mullaigh agus sa dara cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach, ach á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh an tionscnamh dearfach sin ina rogha mhalartach ar lánpháirtiú AE;
Daonlathas agus an smacht reachta
31. á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag an smacht reachta agus ag an tsláine institiúideach; á mheabhrú go bhfuil gá le caighdeáin seirbhíse sibhialta chomhchuibhithe, bunaithe ar fhiúntas ar fud leibhéil riaracháin na Boisnia agus na Heirseagaivéine, lena gcumasófar riarachán poiblí gairmiúil, cuíchóirithe, dípholaitithe agus cuntasach lenar féidir seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh na Boisnia agus na Heirseagaivéine; á iarraidh ar ghníomhaithe polaitiúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine tacú le struchtúr comhordaithe feidhmiúil agus é a bhunú chun athchóiriú an riaracháin phoiblí a stiúradh; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le cinn gníomhaireachtaí tábhachtacha stáit a cheapadh;
32. á chur in iúl gur geal léi go raibh na toghcháin a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair 2022 dea-eagraithe agus iomaíoch go ginearálta, agus gur urramaíodh saoirsí bunúsacha comhlachais, comhthionóil agus cainte leis an bhfeachtas; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, gur tharla siad i gcomhthéacs athchóirithe marbhánta, reitric scoilteach, bacainní polaitiúla agus airgeadais a tuairiscíodh, líomhaintí maidir le poist ag Coimisiúin na Stáisiún Vótála a thrádáil idir páirtithe polaitiúla, agus neamhrialtachtaí eile a tuairiscíodh do bhreathnóirí, lena n-áirítear cásanna de thionscadail leasa shóisialta, forbartha agus bonneagair phoiblí arna dtionscnamh ag uachtaráin nó rialtais reatha sa tréimhse toghcháin; ag tathant ar na húdaráis bearta leormhaithe a dhéanamh chun fadhbanna le cistí poiblí agus mí-úsáidí cistí poiblí a chosc amach anseo agus chun aghaidh a thabhairt ar thrédhearcacht agus cuntasacht neamhleor maidir le hairgeadas an fheachtais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di méid an chaiteachais phoiblí a úsáidtear ag iarraidh tionchar a imirt ar an toghlacht;
33. ag tabhairt dá haire gurb ann do na hathruithe a thug an tArdionadaí isteach i ndlí toghcháin agus i mbunreacht Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna feidhmiúlachta; á chur in iúl go bhfuil imní uirthi, áfach, maidir le huainiú, trédhearcacht agus easpa comhairliúchán sna próisis sin; á iarraidh ar OHR gníomhú i gcomhréir lena sainordú, lena gcoisctear neartú deighiltí polaitiúla nó eitneacha agus teannais sa tír agus sa réigiún máguaird, agus á mheabhrú gur cheart Cumhachtaí Bonn a úsáid mar rogha dheiridh;
34. á chur in iúl gur oth léi mainneachtain na ngníomhaithe polaitiúla an bunreacht agus an creat toghcháin a thabhairt i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, trí mhainneachtain rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme (i gcásanna Sejdić-Finci, Zornić, Pilav agus Šlaku); á chur in iúl gur oth léi freisin nár cuireadh rialuithe Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine chun feidhme, rud a chuireann bac ar chearta polaitiúla comhionanna a bheith ann do gach saoránach; á iarraidh ar gach cinnteoir teacht ar chomhaontú, i gcomhréir le fíoraisc na gcúirteanna idirnáisiúnta agus intíre, chomh maith le comhaontú polaitiúil na Bruiséile an 12 Meitheamh 2022; ag tacú le hathchóirithe trédhearcacha agus cuimsitheacha a bhfuil comhairliúcháin chuimsitheacha agus idirphlé poiblí a bhfuil baint ag an tsochaí shibhialta mar bhonn taca leo, lena bhféadfaí athrú inbhuanaithe a dhéanamh ar Chomhaontú Síochána Dayton i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail Eorpacha, deighiltí a shárú agus comhionannas agus neamh-idirdhealú na saoránach uile agus ionadaíocht pholaitiúil atá éagsúil go leormhaith ar gach leibhéal rialachais a áirithiú, i gcomhréir le luachanna agus prionsabail an Aontais, agus dul chun cinn ar an mbealach i dtreo an Aontais;
35. ag athdhearbhú a hurraime d’oidhreacht Chomhaontú Síochána Dayton, ag meabhrú an chuspóra atá leis maidir le deireadh a chur leis an gcogadh agus an tsíocháin a choimirciú; ag tabhairt dá haire gurb ann do choincheap na mbunphobal ach á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh an coincheap sin ina chúis le hidirdhealú i gcoinne saoránach eile nó nár cheart go dtabharfaí le tuiscint leis an gcoincheap sin go mbeadh aon chearta breise ann do dhaoine a dhéanann ionannú le ceann de na grúpaí sin i gcomparáid le saoránaigh eile na Boisnia agus na Heirseagaivéine; ag cáineadh ráiteas agus tograí arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint de státacht agus luachanna bunreachtúla na Boisnia agus na Heirseagaivéine, agus á mheabhrú nach mór don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh ina chreat bunreachtúil, agus é á thabhairt i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail an Aontais;
36. á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin rialacha cláraithe páirtithe a chomhchuibhiú agus trédhearcacht mhaoiniú na bpáirtithe polaitiúla a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus leis na moltaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha; ag aithint gur ghlac an Lár-Choimisiún Toghcháin (CEC) céimeanna agus á iarraidh go ndéanfaí a chumais a neartú, i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla; ag cáineadh go láidir gach cineál imeaglaithe agus bagairtí a dhéanann roinnt gníomhaithe polaitiúla sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i gcoinne chomhaltaí den CEC agus ag spreagadh údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus Thoscaireacht AE tacaíocht a thairiscint do chomhaltaí den CEC i gcás bagairtí; á chur in iúl gur geal léi an idirghabháil a rinne OHR an 7 Meitheamh 2022 chun sláine an phróisis toghcháin a fheabhsú agus chun ról CEC a neartú tar éis mhainneachtain na meithle idirghníomhaireachta um athchóiriú toghchánach agus Pharlaimint na Boisnia agus na Heirseagaivéine é sin a dhéanamh;
37. ag moladh go láidir go gcuirfí tionscnaimh ar bun chun feabhas a chur ar an bpróiseas daonlathach, ar institiúidí daonlathacha agus ar an smacht reachta sa tír, amhail treoirthionscadal AE chun córas leictreonach sainaitheanta vótálaithe a thabhairt isteach agus chun torthaí toghcháin a tharchur níos tapúla;
38. á iarraidh go ndéanfar bearta práinneacha chun sláine, neamhspleáchas agus gairmiúlacht na mbreithiúna a neartú bunaithe ar na 14 phríomhthosaíocht agus ar mholtaí Thuarascáil Priebe, lena n-áirítear trí choimircí breise agus trí rialacha agus critéir oibiachtúla a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le leithdháileadh cásanna, ceapacháin, freagracht araíonachta, dul chun cinn gairme, coinbhleachtaí leasa agus fíorú shócmhainní na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí chun muinín an phobail a atógáil; á iarraidh go gcuirfí deireadh le ceartas roghnaitheach, leis an riaráiste cáis, le héilliú, le heaspa trédhearcachta agus leis an droch-mhaoirseacht, a bhaineann an bonn de theachtadh iomlán chearta na saoránach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí maidir le brú polaitiúil agus neamhrialtachtaí i roghnú breithiúna agus ionchúisitheoirí ardchéime;
39. ag athdhearbhú a hiarrata ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin leasuithe sláine, Dlí nua maidir leis an Ardchomhairle Bhreithiúnach agus Ionchúiseach (HJPC) agus Dlí nua maidir le Cúirteanna a ghlacadh i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur fhormheas Comhairle na nAirí an Dréachtdlí maidir le Leasuithe ar an Dlí maidir le HJPC, agus á iarraidh ar Thionól Parlaiminteach na Boisnia agus na Heirseagaivéine é a fhormheas; á iarraidh ar na húdaráis rochtain a cheadú d’iriseoirí ar thrialacha agus á iarraidh ar chúirteanna a gcinntí a fhoilsiú ar líne agus freagairt d’iarrataí ar shaoráil faisnéise ar bhealach tráthúil;
40. ag cur go láidir i gcoinne aon iarracht institiúidí comhthreomhara a bhunú ar leibhéal eintitis, lena ndéantar an t-ord bunreachtúil agus dlí a shladghearradh; ag cáineadh, ina leith sin, gur glacadh dlí eintiteas Republika Srpska maidir le Maoin Dochorraithe a úsáidtear ar mhaithe le Feidhmiú an Údaráis Phoiblí an athuair, dlí a chuir an Chúirt Bhunreachtúil ar fionraí roimhe sin agus a chuir an tArdionadaí ar fionraí faoi dhó; ag tabhairt dá haire go dearfach cinneadh OHR agus á iarraidh an athuair go ndéanfaí reachtaíocht eintitis a ailíniú le rialuithe na Cúirte Bunreachtúla; á iarraidh ar eintiteas Republika Srpska na dlíthe lena n-éilítear maoin stáit a tharraingt siar agus a chúlghairm láithreach, agus scor de shócmhainní stáit a athchlárú mar mhaoin Republika Srpska gan mhoill; ag cáineadh go láidir vóta Thionól Náisiúnta an eintitis Republika Srpska arb é is aidhm dó HJPC ar leith a bhunú, chomh maith lena conclúidí lena ndíospóidtear obair Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine, ina n-iarrtar go ndéanfaí dímheas ar a chinntí críochnaitheacha agus ceangailteacha agus go gcuirfí bac ar a cuid oibre, chomh maith lena iarraidh ar bhreitheamh den Chúirt Bhunreachtúil éirí as;
41. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le héilliú forleathan a chosc agus maidir le comharthaí méadaitheacha gabhála stáit, trasnaíochta polaitiúla agus bacainne, brú agus imeaglaithe; á iarraidh go mbainfí úsáid thrédhearcach as cúnamh airgeadais AE; á athdhearbhú gur gá imscrúdú a dhéanamh ar naisc pholaitiúla agus riaracháin leis an gcoireacht eagraithe; á chur in iúl gurb oth léi an easpa ciontuithe deiridh i gcásanna éillithe ardleibhéil, rud a d’fhéadfadh cultúr de shaoirse ó phionós a chothú; ag tathant ar na húdaráis imeachtaí coiriúla a sheoladh go tráthúil agus dlús a chur leis na hiarrachtaí chun rialuithe críochnaitheacha a ionchúiseamh go héifeachtach agus teacht ar rialuithe críochnaitheacha i gcásanna éillithe ardleibhéil;
42. ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlíthe coinbhleachta leasa agus straitéis frithéillithe a ghlacadh, agus rialacha coinbhleachta leasa agus brústocaireachta a fhorfheidhmiú ar gach leibhéal riaracháin, mar aon le cosaint níos láidre do sceithirí, i gcomhréir le caighdeáin AE, agus a áirithiú go gcuirfidh institiúidí neamhspleácha na dlíthe atá ann cheana chun feidhme;
43. á iarraidh go mbeadh níos mó acmhainní agus inniúlachtaí ann do struchtúir frithéillithe, lena n-áirítear a rannpháirtíocht ghníomhach maidir le haghaidh a thabhairt ar mholtaí ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE), chomh maith le pleananna sláine a ghlacadh do na struchtúir sin; á chur i bhfios an luach breise a bhaineann le comhar éifeachtach ar fud na tíre agus na hEorpa i measc gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe;
44. á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh comhordaitheoir náisiúnta don Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Gníomhartha Coiriúla agus go bhfuil sí ag súil go mbeidh comhar na Boisnia agus na Heirseagaivéine le Europol agus Eurojust lánfheidhmiúil; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, síniú an Leabhair Rialacha maidir le hoibriú an Phointe Teagmhála Náisiúnta/Comhpháirteach um chomhar le Europol; á iarraidh go mbeadh coimircí ann i gcoinne cur isteach polaitiúil ar obair na bpóilíní;
45. ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a reachtaíocht a ailíniú agus gníomhaíocht a dhéanamh maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac;
46. ag tabhairt dá haire go dearfach na céimeanna a glacadh chun ailíniú na ndlíthe soláthair phoiblí le acquis AE a mhéadú, chomh maith le plean a ghlacadh don tsláine agus don chomhrac i gcoinne an éillithe ag an nGníomhaireacht um Sholáthar Poiblí; á athdhearbhú go bhfuil gá le trédhearcacht, iomaíocht agus cóir chomhionann sa phróiseas soláthair phoiblí, chomh maith le mí-úsáid acmhainní poiblí a laghdú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí leochaileachtaí na hearnála i leith éilliú agus neamhrialtachtaí, agus á iarraidh go mbeadh dlí soláthair ann lena dtabharfar aghaidh go leordhóthanach agus go leormhaith orthu; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí feabhas, lena n-áirítear trí acmhainneachtaí níos láidre chun faireachán, bainistiú agus tacaíocht a dhéanamh; á iarraidh go mbeadh reachtaíocht níos láidre agus níos éifeachtúla ann maidir le húsáid acmhainní nádúrtha agus go mbeadh níos mó trédhearcachta agus sláine ann, go suntasach i réimse na lamháltas, go háirithe maidir le roinnt mórthionscadal le cuideachtaí Síneacha agus Ungáracha;
Athmhuintearas, comhar réigiúnach agus caidreamh maith idir comharsana
47. á athdhearbhú a thábhachtaí atá an fíor-athmhuintearas, an comhar agus an chómhaireachtáil shíochánta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus á iarraidh ar na húdaráis uile rochtain ar fhírinne, ar cheartas agus ar chúiteamh neamhroghnach a chur chun cinn go gníomhach agus a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh ar an leibhéal áitiúil lena ndéantar íospartaigh chogaidh shibhialta a chomóradh, críochnú an tséadchomhartha i gCeantar Brčko agus cinneadh OHR leasú a dhéanamh ar an Dlí maidir leis an Ionad do Chuimhneachán agus Reilig Srebrenica-Potočari d’Íospartaigh Chinedhíothú 1995, chun obair an Ionaid Cuimhneacháin a éascú;
48. á iarraidh ar cheannairí polaitiúla agus reiligiúnacha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin oibriú i dtreo aontacht, cuimsitheacht, athmhuintearas agus síocháin a chur chun cinn; ag cáineadh na reitric ghríosaithí uile agus an cogadhghríosadh go léir a spreagann teannas agus deighiltí i sochaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine;
49. á chur in iúl a dhlúthpháirtíocht iomlán le gach duine a tháinig slán as coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, cinedhíothú, glanadh eitneach, easáitiú, fuadach, maruithe, céastóireacht agus ionsaí gnéasach, agus lena dteaghlaigh; ag cáineadh go láidir an t-athbhreithniú stairiúil uile, lena n-áirítear séanadh cinedhíothaithe, móradh coireanna cogaidh agus coirpigh chogaidh, agus conspóid fíricí agus binsí seanbhunaithe, go háirithe ag ceannairí polaitiúla, chomh maith le loitiméireacht suíomhanna cuimhneacháin; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil gníomhartha agus reitric den sórt sin inghlactha agus go bhfuil siad contrártha le luachanna AE; á iarraidh go ndéanfar na cásanna sin a ionchúiseamh go héifeachtach; á chur in iúl gurb oth léi nár tionscnaíodh aon imeachtaí coiriúla agus nár tugadh aon déantóir ciona os comhair na cúirte, tar éis na leasuithe a thug iar-Ardionadaí Valentin Inzko isteach ar an gCód Coiriúil in 2021 lena ndéantar na gníomhartha sin a choiriúlú;
50. ag cáineadh, go háirithe, gur cuireadh toirmeasc ar mháirseáil chun comóradh a dhéanamh ar íospartaigh na sléachta ó fhórsaí slándála eintiteas Republika Srpska in Prijedor; ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe foréigneacha an 25 Márta 2023 i gcoinne beirt fhillithe chuig Višegrad agus ag tathant ar údaráis Republika Srpska na cásanna sin a imscrúdú agus déantóirí na coire a thabhairt chun cuntais;
51. á chur in iúl go bhfuil uafás uirthi leis na ráitis a rinne an coirpeach cogaidh ciontaithe Dario Kordić, nach bhfuil aon aiféala léirithe aige agus a dúirt ‘go ndéanfadh sé é go léir arís’ maidir leis na coireanna ar ciontaíodh é ina leith, lena n-áirítear an glanadh eitneach i nGleann Lašva; á iarraidh ar na fórsaí polaitiúla uile, go háirithe comhaltaí den rialtas sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, an ráiteas sin a cháineadh agus iad féin a scaradh go soiléir uaidh; á iarraidh ar údaráis bhreithiúnacha na Boisnia agus na Heirseagaivéine caingean dlí iomchuí a ghlacadh;
52. á thabhairt dá haire go dearfach gurb ann don laghdú leanúnach ar riaráiste cásanna coireanna cogaidh, ach á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an luas fós mall, rud a chuireann bac ar an sprioc straitéiseach gach cás a réiteach á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí dlús le himeachtaí coiriúla i gcásanna coireanna cogaidh; ag tabhairt dá haire go bhfuil srianta leanúnacha ar chomhar breithiúnach réigiúnach ina leith sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin go n-éalaíonn roinnt coirpigh chogaidh a ciontaíodh i gcúirteanna na Boisnia agus na Heirseagaivéine as an gceartas mar gheall ar dhéshaoránacht agus cónaí i stáit eile;
53. á iarraidh ar na húdaráis cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta athbhreithnithe i ndáil le Coireanna Cogaidh a Phróiseáil a áirithiú, go háirithe trí chásanna a roinnt go leormhaith idir oifigí na n-ionchúisitheoirí, agus tús áite á thabhairt do na cásanna is casta ar leibhéal an stáit; á iarraidh ar na húdaráis straitéis nua a ghlacadh don tréimhse tar éis 2030;
54. á iarraidh go ndéanfaí comhchuibhiú ar reachtaíocht atá dírithe ar réimse leathan ceart a ráthú d’íospartaigh shibhialtacha cogaidh; ag tabhairt dá haire go dearfach gur glacadh reachtaíocht maidir le hÍospartaigh Chogaidh Shibhialtacha a chosaint i gCeantar Brčko agus i gCónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, ag aithint agus ag soláthar cearta do leanaí araon; ag tathant ar eintiteas Republika Srpska reachtaíocht a ghlacadh ina leith sin;
55. á iarraidh ar údaráis an stáit dlí a ghlacadh maidir le híospartaigh an chéasta le linn an chogaidh; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do chomhroinnt taithí agus cleachtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine maidir le cúnamh a thabhairt do mharthanóirí foréigin ghnéasaigh le linn an chogaidh le gníomhaithe atá ag obair anois le daoine a tháinig slán as foréigean gnéasach i gcomhthéacs chogadh foghach gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
56. á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí ar shaincheist na ndaoine atá ar iarraidh, lena n-áirítear an reachtaíocht ábhartha a chur chun feidhme agus ciste a bhunú a thacaíonn lena dteaghlaigh; ag spreagadh na n-údarás ar fud an réigiúin comhar agus comhroinnt faisnéise a threisiú;
57. á chur i bhfáth nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach maidir le cur chun feidhme Iarscríbhinn VII de Chomhaontú Síochána Dayton maidir le dídeanaithe, daoine easáitithe ina dtír féin agus fillithe; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfaí bearta breise agus cláir nithiúla maidir le filleadh inbhuanaithe, rochtain ar chúram sláinte agus ar fhostaíocht, cosaint shóisialta agus oideachas, agus lánurraim dá gcearta;
58. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach na Boisnia agus na Heirseagaivéine sa chomhar réigiúnach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar réigiúnach chun cobhsaíocht, rathúnas agus comhtháthú a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscnaimh chuimsitheacha réigiúnacha amhail an Cómhargadh Réigiúnach, chomh maith le tionscnaimh atá ann cheana amhail an Tionscnamh Aidriadach Iónach, an Tionscnamh Lár-Eorpach (CEI), Próisis EUSAIR agus Bheirlín, agus iarrann sí go mbeidh sineirgí eatarthu;
59. á chur in iúl gur geal léi na comhaontuithe atá déanta le déanaí i gcomhthéacs Phróiseas Bheirlín maidir leis an tSaorghluaiseacht le Cártaí Aitheantais, maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais a Aithint, agus maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint do Dhochtúirí Leighis, Fiaclóirí agus Ailtirí agus á iarraidh go ndaingneofar go pras iad; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a rannpháirteachas le tíortha comharsanachta a fheabhsú agus taisteal gan víosa a chumasú go pras idir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv;
60. á chur in iúl gur geal léi Dearbhú Comhpháirteach AE-na mBalcán Thiar maidir le Costais Fánaíochta; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar na húdaráis, ar na gníomhaithe príobháideacha agus ar na geallsealbhóirí uile éascú a dhéanamh ar bhaint amach na spriocanna a comhaontaíodh chun laghdú suntasach ar mhuirir fánaíochta ar shonraí a bhaint amach amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2023 agus laghduithe breise as a dtiocfaidh praghsanna gar do na praghsanna baile faoi 2027;
61. á chur in iúl gur geal léi na hullmhúcháin atá á ndéanamh ag Comhairle na nAirí do Chruinniú Mullaigh Digiteach na mBalcán Thiar, a thionólfar i Sairéavó an 2 Deireadh Fómhair 2023;
Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine
62. ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag meáin neamhspleácha chun faisnéis chruinn, thráthúil agus thrédhearcach a chur in iúl; ag cáineadh go láidir ionsaithe agus bagairtí, feachtais chlúmhillte, maslaí, imeaglú agus cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPP) i gcoinne iriseoirí agus oibrithe na meán, lena n-áirítear ag polaiteoirí agus daoine poiblí lena n-áirítear na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar iriseoirí Aleksandar Trifunović agus Nikola Morača, agus ag cuideachtaí príobháideacha; á áitiú go ndéanfar obair leantach bhreithiúnach iomchuí, chórasach agus éifeachtach agus go ndéanfar iriseoirí a chosaint, lena n-áirítear trí shraith speisialta cosanta sa chód coiriúil agus acmhainneachtaí feabhsaithe na n-ionchúisitheoirí agus na mbreithiúna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé trédhearcacht úinéireacht na meán agus inbhuanaitheacht airgeadais an chórais craolacháin phoiblí a áirithiú; á iarraidh ar an Aontas Eorpach a thacaíocht airgeadais agus theicniúil d’oiliúint ardchaighdeáin sna meáin agus san iriseoireacht a mhéadú, go háirithe do na meáin imscrúdaitheacha agus neamhspleácha;
63. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tabhairt isteach agus breithniú parlaiminteach na leasuithe ar chód coiriúil eintiteas Republika Srpska lena dtugtar isteach arís pionóis choiriúla as clúmhilleadh; ag tathant ar eintiteas Republika Srpska na leasuithe a tharraingt siar agus cosaint iomlán a áirithiú don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus do shaoirse na meán;
64. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ionadaíocht leormhaith ar ghrúpaí mionlaigh agus ar ghrúpaí leochaileacha a áirithiú sna meáin phoiblí, chomh maith le hiolrachas na meán, ionadaíocht na bpobal agus na gcultúr uile, agus infhaighteacht inneachair sna teangacha oifigiúla uile;
65. á chur in iúl gur geal léi go bhfuair an scannán ‘Quo Vadis, Aida?’ Gradam Lucht Féachana LUX 2022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Acadamh na Scannán Eorpach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, gur dhiúltaigh craoltóir poiblí Republika Srpska craoladh an scannáin seo faoi chinedhíothú Srebrenica; ag cáineadh an mhaoinithe phoiblí ó roinnt bardasachtaí Republika Srpska don scannán athbhreithnitheach bolscaireachta ‘Republika Srpska: An Comhrac ar son na Saoirse’;
66. ag cáineadh gach cineál idirdhealaithe, leithscartha, foréigin agus fuathchainte in aghaidh na mban, mionlach, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha, daoine LGBTIQ+, daoine faoi mhíchumas, dídeanaithe, daoine easáitithe agus daoine atá ag bogadh, agus á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a áirithiú go gcosnófar iad agus go mbeidh saoirsí bunúsacha acu; ag tathant go gcuirfí chun feidhme rochtain éifeachtach ar leigheasanna dlí agus go ndéanfaí cásanna den sórt sin a ionchúiseamh gan mhoill; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin cearta na mionlach uile a chosaint agus a chur chun cinn ar fud na tíre, lena n-áirítear a gcearta chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin daonlathacha; á mheabhrú gur gá neamhspleáchas agus éifeachtacht an Ombudsman um Chearta an Duine a neartú; á iarraidh go ndéanfar beartais frith-idirdhealaithe agus beartais chearta an duine a chur i bhfeidhm go héifeachtach; á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine sonraí staidrimh a bhailiú maidir le coireanna fuatha arna gcatagóiriú de réir spreagtha;
67. ag tabhairt dá haire tearcionadaíocht na mban sa pholaitíocht, sa saol poiblí agus i leibhéil níos airde seirbhísí slándála agus nach bhfuil measúnuithe tionchair inscne á ndéanamh de réir mar a cheanglaítear leis an dlí; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin comhionannas inscne a áirithiú i ngach gné den saol poiblí agus den saol príobháideach; á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht maidir le comhionannas inscne a chomhchuibhiú le Coinbhinsiún Iostanbúl agus go gcuirfí straitéisí ábhartha i bhfeidhm; ag cáineadh na dteagmhas in Banja Luka le linn Lá Idirnáisiúnta na mBan; ag cáineadh go láidir rátaí méadaitheacha feimeamharaithe agus ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun foréigean in aghaidh na mban a chosc chomh maith leis an bhfreagairt institiúideach ar fhoréigean gnéis agus inscnebhunaithe, sonraí maidir le feimeamharú a bhailiú, rochtain ar thacaíocht d’íospartaigh, ar chúnamh dlíthiúil agus ar chóiríocht shábháilte a mhéadú agus a fheabhsú, agus ionaid géarchéime a bhunú d’íospartaigh foréigin ghnéasaigh; á athdhearbhú gur cheart don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur le hionchúiseamh coireanna foréigin ghnéasaigh, lena dtabharfaí cúiteamh do mhná ar íospartaigh coireanna cogaidh iad agus lena ndaingneofar cosaint finnéithe;
68. á chur in iúl gur geal léi an rath a bhí ar an tríú mórshiúl Pride sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin in 2022, ach á chur in iúl gur oth léi go mbíonn bacainní riaracháin agus idirdhealú fós roimh an imeacht sin; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Plean Gníomhaíochta LGBTI don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin 2021-2024 agus gur bunaíodh pointe fócasach a bheidh i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar choireanna fuatha frith-LGBTIQ+ in Oifigí Ionchúisitheora Cantúin; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin bearta praiticiúla a dhéanamh chun cuimsiú an fhoréigin i gcoinne phobal LGBTIQ+ a chur chun cinn agus chun é a chosc, lena n-áirítear trí ghnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne a chur le forálacha na fuathchoireachta i gcóid choiriúla;
69. á chur in iúl gur cúis bhuartha di bacainní polaitiúla ar shaoirse comhthionóil gníomhaithe LGBTIQ+ agus gríosú polaiteoirí áirithe chun foréigin; ag cáineadh an toirmisc ar chruinniú poiblí i Banja Luka i ndlúthpháirtíocht le gníomhaithe, iriseoirí agus daoine LGBTIQ+; ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe foréigneacha agus an bhrú ar iriseoirí agus ar ghníomhaithe in Banja Luka ina dhiaidh sin, chomh maith leis an ngníomhaíocht neamhleor póilíneachta chun é a chosc; ag cáineadh pleananna cheannaireacht eintiteas Republika Srpska chun dlí nua a thabhairt isteach lena gcuirfear toirmeasc ar dhaoine LGBTIQ+ ó institiúidí oideachais;
70. á iarraidh go gcuirfí dlús le cosaint chearta an mhionlaigh Romach, lena n-áirítear an rochtain atá acu ar sheirbhísí poiblí, ar oideachas agus ar chúram sláinte; ag cáineadh an leithscartha agus an idirdhealaithe ina n-aghaidh, atá á ndéanamh go leanúnach, go háirithe i gcoinne leanaí Romacha san oideachas; á thabhairt chun suntais bochtaineacht dhíréireach na Romach; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur glacadh Plean Gníomhaíochta maidir le Cuimsiú na Romach;
71. ag tabhairt dá haire go bhfuil daoine faoi mhíchumas, go háirithe leanaí, ar cheann de na grúpaí is imeallaithe sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; ag athdhearbhú a hiarrata ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a áirithiú go ndéanfar iad a chosaint, straitéis a fhorbairt agus a ghlacadh maidir le dí-institiúidiú, lena dtabharfar saol faoi dhínit do dhaoine faoi mhíchumas, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ar sínitheoir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le rochtain chomhionann ar thacaíocht; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil go leor leanaí faoi mhíchumas fós á gcur in institiúidí;
72. á iarraidh ar Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, ar eintiteas Republika Srpska agus ar Cheantar Brčko dlí a dhréachtú maidir le haitheantas dlíthiúil inscne a áirithiú bunaithe ar fhéinchinntiúchán, i gcomhréir le cleachtas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus le hathbhreithniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar ICD-11, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2022, agus lena ndéantar díphaiteolaíocht ar fhéiniúlachtaí trasinscneacha i ngach réimse den saol;
73. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le dlí a fhorbairt ar leibhéal na Cónaidhme lena dtabharfaí rochtain do lánúineacha comhghnéis ar chearta páirtnéireachta; ag spreagadh an rialtais an dlí sin a dhréachtú gan mhoill; á iarraidh ar eintiteas Republika Srpska agus ar Cheantar Brčko próisis a thionscnamh freisin chun réitigh reachtacha a dhréachtú chun páirtnéireachtaí comhghnéis a aithint, d’fhonn cóir chomhionann a sholáthar do lánúineacha comhghnéis ar fud na tíre;
74. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oideachas neamh-idirdhealaitheach, cuimsitheach agus ardcháilíochta, lena n-áirítear trí churaclaim a dhéanamh níos cuimsithí, agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga á cur san áireamh, trí dheireadh a chur le hinneachar frithfhíorasach lena gcuirtear deighilt chun cinn, agus trí smaointeoireacht chriticiúil a chothú; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí deireadh práinneach le cleachtas leanúnach idirdhealaitheach ‘dhá scoil faoi aon díon amháin’, i gcomhréir le rialuithe cúirte; á mholadh go láidir an t-athmhuintearas a leabú sa phróiseas oideachais; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin na bacainní riaracháin ar mhic léinn ar mian leo leanúint dá n-oideachas i gcantún nó in eintiteas eile a laghdú;
75. ag aithint an ról lárnach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le hathléimneacht sochaithe daonlathacha agus próisis athchóirithe a fheabhsú; ag tacú le rannpháirtíocht níos déine na saoránach i bhfóraim ina ndéantar beartais a mhúnlú, amhail tionól saoránach ar fud na tíre sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus ag tabhairt dá haire a mholtaí beartais; á iarraidh ar na húdaráis timpeallacht fhabhrach a chothú d’obair na mbagairtí, an chiaptha, na n-ionsaithe agus an imeaglaithe uile agus gach bagairt, ciapadh, ionsaí agus imeaglú a cháineadh agus a ionchúiseamh go córasach, lena n-áirítear ag polaiteoirí agus daoine poiblí, agus SLAPP i gcoinne chosantóirí chearta an duine agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta; á iarraidh go mbeadh idirphlé gníomhach agus oscailte ann leis an tsochaí shibhialta agus go mbeadh sé rannpháirteach i bpróiseas lánpháirtithe AE;
76. á iarraidh go bhfeabhsófaí cosaint agus cur chun cinn na saoirse comhthionóil, saoirse comhlachais agus saoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí dhlíthe a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta; ag cáineadh an chinnidh ó eintiteas Republika Srpska dréachtdlí a ghlacadh maidir le ENRanna, arb é is aidhm dó spás agus gníomhaíocht na sochaí sibhialta a laghdú agus go bhfuil an baol ann go ndéanfaí obair cuid mhaith dá heagraíochtaí a choiriúlú, agus iad siúd a fhaigheann cistiú idirnáisiúnta a lipéadú mar ghníomhairí eachtracha; ag tathant ar Thionól Náisiúnta Republika Srpska gan an reachtaíocht sin a ghlacadh;
77. á athdhearbhú go bhfuil gá le bainistiú imirce agus tearmainn atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht lena seastar le cearta an duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear in ionaid choinneála, agus le dáileadh iomchuí, díniteach agus cothrom na n-acmhainneachtaí glactha ar fud na tíre, le cuimsiú éifeachtach ghníomhaithe na sochaí sibhialta sa fhreagairt ar ghlacadh chun faireachán a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur gá comhoibriú agus comhordú le Ballstáit chomharsanachta AE; á chur i bhfios go láidir prionsabal an non-refoulement agus an toirmeasc ar íde mhídhaonna i bhfilleadh; ag aithint na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhordú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú stádais uasghrádaithe na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus á iarraidh go dtabharfaí chun críche go tráthúil í chun cosaint agus bainistiú níos fearr ar a teorainneacha a éascú, i gcomhréir le cearta bunúsacha agus caighdeáin idirnáisiúnta; á chur in iúl gur oth léi easnaimh leanúnacha san imirce agus sa bhainistiú teorainneacha, in ainneoin tacaíocht airgeadais shuntasach ón Aontas don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus á iarraidh go mbeidh acmhainneacht mhéadaithe ann chun freagairt ar ghéarchéimeanna; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tuairiscí ar bhrú siar foréigneach isteach sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; á chur i bhfáth gur gá trédhearcacht agus grinnscrúdú daonlathach a mhéadú maidir le leithdháileadh agus cur chun feidhme chistí AE sa réimse sin, go háirithe na cistí atá curtha chun feidhme ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuarascálacha maidir le dálaí glactha neamhleora san ionad atá maoinithe ag AE in Lipa;
78. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Straitéis maidir le hImirce agus Tearmann don tréimhse 2021-2025 agus á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin an plean gníomhaíochta gaolmhar a ghlacadh go pras; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin luas, fad agus cáilíocht na nósanna imeachta tearmainn agus na dálaí maireachtála agus sábháilteacht in ionaid ghlactha shealadacha a fheabhsú;
79. ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin dlús a chur leis na hiarrachtaí i gcoinne na coireachta trasteorann, go háirithe gáinneáil ar dhaoine agus gáinneáil aindleathach ar airm; á chur i bhfios go láidir an gá atá le feabhas a chur ar oiliúint agus ar acmhainneachtaí na bPóilíní Teorann agus ag tabhairt dá haire leithdháileadh ciste EUR 5 mhilliún de chuid IPA III in 2022 chun na críche sin ón gCoimisiún;
80. á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ailíniú iomlán a dhéanamh le beartas víosaí AE d’fhonn timpeallacht imirce agus slándála dea-bhainistithe a áirithiú;
Athchóirithe socheacnamaíocha
81. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh straitéis le haghaidh athchóiriú ar bhainistíocht airgeadais phoiblí ar gach leibhéal rialtais, an Clár um Athchóiriú Eacnamaíoch do 2023-2025, an Dréachtdlí maidir leis an mBuiséad agus an Doiciméad maidir le Creat Buiséid don tréimhse 2023-2025, agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go críochnúil iad; ag tathant ar na húdaráis córais rialaithe inmheánaigh éifeachtacha, trédhearcacht buiséid agus bearta buiséadacha inbhuanaithe a bhunú d’institiúidí stáit; ag aithint atosú dearfach na cinnteoireachta ar leibhéal an stáit agus á chur in iúl gur geal léi an feabhas atá tagtha ar ionchas creidmheasa ceannasach na Boisnia agus na Heirseagaivéine, tar éis rialtas nua ar leibhéal an stáit a bhunú go tráthúil agus stádas mar iarrthóir a dheonú;
82. ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tosaíocht a thabhairt do bhearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, ar an neamhionannas agus ar chosaint shóisialta, feabhas a chur ar iomaíochas agus ar an timpeallacht ghnó, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, borradh a chur faoin éagsúlú eacnamaíoch agus reachtaíocht a thabhairt i réimse CBL agus dleachtanna máil i gcomhréir le reachtaíocht AE; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ina theannta sin, na haistrithe digiteacha agus glasa a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar an ngeilleagar neamhfhoirmiúil agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus leis an mbochtaineacht, go háirithe i measc daoine óga, ban agus daoine i staideanna leochaileacha, amhail áitritheoirí i gceantair thuaithe, na Romaigh, leanaí agus daoine scothaosta; á iarraidh go gcuirfí creat institiúideach agus rialála leormhaith, lena n-áirítear institiúidí maoirseachta, i bhfeidhm agus go ndéanfaí rialachas níos fearr agus dípholaitithe san earnáil phoiblí;
83. á iarraidh go ndéanfar bearta go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an ardleibhéal leanúnach imirce daoine oilte; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin aghaidh a thabhairt ar shaincheist na dífhostaíochta i measc na hóige, lena n-áirítear trí bheartais agus cláir a chur chun feidhme chun fostaíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Ráthaíocht don Aos Óg a fhorbairt sna Balcáin Thiar, chomh maith le tábhacht an oideachais maidir le cuimsiú sóisialta agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn, agus ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint;
84. á chur in iúl gur geal léi ceangal na Boisnia agus na Heirseagaivéine le Fís Eorpach agus glacadh chlár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027; á chur in iúl gur geal léi Tacaíocht AE d’Athchóiriú na hEarnála Sláinte sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, ar fiú EUR 10 milliún í, agus tacaíocht AE chun earnáil sláinte na Boisnia agus na Heirseagaivéine a neartú tríd an tionscadal ‘EU4Health’; á chur in iúl gur geal léi ballraíocht iomlán na Boisnia agus na Heirseagaivéine i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus ag moladh údaráis agus saoránaigh na Boisnia agus na Heirseagaivéine as a dtacaíocht phras do mhuintir na Tuirce agus na Siria tar éis an chreatha talún a bhí ann an 6 Feabhra 2023;
Fuinneamh, an comhshaol, forbairt inbhuanaithe agus nascacht
85. á chur in iúl gur geal léi pacáiste tacaíochta fuinnimh an Choimisiúin dar luach EUR 1 bhilliún i ndeontais AE do na Balcáin Thiar chun cabhrú leo an ghéarchéim fuinnimh a shárú, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach láithreach de EUR 70 milliún don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, lena gcuirtear cúnamh ar fáil do na teaghlaigh is leochailí chun éifeachtaí an ardaithe ar phraghsanna a mhaolú agus chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh sna hearnálacha cónaithe agus gnó; á chur i bhfios go láidir nach mór na cistí éigeandála a ainmniú chun tacú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i dtreo córas atá tíosach ar fhuinneamh agus atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite i gcomhréir le REpowerEU; á mholadh go neartófaí lánpháirtiú na Boisnia agus na Heirseagaivéine i margadh fuinnimh na hEorpa, go háirithe i bhfianaise an ghá atá ann spleáchas fuinnimh ar an Rúis a laghdú, tar éis sheoladh a hionraidh iomláin agus an chogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi gur geal léi an tionscnamh Global Gateway le haghaidh Conair Leictreachais Thras-Bhalcánach agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras é;
86. ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin plean fuinnimh agus aeráide 2021-2030 atá uaillmhianach, inchreidte agus comhtháite a thabhairt chun críche agus a ghlacadh; á athdhearbhú gur gá dó an reachtaíocht is gá a ghlacadh maidir le gás, leictreachas, fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, i gcomhréir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh, leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar, leis an bPacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’ agus le caighdeáin agus cuspóirí beartais eile de chuid an Aontais maidir le cosaint aeráide agus fuinneamh, agus comhchuibhiú iomlán dlíthe ar leibhéal an stáit do mhargadh feidhmiúil fuinnimh a áirithiú;
87. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé éagsúlú foinsí fuinnimh a fheabhsú go pras, i gcomhréir le gealltanais na tíre maidir le dícharbónú; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin tionscadail in earnálacha straitéiseacha, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, a sheachaint agus deireadh a chur leo, ar tionscadail iad a mhéadaíonn spleáchas na tíre ar an Rúis agus ar an tSín; á chur in iúl gur geal léi an fógra ó rialtas cónaidhme na Boisnia agus na Heirseagaivéine diúltú do thogra le haghaidh fochonraitheoir malartach Síneach don ghléasra cumhachta gualbhreoslaithe Tuzla 7 atá beartaithe;
88. á chur in iúl gur geal léi gur roghnaíodh Sairéavó chun páirt a ghlacadh i Misean an Aontais do 100 cathair chliste a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2030, a gheobhaidh EUR 360 milliún de chistiú Fís Eorpach lena gcumhdófar an tréimhse 2022-2023;
89. á iarraidh ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine dlús a chur le cur chun feidhme tionscadal faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, lena gcuirfí ar chumas na tíre a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, lena gcuirfí an bealach i dtreo an dícharbónaithe chun cinn agus lena gcabhrófaí le cuspóirí an Chláir Oibre Ghlais a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir gur fachtóir spreagtha iad na haistrithe glasa agus digiteacha agus an nascacht inbhuanaithe don chomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus don lánpháirtiú le AE;
90. ag spreagadh rialtais eintits na Boisnia agus na Heirseagaivéine trédhearcacht a mhéadú trí rannpháirtíocht phoiblí agus trí chomhairliúchán le pobail áitiúla, le saineolaithe eolaíocha agus leis an tsochaí shibhialta agus tionscadail á bpleanáil acu; á chur i bhfios go láidir gur gá measúnuithe straitéiseacha cuimsitheacha comhshaoil ex ante a fheabhsú agus iad a ailíniú le forálacha na measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí a úsáid ar bhealach trédhearcach agus éifeachtúil;
91. ag tabhairt dá haire na forbairtí dearfacha i gcosaint an chomhshaoil agus ag moladh obair na n-eagraíochtaí comhshaoil áitiúla agus gníomhaithe na sochaí sibhialta; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin príomhshruthú comhshaoil a mhéadú i mbeartais earnálacha éagsúla agus borradh a chur faoi ionchúiseamh coireanna comhshaoil; ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin na dlíthe agus na bearta maidir le cosaint an chomhshaoil a chur i bhfeidhm go docht chun tionchar taighde mianadóireachta agus oibriú mianaigh ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin líon agus méid na limistéar nádúrtha faoi chosaint a mhéadú agus sláine na bpáirceanna náisiúnta agus na limistéar cosanta eile atá ann cheana a choinneáil;
92. á chur in iúl gur cúis mhór imní di truailliú in aibhneacha; ag tathant ar údaráis na Boisnia agus na Heirseagaivéine dul i ngleic le héilliú ithreach agus uisce, a aibhneacha a chosaint, lena n-áirítear ar thionchar díobhálach na ngléasraí hidreachumhachta beaga, ailíniú breise a dhéanamh le acquis AE maidir le cáilíocht an uisce agus cosaint an dúlra, agus bainistiú dramhaíola a fheabhsú go suntasach, lena n-áirítear trí straitéis ar fud na tíre a ghlacadh agus aird ar leith á tabhairt ar éifeachtúlacht acmhainní agus ar bhearta an gheilleagair chiorclaigh;
93. ag tathant ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin cláir éifeachtacha um chosaint agus um fheabhsú cháilíocht an aeir a thionscnamh i gcathracha sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin atá truaillithe go mór, go háirithe i Sairéavó; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur ghlac Comhairle na nAirí tionscnamh arb é is aidhm dó astaíochtaí truailleán aeir agus gás ceaptha teasa a laghdú i dtéamh foirgneamh cónaithe agus i dtrácht; á iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin truailliú aeir trasteorann a laghdú freisin;
94. ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le hiarrachtaí breise ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun ailíniú breise a dhéanamh le acquis AE agus chun é a chur chun feidhme go héifeachtach i ngach réimse den iompar; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar chomhchuibhiú agus nascacht inmheánach agus réigiúnach; á mheabhrú go bhfuil gá le bearta athchóirithe nascachta agus ailíniú leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair agus le Gréasáin Fuinnimh Thras-Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí Eorpacha i mbonneagar bóithre agus iarnróid sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, go háirithe Conair Vc a fhorbairt, rud a chuirfidh feabhas ar mhalartú eacnamaíoch agus nascacht i réigiún na mBalcán Thiar;
o o o
95. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Uachtaránacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig Comhairle Airí na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig Tionól Parlaiminteach na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig rialtais agus parlaimintí Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, chuig Republika Srpska agus Ceantar Brčko, chuig rialtais na ndeich gcantún agus chuig Oifig an Ardionadaí.
Cinneadh (CBES) 2022/450 ón gComhairle an 18 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2011/173/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i mBoisnia agus i Heirseagaivéin, IO L 91, 18.3.2022, lch. 22.
Tuarascáil 2022 maidir leis an Albáin
177k
62k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 ar Thuarascáil 2022 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin (2022/2199(INI))
– ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile(1),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 agus an 20 Meitheamh 2003 agus do Chlár Oibre Thessaloniki do na Balcáin Thiar,
– ag féachaint d’iarratas na hAlbáine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a cuireadh isteach an 28 Aibreán 2009,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 dar teideal 2010 ‘Commission Opinion on Albania’s application for membership of the European Union’ [Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hAlbáine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach] (COM(2010)0680),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Meitheamh 2014, lena n-áirítear an cinneadh chun stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht AE a thabhairt don Albáin,
– ag féachaint do chinneadh ón gComhairle an 25 Márta 2020 tús a chur le caibidlíocht aontachais AE leis an Albáin,
– ag féachaint do thorthaí na chéad chomhdhála idir-rialtasaí leis an Albáin an 19 Iúil 2022, go háirithe tús a chur le caibidlíochtaí aontachais leis an Albáin,
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 agus an 17 agus an 18 Deireadh Fómhair 2019,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019, an 25 Márta 2020, an 14 Nollaig 2021 agus an 13 Nollaig 2022 maidir le méadú agus an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais,
– ag féachaint do thorthaí Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans’ [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘An Economic and Investment Plan for the Western Balkans’ [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0641),
– ag féachaint do Dhearbhú maidir le Cómhargadh Réigiúnach an 9 Samhain 2020 agus do Dhearbhú maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar ó Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020,
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Guidelines for the Implementation of the Green Agenda for the Western Balkans’ [Treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Ghlais do na Balcáin Thiar] (SWD(2020)0223),
– ag féachaint do na dearbhuithe ó chruinnithe mullaigh AE-na mBalcán Thiar, a tionóladh i Sóifia an 17 Bealtaine 2018, do Shágrab an 6 Bealtaine 2020, do Brdo pri Kranju an 6 Deireadh Fómhair 2021 agus do Thiorána an 6 Nollaig 2022,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(2),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘2022 Communication on EU Enlargement Policy’ [Teachtaireacht 2022 maidir le Beartas AE um Méadú] (COM(2022)0528),
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 12 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Albania 2022 Report’ [Tuarascáil 2022 na hAlbáine] (SWD(2022)0332),
– ag féachaint don staidéar ó Chomhairle na hEorpa i mí na Samhna 2021 dar teideal ‘Beyond Definitions: a call for action against hate speech in Albania – a comprehensive study’ [Ag féachaint thar Sainmhínithe: glao ar ghníomhaíocht i gcoinne na fuathchainte san Albáin — staidéar cuimsitheach],
– ag féachaint do thuairim ó Choimisiún na Veinéise an 14 Nollaig 2021 maidir le síneadh a chur le téarma oifige na gcomhlachtaí idirthréimhseacha atá i gceannas ar athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí,
– ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 26 Iúil 2021 ó Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) dar teideal ‘Republic of Albania – Parliamentary Elections, 25 April 2021 – ODIHR Limited Election Observation Mission Final Report’ [Poblacht na hAlbáine — Toghcháin Pharlaiminte, an 25 Aibreán 2021 — Tuarascáil Chríochnaitheach ó Mhisean Breathnóireachta Toghchán Teoranta de chuid ODIHR],
– ag féachaint do thuairim chomhpháirteach ó Choimisiún na Veinéise agus ó ESCE/ODIHR an 11 Nollaig 2020 maidir le leasuithe an 30 Iúil 2020 ar Bhunreacht na hAlbáine agus an 5 Deireadh Fómhair 2020 ar an gCód Toghcháin,
– ag féachaint do na tuairimí uile ó Choimisiún na Veinéise maidir leis an Albáin,
– ag féachaint do Dhearbhú maidir le Slándáil Fuinnimh agus an tAistriú Glas sna Balcáin Thiar agus do na comhaontuithe maidir le saorghluaiseacht agus aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla agus ardoideachais ag naoú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín do na Balcáin Thiar an 3 Samhain 2022,
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal ‘EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don Smacht Reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],
– ag féachaint do shocrú oibre an 4 Iúil 2022 maidir leis an gcomhar idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta na hAlbáine,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 dar teideal ‘The EU Strategy to tackle Organised Crime 2021-2025’ [Straitéis AE chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025]’(COM(2021)0170),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 dar teideal ‘2020-2025 EU action plan on firearms trafficking’ [Plean gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine] (COM(2020)0608),
– ag féachaint d’Innéacs 2022 na nDearcthaí i dtaca le hÉilliú de chuid Transparency International, ina bhfuil an Albáin a rangaithe mar 101 as 180 tír,
– ag féachaint d’Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2022 de chuid Thuairisceoirí gan Teorainneacha, ina bhfuil an Albáin rangaithe mar 103 as 180 tír,
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis(5),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua AE don mhéadú(6),
– ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Albáin,
– ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chainteoirí Pharlaimint na hEorpa – na mBalcán Thiar an 28 Meitheamh 2021,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0204/2023),
A. de bhrí gurbh é méadú bunaithe ar rialacha agus ar luachanna an ionstraim beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid AE go stairiúil, chomh maith le hinfheistíocht gheostraitéiseach sa tsíocháin fhadtéarmach, sa daonlathas, sa chobhsaíocht agus sa tslándáil ar fud na mór-roinne;
B. de bhrí go rannchuidíonn lánpháirtiú Eorpach le cur chun cinn luachanna bunúsacha na hurraime don daonlathas, do chearta an duine, don smacht reachta agus don tsaoirse tuairimí a nochtadh; de bhrí go spreagtar leis athchóirithe bunúsacha agus go spreagtar leis fás eacnamaíoch agus comhar réigiúnach;
C. de bhrí go bhféadfadh moilleanna leanúnacha sa phróiseas aontachais an bonn a bhaint de thacaíocht na saoránach d’aontachas AE;
D. de bhrí gur cheart gach tír a mheas ar a fiúntas féin agus nár cheart mí-úsáid a bhaint as an bpróiseas aontachais atá bunaithe ar choinníollacht chun díospóidí déthaobhacha a réiteach;
E. de bhrí gur pobal éagsúlachta cultúrtha agus teanga é AE, atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar urraim fhrithpháirteach i measc a phobail;
F. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an gcur isteach eachtrach urchóideach agus seachvótála isteach eachtrach agus bréagaisnéis easaontas a chothú agus foréigean a spreagadh, agus an réigiún ina iomláine a dhíchobhsú;
G. de bhrí gur laistigh den Aontas Eorpach a fheictear todhchaí na hAlbáine agus a cuid saoránach;
H. de bhrí gur chun leas polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch an Aontais féin é an t-ionchas go mbeidh an Albáin ina Ballstát bunaithe ar fhiúntas;
I. de bhrí go bhfuil AE lántiomanta i gcónaí tacú le rogha straitéiseach na hAlbáine maidir le ballraíocht in AE, arb ionann é agus mianta shaoránaigh na hAlbáine i dtreo an daonlathais agus an rathúnais;
J. de bhrí gur comhpháirtí iontaofa beartais eachtraigh í an Albáin, lena n-áirítear trína rannpháirtíocht ghníomhach i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT); de bhrí go bhfuil an tír fós ina comhghuaillí geopholaitiúil tábhachtach agus ina comhpháirtí iontaofa, a bhuíochas dá hiarrachtaí chun comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta a chur chun cinn;
K. de bhrí go leagtar béim i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar a thábhachtaí atá méadú AE chun slándáil agus cobhsaíocht a áirithiú ar ár mór-roinn; de bhrí go léiríonn sé gur gá athléimneacht a mhéadú i gcoinne cogaíochta hibridí agus cur isteach eachtrach urchóideach ar phróisis dhaonlathacha, mar aon leis an ngá atá le borradh a chur faoi chumais chibearshlándála agus chibearchosanta agus chun cur i gcoinne spiaireachta agus bréagaisnéise;
L. de bhrí gur spreag an timpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú móiminteam nua don mhéadú;
M. de bhrí gur cheart don Albáin díriú i gcónaí ar chlár oibre athchóirithe AE;
N. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag claochlú daonlathach, an smacht reachta, cearta bunúsacha agus cloí le rialacha, luachanna agus caighdeáin AE i bpróiseas aontachais AE agus gur príomhthagarmharc iad chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo aontachas AE; de bhrí gur cheart do gach tír aontachais torthaí láidre do-athraithe a léiriú maidir lena n-athléimneacht dhaonlathach agus lena gclaochlú socheacnamaíoch;
O. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach daoine ar de ghrúpaí mionlaigh agus de ghrúpaí leochaileacha iad a chosaint agus a chuimsiú chun Ballstáit AE a spreagadh;
P. de bhrí nach bhfuil an Albáin fós tar éis a creat toghcháin a ailíniú go hiomlán le moltaí ESCE/ODIHR agus Choimisiún na Veinéise;
Q. de bhrí go bhfuil dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach cuimsitheach fíor-riachtanach chun go n-éireoidh le lánpháirtiú AE;
R. de bhrí gur saincheist slándála Eorpach é an comhrac i gcoinne an mhóréillithe, na trasnaíochta eachtraí mailíseacha, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe; de bhrí go bhfuil aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ríthábhachtach do dhul chun cinn na hAlbáine agus tíortha eile an mhéadaithe i dtreo aontachas AE, mar go gcuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil nasc idir an tslándáil inmheánach agus an tslándáil sheachtrach;
S. de bhrí go bhfuil AE fós ar an gcomhpháirtí polaitiúil, trádála agus infheistíochta is mó atá ag an Albáin agus ag na Balcáin Thiar ar fad; de bhrí go bhfuil sé fós ar an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó don réigiún; de bhrí gur shlóg sé tacaíocht bhreise thrasearnálach nach bhfacthas a leithéid riamh i ndiaidh na paindéime agus ionsaithe brúidiúla na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
T. de bhrí gur dhírigh bréagaisnéis na Rúise agus ionsaithe hibrideacha eile ar an Albáin; de bhrí gur cheart dó cosaint a bhonneagair chriticiúil agus a chibearshlándála a neartú, chomh maith lena bhearta chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus leis an aistriú fuinnimh;
U. de bhrí gurb é is aidhm d’fheachtais mhífhaisnéise agus bhréagfhaisnéise arna n-eagrú ag tríú páirtithe AE a dhíspeagadh agus é a léiriú mar chomhpháirtí neamhiontaofa;
V. de bhrí gur bhain saoránaigh na hAlbáine leas as taisteal saor ó víosaí chuig limistéar Schengen ó Nollaig 2010 i leith agus go raibh siad in ann páirt a ghlacadh i malartuithe mac léinn, acadúla agus óige faoi chlár Erasmus+ ó 2015 i leith;
W. de bhrí gur aitheantas soiléir do dhul chun cinn na hAlbáine é tús na caibidlíochta aontachais; de bhrí gur céim nua é sa chaidreamh idir AE agus an Albáin agus go n-éilíonn sé tiomantas aontaithe chun ullmhú do bhallraíocht AE;
Tiomantas d’Aontachas le AE
1. á chur in iúl gur geal léi tiomantas diongbháilte, buanseasmhach agus straitéiseach na hAlbáine do lánpháirtiú AE, lena léirítear an comhdhearcadh i measc páirtithe polaitiúla agus an tacaíocht ollmhór i measc na saoránach;
2. ag moladh a dlúthpháirtíochta, a thiomanta atá sé don dea-chaidreamh comharsanachta, an chomhair réigiúnaigh, a ailínithe go comhsheasmhach, go hiomlán le beartas eachtrach agus slándála AE agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear a fhreagairt shoiléir ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, trí bhearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a ghlacadh; ag moladh thiomantas na hAlbáine don iltaobhachas ina ról mar chomhalta neamhbhuan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;
3. is díol sásaimh di gur cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin. ag athdhearbhú gur cheart gach tír de chuid an mhéadaithe a mheasúnú ar a fiúntas féin agus gur cheart luas an aontachais a chinneadh tríd an dul chun cinn maidir le feidhmiú cuí na n-institiúidí daonlathacha agus gur cheart é a bheith bunaithe ar an smacht reachta, ar an dea-rialachas agus ar chearta bunúsacha;
4. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Rialtas na hAlbáine fós ag díriú ar athchóirithe a bhaineann le AE agus go bhfuil a struchtúr comhordúcháin do lánpháirtiú na hEorpa treisithe aige agus ról a pharlaiminte i bpróiseas lánpháirtithe AE tríd an reachtaíocht ábhartha a leasú; á chur i bhfáth gur gá don rialtas clár oibre athchóirithe AE a chur chun cinn tuilleadh i gcomhar leis an bhfreasúra agus le gach cuid den tsochaí, lena n-áirítear trí Chomhairle Náisiúnta an Lánpháirtithe Eorpaigh agus tríd an gComhairle Náisiúnta um an tSochaí Shibhialta;
5. á chur i bhfáth gur gá do Rialtas na hAlbáine agus do AE trédhearcacht, cuntasacht agus cuimsitheacht an phróisis aontachais a neartú, lena n-áirítear a ghné pharlaiminteach, trí rannpháirtíocht agus muinín chuimsitheach na saoránach a áirithiú agus tríd an tsochaí shibhialta agus na meáin a chomhtháthú sa rialachas daonlathach agus san idirphlé beartais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá a rannpháirtíocht éifeachtach i bpróiseas lánpháirtithe AE agus i sásraí comhairliúcháin eile, mar chomhpháirtithe dlisteanacha sa phróiseas;
6. ag tathant ar Rialtas na hAlbáine dlús a chur lena iarrachtaí feidhmiú an smachta reachta agus na mbreithiúna a fheabhsú, dul i ngleic leis an éilliú agus leis an gcoireacht eagraithe, saoirse na meán a áirithiú, an tsochaí shibhialta a chumhachtú, cearta bunúsacha agus cearta mionlach a ráthú, lena n-áirítear pobal LGBTIQ+, agus a chomhar le hinstitiúidí AE a neartú;
7. ag spreagadh a lucht ceaptha beartas chun dlús a chur leis na hathchóirithe arbh fhéidir an chéad chomhdháil idir-rialtasach atá thar téarma le fada a reachtáil dá mbarr agus tús rathúil a chur leis an bpróiseas scagtha, agus dul chun cinn seasta infheicthe a léiriú maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a ráthú, agus ailíniú comhsheasmhach le beartais AE á áirithiú ag an am céanna;
8. ag tathant ar chinnteoirí oibriú go comhpháirteach chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 2030; á mheabhrú, le linn na gcaibidlíochtaí aontachais, nach mór athruithe suntasacha a dhéanamh ar thíortha is iarrthóirí chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh;
9. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na moilleanna gan údar sa phróiseas aontachais, lena mbaintear an bonn ó inchreidteacht AE, chomh maith le tiomantas thíortha na mBalcán Thiar agus tacaíocht phoiblí do bhallraíocht AE;
10. ag spreagadh an Choimisiúin chun dlús a chur lena thacaíocht thrasearnálach chun tíortha an mhéadaithe a thabhairt i gcomhréir le beartais an Aontais maidir leis an ngeilleagar agus an margadh aonair, fuinneamh agus iompar, beartas sóisialta, oideachas, digiteáil, taighde agus nuálaíocht, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, ceartas agus gnóthaí baile, cosaint shibhialta, gnóthaí eachtracha, agus slándáil agus cosaint, lena n-áirítear cibearshlándáil;
An daonlathas agus an smacht reachta
11. á mheabhrú gurb iad an smacht reachta agus an tsláine institiúideach cnámh droma an chlaochlaithe dhaonlathaigh, na hathléimneachta sochaíocha agus an chomhtháthaithe shocheacnamaíoch;
12. ag moladh dul chun cinn agus tiomantas na hAlbáine maidir le cur chun feidhme a athchóirithe chuimsithigh ceartais a thabhairt chun críche, rud a neartóidh neamhspleáchas, trédhearcacht, éifeachtúlacht, cuntasacht chóras ceartais na hAlbáine agus muinín an phobail as;
13. ag moladh don tír céimeanna a threisiú atá dírithe ar phróiseas athmheastóireachta (grinnfhiosrúcháin) na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí a thabhairt chun críche agus ar a fo-éifeachtaí a mhaolú, eadhon trí fholúntais a líonadh, riaráiste cásanna cúirte a laghdú agus éifeachtúlacht a cúirteanna a fheabhsú faoin léarscáil nua bhreithiúnach, agus rochtain uilíoch ar cheartas á háirithiú ag an am céanna trí bhearta trasghearrtha agus dálaí socheacnamaíocha grúpaí leochaileacha á gcur san áireamh;
14. á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine cumas oibríochtúil na mbreithiúna a fheabhsú, lena n-áirítear an Ard-Chúirt, an tArdchigire Dlí agus Cirt agus Scoil na Giúistísí, chun freastal ar an éileamh ar bhreithiúna cáilithe chun déileáil le riaráiste suntasach na gcásanna; á mheabhrú go bhfuil gá le sásraí éifeachtacha lena gcumasaítear éilliú agus aon iompar coiriúil sa bhreithiúnacht a chosc agus a ionchúiseamh trí institiúidí breithiúnacha agus rialachais atá cuntasach, neamhspleách agus lánfheidhmiúil;
15. á chur in iúl gur saoth léi an achrann polaitiúil marthanach, gníomhaíochtaí suaiteacha agus reitric ghríosaitheach ag polaiteoirí agus oifigigh ardleibhéil, chomh maith le sáruithe ar na rialacha nós imeachta parlaiminteacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an laghdú ar an spás do ról maoirseachta parlaiminte an fhreasúra, lena n-áirítear diúltú do choistí fiosrúcháin parlaiminteacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht chomhpháirteach pholaitiúil agus shóisialta i gceist as athchóirithe a dhéanamh; ag tathant ar ghníomhaithe polaitiúla dlús a chur lena dtiomantas don idirphlé agus institiúidí agus nósanna imeachta daonlathacha a neartú trí rannpháirtíocht chuiditheach idirpháirtí agus laistigh den pháirtí, trí urraim fhrithpháirteach, trí chomhairliúcháin chuimsitheacha leis an tsochaí shibhialta agus trí chinnteoireacht thrédhearcach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cultúr parlaiminteach cuiditheach a fhorbairt trí chomhthoil a chothú i measc na ngníomhaithe polaitiúla uile agus trí chearta agus freagrachtaí an fhreasúra a chaomhnú;
16. á mheabhrú gur gá acmhainneachtaí maoirseachta parlaiminteacha a neartú agus rialachas agus iolrachas a fheabhsú, lena n-áirítear trí dhigiteáil agus trédhearcacht mhéadaithe;
17. á chur in iúl gur oth léi gur theip ar na príomhpháirtithe polaitiúla teacht ar chomhaontú maidir le hathchóiriú toghchánach; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine na hathruithe atá fós le réiteach ar an gcreat maoinithe toghcháin agus páirtí a chur chun feidhme i bhfad roimh thoghcháin pharlaiminteacha 2025, i gcomhréir leis na moltaí ó ESCE/ODIHR agus ó Choimisiún na Veinéise; á iarraidh ar na húdaráis saoirse comhlachais a ráthú, lena n-áirítear i bpáirtithe polaitiúla, chomh maith leis an tsaoirse chun seasamh i dtoghchán, lena n-áirítear do gach mionlach agus do gach cuid den fhreasúra, gan cur isteach stáit ná cur isteach míchuí eile, trí fheabhas breise a chur ar inrochtaineacht agus sláine toghcháin agus trí chosc a chur ar cheannach vótaí agus ar mhí-úsáid acmhainní riaracháin, lena n-áirítear trí dhigitiú, cosaint sonraí agus rochtain chothrom ar na meáin, chun próiseas toghcháin atá cothrom, oscailte agus trédhearcach a áirithiú;
18. ag áitiú go mbeadh cistiú leormhaith ann do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí neamhspleácha agus d’fheidhmiú éifeachtach agus neamhchlaonta na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí sin agus go ndéanfar a gcinntí agus a moltaí a chur chun feidhme go comhsheasmhach;
19. á thabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh agus tá sí ag tnúth le feabhsuithe córasacha agus torthaí nithiúla maidir le cosc, imscrúdú agus ionchúiseamh réamhghníomhach agus ciontuithe deiridh neamhroghnacha i gcásanna a bhaineann le héilliú agus le coireacht eagraithe, lena n-áirítear coireanna comhshaoil, cibearchoireachta agus gáinneála;
20. á chur in iúl gur geal léi na torthaí a baineadh amach leis an Struchtúr Speisialaithe neartaithe um Fhrith-Éilliú agus um Choireacht Eagraithe (SPAK); ag tathant ar údaráis na hAlbáine feabhas a chur ar an gcomhar leis an mBiúró Náisiúnta Imscrúdaithe agus ar an gcomhar le AE agus le gníomhaireachtaí na mBallstát sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus chun deireadh a chur le saoirse ó phionós;
21. á chur i bhfios go bhfuil gá le hiarrachtaí níos struchtúrtha agus níos comhsheasmhaí, lena n-áirítear acmhainní, uirlisí agus scileanna leormhaithe, chun an t-éilliú a chomhrac, lena n-áirítear ar ardleibhéal; á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic le cultúr na saoirse ó phionós;
22. á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh dul chun cinn maidir le riarachán poiblí cuimsitheach, éifeachtúil, fónta, comhordaithe agus cuntasach a bhunú; á iarraidh go ndéanfar faireachán níos fearr ar shócmhainní oifigeach chun rannchuidiú le héilliú a dhíothú ó gach réimse den saol poiblí;
23. á chur i bhfáth gur gá cuntas teiste daingean a bhunú i gcásanna éillithe agus leanúint de shócmhainní coiriúla a eascraíonn as éilliú agus cionta coireachta eagraithe a urghabháil, a choigistiú agus a aisghabháil, lena n-áirítear trí reachtaíocht lena ndírítear ar rachmas gan údar, idirbhearta a dhigiteáil agus sócmhainní aindleathacha a chalcadh agus a choigistiú ar feadh tréimhse fhada;
24. ag moladh tuilleadh athchóirithe póilíneachta chun sláine, gairmiúlacht agus comhlíonadh iomlán na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a áirithiú;
25. ag aithint gurb ann do rannchuidiú na sochaí sibhialta agus na meán sa chomhrac i gcoinne an éillithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá a rannpháirtíocht éifeachtach i bpróiseas lánpháirtithe AE agus i sásraí comhairliúcháin eile, mar chomhpháirtithe dlisteanacha sa phróiseas;
26. ag tacú le deireadh a chur le forálacha an dréachtdlí maidir le pardún fioscach agus coiriúil agus leis an scéim atá beartaithe maidir le saoránacht trí infheistíocht (‘pas órga’) atá ar neamhréir le noirm agus beartas víosaí an Aontais agus a d’fhéadfadh rioscaí a chruthú maidir le slándáil, sciúradh airgid, imghabháil cánach, éilliú agus coireacht eagraithe; á thabhairt dá haire, ina leith sin, gur fógraíodh an scéim saoránachta de réir infheistíochta a chur ar fionraí agus go bhfuil sé ar intinn ag Rialtas na hAlbáine saineolas AE a lorg maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-dlí maidir le pardún fioscach agus coiriúil;
27. á iarraidh ar údaráis na hAlbáine díriú ar an gcóras fioscach agus riarachán cánach a nuachóiriú, lena n-áirítear dearbhú sócmhainní agus comhlíonadh, rialuithe frithsciúradh airgid a neartú agus oifig aisghabhála sócmhainní a bhunú; á iarraidh ar na húdaráis cásanna féideartha coireanna i gcoinne bhuiséad AE a ionchúiseamh faoin socrú oibre maidir leis an gcomhar idir OIPE agus Oifig Ionchúisitheoir na hAlbáine; á iarraidh ar thíortha na mBalcán Thiar feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach le AE in ábhair choiriúla faoi na socruithe oibre le OIPE chun imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach mhí-úsáid chistí AE a éascú, lena n-áirítear trí oifigigh idirchaidrimh náisiúnta a thabhairt ar iasacht do OIPE;
28. á chur i bhfáth go bhfuil oibleagáid ar na húdaráis trédhearcacht agus iomaíocht a áirithiú i soláthar poiblí, i gconarthaí rialtais, i bpríobháidiú, i nósanna imeachta státchabhrach agus lamháltais; á thabhairt chun suntais gur gá coimircí, trédhearcacht agus coinníollacht a neartú faoi phróiseas scagtha straitéiseach infheistíochta coigríche, agus teagmhais éilithe, calaoise, mí-úsáide oifige agus sciúrtha airgid a ionchúiseamh, agus ag an am céanna imghabháil cánach, tógáil neamhdhleathach agus imchéimniú smachtbhannaí a chomhrac; á mheabhrú nach mór do nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí do thionscadail bhonneagair, lena n-áirítear i gcalafort Durrës agus timpeall air, caighdeáin AE maidir le soláthar poiblí faoin gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais a chomhlíonadh;
29. ag spreagadh agus ag moladh an chomhair idirnáisiúnta agus á iarraidh go leanfaí de ghníomhaíocht a dhéanamh maidir le líonraí coireachta trasnáisiúnta a dhíchóimeáil faoi chomhar feabhsaithe le gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile AE, amhail Europol, Eurojust agus Frontex, lena gcumhdaítear gníomhaíocht threisithe i gcoinne táirgeadh agus gáinneáil eagraithe drugaí, armán neamhdhleathach agus daoine; ag tathant ar údaráis na hAlbáine acmhainneachtaí náisiúnta oibríochtúla agus aisghabhála sócmhainní a neartú; á chur i bhfáth go bhfuil cur i gcoinne na cibearchoireachta, na gáinneála ar dhaoine agus an sciúrtha airgid fós ina réimsí ina bhfuil gá le torthaí breise;
30. á chur i bhfios go láidir gurb ann do rannchuidiú ríthábhachtach na hAlbáine le teorainn sheachtrach AE a chosaint agus le coireacht trasteorann a chosc; á chur in iúl gur geal léi imscrúduithe éifeachtacha idirnáisiúnta agus oibríochtaí póilíneachta Eorpacha chun gáinneáil ar dhaoine, támhshuanaigh, airm thine, calaois ar líne agus bagairtí sceimhlitheoireachta a chomhrac;
31. á chur i bhfáth gur gá cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma, ós rud é gur ceann scríbe agus tír idirthurais araon í an Albáin;
32. ag spreagadh na hAlbáine chun iarrachtaí a mhéadú chun éilimh gan bhunús ar thearmann óna náisiúnaigh a laghdú agus a beartas víosaí a ailíniú tuilleadh le liosta an Aontais de thríú tíortha a bhfuil víosa de dhíth orthu;
33. ag cáineadh cur isteach eachtrach urchóideach agus ionsaithe hibrideacha, lena n-áirítear feachtais chúblála agus bhréagaisnéise, gríosú chun gach cineál radacaithe agus cibirionsaithe i gcoinne shaoránaigh na hAlbáine agus bonneagar criticiúil, arb é is aidhm dóibh an tír a dhíchobhsú agus míchlú a tharraingt ar an Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí feabhas a chur ar chomhordú agus cúnamh breise a thabhairt d’údaráis na hAlbáine athléimneacht na tíre i gcoinne na mbagairtí sin a neartú go suntasach trí fheabhas a chur ar an tslándáil dhigiteach , ar chosaint sonraí agus ar chumais chibearchosanta, i ndlúthchomhar le ECAT; á chur i bhfáth gur gá a straitéis chibearshlándála náisiúnta a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach;
34. ag cáineadh úsáid neamhúdaraithe sonraí príobháideacha na saoránach, lena n-áirítear ag páirtithe polaitiúla, agus á iarraidh ar na húdaráis bearta práinneacha a dhéanamh chun sceitheadh sonraí a chosc agus chun dlús a chur le hailíniú le acquis AE maidir le cosaint sonraí pearsanta;
Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine
35. á thabhairt dá haire gur glacadh na céimeanna dlíthiúla chun deireadh a chur le hidirdhealú i gcoinne mionlach, agus á iarraidh go ndéanfar céimeanna praiticiúla chun a áirithiú go ndéanfar LADTIA+, Romaigh, Éigipteach agus gach mionlach eitneach agus cultúrtha eile a chuimsiú; ag tathant ar na húdaráis dul i ngleic leis an idirdhealú trasnach a mbíonn ar na grúpaí sin aghaidh a thabhairt air trí chur chuige institiúideach sistéamach i ngach réimse den saol sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil agus imscrúdú pras ar mhí-úsáidí a gceart a áirithiú;
36. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur gabhadh méara nua Chimara, Freddy Beleris, an oíche roimh na toghcháin bhardasacha i mí na Bealtaine, rud a sháraigh toimhde na neamhchiontachta agus a chuir cosc ar an méara tofa dul i mbun oifige, ós rud é go bhfuil sé fós i bpríosún go dtí an lá inniu; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-ábhar sin nasctha le hurraim fhoriomlán do chearta bunúsacha, leis an tsaincheist atá ar feitheamh maidir le réadmhaoine chomhaltaí an mhionlaigh eitnigh Ghréagaigh sa cheantar bardasach agus leis na líomhaintí go bhfuil cúngrú á dhéanamh ag an Stát;
37. á iarraidh ar na húdaráis leanúint de bheith ag comhoibriú le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar phobail na Romach agus na nÉigipteach chun a bhfolláine agus a lánpháirtiú sa tsochaí a áirithiú;
38. á iarraidh ar na húdaráis dul i mbun idirphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair chun cearta phobal LADTIA+ a chosaint agus chun an creat dlíthiúil agus cur chun feidhme na reachtaíochta a áirithiú lena ráthaítear cuimsiú agus cosaint bhaill an phobail;
39. ag tathant ar na húdaráis dlús a chur lena gcuid oibre chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, chun dlús a chur le cosaint leanaí, chun reachtaíocht maidir le cearta mionlaigh a ghlacadh agus a chur chun feidhme, go háirithe na fodhlíthe atá ar feitheamh maidir le féinaithint mionlach náisiúnta agus maidir le húsáid teangacha mionlaigh, agus daonáireamh daonra a dhéanamh i gcomhréir iomlán le caighdeáin AE; á chur i bhfáth gur gá cearta cláraithe maoine agus talún a chomhdhlúthú agus aisíoc maoine díshealbhaithe agus cúiteamh ina leith a thabhairt chun críche;
40. ag tathant ar na húdaráis oideachas cuimsitheach a áirithiú trí bhearta láithreacha a dhéanamh chun deireadh a chur le leithscaradh leanaí scoile Romacha agus leanaí scoile Éigipteacha agus é sin a chosc, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; á iarraidh ar na húdaráis dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne;
41. ag tathant ar údaráis na hAlbáine tuilleadh iarrachtaí a mhéadú atá dírithe ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban, lena n-áirítear trí thosaíocht a thabhairt do phríomhshruthú inscne, trí chomhar le heagraíochtaí na mban a mhéadú agus trí chothromaíocht inscne sa lucht saothair a fheabhsú;
42. á iarraidh ar reachtóirí na hAlbáine bearta a dhéanamh chun ionadaíocht leormhaith na mban i ngach post cinnteoireachta a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, i bhfianaise an mhéid sin, an chéad chomh-aireacht ban-tromlach de chuid an rialtais reatha; á iarraidh ar na húdaráis aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an easpa cur chun feidhme maidir le cearta oibrithe mná, chomh maith le steiréitíopáil inscne, éagothroime inscne agus an bhearna phá idir na hinscní sa lucht saothair; á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí suntasacha inscne ann, amhail rannpháirtíocht níos ísle na mban i margadh an tsaothair; á thabhairt chun suntais gur gá deireadh a chur le hidirdhealú i bhforálacha dlíthiúla a bhaineann le saoire mháithreachais agus feabhas a chur ar an gcumas cúraim leanaí agus réamhscoile;
43. ag glacadh leis go ndearnadh dul chun cinn maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl a chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur geal léi an chéad tuarascáil ón Albáin maidir leis an ábhar agus á iarraidh ar na húdaráis dlús a chur le cosc agus freagairtí ar fhoréigean gnéasach agus inscnebhunaithe agus ar fheimeamharú, agus feabhas a chur ar thacaíocht do mharthanóirí; á mheabhrú a phráinní atá sé acmhainní a mhéadú chun forálacha Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme, feasacht na mban ar a gcearta a mhéadú, dlús a chur le cosc agus seirbhísí a sholáthar do mharthanóirí mí-úsáide baile agus ar líne;
44. á chur in iúl gur geal léi plean gníomhaíochta 2021-2027 do dhaoine LADTI san Albáin agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme é; á chur in iúl gur geal léi an rath a bhí ar an 11ú mórshiúl Thiorana in 2022; á iarraidh ar na húdaráis reachtaíocht a ghlacadh maidir le féiniúlacht inscne agus comhpháirtíochtaí comhghnéis agus/nó póstaí comhghnéis a aithint; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an t-idirdhealú in aghaidh daoine LADTIA+ maidir le rochtain ar chúram sláinte, ar oideachas, ar cheartas, ar fhostaíocht agus ar thithíocht; á chur in iúl gur saoth léi cásanna ionsaithe fisiciúla agus fuathchainte i gcoinne phobal LADTIA+;
45. á chur in iúl gur saoth léi an easpa dul chun cinn maidir le cearta daoine faoi mhíchumas; á iarraidh go ndéanfaí ailíniú dlí iomlán le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas trína Phrótacal Roghnach a dhaingniú; á iarraidh go mbeidh cistiú leormhaith ann do phlean gníomhaíochta náisiúnta 2021-2025 do dhaoine faoi mhíchumas;
46. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus foréigean, bacainní ar chuimsiú socheacnamaíoch a bhaint, fostaíocht a chur chun cinn agus vótáil inrochtana a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas;
47. á mheabhrú gur gá an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta a áirithiú go héifeachtach agus go neamhroghnach; á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar líomhaintí maidir le mí-iompar póilíneachta agus úsáid dhíréireach fornirt, d’fhonn déantóirí na coire a thabhairt os comhair na cúirte;
48. á thabhairt dá haire go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn chun dálaí coinneála a fheabhsú i gcomhréir leis an moladh ón gCoiste Eorpach um Chéastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc;
49. á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir le trédhearcacht institiúideach a bhaint amach agus staid na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán atá ag dul in olcas; á chur i bhfáth go bhfuil ról ag Rialtas na hAlbáine agus ag ceannairí polaitiúla maidir le timpeallacht chumasúcháin a chruthú chun na saoirsí sin a shaothrú;
50. ag cáineadh iarrachtaí chun míchlú a tharraingt ar thuairisceoirí agus faisnéis phoiblí a choinneáil siar go treallach, amhail cinntí chun iriseoirí a thoirmeasc ó fhreastal ar phreasagallaimh rialtais, chomh maith leis an mainneachtain sábháilteacht iriseoirí agus eagraíochtaí na meán a áirithiú; ag cáineadh an fhoréigin uile ina gcoinne;
51. ag spreagadh Rialtas na hAlbáine feabhas a chur ar rochtain ar thuairisciú agus ar ghrinnscrúdú a chuid oibre trí chainéil fhoirmiúla, amhail preasagallaimh agus agallaimh, agus rochtain chomhionann, dhíreach agus thrédhearcach ar fhoinsí oifigiúla a áirithiú d’iriseoirí;
52. ag tathant ar na húdaráis gníomhú láithreach i gcoinne cur isteach polaitiúil agus eacnamaíoch ar na meáin agus stop a chur le hionsaithe ó bhéal, feachtais chlúmhillte agus imeaglú i gcoinne iriseoirí, go háirithe iad siúd a thuairiscíonn ar shaincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta, toisc go mbaineann sé sin an bonn de cháilíocht na hiriseoireachta, de neamhspleáchas na meán agus de chumas iriseoirí saincheisteanna a bhaineann le leas an phobail a chumhdach;
53. a iarraidh ar na húdaráis creat dlíthiúil a ghlacadh lena gcosnaítear iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus geallsealbhóirí eile ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna);
54. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bholscaireacht ghríosaitheach mharthanach, lena n-áirítear ag polaiteoirí ardleibhéil, oifigigh phoiblí agus daoine poiblí eile; á iarraidh go ndéanfaí imscrúduithe ar gach ionsaí i gcoinne na meán criticiúil agus á iarraidh ar na húdaráis déantóirí ionsaithe i gcoinne iriseoirí a thabhairt os comhair na cúirte;
55. ag cáineadh aon iarrachtaí rialála chun rialú polaitiúil ar institiúidí meán a mhéadú; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tarraingt siar na dréachtreachtaíochta frithchlúmhillte i gcomhréir le moltaí Choimisiún na Veinéise;
56. ag tathant ar Rialtas na hAlbáine neamhspleáchas an chraoltóra phoiblí agus an rialtóra meán agus trédhearcacht úinéireacht na meán, an mhaoinithe agus na fógraíochta poiblí a áirithiú; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil samhlacha gnó inbhuanaithe agus cistiú trédhearcach ag an gcuid is mó d’eagraíochtaí meán na hAlbáine;
57. ag tathant ar na húdaráis agus ar an tsochaí shibhialta oibriú le chéile chun an bhréagaisnéis agus insintí cúblála a chomhrac trí litearthacht sna meáin a chur chun cinn, trí thimpeallacht chumasúcháin a chruthú do na meáin neamhspleácha agus trí fheabhas a chur ar chearta saothair agus sóisialta iriseoirí;
58. á iarraidh ar an Aontas cabhrú le hiarrachtaí frithfhaisnéise réigiúnacha a chomhordú trí leas a bhaint as geallsealbhóirí ábhartha agus feabhas a chur ar idirphlé, ar thaighde agus ar anailís chun freagairtí fianaise-bhunaithe ar bhagairtí bréagaisnéise a tháirgeadh; á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cur go réamhghníomhach le hinchreidteacht AE sa réigiún agus faireachán StratCom a leathnú chun díriú ar bhagairtí trasteorann bréagaisnéise a thagann ó thíortha na mBalcán Thiar agus óna gcomharsana;
59. á chur in iúl gur geal léi obair na Comhghuaillíochta do na Meáin Eitice san Albáin maidir leis an gCód Eitice d’Iriseoirí a chur chun feidhme; á iarraidh ar chomhaltaí Chomhlachas Iriseoirí Gairmiúla na hAlbáine na caighdeáin is airde tionscail a leanúint, go háirithe tríd an Tionscnamh Iontaobhais Iriseoireachta arna chur ar bun ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha a ghlacadh;
60. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá creat cuimsitheach le haghaidh rannpháirtíocht fhiúntach na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta agus i bpróiseas lánpháirtithe AE ar leibhéal an rialtais náisiúnta agus áitiúil, lena n-áirítear tríd an gComhairle Náisiúnta don tSochaí Shibhialta agus tríd an gComhpháirtíocht Rialtais Oscailte, agus á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine éifeachtacht na n-ardán sin a fheabhsú; ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla agus ar na húdaráis pholaitiúla stop a chur leis an bhfuathchaint, feachtais chlúmhillte agus ciapadh eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine a úsáid agus a cháineadh agus a áirithiú go dtabharfar déantóirí coire chun na cúirte;
61. á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar fhorálacha an Dlí maidir le Clárú Eagraíochtaí Neamhbhrabúis (NPOnna) a bhaineann an bonn den tsaoirse tuairimí a nochtadh agus den tsaoirse comhlachais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe na fíneálacha atá thar a bheith díréireach as sáruithe riaracháin arna ndéanamh ag ENBanna; á chur in iúl gur geal léi an Cód Caighdeán féinrialála do ENBanna agus á mholadh go ndéanfaí simpliú ar chlárú leictreonach eagraíochtaí na sochaí sibhialta;
Comhar réigiúnach agus caidreamh maith idir comharsana;
62. á chur in iúl gur geal léi idirphlé leanúnach na hAlbáine chun dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach a áirithiú, ar gnéithe bunriachtanacha iad den phróiseas um méadú agus den Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais; ag moladh rannpháirtíocht chuiditheach na hAlbáine i dtionscnaimh chuimsitheacha réigiúnacha agus trasteorann maidir le comhar; á chur in iúl gur geal léi na comhaontuithe inláimhsithe ar thángthas orthu maidir le saorghluaiseacht agus aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí mar chuid de Phróiseas Bheirlín agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras iad; ag moladh an dul chun cinn ar thángthas air i gcomhthéacs chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar i dTiorána, an chéad imeacht dá leithéid riamh a tionóladh sa réigiún;
63. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leas iomlán a bhaint as tionscnaimh réigiúnacha agus idir-rialtasacha atá ann cheana, go háirithe an Tionscnamh Aidriadach-Iónach, an Tionscnamh Lárnach Eorpach, straitéis AE don réigiún Aidriadach-Iónach agus Próiseas Bheirlín, agus a thábhachtaí atá sé sineirgí a chruthú eatarthu;
64. ag moladh na hAlbáine as ról lárnach a bheith aici i gcur chun cinn na cobhsaíochta agus an chomhair ar fud na mBalcán Thiar, lena n-áirítear a rannpháirtíocht i misin agus in oibríochtaí faoi stiúir an Aontais agus ECAT;
65. á chur in iúl gur geal léi an beart tacaíochta do Thascfhórsa Leighis na mBalcán ar fiú EUR 6 mhilliún é faoin tSaoráid Eorpach Síochána, a sholáthraíonn an trealamh agus na soláthairtí is gá d’aonaid leighis Fhórsaí Armtha na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Mhontainéagró, na Macadóine Thuaidh agus na Seirbia;
66. á mheabhrú gur gá an próiseas chun comhaid ón ré chumannach a dhí-aicmiú a thabhairt chun críche agus iad a chur ar fáil do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne chun an ceartas agus an t-athmhuintearas a chur chun cinn, chun go mbeadh ceartas d’íospartaigh agus chun cúiteamh a thabhairt do mharthanóirí agus dá dteaghlaigh;
Athchóirithe socheacnamaíocha
67. ag tathant ar na húdaráis leanúint d’athchóirithe struchtúracha i gcomhréir le clár athchóirithe eacnamaíoch 2023-2025 agus téarnamh inbhuanaithe agus fás cuimsitheach a chumasú trí bhainistiú agus rialachas airgeadais phoiblí feabhsaithe, an smacht reachta, digiteáil agus inrochtaineacht, eisiamh sóisialta laghdaithe, cur ar bhonn foirmiúil an gheilleagair, agus oideachas agus seirbhísí sláinte feabhsaithe; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí maidir le huas-sciliú, dálaí saothair feabhsaithe agus idirphlé sóisialta trí idirphlé fónta agus cómhargáil;
68. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé daoine óga a chumhachtú agus deiseanna a chothú do ghlúine óga na hAlbáine; á thabhairt dá haire gur dréachtaíodh plean gníomhaíochta chun an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme sna Balcáin Thiar; ag moladh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa taighde agus sa nuálaíocht, lena gcabhraítear le himirce daoine oilte taighdeoirí agus daoine óga a aisiompú;
69. á iarraidh ar na húdaráis baol an eisiaimh shóisialta agus na bochtaineachta a laghdú trí rochtain ar sheirbhísí sóisialta, oideachais agus cúraim sláinte a fheabhsú, go háirithe do dhaoine ó phobail na Romach, na nÉigipteach agus LADTIA+ agus do mhionlaigh agus grúpaí leochaileacha eile;
70. á chur i bhfios go láidir gur cineál claochlaitheach é cúnamh suntasach AE a chuirtear ar fáil faoi IPA III agus faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar; á thabhairt dá haire ról an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar agus a thionscadail shuaitheanta; á mheabhrú, i gcomhréir le coinníollacht IPA III, nach mór cistiú a laghdú nó a chur ar fionraí i gcásanna cúlrianaithe nó moilleanna gan údar sa phróiseas athchóirithe, go háirithe i réimsí an daonlathais, na gceart bunúsach agus an smachta reachta;
Fuinneamh, an comhshaol, forbairt inbhuanaithe agus nascacht
71. á chur in iúl gur geal léi céimeanna na hAlbáine maidir le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus le héagsúlú fuinnimh i dtreo cumhacht na gaoithe agus na gréine agus á iarraidh ar na húdaráis úsáid inbhuanaithe hidreachumhachta a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, imscaradh tapa phacáiste tacaíochta fuinnimh AE do na Balcáin Thiar ar fiú EUR 1 bhilliún é, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach láithreach de EUR 80 milliún don Albáin; á iarraidh ar na húdaráis an úsáid is fearr a bhaint as an gcúnamh sin chun margadh fuinnimh athléimneach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a thógáil i gcomhréir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar;
72. á mheabhrú a thábhachtaí atá infheistíocht AE i dtionscadail amhail gléasra cumhachta gréine Vau i Dejës, nuachóiriú ghléasra hidreachumhachta Fierza, athchóiriú champas Ollscoil Tiorána agus iarnród nua Tiorána-Durrës; ag tathant ar na húdaráis dlús a chur leis na hiarrachtaí chun gníomhaíocht chomhshaoil agus aeráide a phríomhshruthú ar fud na n-earnálacha talmhaíochta, fuinnimh, iompair agus tionsclaíocha;
73. á chur in iúl go dtacaíonn sí le hUachtaránacht na hAlbáine in Oifig an Chomhphobail Fuinnimh chun comhtháthú an réigiúin i margadh fuinnimh AE a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an plean atá aici fuinneamh a shábháil, fuinneamh glan a tháirgeadh agus a sholáthar fuinnimh a éagsúlú faoi REPowerEU agus a cheannacháin fuinnimh chomhpháirteacha faoi Ardán Fuinnimh AE;
74. á iarraidh go ndéanfar tuilleadh dul chun cinn maidir le hearnáil an leictreachais a athchóiriú agus maidir le sásraí cistiúcháin inbhuanaithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a áirithiú;
75. á iarraidh go ndéanfaí bearta atá pleanáilte go hiomlán maidir leis an mbithéagsúlacht, uisce, aer, aeráid, bainistiú réigiúnach dramhaíola, athchúrsáil agus truailliú tionsclaíoch;
76. á chur i bhfáth gur gá don Albáin feabhas a chur ar a bonneagar bainistithe dramhaíola, iarrachtaí a mhéadú chun athléimneacht na tíre i gcoinne thionchair an athraithe aeráide a neartú, lena n-áirítear tríd an straitéis náisiúnta maidir leis an athrú aeráide a thabhairt cothrom le dáta agus tríd an athrú aeráide a phríomhshruthú i straitéisí agus pleananna earnála;
77. á chur in iúl gur cúis bhuartha di truailliú dramhaíola muirí san Albáin, a bhfuil tionchar aige ar thíortha comharsanachta, agus á iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt air sin;
78. ag tathant ar Rialtas na hAlbáine dlús a chur lena iarrachtaí cáilíocht an aeir a fheabhsú agus truailliú aeir marfach a laghdú, go háirithe i gceantair uirbeacha;
79. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Páirc Náisiúnta Abhainn Fhiáin Vjosa, an chéad pháirc náisiúnta abhainn fhiáin san Eoraip, agus ag moladh iarrachtaí na sochaí sibhialta sa tréimhse roimh bhunú na páirce; á iarraidh ar na húdaráis na hábhair imní a chuir an tsochaí shibhialta in iúl maidir le teorainneacha an líonra a leagan amach do limistéir faoi chosaint a chur san áireamh;
80. ag tathant ar Rialtas na hAlbáine ailíniú go pras le acquis uisce AE, na pleananna bainistithe abhantracha a chomhlánú agus a ghlacadh, truailliú fuíolluisce a laghdú agus gníomhaíocht a dhéanamh chun cosaint Loch Ohrid a áirithiú trí dheireadh a chur le sceitheadh iarmhar mianadóireachta isteach ann; á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine a iarrachtaí a neartú chun a mhuirthimpeallacht agus a bhithéagsúlacht a chosaint, lena n-áirítear trí limistéir mhuirí faoi chosaint a ainmniú agus a bhainistiú go héifeachtach;
81. á chur i bhfáth gur gá talmhaíocht ar mhionscála agus ar mheánscála a fhorbairt atá nua-aimseartha, éiceolaíoch agus neamhdhíobhálach don aeráid agus lena n-áirithítear slí bheatha na bhfeirmeoirí agus cosaint acmhainní nádúrtha agus bithéagsúlachta na hAlbáine;
82. á iarraidh go mbeadh trédhearcacht, seoladh, forfheidhmiú agus faireachán feabhsaithe ann maidir le measúnuithe tionchair comhshaoil agus straitéiseacha ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le tionscadail a bhfuil iarmhairtí móra comhshaoil agus socheacnamaíocha acu, amhail tionscadal ghléasra hidreachumhachta Skavica; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar eacnamaíoch agus comhshaoil atá ag tionscadail forbartha neamhiomaíocha ag a bhfuil cistiú eachtrach;
83. á iarraidh ar na húdaráis gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun an choireacht chomhshaoil a chomhrac agus chun beartas agus forfheidhmiú an dlí a fheabhsú agus a bhrostú do chosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta, go háirithe maidir le limistéir faoi chosaint agus speicis atá i mbaol criticiúil, amhail lincse na mBalcán; á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine oibriú ar reachtaíocht maidir le bainistiú inbhuanaithe fiadhúlra agus an moratóir lománaíochta a fhorfheidhmiú;
84. ag tathant ar Rialtas na hAlbáine stop a chur le tionscadail a d’fhéadfadh noirm náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cosaint na bithéagsúlachta a shárú, amhail Aerfort Idirnáisiúnta Vlorë, agus stop a chur le forbairt hidreachumhachta i limistéir faoi chosaint;
85. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Albáin ag cloí go hiomlán le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta agus, mar thoradh air sin, tacaíocht mhéadaithe shuntasach AE d’ullmhacht i gcás éigeandála sibhialta agus freagairt chomhordaithe ar ghéarchéimeanna tar éis creathanna talún, tuilte agus falscaithe; ag moladh don tír a hacmhainneachtaí bainistithe géarchéime a nuachóiriú tuilleadh;
86. á iarraidh go nglacfaí go pras an straitéis náisiúnta iompair, lena n-áirítear a plean gníomhaíochta 2021-2025; ag athdhearbhú go bhfuil gá le hiarrachtaí suntasacha chun claochlú struchtúrach a dhéanamh ar nascacht dhigiteach, fuinnimh agus iompair;
87. ag athdhearbhú gur gá bearnaí nascachta iompair a líonadh agus bonneagar poiblí sna Balcáin Thiar a uasghrádú, le tacaíocht ó Bhallstáit AE agus ón bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar agus i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le spriocanna dícharbónaithe an Aontais; ag tathant, i ndáil leis sin, ar na húdaráis i dtíortha uile na hEorpa croíthionscadail bhonneagair a chur i gcrích, lena n-áirítear Conairí uile-Eorpacha VIII agus X;
88. á chur in iúl gur geal léi gur baineadh na costais fánaíochta i measc thíortha na mBalcán Thiar agus á chur in iúl go dtacaíonn sí le deireadh a chur de réir a chéile le táillí fánaíochta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, tar éis a laghdaithe amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2023;
o o o
89. á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na hAlbáine.
Gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2022
168k
58k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 maidir le gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2022 (2022/2062(INI))
– ag féachaint d’Airteagail 15, 126, 174, 175, 177, 208, 209, 271, 308 agus 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus do Phrótacal Uimh. 5 a ghabhann leis na Conarthaí ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI),
– ag féachaint d’Airteagail 41 go 43 den Chonradh lena mbunaítear an an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint d’fhormheas BEI ar dhaingniú Chomhaontú Pháras ag an Aontas an 7 Deireadh Fómhair 2016,
– ag féachaint do na Nósanna Imeachta Sásra Gearán de chuid Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 13 Samhain 2018,
– ag féachaint do bheartas BEI maidir le hiasachtú fuinnimh, a foilsíodh an 14 Samhain 2019,
– ag féachaint do chritéir BEI maidir le hiasachtú fuinnimh, an 25 Iúil 2013
– ag féachaint do ghlacadh Threochlár an Bhainc Aeráide, 2021-2025 ag Bord Stiúrthóirí BEI an 11 Samhain 2020 agus do straitéis aeráide nua BEI an 15 Samhain 2020,
– ag féachaint do Phlean Oibríochtúil Ghrúpa BEI, 2023-2025, a foilsíodh an 02 Feabhra 2023,
– ag féachaint do thuarascáil ar ghníomhaíochtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta 2022 dar teideal ‘Secure Europe’ [Eoraip Shlán], a foilsíodh an 2 Feabhra 2023,
– ag féachaint d’Fhorbhreathnú maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil BEI 2023, a foilsíodh an 2 Feabhra 2023,
– ag féachaint don doiciméad dar teideal ‘EIB Global’ [BEI Domhanda], a foilsíodh an 2 Feabhra 2023,
– ag féachaint do mheastóireacht ó Ghrúpa BEI dar teideal ‘Rapid assessment of the EIB Group’s operational response to the COVID19 crisis’ [Measúnú mear ar fhreagairt oibríochtúil Ghrúpa BEI ar ghéarchéim COVID‑19’, a foilsíodh an 22 Aibreán 2022],
– ag féachaint d’fhaisnéis BEI dar teideal ‘Evaluation of EIB support for urban public transport in the European Union (2007-2019)’ [Meastóireacht ar thacaíocht BEI d’iompar poiblí uirbeach san Aontas Eorpach (2007-2019], a foilsíodh an 31 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do Thuarascálacha Bliantúla ó Choiste Iniúchóireachta BEI don bhliain 2021, a foilsíodh an 21 Iúil 2022,
– ag féachaint don Tuarascáil maidir le Nochtadh Bainistíochta Riosca ó Ghrúpa BEI, 2021, a foilsíodh an 9 Lúnasa 2022,
– ag féachaint d’fhaisnéis ó BEI dar teideal ‘Meastóireacht BEI ar ghníomhaíochtaí speisialta BEI’, a foilsíodh an 30 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le hÉagsúlacht agus Cuimsiú 2021 ó BEI, a foilsíodh an 9 Nollaig 2022,
– ag féachaint do thuarascáil ó BEI dar teideal ‘Gníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe AE in 2021’, a foilsíodh an 27 Iúil 2022,
– ag féachaint do Threosuíomh um Comhtháthú 2021-2027 ó BEI, a foilsíodh an 13 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint don Phlean um Oiriúnú don Athrú Aeráide ó BEI, a foilsíodh an 26 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint don Chomhaontú Tríthaobhach idir an Coimisiún Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta, a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2021,
– ag féachaint don Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Bheartas Trédhearcachta Ghrúpa BEI in 2021 ó BEI, a foilsíodh an 7 Samhain 2022,
– ag féachaint do Shuirbhé Infheistíochta 2022 ó BEI – Forléargas ar an Aontas Eorpach, a foilsíodh an 8 Samhain 2022,
– ag féachaint do Thuarascáil maidir le Rialachas Corparáideach 2021 ó Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 26 Iúil 2022,
– ag féachaint do Chreat PATH ó Ghrúpa BEI — Leagan 1.1 Deireadh Fómhair 2022 — ‘Supporting counterparties on their pathways to align with the Paris Agreement’ [Ag tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú a dhéanamh le Comhaontú Pháras], a foilsíodh an 1 Feabhra 2023,
– ag féachaint do Thuarascáil 2021 ó Mhol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a foilsíodh an 5 Iúil 2022,
– ag féachaint do thuarascáil ghníomhaíochta 2020 ó BEI dar teideal ‘Crisis Solutions’ [Réitigh Ghéarchéime] a foilsíodh an 20 Eanáir 2021 agus a thuarascáil gníomhaíochta, 2021 dar teideal ‘The Innovation Response’ [An Fhreagairt Nuálaíochta], a foilsíodh an 27 Eanáir 2022,
– ag féachaint don bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Márta 2022 i gCás T‑299/20(1),
– ag féachaint do na barúlacha a d’eisigh Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i mí Lúnasa 2021 maidir le Dréachtchreat Inbhuaine Comhshaoil agus Sóisialta (ESSF) Ghrúpa BEI,
– ag féachaint do Chásanna 1065/2020/PB, 1251/2020/PB agus 1252/2020/PB a bhaineann le BEI, a chinn an tOmbudsman Eorpach an 21 Aibreán 2022,
– ag féachaint don mholadh ón Ombudsman Eorpach i gCás 2168/2019/KR maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an tÚdarás Baincéireachta Eorpach le haistriú a iarStiúrthóra Feidhmiúcháin le bheith ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar bhrústocaire tionscail airgeadais, agus cinneadh uaidh i gCás OI/3/2021/KR maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint leis an iarratas óna hiarPhríomhfheidhmeannach poist shinsearacha a ghlacadh in Airbus,
– ag féachaint do Phlean Oibríochtúil 2022-2024 ó Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 27 Eanáir 2022,
– ag féachaint don Chreat Inbhuaine Comhshaoil agus Sóisialta ó Ghrúpa BEI, a glacadh an 2 Feabhra 2022,
– ag féachaint don Fhreagairt Phráinneach Dlúthpháirtíochta leis an Úcráin de chuid BEI, a glacadh an 4 Márta 2022,
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Defence Investment Gaps Analysis and Way Forward’ [Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh] (JOIN(2022)0024),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis(2),
– ag féachaint do theachtaireachtaí ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives’ [Straitéis Bithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380) agus ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, folláin agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All — EU Action Plan:…[Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách — Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’... I dtreo uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú] (COM(2021)0400),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 dar teideal ‘REPowerEU: Joint European Action for more affordable, secure and sustainable energy’ [REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe’] (COM(2022)0108)
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 dar teideal ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Glan-Nialasach’ (COM(2023)0062),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘The Global Gateway’ (JOIN(2021)0030),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir(4) and do Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir(5),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda(6),
– ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint do thuarascáil 2019 ó Counter Balance dar teideal Is the EIB up to the task in tackling fraud and corruption? [An bhfuil BEI in inmhe dul i ngleic leis an gcalaois agus leis an éilliú? Challenges for the EU Bank’s governance framework’ Dúshláin do chreat rialachais Bhanc an Aontais Eorpaigh’],
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa tar éis fostaíocht phoiblí a chosc(7),
– ag féachaint do litir an 22 Iúil 2016 ón Ombudsman Eorpach chuig Uachtarán BEI maidir le coinbhleacht leasa agus do fhreagra an 31 Eanáir 2017 ó Uachtarán BEI,
– ag féachaint do thuarascáil chigireachta ón Ombudsman Eorpach an 18 Bealtaine 2022 i gCás OI/1/2021/KR ar an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún an dúshlán a bhaineann le cásanna ‘dorais imrothlaigh’ a bhaineann lena (iar)bhaill foirne,
– ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta BEI 2022/2023 dar teideal ‘Resilience and renewal in Europe’ [Athléimneacht agus Athnuachan san Eoraip], a foilsíodh an 28 Feabhra 2023,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0210/2023),
A. de bhrí, faoi Airteagal 309 CFAE, go bhfuil sé de chúram ar BEI rannchuidiú le baint amach chuspóirí an Aontais, lena n-áirítear trí ionstraimí éagsúla infheistíochta amhail iasachtaí, gnáthscaireanna, ráthaíochtaí, saoráidí comhroinnte riosca agus seirbhísí comhairleacha;
B. de bhrí gurb é BEI brainse iasachta fadtéarmach an Aontais Eorpaigh agus an t-iasachtóir iltaobhach is mó ar domhan, agus go bhfuil ról tábhachtach aige mar institiúid airgeadais a thacaíonn leis na haistrithe digiteacha agus glasa;
C. de bhrí nach mór do BEI, atá faoi úinéireacht 27 mBallstát AE, féachaint i gcónaí le tacú le cuspóirí AE agus, go príomha, borradh a chur faoi acmhainneacht AE ó thaobh cruthú post, fás eacnamaíoch agus iomaíochais de; de bhrí go n-áirítear ina shainordú beartais AE a chur chun cinn i dtíortha nach bhfuil in AE;
D. de bhrí gur sheol BEI brainse nua, BEI Domhanada, in 2022 chun infheistíochtaí lasmuigh de AE a láimhseáil; de bhrí, i bhfianaise an iliomad dúshlán geopholaitiúil in 2022, go raibh ról an-tábhachtach ag BEI Domhanda ó thaobh infheistíochta agus staid na hEorpa sa domhan; de bhrí nach mór an ghníomhaíocht sheachtrach sin a ailíniú le cuspóirí beartais AE, go háirithe maidir leis an Global Gateway;
E. de bhrí go bhfuil BEI i ndiaidh é féin a bhrandáil mar bhanc aeráide an Aontais i bhfianaise na n-infheistíochtaí breise is gá chun an t-aistriú glas a bhaint amach;
F. de bhrí, chun spriocanna aeráide AE a bhaint amach, go bhfuil gá le hinfheistíochtaí EUR 1 thrilliún in aghaidh na bliana in AE, méid atá EUR 356 bhilliún níos mó in aghaidh na bliana ná an méid a raibh gá leis in 2010-2020; de bhrí gur féidir le banc infheistíochta inniúil amhail BEI cabhrú leis an mbearna a dhúnadh trí chaipiteal príobháideach a phlódú isteach;
G. de bhrí go bhfuil ról suntasach ag BEI, tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta, maidir le tacaíocht a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) Eorpacha agus feabhas a chur ar a gcumas rochtain a fháil ar mhargaí airgeadais, ó chaipiteal fiontair go micreamhaoiniú, agus ar an gcaoi sin, aontas margaí caipitil láidir agus iomaíoch a ráthú;
H. de bhrí go dtacóidh BEI le REPowerEU le EUR 45 bhilliún breise d’iasachtaí agus de mhaoiniú cothromais sna cúig bliana amach romhainn;
I. de bhrí go bhfágfadh aontas margaí caipitil níos comhtháite go mbeadh sé níos éasca do BEI infheistíocht a scaoileadh, borradh a chur faoi infheistíochtaí san fhíorgheilleagar agus iad a éagsúlú, go háirithe in FBManna, agus tuilleadh infheistíochta agus trádála cothromais trasteorann a spreagadh;
J. de bhrí go n-eisiatar ó liosta incháilitheachta BEI faoi láthair trealamh agus bonneagar lena n-úsáid mhíleata; de bhrí nach n-eisiatar infheistíochtaí i dteicneolaíocht dé-úsáide;
Barúlacha ginearálta
1. ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag BEI mar bhrainse iasachtaithe an Aontais Eorpaigh agus an t-aon institiúid iltaobhach airgeadais atá faoi úinéireacht iomlán na mBallstát, le hoibríochtaí a threoraíonn beartas AE agus atá faoi réir chaighdeáin dhlíthiúla AE maidir le tacú le cuspóirí AE; á thabhairt dá haire gurb ann do thuarascáil ghníomhaíochta 2022 ó BEI agus do Phlean Oibríochtúil Ghrúpa ó BEI 2023-2025;
2. á chur in iúl gur mór aici go bhfuil BEI réidh i gcónaí chun é féin a oiriúnú agus a athcheapadh i gcomhréir le ceanglais bheartais AE atá ag athrú, agus a spriocanna fadtéarmacha á n-urramú ag an am céanna;
3. ag cur suntas sa bhearna leanúnach infheistíochta in AE agus sa ghá méadaithe atá le hinfheistíocht fhrith-thimthriallach, agus AE ag dul isteach ina cheathrú bliain de ghéarchéim, atá mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, ról ríthábhachtach BEI, mar ghníomhaí tábhachtach i mbeartas infheistíochta AE, maidir le gníomhú i gcásanna ina bhfuil easpa maoinithe phríobháidigh ann; á iarraidh ar BEI an t-uasleibhéal breisíochta d’infheistíochtaí san fhíorgheilleagar a áirithiú;
4. á chur in iúl gur geal léi infheistíocht EUR 72.4 billiún BEI in 2022 agus fócas an bhainc ar dhúshláin fhadtéarmacha AE maidir le hiomaíochas, táirgiúlacht, comhtháthú sóisialta, athrú aeráide, inbhuanaitheacht agus claochlú digiteach;
5. á chur i bhfáth gur maith do BEI na riachtanais shuntasacha maoinithe sa gheilleagar gorm a chur san áireamh, ar earnáil fáis eacnamaíoch é, agus fionnachtana eolaíocha tábhachtacha;
6. á thabhairt dá haire gur gá ullmhú don todhchaí agus pleanáil a dhéanamh d’atógáil fhadtéarmach na hÚcráine; á chreidiúint gur cheart go mbeadh ailíniú le tosaíochtaí beartais AE ina phríomhspreagadh do straitéis infheistíochta BEI amach anseo san Úcráin;
7. á chur in iúl gur geal léi an Treoshuíomh Comhtháthaithe nua, ag tabhairt dá haire gur cheart do BEI formhór a acmhainní a dhíriú ar chóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn agus gur cheart go mbeadh comhtháthú mar thosaíocht uileghabhálach ina straitéis infheistíochta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá seirbhísí comhairleacha BEI maidir le tionscadail a ullmhú agus a chur chun feidhme do chliaint a bhfuil cumas íseal riaracháin acu agus, sa chomhthéacs sin, cuidiú le cuideachtaí oiriúnú do spriocanna beartais AE atá ag athrú, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an aeráid agus leis an digitiú;
8. ag cur suntas sa dearbhú ó BEI gur dúshláin ‘níos struchtúraí’ iad na dúshláin atá roimh chuideachtaí meánchaipitlithe i réigiúin chomhtháthaithe maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú; á iarraidh ar BEI aghaidh a thabhairt ar na bacainní struchtúracha sin trína chur chuige a oiriúnú ionas gur féidir le FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe i réigiúin chomhtháthaithe lántairbhe a bhaint freisin as maoiniú BEI;
9. á chreidiúint go bhféadfadh BEI níos mó a dhéanamh chun oiriúnú d’éagsúlacht réigiúnach AE chun tarraingteacht a chuid cistí a mhéadú; ag dréim leis go ndéanfaidh BEI níos mó chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shistéamacha go háirithe, rud a mhéadódh inrochtaineacht ionas gurbh fhéidir le gach réigiún AE tairbhe a bhaint as cúnamh airgeadais BEI;
10. á mholadh gur tugadh an Chiste Ráthaíochta Eorpaigh isteach go trathúil chun cuidiú le tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 ar ghnólachtaí a mhaolú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil meastóireacht ar an gCiste san áireamh i gclár rannán meastóireachta BEI do 2024;
11. á chur in iúl gur geal léi comhaontuithe InvestEU a shínigh BEI agus an Coimisiún an 7 Márta 2022, ar ar a mbonn a leithdháileadh suas le 75 % de ráthaíocht bhuiséadach AE agus de bhuiséad Mhol Comhairleach InvestEU ar BEI; á chur in iúl gur geal léi an t-éileamh suntasach sa mhargadh ar an gclár InvestEU agus glacadh ard an chláir sin;
12. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht BEI i Sásra an Aontais um Aistriú Cóir chun aghaidh a thabhairt ar thionchar socheacnamaíoch an aistrithe chuig geilleagar ísealcharbóin agus chun deiseanna nua a chruthú don fhorbairt inbhuanaithe sna réigiúin atá buailte, amhail réigiúin ghuail agus mhianadóireachta agus eile, agus ar an gcaoi sin, aistriú cóir a áirithiú nach bhfágfaidh aon duine ar lár; á iarraidh ar BEI straitéis chumarsáide agus chomhairleach a fhorbairt chun eolas agus tarraingteacht na n-ionstraimí airgeadais sin a mhéadú i measc na dtairbhithe a d’fhéadfadh a bheith acu;
13. á thabhairt dá haire gur institiúid ghiaráilte é BEI; á chur i bhfáth gur sócmhainn thábhachtach í rátáil ‘A triarach’ BEI a chuireann ar chumas BEI rioscaí níos mó a ghlacadh maidir le tionscadail leasa phoiblí a chistiú ná is féidir le bainc thráchtála phríobháideacha a dhéanamh;
14. á iarraidh ar BEI leanúint de mheasúnú cuí a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann le linn a ghníomhaíochta iasachtaithe, go háirithe sa timpeallacht dhúshlánach eacnamaíoch agus airgeadais atá ann, agus á áirithiú ag an am céanna go rannchuidíonn a mhaoiniú le haghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus go seachnaítear éifeachtaí plódaithe amach leis;
15. ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé cloí leis an smacht reachta san Aontas Eorpach, mar a chumhdaítear i CAE; á iarraidh ar BEI a ghníomhaíochtaí a ailíniú le sásra coinníollachta maidir leis an smacht reachta;
16. á iarraidh ar scairshealbhóirí BEI machnamh a dhéanamh ar an struchtúr cothromais is fearr; á iarraidh ar scairshealbhóirí BEI smaoineamh ar mhéadú caipitil chun cothabháil agus a feabhsú a dhéanamh ar chumas gníomhaithe BEI, agus a rátáil chreidmheasa á caomhnú ag an am céanna agus á áirithiú nach bplódófar amach iasachtóirí príobháideacha lena ghníomhaíochtaí;
17. ag tabhairt dá haire go mbraitheann roinnt de na cláir is rathúla de chuid BEI ar chomhpháirtíochtaí leis an earnáil phríobháideach trí infheistíocht phríobháideach a phlódú isteach, mar shampla trí thráinsí iasachtaí ardriosca a ghlacadh;
18. ag cur suntas in ardleibhéil leanúnacha an bhoilscithe agus, i ndáil leis sin, á iarraidh ar BEI measúnú a dhéanamh ar bhonn an tionscadail ar na riachtanais airgeadais a d’fhéadfadh a bheith níos mó;
Na himpleachtaí atá ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar ghníomhaíochtaí BEI in 2022
19. ag moladh gurb ann do rannpháirtíocht BEI san Úcráin, arbh ionann í agus EUR 1,7 billiún de chistí eisíoctha in 2022; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur cheart ról tábhachtach a bheith ag BEI in atógáil gheilleagar agus bhonneagar na hÚcráine amach anseo; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, Tionscnamh AE don Úcráin de chuid BEI chun téarnamh agus atógáil na hÚcráine a mhaoiniú;
20. á chur in iúl gur geal léi go dtacaíonn BEI agus, i gcomhréir leis an bPlean Oibríochtúil do 2023-2025, go leanfaidh BEI de thacaíocht a thabhairt do thionscal cosanta AE agus do sholáthar comhpháirteach ar bhonn phrionsabal na dé-úsáide; á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh Straitéiseach nua BEI um Shlándáil na hEorpa (SESI) chun slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú trí suas le EUR 6 bhilliún a shlógadh, faoi 2027, don infheistíocht sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht, sa bhonneagar slándála sibhialta agus i dtionscadail teicneolaíochta cheannródaíocha;
21. á iarraidh ar BEI an clár SESI a leathnú agus dlús breise a chur lena infheistíochtaí i slándáil agus cosaint na hEorpa; ag tabhairt dá haire go bhfuil bac curtha ar mhaoiniú bainc don tionscal cosanta le blianta beaga anuas; á iarraidh ar BEI measúnú a dhéanamh ar aon chásanna inar féidir leis rannchuidiú leis an mbearna infheistíochta a dhúnadh agus ról a imirt maidir le slándáil AE a choimirciú, agus ceisteanna ábhartha an dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh;
22. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí méadaitheacha BEI chun tacú leis an tslándáil bia, leis an tslándáil fuinnimh agus leis an nascacht i gcomhthéacs an chogaidh atá ar siúl faoi láthair; á chur i bhfios go láidir gur chruthaigh an cogadh géarchéim dhaonnúil thromchúiseach, gur chuir sé le neamhdheimhneacht an tsoláthair bia agus go raibh tionchar bunúsach aige ar an staid eacnamaíoch agus slándála in AE agus ina chomharsanacht; á chur i bhfáth gur cheart na hathruithe ar shlabhraí soláthair agus ar chaidreamh trádála agus eacnamaíoch arb é an cogadh is cúis leo a chur san áireamh agus infheistíocht á pleanáil amach anseo;
23. á chur in iúl go dtacaíonn sí le BEI Domhanda agus á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé cúnamh a thabhairt don Úcráin, agus an bealach á réiteach d’atógáil mhear;
24. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag BEI maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do thíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe na Stáit is iarrthóirí ar aontachas le AE, maidir le rochtain a fháil ar mhargaí caipitil riosca, agus, ar an gcaoi sin, na deiseanna don infheistíocht a leathnú;
Tacaíocht don nuálaíocht, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, don tionsclaíocht agus don digitiú
25. á mheabhrú gurb iad FBManna cnámh droma gheilleagar na hEorpa; á mheabhrú gurb ionann na 23 mhilliún FBM san Aontas agus 99 % de na gnólachtaí uile agus go gcuireann siad tuairim is trí cheathrú de na poist ar fad ar fáil; á chur i bhfios go mbeidh dúshláin bhreise rompu amach anseo de dheasca na géarchéime fuinnimh agus de dheasca iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin;
26. á chur in iúl gur geal léi gur chuir BEI maoiniú EUR 16,35 billiún ar fáil in 2022 do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe; ag tabhairt dá haire, de réir mheasúnú BEI, gur beagnach EUR 20 billiún i nglanshínithe bliantúla a bhí i méid iomlán oibríochtaí Ghrúpa BEI lenar cuireadh tacaíocht fiachais ar fáil do FBManna idir 2010 agus 2020; á iarraidh ar BEI machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun a thacaíocht do FBManna a éascú tuilleadh, go háirithe do thionscadail maoinithe bheaga;
27. á thabhairt chun suntais nach mór an tacaíocht do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe a mhéadú tuilleadh ó na leibhéil reatha, go háirithe i gcomhthéacs praghsanna arda fuinnimh agus méadú ar chostais amhábhar agus ar rátaí úis; á chur i bhfáth gur minic a bhíonn acmhainní riaracháin teoranta ag FBManna agus go n-íocann siad níos mó ná cuideachtaí móra chun airgead a fháil ar iasacht ós rud é nach mór dóibh glacadh le hiasachtaí bainc a bhfuil téarmaí níos measa acu, agus dá bhrí sin, go mbainfidís tairbhe as bealaí maoiniúcháin a bheith acu atá éasca a rochtain; á iarraidh ar BEI, dá bhrí sin, a chláir a dhearadh ar bhealach a sheachnóidh rómhaorlathas agus ualaí rialála nach bhfuil gá leo, agus ar an gcaoi sin, iad a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir do FBManna;
28. á chur i bhfios gur bunchloch de bheartas tionsclaíoch rathúil é soláthar cobhsaí fuinnimh, go háirithe do FBManna;
29. ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí chun réitigh shonraíbhunaithe a thógáil, agus béim ar leith á leagan ar iomaíochas FBManna, agus a infheistíocht sa réimse sin a dhíriú ar bhearnaí digiteacha a dhúnadh laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus réigiúin eile den domhan atá níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de;
30. ag tabhairt dá haire gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige BEI i leith gnólachtaí beaga mar gheall ar an drogall is gnách a bhíonn ar an mbanc tionscadail a mhaoiniú a bhfuil gné shuntasach riosca ag baint leo nó sásraí a úsáid lena ndéanfaí an fhadhb sin a chúiteamh; á iarraidh ar BEI straitéis fhadtéarmach a fhorbairt chun tacú le hearnáil na FBManna in san Aontas;
31. á chur i bhfáth gur gá do BEI díriú go láidir ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar thionscadail atá dírithe ar dhul i ngleic le fadhb mhéadaitheach na dífhostaíochta i measc na n-óg d’fhonn poist shlána agus ardcháilíochta a chruthú;
32. ag tathant ar BEI tacaíocht a mhéadú a dhírítear ar ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha a uas-scálú, lena n-áirítear trí rioscaí níos mó a ghlacadh maidir le caipiteal fiontair a eisíoc chun a áirithiú gur féidir le gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha uas-scálú san Aontas seachas lasmuigh de;
33. á mheabhrú gur treochtaí tábhachtacha iad an digitiú agus an dílárú sna margaí airgeadais agus in earnáil na baincéireachta agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar BEI díriú ar infheistíochtaí i dtionscadail atá inbhuanaithe, nuálacha agus faoi thionchar na todhchaí;
Banc aeráide AE
34. á thabhairt dá haire go leagtar amach i dTreochlár Bhanc Aeráide 2021-2025 ó Ghrúpa BEI spriocanna BEI maidir le maoiniú don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide a thacaíonn leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus go gcuideoidh sé le AE a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050;
35. ag cur suntas sa togra ón gCoimisiún oibriú le BEI agus le bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh chun bealaí a lorg chun tacaíocht d’infheistíocht i slabhra soláthair an tionscail ghlan-nialasaigh a uas-scálú, lena n-áirítear trí oibríochtaí measctha a chur ar bun;
36. ag moladh do BEI a chuid oibríochtaí a úsáid chun cur chun feidhme spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus neamhspleáchas fuinnimh AE a éascú agus dlús a chur leo, agus aird á tabhairt ar staid is déanaí an eolais maidir leis an athrú aeráide, ar na tionchair agus na rioscaí forleathana a ghabhann leis agus ar mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, chomh maith leis an bpráinn mhéadaithe a bhaineann leis an Aontas ag cur deireadh lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, agus an laghdú atá tagtha ar inacmhainneacht agus ar shlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain i gcomhthéacs an chogaidh atá ar siúl san Úcráin;
37. á chur in iúl gur geal léi gurb é BEI an t-eisitheoir ilairgeadra is mó ar domhan de bhannaí glasa; á chur i bhfios go neartófaí ról idirnáisiúnta an euro a thuilleadh dá méadófaí cion na mbannaí atá ainmnithe in euro;
38. á chur in iúl gur geal léi go raibh 58,3 % den iasachtú in 2022 bainteach leis an aeráid agus leis an gcomhshaol, suas ó 50,8 % in 2021;
39. ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh ísealcharbóin; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, ranníocaíocht BEI le REPowerEU i bhfoirm infheistíochtaí ar fiú EUR 30 billiún iad; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí BEI sa réimse sin agus ag moladh don bhanc dlús a chur lena iarrachtaí;
40. á chur in iúl gur geal léi an chéad Phlean tiomnaithe um Oiriúnú Aeráide de chuid BEI, lena leagtar amach infheistíocht agus tacaíocht theicniúil a neartú chun tionscadail a chosaint ar thionchar adhaimsire agus athléimneacht aeráide an bhonneagair a mhéadú; á thabhairt dá haire gur tugadh isteach an Córas Measúnaithe Riosca Aeráide chun measúnú a dhéanamh ar an riosca fisiciúil don aeráid in oibríochtaí iasachtaithe dhírigh ar leibhéal an tionscadail;
41. ag cur suntas sa ról is féidir le BEI a imirt a mhéid a bhaineann le hinfheistíocht i bhfoinsí doimhne inathnuaite fuinnimh amach ón gcósta, go háirithe ó thaobh ionstraimí a dhearadh a d’fhéadfadh cabhrú le tionscadail den sórt sin a thabhairt níos gaire don mhargadh;
42. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh athruithe a rinneadh le déanaí ar Ailíniú Pháras le haghaidh Contrapháirtithe (PATH) de chuid BEI a éifeachtacht a laghdú maidir le dícharbónú a chur chun cinn; á mheabhrú go bhfuil ceangal conarthach cheana féin ar fhaighteoirí uile mhaoiniú BEI straitéis inchreidte um ailíniú Pháras a chruthú agus a fhoilsiú;
43. á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach beartas nua BEI maidir le hiasachtú iompair i mí Iúil 2022 agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras é; á iarraidh ar BEI machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun an beartas sin a ailíniú leis na dúshláin aistrithe atá roimh earnáil an iompair; ag meabhrú go bhfuil gá le leibhéal níos airde infheistíochta i ndícharbónú na n-earnálacha muirí agus eitlíochta;
44. á iarraidh ar BEI tionscadail inmharthana a mhaoiniú atá i gcomhréir le tacsanomaíocht AE agus le tionscadail a bhfuil sé d’aidhm acu lorg carbóin na hearnála muirí a laghdú, amhail tionscadail Conair Ghlais;
45. á iarraidh ar BEI dlús a chur leis an tacaíocht do thithíocht inacmhainne agus fuinneamhéifeachtúil agus d’athchóiriú foirgneamh, i gcomhréir leis na riachtanais infheistíochta shuntasacha atá ann; á chur i bhfáth gur gá seirbhísí comhairleacha i réimse na tithíochta a neartú agus ról a thabhairt do sholáthraithe tithíochta áitiúla, réigiúnacha, sóisialta agus poiblí a chun a áirithiú go n-úsáidfear a saineolas i bhforbairt tionscadal arna maoiniú ag BEI;
46. á iarraidh ar BEI aird ar leith a thabhairt ar chinntí cistiúcháin a bhaineann le réigiúin atá forimeallacha, sléibhtiúil nó tearc i ndaonra nó a bhaineann le réigiúin oileánacha i bhfianaise na ndeacrachtaí a bhíonn acu maidir le ceanglais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh, agus a nascacht á choinneáil agus á feabhsú ag an am céanna;
Infheistíocht BEI sa bhonneagar agus leas sóisialta
47. ag dréim le méadú ar oibríochtaí arna maoiniú ag BEI i réimse na tithíochta sóisialta, i gcomhréir leis na prionsabail a bunaíodh i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus i bhfianaise na géarchéime reatha tithíochta san Aontas; á iarraidh, thairis sin, go leanfaidh BEI de bheith ag díriú ar chumhachtú eacnamaíoch na mban agus ar chomhionannas inscne agus é ag díriú ar mhaoiniú nua;
48. á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid na gcóras cúraim sláinte in go leor Ballstát, agus an ganntanas cógas leanúnach in AE, a dhéanann difear freisin do chógais bhunúsacha amhail paraicéiteamól agus antaibheathaigh; á iarraidh ar BEI, sa chomhthéacs sin, meastóireacht a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in earnáil an chúraim sláinte agus é mar aidhm leis sin dul i ngleic le heasnamh struchtúrach an Aontais san earnáil sin;
BEI Domhanda
49. á chur in iúl gur geal léi gur thacaigh BEI Domhanda le EUR 9,1 billiún in infheistíocht fhoriomlán lasmuigh den Aontas in 2022; ag dréim leis go ndéanfar infheistíochtaí BEI i dtíortha nach bhfuil san Aontas a ailíniú go hiomlán le AE agus le beartais gníomhaíochta seachtraí AE; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht BEI sa tionscnamh Global Gateway, lena dtacófar go príomha le hinfheistíochtaí i mbonneagar agus i FBManna, agus ar an gcaoi sin, a rannchuideoidh le cuspóir an Aontais a neamhspleáchas straitéiseach a fheabhsú;
50. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag BEI Domhanda i straitéis Global Gateway agus san ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe rialta ar chur chun feidhme Global Gateway agus gníomhaíochtaí gaolmhara a dhéanann BEI Domhanda;
51. á iarraidh ar BEI a nósanna imeachta agus a chleachtais a neartú tuilleadh maidir le sáruithe ar chearta an duine agus ar dhea-rialachas a eascraíonn as tionscadail a mhaoiníonn sé, go díreach nó trí idirghabhálaithe; á iarraidh ar BEI soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a ndéanann sé meastóireacht ar riosca airgeadais agus clú, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi cé acu an seolfaidh sé nó nach seolfaidh sé imscrúdú ar chalaois líomhnaithe nó ar éilliú líomhnaithe i ndáil le tionscadail infheistíochta;
52. á mheabhrú gurb é tiomantas uileghabhálach AE luachanna AE agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn ina chuid oibríochtaí lasmuigh de AE; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht a dhéanamh i gcumais díchill chuí nuair atáthar ag feidhmiú i dtimpeallachtaí a bhfuil dúshláin roimh an smacht reachta ag baint leo agus inar beag an rochtain ar chúiteamh i gcásanna sáruithe ar chearta an duine; ag tabhairt dá haire go n-éilíonn sé sin acmhainní daonna breise agus grinnscrúdú speisialaithe, i gcomhréir leis an gcaighdeán is infheidhme maidir le bainc forbartha;
53. á mheabhrú go bhfuil oibríochtaí BEI lasmuigh den Eoraip bunaithe ar na prionsabail ghinearálta lena dtreoraítear gníomhaíocht sheachtrach AE mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE, amhail tacú leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, le cearta an duine agus le saoirsí bunúsacha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na prionsabail sin ina dtreoir d’oibríochtaí BEI mar bhanc poiblí a bhfuil sainordú forbartha de chúram air;
54. á chur i bhfios go láidir gur príomhspreagadh i mbunú Domhanda BEI é láithreacht áitiúil a fheabhsú agus comhar a mhéadú le toscaireachtaí AE; á iarraidh an athuair go mbeadh foireann bhreise ar an láthair, go háirithe d’fhonn conarthaí a thabhairt do níos mó fostaithe ó na tíortha a bhfuil maoiniú á dhéanamh iontu; ag tacú le cur chuige BEI maidir le hoifigí réigiúnacha a oscailt san Afraic agus iarratasóirí áitiúla a fhostú sna hoifigí sin agus é mar aidhm leis sin a riachtanais a oiriúnú do riachtanais áitiúla;
55. á iarraidh ar BEI meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar a éifeachtacht maidir le maoiniú do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe san Afraic, ós rud é gur cosúil gur minic a bhíonn méid measartha beag tionscadal ina bac ar rochtain a fháil ar mhaoiniú; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar dhearadh féideartha d’ionstraimí lena n-éascaítear infheistíocht ag FBManna an Aontais i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus a rochtain ar mhaoiniú a mhéadú, lena n-áirítear i ndáil le tionscadail bheaga; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá ról BEI maidir le machaire comhréidh a chruthú do FBManna atá bunaithe sna Ballstáit nach bhfuil sé d’acmhainn ag a mbainc forbartha náisiúnta infheistíocht a chur chun cinn i dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach;
56. á chur i bhfios go láidir go bhfuil infheistíochtaí forbartha ina mbíonn mná páirteach agus ina gcuirtear a riachtanais san áireamh níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe; á iarraidh ar BEI a áirithiú go rachaidh a chuid oibríochtaí uile chun tairbhe do mhná agus go háirithe d’earnálacha eacnamaíocha atá fabhrach do rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn, i gcomhréir lena chur chuige maoinithe inscne-chliste;
57. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht i maoiniú forbartha, ag tathant ar BEI béim níos mó a chur ar acmhainní intíre a shlógadh agus á iarraidh go méadófar tiomantas BEI i dtíortha beagfhorbartha atá ailínithe le prionsabail agus luachanna AE;
Trédhearcacht agus rialachas
58. á chur in iúl gur geal léi seoladh Innéacs Trédhearcachta na nInstitiúidí Airgeadais Forbartha in 2023 agus gurb amhlaidh, sa tuarascáil ghaolmhar, go rangaítear BEI ar leibhéal comhchosúil le hinstitiúidí airgeadais forbartha piaraí i roinnt réimsí, lena n-áirítear idirghabhálaithe airgeadais agus idirghabhálaithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus cuntasacht do phobail; á iarraidh go roinnfí faisnéis shoiléir agus chuimsitheach le hinstitiúidí AE, go háirithe leis an bParlaimint;
59. á iarraidh gur daoine a roghnófar ar bhonn fiúntais, cumais agus taithí a cheapfar i bpoist shinsearacha BEI agus, mar an gcéanna, go roghnófar daoine mar sin mar bhall foirne dá phríomhréimsí gníomhaíochta;
60. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i bpoist shinsearacha agus i bpríomhréimsí gníomhaíochta BEI; ag athdhearbhú a tuairime gur gá níos mó a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne agus gheografach ag BEI sa chomhthéacs sin;
61. á athdhearbhú a hiarrata ar chomhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus BEI;
62. ag ceistiú an bhfuil na hacmhainní daonna ag BEI atá de dhíth air i bhfianaise leathnú leanúnach a fheidhmeanna agus a fhreagrachtaí;
63. á chur in iúl arís gur cúis mhór imní di líomhaintí maidir le ciapadh, an timpeallacht oibre agus dálaí oibre ag BEI; ag cur suntas i mbreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Márta 2022 maidir le cás ciaptha in BEI (Cás T-299/20), ina ndearnadh neamhniú ar chinneadh Uachtarán BEI nach raibh aon chiapadh déanta; ag aithint go ndearna BEI iarrachtaí ar aghaidh a thabhairt orthu sin agus ar shaincheisteanna foirne ábhartha eile; ag tathant ar BEI a áirithiú go ndéanfar beartas neamhfhulaingthe i leith na gcineálacha uile ciaptha a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear bearta coisc agus cosanta mar aon le sásraí gearáin agus tacaíochta íospartach cuí agus iontaofa; ag tathant ar bhainistíocht BEI dul i mbun fíor-idirphlé le hionadaithe foirne chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní ata acu; á chur in iúl gur saoth léi nach n-aithnítear aon cheardchumann ag BEI agus nach bhfuil aon chumhacht ag an toscaireacht foirne gníomhú i gcaibidlíocht; á iarraidh ar bhainistíocht BEI prionsabail bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a urramú, ar a laghad, amhail saoirse comhlachais agus an ceart chun cómhargála;
64. ag cur suntas i mbeartas nua frithchalaoise BEI agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar cuimsitheach agus príomhuirlisí beartais frithchalaoise á bhforbairt; a chur in iúl gur geal léi go bhfuil Beartas Ghrúpa BEI glactha agus foilsithe ag BEI i leith dlínsí lagrialaithe, neamh-thrédhearcacha agus neamh-chomhoibríocha agus dea-rialachas cánach, atá comhlántach le Beartas um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac Ghrúpa BEI;
65. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go ndéanann leas-uachtaráin BEI, anuas ar a bhfreagrachtaí earnála, maoirseacht ar thograí tionscadail óna dtíortha baile, mar aon le freagrachtaí tíre eile; á iarraidh ar BEI na moltaí go léir a fuarthas ón Ombudsman Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán maidir le gníomhaíochtaí iarchomhaltaí dá Choiste Bainistíochta, mar a leagtar amach i gcinneadh an Ombudsman an 27 Iúil 2022 i gCás 1016/2021/KR;
o o o
66. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta.
Gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a rialú - tuarascáil bhliantúil 2022
211k
70k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 maidir le rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2022 (2023/2046(INI))
– ag féachaint do thuarascáil ghníomhaíochta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) 2022 an 2 Feabhra 2023 dar teideal Secure Europe [an Eoraip Shlán],
– ag féachaint do dhoiciméad an 27 Eanáir 2022 dar teideal EIB Group Operational Plan 2022-2024 [Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2022-2024], agus do dhoiciméad an 2 Feabhra 2023 dar teideal EIB Group Operational Plan 2023-2025 [Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2023-2025],
– ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta BEI 2022/2023 dar teideal Resilience and Renewal in Europe [Athléimneacht agus Athnuachan san Eoraip], a foilsíodh an 28 Feabhra 2023,
– ag féachaint do ‘Chreat Comhshaoil BEI’ a glacadh an 14 Samhain 2022,
– ag féachaint do thuarascáil an 2 Feabhra 2023 dar teideal Climate action and environmental sustainability overview 2023 [Gníomhú ar son na haeráide agus forléargas inbhuanaitheachta comhshaoil 2023],
– ag féachaint do dhoiciméad an 2 Feabhra 2022 dar teideal European Investment Bank Environmental and Social Standards [Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta],
– ag féachaint do thuarascáil an 12 Iúil 2022 dar teideal Regional Cohesion in Europe 2021-2022 – Evidence from the EIB Investment Survey [Comhtháthú Réigiúnach san Eoraip 2021-2022 – Fianaise ó Shuirbhé Infheistíochta BEI],
– ag féachaint do Threochlár an Bhainc Aeráide 2021-2025 a ghlac Bord Stiúrthóirí BEI an 11 Samhain 2020,
– ag féachaint do Shuirbhé Aeráide 2022-2023 BEI,
– ag féachaint do dhoiciméad an 1 Feabhra 2023 dar teideal The EIB Group PATH Framework – Version 1.1 October 2022 – Supporting counterparties on their pathways to align with the Paris Agreement [Creat PATH Ghrúpa BEI – Leagan 1.1 Deireadh Fómhair 2022 – Ag Tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú le Comhaontú Pháras],
– ag féachaint d’fhoilsiúchán an 17 Márta 2023 dar teideal Annual Report of the Procurement Complaints Activity and the Procurement Complaints Committee of the European Investment Bank 2022 [Tuarascáil Bhliantúil ón nGníomhaíocht um Ghearáin Soláthair agus ó Choiste um Ghearáin Soláthair an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta 2022],
– ag féachaint don doiciméad an 10 Feabhra 2023 dar teideal EIB Global – partnership, people, impact [BEI Domhanda – comhpháirtíocht, daoine, tionchar],
– ag féachaint do thuarascáil mheastóireachta ó Ghrúpa BEI an 22 Aibreán 2022 dar teideal Rapid assessment of the EIB Group’s operational response to the COVID19 crisis [Measúnú mear ar fhreagairt oibríochtúil Ghrúpa BEI ar ghéarchéim COVID-19],
– ag féachaint d’fhaisnéis BEI an 31 Bealtaine 2022 dar teideal Evaluation of EIB support for urban public transport in the European Union (2007-2019) [Meastóireacht ar thacaíocht BEI d’iompar poiblí uirbeach san Aontas Eorpach (2007-2019],
– ag féachaint d’fhoilsiúchán an 6 Iúil 2022 dar teideal Tuarascáil maidir le hInbhuanaitheacht Ghrúpa BEI 2021, agus do Chreat Inbhuanaitheachta Comhshaoil agus Sóisialta Ghrúpa BEI, a glacadh an 2 Feabhra 2022,
– ag féachaint d’fhoilsiúchán an 21 Iúil 2022 dar teideal EIB Audit Committee Annual Reports for the year 2021 [Tuarascálacha Bliantúla Choiste Iniúchóireachta BEI don bhliain 2021],
– ag féachaint d’fhaisnéis BEI an 30 Bealtaine 2022 dar teideal EIB evaluation of the EIB’s special activities [Meastóireacht BEI ar ghníomhaíochtaí speisialta BEI],
– ag féachaint do thuarascáil BEI an 27 Iúil 2022 dar teideal EIB Group activities in EU cohesion regions in 2021 [Gníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe AE in 2021],
– ag féachaint do thuarascáil an 8 Samhain 2022 dar teideal EIB Investment Survey 2022 – European Union overview [Suirbhé Infheistíochta BEI 2022 – Forléargas ar an Aontas Eorpach],
– ag féachaint do thuarascáil an 9 Nollaig 2022 dar teideal EIB Diversity and Inclusion – 2021 Progress Report [Éagsúlacht agus Cuimsiú BEI – Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2021],
– ag féachaint do dhoiciméad BEI an 2 Feabhra 2023 dar teideal Health Overview 2023 [Forbhreathnú Sláinte 2023],
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal Defence Investment Gaps Analysis and Way Forward [Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh] (JOIN(2022)0024),
– ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2021 ó BEI maidir le Comhlíonadh an 25 Lúnasa 2022,
– ag féachaint do Bheartas Frith-Chalaoise Ghrúpa BEI an 5 Lúnasa 2021,
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 Choiste BEI um Eitic agus um Chomhlíonadh, a foilsíodh an 8 Aibreán 2022, agus dá rialacha oibriúcháin, a glacadh in Eanáir 2016,
– ag féachaint do na cóid iompair d’fhoireann Ghrúpa BEI, do chomhaltaí dá Choiste Iniúchóireachta agus dá Choiste Bainistíochta, a foilsíodh an 3 Feabhra 2023.
– ag féachaint don Tuarascáil maidir le Nochtadh Bainistíochta Riosca ó Ghrúpa BEI, 2021, a foilsíodh an 9 Lúnasa 2022,
– ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta BEI,
– ag féachaint don Chomhaontú Tríthaobhach idir an Coimisiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta (an Comhaontú Tríthaobhach), a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2021,
– ag féachaint don Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Bheartas Trédhearcachta Ghrúpa BEI in 2021 ó BEI, a foilsíodh an 7 Samhain 2022,
– ag féachaint do bheartas sceithireachta Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 24 Samhain 2021,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 dar teideal REPowerEU: Joint European Action for more affordable, secure and sustainable energy [REPowerEU: Gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe] (COM(2022)0108),
– ag féachaint do na conclúidí a ghlac Comhairle na hEorpa ag cruinniú an 15 Nollaig 2022,
– ag féachaint don bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás T‑299/20(1),
– ag féachaint do na barúlacha a d’eisigh Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i mí Lúnasa 2021 maidir le Dréachtchreat Inbhuaine Comhshaoil agus Sóisialta (ESSF) Ghrúpa BEI,
– ag féachaint do Chásanna 1065/2020/PB, 1251/2020/PB agus 1252/2020/PB a bhaineann le BEI, a chinn an tOmbudsman Eorpach an 21 Aibreán 2022, agus Cás 1016/2021/KR, a chinn an tOmbudsman Eorpach an 27 Iúil 2022,
– ag féachaint do thuarascáil chigireachta ón Ombudsman Eorpach an 6 Nollaig 2022 i gCás OI/1/2021/KR ar an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún an dúshlán a bhaineann le cásanna ‘dorais imrothlaigh’ a bhaineann lena (iar)bhaill foirne,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0212/2023),
A. de bhrí go bhfuil Grúpa BEI comhdhéanta den Bhanc Eorpach Infheistíochta agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI) agus gurb é an institiúid airgeadais iltaobhach is mó ar domhan é, arb é is príomhchúram dó borradh a chur faoi acmhainneacht na hEorpa ó thaobh post agus fáis de; de bhrí go bhfuil BEI ar cheann de na soláthraithe maoiniúcháin is mó don troid i gcoinne an athraithe aeráide, ag feidhmiú i margaí caipitil idirnáisiúnta agus ag tairiscint téarmaí iomaíocha do chliaint agus coinníollacha fabhracha chun tacú le beartais agus tionscadail AE;
B. de bhrí go bhfuil BEI faoi cheangal Chairt um Chearta Bunúsacha AE agus nach mór prionsabail chearta an duine a chomhtháthú ina chuid nósanna imeachta agus caighdeáin díchill chuí, lena n-áirítear measúnuithe réamhaisnéis-bhunaithe atá ar fáil go poiblí; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag infheistíocht BEI tacú leis an earnáil shóisialta, lena n-áirítear maidir le sláinte, tithíocht agus oideachas agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta;
C. de bhrí gurb iad príomhthosaíochtaí BEI cistiú a chur ar fáil do thionscadail chun lánpháirtiú Eorpach a chothú agus chun beartais AE laistigh agus lasmuigh de AE araon a chur chun cinn agus tacú leo, amhail trí infheistíochtaí inbhuanaithe san aeráid agus sa chomhshaol, san fhorbairt, sa nuálaíocht agus scileanna, i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), sa bhonneagar agus sa chomhtháthú;
D. de bhrí go n-oibríonn BEI go dlúth le hinstitiúidí eile AE agus le bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha agus le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), chun a spriocanna a bhaint amach agus chun tacú le beartais AE i níos mó ná 140 tír ar fud an domhain, trí ionstraimí tiomanta infheistíochta amhail iasachtaí, cothromais, ráthaíochtaí agus saoráidí roinnte riosca, chomh maith le seirbhísí comhairleacha;
E. de bhrí go bhfuil BEI faoi cheangal conartha chun rannchuidiú le lánpháirtiú AE, le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, le forbairt réigiúnach agus le forbairt chothromaithe agus sheasta an mhargaidh inmheánaigh, agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais trí fheabhas a chur ar na coinníollacha maidir le rochtain ar phoist, ar dheiseanna oideachais, ar bhonneagair agus ar sheirbhísí poiblí agus trí thimpeallacht shláintiúil agus inbhuanaithe a sholáthar;
F. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag BEI sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil, agus go bhfuil sé tiomanta do ghníomhaíochtaí uile BEI a ailíniú le Comhaontú Pháras agus don mhaoiniú bliantúil don ghníomhú ar son na haeráide agus don inbhuanaitheacht chomhshaoil a mhéadú go dtí níos mó ná 50 % den iasachtú iomlán faoi 2025;
G. de bhrí gur cuid de Threochlár Bhanc Aeráide BEI é an Sásra um Aistriú Cóir;
H. de bhrí go rannchuidíonn BEI le cur chun feidhme spriocanna polaitiúla agus eacnamaíocha an Aontais a thacaíonn le tosaíochtaí gníomhaíochta seachtraí an Aontais i ngach réigiún ar fud an domhain, lena n-áirítear i dtíortha atá íogair ó thaobh na polaitíochta de i réigiúin Chomharsanacht an Oirthir agus na Meánmhara, sna Balcáin Thiar, sa Mheánoirthear agus i dTuaisceart na hAfraice;
I. de bhrí gurb é BEI an t-iasachtóir iltaobhach is mó i réigiúin chomharsanachta AE agus go reáchtálann sé a chuid oibríochtaí lasmuigh de AE trína bhrainse de BEI Domhanda, le líonra de bheagnach 30 oifig sheachtrach lonnaithe san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus san Áise;
J. de bhrí go ndearna BEI iarrachtaí suntasacha chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil tar éis ráig phaindéim COVID-19, lenar bunaíodh an Ciste Ráthaíochta Uile-Eorpach chun caipiteal a sholáthar do FBManna;
K. de bhrí, ó tharla an ghéarchéim airgeadais dhomhanda, go bhfuil bearna leanúnach san infheistíocht tháirgiúil idir 1,5 agus 2 phointe céatadáin de OTI idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe, arna spreagadh go príomha ag infheistíocht níos mó ó SAM in innealra, trealamh agus nuálaíocht, go háirithe i dtrealamh teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (in earnáil na seirbhíse) agus i maoin intleachtúil (san earnáil phoiblí agus in earnáil na cosanta), agus go meastar go rannchuideoidh BEI leis an mbearna sin a laghdú;
L. de bhrí, i bhfianaise na géarchéime fuinnimh, mar aon le hiarmhairtí na paindéime agus gnéithe eile den staid idirnáisiúnta, nach mór sraith gníomhaíochtaí spriocdhírithe a sheoladh go tráthúil chun infheistíochtaí a mhéadú agus chun geilleagair a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag géarú airgeadaíochta;
M. de bhrí go bhfuil aird leanúnach le díriú ar dhea-chleachtais a fhorbairt a bhaineann le beartas feidhmíochta agus bainistiú BEI, mar aon le dea-rialachas agus trédhearcacht;
N. de bhrí nach féidir leis an Aontas moill a chur leis na gníomhaíochtaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhadtéarmacha struchtúracha, amhail sciar laghdaitheach an daonra in aois oibre, an t-athrú aeráide, an digitithe agus na nuálaíochta;
O. de bhrí go n-éilítear le samhail ghnó BEI na caighdeáin is airde sláine, trédhearcachta, cuntasachta agus dea-rialachais, agus gur gá bearta leormhaithe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach chun gach cineál calaoise, sciúrtha airgid, maoinithe sceimhlitheoireachta agus coireachta eagraithe agus cleachtas cánach díobhálach a chomhrac go héifeachtach agus go héifeachtúil, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar na hiompraíochtaí toirmiscthe a sainaithníodh ina Bheartas Frithchalaoise, a athbhreithníodh le déanaí; de bhrí gur féidir leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) imscrúdú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le calaois, éilliú agus cionta eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE laistigh de BEI;
Oibríochtaí airgeadais agus feidhmíocht BEI
1. ag tabhairt le fios, an 31 Nollaig 2022, gurbh ionann clár comhardaithe iomlán Ghrúpa BEI agus EUR 547,3 mbilliún, arbh ionann é agus laghdú EUR 11,9 billiún nó 3,6 % i gcomparáid leis an 31 Nollaig 2021 tráth arbh ionann an figiúr coibhéiseach agus EUR 568,0 mbilliún;
2. ag aithint a thábhachtaí atá na príomhthorthaí a bhain Grúpa BEI amach in 2022, le maoiniú iomlán de EUR 72,5 billiún (lena n-áirítear acmhainní dílse agus tríú páirtí, i gcomparáid le EUR 93,6 billiún in 2021 agus EUR 74,7 billiún in 2020), rud a chuideoidh le thart ar EUR 260 billiún d’infheistíocht san fhíorgheilleagar a scaoileadh; ag tabhairt faoi deara na spriocanna atá ag dul i méid do 2023 agus 2024 (EUR 80,4 billiún agus EUR 82,2 billiún, faoi seach); á thabhairt dá haire gur dáileadh maoiniú in 2022 ar fud na bpríomhthosaíochtaí mar a leanas: EUR 17,93 billiún i nuálaíocht, i gcaipiteal digiteach agus daonna, EUR 20,86 billiún i bhfuinneamh inbhuanaithe agus acmhainní nádúrtha, EUR 17,31 billiún do chathracha agus réigiúin inbhuanaithe agus EUR 16,35 billiún do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe;
3. ag tabhairt dá haire go raibh leibhéal feidhmíochta foriomlán BEI fós ard in 2022, agus gur lean an phunann iasachtaí de bheith ag feidhmiú go maith, agus nach raibh cion na n-iasachtaí lagaithe ach 0,4 % ag deireadh 2022 (i gcomparáid le 0,3 % agus 0,4 % ag deireadh 2021 agus 2020, faoi seach) agus le glanbhrabús tuairiscithe EUR 1,1 billiún amhail an 31 Nollaig 2022 (i gcomparáid le EUR 2,5 billiún, EUR 1,7 billiún agus EUR 2,4 billiún in 2021, 2020 agus 2019, faoi seach); á chur i bhfios, toisc go gcoinnítear brabúis chun tacú le hoibríochtaí BEI, go bhfuil carnadh cúlchistí suntasacha thar na blianta mar thoradh ar chumas comhsheasmhach tuillimh an Bhainc, rud a mhéadaigh cistí dílse BEI ó EUR 76,1 billiún ag deireadh 2021 go EUR 77,2 billiún ag deireadh 2022;
4. ag tabhairt faoi deara, bunaithe ar shamhail eacnamaíoch arna forbairt go comhpháirteach ag Roinn Eacnamaíochta BEI agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, go gcruthóidh tacaíocht Ghrúpa BEI tuairim is 950 000 post nua in AE-27 faoi 2026 agus go mbeidh tionchar aici ar gheilleagar an Aontais arb ionann é agus + 1,07 pointe céatadáin de OTI;
5. á chur in iúl gur geal léi ról comhairleach an Bhainc, go háirithe i réigiúin ina gcomhcheanglaítear táirgeadh atá dian ar charbón agus leochaileacht shocheacnamaíoch agus chun tacú le gníomhaíochtaí oiriúnaithe lena dtugtar aghaidh go sainráite ar riachtanais na ngrúpaí den daonra is leochailí i leith thionchair an athraithe aeráide;
6. ag tabhairt dá haire, in 2022, gurbh ionann iasachtú nua an Bhainc agus EUR 65,15 billiún, gar do thorthaí na mblianta roimhe sin (EUR 65,4 billiún in 2021, EUR 66,1 billiún in 2020, EUR 63,3 billiún in 2019);
7. á chur i bhfios, in 2022, gur san Iodáil, sa Fhrainc agus sa Spáinn a leithdháileadh an sciar is mó den mhaoiniú;
8. ag tabhairt dá haire gur eisigh BEI, in 2022, EUR 19,9 billiún i mBannaí Feasachta Aeráide agus Inbhuanaitheachta (CABanna agus SABanna), ag athdhearbhú a róil mar cheannaire sna margaí domhanda bannaí glasa agus inbhuanaitheachta tar éis dó EUR 11,5 billiún agus a choibhéis EUR 10,5 billiún i dtáirgí fiachais inbhuanaitheachta a eisiúint in 2021 agus 2020; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh BEI sciar an chistithe inbhuanaitheachta (ó CABanna agus ó SABanna) ina chistiú iomlán go 45 % in 2022, i gcomparáid le 21 % agus 15 % in 2021 agus 2020;
9. á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuiltear ag dréim leis, le linn na tréimhse 2021-2027, go slógfaidh ráthaíocht InvestEU, arb ionann é agus EUR 26,2 billiúin, le soláthar ón gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus NextGenerationEU, níos mó ná EUR 372 bhilliún i dtaobh infheistíocht bhreise phríobháideach agus phoiblí san Eoraip, go príomha le haghaidh bonneagar inbhuanaithe, taighde, nuálaíocht agus digitiú, tacaíocht do FBManna agus infheistíocht shóisialta agus scileanna;
10. á chur in iúl gur geal léi gur síníodh Comhaontú InvestEU leis an gCoimisiún an 7 Márta 2022, rud a fhágann gurb iad BEI agus CEI na chéad chomhpháirtithe cur chun feidhme a shínigh comhaontú ráthaíochta; á mheabhrú gur tháinig clár InvestEU i gcomharbas ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), le himlonnú faoi CAI 2021-2027 an Aontais, agus gurb é BEI an príomh-chomhpháirtí cur chun feidhme freisin, a bheidh freagrach as 75 % de bhuiséad foriomlán an tsainordaithe a bhainistiú;
11. á chur in iúl gur geal léi gur fhormheas an Bord Stiúrthóirí ‘Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2023-2025’, a foilsíodh an 2 Feabhra 2023, lena ndeimhnítear ailíniú BEI le tosaíochtaí polaitiúla AE agus a thiomantas dlús a chur lena uaillmhian don aistriú digiteach agus glas;
12. á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach, ó glacadh Plean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2022-2024, táscairí feidhmíochta breisluacha le haghaidh formheasanna nua, tar éis sheoladh an chreata breisíochta agus tomhais tionchair in 2021; ag tuiscint nach gcuirtear oibríochtaí CEI san áireamh faoi chreat AIM, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil feidhm ag ceanglais bhreisíochta maidir le sainorduithe atá á mbainistiú ag CEI, lena n-áirítear táirgí ráthaíochta InvestEU agus CEI;
13. á chur in iúl gur mór aici an obair a rinne Rannán Meastóireachta Ghrúpa BEI, lena gcuirtear cuntasacht chun cinn trí mheasúnuithe fianaise-bhunaithe ar fheidhmíocht agus ar thorthaí an Ghrúpa agus lena rannchuidítear le comhroinnt eolais, lena gcuirtear bonn eolais faoi chinntí an Ghrúpa maidir le beartais, straitéisí, táirgí, tionscadail agus cúrsaí eagraíochtúla, agus lena bhfeabhsaítear feidhmíocht; ag tabhairt dá haire na meastóireachtaí ar chothromas agus ar leathchothromas agus ar thacaíocht fiachais, ag cur in iúl go dtugtar aghaidh le hinfhaighteacht an mhaoinithe sin ar bhearnaí ábhartha sa mhargadh agus go rannchuidíonn sé go suntasach le méideanna, forbairt margaidh agus dea-chleachtais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar seasta ag soláthar cistiúcháin chobhsaí agus intuartha ar an margadh, lena n-áirítear le linn géarchéime;
14. á chur in iúl go dtuigeann sí gur seachadadh os cionn EUR 1 bhilliún de thacaíocht BEI don aeraspás agus don chibearshlándáil in 2022, is mó ná an sprioc; á chreidiúint go bhfuil ról straitéiseach ag BEI chun tacú le maoiniú cosanta na hEorpa in earnálacha dé-úsáide; ag tabhairt dá haire go gcuirfidh tionscnamh slándála Eorpach straitéiseach nua atá ag BEI suas le EUR 6 bhilliún de mhaoiniú ar fáil faoi 2027; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil BEI chun comhpháirtíochtaí institiúideacha a neartú tuilleadh leis an gCoimisiún (go háirithe Ard-Stiúrthóireacht an Tionscail Cosanta agus an Spáis), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh don Chlár Spáis, leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus le ECAT;
15. ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs na ndúshlán a bhaineann leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus le fogha na Rúise faoin Úcráin, go bhfuil méadú tagtha ar an mbearna idir na Ballstáit ó thaobh a staideanna eacnamaíocha agus a n-acmhainneachtaí de; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go rachaidh na réigiúin agus na tíortha is mó atá buailte in oiriúint do na himthosca nua ionas nach bhfágfar aon duine ar lár;
16. á iarraidh ar an mBanc leanúint den ról tábhachtach le linn aghaidh a thabhairt ar bhearnaí infheistíochta in earnálacha amhail tithíocht shóisialta, fóntais bheaga, iompar poiblí, iompar inbhuanaithe, inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumais agus oideachas, agus breisíocht agus comhlántacht le cistí poiblí eile agus le hiasachtóirí tráchtála á n-áirithiú ag an am céanna;
17. á chur i bhfios go bhfuil infheistíochtaí in FBManna, san oideachas, sa taighde agus san fhorbairt, i riarachán éifeachtúil agus i mbonneagar áitiúil ar na bealaí is éifeachtaí chun fás a chur chun cinn;
18. á iarraidh ar BEI maoiniú a mhéadú chun borradh a chur faoin aistriú teicneolaíochta, cistí a chur ar fáil do FBManna le haghaidh taighde agus nuálaíocht fadtéarmach, tacú le forbairt scileanna arna n-oiriúnú d’fhíor-riachtanais mhargadh an tsaothair, agus infheistíocht a chur chun cinn i scileanna digiteacha fostaithe agus fiontraithe, i mbonneagar digiteach agus i bhfothú acmhainneachta don digitiú;
19. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil rátáil AAA ag BEI le hionchas ‘cobhsaí’ ó na trí mhórghníomhaireacht rátála creidmheasa (Fitch, Moody’s agus S&P); á athdhearbhú gur gá rátáil AAA an Bhainc chun foinsí iomchuí maoinithe margaidh ar na rátaí is fabhraí a áirithiú agus nach mór í a chaomhnú;
Tacaíocht BEI i bpríomhréimsí beartais – comhtháthú, bonneagar, digitiú, FBManna, nuálaíocht agus scileanna
20. ag tabhairt dá haire, faoi bheartas comhtháthaithe reatha AE don tréimhse chlársceidealaithe 2021-2027, go leanann rannchuidiú Ghrúpa BEI le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de bheith ag cuidiú le tíortha agus le réigiúin ar fud AE ina bhfuil an fhorbairt míchothrom; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, i gcomhthéacs na ngéarchéimeanna a bhfuil tíortha AE ag dul tríothu, go bhfuil na hiarmhairtí eacnamaíocha tar éis éagothromaíochtaí a mhéadú idir na Ballstáit agus go hinmheánach laistigh dá réigiúin, rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí fós a áirithiú gur féidir leis na réigiúin agus na tíortha is mó atá buailte dul in oiriúint do na himthosca nua ionas nach bhfágfar aon duine ar lár; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Bhainc tús a chur, ó 2023 amach, leis an bpríomhtháscaire feidhmíochta iasachtaithe do réigiúin bheagfhorbartha, arb é 21 % an sprioc ina leith in 2023, agus é mar aidhm 23 % de mhaoiniú iomlán an Aontais a bhaint amach faoi 2025; á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh go ndéantar tionscadail agus infheistíocht a leithdháileadh ar bhonn follasach agus geografach agus iad dírithe ar réigiúin bheagfhorbartha, go háirithe i réimse na sláinte, nuálaíocht, digitiú agus bonneagar, d’fhonn fás ionchuimsitheach agus coinbhéirseacht agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche; ag tabhairt faoi deara, sa chomhthéacs sin, go méadaítear le páipéar Treoshuíomh Comhtháthaithe BEI do 2021-2027 maoiniú Ghrúpa BEI a bhaineann le comhtháthú go tuairim is 40 % den mhaoiniú laistigh den Aontas do 2022 (ag ardú go 45 % faoi 2025), ar cheart 20 % de a leithdháileadh ar réigiúin bheagfhorbartha; á chur in iúl gurb eol di, agus cuimsiú sóisialta agus forbairt, comhdheiseanna agus dálaí oibre cothroma á gcur chun cinn, go dtacaíonn an Grúpa le beartais shóisialta ábhartha an Aontais agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta; ag tabhairt dá haire gur síníodh beagnach leath d’iasachtú BEI in AE in 2022 (46 %) do thionscadail i réigiúin chomhtháthaithe, rud is bunús le tacaíocht an Bhainc d’fhás agus do chóineasú cothrom ar fud AE; á iarraidh ar BEI a bheith níos gníomhaí agus é ag tabhairt aghaidh ar easnaimh athfhillteacha lena gcuirtear cosc ar réigiúin nó tíortha áirithe as tairbhe iomlán a bhaint as gníomhaíochtaí airgeadais BEI;
21. á chreidiúint go gcuireann an nuálaíocht iomaíochas, maolú ar an athrú aeráide agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta chun cinn agus go bhfuil bearna shuntasach struchtúrach fós ann i nuálaíocht agus in infheistíocht digitithe an Aontais; á mholadh do BEI tacú leis an gclaochlú digiteach, seasamh leis an neamhspleáchas straitéiseach sa réimse digiteach agus tionscadail bhonneagair dhigitigh a chur chun cinn, a bheidh le comhtháthú i gcaighdeáin agus i bprótacail lena dtacaítear le slándáil agus athléimneacht líonra, le hidir-inoibritheacht agus le hidirlíon oscailte, iolraíoch agus slán; á iarraidh ar an mBanc neamhspleáchas na hEorpa a chothú i bpríomhtheicneolaíochtaí agus tacú le claochlú teicneolaíoch cuideachtaí Eorpacha, a mbeidh deathionchar mór aige ar phoist agus dlús á chur leis an digitiú; á iarraidh ar an mBanc, thairis sin, tacú le neartú acmhainneachtaí cibearshlándála san Aontas, chun an Eoraip a dhéanamh níos athléimní agus níos frithghníomhaí in aghaidh cibearbhagairtí, agus ag an am céanna na sásraí comhair atá ann cheana a neartú agus eintitis chriticiúla agus seirbhísí bunriachtanacha a chosaint, amhail ospidéil agus fóntais phoiblí;
22. á chur in iúl gurb eol di go nascann gníomhaíochtaí BEI an aeráid, an nuálaíocht agus an fhorbairt agus an nuálaíocht agus an teicneolaíocht á n-aithint mar phríomhchumasóirí an aistrithe chuig geilleagar astaíochtaí glan-nialasacha; á chreidiúint, chun na spriocanna uaillmhianacha aeráide agus digiteacha a bhaint amach, gur cheart do BEI a straitéis a choinneáil chun tacú le gníomhaíochtaí eolasbhunaithe agus ardriosca lena nginfear breisíocht níos mó, agus go gcuirfidh glacadh riosca níos mó trí ‘ghníomhaíochtaí speisialta’ ar chumas an Bhainc tuilleadh teagmhála a dhéanamh le cliaint agus earnálacha nua, agus táirgí a fhorbairt a fhreagraíonn do dhinimic an mhargaidh a aistriú agus do riachtanais athraitheacha an mhargaidh;
23. á chur i bhfios gur cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip é an Sásra um Aistriú Cóir agus go dtugann sé aghaidh ar na héifeachtaí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le bogadh i dtreo na haeráidneodrachta; ag tabhairt dá haire go dtugann rannchuidiú Ghrúpa BEI don Sásra um Aistriú Cóir nasc tábhachtach idir an dá phríomhchuspóir beartais thrasearnálacha atá ag an nGrúpa maidir le gníomhú ar son na haeráide agus comhtháthú; á thabhairt chun suntais an ról a iarrtar ar BEI a imirt chun tacú le geilleagar AE tríd an Sásra um Aistriú Cóir; á chur i bhfios go láidir go dtacaíonn BEI le gach ceann de thrí cholún an tSásra um Aistriú Cóir; á chur in iúl go dtuigeann sí, i gcás gach ceann de na trí cholún, go bhfuil gníomhaíocht BEI dírithe ar an éileamh; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a síníodh i mí Mheán Fómhair 2022 idir an Coimisiún agus BEI maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí, an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir, lena maoineofar infheistíochtaí poiblí ar fiú EUR 10 mbilliún iad in iasachtaí BEI sna réigiúin is mó atá thíos le haistriú glas an Aontais; á iarraidh ar BEI tacaíocht chomhairleach a chur ar fáil do na tairbhithe a d’fhéadfadh a bheith ann ó na limistéir is mó atá buailte chun tionscadail a ullmhú agus a chur chun feidhme;
24. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá FBManna do gheilleagar na hEorpa agus á thabhairt le fios gurb ionann na 23 mhilliún FBM san Aontas agus 99 % de na gnólachtaí uile agus níos mó ná leath de OTI na hEorpa, agus go bhfuil ról lárnach acu maidir le breisluach a chur le gach earnáil den gheilleagar agus thart ar dhá thrian de na poist uile a chur ar fáil; á chreidiúint go bhfuil ról mór le bheith ag FBManna san aistriú cuimsitheach chuig an aeráidneodracht, i gclaochlú digiteach thionscail na hEorpa agus in iomaíochas fhiontraithe AE; ag tabhairt dá haire gur gá aon cheanglais nua iomarcacha a sheachaint lena gcruthófaí níos mó maorlathais do FBManna;
25. á chur in iúl gur geal léi gur chuir BEI maoiniú EUR 16,35 billiún ar fáil in 2022 do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe; á chur i bhfios gur shroich tacaíocht airgeadais Ghrúpa BEI in 2022 thart ar 430 000 FBM agus cuideachtaí meánchaipitlithe a sholáthair 5,3 milliún post;
26. á chur i bhfios go láidir an ról atá ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht maidir le tacú le cuideachtaí, FBManna Eorpacha den chuid is mó, agus ag tabhairt dá haire, faoin 31 Nollaig 2022, go raibh tionscadail fhormheasta ag comhlachtaí rialaithe BEI ar fiú EUR 23,54 billiún iad (i gcomparáid le EUR 23,2 billiún in 2021), ar maoiniú BEI EUR 11,07 billiún agus EUR 12,47 billiún de, agus gur shroich na sínithe a tháinig astu EUR 20,9 billiún ag deireadh 2022 (EUR 10,3 billiún bhain le BEI agus EUR 10,6 billiún a bhain le CEI); á chur i bhfios go meastar go slógfar infheistíocht iomlán EUR 187,3 billiún leis an idirghabháil sin (i gcomparáid le EUR 174,4 billiún san iomlán an 31 Nollaig 2021); á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi chineál sealadach na hionstraime sin agus nár cuireadh síneadh leis an tréimhse leithdháilte le haghaidh táirgí an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht ach go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcomhthéacs na mbeart chun tacú le téarnamh an Aontais tar éis phaindéim COVID-19, agus molann sí tráthúlacht an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht chun cuidiú le tionchar eacnamaíoch na paindéime ar ghnólachtaí a mhaolú; ag tabhairt dá haire na hábhair imní a cuireadh in iúl faoin easpa trédhearcachta maidir le himscaradh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht (go háirithe, an próiseas cinnteoireachta, foilsiú tráthúil tionscadal maoinithe agus sainaithint na bhfaighteoirí deiridh); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil meastóireacht ar an gCiste Eorpach um Ráthaíocht curtha san áireamh i gclár oibre Rannán Meastóireachta BEI do 2024 agus ag dréim leis go soláthróidh sé anailís uileghabhálach ar bhreisluach agus tionchar éifeachtach imscaradh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht;
27. á chreidiúint chun aghaidh a thabhairt ar mhórbhearnaí infheistíochta struchtúraí AE, gur gá bacainní infheistíochta airgeadais agus neamhairgeadais araon a shárú agus acmhainní agus acmhainneachtaí a shlógadh agus a chomhordú ar scála mór, i gcomhar le fothú acmhainneachta teicniúla agus riaracháin agus le laghdú ar bhacainní rialála; á iarraidh go neartófar cúnamh teicniúil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a saineolas airgeadais, go háirithe i réigiúin ina bhfuil cumas íseal infheistíochta, sula bhformheasfar an tionscadal, chun rochtain ar chistiú BEI a fheabhsú;
28. á aithint gur gá feabhas a chur ar acmhainneacht theicniúil agus riaracháin chun infheistíochtaí claochlaitheacha a spriocdhíriú agus a chur chun feidhme trí chistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh in anailís oibríochtúil BEI ilroinnt na margaí feadh teorainneacha náisiúnta, rialáil ilroinnte, acmhainneacht theoranta tionscnóirí na hearnála poiblí agus srianta buiséid náisiúnta mar mhór-shaincheisteanna lena gcuirtear bac ar thionscadail infheistíochta; á iarraidh ar Ghrúpa BEI tacú le hacmhainneacht riaracháin a fheabhsú trí leas a bhaint as a thaithí oibríochtúil;
29. á iarraidh ar Ghrúpa BEI rannchuidiú le soiléireacht a sholáthar agus dreasachtaí a chaomhnú chun claochlú na hEorpa a chur chun cinn, chun éifeacht chatalaíoch na hinfheistíochta poiblí a fheabhsú chun infheistíocht a phlódú isteach san earnáil phríobháideach, chun rochtain ar ionstraimí airgeadais lena n-ionsúfar riosca a éascú chun cabhrú le hinfheistíocht straitéiseach san earnáil phríobháideach a chosaint, chun bacainní riaracháin neamhriachtanacha a laghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar an easpa scileanna teicniúla, go háirithe do ghnólachtaí agus do bhardais i réigiúin chomhtháthaithe agus do chuspóirí glasa agus digiteacha atá níos casta;
30. á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha roimh fheirmeoirí AE, amhail an gá atá le hoiriúnú do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chomh maith leis an gcur isteach arb iad éifeachtaí na géarchéime fuinnimh, méadú ar an mboilsciú agus an cogadh san Úcráin is cúis leis; á thabhairt chun suntais gur príomhghníomhaithe don fhás agus don fhorbairt i gceantair thuaithe iad earnálacha na talmhaíochta, na foraoiseachta agus an iascaigh; á iarraidh ar BEI cúnamh níos fearr a chur ar fáil chun tacú leis na hearnálacha tábhachtacha sin;
31. ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI dícheall cuí a dhéanamh i gcéim ullmhúcháin na dtionscadal uile chun breithniú cúramach agus urraim do chearta an duine agus do phobail dhúchasacha a áireamh, agus straitéis shoiléir um chearta an duine a fhorbairt lena n-áirítear rioscaí agus measúnuithe tionchair maidir le cearta an duine;
BEI, an aeráid agus an comhshaol
32. á áitiú gur cheart do shreafaí airgeadais uile BEI a bheith ag teacht go hiomlán le glanastaíochtaí nialasacha faoi 2050 ar a dhéanaí agus le cuspóir méadaithe aeráide an Aontais le haghaidh 2030; á mheabhrú nach mór don aistriú aeráide a bheith cuimsitheach agus cothrom, nach mór infheistíochtaí glasa a bheith inmharthana agus go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh BEI a iasachtú, a ionstraimí airgeadais, a chúnamh teicniúil agus a sheirbhísí comhairleacha a ghiaráil chun tacú le daoine aonair agus le gnóthaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha rompu a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de;
33. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, cé go bhfuil infheistíochtaí chun an t-athrú aeráide a theorannú ag dul i méid, go bhfuil siad fós i bhfad níos ísle ná mar is gá chun sprioc na hEorpa chun glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050; ag tabhairt dá haire, de réir anailísí BEI, cé go bhfuil infheistíocht aeráide AE tar éis titim arís le linn na paindéime, nach mór dlús suntasach a chur le leibhéal an chaiteachais sin don Aontas chun a chuid spriocanna a bhaint amach, agus EUR 356 billiún breise in aghaidh na bliana i gcomparáid le 2010-2020 ag teastáil chun EUR 1 trilliún d’infheistíocht a bhaint amach agus go n-éireoidh leis astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % faoi 2030;
34. ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh maoiniú glas ó BEI go EUR 36,5 billiún (58 % den iomlán) in 2022, a théann níos mó ná an sprioc 50 % ar a laghad den mhaoiniú iomlán a dhíriú ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar inbhuanaitheacht chomhshaoil i bhfad roimh 2025; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht EUR 222 bhilliún tugtha cheana féin ag BEI d’infheistíocht den sórt sin le dhá bhliain anuas agus ag spreagadh Ghrúpa BEI tuilleadh rannpháirtíochta a dhéanamh i dtreo a chuspóra tacú le EUR 1 trilliún i maoiniú glas an deich mbliana seo;
35. á chur in iúl gur oth léi neart laghdaithe AE i réimse na teicneolaíochta glaise, áit ar bhunaigh sé é féin mar cheannaire roimhe sin; á chreidiúint gur gá don Aontas a chuid infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos ceannródaíocha a mhéadú, amhail teicneolaíochtaí hidrigine, agus feabhas a chur ar a iarrachtaí i réimsí na soghluaisteachta inbhuanaithe, na n-eangach cliste, na gaoithe agus na gréine agus na stórála fuinnimh;
36. ag tabhairt faoi deara gur shínigh Grúpa BEI méid curiarrachta de mhaoiniú nua d’fhoinsí in-athnuaite, d’éifeachtúlacht, do stóráil agus d’eangacha in 2022, agus gur fiú EUR 17,06 billiún maoiniú iomlán BEI do thionscadail fuinnimh inbhuanaithe laistigh de AE;
37. á chur in iúl gur mór aici an fógra ó BEI ag an 27ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27), a tionóladh in Sharm El-Sheikh, an Éigipt ón 6 go dtí an 18 Samhain 2022, go dtacóidh an Grúpa le plean REPowerEU an Choimisiúin le EUR 30 billiún breise in iasachtaí agus i maoiniú cothromais faoi 2027, a thiomnófar go príomha d’fhoinsí in-athnuaite, d’éifeachtúlacht fuinnimh, d’eangacha agus stóráil, do bhonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha agus do theicneolaíochtaí ceannródaíocha, amhail hidrigin ísealcharbóin;
38. á chur in iúl gur geal léi an pacáiste maoinithe spriocdhírithe a d’fhormheas Bord Stiúrthóirí BEI an 26 Deireadh Fómhair 2022, lena bhfuiltear ag súil go slógfar suas le EUR 115 bhilliún d’infheistíocht nua faoi 2027, rud a chuirfidh go suntasach le cuspóir REPowerEU deireadh a chur le spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise, i gcomhar le tacaíocht leanúnach BEI don earnáil fuinnimh in AE, a bhfuil EUR 10 mbilliún de mhaoiniú ar an meán i gceist leis in aghaidh na bliana le deich mbliana anuas;
39. á chur i bhfios go láidir go neartaíonn Beartas Comhshaoil agus Sóisialta Ghrúpa BEI an tiomantas do chur chun cinn agus cur chun feidhme chuspóirí an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus an Chreata Bithéagsúlachta Dhomhanda tar éis 2020 agus go n-áirithíonn Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta BEI nach ndéanann tionscadail mhaoinithe dochar suntasach don bhithéagsúlacht agus d’éiceachórais; á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú ó ‘gan glanchaillteanas’ go ‘gan caillteanas’ na bithéagsúlachta, i gcomhréir le beartais AE;
BEI agus slándáil fuinnimh
40. á chur i bhfios go láidir gur chuir ionradh neamhdhleathach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh leis na srianta soláthair atá ann cheana agus go dtéann iarmhairtí praghsanna fuinnimh thar an tionchar díreach ar theaghlaigh agus ar ghnóthaí, rud a spreag boilsciú agus a chuir brú ar an éileamh, agus gurb iad teaghlaigh, gnóthaí agus rialtais na hEorpa a sheasfaidh na costais;
41. á chur in iúl gur mór aici go gcáineann BEI an t-ionradh míleata a rinne trúpaí Rúiseacha ar an Úcráin; ag tabhairt dá haire, ó thús an ionraidh, go ndearna BEI EUR 1,7 billiún a shlógadh agus a eisíoc i bhfaoiseamh éigeandála don Úcráin, le tacaíocht ón gCoimisiún;
42. á chur in iúl gur eol di go bhfuil cumas gheilleagair na hEorpa suaitheadh nua a sheasamh casta mar gheall ar oidhreacht fhioscach na paindéime; á aithint go bhfuil an beartas láidir fioscach a glacadh mar fhreagairt ar an bpaindéim in 2020 agus 2021 tar éis teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chaillteanas forleathan ioncaim, agus gur chosain na bearta sin acmhainneacht tháirgiúil an gheilleagair ar bhealach a chuir ar a chumas filleadh go tapa nuair a cuireadh deireadh le srianta COVID-19; á chur i bhfios gur ath-leithdháileadh an tacaíocht fhioscach thuasluaite sciar mór den ghlansaibhreas ón bpobal go dtí an earnáil phríobháideach, rud a mhéadaigh an fiachas poiblí agus coigilteas príobháideach, agus, tar éis gníomhaíochtaí den sórt sin, go bhfuil níos lú saoirse ag rialtais aon ainliú fioscach a dhéanamh chun an tionchar a bhíonn ag praghsanna arda fuinnimh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú;
43. á mheabhrú gur féidir ról tábhachtach a bheith ag BEI maidir le forbairt acmhainneachtaí tionsclaíocha AE a chothú trí na dálaí infheistíochta cearta a chruthú chun slándáil an tsoláthair a áirithiú ar fud an tslabhra luacha, agus maidir le rannchuidiú le ceannaireacht thionsclaíoch na hEorpa amach anseo, agus, ar an gcaoi sin, meáchan geopholaitiúil AE a neartú;
44. ag tabhairt dá haire, le deich mbliana anuas, gur dhírigh Grúpa BEI níos mó ná EUR 100 billiún in earnáil fuinnimh AE, ag infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh, in-athnuaite, in eangacha agus i stóráil; á thabhairt faoi deara go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil faoi láthair chun cabhrú leis na Ballstáit mar fhreagairt ar an ngéarchéim a d’eascair as an gciorrú tobann ar sholáthairtí gáis na Rúise;
45. ag tabhairt dá haire cinneadh Bhord Stiúrthóirí BEI i nDeireadh Fómhair 2022 méideanna maoinithe fuinnimh ghlain an Ghrúpa a ardú chun tacú le cuspóir REPowerEU deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar allmhairí breosla iontaise na Rúise, agus ina dhiaidh sin déanfar EUR 30 billiún breise a infheistiú sna cúig bliana amach romhainn; á chreidiúint nár cheart, mar thoradh ar an gcinneadh sin, go ndéanfaí scaoileadh buan ar na gcritéir aeráide nach mór do chuideachtaí a chomhlíonadh chun cáiliú do thacaíocht; á mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag Creat PATH a áirithiú go ndéanfar tionscadail mhaoinithe a ailíniú le Comhaontú Pháras agus go gcomhlíonfaidh oibreoirí leis trína ngníomhaíocht ghnó fhoriomlán a dhícharbónú agus trína n-athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide a neartú, i gcomhréir le Treochlár Bhanc Aeráide BEI; á áitiú gur gá infheistíochtaí a bhfuil breisluach AE acu a neartú trí thacú le tionscadail chomhair thrasnáisiúnta i dtáirgeadh agus i mbonneagair fuinnimh;
46. á chur i bhfios go láidir gur cheart na hinfheistíochtaí uile a thugann aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh, mar aon le hinfheistíochtaí glasa agus digiteacha, a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil agus trédhearcach;
Gníomhaíochtaí EIF
47. ag tabhairt dá haire gur cuid de Ghrúpa BEI é CEI agus gurb é an misean lárnach atá aige tacú le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) na hEorpa trí chuidiú leo rochtain a fháil ar mhaoiniú; á chur in iúl gurb eol di go ndearann agus go bhforbraíonn CEI caipiteal fiontair agus fáis, ráthaíochtaí agus ionstraimí micreamhaoiniúcháin a dhíríonn go sonrach ar an gcuid sin den mhargadh agus, ar an gcaoi sin, go rannchuidíonn CEI le príomhchuspóirí beartais an Aontais a shaothrú amhail iomaíochas agus fás, nuálaíocht agus digitiú, tionchar sóisialta, scileanna agus caipiteal daonna, agus gníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht chomhshaoil;
48. ag tabhairt dá haire go méadaíonn clár maoinithe is déanaí CEI méid na n-acmhainní, ó EUR 9,2 billiún in 2022 go EUR 13,0 billiún agus EUR 13,5 billiún faoi seach in 2023 agus in 2024; á thuiscint go bhfuil sé beartaithe ag CEI leas a bhaint as acmhainneacht iomlán shainordú tosaigh InvestEU in 2022 agus 2023 trí 60 % de bhuiséad InvestEU, a fhaigheann tacaíocht ó NextGenerationEU, a fhormheas faoi dheireadh 2023 agus na sínithe comhfhreagracha a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2024;
49. ag tabhairt dá haire, le linn 2022, gur díríodh 30 % de thacaíocht airgeadais CEI ar inbhuanaitheacht spriocdhírithe agus ar an gclaochlú glas agus, i gcomhréir le huaillmhian Threochlár Bhanc Aeráide Ghrúpa BEI, go ndearnadh 21 % – thart ar EUR 2 bhilliún – a dhíriú ar chuspóirí cothrománacha an ghníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil; á chur i bhfios go láidir gur thacaigh CEI le fiontair nuálacha san agraiteicneolaíocht, sa gheilleagar gorm, sa chiorclaíocht agus sa tsoghluaisteacht inbhuanaithe, chomh maith le cuidiú le gnólachtaí agus daoine aonair traidisiúnta a n-infheistíochtaí aeráide a mhaoiniú;
50. á chur i bhfios, in 2022, gur chuir CEI os cionn EUR 9 mbilliún de chistiú ar fáil do ghnólachtaí beaga agus do thionscadail ghlasa, agus é mar aidhm EUR 97 mbilliún d’infheistíochtaí a shlógadh lena dtacaítear leis an aeráidneodracht, le haistriú digiteach thionscail AE agus le hiomaíochas fiontraithe in AE;
51. á thabhairt dá haire gur lean CEI de bheith ag díriú ar an gcuspóir cothrománach comhtháthaithe, go príomha trí chláir infheistíochta chomhpháirteacha i ndáil le hArdán Cothromais CEI-Institiúidí Náisiúnta um Chur Chun Cinn agus trí 39 % den mhaoiniú a dhíriú chuig eintitis i réigiúin chomhtháthaithe AE;
Tionchar lasmuigh de AE
52. á chur in iúl gurb eol di, ina ghníomhaíochtaí lasmuigh de AE, go dtacaíonn Grúpa BEI le cuspóirí agus tosaíochtaí ghníomhaíochtaí seachtracha AE, go n-úsáideann sé a shaineolas agus a thaithí lasmuigh de AE i réimsí tosaíochta amhail gníomhú ar son na haeráide, an tsláinte agus an digitiú, luachanna AE, agus prionsabail an dea-rialachais;
53. á iarraidh ar AE an leas is mó is féidir a bhaint as acmhainneacht BEI mar uirlis chun uathriail straitéiseach AE a ghiaráil, go háirithe ó thaobh fuinnimh agus amhábhar de, agus chun tosaíochtaí beartais sheachtraigh an Aontais a chur chun cinn ina chaidreamh le tíortha nach bhfuil san Aontas, i lánchomhlíonadh an phróisis maidir le dícheall cuí comhshaoil agus sóisialta, chomh maith le comhordú láidir idir an Coimisiún, SEGS agus toscaireachtaí AE chun plé agus comhar le gníomhaithe ábhartha ar an láthair a éascú chun a shainaithint cé na tionscadail is fearr a chomhlíonann cuspóirí éifeachtachta forbartha;
54. á chur in iúl gur mór aici gur cuireadh leis na hiarrachtaí ó bunaíodh BEI Domhanda, ach á mholadh do BEI a bheith níos réamhghníomhaí maidir le cumarsáid agus infheictheacht fhoriomlán AE a chur chun cinn, go háirithe maidir lena chuid oibre sa Domhan Theas; ag tabhairt rabhaidh, áfach, agus an infheictheacht á saothrú, nár cheart do thionscadail an phobail a bheith brúite amach ag tionscadail níos mó, agus á chur i bhfáth nach mór do ghníomhaithe áitiúla a bheith rannpháirteach go leordhóthanach;
55. á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh tús le gníomhaíocht oibríochtúil an 1 Eanáir 2022 ar leibhéal Domhanda BEI, a bunaíodh tar éis chinneadh Bhord Stiúrthóirí BEI i Meán Fómhair 2021 agus ar cuireadh gníomhaíochtaí uile BEI de chúram orthu i réigiún an mhéadaithe, i dtíortha Chomharsanacht Oirthear agus Dheisceart AE, na hAfraice fo-Shaháraí, na hÁise, Mheiriceá Laidinigh, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil sé beartaithe go mbeidh BEI Domhanda ar an bpríomhghéag maoinithe d’Fhoireann na hEorpa, a oibríonn lasmuigh de AE, lena gcomhcheanglaítear cumhacht BEI, Bhallstáit AE agus institiúidí infheistíochta eile atá ag obair i gcomhar le AE; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, oscailt oifigí BEI in Pretoria, i gCív agus i mBéalgrád, rud a chuideoidh le BEI a mhisean a chur chun feidhme; á chreidiúint go gcuirfidh BEI Domhanda go mór le spriocanna neamhspleáchas straitéiseach AE a neartú agus leis an gcomhar iltaobhach a fheabhsú;
56. ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh BEI Domhanda dírithe ar chlár oibre cothrom agus inbhuanaithe i dtíortha is faighteoirí, agus forbairt shoiléir á léiriú ag an am céanna;
57. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí agus rannpháirtíocht BEI i dtíortha na mBalcán Thiar agus an infheistíocht EUR 835,2 milliún atá déanta aige iontu in 2022 trí BEI Domhanda, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le plean eacnamaíoch agus infheistíochta an Aontais don réigiún; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh níos mó ná 80 % de na hinfheistíochtaí sínithe in 2022 chuig tionscadail atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; á chur in iúl gur geal léi gur fiú EUR 2,5 billiún san iomlán ó 2020 i leith infheistíochtaí BEI chun tacú le haistriú inbhuanaithe glas agus digiteach na ngeilleagar áitiúil sa réigiún; ag spreagadh BEI Domhanda chun leanúint de rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil ar théarmaí fabhracha do ghnólachtaí sna Balcáin Thiar a dhéanann infheistíocht chun dlús a chur leis an gclaochlú digiteach agus le cur chun feidhme an bhonneagair dhigitigh, líonra teileachumarsáide 5G a leathnú, forbairt uirbeach inbhuanaithe, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a áirithiú, lena n-áirítear tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail aeráidneodracha; á chur in iúl gur geal léi seoladh na ráthaíochta d’athléimneacht FBManna faoi shaoráid forbartha fiontraíochta agus nuálaíochta na mBalcán Thiar, chun rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil ar théarmaí fabhracha do thart ar 4 000 gnólacht beag sa réigiún; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an nós imeachta um rialú buiséadach ós rud é, de réir Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, gur beag tionchar a bhí ag tacaíocht airgeadais AE ar fiú thart ar EUR 700 milliún í idir 2014 agus 2020 chun an smacht reachta a chur chun cinn sna Balcáin Thiar ar athchóirithe bunúsacha;
58. ag tabhairt dá haire iarrachtaí BEI maidir leis an bpróiseas díchill chuí do chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a chuid oibríochtaí; ag spreagadh BEI comhairliúchán fóinteach leis na pobail áitiúla a neartú tuilleadh le linn chur chun feidhme na dtionscadal, sásraí cuntasachta láidre a ionchorprú le haghaidh pobail a ndéantar difear dóibh agus dlúthfhaireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar easnaimh a rannpháirtíochta agus ar ról a idirghabhálaithe i dtionscadail a raibh tionchar diúltach acu ar phobail áitiúla i dtíortha i mbéal forbartha;
59. ag dréim leis go mbeidh BEI Domhanda agus a shásraí comhordúcháin le hinstitiúidí maoinithe forbraíochta eile go hiomlán trédhearcach; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, na malartuithe rialta le Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus le déanaí, i Lucsamburg, chomh maith le hidirphlé oscailte leanúnach an Bhainc leis na geallsealbhóirí uile, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe áitiúla;
60. ag spreagadh BEI chun leanúint de pháirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt pleanála, modhanna agus cleachtais faireacháin agus mheastóireachta ar leibhéal na tíre, i gcomhar le toscaireachtaí AE agus le gníomhaithe náisiúnta agus áitiúla, agus trí chómhaoiniú leis na hinstitiúidí maoinithe forbartha;
61. ag moladh ghníomhaíocht mhear BEI chun tacú leis an Úcráin díreach tar éis thús chogadh foghach na Rúise trí EUR 1,7 billiún i gcistí a eisíoc in 2022 in imthosca an-deacair; ag tabhairt dá haire go bhfuil EUR 540 milliún fós le heisíoc mar thionscadail nithiúla ar an dul chun cinn ar an láthair; ag spreagadh BEI chun a áirithiú go ndéanfaidh sé a chion trí Thionscnamh AE don Úcráin chun geilleagar na hÚcráine a choinneáil ar snámh, chun tacú le hiarrachtaí atógála na tíre, i gcomhréir leis an sainordú a fuarthas an 15 Nollaig 2022 ón gComhairle Eorpach;
62. ag tathant ar BEI coinníollacht dhocht a áirithiú maidir leis an gcúnamh airgeadais a thugtar don Úcráin, lena n-áirítear maoirseacht shoiléir agus chuimsitheach ar chaiteachas chistí AE atá dírithe ar atógáil agus ar chabhair dhaonnúil; á mheabhrú, ina leith sin, go bhfuil gá le cur chuige córasach AE chun feabhas a chur ar chomhordú na gcistí eisíocaíochta agus chun feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chaiteachas;
63. á chur in iúl gurb eol di, faoi Fhoraithne Uimh. 64/2022 ó Uachtarán na hÚcráine, ón 24 Feabhra 2022, go raibh na riaracháin mhíleata freagrach as cumhachtaí na riarachán stáit áitiúil ábhartha a fheidhmiú, agus i gcríocha dí-áitithe, lena réitítear saincheisteanna a bhaineann le hullmhú, formheas, leasú agus cur chun feidhme an bhuiséid áitiúil, an bainistiú maoine faoi úinéireacht chomhchoiteann an phobail chríochaigh faoi seach agus, ar feadh tréimhsí gearra, cinntí a ghlacadh maidir le forbairt talún agus úsáid acmhainní nádúrtha a bhfuil tábhacht áitiúil leo; á chreidiúint, sa staid reatha, go bhfuil acmhainní agus cumhachtaí teoranta ag na húdaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta náisiúnta chun an leibhéal caighdeánach trédhearcachta agus rialaithe leormhaith ar na hacmhainní airgeadais a úsáidtear a áirithiú; ag tathant ar BEI rannpháirtíocht na ndaoine áitiúla agus ionadaithe atá tofa go daonlathach den fhéinrialtas áitiúil a áirithiú agus a fhormhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí cur chun feidhme a mhéadú agus ról láidir faireacháin a shaothrú maidir leis na hacmhainní a leithdháiltear chun a míleithreasaithe nó a mí-úsáid a chosc; á iarraidh ar BEI a fhoirne faireacháin agus iniúchóireachta féin a bhunú san Úcráin, lena n-áiritheofaí cruinneas na sonraí iniúchóireachta a bhaineann le gach tionscadal arna gcistiú ag AE;
64. á iarraidh ar BEI comhordú a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh air maidir le cistí ó thionscnamh AE don Úcráin leis an gCoimisiún, leis an mBanc Domhanda agus le daoine eile laistigh d’Ardán um Chomhordú Dheontóirí G7 don Úcráin, chomh maith le húdaráis réigiúnacha agus bhardasacha na hÚcráine, chun cur chun feidhme cur chuige comhoibríoch a áirithiú chun freastal ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine;
65. á lua, sa bhreis ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin, gur dheonaigh BEI Domhanda EUR 9,1 billiún de mhaoiniú nua in 2022, rud a thug go EUR 10,8 billiún an méid iomlán gníomhaíochta a rinne an fhochuideachta sin BEI, a seoladh i mí Eanáir 2022 chun dlús a chur le hoibríochtaí lasmuigh de AE;
66. á chur in iúl gur geal léi tacaíocht airgeadais agus theicniúil BEI do Phoblacht na Moldóive, agus spleáchas agus leochaileacht fuinnimh na tíre á gcur san áireamh sa chomhthéacs geopholaitiúil reatha; á iarraidh ar BEI leanúint de thacaíocht a thabhairt don Mholdóiv chun dlús a chur lena haontachas le AE agus lena dul chun cinn i dtreo neamhspleáchas agus éagsúlú fuinnimh fadtéarmach;
67. ag spreagadh BEI Domhanda chun láithreacht áitiúil níos láidre a shaothrú trí tháirgí agus samhlacha gnó a chur in oiriúint do riachtanais áitiúla agus comhoibriú níos dlúithe le hinstitiúidí comhpháirtíochta, chun feabhas a chur ar thionchar forbartha AE ar Fhoireann na hEorpa faoi scáth na hionstraime um chomharsanacht, forbairt agus comhar idirnáisiúnta – an Eoraip dhomhanda;
68. á chur in iúl gur geal léi an chéad chomhaontú airgeadais a síníodh idir BEI agus Ciste Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Talmhaíochta (IFAD), lena gcuirfear EUR 500 milliún ar fáil do IFAD chun tacú lena chlár chun slándáil bia a fheabhsú agus chun bochtaineacht a laghdú i gceantair thuaithe agus chun cabhrú le feirmeoirí beaga oiriúnú don athrú aeráide;
69. ag tarraingt aird ar thuairimí éagsúla na mBallstát maidir le conas an maoiniú agus an cumhdach is gá ó bhuiséad AE a áirithiú chun rannpháirtíocht leanúnach an Bhainc san Úcráin a cheadú, rud a d’fhéadfaí teacht chun deiridh mura dtiocfar ar réiteach ar bith; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh BEI don Úcráin, a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le bonneagar a atógáil, tacú le riachtanais infheistíochta tosaíochta agus tacú le gnó; ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú go leanfar de thacaíocht láidir a chur ar fáil don tír i gcomhréir lena riachtanais; á iarraidh go ndéanfar anailís chríochnúil leanúnach ar na riachtanais airgeadais maidir le hatógáil agus forbairt inbhuanaithe na hÚcráine agus tús áite á thabhairt do riachtanais áitiúla, lena n-áirítear measúnú ar thionchar an chogaidh ar an gcomhshaol;
70. ag spreagadh BEI (BEI Domhanda), ag tógáil ar bhunú an chéad mhol réigiúnaigh sa Chéinia, chun a láithreacht sa réimse i dtíortha nach bhfuil san Aontas a neartú tuilleadh, agus acmhainní á gcur le chéile, i gcás inar féidir, agus dlús a chur leis an gcomhar le gníomhaithe eile Eorpacha agus neamh-Eorpacha, go háirithe institiúidí maoinithe forbartha; á iarraidh go mbeidh sainordú forbartha nithiúil agus láidir ann do Dhomhanda BEI, a bheidh fréamhaithe chun neamhionannais a laghdú agus chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus chun tacú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag tacú le méadú ar na ráthaíochtaí a thugtar do BEI le buiséad AE chun go mbeidh an Banc in ann a chuid gníomhaíochtaí a leathnú sa Domhan Theas;
71. ag spreagadh tuilleadh comhair agus go ndéanfaí oiriúnú ar mhodhanna oibre agus uirlisí BEI agus go háirithe BEAF, maidir le riachtanais infheistíochta san Afraic amach anseo, chun infheistíochtaí ar mhórscála a éascú, agus tacaíocht AE á coinneáil ag an am céanna do thionscadail áitiúla ar scála níos lú, ag rannchuidiú ar deireadh le spriocanna Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach;
72. á iarraidh ar BEI oibriú níos dlúithe le Banc Forbartha na hAfraice agus measúnú a dhéanamh ar na buntáistí féideartha a bhaineann le fochuideachta chomhpháirteach a bhunú; á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíochtaí fadtéarmacha a mhaoiniú lena gcothaítear forbairt inbhuanaithe; ag moladh go gcruthófaí tionscadail chomhpháirteacha agus moil chomhairleacha, chun pointí teagmhála éifeachtacha a sholáthar do ghníomhaithe áitiúla chomh maith le feabhas a chur ar úinéireacht áitiúil do thionscadail forbartha chomhchoiteanna, chun tionchar agus éifeachtúlacht forbartha a uasmhéadú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí tacaíocht d’fhorbairt na hearnála príobháidí áitiúla san Afraic, go háirithe trí MFBManna san Afraic a chistiú; ag spreagadh, chomh maith, comhar níos dlúithe le bainc forbartha réigiúnaí eile;
Gníomhaíochtaí BEI a bhaineann le paindéim COVID-19
73. á lua gur lean BEI dá iarrachtaí in 2022 chun tacú le gníomhaíochtaí chun an phaindéim a chomhrac; á chur i bhfios go láidir gur chuir BEI EUR 5,1 billiún ar fáil in 2022 do thionscadail sláinte agus eolaíochtaí beatha a chuaigh chun tairbhe do thart ar 980 milliún duine ar fud an domhain; á chur in iúl gur mór aici tacaíocht BEI don tionscnamh domhanda vacsaíní COVAX, an tsaoráid idirnáisiúnta chun rochtain chothrom agus uilíoch ar vacsaíní COVID-19 a áirithiú, agus EUR 900 milliún san iomlán curtha ar fáil ag BEI faoi mhí an Mhárta 2022 agus ansin, i mí Aibreáin 2022, ag gealladh EUR 1 bhilliún breise chun tacú le COVAX;
74. ag tabhairt dá haire nach raibh aon tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar cháilíocht phunann iasachtaí BEI a bhuí lena straitéis bainistithe riosca creidmheasa agus de bhrí go leanann BEI de sheasamh láidir leachtachta a choinneáil d’ainneoin comhthéacs ginearálta na héiginnteachta sna margaí airgeadais domhanda;
75. á thabhairt dá haire, maidir leis an bpaindéim, gur chruthaigh Grúpa BEI a sholúbthacht maidir le réitigh airgeadais a chur ar fáil ar ghéarchéimeanna agus a chumas gníomhú ar bhealach comhlántach le freagairt AE ar mhórscála, níos fadtéarmaí trí NextGenerationEU agus tacaíocht náisiúnta don infheistíocht phoiblí;
Comhlíonadh, trédhearcacht agus cuntasacht BEI
76. ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le dea-chleachtais in institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, gur coiste speisialaithe, neamhspleách é Coiste BEI um Ghearáin Soláthair (CGS) a bhfuil sainordú aige gearáin soláthair a láimhseáil a chuireann i gcoinne chinntí an Bhainc maidir le nósanna imeachta soláthair tionscadail faoi thionscadal atá maoinithe ag BEI lasmuigh de AE; ag tabhairt faoi deara go bhfuair an CGS 18 ngearán soláthair in 2022, i gcomparáid le 23 in 2021 agus 31 in 2020, agus gur gearáin soláthair iad 13 cinn de na 18 ngearán sin a cuireadh isteach roimh chinneadh/neamhagóid an Bhainc (i gcomparáid le 18 ngearán den sórt sin in 2021) gur atreoraigh Rúnaíocht CGS chuig seirbhísí an Bhainc atá i gceannas ar na tionscadail ábhartha chun tuilleadh bearta leantacha a dhéanamh, agus gur cuireadh na cúig ghearán soláthair eile faoi bhráid CGS tar éis neamhagóid an Bhainc dámhachtainí a chonrú (an líon céanna le 2021) agus gur athbhreithníodh iad agus gur cinneadh orthu; ag tabhairt faoi deara gur vótáil an CGS chun seasamh le neamhagóid an Bhainc i gcás dhá cheann de na gearáin agus chun neamhagóid an Bhainc a tharraingt siar sna trí chás eile;
77. á chur in iúl gur mór aici go bhfuil róil chomhlántacha ag CGS, ag an Rannán Imscrúduithe agus ag an Rannán um Shásra Gearán laistigh den Ard-Chigireacht, lena n-éascaítear comhar agus cumarsáid chun gach líomhain a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hiompar toirmiscthe agus gearáin a bhaineann le soláthar nó nach mbaineann le soláthar a chumhdach; ag tabhairt dá haire gur cláraíodh 54 chás nua le sásra gearán BEI in 2022 (i gcomparáid le 64 chás in 2021 agus 77 gcás in 2020), gur próiseáladh 97 gcás (107 agus 137 in 2021 agus in 2020 faoi seach) agus gur dúnadh 53 chás (64 agus 94 chás in 2021 agus 2020); á thabhairt dá haire gur bhain 68 % de na gearáin a cláraíodh in 2022 leis an tionchar comhshaoil agus sóisialta, agus gur thagair 20 % d’ábhair a bhaineann le rialachas agus riarachán BEI;
78. á iarraidh ar BEI chun a áirithiú go bhfuil an sásra gearán inrochtana, éifeachtach agus neamhspleách d’fhonn sáruithe féideartha ar bith ar chearta an duine i dtionscadail a bhaineann le BEI a bhrath agus a leigheas; ag tabhairt dá haire, in 2022, go bhfuair Rannán Imscrúduithe BEI 180 líomhain (i gcomparáid le 174 agus 183 in 2021 agus 2020), lenar dúnadh 147 gcás den sórt sin (seachas 204 in 2021 agus 195 in 2020) agus lenar eisíodh 36 mholadh agus tuairim (45 in 2021 agus 52 in 2020); á thabhairt chun suntais gur tuairiscíodh 42 chás do OLAF, a ndearnadh 11 díobh a tharchur chuig OIPE freisin; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna ina dtugtar bunús le líomhaintí tar éis imscrúdú a dhéanamh (17 gcás a bhfuil bunús leo as 70 imscrúdú a osclaíodh in 2022, i gcomparáid leis na 17 gcás a raibh bunús leo as 67 n-imscrúdú a osclaíodh in 2021 agus na 37 gcás a raibh bunús leo as 91 imscrúdú a osclaíodh in 2020);
79. ag aontú le tuairim Choiste Iniúchóireachta BEI go bhfuil gá le faireachán, bainistiú agus formhaoirseacht fheabhsaithe ar rioscaí oibríochta agus teicneolaíochta, lena n-áirítear cibear-rioscaí agus rioscaí neamhairgeadais eile;
80. ag tabhairt dá haire go ndearna BEI, an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an Comhaontú Tríthaobhach a athnuachan an 11 Samhain 2021; á chur in iúl gurb oth léi nach gcuirtear ar fáil leis an gcomhaontú athbhreithnithe an réiteach fairsing atá iarrtha ag an bParlaimint; á chur in iúl gur geal léi, áfach, go gceadaítear leis an gcomhaontú nua rochtain níos fearr ar dhoiciméid BEI iniúchta agus cuíchóiriú níos fearr a dhéanamh orthu agus go soiléirítear ann an amlíne chun doiciméadacht iniúchóireachta riachtanach a fháil, formáid na ndoiciméad sin agus na rialacha maidir le rúndacht, cosaint sonraí, modhanna bailithe fianaise agus rochtain ar fhaisnéis; á athdhearbhú go meastar go mbeidh rochtain iomlán ag an gCúirt ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le hoibríochtaí BEI arb é cur chun feidhme bheartais AE amháin is cúis leo;
81. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hidirphlé rialta, struchtúrtha idir Parlaimint na hEorpa agus BEI, a d’fhéadfaí a fheabhsú trí chomhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus BEI, chun feabhas a chur ar rochtain ar dhoiciméid agus ar shonraí BEI faoi théarmaí agus coinníollacha lena ráthófaí rúndacht agus, i gcás inar gá, comhlíonadh na gceanglas dlíthiúil; ag tabhairt dá haire cinntí an Ombudsman Eorpaigh maidir le cleachtas BEI maidir le faisnéis chomhshaoil a nochtadh (a bhaineann le tionscadail a mhaoiníonn sé go díreach, mar atá i gCás 1065/2020/PB, nó trí idirghabhálaithe, mar atá i gCás 1251/2020/PB), ar cheart dóibh na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos le Coinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh maidir le foilsiú agus nochtadh córasach agus gníomhach arna iarraidh sin; á thabhairt faoi deara go bhfuil athruithe molta ag an Ombudsman Eorpach maidir le cuimsitheacht an inneachair, tráthúlacht an fhoilsithe agus infheictheacht na faisnéise agus na gceanglas rúndachta; á chur in iúl go dtuigeann sí nár chomhaontaigh BEI ach cuid de mholtaí an Ombudsman Eorpaigh a chur chun feidhme; ag aontú le tuairim an Ombudsman Eorpaigh go mbeadh sé chun leas an phobail do BEI na hathruithe molta a chur chun feidhme ina n-iomláine;
82. á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa grinnscrúdú iomlán agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar oibríochtaí a bhfuil ráthaíochtaí ó bhuiséad AE mar thaca leo, lena n-áirítear oibríochtaí BEI, agus aghaidh á tabhairt aici ar aon easnaimh ina modhanna oibre atá ag cur cosc uirthi faoi láthair é sin a dhéanamh;
83. á chur in iúl gur geal léi beartais agus cleachtais BEI agus a thrédhearcacht, agus á iarraidh go ndéanfar tuilleadh feabhsuithe, go háirithe trí na moltaí a chuir an tOmbudsman Eorpach le chéile a chur chun feidhme chun ‘go nglacfaidh sé céimeanna trédhearcachta éagsúla chun cur ar chumas an phobail an tionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail a mhaoiníonn sé a fheiceáil ar bhealach níos éasca’;
84. á chur in iúl gur geal léi bunú córais nua chun obair leantach agus tuairisciú a dhéanamh ar mholtaí agus ar thuairimí arna n-eisiúint ag Rannán Imscrúdaitheach BEI, a fógraíodh in 2021; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfear tionchair airgeadais na gcásanna a imscrúdaíonn an rannán in iúl i dtuarascáil bhliantúil sa todhchaí agus go rachadh sé níos faide ná tuairisc insinte amháin ar na cás-staidéir chun léargais luachmhara a thabhairt chun gur féidir a mhéid a choimircítear leasanna airgeadais a mheasúnú; á mheabhrú a thábhachtaí atá BEI a áirithiú go ndéanfar meastóireacht shoiléir ar na rioscaí airgeadais, oibríochtúla agus clú agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil imscrúdú iomchuí chuige sin;
85. á chur in iúl an athuair gur oth léi nach nochtann BEI go hiomlán fós na sonraí maidir le húinéireacht thairbhiúil na gcliant dá chuid; á athdhearbhú gur iarr sí follasacht fheabhsaithe maidir le hoibríochtaí BEI trí idirghabhálaithe airgeadais amhail bainc thráchtála agus cistí infheistíochta, laistigh den chreatlach reachtaíochta ábhartha, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí, agus go ndéanfar na hoibleagáidí caighdeánacha tuairiscithe a shainiú lena bhfuiltear in ann leibhéal leordhóthanach sonraí agus faisnéis a sholáthar; á iarraidh ar BEI clásail chonarthacha maidir le nochtaí éigeantacha ó idirghabhálaithe airgeadais a chur san áireamh maidir le gníomhaíocht iasachtaithe;
86. á iarraidh ar BEI an córas luathbhraite agus luatheisiaimh a úsáid agus cinntí maidir le heisiamh a chur san áireamh maidir le haon duine nó eintiteas a dhéanann iarratas ar chistí AE, a roghnaítear lena n-aghaidh nó a fhaigheann cistí AE nuair a fhormheasann sé infheistíochtaí a chumhdaítear le maoiniú a thagann ó bhuiséad AE;
87. ag tabhairt dá haire cóid nuashonraithe iompraíochta Choiste Bainistíochta agus Bhord Stiúrthóirí BEI amhail Lúnasa 2021; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh tréimhse shuaimhnithe níos faide isteach do chomhaltaí an Choiste Bainistíochta (24 mhí seachas 12 mhí) agus do chomhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí (12 mhí seachas 6 mhí); á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil aon fhoráil ann lena n-eisiatar leas-uachtaráin ó mhaoirseacht agus cinntí a dhéanamh ar oibríochtaí ina dtíortha tionscnaimh agus á áitiú go dtabharfar aghaidh air sin sa chéad athbhreithniú eile; ag tabhairt dá haire conclúidí agus cinneadh an Ombudsman Eorpaigh i gCás 1016/2021/KR, maidir leis an gcaoi ar láimhseáil BEI an t-iarratas ó iar-Leas-Uachtarán chun post a ghlacadh, laistigh de 3 mhí tar éis dó éirí as oifig, ag cuideachta fuinnimh agus fóntais a fuair iasachtaí BEI; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an riosca coinbhleachtaí leasa agus neamh-leordhóthanacht na mbeart arna nglacadh ag BEI chun an riosca a mhaolú sa chás i bpointe; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a rinne BEI ar an gcód iompair do chomhaltaí a Choiste Bainistíochta, inar tugadh aghaidh ar roinnt de na hábhair imní maidir leis an riosca coinbhleachtaí leasa i bhfostaíocht ionchasach comhaltaí nó iarchomhaltaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo; á iarraidh an athuair go dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh atá fós ann maidir le coinbhleacht leasa a sheachaint sa chéad athbhreithniú eile ar chód iompair an Choiste Bainistíochta; á iarraidh ar an Ombudsman Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chód iompair nua an Choiste Bainistíochta;
88. ag tuiscint go bhfuil obair leantach á déanamh ag BEI ar na moltaí a d’eisigh OLAF ag deireadh imscrúduithe éagsúla a bhí dírithe ar liúntais oideachais a tugadh go míchuí do bhaill foirne BEI; ag dréim leis go ndéanfar na híocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil go hiomlán agus ag athdhearbhú a hiarrata go dtuairisceoidh BEI don Pharlaimint maidir le toradh a ghníomhaíochtaí ceartaitheacha;
89. ag tabhairt dá haire na bearta atá déanta ag BEI le blianta beaga anuas chun cothromaíocht inscne a fhoirne a fheabhsú, go háirithe ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach; ag spreagadh an Bhainc leanúint dá iarrachtaí cothromaíocht inscne níos soiléire a bhaint amach laistigh dá eagraíocht; ag tabhairt faoi deara gurbh ionann mná ag deireadh 2022 agus 44,5 % den chatagóir feidhmiúcháin ((D/6; E/5; F/4) in BEI, agus, laistigh den ghrúpa sin, gurbh ionann mná agus 35,6 % den fhoireann ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach (D/6) agus 44,3 % den fhoireann ar leibhéal na n-oifigeach (E/5), agus 64,4 % ar leibhéal na n-anailísithe/na n-oifigeach sóisearach (F/4); ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, gurbh ionann mná agus 33 % den fhoireann bhainistíochta (30,6 % ar leibhéal Ghrúpa BEI), agus an sprioc a leagtar síos sa straitéis um éagsúlacht agus cuimsiú 2018-2021 á baint amach acu;
90. á iarraidh an athuair ar an mBanc an bhearna i dtuarastail idir na catagóirí foirne riaracháin agus gairmiúla a dhúnadh; á chur i bhfios go gcuireann an staid reatha agus na costais mhaireachtála atá ag dul i méid i Lucsamburg brú suntasach ar an bhfoireann riaracháin agus, san fhadtéarma, go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar fholláine na mball foirne agus ar iomaíochas BEI chun an fhoireann is fearr cáilithe a mhealladh;
91. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí ar nósanna imeachta ceapacháin inmheánacha neamh-thrédhearcacha i measc na foirne bainistíochta sa cheanncheathrú agus sna hoifigí seachtracha; á iarraidh ar an mBanc a áirithiú go ndéanfar gach nós imeachta earcaíochta agus soghluaisteachta inmheánaí a fhorghníomhú i gcomhréir leis na caighdeáin trédhearcachta agus eitice is airde;
92. ag tuiscint go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag BEI sa phlé inmheánach maidir leis an gcur chuige nua maidir le héagsúlacht, cothromas, cuimsiú agus muintearas a thiocfaidh in ionad na straitéise do 2018-2021 agus ag spreagadh an Bhainc é a ghlacadh gan mhoill; ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI ionadaíocht gheografach chuí a áirithiú, lena n-áirítear ar na leibhéil meánbhainistíochta agus bainistíochta sinsearaí, agus á iarraidh air miondealú inscne agus náisiúntachta ar phoist mheánbhainistíochta agus shinsearacha a fhoilsiú go bliantúil;
93. á athdhearbhú go bhfuil gá le níos mó trédhearcachta nuair a chuirtear tionscadail chun feidhme trí idirghabhálaithe airgeadais; á mheabhrú a thábhachtaí atá trédhearcacht do nósanna imeachta cinnteoireachta inmheánacha freisin agus do thionchar tionscadal ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine ar feadh a gcur chun feidhme;
94. ag tabhairt dá haire an fiosrúchán a d’oscail an tOmbudsman Eorpach i mí an Mhárta 2023 maidir le trédhearcacht, foilsiú tráthúil faisnéise agus rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht chomhshaoil agus shóisialta BEI; á mheabhrú gur eisigh an tOmbudsman Eorpach moltaí soiléire i mí Aibreáin 2022 chun go nglacfadh BEI beartas nochta níos uaillmhianaí, nach bhfuil gníomh déanta fós ina leith;
95. á chur in iúl gur geal léi Straitéis Ghrúpa BEI maidir le comhionannas inscne agus plean gníomhaíochta um chumhachtú eacnamaíoch na mban agus um inscne; á aithint gur cuid de shamhail ghnó BEI é comhionannas inscne agus, go háirithe, cumhachtú eacnamaíoch na mban; á iarraidh ar BEI príomhshruthú inscne a chur chun feidhme tuilleadh i ngach oibríocht dá chuid chun comhionannas inscne agus forbairt chuimsitheach a chur chun cinn;
Measúnú leantach ar na moltaí ón bParlaimint
96. á iarraidh ar BEI leanúint de thuairisciú a dhéanamh ar staid na himeartha agus ar stádas na moltaí a d’eisigh an Pharlaimint roimhe seo ina rúin bhliantúla, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
tionchair (eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta) a straitéise infheistíochta agus na torthaí arna mbaint amach ó thaobh rannchuidiú le forbairt chothromaithe agus sheasta an mhargaidh inmheánaigh chun leasa an Aontais;
(b)
gníomhaíochtaí arna nglacadh chun cur i gcoinne an mhí-iompair, na gcoinbhleachtaí leasa, na seachanta cánach, na calaoise agus an éillithe a fheabhsú;
(c)
bearta nua chun trédhearcacht agus dícheall cuí maidir le cearta an duine a neartú;
(d)
bearta chun tacaíocht do FBManna agus d’oibreoirí eacnamaíocha incháilithe a neartú le linn beartais an Aontais á gcur chun feidhme;
(e)
obair leantach ar na héilimh agus ar na hiarrataí a ghlactar trí bhíthin an rúin seo;
o o o
97. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar Bhord Stiúrthóirí BEI díospóireacht a thionól ar sheasaimh na Parlaiminte a chuirtear i láthair anseo.