Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 13 Meán Fómhair 2023 - Strasbourg
Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: cúnamh airgeadais d’earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de bharr drochtheagmhais mheitéareolaíochta
 Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: bearta sealadacha éigeandála le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de bharr drochtheagmhais mheitéareolaíochta
 Comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
 Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Katarína Kaszasová
 An Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá: síneadh
 Treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát
 Cánachas: comhar riaracháin
 Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte d’fhonn macántacht, neamhspleáchas agus cuntasacht a neartú
 Ionstraim éigeandála don mhargadh aonair
 Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip
 Breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (Tionscnamh Eitlíochta ReFuelEU)
 Tuarascáil 2022 maidir leis an Tuirc
 Caidreamh leis an mBealarúis

Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: cúnamh airgeadais d’earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de bharr drochtheagmhais mheitéareolaíochta
PDF 83kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gan aon agóid a dhéanamh i gcoinne rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 Nollaig 2021 lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2023 a mhéid a bhaineann le luach an táirgthe mhargaithe, leis an straitéis náisiúnta agus le cúnamh airgeadais ón Aontas a aisghabháil le haghaidh gealltanais ilbhliantúla in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de dheascabharr drochtheagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíochta (C(2023)05369 – 2023/2818(DEA))
P9_TA(2023)0309B9-0364/2023

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: bearta sealadacha éigeandála le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de bharr drochtheagmhais mheitéareolaíochta
PDF 82kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gan aon agóid a dhéanamh i gcoinne Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 maidir le bearta éigeandála sealadacha lena maolaítear i leith na bliana 2023 ó fhorálacha áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun fadhbanna sonracha a réiteach in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí de bharr drochtheagmhais mheitéareolaíochta agus bearta a bhaineann leo (C(2023)05365 – 2023/2819(DEA))
P9_TA(2023)0310B9-0365/2023

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
PDF 110kWORD 43k
Rún
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Eorpach lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (00013/2023 – C9-0319/2023 – 2023/0900(NLE))
P9_TA(2023)0311A9-0265/2023

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle Eorpach (00013/2023),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (C9‑0319/2023),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Meitheamh 2023 maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus dá togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle Eorpach atá i gceangal leis(1),

–  ag féachaint dá ráiteas atá i gceangal leis an rún seo,

–  ag féachaint do Riail 90 agus Riail 105(1) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0265/2023),

1.  ag tabhairt a toilithe don dréachtchinneadh ón gComhairle Eorpach;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach agus, mar eolas, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa

Tá an dréachtchinneadh maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa gan dochar do shainchúraim Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle sa nós imeachta buiséadach bliantúil agus baineann Aithris 5 den dréachtchinneadh sin le hábhair nach dtagann faoi raon feidhme inniúlachtaí na Comhairle Eorpaí faoi Airteagal 15(1) CAE agus bhunús dlí Airteagal 14(2) CAE. Is faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle amháin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le hinneachar bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos le hAirteagal 314 CFAE.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0243.


Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Katarína Kaszasová
PDF 112kWORD 42k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le hainmniúchán Katarína Kaszasová mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0220/2023 – 2023/0804(NLE))
P9_TA(2023)0312A9-0259/2023

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0220/2023),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0259/2023),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 29 Meitheamh 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Katarína Kaszasová a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Katarína Kaszasová, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Katarína Kaszasová, chomh maith lena cuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuici;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Katarína Kaszasová, ina dhiaidh sin an 4 Meán Fómhair 2023, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Katarína Kaszasová ag an gComhairle ina Comhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.


An Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá: síneadh
PDF 111kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le síneadh ar an gComhaontú ar chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (08892/2023) – C9-0186/2023 – 2023/0088(NLE))
P9_TA(2023)0313A9-0242/2023

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08892/2023),

–  ag féachaint do Chinneadh 98/591/CE ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir leis an gComhaontú ar chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur i gcrích(1),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 186 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0186/2023),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0242/2023),

1.  ag tabhairt a toilithe do shíneadh an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá.

(1) IO L 284, 22.10.1998, lch. 35.


Treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát
PDF 110kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (COM(2023)0599 – C9-0200/2023 – 2023/0173(NLE))
P9_TA(2023)0314A9-0241/2023

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0599),

–  ag féachaint d’Airteagal 148(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0200/2023),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0241/2023),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


Cánachas: comhar riaracháin
PDF 259kWORD 80k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (COM(2022)0707 – C9-0017/2023 – 2022/0413(CNS))
P9_TA(2023)0315A9-0236/2023

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0707),

–  ag féachaint d’Airteagail 113 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0017/2023),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0236/2023),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
(1)  Is dúshláin mhóra don Aontas agus ar an leibhéal domhanda iad calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Tá an malartú faisnéise ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne cleachtais den sórt sin.
(1)  Is mórdhúshlán don Aontas agus ar an leibhéal domhanda iad calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach. Meastar go gcailleann na Ballstáit suas le EUR 170 billiún in aghaidh na bliana1a mar thoradh ar chalaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach, rud a bhaineann an bonn go mór ón acmhainneacht chun seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán a sholáthar. Tá malartú faisnéise ina chuid ríthábhachtach den fhorbairt ar chreat dea-fheidhmiúil agus éifeachtach de chuid an Aontais chun cleachtais dhíobhálacha den sórt sin a chomhrac.
__________________
1a Institiúid Eacnamaíoch na Polainne, Éagothroime cánach san Aontas Eorpach: https://pie.net.pl/wp-content/uploads/2018/07/PIE_Report_Tax_Havens_EU.pdf
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 a (nua)
(2a)  Chun cur chun feidhme cuí na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha faoi chonstaicí a thagann chun cinn a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil. Thairis sin, ba cheart malartú dea-chleachtas náisiúnta idir na húdaráis chánach a spreagadh freisin.
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 b (nua)
(2b)  Tá cur chuige níos uaillmhianaí iarrtha ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an gcóras agus leis an mbonneagar malartaithe faisnéise i réimse an chánachais, go háirithe trína cuid tuairimí éagsúla maidir leis na hathbhreithnithe ar Threoir an Chomhair Riaracháin (DAC) agus ar Thuarascáil Cur Chun Feidhme.
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 c (nua)
(2c)  I bhfianaise na saorghluaiseachta caipitil, ní thugann cuir chuige neamhspleácha náisiúnta freagraí éifeachtúla ar mhí-úsáid cánach. Tá cur chun feidhme beartas uile-Aontais agus, nuair is féidir, comhaontuithe idirnáisiúnta fós, dá bhrí sin, ina ngnéithe ríthábhachtacha sna hiarrachtaí chun cothroime na gcóras cánach a fheabhsú.
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
(5)  Tá tábhacht níos mó ag baint leis an margadh criptea-shócmhainní agus méadaíodh a chaipitliú go mór agus go tapa le 10 mbliana anuas. Is léiriú digiteach ar luach nó ar cheart iad criptea-shócmhainní, ar féidir iad a aistriú agus a stóráil go leictreonach, trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil a úsáid.
(5)  Tá méadú tagtha ar thábhacht an mhargaidh criptea-shócmhainní agus tá méadaithe go mór agus go mear ar a chaipitliú le 10 mbliana anuas. Léiriú digiteach ar luach nó ar cheart is ea criptea-shócmhainní, ar féidir iad a aistriú agus a stóráil go leictreonach, trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil. I ngeall ar a nádúr doiléir agus luaineach, d’fhéadfaí criptea-shócmhainní a úsáid chun críoch aindleathacha. Tá sé thar a bheith tábhachtach rianú a dhéanamh ar aistrithe criptea-shócmhainní.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
(6)  Tá rialacha agus treoir i bhfeidhm ag na Ballstáit, cé nach ionann iad ar fud na mBallstát, maidir le cáin a ghearradh ar ioncam a dhíorthaítear ó idirbhearta criptea-shócmhainní. Mar gheall ar chineál díláraithe criptea-shócmhainní, áfach, is deacair do riaracháin chánach na mBallstát comhlíonadh cánach a áirithiú.
(6)  Tá rialacha agus treoraíocht i bhfeidhm ag na Ballstáit, cé nach ionann iad ar fud na mBallstát, maidir le cáin a ghearradh ar ioncam a dhíorthaítear ó idirbhearta criptea-shócmhainní. Mar sin féin, tá sochair chánach ceaptha ag roinnt Ballstát atá dírithe go sonrach ar chriptea-shócmhainní a mhealladh, rud a d’fhéadfadh cleachtais chánach dhíobhálacha agus caillteanais ioncaim cánach a bheith mar thoradh orthu.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)  Le Rialachán XXX maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 (an Rialachán XXX) tá leathnú déanta ar imlíne rialála an Aontais chuig saincheisteanna criptea-shócmhainní nach bhfuil rialáil déanta ina leith go dtí seo ag gníomhartha seirbhísí airgeadais an Aontais chomh maith le soláthraithe seirbhísí i ndáil leis na criptea-shócmhainní sin (‘soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní’). Leagtar amach i Rialachán XXX na sainmhínithe a úsáidtear le haghaidh chuspóirí na Treorach seo. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo freisin an ceanglas údarúcháin le haghaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní faoi Rialachán XXX chun an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a íoslaghdú. Mar gheall ar chineál bunúsach trasteorann na gcriptea-shócmhainní, tá gá le comhar riaracháin idirnáisiúnta láidir chun rialáil éifeachtach a áirithiú.
(7)  Le Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a tá leathnú déanta ar imlíne rialála an Aontais chuig saincheisteanna criptea-shócmhainní nach bhfuil rialáil déanta ina leith go dtí seo ag gníomhartha seirbhísí airgeadais an Aontais chomh maith le soláthraithe seirbhísí i ndáil leis na criptea-shócmhainní sin (‘soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní’). Leagtar amach sa Rialachán sin na sainmhínithe a úsáidtear chun críoch na Treorach seo. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo freisin an ceanglas údarúcháin le haghaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní faoin Rialachán sin chun an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a íoslaghdú. Mar gheall ar chineál bunúsach trasteorann na gcriptea-shócmhainní, tá gá le comhar riaracháin idirnáisiúnta láidir chun rialáil éifeachtach a áirithiú. Is den ríthábhachtach comhleanúnachas córasach a ráthú i ngníomhartha dlí an Aontais maidir le criptea-shócmhainní a rialáil. Chuige sin, déantar Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b a bhreithniú freisin san athbhreithniú seo ar Threoir an Chomhair Riaracháin (DAC). Mar sin féin, aithnítear sa Treoir seo freisin, go bhfuil gá le cumhdach níos leithne a bheith ann chun faisnéis a mhalartú go héifeachtach.
____________________
__________________
__________________
26
1a Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
1b Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le criptea-shócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8
(8)  Le creat an Aontais maidir le Frithsciúradh Airgid/Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (AML/CFT), leathnaítear raon feidhme na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir rialacha AML/CFT, chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a rialaítear le Rialachán XXX. Ina theannta sin, leathnaítear le Rialachán XXX27 an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a chur le haistrithe cistí chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun inrianaitheacht aistrithe criptea-shócmhainní a áirithiú chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.
(8)  Le creat an Aontais maidir le Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (AML/CFT), leathnaítear raon feidhme na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir rialacha AML/CFT, chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a rialaítear le Rialachán (AE) 2023/1114. Ina theannta sin, leathnaítear le Rialachán (AE) 2023/1113 an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a bheith ag gabháil le haistrithe cistí a dhéantar chuig soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní chun inrianaitheacht aistrithe criptea-shócmhainní a áirithiú chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.
__________________
27
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 9
(9)  Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is é is aidhm don Chreat Tuairiscithe Criptea-Shócmhainní de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) trédhearcacht chánach níos fearr a thabhairt isteach maidir le criptea-shócmhainní agus maidir le tuairisciú ina leith. Ba cheart an creat a d’fhorbair ECFE a chur san áireamh i rialacha an Aontais chun éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú.
(9)  Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is é is aidhm don Chreat Tuairiscithe maidir le Criptea-Shócmhainní de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)28 trédhearcacht cánach níos fearr a thabhairt isteach maidir le criptea-shócmhainní agus maidir le tuairisciú ina leith. Ba cheart an creat atá forbartha ag ECFE a chur san áireamh i rialacha an Aontais chun éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na Tráchtaireachtaí ar an tSamhail-Chomhaontú idir Údaráis Inniúla agus ar an gCreat Tuairiscithe maidir le Criptea-Shócmhainní, arna bhforbairt ag ECFE, chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Treorach seo a áirithiú.
__________________
__________________
28 https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/crypto-asset-reporting-framework-and-amendments-to-the-common-reporting-standard.pdf
28 https://www.oecd.org/tax/exchange-of-tax-information/crypto-asset-reporting-framework-and-amendments-to-the-common-reporting-standard.pdf
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 14
(14)  Tá feidhm ag an Treoir maidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a rialaítear le Rialachán XXX agus a údaraítear faoi agus maidir le hoibreoirí criptea-shócmhainní nach rialaítear leis an Rialachán sin ná nach n-údaraítear faoi. Tagraítear don dá ghrúpa mar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairscithe toisc go gceanglaítear orthu tuairisciú faoin Treoir seo. Tá an tuiscint ghinearálta ar a bhfuil i gceist le criptea-shócmhainní an-leathan agus áirítear inti na criptea-shócmhainní sin a eisítear ar bhealach díláraithe, chomh maith le cripteamhonaí cobhsaí, agus licíní neamh-idirmhalartacha (NFTanna) áirithe. Tá criptea-shócmhainní a úsáidtear chun críoch íocaíochta nó infheistíochta intuairiscithe faoin Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe a mheas ar bhonn cás ar chás cé acu is féidir nó nach féidir criptea-shócmhainní a úsáid chun críoch íocaíochta agus infheistíochta, agus na díolúintí dá bhforáiltear i Rialachán XXX á gcur san áireamh, go háirithe maidir le líonra teoranta agus comharthaí fóntais áirithe.
(14)  Tá feidhm ag an Treoir i leith soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a rialaítear le Rialachán (AE) 2023/1114 agus a údaraítear faoi agus i leith oibreoirí criptea-shócmhainní nach rialaítear leis an Rialachán sin ná nach n-údaraítear faoi. Tagraítear don dá ghrúpa mar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní tuairiscithe toisc go gceanglaítear orthu tuairisciú faoin Treoir seo. Tá an tuiscint ghinearálta ar a bhfuil i gceist le criptea-shócmhainní thar a bheith leathan agus áirítear inti na criptea-shócmhainní sin atá eisithe ar bhealach díláraithe, chomh maith le cripteamhonaí cobhsaí, lena n-áirítear comharthaí ríomh-airgid mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1114, agus comharthaí neamh-idirmhalartacha áirithe (NFTanna). Tá criptea-shócmhainní a úsáidtear chun críoch íocaíochta nó infheistíochta intuairiscithe faoin Treoir seo.
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 17
(17)  Is féidir le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chumhdaítear le Rialachán XXX a ngníomhaíocht a dhéanamh san Aontas trí nós imeachta an phas nuair atá a n-údarú faighte acu i mBallstát. Chun na gcríoch sin, coinníonn ESMA clár le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe. Ina theannta sin, coinníonn ESMA dúliosta d’oibreoirí a fheidhmíonn seirbhísí criptea-shócmhainní ar gá údarú a fháil ina leith faoi Rialachán XXX.
(17)  Féadfaidh soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/1114 a ngníomhaíocht a dhéanamh san Aontas trí nós imeachta an phas nuair atá a n-údarú faighte acu i mBallstát. Chun na gcríoch sin, coinníonn ESMA clár le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní údaraithe. Ina theannta sin, coinníonn ESMA dúliosta d’oibreoirí a fheidhmíonn seirbhísí criptea-shócmhainní ar gá údarú a fháil ina leith faoin Rialachán sin.
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19
(19)  Chun comhar riaracháin a chothú sa réimse seo le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, maidir le hoibreoirí criptea-shócmhainní atá lonnaithe i ndlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus a sholáthraíonn seirbhísí d’úsáideoirí criptea-shócmhainní an Aontais, amhail soláthraithe seirbhísí NFTanna nó oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí ar bhonn sirtheoireacht droim ar ais, ba cheart cead a bheith acu faisnéis maidir le húsáideoirí criptea-shócmhainní a bhfuil cónaí orthu san Aontas a thuairisciú d’údaráis chánach dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í amháin a mhéid a chomhfhreagraíonn an fhaisnéis a thuairiscítear don fhaisnéis a leagtar amach sa Treoir seo agus a mhéid atá malartú éifeachtach faisnéise ann idir an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus Ballstát. D’fhéadfaí soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear faoi Rialachán XXX a dhíolmhú ón bhfaisnéis sin a thuairisciú sna Ballstáit ina bhfuil an t-údarú acu má dhéantar an tuairisciú comhfhreagrach i nDlínse nach Dlínse de chuid an Aontais í agus a mhéid atá comhaontú éifeachtach cáilitheach idir údaráis inniúla i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, chuirfeadh an dlínse cháilithe nach dlínse de chuid an Aontais í an fhaisnéis sin in iúl do riaracháin chánach na mBallstát sin ina bhfuil úsáideoirí criptea-shócmhainní ina gcónaí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an sásra seo a úsáid ionas nach ndéanfar faisnéis chomhfhreagrach a thuairisciú agus a tharchur níos mó ná aon uair amháin.
(19)  Chun comhar riaracháin a chothú sa réimse seo le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, maidir le hoibreoirí criptea-shócmhainní atá lonnaithe i ndlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus a sholáthraíonn seirbhísí d’úsáideoirí criptea-shócmhainní an Aontais, amhail soláthraithe seirbhísí NFTanna nó oibreoirí a sholáthraíonn seirbhísí ar bhonn sirtheoireacht droim ar ais, ba cheart cead a bheith acu an fhaisnéis sin amháin maidir le húsáideoirí criptea-shócmhainní a bhfuil cónaí orthu san Aontas a thuairisciú d’údaráis cánach dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í a mhéid a chomhfhreagraíonn an fhaisnéis a thuairiscítear don fhaisnéis a leagtar amach sa Treoir seo agus a mhéid atá malartú éifeachtach faisnéise ann idir an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus Ballstát. D’fhéadfaí soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údaraítear faoi Rialachán (AE) 2023/1114 a dhíolmhú ón bhfaisnéis sin a thuairisciú sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarú acu má dhéantar an tuairisciú comhfhreagrach i ndlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus a mhéid atá comhaontú éifeachtach cáilitheach idir údaráis inniúla i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, chuirfeadh an dlínse cháilithe nach dlínse de chuid an Aontais í an fhaisnéis sin in iúl do riaracháin chánach na mBallstát sin ina bhfuil úsáideoirí criptea-shócmhainní ina gcónaí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an sásra seo a úsáid ionas nach ndéanfar faisnéis chomhfhreagrach a thuairisciú agus a tharchur níos mó ná aon uair amháin.
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 23
(23)  Ní ghlacann an Treoir seo ionad aon oibleagáidí níos leithne a eascraíonn as Rialachán XXX.
(23)  Ní ghlacann an Treoir seo ionad aon oibleagáidí níos leithne a eascraíonn as Rialachán (AE) 2023/1114 nó as Rialachán (AE) 2023/1113.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 24
(24)  Chun cóineasú a chothú agus maoirseacht chomhsheasmhach a chur chun cinn maidir le Rialachán XXX, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla náisiúnta eile agus faisnéis ábhartha a chomhroinnt.
(24)  Chun cóineasú a chothú agus maoirseacht chomhsheasmhach a chur chun cinn maidir le Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla náisiúnta eile agus faisnéis ábhartha a chomhroinnt, ar bhealach éifeachtach agus dílis.
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 26
(26)  Tá sé ríthábhachtach atreisiú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2011/16/AE maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú nó le malartú chun dul in oiriúint d’fhorbairtí nua ar mhargaí éagsúla agus, dá bhrí sin, dul i ngleic go héifeachtach le hiompar sainaitheanta maidir le calaois chánach, seachaint cánach agus imghabháil cánach. Ba cheart na forbairtí a fheictear sa mhargadh inmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú sna forálacha sin ionas go mbeidh tuairisciú éifeachtach agus malartú éifeachtach faisnéise ann. Dá bhrí sin, áirítear sa Treoir, i measc nithe eile, na breisithe is déanaí ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe ECFE, comhtháthú na bhforálacha maidir le ríomh-airgead agus airgeadra digiteach na mbanc ceannais, creat soiléir comhchuibhithe le haghaidh bearta comhlíonta, agus leathnú raon feidhme na rialuithe trasteorann chuig daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu.
(26)  Tá sé ríthábhachtach atreisiú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2011/16/AE maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú nó le malartú chun dul in oiriúint d’fhorbairtí nua ar mhargaí éagsúla agus, dá réir sin, dul i ngleic go héifeachtach le hiompar sainaitheanta maidir le calaois chánach, seachaint cánach agus imghabháil cánach. Ba cheart na forbairtí a fheictear sa mhargadh inmheánach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú sna forálacha sin ionas go mbeidh tuairisciú éifeachtach agus malartú éifeachtach faisnéise ann. Dá réir sin, áirítear sa Treoir, i measc nithe eile, na breisithe is déanaí ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe ECFE, comhtháthú na bhforálacha maidir le ríomh-airgead agus airgeadra digiteach na mbanc ceannais, creat soiléir agus comhchuibhithe le haghaidh bearta comhlíonta, agus leathnú raon feidhme na rialuithe trasteorann chuig daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na Tráchtaireachtaí ar an tSamhail-Chomhaontú idir Údaráis Inniúla agus ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe arna bhforbairt ag ECFE, chun cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Treorach seo a áirithiú.
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 26 a (nua)
(26a)  Cé go bhfuil roinnt tíortha, lena n-áirítear go leor Ballstát, ag scaoileadh faisnéise anaithnidithe agus comhiomlánaithe de réir tíre - a bhaintear as na tuarascálacha de réir tíre a cheanglaítear faoi Threoir (AE) 2016/881 ón gComhairle nó faoi Ghníomhaíocht 13 ó Phlean Gníomhaíochta BEPS, is díol trua nach bhfuil roinnt Ballstát ag foilsiú na faisnéise sin i mbunachair sonraí idirnáisiúnta. Ba cheart measúnú ar an gcleachtas foilsitheoireachta maidir le faisnéis anaithnidithe chomhiomlánaithe de réir tíre agus measúnú ar a úsáidí atá cur chuige comhchuibhithe a bheith ina ábhar don chéad athbhreithniú eile ar DAC.
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 27
(27)  Úsáidtear táirgí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/110/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, go minic san Aontas agus tá méadú ag teacht ar líon na n-idirbheart agus a gcomhluach de réir a chéile. Ní chumhdaítear táirgí ríomh-airgid go sainráite le Treoir 2011/16/AE, áfach. Tá cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit i leith ríomh-airgid. Mar thoradh air sin, ní chumhdaítear táirgí gaolmhara i gcónaí leis na catagóirí ioncaim agus caipitil atá ann cheana i dTreoir 2011/16/AE. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a thabhairt isteach lena n-áiritheofar go mbeidh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le ríomh-airgid agus licíní ríomh-airgid faoi Rialachán XXX.
(27)  Úsáidtear táirgí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/110/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, go minic san Aontas agus tá méadú leanúnach ag teacht ar líon na n-idirbheart agus a gcomhluach. Ní chumhdaítear, áfach, táirgí ríomh-airgid go sainráite le Treoir 2011/16/AE. Tá cineálacha éagsúla cur chuige ag na Ballstáit i leith ríomh-airgid. Mar thoradh air sin, ní chumhdaítear táirgí gaolmhara i gcónaí leis na catagóirí ioncaim agus caipitil atá ann cheana i dTreoir 2011/16/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a thabhairt isteach lena n-áiritheofaí go mbeadh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe maidir le ríomh-airgid agus comharthaí ríomh-airgid faoi Rialachán (AE) 2023/1114.
__________________
__________________
31 Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
31 Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 28
(28)  Chun deireadh a chur le bealaí éalaithe lena gcumasaítear imghabháil cánach, seachaint cánach agus calaois chánach, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit faisnéis a bhaineann le hioncam a dhíorthaítear ó dhíbhinní neamhchoimeádta a mhalartú. Ba cheart, dá bhrí sin, ioncam ó dhíbhinní neamhchoimeádta a áireamh sna catagóirí ioncaim atá faoi réir uathmhalartú sainordaitheach faisnéise.
(28)  Chun deireadh a chur le bealaí éalaithe a lamhálann d’imghabháil cánach, seachaint cánach agus calaois chánach, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit faisnéis a bhaineann le hioncam a dhíorthaítear ó dhíbhinní neamhchoimeádta agus le gnóthachain chaipitiúla ó mhaoin dhochorraithe a mhalartú. Meastar go gcomhlíontar an t-uathmhalartú faisnéise éigeantach más féidir le húdaráis inniúla an fhaisnéis sin a úsáid trí chlárlanna náisiúnta nó trí chlárlanna idirnasctha.
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Aithris 28 a (nua)
(28a)  Déantar fós cineálacha áirithe ioncaim agus sócmhainní a eisiamh ó raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise, lena gcruthaítear riosca i dtaobh dul timpeall ar oibleagáidí cánach. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an mbealach is iomchuí, agus tograí nithiúla a thíolacadh, chun an fhaisnéis seo a leanas maidir le húinéireacht, na hítimí ioncaim agus na sócmhainní neamhairgeadais a áireamh san uathmhalartú faisnéise: úinéirí tairbhiúla maoine dochorraithe agus cuideachtaí; sócmhainní airgeadais; sócmhainní neamhairgeadais amhail airgead tirim, ealaín, ór nó earraí luachmhara eile a shealbhaítear ag saorphoirt, trádstórais custam nó taisceadáin; úinéireacht luamh agus scairdeitleán príobháideach; agus cuntais ag ardáin a dhéanann iasachtú móra idir piaraí a sholáthar, ardáin sluachistiúcháin agus ardáin chomhchosúla.
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Aithris 29
(29)  Tá an Uimhir Aitheantais Chánach (‘TIN’) fíor-riachtanach chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis a fhaightear a mheaitseáil le sonraí atá i mbunachair sonraí náisiúnta. Cuireann sé le cumas na mBallstát na cáiníocóirí ábhartha a shainaithint agus measúnú ceart a dhéanamh ar na cánacha gaolmhara. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-éileoidh na Ballstáit go gcuirfear TIN in iúl i gcomhthéacs malartuithe a bhaineann le cuntais airgeadais, rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre, socruithe intuairiscithe trasteorann, agus faisnéis faoi dhíoltóirí ar ardáin dhigiteacha.
(29)  Tá an Uimhir Aitheantais Chánach (‘TIN’) fíor-riachtanach chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis a fhaightear a mheaitseáil le sonraí atá i mbunachair sonraí náisiúnta. Cuireann sé le cumas na mBallstát na cáiníocóirí ábhartha a shainaithint agus measúnú ceart a dhéanamh ar na cánacha gaolmhara. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go n-éileoidh na Ballstáit go gcuirfear TIN in iúl i gcomhthéacs malartuithe a bhaineann le cuntais airgeadais, rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre, socruithe intuairiscithe trasteorann, agus faisnéis faoi dhíoltóirí ar ardáin dhigiteacha agus faoi criptea-shócmhainní. Mar sin féin, nuair nach bhfuil TIN ar fáil, ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát oibleagáid den sórt sin a chomhlíonadh.
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Aithris 29 a (nua)
(29a)  Cheadódh TIN Eorpach d’aon údarás TINanna i gcaidreamh trasteorann a shainaithint agus a thaifeadadh go mear, go héasca agus i gceart agus d’fhónfadh sé mar bhonn d’uathmhalartú éifeachtach faisnéise idir riaracháin chánach na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athscrúdú a dhéanamh ar chruthú TIN Eorpach, lena n-áirítear a breisluach agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici.
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Aithris 33
(33)  Tá sé tábhachtach, ar bhonn prionsabail, go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE chun cánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. Cé nár cuireadh bac ar an méid sin go dtí seo, tháinig éiginnteachtaí maidir le húsáid faisnéise chun cinn mar gheall ar chreat doiléir. I bhfianaise na n-idirnasc idir calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach agus frithsciúradh airgid agus na sineirgí i dtéarmaí forfheidhmithe, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar dhleachtanna custaim agus frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.
(33)  Tá sé tábhachtach, ar bhonn prionsabail, go mbaintear úsáid as an bhfaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE chun cánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. Cé nár cuireadh bac ar an méid sin go dtí seo, tháinig éiginnteachtaí maidir le húsáid faisnéise chun cinn mar gheall ar chreat doiléir. I bhfianaise na n-idirnasc idir calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach agus frithsciúradh airgid agus na sineirgí ó thaobh forfheidhmithe de, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun measúnú, riarachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar dhleachtanna custaim agus chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Mar sin féin, níor cheart go ndéanfadh na forálacha sa Treoir seo forluí faoi dhó ná go hábhartha leis na forálacha i gcreat an Aontais maidir le frithsciúradh airgid.
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Aithris 34
(34)  Foráiltear le Treoir 2011/16/AE go bhféadfar an fhaisnéis a mhalartaítear chun críocha eile seachas cánachas díreach agus indíreach a úsáid a mhéid a shonraigh an Ballstát seolta i liosta an chríoch ar chuici a cheadaítear an fhaisnéis sin a úsáid. Tá an nós imeachta maidir leis an úsáid sin anásta, áfach, toisc gur gá dul i gcomhairle leis an mBallstát seolta sula bhféadfaidh an Ballstát glactha an fhaisnéis a úsáid chun críocha eile. Trí dheireadh a chur leis an gceanglas maidir leis an gcomhairliúchán sin, ba cheart an t-ualach riaracháin a laghdú agus é a chur ar a gcumas d’údaráis chánach gníomhú go tapa nuair is gá. Níor cheart, dá bhrí sin, a chur de cheangal air dul i gcomhairle leis an mBallstát seolta i gcás ina gcumhdaítear úsáid bheartaithe na faisnéise i liosta a dhréachtaigh an Ballstát seolta roimh ré.
(34)  Foráiltear le Treoir 2011/16/AE don fhéidearthacht úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a mhalartaítear chun críocha eile seachas chun críoch cánach dírí agus indírí a mhéid atá an chríoch a cheadaítear chun úsáid a bhaint as an bhfaisnéis sin luaite i liosta ag an mBallstát seolta. Tá an nós imeachta maidir leis an úsáid sin anásta, áfach, toisc gur gá dul i gcomhairle leis an mBallstát seolta sular féidir leis an mBallstát glactha an fhaisnéis a úsáid chun críocha eile. Trí dheireadh a chur leis an gceanglas maidir leis an gcomhairliúchán sin, ba cheart an t-ualach riaracháin a laghdú agus é a chur ar a gcumas d’údaráis chánach gníomhú go mear nuair is gá. Níor cheart, dá bhrí sin, é a bheith de cheangal dul i gcomhairle leis an mBallstát seolta i gcás ina gcumhdaítear úsáid bheartaithe na faisnéise i liosta atá dréachtaithe ag an mBallstát seolta roimh ré. Is féidir a áireamh ar an liosta sin an úsáid a bhaineann údaráis áitiúla as faisnéis faoi shonraí nach mbaineann le cáin faoi chuimsiú na dtairseach agus na dteorainneacha a ghabhann le seachadadh seirbhísí áirithe amhail seirbhísí a sholáthraítear trí ardán ar líne go háirithe.
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Aithris 35 a (nua)
(35a)  Ba cheart do gach Ballstát úsáid éifeachtach a bhaint as faisnéis a fhaightear trí thuairisciú nó trí mhalartú faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE. Dá bhrí sin, ba cheart sásra lena n-áiritheofaí úsáid éifeachtach, lena n-áirítear anailís riosca ar na sonraí, a thabhairt isteach i ngach Ballstát.
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Aithris 36
(36)  Chun feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní, chun malartú faisnéise a éascú agus ionas nach mbeadh ar na Ballstáit uile athruithe den chineál céanna a dhéanamh ar a gcórais stórála faisnéise, ba cheart eolaire lárnach a bhunú, a mbeadh rochtain ag na Ballstáit uile air agus a mbeadh rochtain ag an gCoimisiún air chun críocha staidrimh amháin, ar a ndéanfadh na Ballstáit an fhaisnéis thuairiscithe a uaslódáil agus a stóráil in ionad í a mhalartú trí ríomhphost slán. Ba cheart don Choimisiún na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh chun an t-eolaire lárnach sin a bhunú.
(36)  Chun feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní, chun malartú faisnéise a éascú agus ionas nach mbeadh ar na Ballstáit uile athruithe den chineál céanna a dhéanamh ar a gcórais stórála faisnéise, ba cheart eolaire lárnach a bhunú, a mbeadh rochtain ag na Ballstáit uile air agus a mbeadh rochtain ag an gCoimisiún air chun críoch staidrimh amháin, ar a ndéanfadh na Ballstáit an fhaisnéis thuairiscithe a uaslódáil agus a stóráil in ionad í a mhalartú trí ríomhphost slán. Leis an iarracht sin, ba cheart feabhas a chur freisin ar mhalartú dea-chleachtas maidir le conas uirlisí digiteacha a chur chun feidhme i riaracháin chánach chun costais chomhlíonta agus maorlathas a laghdú, agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht á bhfeabhsú ag an am céanna, agus an gá atá le hacmhainní daonna a cháiliú á chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún na socruithe praiticiúla is gá a ghlacadh chun an t-eolaire lárnach sin a bhunú.
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Aithris 36 a (nua)
(36a)  Tá an Coimisiún i dteideal tuarascálacha agus doiciméid a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis a mhalartaítear ar bhealach anaithnid, chun ceart na gcáiníocóirí chun rúndachta a chur san áireamh agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Rannchuidíonn foilsiú na staidreamh anaithnidithe agus comhiomlánaithe tuairiscithe de réir tíre, lena n-áirítear staidreamh maidir le rátaí cánach éifeachtacha, ar bhonn bliantúil do na Ballstáit uile le feabhas a chur ar cháilíocht na ndíospóireachtaí poiblí maidir le gnóthaí cánachais.
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Aithris 39
(39)  Chun comhlíonadh Threoir 2011/16/AE a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le pionóis agus bearta comhlíonta eile ar cheart dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do gach Ballstát na rialacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta agus leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir seo.
(39)  Chun forfheidhmiú cuí na rialacha faoin Treoir seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis a leagan síos, ar rialacha iad is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta maidir le malartú éigeantach faisnéise arna dtuairisciú ag soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní, ar cheart dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh siad an páirtí ar a bhfuil an locht i gcás gach sáraithe a shainaithint i gceart. Ba cheart do na Ballstáit córas sealadach laghdaithe pionóis a thabhairt isteach ar feadh 3 bliana ar a laghad i gcás FBManna maidir le hAirteagal 8ad.
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Aithris 40
(40)  Chun leibhéal leormhaith éifeachtachta a áirithiú sna Ballstáit uile, ba cheart íosleibhéil pionós a bhunú i ndáil le dhá chineál iompair a mheastar a bheith tromchúiseach: is é sin nach dtugtar tuairisc tar éis dhá mheabhrúchán riaracháin agus sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha a sholáthar san fhaisnéis, rud a dhéanann difear mór do shláine agus d’iontaofacht na faisnéise tuairiscithe. Déanann sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha difear mór do shláine agus d’iontaofacht na faisnéise tuairiscithe nuair is mó iad ná 25 % de na sonraí iomlána ar cheart don cháiníocóir nó don eintiteas tuairiscithe a thuairisciú i gceart i gcomhréir leis an bhfaisnéis riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Roinn II, fomhír (B). Níor cheart do na híosmhéideanna pionós sin cosc a chur ar na Ballstáit smachtbhannaí níos déine a chur i bhfeidhm maidir leis an dá chineál sáruithe sin. Ní mór do na Ballstáit fós pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha eile sáruithe.
(40)  Chun leibhéal leormhaith éifeachtachta a áirithiú sna Ballstáit uile, agus Treoir 2014/107/AE ón gComhairle agus Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle á gcur chun feidhme go háirithe, ba cheart íosleibhéil pionós a leagan síos i ndáil le dhá chineál iompair a mheastar a bheith tromchúiseach: eadhon mainneachtain tuairisciú a dhéanamh tar éis dhá mheabhrúchán a fháil agus nuair atá sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha san fhaisnéis a sholáthraítear, lena ndéantar difear mór do shláine agus d’iontaofacht na faisnéise tuairiscithe. Déanann sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha difear mór do shláine agus d’iontaofacht na faisnéise tuairiscithe nuair is mó iad ná 25 % de na sonraí iomlána ar cheart don cháiníocóir nó don eintiteas tuairiscithe a thuairisciú i gceart i gcomhréir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a leagtar amach sna hIarscríbhinní. Níor cheart do na híosmhéideanna pionós sin cosc a chur ar na Ballstáit ó phionóis níos déine a chur i bhfeidhm i leith an dá chineál sáruithe sin. Ní mór do na Ballstáit fós pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha eile sáruithe.
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Aithris 42 a (nua)
(42a)  Tar éis bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-694/20, ba cheart Treoir 2011/16/AE a leasú sa chaoi nach mbeidh sé d’éifeacht ag a forálacha ceangal a chur ar dhlíodóirí atá ag gníomhú mar idirghabhálaithe, i gcás ina bhfuil siad díolmhaithe ón oibleagáid tuairiscithe mar gheall ar an bpribhléid ghairmiúil dhlíthiúil trína bhfuil siad faoi cheangal, fógra a thabhairt d’aon idirghabhálaithe eile nach cliaint iad dá gcuid faoi oibleagáidí tuairiscithe na n-idirghabhálaithe sin agus caomhnú á dhéanamh acu ar oibleagáid na n-idirghabhálaithe i dtaobh fógra a thabhairt dá gcliaint gan mhoill faoina n-oibleagáidí tuairiscithe.
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Aithris 44 a (nua)
(44a)  Is ionstraim riachtanach é malartú idirnáisiúnta sonraí chun críoch cánach chun calaois chánach a chomhrac i ndomhan domhandaithe. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críoch faisnéise atá ábhartha ó thaobh cánach de a mhalartú le tríú tiortha, bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, ba cheart a mheas gur chun leas an phobail é.
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Aithris 44 b (nua)
(44b)  Ba cheart na hathbhreithnithe comhleanúnacha ar chreat reachtach an Aontais maidir le malartú faisnéise a léiriú sna comhaontuithe le tríú tíortha. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil comhaontú sínithe ann, ba cheart athbhreithnithe a bheartú.
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a – pointe i
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 9 – pointe a
(a)  chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a go 8ad, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe. Chun críocha Airteagal 8(1), baineann tagairt d’fhaisnéis atá ar fáil le faisnéis i gcomhaid chánach an Bhallstáit a bheidh ag cur na faisnéise in iúl, ar féidir teacht uirthi i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Bhallstát sin;
(a)  chun críoch Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a go 8ad, faisnéis réamhshainithe agus nua a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe. Chun críoch Airteagal 8(1), baineann tagairt d’fhaisnéis atá ar fáil le faisnéis i gcomhaid chánach an Bhallstáit atá ag cur na faisnéise in iúl, ar féidir teacht uirthi i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Bhallstát sin;
Leasú 33
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 14
(aa)   leasaítear pointe (14) mar seo a leanas:
14.  ciallaíonn ‘rialú cánach trasteorann’aon chomhaontú, aon teachtaireacht, nó aon ionstraim nó gníomh eile a bhfuil na héifeachtaí céanna acu, lena n-áirítear ceann a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear i gcomhthéacs iniúchóireachta cánach, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
“14. ciallaíonn ‘rialú cánach’aon chomhaontú, aon teachtaireacht, nó aon ionstraim nó gníomh eile a bhfuil na héifeachtaí céanna acu, lena n-áirítear ceann a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear i gcomhthéacs iniúchóireachta cánach, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas, gan beann ar a chineál foirmiúil, neamhfhoirmiúil, ceangailteach nó neamhcheangailteach ó thaobh dlí de:
(a)  a eisíonn, a leasaíonn nó a athnuann rialtas nó údarás cánach Ballstáit, nó foranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla, nó a dhéantar ar a shon nó ar a son, beag beann ar cibé a bhaintear úsáid éifeachtach as nó nach mbaintear;
(a)  a eisíonn, a leasaíonn nó a athnuann rialtas nó údarás cánach Ballstáit, nó foranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla, nó a dhéantar ar a shon nó ar a son, gan beann ar cibé a bhaintear úsáid éifeachtach as nó nach mbaintear;
(b)  a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear, chuig duine áirithe nó chuig grúpa daoine, agus ar a bhfuil an duine sin nó grúpa daoine i dteideal a bheith ag brath;
(b)  a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear, chuig duine áirithe nó chuig grúpa daoine, agus ar a bhfuil an duine sin nó grúpa daoine i dteideal a bheith ag brath;
(c)  a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm foráil dhlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le dlíthe náisiúnta i dtaca le riar nó forfheidhmiú chánacha an Bhallstáit, nó chánacha fhoranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla;
(c)  a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm foráil dhlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le dlíthe náisiúnta i dtaca le riar nó forfheidhmiú chánacha an Bhallstáit, nó chánacha fhoranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla;
(d)  a bhaineann le hidirbheart trasteorann nó cibé acu a chruthaíonn gníomhaíochtaí a dhéanann duine i ndlínse eile buanbhunaíocht nó nach gcruthaíonn; agus
(e)  a dhéantar roimh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí i ndlínse eile, a d’fhéadfadh buanbhunaíocht a chruthú nó roimh thuairisceán cánach a chomhdú ina gcuimsítear an tréimhse inar tharla an t-idirbheart nó sraith idirbheart nó gníomhaíochtaí. D'fhéadfadh déanamh infheistíochtaí, soláthar earraí, seirbhísí, maoinithe nó úsáid as sócmhainní inláimhsithe nó sócmhainní doláimhsithe a bheith i gceist leis an idirbheart trasteorann, ach ní hiad sin amháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus ní gá go mbainfeadh sé go díreach leis an duine atá ag fáil an rialaithe cánach trasteorann;
(e)  a dhéantar roimh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí i ndlínse eile, a d’fhéadfadh buanbhunaíocht a chruthú nó roimh thuairisceán cánach a chomhdú ina gcuimsítear an tréimhse inar tharla an t-idirbheart nó sraith idirbheart nó gníomhaíochtaí. D’fhéadfadh infheistíochtaí a dhéantar, soláthar earraí, seirbhísí, maoinithe nó an úsáid a bhaintear as sócmhainní inláimhsithe nó sócmhainní doláimhsithe a bheith i gceist leis an idirbheart, ach ní hiad sin amháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus ní gá go mbainfeadh sé go díreach leis an duine atá ag fáil an rialaithe cánach;’
(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar é, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha ar fud an téacs.)
Leasú 34
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a b (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 16
(ab)   scriostar pointe (16).
Leasú 35
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 33
33.  ciallaíonn ‘Ballstát baile’ Ballstát baile mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
33.  ciallaíonn ‘Ballstát baile’ Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (33), de Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 36
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 34
34.  ciallaíonn ‘seoladh mórleabhar dáilte’ seoladh mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
34.  ciallaíonn ‘seoladh mórleabhar dáilte’ seoladh mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (18), de Rialachán (AE) 2023/1113.
Leasú 37
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 34 a (nua)
34a.   ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (22), de thogra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur ar an úsáid a bhaintear as an gcóras airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.
Leasú 38
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 34 b (nua)
34b.  ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní’ Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 39
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 3 – pointe 34 c (nua)
34c.  ciallaíonn ‘Oibreoir Criptea-Shócmhainní’ soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní seachas Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní.
Leasú 40
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 7 – mír 4 a (nua)
(1a)   in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“4a. I gcás, ar an fhaisnéis atá iarrtha a fháil, go ndéanann an t-údarás iarrthach iarraidh leantach a thíolacadh, cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis bhreise sin is gá ar fáil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear an iarraidh leantach.’
Leasú 41
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe i
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1 – pointe e
(e)  úinéireacht maoine dochorraithe agus ioncam ón maoin sin;
(e)  úinéireacht maoine dochorraithe, ioncam agus gnóthachain chaipitiúla ón maoin dhochorraithe sin;
Leasú 42
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
(ba)  I mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
‘Measfar uathmhalartú faisnéise a bheith comhlíonta a mhéid a bhaineann le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (e), i gcás inar féidir le húdaráis inniúla aon Bhallstáit eile rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin trí na clárlanna náisiúnta nó trí na córais aisghabhála sonraí nó trí chlárlanna idirnasctha mar a fhoráiltear i dtreoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar an úsáid a bhaintear as an gcóras airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849.’
Leasú 43
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b b (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8 – mír 3
(bb)  cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:
3.  Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit tabhairt le fios don údarás inniúil in aon Bhallstát eile nach mian leis faisnéis a fháil maidir le catagóir amháin nó roinnt catagóirí ioncaim agus caipitil dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin freisin.
‘3. Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit tabhairt le fios don údarás inniúil in aon Bhallstát eile nach mian leis faisnéis a fháil maidir le catagóir amháin nó roinnt catagóirí ioncaim agus caipitil dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh sé an t-údar atá lena chinneadh a chur in iúl agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin.’
Leasú 44
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b c (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8 – mír 3a – fomhír 2 – pointe a
(bc)  sa dara fomhír de mhír 3a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a:
(a)  ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais den chuntas é agus, i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na rialacha díchill chuí atá comhsheasmhach leis na hIarscríbhinní a bheith curtha i bhfeidhm, a aithnítear mar eintiteas a bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach an Eintitis agus ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe;
“(a) ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais den chuntas é agus, i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais thairbhiúil deiridh é agus, tar éis na rialacha díchill chuí atá comhsheasmhach leis na hIarscríbhinní a bheith curtha i bhfeidhm, a aithnítear mar eintiteas a bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach an Eintitis agus ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe;’
Leasú 45
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe -a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8a – teideal
(-a)  cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil:
Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach maidir le rialú cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála
‘Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise éigeantach maidir le rialú cánach agus réamh-chomhaontuithe praghsála’
(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar é, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha ar fud an téacs).
Leasú 46
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe a
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8a – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, i gcás inar eisíodh, inar leasaíodh nó inar athnuadh rialú cánach trasteorann maidir le duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige tar éis an 31 Nollaig 2023, trí mhalartú uathoibríoch, faisnéis a chur in iúl maidir leis sin do na húdaráis inniúla i ngach Ballstát eile, leis na teorainneacha ar chásanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21.
Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, i gcás inar eisíodh, inar leasaíodh nó inar athnuadh rialú cánach maidir le duine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige tar éis an 31 Nollaig 2023, trí uathmhalartú, faisnéis a chur in iúl maidir leis sin do na húdaráis inniúla i ngach Ballstát eile, leis na teorainneacha ar chásanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21.
Leasú 47
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe b – pointe i
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8 a – mír 2 – fomhír 1
‘Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21, faisnéis a chur in iúl freisin d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir agus don Choimisiún, leis na teorainneacha ar chásanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, maidir le rialuithe cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan laistigh de thréimhse dar tús 5 bliana roimh an 1 Eanáir 2017 agus maidir le rialuithe cánach trasteorann do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan laistigh de thréimhse dar tús 5 bliana roimh an 1 Eanáir 2026.’;
Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit, i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 21, faisnéis a chur in iúl freisin d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir agus don Choimisiún, leis na teorainneacha ar chásanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo, maidir le rialuithe cánach agus réamh-chomhaontuithe praghsála arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan laistigh de thréimhse dar tús 5 bliana roimh an 1 Eanáir 2017 agus maidir le rialuithe cánach do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu arna n-eisiúint, arna leasú nó arna n-athnuachan laistigh de thréimhse dar tús 5 bliana roimh an 1 Eanáir 2024.
Leasú 48
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe b – pointe ii
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8a – mír 2 – fomhír 3 a (nua)
‘I gcás ina ndéanfar rialuithe cánach trasteorann maidir le daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu a eisiúint, a leasú nó a athnuachan idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2025, cuirfear é sin in iúl faoin gcoinníoll go raibh siad fós bailí an 1 Eanáir 2026.
I gcás ina ndéantar rialuithe cánach maidir le daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu a eisiúint, a leasú nó a athnuachan idir an 1 Eanáir 2018 agus an 31 Nollaig 2023, cuirfear é sin in iúl faoin gcoinníoll go raibh siad fós bailí an 1 Eanáir 2026.
Leasú 49
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe b – pointe ii a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8 a – mír 2 – fomhír 4
(iia)   scriostar an ceathrú fomhír.
Leasú 50
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 - pointe b a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8a – mír 3 – fomhír 2 a (nua)
(ba)  i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil réamh-chomhaontuithe praghsála trasteorann nua déthaobhacha nó iltaobhacha a chaibidliú ná a chomhaontú le tríú tíortha nach gceadaíonn iad a nochtadh d’údaráis inniúla Ballstát eile amhail ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.’
Leasú 51
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe b – pointe i a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8a – mír 6 – pointe b
(ia)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe b:
(b)  achoimre ar réamhrialú trasteorann nó an réamh-chomhaontaithe praghsála, lena n-áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart a d'fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d'fhéadfadh a bheith ann a mheas, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí.
“(b) achoimre ar an rialú cánach nó an réamh-chomhaontú praghsála, lena n-áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart, impleachtaí uile cánach ábhartha díreacha agus indíreacha, amhail rátaí cánach éifeachtacha, agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, ach fágtar ar lár faisnéis a bhféadfadh nochtadh rúin tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó nochtadh próisis tráchtála a bheith mar thoradh uirthi nó faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí;’
Leasú 52
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8aa – mír 2
(3a)  in Airteagal 8aa, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
2.  Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1, trí mheán uathmhalartaithe agus laistigh den spriocdháta a leagtar síos i mír 4, an tuarascáil de réir tíre in iúl d’aon Bhallstát eile ina bhfuil, ar bhonn na faisnéise sa tuarascáil de réir tíre, Comheintiteas amháin nó níos mó den Ghrúpa FIN den Eintiteas Tuairiscithe cónaitheach chun críoch cánach nó faoi réir cáin i dtaca leis an ngnó a dhéantar trí bhuanbhunaíocht.
“2. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1, trí bhíthin uathmhalartaithe agus laistigh den spriocdháta a leagtar síos i mír 4, an tuarascáil de réir tíre a chur in iúl d’aon Bhallstát eile ina bhfuil, ar bhonn na faisnéise sa tuarascáil de réir tíre, Comheintiteas amháin nó níos mó den Ghrúpa FIN den Eintiteas Tuairiscithe cónaitheach chun críoch cánach nó faoi réir cáin maidir leis an ngnó a dhéantar trí bhuanbhunaíocht. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1 an tuarascáil sin a chur in iúl freisin do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin atá freagrach as clár láraithe na dtuarascálacha de réir tíre. Foilseoidh an Coimisiún staidrimh tuairiscithe de réir tíre a bheidh anaithnidithe agus comhiomlánaithe agus déanfaidh sé é ar bhonn bliantúil i gcás na mBallstát uile.’
Leasú 53
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ab – mír 5 – fomhír 1
(3b)  in Airteagal 8ab, mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
5.  Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a dhéanamh chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe tarscaoileadh a fháil ó fhaisnéis a chomhdú maidir le socrú intuairiscithe trasteorann i gcás ina sáródh an oibleagáid tuairiscithe an phribhléid ghairmiúil dlíodóra faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Sna himthosca sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a cheangal ar aon idirghabhálaí ar tugadh tarscaoileadh dó fógra a thabhairt, gan mhoill, dá chliant nó dá cliant, más idirghabhálaí é an cliant sin nó, murab ann don idirghabhálaí sin, más rud é gurb é an cliant sin an cáiníocóir ábhartha, faoina gcuid oibleagáidí tuairiscithe faoi mhír 6.
"5. Féadfaidh gach Ballstát na bearta is gá a dhéanamh chun an ceart a thabhairt d’idirghabhálaithe tarscaoileadh a fháil ó fhaisnéis a chomhdú maidir le socrú intuairiscithe trasteorann i gcás ina sáródh an oibleagáid tuairiscithe an phribhléid ghairmiúil dlíodóra faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Sna himthosca sin, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a chur de cheangal ar aon idirghabhálaí a bhfuil tarscaoileadh deonaithe dó fógra a thabhairt, gan mhoill, dá chliant nó dá cliant, más idirghabhálaí é an cliant sin nó, murab ann don idirghabhálaí sin, más rud é gurb é an cliant sin an cáiníocóir ábhartha, faoina gcuid oibleagáidí tuairiscithe faoi mhír 6. "
Leasú 54
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ab – mír 14 – pointe c
(c)  achoimre ar ábhar an tsocraithe intuairiscithe trasteorann, lena n-áirítear tagairt don ainm a thugtar air de ghnáth, más ann dó, agus tuairisc ar na socruithe ábhartha agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cabhrú leis an údarás inniúil riosca cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr, ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí;
(c)  achoimre ar ábhar an tsocraithe trasteorann, lena n-áirítear tagairt don ainm a thugtar air de ghnáth, más ann dó, agus tuairisc ar na socruithe ábhartha, an tionchar a bhfuiltear ag súil a bheith ag an socrú trasteorann ar ráta cánach éifeachtach an cháiníocóra sa Bhallstát iarrtha agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cabhrú leis an údarás inniúil riosca cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, ach fágtar ar lár faisnéis a bhféadfadh nochtadh rúin tráchtála, tionsclaíoch nó ghairmiúil nó nochtadh próisis tráchtála a bheith mar thoradh léi, nó faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí;
Leasú 55
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ab – mír 14 – pointe h a (nua)
(4a)  In Airteagal 8ab, mír 14, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
“(ha) liosta na dtairbhithe, a nuashonraítear ar bhonn bliantúil.’
Leasú 56
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 1
1.  Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a chur de cheangal ar Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a chur i gcrích agus na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn VI a chomhlíonadh. Áiritheoidh gach Ballstát freisin cur chun feidhme éifeachtach agus comhlíonadh na mbeart sin i gcomhréir le Roinn V d’Iarscríbhinn VI.
1.  Déanfaidh gach Ballstát na bearta leormhaithe chun a chur de cheangal ar Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a chur i gcrích agus na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn VI a chomhlíonadh. Áiritheoidh gach Ballstát freisin cur chun feidhme éifeachtach agus comhlíonadh na mbeart sin i gcomhréir le Roinn V d’Iarscríbhinn VI.
Leasú 57
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 3 – pointe c – pointe i
(i)  an margadhluach cóir comhiomlán, chomh maith le líon na n-aonad agus luach na nAistrithe a rinne an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe chuig sheoltaí mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear i Rialachán XXX nach eol go mbaineann siad le soláthraí seirbhíse sócmhainní fíorúil nó le hinstitiúid airgeadais.
(i)  an margadhluach cóir comhiomlán, chomh maith le líon na n-aonad agus luach na nAistrithe a rinne an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe chuig seoltaí mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (18), de Rialachán (AE) 2023/1113.
Leasú 58
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 3 – fomhír 3
Chun críocha phointí (d) go (h) den phointe seo, déanfar an margadhluach cóir a chinneadh agus a thuairisciú in Airgeadra Fiat amháin, arna luacháil tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach.
Chun críoch pointí (d) go (h) den phointe seo, déanfar an margadhluach cóir a chinneadh agus a thuairisciú in Airgeadra Fiat amháin, arna luacháil tráth gach Idirbhirt Intuairiscithe ar bhealach a chuireann an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe i bhfeidhm go comhsheasmhach. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Sainghrúpa um Chomhar Riaracháin i réimse an chánachais dhírigh, treoirlínte a eisiúint maidir le luacháil an mhargaidh chóir.
Leasú 59
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 4a (nua)
4a.  Ní bheidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b).
Leasú 60
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 5
5.  Cuirfear an teachtaireacht in iúl de bhun mhír 3 den Airteagal seo leis an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 20(5) laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na ceanglais tuairiscithe is infheidhme maidir le Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl don bhliain féilire ábhartha nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile amhail ón 1 Eanáir 2027.
5.  Cuirfear an teachtaireacht de bhun mhír 3 den Airteagal seo in iúl agus úsáid á baint as an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 20(5) laistigh de 3 mí tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na ceanglais tuairiscithe is infheidhme maidir le Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl i gcás na bliana féilire ábhartha nó i gcás tréimhse tuairiscithe iomchuí eile amhail ón 1 Eanáir 2027.
Leasú 61
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 6
6.  D’ainneoin mhír 3, ní gá an fhaisnéis i ndáil le hÚsáideoir Criptea-Shócmhainní a thuairisciú i gcás ina bhfuil dearbhuithe leormhaithe faighte ag an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe go gcomhlíonann Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe eile ceanglais tuairiscithe uile an Airteagail seo i leith an Úsáideora Criptea-Shócmhainní sin.
scriosta
Leasú 62
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 7 – fomhír 1
Chun na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, leagfaidh gach Ballstát síos na rialacha is gá chun a chur de cheangal ar Oibreoir Criptea-Shócmhainní clárú laistigh den Aontas. Leithdháilfidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe uimhir aitheantais aonair ar an Oibreoir Criptea-Shócmhainní sin.
Chun na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, leagfaidh gach Ballstát síos na rialacha leormhaithe chun a chur de cheangal ar Oibreoir Criptea-Shócmhainní clárú laistigh den Aontas. Leithdháilfidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe uimhir aitheantais aonair ar an Oibreoir Criptea-Shócmhainní sin.
Leasú 63
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 11 – fomhír 1
Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis iarraidh réasúnaithe ó aon Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontaithe idir údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í ag comhfhreagairt don fhaisnéis a shonraítear i Roinn II, mír B d’Iarscríbhinn VI, de réir bhrí Roinn IV, fomhír F(5), d’Iarscríbhinn VI. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis iarraidh réasúnaithe ó aon Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontú idir údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í ag comhfhreagairt don fhaisnéis a shonraítear i Roinn II, mír B, d’Iarscríbhinn VI, de réir bhrí Roinn IV, fomhír F(5), d’Iarscríbhinn VI. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), gan moill mhíchuí.
Leasú 64
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ad – mír 11a (nua)
11a.  Ní bheidh feidhm ag mír 11 má liostaítear faoi láthair an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í in Iarscríbhinn I nó II de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, nó má shainaithnítear í i liosta na dtríú tíortha a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais AML/CFT, nó má bhí sí mar chuid de cheachtar díobh sin sa 12 mhí roimhe sin.
Thairis sin, maidir le haon liostú a dhéanfar amach anseo in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II de liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach nó maidir le sainaithint mar thríú tír ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina córas AML/CFT, cuirfear ar fionraí éifeacht aon ghníomhartha cur chun feidhme atá ann cheana maidir leis an dlínse shonrach sin.
Leasú 65
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8b – mír 1
(6a)  in Airteagal 8b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1.  Tabharfaidh na Ballstáit staitisticí don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le líon na n-uathmhalartuithe faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa agus 8ac, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d'fhéadfadh tarlú, i gcás córais riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.
“1. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear staidreamh maidir le líon na n-uathmhalartuithe mar aon le measúnú ar inúsáidteacht na sonraí atá á malartú faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa, 8ac agus 8ad, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d’fhéadfadh tarlú, i gcás riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.’
Leasú 66
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 b (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
(6b)  in Airteagal 11(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
‘I gcásanna ina dtugtar diúltú réasúnaithe, féadfaidh an t-údarás iarrthach dul i dteagmháil leis an údarás inniúil arís le heilimintí breise, chun údarú a fháil dá oifigeach ionas go mbeidh sé in ann na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), (b) nó (c) a dhéanamh. Tabharfaidh an t-údarás inniúil freagra ar an dara hiarraidh sin laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.’
Leasú 67
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 c – pointe a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 12 a – mír 1
(6c)  Leasaítear Airteagal 12a mar a leanas:
(a)  cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:
1.  Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó de Bhallstáit eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla iarrtha freagra ar an iarraidh chun iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh de 60 lá ón iarraidh a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla iarrtha iarraidh ar iniúchadh compháirteach a rinne údarás inniúil Ballstáit a dhiúltiú ar fhorais a bhfuil údar maith leo.
“1. Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó ar Bhallstát eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla iarrtha freagra ar an iarraidh chun iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh de 60 lá ón iarraidh a fháil.
Leasú 68
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 c – pointe b (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 12 a – mír 1 a (nua)
(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
“1a. Féadfar diúltú d’iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit ar iniúchadh comhpháirteach ar na cúiseanna seo a leanas:
(a)  d’áireofaí leis an iniúchadh comhpháirteach iarrtha fiosrúcháin a dhéanamh nó faisnéis a chur in iúl de shárú ar reachtaíocht an Bhallstáit iarrtha;
(b)  ní féidir leis an mBallstát iarrthach, ar chúiseanna dlí, faisnéis a chur in iúl a bheadh cosúil leis an bhfaisnéis a mbeifí ag súil leis an mBallstát iarrtha a chur ar fáil le linn iniúchadh comhpháirteach.
I gcás ina ndiúltaíonn údarás iarrtha don iarraidh sin, cuirfidh sé an t-iarrthóir ar an eolas maidir le cé acu den dá fhoras dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhí mar bhunús leis an diúltú sin.’
Leasú 69
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe a
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1
Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit i bhfoirm ar bith de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar an fhaisnéis sin a úsáid chun measúnú, riar agus forfheidhmiú a dhéanamh ar dhlí náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL agus cánacha indíreacha eile, dleachtanna custaim agus chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.
Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit i bhfoirm ar bith de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus déanfar an chosaint a theachtadh a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun dlí náisiúnta na mBallstát a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú, ar dlí í a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL, cánacha indíreacha eile, dleachtanna custaim, frithsciúradh airgid agus cionta preideacáide gaolmhara, chomh maith le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.
Leasú 70
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 1
Le cead ó údarás inniúil an Bhallstáit a chuireann faisnéis in iúl de bhun na Treorach seo, ach amháin a mhéid a cheadaítear faoi reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis seo, is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1.
A mhéid a cheadaítear faoi reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis seo, is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1. Tabharfar an cead sin go díreach más féidir an fhaisnéis a úsáid chun críoch comhchosúil i mBallstát an údaráis inniúil a chuireann an fhaisnéis in iúl.
Leasú 71
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe c
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 16 – mír 7
7.  Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit sásra éifeachtach ar bun chun a áirithiú go ndéantar measúnú ar na sonraí a fhaightear trí thuairisciú nó trí mhalartú faisnéise faoi Airteagail 8 go 8ad laistigh de raon feidhme na Treorach seo.;
7.  Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit sásra éifeachtach a chur i bhfeidhm chun an úsáid a bhaintear as sonraí a fhaightear agus a roinntear trí fhaisnéis a thuairisciú agus a mhalartú faoi Airteagail 8 go hAirteagal 8ad laistigh de raon feidhme na Treorach seo agus an measúnú ar cháilíocht agus iomláine na sonraí sin a áirithiú, mar aon le nósanna imeachta a chur i bhfeidhm le haghaidh anailís chórasach riosca na faisnéise seo agus le haghaidh anailís chórasach na faisnéise gan chomhoiriúnú a mhalartaítear de bhun Airteagal 5 agus Airteagal 8.
Leasú 72
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 17 – mír 4 a (nua)
(7a)  in Airteagal 17, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“4a. Ní bheidh feidhm ag an bhféidearthacht dá dtagraítear i mír 4 maidir le diúltú do sholáthar faisnéise má bhíonn an t-údarás iarrthach in ann a léiriú nach gcuirfear an fhaisnéis in iúl don phobal agus nach n-úsáidfear í ach amháin chun measúnú, bainistiú agus rialú a dhéanamh ar ghnóthaí cánach ábhartha an duine nó an ghrúpa daoine a mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis leo.’
Leasú 73
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 23 – mír 2
(9a)  In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
2.  Cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht an chomhair riaracháin i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus calaois chánach a chomhrac.
“2. Cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht an chomhair riaracháin i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus calaois chánach a chomhrac, agus déanfaidh siad scrúdú agus measúnú ar na costais chomhlíontachta is féidir a eascairt as staid róthuairiscithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfidh na Ballstáit torthaí a meastóireachta in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún gach bliain. Cuirfear achoimre ar na torthaí sin ar fáil don phobal, agus cearta agus rúndacht na gcáiníocóirí á gcur san áireamh. Ní dhéanfar an fhaisnéis a imdhealú go leibhéal ar féidir í a shannadh do cháiníocóir aonair.
Leasú 74
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 23 – mír 3
3.  Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 8, 8a, 8aa agus 8ab, mar aon leis na torthaí praiticiúla a baineadh amach. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha maidir leis an meastóireacht bhliantúil sin a chur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
3.  Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an mhalartaithe faisnéise arna iarraidh sin dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 agus éifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 8 go 8ad, an méid comhair le tríú tíortha, mar aon leis na torthaí praiticiúla atá bainte amach, lena n-áirítear an t-ioncam ó cháin incriminteach lena mbaineann agus na cleachtais aindleathacha a shainaithnítear le comhar riaracháin. Déanfaidh an Coimisiún imdhealú ar an bhfaisnéis a chuirfear in iúl, ar a laghad go leibhéal de réir tíre. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha maidir leis an meastóireacht bhliantúil sin a chur in iúl. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
Leasú 75
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 a – pointe a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 23a – mír 1
(11a)  leasaítear Airteagal 23 a mar a leanas:
(a)  cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:
1.  Coinneoidh an Coimisiún faisnéis a chuirtear in iúl don Choimisiún de bhun na Treorach seo faoi rún i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme i leith údaráis an Aontais agus ní fhéadfar í a úsáid chun aon chríoch eile seachas iad siúd is gá lena chinneadh an bhfuil an Treoir seo á comhlíonadh ag na Ballstáit agus a mhéid atá siad á dhéanamh sin.
“1. Aon fhaisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún de bhun na Treorach seo, coinneofar faoi rún í, a mhéid nach ndéanfaidh a neamhnochtadh dochar do leas an phobail, is féidir an fhaisnéis sin a shannadh do cháiníocóirí aonair agus dhéanfadh nochtadh na faisnéise sin cearta na gcáiníocóirí a shárú.’
Leasú 76
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 a – pointe b (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 23a – mír 2
(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2
2.  Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.
"2. Féadfar aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus úsáid á baint as an bhfaisnéis inchurtha, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus déanfar an cosaint a theachtadh a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.
Ní féidir leis na Ballstáit tuarascálacha agus doiciméid a chuireann an Coimisiún le chéile, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a úsáid ach chun críoch anailíseach, agus ní fhoilseofar ná ní chuirfear ar fáil d’aon duine ná comhlacht eile iad seachas le comhaontú sainráite ón gCoimisiún.
Ní fhéadfaidh na Ballstáit tuarascálacha agus doiciméid arna gcur le chéile ag an gCoimisiún, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a úsáid ach amháin chun críoch anailíseach.
D'ainneoin an chéad agus an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staitistiúla a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).
D’ainneoin na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, déanfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staidrimh a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).
Leasú 77
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 1
1.  Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus a bhaineann le hAirteagal 8(3a), Airteagail 8aa go 8ad agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Beidh na pionóis agus na bearta comhlíonta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
1.  Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus a bhaineann le hAirteagal 8(3a), Airteagail 8aa go 8ad agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Beidh na pionóis agus na bearta comhlíonta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforfheidhmeofar pionóis i gcoinne na bpáirtithe ar a bhfuil locht go hiarbhír.
Leasú 78
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 1 a (nua)
1a.  I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil maidir le pionóis ar mó iad ná EUR 150 000, bunóidh sé córas sealadach chun pionóis a laghdú ar feadh 3 bliana i gcás FBManna i ndáil le hAirteagal 8ad.
Leasú 79
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 2 – fomhír 2 – pointe c
(c)  údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.
scriosta
Leasú 80
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 3 – fomhír 1
I gcásanna nach ndéantar tuairisciú tar éis dhá mheabhrúchán riaracháin nó i gcás ina bhfuil sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha san fhaisnéis a soláthraítear, ar mó iad ná 25 % den fhaisnéis ba cheart a thuairisciú i gcomhréir leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Roinn II, fomhír (B), áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar na pionóis íosta airgid seo a leanas ar a laghad sna pionóis is féidir a chur i bhfeidhm.
I gcásanna ina mainnítear tuairisciú a dhéanamh tar éis 2 mheabhrúchán riaracháin a fháil nó i gcás ina bhfuil sonraí neamhiomlána, míchearta nó bréagacha san fhaisnéis a soláthraítear, agus ar mó iad na sonraí ná 25 % den fhaisnéis ba cheart a thuairisciú i gcomhréir leis an bhfaisnéis a leagtar amach sna hIarscríbhinní, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar na pionóis íosta airgid seo a leanas ar a laghad sna pionóis is féidir a chur i bhfeidhm.
Leasú 81
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 3 – fomhír 1 – pointe c
(c)  i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta arna nglacadh chun Airteagal 8ab a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 50 000 i gcás ina mbeidh láimhdeachas bliantúil an idirghabhálaí nó an cháiníocóra ábhartha faoi bhun EUR 6 mhilliún agus EUR 150 000 nuair is ionann an láimhdeachas agus EUR 6 mhilliún nó níos mó; ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 20 000 nuair is duine nádúrtha an t-idirghabhálaí nó an cáiníocóir ábhartha;
scriosta
Leasú 82
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 3 – fomhír 1 – pointe d
(d)  i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta arna nglacadh chun Airteagal 8ac a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 50 000 i gcás ina mbeidh láimhdeachas bliantúil an Oibreora Ardán Tuairiscithe faoi bhun EUR 6 mhilliún agus EUR 150 000 nuair is ionann an láimhdeachas agus EUR 6 mhilliún nó níos mó, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 20 000 nuair is duine nádúrtha é an tOibreoir Ardán Tuairiscithe;
scriosta
Leasú 83
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 3 – fomhír 1 – pointe e
(e)  i gcás neamhchomhlíonadh forálacha náisiúnta arna nglacadh chun Airteagal 8ad a chomhlíonadh, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 50 000 i gcás ina bhfuil láimhdeachas bliantúil an tSoláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe faoi bhun EUR 6 mhilliún agus EUR 150 000 nuair is ionann an láimhdeachas agus EUR 6 mhilliún nó níos mó, ní bheidh an pionós íosta airgid níos lú ná EUR 20 000 nuair is duine nádúrtha é an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe.
scriosta
Leasú 84
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE ón gComhairle
Airteagal 25a – mír 3 – fomhír 1 a (nua)
Ní rachaidh na pionóis a leagtar síos sa mhír seo thar 1 % de láimhdeachas iomlán an duine a gceanglaítear air tuairisciú.
Leasú 85
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 25a – mír 3 – fomhír 2
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar oiriúnacht na méideanna dá bhforáiltear i mír (d) sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 27(1).
Faoin ... [bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar oiriúnacht agus comhréireacht na méideanna dá bhforáiltear sa mhír seo.
Leasú 86
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 27 – mír 1
(13a)  In Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1.  Gach cúig bliana tar éis an 1 Eanáir 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.
“1. Gach 5 bliana tar éis an 1 Eanáir 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh tograí sonracha, lena n-áirítear tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil chun an Treoir seo a fheabhsú.’
Leasú 87
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 27 – mír 2
2.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú i ndáil lena ndlínse, ar éifeachtacht an chomhair riaracháin i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac agus cuirfidh siad torthaí a measúnaithe in iúl don Choimisiún uair sa bhliain.
2.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú i ndáil lena ndlínse, ar éifeachtacht an chomhair riaracháin i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac agus cuirfidh siad torthaí a measúnaithe in iúl do Pharlamint na hEorpa agus don Choimisiún uair sa bhliain.
Leasú 88
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 27 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh torthaí den sórt sin ar an measúnú ó na Ballstáit chun tuilleadh athbhreithnithe reachtacha a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar bhealaí éalaithe agus ar laigí leanúnacha sa Treoir seo.
Leasú 89
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 27 – mír 2 a (nua)
(14a)  In Airteagal 27, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
“2a. Chun críocha mhír 2 den Airteagal sin, déanfaidh an Coimisiún creat comhchoiteann a ghlacadh maidir le tionchar, costais agus buntáistí na Treorach seo a thomhas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).’
Leasú 90
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 27c – mír 1
Maidir le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar TIN na ndaoine aonair nó na n-eintiteas a tuairiscíodh arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe i nochtadh na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (3a), Airteagal 8a(6), Airteagal 8aa(3), Airteagal 8ab(14), Airteagal 8ac(2) agus Airteagal 8ad(3). Cuirfear an TIN ar fáil fiú amháin nuair nach n-éilítear é go sonrach leis na hAirteagail sin.
Maidir le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2027 nó ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar TIN na ndaoine aonair nó na n-eintiteas tuairiscithe arna n-eisiúint ag an mBallstát cónaithe, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, a áireamh i gcur in iúl na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (3a), Airteagal 8a(6), Airteagal 8aa(3), Airteagal 8ab(14), Airteagal 8ac(2) agus Airteagal 8ad(3). Cuirfear TIN ar fáil fiú amháin nuair nach n-éilítear é go sonrach leis na hAirteagail sin.
Leasú 91
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 27c – mír 2a (nua)
Faoi mhí Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil sé inmhianaithe TIN Eorpach a thabhairt isteach. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Leasú 92
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 a (nua)
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 27d (nua)
(15a)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 27d
Athbhreithniú
Faoi mhí Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil gá le neartú breise a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus feidhmiú an uathmhalartaithe faisnéise agus a chaighdeán a ardú, agus é mar aidhm leis an méid seo a leanas a fhoráil:
(a)  go ndéanfar na catagóirí ioncaim a leagtar síos in Airteagal 8(1) a leathnú chuig sócmhainní airgeadais lena n-áirítear sócmhainní trádála airgeadra agus sócmhainní neamhairgeadais amhail réadmhaoin, ealaín nó seodra agus foirmeacha nua chun saibhreas a stóráil amhail saorphoirt agus taisceadáin lena n-áirítear na sonraí úinéireachta tairbhiúla deiridh agus caipiteal in aghaidh;
(b)  go ndéanfar na liostaí ítimí a leagtar síos in Airteagal 8(3a) a leathnú chun go n-áireofar na sonraí úinéireachta tairbhiúla deiridh agus go rachfar i ngleic le seachaint cánach trí áiteanna cónaithe tánaisteacha nó iomadúla chun críoch cánach.’
Leasú 93
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1
Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Leasú 94
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 2
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh.
Leasú 95
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a – pointe i
Treoir 2011/16/AE
IARSCRÍBHINN I – Roinn 1 – pointe A – mír 1 – pointe c
(c)  cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena n-áirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais.
(c)  cibé acu is comhchuntas é an cuntas nó nach ea, lena n-áirítear líon na gComhshealbhóirí Cuntais agus sciar gach Sealbhóra Cuntais.
Leasú 96
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe a – pointe ii a (nua)
Treoir 2011/16/AE
IARSCRÍBHINN I – Roinn 1 – pointe A – fomhír 7 a (nua)
(iia)  cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:
“7a. i gcás nach bhfuil aon chuntas ag an Institiúid Airgeadais Tuairiscithe atá le tuairisciú faoin Treoir seo, toradh nialasach, lena n-áirítear míniú ar an bhfáth nach bhfuil aon fhaisnéis á tuairisciú ag an institiúid airgeadais.’
Leasú 97
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 – pointe c a (nua)
Treoir 2011/16/AE
IARSCRÍBHINN I – Roinn 1 – pointe F a (nua)
(ca)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
“Fa. Cuirfidh gach Institiúid Airgeadais Neamh-Thuairiscithe toradh nialasach faoi bhráid údarás inniúil a Ballstáit, lena n-áirítear míniú ar an bhfáth nach bhfuil an institiúid airgeadais ag déanamh tuairisciú ar aon fhaisnéis ná ar fhaisnéis ar a bhfuil an institiúid airgeadais eile ag déanamh tuairisciú thar a ceann.’
Leasú 98
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 a – pointe a (nua)
Treoir 2011/16/AE
IARSCRÍBHINN I – Roinn v – pointe A
(1a)  leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
(a)  scriostar pointe A;
Leasú 99
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 a – pointe b (nua)
Treoir 2011/16/AE
IARSCRÍBHINN I – Roinn V – pointe B
(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe B:
B.  Cuntais Eintiteas atá faoi réir Athbhreithniú. Maidir le Cuntas Eintitis atá ann cheana lena mbaineann iarmhéid nó luach comhiomlán ar mó é, amhail an 31 Nollaig 2015, ná méid ainmnithe in airgeadra intíre gach Ballstáit a fhreagraíonn do USD 250 000, agus Cuntas Eintitis atá ann cheana nach mó é, amhail an 31 Nollaig 2015, ná an méid sin ach ar mó a iarmhéid nó a luach comhiomlán ná an méid sin amhail ar an lá deiridh d’aon bhliain féilire dá éis sin, ní mór an cuntas sin a athbhreithniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i mír D.
“B. Cuntais Eintiteas atá faoi réir Athbhreithniú. Déanfar Cuntas Eintitis atá ann cheana a athbhreithniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i mír D.’
Leasú 100
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe a
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn I – Roinn VIII – pointe A – fomhír 6 – pointe b
(b)  an t-ollioncam atá inchurtha go príomha i leith infheistiú, athinfheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó nó i gCriptea-Shócmhainní Intuairiscithe, más rud é go bhfuil an tEintiteas á bhainistiú ag Eintiteas eile ar Institiúid Taisclainne, Institiúid Chumhdaigh, Cuideachta Árachais Shonraithe, nó Eintiteas Infheistíochta é ar a dtugtar tuairisc i bhfomhír A(6), pointe (a).
(b)  an t-ollioncam atá inchurtha go príomha i leith infheistiú, ath-infheistiú, nó trádáil i Sócmhainní Airgeadais nó i gCriptea-Shócmhainní Intuairiscithe, más rud é go bhfuil an tEintiteas á bhainistiú ag Eintiteas eile ar Institiúid Taisclainne, Institiúid Chumhdaigh, Cuideachta Árachais Shonraithe, nó Eintiteas Infheistíochta é a thuairiscítear i bhfomhír A(6), pointe (a).
Leasú 101
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn I – Roinn VIII – pointe A – fomhír 10
10.  Ciallaíonn an téarma ‘Licín Ríomh-Airgid’ nó ‘Licín R-airgid’ Licín Ríomh-Airgid’ nó ‘Licín R-airgid mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
10.  Ciallaíonn an téarma ‘Comhartha Ríomh-Airgid’ nó ‘Comhartha R-airgid’ Comhartha Ríomh-Airgid’ nó ‘Comhartha R-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (EU) 2023/1114.
Leasú 102
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe b
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn I – Roinn VIII – pointe A – fomhír 13
13.  Ciallaíonn an téarma ‘Criptea-Shócmhainn’ Criptea-Shócmhainn mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
13.  ciallaíonn ‘Criptea-Shócmhainn’ Criptea-Shócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 103
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn I – pointe A – fomhír 1
1.  gur Eintiteas é atá údaraithe faoi Rialachán XX;
1.  gur Eintiteas é atá údaraithe faoi Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 104
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn II – pointe B a (nua)
Ba.  D’ainneoin fhomhír A(1), ní cheanglaítear an áit bhreithe a thuairisciú mura gceanglaítear thairis sin ar an Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe í a fháil agus a thuairisciú faoin dlí náisiúnta.
Leasú 105
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn II – pointe C
C.  Déanfar an fhaisnéis a liostaítear i mír 3 a thuairisciú faoin 31 Eanáir den bhliain féilire tar éis na bliana lena mbaineann an fhaisnéis. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl don bhliain féilire ábhartha nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.
C.  Déanfar an fhaisnéis a liostaítear i mír 3 a thuairisciú faoin 31 Iúil den bhliain féilire tar éis na bliana lena mbaineann an fhaisnéis. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl don bhliain féilire ábhartha nó do thréimhse tuairiscithe iomchuí eile ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.
Leasú 106
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn IV – pointe A – fomhír 1
1.  Ciallaíonn ‘Criptea-Shócmhainn’ Criptea-Shócmhainn mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
1.  ciallaíonn ‘Criptea-Shócmhainn’ Criptea-Shócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 107
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn IV – pointe A – fomhír 5
5.  Ciallaíonn ‘Ríomh-Airgead’ nó ‘R-airgead’ Ríomh-Airgead nó R-airgead mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/110/CE. Chun críocha na Treorach seo, ní áirítear leis an téarma ‘Ríomh-Airgead’ nó ‘R-airgead’ táirge a chruthaítear chun aistriú cistí ó chustaiméir chuig duine eile a éascú, agus chun na críche sin amháin, de bhun threoracha an chustaiméara. Ní chruthaítear táirge chun aistriú cistí a éascú, agus chuige sin amháin, más rud é, i ngnáthchúrsa gnó an Eintitis is aistritheoir, go bhfuil na cistí a bhaineann leis an táirge sin i seilbh níos faide ná 60 lá tar éis treoracha a fháil chun an t-aistriú a éascú, nó, mura bhfaightear aon treoir, go gcoimeádtar na cistí a bhaineann leis an táirge sin níos faide ná 60 lá tar éis na cistí a fháil.
5.  Chun críoch na Treorach seo, ciallaíonn ‘Ríomh-Airgead’ nó ‘R-airgead’ aon Chriptea-Shócmhainn ar fíor an méid seo a leanas ina leith: (a) is léiriú digiteach é ar Airgeadra Fiat amháin; (b) eisítear é ar chistí a fháil chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh; (c) arna léiriú ag éileamh ar an eisitheoir atá ainmnithe san Airgeadra Fiat céanna; (d) glacann duine nádúrtha nó dlítheanach eile seachas an t-eisitheoir leis mar íocaíocht; agus (e) de bhua ceanglais rialála a bhfuil an t-eisitheoir faoina réir, tá sé infhuascailte ag am ar bith agus ar parluach don Airgeadra Fiat céanna arna iarraidh sin do shealbhóir an táirge. Ní áirítear leis an téarma ‘Ríomh-airgead’ nó ‘R-airgead’ táirge a chruthaítear chun aistriú cistí ó chustaiméir chuig duine eile a éascú, agus chun na críche sin amháin, de bhun threoracha an chustaiméara. Ní chruthaítear táirge chun aistriú cistí a éascú, agus chuige sin amháin, más rud é, i ngnáthchúrsa gnó an Eintitis is aistritheoir, go bhfuil na cistí a bhaineann leis an táirge sin i seilbh níos faide ná 60 lá tar éis treoracha a fháil chun an t-aistriú a éascú, nó, mura bhfaightear aon treoir, go gcoimeádtar na cistí a bhaineann leis an táirge sin níos faide ná 60 lá tar éis na cistí a fháil.
Leasú 108
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn IV – pointe A – fomhír 6
6.  Ciallaíonn ‘Licín Ríomh-Airgid’ nó ‘Licín R-airgid’ Licín Ríomh-Airgid’ nó ‘Licín R-airgid mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
6.  Ciallaíonn ‘Comhartha Ríomh-Airgid’ nó ‘Comhartha R-airgid’ Comhartha Ríomh-Airgid’ nó ‘Comhartha R-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (EU) 2023/1114.
Leasú 109
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn IV – pointe A – fomhír 7
7.  Ciallaíonn ‘Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte (DLT)’ Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte nó DLT mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
7.  ciallaíonn ‘Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte (DLT)’ Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte nó DLT mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 110
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn IV – pointe B – fomhír 1
1.  Ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní’ Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní mar a shainmhínítear i Rialachán XXX.
1.  ciallaíonn ‘Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní’ Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 111
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn IV – pointe B – fomhír 4
4.  Ciallaíonn ‘Seirbhísí Criptea-Shócmhainní’ Seirbhísí Criptea-Shócmhainní mar a shainmhínítear i Rialachán XXX lena n-áirítear gabháil agus iasachtú.
4.  ciallaíonn ‘Seirbhísí Criptea-Shócmhainní’ Seirbhísí Criptea-Shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114.
Leasú 112
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn IV – pointe C – fomhír 4
4.  Ciallaíonn ‘Idirbheart Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe’ Aistriú Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe i gcomaoin earraí nó seirbhísí ar mó ná EUR 50 000 an luach atá orthu.
4.  Ciallaíonn ‘Idirbheart Íocaíochta Miondíola Intuairiscithe’ Aistriú Criptea-Shócmhainní Intuairiscithe i gcomaoin earraí nó seirbhísí ar mó ná USD 50 000 (nó a choibhéis in aon airgeadra eile) an luach atá orthu.
Leasú 113
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn V – pointe A – fomhír 2
2.  I gcás nach soláthraíonn Úsáideoir Criptea-Shócmhainní an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Roinn III tar éis dhá mheabhrúchán i ndiaidh an chéad iarraidh a fháil ón Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ach ní roimh dheireadh 60 lá, cuirfidh na Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe cosc ar an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Idirbhearta Malartaithe a dhéanamh.
2.  I gcás nach soláthraíonn Úsáideoir Criptea-Shócmhainní an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Roinn III tar éis dhá mheabhrúchán i ndiaidh an chéad iarraidh a fháil ón Soláthraí Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe, ach ní roimh dheireadh 60 lá, cuirfidh na Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní Tuairiscithe cosc ar an Úsáideoir Criptea-Shócmhainní Idirbhearta Malartaithe a dhéanamh; cuirfear deireadh leis an teorannú sin láithreach tar éis don Úsáideoir Criptea-Shócmhainne an fhaisnéis is gá a sholáthar.
Leasú 114
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn III
Treoir 2011/16/AE
Iarscríbhinn VI – Roinn V – pointe E
Déanfaidh an Ballstát baile a thugann údarú do Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní i gcomhréir le Rialachán XXX liosta de na Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní údaraithe uile a chur in iúl don údarás inniúil ar bhonn rialta agus ar a dhéanaí roimh an 31 Nollaig.
Déanfaidh an Ballstát baile a thugann údarú do Sholáthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1114 liosta de na Soláthraithe Seirbhísí Criptea-Shócmhainní údaraithe uile a chur in iúl don údarás inniúil ar bhonn rialta agus ar a dhéanaí roimh an 31 Nollaig.

Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte d’fhonn macántacht, neamhspleáchas agus cuntasacht a neartú
PDF 202kWORD 65k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte d’fhonn macántacht, neamhspleáchas agus cuntasacht a neartú (2023/2095(REG))(1)
P9_TA(2023)0316A9-0262/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do litir óna hUachtarán an 9 Márta 2023,

–  ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0262/2023),

1.  á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos;

2.  á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an 1 Samhain 2023; á chinneadh, áfach, go mbeidh feidhm ag na leasuithe lena dtugtar cumhacht don Bhiúró agus do na Caestóirí bearta cur chun feidhme a ghlacadh ón dáta a ghlacfar an cinneadh sin;

3.  á chinneadh go leanfaidh dearbhuithe leasanna arna dtíolacadh ar bhonn fhorálacha na Rialacha Nós Imeachta atá i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar an cinneadh sin de bheith bailí go dtí an 31 Nollaig 2023;

4.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas.

An téacs reatha   Leasú
Leasú 1
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 11
Riail 11
Riail 11
Leasanna airgeadais agus clár trédhearcachta na bhFeisirí
Rialacha iompair maidir le macántacht agus trédhearcacht
1.  Déanfaidh an Pharlaimint rialacha a leagan síos lena rialófar trédhearcacht leasanna airgeadais a cuid Feisirí i bhfoirm Cód Iompair a ghlacfaidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í agus a bheidh ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo5.
1.  Déanfaidh an Pharlaimint rialacha iompair maidir le macántacht agus trédhearcacht a leagan síos i bhfoirm Cód Iompair a ghlacfaidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í agus a bheidh ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo5.
Ní dhéanfaidh na rialacha sin dochar ar bhealach eile d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar bhealach eile, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.
Ní dhéanfaidh na rialacha sin dochar ar bhealach eile d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar bhealach eile, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.
2.  Ba cheart d’Fheisirí an cleachtas córasach a ghlacadh nach mbuailfí ach le hionadaithe leasa atá cláraithe sa chlár trédhearcachta a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach6.
3.  Ba cheart do na Feisirí gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh a fhoilsiú ar líne. Gan dochar d’Airteagal 4(6) d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na rapóirtéirí, na scáthrapóirtéirí agus cathaoirligh na gcoistí, le haghaidh gach tuarascála, gach cruinniú beartaithe le hionadaithe leasmhara a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe idirinstitiúidigh a fhoilsiú ar líne. Ba cheart don Bhiúró foráil a dhéanamh maidir leis an mbonneagar is gá ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
4.  Soláthróidh an Biúró an bonneagar is gá ar leathanach baile na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte do na Feisirí sin ar mian leo iniúchadh nó dearbhú deonach a fhoilsiú, amhail dá bhforáiltear faoi rialacha infheidhme Reacht na bhFeisirí agus faoina rialacha cur chun feidhme, go gcomhlíonann an úsáid atá á baint acu as an Liúntas do Chaiteachas Ginearálta na rialacha is infheidhme maidir le rialacha Reacht na bhFeisirí agus lena bhearta cur chun feidhme.
4.  Soláthróidh an Biúró an bonneagar is gá ar leathanach baile na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte do na Feisirí sin ar mian leo iniúchadh nó dearbhú deonach a fhoilsiú, amhail dá bhforáiltear faoi rialacha infheidhme Reacht na bhFeisirí agus faoina rialacha cur chun feidhme, go gcomhlíonann an úsáid atá á baint acu as an Liúntas do Chaiteachas Ginearálta na rialacha is infheidhme maidir le rialacha Reacht na bhFeisirí agus lena bhearta cur chun feidhme.
5.  Ní dhéanfaidh na rialacha seo dochar ar bhealach eile d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar bhealach eile, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.
6.  Déanfar cód iompair agus cearta agus pribhléidí iar-Fheisirí a leagan síos le cinneadh ón mBiúró. Ní dhéanfar aon idirdhealú sa tslí ina ndéileáiltear le hiar-Fheisirí.
6.  Déanfar cód iompair maidir le macántacht agus trédhearcacht d’iar-Fheisirí a leagan síos le cinneadh ón mBiúró.
__________
__________
5 Féach Iarscríbhinn I.
5 Féach Iarscríbhinn I.
6 Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).
Leasú 2
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 35
Riail 35
Riail 35
Idirghrúpaí
Idirghrúpaí
1.  Féadfaidh feisirí aonair idirghrúpaí a bhunú le grúpálacha neamhoifigiúla eile Feisirí, chun na críche malartú neamhfhoirmiúil tuairimí a dhéanamh maidir le saincheisteanna sonracha, ar malartú é a mbeidh grúpaí éagsúla polaitiúla agus comhaltaí de choistí éagsúla parlaiminteacha páirteach ann, agus teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.
1.  Féadfaidh feisirí aonair idirghrúpaí a bhunú chun na críche malartú neamhfhoirmiúil tuairimí a dhéanamh maidir le saincheisteanna sonracha, ar malartú é a mbeidh grúpaí éagsúla polaitiúla agus comhaltaí de choistí éagsúla parlaiminteacha páirteach ann, agus teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.
2.  Beidh idirghrúpaí chomh maith le grúpálacha neamhoifigiúla eile go hiomlán trédhearcach ina ngníomhaíochtaí agus ní ghabhfaidh siad d'aon ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le mearbhall i dtaca le gníomhaíochtaí oifigiúla na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí. Ní fhéadfaidh siad imeachtaí a eagrú i dtríú tíortha a tharlaíonn i gcomhthráth le misean de chomhlacht oifigiúil na Parlaiminte, lena n-áirítear toscaireacht oifigiúil breathnóireachta toghcháin.
2.  Beidh na hidirghrúpaí go hiomlán trédhearcach ina ngníomhaíochtaí. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis lena cheapadh gurb ionann iad agus gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí. Go háirithe, ní úsáidfidh siad ainm ná lógó na Parlaiminte. Ní fhéadfaidh siad imeachtaí a eagrú i dtríú tíortha a tharlaíonn i gcomhthráth le misean de chomhlacht oifigiúil na Parlaiminte, lena n-áirítear toscaireacht oifigiúil breathnóireachta toghcháin.
3.  Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha arna leagan síos i rialacha inmheánacha na Parlaiminte lena rialaítear bunú grúpálacha den sórt sin, féadfaidh grúpa polaitiúil a gcuid gníomhaíochtaí a éascú trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar.
3.  Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha arna leagan síos i rialacha inmheánacha na Parlaiminte lena rialaítear bunú na n-idirghrúpaí sin, féadfaidh grúpa polaitiúil a gcuid gníomhaíochtaí a éascú trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar.
4.  Ceanglófar ar idirghrúpaí dearbhú bliantúil a dhéanamh maidir le haon tacaíocht, cibé acu in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil (e.g. cúnamh rúnaíochta), ar tacaíocht í a chaithfí a dhearbhú faoi Iarscríbhinn I dá gcuirfí ar fáil d’Fheisirí mar dhaoine aonair í.
4.  Ceanglófar ar idirghrúpaí dearbhú bliantúil a dhéanamh maidir le haon tacaíocht, lena n-áirítear airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, ar tacaíocht í a chaithfí a dhearbhú faoi Iarscríbhinn I dá gcuirfí ar fáil d’Fheisirí mar dhaoine aonair í.
Ceanglófar freisin ar ghrúpaí neamhoifigiúla eile go ndearbhóidís, faoi dheireadh na míosa ina dhiaidh sin, aon tacaíocht, cibé acu in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, nár dhearbhaigh na Feisirí go leithleach i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi Iarscríbhinn I.
5.  Ní fhéadfaidh ach ionadaithe leasmhara atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí idirghrúpa nó i ngníomhaíochtaí grúpála neamhoifigiúla eile arna n-eagrú ar áitribh na Parlaiminte, mar shampla trí fhreastal ar chruinnithe nó imeachtaí an idirghrúpa nó na grúpála neamhoifigiúla eile, trí thacaíocht a thabhairt dó nó di, nó trína imeachtaí/himeachtaí a chomh-óstáil.
5.  Ní fhéadfaidh ionadaithe sainleasa a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí idirghrúpa arna n-eagrú ar áitribh na Parlaiminte, mar shampla trí fhreastal ar chruinnithe nó ar imeachtaí an idirghrúpa, trí thacaíocht a thairiscint dó, nó trína imeachtaí a chomh-óstáil, ach amháin má tá siad iontráilte sa chlár trédhearcachta a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta saoinordaitheach14a.
6.  Coimeádfaidh na Caestóirí clár de na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 4. Déanfaidh na Caestóirí rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na dearbhuithe sin agus maidir lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
6.  Coimeádfaidh na Caestóirí clár poiblí de na hidirghrúpaí agus de na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 4. Glacfaidh an Biúró rialacha mionsonraithe maidir leis an gclár sin agus leis na dearbhuithe sin agus maidir lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
7.  Déanfaidh na Caestóirí forfheidhmiú éifeachtach na Rialach seo a áirithiú.
7.  Déanfaidh na Caestóirí forfheidhmiú éifeachtach na Rialach seo a áirithiú.
7a.  I gcás sárú ar an Riail seo, féadfaidh na Caestóirí toirmeasc a fhorchur ar an idirghrúpa maidir le saoráidí na Parlaiminte a úsáid ar feadh tréimhse nach faide ná a bhfuil fágtha den téarma parlaiminteach.
__________
14a Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).
Leasú 3
Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte
Riail 35 a (nua)
Riail 35a
Grúpálacha neamhoifigiúla
1.   Féadfaidh Feisirí aonair grúpálacha neamhoifigiúla a bhunú chun críche malartuithe neamhfhoirmiúla tuairimí a reáchtáil maidir le saincheisteanna sonracha thar ghrúpaí polaitiúla éagsúla, ag tarraingt ar chomhaltaí coistí parlaiminteacha éagsúla, agus teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.
2.   Beidh grúpálacha neamhoifigiúla go hiomlán trédhearcach ina ngníomhaíochtaí. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis lena cheapadh gurb ionann iad agus gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí. Go háirithe, ní úsáidfidh siad ainm ná lógó na Parlaiminte. Ní fhéadfaidh siad imeachtaí a eagrú i dtríú tíortha a tharlaíonn i gcomhthráth le misean de chomhlacht oifigiúil na Parlaiminte, lena n-áirítear toscaireacht oifigiúil breathnóireachta toghcháin. Déanfaidh comhaltaí a ghlacann páirt i ngrúpálacha neamhoifigiúla a nochtadh go réamhghníomhach do idirghabhálaithe seachtracha go bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil mar Fheisirí aonair.
3.   Féadfaidh grúpa polaitiúil gníomhaíochtaí grúpálacha neamhoifigiúla a éascú trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar dóibh, seachas i gcás grúpálacha neamhoifigiúla a bhaineann le tríú tíortha a bhfuil buantoscaireacht idirpharlaiminteach dá dtagraítear i Riail 223 ann dóibh.
Ní bhainfidh grúpálacha neamhoifigiúla a bhaineann le tríú tíortha a bhfuil buantoscaireacht idirpharlaiminteach dá dtagraítear i Riail 223 ann dóibh tairbhe as aon saoráidí de chuid na Parlaiminte dá ngníomhaíochtaí.
D’fhéadfadh an gaol leis an tríú tír a bheith mar thoradh ar ainm nó ar ghníomhaíochtaí na grúpála neamhoifigiúla.
4.   Ceanglófar ar ghrúpálacha neamhoifigiúla aon tacaíocht, lena n-áirítear in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, a dhearbhú faoi dheireadh na míosa dár gcionn. In éagmais an dearbhaithe sin, déanfaidh Cathaoirleach na grúpála nó, mura mbeidh aon Chathaoirleach ag an ngrúpáil, aon Fheisire atá rannpháirteach ann, an tacaíocht a dhearbhú laistigh de 10 lá oibre tar éis don sprioc-am sin dul in éag.
5.   Ní fhéadfaidh ionadaithe sainleasa a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpála neamhoifigiúla arna n-eagrú ar áitribh na Parlaiminte, mar shampla trí fhreastal ar chruinnithe nó ar imeachtaí na grúpála neamhoifigiúla, trí thacaíocht a thairiscint dó, nó trína imeachtaí a chomh-óstáil, má tá siad iontráilte sa chlár trédhearcachta.
6.   Coimeádfaidh na Caestóirí clár poiblí de na dearbhuithe dá dtagraítear i mír 4 agus de na grúpálacha neamhoifigiúla a chuir isteach iad. Glacfaidh an Biúró rialacha mionsonraithe maidir leis an gclár sin agus leis na dearbhuithe sin agus maidir lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
7.   Déanfaidh na Caestóirí forfheidhmiú éifeachtach na Rialach seo a áirithiú.
8.   I gcás sárú ar an Riail seo, féadfaidh na Caestóirí toirmeasc a fhorchur ar an ngrúpáil neamhoifigiúil maidir le saoráidí na Parlaiminte a úsáid ar feadh tréimhse nach faide ná a bhfuil fágtha den téarma parlaiminteach.
Leasú 4
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 123
Riail 123
Riail 123
Rochtain ar an bParlaimint
Rochtain ar an bParlaimint
1.  Déanfar suaitheantais rochtana a eisiúint d’Fheisirí, do chúntóirí Feisirí agus do thríú daoine ar bhonn na rialacha arna leagan síos ag an mBiúró. Déanfaidh na rialacha sin rialú ar úsáid agus ar tharraingt siar suaitheantas rochtana.
1.  Déanfar suaitheantais rochtana a eisiúint d’Fheisirí, d’iar-Fheisirí, do chúntóirí Feisirí agus do thríú daoine ar bhonn na rialacha arna leagan síos ag an mBiúró. Déanfaidh na rialacha sin rialú ar úsáid agus ar tharraingt siar suaitheantas rochtana.
2.  Ní eiseofar suaitheantais do dhaoine aonair laistigh de lucht coimhdeachta Feisire a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach.
2.  Ní eiseofar suaitheantais do dhaoine aonair laistigh de lucht coimhdeachta Feisire a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach.
3.  Ní mór d’eintitis a chuirtear isteach sa chlár trédhearcachta, agus a n-ionadaithe ar eisíodh suaitheantais dóibh lena dtugtar rochtain fhadtéarmach ar Pharlaimint na hEorpa, an méid seo a leanas a urramú:
3.  Ní mór d’eintitis a chuirtear isteach sa chlár trédhearcachta, agus a n-ionadaithe ar eisíodh suaitheantais dóibh lena dtugtar rochtain fhadtéarmach ar Pharlaimint na hEorpa, an méid seo a leanas a urramú:
—  an Cód Iompair do Chláraithe a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gComhaontú Idirinstitiúideach;
—  an Cód Iompair do Chláraithe a ghabhann mar iarscríbhinn leis an gComhaontú Idirinstitiúideach;
—  na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí eile a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach; agus
—  na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí eile a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach; agus
—  na forálacha lena gcuirtear an Riail seo i bhfeidhm.
—  na forálacha lena gcuirtear an Riail seo i bhfeidhm.
Gan dochar d’infheidhmeacht na rialacha ginearálta lena rialaítear tarraingt siar nó díghníomhú sealadach a dhéanamh ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach, agus murab ann d’argóintí suntasacha dá mhalairt, déanfaidh an tArdrúnaí, le húdarú na gCaestóirí, tarraingt siar nó díghníomhú sealadach ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach i gcás ina ndearnadh a shealbhóir a chosc ón gclár trédhearcachta de bharr sárú ar an gCód Iompar do Chláraithe, ina raibh an sealbhóir ciontach as sárú ar oibleagáidí arna leagan síos sa mhír seo, nó inar dhiúltaigh an sealbhóir, gan údar leordhóthanach a thabhairt, toghairm fhoirmiúil chun freastal ar éisteacht nó ar chruinniú coiste a chomhlíonadh nó inar dhiúltaigh sé nó sí comhoibriú le coiste fiosrúcháin.
Gan dochar d’infheidhmeacht na rialacha ginearálta lena rialaítear tarraingt siar nó díghníomhú sealadach a dhéanamh ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach, agus murab ann d’argóintí suntasacha dá mhalairt, déanfaidh an tArdrúnaí, le húdarú na gCaestóirí, tarraingt siar nó díghníomhú sealadach ar shuaitheantais lena dtugtar rochtain fhadtéarmach i gcás ina ndearnadh a shealbhóir a chosc ón gclár trédhearcachta de bharr sárú ar an gCód Iompar do Chláraithe, ina raibh an sealbhóir ciontach as sárú ar oibleagáidí arna leagan síos sa mhír seo, nó inar dhiúltaigh an sealbhóir, gan údar leordhóthanach a thabhairt, toghairm fhoirmiúil chun freastal ar éisteacht nó ar chruinniú coiste a chomhlíonadh nó inar dhiúltaigh sé nó sí comhoibriú le coiste fiosrúcháin.
4.  Féadfaidh na Caestóirí a chinneadh a mhéid atá an Cód Iompair dá dtagraítear i mír 3 infheidhme maidir le daoine nach dtagann faoi réim raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh ach ar daoine iad a bhfuil suaitheantas lena dtugtar rochtain fhadtéarmach acu.
4.  Féadfaidh na Caestóirí a chinneadh a mhéid atá an Cód Iompair dá dtagraítear i mír 3 infheidhme maidir le daoine nach dtagann faoi réim raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh ach ar daoine iad a bhfuil suaitheantas lena dtugtar rochtain fhadtéarmach acu.
5.  I gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ard-Rúnaí, na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach chun an clár sin a chur chun feidhme.
5.  I gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh, déanfaidh an Biúró, ag gníomhú dó ar thogra ón Ard-Rúnaí, na bearta a leagan síos a bheidh riachtanach chun an clár sin a chur chun feidhme.
Leasú 5
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 176
Riail 176
Riail 176
Pionóis
Pionóis
1.  I gcásanna de shárú ar Riail 10 (2) go (9), déanfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh ina bhforchuirfear an pionós iomchuí ar an bhFeisire lena mbaineann i gcomhréir leis an Riail seo.
1.  I gcásanna de shárú ar Riail 10(2) go (9), Riail 35 nó Riail 35a, déanfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh ina bhforchuirfear an pionós iomchuí ar an bhFeisire lena mbaineann i gcomhréir leis an Riail seo.
I ndáil le Riail 10 (3) nó (4), féadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo gan beann ar bheart láithreach de réir bhrí Riail 175 a bheith forchurtha roimhe sin ar an bhFeisire lena mbaineann nó gan é a bheith forchurtha.
I ndáil le Riail 10 (3) nó (4), féadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo gan beann ar bheart láithreach de réir bhrí Riail 175 a bheith forchurtha roimhe sin ar an bhFeisire lena mbaineann nó gan é a bheith forchurtha.
I ndáil le Riail 10 (6), ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis é a bheith suite gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.
I ndáil le Riail 10(6), ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis é a bheith suite gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.
Féadfaidh an tUachtarán pionós a fhorchur ar Fheisire i gcásanna ina ndéantar foráil, sna Rialacha Nós Imeachta seo nó i gcinneadh arna ghlacadh ag an mBiúró faoi Riail 25, do chur i bhfeidhm na Rialach seo.
1a.  Féadfaidh an tUachtarán pionós a fhorchur freisin ar Fheisire i gcásanna ina ndéantar foráil, sna Rialacha Nós Imeachta seo, lena n-áirítear an Cód Iompair le haghaidh na bhFeisirí maidir le macántacht agus trédhearcacht32a, nó i gcinneadh arna ghlacadh ag an mBiúró faoi Riail 25, do chur i bhfeidhm na Rialach seo.
2.  Iarrfaidh an tUachtarán ar an bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh sula nglacfar an cinneadh. Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh éisteacht ó bhéal a chomóradh ina ionad sin cibé uair atá sé níos iomchuí.
2.  Iarrfaidh an tUachtarán ar an bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh sula nglacfar an cinneadh. Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh éisteacht ó bhéal a chomóradh ina ionad sin cibé uair atá sé níos iomchuí.
Déanfar an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós a chur in iúl don Fheisire lena mbaineann trí litir chláraithe nó, i gcásanna práinneacha, trí na huiséirí.
Déanfar an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós a chur in iúl don Fheisire lena mbaineann.
Tar éis an cinneadh sin a bheith curtha in iúl don Fheisire lena mbaineann, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint aon phionós arna fhorchur ar Fheisire. Cuirfear in iúl é d'oifigigh cheannais na gcomhlachtaí, na gcoistí agus na dtoscaireachtaí ar a bhfónann an Feisire.
A luaithe a bheidh an pionós críochnaitheach, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint é. Cuirfear in iúl é d'oifigigh cheannais na gcomhlachtaí, na gcoistí agus na dtoscaireachtaí ar a bhfónann an Feisire.
A luaithe a bheidh an pionós críochnaitheach, foilseofar é go feiceálach ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte, agus fanfaidh sé ann don chuid eile den téarma parlaiminteach.
Déanfar an pionós a fhorchuirfear a fhoilsiú go feiceálach ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte agus ar leathanach ar líne an Fheisire ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
3.  Nuair a bheidh an t-iompar a breathnaíodh á mheas, déanfar cineál eisceachtúil, athfhillteach nó buan agus tromchúis an iompair sin a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh freisin, más infheidhme, aon dochar a d’fhéadfadh a bheith déanta do dhínit agus do cháil na Parlaiminte.
3.  Nuair a bheidh an t-iompar a breathnaíodh á mheas, déanfar cineál eisceachtúil, athfhillteach nó buan agus tromchúis an iompair sin a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh freisin, más infheidhme, aon dochar a d’fhéadfadh a bheith déanta do dhínit agus do cháil na Parlaiminte.
4.  D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sa phionós:
4.  Beidh an pionós a fhorchuirfear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sa phionós:
(a)  iomardú;
(a)  iomardú;
(aa)  toirmeasc ar an bhFeisire ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ar thoscaireacht idirpharlaiminteach, ar chomhdháil idirpharlaiminteach nó ar fhóram idirinstitiúideach ar bith, go ceann tréimhse suas le bliain;
(ab)  i gcás sárú ar rúndacht, teorannú ar na cearta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda nó ar fhaisnéis rúnaicmithe go ceann tréimhse suas le bliain;
(b)  an teideal chuig an liúntas cothaithe laethúil a fhorghéilleadh ar feadh tréimhse idir dhá lá agus tríocha lá;
(b)  an teideal chuig an liúntas cothaithe laethúil a fhorghéilleadh ar feadh tréimhse idir dhá lá agus seasca lá;
(c)  gan dochar don cheart chun vótáil i suí iomlánach, agus, sa chás seo, faoi réir dhianchomhlíonadh chaighdeáin iompair na bhFeisirí, fionraí sealadach ar feadh tréimhse idir dhá lá agus tríocha lá a dtagann an Pharlaimint nó aon cheann dá comhlachtaí, dá coistí nó dá toscaireachtaí le chéile, ó rannpháirtíocht i ngach ceann de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, nó i gcuid díobh;
(c)  gan dochar don cheart chun vótáil i suí iomlánach, agus, sa chás seo, faoi réir dhianchomhlíonadh chaighdeáin iompair na bhFeisirí, fionraí sealadach ar feadh tréimhse idir dhá lá agus seasca lá a dtagann an Pharlaimint nó aon cheann dá comhlachtaí, dá coistí nó dá toscaireachtaí le chéile, ó rannpháirtíocht i ngach ceann de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, nó i gcuid díobh;
(d)  toirmeasc ar an bhFeisire ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ar thoscaireacht idirpharlaiminteach, ar chomhdháil idirpharlaiminteach nó ar fhóram idirinstitiúideach ar bith, go ceann tréimhse suas le bliain;
(e)  i gcás sárú ar rúndacht, teorannú ar na cearta chun rochtain a fháil ar fhaisnéis rúnda nó ar fhaisnéis rúnaicmithe go ceann tréimhse suas le bliain.
5.  Féadfar na bearta a leagtar síos i bpointe (b) go pointe (e) de mhír 4 a mhéadú faoi dhó i gcás sraith sáruithe, nó má dhiúltaíonn an Feisire beart arna ghlacadh faoi Riail 175(3) a chomhlíonadh.
5.  Féadfar na bearta a leagtar síos i mír 4, pointe (aa) go pointe (c), a mhéadú faoi dhó i gcás sraith sáruithe, nó má dhiúltaíonn an Feisire beart arna ghlacadh faoi Riail 175(3) a chomhlíonadh.
6.  Sa bhreis air sin, féadfaidh an tUachtarán togra a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán chun an Feisire a chur ar fionraí ó cheann amháin nó níos mó de na hoifigí atá ag an bhFeisire sa Pharlaimint, nó an Feisire sin a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 21.
6.  Sa bhreis air sin, féadfaidh an tUachtarán togra a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán chun an Feisire a chur ar fionraí ó cheann amháin nó níos mó de na hoifigí atá ag an bhFeisire sa Pharlaimint, nó an Feisire sin a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 21.
6a.  Déanfaidh an tUachtarán cinneadh maidir le tréimhse foilsithe na bpionós agus é á chur san áireamh aige go mbeidh an íostréimhse foilsithe, gan beann ar dheireadh shainordú an Fheisire lena mbaineann, mar seo a leanas:
—  dhá bhliain do na pionóis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a), (aa) agus (ab);
—  trí bliana do na pionóis dá dtagraítear i mír 4, pointí (b) agus (c).
I gcásanna mionsáruithe, áfach, féadfaidh an tUachtarán tréimhse níos giorra foilsithe a chinneadh.
__________
32a Féach Iarscríbhinn I.
Leasú 6
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I – Teideal
IARSCRÍBHINN I
IARSCRÍBHINN I
CÓD IOMPAIR D’FHEISIRÍ PHARLAIMINT NA HEORPA MAIDIR LE LEASANNA AIRGEADAIS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA
CÓD IOMPAIR D’FHEISIRÍ PHARLAIMINT NA HEORPA MAIDIR LE MACÁNTACHT AGUS TRÉDHEARCACHT
Leasú 7
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I – Airteagal 1
Airteagal 1
Airteagal 1
Treoirphrionsabail
Treoirphrionsabail
Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú , ní mór d'Fheisirí Pharlaimint na hEorpa:
Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú , ní mór d'Fheisirí Pharlaimint na hEorpa:
(a)  a bheith á dtreorú ag na prionsabail ghinearálta iompair seo a leanas: neamh-fhéinchúis, macántacht, oscailteacht, dúthracht, ionracas cuntasacht agus meas ar chlú na Parlaiminte, agus déanann siad na prionsabail sin a urramú.
(a)  a bheith á dtreorú ag na prionsabail ghinearálta iompair seo a leanas: neamh-fhéinchúis, macántacht, oscailteacht, dúthracht, ionracas cuntasacht agus ar dhínit agus ar chlú na Parlaiminte, agus déanann siad na prionsabail sin a urramú,
(b)  gníomhú ar son leas an phobail, agus leas an phobail amháin, agus staonadh ó aon sochar airgeadais díreach nó indíreach nó luaíocht eile a fháil, agus ó fhéachaint leis na nithe sin a fháil.
(b)  gníomhú ar son leas an phobail, agus leas an phobail amháin, agus staonadh ó aon sochar díreach nó indíreach nó luaíocht eile a fháil, agus ó fhéachaint leis na nithe sin a fháil.
Leasú 8
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I - Airteagal 2
Airteagal 2
Airteagal 2
Príomhdhualgais na bhFeisirí
Príomhdhualgais na bhFeisirí
Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú ní dhéanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa:
Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú ní dhéanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa:
(a)  comhaontú chun gníomhú nó vótáil ar son aon duine eile dlítheanach nó nádúrtha ar comhaontú é lena gcuirfí as dá saoirse vótála, mar atá cumhdaithe in Airteagal 6 den Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus Airteagal 2 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.
(a)  comhaontú chun gníomhú nó vótáil ar son aon duine eile dlítheanach nó nádúrtha ar comhaontú é lena gcuirfí as dá saoirse vótála, mar atá cumhdaithe in Airteagal 6 den Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus Airteagal 2 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.
(b)  aon sochar nó luaíocht eile díreach nó indíreach a lorg, a ghlacadh nó a fháil, cibé acu in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, mar mhalairt ar iompraíocht shonrach mar a bhaineann le raon oibre parlaimintí an Fheisire, agus féachfaidh siad go comhfhiosach le haon staid a d’fhéadfadh breabaireacht, éilliú nó tionchar míchuí a thabhairt le tuiscint a sheachaint.
(b)  aon sochar nó luaíocht eile díreach nó indíreach a lorg, a ghlacadh nó a fháil, lena n-áirítear in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, mar mhalairt ar iompraíocht shonrach mar a bhaineann le raon oibre parlaimintí an Fheisire, agus féachfaidh siad go comhfhiosach le haon staid a d’fhéadfadh breabaireacht, éilliú nó tionchar míchuí a thabhairt le tuiscint a sheachaint;
(c)  a ghabháil do ghníomhaíochtaí stocaireachta gairmiúla íoctha, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais.
(c)  a ghabháil do ghníomhaíochtaí stocaireachta íoctha, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais.
Leasú 9
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I – Airteagal 3
Airteagal 3
Airteagal 3
Coinbhleachtaí leasa
Coinbhleachtaí leasa
1.   Is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina bhfuil leas pearsanta ag Feisire de Pharlaimint na hEorpa a d’fhéadfadh tionchar míchuí a bheith aige ar chomhlíonadh a dhualgas/a dualgas. Ní ann do choinbhleacht leasa i gcás nach dtairbhíonn Feisire ach amháin mar chomhalta den phobal i gcoitinne nó d’aicme leathan daoine.
1.   Is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina bhféadfadh tionchar míchuí a bheith ar fheidhmiú sainordú Feisire de Pharlaimint na hEorpa ar mhaithe le leas an phobail ar chúiseanna a bhaineann le teaghlach, saol mothúchánach, leas eacnamaíoch nó aon leas príobháideach díreach nó indíreach eile de chuid an Fheisire.
Ní ann do choinbhleacht leasa i gcás nach dtairbhíonn Feisire ach amháin mar chomhalta den phobal i gcoitinne nó d’aicme leathan daoine.
2.   Maidir le haon Fheisire ar dóigh leis nó léi go bhfuil coinbhleacht leasa aige nó aici, déanfaidh an Feisire sin láithreach na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt air, i gcomhréir le prionsabail agus forálacha an Chóid Iompair seo. Más rud é nach bhfuil an Feisire in ann an choinbhleacht leasa sin a réiteach, déanfaidh an Feisire sin é sin a thuairisciú i scríbhinn don Uachtarán. I gcásanna débhríochta, féadfaidh an Feisire comhairle faoi rún a iarraidh ón gCoiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí, arna bhunú faoi Airteagal 7.
2.  Déanfaidh na comhaltaí gach iarracht réasúnach chun coinbhleachtaí leasa a bhrath.
Déanfaidh Feisire a fhaigheann amach go bhfuil coinbhleacht leasa aige iarracht í a réiteach láithreach. Mura bhfuil an Feisire in ann í a réiteach, áiritheoidh an Feisire go ndearbhófar an leas príobháideach lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 4.
3.   Gan dochar do mhír 2, déanfaidh Feisirí, roimh labhairt nó vótáil dóibh i suí iomlánach nó i gceann de chomhlachtaí na Parlaiminte, nó má mholtar iad mar rapóirtéir, aon choinbhleacht leasa iarbhír nó aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an ábhar atá á mheas a nochtadh, sa chás nach léir an choinbhleacht sin ón bhfaisnéis arna dearbhú de bhun Airteagal 4. Déanfar an nochtadh sin i scríbhinn nó ó bhéal don chathaoirleach le linn na n-imeachtaí parlaiminte i dtrácht.
3.  Gan dochar do mhír 2, déanfaidh Feisirí, roimh labhairt nó vótáil dóibh i suí iomlánach nó i gceann de chomhlachtaí na Parlaiminte, aon choinbhleacht leasa ann maidir leis an ábhar atá á mheas a nochtadh, sa chás nach léir an choinbhleacht sin ón bhfaisnéis arna dearbhú de bhun Airteagal 4. Déanfar an nochtadh sin ó bhéal trí idirghabháil a dhéanamh sa suí nó sa chruinniú lena mbaineann.
3a.   Sula rachaidh an Feisire i mbun oifige mar Leas-Uachtarán, mar Chaestóir, mar Chathaoirleach nó mar Leaschathaoirleach coiste nó toscaireachta, tíolacfaidh sé nó sí dearbhú ina léireofar cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a bheith aige nó aici i ndáil le freagrachtaí na hoifige sin.
Más eol don Fheisire an choinbhleacht leasa sin a bheith aige nó aici, tabharfaidh sé nó sí tuairisc ar an gcoinbhleacht sa dearbhú sin. Sa chás sin, ní fhéadfaidh sé nó sí dul i mbun oifige ach amháin má chinneann an comhlacht faoi seach nach gcuirfidh an choinbhleacht leasa cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail.
Nuair a thiocfaidh coinbhleacht leasa chun cinn le linn fheidhmiú na hoifige atá i gceist, tíolacfaidh an Feisire dearbhú ina ndéanfar cur síos ar an gcoinbhleacht sin agus staonfaidh sé nó sí ó na freagrachtaí maidir leis an staid coinbhleachta sin a fheidhmiú, mura gcinnfidh an comhlacht faoi seach nach gcuireann an choinbhleacht leasa cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail.
3b.   Déanfaidh Feisire a mholtar mar Rapóirtéir nó mar scáth-Rapóirtéir nó mar rannpháirtí i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha dearbhú a thíolacadh ina léireofar cibé acu atá nó nach bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a bheith aige nó aici i ndáil leis an tuarascáil nó leis an tuairim faoi seach nó leis an toscaireacht nó leis na caibidlíochtaí i dtrácht. Más eol don Fheisire an choinbhleacht leasa sin a bheith aige nó aici, tabharfaidh sé nó sí tuairisc ar an gcoinbhleacht sa dearbhú sin.
I gcás ina ndearbhóidh an Feisire a moladh mar Rapóirtéir go bhfuil coinbhleacht leasa aige nó aici, féadfaidh an coiste faoi seach a chinneadh, trí thromlach na vótaí a chaitear, go bhféadfar, mar sin féin, an Feisire a cheapadh mar Rapóirtéir ar an bhforas nach gcuireann an choinbhleacht cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail.
I gcás ina ndearbhóidh an Feisire a moladh mar scáth-Rapóirtéir nó mar rannpháirtí i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha go bhfuil coinbhleacht leasa aige nó aici, féadfaidh an grúpa polaitiúil faoi seach a chinneadh go bhféadfar, mar sin féin, an Feisire a ainmniú mar scáth-Rapóirtéir nó mar rannpháirtí i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha ar an bhforas nach gcuireann an choinbhleacht cosc ar an bhFeisire a shainordú nó a sainordú a fheidhmiú ar mhaithe le leas an phobail. Féadfaidh an comhlacht faoi seach, áfach, cur i gcoinne an ainmnithe sin trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh.
3c.   Tarraingeoidh an Biúró suas an fhoirm le haghaidh na ndearbhuithe a luaitear i míreanna 3a agus 3b den Airteagal seo, de bhun Airteagal 9. Foilseofar na dearbhuithe sin ar leathanach ar líne na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
Leasú 10
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I – Airteagal 4
Airteagal 4
Airteagal 4
Dearbhú ó na Feisirí
Dearbhú maidir le leasanna príobháideacha
1.   Ar chúiseanna trédhearcachta, beidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa freagrach go pearsanta as dearbhú maidir le leasanna airgeadais a thíolacadh don Uachtarán faoi dheireadh an chéad pháirtseisiúin tar éis toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheith ann (nó laistigh de 30 lá ó dhul i mbun oifig leis an bParlaimint dóibh le linn téarma parlaiminteach), i gcomhréir le foirm a bheidh le glacadh ag an mBiúró de bhun Airteagal 9. Tabharfaidh siad fógra don Uachtarán maidir le haon athruithe a bhfuil tionchar acu ar a ndearbhú faoi dheireadh na míosa tar éis do gach athrú tarlú.
1.   Ar chúiseanna trédhearcachta agus cuntasachta, déanfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa dearbhú leasanna príobháideacha a thíolacadh don Uachtarán faoi dheireadh an chéad pháirtseisiúin tar éis toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheith ann (nó laistigh de 30 lá féilire ó dhul i mbun oifig leis an bParlaimint dóibh le linn téarma parlaiminteach), i gcomhréir le foirm a bheidh le tarraingt suas ag an mBiúró de bhun Airteagal 9. Tabharfaidh siad fógra don Uachtarán maidir le haon athruithe a bhfuil tionchar acu ar a ndearbhú faoi dheireadh na míosa tar éis do gach athrú tarlú.
2.   Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le leasanna airgeadais, ar faisnéis í a thabharfar ar shlí bheacht:
2.   Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le leasanna príobháideacha, ar faisnéis í a thabharfar ar shlí mhionsonraithe agus bheacht:
(a)  slí bheatha nó slite beatha an Fheisire le linn na tréimhse trí bliana sula ndeachaigh an Feisire sin i mbun oifig leis an bParlaimint, agus comhaltas an Fheisire sin le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó comhlachtaí eile arna mbunú sa dlí,
(a)  slí bheatha nó slite beatha an Fheisire le linn na tréimhse trí bliana sula ndeachaigh an Feisire sin i mbun oifig leis an bParlaimint, agus comhaltas an Fheisire sin le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó comhlachtaí eile arna mbunú sa dlí,
(b)  aon tuarastal a fhaigheann an Feisire chun sainordú a fheidhmiú i bparlaimint eile,
(c)  aon ghníomhaíocht rialta a bhfaigheann an Feisire luach saothair ina leith is gníomhaíocht a ghabhann an Feisire sin air nó uirthi féin agus a oifig/a hoifig á comhlíonadh aige nó aici, bíodh sé mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe,
(c)  aon ghníomhaíocht a bhfaigheann an Feisire luach saothair ina leith agus a dhéantar le linn oifig an Fheisire a fheidhmiú, lena n-áirítear ainm an eintitis chomh maith le réimse agus cineál na gníomhaíochta, i gcás inar mó luach saothair iomlán ghníomhaíochtaí seachtracha uile an Fheisire ná EUR 5 000 san iomlán i mbliain féilire amháin,
(d)  comhaltas d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó aon comhlachtaí eile arna mbunú le dlí, nó d’aon ghníomhaíocht sheachtrach ábhartha eile a ghabhann an Feisire air nó uirthi féin, bíodh luach saothair ag dul leis nó ná bíodh,
(d)  comhaltas d’aon bhoird nó d’aon choistí i gcuideachtaí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, de chomhlachais nó d’aon chomhlachtaí eile arna mbunú le dlí, nó d’aon ghníomhaíocht sheachtrach ábhartha eile a ghabhann an Feisire air nó uirthi féin,
(e)  aon ghníomhaíocht sheachtrach ócáideach ar luach saothair (lena n-áirítear scríbhneoireacht, léachtóireacht nó saineolas a sholáthar) má théann iomlán an luach saothair ar ghníomhaíochtaí seachtracha ócáideacha uile an Fheisire thar EUR 5 000 i mbliain féilire áirithe,
(f)  aon sealúchas in aon chuideachta nó in aon chomhpháirtíocht, ar ina leith a d'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann ó thaobh beartais phoiblí de nó i gcás ina dtugtar leis an sealúchas sin tionchar suntasach don Fheisire i leith ghnóthaí an chomhlachta lena mbaineann,
(f)  aon sealúchas in aon chuideachta nó in aon chomhpháirtíocht, ar ina leith a d'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann ó thaobh beartais phoiblí de nó i gcás ina dtugtar leis an sealúchas sin tionchar suntasach don Fheisire i leith ghnóthaí an chomhlachta lena mbaineann,
(g)  aon tacaíocht, cibé acu tacaíocht airgeadais nó tacaíocht i dtéarmaí foirne nó ábhair, de bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Pharlaimint agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe dóibh i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí polaitiúla, agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh,
(g)  aon tacaíocht, cibé acu tacaíocht airgeadais nó tacaíocht i dtéarmaí foirne nó ábhair, de bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Pharlaimint agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe dóibh i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí polaitiúla, agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh,
(h)  aon leasanna eile airgeadais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire.
(h)  aon leasanna príobháideacha díreacha nó indíreacha de réir bhrí Airteagal 3(1) a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire agus nach dtagraítear dóibh i bpointí (a) go (g).
D’fhonn aon ítim a dhearbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh na Feisirí, i gcás inarb iomchuí, a léiriú an bhfuil nó nach bhfuil luach saothair ag dul leis nó nach bhfuil; maidir le hítimí (a), (c), (d), (e) agus (f), déanfaidh na Feisirí ceann amháin de na catagóirí ioncaim seo a leanas a léiriú freisin:
2a.   D’fhonn aon ítim a dhearbhú i gcomhréir le mír 2, cuirfidh na Feisirí in iúl, i gcás inarb iomchuí, cibé acu a ghintear nó nach ngintear léi ioncam nó sochair eile.
Má ghintear ioncam léi, cuirfidh na Feisirí in iúl, maidir le gach ítim ar leithligh, méid an ioncaim sin faoi seach agus, i gcás inarb ábhartha, a tréimhsiúlacht. Tabharfar tuairisc ar shochair eile sa nádúr.
—  Gan luach saothair;
—  EUR 1 go EUR 499 sa mhí;
—  EUR 500 go EUR 1 000 in aghaidh na míosa;
—  EUR 1 001 go EUR 5 000 in aghaidh na míosa;
—  EUR 5 001 go EUR 10 000 in aghaidh na míosa
—  Os cionn EUR 10 000 in aghaidh na míosa, le léiriú ar an méid EUR 10 000 is gaire.
Maidir le haon ioncam eile a fhaigheann Feisirí i dtaca le gach ítim, ar ioncam é arna dhearbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ach nach ioncam é a fhaightear ar bhonn rialta, déanfar é a ríomh ar bhonn bliantúil, arna roinnt ar dhó dhéag agus curtha i gceann de na catagóirí a leagtar amach sa dara fomhír.
3.   Maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar don Uachtarán i gcomhréir leis an Airteagal seo, foilseofar í ar láithreán gréasáin na Parlaiminte ar shlí a bheidh an pobal in ann teacht ar an bhfaisnéis go héasca.
3.   Maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar don Uachtarán i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 2a, foilseofar í ar láithreán gréasáin na Parlaiminte ar shlí a bheidh an pobal in ann teacht ar an bhfaisnéis go héasca.
4.   Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de chuid cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh a ndearbhú leasanna airgeadais curtha isteach acu.
4.   Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de chuid cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar Rapóirtéir, ná ní fhéadfar iad a ainmniú mar scáth-Rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh a ndearbhú leasanna príobháideacha curtha isteach acu.
5.   Má fhaigheann an tUachtarán faisnéis, a thugann le fios dó nó di go bhfuil dearbhú leasanna airgeadais Feisire éigin go suntasach míchruinn nó as dáta, féadfaidh an tUachtarán dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairleach dá bhforáiltear in Airteagal 7. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhalta a dhearbhú nó a deabhrú a cheartú laistigh de 10 lá. Féadfaidh an Biúró cinneadh a ghlacadh lena ndéantar mír 4 a chur i bhfeidhm maidir le Feisirí nach gcomhlíonann iarraidh ón Uachtarán ar cheartúchán.
5.   Má fhaigheann an tUachtarán faisnéis, a thugann le fios dó nó di go bhfuil dearbhú leasanna príobháideacha Feisire go substaintiúil mícheart nó as dáta, iarrfaidh an tUachtarán soiléiriú ar an bhFeisire. In éagmais soiléiriú sásúil, rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí a bunaíodh faoi Airteagal 7. Má chinneann an Coiste Comhairleach nach gcomhlíonann an dearbhú an Cód Iompair seo, molfaidh sé don Uachtarán go n-iarann sé nó sí ar an bhFeisire a dhearbhú nó a dearbhú a cheartú. Más rud é, agus an moladh sin á chur san áireamh, go gcinneann an tUachtarán go bhfuil an Cód Iompair seo sáraithe ag an bhFeisire, iarrfaidh sé nó sí ar an bhFeisire an dearbhú a cheartú laistigh de 15 lá féilire. Mura gcomhlíonann an Feisire an iarraidh ar cheartú sin, glacfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 8(3). Beidh rochtain ag an bhFeisire lena mbaineann ar na nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach a shainítear i Riail 177 de na Rialacha Nós Imeachta.
6.   Is féidir le rapóirtéirí liosta a dhéanamh go deonach i ráiteas míniúcháin a dtuarascála ina mbeidh a gcuid leasanna seachtracha a ndeachthas i gcomhairle leo ar chúrsaí a bhaineann le hábhar na tuarascála56.
__________
56 Féach Cinneadh ón mBiúró an 12 Meán Fómhair 2016 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir leis an gClár Trédhearcachta
Leasú 11
Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte
Iarscríbhinn I — Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Dearbhú sócmhainní
Dearbhóidh Feisirí a sócmhainní agus a ndliteanais ag tús agus deireadh gach téarma oifige. Leagfaidh an Biúró síos liosta na gcatagóirí sócmhainní agus dliteanas a bheidh le dearbhú agus tarraingeoidh sé suas an fhoirm don dearbhú. Cuirfear na dearbhuithe sin faoi bhráid an Uachtaráin agus ní bheidh rochtain orthu ach ag na húdaráis ábhartha amháin, gan dochar don dlí náisiúnta.
Leasú 12
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I — Airteagal 5
Airteagal 5
Airteagal 5
Bronntanais nó sochair chomhchosúla
Bronntanais nó sochair chomhchosúla
1.   Le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, déanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa, staonadh ó bhronntanais nó de shochair chomhchosúla a ghlacadh, seachas na bronntanais agus na sochair a bhfuil garluach is lú ná EUR 150 acu agus arna dtabhairt i gcomhréir leis an úsáid chúirtéise nó na bronntanais nó na sochair a thugtar dóibh nuair a dhéanann Feisirí ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil.
1.   Ina gcáil mar Fheisirí, déanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa, staonadh ó bhronntanais nó de shochair chomhchosúla a ghlacadh, seachas na bronntanais agus na sochair a bhfuil garluach is lú ná EUR 150 acu agus arna dtabhairt i gcomhréir leis an úsáid chúirtéise nó na bronntanais nó na sochair a thugtar dóibh nuair a dhéanann Feisirí ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil.
2.   Maidir le haon bhronntanais a thugtar d'Fheisirí, i gcomhréir le mír 1, nuair a dhéanann siad ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil , tabharfar don Uachtarán iad agus déileálfar leo i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.
2.   Aon bhronntanais a bhfuil garluach níos mó ná EUR 150 acu arna dtíolacadh d’Fheisire i gcomhréir le mír 1 agus iad ag déanamh ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil, tabharfar don Uachtarán iad agus déileálfar leo i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.
3.   Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1 agus mhír 2 maidir le haisíoc chostais taistil, chóiríochta agus chothaithe na bhFeisirí, ná le costais den sórt sin a a íocann tríú páirtithe go díreach, nuair a fhreastalaíonn Feisirí, de bhun cuireadh a fháil agus le linn dóibh a ndualgas a chomhlíonadh, aon imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe.
3.   Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1 agus mhír 2 maidir le haisíoc chostais taistil, chóiríochta agus chothaithe na bhFeisirí, ná le costais den sórt sin a íocann tríú páirtithe, go hiomlán nó go páirteach, nuair a fhreastalaíonn Feisirí, de bhun cuireadh a fháil agus le linn dóibh a ndualgas a chomhlíonadh, aon imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe. Dearbhóidh na Feisirí don Uachtarán go bhfuil siad i láthair ag na himeachtaí sin agus an fhaisnéis is gá i gcomhréir le bearta cur chun feidhme arna leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.
Sonrófar raon feidhme na míre seo, agus go háirithe na rialacha atá ceaptha chun trédhearcacht a áirithiú, sna bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.
Leasú 13
Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte
Iarscríbhinn I — Airteagal 5 a (nua)
Airteagal 5a
Foilsiú na gCruinnithe
1.   Ba cheart do na Feisirí bualadh le hionadaithe sainleasa atá cláraithe sa chlár trédhearcachta a bunaíodh trí bhíthin an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach56a, ach leo sin amháin.
2.   Foilseoidh na Feisirí ar líne gach cruinniú sceidealta a bhaineann le gnó parlaiminteach
(a)  le hionadaithe leasa a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach; nó
(b)  le hionadaithe ó údaráis phoiblí tríú tíortha, lena n-áirítear a misin taidhleoireachta agus a n-ambasáidí.
3.   Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 2 maidir le cruinnithe a bhfreastalaíonn an Feisire nó cúntóirí parlaiminteacha an Fheisire orthu thar a cheann nó thar a ceann.
4.   De mhaolú ar mhír 2, ní fhoilseoidh Feisirí cruinniú a chuirfeadh beatha, iomláine choirp nó saoirse duine aonair i mbaol dá nochtfaí é nó féadfaidh siad a chinneadh gan cruinniú a fhoilsiú i gcás ina bhfuil cúiseanna láidre eile ann le rúndacht a choinneáil. Ina ionad sin, dearbhófar na cruinnithe sin don Uachtarán, agus coimeádfaidh an tUachtarán an dearbhú sin faoi rún nó déanfaidh sé cinneadh maidir le foilsiú gan ainm nó moill. Leagfaidh an Biúró síos na coinníollacha faoina bhféadfaidh an tUachtarán an dearbhú sin a nochtadh.
5.   Ba cheart don Bhiúró foráil a dhéanamh maidir leis an mbonneagar is gá ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4(5).
__________
56a Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).
Leasú 14
Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte
Iarscríbhinn I — Airteagal 5 b (nua)
Airteagal 5b
Dearbhú ionchuir
Gan dochar don cheanglas cruinnithe a fhoilsiú de bhun Airteagal 5a, liostóidh Rapóirtéirí na heintitis nó na daoine óna bhfuair siad ionchur maidir le hábhair a bhaineann le hábhar an chomhaid in iarscríbhinn a ghabhann lena dtuarascáil nó lena dtuairim. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 5a(4).
Leasú 15
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I — Airteagal 6
Airteagal 6
Airteagal 6
Gníomhaíochtaí iarFheisirí
Gníomhaíochtaí iarFheisirí
Maidir le hiar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a ghabhann do ghníomhaíochtaí brústocaireachta gairmiúla nó gníomhaíochtaí ionadaíochta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, ba cheart dóibh an Pharlaimint a chur ar an eolas ina thaobh sin agus ní fhéadfaidh siad, le linn na tréimhse ar lena linn a bhfuil siad ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin, tairbhe a bhaint as na saoráidí arna ndeonú d’iar-Fheisirí faoi na rialacha atá leagtha síos ag an mBiúró chuige sin57.
Maidir le hiar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a ghabhann do ghníomhaíochtaí brústocaireachta gairmiúla nó gníomhaíochtaí ionadaíochta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, ba cheart dóibh an Pharlaimint a chur ar an eolas ina thaobh sin agus ní fhéadfaidh siad, le linn na tréimhse ar lena linn a bhfuil siad ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin, tairbhe a bhaint as na saoráidí arna ndeonú d’iar-Fheisirí faoi na rialacha atá leagtha síos ag an mBiúró chuige sin57.
Ní rachaidh na Feisirí i dteagmháil le hiar-Fheisirí a chríochnaigh a sainordú níos lú ná sé mhí roimhe sin agus a thagann faoi na catagóirí daoine a luaitear in Airteagal 5a(2) in aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh deis a thabhairt do na hiar-Fheisirí tionchar a imirt ar cheapadh nó ar chur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó ar phróisis chinnteoireachta na Parlaiminte.
__________
__________
57Cinneadh ón mBiúró an 12 Aibreán 1999 maidir le saoráidí arna ndeonú d'iarFheisirí Pharlaimint na hEorpa.
57Cinneadh ón mBiúró an 17 Aibreán 2023 maidir le hiarFheisirí Pharlaimint na hEorpa.
Leasuithe 16, 21cp7, 25cp2-5 agus 25cp9
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I — Airteagal 7
Airteagal 7
Airteagal 7
An Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí
An Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí
1.   Bunaítear leis seo an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí (‘an Coiste Comhairleach’).
1.   Bunaítear leis seo an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí (‘an Coiste Comhairleach’).
2.   Beidh an Coiste Comhairleach comhdhéanta de chúigear comhaltaí, arna gceapadh ag an Uachtarán ag tús a théarma nó a téarma oifige as measc an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, agus aird chuí á tabhairt ar thaithí na bhFeisirí agus ar an gcothromaíocht pholaitiúil.
2.   Beidh an Coiste Comhairleach comhdhéanta de ochtar Feisirí reatha de Pharlaimint na hEorpa, arna gceapadh ag an Uachtarán ag tús a théarma nó a téarma oifige, agus aird chuí á tabhairt ar thaithí na bhFeisirí agus ar an gcothromaíocht pholaitiúil agus inscne.
Feidhmeoidh gach comhalta den Choiste Comhairleach mar chathaoirleach ar feadh sé mhí ar bhonn uainíochta.
Déanfaidh oifig an chathaoirligh uainíocht gach sé mhí ar chomhaltaí an Choiste Chomhairligh.
3.   Ag tús a oifige nó a hoifige, déanfaidh an tUachtarán comhaltaí cúltaca a cheapadh don Choiste Comhairleach chomh maith, comhalta amháin do gach grúpa nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach.
3.   Ag tús a oifige nó a hoifige, déanfaidh an tUachtarán comhaltaí cúltaca a cheapadh don Choiste Comhairleach chomh maith, comhalta amháin do gach grúpa nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach.
I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag comhalta de ghrúpa polaitiúil ar an gCód iompair seo, ar ghrúpa polaitiúil é nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach, feidhmeoidh an comhalta cúltaca ábhartha mar shéú comhalta iomlán an Choiste Chomhairligh ar mhaithe le himscrúdú a dhéanamh ar an sárú líomhnaithe sin.
I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag comhalta de ghrúpa polaitiúil ar an gCód iompair seo, ar ghrúpa polaitiúil é nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach nó i gcás iarraidh de bhun mhír 4 a bhaineann leis an gcomhalta sin, feidhmeoidh an comhalta cúltaca ábhartha mar naoú comhalta iomlán an Choiste Chomhairligh.
3a.   I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag buanchomhalta nó ag comhalta cúltaca den Choiste Comhairleach ar an gCód Iompair seo, staonfaidh an comhalta buan nó comhalta cúltaca ábhartha ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste Chomhairligh maidir leis an sárú líomhnaithe sin.
4.   Arna iarraidh sin ag Feisire, tabharfaidh an Coiste Comhairleach treoir dó nó di, ar treoir í a bheidh faoi rún agus a bheidh tugtha laistigh de 30 lá féilire, maidir le léirmhíniú agus le cur chun feidhme fhorálacha an Chóid Iompair seo. Beidh an Feisire lena mbaineann i dteideal dul ar iontaoibh treorach den sórt sin.
4.   Arna iarraidh sin d’ Fheisire, tabharfaidh an Coiste Comhairleach treoir dó nó di, ar treoir í a bheidh faoi rún agus a bheidh tugtha laistigh de 30 lá féilire, maidir le léirmhíniú agus le cur chun feidhme fhorálacha an Chóid Iompair seo, go háirithe maidir le coinbhleachtaí leasa. Beidh an Feisire lena mbaineann i dteideal dul ar iontaoibh treorach den sórt sin.
Arna iarraidh sin don Uachtarán, déanfaidh an Coiste Comhairleach freisin measúnú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo agus tabharfaidh sé comhairle don tUachtarán faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a ghlacadh.
Arna iarraidh sin don Uachtarán, déanfaidh an Coiste Comhairleach freisin measúnú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo agus tabharfaidh sé comhairle don tUachtarán faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a ghlacadh.
Déanfaidh an Coiste Comhairleach faireachán réamhghníomhach ar chomhlíonadh an Chóid Iompair seo agus a bhearta cur chun feidhme ag na Feisirí. Cuirfidh sé aon sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar na forálacha sin in iúl don Uachtarán.
Féadfar sáruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo a chur in iúl go díreach don Choiste Comhairleach, agus féadfaidh an Coiste sin measúnú a dhéanamh orthu agus comhairle a chur ar an Uachtarán maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh. Féadfaidh an Biúró rialacha a ghlacadh maidir leis an nós imeachta chun sáruithe líomhnaithe a chur in iúl.
5.   Féadfaidh an Coiste Comhairleach, tar éis dul i gcomhairle leis an Uachtarán, comhairle a lorg ó shaineolaithe seachtracha.
5.   Féadfaidh an Coiste Comhairleach comhairle a lorg ó shaineolaithe seachtracha, faoi rún iomlán.
6.   Foilseoidh an Coiste tuarascáil bhliantúil maidir lena chuid oibre.
6.   Foilseoidh an Coiste Comhairleach tuarascáil bhliantúil ar a chuid oibre agus ardóidh sé feasacht na bhFeisirí ar an gCód Iompair seo agus ar a bhearta cur chun feidhme ar bhonn rialta.
Leasú 17
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I — Airteagal 8
Airteagal 8
Airteagal 8
An nós imeachta i gcás sáruithe a d'fhéadfadh a bheith ann ar an gCód Iompair
An nós imeachta i gcás sáruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo
1.   I gcás ina bhfuil cúis lena mheas go bhféadfadh an Cód Iompair a bheith sáraithe ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an tUachtarán an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Chomhairligh, seachas i gcásanna cráiteacha soiléire.
1.   I gcás go bhfuil cúis lena chreidiúint go bhféadfadh an Cód Iompair a bheith sáraithe ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an tUachtarán an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Chomhairligh.
2.   Scrúdóidh an Coiste Comhairleach imthosca an tsáraithe líomhnaithe agus féadfaidh sé éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann. Bunaithe ar thátail a thorthaí, déanfaidh sé moladh don Uachtarán maidir le cinneadh féideartha.
2.   Scrúdóidh an Coiste Comhairleach imthosca an tsáraithe líomhnaithe agus féadfaidh sé éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann. Bunaithe ar thorthaí an chinnidh, déanfaidh sé moladh don Uachtarán ina mbeidh, i gcás inarb iomchuí, pionós, a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de cheann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear i Riail 176(4), (5) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta.
I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag buanchomhalta nó ag comhalta cúltaca den Choiste Comhairleach ar an gCód iompair seo, staonfaidh an comhalta nó comhalta cúltaca ábhartha ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste Chomhairligh maidir leis an sárú líomhnaithe sin
3.   Más rud é, agus an moladh sin á chur san áireamh ag an Uachtarán agus tar éis don té sin cuireadh a thabhairt don bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh, go gcinneann an tUachtarán go bhfuil an Cód Iompair sáraithe ag an bhFeisire lena mbaineann, déanfaidh an tUachtarán, tar éis éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena leagfar síos pionós. Cuirfidh an tUachtarán fógra i leith an chinnidh réasúnaithe don Fheisire sin.
3.   Más rud é, agus an moladh sin á chur san áireamh ag an Uachtarán agus tar éis don té sin cuireadh a thabhairt don bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh, go gcinneann an tUachtarán go bhfuil an Cód Iompair seo sáraithe ag an bhFeisire lena mbaineann, déanfaidh an tUachtarán, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena bhforchuirfear pionós. Cuirfidh an tUachtarán fógra i leith an chinnidh réasúnaithe don Fheisire sin.
D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an bpionós ceann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear i Riail 176(4) go (6) de na Rialacha Nós Imeachta.
D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an bpionós ceann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear i Riail 176(4), (5) agus (6) de na Rialacha Nós Imeachta.
4.   Beidh rochtain ag an bhFeisire lena mbaineann ar na nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach a shainítear i Riail 177 de na Rialacha Nós Imeachta.
4.   Beidh rochtain ag an bhFeisire lena mbaineann ar na nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach a shainítear i Riail 177 de na Rialacha Nós Imeachta.
4a.   Déanfaidh an tUachtarán tagairt freisin don Choiste Comhairleach maidir le mainneachtainí córasacha, tromchúiseacha nó atriallacha na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos sa Chód Iompair seo a chomhlíonadh.
Leasú 18
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn I — Airteagal 9
Airteagal 9
Airteagal 9
Cur chun feidhme
Cur chun feidhme
Leagfaidh an Biúró síos na bearta cur chun feidhme don Chód Iompair seo, lena n-áirítear nós imeachta faireacháin, agus tabharfaidh sé na méideanna dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 cothrom le dáta, nuair is gá sin.
Leagfaidh an Biúró síos na bearta cur chun feidhme don Chód Iompair seo, lena n-áirítear nós imeachta faireacháin ar chomhlíonadh agus oiliúint do na Feisirí.
Féadfaidh an Biúró tograí a mholadh chun an Cód Iompair seo a athbhreithniú.
Féadfaidh an Biúró tograí a mholadh maidir leis an athbhreithniú ar an gCód Iompair seo.

(1)* Tuigfear gur tagairtí don chuid chomhfhreagrach de na leasuithe iad na na tagairtí do “cp” i gceannteidil na leasuithe a glacadh.


Ionstraim éigeandála don mhargadh aonair
PDF 416kWORD 137k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (COM(2022)0459 – C9-0315/2022 – 2022/0278(COD))(1)
P9_TA(2023)0317A9-0246/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Teideal
Togra le haghaidh
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle
lena mbunaítear creat beart maidir le héigeandálaí agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh (an Gníomh um éigeandáil agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Léiríodh le géarchéimeanna roimhe seo, go háirithe laethanta tosaigh phaindéim COVID-19, go bhféadfaí cur isteach go mór ar an margadh inmheánach (dá ngairtear an Margadh Aonair agus a shlabhraí soláthair freisin) mar gheall ar ghéarchéimeanna den sórt sin, agus go bhfuil uirlisí cuí bainistithe géarchéime agus sásraí comhordaithe in easnamh, nach gclúdaítear iontu gach gné den Mhargadh Aonair nó nach n-éascaítear leo freagairt thráthúil ar thionchair den sórt sin.
(1)  Léirigh géarchéimeanna roimhe seo, go háirithe laethanta tosaigh phaindéim COVID-19, gur féidir difear mór a dhéanamh don mhargadh inmheánach agus dá shlabhraí soláthair, agus go bhfuil uirlisí bainistithe géarchéime agus sásraí comhordúcháin iomchuí in easnamh, nach gcumhdaítear leo gach gné den mhargadh inmheánach nó nach gceadaíonn siad freagairt thráthúil agus éifeachtach ar ghéarchéimeanna den sórt sin.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Ní raibh an tAontas ullmhaithe go leor chun monarú, soláthar agus dáileadh éifeachtúil earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, amhail trealamh cosanta pearsanta, go háirithe i dtús phaindéim COVID-19 agus maidir leis na bearta ad hoc arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a athbhunú agus chun a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime le linn phaindéim COVID-19, ba bhearta frithghníomhacha iad a bhí dosheachanta ag an am. Léiríodh leis an bpaindéim freisin nach raibh forléargas leordhóthanach ar acmhainní monaraíochta ar fud an Aontais chomh maith le leochaileachtaí a bhaineann leis na slabhraí soláthair domhanda.
(2)  Ní raibh an tAontas ullmhaithe go leor chun monarú, soláthar agus dáileadh éifeachtúil earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, amhail trealamh cosanta pearsanta, go háirithe i dtús phaindéim COVID-19 agus maidir leis na bearta ad hoc arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a athbhunú agus chun a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí neamhliachta atá ábhartha i gcás géarchéime le linn phaindéim COVID-19, ba bhearta frithghníomhacha iad a bhí dosheachanta ag an am. Léiríodh leis an bpaindéim freisin nach raibh forléargas leordhóthanach ar acmhainní monaraíochta ar fud an Aontais chomh maith le leochaileachtaí a bhaineann leis na slabhraí soláthair domhanda.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2a)  Le linn phaindéim COVID-19, bhí tionchar ar leith ar earnálacha ríthábhachtacha ag bearta neamhchomhordaithe lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht daoine, go háirithe ar na hearnálacha sin a bhíonn ag brath ar oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe teorann agus trasteorann, a raibh ról ríthábhachtach acu i ngeilleagar an Aontais a choinneáil ag dul ar aghaidh le linn an ama sin.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Cuireadh moill roinnt seachtainí ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin mar gheall ar easpa bearta pleanála teagmhais ar fud an Aontais agus mar gheall ar a shoiléire faoin cén pháirt den riarachán náisiúnta lena ndéanfaí teagmháil chun réitigh thapa a fháil ar an tionchar ar an Margadh Aonair de bharr na géarchéime. Ina theannta sin, bhí sé soiléir go ndéanfaí tionchair na géarchéime ar an margadh aonair níos measa fós leis na gníomhaíochtaí sriantacha neamh-chomhordaithe arna ndéanamh ag na Ballstáit. Tháinig sé chun solais go bhfuil gá le socruithe idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais a mhéid a bhaineann le pleanáil theagmhasach, comhordú ar an leibhéal teicniúil agus comhar agus malartú faisnéise.
(3)  Cuireadh moill roinnt seachtainí ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin mar gheall ar easpa bearta pleanála teagmhais ar fud an Aontais agus easpa soiléireachta maidir le cén t-údarás náisiúnta ar cheart teagmháil a dhéanamh leis chun teacht ar réitigh thapa ar an tionchar ar an margadh inmheánach arb í an ghéarchéim is cúis leis. Ina theannta sin, d’éirigh sé soiléir go ndéanfaí tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach níos measa fós leis na gníomhaíochtaí sriantacha neamh-chomhordaithe arna ndéanamh ag na Ballstáit. Tháinig sé chun solais go bhfuil gá le socruithe idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais a mhéid a bhaineann le pleanáil theagmhasach, comhordú ar an leibhéal teicniúil agus comhar agus malartú faisnéise. Ina theannta sin, ba léir gur ghéaraigh an easpa comhordaithe éifeachtaigh idir na Ballstáit ar ghanntanais earraí agus gur chruthaigh sí níos mó bacainní ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus daoine.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Thug eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha le fios nach raibh go leor faisnéise ag oibreoirí eacnamaíocha faoi bhearta freagartha ar ghéarchéimeanna na mBallstát le linn na paindéime, mar gheall go páirteach nach raibh a fhios acu cá bhfaighidís an fhaisnéis sin, mar gheall go páirteach ar shrianta teanga agus ar an ualach riaracháin a bhain le fiosruithe a bheith á ndéanamh arís agus arís eile sna Ballstáit go léir, go háirithe i dtimpeallacht rialála a bhí ag síorathrú. Chuir sé sin bac orthu cinntí gnó eolacha a dhéanamh maidir lena mhéid a fhéadfadh siad brath ar a gcearta saorghluaiseachta nó leanúint le hoibríochtaí gnó trasteorann le linn na géarchéime. Is gá feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le bearta freagartha ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais
(4)  Mar sin féin, in ainneoin na heaspa comhordaithe a bhí ann ar dtús, bhí ról lárnach ag rialacha an mhargaidh inmheánaigh maidir le tionchar diúltach a mhaolú agus maidir le téarnamh tapa gheilleagar an Aontais a áirithiú, eadhon trí chosc a chur ar shrianta náisiúnta gan údar agus díréireacha a bhí sna freagairtí aontaobhacha ó agus trí dhreasacht láidir a sholáthar chun teacht ar réitigh choiteanna, agus ar an gcaoi sin, an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Leis na teagmhais sin a tharla le déanaí, leagadh béim freisin ar an ngá go mbeadh an tAontas ullmhaithe ar bhealach níos fearr do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo , go háirithe agus iarmhairtí leanúnacha an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha a eascraíonn as sin á meas againn, mar aon leis an gcóras domhanda eacnamaíoch agus geopholaitiúil. Ós rud é nach fios cén cineál géarchéimeanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn san am atá romhainn agus go bhféadfadh tionchair thromchúiseacha a bheith acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair amach anseo, is gá foráil a dhéanamh maidir le hionstraim a mbeadh feidhm aici maidir le tionchair réimse leathan géarchéimeanna ar an Margadh Aonair.
(5)  Leis na teagmhais sin a tharla le déanaí, leagadh béim freisin ar an ngá go mbeadh an tAontas ullmhaithe ar bhealach níos fearr do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, go háirithe i bhfianaise iarmhairtí leanúnacha an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha a eascraíonn astu, mar aon leis an gcóras domhanda eacnamaíoch agus geopholaitiúil. Ós rud é nach eol cén cineál géarchéimeanna a d’fhéadfadh tarlú san am atá romhainn agus a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith acu ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair, is gá foráil a dhéanamh maidir le hionstraim a mbeadh feidhm aici i gcás ina dtarlódh réimse leathan géarchéimeanna a mbeadh tionchar acu ar an margadh inmheánach agus a mbeadh éifeacht trasteorann acu.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  D’fhéadfadh a dhá oiread de thionchar a bheith ag géarchéim sa Mhargadh Aonair. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair a bheith mar thoradh ar ghéarchéim, rud a chuirfeadh isteach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh sin. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh géarchéim cur le ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa Mhargadh Aonair. Ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán ar an dá chineál tionchair ar an Margadh Aonair.
(6)  D’fhéadfadh bacainní ar shaorghluaiseacht laistigh den mhargadh inmheánach a bheith mar thoradh ar thionchar géarchéime ar an margadh inmheánach, rud a chuirfeadh isteach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh sin. D’fhéadfadh géarchéim géarú ar ghanntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa mhargadh inmheánach. Ba cheart don Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar an tionchar díobhálach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine sa mhargadh inmheánach.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Ós rud é gur deacair aon ghné shonrach de ghéarchéimeanna amach anseo a thuar a mbeadh tionchar acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo i leith creat ginearálta chun na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag aon ghéarchéim ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair a réamh-mheas, ullmhú dóibh, iad a mhaolú agus iad a íoslaghdú. . .
(7)  Ós rud é gur deacair aon ghné shonrach de ghéarchéimeanna amach anseo a thuar a mbeadh tionchar acu ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo i leith creat ginearálta chun na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag aon ghéarchéim ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair a réamh-mheas, ullmhú dóibh, iad a mhaolú agus iad a íoslaghdú agus i leith a n-athléimneacht a neartú.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Ba cheart creat na mbeart a leagtar amach faoin Rialachán seo a dháileadh ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le feidhmeanna ríthábhachtacha na sochaí a choimeád, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, an tsábháilteacht, an t-ord poiblí nó an tsláinte phoiblí a urramú, ar an bhfreagracht ar na Ballstáit an tslándáil náisiúnta a chosaint agus ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna riachtanacha stáit eile a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an dlí agus an t-ord a chaomhnú.
(8)  Ba cheart creat na mbeart a leagtar amach sa Rialachán sin a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach, éifeachtúil, comhréireach agus tráthúil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le feidhmeanna ríthábhachtacha na sochaí a choimeád, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, an tsábháilteacht, an t-ord poiblí nó an tsláinte phoiblí a urramú, agus urraim á tabhairt don fhreagracht atá ar na Ballstáit an tslándáil náisiúnta a chosaint mar aon leis an gcumhacht atá acu feidhmeanna bunriachtanacha eile stáit a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a choimeád. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’ábhair a bhaineann le slándáil agus cosaint náisiúnta.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Chun na críche sin, déanfar foráil sa Rialachán seo maidir le:
(9)  Chun na críche sin, déanfar foráil sa Rialachán do na nithe seo a leanas a áirithiú: na hacmhainní is gá chun feidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh, saorchúrsaíocht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith ar fáil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí le linn géarchéime.
—  na modhanna is gá chun feidhmiú leanúnach an Mhargaidh Aonair, na ngnólachtaí a fheidhmíonn ar an Margadh Aonair agus a slabhraí soláthair straitéiseacha a áirithiú, lena n-áirítear saorchúrsaíocht earraí, seirbhísí agus daoine le linn géarchéime agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí i gcás géarchéime do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí le linn géarchéime;
—  fóram le haghaidh comhordú, comhar leordhóthanach agus malartú faisnéise; agus
—  na modhanna maidir le hinrochtaineacht thráthúil agus infhaighteacht na faisnéise atá riachtanach le haghaidh freagairt spriocdhírithe agus iompar leordhóthanach margaidh ag gnólachtaí agus saoránaigh le linn géarchéime.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Nuair is féidir, ba cheart go n-éascófar leis an Rialachán seo réamh-mheastachán teagmhas agus géarchéimeanna, ag forbairt ar anailís leanúnach a bhaineann le réimsí tábhachtacha straitéiseacha gheilleagar an Mhargaidh Aonair agus le hobair fhadbhreathnaitheach leanúnach an Aontais.
scriosta
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Níor cheart go ndéanfar dúbláil leis an Rialachán seo ar an gcreat atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile faoi Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) …/… maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte [Rialachán SCBTH (COM/2020/727)], Rialachán (AE )…/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú [Rialachán Réime maidir le hÉigeandálaí (COM/2021/577)], Rialachán (AE )…/… maidir le sainordú leathnaithe ECDC [Rialachán ECDC (COM/2020/726)] agus Rialachán (AE) 2022/123 maidir le sainordú leathnaithe EMA [Rialachán EMA].Dá bhrí sin, sula ndéanfar táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile, nuair a bheidh siad curtha ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6 (1) den Chreat Éigeandála déanfar iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i ndáil leis na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht le linn na héigeandála sa Mhargadh aonair, agus go háirithe na cinn a bhaineann le saorghluaiseacht agus an sásra fógrúcháin a athbhunú agus a éascú.
(11)  Níor cheart go ndéanfaí dúbláil leis an Rialachán seo ar an gcreat atá ann cheana maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile faoi Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n‑áirítear Rialachán (AE) 2022/123 agus Rialachán (AE) 2022/2371. Dá bhrí sin, déanfar táirgí íocshláinte, feistí leighis nó frithbhearta leighis eile a thagann faoina sainchúram a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ach amháin i ndáil leis na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach, agus go háirithe na cinn sin atá ceaptha chun saorghluaiseacht agus an sásra fógrúcháin a athbhunú agus a éascú.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  Ba cheart go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo an sásra maidir le Freagairt Chomhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil arna oibriú ag an gComhairle faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena hobair ar thionchair géarchéimeanna trasearnála sa Mhargadh Aonair a bhfuil cinnteoireacht pholaitiúil ag teastáil ina leith.
(12)  Ba cheart go gcomhlánófaí leis an Rialachán seo na socruithe maidir le Freagairt Chomhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil arna oibriú ag an gComhairle faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena hobair ar thionchair géarchéimeanna trasearnála sa mhargadh inmheánach a bhfuil cinnteoireacht pholaitiúil ag teastáil ina leith.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)  Chun cineál eisceachtúil oibriú bunúsach Mhargadh Aonair éigeandáil Margaidh Aonair agus ar na hiarmhairtí forleathana a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis a chur san áireamh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt go heisceachtúil don Chomhairle chun modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú de bhun Airteagal 281(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(16)  Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an tsaothair nó do dhálaí oibre, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus do chearta cómhargála agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Le hAirteagal 21 CFAE leagtar síos an ceart atá ag saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe leagtha síos i dTreoir 2004/38/CE. Leagtar amach sa Treoir sin na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir leis na teorainneacha sin agus na forais a fhéadfar a úsáid chun údar a thabhairt do bhearta den sórt sin. Is iad na forais sin beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí. Sa chomhthéacs sin, is féidir údar a thabhairt le srianta ar shaoirse gluaiseachta má bhíonn siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh i leith forais bhreise chun an ceart chun saorghluaiseachta daoine a theorannú thar na forais dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Threoir 2004/38/CE.
(17)   I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhlíonfadh próiseáil den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, eadhon Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b.
__________________
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
1b Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  A mhéid a bhaineann leis na bearta chun saorghluaiseacht daoine a athbhunú agus a éascú agus maidir le haon bheart eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, tá siad bunaithe ar Airteagal 21 CFAE agus comhlánaítear leo siad Treoir 2004/38/CE gan dul i gcion ar chur i bhfeidhm na Treorach sin tráth a mbeadh éigeandálaí sa Mhargadh Aonair. Níor cheart go mbeadh sé de thoradh ar bhearta sin go dtabharfaí údarú nó údar le srianta ar shaorghluaiseacht a thagann salach ar na Conarthaí nó forálacha eile de dhlí an Aontais.
(18)  Leagtar síos leis an Rialachán seo cearta agus oibleagáidí d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, lena n-áirítear aon chomhlachas sealadach de ghnóthais, a thairgeann táirgí nó seirbhísí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo ar an margadh. Ina theannta sin, sainítear ann réimsí ríthábhachtacha atá sistéamach agus ríthábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe réimsí a bhaineann le saorghluaiseacht trasteorann earraí, seirbhísí nó daoine, mar shampla i réimsí an bhia, an iompair, na cothabhála, na sláinte, nó na dteicneolaíochtaí faisnéise.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
(19)  Le hAirteagal 45 CFAE leagtar síos an ceart chun saorghluaiseachta oibrithe, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá forálacha sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear na bearta atá ann cheana chun saorghluaiseacht daoine a threisiú, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun cúnamh riaracháin a sholáthar le linn éigeandálaí sa Mhargadh Aonair. Áirítear ar bhearta den sórt sin na pointí teagmhála aonair a chur ar bun agus a chur ar fáil d’oibrithe agus dá n-ionadaithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair faoin rialachán seo.
(19)  Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart Bord um Chásanna Éigeandála agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (‘an Bord’) a chur ar bun leis an Rialachán seo chun comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na bearta iomchuí chun tionchar géarchéime a thuar, a chosc nó chun freagairt dó. Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa in ann saineolaí a cheapadh mar chomhalta den Bhord. Ba cheart don Choimisiún cuireadh a thabhairt d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an Bhoird, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe ó Choiste na Réigiún agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfaighidh Parlaimint na hEorpa na doiciméid uile ag an am céanna le hionadaithe na mBallstát. Ba cheart rochtain chórasach a bheith ag Parlaimint na hEorpa freisin ar chruinnithe an Bhoird a dtugtar cuireadh do shaineolaithe na mBallstát chucu. Ba cheart rannpháirtíocht ionadaithe Stáit CSTE mar bhreathnóirí a áirithiú i gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chomh maith leis na comhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise. Ba cheart don Bhord, go háirithe, cúnamh agus comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a bhfuil tionchar acu ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, agus béim ar leith á leagan ar oibrithe taistil, lena n-áirítear oibrithe teorann agus trasteorann.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)  Má ghlacann na Ballstáit bearta a bhaineann le saorghluaiseacht earraí nó daoine, earraí nó saoirse chun seirbhísí a sholáthar mar ullmhúchán d’éigeandálaí an Mhargaidh Aonair agus lena linn, ba cheart dóibh na bearta sin a theorannú don mhéid is gá agus iad a bhaint a luaithe is féidir de réir an cháis. Le bearta den sórt sin ba cheart prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a urramú agus staid ar leith na réigiún teorann a chur san áireamh.
(20)   Tá sé ríthábhachtach trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a ráthú, go háirithe le linn géarchéimeanna, i gcomhréir leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Tá ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa maidir le cuntasacht dhaonlathach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos leis an Rialachán seo chun an t-idirphlé éigeandála agus athléimneachta idir an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a fheabhsú.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)   Ba cheart go spreagfadh gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le srianta saorghluaiseachta atá ábhartha i gcás géarchéime.
(21)   Chun comhordú éifeachtach agus malartú faisnéise éifeachtach a áirithiú i gcásanna éigeandála, leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáid ar na Ballstáit lároifigí idirchaidrimh a ainmniú, a bheidh freagrach as teagmháil le lároifig idirchaidrimh arna hainmniú ag an gCoimisiún agus le lároifigí idirchaidrimh na mBallstát eile.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)  Agus scrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhoiriúnacht aon dréachtbheart ar tugadh fógra ina leith nó aon bheart a glacadh le prionsabal na comhréireachta, ba cheart dó aird chuí a thabhairt ar an ngéarchéim atá ag teacht chun cinn agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na Ballstáit a bhíonn teoranta go minic agus iad ag iarraidh na rioscaí atá ag teacht chun cinn i gcomhthéacs na géarchéime a laghdú. I gcás ina mbeidh údar leis agus inar gá é sna himthosca, féadfaidh an Coimisiún breathnú, bunaithe ar aon fhaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis speisialaithe nó eolaíoch, ar fhiúntas argóintí na mBallstát, ar argóintí iad a bhraitheann ar phrionsabal an réamhchúraim, mar chúis le srianta ar shaorghluaiseacht daoine a ghlacadh. Tá sé de chúram ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar leis na bearta sin dlí an Aontais agus nach gcruthaítear leo bacainní gan údar ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Ba cheart don Choimisiún freagairt d’fhógraí na mBallstát chomh tapa agus is féidir, ag cur san áireamh imthosca na géarchéime ar leith, agus ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach leis an Rialachán seo.
(22)   Tá athléimneacht ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfidh an margadh inmheánach ceann dá spriocanna deiridh amach, is é sin tacú le geilleagar an Aontais. Leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le teagmhais agus géarchéimeanna a thuar, ag tógáil ar anailís leanúnach maidir le réimsí ríthábhachtacha de gheilleagar an mhargaidh inmheánaigh agus le hobair fhadbhreathnaitheach leanúnach an Aontais. Chun ullmhacht na ngníomhaithe uile i gcomhair géarchéimeanna a áirithiú, is gá rialacha a leagan amach maidir le tástálacha struis a bheidh le déanamh gach dhá bhliain ar a laghad, agus maidir le hoiliúint agus prótacail ghéarchéime a mbeidh baint, ní hamháin ag na húdaráis náisiúnta ábhartha, ach ag geallsealbhóirí amhail gnólachtaí, comhpháirtithe sóisialta agus saineolaithe freisin. Tá sé ríthábhachtach freisin rialacha a leagan síos maidir le cúlchistí straitéiseacha earraí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, chun malartú cuí faisnéise a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun cabhrú leo a n-iarrachtaí a chomhordú agus a chuíchóiriú.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
(23)  Lena áirithiú nach n-úsáidfear na bearta sonracha éigeandála de chuid an Mhargaidh Aonair dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun freagairt d’éigeandáil áirithe sa Mhargadh Aonair, ba cheart go gceanglófaí gníomhachtú aonair le bearta den sórt sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún, ina léireofar na cúiseanna leis an ngníomhachtú sin agus na hearraí nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.
(23)   Chun earnálacha criticiúla a aithint, ba cheart modheolaíocht a bhunú agus critéir shonracha á gcur san áireamh, eadhon sreafaí trádála, éileamh agus soláthar, comhchruinniú an tsoláthair, táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta an Aontais agus domhanda ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha agus na hidirthuilleamaíochtaí idir oibreoirí eacnamaíocha.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
(24)  Ina theannta sin, d’fhonn comhréireacht na ngníomhartha cur chun feidhme agus urraim chuí do ról na n-oibreoirí eacnamaíocha i mbainistiú géarchéime a áirithiú, níor cheart don Choimisiún dul i muinín mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú ach amháin i gcás nach bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ábalta réiteach a sholáthar ar bhonn deonach laistigh de thréimhse réasúnta. Ba cheart an fáth leis sin a chur in iúl i ngach gníomh den sórt sin, agus maidir le gach gné ar leith géarchéime.
(24)   Tá sé tábhachtach slabhraí soláthair earraí, seirbhísí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo le linn an mhodha faireachais, a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu, chomh maith le saorghluaiseacht catagóirí oibrithe a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, sula mbeidh éigeandáil sa mhargadh inmheánach. Chun go gcuirfear san áireamh gníomhachtú an mhodha faireachais agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a spreagfaidh sé, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an modh sin a ghníomhachtú de bhun Airteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse sé mhí agus an fhéidearthacht a bheith ann síneadh a chur leis an tréimhse chéanna, agus aird chuí á tabhairt ar an tuairim ón mBord. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a thorthaí maidir leis an bhfaireachán, a rinneadh le linn an mhodha faireachais, ar shlabhraí soláthair earraí, ar sheirbhísí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, ar shaorghluaiseacht catagóirí oibrithe a bhfuil ríthábhacht leo agus ar fhardal na n-oibreoirí eacnamaíocha is ábhartha.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)  Níor cheart don Choimisiún iarratais ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha a úsáid ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis is gá chun freagairt go leordhóthanach d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair a fháil, amhail an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthair ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát nó chun acmhainneacht táirgeacht monaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a mheas, ar earraí iad ar cuireadh isteach ar a slabhraí soláthair, a fháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó de bharr faisnéise a cuireadh ar fáil go deonach.
(25)   Ba cheart don Choimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar a thromchúisí atá suaitheadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar thionchar géarchéime ar bhonn fianaise nithiúil iontaofa, agus aird chuí á tabhairt ar na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
(26)   Le gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, nuair is gá, ba cheart go spreagfaí cur i bhfeidhm nósanna imeachta áirithe freagartha i gcomhair géarchéimeanna lena dtugtar isteach coigeartuithe ar na rialacha lena rialaítear dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh earraí atá faoi réir rialacha comhchuibhithe an Aontais. Leis na nósanna imeachta sin um fhreagairt ar ghéarchéimeanna, ba cheart go mbeifí ábalta táirgí, arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a chur ar an margadh go tapa i gcomhthéacs éigeandála. Ba cheart do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta tús áite a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime roimh aon iarratas leanúnach eile ar tháirgí eile. Ar an láimh eile, i gcásanna ina bhfuil moill mhíchuí ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla náisiúnta ábalta údaruithe a eisiúint chun táirgí, nach cuireadh faoin na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme a chur ar a margadh faoi seach, ar n gcoinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais sábháilteachta is infheidhme. Ní bheidh na húdaruithe sin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit eisiúna agus beidh siad teoranta d’fhad éigeandáil an Mhargaidh Aonair. Ina theannta sin, chun an méadú ar sholáthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú, ba cheart solúbthachtaí áirithe a thabhairt isteach i ndáil leis an sásra um thoimhde comhréireachta. I gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair, ba cheart do mhonaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith ábalta brath freisin ar chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena gcuirtear leibhéal coibhéiseach cosanta ar fáil do na caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha. I gcásanna nach ann do na caighdeáin sin nó i gcás go meastar go bhfuil sé thar a bheith deacair iad a chomhlíonadh mar gheall ar an gcur isteach ar an Margadh Aonair, ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a eisiúint a bhaineann le cur i bhfeidhm deonach nó le cur i bhfeidhm éigeantach chun réitigh theicniúla atá réidh le húsáid a sholáthar do na monaróirí.
(26)   Chun cineál eisceachtúil agus iarmhairtí forleathana féideartha ghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a chur san áireamh, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, agus chun grinnscrúdú poiblí iomchuí a áirithiú, níor cheart modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú ach amháin le gníomh reachtach i bhfoirm cinneadh maidir le togra arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus arna ghlacadh go pras agus go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le cinnteoireacht thapa le linn géarchéime, d’fhéadfaí cinntí a ghlacadh chun modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta práinne, ós rud é gur úsáideadh na nósanna imeachta sin cheana féin san am a chuaigh thart.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
(27)  Chun na coigeartuithe atá ábhartha i gcás géarchéime ar rialacha comhchuibhithe ábhartha earnála an Aontais a thabhairt isteach, is gá coigeartuithe spriocdhírithe ar na 19 gcreat earnála seo a leanas: Treoir 2000/14/CE, Treoir 2006/42/AE, Treoir 2010/35/AE, Treoir 2013/29/AE, Treoir 2014/28/AE, Treoir 2014/29/AE, Treoir 2014/30/AE, Treoir 2014/31/AE, Treoir 2014/32/AE, Treoir 2014/33/AE, Treoir 2014/34/AE, Treoir 2014/35/AE, Treoir 2014/53/AE, Treoir 2014/68/AE, Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) 305/2011. Ba cheart gníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála a bheith coinníollach ar éigeandáil an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú agus ba cheart go mbeadh sé teoranta do na táirgí atá ainmnithe mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.
(27)   Ba cheart gníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála a bheith coinníollach ar mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú agus ba cheart go mbeadh sé teoranta do na táirgí atá ainmnithe mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime. Dá bhrí sin, ba cheart go spreagfadh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, i gcás inar gá, nósanna imeachta freagartha géarchéime áirithe freisin lena rialaítear dearadh, monarú, measúnú comhréireachta agus cur ar an margadh earraí atá faoi réir rialacha comhchuibhithe an Aontais nó a thagann faoi na rialacha creata sábháilteachta ginearálta, agus iad teoranta do na táirgí a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
(28)  I gcásanna ina bhfuil rioscaí substaintiúla ann d’fheidhmiú an Mhargaidh Aonair nó i gcásanna ina bhfuil ganntanas mór earraí nó ina bhfuil éileamh thar a bheith ard ar earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta ar leibhéal an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeadh fáil ar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, amhail orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Margadh Aonair ar an ngnáthbhealach arís.
(28)   Ba cheart srianta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine arna bhforchur ag na Ballstáit a thoirmeasc, mura rud é go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil údar leo agus go bhfuil siad comhréireach. Níor cheart go bhféadfaí na saoirsí bunúsacha a leagtar síos sa Chonradh a chur ar fionraí in aimsir géarchéime agus níor cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as an staid éigeandála mar leithscéal chun srianta a ghlacadh a théann níos faide ná rialacha an Chonartha. Ba cheart go gcomhlíonfadh aon fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach na rialacha sin go docht, chomh maith leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Má ghlacann na Ballstáit bearta a dhéanann difear do shaorghluaiseacht earraí nó daoine, nó an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar mar ullmhúchán d’éigeandálaí sa mhargadh inmheánach agus lena linn, ba cheart dóibh na bearta sin a theorannú don mhéid is gá agus iad a bhaint a luaithe a dhíghníomhachtófar an modh éigeandála nó níos luaithe, nuair nach mbeidh gá leo a thuilleadh. Le bearta den sórt sin ba cheart prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a urramú agus staid ar leith na réigiún teorann a chur san áireamh.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
(29)  Chun cumhacht ceannaigh agus seasamh caibidlíochta an Choimisiúin a threisiú le linn mhodh faireachais an Mhargaidh Aonair agus mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann.
(29)  Thug eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha le fios nach raibh go leor faisnéise ag oibreoirí eacnamaíocha faoi bhearta freagartha ar ghéarchéimeanna na mBallstát le linn na paindéime, mar gheall go páirteach nach raibh a fhios acu cá bhfaighidís an fhaisnéis sin, mar gheall go páirteach ar shrianta teanga agus ar an ualach riaracháin a bhain le fiosruithe a bheith á ndéanamh arís agus arís eile sna Ballstáit go léir, go háirithe i dtimpeallacht rialála a bhí ag síorathrú. Chuir sé sin bac orthu cinntí gnó eolacha a dhéanamh maidir lena mhéid a fhéadfadh siad brath ar a gcearta saorghluaiseachta nó leanúint le hoibríochtaí gnó trasteorann le linn na géarchéime. Is gá feabhas a chur ar infhaighteacht faisnéise maidir le bearta freagartha ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
(30)  I gcás ina bhfuil ganntanas mór táirgí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar an margadh aonair le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, agus gur léir nach dtáirgeann na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn ar an margadh aonair aon earra den sórt sin, ach go mbeadh siad, i bprionsabal, ábalta athearraíocht a bhaint as a línte táirgeachta nó nach mbeadh sé d’acmhainn leordhóthanach acu na hearraí nó na seirbhísí is gá a sholáthar, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit mar rogha dheiridh bearta a dhéanamh chun cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht táirgeachta na monaróirí nó cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht na soláthraithe seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar a éascú nó a iarraidh. Agus é sin á dhéanamh aige, chuirfeadh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir le déine an ghanntanais agus an cineál earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a theastaíonn agus chuirfeadh sé tacaíocht agus comhairle ar fáil maidir leis an tsolúbthacht in acquis an Aontais chun na gcríoch sin.
(30)  Le hAirteagal 21 CFAE leagtar síos an ceart atá ag saoránaigh den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe leagtha síos i dTreoir 2004/38/CE. Leagtar amach sa Treoir sin na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir leis na teorainneacha sin agus na forais a fhéadfar a úsáid chun údar a thabhairt do bhearta den sórt sin. Is iad na forais sin beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí. Sa chomhthéacs sin, is féidir údar a thabhairt le srianta ar an tsaoirse gluaiseachta má bhíonn siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh i leith forais bhreise chun an ceart chun saorghluaiseachta daoine a theorannú thar na forais dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Threoir 2004/38/CE.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
(31)  Leis na bearta lena n-áirithítear solúbthacht rialála, bheadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú a bheadh riachtanach chun feabhas a chur ar an gcumas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó chun seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar.
(31)  Na bearta chun saorghluaiseacht daoine a éascú agus aon bhearta eile a dhéanann difear do shaorghluaiseacht daoine dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, tá siad bunaithe ar Airteagal 21 CFAE agus comhlánaítear leo Treoir 2004/38/CE, gan difear a dhéanamh dá chur i bhfeidhm i gcás éigeandálaí sa mhargadh inmheánach. Níor cheart go mbeadh sé de thoradh ar bhearta de sórt sin go dtabharfaí údarú nó údar le srianta ar shaorghluaiseacht a thagann salach ar na Conarthaí nó forálacha eile de dhlí an Aontais.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
(32)  Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn i slabhraí soláthair i gcás géarchéime tús áite a thabhairt d’orduithe na n-ionchur is gá chun earraí deiridh i gcás géarchéime a tháirgeadh, nó d’orduithe na n-earraí deiridh sin féin. I gcás go ndiúltódh oibreoir eacnamaíoch glacadh le horduithe den sórt sin agus tús áite a thabhairt dóibh, i ndiaidh fianaise oibiachtúil a bheith ann go bhfuil infhaighteacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime fíor-riachtanach, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann glacadh le horduithe áirithe agus tús áite a thabhairt dóibh, agus beidh tosaíocht ag a gcomhlíonadh leo sin ar aon oibleagáid eile faoin dlí príobháideach nó poiblí. I gcás nach nglacfar leis an iarratas, ba cheart don oibreoir lena mbaineann na cúiseanna dlisteanacha leis an iarratas a dhiúltú a mhíniú. Féadfaidh an Coimisiún an míniú réasúnaithe sin, nó codanna de, a phoibliú, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó.
(32)   Le hAirteagal 45 CFAE leagtar síos an ceart chun saorghluaiseachta oibrithe, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sna bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tá forálacha sa Rialachán seo lena gcomhlánaítear na bearta atá ann cheana chun saorghluaiseacht daoine a éascú, trédhearcacht a mhéadú agus cúnamh riaracháin a sholáthar le linn éigeandálaí sa mhargadh inmheánach. Áirítear ar bhearta den sórt sin na pointí teagmhála aonair a chur ar bun agus a chur ar fáil d’oibrithe agus dá n-ionadaithe sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh faoin Rialachán seo. Moltar do na Ballstáit agus don Choimisiún ionstraimí atá ann cheana a úsáid chun na pointí teagmhála sin a chur ar bun agus a oibriú. Ba cheart go mbeadh na pointí teagmhála sin gníomhach lasmuigh den mhodh éigeandála agus ba cheart go gcuideoidís le cumarsáid idir na Ballstáit agus leis an mBord.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
(33)   Ina theannta sin, lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndáilfidh na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta.
(33)   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht bearta tacaíochta a ghlacadh chun saorghluaiseacht daoine a éascú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
(34)  I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart go gcomhlíonfadh próiseáil den sórt sin reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, eadhon Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle41gus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle42
(34)  Le gníomhachtú mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart go spreagfaí oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi bhearta a ghlacadh maidir le srianta atá ábhartha i gcás géarchéime ar shaorghluaiseacht earraí, ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus ar shaorghluaiseacht daoine, lena n-áirítear oibrithe, lena ngabhann ráiteas lena dtugtar údar cuí le bearta den sórt sin a thabhairt isteach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa ráiteas maidir le comhréireacht na mbeart sin tionchar na mbeart, a raon feidhme agus an fad a mheastar a mhairfidh siad.
__________________
41 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
42 Rialachán (AE) 2016/769 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
(35)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht bearta tacaíochta a ghlacadh chun saorghluaiseacht daoine a éascú, chun liosta a bhunú de spriocanna aonair (cainníochtaí agus spriocdhátaí) le haghaidh na gcúltacaí straitéiseacha sin ar cheart do na Ballstáit iad a choinneáil, ionas go mbainfear na cuspóirí leis an tionscnamh amach. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an modh faireachais agus bearta faireachais a ghníomhachtú chun faireachán cúramach a dhéanamh ar na slabhraí soláthair straitéiseacha agus chun forbairt cúltacaí straitéiseacha d’earraí agus do sheirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a chomhordú. Thairis sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le bearta sonracha práinnfhreagartha a ghníomhachtú tráth a bheadh éigeandáil sa Mhargadh Aonair, chun freagairt thapa chomhordaithe a éascú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(35)   Agus scrúdú á dhéanamh aige ar chomhoiriúnacht aon dréachtbheart ar tugadh fógra ina leith nó aon bheart a glacadh le prionsabal na comhréireachta, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar an ngéarchéim atá ag teacht chun cinn agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na Ballstáit a bhíonn teoranta go minic agus iad ag iarraidh na rioscaí atá ag teacht chun cinn i gcomhthéacs na géarchéime a laghdú. I gcás ina mbeidh bonn cirt leis agus inar gá sin sna himthosca, féadfaidh an Coimisiún fiúntas argóintí na mBallstát a mheas, bunaithe ar aon fhaisnéis atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis speisialaithe nó eolaíoch. Tá sé de chúram ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar leis na bearta sin dlí an Aontais agus nach gcruthaítear leo bacainní gan údar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart don Choimisiún freagairt d’fhógraí na mBallstát chomh tapa agus is féidir, ag cur san áireamh imthosca na géarchéime ar leith, agus ar a dhéanaí laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
(36)  Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go sonrach, urramaítear leis ceart chun príobháideachta na n-oibreoirí eacnamaíocha a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart chun cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 8 den Chairt, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus an tsaoirse conartha, a chosnaítear le hAirteagal 16 den Chairt, an ceart chun maoine, a chosnaítear le hAirteagal 17 den Chairt, an ceart chun cómhargála agus caingne a chosnaítear le hAirteagal 26 den Chairt agus an ceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh agus trialach cora dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leormhaith agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Níor cheart go rachfaí i gcion leis an Rialachán ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta mar a aithnítear in CFAE.
(36)  Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta ar tugadh fógra fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh sé cinneadh a eisiúint lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi a mhodhnú nó staonadh óna ghlacadh. Tá glacadh cinntí gan dochar do shainchumais an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí, agus é de fhreagracht air a áirithiú go n-urramófar saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine. Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a ráthú, ba cheart don Choimisiún freagairt éifeachtach a thabhairt ar sháruithe ar dhlí an Aontais trí imeachtaí um shárú.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
(37)  Tá an tAontas tiomanta go hiomlán i gcónaí don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir leis an bprionsabal go ndéanfar aon bheart a mheastar is gá arna ghlacadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun ganntanais chriticiúla a chosc nó chun faoiseamh a thabhairt ina leith, a chur chun feidhme ar bhealach atá spriocdhírithe, trédhearcach, comhréireach, sealadach agus comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála.
(37)   Chun a áirithiú go dtabharfar cúnamh do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’oibrithe agus dá n-ionadaithe i gcás éigeandála, tá sé tábhachtach pointí teagmhála aonair náisiúnta agus pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais a bhunú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le haon duine dá ndéanann bearta náisiúnta freagartha ar ghéarchéimeanna difear faisnéis ábhartha a fháil ó na húdaráis inniúla, ar faisnéis í a sholáthrófar i dteanga shoiléir agus intuigthe, agus ar bhealach atá inrochtana go héasca do dhaoine faoi mhíchumas.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38
(38)  Cuimseofar i gcreat an Aontais gnéithe idir-réigiúnacha chun bearta comhtháite ilearnála trasteorann um fhaireachas agus freagairt éigeandála an Mhargaidh Aonair a bhunú, go háirithe agus na hacmhainní, an acmhainneacht agus na leochaileachtaí ar fud na réigiún comharsanachta, go háirithe na réigiúin teorann á gcur san áireamh.
(38)   Lena áirithiú nach n-úsáidfear na bearta sonracha éigeandála de chuid an mhargaidh inmheánaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun freagairt d’éigeandáil áirithe sa mhargadh inmheánach, ba cheart go gceanglófaí gníomhachtú aonair le bearta den sórt sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún, ina léireofar na cúiseanna leis an ngníomhachtú sin agus na hearraí nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
(39)  Rachaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle nó i gcomhar, thar ceann an Aontais, le tríú tíortha ábhartha, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha i mbéal forbartha, chun réitigh chomhoibritheacha a lorg chun aghaidh a thabhairt ar shuaití sa slabhra soláthair, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta. Beidh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí.
(39)   Ina theannta sin, d’fhonn comhréireacht na ngníomhartha cur chun feidhme agus urraim chuí do ról na n-oibreoirí eacnamaíocha i mbainistiú géarchéime a áirithiú, níor cheart don Choimisiún dul i muinín bearta mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú ach amháin i gcás nach bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ábalta réiteach a sholáthar ar bhonn deonach laistigh de thréimhse réasúnta. Ba cheart na cúiseanna leis an ngníomhachtú sin a léiriú i ngach gníomh, agus ba cheart gach gné ar leith de ghéarchéim a chur san áireamh.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
(40)  Chun creat prótacal géarchéime a chur ar bun, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an creat rialála a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorlíonadh trí na módúlachtaí maidir le comhar idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair, malartú slán faisnéise agus malartú riosca agus cumarsáid i ndáil le géarchéimeanna a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(40)  Níor cheart don Choimisiún iarrataí ar fhaisnéis chuig oibreoirí eacnamaíocha a úsáid mar rogha dheireanach ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis atá riachtanach chun freagairt go leordhóthanach d’éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh a fháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, amhail an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthair ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát nó meastachán a dhéanamh ar acmhainneachtaí táirgeachta monaróirí earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar cuireadh isteach ar a slabhraí soláthair, nó mar thoradh ar fhaisnéis arna soláthar go deonach ar aon bhealach eile, i gcomhar leis an mBord agus leis na Ballstáit.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
(41)  B’annamh a úsáideadh Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle lena bhforáiltear i leith sásra maidir le plé déthaobhach faoi bhacainní ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus tá sé as dáta. Léiríodh ina mheastóireacht nach féidir leis na réitigh dá bhforáiltear leis an Rialachán sin freastal ar na réaltachtaí a bhaineann le géarchéimeanna casta, nach bhfuil teoranta do theagmhais a tharlaíonn ag teorainneacha dhá Bhallstát chomharsanachta. Ba cheart é a aisghairm dá bhrí sin.
(41)   I gcás ina bhfuil rioscaí substaintiúla ann d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó i gcásanna ina bhfuil ganntanas mór earraí nó ina bhfuil éileamh thar a bheith ard ar earraí a bhfuil ríthábhacht ag baint leo, d’fhéadfadh sé go mbeadh bearta ar leibhéal an Aontais a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeadh fáil ar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, amhail orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, fíor-riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar an ngnáthbhealach arís.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 a (nua)
(41a)  I gcás ina bhfuil ganntanas mór earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ar an margadh inmheánach le linn éigeandála sa mhargadh inmheánach, agus gur léir nach dtáirgeann na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn ar an margadh inmheánach earraí den sórt sin, ach go mbeadh siad, i bprionsabal, ábalta athearraíocht a bhaint as a línte táirgeachta nó go mbeadh sé d’acmhainn leordhóthanach acu na hearraí nó na seirbhísí is gá a sholáthar, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit mar rogha dheiridh bearta a dhéanamh chun cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht táirgeachta na monaróirí nó cur le hacmhainneacht táirgeachta nó athrú cuspóra acmhainneacht soláthraithe seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar a éascú nó a iarraidh. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas maidir le déine an ghanntanais agus maidir le cineál na n-earraí nó na seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a theastaíonn agus ba cheart dó tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil maidir leis an tsolúbthacht in acquis an Aontais chun na gcríoch sin.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 b (nua)
(41b)  Leis na bearta lena n-áirithítear solúbthacht rialála, bheadh an Coimisiún ábalta a mholadh do na Ballstáit dlús a chur leis na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú atá riachtanach chun feabhas a chur ar an acmhainneacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó chun seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 c (nua)
(41c)   Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha a oibríonn slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime tosaíocht a thabhairt d’orduithe le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó d’orduithe le haghaidh ionchuir atá riachtanach chun earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh. I gcás ina ndiúltódh oibreoir eacnamaíoch glacadh leis an iarraidh tosaíocht a thabhairt d’orduithe den sórt sin, in ainneoin fianaise oibiachtúil a bheith ann go bhfuil infhaighteacht earraí atá ábhartha i gcás géarchéime fíor-riachtanach, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann glacadh le horduithe áirithe, agus tús áite a thabhairt dóibh, agus beidh tosaíocht ag a gcomhlíonadh ansin ar aon oibleagáid eile faoin dlí príobháideach nó poiblí. I gcás nach nglacfar leis an iarraidh, ba cheart don oibreoir lena mbaineann cúiseanna dlisteanacha a thabhairt maidir leis an iarraidh a dhiúltú.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 d (nua)
(41d)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir cur chun feidhme an Rialacháin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta práinnfhreagartha sonracha a ghníomhachtú, eadhon orduithe tosaíochta, le linn éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh, chun gur féidir mearfhreagairt chomhordaithe a thabhairt. Ba cheart an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a chur ar phraghas cothrom agus réasúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cúiteamh iomchuí as na costais bhreise uile arna dtabhú ag an oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear costais a eascraíonn, mar shampla, as conarthaí lasmuigh den Aontas nó as línte táirgeachta atá ag athrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 e (nua)
(41e)  Thairis sin, i gcás ina ndéanann ganntanais mhóra earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime difear do Bhallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin agus na cainníochtaí is gá a chur in iúl. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a tharchur chuig na húdaráis inniúla uile agus comhordú fhreagairtí na mBallstát a chuíchóiriú. Lena áirithiú go mbeidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fáil le linn éigeandála sa mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndáilfidh na Ballstáit cúltacaí straitéiseacha, ag féachaint go cuí do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, an riachtanais agus na comhréireachta.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 f (nua)
(41f)  Chun cumhacht ceannaigh agus seasamh caibidlíochta an Choimisiúin a ghiaráil le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú le tacaíocht ón gCoimisiún agus ón mBord sula seolfar nósanna imeachta chun earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar. Is croíphrionsabal de sholáthar poiblí éifeachtach í an trédhearcacht: feabhsaíonn sí an iomaíocht, méadaíonn sí an éifeachtúlacht agus cruthaíonn sí cothrom iomaíochta. Ba cheart Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta a bhaineann le soláthairtí comhpháirteacha faoin Rialachán seo agus, arna iarraidh sin, ba cheart rochtain a thabhairt di ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích mar thoradh ar na nósanna imeachta sin, faoi réir cosaint leordhóthanach faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena n-áirítear rúin ghnó.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 g (nua)
(41g)  Is gá rialacha a leagan síos maidir le huirlisí digiteacha chun ullmhacht a áirithiú agus freagairt á tabhairt ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil ar éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, chomh maith le feidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh, saorchúrsaíocht earraí, seirbhísí agus daoine in aimsir géarchéime a ráthú agus fáil a ráthú do ghnólachtaí agus d’údaráis phoiblí ar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Agus uirlisí den sórt sin á mbunú, ba cheart don Choimisiún féachaint le hidir-inoibritheacht a áirithiú le huirlisí digiteacha atá ann cheana, amhail Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) chun dúbláil ceanglas agus aon ualach breise riaracháin a sheachaint. Ba cheart rialacha a leagan amach freisin sa Rialachán seo maidir le comhordú, comhar agus malartú leordhóthanach faisnéise, agus uirlisí digiteacha a bhunú leis chun feidhmiú lánaí gasta le haghaidh earraí agus seirbhísí criticiúla a ráthú, agus é mar aidhm leis dlús a chur le nósanna imeachta údaraithe, clárúcháin nó dearbhaithe. Thairis sin, chun rannpháirtíocht na ngníomhaithe eacnamaíocha uile a fheabhsú, go háirithe gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta, ba cheart don Choimisiún ardán geallsealbhóirí a chur ar bun chun freagairt dheonach ar éigeandálaí sa mhargadh inmheánach a éascú agus a spreagadh.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 h (nua)
(41h)  Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, urramaítear leis ceart chun príobháideachta na n-oibreoirí eacnamaíocha a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart chun cosaint sonraí a leagtar amach in Airteagal 8 den Chairt, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus an tsaoirse chonarthach, a chosnaítear le hAirteagal 16 den Chairt, an ceart chun maoine, a chosnaítear le hAirteagal 17 den Chairt, an ceart chun cómhargála agus chun caingne, arna gcosaint le hAirteagal 28 den Chairt agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach agus triail chóir a fháil dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 i
(41i)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leormhaith agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 j (nua)
(41j)   Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeacht an Rialacháin seo agus tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena n-áirítear measúnú ar obair an Bhoird, tástálacha struis, prótacail oiliúna agus ghéarchéime, na critéir do ghníomhachtú an mhodha éigeandála chomh maith le húsáid uirlisí digiteacha. Thairis sin, ba cheart tuarascálacha a thíolacadh tar éis dhíghníomhachtú na modhanna éigeandála. Ba cheart go mbeadh meastóireacht sna tuarascálacha sin ar fheidhmiú an chórais práinnfhreagartha agus ar thionchar na mbeart éigeandála ar na cearta bunúsacha, eadhon ar an tsaoirse fiontraíochta, ar an tsaoirse chun fostaíocht a lorg agus chun obair a dhéanamh, agus ar an gceart chun cómhargála agus chun caingne, lena n-áirítear an ceart dul ar stailc. Níor cheart an Rialachán seo a léirmhíniú mar rialachán a théann i bhfeidhm ar an gceart cómhargála agus ar an gceart gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena n-áirítear ceart na n-oibrithe agus na bhfostaithe gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh chun a leasanna a chosaint, lena n-áirítear dul ar stailc. Thairis sin, níor cheart go rachfaí i gcion leis an Rialachán ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta mar a aithnítear in CFAE.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 k (nua)
(41k)   Ba cheart aon ghníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta ábhartha. Tá an tAontas tiomanta go hiomlán i gcónaí don dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus tacaíonn sé go láidir leis an bprionsabal go ndéanfar aon bheart a mheastar is gá arna ghlacadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na bearta sin is gá chun ganntanais chriticiúla a chosc nó chun faoiseamh a thabhairt ina leith, a chur chun feidhme ar bhealach atá spriocdhírithe, trédhearcach, comhréireach, sealadach agus comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála.
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 l (nua)
(41l)   Ba cheart go gcuimseofaí i gcreat an Aontais gnéithe idir-réigiúnacha chun bearta comhleanúnacha ilearnála faireachais trasteorann agus práinnfhreagartha an mhargaidh inmheánaigh a bhunú, go háirithe agus na hacmhainní, an acmhainneacht agus na leochaileachtaí ar fud na réigiún comharsanachta, go sonrach na réigiúin teorann, á gcur san áireamh.
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 m (nua)
(41m)   Chun creat prótacal géarchéime a chur ar bun, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na módúlachtaí maidir le comhar idir na Ballstáit agus údaráis an Aontais le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, chomh maith le módúlachtaí an mhalartaithe shláin faisnéise agus an riosca agus na cumarsáide i ndáil le géarchéimeanna a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41 n (nua)
(41n)   Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle do shásra maidir le plé déthaobhach agus fógraí faoi bhacainní ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun dúbláil ceanglas maidir le fógra a thabhairt le linn géarchéimeanna a sheachaint, ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú dá réir. Níor cheart go ndéanfadh Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 difear ar bith d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a athnaítear ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart go mbeadh sé gan dochar freisin don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích ná a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
1.  Bunaítear leis an Rialachán seo creat beart chun tionchair géarchéimeanna ar an Margadh Aonair a réamh-mheas, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh, chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime sa Mhargadh Aonair a áirithiú.
1.  Is é is aidhm don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí chreat rialacha comhchuibhithe a leagan amach chun a athléimneacht a neartú, chun géarchéimeanna a réamh-mheas agus a sheachaint go héifeachtach, chun freagairt éifeachtach ar ghéarchéimeanna a áirithiú agus chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú.
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2
2.  Áirítear leis na bearta dá dtagraítear i mír 1:
scriosta
(a)  grúpa comhairleach chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir leis na bearta iomchuí chun tionchar géarchéime ar an Margadh Aonair a réamh-mheas, a chosc nó freagairt dóibh;
(b)  bearta chun an fhaisnéis ábhartha a fháil, a roinnt agus a mhalartú;
(c)  bearta teagmhasacha atá dírithe ar réamh-mheas agus ar phleanáil;
(d)  bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchair teagmhas suntasach de chuid an Mhargaidh Aonair nach raibh éigeandáil sa Mhargadh Aonair mar thoradh uirthi go fóill (faireachas sa Mhargadh Aonair), lena n-áirítear sraith beart faireachais agus
(e)  bearta chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí an Mhargaidh Aonair, lena n-áirítear sraith de bhearta práinnfhreagartha.
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
3.  Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ar gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhalartú go rialta eatarthu féin agus leis an gCoimisiún.
scriosta
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 4
4.  Féadfaidh an Coimisiún aon eolas speisialaithe agus/nó eolaíoch ábhartha a fháil, ar eolas é atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
scriosta
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – teideal
An raon feidhme
Raon feidhme
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
1.  Tá feidhm ag na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le tionchair shuntasacha géarchéime ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair.
1.  Tá feidhm ag na bearta a leagtar amach sa Rialachán sin maidir le tionchair shuntasacha géarchéime ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, gan dochar do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse fiontraíochta, mar a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe a
(a)  táirgí íocshláinte dá sainítear in Airteagal 2, mír 2 de Threoir 2001/83/CE;
(a)  táirgí íocshláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 2 de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe c
(c)  frithbhearta leighis eile arna sainiú i bpointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… maidir le Bagairtí Tromchúiseacha Trasteorann ar Shláinte [Rialachán SCBTH]44 agus a chuimsítear sa liosta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 (1) den togra le haghaidh] Rialachán (AE )…/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú45;
(c)  frithbhearta leighis eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle45;
__________________
__________________
44 [tagairt don Acht glactha le cur isteach a luaithe a bheidh sí ar fáil]
45 [tagairt don Acht glactha le cur isteach a luaithe a bheidh sí ar fáil]
45 Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.).
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe f
(f)  seirbhísí airgeadais amhail baincéireacht, creidmheas, árachas agus athárachas, pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, comhairle íocaíochta agus infheistíochta, lena n-áirítear na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36, chomh maith le gníomhaíochtaí socraíochta agus imréitigh agus seirbhísí comhairleacha, idirghabhála agus cúnta airgeadais eile.
(f)  seirbhísí airgeadais amhail baincéireacht, creidmheas, árachas agus athárachas, pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, comhairle íocaíochta agus infheistíochta, lena n-áirítear na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, chomh maith le gníomhaíochtaí socraíochta agus imréitigh agus seirbhísí comhairleacha, idirghabhála agus cúnta airgeadais eile.
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 3
3.  De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 16 go 20 agus Airteagal 41 den Rialachán seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear sna pointí sin.
3.  De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 16 go 20 agus Airteagail 41 go 41c maidir leis na táirgí dá dtagraítear sna pointí sin.
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 3 a (nua)
3a.  Tá an Rialachán seo gan dochar do na socruithe Comhtháite maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 5
5.  Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais (Airteagail 101 go 109 CFAE agus rialacháin cur chun feidhme), lena n-áirítear rialacha in aghaidh trustaí, rialacha cumaisc agus rialacha maidir le Státchabhair.
5.  Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais, lena n-áirítear rialacha in aghaidh trustaí, rialacha cumaisc agus rialacha maidir le Státchabhair.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6.  Tá Rialachán seo gan dochar don Choimisiún:
6.  Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6 – pointe a
(a)  dul isteach, i gcomhairliúcháin nó i gcomhar, thar ceann an Aontais, le tríú tíortha ábhartha, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha i mbéal forbartha, chun réitigh chomhoibritheacha a lorg chun suaití sa slabhra soláthair a sheachaint, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta. D’fhéadfadh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha a bheith i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí; nó
scriosta
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6 – pointe b
(b)  measúnú a dhéanamh an iomchuí é srianta a fhorchur ar onnmhairiú earraí i gcomhréir le cearta agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48.
scriosta
__________________
48 IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6 a (nua)
6a.  Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar aon difear d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithníonn na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart dul ar stailc nó chun caingean eile a ghlacadh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta. Níor cheart go ndéanfaí difear leis ach an oiread don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 7
7.  Beidh aon ghníomhaíocht faoin Rialachán seo comhsheasmhach le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta
scriosta
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 8
8.  Tá an Rialachán seo gan dochar do fhreagracht na mBallstát as an tslándáil náisiúnta a chosaint nó dá gcumhacht feidhmeanna bunúsacha stáit a chosaint, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an t-ord poiblí a chaomhnú.
scriosta
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1
(1)  ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil gan choinne, tobann, nádúrtha nó de dhéantús an duine de chineál agus de scála neamhghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas;
(1)  ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil nádúrtha nó de dhéantús an duine de chineál agus de scála neamhghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas, agus a mbíonn tionchar díobhálach aige ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine sa mhargadh inmheánach;
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2
(2)  ciallaíonn ‘modh faireachais an Mhargaidh Aonair’ creat chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol go gcuirfí isteach go mór ar sholáthar earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a bhféadfadh éigeandáil sa Mhargadh Aonair laistigh den chéad 6 mhí eile a bheith mar thoradh air;
(2)  ‘ciallaíonn ‘modh faireachais an Mhargaidh inmheánaigh’ creat chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol go dtarlódh géarchéim a gcuirfí isteach go mór dá bharr ar sholáthar earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus a bhféadfadh éigeandáil sa Mhargadh inmheánach laistigh den chéad 6 mhí eile a bheith mar thoradh air;
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3
(3)  ciallaíonn ‘éigeandáil sa Mhargadh Aonair’ tionchar forleathan géarchéime ar an Margadh Aonair a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht an Mhargaidh Aonair nó ar fheidhmiú na slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí ríthábhachtacha sochaíocha nó eacnamaíocha sa Mhargadh Aonair a choinneáil ar bun;
(3)  ciallaíonn ‘modh éigeandála an mhargaidh inmheánaighcreat chun aghaidh a thabhairt ar thionchar suntasach forleathan géarchéime ar an margadh inmheánach a chuireann isteach go mór ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine, nó ar fheidhmiú na slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí ríthábhachtacha sochaíocha nó eacnamaíocha sa Mhargadh inmheánach a choinneáil ar bun;
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4
(4)  ciallaíonn ‘limistéir a bhfuil tábhacht straitéiseach leo’ na limistéir sin a bhfuil tábhacht chriticiúil ag baint leo don Aontas agus dá Bhallstáit, is é sin le rá go bhfuil siad ríthábhachtach ó thaobh na slándála poiblí, na sábháilteachta poiblí, an oird phoiblí na sláinte poiblí de, agus a mbeadh tionchar suntasach ag a gcur isteach, a gcliseadh, a gcaillteanas nó a scriosadh ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair;
(4)  ciallaíonn ‘réimsí ríthábhachtacha’ réimsí atá ríthábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit, agus lena mbaineann ríthábhacht agus tábhacht chórasach ó thaobh na slándála poiblí, na sábháilteachta poiblí, an oird phoiblí, na sláinte poiblí nó an chomhshaoil de, agus a mbeadh tionchar suntasach ag a gcur isteach, a gcliseadh, a gcaillteanas nó a scriosadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh go háirithe saorghluaiseacht earraí, seirbhísí nó daoine;
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5
(5)  ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a áirithiú i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus nach féidir iad a ionadú ná a éagsúlú;
(5)  ciallaíonn ‘earraí, seirbhísí agus oibrithe ríthábhachtacha’ earraí, seirbhísí agus catagóirí oibrithe atá fíor-riachtanach chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i réimsí ríthábhachtacha agus nach féidir iad a ionadú ná, i gcás inarb ábhartha, a éagsúlú;
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6
(6)  ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun freagairt don ghéarchéim nó chun aghaidh a thabhairt ar thionchair na géarchéime ar an Margadh Aonair le linn éigeandála sa Mhargadh Aonair;
(6)  ciallaíonn ‘earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime’ earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach chun freagairt don ghéarchéim nó chun aghaidh a thabhairt ar thionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach le linn éigeandáil sa mhargadh inmheánach;
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 7
(7)  ciallaíonn ‘cúltacaí straitéiseacha’ stoc earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis agus a bhféadfadh sé go mbeadh gá le cúltaca a fhorbairt ina leith chun ullmhú d’éigeandáil sa Mhargadh Aonair, faoi rialú Ballstáit.
(7)  ciallaíonn ‘cúltacaí straitéiseacha’ stoc earraí ríthábhachtacha atá faoi rialú Ballstáit agus a bhféadfadh sé go mbeadh gá le cúltaca a fhorbairt ina leith chun ullmhú d’éigeandáil sa mhargadh inmheánach.
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – teideal
Grúpa comhairleach
An Bord um Chásanna Éigeandála agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
1.  Bunaítear grúpa comhairleach.
1.  Bunaítear an Bord um Chásanna Éigeandála agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (an Bord).
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2
2.  Beidh an grúpa comhairleach comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát. Ainmneoidh gach Ballstát ionadaí agus ionadaí malartach.
2.  Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus saineolaí amháin arna gceapadh ag Parlaimint na hEorpa. Ainmneoidh gach Ballstát ionadaí agus ionadaí malartach.
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3
3.  Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an ngrúpa comhairleach agus áiritheoidh sé a rúnaíocht. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ionadaí ar Pharlaimint na hEorpa, ar ionadaithe ar Stáit CSTE ar páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch49 iad, ar ionadaithe ar oibreoirí eacnamaíocha iad, ar eagraíochtaí páirtithe leasmhara iad, ar pháirtithe sóisialta agus ar shaineolaithe iad, freastal ar chruinnithe an ghrúpa chomhairligh mar bhreathnóirí. Tabharfaidh sé cuireadh d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí chuig cruinnithe ábhartha an ghrúpa chomhairligh.
3.  Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord agus cuirfidh sé a rúnaíocht ar fáil. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún foghrúpaí buana nó sealadacha den Bhord a bhunú chun ceisteanna sonracha a scrúdú.
__________________
49 IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 a (nua)
3a.  Iarrfaidh an Coimisiún ar ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais mar bhreathnóirí teacht chuig cruinnithe ábhartha an Bhoird, chomh maith le hionadaithe ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le comhaontuithe déthaobhacha nó idirnáisiúnta. I gcás inarb ábhartha, iarrfaidh an Coimisiún ar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na páirtithe leasmhara freisin, go háirithe ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, eagraíochtaí páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe sóisialta, freastal ar chruinnithe an Bhoird mar bhreathnóirí. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar shaineolaithe a bhfuil inniúlacht shonrach acu in ábhar atá ábhartha i gcás géarchéime a bheith rannpháirteach in obair an Bhoird ar bhonn ad hoc.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 b (nua)
3b.  Féadfaidh an Bord tuairimí, moltaí nó tuarascálacha a ghlacadh, a chuirfear ar fáil go poiblí, gan dochar do shonraí pearsanta ná do rúin trádála. Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairimí, ar mholtaí nó ar thuarascálacha an Bhoird ar bhealach trédhearcach.
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 – an chuid réamhráiteach
4.  Chun críche pleanála teagmhais faoi Airteagal 6 go hAirteagal 8, tabharfaidh an grúpa comhairleach cúnamh agus comhairle don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis na cúraimí seo a leanas:
4.  Chun athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a neartú, chun críche pleanála teagmhais faoi Airteagail 6 go hAirteagal 8, tabharfaidh an Bord cúnamh agus comhairle don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis na cúraimí seo a leanas:
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 – pointe a
(a)  socruithe a mholadh maidir le comhar riaracháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit tráth mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair a bheadh sna prótacail ghéarchéime;
(a)  socruithe a mholadh maidir le comhar riaracháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit tráth mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a bheadh sna prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 6;
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 – pointe b
(b)  measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha ar chuir na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina leith.
(b)  measúnú a dhéanamh ar theagmhais ar chuir na Ballstáit nó páirtithe leasmhara ábhartha eile an Coimisiún ar an eolas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 agus ar a dtionchar ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe;
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 –mír 4 – pointe b a (nua)
(ba)  a mholadh do na Ballstáit cúltaca earraí criticiúla a thógáil chun ullmhú d’éigeandáil sa mhargadh inmheánach, agus dóchúlacht agus tionchar na nganntanas á gcur san áireamh;
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 – pointe b b (nua)
(bb)  fadbhreathnaitheacht a bhailiú ar an bhféidearthacht go dtarlódh géarchéim, anailís ar shonraí a dhéanamh agus faisnéis mhargaidh a chur ar fáil;
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 – pointe b c (nua)
(bc)  dul i gcomhairle le hionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, agus le heagraíochtaí ionadaíocha, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb ábhartha, chun faisnéis mhargaidh a bhailiú;
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 – pointe b d (nua)
(bd)  anailís a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe arna bhfáil ag comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal idirnáisiúnta;
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 b – mír 4 – pointe b e (nua)
(be)  stór beart géarchéime náisiúnta agus Aontais a choinneáil, ar bearta iad a úsáideadh i ngéarchéimeanna roimhe seo agus a raibh tionchar acu ar an margadh inmheánach agus ar a shlabhraí soláthair;
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 – pointe b f (nua)
(bf)  bearta a dhéanamh chun athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh a neartú i gcomhréir leis an Rialachán seo, amhail oiliúint agus ionsamhlúcháin a eagrú, agus oibreoirí eacnamaíocha agus slabhraí soláthair ábhartha a shainaithint mar chuid de thástálacha struis.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
5.  Chun críche chur i bhfeidhm mhodh faireachais an Mhargaidh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 9, cuideoidh an grúpa comhairleach leis an gCoimisiún na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
5.  Chun críche mhodh faireachais an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún maidir leis na cúraimí seo a leanas:
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – pointe a
(a)  a dheimhniú an bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, agus raon feidhme na bagartha sin;
(a)  a dheimhniú an bhfuil na critéir ann do ghníomhachtú nó díghníomhachtú an mhodha faireachais agus go háirithe an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2), agus raon feidhme na bagartha sin;
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – pointe b
(b)  fadbhreathnaitheacht, anailís sonraí agus faisnéis mhargaidh a bhailiú;
scriosta
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – pointe c
(c)  dul i gcomhairle le hionadaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, agus le lucht tionscail chun faisnéis faoin margadh a bhailiú;
scriosta
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – pointe d
(d)  anailís a dhéanamh ar shonraí comhiomlánaithe arna bhfáil ag comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;
scriosta
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – pointe e
(e)  malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí ábhartha eile agus le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(e)  malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí ábhartha eile agus le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta;
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 – pointe f
(f)  stór a choinneáil de bhearta géarchéime náisiúnta agus de bhearta an Aontais a úsáideadh i ngéarchéimeanna roimhe seo a raibh tionchar acu ar an Margadh Aonair agus ar a shlabhraí soláthair
scriosta
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6.  Chun críche chur i bhfeidhm mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 14, cuideoidh an grúpa comhairleach leis an gCoimisiún na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
6.  Chun críoch mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 14, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún maidir leis na cúraimí seo a leanas:
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe b
(b)  a dheimhniú ar comhlíonadh na critéir maidir leis an modh éigeandála a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú;
(b)  a dheimhniú an bhfuil na critéir maidir leis an modh éigeandála a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú comhlíonta, bunaithe ar fhianaise leordhóthanach iontaofa;
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe c
(c)  comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na mbeart a roghnaítear chun freagairt d’éigeandáil an Mhargaidh Aonair ar leibhéal an Aontais;
(c)  comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na mbeart a roghnaítear chun freagairt d’éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh ar leibhéal an Aontais;
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe e
(e)  malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i mbéal forbartha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta.
(e)  malartuithe agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha eile, de réir mar is iomchuí, agus aird ar leith á tabhairt ar bhaill de CSTE, ar thíortha is iarrthóirí agus ar thíortha i mbéal forbartha, agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7
7.  Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht gach comhlachta ar leibhéal an Aontais i gcás a ngéarchéime faoi seach. Comhoibreoidh agus comhordóidh an grúpa comhairleach go dlúth, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí ábhartha eile i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú leis na bearta a chuirfear chun feidhme trí shásraí eile de chuid an Aontais, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) Creat Slándála Sláinte an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh an grúpa comhairleach go ndéanfar faisnéis a mhalartú leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha faoi UCPM.
7.  Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa agus rannpháirtíocht gach comhlachta ar leibhéal an Aontais atá ábhartha don ghéarchéim faoi seach. Áiritheoidh an Coimisiún, go háirithe, go mbeidh rochtain chomhionann ar an bhfaisnéis uile, ionas go bhfaighidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna. Comhoibreoidh agus comhordóidh an Bord go dlúth, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún comhordú leis na bearta a chuirfear chun feidhme trí shásraí eile de chuid an Aontais, amhail an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM), Creat Slándála Sláinte an Aontais Eorpaigh, nó an sásra faoin nGníomh Eorpach um Shliseanna. Áiritheoidh an Bord go ndéanfar faisnéis a mhalartú leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha faoi UCPM.
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 8
8.  Tiocfaidh an grúpa comhairleach le chéile trí huaire sa bhliain ar a laghad. Ag a chéad chruinniú, ar thogra ón gCoimisiún agus le comhaontú ón gCoimisiún, glacfaidh an grúpa comhairleach a rialacha nós imeachta.
8.  Tiocfaidh an Bord le chéile trí huaire sa bhliain ar a laghad. Ag a chéad chruinniú, glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 8 a (nua)
8a.  Déanfaidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, a thuarascáil ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh gach bliain agus í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 9
9.  Féadfaidh an grúpa comhairleach tuairimí, moltaí nó tuarascálacha a ghlacadh i gcomhthéacs a chúraimí a leagtar amach i mír 4 go mír 6.
scriosta
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4a
Idirphlé maidir le Cásanna Éigeandála agus Athléimneacht
1.   Chun idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an saineolaí atá ceaptha aici agus ar an gCoimisiún na hábhair seo a leanas a phlé:
(a)   tuairimí, moltaí agus tuarascálacha arna nglacadh ag an mBord;
(b)   toradh na dtástálacha struis;
(c)   gníomhachtú an mhodha faireachais, fadú agus díghníomhachtú an mhodha sin, agus aon bheart arna ghlacadh de bhun Chuid III;
(d)   gníomhachtú an mhodha éigeandála, fadú agus díghníomhachtú an mhodha sin, agus aon bheart arna ghlacadh de bhun Chuid IV;
(e)   aon bheart lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus oibrithe;
2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar ionadaithe na mBallstát páirt a ghlacadh san idirphlé dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
1.  Ainmneoidh na Ballstáit oifigí idirchaidrimh lárnacha a bheidh freagrach as teagmhálacha, as comhordú agus as malartú faisnéise le hoifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile agus le hoifigí idirchaidrimh lárnacha ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin na hionchuir ó údaráis inniúla náisiúnta ábhartha a chomhordú agus a thiomsú.
1.  Ainmneoidh na Ballstáit oifigí idirchaidrimh lárnacha a bheidh freagrach as teagmhálaithe, as comhordú agus as malartú faisnéise le hoifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát eile agus leis an oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin na hionchuir ó údaráis inniúla náisiúnta ábhartha a chomhordú agus a thiomsú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh sin an fhaisnéis uile atá ábhartha i gcás géarchéime a tharchur chuig na pointí teagmhála náisiúnta aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, i bhfíor-am nuair is féidir.
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
2.  Ainmneoidh an Coimisiún oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais le haghaidh teagmhálacha le hoifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair faoin Rialachán seo. Áiritheoidh an phríomhoifig idirchaidrimh ar leibhéal an Aontais go ndéanfar comhordú agus malartú faisnéise le hoifigí lárnacha idirchaidrimh na mBallstát chun modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus a bhainistiú.
2.  Ainmneoidh an Coimisiún oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais le haghaidh teagmháil le hoifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh faoin Rialachán seo, agus i gcás inarb infheidhme, le comhlachtaí eile ar leibhéal an Aontais atá ábhartha don ghéarchéim faoi seach. Áiritheoidh an oifig idirchaidrimh lárnach ar leibhéal an Aontais go ndéanfar comhordú agus malartú faisnéise le hoifigí lárnacha idirchaidrimh na mBallstát chun modhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a bhainistiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le faisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime, a bheidh le cur ar fáil go poiblí de bhun Airteagal 41.
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Agus tuairim an ghrúpa chomhairligh agus ionchur comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais á cur san áireamh ag an gCoimisiún, tugtar de chumhacht dó, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le creat lena leagtar amach prótacail ghéarchéime maidir le comhar i gcás géarchéime, le malartú faisnéise agus le cumarsáid i gcás géarchéimeanna i dtaca le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair, go háirithe an méid seo a leanas:
1.  Agus tuairim an Bhoird agus ionchur comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais á gcur san áireamh go cuí ag an gCoimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tugtar de chumhacht dó gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le creat ginearálta lena leagtar amach prótacail ghéarchéime maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéime, le comhar, le malartú faisnéise agus le cumarsáid i gcás géarchéimeanna i dtaca le modhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – pointe a
(a)  comhar idir údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais maidir le modhanna faireachais agus éigeandála an Mhargaidh Aonair agus modhanna éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair a bhainistiú;
(a)  comhar idir údaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus údaráis inniúla ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú mhodhanna faireachais agus éigeandála an mhargaidh inmheánaigh;
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – pointe c
(c)  cur chuige comhordaithe maidir le cumarsáid riosca agus géarchéime freisin i leith phobail agus ról comhordaithe don Choimisiún;
(c)  cur chuige comhordaithe maidir le cumarsáid ghéarchéime freisin tríd an bpobal agus páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, agus ról comhordaithe don Choimisiún.
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 – pointe d
(d)  bainistíocht an chreata.
scriosta
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – pointe a
(a)  fardal údarás inniúil náisiúnta ábhartha, na hoifigí idirchaidrimh lárnacha arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, a sonraí teagmhála, a róil agus a bhfreagrachtaí sannta le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála an Rialacháin seo faoin dlí náisiúnta;
(a)  fardal údarás inniúil náisiúnta, na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5 agus na bpointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21, a sonraí teagmhála, a róil agus a bhfreagrachtaí sannta le linn mhodhanna faireachais agus éigeandála faoin Rialacháin seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – pointe b
(b)  comhairliúchán le hionadaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear FBManna, maidir lena dtionscnaimh agus lena ngníomhaíochtaí chun suaití féideartha sa slabhra soláthair a mhaolú agus freagairt dó agus chun ganntanais fhéideartha earraí agus seirbhísí sa Mhargadh Aonair a shárú;
(b)  comhairliúchán le hionadaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear FBManna, maidir lena dtionscnaimh agus lena ngníomhaíochtaí chun éigeandálaí féideartha sa mhargadh inmheánach a mhaolú agus freagairt dóibh;
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 –mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)  comhairliúchán leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis na himpleachtaí ar shaorghluaiseacht oibrithe sna réimsí ríthábhachtacha;
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – pointe c
(c)  comhar teicniúil ar an leibhéal teicniúil sna modhanna faireachais agus éigeandála ar fud earnálacha an Mhargaidh Aonair;
(c)  comhar teicniúil ar an leibhéal teicniúil sna modhanna faireachais agus éigeandála ar fud earnálacha an mhargaidh inmheánaigh;
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – pointe d
(d)  cumarsáid riosca agus éigeandála, agus ról comhordaithe don Choimisiún, agus na struchtúir atá ann cheana á gcur san áireamh go leordhóthanach;
(d)  cumarsáid riosca agus éigeandála, agus ról comhordaithe don Choimisiún, agus na struchtúir atá ann cheana á gcur san áireamh;
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 a (nua)
2a.  Féadfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, tarraingt suas prótacal géarchéime deonach ag oibreoirí eacnamaíocha a thionscnamh, a spreagadh agus a éascú chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sa mhargadh inmheánach, agus iad teoranta go docht d’imthosca urghnácha. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile a rannpháirtiú i ndréachtú na bprótacal géarchéime deonach. Leagfar amach na nithe seo a leanas sna prótacail ghéarchéime dheonacha:
(a)  paraiméadair shonracha an chuir isteach a bhféachtar leis an bprótacal géarchéime deonach aghaidh a thabhairt air agus na cuspóirí a shaothraítear leis;
(b)  ról gach rannpháirtí, na bearta ullmhúcháin atá le cur i bhfeidhm acu agus a ról nuair a bheidh an prótacal géarchéime curtha i ngníomh;
(c)  an nós imeachta lena gcinntear cathain agus conas a oibreoidh an prótacal géarchéime;
(d)  gníomhaíochtaí chun éigeandálaí ionchasacha sa mhargadh inmheánach a mhaolú agus chun freagairt dóibh, atá teoranta go docht don mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt orthu;
(e)  cosaintí chun aghaidh a thabhairt ar aon éifeacht dhiúltach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus oibrithe.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
3.  Chun oibriú an chreata dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún tástálacha struis, ionsamhlúcháin agus athbhreithnithe le linn gnímh agus i ndiaidh gnímh a dhéanamh leis na Ballstáit, agus féadfaidh sé a mholadh do na comhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais agus do na Ballstáit an creat a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá.
scriosta
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
Eagróidh an Coimisiún an oiliúint maidir le comhordú géarchéime, comhar agus malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6 do bhaill foirne na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha ainmnithe. Eagróidh sé ionsamhlúcháin ina mbeidh foireann na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha ó na Ballstáit go léir páirteach bunaithe ar chásanna féideartha éigeandálaí sa Mhargadh Aonair.
1.   Eagróidh agus forbróidh an Coimisiún oiliúint go rialta maidir le hullmhú i gcomhair géarchéime, comhordú, comhar, cumarsáid agus malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6 do bhaill foirne na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha ainmnithe agus d’oibreoirí eacnamaíocha. Eagróidh sé ionsamhlúcháin ina mbeidh foireann na n-oifigí idirchaidrimh lárnacha chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le héigeandálaí sa mhargadh inmheánach a chosc, ullmhacht dóibh agus freagairt dóibh.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
1a.  Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún clár oiliúna a fhorbairt agus a bhainistiú a eascraíonn as na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna roimhe sin, lena n-áirítear gnéithe den timthriall bainistithe éigeandála ina iomláine, chun freagairt thapa a thabhairt ar ghéarchéimeanna. Áireofar an méid seo a leanas sa chlár sin:
(a)  faireachán, anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha uile chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú;
(b)  cur chun feidhme dea-chleachtas a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, cur chun cinn dea-chleachtas arna bhforbairt ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c)  treoir a fhorbairt maidir le scaipeadh eolais agus cur chun feidhme cúraimí éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;
(d)  tabhairt isteach agus úsáid teicneolaíochtaí agus uirlisí digiteacha ábhartha nua a spreagadh chun freagairt d’éigeandálaí sa mhargadh inmheánach.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 b (nua)
1b.  Ar iarraidh ó Bhallstát atá ag déileáil le cur isteach, féadfaidh an Coimisiún foireann saineolaithe a imlonnú ar an láthair chun comhairle a sholáthar maidir le bearta ullmhachta agus freagartha, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais agus leasanna an Bhallstáit sin.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7a
Tástálacha struis
1.  Chun saorghluaiseacht agus infhaighteacht earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a áirithiú agus chun réamh-mheastachán a dhéanamh ar chur isteach ar an margadh inmheánach, agus chun ullmhú do chur isteach ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, tástálacha struis a dhéanamh agus a chomhordú, lena n-áirítear ionsamhlúcháin agus athbhreithnithe piaraí, go háirithe d’earnálacha ríthábhachtacha arna sainaithint ag an gCoimisiún.
Go háirithe, iarrfaidh an Coimisiún ar bhaill foirne ó oifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát uile páirt a ghlacadh in ionsamhlúcháin agus déanfaidh sé:
(a)  cásanna agus paraiméadair a fhorbairt lena léirítear na rioscaí sonracha a bhaineann le héigeandálaí sa mhargadh inmheánach agus arb é is aidhm dóibh leochaileachtaí i réimsí ríthábhachtacha a shainaithint, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ionchasach ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine;
(b)  oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha ábhartha a shainaithint, chomh maith le gníomhaithe nó comhlachtaí ábhartha eile a bhfuil baint acu le cosc éigeandálaí, ullmhacht dóibh agus freagairt dóibh agus déanfaidh sé cuireadh a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh ar bhonn deonach;
(c)  athbhreithnithe piaraí a éascú agus forbairt straitéisí maidir le hullmhacht éigeandála a spreagadh;
(d)  bearta maolaithe riosca a shainaithint, i gcomhar leis na gníomhaithe uile lena mbaineann, tar éis na tástálacha struis a chur i gcrích.
2.  Déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis go rialta agus uair amháin gach 2 bhliain ar a laghad, lena gcumhdófar tástálacha struis cuimsitheacha ar fud an Aontais nó limistéir gheografacha shonracha nó réigiúin teorann shonracha.
3.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na dtástálacha struis in iúl don Bhord agus foilseoidh sé tuarascáil ina leith.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 b (nua)
Airteagal 7b
Mapáil na n-earnálacha ríthábhachtacha
1.  Agus aird chuí á tabhairt ar thuairim an Bhoird agus ar ionchur na gcomhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a leagan síos le haghaidh cleachtadh mapála chun earnálacha ríthábhachtacha a chinneadh.
2.  Chun críche na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:
(a)  sreabha trádála;
(b)  éileamh agus soláthar;
(c)  comhchruinniú soláthair;
(d)  táirgeadh agus acmhainneachtaí táirgeachta an Aontais agus an domhain ag céimeanna éagsúla den slabhra luacha.
(e)  idirspleáchais i measc oibreoirí eacnamaíocha, le hoibreoirí atá ag feidhmiú laistigh den mhargadh inmheánach agus lasmuigh de araon.
3.  Déanfaidh an Coimisiún, agus leas á bhaint aige as an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 1, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, a chleachtadh mapála go rialta chun earnálacha ríthábhachtacha a shainaithint. Beidh na cleachtaí mapála sin bunaithe go heisiach ar shonraí atá ar fáil go poiblí nó ar bhonn tráchtála agus ar fhaisnéis ábhartha neamhrúnda ó ghnóthais.
4.  Foilseoidh an Coimisiún torthaí an chleachtaidh mapála sin.
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
1.  Tabharfaidh oifig idirchaidrimh lárnach Ballstáit fógra don Choimisiún agus do oifigí idirchaidrimh lárnacha Ballstát eile gan moill mhíchuí faoi aon teagmhais a chuireann isteach go suntasach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair (teagmhais shuntasacha) nó a d’fhéadfadh cur isteach go suntasach ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair (teagmhais shuntasacha).
1.  Tabharfaidh an oifig idirchaidrimh lárnach de Bhallstát fógra don Choimisiún agus d’oifigí idirchaidrimh lárnacha na mBallstát eile láithreach faoi aon teagmhas ar dócha go n-eascródh éigeandáil sa mhargadh inmheánach as.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
2.  Déileálfaidh na hoifigí idirchaidrimh lárnacha agus aon údarás inniúil náisiúnta ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach lena n-urramófar a rúndacht, lena gcosnófar slándáil agus ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus lena gcosnaítear leasanna slándála agus tráchtála na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.
2.  Déanfaidh na hoifigí idirchaidrimh lárnacha agus aon údarás inniúil náisiúnta ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais, gach beart is gá chun déileáil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach lena n-urramófar a rúndacht, lena gcosnófar slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát, agus lena gcosnaítear leasanna slándála agus tráchtála na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Chun a chinneadh an bhfuil an cur isteach nó an cur isteach féideartha ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus a shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí suntasach agus ar cheart é a bheith ina ábhar i bhfoláirimh, cuirfidh oifig lárnach idirchaidrimh Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
3.  Chun a chinneadh ar cheart na teagmhais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ina n-ábhar i bhfoláirimh, cuirfidh oifig lárnach idirchaidrimh Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
(a)  líon na n-oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cur isteach nó an cur isteach féideartha leo;
(a)  líon na n-oibreoirí eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh ar fud an Aontais;
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe b
(b)  fad nó fad réamh-mheasta cur isteach nó cur isteach fhéideartha;
(b)  fad nó fad réamh-mheasta na dteagmhas;
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe c
(c)  an limistéar geografach; an cion den Mhargadh Aonair a raibh tionchar ag an gcur isteach nó an gcur isteach féideartha orthu; an tionchar ar limistéir gheografacha shonracha go háirithe limistéir leochaileacha nó neamhchosanta i leith suaití sa slabhra soláthair, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas;
(c)  an limistéar geografach; an cion den mhargadh inmheánach a ndearnadh difear dó agus na héifeachtaí trasteorann lena mbaineann; an tionchar ar limistéir gheografacha atá an-leochaileach nó neamhchosanta amhail na réigiúin is forimeallaí;
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 3 – pointe d
(d)  éifeacht an chur isteach nó an chur isteach fhéideartha ar ionchuir neamh-in-éagsúlaithe agus neamh-ionadacha.
(d)  éifeacht na dteagmhas sin ar ionchuir neamh-inéagsúlaithe agus neamh-ionadacha.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8a
Cúltacaí straitéiseacha
1.  Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun cúltacaí straitéiseacha d’earraí ríthábhachtacha a fhorbairt. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit chun cuidiú leo a gcuid iarrachtaí a chomhordú agus a chuíchóiriú. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún comhordú agus malartú faisnéise, agus cuirfidh sé dlúthpháirtíocht chun cinn idir na húdaráis inniúla náisiúnta i ndáil le ganntanais earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó i ndáil le cúltacaí straitéiseacha a thógáil le haghaidh earraí ríthábhachtacha. Déanfar acmhainneachtaí atá mar chuid de chúltaca rescEU i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.
2.  Go háirithe, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach le malartú faisnéise agus dea-chleachtas dá dtagraítear i mír 1:
(a)  dóchúlacht agus tionchar féideartha na nganntanas dá dtagraítear i mír 1;
(b)  leibhéal stoic reatha na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na gcúltacaí straitéiseacha ar fud an Aontais, agus aon fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí leanúnacha na n-oibreoirí eacnamaíocha chun a stoic a mhéadú;
(c)  na costais a bhaineann leis na cúltacaí straitéiseacha sin a thógáil agus a chothabháil;
(d)  na roghanna maidir le soláthar malartach agus an fhéidearthacht maidir le soláthar malartach;
(e)  tuilleadh faisnéise a d’fhéadfadh infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí sin a áirithiú.
Déanfar an fhaisnéis agus na dea-chleachtais sin a mhalartú trí bhealach slán cumarsáide.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Caibidil III – teideal
Faireachas ar an Margadh Aonair
Modh faireachais an mhargaidh inmheánaigh
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann, déanfaidh sé an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme. Beidh an méid seo a leanas san áireamh i ngníomh cur chun feidhme den sórt sin:
1.  I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim a thug an Bord chomh maith leis na critéir arna leagan amach in Airteagal 3(8) á cur san áireamh go cuí aige, go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 3(2) comhlíonta, déanfaidh sé an modh faireachais a ghníomhachtú ar feadh uastréimhse 6 mhí trí ghníomh cur chun feidhme. I gcás ina n-imeoidh breithniú an Choimisiúin ó thuairim an Bhoird, soláthróidh an Coimisiún bonn cirt cuí. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa ghníomh cur chun feidhme sin:
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – pointe a
(a)  measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim;
(a)  measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an ngéarchéim lena bhfuiltear ag súil, lena n-áirítear cás sonrach na réigiún teorann agus na réigiún is forimeallaí;
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – pointe b
(b)  liosta de na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach, agus
(b)  liosta de na hearraí, na seirbhísí agus de na catagóirí d’oibrithe ríthábhachtacha lena mbaineann, agus
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 – pointe c
(c)  na bearta faireachais atá le déanamh.
(c)  na bearta faireachais atá le déanamh, lena n-áirítear bonn cirt maidir le riachtanas agus comhréireacht na mbeart sin.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé go bhfuil na cúiseanna leis an modh faireachais a ghníomhachtú de bhun Airteagal 9(1) fós bailí, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, an modh faireachais a shíneadh ar feadh uastréimhse sé mhí trí ghníomh cur chun feidhme.
1.  Féadfaidh an Coimisiún, má mheasann sé go bhfuil na cúiseanna leis an modh faireachais a ghníomhachtú de bhun Airteagal 9(1) fós bailí, agus an tuairim a thug an Bord á cur san áireamh go cuí aige, síneadh a chur leis an modh faireachais ar feadh uastréimhse 6 mhí trí ghníomh cur chun feidhme. I gcás ina bhfuil fianaise láidir iontaofa ag an mBord gur cheart an modh faireachais a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a ghlacadh chun na críche sin, agus an tuairim sin a chur in iúl don Choimisiún.
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2
2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, nach bhfuil an bhagairt dá dtagraítear in Airteagal 3(2) ann a thuilleadh, i ndáil le cuid de na bearta faireachais nó leis na bearta faireachais go léir nó i ndáil le cuid de na hearraí agus na seirbhísí, nó i ndáil leis na hearraí agus na seirbhísí go léir, déanfaidh sé an modh faireachais a dhíghníomhachtú go hiomlán nó go páirteach trí ghníomh cur chun feidhme.
2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an Bord á cur san áireamh go cuí aige, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) á gcomhlíonadh a thuilleadh, i ndáil le cuid de na bearta faireachais nó leis na bearta faireachais go léir nó i ndáil le cuid de na hearraí, na seirbhísí, agus na catagóirí d’oibrithe nó i ndáil leis na hearraí, na seirbhísí agus na catagóirí d’oibrithe go léir, déanfaidh sé an modh faireachais a dhíghníomhachtú go hiomlán nó go páirteach trí ghníomh cur chun feidhme.
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
1.  Nuair a bheidh an modh faireachais gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 9, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta faireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.
1.  Nuair a bheidh an modh faireachais gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 9, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta faireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus ar shaorghluaiseacht na gcatagóirí d’oibrithe ríthábhachtacha agus atá sainaitheanta sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
2.  Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe agus slána i leith faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil chun críche mhír 1, agus úsáid á baint as modhanna leictreonacha. Gan dochar don reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear faisnéis bhailithe, lena n-áirítear rúin ghnó, a choinneáil faoi rún, áiritheofar rúndacht maidir leis an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis a bhaineann le slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát.
2.  Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe agus slána i leith faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil chun críche mhír 1, agus úsáid á baint as modhanna leictreonacha. Gan dochar don reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear faisnéis bhailithe, lena n‑áirítear rúin ghnó, a choinneáil faoi rún, áiritheofar rúndacht maidir leis an bhfaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis a bhaineann le slándáil agus ord poiblí an Aontais nó a Bhallstát.
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
3.  Déanfaidh na Ballstáit fardal a bhunú agus a choimeád de na hoibreoirí eacnamaíocha is ábhartha atá bunaithe ar a gcríoch náisiúnta faoi seach agus a oibríonn ar feadh slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais.
3.  Déanfaidh na Ballstáit fardal a bhunú, a dhéanamh cothrom le dáta agus a choimeád, i gcás inar féidir, de na hoibreoirí eacnamaíocha is ábhartha atá bunaithe ar a gcríoch náisiúnta faoi seach agus a oibríonn ar feadh slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí chomh maith le catagóirí d’oibrithe ríthábhachtacha atá sainaitheanta sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhaítear an modh faireachais. Beidh inneachar an fhardail faoi rún i gcónaí.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 4
4.  Ar bhonn an fhardail arna bhunú de bhun Airteagal 6, díreoidh na húdaráis náisiúnta inniúla iarratais ar sholáthar deonach faisnéise chuig na hoibreoirí is ábhartha feadh na slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí a shainaithnítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 agus chuig páirtithe ábhartha eile atá bunaithe ina gcríoch náisiúnta faoi seach. Sonrófar go háirithe sna hiarratais sin cén fhaisnéis faoi thosca a bhfuil tionchar acu ar infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach a iarrtar. Gach oibreoir eacnamaíoch/páirtí leasmhara a chuirfidh faisnéis ar fáil go deonach, cuirfidh siad ar fáil í ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialófar an malartú faisnéise. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na torthaí ábhartha chuig an gCoimisiún agus chuig an ngrúpa comhairleach gan moill mhíchuí tríd an oifig idirchaidrimh lárnach faoi seach.
4.  Ar bhonn an fhardail arna bhunú de bhun mhír 3, díreoidh na húdaráis náisiúnta inniúla, i gcás inar gá, iarratais ar sholáthar deonach faisnéise chuig na hoibreoirí is ábhartha feadh na slabhraí soláthair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a shainaithnítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 atá bunaithe ina gcríoch náisiúnta faoi seach. Sonrófar go háirithe sna hiarratais sin cén fhaisnéis faoi thosca a bhfuil tionchar acu ar infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí ríthábhachtacha sainaitheanta a iarrtar. Gach oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh faisnéis ar fáil go deonach, cuirfidh siad ar fáil í ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialaítear an malartú faisnéise. Tarchuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na torthaí ábhartha chuig an gCoimisiún agus chuig an mBord gan moill mhíchuí tríd an oifig idirchaidrimh lárnach faoi seach.
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5
5.  Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aird chuí ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar FBManna, a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hiarratais ar fhaisnéis agus áiritheoidh siad go gcoinneofar chomh híseal agus is féidir é.
5.  Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla aird chuí ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar FBManna, a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hiarratais ar fhaisnéis, agus áiritheoidh siad go gcoinneofar an t-ualach riaracháin sin chomh híseal agus is féidir agus go n-urramófar rúndacht na faisnéise.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 6
6.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an ngrúpa comhairleach torthaí agus ionchais na héabhlóide a phlé, bunaithe ar an bhfaireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach.
6.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBord torthaí agus ionchais na héabhlóide a phlé, bunaithe ar an bhfaireachán ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha.
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 7
7.  Ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na torthaí comhiomlánaithe a sholáthar.
7.  Ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na torthaí comhiomlánaithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 7 a (nua)
7a.  Féadfaidh an Coimisiún a cheangal, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar faoi na hearraí a bhfuil fíorthábhacht leo a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1):
(a)  leibhéil na gcúltacaí straitéiseacha ina gcríoch;
(b)  aon cheannachán breise a d’fhéadfaí a dhéanamh.
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 7 b (nua)
7b.  Sula nglacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)  a léiriú nach bhfuil aon rochtain eile aige ar an bhfaisnéis sin agus údar cuí a thabhairt leis an ngá atá léi; agus
(b)  tuairim an Bhoird a iarraidh.
I gcás ina n-imeoidh breithniú an Choimisiúin ó thuairim an Bhoird, cuirfidh an Coimisiún bonn cirt cuí ar fáil freisin.
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 7 c (nua)
7c.  Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme na hearraí a bhfuil faisnéis le tabhairt ina leith.
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 7 d (nua)
7d.  Ní fhéadfaidh an iarraidh ar fhaisnéis a bheith níos faide ná 6 mhí agus ní féidir í a athnuachan.
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12
[...]
scriosta
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Cuid IV – teideal
Éigeandáil Margaidh Aonair
Éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a thromchúisí atá cur isteach lena fháil amach an gcáilíonn tionchar géarchéime ar an Margadh Aonair mar éigeandáil sa Mhargadh Aonair, déanfaidh sé an méid seo a leanas, bunaithe ar fhianaise láidir iontaofa, agus na táscairí seo a leanas á gcur san áireamh ar a laghad:
1.  Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar a thromchúisí atá cur isteach lena fháil amach an gcáilíonn tionchar géarchéime ar an margadh inmheánach mar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, cuirfidh sé na táscairí seo a leanas ar a laghad, bunaithe ar fhianaise láidir iontaofa, san áireamh:
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe a
(a)  bhí an ghéarchéim ina cúis le gníomhachtú aon sásra ábhartha freagartha géarchéime ón gComhairle, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nó na sásraí arna mbunú laistigh de Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n- áirítear [an togra le haghaidh] Rialachán (AE)... /… maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus [an togra le haghaidh] Rialachán (AE) …/… ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú;
(a)  spreag an ghéarchéim gníomhachtú sásra ábhartha freagartha géarchéime de chuid na Comhairle, lena n-áirítear an Fhreagairt Chomhtháite Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna, an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta nó ceann ar bith de na sásraí arna mbunú laistigh de Chreat Slándála Sláinte an Aontais, lena n-áirítear an creat éigeandála faoi Rialachán (AE) 2022/2372;
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe b
(b)  meastachán ar líon na n-oibríochtaí eacnamaíocha nó na n-úsáideoirí a bhraitheann ar earnáil shuaite ar earnálacha an Mhargaidh Aonair ar cuireadh isteach orthu chun na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar;
(b)  meastachán ar líon nó sciar den mhargadh agus éileamh an mhargaidh maidir le hoibríochtaí eacnamaíocha nó úsáideoirí a bhraitheann ar an earnáil ar cuireadh isteach uirthi nó ar earnálacha an mhargaidh inmheánaigh chun na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar;
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe c
(c)  tábhacht na n-earraí na seirbhísí lena mbaineann d’earnálacha eile;
(c)  ríthábhacht na n-earraí, seirbhísí nó oibrithe lena mbaineann d’earnálacha eile;
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  an ganntanas measta earraí agus seirbhísí sa mhargadh inmheánach;
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe d
(d)  na tionchair i gcomhthéacs méide agus faid ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar an gcomhshaol agus ar an tsábháilteacht phoiblí;
(d)  tionchar iarbhír nó féideartha na géarchéime i gcomhthéacs méide agus faid ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha ríthábhachtacha, ar an gcomhshaol agus ar an tsábháilteacht phoiblí;
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe e
(e)  ní raibh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta réiteach a sholáthar, laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar ghnéithe áirithe na géarchéime ar bhonn deonach.
(e)  ós rud é nach raibh na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearna an cur isteach difear dóibh in ann réiteach a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta ama ar ghnéithe áirithe na géarchéime ar bhonn deonach;
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe g
(g)  an limistéar geografach atá buailte agus a d’fhéadfaí a bheith buailte, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann ar fheidhmiú slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí sochaíocha nó eacnamaíocha ríthábhachtacha sa Mhargadh Aonair a choimeád;
(g)  an limistéar geografach, lena n-áirítear réigiúin teorann agus na réigiúin is forimeallaí, a bhfuil tionchar ag an gcur isteach orthu agus a bhféadfadh sé difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann ar fheidhmiú slabhraí soláthair atá fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí sochaíocha nó eacnamaíocha sa mhargadh inmheánach a chothabháil;
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe i
(i)  easpa earraí, ionchuir nó seirbhísí ionaid.
(i)  easpa nó ganntanais earraí, ionchuir nó seirbhísí ionaid atá ábhartha i gcás géarchéime;
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 – pointe i a (nua)
(ia)  srianta taistil nó rialuithe teorann a thabhairt isteach.
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
1.  Féadfar modh Éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú i gcás nach ndearnadh modh faireachais an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú roimhe sin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí céanna. I gcás ina ndearnadh an modh faireachais a ghníomhachtú roimhe seo, féadfar an modh éigeandála a chur ina ionad go páirteach nó go hiomlán.
1.  Féadfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú i gcás nach ndearnadh modh faireachais an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú roimhe sin i ndáil leis na hearraí nó seirbhísí céanna. I gcás ina ndearnadh an modh faireachais a ghníomhachtú roimhe seo, féadfar an modh éigeandála a chur ina ionad go páirteach nó go hiomlán.
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2
2.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, go bhfuil éigeandáil sa Mhargadh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú.
2.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh go cuí, go bhfuil éigeandáil margaidh inmheánaigh ann, glacfaidh sé togra reachtach chun modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú.
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
3.  Féadfaidh an Chomhairle modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a ghníomhachtú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle. Sonrófar fad tréimhse an ghníomhachtaithe sa ghníomh cur chun feidhme agus sé mhí ar a mhéad a bheidh i gceist leis.
3.  Féadfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú trí bhíthin gníomh reachtach arna ghlacadh ar bhonn an togra reachtaigh dá dtagraítear i mír 2. Sonrófar fad tréimhse an ghníomhachtaithe sa ghníomh reachtach sin agus déanfar é a shrianadh go tréimhse 6 mhí ar a mhéad.
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4
4.  Ní chuirtear cosc le gníomhachtú mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair maidir le hearraí agus seirbhísí áirithe ar ghníomhachtú ná ar chur i bhfeidhm leanúnach an mhodha faireachais agus dáileadh na mbeart a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagal 12 maidir leis na hearraí agus na seirbhísí céanna.
4.  Ní chuirtear cosc le gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir le hearraí agus seirbhísí áirithe ar ghníomhachtú ná ar chur i bhfeidhm leanúnach an mhodha faireachais agus dáileadh na mbeart a leagtar síos in Airteagal 8a maidir leis na hearraí agus na seirbhísí céanna.
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
5.  A luaithe a ghníomhachtófar modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, liosta earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime trí ghníomh cur chun feidhme. Féadfar an liosta a leasú trí ghníomhartha cur chun feidhme.
5.  Nuair a bheidh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh á mholadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé i láthair liosta earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. A luaithe a dhéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a ghníomhachtú trí bhíthin an ghnímh reachtaigh dá dtagraítear i mír 3, glacfaidh an Coimisiún liosta den sórt sin gan mhoill trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Féadfar an liosta sin a leasú trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6
6.  Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh Aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
6.  Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórfhorais práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
1.  I gcás ina measann an Coimisiún, agus an tuairim ón ngrúpa comhairleach á cur san áireamh aige, gur gá síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair, molfaidh sé don Chomhairle síneadh a chur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar imthosca, féachfaidh an Coimisiún le déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag na tréimhse a mbeidh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair gníomhachtaithe ina leith. Féadfaidh an Chomhairle cur le modh éigeandála an Mhargaidh Aonair ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí ag an am trí ghníomh cur chun feidhme.
1.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar an tuairim ón mBord agus bunaithe ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 14(2), gur gá síneadh a chur le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, molfaidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle síneadh a chur le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Faoi réir athruithe práinneacha agus eisceachtúla ar imthosca, féachfaidh an Coimisiún le déanamh amhlaidh tráth nach déanaí ná 30 lá roimh dhul in éag na tréimhse a mbeidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe ina leith.
Féadfar síneadh a chur le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh trí bhíthin gníomh reachtach ar bhonn an togra reachtaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Sonrófar fad tréimhse an tsínithe sa ghníomh reachtach sin agus déanfar é a shrianadh go tréimhse 6 mhí ar a mhéad.
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2
2.  I gcás ina bhfuil fianaise láidir iontaofa ag an ngrúpa comhairleach gur cheart éigeandáil an Mhargaidh Aonair a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a cheapadh chun na críche sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an grúpa comhairleach á cur san áireamh aige, nach bhfuil éigeandáil sa Mhargadh Aonair a thuilleadh, molfaidh sé don Chomhairle gan mhoill modh éigeandála an Mhargaidh Aonair a dhíghníomhachtú.
2.  I gcás ina bhfuil fianaise nithiúil iontaofa ag an mBord gur cheart modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú, féadfaidh sé tuairim a cheapadh chun na críche sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, agus an tuairim a thug an Bord á cur san áireamh aige, nach bhfuil éigeandáil sa mhargadh inmheánach a thuilleadh, molfaidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, gan mhoill, modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú.
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
3.  Na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24 go hAirteagal 33 agus de bhun na nósanna imeachta éigeandála a tugadh isteach i gcreataí dlíthiúla an Aontais faoi seach trí bhíthin na leasuithe ar reachtaíocht earnála táirgí a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena dtugtar isteach nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair agus Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30 /AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, agus 2014/68/AE agus lena dtugtar isteach maidir le nósanna imeachta éigeandála maidir leis an maidir le measúnú comhréireachta, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair, scoirfear d’fheidhm a bheith acu nuair a dhíghníomhófar fad mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair. Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle measúnú ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dhul in éag na mbeart, ar bhonn na faisnéise a bhaileofar tríd an sásra faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 11.
3.  Scoirfidh na bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 24 go 33 d’fheidhm a bheith acu ar mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú. Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle measúnú ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach tráth nach déanaí ná 3 mhí i ndiaidh dhul in éag na mbeart, ar bhonn na faisnéise a bhaileofar tríd an sásra faireacháin a leagtar amach in Airteagal 11.
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Cuid IV – Teideal II – teideal
saorghluaiseacht le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair
saorghluaiseacht le linn éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Cuid IV – Teideal II – Caibidil I – teideal
Bearta chun saorghluaiseacht a athbhunú agus a éascú
Bearta chun saorghluaiseacht a éascú
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – teideal
Ceanglais ghinearálta maidir le bearta lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair
Srianta toirmiscthe ar an tsaorghluaiseacht le linn éigeandála sa mhargadh inmheánach
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1
1.  Agus bearta náisiúnta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit mar fhreagairt ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair agus ar an ngéarchéim is bun leo, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh a ngníomhaíochtaí na Conarthaí agus dlí an Aontais ina n-iomláine agus, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.
1.  Toirmiscfear srianta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine arna bhforchur ag na Ballstáit mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach, ach amháin má tá bonn cirt leo ar mhaithe le cuspóirí dlisteanacha leas an phobail, amhail an beartas poiblí, an tslándáil phoiblí nó an tsláinte phoiblí, agus go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na comhréireachta.
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2
2.  Beidh teorainn ama le haon srian agus cuirfear deireadh leis a luaithe de réir an cháis. Ina theannta sin, ba cheart staid na réigiún teorann a chur san áireamh le haon srian.
2.  Beidh teorainn ama le haon srian den sórt sin agus cuirfear deireadh láithreach leis a luaithe a dhéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a dhíghníomhachtú nó níos luaithe, nó i gcás nach mbeidh údar leis a thuilleadh nó nach mbeidh sé comhréireach a thuilleadh.
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 a (nua)
2a.  Ba cheart cás na réigiún teorann agus na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh in aon srian, go háirithe i gcás oibrithe trasteorann.
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3
3.  Ní chruthófar le haon cheanglas arna fhorchur ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí ualach riaracháin míchuí ná neamhriachtanach.
3.  Ní chruthófar le haon cheanglas arna fhorchur ar shaoránaigh agus ar oibreoirí eacnamaíocha ualach riaracháin míchuí nó neamhriachtanach. Glacfaidh na Ballstáit gach beart atá ar fáil chun aon ualach riaracháin a theorannú agus a laghdú.
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3 a (nua)
3a.  Ní ghlacfaidh na Ballstáit aon cheann díobh seo a leanas:
(a)  srianta ar onnmhairiú earraí laistigh den Aontas nó soláthar nó fáil seirbhísí, nó bearta ag a bhfuil comhéifeacht;
(b)  idirdhealú idir Ballstáit nó idir saoránaigh, lena n-áirítear ina ról mar sholáthraithe seirbhíse nó oibrithe, bunaithe go díreach nó go hindíreach ar náisiúntacht nó, i gcás cuideachtaí, suíomh na hoifige cláraithe, an riaracháin lárnaigh nó na príomháite gnó; nó
(c)  srianta ar shaorghluaiseacht daoine nó srianta taistil ar dhaoine a bhfuil baint acu le táirgeadh, cothabháil nó iompar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5) agus a gcodanna nó a srianta ar dhaoine a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5), nó bearta eile a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu, ar bearta iad:
(i)  atá ina gcúis le ganntanais lucht saothair riachtanach ar an margadh inmheánach agus, dá bhrí sin, a chuireann isteach ar shlabhraí soláthair earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime nó ganntanais earraí agus seirbhísí den sórt sin sa mhargadh inmheánach a chruthú nó a mhéadú; nó
(ii)  atá idirdhealaitheach go díreach nó go hindíreach bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe an duine.
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17
[...]
scriosta
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
1.  Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh i leith bearta tacaíochta chun saorghluaiseacht daoine dá dtagraítear in Airteagal 17(6) agus in Airteagal 17 (7) a threisiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 422(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
1.  Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta chun saorghluaiseacht daoine a éascú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2
2.  Le linn mhodh éigeandála an Mhargaidh Aonair, i gcás go ndeimhníonn an Coimisiún go bhfuil teimpléid curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhianú gur soláthraí seirbhíse é an t-oibreoir aonair nó an t-oibreoir eacnamaíoch a sholáthraíonn seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ionadaí nó oibrí gnó a bhfuil baint aige nó aici le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó le seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar nó gur oibrí cosanta sibhialta é nó í agus go measann sé go bhfuil úsáid teimpléid éagsúla ina bac ar shaorghluaiseacht tráth na héigeandála sa Mhargadh Aonair, féadfaidh an Coimisiún teimpléid a eisiúint, má mheasann sé gur gá sin chun tacú le saorghluaiseacht na gcatagóirí sin daoine agus a dtrealaimh le linn na héigeandála reatha sa Mhargadh Aonair, chun a fhianú go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 17(6) i ngach Ballstát trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
2.  Le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, i gcás go ndeimhníonn an Coimisiún go bhfuil teimpléid curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a fhianú gur soláthraí seirbhíse é an t-oibreoir aonair nó an t-oibreoir eacnamaíoch a sholáthraíonn seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ionadaí nó oibrí gnó a bhfuil baint aige nó aici le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó le seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar, nó gur oibrí cosanta sibhialta é nó í agus go measann sé nó sí go bhfuil úsáid teimpléid éagsúla ag gach Ballstát ina bac ar shaorghluaiseacht tráth na héigeandála sa mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún teimpléid a eisiúint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, má mheasann sé gur gá sin chun tacú le saorghluaiseacht na gcatagóirí sin daoine agus a dtrealaimh le linn na héigeandála reatha sa mhargadh inmheánach, chun a fhianú go gcomhlíonann siad na critéir ábhartha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 16 i ngach Ballstát.
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 3
3.  Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh Aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
3.  Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórfhorais práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – teideal
Fógra a thabhairt
Fógraí agus faisnéis
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 1
Le linn éigeandáil sa Mhargadh Aonair, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon dréachtbheart atá ábhartha i gcás géarchéime, lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht earraí agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar mar aon le srianta ar shaorghluaiseacht daoine atá ábhartha i gcás géarchéime, lena n-áirítear oibrithe mar aon leis na cúiseanna atá leis na bearta sin.
Le linn mhodh éigeandála nó faireachais an mhargaidh inmheánaigh, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon dréachtbheart a bhaineann leis an ngéarchéim agus lena sriantar saorghluaiseacht earraí agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar chomh maith le bearta atá glactha lena sriantar saorghluaiseacht daoine, lena n-áirítear oibrithe mar aon leis na cúiseanna atá leis na bearta sin.
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
2.  Soláthróidh na Ballstáit ráiteas don Choimisiún maidir leis na cúiseanna a fhágann go bhfuil údar le hachtú birt dá leithéid agus go bhfuil sé agus comhréireach, i gcás nár soiléiríodh na cúiseanna sin sa bheart dá dtugtar fógra cheana féin. Cuirfidh na Ballstáit téacs iomlán na bhforálacha reachtacha nó rialála náisiúnta in iúl don Choimisiún, ar forálacha iad ina bhfuil an beart nó a mionathraíodh leis an mbeart.
2.  Cuirfidh na Ballstáit ráiteas ar fáil don Choimisiún ina léireofar go bhfuil achtú beart den sórt sin neamh-idirdhealaitheach, go bhfuil bonn cirt leis agus go bhfuil sé comhréireach agus, i gcás inar féidir, go bhfuil fianaise nithiúil ag gabháil leis. Cuirfidh na Ballstáit téacs iomlán na bhforálacha reachtacha nó rialála náisiúnta in iúl don Choimisiún, ar forálacha iad ina bhfuil an beart, nó atá modhnaithe le beart den sórt sin.
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 4
4.  Cuirfidh an Coimisiún na bearta dá dtugtar fógra in iúl do na Ballstáit eile gan mhoill agus roinnfidh iad leis an ngrúpa comhairleach an tráth céanna.
4.  Cuirfidh an Coimisiún na bearta dá dtugtar fógra in iúl do na Ballstáit eile gan mhoill agus roinnfidh iad leis an mBord an tráth céanna.
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 5
5.  Má roghnaíonn an grúpa comhairleach tuairim a thabhairt maidir le beart ar tugadh fógra ina leith, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de cheithre lá oibre ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún an fógra maidir leis an mbeart sin.
5.  Má roghnaíonn an Bord tuairim a thabhairt maidir le beart ar tugadh fógra ina leith, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 4 lá oibre ón dáta a bhfaighidh an Coimisiún an fógra maidir leis an mbeart sin.
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 6
6.  Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear saoránaigh agus gnólachtaí ar an eolas faoi na bearta ar tugadh fógra ina leith, mura n-iarrfaidh na Ballstáit go na bearta a choinneáil faoi rún, nó mura measfaidh an Coimisiún go rachadh nochtadh na mbeart i bhfeidhm ar shlándáil agus ar ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus ar na cinntí agus na barúlacha ó na Ballstáit arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
6.  Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear saoránaigh agus gnólachtaí ar an eolas faoi na bearta ar tugadh fógra ina leith, mura n-iarrfaidh na Ballstáit na bearta a choinneáil faoi rún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, nó mura measfaidh an Coimisiún go rachadh nochtadh na mbeart sin i bhfeidhm ar shlándáil agus ar ord poiblí an Aontais Eorpaigh nó a Bhallstát, agus ar na cinntí agus na barúlacha ó na Ballstáit arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 8
8.  Laistigh de 10 lá ó dháta an fhógra a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil aon dréacht nó aon bheart a glacadh ag luí le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 16 agus Airteagal 17 den Rialachán seo, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith nuair a bheidh forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann chun a chreidiúint nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra barúlacha den sórt sin san áireamh. In imthosca eisceachtúla, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse 10 lá a shíneadh. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin, socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna leis an síneadh gan mhoill.
8.  Laistigh de 10 lá ó dháta an fhógra a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil aon dréacht nó aon bheart atá glactha ag luí le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 16 den Rialachán seo, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith nuair a bheidh forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann chun a chreidiúint nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra barúlacha den sórt sin san áireamh. In imthosca eisceachtúla, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse 10 lá. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar maith le haon síneadh den sórt sin, agus leagfaidh sé síos spriocdháta nua nach faide ná 30 lá. Cuirfidh na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus faoi na cúiseanna atá leis an síneadh gan mhoill.
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 9
9.  Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a thabhairt freisin don Bhallstát a thug fógra faoi bheart; cuirfidh an Ballstát sin barúlacha den sórt sin san áireamh.
9.  Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a thabhairt freisin don Bhallstát a thug fógra faoi bheart agus cuirfidh an Ballstát sin na barúlacha sin san áireamh.
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 10
10.  Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra na bearta a bhfuil sé beartaithe aige a ghlacadh chun na barúlacha a tugadh i gcomhréir le mír 8 a chomhlíonadh laistigh de 10 lá i ndiaidh dó iad a fháil.
10.  Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra na bearta a bhfuil sé beartaithe aige a ghlacadh agus údar maidir le conas a dhéanann sé na barúlacha a tugadh a chomhlíonadh i gcomhréir le mír 8 a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 10 lá i ndiaidh dó iad a fháil.
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 11
11.  Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta arna gcur in iúl ag an mBallstát a thugann fógra i gcomhréir le dlí an Aontais fós, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ón dáta a gcuirtear an méid sin in iúl dó, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát sin gan an dréachtbheart dá dtugtar fógra a ghlacadh. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra téacs glactha dréachtbhirt ar tugadh fógra ina leith a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.
11.  Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil na bearta arna gcur in iúl ag an mBallstát a thugann fógra i gcomhréir le dlí an Aontais fós, féadfaidh , laistigh de 15 lá ón dáta a gcuirtear an méid sin in iúl dó, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát sin an dréachtbheart dá dtugtar fógra a mhodhnú nó gan é a ghlacadh. Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra téacs glactha an dréachtbhirt ar tugadh fógra ina leith a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill.
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 12
12.  Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil beart atá glactha cheana agus ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh sé, laistigh de 30 lá ón bhfógra sin, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát é a dhíothú. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra téacs birt athbhreithnithe in iúl i gcás go mionathraigh sé an beart glactha ar tugadh fógra ina leith gan mhoill.
12.  Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil beart atá glactha cheana agus ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh sé, laistigh de 15 lá ón bhfógra sin, cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an mBallstát é a dhíothú. Cuirfidh an Ballstát a thugann fógra téacs birt athbhreithnithe in iúl i gcás go modhnaíonn sé an beart glactha ar tugadh fógra ina leith gan mhoill.
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 13
13.  Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 a shíneadh ar bhonn eisceachtúil chun athrú ar imthosca a chur san áireamh, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag athrú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin agus socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna leis an síneadh gan mhoill.
13.  Féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse 15 lá dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 ar bhonn eisceachtúil chun athrú ar imthosca a chur san áireamh, go háirithe chun comhairle eolaíoch, fianaise nó saineolas teicniúil a fháil i gcomhthéacs staid atá ag athrú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna lena dtugtar údar le haon síneadh den sórt sin agus socróidh sé spriocdháta nua agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoin spriocdháta nua agus na cúiseanna atá leis an síneadh gan mhoill.
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 14
14.  Beidh na cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus féadfar iad a eisiúint nuair atá forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann na bearta dá dtugtar fógra dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 16 Airteagal 17 den Rialachán seo, prionsabal na comhréireachta nó prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Beidh glacadh na gcinntí sin gan dochar don fhéidearthacht don Choimisiún bearta a ghlacadh tráth níos déanaí, lena n-áirítear nós imeachta um shárú a sheoladh ar bhonn Airteagal 258 CFAE.
14.  Beidh na cinntí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 11 agus i mír 12 bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus féadfar iad a eisiúint nuair atá forais shoiléire agus thromchúiseacha láithreacha ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann na bearta dá dtugtar fógra dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 16 den Rialachán seo, prionsabal na comhréireachta ná prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Beidh glacadh na gcinntí sin gan dochar don fhéidearthacht don Choimisiún bearta a ghlacadh tráth níos déanaí, lena n-áirítear nós imeachta um shárú a sheoladh ar bhonn Airteagal 258 CFAE.
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 15
15.  Ní bheidh faisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo faoi rún ach amháin i gcás go n-iarrfaidh an Ballstát a bhfuil fógra á thabhairt aige an méid sin go sainráite. Bainfidh aon iarratas den sórt sin le dréachtbhearta agus tabharfar údar leis.
15.  Déanfar faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit faoin Airteagal seo a phoibliú. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go gcoinneofar faisnéis a bhaineann le dréachtbhearta faoi rún. Beidh bonn cirt leis an iarraidh sin.
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 16
16.  Foilseoidh an Coimisiún téacs na mbeart arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair lena gcuirtear srian le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, a cuireadh in iúl trí bhíthin na bhfógraí dá dtagraítear san Airteagal seo agus trí fhoinsí eile. Foilseofar téacs na mbeart laistigh de lá oibre amháin i ndiaidh é a fháil trí bhíthin ardán leictreonach arna bhainistiú ag an gCoimisiún.
16.  Foilseoidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear faoin Airteagal seo, seachas faisnéis a mheastar a bheith rúnda i gcomhréir le mír 15.
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 16 a (nua)
16a.  Foilseoidh an Coimisiún na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhthéacs éigeandáil an mhargaidh inmheánaigh lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe, atá curtha in iúl. Foilseofar na bearta sin laistigh d’aon lá oibre amháin tar éis iad a fháil trí ardán leictreonach arna bhainistiú ag an gCoimisiún.
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 16 b (nua)
16b.  Déanfaidh na Ballstáit saoránaigh, tomhaltóirí, gnólachtaí, oibrithe agus a n-ionadaithe agus aon gheallsealbhóirí dá ndéantar difear a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus gan débhrí, faoi bhearta a dhéanann difear do shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe agus soláthraithe seirbhíse, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm, go háirithe trína bpointe náisiúnta teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21. Áiritheoidh na Ballstáit idirphlé leanúnach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus idirnáisiúnta.
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe a
(a)  cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil faoi shrianta náisiúnta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe a bhaineann le héigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair;
(a)  cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil faoi shrianta náisiúnta ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe a bhaineann le modh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach;
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe b
(b)  cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime ar an leibhéal náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair.
(b)  cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime ar an leibhéal náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar mhodh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach;
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 –mír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  cúnamh maidir le faisnéis a scaipeadh ar shaoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe.
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh agus trí na pointí teagmhála aonair faoi seach, faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla maidir leis an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta um fhreagairt ar ghéarchéimeanna faoi seach a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim san fhaisnéis sin. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga shoiléir, shothuigthe agus intuigthe. Beidh sé inrochtana go héasca ó chian agus trí mheán leictreonach agus coimeádfar cothrom le dáta é.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le saoránaigh, tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus oibrithe agus a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh agus trí na pointí teagmhála aonair faoi seach, faisnéis a fháil ó na húdaráis inniúla maidir leis an dóigh a ndéantar na bearta náisiúnta um fhreagairt ar ghéarchéimeanna faoi seach a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcoitinne. I gcás inarb iomchuí, beidh treoir céim ar chéim san fhaisnéis sin. Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga shoiléir, shothuigthe agus intuigthe. Beidh sé inrochtana go héasca ó chian agus trí mheán leictreonach agus coimeádfar cothrom le dáta é. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall an fhaisnéis sin a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar staid agus ar riachtanais na réigiún teorann.
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Cuirfidh an pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais an cúnamh seo a leanas ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, d’oibreoirí eacnamaíocha, d’oibrithe agus dá n-ionadaithe:
2.  Cuirfidh an pointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais an méid seo a leanas ar fáil do shaoránaigh, do thomhaltóirí, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, d’oibreoirí eacnamaíocha, d’oibrithe agus dá gcuid ionadaithe:
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe a
(a)  cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil a mhéid a bhaineann le bearta freagartha géarchéime ar leibhéal an Aontais atá ábhartha d’éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair nó a théann i gcion ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus oibrithe;
(a)  cúnamh maidir le faisnéis a iarraidh agus a fháil a mhéid a bhaineann le bearta freagartha géarchéime ar leibhéal an Aontais atá ábhartha do mhodh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach nó a théann i gcion ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine, lena n-áirítear oibrithe;
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe b
(b)  cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais mar gheall ar éigeandáil ghníomhachtaithe sa Mhargadh Aonair;
(b)  cúnamh maidir le feidhmíocht aon nós imeachta agus foirmiúlachtaí géarchéime atá curtha i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais mar gheall ar mhodh éigeandála gníomhachtaithe sa mhargadh inmheánach;
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe c
(c)  liosta a chur le chéile leis na bearta náisiúnta géarchéime agus leis na pointí teagmhála náisiúnta ar fad.
(c)  cúnamh maidir le liosta a bhunú leis na bearta náisiúnta géarchéime agus leis na pointí teagmhála náisiúnta ar fad.
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 a (nua)
2a.  Leithdháilfear acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha ar phointe teagmhála aonair ar leibhéal an Aontais.
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Teideal III – teideal
Bearta práinnfhreagartha don Mhargadh Aonair
Bearta práinnfhreagartha don mhargadh inmheánach
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1
1.  Ní fhéadfaidh an Coimisiún bearta ceangailteacha atá sa Chaibidil seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24(2), leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 26 agus le hAirteagal 27 (2) ach nuair a rinneadh Éigeandáil sa Mhargadh Aonair a ghníomhachtú trí gníomh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 14.
1.  Ní fhéadfaidh an Coimisiún bearta ceangailteacha a áirítear sa Chaibidil seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ach amháin nuair a bheidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh gníomhachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 14.
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 2
2.  I ngníomh cur chun feidhme lena dtabharfar isteach beart a áirítear sa Chaibidil seo liosta déanfar liosta soiléir sonrach de na hearraí agus na seirbhísí i gcéas géarchéime. Ní bheidh feidhm ag an mbeart sin ach amháin ar feadh fad an mhodha éigeandála.
2.  Le gníomh cur chun feidhme lena dtugtar isteach beart a áirítear sa Chaibidil seo, liostófar go soiléir agus go sonrach na hearraí agus na seirbhísí atá ábhartha don ghéarchéim agus a shainaithnítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(5) a bhfuil feidhm ag beart den sórt sin maidir leo. Ní bheidh feidhm ag an mbeart sin ach amháin ar feadh fhad an mhodha éigeandála.
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórfhorais práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le tionchair na géarchéime ar an margadh inmheánach, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1
1.  I gcás ina bhfuil géarghanntanas atá ábhartha i gcás géarchéime nó ina bhfuil bagairt láithreach ganntanais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha nó ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn deonach, laistigh de theorainn ama shocraithe, maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus maidir le stoic earraí atá ábhartha i gcás géarchéime a d’fhéadfadh a bheith ann agus maidir le comhpháirteanna díobh sin i saoráidí táirgthe an Aontais agus i saoráidí tríú tír ina n-oibríonn sé soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh aige nó ina gceannaíonn sé soláthar, chomh maith le faisnéis faoi aon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair laistigh de spriocdháta ar leith.
1.  I gcás ina bhfuil ganntanas tromchúiseach a bhaineann le géarchéim nó bagairt láithreach de, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime faisnéis shonrach atá ábhartha d'éigeandáil an mhargaidh inmheánaigha tharchur, ar bhonn deonach agus laistigh de theorainn ama réasúnta, i gcomhréir le mír 3.
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2
2.  Mura dtarchuireann na seolaithe an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir le mír 1 laistigh den teorainn ama agus mura dtugann siad bonn cirt bailí gan déanamh amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, a cheangal go dtarchuirfidh siad an fhaisnéis, ina léireofar sa ghníomh cur chun feidhme an fáth a bhfuil sé comhréireach agus riachtanach déanamh amhlaidh, agus na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann an t-iarratas ar fhaisnéis agus ar an bhfaisnéis a iarrtar a shonrú, agus teimpléad a chur ar fáil, i gcás inar gá, leis na ceisteanna a d’fhéadfaí a dhíriú chuig na hoibreoirí eacnamaíocha.
2.  Mura dtarchuirfidh na seolaithe an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le mír 1 laistigh den teorainn ama agus mura dtugann siad údar bailí gan sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin moladh, a iarraidh go dtarchuirfidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh, agus léiriú á thabhairt ar an bhfáth a bhfuil sé comhréireach agus riachtanach é sin a dhéanamh, lena sonrófar na hearraí agus na seirbhísí agus na seolaithe atá ábhartha i gcás géarchéime lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis, agus an fhaisnéis atá á lorg, lena gcuirtear teimpléad ar fáil, i gcás inar gá, ina mbeidh na ceisteanna a d’fhéadfaí a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha.
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na hiarratais ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
3.  Féadfaidh na hiarratais ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a bheith bainteach leis an méid seo a leanas:
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3 – pointe a
(a)  faisnéis spriocdhírithe a thabhairt don Choimisiún maidir le hacmhainní táirgeacht agus maidir le stoic a d’fhéadfadh a bheith ann do na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus comhpháirteanna díobh i saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas agus i saoráidí táirgthe atá lonnaithe i dtríú tír a oibríonn an eagraíocht nó an t-oibreoir dá dtagraítear i mír 1 soláthar, ina bhfuil soláthar ar conradh acu nó ina gceannaíonn siad soláthar, agus lánurraim á tabhairt do rúin trádála agus gnó agus ceangal á chur orthu sceideal d’aschur táirgeachta ionchasach do na 3 mhí ina dhiaidh sin a tharchur chuig an gCoimisiún, i gcás saoráid táirgthe atá lonnaithe san Aontas chomh maith le haon suaitheadh ábhartha sa slabhra soláthair;
(a)  faisnéis spriocdhírithe a thabhairt don Choimisiún maidir leis na hacmhainneachtaí táirgthe agus na stoic a d’fhéadfadh a bheith ann de na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus comhpháirteanna díobh i saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas agus i saoráidí táirgthe atá lonnaithe i dtríú tír a oibríonn a ndéanann an eagraíocht nó an t-oibreoir dá dtagraítear i mír 1 a oibriú conradh ina leith;
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3 – pointe b
(b)  faisnéis eile is gá chun measúnú a dhéanamh ar chineál nó ar mhéid aon chur isteach nó aon ghanntanas ar an slabhra soláthair.
(b)  sceideal d’aschur táirgeachta ionchasach na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime do na 3 mhí tar éis na hiarrata ar fhaisnéis maidir le saoráidí táirgthe atá lonnaithe san Aontas nó i dtríú tír a oibríonn an t-oibreoir nó a ndéanann an t-oibreoir conradh ina leith.
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 4
4.  I ndiaidh ghníomhachtú na n-iarratas ar fhaisnéis éigeantach chuig oibreoirí eacnamaíocha trí ghníomh cur chun feidhme, díreoidh an Coimisiún cinneadh foirmiúil chuig gach duine de na heagraíochtaí ionadaíocha sin nó chuig gach oibreoir eacnamaíoch i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime a sainaithníodh sa ghníomh cur chun feidhme, ina n-iarrfar an fhaisnéis a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme a sholáthar orthu. Beidh an Coimisiún ag brath, i gcás inar féidir, ar liostaí teagmhála ábhartha na n-oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach sna slabhraí soláthair roghnaithe earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, arna dtiomsú ag na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanacha a fháil faoi na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha ó na Ballstáit.
4.  Agus cuireadh á thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a sholáthar nó á iarraidh orthu faisnéis a sholáthar chun críocha an Airteagail seo, braithfidh an Coimisiún, i gcás inar féidir, ar na liostaí teagmhála ábhartha agus atá ar fáil de na hoibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach sna slabhraí soláthair roghnaithe d’earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, arna dtiomsú ag na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanach a fháil faoi na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha ó na Ballstáit.
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 5
5.  Sna Cinntí ón gCoimisiún ina bhfuil iarratais aonair ar fhaisnéis, beidh tagairt don ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 ar a bhfuil siad bunaithe agus do chásanna géarghanntanas a bhaineann i gcás géarchéime nó bagairt láithreach ar ghéarchéimeanna ar eascair siad astu. Beidh údar cuí le haon iarratas ar fhaisnéis agus beidh sé comhréireach i dtéarmaí mhéid, chineál agus ghráinneacht na sonraí, chomh maith le minicíocht na rochtana ar na sonraí arna n-iarraidh, agus beidh sé riachtanach do bhainistiú na héigeandála nó do thiomsú staidrimh oifigiúil ábhartha. Leagfar amach in iarratas teorainn réasúnta ama nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Cuirfear san áireamh ann an iarracht is gá chun na sonraí a bhailiú agus a chur ar fáil ag an oibreoir eacnamaíoch nó ag an eagraíocht ionadaíoch. Beidh cosaintí sa chinneadh foirmiúil freisin maidir le cosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo, cosaintí maidir le neamhnochtadh faisnéise íogaire gnó atá sa fhreagra i gcomhréir le hAirteagal 25, agus faisnéis maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí conspóid ina leith os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 as mainneachtain comhlíonadh agus an amlíne le haghaidh freagra.
5.  Beidh tagairt sa mholadh ón gCoimisiún, ina bhfuil iarratais aonair ar fhaisnéis, do na cásanna de ghanntanais thromchúiseacha a bhaineann le géarchéim nó de bhagairt láithreach ina leith ba chúis leo. Beidh údar cuí le haon iarraidh ar fhaisnéis agus beidh sí comhréireach i dtéarmaí mhéid, chineál agus ghráinneacht na sonraí, chomh maith le minicíocht na rochtana ar na sonraí arna n-iarraidh, agus beidh sí riachtanach chun an éigeandáil a bhainistiú. Leagfar amach in iarratas teorainn réasúnta ama nach faide ná 14 lá nach mór an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Féadfaidh an t-oibreoir síneadh aonuaire a iarraidh ar an teorainn ama go dtí 2 lá sula rachaidh sé in éag i gcás inar gá síneadh den sórt sin de bharr thromchúis an cháis. Tabharfaidh an Coimisiún freagra, laistigh de lá oibre amháin, ar aon iarraidh den sórt sin ar shíneadh a chur leis an teorainn ama. Cuirfear san áireamh ann an iarracht is gá chun na sonraí a bhailiú agus a chur ar fáil ag an oibreoir eacnamaíoch. Beidh coimircí sa mholadh freisin maidir le sonraí a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo, coimircí le haghaidh neamhnochtadh faisnéise íogaire gnó atá ann, agus coimircí maidir le neamhnochtadh rún trádála agus maoine intleachtúla sa fhreagra i gcomhréir le hAirteagal 25.
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6
6.  Féadfaidh úinéirí na hoibreoirí eacnamaíocha nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, cuideachtaí nó gnólachtaí, nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh dóibh de réir dlí nó de réir a mbunreachta, an fhaisnéis arna hiarraidh thar ceann an oibreora eacnamaíoch nó chomhlachas n-oibreoirí eacnamaíoch lena mbaineann a sholáthar. Cuirfidh gach oibreoir eacnamaíoch nó comhlachas oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis a iarradh ar fáil ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialaítear an malartú faisnéise. Dlíodóirí atá údaraithe go cuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin le bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
6.  Féadfaidh úinéirí na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann. Cuirfidh gach oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis a iarradh ar fáil ar bhonn aonair i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht lena rialaítear an malartú faisnéise. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Is iad na cliaint a bheidh freagrach go hiomlán fós má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach.
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 7
7.  Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lena bhforchuir an Coimisiún iarratas éigeantach ar fhaisnéis ar oibreoir eacnamaíoch.
scriosta
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 8
8.  Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta coiste dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
scriosta
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1
1.  Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar iarradh í.
1.  Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear ó oifigí idirchaidrimh na mBallstát, ón mBord, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ó aon fhoinse eile mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar iarradh í ina leith.
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair agus rúnda eile a gheofar agus a chruthófar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta a dhéanfar, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó, maoin intleachtúil agus faisnéis íogair agus rúnda eile a gheofar agus a ghinfear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta a bheidh le déanamh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 4
4.  Féadfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán bunaithe ar aon fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 24 a chur i láthair an ghrúpa chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 4.
4.  Féadfaidh an Coimisiún faisnéis chomhiomlán bunaithe ar aon fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 24 a chur i láthair an Bhoird.
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 5 a (nua)
5a.  Scriosfar aon fhaisnéis a gheofar trí iarrataí ar fhaisnéis a luaithe a rachaidh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh in éag, nó níos luaithe ná sin má chuirfear isteach na tuarascálacha ábhartha uile a bhaineann le modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh. Seolfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit deimhniú go ndearnadh an fhaisnéis sin a scriosadh chuig na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh difear dóibh díreach tar éis a scriosta.
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26
Airteagal 26
scriosta
Leasuithe spriocdhírithe ar reachtaíocht chomhchuibhithe táirgí
Nuair a ghníomhachtaítear modh éigeandála an Mhargaidh Aonair trí ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun Airteagal 14, agus nuair a bheidh ganntanas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, féadfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta éigeandála atá i gcreataí dlí an Aontais arna leasú le [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/424, Rialachán (AE) 2016/425, Rialachán (AE) 2016/426, Rialachán (AE) 2019/1009 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena dtugtar isteach nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i gcomhthéacs éigeandáil sa Mhargadh Aonair agus Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/ 35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/ AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, agus 2014/68/AE agus lena dtugtar isteach i dtaca le nósanna imeachta éigeandála maidir le measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i gcomhthéacs Margaidh Aonair] a mhéid a bhaineann le hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime, lena léireofar na hearraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus na nósanna imeachta éigeandála atá faoi réir an ghníomhachtaithe, ag tabhairt cúiseanna le gníomhachtú den sórt sin agus a lena chomhréireacht, agus ina léireofar fad an ghníomhachtaithe sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe le tionchair na géarchéime ar an Mhargadh aonair, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá bunaithe san Aontas glacadh le horduithe áirithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo i ndáil le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime (‘ ord a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis’).
1.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh, ar bhonn deonach, ar oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó i slabhraí soláthair atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá bunaithe san Aontas glacadh le horduithe áirithe agus tosaíocht a thabhairt dóibh i ndáil le táirgeadh nó soláthar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime (‘ord a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis’). Sonróidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear cainníocht na n-earraí agus na seirbhísí atá ábhartha don ghéarchéim, an t-am seachadta agus an praghas agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi sin.
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 2
2.  Mura nglacfaidh oibreoir eacnamaíoch le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo agus mura dtabharfaidh sé tús áite dóibh, féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin, nó arna iarraidh sin do ag 14 Bhallstát, measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le dul i muinín orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo i gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún an deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus d’aon pháirtí ar féidir a léiriú go ndeachaigh an t-ordú féideartha a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis i gcion orthu, a seasamh a shonrú laistigh de theorainn réasúnta ama arna leagan síos ag an gCoimisiún i bhfianaise imthosca an cháis. In imthosca eisceachtúla, tar éis measúnú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis tuairim dhearfach a fháil ón ngrúpa comhairleach, gníomh cur chun feidhme a dhíriú ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, lena gceanglófar air glacadh leis na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme agus tosaíocht a thabhairt dóibh nó a mhíniú cén fáth nach féidir nó nach iomchuí don oibreoir sin déanamh amhlaidh. Beidh cinneadh an Choimisiúin bunaithe ar shonraí oibiachtúla lena léirítear go bhfuil tosaíocht den sórt sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go gcoimeádfar gníomhaíochtaí eacnamaíocha sochaíocha ríthábhachtacha ar bun sa mhargadh inmheánach.
2.  Mura nglacann oibreoir eacnamaíoch le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo mura dtugann sé tosaíocht dóibh, féadfaidh an Coimisiún, as a stuaim féin nó arna iarraidh sin do 14 Bhallstát, measúnú a dhéanamh ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le dul i muinín orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an Coimisiún an deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann chomh maith le haon pháirtithe ar féidir a léiriú go ndearna an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis difear dóibh, an deis a seasamh a chur in iúl laistigh de theorainn ama réasúnach arna leagan síos ag an gCoimisiún i bhfianaise imthosca an cháis. In imthosca eisceachtúla, tar éis measúnú den sórt sin a dhéanamh agus aird chuí á thabhairt ar thuairim an Bhoird, féadfaidh an Coimisiún, gníomh cur chun feidhme a dhíriú ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, lena gceanglófar air glacadh leis na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme agus tosaíocht a thabhairt dóibh nó a mhíniú i scríbhinn cén fáth nach féidir nó nach iomchuí don oibreoir sin déanamh amhlaidh. I gcás ina n-imeoidh breithniú an Choimisiúin ó thuairm an Bhoird, cuirfidh an Coimisiún bonn cirt cuí ar fáil. Beidh an cinneadh ón gCoimisiún bunaithe ar shonraí oibiachtúla atá fíorasach, intomhaiste agus réasúnaithe lena léirítear go bhfuil sé fíor-riachtanach tosaíocht den sórt sin a thabhairt chun a áirithiú go gcoimeádfar gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha sa tsochaí sa mhargadh inmheánach.
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 4 – fomhír 1
I gcás go ndiúltóidh an t-oibreoir eacnamaíoch ar chuige nó chuici a ndírítear an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 glacadh leis an gceanglas glacadh leis na horduithe a shonraítear sa chinneadh agus iad a chur in ord tosaíochta, soláthróidh sé nó sí don Choimisiún, laistigh de 10 lá ón bhfógra faoin gcinneadh sin, míniú réasúnaithe ina leagfar amach na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta nó iomchuí, i bhfianaise chuspóirí na forála seo, an ceanglas a chomhlíonadh. Áirítear ar chúiseanna den sórt sin neamhábaltacht an oibreora an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a dhéanamh mar gheall ar acmhainneacht táirgeachta neamhleor nó mar gheall ar riosca tromchúiseach go mbeadh cruatan nó ualach eacnamaíoch ar leith ar an oibreoir dá nglacfaí leis an ordú, nó toisc breithnithe eile den tromchúis cheanna.
I gcás go ndiúltóidh an t-oibreoir eacnamaíoch, ar chuige nó chuici a ndírítear an cinneadh dá dtagraítear i mír 2, glacadh leis an gceanglas glacadh leis na horduithe a shonraítear sa chinneadh agus iad a chur in ord tosaíochta, soláthróidh sé nó sí don Choimisiún, laistigh de 10 lá ón bhfógra faoin gcinneadh sin, míniú réasúnaithe ina leagfar amach na cúiseanna a bhfuil údar cuí leo nach bhfuil sé indéanta nó iomchuí an ceanglas a chomhlíonadh. Áirítear ar chúiseanna den sórt sin neamhábaltacht an oibreora an t-ordú lena mbaineann rátáil tosaíochta a dhéanamh mar gheall ar acmhainneacht táirgeachta neamhleor nó mar gheall ar riosca tromchúiseach go mbeadh cruatan nó ualach eacnamaíoch ar leith ar an oibreoir dá nglacfaí leis an ordú, agus na praghsanna agus na cainníochtaí arna sonrú ag an gCoimisiún, go háirithe, á gcur san áireamh, nó breithnithe eile den tromchúis chéanna. D’fhéadfadh aidhmeanna dlisteanacha an ghnóthais lena mbaineann agus an costas, an iarracht, an phraiticiúlacht theicniúil agus na hiarmhairtí gnó fadtéarmacha is gá le haghaidh aon athrú ar an seicheamh táirgthe a bheith i gceist leis na cúiseanna sin.
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 4 – fomhír 2
Féadfaidh an Coimisiún an míniú réasúnaithe sin, nó codanna de, a phoibliú, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó.
scriosta
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 27 – mír 6
6.  Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus oibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin go sonrach leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an gcostas agus leis an iarracht is gá d’aon athrú ar an seicheamh táirgthe. Sonrófar ann an bunús dlí lena ghlacadh, socrófar leis na teorainneacha ama ar laistigh díobh a dhéanfar an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi agus, i gcás inarb infheidhme, sonrófar ann an táirge agus an chainníocht. Sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 má mhainnítear an cinneadh a chomhlíonadh. An t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, déanfar é ar phraghas cóir réasúnta.
6.  Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, agus oibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin go sonrach leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an gcostas agus leis an iarracht is gá le haghaidh aon athrú ar an seicheamh táirgthe. Sonrófar ann an bunús dlí lena ghlacadh, socrófar leis na teorainneacha ama ar laistigh díobh a dhéanfar an t‑ordú lena mbaineann rátáil tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, sonrófar ann an táirge, an praghas agus an chainníocht. Sonrófar ann na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 28 má mhainnítear an cinneadh a chomhlíonadh. An t-ordú lena mbaineann rátáil tosaíochta, déanfar é ar phraghas cóir réasúnta, lena n-áireofar, i gcás inarb ábhartha, cúiteamh iomchuí as na costais bhreise uile arna dtabhú ag an oibreoir eacnamaíoch.
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – teideal
Fíneálacha ar oibreoirí mar gheall ar mhainneachtain cloí leis an oibleagáid iarratais ar fhaisnéis éigeantach a fhreagairt nó orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chomhlíonadh
Fíneálacha ar oibreoirí mar gheall ar mhainneachtain orduithe lena mbaineann rátáil tosaíochta a chomhlíonadh
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 1 – pointe a
(a)  i gcás ina soláthraíonn eagraíocht ionadaíoch oibreoirí eacnamaíocha nó oibreora eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 24, nó mura soláthraíonn gnóthas nó eagraíochtaí ionadaíocha gnóthas an fhaisnéis laistigh den teorainn ama atá forordaithe;
scriosta
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2
2.  Fíneálacha a fhorchuirfear sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b), ní sháróidh siad EUR 200 000.
2.  Fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(b), ní sháróidh siad EUR 200 000. Fíneálacha a ghearrfar ar oibreoirí eacnamaíocha ar FBManna iad, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE, ní sháróidh siad EUR 25 000.
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3
3.  Ní bheidh na fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 (c) níos mó ná 1 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin do gach lá oibre i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de bhun Airteagal 27 (orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis) arna ríomh ón dáta a bunaíodh sa chinneadh agus nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin iad.
3.  Ní bheidh na fíneálacha a ghearrfar sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(c) níos mó ná 1 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin do gach lá oibre i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de bhun Airteagal 27 (orduithe lena mbaineann rátáil tosaíochta) arna ríomh ón dáta a bunaíodh sa chinneadh agus nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin iad. Ní bheidh fíneálacha a ghearrfar ar oibreoirí eacnamaíocha ar FBManna iad, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE, níos mó ná 0,25 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin.
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4
4.  Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfar aird ar mhéid agus ar acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann, ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus chomh hiomchuí agus atá sé.
4.  Agus méid na fíneála á shocrú, cuirfidh an Coimisiún méid agus acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann san áireamh, chomh maith le cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta. Cuirfear san áireamh freisin tionchar na géarchéime ar an oibreoir eacnamaíoch agus ar a ghníomhaíochtaí gnó.
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1 – pointe a
(a)  dhá bhliain i gcás sáruithe forálacha a bhaineann le hiarratais ar fhaisnéis de bhun Airteagal 24;
scriosta
Leasú 244
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1 – pointe b
(b)  trí bliana i gcás sáruithe forálacha a bhaineann leis an oibleagáid chun tús áite a thabhairt do tháirgeadh na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 26(2).
(b)  3 bliana i gcás sáruithe ar fhorálacha a bhaineann leis an oibleagáid tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh na n-earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 27.
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 28, tabharfaidh an Coimisiún an deis d’oibreoir eacnamaíoch nó d’eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis an méid seo a leanas:
1.  Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 28, tabharfaidh an Coimisiún an deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 2
2.  Féadfaidh gnóthais agus eagraíochtaí ionadaíocha oibreoirí eacnamaíochta lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhthorthaí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 21 lá.
2.  Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhthorthaí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 21 lá.
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 3
3.  Bunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ar agóidí a raibh oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith.
3.  Bunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ar agóidí a raibh oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ábalta tuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin.
Leasú 248
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 31 – mír 4
4.  Déanfar cearta cosanta an oibreora eacnamaíoch nó eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeacht. Beidh oibreoir eacnamaíoch nó eagraíochtaí ionadaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach na n-oibreoirí eacnamaíocha a rúin ghnó a chosaint. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát go háirithe. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.
4.  Déanfar cearta cosanta an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann a urramú go hiomlán in aon imeacht. Beidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach na n-oibreoirí eacnamaíocha a rúin ghnó a chosaint. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát go háirithe. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.
Leasú 249
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – teideal
Leithdháileadh spriocdhírithe agus comhordaithe cúltacaí straitéiseacha
Dlúthpháirtíocht agus dáileadh comhordaithe cúltacaí straitéiseacha
Leasú 250
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír -1 (nua)
-1.   I gcás ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a dhéanann difear do Bhallstát amháin nó níos mó, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith agus na cainníochtaí is gá agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chur in iúl. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis chuig na húdaráis inniúla uile agus déanfaidh sé comhordú fhreagairtí na mBallstát a chuíchóiriú.
Leasú 251
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 32 – mír 1
I gcás nach leor na cúltacaí straitéiseacha a chomhdhéanann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 12 chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le héigeandáil sa Mhargaidh Aonair, féadfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar an tuairim a thug an grúpa comhairleach, a mholadh do na Ballstáit na cúltacaí straitéiseacha a dháileadh ar bhealach spriocdhírithe, i gcás inar féidir, ag féachaint don ghá nach gcuirfear isteach tuilleadh ar an Margadh Aonair, lena n-áirítear i limistéir gheografacha a dtéann an cur isteach sin i gcion go mór orthu agus i gcomhréir le prionsabail an riachtanais, na comhréireachta agus na dlúthpháirtíochta agus úsáid is éifeachtúla as cúltacaí a bhunú d’fhonn deireadh a chur le héigeandáil sa Mhargadh Aonair.
I gcás nach leor na cúltacaí straitéiseacha a chomhdhéanann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8a chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus aird chuí á tabhairt aige ar an tuairim a thug an Bord, a mholadh do na Ballstáit na cúltacaí straitéiseacha a dháileadh ar bhealach spriocdhírithe, i gcás inar féidir, ag féachaint don ghá nach gcuirfear isteach tuilleadh ar an margadh inmheánach, lena n‑áirítear i limistéir gheografacha a dtéann an cur isteach sin i gcion go mór orthu agus i gcomhréir le prionsabail an riachtanais, na comhréireachta agus na dlúthpháirtíochta agus an úsáid is éifeachtúla as cúltacaí a bhunú d’fhonn deireadh a chur le héigeandáil sa mhargadh inmheánach.
Leasú 252
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – teideal
Bearta chun infhaighteacht agus soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú
Bearta chun infhaighteacht agus soláthar earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú
Leasú 253
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún, nuair a mheasann sé go bhfuil baol ann go mbeidh ganntanas earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, a mholadh do na Ballstáit bearta sonracha a chur chun feidhme chun atheagrú éifeachtúil na slabhraí soláthair agus na línte táirgeachta a áirithiú agus chun stoic atá ann cheana a úsáid chun infhaighteacht agus soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a mhéadú a luaithe is féidir.
1.  Féadfaidh an Coimisiún, nuair a mheasann sé go bhfuil baol ann go mbeidh ganntanas earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ann, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh, a mholadh do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear chun slabhraí soláthair agus línte táirgthe éifeachtúla a áirithiú.
Leasú 254
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe a
(a)  éascaíocht a dhéanamh ar mhéadú nó athrú cuspóra na n-acmhainní táirgeachta atá ann cheana, nó ar bhunú acmhainní nua táirgeachta le haghaidh earraí atá ábhartha i gcás géarchéime;
(a)  méadú nó athrú cuspóra na n‑acmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana, nó bunú acmhainneachtaí nua táirgeachta le haghaidh earraí nó seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú;
Leasú 255
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 33 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  saorghluaiseacht seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a éascú.
Leasú 256
Togra le haghaidh rialacháin
Cuid V – teideal
Soláthar
Soláthar poiblí
Leasú 257
Togra le haghaidh rialacháin
Cuid V – Caibidil I – teideal
Soláthar earraí agus seirbhísí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo agus earraí atá ábhartha i gcás géarchéime ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát le linn modhanna faireachais agus éigeandála
Soláthar poiblí earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát le linn modhanna faireachais agus éigeandála
Leasú 258
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1
1.  Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a sheoladh thar ceann na mBallstát ar mian leo go ndéanfadh an Coimisiún ("na Ballstáit rannpháirteacha") ionadaíocht ar a son, chun earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 (1) nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 (5) a cheannach.
1.  Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún soláthar a sheoladh thar ceann na mBallstát ar mian leo go ndéanfadh an Coimisiún (‘na Ballstáit rannpháirteacha’) ionadaíocht ar a son, chun earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 9(1) nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5) a cheannach.
Leasú 259
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2
2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhóntas, ar riachtanas agus ar chomhréireacht an iarratais. I gcás nach bhfuil rún ag an gCoimisiún an t-iarratas a chomhlíonadh, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann agus an grúpa comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4 ar an eolas faoin méid sin, agus luafaidh sé na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an t-iarratas.
2.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht an iarratais dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill. I gcás nach bhfuil rún ag an gCoimisiún an t-iarratas sin a chomhlíonadh, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann agus an Bord ar an eolas faoin méid sin, agus luafaidh sé na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an t-iarratas.
Leasú 260
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 3
3.  I gcás ina n-aontódh an Coimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích thar ceann na mBallstát, dréachtóidh sé togra le haghaidh creat-chomhaontú a bheidh le tabhairt i gcrích leis na Ballstáit rannpháirteacha lena gceadófar don Choimisiún comhaontú a thabhairt i gcrích ar a son. Leagfar síos leis an gcomhaontú sin na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an soláthar thar ceann na mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1.
3.  I gcás ina n-aontóidh an Coimisiún soláthar a dhéanamh thar ceann na mBallstát, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)  na Ballstáit uile agus an Bord a chur ar an eolas faoin rún atá aige an nós imeachta soláthair a chur i gcrích agus iarraidh ar na Ballstáit leasmhara a bheith rannpháirteach ann;
(b)   togra a dhréachtú le haghaidh creat-chomhaontú a bheidh le tabhairt i gcrích leis na Ballstáit rannpháirteacha lena gceadófar don Choimisiún soláthar a dhéanamh thar a gceann. Leagfar síos leis an gcomhaontú sin na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an soláthar, lena n-áirítear socruithe praiticiúla, rialacha cinnteoireachta agus na cainníochtaí atá beartaithe, thar ceann na mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 261
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 3 a (nua)
3a.  I gcás nach bhfuil an Coimisiún in ann an conradh a dhámhachtain ar oibreoir eacnamaíoch oiriúnach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas láithreach ina leith ionas gur féidir leo a bpróisis soláthair féin a thionscnamh gan mhoill.
Leasú 262
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 1
1.  Bunófar leis an gcomhaontú [dá dtagraítear in Airteagal 34(3) sainordú caibidlíochta don Choimisiún chun gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ábhartha lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime thar ceann na mBallstát rannpháirteach trí chonarthaí nua a thabhairt i gcrích.
1.  Bunófar leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 34(3), pointe (b), sainordú caibidlíochta, lena n-áireofar gnéithe amhail critéir dhámhachtana agus conas a dhéanfar tairiscintí a mheasúnú, ionas go ngníomhóidh an Coimisiún mar chomhlacht lárnach ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ábhartha ríthábhachtacha nó le haghaidh earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime thar ceann na mBallstát rannpháirteach trí chonarthaí nua a thabhairt i gcrích.
Leasú 263
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2
2.  I gcomhréir leis an gcomhaontú, féadfaidh an Coimisiún a bheith i dteideal, thar ceann na mBallstát rannpháirteach, conarthaí a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear táirgeoirí aonair earraí agus seirbhísí lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, maidir le hearraí agus seirbhísí den sórt sin a cheannach.
2.  I gcomhréir leis an gcomhaontú sin, féadfaidh an Coimisiún a bheith i dteideal, thar ceann na mBallstát rannpháirteach, conarthaí a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear táirgeoirí aonair earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha nó earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, maidir le hearraí agus seirbhísí den sórt sin a cheannach.
Leasú 264
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 3
3.  Féadfaidh ionadaithe an Choimisiúin nó saineolaithe arna n-ainmniú ag an gCoimisiún cuairteanna a thabhairt ar an láthair ag láithreacha saoráidí táirgthe earraí ábhartha lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó earraí atá ábhartha i gcás géarchéime.
scriosta
Leasú 265
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 3 a (nua)
3a.   Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit rannpháirteacha ionadaithe a cheapadh chun páirt a ghlacadh in ullmhú na nósanna imeachta soláthair.
Leasú 266
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 36 – mír 2
2.  Féadfar clásal a chuimsiú sna conarthaí ina sonrófar go bhféadfaidh Ballstát nach raibh rannpháirteach sa nós imeachta soláthair bheith ina pháirtí sa chonradh nuair a shíneofar é, agus leagfar amach go mionchruinn an nós imeachta chun é sin a dhéanamh agus na héifeachtaí a bheidh i gceist leis.
2.  Déanfar clásal a chuimsiú sna conarthaí ina sonrófar go bhféadfaidh Ballstát nach raibh rannpháirteach sa nós imeachta soláthair, faoi réir chomhaontú thromlach na mBallstát rannpháirteach, a bheith ina pháirtí sa chonradh nuair a shíneofar é, agus leagfar amach go mionchruinn an nós imeachta chun é sin a dhéanamh agus na héifeachtaí a bheidh i gceist leis.
Leasú 267
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1
I gcás inar gá soláthar comhpháirteach a dhéanamh idir an Coimisiún agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a fháil ar cíos nó a léasú ina n-iomláine.
1.   Féadfaidh an Coimisiún agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Ballstáit páirt a ghlacadh, mar pháirtithe conarthacha, i nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna dhéanamh de bhun Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 d’fhonn earraí atá ábhartha i gcás géarchéime nó earraí agus seirbhísí ríthábhachtacha a cheannach laistigh de thréimhse ama réasúnta.
Leasú 268
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1 a (nua)
1a.   Maidir le páirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, beidh cead ag na Ballstáit uile agus, de mhaolú ar Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ag Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus ag tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas chomh maith le Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó, Poblacht San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine, go háirithe i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin go sonrach i gconradh déthaobhach nó iltaobhach.
Leasú 269
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1 b (nua)
1b.   Roimh an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, beidh comhaontú maidir le soláthar comhpháirteach idir na páirtithe chun na socruithe praiticiúla lena rialaítear an nós imeachta sin agus an próiseas cinnteoireachta a chinneadh a mhéid a bhaineann le roghnú an nós imeachta, conas a dhéanfar na tairiscintí a mheasúnú agus na critéir chun an conradh a dhámhachtain, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.
Leasú 270
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1 c (nua)
1c.   Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir leis an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh:
(a)   ní bheidh tionchar diúltach aige ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, ní idirdhealú ná srian ar an trádáil é ná ní bheidh sé ina chúis le saobhadh iomaíochta;
(b)   ní bheidh aon tionchar díreach airgeadais aige ar bhuiséad na dtíortha dá dtagraítear i mír 1a nach bhfuil rannpháirteach sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh.
Leasú 271
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 37 – mír 1 d (nua)
1d.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus, arna iarraidh sin, tabharfaidh sé rochtain ar na conarthaí a thabharfar i gcrích mar thoradh ar na nósanna imeachta sin, faoi réir cosaint leordhóthanach faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de, lena n-áirítear rúin ghnó, caidreamh tráchtála agus leasanna an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis in iúl do Pharlaimint na hEorpa maidir le doiciméid íogaire i gcomhréir le hAirteagal 9(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
Leasú 272
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 38 – mír 1
Nuair a ghníomhachtófar modh éigeandála an Mhargaidh Aonair de bhun Airteagal 14, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle lena chéile agus leis an gCoimisiún agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí leis an gCoimisiún agus le hionadaithe na mBallstát eile sa ghrúpa comhairleach sula seolfar soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ar earraí agus seirbhísí iad a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 (5), i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55.
Nuair a ghníomhachtófar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh de bhun Airteagal 14, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile agus leis an gCoimisiún agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíochtaí leis an gCoimisiún agus le hionadaithe na mBallstát eile sa Bhord sula seolfar soláthar earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime, ar earraí agus seirbhísí iad a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(5), i gcomhréir le Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55. Féadfaidh an Bord moltaí a eisiúint maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí sin
__________________
__________________
55 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
55 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
Leasú 273
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 39 – mír 1
I gcás gur gníomhachtaíodh modh éigeandála an Mhargaidh Aonair de bhun Airteagal 16 agus inar seoladh soláthar ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 34 go hAirteagal 36, ní bhfaighidh údaráis chonarthacha na mBallstát rannpháirteach earraí ná seirbhísí a chumhdaítear leis an soláthar sin ar mhodh eile.
I gcás inar gníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh de bhun Airteagal 14 agus inar seoladh soláthar ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát i gcomhréir le hAirteagail 34 go 36, ní bhfaighidh údaráis chonarthacha na mBallstát rannpháirteach earraí ná seirbhísí a chumhdaítear leis an soláthar sin ar mhodh eile, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 34(3a). Measfar aon chonradh soláthair a thabharfar i gcrích de shárú ar an Airteagal seo a bheith ar neamhní.
Leasú 274
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40
Airteagal 40
scriosta
Cosaint sonraí pearsanta
1.  Beidh an Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir lena bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus faoi Threoir 2002/58/CE maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach, nó oibleagáidí an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais, maidir lena bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu.
2.  Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ná a chur in iúl ach amháin i gcásanna ina bhfuil géarghá leis sin chun críocha an Rialacháin seo. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag coinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de réir mar is iomchuí.
3.  I gcás nach bhfuil géarghá le sonraí pearsanta a phróiseáil chun na sásraí a bhunaítear leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfar sonraí pearsanta anaithnid sa dóigh nach mbeidh an t-ábhar sonraí inaitheanta.
Leasú 275
Togra le haghaidh rialacháin
Cuid V a (nua)
Cuid Va
Uirlisí digiteacha
Leasú 276
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – teideal
Uirlisí digiteacha
Forálacha ginearálta maidir le huirlisí digiteacha
Leasú 277
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 1
Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha nó bonneagair TF a bhunú a thacóidh le cuspóirí an Rialacháin seo. Féadfar uirlisí nó bonneagair den sórt sin a fhorbairt lasmuigh den thréimhse Éigeandála sa Mhargadh Aonair.
1.  Faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha nó bonneagair TF, ar uirlisí nó bonneagair iad lena dtacaítear le cuspóirí an Rialacháin seo, a chur ar bun, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Forbrófar na huirlisí nó na bonneagair sin lasmuigh d’fhad na héigeandála sa mhargadh inmheánach chun freagairt ar bhealach tráthúil éifeachtúil d’éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Áireofar orthu sin, inter alia, uirlisí digiteacha caighdeánaithe, slána agus éifeachtacha chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú ar bhealach slán chun críocha Airteagal 7a, faisnéis fíor-ama faoi shrianta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41a, lánaí tapa dá dtagraítear in Airteagal 41b agus ardán na ngeallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 41c.
Leasú 278
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2
Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe teicniúla na n-uirlisí nó na mbonneagar sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
2.   Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe teicniúla na n-uirlisí nó na mbonneagar sin agus úsáid á baint, i gcás inar féidir, as uirlisí nó tairseacha TF atá ann cheana, amhail An Eoraip Agatsa. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Leasú 279
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a mhalartú go rialta leis an gCoimisiún agus eatarthu féin maidir le gach ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo trí bhealach slán cumarsáide.
Leasú 280
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 a (nua)
Airteagal 41a
Faisnéis fíor-ama faoi shrianta náisiúnta
Cuirfidh an Coimisiún suíomh gréasáin poiblí tiomnaithe ar bun ina mbeidh faisnéis ó na Ballstáit faoi na srianta náisiúnta dá bhforáiltear i ndlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin na mBallstát, ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith de bhun Airteagal 19, lena n-áirítear faisnéis faoina raon feidhme agus faoina bhfad. Áireofar ar an suíomh gréasáin poiblí tiomnaithe léarscáil idirghníomhach ina mbeidh faisnéis fíor-ama ábhartha faoi na srianta náisiúnta sin.
Leasú 281
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 b (nua)
Airteagal 41b
Lánaí tapa
1.  Bunóidh an Coimisiún lánaí tapa arb é is aidhm dóibh saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus oibrithe a éascú, go háirithe earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime. Go háirithe, soláthróidh an Coimisiún teimpléid ábhartha nó foirmeacha aonair digiteacha dearbhaithe, clárúcháin nó údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann, go háirithe le haghaidh seirbhísí gairmiúla i réimse an chúraim sláinte, na suiteála, na cothabhála agus an deisiúcháin, na tógála, an bhia agus na talmhaíochta chun dlús a chur le nósanna imeachta dearbhaithe, clárúcháin nó údaraithe, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla a aithint nó oibrithe a phostú. Beidh na teimpléid nó na foirmeacha digiteacha sin ar fáil saor in aisce i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, agus beidh siad bailí i ngach Ballstát.
2.  Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go bhfuil srianta teorann tugtha isteach ag na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún na lánaí tapa a bunaíodh ag trasnuithe teorann in iúl, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, faisnéis fíor-ama, chun saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú.
Leasú 282
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 41 c (nua)
Airteagal 41c
Ardán na ngeallsealbhóirí maidir le cásanna éigeandála agus athléimneacht
1.  Bunóidh an Coimisiún ardán na ngeallsealbhóirí chun idirphlé agus comhpháirtíochtaí earnáilsonracha a éascú trí phríomh-gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile, eadhon ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, comhpháirtithe sóisialta, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta. Beidh sé d’aidhm ag an ardán sin oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun treochláir dheonacha a dhréachtú mar fhreagairt ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach. Go háirithe, cuirfidh an t-ardán sin feidhmiúlacht ar fáil a chuirfidh ar chumas geallsealbhóirí leasmhara an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)  gníomhaíochtaí deonacha a léiriú a bhfuil gá leo chun freagairt go rathúil d’éigeandáil sa mhargadh inmheánach;
(b)  comhairle eolaíoch, tuairimí nó tuarascálacha a chur ar fáil ar cheisteanna a bhaineann le géarchéim;
(c)  rannchuidiú le malartú faisnéise agus dea-chleachtas.
2.  Cuirfidh an Coimisiún agus an Bord torthaí an idirphlé agus na gcomhpháirtíochtaí earnáilsonracha san áireamh, chomh maith le haon ionchur ábhartha a sholáthróidh geallsealbhóirí i gcomhréir le mír 1, i gcur chun feidhme an Rialacháin seo.
Leasú 283
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 1
1.  Cuideoidh an Coiste um an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair leis an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
1.  Tabharfaidh an Coiste um Chásanna Éigeandála agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Leasú 284
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 42 – mír 3 a (nua)
3a.  Sula nglacfar aon ghníomh cur chun feidhme de bhun an Rialacháin seo, agus a phráinn á cur san áireamh, foilseoidh an Coimisiún dréacht de agus iarrfaidh sé ar na páirtithe leasmhara uile a mbarúlacha a thíolacadh laistigh de thréimhse ama réasúnta.
Leasú 285
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 2
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar síneadh a chur go hintuigthe le tarmligean na cumhachta go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 286
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 5 a (nua)
5a.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 287
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – teideal
Tuairisciú agus athbhreithniú
Tuarascáil, athbhreithniú agus meastóireacht
Leasú 288
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1
1.  De réir [OP: cuir isteach an dáta = cúig bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na pleanála teagmhasaí, faireachais, agus an chórais um fhreagairt éigeandála don Mhargadh Aonair ag moladh aon fheabhsúchán, más gá, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi.
1.  Faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil sin, go háirithe, meastóireacht ar an méid seo a leanas:
(a)  obair an Bhoird, chomh maith lena chuid oibre i ndáil le hobair comhlachtaí bainistithe géarchéime ábhartha eile ar leibhéal an Aontais;
(b)  na tástálacha struis, an oiliúint agus na prótacail ghéarchéime, dá dtagraítear sa Rialachán seo;
(c)  na critéir chun an modh éigeandála, dá dtagraítear in Airteagal 13, a ghníomhachtú;
(d)  na huirlisí digiteacha arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid Va;
Beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
Leasú 289
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 a (nua)
1a.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, tar éis gach uaire a dhéanfar an modh éigeandála a dhíghníomhachtú, maidir le feidhmiú an chórais práinnfhreagartha maille le moltaí i dtaobh feabhais, más gá. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin, go háirithe, ar thionchar na mbeart éigeandála ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon ar an tsaoirse fiontraíochta, ar an tsaoirse chun fostaíocht a lorg agus chun obair a dhéanamh, agus ar an gceart chun cómhargála agus chun caingne, lena n-áirítear an ceart dul ar stailc.
Leasú 290
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 a (nua)
2a.  Chun críoch mhír 1, soláthróidh an Bord agus údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.
Leasú 291
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – teideal
Aisghairm
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2679/98
Leasú 292
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle a aisghairm le héifeacht ón [dáta].
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle mar a leanas:
(1)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:
‘Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar aon difear d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear iad sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse dul ar stailc nó chun caingean a ghlacadh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ná ní dhéanfar difear leis don cheart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta.’;
(2)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
‘Airteagal 5a
1.  I gcás ina ndéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán .../2023 [IMERA] a ghníomhachtú, scoirfidh Airteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán seo d’fheidhm a bheith acu ar feadh fhad an mhodha sin.
2.  Tá mír 1 gan dochar d’aon oibleagáid a eascraíonn as an Rialachán seo roimh ghníomhachtú an mhodha éigeandála i gcomhréir le [Rialachán IMERA].’.
Leasú 293
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – teideal
Teacht i bhfeidhm
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Leasú 294
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 1 a (nua)
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0246/2023).


Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip
PDF 466kWORD 211k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (athmhúnlú) (COM(2022)0542 – C9-0364/2022 – 2022/0347(COD))(1)
P9_TA(2023)0318A9-0233/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
(2)  I mí na Nollag 2019, leag an Coimisiún Eorpach amach ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, arb é is aidhm leis caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Go sonrach i dtaobh aer glan, rinneadh gealltanas sa Chomhaontú Glas don Eoraip cáilíocht an aeir a fheabhsú a thuilleadh agus caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go pointe níos dlúithe le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). D’fhógair sé freisin go neartófaí na forálacha maidir le faireachán, samhaltú agus pleanáil ar cháilíocht an aeir.
(2)  I mí na Nollag 2019, leag an Coimisiún Eorpach amach ina Theachtaireacht ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’40 treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, arb é is aidhm leis caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Go sonrach i dtaobh aer glan, thug an Coimisiún gealltanas cáilíocht an aeir a fheabhsú a thuilleadh agus caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go pointe níos dlúithe le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). D’fhógair sé freisin go neartófaí na forálacha maidir le faireachán ar cháilíocht an aeir, maidir lena samhaltú agus maidir le pleanáil ina leith.
__________________
__________________
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. COM(2019)0640.
40 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; COM(2019)0640.
Leasú 293
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4
(4)  Leagtar amach freisin sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach fís don bhliain 2050, ina laghdófaí an truailliú aeir go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach d'éiceachórais sláinte agus nádúrtha. Chuige sin, ba cheart cur chuige céimnithe a shaothrú i ndáil le caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena mbunófar caighdeáin idirmheánacha maidir le cáilíocht an aeir don bhliain 2030 agus ina dhiaidh sin, agus lena bhforbrófar peirspictíocht maidir le hailíniú le Treoirlínte EDS maidir le Cáilíocht an Aeir faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí, bunaithe ar shásra athbhreithnithe rialta chun an tuiscint eolaíoch is déanaí a chur san áireamh. I bhfianaise na nasc idir laghdú ar thruailliú agus dícharbónú, ba cheart an cuspóir fadtéarmach a shaothrú, is é sin an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, in éineacht le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4)  Leagtar amach freisin sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach fís don bhliain 2050, ina laghdófaí an truailliú aeir go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach d'éiceachórais sláinte agus nádúrtha. Chuige sin, ba cheart cur chuige uaillmhianach a shaothrú i ndáil le caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena mbunófar caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir don bhliain 2030 agus go tráthrialta ina dhiaidh sin, agus lena bhforbrófar peirspictíocht maidir le hailíniú leanúnach agus iomlán le Treoirlínte EDS is cothroime le dáta maidir le Cáilíocht an Aeir chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a ghnóthú faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí, bunaithe ar shásra athbhreithnithe rialta chun an fhianaise eolaíoch is déanaí a chur san áireamh. I bhfianaise na nasc idir laghdú ar thruailliú agus dícharbónú, ba cheart an cuspóir fadtéarmach a shaothrú, is é sin an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, in éineacht le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
__________________
__________________
42 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1–17).
42 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1–17).
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 a (nua)
(4a)  I mí Mheán Fómhair 2021, d’eisigh EDS Treoirlínte nua maidir le Cáilíocht an Aeir, bunaithe ar shintéis chuimsitheach den fhianaise eolaíoch maidir le héifeachtaí an truaillithe aeir ar an tsláinte. Leagtar béim shonrach i gconclúidí na dTreoirlínte maidir le Cáilíocht an Aeir ar a thábhachtaí atá sé na tiúchain truaillithe a ísliú ar gach leibhéal agus tairbhí soiléire a léiriú don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol mar gheall ar na gníomhaíochtaí sin. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo an tuiscint eolaíoch is déanaí agus an gá atá le caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú go hiomlán leis na Treoirlínte is déanaí ó EDS maidir le Cáilíocht an Aeir chun cuspóirí foriomlána an Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a chomhlíonadh.
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 b (nua)
(4b)  Is mó i bhfad na tairbhí sochaíocha atá le baint as laghdú leanúnach feabhsaithe ar thruailliú aeir ná na costais atá i gceist. De réir mheastacháin an Choimisiúin, is ionann na costais dhíreacha bhliantúla a bhaineann le cásanna beartais éagsúla a chomhlíonadh a ndearnadh anailís orthu faoin measúnú tionchair a ghabhann leis an Treoir seo agus idir EUR 3,3 billiún agus EUR 7 mbilliún, agus is ionann na tairbhí sláinte agus comhshaoil a bheidh ann in 2030, má chuirtear luach airgid orthu, agus idir EUR 36 bhilliún agus EUR 130 billiún, rud a léiríonn go sáraíonn tairbhí an bheartais maidir le cáilíocht an aeir go mór an costas cur chun feidhme. Ón mbliain 2000 i leith, tá laghdú leanúnach tagtha ar astaíochtaí aerthruaillithe san Aontas mar thoradh ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta.
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
(5)  Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach i dtaca leis an truailliú aeir, ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a bheith faoi threoir ‘phrionsabal an réamhchúraim’ agus an phrionsabail gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’, arna bhunú sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus faoi threoir an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ba cheart dóibh, inter alia, an méid seo a leanas a chur san áireamh: an méid a chuireann cáilíocht fheabhsaithe an aeir leis an tsláinte phoiblí, le cáilíocht an chomhshaoil, le folláine na saoránach, le rathúnas na sochaí, le fostaíocht agus le hiomaíochas an gheilleagair; an t-aistriú fuinnimh, slándáil fuinnimh neartaithe agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh; slándáil agus inacmhainneacht bia; réitigh soghluaisteachta agus iompair inbhuanaithe agus chliste a fhorbairt; tionchar na n-athruithe iompraíochta; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh, i bhfianaise a gcumais eacnamaíoch, a n-imthosca náisiúnta, amhail sainiúlachtaí oileán, agus an gá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá atá leis an aistriú a bheith cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de trí chláir oideachais agus oiliúna iomchuí a chur i gcrích; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, go háirithe na torthaí a thuairiscigh EDS; an gá atá le rioscaí a bhaineann le truailliú aeir a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta agus pleanála; cost-éifeachtúlacht agus neodracht theicneolaíoch maidir le laghduithe ar astaíochtaí truailleán aeir a bhaint amach; agus dul chun cinn le himeacht ama i dtaca le sláine an chomhshaoil agus i dtaca leis an leibhéal uaillmhéine.
(5)  Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach i dtaca leis an truailliú aeir, ba cheart do na Ballstáit, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a bheith faoi threoir ‘phrionsabal an réamhchúraim’, faoi threoir ‘an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus faoi threoir ‘an phrionsabail maidir le cosc agus truailliú a cheartú ag an bhfoinse’, arna mbunú sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus faoi threoir an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus mar aon le hurraim do cheart an duine chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe. Ba cheart dóibh, inter alia, an méid seo a leanas a chur i gcuntas: rannchuidiú cháilíocht an aeir leis an tsláinte phoiblí, cáilíocht an chomhshaoil agus athléimneacht na n-éiceachóras, folláine na saoránach, comhionannas agus cosaint daonraí íogaire agus grúpaí leochaileacha, costais cúraim sláinte, gnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), ról na sochaí sibhialta, rathúnas na sochaí, fostaíocht agus iomaíochas an gheilleagair; an t-aistriú fuinnimh, slándáil fuinnimh neartaithe agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh; slándáil agus inacmhainneacht bia; réitigh soghluaisteachta agus iompair inbhuanaithe agus chliste, agus a mbonneagair, a fhorbairt; tionchar na n-athruithe iompraíochta; tionchar na mbeartas fioscach; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh, i bhfianaise a gcumais eacnamaíoch, a n-imthosca náisiúnta, amhail sainiúlachtaí oileán, agus an gá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá atá leis an aistriú a bheith cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de trí chláir oideachais agus oiliúna iomchuí a chur i gcrích, lena n-áirítear do ghairmithe cúraim sláinte; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is déanaí, go háirithe na torthaí a thuairiscigh EDS; an gá atá le rioscaí a bhaineann le truailliú aeir a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta agus pleanála; cost-éifeachtúlacht, na réitigh theicneolaíocha is fearr atá ar fáil agus neodracht theicneolaíoch maidir le laghduithe ar astaíochtaí truailleán aeir a bhaint amach; agus dul chun cinn le himeacht ama maidir le sláine comhshaoil agus leibhéal uaillmhéine, faoi threoir phrionsabal an neamh-chúlchéimnithe a bhunaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5 a (nua)
(5a)  Leis an Treoir seo, rannchuidítear leis na SDGanna a bhaint amach, go háirithe SDGanna 3, 7, 10, 11 agus 13.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
(6)  Le ‘Ochtú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030’ arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022, bunaítear an cuspóir timpeallacht neamhthocsaineach a bhaint amach lena gcosnófar sláinte agus folláine daoine, ainmhithe agus éiceachórais ar rioscaí agus tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an gcomhshaol, agus, chun na críche sin, sonraítear go mbeidh gá le modhanna faireacháin a fheabhsú a thuilleadh, le faisnéis níos fearr a chur ar fáil don phobal agus le rochtain ar cheartas. Treoraíonn sé sin na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo.
(6)  Le ‘Ochtú Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030’ arna ghlacadh le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022, bunaítear an cuspóir timpeallacht neamhthocsaineach a bhaint amach lena gcosnófar sláinte agus folláine daoine, ainmhithe agus éiceachórais ar rioscaí agus tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an gcomhshaol, agus, chun na críche sin, sonraítear go mbeidh gá le modhanna faireacháin a fheabhsú a thuilleadh, le faisnéis níos fearr a chur ar fáil don phobal agus le rochtain ar cheartas. Treoraíonn sé sin na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo.
__________________
__________________
43 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
43 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)  Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin, a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol agus forbairt theicneolaíoch. Ar bhonn an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na caighdeáin cáilíochta aeir is infheidhme fós iomchuí chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Ba cheart an chéad athbhreithniú a dhéanamh faoin 31/12/2028 chun a mheas an gá caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí.
(7)  Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin, a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, éagothromaíochtaí sláinte, costais dhíreacha agus indíreacha cúraim sláinte a bhaineann le truailliú aeir, costais chomhshaoil, agus forbairtí iompraíochta, fioscacha agus teicneolaíocha. Ar bhonn an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na caighdeáin cáilíochta aeir is infheidhme fós iomchuí chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Ba cheart an chéad athbhreithniú a dhéanamh faoin 31/12/2028 chun a mheas an gá caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí. Ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn reachtaíocht an Aontais lena leagtar síos caighdeáin astaíochtaí le haghaidh foinsí truaillithe aeir le gnóthú na gcaighdeán maidir le cáilíocht an aeir arna mbunú leis an Treoir seo agus, i gcás inar gá, bearta breise de chuid an Aontais a mholadh.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 10
(10)  Ba cheart feidhmchláir samhaltaithe a chur i bhfeidhm le gur féidir sonraí pointí a léirmhíniú de réir dháileadh geografach an chomhchruinnithe , chun cuidiú le sáruithe ar chaighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhrath, bonn eolais a chur le pleananna cáilíochta aeir agus pointí samplála a chur ar bun . Sa bhreis ar na ceanglais maidir le faireachán ar cháilíocht an aeir a shainítear sa Treoir seo, chun críoch faireacháin, spreagtar na Ballstáit táirgí faisnéise agus uirlisí forlíontacha a shaothrú (e.g. tuarascálacha rialta ar mheastóireacht agus ar mheasúnú cáilíochta, feidhmchláir bheartais ar líne), arna soláthar ag an gcomhpháirt um Fhaireachán na Cruinne de Chlár Spáis an Aontais, go háirithe Seirbhís Copernicus um Fhaireachán ar an Atmaisféar (CAMS).
(10)  I gcás inarb ábhartha, ba cheart feidhmchláir samhaltaithe a chur i bhfeidhm le gur féidir sonraí pointí a léirmhíniú de réir dháileadh geografach an chomhchruinnithe truailleán, chun cuidiú le sáruithe ar chaighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhrath, bonn eolais a chur ar fáil do phleananna cáilíochta aeir agus do threochláir um cháilíocht an aeir agus do phointí samplála a chur ar bun. Sa bhreis ar na ceanglais maidir le faireachán ar cháilíocht an aeir a shainítear sa Treoir seo, chun críocha faireacháin, spreagtar na Ballstáit táirgí faisnéise agus uirlisí forlíontacha a shaothrú (e.g. tuarascálacha rialta ar mheastóireacht agus ar mheasúnú cáilíochta, feidhmchláir bheartais ar líne), arna soláthar ag an gcomhpháirt um Fhaireachán na Cruinne de Chlár Spáis an Aontais, go háirithe Seirbhís Copernicus um Fhaireachán ar an Atmaisféar (CAMS).
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 11
(11)  Tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar thruailleáin a bhfuil imní ag teacht chun cinn ina leith, amhail cáithníní sármhíne, carbón dubh agus carbón eiliminteach, chomh maith le amóinia agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, chun tacú le tuiscint eolaíoch ar a n-éifeachtaí ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, mar a mhol EDS.
(11)  Tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar thruailleáin a bhfuil imní ag teacht chun cinn ina leith, amhail cáithníní sármhíne, carbón dubh agus carbón eiliminteach, chomh maith le amóinia agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, chun tacú le tuiscint eolaíoch ar a n-éifeachtaí ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, mar a mhol EDS, agus d’fhonn teorainnluachanna a bhunú dóibh faoi chuimsiú an chéad athbhreithnithe ar na Treoir seo in 2028. Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eolaíocha maidir le haon truailleáin eile nach gcumhdaítear leis an Treoir seo agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena forálacha a leathnú chuig na truailleáin sin.
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 12
(12)  Ba cheart ábhar cáithníneach sármhín a thomhas go mion ag culsuíomhanna faoin tuath chun tuiscint níos fearr a fháil ar iarmhairtí an truailleáin sin agus chun beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart na tomhais sin a dhéanamh ar dhóigh atá comhsheasmhach le tomhais an chomhchláir chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar tharchur fadraoin truailleán aeir san Eoraip (EMEP) arna bhunú faoi Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) 1979 Coinbhinsiún um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin arna fhaomhadh le Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 agus na Prótacail lena mbaineann, lena n-áirítear Protocol 1999 chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, a ndearnadh athbhreithniú air in 2012 .
(12)  Ba cheart ábhar cáithníneach sármhín, carbón dubh, mearcair agus amóinia a thomhas go mion ag culsuíomhanna faoin tuath chun tuiscint níos fearr a fháil ar rannchuidiú trasteorann agus ar thionchair na dtruailleán sin, agus chun beartais iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear an fhéidearthacht teorainnluachanna, spriocluachanna nó leibhéil chriticiúla a thabhairt isteach. Ba cheart na tomhais sin a dhéanamh ar dhóigh atá comhsheasmhach le tomhais an chomhchláir chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar tharchur fadraoin truailleán aeir san Eoraip (EMEP) arna bhunú faoin gCoinbhinsiún um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) 1979 arna fhaomhadh le Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 198144 agus na Prótacail lena mbaineann, lena n-áirítear Prótacal1999 chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, a ndearnadh athbhreithniú air in 2012.
__________________
__________________
44 Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le truailliú aeir trasteorann fadraoin (IO L 171, 27.6.1981, lch. 11).
44 Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le truailliú aeir trasteorann fadraoin (IO L 171, 27.6.1981, lch. 11).
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15
(15)  Chun sláinte an duine agus an comhshaol ina iomláine a chosaint, tá sé thar a bheith tábhachtach astaíochtaí truailleán a chomhrac ag an bhfoinse agus na bearta is éifeachtaí chun astaíochtaí a laghdú a shainaithint agus a chur chun feidhme ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ón earnáil talmhaíochta, tionsclaíochta, iompair agus giniúna fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart astaíochtaí truailleán díobhálach aeir a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus caighdeáin iomchuí a leagan síos maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, agus caighdeáin, treoirlínte agus cláir ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte á gcur san áireamh.
(15)  Chun sláinte an duine agus an comhshaol ina iomláine a chosaint, tá sé thar a bheith tábhachtach astaíochtaí truailleán a chomhrac ag an bhfoinse agus na bearta is éifeachtaí chun astaíochtaí a laghdú a shainaithint agus a chur chun feidhme ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí ó na hearnálacha talmhaíochta, tionsclaíochta, iompair, córas téimh agus fuaraithe agus giniúna fuinnimh. Tá reachtaíocht ábhartha an Aontais, amhail reachtaíocht maidir le caighdeáin astaíochtaí feithiclí Eorpacha nó maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, ríthábhachtach chun truailliú an aeir chomhthimpeallaigh a laghdú a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart astaíochtaí truailleán díobhálach aeir a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus caighdeáin iomchuí a leagan síos maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar bhonn na fianaise eolaíche is déanaí mar a foilsíodh i dTreoirlínte is déanaí EDS maidir le Cáilíocht an Aeir agus i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach le haghaidh 2050.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15 b (nua)
(15b)  Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht aon dréachtbhirt ábhartha nó aon dréacht-togra reachtaigh ábhartha, lena n-áirítear tograí buiséadacha, leis na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a leagtar amach sa Treoir seo, sula nglacfar iad, agus an measúnú sin a áireamh in aon mheasúnú tionchair a ghabhann leis na bearta nó na tograí sin, agus toradh an mheasúnaithe sin a chur ar fáil go poiblí tráth a ghlactha. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh a dhréachtbhearta agus a thograí reachtacha a ailíniú le cuspóirí na Treorach seo. In aon chás neamhailínithe, ba cheart don Choimisiún na cúiseanna atá aige a sholáthar mar chuid den mheasúnú comhsheasmhachta.
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15 c (nua)
(15c)  Baineann riosca ar leith le truailleáin aeir a astaítear ón earnáil iompair do shláinte daoine atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha agus gar do mhoil iompair. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis ábhartha réigiúnacha agus áitiúla breithniú a dhéanamh ar Phleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá saor ó astaíochtaí agus i mbearta lena gcumasaítear aistriú módach i dtreo córais iompair ghníomhacha, chomhchoiteanna agus inbhuanaithe, chomh maith le spásanna glasa agus limistéir coisithe a chruthú sna cathracha a bhfuil sé mar aidhm leo truailliú aeir agus brú tráchta ar bhóithre a laghdú, go háirithe i limistéir uirbeacha i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy - putting European transport on track for the future’ [Straitéis Soghluaisteachta Cliste agus Inbhuanaithe — iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí]. Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh freisin chun dlús a chur le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, go háirithe bonneagar athluchtaithe leictrigh d’fheithiclí saothair éadroim agus tromshaothair, chomh maith le seiceálacha rialta cáilíochta bonneagair iompair a dhéanamh chun na réimsí ina bhfuil díphlódú agus barrfheabhsú bonneagair de dhíth a shainaithint, agus bearta iomchuí a dhéanamh, le tacaíocht ó chistiú an Aontais, i gcás inarb infheidhme.
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15 d (nua)
(15d)  Tarlaíonn breis agus 50 000 bás anabaí gach bliain san Aontas mar thoradh ar thruailliú aeir ón muiriompar amháin1a. Cé gurb é truailliú dé-ocsaíde sulfair an chuid is díobhálaí de sceitheanna iompair mhuirí, níor cheart dearmad a dhéanamh ar NOx. D’fhéadfaí tionchar an iompair mhuirí ar an gcomhshaol agus ar phobail chósta, ó thaobh damáiste don éiceachóras agus ó thaobh na sláinte poiblí de, a mhaolú trí leictriú cuimsitheach a dhéanamh ar iompar muirí gearrthurais agus uirbeach, chomh maith le ceanglais agus bonneagar i mbeart atá saor ó astaíochtaí. Thairis sin, chuirfeadh cumhdach cuimsitheach spás muirí an Aontais faoi limistéir rialaithe astaíochtaí sulfair (SECA) agus limistéir rialaithe astaíochtaí nítrigine (NECA) go mór le truailliú aeir a laghdú i gcalafoirt agus i gcathracha calafoirt, agus in uiscí an Aontais.
__________________
1a Brandt, J., Silver, J. D., & Frohn, L. M., Assessment of Health-Cost Externalities of Air Pollution at the National Level using the EVA Model System, CEEH Scientific Report No 3, 2011.
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16
(16)  Léirítear i bhfianaise eolaíoch go bhfuil dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus oscaídí nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin agus aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil, roinnt hidreacarbón il-timthriallach aramatach agus ózón ina gcúis le tionchair dhíobhálacha shuntasacha ar shláinte an duine . Eascraíonn an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as tiúchain san aer comhthimpeallach .
(16)  Léirítear i bhfianaise eolaíoch go bhfuil dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin agus aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil, roinnt hidreacarbón il-timthriallach aramatach agus ózón ina gcúis le réimse suntasach d’éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a bhféadfadh bás anabaí a bheith mar thoradh orthu, agus nach bhfuil aon tairseach inaitheanta ann nach gcuireann na substaintí sin sláinte an duine i mbaol faoina bun. Déanann na substaintí sin damáiste do na córais i bhformhór na n-orgán sa chorp agus tá siad nasctha le go leor galar díblithe, amhail asma in aois an pháiste agus plúchadh a thosaíonn in aois an duine fhásta, galair chardashoithíocha, galar scamhóige toirmeascach ainsealach, niúmóine, strócanna, diaibéiteas, ailse scamhóg, forbairt chognaíoch lagaithe agus néaltrú. Eascraíonn an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as tiúchain san aer comhthimpeallach agus as deascadh.
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16 a (nua)
(16a)  Bíonn tionchar ag truailliú aeir ar chorp an duine sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, ar bhealaí atá díobhálach don tsláinte. Cé gur fadhb sláinte uilíoch é truailliú aeir a théann i bhfeidhm ar gach duine, níl na rioscaí dáilte go cothrom i measc an phobail, agus tá roinnt grúpaí daoine i mbaol níos mó díobhála ná grúpaí eile. Pobail íogaire agus grúpaí leochaileacha, amhail iad siúd a bhfuil riochtaí sláinte sonracha atá ann cheana acu (e.g. galair riospráide nó chardashoithíocha), mná torracha, naíonán nuabheirthe, leanaí, daoine scothaosta, daoine atá ina gcónaí faoi mhíchumas nó a bhfuil rochtain neamhleor acu ar chúram leighis, agus oibrithe atá neamhchosanta ar leibhéil an-ard truaillithe aeir ina ngairm, is cosúil gurb iad is mó atá i mbaol, mar a léirítear i staidéir a nascann truailliú aeir le feidhmíocht chognaíoch laghdaithe i measc daoine scothaosta agus a thugann le fios go bhfuil droch-cháilíocht aeir an-chontúirteach do leanaí. Ba cheart na grúpaí sin a chur ar an eolas agus a chosaint. Aithnítear sa Treoir seo na rioscaí méadaithe agus na riachtanais shonracha atá ag daonra íogair agus ag grúpaí leochaileacha maidir le truailliú aeir agus is é is aidhm léi aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sláinte a eascraíonn as aer truaillithe.
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16 b (nua)
(16b)  Cé gur mórbhaol don tsláinte ón gcomhshaol é truailliú an aeir chomhthimpeallaigh a dhéanann difear do gach duine agus do na Ballstáit uile, tá neart fianaise ag teacht chun cinn maidir leis an ngaol idir stádas socheacnamaíoch agus truailliú aeir, rud a léiríonn go háirithe go mbíonn tionchar níos mó ag truailliú aeir ar shláinte daoine a bhfuil stádas socheacnamaíoch níos ísle acu ná sláinte an phobail i gcoitinne mar thoradh ar a neamhchosaint níos mó agus toisc go bhfuil siad níos leochailí1a. Ba cheart do na Ballstáit tosca den sórt sin a chur i gcuntas agus a bpleananna cáilíochta aeir nó a dtreochláir maidir le cáilíocht an aeir á ndréachtú, á gcur chun feidhme nó á dtabhairt cothrom le dáta acu chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghnéithe sóisialta an truaillithe aeir agus chun tionchair shocheacnamaíocha na mbeart arna ndéanamh a íoslaghdú.
__________________
1a Unequal exposure and unequal impacts: social vulnerability to air pollution, noise and extreme temperatures in Europe, European Environment Agency, 2018 [Teagmháil neamh-chomhionann agus tionchair neamh-chomhionanna: leochaileacht shóisialta maidir le truailliú aeir, torann agus teochtaí foircneacha san Eoraip, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil 2018].
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18
(18)  Ba cheart meánteagmháil an daonra leis na truailleáin lena mbaineann an tionchar is mó dá bhfuil doiciméadaithe ar shláinte an duine, mínábhar cáithníneach (PM2.5) agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), a laghdú de réir mholtaí EDS. agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), a laghdú bunaithe ar mholtaí an EDS Chuige sin, ba cheart oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a thabhairt isteach i gcás na dtruailleán sin, anuas ar theorainnluachanna.
(18)  Ba cheart meánteagmháil an daonra leis na truailleáin lena mbaineann an tionchar is mó dá bhfuil doiciméadaithe ar shláinte an duine, mínábhar cáithníneach (PM2.5) agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), a laghdú bunaithe na moltaí is cothroime le dáta ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Chuige sin, ba cheart oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a thabhairt isteach i gcás na dtruailleán sin, anuas ar theorainnluachanna. Ba cheart go ndéanfadh an oibleagáid maidir leis an meánteagmháil a laghdú comhlánú ar na teorainnluachanna sin a léirigh gurb iad na caighdeáin is infhorfheidhmithe go dtí seo iad agus níor cheart í a chur in ionad na dteorainnluachanna sin.
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19
(19)  Léiríodh sa tSeiceáil Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (Treoir 2004/107/CE agus Treoir 2008/50/CE) go bhfuil teorainnluachanna níos éifeachtaí maidir le tiúchain truailleán a ísliú ná spriocluachanna. Agus é mar aidhm éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a íoslaghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaonraí íogaire, agus ar an gcomhshaol ba cheart teorainnluachanna a shocrú don tiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach. Ba cheart beinsi(a)piréin a úsáid mar shlat tomhais don riosca carcanaigineach a bhaineann le hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach.
(19)  Léiríodh sa tSeiceáil Oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (Treoir 2004/107/CE agus Treoir 2008/50/CE)45 go bhfuil teorainnluachanna níos éifeachtaí maidir le tiúchain truailleán a ísliú ná cineálacha eile caighdeán cáilíochta aeir, amhail spriocluachanna. Agus é mar aidhm éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a íoslaghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar phobail íogaire, agus ar an gcomhshaol ba cheart teorainnluachanna a shocrú don tiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, luaidhe, beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach. Chun cosaint éifeachtach ar éifeachtaí díobhálacha ar éiceachórais a áirithiú, ba cheart na teorainnluachanna sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta i bhfianaise na moltaí is déanaí ó EDS. Ba cheart beinsi(a)piréin a úsáid mar shlat tomhais don riosca carcanaigineach a bhaineann le hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach.
__________________
__________________
45 Seiceáil oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh an 28 Samhain 2019 (SWD(2019) 427 final).
45 Seiceáil oiriúnachta ar na Treoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh an 28 Samhain 2019 (SWD(2019) 427 final).
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Aithris 21
(21)  Is truailleán trasteorann é ózón a fhoirmítear san atmaisféar as astaíochtaí príomhthruailleán a dtugtar aghaidh orthu i dTreoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle . Ba cheart an dul chun cinn i dtreo na spriocanna cáilíochta aeir agus na cuspóirí fadtéarmacha i dtaca le hózón arna leagan amach sa Treoir seo a chinneadh de réir na spriocanna agus na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/2284 agus, trí chur chun feidhme na mbeart costéifeachtach agus na bpleananna cáilíochta aeir.
(21)  Is truailleán trasteorann é ózón a fhoirmítear san atmaisféar as astaíochtaí príomhthruailleán a dtugtar aghaidh ar chuid acu i dTreoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46. Bíonn drochthionchar ag ózón ar leibhéal na talún ní hamháin ar shláinte an duine ach ar fhásra agus ar éiceachórais freisin, as a n-eascraíonn laghdú ar tháirgeacht barr agus ar fhás foraoisí, agus ar chailliúint na bithéagsúlachta. Ba cheart an dul chun cinn i dtreo na spriocanna cáilíochta aeir agus na cuspóirí fadtéarmacha i dtaca le hózón arna leagan amach sa Treoir seo a chinneadh de réir na spriocanna agus na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/2284 agus, trí chur chun feidhme na mbeart costéifeachtach, na dtreochlár maidir le cáilíocht an aeir agus na bpleananna cáilíochta aeir.
__________________
__________________
46 Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
46 Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Aithris 22
(22)  Na spriocluachanna ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha i ndáil le cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an bhfásra agus ar éiceachórais mar thoradh ar theagmháil le hózón ba cheart iad a nuashonrú i bhfianaise na moltaí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
(22)  Na spriocluachanna ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha i ndáil le cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an bhfásra agus ar éiceachórais mar thoradh ar theagmháil le hózón ba cheart iad a nuashonrú go rialta i bhfianaise na moltaí is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Aithris 23
(23)  Ba cheart tairseach foláirimh le haghaidh dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózón, mar aon le tairseach faisnéise le haghaidh ózóin, a shocrú chun an daonra ginearálta, codanna leochaileacha agus íogaire, faoi seach, a chosaint ar theagmhálacha gearrthréimhseacha le tiúchaintí mhéadaithe ózóin. Ba cheart do na tairseacha sin scaipeadh faisnéise i measc an phobail a spreagadh maidir leis na rioscaí a bhaineann le teagmháil agus maidir le cur chun feidhme, más iomchuí, na mbeart gearrthéarma chun na leibhéil truaillithe a laghdú i gcás ina sáraítear an tairseach foláirimh.
(23)  Ba cheart tairseach foláirimh agus tairseach faisnéise le haghaidh dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózóin a shocrú chun an daonra ginearálta, codanna leochaileacha, agus go háirithe do ghrúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, a chosaint ar theagmhálacha gearrthréimhseacha le tiúchaintí mhéadaithe truailleán. Ba cheart do na tairseacha sin scaipeadh faisnéise i measc an phobail a spreagadh maidir leis na rioscaí sláinte gaolmhara a bhaineann le teagmháil agus maidir le cur chun feidhme na mbeart gearrthéarma chun na leibhéil truaillithe a laghdú i gcás ina sáraítear an tairseach foláirimh. Ní shocraítear tairseacha foláirimh agus faisnéise le haghaidh na dtruailleán rialáilte eile, ós rud é gur minic nach ndéantar ach éifeachtaí fadtéarmacha nochta amháin a mheas san fhianaise ar éifeachtaí sláinte na dtruailleán sin. I gcás ina dtagann fianaise eolaíoch chun cinn maidir lena n-éifeachtaí nochta ghearrthéarmaigh, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le tairseacha foláirimh agus faisnéise a thabhairt isteach i leith na dtruailleán sin.
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Aithris 25
(25)  Ba cheart stádas na cáilíochta aeir a choinneáil i gcás ina bhfuil sé go maith cheana féin, nó i gcás ina bhfuil feabhas tagtha air. Na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a leagtar síos sa Treoir seo, i gcás gur ann do bhaol nach gcomhlíonfar iad, nó i gcás nár comhlíonadh iad, ba cheart do na Ballstáit gníomh láithreach a dhéanamh chun na teorainnluachanna, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus leibhéil chriticiúla a chomhlíonadh, agus nuair is féidir, na spriocluachanna agus na cuspóirí fadtéarmacha ózóin a bhaint amach.
(25)  Ba cheart stádas na cáilíochta aeir a choinneáil i gcás ina bhfuil sé go maith cheana féin, nó i gcás ina bhfuil feabhas tagtha air. I gcás ina bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfar na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a leagtar síos sa Treoir seo, nó nár comhlíonadh iad, ba cheart do na Ballstáit gníomhú láithreach agus go leanúnach chun na teorainnluachanna, na meánoibleagáidí laghdaithe neamhchosanta agus na leibhéil chriticiúla a chomhlíonadh, agus i gcás inar féidir, chun na spriocluachanna ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach.
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Aithris 29
(29)  Is féidir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha ach ní féidir é a rialú. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir rannchuidiú nádúrtha le truailleáin in aer comhthimpeallach a chinneadh le cinnteacht leordhóthanach, agus i gcásanna inarb é an rannchuidiú nádúrtha sin is cúis le sáruithe, go hiomlán nó go páirteach, is féidir, faoi na coinníollacha arna leagan síos leis an Treoir seo, an rannchuidiú a dhealú agus comhlíonadh teorainnluachanna cáilíochta an aeir agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála á measúnú. Is féidir rannchuidiú le sáruithe ar theorainnluachanna an ábhair cháithnínigh atá inchurtha i leith gaineamh nó salann a bheith á gcur ar na bóithre sa gheimhreadh a dhealú nuair atá measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir ar choinníoll go ndearnadh bearta réasúnta chun na tiúchain a ísliú.
(29)  Is féidir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha ach is féidir leis a bheith deacair a rialú i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir rannchuidiú nádúrtha le truailleáin in aer comhthimpeallach a chinneadh le cinnteacht leordhóthanach, agus i gcásanna inarb é an rannchuidiú nádúrtha sin is cúis le sáruithe, go hiomlán nó go páirteach, ar sáruithe iad nach bhfuil neart ag na Ballstáit orthu agus nárbh fhéidir a bheith ag dréim leo, iad a mhaolú ná iad a chosc, is féidir, faoi na coinníollacha arna leagan síos leis an Treoir seo, an rannchuidiú a dhealú agus comhlíonadh theorainnluachanna cáilíochta an aeir agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála á measúnú. Ní féidir rannchuidiú le sáruithe ar theorainnluachanna an ábhair cháithnínigh atá inchurtha i leith gainimh nó salainn a bheith á gcur ar na bóithre sa gheimhreadh a dhealú nuair atá measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir ach amháin ar choinníoll go ndearnadh na bearta réasúnta uile chun na tiúchain a ísliú. Níor cheart go gcuirfeadh asbhaintí na rannchuidithe sin, agus measúnú á dhéanamh acu ar chomhlíonadh teorainnluachanna maidir le cáilíocht an aeir agus na hoibleagáidí maidir le meánteagmháil, cosc ar na Ballstáit beart a dhéanamh chun a dtionchar ar an tsláinte a laghdú.
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Aithris 29 a (nua)
(29a)  Tá sé ríthábhachtach faireachán córasach a dhéanamh ar cháilíocht an aeir i gcóngar na dteophointí truaillithe aeir i gcás ina mbíonn tionchar mór ag na hastaíochtaí ó fhoinsí tromthruaillithe ar leibhéal an truaillithe aeir, rud a d’fhéadfadh daoine aonair agus grúpaí daonra a nochtadh do rioscaí méadaithe maidir le héifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pointí samplála a shuiteáil sna teophointí truaillithe aeir, amhail calafoirt nó aerfoirt, chun feabhas a chur ar an tuiscint ar thionchar na bhfoinsí sin ar thruailliú an aeir, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a dtionchar ar shláinte an duine a íoslaghdú.
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Aithris 30
(30)  Maidir le limistéir ina bhfuil na dálaí an-deacair, ba cheart go mbeifí in ann an spriocdháta a chur siar maidir le comhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir i gcásanna ina bhfuil géardeacrachtaí comhlíonta ann, d'ainneoin cur chun feidhme na mbeart laghdaithe truaillithe iomchuí, i limistéir shonracha agus i gceirtleáin shonracha. Ba cheart plean cuimsitheach a bheith ag gabháil le haon chur siar le haghaidh limistéar nó ceirtleán áirithe, agus beidh an plean sin le hathbhreithniú ag an gCoimisiún chun comhlíonadh an spriocdháta athbhreithnithe a áirithiú.
(30)  Maidir le limistéir ina bhfuil na dálaí an-deacair, ba cheart go mbeifí in ann an spriocdháta a chur siar maidir le comhlíonadh na dteorainnluachanna cáilíochta aeir i gcásanna ina bhfuil géardeacrachtaí comhlíonta ann, d'ainneoin chur chun feidhme na mbeart laghdaithe truaillithe iomchuí, i limistéir shonracha agus i gceirtleáin shonracha. Ba cheart plean cuimsitheach a bheith ag gabháil le haon chur siar le haghaidh limistéar áirithe, agus beidh an plean sin le measúnú ag an gCoimisiún chun comhlíonadh an spriocdháta athbhreithnithe a áirithiú.
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Aithris 31
(31)  Ba cheart pleananna a fhorbairt maidir le cáilíocht an aeir do limistéir ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach na teorainnluachanna ábhartha maidir le cáilíocht an aeir, na spriocluachanna ózóin nó na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála. Astaítear truailleáin aeir óna lán foinsí agus gníomhaíochtaí éagsúla. Chun comhleanúnachas idir beartais éagsúla a áirithiú, ba cheart na pleananna cáilíochta aeir sin a bheith comhsheasmhach i gcás inarb indéanta le pleananna agus cláir arna n-ullmhú de bhun Threoir 2010/75/AE 2001/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , Treoir (AE) 2016/2284, agus Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .
(31)  Ba cheart pleananna a fhorbairt maidir le cáilíocht an aeir do limistéir ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach na teorainnluachanna ábhartha maidir le cáilíocht an aeir, na spriocluachanna ózóin nó na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála. Astaítear truailleáin aeir óna lán foinsí agus gníomhaíochtaí éagsúla. Chun comhleanúnachas idir beartais éagsúla a áirithiú, ba cheart na pleananna cáilíochta aeir sin a bheith comhsheasmhach i gcás inarb indéanta le pleananna agus cláir arna n-ullmhú de bhun Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle48, Treoir (AE) 2016/2284, agus Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle49.
__________________
__________________
48 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
48 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
49 Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
49 Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Aithris 31 a (nua)
(31a)   Mar a shoiléirítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais1a, ní cheadaítear síneadh a chur leis an sprioc-am chun caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a chomhlíonadh leis na forálacha maidir le pleananna cáilíochta aeir. Ní chiallaíonn sé sin ann féin gur chomhlíon Ballstát a oibleagáidí chun a áirithiú nach sáraíonn leibhéil na dtruailleán aeir na caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhunaítear leis an Treoir seo.
__________________
1a Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Samhain 2020, an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile, C-644/18, ECLI:EU:C:2020:895, mír 154, agus breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Samhain 2014, ClientEarth v An Státrúnaí Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, C-404/13, ECLI:EU:C:2014:2382, mír 49.
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Aithris 32
(32)  Ba cheart pleananna maidir le cáilíocht an aeir a ullmhú roimh 2030 freisin i gcás ina bhfuil baol ann nach mbainfidh na Ballstáit na teorainnluachanna ná an spriocluach ózóin amach faoin dáta sin chun a áirithiú go laghdófar leibhéil na dtruailleán dá réir sin.
(32)  Chun reachtaíocht an Aontais a ailíniú leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí agus leis na Treoirlínte is déanaí ó EDS maidir le Cáilíocht an Aeir, leagtar síos sa Treoir seo caighdeáin nua maidir le cáilíocht an aeir atá le comhlíonadh faoi 2030. Ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis inniúla, in oirchill spriocdháta 2030 le haghaidh teorainnluachanna nua a leagtar síos i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I, cineál ar leith de phlean maidir le cáilíocht an aeir a fhorbairt, ar treochlár é ar a dtugtar treochlár maidir le cáilíocht an aeir, le haghaidh criosanna ina sáraíonn tiúchan na dtruailleán san aer comhthimpeallach na teorainnluachanna ábhartha maidir le cáilíocht an aeir a socraíodh do 2030. Ba cheart beartais agus bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a leagan amach sa treochlár maidir le cáilíocht an aeir chun na teorainnluachanna sin a chomhlíonadh faoi 2030 ar a dhéanaí. Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, agus d’ainneoin na téarmaíochta sonraí a úsáidtear, ba cheart treochlár maidir le cáilíocht an aeir a mheas mar phlean cáilíochta aeir mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (36).
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Aithris 34
(34)  Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile más rud é, tar éis truailliú suntasach de thionscnamh Ballstáit eile, go sáraíonn, nó gur dócha go sárófar, leibhéal an truailleáin aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó an tairseach foláirimh. B'fhéidir go bhfágfadh cineál trasteorann truailleán sonrach aeir, ar nós ózóin agus ábhar cáithníneach, go mbeidh comhordú idir na Ballstáit ag teastáil i dtaca le pleananna cáilíochta aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas agus a chur chun feidhme agus an pobal a chur ar an eolas maidir leo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit dul i mbun comhair le tríú tíortha, agus béim faoi leith a chur ar rannpháirtíocht luath na dtíortha is iarrthóirí. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon chomhar den sórt sin agus ba cheart cuireadh a thabhairt dó cuidiú leis an gcomhar sin.
(34)  Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile más rud é, tar éis truailliú suntasach de thionscnamh Ballstáit eile, go sáraíonn, nó gur dócha go sárófar, leibhéal an truailleáin aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó an tairseach foláirimh. Ba cheart go bhfágfadh cineál trasteorann truailleán sonrach aeir, ar nós ózóin agus ábhar cáithníneach, go mbeidh comhordú gasta idir na Ballstáit ag teastáil i dtaca le pleananna cáilíochta aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas agus a chur chun feidhme agus an pobal a chur ar an eolas maidir leo a luaithe is féidir. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit dul i mbun comhair le tríú tíortha, agus béim faoi leith a chur ar rannpháirtíocht luath na dtíortha is iarrthóirí. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon chomhar den sórt sin agus ba cheart cuireadh a thabhairt dó cuidiú leis an gcomhar sin.
Leasú 33
Togra le haghaidh treorach
Aithris 35
(35)  Is gá do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le cáilíocht an aeir a bhailiú, a mhalartú agus a scaipeadh chun tuiscint níos fearr a chur ar na tionchair a bhaineann le truailliú aeir agus beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart faisnéis atá cothrom le dáta maidir le tiúchan na dtruailleán rialáilte uile in aer comhthimpeallach mar aon le pleananna cáilíochta aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bheith ar fáil go réidh don phobal freisin.
(35)  Is gá do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis maidir le cáilíocht an aeir a bhailiú, a mhalartú agus a scaipeadh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair a bhaineann le truailliú aeir agus beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart faisnéis atá cothrom le dáta maidir le tiúchan na dtruailleán rialáilte uile in aer comhthimpeallach mar aon le pleananna cáilíochta aeir, treochláir um cháilíocht an aeir agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bheith ar fáil go réidh don phobal freisin ar bhealach comhleanúnach atá éasca le tuiscint.
Leasú 34
Togra le haghaidh treorach
Aithris 35 a (nua)
(35a)  Léirítear san Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag 40% de dhaoine fásta san Aontas1a. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar faisnéis atá le cur ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an Treoir seo a chur in iúl, i gcás inarb ábhartha, trí bhealaí cumarsáide neamhdhigiteacha freisin.
__________________
1a Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) 2022 (https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/desi).
Leasú 35
Togra le haghaidh treorach
Aithris 40
(40)  Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndearnadh damáiste do shláinte an duine mar thoradh ar shárú ar Airteagail 19, 20 agus 21 den Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na daoine aonair a ndéanann na sáruithe sin difear dóibh in ann cúiteamh as an damáiste sin a éileamh agus a fháil ón údarás inniúil ábhartha. Is é is cuspóir do na rialacha maidir le cúiteamh, rochtain ar cheartas agus pionóis a leagtar síos sa Treoir seo éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ó thruailliú aeir a sheachaint, a chosc agus a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 191(1) CFAE. Dá bhrí sin, féachann siad le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt, agus cuirtear i dtéarmaí nithiúla an oibleagáid an ceart chun beatha a chosaint agus chun sláine an duine a leagtar síos in Airteagail 2 agus 3 den Chairt. Rannchuidíonn sé freisin leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt, i ndáil le sláinte an duine a chosaint.
(40)  Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndearnadh damáiste do shláinte agus d’fholláine an duine mar thoradh ar shárú ar Airteagail 13, 19, 20 agus 21 den Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na daoine aonair a ndéanann na sáruithe sin difear dóibh in ann cúiteamh as an damáiste sin a éileamh agus a fháil ón údarás inniúil ábhartha. Is é is aidhm leis an Treoir seo éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ó thruailliú aeir a sheachaint, a chosc agus a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 191(1) CFAE. Dá bhrí sin, féachtar léi le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt, agus cuirtear i dtéarmaí nithiúla an oibleagáid an ceart chun beatha a chosaint agus chun sláine an duine, an ceart chun saoil phríobháidigh agus an ceart chun cúraim sláinte a leagtar síos in Airteagail 2, 3, 7 agus 35 den Chairt. Rannchuidíonn sé freisin leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt, i ndáil le sláinte an duine a chosaint. Ina theannta sin, aithnítear agus cosnaítear inti ceart an duine chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe mar a d’aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i rún 76/300 an 28 Iúil 2022.
Leasú 36
Togra le haghaidh treorach
Aithris 40 a (nua)
(40a)  Is sásra comhchoiteann iad toimhdí infhrisnéise chun deacrachtaí fianaiseacha an éilitheora a mhaolú, agus cearta an chosantóra á gcaomhnú ag an am céanna. Níl toimhdí infhrisnéise infheidhme ach amháin ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Chun cionroinnt chothrom an riosca a choinneáil, agus chun aisiompú an dualgais cruthúnais a sheachaint, ba cheart a cheangal ar éilitheoir fianaise atá ábhartha go leor a léiriú, lena n-áirítear sonraí eolaíocha, as a n-eascraíonn toimhde go raibh an sárú ina chúis leis an damáiste nó gur rannchuidigh sé le tarlú an damáiste. I bhfianaise na ndúshlán fianaiseach a mbíonn ar dhaoine gortaithe aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe i gcásanna casta, bainfear cothromaíocht chóir amach le toimhde infhrisnéise den sórt sin idir cearta na ndaoine aonair atá ag fulaingt ón damáiste do shláinte an duine agus cearta na n-údarás ábhartha. Ba cheart go bhféadfaí sonraí eolaíocha ábhartha a úsáid mar fhianaise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil sonraí eolaíocha ábhartha den sórt sin ar fáil, ba cheart go bhféadfaí fianaise eile a úsáid chun tacú leis an maíomh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ós rud é go leagtar síos caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir ar bhonn an eolais eolaíoch maidir le héifeachtaí díobhálacha an truaillithe aeir ar shláinte an duine, i gcás ina sáraítear teorainnluachanna, éiríonn truailliú aeir díobhálach do shláinte agus d’fholláine na ndaoine a nochtar dó iad1a.
__________________
1a Breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in Fadeyeva v. An Rúis, 55723/00, (ECtHR, 9 Meitheamh 2005), §87.
Leasú 37
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1
1.  Leagtar amach sa Treoir seo cuspóir maidir le truailliú nialasach do cháilíocht an aeir, ionas go gcuirfear feabhas de réir a chéile ar cháilíocht an aeir laistigh den Aontas go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine agus d’éiceachórais nádúrtha, mar a shainítear le fianaise eolaíoch, rud a chuirfidh le timpeallacht atá saor ó thocsainí faoi 2050 ar a dhéanaí.
1.  Leagtar amach sa Treoir seo cuspóir maidir le truailliú nialasach do cháilíocht an aeir, ionas go gcuirfear feabhas de réir a chéile ar cháilíocht an aeir laistigh den Aontas go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine, d’éiceachórais nádúrtha agus do bhithéagsúlacht mar a shainítear leis an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus is cothroime le dáta, rud a chuirfidh le timpeallacht atá saor ó thocsainí faoi 2050 ar a dhéanaí.
Leasú 295
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 2
2.  Leagtar síos sa Treoir seo teorainnluachanna idirmheánacha, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála, leibhéil chriticiúla, tairseacha faisnéise, tairseacha foláirimh agus cuspóirí fadtéarmacha (‘caighdeáin cáilíochta aeir’) atá le comhlíonadh faoin mbliain 2030, agus a ndéanfar athbhreithniú rialta orthu ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 3.
2.  Leis an Treoir seo, socraítear teorainnluachanna, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le meánteagmháil a laghdú, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála agus leibhéil chriticiúla, a bheidh le comhlíonadh a luaithe is féidir agus faoin mbliain 2030 ar a dhéanaí, agus a ndéanfar athbhreithniú rialta orthu ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 3. Leagtar amach ann freisin cuspóirí fadtéarmacha, tairseacha faisnéise agus tairseacha foláirimh mar chuid de chaighdeáin maidir le cáilíocht an aeir.
Leasú 39
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 3
3.  Thairis sin, rannchuidíonn an Treoir seo leis an méid seo a leanas a bhaint amach: cuspóirí an Aontais maidir le laghdú truaillithe, bithéagsúlacht agus éiceachórais i gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.  Thairis sin, rannchuidíonn an Treoir seo le cuspóirí laghdaithe truaillithe, bithéagsúlachta agus éiceachórais an Aontais a ghnóthú i gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55, agus le sineirgí feabhsaithe idir beartas an Aontais maidir le cáilíocht an aeir agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe beartais aeráide, iompair agus fuinnimh.
__________________
__________________
55 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
55 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
Leasú 40
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3
3.  Bearta chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh , ar na treochtaí fadtéarmacha agus ar thionchair beart náisiúnta agus bhearta an Aontais ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ;
3.  bearta chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, ar na treochtaí fadtéarmacha agus ar thionchair na mbeart náisiúnta agus bhearta an Aontais, agus na mbeart arna mbunú i gcomhar le tríú tíortha, ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh;
Leasú 41
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4
4.  bearta chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar fáil don phobal;
4.  bearta chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a chomhchuibhiú ar fud an Aontais agus go gcuirfear ar fáil don phobal í;
Leasú 42
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6
6.  bearta chun comhar breise a chur chun cinn idir na Ballstáit i dtaca le truailliú aeir a laghdú.
6.  bearta lena gcuirtear chun cinn comhar méadaithe idir na Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, chomh maith le tríú tíortha a bhfuil comhtheorainn acu leis an Aontas, chun truailliú aeir a laghdú.
Leasú 43
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1
1.  Faoin 31 Nollaig 2028, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus níos minice má léiríonn torthaí eolaíocha nua substaintiúla go bhfuil gá leis, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin aeir agus a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol atá ábhartha chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
1.  Faoin 31 Nollaig 2028, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus níos minice má léiríonn torthaí eolaíocha nua substaintiúla go bhfuil gá leis, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin aeir agus a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol atá ábhartha chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an t-athbhreithniú gan moill mhíchuí tar éis fhoilsiú Threoirlínte EDS maidir le Cáilíocht an Aeir.
Leasú 44
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 2
Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, measfar san athbhreithniú an gá an Treoir seo a athbhreithniú d’fhonn ailíniú a áirithiú le Treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Cáilíocht an Aeir agus leis an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí.
Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a ghnóthú, measfar san athbhreithniú an gá an Treoir seo a athbhreithniú d’fhonn ailíniú iomlán agus leanúnach a áirithiú leis na Treoirlínte is cothroime le dáta ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) maidir le Cáilíocht an Aeir, leis an athbhreithniú is déanaí ó Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip agus leis an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí.
Leasú 45
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe a
(a)  an fhaisnéis eolaíoch is déanaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ó eagraíochtaí ábhartha eile,
(a)  an fhaisnéis eolaíoch is déanaí ó chomhlachtaí ábhartha an Aontais, ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ó eagraíochtaí eolaíocha ábhartha eile,
Leasú 46
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe b
(b)  forbairtí teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht an aeir agus ar a measúnú,
(b)  athruithe ar iompraíocht, bearta fioscach agus forbairtí teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht an aeir agus ar a measúnú,
Leasú 47
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe c
(c)  cásanna a bhaineann le cáilíocht an aeir agus na tionchair ghaolmhara ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol sna Ballstáit,
(c)  cáilíocht an aeir agus na tionchair ghaolmhara ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol sna Ballstáit,
Leasú 48
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe c a (nua)
(ca)  cúram sláinte díreach agus indíreach agus costais chomhshaoil a bhaineann le truailliú aeir chomh maith le hanailís costais is tairbhe,
Leasú 49
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe a (nua)
(da)  an dul chun cinn atá déanta maidir le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais a chur chun feidhme, go háirithe i réimse na haeráide, an iompair agus an fhuinnimh,
Leasú 50
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 – pointe d b (nua)
(db)  caighdeáin níos déine maidir le cáilíocht an aeir a bheith á dtabhairt isteach ag Ballstáit aonair i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE.
Leasú 51
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 3 a (nua)
Tacóidh an Coimisiún le hOifig Réigiúnach EDS don Eoraip agus oibreoidh sé go dlúth léi chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch maidir le héifeachtaí truaillithe aeir ar an tsláinte.
Leasú 52
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 a (nua)
2a.  Sa chéad athbhreithniú rialta, faoin 31 Nollaig 2028, molfaidh an Coimisiún, más iomchuí, teorainnluachanna, spriocluachanna nó leibhéil chriticiúla le haghaidh na dtruailleán aeir arna dtomhas leis na sárláithreáin faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 10 ach nach n-áirítear faoi láthair in Iarscríbhinn I. Beidh na luachanna nó na leibhéil sin i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí maidir lena bhfuil riachtanach chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint. Faoi chuimsiú an chéad athbhreithnithe rialta, foilseoidh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht an spriocluach d’ózón a thiontú ina theorainnluach, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.
Leasú 53
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 4
4.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb iomchuí sin, mar thoradh ar an athbhreithniú, tíolacfaidh sé togra chun caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a athbhreithniú nó truailleáin aeir eile a chumhdach.
4.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb iomchuí sin, mar thoradh ar an athbhreithniú, tíolacfaidh sé togra chun caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a athbhreithniú nó truailleáin aeir eile a chumhdach. Déanfar an togra sin a fhorbairt i gcomhréir le prionsabal an neamh-chúlchéimnithe.
Leasú 54
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
(1a)  ciallaíonn ‘caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir’ teorainnluachanna, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, leibhéil chriticiúla, tairseacha faisnéise agus tairseacha foláirimh;
Leasú 55
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 21
(21)  ciallaíonn ‘meastachán oibiachtúil’ modh measúnaithe chun faisnéis chainníochtúil nó cháilíochtúil a fháil maidir le tiúchan nó leibhéal deasctha truailleáin trí bhreithiúnas saineolach, lena bhféadfaí úsáid uirlisí staidrimh, cianbhraiteacht, agus braiteoirí in situ a áireamh;
scriosta
Leasú 56
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 23
(23)  ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna uirbeacha’ áiteanna i gceantair uirbeacha ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra uirbigh ghinearálta;
(23)  ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna uirbeacha’ áiteanna i gceantair uirbeacha ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra uirbigh ghinearálta, lena n-áirítear daonra íogair agus grúpaí leochaileacha uirbeacha;
Leasú 57
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 24
(24)  ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna tuaithe’ áiteanna i gceantair thuaithe ina bhfuil dlús an daonra íseal agus ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra tuaithe ghinearálta;
(24)  ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna tuaithe’ áiteanna i gceantair thuaithe ina bhfuil dlús an daonra íseal agus ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra tuaithe ghinearálta, lena n-áirítear daonra íogair agus grúpaí leochaileacha tuaithe;
Leasú 58
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 24 a (nua)
(24a)  ciallaíonn ‘teophointí truaillithe aeir’ i gcás ina mbíonn tionchar mór ag na hastaíochtaí ó fhoinsí tromthruaillithe ar leibhéal an truaillithe, amhail bóithre plódaithe agus bóithre a mbíonn trácht trom orthu, mótarbhealaí nó mórbhealaí eile, foinse thionsclaíoch aonair nó limistéar tionsclaíoch ina bhfuil go leor foinsí, calafort, aerfort, téamh dianchónaithe, nó meascán díobh sin, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
Leasú 59
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 26
(26)  ciallaíonn ‘teorainnluach’ leibhéal nár cheart é a shárú agus atá socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú ;
(26)  ciallaíonn ‘teorainnluach’ leibhéal atá socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú, agus atá le baint amach laistigh de thréimhse áirithe agus nár cheart é a shárú agus é bainte amach ;
Leasú 60
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 28
(28)  ciallaíonn ‘táscaire meánteagmhála’ meánleibhéal arna chinneadh ar bhonn na dtomhas ag cúlsuíomhanna uirbeacha ar fud an aonaid chríochaigh ag NUTS leibhéal 1 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, nó, i gcás nach bhfuil aon cheantar uirbeach suite san aonad críochach sin, ag culsuíomhanna tuaithe, ina léirítear teagmháil an daonra, úsáidtear é chun a sheiceáil cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála don aonad críochach sin;
(28)  ciallaíonn ‘táscaire meánteagmhála’ meánleibhéal arna chinneadh ar bhonn na dtomhas ag cúlsuíomhanna uirbeacha ar fud an aonaid chríochaigh ag NUTS leibhéal 2 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, nó, i gcás nach bhfuil aon cheantar uirbeach suite san aonad críochach sin, ag culsuíomhanna tuaithe, ina léirítear teagmháil an daonra, úsáidtear é chun a sheiceáil cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála don aonad críochach sin;
Leasú 61
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 29
(29)  ciallaíonn‘an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála’ laghdú céatadáin ar mheánteagmháil an daonra, arna shloinneadh mar tháscaire meánteagmhála, d’aonad críochach ag NUTS leibhéal 1 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 atá socraithe don bhliain thagartha agus é mar aidhm aige laghdú a bhaint amach ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine, atá le baint amach thar thréimhse áirithe;
(29)  ciallaíonn‘an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála’ laghdú céatadáin ar mheánteagmháil an daonra, arna shloinneadh mar tháscaire meánteagmhála, d’aonad críochach ag NUTS leibhéal 2 de réir mar a thugtar tuairisc air i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 atá socraithe don bhliain thagartha agus é mar aidhm aige laghdú a bhaint amach ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine, atá le baint amach thar thréimhse áirithe agus nár cheart é a shárú agus é bainte amach;
__________________
__________________
57 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann ar aonaid chríochacha le haghaidh staitisticí (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
57 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann ar aonaid chríochacha le haghaidh staitisticí (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
Leasú 62
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 30
(30)  ciallaíonn ‘oibleagáid maidir le tiúchan meánteagmhála’ leibhéal den táscaire meánteagmhála atá le baint amach, agus é mar aidhm aige na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a laghdú ;
(30)  ciallaíonn ‘oibleagáid maidir le tiúchan meánteagmhála’ leibhéal den táscaire meánteagmhála a shocraítear, agus é mar aidhm aige na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a laghdú, agus atá le baint amach laistigh de thréimhse áirithe agus nár cheart é a shárú agus é bainte amach;
Leasú 63
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 35
(35)  ciallaíonn rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha’ astaíochtaí truailleán nach n-eascraíonn go díreach ná go hindíreach as gníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear teagmhais nádúrtha ar nós brúchta bholcánaigh, gníomhaíochtaí seismeacha, gníomhaíochtaí geoiteirmeacha, dóiteáin fhiathalún, imeachtaí ardghaoithe, cáitheadh farraige nó cáithníní nádúrtha ó réigiúin thirime á athfhuaidreamh nó a n-iompar san atmaisféar;
(35)  ciallaíonn ‘rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha’ astaíochtaí truailleán nach n-eascraíonn go díreach ná go hindíreach as gníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear teagmhais nádúrtha ar nós brúchta bholcánaigh, gníomhaíochtaí seismeacha, gníomhaíochtaí geoiteirmeacha, dóiteáin fhiathalún, imeachtaí ardghaoithe, cáitheadh farraige nó cáithníní nádúrtha ó réigiúin thirime á athfhuaidreamh nó a n-iompar san atmaisféar, nach bhféadfadh an Ballstát lena mbaineann iad a chosc ná a mhaolú trí ghníomhaíochtaí beartais;
Leasú 296
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 35 a (nua)
(35a)  ciallaíonn ‘treochlár cáilíochta aeir’ plean cáilíochta aeir, a ghlactar roimh an spriocdháta gnóthachtála maidir le teorainnluachanna nua a leagtar síos i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I, ina leagtar amach beartais agus bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha chun na teorainnluachanna sin a chomhlíonadh;
Leasú 65
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 36
(36)  ciallaíonn ‘pleananna cáilíochta aeir’ pleananna ina leagtar síos bearta chun na teorainnluachanna, spriocluachanna ózóin nó oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála a chomhlíonadh ;
(36)  ciallaíonn ‘pleananna cáilíochta aeir’ pleananna ina leagtar síos bearta chun na teorainnluachanna, spriocluachanna ózóin nó oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála a chomhlíonadh tar éis sárú a bheith déanta orthu;
Leasú 66
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 38
(38)  ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann sáruithe ar chaighdeáin cáilíochta aeir difear dóibh, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta;
(38)  ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann sáruithe ar chaighdeáin cáilíochta aeir difear dóibh, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó an chomhshaoil chun cinn;
Leasú 67
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe 39
(39)  ciallaíonn ‘daonra íogair agus grúpaí leochaileacha’ na grúpaí daonra sin atá níos leochailí do theagmháil le haerthruailliú ná an meándaonra, toisc go bhfuil íogaireacht níos airde nó tairseach níos ísle acu maidir le héifeachtaí ar an tsláinte nó toisc go bhfuil cumas laghdaithe acu iad féin a chosaint.
(39)  ciallaíonn ‘daonra íogair agus grúpaí leochaileacha’ na grúpaí daonra sin atá níos íogaire nó níos leochailí, go buan nó go sealadach, d’éifeachtaí an truaillithe aeir ná an meándaonra, mar gheall ar shaintréithe sonracha a fhágann gur suntasaí na hiarmhairtí sláinte a bhaineann le teagmháil nó toisc go bhfuil íogaireacht níos airde nó tairseach níos ísle acu maidir le héifeachtaí ar an tsláinte nó toisc go bhfuil cumas laghdaithe acu iad féin a chosaint.
Leasú 68
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe b
(b)  ceadú na gcóras tomhais (modhanna, trealamh, líonraí agus saotharlanna);
(b)  ceadú na gcóras tomhais (suíomhanna, modhanna, trealamh, líonraí agus saotharlanna) agus feidhmiú agus cothabháil leormhaith an líonra faireacháin a áirithiú;
Leasú 69
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe c
(c)  beachtas na dtomhas a áirithiú;
(c)  beachtas na dtomhas a áirithiú mar aon le haistriú agus comhroinnt sonraí tomhais, lena n-áirítear go gcomhlíonann siad na cuspóirí cáilíochta sonraí a leagtar síos in Iarscríbhinn V;
Leasú 70
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe d
(d)  cruinneas na bhfeidhmchlár samhaltaithe a áirithiú;
(d)  cruinneas na bhfeidhmchlár samhaltaithe maidir le cáilíocht aeir a áirithiú;
Leasú 71
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe g
(g)  comhar leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún;
(g)  comhar leis na Ballstáit eile, le tríú tíortha agus leis an gCoimisiún;
Leasú 72
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe h
(h)  pleananna cáilíochta aeir a bhunú;
(h)  pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir a bhunú;
Leasú 73
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1 – pointe i a (nua)
(ia)  innéacs maidir le cáilíocht an aeir a thabharfar cothrom le dáta in aghaidh na huaire agus faisnéis phoiblí ábhartha eile a sholáthar agus a chothabháil.
Leasú 74
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 4
4.  I ngach limistéar ina bhfuil leibhéal na dtruailleán faoin tairseach measúnaithe arna socrú do na truailleáin sin, is leor feidhmchláir samhaltaithe, tomhais tháscacha, teicníochtaí meastóireachta oibiachtúla, nó comhcheangal díobh chun cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a mheasúnú.
4.  I ngach limistéar ina bhfuil leibhéal na dtruailleán faoin tairseach measúnaithe arna socrú do na truailleáin sin, is leor comhcheangal d’fheidhmchláir samhaltaithe agus tomhais tháscacha chun cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a mheasúnú.
Leasú 75
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 5
5.  Má léiríonn samhaltú sárú aon teorainnluacha nó sárú aon spriocluacha ózóin i gcuid den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta, úsáidfear tomhais sheasta nó tháscacha bhreise ar feadh bliana féilire amháin ar a laghad tar éis an sárú a thaifeadadh, chun leibhéal tiúchana an truailleáin ábhartha a mheasúnú.
5.  Má léiríonn samhaltú nó tomhais tháscacha sárú aon teorainnluacha nó sárú aon spriocluacha ózóin i gcuid den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta, déanfar tomhais sheasta bhreise a shuiteáil laistigh de 6 mhí tar éis an sárú a thaifeadadh agus úsáidfear iad ar feadh bliana féilire amháin ar a laghad chun leibhéal tiúchana an truailleáin ábhartha a mheasúnú.
Leasú 76
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 7
7.  De bhreis ar an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Airteagal 10, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, faireachán ar leibhéil na gcáithníní sármhíne i gcomhréir le Pointe D d’Iarscríbhinn III agus Roinn 3 d’Iarscríbhinn VII.
7.  De bhreis ar an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Airteagal 10, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar leibhéil na gcáithníní sármhíne, ar charbón dubh, ar amóinia agus ar mhearcair i gcomhréir le Pointe D d’Iarscríbhinn III agus le Ranna 3, 3a, 3b agus 3c d’Iarscríbhinn VII.
Leasú 77
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Beidh suíomh na bpointí samplála ionadaíoch ar theagmháil na bpobal atá i mbaol agus ar theagmháil ceann amháin nó níos mó de dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha.
Leasú 78
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 9 – mír 2
2.  I ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán an tairseach measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh líon na bpointí samplála le haghaidh gach truailleán níos lú ná líon íosta na bpointí samplála a shonraítear i Táblaí 3 agus 4 de Phointí A agus C, d’Iarscríbhinn III.
2.  I ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán an tairseach measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh líon na bpointí samplála le haghaidh gach truailleán níos lú ná líon íosta na bpointí samplála a shonraítear i bPointí A agus C, d’Iarscríbhinn III.
Leasú 79
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 9 – mír 3 – pointe c
(c)  is ionann líon na dtomhas táscach agus líon na dtomhas seasta atá á n-ionadú agus maireann na tomhais tháscacha 2 mhí ar a laghad in aghaidh na bliana féilire;
(c)  is ionann líon na dtomhas táscach agus líon na dtomhas seasta atá á n-ionadú agus maireann na tomhais tháscacha 2 mhí ar a laghad in aghaidh na bliana féilire, dáilte go cothrom thar an mbliain féilire;
Leasú 80
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 9 – mír 5
5.  Áiritheoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, go léiríonn an dáileadh arna úsáid chun ríomh a dhéanamh ar na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus NO2, teagmháil an daonra ghinearálta go leordhóthanach. Ní bheidh líon na bpointí samplála níos lú ná an líon arna chinneadh le cur i bhfeidhm Phointe B, d’Iarscríbhinn III.
5.  Áiritheoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, go léiríonn an dáileadh arna úsáid chun ríomh a dhéanamh ar na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus dé-ocsaíd nítrigine (NO2), teagmháil an daonra ghinearálta go leordhóthanach. Ní bheidh líon na bpointí samplála níos lú ná an líon arna chinneadh le cur i bhfeidhm Phointe B, d’Iarscríbhinn III.
Leasú 81
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 9 – mír 7
7.  Pointí samplála ar taifeadadh sáruithe ar aon teorainnluach a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le 3 bliana roimhe sin acu, ní dhéanfar iad a athlonnú ach amháin má tá gá le hathlonnú de bharr imthosca speisialta, lena n-áirítear forbairt spásúil. Déanfar pointí samplála a athlonnú laistigh dá limistéar ionadaíochta spásúla agus beidh sé bunaithe ar thorthaí samhaltaithe.
7.  Pointí samplála ar taifeadadh sáruithe ar aon teorainnluach a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le 3 bliana roimhe sin acu, ní dhéanfar iad a athlonnú ach amháin má tá fíorghá le hathlonnú. Déanfar pointí samplála a athlonnú laistigh dá limistéar ionadaíochta spásúla, áiritheofar leanúnachas an tomhais agus beidh sé bunaithe ar thorthaí samhaltaithe.
Leasú 82
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 1
Bunóidh gach Ballstát sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 10 milliún áitritheoir ag cúlsuíomh uirbeach. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil níos lú ná 10 milliún áitritheoir iontu sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh uirbeach.
Bunóidh gach Ballstát sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 2 milliún áitritheoir ag cúlsuíomh uirbeach. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil níos lú ná milliún áitritheoir iontu sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh uirbeach.
Leasú 83
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 5
5.  Áireofar sna tomhais ar gach sárláithreán faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha tomhais sheasta nó tháscacha maidir le dáileadh méide cáithníní sármhíne agus acmhainneacht ocsaídiúcháin ábhair cháithnínigh.
5.  Áireofar sna tomhais ar gach sárláithreán faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha tomhais sheasta maidir le dáileadh méide cáithníní sármhíne agus acmhainneacht ocsaídiúcháin ábhair cháithnínigh.
Leasú 84
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 6 – pointe a
(a)  tomhais sheasta ar ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5), dé-ocsaíd nítrigine (NO2), ózón (O3), carbón dubh (BC), amóinia (NH3) agus cáithníní sármhíne (UFP).
(a)  tomhais sheasta ar ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5), dé-ocsaíd nítrigine (NO2), dé-ocsaíd sulfair (SO2), aonocsaíd charbóin (CO), ózón (O3), carbón dubh (BC), amóinia (NH3) agus cáithníní sármhíne (UFP).
Leasú 85
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 6 – pointe b
(b)  tomhais sheasta nó tháscacha ar mhínábhar cáithníneach (PM2.5) chun faisnéis a sholáthar, ar a laghad, maidir lena mais-tiúchan iomlán agus a dtiúchain um speiceasú ceimiceach ar bhonn meán bliantúil i gcomhréir le Roinn 1 d’Iarscríbhinn VII;
(b)  tomhais sheasta ar mhínábhar cáithníneach (PM2.5) chun faisnéis a sholáthar, ar a laghad, maidir lena mais-tiúchan iomlán agus a dtiúchain um speiceasú ceimiceach ar bhonn meán bliantúil i gcomhréir le Roinn 1 d’Iarscríbhinn VII;
Leasú 86
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 6 – pointe c
(c)  tomhais sheasta nó tháscacha ar arsanaic, caidmiam, nicil, mearcair gásach iomlán, beansó(ai)piréin agus ar na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), agus ar an deascadh iomlán d’arsanaic, caidmiam, nicil, beansó(a)phíréin agus de na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), gan beann ar na leibhéil tiúchana.
(c)  tomhais sheasta ar arsanaic, caidmiam, nicil, mearcair gásach iomlán, beinsi[a]piréin agus ar na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), agus ar an deascadh iomlán d’arsanaic, caidmiam, mearcair, nicil, luaidhe, beinséin, beinsi[a]piréin agus de na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 8(6), gan beann ar na leibhéil tiúchana.
Leasú 87
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 7
7.  Féadfar mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach a thomhas freisin ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha agus ag cúlsuíomhanna tuaithe.
7.  Déanfar mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach a thomhas freisin ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha agus ag cúlsuíomhanna tuaithe.
Leasú 88
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – teideal
Ceanglais i gcás ina bhfuil leibhéil níos ísle ná na teorainnluachanna, spriocluach ózóin agus cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála, ach os cionn na dtairseach measúnaithe
Ceanglais i gcás ina bhfuil leibhéil níos ísle ná na teorainnluachanna, spriocluach ózóin agus cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála
Leasú 89
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 2
2.  I limistéir ina bhfuil na leibhéil ózóin faoi bhun an spriocluacha ózóin déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na leibhéil sin a choinneáil faoi bhun an spriocluacha ózóin agus déanfaidh siad iarracht na cuspóirí fadtéarmacha a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I , a mhéid is féidir de réir na dtosca lena n-áirítear cineál trasteorann an truailleáin ózóin agus na dálaí meitéareolaíocha , agus ar an gcoinníoll nach gcuimsíonn aon bheart riachtanach costas díréireach.
2.  I limistéir ina bhfuil na leibhéil ózóin faoi bhun an spriocluacha ózóin déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na leibhéil sin a choinneáil faoi bhun an spriocluacha ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a bhaint amach, a mhéid is féidir de réir na dtosca lena n-áirítear cineál trasteorann an truailleáin ózóin agus na dálaí meitéareolaíocha. A luaithe a bheidh na cuspóirí fadtéarmacha bainte amach, coinneoidh na Ballstáit na leibhéil ózóin faoi bhun na gcuspóirí fadtéarmacha.
Leasú 90
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 3
3.  In aonaid chríochacha ar leibhéal NUTS 1 mar a thuairiscítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 i gcás ina bhfuil na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus NO2 faoi bhun luach na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála le haghaidh na dtruailleán sin mar a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, coinneoidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin faoi bhun na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála
3.  In aonaid chríochacha ar leibhéal NUTS 2 mar a thuairiscítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 i gcás ina bhfuil na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2.5 agus NO2 faoi bhun luach na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála le haghaidh na dtruailleán sin mar a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, coinneoidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin faoi bhun na gcuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála
Leasú 91
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 4
4.  Déanfaidh na Ballstáit iarracht chun an cháilíocht is fearr maidir leis an aer comhthimpeallach a bhaint amach agus a chaomhnú mar aon le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol , i gcomhréir leis na treoirlínte cáilíochta aeir arna bhfoilsiú ag EDS agus faoi bhun na dtairseacha measúnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II .
4.  Déanfaidh na Ballstáit iarracht chun an cháilíocht is fearr maidir leis an aer comhthimpeallach a bhaint amach agus a chaomhnú mar aon le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, i gcomhréir le treoirlínte EDS is déanaí maidir le Cáilíocht An Aeir agus athbhreithnithe arna bhfoilsiú ag Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip agus faoi bhun na dtairseach measúnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha a chosaint.
Leasú 92
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála i ndáil le PM2.5 agus NO2 a leagtar síos i Roinn 5, Pointe B, Iarscríbhinn I, ar fud a gcuid aonad críochach ar leibhéal NUTS 1, ina sáraíonn siad na cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála a leagtar amach i Roinn 5, Pointe C, d’Iarscríbhinn I.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála i ndáil le PM2.5 agus NO2 a leagtar síos i Roinn 5, Pointe B, Iarscríbhinn I, ar fud a gcuid aonad críochach ar leibhéal NUTS 2, ina sáraíonn siad na cuspóirí maidir le tiúchan na meánteagmhála a leagtar amach i Roinn 5, Pointe C, d’Iarscríbhinn I.
Leasú 297
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 6
6.  Féadfaidh sé go ndéanfar an spriocdháta le haghaidh na teorainnluachanna a bhaint amach a leagtar síos idTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 18.
6.  Féadfaidh sé go ndéanfar an spriocdháta le haghaidh na teorainnluachanna a bhaint amach a leagtar síos i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le haghaidh na dtruailleán dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 18.
Leasú 94
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 1
1.  Na tairseacha foláirimh le haghaidh na dtiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine , agus ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) san aer comhthimpeallach, is iad na cinn a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A d’Iarscríbhinn I.
1.  Na tairseacha foláirimh le haghaidh na dtiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine , d’ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus d’ózón san aer comhthimpeallach, is iad na cinn a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A d’Iarscríbhinn I.
Leasú 95
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 2
2.  Is é an tairseach foláirimh agus an tairseach faisnéise le haghaidh ózóin an tairseach a leagtar síos i Roinn 4, Pointe B, d’Iarscríbhinn I.
2.  Is iad na tairseacha faisnéise le haghaidh tiúchain dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine, ábhair cháithnínigh (PM10 agus PM2.5) agus ózóin na tairseacha a leagtar síos i Roinn 4, Pointe B, d’Iarscríbhinn I.
Leasú 96
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 2 a (nua)
2a.  I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A, d’Iarscríbhinn I, cuirfidh na Ballstáit, na bearta éigeandála a luaitear sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha arna dtarraingt suas faoi Airteagal 20 chun feidhme gan moill mhíchuí.
Leasú 97
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 3
3.  I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh nó aon tairseach faisnéise a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na céimeanna ar fad is gá chun an pobal a chur ar an eolas laistigh de roinnt uaireanta an chloig, ag baint úsáid as na bealaí meán agus cumarsáide éagsúla agus rochtain leathan ag an bpobal a áirithiú .
3.  I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na céimeanna ar fad is gá chun an pobal a chur ar an eolas laistigh de roinnt uaireanta an chloig, ar a dhéanaí, ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe, lena soláthrófar faisnéis mhionsonraithe faoi dhéine an tsáraithe agus faoi na tionchair sláinte ghaolmhara, chomh maith le moltaí chun an daonra a chosaint, agus béim ar leith á leagan ar dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha. Bainfidh na Ballstáit úsáid as na bealaí meán agus cumarsáide éagsúla agus áiritheoidh siad go mbeidh rochtain leathan ag an bpobal.
Leasú 98
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 3 a (nua)
3a.  I gcás ina sáraítear aon tairseach faisnéise a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na céimeanna ar fad is gá chun an pobal, agus daonra íogair agus grúpaí leochaileacha. go háirithe, a chur ar an eolas, laistigh de roinnt uaireanta an chloig ar a dhéanaí, ar bhealach inrochtana, comhleanúnach agus sothuigthe.
Leasú 99
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 4
4.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoi sháruithe iarbhír nó tuartha ar aon tairseach foláirimh nó tairseach faisnéise a sholáthar don phobal a luaithe is féidir i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IX.
4.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoi sháruithe iarbhír nó tuartha ar aon tairseach foláirimh nó tairseach faisnéise a sholáthar don phobal ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe a luaithe is féidir i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IX.
Leasú 100
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 1 – pointe b
(b)  aonaid chríochacha NUTS 1 i gcás ina bhfuil sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh leis na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála inchurtha i leith foinsí nádúrtha.
(b)  aonaid chríochacha NUTS 2 i gcás ina bhfuil sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh leis na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála inchurtha i leith foinsí nádúrtha.
Leasú 101
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 2
2.  Cuirfidh na Ballstáit liostaí ar fáil don Choimisiún d’aon limistéar den sórt sin agus d’aonaid chríochacha NUTS 1, dá dtagraítear i mír 1, mar aon le faisnéis maidir le tiúchan agus foinsí agus fianaise lena léirítear go bhfuil na sáruithe inchurtha i leith foinsí nádúrtha.
2.  Cuirfidh na Ballstáit liostaí ar fáil don Choimisiún d’aon limistéar den sórt sin agus d’aonaid chríochacha NUTS 2, dá dtagraítear i mír 1, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a)   faisnéis maidir le tiúchain agus foinsí;
(b)   an fhianaise lena léirítear go bhfuil na sáruithe inchurtha i leith foinsí nádúrtha agus nárbh fhéidir leis an mBallstát lena mbaineann iad a thuar, a chosc nó a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an fhianaise lena léirítear tionchar na suaití éiceachórais arna dtiomáint ag an athrú aeráide a bhfuil sáruithe den sórt sin mar thoradh air sin;
(c)   faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ábhartha faoin straitéis náisiúnta um oiriúnú don athrú aeráide arna glacadh de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2021/1119.
Leasú 102
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 3
3.  I gcás inar cuireadh sárú atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2, ní mheasfar an sárú sin a bheith ina shárú chun críocha na Treorach seo.
3.  I gcás inar cuireadh sárú atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2, déanfaidh sé athbhreithniú ar an bhfianaise agus cuirfidh sé in iúl don Bhallstát cibé acu nach bhféadfar a mheas gur sárú é an sárú sin chun críocha na Treorach seo.
Leasú 103
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 17 – mír 1
1.  Féadfaidh na Ballstáit, le haghaidh bliain áirithe, limistéir a shainaithint ina sáraítear teorainnluachanna le haghaidh PM10 san aer comhthimpeallach mar gheall ar athfhuaidreán cáithníní tar éis gaineamh nó salainn a bheith curtha ar na bóithre le linn an gheimhridh.
1.  Féadfaidh na Ballstáit, le haghaidh áirithe, limistéir a shainaithint ina sáraítear teorainnluachanna le haghaidh PM10 san aer comhthimpeallach mar gheall ar athfhuaidreán cáithníní tar éis gaineamh nó salainn a bheith curtha ar na bóithre le linn an gheimhridh.
Leasú 298
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  In aon chás, i limistéar áirithe , nuair nach féidir comhlíonadh na dteorainnluachanna le haghaidh ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) nó dé-ocsaíd nítrigine a bhaint amach faoin spriocdháta a shonraítear i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, mar gheall ar shaintréithe eisceachtúla scaipthe a bhaineann go sonrach le suíomh, dálaí teorann oragrafacha, dálaí aeráide díobhálacha nó rannchuidithe trasteorann, féadfaidh Ballstát an spriocdháta sin a chur siar aon uair amháin faoi uastréimhse 5 bliana don limistéar áirithe sin , má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:
1.  In aon chás, i limistéar áirithe , nuair nach féidir comhlíonadh na dteorainnluachanna le haghaidh ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) nó dé-ocsaíd nítrigine a bhaint amach faoin spriocdháta a shonraítear i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, mar gheall ar shaintréithe eisceachtúla agus dosheachanta scaipthe a bhaineann go sonrach le suíomh, dálaí teorann oragrafacha, nó rannchuidithe trasteorann, féadfaidh Ballstát an spriocdháta sin a chur siar aon uair amháin faoi uastréimhse 5 bliana don limistéar áirithe sin , má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:
Leasú 105
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 18 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a)   go bhfuil leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach sa limistéar ábhartha faoi bhun na dteorainnluachanna a shonraítear i Roinn 1, Tábla 2, d’Iarscríbhinn I;
Leasú 106
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 18 – mír 1 – pointe a
(a)  bunaítear plean cáilíochta aeir i gcomhréir le hAirteagal 19(4) agus comhlíontar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 19(5) go (7) don limistéar sin lena mbainfeadh an cur siar;
(a)  bunaítear treochlár cáilíochta aeir i gcomhréir le hAirteagal 19(-1) agus comhlíontar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 19(5) go (7) don limistéar sin lena mbainfeadh an cur siar;
Leasú 107
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 18 – mír 1 – pointe b
(b)  an plean cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a), déantar é a fhorlíonadh leis an bhfaisnéis a liostaítear i bPointe B d’Iarscríbhinn VIII a bhaineann leis na truailleáin agus léirítear an dóigh a gcoimeádfar tréimhsí sáraithe os cionn na dteorainnluachanna chomh gearr agus is féidir ;
(b)  an treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a), déantar é a fhorlíonadh leis an bhfaisnéis a liostaítear i bPointe B d’Iarscríbhinn VIII a bhaineann leis na truailleáin chomh maith le réamh-mheastacháin bhliantúla maidir le héabhlóid na n-astaíochtaí agus na dtiúchan sa limistéar lena mbaineann go dtí an dáta bainte amach agus léirítear conas a bhainfear amach na teorainnluachanna faoi dheireadh an spriocdháta maidir le comhlíonadh a cuireadh siar agus an dóigh a gcoimeádfar tréimhsí sáraithe os cionn na dteorainnluachanna chomh gearr agus is féidir;
Leasú 108
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 18 – mír 1 – pointe c
(c)  leagtar amach sa phlean maidir le cáilíocht an aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a chuirfear an pobal agus, go háirithe, grúpaí íogaire agus leochaileacha sa daonra ar an eolas faoi iarmhairtí an chur siar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
(c)  leagtar amach sa treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a chuirfear an pobal agus, go háirithe, ghrúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra ar an eolas ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe faoi iarmhairtí an chur siar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;
Leasú 109
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 18 – mír 1 – pointe d
(d)  leagtar amach sa phlean maidir le cáilíocht an aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a shlógfar cistiú breise, lena n-áirítear trí chláir chistiúcháin ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais, chun dlús a chur le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir sa limistéar a mbeadh feidhm ag an gcur siar maidir leis;
(d)  leagtar amach sa treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i bpointe (a) conas a shlógfar cistiú breise, lena n-áirítear trí chláir chistiúcháin ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais, i gcás ina ndéantar foráil maidir le cistiú den sórt sin, chun dlús a chur le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir sa limistéar a mbeadh feidhm ag an gcur siar maidir leis;
Leasú 110
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1
I gcás inar dóigh leis na Ballstáit go bhfuil, mír 1 infheidhme , cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin agus faoin bplean maidir le cáilíocht an aeir dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don chur siar a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh sna Ballstáit, faoi láthair agus amach anseo, a bheith ag bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chomh maith le héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar bhearta an Aontais .
I gcás inar dóigh leis na Ballstáit go bhfuil, mír 1 infheidhme , cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin agus faoin treochlár cáilíochta aeir dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don chur siar a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh sna Ballstáit, faoi láthair agus amach anseo, a bheith ag bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chomh maith le héifeachtaí measta ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh ar bhearta an Aontais . I gcás ina léirítear sna réamh-mheastacháin bhliantúla arna soláthar i gcomhréir le mír 1, pointe (b), nach leor na bearta a leagtar amach sa treochlár cáilíochta aeir chun comhlíonadh dóchúil a bhaint amach maidir le teorainnluach an truailleáin lena mbaineann faoin spriocdháta gnóthachtála a cuireadh siar, déanfaidh na Ballstáit an treochlár cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta agus na bearta atá ann a athbhreithniú chun comhlíonadh faoin spriocdháta sin a áirithiú.
Leasú 111
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – teideal
Pleananna um cháilíocht an aeir
Pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir
Leasú 299
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 19 – mír 1 (nua)
-1.  Ón ... [trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], i limistéar nó in aonad críochach NUTS 2, go bhfuil leibhéil aon truailleáin arna dtaifeadadh don bhliain féilire roimhe sin os cionn aon teorainnluach atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2035 mar a leagtar síos i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I nó aon spriocluach atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030 mar a leagtar síos i Roinn 2, Pointe B, d’Iarscríbhinn I, bunóidh an Ballstát lena mbaineann treochlár cáilíochta aeir don truailleán sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an truailleáin chun na teorainnluachanna nó an spriocluach ózóin faoi seach a bhaint amach faoin spriocdháta gnóthachtála.
I gcás ina gceanglófar ar Bhallstát, i gcás an truailleáin chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, treochlár cáilíochta aeir a bhunú i gcomhréir leis an bhfomhír sin chomh maith le plean cáilíochta aeir i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfar plean comhcheangailte cáilíochta aeir a bhunú i gcomhréir le míreanna 5, 6 agus 7 den Airteagal seo agus faisnéis a sholáthar maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta chun comhlíonadh a bhaint amach i gcás gach teorainnluacha a dtugann sé aghaidh air, mar a cheanglaítear i bPointe A, pointí 5 agus 6 d’Iarscríbhinn VIII. Leagfar amach in aon chomhphlean cáilíochta aeir den sórt sin bearta iomchuí chun na teorainnluachanna gaolmhara uile a bhaint amach agus chun na tréimhsí sáraithe uile a choimeád chomh gearr agus is féidir.
Leasú 113
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 1
I gcás, i limistéir áirithe go sáraíonn leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach aon teorainnluach, arna leagan síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na limistéir sin chomh luath agus is féidir tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú ar aon aon teorainnluach. Leagtar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin na bearta iomchuí chun an teorainnluach lena mbaineann a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar tuairiscíodh an chéad sárú.
I gcás, i limistéir áirithe go sáraíonn leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach aon teorainnluach, arna leagan síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na limistéir sin chomh luath agus is féidir tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú ar aon teorainnluach. Leagtar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin gach beart iomchuí agus leordhóthanach chun an teorainnluach lena mbaineann a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú.
Leasú 114
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 2
I gcás ina leanfar de shárú ar aon teorainnluachanna le linn an tríú bliain féilire tar éis bhunú an phlean um cháilíocht an aeir, déanfaidh na Ballstáit an plean um cháilíocht an aeir agus na bearta atá ann a nuashonrú, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina leanfar de shárú ar aon teorainnluachanna le linn an tríú bliain féilire tar éis dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú, déanfaidh na Ballstáit an plean cáilíochta aeir agus na bearta atá ann a nuashonrú, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe nuashonraithe maidir le stádas chur chun feidhme na dTreoracha dá dtagraítear i bPointe B, pointe 1 d’Iarscríbhinn VIII agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir agus in aon chás tráth nach faide ná bliain féilire amháin tar éis an plean cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta.
Leasú 115
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 1
I gcás in aonad críochach NUTS 1 ar leith, ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach an spriocluach ózóin, a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 1 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an spriocluacha ózóin. Leagfar amach sna pleananna sin um cháilíocht an aeir bearta iomchuí chun an spriochluach ózóin a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás in aonad críochach NUTS 2 ar leith, ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach an spriocluach ózóin, a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 2 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an spriocluacha ózóin. Leagfar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin bearta iomchuí agus leordhóthanacha chun an spriocluach ózóin a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú.
Leasú 116
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 2
I gcás ina leanfaidh sáruithe ar an spriocluach ózóin le linn an chúigiú bliain féilire tar éis bhunú an phlean cáilíochta aeir san aonad críochach ábhartha NUTS 1, nuashonróidh na Ballstáit an plean um cháilíocht an aeir agus na bearta ann, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin, chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina leanfaidh sáruithe ar an spriocluach ózóin le linn an tríú bliain féilire tar éis dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú san aonad críochach ábhartha NUTS 2, nuashonróidh na Ballstáit an plean cáilíochta aeir agus na bearta atá ann, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 2 bhliain féilire tar éis an plean cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta.
Leasú 117
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 2 – fomhír 3
Maidir le haonaid chríochacha NUTS 1 ina sáraítear an spriocluach ózóin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chlár ábhartha náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhaítear de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2284 bearta lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe sin.
Maidir le haonaid chríochacha NUTS 2 ina sáraítear an spriocluach ózóin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chlár ábhartha náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhaítear de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2284 bearta lena dtugtar aghaidh ar na sáruithe sin.
Leasú 118
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 1
I gcás ina sárófar an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I in aonad críochach NUTS 1 ar leith, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 1 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála. Leagfar amach sna pleananna sin bearta iomchuí chun an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina sárófar an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I in aonad críochach NUTS 2 ar leith, bunóidh na Ballstáit pleananna cáilíochta aeir do na haonaid chríochacha NUTS 2 sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála. Leagfar amach sna pleananna cáilíochta aeir sin bearta iomchuí agus leordhóthanacha chun an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 3 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú.
Leasú 119
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 3 – fomhír 2
I gcás ina leanfar de shárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála le linn an chúigiú bliain féilire tar éis bhunú an phlean um cháilíocht an aeir, nuashonróidh na Ballstáit an plean um cháilíocht an aeir agus na bearta ann, agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin, chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir.
I gcás ina leanfar de shárú na hoibleagáide maidir le laghdú meánteagmhála le linn an tríú bliain féilire tar éis dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú, nuashonróidh na Ballstáit an plean cáilíochta aeir agus na bearta atá ann, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe nuashonraithe maidir le stádas chur chun feidhme na dTreoracha dá dtagraítear i bPointe B, pointe 1 d’Iarscríbhinn VIII agus déanfaidh siad bearta breise agus bearta níos éifeachtaí, sa bhliain féilire ina dhiaidh sin chun an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná bliain féilire amháin tar éis an plean cáilíochta aeir a thabhairt cothrom le dáta.
Leasú 120
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 4
4.  Ón [cuir isteach an bhliain 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], go dtí an 31 Nollaig 2029 i limistéar nó in aonad críochach NUTS 1, i gcás ina bhfuil leibhéil na dtruailleán os cionn aon teorainnluacha atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030 mar a leagtar síos i dTábla 1 de Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit plean cáilíochta aeir don truailleán lena mbaineann a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú chun na teorainnluachanna nó an spriocluach ózóin faoi seach a bhaint amach faoin spriocdháta gnóthachtála.
scriosta
I gcás ina gceanglófar ar na Ballstáit, i gcás an truailleáin chéanna, plean cáilíochta aeir a bhunú i gcomhréir leis an mír seo chomh maith le plean um cháilíocht an aeir i gcomhréir le hAirteagal 19(1), féadfaidh siad plean comhcheangailte um cháilíocht an aeir a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 19(5), (6) agus (7) agus faisnéis a sholáthar maidir leis an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta chun comhlíonadh a bhaint amach i gcás gach teorainnluacha a dtugann sé aghaidh air, mar a cheanglaítear in Iarscríbhinn VIII, pointe 5 agus pointe 6. Leagfar amach in aon chomhphlean cáilíochta aeir den sórt sin bearta iomchuí chun na teorainnluachanna gaolmhara uile a bhaint amach agus chun na tréimhsí sáraithe uile a choimeád chomh gearr agus is féidir.
Leasú 121
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i bpleananna cáilíochta aeir:
Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i bpleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir:
Leasú 122
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  an fhaisnéis dá dtagraítear i bPointe B, pointe 1 d’Iarscríbhinn VIII, agus go háirithe bearta a áirítear sa Chlár Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir (NAPCP);
Leasú 123
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 1 – pointe c
(c)  i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le bearta laghdaithe a liostaítear i bPointe B, Pointe 2 d’Iarscríbhinn VIII.
(c)  faisnéis maidir le bearta laghdaithe a liostaítear i bPointe B, Pointe 2 d’Iarscríbhinn VIII.
Leasú 124
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 2
Breithneoidh na Ballstáit bearta a chur san áireamh, bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus bearta sonracha arb é is aidhm leo grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra a chosaint , lena n-áirítear leanaí, ina gcuid pleananna um cháilíocht an aeir.
Déanfaidh na Ballstáit bearta a chur san áireamh, bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus bearta sonracha arb é is aidhm leo grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra a chosaint, lena n-áirítear leanaí, ina gcuid pleananna cáilíochta aeir agus treochlár cáilíochta aeir.
Leasú 125
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 3
Maidir leis na truailleáin lena mbaineann, agus pleananna um cháilíocht an aeir á n-ullmhú acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca go sárófar na tairseacha foláirimh faoi seach. Úsáidfear an anailís sin chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú i gcás inarb infheidhme.
Maidir leis na truailleáin lena mbaineann, agus pleananna cáilíochta aeir nó treochláir cáilíochta aeir á n-ullmhú acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca go sárófar na tairseacha foláirimh faoi seach. Úsáidfear an anailís sin chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú i gcás inarb infheidhme.
Leasú 126
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 4
I gcás ina ndéanfar pleananna um cháilíocht an aeir i leith roinnt truailleán nó caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, pleananna comhtháite um cháilíocht an aeir, lena gclúdaítear gach truailleán lena mbaineann, a bhunú.
I gcás ina ndéanfar pleananna cáilíochta aeir nó treochláir cáilíochta aeir i leith roinnt truailleán nó caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, pleananna comhtháite cáilíochta aeir nó treochláir cáilíochta aeir, lena gclúdaítear gach truailleán agus caighdeán maidir le cáilíocht an aeir lena mbaineann, a bhunú.
Leasú 127
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 – fomhír 5
Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht a bpleananna cáilíochta aeir le pleananna eile a mbíonn tionchar suntasach acu ar cháilíocht an aeir, lena n-áirítear na cinn is gá faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Treoracha (AE) 2016/2284 agus 2002/49/CE agus faoi reachtaíocht aeráide, fuinnimh, iompair agus talmhaíochta.
Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht a bpleananna cáilíochta aeir agus a dtreochlár cáilíochta aeir le pleananna eile a mbíonn tionchar suntasach acu ar cháilíocht an aeir, lena n-áirítear na cinn is gá faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle58, Treoracha (AE) 2016/2284 agus 2002/49/CE agus faoi reachtaíocht aeráide, chosaint na bithéagsúlachta, fuinnimh, iompair agus talmhaíochta.
__________________
__________________
58 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
58 Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
Leasú 128
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 5 a (nua)
5a.   Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, cúnamh agus saineolas teicniúil a sholáthar faoi chuimsiú na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil (TSI) chun tacú le beartais agus bearta maidir le cáilíocht an aeir sa Bhallstát lena mbaineann.
Leasú 129
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 6 – fomhír -1 (nua)
Áiritheoidh na Ballstáit, sula gcuirfear tús leis an tréimhse ama chun barúlacha a fháil ón bpobal, go ndéanfar an dréachtphlean cáilíochta aeir nó an dréacht-treochlár cáilíochta aeir ina bhfuil an fhaisnéis íosta a cheanglaítear faoi Phointe A agus faoi Phointe B d’Iarscríbhinn VIII a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon, saor in aisce agus gan rochtain d’úsáideoirí cláraithe a shrianadh, agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhealaí cumarsáide neamhdhigiteacha eile. Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a chur ar fáil don phobal ar an idirlíon freisin, saor in aisce agus gan rochtain d’úsáideoirí cláraithe a shrianadh, agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhealaí cumarsáide neamhdhigiteacha eile:
(a)   faisnéis maidir leis na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionchar measta an phlean cáilíochta aeir nó an treochláir cáilíochta aeir de bhun Phointe Ba d’Iarscríbhinn VIII, agus na ndoiciméad cúlra agus an fhaisnéis a úsáidtear chun an dréachtphlean cáilíochta aeir nó an dréacht-treochlár cáilíochta aeir a fhorbairt;
(b)   achoimre neamhtheicniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san fhomhír seo.
Leasú 130
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 6 – fomhír 1
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal, i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59 , agus leis na húdaráis inniúla ar dócha go mbeidh baint acu, mar gheall ar a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus cháilíocht an aeir, le cur chun feidhme na bpleananna um cháilíocht an aeir, le dréachtphleananna um cháilíocht an aeir agus le haon nuashonrú suntasach ar phleananna cáilíochta aeir sula dtabharfar chun críche iad.
Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal, i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59, agus leis na húdaráis inniúla ar dócha go mbeidh baint acu, mar gheall ar a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus cháilíocht an aeir, le cur chun feidhme na bpleananna cáilíochta aeir agus na dtreochlár cáilíochta aeir, maidir le dréachtphleananna cáilíochta aeir agus dréacht-treochláir cáilíochta aeir agus le haon nuashonrú suntasach ar phleananna cáilíochta aeir agus ar threochláir cáilíochta aeir sula dtabharfar chun críche iad.
__________________
__________________
59 Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas agus lena leasaítear, maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, Treoir 85/337/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lch. 17).
59 Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas agus lena leasaítear, maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, Treoir 85/337/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lch. 17).
Leasú 131
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 6 – fomhír 2
Agus pleananna um cháilíocht an aeir á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit go spreagfar geallsealbhóirí a gcuireann a ngníomhaíochtaí leis an staid sáraithe, bearta a mholadh a bheidh siad in ann a dhéanamh chun cuidiú le deireadh a chur leis na sáruithe agus go gceadófar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, amhail eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí ábhartha eile cúraim sláinte agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin.
Spreagfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara uile i gcur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir le pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir a ullmhú, a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta. Agus pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit go spreagfar geallsealbhóirí a gcuireann a ngníomhaíochtaí leis an staid sáraithe, bearta a mholadh a bheidh siad in ann a dhéanamh chun cuidiú le deireadh a chur leis na sáruithe agus go gceadófar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí ábhartha eile cúraim sláinte, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte agus spreagfar na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na geallsealbhóirí agus na saoránaigh ábhartha ar an eolas go cuí faoi na foinsí sonracha agus na truailleáin aeir a dhéanann difear do cháilíocht an aeir agus faoi na bearta ábhartha maolaithe truaillithe aeir atá ann agus atá ar fáil ar an margadh.
Leasú 132
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 7
7.  Cuirfear na pleananna um cháilíocht an aeir in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí tar éis iad a ghlacadh .
7.  Cuirfear na pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí tar éis iad a ghlacadh .
Leasú 133
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 7 a (nua)
7a.  Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad ina mbeidh formáid agus struchtúr na bpleananna cáilíochta aeir agus na dtreochlár cáilíochta aeir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
Leasú 134
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 7 b (nua)
7b.  Féadfaidh an Coimisiún treoir a bhunú maidir le pleananna cáilíochta aeir a ullmhú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú, agus i gcás inarb iomchuí, treochláir cáilíochta aeir.
Leasú 135
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 7 c (nua)
7c.  Éascóidh an Coimisiún ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna cáilíochta aeir agus na dtreochlár cáilíochta aeir, i gcás inarb iomchuí, trí mhalartú dea-chleachtas.
Leasú 136
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2
I gcás, áfach, ina bhfuil baol ann go sárófar an tairseach foláirimh ózóin, d’fhéadfadh na Ballstáit gan na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin a tharraingt suas i gcás nach bhfuil féidearthacht shuntasach ann, ag cur dálaí náisiúnta geografacha, meitéareolaíochta agus eacnamaíocha san áireamh, chun riosca, fad nó déine an tsáraithe sin a laghdú.
I gcás, áfach, ina bhfuil baol ann go sárófar an tairseach foláirimh ózóin, d’fhéadfadh na Ballstáit gan na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin a tharraingt suas i gcás nach bhfuil féidearthacht shuntasach ann, ag cur dálaí náisiúnta geografacha, meitéareolaíochta agus eacnamaíocha san áireamh, chun riosca, fad nó déine an tsáraithe sin a laghdú.
Leasú 137
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi dhroch-cháilíocht aeir agus a éifeachtaí, éileoidh údaráis inniúla go dtaispeánfar go buan faisnéis shothuigthe maidir le siomptóim a bhaineann le buaicphointí truaillithe aeir agus maidir le hiompar chun teagmháil le truailliú aeir a laghdú i gcóngar na bpobal de dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha.
Leasú 138
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 2
2.  Agus na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear i mír 1 á dtarraingt suas, féadfaidh na Ballstáit, ag brath ar an gcás ar leith, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha chun gníomhaíochtaí a rialú agus, más gá, gníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar gníomhaíochtaí iad a chuireann leis an riosca go sárófar na teorainnluachanna nó na spriocluachanna nó tairseach foláirimh faoi seach. Ag brath ar sciar na bpríomhfhoinsí truaillithe i dtaobh na sáruithe ar gá aghaidh a thabhairt orthu, deanfar breithniú i dtaobh na bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha bearta maidir le hiompar , oibreacha tógála, suiteálacha tionsclaíocha agus úsáid táirgí agus téimh baile a chur san áireamh . Cuirfear gníomhartha sonracha a dhírítear ar chosaint a thabhairt do ghrúpaí íogaire den daonra agus leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, san áireamh freisin i gcreat na bpleananna sin.
2.  Agus na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear i mír 1 á dtarraingt suas, féadfaidh na Ballstáit, ag brath ar an gcás ar leith, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha chun gníomhaíochtaí a rialú agus, más gá, gníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar gníomhaíochtaí iad a chuireann leis an riosca go sárófar na teorainnluachanna nó na spriocluachanna nó tairseach foláirimh faoi seach. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin liosta na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIa dá bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha, agus ag brath ar sciar na bpríomhfhoinsí truaillithe chuig na sáruithe ar a dtabharfar aghaidh, breithneoidh siad ar a laghad bearta i ndáil le hiompar, oibreacha foirgníochta, suiteálacha tionsclaíocha agus úsáid táirgí agus téamh baile. Cuirfear gníomhartha sonracha a dhírítear ar chosaint a thabhairt do ghrúpaí íogaire den daonra agus leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, san áireamh freisin i gcreat na bpleananna sin.
Leasú 139
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 3 a (nua)
3a.  Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh agus tacaíocht theicniúil a sholáthar chun na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas.
Leasú 140
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 4
4.  Nuair a bheidh plean gníomhaíochta gearrthéarmach tarraingthe suas ag na Ballstáit, déanfaidh siad torthaí a gcuid imscrúduithe ar indéantacht agus ábhar pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sonracha chomh maith le faisnéis maidir le cur chun feidhme na bpleananna sin, a chur ar fáil don phobal agus d’eagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha.
4.  Nuair a bheidh plean gníomhaíochta gearrthéarmach tarraingthe suas ag na Ballstáit, déanfaidh siad torthaí a gcuid imscrúduithe ar indéantacht agus ábhar pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sonracha chomh maith le faisnéis maidir le cur chun feidhme na bpleananna sin, a chur ar fáil don phobal agus d’eagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, gairmithe cúraim sláinte, comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha.
Leasú 141
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 4 a (nua)
4a.  Úsáidfidh na Ballstáit samhaltú agus réamhaisnéis chun an riosca a shainaithint go sáróidh leibhéil na dtruailleán ceann amháin nó níos mó de na tairseacha foláirimh agus áiritheoidh siad go dtiocfaidh bearta éigeandála i bhfeidhm go luath tar éis riosca sáraithe a thuar chun an sárú sin a chosc.
Leasú 142
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 5 a (nua)
5a.  Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a bhunú lena leagfar amach dea-chleachtais chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a tharraingt suas, lena n-áirítear samplaí de dhea-chleachtais chun grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, lena n-áirítear leanaí, a chosaint. Déanfar na samplaí sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Cuirfidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas chun cinn i measc na mBallstát tríd an bhFóram Eorpach um Aer Glan.
Leasú 143
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 2
Na Ballstáit lena mbaineann, comhoibreoidh siad chun foinsí an truaillithe aeir agus na bearta is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí sin a shainaithint, agus comhghníomhaíochtaí a dhréachtú, amhail pleananna cáilíochta aeir comhpháirteacha nó comhordaithe a ullmhú de bhun Airteagal 19, chun na sáruithe sin a bhaint .
Na Ballstáit lena mbaineann, comhoibreoidh siad ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear trí chomhfhoirne saineolaithe a bhunú, chun foinsí an truaillithe aeir agus an sciar den thruailliú a eascraíonn ó gach tír agus na bearta is gá a dhéanamh ina n-aonar nó i gcomhpháirt chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí sin a shainaithint, agus comhghníomhaíochtaí a dhréachtú, amhail pleananna cáilíochta aeir comhpháirteacha nó comhordaithe a ullmhú de bhun Airteagal 19, chun na sáruithe sin a bhaint.
Leasú 144
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí faoin gcás agus faoi na bearta a glacadh.
Leasú 145
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 1 – fomhír 3
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Leasú 146
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 2
2.  Iarrfar ar an gCoimisiún a bheith i láthair, cuirfear ar an eolas é, agus iarrfar air cabhrú le haon chomhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo . I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an Coimisiún, agus na tuairiscí arna mbunú de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/2284 á gcur san áireamh, ar cheart gníomh breise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun astaíochtaí réamhtheachtacha atá freagrach as truailliú trasteorann a laghdú.
2.  Cuirfear an Coimisiún ar an eolas, agus iarrfar air a bheith i láthair, cuidiú agus maoirseacht a dhéanamh maidir le haon chomhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún freisin, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, pleananna oibre a tharraingt suas chun na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an Coimisiún, agus na tuairiscí arna mbunú de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/2284 á gcur san áireamh, ar cheart gníomh breise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun astaíochtaí réamhtheachtacha atá freagrach as truailliú trasteorann a laghdú.
Leasú 147
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 3 a (nua)
3a.  I gcás ina dtugann Ballstát caingean dlí i leith sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, dá dtagraítear in Airteagal 29, arbh iad ba chúis le truailliú aeir i mBallstát eile, comhoibreoidh na Ballstáit ar bhealach éifeachtúil.
Leasú 148
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal, chomh maith le heagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna grúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra, comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha ar an eolas, go leordhóthanach agus in am trátha, maidir leis an méid seo a leanas:
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal, chomh maith le heagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daonraí íogaire agus grúpaí leochaileacha, gairmithe cúraim sláinte agus comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha ar an eolas, go leordhóthanach agus in am trátha, maidir leis an méid seo a leanas:
Leasú 149
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe a
(a)  cáilíocht an aeir i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, pointí 1 agus 3;
(a)  cáilíocht an aeir i gcomhréir le hIarscríbhinn IX;
Leasú 150
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  aon easpa sonraí a thugtar faoi deara ó phointí samplála, go háirithe maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1, pointí (a) agus (b), d’Iarscríbhinn IX;
Leasú 151
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe c
(c)  pleananna i dtaca le cáilíocht an aeir dá bhforáiltear in Airteagal 19;
(c)  pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir dá bhforáiltear in Airteagal 19;
Leasú 152
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe d
(d)  pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá bhforáiltear in Airteagal 20;
(d)  pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 20;
Leasú 153
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  forléargas ar fhoinsí truaillithe aeir agus truailleáin aeir a dhéanann difear do cháilíocht an aeir i mBallstát lena mbaineann;
Leasú 154
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe d b (nua)
(db)  doiciméadacht arna cur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le sáruithe arb iad na foinsí nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 16(2) is cúis leo;
Leasú 155
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe d c (nua)
(dc)  doiciméadacht maidir le láithreán a roghnú dá dtagraítear i bpointe D d’Iarscríbhinn IV;
Leasú 156
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1 – pointe e
(e)  na héifeachtaí de na sáruithe ar theorainnluachanna, ar spriocluachanna ózóin, ar oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, ar thairseacha faisnéise agus ar thairseacha foláirimh i measúnú achomair ; an measúnú achomair áireofar leis, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise agus measúnuithe maidir le cosaint foraoise mar aon le faisnéis maidir le truailleáin arna gclúdach le hAirteagal 10 agus Iarscríbhinn VII.
(e)  na héifeachtaí de na sáruithe ar theorainnluachanna, ar spriocluachanna ózóin, ar oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, ar thairseacha faisnéise agus ar thairseacha foláirimh i measúnú achomair; an measúnú achomair áireofar leis, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise agus measúnuithe maidir le cosaint foraoise mar aon le faisnéis maidir le truailleáin arna gclúdach le hAirteagal 10 agus Iarscríbhinn VII.
Leasú 157
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 2
2.  Bunóidh na Ballstáit innéacs maidir le cáilíocht an aeir lena gcumhdófar dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózón, agus é a chur ar fáil trí fhoinse phoiblí ina gcuirfear nuashonrú ar fáil in aghaidh na huaire. Déanfaidh an t-innéacs cáilíochta aeir na moltaí ó EDS a mheas agus cuirfidh sé leis na hinnéacsanna maidir le cáilíocht an aeir ar scála Eorpach arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.
2.  Bunóidh na Ballstáit innéacs maidir le cáilíocht an aeir lena gcumhdófar dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2.5) agus ózón, agus cuirfidh siad ar fáil é ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe trí fhoinse phoiblí lena soláthrófar nuashonrú in aghaidh na huaire, lena n-áiritheofar go mbeidh sonraí leordhóthanacha fíor-ama ar fáil i ngach stáisiún. Beidh an t-innéacs maidir le cáilíocht an aeir inchomparáide ar fud na mBallstát uile, leanfaidh sé na moltaí is déanaí ó EDS, beidh sé bunaithe ar na hinnéacsanna maidir le cáilíocht an aeir ar scála Eorpach arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. Beidh faisnéis faoi na rioscaí sláinte gaolmhara do gach truailleán ag gabháil leis an innéacs maidir le cáilíocht an aeir, lena n-áirítear faisnéis atá saincheaptha do dhaonra íogair agus do ghrúpaí leochaileacha.
Leasú 158
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 2 a (nua)
2a.  Faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanfar an t-innéacs maidir le cáilíocht an aeir a ríomh agus a chur i láthair, agus formáid agus struchtúr na faisnéise arna soláthar don phobal.
Leasú 159
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 2 b (nua)
2b.  Déanfaidh na Ballstáit taispeáint faisnéise a chur chun cinn maidir le siomptóim a bhaineann le buaicphointí truaillithe aeir agus maidir le nochtadh do thruailliú aeir a laghdú agus maidir le hiompraíochtaí cosanta, i bhfoirgnimh ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail saoráidí cúraim sláinte.
Leasú 160
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 3
3.  Cuirfidh na Ballstáit an pobal ar an eolas maidir leis an údarás inniúil nó an gcomhlacht inniúil arna ainmniú i ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5.
3.  Cuirfidh na Ballstáit an pobal ar an eolas maidir leis an údarás inniúil nó an gcomhlacht inniúil arna ainmniú i ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus maidir leis an údarás inniúil nó an comhlacht inniúil a oibríonn na pointí samplála arna mbunú de bhun Airteagal 9 agus Iarscríbhinn IV.
Leasú 161
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 4
4.  Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal saor in aisce trí bhíthin meáin a bhfuil rochtain éasca orthu mar aon le bealaí cumarsáide i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE60 agus Treoir (AE)2019/102461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
4.  Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal saor in aisce trí bhíthin meáin agus bealaí cumarsáide a bhfuil rochtain éasca orthu ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE60 agus Treoir (AE)2019/102461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus rochtain leathan ag an bpobal a áirithiú.
__________________
__________________
60 Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear bonneagar d’fhaisnéis spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
60 Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear bonneagar d’fhaisnéis spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
61 Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
61 Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
Leasú 162
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 23 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Ar mhaithe leis an sainchuspóir comhlíontacht leis na teorainnluachanna, na spriocluachanna ózóin, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus le leibhéil chriticiúla a mheas , cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh gach bliana féilire agus áireofar léi:
2.  Ar mhaithe leis an sainchuspóir comhlíontacht leis na teorainnluachanna, na spriocluachanna ózóin, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, agus le leibhéil chriticiúla a mheas, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh gach bliana féilire agus áireofar léi:
Leasú 163
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 23 – mír 2 – pointe a
(a)  na hathruithe a rinneadh sa bhliain sin ar liosta agus teorannú na limistéar arna mbunú faoi Airteagal 6 nó aon aonad críochach NUTS 1;
(a)  na hathruithe a rinneadh sa bhliain sin ar liosta agus teorannú na limistéar arna mbunú faoi Airteagal 6 nó aon aonad críochach NUTS 2;
Leasú 164
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 23 – mír 2 – pointe b – an chuid réamhráiteach
(b)  liosta na limistéar agus na n-aonad críochach NUTS 1 agus leibhéil na dtruailleán a ndearnadh measúnú orthu. I gcás limistéir ina bhfuil na leibhéil d’aon truailleán nó níos mó ná sin níos airde ná na teorainnluachanna nó na leibhéil chriticiúla , agus i gcás aonaid chríochacha NUTS 1 ina bhfuil na leibhéil d’aon cheann de na truailleáin nó níos mó ná sin níos airde ná na spriocluachanna na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála:
(b)  liosta na limistéar agus na n-aonad críochach NUTS 2 agus leibhéil na dtruailleán a ndearnadh measúnú orthu. I gcás limistéir ina bhfuil na leibhéil d’aon truailleán nó níos mó ná sin níos airde ná na teorainnluachanna nó na leibhéil chriticiúla , agus i gcás aonaid chríochacha NUTS 2 ina bhfuil na leibhéil d’aon cheann de na truailleáin nó níos mó ná sin níos airde ná na spriocluachanna, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála nó na cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála:
Leasú 165
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 25 – mír 2
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó … [dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(2a), Airteagal 24 agus Airteagal 29(3a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 166
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 25 – mír 3
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22(2a), Airteagal 24 agus Airteagal 29(3a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 167
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 25 – mír 5 – fomhír 2
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22(2a), Airteagal 24 agus Airteagal 29(3a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 168
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 27 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag an bpobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach na gcinntí, na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha go léir a bhaineann le pleananna cáilíochta aeir dá dtagraítear in Airteagal 19, agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 20, de chuid an Bhallstáit, ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta na gcinntí, na ngníomhartha nó neamhghníomhartha uile a rinne na Ballstáit, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, iad siúd a bhaineann le haicmiú criosanna faoi Airteagal 7, dearadh, suíomh agus athshocrú pointí samplála faoi Airteagal 9, pleananna cáilíochta aeir agus treochláir cáilíochta aeir dá dtagraítear in Airteagal 19 agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 20, ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
Leasú 169
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 27 – mír 1 – fomhír 3
Measfar gur leordhóthanach an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach ar duine den phobal lena mbaineann é chun críocha na chéad mhíre, pointe (a). Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críoch na chéad mhíre, pointe (b) ag na heagraíochtaí sin.
Leas aon duine nádúrtha a ndéanfaidh sáruithe ar chaighdeáin aercháilíochta difear dó nó di, nó a bhfuil leas aige sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Treoir seo, agus aon eagraíocht neamhrialtasach, ar baill an dá cheann acu den phobal lena mbaineann, measfar gur leor iad sin de réir bhrí phointe (a) den chéad fhomhír. Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críoch na chéad mhíre, pointe (b) ag na daoine nádúrtha agus na heagraíochtaí sin.
Leasú 170
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 27 – mír 2
2.  Ní bheidh an seasamh chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta um athbhreithniú coinníollach ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le hAirteagal 19 nó 20.
2.  Ní bheidh an seasamh chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta um athbhreithniú coinníollach ar an ról a bhí ag an duine den phobal lena mbaineann le linn céim rannpháirtíochta de na nósanna imeachta cinnteoireachta faoin Treoir seo.
Leasú 171
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 28 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a fhulaingíonn damáiste dá sláinte mar thoradh ar shárú ar Airteagail 19(1) go 19(4), 20(1) agus 20(2), 21(1) an dara fomhír agus 21(3) den Treoir seo ag na húdaráis inniúla i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a fhulaingíonn damáiste, ag na húdaráis inniúla, do shláinte an duine mar thoradh ar shárú ar an Treoir seo, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta d’Airteagal 13, Airteagail 19(1) go 19(4), 20(1) agus 20(2), Airteagal 21(1), an dara fomhír, agus Airteagal 21(3) den Treoir seo trí neamhghníomh, cinneadh, gníomh nó moill ar chinneadh nó gníomh ag na húdaráis inniúla i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Leasú 172
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 28 – mír 2
2.  Maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1 agus caingne comhchoiteanna le haghaidh cúitimh a thionscnamh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 agus in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne comhchoiteanna den sórt sin.
2.  Maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1 agus caingne comhchoiteanna le haghaidh cúitimh a thionscnamh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 agus in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne comhchoiteanna den sórt sin.
Leasú 173
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 28 – mír 4 – fomhír 1
I gcás ina mbeidh fianaise mar thaca leis an éileamh ar chúiteamh lena léirítear gurb é an sárú dá dtagraítear i mír 1 an míniú is inchreidte ar tharlú damáiste an duine sin, toimhdeofar an nasc cúisíoch idir an sárú agus tarlú an damáiste.
I gcás ina mbeidh fianaise mar thaca leis an éileamh ar chúiteamh, lena n-áirítear sonraí eolaíocha ábhartha, ónar féidir a thoimhdiú gurb é an sárú dá dtagraítear i mír 1 a raibh ina chúis nó a rannchuidigh le tarlú damáiste an duine sin, toimhdeofar an nasc cúisíoch idir an sárú agus tarlú an damáiste.
Leasú 174
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 28 – mír 4 – fomhír 2 a (nua)
Sa chás gur sholáthair an t-éilitheoir fianaise atá ar fáil go réasúnta chun tacú le héileamh ar chúiteamh i gcomhréir le mír 1, agus má thug an t-éilitheoir sin bunús réasúnta go bhfuil fianaise bhreise faoi rialú an údaráis phoiblí is freagróir nó tríú páirtí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin in ann a ordú, arna iarraidh sin don éilitheoir sin, go nochtfaidh an t-údarás poiblí is freagróir nó an tríú páirtí an fhianaise sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nós imeachta agus faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht agus comhréireacht.