Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 9 Samhain 2023 - Brussels
Iarraidh ar dhíolúine Stefano Maullu a chosaint
 Iarraidh ar dhíolúine Patryk Jaki a tharscaoileadh
 Iarraidh ar dhíolúine Beata Kempa a tharscaoileadh
 Iarraidh ar dhíolúine Beata Mazurek a tharscaoileadh
 Iarraidh ar dhíolúine Tomasz Piotr Poręba a tharscaoileadh
 Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Tony Murphy
 Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Bettina Michelle Jakobsen
 Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Alejandro Blanco Fernández
 An Gníomh um Shonraí
 Leasú a dhéanamh ar Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP)
 Pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP): rochtain ar fhaisnéis maidir le seirbhísí airgeadais, margaí caipitil agus an inbhuanaitheacht
 Leasú a dhéanamh ar Threoracha áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (ESAP)
 Araíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tíortha
 Cuntais eacnamaíocha chomhshaoil Eorpacha: modúil nua
 Bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO)
 Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)
 Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir AE agus Madagascar agus Prótacal Cur Chun Feidhme (2023-2027)
 Cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7)
 Córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh
 Neartú a dhéanamh ar an gceart chun bheith rannpháirteach: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghchánach i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha
 Éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis

Iarraidh ar dhíolúine Stefano Maullu a chosaint
PDF 118kWORD 45k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir leis an iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Stefano Maullu (2023/2038(IMM))
P9_TA(2023)0377A9-0318/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ó Stefano Maullu an 17 Márta 2023, a fógraíodh i suí iomlánach an 29 Márta 2023, a phribhléidí agus a dhíolúintí a chosaint i ndáil leis na himeachtaí coiriúla atá ar feitheamh faoi bhráid Ghnáthchúirt na Veinéise san Iodáil,

–  ag tabhairt éisteacht do Stefano Maullu i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint do Riail 5(2) agus do Rialacha 7 agus 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0318/2023),

A.  de bhrí gur iarr Stefano Maullu, a bhí ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ón 13 Iúil 2015 go dtí an 1 Iúil 2019 agus a toghadh san Iodáil, go gcosnófaí a dhíolúine pharlaiminteach i ndáil le himeachtaí coiriúla ina aghaidh atá ar feitheamh faoi bhráid Ionchúisitheoir Poiblí Ghnáthchúirt na Veinéise as oineach agus dea-chlú an Phríomh-Ionchúisitheora Phoiblí i gCúirt Achomhairc Brescia a mhaslú, faoi Airteagail 595(1), (2) agus (3) de Chód Coiriúil na hIodáile, agus faoi Airteagal 13 de Dhlí na hIodáile Uimh. 47 an 8 Feabhra 1948;

B.  de bhrí go bhfuil na himeachtaí sin bunaithe ar dhearbhuithe a rinne Stefano Maullu agus a foilsíodh i nuachtán Iodálach an 5 Aibreán 2018; de bhrí go raibh ráiteas sna dearbhuithe sin maidir le hagallamh ar ábhar na n-arm tine a rinne an Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí i gCúirt Achomhairc Brescia le nuachtán Iodálach eile; de bhrí gur áiríodh sa ráiteas sin líomhaintí a mheas an duine lena mbaineann a bheith maslach;

C.  de bhrí, de bhun Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire í díolúine pharlaiminteach ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí agus de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

D.  de bhrí nach bhféadfaidh ráiteas ó Fheisire lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa a bheith ina thuairim arna cur in iúl i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7, ach amháin má tá baint dhíreach fhollasach ag cineál agus inneachar an ráitis sin le comhlíonadh dhualgais an Fheisire sin i bParlaimint na hEorpa;

E.  de bhrí, sa chás sin, nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí arna gcur in iúl ná le vótaí a caitheadh agus dualgais Stefano Maullu á gcomhlíonadh aige ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

F.  de bhrí nach bhfuil feidhm ag Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ach amháin maidir le Feisirí Pharlaimint na hEorpa; de bhrí go raibh Stefano Maullu ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa go dtí an 1 Iúil 2019; de bhrí go bhfuil baint ag cailliúint stádais Feisire de Pharlaimint na hEorpa le cailleadh na díolúine gaolmhaire, a bhfuil a ré teoranta, faoi Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, don sainordú sin(2);

1.  ag cinneadh gan pribhléidí agus díolúintí Stefano Maullu a chosaint;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla na hIodáile agus chuig Stefano Maullu.

(1) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2017, Marion Le Pen v Parlaimint na hEorpa, T‑284/17, mír 28, ECLI:EU:T:2017:939;


Iarraidh ar dhíolúine Patryk Jaki a tharscaoileadh
PDF 126kWORD 46k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an iarraidh ar dhíolúine Patryk Jaki a tharscaoileadh (2023/2021(IMM))
P9_TA(2023)0378A9-0345/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Patryk Jaki, a thíolaic an XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów an 13 Nollaig 2022 maidir le himeachtaí coiriúla tar éis díotáil shibhialta a thaisceadh agus a cuireadh in iúl sa suí iomlánach an 13 Feabhra 2023,

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Patryk Jaki i gcomhréir le Rialacha 95(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 105(2) agus d’Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, mar aon le hAirteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de dhlí na Polainne ón 9 Bealtaine 1996 ar shainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh,

–  ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0345/2023),

A.  de bhrí, an 13 Nollaig 2022, gur thíolaic breitheamh den XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Patryk Jaki, a toghadh sa Pholainn, a tharscaoileadh, ar iarraidh í a chuir duine aonair faoina bhráid ar bhonn postála ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais a líomhnaítear go bhfuil ábhar inti a spreagann fuath náisiúnta, eitneach, ciníoch agus reiligiúnach; de bhrí go bhfuair Cúirt Dúiche Vársá-Mokotów, an 17 Samhain 2021, an díotáil arna gcur isteach ag ionadaí an ionchúisitheora ionadaigh; de bhrí gur iarr an t-ionadaí ar an gcúirt freisin a iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Patryk Jaki a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa;

B.  de bhrí gur chuir an t-údarás breithiúnach an iarraidh sin ar tharscaoileadh díolúine pharlaiminteach ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9(12) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; ag tabhairt aird, áfach, ar an bhfíric go gceanglaítear faoi Riail 9(1), dá Rialacha Nós Imeachta go mbeidh gach iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh seolta ag ‘údarás inniúil Ballstáit’, agus nach ionann an dá choincheap; de bhrí go gcinntear brí an téarma ‘údarás inniúil de Ballstáit’ leis an dlí náisiúnta is infheidhme; de bhrí go gcinntear brí an téarma ‘údarás inniúil de chuid Ballstáit’ leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus, i gcás na Polainne, gur cheart tagairt a dhéanamh d’fhorálacha Airteagal 7b(1) de Dhlí na Polainne an 9 Bealtaine 1996 maidir le sainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh, lena bhforáiltear gur tríd an Ard-Ionchúisitheoir a dhéanfar iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Feisire nó Seanadóra i gcás cion is inphionóis le hionchúiseamh poiblí; de bhrí, sa chás seo, gur seoladh an iarraidh chuig an Ard-Ionchúisitheoir, a rinne an t-iarratas a sheoladh ar ais, áfach, ar an bhforas go raibh ‘cúiseamh ionadach’ san áireamh freisin sa ‘cúiseamh príobháideach’ agus go raibh an iarraidh ar dhíolúine Fheisire den Pharlaimint a tharscaoileadh laistigh de dhlínse na cúirte ar tugadh an cás os a comhair;

C.  de bhrí go ndearna ionadaí an ionchúisitheora ionadaigh iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte ar chead chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh Patryk Jaki, inter alia, as gníomhaíocht a thagann faoi Airteagal 256(2) de Chód Coiriúil na Polainne;

D.  de bhrí, an 17 Deireadh Fómhair 2018, gur foilsíodh fógra toghcháin dar teideal ‘Bezpieczny samorząd’ (bardasacht shlán) ar na meáin shóisialta ar chuntas an Pháirtí an Dlí agus an Cheartais faoi chuimse na dtoghchán bardasach a reachtáladh an 21 Deireadh Fómhair 2018 sa Pholainn; de bhrí gur chuidigh Patryk Jaki, i measc daoine eile, lena scaipeadh; de bhrí go líomhnaítear go spreagtar fuath i gcoinne inimircigh Mhoslamacha sa phostáil;

E.  de bhrí go bhfuil Patryk Jaki ar dhuine de na daoine atá i staid chomhchosúil mar gheall ar na cionta líomhnaithe atá i gceist, agus gurb é an t-aon difríocht atá ann faoi láthair go bhfuil díolúine aige mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cheart a cur san áireamh, dá bhrí sin, nach é Patryk Jaki an t-aon duine amháin a d’fhéadfaí a chúiseamh sa chás atá i gceist;

F.  de bhrí gur toghadh Patryk Jaki chuig Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin an 26 Bealtaine 2019;

G.  de bhrí nach mbaineann an choir líomhnaithe le tuairimí nó vótaí a chaith Patryk Jaki i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; de bhrí, sa chás seo, go mbaineann an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine le fíorais a bhaineann le gníomhaíochtaí de chineál áitiúil a tharla sula bhfuarthas an stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, sula bhfuarthas díolúine a bhaineann leis an stádas sin;

H.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir í a dhealú ó na dualgais sin;

I.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí Pharlaimint a Stáit;

J.  de bhrí, de bhun Airteagal 105(2) agus Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne an 2 Aibreán 1997, agus de bhun Airteagal 7 (1), (2) agus (4), Airteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de Dhlí an 9 Bealtaine 1996 maidir le comhlíonadh dhualgais Feisire agus Seanadóra(2), nach bhféadfar éisteacht a thabhairt d’fheisire mar dhuine atá faoi dhrochamhras agus nach féidir é nó í a chur faoi dhliteanas coiriúil gan údarú ó Pharlaimint na hEorpa;

K.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘cosantóir’(3);

L.  de bhrí, sa chás sin, nár tháinig an Pharlaimint ar fhianaise fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha lena léirítear go bhféadfadh sé a bheith mar bhunchuspóir an nós imeachta dhlíthiúil damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá bhrí sin;

1.  ag cinneadh díolúine Patryk Jaki a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Patryk Jaki.

(1) breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Iris Oifigiúil 2022.1339, leagan códaithe.
(3) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;


Iarraidh ar dhíolúine Beata Kempa a tharscaoileadh
PDF 127kWORD 46k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an iarraidh ar dhíolúine Beata Kempa a tharscaoileadh (2023/2022(IMM))
P9_TA(2023)0379A9-0346/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Beata Kempa, a thíolaic an XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów an 13 Nollaig 2022 in imeachtaí coiriúla tar éis dó díotáil shibhialta a thaisceadh agus a cuireadh in iúl sa suí iomlánach an 13 Feabhra 2023,

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Beata Kempa i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 105(2) agus d’Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, mar aon le hAirteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de dhlí na Polainne ón 9 Bealtaine 1996 ar shainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh,

–  ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0346/2023),

A.  de bhrí, an 13 Nollaig 2022, gur thíolaic breitheamh den XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Beata Kempa, a toghadh sa Pholainn, a tharscaoileadh, ar iarraidh í a chuir duine aonair faoina bhráid i ngeall ar phostáil a cuireadh suas ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais a líomhnaítear go bhfuil ábhar inti a spreagann fuath náisiúnta, eitneach, ciníoch agus reiligiúnach; de bhrí go bhfuair Cúirt Dúiche Vársá-Mokotów, an 17 Samhain 2021, an díotáil arna cur isteach ag ionadaí an chúisitheora ionadaigh; de bhrí gur iarr an t-ionadaí ar an gcúirt freisin a iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Beata Kempa a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa;

B.  de bhrí gur chuir an t-údarás breithiúnach an iarraidh sin ar tharscaoileadh díolúine pharlaiminteach ar aghaidh i gcomhréir le Riail 9(12) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; ag tabhairt aird, áfach, ar an bhfíric go gceanglaítear faoi Riail 9(1), dá Rialacha Nós Imeachta go mbeidh gach iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh seolta ag ‘údarás inniúil Ballstáit’, agus nach ionann an dá choincheap; de bhrí go gcinntear brí an téarma ‘údarás inniúil Ballstáit’ leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus, i gcás na Polainne, gur cheart tagairt a dhéanamh d’fhorálacha Airteagal 7b(1) de Dhlí na Polainne an 9 Bealtaine 1996 maidir le sainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh, lena bhforáiltear gur tríd an Ard-Ionchúisitheoir a dhéanfar iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Feisire nó Seanadóra i gcás cion is inphionóis le hionchúiseamh poiblí, gur seoladh an iarraidh chuig an Ard-Ionchúisitheoir sa chás seo, a rinne an t-iarratas a tharchur, áfach, ar an bhforas go raibh ‘cúiseamh ionadach’ san áireamh freisin sa ‘cúiseamh príobháideach’ agus go raibh an t-iarratas ar dhíolúine a chur isteach laistigh de dhlínse na cúirte ar tugadh an cás os a comhair;

C.  de bhrí go ndearna ionadaí an chúisitheora ionadaigh iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte ar chead chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh Beata Kempa, inter alia, as gníomhaíocht a thagann faoi Airteagal 256(2) de Chód Coiriúil na Polainne;

D.  de bhrí, an 17 Deireadh Fómhair 2018, gur foilsíodh fógra toghcháin dar teideal ‘Bezpieczny samorząd’ (bardasacht shlán) ar na meáin shóisialta ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais faoi chuimse na dtoghchán bardasach a reachtáladh an 21 Deireadh Fómhair 2018 sa Pholainn; de bhrí gur chuidigh Beata Kempa, i measc daoine eile, lena scaipeadh; de bhrí go líomhnaítear go spreagtar fuath i gcoinne inimircigh Mhoslamacha sa phostáil;

E.  de bhrí go bhfuil Beata Kempa ar dhuine de na daoine atá i staid chomhchosúil mar gheall ar na cionta líomhnaithe atá i gceist, agus gurb é an t-aon difríocht atá ann faoi láthair go bhfuil díolúine aici mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cheart a cur san áireamh, dá bhrí sin, nach í Beata Kempa an t-aon duine amháin a d’fhéadfaí a chúiseamh sa chás atá i gceist;

F.  de bhrí gur toghadh Beata Kempa chuig Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin an 26 Bealtaine 2019;

G.  de bhrí nach mbaineann an choir líomhnaithe le tuairimí ná vótaí a chaith Beata Kempa i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; go mbaineann an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, sa chás seo, le fíorais a bhaineann le gníomhaíochtaí de chineál áitiúil roimh an stádas a fháil agus dá dhroim sin roimh an díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

H.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir í a dhealú ó na dualgais sin;

I.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí Pharlaimint a Stáit;

J.  de bhrí, de bhun Airteagal 105(2) agus Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne an 2 Aibreán 1997, agus de bhun Airteagal 7 (1), (2) agus (4), Airteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de Dhlí an 9 Bealtaine 1996 maidir le comhlíonadh dhualgais Feisire agus Seanadóra(2), nach bhféadfar éisteacht a thabhairt d’Fheisire mar dhuine atá faoi dhrochamhras agus nach féidir é nó í a chur faoi dhliteanas coiriúil gan údarú ó Pharlaimint na hEorpa;

K.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘cosantóir’(3);

L.  de bhrí, sa chás sin, nár tháinig an Pharlaimint ar fhianaise fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha lena léirítear go bhféadfadh sé a bheith mar bhunchuspóir an nós imeachta dhlíthiúil damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá bhrí sin;

1.  ag cinneadh díolúine Beata Kempa a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Beata Kempa.

(1) breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Iris Oifigiúil 2022.1339, leagan códaithe.
(3) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;


Iarraidh ar dhíolúine Beata Mazurek a tharscaoileadh
PDF 126kWORD 46k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an iarraidh ar dhíolúine Beata Mazurek a tharscaoileadh (2023/2023(IMM))
P9_TA(2023)0380A9-0347/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Beata Mazurek, a thíolaic an XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów an 13 Nollaig 2022 maidir le himeachtaí coiriúla tar éis dó díotáil shibhialta a thaisceadh agus a cuireadh in iúl sa suí iomlánach an 13 Feabhra 2023,

–  ag féachaint don fhíoras gur tharscaoil Beata Mazurek a ceart éisteacht a fháil i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 105(2) agus d’Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, mar aon le hAirteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de dhlí na Polainne ón 9 Bealtaine 1996 ar shainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh,

–  ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0347/2023),

A.  de bhrí, an 13 Nollaig 2022, gur thíolaic breitheamh den XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Beata Mazurek, a toghadh sa Pholainn, a tharscaoileadh, arb iarraidh í a chuir duine aonair faoina bhráid ar bhonn postála ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais a líomhnaítear go raibh ábhar inti a spreagann fuath náisiúnta, eitneach, ciníoch agus reiligiúnach; de bhrí go bhfuair Cúirt Dúiche Vársá-Mokotów, an 17 Samhain 2021, an díotáil arna gcur isteach ag ionadaí an ionchúisitheora ionadaigh; de bhrí gur iarr an t-ionadaí ar an gcúirt freisin a iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Beata Mazurek a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa;

B.  de bhrí gur chuir an t-údarás breithiúnach an iarraidh sin ar tharscaoileadh díolúine pharlaiminteach ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9(12) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; ag tabhairt aird, áfach, ar an bhfíric go gceanglaítear faoi Riail 9(1), dá Rialacha Nós Imeachta go mbeidh gach iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh seolta ag ‘údarás inniúil Ballstáit’, agus nach ionann an dá rud; de bhrí go gcinntear brí an téarma ‘údarás inniúil Ballstáit’ leis an dlí náisiúnta is infheidhme; de bhrí, i gcás na Polainne, gur cheart tagairt a dhéanamh d’fhorálacha Airteagal 7b(1) de Dhlí na Polainne an 9 Bealtaine 1996 maidir le sainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh, lena bhforáiltear gur tríd an Ard-Ionchúisitheoir a dhéanfar iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Feisire nó Seanadóra i gcás cion is inphionóis le hionchúiseamh poiblí; de bhrí, sa chás seo, gur seoladh an iarraidh chuig an Ard-Ionchúisitheoir, a rinne an t-iarratas a sheoladh ar ais, áfach, ar an bhforas go raibh ‘cúiseamh ionadach’ san áireamh freisin sa ‘cúiseamh príobháideach’ agus go raibh an iarraidh ar dhíolúine Fheisire den Pharlaimint a tharscaoileadh laistigh de dhlínse na cúirte ar tugadh an cás os a comhair;

C.  de bhrí go ndearna ionadaí an ionchúisitheora ionadaigh iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte ar chead chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh Beata Mazurek, inter alia, as gníomhaíocht a thagann faoi Airteagal 256(2) de Chód Coiriúil na Polainne;

D.  de bhrí, an 17 Deireadh Fómhair 2018, gur foilsíodh fógra toghcháin dar teideal ‘Bezpieczny samorząd’ (bardasacht shlán) ar na meáin shóisialta ar chuntas Pháirtí an Dlí agus an Cheartais faoi chuimse na dtoghchán bardasach a reachtáladh an 21 Deireadh Fómhair 2018 sa Pholainn; de bhrí gur chuidigh Beata Mazurek, i measc daoine eile, lena scaipeadh; de bhrí go líomhnaítear go spreagtar fuath i gcoinne inimircigh Mhoslamacha sa phostáil;

E.  de bhrí go bhfuil Beata Mazurek ar dhuine de na daoine atá i staid chomhchosúil mar gheall ar na cionta líomhnaithe atá i gceist, agus gurb é an t-aon difríocht atá ann faoi láthair go bhfuil díolúine aici mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cheart a cur san áireamh, dá bhrí sin, nach í Beata Mazurek an t-aon duine amháin a d’fhéadfaí a chúiseamh sa chás atá i gceist;

F.  de bhrí gur toghadh Beata Mazurek chuig Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin an 26 Bealtaine 2019;

G.  de bhrí nach mbaineann an choir líomhnaithe le tuairimí ná vótaí a chaith Beata Mazurek i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh; go mbaineann an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, sa chás seo, le fíorais a bhaineann le gníomhaíochtaí de chineál áitiúil roimh an stádas a fháil agus dá dhroim sin roimh an díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

H.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Fheisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir í a dhealú ó na dualgais sin;

I.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí Pharlaimint a Stáit;

J.  de bhrí, de bhun Airteagal 105(2) agus Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne an 2 Aibreán 1997, agus de bhun Airteagal 7 (1), (2) agus (4), Airteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de Dhlí an 9 Bealtaine 1996 maidir le comhlíonadh dhualgais Feisire agus Seanadóra(2), nach bhféadfar éisteacht a thabhairt d’fheisire mar dhuine atá faoi dhrochamhras agus nach féidir é nó í a chur faoi dhliteanas coiriúil gan údarú ó Pharlaimint na hEorpa;

K.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘cosantóir’(3);

L.  de bhrí, sa chás sin, nár tháinig an Pharlaimint ar fhianaise fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha lena léirítear go bhféadfadh sé a bheith mar bhunchuspóir an nós imeachta dhlíthiúil damáiste a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá bhrí sin;

1.  ag cinneadh díolúine Beata Mazurek a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Beata Mazurek.

(1) breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Iris Oifigiúil 2022.1339, leagan códaithe.
(3) breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;


Iarraidh ar dhíolúine Tomasz Piotr Poręba a tharscaoileadh
PDF 129kWORD 46k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an iarraidh ar dhíolúine Tomasz Piotr Poręba a tharscaoileadh (2023/2024(IMM))
P9_TA(2023)0381A9-0348/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Tomasz Piotr Poręba, a thíolaic an XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów an 13 Nollaig 2022 maidir le himeachtaí coiriúla tar éis díotáil shibhialta a thaisceadh agus a cuireadh in iúl sa suí iomlánach an 13 Feabhra 2023,

–  ag féachaint don fhíoras gur tharscaoil Tomasz Piotr Poręba a ceart éisteacht a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 105(2) agus d’Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, mar aon le hAirteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de dhlí na Polainne ón 9 Bealtaine 1996 ar shainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh,

–  ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0348/2023),

A.  de bhrí, an 13 Nollaig 2022, gur thíolaic breitheamh den XIVú Rannán Coiriúil de Chúirt Dúiche Vársá-Mokotów iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Tomasz Piotr Poręba, a toghadh sa Pholainn, a tharscaoileadh, ar iarraidh í a chuir duine aonair faoina bhráid ar bhonn postála ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais a líomhnaítear go bhfuil ábhar inti a spreagann fuath náisiúnta, eitneach, ciníoch agus reiligiúnach; de bhrí go bhfuair Cúirt Dúiche Vársá-Mokotów, an 17 Samhain 2021, an díotáil arna gcur isteach ag ionadaí an ionchúisitheora ionadaigh; de bhrí gur iarr an t-ionadaí ar an gcúirt freisin a iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Tomasz Piotr Poręba a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa;

B.  de bhrí gur chuir an t-údarás breithiúnach an iarraidh sin ar tharscaoileadh díolúine pharlaiminteach ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9(12) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; ag tabhairt aird, áfach, ar an bhfíric go gceanglaítear faoi Riail 9(1) dá Rialacha Nós Imeachta go mbeidh gach iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh seolta ag ‘údarás inniúil Ballstáit’, agus nach ionann an dá choincheap; de bhrí go gcinntear brí an téarma ‘údarás inniúil Ballstáit’ leis an dlí náisiúnta is infheidhme; de bhrí, i gcás na Polainne, gur cheart tagairt a dhéanamh d’fhorálacha Airteagal 7b(1) de Dhlí na Polainne an 9 Bealtaine 1996 maidir le sainordú Feisire agus Seanadóra de chuid na Polainne a chomhlíonadh, lena bhforáiltear gur tríd an Ard-Ionchúisitheoir a dhéanfar iarraidh ar údarú chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne Feisire nó Seanadóra i gcás cion is inphionóis le hionchúiseamh poiblí; de bhrí, sa chás seo, gur seoladh an iarraidh chuig an Ard-Ionchúisitheoir, a rinne an t-iarratas a sheoladh ar ais, áfach, ar an bhforas go raibh ‘cúiseamh ionadach’ san áireamh freisin sa ‘cúiseamh príobháideach’ agus go raibh an iarraidh ar dhíolúine Feisire den Pharlaimint a tharscaoileadh laistigh de dhlínse na cúirte ar tugadh an cás os a comhair;

C.  de bhrí go ndearna ionadaí an ionchúisitheora ionadaigh iarratas a chur faoi bhráid na cúirte ar chead chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh in aghaidh Tomasz Piotr Poręba, i measc daoine eile, as gníomhaíocht a thagann faoi Airteagal 256(2) de Chód Coiriúil na Polainne;

D.  de bhrí, an 17 Deireadh Fómhair 2018, gur foilsíodh fógra toghcháin dar teideal ‘Bezpieczny samorząd’ (bardasacht shlán) ar na meáin shóisialta ar chuntas Twitter Pháirtí an Dlí agus an Cheartais faoi chuimse na dtoghchán bardasach a reachtáladh an 21 Deireadh Fómhair 2018 sa Pholainn; de bhrí gur chuidigh Tomasz Piotr Poręba, i measc daoine eile, lena scaipeadh; de bhrí go líomhnaítear go spreagtar fuath i gcoinne inimircigh Mhoslamacha sa phostáil;

E.  de bhrí go bhfuil Tomasz Piotr Poręba ar dhuine de na daoine atá i staid chomhchosúil mar gheall ar an gcion líomhnaithe atá i gceist, agus gurb é an t-aon difríocht atá ann faoi láthair go bhfuil díolúine aige mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí gur cheart a chur san áireamh, dá bhrí sin, nach é Tomasz Piotr Poręba an t-aon duine amháin a d’fhéadfaí a chúiseamh sa chás atá i gceist;

F.  de bhrí gur toghadh Tomasz Piotr Poręba chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin in 2019;

G.  de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí nó vótaí a chaith Tomasz Piotr Poręba i gcomhlíonadh a dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ach go mbaineann sé le gníomhaíochtaí de chineál áitiúil;

H.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir í a dhealú ó na dualgais sin;

I.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go dteachtfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, ina gcríoch náisiúnta, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí Pharlaimint a Stáit;

J.  de bhrí, de bhun Airteagal 105(2) agus Airteagal 108 de Bhunreacht Phoblacht na Polainne an 2 Aibreán 1997, agus de bhun Airteagal 7 (1), (2) agus (4), Airteagal 7b(1) agus Airteagal 7c(1) de Dhlí an 9 Bealtaine 1996 maidir le comhlíonadh dhualgais Feisire agus Seanadóra(2), nach bhféadfar éisteacht a thabhairt d’fheisire mar dhuine atá faoi dhrochamhras agus nach féidir é nó í a chur faoi dhliteanas coiriúil gan údarú ó Pharlaimint na hEorpa;

K.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘cosantóir’(3);

L.  de bhrí, sa chás seo, nár tháinig an Pharlaimint ar fhianaise fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha lena léirítear go bhféadfadh sé a bheith mar bhunchuspóir an nós imeachta dhlíthiúil dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire, agus do Pharlaimint na hEorpa, dá bhrí sin;

1.  ag cinneadh dhíolúine Tomasz Piotr Poręba a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Phoblacht na Polainne agus chuig Tomasz Piotr Poręba.

(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Iris Oifigiúil 2022.1339, leagan códaithe.
(3) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;


Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Tony Murphy
PDF 109kWORD 42k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le hainmniú Tony Murphy mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0334/2023 – 2023/0808(NLE))
P9_TA(2023)0382A9-0294/2023

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0334/2023),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0294/2023),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir dar dáta an 8 Meán Fómhair 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Tony Murphy a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Tony Murphy, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Tony Murphy, chomh maith leis na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Tony Murphy, ina dhiaidh sin, an 12 Deireadh Fómhair 2023, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Tony Murphy ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.


Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Bettina Michelle Jakobsen
PDF 111kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le hainmniú Bettina Michelle Jakobsen mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0332/2023 – 2023/0807(NLE))
P9_TA(2023)0383A9-0292/2023

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0332/2023),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0292/2023),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir dar dáta an 8 Meán Fómhair 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Bettina Michelle Jakobsen a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Bettina Michelle Jakobsen, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Bettina Michelle Jakobsen, chomh maith leis na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuici;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Bettina Michelle Jakobsen, ina dhiaidh sin, an 12 Deireadh Fómhair 2023, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Bettina Michelle Jakobsen ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.


Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Alejandro Blanco Fernández
PDF 108kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le hainmniú Alejandro Blanco Fernández mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0333/2023 – 2023/0806(NLE))
P9_TA(2023)0384A9-0293/2023

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0333/2023),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0293/2023),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir dar dáta an 8 Meán Fómhair 2023, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Alejandro Blanco Fernández a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Alejandro Blanco Fernández, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Alejandro Blanco Fernández, chomh maith leis na freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Alejandro Blanco Fernández, ina dhiaidh sin, an 12 Deireadh Fómhair 2023, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Alejandro Blanco Fernández ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.


An Gníomh um Shonraí
PDF 121kWORD 56k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (an Ionstraim um Shonraí) (COM(2022)0068 – C9-0051/2022 – 2022/0047(COD))
P9_TA(2023)0385A9-0031/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0068),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0051/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Meán Fómhair 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Meitheamh 2022(2),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 30 Meitheamh 2022(3),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Iúil 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0031/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é(4);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Samhain 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí)

P9_TC1-COD(2022)0047


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2854).

(1) IO C 402, 19.10.2022, lch. 5.
(2) IO C 365, 23.9.2022, lch. 18.
(3) IO C 375, 30.9.2022, lch. 112.
(4) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 14 Márta 2023 (Téacsanna arna ghlacadh, P9_TA(2023)0069).


Leasú a dhéanamh ar Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP)
PDF 122kWORD 47k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (COM(2021)0725 – C9-0436/2021 – 2021/0380(COD))
P9_TA(2023)0386A9-0024/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0725),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0436/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Meitheamh 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 57 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0024/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Samhain 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh

P9_TC1-COD(2021)0380


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2869).

(1) IO C 307, 12.8.2022, lch. 4.
(2) IO C 290, 29.7.2022, lch. 58.


Pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP): rochtain ar fhaisnéis maidir le seirbhísí airgeadais, margaí caipitil agus an inbhuanaitheacht
PDF 119kWORD 47k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionad Eorpach ilfhreastail aonair lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus le hinbhuanaitheacht (COM(2021)0723 – C9-0434/2021 – 2021/0378(COD))
P9_TA(2023)0387A9-0026/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0723),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0434/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Meitheamh 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 57 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0026/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Samhain 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht

P9_TC1-COD(2021)0378


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2859)

(1) IO C 307, 12.8.2022, lch. 4.
(2) IO C 290, 29.7.2022, lch. 58.


Leasú a dhéanamh ar Threoracha áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (ESAP)
PDF 118kWORD 48k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear treoracha áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh (COM(2021)0724 – C9-0437/2021 – 2021/0379(COD))
P9_TA(2023)0388A9-0023/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0724),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0437/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Meitheamh 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Meitheamh 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

–  ag féachaint do Rialacha 57 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0023/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Samhain 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha áirithe maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh

P9_TC1-COD(2021)0379


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2023/2864).

(1) IO C 307, 12.8.2022, lch. 4.
(2) IO C 290, 29.7.2022, lch. 58.


Araíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tíortha
PDF 122kWORD 49k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír (COM(2022)0120 – C9-0118/2022 – 2022/0074(COD))
P9_TA(2023)0389A9-0047/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0120),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0118/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Iúil 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Iúil 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Iúil 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9‑0047/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Samhain 2023 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

P9_TC1-COD(2022)0074


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2845.)

(1) IO C 367, 26.9.2022, lch. 3.
(2) IO C 443, 22.11.2022, lch. 87.


Cuntais eacnamaíocha chomhshaoil Eorpacha: modúil nua
PDF 185kWORD 65k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach (COM(2022)0329 – C9-0223/2022 – 2022/0210(COD))(1)
P9_TA(2023)0390A9-0296/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Dearbhaíodh i gCinneadh Uimh. 2022/591/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leagtar síos Clár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 203012 go bhfuil faisnéis fhónta ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, ar na príomhbhrúnna agus ar na príomhghníomhaithe i ndáil le hathrú comhshaoil sár-riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus an beartas sin a chur chun feidhme, agus chun saoránaigh a chumhachtú. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d’fhonn cur le feasacht an phobail maidir leis na hiarmhairtí comhshaoil a ghabhann le gníomhaíocht eacnamaíoch. Tá cuntais eacnamaíocha chomhshaoil ar cheann de na n-ionstraimí sin.
(1)  Dearbhaíodh i gCinneadh Uimh. 2022/591/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leagtar síos Clár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 203012 go bhfuil meantóireacht lena n-airítear faisnéis fhónta ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, ar na príomhbhrúnna agus ar na príomhghníomhaithe i ndáil le hathrú comhshaoil sár-riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus an beartas sin a chur chun feidhme, chun cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach, agus chun saoránaigh a chumhachtú. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d’fhonn feasacht ghinearálta a fheabhsú maidir le héifeachtaí na gníomhaíochta eacnamaíche ar an gcomhshaol agus maidir leis an méid a chuireann an comhshaol leis an ngeilleagar agus leis an dea-bhail. Tá cuntais eacnamaíocha chomhshaoil ar cheann de na n-ionstraimí sin.
_________________
_________________
12 IO L 114, 12.4.2022, lch. 22.
12 IO L 114, 12.4.2022, lch. 22.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Rannchuideoidh na modúil nua go díreach le tosaíochtaí beartais an Aontais maidir le fás glas agus éifeachtúlacht acmhainní.
(3)  Rannchuideoidh na modúil nua go díreach le tosaíochtaí bheartas comhshaoil an Aontais mar a leagtar síos, inter alia, san 8ú CGC.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Ag an 43ú seisiún a bhí aige i mí na Feabhra 2012, ghlac an Coimisiún Staidrimh de chuid na Náisiún Aontaithe creat lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (‘CCEC’) mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta agus ghlac sé Cuntasaíocht Éiceachórais CCEC (caibidil 1 go dtí caibidil 7 ina dtuairiscítear an creat cuntasaíochta agus na cuntais fhisiceacha) ag an 52ú seisiún a bhí aige i mí an Mhárta 2021. Tá na modúil nua atá a leagtar amach leis an Rialachán seo ag teacht go hiomlán le CCEC.
(4)  Ag an 43ú seisiún a bhí aige i mí na Feabhra 2012, ghlac an Coimisiún Staidrimh de chuid na Náisiún Aontaithe creat lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (‘CCEC’) mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta agus ghlac sé Cuntasaíocht Éiceachórais CCEC (caibidil 1 go dtí caibidil 7 ina dtuairiscítear an creat cuntasaíochta agus na cuntais fhisiceacha) ag an 52ú seisiún a bhí aige i mí an Mhárta 2021. Tá na modúil nua atá a leagtar amach leis an Rialachán seo ag teacht go hiomlán le CCEC. Ina theannta sin, tá Córas na gCuntas Comhshaoil-Eacnamaíoch d’Uisce (CCEC-Uisce) curtha chun feidhme ag an SEEA, córas a thacaíonn le Creat Lárnach CCEC.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Ba cheart rochtain a bheith ag an Aontas ar fhaisnéis atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun a chúraimí a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14, i gcomhréir lena sainchuspóirí.
(5)  Ba cheart rochtain a bheith ag an Aontas ar fhaisnéis atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun a chúraimí agus faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14, i gcomhréir lena sainchuspóirí. Ina theannta sin, is gá do Eurostat na sonraí a bhailítear a chur i láthair ar bhealach níos inrochtana agus níos soláimhsithe, agus na sonraí sin á gcur chun cinn go gníomhach.
_________________
_________________
14 Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164)
14 Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164)
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)   Chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach glas, iomaíoch agus athléimneach agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcomhthéacs an Aontais, tá gá le sonraí breise.
(6)   Chun cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí a bhaint amach, is den ríthábhacht é reachtaíocht agus próisis uile an Aontais a ailíniú le cuspóirí fadtéarmacha comhshaoil agus aeráide an Aontais arna mbunú faoin gComhaontú Glas don Eoraip, faoi Rialachán (AE) 2021/1119 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’), go háirithe Airteagal 6(4) de agus faoin bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’. Éilíonn roinnt píosaí reachtaíochta de chuid an Aontais cheana dlúthfhaireachán ar threochtaí, agus ar an gcaoi sin, sonraí breise agus sonraí níos beaichte. De réir shonraí an Choimisiúin, chun clár uaillmhianach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht shuntasach agus meastar gurb ionann an bhearna infheistíochta príobháidí agus poiblí chun cúram a dhéanamh den aistriú glas agus beagnach EUR 520 billiún in aghaidh na bliana, as seo go ceann deich mbliana. Ina theannta sin, de réir shonraí an Choimisiúin, meastar go mbeidh gá le EUR 210 mbilliún d’infheistíochtaí breise faoi dheireadh 2027 chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ó thríú tíortha a laghdú agus chun dlús a chur le haistriú fuinnimh an Aontais ó bhreoslaí iontaise. Is léir freisin, cé go soláthróidh an earnáil phríobháideach sciar suntasach den infheistíocht, go mbeidh gá le méadú suntasach ar an infheistíocht phoiblí chomh maith. Agus an méid sin á chur san áireamh, is den ríthábhacht é sonraí ábhartha agus mionsonraithe a fháil ó na Ballstáit faoina mbearnaí infheistíochta san aeráid, san fhuinneamh agus sa chomhshaol chun a áirithiú go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach le caipiteal poiblí agus príobháideach leordhóthanach arna leithdháileadh ar an aistriú Glas. Ar na cúiseanna sin go léir, déanfar córas na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil a fhorbairt go tapa ina uirlis chuimsitheach lena soláthrófar sonraí suntasacha breise chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí comhshaoil an Aontais agus ar cheapadh beartas comhshaoil. Ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun modúil nua a ghlacadh lena ngabhfar na sonraí ábhartha agus na luachanna tuairiscithe uile a bhaineann le spriocanna an Aontais.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 a (nua)
(6a)   Agus modúil nua á bhforbairt agus á bpíolótú, ba cheart aird ar leith a thabhairt agus tús áite a thabhairt d’fhorbairt cuntas eacnamaíoch comhshaoil maidir le fóirdheontais fuinnimh lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise. Iarrtar i gClár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 go mbunófaí creat ceangailteach de chuid an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhaontaithe, agus gan mhoill, lena leagfar síos spriocdháta maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise i gcomhréir leis an uaillmhian an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C, sprioc Chomhaontú Pháras, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart go dtacódh cuntais eacnamaíocha chomhshaoil leis an sprioc sin trí na sonraí is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a sholáthar i modúl nua maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 b (nua)
(6b)   Is acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce agus is réamhriachtanas é modúl nua maidir le huisce a chomhtháthú i gcuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil chun é a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chomh maith le tuiscint a fháil ar an ngaol atá aige le gníomhaíocht eacnamaíoch.
AmendmentLeasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 c (nua)
(6c)  Is cuid fhíorthábhachtach den fhreagairt dhomhanda fhadtréimhseach ar an athrú aeráide é an t-oiriúnú. Is gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don tsláinte a bhaineann leis an aeráid atá ag éirí níos líonmhaire, lena n-áirítear tonnta teasa, dóiteáin fhiáine agus tuilte a tharlaíonn níos minice agus atá níos déine, bagairtí sábháilteachta agus slándála uisce agus bia, agus teacht chun cinn agus leathadh galar tógálach. D’fhéadfadh na héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag an athrú aeráide a bheith níos mó ná acmhainneachtaí oiriúnaitheachta na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas feabhas a chur ar a n-acmhainneacht oiriúnaithe, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú, mar a fhoráiltear in Airteagal 7 de Chomhaontú Pháras, agus na comhthairbhí a bhaineann le beartais agus reachtaíocht eile a uasmhéadú. Ceanglaítear le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1119 go nglacfaidh na Ballstáit straitéisí agus pleananna náisiúnta cuimsitheacha oiriúnaitheachta atá bunaithe ar anailísí téagartha ar an athrú aeráide agus ar leochaileacht, ar mheasúnuithe agus táscairí ar dhul chun cinn, agus iad á dtreorú faoi threoir na fianaise eolaíche is fearr dá bhfuil le fáil agus is déanaí. Ós rud é gur gá faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo oiriúnú don athrú aeráide, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun modúl nua a ghlacadh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, lena gcuimsítear na sonraí ábhartha uile agus na luachanna tuairiscithe uile a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 d (nua)
(6d)  Tá cailliúint na bithéagsúlachta, mar aon leis an athrú aeráide, ar cheann de na príomhleochaileachtaí atá os comhair na ngeilleagar, agus an chailliúint sin á méadú ag an athrú aeráide. Is den ríthábhacht í an bhithéagsúlacht don tslándáil bia, do dhea-bhail an duine agus d’athléimneacht fhoriomlán na sochaithe agus na ngeilleagar. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas, dá bhrí sin, feabhas a chur ar a bhfreagairt ar ghéarchéim na bithéagsúlachta i gcomhréir lena ngealltanais idirnáisiúnta faoi Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal. Ós rud é gur gá faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo meath na bithéagsúlachta a aisiompú, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun modúl nua maidir leis an mbithéagsúlacht a ghlacadh.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 e (nua)
(6e)   Is é is aidhm do chuntais éiceachórais mar mhodh chun sonraí a thíolacadh maidir le méid agus staid na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar luach a chur ar an dúlra ionas gur féidir na costais a bhaineann leis an dúlra a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ba cheart é a bheith mar aidhm le luachanna airgeadaíochta a bhunú infheictheacht ar chostas na neamhghníomhaíochta a ardú agus tacú leis an Aontas a chuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Chun na héifeachtaí beartaithe a bhaint amach ina n-iomláine, ba cheart an modúl a fhorbairt tuilleadh amach anseo, lena n-áirítear trí thuairisciú ar luachanna airgeadaíochta a chur leis b’fhéidir.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta Uimh. 2019/16 dar teideal ‘Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil: is féidir an tairbhe do lucht ceaptha beartas a fheabhsú’.15 Léirítear sa tuarascáil sin go bhfuil gá le sonraí níos iomláine faoi fhoraoisí agus éiceachórais agus gur gá cuntais fhoraoiseacha a chur chun feidhme ina n-iomláine.
(8)  In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta Uimh. 2019/16 dar teideal ‘Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil: is féidir an tairbhe do lucht ceaptha beartas a fheabhsú’.15 Léirítear sa tuarascáil sin go bhfuil gá le sonraí níos iomláine faoi fhoraoisí agus éiceachórais agus gur gá cuntais fhoraoiseacha a chur chun feidhme ina n-iomláine. Ba iad na trí mholadh deiridh ón gCúirt Iniúchóirí ná feabhas a chur ar an gcreat straitéiseach do shonraí EEEA, ar ábharthacht mhodúil EEEA maidir le ceapadh beartas agus ar thráthúlacht shonraí EEEA. Ina theannta sin, leagadh amach sa tuarascáil go bhfuil dúshláin roimh Eurostat maidir le sonraí tráthúla ardcháilíochta a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí ardcháilíochta a sholáthar le haghaidh na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil Eorpach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo.
_________________
_________________
15 https://www.eca.europa.eu/ga/publications?did=51214
15 https://www.eca.europa.eu/ga/publications?did=51214
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Liostaítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 na foinsí a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil. Chun solúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar Institiúidí Staidrimh Náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cineálacha cur chuige nuálacha a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcónaí agus mionsonraí a sholáthar a mhéid a bhaineann le cáilíocht na gcineálacha cur chuige sin chun deis a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí.
(9)  Liostaítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 na foinsí a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil. Chun solúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar Institiúidí Staidrimh Náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cuir chuige nuálacha a úsáid amhail, mar shampla, breathnóireacht na cruinne (seirbhísí Copernicus). Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcónaí agus mionsonraí a sholáthar a mhéid a bhaineann le cáilíocht na gcineálacha cur chuige sin chun deis a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí. Ba cheart seirbhísí Copernicus a fhorbairt tuilleadh d’fhonn sonraí a bhailiú go huathoibríoch agus ba cheart iad a mhaoiniú go leordhóthanach chun na críche sin.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)   Is gá liosta na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus atá liostaithe in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta chun iad a ailíniú le tosaíochtaí beartais reatha an Aontais.
(11)   Ós rud é go bhfuil géarghá le leathnú a dhéanamh ar chóras na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil (EEEA) chun beartais a cheapadh agus chun faireachán a dhéanamh orthu, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun na modúil nua a liostaítear sa Rialachán seo a ghlacadh agus na modúil atá ann cheana a leagtar amach in iarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a fheabhsú agus a fhorbairt tuilleadh.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Chun staid reatha fhorbairt na modheolaíochtaí a chur san áireamh chun seirbhísí éiceachórais a luacháil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún d’fhonn an Rialachán a fhorlíonadh trí bhunú cé acu de na seirbhísí éiceachórais atá san áireamh cheana sna táblaí tuairiscithe atá i roinn 5 d’Iarscríbhinn IX ar cheart luachanna airgeadúla a thuairisciú ina leith, an chéad bhliain tagartha mar aon le liosta de mhodhanna inghlactha chun na luachanna airgeadúla sin a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr17. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(14)  Chun EEEA a fhorbairt tuilleadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán a fhorlíonadh trí mhodúil nua a ghlacadh agus trí na modúil atá ann cheana a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr17. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
_________________
_________________
17 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
17 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 1 – fomhír 1a (nua)
-1.  Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 1(1):
Is é an cuspóir foriomlán atá aige sonraí a chur ar fáil a thacaíonn le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais maidir lena chuspóirí comhshaoil a leagtar síos i ndlí an Aontais a chomhlíonadh chomh maith lena ghealltanais idirnáisiúnta sa réimse sin.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8
(8)  ciallaíonn ‘fordheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla’ aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, mar a shainmhínítear in CCE 2010, a cheaptar chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní náisiúnta agus táirgí gaolmhara;
(8)  ciallaíonn ‘fordheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla’ aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, mar a shainmhínítear in CCE 2010, a cheaptar chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha agus táirgí gaolmhara;
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 3 – mír 1 a (nua)
(aa)  Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a. Faoi ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun na modúil seo a leanas a fhorbairt:
(a)  Fóirdheontais fuinnimh lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise;
(b)  Fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol seachas iad siúd de bhun phointe (a);
(c)  Cuntais Uisce (cainníochtúil agus cáilíochtúil);
(d)  Cuntas Dramhaíola;
(e)  Ráta úsáide ábhair chiorclaigh;
(f)  Maolú ar an athrú aeráide;
(g)  Oiriúnú don athrú aeráide;
(h)  Cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras;
(i)  Cosc agus rialú ar thruailliú;
(j)  Cuntais Chaiteachais um Bainistiú Acmhainní, lena n-áirítear amhábhar criticiúil;
(k)  Lorg comhshaoil.’;
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 3 – mír 4a
4a.  Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéar modheolaíochta agus féidearthachta ar luacháil airgeadaíochta na seirbhísí éiceachórais. Ar bhonn thorthaí an staidéir sin, féadfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh chun an méid seo a leanas a shainiú, trí bhíthin gníomh tarmligthe, ar cé acu de na seirbhísí éiceachórais atá san áireamh cheana sna táblaí tuairiscithe i roinn 5 d’Iarscríbhinn IX a ndéanfar luachanna airgeadaíochta a thuairisciú ina leith, ar an gcéad bhliain tagartha agus ar liosta de mhodhanna inghlactha chun na luachanna airgeadaíochta sin a bhunú.;
4a.  Faoin .... [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le luacháil airgeadaíochta na seirbhísí éiceachórais. Áireofar sa tuarascáil measúnú ar fhéidearthachtaí modheolaíochta agus indéantacht na luachála airgeadaíochta, luachanna tuairiscithe féideartha i gcás ina bhfuil na luachanna sin ar iarraidh agus bealaí malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun Cuntais seirbhísí Éiceachórais a thomhas. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a leasú.;
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 3 – mír 4a a (nua)
(ba)   cuirtear an mhír nua 4aa seo a leanas isteach:
4aa.   Faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh an Coimisiún staidéar ina ndéanfar anailís ar na sonraí tuairiscithe a áirítear faoi láthair sa rialachán seo maidir le maolú ar an athrú aeráide, chomh maith le moladh go gcruthófaí modúl tiomnaithe maidir le hoiriúnú don athrú aeráide chun a áirithiú go soláthróidh na Ballstáit na luachanna tuairiscithe uile chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpaigh, an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus an Ghnímh um Thionscal Glan Nialasach a bhaint amach. Beidh amlíne tháscach ag gabháil leis an staidéar d’fhorbairt na modúl amach anseo.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 4 – mír 1
(2a)   in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1.  Déanfaidh an Coimisiún clár a dhreachtú le haghaidh staidéar píolóta atá le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár seo staidéir píolóta chun tástáil a dhéanamh ar a indéantaatá sé modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach. Áiritheoidh an Coimisiún, agus an clár á tharraingt suas aige, nach gcuirfear aon ualaigh breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.
"1. Déanfaidh an Coimisiún clár a dhreachtú le haghaidh staidéar píolóta atá le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár seo staidéir píolóta chun tástáil a dhéanamh ar mhodúil nua an chuntais eacnamaíoch comhshaoil. Agus an clár á tharraingt suas, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar mhodúil lena dtáirgtear sonraí maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, agus áiritheoidh sé nach gcuirfear aon ualaí breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar an aonad is freagróir.’
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 5 – mír 2 – pointe d
(d)  aon fhoinsí ábhartha, modhanna nó cineálacha nuálacha cur chuige eile a mhéid a gceadaítear leo staitisticí a tháirgeadh atá inchomparáide agus atá i gcomhréir leis na saincheanglais cáilíochta is infheidhme.
(d)  aon fhoinsí ábhartha, modhanna nó cineálacha nuálacha cur chuige eile a mhéid a cheadaítear leo cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a tháirgeadh atá inchomparáide agus atá i gcomhréir leis na saincheanglais cáilíochta is infheidhme.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2
Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, na modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i bpointe (d), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha ar lena linn a thabharfar isteach an fhoinse, an modh nó an cur chuige nuálach agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí a fhaightear.;
Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, na modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i bpointe (d), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha ar lena linn a thabharfar isteach an fhoinse, an modh nó an cur chuige nuálach agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí a fhaightear. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, comhairle a chur ar na Ballstáit gan cur chuige nuálach sonrach a úsáid má mheasann sé nach leor cáilíocht na sonraí nó moltaí a dhéanamh maidir le conas cáilíocht na sonraí is gá a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas maidir le cineálacha cur chuige nuálacha a éascú i measc na mBallstát uile. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a gheofar ó na Ballstáit de bhun na fomhíre seo mar aon lena chomhairle, i gcás inarb infheidhme.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 6 a (nua)
(3a)   cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
Airteagal 6a
Faoin ... [18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) faisnéis faoi staid na himeartha maidir le sonraí a chumhdaítear leis na modúil, amhail conair laghdaithe astaíochtaí GCT, agus na cuspóirí a leagtar amach sa dlí Aeráide Eorpach, dul chun cinn i dtreo athchóiriú na bithéagsúlachta agus na hinfheistíochtaí gaolmhara á gcur san áireamh, a fhorbairt agus a sholáthar do Dhais na gCuntas Comhshaoil Eorpach. Déanfar an Deais a nuashonrú go bliantúil, agus cumhdófar leis modúil agus sonraí nua atá ar fáil.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 8 – mír 2
2.  Chun maolú faoi mhír 1 a fháil i leith Iarscríbhinní VII, VIII agus IX, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin agus údar cuí leis tráth nach déanaí ná [Iarrtar ar OPOCE an dáta beacht a chur isteach a bheidh 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].;
2.  Chun maolú faoi mhír 1 a fháil i leith Iarscríbhinní VII, VIII agus IX, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin agus údar cuí leis tráth nach déanaí ná [Iarrtar ar OPOCE an dáta beacht a chur isteach a bheidh 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Foilseoidh an Coimisiún gach iarraidh a gheofar ó na Ballstáit.’;
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 9 – mír 2
2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), (4) agus (4a) ar feadh tréimhse cúig bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33(1a), (3), (4) agus (4ab) ar feadh tréimhse 5 bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 9 – mír 3
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), (4) agus (4a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(1a), (3), (4) agus (4ab) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 9 – mír 5
5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), (4) agus (4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;
5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(1a), (3), (4) agus (4ab) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.;
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Airteagal 10 – mír 2 – fleasc 1
(6)  in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad phointe fleiscín:
(6)  in Airteagal 10, scriostar an chéad phointe fleiscín.
‘ - tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail Cuntais Uisce (cáilíochtúil agus cainníochtúil), Cuntais ar Chaiteachas i leith Bainistiú Acmhainní, Fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus Cuntais Dramhaíola’;
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 a (nua)
Chun na cuspóirí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit isteach sonraí maidir le maolú ar an athrú aeráide amhail ón 1 Eanáir 2025. Leis na sonraí a sholáthrófar maidir le hinfheistíocht um maolú ar an athrú aeráide, déanfar infheistíochtaí reatha agus aistrithe caipitil de réir earnálacha institiúideacha (lena n-áirítear an rialtas ginearálta, corparáidí agus teaghlaigh) a chomhtháthú i ndáil le gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241, lena sonrófar cibé acu a leithdháileadh comhéifeacht 40 % nó 100 % chun an tacaíocht don athrú aeráide a ríomh, i gcás na n-earnálacha a liostaítear i NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlánaithe A*64), i gcás inarb ábhartha.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Iarscríbhinn VII – roinn 4 – mír 2
(2)  Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(2)  Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Iarscríbhinn VIII – roinn 4 – mír 2
(2)  Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(2)  Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I
Rialachán (AE) 691/2011
Iarscríbhinn IX – roinn 3 – mír 1 – pointe 3 – pointe e – an tríú fleasc (nua)
—   innéacs na n-éan coiteann foraoise; leis an táscaire éan foraoise, tugtar tuairisc ar threochtaí i líonmhaireacht na n-éan foraoise coiteann ar fud a réimsí Eorpacha le himeacht ama. is innéacs ilchodach é a cruthaíodh ó shonraí breathnóireachta ar speicis éan atá ina saintréith de ghnáthóga foraoise san Eoraip. tá an t-innéacs bunaithe ar liosta sonrach speiceas i ngach Ballstát.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I
Rialachán (AE) 691/2011
Iarscríbhinn IX – roinn 3 – mír 1 – pointe 4 – pointe c
(c)  Seirbhísí cultúrtha
(c)  Seirbhísí dúlra-bhunaithe a bhaineann leis an turasóireacht
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I
Rialachán (AE) Uimh. 691/2011
Iarscríbhinn IX – roinn 4 – mír 2
(2)  Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
(2)  Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0296/2023).


Bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO)
PDF 119kWORD 45k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (COM(2023)0108 – C9-0039/2023 – 2023/0056(COD))
P9_TA(2023)0391A9-0279/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0108),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0039/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Meitheamh 2023(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0279/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Samhain 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

P9_TC1-COD(2023)0056


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2857).

(1) IO C 293, 18.8.2023, lch. 144.


Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)
PDF 141kWORD 49k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (COM(2023)0063 – C9-0016/2023 – 2023/0025(COD))(1)
P9_TA(2023)0392A9-0311/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Chinn an Chúirt freisin nach mór dlí an Aontais a léirmhíniú chun go gciallaíonn sé nach sárú ar dhlí an Aontais é reachtaíocht a ghlacadh atá contrártha le treoir ón Aontas sular glacadh an treoir sin, ós rud é nach féidir a mheas go bhfuil baint amach an toraidh a fhorordaítear leis an treoir i mbaol tromchúiseach sula bhfuil an treoir ina cuid de dhlíchóras an Aontais.
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 9 a (nua)
(9a)  Chun prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a chaomhnú in athbhreithnithe amach anseo ar Threoir 2012/19/AE, tá sé tábhachtach aird áirithe a thabhairt ar ghlacadh aon fhorála a chosc a bhféadfadh éifeachtaí cúlghabhálacha gan údar maith a bheith aici. Tá sé riachtanach soiléireacht agus intuarthacht a thabhairt do tháirgeoirí TLL, i dtaobh na ndálaí oibriúcháin a bhí i bhfeidhm nuair a cuireadh a dtáirgí ar an margadh. Cuidíonn an cur chuige sin go seachnófaí an riosca go dtabhófar costais dhothuartha a bhaineann le bainistiú DTLL sa todhchaí. Thairis sin, ba cheart go n-urramófaí ord na réiteach dramhaíola leis na hathbhreithnithe sin arna leagan síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 10 a (nua)
(10a)  Tagann de chóireáil lochtach ar phainéil fhótavoltacha dramhaíola agus raon feidhme oscailte DTLL, drochthionchair shuntasacha ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfar painéil fhótavoltacha a chóireáil go cuí agus go ndéanfar gnóthú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha ag deireadh a saolré a uasmhéadú. Gan dochar do na hathruithe ar na hoibleagáidí airgeadais is gá chun bailiú agus cóireáil painéal fótavoltach dramhaíola a cuireadh ar an margadh roimh an 13 Lúnasa 2012 agus bailiú agus cóireáil dramhaíola ó gach raon feidhme oscailte TLL a cuireadh ar an margadh roimh an 15 Lúnasa 2018 a tugadh isteach leis an Treoir seo a chumhdach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar DTLL gaolmhar a bhainistiú ar shlí atá fónta ó thaobh an chomhshaoil. Féadfaidh na Ballstáit táirgeoirí a spreagadh, trína scéimeanna freagrachta táirgeoirí leathnaithe aonair nó comhchoiteanna chun DTLL stairiúil gaolmhar na bpainéal fótavoltach agus raon feidhme oscailte TLL a bhailiú agus a chóireáil i gceart.
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 10 b (nua)
(10b)  Agus Treoir 2012/19/AE á hathbhreithniú, agus ag díriú ar a heasnaimh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach n-aistreofar costais bhainistiú DTLL go díréireach chuig tomhaltóirí ná saoránaigh. Áirítear leis sin an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur san áireamh, lena ndírítear ar fhorálacha féideartha a bhaineann le spriocanna bailithe DTLL agus cloí le hord na réiteach dramhaíola mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)
Treoir 2012/19/AE
Airteagal 2 a (nua)
(-1)  Cuirtear an tAirteagal 2a seo a leanas leis:
‘Airteagal 2a
1.  Tráth nach déanaí ná [31 Nollaig 2026], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú ar an Treoir seo agus, i gcás gurb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach ina leith sin, a mbeidh measúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch agus comhshaoil ag gabháil leis.
2.  Sa mheasúnú tionchair, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an méid seo a leanas:
(a)  forálacha a áirithíonn go sonrach go gcloítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus nach bhfuil aon fhoráil ann a bhféadfadh éifeacht chúlghabhálach gan údar maith a bheith ag gabháil léi in aon Bhallstát;
(b)  forálacha chun cur chun feidhme ord na réiteach dramhaíola a áirithiú arna leagan síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.
(c)  forálacha chun a áirithiú nach gcuirfear costais dhíréireacha ar shaoránaigh agus ar thomhaltóirí, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;
(d)  forálacha lena n-áirithítear cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán na Treorach seo, go háirithe maidir le spriocanna bailithe dóthanacha, chomh maith le trádáil neamhdhleathach DTLL a chosc;
(e)  catagóir nua ‘painéil fhótavoltacha’ a chruthú faoin Treoir seo arb é is aidhm di painéil fhótavoltacha a dhícheangal ó chatagóir 4 DTLL láithreach, ‘trealamh mór’, dá dtagraítear in Iarscríbhinní III agus IV, agus na spriocanna bailithe a ríomh ar bhonn painéil fhótavoltacha dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú bunaithe ar a saolré réamh-mheasta, seachas ar chainníocht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh;
(f)  sásra a bhunú chun a áirithiú, i gcás chliseadh nó leachtú an táirgeora, go gcumhdófar ó thaobh airgeadais de na costais amach anseo ó thaobh bailiú, cóireáil, gnóthú agus diúscairt dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó phainéil fhótavoltacha ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó úsáideoirí araon seachas teaghlaigh phríobháideacha.’
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Treoir 2012/19/AE
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 2
(2a)  in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
Maidir le táirgí nua coibhéiseacha nó táirgí nua a bhfuil an fheidhm chéanna acu a chur in ionad dramhaíl stairiúil, déanfaidh táirgeoirí na dtáirgí sin foráil do mhaoiniú na gcostas agus iad á soláthar acu. Féadfaidh na Ballstáit, mar mhodh malartach, foráil a dhéanamh go gcuirfear an fhreagracht ar úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad, go páirteach nó go hiomlán, as an maoiniú seo.
Déanfaidh táirgeoirí na dtáirgí sin foráil do mhaoiniú na gcostas ó DTLL stairiúil (‘dramhaíl stairiúil’), a eascraíonn as TLL amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) seachas painéil fhótavoltacha, a bhfuil táirgí nua coibhéiseacha nó táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu á gcur ina n-ionad agus iad á soláthar acu. Féadfaidh na Ballstáit, mar mhodh malartach, foráil a dhéanamh go gcuirfear an fhreagracht ar úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad, go páirteach nó go hiomlán, as an maoiniú seo.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 b (nua)
Treoir 2012/19/AE
Airteagal 13 – mír 1 – fomhír 3
(2 b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír d’Airteagal 13(1):
Maidir le dramhaíl stairiúil eile, déanfaidh úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad foráil do mhaoiniú na gcostas.
Maidir le dramhaíl stairiúil eile a eascraíonn as TLL amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) pointe (a) seachas painéil fhótavoltacha, déanfaidh úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad foráil do mhaoiniú na gcostas.
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1
Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [bliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin [18 mí tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0311/2023).


Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir AE agus Madagascar agus Prótacal Cur Chun Feidhme (2023-2027)
PDF 110kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (2023-2027) (09525/2023 – C9-0223/2023 – 2023/0117(NLE))
P9_TA(2023)0393A9-0299/2023

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (09525/2023),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (09007/2023),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0223/2023),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0299/2023),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Mhadagascar.


Cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7)
PDF 372kWORD 144k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin i ndáil lena n-astaíochtaí agus marthanacht ceallraí (Euro 7) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 (COM(2022)0586 – C9-0375/2022 – 2022/0365(COD))(1)
P9_TA(2023)0394A9-0298/2023

(An Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris -1 (nua)
(-1)   Le Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 leagtar síos mar cheann de shé chuspóir théamacha an Aontais don tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2030 truailliú nialasach a shaothrú, lena n-áirítear i ndáil le ceimiceáin dhíobhálacha, chun timpeallacht saor ó thocsainí a bhaint amach, lena n-áirítear le haghaidh aeir, uisce agus ithreach, agus maidir le truailliú solais agus truailliú torainn, agus sláinte agus folláine daoine, ainmhithe agus éiceachóras a chosaint ar rioscaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar thionchair dhiúltacha.
1 Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris -1 a (nua)
(-1a)   Is é an Comhaontú Glas don Eoraip1a an togra ón Aontas chun aistriú a thionscnamh arb é is aidhm dó, faoi 2050 ar a dhéanaí, geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, glan agus ciorclach a bhaint amach, bainistiú acmhainní a bharrfheabhsú, truailliú a íoslaghdú agus an gá atá le beartais atá an-chlaochlaitheach a aithint ag an am céanna. Tá an tAontas tiomanta freisin do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe1b agus dá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe1c. Leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a glacadh i mí na Nollag 20201d agus leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Truailliú Nialasach1e a glacadh i mí na Bealtaine 2021, tugtar aghaidh go sonrach ar ghnéithe truaillithe iompair den Chomhaontú Glas don Eoraip. I measc na mbeartas eile a bhaineann go háirithe leis an tionscnamh seo tá, mar shampla, an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (AAQD)1f, an Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip1g, caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus veaineanna1h agus spriocanna astaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair1i.
_________________
1a Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún An Comhaontú Glas don Eoraip; COM(2019) 640 final
1b https://www.un.org/ga/search/view_doc.asp?symbol=A/RES/70/1⟪=E
1c https://sdgs.un.org/goals
1d COM(2020) 789 final
1e COM(2021) 400 final
1f Treoir 2008/50/EC
1g COM(2020) 102 final agus COM(2021) 350 final
1h COM/2021/556
1i COM(2023) 88 final
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Is limistéar é an margadh inmheánach ina gcaifear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Chuige sin, tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43 córas cuimsitheach um chineálcheadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí, leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh na bhfeithiclí sin.
(1)  Is limistéar é an margadh inmheánach ina gcaifear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Chuige sin, le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle43 tugadh isteach córas cuimsitheach cineálcheadaithe agus faireachais margaidh le haghaidh mótarfheithiclí, leantóirí, agus le haghaidh córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin agus boinn le haghaidh gach feithicle.
_________________
_________________
43 Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
43 Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2a)   Chun go mbeidh rath ar an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha is gá cur chuige comhtháite agus an timpeallacht cheart chumasúcháin chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun go leanfaidh an tAontas de bheith ina cheannaire teicneolaíochta san earnáil sin. Áirítear leis sin infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha sa taighde agus sa nuálaíocht, méadú ar sholáthar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe, an comhtháthú leis na córais fuinnimh, mar aon le soláthar inbhuanaithe ábhar agus táirgeadh inbhuanaithe, athúsáid agus athchúrsáil ceallraí san Eoraip. Tá gá le gníomhaíocht chomhleanúnach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chuige sin.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 b (nua)
(2b)   Chun tacú leis an aistriú i dtreo na soghluaisteachta glaine agus san am céanna an Eoraip a thionsclú an athuair agus tacú le saoránaigh, tá sé ríthábhachtach praghsanna feithiclí príobháideacha agus tráchtála a choinneáil inacmhainne do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Cuideoidh sé sin le cáilíocht saoil, iomaíochas tionsclaíoch agus nuálaíocht a chothabháil, tacóidh sé le cruthú post agus le forbairt scileanna san earnáil.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 c (nua)
(2c)   Ba cheart aistriú i dtreo soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a áirithiú atá inghlactha go sóisialta agus cóir. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh éifeachtaí sóisialta an aistrithe sin ar fud an tslabhra luacha ar fad sa tionscal mótarfheithiclí agus go dtabharfaí aghaidh go réamhghníomhach ar na himpleachtaí fostaíochta. Tá cláir spriocdhírithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, amhail pleananna um aistriú cóir a fhorbairt le haghaidh réigiúin atá spleách ar mhótarfheithiclí, le forbairt faoi chuimsiú an tSásra um Aistriú Cóir le haghaidh athsciliú, uas-sciliú agus ath-imlonnú oibrithe, chomh maith le tionscnaimh oideachais agus tionscnaimh cuardaithe poist i bpobail agus i réigiúin a bhfuil drochthionchar acu orthu, i ndlúth-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na húdaráis inniúla. Mar chuid den aistriú sin, ba cheart fostaíocht na mban mar aon le comhionannas deiseanna san earnáil sin a neartú.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Maidir leis na ceanglais theicniúla le haghaidh chineálcheadú mótarfheithiclí, inneall agus páirteanna athsholáthair maidir le hastaíochtaí (‘cineálcheadú astaíochtaí’), leagtar amach iad faoi láthair in dhá Rialachán a bhfuil feidhm acu maidir le cineálcheadú astaíochtaí i gcás feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair faoi seach, i.e. Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Euro 6’)44 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Euro VI’)45. Is é an fáth gurb ann do dhá Rialacháin ná gur seiceáladh astaíochtaí feithiclí tromshaothair bunaithe ar thástáil inneall, fad a bhí tástáil feithiclí saothair éadroim bunaithe ar an bhfeithicil iomlán. Ó shin i leith, forbraíodh modheolaíochtaí lena gceadaítear tástáil feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair ar an mbóthar. Ní gá, dá bhrí sin, cineálcheadú a bhunú ar thástáil inneall a thuilleadh.
(4)  Maidir leis na ceanglais theicniúla le haghaidh chineálcheadú mótarfheithiclí, inneall agus páirteanna athsholáthair maidir le hastaíochtaí (‘cineálcheadú astaíochtaí’), leagtar amach iad faoi láthair in dhá Rialachán a bhfuil feidhm acu maidir le cineálcheadú astaíochtaí i gcás feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair faoi seach, i.e. Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Euro 6’)44 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Euro VI’)45.
_________________
_________________
44 Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).
44 Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).
45 Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).
45 Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Maidir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 a chuimsiú i Rialachán aonair amháin, ba cheart comhleanúnachas inmheánach an chórais um chineálcheaduithe astaíochtaí i gcás feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair a áirithiú, fad a cheadaítear teorainneacha astaíochtaí éagsúla i gcás feithiclí den sórt sin.
(5)  Agus na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 á n-ionchorprú in aon Rialachán amháin, ba cheart comhleanúnachas inmheánach a áirithiú sa chóras um chineálcheaduithe astaíochtaí d’fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair araon, agus teorainneacha astaíochta éagsúla agus rialacha agus coinníollacha tástála éagsúla a cheadú d’fheithiclí den sórt sin.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Is gá freisin an chastacht a laghdú, chomh maith leis na costais riaracháin agus cur chun feidhme do na monaróirí agus na húdaráis a laghdú agus chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil chaighdeáin astaíochtaí Euro a áirithiú. Baintear simpliú amach nuair a bhaintear dátaí iarratais éagsúla le haghaidh na dteorainneacha agus na dtástálacha, rud a bhí amhlaidh faoi Euro 6 agus Euro VI, nuair a bhaintear tástálacha astaíochtaí iomadúla casta i gcás nach mbíonn gá le tástálacha den sórt sin, nuair a dhéantar tagairt do chaighdeáin faoi Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe atá ann cheana i gcás inarb infheidhme, agus nuair a áirithítear tacar comhchuibhithe comhsheasmhach nósanna imeachta agus tástálacha le haghaidh chéimeanna éagsúla an chineálcheadaithe astaíochtaí.
(7)  Is gá freisin an chastacht a laghdú, chomh maith leis na costais riaracháin agus cur chun feidhme do na monaróirí agus na húdaráis a laghdú agus chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil chaighdeáin astaíochtaí Euro a áirithiú. Baintear simpliú amach nuair a bhaintear dátaí iarratais éagsúla le haghaidh na dteorainneacha agus na dtástálacha, nuair a bhaintear tástálacha astaíochtaí iomadúla casta i gcás nach mbíonn gá le tástálacha den sórt sin, nuair a dhéantar tagairt do chaighdeáin faoi Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe atá ann cheana i gcás inarb infheidhme, agus nuair a áirithítear tacar comhchuibhithe comhsheasmhach nósanna imeachta agus tástálacha le haghaidh chéimeanna éagsúla an chineálcheadaithe astaíochtaí.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Chun a áirithiú go mbíonn teorainn le hastaíochtaí i gcás feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair go réadúil, is gá feithiclí a thástáil i bhfíordhálaí úsáide le tacar íosta srianta, teorainneacha agus riachtanais tiomána eile, gan ach iad a thástáil sa tsaotharlann amháin.
(8)  Chun a áirithiú go mbeidh teorainn leis na hastaíochtaí ó fheithiclí saothair éadroim agus ó fheithiclí tromshaothair araon san fhíorshaol, tá gá le tástáil a dhéanamh ar fheithiclí faoi fhíordhálaí úsáide atá ábhartha ó thaobh staidrimh de, le sraith íosta srianta, teorainneacha agus ceanglas eile tiomána. Ba cheart an tástáil ar bhóthar sin a bheith bunaithe ar ghnáththiomáint agus níor cheart go mbeadh tiomáint chlaonta san áireamh.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Éilítear le Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 go n-urramaíonn feithiclí na teorainneacha astaíochtaí go ceann tréimhse shonraithe, rud nach dtagann le meán-saolré feithiclí a thuilleadh. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, ceanglais mharthanachta a léiríonn meán-saolré ionchasach feithiclí san Aontas a leagan síos.
(10)  Éilítear le Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 go n-urramaíonn feithiclí na teorainneacha astaíochtaí go ceann tréimhse shonraithe, rud nach dtagann le meán-saolré feithiclí a thuilleadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceanglais mharthanachta a leagan síos lena léireofar saolré ionchasach feithiclí1a agus a n-úsáid chaighdeánach ar fud an Aontais i bhfianaise na ndifríochtaí idir na Ballstáit. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do cheannaitheoirí feithiclí athláimhe a bhfuil súil acu go n-astóidh an fheithicil a oiread agus a d’astaigh sí nuair a cuireadh ar an margadh den chéad uair í.
_________________
1a Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (ACEA) ‘Feithiclí in Úsáid, Eoraip 2022.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10 a (nua)
(10a)   Moltar do na Ballstáit straitéisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun athnuachan flíteanna a dhreasú, agus é mar aidhm leis sin aistriú forásach fhlít na hEorpa i dtreo feithiclí a bhfuil astaíochtaí laghdaithe acu a éascú, rud a chuirfidh le héiceachóras iompair níos glaine agus níos inbhuanaithe.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Tá fáil anois ar theicneolaíochtaí a úsáidtear go forleathan ar fud an domhain lena gcuirtear teorainn le hastaíochtaí galaithe de chomhdhúile soghalaithe orgánacha nuair a úsáidtear, nuair a pháirceáiltear agus nuair a athbhreoslaítear feithicil le breosla peitril. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, na teorainneacha astaíochtaí le haghaidh comhdhúile soghalaithe orgánacha den sórt sin a shocrú ar leibhéal níos ísle agus teorainneacha astaíochtaí a thabhairt isteach don chéim athbhreoslúcháin.
(11)  Tá fáil anois ar theicneolaíochtaí a úsáidtear go forleathan ar fud an domhain lena gcuirtear teorainn le hastaíochtaí galaithe de chomhdhúile soghalaithe orgánacha nuair a úsáidtear, nuair a pháirceáiltear agus nuair a athbhreoslaítear feithicil le breosla peitril. Ós rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí sin cruthaithe cheana féin agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme ar bhealach costéifeachtach i margaí agus i réigiúin eile, is iomchuí don Aontas, dá bhrí sin, ailíniú a dhéanamh le margaí eile trí na teorainneacha astaíochtaí do chomhdhúile soghalaithe orgánacha den sórt sin a shocrú ar leibhéal níos ísle agus teorainneacha astaíochtaí a thabhairt isteach don chéim athbhreoslaithe.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
(11a)   Chun astaíochtaí athbhreoslaithe a rialú, cuireadh aisghabháil gaile athbhreoslaithe ar bord chun feidhme i margaí agus i réigiúin eile le breis agus 15 bliana agus léiríodh éifeachtúlacht rialaithe gaile. Chun gal athbhreoslaithe ar bord a aisghabháil, ní gá aon chothabháil bhliantúil ná aon chigireachtaí bliantúla chun leibhéal níos airde éifeachtúlachta athbhreoslaithe gaile a choinneáil agus ag an am céanna a bheith comhoiriúnach leis na stáisiúin pheitril reatha Céim II.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  Is iad cáithníní a astaíonn boinn agus coscáin feithiclí atá in astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad. Meastar gurb iad astaíochtaí ó bhoinn an fhoinse is mó micreaphlaisteach sa chomhshaol. Mar a thaispeántar sa Mheasúnú Tionchair, meastar gur astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad 90 % de na cáithníní uile arna n-astú le hiompar ar bhóthar faoi 2050 toisc go dtiocfaidh laghdú ar cháithníní sceite de bharr leictriú feithiclí. Ba cheart na hastaíochtaí sin nach astaíochtaí sceite iad a thomhas agus a theorannú dá bhrí sin. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le scríobadh bonn a ullmhú faoi dheireadh 2024 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na modhanna tomhais agus staid na teicneolaíochta chun teorainneacha um scríobadh bonn a mholadh.
(12)  Is iad cáithníní a astaíonn boinn agus coscáin feithiclí atá in astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad. Meastar gurb iad astaíochtaí ó bhoinn an fhoinse is mó micreaphlaisteach sa chomhshaol. Mar a thaispeántar sa Mheasúnú Tionchair, meastar gur astaíochtaí nach astaíochtaí sceite iad 90 % de na cáithníní uile arna n-astú le hiompar ar bhóthar faoi 2050 toisc go dtiocfaidh laghdú ar cháithníní sceite de bharr leictriú feithiclí. Ba cheart na hastaíochtaí sin nach astaíochtaí sceite iad a thomhas agus a theorannú dá bhrí sin. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh roimh dheireadh 2025 chun scríobadh bonn a thomhas agus teorainneacha scríobtha a shainiú bunaithe ar mhodhanna úrscothacha i gcás nár bunaíodh forálacha aonfhoirmeacha a thagraíonn don obair ar scríobadh bonn a dhéantar ag UN WP.29 faoi lár 2026. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbainfidh WP.29 na Náisiún Aontaithe a chuspóirí amach go tráthúil, rud a léiríonn ardleibhéal uaillmhéine bunaithe ar fhorais láidre eolaíocha agus theicniúla. Ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú maidir le feithiclí a bhfuil ceallraí tarraingthe acu, lena n-áirítear hibridí inluchtaithe agus feithiclí ceallra-leictreacha, chun teorainneacha scríobtha bonn a ghlacadh atá comhoiriúnach le cuspóir an Aontais laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear isteach sa chomhshaol faoi 2030 agus bunaithe ar rátaí scríobtha úrscothacha.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Cuireann feithiclí ina bhfuil batairí tarraingthe, lena n-áirítear feithiclí hibrideacha inluchtaithe agus feithiclí ceallra-leictreacha, le dícharbónú na hearnála iompar ar bhóthar. Chun muinín na dtomhaltóirí maidir le feithiclí den sórt sin a fháil agus a mhéadú, ba cheart dóibh feidhmiú go maith agus a bheith marthanach. Tá sé tábhachtach go n-éileofaí, dá bhrí sin, go gcoinneodh batairí tarraingthe cuid mhaith dá dtoilleadh bunaidh tar éis blianta fada úsáide. Tá sé seo tábhachtach do cheannaitheoirí feithiclí leictreacha athláimhe chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an fheithicil ar bhealach a bhfuil coinne leis. Ba cheart, dá bhrí sin, gléasanna faireacháin maidir le riocht na gceallraí a éileamh i gcás na bhfeithiclí uile a úsáideann batairí tarraingthe. Ina theannta sin, ba cheart íoscheanglais feidhmíochta le haghaidh mharthanacht ceallraí carranna paisinéirí a thabhairt isteach, agus Rialachán Teicniúil Domhanda 22 na Náisiún Aontaithe47 á chur san áireamh.
(14)  Cuireann feithiclí ina bhfuil batairí tarraingthe, lena n-áirítear feithiclí hibrideacha inluchtaithe agus feithiclí ceallra-leictreacha, le dícharbónú na hearnála iompar ar bhóthar. Chun muinín na dtomhaltóirí maidir le feithiclí den sórt sin a fháil agus a mhéadú, ba cheart dóibh feidhmiú go maith agus a bheith marthanach. Tá sé tábhachtach go n-éileofaí, dá bhrí sin, go gcoinneodh batairí tarraingthe cuid mhaith dá dtoilleadh bunaidh tar éis blianta fada úsáide. Tá sé seo tábhachtach do cheannaitheoirí feithiclí leictreacha athláimhe chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an fheithicil ar bhealach a bhfuil coinne leis. Ba cheart, dá bhrí sin, gléasanna faireacháin maidir le riocht na gceallraí a éileamh i gcás na bhfeithiclí uile a úsáideann batairí tarraingthe. Ina theannta sin, ba cheart íoscheanglais feidhmíochta maidir le marthanacht ceallraí gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a thabhairt isteach, agus Rialachán Teicniúil Domhanda 2247 ó na Náisiúin Aontaithe á chur san áireamh.
_________________
_________________
47 Rialachán Teicniúil Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le Marthanacht Ceallraí Infheithicle le haghaidh Feithiclí Leictrithe, UN GTR 22
47 Rialachán Teicniúil Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le Marthanacht Ceallraí Infheithicle le haghaidh Feithiclí Leictrithe, UN GTR 22
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14a)   Úsáideann feistí faireacháin ar bord, feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, nó feistí staide sláinte sonraí arna nginiúint ag an bhfeithicil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Ní mór na sonraí céanna sin a roinnt de réir an Achta Sonraí d’úsáideoirí feithiclí agus dá soláthraithe seirbhíse ionas gur féidir le húsáideoirí na feithicle tairbhe a bhaint as comhairle agus moltaí maidir le conas astaíochtaí na feithicle, a tomhaltas fuinnimh a theorannú agus a saolré ceallraí a leathnú trí úsáid níos fearr a bhaint as an bhfeithicil.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Is fadhb aitheanta í crioscaíl feithiclí chun páirteanna na gcóras rialaithe truaillithe a bhaint nó a dhíghníomhachtú. Bíonn astaíochtaí neamhrialáilte mar thoradh ar cleachtas den sórt sin agus ba cheart é a chosc. Nuair a dhéantar crioscaíl i ndáil leis an odaiméadar, faightear míleáiste bréagach agus cuirtear isteach ar rialú cuí inseirbhíse feithicle. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, an chosaint slándála is airde is féidir maidir leis na córais sin a ráthú, lena n-áirítear deimhnithe slándála agus cosaint fhrithchrioscaíola iomchuí chun a áirithiú nach féidir crioscaíl a dhéanamh i ndáil leis an gcóras rialaithe truaillithe ná le hodaiméadar na feithicle.
(15)  Is fadhb aitheanta í crioscaíl feithiclí chun páirteanna na gcóras rialaithe truaillithe a bhaint nó a dhíghníomhachtú. Bíonn astaíochtaí neamhrialáilte mar thoradh ar chleachtas den sórt sin agus ba cheart é a chosc, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht chun fógraíocht, díol agus suiteáil feistí crioscaíola a dhíspreagadh, agus ba cheart smachtbhannaí a fhorchur ina leith. Nuair a dhéantar crioscaíl i ndáil leis an odaiméadar, faightear míleáiste bréagach agus cuirtear isteach ar rialú cuí inseirbhíse feithicle. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, an chosaint slándála is airde is féidir maidir leis na córais sin a ráthú, lena n-áirítear deimhnithe slándála agus cosaint fhrithchrioscaíola iomchuí chun a áirithiú nach féidir crioscaíl a dhéanamh i ndáil leis an gcóras rialaithe truaillithe ná le hodaiméadar na feithicle.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15 a (nua)
(15a)   Chun cosc a chur ar bhearta frithchrioscaíola bac míchuí a chur ar iomaíocht, ba cheart go gcoimeádfadh an Rialachán seo agus a Reachtaíocht thánaisteach an fhéidearthacht d’oibreoirí neamhspleácha páirteanna athsholáthair iarmhargaidh a fhorbairt, a dháileadh, a shuiteáil agus a ghníomhachtú. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibreoirí neamhspleácha ar an bhfaisnéis, ar na huirlisí agus ar na próisis atá fíor-riachtanach chun páirteanna athsholáthair den sórt sin a fhorbairt agus a shuiteáil.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)  Úsáidtear braiteoirí a fheistítear ar fheithiclí sa lá atá inniu ann chun aimhrialtachtaí ar astaíochtaí a bhrath agus deisiúcháin lena mbaineann a spreagadh leis an gcóras diagnóisice ar bord. Maidir leis an gcóras diagnóisice ar bord atá in úsáid faoi láthair, áfach, ní bhraitheann sé go cruinn ná go pras na mífheidhmeanna agus ní spreagtar leis deisiúcháin go leordhóthanach ná go pras. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí go mbíonn feithiclí ag astú níos mó ná a cheadaítear dóibh. Is féidir na braiteoirí a úsáidtear go dtí seo le haghaidh diagnóisic ar bord (OBD) a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht astaíochtaí na bhfeithiclí agus í a rialú ar bhonn leanúnach trí chóras faireacháin ar bord (OBM). Tabharfaidh an córas faireacháin ar bord rabhadh don úsáideoir freisin deisiúcháin a dhéanamh ar an inneall nó ar na córais rialaithe truaillithe de réir mar is gá. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, go n-éilítear go bhfeistítear córas den sórt sin agus go rialaítear a gceanglais theicniúla.
(16)  Úsáidtear braiteoirí a fheistítear ar fheithiclí sa lá atá inniu ann chun aimhrialtachtaí ar astaíochtaí a bhrath agus deisiúcháin lena mbaineann a spreagadh leis an gcóras diagnóisice ar bord. Leis an gcóras DAB atá in úsáid faoi láthair, áfach, ní bhraitheann sé go cruinn ná go tráthúil na mífheidhmeanna agus ní dhéanann sé deisiúcháin a spreagadh go leordhóthanach ná go tráthúil. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí go mbíonn feithiclí ag astú níos mó ná a cheadaítear dóibh. Is féidir na braiteoirí a úsáidtear go dtí seo le haghaidh diagnóisic ar bord (OBD) a úsáid freisin chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar iompraíocht astaíochta sceite na bhfeithiclí ar bhonn leanúnach trí chóras faireacháin ar bord (OBM). Tabharfaidh an córas faireacháin ar bord rabhadh don úsáideoir freisin deisiúcháin a dhéanamh ar an inneall nó ar na córais rialaithe truaillithe de réir mar is gá. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, go n-éilítear go bhfeistítear córas den sórt sin agus go rialaítear a gceanglais theicniúla. Níor cheart sábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol ná soghluaisteacht a theorannú mar thoradh ar aslú na mbeart atá intuigthe leis na córais sin.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Féadfaidh monaróirí an rogha a dhéanamh feithiclí a chomhlíonann teorainneacha astaíochtaí níos ísle nó feithiclí ag a bhfuil marthanacht níos fearr ceallraí ná mar a éilítear leis an Rialachán seo a tháirgeadh, nó feithiclí ag a bhfuil ardroghanna lena n-áirítear geofhálú agus rialuithe oiriúnaitheacha. Ba cheart do thomhaltóirí agus d’údaráis náisiúnta a bheith in ann feithiclí den sórt sin a shainaithint le doiciméadacht iomchuí. Ba cheart, dá bhrí sin, pas feithicle comhshaoil a chur ar fáil.
(17)   Ba cheart pas feithicle comhshaoil (EVP) atá cothrom le dáta a chur ar fáil do thomhaltóirí chun faisnéis atá cothrom le dáta a fháil ar feadh shaolré na feithicle amhail ídiú breosla, sláinte ceallraí, teorainneacha astaíochtaí, torthaí tréimhsiúla maidir le cigireachtaí teicniúla, sonraí ródacmhainneachta agus faisnéis ábhartha eile.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)   I gcás ina gcuireann an Coimisiún togra chun cinn maidir le feithiclí saothair éadroim nua a ritheann go heisiach ar bhreoslaí atá neodrach ó thaobh CO2 de lasmuigh de raon feidhme na gcaighdeán maidir le flít CO2 a chlárú tar éis 2035, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus cuspóir an Aontais um aeráidneodracht, beidh gá le leasú an Rialacháin seo chun féidearthacht chineálcheadú feithiclí den sórt sin a áireamh.
scriosta
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
(19)  Is cuid neamhshuntasach d’astaíochtaí an Aontais na hastaíochtaí ó fheithiclí a dhíolann monaróirí ísealtáirgeachta. Féadfar roinnt solúbthachta a cheadú dá bhrí sin i roinnt de na ceanglais ar mhonaróirí den sórt sin. Ba cheart go mbeadh monaróirí ísealtáirgeachta in ann tástálacha eile a úsáid dá bhrí sin in ionad tástálacha áirithe le linn cineálcheadú le dearbhuithe comhlíontachta, agus ba cheart cead a bheith ag monaróirí ultrai-ísealtáirgeachta tástálacha saotharlainne a úsáid bunaithe ar thimthriallta randamacha fíorthiomána.
(19)  Is cuid neamhshuntasach d’astaíochtaí an Aontais na hastaíochtaí ó fheithiclí a dhíolann monaróirí ísealtáirgeachta. Féadfar roinnt solúbthachta a cheadú dá bhrí sin i roinnt de na ceanglais ar mhonaróirí den sórt sin. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh monaróirí ísealtáirgeachta in ann tástálacha eile a úsáid in ionad tástálacha áirithe le linn an chineálcheadaithe le dearbhuithe comhlíontachta, agus ba cheart cead a bheith ag monaróirí ultrai-ísealtáirgeachta tástálacha saotharlainne a úsáid bunaithe ar thimthriallta randamacha fíorthiomána atá ábhartha ó thaobh staidrimh de.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20 a (nua)
(20a)   Cé go gcuirtear an téarma ‘Staid Sláinte’ (SOH) i bhfeidhm go coitianta chun tagairt a dhéanamh do shláinte ceallra ag pointe ar leith ina shaol, ní dhéantar an téarma seo a shainmhíniú go coitianta agus déantar é a chinneadh trí mhodheolaíochtaí éagsúla: an 'Staid Fuinnimh Dheimhnithe' (SOCE) agus an 'Staid Raon Dheimhnithe' (SOCR). Is ionann an dá mhéadracht agus céatadán d’fhuinneamh deimhnithe an cheallra nó den raon leictreach atá fágtha ag pointe áirithe ama.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)  Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le hoibleagáidí monaróirí mar chuid de chineálcheadú agus nósanna imeachta, tástáil agus modheolaíochtaí atá le cur i bhfeidhm le haghaidh dearbhú comhréireachta, seiceáil ar chomhréireacht táirgeachta, seiceáil chomhréireachta inseirbhíse agus pas feithicle comhshaoil; roghanna agus ainmniú feithiclí; ceanglais, tástálacha, modhanna agus bearta ceartaitheacha a bhaineann le marthanacht feithiclí, córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh, chomh maith le cumais chlárúcháin agus chumarsáide córas faireacháin ar bord, lena n-áirítear chun críoch cigireachtaí teicniúla tráthrialta agus seiceálacha maidir le ródacmhainneacht; ceanglais agus faisnéis atá le soláthar ag monaróirí feithiclí ilchéimneacha chomh maith le nósanna imeachta chun an luach CO2 a chinneadh do na feithiclí ilchéimneacha sin; gnéithe teicniúla, ceanglais riaracháin agus doiciméadachta le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí, seiceálacha agus cigireachtaí agus seiceálacha ar fhaireachas margaidh, chomh maith le hoibleagáidí tuairiscithe, seiceálacha ar chomhréireacht inseirbhíse agus ar chomhréireacht táirgeachta; modhanna agus tástálacha chun (i) astaíochtaí sceite a thomhas sa tsaotharlann agus ar an mbóthar, lena n‑áirítear timthriallta tástála astaíochtaí fíorthiomána randamacha agus timthriallta tástála astaíochtaí fíorthiomána sa chás is measa, úsáid córas tomhais iniompartha astaíochtaí chun astaíochtaí fíorthiomána agus astaíochta réchasta a fhíorú, (ii) astaíochtaí CO2, ídiú breosla agus ídiú fuinnimh, raon leictreach agus cumhacht innill mótarfheithicle a chinneadh, (iii) sonraíochtaí a sholáthar don ghiartháscaire, (iv) tionchar leantóirí O3, O4 ar CO2 , ídiú breosla agus ídiú fuinnimh, raon leictreach agus cumhacht innill mótarfheithicle a chinneadh, (iv) astaíochtaí ó chás an chromáin, astaíochtaí galaithe, astaíochtaí ó na coscáin a thomhas, (v) meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh íoscheanglais feidhmíochta na marthanachta ceallra, (vi) measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht inseirbhíse inneall agus feithiclí; tairseacha comhlíontachta agus ceanglais feidhmíochta, chomh maith le (vii) tástáil agus modhanna chun feidhmíocht braiteoirí a áirithiú (córas diagnóisice ar bord agus córas faireacháin ar bord); (viii) modhanna chun bearta slándála a áirithiú agus measúnú a dhéanamh orthu; sonraíocht agus saintréithe córas rabhaidh don tiománaí agus modhanna spreagtha agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-oibriú ceart; (ix) modhanna chun measúnú a dhéanamh ar oibriú ceart, éifeachtacht, athghiniúint agus marthanacht córas bunaidh agus córas athsholáthair rialaithe truaillithe; (x) modhanna chun bearta slándála a áirithiú agus measúnú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear anailís leochaileachta agus cosaint fhrithchrioscaíola; (xi) modhanna chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú ceart cineálacha a cheadaítear faoi ainmniúcháin shonracha EURO7; (xii) critéir do chineálcheaduithe astaíochtaí le haghaidh monaróirí ísealtáirgeachta agus ultrai-ísealtáirgeachta; (xiii) seiceálacha agus nósanna imeachta tástála maidir le feithiclí ilchéimneacha; (xiv) ceanglais feidhmíochta maidir le trealamh tástála; (xv) sonraíocht breoslaí tagartha; agus (xvi) modhanna chun measúnú a dhéanamh ar easpa feistí sáraithe agus straitéisí uathmhaolaithe; (xvii) chun scríobadh bonn a thomhas, chomh maith le (xviii) formáid pas feithicle comhshaoil, sonraí agus modh cumarsáide shonraí an phas feithicle comhshaoil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle50.
(21)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun é a fhorlíonadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus cumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thabhairt don Choimisiún i ndáil le hoibleagáidí monaróirí mar chuid de chineálcheadú agus nósanna imeachta, tástáil agus modheolaíochtaí atá le cur i bhfeidhm maidir le dearbhú comhréireachta, seiceáil ar chomhréireacht táirgeachta, seiceáil chomhréireachta inseirbhíse agus pas feithicle comhshaoil (EVP); roghanna feithiclí; ceanglais, tástálacha, modhanna agus bearta ceartaitheacha a bhaineann le marthanacht feithiclí, córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh, chomh maith le cumais chlárúcháin agus chumarsáide córas faireacháin ar bord, lena n-áirítear chun críoch cigireachtaí teicniúla tráthrialta agus seiceálacha maidir le ródacmhainneacht; ceanglais agus faisnéis atá le soláthar le haghaidh feithiclí ilchéime chomh maith le nósanna imeachta chun luach CO2 na bhfeithiclí ilchéimneacha sin a chinneadh; gnéithe teicniúla, ceanglais riaracháin agus doiciméadachta le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí, seiceálacha agus cigireachtaí agus seiceálacha ar fhaireachas margaidh, chomh maith le hoibleagáidí tuairiscithe, seiceálacha ar chomhréireacht inseirbhíse agus ar chomhréireacht táirgeachta; modhanna agus tástálacha chun (i) astaíochtaí sceite a thomhas sa tsaotharlann agus ar an mbóthar, lena n‑áirítear timthriallta tástála astaíochtaí fíorthiomána randamacha ach atá ábhartha ó thaobh staidrimh de, úsáid córas tomhais iniompartha astaíochtaí chun astaíochtaí fíorthiomána agus astaíochta réchasta a fhíorú, (ii) astaíochtaí CO2, ídiú breosla agus ídiú fuinnimh, raon leictreach agus cumhacht innill mótarfheithicle a chinneadh, (iii) sonraíochtaí a sholáthar don ghiartháscaire, (iv) tionchar leantóirí O3, O4 ar CO2 , ídiú breosla agus ídiú fuinnimh, raon leictreach agus cumhacht innill mótarfheithicle a chinneadh, (iv) astaíochtaí ó chás an chromáin, astaíochtaí galaithe agus astaíochtaí ó na coscáin a thomhas, (v) meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh íoscheanglais feidhmíochta maidir le marthanacht ceallraí, (vi) measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht inseirbhíse inneall agus feithiclí; tairseacha comhlíontachta agus ceanglais feidhmíochta, chomh maith le (vii) tástáil agus modhanna chun feidhmíocht braiteoirí a áirithiú (córas diagnóisice ar bord agus córas faireacháin ar bord); (viii) modhanna chun bearta slándála a áirithiú agus measúnú a dhéanamh orthu; sonraíocht agus saintréithe córas rabhaidh don tiománaí agus modhanna spreagtha agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-oibriú ceart; (ix) modhanna chun measúnú a dhéanamh ar oibriú ceart, éifeachtacht, athghiniúint agus marthanacht córas bunaidh agus córas athsholáthair rialaithe truaillithe; (x) modhanna chun bearta slándála a áirithiú agus measúnú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear anailís leochaileachta agus cosaint fhrithchrioscaíola; (xii) critéir do chineálcheaduithe astaíochtaí le haghaidh monaróirí ísealtáirgeachta agus ultrai-ísealtáirgeachta; (xiii) seiceálacha agus nósanna imeachta tástála maidir le feithiclí ilchéimneacha; (xiv) ceanglais feidhmíochta maidir le trealamh tástála; (xv) sonraíocht breoslaí tagartha; agus (xvi) modhanna chun measúnú a dhéanamh ar easpa feistí sáraithe agus straitéisí uathmhaolaithe; (xvii) chun scríobadh bonn a thomhas, chomh maith le (xviii) formáid pas feithicle comhshaoil, sonraí agus modh cumarsáide shonraí an phas feithicle comhshaoil.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)  Chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh, de réir mar is iomchuí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le dálaí tástála bunaithe ar shonraí a bhailítear le linn tástáil ar fheithiclí, coscáin nó boinn Euro 7; ceanglais tástála, go háirithe dul chun cinn teicniúil agus sonraí a bhailítear le linn tástáil ar fheithiclí Euro 7 á gcur san áireamh; tabhairt isteach roghanna agus ainmniúchán feithiclí bunaithe ar theicneolaíochtaí nuálacha do mhonaróirí ach lena leagtar amach teorainneacha astaíochtaí ar cháithníní ó choscáin agus teorainneacha scríobtha le haghaidh cineálacha bonn comh maith le híoscheanglais feidhmíochta ceallraí agus iolraitheoirí marthanachta bunaithe ar shonraí a bhailítear le linn tástáil ar fheithiclí Euro 7 agus lena leagtar amach sainmhínithe agus rialacha speisialta do mhonaróirí ísealtáirgeachta i gcás feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2, N3. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr51. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(22)  Chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh, de réir mar is iomchuí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le dálaí tástála bunaithe ar shonraí a bhailítear le linn tástáil ar fheithiclí, coscáin nó boinn Euro 7; ceanglais tástála, go háirithe dul chun cinn teicniúil agus sonraí a bhailítear le linn tástáil ar fheithiclí Euro 7 á gcur san áireamh; teorainneacha astaíochtaí ar cháithníní ó choscáin agus teorainneacha scríobtha le haghaidh cineálacha bonn a leagan amach chomh maith le híoscheanglais feidhmíochta do cheallraí agus d’iolraitheoirí marthanachta bunaithe ar shonraí a bhailítear le linn tástáil ar fheithiclí Euro 7 agus rialacha speisialta á leagan amach do mhonaróirí ísealtáirgeachta i gcás feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2, N3. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr51. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22 a (nua)
(22a)   Shínigh an tAontas Comhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) a bunaíodh an 20 Márta 1958. Baineann an comhaontú sin le caighdeánú na sonraíochtaí teicniúla d’fheithiclí rothacha, don trealamh a bhaineann leo, agus do chomhpháirteanna is féidir a shuiteáil ar fheithiclí rothacha nó a úsáid le feithiclí rothacha. Ina theannta sin, leagtar síos leis na coinníollacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’fhormheasanna a dheonaítear bunaithe ar na sonraíochtaí sin. Ba cheart na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na caighdeáin a leagtar amach i Rialacháin UNECE nó le haon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an Rialachán seo, i gcás ina mbeidh fáil orthu, go háirithe i ndáil le teorainneacha ar astaíochtaí cáithníní coscáin, teorainneacha ar chineálacha bonn maidir le scríobadh, agus íoschritéir feidhmíochta a bhunú le haghaidh ceallraí.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)  Tá sé tábhachtach go leor ama a thabhairt do Bhallstáit, d’údaráis chineálcheadaithe náisiúnta agus d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú i gcomhair fheidhmiú na rialacha nua a thabharfar isteach leis an Rialachán seo. Ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a chur siar, dá bhrí sin. Cé gur cheart an dáta cur i bhfeidhm i gcás feithiclí saothair éadroim a bheith ann a luaithe is féidir go teicniúil, i gcás feithiclí agus leantóirí tromshaothair, féadtar moill dhá bhliain a chur ar an dáta cur i bhfeidhm toisc go mbeidh níos mó ama i gceist leis an aistriú chuig feithiclí atá saor ó astaíochtaí i gcás feithiclí tromshaothair.
(25)  Tá sé tábhachtach dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit, d’údaráis náisiúnta cineálcheadaithe agus d’oibreoirí eacnamaíocha chun ullmhú i gcomhair fheidhmiú na rialacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo agus lena reachtaíocht thánaisteach. Ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a chur siar, dá bhrí sin. Cé gur cheart an dáta cur i bhfeidhm a bheith chomh luath agus is féidir go teicniúil agus go heacnamaíoch i gcás feithiclí saothair éadroim, d’fhéadfaí moill bhreise a chur ar an dáta cur i bhfeidhm i gcás feithiclí tromshaothair, ós rud é go mbeidh an t-aistriú chuig feithiclí saor ó astaíochtaí níos faide i gcás feithiclí tromshaothair.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
(26)  Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchuibhithe maidir le ceanglais riaracháin agus ceanglais theicniúla a leagan síos maidir le cineálcheadú feithiclí nua de chatagóirí M agus N, agus maidir le cineálcheadú córas, comhpháirteanna, agus aonad teicniúil ar leithligh, agus faireachas margaidh ar na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna, agus na haonaid theicniúla ar leithligh den sórt sin, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialachán seo i ndáil le hastaíochtaí a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, de bharr a bhfairsinge agus a n‑éifeachtaí, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
(26)  Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchuibhithe maidir le ceanglais riaracháin agus ceanglais theicniúla a leagan síos maidir le cineálcheadú feithiclí nua de chatagóirí M agus N, agus maidir le cineálcheadú córas, comhpháirteanna, agus aonad teicniúil ar leithligh, agus faireachas margaidh ar na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna, agus na haonaid theicniúla ar leithligh den sórt sin, chomh maith leis na leibhéil arda cosanta comhshaoil ​​agus sláinte a shaothrú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialachán seo i ndáil le hastaíochtaí a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2
2.  Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha le haghaidh an chineálcheadaithe astaíochtaí tosaigh, comhréireacht táirgeachta, comhréireacht inseirbhíse, faireachas margaidh, marthanacht na gcóras rialaithe truaillithe agus batairí tarraingthe, córais faireacháin ar bord, soláthar slándála chun crioscaíl a theorannú agus bearta cibearshlándála, agus cinneadh cruinn astaíochtaí CO2, an raoin leictrigh, ídithe breosla agus ídithe fuinnimh agus na héifeachtúlachta fuinnimh.
2.  Sa bhreis air sin, leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cineálcheadú astaíochtaí tosaigh, comhréireacht táirgeachta, comhréireacht inseirbhíse, faireachas margaidh, marthanacht córas rialaithe truaillithe agus ceallraí tarraingthe, córais faireacháin ar bord, forálacha slándála chun bearta crioscaíola agus cibearshlándála a theorannú, agus cinneadh cruinn astaíochtaí CO2 agus truailleán, raon leictreach, ídiú breosla agus fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 a (nua)
2a.   Bunaítear leis an Rialachán seo freisin ceanglais theicniúla choiteanna agus forálacha riaracháin coiteanna maidir le cineálcheadú astaíochtaí scríobtha agus faireachas margaidh ar bhoinn nuamhonaraithe. Measfar iad sin a bheith comhlántach le ceanglais theicniúla bonn agus forálacha riaracháin Rialachán (AE) 2019/2144.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le mótarfheithiclí de chatagóirí M1, M2, M3, N1, N2 agus N3, chomh maith le leantóirí de chatagóirí O3 and O4 mar a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/858, lena n‑áirítear iad siúd a dearadh nó a tógadh i gcéim amháin nó níos mó, agus tá feidhm ag an Rialachán maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha d’fheithiclí den sórt sin.
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le mótarfheithiclí chatagóirí M1, M2, M3, N1, N2 agus N3, chomh maith le leantóirí chatagóirí O3 agus O4 mar a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/858, lena n-áirítear iad siúd a dheartar agus a thógtar i gcéim amháin nó níos mó, agus maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin agus boinn de chatagóirí aicme C1, C2 agus C3 mar a shonraítear i Rialachán Uimh. 117 de chuid NA, cé is moite de bhoinn greama oighir.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 2
(2)  ciallaíonn ‘cineálcheadú astaíochtaí tosaigh’ nó ‘ITEA’ an chéad chéim de nós imeachta cineálcheadaithe astaíochtaí sula ndeonaíonn na húdaráis an deimhniú cineálcheadaithe astaíochtaí agus sula dtosaítear ar tháirgeadh na bhfeithiclí;
(2)  ciallaíonn ‘cineálcheadú astaíochtaí tosaigh’ nó ‘ITEA’ an chéad chéim de nós imeachta cineálcheadaithe astaíochtaí sula ndeonaíonn na húdaráis an deimhniú cineálcheadaithe astaíochtaí agus sula dtosaítear ar tháirgeadh na bhfeithiclí, na n-ineall, na gcóras, na n-aonad theicniúil ar leithligh nó na gcomhpháirteanna;
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 4
(4)  ciallaíonn ‘comhréireacht inseirbhíse’ nó ‘ISC’ na gníomhaíochtaí a dhéantar ar fheithiclí atá i gcúrsaíocht chun na ceanglais mharthanachta a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú;
(4)  ciallaíonn ‘comhréireacht inseirbhíse’ nó ‘ISC’ na gníomhaíochtaí a dhéantar ar fheithiclí, ar chórais, ar aonaid theicniúla ar leithligh nó ar chomhpháirteanna atá i gcúrsaíocht chun na ceanglais mharthanachta a leagtar amach sa Rialachán seo a fhíorú;
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 5
(5)  ciallaíonn ‘inneall’ foinse tiomána na feithicle;
(5)  ciallaíonn “inneall” inneall dócháin inmheánaigh feithicle (ICEV);
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 9
(9)  ciallaíonn ‘astaíochtaí CO2’ nó ‘CO2’ astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ó sceithphíopa na mótarfheithicle nó an innill;
(9)  ciallaíonn ‘astaíochtaí CO2’ nó ‘CO2’ astaíochtaí dé‑ocsaíde carbóin ón sceithphíopa;
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 10
(10)  ciallaíonn ‘ocsaídí nítrigine’ nó ‘NOx’ suim na n-ocsaídí nítrigine a astaítear ón sceithphíopa;
(10)  ciallaíonn ‘ocsaídí nítrigine’ nó ‘NOx’ suim na hocsaíde nítreach (NO) agus na dé-ocsaíde nítrigine (NO2) a astaítear ón sceithphíopa;
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 10 a (nua)
(10a)   ciallaíonn ‘ocsaíd nítriúil’ nó ‘N2O’ astaíocht ocsaíd nítriúil ón sceithphíopa;
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 18
(18)  ciallaíonn ‘hidreacarbóin neamh-mheatáin’ nó ‘NHMC’ na hidreacarbóin iomlána a astaítear ón sceithphíopa seachas meatán;
(18)  ciallaíonn ‘hidreacarbóin neamh-mheatáin’ nó ‘NMHC’ na hidreacarbóin iomlána a astaítear ón sceithphíopa seachas meatán;
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 24
(24)  ciallaíonn ‘uirlis ríomha ídithe fuinnimh feithicle’ nó ‘VECTO’ uirlis ionsamhlúcháin a úsáidtear chun astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú an fhuinnimh leictrigh agus an raon leictreach ó fheithiclí tromshaothair a chinneadh; ciallaíonn ‘ídiú fuinnimh’ ídiú an fhuinnimh leictrigh ó na foinsí tiomána uile laistigh d’fheithicil;
(24)  ciallaíonn ‘uirlis ríomha ídithe fuinnimh feithicle’ nó ‘VECTO’ uirlis ionsamhlúcháin a úsáidtear chun astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú an fhuinnimh leictrigh agus an raon leictreach ó fheithiclí tromshaothair a chinneadh;
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 24 a (nua)
(24a)   ciallaíonn ‘ídiú fuinnimh’ ídiú an fhuinnimh leictrigh ó na foinsí tiomána uile laistigh d’fheithicil;
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 29
(29)  ciallaíonn ‘scríobadh bonn’ mais an ábhair a chailltear ón mbonn de bharr an phróisis scríobtha agus a astaítear sa timpeallacht;
(29)  ciallaíonn ‘scríobadh bonn’ mais an ábhair a chailltear ón mbonn mar gheall ar an bpróiseas scríobtha a thagraíonn don obair a dhéantar i dTascfhórsa coiteann GRBP/GRPE na Náisiún Aontaithe maidir le Scríobadh Bonn, agus a astaítear sa chomhshaol;
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 34
(34)  ciallaíonn ‘córais bhunaidh rialaithe truaillithe’ córas rialaithe truaillithe nó cóimeáil córas den sórt sin a chumhdaítear leis an gcineálcheadú arna dheonú i leith na feithicle lena mbaineann;
(34)  ciallaíonn ‘córais bhunaidh rialaithe truaillithe’ córas rialaithe truaillithe nó cóimeáil córas den sórt sin a chumhdaítear leis an gcineálcheadú arna dheonú i leith na feithicle lena mbaineann agus a suiteáladh ar an bhfeithicil tráth a céadchláraithe;
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 36
(36)   ciallaíonn ‘feidhm rialaithe oiriúnaithigh’ córas a choigeartaíonn inneall, córais rialaithe truaillithe nó paraiméadair feithicle eile agus é de chuspóir aige ídiú breosla nó ídiú fuinnimh agus éifeachtacht an chórais rialaithe truaillithe a fheabhsú bunaithe ar úsáid ionchasach na feithicle;
scriosta
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 38
(38)  ciallaíonn ‘córas faireacháin ar bord’ nó ‘OBM’ córas ar bord feithicle atá in ann sáruithe astaíochtaí a bhrath nó córas atá in ann a bhrath má tá feithicil i mód astaíochtaí nialasacha más infheidhme, agus córas atá in ann tarlú sáruithe den sórt sin a chur in iúl trí bhíthin faisnéis a stóráiltear san fheithicil agus trí bhíthin an fhaisnéis sin a chur in iúl trí phort an chórais diagnóisice ar bord agus thar an líonra;
(38)  ciallaíonn ‘córas faireacháin ar bord’ nó ‘OBM’ córas ar bord feithicle atá in ann atá in ann faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus sáruithe astaíochtaí a bhrath nó córas atá in ann a bhrath má tá feithicil i mód astaíochtaí nialasacha más infheidhme, agus córas atá in ann tarlú sáruithe den sórt sin a chur in iúl trí bhíthin faisnéis a stóráiltear san fheithicil agus trí bhíthin an fhaisnéis sin a chur in iúl trí phort an chórais diagnóisice ar bord agus thar an líonra;
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 39
(39)  ciallaíonn ‘feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh’ nó ‘feiste OBFCM’ aon bhogearra nó aon chrua-earra lena mbraitear agus lena-úsáidtear fuinneamh feithicle, innill, breosla nó leictreach agus paraiméadair pálasta/maise chun na sonraí maidir le hídiú breosla agus ídiú fuinnimh agus paraiméadair eile atá ábhartha i ndáil le cinneadh ídiú breosla nó ídiú fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle a chinneadh agus a stóráil san fheithicil;
(39)  ciallaíonn ‘feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh’ nó ‘feiste OBFCM’ aon bhogearra nó aon chrua-earra lena mbraitear agus lena-úsáidtear fuinneamh feithicle, innill, breosla nó leictreach agus paraiméadair pálasta/maise chun na sonraí maidir le hídiú breosla agus ídiú fuinnimh agus paraiméadair eile atá ábhartha i ndáil le cinneadh ídiú breosla nó ídiú fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh na feithicle a chinneadh agus a stóráil san fheithicil agus chun críocha rialuithe ródacmhainneachta chomh maith;
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 44
(44)  ciallaíonn ‘crioscaíl’ díghníomhú, nó modhnú ag oibreoirí eacnamaíocha nó ag oibreoirí neamhspleácha, an innill, fheiste agus chóras rialaithe truaillithe na feithicle, an chórais tiomána, an bhataire tarraingthe, an odaiméadair, na feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh nó an chórais diagnóisice ar bord/an chórais faireacháin ar bord lena n-áirítear aon bhogearraí nó eilimintí rialaithe loighciúla eile de chuid na gcóras sin agus a gcuid sonraí;
(44)  ciallaíonn ‘crioscaíl’ díghníomhú, nó modhnú ag oibreoirí eacnamaíocha nó ag oibreoirí neamhspleácha, an innill nó an mhótair leictrigh, fheiste agus chóras rialaithe truaillithe na feithicle, an chórais tiomána, an bhataire tarraingthe, an odaiméadair, na feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh nó an chórais diagnóisice ar bord/an chórais faireacháin ar bord lena n-áirítear aon bhogearraí nó eilimintí rialaithe loighciúla eile de chuid na gcóras sin agus a gcuid sonraí;
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 47 – an chuid réamhráiteach
(47)  ciallaíonn ‘monaróir ísealtáirgeachta’ monaróir a mhonaraíonn níos lú ná 10 000 mótarfheithicil nua de chatagóir M1 nó 22 000 mótarfheithicil nua de chatagóir N1 a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire agus:
(47)  ciallaíonn ‘monaróir ísealtáirgeachta’ monaróir a mhonaraíonn níos lú ná 10 000 mótarfheithicil nua de chatagóir M1, nó 22 000 mótarfheithicil nua de chatagóir N1, nó 600 mótarfheithicil nua de chatagóirí M2, M3, agus 6 900 mótarfheithicil nua san iomlán ó chatagóirí N2 agus N3 a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire agus:
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 63
(63)  ciallaíonn ‘cumhacht rátaithe’ nó ‘Prátaithe’ glanchumhacht uasta an innill nó an mhótair in kW;
(63)  ciallaíonn ‘cumhacht rátaithe’ nó ‘Prátaithe’ glanchumhacht uasta an innill nó an mhótair leictrigh in kW;
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 65
(65)  ciallaíonn ‘bataire tarraingthe’ córas ceallra lena stóráiltear fuinneamh agus é de phríomhchuspóir aige an fheithicil a thiomáint;
(65)  ciallaíonn ‘bataire tarraingthe’ córas ceallra lena stóráiltear fuinneamh agus é de phríomhchuspóir aige an fheithicil a thiomáint, lena n-áirítear a chóras bainistithe ceallra;
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 65 a (nua)
(65a)   ciallaíonn ‘córas bainistithe ceallra’ feiste leictreonach lena rialaítear nó lena mbainistítear feidhmeanna leictreacha agus teirmeacha ceallra chun sábháilteacht, feidhmíocht agus saolré seirbhíse an cheallra a áirithiú, a bhainistíonn agus a stórálann na sonraí le haghaidh na bparaiméadar chun staid sláinte agus saolré ionchasach an cheallra a chinneadh a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1542 agus a dhéanann cumarsáid leis an bhfeithicil ina bhfuil an ceallra ionchorpraithe, nó le bonneagar luchtaithe poiblí nó príobháideach;
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 67
(67)  ciallaíonn ‘raon astaíochtaí nialasacha’ an fad uasta a fhéadann feithicil saor ó astaíochtaí taisteal go dtí go mbeidh an bataire tarraingthe nó an t-umar breosla ídithe, rud a chomhfhreagraíonn don raon leictreach i gcás PEVanna;
(67)  ciallaíonn ‘raon astaíochtaí nialasacha’ an fad uasta a fhéadann feithicil saor ó astaíochtaí nó feithicil i mód astaíochtaí nialasacha taisteal go dtí go mbeidh an bataire tarraingthe nó an t-umar breosla nach ICEV é ídithe, rud a chomhfhreagraíonn don raon leictreach i gcás PEVanna;
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 71
(71)  ciallaíonn ‘pas feithicle comhshaoil’ nó ‘EVP’ taifead ar fhoirm pháipéir agus dhigiteach a bhfuil faisnéis maidir le feidhmíocht chomhshaoil feithicle tráth a clárúcháin, lena n‑áirítear an leibhéal teorainneacha astaíochtaí truailleán, astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh, raon leictreach agus cumhacht innill, agus marthanacht ceallraí agus luachanna gaolmhara eile;
(71)  ciallaíonn ‘pas feithicle comhshaoil’ nó ‘EVP’ taifead ar pháipéar agus ar fhoirm dhigiteach ina bhfuil an fhaisnéis uile is gá chun na luachanna tástáilte agus na luachanna dearbhaithe ag an monaróir a fhíorú le linn an chineálcheadaithe;
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 72
(72)  ciallaíonn ‘córas rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí iomarcacha’ córas a dearadh, a tógadh agus a feistíodh i bhfeithicil chun faisnéis a sholáthar don úsáideoir maidir le hastaíochtaí iomarcacha agus deisiúcháin a fhorfheidhmiú;
(72)  ciallaíonn ‘córas rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí sceite iomarcacha’ córas a dearadh, a tógadh agus a feistíodh i bhfeithicil chun faisnéis a sholáthar don úsáideoir maidir le hastaíochtaí sceite iomarcacha agus chun deisiúcháin a fhorfheidhmiú;
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 77
(77)   ciallaíonn "bonn sneachta" bonn a bhfuil an pátrún tráchta, an cumasc tráchta nó an struchtúr atá aige deartha go príomha chun feidhmíocht a bheadh níos fearr ná feidhmíocht gnáthbhoinn a bhaint amach faoi dhálaí sneachta maidir lena chumas chun gluaisne na feithicle a thosú nó a choimeád ar bun;
scriosta
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 78
(78)   ciallaíonn "bonn úsáide speisialta" bonn atá beartaithe le haghaidh úsáide measctha, is é sin, úsáid ar an mbóthar agus úsáid eisbhóthair nó le haghaidh saothair speisialta eile. Deartar na boinn sin chun gluaiseacht na feithicle a thionscnamh agus a choinneáil ar bun i ndálaí easbhóthair go príomha.
scriosta
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe 78 a (nua)
(78a)   ciallaíonn “bonn greama oighir” bonn sneachta in aicme C1 lena úsáid i ndiandálaí sneachta atá deartha sa bhreis lena úsáid ar dhromchlaí bóthair a chumhdaítear le hoighear agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe.
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
1.  Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil na feithiclí nua a mhonaróidh siad, a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís san Aontas cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leithligh nua, lena n-áirítear innill, batairí tarraingthe, córais choscáin agus córais athsholáthair rialaithe truaillithe, a n-éilítear cineálcheadú ina leith, a mhonaróidh siad, a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís san Aontas cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo
1.  Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil na feithiclí nua a mhonaróidh siad, a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís san Aontas cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ó na dátaí sonracha cur i bhfeidhm a leagtar amach sa Rialachán seo, áiritheoidh monaróirí go mbeidh na comhpháirteanna nua nó na haonaid theicniúla ar leithligh nua, lena n-áirítear innill, ceallraí tarraingthe, córais choscánaithe, boinn agus córais athsholáthair rialaithe truaillithe, a n-éilítear cineálcheadú ina leith, a mhonaraíonn siad agus a dhíoltar nó a chuirtear i seirbhís san Aontas, cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – fomhír 1
Le linn chomhlíonadh na dteorainneacha astaíochtaí sceite a fhíorú, i gcás ina ndéantar tástáil faoi dhálaí tiomána sínte, roinnfear na hastaíochtaí faoin roinnteoir tiomána sínte a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Agus comhlíonadh na dteorainneacha astaíochtaí sceite á bhfíorú, i gcás ina ndéantar an tástáil i ndálaí tiomána sínte amháin ag an am, roinnfear na hastaíochtaí ar an roinnteoir tiomána leathnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – fomhír 2
Áireofar na hastaíochtaí le linn athghiniúna córas rialaithe truaillithe mar mheán ualaithe bunaithe ar mhinicíocht agus fad na dteagmhas athghiniúna.
Áireofar na hastaíochtaí, le linn athghiniúint na gcóras rialaithe truaillithe, mar mheán ualaithe bunaithe ar mhinicíocht agus ar fhad na dteagmhas athghiniúna.
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4
4.  Dearfaidh agus tógfaidh monaróirí comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh, lena n-áirítear innill, batairí tarraingthe, córais choscáin agus córais athsholáthair rialaithe truaillithe ionas go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán seo, lena n-áirítear na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
4.  Dearfaidh agus tógfaidh monaróirí comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh, lena n-áirítear innill, batairí tarraingthe, córais choscáin agus córais athsholáthair rialaithe truaillithe ionas go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán seo, lena n-áirítear na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, faoi na coinníollacha tástála a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe a
(a)  córais diagnóisice ar bord atá in ann córais mhífheidhmiúla a bhrath, rud as a n-eascraíonn astaíochtaí sáraitheacha, chun deisiúcháin a éascú;
(a)  córais diagnóisice ar bord atá in ann córais mhífheidhmiúla a bhrath, as a n-eascraíonn sáruithe ar astaíochtaí sceite nó mífheidhmiú comhpháirteanna eile chun deisiúcháin a éascú;
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe b
(b)  córais faireacháin ar bord atá in ann astaíochtaí os cionn na dteorainneacha astaíochtaí a bhrath de bharr mífheidhmeanna, díghrádú méadaithe nó cásanna eile ina dtagann méadú ar astaíochtaí;
(b)  córais faireacháin ar bord atá in ann astaíochtaí os cionn na dteorainneacha astaíochtaí a bhrath de bharr mífheidhmeanna, díghrádú méadaithe nó cásanna eile ina dtagann méadú ar astaíochtaí, laistigh den raon lamháltais tomhais na gcóras faireacháin ar bord nó i mód astaíochtaí nialasacha;
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe d
(d)  monatóirí ar staid sláinte an bhataire tarraingthe agus na gcóras astaíochtaí;
(d)  monatóirí ar staid sláinte an bhataire tarraingthe;
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe e
(e)  córas rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí iomarcacha;
(e)  córas rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí sceite iomarcacha;
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 6 – pointe g
(g)  feistí lena gcuirtear in iúl sonraí arna nginiúint ag an bhfeithicil a úsáidtear chun an rialachán seo agus sonraí na feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh a chomhlíonadh, chun críoch tástálacha tráthrialta maidir le ródacmhainneacht agus cigireachtaí teicniúla cois bóthair thar an líonra, agus chun críoch cumarsáid a dhéanamh leis an mbonneagar athluchtaithe agus na córais chumhachta suite atá in ann tacú le feidhmíocht luchtaithe chliste agus dhéthreoch.
(g)  feistí a chuireann sonraí arna nginiúint ag feithicil in iúl mar aon le huimhir formheasa agus athraitheach cineálcheadaithe a úsáidtear chun an rialachán seo agus sonraí OBFCM a chomhlíonadh, chun críche tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla agus iniúchadh teicniúil cois bóthair, thar an líonra agus chun cumarsáid a dhéanamh le bonneagar athluchtaithe agus córais chumhachta do-aistrithe atá in ann tacú le feidhmiúlachtaí luchtaithe cliste agus déthreocha agus freisin chun seirbhísí tríú páirtí a sholáthar d’úsáideoir na feithicle chun feabhas a chur ar úsáid feithiclí, ídiú fuinnimh agus astaíochtaí a laghdú, nó síneadh a chur le saolré a cheallra le linn a úsáide.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 – pointe d
(d)  odaiméadar agus
(d)  odaiméadar,
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 – pointe e a (nua)
(ea)   mótar leictreach agus aonaid rialaithe ghaolmhara,
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 – pointe e b (nua)
(eb)   córais sábháilteachta feithiclí.
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 8
8.  Cuirfidh an monaróir cosc leis an bhféidearthacht go ndéanfaí leochaileachtaí dá dtagraítear i mír 7 a dhúshaothrú. Nuair a aimsítear leochaileacht den sórt sin, bainfidh an monaróir an leochaileacht, le nuashonrú bogearraí nó ar bhealach iomchuí eile.
8.  Cuirfidh an monaróir cosc leis an bhféidearthacht go ndéanfaí leochaileachtaí dá dtagraítear i mír 7 a dhúshaothrú a mhéid is féidir bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil tráth an chineálcheadaithe. Nuair a aimsítear leochaileacht den sórt sin, déanfaidh an monaróir gach beart is féidir, agus staid na teicneolaíochta á cur san áireamh, chun an leochaileacht a bhaint, trí bhogearraí a nuashonrú nó trí aon mhodh iomchuí eile.
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 8 a (nua)
8a.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh rochtain ag oibreoirí neamhspleácha ar an bhfaisnéis, na huirlisí agus na próisis is gá chun páirteanna athsholáthair iarmhargaidh comhoiriúnacha a fhorbairt a chomhlíonann ceanglais theicniúla an mhonaróra agus an cumas na páirteanna sin a shuiteáil agus a ghníomhachtú ar an bhfeithicil, lena n-áirítear comhpháirteanna a bhaineann le córais faireacháin ar bord, i gcomhréir leis na bearta frithchrioscaíola arna gcur chun feidhme ag an monaróir.
Agus breithniú á dhéanamh, ar fhorais frithchrioscaíola, ar fhaisnéis, uirlisí agus próisis den sórt sin atá fíor-riachtanach d’oibreoirí neamhspleácha, léireoidh monaróirí feithiclí an modh comhréireach é faisnéis, uirlisí agus próisis i dtrácht a choinneáil siar chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní frithchrioscaíl atá i gceist. Dá bhrí son, scrúdóidh siad, go háirithe, an leor bearta nach bhfuil chomh sriantach.
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 10
10.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, tástálacha agus modheolaíochtaí chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 9. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
scriosta
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
1.   Féadfaidh monaróirí na feithiclí a mhonaraíonn siad mar “Feithicil Euro 7+” i gcás ina gcomhlíonann na feithiclí sin an méid a leanas:
scriosta
(a)   i gcás ICEV agus NOVC-HEV trí bhíthin a dhearbhú go gcomhlíontar teorainneacha astaíochtaí atá ar a laghad 20 % níos ísle ná iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh truailleáin ghásacha agus ord méide amháin níos ísle ná teorainneacha astaíochtaí le haghaidh astaíochtaí líon cáithníní;
(b)   i gcás OVC-HEV trí bhíthin a dhearbhú go gcomhlíontar teorainneacha astaíochtaí atá ar a laghad 20 % níos ísle ná iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh truailleáin ghásacha, ord méide amháin níos ísle ná teorainneacha astaíochtaí le haghaidh astaíochtaí líon cáithníní agus marthanacht ceallraí atá 10 bpointe céatadáin ar a laghad níos airde ná na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(c)   i gcás PEV trí bhíthin a dhearbhú go bhfuil marthanacht ceallraí 10 bpointe céatadáin ar a laghad níos airde ná na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
2.   Déanfar comhlíontacht na bhfeithiclí sin i ndáil leis na ceanglais faoi mhír 1 a sheiceáil in aghaidh na luachanna dearbhaithe.
scriosta
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3
3.   Féadfaidh monaróirí feithiclí a ainmniú mar “Feithicil Euro 7A” i gcás ina bhfuil na feithiclí sin feistithe le feidhmeanna rialaithe oiriúnaithigh. Léireofar úsáid na bhfeidhmeanna rialaithe oiriúnaithigh do na húdaráis chineálcheadaithe le linn cineálcheadú agus déanfar iad a fhíorú le linn shaolré na feithicle mar a leagtar amach i dtábla 1, Iarscríbhinn IV.
scriosta
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
4.   Féadfaidh monaróirí feithiclí a ainmniú mar “Feithicil Euro 7G” i gcás ina bhfuil na feithiclí sin feistithe le innill dócháin inmheánaigh ag a bhfuil teicneolaíochtaí geofhálúcháin. Feisteoidh an monaróir córas rabhaidh don tiománaí ar na feithiclí sin chun an t-úsáideoir a chur ar an eolas nuair a bhíonn na batairí tarraingthe nach mór folamh agus chun an fheithicil a stad mura luchtaítear í laistigh de 5 km ón gcéad rabhadh nuair atáthar sa mhód astaíochtaí nialasacha. Féadfar cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí geofhálúcháin den sórt sin a fhíorú le linn shaolré na feithicle.
scriosta
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5
5.   Féadfaidh monaróirí feithiclí a thógáil trí dhá shaintréith nó níos mó dá dtagraítear i míreanna 1, 2, nó 3 a chur le chéile, agus féadfaidh na monaróirí iad a ainmniú ag úsáid meascán de shiombailí agus litreacha amhail feithiclí “Euro 7+A”, “Euro 7+G”, “Euro 7+AG” nó “Euro 7AG”.
scriosta
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6
6.   Arna iarraidh sin ag an monaróir, féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe cineálcheadú astaíochtaí a dheonú le haghaidh feithicil de chineál 1 i gcás feithiclí 2 ag a bhfuil uasmhais idir 3.5 agus 4.0 tona de thionscnamh feithicil de chineál 1. Ainmneofar feithiclí den sórt sin mar “Feithicil Euro 7ext”.
scriosta
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 7
7.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, tástálacha agus modheolaíochtaí chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 6. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
scriosta
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
3.  Áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonann feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, feistí diagnóisice ar bord agus feistí faireacháin ar bord agus bearta frithchrioscaíola a fheistítear sna feithiclí sin forálacha an Rialacháin seo a fhad a bhíonn an fheithicil in úsáid.
3.  Áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonann dearadh agus feidhmiúlacht feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, feistí diagnóisice ar bord agus feistí faireacháin ar bord agus bearta frithchrioscaíola a fheistítear sna feithiclí sin forálacha an Rialacháin seo agus nach ndéanfar iad a dhíghníomhachtú fad a bheidh an fheithicil in úsáid.
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 4
4.  Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i bpointí 1 go 3 maidir le feithiclí i gcás na gcineálacha breoslaí nó na bhfoinsí fuinnimh uile lena ndéantar iad a chumhachtú. Beidh feidhm ag na ceanglais chéanna maidir leis na haonaid theicniúla ar leithligh agus na comhpháirteanna uile atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin.
4.  Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 maidir le feithiclí i gcás na gcineálacha breoslaí nó na bhfoinsí fuinnimh uile lena ndéantar iad a chumhachtú. Beidh feidhm ag na ceanglais chéanna maidir leis na haonaid theicniúla ar leithligh agus na comhpháirteanna uile atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin.
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6.  Beidh na córais faireacháin ar bord arna bhfeistiú ag an monaróir sna feithiclí in ann an méid a leanas a dhéanamh:
6.  Beidh na córais faireacháin ar bord arna bhfeistiú ag an monaróir sna feithiclí sin in ann:
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 6 – pointe b
(b)  na sonraí maidir le hiompraíocht astaíochtaí na feithicle, lena n‑áirítear an braiteoir truailleán agus sonraí an tsreafa sceite a chur in iúl trí phort an chórais diagnóisice ar bord agus thar an líonra, lena n‑áirítear chun críoch tástálacha maidir le ródacmhainneacht agus cigireachtaí teicniúla cois bóthair55 ,56 ;
(b)  sonraí a chur in iúl maidir le hiompar astaíochtaí sceite na feithicle, lena n-áirítear sonraí maidir le braiteoir truailleán agus sreabhadh sceite, tríd an bport OBD agus thar an líonra, lena n-áirítear chun críche tástálacha ródacmhainneachta agus iniúchtaí teicniúla cois bóthair55 ,56 nó chun crioscaíl a bhrath agus seirbhísí tríú páirtí a sholáthar a chabhraíonn le húsáideoir na feithicle astaíochtaí céim úsáide a laghdú;
_________________
_________________
55 Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/30/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 134).
55 Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/30/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 134).
56 Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 129)
56 Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 129)
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 6 – pointe c
(c)  deisiú na feithicle a spreagadh nuair a thugann an córas rabhaidh don tiománaí fógra maidir le hastaíochtaí atá thar a bheith iomarcach.
(c)  deisiú na feithicle a spreagadh nuair a thugann an córas rabhaidh don tiománaí fógra maidir le hastaíochtaí atá thar a bheith iomarcach.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 7
7.  Beidh na feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh arna bhfeistiú ag an monaróir sna feithiclí in ann na sonraí feithicle a thaifeadann siad trí phort an chórais diagnóisice ar bord agus thar an líonra a chur in iúl.
7.  Beidh na feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh arna suiteáil ag an monaróir sna feithiclí sin, in ann na sonraí feithicle ábhartha uile a cheanglaítear de réir dlí a chur in iúl, sonraí a thaifeadann siad tríd an gcalafort DAB agus thar an líonra, agus forálacha Rialachán (AE) 2016/679 á n-urramú.
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 8
8.  Maidir le feithiclí, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a bhfuil baol láidir ann nach gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos sa rialachán seo, déanfaidh na monaróirí na bearta ceartaitheacha is gá láithreach, lena n-áirítear deisiúcháin nó modhnuithe na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh sin de réir mar is iomchuí, chun comhlíonadh an rialacháin seo a áirithiú. Déanfaidh monaróirí nó aon oibreoir eacnamaíoch eile é a tharraingt siar ón margadh nó déanfaidh siad é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an monaróir an t-údarás cineálcheadaithe a dheonaigh an cineálcheadú ar an eolas láithreach faoin neamh-chomhréireacht chomh maith le mionsonraí iomchuí.
8.  Maidir le feithiclí, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a bhfuil baol láidir ann nach gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos sa rialachán seo, déanfaidh na monaróirí na bearta ceartaitheacha is gá, lena n-áirítear deisiúcháin nó modhnuithe na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh sin de réir mar is iomchuí, chun comhlíonadh an rialacháin seo a áirithiú. Déanfaidh monaróirí nó aon oibreoir eacnamaíoch eile é a tharraingt siar ón margadh nó déanfaidh siad é a aisghairm, de réir mar is iomchuí,. Cuirfidh an monaróir an t-údarás cineálcheadaithe a dheonaigh an cineálcheadú agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin neamh-chomhréireacht chomh maith le mionsonraí iomchuí.
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 9
9.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le ceanglais, tástálacha, modhanna agus bearta ceartaitheacha a bhaineann leis na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 go 8 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
scriosta
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2
2.  Cuirfidh an monaróir dearbhú sínithe comhréireachta faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe, maidir le ceanglais i ndáil le RDE, CO2, ceartú teochta comhthimpeallaí, córas diagnóisice ar bord, córas faireacháin ar bord, astaíochtaí agus marthanacht ceallraí, athghiniúint leanúnach nó thimthriallta, frithchrioscaíl agus cás an chromáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn V. Cuirfidh an monaróir dearbhú sínithe comhréireachta faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe, ceann maidir le húsáid rialuithe oiriúnaitheacha agus roghanna geofhálúcháin nuair a roghnaíonn an monaróir na roghanna sin.
2.  Cuirfidh an monaróir dearbhú sínithe comhréireachta faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe, maidir le ceanglais i ndáil le RDE, CO2, ceartú teochta comhthimpeallaí, córas diagnóisice ar bord, córas faireacháin ar bord, astaíochtaí agus marthanacht ceallraí, athghiniúint leanúnach nó thimthriallta, frithchrioscaíl agus cás an chromáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn V.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 4
4.  Eiseoidh na monaróirí an pas feithicle comhshaoil le haghaidh gach feithicle agus soláthróidh siad an pas do cheannaitheoir na feithicle in éineacht leis an bhfeithicil, ag baint na sonraí ábhartha as na foinsí amhail an deimhniú comhréireachta agus an doiciméadacht cineálcheadaithe. Áiritheoidh an monaróir go mbíonn sonraí an phas feithicle comhshaoil ar fáil lena dtaispeáint ar chórais leictreonacha na feithicle agus gur féidir iad a tharchur ó chóras ar bord go córas seachtrach.
4.  Eiseoidh monaróirí pas feithicle comhshaoil (EVP) le haghaidh gach feithicle a chuirfear in iúl ag an díolphointe in éineacht leis an bhfeithicil agus seachadfaidh siad an pas sin chuig ceannaitheoir na feithicle, agus bainfidh siad na sonraí ábhartha as foinsí amhail an deimhniú comhréireachta agus an doiciméadacht maidir le cineálcheadú. Áiritheoidh an monaróir go mbíonn sonraí an phas feithicle comhshaoil ar fáil lena dtaispeáint ar chórais leictreonacha na feithicle agus gur féidir iad a tharchur ó chóras ar bord go córas seachtrach.
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 5
5.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na fíoruithe tástála agus comhlíontachta chomh maith le nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú astaíochtaí, comhréireacht táirgeachta, comhréireacht inseirbhíse, dearbhú comhréireachta agus pas feithicle comhshaoil faoi mhíreanna 1 go 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
5.  Eiseoidh monaróirí pas feithicle comhshaoil (EVP) nuashonraithe tar éis seiceálacha comhréireachta inseirbhíse, ina luafar luachanna nuashonraithe le haghaidh na faisnéise a luaitear in Airteagal 3 (71) den Rialachán seo. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/858 agus Treoir 2014/45/AE, ceadóidh monaróirí d’údaráis inniúla agus do lárionaid tástála an pas feithicle comhshaoil a thabhairt cothrom le dáta le sonraí cruinne ó phort OBD agus ó fheiste OBFCM na feithicle.
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7a
Forálacha sonracha a bhaineann le scríobadh bonn feithicle
Nuair a fhoilseofar na forálacha aonfhoirmeacha ábhartha in UN WP.29, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na modhanna tomhais astaíochta scríobtha agus na teorainneacha, in aghaidh na catagóire boinn a leagan amach chun críche cineálcheadaithe, ina ndéanfar tagairt do na forálacha aonfhoirmeacha agus do na maoluithe atá le bunú in UN WP.29, maidir le boinn a cheadú i ndáil le Cineálcheadú astaíochtaí Scríobtha Bonn.
I gcás nár bunaíodh forálacha aonfhoirmeacha in UN WP.29 faoin 30 Meitheamh 2026 maidir le boinn C1, agus faoin 31 Nollaig 2035 maidir le boinn C2 agus C3, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus, más iomchuí, forbróidh sé modh chun scríobadh bonn a thomhas agus teorainneacha scríobtha do bhoinn a shainiú bunaithe ar mhodhanna úrscothacha eile atá ann cheana. Tar éis an athbhreithnithe sin agus más iomchuí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe faoin 30 Deireadh Fómhair 2026 i gcomhréir le hAirteagal 16 lena sonrófar na modhanna sin agus lena leagfar amach na teorainneacha astaíochta scríobtha in aghaidh na catagóire boinn.
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – teideal
Rialacha speisialta do mhonaróirí ísealtáirgeachta
Rialacha speisialta do mhonaróirí ísealtáirgeachta agus ultrai-ísealtáirgeachta;
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
1.  A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí truailleán, féadfaidh monaróirí ísealtáirgeachta dearbhuithe comhréireachta a chur in ionad tástálacha a leagtar amach i dtáblaí 1, 3, 5, 7 agus 9 d’Iarscríbhinn V. Féadfar comhlíontacht feithiclí a thógann monaróirí ísealtáirgeachta agus a chuireann monaróirí ísealtáirgeachta ar an margadh a thástáil i leith comhréireachta inseirbhíse agus faireachais margaidh i gcomhréir le táblaí 2, 4, 6, 8 agus 10 d’Iarscríbhinn V. Ní éileofar tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(4), pointe (b) maidir le monaróirí ísealtáirgeachta.
1.  A mhéid a bhaineann le hastaíochtaí truailleán, féadfaidh monaróirí ísealtáirgeachta agus ultrai-ísealtáirgeachta dearbhuithe comhréireachta a chur in ionad tástálacha a leagtar amach i dtáblaí 1, 3, 5, 7 agus 9 d’Iarscríbhinn V. Féadfar comhlíontacht feithiclí a thógann monaróirí ísealtáirgeachta agus a chuireann monaróirí ísealtáirgeachta ar an margadh a thástáil i leith comhréireachta inseirbhíse agus faireachais margaidh i gcomhréir le táblaí 2, 4, 6, 8 agus 10 d’Iarscríbhinn V. Ní éileofar tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(6), pointe (b) maidir le monaróirí ísealtáirgeachta agus ultrai-ísealtáirgeachta
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
2.  Comhlíonfaidh monaróirí ultrai-ísealtáirgeachta na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I i dtástálacha saotharlainne atá bunaithe ar thimthriallta randamacha fíorthiomána chun críocha comhréireachta inseirbhíse agus faireachais margaidh.
2.  Comhlíonfaidh monaróirí ultrai-ísealtáirgeachta na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I i dtástálacha saotharlainne atá bunaithe ar thimthriallta fíorthiomána atá ábhartha ó thaobh staidrimh de chun críocha comhréireachta inseirbhíse agus faireachais margaidh.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – teideal
Rialacha speisialta d’fheithiclí ilchéimneacha
Rialacha speisialta maidir le cineálcheadú feithicle ilchéimneach
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
1.  I gcás cineálcheaduithe ilchéimneacha, beidh monaróirí an dara céim nó céimeanna ina dhiaidh sin freagrach as cineálcheadú astaíochtaí i gcás ina modhnaíonn siad aon chuid den fheithicil sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’astaíochtaí nó do mharthanacht ceallraí, de réir na sonraí arna soláthar ag monaróirí na céime roimhe sin.
1.  Beidh feidhm ag forálacha sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn V —Táblaí 3, 4 agus 5 maidir le feithiclí ilchéimneacha.
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2
2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus sonraí atá le soláthar ag monaróirí na céime roimhe sin i gcomhréir le mír 1 agus nósanna imeachta maidir le cinneadh astaíochtaí CO2 feithiclí den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
scriosta
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
1.  Cuirfidh údaráis cheadaithe náisiúnta bearta i bhfeidhm chun cineálcheaduithe astaíochta a dheonú do chineálacha feithiclí, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh agus chun tástálacha, seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh chun a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na monaróirí na ceanglais maidir le comhréireacht táirgeachta agus comhréireacht inseirbhíse i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
1.  Cuirfidh na húdaráis ceadaithe náisiúnta bearta i bhfeidhm chun cineálcheaduithe astaíochtaí a dheonú do chineálacha feithiclí, do chórais, do chomhpháirteanna agus d’aonaid theicniúla ar leithligh agus chun tástálacha, seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh d’fhonn a fhíorú an gcomhlíonann na monaróirí na ceanglais maidir le comhréireacht táirgeachta agus comhréireacht inseirbhíse i gcomhréir le hIarscríbhinn V.
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2 a (nua)
2a.   Agus tástálacha, seiceálacha agus cigireachtaí á ndéanamh acu, déanfaidh na húdaráis náisiúnta agus na lárionaid tástála pas feithiclí comhshaoil (EVP) a thabhairt cothrom le dáta le luachanna nuashonraithe le haghaidh na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (71).
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 3 a (nua)
3a.   Le héifeacht ó 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile, agus de réir na bhforálacha sonracha maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh, diúltóidh na húdaráis ceadaithe náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán, ídiú breosla agus fuinnimh nó marthanacht ceallraí, i gcás cineálacha nua feithiclí M1, N1, cineálcheadú astaíochtaí AE nó cineálcheadú astaíochtaí náisiúnta nach gcomhlíonann an Rialachán seo a dheonú.
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 4
4.  Le héifeacht ón 1 Iúil 2025, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás fheithiclí nua M1, N1 nach gcomhlíonann an Rialachán seo, nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha clárúcháin agus, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus truailleán, ídiú breosla agus ídiú fuinnimh nó marthanacht ceallraí, beidh toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí sin.
4.  Le héifeacht ó 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile, agus de réir na bhforálacha sonracha do chórais, do chomhpháirteanna agus d’aonaid theicniúla ar leithligh, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás feithiclí nua M1, N1 nach gcomhlíonann an Rialachán seo, nach bhfuil deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha clárúcháin agus, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán, ídiú breosla agus fuinnimh nó marthanacht ceallraí, toirmiscfidh siad clárú, díol nó cur i seirbhís feithiclí den sórt sin.
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 4 a (nua)
4a.   Le héifeacht ó 48 mí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile, agus i gcomhréir leis na forálacha sonracha maidir le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh, diúltóidh údaráis ceadaithe náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán, ídiú breosla agus fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh nó marthanacht ceallraí, i gcás cineálacha nua feithiclí M2, M3, N2, N3 agus leantóirí O3, O4, cineálcheadú astaíochtaí AE nó cineálcheadú astaíochtaí náisiúnta nach gcomhlíonann an Rialachán seo a dheonú.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 5
5.  Le héifeacht ón 1 Iúil 2027, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás fheithiclí nua M2, M3, N2, N3 agus leantóirí nua O3, O4 nach gcomhlíonann an Rialachán seo, nach mbeidh na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha clárúcháin agus, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus truailleán, ídiú breosla agus ídiú fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh nó marthanacht ceallraí, beidh toirmeasc ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís na bhfeithiclí sin.
5.  Le héifeacht ó 60 mí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile, agus de réir na bhforálacha sonracha do chórais, do chomhpháirteanna agus d’aonaid theicniúla ar leithligh, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás feithiclí nua M2, M3, N2, N3 agus leantóirí O3, O4 nua, nach gcomhlíonann an Rialachán seo, nach bhfuil deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha clárúcháin agus, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán, ídiú breosla agus fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh nó marthanacht ceallraí, toirmiscfidh siad clárú, díol nó cur i seirbhís inneall, feithiclí nó leantóirí den sórt sin.
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 8
8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na heilimintí riaracháin agus teicniúla a éilítear chun tástálacha, seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh chun críocha chomhlíonadh mhír 1 a fhíorú, chomh maith leis na heilimintí teicniúla a éilítear le haghaidh seiceálacha faireachais margaidh faoi mhír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
scriosta
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
1.  Le héifeacht ón 1 Iúil 2025, beidh toirmeasc ar dhíol nó feistiú córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh atá le feistiú ar fheithicil M1, N1 a cheadaítear faoin Rialachán seo mura mbíonn an córas, an chomhpháirt ná an t‑aonad teicniúil ar leithligh de chineál a cheadaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.  Le héifeacht ó 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile, beidh toirmeasc ar chóras, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha lena bhfeistiú ar fheithicil M1, N1 a cheadaítear faoin Rialachán seo a dhíol nó a shuiteáil mura mbeidh an córas, an chomhpháirt agus an t-aonad teicniúil ar leithligh cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
2.  Le héifeacht ón 1 Iúil 2027, beidh toirmeasc ar dhíol nó feistiú córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh atá le feistiú ar fheithicil M2, M3, N2, N3 a cheadaítear faoin Rialachán seo mura mbíonn an córas, an chomhpháirt ná an t‑aonad teicniúil ar leithligh de chineál a cheadaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.  Le héifeacht ó 48 mí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile, beidh toirmeasc ar chóras, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh a bheartaítear a fheistiú ar fheithicil M2, M3, N2, N3 agus leantóirí O3, O4 a dhíol nó a shuiteáil mura bhfuil an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3 a (nua)
3a.   Le héifeacht ó 12 mhí tar éis ghlacadh an ghnímh tharmligthe maidir le cineálcheadú bonn C1 i dtaca le teorainneacha astaíochtaí scríobtha i gcomhréir le hAirteagal 7a, ní dheonóidh údaráis náisiúnta cineálcheadú an Aontais do chomhpháirt nó d’aonad teicniúil ar leithligh ach amháin i gcás ina mbeidh sé i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ina ndiúltóidh sé cineálcheadú AE a dheonú do chomhpháirt/aonad teicniúil ar leithligh i leith cineálacha nua bonn nach gcomhlíonann an Rialachán seo.
Le héifeacht ó 36 mhí tar éis an gníomh tarmligthe maidir le cineálcheadú bonn C1 i dtaca le hastaíochtaí scríobtha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a, diúltóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú nó cineálcheadú i ndáil le boinn nua C1 nach gcomhlíonann an Rialachán seo a dheonú . Féadfar boinn C1, a monaraíodh roimh am theacht i bhfeidhm a leagtar amach san fhomhír seo, agus nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo agus a bhearta cur chun feidhme, a dhíol ar feadh tréimhse nach faide ná 30 mí.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Má chuirtear isteach ar astaíochtaí a sháraíonn na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn 1, ní bheidh an Rialachán seo á chomhlíonadh a thuilleadh ag an bhfeithicil.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 – fomhír 1 b (nua)
Mar thoradh ar neamhchomhlíonadh, de thoradh crioscaíl, glacfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta bearta ceartaitheacha iomchuí, lena n-áirítear aisghairmeacha, agus pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
2.  Fíoróidh údaráis náisiúnta, le linn seiceálacha ar chomhréireacht inseirbhíse nó faireachas margaidh, cé acu a d’fheistigh nó nár fheistigh monaróirí feithiclí na córais rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí iomarcacha agus na córais rabhaidh don tiománaí maidir le leibhéal íseal imoibrí i gceart agus cé acu is féidir nó nach féidir crioscaíl a dhéanamh i ndáil leis na feithiclí.
2.  Le linn seiceálacha comhréireachta inseirbhíse nó faireachais margaidh, fíoróidh na húdaráis náisiúnta cáilíocht an imoibrí a úsáidtear, cé acu a d’fheistigh nó nár fheistigh monaróirí feithiclí na córais rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí iomarcacha agus na córais rabhaidh don tiománaí maidir le leibhéal íseal imoibrí i gceart agus cé acu is féidir nó nach féidir crioscaíl a dhéanamh i ndáil leis na feithiclí.
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún nó tríú páirtithe, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2018/858, seiceálacha a dhéanamh ar chomhréireacht inseirbhíse agus faireachas margaidh a leagtar amach i dTáblaí 2, 4, 6, 8, agus 10 d’Iarscríbhinn V, chun a fhíorú go gcomhlíonann feithiclí, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh an Rialachán seo.
1.  Déanfaidh an Coimisiún nó tríú páirtithe, i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 13(10) de Rialachán (AE) 2018/858, seiceálacha comhréireachta inseirbhíse agus seiceálacha faireachais margaidh a leagtar amach i dTáblaí 2, 4, 6, 8, agus 10 d’Iarscríbhinn V, chun comhlíontacht feithiclí, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh leis an Rialachán seo a fhíorú.
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 a (nua)
2a.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid ar leibhéal an Aontais d’fhonn cleachtais imchéimnithe agus neamh-chomhréireachta a shainaithint. I gcás ina n-aimsítear sáruithe ar chomhréireacht, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfaidh sé obair leantach ina leith le togra reachtach, más iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí don neamhchomhlíonadh sin agus chun iad a dhíchur.
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2
2.  Maidir le tástálacha chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 4 a chruthú, cuirfidh monaróirí agus údaráis náisiúnta i bhfeidhm iad mar a shonraítear in Iarscríbhinn V. Féadfaidh an Coimisiún agus tríú páirtithe tástálacha chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 4 a chruthú de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn V freisin.
2.  Maidir le tástálacha chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a chruthú, cuirfidh monaróirí agus údaráis náisiúnta i bhfeidhm iad mar a shonraítear in Iarscríbhinn V. Féadfaidh an Coimisiún agus tríú páirtithe tástálacha chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a chruthú de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn V freisin.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh chéimeanna uile an chineálcheadaithe astaíochtaí, lena n-áirítear comhréireacht táirgeachta, comhréireacht inseirbhíse agus faireachas margaidh, ag tabhairt aghaidh ar nósanna imeachta agus tástálacha le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí, modheolaíochtaí tástálacha, forálacha riaracháin, leasú agus síneadh cineálcheaduithe astaíochtaí, rochtain ar shonraí, ceanglais maidir le doiciméadacht agus teimpléid do na nithe seo a leanas:
3.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme le haghaidh chéimeanna uile an chineálcheadaithe astaíochtaí, lena n-áirítear comhréireacht táirgeachta, comhréireacht inseirbhíse agus faireachas margaidh, ag tabhairt aghaidh ar fhorálacha riaracháin, leasú agus síneadh cineálcheaduithe astaíochtaí, rochtain ar shonraí, ceanglais maidir le doiciméadacht agus teimpléid do na nithe seo a leanas:
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe d a (nua)
(da)   córas rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí iomarcacha;
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe d b (nua)
(db)   córas rabhaidh don tiománaí maidir le leibhéal íseal imoibrí;
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe e
(e)  córais frithchrioscaíola, slándála agus cibearshlándála;
(e)  córais frithchrioscaíola, agus riachtanais iarmhargaidh á gcur san áireamh agus an fhaisnéis, na huirlisí agus na próisis uile is gá a sholáthar d’oibreoirí neamhspleácha chun páirteanna athsholáthair agus córais slándála agus cibearshlándála a fhorbairt agus a shuiteáil;
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe g
(g)  cineálacha córas coscáin agus a bpáirteanna athsholáthair;
(g)  cineálacha córais coscáin agus a bpáirteanna athsholáthair i ndáil le hastaíochtaí cáithníní i ngach catagóir feithicle, agus córais eile ar an bhfeithicil a chuireann le coscánú feithiclí á gcur san áireamh;
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 – pointe g a (nua)
(ga)   cineálacha córais coscáin agus a bpáirteanna athsholáthair le hiarfheistiú i bhfeithiclí atá curtha ar an margadh cheana féin chun astaíochtaí ó choscáin a laghdú go suntasach;
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3 a (nua)
3a.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 maidir le nósanna imeachta agus tástálacha le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí agus modheolaíochtaí tástála le haghaidh gach céime den chineálcheadú astaíochtaí, lena n-áirítear comhréireacht inseirbhíse, comhréireacht táirgeachta agus faireachas margaidh, i gcás gach ceann díobh seo a leanas:
(a)   feithiclí de chineál M1, N1;
(b)   feithiclí de chineál M2, M3, N2 agus N3;
(c)   innill a úsáidtear i bhfeithiclí de chineál M2, M3, N2 agus N3;
(d)   córais diagnóisice ar bord agus faireacháin ar bord;
(da)   córas rabhaidh don tiománaí maidir le hastaíochtaí iomarcacha;
(db)   córas rabhaidh don tiománaí maidir le leibhéal íseal imoibrí;
(e)   córais frithchrioscaíola, agus riachtanais iarmhargaidh á gcur san áireamh agus an fhaisnéis, na huirlisí agus na próisis uile is gá a sholáthar d’oibreoirí neamhspleácha chun páirteanna athsholáthair agus córais slándála agus cibearshlándála a fhorbairt agus a shuiteáil;
(f)   cineálacha córas athsholáthair rialaithe truaillithe agus a bpáirteanna;
(g)   cineálacha córas coscáin agus a bpáirteanna athsholáthair;
(ga)   cineálacha córais coscáin agus a bpáirteanna athsholáthair le hiarfheistiú i bhfeithiclí atá curtha ar an margadh cheana féin chun astaíochtaí ó choscáin a laghdú go suntasach;
(h)   cineálacha bonn i ndáil le scríobadh bonn
(i)   feithiclí de chineál M1 agus N1;
(j)   cinneadh maidir le CO2, ídiú breosla agus ídiú fuinnimh, raon leictreach agus cumhacht innill i gcás feithiclí M1 agus N1, agus forálacha d’fheistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh;
(k)   cinneadh maidir le CO2, ídiú breosla agus ídiú fuinnimh, raon astaíochtaí nialasacha, raon leictreach agus cumhacht innill i gcás feithiclí M2, M3, N2 agus N3, éifeachtúlacht fuinnimh leantóirí O3 agus O4, agus forálacha d’fheiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh sé ar chumas an Choimisiúin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh chéimeanna uile an chineálcheadaithe astaíochtaí lena n-áirítear comhréireacht inseirbhíse, comhréireacht táirgeachta agus faireachas margaidh, chun an méid seo a leanas a leagan síos:
Beidh sé ar chumas an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh le haghaidh chéimeanna uile an chineálcheadaithe astaíochtaí lena n-áirítear comhréireacht inseirbhíse, comhréireacht táirgeachta agus faireachas margaidh, chun an méid seo a leanas a leagan síos:
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe b a (nua)
(ba)   modhanna chun teicneolaíochtaí hibrideacha is infheidhme i bhfeithiclí de chatagóir M2, M3, N2 agus N3 a chineálcheadú;
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe g
(g)  na modhanna chun astaíochtaí cáithníní ó choscáin a thomhas, lena n-áirítear modhanna do HDV, astaíochtaí cáithníní fíorthiomána ó choscáin agus coscánú athghiniúnach;
(g)  na modhanna chun astaíochtaí cáithníní ó choscáin a thomhas, lena n-áirítear modhanna d’fheithiclí M2, M3, N2 agus N3, astaíochtaí cáithníní fíorthiomána ó choscáin agus coscánú athghiniúnach;
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe j
(j)  Feiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, córais OBD agus OBM, lena n-áirítear tairseacha comhlíontachta, ceanglais agus tástálacha feidhmíochta, modhanna chun feidhmíocht braiteoirí a áirithiú agus chun cumarsáid thar an líonra na sonraí a thaifeadann na feistí agus córais sin a áirithiú;
(j)  saintréithe agus feidhmíocht feistí OBFCM, córais OBD agus OBM,, lena n-áirítear tairseacha comhlíontachta, ceanglais agus tástálacha feidhmíochta, modhanna chun feidhmíocht braiteoirí a áirithiú agus chun cumarsáid thar an líonra na sonraí a thaifeadann na feistí agus córais sin a áirithiú;
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe l
(l)  na modhanna chun measúnú a dhéanamh ar oibriú ceart, éifeachtacht, athghiniúint agus marthanacht chórais bhunaidh agus chórais athsholáthair rialaithe truaillithe;
(l)  na modhanna agus na ceanglais chun measúnú a dhéanamh ar oibriú ceart, éifeachtacht, athghiniúint agus marthanacht na gcóras rialaithe truaillithe bunaidh agus athsholáthair agus cáilíocht na n-imoibrithe;
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe o
(o)  na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú ceart cineálacha feithiclí a fhormheastar faoi na hainmniúcháin in Airteagal 5
(o)  na modhanna a úsáidtear chun feidhmiú ceart cineálacha feithiclí a mheas ;
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe p
(p)  seiceálacha maidir le comhlíontacht le forálacha Airteagal 9 (1) agus nósanna imeachta tástála maidir le feithiclí ilchéimneacha;
(p)  seiceálacha maidir le comhlíontacht le nósanna imeachta tástála maidir le feithiclí ilchéimneacha;
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe s
(s)  modhanna chun a shuí nach ann do ghairis sháraithe agus straitéisí uathmhaolaithe;
(s)  modhanna chun a shuí nach bhfuil feistí sáraithe agus straitéisí sáraithe ann agus chun ceanglais a thabhairt anonn sa Rialachán seo a leagtar síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus in Airteagal 5(11) de Rialachán (AE) 2017/1151 is infheidhme maidir le feithiclí i gcatagóir M1 agus i gcatagóir N1, agus i Rialachán UNECE Uimh. 49, Athbhreithniú 6, Iarscríbhinn 10, mír 5.1.2 is infheidhme maidir le feithiclí de chatagóir M2, M3, N2 agus N3;
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe t
(t)   modhanna chun scríobadh bonn a thomhas;
scriosta
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe v
(v)  ceanglais riaracháin agus doiciméadacht maidir le cineálcheadú astaíochtaí;
(v)  ceanglais riaracháin agus doiciméid le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí agus maidir le tástálacha, seiceálacha agus cigireachtaí a dhéanamh chun críocha comhlíonadh a fhíorú;
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 1 – pointe w
(w)  oibleagáidí tuairiscithe i gcás inarb iomchuí.
(w)  oibleagáidí formáidithe agus tuairiscithe sonraí i gcás inarb iomchuí;
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 4 – fomhír 2
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
5.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2)
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (f) agus (i) go (k), agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3a, pointí (a) go (f) agus (i) go (k), agus i mír 4, pointí (a) go (f) agus (j) go (w), a ghlacadh tráth nach déanaí ná.... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, pointí (g) go (h), agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3a, pointí (g) go (h), agus i mír 4, pointí (g) go (i), a ghlacadh, gan moill mhíchuí, tar éis na forálacha aonfhoirmeacha ábhartha de WP.29 na Náisiún Aontaithe a fhoilsiú.
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh chun iad seo a leanas a leasú:
1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh chun an Rialachán seo a leasú mar seo a leanas:
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – pointe a
(a)  Iarscríbhinn III, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha tástála i gcás feithiclí M2, M3, N2, N3, bunaithe ar shonraí arna mbailiú agus feithiclí Euro 7 á dtástáil;
(a)  Iarscríbhinn III, Tábla 2, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha tástála i gcás feithiclí M2, M3, N2, N3 , bunaithe ar shonraí arna mbailiú agus feithiclí Euro 7 á dtástáil;
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – pointe b
(b)  Iarscríbhinn III, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha tástála, bunaithe ar shonraí arna mbailiú agus coscáin nó boinn Euro 7 á dtástáil;
(b)  Iarscríbhinn III, Táblaí 4 agus 5, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha tástála, bunaithe ar shonraí arna mbailiú agus coscáin nó boinn Euro 7 á dtástáil;
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1 – pointe d
(d)   Airteagal 5 trí roghanna agus ainmniúcháin a thabhairt isteach bunaithe ar theicneolaíochtaí nuálacha do mhonaróirí.
scriosta
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)   más iomchuí, teorainneacha scríobtha a leagan amach do chineálacha bonn in Iarscríbhinn I i gcás nár bunaíodh forálacha aonfhoirmeacha in UN WP.29 roimh an spriocdháta ábhartha a leagtar síos in Airteagal 7a;
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe d
(d)  iolraitheoirí marthanachta a leagan amach in Iarscríbhinn IV bunaithe ar shonraí arna mbailiú agus feithiclí Euro 7 M2, M3, N2, N3 á dtástáil agus tuarascáil ar mharthanacht feithiclí tromshaothair arna tíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle;
(d)  iolraitheoirí marthanachta a leagan amach in Iarscríbhinn IV bunaithe ar shonraí arna mbailiú agus feithiclí Euro 7 M3, N2, N3 á dtástáil agus conclúidí tuarascála lena ndéantar measúnú ar mharthanacht feithiclí tromshaothair i ndáil le hastaíochtaí arna gcur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle;
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe e
(e)  sainmhínithe agus rialacha speisialta a leagan amach do mhonaróirí ísealtáirgeachta do chatagóirí feithiclí M2, M3, N2, N3 faoi Airteagal 3 agus Airteagal 8 den Rialachán seo.
(e)  rialacha speisialta a leagan amach do mhonaróirí ísealtáirgeachta do chatagóirí feithiclí M2, M3, N2, N3 faoi Airteagal 3 agus Airteagal 8 den Rialachán seo.
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) gan moill mhíchuí tar éis fhoilsiú fhorálacha aonfhoirmeacha ábhartha WP.29 na Náisiún Aontaithe. I gcás nár bunaíodh forálacha aonfhoirmeacha in WP.29 na Náisiún Aontaithe faoin 30 Meitheamh 2026 maidir le boinn C1, agus faoin 31 Nollaig 2035 maidir le boinn C2 agus C3, beidh feidhm ag Airteagal 7a den Rialachán seo.
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta le do thoil = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14 (3a), Airteagal 14(4) agus Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta le do thoil = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(3a), in Airteagal 14(4) agus in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 6
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(3a), Airteagal 14(4) agus Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 a (nua)
Airteagal 16a
Gearáin a bhfuil bunús leo de chuid daoine nádúrtha nó dlítheanacha
1.  Beidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ina aonar nó i gcomhlachas, i dteideal gearáin a bhfuil bunús leo a chur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta um fhaireachas margaidh nuair a bheidh cúiseanna acu lena chreidiúint nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag ceann amháin nó níos mó de na monaróirí, oibreoirí eacnamaíocha nó oibreoirí neamhspleácha.
2.  I gcás ina n-iarrfaidh daoine a chuireann gearáin a bhfuil bunús leo isteach amhlaidh, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh na bearta is gá chun céannacht agus faisnéis phearsanta an duine sin, a bheadh díobhálach don duine sin dá nochtfaí í, a chosaint go hiomchuí.
3.  Déanfaidh na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh, gan moill mhíchuí, measúnú dícheallach neamhchlaonta ar na gearáin a bhfuil bunús leo, lena n-áirítear an bhfuil bunús maith leis an méid atáthar a mhaíomh, agus déanfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear seiceálacha agus meastóireachtaí a dhéanamh de bhun Airteagail 8 agus 51 de Rialachán (CE) 2018/858, d’fhonn neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo a bhrath agus, i gcás inarb iomchuí, bearta ceartaitheacha a éileamh nó bearta sriantacha iomchuí a dhéanamh faoi Airteagal 52 de Rialachán (CE) 2018/858.
4.  Déanfaidh an t-údarás náisiúnta um fhaireachas margaidh, laistigh de 3 mhí, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas faoina chinneadh aontú don iarraidh ar ghníomhaíocht nó diúltú di agus faoi aon bhearta atá beartaithe aige a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a ardaíodh sa ghearán a bhfuil bunús leis, agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinneadh agus na bearta atá beartaithe.
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2
2.  Faoin 1 Meán Fómhair 2031, ar bhonn na faisnéise a sholáthrófar i gcomhréir le mír 1, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.  Faoin 1 Meán Fómhair 2031, ar bhonn na faisnéise arna soláthar i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear meastóireacht ar na laghduithe ar astaíochtaí sceite agus neamh-sceite a baineadh amach agus measúnú ar a rannchuidiú i gcomhlíonadh na gcaighdeán maidir le truailliú aeir a leagtar síos sa [XXX togra athmhúnlaithe den Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh.]
Leasuithe 181 agus 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 a (nua)
2a.  Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht mharthanachta feithiclí tromshaothair i dtaca le hastaíochtaí.
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1
Aisghairtear Rialachán (CE) 715/2007 le héifeacht ón 1 Iúil 2025.
Aisghairtear Rialachán (CE) 715/2007 le héifeacht ón 1 Iúil 2030.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
Aisghairtear Rialachán (CE) 595/2009 le héifeacht ón 1 Iúil 2027.
Aisghairtear Rialachán (CE) 595/2009 le héifeacht ón 1 Iúil 2031.
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – fomhír 2
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025 maidir le feithiclí M1, N1 agus maidir le comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh do na feithiclí sin agus ón 1 Iúil 2027 maidir le feithiclí M2, M3, N2, N3 agus maidir le comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh do na feithiclí sin agus maidir le leantóirí O3, O4.
Beidh feidhm aige ó 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile maidir le feithiclí agus comhpháirteanna nua agus aonaid theicniúla ar leithligh de chineál M1, N1 i gcás na bhfeithiclí sin agus 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile maidir le feithiclí nua M1, N1 agus comhpháirteanna nua agus le haonaid theicniúla ar leithligh nua le haghaidh na bhfeithiclí sin.
Beidh feidhm aige 48 mí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile, maidir le feithiclí agus comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh de chineál M2, M3, N2, N3 le haghaidh na bhfeithiclí sin agus leantóirí O3, O4, agus 60 mí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta tánaistí ábhartha uile maidir le feithiclí nua M2, M3, N2, N3, N3 agus comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh na bhfeithiclí sin, agus leantóirí O3, O4.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – fomhír 3
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2030 maidir le feithiclí M1, N1 arna ndéanamh ag monaróirí ísealtáirgeachta.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2030 maidir le feithiclí M1, N1, arna dtógáil ag monaróirí ísealtáirgeachta agus ón 1 Iúil 2031 i gcás feithiclí M2, M3, N2, N3 arna dtógáil ag monaróirí ísealtáirgeachta.
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I– Tábla 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 1: Teorainneacha astaíochtaí sceite Euro 7 d’fheithiclí M1, N1 ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh

Astaíochtaí truailleán

Feithiclí M1, N1

Le haghaidh fheithiclí N1 ag a bhfuil cóimheas cumhachta le meáchan1 is lú ná 35 kW/t agus lena n‑aghaidh sin amháin

Buiséad astaíochtaí le haghaidh gach turas is lú ná 10km d’fheithiclí M1, N1

Buiséad astaíochtaí le haghaidh gach turas is lú ná 10km d’fheithiclí N1 ag a bhfuil cóimheas cumhachta le meáchan is lú na 35 kW/t agus dóibh sin amháin

in aghaidh an km

in aghaidh an km

in aghaidh an turais

in aghaidh an turais

NOx i mg

60

75

600

750

PM i mg

4.5

4.5

45

45

PN10 i #

6×1011

6×1011

6×1012

6×1012

CO i mg

500

630

5000

6300

THC i mg

100

130

1000

1300

NMHC i mg

68

90

680

900

NH 3 i mg

20

20

200

200

1 Arna dtomhas i gcomhréir le mír 5.3.2. de Rialachán UN/ECE Uimh. 85 i gcás ICEVanna agus PEVanna, nó i ngach cás eile, arna dtomhas i gcomhréir le ceann de na nósanna imeachta tástála a leagtar síos i mír 6 de Rialachán Teicniúil Domhanda 21 na Náisiún Aontaithe

 

 

 

Leasú

 

Tábla 1: Teorainneacha astaíochtaí sceite Euro 7 d’fheithiclí M1, N1 ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh

 

Feithiclí M1

N1 (Aicme I)

N1 (Aicme II)

N1 (Aicme III)

Buiséad astaíochtaí le haghaidh gach turas is lú ná 10km d’fheithiclí M1, N1

Buiséad astaíochtaí le haghaidh gach turas is lú ná 10km i gcás N1 (Aicme I)

Buiséad astaíochtaí le haghaidh gach turas is lú ná 10km i gcás N1 amháin (Aicme II)

Buiséad astaíochtaí le haghaidh gach turas is lú ná 10km i gcás N1(Aicme III)

Mais in ord reatha (MRO) i kg

-

Le haghaidh feithiclí N1 le MRO ≤ 1280

Le haghaidh feithiclí le 1280 < MRO ≤ 1735

Le haghaidh feithiclí N1 le 1735 < MRO

-

Le haghaidh feithiclí N1 le MRO ≤ 1280

Le haghaidh feithiclí le 1280 < MRO ≤ 1735

Le haghaidh feithiclí N1 le 1735 < MRO

Astaíochtaí truailleán

in aghaidh an km

in aghaidh an km

in aghaidh an km

in aghaidh an km

in aghaidh an turais

in aghaidh an turais

in aghaidh an turais

in aghaidh an turais

NOx i mg

60

60

75

82

600

600

750

820

PM i mg

4.5

4.5

4.5

4.5

45

45

45

45

PN10 i #

6×1011

6×1011

6×1011

6×1011

6×1012

6×1012

6×1012

6×1012

CO i mg

500

500

630

740

5000

5000

6300

7400

THC i mg

100

100

130

160

1000

1000

1300

1600

NMHC i mg

68

68

90

108

680

680

900

1080

NH 3 i mg

20

20

20

20

200

200

200

200

Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I– Tábla 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 2: Teorainneacha astaíochtaí sceite Euro 7 d’fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh agus do na hinnill dócháin inmheánaigh a úsáidtear sna feithiclí sin

Astaíochtaí truailleán

Astaíochtaí fuarthosaithe1

Astaíochtaí tosú te2

Buiséad astaíochtaí le haghaidh gach turas is lú ná 3*WHTC ar fhad

Teorainneacha astaíochtaí maidir le réchasadh roghnach3

in aghaidh an kWh

in aghaidh an kWh

in aghaidh an kWh

in aghaidh na huaire

NOx i mg

350

90

150

5000

PM i mg

12

8

10

 

PN10 i #

5x1011

2x1011

3x1011

 

CO i mg

3500

200

2700

 

NMOG i mg

200

50

75

 

NH 3 i mg

65

65

70

 

CH 4 i mg

500

350

500

 

N2O i mg

160

100

140

 

HCHO i mg

30

30

 

 

Tagraítear le hastaíochtaí fuarthosaithe don 100ú peircintíl d’astaíochtaí laistigh d'achar ama ar leith (MW) de 1 WHTC (timthriall tástála díomuan) le haghaidh feithiclí, nó WHTCfuar le haghaidh inneall

Tagraítear le hastaíochtaí tosú te don 90ú peircintíl d’astaíochtaí laistigh d'achar ama ar leith (MW) de 1 WHTC (timthriall tástála díomuan) le haghaidh feithiclí, nó WHTCte le haghaidh inneall

3 Is infheidhme i gcás nach ann do chóras a mhúchann an t‑inneall go huathoibríoch i ndiaidh 300 soicind

Leasú

Tábla 2: Teorainneacha astaíochtaí sceite Euro 7 d’fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 ina bhfuil inneall dócháin inmheánaigh agus do na hinnill dócháin inmheánaigh a úsáidtear sna feithiclí sin

Astaíochtaí truailleán

WHSC (CI) agus WHTC (CI agus PI)

Astaíochtaí Fíorthiomána (RDE)

in aghaidh an kWh

in aghaidh an kWh

NOx i mg

200

260

PM i mg

8

10

PN10 i #

6x1011

7.8x1011

CO i mg

1500

1950

NMOG i mg

75

98

NH 3 i mg

60

78

CH 4 i mg

500

650

N2O i mg

160

208

HCHO i mg

30

39

Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – Tábla 4 – Teideal
Teorainneacha astaíochtaí cáithníní ó choscáin Euro 7 i dtimthriall tiomána caighdeánach ag a mbeidh feidhm go dtí an 31/12/2034
Teorainneacha astaíochtaí cáithníní ó choscáin Euro 7 i dtimthriall tiomána caighdeánach i gcás feithiclí innill dócháin inmheánaigh ag a mbeidh feidhm go dtí an 31/12/2034
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – Tábla 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tábla 4a: Teorainneacha astaíochtaí cáithníní coscáin Euro 7 i dtimthriall tiomána caighdeánach d’fheithiclí lánleictreacha, d’fheithiclí breosla-chille agus d’fheithiclí hibrideacha leictreacha a bheidh i bhfeidhm go dtí 31/12/2029

Teorainneacha astaíochtaí i mg/km in aghaidh na feithicle

Feithiclí M1, N1

Feithiclí M2, M3

Feithiclí N2, N3

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PM10)

3

 

 

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PN)

 

 

 

Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – pointe 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tábla 4b: Teorainneacha astaíochtaí cáithníní coscáin Euro 7 i dtimthriall tiomána caighdeánach d’fheithiclí lánleictreacha, d’fheithiclí breosla-chille agus d’fheithiclí leictreacha hibrideacha a bheidh i bhfeidhm go dtí 01/01/2030

Teorainneacha astaíochtaí i mg/km in aghaidh na feithicle

Feithiclí M1, N1

Feithiclí M2, M3

Feithiclí N2, N3

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PM10)

 

 

 

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PN)

 

 

 

Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I– Tábla 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 5: Teorainneacha astaíochtaí cáithníní ó choscáin Euro 7 ag a mbeidh feidhm ón 1/1/2035

Teorainneacha astaíochtaí i mg/km in aghaidh na feithicle

Feithiclí M1, N1

Feithiclí M2, M3

Feithiclí N2, N3

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PM 10)

3

 

 

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PN)

 

 

 

Leasú

Tábla 5: Teorainneacha astaíochtaí cáithníní ó choscáin Euro 7 i dtimthriall tiomána caighdeánach i gcás gach feithicle ag a mbeidh feidhm ón 01/01/2035

Teorainneacha astaíochtaí i mg/km in aghaidh na feithicle

Feithiclí M1, N1

Feithiclí M2, M3

Feithiclí N2, N3

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PM 10)

 

 

 

Astaíochtaí cáithníní ó choscáin (PN)

 

 

 

Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I– Tábla 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 6: Teorainneacha ráta scríobtha bonn Euro 7

Mais bonn caillte i g/1000 km

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

Gnáthbhoinn

 

 

 

Boinn sneachta

 

 

 

Boinn úsáide speisialta

 

 

 

Leasú

Tábla 6: Modh tástála scríobtha bonn, teorainneacha, agus amlíne cur chun feidhme Euro 7

Uimhir an Rialacháin de chuid NA

Ábhar

Sraith leasuithe a foilsíodh in IO

Tagairt IO 

Raon feidhme a chumhdaítear le Rialacháin WP29 na Náisiún Aontaithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo  

[1xx] 

Boinn maidir le scríobadh 

Sraith leasuithe 00 

IO L xxx, xx.x.20XX, lch. xx. 

C1, C2*, C3*

* Amach anseo, leathnóidh na Náisiúin Aontaithe (NA) forbairt modha tástála iomchuí agus teorainneacha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht scríobtha aicmí bonn C2 agus C3.

Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – table 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 1: Íoscheanglais feidhmíochta (MPR) Euro 7 i dtaca le marthanacht ceallraí le haghaidh fheithiclí M1

MPR bunaithe ar fhuinneamh ceallra

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 8 mbliana nó 160 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

80%

70%

 

PEV

80%

70%

 

MPR bunaithe ar raon

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 8 mbliana nó 160 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

 

 

 

PEV

 

 

 

Leasú

Tábla 1: Íoscheanglais feidhmíochta (MPR) Euro 7 i dtaca le marthanacht ceallraí le haghaidh fheithiclí M1

MPR bunaithe ar fhuinneamh ceallra

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 10 mbliana nó 200 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

85%

75%

 

PEV

85%

75%

 

MPR bunaithe ar raon

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 10 mbliana nó 200 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

 

 

 

PEV

 

 

 

Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – table 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 2: Íoscheanglais feidhmíochta (MPR) Euro 7 i dtaca le marthanacht ceallraí le haghaidh fheithiclí N1

MPR bunaithe ar fhuinneamh ceallra

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 8 mbliana nó 160 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

75%

65%

 

PEV

75%

65%

 

MPR bunaithe ar raon

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 8 mbliana nó 160 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

 

 

 

PEV

 

 

 

Leasú

Tábla 2: Íoscheanglais feidhmíochta (MPR) Euro 7 i dtaca le marthanacht ceallraí le haghaidh fheithiclí N1

MPR bunaithe ar fhuinneamh ceallra

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 10 mbliana nó 200 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

80%

70%

 

PEV

80%

70%

 

MPR bunaithe ar raon

Tús saolré go dtí 5 bliana nó 100 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí níos mó ná 5 bliana nó 100 000 km, agus suas le 10 mbliana nó 200 000 km, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Feithiclí suas le saolré breise*

OVC-HEV

 

 

 

PEV

 

 

 

Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III – table 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 1: Coinníollacha chun tástáil a dhéanamh ar chomhlíontacht feithiclí M1, N1 le teorainneacha astaíochtaí sceite le haon bhreosla agus bealadh ar an margadh laistigh de na sonraíochtaí arna n‑eisiúint ag monaróir na feithicle

Paraiméadar

Gnáthdhálaí tiomána

Dálaí tiomána sínte*

Roinnteoir tiomána sínte

-

1.6 (níl feidhm aige maidir le hastaíochtaí tomhaiste ach amháin le linn na tréimhse ina bhfuil feidhm ag ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa cholún seo)

Teocht chomhthimpeallach

0 °C go dtí 35 °C

-10 °C go dtí 0 °C nó 35 °C go dtí 45 °C

Uasairde

700 m

Os cionn 700 m agus faoi bhun 1 800 m

Uasluas

Suas le 145 km/u

Idir 145 agus 160 km/u

Modhnuithe tarraingthe/aeraidinimiciúla

Ní ceadmhach

Is ceadmhach de réir sonraíochtaí an mhonaróra agus suas leis an luas rialáilte.

Innill chúnta

Féideartha de réir gnáth-úsáide

-

Meán-rothchumhacht uasta le linn na chéad 2 km i ndiaidh fuarthosú

Níos ísle ná 20 % den rothchumhacht uasta

Níos airde ná 20 % den rothchumhacht uasta

Comhdhéanamh an turais

Ceann ar bith

-

Míleáiste íosta

10 000 km

Idir 3 000 agus 10 000 km

*Bainfear úsáid as an straitéis astaíochtaí chéanna nuair a ritear feithicil lasmuigh de na dálaí sin, ach amháin i gcás inarb ann do chúis theicniúil arna formheas ag an údarás cineálcheadaithe.

Leasú

Tábla 1: Coinníollacha chun tástáil a dhéanamh ar chomhlíontacht feithiclí M1, N1 le teorainneacha astaíochtaí sceite le haon bhreosla agus bealadh ar an margadh laistigh de na sonraíochtaí arna n‑eisiúint ag monaróir na feithicle

Paraiméadar

Gnáthdhálaí tiomána

Dálaí tiomána sínte1

Roinnteoir tiomána sínte

-

1.6 (níl feidhm aige maidir le hastaíochtaí tomhaiste ach amháin le linn na tréimhse ina bhfuil feidhm ag ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa cholún seo) déanfar sonraí a fhaightear, i gcás ina mbeidh feidhm ag níos mó ná ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach sa cholún seo, a eisiamh ón tástáil(2).

Teocht chomhthimpeallach

0 °C go dtí 35 °C

-7 °C go dtí 0 °C nó 35 °C go dtí 38 °C

Uasairde

700 m

Os cionn 700 m agus faoi bhun 1 300 m

Uasluas

Suas le 145 km/u

Idir 145 agus 160 km/u

Modhnuithe tarraingthe/aeraidinimiciúla

Ní ceadmhach

Is ceadmhach de réir sonraíochtaí an mhonaróra agus suas leis an luas rialáilte.

Innill chúnta

Féideartha de réir gnáth-úsáide

-

Meán-rothchumhacht uasta le linn na chéad 2 km i ndiaidh fuarthosú

Níos ísle ná 20 % den rothchumhacht uasta

Idir 20% agus 30 % den rothchumhacht uasta

Comhdhéanamh an turais

Aon cheann, de réir ghnáthúsáide2 agus gan tiomáint chlaonta a áireamh

Aon cheann, de réir gnáthúsáide2 agus gan tiomáint claonta a áireamh

Míleáiste íosta

10 000 km

Idir 3 000 agus 10 000 km

1 Ní cheadófar ach teaglaim de dhá choinníoll sínte teochta agus airde.

2 Tagraíonn de réir ghnáthúsáide do dhinimic an turais a leagtar amach in Iarscríbhinn 9 de Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe.

Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III – table 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 2: Coinníollacha chun tástáil a dhéanamh ar chomhlíontacht feithiclí M2, M3, N2 agus N3 le teorainneacha astaíochtaí sceite le haon bhreosla agus bealadh ar an margadh laistigh de na sonraíochtaí arna n‑eisiúint ag monaróir na feithicle

Paraiméadar

Gnáthdhálaí tiomána

Dálaí tiomána sínte*

Roinnteoir tiomána sínte

-

2 (níl feidhm aige maidir le hastaíochtaí tomhaiste ach amháin le linn na tréimhse ina bhfuil feidhm ag ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa cholún seo)

Teocht chomhthimpeallach

-7 °C go dtí 35 °C

-10 °C go dtí -7 °C nó 35 °C go dtí 45 °C

Uasairde

1 600 m

Ó 1 600 m go dtí 1 800 m

Modhnuithe tarraingthe/aeraidinimiciúla

Ní ceadmhach

Is ceadmhach de réir sonraíochtaí an mhonaróra agus suas leis an luas rialáilte

Pálasta na feithicle

Cothrom le nó níos mó ná 10 %

Níos lú ná 10 %

Innill chúnta

Féideartha de réir gnáth-úsáide

-

Lódáil Inneall Dócháin Inmheánaigh ar fhuarthosú

Ceann ar bith

-

Comhdhéanamh an turais

De réir gnáthúsáide

-

Míleáiste íosta

5 000 km le haghaidh <16t TPMLM

10 000 km le haghaidh > 16t TPMLM

Idir 3 000 km agus 5 000 km le haghaidh <16t TPMLM

Idir 3 000 km agus 10 000 km le haghaidh > 16t TPMLM

Leasú

Tábla 2: Coinníollacha chun tástáil a dhéanamh ar chomhlíontacht feithiclí M2, M3, N2 agus N3 le teorainneacha astaíochtaí sceite le haon bhreosla agus bealadh ar an margadh laistigh de na sonraíochtaí arna n‑eisiúint ag monaróir na feithicle

Tomhas ar astaíochtaí sceite sa tsaotharlann

Tomhas ar astaíochtaí fíorthiomána (RDE)

Maidir le gach tástáil astaíochtaí sceite a dhéantar trí thimthriallta tagarthástála innill WHTC/WHSC a úsáid, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Uimh. 491, Iarscríbhinn 4 de chuid NA.

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán Uimh. 492, Iarscríbhinn 8 de chuid NA cé is moite de na heisceachtaí seo a leanas:

—  Beidh an tairseach cumhachta i dTábla 1 d’Iarscríbhinn III ag 0 %. I gcás fuinneoga ina bhfuil an chumhacht faoi bhun 6 %, úsáidfear 6 % le haghaidh na ríomhanna;

—  Bainfear úsáid as an bhfachtóir comhréireachta (CF) atá i dTábla 2 de phointe 6.3 i gcás inarb ionann an luach agus 1.0 le haghaidh gach truailleáin. Is iad na teorainneacha is infheidhme na fíortheorainneacha RDE in Iarscríbhinn I Tábla 2.

1 Sraith leasuithe 07 (IO L 14, 16.1.2023, lch. 1).

2 Sraith leasuithe 07 (IO L 14, 16.1.2023, lch. 1).

Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn III – table 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 5: Coinníollacha chun tástáil a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainneacha um scríobadh bonn

 

Feithiclí M1, N1

Feithiclí M2, M3, N2 agus N3

Teorainneacha um scríobadh bonn a thástáil

Bunaithe ar na modheolaíochtaí tástála a forbraíodh ag na Náisiúin Aontaithe chun fíor-scríobadh bonn a thástáil

Bunaithe ar na modheolaíochtaí tástála a forbraíodh ag na Náisiúin Aontaithe chun fíor-scríobadh bonn a thástáil

Leasú

Tábla 5: Coinníollacha chun tástáil a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainneacha um scríobadh bonn

 

Feithiclí M1, N1

Feithiclí M2, M3, N2 agus N3

Teorainneacha um scríobadh bonn a thástáil

Bunaithe ar na modheolaíochtaí tástála a forbraíodh ag na Náisiúin Aontaithe chun fíor-scríobadh bonn a thástáil i gcomhréir le hAirteagal 7 a (nua)

Bunaithe ar na modheolaíochtaí tástála a forbraíodh ag na Náisiúin Aontaithe chun fíor-scríobadh bonn a thástáil i gcomhréir le hAirteagal 7 a (nua)

Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn IV – table 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 1: Saolré feithiclí, inneall agus córas rialaithe truaillithe

Saolré feithiclí, inneall agus feistí rialaithe truaillithe athsholáthair

M1, N1 agus M2

N2, N3<16t, M3<7.5t:

N3>16t, M3>7.5t

Príomh-shaolré

Suas le 160 000 km nó 8 mbliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

300 000 km nó 8 mbliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

700 000 km nó 15 bliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Saolré breise

I ndiaidh phríomh‑shaolré agus suas le 200 000 km nó 10 mbliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

I ndiaidh phríomh-shaolré agus suas le 375 000 km

I ndiaidh phríomh-shaolré agus suas le

875 000 km

Leasú

Tábla 1: Saolré feithiclí, inneall agus córas rialaithe truaillithe

Saolré feithiclí, inneall agus feistí rialaithe truaillithe athsholáthair

M1, N1 agus M2

N2, N3≤16t, M3≤7.5t:

N3>16t, M3>7.5t

Príomh-shaolré

Suas le 200 000 km nó 10 mbliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

340 000 km nó 10 mbliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

750 000 km nó 15 bliana, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Saolré breise

I ndiaidh phríomh‑shaolré agus suas le 240 000 km nó 12 bhliain, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

I ndiaidh phríomh‑shaolré agus suas le 400 000 km nó 12 bhliain, pé ceann a tharlaíonn ar dtús

I ndiaidh phríomh-shaolré agus suas le

900 000 km nó 17 mbliana pé ceann a tharlaíonn ar dtús

Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V – Tábla 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 3: Cur i bhfeidhm tástálacha, dearbhuithe agus ceanglas eile le haghaidh chineálcheadú agus shíntí fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 do mhonaróirí

Ceanglais tástála

Tástálacha agus ceanglais ag cineálcheadú astaíochtaí tosaigh

Tástálacha ag comhréireacht táirgeachta

Tástálacha ag comhréireacht inseirbhíse

Truailleáin ghásacha, PM agus PN i dtástáil bhóthair (RDE) le haghaidh gach breosla agus le haghaidh na gcatagóirí feithiclí is infheidhme (M2, M3, N2 agus N3) agus tástáil faoi ualach íseal (más infheidhme)

Tástálacha léirithe éigeantacha le haghaidh gach breosla dá ndeonaítear an cineálcheadú in aghaidh an chineáil feithicle agus dearbhú maidir le comhlíontacht le haghaidh gach breosla, gach pálasta agus gach cineál feithicle

Comhréireacht táirgeachta a dhéantar ar leibhéal innill agus sin amháin

Tástáil éigeantach ar fheithicil le haon bhreosla agus ar aon chatagóir feithicle agus ar aon phálasta le haghaidh gach cineál feithicle gach 2 bhliain

CO2 agus ídiú breosla/fuinnimh, astaíocht nialasach/raon leictreach feithicle a chinneadh

Ceadúnas VECTO

Le haghaidh comhpháirteanna

Ní éilítear

Éifeachtúlacht fuinnimh leantóirí

Ceadúnas VECTO

Le haghaidh comhpháirteanna

Ní éilítear

Nós imeachta tástála fíorúcháin

Ní éilítear

Éigeantach

Ní éilítear

Astaíochtaí ó chás an chromáin

Seiceáil suiteáil chóras cáis cromáin dhúnta nó ródú chuig an sceithphíopa

Ní éilítear

Roghnach6

Marthanacht astaíochtaí

Dearbhú

Ní éilítear

Ní éilítear

Marthanacht ceallraí

Dearbhú

Ní éilítear

Ní éilítear

Diagnóisic ar bord (leibhéal na fine DAB)

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach6

Faireachán ar bord (leibhéal na fine OBM)

Léiriú +Dearbhú

Ní éilítear

Éigeantach

Frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil

Dearbhú agus doiciméadacht

Ní éilítear

Ní éilítear

Rialuithe oiriúnaitheacha (i gcás inarb infheidhme)

Dearbhú

Ní éilítear

Ní éilítear

Teicneolaíochtaí geofhálaithe (i gcás inarb infheidhme)

Dearbhú agus léiriú

Ní éilítear

Ní éilítear

Leasú

Tábla 3: Cur i bhfeidhm na gceanglas tástála, na ndearbhuithe agus na gceanglas eile maidir le cineálcheadú agus shíntí fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 do mhonaróirí

Ceanglais tástála

Tástálacha agus ceanglais le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí

Tástálacha ag comhréireacht táirgeachta

Tástálacha ag comhréireacht inseirbhíse

Truailleáin ghásacha, PM and PN agus astaíochtaí CO2, ídiú breosla ar thimthriall díomuan (WHTC Fuar agus Te)

Éigeantach i gcás mháthair-inneall na fine astaíochtaí agus dearbhú le haghaidh gach comhalta den fhine*

**

Éigeantach i gcás innill atá taobh amuigh den fhine

**

 

Truailleáin ghásacha, PN i dtástáil bóthair (RDE) do gach breosla agus do na catagóirí feithiclí is infheidhme (M2, M3, N2 agus N3)

Tástálacha léirithe éigeantacha le haghaidh gach breosla dá ndeonaítear an cineálcheadú in aghaidh an chineáil feithicle agus dearbhú maidir le comhlíontacht le haghaidh gach breosla, gach pálasta agus gach catagóir feithicle

**

Ní éilítear

Tástáil éigeantach ar fheithicil le haon bhreosla agus ar aon chatagóir feithicle agus ar aon phálasta le haghaidh gach cineál feithicle gach 2 bhliain

**

Éifeachtúlacht fuinnimh leantóirí

Ceadúnas VECTO

Le haghaidh comhpháirteanna

Ní éilítear

Nós imeachta tástála fíorúcháin

Ní éilítear

Éigeantach

Ní éilítear

Astaíochtaí ó chás an chromáin

Seiceáil suiteáil chóras cáis cromáin dhúnta nó ródú chuig an sceithphíopa

**

Ní éilítear

Roghnach28

Marthanacht astaíochtaí

Dearbhú

**

Ní éilítear

Ní éilítear

Oibriú ceart córais ina n-úsáidtear imoibrí inchaite agus córas rialaithe truaillithe

Dearbhú

**

Ní éilítear

**

Roghnach

**

Marthanacht ceallraí

Dearbhú

Ní éilítear

Ní éilítear

Cumhacht a chinneadh

Éigeantach

**

Ní éilítear

Ní éilítear

Diagnóisic ar bord (leibhéal na fine DAB)

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach28

Faireachán ar bord (leibhéal na fine OBM)

Léiriú +Dearbhú

Ní éilítear

Éigeantach

Frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil

Dearbhú agus doiciméadacht

Ní éilítear

Ní éilítear

* Agus sonraí ó thástáil inneall gach rátáil cumhachta mar thaca leis.

** I gcás feithicle a bhfuil córas ceadaithe innill inti i dtaca le hastaíochtaí, beidh monaróir an innill freagrach as an tástáil sin a dhéanamh.

Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V – Tábla 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 4: Cur i bhfeidhm ceanglas tástála agus dearbhuithe le haghaidh chineálcheadú agus shíntí le haghaidh fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 do Bhallstáit agus do thríú páirtithe aitheanta/don Choimisiún

Ceanglais tástála

Tástálacha agus ceanglais ag cineálcheadú astaíochtaí tosaigh

Tástálacha ag comhréireacht táirgeachta

Tástálacha ag comhréireacht inseirbhíse

Tástálacha ag faireachas margaidh

Gníomhaí ábhartha

Údarás cineálcheadaithe chun an cineálcheadú a eisiúint

Údarás cineálcheadaithe

Údarás cineálcheadaithe

Tríú páirtithe agus an Coimisiún

Údaráis um fhaireachas margaidh

Tríú páirtithe agus an Coimisiún

Truailleáin ghásacha, PM agus PN i dtástáil bhóthair (RDE) le haghaidh gach breosla agus le haghaidh na gcatagóirí feithiclí is infheidhme (M2, M3, N2 agus N3) + tástáil faoi ualach íseal (más infheidhme)

Tástálacha léirithe éigeantacha le haghaidh gach breosla dá ndeonaítear an cineálcheadú in aghaidh an chineáil feithicle agus dearbhú maidir le comhlíontacht le haghaidh gach breosla, gach pálasta agus gach cineál feithicle

(féach ceanglais innill)

Éigeantach ar bhonn bliantúil le haghaidh líon leordhóthanach cineálacha feithiclí ar aon bhreosla agus ar aon chatagóir feithicle a chumhdaítear leis an gcineálcheadú astaíochtaí

Roghnach

Éigeantach/Roghnach

Roghnach

Astaíochtaí CO2,, ídiú breosla/fuinnimh, astaíochtaí nialasacha/raon leictreach feithicle a chinneadh

Eisigh ceadúnas VECTO

Le haghaidh comhpháirteanna

Ní éilítear

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Éifeachtúlacht fuinnimh leantóirí

Eisigh ceadúnas VECTO

Le haghaidh comhpháirteanna

Ní éilítear

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Nós imeachta tástála fíorúcháin

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Astaíochtaí ó chás an chromáin

Seiceáil suiteáil chóras cáis cromáin dhúnta nó ródú chuig an sceithphíopa

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Marthanacht astaíochtaí

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Éigeantach

Roghnach

Marthanacht ceallraí

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Diagnóisic ar bord (leibhéal na fine DAB)

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Éigeantach

Roghnach

Faireachán ar bord (leibhéal na fine OBM)

Dearbhú agus léiriú

Ní éilítear

Ní éilítear

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

Frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil

Dearbhú agus doiciméadacht

Ní éilítear

Ní éilítear

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

Rialuithe oiriúnaitheacha (i gcás inarb infheidhme)

Dearbhú

Ní éilítear

Ní éilítear

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Teicneolaíochtaí geofhálaithe (i gcás inarb infheidhme)

Dearbhú agus léiriú

Ní éilítear

Ní éilítear

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

Leasú

Tábla 4: Cur i bhfeidhm ceanglas tástála agus dearbhuithe le haghaidh chineálcheadú agus shíntí le haghaidh fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 do Bhallstáit agus do thríú páirtithe aitheanta/don Choimisiún

Ceanglais tástála

Tástálacha agus ceanglais le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí

Tástálacha ag comhréireacht táirgeachta

Tástálacha ag comhréireacht inseirbhíse

Tástálacha ag faireachas margaidh

Gníomhaí ábhartha

An t-údarás a dheonaíonn an cineálcheadú

An t-údarás a dheonaíonn an cineálcheadú

An t-údarás a dheonaíonn an cineálcheadú

Tríú páirtithe agus an Coimisiún

Údaráis um fhaireachas margaidh

Tríú páirtithe agus an Coimisiún

Truailleáin ghásacha, PM agus PN i dtástáil bhóthair (RDE) le haghaidh gach breosla agus le haghaidh na gcatagóirí feithiclí is infheidhme (M2, M3, N2 agus N3)

Tástálacha léirithe éigeantacha le haghaidh gach breosla dá ndeonaítear an cineálcheadú in aghaidh an chineáil feithicle agus dearbhú maidir le comhlíontacht le haghaidh gach breosla, gach pálasta agus gach catagóir feithicle

**

(féach ceanglais innill)

Éigeantach ar bhonn bliantúil le haghaidh líon leordhóthanach cineálacha feithiclí ar aon bhreosla agus ar aon chatagóir feithicle a chumhdaítear leis an gcineálcheadú astaíochtaí

**

Roghnach

Éigeantach/Roghnach

Roghnach

Astaíochtaí CO2,, ídiú breosla/fuinnimh, astaíochtaí nialasacha/raon leictreach feithicle a chinneadh

Eisigh ceadúnas VECTO

Le haghaidh comhpháirteanna

Ní éilítear

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Éifeachtúlacht fuinnimh leantóirí

Eisigh ceadúnas VECTO

Le haghaidh comhpháirteanna

Ní éilítear

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Nós imeachta tástála fíorúcháin

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Astaíochtaí ó chás an chromáin

Seiceáil suiteáil chóras cáis cromáin dhúnta nó ródú chuig an sceithphíopa

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Marthanacht astaíochtaí

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Éigeantach

Roghnach

Oibriú ceart córais ina n-úsáidtear imoibrí inchaite agus córas rialaithe truaillithe

Ní éilítear

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

Éigeantach

Oibriú ceart córais ina n-úsáidtear imoibrí inchaite agus córas rialaithe truaillithe

Marthanacht ceallraí

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Cumhacht a chinneadh

Éigeantach

**

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Roghnach

Diagnóisic ar bord (leibhéal na fine DAB)

Dearbhú

Ní éilítear

Roghnach

Roghnach

Éigeantach

Roghnach

Faireachán ar bord (leibhéal na fine OBM)

Dearbhú agus léiriú

Ní éilítear

Éigeantach

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

Frithchrioscaíl, slándáil agus cibearshlándáil

Dearbhú agus doiciméadacht

Ní éilítear

Ní éilítear

Ní éilítear

Éigeantach

Roghnach

** I gcás feithicle a bhfuil córas ceadaithe innill inti i dtaca le hastaíochtaí, beidh monaróir an innill freagrach as an tástáil sin a dhéanamh.

Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn V – Tábla 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Tábla 5: Cur i bhfeidhm ceanglas tástála agus dearbhuithe le haghaidh chineálcheadú agus shíntí inneall a bheartaítear le haghaidh fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 do mhonaróirí

Ceanglais tástála le haghaidh gach breosla

Tástálacha agus ceanglais ag cineálcheadú astaíochtaí tosaigh

Tástálacha ag comhréireacht táirgeachta

Tástálacha ag comhréireacht inseirbhíse

Truailleáin ghásacha, PM and PN agus astaíochtaí CO2, ídiú breosla ar thimthriall díomuan (WHTC Fuar agus Te)

Éigeantach i gcás mháthair-inneall na fine astaíochtaí agus dearbhú le haghaidh gach comhalta den fhine**

Éigeantach i gcás innill atá taobh amuigh den fhine

Ní dhéantar iad ach ar an bhfeithicil iomlán mar a leagtar amach i dTábla 3 agus i dTábla 4

Tástálacha innill chun sonraí a bhailíochtú ar sonraí iad a theastaíonn chun CO2 a chinneadh

Éigeantach

Éigeantach

Athghiniúint leanúnach/thréimhsiúil

Dearbhú

Ní éilítear

Astaíochtaí ó chás an chromáin

Seiceáil suiteáil chóras cáis cromáin dhúnta nó ródú chuig an sceithphíopa

Ní éilítear

Marthanacht astaíochtaí

Dearbhú

Ní éilítear

Diagnóisic ar bord (leibhéal na fine DAB)

Dearbhú

Ní éilítear

Faireachán ar bord (leibhéal na fine OBM)

Ní dhéantar iad ach ar an bhfeithicil iomlán mar a leagtar amach i dTábla 3 agus i dTábla 4

Ní éilítear

Cumhacht innill

Éigeantach

* Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe a iarraidh go ndéanfaí tástáil le linn an chineálcheadaithe thosaigh.

** Agus sonraí ó thástáil inneall gach rátáil cumhachta mar thaca leis.

Leasú

Tábla 5: Cur i bhfeidhm ceanglas tástála agus dearbhuithe le haghaidh chineálcheadú agus shíntí inneall a bheartaítear le haghaidh fheithiclí M2, M3, N2 agus N3 do mhonaróirí

Ceanglais tástála le haghaidh gach breosla

Tástálacha agus ceanglais le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí

Tástálacha ag comhréireacht táirgeachta

Tástálacha ag comhréireacht inseirbhíse

Truailleáin ghásacha, PM and PN agus astaíochtaí CO2, ídiú breosla ar thimthriall díomuan (WHTC Fuar agus Te)

Éigeantach i gcás mháthair-inneall na fine astaíochtaí agus dearbhú le haghaidh gach comhalta den fhine**

Éigeantach i gcás innill atá taobh amuigh den fhine

Ní dhéantar iad ach ar an bhfeithicil iomlán mar a leagtar amach i dTábla 3 agus i dTábla 4

Truailleáin ghásacha, PN i dtástáil bhóthair (RDE) le haghaidh gach breosla agus le haghaidh na gcatagóirí feithiclí is infheidhme (M2, M3, N2 agus N3)

Tástálacha léirithe éigeantacha le haghaidh gach breosla dá ndeonaítear an cineálcheadú in aghaidh an chineáil feithicle agus dearbhú maidir le comhlíontacht le haghaidh gach breosla, gach pálasta agus gach catagóir feithicle

Ní éilítear

Tástálacha innill chun sonraí a bhailíochtú ar sonraí iad a theastaíonn chun CO2 a chinneadh

Éigeantach

Éigeantach

Athghiniúint leanúnach/thréimhsiúil

Dearbhú

Ní éilítear

Astaíochtaí ó chás an chromáin

Seiceáil suiteáil chóras cáis cromáin dhúnta nó ródú chuig an sceithphíopa

Ní éilítear

Marthanacht astaíochtaí

Dearbhú

Ní éilítear

Cumhacht a chinneadh

Éigeantach

Ní éilítear

Diagnóisic ar bord (leibhéal na fine DAB)

Dearbhú

Ní éilítear

Faireachán ar bord (leibhéal na fine OBM)

Ní dhéantar iad ach ar an bhfeithicil iomlán mar a leagtar amach i dTábla 3 agus i dTábla 4

Ní éilítear

** Agus sonraí ó thástáil inneall gach rátáil cumhachta mar thaca leis.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0298/2023).
(2)


Córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh
PDF 141kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2023)0331 – C9-0211/2023 – 2021/0430(CNS))
P9_TA(2023)0395A9-0295/2023

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0570) agus don togra leasaithe (COM(2023)0331),

–  ag féachaint d’Airteagal 311, an tríú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0211/2023),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (“Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020”)(1),

–  ag féachaint do rún reachtach uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh(2),

–  ag féachaint do rún reachtach uaithi an 23 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (COM(2021)0570 – C9-0034/2022 – 2021/0430(CNS))(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 ar acmhainní dílse: tús nua d’airgeadas an Aontais Eorpaigh, tús nua don Eoraip(4),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0295/2023),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh cinneadh leasaitheach
Aithris 1 a (nua)
(1a)  I gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, is céim thábhachtach eile é an cinneadh leasaithe sin chun treochlár a chur chun feidhme chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Áiritheofar leis go mbeidh ioncam ó bhascaed na bhfoinsí nua ioncaim ar fáil agus go mbeidh sé leordhóthanach chun an t-ús a íoc agus i gcomhair phríomhshuim fhiacha NGEU agus go mbeidh impleachtaí dáileacháin airgeadais an bhascaeid inghlactha ag na Ballstáit uile.
Leasú 2
Togra le haghaidh cinneadh leasaitheach
Aithris 2 a (nua)
(2a)  Leis na fáltais ó na hacmhainní dílse nua a tugadh isteach leis an gcinneadh leasaithe seo, is féidir buiséad an Aontais a mhaoiniú go hiontaofa ar bhonn fadtéarmach, agus na costais a bhaineann le haisíocaíocht Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus tosaíochtaí nua an Aontais a chur san áireamh agus laghduithe ar chláir agus ar bheartais an Aontais atá ann cheana á seachaint ag an am céanna.
Leasú 3
Togra le haghaidh cinneadh leasaitheach
Aithris 2 b (nua)
(2b)  Ba cheart cur chun feidhme an Treochláir i gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 a thabhairt chun críche le hathchóirithe amach anseo lena ndéanfaí acmhainn dhílis atá níos dáiríre agus bunaithe ar cháin a chur in ionad réiteach idirthréimhseach na ranníocaíochta náisiúnta staidreamhbhunaithe ar bhrabúis chorparáideacha a luaithe a chuirfear na treoracha riachtanacha nó na creataí comhchuibhithe uile-Aontais maidir le cánachas corparáideach i bhfeidhm.
Leasú 4
Togra le haghaidh cinneadh leasaitheach
Aithris 10 a (nua)
(10a)  I bhfianaise an bhoilscithe aird, tá méadú gan choinne agus díréireach tagtha ar na laghduithe sealadacha ar an gcnapshuim don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn, a théann chun táirbhe dóibh don tréimhse 2020-2027. Chun saobhadh dáileacháin breise a sheachaint, ba cheart na cnapshuimeanna sin a choigeartú go bliantúil de réir na réasúnaíochta agus na rialach céanna le huasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, i.e. ar bhonn díbhoilsceoir seasta 2% in aghaidh na bliana.
Leasú 5
Togra le haghaidh cinneadh leasaitheach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe e a (nua)
Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053
Airteagal 2 – mír 4
(ea)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
4.   Don tréimhse 2021 - 2027, bainfidh na Ballstáit seo a leanas leas as oll-laghdú ar a ranníocaíochtaí bliantúla bunaithe ar OIN faoi phointe (d) de mhír 1 arb ionann é agus EUR 565 mhilliún don Ostair, EUR 377 milliún don Danmhairg, EUR 3 671 mhilliún don Ghearmáin, EUR 1 921 mhilliún don Ísiltír agus EUR 1 069 milliún don tSualainn, faoi seach. Déanfar na suimeanna sin a thomhas de réir phraghsanna 2020 agus déanfar iad a choigeartú do phraghsanna reatha trí chur i bhfeidhm díbhoilsceoir reatha OTI don Aontas a shloinntear in euro, mar a fhorálann an Coimisiún, agus a chuirtear ar fáil nuair a dhréachtaítear an dréachtbhuiséad. Maoineoidh gach Ballstát na holl-laghduithe sin.
4. Don tréimhse 2021 - 2027, bainfidh na Ballstáit seo a leanas leas as oll-laghdú ar a ranníocaíochtaí bliantúla bunaithe ar OIN faoi phointe (d) de mhír 1 arb ionann é agus EUR 565 mhilliún don Ostair, EUR 377 milliún don Danmhairg, EUR 3 671 mhilliún don Ghearmáin, EUR 1 921 mhilliún don Ísiltír agus EUR 1 069 milliún don tSualainn, faoi seach. Déanfar na méideanna sin a thomhas i bpraghsanna 2020 agus déanfar iad a choigeartú do phraghsanna reatha ar bhonn díbhoilsceoir sheasta 2% in aghaidh na bliana. Maoineoidh gach Ballstát na holl-laghduithe sin.

(1) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0220.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0404
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0195


Neartú a dhéanamh ar an gceart chun bheith rannpháirteach: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghchánach i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha
PDF 162kWORD 53k
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh a neartú: dlisteanacht agus athléimneacht na bpróiseas toghcháin i gcórais pholaitiúla neamhliobrálacha agus i réimis fhorlámhacha (2022/2154(INI))
P9_TA(2023)0396A9-0323/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go háirithe Airteagal 21(3) de,

–  ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus Barúil Ghinearálta Uimh. 25 a ghabhann leis maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí, cearta vótála agus an ceart chun rochtana comhionainne ar sheirbhís phoiblí,

–  ag féachaint d’Airteagal 3 den Chéad Phrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

–  ag féachaint d’Airteagal 5(c) den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú,

–  ag féachaint d’Airteagal 7(a) den Choinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

–  ag féachaint do Dhearbhú Prionsabal na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán,

–  ag féachaint don Dearbhú Prionsabal Domhanda maidir le Breathnóireacht agus Faireachán Toghchán Neamhpháirtíoch ag Eagraíochtaí Saoránach, arna fhormhuiniú ag roinnt líonraí faireacháin toghcháin, lena n-áirítear Líonra Domhanda na Luchtanna Faireacháin Toghcháin Baile,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2000 maidir le cúnamh agus breathnóireacht toghcháin AE (COM(2000)0191),

–  ag féachaint do Threoirlínte na Náisiún Aontaithe do Stáit maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí a chur chun feidhme go héifeachtach,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Márta 2020 dar teideal ‘EU Action Plan on Human Rights and Democracy 2020-2024’ [Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024] (JOIN(2020)0005),

–  ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0323/2023),

A.  de bhrí gur cearta bunúsacha, a aithnítear go hidirnáisiúnta iad na cearta ag saoránaigh chun páirt a ghlacadh i mbainistiú gnóthaí poiblí, lena n-áirítear an ceart chun vótáil, chun seasamh agus chun bheith tofa i dtoghcháin dhaonlathacha atá saor, trédhearcach, infhíoraithe, tréimhsiúil agus dílis;

B.  de bhrí go luaitear in Airteagal 21 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine go bhfuil sé de cheart ag gach duine páirt a ghlacadh i rialtas a dtíre agus nach mór toil an phobail, a chuirtear in iúl trí thoghcháin thréimhsiúla, dhílse agus uilíocha, a bheith mar bhonn ag an rialtas; de bhrí go n-athdhearbhaítear an teachtaireacht sin in Airteagal 25 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

C.  de bhrí go luaitear in Airteagal 5(c) den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú go ngeallann Stáit is Páirtithe idirdhealú ciníoch de gach cineál a thoirmeasc agus a dhíothú agus an ceart atá ag gach duine a ráthú, gan idirdhealú maidir le cine, dath, nó bunadh náisiúnta nó eitneach, cearta polaitiúla a theachtadh go cothrom os comhair an dlí, go háirithe an ceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin, chun vótáil agus chun seasamh i dtoghchán; de bhrí, mar sin féin, go bhfuil dúshláin bhreise agus idirdhealú roimh roinnt grúpaí sóisialta amhail mionlaigh, daoine faoi mhíchumas, neamhchónaitheoirí agus pobail gan dídean;

D.  de bhrí, de réir Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, go bhfuil dlúthbhaint ag an gceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin shaora agus chóra le cearta bunúsacha eile; de bhrí chun go ndéanfaí an ceart vótála agus an ceart chun bheith tofa a fheidhmiú i ndáiríre, ní mór timpeallacht a bheith i réim ina ndéanann an uile dhuine cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a urramú agus a theachtadh, lena n-áirítear an ceart chun comhionannais agus an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun oideachais, an ceart chun saoirse tuairimíochta agus an ceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais, an ceart chun saoirse reiligiúin nó creidimh, an ceart chun slándála, an ceart chun leighis éifeachtaigh; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht na mban ríthábhachtach chun saorthoghcháin chóra a ráthú;

E.  de bhrí go bhfuil daonlathais liobrálacha seanbhunaithe ar fud an domhain ag teacht ar threochtaí a bhfuiltear buartha fúthu maidir le meathlú ar a struchtúir dhaonlathacha, as a n-eascraíonn cúlú daonlathach agus uathlathú, mar a léirítear leis an méadú ar an neamhliobrálachas, leibhéil rannpháirtíochta i dtoghcháin atá ag laghdú, díomá atá ag dul i méid faoi pháirtithe polaitiúla agus ceannaireacht phríomhshrutha, agus fás na bpáirtithe antoisceacha; de bhrí, leis an bhfuathchaint mhéadaitheach a chuireann na páirtithe antoisceacha sin chun cinn agus lena ndírítear ar phobail leochaileacha, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha agus imircigh, go gcruthaítear timpeallacht foréigin agus go gcuirtear cosc ar na dálaí is gá do dhaoine a gceart ar rannpháirtíocht pholaitiúil a fheidhmiú; de bhrí go bhfuil na treochtaí maidir le creimeadh bhunphrionsabail an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, ar ábhar imní iad, ag géarú go mór faoi láthair mar gheall ar chogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

F.  de bhrí gur gné fhíor-riachtanach den rialachas cuimsitheach cuntasach iad fíorthoghcháin dhaonlathacha, toisc go dtugann siad sainordú do na húdaráis ó na saoránaigh;

G.  de bhrí, de réir Freedom House, go bhfuil 80 % de dhaoine ina gcónaí i dtíortha nach bhfuil saor nó atá saor go páirteach, a chuireann teorainn lena gcearta bunúsacha daonna; de bhrí go bhfuil níos mó ná aon trian den daonra domhanda faoi riail fhorlámhach;

H.  de bhrí go gcuirtear bac ar an gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin i réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha, i measc nithe eile, trí bhacainní dlíthiúla agus riaracháin a chruthú lena gcuirtear cosc ar thoil na ndaoine a léiriú, laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta, imeaglú vótálaithe agus toghcháin bhréige a sheoladh agus é mar aidhm leo cumhacht na réimeas a dhaingniú; de bhrí nach bhfuil na toghcháin sin saor, trédhearcach, infhíoraithe, iolraíoch ná cóir, nach bhfuil fíoriomaíocht pholaitiúil i gceist leo agus go gcuireann siad srianta míchuí ar an gceart chun vótála, chun seasamh i dtoghchán agus chun bheith tofa; de bhrí gur uirlisí iad freisin dícháiliúcháin iarrthóirí freasúra atá treallach agus cumtha ar chúiseanna dar siocair an pholaitíocht arna n-úsáid ag réimis uathlathacha de ghnáth chun cur isteach ar phróisis toghcháin;

I.  de bhrí go bhfuil córais uathlathacha agus neamhliobrálacha ag éirí níos géire de réir a chéile ina léirítear a dtoghcháin neamhdhaonlathacha mar fhíorthoghcháin chun dlisteanacht idirnáisiúnta agus intíre a bhaint amach, rud nach bhfuil údar leis mar gheall ar sheoladh neamhdhaonlathach na dtoghchán; de bhrí go n-úsáidtear an dlisteanacht sin ar bhonn intíre chun comhlíonadh agus tacaíocht na ndaoine don réimeas agus dá cheart chun rialú a dhéanamh, agus chun aon fhreasúra i gcoinne an réimis a laghdú agus a neamhdhlisteanú;

J.  de bhrí gur cheart do AE aird ar leith a thabhairt agus rogha á déanamh acu faoin áit ina ndéanfaidh siad breathnóireacht ar thoghcháin ionas nach measfaí é a bheith ina fhórsa dlisteanaithe a thacaíonn le torthaí toghchán neamhdhaonlathach;

K.  de bhrí go gcumasaítear straitéisí dlisteanaithe na réimeas sin le lagú neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smachta reachta agus leis an gcúlú daonlathach foriomlán i réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le seiceálacha éifeachtacha ar fhorfheidhmiú dlíthe diansmachtúla, ar rialú na meán agus ar chur isteach urchóideach ar bhealaí cumarsáide digiteacha;

L.  de bhrí gur comhpháirteanna ríthábhachtacha den cheart chun saoirse tuairimí a nochtadh agus chun faisnéis a fháil iad saoirse agus iolrachas na meán, chomh maith le cumasóirí na sochaithe daonlathacha, saora agus rannpháirteacha; de bhrí go bhfuil trédhearcacht úinéireacht agus chistiú na meán agus coimircí chun iolrachas na meán a áirithiú agus chun an riosca go mbeadh comhchruinniú cumhachta sna meáin, oibreoirí ardán agus idirghabhálaithe idirlín bunriachtanach chun go gcomhlíonfaidh na meáin a ról; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis neamhspleách agus iontaofa; de bhrí go gcruthaíonn scaipeadh na faisnéise bréagaí, na bolscaireachta agus na bréagaisnéise timpeallacht sceipteachais dhomhanda a chuireann saoirse faisnéise agus díospóireacht dhaonlathach i mbaol;

M.  de bhrí go bhfuil bealaí nua agus straitéisí bréag-chomhlíonta forbartha ag réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha chun na costais a bhaineann le comhlíonadh iomlán na gcaighdeán idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán a shárú gan iad a shéanadh go follasach; de bhrí go n-áirítear leis na straitéisí sin tabhairt faoi ghníomhaíochtaí breathnóireachta intíre agus idirnáisiúnta nach gcomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta, amhail breathnóirí toghcháin bréige a imscaradh a chabhraíonn leis an dioscúrsa iarthoghcháin a stiúradh chun tacú le réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha; de bhrí go bhfuil deiseanna teoranta ag saoránaigh i réimis den sórt sin breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin, agus, má dhéanann siad amhlaidh, go ndéanann na réimis gach a bhfuil ar a gcumas chun míchlú a tharraingt ar bhreathnóirí nó chun a n-iarrachtaí a chur i leataobh;

N.  de bhrí go bhfuil réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha ag éirí níos eagraithe níos fearr ina n-iarrachtaí dlisteanacht idirnáisiúnta a thabhairt do thoghcháin bhréige a chéile, trí ghníomhaíochtaí breathnóireachta idirnáisiúnta bréige; de bhrí go rannchuidíonn na réimis sin le creimeadh na muiníne domhanda as institiúidí daonlathacha trí chleachtais chalaoiseacha a chóipeáil, a fhorbairt agus a scaipeadh gan aon agóid; de bhrí go n-úsáideann réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha institiúidí idirnáisiúnta chun a leasa féin freisin, lena n-áirítear chun noirm iomaíochta a chur chun cinn laistigh d’institiúidí rialachais dhomhanda agus chun toghcháin chalaoiseacha a dhlisteanú;

O.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag Misin Bhreathnóireachta AE um Thoghcháin muinín i dtoghcháin a neartú, calaois a dhíspreagadh agus measúnú eolasach agus fíorasach a chur ar fáil ar phróisis toghcháin;

P.  de bhrí gur ghéaraigh déine agus scála na n-ionsaithe i gcoinne breathnóirí toghcháin neamhpháirtíocha — lena n-áirítear ciapadh, clúmhilleadh, bagairtí, sáruithe ar chearta, díbirtí, foréigean fisiciúil agus fiú maruithe — le blianta beaga anuas, rud a chruthaíonn timpeallacht éiginnteachta agus neamhdheimhneachta maidir lena gcuid oibre tábhachtaí; de bhrí go measann AE gur cosantóirí ar chearta an duine iad breathnóirí toghcháin;

Q.  de bhrí go bhfuil teannas idir daonlathais agus réimis fhorlámhacha ag éirí níos geopholaitiúla; de bhrí go n-éilíonn an treocht sin ar AE a ábhair imní dhaonlathacha a ardú go dtí an leibhéal polaitiúil is airde, lena n-áirítear trí comhghuaillíochtaí níos straitéisí a thógáil don daonlathas agus trí chur chun cinn agus cosaint an daonlathais a mheas mar leas straitéiseach agus mar chuid lárnach dá straitéisí geo-eacnamaíocha agus trádála agus trí theacht ar bhealaí nuálacha chun tacú leis na saoránaigh agus iad ag labhairt amach i gcoinne na réimeas uathlathach agus a straitéisí dlisteanaithe;

R.  de bhrí gur cheart do AE cur chuige córasach a ghlacadh maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh, lena n-áirítear trína nasc láidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta a léiriú agus trí aghaidh a thabhairt ar easnaimh toghcháin ar bhealach comhsheasmhach, lena n-áirítear nuair a tharlaíonn siad i ndlúth-thíortha comhpháirtíochta; de bhrí, agus an méid sin á dhéanamh aige, gur cheart do AE díriú ní hamháin ar na próisis toghcháin iad féin, ach freisin ar an gcomhthéacs mórthimpeall orthu agus ar na bunchúiseanna atá leis an dlisteanú forlámhach; de bhrí nár cheart do ghníomhaithe Eorpacha rannchuidiú le toghcháin a dhlisteanú i réimis neamhliobrálacha agus uathlathacha;

1.  ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

  

Feasacht ar an gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin

   (a) gníomhaíochtaí AE níos cinntithí agus níos éifeachtaí a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an ceart chun páirt a ghlacadh a chur chun cinn agus a chosaint, ar ceart uilíoch de chuid an duine é, mar chuid de straitéis i bhfad níos leithne maidir le tacaíocht do chearta an duine agus don daonlathas; a áirithiú go ndéanfaidh na gníomhaíochtaí sin peirspictíochtaí inscne agus cuimsiú grúpaí i gcásanna leochaileacha a phríomhshruthú;
   (b) béim a leagan ar an idirnasc intreach idir an ceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin agus i saoirsí bunúsacha eile, go háirithe na saoirsí gluaiseachta, tuairimí agus tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil agus comhlachais, chomh maith leis an gceart chun bheith saor ó idirdhealú, nach féidir leas éifeachtach a bhaint as an gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an smachta reachta sa mhéid sin;
   (c) aghaidh a thabhairt ar bhealach córasach agus láidir ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag tíortha nach bhfuil san Aontas srian a chur ar theachtadh an chirt chun rannpháirtíochta atá ag mionlaigh, lena n-áirítear mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, agus ag an óige, ag mná, ag grúpaí dúchasacha agus ag grúpaí sóisialta eile; a iarraidh, go háirithe, ar údaráis tíortha nach bhfuil san Aontas faireachán a dhéanamh ar fhuathchaint na n-údarás poiblí agus na n-oifigeach tofa agus bearta agus smachtbhannaí láidre nithiúla a ghlacadh ina coinne chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo cur chuige neamhfhulaingthe i leith an chiníochais agus an idirdhealaithe;
   (d) teagmháil a dhéanamh le tíortha nach bhfuil san Aontas chun timpeallacht inrochtana chumasúcháin a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas, a chuireann ar a gcumas páirt a ghlacadh i saol polaitiúil agus poiblí a bpobal; á thabhairt chun suntais, go háirithe, an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla agus riaracháin ar rannpháirtíocht pholaitiúil trí nósanna imeachta vótála, saoráidí agus ábhair toghcháin a dhéanamh níos inrochtana, trí dheiseanna rannpháirtíochta sa saol polaitiúil agus sa saol poiblí a mhéadú agus trí fheasacht a mhúscailt maidir leis an gceart chun rannpháirtíochta polaitiúla atá ag daoine faoi mhíchumas agus trí shonraí a bhailiú chun an rannpháirtíocht pholaitiúil sin a thomhas;
   (e) an ceart chun páirt a ghlacadh i mbosca uirlisí gníomhaíochta seachtraí an Aontais a chuíchóiriú, ar gá do thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh i dtíortha nach bhfuil san Aontas iad a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le hambasáidí na mBallstát;
   (f) easnaimh i dteachtadh an chirt chun páirt a ghlacadh san Aontas a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, d’fhonn dlisteanacht agus inchreidteacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais sa réimse sin a neartú;
   (g) aitheantas a thabhairt do dhéine na ndeacrachtaí a bhíonn ag daoine a chónaíonn faoi réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis fhíorasach, gan chinsireacht a bhaineann le toghcháin agus í a shainaithint ó bholscaireacht atá urraithe ag an réimeas, lena n-áirítear faisnéis iontaofa maidir le hiarrthóirí, roghanna vótála agus stiúradh an phróisis toghcháin, rud a chuireann srian ar a n-acmhainní chun a mheas an bhfuil toghcháin fíoriomaíoch agus an léirítear roghanna na saoránach sna torthaí, agus obair a dhéanamh chun mí-úsáid acmhainní poiblí agus ceannach vótaí a chosc; creimeadh mheanma an phobail shibhialta mar thoradh ar thoghcháin ionramháilte, neamhthrédhearcacha agus neamhdhlisteanacha a chur san áireamh, ós rud é go gcruthaíonn siad mímhuinín in institiúidí rialtais náisiúnta agus idirnáisiúnta araon;
   (h) aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le rochtain ar oideachas uilíoch agus saor in aisce lena gcumhachtaítear daoine saor-roghanna a dhéanamh i dtoghcháin;
  

Uirlisí agus nósanna imeachta de chuid an Aontais

   (i) cur i gcoinne an scéil atá á chur chun cinn ag réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha go bhfuil sainorduithe acu óna saoránaigh mar thoradh ar fhíorthoghcháin; straitéis dhomhanda chuimsitheach AE a cheapadh, ina leith sin, chun cur i gcoinne na n-uirlisí a úsáideann na réimis sin chun toghcháin a dhlisteanú, amhail breathnóirí bréige agus grúpaí breathnóireachta scáththoghchán, lena n-áirítear ó Bhallstáit agus ó institiúidí an Aontais, amhail roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, in ionad misean caighdeánaithe idirnáisiúnta; a áirithiú go mbeidh níos mó i gceist leis an straitéis sin ná idirphlé agus ráitis imní ón Aontas, agus go mbeidh sí dírithe ar chaighdeáin an daonlathais agus an smachta reachta a fheabhsú sna tíortha lena mbaineann; oibriú le tíortha daonlathacha chun institiúidí idirnáisiúnta a neartú chun cosc a chur ar réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha iad a insíothlú agus úsáid a bhaint astu chun a gcríoch féin;
   (j) an nasc idir obair breathnóireachta toghcháin agus tacaíocht níos leithne AE do chearta an duine agus don daonlathas a neartú trí úsáid a bhaint as uirlisí polaitiúla, tráchtála agus comhair; straitéisí dlisteanaithe forlámhacha toghcháin a mheas mar shiomptóim luatha de threochtaí bunúsacha neamhdhaonlathacha agus freagairt dá réir sin; cur i gcoinne insintí forlámhacha a chuireann an tslándáil agus an daonlathas i gcodarsnacht lena dteorannaítear saoirsí bunúsacha faoi scáth shlándáil an stáit, agus iarrachtaí réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha leas a bhaint as réimsí beartais amhail an aeráid, an spórt agus an fhorbairt idirnáisiúnta chun a ndlisteanacht a threisiú go bréagach;
   (k) iarrachtaí na gcóras uathlathach agus neamhliobrálach chun braistintí bréagacha inmheánacha a chruthú maidir le fíre a dtoghchán bréige; aird ar leith a thabhairt ar mhí-úsáidí ar theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus ar an intleacht shaorga a bhaineann le cúbláil toghcháin, atá á ndéanamh níos mó agus níos mó ag réimis uathlathacha agus neamhliobrálacha chun tionchar diúltach a imirt ar rannpháirtíocht trí bholscaireacht agus bréagaisnéis a scaipeadh agus trí shrianta a chur chun feidhme maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi smaointe agus iarrthóirí an fhreasúra;
   (l) faireachán agus cáineadh a dhéanamh ar ról na gcuideachtaí príobháideacha a dhéanann speisialtóireacht i bhfeachtais bhréagaisnéise agus tairiscint a dhéanamh faoi cheilt cur isteach ar thoghcháin agus tuairimí an phobail a ionramháil i dtíortha nach bhfuil san Aontas; gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh gnóthaí poiblí, na meáin agus cuideachtaí ar líne atá bunaithe san Aontas rannpháirteach san iompraíocht sin agus, ina ionad sin, go n-urramóidh siad go docht an ceart chun príobháideachais agus go seasfaidh siad leis an leibhéal céanna cosanta sonraí i dtíortha comhpháirtíochta agus a cheanglaítear orthu seasamh leo san Aontas faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí(1), go háirithe le linn feachtais toghcháin; a áirithiú go gcloífidh na cuideachtaí sin le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus go dtabharfar chun cuntais iad nuair nach ndéanann siad amhlaidh;
   (m) aghaidh a thabhairt ar úsáid breathnóirí claonta toghcháin chun míchlú a tharraingt ar obair fíormhisean breathnóireachta toghchán idirnáisiúnta agus AE;
   (n) aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le toghcháin bhréagacha a cháineadh agus iad a dhídhlisteanú i súile na bpobal áitiúil; tacú le heagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta, le fórsaí daonlathacha an fhreasúra, le cosantóirí chearta an duine agus leis na meáin, lena n-áirítear trí straitéisí fothaithe acmhainneachta agus cumarsáide, agus trí shonraí a bhailiú maidir le sáruithe ar an gceart páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin; á thabhairt chun suntais go bhfuil trédhearcacht maidir le maoiniú na meán agus meáin atá go hiomlán saor agus neamhspleách ríthábhachtach chun tionchar míchuí a chosc;
   (o) tacaíocht a thabhairt, le linn an timthrialla toghcháin, do bhreathnóirí toghcháin áitiúla a mhéadaíonn a ngníomhaíochtaí creideamh na ndaoine go n-urramófar a gceart chun páirt a ghlacadh i bhfíorthoghcháin, agus na hionsaithe ina gcoinne a cháineadh go géar; tacú le líonraí réigiúnacha agus domhanda breathnóirí saoránach a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht, fothú acmhainneachta agus malartú taithí le grúpaí áitiúla, ar féidir leo cabhrú le cur i gcoinne iarrachtaí réimeas uathlathach agus neamhliobrálach toghcháin a chéile a dhlisteanú;
   (p) faisnéis a phríomhshruthú faoi fhíorthoghcháin agus faoi cheart na ndaoine a bheith rannpháirteach iontu, lena n-áirítear faoi cheart vótála na mionlach uile, i gcomhthéacs na tacaíochta do chearta an duine agus don daonlathú sna tionscadail faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, lena n-áirítear tacaíocht do bhreathnóirí toghcháin mar chosantóirí chearta an duine; tacú le Campas Domhanda um Chearta an Duine chun na críche sin; tacú le cláir arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an gcreat reachtach agus riaracháin do thoghcháin i dtíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do choimisiúin náisiúnta toghcháin;
   (q) úsáid a bhaint as bosca uirlisí taidhleoireachta cultúrtha agus caidrimh chultúrtha idirnáisiúnta an Aontais chun an ceart chun páirt a ghlacadh a neartú, chun cur i gcoinne insintí réimeas uathlathach agus neamhliobrálach lena ndéantar iarracht dlisteanú a dhéanamh ar thoghcháin bhréige agus cultúr uilíoch daonlathach a neartú; cur leis an gcomhar sin le fíor-chomhpháirtíochtaí, go háirithe ós rud é gur obair idir lámha iad trédhearcacht toghcháin a áirithiú, deireadh a chur le trasnaíocht eachtrach agus feabhas a chur ar dhaonlathais, rud a éilíonn réitigh misniúla, nuálacha agus chomhpháirteacha;
   (r) tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do thionscnaimh a bhaineann le hoiliúint breathnóireachta toghchán agus forbairt eolais ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus idirnáisiúnta agus le rannpháirtíocht leis na meáin áitiúla agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tacaíocht agus fothú acmhainneachta do bhreathnóirí toghcháin áitiúla chun cur chuige níos inbhuanaithe a áirithiú maidir le daonlathas a fhorbairt;
   (s) tacú le Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán na Parlaiminte agus lena chuid oibre, go háirithe faoi chuimsiú breathnóireachta toghchán; measúnú a dhéanamh ar conas aghaidh a thabhairt ar an gcás ina bhfuil tíortha ag diúltú cuireadh a thabhairt don Aontas breathnóireacht a dhéanamh ar a dtoghcháin, ar cás é a tharlaíonn go minic;
   (t) dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta toghchán de chuid an Aontais agus de chuid Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) agus iad a áireamh mar chuid bhunriachtanach den chreat foriomlán don chaidreamh idir an tAontas agus an tír lena mbaineann; obair leantach leormhaith a dhéanamh ar na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta AE um thoghcháin, le rannpháirtíocht níos mó ón bParlaimint; a áirithiú go mbeidh ráitis phoiblí AE a bhaineann le toghcháin i dtíortha nach bhfuil san Aontas i gcomhréir go docht le luachanna an Aontais i réimsí an daonlathais, chearta an duine agus na dtoghchán agus go mbeidh siad comhsheasmhach le torthaí mhisin bhreathnóireachta AE um thoghcháin;
   (u) aghaidh a thabhairt ar an gceart páirt a ghlacadh agus gach gné eile a bhainean le sláine toghcháin i dtíortha nach bhfuil san Aontas trí idirphlé AE maidir le cearta an duine; a áirithiú go gcomhlánófar an t-idirphlé sin le mír ina mbeidh eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta rannpháirteach;
   (v) úsáid a bhaint as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky AE) i gcás daoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun páirt a ghlacadh agus ar chaighdeáin toghcháin dhaonlathacha, agus tuilleadh úsáide a bhaint as bearta sriantacha an Aontais chun smachtbhannaí a fhorchur orthu siúd a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta de réir a chéile agus faoi cheilt i dtíortha nach bhfuil san Aontas; a áirithiú go mbeidh fionraí na mbeart sriantach sin ag brath ar fhíorfheabhas a chur ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta sa tír lena mbaineann; machnamh a dhéanamh ar bhearta éifeachtacha agus athchomhairleacha a fhorbairt i gcoinne daoine a bhfuil baint acu le misin bhreathnóireachta toghcháin bhréige, lena n-áirítear feisirí de pharlaimintí náisiúnta, polaiteoirí ó Bhallstáit AE agus ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa;
   (w) aitheantas a thabhairt don ról atá ag misin bhreathnóireachta toghcháin AE agus ESCE ODIHR — lena n-áirítear ról na Parlaiminte — maidir le fianaise a chur ar fáil i dtaobh an bhfuil toghcháin fíor agus an uirlis sin a fheabhsú tuilleadh, lena n-áirítear trína hinfheictheacht a neartú, trí mhisin bhreathnóireachta toghcháin bhréige a cháineadh agus tríd an straitéis chumarsáide a threisiú roimh thoghcháin agus ina ndiaidh; tacaíocht a mhéadú do mhisin fhadtéarmacha breathnóireachta toghcháin, ós rud é go dtarlaíonn cuid de na sáruithe is tromchúisí ar phróisis toghcháin roimh lá na vótála; saineolas teicniúil agus acmhainní iomchuí agus cothrom le dáta a chur ar fáil do mhisin bhreathnóireachta AE um thoghcháin chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann leis na rioscaí nua a bhaineann le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua na faisnéise agus cumarsáide toghcháin;
  

Gníomhaíochtaí AE i bhfóraim idirnáisiúnta

   (x) dlúthchomhar agus comhordú a chur chun cinn idir tíortha daonlathacha, institiúidí iltaobhacha, amhail ESCE ODIHR agus Comhairle na hEorpa, agus na heagraíochtaí a d’fhormhuinigh Dearbhú Prionsabail na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán mar bhealach chun cur i gcoinne dlisteanú toghchán bréige agus breathnóirí bréige ar bhealach níos éifeachtaí i bhfóraim idirnáisiúnta, go háirithe na Náisiúin Aontaithe;
   (y) an smaoineamh maidir le treoirlínte a fhorbairt maidir leis an gceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin i gComhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a chur chun cinn, le rannpháirtíocht níos mó ó eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta; measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé Barúil Ghinearálta Uimh. 25 d’Airteagal 25 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla a fhorbairt agus a chórasú tuilleadh chun fianaise a thabhairt ar an nasc idir an ceart chun páirt a ghlacadh agus cearta an duine agus an daonlathas chun dul i ngleic le dúshláin nua, lena n-áirítear bréagaisnéis ar líne agus teacht chun cinn an údarásaíochais;
   (z) ag cáineadh go mbaintear an bonn de chaighdeáin atá forbartha go hidirnáisiúnta mar chuid d’iarrachtaí dlisteanaithe toghcháin; aird ar leith a thabhairt ar na scéalta lena gcuirtear luachanna malartacha chun cinn mar fhoinse dlisteanachta do thoghcháin nach fíorthoghcháin iad, amhail forlámhas normatach na reachtaíochta náisiúnta thar chaighdeáin forbartha idirnáisiúnta, luachanna reiligiúnacha agus traidisiúnta, tréithe cultúrtha nó cláir oibre ina dtugtar tosaíocht don fhorbairt;
   (aa) na hiarrachtaí a stiúradh chun go mbeidh Dearbhú Prionsabal na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán níos infheicthe agus obair na n-eagraíochtaí sin a d’fhormhuinigh é agus atá gníomhach i mbreathnóireacht toghcháin; machnamh a dhéanamh ar a iarraidh go ndéanfaí nuashonrú ar liosta na n-eagraíochtaí a fhormhuiníonn Dearbhú Prionsabal na Náisiún Aontaithe maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán, d’fhonn a chreidiúnacht a threisiú agus bealach soiléir a bhunú chun idirdhealú a dhéanamh idir fíorghrúpaí breathnóireachta agus breathnóirí bréige; an cur chuige céanna a ghlacadh i leith Líonra Domhanda na bhFaireachán Toghchán Baile; féachaint ar bhealaí chun an bonn a bhaint de dhlisteanacht scátheagraíochtaí agus breathnóirí bréige;
   (ab) sainaithint shainráite breathnóirí toghcháin neamhpháirtíocha idirnáisiúnta agus náisiúnta a chur chun cinn mar chosantóirí chearta an duine laistigh de na fóraim iltaobhacha ábhartha agus mar chuid de theagmháil AE le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus á áitiú go mbeidh na cosaintí is gá ann do bhreathnóirí toghcháin neamhpháirtíocha, ionas gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go neamhspleách agus go sábháilte;

2.  á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(1) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


Éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais ar an Rúis
PDF 142kWORD 55k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 maidir le héifeachtacht smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise (2023/2905(RSP))
P9_TA(2023)0397RC-B9-0453/2023

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Rúis agus an Úcráin, go háirithe ó tháinig géarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022,

–  ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint don 11 phacáiste smachtbhannaí i ndiaidh a chéile i gcoinne na Rúise a ghlac an tAontas ó mhí Feabhra 2022,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar limistéar coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do thuarascáil óna Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 7 Iúil 2023 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais,

–  ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí, ón 24 Feabhra 2022, nuair a chuir an Rúis tús arís lena cogadh foghach neamhdhleathach gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine, gur tháinig athrú ó bhonn ar an staid gheopholaitiúil san Eoraip; de bhrí go ndearna fórsaí na Rúise ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, inar maraíodh na mílte sibhialtach de chuid na hÚcráine, go ndearna siad saoránaigh na hÚcráine a dhíbirt go héigeantach agus a chur i bpríosún go neamhdhleathach sa Rúis agus i gcríocha atá faoi fhorghabháil na Rúise san Úcráin agus go ndearna siad gníomhartha sceimhlitheoireachta ar fud na tíre;

B.  de bhrí, ó rinne an Rúis ionradh iomlán ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, go bhfuil 11 phacáiste smachtbhannaí forchurtha ag AE i gcoinne na Rúise arb é is aidhm dóibh a bonn eacnamaíoch a lagú agus, ar an gcaoi sin, srian a chur lena cumas chun cogadh a fhearadh, lena n-áirítear bearta sriantacha i gcoinne beagnach 1 800 duine aonair agus eintiteas atá freagrach as an gcogadh san Úcráin nó a bhfuil baint acu leis, coisc ar go leor earraí agus seirbhísí a allmhairiú ón Rúis amhail ola agus amhábhair agus toirmeasc ar airm, trealamh míleata agus earraí dé-úsáide a onnmhairiú chuig an Rúis; de bhrí go n-áirítear leis na smachtbhannaí freisin toirmeasc ar gach idirbheart le Banc Ceannais na Rúise, na príomhbhainc Rúiseacha a eisiamh ó chóras teachtaireachtaí airgeadais SWIFT agus fionraí a dhéanamh ar tharchur agus ar dháileadh asraonta bréagaisnéise áirithe de chuid na Rúise atá faoi úinéireacht an stáit nó le tacaíocht an stáit;

C.  de bhrí, ina theannta sin, gur fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí AE i ndáil le Cearta an Duine ar roinnt daoine aonair atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm na Rúise agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil go sealadach ag an Rúis; de bhrí gur ghlac AE smachtbhannaí breise i gcoinne na Bealarúise freisin, mar fhreagairt ar a rannpháirtíocht sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus ar an Iaráin, i ndáil le ladrainn Iaránacha a úsáid i gcogadh na Rúise;

D.  de bhrí go bhfuil dúshláin iomadúla ag baint le tionchar na smachtbhannaí a thomhas, lena n-áirítear an easpa figiúirí agus staitisticí iontaofa; de bhrí go bhfuil sé deacair tionchar smachtbhannaí AE a dheighilt ó thionchar smachtbhannaí na Stát Aontaithe agus smachtbhannaí eile, frithsmachtbhannaí na Rúise agus tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go dtugann formhór na saineolaithe rabhadh, cé go bhfuil na smachtbhannaí ag obair, nach bhfuil a dtionchar dian go leor chun teorainn a chur le cumas na Rúise cogadh a fhearadh ar an Úcráin agus go n-iarrann siad go ndéanfar bearta breise chun raon feidhme agus forfheidhmiú na smachtbhannaí a mhéadú; de bhrí, cé go bhfuil smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise gan fasach, gur cosúil go bhfuil an tionchar ar gheilleagar na Rúise go dtí seo níos lú ná mar a tuaradh ar dtús agus go bhfuil comharthaí imníocha ann go bhfuil éifeachtacht na smachtbhannaí ag dul i léig; de bhrí, mar gheall ar na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, go bhfuil brú curtha ar na daoine atá thíos leo bealaí costasacha a lorg chun dul timpeall ar na smachtbhannaí;

E.  de bhrí go bhfuil caidhpeanna praghais tugtha isteach ag Ballstáit AE, in éineacht le Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, ar amhola muiriompartha, ar olaí peitriliam agus ar olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis; de bhrí gur shocraigh siad na caidhpeanna praghais sin ag USD 60 in aghaidh an bhairille le haghaidh amhola, USD 45 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam lascainithe agus USD 100 in aghaidh an bhairille le haghaidh táirgí peitriliam préimhe; de bhrí go meastar i staidéir éagsúla gur thart ar USD 15 agus USD 20 atá sna costais táirgthe d’amhola na Rúise in aghaidh an bhairille; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil na caidhpeanna praghais atá ann faoi láthair fós ag cumasú brabúis shuntasacha do réimeas Putin;

F.  de bhrí gur tháinig laghdú 38 % ar ioncam onnmhairiúcháin ola agus gáis na Rúise idir Eanáir 2022 agus Eanáir 2023; de bhrí gur tháinig laghdú ar sciar na Rúise d’éileamh gáis na hEorpa ó 45 % in 2021, go 23 % in 2022 agus go dtí faoi bhun 10 % i mí Eanáir 2023; de bhrí, de réir tuarascálacha, go bhfuil méadú tagtha ar mhéid tháirgeadh an gháis nádúrtha leachtaithe (GNL) ón Rúis go dtí na leibhéil is airde riamh; de bhrí, in ainneoin smachtbhannaí AE ar ghual na Rúise, gur tháinig méadú 0,3 % ar tháirgeadh guail na Rúise i gcomparáid le 2021 agus gur shroich sé an leibhéal is airde riamh; de bhrí, ó thús an chogaidh, go bhfuil ioncam EUR 532 bhilliún saothraithe ag an Rúis ó onnmhairí breosla iontaise, agus gurb iad ceannacháin Bhallstáit a bhí i níos mó ná EUR 178 mbilliún de; de bhrí gurbh ionann ioncam ó acmhainní fuinnimh na Rúise agus USD 321 bhilliún in 2022 amháin;

G.  de bhrí gur léir ó mhí Lúnasa 2023 i leith go bhfuil bealaí nua á n-aimsiú ag an Rúis chun dul timpeall ar an uasteorainn praghsanna ar smachtbhannaí ola agus go bhfuil méadú tagtha ar phraghsanna ola na Rúise sna margaí domhanda; de bhrí go raibh an Rúis in ann onnmhairí amhola ón Eoraip a atreorú chuig margaí malartacha amhail an India, an tSín agus Türkiye; de bhrí gur tháinig ardú as cuimse ar allmhairí táirgí peitriliam ón India agus ó náisiúin eile a rinneadh le hola na Rúise, rud a chruthaigh bealach cúldoirse d’ola na Rúise agus a bhain an bonn de thionchar smachtbhannaí AE; de bhrí gur soithí atá faoi úinéireacht AE a d’iompaigh an cion is airde d’amhola na Rúise in 2022 agus in 2023 araon; de bhrí, in 2022, gurbh ionann sciar na n-ioncam ó onnmhairí acmhainní fuinnimh agus aon trian den ioncam iomlán i mbuiséad Chónaidhm na Rúise; de bhrí go bhfuil tionchar láidir ag na smachtbhannaí ar onnmhairiú acmhainní fuinnimh na Rúise ar ioncam stáit na Rúise; de bhrí, tar éis thabhairt isteach na teorann praghais ar ola i mí na Nollag 2022, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar ioncam na Rúise ó onnmhairiú acmhainní fuinnimh i gcomparáid leis na leibhéil réamhchogaidh; de bhrí gur tháinig ioncam ola na Rúise chuige féin sa chéad leath de 2023, ag ardú go dtí an leibhéal is airde ó mhí na Samhna 2022 i leith;

H.  de bhrí nach bhfuil srian ar cheannach GNL na Rúise nó ola de thionscnamh na Rúise ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus, faoi láthair, go bhfuil siad i bhfad os cionn na leibhéal a chonacthas roimh mhí Feabhra 2022; de bhrí gurb í an Rúis an dara soláthróir GNL is mó atá ag AE, agus gurb iad na Stáit Aontaithe amháin atá chun tosaigh uirthi; de bhrí go bhfuil an méadú ar allmhairí GNL ón Rúis contrártha d’aidhm AE deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise; de bhrí go bhfuil an Rúis fós ag saothrú thart ar EUR 690 milliún in aghaidh an lae óna honnmhairí breosla iontaise (sonraí ó mhí Lúnasa 2023); de bhrí go bhfuil AE fós ag seoladh EUR 2 bhilliún in aghaidh na míosa chuig an Rúis le haghaidh breoslaí iontaise; de bhrí, mar gheall ar allmhairí leanúnacha gáis píblíne agus GNL, chomh maith le heisceachtaí éagsúla ar na toirmisc ar allmhairiú amhola agus táirgí ola, go bhfuil AE fós ar cheann de na cliaint is mó atá ag an Rúis do bhreoslaí iontaise;

I.  de bhrí, de réir fhigiúirí oifigiúla na Rúise, gur líomhnaíodh nár tháinig ach laghdú 2,1 % ar gheilleagar na Rúise in 2022, ar laghdú é atá i bhfad níos lú ná mar a bhíothas ag dréim leis in ainneoin a cogaidh foghaidh i gcoinne na hÚcráine agus na smachtbhannaí idirnáisiúnta; de bhrí go measann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ar bhonn fhigiúirí oifigiúla na Rúise, go dtiocfaidh fás 2,2 % ar gheilleagar na Rúise in 2023 agus 1,1 % in 2024; de bhrí gur fhógair an Rúis go ndéanfaí méadú beagnach 70 % ar a buiséad cosanta in 2024 agus go sroichfeadh sé EUR 107 mbilliún, nó 6 % de OTI (suas ó EUR 63 billiún, nó 3,9 % de OTI, in 2023);

J.  de bhrí, mar sin féin, an 1 Samhain 2023, gur iarr Uachtarán na Rúise ar oifigigh aghaidh a thabhairt ar shaincheist an bhoilscithe ard, ag tabhairt rabhaidh go raibh ar gheilleagar na Rúise dul i ngleic le brú méadaithe ó smachtbhannaí an Iarthair; de bhrí go bhfuil an boilsciú fós ard sa Rúis, agus é ag dul in airde de réir mar atá an geilleagar ag dul i ngleic le rúbal níos laige agus caiteachas míleata ar an ionsaí san Úcráin, ar caiteachas é atá ag méadú;

K.  de bhrí go bhfuil laghdú tagtha ar allmhairí AE ón Rúis ó mhí Feabhra 2022; de bhrí, in ainneoin na smachtbhannaí, gurb amhlaidh a mhéadaigh roinnt Ballstát trádáil leis an Rúis ó mhí Feabhra 2022 i leith;

L.  de bhrí go dtairbhíonn roinnt cuideachtaí AE de mhaoluithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle(2) agus, dá bhrí sin, go leanann siad de ghníomhaíochtaí gnó a dhéanamh le heintitis Rúiseacha atá faoi smachtbhannaí airgeadais agus trádála; de bhrí go mbaineann an inniúlacht chun maoluithe a dheonú leis na húdaráis náisiúnta agus nach gcuirtear institiúidí AE ar an eolas ach faoi na maoluithe a dheonaítear, gan an cumas cur ina gcoinne; de bhrí nach bhfuil rochtain ag an bParlaimint ná ag institiúidí eile ar an bhfaisnéis bhunriachtanach sin; de bhrí, leis an gcleachtas maolaithe sin, go laghdaítear go mór an tionchar inmhianaithe atá ag smachtbhannaí AE, agus ar an gcaoi sin go mbaintear a éifeachtacht agus a chreidiúnacht de cheann de phríomhuirlisí bheartas eachtrach AE;

M.  de bhrí, mar iarracht chun cur i gcoinne na smachtbhannaí, go bhfuil an Rúis tar éis dul i muinín tíortha nach bhfuil ag cur smachtbhannaí uirthi, chun teicneolaíocht agus táirgí eile a lorg; de bhrí gur cuireadh bac ar thionchar smachtbhannaí AE ar an Rúis, mar gheall ar an gcaidreamh níos dlúithe idir an Rúis agus an tSín, ó thaobh trádáil fuinnimh agus earraí dé-úsáide araon, chomh maith le tacaíocht taidhleoireachta agus straitéiseach; de bhrí gur baineadh amach an leibhéal trádála is airde riamh a bhí ag an Rúis leis an tSín in 2022 agus 2023; de bhrí go bhfuil an tSín ina foinse anois do thart ar leath d’allmhairí na Rúise, ar méadú é sin ón gceathrú cuid díobh roimh an gcogadh; de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha freisin ar mhéid trádála na Rúise leis an India agus le Türkiye;

N.  de bhrí go bhfuil sé léirithe ag roinnt anailísí ar armra gafa na Rúise go bhfuil an Rúis ag leanúint de chomhpháirteanna criticiúla an Iarthair a allmhairiú mar gheall ar a cumas soláthróirí malartacha agus bealaí malartacha a aimsiú agus go bhfuil méadú ag teacht ar allmhairí príomhearraí amhail leathsheoltóirí, atá ardaithe fiú os cionn na leibhéal a bhí ann roimh na smachtbhannaí; de bhrí go bhfuil roinnt tíortha nach bhfuil ag cur smachtbhannaí uirthi amhail an tSín, Türkiye, Aontas fir1 na nÉimíríochtaí Arabacha, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, roinnt tíortha ón gCugas Theas agus an tSeirbia anois ina moil trína ndéanann eintitis Rúiseacha na táirgí a allmhairíonn siad ón Aontas i dtreo na Rúise a athródú nó bealaí malartacha a sholáthar chun earraí dé-úsáide agus teicneolaíocht agus trealamh de dhéantús eachtrach a allmhairiú;

O.  de bhrí, i mí na Nollag 2022, gur cheap an tAontas David O’Sullivan ina Thoscaire Speisialta Idirnáisiúnta um Chur Chun Feidhme Smachtbhannaí AE; de bhrí gur áiríodh uirlis shonrach frith-imchéimniúcháin sa phacáiste smachtbhannaí is déanaí a glacadh i mí an Mheithimh 2023;

P.  de bhrí nach bhfuil Rosatom agus earnáil fuinnimh núicléach na Rúise curtha san áireamh fós sna pacáistí smachtbhannaí; de bhrí go raibh Rosatom, trína fhochuideachtaí, ag soláthar allmhairí criticiúla teicneolaíochtaí agus ábhar don choimpléasc míleata-tionsclaíoch de chuid na Rúise; de bhrí, le linn 2022-2023, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag na Ballstáit maidir lena spleáchas ar thionscal núicléach na Rúise a laghdú;

Q.  de bhrí gur thíolaic an Coimisiún, an 2 Nollaig 2022, togra le haghaidh treoir maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais(3), d’fhonn imscrúdú, ionchúiseamh agus pionósú sáruithe ar smachtbhannaí AE a éascú i ngach Ballstát;

R.  de bhrí go mbíonn daoine de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus daoine de lucht freasúra na Rúise atá ar deoraíocht in AE ag streachailt leis an tionchar díréireach atá ag roinnt de na smachtbhannaí ar a saol laethúil ar bhealach nach bhfreagraíonn don chuspóir atá á shaothrú ag beartas smachtbhannaí AE ach a bhaineann an bonn ó inchreidteacht AE;

1.  á athdhearbhú go gcáineann sí, go neamhbhalbh, cogadh foghach neamhdhleathach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine agus rannpháirtíocht réimeas Lukashenka sa Bhealarúis; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Rúis deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata uile san Úcráin agus gach fórsa agus trealamh míleata a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, deireadh a chur le díbirt éigeantach shibhialtaigh na hÚcráine agus gach Úcránach atá faoi choinneáil agus a díbríodh a scaoileadh saor, go háirithe leanaí;

2.  á chur i bhfios go láidir gurb é cuspóir smachtbhannaí AE mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine bonn eacnamaíoch agus tionsclaíoch na Rúise a lagú go straitéiseach, go háirithe an coimpléasc tionsclaíoch míleata, chun an bonn a bhaint ó chumas Chónaidhm na Rúise leanúint den chogadh, d’ionsaí a dhéanamh ar an bpobal sibhialtach agus d’iomláine chríochach na hÚcráine a shárú, agus chun bac a chur ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí agus comhpháirteanna míleata agus chun díriú ar scothaicmí polaitiúla agus eacnamaíocha na Rúise chun an bonn a bhaint óna dtacaíocht don réimeas;

3.  á mheabhrú go mbraitheann éifeachtacht smachtbhannaí idirnáisiúnta ar dhaingne, comhtháthú, comhar, macántacht agus urraim do ghealltanais na stát a ghlac iad; á iarraidh ar na Ballstáit sócmhainní eachtracha Rúiseacha atá á gcoinneáil ina ndlínsí a shainaithint go soiléir agus a áirithiú go ndéanfar iad a bhaint go héifeachtach chun nach mbeidh rochtain ag eintitis Rúiseacha orthu; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cur chuige níos comhchuibhithe agus le trédhearcacht níos fearr maidir le suíomh agus méideanna na sócmhainní reoite a thuairisciú;

4.  á chur i bhfios go láidir, ós rud é gur ionstraim beartais eachtraigh iad smachtbhannaí AE ar an Rúis, a bhfuil sé mar aidhm léi deireadh a chur le cogadh neamhdhleathach, go bhféadfaí imchéimniú na srianta onnmhairiúcháin sin ar earraí atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de, i gcásanna tromchúiseacha áirithe, a mheas agus a ionchúiseamh mar chomhpháirteachas i gcoireanna cogaidh na Rúise;

5.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit maoirseacht ar chur chun feidhme smachtbhannaí a threisiú agus a lárú, ar leibhéal AE, agus sásra um chosc ar imchéimniú smachtbhannaí agus um fhaireachán smachtbhannaí a fhorbairt chun teorainn a chur le cumas na Rúise smachtbhannaí a imchéimniú; á iarraidh ar údaráis na mBallstát comhoibriú níos dlúithe le chéile maidir le himscrúduithe ar sháruithe ar smachtbhannaí agus ar imchéimniú smachtbhannaí agus iarmhairtí na sáruithe sin a léiriú trí sháruithe ar smachtbhannaí AE a chosc agus/nó a ionchúiseamh go dinimiciúil agus go tréan; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtiocfadh institiúidí AE ar chomhaontú tapa maidir le treoir uaillmhianach i ndáil leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur cheart go leanfadh pionóis de bheith comhréireach ach go mbeidís ard go leor freisin chun éifeacht dhíspreagthach a bheith acu; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena leathnaítear cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun coir an tsáraithe ar bhearta sriantacha an Aontais a chur san áireamh, lena gceadófaí comhchuibhiú níos fearr agus ionchúiseamh comhsheasmhach agus aonfhoirmeach na gcoireanna sin ar fud an Aontais;

6.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an trádáil leanúnach earraí atá criticiúil ó thaobh an chogaidh de idir Ballstáit agus an Rúis; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil cultúr comhlíonta maidir leis an rialacha a bhaineann le smachtbhannaí AE ar an Rúis go mór in easnamh; ag cáineadh an chleachtais lena ndíoltar earraí ón Aontas atá faoi smachtbhannaí le cuideachtaí nó le daoine aonair ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus lena seoltar go díreach ó AE chuig an Rúis iad ina dhiaidh sin; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit córais a chur ar bun trínar féidir faisnéis maidir le hidirbhearta a roinnt ar bhealach níos éifeachtaí chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na smachtbhannaí a bhaineann le hearraí míleata agus earraí dé-úsáide; á iarraidh ar údaráis na mBallstát an fhaisnéis agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do chuideachtaí chun feabhas a chur ar chomhlíonadh smachtbhannaí AE agus chun dul i dteagmháil leis na cuideachtaí a bhfuil a dtáirgí á n-onnmhairiú chuig an Rúis chun an baol go sárófaí rialuithe onnmhairiúcháin i ngan fhios dóibh féin a íoslaghdú; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar chomhlíonadh srianta onnmhairiúcháin ag cuideachtaí ar earraí liostaithe agus pionóis athchomhairleacha a fhorchur;

7.  á iarraidh ar na Ballstáit rialuithe onnmhairiúcháin a leathnú chun níos mó catagóirí earraí a chumhdach, chun rialuithe onnmhairiúcháin a ailíniú ar fud dlínsí agus chun bearta a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach chun bealaí éalaithe a dhúnadh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bearta ar leith a dhéanamh chun cosc a chur ar tháirgí ardteicneolaíochta atá á n-onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad críochnú sa Rúis, agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar fhorbairtí chun an chaoi a n-oibríonn scéimeanna imchéimnithe smachtbhannaí a shainaithint agus chun na córais smachtbhannaí a oiriúnú dá réir;

8.  ag tathant ar chuideachtaí ón Aontas, ó thíortha is iarrthóirí AE agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha a gcuid oibríochtaí a tharraingt siar ón Rúis agus dícheall ar leith a dhéanamh nuair atá earraí á n-onnmhairiú acu a bhfuil toirmeasc orthu a onnmhairiú chuig an Rúis; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór go mbeadh cuideachtaí AE agus a bhfochuideachtaí a mheastar a bheith ag sárú bhearta sriantacha AE neamh-incháilithe do chistiú, lena n-áirítear le haghaidh tairiscintí agus cineálacha eile cistiúcháin mar chuid den tSaoráid don Úcráin agus de chláir atógála eile san Úcráin; á mheas nár cheart go mbainfeadh na cuideachtaí a úsáideann maoluithe ar chur i bhfeidhm smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise, agus, dá réir sin, a choinníonn gníomhaíochtaí gnó leis an Rúis, tairbhe as aon chistí AE, as cúnamh teicniúil ná as rannpháirtíocht i dtionscadail arna gcistiú ag AE; á mheas gur cheart na cuideachtaí sin a chur go huathoibríoch ar an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh agus gur cheart a stádas ar uirlis scórála riosca Arachne a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin; á chreidiúint gur cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal céanna, mutatis mutandis, maidir le soláthar poiblí, nár cheart, faoina réir, cead a thabhairt do ranna rialtais ná d’údaráis áitiúla obair, earraí nó seirbhísí a cheannach ó chuideachtaí de mhaolú ar smachtbhannaí AE faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle;

9.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar chumarsáid straitéiseach AE maidir le smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise, agus bréagaisnéis faoi na smachtbhannaí sin a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur leis na hiarrachtaí chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi bhearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise, go háirithe a gcuspóir, agus leas a bhaint, ina leith sin, as taithí Toscaire Smachtbhannaí an Aontais maidir le cur ina luí ar chomhpháirtithe idirnáisiúnta, ar eagraíochtaí agus ar phríomhthionscail an gá atá le cosc a chur ar imchéimniú iarrachtaí arb é is aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar an ioncam atá ar fáil chun leanúint de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

10.  ag tathant ar gach tír is iarrthóir agus ar gach tír is iarrthóir ionchasach ar aontachas AE ailíniú docht a dhéanamh le smachtbhannaí AE i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar chomhartha ar a n-ullmhacht chun oibleagáidí bhallraíocht AE a ghlacadh;

11.  ag cáineadh iompar na stát, na soláthraithe seirbhísí dlí, na n-eintiteas eile agus na ndaoine aonair a chuidíonn leis an Rúis chun éifeachtaí smachtbhannaí AE a sheachaint; á mheabhrú gurb ionann sárú na smachtbhannaí agus coir ar leibhéal AE é, agus go bhfuil tionchar tromchúiseach aige ar leasanna airgeadais AE; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE, lena n-áirítear Toscaire Smachtbhannaí an Aontais , dlús a chur lena gcuid oibre chun seachaint agus teacht timpeall smachtbhannaí AE ar an Rúis a theorannú, lena mbaintear an bonn go mór ó éifeachtacht smachtbhannaí AE agus lena gcuirtear bac ar iarrachtaí idirnáisiúnta chun deireadh a chur leis an gcogadh; á chur i bhfáth nach mór na sócmhainní a coigistíodh mar thoradh ar shárú ar smachtbhanna a úsáid chun íospartaigh ionsaí na Rúise a chúiteamh, agus chun an bonneagar a atógáil agus a athchóiriú faoi Shaoráid na hÚcráine; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit athmheasúnú a dhéanamh ar a gcaidreamh le tíortha nach ndéanann iarrachtaí leordhóthanacha chun imghabháil agus imchéimniú smachtbhannaí AE ar an Rúis a theorannú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cúnamh airgeadais a thugtar do na tíortha sin agus aon rochtain fhabhrach ar mhargaí AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go bhfuil ceilteanas á dhéanamh ag an Asarbaiseáin agus tíortha eile maidir le gás ón Rúis; ag tathant ar AE agus a Bhallstáit úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil chun a chur ina luí ar rialtas na hAsarbaiseáine scor de bheith i gclaonpháirt le réimeas na Rúise;

12.  á iarraidh ar institiúidí AE agus na Ballstáit uile rannchuidiú go gníomhach le haontacht maidir le smachtbhannaí a choinneáil agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí foráil chórasach do thréimhsí athnuachana do gach córas smachtbhannaí a bhaineann le gníomhaíochtaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar feadh tréimhse nach lú ná dhá mhí dhéag agus tuilleadh pacáistí smachtbhannaí a ghlacadh a mbeidh sé mar aidhm leo teorainn a chur go straitéiseach ar chumas na Rúise a feachtas cogaidh a mhaoiniú; ag tacú leis an Ardionadaí leanúint de bheith ag rannchuidiú le haontacht fhadtéarmach agus le héifeachtacht mhéadaithe trí leas cuí a bhaint as a cheart chun tograí a thíolacadh;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a léirmhíniú ar smachtbhannaí as a n-eascraíonn urghabháil agus coigistiú earraí agus feithiclí le haghaidh úsáid phearsanta amháin; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn ó sprioc agus ionstraim na smachtbhannaí leis an ró-chomhlíonadh sin;

14.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit comhordú a neartú agus a mhéadú maidir le forfheidhmiú na smachtbhannaí atá ann cheana ar onnmhairí ola na Rúise; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit margadh AE do bhreoslaí iontaise de thionscnamh na Rúise a dhúnadh go hiomlán; á iarraidh go ndéanfaí tástáil chomhchuibhithe ar thionscnamh allmhairí breoslaí iontaise, GNL agus breosla iontaise scagtha chun cosc a chur ar athonnmhairiú fhuinneamh na Rúise chuig AE;

15.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit oibriú le G7 chun an chaidhp phraghais ar ola na Rúise agus ar tháirgí peitriliam a ísliú go substaintiúil, toirmeasc iomlán a fhorchur ar allmhairí GNL agus GPL na Rúise isteach san Aontas agus ar allmhairiú breosla agus táirgí peitriliam eile ó thíortha nach bhfuil san Aontas más rud é gur táirgeadh na táirgí sin trí úsáid a bhaint as ola na Rúise agus toirmeasc a chur ar loingsiú onnmhairí ola na Rúise agus GNL trí chríoch AE; á iarraidh ar AE uasteorainneacha praghais agus méide a thabhairt isteach ar allmhairí leasacháin ón Rúis agus ón mBealarúis isteach san Aontas;

16.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí a fhorchur ar phríomhchuideachtaí ola uile na Rúise, ar Gazprombank, ar a bhfochuideachtaí agus ar a mboird agus a mbainistíocht; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise ar allmhairí alúmanaim a leathnú agus smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcoinne thionscadal Arctic-2 GNL; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit srian ar sheirbhísí tancaer agus trádbhac ar dhíol tancaer leis an Rúis a mholadh, chomh maith le srian ar sheirbhísí árachais Eorpacha do thancaeir má úsáidtear iad sin chun ola na Rúise a onnmhairiú; á iarraidh ar thíortha Chomhghuaillíocht na Caidhpe Praghais toirmeasc a chur ar thrasloingsiú ola agus GNL na Rúise trína n-uiscí críochacha agus trína limistéir eacnamaíocha eisiacha; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit forfheidhmiú na caidhpe praghais ar ola agus comhlíonadh caidhpe praghais a neartú, go háirithe trína cheangal nach féidir fianuithe praghais le haghaidh lastaí ola Rúiseacha a eisiúint ach amháin ag liosta bán de thrádálaithe formheasta agus trína cheangal ar gach tancaer atá ar idirthuras ar uiscí teorann na hEorpa a fhíorú go bhfuil árachas leordhóthanach doirte ola (‘P&I’) acu;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go ndéanfaí na smachtbhannaí a leathnú chun toirmeasc iomlán ar mhargú agus gearradh diamant de thionscnamh na Rúise nó arna n-athonnmhairiú ag an Rúis in AE a áireamh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí a fhorchur ar an gcuideachta Alrosa atá faoi úinéireacht stáit agus córais a thabhairt isteach ar an iomlán chun tionscnamh na ndiamant a rianú bunaithe ar theicneolaíochtaí nua;

18.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit deireadh a chur a luaithe is féidir leis an gcomhar le Rosatom, a cheannairí agus a fhochuideachtaí, agus an comhar sin a laghdú go dtí an méid a bhfuil fíorghá leis ar mhaithe le slándáil fuinnimh an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Ghníomhaireacht Soláthair Euratom scrúdú a dhéanamh ar an gcomhar reatha le Rosatom agus tacaíocht a chur ar fáil chun roghanna malartacha féideartha a chur in ionad bhreosla, páirteanna spártha agus seirbhísí na Rúise, agus taithí rathúil na hÚcráine á cur san áireamh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit cosc a chur ar shoithí de chuid fhochuideachta Rosatom Atomflot dul isteach i gcalafoirt AE agus an brú idirnáisiúnta a threisiú chun deireadh a chur le forghabháil Ghléasra Cumhachta Núicléiche (NPP) Zaporizhya agus sábháilteacht gléasraí cumhachta núicléiche atá buailte ag coinbhleacht a áirithiú ar bhonn níos leithne; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit toirmeasc a chur ar tháirgí núicléacha na Rúise a allmhairiú;

19.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an Rúis in ann líon suntasach de na comhpháirteanna ríomhaireachta is gá a fháil chun diúracáin bhalaistíocha agus chúrsála a tháirgeadh trína clár spáis (Roscosmos) a úsáid mar mhodh chun teicneolaíochtaí a fháil ar teicnolaíochtaí iad a bhfuil feidhmeanna sibhialta agus míleata araon leo; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit scor láithreach de na comhpháirteanna sin a sheachadadh chuig an Rúis agus bearta breise a ghlacadh a chuirfeadh isteach tuilleadh ar shlabhra soláthair míleata na Rúise agus a dhíreodh ar ghníomhaithe seachtracha atá ag iarraidh tacú le hiarracht chogaidh na Rúise, lena n-áirítear trí ladrainn agus diúracáin a tháirgeadh;

20.  á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bealaí dlíthiúla a aimsiú lena gceadaítear sócmhainní Rúiseacha calctha a choigistiú agus lena n-úsáid maidir le hatógáil na hÚcráine agus cúiteamh d’íospartaigh ionsaí na Rúise; á chur in iúl gur geal léi an fógra ó Rialtas na Beilge maidir le cáin a ghearradh ar na fáltais a fhaightear ó na sócmhainní doghluaiste atá faoi úinéireacht na Rúise atá i seilbh Euroclear;

21.  á iarraidh go ndéanfar na bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise a ailíniú go hiomlán leo siúd atá i bhfeidhm i gcoinne na Rúise faoi láthair toisc go bhfuil réimeas Lukashenka comhpháirteach go mór i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

22.  á iarraidh ar SEGS, i gcomhar leis an gCoimisiún, athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar smachtbhannaí AE i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tograí a thíolacadh maidir le conas tuilleadh feabhais a chur ar ullmhú, cothabháil, forfheidhmiú agus cur chun feidhme smachtbhannaí AE, agus ar chomhordú smachtbhannaí AE le comhghuaillithe trasatlantacha, comhpháirtithe G7 agus G20, comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, agus comhaltaí na Náisiún Aontaithe i gcoitinne; ag athdhearbhú a seasaimh maidir le comhar láidir trasatlantach a chothabháil idir AE agus na Stáit Aontaithe maidir le smachtbhannaí, lena gcuirtear deireadh le haon lúb ar lár a d’fhéadfadh a chur ar chumas na Rúise smachtbhannaí a sheachaint agus rialuithe onnmhairiúcháin a chuíchóiriú;

23.  á iarraidh ar an gComhairle dlús a chur lena cuid oibre chun teacht ar chomhaontú maidir leis an rialachán atá beartaithe maidir le bearta sriantacha i gcoinne gníomhartha tromchúiseacha éillithe a ghlacadh go pras; á iarraidh ar an gComhairle smachtbhannaí a fhorchur go mear faoin gcóras nua sin ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as gníomhartha éillithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus arb é is aidhm dóibh tacú le réimeas na Rúise;

24.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún trédhearcacht agus gairmiúlacht a mhéadú maidir leis an mbealach ina ndéantar daoine a shainaithint ar cheart díriú orthu nó iad a scaoileadh ó smachtbhannaí pearsanta; á athdhearbhú go ndéantar dochar leis an modus operandi reatha do chlú an chórais smachtbhannaí atá ann faoi láthair;

25.  á thabhairt chun suntais, leis na teorainneacha ar éifeachtacht na smachtbhannaí, go leagtar béim ar an ngá atá le cur chuige níos cuimsithí i leith na Rúise; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí smachtbhannaí AE i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a leabú i straitéis chuimsitheach pholaitiúil agus taidhleoireachta i leith na Rúise lena n-áirítear freisin tacaíocht d’fhreasúra na Rúise atá ar deoraíocht, don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleácha atá i gcoinne an chogaidh, do chomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le cur isteach na Rúise ar phróisis dhaonlathacha agus ar choinbhleachtaí idirnáisiúnta a chomhrac, agus do chomhar iltaobhach éifeachtach chun bac nó mí-úsáid na Rúise ar institiúidí nó sásraí iltaobhacha a fhritháireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha d’ionadaithe de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus na Bealarúise agus d’ionadaithe de lucht freasúra na Rúise agus na Bealarúise atá ar deoraíocht, ós rud é nach rannchuidíonn na hiarmhairtí sin le cuspóir sonraithe na smachtbhannaí a bhaint amach, eadhon teorainn a chur le cumas na Rúise a cogadh foghach a fhearadh ar an Úcráin;

26.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an Uachtarán, chuig rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus chuig údaráis na Rúise agus na Bealarúise.

(1) IO L 308, 29.11.2022, lch. 18.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).
(3) Togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (COM(2022)0684).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais