Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (COM(2022)0122 – C9-0122/2022 – 2022/0085(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0122),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 298 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0122/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Meán Fómhair 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0064/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Samhain 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE, Euratom) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhcoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841.)
Clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár maidir le doiciméid ghabhála i gcomhair an tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 (COM(2020)0670 – C9-0336/2020 – 2020/0302(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0670),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0336/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Eanáir 2021(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Meán Fómhair 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0172/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Samhain 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm (Thunnus thynnus) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 640/2010
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/2833.)
Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 16 Feabhra 2022 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0027).
Rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn
242k
90k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (COM(2023)0155 – C9-0117/2023 – 2023/0083(COD))(1)
(1) Is é an cuspóir atá le Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á bhaint amach ag an am céanna. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais, is é an cuspóir atá leis an Treoir seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus tomhaltas níos inbhuanaithe á chur chun cinn ag an am céanna, agus ar an gcaoi sin comhlánaíonn sí an cuspóir a shaothraítear le Treoir (AE) 2019/771.
(1) Is é is cuspóir do Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á bhaint amach ag an am céanna chomh maith le ciorclaíocht mhéadaithe laistigh den gheilleagar. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais, is é is cuspóir don Treoir seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus tomhaltas níos inbhuanaithe á chur chun cinn ag an am céanna, agus comhlánaíonn sí, dá bhrí sin, an cuspóir a shaothraítear le Treoir (AE) 2019/771.
__________________
__________________
12 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).
12 Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).
Leasú 2 Togra le haghaidh treorach Aithris 3
(3) Chun diúscairt roimh am earraí inmharthana a cheannaíonn tomhaltóirí a laghdú agus chun tomhaltóirí a spreagadh a gcuid earraí a úsáid níos faide, is gá rialacha a leagan amach maidir le deisiú na n-earraí sin. Ba cheart tomhaltas níos inbhuanaithe a bheith mar thoradh ar dheisiú, ós rud é gur dócha go nginfear níos lú dramhaíola de bharr earraí a dhiúscairt, níos lú éilimh ar acmhainní, lena n-áirítear fuinneamh, mar thoradh ar an bpróiseas lena ndéantar earraí nua a mhonarú agus a dhíol le cur in ionad earraí lochtacha, chomh maith le níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Cuireann an Treoir seo tomhaltas inbhuanaithe chun cinn d’fhonn sochair a bhaint amach don chomhshaol agus, ag an am céanna, sochair a bhaint amach do thomhaltóirí trí chostais a bhaineann le ceannacháin nua a sheachaint sa ghearrthéarma.
(3) Chun laghdú a dhéanamh ar dhiúscairt roimh am na n-earraí inmharthana a cheannaíonn tomhaltóirí agus chun tomhaltóirí a spreagadh úsáid níos faide a bhaint as a gcuid earraí, is gá ceart chun deisiúcháin na dtomhaltóirí a neartú, trínar féidir le tomhaltóirí deisiú atá ar ardcháilíocht agus inacmhainne a lorg óna rogha soláthraí. Ba cheart tomhaltas inbhuanaithe a bheith mar thoradh ar dheisiú, lena n-urramaítear teorainneacha pláinéadacha ós rud é gur dócha gur lú dramhaíl a ghinfear leis, dramhaíl ar ann di de thoradh earraí a dhiúscairt, gur lú éileamh a bheidh ar acmhainní, lena n-áirítear fuinneamh, mar thoradh ar an bpróiseas lena ndéantar earraí nua a mhonarú agus a dhíol agus a chuirtear in ionad earraí lochtacha, chomh maith le níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Cuireann an Treoir seo tomhaltas inbhuanaithe chun cinn d’fhonn sochair a bhaint amach don chomhshaol, trí shaolré táirgí a chur chun cinn lena n-áirítear athúsáid, deisiú agus athchóiriú, agus sochair á soláthar léi freisin do thomhaltóirí trí chostais a bhaineann le ceannacháin nua a sheachaint sa ghearrthéarma.
Leasú 3 Togra le haghaidh treorach Aithris 4 a (nua)
(4a) Tá réimse leathan gnéithe i gceist le hiompraíocht tomhaltóirí. Agus rogha á déanamh idir earra a dheisiú nó a cheannach nua, bíonn ról tábhachtach ag critéir ar an gcinneadh, amhail éifeachtúlacht eacnamaíoch, marthanacht, a ghaireacht do sheirbhís deisiúcháin, agus an t-am a theastaíonn chun deisiúchán a dhéanamh. D’fhéadfadh bacainní éagsúla cosc a chur ar thomhaltóirí ó dheisiú a roghnú, amhail neamh-infhaighteacht faisnéise maidir le hindeisitheacht táirge agus earra á cheannach, easpa rochtana ar pháirteanna spártha, easpa faisnéise maidir le seirbhísí deisiúcháin, agus costais an deisithe. I dteannta na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart bearta múscailte feasachta chun cultúr deisiúcháin a chur chun cinn, feabhas a chur ar eolas na dtomhaltóirí ar chothabháil chuí agus cúram cuí táirgí agus eolas ar na cearta atá acu cheana, lena n-áirítear ó thaobh ráthaíocht dhlíthiúil de, chomh maith le dreasachtaí airgeadais do thomhaltóirí, do tháirgeoirí agus do dheisitheoirí a chur chun cinn agus a chothú ar bhealach coibhéiseach.
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 6
(6) Ba cheart go gcuimseodh ceanglais indeisitheachta na ceanglais uile faoi ghníomhartha dlí an Aontais lena n-áirithítear gur féidir earraí a dheisiú, lena n-áirítear ceanglais faoin gcreat éicidhearthóireachta dá dtagraítear i Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], ach gan a bheith teoranta dóibh, chun raon leathan táirgí a chumhdach chomh maith le forbairtí a dhéanfar amach anseo in aon réimse eile de dhlí an Aontais.
(6) Ba cheart do cheanglais indeisitheachta na ceanglais uile faoi ghníomhartha dlí an Aontais a chuimsiú lena n-áirithítear gur féidir earraí a dheisiú, lena n-áirítear ceanglais faoin gcreat éicidhearthóireachta dá dtagraítear i Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], ach gan a bheith teoranta dóibh sin, chun raon leathan táirgí chomh maith le forbairtí a dhéanfar amach anseo a chumhdach.
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 7
(7) Chun cabhrú le tomhaltóirí seirbhísí oiriúnacha deisithe a shainaithint agus a roghnú, ba cheart faisnéis bhunriachtanach maidir le seirbhísí deisiúcháin a thabhairt do thomhaltóirí. Ba cheart príomhpharaiméadair a mbíonn tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí agus iad ag breithniú ar chóir earraí lochtacha a dheisiú a leagan síos leis an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú. Ba cheart formáid chaighdeánaithe shamplach a leagan amach sa Treoir seo. Le formáid chaighdeánaithe chun seirbhísí deisiúcháin a chur i láthair, ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin agus iad a chur i gcomparáid le chéile go héasca. Ba cheart go n-éascódh formáid chaighdeánaithe den sórt sin an próiseas chun faisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí deisiúcháin, go háirithe do mhicrifhiontair, do ghnólachtaí beaga agus do ghnólachtaí meánmhéide a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin. Chun ualaí breise a sheachaint mar gheall ar cheanglais fhorluiteacha maidir le faisnéis réamhchonarthach, ba cheart a mheas go bhfuil na ceanglais chomhfhreagracha faisnéise a bhaineann le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais comhlíonta ag deisitheoir, i gcás inarb infheidhme, más rud é go bhfuil an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú líonta isteach i gceart agus curtha ar fáil don tomhaltóir. Ba cheart faisnéis san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/88214.
(7) Chun cabhrú le tomhaltóirí seirbhísí oiriúnacha deisiúcháin a shainaithint agus a roghnú, ba cheart do thomhaltóirí faisnéis bhunriachtanach maidir le seirbhísí deisiúcháin a fháil. Ba cheart don Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú príomhpharaiméadair a leagan síos a bhfuil tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí agus breithniú á dhéanamh acu i dtaobh earraí lochtacha a dheisiú. Ba cheart don Treoir seo formáid chaighdeánaithe shamplach a leagan amach. Ba cheart d’fhormáid chaighdeánaithe chun seirbhísí deisiúcháin a chur i láthair, lamháil do thomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin agus iad a chur i gcomparáid le chéile go héasca. Ba cheart don fhormáid chaighdeánaithe sin éascú a dhéanamh ar an bpróiseas chun faisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí deisiúcháin, go háirithe i gcás micrifhiontar, gnólachtaí beaga agus gnólachtaí meánmhéide a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin. Ba cheart an fhaisnéis atá san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a chur ar fáil do thomhaltóirí ar bhealach soiléir sothuigthe agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/88214.
__________________
__________________
14 Treoir 2019/882/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
14 Treoir 2019/882/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
Leasú 6 Togra le haghaidh treorach Aithris 8
(8) Ba cheart saor-rogha an tomhaltóra cinneadh a dhéanamh cé a dhéanfaidh a chuid earraí a dheisiú a éascú tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a iarraidh ní hamháin ar an táirgeoir, ach freisin ar dhíoltóir na n-earraí lena mbaineann nó ar na deisitheoirí neamhspleácha, i gcás inarb infheidhme. Níor cheart do dheisitheoirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a chur ar fáil ach amháin i gcás ina n-iarrann an tomhaltóir an fhoirm sin agus ina bhfuil sé beartaithe ag an deisitheoir an tseirbhís deisiúcháin a sholáthar nó ina bhfuil sé d’oibleagáid air í a dheisiú. Féadfaidh tomhaltóir a roghnú freisin gan an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh agus conradh a thabhairt i gcrích chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar le deisitheoir de bhun faisnéis réamhchonarthach arna soláthar ar mhodhanna eile i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15.
(8) Ba cheart saor-rogha an tomhaltóra cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé a dheisíonn a chuid earraí a éascú tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a chuirtear ar fáil go deonach ní hamháin ón táirgeoir, ach freisin ó dhíoltóir na n-earraí lena mbaineann nó ó deisitheoirí neamhspleácha, i gcás inarb infheidhme. Níor cheart do dheisitheoirí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a chur ar fáil ach ar bhonn deonach amháin. Féadfaidh tomhaltóir freisin conradh maidir le soláthar seirbhísí deisiúcháin a thabhairt i gcrích le deisitheoir de bhun faisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear ar mhodhanna eile i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15.
__________________
__________________
15 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64–88).
15 Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64–88).
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 9
(9) Tá cásanna ann ina dtabhaíonn deisitheoir costais is gá chun an fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi phraghas atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an deisitheoir iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí le bheith in ann an fabht nó an cineál deisiúcháin is gá a chinneadh, lena n-áirítear an gá atá le páirteanna spártha, agus an praghas deisiúcháin a mheas. Sna cásanna sin, ní féidir le deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir ach na costais is gá a íoc chun an fhaisnéis atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar. I gcomhréir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach agus le ceanglais eile a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE, ba cheart don deisitheoir an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na costais sin sula n-iarrfaidh an tomhaltóir go soláthrófaí an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Féadfaidh tomhaltóirí gan an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a iarraidh i gcás ina measann siad go bhfuil na costais a bhaineann leis an bhfoirm sin a fháil ró-ard.
(9) Tá cásanna ann ina dtabhaíonn deisitheoir costais a bhfuil gá leo chun an fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi phraghas atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a sholáthar. Ba cheart muirearú na gcostas sin a bheith teoranta do chásanna ina bhféadfadh sé go mbeadh ar an deisitheoir iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí chun bheith ábalta an locht nó an cineál deisiúcháin is gá a chinneadh, lena n-áirítear an gá atá le páirteanna spártha, agus an praghas deisiúcháin a mheas. Sna cásanna sin, ní fhéadfaidh deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir ach na costais is gá a íoc chun an fhaisnéis sin atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a sholáthar. Níor cheart do na costais sin a bheith ina gconstaic ar an gcuid eile den phróiseas deisiúcháin ar bhealach ar bith ná tionchar athchomhairleach a bheith acu ar an deisiú i gcoitinne. I gcomhréir leis an bhfaisnéis réamhchonarthach agus le ceanglais eile a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE, ba cheart don deisitheoir an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na costais sin sula n-iarrann an tomhaltóir an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a sholáthar. Féadfaidh tomhaltóirí staonadh ón Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a fháil i gcás ina measann siad go bhfuil na costais a bhaineann leis an bhfoirm sin a fháil ró-ard.
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 11
(11) Le Treoir (AE) 2019/771 forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann an tráth a seachadadh na hearraí agus a thagann chun solais laistigh den tréimhse dliteanais. Faoin Treoir sin, níl tomhaltóirí i dteideal lochtanna atá lasmuigh den oibleagáid sin a dheisiú. Mar thoradh air sin, déantar líon mór earraí atá lochtach, ach atá inmharthana ar shlí eile, a dhiúscairt roimh am. Chun tomhaltóirí a spreagadh lena gcuid earraí a dheisiú i gcásanna den sórt sin, ba cheart, leis an Treoir seo, oibleagáid a fhorchur ar tháirgeoirí earraí a dheisiú a bhfuil feidhm ag ceanglais indeisitheachta arna bhforchur ag gníomhartha dlí an Aontais maidir leo. Ba cheart an oibleagáid deisiúcháin sin a fhorchur, arna iarraidh sin don tomhaltóir, ar tháirgeoirí na n-earraí sin, ós rud é gurb iad seolaithe na gceanglas indeisitheachta sin iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le táirgeoirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon i ndáil le hearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
(11) Le Treoir (AE) 2019/771 forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí i leith earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann tráth sheachadadh na n-earraí agus a thagann chun solais laistigh den tréimhse dliteanais. Faoin Treoir sin, níl tomhaltóirí i dteideal deisiú ar lochtanna nach dtagann faoin oibleagáid sin. Mar thoradh air sin, déantar líon mór earraí atá lochtach, ach atá inmharthana seachas sin, a dhiúscairt roimh am. Chun tomhaltóirí a spreagadh lena gcuid earraí a dheisiú i gcásanna den sórt sin, ba cheart, leis an Treoir seo, oibleagáid a fhorchur ar tháirgeoirí na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a dheisiú. Ba cheart an oibleagáid deisiúcháin sin a fhorchur, arna iarraidh sin don tomhaltóir, ar tháirgeoirí na n-earraí sin, ós rud é gurb iad seolaithe na gceanglas indeisitheachta sin iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin i leith táirgeoirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon i ndáil le hearraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, ba cheart an oibleagáid i leith deisiúcháin a bheith comhréireach agus infhaighteacht páirteanna spártha ar feadh shaolré an táirge a chur san áireamh léi. Ba cheart ar a laghad páirteanna spártha a chur ar fáil ar feadh na tréimhse a leagtar amach i ngníomhartha an Aontais. Thairis sin, níor cheart, leis an Treoir seo, amhras a chaitheamh ar shaoirse eacnamaíoch na dtáirgeoirí i dtaobh deireadh a chur le monarú táirge.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 12
(12) Ós rud é go gcumhdaíonn an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a fhorchuirtear ar tháirgeoirí faoin Treoir seo lochtanna nach é neamh-chomhréireacht na n-earraí le conradh díolacháin is cúis leo, féadfaidh táirgeoirí deisiúchán a sholáthar in aghaidh praghas a íocann an tomhaltóir nó deisiúchán a sholáthar saor in aisce. Agus praghas á ghearradh, ba cheart táirgeoirí a spreagadh le samhlacha gnó inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí deisiúcháin a sholáthar. Féadfar a chur san áireamh i bpraghas den sórt sin, mar shampla, costais saothair, costais do pháirteanna spártha, costais chun an tsaoráid deisithe a oibriú agus gnáthchorrlach. Ba cheart an praghas ar dheisiú agus na coinníollacha deisithe a chomhaontú i gconradh idir an tomhaltóir agus an táirgeoir agus ba cheart go leanfadh an tomhaltóir de bheith saor chun a chinneadh an bhfuil an praghas sin agus na coinníollacha sin inghlactha. Ba cheart go spreagfadh an gá atá le conradh den sórt sin agus an brú iomaíoch ó dheisitheoirí eile táirgeoirí a bhfuil oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh chun an praghas a choinneáil inghlactha don tomhaltóir. Féadfar an oibleagáid deisithe a dhéanamh saor in aisce freisin nuair a chumhdaítear an locht le ráthaíocht tráchtála, mar shampla, i ndáil le marthanacht ráthaithe earraí.
(12) Ós rud é go gcumhdaíonn an oibleagáid i leith deisiúcháin a fhorchuirtear ar tháirgeoirí faoin Treoir seo lochtanna nach é neamh-chomhréireacht na n-earraí le conradh díolacháin is cúis leo, féadfaidh táirgeoirí deisiú a sholáthar ar phraghas a íocann an tomhaltóir, ar chúiteamh de chineál eile nó deisiú a sholáthar saor in aisce. Agus praghas á mhuirearú, ba cheart táirgeoirí a spreagadh le samhlacha gnó inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear seirbhísí deisiúcháin a sholáthar. Féadfar a chur san áireamh sa phraghas sin, mar shampla, costais saothair, costais do pháirteanna spártha, costais chun an tsaoráid deisiúcháin a oibriú agus gnáthchorrlach. I gcásanna nach féidir na costais sin a mheas roimh an deisiú a dhéanamh, ba cheart faisnéis maidir leis an uasphraghas a bhfuiltear ag dréim leis a sheachadadh do thomhaltóirí. Ba cheart an praghas ar dheisiú agus na coinníollacha deisiúcháin a chomhaontú i gconradh idir an tomhaltóir agus an táirgeoir agus ba cheart go leanfadh an tomhaltóir de bheith saor chun a chinneadh an bhfuil an praghas sin agus na coinníollacha sin inghlactha. Ba cheart don ghá atá le conradh den sórt sin a bheith ann agus don bhrú iomaíoch ó dheisitheoirí eile spreagadh a thabhairt do tháirgeoirí a bhfuil sé d’oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh, an praghas a choinneáil inghlactha don tomhaltóir. Féadfar an oibleagáid i leith deisiúcháin a fheidhmiú saor in aisce freisin nuair a chumhdaítear an locht le ráthaíocht tráchtála, mar shampla, i ndáil le marthanacht ráthaithe earraí. Mar dhreasú do thomhaltóirí a dtáirge a dheisiú lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil, féadfaidh táirgeoir iasacht d’earra athsholáthair nó d’earra athchóirithe a chur ar fáil fad a bheidh an deisiúchán á dhéanamh, earra a mbeifear ag dréim lena thabhairt ar ais a luaithe a bhfaighidh an tomhaltóir a earra deisithe ar ais.
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 13
(13) Féadfaidh táirgeoirí a n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh trí fhochonraitheoireacht, mar shampla, mura bhfuil an bonneagar deisiúcháin ag an táirgeoir nó más féidir le deisitheoir atá suite níos gaire don tomhaltóir deisiúchán a dhéanamh, i measc nithe eile i gcás ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas.
(13) Féadfaidh táirgeoirí a n-oibleagáid deisiúchán a chomhlíonadh tríd an deisiúchán a chur amach ar fhochonradh, mar shampla, mura bhfuil an bonneagar deisiúcháin ag an táirgeoir. Chun costais loingseoireachta agus astaíochtaí neamhriachtanacha a chosc, ba cheart an deisiú a dhéanamh chomh gar agus is féidir don tomhaltóir. Dá bhrí sin, is féidir le deisitheoir atá suite níos gaire don tomhaltóir an deisiúchán a dhéanamh, go háirithe sna cásanna sin ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas.
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Aithris 14
(14) Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16 , ar dá réir ba cheart do tháirgeoirí rochtain a thabhairt ar pháirteanna spártha, ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil nó ar aon uirlisí bogearraí, dochtearraí nó modhanna cúnta comhchosúla a bhaineann le deisiú. Áirithítear leis na ceanglais sin indéantacht theicniúil an deisithe, ní hamháin ag an táirgeoir, ach ag deisitheoirí eile freisin. Mar thoradh air sin, is féidir leis an tomhaltóir deisitheoir dá rogha féin a roghnú.
(14) Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16, ar dá réir ba cheart do tháirgeoirí rochtain a thabhairt ar pháirteanna spártha, ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil nó ar aon uirlisí bogearraí, dochtearraí nó modhanna cúnta comhchosúla a bhaineann le deisiú. Áirithítear leis na ceanglais sin indéantacht theicniúil an deisithe, ní hamháin ag an táirgeoir, ach ag deisitheoirí eile freisin. Chun na bearta sin a chomhlánú, ba cheart rochtain do dheisitheoirí, d’athmhonaróirí, d’athchóiritheoirí neamhspleácha agus d’úsáideoirí deiridh ar pháirteanna spártha uile, ar fhaisnéis agus uirlisí uile, lena n-áirítear uirlisí diagnóiseacha, a sholáthar ar chostas réasúnta agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré ionchasach an táirge ar a laghad. Dá réir sin, ba cheart iomaíocht a áirithiú leis sin agus go rachadh sé chun tairbhe do thomhaltóirí le seirbhísí níos fearr agus praghsanna níos ísle agus a rogha deisitheora á roghnú acu, nó i gcás ina bhfuil ar a gcumas chun a dhéanta, an deisiúchán a dhéanamh as a stuaim féin. Tá castacht agus sábháilteacht an deisiúcháin nasctha leis an gcineál fearais. I gcás ina bhféadfaí a thuar go réasúnta go bhféadfadh guais sábháilteachta a bheith mar thoradh ar an deisiú a dhéanfaí faoi lámha an ghnáth-thomhaltóra nó go mbeadh uirlisí ardfhorbartha ag teastáil, ba cheart do na táirgeoirí rabhadh sainráite a thabhairt don tomhaltóir.
__________________
__________________
16 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10–35).
16 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10–35).
Leasú 12 Togra le haghaidh treorach Aithris 15
(15) Ba cheart go mbeadh an oibleagáid deisithe éifeachtach freisin i gcásanna ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas. Chun a chur ar a cumas do thomhaltóirí dul i muinín oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe laistigh den Aontas chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déantar foráil sa Treoir seo maidir le seicheamh oibreoirí eacnamaíocha malartacha ar gá dóibh oibleagáid an táirgeora deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh sna cásanna sin. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar a gcumas do tháirgeoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a eagrú agus a chomhlíonadh laistigh den Aontas.
(15) Ba cheart go mbeadh an oibleagáid i leith deisiúcháin éifeachtach freisin i gcásanna ina bhfuil an táirgeoir bunaithe lasmuigh den Aontas. Chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí dul i muinín oibreora eacnamaíoch atá bunaithe laistigh den Aontas chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déantar foráil sa Treoir seo maidir le seicheamh na n-oibreoirí malartacha eacnamaíocha a gceanglaítear orthu oibleagáid an táirgeora i leith deisiúcháin a chomhlíonadh sna cásanna sin. Mar gheall ar an ról atá acu i slabhra soláthair na n-earraí do thomhaltóirí, ba cheart soláthraithe seirbhíse comhlíonta a chumhdach leis an Treoir seo freisin.Ba cheart go gcoiscfeadh sé sin cásanna nach bhfuil aon oibreoir eacnamaíoch bunaithe san Aontas chun an oibleagáid deisiúcháin a chomhlíonadh.Ba cheart do tháirgeoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a n-oibleagáid i leith deisiúcháin a eagrú agus a chomhlíonadh laistigh den Aontas.
Leasú 13 Togra le haghaidh treorach Aithris 16
(16) Ionas nach gcuirfear ró-ualach ar tháirgeoirí agus chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh a chomhlíonadh, ba cheart an oibleagáid sin a theorannú do na táirgí sin dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais agus a mhéid a fhoráiltear d’aon cheanglais indeisitheachta. Ní chuireann ceanglais indeisitheachta oibleagáid ar tháirgeoirí earraí lochtacha a dheisiú, ach áirithíonn siad go bhfuil earraí indeisithe. Is féidir ceanglais indeisitheachta den sórt sin a leagan síos i ngníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Is samplaí iad gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17, lena gcruthaítear creat chun inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí a fheabhsú. Áirithítear leis an teorannú sin ar an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh nach mbeidh ach na hearraí sin atá indeisithe trí dhearadh faoi réir oibleagáid den sórt sin. Áirítear ar na ceanglais indeisitheachta ábhartha ceanglais deartha lena bhfeabhsaítear an cumas na hearraí a dhíchóimeáil agus raon páirteanna spártha atá le cur ar fáil ar feadh íostréimhse. Comhfhreagraíonn an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh do raon feidhme na gceanglas indeisitheachta, mar shampla, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais éicidhearthóireachta ach amháin maidir le comhpháirteanna áirithe de na hearraí nó féadfar tréimhse shonrach ama a leagan síos chun páirteanna spártha a chur ar fáil. Leis an oibleagáid deisiúchán a dhéanamh faoin Treoir seo, lenar féidir leis an tomhaltóir deisiúchán a éileamh go díreach in aghaidh an táirgeora le linn na céime iardhíola, comhlánaítear na ceanglais indeisitheachta a bhaineann le taobh an tsoláthair a leagtar síos i Rialachán [maidir leis na Táirgí Inbhuanaithe Éicidhearthóireachta] lena spreagtar éileamh na dtomhaltóirí ar dheisiú.
(16) Ionas nach gcuirtear ró-ualach ar tháirgeoirí agus chun a áirithiú go bhfuil siad ábalta a n-oibleagáid i leith deisiúcháin a chomhlíonadh, ba cheart an oibleagáid sin a leagan síos do na táirgí sin a bhfuil ceanglais indeisitheachta foráilte ina leith i ngníomhartha dlí an Aontais agus a mhéid a fhoráiltear d’aon cheanglais indeisitheachta sna gníomhartha dlí sin agus i gcás táirgi indeisithe eile, lena n-áirítear rothair. Ní chuireann ceanglais indeisitheachta oibleagáid ar tháirgeoirí earraí lochtacha a dheisiú, ach áirithíonn siad go bhfuil earraí indeisithe. Is féidir na ceanglais indeisitheachta sin a leagan síos i ngníomhartha dlí ábhartha an Aontais. Is samplaí iad gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe] nó bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17, lena gcruthaítear creat chun inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí a fheabhsú. Áirithítear leis an teorannú sin ar an oibleagáid i leith deisiúcháin nach mbeidh ach na hearraí sin atá indeisithe trí dhearadh faoi réir oibleagáid den sórt sin. Áirítear ar na ceanglais indeisitheachta ábhartha ceanglais deartha lena bhfeabhsaítear an cumas na hearraí a dhíchóimeáil agus raon páirteanna spártha atá le cur ar fáil ar feadh íostréimhse. Comhfhreagraíonn an oibleagáid i leith deisiúcháin do raon feidhme na gceanglas indeisitheachta, mar shampla, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag ceanglais éicidhearthóireachta ach amháin i leith comhpháirteanna áirithe de na hearraí nó féadfar tréimhse shonrach ama a leagan síos chun páirteanna spártha a chur ar fáil. Leis an oibleagáid i leith deisiúcháin faoin Treoir seo, lenar féidir leis an tomhaltóir deisiú a éileamh go díreach in aghaidh an táirgeora le linn na céime iardhíola, comhlánaítear na ceanglais indeisitheachta a bhaineann le taobh an tsoláthair a leagtar síos i Rialachán [maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe], lena spreagtar éileamh na dtomhaltóirí ar dheisiú.
__________________
__________________
17 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú).
17 Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú).
Leasú 14 Togra le haghaidh treorach Aithris 16 a (nua)
(16a) Faoi cheann 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo agus measúnú a dhéanamh ar a rannchuidiú, agus go háirithe Airteagail 5, 9a agus 12, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, leis an ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus leis an bhfeabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí, mar aon lena dtionchar ar ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Maidir le hAirteagal 7, ba cheart dó meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na n-ardán ar líne le haghaidh deisiú bunaithe ar shonraí ó Bhallstáit aonair, ina bhfuil faisnéis faoin líon soláthraithe seirbhísí deisiúcháin gníomhacha, tomhaltóirí agus líon na n-idirbheart a dhéantar. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhréachtú ar na príomhthorthaí agus í a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a chur ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú. Ba cheart go mbeadh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Aithris 17
(17) Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo liostaítear grúpaí táirgí ábhartha a chumhdaítear leis na ceanglais indeisitheachta sin faoi ghníomhartha dlí an Aontais. Chun comhleanúnachas a áirithiú le ceanglais indeisitheachta amach anseo faoi ghníomhartha dlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le grúpaí táirgí nua a chur le hIarscríbhinn II go háirithe nuair a ghlacfar ceanglais nua indeisitheachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr18. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(17) Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo liostaítear grúpaí táirgí ábhartha maidir leis an oibleagáid i leith deisiúcháin faoin Treoir seo nó a chumhdaítear le ceanglais indeisitheachta faoi ghníomhartha dlí an Aontais mar aon le hearraí indeisithe eile, lena n-áirítear rothair. Chun comhleanúnachas a áirithiú le forbairtí sa mhargadh agus le forbairtí reachtacha a bheidh ann amach anseo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith grúpaí táirgí nua a chur le hIarscríbhinn II, mar shampla nuair a ghlactar ceanglais nua indeisitheachta. Agus grúpaí táirgí nua á gcur le hIarscríbhinn II, ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh, go háirithe nuair a dhéantar an bhreisíocht go neamhspleách ar ghníomhartha eile faoi dhlí an Aontais. Is den tábhachtach é, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr18. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
__________________
18 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 213, 12.5.2016, lch. 1).
18 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 213, 12.5.2016, lch. 1).
Leasú 16 Togra le haghaidh treorach Aithris 20
(20) Chun feasacht an tomhaltóra a mhéadú maidir le hinfhaighteacht deisithe agus, dá bhrí sin, an dóchúlacht a bhaineann leis sin, ba cheart do tháirgeoirí tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil an oibleagáid sin ann. Ba cheart na hearraí ábhartha a chumhdaítear leis an oibleagáid sin a lua san fhaisnéis, mar aon le míniú go gcuirtear deisiúchán ar fáil do na hearraí sin agus a mhéid a chuirtear deisiúchán ar fáil dóibh, mar shampla trí fhochonraitheoirí. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, gan gá don tomhaltóir í a iarraidh, agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882. Tá saorchead ag an táirgeoir na modhanna trína gcuireann sé an tomhaltóir ar an eolas a chinneadh.
(20) Chun feasacht an tomhaltóra a mhéadú maidir le hinfhaighteacht deisithe agus, dá bhrí sin, an dóchúlacht a bhaineann leis sin, ba cheart do tháirgeoirí nó do dhíoltóirí na tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil an oibleagáid sin ann. Ba cheart na hearraí ábhartha a chumhdaítear leis an oibleagáid sin a lua san fhaisnéis, mar aon le míniú go gcuirtear deisiú ar fáil do na hearraí sin agus a mhéid a chuirtear deisiú ar fáil dóibh, mar shampla trí fhochonraitheoirí. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, gan gá don tomhaltóir í a iarraidh, agus i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir 2019/882. Tá saoirse ag an táirgeoir nó, i gcás inarb ábhartha, ag an díoltóir na modhanna trína gcuireann sé an tomhaltóir ar an eolas a chinneadh, mar shampla trí mhodhanna ag an díolphointe ar bhealach infheicthe feiceálach.
Leasú 17 Togra le haghaidh treorach Aithris 21
(21) Chun deisiúchán a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ardán ar líne amháin ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí oiriúnacha a chuardach. Féadfaidh an t-ardán sin a bheith ann cheana nó a bheith á oibriú go príobháideach, má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart go n-áireofaí ar an ardán sin uirlisí comparáide atá éasca le húsáid agus neamhspleách agus a chuidíonn le tomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhiúntas soláthraithe seirbhísí deisiúcháin éagsúla agus iad a chur i gcomparáid le chéile, agus ar an gcaoi sin tomhaltóirí a dhreasú chun deisiúchán a roghnú seachas earraí nua a cheannach. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an ardán sin éascú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin a chuardach sa chaidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit an caidreamh idir gnólachtaí a chumhdach lena raon feidhme chomh maith le tionscnaimh deisithe faoi stiúir an phobail a chur san áireamh.
(21) Chun deisiú a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ardán ar líne amháin ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí oiriúnacha a chuardach. Féadfaidh an t-ardán sin a bheith ann cheana nó a bheith á oibriú go príobháideach, má chomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Murab ann d’ardán ar líne den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le ceann a chruthú i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann. Ba cheart go n-áireofaí ar an ardán sin uirlisí comparáide atá éasca le húsáid agus neamhspleách agus a chuidíonn le tomhaltóirí measúnú a dhéanamh ar fhiúntas soláthraithe éagsúla seirbhísí deisiúcháin agus iad a chur i gcomparáid le chéile, lena ndreasaítear tomhaltóirí, dá bhrí sin, chun deisiú a roghnú seachas earraí nua a cheannach. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag an ardán sin éascú a dhéanamh ar sheirbhísí deisiúcháin a chuardach sa chaidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a raon feidhme a leathnú freisin chun an caidreamh idir gnólachtaí chomh maith le tionscnaimh deisiúcháin faoi stiúir an phobail a chur san áireamh.
Leasú 18 Togra le haghaidh treorach Aithris 25
(25) Chun an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a éascú, ba cheart go mbeadh an deis ann ar an ardán ar líne do thomhaltóirí an fhoirm sin a iarraidh go díreach ón deisitheoir tríd an ardán ar líne. Ba cheart an fhéidearthacht sin a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar an ardán ar líne. Chun feasacht a chruthú faoi ardáin náisiúnta deisithe ar líne agus chun rochtain ar na hardáin sin ar fud an Aontais a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar a n-ardáin ar líne trí leathanaigh ghréasáin náisiúnta ábhartha atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20. Chun feasacht na dtomhaltóirí ar an ardán ar líne a ardú, ba cheart do na Ballstáit tabhairt faoi chéimeanna iomchuí, mar shampla, fógraíocht a dhéanamh ar an ardán ar líne ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta gaolmhara nó feachtais chumarsáide a dhéanamh.
(25) Chun an fháil ar Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoi Dheisiú a éascú, ba cheart go mbeadh an deis ann ar an ardán ar líne do thomhaltóirí an fhoirm sin a iarraidh go díreach ón deisitheoir tríd an ardán ar líne. Ba cheart an deis sin a thaispeáint ar bhealach feiceálach ar an ardán ar líne. Chun feasacht a chruthú faoi ardáin náisiúnta deisiúcháin ar líne agus chun rochtain ar na hardáin sin ar fud an Aontais a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ar a n-ardáin ar líne trí leathanaigh ghréasáin náisiúnta ábhartha atá nasctha leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20. Ba cheart do na Ballstáit nasc na n-ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin atá ann cheana ar a gcríoch a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus nasc gach ardáin nua ar líne le haghaidh deisithe a chur in iúl laistigh de 14 lá oibre tar éis a seolta. Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí a choinneáil d’ardáin ar líne le haghaidh deisiúcháin arna chlárú laistigh de na Ballstáit atá ar fáil go poiblí agus a bhfuil rochtain éasca air agus atá meaisín-inléite.
__________________
__________________
20 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
20 Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
Leasú 19 Togra le haghaidh treorach Aithris 25 a (nua)
(25a) Chun feasacht tomhaltóirí a ardú maidir leis an ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh, mar shampla, an t-ardán ar líne a chur in iúl ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta gaolmhara nó feachtais chumarsáide a dhéanamh. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha nó d’ardáin ar líne a cheadaíonn cianchonarthaí bearta iomchuí a dhéanamh freisin chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin ardán ar líne le haghaidh deisiúcháin, mar shampla, tríd an nasc a sheoladh chuig an tomhaltóir nó é a fhógairt sa siopa. Déanfar tomhaltóirí a bhfuil scileanna litearthachta agus scileanna digiteacha ísle acu a chur san áireamh sna modhanna chun feasacht a ardú agus beidh siad inrochtana do na tomhaltóirí sin.
Leasú 20 Togra le haghaidh treorach Aithris 26 a (nua)
(26a) Ós rud é gur fearr le tromlach soiléir de shaoránaigh an Aontais go ndéanfaí earra a dheisiú seachas ceann nua a cheannach1a, ba cheart go mbeadh sé d’acmhainn ag gach tomhaltóir a gcuid earraí a dheisiú lasmuigh de thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla. Ní hamháin go bhfónfadh sé sin don Aistriú Glas ach thacódh sé le gnólachtaí Eorpacha chomh maith. Ina leith sin, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí airgeadais a fhorbairt chun deisiú a chur chun cinn. I roinnt mhaith Ballstát, tá bearta den sórt sin ann cheana i bhfoirm cistí náisiúnta deisiúcháin nó dearbháin deisiúcháin. Chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit deisiú a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún leasú a mholadh don Chomhairle chun raon feidhme phointe (19) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha a leathnú chuig catagóirí táirgí eile, ar a laghad chuig na catagóirí sin a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. D’fhéadfadh sé sin níos mó comhleanúnachais a chruthú idir na catagóirí táirgí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle. D’fhéadfadh sé seo a chur ar chumas gach tomhaltóra a gcuid earraí a dheisiú seachas cinn nua a cheannach. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ós rud é go bhfuil a ngnólachtaí siúd ina gcuid bhunriachtanach den slabhra deisiúcháin. Ba cheart do na Ballstáit na bearta atá glactha a thuairisciú don Choimisiún, agus ba cheart don Choimisiún na bearta a chur ar fáil go poiblí.
__________________
1a Féach tuarascáil flais-Eorabharaiméadair 388 ó mhí an Mheithimh 2014 dar teideal ‘Attitudes of Europeans towards waste management and resource efficiency’ [Dearcthaí ó mhuintir na hEorpa maidir le bainistiú dramhaíola agus éifeachtúlacht acmhainní]
Leasú 21 Togra le haghaidh treorach Aithris 26 b (nua)
(26b) Is den riachtanas é do na Ballstáit pionóis a leagan síos maidir le sáruithe ar an Treoir seo agus a áirithiú go ndeanfar iad a fhorfheidhmiú. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Leasú 22 Togra le haghaidh treorach Aithris 27
(27) Ba cheart don Choimisiún forbairt caighdeáin cháilíochta Eorpaigh dheonaigh a chumasú le haghaidh seirbhísí deisiúcháin, mar shampla trí chomhar deonach maidir le caighdeán idir gnólachtaí, údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh agus a éascú nó trí iarraidh ar chaighdeánú a eisiúint do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. D’fhéadfadh caighdeán Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin cur le muinín tomhaltóirí i seirbhísí deisiúcháin ar fud an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcaighdeán sin gnéithe a mbíonn tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí maidir le deisiúchán, amhail an t-am chun deisiúchán a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, dearbhuithe cáilíochta amhail ráthaíocht tráchtála maidir le deisiúchán, agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha amhail aistriú, suiteáil agus iompar arna dtairiscint ag deisitheoirí.
(27) Ba cheart don Choimisiún an fhorbairt ar chaighdeán deonach cáilíochta Eorpach a chumasú le haghaidh seirbhísí deisiúcháin, mar shampla trí chomhar deonach maidir le caighdeán idir gnólachtaí, údaráis phoiblí agus geallsealbhóirí eile a spreagadh agus a éascú, amhail soláthraithe deisiúcháin neamhspleácha agus soláthraithe deisiúcháin pobail, nó trí iarraidh ar chaighdeánú a eisiúint do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. D’fhéadfadh caighdeán Eorpach le haghaidh seirbhísí deisiúcháin cur le muinín na dtomhaltóirí as seirbhísí deisiúcháin ar fud an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcaighdeán sin gnéithe a bhfuil tionchar acu ar chinntí tomhaltóirí maidir le deisiú, amhail an t-am chun deisiú a dhéanamh, infhaighteacht earraí athsholáthair sealadacha, dearbhuithe cáilíochta amhail ráthaíocht tráchtála maidir le deisiú, agus infhaighteacht seirbhísí coimhdeacha amhail aistriú, suiteáil agus iompar arna dtairiscint ag deisitheoirí.
Leasú 23 Togra le haghaidh treorach Aithris 28
(28) Chun deisiúchán a chur chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771, ba cheart na coinníollacha comhchuibhithe faoinar féidir an rogha idir na leigheasanna deisiúcháin agus athsholáthair a fheidhmiú a oiriúnú. An prionsabal a bhunaítear i dTreoir (AE) 2019/771 chun leas a bhaint as an mbreithniú an bhforchuirfeadh an leigheas a roghnaíodh costais ar an díoltóir atá díréireach i gcomparáid leis an leigheas eile, mar cheann de na critéir chun an leigheas is infheidhme a chinneadh, ba cheart an prionsabal sin a choimeád. Tá an tomhaltóir fós i dteideal deisiúchán a roghnú thar athsholáthar, mura rud é go mbeadh deisiúchán dodhéanta nó go gcuirfeadh sé costais dhíréireacha ar an díoltóir i gcomparáid le hathsholáthar. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil na costais a bhaineann le hathsholáthar níos airde ná na costais deisithe nó comhionann leo, ba cheart don díoltóir na hearraí a dheisiú i gcónaí. Dá bhrí sin, níl an tomhaltóir i dteideal athsholáthar a roghnú ach amháin i gcás ina mbíonn sé níos saoire ná deisiú. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú dá réir.
(28) Chun deisiú a chur chun cinn laistigh de dhliteanas an díoltóra mar a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/771, ba cheart oiriúnú a dhéanamh ar na coinníollacha comhchuibhithe faoinar féidir an rogha idir na leigheasanna deisiúcháin agus athsholáthair a fheidhmiú. An prionsabal a bhunaítear i dTreoir (AE) 2019/771 chun leas a bhaint as an mbreithniú i dtaobh an bhforchuirfeadh an leigheas atá roghnaithe costais ar an díoltóir atá díréireach i gcomparáid leis an leigheas eile, mar cheann de na critéir chun an leigheas is infheidhme a chinneadh, ba cheart an prionsabal sin a choimeád. Tá an tomhaltóir fós i dteideal deisiú a roghnú thar athsholáthar, mura rud é go mbeadh deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil na costais a bhaineann le hathsholáthar níos airde ná na costais deisiúcháin nó comhionann leo, ba cheart don díoltóir na hearraí a dheisiú i gcónaí, mura gcruthódh an deisiú míchaoithiúlacht don tomhaltóir. Ba cheart cásanna ina gcruthódh an deisiú míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir a bhreithniú de réir an cháis, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh. Ina leith sin, tá sé suite ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhféadfaí míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir a thuiscint mar ualach ar dócha go ndíspreagfadh sé an gnáth-thomhaltóir óna chearta a fheidhmiú. Sa chomhthéacs sin, is amhlaidh atá go háirithe i gcás ina bhfuil leas bailí ag an tomhaltóir maidir le húsáid neamh-idirbhriste na n-earraí, agus nach féidir earra athsholáthair sealadach a chur ar fáil nó nach féidir é a sholáthar in am trátha nó nach mbeadh sé leormhaith do riachtanais an tomhaltóra, lena ndíspreagfaí an tomhaltóir, dá bhrí sin, ó dheisiú na n-earraí. Is féidir glacadh leis go bhfuil míchaoithiúlacht shuntasach ann freisin i gcás ina bhfuil bearta deisiúcháin déanta ar na hearraí cheana chun na caighdeáin chomhréireachta a chomhlíonadh agus inar gá na hearraí a dheisiú ina dhiaidh sin tar éis tréimhse ghearr mar gheall ar easpa comhréireachta, lena ndéantar dochar, dá bhri sin, don mhuinín as indeisitheacht na n-earraí agus a dhíspreagann an tomhaltóir óna cheart chun deisiúcháin a fheidhmiú. Thairis sin, i gcásanna nach mbeidh an t-earra i gcomhréir mar thoradh ar dheisiú, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail arna mbunú le Treoir 2019/771. Ba cheart go gcoiscfeadh sé sin cásanna ina mbíonn ar thomhaltóir earra a dheisiú go leanúnach i ngeall ar an locht céanna a bhíonn ar an earra céanna. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2019/771 a leasú dá réir.
Leasú 24 Togra le haghaidh treorach Aithris 28 a (nua)
(28a) Chun tacú le tomhaltóirí agus chun deisiú a dhreasú, ba cheart don díoltóir, ag brath ar shainiúlachtaí na catagóire táirge ábhartha, táirge athsholáthair a thabhairt ar iasacht don tomhaltóir, murar cuireadh an deisiú i gcrích laistigh de thréimhse réasúnta ama. Is féidir an táirge athsholáthair seo a bheith ina earra athchóirithe freisin ach ba cheart é a thabhairt ar iasacht go sealadach don tomhaltóir gan costas. Ina theannta sin, ba cheart don díoltóir tabhairt faoin deisiú sin laistigh de thréimhse réasúnach ama.
Leasú 25 Togra le haghaidh treorach Aithris 28 b (nua)
(28b) Le Treoir (AE) 2019/771 forchuirtear oibleagáid ar dhíoltóirí earraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta arbh ann di tráth a seachadadh na hearraí agus ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse dliteanais. Chun deisiú a chur chun cinn laistigh den tréimhse dliteanais, a luaithe a roghnaíonn siad deisiú mar leigheas chun earra a thabhairt chun comhréireachta, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann tairbhe a bhaint as tréimhse bhreise dhliteanais fhadaithe aon bhliana ag tosú ón uair a thugtar a n-earra ar ais dóibh, agus í deisithe, ar choinníoll go bhfuil teorainneacha ama coinnithe ar bun nó tugtha isteach ag na Ballstáit maidir le comhréireacht an earra bhunaidh i gcomhréir le hAirteagal 10, míreanna 1, 2 nó 3 den Treoir sin. Níor cheart feidhm a bheith ag an síneadh sin ar thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla ach amháin maidir leis an gcéad deisiú faoi Threoir (AE) 2019/771. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2019/771 a leasú dá réir.
Leasú 26 Togra le haghaidh treorach Aithris 28 c (nua)
(28c) Tomhaltóirí a roghnaíonn deisiú mar leigheas le go dtabharfar na hearraí chun comhréireachta, ba cheart cead a bheith acu rogha a dhéanamh idir an díoltóir nó an táirgeoir le go dtabharfar na hearraí chun comhréireachta. Nuair a roghnaíonn tomhaltóirí gur cheart don táirgeoir an táirge a thabhairt chun comhréireachta, ba cheart dliteanas díreach táirgeora a bhunú maidir le táirgí a dheisiú. I gcás den sórt sin, ba cheart don táirgeoir an táirge a dheisiú chun an neamh-chomhréireacht a leigheas. Ba cheart do tháirgeoirí iarracht a dhéanamh freagairt go tapa lena measúnú i dtaobh an féidir an táirge a dheisiú. Má tá an deisiú dodhéanta ba cheart don táirgeoir an cás a mheas agus é a réiteach ar bhealach atá áisiúil don tomhaltóir, mar shampla trí dhul i dteagmháil leis an díoltóir tosaigh agus leis an tomhaltóir. Chun nach ndéanfadh an díoltóir an deisiú céanna ar an bhfabht céanna i gcás den sórt sin, ba cheart an díoltóir a urscaoileadh óna dhliteanas i leith an fhabht sin agus nuair a dheisíonn an táirgeoir go rathúil é, ba cheart a mheas go bhfuil an t-earra i gcomhréireacht. Níor cheart don dliteanas táirgeora sin difear a dhéanamh d’aon chearta eile atá ag an tomhaltóir faoi Threoir (AE) 2019/771 i gcás deisiú a bheith mar leigheas ar neamhchomhréireacht.
Leasú 27 Togra le haghaidh treorach Aithris 28 d (nua)
(28d) Chun tomhaltóirí a dhreasú le deisiú a roghnú, níor cheart aon téarmaí a bheith sa ráthaíocht tráchtála lena ndéanfaí tomhaltóirí a dhíspreagadh ó leas a bhaint as a cheart chun earra nach bhfuil i gcomhréireacht a dheisiú.
Leasú 28 Togra le haghaidh treorach Aithris 30
(30) Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint don Treoir seo, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm roinnt Airteagal den Treoir seo. Dá bhrí sin, na hoibleagáidí deisiúchán a dhéanamh agus faisnéis ghaolmhar faoin oibleagáid sin a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar tar éis [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Níor cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Threoir (AE) 2019/771 ach amháin maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích tar éis [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dóthain ama a thabhairt do dhíoltóirí iad féin a chur in oiriúint do na leigheasanna leasaithe deisithe agus athsholáthair.
(30) Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint don Treoir seo, ba cheart forálacha idirthréimhseacha a thabhairt isteach maidir le cur i bhfeidhm roinnt Airteagal den Treoir seo. Dá bhrí sin, na hoibleagáidí deisiúchán a dhéanamh agus faisnéis ghaolmhar faoin oibleagáid sin a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar tar éis [18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm]. Níor cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Threoir (AE) 2019/771 ach amháin maidir le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích tar éis [18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun dóthain ama a thabhairt do dhíoltóirí iad féin a chur in oiriúint do na leigheasanna leasaithe deisiúcháin agus athsholáthair.
1. Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus foráil á déanamh ag an am céanna d’ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol.
1. Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna lena neartaítear an ceart chun deisiú earraí do thomhaltóirí, d’fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus foráil á déanamh ag an am céanna d’ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol.
Leasú 30 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
1a. ciallaíonn ‘deisiú’ táirge lochtach nó dramhaíl a chur ar ais i riocht ina gcomhlíonann sé an úsáid atá beartaithe dó;
2. ciallaíonn ‘deisitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís deisiúcháin a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n-áirítear táirgeoirí agus díoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, bídís neamhspleách nó cleamhnaithe le táirgeoirí nó díoltóirí den sórt sin;
2. ciallaíonn ‘deisitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís deisiúcháin a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n-áirítear táirgeoirí agus díoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí deisiúcháin agus soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, bídís deisitheoirí neamhspleácha, deisitheoirí gairmiúla nó deisitheoirí cleamhnaithe le táirgeoirí nó díoltóirí den sórt sin;
Leasú 32 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
2a. ciallaíonn ‘oibreoir neamhspleách’ duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas ionadaí údaraithe nó deisitheoir údaraithe, atá páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú agus i gcothabháil an earraí, agus áirítear leis deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, mar aon le foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí cúnaimh, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála, oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe agus do sholáthróirí cianseirbhíse;
Leasú 33 Togra le haghaidh treorach Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6 a (nua)
6a. ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann, le linn gníomhaíocht tráchtála, péire ar a laghad de na seirbhísí seo a leanas: trádstóráil, pacáistiú, seoladh a chur ar tháirge agus seoladh táirge, gan úinéireacht a bheith aige ar an táirge, cé is moite de ‘seirbhísí poist’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, ‘seirbhísí seachadta beartán’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b, agus aon seirbhísí poist nó seirbhísí iompair lastais eile;
__________________
1aTreoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).
1bRialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann (IO L 112, 2.5.2018, lch. 19).
1. Áiritheoidh na Ballstáit, sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal ag conradh chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar, go ndéanfaidh an deisitheoir, arna iarraidh sin, an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a leagtar amach in Iarscríbhinn I a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach de réir bhrí Airteagal 2 (11) de Threoir (AE) 2019/771.
1. Féadfaidh deisitheoirí an Fhoirm Faisnéise Eorpach um Dheisiú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a sholáthar don tomhaltóir ar mheán marthanach de réir bhrí Airteagal 2(11) de Threoir 2019/771/AE. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh táirgeoirí nó an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha faoi Airteagal 5 den Treoir seo an fhaisnéis is gá don deisitheoir chun an Fhoirm Faisnéise Eorpach um Dheisiú a chomhlánú.
2. Deisitheoirí nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu deisiúchán a dhéanamh de bhua Airteagal 5, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar i gcás nach bhfuil sé i gceist acu an tseirbhís deisiúcháin a sholáthar.
Féadfaidh an deisitheoir a iarraidh ar thomhaltóir na costais a thabhaíonn an deisitheoir a íoc chun an fhaisnéis atá san áireamh san Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a sholáthar.
I gcás inar gá scrúdú fisiceach a dhéanamh ar an táirge chun praghas an deisithe a mheas, lena n-áirítear measúnú ar an láthair, féadfaidh an deisitheoir a iarraidh ar an tomhaltóir na costais is gá a bhaineann le scrúdú fisiceach den sórt sin a íoc.
Leasú 37 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 4 – pointe e
(e) an praghas nó, mura bhfuil sé réasúnach an praghas a ríomh roimh ré, an modh ina ríomhfar an praghas agus uasphraghas an deisithe;
(e) an t-uasphraghas a bhfuiltear ag súil leis don deisiú, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta do chostais do pháirteanna spártha, costais saothair, costais a bhaineann leis an lasta, na muirir seachadta nó phoist nó, mura féidir an praghas iomlán nó aon cheann dá fhochodanna a ríomh go réasúnta roimh ré, an bealach ina ríomhfar an praghas;
Leasú 38 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 4 – pointe i a (nua)
(i a) faisnéis bhreise a chuireann an deisitheoir ar fáil go deonach.
1. Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don tomhaltóir, go ndéanfaidh an táirgeoir, saor in aisce nó in aghaidh praghais nó in aghaidh cineál comaoine eile, earraí a dheisiú dá bhforáiltear, agus a mhéid a fhoráiltear, do cheanglais indeisitheachta i ngníomhartha dlí an Aontais mar a liostaítear in Iarscríbhinn II. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an táirgeoir na hearraí sin a dheisiú i gcás nach féidir iad a dheisiú. Féadfaidh an táirgeoir deisiúchán a ligean ar fochonradh chun a oibleagáid maidir le deisiúchán a chomhlíonadh.
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndeiseoidh an táirgeoir, arna iarraidh sin don tomhaltóir, na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, cibé acu a fhoráiltear nó nach bhforáiltear do cheanglais indeisitheachta le haghaidh na n-earraí sin i ngníomhartha dlí an Aontais. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an táirgeoir na hearraí sin a dheisiú i gcás ina bhfuil deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil. Ní dhiúltóidh an táirgeoir d’iarraidh an tomhaltóra de bharr cúinsí eacnamaíocha amhail na costais amháin. Féadfaidh an táirgeoir deisiúchán a ligean ar fochonradh chun a oibleagáid maidir le deisiúchán a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh an táirgeoir an fhaisnéis ábhartha uile don deisitheoir chun go mbeidh an deisitheoir in ann a oibleagáidí a chomhlíonadh.
Leasú 40 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 1 a (nua)
1a. Déanfar an deisiú de bhun mhír 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) déanfar é a chur i gcrích saor in aisce nó mar chúiteamh ar chomaoin;
(b) déanfar é laistigh de thréimhse réasúnach ón uair a bheidh seilbh fhisiciúil ag an táirgeoir ar an earra, an t-earra faighte aige nó rochtain tugtha ag an tomhaltóir dó ar an earra;
(c) féadfaidh an táirgeoir earra athsholáthair a thabhairt ar iasacht don tomhaltóir saor in aisce nó in aghaidh táille réasúnta ar feadh thréimhse an deisithe; agus
(d) i gcásanna ina mbeidh an deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil, féadfaidh an táirgeoir táirge athchóirithe a sholáthar don tomhaltóir agus déanfar an táirgeoir a urscaoileadh ón oibleagáid deisiúcháin faoin Airteagal seo nuair a ghlacfaidh an tomhaltóir leis an táirge athchóirithe sin.
2. I gcás ina bhfuil an táirgeoir a bhfuil oibleagáid air deisiúchán a dhéanamh de bhun mhír 1 bunaithe lasmuigh den Aontas, comhlíonfaidh a ionadaí údaraithe san Aontas oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ag an táirgeoir san Aontas, comhlíonfaidh allmhaireoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon allmhaireoir ann, comhlíonfaidh dáileoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora.
2. I gcás ina bhfuil an táirgeoir a bhfuil oibleagáid air deisiú a dhéanamh de bhun mhír 1 bunaithe lasmuigh den Aontas, ceapfaidh sé, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo. Áiritheoidh sé go mbeidh na hacmhainní agus an sainordú ag a ionadaí údaraithe chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.
I gcás nach bhfuil aon ionadaí údaraithe ag an táirgeoir san Aontas, comhlíonfaidh allmhaireoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon allmhaireoir ann, comhlíonfaidh soláthraí seirbhíse comhlíonta an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora. I gcás nach bhfuil aon soláthraí seirbhíse comhlíonta ann, comhlíonfaidh dáileoir an earra lena mbaineann oibleagáid an táirgeora.
3. Áiritheoidh táirgeoirí go mbeidh rochtain ag deisitheoirí neamhspleácha ar pháirteanna spártha agus ar fhaisnéis agus uirlisí a bhaineann le deisiúchán i gcomhréir leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II.
3. I gcás na n-earraí uile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, áiritheoidh táirgeoirí go mbeidh rochtain ag deisitheoirí neamhspleácha, athmhonaróirí, athchóiritheoirí agus úsáideoirí deiridh ar gach páirt spártha agus ar gach faisnéis agus uirlis a bhaineann le deisiú, lena n-áirítear uirlisí diagnóise, ar chostas réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré ionchasach an táirge ar a laghad. Tabharfar rochtain ar uirlisí diagnóiseacha faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le rúin trádála a chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe 1 de Threoir (AE) 2016/943.
Leasú 43 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 3 a (nua)
3a. Cuirfidh táirgeoirí ar fáil ar a suíomhanna gréasáin an fhaisnéis uile a bhaineann le deisiú, amhail praghsanna deisiúcháin agus praghsanna páirteanna spártha le haghaidh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
Leasú 44 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 3 b (nua)
3b. Ní chuirfidh táirgeoirí bac ar dheisiú le haon teicníc chonarthach, crua-earraí nó bogearraí. Ní chuirfidh táirgeoirí bac ar úsáid páirteanna spártha bunaidh nó athláimhe, páirteanna spártha comhoiriúnacha agus páirteanna spártha arna n-eisiúint ó phriontáil 3D, ag deisitheoirí neamhspleácha i gcás ina bhfuil na páirteanna spártha sin i gcomhréir leis na ceanglais faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais.
Leasú 45 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 3 c (nua)
3c. Ní dhiúltóidh táirgeoirí feiste a ceannaíodh nó a deisíodh cheana féin lasmuigh dá seirbhís údaraithe nó dá líonraí dáileacháin a sheirbhísiú nó a dheisiú.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn II a leasú tríd an liosta de ghníomhartha dlí an Aontais lena leagtar síos ceanglais indeisitheachtaa thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí reachtacha.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn II a leasú trí earraí indeisithe nua a chur leis an liosta i bhfianaise forbairtí reachtacha nó margaidh.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh táirgeoirí tomhaltóirí ar an eolas faoina n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh de bhun Airteagal 5 agus go soláthróidh siad faisnéis faoi na seirbhísí deisiúcháin ar bhealach atá inrochtana go héasca, soiléir agus sothuigthe, mar shampla tríd an ardán ar líne dá dtagraítear in Airteagal 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh táirgeoirí nó díoltóirí tomhaltóirí ar an eolas faoina n-oibleagáid deisiúchán a dhéanamh de bhun Airteagal 5 agus go soláthróidh siad faisnéis faoi na seirbhísí deisiúcháin saor in aisce, ar bhealach atá inrochtana go héasca, soiléir agus sothuigthe, tríd an ardán ar líne dá dtagraítear in Airteagal 7, trína a suíomhanna gréasáin ábhartha nó ag an díolphointe.
Leasú 48 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardán amháin ar líne ar a laghad ann dá gcríoch lenar féidir le tomhaltóirí deisitheoirí a aimsiú. Déanfaidh an t-ardán sin an méid seo a leanas:
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardán ar líne amháin ar a laghad ann dá gcríoch. Cuirfidh na Ballstáit tionscnaimh phríobháideacha chun cinn go háirithe iad arb é is aidhm dóibh ardáin ar líne den sórt sin a bhunú. Cuirfidh ardáin ar líne den sórt sin ar chumas tomhaltóirí deisitheoirí a aimsiú go héasca, lena n-áirítear pobail faoi stiúir deisiú agus caiféanna deisiúcháin agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:
Leasú 49 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 1 – pointe a
(a) áireofar ann feidhmeanna cuardaigh maidir le hearraí, suíomh seirbhísí deisiúcháin, dálaí deisithe, lena n-áirítear an t-am is gá chun an deisiúchán a chur i gcrích, infhaighteacht earraí sealadacha athsholáthair agus an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh le haghaidh deisiúcháin, infhaighteacht agus coinníollacha seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann deisitheoirí, agus na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó náisiúnta is infheidhme;
(a) áireofar iontu feidhmeanna cuardaigh maidir le hearraí, suíomh na seirbhísí deisiúcháin, lena n-áirítear feidhm léarscáil bhunaithe, an fhéidearthacht seirbhísí trasteorann a sholáthar, dálaí deisithe, lena n-áirítear an t-am is gá chun an deisiú a chur i gcrích, infhaighteacht earraí sealadacha athsholáthair agus an áit a dtugann an tomhaltóir na hearraí ar láimh le haghaidh deisithe, infhaighteacht agus coinníollacha seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear baint, suiteáil agus iompar, a thairgeann deisitheoirí, agus na caighdeáin cháilíochta Eorpacha nó nái siúnta is infheidhme;
Leasú 50 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca) tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi dhreasachtaí airgeadais agus fioscacha is infheidhme chun costais deisiúcháin a laghdú;
Leasú 51 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da) deis a thabhairt do thomhaltóirí athbhreithniú nó rátáil a dhéanamh, cáilíocht obair na ndeisitheoirí a léiriú;
Leasú 52 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Aon uair a bhíonn ardán amháin ar a laghad i gcríoch Ballstáit faoi úinéireacht phríobháideach a chomhlíonann na ceanglais a liostaítear sa chéad fhomhír, measfar go bhfuil an oibleagáid san fhomhír sin comhlíonta ag an mBallstát faoi seach.
3. Is ar bhonn deonach a dhéanfar clárú ar an ardán ar líne le haghaidh deisitheoirí, chomh maith le díoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú. Cinnfidh na Ballstáit an rochtain ar an ardán i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh úsáid an ardáin ar líne saor in aisce do thomhaltóirí.
3. Is ar bhonn deonach a dhéanfar clárú ar an ardán ar líne le haghaidh deisitheoirí, chomh maith le tionscnaimh deisiúcháin pobail amhail caiféanna deisiúcháin, díoltóirí earraí atá faoi réir athchóirithe agus ceannaitheoirí earraí lochtacha lena n-athchóiriú. Cinnfidh na Ballstáit an rochtain ar an ardán i gcomhréir le dlí an Aontais. Beidh úsáid an ardáin ar líne saor in aisce do thomhaltóirí.
Leasú 54 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 3 a (nua)
3a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ardáin ar líne inrochtana, agus áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis a sholáthrófar cothrom le dáta, agus go gcuirfear i láthair í ar bhealach atá áisiúil don tomhaltóir.
Leasú 55 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 3 b (nua)
3b. Déanfaidh na Ballstáit an nasc chuig na hardáin ar líne atá ann cheana le haghaidh deisiú ina gcríoch a chur in iúl don Choimisiún faoin ... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus an nasc chuig gach ardán nua ar líne le haghaidh deisiú laistigh de 14 lá oibre tar éis a sheolta. Coinneoidh an Coimisiún bunachar sonraí d’ardáin ar líne le haghaidh deisiú arna chlárú laistigh de na Ballstáit atá ar fáil go poiblí, a bhfuil rochtain éasca air agus atá meaisín-inléite.
Leasú 56 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 3 c (nua)
3c. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun tomhaltóirí, oibreoirí eacnamaíocha agus díoltóirí ábhartha a chur ar an eolas faoi infhaighteacht ardán ar líne arna mbunú de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus go bhfuil rochtain éasca ag tomhaltóirí orthu.
Leasú 57 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 3 d (nua)
3d. Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó d’ardán ar líne a ligeann do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí maidir le hinfhaighteacht ardán ar líne, arna mbunú de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ina gcríoch.
Leasú 58 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7a
Bearta do Mhicrifhiontair, Fhiontar Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna)
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le micrifhiontair agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh acu. Cuimseofar sna bearta sin na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a) treoirlínte nó bearta comhchosúla chun feasacht a mhúscailt maidir le conas na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh;
(b) oiliúint shaincheaptha d’fhiontraithe agus dá bhfostaithe.
Leasú 59 Togra le haghaidh treorach Airteagal 9 a (nua)
Airteagal 9a
Bearta na mBallstát lena gcuirtear deisiú chun cinn
1. Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun deisiúchán a chur chun cinn.
2. Féadfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 1, mar shampla, a bheith i bhfoirm dearbháin deisiúcháin, cistí deisiúcháin náisiúnta nó gníomhaíochtaí agus dreasachtaí eile.
3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta arna ndéanamh faoi mhír 1 a thuairisciú don Choimisiún. Faoin ... [12 mhí tar éis dháta thrasuí na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún na bearta sin ar fáil go poiblí. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir leis na bearta is infheidhme faoin...[12 mhí tar éis dháta thrasuí na Treorach seo].
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus ag an tsaoirse bunaíochta, ar saoirsí bunúsacha iad, mar a chumhdaítear sna Conarthaí maidir le soláthraithe seirbhísí deisiúcháin, lena n-áirítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/958, de réir mar is infheidhme. Thairis sin, ní thabharfaidh na Ballstáit ceanglais cháilíochta isteach nach bhfuil údar leo ina ndlíthe náisiúnta do sheirbhísí deisiúcháin gairmiúla ná ní dhéanfaidh siad seiceálacha, cigireachtaí ná imscrúduithe nach bhfuil bonn cirt leo i bhfianaise na saoirsí bunúsacha sin.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh soláthraí deisiúcháin faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta i leith na páirte nó na bpáirteanna deisithe, na ngnéithe nó na gné den earra, arbh ann dóibh nó di tráth a fuair an tomhaltóir an t-earra dheisithe agus a thagann chun solais laistigh de thréimhse íosta dhá mhí dhéag ar a laghad ón tráth sin.
6. Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar chleachtais a chuireann bac ar thomhaltóirí a gceart chun deisiúcháin a fheidhmiú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dó:
(a) toirmeasc a chur ar chleachtais a spreagann tomhaltóirí chun a mheas nach féidir a n-earra a dheisiú mar gheall ar dheisiú nó iniúchtaí a rinne deisitheoir neamhspleách, deisitheoir neamhghairmiúil nó úsáideoirí deiridh roimhe sin, nó trína thabhairt le tuiscint go bhféadfadh rioscaí a bhaineann le sábháilteacht teacht as a deisiú;
(b) toirmeasc a chur ar aon teicníc chonarthach, crua-earraí nó bogearraí lena bhféadfaí deisiú a chosc nó a theorannú agus toirmeasc a chur ar dhiúltú earra a dheisiú a deisíodh roimhe sin ag deisitheoir neamhspleách, deisitheoir neamhghairmiúil nó úsáideoir deiridh.
Leasú 60 Togra le haghaidh treorach Airteagal 10 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar i gcónaí ceart chun deisiúcháin don táirge a chumhdaítear le linn a ré le ráthaíochtaí tráchtála i leith marthanachta a dhíoltar sa bhreis ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht faoi Threoir (AE) 2019/771. Agus an ráthaíocht tráchtála á cur chun cinn acu, áiritheoidh táirgeoirí go soláthrófar achoimre ar choinníollacha na ráthaíochta tráchtála ar bhealach soiléir agus beacht, ionas go mbeidh tomhaltóirí go hiomlán ar an eolas faoina gcearta agus nach gcuirfear ar míthreoir iad.
Leasú 61 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 1 a (nua)
1a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:
(a) cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;
(b) acmhainní airgeadais agus méid an fhiontair lena mbaineann;
(c) aon ghníomhaíocht a rinne an díoltóir nó an táirgeoir chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;
(d) aon sáruithe a rinne an díoltóir nó an táirgeoir roimhe seo;
(e) na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an díoltóir nó an táirgeoir, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;
(f) pionóis arna bhforchur ar an díoltóir nó ar an táirgeoir as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(g) aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis.
Leasú 62 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 1 b (nua)
1b. I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar iontu an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, gurb ionann uasmhéid na bhfíneálacha sin agus 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an táirgeora sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.
Leasú 63 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 1 c (nua)
1c. I gcásanna ina bhfuil fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 1b, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an táirgeora ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh a n-uasmhéid EUR 2 mhilliún ar a laghad.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1, faoi cheann 24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus faoi na bearta dá dtagraítear i mír 1, faoi cheann 18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
(-1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1), pointe (d):
beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.
‘(d) beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, indeisitheacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú’
InAirteagal 13(2) de Threoir (AE) 2019/771, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:
(a) imír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘De mhaolú ar an gcéad abairt den mhír seo, i gcás ina bhfuil na costais le haghaidh athsholáthair cothrom leis na costais deisiúcháin nó níos airde, déanfaidh an díoltóir na hearraí a dheisiú chun na hearraí sin a thabhairt i gcomhréireacht.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina bhfuil na costais le haghaidh athsholáthair cothrom leis na costais deisithe nó níos mó ná iad, déanfaidh an díoltóir na hearraí a dheisiú chun na hearraí sin a thabhairt chun comhréireachta, ach amháin má tá an deisiú dodhéanta go fíorasach nó go dlíthiúil nó má chruthaíonn sé míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir’
Leasú 67 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 – pointe b (nua) Treoir (AE) 2019/771 Airteagal 13 – mír 3 a (nua)
(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘3a. I gcás ina roghnaíonn an tomhaltóir deisiú mar an leigheas chun go dtabharfar na hearraí chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir a iarraidh go díreach ar an táirgeoir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta. Má chomhlíonann an táirgeoir an iarraidh sin, meastar go n-urscaoileann sé an díoltóir óna dhliteanas de bhun Airteagal 10.
Leasú 68 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 – pointe c (nua) Treoir (AE) 2019/771 Airteagal 13 – mír 4 a (nua)
(c) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘4a. I gcás, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, inar tugadh an t-earra chun comhréireachta trína deisiú, beidh an díoltóir nó an táirgeoir faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta a bhí ann an tráth a fuair an tomhaltóir na hearraí deisithe agus a thagann chun solais laistigh de bhliain amháin tar éis an ama sin ar choinníoll gur choinnigh nó gur thug na Ballstáit isteach comhréireacht an earra bhunaidh i gcomhréir le hAirteagal 10, míreanna 1, 2 nó 3. Ní bheidh feidhm ag an méid sin má dheisigh an díoltóir na hearraí go rathúil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 10. Gan dochar d’Airteagal 7(3), beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Beidh an mhír seo gan dochar do theorainneacha ama eile faoi Airteagal 10 agus d’éilimh bhreise an tomhaltóra.’
Leasú 69 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua) – pointe a (nua) Treoir (AE) 2019/771 Airteagal 14 – mír 1
(1a) leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
1. Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:
‘1. Déanfar deisithe a chur i gcrích:
(a) saor in aisce;
(a) saor in aisce;
(b) laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta; agus
(b) laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin deisiú;
(c) gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.
(c) gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh; agus
(ca) ag brath ar shainiúlachtaí na catagóire táirgí ábhartha, go háirithe maidir lena buan-infhaighteacht don tomhaltóir, soláthróidh an díoltóir earra athsholáthair don tomhaltóir saor in aisce, lena n-áirítear earra athchóirithe ar iasacht mura féidir an deisiú a chur i gcrích le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe b).
Leasú 70 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 a (nua) – pointe b (nua) Treoir (AE) 2019/771 Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
(b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a. Déanfar athsholáthar:
(a) saor in aisce;
(b) laistigh de thréimhse réasúnach ama ón uair a chuir an tomhaltóir an díoltóir ar an eolas faoin easpa comhréireachta;
(c) gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an cuspóir a raibh na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir ina leith á gcur san áireamh.
(d) arna iarraidh sin go sainráite don tomhaltóir, trí earra athchóirithe a thairiscint.’;
Leasú 71 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua) – pointe c (nua) Treoir (AE) 2019/771 Airteagal 14 – mír 4 a (nua)
(c) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘4a.I gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir, de bhun Airteagal 13(3a), go ndéanfaidh an táirgeoir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta trí na ndeisiú, measfar gurb é an táirgeoir an díoltóir chun críche an Airteagail seo.’
Leasú 72 Togra le haghaidh treorach Airteagal 12 – mír 1 – pointe 1 b (nua) Treoir (AE) 2019/771 Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
(1b) in Airteagal 17 cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
‘1a.Tá an ráthaíocht tráchtála gan dochar do cheart an tomhaltóra de bhun Airteagal 13(3a) rogha a dhéanamh don táirgeoir earra nach bhfuil i gcomhréireacht a dheisiú. Aon téarmaí de chuid na ráthaíochta tráchtála a dhíspreagann an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as a cheart de bhun Airteagal 13(3ú), measfar iad a bheith ar neamhní.’
Leasú 73 Togra le haghaidh treorach Airteagal 14 a (nua)
Airteagal 14a
Tuarascáil mheastóireachta
1. Faoi cheann 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus measúnú ar a rannchuidiú, agus go háirithe Airteagail 5, 9a agus 12, le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, leis an ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus leis an bhfeabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí, mar aon lena dtionchar ar ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Maidir le hAirteagal 7, déanfaidh sé meastóireacht agus measúnú ar éifeachtacht na n-ardán ar líne le haghaidh deisiú bunaithe ar shonraí ó Bhallstáit aonair, ina bhfuil faisnéis faoin líon soláthraithe seirbhísí deisiúcháin gníomhacha, tomhaltóirí agus líon na n-idirbheart a dhéantar.
2. Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil ar na príomhthorthaí agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún í. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.
3. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) agus (2) ná ag Airteagal 6 den Treoir seo maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar arna dtabhairt i gcrích roimh [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1) agus (2) ná ag Airteagal 6 den Treoir seo maidir le conarthaí chun seirbhísí deisiúcháin a sholáthar arna dtabhairt i gcrích roimh [18 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin [24 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin [18 mí tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0316/2023).
Creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta tháirgí teicneolaíochta glan-nialasacha an Aontais a neartú (An Gníomh um Thionscal Glan-nialasach)
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161 – C9-0062/2023 – 2023/0081(COD))(1)
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a néartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),
ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(-1) Is é príomhchuspóir meántéarmach bheartas tionsclaíoch na hEorpa cur ar chumas thionscal an Aontais na haistrithe fuinnimh, aeráide, comhshaoil agus digiteacha a chur chun feidhme, agus ag an am céanna a iomaíochas ar an margadh domhanda a chaomhnú, poist ardcháilíochta a chothabháil san Eoraip agus a cumas nuálaíochta agus táirgthe san Eoraip a neartú, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí glana.
(1) Tá an tAontas tiomanta do dhícharbónú luathaithe a gheilleagair agus d’úsáid uaillmhianach foinsí fuinnimh in-athnuaite chun an aeráidneodracht nó astaíochtaí glan-nialasachta (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach faoi 2050. Tá an cuspóir sin i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Straitéis Eorpach nuashonraithe maidir le Tionsclaíocht, agus i gcomhréir le tiomantas an Aontais do ghníomhú domhanda ar son na haeráide faoi Chomhaontú Pháras(5). Chun sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach, le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) leagtar síos sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir leis an aeráid chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Is é is aidhm don phacáiste ‘Oiriúnach do 55’(7) atá beartaithe sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus déanann sé athbhreithniú agus nuashonrú ar reachtaíocht an Aontais ina leith sin.
(1a) Mar a leagtar amach i bPlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, ní mór don Aontas bearta a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leis dlús a chur leis an gclaochlú tionsclaíoch glan-nialasachta sa bhaile. Is cuid de na bearta sin é an Rialachán sin agus tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar an gcás gnó le haghaidh dícharbónú tionsclaíoch san Aontas.
(1b) Ar mhaithe le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, tá sé ríthábhachtach díriú níos mó ar chiorclaíocht agus ar shaolré fada teicneolaíochtaí chun athléimneacht thionscal monaraíochta an Aontais a neartú, agus a thionchair chomhshaoil a laghdú chun rannchuidiú lena iomaíochas inbhuanaithe.
(2) Leis an Margadh Aonair, soláthraítear an timpeallacht iomchuí chun rochtain ar na teicneolaíochtaí is gá a chumasú ar an scála agus ar an luas atá ag teastáil chun uaillmhian aeráide an Aontais a bhaint amach chomh maith le gealltanas an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun iomaíochas inbhuanaithe a dhéanamh den dícharbónú. I bhfianaise chastacht agus chineál trasnáisiúnta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, le bearta náisiúnta neamh-chomhordaithe chun rochtain ar na teicneolaíochtaí sin a áirithiú, d’fhéadfaí an iomaíocht a shaobhadh agus an Margadh Aonair a ilroinnt. Dá bhrí sin, chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a chosaint, ní mór creat dlíthiúil comhchoiteann de chuid an Aontais a chruthú chun aghaidh a thabhairt le chéile ar an dúshlán lárnach sin trí athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais a mhéadú i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta.
(2a) Ba cheart aon shlógadh státchabhrach a bheith spriocdhírithe agus sealadach, agus ba cheart di a bheith comhsheasmhach le cuspóirí beartais an Aontais amhail an Comhaontú Glas agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Níor cheart éagothromaíochtaí breise idir na Ballstáit a bheith mar thoradh ar mhaoiniú den sórt sin i gcomhréir le beartais iomaíochta agus chomhtháthaithe an Aontais.
(2b) Measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh go mbeidh luach thart ar USD 650 billiún in aghaidh na bliana ar an margadh domhanda le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí fuinnimh ghlain ollmhonaraithe faoi 2030, rud atá níos mó ná trí oiread an leibhéil reatha. Tá an tionscal glan-nialasachta ar fud an domhain ag fás ag ráta atá ag méadú, go feadh méid an éilimh a sháraíonn an soláthar uaireanta. Tá tionscal an Aontais ina chuid de gheilleagar sóisialta margaidh atá oscailte, dírithe ar onnmhairiú, dian ar chaipiteal agus nach féidir rathúnas a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais leis ach amháin má tá sé iomaíoch ar an margadh domhanda agus oscailte dó. Ba cheart uaillmhian an Aontais maidir leis an tionscal glan-nialasachta a ailíniú leis sin agus ba cheart é a bheith mar aidhm leis sciar suntasach den mhargadh domhanda a ghabháil.
(3) Maidir le gnéithe seachtracha, cuirfidh an tAontas dlús lena iarrachtaí dul i gcomhar le comhpháirtithe oscailte daonlathacha atá tiomanta do Chomhaontú Pháras. Maidir le margaí atá ag teacht chun cinn agus geilleagair atá i mbéal forbartha, féachfaidh an tAontas le comhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe do chách a bhaint amach faoi chuimsiú Straitéis Global Gateway an Aontais, lena gcuirtear le héagsúlú a shlabhra soláthair amhábhar, spriocanna domhanda aeráide a bhaint amach chomh maith le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta an t-aistriú dúbailte a shaothrú agus breisiú luacha áitiúil a fhorbairt.
(4) Chun na gealltanais sin a chomhlíonadh, ní mór don Aontas dlús a chur lena luas aistrithe chuig geilleagar glan-nialasachta, lena n-áirítear trí sciar an fhuinnimh ghlain ina mheascán fuinnimh a mhéadú, agus trí éifeachtúlacht fuinnimh agus sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú. Cuideoidh sé sin le spriocanna an Aontais i bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta do 2030 a bhaint amach, is é sin ráta fostaíochta 78 % ar a laghad agus rannpháirtíocht 60 % ar a laghad de dhaoine fásta in gcúrsaí oiliúna. Cuideoidh sé freisin chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú glas cóir agus cothrom(8).
(5) Leis na praghsanna fuinnimh níos airde mar gheall ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, tugadh spreagadh láidir chun dlús a chur le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus athléimneacht an Aontais Fuinnimh a threisiú trí dhlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas agus trí dheireadh a chur le haon spleáchas ar bhreoslaí iontaise a onnmhairítear ó Chónaidhm na Rúise. Tá ról lárnach ag plean REPowerEU(9) maidir le freagairt a thabhairt ar an gcruatan agus ar an gcur isteach ar an margadh fuinnimh domhanda a tharla mar gheall ar an ionradh a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin. Is é is aidhm don phlean sin dlús a chur leis an aistriú fuinnimh san Aontas Eorpach, chun ídiú gáis agus leictreachais an Aontais a laghdú agus borradh a chur faoi infheistíochtaí maidir le himscaradh réiteach ísealcharbóin fuinneamhéifeachtúil. Leagtar amach sa phlean sin inter alia na spriocanna chun acmhainneacht fhótavoltach gréine a dhúbailt faoi 2025 agus 600 GW d’acmhainneacht fhótavoltach gréine a shuiteáil faoi 2030; an ráta úsáide teaschaidéal a mhéadú faoi dhó; 10 milliún tona de hidrigin in-athnuaite intíre a thairgeadh faoi 2030; agus táirgeadh bithmheatáin a mhéadú go mór suas le 35 bhilliún méadar ciúbach faoi 2030. Leagtar amach sa phlean freisin, chun spriocanna REPowerEU a bhaint amach, go mbeidh gá le soláthar an trealaimh fuinnimh ísealcharbóin agus na n-amhábhar criticiúil a éagsúlú, leis na spleáchais earnála a laghdú, le bacainní sa slabhra soláthair a shárú agus le hacmhainneacht mhonaraíochta teicneolaíochta fuinnimh ghlain an Aontais a leathnú. Mar chuid d’iarrachtaí an Choimisiúin sciar an fhuinnimh in-athnuaite i nginiúint cumhachta, i dtionscail, i bhfoirgnimh agus in iompar a mhéadú, molann sé an sprioc sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite a mhéadú go 45 % faoi 2030 agus an sprioc sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a mhéadú go 13 %. Leis sin, bheadh na hacmhainneachtaí iomlána giniúna fuinnimh in-athnuaite 1 236 GW faoi 2030, i gcomparáid le 1 067 GW faoi 2030 atá beartaithe faoi thogra 2021, agus tiocfaidh méadú ar na riachtanais stórála le ceallraí chun déileáil leis an eadrannacht san eangach leictreachais. Ar an gcuma chéanna, beartais a bhaineann le dícharbónú na hearnála bóithre, amhail Rialachán (AE) 2019/631(10) agus Rialachán (AE) 2019/1242(11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh siad ina spreagadh láidir chun earnáil an iompair de bhóthar a leictriú a thuilleadh agus, ar an gcaoi sin, an t-éileamh ar cheallraí a mhéadú.
(6) Tá athruithe tionsclaíocha, eacnamaíocha agus geopholaitiúla ollmhóra ann cheana féin ar fud an domhain mar gheall ar an gclaochlú i dtreo na glan-nialasachta, rud a bheith níos suntasaí ná riamh de réir mar a théann an domhan chun cinn sna hiarrachtaí dícharbónaithe atá á ndéanamh aige. Leis an gconair i dtreo geilleagar aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní agus glan-nialasach, tugtar deiseanna láidre chun tionscal glan-nialasachta an Aontais a leathnú, agus úsáid á baint as neart an Mhargaidh Aonair, trí infheistíocht a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta ▌agus sna slabhraí soláthair atá acu. Is iad sin na teicneolaíochtaíis gá chun cuspóirí na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a bhaint amach, rud a rannchuidíonn le hathléimneacht agus iomaíochas thionscal an Aontais, rud a fhágann gur féidir ár n-earnálacha eacnamaíocha a dhícharbónú, ón soláthar fuinnimh go dtí an earnáil iompair, foirgnimh agus tionscal. Is féidir le tionscal glan-nialasachta láidir laistigh den Aontas ▌cuidiú go mór le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach go héifeachtach, chomh maith le tacú le cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais, amhail poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chruthú, trí bhonn tionsclaíoch a chruthú a bheidh dírithe ar onnmhairiú agus ar sholáthar intíre.
(7) Chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach, ní mór tosaíocht a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh. Is é coigilt fuinnimh an bealach is saoire, is sábháilte agus is glaine chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is prionsabal foriomlán de chuid bheartas fuinnimh an Aontais ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ agus tá sé tábhachtach i dtaca le cur i bhfeidhm praiticiúil an bheartais agus na hinfheistíochta araon. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais a leathnú le haghaidh teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh, amhail teaschaidéil agus teicneolaíochtaí eangaí cliste, rudaí a chuidíonn leis an Aontas a ídiú fuinnimh a laghdú agus a rialú.
(8) Maidir le cuspóirí dícharbónaithe an Aontais, slándáil an tsoláthair fuinnimh, digitiú an chórais fuinnimh agus éileamh a leictriú, mar shampla i dtaca le soghluaisteacht agus an gá atá le pointí mearluchtaithe, tá gá le leathnú ollmhór ar eangacha leictreachais san Aontas ▌ina leith, ar leibhéal an tarchurtha agus ar an leibhéal dáileacháin araon. Ar leibhéal an tarchurtha, tá gá le córais srutha dhírigh ardvoltais chun fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a nascadh; ar an leibhéal dáileacháin, trí sholáthraithe leictreachais a nascadh agus solúbthacht ar thaobh an éilimh a bhainistiú, tógtar ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí eangaí nuálacha, amhail luchtú cliste feithiclí leictreacha, éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus uathoibriú tionscail agus rialuithe cliste, ard-infreastruchtúr méadraithe agus córais bainistíochta fuinnimh sa bhaile. Tá gá ag an eangach leictreachais a bheith ag idirghníomhú le go leor gníomhaithe nó gairis bunaithe ar leibhéal mionsonraithe inbhraiteachta, agus, dá bhrí sin, ar infhaighteacht sonraí, chun solúbthacht, luchtú cliste agus foirgnimh chliste a chumasú le heangacha cliste fuinnimh agus seirbhísí solúbhthachta ar mhionscála lena gcumasófar freagairt don éileamh ó thomhaltóirí agus glacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh. Chun na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a nascadh le líonra an Aontais▌, is gá leathnú mór a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí monaraíochta le haghaidh eangacha leictreachais i réimsí amhail cáblaí, fostáisiúin agus claochladáin amach ón gcósta agus ar tír.
(8a) Trí ghníomhaíocht thionsclaíoch a bhraisliú atá dírithe ar siombóis thionsclaíoch, is féidir tionchar na ngníomhaíochtaí ar an gcomhshaol a íoslaghdú chomh maith le gnóthachain éifeachtúlachta a chur ar fáil don tionscal. Dá réir sin, is féidir le braisliú rannchuidiú go mór le cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin; cuirtear chun cinn leis an Rialachán sin forbairt Ghleannta um an Tionscal Glan-nialasachta (Gleannta). Ba cheart go mbeadh na Gleannta sin teoranta ó thaobh raon feidhme geografach agus teicneolaíochta de chun siombóis thionsclaíoch a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit na gleannta a ainmniú agus ba cheart Plean ina mbeadh bearta nithiúla náisiúnta a bheith ag gabháil le gach ainmniú chun cur le tarraingteacht an Ghleanna mar shuíomh le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta. Ba cheart gleannta a úsáid go háirithe mar uirlis chun réigiúin a ath-thionsclú, go háirithe i gcás réigiúin ghuail atá i mbun aistrithe.
(8b) Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann Gleannta a ainmniú agus tacú leo. Agus Gleann á ainmniú aige, ba cheart don Bhallstát plean a tharraingt suas don Ghleann ina sonrófar cé acu gníomhaíocht monaraíochta ghlan-nialasachta atá le cumhdach sa Ghleann (Plean). Ba cheart don Bhallstát measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh freisin de réir mar is gá le haghaidh na ngníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta atá le tarlú sa Ghleann. Leis an measúnú tionchair sin, cuirtear teorainn suntasach leis an ngá atá ann do ghnóthais na measúnuithe sin a dhéanamh le haghaidh ceadanna do na gníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta i raon feidhme an Ghleanna. Ba cheart go n-áireofaí sa Phlean torthaí na measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol chomh maith leis na bearta náisiúnta atá le déanamh chun an tionchar diúltach ar an gcomhshaol a íoslaghdú nó a mhaolú. Ba cheart bearta nithiúla náisiúnta a áireamh sa Phlean freisin chun tacú le gníomhaíocht thionsclaíoch faoi raon feidhme an Ghleanna. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin bearta chun infheistíocht phríobháideach a dhéanamh i mbonneagar fuinnimh, digiteach agus iompair nó chun infheistíocht phríobháideach sa bhonneagar sin a spreagadh, chomh maith le bearta chun an caiteachas oibríochtúil ar an tionscal sa Ghleann a laghdú, amhail conarthaí difríochta le haghaidh praghsanna fuinnimh. Bearta eile atá le breithniú is ea bearta chun cosaint maoine intleachtúla a neartú, mol nuálaíochta a bhunú i nGleann chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta a mhealladh chuig an nGleann. Chun slándáil infheistíochta a sholáthar don tionscal, ba cheart fad na mbeart tacaíochta a shonrú sa Phlean freisin.
(9) Tá gá le hiarracht bhreise beartais chun tacú leis na teicneolaíochtaí sin atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus a bhfuil acmhainneacht mhaith acu méadú go tapa chun tacú le spriocanna aeráide an Aontais, slándáil an tsoláthair fuinnimh le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair a fheabhsú, agus chun athléimneacht agus iomaíochas foriomlán chóras fuinnimh an Aontais a chosaint nó a neartú. Áirítear leis rochtain ar fhoinse breoslaí shábháilte agus inbhuanaithe den aicme is fearr, mar a thuairiscítear in aithris 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún.
(10) Chun cuspóirí 2030 a bhaint amach, tá gá le fócas ar leith ar tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, freisin i bhfianaise a rannchuidiú mór i dtreo na conaire i dtreo na glan-nialasachta a bhaint amach faoi 2050. Tá ról lárnach ag na tionscadail sin in uathriail straitéiseach oscailte an Aontais, rud a áirithíonn go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhuinneamh glan, inacmhainne, slán. I bhfianaise an róil atá acu, ba cheart go mbainfeadh na tionscadail sin tairbhe as nósanna imeachta ceadaithe níos tapúla, ba cheart an stádas náisiúnta is airde is féidir a fháil a chur ar fáil dóibh faoin dlí náisiúnta agus tairbhe a bhaint as tacaíocht bhreise chun infheistíochtaí a phlódú isteach. Chun go n-aithneofar é mar thionscadal straitéiseach, ba cheart don tionscnóir tionscadail na hoibleagáidí is infheidhme a chomhlíonadh i réimsí an dlí shóisialta agus saothair arna mbunú le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
(10a) Ba cheart tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a chur chun feidhme go hinbhuanaithe trí bheith ag brath ar úsáid cleachtas lena mbaineann freagracht shóisialta lena n-áirítear cearta an duine agus cearta saothair a urramú, rannpháirtíocht fhiúntach a dhéanamh le pobail áitiúla, agus trí bheith ag brath ar chleachtais gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leordhóthanacha um chomhlíonadh chun an riosca go n-imreofar drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht.
(11) Chun a áirithiú go mbeidh an córas fuinnimh a bheidh ag an Aontas amach anseo athléimneach, ba cheart an t-uas-scálú sin a dhéanamh feadh shlabhra soláthair iomlán na dteicneolaíochtaí atá i gceist, i gcomhlántacht iomlán leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla.
(11a) Ó 2007 i leith agus teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 22 Samhain 2007 dar teideal A European Strategic Energy Technology Plan (Set-Plan) - Towards a low carbon future [Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET) - I dtreo todhchaí ísealcharbóin] agus an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hathbhreithniú an Phlean Straitéisigh Fuinnimh (SET), tá nuálaíocht an Aontais i dteicneolaíochtaí fuinnimh á spreagadh ag an bPlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET). Dá bhrí sin, chuir Plean SET go mór le bonn eolais láidir ar theicneolaíochtaí fuinnimh agus bhí sé ríthábhachtach chun tosaíochtaí straitéiseacha maidir le taighde, nuálaíocht agus cur in úsáid teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a ailíniú. Chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a chuspóirí iomlána neodrachta carbóin a bhaint amach faoi 2050, ní mór an bonn eolais sin a ghiaráil agus a fheabhsú tuilleadh. Dá bhrí sin, is ionstraim dho-athsholáthair é Plean SET chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach agus is cnámh droma é do chlár oibre nuálaíochta an Rialacháin sin.
(12) In 2020, ghlac an Coimisiún ▌Straitéis an Aontais Eorpaigh um Comhtháthú Córas Fuinnimh. Leagadh amach sa straitéis fís maidir leis an gcaoi dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh níos comhtháite, córas a thacaíonn le geilleagar aeráidneodrach ar an gcostas is ísle ó earnáil go chéile. Cuimsítear leis trí choincheap chomhlántacha a threisíonn a chéile: ar an gcéad dul síos, córas fuinnimh níos ciorclaí, agus an éifeachtúlacht fuinnimh ina chroílár; ar an dara dul síos, leictriú díreach níos mó in earnálacha na n-úsáideoirí deiridh; ar an tríú dul síos, breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, lena n-áirítear hidrigin▌. Tagraíonn breithnithe a bhaineann le comhtháthú an chórais fuinnimh do réitigh chun an leictreachas ar fad arna ghiniúint ag suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú go hiomlán sa chóras fuinnimh níos leithne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, réitigh theicniúla a ghlacadh lenar féidir farasbarr leictreachais arna ghiniúint ag suiteálacha leictreachais in-athnuaite a chomhtháthú, lena n-áirítear trína stóráil agus trí fhoinsí cumhachta inphleanáilte saor ó iontaisí a leathnú san eangach, sna foirmeacha éagsúla agus trí bhainistiú ar an éileamh.
(12a) Is teicneolaíocht é gabháil agus stóráil dé-ocsaíde carbóin (CCS) a chuirfidh leis an athrú aeráide a mhaolú. Is éard atá i gceist leis dé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch faoi thalamh chun críocha buanstórála.
(13) Tá teipthe ar chomhordú a dhéanamh ar réitigh gabhála agus stórála carbóin a fhorbairt don tionscal. Ar an gcéad dul síos, d’ainneoin na dreasachta praghais CO2 atá ag fás, arna soláthar ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais chun go ndéanfaidh tionscal infheistíochtaí in astaíochtaí CO2 a ghabháil, rud lena ndéanfar na hinfheistíochtaí sin marthanach ó thaobh na heacnamaíochta de, tá riosca mór rompu nach mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar láithreán stórála geolaíoch ceadaithe. Ar an dara dul síos, bíonn costais tosaigh roimh infheisteoirí sna chéad láithreáin stórála CO2 chun iad a aithint, a fhorbairt agus a mheas fiú sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar chead stórála rialála. Trédhearcacht maidir le hacmhainneacht stórála CO2 fhéideartha i dtéarmaí oiriúnacht gheolaíoch na limistéar ábhartha agus na sonraí geolaíocha atá ann cheana, go háirithe de thoradh thaiscéaladh láithreán táirgthe hidreacarbóin, is féidir leis an trédhearcacht sin tacú le hoibreoirí margaidh a n-infheistíochtaí a phleanáil. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí agus tuairisciú a dhéanamh go tráthrialta le peirspictíocht fhadtéarmach maidir leis an dul chun cinn láithreáin stórála CO2 agus na riachtanais chomhfhreagracha maidir le hacmhainneachtaí insteallta agus stórála thuas a fhorbairt, chun an sprioc ar fud an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach i gcomhpháirt. Ar an tríú dul síos, níl tionscadail stórála CO2 inmharthana go heacnamaíoch ach amháin nuair is ann do chás gnó feadh an tslabhra luacha iomláin, lena n-áirítear iompar. Dá bhrí sin, ba cheart beartais agus bearta éifeachtacha Aontais agus náisiúnta a bheith ag gabháil le haon oibleagáidí stórála dlíthiúla chun comhordú agus infheistíocht ar fud an tslabhra luacha a áirithiú.
(14) Is scrogall ríthábhachtach d’infheistíochtaí gabhála carbóin atá ag éirí níos inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de í infhaighteacht láithreán stórála CO2 san Aontas, rud atá mar bhonn agus mar thaca leis na dreasachtaí ó Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12). Chun an teicneolaíocht a uas-scálú agus chun cur leis na príomhacmhainneachtaí atá aige, ní mór don Aontas soláthar réamhbhreathnaitheach de láithreáin stórála CO2 gheolaíocha bhuana a fhorbairt, ar láithreáin iad a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2009/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13). Trí sprioc de chuid an Aontais, mar atá 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil a shainiú faoi 2030, i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí a bhfuil coinne leo in 2030, is féidir leis na hearnálacha ábhartha a n-infheistíochtaí a chomhordú i dtreo shlabhra luacha Aontais um iompar agus stóráil glan-nialasachta CO2, slabhra ar féidir le hearnálacha a úsáid chun a n-oibríochtaí a dhícharbónú. Leis an gcur in úsáid tosaigh sin, tacófar le stóráil CO2 bhreise i dtéarmaí 2050 freisin. Dé réir mheastacháin an Choimisiúin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Aontas suas le 550 milliún tona CO2 a ghabháil in aghaidh na bliana faoi 2050 chun an cuspóir glan-nialasachta a bhaint amach, lena n-áirítear an cuspóir le haghaidh aistrithe carbóin. Leis an gcéad acmhainneacht stórála ar an scála tionsclaíoch sin, bainfear an riosca d’infheistíochtaí chun astaíochtaí CO2 a ghabháil mar uirlis thábhachtach chun aeráidneodracht a bhaint amach. I bhfianaise na gceanglas stórála a bhfuiltear ag súil leo in 2050, ní mór margadh stórála CO2 an Aontais a chomhlánú le margadh a chumhdaíonn tríú tíortha san Eoraip a bhfuil acmhainneacht mhór stórála acu. Nuair a dhéanfar an rialachán seo a ionchorprú i gComhaontú LEE, déanfar sprioc an Aontais ▌acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil ▌a choigeartú dá réir sin. Chun a áirithiú go mbainfear amach sprioc an Aontais, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid tionscadal gabhála agus stórála carbóin a éascú agus a dhreasú. Ba cheart go bhféadfaí a áireamh i mbearta den sórt sin bearta chun astaírí a dhreasú chun astaíochtaí a ghabháil, tacaíocht maoinithe d’infheisteoirí don bhonneagar is gá chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála agus chun tionscadail stórála CO2 a chistiú go díreach.
(15) Tríd na láithreáin stórála CO2 a chuireann le sprioc 2030 an Aontais mar thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, nóthionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a shainiú, is féidir dlús a chur le forbairt láithreán stórála CO2 agus é sin a éascú, agus is féidir an t-éileamh tionsclaíoch méadaithe maidir le láithreáin stórála a threorú i dtreo na láithreán stórála is costéifeachtaí. Tá méadú ag teacht ar líon na ngort gáis agus ola atá ag deireadh a saolré táirgthe úsáideach a d’fhéadfaí a thiontú ina láithreáin stórála CO2. Anuas air sin, dhearbhaigh an tionscal ola agus gáis a dhiongbháilte atá sé tabhairt faoi aistriú fuinnimh agus tá na sócmhainní, na scileanna agus an t-eolas is gá aige chun láithreáin stórála bhreise a iniúchadh agus a fhorbairt. Chun sprioc an Aontais 50 milliún tona d’acmhainneacht insteallta CO2 bhliantúil oibríochtúil a bhaint amach faoi 2030, ní mór don earnáil a rannchuidiú a chomhthiomsú chun a áirithiú go mbeidh gabháil agus stóráil carbóin mar réiteach aeráide ar fáil sula dtiocfaidh an t-éileamh. Chun a áirithiú go ndéanfar láithreáin stórála CO2 a fhorbairt ar bhealach tráthúil costéifeachtach ar fud an Aontais i gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta, ba cheart do cheadúnaithe táirgthe ola agus gáis san Aontas rannchuidiú leis an sprioc sin ar bhonn pro rata dá n-acmhainneacht mhonaraíochta ola agus gáis, agus solúbthacht á soláthar an tráth céanna chun comhoibriú agus chun rannchuidiú eile ó thríú páirtithe a chur san áireamh. Ba cheart do cheadúnaithe táirgthe ola agus gáis laistigh den Aontas gach iarracht a dhéanamh laistigh dá n-údarás na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh d’fhonn a rannchuidiú faoi seach a chomhlíonadh chun acmhainneacht bhliantúil oibríochtúil insteallta CO2 a bhaint amach. Mar sin féin, ba cheart na hiarrachtaí sin a bheith faoi réir teorainneacha oibiachtúla tráchtála, airgeadais, teicniúla, dlíthiúla agus comhshaoil nach bhfuil neart ag na cuideachtaí sin orthu, a bhféadfadh tionscadail stórála aonair a bheith mar thoradh orthu, d’ainneoin iarrachtaí réasúnta agus stuama ó thaobh na tráchtála de, toisc nach féidir iad a chur i gcrích go hoibiachtúil in am chun na hoibleagáidí a leagtar amach faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
(15a) Tá gá le hiarrachtaí beartais breise chun tacú le hiompar trasteorann CO2 toisc go dtoirmeasctar ar dtús le Prótacal Londan onnmhairiú CO2 le haghaidh stóráil bhuan gheolaíoch faoi bhun ghrinneall na farraige. Rinne páirtithe conarthacha Prótacal Londan a leasú in 2009 chun iompar trasteorann CO2 a cheadú le haghaidh stóráil fho-ghrinneall na farraige, ach ní mór do dhá thrian de na páirtithe conarthacha an leasú a dhaingniú le teacht i bhfeidhm. Ní dócha go dtarlóidh sé sin go luath. Tá gá le hiarrachtaí beartais breise chun aghaidh a thabhairt ar an mbacainn ar imscaradh agus ar mhargadh inmheánach a chruthú d’iompar trasteorann CO2.
(15b) Tá iarracht bhreise beartais ríthábhachtach chun cur in úsáid na pleanála bonneagair trasteorann a chinntiú. Tá ról ríthábhachtach ag inrochtaineacht agus nascacht raon iomlán na socruithe iompair CO2 maidir le tionscadail CCS agus tionscadail Gabhála agus Stórála Carbóin (CCU) a imscaradh. Cumhdaítear le socruithe den sórt sin long, báirse, traein agus trucail chomh maith le saoráidí seasta chun nascadh agus duga a dhéanamh, le haghaidh leachtú, stóráil maolánach agus tiontairí CO2 i bhfianaise a n-iompair tuilleadh trí phíblínte agus i modhanna tiomnaithe iompair.
(15c) Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú agus síneadh leanúnach ar an sprioc maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 agus stóráil don tréimhse tar éis 2030 chun riachtanais an Aontais a léiriú chun a sprioc aeráide do 2040 agus neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 i sineirge le dlí gaolmhar an Aontais.
(15d) Trí CO2 gafa a úsáid i bpróisis táirgthe áirithe, is féidir CO2 a stóráil go buan agus/nó rannchuidiú le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart na heintitis uile a bhfuil baint acu le slabhra luacha na ngníomhaíochtaí insteallta CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo a spreagadh chun a mheas an bhféadfaí an CO2 atá le stóráil a stóráil go buan i dtáirgí nua nó an bhféadfadh sé tacú le cuspóirí an Aontais a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
(16) Chuidigh an tAontas le córas eacnamaíoch domhanda a chruthú atá bunaithe ar thrádáil oscailte, thrédhearcach agus riailbhunaithe, d’éiligh sé caighdeáin maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil agus maidir leis an aistriú aeráide a urramú agus a chur chun cinn, agus tá sé tiomanta go hiomlán do na luachanna sin. Tá sé d’aidhm ag an Aontas cothrom iomaíochta a bhaint amach, go háirithe trí chleachtais éagóracha trádála agus ró-acmhainneacht táirgeachta a chomhrac chun timpeallacht iomaíoch chothrom a áirithiú do thionscal an Aontais, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta (Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-Nialasachta), lena gcuirfear poist ardcháilíochta ar fáil d’oibrithe.
(17) Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus chun rannchuidiú le tacú le hathléimneacht chóras fuinnimh an Aontais agus le hiarrachtaí dícharbónaithe agus nuachóirithe, ní mór an acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta san Aontas a leathnú. Ní mór do mhonaróirí teicneolaíochtaí fótavoltacha gréine an Aontais a mbuntáiste iomaíoch a mhéadú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú, trí dhíriú ar 30 gigeavata ar a laghad d’acmhainneacht mhonaraíochta fótavoltaí gréine oibríochtúla a bhaint amach faoi 2030, ar fud an tslabhra luacha iomláin fhótavoltaigh gréine, i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i gComhghuaillíocht na hEorpa um an Tionscal Fótavoltach Gréine, a fhaigheann tacaíocht faoi Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh(14). Ní mór do mhonaróirí teicneolaíochtaí gaoithe agus teaschaidéal an Aontais a mbuntáiste iomaíoch a chomhdhlúthú agus a sciar reatha den mhargadh a choinneáil ar bun nó a leathnú le linn na deacáide seo, i gcomhréir le réamh-mheastacháin imlonnaithe teicneolaíochta an Aontais lena gcomhlíontar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais. Ciallaíonn sé sin acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais 36 GW ar a laghad maidir le gaoth agus, 31 GW ar a laghad maidir le teaschaidéil, in 2030. Ní mór do mhonaróirí ceallraí agus leictrealóirí an Aontais a gceannaireacht teicneolaíochta a chomhdhlúthú agus rannchuidiú go gníomhach leis na margaí sin a mhúnlú. I gcás teicneolaíochtaí ceallraí, chiallódh sé sin go rannchuideofaí le cuspóirí Chomhghuaillíocht na hEorpa um Cheallraí agus go mbeadh sé d’aidhm aige go bhfreastalódh monaróirí ceallraí an Aontais ar bheagnach 90 % d’éileamh ceallraí an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh acmhainneacht mhonaraíochta 550 GWh ar a laghad ag an Aontas in 2030. I gcás monaróirí leictrealóirí an Aontais, tá 10 milliún tona de tháirgeadh hidrigine in-athnuaite intíre agus suas le 10 milliún tona breise d’allmhairí hidrigine in-athnuaite faoi 2030 á dtuar ag REPowerEU. Chun a áirithiú go dtiocfaidh ceannaireacht tráchtála as ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais, arna tacú faoin Dearbhú Comhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan, ba cheart do mhonaróirí leictrealóirí an Aontais borradh breise a chur faoina n-acmhainneacht, ionas go sroichfeadh an acmhainneacht fhoriomlán suiteáilte leictrealóirí atá á húsáid 100 GW de hidrigin faoi 2030. Thairis sin, leagtar amach cuspóir sa phlean RePowerEU chun táirgeadh inbhuanaithe bithmheatáin a mhéadú go 35 bhilliún méadar ciúbach faoi 2030. Ós rud é go bhfuil a shlabhra soláthair bunaithe den chuid is mó san Eoraip sa lá atá inniu ann, rannchuidíonn bithmheatán le hathléimneacht an Aontais cheana féin, rud ba cheart a chur chun cinn tuilleadh.
(18) Agus na cuspóirí sin á gcur san áireamh le chéile, agus é á chur san áireamh an tráth céanna go bhfuil acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais íseal i gcás gnéithe áirithe den slabhra soláthair (amhail inbhéartóirí, chomh maith le grianchealla, sliseoga, agus uingí le haghaidh fuinneamh fótavoltach gréine nó catóidí agus anóidí le haghaidh ceallraí), ba cheart d’acmhainneacht bhliantúil mhonaraíochta an Aontais díriú ar 40 % ar a laghad de na riachtanais maidir le himscaradh bliantúil a bhaint amach faoi 2030 maidir leis na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a shainmhínítear sa Rialachán seo.Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdódh acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil teicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais ar a laghad 25 % den éileamh domhanda ar na teicneolaíochtaí comhfhreagracha.
(19) Trí acmhainneacht mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas ▌a mhéadú, méadófar chomh maith soláthar domhanda teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus an t-aistriú chuig forbairt eacnamaíoch ghlan ar fud an domhain freisin. In éineacht le bearta eile chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú, ba cheart go n-áiritheofaí freisin le bearta chun an acmhainneacht mhonaraíochta san Aontas a mhéadú gur cheart don Aontas ról ceannasach a imirt i gcodanna straitéiseacha den slabhra luacha, lena n-áirítear táirgí deiridh, chun an leibhéal cinnteachta soláthair a theastaíonn ón Aontas chun a chuspóirí aeráide a bhaint amach a áirithiú.
(20) An tráth céanna, cuirfidh táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta le hathléimneacht an Aontais agus le cinnteacht slándáil an tsoláthair fuinnimh de chuid an Aontais maidir le fuinneamh glan. Tá soláthar slán fuinnimh ghlain ina réamhriachtanas don fhorbairt eacnamaíoch, agus don ord poiblí agus don tslándáil freisin. Beidh tairbhe ag baint le táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta freisin d’earnálacha eacnamaíocha eile a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, amhail earnáil na feirmeoireachta agus táirgeadh bia trí rochtain ar fhuinneamh glan agus ar innealra ar phraghsanna iomaíocha a áirithiú, rud a chuirfidh ar bhealach inbhuanaithe le slándáil bia an Aontais agus a chuirfidh roghanna malartacha bithbhunaithe ar fáil tríd an ngeilleagar ciorclach. Ar an gcaoi chéanna, beidh fás eacnamaíoch agus folláine shóisialta mar thoradh ar chomhlíonadh uaillmhianta aeráide an Aontais.
(21) Braitheann monaraíocht teicneolaíochtaí glan-nialasachta ar shlabhraí luacha atá casta agus idirnasctha ar fud an domhain. Chun an t-iomaíochas a choinneáil ar bun agus chun na spleáchais straitéiseacha ar allmhairí atá ann faoi láthair maidir le táirgí teicneolaíochta glan-nialasacha agus maidir lena slabhraí soláthair a laghdú, agus cruthú táirgí nua atá ag brath ar allmhairí á seachaint an tráth céanna, ní mór don Aontas leanúint dá bhonn tionsclaíoch ▌a neartú agus a bheith níos iomaíche agus níos fabhraí don nuálaíocht. Ní mór don Aontas forbairt na hacmhainneachta mhonaraíochta a chumasú ar bhealach níos tapúla, níos simplí agus níos intuartha tríd an ualach rialála agus riaracháin ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha laistigh dá chríoch a laghdú agus cothrom iomaíochta a bhaint amach le hiomaitheoirí idirnáisiúnta. Go háirithe, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas, faoi 2030, laghdú 20 % a bhaint amach ar an ualach rialála ginearálta ar an tionscal, laghdú 40 % ar an ualach rialála atá ar tháirge nua a chur ar an margadh inmheánach, agus laghdú 40 % ar an ualach riaracháin do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart na hiarrachtaí sin a dhéanamh, go háirithe, laistigh den chreat um Rialáil Níos Fearr agus gan dochar do chaighdeáin chomhshaoil agus saothair an Aontais. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí sin ina Shuirbhé Bliantúil Ualaigh.
(21a) Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Aontas ar sholáthar slán agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta is gá chun athléimneacht an Aontais a choimirciú agus chun a spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, ní mór don mhargadh inmheánach a bheith ina thimpeallacht thacúil don nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. Beidh an nuálaíocht ina gné ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a áirithiú agus chun cuspóirí glan-nialasachta a bhaint amach a luaithe is féidir. I bhfianaise na bhforbairtí tapa ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta chomh maith leis an treoraíocht rialála shuntasach a sholáthraítear don aistriú glas, tá sé ríthábhachtach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go ndéanfar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag reachtaíocht agus tionscnaimh bheartais an Aontais ar nuálaíocht a mheas go críochnúil agus iad á n-ullmhú, á n-athscrúdú agus á n-athbhreithniú trí phrionsabal na nuálaíochta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Uirlis um Rialáil Níos Fearr #22 chomh maith leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2018 dar teideal A renewed European Agenda for Research and Innovation — Europe’s chance to shape its future [Clár Oibre Eorpach athnuaite don Taighde agus don Nuálaíocht — Deis na hEorpa a todhchaí a mhúnlú].
(21b) Tá tábhacht ar leith ag baint le laghdú na n-ualaí rialála agus riaracháin chomh maith le creat rialála oiriúnach a bheith acu do FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún Toscaire FBManna a cheapadh mar chomhairleoir dá Uachtarán. Ba cheart go mbeadh sainordú ag Toscaire na FBManna chun a áirithiú go léireofar go leordhóthanach leasanna FBManna i mbeartais agus i ngníomhartha dlí an Aontais. Ba cheart go mbeadh gach Coimisiún nua in ann Toscaire FBManna a cheapadh laistigh de shé mhí tar éis a cheapacháin féin.
(21c) Ba cheart na Conairí Aistrithe atá á bhforbairt i ndiaidh Straitéis Tionsclaíochta Nuashonraithe 2021 an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun cuspóirí an Rialacháin sin a léiriú agus ba cheart cumasóirí chomh maith le bacainní ar aistriú agus ar iomaíochas domhanda thionscal an Aontais a shainaithint.
(22) De bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) ba cheart do na Ballstáit dréachtaí nuashonraithe dá gcuid Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide 2021-2030 (PNFAnna) a chur isteach i mí an Mheithimh 2023. Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Treoraíocht ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú(16), ba cheart tuairisc a thabhairt sna pleananna nuashonraithe ar chuspóirí agus ar bheartais na mBallstát chun éascú a dhéanamh ar uas-scálú na dtionscadal monaraíochta maidir le teicneolaíochtaí, trealamh agus príomh-chomhpháirteanna ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá ar fáil ar bhonn tráchtála laistigh dá gcríoch. Ba cheart cur síos a dhéanamh sna pleananna sin freisin ar chuspóirí agus ar bheartais na mBallstát chun uas-scálú a bhaint amach trí iarrachtaí éagsúlaithe i dtríú tíortha, agus chun a chur ar a gcumas do thionscail na mBallstát astaíochtaí CO2 a ghabháil agus a stóráil go buan i láithreáin stórála gheolaíocha. Ba cheart na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin a bheith mar bhonn ar a gcinnfear an gá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta.
(23) Anuas air sin, leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach(17) cur chuige cuimsitheach chun tacú le huas-scálú teicneolaíochta fuinnimh ghlain bunaithe ar cheithre cholún. Is é is aidhm don chéad cholún timpeallacht rialála a chruthú lena simplítear agus lena gcuirtear dlús le ceadú láithreáin nua monaraíochta agus cóimeála teicneolaíochta glan-nialasachta agus lena n-éascaítear uas-scálú thionscal glan-nialasachta an Aontais. Is é an dara colún den phlean borradh a chur faoin infheistíocht i dtáirgeadh teicneolaíochta glan-nialasachta agus borradh a chur faoin maoiniú ina leith, tríd an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe athbhreithnithe a glacadh i mí an Mhárta 2023 agus trí Chiste Eorpach Ceannasachta a chruthú chun buntáiste an Aontais maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach a chaomhnú. Baineann an tríú colún le forbairt na scileanna is gá chun an t-aistriú a chur i gcrích agus chun líon na n-oibrithe oilte in earnáil na teicneolaíochta fuinnimh ghlain a mhéadú. Dírítear sa cheathrú colún ar thrádáil agus ar éagsúlú shlabhra soláthair na n-amhábhar criticiúil. Áirítear leis sin club amhábhar criticiúil a chruthú, lena n-oibrítear le comhpháirtithe atá ar aon intinn chun na slabhraí soláthair a neartú i dteannta a chéile agus chun éagsúlú a dhéanamh ar shiúl ó sholáthraithe aonair le haghaidh ionchur criticiúil.
(24) Faoin gcéad cholún, ba cheart don Aontas bonn tionsclaíoch a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun réitigh teicneolaíochta ghlan-nialasachta a sholáthar chun a sholáthar fuinnimh a dhaingniú, agus a uaillmhianta maidir le haeráidneodracht á gcomhlíonadh an tráth céanna. Chun tacú leis an sprioc sin agus chun spleáchais a sheachaint maidir le soláthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chuirfeadh moill ar iarrachtaí an Aontais maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó a chuirfeadh slándáil an tsoláthair fuinnimh i mbaol, leagfar amach sa Rialachán seo forálacha chun éileamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta inbhuanaithe athléimneacha a spreagadh.
(25) Le Treoracha 2014/23/AE(18), 2014/24/AE(19) agus 2014/25/AE(20)ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceadaítear cheana féin d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis a dhámhann conarthaí trí nósanna imeachta soláthair phoiblí, anuas ar chúrsaí praghsála nó costais, chun brath ar chritéir bhreise chun an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a shainaithint. Baineann na critéir sin, mar shampla, le cáilíocht na tairisceana lena n-áirítear saintréithe sóisialta, rialachais, comhshaoil agus nuálacha. Agus conarthaí le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta á ndámhachtain trí sholáthar poiblí, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha measúnú cuí a dhéanamh ar rannchuidiú na dtairiscintí le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht chomhshaoil agus shóisialta i ndáil le sraith critéar a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil, nuálaíocht, comhtháthú córais agus athléimneacht na tairisceana. Ní foláir d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha a áirithiú go gcaitear go cothrom le soláthraithe náisiúnta leis na nósanna imeachta a bhunaítear i mBallstáit eile agus chun neamh-idirdhealú a áirithiú agus critéir á mbunú acu.
(26) Is féidir critéir inbhuanaitheachta shóisialta a chur i bhfeidhm cheana féin faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair agus is féidir dálaí oibre agus cómhargáil a áireamh iontu i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Treoir 2014/23/AE, le hAirteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE agus le hAirteagal 36(2) de Threoir 2014/25/AE. Ba cheart do na húdaráis chonarthacha a mheas go rannchuidíonn na tairiscintí leis an inbhuanaitheacht shóisialta trí na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha, i bhfeidhmiú conarthaí poiblí dóibh, na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí dhlí saothair agus sóisialta an Aontais agus náisiúnta▌ agus i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sna forálacha idirnáisiúnta maidir leis an dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair a liostaítear in Iarscríbhinn X de Threoir 2014/23/AE, Iarscríbhinn X de Threoir 2014/24/AE agus Iarscríbhinn XIV de Threoir 2014/25/AE, agus fostaíocht tharraingteach a thairiscint.
(27) Gan dochar do reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le teicneolaíocht shonrach, lena n-áirítear faoin Togra maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos(21) agus faoin Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola(22), agus mura léirítear a mhalairt go sonrach iontu, le linn d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht comhshaoil réiteach glan-nialasachta arna soláthar ar bhonn an Rialacháin seo, spreagtar iad gnéithe éagsúla a bhfuil tionchar acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a chur san áireamh. Féadfar a áireamh orthu sin, mar shampla, marthanacht agus iontaofacht an réitigh; an éascaíocht maidir le deisiúchán agus cothabháil; an éascaíocht maidir le nuashonrú agus athriochtú; an éascaíocht maidir le cáilíocht agus athchúrsáil; substaintí áirithe a úsáid; ídiú fuinnimh, uisce agus acmhainní eile ag céim amháin nó níos mó de shaolré an táirge; meáchan agus toirt an táirge agus an pacáistiú atá aige; ionchorprú ábhar in-athnuaite nó comhpháirteanna úsáidte; cainníocht, saintréithe agus infhaighteacht na dtomhaltán is gá le haghaidh úsáid agus cothabháil chuí; lorg comhshaoil an táirge agus a thionchair ar an gcomhshaol ar feadh a shaolré; lorg carbóin an táirge; an scaoileadh micreaphlaisteach; astaíochtaí san aer, san uisce agus san ithir a scaoiltear in aon chéim saolré amháin nó níos mó den táirge; méideanna na dramhaíola a ghintear; na coinníollacha maidir le húsáid. I gcomhréir le Straitéis Chibearshlándála an Aontais, ba cheart d’údaráis chonarthacha le haghaidh tairiscintí faoin Rialachán seo diúltú do thairiscintí nár deimhníodh faoin scéim ábhartha um dheimhniú cibearshlándála.
(28) Chun críocha soláthar níos sláine a áirithiú trína chur san áireamh, laistigh de nós imeachta soláthair phoiblí, an gá le foinsí soláthair teicneolaíochtaí glan-nialasachta a éagsúlú ó fhoinsí aonair soláthair de réir bhrí Airteagal 19(2), agus gan dochar do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart a mheas nach bhfuil an soláthar éagsúlaithe go leordhóthanach ar a laghad i gcás ina ndéanfaidh foinse amháin níos mó ná 65 % den éileamh ar theicneolaíocht glan-nialasachta shonrach laistigh den Aontas a sholáthar.
(29) Chun críocha scéimeanna a bhunú a théann chun tairbhe do theaghlaigh, gnólachtaí, nó do thomhaltóirí, lena ndéantar ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a dhreasú, agus gan dochar do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart a mheas nach bhfuil an soláthar éagsúlaithe go leordhóthanach i gcás ina ndéanfaidh foinse aonair níos mó ná 50% den éileamh iomlán laistigh den Aontas ar theicneolaíocht glan-nialasachta shonrach a sholáthar▌. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún liosta bliantúil a fhoilsiú dar tús dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir le dáileadh thionscnamh na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a thagann faoin gcatagóir seo, arna mhiondealú de réir an sciar de sholáthar an Aontais de thionscnamh foinsí éagsúla le bliain anuas a bhfuil sonraí ar fáil ina leith.
(30) Le Cinneadh 2014/115/AE(23) ón gComhairle, formheasadh go háirithe an leasú ar Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais’) ▌. Is é is aidhm don Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais creat iltaobhach de chearta agus d’oibleagáidí cothromaithe a bhunú a bhaineann le conarthaí poiblí d’fhonn léirscaoileadh agus leathnú na trádála domhanda a bhaint amach. I gcás conarthaí a chumhdaítear le Foscríbhinn I an Aontais a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais, chomh maith le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil an tAontas faoi cheangal orthu, lena n-áirítear comhaontuithe saorthrádála agus Airteagal III:8(a) den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil maidir le gníomhaireachtaí rialtais do sholáthar táirgí a cheannaítear d’fhonn iad a athdhíol ó thaobh na tráchtála de nó d’fhonn iad a úsáid i dtáirgeadh earraí le haghaidh díolacháin tráchtála, níor cheart d’údaráis chonarthacha ná d’eintitis chonarthacha ceanglais Airteagal 19(2a) agus Airteagal 19(4a), pointe (a) a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí eacnamaíocha foinsí soláthair ar sínitheoirí leis na comhaontuithe iad.
(31) Maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le hathléimneacht i nósanna imeachta soláthair phoiblí a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán sin, ba cheart é a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán 2022/1031/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24), Airteagal 25 de Threoir 2014/24/AE▌, agus Airteagail 43 agus 85 de Threoir 2014/25/AE▌, de réir threoraíocht 2019 ón gCoimisiún(25). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go leanfadh forálacha soláthair phoiblí d’fheidhm a bheith acu maidir le hoibreacha, soláthairtí agus seirbhísí faoi réir Airteagal 19, lena n-áirítear Airteagal 67(4) de Threoir 2014/24/AE agus aon bheart cur chun feidhme a eascraíonn as an Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún(26).
(32) Is íostairseach é ualú na gcritéar maidir le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na tairisceana i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí. Laistigh den íostairseach sin, féadfaidh na húdaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha idirdhealú a dhéanamh idir ualú na gcritéar aonair, gan neamhaird iomlán a dhéanamh ar cheann amháin acu. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha tairseach níos airde a leagan síos i gcónaí le haghaidh critéir ábhartha amháin nó roinnt critéar ábhartha maidir le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé athléimneacht chóras fuinnimh an Aontais a mhéadú, ba cheart do na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha aird shuntasach a thabhairt ar an rannchuidiú athléimneachta.
(33) Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin a eascraíonn as an ngá atá ann critéir a chur san áireamh a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus rannchuidiú athléimneachta tairisceana, go háirithe do cheannaitheoirí beaga poiblí agus do chonarthaí ar luach níos ísle ná sin nach bhfuil tionchar tábhachtach acu ar an margadh, ba cheart cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur siar go ceann 2 bhliain i gcás ceannaitheoirí poiblí nach comhlachtaí lárnacha ceannaigh iad agus i gcás conarthaí ar lú a luach ná EUR 25 milliún.
(34) Chun críocha chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le soláthar poiblí de réir Airteagal 19 den Rialachán sin, i gcás ina gcumhdaítear táirge le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27), níor cheart d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha ach na táirgí a cheannach a chomhlíonann an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 7(2) den Rialachán sin.
(35) Tá teaghlaigh, gnólachtaí agus tomhaltóirí deiridh ina gcodanna ríthábhachtacha d’éileamh an Aontais ar tháirgí deiridh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus is uirlisí tábhachtacha iad scéimeanna tacaíochta poiblí chun spreagadh a thabhairt do theaghlaigh táirgí den sórt sin a cheannach, go háirithe do theaghlaigh agus do thomhaltóirí leochaileacha ar ioncam íseal agus ar ioncam meánaicmeach íseal, chun dlús a chur leis an aistriú glas. Faoin tionscnamh um dhíonta gréine a fógraíodh i straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh (28)▌, ba cheart do na Ballstáit, mar shampla, cláir náisiúnta a bhunú chun tacú le himscaradh ollmhór grianfhuinnimh dín. I bplean REPowerEU, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as bearta tacaíochta a spreagann an t-athrú chuig teaschaidéil. Ba cheart do scéimeanna tacaíochta den sórt sin a bhunaíonn na Ballstáit go náisiúnta nó a bhunaíonn údaráis áitiúla nó réigiúnacha go háitiúil rannchuidiú le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus athléimneacht theicneolaíochtaí glan-nialasachta an Aontais. Ba cheart d’údaráis phoiblí, mar shampla, cúiteamh airgeadais níos airde a sholáthar do thairbhithe as ceannach táirgí deiridh glan-nialasachta lena ndéanfar rannchuidiú níos airde le hathléimneacht san Aontas. Ba cheart d’údaráis phoiblí a áirithiú go mbeadh a scéimeanna oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ionas go gcuirfidh siad leis an éileamh ar tháirgí teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas. Ba cheart d’údaráis phoiblí freisin teorainn a chur leis an gcúiteamh airgeadais breise do tháirgí den sórt sin ionas nach gcuirfear moill ar imscaradh na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas. Chun éifeachtúlacht scéimeanna den sórt sin a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh rochtain éasca ar fhaisnéis ar shuíomh gréasáin saor in aisce ag do tomhaltóirí agus monaróirí teicneolaíochta glan-nialasachta araon. Úsáid an rannchuidithe inbhuanaitheachta agus athléimneachta ag údaráis phoiblí i scéimeanna dírithe ar thomhaltóirí nó ar theaghlaigh, ba cheart í a bheith gan dochar do rialacha maidir leis an státchabhair nó do rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais.
(36) Agus scéimeanna á gceapadh a théann chun tairbhe teaghlaigh, gnólachtaí nó tomhaltóirí lena ndreasaítear ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3 den Rialachán sin, ba cheart do na Ballstáit, d’údaráis réigiúnacha nó áitiúla, do chomhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó do chomhlachais ina bhfuil údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí, ba cheart dóibh a áirithiú go n-urramófar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear trína áirithiú go bhfuil scéimeanna comhoiriúnach le forálacha EDT agus nach sroichfidh scéimeanna méid a bheadh ina gcúis le dochar tromchúiseach do leas chomhaltaí EDT.
(37) ▌Ba cheart d’Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa (Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa) ról tábhachtach a bheith aige freisin maidir le dlús a chur le cur chun feidhme rannchuidiú na mBallstát agus na n-údarás poiblí maidir le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht ina gcleachtais soláthair phoiblí agus cheantála agus ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt freisin do na Ballstáit scéimeanna a cheapadh atá dírithe ar theaghlaigh, gnólachtaí agus tomhaltóirí chun sineirgí a fhorbairt agus dea-chleachtais a mhalartú. Tá sé tábhachtach tuiscint shoiléir a bheith ag na húdaráis chonarthacha nó ag na heintitis chonarthacha araon agus ag na cuideachtaí táirgeachta ar gach ceann de na critéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le hArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na hathléimneachta agus na hinbhuanaitheachta, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna, ar cheart deis chothrom a bheith acu a bheith rannpháirteach sa mhargadh substaintiúil don soláthar poiblí. Beidh comhleanúnachas leis an reachtaíocht atá ann cheana ríthábhachtach. Ina theannta sin, ba cheart go soiléireofaí leis an ngníomh cur chun feidhme sin na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 19(4). Thairis sin, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le hArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa, treoraíocht a eisiúint maidir le conas na critéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta a nascadh le reachtaíocht sa todhchaí. Is féidir leis an treoraíocht seo samplaí nithiúla agus sonracha agus dea-chleachtais a chur ar fáil tuilleadh. Chun bheith comhleanúnach leis an reachtaíocht uile a bheidh ann sa todhchaí, ba cheart don Choimisiún a threoraíocht a thabhairt cothrom le dáta gach 6 mhí ar a laghad.
(38) D’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh soláthar poiblí agus ceantanna chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid go fírinneach le hathléimneacht an Aontais, ní mór na gníomhaíochtaí sin a bheith intuartha don earnáil tionsclaíochta. Chun a chur ar a chumas don tionscal a tháirgeacht a choigeartú in am trátha, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha an margadh a chur ar an eolas roimh ré maidir lena riachtanais soláthair réamh-mheasta le haghaidh táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta. Ba cheart a léiriú i gceantanna freisin go gcruthaíonn boilsciú, mar aon leis an aga tionscanta fada a ghabhann le tionscadail imscartha fuinnimh in-athnuaite, riosca suntasach do ghnólachtaí agus go bhféadfadh sé sin gnólachtaí a dhíspreagadh ó thairiscint a dhéanamh. Chun cinnteacht a sholáthar maidir le cás gnó tairisceana ceant, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sásra innéacsaithe boilscithe san áireamh i ngach ceant. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tairiscintí diúltacha a eisiamh ó cheantanna toisc go bhféadfadh praghsanna fuinnimh arda gan choinne a bheith mar thoradh ar na tairiscintí sin do chustaiméirí an táirgthe fuinnimh in-athnuaite imscartha.
(39) Mar a léirítear sa Teachtaireacht maidir le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach, a foilsíodh an 1 Feabhra 2023, tá sciartha margaidh thionscal an Aontais faoi bhrú láidir, mar gheall ar fhóirdheontais i dtríú tíortha lena mbaintear an bonn ó chothrom iomaíochta. Tá roinnt tríú tíortha ag cur scéimeanna tacaíochta i bhfeidhm a bhfuil sé d’aidhm acu tionscal na teicneolaíochta glaine a dhaingniú agus a mhealladh. Leis an staid sin, cuirtear dúshlán iomaíoch ar fáil don Aontas a thionscal féin a chothabháil agus a fhorbairt. Fágann sé sin go bhfuil gá le freagairt thapa agus uaillmhianach ón Aontas maidir lena chreat dlíthiúil a nuachóiriú chun dul san iomaíocht ar fud an domhain chun trádáil oscailte chóir a chosaint trí leas iomlán agus éifeachtúil a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil, lena n-áirítear ionstraimí cosanta trádála, agus trí chaighdeáin an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn.
(39a) I bhfianaise sprioc an Aontais spleáchais straitéiseacha ar thríú tíortha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a laghdú, tá sé ríthábhachtach nach gcuirfidh sásraí tacaíochta poiblí, amhail soláthar agus ceantanna, leis na spleáchais sin. Dá bhrí sin, ba cheart teorainneacha a shocrú maidir le cion na dtáirgí i gconarthaí soláthair a fhaightear ó thríú tíortha, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29) agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30). Thairis sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/1031 agus Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31) a úsáid a mhéid is féidir chun a áirithiú nach mbeidh iomaíocht éagórach roimh chuideachtaí an Aontais le haghaidh conarthaí poiblí.
(39b) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, tá gá le foinse thiomnaithe maoinithe phoiblí chun tacú leis na tionscadail a dhéantar dá bhun. Leis an gcistiú sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh rochtain ag cuideachtaí ar fud an Aontais ar an gcistiú is gá, gan beann ar acmhainneachtaí fioscacha na mBallstát ina bhfuil an tionscadal le forbairt. Ní dhéantar foráil maidir leis sin i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 mar a comhaontaíodh in 2020. Tugann an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ‘STEP’ aghaidh i bpáirt ar an tacaíocht is gá do thionscadail faoin Rialachán seo. Cé go mbraitheann STEP ar ath-chlársceidealú agus atreisiú na gclár atá ann cheana chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha, is gné thábhachtach é freisin chun indéantacht agus ullmhú idirghabhálacha nua a thástáil mar chéim i dtreo Ciste Eorpach Ceannasachta. Sa mheastóireacht ar STEP in 2025, déanfar measúnú ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a rinneadh agus beidh sí mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an tacaíocht d’earnálacha straitéiseacha a mhéadú.
(40) Tá rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach ríthábhachtach chun uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a áirithiú agus chun bonn monaraíochta daingean agus iomaíoch a bhunú le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a slabhraí soláthair ar fud an Aontais. Tiocfaidh formhór na n-infheistíochtaí is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach ó chaipiteal príobháideach(32), caipiteal a mhealltar le hacmhainneacht fáis an éiceachórais glan-nialasachta. Beidh margaí caipitil atá ag feidhmiú go maith, domhain agus comhtháthaithe ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun na cistí is gá a thiomsú agus a threorú i dtreo an aistrithe ghlais agus na dtionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Tá gá le dul chun cinn gasta i dtreo Aontas na Margaí Caipitil, dá bhrí sin, chun go bhféadfaidh an tAontas a chuspóirí glan-nialasachta a bhaint amach. Tá ról ríthábhachtach ag an gclár oibre airgeadais inbhuanaithe (agus ag an maoiniú cumaiscthe) freisin maidir le huas-scálú infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus iomaíochas na hearnála á ráthú an tráth céanna. Mar a léirítear sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Rialachán seo, is ionann na riachtanais infheistíochta agus thart ar EUR 92 bhilliún thar an tréimhse 2023-2030, le raon idir thart ar EUR 52 bhilliún agus thart ar EUR 119 mbilliún ag brath ar chásanna éagsúla, rud a d’fhágfadh go mbeadh riachtanais maoinithe phoiblí de EUR 16 go 18 mbilliún ann. Ós rud é nach gcuirtear san áireamh sa mheasúnú sin ach cúig theicneolaíocht shonracha, is dócha go mbeidh an gá le fíor-infheistíocht i bhfad níos airde.
(41) I gcás nach bhfuil infheistíocht phríobháideach leordhóthanach ann féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacaíocht phoiblí i bhfoirm Státchabhrach ag teastáil chun tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta a rolladh amach go héifeachtach. Ní mór éifeacht dreasachta a bheith ag an gcabhair sin, ní mór gá a bheith leis an gcabhair agus ní mór di a bheith iomchuí agus comhréireach. Leis na treoirlínte maidir le Státchabhair atá ann cheana a ndearnadh athbhreithniú domhain orthu le déanaí i gcomhréir leis na cuspóirí dé-aistrithe, soláthraítear féidearthachtaí iomadúla chun tacú le hinfheistíochtaí le haghaidh tionscadail faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir coinníollacha áirithe. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag na Ballstáit maidir le rochtain ar mhaoiniú a éascú do thionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta trí aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh trí thacaíocht spriocdhírithe Státchabhrach. Is é is aidhm don Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, a glacadh an 9 Márta 2023, cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach, agus é dírithe ar na hearnálacha sin inar sainaithníodh riosca um dhí-comhchruinnithe tríú tír, agus atá comhréireach ó thaobh méideanna cabhrach de. Chuirfeadh sé ar a gcumas do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun tacú le hinfheistíochtaí nua i saoráidí táirgthe in earnálacha straitéiseacha glan-nialasachta sainithe, lena n-áirítear trí shochair chánach. Féadfar méid na cabhrach atá ceadaithe a mhodhnú le déine cabhrach níos airde agus le huasteorainneacha níos airde ar mhéid na cabhrach má tá an infheistíocht lonnaithe i limistéir fóirithinte, chun rannchuidiú le sprioc an chóineasaithe idir na Ballstáit agus na réigiúin. Tá gá le coinníollacha iomchuí chun na rioscaí nithiúla a bhaineann le hatreorú na hinfheistíochta lasmuigh de Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a fhíorú mar aon le haon bhaol ann go n-athlonnófaí í laistigh de LEE agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. Chun acmhainní náisiúnta a shlógadh chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit sciar d’ioncam Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) a úsáid, ar sciar é nach mór do na Ballstáit a leithdháileadh chun críocha a bhaineann leis an aeráid.
(41a) Ba cheart foinsí iomadúla maoiniúcháin a chur ar fáil go hiomlán amhail méideanna nár úsáideadh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tacaíocht thiomnaithe ó Chiste AE don Nuálaíocht, scéimeanna maoinithe tiomnaithe ón mBanc Eorpach Infheistíochta, agus úsáid a bhaint, a mhéid is féidir, as cistí uile CAI nár úsáideadh fós. Ba cheart tuilleadh infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a spreagadh trí ráthaíochtaí tiomnaithe Stáit, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí tionsclaíocha i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta.
(42) Tá roinnt clár cistiúcháin de chuid an Aontais ar fáil freisin, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, InvestEU, cláir bheartais chomhtháthaithe nó an Ciste don Nuálaíocht chun infheistíochtaí a chistiú i dtionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta. Ní leor buiséad reatha an Aontais chun tacú le cuspóirí an Rialacháin sin nó chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh san athbhreithniú ar CAI 2021-2027 do bhuiséad Eorpach atá oiriúnach dá fheidhm. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do STEP acmhainní airgeadais breise a sholáthar atá tiomnaithe i bpáirt do thionscadail monaraíochta glan-nialasachta a rannchuidíonn le spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú agus le hiomaíochas a thionscail.
(43) Leis an Rialachán leasaithe maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(33), cuireadh EUR 20 billiún breise de thacaíocht neamh-inaisíoctha ar fáil do na Ballstáit chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun breoslaí iontaise a ionadú, trí thionscadail tionsclaíochta glan-nialasachta an Aontais, i measc nithe eile. Mar a luadh sa Treoraíocht ón gCoimisiún maidir le caibidlí REPowerEU(34), moltar do na Ballstáit bearta a chur san áireamh i gcaibidil REPowerEU dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, bearta lena dtacaítear le hinfheistíochtaí i monaraíocht teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus i nuálaíocht thionsclaíoch, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35).
(43a) Leis an méadú ar phraghsanna CTA AE, tá méadú suntasach tagtha ar ioncaim ó CTA AE do na Ballstáit. Chun dícharbónú thionscal an Aontais a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit méadú suntasach a dhéanamh ar a leithdháileadh ioncaim náisiúnta a eascraíonn as CTA AE chun tacú le dícharbónú an tionscail agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh 25 % ar a laghad dá n-ioncam náisiúnta a eascraíonnas CTA AE a leithdháileadh chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo.
(44) Is é clár InvestEU clár suaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoin infheistíocht, go háirithe maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, trí mhaoiniú agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil, mar shampla trí shásraí measctha. Rannchuidíonn cur chuige den sórt sin chun caipiteal poiblí agus príobháideach breise a phlódú isteach. Thairis sin, moltar do na Ballstáit rannchuidiú le hurrann Bhallstáit InvestEU chun tacú le táirgí airgeadais atá ar fáil do mhonaraíocht teicneolaíochta glan-nialasachta, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair.
(45) Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a sholáthar ó chláir an bheartais chomhtháthaithe i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36) chun glacadh tionscadal straitéiseach glan-nialasachta a spreagadh chomh maith le tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta sna réigiúin ar fad, go háirithe i réigiúin bheagfhorbartha, i réigiúin trasdula agus i gcríocha an Chiste um Aistriú Cóir, trí phacáistí infheistíochta bonneagair, infheistíocht tháirgiúil sa nuálaíocht, acmhainneacht mhonaraíochta FBManna, seirbhísí, beart oiliúna agus uas-scilithe, lena n-áirítear tacaíocht maidir le tógáil acmhainneachta na n-údarás poiblí agus na dtionscnóirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh na rátaí cómhaoinithe is infheidhme arna socrú i gcláir suas le 85 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha agus suas le 60 % nó 70 % maidir le réigiúin trasdula ag brath ar an gciste lena mbaineann agus stádas an réigiúin ach féadfaidh na Ballstáit na huasteorainneacha sin a shárú ar leibhéal an tionscadail lena mbaineann, i gcás inarb indéanta faoi na rialacha maidir le Státchabhair. Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, is féidir cabhrú leis na Ballstáit agus le réigiúin straitéisí fáis glan-nialasachta a ullmhú, timpeallacht an ghnó a fheabhsú, rómhaorlathas a laghdú agus dlús a chur le ceadú. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun inbhuanaitheacht tionscadal ▌ glan-nialasachta a chur chun cinn trí na hinfheistíochtaí sin a leabú i slabhraí luacha Eorpacha, go sonrach trína bheith ag tógáil ar líonraí comhair idir-réigiúnacha agus trasteorann. Ba cheart glacadh beart den sórt sin a mheas go háirithe maidir le Gleannta.
(46) Leis an gCiste don Nuálaíocht, freisin, soláthraítear bealach a bhfuil gealladh faoi agus atá éifeachtúil ó thaobh costais de chun tacú le huas-scálú monaraíochta agus le himscaradh hidrigine glaine in-athnuaite agus teicneolaíochtaí glan-nialasachta eile san Eoraip, rud a threisíonn ceannasacht na hEorpa i bpríomhtheicneolaíochtaí don ghníomhú ar son na haeráide agus don tslándáil fuinnimh.
(47) Le Ciste Eorpach Ceannasachta, bheadh freagra struchtúrach ar fáil ar na riachtanais infheistíochta. Chabhródh sé chun buntáiste Eorpach a chaomhnú maidir le teicneolaíochtaí criticiúla agus le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn atá ábhartha don aistriú glas agus don aistriú digiteach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Cuirfidh an ionstraim struchtúrach sin leis an taithí a fuarthas ar thionscadail iltíre chomhordaithe faoi IPCEInna agus féachfaidh sí le rochtain na mBallstát uile ar thionscadail den sórt sin a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin déanfar comhtháthú agus an Margadh Aonair a chosaint ar rioscaí a eascraíonn as infhaighteacht éagothrom Státchabhrach. Is féidir [Rialachán STEP] a mheas mar chéim i dtreo Ciste Eorpach Ceannasachta a bhunú a d’fhéadfadh rannchuidiú le beartas tionsclaíoch Eorpach a mhúnlú agus a neartú trí mhaoiniú méadaithe a chur ar fáil do thionscal na hEorpa sa CAI tar éis 2027.
(48) Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, chun na srianta a bhaineann leis na hiarrachtaí ilroinnte atá ann faoi láthair maidir le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shárú, agus chun comhtháthú agus toradh ar infheistíocht a éascú, ba cheart dóibh sineirgí a chruthú idir na cláir chistiúcháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chomh maith le comhordú agus comhoibriú níos fearr a áirithiú le lucht tionscail agus le príomhpháirtithe leasmhara san earnáil phríobháideach. Tá ról lárnach ag an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa chun léargas cuimsitheach a fhorbairt ar na deiseanna cistiúcháin ábhartha atá ar fáil agus chun plé a dhéanamh agustacaíocht a chomhordú ar riachtanais maoinithe aonair na dtionscadal straitéiseach glan-nialasachta. Ba cheart gurb iad na tionscadail a bheidh le plé na cinn a chuirfidh Ballstát nó an Coimisiún ar aghaidh.
(49) D’fhonn tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus/nó tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a imscaradh nó a leathnú a luaithe is féidir chun rannchuidiú le cinnteacht sholáthar an Aontais le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, tá sé tábhachtach cinnteacht pleanála agus infheistíochta a chruthú tríd an ualach riaracháin ar thionscnóirí tionscadail a choinneáil chomh híseal agus is féidir, gan dochar d’ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais. Chuige sin, ba cheart próisis deonaithe ceadanna na mBallstát le haghaidh tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a chuíchóiriú, agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh na tionscadail sin sábháilte, slán, feidhmiúil ó thaobh an chomhshaoil de, agus go gcomhlíonfaidh siad ceanglais chomhshaoil, shóisialta agus sábháilteachta. Leagtar síos i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais coinníollacha comhchoiteanna le haghaidh próiseáil agus ábhar na bpróiseas deonaithe ceadanna náisiúnta, agus áirithítear ar an gcaoi sin ardleibhéal cosanta don chomhshaol. ▌.
(50) An tráth céanna, de dheasca dhothuarthacht, chastacht agus, anois agus arís, fhad iomarcach na bpróiseas deonaithe ceadanna náisiúnta, déantar dochar don tslándáil infheistíochta is gá chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a fhorbairt go héifeachtach. Dá bhrí sin, chun a gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú agus dlús a chur leis, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta ceadúcháin a chur i bhfeidhm atá cuíchóirithe agus intuartha. Ina theannta sin, ba cheart stádas tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt do thionscadail straitéiseacha teicneolaíochta glan-nialasachta chun cóireáil mhear riaracháin agus cóireáil phráinneach a áirithiú i ngach nós imeachta breithiúnach nó réitithe díospóide a bhaineann leo.Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit nuálaíocht beartais sa réimse seo a mheas. Chun a áirithiú gur féidir tús áite a thabhairt do thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh trealamh agus foireann leordhóthanach ag na húdaráis inniúla.
(51) I bhfianaise an róil atá acu slándáil soláthair an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a áirithiú, agus i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, ba cheart do na húdaráis cheadúnúcháin fhreagracha a mheas go bhfuil tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta chun leas an phobail. Bunaithe ar mheasúnú de réir an cháis, féadfaidh údarás ceadúcháin atá freagrach a chinneadh go sáraíonn an leas poiblí ar a bhfuil an tionscadal ag freastal na leasa poiblí a bhaineann leis an dúlra agus le cosaint an chomhshaoil agus, dá réir sin, go bhféadfar an tionscadal a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ábhartha uile a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle(38) agus Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39).
(52) Chun castacht a laghdú agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart do thionscnóirí tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a bheith in ann idirghníomhú le húdarás náisiúnta aonair atá freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna ina iomláine a chomhordú agus as cinneadh cuimsitheach a eisiúint laistigh den teorainn ama is infheidhme. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta aonair a ainmniú (údarás ainmnithe)nó a bhunú. Ag brath ar eagrúchán inmheánach Ballstáit, ba cheart a bheith in ann cúraimí na n-údarás inniúil ▌ a tharmligean chuig údarás eile, faoi réir na gcoinníollacha céanna. Chun an t-ardleibhéal grinnscrúdaithe feadh an phróisis cheadaithe a ráthú, agus chun cur chun feidhme éifeachtach freagrachtaí na mBallstát a áirithiú, ba cheart dóibh pearsanra agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar dá n-údarás ▌inniúil, nó d’aon údarás atá ag gníomhú thar a gceann.
(52a) Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as Tionscadail Straitéiseacha Ghlan-Nialasachta a roghnú chun breithnithe straitéiseacha a cheadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na PNFAnna. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfónann na tionscadail do leas coiteann an Aontais freisin, lena n-áirítear leasanna buiséadacha an Aontais, ba cheart an t-údarás a bheith ag an gCoimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh ó Bhallstát tionscadal a ainmniú mar Thionscadal Straitéiseach. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne ainmniúcháin, ba cheart an tionscadal a thabhairt chuig an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa. Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le stádas an tionscadail.
(53) Chun soiléireacht a áirithiú maidir le stádas ceadaithe tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta agus tionscadal straitéiseach ghlan-nialasachta agus chun teorainn a chur le héifeachtacht dlíthíochta mí-úsáidí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus gan an bonn a bhaint d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach an tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go réiteofar aon díospóid a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna ar bhealach tráthúil. Chuige sin, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a áirithiú go mbeidh rochtain ag iarratasóirí agus ag tionscnóirí tionscadail ar nós imeachta simplí um réiteach díospóidí agus go dtabharfar cóir phráinneach do na tionscadail sin i ngach nós imeachta breithiúnach agus réitigh díospóide a bhaineann leo agus urraim do chearta na cosanta á háirithiú an tráth céanna.
(54) Chun go mbeidh gnólachtaí agus tionscnóirí tionscadail, lena n-áirítear le haghaidh tionscadail trasteorann, in ann tairbhe dhíreach a bhaint as tairbhí an mhargaidh inmheánaigh gan ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a thabhú, déantar foráil i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(40) maidir le rialacha ginearálta chun nósanna imeachta atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. An fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta mar chuid de na próisis deonaithe ceadanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfar í a chumhdach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 tar éis a leasaithe leis an Rialachán seo, agus tá na nósanna imeachta gaolmhara san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis chun a áirithiú gur féidir le tionscnóirí tionscadail tairbhe a bhaint as nósanna imeachta atá ar líne ina n-iomláine agus as an gCóras Teicniúil Aonuaire. Tá údaráis ainmnithe ▌ atá ag gníomhú mar ionad ilfhreastail de bhun an Rialacháin seo san áireamh i liosta na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2018/1724.
(55) Bíonn nósanna imeachta ceadúcháin fada casta, idir 2-7 mbliana, ag tionscadail monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta, ag brath ar an mBallstát, ar an teicneolaíocht agus ar an deighleog sa slabhra luacha. I bhfianaise mhéid na n-infheistíochtaí is gá – go háirithe i gcás tionscadail de mhéid gigeahmhonarchan atá ag teastáil chun na barainneachtaí scála a bhfuil coinne leo a bhaint amach – le ceadú easnamhach cruthaítear bacainn bhreise, bacainn lena ndéantar dochar de ghnáth, chun acmhainneacht monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhéadú san Aontas. Chun an tslándáil agus an tsoiléireacht is gá a sholáthar do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí eile chun forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhéadú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtéann an próiseas deonaithe ceadanna a bhaineann le tionscadail den sórt sin thar theorainneacha ama réamhshocraithe. I gcás Tionscadal Straitéiseach Glan-nialasachta, níor cheart fad an phróisis deonaithe ceadanna a bheith níos faide ná 9 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos mó ná 1 GW acu agus 6 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos lú ná 1 GW acu. I gcás ▌ tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta eile, níor cheart fad an phróisis deonaithe ceadanna a bheith níos faide ná 12 mhí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos mó ná 1 GW acu agus 9 mí i gcás saoráidí a bhfuil aschur táirgeachta bliantúil níos lú ná 1 GW acu. I gcás teicneolaíochtaí glan-nialasachta nach bhfuil méadracht GW ábhartha ina leith, amhail eangacha leictreachais agus teicneolaíochtaí ▌CCS ▌ nó ▌CCU ▌, ba cheart feidhm a bheith ag uasteorainneacha na sprioc-amanna thuasluaite. Chun na línte táirgeachta atá ann cheana a mhéadú, ba cheart gach ceann de na teorainneacha ama thuasluaite a laghdú faoina leath.
(56) Thairis sin, i bhfianaise na tábhachta a bhaineann le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta maidir le soláthar fuinnimh an Aontais, ba cheart deireadh a chur go páirteach le sraith srianta riaracháin nó iad a shimpliú chun dlús a chur lena gcur chun feidhme.
(57) Na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear i ndáil le huisce, aer, éiceachórais, gnáthóga, bithéagsúlacht agus éin, is cuid lárnach iad den nós imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus is coimirce riachtanach iad chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a chosc nó a íoslaghdú. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta deonaithe ceadanna maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta intuartha agus tráthúil, ba cheart aon acmhainneacht chun na measúnuithe agus na húdaruithe is gá a chuíchóiriú, agus sin gan leibhéal na cosanta comhshaoil a ísliú an tráth céanna, a bhaint amach. I ndáil leis sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh na measúnuithe is gá cuachta chun forluí neamhriachtanach a chosc agus ba cheart a áirithiú go dtiocfaidh tionscnóirí tionscadail agus údaráis fhreagracha ar chomhaontú go sainráite maidir le raon feidhme an mheasúnaithe chuachta sula ndéanfar an measúnú ionas nach ndéanfar beart leantach nach bhfuil gá leis.
(58) Is féidir le coinbhleachtaí úsáide talún bacainní a chruthú maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur in úsáid. Pleananna atá deartha go maith, lena n-áirítear pleananna spásúla agus criosaithe, lena gcuirtear san áireamh an acmhainneacht chun tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun feidhme agus a ndéantar measúnú ar a dtionchar ar an gcomhshaol, tá an acmhainneacht ag na pleananna sin cabhrú le hearraí agus leasanna poiblí a chothromú, an poitéinseal coinbhleachta a laghdú agus dlús a chur le cur in úsáid inbhuanaithe tionscadal monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis fhreagracha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla breithniú a dhéanamh ar fhorálacha maidir le tionscadail mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur san áireamh agus pleananna ábhartha á bhforbairt acu.
(59) Déanfar sonraí agus seirbhísí spáis arna ndíorthú ó Chlár Spáis an Aontais, agus go háirithe Copernicus, a úsáid a mhéid is féidir chun faisnéis a sholáthar maidir le geolaíocht, bitheolaíocht, éiceolaíocht, forbairt shocheacnamaíoch, agus infhaighteacht acmhainní le haghaidh na measúnuithe agus na húdaruithe comhshaoil; sonraí agus seirbhísí den sórt agus, go háirithe, acmhainneacht faireacháin agus fíorúcháin astaíochtaí CO2 antrapaigineacha Copernicus, is iad sin na sonraí agus na seirbhísí is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal tionsclaíoch agus ar thionchar na linnte CO2 antrapaigineacha ar thiúchain agus ar fhloscanna gáis ceaptha teasa domhanda.
(60) Ba cheart don Choimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(41), a iarraidh ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeáin Eorpacha a dhréachtú chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo.
(61) Tá ról tábhachtacha ag Gleannta Hidrigine a bhfuil feidhmeanna úsáide deiridh tionsclaíocha acu maidir leis na tionscal dianfhuinnimh a dhícharbónú. Leag REPowerEU síos an cuspóir líon na nGleannta Hidrigine san Aontais a dhúbailt. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur le deiseanna trialacha rialála agus iad a mheas agus tosaíocht a thabhairt do rochtain ar chistiú. Chun athléimneacht an tionscail ghlan-nialasachta a neartú, ba cheart do na Ballstáit idirnascadh na nGleannta Hidrigine a áirithiú thar theorainneacha an Aontais. Ba cheart suiteálacha tionsclaíocha a tháirgeann a gcuid fuinnimh féin, agus a rannchuidíonn go dearfach le táirgeadh leictreachais, ba cheart iad a spreagadh chun rannchuidiú leis an eangach chliste fuinnimh mar tháirgeoirí fuinnimh trí cheanglais rialála a shimpliú.
(62) Is féidir le deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a bheith ina n-uirlis thábhachtach chun nuálaíocht a chur chun cinn i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus na foghlama rialála. Ní mór an nuálaíocht a chumasú trí spásanna turgnamhaíochta ós rud é gur gá torthaí eolaíocha a thástáil i bhfíorthimpeallacht rialaithe. Ba cheart deiseanna trialacha rialála a thabhairt isteach chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a thástáil i dtimpeallacht rialaithe ar feadh tréimhse teoranta ama. Is iomchuí cothromaíocht a bhaint amach idir an gcinnteacht dhlíthiúil do rannpháirtithe sna deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta agus baint amach chuspóirí dhlí an Aontais. Ós rud é nach mór do dheiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta na ceanglais riachtanacha maidir le teicneolaíocht ghlan-nialasachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta a chomhlíonadh, is iomchuí foráil a dhéanamh nach mbeidh rannpháirtithe faoi réir aon fhíneáil riaracháin nó pionós riaracháin, ar rannpháirtithe iad a chomhlíonfaidh na ceanglais incháilithe do dheiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta agus a leanfaidh, de mheon macánta, an treoraíocht arna tabhairt ag na húdaráis inniúla agus na téarmaí agus na coinníollacha de chuid an phlean a comhaontaíodh leis na húdaráis sin. Tá údar leis sin ós rud é go n-áiritheofar leis na coimircí atá i bhfeidhm, i bprionsabal, go gcomhlíonfar go héifeachtach dlí an Aontais nó dlí na mBallstát maidir leis an teicneolaíocht ghlan-nialasachta a ndéantar maoirseacht uirthi sna deiseanna trialacha rialála. Foilseoidh an Coimisiún doiciméad um Threoraíocht maidir le Deiseanna Trialacha in 2023 mar a fógraíodh sa Chlár Oibre Eorpach um Nuálaíocht nua chun tacú leis na Ballstáit na deiseanna trialacha teicneolaíochta glan-nialasachta. D’fhéadfadh sé go mbeadh na teicneolaíochtaí nuálacha sin bunriachtanach faoi dheireadh chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach, chun slándáil an tsoláthair fuinnimh agus athléimneacht córas fuinnimh an Aontais a áirithiú, agus, dá réir sin, chun dul faoi réir raon feidhme na dteicneolaíochtaí ▌glan-nialasachta.
(63) Déantar tagarmharc foriomlán agus cuspóirí táscacha a chur chun cinn maidir le monaraíocht táirgí teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas chun iomaíochas tionsclaíoch domhanda an Aontais a fheabhsú agus chun cabhrú le dul i ngleic le spleáchas ar allmhairí agus ábhair imní leochaileachta agus chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais.
(64) Ceann de phríomhchuspóirí bheartas tionsclaíoch an Aontais is ea an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chumasú agus, ag an am céanna, fás inbhuanaithe agus iomaíochas an Aontais a chaomhnú, poist ardcháilíochta a chothabháil agus a chumas nuálaíochta agus táirgthe a neartú, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí glana. Tá gá mór le hoibrithe oilte breise chun tionscail teicneolaíochtaí glan-nialasachta na hEorpa a uas-scálú mar aon le huathriail straitéiseach oscailte na hEorpa a áirithiú, rud a thugann le tuiscint riachtanais infheistíochta maidir le hathsciliú agus uas-sciliú, lena n-áirítear i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. Go sonrach, éileoidh an t-aistriú fuinnimh méadú suntasach ar líon na n-oibrithe oilte i raon earnálacha, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, teicneolaíochtaí eangaí, táirgeadh ceallraí chomh maith le réitigh TF nó chliste le haghaidh barrfheabhsú agus bainistiú córas fuinnimh, agus teicneolaíochtaí eile dícharbónaithe tionsclaíocha. De réir staidéar, d’fhéadfadh an geilleagar ciorclach rannchuidiú le thart ar 700 000 post a chruthú san Aontas Eorpach amháin faoi 2030(42). Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, poist i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a dhéanamh tarraingteach agus inrochtana, go háirithe gairmeacha teicniúla lena n-áirítear trí fheachtais faisnéise de chuid an Aontais chun an t-oideachas teicniúil agus an gairmoideachas a chur chun cinn, chomh maith le poist a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, bainistiú acmhainní agus claochlú tionsclaíoch agus dícharbónú i gcoitinne. Ina theannta sin, is gá dul i ngleic leis an neamhréir atá ann faoi láthair idir scileanna oibrithe an Aontais agus riachtanais na gcuideachtaí. Meastar go mbeidh gá le 180 000 oibrí, teicneoir agus innealtóir oilte san fho-earnáil hidrigine breosla-chille sa mhonaraíocht, agus san fho-earnáil sin amháin, faoi 2030, de réir Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh de chuid an Choimisiúin(43). In earnáil an ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh, bheadh gá le suas le 66 000 post sa mhonaraíocht agus sin sa mhonaraíocht amháin. Ina theannta sin, in éagmais cláir oideachais lena gcuirtear chun cinn na scileanna is gá le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, rud a chruthaíonn ganntanas fostaithe oilte agus easpa tuisceana laistigh den riarachán áitiúil i réigiúin áirithe den Aontas, d’fhéadfaí bac suntasach a chur ar fhorbairt thionsclaíoch inbhuanaithe.
(65) Ós rud é nach mbeidh sé indéanta cumas monaraíochta príomhtheicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas a neartú gan lucht saothair oilte mór, is gá bearta a thabhairt isteach chun dlús a chur le comhtháthú níos mó daoine i margadh an tsaothair, agus chun na tionscail agus na gairmeacha teicniúla lena mbaineann an Rialachán seo a dhéanamh níos tarraingtí, go háirithe do mhná ós rud é go bhfuil an chothromaíocht inscne i bhfad ó bheith bainte amach i ngairmeacha atá dírithe ar an teicneolaíocht, agus do dhaoine óga lena n-áirítear trí chineálacha cur chuige scileanna mar chomhlánú ar earcaíocht ar bhonn cáilíochtaí. Ina theannta sin, ba cheart díriú ar oibrithe ó thríú tíortha freisin toisc nach meallann an tAontas ach sciar beag d’imircigh cháilithe. Sa bhreis air sin, i gcomhréir le cuspóirí an Mholta ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, tá tábhacht le tacaíocht shonrach d’aistriú ó phost go post agus d’fhonn tús áite a thabhairt don fhoghlaim agus oiliúint ar feadh an tsaoil d’oibrithe in earnálacha iomarcacha agus in earnálacha atá ag meath. Is éard atá i gceist leis sin infheistíocht a dhéanamh i scileanna do chách, agus cur chuige spriocdhírithe a bheith ann, ag an am céanna, i leith grúpaí leochaileacha. Áirítear leis sin grúpaí de dhaoine nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), oibrithe imirceacha atá ina gcónaí go dleathach chomh maith le daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair, a bhfuil rochtain theoranta acu ar dheiseanna oiliúna nó a bhfuil poist acu, ar poist iad atá i mbaol dul ar iarraidh nó a bhfuil a n-ábhar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór ag teicneolaíochtaí nua, go háirithe i réigiúin a ndéanann tionchar an aistrithe i dtreo spriocanna 2030 an Aontais de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44) agus Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 difear dóibh. Ba cheart gurb é an cuspóir deiridh poist ardcháilíochta a chruthú a theastaíonn le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas i gcomhréir leis na spriocanna maidir le fostaíocht agus oiliúint Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear pá cothrom agus leormhaith, feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre de bhun Threoir (AE)2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(45), rochtain ar chosaint shóisialta, deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, dálaí maithe oibre in ionaid oibre atá sábháilte agus sláintiúil, chomh maith le cearta cómhargála. Go deimhin, is uirlisí tábhachtacha iad uas-sciliú agus athsciliú ach ní ráthaíonn siad poist ardcháilíochta. D’fhéadfadh ganntanas lucht saothair a bheith mar thoradh ar phá íseal, poist neamhtharraingteacha, drochdhálaí oibre, agus easpa infheistíochta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint. Is gnéithe tábhachtacha iad freisin aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus feabhas a chur ar cháilíocht na bpost in earnálacha agus i gcuideachtaí a bhfuil drochdhálaí oibre acu chun oibrithe a mhealladh agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist imirce daoine oilte, rud a fhágann go dtagann méadú ar neamhionannais idir réigiúin, go bhfuil forbairt éagothrom ann agus go bhfuil cumas éagothrom ann an nuálaíocht a spreagadh agus poist ardcháilíochta a chruthú. Ag cur leis na tionscnaimh atá ann cheana, amhail an Comhshocrú AE do Scileanna, gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais maidir le faisnéis agus réamhaisnéis scileanna, amhail an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, Eurofound agus an tÚdarás Eorpach Saothair, agus na Treoirphleananna um chomhar earnála maidir le scileanna, is é an cuspóir atá ann na gníomhaithe uile a shlógadh: udaráis na mBallstát, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, soláthraithe oideachais agus oiliúna lena n-áirítear ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna um eolaíocht fheidhmeach agus comhghuaillíochtaí ollscoile, mar aon le comhpháirtithe sóisialta agus lucht tionscail, FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, agus fiontair shóisialta chun riachtanais scileanna a shainaithint, cláir oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus iad a chur in úsáid ar mórscála ar bhealach tapa agus oibríochtúil. Tá ról lárnach ag tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta i ndáil leis sin. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún tacaíocht airgeadais a áirithiú chun a dtionchar agus a bhfor-rochtain a chur in úsáid trí leas a bhaint as féidearthachtaí bhuiséad an Aontais trí ionstraimí amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, InvestEU, an Ciste um Aistriú Cóir, Cistí Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste don Nuachóiriú, REPowerEU agus Clár an Mhargaidh Aonair.
(66) Ag tógáil ar thionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha agus ar thaithí roimhe seo, amhail moil le haghaidh forbairt scileanna, Comhshocrú AE do Scileanna agus Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, nó an Chomhghuaillíocht Fuinnimh In-athnuaite Eischósta, na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta, ar líonra saineolaithe ábhartha iad (na hAcadaimh), ba cheart dóibh ábhar oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus a chur in úsáid chun oibrithe a theastaíonn le haghaidh príomhshlabhraí luacha teicneolaíochta glan-nialasachta a uas-sciliú agus a athsciliú, amhail teicneolaíochtaí fótavoltacha agus teirmeacha gréine, fuinneamh in-athnuaite muirí, teicneolaíochtaí hidrigine in-athnuaite agus amhábhair, agus CCU. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit raon feidhme agus líon na nAcadamh a chinneadh faoi chuimsiú an Ardáin um Ghlan-nialasachta ar bhonn na staidéar atá ann cheana agus staidéir oibiachtúla i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche agus bunaithe ar chleachtadh mapála ar riachtanais reatha agus riachtanais réamh-mheasta i dtionscail ghlan-nialasachta, lena n-áirítear i réigiúin atá i mbun aistriú. Ba cheart don chleachtadh mapála sin faisnéis a sholáthar faoi ghanntanais scileanna atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn i bpríomhthionscail ghlan-nialasachta ar fud an Aontais agus faoin gcaoi a gcuirtear deiseanna oiliúna ar fáil i dtionscail den sórt sin. Leis an gcleachtadh mapála, ba cheart anailís a dhéanamh freisin ar bhunchúis scileanna agus ar ghanntanais lucht saothair, go háirithe i ndáil le cáilíocht na tairisceana poist i dtionscail ghlan-nialasachta, amhail trí mheasúnú a dhéanamh ar dhálaí oibre agus ar chumhdach na cómhargála. Ina theannta sin, bunaithe ar thorthaí an chleachtaidh mhapála agus na staidéar atá ann cheana agus i gcomhairle leis an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa, ba cheart don Choimisiún glao ar thograí a eisiúint chun acadamh a sheoladh i dteicneolaíocht ar leith nuair a shainaithnítear go bhfuil ganntanas criticiúil scileanna ann i ndáil le teicneolaíocht ghlan-nialasachta (Acadamh). Ba cheart síolchistiú an Aontais a chur ar fáil chun na hAcadaimh a chur ar bun agus chun gur féidir leo feidhmiú d’fhonn iad a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de 3 bliana tar éis a mbunaithe trí ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón earnáil phríobháideach. Tá gá le rialachas láidir chun go mbeidh na hAcadaimh ag feidhmiú chomh tapa agus is féidir chun cláir oiliúna a fhorbairt i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta. Ba cheart go ndéanfaí é sin gan dochar don ról cinntitheach is féidir a bheith ag comhpháirtithe sóisialta agus ag ollscoileanna maidir le hAcadaimh den sórt sin a chruthú, amhail i gcás na Comhghuaillíochta Ceallraí. Ba cheart an ról atá ag comhghuaillíochtaí idirnáisiúnta agus idirdhisciplíneacha ollscoile, amhail Transform4Europe, a mheas go háirithe chun caighdeáin níos aontaithe agus níos comhchoitinne a bhaint amach i ngníomhaíochtaí oiliúna agus athscilithe nó uas-scilithe. Go ginearálta, ba cheart tosaíocht a thabhairt freisin d’úsáid bonneagar taighde agus teagaisc atá ann cheana.
(66a) Ba cheart go mbeadh sé ar cheann d’aidhmeanna na nAcadamh rannchuidiú le hationsclú agus dícharbónú an Aontais agus lena uathriail straitéiseach oscailte. Ba cheart do na hAcadaimh aghaidh a thabhairt freisin ar an ngá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta ag a bhfuil ardchaighdeáin shóisialta agus aeráide a tháirgtear san Aontas. Ba cheart na hAcadaimh a bhunú faoin 31 Nollaig 2024 agus ba cheart dóibh ábhar foghlama a sholáthar san oiread teangacha de chuid institiúidí an Aontais agus is féidir, agus é mar aidhm cothromaíocht gheografach a bhaint amach ar fud na mBallstát. Faoin 31 Nollaig 2025, ba cheart dóibh tosú ar ábhar foghlama tosaigh a scaipeadh ar sholáthraithe ábhartha oideachais agus oiliúna sna Ballstáit, amhail ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna um eolaíochtaí feidhmeacha agus comhghuaillíochtaí ollscoile, gnóthais a chuireann oideachas agus oiliúint den sórt sin ar fáil, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair shóisialta, comhpháirtithe sóisialta agus oiliúnóirí oiliúna. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na hAcadaimh oiliúint agus oideachas 100 000 foghlaimeoir a chumasú in aghaidh an acadaimh, laistigh de 3 bliana ó bhunaítear iad, agus méid na nganntanas scileanna sainaitheanta á chur san áireamh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héagsúlacht i líon na bhfoghlaimeoirí in aghaidh an Acadaimh. Ba cheart do na hAcadaimh rannchuidiú le hinfhaighteacht na scileanna is gá do na teicneolaíochtaí glan-nialasachta, lena n-áirítear FBManna. Ba cheart cláir foghlama atá ann cheana agus a forbraíodh faoi chuimsiú an Chomhshocraithe áitiúil do Scileanna agus na n-ionad barr feabhais gairmiúil a chur san áireamh san ábhar foghlama agus ba cheart go ndíreofaí leis ar gach leibhéal oideachais agus cáilíochta agus ar gach oibrí, lena n-áirítear printísigh, feadh an tslabhra luacha sna hearnálacha lena mbaineann ina gcuirtear gach céim thionsclaíoch i ndiaidh a chéile san áireamh, ó dhearadh an táirge (nó na seirbhíse), go dtí céim na monaraíochta, lena n-áirítear athchúrsáil agus athúsáid ábhar, trína ndéantar na gairmeacha éagsúla uile ar fud an tslabhra luacha a mheas. Ba cheart modúil foghlama ina bhfuil faisnéis ábhartha faoi shláinte agus sábháilteacht ag an obair do gach teicneolaíocht shonrach a áireamh san ábhar sin chomh maith le faisnéis ábhartha ghinearálta maidir le cearta oibrithe agus dálaí oibre, lena n-áirítear maidir le ham oibre agus cearta oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin. D’fhéadfadh soláthraithe oideachais agus oiliúna an t-ábhar sin a choigeartú tuilleadh, i gcás inarb ábhartha, don dlí náisiúnta, do chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme agus do shainiúlachtaí críochacha agus earnála. Ba cheart an t-ábhar foghlama a dhíriú freisin ar fhostaithe i riaracháin náisiúnta agus áitiúla (go háirithe atá freagrach as ceadú, measúnú tionchair agus rialacháin teicneolaíochtaí nua), rud a chuirfeadh le fothú acmhainneachta i measc riaracháin náisiúnta agus le laghdú ar éagothromaíochtaí i measc na mBallstát.
(66b) Ba cheart do na Ballstáit an t-ábhar foghlama arna fhorbairt ag na hAcadaimh a úsáid agus a chur in úsáid in ionstraimí atá ann cheana amhail an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg a bhfuil sé mar cheann dá chuspóirí oideachas agus oiliúint a chur ar fáil do NEETanna, agus i gcláir mheantóireachta atá ann cheana. Chun trédhearcacht agus iniomparthacht scileanna agus soghluaisteacht oibrithe a áirithiú, agus chun tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin, déanfaidh na hAcadaimh dintiúir a fhorbairt agus a imscaradh, lena n-áirítear micridhintiúir, lena gcumhdófar gnóthachtálacha foghlama. Ba cheart iad a eisiúint i bhformáid na ndintiúr Eorpach don fhoghlaim agus d’fhéadfaí iad a chomhtháthú isteach in EUROPASS agus, i gcás inarb ábhartha, iad a áireamh sna Creataí Náisiúnta um Cháilíochtaí. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an t-ábhar arna fhorbairt ag na hAcadaimh a úsáid chun tacú le hathsciliú agus uas-sciliú leanúnach agus leis na soláthraithe ábhartha oideachais agus oiliúna ar a gcríocha trí chláir náisiúnta agus cistiú ón Aontas, lena n-áirítear ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, ón Ráthaíocht threisithe don Aos Óg, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ó InvestEU, ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón Sásra um Aistriú Cóir, ón gCiste don Nuachóiriú agus ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, agus chun tacú le comhtháthú na mban i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach maidir le Comhionannas Inscne chun aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne oideachais agus ceirde. Is féidir ról suntasach a bheith ag líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta maidir le húsáid a bhaint as ábhar foghlama na gclár oiliúna arna soláthar ag Acadaimh scileanna chun próifílí gairme Eorpacha a chruthú agus a chur in úsáid agus trí fhaisnéis a sholáthar do sheirbhísí fostaíochta náisiúnta ina dtaobh.
(66c) Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa cuidiú le treoir a thabhairt d’obair na nAcadamh lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ina n-inneachar ar na ganntanais scileanna arna sainaithint sa chleachtadh mapála agus formhaoirseacht a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis an ionadaí náisiúnta arna cheapadh gníomhú mar nasc idir na haireachtaí náisiúnta ábhartha agus údaráis inniúla na mBallstát chomh maith leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus ionadaithe tionscail. Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa faisnéis a bhailiú maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag na hAcadaimh éagsúla agus tuarascáil forléargais a chur ar fáil faoi dheireadh 2026 maidir le cur in úsáid na gclár foghlama, lena n-áirítear líon na bhfoghlaimeoirí a bhaineann tairbhe as cláir na nAcadamh atá imdhealaithe de réir earnálacha tionsclaíocha, inscne, aoise, agus leibhéil oideachais agus cáilíochta.
(67) In éagmais forálacha sonracha lena dtugtar isteach íoscheanglais oiliúna maidir le rochtain ar ghairm rialáilte nó le saothrú na gairme sin a leagtar amach i ndlí an Aontais, is inniúlacht de chuid an Bhallstáit cinneadh a dhéanamh an ndéanfar gairm a rialáil agus conas a dhéanfar sin, níor cheart rialacha náisiúnta lena n-eagraítear rochtain ar ghairmeacha rialáilte a bheith ina gconstaic gan údar nó díréireach ar fheidhmiú na gceart bunúsach sin. Ba cheart an inniúlacht chun rochtain ar ghairm a rialáil a fheidhmiú laistigh de theorainneacha phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an comhréireachta, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ▌. Sa mheasúnú a dhéanfaidh siad, ba cheart do na Ballstáit aon éifeacht díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag rialáil nó ag gairmeacha ar infhaighteacht scileanna sa Tionscal Glan-nialasachta a chur san áireamh agus féachaint leis an rialachán sna réimsí sin a theorannú a mhéid is féidir.
(68) I gcás ina n-eascróidh dintiúir as na cláir foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh ▌, ar dintiúir iad a bheadh ina gcabhair lena n-áirítear do dhaoine atá ag lorg rochtain ar ghairm atá rialáilte, ba cheart do na Ballstáit agus d’fhostóirí, chun soghluaisteacht sna gairmeacha tionscail glan-nialasachta a éascú, glacadh leis na dintiúir sin mar chruthúnas leordhóthanach ar an eolas, ar na scileanna agus ar na hinniúlachtaí a fhianaíonn siad.
(68a) Ní féidir rannchuidiú na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta le cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach ach amháin nuair a chuirtear na teicneolaíochtaí sin in úsáid. Is dócha go dtarlóidh imscaradh den sórt sin, a bheag nó a mhór, i dteaghlaigh phríobháideacha, ach is dócha go dtiocfaidh an chuid is mó den dícharbónú as próisis thionsclaíocha a dhícharbónú. Chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí le haghaidh an dícharbónaithe sin san Aontas, rud atá riachtanach chun poist mhaithe agus rathúnas a áirithiú san Aontas agus chun cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a chomhlíonadh, tá sé ríthábhachtach go rannchuideoidh sé le feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta don tionscal san Aontas.
(69) Ar leibhéal an Aontais, ba cheart an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa a bhunú, ardán a bheadh comhdhéanta de na Ballstáit agus de Pharlaimint na hEorpa, agus a mbeadh an Coimisiún ina chathaoirleach air. Féadfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le ceisteanna sonracha agus comhlacht tagartha a sholáthar, ina ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a ngníomhaíocht a chomhordú agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo a éascú. Ba cheart don Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa na cúraimí a leagtar amach in Airteagail éagsúla an Rialacháin seo a dhéanamh tuilleadh, go háirithe i ndáil le cead a thabhairt, lena n-áirítear ionaid ilfhreastail, Tionscadail Straitéiseacha Ghlan-nialasachta, maoiniú a chomhordú agus rochtain a fháil air, rochtain ar mhargaí agus ar scileanna chomh maith le deiseanna trialacha rialála le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha glan-nialasachta agus teicneolaíochtaí nuálacha eile. I gcás inar gá, ba cheart go mbeadh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa in ann foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú agus cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe, amhail saineolaithe nó ionadaithe ó thionscail glan-nialasachta.
(70) Mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-Nialasachta a thabhairt i gcrích lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí glan-nialasachta. Is dócha go ndéanfaidh comhar trí na Comhpháirtíochtaí sin glacadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn ar fud an domhain, chun tacú le comhpháirtíochtaí lena dtreisítear an dá thaobh idir an tAontas agus tríú tíortha, lena n-áirítear infheistíochtaí inbhuanaithe agus cúnamh teicniúil. Is féidir le Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-Nialasachta rannchuidiú freisin le héagsúlú agus athléimneacht sholáthar an Aontais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus a gcomhpháirteanna, feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise idir an tAontas agus a chomhpháirtithe maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt agus tacú le tionscail ghlan-nialasachta an Aontais i dtaobh rochtain a fháil ar an margadh domhanda fuinnimh ghlain agus, ag an am céanna, tacú le tionscail nuaghinte i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain i dtríú tíortha ag a bhfuil buntáistí soiléire comparáideacha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhordú a dhéanamh laistigh den Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa ar na Comhpháirtíochtaí, agus plé á dhéanamh acu ar chomhpháirtíochtaí agus ar phróisis ábhartha atá ann cheana, amhail comhpháirtíochtaí glasa, idirphlé faoi fhuinneamh agus cineálacha eile socruithe conarthacha déthaobhacha atá ann cheana, chomh maith le sineirgí féideartha le comhaontuithe déthaobhacha ábhartha de chuid na mBallstát le tríú tíortha. Ba cheart go léireodh comhaontuithe le tríú tíortha, lena n-áirítear Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan‑Nialasachta, príomhluachanna agus cuspóirí an Aontais, go háirithe maidir le caighdeáin saothair agus caighdeáin idirnáisiúnta chomhshaoil a chur chun cinn sna tíortha sin. Thairis sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan‑Nialasachta rannchuidiú leis an gclaochlú tionsclaíoch ar fud shlabhra luacha iomlán ghnóthais an Aontais agus tríú tíortha agus margaí oscailte agus trádáil chóir á n-áirithiú.
(71) Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas éagsúlú a dhéanamh ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta lena gcruthaítear comhpháirtíochtaí treisiúcháin frithpháirteacha, ag tógáil ar phleananna forbartha inbhuanaithe na gcomhpháirtithe féin, ar chaighdeáin ábhartha chomhshaoil agus chearta an duine agus ardchaighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil á gcur chun cinn ar fud an domhain. Ba cheart an méid sin a dhéanamh i ndlúthchomhar agus i gcomhpháirtíocht le tíortha atá ar aon intinn leis trí chomhaontuithe atá ann cheana nó margaí straitéiseacha nua. Ar an gcuma chéanna, ba cheart comhar idirnáisiúnta níos láidre ar iarrachtaí taighde agus nuálaíochta a shaothrú chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt agus a chur in úsáid i ndlúthchomhar le tíortha comhpháirtíochta ar bhealach oscailte agus cothromaithe, agus aird chuí á tabhairt ar leasanna agus riachtanais straitéiseacha an Aontais.
(71a) Ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2023, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin gur bord neamhspleách a dhéanfaidh an tSeiceáil Iomaíochais. Ba cheart do chomhlacht leanúnach oibre an obair sin a chur in iúl maidir leis an ualach rialála a chruthaítear le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus maidir lena tionchar ar iomaíochas thionscal an Aontais, lena n-áirítear tionscail ghlan-nialasachta. Chun an obair sin a éascú, bunaítear leis an Rialachán seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála. Ba cheart don Bhord Comhairleach comhairle eolaíochtbhunaithe a fhorbairt maidir le tionchar an ualaigh rialála san Aontas, ar bhonn cásanna aonair.
(72) I gcás ina ndéanfar an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean don Choimisiún faoin Rialachán seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(46). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(73) Sa mhéid gur státchabhair atá in aon cheann de na bearta atá beartaithe leis an Rialachán seo, tá na forálacha a bhaineann leis na bearta sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE.
(74) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
1. Bunaítear leis an Rialachán seo creat na mbeart chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, ar fud an Aontais, maidir le nuálaíocht agus uas-scálú acmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, chomh maith le hacmhainneacht mhonaraíochta na gcomhpháirteanna, na n-ábhar agus an innealra feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfeidhmiú san Aontas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) tacú le spriocanna comhshaoil agus cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, mar a shainítear i Rialachán (AU) 2021/1119;
(b) iomaíochas tionsclaíoch idirnáisiúnta an Aontais a chothú chun rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú;
(c) feabhas a chur ar rochtain an Aontais ar sholáthar slán agus inbhuanaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta;
(d) uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a neartú;
(e) athléimneacht shlabhraí soláthair comhfhreagracha an Aontais a choimirciú; agus
(f) dícharbónú gheilleagar agus shochaí an Aontais a bhaint amach.
2. Chun an cuspóir ginearálta dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, tá bearta sa Rialachán seo d’fhonn an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) laghdú ar spleáchais straitéiseacha san Aontas ar na teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta, agus ar na comhpháirteanna, ábhair agus innealra feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfeidhmiú agus go mbainfear amach acmhainneacht mhonaraíochta faoi 2030 a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas:
(i) 40 % ar a laghad de riachtanais imscartha bhliantúla an Aontais le haghaidh na dteicneolaíochtaí comhfhreagracha atá riachtanach chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach, bunaithe ar an imscaradh teicneolaíoch atá beartaithe ar fud an Aontais de réir na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna n-ullmhú agus arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1999; agus
(ii) 25 % ar a laghad den éileamh domhanda ar na teicneolaíochtaí comhfhreagracha;
(b) saorghluaiseacht ráthaithe teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus seirbhísí gaolmhara a chuirtear ar an margadh inmheánach.
3. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 35, nach dócha go mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 amach, déanfaidh sé measúnú ar indéantacht agus comhréireacht beart a mholadh nó a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí sin amach. Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhféidearthacht spriocanna níos gráinní le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí agus comhpháirteanna a bhunú, lena n-áirítear trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 33, lena bhforlíontar an Rialachán seo, chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardán um Ghlan-nialasacht na hEorpa chun a chinneadh cé na bearta nó na cumhachtaí ba cheart a chur i bhfeidhm.
Airteagal 2
Raon feidhme
Cé is moite d’Airteagail 26 agus 27 den Rialachán seo, a bhfuil feidhm acu maidir le teicneolaíochtaí nuálacha glan-nialasachta, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta, mar a liostaítear in Airteagal 3a(1), agus maidir leis na comhpháirteanna, na hábhair agus leis an innealra feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfeidhmiú. Déanfar amhábhair, ábhair phróiseáilte agus comhpháirteanna a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE).../... [cuir isteach fonóta ina bhfuil tagairtí foilseacháin an Rialacháin um Amhábhair Chriticiúla] agus faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1781 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta’ na teicneolaíochtaí a liostaítear in Airteagal 3a(1);
(b) ciallaíonn ‘comhpháirt’ eilimint mhonaraithe de tháirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta;
(ba) ciallaíonn ‘ábhair’ aon amhábhair nó aon ábhair phróiseáilte is gá chun comhpháirt de theicneolaíocht glan-nialasachta nó táirge deiridh a tháirgeadh;
(c) ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha’ teicneolaíochtaí a chuimsíonn fíornuálaíocht, nach bhfuil ar fáil ar an margadh inmheánach faoi láthair agus a chuireann feabhas ar an teicneolaíocht inchomparáide cheannasach ghlan-nialasachta ar bhealach amháin ar a laghad, chomh maith le haon teicneolaíocht a áirítear sa Phlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 26d;
(ca) ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí nuálacha eile’ teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh an t-aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach agus glan a chumasú agus spleáchais straitéiseacha a laghdú, a chuimsíonn fíornuálaíocht nach bhfuil ar fáil ar an margadh inmheánach faoi láthair agus atá forbartha go leor le tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe;
(cb) ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha réamhthráchtála’ teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ach atá forbartha go leor chun tástáil a dhéanamh orthu i dtimpeallacht rialaithe;
(cc) ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí glan-nialasachta tráchtála nua’ teicneolaíochtaí glan-nialasachta nach bhfuil ar fáil go fóill ar bhonn tráchtála ar mórscála, a bhfuil sciar íseal den mhargadh acu, a chuireann feabhas ar na teicneolaíochtaí inchomparáide ceannasacha ar bhealach amháin ar a laghad, agus a bhfuil leibhéal soiléir riosca ag baint leo nuair a áirítear iad i soláthar;
(cd) ciallaíonn ‘soláthar réamhthráchtála’ soláthar teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha réamhthráchtála a bhaineann roinnt riosca-sochair faoi dhálaí margaidh leis, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, ina bhfuil scaradh soiléir idir gníomhaíochtaí forbartha na dtáirgí a sholáthraítear agus imscaradh mhéideanna tráchtála na dtáirgí deiridh;
(ce) ciallaíonn ‘soláthar poiblí réiteach nuálach’ soláthar dá bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar chustaiméir céadtrialach le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha tráchtála, a bhféadfaí tástáil chomhréireachta a áireamh ann;
(d) ciallaíonn ‘tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’ saoráid thionsclaíoch bheartaithe nó leathnú nó athrú cuspóra saoráide atá ann cheana chun teicneolaíochtaí glan-nialasachta, táirgí deiridh nó comhpháirteanna, ábhair nó innealra a mhonarú feadh shlabhraí soláthair na dteicneolaíochtaí sin atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh agus dá bhfheidhmiú;
(e) ciallaíonn ‘tionscadal straitéiseach glan-nialasachta’ tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a roghnaítear i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 10;
(ea) ciallaíonn ‘gleann um an tionscal glan-nialasachta’ nó ‘Gleann’ limistéar talún sonrach atá ainmnithe ag Ballstát chun tógáil nó leathnú saoráidí monaraíochta a chur chun cinn i slabhra soláthair an tionscail glan-nialasachta;
(f) ciallaíonn ‘próiseas deonaithe ceadanna’ próiseas lena gcumhdaítear na ceadanna riaracháin ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a phleanáil, a thógáil, a mhéadú agus a oibriú, amhail tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, lena n-áirítear ceadanna, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, i gcás inar gá leo sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta riaracháin uile ón iarratas ▌a fháil ag an údarás ainmnithe go dtí go dtabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach nó, i gcás inarb ábhartha, an t-oibreoir eangaí atá freagrach fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta;
(g) ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an cinneadh nó an tsraith cinntí a dhéanann údaráis de chuid na mBallstát, gan cúirteanna ná binsí a áireamh, lena gcinntear cé acu atá nó nach bhfuil tionscnóir tionscadail údaraithe chun tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chur chun feidhme, gan dochar d’aon chinneadh a dhéanfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;
(h) ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ aon ghnóthas nó aon chuibhreannas gnóthas a bhfuil tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nó tionscadal straitéiseach glan-nialasachta á fhorbairt aige;
▌
(ia) ciallaíonn ‘deis thrialach rialála teicneolaíochta glan-nialasachta’ scéim lena gcuirtear ar a gcumas do ghnóthas teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a thástáil i bhfíorthimpeallacht rialaithe, faoi phlean sonrach, a dhéanann údarás inniúil í a fhorbairt agus faireachán uirthi.
▌
(k) ciallaíonn ‘údarás lena mbaineann’ údarás atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe a eisiúint a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh;
(l) ciallaíonn ‘nós imeachta soláthair phoiblí’ aon cheann díobh seo a leanas:
(i) aon chineál nós imeachta dámhachtana a chumhdaítear le Treoir 2014/24/AE maidir le conradh poiblí a thabhairt i gcrích nó le Treoir 2014/25/AE maidir le conradh soláthair, oibreacha agus seirbhíse a thabhairt i gcrích;
(ii) nós imeachta maidir le hoibreacha nó lamháltas seirbhíse a dhámhachtain a chumhdaítear le Treoir 2014/23/AE;
(m) ciallaíonn ‘údarás conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, údarás conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 6 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 2(1), pointe (1) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 3 de Threoir 2014/25/AE;
(n) ciallaíonn ‘eintiteas conarthach’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, eintiteas conarthach mar a shainmhínítear in Airteagal 7 de Threoir 2014/23/AE agus Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE;
(o) ciallaíonn ‘conradh’, i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, conradh poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (5) de Threoir 2014/24/AE, ‘conarthaí’ mar a shainmhínítear sa téarma ‘conarthaí soláthair, oibreacha agus seirbhíse’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2014/25/AE, agus ‘lamháltais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Threoir 2014/23/AE;
(p) ciallaíonn ‘ceant’ sásra le haghaidh nósanna imeachta iomaíocha tairisceana nach dtagann faoin sainmhíniú ar ‘lamháltais’ de réir Airteagal 5, pointe (1), de Threoir 2014/23/AE;
(q) ciallaíonn ‘acmhainneacht insteallta CO2’ an méid bliantúil CO2 is féidir a instealladh i láithreán stórála geolaíoch oibríochtúil, a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, lena n-áirítear uiscígh shailíne, a chuirtear ar fáil leis an modh chun CO² a ghabháil agus a iompar chuig an láithreán, agus chun astaíochtaí a laghdú nó chun aistrithe dé-ocsaíde carbóin a mhéadú, go háirithe ó shuiteálacha tionsclaíocha mórscála agus a thomhaistear i dtonaí in aghaidh na bliana;
(qa) ciallaíonn ‘gréasáin iompair CO2’ bonneagar iompair ilmhódach CO2, lena n-áirítear gréasán píblínte, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora ghaolmhara, chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála;
(r) ciallaíonn ‘comhtháthú córas fuinnimh’ réitigh chun an córas fuinnimh ina iomláine a phleanáil agus a oibriú, ar fud iompróirí fuinnimh, bonneagair agus earnálacha tomhaltais éagsúla, trí naisc níos láidre a chruthú eatarthu chun seirbhísí fuinnimh atá saor ó iontaise, iontaofa agus tíosach ar acmhainní a sholáthar, ar an gcostas is lú is féidir don tsochaí.
(s) ciallaíonn ‘acmhainneacht mhonaraíochta’ méid iomlán acmhainneachta táirgeachta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a tháirgtear i dtionscadal monaraíochta. Mura dtáirgeann an tionscadal monaraíochta táirgí deiridh ach comhpháirteanna sonracha nó innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun táirgí den sórt sin a tháirgeadh, tagraíonn an acmhainneacht monaraíochta d’acmhainneacht táirgeachta an táirge deiridh a ndéanfaí as comhpháirteanna nó innealra sonrach den sórt sin.
Airteagal 3a
Teicneolaíochtaí glan-nialasachta
1. Is iad seo a leanas na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo:
(a) teicneolaíochtaí a úsáidtear chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainítear i dTreoir (AE) 2018/2001;
(b) teicneolaíochtaí fuinnimh eamhnaithe agus comhleá núicléach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí thimthriall an bhreosla núicléach;
(c) teicneolaíochtaí stórála fuinnimh;
(d) teicneolaíochtaí um baint, ghabháil, iompar, instealladh, stóráil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (CO2), meatáin (CH4) agus ocsaíde nítriúla (N2O);
(f) teicneolaíochtaí leictrealóirí agus breosla-chille;
(g) teicneolaíochtaí leictreacha, hidrigine (H2), breoslaí malartacha inbhuanaithe mar a shainítear i Rialachán (AE).../... [IO chun tagairt do Rialachán 2021/0210(COD) maidir le breoslaí muirí inbhuanaithe a chur isteach], agus tiomána gaoithe le haghaidh iompair;
(h) teicneolaíochtaí luchtaithe leictrigh le haghaidh iompair;
(i) teicneolaíochtaí maidir le bonneagar táirgthe agus athbhreoslaithe hidrigine (H2), breoslaí malartacha inbhuanaithe mar a shainítear i Rialachán (AE).../... (IO chun tagairt do ...[Eitlíocht ReFuel 2021/0205(COD)] agus bithmheatáin (CH4);
(j) teicneolaíochtaí teaschaidéal;
(k) teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh;
(l) teicneolaíochtaí dáilte fuinnimh theirmigh agus eangaí leictrí;
(m) teicneolaíochtaí bainistithe fuinnimh;
(n) teicneolaíochtaí próiseas tionsclaíoch agus leictriúcháin ardéifeachtúlachta do thionscail atá dian ar fhuinneamh agus ar charbón;
(o) teicneolaíochtaí táirgthe bithábhar, lena n-áirítear teicneolaíochtaí táirgthe ceimiceán bithbhunaithe;
(p) teicneolaíochtaí athchúrsála.
2. Laistigh de 6 mhí ón spriocdháta chun fógra a thabhairt faoi gach plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus laistigh de 6 mhí ón spriocdháta chun gach nuashonrú ar na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chur isteach de bhun Airteagal 14(2) den Rialachán sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar liosta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe a mholadh, i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán seo, lena leasófar an liosta sin chun a áirithiú go léireofar ann na riachtanais teicneolaíochta a eascraíonn as pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát.
Caibidil II.
Coinníollacha cumasúcháin le haghaidh monaraíocht teicneolaíochta glan-nialasachta
Roinn I.
Próisis riaracháin agus deonaithe ceadanna a chuíchóiriú
Airteagal 4
Ionad ilfhreastail
1. Faoin ...[3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh nó bunóidh na Ballstáit údarás inniúil amháin (údarás ainmnithe). Beidh an t-údarás ainmnithe freagrach as an bpróiseas deonaithe ceadanna a éascú agus a chomhordú le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ▌agus chun comhairle a sholáthar maidir leis an ualach riaracháin a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 5.
2. Is é an t-údarás ainmnithe ▌an t-aon phointe teagmhála a bheidh ag an tionscnóir tionscadail sa phróiseas deonaithe ceadanna as a dtiocfaidh cinneadh cuimsitheach maidir le tionscadal áirithe, agus déanfaidh an t-údarás ainmnithe sin cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad a chomhordú.
3. Féadfar freagrachtaí an údaráis ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 nó na cúraimí a bhaineann leis a tharmligean chuig údarás eile nó féadfaidh an t-údarás eile sin iad a chur i gcrích, i gcás aon tionscadal áirithe, ar choinníoll:
(a) go dtabharfaidh an t-údarás ainmnithe fógra don tionscnóir tionscadail faoin tarmligean sin;
(b) go mbeidh údarás amháin freagrach as gach ceann de na tionscadail faoi seach;
(c) go ndéanfaidh údarás amháin cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha ar fad a chomhordú.
4. Ceadófar do thionscnóirí tionscadail aon doiciméad atá ábhartha maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a chur isteach i bhfoirm leictreonach.
5. Cuirfidh an t-údarás ainmnithe aon staidéar bailí a rinneadh agus aon chead nó údarú a eisíodh le haghaidh tionscadal áirithe sular tháinig an tionscadal isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna san áireamh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus ní éileoidh sé staidéir dhúbailte, ceadanna dúbailte ná údaruithe dúbailte, mura gceanglaítear a mhalairt faoi dhlí an Aontais.
6. Áiritheoidh an t-údarás ainmnithe go mbeidh rochtain éasca ag iarrthóirí ar nósanna imeachta simplí agus faisnéis faoi na nósanna imeachta sin chun díospóidí a réiteach a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus le ceadanna a eisiúint chun tionscadail a thógáil nó a mhéadú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí réitigh díospóide malartacha.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh líon leordhóthanach ball foirne cáilithe agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, teicniúla agus teicneolaíocha is gá, lena n-áirítear le haghaidh an uas-scilithe agus an athscilithe, ag na húdaráis náisiúnta lena mbaineann agus ag údaráis inniúla eile atá freagrach as aon chéim feadh na bpróiseas deonaithe ceadanna, lena n-áirítear gach céim ghnásúil, chun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach.
8. Déanfaidh an tArdán dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 29 plé tréimhsiúil ar chur chun feidhme na Roinne seo agus Airteagail 12 agus 13 agus comhroinnfidh sé dea-chleachtais maidir le húdaráis inniúla náisiúnta a eagrú agus dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe.
8a. Breithneoidh na Ballstáit ar thacaíocht dhíreach a mhéadú don údarás ainmnithe faoi Phleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil ar fáil don údarás ainmnithe agus do na Ballstáit chun an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích.
8b. Déanfaidh an t-údarás ainmnithe na ceanglais mhionsonraithe agus an méid faisnéise a iarrfar ar thionscnóir tionscadail a shonrú agus a chur ar fáil sula gcuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.
Airteagal 5
Inrochtaineacht faisnéise ar líne
Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi phróisis riaracháin atá ábhartha maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, ar líne agus ar bhealach láraithe inrochtana:
(a) an próiseas deonaithe ceadanna;
(b) seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta;
(c) deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát;
(d) seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla, dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin.
Airteagal 5 a
Dlús a chur leis an gcur chun feidhme
1. Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi ghníomhaíochtaí chun dlús a chur le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i dtionscadail monaraíochta glan-nialasachta agus chun na hinfheistíochtaí a phlódú isteach. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, tacaíocht a sholáthar do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú a fháil, agus an tacaíocht sin a chomhordú. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go gcuirfear an tacaíocht ar fáil don tionscnóir tionscadail laistigh de 6 mhí ón iarraidh ar an tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chur isteach.
2. Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht riaracháin agus oibríochtúil ar fáil do thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe ar a gcríoch, chun a gcur chun feidhme tapa agus éifeachtach a éascú, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna atá rannpháirteach sna tionscadail, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
(a) cúnamh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí riaracháin agus tuairiscithe is infheidhme a áirithiú;
(b) cúnamh do thionscnóirí tionscadail chun glacadh an phobail leis an tionscadal a mhéadú tuilleadh.
(c) cúnamh do thionscnóirí tionscadail le linn an phróisis deonaithe ceadanna, go háirithe do FBManna.
Sa bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn na Ballstáit, soláthróidh an Coimisiún tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír do na tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta.
Chun é sin a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leormhaithe ag na comhlachtaí riaracháin ábhartha agus go mbeidh foireann leormhaith acu chun freagra a thabhairt laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme ar iarrataí a dhéanfar amach anseo.
3. Faoin 31 Nollaig 2024, molfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle modh chun comhordú a dhéanamh ar na foinsí éagsúla cistiúcháin phoiblí le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ón Aontas agus ó na Ballstáit d’fhonn dlús a chur lena n-imscaradh.
Airteagal 6
Fad an phróisis deonaithe ceadanna
1. Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta níos faide ná aon cheann de na teorainneacha ama seo a leanas:
(a) 9 mí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;
(b) 12 mhí i gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a thógáil ar mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW.
2. I gcás tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná teorainn ama 12 mhí.
3. I gcás acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú i saoráidí monaraíochta atá ann cheana, déanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath.
4. I gcásanna eisceachtúla, nuair is gá sin de bharr chineál, chastacht, shuíomh nó mhéid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh na húdaráis inniúla síneadh 1 mhí ar a mhéad a chur leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás.
I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe nó an phobail i gcoitinne, agus i gcás ina mbeidh gá le ham breise chun a shuí go bhfuil coimircí leormhaithe curtha i bhfeidhm, féadfaidh siad síneadh 6 mhí eile a chur leis na teorainneacha ama sin, sula rachaidh siad in éag agus ar bhonn cás ar chás.
5. I gceachtar cás, cuirfidh an t-údarás ainmnithe an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna leis an síneadh agus faoin dáta a bhfuil coinne leis an gcinneadh cuimsitheach i scríbhinn.
6. Tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis do na húdaráis inniúla an t-iarratas ar dheonú ceada a fháil, déanfaidh siad an t-iarratas a bhailíochtú nó, murar sheol an tionscnóir tionscadail an fhaisnéis uile is gá chun iarratas a phróiseáil, iarrfaidh siad ar an tionscnóir tionscadail iarratas iomlán a chur isteach laistigh de 14 lá tar éis na hiarrata sin. Is é an dáta a admhóidh an t-údarás ainmnithe náisiúnta ▌go bhfuair sé an t-iarratas den chéad uair tús an phróisis deonaithe ceadanna.
7. Tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta a ghlacfar le bailíocht an iarratais, déanfaidh an t-údarás ainmnithe, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna. Foilseoidh an t-údarás ainmnithe ▌an sceideal ar shuíomh gréasáin saor-rochtana.
8. Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.
9. Na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainn ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.
9a. Áiritheoidh an t-údarás ainmnithe go measfar na céimeanna idirmheánacha sonracha a bheith formheasta mar thoradh ar an easpa freagartha ó na comhlachtaí riaracháin ábhartha laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear san Airteagal sin, ach amháin i gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin sa chóras dlí náisiúnta. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le cinntí críochnaitheacha i dtaca le toradh an phróisis. Nuair a ghlacfar cinneadh críochnaitheach maidir le toradh an phróisis ar bhonn formheas intuigthe, cuirfear fógra sainráite chuig an tionscnóir tionscadail laistigh de sheachtain tar éis theacht i bhfeidhm an fhormheasa intuigthe. Cuirfear gach cinneadh, lena n-áirítear fógra maidir le formheas intuigthe, ar fáil go poiblí.
9b. I gcomhréir leis an Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun tacar íosta ceanglas um dheonú ceadanna a bhunú nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, go háirithe chun an obair ullmhúcháin a shimpliú do thionscnóirí a chuireann tionscadail mhonaraíochta isteach, agus ag an am céanna treoir na n-iarrataí ó riaracháin a éascú.
Airteagal 7
Measúnuithe agus údaruithe comhshaoil
1. I gcás nach mór measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 5 go 9 de Threoir 2011/92/AE, iarrfaidh an tionscnóir tionscadail lena mbaineann tuairim ar an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4 ar raon feidhme agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le háireamh sa tuarascáil maidir leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 5(1) den Treoir sin. Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta go n-eiseofar an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a luaithe is féidir agus laistigh de thréimhse ama nach faide ná 20 lá gan eisceacht ón dáta a chuir an tionscnóir tionscadail a iarraidh isteach, ar choinníoll go n-áireofar san iarraidh sin an doiciméadacht uile is gá. Cuirfidh na húdaráis inniúla liosta den doiciméadacht is gá ar fáil don tionscnóir tionscadail ag tús a n-iarrtha, beidh sé mar aidhm acu an próiseas a chuíchóiriú agus treoir a thabhairt don tionscnóir tionscadail tríd an bpróiseas.
2. I gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol go comhuaineach as Treoir 2011/92/AE, Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2000/60/CE, Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(47), Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(48), Treoir 2010/75/AE nó Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(49), déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta foráil maidir le nósanna imeachta comhordaithe nó comhpháirteacha lena gcomhlíonfar ceanglais na reachtaíochta sin de chuid an Aontais.
Faoin nós imeachta comhordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhordóidh an t-údarás inniúil náisiúnta na measúnuithe aonair éagsúla ar thionchar comhshaoil tionscadail ar leith a cheanglaítear le reachtaíocht infheidhme an Aontais.
Faoin nós imeachta comhpháirteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta foráil maidir le measúnú aonair ar thionchar comhshaoil tionscadail ar leith a cheanglaítear le reachtaíocht infheidhme an Aontais.
Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm an nós imeachta chomhpháirtigh nó an nós imeachta comhordaithe difear d’inneachar an mheasúnaithe tionchair ar an gcomhshaol.
3. Áiritheoidh an t-údarás inniúil náisiúnta go n-eiseoidh na húdaráis lena mbaineann conclúid réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g)(iv) de Threoir 2011/92/AE maidir leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol laistigh de 80 lá tar éis dóibh an fhaisnéis uile is gá a bailíodh de bhun Airteagail 5, 6 agus 7 den Treoir sin a fháil, a cáilíocht a fhíorú, agus na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 den Treoir sin a thabhairt i gcrích.
3a. I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina n-éilítear amhlaidh mar gheall ar chineál, castacht, suíomh nó méid an tionscadail atá beartaithe, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhadú go ceann 30 lá ar a mhéad, sula rachaidh siad in éag nó ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an tionscnóir tionscadail ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna lenar tugadh údarú leis an bhfadú agus faoin dáta a bhfuiltear ag dréim leis an gconclúid réasúnaithe.
4. Ní bheidh na tréimhsí chun dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann maidir leis an tuarascáil chomhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/92/AE níos faide ná 80 lá ná níos giorra ná 40 lá. I gcásanna a thagann faoi Airteagal 6(4), an dara fomhír, féadfar síneadh 90 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse sin ar bhonn cás ar chás. Sa chás sin, cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna lena dtugtar údar leis an síneadh. Cuirfear tús leis an gcomhairliúchán poiblí a luaithe a mheasfaidh an t-údarás inniúil riaracháin an comhad a chuir an tionscnóir tionscadail isteach a bheith iomlán agus déanfar é i gcomhthráth leis an measúnú ar an iarraidh ar thionscadal ag an údarás inniúil náisiúnta, agus na ceanglais maidir le dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann a leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE á gcomhlíonadh agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí á gcur ar fáil don údarás inniúil.
4a. I gcás ina ndéanfadh tionscadal difear do limistéar ainmnithe Natura 2000, beidh an measúnú comhshaoil faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 92/43/CEE.
4b. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-údaráis inniúla náisiúnta agus údaráis eile de bhun Airteagal 6(1) de Threoir 2011/92/AE feistithe go leormhaith chun a gcuid oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh.
Airteagal 8
Pleanáil
1. Agus pleananna á n-ullmhú, lena n-áirítear criosú, pleananna spásúlachta agus pleananna úsáide talún, áireoidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna pleananna sin, i gcás inarb iomchuí, forálacha maidir le forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, chomh maith leis an mbonneagar is gá agus na gleannta um an tionscal glan-nialasachta. Tabharfar tús áite do dhromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha, láithreáin athfhorbraíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin úrnua nach bhfuil inúsáidte le haghaidh na talmhaíochta agus na foraoiseachta. Chun forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sonraí ábhartha uile maidir le pleanáil spásúlachta ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 5.
2. I gcás ina n-áireofar i bpleananna forálacha maidir le forbairt tionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta, lena n-áirítear tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, agus a mbonneagar a éilítear, atá faoi réir measúnaithe de bhun Threoir 2001/42/CE agus de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, déanfar na measúnuithe sin a chomhcheangal. I gcás inarb ábhartha, tabharfar aghaidh sa mheasúnú comhcheangailte sin freisin ar an tionchar ar dhobharlaigh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus fíorófar an bhféadfadh na tionscadail shonracha faoin bplean cosc a chur ar dhobharlach stádas maith nó poitéinseal maith a bhaint amach nó a bheith ina chúis le meathlú stádais nó poitéinsil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE nó an bhféadfadh an plean bac a chur ar dhobharlach stádas maith nó poitéinseal maith a bhaint amach. I gcás ina gceanglaítear ar na Ballstáit ábhartha measúnú a dhéanamh ar thionchair na ngníomhaíochtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo ar an muirthimpeallacht, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí ar muir agus ar tír, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/89/AE, cumhdófar na tionchair sin leis an measúnú comhcheangailte freisin. Má chomhcheanglaítear measúnuithe de bhun na míre seo, ní dhéanfaidh sé sin difear dá n-inneachar ná dá gcáilíocht. Déanfar measúnuithe comhcheangailte ar bhealach nach mbeidh fadú ar na teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo mar thoradh air.
Airteagal 9
Infheidhmeacht Choinbhinsiúin UNECE
1. Tá na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí faoi ▌Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, a síníodh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998, agus faoi Choinbhinsiún UNECE maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann, a síníodh in Espoo an 25 Feabhra 1991.
2. Déanfar na cinntí uile a ghlacfar de bhun na Roinne seo agus Airteagail 12, 13, 14 agus 21 a chur ar fáil go poiblí ar bhealach sothuigthe agus beidh na cinntí uile maidir le tionscadal ar leith ar fáil ó fhoinse aonair.
Roinn II
Tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta
Airteagal 10
Critéir roghnúcháin
1. Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta lena gcuirtear san áireamh spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus atá lonnaithe san Aontas a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo agus a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas, déanfaidh na Ballstáit iad a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta:
(a) rannchuidíonn an tionscadal ▌le hathléimneacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais tríd ▌an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i) cur le hacmhainneacht mhonaraíochta san Aontas le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó le haghaidh comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh, dá bhfuil an tAontas ag brath níos mó ná 50 % ar allmhairí a thagann ó thríú tír amháin; nó
(ii) cur le hacmhainneacht mhonaraíochta nó an acmhainneacht mhonaraíochta atá ann cheana san Aontas a nuashonrú le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó le haghaidh comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh, a n-onnmhairíonn an tAontas níos mó ná 25 % dá aschur táirgeachta;
(b) rannchuidíonn an tionscadal ▌le hiomaíochas san Aontas agus ar na margaí domhanda agus le cruthú post ardcháilíochta trí nuálaíocht a chur ar fáil maidir le próiseas monaraíochta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, nó próiseas monaraíochta na gcomhpháirteanna nó n-ábhar feadh shlabhra soláthair na dteicneolaíochtaí sin nach bhfuil ann go substaintiúil go fóill nó nach bhfuil gealltanas tugtha go fóill go dtógfar iad laistigh den Aontas nó trí tháirgeadh na teicneolaíochta glan-nialasachta is fearr atá ar fáil a áirithiú, lena n-áirítear na comhpháirteanna nó na hábhair is fearr atá ar fáil ina slabhra soláthair, chomh maith leis an méid seo a leanas:
(i) rannchuidiú le hiomaíochas FBManna;
(ii) bearta a chur i bhfeidhm chun lucht saothair is gá le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhealladh, a choinneáil, a uas-sciliú nó a athsciliú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí, cúrsaí oiliúna, oideachas acadúil leanúnach nó iarchéime i ndlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta lena n-áirítear ceardchumainn; nó
(c) rannchuidíonn an tionscadal le cuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach tríd an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh agus tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i) teicneolaíocht ghlan-nialasachta a mhonarú nó comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh ag a bhfuil gnéithe feabhsaithe inbhuanaitheachta agus feidhmíochta comhshaoil nó ciorclaíochta, lena n-áirítear éifeachtúlacht chuimsitheach ísealcharbóin, fuinnimh, uisce agus ábhair, a mhonarú;
(ii) cleachtais mhonaraíochta a ghlacadh a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na teicneolaíochtaí sin a tháirgeadh ag a bhfuil gnéithe feabhsaithe inbhuanaitheachta comhshaoil agus feidhmíochta nó ciorclaíochta, lena n-áirítear éifeachtúlacht chuimsitheach ísealcharbóin, fuinnimh, uisce agus ábhair agus cleachtais chiorclacha, chomh maith le haisghabháil fuíollteasa; nó
(iii) cur le hacmhainneacht shuntasach mhonaraíochta, rud a chuirfidh go mór le cuspóirí aeráide 2030 an Aontais.
1a. Faoin ... [3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3) ina leagfar amach treoirlínte lena n-áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme na gcritéar a liostaítear san Airteagal seo. Ba cheart a áireamh sna treoirlínte sin, ar a laghad, treoraíocht shonrach maidir leis na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
(a) cibé an úsáidtear comhpháirt nó innealra go príomha chun teicneolaíocht ghlan-nialasachta a tháirgeadh;
(b) cibé an mbaineann acmhainneacht mhonaraíochta bhreise le hacmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta chéaduaire nó le hacmhainneacht monaraíochta teicneolaíochta is fearr atá ar fáil;
(c) cibé an féidir a mheas gur acmhainneacht shuntasach í an acmhainneacht mhonaraíochta bhreise.
2. Aithneoidh na Ballstáit mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta na tionscadail straitéiseacha CO2 seo a leanas:
(a) na tionscadail gabhála CO2 agus na tionscadail bonneagair CO2 atá riachtanach chun CO2 gafa a iompar chuig láithreáin stórála CO2:
(i) a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(6), pointe (a); agus
(ii) a bhfuil sé mar aidhm leo CO2 a ghabháil chun é stóráil i láithreán stórála CO2 dá dtagraítear in Airteagal 16(1);
(b) na tionscadail stórála CO2:
(i) a bhaineann le láithreáin stórála CO2 atá lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;
(ii) a rannchuidíonn leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 18 a bhaint amach; agus
(iii) a bhfuil iarratas déanta acu ar chead le haghaidh stóráil gheolaíoch shábháilte agus bhuan CO2 i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.
3. Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a chomhfhreagraíonn do theicneolaíocht a liostaítear in Airteagal 3a(1) atá lonnaithe i ‘réigiúin bheagfhorbartha agus trasdula’ agus i gCríocha an Chiste um Aistriú Cóir agus atá incháilithe do chistiú faoi rialacha an bheartais chomhtháthaithe, aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 11(3) arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 11(2).
4. Maidir le tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta atá lonnaithe san Aontas agus a rannchuidíonn le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(1) agus a thairbhíonn den Chiste don Nuálaíocht, nó atá ina chuid de Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne, den Chomhpháirtíocht Eorpach um Ghleannta Hidrigine, nó den Bhanc Hidrigine, i gcás ina dtacaíonn na cistí le hinfheistíocht in acmhainneachtaí monaraíochta a chomhfhreagraíonn do theicneolaíocht a liostaítear inAirteagal 3a(1), aithneoidh na Ballstáit iad mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta faoi Airteagal 11(3) arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail gan é a bheith ar an tionscnóir tionscadail iarratas foirmiúil a chur isteach faoi Airteagal 11(2).
Airteagal 11
Iarratas agus aitheantas
1. Maidir le hiarratais ar thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a aithint mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, cuirfidh an tionscnóir tionscadail faoi bhráid an Bhallstáit ábhartha iad.
2. Beidh na nithe seo a leanas go léir san iarratas dá dtagraítear i mír 1:
(a) fianaise ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 10(1) nó (2);
(b) plean gnó ina ndéantar measúnú ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail i gcomhréir leis an gcuspóir poist ardcháilíochta a chruthú.
3. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an iarratas dá dtagraítear i mír 1 laistigh de mhí amháin le próiseas cothrom trédhearcach. Beidh an cinneadh a thiocfaidh as an bpróiseas sin réasúnaithe agus cuirfear in iúl é don tionscnóir tionscadail, don Ardán agus do Pharlaimint na hEorpa. Mura ndéanfaidh na Ballstáit cinneadh laistigh den tréimhse sin, is formheas ar an tionscadal a bheidh ann.
3a. Faoin ... [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh gach Ballstát liosta lena suífear na teicneolaíochtaí glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3a(1) ar féidir leo tairbhe a bhaint as na forálacha a bhaineann le tionscadail straitéiseacha a aithnítear faoin Airteagal seo sa Bhallstát ábhartha.
4. Féadfaidh an Coimisiún a thuairim a sholáthar ar na tionscadail arna bhformheas. I gcás ina ndiúltóidh Ballstát don iarratas, beidh sé de cheart ag an iarratasóir an t-iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas laistigh de 20 lá oibre.
5. I gcás ina ndeimhneoidh an Coimisiún diúltú an Bhallstáit don iarratas tar éis dó measúnú a dhéanamh i gcomhréir le mír 4, tabharfaidh sé fógra faoina chonclúid don iarratasóir i bhfoirm litreach. I gcás nach mbeidh an Coimisiún ag teacht leis an mBallstát ar a mheasúnú, pléifidh an tArdán ▌an tionscadal atá i gceist agus déanfaidh sé cinneadh maidir lena stádas.
6. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nó Ballstát go ndearnadh athruithe substaintiúla ar thionscadal straitéiseach glan-nialasachta nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na critéir a leagtar amach in Airteagal 10 ▌, nó i gcás ina raibh a aitheantas bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis mhícheart, cuirfidh sé an tionscnóir tionscadail lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Tar éis éisteacht leis an tionscnóir tionscadail, féadfaidh an Ballstát an cinneadh lena ndeonaítear stádas tionscadail straitéisigh glan-nialasachta do thionscadal a aisghairm.
7. Tionscadail nach n-aithnítear a thuilleadh mar thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, caillfidh siad na cearta uile a bhaineann leis an stádas sin faoin Rialachán sin.
8. Déanfaidh an Coimisiún clárlann tionscadal straitéiseach glan-nialasachta a bheidh ar fáil go hoscailte a bhunú agus a choinneáil ar bun.
1. Áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe éagsúla a eisiúint a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, gur i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta go gcaithfear leis na próisis sin ar an mbealach is gasta is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
2. Gan dochar d’oibleagáidí dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, deonóidh na Ballstáit an stádas lena mbaineann an tábhacht náisiúnta is airde is féidir do thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, i gcás inarb ann do stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, agus caithfear leo dá réir sin sna próisis deonaithe ceadanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le measúnuithe comhshaoil agus má fhoráiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta, leis an bpleanáil spásúlachta.
3. Measfar go rannchuidíonn tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta le slándáil an tsoláthair teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leasa an phobail iad. Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol a dtugtar aghaidh orthu in Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)I de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE, measfar gur chun leasa an phobail iad tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta san Aontas agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach sna Treoracha sin.
4. Maidir le gach nós imeachta um réiteach díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta os comhair aon chúirte, binse, painéal náisiúnta, lena n-áirítear idirghabháil nó eadráin, i gcás inarb ann dóibh sa dlí náisiúnta, caithfear leo mar ábhair phráinneacha, más rud é agus a mhéid a dhéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir leis na nósanna imeachta práinne sin agus ar choinníoll go n-urramófaí na cearta is infheidhme de ghnáth maidir le daoine aonair nó pobail áitiúla a chosaint. Glacfaidh tionscnóirí tionscadail de thionscadal straitéiseach glan-nialasachta páirt sa nós imeachta práinne sin, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 13
Fad an phróisis deonaithe ceadanna i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta
1. Ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta níos faide ná aon cheann de na teorainneacha ama seo a leanas:
(a) 6 mhí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil ar lú a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;
(b) 9 mí i gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil ar mó a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil ná 1 GW;
(c) 18 mí le haghaidh na gceadanna uile is gá chun láithreán stórála a oibriú i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.
2. I gcás tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta nach ndéantar a n-acmhainneacht mhonaraíochta bhliantúil a thomhas in GW, ní bheidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná teorainn ama 9 mí.
3. I gcás acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú i saoráidí monaraíochta atá ann cheana, déanfar na teorainneacha ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú faoina leath.
4. Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta gurb é an toradh a bheidh ar an easpa freagartha ó na comhlachtaí riaracháin ábhartha laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear san Airteagal sin go measfar go bhfuil na céimeanna idirmheánacha sonracha formheasta, ach amháin i gcás ina bhfuil an tionscadal sonrach faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle nó Threoir 2000/60/CE, Threoir 2008/98/CE, Threoir 2009/147/CE, Threoir 2010/75/AE, 2011/92/AE nó Threoir 2012/18/AE nó cinneadh i dtaobh an bhfuil gá leis an measúnú sin ar an tionchar ar an gcomhshaol agus nach ndearnadh na measúnuithe ábhartha lena mbaineann go fóill, nó i gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin sa chóras dlí náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le cinntí críochnaitheacha i dtaca le toradh an phróisis, ar cinntí iad atá le bheith sainráite. Cuirfear na cinntí uile ar fáil go poiblí.
4a. I gcás nach ann do phrionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin sa dlíchóras náisiúnta agus, i gcás measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 92/43/CEE, 2000/60/CE, 2008/98/CE, 2009/147/CE, 2010/75/AE, 2011/92/AE nó 2012/18/AE, nó cinneadh i dtaobh an bhfuil gá leis an measúnú sin ar an tionchar ar an gcomhshaol, beidh pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha ann mar thoradh ar easpa freagartha ó na comhlachtaí riaracháin ábhartha laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme dá dtagraítear san Airteagal seo. Leithdháilfear an t-ioncam ón bpionós ar an tionscadal a ndearna an mhoill difear dó agus comhfhreagróidh sé don luach eacnamaíoch a cailleadh mar thoradh ar an moill.
Airteagal 13a
Gleannta um an Tionscal Glan-nialasachta
1. Chun cuspóirí an Rialacháin sin a chomhlíonadh, ainmneoidh gach Ballstát limistéir gheografacha mar Ghleannta um an Tionscal Glan-Nialasachta (Gleannta).
2. Is iad seo a leanas cuspóirí na nGleannta:
(a) braislí de ghníomhaíocht thionsclaíoch ghlan-nialasachta a chruthú as a dtiocfaidh gnóthachain éifeachtúlachta do na gníomhaithe tionsclaíocha uile lena mbaineann;
(b) tarraingteacht an Aontais a mhéadú mar shuíomh do ghníomhaíochtaí monaraíochta;
(c) na nósanna imeachta riaracháin le haghaidh bunú acmhainneachtaí monaraíochta glan-nialasachta a chuíchóiriú tuilleadh, thar an gcuíchóiriú a leagtar amach i gCaibidlí eile den Rialachán seo;
3. Agus limistéir le haghaidh bunú na nGleannta á sainaithint acu, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
(a) an gá atá ann tús áite a thabhairt d’úsáidí iomadúla na limistéar arna sainaithint chun leathnú, ationsclú nó cruthú braislí tionsclaíocha Eorpacha a áirithiú;
(b) infhaighteacht bonneagair ábhartha iompair agus gréasáin, infhaighteacht stórais agus uirlisí solúbthachta eile nó an cumas bonneagar nó stóras den sórt sin a chruthú.
(c) an t-aistriú cóir agus a chuspóirí, go háirithe maidir le réigiúin ghuail atá i mbun aistrithe;
(d) aon phíblíne agus plean tionscadail atá beartaithe nó atá ann cheana;
(e) an acmhainneacht forálacha oideachais agus oiliúna a eagrú maidir le hinfhaighteacht scileanna i dtáirgí teicneolaíochta glan-nialasachta;
(f) an acmhainneacht maidir le poist ardcháilíochta a chruthú agus fostaithe áitiúla a fhostú ag láithreáin táirgthe fhéideartha;
(g) an gá atá le limistéar a roghnú nach mbeidh tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol mar thoradh ar thógáil nó leathnú cineáil shonraigh nó cineálacha sonracha de thionscadal monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta.
4. Chun an tionchar comhshaoil a bhaineann le tógáil nó leathnú cineáil shonraigh nó cineálacha sonracha de thionscadal straitéiseach monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta i nGleanna a laghdú a mhéid is féidir, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) tabharfaidh siad tús áite do dhromchlaí saorga agus tógtha, láithreáin thionsclaíocha, láithreáin athfhorbraíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, láithreáin úrnua nach bhfuil inúsáidte le haghaidh na talmhaíochta;
(b) in imthosca eisceachtúla, Gleannta a bhunú i limistéir atá faoi réir bearta athchóirithe de réir na bPleananna Athchóirithe Náisiúnta arna n-ullmhú faoin Rialachán maidir le hAthchóiriú Dúlra nó limistéir ainmnithe Natura 2000.
Airteagal 13b
Ainmniú na nGleannta
1. Beidh plean (Plean) ag gabháil le cinneadh ó Bhallstát Gleann a ainmniú ina leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) na gníomhaíochtaí monaraíochta glan-nialasachta sonracha a chumhdaítear leis an nGleann;
(b) bearta nithiúla náisiúnta chun tarraingteacht an Ghleanna a mhéadú mar shuíomh do ghníomhaíochtaí monaraíochta;
(c) torthaí an mheasúnaithe comhshaoil chomh maith leis na bearta a dhéanfaidh an Ballstát chun tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a mhaolú, dá dtagraítear i mír 2.
2. Mar chuid den phróiseas cinnteoireachta chun Gleann a ainmniú agus sula nglacfaidh siad plean nó pleananna lena n-ainmnítear Gleann, déanfaidh na Ballstáit measúnú comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh siad na measúnuithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta a bhfuil Gleann um an Tionscal Glan-Nialasachta tiomnaithe ina leith. Ba cheart go gcumhdófaí leis na measúnuithe sin na teicneolaíochtaí uile agus na gníomhaíochtaí monaraíochta gaolmhara a bheidh an Gleann tiomnaithe ina leith.
Bunaithe ar thoradh na measúnuithe, déanfaidh na Ballstáit foráil, le haghaidh gach cineál tionscadail, do pharaiméadair shoiléire maidir le cur chun feidhme tionscadal, in éineacht le rialacha agus bearta comhréireacha chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair ar an gcomhshaol.
Aon cheanglais maidir le measúnú comhshaoil agus aon bhearta maolaitheacha maidir le cead le haghaidh acmhainneacht mhonaraíochta nua nó leathnaithe atá i gcomhréir le ceanglais an Phlean agus leis an dlí is infheidhme, measfar iad a bheith comhlíonta trí mheasúnú comhshaoil arna dhéanamh de bhun na míre seo agus tairbhe a bhaint as nós imeachta mear agus bailíochtú mear.
3. Tabharfaidh na Ballstáit tuairim, mar a leagtar amach in Airteagal 7(1) chomh maith le sceideal mionsonraithe maidir leis an nós imeachta ceadaithe mar a leagtar amach in Airteagal 6(7), le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile dá bhforáiltear sa Ghleann. Áireofar sa tuairim freisin tuairisc mhionsonraithe ar aon sonraí, aon fhaisnéis nó aon anailís a bhailigh an Ballstát agus an measúnú dá dtagraítear i mír 2 á dhéanamh aige agus a bhféadfaidh an t-iarratasóir brath uirthi agus sonrófar inti, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis bhreise, na sonraí breise nó an anailís bhreise is gá don iarratasóir a sholáthar fós. I gcomhréir le hAirteagal 5, cuirfear na sonraí, an fhaisnéis agus an anailís go léir arna mbailiú ag an mBallstát ar fáil ar líne d’iarratasóirí.
4. Áireofar i gcinneadh lena n-ainmnítear Gleann de bhun Airteagal 13a(1) agus i gcomhréir leis an Airteagal seo dáta cur i bhfeidhm agus dáta éaga. Féadfaidh Ballstát cinneadh den sórt sin a athnuachan. Cuirfidh na Ballstáit na cinntí sin ar fáil don phobal.
5. Measfar go rannchuidíonn tionscadail monaraíochta glan-nialasachta i nGleannta le slándáil an tsoláthair teicneolaíochtaí glan-nialasachta san Aontas agus, dá bhrí sin, gur chun leasa an phobail iad. Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol a dtugtar aghaidh orthu in Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)I de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE, measfar gur chun leasa an phobail iad tionscadail monaraíochta glan-nialasachta i nGleannta agus féadfar a mheas go bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach sna Treoracha sin.
6. Áireofar ar na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) na scéimeanna tacaíochta eacnamaíche agus riaracháin seo a leanas ar a laghad:
(a) bunú tapa riaracháin Gleanna a áirithiú;
(b) an bonneagar is gá a fhorbairt sa Ghleann;
(c) tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí príobháideacha sa Ghleann;
(d) athsciliú agus uas-sciliú leormhaith an lucht saothair áitiúil a áirithiú.
7. Maidir le hinfheistíochtaí poiblí atá dírithe ar Ghleannta a bhunú, ar Ghleannta a fheistiú le bonneagar iomchuí, ar láithreáin athfhorbraíochta a thiontú agus ar leordhóthanacht an díorma scileanna áitiúla a fhorbairt, féadfaidh siad tairbhe a bhaint as rátaí cómhaoinithe méadaithe suas le 10 % faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Réigiúnach, faoin gCiste um Aistriú Cóir agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, má tá an Gleann lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha agus trasdula nó san Aistriú Cóir.
▌
Airteagal 15
Comhordú an mhaoinithe
1. Déanfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa a bhunaítear in Airteagal 28 measúnú ar riachtanais airgeadais agus scrogaill i dtionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta, na cleachtais is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann a bhailiú, go háirithe chun slabhraí soláthair trasteorann an Aontais a fhorbairt, go háirithe ar bhonn malartuithe rialta agus moltaí ón Sainghrúpa um an Tionscal Glan-Nialasachta agus le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ábhartha.
2. Arna iarraidh sin do thionscnóir an tionscadail straitéisigh glan-nialasachta, déanfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa plé agus comhairle a thabhairt maidir leis an gcaoi ar féidir maoiniú a thionscadail a thabhairt i gcrích, tacaíocht a sholáthar agus a chomhordú dá thionscadal atá le cur i gcrích, go háirithe chun na critéir a shainítear in Airteagal 19(2) a chomhlíonadh agus an cistiú a fuarthas cheana á chur san áireamh agus na heilimintí seo a leanas ar a laghad á meas:
(a) foinsí maoiniúcháin príobháideacha breise;
(b) tacaíocht trí acmhainní ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta nó ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha;
(c) ionstraimí agus cláir de chuid na mBallstát atá ann cheana, lena n-áirítear ó bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh;
(d) cláir chistiúcháin agus mhaoiniúcháin ábhartha de chuid an Aontais lena n-áirítear trí STEP.
2a. Faoin... [3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa moltaí don Choimisiún chun maoiniú leordhóthanach a ráthú, lena n-áirítear trí bhuiséad an Aontais, chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú.
Airteagal 15a
Teicneolaíochtaí glan-nialasachta a mhaoiniú
1. Gan dochar do Threoir 2003/87/CE, tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil maidir le céatadán na n-ioncam náisiúnta a ghintear ó cheantáil na lamháltas, i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a cheadaítear faoi Airteagal 10(3) den Treoir sin, a úsáidtear chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo d’fhonn 25 % ar a laghad a bhaint amach.
2. I gcomhréir le hAirteagal 2 de [Rialachán STEP], Tionscadail Straitéiseacha Ghlan-Nialasachta a roghnaítear de bhun Airteagal 10(1), pointí (a) nó (b), den Rialachán seo, aithnítear go gcomhlíonann siad cuspóirí STEP agus, dá bhrí sin, beidh siad incháilithe chun an Séala Ceannasach a fháil faoi Airteagal 4 den Rialachán sin chomh maith le cistí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán sin.
Caibidil III
Acmhainneacht insteallta CO2
Airteagal 16
Cuspóir ar leibhéal an Aontais: acmhainneacht insteallta CO2
1. Bainfear acmhainneacht insteallta bhliantúil 50 milliún tona CO2 ar a laghad amach faoi 2030, i láithreáin stórála, a chiallaíonn láithreáin stórála gheolaíocha a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE, lena n-áirítear olacheantair agus gáscheantair ídithe agus uiscígh shailíne, atá lonnaithe i gcríoch an Aontais, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha nó ar a scairbh ilchríochach de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ▌agus nach ndéanfar a chomhcheangal le Gnóthú Hidreacarbón Faoi Spreagadh (EHR).
2. Dearfar na láithreáin stórála dá dtagraítear i mír 1 sa chaoi go n-oibreoidh siad ar feadh cúig bliana ar a laghad.
3. Faoin 31 Nollaig 2026, molfaidh an Coimisiún, más iomchuí, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ceanglais maidir leis an acmhainneacht bhliantúil insteallta CO2 a bheidh le soláthar faoi 2035, 2040 agus 2050, agus aird á tabhairt ar riachtanais na mBallstát ar fud an Aontais.
4. Faoin ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo sprioc bhliantúil an Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta, lena n-áirítear staid an mhargaidh a bhaineann leis an acmhainneacht insteallta. Áireofar sa tuairisc forléargas ar raon geografach na láithreán stórála ar fud an Aontais.
5. Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 measúnú leordhóthanachta stórála agus acmhainneachta insteallta CO2, agus úsáid á baint, go háirithe, as an bhfaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 18(6), lena ndéanfar an méid seo a leanas:
(a) anailís mhionsonraithe a sholáthar ar na leordhóthanachtaí geografacha agus ama idir na láithreáin stórála CO2 atá ann cheana agus atá beartaithe agus na tionscadail gabhála CO2 le haghaidh astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha laistigh den Aontas;
(b) an príomhbhonneagar is gá le haghaidh iompar agus stóráil astaíochtaí CO2 ó shuiteálacha tionsclaíocha ar fud an Aontais a shainaithint;
(c) acmhainneacht shonrach a shainaithint maidir le húsáid CO2 chun rannchuidiú le stóráil bhuan CO2, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le riachtanais laghdaithe maidir le stóráil CO2, nó le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
6. I gcás ina léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 go bhfuil an t-éileamh ar acmhainneacht insteallta CO2 i bhfad níos airde nó níos ísle ná mar a léirítear sna spriocanna acmhainneachta a leagtar amach faoi mhíreanna 1 agus 3, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe chun na spriocanna acmhainneachta a ailíniú leis an éileamh.
7. I gcás ina léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo nach bhfuil an margadh forbartha go leordhóthanach chun acmhainneacht insteallta leormhaith a sholáthar, féadfaidh an Coimisiún na rannchuidithe faoi Airteagal 18 a choigeartú agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh a ndóthain ama ag na heintitis dá ndéantar difear chun a bpleananna gnó a choigeartú de réir na n-oibleagáidí nua-shainithe.
8. Féadfaidh an tAontas a thíortha comharsanachta a lánpháirtiú ina iarrachtaí faoin gCaibidil seo trí fhorálacha na Caibidle seo a chomhtháthú i gcomhaontuithe leis na tíortha sin nó trí chomhaontuithe nua a bhunú a chumhdaíonn forálacha na Caibidle seo. Agus na forálacha sin á gcomhtháthú i gcomhaontuithe atá ann cheana nó nuair a bheidh comhaontuithe nua á mbunú, áiritheofar leis an gcomhaontú go n-urramófar caighdeáin agus ceanglais chomhshaoil, sábháilteachta agus slándála uile an Aontais is infheidhme maidir le tionscadail faoin gCaibidil seo sa tríú tír. Leagfar amach sa chomhaontú freisin sprioc insteallta chomhréireach bhreise don tríú tír agus, i gcomhréir le hAirteagal 18, rannchuidiú pro rata le haghaidh na n-eintiteas ábhartha sa tríú tír.
Airteagal 17
Trédhearcacht sonraí maidir le hacmhainneacht stórála CO2
1. Faoi ... [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a) sonraí a chur ar fáil go poiblí maidir le limistéir inar féidir láithreáin stórála CO2 a cheadú ar a gcríoch.
(b) oibleagáid a chur ar eintitis a bhfuil údarú acu mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe 3, de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(50) ar a gcríoch na hamhshonraí geolaíocha go léir a bhaineann le láithreáin táirgthe a díchoimisiúnaíodh nó ar tugadh fógra faoina dhíchoimisiúnú don údarás inniúil a chur ar fáil go poiblí ar bhonn neamh-tuilleamaí, agus réamh-mheasúnuithe eacnamaíocha ar na costais faoi seach maidir le hinstealladh CO2 a chumasú ar gach láithréan, lena n-áirítear sonraí i dtaobh:
(i) an bhfuil an láithreán oiriúnach chun CO2 a instealladh agus a stóráil ar bhealach inbhuanaithe, sábháilte agus buan;
(ii) an bhfuil fáil ar bhonneagar iompair agus modhanna iompair atá oiriúnach chun CO2 a iompar go sábháilte chun an láithreáin a bhaint amach nó ar féidir iad a thógáil.
(c) Chun críocha phointe (a), áireofar sna sonraí an fhaisnéis a iarrtar san Fhógra ón gCoimisiún maidir le Treoir do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú, ar a laghad agus a nuashonruithe ina dhiaidh sin.
2. Faoin ... [6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, a chuirfear ar fáil don phobal, ina dtabharfar tuairisc ar an méid seo a leanas:
(a) mapáil ar thionscadail gabhála CO2 atá idir lámha ar a chríoch nó i gcomhar le Ballstáit eile agus meastachán ar na riachtanais chomhfhreagracha maidir le hacmhainneachtaí insteallta agus stórála, agus iompar CO2;
(b) mapáil ar thionscadail stóráil CO2agus iompar CO2 atá ar siúl ar a chríoch, lena n-áirítear stádas an cheadaithe faoi Threoir 2009/31/CE, dátaí a bhfuil coinne le Cinneadh Críochnaitheach Infheistíochta agus le teacht i ngníomh;
(c) na bearta tacaíochta náisiúnta a glacadh agus bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh chun tionscadail dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) a spreagadh.
(ca) an straitéis agus na spriocanna náisiúnta arna leagadh síos chun CO2 a ghabháil faoi 2030, agus nuair is infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 16(3) le haghaidh 2035, 2040 agus 2050.
(cb) na socruithe, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha arna ndéanamh chun iompar trasteorann CO2 a éascú, a rinneadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag eintitis a ghabhann CO2 ar mhodh sábháilte agus neamh-idirdhealaitheach chun CO2 a iompar;
(cc) Tionscadail iompair CO2 atá ar siúl agus meastachán ar acmhainneacht riachtanach na dtionscadal iompair CO2 a bheidh ann amach anseo chun an acmhainneacht ghabhála agus stórála chomhfhreagrach a mheaitseáil.
2a. Má léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 nach bhfuil aon tionscadal stórála CO2 ar siúl ar a gcríoch, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar phleananna chun dícharbónú na n-earnálacha tionsclaíocha a bhfuil astaíochtaí dosheachanta CO2 ag bagairt orthu a éascú. Ba cheart go n-áireofaí leis sin iompar trasteorann CO2 chuig láithreáin stórála atá lonnaithe i mBallstáit eile, chomh maith le tionscadail úsáide CO2.
Airteagal 17a
Bonneagar iompair CO2
1. Chun gnóthú an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 16 a éascú, déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit, i gcomhpháirtíocht leis na cuideachtaí a thairbhíonn ón mbonneagar sin a áirithiú go ndéanfar an t-infheistiú is gá sa bhonneagar iompair CO2, lena n-áirítear bonneagar trasteorann.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh úsáideoirí ionchasacha láithreán stórála in ann rochtain a fháil ar ghréasáin iompair CO2 agus ar láithreáin stórála chun críocha stóráil gheolaíoch an CO2 arna tháirgeadh agus arna ghabháil.
3. Chun tionchar an iompair CO2 ar an gcomhshaol a íoslaghdú, beidh sé d’aidhm ag an Aontas, ag a Bhallstáit agus ag gach gníomhaí eile lena mbaineann an gá le hiompar CO2 a íoslaghdú.
4. Féadfaidh na Ballstáit eintitis a bhunú, nó féadfaidh siad tacaíocht a chur ar fáil lena mbunú, ar eintitis iad a bhfuil mar chuspóir acu gréasáin iompair CO2 a chruthú, lena n-áirítear bonneagair a tógáil nó soithí a sholáthar nó modhanna iompair eile. Déanfar bunú na n-eintiteas den sórt sin a athbhreithniú gach dhá bhliain ar a laghad.
5. Faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin], déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhstraitéis a tharraingt suas chun an bonneagar dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú.
Airteagal 18
Rannchuidiú táirgeoirí údaraithe ola agus gáis
1. Beidh gach eintiteas a dhíolann amhola, táirgí peitriliam, nó gás nádúrtha san Aontas faoi réir rannchuidiú aonair agus éigeantach leis an sprioc uile-Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a leagtar amach in Airteagal 16. Déanfar na rannchuidithe sin a ríomh ar bhonn pro rata ar bhonn sciar gach eintiteas d’amhola, táirgí peitriliam agus gás nádúrtha a dhíoltar san Aontas▌ ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus is éard a bheidh iontu acmhainneacht insteallta CO2 i láithreán stórála a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus atá ar fáil don mhargadh faoi 2030.
1a. Beidh eintitis dá dtagraítear i mír 1 in ann a rannchuidiú aonair leis an sprioc uile-Aontais maidir le hacmhainneacht insteallta CO2 atá ar fáil a chomhlíonadh trí acmhainneacht insteallta a chur ar fáil i stórais atá lonnaithe i dtíortha dá dtagraítear in Airteagal 16(8).
1b. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun astaírí a éascú agus a dhreasú chun astaíochtaí a ghabháil, chun infheisteoirí a dhreasú chun an bonneagar is gá a mhaoiniú chun CO2 a iompar chuig an láithreán stórála, agus i gcás inar gá, chun tionscadail stórála CO2 a chistiú go díreach.
1c. I gcás ina ndéantar CO2 a ghabháil agus a iompar i mBallstát amháin agus ina n-iompraítear agus ina stóráiltear é i mBallstáit eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta a luaitear i mír 1b a chomhordú. Déanfaidh an Coimisiún comhordú den sórt sin a áirithiú agus a éascú trí Ghrúpálacha Réigiúnacha CCS a bhunú.
2. Laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit na heintitis dá dtagraítear i mír 1 agus a dtoirteanna i ndíol amhola agus gáis nádúrtha ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2023 a shainaithint agus a thuairisciú don ▌Choimisiún.
3. Tar éis don Choimisiún na tuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 17(2) a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, sonróidh sé an sciar den rannchuidiú le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 faoi 2030 ó eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
4. Laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 plean faoi bhráid an Choimisiúin ina sonrófar an chaoi a bhfuil sé beartaithe acu a rannchuidiú le cuspóir an Aontais mar atá an acmhainneacht insteallta CO2 a bhaint amach faoi 2030. Sna pleananna sin:
(a) deimhneofar rannchuidiú an eintitis, a shloinnfear i dtéarmaí spriocthoirt na hacmhainneachta nua stórála agus insteallta CO2 a choimisiúnófar faoi 2030;
(b) sonrófar na modhanna agus na garspriocanna chun an spriocthoirt a bhaint amach.
5. Chun a spriocthoirteanna acmhainneachta insteallta atá ar fáil a bhaint amach, féadfaidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a) tionscadail stórála CO2, nó iad a fhorbairt ina n-aonar nó i gcomhar le chéile nó infheistíocht a dhéanamh iontu;
(b) comhaontuithe a dhéanamh le heintitis eile dá dtagraítear i mír 1, agus ar an gcaoi sin an aidhm fhoriomlán maidir le hacmhainneacht stórála réigiúnach a mhéadú san Aontas á meas;
(c) comhaontuithe a dhéanamh le forbróirí tionscadal stórála, gabhála agus iompair tríú páirtí nó le hinfheisteoirí chun a rannchuidiú a chomhlíonadh.
6. Faoin ... [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin] agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na heintitis dá dtagraítear i mír 1 tuarascáil faoi bhráid údarás inniúil na mBallstát agus an Choimisiúin ina sonrófar an dul chun cinn atá déanta acu maidir lena rannchuidiú a chomhlíonadh. I gcomhréir le Treoir 2009/31/CE, áireofar sa tuarascáil sin mionsonraí maidir leis na hacmhainneachtaí stórála a coimisiúnaíodh le déanaí, méid a úsáide, agus forléargas ar indéantacht eacnamaíoch na n-acmhainneachtaí insteallta atá beartaithe agus na moltaí do na Ballstáit maidir le tomhas breise atá ag teastáil chun na spriocanna insteallta CO2 a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha sin a fhoilsiú go poiblí.
6a. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle sin ag na heintitis dá dtagraítear i mír 1. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairt na módúlachtaí iompair CO2 a ghabhann leis na láithreacha insteallta chomh maith le forbairt gníomhaíochtaí gabhála CO2 chun an t-éileamh ar instealladh CO2 a sholáthar. Má tá gníomhaíochtaí bonneagair ná gníomhaíochtaí gabhála, a bhfuil gá leo chun go mbeidh tionscadal insteallta sonrach oibríochtúil, in easnamh in eintiteas sonrach nach gcomhlíonann a oibleagáidí leis an Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún an oibleagáid insteallta atá ar eintiteas sonrach a laghdú le haghaidh bliain shonrach. Aisghabhfar aon laghdú laistigh de 5 bliana tar éis an laghdaithe a bheith déanta.
7. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis an méid seo a leanas:
(a) Na módúlachtaí ar dá réir a chuirtear comhaontuithe idir eintitis dá dtagraítear i mír 1 agus infheistíochtaí in acmhainneacht stórála atá ag tríú páirtithe san áireamh chun a rannchuidiú aonair faoi mhír 5, pointí b agus c, a bhaint amach.
(b) Ábhar na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 6;
(ba) Smachtbhannaí agus pionóis athchomhairleacha agus chomhréireacha a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar na heintitis dá dtagraítear i mír 1 nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin sin.
7a. Chun rannchuidiú le cuspóir acmhainneachta insteallta CO2 an Aontais, tá na heintitis dá dtagraítear i mír 1 i dteideal an acmhainneacht insteallta CO2 a chomhfhreagraíonn do na scaireanna tionscadail atá faoi úinéireacht scairshealbhóra eile atá rannpháirteach i dtionscadal stórála a chur san áireamh, i gcás nach dtagann an scairshealbhóir sin faoi raon feidhme mhír 1.
Airteagal 18 a
Creat rialála don mhargadh le haghaidh CO2 gafa
1. Faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], foilseoidh an Coimisiún treoirlínte ina léireofar na huasleibhéil iomchuí íonachta CO2 agus na riandúile laistigh den sreabhadh a bhfuil le sonrú ag eintiteas atá ag iarraidh tionscadal stórála CO2 a dheimhniú mar rannchuidiú le cuspóir acmhainneachta insteallta an Aontais.
2. Faoin ... [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú i gcomhréir le mír 2 agus, más iomchuí, chun togra reachtach a thíolacadh lena mbunaítear creat rialála le haghaidh margadh uile-Aontais um ghabháil, úsáid, stóráil agus iompar CO2 chun na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2009/31/CE a chomhlánú, lena leagtar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
(a) rochtain agus sábháilteacht líonra stórála agus iompair CO2 ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach;
(b) rochtain chun críocha úsáide agus stórála CO2 ar bhealach oscailte, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach;
(c) feidhmiú agus idirnasc líonra iompair CO2 mar aon le bonneagar eile san Aontas;
(d) dreasachtaí eacnamaíocha, sásraí cistiúcháin agus cúnaimh airgeadais;
(e) caighdeáin sonraíochta maidir le stóráil agus iompar CO2;
(f) caighdeáin chomhshaoil;
(g) ráthaíochtaí le haghaidh tionscnamh CO2;
(h) sásraí forfheidhmithe.
2a. Sula nglacfaidh sé aon togra reachtach dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:
(a) le feidhmiú an mhargaidh CO2, áirithítear rochtain leordhóthanach ar acmhainneacht insteallta maidir le hastaíochtaí CO2 dosheachanta;
(b) leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18(1), cuirtear forbairt an mhargaidh stórála CO2 san Aontas chun cinn go héifeachtach.
I gcás ina léirítear sa mheasúnú de bhun na míre seo nach bhfuil an margadh ag forbairt i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh rialacha a chur san áireamh chun rochtain tosaíochta a chur ar fáil le haghaidh astaíochtaí ar acmhainneacht insteallta, arb astaíochtaí iad nárbh fhéidir a sheachaint agus chun an Rialachán seo a leasú chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 18(1) a athrú.
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain leordhóthanach ar acmhainneacht insteallta CO2 ag gach earnáil a bhfuil astaíochtaí próisis thionsclaíocha dhosheachanta acu. I gcás ina léiríonn a chuid measúnuithe nach bhfuil an margadh ag forbairt i gcomhréir leis an gcuspóir sin, forbróidh an Coimisiún rialacha chun rochtain tosaíochta a thabhairt d’astaíochtaí próisis thionsclaíocha dhosheachanta ar acmhainn insteallta CO2.
Chun an measúnú de bhun na míre seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún liosta earnálacha a fhorbairt ina bhfuil astaíochtaí próisis thionsclaíocha dhosheachanta ó shuiteálacha tionsclaíocha ar mhórscála nach bhfuil aon roghanna díreacha laghdaithe astaíochtaí ar fáil ina leith tar éis na teicnící is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm, bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir lena n-áirítear fianaise eolaíoch, staid reatha úrscothach na dteicneolaíochtaí ábhartha, indéantacht eacnamaíoch, chomh maith le bearta iomchuí maidir le hastaíochtaí a laghdú ó thaobh an éilimh de.
Caibidil IV.
Rochtain ar mhargaí
Airteagal 19
Rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta i nósanna imeachta soláthair phoiblí
1. Gan dochar do Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Soláthar Rialtais (GPA) agus do chomhaontuithe idirnáisiúnta eile lena bhfuil an tAontas faoi cheangal chomh maith leis an reachtaíocht earnála is infheidhme, go háirithe Rialacháin (AE) 2022/1031 agus (AE) 2022/2560, bunóidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha dámhachtain conarthaí le haghaidh teicneolaíocht ghlan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3 den Rialachán seoa cheannach agus a úsáid, agus, go háirithe trí sholáthar poiblí réiteach nuálach agus soláthar poiblí réamhthráchtála, teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha nó teicneolaíochtaí nuálacha eile, i nós imeachta soláthair phoiblí maidir leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch, lena n-áireofar an cóimheas idir praghas agus cáilíocht is fearr, lena gcuimseofar ar a laghad rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta comhshaoil agus sóisialta na tairisceana, i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, nó 2014/25/AE ▌. Áiritheoidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha go bhfuil an próiseas soláthair oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena lamhálfar d’iomaíocht chóir a bheith ann idir na soláthraithe incháilithe uile.
I gcás nach bhfuil teicneolaíocht ghlan-nialasachta atá mar ábhar an chonartha ach nach bhfuil inti ach cuid de agus go bhfuil luach measta na coda ábhartha den chonradh os cionn na dtairseach a leagtar amach i dTreoir 2014/23/AE, Treoir 2014/24/AE nó Treoir 2014/25/AE, déanfaidh údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha ceann de na nithe seo a leanas:
(a) an chuid a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta a dheighilt ina luchtóga nó ina luchtóga tiomnaithe;
(b) conradh nó conarthaí ar leithligh a ullmhú don chuid a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta; nó
(c) oibleagáid a fhorchur ar an bpríomhchonraitheoir fochonraitheoireacht iomaíoch a dhéanamh maidir le soláthar na dtáirgí teicneolaíochta glan-nialasachta faoi seach lena gcuirtear Treoir 2014/23/AE, 2014/24/AE nó 2014/25/AE i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, agus an tAirteagal seo.
2. Beidh ranncuidiú inbhuanaitheachta▌ agus athléimneachta comhshaoil agus sóisialta na tairisceana bunaithe ar na critéir charnacha seo a leanas a bheidh oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach:
(a) inbhuanaitheacht comhshaoil a théann thar na híoscheanglais sa reachtaíocht is infheidhme;
(b) i gcás inar gá réiteach nuálach a fhorbairt, tionchar agus cáilíocht an phlean cur chun feidhme, lena n-áirítear bearta bainistithe riosca;
(c) i gcás inarb infheidhme, rannchuidiú na tairisceana le comhtháthú earnáil fuinnimh;
(d) rannchuidiú na tairisceana le pá cuibhiúil agus le dálaí oibre cuibhiúla, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, printíseachtaí a thairiscint chomh maith le cuspóirí dea-shainithe ó thaobh scileanna, athsciliú agus uas-sciliú de, chun tarraingteacht na fostaíochta in earnálacha tionsclaíocha glan-nialasachta a mhéadú.
2a. Bunófar rannchuidiú athléimneachta na tairisceana ar na critéir charnacha seo a leanas a bheidh oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach:
(a) i gcás inarb infheidhme, rannchuidiú na tairisceana le slándáil fuinnimh an Aontais;
(b) rannchuidiú na tairisceana le hathléimneacht an Aontais, agus slándáil na soláthairtí á cur san áireamh trí chion na dtáirgí de thionscnamh foinse aonair soláthair a mheas, arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Measfar nach mbeidh an soláthar daingnithe go leordhóthanach i gcás ina bhfuil níos mó ná 50 % den éileamh iomlán laistigh den Aontas ar theicneolaíocht ghlan-nialasachta shonrach nó comhpháirteanna a úsáideadh go príomha maidir le táirgeadh na dteicneolaíochtaí sin atá soláthraithe ag foinse aonair, le linn na bliana deiridh a bhfuil na sonraí le fáil ina leith;
(c) i gcás inarb infheidhme, rannchuidiú leis an nuálaíocht trí réitigh atá go hiomlán nua a chur ar fáil nó trí réitigh inchomparáide úrscothacha a fheabhsú.
3. Tabharfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha ualú 30 % ar a laghad ar rannchuidiú ▌inbhuanaitheachta agus athléimneachta de na critéir dhámhachtana don chuid de thairiscint a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, agus an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta araon á gcur san áireamh ar bhealach cothrom.
Maidir le cur chun feidhme na gcritéar dá dtagraítear i mír 2a den Airteagal seo, tagraíonn na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha do na sonraí is déanaí atá sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo, agus cinnfear tionscnamh an tsoláthair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
4. De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an údarás conarthach ná ar an eintiteas conarthach na breithnithe a bhaineann le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur i bhfeidhm i gcás ina gcuirfeadh a gcur i bhfeidhm oibleagáid shoiléir ar an údarás nó ar an eintiteas sin trealamh a fháil a mbeadh costais dhíréireacha ag baint leis▌. Ní ríomhfar difríochtaí costais ach amháin do chostas an trealaimh, seachas seirbhísí gaolmhara, agus féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a thoimhdiú go bhfuil siad díréireach i gcás ina bhfuil siad os cionn 30 %, i gcomparáid le tairiscint gan rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta. Beidh an fhoráil seo gan dochar don fhéidearthacht tairiscintí thar a bheith íseal a eisiamh faoi Airteagal 69 de Threoir 2014/24/AE agus faoi Airteagal 84 de Threoir 2014/25/AE, ▌gan dochar do chritéir eile maidir le dámhachtain conarthaí agus le heisiamh de réir reachtaíocht an Aontais, agus gan dochar do shaincheart na n-údarás conarthach sonraíochtaí teicniúla a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2014/24/AE chun a áirithiú nach mbeidh soláthar trealaimh neamh-chomhoiriúnach ar a mbíonn costais i mhíréasúnta ró-ard de dhíth chun comhoiriúnacht an trealaimh atá ann cheana a áirithiú mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo.
Féadfaidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa moltaí a eisiúint do na húdaráis chonarthacha agus do na heintitis chonarthacha san Aontas maidir le tairseacha iomchuí níos airde chun costais dhíréireacha a shainmhíniú i bhfianaise imthosca an mhargaidh le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta sonracha.
Féadfaidh na Ballstáit a mbuiséid fhoriomlána arna leithdháileadh ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a choigeartú chomh maith leis na huasleibhéil tairisceana lena mbaineann chun freastal ar chur chun feidhme na gcritéar neamhphraghais.
4a. Cuirfidh na húdaráis chonarthacha na coinníollacha réamhcháiliúcháin seo a leanas i bhfeidhm le haghaidh nósanna imeachta soláthair faoin Airteagal seo:
(a) ní bheidh níos mó ná 50 % den chuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, arna thomhas de réir luach airgeadais an trealaimh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, de thionscnamh tríú tíortha nach sínitheoirí le Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (GPA) iad;
(b) gach trealamh a sholáthraítear faoin gcuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, déanfar é a dheimhniú i dtéarmaí cibearshlándála a mhéid is gurb ann do chreat deimhniúcháin cibearshlándála de chuid an Aontais nó náisiúnta le haghaidh an trealaimh;
(c) oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn cuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, ní bheidh siad faoi réir beart IPI mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/1031, go háirithe Airteagail 6 agus 8 de.
I gcás nach mbeidh aon tairiscint oiriúnach mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha réamhcháiliúcháin sin i nós imeachta soláthair, féadfaidh an t-údarás conarthach an nós imeachta a atosú gan coinníollacha réamhcháiliúcháin phointe (a) agus phointe (c) den mhír seo a chur i bhfeidhm.
4b. Ní dhéanfaidh an Ballstát idirdhealú in aghaidh an tsoláthraí ná ní chaithfear go difriúil le soláthraí ná le táirgí glan-nialasachta ó Bhallstát eile, bunaithe ar chritéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta.
Airteagal 20
Ceantanna chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a úsáid
1. Gan dochar d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(51), agus Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, ná do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais lena n-áirítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile atá ina gceangal ar an Aontas, déanfaidh na Ballstáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí, measúnú ar an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus 2(a) den Rialachán seo agus na critéir á ndearadh a úsáidfear chun tairiscintí a rangú faoi chuimsiú ceantanna, arb é is aidhm dóibh tacú le táirgeadh nó tomhaltas fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001. Ní chuirfidh sé sin bac ar na heintitis sin critéir eile neamhphraghais a úsáid.
2. Tabharfar ualú idir 35 % agus 50 % de na critéir dhámhachtana don rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta, rannchuidiú athbhuanaitheachta agus athléimneachta araon á gcur san áireamh ar bhealach cothrom, gan dochar don fhéidearthacht ualú níos airde a thabhairt do na critéir in Airteagal 19(2), pointí (a) agus (b), i gcás inarb infheidhme faoi reachtaíocht an Aontais, ná d’aon teorainn le critéir neamhphraghais a shocraítear faoi rialacha maidir leis an státchabhair. Agus na critéir nithiúla neamhphraghais á roghnú, á gceapadh agus á gcur chun feidhme mar chuid den rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta, déanfaidh saintréithe teicneolaíocht-sonracha a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach orthu.
3. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, údaráis réigiúnacha ná áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí ná comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin ná comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí na breithnithe a bhaineann le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur i bhfeidhm i gcás ina gcuirfeadh a gcur i bhfeidhm oibleagáid ar na heintitis sin trealamh a fháil lena mbaineann costais dhíréireacha ▌. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a thoimhdiú go bhfuil difríochtaí costais os cionn 10 % díréireach i gcás ina mbeadh costais na tacaíochta a thairgeann an earnáil phoiblí don tionscadal níos mó ná 15 % níos airde, i gcomparáid le nós imeachta gan na rannchuidithe inbhuanaitheachta agus athléimneachta. Beidh an mhír seo gan dochar do shaincheart na n-údarás conarthach sonraíochtaí teicniúla a fhoirmliú i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2014/24 chun a áirithiú nach mbeidh soláthar trealaimh neamh-chomhoiriúnach ar a mbíonn costais mhíréasúnta ró-ard de dhíth chun comhoiriúnacht leis an trealamh atá ann cheana a áirithiú mar thoradh ar chur i bhfeidhm na míre seo.
Féadfaidh na Ballstáit a mbuiséid fhoriomlána arna leithdháileadh ar cheantanna fuinnimh in‑athnuaite a choigeartú chomh maith leis na huasleibhéil tairisceana lena mbaineann chun freastal ar chur chun feidhme na gcritéar neamhphraghais.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásra innéacsaithe boilscithe san áireamh i ngach ceant. Deanfar tairiscintí diúltacha, i gcás inarb iomchuí, a eisiamh ó cheantanna.
3a. Cuirfidh na húdaráis na coinníollacha réamhcháiliúcháin seo a leanas i bhfeidhm le haghaidh ceantanna faoin Airteagal seo:
(a) ní bheidh níos mó ná 50 % den chuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, arna thomhas de réir luach airgeadais an trealaimh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, de thionscnamh tríú tíortha nach sínitheoirí le Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (GPA) iad;
(b) gach trealamh a sholáthraítear faoin gcuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, déanfar é a dheimhniú i dtéarmaí cibearshlándála a mhéid is gurb ann do chreat deimhniúcháin cibearshlándála de chuid na hEorpa nó náisiúnta le haghaidh an trealaimh;
(c) oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn cuid na tairisceana a bhaineann le teicneolaíocht ghlan-nialasachta, ní bheidh siad faoi réir beart IPI mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2022/1031, go háirithe Airteagail 6 agus 8 de.
I gcás nach mbeidh aon tairiscint oiriúnach mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha réamhcháiliúcháin sin i gceant, féadfaidh an t-údarás conarthach an ceant a atosú gan coinníollacha réamhcháiliúcháin phointe (a) agus phointe (c) a chur i bhfeidhm.
Airteagal 20a
Treoir ón gCoimisiún
1. Faoin ...[sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún treoir shoiléir a sholáthar maidir le cur chun feidhme nithiúil Airteagal 19 i gcomhar le hAirteagal 20, tríd na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
(a) catalóg de chritéir nithiúla agus de chritéir neamhphraghais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht le haghaidh ceantanna fuinnimh in-athnuaite, ina ndéanfar idirdhealú idir critéir neamhphraghais atá oiriúnach do phróisis tairisceana iomaíocha agus critéir neamhphraghais atá oiriúnach mar cheanglais réamhcháiliúcháin i gceantanna fuinnimh in-athnuaite;
(b) modheolaíocht maidir le conas measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta comhshaoil agus sóisialta na tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointí (a) agus (d);
(c) modheolaíocht maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na difríochtaí costais dá dtagraítear in Airteagal 20(3).
2. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar rannchuidiú chritéir neamhphraghais an Rialacháin seo arb é is aidhm dóibh dreasacht a chur ar fáil don nuálaíocht is gá chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 agus 2050 an Aontais a bhaint amach agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa faoin ... [dhá bhliain tar éis dháta an teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Más gá, déanfaidh an Coimisiún rannchuidiú na gcritéar neamhphraghais a mhodhnú chun monaraíocht san Aontas a chothú, chun ardchaighdeáin chomhshaoil agus inbhuanaitheachta a áirithiú, chun slabhraí luacha a fhorbairt san Aontas agus chun iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a mhéadú ar an leibhéal domhanda.
Airteagal 20b
Soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach tráchtála nuálach
1. Féachfaidh na Ballstáit le soláthar réamhthráchtála a úsáid le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha réamhthráchtála agus soláthar poiblí teicneolaíochtaí glan-nialasachta tráchtála nuálacha faoi chuimsiú chur chun feidhme a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. Féadfar cistiú ar leibhéal an Aontais a chur le soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí faoi chuimsiú Chláir an Aontais atá ann cheana le haghaidh soláthar réamhthráchtála comhpháirteach nó soláthar poiblí ar fud na mBallstát.
2. Déanfaidh PNFAnna, uasdátaithe ar PNFA agus tuarascálacha ar dhul chun cinn PNFA maidir le huainiú PCPanna agus PSPanna agus a gcuspóirí a mhionsonrú. Ullmhóidh an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa moltaí maidir le dearadh an tsoláthair réamhthráchtála nó an tsoláthair phoiblí.
Airteagal 21
Cineálacha eile idirghabhála poiblí
1. Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE ná d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001(52) agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh scéimeanna a bhunú a rachaidh chun tairbhe do theaghlaigh, do ghnólacht nó do thomhaltóirí a dhreasaíonn ceannach na dtáirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3a(1) den Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí nó comhlachais arna bhfoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin arna rialú ag an dlí poiblí iad a dhearadh ar bhealach a chuirfidh chun cinn go gceannóidh tairbhithe táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta lena mbaineann rannchuidiú ard inbhuanaitheachta agus athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán seo, trí chúiteamh airgeadais comhréireach breise a sholáthar.
2. De bharr chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointí (b), (c) agus (d) agus in Airteagal 19(2a), ní bheidh an cúiteamh airgeadais breise arna dheonú ag na húdaráis i gcomhréir le mír 1 níos mó ná 5 % de chostas an táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta ar an tomhaltóir, seachas na scéimeanna lena ndíreofar ar shaoránaigh atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh arb é 15% an teorainn ina leith.
3. Agus scéim a thagann faoi mhír 1 á dearadh agus á cur chun feidhme ag an údarás, úsáidfidh sé próiseas oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú athléimneachta agus inbhuanaitheachta na dtáirgí atá ar fáil ar an margadh. Beifear i dteideal iarratas a dhéanamh i leith aon táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta dul isteach sa scéim tráth ar bith. Sonróidh an t-údarás pasmharc ar dá réir a bheidh táirgí incháilithe don chúiteamh airgeadais breise faoin scéim tacaíochta.
4. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis uile a bhaineann le scéimeanna de bhun Airteagal 21(1) i gcás gach táirge ábhartha teicneolaíochta glan-nialasachta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin aonair saor in aisce.
Airteagal 22
Tionscnaimh maidir le rochtain ar mhargaí a chomhordú
1. Faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(3) ina sonrófar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar athléimneacht agus rannchuidiú inbhuanaitheachta na dtáirgí atá ar fáil a chumhdaítear leis na foirmeacha idirghabhála poiblí a chumhdaítear faoi Airteagail 19, 20 agus 21, i gcomhréir le forálacha comhchosúla i ngníomhartha dlí atá ann cheana, agus lena mbunaítear na critéir le haghaidh an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 19(4). Cuirfidh an Coimisiún comhthéacs sonrach FBManna san áireamh.
1a. I gcás ina mbeidh coimhlint idir na critéir dhámhachtana agus na critéir inbhuanaitheachta éagsúla a leagtar síos faoi ghníomhartha dlí eile an Aontais, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfuil na forálacha sin ann i gcomhthráth. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a threoraíocht agus, i gcás inar gá, tabharfaidh sé cothrom le dáta í gach sé mhí.
2. Déanfaidh an Coimisiún liosta de gach táirge deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta a liostaítear in Airteagal 3 a chur ar fáil agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, arna mhiondealú de réir an sciar de sholáthar an Aontais de thionscnamh tríú tíortha éagsúla le linn na bliana deireanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith. Rachaidh an Coimisiún agus an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa i gcomhairle le comhlachais geallsealbhóirí tionsclaíocha agus le gníomhaithe tionsclaíocha chun na críche sin.
3. Pléifidh an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa bearta a rinne na Ballstáit chun Airteagail 19 agus 21 a chur chun feidhme agus malartóidh sé dea-chleachtais, inter alia, maidir le húsáid phraiticiúil na gcritéar lena sainítear an rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta sa soláthar poiblí, nó scéimeanna a dhreasaíonn ceannach táirgí deiridh teicneolaíochta glan-nialasachta.
Caibidil V.
Feabhas a chur ar scileanna chun poist ardcháilíochta a chruthú
Airteagal 23
Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta
1. Bunaithe ar chleachtadh mapála agus dá dtagraítear in Airteagal 23a, tacóidh an Coimisiún, lena n-áirítear trí shíolmhaoiniú a sholáthar, le hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú mar líonra saineolaithe ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta, arb é is aidhm dóibh:
(a) cláir foghlama a fhorbairt, ábhar agus ábhair foghlama agus oiliúna a fhorbairt le haghaidh oiliúna agus oideachais maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasachta a fhorbairt, a tháirgeadh, a shuiteáil, a choimisiúnú, a oibriú, a chothabháil agus a athchúrsáil agus maidir le hamhábhair atá sainaitheanta tríd an gcleachtadh mapála, chomh maith le tacú le hacmhainneachtaí na n-údarás poiblí atá inniúil chun ceadanna agus údaruithe dá dtagraítear i gCaibidil II a eisiúint agus leis na húdaráis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán seo;
(aa) a áirithiú go n-éascaíonn na cláir foghlama a fhorbraítear sealbhú agus neartú inniúlachtaí idirdhisciplíneacha, sa bhreis ar scileanna a bhaineann go sonrach le teicneolaíocht ar leith nó le hearnáil ar leith, chun oiriúnú ó thionscal amháin go tionscal eile a éascú, rud a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí a bheith soghluaiste agus inoiriúnaithe don staid atá ag síorathrú i margadh an tsaothair agus níos faide i gcéin;
(ab) a áirithiú go mbeidh sna cláir foghlama faisnéis agus oiliúint atá ábhartha agus cothrom le dáta maidir le saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le cearta oibrithe agus dálaí oibre;
(ac) díriú ar oiliúint agus oideachas 100 000 foghlaimeoir in aghaidh an Acadaimh a chumasú, laistigh de thrí bliana tar éis a mbunaithe, trí fhoghlaim ghairmiúil ar feadh an tsaoil agus uas-sciliú nó athsciliú a spreagadh, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí, trí chláir mheantóireachta chomh maith le cláir oiliúna ghearrtréimhseacha agus fhadtréimhseacha;
(b) úsáid na gclár foghlama, an ábhair agus na n-ábhar ag soláthraithe oideachais agus oiliúna sna Ballstáit a chumasú agus a chur chun cinn, amhail ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna sna heolaíochtaí feidhmeacha agus comhghuaillíochtaí ollscoile, gnóthais a sholáthraíonn oideachas agus oiliúint den sórt sin, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair shóisialta, comhpháirtithe sóisialta, agus oiliúnóirí oiliúna;
(ba) sásraí a fhorbairt chun cáilíocht na hoiliúna a chuireann soláthraithe oideachais agus oiliúna ar fáil sna Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, i dtíortha atá comhlachaithe le cláir thaighde agus nuálaíochta an Aontais, amhail Fís Eorpach agus an Eoraip Dhigiteach, a áirithiú, bunaithe ar chláir foghlama, ábhar agus ábhair na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta;
(bb) rannchuidiú leis an gcuspóir fadtéarmach an tAontas a thionsclú agus a dhícharbónú ag an am céanna agus rannchuidiú lena neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le teicneolaíochtaí glan-nialasachta de dhéantús an Aontais agus le hoibrithe oilte;
(c) dintiúir a fhorbairt agus a chur in úsáid, lena n-áirítear micridhintiúir, chun aithint na scileanna a gheofar a éascú, chun inaistritheacht idir poist agus tionscail agus soghluaisteacht trasteorann an lucht saothair a éascú, agus chun meaitseáil le poist ardcháilíochta ábhartha a chur chun cinn trí uirlisí amhail an Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) agus EURAXESS.
2. Déanfaidh Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta steiréitíopaí inscne a chomhrac agus déanfaidh siad rochtain chomhionann ar inneachar foghlama a chur chun cinn do chách, agus aird ar leith a thabhairt ar an ngá le níos mó ban agus daoine óga, go háirithe iad siúd nach bhfuil i mbun oideachas, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna), daoine scothaosta, oibrithe i ngairmeacha atá i mbaol dul ar iarraidh nó a bhfuil a n-inneachar agus a gcúraimí á gclaochlú go mór ag teicneolaíochtaí nua agus ag daoine atá ag obair i réigiúin atá i mbun aistriú a ghníomhachtú. Déanfaidh Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta éagsúlacht agus cuimsitheacht daoine faoi mhíchumas, imircigh agus daoine atá i staideanna leochaileacha a chur chun cinn. .
Article 23a
Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú agus a rialú
Le cleachtadh mapála, sainaithneofar ganntanais saothair agus scileanna i bpríomhearnálacha tionsclaíocha agus i dtionscail ghlan-nialasachta bunaithe ar riachtanais an chlaochlaithe thionsclaíoch agus an dícharbónaithe agus déanfar measúnú ar an rochtain ar dheiseanna oiliúna a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin ar an leibhéal náisiúnta.
Déanfar anailís sa chleachtadh mapála ar bhunchúiseanna na nganntanas sin, go háirithe iad siúd a bhaineann le cáilíocht na tairisceana poist, agus ar an gcaoi sin measúnófar an bhfuil gá le bearta breise chun níos mó oibrithe de gach leibhéal cáilíochta a mhealladh i dtionscail áirithe.
Más rud é, ar bhonn an chleachtaidh léarscáilithe, go sainaithnítear leibhéal criticiúil de ghanntanais scileanna i dteicneolaíocht straitéiseach ghlan-nialasachta, eiseoidh an Coimisiún glao ar thograí chun Acadaimh um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú.
Is éard a bheidh i gcomhaltaí na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta roinnt gníomhaithe, amhail tionscail ina bhfuil úsáid na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha ríthábhachtach ina slabhraí luacha, ina soláthraithe oideachais agus oiliúna, ina gcomhpháirtithe sóisialta agus ina ngnóthais lena n-áirítear FBManna. Beidh sé d’aidhm ag comhdhéanamh na ballraíochta, i gcás inar féidir, cothromaíocht gheografach a bhaint amach ar fud na mBallstát, agus á áirithiú go mbeidh an t-inneachar foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta ar fáil i dteangacha éagsúla ionas go mbeidh rochtain ag an líon is mó foghlaimeoirí ar na cláir foghlama, go háirithe i measc na ngrúpaí is leochailí.
Cuirfear imchlúdach airgeadais dar luach EUR 102 000 000 ar a laghad i bpraghsanna reatha ar fáil do bhunú agus d’fheidhmiú na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2027. Bainfidh na Ballstáit úsáid as cistí ábhartha an Aontais, go háirithe CSE+, chun ábhar foghlama na nAcadamh a imscaradh go héifeachtach, agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil don Choimisiún faoin méid cistí den Aontas a leithdháileadh chun an cuspóir sin a bhaint amach.
Trí bliana tar éis a mbunaithe, beidh na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de trí ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ón earnáil phríobháideach.
Déanfaidh an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa arna bhunú de bhun Airteagal 28(1) faireachán ar obair na nAcadamh Eorpach um an Tionsacal Glan-nialasachta agus eiseoidh sé tuarascáil faoin 31 Nollaig 2026 maidir le cur in úsáid a gclár foghlama.
Gan mhoill tar éis don Choimisiún teacht i bhfeidhm, seolfaidh an Coimisiún an próiseas mapála agus eiseoidh sé an chéad ghlao ar thograí chun Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta a bhunú, a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an obair atá ar bun cheana agus as tionscadail na ngníomhaithe ábhartha agus na mBallstát.
Faoin [31 Nollaig 2024], bunófar Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta.
Faoin [31 Nollaig 2025], tosóidh na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta ag soláthar agus ag scaipeadh inneachar foghlama tosaigh. Le céim imlonnaithe an inneachair foghlama, tabharfar aird ar leith ar réigiúin atá i mbun claochlú tionsclaíoch, ina bhfuil ganntanas scileanna criticiúla nó ar na réigiúin sin ina bhfuil ráta ard dífhostaíochta, go háirithe dífhostaíocht i measc na hóige.
Airteagal 24
Gairmeacha rialaithe i dTionscail Ghlan-nialasachta agus aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla
1. Faoin 31 Nollaig 2024 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, sainaithneoidh na Ballstáit an bhfuil na cláir foghlama a d’fhorbair na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar coibhéiseach leis na cáilíochtaí sonracha a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialáilte laistigh de raon feidhme gairme agus spéis ar leith ag an tionscal glan-nialasachta chun ationsclú agus dícharbónú a dhéanamh ag an am céanna d’fhonn na cáilíochtaí arna n-iarraidh a ailíniú, lena gcumhdaítear cáilíochtaí teicniúla agus acadúla araon. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear torthaí na measúnuithe ar fáil go poiblí agus go mbeidh rochtain éasca orthu ar líne. I gcás ina meastar nach bhfuil na cláir foghlama coibhéiseach leis na cáilíochtaí a theastaíonn ón mBallstát óstach chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí rialáilte, míneoidh an Ballstát sin na difríochtaí don Choimisiún agus sonróidh sé conas coibhéis a bhaint amach.
2. Má chinneann Ballstát go bhfuil coibhéis ann, mar a thuairiscítear sa chéad mhír den Airteagal seo, áiritheoidh sé, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, go n-aithneofar dintiúir arna n-eisiúint ag soláthraithe oideachais agus oiliúna ar bhonn na gclár foghlama a d’fhorbair na hacadaimh, faoi Theideal III Caibidil I de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(53), aon uair a iarrann sealbhóir dintiúr den sórt sin rochtain ar ghairm rialáilte de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) de Threoir 2005/36/CE, agus a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis don tionscal glan-nialasach, trí ghlacadh leis an dintiúr mar fhianaise leordhóthanach ar cháilíochtaí foirmiúla.
3. I gcás ina rialaítear rochtain ar ghairm lena mbaineann tábhacht ar leith le haghaidh an tionscadail glan-nialasachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(a) de Threoir 2005/36/CE, oibreoidh na Ballstáit chun tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí íosta a fhorbairt a theastaíonn chun an ghairm shonrach sin a shaothrú chun creat comhchoiteann oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 49a(1) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú chun aitheantas uathoibríoch cáilíochtaí a chumasú. Féadfaidh an tArdán um an Tionscal Glan-nialasachta moltaí dá dtagraítear in Airteagal 49a(3) de Threoir 2005/36/CE a chur isteach freisin.
Airteagal 25
An tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa agus scileanna
Tacóidh an tArdán um ghlan-nialasacht na hEorpa dá dtagraítear in Airteaga 28 le hinfhaighteacht agus úsáid scileanna i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha, agus in údaráis inniúla agus údaráis chonarthacha dá dtagraítear i gCaibidil II agus i gCaibidil IV, trí na cúraimí seo a leanas, agus na struchtúir atá ann cheana a bheith á dtógáil laistigh de chóras náisiúnta oideachais agus gairmoiliúna:
(1) cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun measúnú, faireachán leanúnach agus réamhaisnéis a dhéanamh ar éileamh agus soláthar lucht saothair ag a bhfuil na tacair scileanna a theastaíonn i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus ar infhaighteacht agus glacadh deiseanna oideachais agus oiliúna comhfhreagracha, agus eolas á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta de réir mar is iomchuí;
(2) faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíoch na nAcadamh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta agus, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit agus ag na húdaráis náisiúnta de bhun Airteagal 31(2), faisnéis a bhailiú faoin líon daoine a bhain tairbhe as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh agus a sholáthraíonn sonraí imdhealaithe de réir earnálacha tionsclaíocha, inscne, aoise, agus leibhéil oideachais agus cháilíochta, sineirgí a chothú le tionscnaimh agus tionscadail scileanna eile náisiúnta agus de chuid an Aontais, agus formhaoirseacht a sholáthar chun lucht saothair éagsúil a mhealladh, lena n-áirítear trí fheachtais chumarsáide spriocdhírithe;
(3) cúnamh a thabhairt geallsealbhóirí a shlógadh, lena n-áirítear lucht tionscail, gnóthais, lena n-áirítear FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair shóisialta, comhpháirtithe sóisialta agus soláthraithe oideachais agus oiliúna, amhail ollscoileanna, ollscoileanna taighde, ollscoileanna sna heolaíochtaí feidhmeacha agus comhghuaillíochtaí ollscoile, do chur i bhfeidhm na gclár foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh Eorpach um an Tionscal Glan-nialasachta;
(4) cuidiú le glacadh agus aitheantas dhintiúir foghlama Acadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta sna Ballstáit chun aitheantas scileanna agus meaitseáil scileanna agus post a chur chun cinn, inter alia trí bhailíocht agus glacadh na ndintiúr ar fud mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh agus trí bhéim a leagan ar chláir oiliúna fhadtéarmacha agus ar phrintíseachtaí íoctha;
(4a) faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú ghlacadh agus aithint dintiúr foghlama agus rannchuidiú le réitigh a sholáthar i gcás ina mbraitear saincheisteanna neamhaitheantais;
(5) forbairt próifílí gairmeacha Eorpacha a éascú arb éard a bheidh iontu tacar coiteann eolais, scileanna agus inniúlachtaí le haghaidh na bpríomhghairmeacha sna teicneolaíochtaí glan-nialasachta, agus leas á bhaint, inter alia, as na cláir foghlama arna bhforbairt ag na hAcadaimh Eorpacha um an Tionscal Glan-nialasachta, agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as an téarmaíocht a sholáthraítear san Aicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO) chun trédhearcacht agus soghluaisteacht idir poist agus thar theorainneacha an mhargaidh inmheánaigh a éascú;
(6) ionchais ghairme agus dálaí oibre ardcháilíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear pá cothrom agus leormhaith i bpoist i dtionscail atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chomh maith le tarraingteacht an oideachais theicniúil, lánpháirtiú na hóige, na mban, na seanóirí agus daoine ó chúlra faoi mhíbhuntáiste do thionscail teicneolaíochtaí glan-nialasacha i margadh an tsaothair, agus oibrithe oilte ó thríú tíortha a mhealladh trí ionstraimí amhail an Cárta Gorm Eorpach agus, ar an gcaoi sin, lucht saothair níos éagsúla a bhaint amach;
(6a) soghluaisteacht an lucht saothair ar fud an Aontais a spreagadh agus tacú léi agus poist fholmha a fhoilsiú trí bhíthin líonra EURES;
(7) comhordú níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas agus fios gnó a éascú idir na Ballstáit agus laistigh den earnáil phríobháideach chun feabhas a chur ar infhaighteacht scileanna sna glanteicneolaíochtaí nialais, lena n-áirítear trí rannchuidiú le beartais an Aontais agus na mBallstát chun daoine tréitheacha nua a mhealladh ó thríú tíortha agus ó gach leibhéal oideachais.
-1. Faoin ... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh nó bunóidh na Ballstáit údarás inniúil náisiúnta aonair a bheidh freagrach as na deiseanna trialacha rialála glan-nialasachta. Is é an t-údarás sin amháin a bheidh mar an t-aon phointe teagmhála d’aon ghrúpáil eagraíochtaí atá toilteanach a iarraidh go mbunófaí deis thrialach rialála glan-nialasachta de bhun an Airteagail seo.
1. Féadfaidh na Ballstáit agus i gcás inarb iomchuí in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le Ballstáit eile, ar a dtionscnamh féin, deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a bhunú, lena bhféadfar teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a fhorbairt, a thástáil agus a bhailíochtú, i bhfíorthimpeallacht rialaithe ar feadh tréimhse teoranta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad, rud a chuirfidh feabhas ar an bhfoghlaim rialála agus ar an uas-scálú a d’fhéadfaí a dhéanamh agus ar an úsáid níos leithne a d’fhéadfaí a bhaint astu. Bunóidh na Ballstáit deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta i ndlúthchomhar le hinstitiúidí tionscail agus taighde, agus i gcás inarb ábhartha, le comhpháirtithe sóisialta agus sochaí sibhialta, i gcomhréir le mír 1 arna iarraidh sin d’aon chuideachta atá ag forbairt teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile, a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin dá dtagraítear i mír 4(a) agus ar roghnaigh na húdaráis inniúla é de réir an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 4(b).
2. Déanfar na módúlachtaí agus na coinníollacha maidir le bunú agus oibriú na ndeiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta faoin Rialachán seo a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Leis na módúlachtaí agus na coinníollacha, tacófar a mhéid is féidir le solúbthacht d’údaráis inniúla náisiúnta a ndeiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a bhunú agus a oibriú, nuálaíocht agus foghlaim rialála a chothú agus cuirfear san áireamh go háirithe imthosca agus cumais speisialta FBManna rannpháirteacha agus gnólachtaí nuathionscanta. Áireofar sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír▌ sin príomhphrionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
(a) incháilitheacht do rannpháirtíocht sna deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta agus roghnú lena haghaidh;
(b) nós imeachta maidir leis na deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a chur i bhfeidhm, a bheith rannpháirteach iontu, faireachán a dhéanamh orthu, imeacht astu agus iad a fhoirceannadh, lena n-áirítear an plean maidir le deiseanna trialacha agus an tuarascáil imeachta;
(c) na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe.
3. Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sna deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás a dhéanann maoirseacht ar an deis thrialach rialála. Déanfar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálachaeile a thástáil, a fhorbairt agus a bhailíochtú faoi mhaoirseacht dhíreach agus faoi threoraíocht na n-údarás inniúil. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta ar bhealach solúbtha laistigh de theorainneacha na reachtaíochta ábhartha, agus déanfaidh siad na cleachtais rialála atá ann cheana á oiriúnú agus a gcumhachtaí lánroghnacha a úsáid agus forálacha dlíthiúla á gcur chun feidhme agus á bhforfheidhmiú acu maidir le tionscadal deise trialaí rialála teicneolaíochta glan-nialasachta, d’fhonn bacainní a bhaint, an t-ualach rialála a mhaolú, éiginnteacht rialála a laghdú, agus tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta.
4. I gcás inarb ábhartha chun cuspóir an Airteagail seo a bhaint amach, breithneoidh na húdaráis inniúla ar mhaoluithe nó díolúintí a dheonú a mhéid a cheadaítear faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-áiritheofar leis an bplean maidir le deiseanna trialacha rialála go n-urramófar príomhchuspóirí agus ceanglais fhíor-riachtanacha reachtaíocht an Aontais agus na reachtaíochta náisiúnta. Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar aon riosca mór don tsláinte, don tsábháilteacht nó don chomhshaol a shainaithneofar le linn forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus teicneolaíochtaí nuálacha eile a chur in iúl go poiblí agus go gcuirfear an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí láithreach dá dheasca go dtí go ndéanfar an riosca sin a mhaolú. I gcás ina measfaidh údaráis inniúla go bhfuil rioscaí eisceachtúla ag baint leis an tionscadal atá beartaithe do shláinte agus sábháilteacht oibrithe, an phobail i gcoitinne, nó an chomhshaoil, go háirithe toisc go mbaineann sé le tástáil, forbairt nó bailíochtú lena mbaineann substaintí fíorthocsaineacha, ní fhormheasfaidh siad an plean maidir leis an deis thrialach rialála go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil coimircí leordhóthanacha curtha i bhfeidhm atá i gcomhréir leis an riosca eisceachtúil a sainaithníodh.
5. Ar choinníoll go n-urramóidh na rannpháirtithe an plean maidir le deis thrialach agus na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht iontu arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Airteagal seo agus dá dtagraítear i mír 2 agus go leanfaidh siad, de mheon macánta, an treoraíocht a thabharfaidh na húdaráis, ní fhorchuirfidh na húdaráis aon fhíneáil riaracháin ná pionós eile mar gheall ar shárú ar reachtaíocht infheidhme an Aontais nó na mBallstát a bhaineann leis an teicneolaíocht ghlan-nialasachta a ndéanfar maoirseacht uirthi sa deis thrialach rialála.
6. Beidh rannpháirtithe sa deis thrialach rialála teicneolaíochta glan-nialasachta faoi dhliteanas i gcónaí faoi reachtaíocht dliteanais is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát le haghaidh aon dochair a dhéanfar do thríú páirtithe de thoradh na tástála a dhéanfar sa deis thrialach.
7. Féadfar síneadh a chur le fad na deise trialaí rialála teicneolaíochta glan-nialasachta tríd an nós imeachta céanna, le comhaontú an údaráis inniúil náisiúnta.
8. Déanfar na deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach, i gcás inarb ábhartha, a éascóidh comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla náisiúnta. Na Ballstáit a bhfuil deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta bunaithe acu, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus comhoibreoidh siad faoi chuimsiú an Ardáin um ghlan-nialasacht na hEorpa leis na cuspóirí mar atá faisnéis ábhartha a chomhroinnt. Tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún maidir le torthaí chur chun feidhme na ndeiseanna trialacha rialála, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena mbunú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais laistigh den deis thrialach rialála ar bhealach atá oiriúnaithe chun críocha na deise trialaí.
Airteagal 26a
Nuálaíocht ar mhaithe le hiomaíochas agus dícharbónú
Beidh sé d’aidhm leis na bearta sa Roinn sin dlús a chur leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh laistigh den Aontas, chun dlús a chur le húsáid na dteicneolaíochtaí sin chun iarrachtaí dícharbónaithe an Aontais a chothú agus chun iomaíochas domhanda thionscal glan-nialasachta an Aontais a mhéadú d’fhonn uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a áirithiú trí onnmhairiú na dteicneolaíochtaí sin a mhéadú.
Airteagal 26b
Prionsabal na Nuálaíochta
Gan dochar dá inniúlachtaí faoi na Conarthaí, agus i gcomhréir lena Threoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr an 3 Samhain.2021, cuirfidh an Coimisiún prionsabal na nuálaíochta i bhfeidhm, mar a thuairiscítear san Uirlis um Rialáil Níos Fearr #22 agus sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2018 dar teideal ‘Clár Oibre Eorpach athnuaite don Taighde agus don Nuálaíocht — Deis na hEorpa a todhchaí a mhúnlú’, agus gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais á n-ullmhú agus le linn athbhreithniú agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí de chuid an Aontais atá ann cheana, d’fhonn a áirithiú go gcothaíonn creat rialála an mhargaidh inmheánaigh an nuálaíocht agus go dtacóidh sé léi.
Airteagal 26c
Bord Plean SET
1. Chun an Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26d a bhunú agus a chur chun feidhme, bunóidh an Coimisiún Bord Plean SET. Beidh Bord Plean SET freagrach as an treoir straitéiseach agus as cinntí ginearálta, lena n-áirítear an cinneadh maidir leis na teicneolaíochtaí atá le cur san áireamh, maidir leis an bPlean SET agus a chur chun feidhme.
2. Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún a bheidh ar Bord Plean SET. Ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach air. Áireofar ann rannpháirtíocht struchtúrach agus bhuan na ngníomhaithe tionscail agus taighde.
3. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil chuig Bord Plean SET. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a bheith aige i ndáil le cúraimí éagsúla a bhaineann le hobair Bord Plean SET. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta de Bhord Plean SET.
4. Ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh Bord Plean SET a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí.
5. Tiocfaidh Bord Plean SET le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach, cúraimí a shonraítear sa Rialachán sin. I gcás inar gá, tiocfaidh Bord Plean SET le chéile ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó thromlach simplí dá chomhaltaí.
6. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do Bhord Plean SET trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.
7. Féadfaidh Bord Plean SET foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha.
8. Iarrfaidh Bord Plean SET ar ionadaithe Pharlaimint na hEorpa freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, lena n‑áirítear na buan‑fhoghrúpaí nó na foghrúpaí sealadacha dá dtagraítear i mír 7.
9. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Bord Plean SET nó an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do thríú páirtithe eile chuig cruinnithe Bord Plean SET agus na bhfoghrúpaí nó chun aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar.
10. Glacfaidh Bord Plean SET na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.
11. Déanfaidh Bord Plean SET a dhícheall teacht ar chomhthuairim.
Airteagal 26d-
Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh
1. Faoin ... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh Bord Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26c Plean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET). Is é an cuspóir a bheidh ag an bPlean SET fócas agus comhordú idir scéimeanna agus foinsí cistiúcháin éagsúla a áirithiú, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta agus chun tacú le forbairt teicneolaíochtaí fuinnimh atá neodrach ó thaobh na haeráide de chomh maith le hailíniú straitéiseach a áirithiú maidir le tosaíochtaí le haghaidh taighde, nuálaíochta agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain.
2. Sainaithneofar i bPlean SET na teicneolaíochtaí fuinnimh a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Aontas, agus a rannchuidiú le cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais á chur san áireamh chomh maith le hiomaíochas tionsclaíoch an Aontais, agus a dteastaíonn gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta uathu chun an aibíocht is gá le haghaidh cur in úsáid ar scála iomlán a bhaint amach.
3. Beidh Bord Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26c freagrach as Plean SET a chur chun feidhme. Chun críocha chur chun feidhme an Phlean SET sin, glacfaidh an Coimisiún an liosta teicneolaíochtaí a shainaithnítear sa Phlean SET trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).
4. Faoi údarás Bhord Phlean SET agus le rannpháirtíocht dhomhain na n-earnálacha ábhartha, lena n-áirítear an earnáil taighde, forbrófar cláir oibre taighde agus nuálaíochta le haghaidh gach ceann de na teicneolaíochtaí fuinnimh a shainaithnítear i bPlean SET. Beidh na cláir oibre sin mar bhonn don chomhordú idir an tAontas agus na Ballstáit maidir le cistiú le haghaidh na ngníomhaíochtaí a shainaithnítear sa chlár oibre agus maidir leis na bonneagair teicneolaíochta is gá le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin. Déanfaidh Bord Phlean SET na cláir oibre sin a fhormhuiniú.
5. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú go bliantúil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le dul chun cinn an Phlean SET. Déanfar athbhreithniú ar Phlean SET agus, más gá, athbhreithneofar é laistigh de 18 mí tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.
Airteagal 27
Bearta le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:
(a) rochtain tosaíochta a sholáthar do FBManna ar na deiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta nuálacha sa mhéid go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 26;
(b) gníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagrú maidir le rannpháirtíocht FBManna sna deiseanna trialacha rialála;
(c) i gcás inarb iomchuí, bealach tiomnaithe a bhunú chun cumarsáid a dhéanamh le FBManna chun treoraíocht a sholáthar agus chun freagra a thabhairt ar cheisteanna faoi chur chun feidhme Airteagal 26.
2. Cuirfidh na Ballstáit leasanna sonracha agus riachtanais shonracha FBManna san áireamh, agus soláthróidh siad tacaíocht riaracháin leordhóthanach chun páirt a ghlacadh sna deiseanna trialacha rialála. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, ba cheart do na Ballstáit FBManna a chur ar an eolas faoin tacaíocht airgeadais atá ar fáil dá ngníomhaíochtaí sna deiseanna trialacha rialála.
2a. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gnólachtaí nuathionscanta.
Caibidil VII.
Rialachas
Airteagal 28
Bunú agus cúraimí an Ardáin um Ghlan-nialasacht na hEorpa
1. Bunaítear leis seo an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa (‘an tArdán’).
2. Déanfaidh an tArdán na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo.
3. Féadfaidh an tArdán comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit i ndáil lena ngníomhaíochtaí chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát arna gcur isteach faoi Rialachán (AE) 2018/1999(54) á gcur san áireamh.
4. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú a dhéanamh laistigh den Ardán▌ le tríú tíortha ábhartha chun cuidiú le glacadh teicneolaíochtaí glan-nialasachta a chur chun cinn ar fud an domhain, chun comhoibriú a dhéanamh i bhforbairt na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta nuálacha agus chun tacú le ról chumais thionsclaíocha an Aontais chun an bealach a réiteach le haghaidh an aistrithe dhomhanda chuig fuinneamh glan, i gcomhréir le cuspóirí foriomlána an Rialacháin seo a eascraíonn as Airteagal 1 den Rialachán seo. Déanfaidh an tArdán an méid seo a leanas:
(a) plé a dhéanamh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, i gcás inar gá, a mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit, bealaí chun comhar, fios gnó agus comhroinnt teicneolaíochta feadh an tslabhra luacha glan-nialasachta idir an tAontas agus tríú tíortha a fheabhsú agus a chur chun cinn;
(aa) plé a dhéanamh leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, bealaí a mholadh don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfar an rialachán seo a chur in iúl agus a ailíniú le tionscnaimh eile de chuid an Aontais nó le scéimeanna sealadacha a thagann faoi Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais;
(ab) faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn slabhraí luacha le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta, athruithe teicneolaíocha agus tionsclaíocha a rianú, agus slabhraí luacha straitéiseacha a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo a shainaithint;
(ac) faireachán a dhéanamh ar fhógra tráthúil maidir le Státchabhair ó na Ballstáit agus ar a húdarú ón gCoimisiún;
(ad) faireachán a dhéanamh ar iarrataí ar rochtain ar dheontais trí chistí agus cláir de chuid an Aontais chun críocha a bhaineann leis an Rialachán seo agus, i gcás inar gá, moltaí a eisiúint chun dlús a chur leis an nós imeachta agus é a chomhordú agus a éascú;
(ae) measúnú a dhéanamh ar riachtanais infheistíochta agus chistiúcháin, treoraíocht a chur ar fáil i ndáil le forbairt scileanna, agus dea-chleachtais a phlé maidir le cur chun feidhme Roinn I de Chaibidil II chomh maith le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 agus dlús a chur leis na spriocdhátaí ceadaithe;
(b) plé a dhéanamh leis an gCoimisiún agus, i gcás inar gá, a mholadh don Choimisiún, conas aghaidh a thabhairt ar bhacainní neamhtharaifí trádála, amhail trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do mheasúnú comhréireachta nó trí ghealltanais a dhéanamh chun srianta ar onnmhairiú a sheachaint;
(c) a mholadh don Choimisiún cé na tríú tíortha ar cheart tús áite a thabhairt dóibh chun comhpháirtíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta a thabhairt i gcrích, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(i) an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann le slándáil an tsoláthair, agus a n-acmhainneacht mhonaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta á cur san áireamh;
(ii) an bhfuil comhaontuithe comhair ann cheana idir tríú tír agus an tAontas;
(iia) Acmhainní insteallta agus stórála CO2 laistigh dá gcríocha;
(ca) meastóireacht a dhéanamh ar uirlisí cosanta trádála chun dul i ngleic le haon bhearta ó thríú tíortha a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a chur i mbaol.
5. Tacóidh na Ballstáit leis an gCoimisiún agus na bearta comhair a leagtar amach sa chomhpháirtíocht thionsclaíoch ghlan-nialasachta á chur chun feidhme. Beidh sé de chuspóir ag comhpháirtíochtaí tionsclaíocha glan-nialasachta trádáil i measc rannpháirtithe a éascú, lena n-áirítear trí thús áite a thabhairt d’infheistíochtaí riachtanacha laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, athléimneacht agus inbhuanaitheacht na slabhraí luacha tacaíochta a fheabhsú, agus cothrom iomaíochta a ráthú.
5a. Déanfaidh an tArdán, ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, measúnú ar iomaíochas domhanda na dtionscal Eorpach laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin agus molfaidh sé gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar an iomaíochas sin.
5b. Faoin ... [3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach trí mhí ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme Seiceála Iomaíoch ar iomaíochas a sholáthar don Ardán chomh maith leis an nGrúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta agus do Bhord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála. Leagfar amach sa tuarascáil na tograí reachtacha a rinneadh sna trí mhí a chumhdaítear leis an tuarascáil, an chaoi ar cuireadh an tSeiceáil Iomaíochais i bhfeidhm agus na tograí sin á n-ullmhú, agus cad iad na hathruithe a rinneadh ar na tograí chun a áirithiú nach ndéanfaidís dochar gan ghá d’iomaíochas an Aontais. Pléifidh an tArdán cur chun feidhme na Seiceála Iomaíochais dhá uair sa bhliain ar a laghad, ar bhonn ionchur ó Ghrúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta.
5c. Comhordóidh an tArdán go rialta leis an bhFóram Ardleibhéil maidir le Caighdeánú chun plé a dhéanamh ar úsáid an chaighdeánaithe chun tacú le forbairt na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta san Eoraip.
Airteagal 29
Struchtúr agus feidhmiú an Ardáin um Ghlan-nialasacht na hEorpa
1. Beidh an tArdán comhdhéanta de na Ballstáit, den Choimisiún agus de Pharlaimint na hEorpa. Ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach air.
2. Déanfaidh gach Ballstát agus Parlaimint na hEorpa ionadaí a cheapadh chuig an mBord. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát agus Parlaimint na hEorpa níos mó ná ionadaí amháin a bheith aige i ndáil le cúraimí éagsúla a bhaineann le hobair an Ardáin. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Ardán.
3. Ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh an tArdán a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí.
4. Tiocfaidh an tArdán le chéile go tráthrialta chun a áirithiú go ndéanfar a chuid cúraimí go héifeachtach, cúraimí a shonraítear sa Rialachán seo. I gcás inar gá, tiocfaidh an tArdán le chéile ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó thromlach simplí dá chomhaltaí.
5. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh don Ardán trí bhíthin rúnaíocht feidhmiúcháin a sholáthraíonn tacaíocht theicniúil agus lóistíochta.
6. Féadfaidh an tArdán foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú chun díriú ar cheisteanna agus cúraimí sonracha.
Bunóidh an tArdán na buan‑fhoghrúpaí seo a leanas ar a laghad:
(a) foghrúpa chun riachtanais airgeadais agus scrogaill i dtionscadail straitéiseacha glan-nialasachta, na dea-chleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann a phlé, go háirithe chun slabhraí soláthair trasteorann an Aontais a fhorbairt, agus chun maoiniú le haghaidh tionscadail straitéiseacha glan-nialasachta a chomhordú;
(b) foghrúpa chun cur chun feidhme na bhforálacha de bhun Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a phlé;
(c) foghrúpa chun na Comhpháirtíochtaí Tionsclaíocha Glan-nialasachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a phlé agus a chomhordú, lena n-áiritheofar comhar le fóraim ábhartha chomhordúcháin eile;
(d) foghrúpa chun cur chun feidhme iomchuí na nAcadamh um an Tionscal Glan-nialasachta a áirithiú de bhun Chaibidil V;
(e) foghrúpa atá tiomnaithe do dheiseanna trialacha rialála teicneolaíochta glan-nialasachta dá dtagraítear in Airteagal 26, chun an leas is mó is féidir a bhaint as éifeachtaí iarmharta ar fud an Aontais trí chomhar trasteorann a éascú agus tríd an riosca go ndéanfar saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht a theorannú.
6a. Tiocfaidh an tArdán le chéile ar a laghad uair sa bhliain le Bord Plean SET dá dtagraítear in Airteagal 26c chun ailíniú straitéiseach chur chun feidhme an Rialacháin seo le Plean SET a phlé.
▌
7a. Bunóidh an tArdán Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta. Beidh an Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta comhdhéanta d’ionadaithe ó earnálacha tionsclaíocha laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. Tiocfaidh aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh ó FBManna nó déanfaidh siad ionadaíocht thar ceann FBManna. Déanfaidh an Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-Nialasachta, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Ardán, moltaí a chur ar fáil don Ardán. Éascóidh an Grúpa Comhairleach um an Tionscal Glan-nialasachta idirghníomhaíocht idir an tArdán agus comhlachtaí comhairleacha nó comhairleacha arna mbunú faoi chuimsiú bheartas tionsclaíoch an Aontais.
8. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tArdán cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a dhéanann ionadaíocht do thionscal, don tsochaí shibhialta, don lucht acadúil, do cheardchumainn agus do thríú páirtithe eile chuig cruinnithe an Ardáin agus na bhfoghrúpaí nó chun aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar.
9. Déanfaidh an tArdán na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte.
10. Déanfaidh an tArdán a dhícheall teacht ar chomhthoil.
11. Déanfaidh an tArdán comhordú agus comhoibriú le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha atá ann cheana agus iarrfaidh sé orthu freastal ar a chruinnithe, lena n-áirítear na foghrúpaí buana nó sealadacha dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, chun tuairisc a thabhairt ar stádas na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 1 agus chun moltaí a dhéanamh maidir leis na spriocanna sin.
Airteagal 29a
Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála
1. Bunaítear leis seo Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um Athbhreithniú agus um Ualach Rialála (an ‘Bord Comhairleach Eolaíoch’).
2. Beidh an Bord Comhairleach Eolaíoch comhdhéanta de 15 shaineolaí eolaíocha shinsearacha a chumhdóidh raon leathan disciplíní ábhartha. Comhlíonfaidh comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch na critéir a leagtar síos i mír 4.
3. Ní bheidh náisiúntacht an Bhallstáit chéanna ag níos mó ná beirt chomhalta den Bhord Comhairleach Eolaíoch. Ní bheidh neamhspleáchas chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch inchurtha in amhras.
4. Ainmneofar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh ar feadh téarma ceithre bliana, a bheidh ina tréimhse in-athnuaite uair amháin, tar éis nós imeachta roghnúcháin a bheidh oscailte, cothrom agus trédhearcach. Bunófar roghnú na gcomhaltaí ar na critéir seo a leanas:
(a) barr feabhais eolaíoch;
(b) taithí ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh agus comhairle eolaíoch a sholáthar sna réimsí saineolais;
(c) saineolas i réimse an riaracháin phoiblí nó i réimsí eile atá ábhartha do chúraimí an Ardáin;
(d) taithí ghairmiúil i dtimpeallacht idirdhisciplíneach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
5. Déanfar comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch a cheapadh i gcáil phearsanta agus nochtfaidh siad a dtuairimí go hiomlán neamhspleách ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais. Toghfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch cathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 4 bliana agus glacfaidh sé a rialacha nós imeachta.
6. Tacóidh an Bord Comhairleach Eolaíoch le hobair an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na mBallstát agus é ag gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige trí thuarascálacha comhairleacha a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) tionchar agus ualach rialála dhlí an Aontais atá ann cheana;
(b) tionchar agus ualach rialála na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme atá ann cheana; agus
(c) dlí na mBallstát atá ann cheana lena dtrasuitear Treoracha an Aontais.
7. Bunóidh an Bord Comhairleach Eolaíoch a chlár oibre bliantúil go neamhspleách, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Cuirfidh cathaoirleach an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar an eolas faoi ábhar agus faoi chur chun feidhme a chláir oibre bhliantúil. Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, do Choimisinéir aonair nó do Bhallstáit aonair, nó ar bhonn iarraidh réasúnaithe ó gheallsealbhóir, comhairle a thabhairt maidir le tionchar agus ualach rialála dhréachtdlí an Aontais nó sa phróiseas cinnteoireachta.
8. Déanfar na tuarascálacha comhairleacha dá dtagraítear i mír 5 a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.
9. Is é an Coimisiún a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Comhairleach Eolaíoch.
Airteagal 30
Caidreamh le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide
Cuirfidh na Ballstáit mionsonraí na mbeart ar fáil ar a bhfuil i gceist acu chun cur chun feidhme chuspóir an Rialacháin seo a thabhairt isteach ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe orthu, pleananna agus nuashonruithe arna gcur isteach de bhun Airteagail 3, 9 agus 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ngné den Aontas Fuinnimh mar atá ‘taighde, nuálaíocht agus iomaíochas’, agus ina dtuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin. Go háirithe, sainaithneoidh na Ballstáit bearta chun taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur chun cinn chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.
Caibidil VIII.
Faireachán
Airteagal 31
Faireachán
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an méid seo a leanas:
(a) Dul chun cinn an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1, agus tionchar gaolmhar an Rialacháin seo;
(b) an dul chun cinn maidir le cuspóir ar leibhéal an Aontais mar atá acmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear in Airteagal 16;
(ba) leordhóthanacht chumas riaracháin na mBallstát chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
2. Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta a ainmneoidh siad chun na críche sin sonraí agus fianaise eile is gá de bhun mhír 1, pointí (a) agus (b) a bhailiú agus a sholáthar. Déanfaidh siad sonraí maidir leis na nithe seo a leanas a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún gach bliain go háirithe:
(a) forbairtí teicneolaíochta glan-nialasachta agus treochtaí margaidh, lena n-áirítear meánchostais infheistíochta monaraíochta agus meánchostais táirgthe, agus praghsanna margaidh ar na teicneolaíochtaí glan-nialasachta faoi seach;
(b) acmhainneacht mhonaraíochta na dteicneolaíochta glan-nialasachta agus gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear sonraí maidir le fostaíocht agus scileanna agus dul chun cinn maidir le baint amach spriocanna 2030 dá dtagraítear in aithris 13;
(c) luach agus méid na n-allmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta isteach san Aontas agus na n-onnmhairí teicneolaíochtaí glan-nialasachta lasmuigh den Aontas;
(ca) líon FBManna atá mar chuid de thionscadail monaraíochta na dteicneolaíochta glan-nialasachta;
(d) meánfhad na nósanna imeachta ceadaithe faoin Rialachán seo;
(e) cineálacha agus líon na gceadanna a deonaíodh ar an leibhéal náisiúnta le linn na 12 mhí roimhe;
(f) líon na bpróiseas deonaithe ceadanna a tugadh i gcrích, a stopadh nó a cuireadh ar ceal le linn na 12 mhí roimhe agus na cineálacha bacainní a tháinig chun cinn i gcás stoptha nó cealaithe;
(g) líon na ndeiseanna trialacha a bunaíodh le linn na 12 mhí roimhe;
(h) an méid CO2 a stóráiltear faoi thalamh go buan i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE.
3. Áireofar sna sonraí an fhaisnéis a iarrtar san Fhógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú, ar a laghad.
4. Seolfaidh gach Ballstát an chéad tuarascáil chuig an gCoimisiún ag deireadh mhí na Bealtaine den bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Seolfar na tuarascálacha ina dhiaidh sin faoi dheireadh mhí na Bealtaine gach bliain.
5. Tarchuirfidh na Ballstáit freisin na sonraí arna mbailiú de bhun mhír 2 den Airteagal seo chuig oifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat chun staitisticí a thiomsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(55). Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás náisiúnta a bheidh freagrach as na sonraí a tharchur chuig na hoifigí náisiúnta staidrimh agus chuig Eurostat.
6. Ar bhonn na dtuarascálacha a chuirfear isteach de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn an Aontais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo agus foilseoidh sé moltaí gaolmhara ar bhonn bliantúil mar chuid de na Tuarascálacha Bliantúla maidir le hIomaíochas na dTeicneolaíochtaí Fuinnimh Ghlain, de bhun Airteagal 35(2), pointe (m), de Rialachán (AE) 2018/1999.
7. Ar bhonn na ndréachtiarratas ar chead arna gcur isteach de bhun Airteagal 10 de Threoir 2009/31/CE agus ar bhonn na dtuarascálacha arna gcur isteach de bhun Airteagal 17(2), Airteagal 18(4) agus Airteagal 18(6) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le baint amach na sprice uile-Aontais i dtaca le hacmhainneacht insteallta CO2 dá dtagraítear i mír 1 pointe (b) den Airteagal seo agus tuairisceoidh sé go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Chuige sin, cruthóidh an Coimisiún bunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí de na sonraí uile atá ar fáil a bhaineann le stóráil CO2 san Aontas chun rannchuidiú le láithreáin stórála CO2 a mhapáil agus chun faireachán a dhéanamh ar bhaint amach na sprice foriomláine a leagtar amach in Airteagal 16.
7a. Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus in Airteagal 18(4) agus arna dtíolacadh ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) faoin 31 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le héifeachtacht an Rialacháin seo a mheasúnú agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh athbhreithniú ag gabháil léi má mheastar gur gá sin.
Caibidil IX.
Forálacha críochnaitheacha
▌
Airteagal 33
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 1(3), Airteagal 3(2) agus Airteagal 18(7) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [dáta theacht i bhfeidhm]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(3), in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 18(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(3), Airteagal 3(2) nó Airteagal 18(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 34
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 de.
Airteagal 35
Meastóireacht
1. Faoin ... [3 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2. Déanfar measúnú sa mheastóireacht ar baineadh cuspóirí an Rialacháin seo a bhunaítear in Airteagal 1 amach agus ar a thionchar ar úsáideoirí gnó, go háirithe FBManna, agus úsáideoirí deiridh, agus ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
3. Cuirfear toradh an phróisis faireacháin a leagtar amach in Airteagal 31 san áireamh sa mheastóireacht.
4. Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún aon fhaisnéis ábhartha atá acu agus a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas.
Airteagal 36
Faisnéis rúnda a láimhseáil
1. Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear le linn chur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus déanfar í a chosaint le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.
2. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair, rúnda agus rúnaicmithe eile a gheofar agus a ghinfear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí agus bearta atá le déanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
3. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthrófar nó a mhalartófar faoin Rialachán seo a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.
4. Mar sin féin, má mheasann Ballstát go bhféadfadh cur i láthair na faisnéise comhiomlánaithe i gcomhthéacs Airteagal 18 dochar a dhéanamh dá leas slándála náisiúnta, féadfaidh sé agóid a dhéanamh in aghaidh chur i láthair an Choimisiúin trí fhógra cuí-réasúnaithe.
5. Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a bhfostaithe agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Tá feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hionadaithe uile na mBallstát, breathnadóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile a fhreastalaíonn ar chruinnithe an Ardáin de bhun Airteagal 29.
Airteagal 37
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:
(1) in Iarscríbhinn I, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’.
(2) in Iarscríbhinn I, sa dara colún, sa ró ‘R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:"
‘1. faisnéis faoin bpróiseas deonaithe ceadanna’
‘2. seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta’
‘3. deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát’
‘4. seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla, dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin’.
"
(3) in Iarscríbhinn II, sa chéad cholún, cuirtear ró nua leis ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’.
(4) in Iarscríbhinn II, sa dara colún, sa ró ‘Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:"
‘Nósanna imeachta le haghaidh na gceadanna riaracháin ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta a phleanáil, a thógáil, a mhéadú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, i gcás inar gá leo sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta riaracháin uile’.
"
(5) in Iarscríbhinn II, sa tríú colún, sa ró ‘Tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasachta’, cuirtear na pointí seo a leanas leis:"
‘Gach aschur a bhaineann leis na nósanna imeachta atá sa raon idir admháil bhailíocht an iarratais agus an tráth a thugann an t-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta’.
"
(6) In Iarscríbhinn III, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"
‘(8) Údaráis inniúla náisiúnta atá ag gníomhú mar ionad ilfhreastail de bhun Airteagal 4 den Rialachán [maidir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta].’
"
Airteagal 38
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ... [an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh].
Beidh feidhm aige ón [dáta teacht i bhfeidhm]. Go dtí an [2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], ní bheidh feidhm ag Airteagal 19(2), pointí (a), (b) ná (c) ach amháin maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag comhlachtaí lárnacha ceannaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (16), de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 2(1), pointe (12), de Threoir 2014/25/AE agus maidir le conarthaí dar luach EUR 25 mhilliún nó níos mó.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa ▌,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0343/2023).
Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. ‘Oiriúnach do 55’: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach. COM(2021) 550, 14.7.2021.
Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, arna ghlacadh an 16 Meitheamh 2022 mar chuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’.
Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Plean REPowerEU, COM/2022/230 final, 18.5.2022.
Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú) (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).
Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).
Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh, SWD(2022) 148 final, 18.05.2022.
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú 2022/C 495/02, (IO C 495, 29.12.2022, lch. 24).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíocht agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach, COM/2023/62 final, 01.02.2023.
Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE, COM/2022/142 final, 30.03.2022.
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020, COM/2020/798 final, 10.12.2020.
Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).
Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta — IPI) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 1).
Teachtaireacht ón gCoimisiún: Treoraíocht maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí tríú páirtí i margadh soláthair an Aontais, 24.7.2019, C(2019) 5494 final.
Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch.1).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh, COM(2022) 221 final, 18.05.2022.
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
Rialachán (AE) 2022/2560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (IO L 330, 23.12.2022, lch. 1).
Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Ag sainaithint riachtanais téarnaimh na hEorpa, a ghabhann leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile, SWD(2020) 98 final, Identifying Europe's recovery needs, 27.05.2020.
Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (2020/2077(INI)) (IO C 465, 17.11.2021, lch. 11)
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh, Oifig na bhFoilseachán, 2019,https://data.europa.eu/doi/10.2777/04888.
Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. ).
Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach ((IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3).
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
Creat deimhniúcháin de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh aistrithe carbóin
357k
128k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin (COM(2022)0672 – C9-0399/2022 – 2022/0394(COD))(1)
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais maidir le haistrithe carbóin
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais maidir le haistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1
(1) Faoi chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide22 (‘Comhaontú Pháras’), chomhaontaigh an pobal idirnáisiúnta an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Is Páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gComhaontú Pháras agus tá siad an‑tiomanta dá chur chun feidhme trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí aistrithe carbóin a mhéadú.
(1) Faoi chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide22 (‘Comhaontú Pháras’), chomhaontaigh an pobal idirnáisiúnta an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Treisíodh an gealltanas sin nuair a glacadh, faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, Comhshocrú Aeráide Ghlaschú an 13 Samhain 2021, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos ísle ag méadú teochta 1,5°C, i gcomparáid le 2°C, agus ina mbeartaíonn sí iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5°C a chur leis an méadú teochta. Is Páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gComhaontú Pháras agus tá siad an‑tiomanta dá chur chun feidhme trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí aistrithe carbóin agus feirmeoireacht carbóin a mhéadú.
__________________
__________________
22 Arna fhormheas le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
22 Arna fhormheas le Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Ar an scála domhanda, léirítear sa tuarascáil23 is déanaí ón bPainéal Idir-rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) nach dócha go ndéanfaí an téamh domhanda a theorannú go méadú 1,5 C ach amháin má tharlaíonn laghduithe tapa móra ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta amach romhainn. Luaitear go soiléir sa tuarascáil ó IPCC go bhfuil ‘sé dosheachanta aistriú dé-ocsaíde carbóin chun astaíochtaí iarmharacha a bhfuil sé deacair srian a chur orthu a fhrithchothromú má tá astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin glan-nialasacha (CO2) nó GCT le baint amach’. Ceanglaítear leis sin gníomhaíochtaí inbhuanaithe a úsáid ar mhórscála chun CO2 a ghabháil ón atmaisféar agus chun é a stóráil go marthanach i dtaiscumair gheolaíocha, in éiceachórais talún agus mhuirí, nó i dtáirgí. Sa lá atá inniu ann agus leis na beartais atá ann faoi láthair, níl an tAontas ar an gconair cheart chun na aistrithe carbóin sin a bhaint amach: tá aistrithe carbóin in éiceachórais talún ag laghdú le blianta beaga anuas agus níl aon aistriú carbóin thionsclaíoch suntasach ar siúl faoi láthair san Aontas.
(2) Ar an scála domhanda, léirítear sa tuarascáil23 is déanaí ón bPainéal Idirnáisiúnta ar an Athrú Aeráide (IPCC) nach dócha go ndéanfaí an téamh domhanda a theorannú go 1,5 C ach amháin má tharlaíonn laghduithe tapa móra ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta atá ann faoi láthair agus sna blianta amach romhainn. Luaitear go soiléir sa tuarascáil IPCC freisin ‘agus carbón glan-nialasach (CO2) nó astaíochtaí GCT glan-nialasacha á mbaint amach, tá gá le laghduithe doimhne agus tapa ar ollastaíochtaí, tá sé dosheachanta aistriú dé-ocsaíde carbóin a úsáid chun astaíochtaí iarmharacha a bhfuil sé deacair srian a chur orthu a fhrithchothromú, más rud é go bhfuil dé-ocsaíd charbóin (CO2), nó astaíochtaí GCT glan-nialasacha le baint amach’ agus 'go mbeidh gá le aistriú dé-ocsaíde carbóin (CDR) chun glanastaíochtaí diúltacha CO2 a bhaint amach'. Ceanglaítear leis sin gníomhaíochtaí sábháilte agus inbhuanaithe a úsáid ar mhórscála chun CO2 a ghabháil ón atmaisféar agus chun é a stóráil go marthanach i dtaiscumair gheolaíocha, in éiceachórais talún agus mhuirí, nó i dtáirgí. Sa lá atá inniu ann agus leis na beartais atá ann faoi láthair, níl an tAontas ar an gconair cheart chun na aistrithe carbóin sin a bhaint amach: tá aistrithe carbóin in éiceachórais talún ag laghdú le blianta beaga anuas agus níl aon aistriú carbóin thionsclaíoch suntasach ar siúl faoi láthair san Aontas.
__________________
__________________
23Grúpa Oibre an IPCC III (2022). Achoimre Theicniúil. i: Climate Change 2022:[Athrú Aeráide 2022] Mitigation of Climate Change [Athrú Aeráide 2022: Athrú Aeráide a Mhaolú]. An Séú Tuarascáil Mheasúnachta (nasc)
23IPCC (2023). An Séú Tuarascáil Mheasúnachta (Tuarascáil Sintéise AR 6).
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3
(3) Is é is aidhm don Rialachán seo creat deimhniúcháin deonach de chuid an Aontais a fhorbairt le haghaidh aistrithe carbóin, d’fhonn glacadh le haistrithe carbóin ardcháilíochta a dhreasú, agus lánurraim á tabhairt do chuspóirí na bithéagsúlachta agus do na cuspóirí maidir le truailliú nialasach. Is uirlis í chun tacú le cuspóirí an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe an sprioc maidir le haeráidneodracht chomhchoiteann faoi 2050 a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24. Gheall an tAontas freisin astaíochtaí diúltacha a ghiniúint tar éis 2050. Is ionstraim thábhachtach í Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 chun aistrithe carbóin in éiceachórais talún a fheabhsú, Rialachán atá á athbhreithniú faoi láthair. Is é is cuspóir don athbhreithniú sprioc glan‑aistrithe de chuid an Aontais de 310 Mt de choibhéis CO2 a leagan amach faoi 2030, agus chun spriocanna a leithdháileadh ar gach Ballstát.
(3) Is é is aidhm don Rialachán seo creat deimhniúcháin deonach de chuid an Aontais a fhorbairt le haghaidh aistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, d’fhonn glacadh aistrithe carbóin sábháilte, inbhuanaithe agus ardcháilíochta, gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a dhreasú, agus lánurraim á tabhairt do na cuspóirí bithéagsúlachta agus do na cuspóirí maidir le truailliú nialasach. Is uirlis í chun tacú le cuspóirí an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe an sprioc maidir le haeráidneodracht chomhchoiteann faoi 2050 a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24, mar chomhlánú ar an laghdú do-aisiompaithe agus de réir a chéile ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ar fud na n-earnálacha uile chun na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán sin agus spriocanna Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh. Gheall an tAontas freisin astaíochtaí diúltacha a ghiniúint tar éis 2050. Is ionstraim thábhachtach í Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 chun aistrithe carbóin in éiceachórais talún a fheabhsú.
__________________
__________________
24 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
24 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
25 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
25 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) Tacóidh creat deimhniúcháin an Aontais le forbairt gníomhaíochtaí aistrithe carbóin san Aontas a mbeidh glantairbhe aistrithe carbóin gan débhrí mar thoradh orthu, agus ag an am céanna seachnófar glas-snasú. I gcás feirmeoireacht carbóin, ba cheart do chreat deimhniúcháin den sórt sin glacadh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a spreagadh freisin lena ngintear comhthairbhí don bhithéagsúlacht, agus dá bhrí sin na spriocanna athbhunaithe dúlra a leagtar amach i nDlí an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra a bhaint amach. Beidh ról lárnach ag creat deimhniúcháin an Aontais chun cuspóirí an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide a leagtar amach i gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais a bhaint amach.
(4) Tacóidh creat deimhniúcháin an Aontais le gníomhaíochtaí a fhorbairt san Aontas maidir le haistriú carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a mbíonn glantairbhe gan débhrí mar thoradh orthu, agus glas-snasú á sheachaint ag an am céanna. I gcás feirmeoireacht carbóin, ba cheart do chreat deimhniúcháin den sórt sin glacadh gníomhaíochtaí a spreagadh freisin lena ngintear comhthairbhí don bhithéagsúlacht, agus dá bhrí sin na spriocanna athbhunaithe dúlra a leagtar amach i nDlí an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra a bhaint amach. Beidh ról lárnach ag creat deimhniúcháin an Aontais chun cuspóirí an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide a leagtar amach i gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais a bhaint amach.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 a (nua)
(4a) Tá acmhainneacht shuntasach ag roinnt Comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus ag tríú tíortha eile a bhfuil teorainn acu leis an Aontas, amhail an Iorua nó an Íoslainn, maidir le stóráil gheolaíoch CO2. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích idir an tAontas agus Ballstát de LEE nó tríú tír eile a bhfuil teorainn aige leis an Aontas agus ina gcuireann an tír sin na ceanglais dhlíthiúla chéanna i bhfeidhm agus a leagtar amach i dTreoir 2009/31/CE, ba cheart feidhm a bheith ag creat deimhniúcháin an Aontais freisin maidir le carbón atmaisféarach nó bithghineach a ghabhtar san Aontas ach a stóráiltear go geolaíoch sa Bhallstát sin de LEE, nó sa tír sin a bhfuil teorainn aici leis an Aontas.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 b (nua)
(4b) Ba cheart do chreat deimhniúcháin an Aontais taighde agus nuálaíocht a spreagadh freisin, agus béim á leagan ag an am céanna ar ról mhisin Fís Eorpach, chomh maith le cláir eile i réimse na dteicneolaíochtaí a bhfuil acmhainneacht aistrithe carbóin acu, agus na próisis atá ann cheana agus forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann á gcur san áireamh agus é mar aidhm leis rochtain ar an margadh a éascú do theicneolaíochtaí nua.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 c (nua)
(4c) I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit dul i mbun comhar trasdisciplíneach, ina mbeadh institiúidí taighde náisiúnta agus réigiúnacha, eolaithe, feirmeoirí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide rannpháirteach.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Chun tacú le hoibreoirí atá toilteanach iarrachtaí breise a dhéanamh chun aistrithe carbóin a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe, ba cheart do chreat deimhniúcháin an Aontais na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, a sonraíochtaí agus a dtionchair ghaolmhara ar an gcomhshaol a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhínithe soiléire a sholáthar sa Rialachán seo maidir le haistriú carbóin, gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, agus gnéithe eile de chreat deimhniúcháin an Aontais.
(5) Tá saintréithe éagsúla ag gníomhaíochtaí maidir le haistriú carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí maidir leis an bpróiseas stórála, an meán stórála agus an fad a mheastar a mhairfidh an stóráil, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó na deicheanna de bhlianta go dtí na céadta bliain i gcás gníomhaíochtaí áirithe feirmeoireachta carbóin nó stóráil i dtáirgí áirithe, go stóráil bhuan i bhfoirmíochtaí geolaíocha má dhéantar an suíomh le haghaidh stóráil gheolaíoch CO2 a roghnú agus a bhainistiú go hiomchuí. Chun sláine an chreata a áirithiú agus tacaíocht á tabhairt d’oibreoirí atá toilteanach iarrachtaí breise a dhéanamh chun ceapadh carbóin nó laghduithe astaíochtaí bithghineacha a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe, ba cheart do chreat deimhniúcháin an Aontais idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí, na sainiúlachtaí a bhaineann leo agus na tionchair ghaolmhara ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na sainmhínithe, na critéir cháilíochta agus na rialacha maidir le húsáid a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhaineann le haistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí i gcreat deimhniúcháin an Aontais.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 a (nua)
(5a) Faoi chreat deimhniúcháin an Aontais, maidir le gníomhaíochtaí lena n-áirithítear, faoi ghnáthchúinsí agus trí chleachtais bhainistíochta iomchuí a úsáid, go ndéanfar carbón atmaisféarach nó bithghineach a stóráil go buan ar feadh na gcéadta bliain trí stóráil gheolaíoch CO2, amhail bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin agus gabháil agus stóráil carbóin ón aer go díreach, nó trí mhianrú carbóin buancheangailte, ba cheart a mheas gur aistrithe buana carbóin iad. Meastar gur gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin iad gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú talún i bhfochatagóirí earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/841 nó gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú cósta, arb é an toradh a bhíonn orthu ceapadh carbóin, nó gníomhaíochtaí as a dtagann laghduithe ar astaíochtaí bithghineacha, amhail laghduithe meatáin ó athruithe ar bheatha nó ó bhainistiú aoiligh, nó laghduithe ocsaíde nítriúla ó laghduithe leasacháin nó ó bhainistiú aoiligh, ar feadh íostréimhse 5 bliana. D’fhéadfadh ceapadh carbóin a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí áirithe feirmeoireachta carbóin, go háirithe athfhliuchadh tailte portaigh, a luaithe a bheidh an talamh portaigh athchóirithe ina iomláine, agus ag an am céanna astaíochtaí carbóin a laghdú trí athchóiriú agus athfhliuchadh dea-bhainistithe sa chéim thosaigh. Is féidir gníomhaíochtaí áirithe eile, amhail gníomhaíochtaí atá bunaithe ar úsáid bithghualach, a aicmiú faoi chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí ag brath ar na coinníollacha sonracha faoina dtarlaíonn na gníomhaíochtaí. I bhfianaise na n-éiginnteachtaí sna modheolaíochtaí tomhais agus faireacháin a bhaineann le go leor feidhmeanna féideartha stórála carbóin i dtáirgí ag céimeanna luatha forbartha, ba cheart deimhniú stórála carbóin i dtáirgí a theorannú ar dtús do tháirgí adhmaid lománaithe nó d’ábhair le haghaidh tógála ina stóráiltear carbón atmaisféarach agus bithghineach a stóráiltear ar feadh caoga bliain ar a laghad agus ba cheart é a bheith bunaithe ar an tuarascáil atá le tíolacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/841, agus ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na tairbhí agus ar na comhbhabhtálacha féideartha a bhaineann le táirgí stórála carbóin fadsaolacha eile a áireamh mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán seo.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 b (nua)
(5b) Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcreat deimhniúcháin um aistriú carbóin an tsolúbthacht is gá chun freastal ar shainiúlachtaí réigiúnacha, teicniúla, struchtúracha agus geoifisiceacha, agus éagsúlacht na gcoinníollacha ó thaobh córas táirgthe sna Ballstáit agus ina réigiúin á gcur san áireamh.
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 6
(6) Ba cheart don Rialachán seo na ceanglais faoinar cheart aistrithe carbóin a bheith incháilithe do dheimhniú faoi chreat deimhniúcháin an Aontais a leagan amach. Chuige sin, ba cheart aistrithe carbóin a chainníochtú ar bhealach cruinn láidir; agus níor cheart iad a ghiniúint ach amháin trí ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin lena ngintear glantairbhe aistrithe carbóin, ar gníomhaíochtaí breise iad, arb é is aidhm dóibh stóráil fhadtéarmach carbóin a áirithiú, agus a bhfuil tionchar neodrach nó comhthairbheach acu ar chuspóirí inbhuanaitheachta. Thairis sin, ba cheart aistrithe carbóin a bheith faoi réir iniúchadh neamhspleách tríú páirtí chun inchreidteacht agus iontaofacht an phróisis deimhniúcháin a áirithiú. Tá rialacha sainordaitheacha an Aontais maidir le praghsáil carbóin a bunaíodh trí Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 i bhfeidhm lena rialaítear láimhseáil astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Threoir 2003/87/CE, ach amháin i ndáil le deimhniú aistrithe astaíochtaí ó bhithmhais inbhuanaithe atá nialas-rátaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann léi.
(6) Ba cheart go leagfaí amach sa Rialachán seo na ceanglais faoinar cheart aistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin nó stóráil carbóin i dtáirgí a bheith incháilithe le haghaidh deimhniú faoi chreat deimhniúcháin an Aontais. Chuige sin, ba cheart aistrithe carbóin, ceapadh na feirmeoireachta carbóin, laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí na critéir maidir le heisiúint agus úsáid a chomhlíonadh; ba cheart aistrithe carbóin a chainníochtú ar bhealach cruinn láidir; agus níor cheart iad a ghiniúint ach amháin le gníomhaíochtaí a ghineann glantairbhe, atá breise, a áirithíonn ceapadh feirmeoireachta carbóin buan nó fadtéarmach agus/nó a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus a chomhlíonann na ceanglais faireacháin agus dliteanais, agus a bhfuil tionchar neodrach nó comhthairbhí acu ar chuspóirí inbhuanaitheachta i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart gníomhaíochtaí a bheith faoi réir iniúchóireacht neamhspleách tríú páirtí chun inchreidteacht agus iontaofacht an phróisis deimhniúcháin a áirithiú, agus ba cheart an fhaisnéis a bhaineann leis na deimhnithe agus leis an bpróiseas deimhniúcháin a bheith ar fáil go poiblí trí chlárlann de chuid an Aontais. Tá rialacha sainordaitheacha an Aontais maidir le praghsáil carbóin a bunaíodh trí Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 i bhfeidhm lena rialaítear láimhseáil astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do Threoir 2003/87/CE, ach amháin i ndáil le deimhniú aistrithe astaíochtaí ó bhithmhais inbhuanaithe atá nialas-rátaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann léi.
__________________
__________________
26 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
26 Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7
(7) Ba cheart go mbeadh glantairbhe aistrithe carbóin mar thoradh ar ghníomhaíocht aistrithe carbóin lena léireofaí go mbeadh tionchar dearfach aige ar an aeráid. Ba cheart an glantairbhe aistrithe carbóin a ríomh trí úsáid a bhaint as dhá chéim. Ar an gcéad dul síos, ba cheart d’oibreoirí méid na n-aistrithe carbóin breise atá á nginiúint ag gníomhaíocht aistrithe carbóin a chainníochtú i gcomparáid le bonnlíne. Ba cheart tús áite a thabhairt do bhonnlíne chaighdeánaithe lena léirítear gnáthfheidhmíocht gníomhaíochtaí inchomparáide i gcúinsí comhchosúla sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíocha agus i suíomhanna geografacha comhchosúla ós rud é go n-áirithítear oibiachtúlacht léi, go n-íoslaghdaítear comhlíonadh agus costais riaracháin, agus go n-aithnítear go dearfach gníomhaíocht ceannródaithe a bhí páirteach cheana féin i ngníomhaíochtaí aistrithe carbóin. I gcomhthéacs na feirmeoireachta carbóin, ba cheart úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear bunachair sonraí leictreonacha agus córais faisnéise geografaí, cianbhraiteacht, intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim, agus léarscáileanna leictreonacha a chur chun cinn chun na costais a bhaineann le bonnlínte a bhunú agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin a laghdú. Mar sin féin, i gcás nach féidir bonnlíne chaighdeánaithe den sórt sin a shocrú, is féidir bonnlíne a bhaineann go sonrach leis an tionscadal a úsáid atá bunaithe ar fheidhmíocht aonair an oibreora. Chun na forbairtí sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíocha a léiriú agus chun uaillmhian a spreagadh le himeacht ama i gcomhréir le Comhaontú Pháras, ba cheart na bonnlínte a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
(7) Ba cheart glantairbhe a bheith mar thoradh ar ghníomhaíocht a léiríonn go bhfuil tionchar dearfach aici ar an aeráid. Ba cheart ríomh an ghlansochair a idirdhealú le haghaidh aistrithe buana carbóin, ceapadh feirmeoireachta carbóin, feirmeoireachta carbóin, laghduithe ar astaíochtaí carbóin, nítrigine nó meatáin agus stóráil carbóin i dtáirgí, chun a saintréithe atá éagsúil go bunúsach a chur san áireamh, agus ba cheart é a ríomh tar éis dhá chéim. Ar an gcéad dul síos, ba cheart d’oibreoirí méid na n-aistrithe carbóin breise a chainníochtú, mar is infheidhme, i gcás gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, méid an cheaptha carbóin breise, i gcás ceapadh na feirmeoireachta carbóin, gníomhaíochtaí nó stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí, nó méid na laghduithe breise ar astaíochtaí bithghineacha, i gcás laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, atá ginte ag gníomhaíocht i gcomparáid le bonnlíne. Ba cheart go mbeadh bonnlíne chaighdeánaithe ionadaíoch ar fheidhmíocht na gcleachtas coiteann atá ann faoi láthair i ngníomhaíochtaí inchomparáide in imthosca sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíocha comhchosúla agus ba cheart tosaíocht a thabhairt di toisc go n-áirithítear léi oibiachtúlacht, go n-íoslaghdaítear comhlíonadh agus costais riaracháin eile, agus go n-aithnítear go dearfach gníomhaíocht na gcéad thionscnóirí a bhí ag gabháil do ghníomhaíochtaí aistrithe carbóin cheana féin. Chun sláine aeráide an chreata a áirithiú, i gcás aistrithe carbóin buana, ba cheart don bhonnlíne chaighdeánaithe a bheith ionadaíoch ar staid úrscothach na ngníomhaíochtaí inchomparáide, agus i gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, ba cheart gníomhaíochtaí atá ann cheana a eisiamh ó ríomh bonnlíne caighdeánaithe, ar gníomhaíochtaí iad a sainaithníodh, i gcás ceapadh feirmeoireachta carbóin, nach ionann iad agus fíorcheapacháin, agus ina ionad sin go bhfuil glanastaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh orthu, agus, i gcás laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, nach ionann iad agus fíorlaghduithe, agus ina ionad sin a bhfuil níos mó astaíochtaí seachas níos lú astaíochtaí mar thoradh orthu. I gcomhthéacs na feirmeoireachta carbóin, ba cheart úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha atá ar fáil, lena n-áirítear bunachair sonraí leictreonacha agus córais faisnéise geografaí, cianbhraiteacht, córais nua cainníochtaithe carbóin laistigh den láthair, an intleacht shaorga agus an mheaisínfhoghlaim, agus léarscáileanna leictreonacha a chur chun cinn chun na costais a bhaineann le bunú bonnlínte agus gníomhaíochtaí faireacháin a laghdú. Mar sin féin, i gcás nach féidir bonnlíne chaighdeánaithe den sórt sin a shocrú, is féidir bonnlíne a bhaineann go sonrach leis an tionscadal a úsáid atá bunaithe ar fheidhmíocht aonair an oibreora. Chun na forbairtí sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíocha a léiriú agus chun uaillmhian a spreagadh le himeacht ama i gcomhréir le Comhaontú Pháras, ba cheart don Choimisiún na bonnlínte a athbhreithniú go rialta agus iad a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana ar a laghad. Mar sin féin, chun timpeallacht chobhsaí oibríochtúil agus infheistíochta a áirithiú d’oibreoirí, a luaithe a bheidh tús curtha le gníomhaíocht, ba cheart an bhonnlíne a bheith seasmhach i gcónaí don oibreoir don ghníomhaíocht sin le linn na tréimhse faireacháin, agus níor cheart í a athbhreithniú agus a nuashonrú ach amháin nuair a athdheimhnítear í.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8
(8) Sa dara céim chun glantairbhe aistrithe carbóin a chainníochtú, ba cheart aon mhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta aistrithe carbóin a dhealú. Ar na hastaíochtaí ábhartha gás ceaptha teasa ba cheart a chur san áireamh, áirítear astaíochtaí díreacha, amhail na hastaíochtaí sin a eascraíonn as níos mó leasachán, breosla nó fuinnimh a úsáid, nó astaíochtaí indíreacha, amhail na hastaíochtaí sin a eascraíonn as athrú ar thalamhúsáid, le rioscaí iarmhartacha do shlándáil an tsoláthair bia mar thoradh ar shuaitheadh táirgthe talmhaíochta. Níor cheart laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar chur chun feidhme na gníomhaíochta aistrithe carbóin a chur san áireamh chun an glantairbhe aistrithe carbóin a chainníochtú, ach ba cheart é a mheas mar chomhthairbhe i dtreo chuspóir inbhuanaitheachta an mhaolaithe ar an athrú aeráide; trí thuairisciú a dhéanamh ar na deimhnithe, is féidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (amhail comhthairbhí inbhuanaitheachta eile) luach na n-aistrithe carbóin deimhnithe a mhéadú.
(8) Sa dara céim chun glantairbhe a chainníochtú, ba cheart aon mhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le saolré iomlán chur chun feidhme na gníomhaíochta a dhealú. Ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ábhartha ba cheart a chur san áireamh, áirítear astaíochtaí díreacha, amhail na hastaíochtaí a eascraíonn as níos mó leasachán, ceimiceán, breosla nó fuinnimh a úsáid, nó astaíochtaí indíreacha, amhail na hastaíochtaí a eascraíonn as iompar, as ionchuir ábhair, as éifeachtaí díláithriúcháin mar gheall ar éileamh iomaíoch ar fhuinneamh nó ar dhramhtheas, nó as athrú díreach agus indíreach ar úsáid talún agus rioscaí iarmhartacha ann do shlándáil an tsoláthair bia i ngeall ar dhíláithriú an táirgthe talmhaíochta, agus ba cheart na tionchair laistigh agus lasmuigh den Aontas araon a chumhdach leo.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9
(9) Déanann gníomhaíocht aistrithe carbóin glantairbhe aistrithe carbóin a sholáthar nuair is mó na haistrithe carbóin os cionn na bonnlíne ná aon mhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar gheall ar chur chun feidhme na gníomhaíochta aistrithe carbóin. Mar shampla, i gcás gníomhaíochtaí lena soláthraítear stóráil bhuan carbóin trí charbón a instealladh faoi thalamh, ba cheart gur mhó an méid carbóin a stóráiltear go buan ná na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh ón bpróiseas tionsclaíoch. I gcás feirmeoireacht carbóin, ba cheart gur mhó an carbón a ghabhtar le gníomhaíocht foraoisithe nó an carbón a choinnítear sa talamh le gníomhaíocht athfhliuchta talún portaigh ná na hastaíochtaí ón innealra a úsáidtear chun an ghníomhaíocht aistrithe carbóin a dhéanamh nó na hastaíochtaí indíreacha maidir le hathrú ar an talamhúsáid ar féidir gurb é sceitheadh carbóin is cúis leo.
(9) Is glantairbhe í gníomhaíocht más rud é, faoi seach, gur mó na haistrithe carbóin, an ceapadh carbóin nó na laghduithe ar astaíochtaí os cionn na bonnlíne ná aon mhéadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr chur chun feidhme na gníomhaíochta. Mar shampla, i gcás gníomhaíochtaí lena soláthraítear stóráil bhuan carbóin trí charbón a instealladh faoi thalamh, ba cheart gur mhó an méid carbóin a stóráiltear go buan ná na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh ón bpróiseas tionsclaíoch le linn gabhála, iompair agus stórála chomh maith leis na héifeachtaí díláithrithe mar gheall ar éileamh iomaíoch ar fhuinneamh nó ar dhramhtheas. I gcás ceapadh feirmeoireachta carbóin, ba cheart gur mhó an carbón arna ghabháil agus arna cheapadh ag gníomhaíocht foraoisithe, nó an carbón a choinnítear sa talamh ag gníomhaíocht athfhliuchta tailte portaigh, ná na hastaíochtaí ón innealra a úsáidtear chun an ghníomhaíocht a dhéanamh, nó na hastaíochtaí ón athrú indíreach ar thalamhúsáid a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar sceitheadh carbóin. I gcás laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, ba cheart gur mhó na hastaíochtaí carbóin arna laghdú le gníomhaíocht athfhliuchta portaigh ná na hastaíochtaí ón innealra a úsáidtear chun an ghníomhaíocht a dhéanamh nó na hastaíochtaí ón athrú indíreach ar an talamhúsáid a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar sceitheadh carbóin.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10
(10) Ba cheart aistrithe carbóin a chainníochtú ar bhealach ábhartha cruinn iomlán comhsheasmhach inchomparáide. Ba cheart éiginnteachtaí sa chainníochtú a thuairisciú go cuí agus a chur san áireamh chun teorainn a chur leis an riosca go ndéanfaí rómheastachán ar chainníocht na dé-ocsaíde carbóin a aistrítear ón atmaisféar. Ba cheart aistrithe carbóin arna nginiúint ag feirmeoireacht carbóin a chainníochtú le hardleibhéal cruinnis chun an caighdeán is airde a áirithiú agus chun éiginnteachtaí a íoslaghdú. Thairis sin, chun sineirgí idir cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a dhreasú, is gá faireachán feabhsaithe a dhéanamh ar thalamh, agus ar an gcaoi sin cuidiú le hathléimneacht aistrithe carbóin atá bunaithe ar an dúlra a chosaint agus a fheabhsú ar fud an Aontais. Ní mór na cineálacha cur chuige sin a léiriú go dlúth san fhaireachán agus sa tuairisciú ar astaíochtaí agus aistrithe ar shatailít agus ar an láthair, agus an úsáid is fearr a bhaint as ardteicneolaíochtaí atá ar fáil faoi chláir an Aontais, amhail Copernicus, agus an leas iomlán a bhaint as uirlisí atá ann cheana, agus comhsheasmhacht leis na fardail náisiúnta de gháis ceaptha teasa a áirithiú.
(10) Ba cheart gníomhaíochtaí a chainníochtú ar bhealach atá ábhartha, cruinn, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus trédhearcach. Ba cheart neamhchinnteachtaí sa chainníochtú a thuairisciú go cuí agus a chur san áireamh mar chuid de na modheolaíochtaí deimhniúcháin, ar bhealach atá coimeádach, comhréireach leis an leibhéal neamhchinnteachta, agus i gcomhréir le cineálacha cur chuige staidrimh aitheanta agus leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil, d’fhonn teorainn a chur leis an riosca a bhaineann le rómheastachán a dhéanamh ar chainníocht na dé-ocsaíde carbóin a bhaintear as an atmaisféar. Ba cheart ceapadh carbóin agus laghduithe ar astaíochtaí arna nginiúint ag an bhfeirmeoireacht carbóin a chainníochtú le leibhéal ard cruinnis chun an cháilíocht is airde a áirithiú agus neamhchinnteachtaí a íoslaghdú, bunaithe ar mhodheolaíochtaí Leibhéal 3 a úsáid i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. Thairis sin, chun sineirgí idir cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a dhreasú, ní mór gá a bheith le faireachán feabhsaithe ar thalamh, agus ar an gcaoi sin cuidiú le hathléimneacht linnte dúlrabhunaithe a chosaint agus a fheabhsú ar fud an Aontais. Ní mór na cineálacha cur chuige sin a léiriú go dlúth san fhaireachán agus sa tuairisciú ar astaíochtaí agus aistrithe ar shatailít agus ar an láthair, agus an úsáid is fearr a bhaint as ardteicneolaíochtaí atá ar fáil faoi chláir an Aontais, amhail Copernicus, agus an leas iomlán a bhaint as uirlisí atá ann cheana, agus comhsheasmhacht leis na fardail náisiúnta de gháis ceaptha teasa a áirithiú.
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11
(11) Chun a áirithiú go gcuirfidh creat deimhniúcháin an Aontais dreasachtaí i dtreo aistrithe carbóin a théann thar an ngnáthchleachtas, ba cheart gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a bheith ina ngníomhaíochtaí breise. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaíochtaí sin dul thar na ceanglais reachtúla, is é sin, ba cheart d’oibreoirí gníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhfuil á bhforchur orthu cheana féin leis an dlí is infheidhme. Thairis sin, ba cheart gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dhéanamh de bharr na héifeachta dreasachta a chuirtear ar fáil leis an deimhniú. Is ann d’éifeacht den sórt sin nuair a athraíonn an dreasacht a chruthaítear leis na hioncaim fhéideartha, mar thoradh ar an deimhniú, iompar na n-oibreoirí ar bhealach ina nglacann siad páirt sa ghníomhaíocht bhreise aistrithe carbóin chun aistrithe carbóin breise a bhaint amach.
(11) Chun a áirithiú go gcuirfidh creat deimhniúcháin an Aontais dreasachtaí i dtreo gníomhaíochtaí a théann níos faide ná an cleachtas caighdeánach, ba cheart gníomhaíochtaí a bheith sa bhreis. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaíochtaí sin dul thar cheanglais reachtúla ar leibhéal an oibreora aonair, is é sin le rá, ba cheart d’oibreoirí gníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforchuirtear orthu cheana féin leis an dlí is infheidhme. I gcás feirmeoireacht carbóin, áirítear ar na ceanglais reachtúla sin ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus caighdeáin mhaithe talmhaíochta agus comhshaoil a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus íoscheanglais ábhartha maidir le húsáid leasacháin agus táirgí cosanta plandaí, leas ainmhithe, chomh maith le ceanglais reachtúla ábhartha eile arna mbunú le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, is infheidhme ar leibhéal an oibreora. Thairis sin, ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanamh i ngeall ar an éifeacht dreasachta dá bhforáiltear leis an deimhniú, rud a fhágann go bhfuil an ghníomhaíocht tarraingteach ó thaobh airgeadais de. Tá éifeacht den sórt sin ann nuair a athraíonn an dreasacht a chruthaítear leis na hioncaim ionchasacha, mar thoradh ar an deimhniú, iompar na n-oibreoirí ar bhealach ina dtugann siad faoi ghníomhaíocht bhreise chun glansochair bhreise a bhaint amach.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12
(12) Ba cheart do bhonnlíne chaighdeánaithe na coinníollacha reachtúla agus margaidh ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht aistrithe carbóin a léiriú. Má fhorchuirtear gníomhaíocht aistrithe carbóin ar oibreoirí leis an dlí is infheidhme, nó mura gá aon dreasacht a dhéanamh leis, léireofar feidhmíocht na gníomhaíochta sin sa bhonnlíne. Ar an gcúis sin, ba cheart a thoimhdiú gur gníomhaíocht bhreise í gníomhaíocht aistrithe carbóin a ghineann aistrithe carbóin os cionn bonnlíne den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart d’úsáid bonnlíne caighdeánaithe léiriú breisíochta d’oibreoirí a shimpliú. Dá bhrí sin, ba cheart dó an t-ualach riaracháin maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin a laghdú, rud atá thar a bheith tábhachtach i gcás bainisteoirí talún ar mhionscála.
(12) Ba cheart go léireodh bonnlíne chaighdeánaithe na dálaí reachtúla agus margaidh ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht. Má fhorchuirtear gníomhaíocht ar oibreoirí leis an dlí is infheidhme, léireofar a feidhmíocht sa bhonnlíne. Ar an gcúis sin, ba cheart a thoimhdiú go bhfuil gníomhaíocht lena ngintear glantairbhe de bhreis ar an mbonnlíne sin sa bhreis ar cheanglais reachtúla. Dá bhrí sin, trí bhonnlíne chaighdeánaithe a úsáid, ba cheart go simpleofaí léiriú na breisíochta rialála d’oibreoirí. Dá bhrí sin, ba cheart dó an t-ualach riaracháin maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin a laghdú, rud atá thar a bheith tábhachtach i gcás bainisteoirí talún ar mhionscála.
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13
(13) Carbón atmaisféarach agus bithghineach a ghabhtar agus a stóráiltear trí ghníomhaíocht aistrithe carbóin, tá riosca ann go scaoiltear ar ais san atmaisféar é (e.g. cúlú) mar gheall ar theagmhais nádúrtha nó antrapaigineacha. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí gach beart coisctheach ábhartha a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú agus ba cheart dóibh faireachán cuí a dhéanamh go leanfar de charbón a stóráil le linn na tréimhse faireacháin a leagtar síos don ghníomhaíocht aistrithe carbóin ábhartha. Ba cheart bailíocht na n-aistrithe carbóin deimhnithe a bheith ag brath ar an bhfad a mheastar a mhairfidh an stóráil agus na rioscaí éagsúla cúlaithe a bhaineann leis an ngníomhaíocht aistrithe carbóin ar leith. Le gníomhaíochtaí a stórálann carbón i bhfoirmíochtaí geolaíocha, soláthraítear go leor cinnteachtaí maidir le fad an-fhadtéarmach na gcéadta bliain don charbón stóráilte agus is féidir a mheas go soláthraítear stóráil bhuan carbóin leo. Tá feirmeoireacht carbóin nó stóráil carbóin i dtáirgí níos neamhchosanta ar an riosca go scaoilfear carbón san atmaisféar go deonach nó go neamhdheonach. Chun an riosca sin a chur san áireamh, ba cheart bailíocht na n‑aistrithe carbóin deimhnithe arna nginiúint ag feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a bheith faoi réir dáta éaga a chomhoirfidh le deireadh na tréimhse faireacháin ábhartha. Ina dhiaidh sin, ba cheart glacadh leis go bhfuil an carbón á scaoileadh san atmaisféar, ach amháin má chruthaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch cothabháil na stórála carbóin trí ghníomhaíochtaí faireacháin gan bhriseadh.
(13) Tá an baol ann go scaoilfear ar ais san atmaisféar (e.g. aisiompú) carbón atmaisféarach agus bithghineach a ghabhtar agus a stóráiltear trí ghníomhaíocht de bharr cúiseanna nádúrtha, lena n-áirítear adhaimsir agus imeachtaí force majeure, nó cúiseanna antrapaigineacha. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí gach beart coisctheach ábhartha a dhéanamh chun na rioscaí sin a mhaolú agus faireachán cuí a dhéanamh chun a áirithiú go leanfar de charbón a stóráil thar an tréimhse faireacháin a leagtar síos don ghníomhaíocht ábhartha. Ba cheart bailíocht an deimhnithe a bheith ag brath ar fhad measta na stórála nó an laghdaithe ar astaíochtaí bithghineacha agus ar na rioscaí éagsúla a bhaineann le haisiompú agus a bhaineann leis an ngníomhaíocht ar leith. Soláthraíonn gníomhaíochtaí a stórálann carbón i bhfoirmíochtaí geolaíocha dóthain cinnteachta ar feadh tréimhse an-fhadtréimhseach na gcéadta bliain maidir leis an gcarbóin stóráilte agus is féidir a mheas go gcuireann siad stóráil bhuan carbóin ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart an tréimhse faireacháin agus ceanglais na stórála deimhnithe a ghintear le haistrithe buana carbóin a bheith comhsheasmhach leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 13, in Airteagal 17 agus in Airteagal 18 de Threoir 2009/31/CE. Tá feirmeoireacht carbóin nó stóráil carbóin i dtáirgí níos neamhchosanta ar an riosca go scaoilfear carbón san atmaisféar go deonach nó go neamhdheonach. Chun an riosca sin a chur san áireamh, ba cheart a chumhdach le tréimhse faireacháin an cheaptha dheimhnithe nó an laghdaithe ar astaíochtaí a ghintear le feirmeoireacht carbóin an tréimhse iomlán ar a laghad ar lena linn a mheastar go leanfar le torthaí na gníomhaíochta mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme, agus ba cheart go gcumhdódh tréimhse faireacháin an cheaptha dheimhnithe arna ghiniúint trí stóráil carbóin i dtáirgí saolré iomlán an táirge go dtí deireadh shaolré an táirge agus an tréimhse sin san áireamh.Mar sin féin, i gcás feirmeoireacht carbóin, chun ualach riaracháin míchuí ar oibreoirí aonair a sheachaint, ba cheart go mbeadh an rogha ag an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí duine dlítheanach nó údarás ábhartha a ainmniú, amhail an ghníomhaireacht íocaíochta de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a i gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin atá cláraithe sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, le bheith freagrach as an bhfaireachán, faoi réir na ceanglais uile faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
__________________
1a Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14
(14) Anuas ar na bearta a dhéantar chun an riosca maidir le scaoileadh carbóin san atmaisféar a íoslaghdú le linn na tréimhse faireacháin, ba cheart sásraí iomchuí dliteanais a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar chásanna cúlaithe. D’fhéadfaí a áireamh sna sásraí sin e.g. lascainiú ar aonaid aistrithe carbóin, maoláin chomhchoiteanna nó cuntais ar aonaid aistrithe carbóin, agus sásraí árachais tosaigh. Ós rud é go bhfuil sásraí dliteanais i ndáil le stóráil gheolaíoch agus sceitheadh CO2, agus bearta ceartaitheacha ábhartha leagtha síos cheana le Treoir 2003/87/CE agus Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle27 , ba cheart feidhm a bheith ag na sásraí dliteanais sin chun rialáil dhúbailte a sheachaint.
(14) Sa bhreis ar na bearta a dhéantar chun an riosca go scaoilfí carbón isteach san atmaisféar a íoslaghdú le linn na tréimhse faireacháin, ba cheart sásraí dliteanais iomchuí a thabhairt isteach agus ba cheart duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi dhliteanas a ainmniú le bheith freagrach as aghaidh a thabhairt ar chásanna cúlaithe. Chun rialáil dhúbailte le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin bhuain a sheachaint, ba cheart an sásra dliteanais a bheith comhsheasmhach leis an sásra dliteanais a leagtar amach i dTreoir 2009/31/CE, agus, i gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, ba cheart an sásra dliteanais a leagan amach agus a fhormheas mar chuid den mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme agus a áirithiú go nginfear ceapadh coibhéiseach carbóin mar chúiteamh as an gcúlú. D’fhéadfaí a áireamh i sásraí den sórt sin e.g. lascainiú aonad aistrithe carbóin, maoláin chomhchoiteanna nó cuntais aonad aistrithe carbóin, céatadán creidmheasanna atá le cur i gcomhthiomsú arna bhainistiú ag an scéim deimhniúcháin i gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, agus sásraí árachais tosaigh. Chun a áirithiú go leanfaidh sásraí dliteanais de bheith oiriúnach don fheidhm, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin faireachán leanúnach a dhéanamh ar infhaighteacht agus ullmhacht na sásraí dliteanais agus iad a áirithiú le linn thréimhse faireacháin gníomhaíochta.
__________________
__________________
27 Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
27 Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 a (nua)
(14a) Chun an riosca cúlaithe a chur san áireamh, agus chun sláine aeráide an chreata a áirithiú, ba cheart na haonaid dheimhnithe a chur ar fionraí sa chlárlann go dtí go dtabharfar aghaidh ar an gcúlú, tríd an sásra dliteanais. I gcás nár tugadh aghaidh ar chúlú tríd an sásra dliteanais laistigh de thréimhse ama réasúnta, ba cheart bailíocht an deimhnithe a dhul in éag agus ba cheart na haonaid chomhfhreagracha a chealú ón gclárlann agus ba cheart an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí a bheith faoi réir pionós ceartaitheach a léiríonn costas carbóin an méid carbóin a scaoiltear isteach san atmaisféar. I gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, ba cheart bailíocht na n-aonad deimhnithe a bheith faoi réir dáta éaga a chomhfhreagraíonn do dheireadh na tréimhse faireacháin ábhartha. Ina dhiaidh sin, nó i gcás ina scoirfear den fhaireachán roimh dheireadh na tréimhse faireacháin, ba cheart glacadh leis go scaoiltear an glantairbhe a ghineann an ghníomhaíocht san atmaisféar agus ba cheart na haonaid chomhfhreagracha a chur ar ceal sa chlárlann, mura gcruthaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch cothabháil na stórála carbóin trí ghníomhaíochtaí faireacháin gan bhriseadh.
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15
(15) Tá acmhainneacht láidir ag gníomhaíochtaí aistrithe carbóin chun réitigh ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht a sholáthar, fiú mura féidir comhbhabhtálacha a chur as an áireamh. Dá bhrí sin, is iomchuí ceanglais íosta inbhuanaitheachta a bhunú chun a áirithiú go mbeidh tionchar neodrach ag gníomhaíochtaí aistrithe carbóin nó go gcruthófar comhthairbhí leo i dtaca leis na cuspóirí inbhuanaitheachta a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, cosaint agus athbhunú bithéagsúlachta agus éiceachóras, úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, agus cosc agus rialú ar thruailliú. Ba cheart do na ceanglais inbhuanaitheachta sin, de réir mar is iomchuí, agus coinníollacha áitiúla á gcur san áireamh, cur leis na critéir scagtha theicniúla maidir le ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ maidir le gníomhaíochtaí foraoiseachta agus stóráil bhuan gheolaíoch CO2 faoi thalamh, a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún28 , agus maidir leis na critéir inbhuanaitheachta maidir le hamhábhar bithmhaise foraoise agus talmhaíochta a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29. Níor cheart cleachtais amhail monashaothrú foraoise a mbíonn éifeachtaí díobhálacha acu ar an mbithéagsúlacht a bheith incháilithe do dheimhniú.
(15) D’fhéadfadh baint carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí réitigh ar mhaithe le hinbhuanaitheacht a chur ar fáil, fiú mura féidir comhbhabhtálacha a chur as an áireamh. Dá bhrí sin, is iomchuí íoscheanglais inbhuanaitheachta a bhunú chun a áirithiú go mbeidh tionchar neodrach ar a laghad ag gníomhaíochtaí aistrithe carbóin nó go nginfidh siad comhthairbhí do chuspóirí inbhuanaitheachta an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú aeráide, do chosaint agus d’athbhunú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras, d’úsáid agus cosaint inbhuanaithe acmhainní uisce agus muirí, don aistriú chuig geilleagar ciorclach, agus do chosc agus rialú ar thruailliú, chun a áirithiú go nginfidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin comhthairbhí ar a laghad don chuspóir inbhuanaitheachta maidir leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú agus go mbeidh tionchar neodrach ar a laghad acu ar chuspóirí inbhuanaitheachta an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus an oiriúnaithe don athrú aeráide, úsáid inbhuanaithe agus cosaint nó feabhsú cháilíocht an uisce agus acmhainní muirí, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú agus cosc a chur ar dhíghrádú ithreach, athchóiriú ithreach, feabhas a chur ar thorthúlacht na hithreach agus ar bhainistiú cothaitheach agus bithraí ithreach, agus a áirithiú go nginfidh stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí comhthairbhí do cheann amháin ar a laghad, agus go mbeidh tionchar neodrach ar a laghad acu ar an gcuid eile, ar na cuspóirí inbhuanaitheachta maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus a oiriúnú, bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, úsáid inbhuanaithe agus cosaint nó feabhsú cháilíocht an uisce agus acmhainní muirí, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, truailliú a chosc agus a rialú agus díghrádú ithreach a chosc, athchóiriú ithreach, feabhas a chur ar thorthúlacht na hithreach agus bainistiú cothaitheach agus bithraí ithreach. Ba cheart a chur san áireamh sna ceanglais inbhuanaitheachta sin, de réir mar is iomchuí, na tionchair laistigh agus lasmuigh den Aontas mar aon le coinníollacha áitiúla, agus ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ maidir le gníomhaíochtaí foraoiseachta agus stóráil gheolaíoch bhuan faoi thalamh CO2, a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/213928 ón gCoimisiún, agus ba cheart dóibh na critéir inbhuanaitheachta maidir le hamhábhair bhithmhaise foraoise agus talmhaíochta a chur chun cinn i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa le haghaidh bithmhaise a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29. Níor cheart cleachtais amhail monashaothrú foraoise a mbíonn éifeachtaí díobhálacha acu ar an mbithéagsúlacht a bheith incháilithe do dheimhniú.
__________________
__________________
28 Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).
28 Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).
29 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
29 Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15 a (nua)
(15a) Thairis sin, níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin ar shlándáil bia an Aontais agus níor cheart grabáil talún ná amhantraíocht talún a bheith mar thoradh orthu. Ba cheart go n-urramófaí leis na gníomhaíochtaí sin cearta na bpobal áitiúil agus na ndaoine dúchasacha a ndéanann siad difear dóibh, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, mar aon leis an gcothromaíocht idir an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar phobail áitiúla agus ar bhainisteoirí talún ar mhionscála.
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16
(16) Cuireann cleachtais feirmeoireachta a bhaineann CO2 as an atmaisféar le cuspóir na haeráidneodrachta agus ba cheart iad a chúiteamh, tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) nó trí thionscnaimh phoiblí nó phríobháideacha eile. Go sonrach, ba cheart cleachtais feirmeoireachta dá dtagraítear sa Teachtaireacht maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe30 a chur san áireamh sa Rialachán seo.
(16) Cuireann cleachtais feirmeoireachta a bhaineann CO2 as an atmaisféar le cuspóir na haeráidneodrachta agus ba cheart iad a chúiteamh, tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) nó trí thionscnaimh phoiblí nó phríobháideacha eile. Ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ardán agus laistigh de 6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, treoir a fhoilsiú chun oibreoirí feirmeoireachta carbóin féideartha nó grúpaí oibreoirí a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin sin a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh agus na modheolaíochtaí deimhniúcháin á n-ullmhú.
_________________
30 Teachtaireacht ón gCoimisiún, Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, COM (2021) 800.
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17
(17) Féadfaidh oibreoirí nó grúpa oibreoirí comhthairbhí a thuairisciú a rannchuidíonn leis na cuspóirí inbhuanaitheachta thar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta. Chuige sin, ba cheart dá dtuairisciú na modheolaíochtaí deimhniúcháin atá curtha in oiriúint do na gníomhaíochtaí aistrithe carbóin éagsúla, arna bhforbairt ag an gCoimisiún, a chomhlíonadh. Ba cheart do mhodheolaíochtaí deimhniúcháin, a mhéid is féidir, giniúint comhthairbhí don bhithéagsúlacht a dhreasú thar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta. Leis na comhthairbhí breise sin, tabharfar luach eacnamaíoch níos mó do na haistrithe carbóin deimhnithe agus is é a bheidh mar thoradh orthu ioncam níos airde do na hoibreoirí. I bhfianaise na mbreithnithe sin, is iomchuí don Choimisiún tús áite a thabhairt d’fhorbairt modheolaíochtaí deimhniúcháin oiriúnaithe maidir le gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin lena soláthraítear comhthairbhí móra don bhithéagsúlacht.
(17) Féadfaidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí comhthairbhí a thuairisciú a chuireann leis na cuspóirí inbhuanaitheachta thar na híoscheanglais inbhuanaitheachta agus ba cheart na comhthairbhí dearfacha arna nginiúint ag gníomhaíocht a léiriú go soiléir, i gcás inarb infheidhme. Chuige sin, ba cheart go gcomhlíonfadh a dtuairisciú na modheolaíochtaí deimhniúcháin atá saincheaptha do na gníomhaíochtaí éagsúla, arna bhforbairt ag an gCoimisiún. Le modheolaíochtaí deimhniúcháin, ba cheart, a mhéid is féidir, giniúint comhthairbhí don bhithéagsúlacht a dhreasú a théann thar na híoscheanglais inbhuanaitheachta agus, i gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht préimh feirmeoireachta carbóin a ghiniúint le haghaidh comhthairbhí den sórt sin. Tabharfaidh na comhthairbhí breise sin níos mó luacha eacnamaíoch do na gníomhaíochtaí deimhnithe agus beidh ioncam níos airde do na hoibreoirí mar thoradh orthu. I bhfianaise na mbreithnithe sin, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt modheolaíochtaí deimhniúcháin saincheaptha maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí sin is aibí, a bhfuil an acmhainneacht acu na glantairbhí is mó a ghiniúint agus an acmhainneacht na comhthairbhí is mó a chur ar fáil. I gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, ba cheart a chur san áireamh sa tosaíocht sin an rannchuidíonn na gníomhaíochtaí le bainistiú inbhuanaithe talún talmhaíochta agus foraoisí.
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 18
(18) Is iomchuí modheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe a fhorbairt le haghaidh na ngníomhaíochtaí éagsúla aistrithe carbóin chun na critéir cháilíochta a leagtar síos sa Rialachán sin a chur i bhfeidhm ar bhealach caighdeánaithe infhíoraithe inchomparáide. Leis na modheolaíochtaí sin, ba cheart deimhniú láidir trédhearcach a áirithiú den ghlantairbhe aistrithe carbóin a ghintear leis an ngníomhaíocht aistrithe carbóin, agus ag an am céanna ualach riaracháin díréireach ar oibreoirí nó ar ghrúpa oibreoirí a sheachaint, go háirithe d’fheirmeoirí beaga agus do shealbhóirí foraoise. Chuige sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunófar modheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe do na gníomhaíochtaí éagsúla aistrithe carbóin. Ba cheart na modheolaíochtaí sin a fhorbairt i ndlúthchomhar leis an nGrúpa Saineolaithe um Aistrithe Carbóin agus leis na gníomhaithe leasmhara eile uile. Ní mór dóibh a bheith bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil, tógáil ar scéimeanna agus modheolaíochtaí poiblí agus príobháideacha atá ann cheana le haghaidh deimhniú aistrithe carbóin, agus aon chaighdeán ábhartha agus aon riail ábhartha a glacadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh.
(18) Is iomchuí modheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe a fhorbairt do na gníomhaíochtaí éagsúla chun na critéir cháilíochta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach caighdeánaithe, infhíoraithe agus inchomparáide. Leis na modheolaíochtaí sin, ba cheart deimhniú láidir agus trédhearcach ar an nglantairbhe a ghintear leis an ngníomhaíocht a áirithiú, ba cheart iad a bheith éasca le húsáid agus a fhorbairt ar bhealach lena n-éascófar fíorú a gcomhlíontachta, agus nach gcruthófar ualach riaracháin agus airgeadais díréireach d’oibreoirí nó do ghrúpa oibreoirí, go háirithe d’fheirmeoirí beaga agus do shealbhóirí foraoise agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, gan cur isteach ar cháilíocht na n-aistrithe carbóin nó na gcomhthairbhí. Chuige sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunófar modheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí éagsúla aistrithe carbóin. Ba cheart na modheolaíochtaí sin a fhorbairt i ndlúthchomhar leis an Ardán um Aistriú Carbóin, Feirmeoireacht Carbóin agus Stóráil Carbóin i nGníomhaíochtaí Táirgí agus leis na gníomhaithe leasmhara eile go léir. Ní mór dóibh a bheith bunaithe ar mheasúnú tionchair críochnúil bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar thréimhse chomhairliúcháin phoiblí ceithre seachtaine ar a laghad, agus tógáil ar scéimeanna poiblí agus príobháideacha agus modheolaíochtaí deimhniúcháin atá ann cheana i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais agus na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, agus aon chaighdeán agus aon rialacha ábhartha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh.
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 19
(19) Chun próiseas deimhniúcháin inchreidte iontaofa a áirithiú, ba cheart gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a bheith faoi réir iniúchadh neamhspleách tríú páirtí. Go sonrach, ba cheart gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a bheith faoi réir iniúchadh deimhniúcháin tosaigh sula gcuirfear chun feidhme iad, lena bhfíorófaí go gcomhlíonann siad na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear an cainníochtú ceart maidir leis an nglantairbhe aistrithe carbóin measta. Ba cheart gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a bheith faoi réir iniúchtaí athdheimhniúcháin go tráthrialta chun comhlíonadh na n-aistrithe carbóin a ghintear a fhíorú. Chuige sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an struchtúr, na sonraí teicniúla agus an fhaisnéis íosta atá le bheith sa tuairisc maidir leis an ngníomhaíocht aistrithe carbóin, agus sna tuarascálacha iniúchóireachta deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin, a leagan amach.
(19) D’fhonn próiseas deimhniúcháin inchreidte agus iontaofa a áirithiú, ba cheart gníomhaíochtaí a bheith faoi réir iniúchóireachta tríú páirtí neamhspleách. Go háirithe, ba cheart na gníomhaíochtaí uile a bheith faoi réir iniúchadh deimhniúcháin tosaigh sula gcuirfear chun feidhme iad, lena bhfíorófar go gcomhlíonann siad na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear cainníochtú ceart ar an nglantairbhe a bhfuiltear ag súil leis. Ba cheart na gníomhaíochtaí uile a bheith faoi réir iniúchtaí athdheimhniúcháin tréimhsiúla freisin gach cúig bliana ar a laghad le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, agus gach 10 mbliana ar a laghad i gcás gníomhaíochtaí eile, agus cur chuige rioscabhunaithe á leanúint, chun comhlíonadh na n-aistrithe carbóin a ghintear, ceapadh na feirmeoireachta carbóin, laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin nó stóráil carbóin i dtáirgí a fhíorú. Chuige sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun struchtúr, mionsonraí teicniúla, agus an fhaisnéis íosta atá le bheith sa tuairisc ar an ngníomhaíocht, agus sna tuarascálacha iniúchóireachta deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin a leagan amach.
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 20
(20) Tá sé ríthábhachtach eolas, uirlisí agus modhanna feabhsaithe a chur ar fáil do bhainisteoirí talún chun na haistrithe carbóin a mheasúnú agus a optamú ar bhealach níos fearr chun gníomhaíochtaí maolaithe a chur chun feidhme ar bhealach costéifeachtach agus chun a rannpháirtíocht i bhfeirmeoireacht carbóin a chinntiú. Tá sé sin ábhartha go háirithe d’fheirmeoirí beaga nó sealbhóirí foraoise an Aontais nach mbíonn an fios ná an saineolas is gá acu chun gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a chur chun feidhme agus chun na critéir cháilíochta is gá agus na modheolaíochtaí deimhniúcháin gaolmhara a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar eagraíochtaí táirgeoirí soláthar seirbhísí comhairleacha ábhartha a éascú trí chomhairle theicniúil a thabhairt dá gcomhaltaí. Is féidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus le státchabhair náisiúnta tacaíocht airgeadais a thabhairt chun seirbhísí comhairleacha, malartú eolais, oiliúint, gníomhaíochtaí faisnéise nó tionscadail nuálaíochta idirghníomhacha le feirmeoirí agus le foraoiseoirí a sholáthar.
(20) Tá sé ríthábhachtach eolas, uirlisí agus modhanna feabhsaithe a chur ar fáil do bhainisteoirí talún chun measúnú agus barrfheabhsú níos fearr a dhéanamh ar an bhfeirmeoireacht carbóin chun gníomhaíochtaí maolaithe a chur chun feidhme ar bhealach costéifeachtach agus chun a rannpháirtíocht san fheirmeoireacht carbóin a áirithiú. Tá sé sin ábhartha go háirithe d’fheirmeoirí beaga nó sealbhóirí foraoise an Aontais nach mbíonn an fios gnó ná an saineolas is gá acu go minic chun gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin a chur chun feidhme agus chun na critéir cháilíochta agus na modheolaíochtaí deimhniúcháin gaolmhara a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar eagraíochtaí táirgeoirí soláthar seirbhísí comhairleacha ábhartha a éascú trí chomhairle theicniúil a chur ar fáil dá gcomhaltaí agus, i gcás inarb ábhartha, tacú leo le treoir agus acmhainní. s féidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus státchabhair náisiúnta, chomh maith le hionstraimí airgeadais eile, tacaíocht airgeadais a thabhairt do sholáthar seirbhísí comhairleacha, malartú eolais, oiliúint, gníomhaíochtaí faisnéise nó tionscadail nuálaíochta idirghníomhacha le feirmeoirí agus foraoiseoirí. I gcásanna tionóntachta, ba cheart go soláthródh an scéim sochair nó luaíochtaí airgeadais cuí do bhainisteoir na talún atá i mbun na hoibre.
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 20 a (nua)
(20a) Ba cheart do gach aistriú, ceapadh agus laghdú ar astaíochtaí bithghineacha arna nginiúint faoin Rialachán seo rannchuidiú le rannchuidiú an Aontais arna chinneadh go náisiúnta (NDCanna) nó spriocanna agus cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach. Mar sin féin, chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, níor cheart do níos mó ná duine nádúrtha nó dlítheanach amháin, amhail gnóthais nó údaráis phoiblí seachas Ballstát, amhail comhairlí cathrach nó bardais eile, aonad deimhnithe a úsáid ná a éileamh tráth ar bith, agus níor cheart é a áireamh i bhfardail gás ceaptha teasa Ballstáit amháin tráth ar bith.
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 20 b (nua)
(20b) Ba cheart do na seirbhísí comhairleacha atá ann cheana sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, amhail an Córas um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS), rannchuidiú freisin le heolas agus faisnéis níos leithne chun tacú le cleachtais inbhuanaithe lena bhfeabhsaítear ceapadh carbóin agus athchóiriú an dúlra á gcur chun cinn ag an am céanna, agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin a áirithiú lena n-áirítear réitigh dhigiteacha a úsáid i gcás inarb ábhartha. Ba cheart do AKIS ardán digiteach comhroinnte eolais a chur ar bun freisin, lena dtabharfaí comhairle theicniúil do bhainisteoirí talún agus lena soláthraítear aiseolas do na Ballstáit.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 20 c (nua)
(20c) Ba cheart don Choimisiún tacú freisin le fothú acmhainneachta sna Ballstáit trí infheistíochtaí leordhóthanacha a dhéanamh i gcláir oiliúna agus oideachais, lena n-áirítear do gheallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha féideartha agus dá lucht saothair. Ba cheart a chur san áireamh sa tacaíocht sin freisin réaltachtaí éagsúla na mBallstát agus na réigiún, lena n-áirítear trí na gníomhaíochtaí is oiriúnaí a shainaithint maidir leis na sainiúlachtaí éagsúla.
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 21
(21) Is iomchuí go mbeidh deimhnithe aistrithe carbóin mar bhonn taca d’úsáidí deiridh éagsúla, amhail fardail náisiúnta agus chorparáideacha gás ceaptha teasa a thiomsú, lena n‑áirítear maidir le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31 , cruthúnas ar mhaímh a bhaineann leis an aeráid agus éilimh chorparáideacha eile maidir leis an gcomhshaol (lena n‑áirítear maidir leis an mbithéagsúlacht), nó aonaid fhíoraithe aistrithe carbóin a mhalartú trí mhargaí deonacha fritháirimh carbóin. Chuige sin, ba cheart faisnéis chruinn thrédhearcach a bheith sa deimhniú maidir leis an ngníomhaíocht aistrithe carbóin, lena n-áirítear na haistrithe iomlána agus an glantairbhe aistrithe carbóin a chomhlíonann na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn II lena liostaítear an fhaisnéis íosta atá le bheith sna deimhnithe a shonrú nó a leasú tuilleadh.
(21) Maidir le húsáidí deiridh éagsúla aonad deimhnithe, amhail fardail náisiúnta agus chorparáideacha gás ceaptha teasa a thiomsú, lena n-áirítear maidir le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle31, an cruthúnas ar mhaímh chorparáideacha a bhaineann leis an aeráid agus éilimh chorparáideacha comhshaoil eile (lena n-áirítear maidir leis an mbithéagsúlacht), nó malartú aonad fíoraithe trí mhargaí deonacha, ba cheart iad a rialáil tríd an Rialachán seo. Ba cheart an úsáid a bhaineann gnóthas as aonaid arna ndeimhniú faoin Rialachán seo le haghaidh éilimh maidir le cúiteamh, fritháireamh nó laghdú deonach ina thuairisciú corparáideach ar fhardail gás ceaptha teasa a bheith mar an gcéanna leis an úsáid a leagtar amach i dTreoir (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Tomhaltóirí a Chumhachtú don Aistriú Glas], lena gcuirtear toirmeasc ar aonaid dheimhnithe a úsáid chun a mhaíomh, bunaithe ar fhritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa, go bhfuil tionchar neodrach, laghdaithe nó dearfach ag táirge nó ag cuideachta ar an gcomhshaol i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ina theannta sin, maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as aonaid dheimhnithe amach anseo chun creat aeráide an Aontais agus creat aeráide náisiúnta a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, faoin...[12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] measúnú a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh maidir le spriocanna an Aontais a bhunú d’aistrithe buana carbóin agus do cheapadh ar talamh, agus ba cheart dó, i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, measúnú a dhéanamh faoin 31 Iúil 2026 ar an gcaoi a bhféadfaí stóráil bhuan carbóin a chur san áireamh agus ar an gcaoi a bhféadfaí na hastaíochtaí diúltacha sin a chumhdach le trádáil astaíochtaí, agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh i ndáil leis sin. Chuige sin, ba cheart aonaid aistrithe carbóin, aonaid ceaptha feirmeoireachta carbóin, aonaid laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin agus stóráil carbóin in aonaid táirgí a bheith ar leithligh óna chéile i gcónaí agus ba cheart faisnéis chruinn agus thrédhearcach a bheith sa deimhniú maidir leis an ngníomhaíocht, lena n-áirítear cineál na gníomhaíochta, meán stórála agus fad measta na dtorthaí, na haistrithe iomlána, ceapadh nó laghduithe ar astaíochtaí bithghineacha, de réir mar is iomchuí, an glantairbhe, an sásra dliteanais mionsonraithe agus an duine dlítheanach nó nádúrtha atá faoi dhliteanas, fianaise go gcomhlíonann an ghníomhaíocht na cuspóirí inbhuanaitheachta agus cainníocht na n-aonad deimhnithe a chomhlíonann na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn II lena liostaítear an fhaisnéis íosta atá le bheith sna deimhnithe a shonrú nó a leasú tuilleadh.
__________________
__________________
31 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
31 Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 22
(22) Chun fíorú cruinn láidir trédhearcach a áirithiú, ba cheart na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá a bheith ag na comhlachtaí deimhniúcháin atá freagrach as gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dheimhniú agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe ag na húdaráis creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 . Chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, ba cheart do na comhlachtaí deimhniúcháin a bheith go hiomlán neamhspleách ar an oibreoir a dhéanann an ghníomhaíocht aistrithe carbóin atá faoi réir an deimhnithe. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le cur chun feidhme ceart an phróisis deimhniúcháin a áirithiú trí mhaoirseacht a dhéanamh ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin atá creidiúnaithe ag údaráis creidiúnaithe náisiúnta, agus trí na scéimeanna deimhniúcháin a chur ar an eolas faoi thorthaí neamhchomhlíonta ábhartha.
(22) Chun fíorú cruinn, láidir agus trédhearcach a áirithiú, ba cheart na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá a bheith ag na comhlachtaí deimhniúcháin atá freagrach as gníomhaíochtaí a dheimhniú agus ba cheart d’údaráis náisiúnta creidiúnaithe iad a chreidiúnú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle32 . Chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, ba cheart do na comhlachtaí deimhniúcháin a bheith go hiomlán neamhspleách, ó thaobh dlí agus airgeadais de, ar an oibreoir a dhéanann an ghníomhaíocht atá faoi réir an deimhnithe. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, do na húdaráis réigiúnacha, rannchuidiú lena áirithiú go gcuirfear an próiseas deimhniúcháin chun feidhme i gceart trí mhaoirseacht a dhéanamh ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin atá creidiúnaithe ag údaráis náisiúnta creidiúnaithe, agus trí na scéimeanna deimhniúcháin a chur ar an eolas faoi thorthaí ábhartha neamh-chomhréireachta.
__________________
__________________
32 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
32 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 23
(23) Ba cheart d’oibreoirí scéimeanna deimhniúcháin a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin feidhmiú ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta atá iontaofa agus trédhearcach agus ba cheart cruinneas, iontaofacht, sláine agus neamhshéanadh tionscnaimh, agus cosaint i gcoinne calaois faisnéise agus sonraí a chuirtear isteach ag oibreoirí, a áirithiú. Ba cheart dóibh cuntasaíocht cheart na n-aonad fíoraithe aistrithe carbóin a áirithiú freisin, go háirithe trí chomhaireamh dúbailte a sheachaint. Chuige sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena n-áirítear caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta, cuntasaíochta agus iniúchóireachta neamhspleáiche atá le cur i bhfeidhm ag scéimeanna deimhniúcháin, chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le hoibreoirí agus maidir le scéimeanna deimhniúcháin. Chun próiseas deimhniúcháin costéifeachtach a áirithiú, ba cheart é a bheith de chuspóir freisin ag na rialacha teicniúla comhchuibhithe sin maidir le deimhniú an t-ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú d’oibreoirí, nó do ghrúpa oibreoirí, go háirithe d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear feirmeoirí agus foraoiseoirí beaga.
(23) Ba cheart d’oibreoirí scéimeanna deimhniúcháin a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin feidhmiú ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta atá iontaofa agus trédhearcach agus ba cheart cruinneas, iontaofacht, sláine agus neamhshéanadh tionscnaimh, agus cosaint i gcoinne calaois faisnéise agus sonraí a chuirtear isteach ag oibreoirí, a áirithiú. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go dtabharfar cuntas ceart ar na haonaid fhíoraithe a ghintear le gníomhaíocht dheimhnithe, go háirithe trí chomhaireamh dúbailte a sheachaint. Chuige sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena n-áirítear caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta, cuntasaíochta agus iniúchóireachta neamhspleáiche atá le cur i bhfeidhm ag scéimeanna deimhniúcháin, chun an deimhneacht dhlíthiúil is gá a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le hoibreoirí agus maidir le scéimeanna deimhniúcháin. Chun próiseas deimhniúcháin costéifeachtach a áirithiú, ba cheart é a bheith de chuspóir freisin ag na rialacha teicniúla comhchuibhithe sin maidir le deimhniú an t-ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú d’oibreoirí, nó do ghrúpa oibreoirí, go háirithe d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear feirmeoirí agus foraoiseoirí beaga.
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 24
(24) Chun rialú iontaofa comhchuibhithe maidir le deimhniúchán a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cinntí a ghlacadh lena n-aithnítear scéimeanna deimhniúcháin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le hinniúlacht theicniúil, iontaofacht, trédhearcacht agus iniúchóireacht neamhspleách. Ba cheart na cinntí aitheantais sin a bheith teoranta ó thaobh ama de. Chuige sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le hábhar agus próisis aitheantais an Aontais do scéimeanna deimhniúcháin.
(24) Chun rialú iontaofa comhchuibhithe maidir le deimhniúchán a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cinntí a ghlacadh lena n-aithnítear scéimeanna deimhniúcháin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le hinniúlacht theicniúil, iontaofacht, trédhearcacht agus iniúchóireacht neamhspleách. Ba cheart na cinntí aitheantais sin a bheith teoranta ó thaobh ama de agus ba cheart iad a chur ar fáil go poiblí. Chuige sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le hábhar agus próisis aitheantais an Aontais do scéimeanna deimhniúcháin.
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26
(26) Ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin clárlanna poiblí idir-inoibritheacha a bhunú agus a choinneáil ar bun chun trédhearcacht agus inrianaitheacht iomlán deimhnithe aistrithe carbóin a áirithiú, agus chun an riosca calaoise agus comhairimh dhúbailte a sheachaint. D’fhéadfadh calaois tarlú má eisítear níos mó ná deimhniú amháin le haghaidh na gníomhaíochta aistrithe carbóin céanna ós rud é gur cláraíodh an ghníomhaíocht faoi dhá scéim deimhniúcháin éagsúla nó gur cláraíodh í faoi dhó faoin scéim chéanna. D’fhéadfadh calaois tarlú freisin nuair a úsáidtear an deimhniú céanna roinnt uaireanta chun an maíomh céanna a dhéanamh bunaithe ar ghníomhaíocht aistrithe carbóin nó ar aonad aistrithe carbóin. Ba cheart do na clárlanna na doiciméid a eascraíonn as próiseas deimhniúcháin aistrithe carbóin a stóráil, lena n-áirítear achoimrí ar iniúchtaí deimhniúcháin agus tuarascálacha iniúchóireachta athdheimhniúcháin, na deimhnithe agus deimhnithe nuashonraithe, agus ba cheart iad a chur ar fáil go poiblí i bhfoirm leictreonach. Ba cheart do na clárlanna taifead a dhéanamh freisin de na haonaid aistrithe carbóin dheimhnithe a chomhlíonann critéir cháilíochta an Aontais. Chun cothrom iomaíochta laistigh den mhargadh aonair a áirithiú, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach caighdeáin agus rialacha teicniúla maidir le feidhmiú agus idir-inoibritheacht na gclárlann sin.
(26) Ba cheart don Choimisiún clárlann idir-inoibritheach agus phoiblí de chuid an Aontais a bhunú agus a choinneáil ar bun chun trédhearcacht, iontaofacht agus inrianaitheacht iomlán deimhnithe a áirithiú, agus chun an riosca calaoise agus comhaireamh dúbailte a sheachaint. D’fhéadfadh calaois tarlú má eisítear níos mó ná deimhniú amháin don ghníomhaíocht chéanna toisc gur cláraíodh an ghníomhaíocht faoi dhá scéim deimhniúcháin éagsúla nó gur cláraíodh í faoi dhó faoin scéim chéanna. D’fhéadfadh calaois tarlú freisin nuair a úsáidtear an deimhniú céanna roinnt uaireanta chun an t-éileamh céanna a dhéanamh bunaithe ar ghníomhaíocht nó aonad. Ba cheart an fhaisnéis go léir i gclárlann an Aontais a bheith éasca le húsáid agus cuardach a dhéanamh ina leith. Ba cheart go soláthrófaí don Choimisiún trí scéim deimhniúcháin an fhaisnéis uile is gá a stóráil agus a chur ar fáil go poiblí i bhfoirm leictreonach i gclárlann an Aontais. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin na doiciméid a eascraíonn as an bpróiseas deimhniúcháin, lena n-áirítear iniúchtaí deimhniúcháin agus tuarascálacha iniúchóireachta athdheimhniúcháin, na deimhnithe agus deimhnithe nuashonraithe agus an fhaisnéis a áirítear iontu, stádas reatha aonaid dheimhnithe, mar shampla, bíodh sé gníomhach, ar scor/in úsáid, nó imithe in éag, loga na n-idirbheart agus, más infheidhme, an sealbhóir reatha agus an cuspóir a bhfuil an deimhniú á shealbhú ina leith agus an praghas a íocadh leis an oibreoir. Sula mbunófar clár poiblí an Aontais, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin, atá aitheanta ag an gCoimisiún, an fhaisnéis uile is gá a stóráil agus a chur ar fáil go poiblí ina dhiaidh sin, ar chlárlann an Aontais, a chothabháil agus a stóráil. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh aonair, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún rialacha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla chlárlann an Aontais agus maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh scéimeanna deimhniúcháin chun an fhaisnéis a chur ar fáil do chlárlann an Aontais.
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 27
(27) Tá ról tábhachtach ag scéimeanna deimhniúcháin maidir le fianaise a sholáthar go bhfuil na critéir cháilíochta le haghaidh aistrithe carbóin á gcomhlíonadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gceanglódh an Coimisiún ar scéimeanna deimhniúcháin tuairisc a thabhairt go tráthrialta ar a ngníomhaíochtaí. Ba cheart na tuarascálacha sin a chur ar fáil go poiblí, ina n-iomláine nó, i gcás inarb iomchuí, i bhformáid chomhiomlánaithe, chun trédhearcacht a mhéadú agus chun maoirseacht an Choimisiúin a fheabhsú. Ina theannta sin, bheadh sna tuarascálacha sin an fhaisnéis ba ghá don Choimisiún chun tuarascáil a thabhairt ar oibríocht scéimeanna deimhniúcháin d’fhonn dea-chleachtais a aithint agus togra a thíolacadh, dá mba iomchuí, chun na dea-chleachtais sin a chur chun cinn tuilleadh. Chun tuairisciú inchomparáide comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na sonraí teicniúla maidir le hábhar agus formáid na dtuarascálacha arna dtarraingt suas ag na scéimeanna deimhniúcháin.
(27) Tá ról tábhachtach ag scéimeanna deimhniúcháin maidir le fianaise a sholáthar go bhfuil na critéir cháilíochta le haghaidh aistrithe carbóin á gcomhlíonadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gceanglódh an Coimisiún ar scéimeanna deimhniúcháin tuairisc a thabhairt go tráthrialta ar a ngníomhaíochtaí. Ba cheart na tuarascálacha sin a phoibliú, go hiomlán nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, cé is moite den fhaisnéis sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de, chun trédhearcacht, iontaoibh, inrianaitheacht agus grinnscrúdú an phobail a mhéadú, agus chun an mhaoirseacht a dhéanann an Coimisiún a fheabhsú. Ina theannta sin, bheadh sna tuarascálacha sin an fhaisnéis ba ghá don Choimisiún chun tuarascáil a thabhairt ar oibríocht scéimeanna deimhniúcháin d’fhonn dea-chleachtais a aithint agus togra a thíolacadh, dá mba iomchuí, chun na dea-chleachtais sin a chur chun cinn tuilleadh. Chun tuairisciú inchomparáide comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na sonraí teicniúla maidir le hábhar agus formáid na dtuarascálacha arna dtarraingt suas ag na scéimeanna deimhniúcháin.
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28
(28) Chun a chur ar a chumas d’oibreoirí na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach caighdeánaithe costéifeachtach, agus saintréithe sonracha gníomhaíochtaí éagsúla aistrithe carbóin á gcur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe a bhunú maidir le cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí aistrithe carbóin. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann Iarscríbhinn II a leasú lena liostaítear an fhaisnéis íosta atá le bheith sna deimhnithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr34 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(28) Chun a chur ar a chumas d’oibreoirí na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach caighdeánaithe costéifeachtach, agus saintréithe sonracha gníomhaíochtaí éagsúla á gcur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe a bhunú maidir le cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí aistrithe carbóin. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann Iarscríbhinn II a leasú lena liostaítear an fhaisnéis íosta atá le bheith sna deimhnithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus trí chomhairliúcháin phoiblí maidir leis na dréachtghníomhartha tarmligthe uile ar feadh tréimhse ceithre seachtaine ar a laghad, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr34. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 30
(30) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus ina dhiaidh sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an athbhreithnithe dhomhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras. Ba cheart a chur san áireamh sna hathbhreithnithe sin na forbairtí ábhartha a bhaineann le reachtaíocht an Aontais, dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch, forbairtí margaidh i réimse na n-aistrithe carbóin agus na slándála bia lena n-áirítear infhaighteacht bia agus inacmhainneacht bia, agus ba cheart na hathbhreithnithe sin a bheith bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe dhomhanda ar Chomhaontú Pháras.
(30) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus ina dhiaidh sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an athbhreithnithe dhomhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras. Ba cheart a chur san áireamh sna hathbhreithnithe sin na forbairtí ábhartha maidir le reachtaíocht an Aontais, an dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch, forbairtí margaidh i réimse na n-aistrithe carbóin, na feirmeoireachta carbóin agus na stórála carbóin i dtáirgí, agus slándáil an tsoláthair bia lena n-áirítear infhaighteacht agus inacmhainneacht bia, agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe dhomhanda ar Chomhaontú Pháras.
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 31
(31) Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin úsáid aistrithe carbóin ardcháilíochta a chur chun cinn agus an riosca a bhaineann le glas-snasú a íoslaghdú ag an am céanna, a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar, agus de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
(31) Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon úsáid aistrithe carbóin agus feirmeoireachta carbóin ar ardcháilíocht a chur chun cinn agus an riosca a bhaineann le glas-snasú a íoslaghdú ag an am céanna, a bhaint amach go leordhóthanach astu féin, agus de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Is é is cuspóir don Rialachán seo úsáid aistrithe carbóin ag oibreoirí nó ag grúpaí oibreoirí a éascú. Chuige sin, leis an Rialachán seo bunaítear creat deonach de chuid an Aontais chun aistrithe carbóin a dheimhniú, trí na nithe seo a leanas a leagan síos:
1. Is é cuspóir an Rialacháin seo úsáid agus feabhsú aistrithe carbóin, feirmeoireachta carbóin agus stórála carbóin i dtáirgí ag oibreoirí nó ag grúpaí oibreoirí a éascú agus a spreagadh mar chomhlánú ar an laghdú do-aisiompaithe agus de réir a chéile ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ar fud na n-earnálacha uile chun na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Chuige sin, bunaítear leis an Rialachán seo creat deonach de chuid an Aontais chun aistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a dheimhniú tríd an méid seo a leanas a leagan síos:
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
(a) critéir cháilíochta le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin a dhéantar san Aontas;
(a) critéir cháilíochta le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas;
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe b
(b) rialacha maidir le haistrithe carbóin a fhíorú agus a dheimhniú;
(b) rialacha maidir le gníomhaíochtaí a fhíorú agus a dheimhniú;
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca) rialacha maidir le haonaid dheimhnithe a eisiúint agus a úsáid.
2. Níl feidhm ag an gcreat deonach sin de chuid an Aontais chun aistrithe carbóin a dheimhniú maidir le hastaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, seachas astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó bhithmhais inbhuanaithe atá nialas‑rátaithe a stóráil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann léi.
2. Níl feidhm ag an gcreat deonach seo de chuid an Aontais maidir le haistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a dheimhniú maidir le hastaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE, cé is moite de stóráil astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó bhithmhais inbhuanaithe a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunaítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 agus atá nialasach i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE.
Leasú 46 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 2 a (nua)
2a. I gcás ina mbeidh comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích idir an tAontas agus tríú tír maidir le carbón atmaisféarach nó bithghineach a gabhadh san Aontas ach a stóráiltear go geolaíoch i dtír is comhalta de chuid LEE, nó i dtríú tír a bhfuil teorainn aici leis an Aontas, agus go gcuireann an Comhalta sin de LEE nó den tír sin na ceanglais dhlíthiúla chéanna i bhfeidhm agus a leagtar amach i dTreoir 2009/31/CE, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gabhála sin.
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe a
(a) ciallaíonn ‘aistriú carbóin’ carbón atmaisféarach nó bithghineach a stóráil laistigh de linnte carbóin geolaíocha, linnte carbóin bithghineacha, táirgí fadtéarmacha agus ábhair fhadtéarmacha, agus an mhuirthimpeallacht, nó scaoileadh carbóin ó linn carbóin bhithghineach san atmaisféar a laghdú;
(a) ciallaíonn ‘aistriú carbóin’ carbón atmaisféarach nó bithghineach a stóráil go buan ar feadh na gcéadta bliain, nach bhfuil comhcheangailte le Gnothú Hidreacarbóin Feabhsaithe;
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa) ciallaíonn ‘laghdú ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin’ gníomhaíocht arb é atá inti cleachtas feirmeoireachta carbóin amháin nó níos mó nó próisis feirmeoireachta carbóin amháin nó níos mó arna ndéanamh ag oibreoir as a dtagann laghdú ar scaoileadh carbóin ó linn charbóin bhithghineach, scaoileadh ocsaíd nítriúil ó ithreacha talmhaíochta nó ó bhainistiú aoiligh a laghdú, nó scaoileadh meatáin ó choipeadh eintreach nó ó bhainistiú aoiligh isteach san atmaisféar a laghdú trí ghníomhaíocht feirmeoireachta carbóin;
Leasú 49 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe b
(b) ciallaíonn ‘gníomhaíocht aistrithe carbóin’ cleachtas nó próiseas amháin nó níos mó a dhéanann oibreoir a bhfuil stóráil bhuan carbóin mar thoradh air, lena bhfeabhsaítear gabháil carbóin i linn carbóin bhithghineach, lena laghdaítear scaoileadh carbóin ó linn carbóin bhithghineach chuig an atmaisféar, nó lena stóráiltear carbón atmaisféarach nó bithghineach i dtáirgí fadtéarmacha nó in ábhair fhadtéarmacha;
scriosta
Leasú 50 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe c
(c) ciallaíonn ‘linn carbóin bhithghineach’ bithmhais os cionn talún, bithmhais faoi thalamh, bruscar, adhmad marbh agus carbón orgánach ithreach mar a leagtar amach i bpointí (a) go (e) de Chuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2018/841;
(c) ciallaíonn ‘linn charbóin bhithghineach’ bithmhais bheo, bruscar, adhmad marbh, ábhar orgánach marbh, ithreacha mianracha agus ithreacha orgánacha mar a leagtar amach i bpointí (a) go (f) de Chuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2018/841;
Leasú 51 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe d
(d) ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine dlítheanach nó fisiciúil a oibríonn nó a rialaíonn gníomhaíocht aistrithe carbóin, nó a bhfuil cumhacht eacnamaíoch chinntitheach thar fheidhmiú teicniúil na gníomhaíochta tarmligthe chuige;
(d) ciallaíonn ‘oibreoir’ aon duine dlítheanach nó nádúrtha a oibríonn nó a rialaíonn gníomhaíocht, lena n-áirítear eintitis phoiblí agus údaráis phoiblí, nó a ndearnadh cumhacht eacnamaíoch chinntitheach ar fheidhmiú teicniúil na gníomhaíochta a tharmligean chuige; i gcás gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, is feirmeoir é oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 nó is úinéir foraoise nó bainisteoir foraoise é mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, nó eintiteas poiblí nó údarás poiblí;
Leasú 52 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe e
(e) ciallaíonn ‘grúpa oibreoirí’ eintiteas dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná oibreoir amháin agus atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann na hoibreoirí sin an Rialachán seo;
(e) ciallaíonn ‘grúpa oibreoirí’ eintiteas dlítheanach a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná oibreoir amháin agus atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann na hoibreoirí sin an Rialachán seo; i gcás gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, ciallaíonn ‘grúpa oibreoirí’ comharchumann nó eintiteas dlíthiúil a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná feirmeoir, úinéir nó bainisteoir foraoise amháin, nó eintitis phoiblí nó údaráis phoiblí, nó eagraíochtaí táirgeoirí nó grúpaí táirgeoirí;
Leasú 53 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe f
(f) ciallaíonn ‘tréimhse faireacháin’ tréimhse, a gcinntear a fad i gcomhréir leis an gcineál gníomhaíochta aistrithe carbóin, ar lena linn a dhéanann an t-oibreoir faireachán ar stóráil carbóin;
(f) ciallaíonn ‘tréimhse faireacháin’ tréimhse a ndéantar a fad a chinneadh do gach cineál gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 6, a ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí faireachán ar stóráil carbóin lena linn agus a leanann an t-oibreoir de bheith faoi dhliteanas lena linn;
Leasú 54 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe g
(g) ciallaíonn ‘stóráil carbóin bhuan’ gníomhaíocht aistrithe carbóin, faoi ghnáthchúinsí agus cleachtais bhainistíochta iomchuí á n-úsáid, a stórálann carbón atmaisféarach nó bithghineach ar feadh na gcéadta bliain, lena n-áirítear bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin agus dírghabháil agus stóráil carbóin;
(g) ciallaíonn ‘stóráil bhuan carbóin’ gníomhaíocht arb éard atá inti cleachtas nó próiseas amháin nó níos mó a dhéanann oibreoir, faoi ghnáthchúinsí agus trí chleachtais bhainistíochta iomchuí a úsáid, chun carbón san atmaisféar nó bithghineach a stóráil ar feadh na gcéadta bliain trí CO2 a stóráil go geolaíoch nó trí mhianrú carbóin atá ceangailte go buan;
Leasú 55 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe h
(h) ciallaíonn ‘feirmeoireacht carbóin’ gníomhaíocht aistrithe carbóin a bhaineann le bainistíocht talún as a n-eascraíonn méadú ar stóráil carbóin i mbithmhais bheo, ábhar orgánach marbh agus ithreacha tríd an ngabháil carbóin a fheabhsú agus/nó scaoileadh an charbóin san atmaisféar a laghdú;
(h) ciallaíonn ‘feirmeoireacht carbóin’ gníomhaíocht a bhaineann le bainistiú talún, bainistiú cósta nó feirmeoireacht ainmhithe, as a dtagann ceapadh feirmeoireachta carbóin nó laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad;
Leasú 56 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2– mír 1 – pointe h a (nua)
(ha) ciallaíonn ‘ceapadh feirmeoireachta carbóin’ gníomhaíocht a bhaineann le bainistiú talún sna fochatagóirí d’earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/841, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/839, nó gníomhaíocht a bhaineann le bainistiú cósta, ina bhfuil cleachtas nó próisis feirmeoireachta carbóin amháin nó níos mó arna ndéanamh ag oibreoir as a dtagann méadú ar charbón atmaisféarach nó bithghineach a stóráiltear i linnte carbóin bhithghineacha trí ghabháil carbóin a fheabhsú, de réir mar a shainmhínítear in aghaidh na gníomhaíochta sa mhodheolaíocht deimhniúcháin;
Leasú 57 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe i
(i) ciallaíonn ‘stóráil carbóin i dtáirgí’ gníomhaíocht aistrithe carbóin lena stóráiltear carbón atmaisféarach agus bithghineach i dtáirgí fadtéarmacha nó in ábhair fhadtéarmacha;
(i) ciallaíonn ‘stóráil carbóin i dtáirgí’ gníomhaíocht arb éard atá inti cleachtas nó próiseas amháin nó níos mó arna ndéanamh ag oibreoir lena n-áirithítear stóráil fhadtéarmach carbóin atmaisféir agus bhithghinigh i dtáirgí adhmaid lománaithe fadmharthanacha nó in ábhair le haghaidh tógála ar feadh caoga bliain ar a laghad ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí comhshaoil eile de chuid an Aontais, chomh maith le Rialachán (AE) 2018/841 agus Treoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras.
Leasú 58 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe i a (nua)
(ia) ciallaíonn ‘stóráil gheolaíoch CO2’ stóráil gheolaíoch CO2 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2009/31/CE;
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe n
(n) ciallaíonn ‘deimhniú’ ráiteas comhréireachta arna eisiúint ag an gcomhlacht deimhniúcháin lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an ghníomhaíocht aistrithe carbóin an Rialachán seo;
(n) ciallaíonn ‘deimhniú’ ráiteas comhréireachta arna eisiúint ag an gcomhlacht deimhniúcháin lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an ghníomhaíocht an Rialachán seo;
Leasú 60 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe o
(o) ciallaíonn ‘aonad aistrithe carbóin’ aon tona amháin de ghlantairbhe aistrithe carbóin a ghintear le gníomhaíocht aistrithe carbóin agus atá cláraithe le scéim deimhniúcháin.
(o) ciallaíonn ‘aonad aistrithe carbóin’ aon tona amháin de ghlantairbhe aistrithe carbóin a ghintear le haistrithe carbóin agus atá cláraithe le scéim deimhniúcháin.
Leasú 61 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2– mír 1 – pointe o a (nua)
(oa) ciallaíonn ‘cúlú’ carbón a scaoileadh ar ais san atmaisféar ar bhonn deonach nó neamhdheonach; i gcás stóráil gheolaíoch CO2, tá an bhrí chéanna le ‘cúlú’ agus atá le sceitheadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(5) de Threoir 2009/31/CE nó le linn iompair CO2;
Leasú 62 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2– mír 1 – pointe o b (nua)
(ob) ciallaíonn ‘aonad ceaptha feirmeoireachta carbóin’ aon tona amháin de shochar ceaptha glanfheirmeoireachta carbóin deimhnithe arna ghiniúint ag ceapadh feirmeoireachta carbóin;
Leasú 63 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2– mír 1 – pointe o c (nua)
(oc) ciallaíonn ‘aonad táirge stórála carbóin’ aon tona amháin de thairbhe ceaptha táirgí carbóin deimhnithe arna ghiniúint trí stóráil carbóin i dtáirgí agus arna gclárú ag scéim deimhniúcháin;
Leasú 64 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2– mír 1 – pointe o d (nua)
(od) ciallaíonn ‘aonad laghdaithe astaíochtaí na feirmeoireachta carbóin’ aon tona amháin de ghlanlaghdú carbóin deimhnithe ar fheirmeoireacht charbóin, glanlaghdú nítrigine deimhnithe ar fheirmeoireacht charbóin nó glanlaghdú meatáin deimhnithe ar fheirmeoireacht charbóin arna ghiniúint ag laghdú astaíochtaí feirmeoireachta carbóin agus arna chlárú le scéim deimhniúcháin, agus arna dheighilt agus arna shainaithint mar ‘aonad laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin — carbón’, ‘aonad laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin — nítrigin’, nó ‘aonad laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin — meatán’;
Leasú 65 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Beidh aistrithe carbóin incháilithe do dheimhniúchán faoin Rialachán seo i gcás ina gcomhlíonann siad an dá choinníoll seo a leanas:
Beidh aistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin nó stóráil carbóin i dtáirgí incháilithe le haghaidh deimhniú faoin Rialachán seo i gcás ina gcomhlíonann siad an dá choinníoll seo a leanas:
Leasú 66 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 1 – pointe a
(a) gintear iad ó ghníomhaíocht aistrithe carbóin a chomhlíonann na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagail 4 go 7;
(a) go gcomhlíonann siad na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 4 go hAirteagal 7;
Leasú 67 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa) go gcomhlíonann siad na rialacha maidir le húsáid aonad a leagtar amach in Airteagal 3a;
Leasú 68 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 a (nua)
Airteagal 3a
Rialacha maidir le haonaid a eisiúint agus a úsáid
1. Eiseofar aonaid um cheapadh feirmeoireachta carbóin agus aonaid laghdaithe astaíochtaí faoin 31 Nollaig gach bliain, ar choinníoll nach léirítear i seiceáil faireacháin bhliantúil aon neamhchomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus nach léirítear cúlú léi. Beidh an comhlacht deimhniúcháin freagrach as an tseiceáil faireacháin bhliantúil bunaithe ar fhíorshonraí iontaofa, a fhéadfaidh duine dlítheanach nó údarás ábhartha, amhail an ghníomhaireacht íocaíochta, a sholáthar le cabhair ón gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116. Déanfar an tseiceáil faireacháin bhliantúil faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain. Tarchuirfidh an comhlacht deimhniúcháin sonraí maidir le haon neamhchomhlíonadh nó cúlú chuig an scéim deimhniúcháin laistigh de mhí amháin ón tseiceáil faireacháin.
2. Le haon úsáid a bhaintear as aonaid, áiritheofar an tsláine is airde maidir le maolú ar an athrú aeráide agus beidh tiúchan astaíochtaí gás ceaptha teasa níos ísle ar an iomlán san atmaisféar mar thoradh air. Rannchuideoidh gach aistriú, ceapadh agus laghdú ar astaíochtaí a ghintear faoin Rialachán seo le rannchuidithe an Aontais arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) agus spriocanna agus cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 agus ní rannchuideoidh siad le NDC tríú tír.
3. Ní úsáidfidh ná ní éileoidh níos mó ná duine dlítheanach nó nádúrtha amháin aonad deimhnithe tráth ar bith, agus ní áireofar é i níos mó ná fardal gás ceaptha teasa Ballstáit amháin tráth ar bith.
4. Leanfaidh aonaid aistrithe carbóin, aonaid ceaptha feirmeoireachta carbóin, aonaid laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin agus stóráil carbóin in aonaid táirgí de bheith éagsúil óna chéile.
5. Maidir le húsáid aonad arna ndeimhniú faoin Rialachán seo ag gnóthas le haghaidh éilimh maidir le cúiteamh deonach, fritháireamh nó laghdú ina thuairisciú corparáideach fardail gás ceaptha teasa, beidh sí faoi réir na gcoinníollacha céanna leis na coinníollacha a leagtar síos maidir le húsáid aonad le haghaidh cleachtais tráchtála chorparáideacha gnólacht le tomhaltóir i dTreoir 2005/29/CE arna leasú le Treoir (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Tomhaltóirí a Chumhachtú don Aistriú Glas]. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhionsonraí na míre seo a bhunú.
6. I gcomhréir leis an gclásal athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 30(5) de Threoir 2003/87/CE, faoin 31 Iúil 2026, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach agus measúnú tionchair, maidir leis an gcaoi a bhféadfaí cuntas a thabhairt ar astaíochtaí diúltacha, a eascraíonn as gáis cheaptha teasa a bhaintear as an atmaisféar agus a stóráiltear go sábháilte agus go buan, agus conas a d’fhéadfaí na hastaíochtaí diúltacha sin a chumhdach le trádáil astaíochtaí, más iomchuí, lena n-áirítear raon feidhme soiléir agus critéir dhochta do chumhdach den sórt sin, agus coimircí chun a áirithiú nach ndéanfaidh na haistrithe sin na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí a fhritháireamh, i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.
Leasú 70 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c
(c) Is é GCTméadú an méadú in astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha seachas iad siúd ó linnte carbóin bithghineacha i gcás feirmeoireacht carbóin, arb é is cúis leo an ghníomhaíocht aistrithe carbóin a chur chun feidhme.
(c) Is éard atá i gceist le GCTbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha, thar shaolré iomlán na gníomhaíochta atá mar thoradh ar chur chun feidhme na gníomhaíochta aistrithe carbóin, arna ríomh i gcomhréir leis na prótacail a leagtar amach i dTreoirlínte 2006 IPCC maidir le Fardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, astaíochtaí mar gheall ar úsáid fuinnimh, iompar, ionchuir ábhair, éifeachtaí díláithrithe mar gheall ar éileamh iomaíoch ar fhuinneamh nó ar dhramhtheas, agus athrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid, agus cumhdaítear leis sin tionchair laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Ní thiocfaidh méadú ar acmhainneacht an ghléasra thar a bhfuil riachtanach chun carbón a ghabháil agus a stóráil mar thoradh ar ghníomhaíocht aistrithe carbóin a dheimhniú, bunaithe ar stóráil CO2 ó bhithmhais inbhuanaithe.
2. I gcás feirmeoireacht carbóin, tuigfear ACbonnlíne agus ACiomlán mar ghlanaistrithe nó glanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/841.
2. Soláthrófar glantairbhí le gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, a dhéanfar a chainníochtú trí úsáid a bhaint as na foirmlí seo a leanas:
(a) Is é ACbonnlíne an ceapadh carbóin faoin mbonnlíne,
(b) Is é ACIomlán ceapadh carbóin iomlán na gníomhaíochta feirmeoireachta carbóin,
(c) Is éard atá i gceist le GTCbainteach astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha thar shaolré iomlán na gníomhaíochta, arb é cur chun feidhme na gníomhaíochta feirmeoireachta carbóin is cúis leo. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, astaíochtaí mar gheall ar úsáid fuinnimh, iompar, ionchuir ábhair, agus athrú díreach agus indíreach ar an talamhúsáid, agus cumhdaítear leis sin tionchair laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.
i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:
(a) Is é RCbonnlíne na hastaíochtaí carbóin faoin mbonnlíne;
(b) Is é RCIomlán an laghdú iomlán ar astaíochtaí carbóin a bhaintear amach trí chur chun feidhme na gníomhaíochta feirmeoireachta carbóin;
(c) Is éard atá i gceist le GTCbainteach astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha thar shaolré iomlán na gníomhaíochta, arb é cur chun feidhme na gníomhaíochta feirmeoireachta carbóin is cúis leo. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, astaíochtaí i ngeall ar úsáid fuinnimh, iompar, ionchuir ábhair, agus athrú díreach agus indíreach ar an talamhúsáid, agus cumhdaítear leis sin tionchair laistigh agus lasmuigh den Aontas araon;
(d) Is é N2Obunlíne na hastaíochtaí N2O faoin mbonnlíne de bharr úsáid leasacháin nó aoiligh;
(e) Is é N2OIomlán an laghdú iomlán ar astaíochtaí N2O de bharr úsáid a bhaint as bainistiú leasacháin nó aoiligh atá inchurtha go díreach i leith na gníomhaíochta;
(f) Is é Ch4bonnlíne na hastaíochtaí CH4 faoin mbonnlíne de bharr coipeadh eintreach nó bainistiú aoiligh a dhéanamh;
(g) Is é CH4Iomlán an laghdú iomlán ar astaíochtaí CH4 de bharr coipeadh eintreach nó bainistiú aoiligh atá inchurtha go díreach i leith na gníomhaíochta;
I gcás ina ngineann an ghníomhaíocht ceapadh feirmeoireachta carbóin agus laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin araon, áiritheoidh an clárlann dá dtagraítear in Airteagal 12 go ndéanfar idirdhealú idir na haonaid chomhfhreagracha um cheapadh feirmeoireachta carbóin agus aonaid laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin.
I gcás feirmeoireacht carbóin, comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in ACbonnlíne agus ACIomlán do ghlanaistrithe gás ceaptha teasa a áirítear i raon feidhme Rialachán (AE) 2018/841, agus comhfhreagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in RCbonnlíne agus RCIomlán do na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ó linnte carbóin bhithghineacha mar a leagtar amach i bpointí (e) go (f) de Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841.
Freagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in N2Obonnlíne agus N2OIomlán do na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóir foinse 4B 10-12 IPCC (bainistiú aoiligh) agus 4D (ithreacha talmhaíochta).
Freagraíonn raon feidhme na gcainníochtaí dá dtagraítear in CH4bonnlíne agus CH4Iomlán do na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóirí foinse 4A IPCC (coipeadh eintreach) agus 4B 1-9 (bainistiú aoiligh).
2a. Le stóráil carbóin i ngníomhaíocht táirgí, soláthrófar tairbhe glanstórála carbóin i dtáirgí, rud a dhéanfar a chainníochtú tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid:
(a) Is é CPSbonnlíne an carbón a cheaptar i dtáirge faoin mbonnlíne;
(b) Is é CPSIomlán an carbón iomlán arna cheapadh i dtáirge na gníomhaíochta;
(c) Is éard atá i gceist le GTCbainteach an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha, thar shaolré iomlán na gníomhaíochta atá mar thoradh ar chur chun feidhme na gníomhaíochta aistrithe carbóin. Áirítear leis sin, i measc nithe eile, astaíochtaí mar gheall ar úsáid fuinnimh, iompar, ionchuir ábhair, éifeachtaí díláithrithe mar gheall ar éileamh iomaíoch ar fhuinneamh nó ar dhramhtheas, agus athrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid, agus cumhdaítear leis sin tionchair laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.
3. Déanfar cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), a ainmniú le comhartha diúltach (-) más glanaistrithe gás ceaptha teasa iad agus le comhartha deimhneach (+) más glanastaíochtaí gás ceaptha teasa iad; déanfar iad a shloinneadh i dtonaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin.
3. Ainmneofar cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1 pointí (a), (b) agus (c), i mír 2, pointí (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g), agus i mír 2a, pointí (a), (b) agus (c), le comhartha diúltach (−) más glanaistrithe gás ceaptha teasa iad nó, i gcás laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, glanlaghduithe ar gháis cheaptha teasa, agus le comhartha dearfach (+) más glanastaíochtaí gás ceaptha teasa iad, sloinnfear iad i dtonaí coibhéise dé-ocsaíde carbóin.
4. Déanfar aistrithe carbóin a chainníochtú ar bhealach ábhartha cruinn iomlán comhsheasmhach trédhearcach.
4. Déanfar aistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a chainníochtú ar bhealach ábhartha, cruinn, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus trédhearcach. Déanfar neamhchinnteachtaí i gcainníochtú aistrithe carbóin a thuairisciú go cuí agus a chur san áireamh mar chuid de na modheolaíochtaí deimhniúcháin, ar bhealach atá coimeádach, comhréireach leis an leibhéal neamhchinnteachta, agus i gcomhréir le cineálacha cur chuige staidrimh aitheanta agus leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí atá ar fáil.
5. Comhfhreagróidh an bhonnlíne d’fheidhmíocht chaighdeánach aistrithe carbóin gníomhaíochtaí inchomparáide in imthosca sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíocha comhchosúla agus cuirfear an comhthéacs geografach san áireamh.
5. I gcás aistrithe carbóin nó stórála carbóin i dtáirgí, beidh an bhonnlíne chaighdeánaithe ionadaíoch ar fheidhmíocht úrscothach na gcleachtas reatha coiteann de ghníomhaíochtaí inchomparáide in imthosca sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíocha comhchosúla agus cuirfear an comhthéacs geografach san áireamh.
5a. I gcás feirmeoireachta carbóin, beidh an bhonnlíne chaighdeánaithe ionadaíoch d’fheidhmiú cleachtas reatha coiteann gníomhaíochtaí inchomparáide in imthosca sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíocha comhchosúla agus cuirfear an comhthéacs geografach san áireamh I gcás ceapadh na feirmeoireachta carbóin, ní chuirfear san áireamh agus an bhonnlíne chaighdeánaithe á ríomh na cleachtais reatha choiteanna sin maidir le gníomhaíochtaí ceaptha feirmeoireachta carbóin inchomparáide a mbíonn glanastaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh orthu. I gcás laghdú ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, ní chuirfear san áireamh i ríomh na bonnlíne caighdeánaithe na cleachtais reatha choiteanna sin de ghníomhaíochtaí laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin atá inchomparáide agus a mbíonn glanastaíochtaí gás ceaptha teasa méadaithe mar thoradh orthu. Déanfar idirdhealú sna modheolaíochtaí faoi seach idir bonnlínte statacha nó dinimiciúla i gcás inar gá.
6. De mhaolú ar mhír 5, i gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfar an bhonnlíne a bhunú ar fheidhmíocht aonair aistrithe carbóin na gníomhaíochta sin.
6. De mhaolú ar mhír 5, i gcás ina bhfuil údar cuí leis sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme toisc nach bhfuil gníomhaíochtaí leordhóthanacha inchomparáide ann le bheith in ann bonnlíne ionadaíoch a shocrú, féadfar an bhonnlíne a bhunú ar fheidhmíocht aonair na gníomhaíochta sin ag tús na gníomhaíochta sin.
7. Déanfar an bhonnlíne a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
7. Déanfaidh an Coimisiún an bhonnlíne a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta gach cúig bliana ar a laghad. Fanfaidh an bhonnlíne seasmhach don oibreoir i rith na tréimhse faireacháin a luaithe a bheidh tús curtha le gníomhaíocht, ach déanfar í a athbhreithniú agus a nuashonrú tráth athdheimhniúcháin.
9. Chun tacú le cainníochtú aistrithe carbóin a ghintear le feirmeoireacht carbóin, baileoidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí sonraí maidir le haistrithe carbóin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bhealach atá comhoiriúnach le fardail náisiúnta gás ceaptha teasa faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.
9. Chun tacú le cainníochtú na feirmeoireachta carbóin, baileoidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí sonraí maidir le ceapadh carbóin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar úsáid mhodheolaíochtaí Leibhéal 3 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa, agus ar bhealach atá comhoiriúnach le fardail náisiúnta gás ceaptha teasa faoi Rialachán (AE) 2018/841 agus faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, agus an cuspóir maidir leis an ualach riaracháin d’oibreoirí ar mhionscála a íoslaghdú i gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Rialachán seo á chur san áireamh.
Leasú 81 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Is gníomhaíocht bhreise a bheidh i ngníomhaíocht aistrithe carbóin. Chuige sin, comhlíonfaidh an ghníomhaíocht aistrithe carbóin an dá chritéar seo a leanas:
1. Is gníomhaíocht bhreise a bheidh i ngach gníomhaíocht. Chuige sin, comhlíonfaidh an ghníomhaíocht an dá chritéar seo a leanas:
Leasú 82 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 – pointe a
(a) téann sé thar ceanglais reachtacha an Aontais agus ceanglais reachtacha náisiúnta;
(a) téann sé thar cheanglais reachtacha an Aontais agus ceanglais reachtacha náisiúnta ar leibhéal an oibreora aonair;
Leasú 83 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 – pointe b
(b) tarlaíonn sé de bharr éifeacht dreasachta an deimhnithe.
(b) tá gá le héifeacht dreasachta an deimhniúcháin chun go mbeidh an ghníomhaíocht tarraingteach ó thaobh airgeadais de.
(2) I gcás ina mbunófar an bhonnlíne de bhun Airteagal 4(5), meastar gur comhlíonadh an bhreisíocht dá dtagraítear i mír 1. I gcás ina mbunófar an bhonnlíne de bhun Airteagal 4(6), léireofar breisíocht dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), trí thástálacha sonracha.
(2) I gcás ina mbunófar an bhonnlíne de bhun Airteagal 4(5) nó (5a), meastar gur comhlíonadh an bhreisíocht dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). I gcás ina mbunófar an bhonnlíne de bhun Airteagal 4(6), léireofar breisíocht dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), trí thástálacha sonracha a leagtar amach mar chuid de na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8.
Leasú 85 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – teideal
Stóráil fhadtéarmach
Fad na stórála, ceanglais faireacháin agus dliteanais.
1. Léireoidh oibreoir nó grúpa oibreoirí go bhfuil sé d’aidhm ag gníomhaíocht aistrithe carbóin stóráil fhadtéarmach carbóin a áirithiú.
1. Déanfaidh oibreoir nó grúpa oibreoirí a áirithiú agus a léiriú go mbeidh stóráil bhuan carbóin mar thoradh ar ghníomhaíocht aistrithe carbóin.
Leasú 87 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
1a. Áiritheoidh agus léireoidh oibreoir nó grúpa oibreoirí go mbeidh ceapadh fadtéarmach carbóin, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, nó iad araon mar thoradh ar ghníomhaíocht feirmeoireachta carbóin.
Leasú 88 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 1 b (nua)
1b. Déanfaidh oibreoir nó grúpa oibreoirí a áirithiú agus a léiriú go mbeidh stóráil fhadtéarmach carbóin mar thoradh ar ghníomhaíocht stórála carbóin i dtáirgí.
2. Chun críocha mhír 1, comhlíonfaidh oibreoir nó grúpa oibreoirí an dá chritéar seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, mhír 1a agus mhír 1b, comhlíonfaidh oibreoir nó grúpa oibreoirí na critéir seo a leanas a leagtar amach i míreanna 2a go 2e.
(a) déanfaidh siad faireachán agus maolú ar aon riosca go scaoilfear an carbón stóráilte a tharlaíonn le linn na tréimhse faireacháin;
(b) beidh siad faoi réir sásraí iomchuí dliteanais chun aghaidh a thabhairt ar aon scaoileadh den charbón stóráilte a tharlaíonn le linn na tréimhse faireacháin.
Leasú 90 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 a (nua)
2a. Déanfaidh oibreoir nó grúpa oibreoirí faireachán agus maolú ar aon riosca go scaoilfear an carbón stóráilte le linn na tréimhse faireacháin, a shocrófar mar seo a leanas:
(a) maidir le gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, beidh an tréimhse faireacháin agus na ceanglais comhsheasmhach le hAirteagal 13, le hAirteagal 17 agus le hAirteagal 18 de Threoir 2009/31/CE;
(b) maidir le gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, cumhdófar leis an tréimhse faireacháin agus na ceanglais ar a laghad an tréimhse iomlán ina dtuartar torthaí na gníomhaíochta a bheith marthanach mar a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme;
(c) maidir le stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí, cumhdóidh an tréimhse faireacháin saolré iomlán an táirge go dtí deireadh ré an táirge agus an tréimhse sin san áireamh.
Leasú 91 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 b (nua)
2b. Féadfaidh oibreoir feirmeoireachta carbóin nó grúpa oibreoirí duine dlítheanach nó údarás ábhartha a ainmniú, amhail an ghníomhaireacht íocaíochta de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin atá cláraithe sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, le bheith freagrach as an bhfaireachán, faoi réir gach ceanglas faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
Leasú 92 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 c (nua)
2c. Beidh oibreoir nó grúpa oibreoirí faoi réir sásraí dliteanais iomchuí, agus ainmneoidh siad duine nádúrtha nó dlítheanach faoi dhliteanas a bheidh freagrach as aghaidh a thabhairt ar aon chúlú, lena n-áirítear de bharr force majeure, tráth ar bith le linn na gníomhaíochta:
(a) maidir le gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, beidh an sásra dliteanais comhsheasmhach leis an sásra dliteanais a leagtar amach i dTreoir 2009/31/CE;
(b) maidir le gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, déanfar an sásra dliteanais a leagan amach agus a fhormheas mar chuid den mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme agus áiritheofar go nginfear ceapadh coibhéiseach carbóin mar chúiteamh ar an gcúlú;
(c) maidir le stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí, déanfar an sásra dliteanais a leagan amach agus a fhormheas mar chuid den mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme agus áiritheofar go nginfear stóráil choibhéiseach carbóin mar chúiteamh ar an gcúlú.
Déanfaidh an scéim deimhniúcháin faireachán leanúnach agus áiritheoidh sí infhaighteacht agus ullmhacht an tsásra dliteanais le linn thréimhse faireacháin gníomhaíochta
Leasú 93 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 d (nua)
2d. I gcás cúlú, cuirfear na haonaid chomhfhreagracha ar fionraí sa chlárlann deimhniúcháin i gcás ina gclárófar iad go dtí go dtabharfar aghaidh ar an gcúlú leis an sásra dliteanais i gcomhréir le mír 2c.
I gcás nach dtugtar aghaidh ar chúlú laistigh de thréimhse ama réasúnach tríd an sásra dliteanais i gcomhréir le mír 2c, rachaidh bailíocht deimhnithe in éag agus cealófar na haonaid chomhfhreagracha sa chlárlann deimhniúcháin ina bhfuil siad cláraithe.
Leasú 94 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 2 e (nua)
2e. I gcás ina bhfuil bailíocht deimhnithe imithe in éag i gcomhréir le mír 2a, pointe (c), íocfaidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí pionós ceartaitheach lena léireofar costas carbóin an mhéid carbóin a scaoiltear isteach san atmaisféar. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfoirmle a bhunú chun na pionóis agus na socruithe maidir le híocaíocht na bpionós a ríomh.
3. Maidir le feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, measfar go scaoilfear an carbón san atmaisféar a stóráiltear le gníomhaíocht aistrithe carbóin ag deireadh na tréimhse faireacháin.
3. Maidir le feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí, measfar go scaoilfear an glantairbhe a ghintear leis an ngníomhaíocht le linn shaolré iomlán na gníomhaíochta san atmaisféar ag deireadh na tréimhse faireacháin nó, i gcás ina scoirfear den fhaireachán, roimh dheireadh na tréimhse faireacháin, agus cuirfear na haonaid chomhfhreagracha ar ceal sa chlárlann deimhniúcháin ina bhfuil siad cláraithe, ach amháin má dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí athdheimhniú ar an ngníomhaíocht agus má léiríonn sé go bhfuil an ghníomhaíocht agus an tréimhse faireacháin fós ar siúl. Mar sin féin, ní bheidh mar thoradh ar ghníomhaíocht feirmeoireachta carbóin laghdú ar linn charbóin, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/841, i gcomparáid leis an mbonnlíne tar éis na tréimhse faireacháin.
1. Beidh tionchar neodrach ag gníomhaíocht aistrithe carbóin ar na cuspóirí inbhuanaitheachta seo a leanas ar fad nó déanfaidh sí comhthairbhí a ghiniúint ina leith:
1. Beidh tionchar neodrach ar a laghad ag gníomhaíocht aistrithe carbóin ar gach ceann de na cuspóirí inbhuanaitheachta seo a leanas, agus féadfaidh sí comhthairbhí a ghiniúint le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí inbhuanaitheachta seo a leanas:
(a) maolú ar an athrú aeráide thar an nglantairbhe aistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1);
(a) maolú ar an athrú aeráide thar an nglantairbhe dá dtagraítear in Airteagal 4(1);
(aa) an riosca sceite carbóin i dtríú tíortha a sheachaint;
(b) oiriúnú don athrú aeráide;
(b) oiriúnú don athrú aeráide;
(c) úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint;
(c) úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint;
(d) aistriú chuig geilleagar ciorclach;
(d) aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear úsáid éifeachtúil ábhar bithbhunaithe a fhoinsítear go hinbhuanaithe;
(e) truailliú a chosc agus a rialú;
(e) truailliú a chosc agus a rialú;
(f) bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.
(f) bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.
Leasú 97 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
1a. Ginfidh gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin comhthairbhí ar a laghad don chuspóir inbhuanaitheachta dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír seo, agus beidh tionchar neodrach ar a laghad aici ar gach ceann de na cuspóirí inbhuanaitheachta a liostaítear i bpointí (a) go (ea) nó féadfaidh sí comhthairbhí a ghiniúint le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí inbhuanaitheachta a liostaítear i bpointí (a) go (ea) mar seo a leanas:
(a) maolú ar an athrú aeráide thar an nglantairbhe feirmeoireachta carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1a);
(b) oiriúnú don athrú aeráide;
(c) úsáid inbhuanaithe a bhaint as cáilíocht an uisce agus as acmhainní muirí agus iad a chosaint nó a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe;
(d) aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear úsáid éifeachtúil ábhar bithbhunaithe a fhoinsítear go hinbhuanaithe;
(e) truailliú a chosc agus a rialú;
(ea) díghrádú ithreach a chosc, ithreach a athchóiriú, torthúlacht na hithreach agus bainistiú cothaitheach agus bithra ithreach a fheabhsú;
(f) bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.
1b. Beidh tionchar neodrach ar a laghad ag stóráil carbóin i ngníomhaíocht táirge ar gach ceann de na cuspóirí inbhuanaitheachta seo a leanas, agus ginfear comhthairbhí léi le haghaidh ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí inbhuanaitheachta seo a leanas:
(a) maolú ar an athrú aeráide thar an nglantairbhe feirmeoireachta carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1a);
(b) oiriúnú don athrú aeráide;
(c) úsáid inbhuanaithe a bhaint as cáilíocht an uisce agus as acmhainní muirí agus iad a chosaint nó a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe;
(d) aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear úsáid éifeachtúil ábhar bithbhunaithe a fhoinsítear go hinbhuanaithe;
(e) truailliú a chosc agus a rialú;
(ea) díghrádú ithreach a chosc, ithreach a athchóiriú, torthúlacht na hithreach agus bainistiú cothaitheach agus bithra ithreach a fheabhsú;
(f) bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú.
Leasú 99 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 7 – mír 1 c (nua)
1c. Ní bheidh tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin ar shlándáil bia an Aontais agus ní bheidh grabáil talún ná amhantraíocht talún mar thoradh orthu.Urramóidh siad cearta na bpobal áitiúil agus na ndaoine dúchasacha a ndéanann na gníomhaíochtaí sin difear dóibh, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, chomh maith leis an gcothromaíocht idir an tionchar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta ar phobail áitiúla agus ar bhainisteoirí talún ar mhionscála.
Ní bheidh tionchar diúltach ag gníomhaíocht faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar ghníomhaíochtaí eile faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
2. Chun críocha mhír 1, comhlíonfaidh gníomhaíocht aistrithe carbóin na ceanglais íosta inbhuanaitheachta a leagtar síos sna modheolaíochtaí deimhniúcháin, a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8.
2. Chun críocha mhíreanna 1, 1a, 1b agus 1c, leagfaidh an Coimisiún amach na híoscheanglais inbhuanaitheachta maidir le gach cineál gníomhaíochta sa mhodheolaíocht deimhniúcháin ábhartha, mar chuid de na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 8. Cuirfear san áireamh sna híoscheanglais inbhuanaitheachta na tionchair laistigh agus lasmuigh den Aontas agus dálaí áitiúla araon. Beidh na híoscheanglais inbhuanaitheachta sin, i gcás inarb iomchuí, comhsheasmhach leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a bhaineann le gníomhaíochtaí foraoiseachta agus stóráil bhuan gheolaíoch faoi thalamh CO2 a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, agus cuirfear chun cinn leo inbhuanaitheacht amhábhar bithmhaise foraoise agus talmhaíochta i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh bithmhaise a leagtar síos in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001.
3. I gcás ina dtuairisceoidh oibreoir nó grúpa oibreoirí comhthairbhí a rannchuidíonn leis na cuspóirí inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 thar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfaidh siad na modheolaíochtaí deimhniúcháin a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8. Déanfaidh na modheolaíochtaí deimhniúcháin giniúint comhthairbhí a théann thar na ceanglais íosta inbhuanaitheachta a dhreasú a mhéid is féidir, go háirithe don chuspóir dá dtagraítear i mír 1, pointe (f).
3. I gcás ina dtuairiscíonn oibreoir nó grúpa oibreoirí comhthairbhí a rannchuidíonn leis na cuspóirí inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1, 1a nó 1b thar na híoscheanglais inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfaidh siad na modheolaíochtaí deimhniúcháin a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8. Leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin, tabharfar dreasacht do ghiniúint comhthairbhí a théann thar na híoscheanglais inbhuanaitheachta maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1a agus déanfar foráil iontu maidir leis an bhféidearthacht préimh feirmeoireachta carbóin a ghiniúint le haghaidh na gcomhthairbhí sin, a leagfaidh an Coimisiún amach an mhodheolaíocht ina leith trí ghníomhartha tarmligthe faoin ... [cuir isteach an dáta le do thoil bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].Cuirfear in iúl le deimhnithe an bhfuil tionchar neodrach ag gníomhaíocht nó an ngineann gníomhaíocht comhthairbhí do na cuspóirí inbhuanaitheachta.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla dá dtagraítear i mír 1 a bhunú maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le stóráil bhuan carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí. Áireofar sna modheolaíochtaí deimhniúcháin sin ar a laghad na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun na modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla dá dtagraítear i mír 1 a bhunú le haghaidh gach cineál gníomhaíochta. Beidh gach modheolaíocht deimhniúcháin do gach cineál gníomhaíochta faoi réir gníomh tarmligthe ar leithligh. Áireofar sna modheolaíochtaí deimhniúcháin sin ar a laghad na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin ... [Cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht d’fhorbairt modheolaíochtaí deimhniúcháin le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochtaí sin is aibí, a d’fhéadfadh na glantairbhí is mó a ghiniúint agus a d’fhéadfadh na comhthairbhí is mó a sholáthar. I gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid dá thosaíocht, a chur san áireamh freisin an rannchuidíonn na gníomhaíochtaí le bainistiú inbhuanaithe talún talmhaíochta agus foraoisí.
Déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun gníomhaíochtaí nua nó nuálacha a chur san áireamh, arna n-ullmhú i gcomhréir leis na critéir a liostaítear i mír 2a agus i mír 3.
Ní fhorbrófar na modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla do ghníomhaíochtaí a bhaineann le stóráil carbóin i dtáirgí ach amháin tar éis na tuarascála a chuirfidh an Coimisiún i láthair i gcomhréir le hAirteagal 17(3) de Rialachán (AE) 2018/841 agus ar bhonn na tuarascála sin.
Leasú 103 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
2a. Sula nglacfaidh sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 8a maidir leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
Leasú 104 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 2 b (nua)
2b. Maidir le gach dréachtghníomh tarmligthe, déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair críochnúil, a bheidh bunaithe ar fhianaise dhochloíte eolaíoch agus ar chomhairliúchán poiblí ar feadh tréimhse ceithre seachtaine ar a laghad, agus poibleofar torthaí críochnaitheacha an ghnímh sin tráth a ghlacfar an gníomh tarmligthe gaolmhar.
Laistigh de 6 mhí ó ... [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le mír 2 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ardán, treoir a fhoilsiú d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin nó do ghrúpaí oibreoirí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le liosta na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh agus na modheolaíochtaí á n-ullmhú. Féadfar an liosta sin a athbhreithniú agus a leathnú go tréimhsiúil.
Leasú 105 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe a
(a) na cuspóirí maidir le stóinseacht aistrithe carbóin a áirithiú agus cosaint agus athbhunú éiceachóras a aithint;
(a) na cuspóirí maidir le stóinseacht na ngníomhaíochtaí a áirithiú agus cosaint agus athbhunú éiceachóras a aithint;
Leasú 106 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe a a (nua)
(aa) beidh na modheolaíochtaí deimhniúcháin bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus ar phrionsabal an réamhchúraim atá cumhdaithe in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
Leasú 107 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe a b (nua)
(ab) toradh an chomhairliúcháin phoiblí agus chomhairle an Ardáin;
Leasú 108 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe a c (nua)
(ac) caighdeáin agus dea-chleachtais atá ann cheana sna modheolaíochtaí deimhniúcháin, i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais agus na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo;
Leasú 109 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 – pointe b
(b) na cuspóirí maidir leis an ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, go háirithe d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin ar mhionscála;
(b) an cuspóir an t-ualach riaracháin agus airgeadais a íoslaghdú agus an nós imeachta deimhniúcháin a choinneáil chomh simplí agus is féidir d’oibreoirí, go háirithe d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin ar mhionscála agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, gan cur isteach ar cháilíocht na n-aistrithe carbóin nó na gcomhthairbhí;
Leasú 110 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 –mír 3 – pointe b a (nua)
(ba) beidh na modheolaíochtaí deimhniúcháin éasca le húsáid agus bunófar iad ar bhealach a éascóidh fíorú a gcomhlíonta;
Leasú 111 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 a (nua)
3a. Cuirfidh an Coimisiún na modheolaíochtaí deimhniúcháin ar fáil go poiblí.
Leasú 112 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8a
Ardán ar Aistriú Carbóin, Feirmeoireacht Carbóin agus Stóráil Carbóin i nGníomhaíochtaí Táirgí
1. Bunóidh an Coimisiún Ardán maidir le Aistriú Carbóin agus Gníomhaíochtaí Feirmeoireachta Carbóin (an ‘tArdán’). Beidh sé comhdhéanta ar bhealach cothrom de na grúpaí seo a leanas:
(a) ionadaithe thar ceann:
(i) an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;
(ii) an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a;
(b) saineolaithe a dhéanann ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí príobháideacha ábhartha, lena n-áirítear feirmeoirí agus úinéirí nó bainisteoirí foraoise, agus earnálacha gnó, a dhéanann ionadaíocht thar ceann na dtionscal ábhartha, a bhfuil baint acu leis na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
(ba) ionadaithe na scéimeanna deimhniúcháin;
(c) saineolaithe a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta a bhfuil saineolas acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
(d) saineolaithe arna gceapadh i gcáil phearsanta a bhfuil eolas agus taithí chruthaithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
(e) saineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar an saol acadúil, lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí taighde agus eagraíochtaí eolaíocha eile.
Déanfar comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe maidir le haistrithe carbóin a chomhtháthú sna grúpaí ionadaithe agus saineolaithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) ar bhealach lena ráthaítear go ndéanfar ionadaíocht ar ghrúpaí i bpointí (a) go (e) ar bhealach cothrom.
2. Déanfaidh an tArdán an méid seo a leanas:
(a) Comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 8, lena n-áirítear maidir leis na híoscheanglais inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann na modheolaíochtaí deimhniúcháin sin a thabhairt cothrom le dáta;
(b) anailís a dhéanamh ar thionchar na modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla i dtéarmaí na gcostas agus na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena gcur i bhfeidhm;
(c) cúnamh a thabhairt don Choimisiún anailís a dhéanamh ar iarrataí ó gheallsealbhóirí chun modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla le haghaidh gníomhaíocht ar leith a fhorbairt nó a athbhreithniú;
(d) faireachán a dhéanamh ar threochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát maidir le haistriú carbóin agus feirmeoireacht carbóin agus tuairisciú go tráthrialta don Choimisiún ina leith sin;
(e) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann bearta breise a fhorbairt chun infhaighteacht agus cáilíocht sonraí a fheabhsú.
(f) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hinúsáidteacht na modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla, agus an gá atá le hualach riaracháin míchuí a sheachaint á chur san áireamh;
(g) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann an Rialachán seo a leasú;
(h) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an bhfaisnéis íosta a áirítear sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 9, agus maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le hiniúchtaí agus scéimeanna deimhniúcháin, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann na rialacha agus na nósanna imeachta sin a thabhairt cothrom le dáta.
3. Cuirfidh an tArdán réimse leathan tuairimí geallsealbhóirí san áireamh. Féachfaidh roghnú na gcomhaltaí le saineolas éagsúil araíonachta agus earnála a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht inscne agus gheografach.
4. Beidh an tArdán faoi chathaoirleacht comhalta den Ardán a thoghfaidh an tArdán agus a bhunófar i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu ar bhonn ad hoc.
5. Cuirfidh an tArdán a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta. Foilseoidh an Coimisiún miontuairiscí chruinnithe an Ardáin agus doiciméid ábhartha eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
6. I gcás ina measann oibreoirí nó grúpaí oibreoirí gur cheart gníomhaíocht nach gcomhlíonann na modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla arna mbunú de bhun an Rialacháin seo, nó nach bhfuil modheolaíochtaí deimhniúcháin teicniúla den sórt sin bunaithe ina leith go fóill, a bheith incháilithe le haghaidh deimhniúcháin faoin Rialachán seo, féadfaidh siad an tArdán a chur ar an eolas faoi sin.
_____________
1a Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).
1. Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú comhlíontachta an Rialacháin seo, cuirfidh oibreoir nó grúpa oibreoirí iarratas faoi bhráid scéime deimhniúcháin. Ar ghlacadh leis an iarratas sin, cuirfidh an t-oibreoir nó grúpa oibreoirí tuairisc chuimsitheach faoi bhráid comhlachta deimhniúcháin ar an ngníomhaíocht aistrithe carbóin, lena n-áirítear an mhodheolaíocht deimhniúcháin a cuireadh i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 4 go 7, na haistrithe carbóin iomlána measta agus an glantairbhe aistrithe carbóin. Sonróidh grúpaí oibreoirí freisin cén chaoi a soláthraítear seirbhísí comhairleacha maidir le gníomhaíochtaí aistrithe carbóin, go háirithe d’oibreoirí feirmeoireachta carbóin ar mhionscála.
1. Chun iarratas a dhéanamh ar dheimhniú comhlíontachta an Rialacháin seo, cuirfidh oibreoir nó grúpa oibreoirí iarratas faoi bhráid scéime deimhniúcháin. Ar ghlacadh leis an iarratas sin, cuirfidh an t-oibreoir nó grúpa oibreoirí tuairisc chuimsitheach ar an ngníomhaíocht faoi bhráid comhlacht deimhniúcháin, lena n-áirítear an mhodheolaíocht deimhniúcháin a cuireadh i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 3a go 7, agus an glansochar iomlán a bhfuiltear ag súil leis. Sonróidh grúpaí oibreoirí freisin conas a sholáthraítear seirbhísí comhairleacha maidir le gníomhaíochtaí, go háirithe d’oibreoirí ar mhionscála, agus cad iad na bearta a dhéanfar chun an t-ualach riaracháin ar bhainisteoirí talún a theorannú. I gcás oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a bhfuil baint acu le tionscadail trasteorann nó ilnáisiúnta, féadfar comhlacht deimhniúcháin aonair a cheapadh do gach tionscadal trasteorann agus ilnáisiúnta.
Maidir le gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, féadfaidh na Ballstáit comhairle a thabhairt d’fheirmeoirí faoi chuimsiú na seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2115.
Maidir le feirmeoireacht carbóin, ní féidir dáileachtaí talmhaíochta atá cláraithe sa Chóras Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (LPIS) a leagtar amach in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116 a bhfuil gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin arna deimhniú ag scéim deimhniúcháin ar siúl ina leith, ní féidir iad a dheimhniú le haghaidh na gníomhaíochta céanna le scéim deimhniúcháin eile.
Chun comhsheasmhacht le hIarscríbhinn I (c) a áirithiú, le haghaidh feirmeoireacht carbóin, clárófar an fhaisnéis seo a leanas sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, dá bhforáiltear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116, i gcás inarb infheidhme: cleachtais bhainistíochta a bhaineann leis an ngníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, dáta tosaigh agus dáta deiridh na gníomhaíochta aistrithe carbóin, ainm na scéime deimhniúcháin agus uimhir uathúil deimhnithe nó cód uathúil an deimhnithe le haghaidh dáileacht talmhaíochta ar leith.
2. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchadh deimhniúcháin chun an fhaisnéis a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 1 a fhíorú agus chun a dheimhniú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht aistrithe carbóin Airteagail 4 go 7. Mar thoradh ar an iniúchadh deimhniúcháin sin, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta deimhniúcháin, ina mbeidh achoimre, agus deimhniú ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Déanfaidh an scéim deimhniúcháin rialú ar an tuarascáil iniúchta deimhniúcháin agus an deimhniú, agus cuirfidh sí an achoimre ar an tuarascáil iniúchta deimhniúcháin ar fáil go poiblí sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 12.
2. Ceapfaidh an scéim deimhniúcháin comhlacht deimhniúcháin a dhéanfaidh iniúchadh deimhniúcháin chun a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear isteach i gcomhréir le mír 1 cruinn agus iontaofa, agus a dheimhniú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht Airteagal 3a go hAirteagal 7. Nuair a dhéantar an iliomad gníomhaíochtaí éagsúla feirmeoireachta carbóin ar leibhéal na feirme, féadfar na hiniúchtaí deimhniúcháin a dhéanamh uair amháin. Nuair a fhíorófar, mar thoradh ar an iniúchadh deimhniúcháin sin, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 1 á comhlíonadh, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchóireachta deimhniúcháin, ina mbeidh achoimre agus deimhniú ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Rialóidh an scéim deimhniúcháin an tuarascáil iniúchóireachta deimhniúcháin agus an deimhniú, agus cuirfidh sí an tuarascáil iniúchóireachta deimhniúcháin agus an deimhniú ar fáil don phobal go hiomlán nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, seachas an fhaisnéis sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de, i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.
3. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchtaí athdheimhniúcháin go tréimhsiúil chun comhlíonadh na gníomhaíochta aistrithe carbóin le hAirteagail 4 go 7 a athdheimhniú agus chun an tairbhe carbóin a ghintear a fhíorú. Mar thoradh ar an iniúchadh athdheimhniúcháin, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin, ina mbeidh achoimre, agus deimhniú nuashonraithe. Déanfaidh an scéim deimhniúcháin rialú ar an tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin agus ar an deimhniú nuashonraithe, agus cuirfidh sí achoimre ar an tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin, an deimhniú nuashonraithe agus na haonaid dheimhnithe aistrithe carbóin ar fáil go poiblí i gclárlann dá dtagraítear in Airteagal 12.
3. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchtaí athdheimhniúcháin tréimhsiúla chun a athdhearbhú go gcomhlíonann an ghníomhaíocht Airteagal 3a go hAirteagal 7 agus chun an glantairbhe a ghintear a fhíorú. Déanfar iniúchtaí athdheimhniúcháin gach 5 bliana ar a laghad le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, agus gach 10 mbliana ar a laghad i gcás gníomhaíochtaí eile, de réir cur chuige rioscabhunaithe. Mar thoradh ar an iniúchadh athdheimhniúcháin, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil iniúchta athdheimhniúcháin, ina mbeidh achoimre, agus deimhniú nuashonraithe. Rialóidh an scéim deimhniúcháin an tuarascáil iniúchóireachta athdheimhniúcháin agus an deimhniú nuashonraithe, agus cuirfidh sí an tuarascáil iniúchóireachta athdheimhniúcháin, an deimhniú nuashonraithe agus na haonaid aistrithe carbóin dheimhnithe ar fáil go poiblí go hiomlán nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, seachas an fhaisnéis sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de, i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.
4. Tacóidh an t-oibreoir nó grúpa oibreoirí leis an gcomhlacht deimhniúcháin le linn iniúchtaí deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin, go háirithe trí rochtain a thabhairt ar áitreabh na gníomhaíochta agus trí shonraí agus doiciméid ábhartha a sholáthar.
4. Tacóidh an t-oibreoir nó grúpa oibreoirí leis an gcomhlacht deimhniúcháin le linn iniúchtaí deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin, go háirithe trí rochtain a thabhairt ar áitreabh na gníomhaíochta agus trí aon sonraí agus doiciméadacht is gá a chur ar fáil.
Leasú 117 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 9 – mír 4 a (nua)
4a. Gheobhaidh comhlachtaí deimhniúcháin luach saothair ón scéim deimhniúcháin chun neamhspleáchas na n-iniúchtaí deimhniúcháin nó athdheimhniúcháin a áirithiú.
5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun struchtúr, formáid, sonraí teicniúla na tuairisce cuimsithí ar an ngníomhaíocht aistrithe carbóin dá dtagraítear i mír 1, agus na dtuarascálacha iniúchta deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
5. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná ... [cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun struchtúr, formáid, sonraí teicniúla na tuairisce cuimsithí ar an ngníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus na dtuarascálacha iniúchóireachta deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a leagan amach.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
1. Déanfaidh údarás creidiúnaithe náisiúnta comhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh ag scéimeanna deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37.
1. Déanfaidh údarás creidiúnaithe náisiúnta comhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh ag scéimeanna deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle37. Cuirfear liosta na gcomhlachtaí deimhniúcháin creidiúnaithe ar fáil go poiblí i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.
__________________
__________________
37 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
37 Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
Leasú 120 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 2 – pointe b
(b) neamhspleách ar na hoibreoirí nó ar ghrúpa oibreoirí, agus na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail.
(b) neamhspleách ó thaobh dlí agus airgeadais de ar na hoibreoirí nó ar ghrúpa oibreoirí, agus na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail.
4. Déanfaidh na Ballstáit maoirseacht ar oibriú comhlachtaí deimhniúcháin. Cuirfidh comhlachtaí deimhniúcháin isteach, arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla náisiúnta, an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a n-oibriú, lena n-áirítear dáta, am agus suíomh na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 9. I gcás ina n-aimseoidh na Ballstáit saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh siad an comhlacht deimhniúcháin agus an scéim deimhniúcháin ábhartha ar an eolas faoi sin gan mhoill.
4. Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis réigiúnacha maoirseacht ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin. Arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, ag na húdaráis inniúla réigiúnacha, tíolacfaidh comhlachtaí deimhniúcháin an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar a n-oibríocht, lena n-áirítear dáta, am agus suíomh na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 9. I gcás ina n-aimsíonn na Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme, na húdaráis réigiúnacha saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh siad an comhlacht deimhniúcháin agus an scéim deimhniúcháin ábhartha ar an eolas faoi sin gan mhoill agus foilseoidh siad an fógra sin i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.
2. Feidhmeoidh scéimeanna deimhniúcháin ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe maidir le bainistíocht agus monatóireacht inmheánach, gearáin agus achomhairc a láimhseáil, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, trédhearcacht agus foilsiú faisnéise, ceapadh agus oiliúint comhlachtaí deimhniúcháin, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna neamh-chomhréireachta, forbairt agus bainistiú clárlann.
2. Feidhmeoidh scéimeanna deimhniúcháin ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe maidir le bainistiú agus faireachán inmheánach, gearáin agus achomhairc a láimhseáil, comhairliúchán le geallsealbhóirí, trédhearcacht agus foilsiú faisnéise, comhlachtaí deimhniúcháin a cheapadh agus a oiliúint agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna neamh-chomhréireachta. Chun déileáil le gearáin agus achomhairc, cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin nósanna imeachta gearáin agus achomhairc a mbeidh rochtain éasca orthu i bhfeidhm. Cuirfear na nósanna imeachta sin ar fáil go poiblí i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.
3. Fíoróidh scéimeanna deimhniúcháin an raibh an fhaisnéis agus na sonraí a chuir an t-oibreoir nó grúpa oibreoirí isteach chun comhlíonadh a dheimhniú de bhun Airteagal 9 faoi réir iniúchadh neamhspleách agus an ndearnadh an deimhniú comhlíontachta ar bhealach cruinn, iontaofa agus costéifeachtach.
3. Fíoróidh scéimeanna deimhniúcháin an raibh an fhaisnéis agus na sonraí a chuir an t-oibreoir nó grúpa oibreoirí isteach le haghaidh deimhniú comhlíontachta de bhun Airteagal 9 faoi réir iniúchóireacht neamhspleách agus an ndearnadh an deimhniú comhlíontachta agus na tuarascálacha iniúchóireachta athdheimhniúcháin ar bhealach cruinn, iontaofa agus costéifeachtach.
4. Foilseoidh scéimeanna deimhniúcháin, go bliantúil ar a laghad, liosta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a cheaptar, ina luafar, i gcás gach comhlachta deimhniúcháin, cén t-eintiteas nó údarás poiblí náisiúnta a bhfuil sé aitheanta aige agus cén t-eintiteas nó údarás poiblí náisiúnta a bhfuil faireachán á dhéanamh air.
4. Foilseoidh scéimeanna deimhniúcháin, ar a laghad uair sa bhliain, liosta de na comhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12, ina luafar do gach comhlacht deimhniúcháin cé acu eintiteas nó údarás náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, údarás poiblí réigiúnach a d’aithin é, agus cén t-eintiteas nó údarás poiblí náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, údarás poiblí réigiúnach a dhéanann faireachán air.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach an struchtúr, an fhormáid, na mionsonraí teicniúla agus an próiseas dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4, a mbeidh feidhm acu maidir leis na scéimeanna deimhniúcháin uile. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
5. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná ... [cuir isteach, le do thoil, an dáta 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach struchtúr, formáid, sonraí teicniúla agus próiseas dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4, a mbeidh feidhm acu maidir le gach scéim deimhniúcháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
Leasú 126 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – teideal
1. Déanfaidh scéim deimhniúcháin clárlann phoiblí a bhunú agus a choinneáil ar bun go cuí chun an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na deimhnithe agus na deimhnithe nuashonraithe, agus cainníocht na n-aonad aistrithe carbóin arna ndeimhniú i gcomhréir le hAirteagal 9. Úsáidfidh na clárlanna sin córais uathoibrithe, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha, agus beidh siad idir-inoibritheach.
1. Déanfaidh an Coimisiún clárlann poiblí (‘clárlann an Aontais’) a bhunú agus a choinneáil go cuí chun an fhaisnéis a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana, ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa. Úsáidfidh clárlann an Aontais córais uathoibrithe, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha.
Cuirfear isteach le scéim deimhniúcháin na sonraí agus an tuairisciú ábhartha uile a cheanglaítear a áireamh i gclárlann an Aontais i gcomhréir le hIarscríbhinn IIa agus atá riachtanach chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a fhíorú.
2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach struchtúr, formáid agus mionsonraí na gclárlann poiblí, agus taifeadadh, coinneáil nó úsáid aonad aistrithe carbóin, dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
2. Déanfaidh an Coimisiún faoin... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla chlárlann an Aontais agus na rialacha agus na nósanna imeachta chun an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
Leasú 129 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 2 a (nua)
2a. Áiritheoidh an Coimisiún go dtuairisceoidh scéimeanna deimhniúcháin meán sciar an ioncaim a bhaineann le haonaid dheimhnithe a dhíol le haghaidh gach gníomhaíochta a chuir sé ar aghaidh chuig an oibreoir. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha arna dtíolacadh agus déanfaidh sé a thorthaí a thuairisciú go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
1. Ní fhéadfaidh oibreoirí nó grúpa oibreoirí ach scéim deimhniúcháin a aithníonn an Coimisiún trí bhíthin cinnidh a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin a léiriú. Beidh cinneadh den sórt sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana.
1. Ní fhéadfaidh oibreoirí nó grúpa oibreoirí ach scéim deimhniúcháin a aithníonn an Coimisiún trí bhíthin cinnidh a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin a léiriú. Beidh cinneadh den sórt sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana agus cuirfear ar fáil don phobal é i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12. Cuirfidh an Coimisiún an scéim deimhniúcháin ar an eolas faoina chinneadh maidir le haitheantas tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an fógra a thabhairt.
2. Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis an iarratas ar aitheantas don scéim deimhniúcháin phoiblí. Tabharfaidh ionadaí dlíthiúil scéime deimhniúcháin príobháidí fógra don Choimisiún maidir leis an iarratas ar aitheantas don scéim deimhniúcháin phríobháideach.
2. Tabharfaidh Ballstát, nó i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réigiúnacha, fógra don Choimisiún faoin iarratas ar aitheantas don scéim deimhniúcháin phoiblí. Tabharfaidh ionadaí dlíthiúil scéime deimhniúcháin príobháidí fógra don Choimisiún maidir leis an iarratas ar aitheantas don scéim deimhniúcháin phríobháideach.
3. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-aithnítear scéim deimhniúcháin a aisghairm de bhun mhír 1 i gcás nach gcuireann an scéim deimhniúcháin na caighdeáin agus na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) chun feidhme. I gcás ina n-ardaíonn Ballstát ábhair imní nach bhfeidhmíonn scéim deimhniúcháin i gcomhréir leis na caighdeáin agus na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) atá mar bhonn do chinntí faoi mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an cás a imscrúdú agus déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí, lena n-áirítear an cinneadh ábhartha a aisghairm.
3. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle go hiomchuí leis an scéim deimhniúcháin, cinneadh lena n-aithnítear scéim deimhniúcháin de bhun mhír 1 a aisghairm i gcás nach gcuirfidh an scéim deimhniúcháin na caighdeáin agus na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) chun feidhme. I gcás ina gcuirfidh Ballstát nó, i gcás inarb infheidhme, údarás réigiúnach ábhair imní in iúl, nó i gcás ina n-ardóidh duine dlítheanach, oibreoir nó grúpa oibreoirí ábhair imní a bhfuil bunús cuí leo, nach bhfuil scéim deimhniúcháin ag feidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin agus na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(5) arb iad is bonn do chinntí faoi mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an t-ábhar a imscrúdú agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an cinneadh ábhartha a aisghairm.
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na bpróiseas fógartha agus aitheantais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
4. Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach struchtúr, formáid agus sonraí teicniúla na bpróiseas fógartha agus aitheantais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
2. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí, ina n-iomláine nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála a chaomhnú, i bhfoirm chomhiomlán.
2. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12, go hiomlán nó, i gcás inar gá chun rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, agus an fhaisnéis sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de á heisiamh.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach struchtúr, formáid, agus mionsonraí teicniúla na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
3. Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach struchtúr, formáid agus sonraí teicniúla na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17.
Leasú 136 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 a (nua)
Airteagal 14a
Soláthróidh an Coimisiún treoir theicniúil do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Airteagal 9(4) agus Airteagal 13(2) agus (3).
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn II a leasú chun an liosta den fhaisnéis íosta a áirítear sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur in oiriúint.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ardán dá dtagraítear in Airteagal 8a, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn II a leasú chun an liosta faisnéise íosta a áirítear sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 9 a oiriúnú.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 15 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3a, 8 agus 15 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 15 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3a, 8 agus 15 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ceithre seachtaine agus rachaidh sé i mbun comhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. Ní thiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8 agus 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
5. Ní thiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3a, 8 agus 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 142 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Mar chuid den tuairisciú seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tairbhí agus ar na comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí stórála carbóin fadsaolacha eile a áireamh bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh don Pharlaimint agus don Chomhairle.
Leasú 143 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 2 a (nua)
2a. Faoin ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach agus measúnú tionchair, maidir le spriocanna an Aontais a bhunú d’aistrithe buana carbóin agus do cheapadh talamhbhunaithe mar dhlúthchuid de chreat aeráide an Aontais i ndiaidh 2030.
Leasú 144 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 2 b (nua)
2b. Scrúdóidh an Coimisiún roghanna chun laghduithe astaíochtaí a mhéadú laistigh den slabhra soláthair bia, lena n-áirítear roghanna a bhaineann le haonaid feirmeoireachta carbóin a úsáid, agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, faoin ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] togra reachtach a thíolacadh a mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis chun na críche sin.
Leasú 145 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I
Gnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8
Gnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 8, áireofar ar ghnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun Airteagal 8, áireofar ar ghnéithe de na modheolaíochtaí deimhniúcháin na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
(-a) tuairisc ar an gcineál gníomhaíochta a chumhdaítear (aistriú carbóin, ceapadh feirmeoireachta carbóin, feirmeoireacht charbóin, laghdú ar astaíochtaí nítrigine nó meatáin, nó stóráil carbóin i dtáirgí);
(a) tuairisc maidir leis an ngníomhaíocht aistrithe carbóin a chumhdaítear, lena n-áirítear an tréimhse faireacháin;
(a) tuairisc mhionsonraithe ar an ngníomhaíocht a chumhdaítear, lena n-áirítear marthanacht réamh-mheasta a torthaí agus a tréimhse faireacháin;
(b) le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin:
(b) rialacha maidir leis na linnte aistrithe carbóin agus na foinsí astaíochtaí GCT uile dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a aithint;
(i) rialacha maidir leis na linnte aistrithe carbóin agus na foinsí astaíochtaí GCT uile dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a aithint;
(c) rialacha maidir leis na haistrithe carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) a ríomh;
(ii) rialacha maidir leis na haistrithe carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) a ríomh;
(d) rialacha maidir leis na haistrithe iomlána carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b) a ríomh;
(iii) rialacha maidir leis na haistrithe iomlána carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b) a ríomh;
(e) rialacha maidir leis an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c) a ríomh;
(iv) rialacha maidir leis an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c) a ríomh;
(c) le haghaidh gníomhaíochtaí fheirmeoireacht carbóin:
(i) rialacha maidir leis na linnte ceapadh carbóin agus na laghduithe agus gach laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus gach foinse dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a shainaithint;
(ii) cmaidir le ceapadh feirmeoireachta carbóin, rialacha chun an ceapadh carbóin a ríomh faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, pointe (a);
(iii) maidir le ceapadh feirmeoireachta carbóin, rialacha maidir leis an gceapadh carbóin iomlán dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(2) a ríomh;
(iv) maidir le ceapadh feirmeoireachta carbóin, rialacha maidir leis an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(2) a ríomh;
(v) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, rialacha chun astaíochtaí carbóin a ríomh faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (a);
(vi) maidir le laghduithe ar fheirmeoireacht carbóin, rialacha chun an laghdú iomlán carbóin dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 4(2) a ríomh;
(vii) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, rialacha maidir leis an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír d’Airteagal 4(2) a ríomh;
(viii) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, rialacha maidir le hastaíochtaí N2O a ríomh faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (d);
(ix) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, rialacha chun laghduithe iomlána ar astaíochtaí N2O dá dtagraítear i bpointe (e) den dara fomhír d’Airteagal 4(2) a ríomh;
(x) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, rialacha maidir le hastaíochtaí CH4 a ríomh faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (f);
(xi) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, rialacha maidir le hastaíochtaí iomlána CH4 dá dtagraítear i bpointe (g) den dara fomhír d’Airteagal 4(2) a ríomh;
(d) maidir le stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí: (i) rialacha maidir le gach linn ceaptha carbóin agus gach foinse astaíochtaí GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2a) a shainaithint;
(ii) rialacha maidir leis an gceapadh carbóin a ríomh faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2a), pointe (a);
(iii) rialacha maidir leis an gceapadh carbóin iomlán dá dtagraítear in Airteagal 4(2a), pointe (b) a ríomh;
(iv) rialacha maidir leis an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2a), pointe (c) a ríomh;
(f) rialacha chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteachtaí maidir le cainníochtú na n-aistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(8);
(e) rialacha chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteachtaí maidir le cainníochtú na n-aistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(4);
(f) an bhonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(5), 4(5a) nó 4(6), lena n-áirítear na rialacha agus an bonn cirt leis an mbonnlíne bunaithe;
(g) rialacha chun na tástálacha breisíochta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh;
(g) rialacha chun na tástálacha breisíochta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a dhéanamh;
(h) rialacha maidir le faireachán agus maolú a dhéanamh ar aon riosca sceite maidir le carbón stóráilte dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a);
(h) rialacha maidir le faireachán agus maolú a dhéanamh ar aon riosca sceite maidir le carbón stóráilte dá dtagraítear in Airteagal 6 (2a);
(i) rialacha maidir le sásraí dliteanais sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (b);
(i) rialacha maidir le sásraí dliteanais sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6 (2c);
(ia) rialacha maidir leis an mbailíocht agus na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 6(2d) agus 6(2e);
(j) rialacha maidir leis na ceanglais íosta inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2);
(j) na híoscheanglais inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a shonrú;
(k) rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chomhthairbhí dá dtagraítear in Airteagal 7(3).
(k) rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chomhthairbhí dá dtagraítear in Airteagal 7(3).
Leasú 146 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II
An fhaisnéis íosta a áirítear sa deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 9
An fhaisnéis íosta a áirítear sa deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 9
Áireofar an fhaisnéis íosta seo a leanas sa deimhniú:
Áireofar an fhaisnéis íosta seo a leanas sa deimhniú:
(a) ainm agus cineál na gníomhaíochta aistrithe carbóin, lena n-áirítear ainm agus sonraí teagmhála an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí;
(a) ainm agus cineál na gníomhaíochta, lena n-áirítear an ionann an ghníomhaíocht agus aistriú carbóin, feirmeoireacht carbóin, laghdú ar astaíochtaí carbóin, nítrigine nó meatáin, nó stóráil carbóin i ngníomhaíocht táirgí, lena n-áirítear ainm agus sonraí teagmhála an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí;
(b) suíomh na gníomhaíochta aistrithe carbóin, lena n-áirítear suíomh sainráite geografach theorainneacha na gníomhaíochta, agus ceanglais scála mapála 1:5000 maidir leis an mBallstát á n-urramú;
(b) suíomh na gníomhaíochta, lena n-áirítear suíomh sainráite geografach theorainneacha na gníomhaíochta, agus ceanglais scála mapála 1:5000 maidir leis an mBallstát á n-urramú;
(ba) i gcás gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin, i gcás inarb infheidhme, sainaithint uathúil na dáileachta talmhaíochta mar atá cláraithe sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116 ar a bhfuil gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin ar siúl;
(c) dáta tosaigh agus dáta deiridh na gníomhaíochta aistrithe carbóin;
(c) dáta tosaigh agus dáta deiridh ionchasach na gníomhaíochta;
(d) ainm na scéime deimhniúcháin;
(d) ainm na scéime deimhniúcháin;
(e) ainm agus seoladh an chomhlachta deimhniúcháin agus an lógó;
(e) ainm agus seoladh an chomhlachta deimhniúcháin agus an lógó;
(f) (uathúil) uimhir nó cód an deimhnithe;
(f) (uathúil) uimhir nó cód an deimhnithe;
(g) áit agus dáta eisiúna an deimhnithe;
(g) áit agus dáta eisiúna an deimhnithe;
(h) tagairt don mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 8;
(h) tagairt don mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 8;
(i) le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe carbóin:
(i) an glantairbhe aistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1);
(i) an glantairbhe aistrithe carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1);
(j) na haistrithe carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a);
(ii) na haistrithe carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a);
(k) na haistrithe iomlána carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b);
(iii) na haistrithe iomlána carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b);
(ia) le haghaidh gníomhaíochtaí fheirmeoireacht carbóin:
(i) maidir le ceapadh feirmeoireachta carbóin, glantairbhe feirmeoireachta carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(2);
(ii) maidir le ceapadh feirmeoireachta carbóin, ceapadh carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, pointe (a);
(iii) maidir le ceapadh feirmeoireachta carbóin, an ceapadh carbóin iomlán dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, pointe (b);
(l) an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c);
(iv) maidir le ceapadh feirmeoireachta carbóin, méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 4(2);
(v) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, glantairbhe laghdaithe astaíochtaí feirmeoireachta carbóin dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 4(2);
(vi) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, astaíochtaí carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (a);
(vii) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, an laghdú iomlán carbóin dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 4(2);
(viii) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír d’Airteagal 4(2);
(ix) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, astaíochtaí N2O faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (d);
(x) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, laghduithe iomlána ar astaíochtaí N2O dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (e);
(xi) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, astaíochtaí CH4 faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, pointe (f);
(xii) maidir le laghduithe ar astaíochtaí feirmeoireachta carbóin, astaíochtaí iomlána CH4 dá dtagraítear i bpointe (g) den dara fomhír d’Airteagal 4(2);
(ib) maidir le stóráil carbóin i ngníomhaíochtaí táirgí:
(i) an glantairbhe ceaptha táirge carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(2a);
(ii) ceapadh carbóin faoin mbonnlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2a), pointe (a);
(iii) an ceapadh iomlán carbóin dá dtagraítear in Airteagal 4(2a), pointe (b);
(iv) an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha agus indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2a), pointe (c);
(m) miondealú de réir gás, foinsí, linnte carbóin agus stoc maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (j), (k) agus (l) den Iarscríbhinn seo;
(m) miondealú de réir gás, foinsí, linnte carbóin agus stoc maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (i), (ia) agus (ib) den Iarscríbhinn seo;
(n) fad thréimhse faireacháin na gníomhaíochta aistrithe carbóin;
(n) meán stórála, fad a mheastar a mhairfidh na torthaí agus fad thréimhse faireacháin na gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 6(2a);
(na) sásra dliteanais mionsonraithe agus duine dlítheanach nó nádúrtha atá faoi dhliteanas i gcomhréir le hAirteagal 6(2b);
(nb) i gcás cúlaithe, méid an charbóin iomláin a scaoiltear san atmaisféar ó linnte geolaíocha nó bithghineacha carbóin;
(o) aon chomhthairbhe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3);
(o) i gcás gníomhaíocht aistrithe carbóin, fianaise go gcomhlíonann an ghníomhaíocht na cuspóirí inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) nó go ngineann an ghníomhaíocht comhthairbhí;
(oa) i gcás gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin, fianaise go gcomhlíonann an ghníomhaíocht na cuspóirí inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1a) agus go ngineann an ghníomhaíocht comhthairbhí dearfacha freisin maidir leis an gcuspóir i bpointe (f);
(ob) maidir le stóráil carbóin i ngníomhaíocht táirge, fianaise go gcomhlíonann an ghníomhaíocht na cuspóirí inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1b) agus go ngineann an ghníomhaíocht comhthairbhí dearfacha freisin i ndáil le ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí sin;
(oc) cainníocht na n-aonad arna ndeimhniú leis an deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 9;
(p) tagairt d’aon deimhniú aistrithe carbóin eile.
(p) tagairt d’aon aistriú carbóin nó d’aon fheirmeoireacht carbóin nó stóráil carbóin eile i ndeimhniú táirgí.
Leasú 147 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II a (nua)
IARSCRÍBHINN IIa
An fhaisnéis íosta atá le cur san áireamh i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12
I gcás gach gníomhaíochta deimhnithe, áireofar i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12 an fhaisnéis íosta seo a leanas ar a laghad:
(a) ainm agus cineál na gníomhaíochta, lena n-áirítear an ionann an ghníomhaíocht agus gníomhaíocht aistrithe carbóin, gníomhaíocht ceaptha feirmeoireachta carbóin, gníomhaíocht chun astaíochtaí feirmeoireachta carbóin a laghdú le haghaidh carbóin, nítrigine nó meatáin, nó stóráil carbóin i ngníomhaíocht táirgí, ainm agus sonraí teagmhála an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí;
(b) dáta tosaigh éifeachtach agus dáta deiridh ionchasach na gníomhaíochta;
(c) ainm na scéime deimhniúcháin;
(d) an Ballstát ina ndéantar an ghníomhaíocht;
(e) an mhodheolaíocht deimhniúcháin le haghaidh gach gníomhaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 8;
(f) an glantairbhe a bhfuiltear ag súil leis;
(g) stádas reatha an deimhnithe (gníomhach, aistarraingthe, imithe in éag);
(h) i gcás inarb infheidhme, sealbhóir nádúrtha nó dlíthiúil aonaid dheimhnithe, an chríoch a bhfuil an t-aonad deimhnithe á shealbhú ina leith agus an praghas a íocadh leis an oibreoir;
(i) i gcás gach gníomhaíochta, nasc chuig an tuarascáil iniúchóireachta deimhniúcháin agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an tuarascáil iniúchóireachta nuashonraithe, i gcomhréir le hAirteagal 9;
Áireofar freisin i gclárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12 liosta de na scéimeanna deimhniúcháin aitheanta go léir, a rialacha agus a nósanna imeachta i gcomhréir le hAirteagal 11(2), a dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 14, liosta de na comhlachtaí deimhniúcháin atá ceaptha acu, ina sonrófar maidir le gach comhlacht deimhniúcháin, an t-eintiteas nó an t-údarás poiblí náisiúnta a thug aitheantas dó, agus an t-eintiteas nó an t-údarás poiblí náisiúnta atá ag déanamh faireacháin air, i gcomhréir le hAirteagal 11(4).
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0329/2023).
Na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí le haghaidh feithiclí nua tromshaothair a neartú
276k
107k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (COM(2023)0088) – C9-0025/2023 – 2023/0042(COD))(1)
(1) Dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, comhaontú a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), tá siad sin i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an ‘Comhaontú Glas don Eoraip’, a ghlac an Coimisiún an 11 Nollaig 201910. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise thionchair fhíor-thromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.
(1) Dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, comhaontú a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), tá siad sin i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an ‘Comhaontú Glas don Eoraip’, a ghlac an Coimisiún an 11 Nollaig 201910. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise thionchair fhíor-thromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais agus i bhfianaise fhogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
__________________
__________________
10 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640.
10 Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar na tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus baineann tionchar áirithe leis ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine le cúlra cine mionlaigh nó mionlaigh eitnigh. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus ionchuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine chun deiridh.
(2) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar na tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus baineann tionchar áirithe leis ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus atá leochaileach, amhail teaghlaigh agus daoine ar ioncam íseal, daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine le cúlra cine mionlaigh nó mionlaigh eitnigh. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus ionchuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine chun deiridh.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 3
(3) Tá an tAontas tiomanta do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.
(3) Tá an tAontas tiomanta do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi 2030 faoi bhun leibhéil 1990 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020. Chuir an Chomhairle in iúl sna conclúidí uaithi an 24 Deireadh Fómhair 20221a go bhfuil sí réidh, a luaithe is féidir tar éis chonclúidí na caibidlíochta maidir leis na heilimintí bunriachtanacha den phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, nuashonrú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, ar rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta an Aontais agus a Bhallstát, i gcomhréir le mír 29 de Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú.
__________________
1a Conclúidí ón gComhairle maidir leis na hullmhúcháin don 27ú Comhdháil de na Páirtithe (COP27) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), an 24 Deireadh Fómhair 2022;
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, rinne an tAontas an sprioc i leith aeráidneodrachta ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 a chumhdach sa reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach aeráide an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.
(4) I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11, chumhdaigh an tAontas an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair laistigh den Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, sa reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach aeráide an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin go molfaidh an Coimisiún sprioc aeráide idirmheánach de chuid an Aontais do 2040, de réir mar is iomchuí, laistigh de 6 mhí ón gcéad athbhreithniú domhanda arna dhéanamh faoi Chomhaontú Pháras ar a dhéanaí, agus go bhfoilseoidh sé ag an am céanna buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gás ceaptha teasa don tréimhse 2030-2050, arna shainiú mar mhéid iomlán táscach na nglanastaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a astófar sa tréimhse sin gan gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chur i mbaol, chomh maith leis an modheolaíocht is bonn taca leis an mbuiséad táscach sin. An 15 Meitheamh 2023, d’fhoilsigh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach a chomhairle eolaíoch maidir le sprioc aeráide uile-Aontais do 2040 agus buiséad i ndáil le gás ceaptha teasa do 2030-2050 a chinneadh.11a
__________________
__________________
11 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
11 Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
11a An Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide (2023). Comhairle eolaíoch maidir le sprioc aeráide uile-Aontais do 2040 agus buiséad i ndáil le gás ceaptha teasa do 2030-2050 a chinneadh.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Tá coinne leis go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar leis na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear an earnáil iompair de bhóthar.
(5) Tá coinne leis go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar leis na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear an earnáil iompair de bhóthar. Faoi láthair, tá feithiclí tromshaothair freagrach as níos mó ná aon cheathrú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar san Aontas agus as os cionn 6 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais, níos mó ná na hastaíochtaí ó iompar eitlíochta nó iompar muirí. Tá sé mar aidhm le Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste astaíochtaí na hearnála iompair a laghdú 90 % faoi 2050, lena n-áirítear earnálacha ar deacair iad a mhaolú amhail earnáil na heitlíochta agus earnáil an iompair mhuirí. Chuige sin, tá gá le spriocanna laghdaithe breise d’earnálacha atá oiriúnach don dícharbónú, amhail iompar de bhóthar roimh 2050. Leis an aistriú sin, ba cheart dúshláin thionsclaíocha agus shóisialta an phróisis sin a chur san áireamh chun fostaíocht agus soghluaisteacht inrochtana a áirithiú do chách.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8
(8) Chun rannchuidiú le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990 agus i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, is gá na ceanglais maidir le laghdú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1242 le haghaidh feithiclí tromshaothair a neartú. Is gá conair shoiléir a shocrú freisin le haghaidh tuilleadh laghduithe ó 2030 ar aghaidh chun rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050.
(8) Chun rannchuidiú le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990 agus i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, is gá na ceanglais maidir le laghdú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1242 le haghaidh feithiclí tromshaothair a neartú. Is gá conair shoiléir a shocrú freisin le haghaidh tuilleadh laghduithe ó 2030 ar aghaidh chun rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050. Gan ghníomhaíocht uaillmhianach maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar de bhóthar, bheadh gá le laghduithe níos airde ar astaíochtaí in earnálacha eile, lena n-áirítear earnálacha ina bhfuil an dícharbónú níos dúshlánaí.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8 a (nua)
(8a) Beidh ról lárnach ag na ceanglais laghdaithe astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair a neartú agus an bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá a rolladh amach chun astaíochtaí fhlít iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a laghdú chun aeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, in éineacht le tionscnaimh eile a mbeidh gá leo chun dlús a chur le haistriú módach ón mbóthar go dtí an t-iarnród agus lasta iarnróid a mhéadú.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9
(9) Leis na ceanglais láidrithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí CO2, ba cheart méadú a spreagadh i sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha atá á gcur in úsáid ar mhargadh an Aontais agus tairbhí á soláthar d’úsáideoirí agus do shaoránaigh an tráth céanna i dtéarmaí na cáilíochta aeir agus coigilteas fuinnimh, mar aon lena áirithiú gur féidir nuálaíocht i slabhra luacha an tionscail mhótarfheithiclí a choinneáil ar bun. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra-leictreacha, breosla-chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh.
(9) Leis na ceanglais athbhreithnithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí CO2, ba cheart méadú a spreagadh i sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha atá á gcur in úsáid ar mhargadh an Aontais agus tairbhí á soláthar d’úsáideoirí agus do shaoránaigh an tráth céanna i dtéarmaí na cáilíochta aeir agus coigilteas fuinnimh, mar aon lena áirithiú gur féidir nuálaíocht i slabhra luacha an tionscail mhótarfheithiclí agus na poist ardcháilíochta ghaolmhara a choinneáil ar bun, ós rud é go bhfuil an tionscal mótarfheithiclí fós ar cheann de cholúin gheilleagar an Aontais. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra-leictreacha, breosla-chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 a (nua)
(9a) Tá acmhainneacht láidir ag feithiclí ceallra-leictreacha, ag feithiclí breosla-chille agus ag feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine chun codanna áirithe den earnáil iompair tromshaothair a dhícharbónú agus ba cheart a bhforbairt a spreagadh, agus é á chur san áireamh ag an am céanna nach bhfuil aon teicneolaíocht ann nach bhfuil tionchar aici ar an gcomhshaol.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10
(10) I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart spriocanna láidrithe nua i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 a shocrú d’fheithiclí nua tromshaothair don tréimhse ó 2030 ar aghaidh. Ba cheart na spriocanna sin a shocrú ar leibhéal lena dtabharfar comhartha láidir chun dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais agus chun an nuálaíocht sa teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a spreagadh ar bhealach costéifeachtach.
(10) I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart spriocanna láidrithe nua i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 a shocrú d’fheithiclí nua tromshaothair don tréimhse ó 2030 ar aghaidh. Ba cheart na spriocanna sin a shocrú ar leibhéal lena dtabharfar comhartha láidir chun dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais, an nuálaíocht sa teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a spreagadh ar bhealach costéifeachtach, an comhartha is gá a thabhairt chun dlús a chur le himscaradh bonneagair luchtaithe agus athbhreoslaithe ar fud an Aontais, iomaíochas fadtéarmach thionscal an Aontais ar mhargadh domhanda a áirithiú, agus rannchuidiú leis na costais reatha do chuideachtaí iompair a laghdú, agus a áirithiú ag an am céanna go gcomhlíonfaidh an tAontas a chuspóirí aeráide agus truaillithe aeir.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10 a (nua)
(10a) De réir na faisnéise is déanaí a chuir an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) ar fáil, bhí 97 % den daonra uirbeach san Aontas in 2021 nochta do thiúchain d’ábhar cáithníneach mín os cionn an treoirleibhéil sláintebhunaithe arna leagan síos ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte1a. In 2020, bhí 275 000 bás anabaí san Eoraip inchurtha i leith nochtadh d’ardtiúchain d’ábhar cáithníneach, agus bhí 64 000 bás anabaí inchurtha i leith nochtadh d’ardtiúchain NO21b. Trí dhlús a chur le leathadh amach feithiclí astaíochtaí nialasacha, cuideoidh ceanglais neartaithe maidir le laghdú astaíochtaí CO2 freisin le truailliú aeir ón iompar de bhóthar a laghdú.
__________________
1a Stádas cáilíochta aeir na hEorpa 2023, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (2023).
1b Tionchar an truaillithe aeir san Eoraip ar an tsláinte, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (2023).
Leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch14 déantar foráil maidir le conairí glasa agus conairí i dtreo an aistrithe dhigitigh a chomhchruthú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile. Sa chomhthéacs sin, tá conair i dtreo an aistrithe á forbairt le haghaidh éiceachóras na soghluaisteachta le gabháil le haistriú an tslabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí. Leis an gconair sin, tugtar aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí, ar an gcomhairliúchán le páirtithe sóisialta lena n-áirítear leis na Ballstáit, agus ba cheart cur leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip leis an gconair freisin, le tionscnaimh cosúil leis an gComhaontú um Scileanna chun an earnáil phríobháideach a shlógadh mar aon le páirtithe leasmhara eile chun lucht oibre na hEorpa a uas-sciliú agus a athsciliú i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha agus ar an ‘Sásra Chun Cur leis an Tallann’ faoi chuimsiú an tionscnaimh ‘Leas a bhaint as Buanna i Réigiúin an Aontais’. Tá an chonair ag dul i ngleic freisin leis na gníomhaíochtaí iomchuí agus leis na dreasachtaí iomchuí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun borradh a chur faoi inacmhainneacht na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, an fhéidearthacht do na Ballstáit an Ciste Aeráide Sóisialta atá beartaithe a úsáid chun cabhrú le micrifhiontair trucailí agus leoraithe astaíochtaí nialasacha a cheannach.
Leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch14 déantar foráil maidir le conairí glasa agus conairí i dtreo an aistrithe dhigitigh a chomhchruthú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile. Sa chomhthéacs sin, tá conair i dtreo an aistrithe á forbairt le haghaidh éiceachóras na soghluaisteachta le gabháil le haistriú an tslabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí. Leis an gconair sin, tugtar aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí, ar an gcomhairliúchán le páirtithe sóisialta lena n-áirítear leis na Ballstáit, agus ba cheart cur leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip leis an gconair freisin, le tionscnaimh cosúil leis an gComhaontú um Scileanna chun an earnáil phríobháideach a shlógadh mar aon le páirtithe leasmhara eile chun lucht oibre na hEorpa a uas-sciliú agus a athsciliú i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha agus ar an ‘Sásra Chun Cur leis an Tallann’ faoi chuimsiú an tionscnaimh ‘Leas a bhaint as Buanna i Réigiúin an Aontais’. Tá an chonair ag dul i ngleic freisin leis na gníomhaíochtaí iomchuí agus leis na dreasachtaí iomchuí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun borradh a chur faoi inacmhainneacht na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, an fhéidearthacht do na Ballstáit an Ciste Aeráide Sóisialta atá beartaithe a úsáid chun cabhrú le micrifhiontair trucailí agus leoraithe astaíochtaí nialasacha a cheannach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag an aistriú sin ar FBManna feadh an tslabhra soláthair.
__________________
__________________
14 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Nua Thionsclaíoch 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], COM(2021)0350 an 5 Bealtaine 2021.
14 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Nua Thionsclaíoch 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa, COM(2021)0350 an 5 Bealtaine 2021.
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11 a (nua)
(11a) Chun bonneagar luchtaithe agus breoslaithe a leathadh amach go tapa, ní mór suiteálaithe cáilithe a bheith ar fáil. Beidh infheistíochtaí in athsciliú agus uas-sciliú ina gcloch choirnéil chun spriocanna an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus áiritheofar leo aistriú cóir in earnáil monaraíochta na dtrucailí.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12
(12) Déanfar na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais a chomhlánú le leathadh amach riachtanach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe mar a leagtar amach sa Togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla16.
(12) Is uirlisí bunriachtanacha iad feithiclí tráchtála le haghaidh gluaiseacht earraí agus daoine. Tá tosca amhail costas na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha, infhaighteacht an bhonneagair luchtaithe, an gá atá leis an nuálaíocht a chaomhnú agus dlús a chur léi, agus tionchar na mbeart praghsála carbóin ríthábhachtach chun spriocanna laghdaithe CO2 níos uaillmhianaí a bhaint amach. Le Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (AFIR), leagtar amach cumhdach íosta de phointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair. Tá sé fógartha cheana féin ag roinnt Ballstát go rachaidh siad thar na híoscheanglais sin, agus tá comhfhiontair cruthaithe ag roinnt monaróirí trucailí Eorpacha chun líonraí luchtaithe poiblí a shuiteáil agus a oibriú ar fud na hEorpa. Le caighdeáin neartaithe CO2, ba cheart infheistíochtaí breise ó oibreoirí bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe a dhreasú. Ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit sa chomhthéacs sin, go háirithe ó ionstraimí cistiúcháin an Aontais, agus ba cheart iad a spreagadh chun bearta a áireamh ina gcreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe chun tacú le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a imscaradh in iostaí, in ionaid lóistíochta agus i dtrádstórais. Tá imscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe chomh tábhachtach céanna i suíomhanna príobháideacha, amhail in iostaí príobháideacha agus ag lárionaid lóistíochta. Ba cheart bearta breise a dhéanamh freisin chun fad an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh bonneagar athluchtaithe a laghdú. Rannchuideoidh na tionscnaimh sin go léir le leathadh amach riachtanach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar fud an Aontais16.
__________________
__________________
16 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 14.7.2021, COM/2021/559 final.
16 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 14.7.2021, COM/2021/559 final.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 12 a (nua)
(12a) Laistigh de 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún Fóram maidir le Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha a thionól, ag tabhairt le chéile oibreoirí stáisiún luchtaithe phoiblí, oibreoirí córas tarchurtha leictreachais, iompróirí cianaistir, oibreoirí lóistíochta uirbeacha, oibreoirí iompair phoiblí, an tsochaí shibhialta, meithleacha machnaimh, na Ballstáit agus monaróirí, chun oibriú le chéile ar leathadh amach éifeachtach agus costéifeachtúil an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe i bhfianaise na spriocanna méadaithe maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú d’fheithiclí tromshaothair. Ba cheart go gcuirfeadh obair an Fhóraim sin go háirithe le hullmhú an chéad athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (AFIR) chun a áirithiú go ndéanfar na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán sin a ailíniú le huaillmhian an Rialacháin seo.
Leasú 120 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13 a (nua)
(13 a) Cé go bhfágfaidh na spriocanna neartaithe maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 go gcuirfear dlús le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha, beidh cuid shuntasach de stoc na bhfeithiclí tromshaothair ar na bóithre ina bhfeithiclí innill dócháin inmheánaigh i gcónaí go ceann i bhfad. I bhfianaise na sprice atá ann go ndéanfaí astaíochtaí a laghdú de 90 %, meastar go mbeidh an sciar d’fheithiclí tromshaothair nua arna gcur ar an margadh nach feithiclí astaíochtaí nialasacha iad tuairim is 15 % in 2040, agus meastar gur feithiclí innill dócháin inmheánaigh a bheidh i 65% den fhlít iomlán ar na bóithre in 2040. Chun go rannchuideoidh an chuid sin den fhlít le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, tá sé bunriachtanach go ndéanfaí tuilleadh nuálaíochta agus go gcuirfí dlús le glacadh breoslaí in-athnuaite inbhuanaithe. Déanfaidh beartais agus ionstraimí dlí de chuid an Aontais atá ann cheana, go háirithe an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, dícharbónú breoslaí iompair a chur chun cinn, d’fhonn deireadh a chur le breoslaí iontaise de réir a chéile. Ba cheart don Choimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chreat comhleanúnach dreasachtaí le haghaidh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithghás ardfhorbartha agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sna hearnálacha ábhartha uile, lena n-áirítear an chuid sin den fhlít feithiclí tromshaothair. Leis an gcreat sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an nglacadh agus ar an soláthar ar bhealach cuimsitheach, agus an t-éileamh sna hearnálacha eacnamaíocha á chur san áireamh, i gcomhthéacs na n-iarrachtaí foriomlána ar spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Ar bhonn na gcuspóirí maidir le bithmheatán sa phlean RePowerEU, ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt freisin ar conas is féidir, trí tháirgeadh an bhithmheatáin san Aontas a mhéadú, rannchuidiú le dícharbónú an gheilleagair, lena n-áirítear dícharbónú na hearnála iompair.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 a (nua)
(14a) Tá rochtain ar oiliúint agus ar athsciliú in go leor earnálacha, lena n-áirítear earnáil na bhfeithiclí tromshaothair ar gá athruithe bunúsacha a dhéanamh uirthi, ríthábhachtach le haghaidh aistriú atá cóir go sóisialta. Ní mór do thionscal na bhfeithiclí tromshaothair a chinntiú go mbeidh rochtain ag fostaithe ar dheiseanna athscilithe, agus spreagtar iad chun na deiseanna sin a ghlacadh, gan aon chostas dá gcuid féin. Chun aistriú cothrom agus éifeachtach a áirithiú, tá sé ríthábhachtach na hathruithe tuartha ar mhargadh fostaíochta thionscal na bhfeithiclí tromshaothair a mhapáil agus a anailísiú.
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15
(15) Mar gheall ar struchtúr ilchineálach an fhlít trucaile iomláin, ní féidir a thuar go hiomlán an mbeidh forbairtí teicneolaíochtaí tapa go leor le haghaidh gach úsáide nideoige chun a áirithiú go mbeidh teicneolaíocht sceithphíopa astaíochtaí nialasacha ina rogha inmharthana. D’fhéadfaí a áireamh leis sin úsáid amhail feithiclí tromshaothair cianaistir i moirfeolaíocht chríochach shonrach agus in imthosca meitéareolaíocha, cóistí agus leoraithe le haghaidh feidhmeanna ríthábhachtacha slándála agus sábháilteachta nach féidir a chomhlíonadh le teicneolaíochtaí sceithphíopa astaíochtaí nialasacha. Ba cheart na feithiclí i gceist a bheith ina sciar teoranta den fhlít feithiclí tromshaothair ina hiomláine. I bhfianaise na mbreithnithe sin, ba cheart cuid bheag a fhágáil i sprioc 2040 chun forbairtí sa teicneolaíocht nach ann dóibh go fóill a chur san áireamh.
(15) Mar gheall ar struchtúr ilchineálach an fhlít iomláin de thrucailí, ba cheart roinnt acmhainneachta a thabhairt sa ghearrthéarma chun úsáidí nideoige ar leith a chur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin úsáid amhail feithiclí le haghaidh feidhmeanna ríthábhachtacha slándála agus sábháilteachta nach féidir a chomhlíonadh le teicneolaíochtaí sceithphíopa astaíochtaí nialasacha. Ba cheart na feithiclí i gceist a bheith ina sciar teoranta den fhlít feithiclí tromshaothair ina hiomláine. Leis an gclásal athbhreithnithe, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht spriocanna CO2 a chur i bhfeidhm freisin le haghaidh úsáidí nideoige agus feithiclí neamhdheimhnithe.
Leasuithe 85, 124 agus 133 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15 a (nua)
(15 a) Is féidir le breoslaí atá neodrach ó thaobh CO2 de, amhail bithghás, bithbhreoslaí nó breoslaí sintéiseacha, cur le laghduithe suntasacha CO2 agus feabhas a chur ar cháilíocht an aeir sa lá atá inniu ann, agus tá ról lárnach acu san aistriú. Ag an am céanna, is féidir leo a bheith mar chuid den réiteach amach anseo i gcásanna ina bhfuil trucail leictreach nó hidrigine dodhéanta nó deacair.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 15 b (nua)
(15b) Chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí tromshaothair ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus chun tuairisciú comhsheasmhach a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin.
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16
(16) Ba cheart d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha, agus bronnadh conarthaí á mbunú acu chun na feithiclí dá dtagraítear i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn I a cheannach nó a úsáid, athléimneacht an tsoláthair a mheas, lena n-áirítear trí bhreithniú a dhéanamh ar an ‘Treoir maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí tríú tír i margadh soláthair an Aontais’ (C(2019) 5494 final).
(16) Chun slabhraí soláthair inbhuanaithe athléimneacha a áirithiú, agus chun laghdú a dhéanamh ar na spleáchais straitéiseacha allmhairiúcháin atá ann faoi láthair i roinnt teicneolaíochtaí agus táirgí a bhfuil gá leo chun feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a leathadh amach go gasta, go háirithe busanna uirbeacha, agus cosc a chur ar chinn nua a chruthú, ba cheart d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha breithniú a dhéanamh, agus conarthaí á ndámhachtain chun feithiclí dá dtagraítear i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn I a cheannach nó a úsáid, ar inbhuanaitheacht agus athléimneacht an tsoláthair, lena n-áirítear trí bhreithniú a dhéanamh ar ‘Treoir maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí tríú tíortha i margadh soláthair an Aontais’ (C(2019) 5494 final). Tá ualú na gcritéar maidir le rannchuidiú inbhuanaitheachta agus athléimneachta na tairisceana i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí gan dochar don fhéidearthacht atá ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha tairseach níos airde a leagan síos le haghaidh na gcritéar a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil nó le nuálaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 41(3) agus le hAithris 64 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 67(5) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 82(5) de Threoir 2014/25/AE.
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17
(17) I ngeall ar na spriocanna níos déine le haghaidh fhlít uile an Aontais ó 2030 ar aghaidh, beidh ar mhonaróirí i bhfad níos mó feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar mhargadh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ní chomhlíonfadh an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a chuspóir bunaidh a thuilleadh agus bheadh an riosca ann leis go mbainfí an bonn d’éifeachtacht Rialachán (AE) 2019/1242. Ba cheart deireadh a chur le sásra dreasachta feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle ó 2030 ar aghaidh dá bhrí sin.
(17) I ngeall ar na spriocanna níos déine le haghaidh fhlít uile an Aontais ó 2030 ar aghaidh, beidh ar mhonaróirí i bhfad níos mó feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar mhargadh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ní chomhlíonfadh an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a chuspóir bunaidh a thuilleadh agus bheadh an riosca ann leis go mbainfí an bonn d’éifeachtacht Rialachán (AE) 2019/1242. Ina theannta sin, i bhfianaise Leibhéil arda Ullmhachta Teicneolaíochta (LUT) feithiclí astaíochtaí nialasacha, níl aon chúis láidir ann leanúint de dhreasachtaí breise a chur ar fáil d’fheithiclí astaíochtaí ísle. Ba cheart, dá bhrí sin, scor d’fheidhm a bheith ag an sásra dreasachta sin maidir le feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle amhail ó 2025, ba cheart é a ailíniú leis na forbairtí margaidh atá ann faoi láthair, agus ba cheart é a bhaint go hiomlán ó 2030 ar aghaidh.
Maidir le grúpaí feithiclí áirithe, feithiclí atá cineálcheadaithe, nach gcinntear astaíochtaí CO2 ina leith go fóill ar chúiseanna teicniúla, ní gá do na feithiclí sin na spriocanna CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach. Is éard atá i gceist leo sin, mar shampla, feithiclí sainchuspóireacha, amhail craenacha soghluaiste, iompróirí hiodrálacha trealaimh nó feithiclí iompair le haghaidh ualach eisceachtúil, feithiclí easbhóthair, amhail feithiclí áirithe a úsáidtear chun críocha mianadóireachta, foraoiseachta agus talmhaíochta, chomh maith le feithiclí eile a bhfuil cumraíochtaí acastóra neamhchaighdeánacha acu amhail feithiclí a bhfuil níos mó ná ceithre acastóir nó níos mó ná dhá acastóir tiomána acu, busanna beaga ag a bhfuil uasmhais níos ísle ná 7.5 t acu, agus leoraithe beaga ag a bhfuil uasmhais níos lú ná 5 t.
Maidir le grúpaí feithiclí áirithe, feithiclí atá cineálcheadaithe, nach gcinntear astaíochtaí CO2 ina leith go fóill ar chúiseanna teicniúla, ní gá do na feithiclí sin na spriocanna CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach. Is éard atá i gceist leo sin, mar shampla, feithiclí sainchuspóireacha, amhail craenacha soghluaiste, iompróirí iltrealaimh hiodrálaigh nó feithiclí iompair le haghaidh ualach eisceachtúil, feithiclí easbhóthair, amhail feithiclí áirithe a úsáidtear chun críocha mianadóireachta, foraoiseachta agus talmhaíochta, chomh maith le feithiclí eile a bhfuil cumraíochtaí acastóra neamhchaighdeánacha acu amhail feithiclí a bhfuil níos mó ná ceithre acastóir nó níos mó ná dhá acastóir tiomána acu, agus busanna beaga ag a bhfuil uasmhais níos lú ná 7.5 t.
Feithiclí oibre, amhail trucailí dramhaíola, dumpairí nó meascthóirí coincréite, ba cheart iad a dhíolmhú i gcónaí ó ríomh mheánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí.
scriosta
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 25 a (nua)
(25a) Tá astaíochtaí CO2 ó fheithiclí seirbhíse, amhail trucailí bruscair, trucailí dumpála nó trucailí measctha coincréite, deimhnithe cheana féin faoi VECTO, a ndéanann monaróirí feithiclí agus na Ballstáit faireachán agus tuairisciú orthu, agus tá roinnt feithiclí seirbhíse astaíochtaí nialasacha ar fáil ar bhonn tráchtála cheana féin san Eoraip. Is ionann astaíochtaí CO2 ó fheithiclí seirbhíse agus thart ar 5 % d’astaíochtaí feithiclí tromshaothair agus thart ar 10 % de dhíolacháin. Ós rud é go n-oibríonn siad i gcathracha den chuid is mó, bíonn tionchar suntasach ag feithiclí seirbhíse ar cháilíocht an aeir uirbigh freisin. Ritheann formhór na bhfeithiclí sin ar mhíleáiste íseal agus tiomáineann siad bealaí intuartha, agus tá siad á stóráil thar oíche in iostaí, rud a fhágann gur fusa d’oibreoirí feithiclí astaíochtaí nialasacha a rith. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2 maidir leis na feithiclí sin freisin.
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 25 b (nua)
(25b) Chun forbairt leantóirí atá feistithe le teicneolaíocht laghdaithe astaíochtaí CO2 a éascú agus chun úsáid fhorleathan na leantóirí sin a chumasú, tá sé ríthábhachtach an creat formheasa le haghaidh teicneolaíochtaí den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú go pras, go háirithe i gcás leantóirí leictrithe, trí Rialachán (AE) 2018/858 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, a oiriúnú.
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 26
(26) Mar gheall ar ullmhacht theicniúil na fo-earnála agus mar gheall ar an ngá atá le cáilíocht an aeir i gcathracha a fheabhsú, ba cheart sciar íosta sainordaitheach de bhusanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha a shocrú.
(26) In 2021, b’ionann busanna astaíochtaí nialasacha agus 23 % de dhíolacháin uile an sciar sin san Aontas, agus tá beagnach 100 % bainte amach cheana féin ag roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Ísiltír agus an Bhulgáir. Mar gheall ar ullmhacht theicniúil na fo-earnála agus mar gheall ar an ngá atá le cáilíocht an aeir i gcathracha a fheabhsú, ba cheart sciar íosta sainordaitheach de bhusanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha a shocrú.
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 27
(27) Le sciar sainordaitheach de bhusanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha, ba cheart go léireofaí an gá atá le hiompar poiblí inacmhainne sa tsochaí, lena n-áirítear i gceantair thuaithe. Ba cheart tionchar dearfach a bheith ag an méadú ar sholáthar busanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha a eascróidh as sciar íosta sainordaitheach den sórt sin ar chostas ceannaigh, ó thaobh praghas ceannaigh tosaigh agus costas iomlán úinéireachta busanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha, rud lena léireofar coigilteas breosla iontaise a eascróidh as oibriú na mbusanna. Le soláthar comhpháirteach busanna uirbeacha atá ag tógáil ar an Ardán um Bhusanna Glana, is féidir costas ceannaigh busanna den sórt sin a laghdú a thuilleadh, agus d’fhéadfadh na Ballstáit an Ciste Sóisialta Aeráide atá beartaithe a úsáid chun tacú le saoránaigh leochaileacha le ticéid nó le síntiúis iompair phoiblí laghdaithe nó saor in aisce. Ar deireadh, tá busanna agus cóistí réigiúnacha agus cianaistir, lena n-áirítear iad siúd le haghaidh iompair i gceantair thuaithe, fós faoi réir na spriocanna d’fheithiclí tromshaothair. Le tacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na gceantar tuaithe agus bochtaineacht iompair a chosc trí rochtain ar iompar poiblí inacmhainne a áirithiú.
(27) Ba cheart tionchar dearfach a bheith ag an méadú ar sholáthar busanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha a eascróidh as sciar íosta sainordaitheach den sórt sin ar chostas ceannaigh, ó thaobh praghas ceannaigh tosaigh agus costas iomlán úinéireachta busanna uirbeacha astaíochtaí nialasacha, rud lena léireofar coigilteas breosla iontaise a eascróidh as oibriú na mbusanna. Le soláthar comhpháirteach busanna uirbeacha atá ag tógáil ar an Ardán um Bhusanna Glana, is féidir costas ceannaigh busanna den sórt sin a laghdú a thuilleadh, agus d’fhéadfadh na Ballstáit an Ciste Sóisialta Aeráide atá beartaithe a úsáid chun tacú le saoránaigh leochaileacha le ticéid nó le síntiúis iompair phoiblí laghdaithe nó saor in aisce. Ar deireadh, tá busanna agus cóistí réigiúnacha agus cianaistir, lena n-áirítear iad siúd le haghaidh iompair i gceantair thuaithe, fós faoi réir na spriocanna d’fheithiclí tromshaothair. Le tacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na gceantar tuaithe agus bochtaineacht iompair a chosc21 trí rochtain ar iompar poiblí inacmhainne a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Feithiclí Glana21a a leasú ionas go mbeidh sí ailínithe le huaillmhian an Rialacháin seo.
__________________
__________________
21 I gcomhréir leis an sainmhíniú sa Rialachán maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta, Airteagal 2(2a)
21 I gcomhréir leis an sainmhíniú sa Rialachán maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta, Airteagal 2(2a)
21aTreoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 188, 12.7.2019, lch. 116).
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 27 a (nua)
(27a) Maidir le limistéir uirbeacha, ina bhfuil infheistíochtaí suntasacha leithdháilte nó caite cheana féin ar thiontú bonneagair chun gur féidir bithmheatán a úsáid i mbusanna uirbeacha thar thréimhse fhada ama, d’fhéadfadh siad a bheith in ann maolú sealadach ón sprioc maidir le busanna uirbeacha a iarraidh ón gCoimisiún. Ba cheart deireadh a chur leis na díolúintí sin faoi 2035.
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 27 b (nua)
(27b) Busanna le leibhéal iontrála íseal nach bhfuil cláraithe ach in aicme II, tá siad deartha le haghaidh oibríochtaí idiruirbeacha agus is féidir iad a shainaithint go soiléir. Agus a bpróifílí misin idiruirbigh á gcur san áireamh, níor cheart iad a bheith faoi réir an tsainordaithe astaíochtaí nialasacha le haghaidh busanna uirbeacha. Ina ionad sin, ba cheart caitheamh le feithiclí iontrála ísle d’aicme II mar fheithiclí agus cóistí idiruirbeacha le hardurlár.
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 28
(28) Ba cheart an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a chur i bhfeidhm ar feadh thréimhse tuairiscithe na bliana 2029, ós rud é nach meastar go bhfuil sé riachtanach a thuilleadh tar éis an ama sin mar dhreasacht chun tabhairt isteach feithiclí astaíochtaí nialasacha sa mhargadh a chur chun cinn.
(28) Ba cheart an fachtóir astaíochtaí nialasacha a chur i bhfeidhm ar feadh thréimhse tuairiscithe na bliana 2029, ós rud é nach meastar go bhfuil sé riachtanach a thuilleadh tar éis an ama sin mar dhreasacht chun tabhairt isteach feithiclí astaíochtaí nialasacha sa mhargadh a chur chun cinn.
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 30
(30) Anuas air sin, chun forbairt teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha nua a neartú i gcuideachtaí speisialaithe beaga agus meánmhéide, ba cheart é a bheith indéanta freisin feithiclí astaíochtaí nialasacha a aistriú idir eintitis nach bhfuil nasctha.
(30) Anuas air sin, chun forbairt teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha nua a neartú i gcuideachtaí speisialaithe beaga agus meánmhéide, ba cheart é a bheith indéanta freisin feithiclí astaíochtaí nialasacha a aistriú idir eintitis nach bhfuil nasctha, chomh maith le feithiclí atá ann cheana a aistriú a ndearnadh aisfheistiú orthu le go mbeidís ina bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha.Is deis iontach é na feithiclí atá ann cheana a aisfheistiú chun dlús a chur leis an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha ar bhealach costéifeachtúil agus tíosach ar acmhainní.
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 32
(32) Ba cheart síneadh a chur leis an gcóras reatha de chreidmheasanna astaíochta ilbhliantúla agus d’fhiacha astaíochta go dtí 2039 ós rud é go leanann spriocanna laghdaithe de bheith ag neartú tar éis 2030 go dtí 2040 agus go bhfuil gá ar mhonaróirí forbairtí teicniúla réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh le linn na tréimhse sin.
(32) Ba cheart síneadh a chur leis an gcóras reatha de chreidmheasanna astaíochta ilbhliantúla agus d’fhiacha astaíochta go dtí 2039 ós rud é go leanann spriocanna laghdaithe de bheith ag neartú tar éis 2030 go dtí 2040 agus go bhfuil gá ar mhonaróirí forbairtí teicniúla réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh le linn na tréimhse sin. Mar sin féin, ba cheart do mhonaróirí na fiacha astaíochta uile a bheidh fágtha sna blianta 2029, 2034 agus 2039 a ghlanadh, agus maidir leis na creidmheasanna astaíochta nach n-úsáidtear laistigh de 5 bliana tar éis iad a fháil, ba cheart dóibh dul in éag go huathoibríoch, ionas go seachnófar uaillmhian íseal a ghaibhniú.
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 38 a (nua)
(38a) Tá glacadh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha sa mhargadh ag brath ar roinnt tosca, lena n-áirítear an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le bonneagair luchtaithe agus athbhreoslaithe a imscaradh, gnéithe chun aistriú i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar a éascú a thuilleadh atá inmharthana go heacnamaíoch agus cothrom ó thaobh na sochaí de, agus bearta rialála eile chun nuashonrú na bhfeithiclí sin a dhreasú. Ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar na gnéithe sin mar chuid den athbhreithniú. Chun glacadh feithiclí níos éifeachtúla a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh freisin, mar chuid den athbhreithniú, ar na tionchair a bhaineann le híostairseacha éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú d’fheithiclí nua tromshaothair astaíochtaí nialasacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais.
1. Bunaítear sa Rialachán seo ceanglais feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i gcás feithiclí tromshaothair nua chun rannchuidiú le sprioc an Aontais a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/84223, agus chun rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras24 a bhaint amach agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
1. Bunaítear sa Rialachán seo ceanglais feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i gcás feithiclí tromshaothair nua chun rannchuidiú le sprioc aeráidneodrachta an Aontais agus a spriocanna idirmheánacha Aontais a bhaint amach mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/111923a, le spriocanna na mBallstát mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/84223, agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras24 agus le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
__________________
__________________
23 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 16, 19.6.2018, lch. 26).
23 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 16, 19.6.2018, lch. 26).
23a Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
24 IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
24 IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 3 – pointe c a (nua) Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8
(ca) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):
(8) ciallaíonn “foghrúpa feithiclí” grúpa feithiclí mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil tacar comhchoiteann sainiúil critéar teicniúil mar shaintréith acu atá ábhartha chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin a chinneadh;
"'(8) ciallaíonn ‘foghrúpa feithiclí’ grúpa feithiclí mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil tacar comhchoiteann sainiúil critéar teicniúil mar shaintréith acu atá ábhartha chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin a chinneadh, agus sannadh leoraithe beaga agus meánmhéide á chur san áireamh ar leoraithe iad le huasmhais níos ísle ná 7.4 tona mar a leagtar síos i dTábla 1.1.1a d’Iarscríbhinn 1;’
(a) feithicil tromshaothair nach bhfuil níos mó ná 5 g/(t°km) nó 5 g/(p°km) d’astaíochtaí CO2 aici mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400;
(a) feithicil tromshaothair gan inneall dócháin inmheánaigh, nó a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici a astaíonn níos lú ná 3gCO2/(t.km) nó 1gCO2/(p.km) mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400;
(b) mótarfheithicil tromshaothair a chomhlíonann coinníollacha phointe 1.1.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo murar cinneadh aon astaíochtaí CO2 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400;
(b) go dtí an 31 Nollaig 2034, feithicil tromshaothair gan inneall dócháin nó ag a bhfuil inneall dócháin nach n-astaíonn níos mó ná 3gCO2/kWh nó 3gCO2/km mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 nó 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach, murar cinneadh aon astaíochtaí CO2 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400; amhail ón 1 Eanáir 2035, mótarfheithicil tromshaothair gan inneall dócháin nó ag a bhfuil inneall dócháin nach n-astaíonn níos mó ná 1gCO2/kWh nó 1gCO2/km mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 nó 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach, murar cinneadh aon astaíochtaí CO2 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400;
Leasuithe 87 agus 135 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe i Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23 a (nua)
(23 a) ciallaíonn ‘breosla atá neodrach ó thaobh CO2 de’ gach breosla a shainmhínítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 inar féidir glacadh leis go bhfuil astaíochtaí an bhreosla atá in úsáid (AE) glan-nialasach, rud a chiallaíonn, mar shampla, go bhfuil tionscnamh bithghineach ag an gcoibhéis CO2 atá ionchorpraithe i gcomhdhéanamh ceimiceach an bhreosla atá in úsáid (AE) agus/nó gur gabhadh í, ionas nach bhfuil mbeadh sé astaithe mar CO2 san atmaisféar, nó gur gabhadh í ón aer comhthimpeallach. Áiritheofar leis na breoslaí sin breoslaí inathnuaite agus/nó sintéiseacha, amhail bithbhreosla, bithghás, breosla bithmhaise, breosla iompair leachtach agus gásach de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch (RFNBO) nó breosla carbóin athchúrsáilte (RCF). Féadfaidh breoslaí eile nach bhfuil liostaithe i dTreoir (AE) 2018/2001 teacht faoi réir an bhrí atá ar bhreosla atá neodrach ó thaobh CO2 ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin agus critéir inbhuanaitheachta na Treorach sin agus na ngníomhartha tarmligthe. Measfar gurb ionann meascán de dhá bhreosla nó níos mó atá neodrach ó thaobh CO2 de agus breosla atá neodrach ó thaobh CO2 de.
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe a Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23 b (nua)
(23b) Ciallaíonn ‘leoraí Cónaisc Thar a Bheith Trom’ nó ‘leoraí EHC’ feithicil de chatagóir N3 atá oiriúnach lena húsáid i gcónasc feithiclí agus a chomhlíonann na critéir deartha agus déantúis uile seo a leanas:
(a) tá sé feistithe le gléas cúplála;
(b) tá trí acastóir nó níos mó aige;
(c) tá cumhacht rátaithe innill 400 kW ar a laghad aige;
(d) tá sé deartha le huasmhais atá incheadaithe go teicniúil de níos mó ná 60 tona;
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 3a – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Déanfar meánastaíochtaí CO2 fhlít an Aontais d’fheithiclí tromshaothair nua, seachas feithiclí sainchuspóireacha, feithiclí easbhóthair, feithiclí sainchuspóireacha easbhóthair, agus feithiclí oibre a laghdú de réir na gcéatadán seo a leanas i gcomparáid le meánastaíochtaí CO2 thréimhse thuairiscithe na bliana 2019:
1. Déanfar meánastaíochtaí CO2 fhlít an Aontais d’fheithiclí tromshaothair nua, seachas feithiclí sainchuspóireacha, feithiclí easbhóthair agus feithiclí sainchuspóireacha easbhóthair a laghdú de réir na gcéatadán seo a leanas i gcomparáid le meánastaíochtaí CO2 na tréimhse tuairiscithe na bliana 2019:
2. Maidir leis na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 sin, ní mór do na foghrúpaí feithiclí rannchuidiú mar a leagtar síos i bpointe 4.3 d’Iarscríbhinn I.
2. Maidir leis na spriocanna astaíochtaí CO2, ní mór do na foghrúpaí feithiclí rannchuidiú mar a leagtar síos i bpointe 4.3. d’Iarscríbhinn I, ag cur sannadh feithiclí neamhdheimhnithe mar a leagtar síos i dTábla 1.1.1a d’Iarscríbhinn I san áireamh.
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 3 a – mír 3 a (nua)
Airteagal 3a
3 a. I gcomhréir le pointe 1.1.4 d’Iarscríbhinn I, déanfar feithiclí tromshaothair nach bhfuil sannta do cheann de na foghrúpaí i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh monaróirí le forálacha na spriocanna maidir le laghdú a leagtar amach i mír 1.
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 3 a a (nua)
Airteagal 3aa
Bearta breise chun tacú leis an aistriú chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha i margadh an Aontais
Faoin ... [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha cineálcheadaithe le haghaidh feithiclí ina bhfuil innill dócháin inmheánaigh a thiontaítear go feithiclí astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear faoin Rialachán seo, ar mhaithe le sraitheanna a cheadú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar riail a thabhairt isteach chun coibhéisí CO2 ó fheithiclí innill dócháin a thiontaítear go feithiclí astaíochtaí nialasacha a ríomh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Bearta breise chun tacú leis an éileamh ar fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha i margadh an Aontais
Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun méadú a dhéanamh ar an sciar d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha atá faoi úinéireacht nó faoi léas ag oibreoirí flíteanna móra. Áireofar sa togra sainorduithe ceangailteacha astaíochtaí nialasacha maidir le hoibreoirí flíteanna móra, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha agus leibhéal imscartha an bhonneagair luchtaithe agus athbhreoslaithe á gcur san áireamh.
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh sciar teoranta de na busanna uirbeacha a chláraítear i ngach tréimhse tuairiscithe a eisiamh ón oibleagáid faoin Airteagal seo, lena ndeimhnítear nach féidir le feithicil astaíochtaí nialasacha freastal ar chuspóir na feithicle ar bhealach comhionann agus, dá bhrí sin, gur chun leas an phobail é feithicil nach feithicil astaíochtaí nialasacha í a chlárú chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, de bharr an chostais shocheacnamaíoch i bhfianaise moirfeolaíocht chríochach shonrach nó imthosca meitéareolaíocha.
Féadfaidh na Ballstáit iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh sciar teoranta de na feithiclí dá dtagraítear i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn I a chláraítear i ngach tréimhse thuairiscithe a eisiamh ón oibleagáid faoin Airteagal seo, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin trí infheistíochtaí substaintiúla i mbonneagar athbhreoslaithe bithmheatáin arna ndéanamh ag údaráis áitiúla, ar infheistíochtaí iad a rinneadh nó a ndearna údaráis áitiúla iad a chinneadh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo d’fhonn sprioc an Bhallstáit faoi Threoir (AE) 2019/1161 a bhaint amach. Chun cáiliú don díolúine sin, déanfar feithiclí a bhreoslú le bithmheatán a tháirgtear ó phróiseas fíréanta cóireála dramhaíola, amhail aoileach, dramhaíl uirbeach agus fuíolluisce uirbeach a chóireáil, a ráthófar le deimhnithe tionscnaimh. Deonóidh an Coimisiún an díolúine sin i gcás ina dtagann sé ar an tátal go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo agus sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír. Tiocfaidh deireadh leis na díolúintí sin faoin 1 Eanáir 2035.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun sainiú a dhéanamh ar an sciar uasta feithiclí is féidir le Ballstát a eisiamh, agus ar an gcostas agus tairbhe socheacnamaíoch i bhfianaise moirfeolaíocht chríochach agus imthoisc mheitéareolaíoch lena dtugtar údar maith leis an eisiamh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun sainiú a dhéanamh ar an sciar uasta feithiclí is féidir le Ballstát a eisiamh, agus ar an gcineál faisnéis a dhéanfaidh Ballstát a thíolacadh chun go ndeonófar dó an t-eisiamh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.
1. Bunóidh údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha dámhachtain conarthaí poiblí do cheannach nó d’úsáid na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 3b ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch lena n-áireofar an cóimheas praghas-cáilíochta is fearr agus an ranníocaíocht maidir le slándáil soláthair na tairisceana, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha.
1. Déanfaidh údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha,agus conradh á dhéanamh acu chun na feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 3b nó an bonneagar muirearaithe lena mbaineann a cheannach, a léasú, a ghlacadh ar cíos nó a fhruilcheannach, tionchair fuinnimh agus chomhshaoil na bhfeithiclí sin thar a saolré a chur i gcuntas, chomh maith le slándáil an tsoláthair a bhaineann leis na feithiclí sin agus lena bpáirteanna spártha. Déanfaidh siad amhlaidh trí chritéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le rannchuidiú na tairisceana ó thaobh shlándáil an tsoláthair de a áireamh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha.
(c) infhaighteacht páirteanna spártha riachtanacha d’fheidhmiú an trealaimh atá faoi réir na tairisceana;
(c) an infhaighteacht faoi láthair agus a mheastar don todhchaí ar pháirteanna spártha riachtanacha d’fheidhmiú an trealaimh atá faoi réir na tairisceana;
2a. Déanfar rannchuidiú na tairisceana leis an inbhuanaitheacht a mheasúnú, inter alia, bunaithe ar an méid seo a leanas:
(a) inbhuanaitheacht comhshaoil a théann thar na híoscheanglais dá bhforáiltear sa reachtaíocht is infheidhme, go háirithe maidir le ceallraí a athchúrsáil agus a fhoinsiú;
(b) éifeachtúlacht fuinnimh na bhfeithiclí;
(c) an acmhainneacht chun laghdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as acmhainní nádúrtha agus ábhar, mar shampla trí fheithiclí atá ann cheana a aisfheistiú ina ngléasraí cumhachta astaíochtaí nialasacha.
3. I gcomhréir le hAirteagal 3b, tabharfar ualú idir 15 % go 40 % de chritéir na dámhachtana do rannchuidiú na tairisceana le slándáil an tsoláthair. ;
3. I gcomhréir le hAirteagal 3b, tabharfar ualú idir 15 % go 35 % de na critéir dhámhachtana do rannchuidiú na tairisceana le hinbhuanaitheacht agus tabharfar ualú idir 15 % go 40 % freisin de na critéir dhámhachtana do rannchuidiú na tairisceana le slándáil an tsoláthair. Tá an méid sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 41(3) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 67(5) de Threoir 2014/24/AE nó Airteagal 82(5) de Threoir 2014/25/AE d’fhonn ualú níos airde a thabhairt do na critéir sin.
3a. Maidir le cion na dtáirgí nó na dtairiscintí de thionscnamh tríú tíortha, mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ní fhéadfaidh siad 50 % de luach na tairisceana a shárú.
Leasú 55 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua) Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 3 d (nua)
(4a) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 3d
Fóram maidir le Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha
Faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach bliain ina dhiaidh sin, tionólfaidh an Coimisiún ‘Fóram maidir le Feithiclí Tromshaothair Astaíochtaí Nialasacha’, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó oibreoirí stáisiún luchtaithe phoiblí, oibreoirí córas tarchurtha leictreachais, iompróirí cianaistir, oibreoirí lóistíochta uirbeacha, oibreoirí iompair phoiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus meithleacha machnaimh neamhspleácha, na Ballstáit agus monaróirí, chun oibriú le chéile ar leathadh amach éifeachtach agus costéifeachtach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe i bhfianaise na sprice méadaithe maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú a leagtar amach sa Rialachán seo.’
Leasuithe 92, 108 agus 138 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 – pointe 5 a Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 4a (nua)
(5 a) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 4a
Modheolaíocht maidir le feithiclí tromshaothair a chlárú nach n-úsáideann ach breoslaí atá neodrach ó thaobh CO2 de amháin
Tar éis dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí, agus ar a dhéanaí faoin [bliain amháin tar éis dháta dul i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], déanfaidh an Coimisiún modheolaíocht a fhorbairt maidir le feithiclí tromshaothair a chlárú nach n-úsáideann ach breoslaí atá neodrach ó thaobh CO2 de amháin chun críocha comhlíonta i gcomhréir le dlí an Aontais agus le cuspóir aeráid-neodrachta an Aontais.’
Leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha ísle, cuirfear san áireamh líon agus astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle i bhflít an mhonaróra.;
Leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha ísle, cuirfear san áireamh líon agus astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí uile tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí uile tromshaothair astaíochtaí ísle de chatagóir N atá i bhflít an mhonaróra.;
3. I gcás na dtréimhsí tuairiscithe ón mbliain 2025 go dtí 2029, is ar bhonn thagarmharc 2 % a chinnfear an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle, i gcomhréir le pointe 2.3.2 d’Iarscríbhinn I.’;
3. I gcás na dtréimhsí tuairiscithe ó 2025 go 2029, ní chuirfear san áireamh san fhachtóir astaíochtaí nialasacha agus san fhachtóir astaíochtaí ísle ach líon agus astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí uile tromshaothair astaíochtaí nialasacha de chatagóir N atá i bhflít an mhonaróra, agus cinnfear é ar bhonn tagarmhairc 8 % i gcomhréir le pointe 2.3.2 d’Iarscríbhinn I;
(c) chun feithicil astaíochtaí nialasacha a aistriú idir monaróirí nach mbaineann le grúpa monaróirí atá nasctha: ní rachaidh líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a aistrítear chuig monaróir thar 5 % dá fheithiclí tromshaothair nua uile a chláraítear i dtréimhse tuairiscithe ar leith.
(c) i gcás aistrithe feithiclí astaíochtaí nialasacha idir monaróirí nach mbaineann le grúpa monaróirí bainteacha, nó i gcás aistrithe feithiclí atá ann cheana a aisfheistíodh le bheith ina bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha: ní rachaidh líon na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a aistrítear chuig monaróir thar 5 % dá fheithiclí nua tromshaothair uile a chláraítear i dtréimhse thuairiscithe ar leith.
Leasú 59 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe b a (nua) Rialachán (AE) 2019/1242 Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2
(ba) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
Gheofar creidmheasanna astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2029. Mar sin féin, ní chuirfear na creidmheasanna astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2024 san áireamh ach amháin chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 á gcomhlíonadh ag an monaróir.
‘Gheofar creidmheasanna astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mblianta 2019 go 2039, agus ní chuirfear san áireamh iad ach amháin chun comhlíontacht an mhonaróra a chinneadh maidir leis an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 d'aon cheann de na 5 bliana tar éis na bliana ina bhfuarthas iad. Mar sin féin, i gcás ina bhfuarthas na creidmheasanna astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mblianta 2019 go 2024, ní chuirfear san áireamh iad ach amháin chun comhlíontacht an mhonaróra a chinneadh maidir leis an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 do thréimhse thuairiscithe na bliana 2025.’
Aistreofar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2039, ó thréimhse tuairiscithe féilire amháin go dtí an chéad tréimhse tuairiscithe eile. Glanfar aon fhiacha astaíochta a bheidh fágtha i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2029, 2034 agus 2039.;
Aistreofar creidmheasanna astaíochta a fhaightear i dtréimhsí tuairiscithe na mblianta 2025 go 2039, i gcás inarb infheidhme, ó thréimhse thuairiscithe amháin go dtí an chéad tréimhse thuairiscithe eile. Mar sin féin, glanfar aon fhiacha astaíochta a bheidh fágtha i dtréimhsí tuairiscithe na mblianta 2029, 2034 agus 2039.;
(a) na critéir lena sainítear foghrúpaí feithiclí a leagtar amach i bpointe 1.1;
(a) na critéir lena sainítear na foghrúpaí feithiclí a leagtar amach i bpointe 1.1, lena n-áirítear foghrúpaí ar leithligh a chur isteach i gcás leoraithe EHC;
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, in 2028, ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh toradh an athbhreithnithe.
1. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, athbhreithniú ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh toradh an athbhreithnithe. Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an méid seo a leanas:
(i) líon chlárúcháin na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha atá sna Ballstáit;
(ii) an dul chun cinn atá déanta maidir le bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe atá oiriúnach d’fheithiclí tromshaothair a imscaradh sna Ballstáit;
(iii) chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, breithnithe ar fheithiclí tromshaothair agus cónaisc feithiclí, agus na meáchain agus toisí is infheidhme i leith iompar náisiúnta á gcur san áireamh, mar shampla, iompar modúlach agus iompar idirmhódach, agus measúnú á dhéanamh freisin ar ghnéithe slándála agus éifeachtúlachta iompair a d’fhéadfadh a bheith ann, ar éifeachtaí idirmhódacha, comhshaoil, bonneagair agus athfhillteacha chomh maith le suíomh geografach na mBallstát;
(iv) tionchair ar fhostaíocht, go háirithe ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), éifeachtacht na mbeart chun tacú le hathoiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair, agus an tábhacht a bhaineann le haistriú i dtreo soghluaisteacht de bhóthar atá nialasach ó thaobh astaíochtaí de agus atá inmharthana go heacnamaíoch agus cothrom ó thaobh na sochaí de;
(v) i dtaobh an bhfuil bonn cirt fós leis an díolúine a leagtar amach in Airteagal 6b den Rialachán seo do mhonaróirí a tháirgeann líon beag feithiclí d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe gás ceaptha teasa uile-Aontais ar fud na n-earnálacha uile laistigh den Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119;
(vi) na tionchair a bhaineann le híostairseacha éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos le haghaidh feithiclí nua tromshaothair astaíochtaí nialasacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais;
(vii) na tionchair a bhaineann lena áirithiú go mbeidh feithiclí sainchuspóireacha, feithiclí easbhóthair agus feithiclí speisialta easbhóthair faoi réir spriocanna laghdaithe astaíochtaí CO2;
(viii) measúnú ar leibhéal na préimhe astaíochtaí CO2 iomarcacha chun a áirithiú gur mó an phréimh sin ná meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach.
(ix) an tuarascáil ina ndéantar measúnú ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais dá dtagraítear i mír 2, agus chun tuairisciú comhsheasmhach a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin;
2a. Faoin 31 Nollaig 2026, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéantar measúnú ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú comhsheasmhach a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
2b. Mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil méadú míchuí tagtha ar an gcumhacht rátaithe innill mar thoradh ar fhoghrúpaí nua a chruthú i gcás leoraithe EHC. Má thagann an Coimisiún ar an tátal gur méadaíodh go míchuí na rátálacha cumhachta innill go léir nó cuid díobh, glacfaidh sé gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na critéir a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (24) a leasú.
2c. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar ról na mbreoslaí in-athnuaite inbhuanaithe san aistriú i dtreo na haeráidneodrachta, lena n-áirítear in earnáil na bhfeithiclí tromshaothair. Ar leithligh ón athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1, agus mar chuid de straitéis chuimsitheach le haghaidh feidhm a bhaint as breoslaí den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2025 ina mbeidh anailís chuimsitheach ar an ngá atá le glacadh bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis ardfhorbartha agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch san earnáil a dhreasú tuilleadh maille leis an gcreat iomchuí beart, lena n-áirítear dreasachtaí airgeadais, chun é sin a bhaint amach. Bunaithe ar an anailís sin, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha breise nó cuirfidh sé moltaí faoi bhráid na mBallstát.
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3b, in Airteagal 11(2), in Airteagal 13(4), an dara fomhír, in Airteagal 13c(3), in Airteagal 13d(2), in Airteagal 13e(4), in Airteagal 13f(2) agus in Airteagal 14(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].;
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3b(2), in Airteagal 3e, in Airteagal 11(2), in Airteagal 13(4) an dara fomhír, in Airteagal 13c(3), in Airteagal 13d(2), in Airteagal 13e(4), in Airteagal 13f(2), in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 15(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), in Airteagal 13(4), an dara fomhír, in Airteagal 13c(3), in Airteagal 13d(2), in Airteagal 13e(4), in Airteagal 13f(2) agus in Airteagal 14(1) a chúlghairm aon tráth.;
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3b(2), in Airteagal 3e, in Airteagal 11(2), in Airteagal 13(4) an dara fomhír, in Airteagal 13c(3), in Airteagal 13d(2), in Airteagal 13e(4), in Airteagal 13f(2), in Airteagal 14(1) agus in Airteagal 15(3) a chúlghairm aon tráth.;
(c) i mír (6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1)’: ‘Airteagal 11(2), Airteagal 13(4), an dara fomhír, Airteagal 13c(3), Airteagal 13d(2), Airteagal 13f(2) agus Airteagal 14(1)’;
(c) i mír (6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1)’: ‘Airteagal 3b(2), Airteagal 3e, Airteagal 11(2), Airteagal 13(4) an dara fomhír, Airteagal 13c(3), Airteagal 13d(2), Airteagal 13f(2), Airteagal 14(1) agus Airteagal 15(3)’;
Leasú 70 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1.1.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
1.1.1. I gcás feithiclí i gcatagóir N, sainmhínítear an foghrúpa sg mar a leanas:
Grúpa feithiclí de réir Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
Feithicil oibre de réir Airteagal 3(9) den Rialachán seo
Cineál cábáin
Cumhacht an innill
Raon oibríochtúil (OR)
Foghrúpa feithiclí (sg) a shanntar chun críocha an Rialacháin seo
53
Ní hea
Uile
53
54
Ní hea
Uile
54
1s
Ní hea
Uile
1s
1
Ní hea
Uile
1
2
Ní hea
Uile
2
3
Ní hea
Uile
3
4
Ní hea
Uile
<170 kW
Uile
4-UD
Ní hea
Cábán lae
≥ 170 kW
Uile
4-RD
Ní hea
Cábán codlata
≥170 kW agus <265 kW
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
≥ 350 km
4-LH
9
Ní hea
Cábán lae
Uile
Uile
9-RD
Ní hea
Cábán codlata
Uile
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
Uile
≥ 350 km
9-LH
5
Ní hea
Cábán lae
Uile
Uile
5-RD
Ní hea
Cábán codlata
< 265 kW
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
≥ 350 km
5-LH
10
Ní hea
Cábán lae
Uile
Uile
10-RD
Ní hea
Cábán codlata
Uile
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
Uile
≥ 350 km
10-LH
11
Ní hea
Uile
11
12
Ní hea
Uile
12
16
Ní hea
Uile
16
Leasú
1.1.1. I gcás feithiclí i gcatagóir N, sainmhínítear an foghrúpa sg mar a leanas:
Grúpa feithiclí de réir Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
Feithicil oibre de réir Airteagal 3(9) den Rialachán seo
Cineál cábáin
Cumhacht an innill
Raon oibríochtúil (OR)
Foghrúpa feithiclí (sg) a shanntar chun críocha an Rialacháin seo
53
Ní hea
Uile
53
54
Ní hea
Uile
54
1s
Ní hea
Uile
1s
1
Ní hea
Uile
1
2
Ní hea
Uile
2
3
Ní hea
Uile
3
4
Ní hea
Uile
<170 kW
Uile
4-UD
Ní hea
Cábán lae
≥ 170 kW
Uile
4-RD
Ní hea
Cábán codlata
≥170 kW agus <265 kW
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
≥ 350 km
4-LH
Is ea
Uile
4v
9
Ní hea
Cábán lae
Uile
Uile
9-RD
Ní hea
Cábán codlata
Uile
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
Uile
≥ 350 km
9-LH
Is ea
Uile
9v
5
Ní hea
Cábán lae
Uile
Uile
5-RD
Ní hea
Cábán codlata
< 265 kW
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
≥ 265 kW
≥ 350 km
5-LH
Is ea
Uile
5v
10
Ní hea
Cábán lae
Uile
Uile
10-RD
Ní hea
Cábán codlata
Uile
< 350 km
Ní hea
Cábán codlata
Uile
≥ 350 km
10-LH
Is ea
Uile
10v
11
Uile
11
12
Uile
12
16
Uile
16
Leasú 71 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1 1.1. – pointe 1.1.1. a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
1.1.1a. Sannadh leoraithe beaga agus meánmhéide chatagóir N2 ag a bhfuil uasmhais arb ísle í ná 7, 4 thona, ar cinneadh astaíochtaí CO2 ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/858
Saintréithe feithicle
Foghrúpa feithiclí (sg) a shanntar chun críocha an Rialacháin seo
Catagóir N2, ag a bhfuil Uasmhais Ualaithe atá Incheadaithe go Teicniúil (TPMLM) ≤ 7,4 t
53
Leasú 72 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1.1.2.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
1.1.2. Maidir le feithiclí i gcatagóir M, sainmhínítear an foghrúpa sg mar a leanas:
Grúpa feithiclí de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
Foghrúpa feithiclí (sg) a shanntar chun críocha an Rialacháin seo
31a, 31d
31-LF
31b1
31-L1
31b2
31-L2
31c, 31e
31-DD
32a, 32b
32-C2
32c, 32d
32-C3
32e, 32f
32-DD
33a, 33d, 37a, 37d
33-LF
33b1, 37b1
33-L1
33b2, 37b2
33-L2
33c, 33e, 37c, 37e
33-DD
34a, 34b, 36a, 36b, 38a, 38b, 40a, 40b
34-C2
34c, 34d, 36c, 36d, 38c, 38d, 40c, 40d
34-C3
34e, 34f, 36e, 36f, 38e, 38f, 40e, 40f
34-DD
35a, 35b1, 35b2, 35c
35-FE
39a, 39b1, 39b2, 35c
39-FE
Leasú
1.1.2. Maidir le feithiclí i gcatagóir M, sainmhínítear an foghrúpa sg mar a leanas:
Grúpa feithiclí de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400
Foghrúpa feithiclí (sg) a shanntar chun críocha an Rialacháin seo
Leasú 74 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2.3 – pointe 2.3.2 – mír 3 – fomhír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Is ionann Vin agus an líon iomlán feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha atá nuachláraithe sna foghrúpaí sg = 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD, 10-LH, i gcás ina gcomhairtear gach ceann acu mar ZLEVspecifi i gcomhréir leis an bhfoirmle thíos:
Is é Vin líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha atá nuachláraithe sna foghrúpaí sg = 4-UD, 4-RD, 4-LH, 5-RD, 5-LH, 9-RD, 9-LH, 10-RD, 10-LH
Is é CO2v astaíochtaí sonracha CO2 in g/km ó fheithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle v arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1,
an líon iomlán feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha atá nuachláraithe, nach bhfuil sna foghrúpaí dá dtagraítear le sainmhíniú Vin , agus le huasmhéid 0.035 de Vtotal;
Is é Vout an líon iomlán feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha atá nuachláraithe i gcatagóir N, nach bhfuil sna foghrúpaí dá dtagraítear le sainmhíniú Vin , agus le huasmhéid 0.035 de Vtotal;
Leasú 79 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 4 – pointe 4.2
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
4.2. Foghrúpaí feithiclí a chuirtear san áireamh agus na meánastaíochtaí sonracha CO2 agus spriocanna na monaróirí i leith astaíochtaí sonracha á ríomh
Cuirfear na foghrúpaí sg seo a leanas san áireamh agus na hastaíochtaí sonracha CO2CO2(X), na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha T(X) agus conair laghdaithe astaíochtaí CO2 ET(X)Y á ríomh:
X = 2025
X= NO
X = MCO2
X = MZE
foghrúpaí feithiclí, faoi réir spriocanna i leith astaíochtaí CO2 de réir Airteagal 3a, mír 1 (a)
foghrúpaí feithiclí a iompraíonn earraí, faoi réir spriocanna i leith astaíochtaí CO2 de réir Airteagal 3a míreanna 1(b), 1(c) agus 1(d) agus mhír 3
foghrúpaí feithiclí a iompraíonn daoine, faoi réir spriocanna i leith astaíochtaí CO2 de réir Airteagal 3a míreanna 1(b), 1(c) agus 1(d)
foghrúpaí feithiclí a iompraíonn daoine, faoi réir spriocanna i leith feithiclí astaíochtaí nialasacha de réir Airteagal 3b
4.2. Foghrúpaí feithiclí a chuirtear san áireamh agus na meánastaíochtaí sonracha CO2 agus spriocanna na monaróirí i leith astaíochtaí sonracha á ríomh
Cuirfear na foghrúpaí sg seo a leanas san áireamh agus na hastaíochtaí sonracha CO2CO2(X), na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha T(X) agus conair laghdaithe astaíochtaí CO2 ET(X)Y á ríomh:
X = 2025
X= NO
X = MCO2
X = MZE
foghrúpaí feithiclí, faoi réir spriocanna i leith astaíochtaí CO2 de réir Airteagal 3a, mír 1 (a)
foghrúpaí feithiclí a iompraíonn earraí, faoi réir spriocanna i leith astaíochtaí CO2 de réir Airteagal 3a míreanna 1(b), 1(c) agus 1(d) agus mhír 3
foghrúpaí feithiclí a iompraíonn daoine, faoi réir spriocanna i leith astaíochtaí CO2 de réir Airteagal 3a míreanna 1(b), 1(c) agus 1(d)
foghrúpaí feithiclí a iompraíonn daoine, faoi réir spriocanna i leith feithiclí astaíochtaí nialasacha de réir Airteagal 3b
Leasú 81 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – pointe 4 – pointe 4.3 – pointe 4.3.2.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Tá na spriocanna seo a leanas maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha zevMsg de bhun Airteagal 3b infheidhme i leith feithiclí san fhoghrúpa sg i gcás tréimhsí tuairiscithe éagsúla:
Sainorduithe maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha zevMsg
Tá na spriocanna seo a leanas maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha zevMsg de bhun Airteagal 3b infheidhme i leith feithiclí san fhoghrúpa sg i gcás tréimhsí tuairiscithe éagsúla:
Cuirfear na foghrúpaí sg seo a leanas san áireamh agus na hastaíochtaí sonracha CO2 CO2(X), na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha T(X) agus conair laghdaithe astaíochtaí CO2 ET(X)Y á ríomh:
Sainorduithe maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha zevMsg
Sainorduithe maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha zevMsg
Leasú 82 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn III – pointe 1 – mír 2
astaíochtaí CO2 in g/km ó phríomhfheithicil na feithicle tromshaothair nuaí v, arna gcinneadh do phróifíl mhisin mp agus arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagail 13a agus 13b;
astaíochtaí CO2 in g/km ón bhfeithicil nua tromshaothair v, arna gcinneadh do phróifíl mhisin mp agus arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagail 13a agus 13b;
Leasú 83 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn IV Rialachán (AE) 2019/1242 Iarscríbhinn IV – cuid A – mír 1 – pointe n a (nua)
(n a) uasmhais an chónaisc is incheadaithe go teicniúil i gcás thrucail chatagóir N3 i gcomhthéacs thar a bheith trom (EHC) dá dtagraítear in Airteagal 3 pointe (24), mar a shonraítear in iontráil 16.4 den deimhniú comhréireachta nó den deimhniú ar cheadú feithicle aonair;
Leasú 84 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn IV Rialachán (AE) 2019/1242 Iarscríbhinn IV – cuid A – mír 1 – pointe n b (nua)
(n b) glanchumhacht uasta innil mar a shonraítear in iontráil 27.1. den deimhniú comhréireachta nó den deimhniú ar cheadú feithicle aonair;
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0313/2023).
Na féidearthachtaí chun iontaofacht iniúchtaí agus rialuithe ag na húdaráis náisiúnta i mbainistíocht chomhroinnte a mhéadú
167k
58k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar na féidearthachtaí chun iontaofacht iniúchtaí agus rialuithe ag na húdaráis náisiúnta i mbainistíocht chomhroinnte a mhéadú (2022/2020(INI))
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(1) (an Rialachán Airgeadais) agus do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 maidir le togra le haghaidh athbhreithniú air (COM(2022)0223),
– ag féachaint do dhréacht-seasamh uaithi ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí(3) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna),
– ag féachaint do thuarascáil bhliantúil Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ar chur chun feidhme bhuiséad AE don bhliain airgeadais 2021,
– ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Research for REGI Committee — Gold-Plating in the European Structural and Investment Funds’ [Taighde le haghaidh Coiste REGI —Rórialáil i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa], arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 16 Eanáir 2017(4),
– ag féachaint don staidéar, a d’iarr a Coiste um Rialú Buiséadach, dar teideal ‘Single Audit Approach – Root Causes of the Weaknesses in the Work of the Member States Management and Audit Authorities’ [Cur Chuige Iniúchóireachta Aonair — Bunchúiseanna leis na laigí in Obair Údaráis Bhainistíochta agus Iniúchóireachta na mBallstát], arna fhoilsiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an 30 Aibreán 2022(5),
– ag féachaint do na cinntí agus do na rúin uaithi roimhe seo maidir le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún do na blianta 2019, 2020, 2021 agus 2022(6),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0297/2023),
A. de bhrí go sonraítear in Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go ‘leagfar síos le rialacháin oibleagáidí rialaithe agus iniúchóireachta na mBallstát i gcur chun feidhme an bhuiséid agus na freagrachtaí a bheidh mar thoradh air sin’;
B. de bhrí go sainítear in Airteagal 127(7) den Rialachán Airgeadais an coincheap ‘brath ar fhoinsí eile le haghaidh iniúchtaí’ do na hidirghabhálacha uile a mhaoinítear le cistí AE; á thabhairt chun suntais go leagtar amach san airteagal seo bonn le go mbeidh iniúchóirí in ann brath ar obair iniúchóireachta a rinneadh roimhe sin i gcomhréir le rialacha AE, leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme agus le hiniúchóir neamhspleách; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’aidhm le prionsabal na hIniúchóireachta Aonair dúbailt oibre iniúchóireachta a chosc, costais fhoriomlána na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta agus an t-ualach riaracháin ar iniúchaithe a laghdú;
C. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 247 den Rialachán Airgeadais, nach mór don Choimisiún meastachán ar an leibhéal earráide i gcaiteachas an Aontais a chur san áireamh bunaithe ar mhodheolaíocht chomhsheasmhach ina thuarascáil bhliantúil bhainistíochta agus feidhmíochta;
D. de bhrí go gcuireann Airteagal 69 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna oibleagáid ar na Ballstáit córais bhainistithe agus rialaithe a bheith acu dá gcláir, agus gach gníomhaíocht is gá a dhéanamh, arna iarraidh sin don Choimisiún, chun a bhfeidhmiú éifeachtach a áirithiú, lena n-áirítear iniúchtaí, ina bhféadfaidh an Coimisiún nó ionadaithe údaraithe a bheith rannpháirteach, agus chun a áirithiú go gcoinneofar na doiciméid uile is gá don rian iniúchóireachta;
E. de bhrí, le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, go gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú agus na gníomhaíochtaí is gá chun dea-fheidhmiú a gcóras bainistíochta agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a dhearbhaíonn siad don Choimisiún a áirithiú;
Bunchúiseanna a dhéanann difear do bhainistiú, rialú agus iniúchadh chaiteachas an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte
1. á mheabhrú go bhfuil an fhreagracht deiridh ar an gCoimisiún, faoi bhainistíocht chomhroinnte, as buiséad AE a chur chun feidhme agus go gceanglaítear ar na Ballstáit córais éifeachtacha náisiúnta bhainistíochta agus rialaithe na gclár arna gcistiú ag an Aontas a chur ar bun i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme chun aon neamhrialtachtaí nó cásanna calaoise i gcaiteachas AE a chosc, a bhrath agus a cheartú agus chun dearbhú réasúnach a thabhairt don Choimisiún go bhfuil acmhainní AE á gcaitheamh i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;
2. á mheabhrú go dtagraíonn cur chuige na hIniúchóireachta Aonair do chóras iniúchóireachta ina gcuireann gach sraith iniúchóireachta leis an obair a rinne an ceann roimhe sin ar choinníoll go bhfuil sé sin iontaofa agus cruinn; á thabhairt chun suntais go gcuireann cur chun feidhme ceart an chur chuige Iniúchóireachta Aonair cosc ar dhúbláil na hoibre iniúchóireachta, go laghdaítear costas iomlán na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún agus go laghdaítear an t-ualach riaracháin ar na hiniúchaithe; á chur i bhfios, sa chleachtas, go bhfuil cur i bhfeidhm an chur chuige iniúchóireachta Aonair ag brath, i measc nithe eile, ar an obair iniúchóireachta stóinsithe iontaofa a dhéanann na comhlachtaí iniúchóireachta sna Ballstáit;
3. á thabhairt chun suntais go bhféadfadh débhríocht dhlíthiúil nó saincheisteanna comhlíontachta a bheith mar thoradh ar chastacht na rialacha maidir le cistí AE, mar aon leis na hathruithe a dhéantar go minic ar rialacháin idir clárthréimhsí, chomh maith le míthuiscintí agus cur chun feidhme easnamhach, rud a chruthaíonn riosca níos airde earráidí; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún treoir agus tacaíocht do chomhlachtaí iniúchóireachta sna Ballstáit maidir le conas rialacha agus ceanglais AE a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm chun cur chuige comhsheasmhach iniúchóireachta a áirithiú ar fud AE; á chur in iúl gur oth léi gur minic a bhíonn an treoir ón gCoimisiún an-teoiriciúil, an-teicniúil agus oscailte do léirmhínithe éagsúla; á chur i bhfáth go bhféadfadh cleachtais rórialála, maorlathas méadaithe agus athruithe leanúnacha ar chaighdeáin cur chun feidhme ag na Ballstáit a bheith mar thoradh ar na bearta sin; á chur in iúl gur saoth léi go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag na gnéithe sin, lena gcruthaítear ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo, ar leibhéal tharraingteacht chistí AE do thairbhithe féideartha sna Ballstáit; á chur i bhfáth go bhfuil baol earráidí i gceist leis na húdaráis bhainistíochta mar thoradh ar rialacha casta agus doiléire d’ainneoin na rún is fearr atá acu rialacháin AE a chomhlíonadh;
4. á mheabhrú, faoin mbainistíocht chomhroinnte, go bhfuil freagracht ar na Ballstáit as córas bainistíochta agus rialúcháin d’íocaíochtaí a chur ar bun, agus nach mór dóibh a áirithiú go bhfuil siad ábalta na neamhrialtachtaí a bhrath agus a cheartú; á chur i bhfáth gur buntáiste do na Ballstáit é bearta coisctheacha seachas bearta pionósacha a roghnú chun críocha bainistithe agus rialaithe, agus ar an gcaoi sin gur cuidiú dóibh é lena áirithiú go ndéanfar an córas a riar ar an mbealach is éifeachtúla is féidir ar mhaithe leis na faighteoirí cearta, agus calaois agus míthreorú cistí poiblí á seachaint agus á áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as na bearta sin;
5. ag áitiú gur nós imeachta casta agus dúshlánach é an t-aistriúchán i réimse an dlí a chuireann sraith bhreise deacrachta leis an ateangaireacht, toisc gur gá don aistriúchán dlíthiúil a bheith cruinn agus na smaointe céanna a chuirtear in iúl sa bhuntéacs a thrasuí, agus go léiríonn téarmaí dlíthiúla coincheapa dlíthiúla atá éagsúil ó Bhallstát go chéile, go háirithe i réimsí na bainistíochta, an rialaithe agus na hiniúchóireachta, a d’fhéadfadh a bheith an-teicniúil;
6. á mheabhrú go ndearna an t-údarás um urscaoileadh barúlacha maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus geallsealbhóirí eile nach raibh baint leordhóthanach acu le cláir náisiúnta a chur ar bun;
7. á chur i bhfios gur cheart do na húdaráis bhainistíochta agus do na gníomhaireachtaí íocaíochta earráidí agus neamhrialtachtaí a sheachaint, a bhrath agus a cheartú ar an gcéad dul síos; á mheabhrú gur chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) nach ndéantar, leis na rialuithe atá i bhfeidhm faoi láthair, an riosca ard earráide i gcur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe a fhritháireamh go leordhóthanach go fóill(8), go háirithe go bhfuil fíoruithe na n-údarás bainistíochta fós neamhéifeachtach go páirteach chun neamhrialtachtaí sa chaiteachas arna dhearbhú ag tairbhithe a chosc nó a bhrath; á chur i bhfáth go bhfuil rialú éifeachtach bainistíochta fíor-riachtanach chun feidhmíocht na n-oibríochtaí agus a gcomhlíontacht leis an gcreat dlíthiúil a áirithiú; á chur i bhfáth, chomh maith le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, nach mór leis an mbrath earráidí go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá a chur chun feidhme agus feabhsuithe a dhéanamh ar an reachtaíocht chun earráidí den sórt sin a chosc amach anseo;
8. ag cur sonrú i mbarúlacha na Cúirte ó thuarascálacha bliantúla roimhe seo go raibh faisnéis leordhóthanach ag na húdaráis náisiúnta i roinnt cásanna a scrúdaigh an Chúirt chun an earráid a chosc, nó a bhrath agus a cheartú sular dhearbhaigh siad an caiteachas don Choimisiún, agus dá mba rud é go raibh úsáid chuí bainte acu as an bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh, go mbeadh an leibhéal measta earráide roinnt pointí céatadáin níos ísle; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith níos airdeallaí agus úsáid níos fearr a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil chun dearbhuithe caiteachais ina bhfuil earráidí a sheachaint agus, ar an gcaoi sin, iontaofacht a gcuid oibre rialaithe agus iniúchóireachta a mhéadú;
9. á áitiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí iniúchóireachta na mBallstát caighdeáin idirnáisiúnta uasfhora iniúchóireachta; á chur in iúl go n-eascraíonn riosca as mainneachtain na caighdeáin sin a chomhlíonadh go mbainfear an bonn ó iontaofacht agus ó cháilíocht na hoibre iniúchóireachta agus gur bagairt é freisin don chur chuige Iniúchóireachta Aonair; á thabhairt dá haire gur shainaithin CIE arís agus arís eile i raon feidhme, i gcáilíocht, i ndoiciméadacht agus i dtuairisciú obair údarás iniúchóireachta náisiúnta áirithe(9); á chur i bhfios go measann CIE gurb é an phríomhchúis leis na heasnaimh an bealach a ndéanann údaráis iniúchóireachta a gcuid oibre a chur i gcrích agus a dhoiciméadú; á mheas go gcuireann na laigí a aimsíodh in obair roinnt údaráis iniúchóireachta a chumhdaítear le sampla CIE teorainn faoi láthair le hiontaofacht fhoriomlán thorthaí na hiniúchóireachta agus le haon tuairimí atá bunaithe orthu; ag tabhairt dá haire go léirítear le hiniúchtaí dílse CIE agus an Choimisiúin gur féidir le hobair roinnt de na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta a bheith níos iontaofa uaireanta, lena n-áirítear iniúchtaí ar chláir chaiteachais ardriosca ag a bhfuil ráta earráide níos airde ná leibhéal ábhartha 2 %; ag tabhairt dá haire gur ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas is cúis leis sin: mainneachtain caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán, difríochtaí i raon feidhme agus soláthar rianaithe iniúchóireachta leordhóthanaí i ndoiciméadacht, maoiniú neamhleor na n-údarás náisiúnta, fadhbanna acmhainní a chur ar fáil agus easpa samplála oibiachtúla; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat bunúsach coiteann a bheith ag na Ballstáit ina mbeidh freagrachtaí soiléire agus mionsonraithe chun cáilíocht na n-iniúchtaí a áirithiú, chun míthuiscint ar rialacha AE a sheachaint; á áitiú gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag údaráis iniúchóireachta éifeachtacha, lán-neamhspleácha, trédhearcacha agus comhlíontacha a chloíonn le caighdeáin idirnáisiúnta iarrachtaí iniúchóireachta iomarcacha a laghdú, agus ar an gcaoi sin ualaí maorlathacha a laghdú agus acmhainní iniúchóireachta a bharrfheabhsú;
10. á chur i bhfáth, chun fíoruithe agus seiceálacha a dhéanamh ar chláir a mhaoinítear le cistí AE, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh acmhainní daonna inniúla ag a bhfuil oiliúint, taithí agus cuimhne institiúideach leormhaith ar leibhéil éagsúla; á chur in iúl gur oth léi, de réir an aiseolais ó shuirbhé agus ó agallaimh a rinneadh don staidéar thuasluaite maidir leis an gcur chuige Iniúchóireachta Aonair, gur toisc é an easpa acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear oiliúint acmhainneachta atá tiomnaithe d’fheidhmeanna rialaithe, a dhéanann difear do chumas na n-údarás bainistíochta (i mbeartas comhtháthaithe) agus na ngníomhaireachtaí íocaíochta (in CBT) seiceálacha agus fíoruithe caiteachais éifeachtacha agus críochnúla a dhéanamh(10); á chur i bhfios, ar an gcaoi chéanna, go bhféadfadh caillteanas taithí institiúideach agus ilroinnt na bhfeidhmeanna iniúchóireachta i measc comhlachtaí éagsúla a bheith mar thoradh ar ghanntanais foirne sna húdaráis iniúchóireachta náisiúnta, ar shrianta ama chun iniúchtaí a dhéanamh agus ar sheachfhoinsiú chuig eintitis san earnáil phríobháideach agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag na dúshláin sin ar éifeachtúlacht an phróisis dearbhaithe agus ar acmhainneacht na gcomhlachtaí iniúchóireachta torthaí cinntitheacha a bhaint amach in am(11); á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur gá feabhas a chur ar na modhanna agus ar chur chun feidhme an chúnaimh theicniúil is féidir leis an gCoimisiún a chur ar fáil d’údaráis na mBallstát;
11. á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhlachtaí iniúchóireachta neamhspleácha agus comhlachtaí eile a bhainistíonn cistí sna Ballstáit bunriachtanach d’iontaofacht agus do cháilíocht na dtorthaí iniúchóireachta; á mheabhrú, agus é ina ábhar imní di, gur tharla ceapacháin threallacha ag comhlachtaí stáit a bhfuil feidhmeanna maoirseachta acu i roinnt Ballstát as a n-eascraíonn ceisteanna maidir lena neamhchlaontacht éilliú a bhrath agus a thuairisciú; á thabhairt chun suntais go gcuidíonn sásraí maoirseachta neamhspleácha easnamhacha agus idirnaisc neamhdhleathacha idir struchtúir pholaitiúla agus olagarcacha i réimsí an gheilleagair agus na sochaí leis an éilliú(12);
12. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an difríocht idir modhanna CIE agus an Choimisiúin chun earráidí a ríomh, rud a chruthaíonn mearbhall agus a fhágann gur deacair dul i ngleic le bunchúiseanna na n-earráidí; á thabhairt chun suntais nach dtarlaíonn na héagsúlachtaí sin i ngach réimse caiteachais; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht ann sa chaiteachas ar chomhtháthú, atá ar cheann de na codanna is mó de bhuiséad AE, don cheathrú bliain as a chéile(13); á chur i bhfios go láidir gur réimse beartais é an comhtháthú freisin a bhfuil baol suntasach ann go mbeidh caiteachas neamhrialta ann, agus dá bhrí sin gur príomhghné é leibhéal earráide ábhartha agus iontaofa sa chaiteachas ar chomhtháthú le haghaidh nochtadh agus faireachán an Choimisiúin i dtaobh an gcomhlíonann caiteachas sa réimse beartais sin na forálacha dlíthiúla; á thabhairt chun suntais, le modheolaíocht an Choimisiúin chun meastachán a dhéanamh ar an ráta riosca ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta, go dtugtar ráta earráide measta i bhfad níos ísle i gcomparáid le modheolaíocht CIE chun earráidí in íocaíochtaí a ríomh faoi cheannteidil 1 agus 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhféadfadh sé go mainníonn na hathbhreithnithe deisce caiteachas neamhrialta a bhrath agus a cheartú; á mheas, nuair a thuairiscíonn údaráis iniúchóireachta na mBallstát rátaí arda earráide nó nuair a bhíonn fadhbanna acu leis an smacht reachta, nó nuair a bhíonn fadhbanna substaintiúla acu lena gcórais bhainistíochta agus riaracháin, gur cheart don Choimisiún imeacht ón gcur chuige Iniúchóireachta Aonair; á chur i bhfios go láidir nár cheart an cur chuige Iniúchóireachta Aonair a chur i bhfeidhm ach amháin nuair atá deighilt shoiléir cumhachtaí idir údaráis inniúla an chláir agus maoirseacht iomlán agus neamhtheoranta ar an obair iniúchóireachta, lena n-áirítear rochtain iomlán ar shonraí ábhartha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cumhdach iniúchóireachta leordhóthanach le haghaidh sampla ionadaíoch ó thaobh staidrimh de lena léirítear an leibhéal ard muiníne atá ag teastáil le haghaidh obair iniúchóireachta chun conclúidí iontaofa a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Coimisiún a iniúchtaí féin ar bhonn anailís riosca agus iniúchtaí ar líon níos mó oibríochtaí ar fud na gclár oibríochtúil agus na mBallstát uile; á iarraidh ar CIE, mar iniúchóir seachtrach AE, agus ar an gCoimisiún, mar an comhlacht atá freagrach as buiséad AE agus iniúchaí a chur chun feidhme, modheolaíocht chomhoiriúnach a aimsiú agus comhoibriú d’fhonn comhchuibhiú a mhéadú chun figiúirí níos inchomparáide a sholáthar, agus an cur chuige rioscabhunaithe a atreisiú agus a áirithiú gur féidir iontaofacht na rialuithe a áirithiú i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann i mBallstáit nó in earnálacha áirithe;
Moltaí maidir le bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun iontaofacht iniúchtaí agus rialuithe faoi bhainistíocht chomhroinnte a mhéadú
13. á iarraidh ar an gCoimisiún rannchuidiú le feabhas a chur ar an gcomhthuiscint ar chur chuige na hiniúchóireachta aonair chun léirmhíniú agus cur chun feidhme níos aonfhoirmí na samhla sin a bhaint amach ar fud na mBallstát;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de na rialacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le cistí agus cláir AE a shimpliú, agus cothromaíocht a áirithiú ag an am céanna leis na hiniúchtaí agus na rialuithe is gá agus leis an leanúnachas idir na tréimhsí clársceidealaithe, chomh maith le soiléiriú breise a thabhairt maidir lena gcur chun feidhme do chomhlachtaí inniúla na mBallstát; ag spreagadh na mBallstát roghanna costais simplithe a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chastacht rialacha an Aontais agus chun an ráta earráide a laghdú agus, ag an am céanna, díriú ar chuspóirí beartais a bhaint amach;
15. á athdhearbhú nach mór go leanfadh as brath ar neamhrialtachtaí agus earráidí a bhrath cur chun feidhme beart ceartaitheach, treoir a thabhairt d’údaráis bhainistíochta agus feabhsuithe ar reachtaíocht AE chun earráidí den sórt sin a chosc amach anseo;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún a mhodheolaíocht a fheabhsú agus comhoibriú le CIE d’fhonn comhchuibhiú a mhéadú chun figiúirí níos inchomparáide a sholáthar agus leanúint de chur chuige rioscabhunaithe má bhíonn easnaimh thromchúiseacha ann i mBallstáit nó in earnálacha áirithe; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé measúnuithe tionchair, meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta diana a dhéanamh chun a mheas an bhfuil reachtaíocht agus cláir chaiteachais AE oiriúnach don fheidhm; ag leagan béim ar an ngá atá ann go dtabharfadh an Coimisiún aghaidh ar an bhforluí rialála, ar na neamhréireachtaí agus ar na heasnaimh a sainaithníodh le linn na seiceálacha oiriúnachta go pras, agus an taithí ar an leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach á cur san áireamh agus bearta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtacht, ábharthacht agus comhleanúnachas chláir an Aontais a áirithiú agus leanúnachas a áirithiú idir na clárthréimhsí;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rórialáil a laghdú, ar thaobh amháin, agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme nó trasuí moillithe, ilroinnte nó neamhiomlán reachtaíocht AE, ar an taobh eile, ós rud é go gcuireann sé sin isteach ar chomhchuibhiú agus go mbíonn saobhadh in AE mar thoradh air, agus caighdeáin chodarsnacha á gcur i bhfeidhm i gcaiteachas cistí Eorpacha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh simpliú ina threoirphrionsabal ní hamháin sa bheartas comhtháthaithe agus i CBT, ach freisin sna rialacha lena rialaítear réimsí eile amhail soláthar poiblí, státchabhair, cánachas agus forálacha earnáilsonracha;
18. ag cáineadh go bhfuil níos mó agus níos mó tograí reachtacha in easnamh measúnú tionchair críochnúil ina mbeadh na geallsealbhóirí éagsúla go léir páirteach agus lena gcuirfí anailís shoiléir airgeadais agus bhuiséadach ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún tábhacht níos mó a leagan ar cháilíocht na hoibre reachtaí agus cur chuige réalaíoch a ghlacadh maidir leis na hiarmhairtí riaracháin, airgeadais agus buiséadacha; ag tathant ar an gCoimisiún a bheith níos tapúla chun nósanna imeachta tairisceana a chur ar bun agus a sheoladh d’fhonn measúnuithe tionchair a fhorbairt d’oibreoirí neamhspleácha;
19. á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé, ar an leibhéal náisiúnta, acmhainní leormhaithe a leithdháileadh ar fhaireachán agus iniúchadh ar chaiteachas AE chomh maith le feabhas breise a chur ar chumas teicniúil fhoireann na n-údarás iniúchóireachta chun moilleanna nó rioscaí neamhéifeachtúlachtaí sa phróiseas dearbhaithe a sheachaint, agus chun cáilíocht agus iontaofacht na hoibre iniúchóireachta a fheabhsú;
20. á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhar leis na Ballstáit, go háirithe, maidir le saincheisteanna mí-aistrithe a sheachaint a d’fhéadfadh bac a chur ar léirmhíniú aonfhoirmeach dhlí AE chomh maith le hualach riaracháin breise a fhorchur ar údaráis náisiúnta agus na forálacha ábhartha á léirmhíniú agus á gcur i bhfeidhm acu, ionas nach gcuirfear iallach orthu dul i muinín leaganacha atá ann cheana i dteangacha oifigiúla eile(14); á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm cothrománach agus comhionann na gcaighdeán iniúchóireachta a áirithiú i ngach Ballstát chun leibhéil éagsúla grinnscrúdaithe agus cur i bhfeidhm a sheachaint; á mholadh go neartódh an Coimisiún a chóras rialaithe féin, go háirithe i gcás na mBallstát agus na n-earnálacha ina bhfuil easnaimh ann; á mheas gur gá córas rialaithe agus iniúchóireachta níos láidre a chur i bhfeidhm sna cásanna sin gan an aird a thugtar ar Bhallstáit nó ar earnálacha a fheidhmíonn go maith a laghdú;
21. á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát agus a n-údarás iniúchóireachta agus rialaithe a spreagadh agus a éascú maidir le modheolaíochtaí cur chun feidhme agus iniúchóireachta, d’fhonn feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, thairis sin, moltaí CIE a bhaineann le heasnaimh i gcleachtais iniúchóireachta agus rialaithe a chur chun feidhme agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus cláir AE á gcur chun feidhme acu, riachtanais agus taithí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na gclár a chur san áireamh i gcónaí, maidir lena n-acmhainneacht riaracháin agus oiriúnacht na nósanna imeachta oibríochtúla agus iniúchóireachta nach mór dóibh a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí tacaíochta a fhorbairt d’údaráis áitiúla atá i ngátar; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh tuilleadh forbartha acmhainní amhail oiliúint, athbhreithnithe idir piaraí agus malartú eolais agus cleachtas iniúchóireachta idir comhlachtaí iniúchóireachta na mBallstát éagsúil feabhas breise ar acmhainneacht theicniúil fhoireann na n-údarás náisiúnta;
23. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfeadh digitiú agus glacadh uirlisí TF níos sofaisticiúla ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais feabhas ar bhainistiú, ar rialú agus ar iniúchadh chistí an Aontais, agus go bhféadfadh sé rannchuidiú le neamhrialtachtaí a chosc, cáilíocht na seiceálacha agus na n-iniúchtaí a mhéadú, agus maorlathas a laghdú go suntasach, ag glacadh le hidir-inoibritheacht uirlisí TF idir na Ballstáit agus an Coimisiún; á mheas go gceadaítear leis an digitiú rochtain níos éasca agus níos tapúla ar shonraí tábhachtacha le linn fíoruithe agus, agus, dá bhrí sin, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar líon na rialuithe mar thoradh air; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chomhroinnt ag na Ballstáit maidir le huirlisí éifeachtacha TF a úsáid le haghaidh mianadóireacht sonraí agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint i gcomhthéacs chistí AE; á thabhairt chun suntais, mar sin féin, nach féidir aon chóras TF a chur go hiomlán in ionad na gné daonna; á áitiú go leanfaidh foireann dhea-oilte de ról lárnach a bheith acu sa chóras bainistithe agus rialaithe lena gcosnaítear cistí AE; á iarraidh ar na Ballstáit digitiú na hoibre riaracháin a fheabhsú d’fhonn a gcleachtais a chomhchuibhiú, agus a áirithiú go gcuirfear oiliúint chuí ar an bhfoireann a bhfuil baint acu le cláir a úsáideann cistí AE, agus i bpoist rialaithe agus iniúchóireachta, ionas gur féidir leo tuiscint iomlán a fháil ar chumais a n-uirlisí TF, a fhios a bheith acu cad ba cheart a bheith ag súil leis ó thaobh torthaí de agus an ról atá acu sa phróiseas cinnteoireachta a thuiscint;
24. á mheabhrú a thábhachtaí atá rialuithe agus seiceálacha ex ante chun earráidí airgeadais agus neamhrialtachtaí a chosc, go háirithe coinbhleachtaí leasa, chomh maith leis na seiceálacha ex post ar chaiteachas a dhearbhaítear don Choimisiún; ag tabhairt dá haire gur cheart aird níos mó a thabhairt ar iniúchtaí ar chórais; á áitiú a thábhachtaí atá sé uirlisí TF a úsáid le haghaidh mianadóireacht sonraí agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint; ag cur sonrú, ina leith sin, sna hiniúchtaí ar chórais a rinne an Coimisiún i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;
25. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le modheolaíochtaí agus cuir chuige nua iniúchóireachta i gcás ionstraimí airgeadais hibrideacha, agus úsáid á baint as ‘maoiniú nach bhfuil nasctha le costais’ agus as íocaíochtaí a dhéantar coinníollach ar gharspriocanna, spriocanna agus táscairí feidhmíochta eile a bhaint amach, chomh maith le solúbthacht d’údaráis iniúchóireachta agus don Choimisiún dlíthiúlacht an chaiteachais a sheiceáil;
26. ag áitiú gur toisc thábhachtach eile in éifeachtacht an chreata dearbhaithe agus rialaithe é comhoibriú maith agus aiseolas maith idir na húdaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta agus an Coimisiún; ag cur sonrú sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún i dtreo malartú níos fearr le húdaráis bhainistíochta agus iniúchóireachta ach á chur i bhfios go bhféadfaí feabhas a chur orthu i gcónaí; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chumarsáid agus malartú dea-chleachtas iniúchóireachta a chur chun cinn go réamhghníomhach idir iniúchóirí na mBallstát ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;
27. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá bearta a dhéantar chun calaois agus cineálacha nua cleachtas neamhrialta a chomhrac; á mholadh do na Ballstáit meastóireacht rialta a dhéanamh ar a gcleachtais iniúchóireachta agus ar a gcórais rialaithe inmheánaigh chun a áirithiú go bhfuil siad iontaofa agus éifeachtach maidir le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;
28. á chur i bhfios a thábhachtaí atá feachtais faisnéise agus feasachta chun earráidí neamhbheartaithe a laghdú; á iarraidh ar na Ballstáit feachtais den sórt sin a eagrú go tráthúil agus ról a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha uile;
29. á mheabhrú go ndeachaigh a dhréachtsheasamh maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais i bhfad níos faide, lena n-iarrtar ar an gCoimisiún córas éigeantach comhtháite aonair tuairiscithe agus faireacháin idir-inoibritheach a bhunú, lena bhféadfar sonraí maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach, i bhformáid chomhiomlánaithe freisin, lena n-áirítear a n-úinéirí tairbhiúla agus lena gceadófar na sonraí sin a chur ar fáil go rialta le haghaidh mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, chomh maith lena áirithiú go mbeidh na táscairí a úsáideann an córas iontaofa, oibiachtúil agus teoranta don mhéid is gá le haghaidh measúnú riosca;
30. á mheabhrú go bhfuil ról maoirseachta ag an gCoimisiún, lena n-áirithítear gur socruithe comhlíontacha iad a rialaíonn an córas bainistithe agus rialaithe trí fheidhmiú éifeachtach an chórais a fhíorú, i measc bearta eile, agus trí cheartuithe airgeadais a dhéanamh, i gcás inar gá; ag tabhairt dá haire go bhfuil freagracht leanúnach ar an gCoimisiúin as idirghabháil a dhéanamh má aimsítear easnaimh thromchúiseacha i gcóras rialaithe Ballstáit, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2116;
31. á iarraidh ar an gCoimisiún ualach riaracháin CBT a laghdú d’fheirmeoirí, arb é is cúis go minic le botúin neamhbheartaithe ar cheart iad a idirdhealú go soiléir ó ghníomhartha calaoise a dhéantar d’aon ghnó, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go n-úsáidfear cistí CBT ar bhealach níos éifeachtúla; á mholadh go leanfaí de mhiondealú soiléir a thabhairt sna tuarascálacha iniúchóireachta ar rátaí earráide do gach colún de CBT, agus na réimsí is mó a bhfuil gá lena simpliú á sainaithint; á áitiú nár cheart go ndéanfadh ráta earráide beagán níos airde do bhearta agra-chomhshaoil na Ballstáit a dhíspreagadh ó iad a chur ar fáil d’fheirmeoirí i bpobail tuaithe;
32. á chur in iúl gur geal léi na simplithe a tugadh isteach in CBT do 2023-2027 agus go n-éascaíonn siad bainistiú na n-údarás náisiúnta mar aon le freagrachtaí na n-údarás náisiúnta as iniúchtaí agus rialuithe, nach mór a dhéanamh go héifeachtach chun a áirithiú nach dtiocfaidh méadú ar earráidí agus neamhrialtachtaí faoin simpliú sin; á chur i bhfáth nach mór do na smachtbhannaí a fhorchuireann na Ballstáit a bheith éifeachtach, athchomhairleach, comhréireach agus dírithe ar íocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil; á iarraidh ar na Ballstáit ‘an ceart chun earráidí a cheartú go cúlghabhálach’ a chur chun feidhme go cuí ina bpleananna straitéiseacha náisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2116;
33. ag cur sonrú i ról Sheirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin agus CIE maidir le feidhmeanna rialaithe a thabhairt i gcrích ar mhaithe le leas an Aontais agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an riosca do chistí CBT; á mheas nár cheart don tsamhail seachadta nua faoi Rialachán (AE) 2021/2116 cur isteach ar CIE sa chúram atá uirthi measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht chaiteachas chistí AE faoi na socruithe nua do CBT; á iarraidh go n-athdhearbhódh CIE go mbeidh an doiciméadacht a cheanglaítear faoi phointe (c) d’Airteagal 9(3) den Rialachán céanna leordhóthanach chun cásanna neamhchomhlíonta a fhíorú;
34. á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht bhreise chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus chun grabáil talún agus mí-úsáid cistí poiblí a chosc, chun cistí AE a chosaint agus chun clú CBT a chosaint; á chur in iúl gur geal léi an ghníomhaíocht a rinne an Coimisiún, go háirithe scaipeadh fhógra an 9 Aibreán 2021 dar teideal ‘Treoir maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú faoin Rialachán Airgeadais’(15), chun a áirithiú go gcuirfidh údaráis na mBallstát cistí bainistíochta comhroinnte chun feidhme i gceart;
35. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh CIE i gceart na bearta chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a leagtar amach i gCaibidil I de Theideal IV (maidir le córais rialaithe agus pionóis) de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur chun feidhme;
36. á chur in iúl gur geal léi úsáid íomhánna satailíte agus teicneolaíochtaí íomháithe nua chun faireachán a dhéanamh ar an CBT, lena soláthraítear breathnóireachtaí rialta ar ghníomhaíocht talmhaíochta daonra iomlán tairbhithe; ag aithint, ó 2018 i leith, go bhféadfaidh gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát ‘seiceálacha a dhéanamh trí fhaireachán’ agus úsáid a bhaint as próisis uathoibrithe bunaithe ar shonraí satailíte Sentinel chlár Copernicus AE chun comhlíonadh rialacha áirithe an chomhbheartais talmhaíochta a sheiceáil; ag moladh don Choimisiún leanúint dá gcur chun cinn, ós rud é go bhféadfadh siad ualaí riaracháin a laghdú, cost-éifeachtúlacht a fheabhsú, tacú le bratacha dearga a shainaithint don chalaois a d’fhéadfadh a bheith ann agus cur chuige comhchuibhithe a ráthú;
37. á chur in iúl gur geal léi straitéis an Choimisiúin maidir le ‘buiséad AE dírithe ar thorthaí’, arb é is aidhm di feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chaiteachais agus níos mó a bhaint amach leis na hacmhainní atá ar fáil;
o o o
38. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Staidéar – ‘Taighde le haghaidh Coiste REGI – Rórialáil i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, 16 Eanáir 2017.
Staidéar – ‘Cur Chuige Iniúchóireachta Aonair – Cúiseanna Fréimhe na Laigí in Obair Údaráis Bhainistíochta agus Iniúchóireachta na mBallstát’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais D, Gnóthaí Buiséadacha, 30 Aibreán 2022.
Airteagal 127: ‘Brath ar fhoinsí eile le haghaidh iniúchtaí. Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann faoi láthair maidir le tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh, i gcás ina ndéanfaidh iniúchóir neamhspleách iniúchadh ar na ráitis agus na tuarascálacha airgeadais ina leagtar amach úsáid ranníocaíochta ón Aontas ar bhonn caighdeáin iniúchóireachta atá inghlactha go hidirnáisiúnta a bhfuil cinnteacht réasúnta leis, is ar an iniúchadh sin a bheidh an chinnteacht fhoriomlán bunaithe, de réir na sonraíochtaí breise, i gcás inarb iomchuí, atá sna rialacha earnáilsonracha, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach ann ar neamhspleáchas agus inniúlacht an iniúchóra. Chun na críche sin, cuirfear tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus doiciméadacht ghaolmhar an iniúchta ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus d’údaráis iniúchóireachta na mBallstát arna n-iarraidh sin dóibh.
Staidéar – ‘Cur Chuige Iniúchóireachta Aonair — Cúiseanna Fréimhe na Laigí in Obair Údaráis Bhainistíochta agus Iniúchóireachta na mBallstát’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais D, Gnóthaí Buiséadacha, 30 Aibreán 2022, lch. 57.
Staidéar – ‘Cur Chuige Iniúchóireachta Aonair – Cúiseanna Fréimhe na Laigí in Obair Údaráis Bhainistíochta agus Iniúchóireachta na mBallstát’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais D, Gnóthaí Buiséadacha, 30 Aibreán 2022, lch. 58.
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 le moltaí don Choimisiún maidir le creat an Aontais do staid shóisialta agus ghairmiúil ealaíontóirí agus oibrithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (2023/2051(INL))
– ag féachaint d’Airteagail 6, 46, 151, 153, 157, 165, 167 agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagail 11, 12, 13, 15, 27, 28, 30 agus 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus dá Phlean Gníomhaíochta,
– ag féachaint do Mholadh ó UNESCO an 27 Deireadh Fómhair 1980 maidir le Stádas an Ealaíontóra, do Choinbhinsiún 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn agus don Dearbhú a glacadh le linn Chomhdháil Dhomhanda UNESCO maidir le Beartais Chultúrtha agus Forbairt Inbhuanaithe (MONDIACULT 2022),
– ag féachaint do Choinbhinsiúin agus Moltaí ábhartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair,
– ag féachaint do Dhearbhú Stuttgart ón gComhairle Eorpach an 19 Meitheamh 1983,
– ag féachaint do Dhearbhú na Róimhe an 25 Márta 2017, a d’fhormhuinigh ceannairí 27 mBallstát agus ceannairí na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh,
– ag féachaint do Dhearbhú na Róimhe de chuid Airí Cultúir G20 an 30 Iúil 2021,
– ag féachaint do Dhearbhú Cáceres(1) a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil Airí Cultúir an Aontais an 25-26 Meán Fómhair 2023,
– ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 30 Márta 2000 i gCás C-178/97(2),
– ag féachaint do ghníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais i réimse an bheartais shóisialta, amhail Treoir (AE) 2018/957 lena leasaítear Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar(3), Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta(4), Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre(5), Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach(6), agus Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach(7),
– ag féachaint do ghníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais i réimse na córa comhionainne, amhail Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cóir chomhionann idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha(8), lena n-áirítear scéimeanna slándála sóisialta, Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle(9), Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe(10) agus Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (Mná ar Bhoird),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí,
– ag féachaint do Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc)(11),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach(12) agus do Threoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le tarchur clár teilifíse agus raidió,
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2017/864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2018)(13),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal A New European Agenda for Culture [Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr] (COM(2018)0267),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal Building a Stronger Europe: the role of youth, education and culture policies [Eoraip níos láidre a thógáil: an ról atá ag beartais maidir le daoine óga, oideachas agus cultúr] (COM(2018)0268),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiúin an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal Digital Education Action Plan 2021-2027: Resetting education and training for the digital age [Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027: an t-oideachas agus an oiliúint a athshocrú don ré dhigiteach] (COM(2020)0624),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú] (COM(2020)0784)
– ag féachaint do Chomhaontuithe Réime na gComhpháirtithe Sóisialta Eorpacha maidir le Teilea-obair (2002) agus maidir le Digiteáil (2020),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027)(14),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013(15),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(16),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017(17),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021)0102),
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022 (COM(2022)0317),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022 dar teideal ‘Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair’ (2022/C 374/02),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2023 dar teideal ‘An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach: leas a bhaint as a chumas iomlán chun aistrithe córa a bhainistiú’ (COM(2023)0040),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2023 dar teideal ‘Digitiú i gcomhordú na slándála sóisialta: an tsaorghluaiseacht sa Mhargadh Aonair a éascú’ (COM(2023)0501),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna(18),
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal European Media Industry Outlook [An Dearcadh maidir le Tionscal Eorpach na Meán], a foilsíodh an 17 Bealtaine 2023 (SWD(2023)0150),
– ag féachaint don Chreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil,
– ag féachaint do chreat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 agus don Tuarascáil ón bParlaimint maidir le creat straitéiseach nua AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair i ndiaidh 2020 (lena n-áirítear oibrithe a chosaint, ar bhealach níos fearr, ar nochtadh do shubstaintí díobhálacha, ar strus ag an obair agus ar ghortuithe athgluaisne) (2021/2165(INI)),
– ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (2018/C 189/01),
– ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna ó institiúid ardoideachais nó meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí thréimhsí foghlama thar lear,
– ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Bealtaine 2021 maidir le téarnamh, athléimneacht agus inbhuanaitheacht earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta,
– ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don foghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht,
– ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair,
– ag féachaint do rún ón gComhairle an 7 Nollaig 2022 maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026 (2022/C 466/01),
– ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach,
– ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach,
– ag féachaint do rúin uaithi an 7 Meitheamh 2007 maidir le stádas sóisialta ealaíontóirí (2006/2249(INI)) agus an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid na n-ealaíontóirí agus an téarnamh cultúrtha san Aontas (2020/2261(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2016 maidir le beartas comhleanúnach AE do thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta(19),
– ag féachaint do rúin uaithi an 11 Nollaig 2018 maidir leis an gClár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir (2018/2091(INI)) agus an 14 Nollaig 2022 maidir le Cur Chun Feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua le haghaidh an Chultúir agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta (2022/2047(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le téarnamh cultúrtha na hEorpa (2020/2708(RSP)),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc (2020/2017(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (2021/2025(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: plean gníomhaíochta chun tacú le téarnamh agus claochlú (2021/2017(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir le plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht AE (2021/2007(INI),
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann (2020/2243(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2021 maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais i bhfianaise theacht i bhfeidhm chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (2021/2162(INI)) agus thuarascáil BUDG-CONT, mar shainordú arna dheimhniú ag an suí iomlánach an 10 Bealtaine 2023, maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (2022/0162(COD)),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2021 maidir le huimhir slándála sóisialta Eorpach a thabhairt isteach le cárta saothair pearsanta (2021/2620(RSP)),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach an Aontais a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua (2022/2046(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Márta 2023 maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: Tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta le haghaidh 2023 (2022/2151(INI)),
– ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2023 maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú (2023/2536(RSP)),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Meitheamh 2023 le moltaí don Choimisiún maidir le tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin san Aontas (2020/2005(INL))
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2021 dar teideal EU sports policy assessment and possible ways forward [Beartas Spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann] (2021/2058(INI)),
– ag féachaint don staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa don Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus don Choiste um Chultúr agus um Oideachas i mí na Samhna 2023, dar teideal EU framework for the social and professional situation of artists and workers in the cultural and creative sectors - European added value assessment [Creat an Aontais do staid shóisialta agus ghairmiúil ealaíontóirí agus oibrithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheacha - measúnú breisluacha Eorpaigh](20) (‘Staidéar EPRS EAVA’), agus do thuarascáil mhí na Bealtaine 2021, arna coimisiúnú ag Parlaimint na hEorpa, dar teideal The Situation of Artists and Cultural Workers and the post-COVID-19 Cultural Recovery in the European Union: Policy Recommendations [Staid na nEalaíontóirí agus na nOibrithe Cultúrtha agus Téarnamh Chultúrtha iar-COVID-19 san Aontas Eorpach: Moltaí Beartais](21),
– ag féachaint don thuarascáil ó Mheitheal an Mhodha Oscailte Comhordúcháin (MOC) de shaineolaithe na mBallstát ó mhí an Mheithimh 2023 dar teideal The status and working conditions of artists and cultural and creative professionals [Stádas agus dálaí oibre ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha](22),
– ag féachaint do thuarascáil ó Mheitheal MOC de Shaineolaithe na mBallstát an 4 Meitheamh 2021 dar teideal Towards gender equality in the cultural and creative sectors [I dtreo comhionannas inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta],
– ag féachaint don tuarascáil ‘Voices of Culture’ [Guthanna an Chultúir] ó mhí an Mheithimh 2021 dar teideal Status and Working Conditions for Artists, Cultural and Creative Professionals [Stádas agus Dálaí Oibre d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúrtha agus Cruthaitheacha](23),
– ag féachaint don staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún dar teideal Status and working conditions of artists and cultural and creative professionals [Stádas agus dálaí oibre ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha], Líonra Saineolaithe Eorpacha um Chultúr agus Closamharc (EENCA) (2020)(24),
– ag féachaint do staidéar UNESCO dar teideal Culture and working conditions for artists: implementing the 1980 Recommendation concerning the Status of the Artist [An cultúr agus coinníollacha oibre d’ealaíontóirí: Moladh 1980 maidir le Stádas an Ealaíontóra a chur chun feidhme] (2019),
– ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Chultúr agus um Oideachas faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0304/2023),
A. de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (‘CCS’) maidir leis an gcultúr mar leas poiblí agus cearta cultúrtha shaoránaigh na hEorpa a áirithiú; de bhrí go bhfuil luach mór ag baint leis an gcultúr, na healaíona, an oidhreacht chultúrtha agus an éagsúlacht chultúrtha do shochaí na hEorpa ó thaobh an chultúir, an oideachais, an daonlathais, an chomhshaoil, na sochaí, chearta an duine, an gheilleagair agus na nuálaíochta de agus gur earnálacha straitéiseacha iad do phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa, agus gur cheart, dá bhrí sin, tacaíocht a thabhairt dóibh trí chistiú leordhóthanach agus trí chreataí beartais uaillmhianacha, agus sineirgí le beartais earnála eile á gcur san áireamh;
B. de bhrí gurb iad ealaíontóirí, údair, taibheoirí agus gach cruthaitheoir cultúrtha foinse chruthaitheach ár gcultúir Eorpaigh ar a bhfuil ár sochaithe agus ár ndaonlathais bunaithe; de bhrí gur minic a bhíonn léirithe agus saothair chultúrtha agus chruthaitheacha mar thoradh ar rannchuidiú bunriachtanach na ndaoine atá ag obair in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (‘gairmithe CCS’) i bhfeidhmeanna, róil agus cumais éagsúla, ó shaothair a chruthú go tacaíocht theicniúil agus bainistithe tionscadal lena n-áirítear clársceidealú, taighde agus gníomhaíochtaí coimeádaíochta, cumarsáid agus forbairt lucht féachana, i measc nithe eile; de bhrí go bhfuil na cineálacha sin léirithe agus saothar ag brath, dá bhrí sin, ar aitheantas agus tacaíocht leormhaith a thabhairt do ghairmithe uile CCS;
C. de bhrí gur féidir gníomhaíochtaí ealaíonta a shaothrú mar amaitéarach nó mar ghairmí, rud a mhéadaíonn iomaíocht i dtimpeallacht atá an-iomaíoch cheana féin; de bhrí nach mbíonn an t-idirdhealú dlíthiúil eatarthu leagtha amach go soiléir i gcónaí agus gur féidir leis a bheith éagsúil sa reachtaíocht náisiúnta agus i gcleachtais náisiúnta; de bhrí gur gá beartais chuimsitheacha a fhorbairt chun a áirithiú gur féidir le gairmithe CCS beatha a shaothrú óna saothar;
D. de bhrí go raibh 7,7 milliún duine i bhfostaíocht chultúrtha ar fud na mBallstát in 2022, arbh ionann é agus 3,8 % den fhostaíocht iomlán(25); de bhrí go bhfeidhmíonn tionchar eacnamaíoch ábhartha CCS, arb ionann é agus 4,2 % de OTI AE agus 1,0 % de chaiteachas ginearálta uile an rialtais(26), mar chumasóir fáis inbhuanaithe in earnálacha éagsúla agus don fhorbairt áitiúil agus réigiúnach;
E. de bhrí, gan beann ar a ról nó ar a stádas mar oibrí nó mar dhuine féinfhostaithe, gur féidir éiginnteacht, éagobhsaíocht agus cineál eadrannach a gcuid oibre a bheith ina saintréithe de dhálaí maireachtála agus oibre gairmithe CCS, le hioncam dothuartha, cumhacht chómhargála níos laige sa chaidreamh lena gcontrapháirtithe conarthacha, conarthaí gearrthéarmacha, cumhdach slándála sóisialta lag nó gan cumhdach slándála sóisialta, agus easpa rochtana ar thacaíocht dífhostaíochta; de bhrí go bhfuil éagsúlacht ann maidir le fairsinge an chumhdaigh slándála shóisialta do ghairmithe CCS laistigh de thíortha agus idir tíortha, mar gheall ar dhifríochtaí in earnálacha agus cineálacha oibre laistigh de na hearnálacha, agus go bhféadfadh difríochtaí i ndálaí maireachtála agus oibre a bheith mar thoradh air; de bhrí gur gá dálaí sóisialta agus oibre in CCS a fheabhsú go suntasach, mar a tugadh chun suntais i nDearbhú na Róimhe de chuid Cheannairí G20 i mí Dheireadh Fómhair 2021(27);
F. de bhrí go bhfuil CCS comhdhéanta den chuid is mó de dhaoine aonair chomh maith le micrea-eagraíochtaí, micrifhiontair, fiontair agus eagraíochtaí beaga agus meánmhéide, eagraíochtaí féinbhainistithe agus comharchumainn chultúrtha; de bhrí go bhfuil níos mó ná dhá oiread gairmithe CCS féinfhostaithe ná mar atá sa phobal i gcoitinne (32 % i gcomparáid le 14 %) agus gur minic a bhíonn gairmithe CCS i mbun cineálacha fostaíochta a imíonn ó shocruithe traidisiúnta oibre agus gur lú an seans, i gcomparáid leis an ngnáthdhuine a bhíonn ag obair, go mbeidh post buan acu, go mbeidh siad fostaithe, go n-oibreoidh siad go lánaimseartha nó go mbeidh post amháin acu, ag comhcheangal fostaíocht agus féinfhostaíocht go minic, lena n-áirítear féinfhostaíocht aonair, laistigh de CCS agus in earnálacha eile amhail seirbhísí nó an t-oideachas; de bhrí gur féidir le poist iomadúla ag duine difear mór a dhéanamh don chothromaíocht oibre is saoil; de bhrí gur gnách gairmeacha tionscadalbhunaithe agus ardleibhéal soghluaisteachta a bheith ag gairmithe CCS;
G. de bhrí, le heaspa creat fostaíochta sonrach do ghairmithe CCS faoin dlí náisiúnta i roinnt Ballstát agus leis na socruithe oibre neamhthipiciúla sin, a chuirtear isteach orthu go minic le tréimhsí suntasacha ama, nó i gcomhthráth leo, nach mbíonn luach saothair ag baint leo as an am a chaitear ar thaighde ealaíne, saothair a chruthú nó ag cleachtadh, in éineacht le hioncaim neamhrialta, go mbíonn íocaíochtaí neamhrialta agus tréimhsí ranníocaíochta neamhleanúnacha mar thoradh orthu a chuireann srian mór ar chumas ranníocach gairmithe CCS agus ar rochtain éifeachtach ar chosaint shóisialta; de bhrí, mar thoradh air sin, gur minic a bhíonn an rochtain atá acu ar shochair ábhartha, go háirithe córais sochair dífhostaíochta, leibhéil sochair le linn scoir, saoire bhliantúil agus saoire bhreoiteachta, saoire teaghlaigh agus chúraim, chomh maith lena rochtain ar chúram leanaí, teoranta go minic; de bhrí, fiú nuair a bhíonn cumhdach ar fáil ar bhonn deonach, go mbíonn ráta cumhdaigh íseal ag gairmithe féinfhostaithe CCS; de bhrí go bhféadfadh cinneadh mícheart maidir le stádas fostaíochta gairmithe CCS an staid sin a ghéarú;
H. de bhrí gur minic a bhíonn dul chun cinn gairme agus inbhuanaitheacht gairme in CCS ag brath ar shaintréithe socheacnamaíocha agus coinníollaithe de réir aoise, inscne, bunadh eitneach, míchumais agus aicme; de bhrí go bhféadfadh dálaí cáilíochta poist níos measa a bheith ann d’oibrithe CCS atá i lár a ngairmréime, d’oibrithe faoi mhíchumas, d’oibrithe ó mhionlaigh, ó ghrúpaí eitneacha agus ó chúlraí lucht oibre; de bhrí go bhfuil dul chun cinn agus inbhuanaitheacht gairme in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheacha dúshlánach agus gur gnách go dtéann ionchais ghairme in olcas le haois; de bhrí gur léir go sonrach go bhfuil ráta níos airde féinfhostaíochta in CCS d’oibrithe atá níos sine, rud a chuireann iad i mbaol níos airde ó thaobh na héiginnteachta de;
I. de bhrí buaileadh gairmithe CCS go dona le paindéim COVID-19, rud a nochtaigh a ndálaí éiginnte maireachtála agus oibre; de bhrí gur mheas UNESCO gur chaill níos mó ná 10 milliún oibrí in CCS ar fud an domhain a bpoist in 2020(28); de bhrí go raibh ról lárnach ag sásraí frith-ghéarchéime le linn phaindéim COVID-19 agus ina diaidh chun dul i ngleic leis na dúshláin in CCS; de bhrí, cé go ndearnadh aistriú suntasach ar CCS mar thoradh ar an bpaindéim, ar an digitiú agus ar an aistriú glas, rud a fhágann go bhfuil foghlaim ar feadh an tsaoil, athsciliú agus uas-sciliú bunriachtanach, nach bhfuil na hearnálacha téarnaithe go hiomlán ó na caillteanais a tabhaíodh le linn na paindéime, ag a bhfuil tionchar leanúnach ar shlite beatha na ndaoine atá ag obair sna hearnálacha; de bhrí gur leag géarchéim COVID-19 béim ar leochaileacht na struchtúr eagraíochtúil agus na gcleachtas oibre atá ann cheana, go háirithe do ghairmithe leochaileacha a bhfuil stádas fostaíochta éiginnte acu, amhail gairmithe atá ag obair ar bhonn conarthaí fostaíochta neamhthipiciúla nó tionscadalbhunaithe;
J. de bhrí gur gnách le gairmithe CCS teidlíochtaí scoir ísle a bheith acu mar thoradh ar chineál neamhthipiciúil a gcuid oibre agus a éiginnte a bhíonn sí go minic, rud ar féidir leis tionchar a imirt ar leibhéal na ranníocaíochtaí nó ar chritéir incháilitheachta eile is gá; de bhrí go bhféadfaidh ealaíontóirí leanúint de bheith ag cleachtadh tar éis na haoise scoir oifigiúla;
K. de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag idirphlé sóisialta earnála dea-fheidhmiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE, agus ag ardleibhéil cumhdaigh cómhargála maidir le hearnálacha gairmiúla agus inbhuanaithe a thógáil trí mhargadh saothair cuimsitheach a éascú lena gcothaítear dálaí oibre cuibhiúla, lena n-áirítear pá cothrom agus leormhaith; de bhrí go gcuireann leibhéil theoranta cumhdaigh cómhargála in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta(29) i roinnt Ballstát le droch-cháilíocht post, le pá íseal, le conarthaí neamhfhabhracha agus le rochtain theoranta ar chosaint shóisialta; de bhrí go bhfuil dúshláin roimh cheardchumainn maidir le gairmithe CCS a eagrú mar gheall ar phatrúin oibre eadrannacha, áiteanna oibre a bhíonn ag athrú, an meascán de ghníomhaíochtaí gairmiúla agus i bhfianaise an lín níos airde de ghairmithe féinfhostaithe san earnáil; de bhrí nach bhfuil roinnt eagraíochtaí rannpháirteach sa chómhargáil, agus go bhfuil go leor grúpaí gairme fós gan ionadaíocht; de bhrí gur cheart na dúshláin nua atá os comhair na n-earnálacha, amhail digitiú, IS agus forbairt scileanna nua, a léiriú i gcórais chómhargála nua-aimseartha agus éifeachtacha;
L. de bhrí go mbaineann obair neamhdhearbhaithe an bonn de chearta an duine, agus go háirithe dálaí cuibhiúla oibre agus maireachtála, go gcuireann sí bac ar bheartais atá dírithe ar fhás inbhuanaithe, go gcruthaíonn sí rioscaí tromchúiseacha d’inbhuanaitheacht na samhla sóisialta Eorpaí, agus go gcothaíonn sí iomaíocht éagórach; de bhrí gur cúis mhór imní in CCS í leitheadúlacht na hoibre neamhdhearbhaithe go páirteach nó go hiomlán lena n-eisiatar gairmithe ó chosaint dhlí an tsaothair agus ó chumhdach na slándála sóisialta; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Údarás Eorpach Saothair maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar chumais na mBallstát cosaint a áirithiú do dhaoine a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta agus chun calaois agus mí-úsáidí de chineál trasteorann a chomhrac;
M. de bhrí go bhfuil na bearnaí pá idir na hinscní, bearnaí pinsin agus bearnaí cúraim i láthair in CCS freisin; de bhrí go bhfuil mná i mionlach a mhéid a bhaineann le poist bhainistíochta agus cheannaireachta a bheith acu(30); de bhrí go dtuilleann mná ar an meán níos lú ná a gcontrapháirtithe ar fir iad sa ghairm chéanna(31) agus i gcineálacha conarthaí a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh don chothromaíocht oibre is saoil, lena n-áirítear trí uaireanta oibre neamhghnácha agus neamhrialta, an gá le taisteal le haghaidh oibre agus líonrú dian, chomh maith leis an easpa bonneagair cúraim; de bhrí, mar thoradh air sin, gur minic a bhíonn gairmeacha níos giorra ag mná, go háirithe san earnáil chlosamhairc;
N. de bhrí go bhfuil gnéaschiapadh in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí huaire níos airde(32) ná mar atá sa ghnáthfhórsa saothair; de bhrí go bhfulaingíonn mná go díréireach ciapadh agus mí-úsáid, ar líne freisin, mar a léiríodh le gluaiseacht MeToo; de bhrí go bhféadfadh baol na féinchinsireachta a bheith i gceist leis sin, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar an gcineál léirithe ealaíonta a tháirgeann mná, a chuireann srian ar a saoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar a ndul chun cinn gairme; de bhrí go dtreisíonn foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe in CCS an neamhionannas inscne(33); de bhrí go mbeidh gá le cur chuige comhtháite chun na bacainní sistéamacha sin a chosc agus a dhíothú; de bhrí gurb iad Coinbhinsiún EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh (Uimh. 190) agus Moladh (Uimh. 206) na chéad chaighdeáin idirnáisiúnta saothair chun creat comhchoiteann a sholáthar chun foréigean agus ciapadh i saol na hoibre a chosc, a leigheas agus a dhíothú;
O. de bhrí gur ghlac roinnt Ballstát bearta dreasachta chun cuideachtaí a spreagadh, ar bhonn deonach, chun páirt a ghlacadh in ath-lánpháirtiú íospartaigh an fhoréigin agus an chiaptha inscnebhunaithe i margadh an tsaothair, trí laghdú féideartha ar ranníocaíocht fostóirí le córais slándála sóisialta a dheonú dóibh agus iad á bhfostú ar conradh neamhiata, a d’fhéadfadh a bheith ina shampla den dea-chleachtas;
P. de bhrí gur lú an rochtain atá ag gairmithe CCS ar gairmithe iad ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine ó mhionlaigh eitneacha agus gheografacha nó iad siúd a bhfuil stádas cónaitheachta éagsúil acu, daoine a bhfuil cúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste acu, daoine faoi mhíchumas agus daoine LGBTIQ+, chomh maith le mná agus daoine óga, ar ghairmeacha ealaíne agus cultúrtha agus gur lú na deiseanna atá acu gairmeacha fadtéarmacha a fhorbairt sna hearnálacha, rud a mhéadaíonn an baol go mbeidh easpa athsholáthair ó ghlúin go glúin in CCS;
Q. de bhrí nach bhfuil aon chreat dlíthiúil sonrach i roinnt Ballstát d’aon chatagóir de ghairmithe CCS; de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát i mbun a gcreat dlíthiúil a nuashonrú chun cearta gairmithe CCS a chosaint trí shainiúlachtaí earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur san áireamh; de bhrí gur áirigh roinnt Ballstát athchóirithe reachtacha ina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun dálaí oibre gairmithe CCS a fheabhsú;
R. de bhrí gur gné thábhachtach den ghníomhaíocht ealaíonta ghairmiúil agus den fhorbairt ghairme í an tsoghluaisteacht agus go rannchuidíonn sí le hioncam agus le hintuarthacht airgeadais fhadtéarmach a mhéadú; de bhrí gur minic a bhogann go leor ealaíontóirí idir na Ballstáit; de bhrí go bhfuil an tsoghluaisteacht tábhachtach do mhic léinn agus do ghairmithe óga in CCS chun a n-oideachas a leathnú, tacair scileanna éagsúlaithe a fháil agus raon níos leithne d’ionchais ghairme tharraingteacha a aithint; de bhrí, ar an taobh eile, go mbaineann dúshláin shonracha leis an tsoghluaisteacht ealaíontóirí, go háirithe i ndáil le cosaint shóisialta agus le cánachas, a dteastaíonn bearta sonracha ina leith; de bhrí go bhféadfadh an t-ardleibhéal soghluaisteachta a bheith fabhrach d’obair neamhdhearbhaithe freisin(34); de bhrí gur cheart na hionstraimí cistiúcháin reatha lena dtacaítear leis an tsoghluaisteacht a chur in oiriúint níos fearr do ghnéithe sonracha na n-earnálacha; de bhrí gur minic a bhaineann léirithe ealaíne ní hamháin le gairmithe Eorpacha CCS ach le gairmithe tríú tír CCS a bhféadfadh a soghluaisteacht a bheith srianta mar gheall ar dheacrachtaí maidir le víosaí meántéarmacha a fháil;
S. de bhrí go ndéantar cuimsiú sóisialta agus an comhrac i gcoinne neamhionannais a chur chun cinn le rochtain ar oideachas ealaíne; de bhrí gurb é clár Erasmus+ an rath is follasaí a bhí ag an Aontas maidir leis na cuspóirí oideachas ardcháilíochta agus cuimsitheach a bhaint amach; de bhrí go bhfuil an easpa aitheantais fhrithpháirtigh uathoibríoch atá ann faoi láthair maidir le hinniúlachtaí ealaíonta agus scileanna agus cáilíochtaí cruthaitheacha ag cur bac ar shoghluaisteacht trasteorann gairmithe CCS;
T. de bhrí go bhfuil athruithe suntasacha á ndéanamh ar CCS, lena n-éilítear measúnú ar na scileanna is gá sna hearnálacha agus beartais a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna atá ann faoi láthair; de bhrí gur tugadh chun suntais tuilleadh i gComhshocrú 2020 um Scileanna agus i mBliain Eorpach 2023 um Scileanna gur gá scileanna, go háirithe scileanna idirdhisciplíneacha, boga agus digiteacha, a chomhtháthú i gcórais oideachais d’fhonn tallann agus aistriú gairme a fhorbairt, lena n-áirítear trí oiliúint theicniúil agus gairmoiliúint trí chomhpháirtíochtaí scileanna ar mórscála laistigh d’éiceachóras CCS níos leithne, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta;
U. de bhrí go bhfuil luas tapa an chlaochlaithe dhigitigh, ar cuireadh dlús leis le linn phaindéim COVID-19, agus úsáid mhéadaitheach na hintleachta saorga (IS) ag cruthú deiseanna agus poist nua, lena n-éascaítear samhlacha nua gnó agus cineálacha táirgthe nua agus lena ndéantar socruithe oibre a éagsúlú, chomh maith le feabhas a chur ar an rochtain ar chultúr do lucht féachana níos mó, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le dinimiceas na n-earnálacha agus lena gclaochlú; de bhrí, áfach, go bhfuil dúshláin agus éiginnteachtaí áirithe ag gabháil leis sin, as a n-eascraíonn caillteanais post, oibrithe scaoilte chun bealaigh agus cailliúint smachta ar a gcuid oibre, lena n-áirítear dúshláin a bhaineann le húdarthacht agus le húinéireacht saothar agus leis an éagsúlacht; de bhrí gur éascaíodh leis an digitiú soláthar seirbhísí cultúrtha thar theorainneacha; de bhrí go bhfuil an treocht sin fite fuaite leis an úsáid mhéadaitheach a bhaineann ardáin mhóra na meán as cleachtais chonarthacha mhí-úsáideacha agus chomhéigneacha, rud a chuireann luach saothair agus dálaí oibre cothroma agus leormhaithe chruthaitheoirí na hEorpa i mbaol;
V. de bhrí go bhfuil luach saothair cothrom as a saothar cruthaitheach a úsáid lárnach do dhálaí oibre údar agus cumadóirí, ós rud é gurb é sin is bonn lena dtuilleamh mar chruthaitheoirí gairmiúla; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag na heagraíochtaí comhbhainistíochta agus ag a gcóras domhanda chun a chur ar chumas cruthaitheoirí luach saothair cothrom a fháil, lena n-áirítear trí tharaifí a chaibidliú le húsáideoirí, agus chun rannchuidiú le héagsúlacht chultúrtha agus léiriú cultúrtha a chur chun cinn;
W. de bhrí gur léiriú é Dearbhú Stuttgart ar fhís aontaithe Eorpach, inar chuir ceannairí in iúl gur mian leo oibriú le chéile i dtreo ceann sprice coiteann agus gur mian leo féiniúlacht Eorpach a dhearbhú agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo aontas buandlúite i measc a bpobal; de bhrí go meastar sa Dearbhú gur gné thábhachtach é ról an chultúir chun an sprioc sin a bhaint amach;
Earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta: pobail na hEorpa a thabhairt le chéile
1. á mheas go bhfuil ról bunúsach ag earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (CCS) maidir le forbairt an duine agus maidir le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch na hEorpa, daonlathas bríomhar agus rathúnas agus cuimsitheacht ár sochaithe a chur chun cinn; á mheas, thairis sin, go bhfuil tacaíocht tuillte acu mar gheall ar luach intreach na n-ealaíon agus an chultúir;
2. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gairmithe CCS ríthábhachtach do phróiseas lánpháirtithe na hEorpa agus go rannchuidíonn a gcuid oibre le pobail a nascadh, le féiniúlacht phobail na hEorpa a fhorbairt, le héagsúlacht chultúrtha Eorpach a chur chun cinn agus le hidirphlé uilíoch;
3. á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar an Aontas, de bhun Airteagal 167 CFAE, i dtaobh rannchuidiú le cultúir na mBallstát a bhláthú agus, de bhun Airteagal 3 CAE, i dtaobh oidhreacht chultúrtha na hEorpa a choimirciú agus a fheabhsú; á mheas gur ghníomhaigh oidhreacht chultúrtha na hEorpa san am atá thart mar phol tarraingthe agus tionchair ar fud an domhain ach, chun an ról sin a fháil ar ais, go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach in CCS agus le beartais lena neartaítear é, rud a áiritheodh cearta cultúrtha na ndaoine dá réir sin;
‘Stádas an ealaíontóra’
4. á iarraidh ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh Moladh 1980 ó UNESCO maidir le Stádas na nEalaíontóirí, ar shínigh siad ar fad é, a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go léirítear sna tuarascálacha cur chun feidhme ina dhiaidh sin gur gá níos mó a dhéanamh chun an Moladh a chomhlíonadh; á mheas go n-éilíonn athruithe le daichead bliain anuas, go háirithe athruithe a bhaineann leis an digitiú, lena n-áirítear IS, cineálacha oibre neamhthipiciúla atá ag dul i méid, ar na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a oiriúnú go leanúnach chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun creat ceart iomlán, láidir agus comhsheasmhach a bhunú; ina theannta sin, ag spreagadh na mBallstát chun rannchuidiú leis na sásraí faireacháin atá ag UNESCO cheana chun feabhas a chur ar bhailiú faisnéise agus sonraí maidir le dálaí maireachtála agus oibre gairmithe CCS agus chun cur le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise;
5. ag tabhairt dá haire gur shainaithin saineolaithe an easpa sainmhínithe ar ghairmithe CCS agus an easpa aitheantais do shainiúlachtaí a ndálaí oibre(35) mar cheann de na príomhthosca as a n-eascraíonn cumhdach lag cosanta sóisialta do ghairmithe CCS; á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do staid shonrach gairmithe CCS, agus go ndéanfadh an Coimisiún é sin a éascú, agus na rialacha éagsúla a bhfuil feidhm acu maidir le hoibrithe féinfhostaithe agus fostaithe á gcur san áireamh agus á gcoigeartú, nuair is gá, agus é mar aidhm leis sin a áirithiú, ar thaobh amháin, go gcuirfear i bhfeidhm gan bhac na coinníollacha a ghabhann lena stádas, dóibh siúd a bhfuil stádas den sórt sin acu faoin dlí náisiúnta, agus cóineasú a bhaint amach agus feabhas a chur, ar an taobh eile, ar an staid dóibh siúd nach gcumhdaítear le stádas den sórt sin, agus obair thrasnáisiúnta á cur chun cinn san Eoraip ag an am céanna;
6. á iarraidh ar an gCoimisiún na sainmhínithe atá ann cheana ar ghairmithe CCS ar fud na mBallstát a leagan amach d’fhonn cur le comhthuiscint a bheidh le léiriú i staidreamh AE maidir le ceapadh beartas agus cultúr; á mheas gur cheart cur chuige den sórt sin a ailíniú freisin le Moladh 1980 ó UNESCO;
Rochtain ar chosaint shóisialta agus ar dhálaí cuibhiúla oibre
7. ag spreagadh na mBallstát nár thug isteach stádas sonrach go fóill d’ealaíontóirí agus do ghairmithe eile CCS chun é sin a dhéanamh, agus é mar aidhm leis sin rochtain gairmithe CCS ar chosaint shóisialta leormhaith a chomhlíonann íoschaighdeáin a éascú i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2019/C 387/01); á iarraidh ar na Ballstáit na bearnaí atá ann cheana sa rochtain ar chosaint shóisialta a dhúnadh, go háirithe maidir le CCS; á iarraidh ar na Ballstáit sin a bhfuil ‘stádas ealaíontóra’ i bhfeidhm acu cheana faireachán rialta a dhéanamh ar a leormhaitheas agus é a fheabhsú i gcás inar gá ar an gcaoi chéanna, lena n-áiritheofar cumhdach gach gairmí CCS, agus go háirithe daoine féinfhostaithe, agus é a chur in oiriúint do na dúshláin nua a bhaineann leis an digitiú agus le paindéim COVID-19; ag moladh na mBallstát sin a rinne athbhreithniú agus oiriúnú den sórt sin le blianta beaga anuas;
8. á chur i bhfáth go n-eascraíonn dúshláin, atá coitianta ar fud an Aontais, i dtaobh rochtain a fháil ar chosaint shóisialta do ghairmithe CCS as patrúin oibre neamhthipiciúla i ngairmeacha cultúrtha agus cruthaitheacha agus as an ardleibhéal soghluaisteachta gairme agus geografaí de ghairmithe CCS ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE araon; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil gá le gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus comhordú treisithe ar leibhéal an Aontais chun a éascú do ghairmithe CCS uile, gan beann ar a stádas fostaíochta, go mbeidh rochtain uilíoch, éifeachtach agus shimplithe acu ar scéimeanna cosanta sóisialta leormhaithe agus cuimsitheacha laistigh de AE; á mheabhrú a ábhartha atá scéimeanna ioncaim íosta leormhaithe agus inrochtana do ghairmithe CCS ar minic a bhíonn tréimhsí d’acmhainní airgeadais neamhleora, neamhrialta nó neamhchinnte acu, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna nár cheart na scéimeanna sin a chur in ionad luach saothair cothrom agus leormhaith agus dálaí oibre cuibhiúla in CCS;
9. ag tathant ar na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh chun fáil, caomhnú agus inaistritheacht ceart ar fud scéimeanna a áirithiú chun lamháil do ghairmithe CCS, a chomhcheanglaíonn nó a athraíonn poist nó a théann idir stádas oibrithe agus féinfhostaithe go minic, dul i ngleic le hioncam éagobhsaí agus ilroinnte, obair gan íocaíocht agus neamhshláine post, agus íoschaighdeán dá n-ioncam a choimirciú, trí scéimeanna slándála sóisialta náisiúnta a oiriúnú go héifeachtach chun rochtain chuimsitheach ar shochair shóisialta a áirithiú, lena n-áirítear sochair dhífhostaíochta, i scéimeanna cosanta sóisialta atá bunaithe ar ranníocaíochtaí agus cumhdach leormhaith a bheith acu, chomh maith lena rannpháirtíocht a éascú i gcás scéimeanna deonacha cosanta sóisialta; á dhearbhú nach mór an ceart chun luach saothair cothrom, iomchuí agus comhréireach a eascraíonn as cóipcheart agus cearta gaolmhara a bheith comhoiriúnach le córais cosanta sóisialta, go háirithe rochtain ar phinsean ranníocach, toisc nach bhfuil gairmeacha cruthaitheacha teoranta de réir aoise;
10. á chur i bhfáth gur gá stádas fostaíochta na ndaoine atá ag obair in CCS a chomhfhreagraíonn dá socruithe oibre iarbhír a chinneadh i gceart; á chur i bhfáth go gcumhdaítear oibrithe uile le acquis dhlí saothair AE chomh maith le dlí saothair náisiúnta agus, i measc nithe eile, go bhfuil an ceart acu chun pá íosta, cómhargála, ama oibre agus cosanta sláinte, an ceart chun saoire le pá agus rochtana níos fearr ar chosaint i gcoinne tionóiscí oibre, chun sochar dífhostaíochta agus breoiteachta, agus chun pinsean seanaoise ranníocach; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht na n-údarás forfheidhmithe saothair a neartú agus Coinbhinsiún Uimh. 81 EIS maidir le Cigireacht Saothair a chur chun feidhme, agus aird ar leith á tabhairt ar aicmiú cuí na ndaoine atá ag obair in CCS a áirithiú;
Dúshláin i gcásanna trasteorann
11. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá soghluaisteacht trasteorann ar an iomlán chun obair chruthaitheach de ghairmithe CCS a éascú agus chun na deiseanna a leathnú chun taithí ghairmiúil nua a fháil thar lear;
12. á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach comhordú agus inaistritheacht rianúil na gceart ar fud na gcóras cosanta sóisialta idir na Ballstáit a áirithiú chun rochtain éifeachtach ar chosaint shóisialta a áirithiú do ghairmithe CCS a léiríonn leibhéal ard soghluaisteachta saothair; á iarraidh ar na Ballstáit Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) 987/2009 a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a n-athbhreithniú a ghlacadh agus a chur chun feidhme go pras;
13. ag tabhairt dá haire go bhfuil sé dúshlánach i gcónaí dul i ngleic leis na córais éagsúla atá i bhfeidhm, go háirithe d’oibrithe féinfhostaithe agus d’oibrithe neamhchaighdeánacha; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil go leor bacainní riaracháin, airgeadais, fioscacha agus teanga ar an tsoghluaisteacht fós ann, go háirithe inaistritheacht trasteorann teidlíochtaí slándála sóisialta, go minic mar gheall ar éagsúlachtaí idir reachtaíocht na mBallstát; á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn ar ghairmithe CCS a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta ranníocaíochtaí iomadúla a dhéanamh le hárachas sóisialta agus sláinte i roinnt Ballstát, gan bheith in ann tairbhe a bhaint astu; á iarraidh go mbeadh comhordú níos láidre ann ar leibhéal an Aontais chun bearnaí idir córais náisiúnta a laghdú chun a áirithiú go bhféadfaidh gairmithe CCS atá ag obair i roinnt tíortha tairbhe a bhaint as a dteidlíochtaí sóisialta;
14. á chreidiúint go bhfuil sé riachtanach agus úsáideach do ghairmithe CCS faisnéis a chur chun cinn maidir le rialacha comhordaithe slándála sóisialta san Eoraip i ndáil le soghluaisteacht trasteorann ealaíontóirí ar leibhéal AE; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun pointí faisnéise soghluaisteachta atá ann cheana nó, i gcás nach ann dóibh, pointí faisnéise soghluaisteachta nua atá cistithe go leormhaith a neartú mar ionaid ilfhreastail atá inrochtana go héasca i dteangacha uile AE agus a chuideoidh le gairmithe CCS an fhaisnéis earnála ábhartha uile a bhailiú maidir lena ndálaí oibre, a soghluaisteacht, a gcánachas agus a dtairbhí cosanta sóisialta;
15. á chreidiúint go bhfuil malartú faisnéise uathoibrithe tríd an malartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta (EESSI), a bhfuil sé mar aidhm leis - trí bhíthin comhar riaracháin - lamháil do ghairmithe soghluaiste oibriú san Eoraip gan stró, ina acmhainneacht mhór do ghairmithe CCS; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfaidh EESSI aghaidh ar shainiúlachtaí na bpatrún oibre agus ar shoghluaisteacht an lucht saothair in CCS agus go gcumhdófaí gairmithe uile CCS, ag tógáil ar an Teachtaireacht a bhí ann le déanaí maidir le digitiú i gcomhordú na slándála sóisialta(36);
16. ag tabhairt dá haire rannpháirtíocht an Choimisiúin le déanaí i ngníomhaíochtaí píolótacha an Phas Slándála Sóisialta Eorpaigh (ESSPASS) agus á spreagadh chun dlús a chur lena gcur chun feidhme; ag athdhearbhú a hiarrata arís agus arís eile ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh do tionscnamh ESSPASS, a d’fhéadfadh sainaithint, inrianaitheacht, comhiomlánú agus inaistritheacht éifeachtach na gceart slándála sóisialta a áirithiú agus fhorfheidhmiú rialacha an Aontais a fheabhsú maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta i margadh an tsaothair chun machaire comhréidh a áirithiú d’oibrithe agus do chuideachtaí an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh saoránaigh na hEorpa ábalta a gcearta ar chumhdach slándála sóisialta agus teidlíochtaí thar theorainneacha a fheidhmiú i bhfoirm uirlis dhigiteach éasca; á chur i bhfios go láidir gur féidir le fíorú tapa ar stádas agus ranníocaíochtaí árachais cabhrú leis an obair neamhdhearbhaithe agus neamhchomhlíonadh na sásraí socraithe pá a chomhrac atá i bhfeidhm sa tír óstach, le calaois agus mí-úsáid sochar slándála sóisialta agus le cur ar chumas institiúidí slándála sóisialta, cigireachtaí saothair agus soláthraithe cúraim sláinte comhlíonadh a fhíorú, trí chrostagairt idir bunachair sonraí; á chur i bhfios go láidir go ndéanfadh ESSP é níos fusa freisin d’oibrithe a ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus a sochair amhail cearta pinsin a rianú agus a éileamh, a n-inaistritheacht a éascú agus calaois shóisialta a chosc níos fearr i ndáil le saincheisteanna amhail fochonraitheoireacht mhaslach, féinfhostaíocht bhréagach, obair neamhdhearbhaithe agus neamhíocaíocht ranníocaíochtaí slándála sóisialta; á iarraidh go n-imscarfar réiteach ESSPASS sa CCS, lena n-áirithítear go dtugann sé aghaidh ar shainiúlachtaí na n-earnálacha agus ar riachtanais ar leith daoine féinfhostaithe;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar leis an Údarás Eorpach Saothair, cur i bhfeidhm iomlán na gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme sa tír chinn scríbe maidir le gairmithe postaithe CCS agus forfheidhmiú dhlí an Aontais a éascú, trí fhaisnéis ar a bhfuil rochtain éasca a sholáthar, chun cosaint iomchuí a áirithiú nuair a fheidhmíonn na gairmithe sin a gceart chun saorghluaiseachta agus chun neamhrialtachtaí de chineál trasteorann a chomhrac;
18. á chur in iúl gur geal léi gníomhaíocht soghluaisteachta Culture Moves Europe i bhfráma chlár Eoraip na Cruthaitheachta, a thairgeann deontais soghluaisteachta d’ealaíontóirí agus do ghairmithe CCS eile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na tionscnaimh sin a neartú agus a fheabhsú tuilleadh agus cistiú níos dóthanaí a thabhairt dóibh chun an scéim seo a leathnú chun teacht ar an raon is leithne is féidir de ghairmithe agus de lucht féachana CCS, mar aon le comhléiriúcháin Eorpacha a chur chun cinn, baint aige freisin le tíortha nach de chuid an Aontais iad;
19. ag cur béim ar a thábhachtaí atá comórtais agus tionscnaimh ar fud an Aontais lena léirítear saibhreas agus éagsúlacht chultúr na hEorpa agus lena gcuirtear le braistint Eorpach muintearais agus féiniúlachta, amhail Gradam Lucht Féachana LUX agus Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chomórtais nó ar thionscnaimh a eagraítear go heisiach san Aontas agus iad a neartú tuilleadh, chomh maith le comórtais agus tionscnaimh nua a chur chun cinn agus a éascú, amhail comórtas bliantúil amhránaíochta idir na Ballstáit chun cultúr agus turasóireacht an Aontais a chur chun cinn;
Luach saothair, cleachtais agus cistiú atá cóir
20. á dhearbhú go láidir gur gníomhaíocht ghairmiúil í an obair chultúrtha agus, dá réir sin, nach mór luach saothair cothrom agus dóthanach a bheith ag gabháil léi, rud a léiríonn leibhéal éifeachtach an oideachais, na n-inniúlachtaí agus na taithí gairmiúla agus lena bhforáiltear do chaighdeán maith maireachtála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go meastar gur earnálacha ar phá íseal CCS, ina bhfuil 38% de ghairmithe CCS sna trí cinn is ísle de dheicílí pá(37); á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le déanaí (38); á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir sin a thrasuí go tapa, agus aird ar leith á tabhairt ar CCS;
21. á chur in iúl gur saoth léi gach cineál oibre ganníoctha nó gan íoc, amhail an cleachtas íocaíocht a thairiscint ar shaothar cultúrtha agus cruthaitheach i bhfoirm nochta, chomh maith le gan am oibre neamhchláraithe a áireamh mar am oibre, agus tréimhsí oiliúna gan phá(39), a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó mhíchothromaíochtaí cumhachta forleathana sa chaidreamh conarthach;
22. á chur in iúl gurb oth léi leitheadúlacht na gcleachtas íocaíochta déanaí in CCS ag a bhfuil tionchar mór ar shócmhainneacht daoine féinfhostaithe agus FBManna araon a oibríonn san earnáil agus a leathnaíonn éagsúlachtaí socheacnamaíocha i measc gairmithe CCS; á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit Treoir 2011/7/AE(40) a chur chun feidhme, lena n-áirítear do ghnóthais in CCS;
23. á mheabhrú a thábhachtaí atá cóipcheart agus cearta gaolmhara in CCS agus iad a chur chun feidhme i gceart, lena n-áirithítear go dtabharfar luach saothair cothrom d’údair agus do thaibheoirí, ina gcáil mar shealbhóirí cirt, as saothrú a gcuid oibre; á iarraidh go ndéanfaí an Treoir maidir le Cóipcheart(41), a thrasuí agus a fhorfheidhmiú go fóinteach, i gcomhréir lena cuspóirí;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit chun luach saothair dóthanach, cothrom, iomchuí agus comhréireach a áirithiú d’ealaíontóirí agus do chruthaitheoirí chun a saothar ealaíne a shaothrú, le sásraí iomchuí agus trí idirphlé sóisialta ginearálta agus earnáilsonrach, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais;
25. á chur i bhfáth gur gá rochtain dhlíthiúil ar inneachar a éascú agus gur gá an phíoráideacht agus úsáidí neamhdhleathacha eile a chomhrac, go háirithe sa mhargadh aonair digiteach;
26. á mheas gur cuid bhunriachtanach dá ndálaí oibre agus dá slite beatha iad luach saothair cóir agus dóthanach d’údair agus do chumadóirí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid na gcineálacha éagsúla conarthaí ‘ceannach amach’is féidir cleachtas maslach agus comhéigneach leanúint astu lena dtéitear timpeall ar rialacha agus prionsabail AE maidir le luach saothair cothrom agus gur cúis bhuartha di éagothromaíochtaí móra cumhachta idir páirtithe conarthacha a dheimhniú faoin úsáid mhéadaitheach na gconarthaí sin a chuirtear faoi dhlínsí eachtracha in earnálacha áirithe go minic; ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na socruithe conarthacha in CCS i gcomhréir iomlán le hAirteagail 18, 19 agus 20 den Treoir maidir le Cóipcheart, chun cearta údar agus taibheoirí a fhorfheidhmiú i ndáil leis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí measúnú agus dlúthfhaireachán ar an staid ina leith sin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na bhforálacha ‘ceannach amach’, chomh maith le forálacha maidir le rogha dlí agus dlínse a éalaíonn ó rialacha Eorpacha go minic, agus ar an ngá le haghaidh a thabhairt orthu sin agus ar aon chleachtais dhíobhálacha eile a fhorchuirtear ar chruthaitheoirí i bhfianaise tionscnaimh láithreacha agus atá le teacht;
27. á chur in iúl gur cúis bhuartha di cleachtais chomhéigneacha cheannaigh amach a chuireann dálaí oibre agus slí bheatha chruthaitheoirí na hEorpa i mbaol; is díol sásaimh di an staidéar atá le teacht a sheolfaidh an Coimisiún maidir leis an tsaincheist sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh is gá a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar an gcleachtas sin ar leibhéal an Aontais, agus a chonclúidí agus a mholtaí á gcur i gcuntas;
28. á iarraidh ar na Ballstáit iarrachtaí a mhéadú chun obair neamhdhearbhaithe a chosc, am oibre neamhchláraithe a aithint agus a rialáil agus cleachtais féinfhostaíochta bhréagacha in CCS a dhíothú, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht na n-údarás forfheidhmithe saothair a neartú, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta; á chur i bhfáth ról ELA chuige sin, go háirithe le linn faisnéis a sholáthar d’oibrithe gairmithe soghluaiste CCS, malartú faisnéise idir na Ballstáit, cigireachtaí comhpháirteacha agus comhbheartaithe agus measúnuithe riosca maidir le dúshláin earnáilsonracha;
29. agus na socruithe ama oibre ar leith atá coiteann sna hearnálacha á n-aithint aici, á chreidiúint nach mór an chothromaíocht oibre is saoil a urramú;
30. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé seasamh leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht san ionad oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfear chun cinn aitheantas do ghalair cheirde, cúiteamh iontu agus a gcosc a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sonracha in CCS;
31. ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit cistiú cobhsaí agus intuartha a áirithiú agus na foinsí tacaíochta do CCS a éagsúlú, staonadh ó chiorruithe airgeadais ar chistiú láithreach agus a dtacaíocht airgeadais do na hearnálacha a mhéadú, lena gcuirtear le hintuarthacht níos airde do ghairmithe CCS a fhaigheann na cistí sin;
32. á chreidiúint go bhfuil freagracht ar chisteoirí poiblí in CCS cleachtais chothroma a chur chun cinn á iarraidh go ndéanfaí prionsabail chothroma a chomhtháthú ina straitéisí cistiúcháin, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta; á áitiú gur cheart luach saothair cothrom a thabhairt do rannpháirtíochtaí gairmiúla uile ghairmithe CCS agus gur cheart dul i ngleic le hionadú post trí shaorálaíocht bhréagach;
33. á iarraidh ar chisteoirí poiblí ar leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil an clásal sóisialta a thabhairt isteach agus a fhorfheidhmiú trí théarmaí agus coinníollacha maidir le cistiú agus soláthar poiblí a úsáid chun luach saothair agus dálaí oibre atá cothrom agus dóthanach a áirithiú do ghairmithe CCS ar fud an tslabhra iomláin fochonraitheoireachta, agus gné na hinscne á cur i gcuntas chun rochtain chomhionann ar acmhainní cruthaithe agus táirgthe agus pá comhionann a ráthú, i gcomhréir le comhaontuithe comhchoiteanna i gcás gur ann dóibh, agus chun tabhairt i gcrích réiteach cómhargála a chur chun cinn i gcás nach ann dóibh go fóill;
34. á mheas gur cheart do chláir agus do thionscadail in CCS arna gcistiú ag an Aontas, amhail Eoraip na Cruthaitheachta, comhlíonadh na n-oibleagáidí saothair agus sóisialta uile faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna a áirithiú, cur le cur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta in CCS; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chéad timthriall eile de chláir an Aontais in CCS na prionsabail sin, lena n-áirítear trí choinníollacht shóisialta a thabhairt isteach, cosúil le réimsí beartais eile an Aontais, lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, an oibleagáid gairmithe CCS a chúiteamh go cothrom as a gcuid oibre, lena n-áirítear an t-am a chaitear ar thaighde, ar chleachtaí, ar ullmhú agus ar chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, agus sainiúlachtaí na n-iarratasóirí agus CCS ina n-iomláine á gcur san áireamh, chomh maith le haird chuí a thabhairt gan ualaí riaracháin a bheith ag méadú go díréireach;
35. á mheabhrú go bhfuil na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar chistiú AE, lena n-áirítear iad siúd do chlár Eoraip na Cruthaitheachta, fós ródhian agus go gcruthaíonn siad bacainní neamhriachtanacha do thairbhithe féideartha; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin, na nósanna imeachta sin a shimpliú tuilleadh chun rochtain chothrom ar chistiú ón Aontas a áirithiú;
36. á chreidiúint go bhfuil cistiú poiblí bunriachtanach chun éiceachóras cultúrtha agus cruthaitheach atá inbhuanaithe, éagsúil agus daonlathach a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an tacaíocht airgeadais do CCS a mhéadú go suntasach agus ar na Ballstáit sprioc íosta caiteachais 2% a leagan síos de chaiteachas poiblí rialtais sa CCS, lena ngintear suas le 4% de OTI AE; á iarraidh ar ghníomhaithe uile an Aontais cistiú don chultúr a mhéadú ar fud chláir an Aontais agus sineirgí a neartú, chomh maith leis na hathruithe is gá a thabhairt isteach sa mhaoirseacht ar CAI chun cuntas a thabhairt i dtaobh infheistíochtaí sa chultúr ar fud an bhuiséid Eorpaigh;
37. á chur in iúl gur oth léi nár bhain formhór na mBallstát amach sprioc infheistíochta 2% den Chiste Téarnaimh agus Athléimneachta do CCS a bheidh le háireamh i bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát, mar a d’iarr an Pharlaimint;
Ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus na cómhargála
38. á mheabhrú go bhfuil an tsaoirse agus an ceart ag gairmithe CCS ceardchumainn agus eagraíochtaí gairmiúla a bhunú agus páirt a ghlacadh iontu chun ionadaíocht a dhéanamh orthu agus chun páirt a ghlacadh go córasach agus go fóinteach sa phróiseas déanta beartas ar bheartais chultúir, shóisialta agus fostaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta a neartú ar leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal earnála i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú, lena n-áirithítear go ndéanfar ionadaíocht ar ghairmithe CCS uile ar fud na n-earnálacha chomh maith le hardleibhéal cumhdaigh cómhargála a áirithiú, ar shlí a áiritheoidh dálaí oibre cuibhiúla agus pá cothrom agus dóthanach; á iarraidh ar na Ballstáit go ráthófar cur i bhfeidhm éifeachtach an chirt chun cómhargála in CCS;
39. ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir rátaí cumhdaigh cómhargála na mBallstát in CCS; á mheas go gcuireann cómhargáil láidir go cinntitheach le cosaint íosphá dóthanach, luach saothair cóir, cearta oibrithe, dálaí maithe oibre a áirithiú, chomh maith le forálacha chun oiliúna agus forbartha gairmiúla agus cosanta sláinte agus sábháilteachta oibrithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an idirphlé sóisialta ar gach leibhéal agus leis an gcómhargáil agus a chumhdach a fheabhsú in CCS; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát, mar sin, mar aon leis na comhpháirtithe sóisialta, oibriú chun cumhdach cómhargála 80% ar a laghad a bhaint amach faoi 2030, rud ba cheart a léiriú freisin in CCS, agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo an sprioc sin a bhaint amach;
40. á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Coimisiún ‘Treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair’ lena n-áirítear údair agus taibheoirí aonair féinfhostaithe, lena dtairgtear cosaint níos fearr do chruthaitheoirí agus do dhaoine féinfhostaithe in CCS; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis iomaíochta náisiúnta na Treoirlínte i bhfeidhm go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta a fhaigheann tacaíocht ón nGréasán Eorpach Iomaíochta do chur i bhfeidhm na dTreoirlínte agus na gcomhairliúchán leis na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha agus le húdair, ealaíontóirí, taibheoirí agus oibrithe cultúrtha, chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad;
41. á chur i bhfios go láidir go mbíonn deacrachtaí ag formhór na ndaoine féinfhostaithe aonair in CCS tionchar a imirt ar a ndálaí oibre; á thabhairt dá haire, fiú mura gcomhtháthaítear iad go hiomlán i ngnó a bpríomhaí sa tslí chéanna le hoibrithe, nach bhféadfaidh daoine féinfhostaithe aonair áirithe a bheith go hiomlán neamhspleách ar a bpríomhaí nó nach bhféadfaidh dóthain cumhachta margála a bheith acu; á chur i bhfáth, mar sin, gur uirlis éifeachtach í an chómhargáil do dhaoine féinfhostaithe aonair chun dálaí oibre níos fearr a ráthú, lena n-áirítear pá;
42. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta a ndícheall a dhéanamh chun pá cothrom agus dóthanach a ráthú in CCS, lena léirítear leibhéal éifeachtach an oideachais, na scileanna, na n-inniúlachtaí agus na taithí gairmiúla; á iarraidh ar na Ballstáit, chuige sin, comhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn maidir le socrú pá in CCS;
Oideachas, deiseanna oiliúna agus forbairt gairme
43. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an spás atá dírithe ar oideachas ealaíonta i gcuraclaim náisiúnta sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas ag éirí níos teoranta; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur minic a chuireann bacainní airgeadais bac ar rochtain ar ardoideachas sna healaíona agus sa chultúr do dhaoine óga ó chúlra leochaileach nó atá faoi mhíbhuntáiste, go háirithe faoi mhíchumas; á iarraidh ar na Ballstáit go ndéanfaí rochtain chothrom ar oideachas ealaíonta a áirithiú, go háirithe an t-ardoideachas; ag tathant ar na Ballstáit acmhainní airgeadais agus daonna iomchuí a leithdháileadh chun disciplíní ealaíne a neartú, trí chur chuige STEAM, ag gach céim den oideachas i ngníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar shamhlacha féideartha chun eagraíochtaí poiblí ealaíne agus cultúrtha a chúiteamh lena n-éascaítear rochtain saor in aisce do dhaoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois ar imeachtaí cultúrtha agus ar oideachas cultúrtha;
44. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa soiléireachta agus faisnéise ar dhálaí oibre agus ar chleachtais a chuirtear ar fáil do mhic léinn agus do chéimithe óga a théann isteach sa mhargadh saothair, lena n-áirítear tuiscint ar stádas oibrí agus féinfhostaithe; á iarraidh ar na Ballstáit bearta cuimsitheacha a chur i bhfeidhm nó a neartú chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine óga, go háirithe iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste de ghnáth i margadh an tsaothair, ar fhaisnéis i dtaobh deiseanna fostaíochta, cleachtais chothroma agus a gceart, i measc nithe eile faoin gcreat cóipchirt is infheidhme, agus oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí saothair náisiúnta;
45. á chur i bhfáth go bhfuil rochtain ar an Limistéar Eorpach Oideachais ríthábhachtach don taighde ealaíonta agus d’fhorbairt gairme múinteoirí agus gairmithe óga in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an t-ardoideachas a chomhtháthú go hiomlán sa Limistéar Eorpach Oideachais; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú chun luach na gcéimeanna ealaíne agus cultúir agus ar chórais uathoibríocha aitheantais agus deimhnithe fhrithpháirtigh dioplómaí agus cáilíochtaí agus scileanna eile, torthaí foghlama agus tréimhsí staidéir thar lear a fheabhsú a lamhálann inchomparáideacht agus chun inaistritheacht trasteorann inniúlachtaí ealaíne agus scileanna oibrithe CCS a áirithiú;
46. á áitiú a thábhachtaí atá sé go n-infheisteofar san fhoghlaim ar feadh an tsaoil do ghairmithe CCS; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht ar leibhéal an Aontais chun smaointe agus cleachtais a mhalartú, chun comhar idirchultúrtha a chur chun cinn agus chun forbairt gairme a fheabhsú, lena n-áirítear deiseanna oiliúna, in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta; á chreidiúint gur gá borradh faoi iarrachtaí chun deiseanna do mhalartú oideachais agus gairmiúil ar an leibhéal Eorpach a neartú agus a leathnú ionas go mbeidh siad sin níos cuimsithí; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an Aontas riachtanais oiliúna ghairmithe CCS a mhapáil ar shlí níos fearr agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar a mbeartais chultúir, oideachais agus fostaíochta ionas go dtabharfar aghaidh leo sin ar shlí níos fearr ar dhúshláin ar leith earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;
47. á chur i bhfáth an ról is féidir a bheith ag micridhintiúir nuair a úsáidtear iad ar shlí chomhleanúnach chaighdeánaithe, i scileanna agus in inniúlachtaí digiteacha agus cruthaitheacha freisin, agus a gcomhlántacht le cáilíochtaí foirmiúla á haithint ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit éiceachóras Eorpach do mhicridhintiúir a fhorbairt i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle agus a n-iniomparthacht a áirithiú ar fud na hEorpa;
48. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil easpa córas tacaíochta don aistriú gairme i bhfeidhm d’ealaíontóirí agus do ghairmithe sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a bhfuil athoiliúint de dhíth orthu; á chreidiúint go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis sin do ghairmithe a mbíonn tionchar ag an digitiú ar a bpoist i measc daoine eile nó dóibh siúd a bhfuil a gcleachtas ag brath ar a gcumais fhisiciúla, amhail damhsóirí, amhránaithe agus ceoltóirí; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus i gcomhthéacs chuspóirí Bhliain Eorpach na Scileanna agus Shocrú na Scileanna, infheistiú in uas-sciliú agus athsciliú trí scéimeanna foghlama ar feadh an tsaoil agus trí chláir forbartha scileanna, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí leis na gníomhaithe ábhartha uile, trí dhea-chleachtais a bhailiú, córais theicniúla agus ghairmoideachais agus ghairmoiliúna, lena lamháiltear do ghairmithe CCS eolas agus scileanna nua digiteacha, fiontraíochta, dlíthiúla agus ábhartha eile a fhorbairt, lena n-áirítear litearthacht IS, scileanna boga agus idirdhisciplíneacha, laistigh nó lasmuigh de na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha;
49. á chur in iúl gur geal léi forbairt an Chreata Eorpaigh um Ábhar an Oideachais Dhigitigh a chuirfidh leis an éagsúlacht chultúrtha agus chruthaitheach; á iarraidh ar na Ballstáit na moltaí a chur chun feidhme go dóthanach ina gcórais náisiúnta scoile agus oideachais; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún togra le haghaidh Treoir maidir le cúrsaí oiliúna ardcháilíochta a thíolacadh agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cúrsaí oiliúna ar ardchaighdeán a bheith in CCS;
50. á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta oiliúint agus forbairt scileanna a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacú le comhar idir comhairlí scileanna i gcás inar ann dóibh sin agus le malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit;
51. á chreidiúint gur féidir le gairmithe CCS a bheith páirteach i níos mó ná earnáil amháin, amhail na hearnálacha siamsaíochta agus spóirt; á chreidiúint go bhfuil bunról ag na hearnálacha sin freisin le linn pobail na hEorpa a thabhairt níos gaire dá chéile trí thaithí shaoil chomórtais an Aontais; á chur i bhfáth, mar sin, a thábhachtaí atá sé éiceachóras sláintiúil agus cothrom a áirithiú ar fud CCS, na n-earnálacha siamsaíochta agus spóirt;
Comhionannas inscne agus bearta in aghaidh ciapadh agus idirdhealú san ionad oibre in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta
52. á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn mná ina n-íospartaigh gnéasachais, steiréitíopaí inscne agus gnéaschiaptha agus gur gnách go dtuilleann siad níos lú ná fir i bpoist choibhéiseacha; á iarraidh ar na Ballstáit go gcuirfear dlús lena n-iarrachtaí gnéaschiapadh a dhíothú in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus ionad oibre sábháilte agus sláintiúil a áirithiú, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais a mhalartú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur tháinig an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, agus go bhfuil sí ag tnúth lena ghlacadh tapa; á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, an treoir maidir le trédhearcacht pá a thrasuí agus a chur chun feidhme go tapa agus bearta ceangailteacha trédhearcachta pá in CCS a neartú, amhail an ceart chun faisnéise ar leibhéil phá, ar thuairisciú ag cuideachtaí agus ar chómhargáil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí dreasachta agus struchtúir láithreacha a neartú, nó i gcás nach bhfuil siad i bhfeidhm cinn nua a chruthú, chun comhdheiseanna a áirithiú i ngairmeacha, go háirithe do mhná, LADTIA+, daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ar de mhionlaigh iad, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí shásraí cistiúcháin;
53. ag tabhairt dá haire go léiríonn CCS, mar gheall ar na dálaí oibre, ar minic iad a bheith forbhásach agus ar struchtúir chumhachta neamhchothroma, nochtadh os cionn an mheáin don imeaglú agus don idirdhealú, agus gur cúis imní do 86% de na ceardchumainn sa tionscal siamsaíochta go dtarlaíonn gnéaschiapadh san ionad oibre(42); ag tabhairt dá haire, laistigh d’earnáil na siamsaíochta, go ndéantar difear ar leith d’fho-earnálacha na siamsaíochta beo agus na scannán/na teilifíse(43);
54. ag tathant ar na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, bacainní sistéamacha a bhaint lena ndéantar gairmithe CCS leochaileach agus freagairt earnálach chuimsitheach agus chomhordaithe a chruthú chun foréigean agus ciapadh a chosc, aghaidh a thabhairt orthu agus iad a dhíothú, lena n-áirítear trí línte soiléire freagrachta a chur ar fáil i nósanna imeachta tuairiscithe agus cosanta, trí acmhainní iomchuí a bhunú agus a chur ar fáil do struchtúir neamhspleácha le haghaidh tuairisciú rúnda ar chleachtais éagóracha agus treoir agus abhcóide dlí a fháil, na cásanna tuairiscithe a imscrúdú go mion, daoine a chur ar an eolas, agus treoirlínte a bhunú maidir le ciapadh a chosc trí oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear do na húdaráis inniúla;
55. á chur i bhfáth gur cheart rochtain mhéadaithe ar acmhainní cruthaithe agus táirgthe a bheith ag ealaíontóirí agus gairmithe baineanna CCS ar fud an Aontais; á iarraidh an athuair ar na Ballstáit, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, idirphlé sóisialta a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chómhargáil, i dtaobh aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas inscne trí phá comhionann a áirithiú as obair ar comhionann a luach, ionadaíocht i gceannaireacht agus poist chinnteoireachta eile, chomh maith le cothromaíocht oibre is saoil a chosaint; ag spreagadh na gcomhpháirtithe sóisialta chun cuimsiú na mban agus na hóige ina gceannaireacht agus i measc na n-idirbheartaithe a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit i ndáil leis sin an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí agus a fhorfheidhmiú go pras(44); á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go nglacfaidh cuideachtaí agus eagraíochtaí atá gníomhach in CCS pleananna gníomhaíochta comhionannais inscne chun ciapadh san ionad oibre a chosc i gcomhar le hionadaithe a n-oibrithe;
56. á iarraidh ar na Ballstáit nár dhaingnigh Coinbhinsiún EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh é sin a dhéanamh gan mhoill; á iarraidh, thairis sin, go nglacfar gan mhoill an cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear daingniú an Choinbhinsiúin maidir leis na forálacha sin a bhaineann le hinniúlachtaí an Aontais;
An tsaoirse ealaíonta
57. á áitiú gur gá saoirse cruthaithe agus léirithe ealaíonta a áirithiú ar fud na hEorpa, a chuireann le dlúthpháirtíocht, comhtháthú sóisialta agus cothrom na Féinne d’ealaíontóirí chun a ngníomhaíocht a fhorbairt; ag athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún leathnú a dhéanamh, mar chuid de na tuarascálacha ar an smacht reachta, ar an gcaibidil maidir le faireachán a dhéanamh ar shaoirse agus iolrachas na meán chun gach gné de shaoirse nochtadh tuairimí a chumhdach freisin, lena n-áirítear saoirsí ealaíonta agus acadúla; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid dá athbhreithniú ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta AE um Dhaonlathas, díriú tuilleadh, trí thionscnaimh iomchuí, ar shaoirse ealaíontóirí a chur chun cinn agus a chosaint chun saoirse ealaíontóirí cruthú gan chinsireacht, cur isteach polaitiúil ná imeaglú, lena n-áirítear coiriúlú, chun a áirithiú go mbainfear leas as cearta cultúrtha shaoránaigh na hEorpa;
58. á áitiú go bhfuil dálaí cothroma sóisialta agus oibre agus leibhéal luach saothair cuibhiúil agus inbhuanaithe, chomh maith le rochtain dhóthanach ar shlándáil shóisialta, ríthábhachtach chun saoirse cainte ealaíonta a ráthú do gach cruthaitheoir, lena n-áiritheofar cothrom na Féinne dóibh chun a ngníomhaíocht a fhorbairt; á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit agus ar an Aontas gairmithe CCS a chosaint, agus cúnamh a thabhairt dóibh le linn seasamh lena saoirse cruthaithe agus cainte; á iarraidh ar na Ballstáit, le tacaíocht réamhghníomhach ón gCoimisiún, treoirlínte a fhorbairt chun an tsaoirse ealaíne a chosaint mar luach ón Aontas;
59. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS bearta a chomhdhlúthú agus a leathnú, de réir mar is iomchuí, chun tacú le healaíontóirí agus le gairmithe CCS eile atá i mbaol, go háirithe mar thoradh ar chogadh nó ar éagobhsaíocht gheopholaitiúil, le linn seasamh lena saoirse cainte;
Dúshláin dhigiteacha
60. a thabhairt chun suntais go bhfuil uathoibriú agus IS ina n-uirlis úsáideach anois i gcás cruthú ealaíonta agus go bhféadfadh siad cur freisin le cruthú post in CCS agus deiseanna dá fhorbairt a shaibhriú, arna spreagadh ag teacht chun cinn próifílí gairme nua, go háirithe nuair a chuirtear chun feidhme iad ar shlí atá dírithe ar an duine, chun go mbeidh daoine ina bhfoinse agus ina dtairbhithe de nuálaíochtaí teicneolaíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, na héifeachtaí a bhaineann le huathoibriú méadaitheach mar thoradh ar úsáid na meaisínfhoghlama, na róbataice agus na dteicneolaíochtaí sonraíbhunaithe eile amhail táirgeadh inneachair chuidithe, guthú saorga, aistriúchán urlabhra go téacs, chomh maith le heastóscadh meiteashonraí uathoibrithe agus scaipeadh córas cumhachtach ginte IS chun inneachar a ghiniúint, lena n-áirítear úsáid domhainbhrionnuithe gan toiliú, a d’fhéadfadh a bheith ina dhúshlán ar leith d’ealaíontóirí agus do ghairmithe CCS eile atá i mbaol a bpost a chailleadh, a gcearta luach saothair, rialú ar a gcuid oibre, nó a d’fhéadfadh a bheith thíos le dálaí oibre atá ag dul in olcas;
61. á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, cur chuige straitéiseach a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun na héifeachtaí ar phoist, ar mhodhanna oibre, ar dhálaí oibrithe, ar riachtanais uas-scilithe, athscilithe agus an lucht saothair mar thoradh ar úsáid na dteicneolaíochtaí nua sin in CCS a réamh-mheas; á iarraidh ar na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, oiliúint agus oideachas a fhorbairt, mar chuid den chur chuige straitéiseach sin, lena n-áirítear litearthacht IS, agus pleananna gníomhaíochta chun post a chruthú agus tacaíocht agus bearta airgeadais earnáilsonracha chun rochtain ar chosaint shóisialta dhóthanach a áirithiú dóibh siúd atá thíos leis an digitiú agus caillteanais post a bhaineann le IS;
62. á iarraidh go sonrach go ndéanfaí idirphlé sóisialta agus comhairliúcháin le CCS a chur chun cinn chun comhionannas, éagsúlacht chultúrtha, neamh-idirdhealú agus cothroime i gcórais IS a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a ghlacadh chun trédhearcacht agus cuntasacht chórais agus algartaim IS a áirithiú, chun claontacht neamhbheartaithe agus idirdhealú in CCS a sheachaint agus chun an chóir chomhionann, an cuimsiú agus úsáid is fearr na dteicneolaíochtaí digiteacha a áirithiú chun tacú le dálaí oibre cuibhiúla gairmithe CCS, teachtadh a gceart agus go háirithe an ceart chun luach saothair cothrom, iomchuí agus comhréireach a fháil, i gcomhréir le reachtaíocht cóipchirt an Aontais;
63. á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshláin nua ag baint le bainistiú algartamach do thodhchaí na hoibre, amhail rialú agus faireachas atá cumasaithe ag an teicneolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, am agus feidhmíocht, agus go bhfuil tionchar suntasach aige ar shláinte agus sábháilteacht oibrithe, go háirithe a meabhairshláinte agus a gceart chun príobháideachais agus dínit an duine, chomh maith le cóireáil idirdhealaitheach i bpróisis earcaíochta agus i réimsí eile, mura n-áirithítear maoirseacht leordhóthanach dhaonna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, gur féidir le IS an bonn a bhaint de shaoirse agus de neamhspleáchas daoine, lena n-áirítear san ionad oibre; á chur i bhfáth nach mór réitigh IS sa CCS a bheith trédhearcach, impleachtaí diúltacha d’oibrithe a sheachaint agus gur cheart iad a chaibidliú idir na comhpháirtithe sóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar éifeachtaí IS ar chearta agus ar fholláine oibrithe in ionad oibre atá ag éirí níos digitithe san obair reachtach reatha agus amach anseo, lena n-áirítear trí thogra reachtach a thíolacadh maidir le IS san ionad oibre;
64. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le hinneachar arna ghiniúint ag IS, a eascraíonn as samhlacha gnó atá ag síorathrú agus a d’fhéadfadh bearnaí rialála a chruthú, chomh maith le tionchar an taighde agus na forbartha ar IS agus ar theicneolaíochtaí gaolmhara, ar an CCS, go háirithe maidir le húdaraíocht agus luach saothair cóir údar agus taibheoirí; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid is féidir leis an Rialachán Ginearálta Eorpach maidir le Cosaint Sonraí coimircí tapa agus éifeachtacha a chur ar fáil i gcoinne scríobadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta ag córais IS agus i dtaobh an bhfuil na heisceachtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí láithreacha cothromaithe go dóthanach chun an tástáil trí chéim a chomhlíonadh freisin i gcomhthéacs IS giniúnach; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe IS giniúnach na hoibleagáidí a bhunaítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga amach anseo agus, gan dochar do reachtaíocht an Aontais ná do reachtaíocht náisiúnta maidir le cóipcheart, go ndéanfaidh siad achoimre atá mionsonraithe go dóthanach ar úsáid sonraí oiliúna atá cosanta faoi dhlí an chóipchirt a chur ar fáil go poiblí;
65. á thabhairt chun suntais gur gá an t-éiceachóras cultúrtha ina iomláine a bheith cothromaithe go maith chun go mbeidh rath ar gach cuid de; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach oibriú chun téarnamh iomlán iar-COVID, nuálaíocht dhigiteach a chomhtháthú agus a bhainistiú agus na hearnálacha a neartú tuilleadh, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha níos fearr do ghairmithe CCS sna hearnálacha; á thabhairt dá haire go bhfuil cineálacha nua comhlachais eagraíochtúla nuálacha, amhail eagraíochtaí féinbhainistithe agus comharchumainn chultúrtha, níos ábhartha laistigh de CCS; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tacú leo agus lena líonraí, lena n-áiritheofar an leibhéal céanna aitheantais trína sainiúlachtaí a chur i gcuntas agus tionscnaimh á moladh, chun ardchaighdeáin trédhearcachta, a rannpháirtíocht iomlán agus ghníomhach, lena n-áirítear i bpróisis chinnteoireachta, agus cosaint a n-oibrithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach a ráthú; á iarraidh ar na Ballstáit timpeallacht thacúil a chruthú do chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha chun nuálaíocht beartais a éascú a chothóidh iomaíochas gnóthaí cruthaitheacha, a dtáirgiúlacht agus a gcistiú leormhaith;
66. á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh go práinneach ar dhlíthe saothair leanaí atá neamhéifeachtach toisc leitheadúlacht cruthaitheoirí inneachair faoi aois ar na meáin shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit forálacha a chur chun cinn chun cruthaitheoirí ábhair faoi aois a chosaint ar na rioscaí dúshaothraithe, agus dúshláin nua na dteicneolaíochtaí nua agus ardáin na meán sóisialta á gcur i gcuntas;
Tograí le haghaidh bhearta an Aontais
67. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn Airteagal 153 agus Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tograí a thíolacadh le haghaidh ionstraimí reachtacha lena mbunófar Creat cuimsitheach Aontais (‘an Creat’) maidir le staid shóisialta agus ghairmiúil ealaíontóirí agus gairmithe eile in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (‘gairmithe CCS’), go háirithe: Treoir maidir le dálaí oibre cuibhiúla, lena gcuirtear, sa tslí sin, le cinneadh ceart a stádais fostaíochta, chomh maith le cinneadh amháin nó níos mó chun sonraí iomchuí a bhailiú agus a fhoilsiú agus chun comhar agus malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a spreagadh, lena n-áirítear trí ardán Eorpach a bhunú, d’fhonn caighdeáin cháilíochta a cheapadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha maidir le stádas agus staid gairmithe CCS, lena n-áiritheofar gné na hinscne, le rannpháirtíocht iomlán na gcomhpháirtithe sóisialta, chomh maith le staid shonrach gairmithe CCS a aithint ar leibhéal an Aontais de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;
68. á mheas gur infheistíocht shóisialta í an caiteachas poiblí don chultúr ar cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh air; á iarraidh go n-áireofaí dálaí oibre agus maireachtála in CCS sna Treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát(45);
69. á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún an Clár Oibre Nua don Chultúr a thabhairt cothrom le dáta agus feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre gairmithe CCS mar réimse tosaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhsú dálaí oibre agus maireachtála agus luach saothair cothrom sa CCS a áireamh ina thosaíochtaí polaitiúla do 2024-2029;
70. á iarraidh ar na Ballstáit leibhéal na huaillmhéine a mhéadú do phríomhthosaíocht ‘Ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha: CCS a chumhachtú’ i bPlean Oibre na Comhairle don Chultúr 2023-2026, le gníomhaíochtaí níos uaillmhianaí agus aschuir spriocdhírithe ina ndírítear ar stádas agus ar dhálaí oibre gairmithe CCS;
71. á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach re bliain maidir lena anailís ar staid ghairmithe CCS san Aontas agus maidir le forbairtí ábhartha ar bhonn na sonraí a bailíodh, chomh maith le cur chun feidhme na n-ionstraimí a áirítear sa Chreat;
72. á mheas gur cheart aon impleachtaí airgeadais a bheadh ag na tograí atá iarrtha a chumhdach leis na leithdháiltí buiséadacha atá ann cheana; á chur i bhfáth, i bhfianaise a shuntasaí atá CCS do gheilleagair an Aontais agus na mBallstát, go mbeadh gnóchain shuntasacha airgeadais agus éifeachtúlachta mar thoradh ar ghlacadh agus cur chun feidhme na dtograí, agus go mbeidh sé tairbhiúil, dá bhrí sin, i dtéarmaí eacnamaíocha agus sóisialta araon, mar a tugadh le fios go soiléir i Staidéar EAVA EPRS;
o o o
73. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus an Chomhairle, mar aon leis na Ballstáit.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:
MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR NA dTOGRAÍ ARNA nIARRAIDH
Moladh 1: cuspóir ginearálta an Chreata
Is é cuspóir ginearálta na dtograí a iarrtar ar an gCoimisiún a chur isteach creat Aontais a bhunú maidir le staid shóisialta agus ghairmiúil ealaíontóirí agus gairmithe eile in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (‘gairmithe CCS’) (‘an Creat’) chun a staid shóisialta agus ghairmiúil a fheabhsú.
Moladh 2: ionstraimí atá cuimsithe sa Chreat
Ba cheart go mbeadh an Creat comhdhéanta de na tograí seo a leanas i gcás ionstraimí reachtacha, go háirithe:
— Treoir i dtaobh dálaí oibre cuibhiúla; agus
— cinneadh amháin nó níos mó a chuireann le acquis an Aontais a chur chun feidhme, nó a chomhlánú i réimsí ábhartha, agus lenar bunaíodh sásra chun comhar struchtúrtha agus malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit d’fhonn caighdeáin cháilíochta a cheapadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha maidir le stádas agus staid gairmithe CCS, lena n-áirítear trí ardán a bhunú. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an sásra sin gur féidir leis na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach go hiomlán ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Moladh 3: raon feidhme na dtograí i gcás ionstraimí reachtacha
Ba cheart go mbeadh gach gairmí CCS cumhdaithe faoin gCreat sna feidhmeanna, sna róil agus sna cumais éagsúla is gá chun léirithe agus saothair chultúrtha agus chruthaitheacha a bhaint amach, beag beann ar a stádas fostaíochta.
Ba cheart go ndíreodh an Creat ar an méid seo a leanas, inter alia:
— ar mhodh Treorach, i dtaobh na bpointí seo a leanas:
— stádas fostaíochta gairmithe CCS a chinneadh i gceart chun a chumasú do na Ballstáit a stádas a shainaithint i gceart;
— bearta a fhorbairt chun dálaí oibre oibrithe CCS a fheabhsú, go háirithe chun luach saothair cóir agus dóthanach, dálaí oibre cuibhiúla agus cleachtais oibre chothroma a áirithiú;
— ar mhodh Cinneadh amháin nó níos mó, lena n-áirítear Cinneadh lena mbunaítear ardán Eorpach maidir le staid shóisialta agus ghairmiúil ghairmithe CCS, ar na pointí seo a leanas:
— stádas gairmithe CCS a fheabhsú;
— critéir a bhunú le haghaidh comhthuiscint agus aitheantais ar ghairmithe CCS agus ar a staid shonrach ar leibhéal an Aontais. Bheadh sé d’aidhm ag na critéir sin a áirithiú, ar thaobh amháin, go gcuirfí na coinníollacha a ghabhann le stádas ghairmithe CCS i bhfeidhm gan bhac, dóibh siúd a bhfuil stádas den sórt sin acu faoin dlí náisiúnta, agus cóineasú a bhaint amach agus feabhas a chur, ar an taobh eile, ar staid na ndaoine sin nach bhfuil cumhdaithe faoi stádas den sórt sin,
— rochtain éifeachtach gairmithe CCS ar shlándáil shóisialta agus ar chosaint shóisialta a éascú;
— an ionadaíocht d’oibrithe CCS a fheabhsú, agus ar a gcómhargáil, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le hidirphlé sóisialta a neartú san Aontas;
— obair thrasnáisiúnta san Eoraip a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhordú agus inaistritheacht na gceart ar fud na gcóras cosanta sóisialta agus soghluaisteacht trasteorann in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a éascú;
— téarmaí agus coinníollacha a thabhairt isteach i dtaobh cistiú poiblí a úsáid chun luach saothair cothrom agus dálaí oibre cothroma a áirithiú do ghairmithe CCS, chun comhionannas inscne a chur chun cinn, i gcomhréir le comhaontuithe comhchoiteanna i gcás gur ann dóibh, agus chun réitigh chómhargála a bhaint amach i gcás nach ann dóibh go fóill;
— comhtháthú an ardoideachais sa Limistéar Eorpach Oideachais, aitheantas frithpháirteach uathoibríoch agus torthaí foghlama agus tréimhsí staidéir thar lear sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a bhailíochtú agus forbairt deiseanna oiliúna agus forbairt gairme agus aistrithe do ghairmithe CSS;
— bacainní córasacha a bhaint chun gach cineál idirdhealaithe agus foréigin inscnebhunaithe a chomhrac agus comhionannas inscne a chur chun cinn in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;
— ráthaíocht éifeachtach na saoirse ealaíonta mar chuid de dhálaí oibre do ghairmithe CCS.
Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar staid ghairmithe CCS san Aontas, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha mar aon le cur chun feidhme an Chreata. Ba cheart dó a thorthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach re bliain maidir lena anailís ar staid ghairmithe CCS san Aontas, maidir le forbairtí ábhartha agus maidir le cur chun feidhme an Chreata.
Moladh 4: cuspóirí sonracha an Chinnidh/na gCinntí lena mbunaítear ardán Eorpach
Ba cheart ardán Eorpach a bhunú trí Chinneadh amháin nó níos mó. Ba cheart go saothródh an t-ardán Eorpach, inter alia, na cuspóirí sonracha seo a leanas:
— an t-eolas ar dhálaí maireachtála agus oibre gairmithe CCS a fheabhsú, lena n-áirítear na cúiseanna agus na difríochtaí réigiúnacha, trí uirlisí fianaisebhunaithe, anailís chomparáideach agus ionstraimí modheolaíochta ábhartha chun sonraí a bhailiú, ag tógáil ar obair gníomhaithe ábhartha;
— ba cheart go gcumhdófaí leis na sonraí sin dálaí oibre, stádas fostaíochta, leibhéil luach saothair, rochtain ar shlándáil shóisialta agus cosaint shóisialta, ionadaíocht agus cosaint chomhchoiteann agus cumhdach trí chomhaontuithe comhchoiteanna, nochtadh do bhacainní cuimsithe agus cineálacha idirdhealaithe agus foréigin inscnebhunaithe, agus comhionannas inscne agus saoirse ealaíne; ba cheart sonraí den sórt sin a imdhealú de réir inscne, aoise, míchumais, suíomh geografach, méid cuideachta agus earnáil ar leith a mhéid is féidir;
— chun comhthuiscint ar chórais agus ar chleachtais éagsúla a fheabhsú, lena n-áirítear trí mhapáil ar na sainmhínithe láithreacha ar ghairmithe CCS sna Ballstáit, chun ilroinnt a ísliú agus chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a sainaithníodh, go háirithe gnéithe trasteorann agus staidreamh cultúrtha ar leibhéal an Aontais;
— anailísí a fhorbairt ar éifeachtacht na mbeart beartais éagsúil;
— uirlisí agus cleachtais don fhoghlaim fhrithpháirteach a bhunú agus faisnéis agus taithí a chomhroinnt go héifeachtúil, lena ndírítear ar chóineasú idir cineálacha cur chuige na mBallstát, lena n-áirítear trí bhanc eolais ar chleachtais agus ar bhearta éagsúla a glacadh;
— uirlisí a fhorbairt, amhail treoirlínte iarratais agus lámhleabhair dea-chleachtas, mar aon le prionsabail chomhroinnte, chun feabhas a chur ar an staid sna réimsí uile a chumhdaítear faoina raon feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh ar thaithí le huirlisí ábhartha;
— cineálacha éagsúla comhair idir na Ballstáit a éascú agus tacú leo trína n-acmhainneacht a mhéadú chun soghluaisteacht trasteorann agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a éascú, agus meastóireacht a dhéanamh ar thaithí an chomhair sin a dhéanann na Ballstáit rannpháirteacha; go háirithe, ba cheart don ardán malartuithe tuairimí a eagrú le hionadaithe na mBallstát, le lucht déanta beartas agus le geallsealbhóirí chun soghluaisteacht a chothú, le fócas méadaithe ar chuimsiú, agus dul i ngleic le constaicí a bhaineann le míchumas;
— straitéis oideachais agus oiliúna a fhorbairt a bhreithneoidh sainiúlachtaí earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;
— cumas oiliúna a fhorbairt agus, i gcás inarb iomchuí, an cumas oiliúna sin a fheabhsú do na húdaráis ábhartha agus creat a fhorbairt chun oiliúint chomhpháirteach a chur i gcrích, lena n-áirítear le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta;
— feasacht a mhúscailt maidir leis na fadhbanna ábhartha agus na réitigh atá ar fáil i measc gairmithe sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta, ceardchumainn agus eagraíochtaí ionadaithe oibrithe eile, agus údaráis ábhartha na mBallstát.
— eisiúint moltaí chun na mBallstát a éascú maidir leis na cuspóirí a leagtar síos sa Chreat.
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Stádas agus dálaí oibre ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha - Tuarascáil ó ghrúpa MOC (Modh Oscailte Comhordúcháin) de shaineolaithe Bhallstáit an Aontais - Tuarascáil deiridh, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2766/46315
Nóta Eurofound maidir le treochtaí fostaíochta agus dálaí oibre sna hearnálacha cruthaitheacha arna soláthar ar iarraidh ó na rapóirtéirí, an 29 Bealtaine 2023.
Nóta Eurofound maidir le treochtaí fostaíochta agus dálaí oibre sna hearnálacha cruthaitheacha arna soláthar ar iarraidh ó na rapóirtéirí, an 29 Bealtaine 2023.
An tÚdarás Eorpach Saothair, Staidéar dar teideal Different forms of cross-border undeclared work, including through third-country nationals [Cineálacha éagsúla oibre neamhdhearbhaithe trasteorann, lena n-áirítear trí náisiúnaigh tríú tír’, Meán Fómhair 2021, lch. 13; https://www.ela.europa.eu/sites/default/files/2022-01/Study-report-on-different-forms-of-cross-border-UDW.2021_EN.pdf
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir leis an digitiú i gcomhordú na slándála sóisialta: saorghluaiseacht sa Mhargadh Aonair a éascú, 6.9.2023, COM(2023)0501.
Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/7/oj)
Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92, ELI:http://data.europa.eu/eli/dir/2019/790/oj).
Policy Brief on sexual harassment in the entertainment industry [Achoimre Beartais ar ghnéaschiapadh sa tionscal siamsaíochta], EIS, 2020 https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/@ed_dialogue/@actrav/documents/publication/wcms_761947.pdf
Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79), ELI:. http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1158/oj).
Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta an Bhallstáit (IO L 304, 24.11.2022, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2296/oj).
Bunphrionsabal tosaíochta dhlí AE a chur chun feidhme
155k
52k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar bhunphrionsabal tosaíochta dhlí an Aontais a chur chun feidhme (2022/2143(INI))
– ag féachaint d’Airteagail 1, 2, 4 agus 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint d’Airteagail 258, 267 agus 344 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Dhearbhú Uimh. 17 maidir le tosaíocht, a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin arna shíniú an 13 Nollaig 2007(1),
– ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
– ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le géarchéim an smachta reachta sa Pholainn agus tosaíocht dhlí an Aontais(2),
– ag féachaint do rún uaithi an Déardaoin 19 Bealtaine 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta(3),
– ag féachaint don staidéar ó mhí Iúil 2022 dar teideal ‘Tosaíocht dhlí an Aontais'’, arna choimisiúnú ag a Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus arna fhoilsiú ag a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais(4),
– ag féachaint do staidéar an 27 Aibreán 2021 dar teideal ‘Deireadh na Tosáíochta? Maidir leis na hiarmhairtí Dlí a ghabhann le Rialú Chúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme an 5 Bealtaine 2020 maidir le Tosaíocht Dhlí an Aontais Eorpaigh’, arna choimisiúnú ag a Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus arna fhoilsiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais(5),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0341/2023),
A. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar comhluachanna iad ag na Ballstáit; de bhrí gur réamhriachtanas d’aontachas leis an Aontas é na luachanna sin a urramú mar aon le hoibleagáid ar na Ballstáit; de bhrí go bhfuil comhlíonadh dhlí príomha agus tánaisteach AE i gceist le hurraim do dhlí an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, croíphrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais; de bhrí, de réir fhomhír 2 d’Airteagal 4(3) de CAE, nach mór do na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na n-oibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais;
B. de bhrí, mar phobal atá bunaithe ar an smacht reachta, go bhfuil AE ag brath ar chur i bhfeidhm agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach agus aonfhoirmeach a dhlí ag CBAE agus ag cúirteanna na mBallstát; de bhrí nach féidir an éifeachtacht agus an aonfhoirmeacht sin a áirithiú ach amháin má tá tosaíocht ag dlí an Aontais ar an dlí éagsúil náisiúnta i réimsí a bhfuil feidhm ag dlí an Aontais leo; de bhrí, dá bhrí sin, gur bunchloch de dhlíchóras AE é prionsabal na tosaíochta, rud atá bunriachtanach d’fheidhmiú AE;
C. de bhrí nach foirceadal dlíthiúil amháin atá i gceist le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ach gur léiriú é freisin ar chomhtháthú polaitiúil agus eacnamaíoch AE; de bhrí, den mheon céanna, go rannchuidíonn prionsabal na tosaíochta le ‘aontas buandlúite idir pobail na hEorpa’ a chruthú, mar a fhoráiltear sna Conarthaí; de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir tosaíocht dhlí an Aontais agus prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí, ós rud é go ráthaítear leis cosaint chomhionann ar na cearta a thugtar le dlí an Aontais do shaoránaigh uile AE;
D. de bhrí nach bhfuil prionsabal na tosaíochta cumhdaithe go sainráite sna Conarthaí, ach gur tháinig forbairt air le blianta fada trí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE); de bhrí, i nDearbhú Uimh. 17 maidir le tosaíocht, atá i gceangal le Conradh Liospóin, go meabhraítear don Chomhdháil, i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe CBAE, go bhfuil tosaíocht ag na Conarthaí agus ag an dlí arna ghlacadh ag an Aontas ar bhonn na gConarthaí ar dhlí na mBallstát, faoi na coinníollacha a leagtar síos leis an gcásdlí sin;
E. de bhrí gur athdhearbhaigh CBAE go mion minic, óna mbreithiúnas cinniúnach Costa v E.N.E.L an 15 Iúil 1964 i gCás C-6/64(6) i leith, go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais ar dhlí na mBallstát, gan beann ar chéim na reachtaíochta náisiúnta nó ar an tráth a glacadh í; de bhrí go bhfuil feidhm ag prionsabal na tosaíochta, dá bhrí sin, maidir le haon fhoráil den dlí náisiúnta, lena n-áirítear forálacha de chineál bunreachtúil, i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe CBAE; de bhrí, de bhua an chásdlí chéanna, go bhfuil feidhm ag an bprionsabal freisin maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit i gcás ina gcumhdaítear na comhaontuithe sin faoi réimse inniúlachta AE;
F. de bhrí go bhfuil dlíchóras AE fréamhaithe i gconarthaí dlí idirnáisiúnta poiblí, a achtaítear trí ghníomhartha daingniúcháin náisiúnta; de bhrí go bhfuil dlíchóras AE agus dlíchóras gach Ballstáit araon infheidhme laistigh de chríoch Ballstáit; de bhrí, i gcás coinbhleacht idir forálacha dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go bhfuil gá le riail easaontachta; de bhrí gur riail easaontachta den sórt sin é prionsabal na tosaíochta;
G. de bhrí nach dtugann prionsabal na tosaíochta le tuiscint go bhfuil ordlathas ann idir dlíchórais AE agus na mBallstát, ach go n-éilítear leis, i gcás forálacha contrártha de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta, nach ndéanann údaráis agus cúirteanna náisiúnta na forálacha náisiúnta sin a chur i bhfeidhm ná iad a fhorfheidmiú, agus go léirmhíníonn údaráis agus cúirteanna náisiúnta a ndlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; de bhrí, thairis sin, go n-eascraíonn sé as an bprionsabal go ndéanfar forálacha easaontacha náisiúnta a dhífheidhmiú, a aisghairm nó a leasú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an dlí náisiúnta dlí an Aontais go hiomlán;
H. de bhrí go n-eascraíonn an t-idirphlé leanúnach idir CBAE agus na cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta maidir le léirmhíniú phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais as tuiscintí éagsúla ar shainchúram AE agus ar dhlíchórais náisiúnta, amhail maidir le hinniúlachtaí a roinnt idir an dá cheann agus cé aige a bhfuil an t-údarás deiridh chun a shainiú cibé an dtagann ábhar faoi raon feidhme na gcumhachtaí a thugann na Ballstáit do AE;
I. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, nach mór go n-urramódh an tAontas féiniúlacht náisiúnta na mBallstát atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach; de bhrí go bhfuil an gaol idir dlíchóras AE agus dlíchórais náisiúnta bunaithe ar phrionsabal na tabhartha mar a chumhdaítear in Airteagal 4(1) CAE; de bhrí nach bhfuil feidhm ag prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ach amháin laistigh de raon feidhme dhlí an Aontais;
J. de bhrí gur ghlac na Ballstáit go forleathan leis an gcásdlí lena mbunaítear prionsabal na tosaíochta; de bhrí gur áitigh cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta áirithe mar sin féin go bhfuil teorainneacha áirithe ann le prionsabal na tosaíochta, a bhaineann den chuid is mó le hurraim d’inniúlachtaí AE, don fhéiniúlacht bhunreachtúil náisiúnta agus do leibhéal cosanta na gceart bunúsach; de bhrí gur féidir léirmhínithe den sórt sin ag cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a mheas mar fhorchoimeádais maidir le prionsabal na tosaíochta; de bhrí gur chuir cúirt bhunreachtúil náisiúnta amháin i gcoinne phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais maidir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta; de bhrí go bhfuil roinnt cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha eile tar éis an prionsabal a chonspóid go hintuigthe;
K. de bhrí go bhfuil róil dhlisteanacha ag CBAE agus ag na cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta araon maidir le raon feidhme na ndlíchóras faoi seach a chinneadh; de bhrí gur féidir le cúirteanna náisiúnta agus CBAE, faoin réamhnós imeachta tagartha, dul i mbun idirphlé cuiditheach maidir le coinbhleachtaí idir an dlíchóras náisiúnta agus dlíchóras AE;
L. de bhrí, de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 267 CFAE, go bhfuil dlínse ag CBAE rialuithe a thabhairt ar gach ceist a bhaineann le léirmhíniú na gConarthaí agus le bailíocht agus léirmhíniú ghníomhartha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí AE i gcomhthéacs an réamhnós imeachta tagartha; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil inniúlacht eisiach ag CBAE chun léirmhíniú cinntitheach ar dhlí an Aontais a sholáthar;
M. de bhrí go gcuireann an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE d’oibleagáid ar chúirteanna náisiúnta na céime deiridh réamhnós imeachta tagartha a thionscnamh má ardaítear an cheist sin; de bhrí go bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta na céime deiridh réamhcheisteanna breise a tharchur chuig CBAE i gcás nach bhfuil an chúirt náisiúnta in ann an cás atá idir lámha a chinneadh ar bhonn an fhreagra roimhe sin; de bhrí, de bhun Airteagal 344 CFAE, go ngabhann na Ballstáit orthu féin gan díospóid maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm na gConarthaí a chur faoi bhráid aon mhodha seachas na modhanna dá bhforáiltear iontu;
N. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE, go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, tús a chur le nós imeachta um shárú os comhair CBAE in aghaidh Ballstáit nár chomhlíon a oibleagáidí faoi na Conarthaí, agus de bhrí, i bhfianaise chásdlí CBAE agus Dhearbhú Uimh. 17 a bhaineann le tosaíocht atá i gceangal le Conradh Liospóin, go bhfuil an nós imeachta sin infheidhme freisin i gcás sárú oibleagáidí mar thoradh ar phrionsabal na tosaíochta; de bhrí, de bhun Airteagal 40 de Reacht CBAE, agus i gcomhréir le Riail 149(4) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, gur féidir leis an bParlaimint idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an gCoimisiún in imeachtaí um shárú den sórt sin faoi Airteagal 258 CFAE;
O. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 7 CAE, go bhféadfaidh an Chomhairle a chinneadh cuid de na cearta a eascraíonn as na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar Bhallstát a fhionraí, más rud é gur chinn an Chomhairle Eorpach go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an mBallstát i dtrácht ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE;
Príomhchonclúidí
1. ag athdhearbhú, mar gheall ar a n-aontachas le AE, gur chloígh na Ballstáit le corpas iomlán dhlí an Aontais, lena n-áirítear le cásdlí CBAE, agus le luachanna agus prionsabail uile AE dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, atá i bpáirt acu, dá bhrí sin, agus a bhfuil gealltanas tugtha acu iad a urramú i gcónaí; á mheabhrú go n-áirítear leis sin, inter alia, prionsabal na tosaíochta, atá ríthábhachtach chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú ar fud an Aontais agus chun comhionannas shaoránaigh AE os comhair an dlí a ráthú;
2. ag aithint gur cúram comhpháirteach do dhlíchóras AE agus do dhlíchórais náisiúnta na mBallstát é bunluachanna agus prionsabail amhail cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint go héifeachtach, agus do na cúirteanna a bhfuil sé de chúram orthu na dlíchórais sin a léirmhíniú;
3. á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go ndéanfar comhbheartais agus comhchuspóirí AE a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud na mBallstát uile, lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta agus lena gcuirfear muinín fhrithpháirteach chun cinn i measc na mBallstát;
4. ag athdhearbhú, cé nach bhfuil sé cumhdaithe go sainráite sna Conarthaí, go bhfuil feidhm ag prionsabal tosaíochta dhlí an Aontais maidir le gach comhlacht de chuid na mBallstát, agus go bhfuil a éifeachtaí ceangailteach ar na comhlachtaí sin i gcónaí; á chur i bhfios go láidir éifeacht Dhearbhú Uimh. 17 atá i gceangal le Conradh Liospóin, maidir le tosaíocht;
5. á mheabhrú go bhfuil prionsabail thosaíocht dhlí an Aontais nó prionsabail thosaíocht an dlí idirnáisiúnta ar an dlí náisiúnta i láthair in ord bunreachtúil roinnt Ballstát;
6. á mheabhrú go n-aithnítear féiniúlacht náisiúnta na mBallstát in Airteagal 4(2) CAE, lena n-áirítear a struchtúir bhunreachtúla; á athdhearbhú, i dtéarmaí praiticiúla, go bhfuil cur chuige CBAE i leith Airteagal 4(2) CAE bunaithe ar anailís ar chomhluachanna Eorpacha, dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE; á chur i bhfios, dá bhrí sin, nár cheart tagairtí d’Airteagal 4(2) CAE ag cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a úsáid riamh chun comhluachanna Eorpacha a chur i mbaol; á chur i bhfios go láidir go bhfuil idirphlé gníomhach idir cúirteanna náisiúnta agus CBAE i gceist le cur i bhfeidhm Airteagal 4(2) agus Airteagal 5 CAE; á mheabhrú gur faoi CBAE atá sé, i bhfianaise a hinniúlachta eisiache maidir le léirmhíniú cinntitheach ar dhlí an Aontais a sholáthar, raon feidhme phrionsabal na tosaíochta a shainiú bunaithe ar chur i bhfeidhm Chonarthaí AE;
7. ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann formhór mór chúirteanna na mBallstát prionsabal tosaíochta dhlí an Aontais i bhfeidhm; á thabhairt dá haire, ón mbreithiúnas ó Costa v E.N.E.L. an 15 Iúil 1964, nach raibh ach líon an-bheag cásanna inar dhiúltaigh cúirt náisiúnta glacadh le hiarmhairtí réamhrialaith, i gcomparáid le líon mór na réamhthagairtí;
8. á chur i bhfios, áfach, iarmhairtí diúltacha chinntí na gcúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a chuireann in aghaidh nó nach n-éiríonn leo prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth, dá mbeadh gach cúirt bhunreachtúil nó uachtarach náisiúnta in ann cinneadh a dhéanamh maidir le teorainneacha thosaíocht dhlí an Aontais, go gcuirfí éifeachtacht agus aonfhoirmeacht dhlí an Aontais i mbaol go mór, mar aon, dá bhrí sin, le ráthaíocht maidir le cóir chomhionann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh agóid i gcoinne bhreithiúnais CBAE ar bhonn forchoimeádais bhunreachtúla náisiúnta maidir le hurraim d’inniúlachtaí AE nó an fhéiniúlacht bhunreachtúil náisiúnta gan réamhcheisteanna maidir le léirmhíníu na mbreithiúnas sin a tharchur chuig CBAE an bonn a bhaint d’údarás CBAE; á chreidiúint go bhféadfadh cásdlí aon chúirte bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a dhéanann agóid i gcoinne phrionsabal na tosaíochta cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha na mBallstát eile a spreagadh chun agóid a dhéanamh i gcoinne thosaíocht dhlí an Aontais;
9. ag meabhrú na héagsúlachta i measc na dtraidisiún dlí a bhaineann go sonrach le gach Ballstát; á chreidiúint go bhfuil difríochtaí den sórt sin ar cheann de na tosca a rannchuidíonn le cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta chun agóid a dhéanamh i gcoinne rialuithe CBAE; ag cur béim ar an bhfíoras go mbunaíonn CBAE prionsabail ghinearálta atá bunaithe ar thraidisiúin choiteanna bhunreachtúla de dhlíchórais na mBallstát;
10. á chur i bhfios go láidir go dtéann idirphlé cuiditheach idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta agus CBAE chun tairbhe d’fhorbairt dhlí an Aontais toisc gur féidir leis a bheith ina bhealach chun an teannas idir na dlíchórais Eorpacha agus náisiúnta maidir le roinnt na n-inniúlachtaí a réiteach; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an t-idirphlé sin cuiditheach agus nach ndéanann sé aon neamhaird ar chinntí CBAE a dhlisteanú;
11. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag an réamhnós imeachta tagartha maidir le hidirphlé breithiúnach saor agus cuiditheach a chothú agus gur príomhionstraim é chun coinbhleachtaí a réiteach idir cúirteanna náisiúnta na céime deireanaí agus CBAE; á iarraidh ar na cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta an nós imeachta réamhthagairt a úsáid nuair is iomchuí; ag cur béim ar an bhfíoras, ós rud é go n-áirithítear leis léirmhíniú aonfhoirmeach ar dhlí an Aontais, gur réamhriachtanas é do chomhsheasmhacht agus neamhspleáchas dhlíchóras AE; á mheabhrú gur léirigh CBAE cheana, i gcásanna áirithe, go bhfuil sí toilteanach a réasúnú a athrú sa dara réamhrialú arna iarraidh ag an gcúirt bhunreachtúil náisiúnta chéanna a thionscain an chéad réamhthagairt, lena léirítear go bhforáiltear leis an nós imeachta sin d’idirphlé éifeachtach idir cúirteanna; á mheas go bhféadfadh na coinbhleachtaí idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta áirithe agus CBAE fianaise a thabhairt ar easpa idirphlé le linn na n-imeachtaí;
12. á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an nós imeachta reachtach arb é is aidhm dó Prótacal Uimh. 3 ar Reacht CBAE a athrú; á chreidiúint gur cheart, le dáileadh níos cothroime saothair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, spás a thabhairt d’idirphlé breithiúnach níos déine idir cúirteanna agus binsí AE agus cúirteanna agus binsí na mBallstát, rud a chuirfeadh ar a gcumas teannas leanúnach maidir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a réiteach;
13. á chur in iúl gur geal léi na sásraí neamhfhoirmiúla uile atá ann cheana lenar féidir an t-idirphlé breithiúnach a neartú idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta agus CBAE, amhail Cruinniú na mBreithiúna lena dtugtar le chéile Uachtarán CBAE agus uachtaráin na gcúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta, agus Gréasán Breithiúnach ardán AE, a cruthaíodh ar a dtionscnamh in 2017;
14. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil feidhm ag trédhearcacht na cinnteoireachta mar phrionsabal daonlathach freisin maidir leis na breithiúna agus go gcothaíonn sí muinín an phobail as an bpróiseas breithiúnach; á chreidiúint go gcuireann rochtain phoiblí ar dhoiciméid, comhaid agus taifid chúirte le trédhearcacht agus cuntasacht na mbreithiúna sna Ballstáit agus ar leibhéal AE;
Moltaí
15. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil freagracht ar chomhlachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha na mBallstát freisin a áirithiú go n-urramaíonn a mBallstát faoi seach dlí an Aontais; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart do chomhlachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha gníomhú chun gníomhartha dlí a leasú nó a tharraingt siar ar cinneadh gur sárú ar dhlí an Aontais iad;
16. ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme cuí dhlí an Aontais agus chásdlí CBAE bunriachtanach chun prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ina ról mar chaomhnóir na gConarthaí, cur leis an tuarascáil bhliantúil maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais trí anailís a thabhairt isteach ar staid chur chun feidhme chásdlí CBAE, lena n-áirítear scórchlár maidir le comhlíonadh bhreithiúnais CBAE sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin tús a chur leis na himeachtaí iomchuí i gcoinne Ballstáit a mhainníonn dlí an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú;
17. á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar rialuithe na gcúirteanna náisiúnta maidir le tosaíocht dhlí an Aontais agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a dhéantar mar fhreagairt; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis iomlán a chur ar fáil maidir le haon choinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann, i bhfianaise a fhreagrachta don Pharlaimint faoi na Conarthaí;
18. á iarraidh ar an gCoimisiúin nósanna imeachta um shárú a thionscnamh faoi Airteagal 258 CFAE mar fhreagairt ar bhreithiúnais ó chúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta a dhéanann agóid i gcoinne phrionsabal na tosaíochta agus, dá bhrí sin, go mbíonn sárú ar dhlí an Aontais mar thoradh orthu, nuair a theipeann ar chineálacha eile idirphlé; á mholadh, thairis sin, go bhfeabhsófaí éifeachtacht na nósanna imeachta um shárú;
19. á mholadh go láidir go rachadh CBAE agus na cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta i mbun idirphlé neamhfhoirmiúil rialta, in éineacht leis na modhanna breithiúnacha réamhthagartha; ag spreagadh fóram a bhunú inar féidir na cúirteanna sin a thabhairt le chéile, chun na críche sin, de mheon an chomhair fhrithpháirtigh agus é mar aidhm leis comhchuibhiú ar léirmhíniú dhlí an Aontais a spreagadh ar fud na gcóras breithiúnach uile; ag moladh do na mBallstáit aonair agus an Choimisiúin tacú leis na hiarrachtaí sin; ag moladh d’institiúidí acadúla agus comhlachtaí dlíthiúla laistigh de AE modúil chuimsitheacha maidir le prionsabal na tosaíochta a ionchorprú ina gcuraclam agus é mar aidhm leo tuiscint agus léirthuiscint níos doimhne ar an bprionsabal bunúsach sin a chothú i measc cleachtóirí dlí agus lucht ceaptha beartas amach anseo;
20. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil fothú acmhainneachta leormhaith ríthábhachtach d’idirphlé tairbheach agus do chur chun feidhme cuí phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbainfí úsáid as clár AE lena dtairgtear oiliúint chríochnúil atá dírithe ar chórais bhreithiúnacha na mBallstát, lena n-áirítear breithiúna, giúistísí, dlíodóirí, ionchúisitheoirí agus iad siúd atá ag obair san earnáil phoiblí, agus ar lucht ceaptha beartas, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE araon, chun tuiscint níos fearr a spreagadh ar thosaíocht dhlí an Aontais, ar dhlíchóras AE i gcoitinne agus ar na hiarmhairtí a bhaineann le cur chun feidhme mícheart dhlí an Aontais agus chásdlí CBAE;
21. ag tabhairt dá haire, i gcásanna áirithe, go mbaineann easaontas idir cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta le cinntí CBAE le cosaint ceart bunúsach, go háirithe nuair a léirmhíníonn cúirteanna náisiúnta nach bhfuil na cearta bunúsacha a dheonaítear le dlí an Aontais chomh cosantach leis na cearta bunúsacha a dheonaítear leis an mbunreacht náisiúnta; á mheas go bhféadfadh aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine laghdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh coinbhleachtaí ann sa réimse sin trí choimircí breise a thabhairt isteach lena gcosnaítear cearta bunúsacha shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais agus trí shásra breise a chur ar fáil chun cearta an duine a fhorfheidhmiú, eadhon an fhéidearthacht gearán a thaisceadh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine i ndáil le sárú ar chearta an duine a eascraítear ó ghníomh arna dhéanamh ag institiúid de chuid an Aontais nó ag Ballstát a chuireann dlí an Aontais chun feidhme, ar gníomh é a thagann faoi shainchúram na cúirte sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar an próiseas aontachais sin i gcrích go pras;
22. ag tabhairt dá haire gur cheistigh na Ballstáit go straitéiseach faoi nós imeachta Airteagal 7 maidir leis an mbonn a bhaint go córasach den smacht reachta, prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar chúiseanna polaitiúla; á mheas gur bagairt don dlíchóras sa Bhallstát lena mbaineann agus do chomhar dílis i measc na mBallstát, chomh maith le mainneachtain an Bhallstáit sin a oibleagáidí Conartha a chomhlíonadh, na cásanna sin ina mbaintear an bonn go córasach den smacht reachta; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as a chumhachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á chur i bhfáth go bhfuil rún daingean ag an bParlaimint tús a chur leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 CAE i gcásanna ina bhfuil baol soiléir ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar luachanna AE agus á iarraidh an athuair ar an gComhairle iarrachtaí nithiúla agus inchreidte a dhéanamh chun gach imeacht leanúnach faoi Airteagal 7 a chur ar aghaidh;
23. ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt tíortha is iarrthóirí i mbun aontachais le AE faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go n-áirítear sa phróiseas aontachais fothú acmhainneachta maidir le dlíchóras AE agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais; á mholadh go mbunófaí idirphlé struchtúrtha rialta idir CBAE agus cúirteanna bunreachtúla nó uachtaracha náisiúnta na dtíortha is iarrthóirí;
24. ag moladh, i gcás athbhreithniú ar na Conarthaí, go ndéanfaí prionsabal na tosaíochta a áireamh mar fhoráil shainráite Chonartha; á mheabhrú gur leagadh síos tosaíocht dhlí an Aontais go sainráite sa Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip; á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh an clásal tosaíochta sin san áireamh i gConradh Liospóin;
o o o
25. á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Staidéar — ''Príomhacht dhlí an Aontais Eorpaigh'', Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais C — Cearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla, Iúil 2022.
Staidéar – ‘Deireadh na Tosaíochta? Maidir leis na hiarmhairtí Dlí a ghabhann le Rialú Chúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme an 5 Bealtaine 2020 maidir le Tosaíocht dhlí an Aontais'’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais C – Cearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla, an 27 Aibreán 2021.
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Iúil 1964, Costa v E.N.E.L., C-6/64, ECLI:AE:C:1964:66.
Comhdháil 2023 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha(COP28)
82k
41k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 maidir le Comhdháil 2023 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (COP28) (2023/2636(RSP))
Éagothromaíochtaí a laghdú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn le linn géarchéime do leanaí agus dá dteaghlaigh
217k
72k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar neamhionannais a laghdú agus uilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn le linn géarchéimeanna do leanaí agus dá dteaghlaigh (2023/2066(INI))
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 14, 24, 32 agus 33 di,
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) agus dá Phlean Gníomhaíochta(1), lena phríomhspriocanna do 2030 agus do scórchlár sóisialta AE,
– ag féachaint do dhearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 agus do na gealltanais athnuaite ag Fóram Sóisialta Porto 2023,
– ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair 2015,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC), a glacadh i Nua-Eabhrac an 20 Samhain 1989,
– ag féachaint do Chúnant na Náisiún Aontaithe ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, a glacadh i Nua-Eabhrac an 16 Nollaig 1966,
– ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa a glacadh in Torino in 1961,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a glacadh i Nua-Eabhrac an 13 Nollaig 2006,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2019 um chearta an linbh,
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí(2),
– ag féachaint do mholadh (AE) 2013/112 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2013 dar teideal ‘Infheistíocht a dhéanamh i leanaí: Timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh’(3),
– ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le córais oideachais agus cúraim luath-óige ar ardchaighdeán(4),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an straitéis cúraim Eorpach (COM(2022)0440), do mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030(5) agus an moladh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta(6),
– ag féachaint do thuarascáil lárionad taighde UNICEF ó 2014 dar teideal ‘Leanaí an chúlaithe eacnamaíoch: Tionchar na géarchéime eacnamaíche ar fholláine leanaí i dtíortha saibhre’,
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Samhain 2015 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú le haird ar leith ar an mbochtaineacht i measc leanaí(7),
– ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách(8),
– ag féachaint do rún uaithi an 29 Aibreán 2021 maidir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí(9),
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir le leanaí agus daoine óga atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a bheith á gcosaint ag an Aontas Eorpach(10),
– ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach maidir le cúram(11),
– ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 maidir le freagairt AE ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip(12),
– ag féachaint do Choimre Eurydice 2019 dar teideal ‘Príomhshonraí maidir le hOideachas agus Cúram na Luath-óige san Eoraip’,
– ag féachaint do thuarascáil UNICEF 2020 dar teideal ‘Innocenti Report Card 16. Worlds of Influence - Understanding what shapes child well-being in rich countries’ [Cárta Tuairisce Innocenti 16. Tionchair éagsúla i dtíortha éagsúla - Tuiscint a fháil ar na tosca a chruthaíonn dea-bhail leanaí i dtíortha saibhre’,
– ag féachaint do thuarascáil bhliantúil UNICEF 2021 dar teideal ‘Protecting child rights in a time of crises’ [Cearta leanaí a chosaint in am géarchéimeanna],
– ag féachaint do thuarascáil bhliantúil UNICEF 2021 dar teideal ‘Where do rich countries stand on childcare?’ [Cá seasann tíortha saibhre ar chúram leanaí?]
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal ‘EU strategy on the rights of the child’ [Straitéis AE um chearta an linbh] (COM(2021)0142),
– ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach ón gCoimisiún ó mhí an Mhárta 2020 ‘Feasibility Study for a Child Guarantee’ [Staidéar Indéantachta maidir le Ráthaíocht do Leanaí],
– ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí(13),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2023 maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (COM(2023)0298),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation’ [Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach](COM(2020)0620),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030’ [Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101),
– ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach(14),
– ag féachaint do thuarascáil Eurochild (2022) dar teideal ‘(In)visible children - Eurochild 2022 report on children in need across Europe’ [Leanaí infheicthe agus dofheicthe - tuarascáil Eurochild 2022 maidir le leanaí atá i ngátar ar fud na hEorpa],
– ag féachaint don tuarascáil Save the Children (2023) dar teideal ‘Guaranteeing Children’s Future - How COVID-19, cost-of-living and climate crises affect children in poverty and what governments in Europe need to do’ [Ráthaíocht a dhéanamh ar Thodhchaí na hÓige - Éifeacht COVID-19, géarchéimeanna costais maireachtála agus aeráide ar leanaí atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus cad is gá do rialtais san Eoraip a dhéanamh],
– ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) – UNICEF (2021) dar teideal ‘Child Labour: Global estimates 2020, trends and the road forward’ [Saothar Leanaí: Meastacháin dhomhanda 2020, treochtaí agus an bealach chun cinn],Meastacháin dhomhanda 2020, treochtaí agus an bóthar ar aghaidh’,
– ag féachaint do thuarascáil EIS – UNICEF ó 2023 dar teideal ‘More than a billion reasons: The urgent need to build universal social protection for children’ [Níos mó ná billiún cúis: An géarghá atá le cosaint shóisialta uilíoch a thógáil do leanaí],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘A Digital Decade for children and youth: the new European strategy for a better internet for kids’ [Deich mBliana Digiteacha do Leanaí agus don Óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí] (COM(2022)0212),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0360/2023),
A. de bhrí go bhfuil tionchar cinntitheach ag cáilíocht na dtimpeallachtaí ina mbeirtear leanaí agus ina spásanna maireachtála ar cháilíocht a saoil, ar chomhdheiseanna chun fás go sláintiúil, ar a bhforbairt fhoriomlán agus ar réadú a n-acmhainneachta; de bhrí go maítear i bhfeachtas chéad 1000 Lá UNICEF go dtagann forbairt chéadach ar inchinn an linbh sna chéad bhlianta den saol, lena gcuirtear deis uathúil ar fáil d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach, chognaíoch, shóisialta agus mhothúchánach an linbh; de bhrí go bhfuil gach leanbh uathúil agus gur cheart caitheamh leo le hurraim mar gheall ar a saintréithe, a luas forbartha, a réimsí spéise agus a riachtanais; de bhrí gur cheart leas an linbh a bheith ina threoirphrionsabal do na gníomhaíochtaí uile a mbíonn tionchar acu ar leanaí, mar a luaitear in UNCRC;
B. de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag neamhchosaint ar mhí-úsáid agus ar fhaillí ar fhorbairt linbh; de bhrí go mbíonn tionchar diúltach ag neamhionannais arna mbunú ag aois an-óg ar dheiseanna, folláine agus sláinte leanaí; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí ar feadh an tsaoil a bheith ag na neamhionannais sin agus iad ina ndaoine fásta agus gur féidir leo cosc a chur orthu a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach; de bhrí gurb é an beartas is fearr chun neamhionannais a laghdú san fhadtéarma é neamhionannais a chosc;
C. de bhrí go méadaítear baol na bochtaineachta leanaí agus an eisiaimh shóisialta mar gheall ar easpa seirbhísí inrochtana, cáilíochta, leanbhlárnacha agus tacaíochta do theaghlaigh; de bhrí go mbíonn dúshláin iomadúla agus idirspleácha roimh theaghlaigh nach féidir le haon seirbhís ná eagraíocht aonair a réiteach, lena n-éilítear leanúnachas seirbhísí agus comhordú idirsheirbhíse cuí chun na haistrithe a mbíonn ar leanaí aghaidh a thabhairt orthu a ullmhú agus a éascú;
D. de bhrí go raibh níos mó ná 19,995 milliún leanbh (24,7 %, nó leanbh amháin as gach ceathrar) i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta in AE in 2022; de bhrí, in ainneoin roinnt difríochtaí, nach bhfuil aon Bhallstát saor ó bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí; de bhrí go bhfuil an riosca sin níos mó ná 30 % i roinnt Ballstát; de bhrí go léiríonn figiúirí le déanaí méadú ar an táscaire sin le ceithre bliana anuas; de bhrí, amhail le déanaí in 2022, gur thaifead eagraíochtaí carthanachta méadú ar na hiarrataí ar thacaíocht ó sheirbhísí sóisialta(15);
E. de bhrí, in 2022, go raibh céatadán na leanaí (faoi bhun 18 mbliana d’aois) in AE a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta, ag 21,6 %, níos airde ná céatadán na ndaoine fásta; de bhrí go raibh leanaí i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta níos mó ná daoine fásta in 18 de 27 mBallstát AE in 2022; de bhrí go raibh os cionn an cúigiú cuid (22,4 %) de dhaonra AE atá ina gcónaí i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí cleithiúnacha i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta in 2022; de bhrí, in 2022, go raibh 61,9 % de leanaí a raibh leibhéal oideachais a dtuismitheoirí íseal acu i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta, i gcomparáid le 10,2 % de leanaí a raibh leibhéal ard oideachais ag a dtuismitheoirí(16);
F. de bhrí gur feiniméan ilghnéitheach í bochtaineacht leanaí a eascraíonn as bochtaineacht teaghlaigh, rud a chiallaíonn go bhfuil teaghlaigh ísealioncaim agus ísealoideachais, teaghlaigh aontuismitheora – comhdhéanta den chuid is mó de mhná agus dá leanaí – teaghlaigh mhóra faoi mhíbhuntáiste, teaghlaigh atá ina gcónaí i réigiúin faoi mhíbhuntáiste, teaghlaigh ó mhionlaigh eitneacha éagsúla agus teaghlaigh ina bhfuil leanaí nó tuismitheoirí faoi mhíchumas i mbaol níos mó bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta agus go bhfuil dóchúlacht níos airde ann go ndéanfar an bhochtaineacht a tharchur ó ghlúin go glúin; de bhrí go bhfuil tionchar cinntitheach ag athdháileadh an rachmais (trí phá agus trí aistrithe sóisialta) ar neamhionannas sóisialta, ar bhaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, agus, dá bhrí sin, ar bhaol na bochtaineachta leanaí; de bhrí go n-éilíonn an feiniméan sin freagairt iltoiseach chun cosc a chur ar neamhionannais a chéile a threisiú go frithpháirteach, le comhbhearta uilíocha agus spriocdhírithe; de bhrí gur gá go n-áireofaí leo sin poist a chruthú agus gur cheart cáilíocht agus cobhsaíocht fostaíochta a áirithiú agus cearta sóisialta, bearta frith-idirdhealaithe agus sochair teaghlaigh agus linbh a ráthú agus a neartú; de bhrí gur beart bunriachtanach iad liúntais náisiúnta leanaí chun cabhrú le teaghlaigh atá i ngátar agus chun rochtain uilíoch ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta agus inacmhainne a áirithiú;
G. de bhrí, in 2022, go raibh 16,8 % de dhaonra AE ina gcónaí i dteaghlaigh phlódaithe agus nach raibh 9,3 % in ann a dteach a choinneáil te go leor; de bhrí gur chaith 8,3 % de dhaonra AE 40 % nó níos mó dá n-ioncam indiúscartha teaghlaigh ar thithíocht;
H. de bhrí, in 2022, nach raibh 56 % de na daoine a bhí ina gcónaí i dteaghlaigh fásta aonair a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu in AE in ann costais airgeadais gan choinne a íoc; de bhrí, in 2020, go bhfuil teaghlaigh aontuismitheora, go háirithe teaghlaigh a bhfuil máithreacha aonair i gceannas orthu, i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta níos mó (42,1 % i gcomparáid le 29,6 % in aonaid teaghlaigh ag a bhfuil beirt daoine fásta agus triúr leanaí nó níos mó(17)); de bhrí go mbaineann sé sin le baineannú na bochtaineachta, le ró-ionadaíocht na mban in obair fhorbhásach agus ar phá lag agus mar oibrithe páirtaimseartha, lena ró-ualach freagrachtaí cúraim agus leis an mbearna phá idir fir agus mná; de bhrí gurb ionann an difríocht i ráta fostaíochta na bhfear agus na mban gan leanaí agus 1 %; de bhrí go bhfuil an ráta ag 21 % dóibh siúd a bhfuil leanbh níos óige ná sé bliana d’aois acu agus go n-éiríonn sé go 37 % dóibh siúd a bhfuil triúr leanaí acu(18);
I. de bhrí gur deacra ag leanaí a fhásann aníos sa bhochtaineacht rath a bhaint amach ar scoil, fanacht sláintiúil agus a ngealladh iomlán a fhíorú tráth níos faide anonn sa saol; de bhrí go ngineann infheistíocht shóisialta i luathbhlianta leanaí torthaí suntasacha eacnamaíocha sóisialta, go gcuireann sí le timthriall na bochtaineachta idirghlúine a bhriseadh, agus, dá réir sin, nár cheart a mheas gur costas í; de bhrí go meastar gurb ionann an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag bochtaineacht leanaí agus míbhuntáistí socheacnamaíocha, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhíonn acu ar dhaoine fásta atá ag obair, agus 3,4 % d’olltáirgeacht intíre thíortha AE gach bliain;
J. de bhrí go mbaineann an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta le stádas imirce, mionlaigh nó míchumais leanaí agus a dtuismitheoirí; de bhrí go bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh ar leanaí imirceacha sa ghrúpa atá i mbaol na bochtaineachta; de bhrí, mura bhfuil náisiúntacht nó doiciméid aitheantais acu, go bhfuil sé deacair do leanaí gan stát rochtain a fháil ar chuid de na cearta is bunúsaí, amhail clárú breithe, oideachas, cúram sláinte, slándáil shóisialta agus tithíocht, agus go gcuireann siad iad i mbaol níos mó mí-úsáide agus dúshaothraithe; de bhrí, i mí Aibreáin 2023, mar thoradh ar ionradh na Rúise, gur theith beagnach 4 mhilliún saoránach neamh-AE chuig Ballstát AE;
K. de bhrí go bhfuil beagnach 83 % de leanaí Romacha(19) in AE ina gcónaí i dteaghlach atá i mbaol bochtaineachta; de bhrí go raibh leanbh amháin as gach cúigear Romach ina gcónaí i dteaghlach gan uisce buacaire faoi dhíon in 2021; de bhrí gur mó go mór an cion de leanaí Romacha atá faoi ghéardhíth ábhartha ná sciar na leanaí leochaileacha sa phobal i gcoitinne; de bhrí, in 2022, nach raibh rochtain ag seisear as 10 leanbh Romach ar sheirbhísí ardcháilíochta luath-óige agus nach bhfuair ceathrar as 10 dteaghlach Romacha a bhfuil leanaí faoi bhun sé bliana d’aois acu aon chineál fóirdheontais nó tacaíocht chomhchosúil;
L. de bhrí go bhfuil tionchar phaindéim COVID-19, an costas maireachtála atá ag dul i méid agus an cogadh san Úcráin tar éis géarú ar leochaileachtaí eacnamaíocha agus sóisialta leanaí agus a dteaghlaigh, go háirithe na teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim is mó a ndearna an phaindéim agus géarchéimeanna roimhe seo difear dóibh; de bhrí go méadaíonn an luaineacht shóisialta agus eacnamaíoch dhomhanda atá ann faoi láthair, chomh maith leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide, an fhéidearthacht go mbeidh géarchéimeanna nua ann; de bhrí gur léir go bhfuil freagairtí frith-thimthriallacha ar ghéarchéimeanna a bhí ann le déanaí níos éifeachtaí chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta ná na bearta maidir le comhdhlúthú fioscach atá bunaithe ar dhéine agus ar chiorruithe caiteachais a moladh le linn ghéarchéim 2008-2013;
M. de bhrí go bhfuil na deacrachtaí a bhíonn ag leanaí tar éis dul in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19, mar gheall ar chur isteach ar an saol laethúil agus ar theagmhálacha sóisialta, dúnadh scoileanna, an cumas laghdaithe chun cosaint a sholáthar ar fhoréigean teaghlaigh, ar mhí-úsáid agus ar fhaillí le linn dianghlasála agus cur isteach ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha; de bhrí go raibh tionchar ag na deacrachtaí sin ar níos mó leanaí i gcásanna leochaileacha nach raibh an trealamh, an cumhdach idirlín ná fiú leictreachas acu le haghaidh scolaíochta ar líne agus go bhféadfadh sé gur chaill siad béile te laethúil amháin nó a rochtain ar théamh;
N. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag Plean Gníomhaíochta EPSR, a glacadh in 2021, líon na leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta a laghdú 5 mhilliún, ar a laghad, faoi 2030; de bhrí go bhfuil spriocanna náisiúnta maidir le laghdú na bochtaineachta glactha ag na Ballstáit; de bhrí, le gnóthú na sprice sin, bheadh thart ar 15 mhilliún leanbh san Aontas Eorpach i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta; de bhrí, gan bearta leormhaithe, go meastar go dtiocfaidh méadú breise ar an líon sin le teacht chun cinn géarchéimeanna sóisialta nua atá casta agus fite fuaite ina chéile;
O. de bhrí gur céim fhíor-riachtanach í deireadh a chur le bochtaineacht leanaí chun Eoraip atá cóir, cothrom agus sóisialta a thógáil do na glúine atá ann faoi láthair agus do na glúine atá le teacht; de bhrí nár cheart stádas socheacnamaíoch a bheith ina bhac choíche ar rochtain leanaí ar sheirbhísí bunriachtanacha; de bhrí go bhfuil gá le tacaíocht mhéadaithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí agus ag teaghlaigh ar sheirbhísí bunriachtanacha;
P. de bhrí go gcumasaíonn maoiniú AE infheistíocht ar an leibhéal náisiúnta chun bochtaineacht leanaí a chomhrac agus chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn; de bhrí, sa bhreis ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), gur féidir foinsí eile a úsáid go díreach nó go hindíreach chun cláir a mhaoiniú a bhfuil tionchar acu ar shaol leanaí agus ar shaol a dteaghlach ar gach bealach;
Q. de bhrí gur cheart gach leanbh, tuismitheoir, teaghlach agus cúramóir a chosaint ar idirdhealú, amhail idirdhealú ar fhorais inscne, teanga, féiniúlacht ghnéis agus/nó inscne, reiligiún nó creideamh, creideamh polaitiúil nó idé-eolaíoch, bunadh náisiúnta, ciníoch, eitneach nó sóisialta, ar de mhionlach náisiúnta, staid shocheacnamaíoch, míchumas agus riachtanais speisialta eile, aois nó aon stádas eile iad;
R. de bhrí go bhfuil teaghlaigh ag éirí níos éagsúla; de bhrí nach léiríonn beartais tacaíochta agus teaghlaigh leanaí i gcónaí éagsúlacht teaghlaigh agus socruithe maireachtála teaghlaigh i gcónaí agus nach bhfuil siad oiriúnaithe go leordhóthanach dóibh (e.g. teaghlaigh le tuismitheoirí neamhphósta, leanaí tuismitheoirí scartha atá ina gcónaí in dhá theaghlach nó leanaí atá ina gcónaí i dteaghlach mór cumaisc, teaghlaigh altrama agus teaghlaigh bogha báistí), chun dochair do chaighdeáin mhaireachtála na dteaghlach, rochtain ar chláir agus sochair cosanta sóisialta agus a n-athléimneacht in aghaidh géarchéimeanna; de bhrí nach mór do AE agus do na Ballstáit cosaint dhlíthiúil, eacnamaíoch agus shóisialta teaghlach a ráthú;
S. de bhrí gur ghlac an Chomhairle, an 14 Meitheamh 2021, a Moladh maidir le Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí atá i ngátar ar phríomhsheirbhísí, mar shampla, seirbhísí cúraim saor in aisce agus oideachas don luath-óige, oideachas saor in aisce (lena n-áirítear gníomhaíochtaí breise i scoileanna agus béile sláintiúil amháin ar a laghad in aghaidh an lae scoile), cúram sláinte saor in aisce, cothú sláintiúil agus tithíocht leormhaith; de bhrí gur deis í an ionstraim sin chun bochtaineacht agus neamhionannais a laghdú agus chun cuimsiú sóisialta leanaí a chur chun cinn; de bhrí gur bunaíodh leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí gur cheart díriú mar thosaíocht ar leanaí atá i staideanna leochaileacha(20); de bhrí go gceanglaítear ar na Ballstáit uile, chun a dtiomantas do bheartas comhtháite a léiriú arb é is aidhm dó fáinne fí na bochtaineachta a bhriseadh, méid iomchuí dá n-acmhainní CSE+ a leithdháileadh chun pleananna náisiúnta na Ráthaíochta do Leanaí a chur chun feidhme; de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2023, nach raibh a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta tíolactha fós ag trí Bhallstát;
T. de bhrí, faoi UNCRC ar sínitheoirí leis na Ballstáit uile, gur cheart an ceart chun oideachais, seirbhísí cúraim sláinte, tithíochta agus cosanta a thabhairt do gach leanbh, chun páirt a ghlacadh i gcinntí a dhéanann difear dóibh, fóillíocht agus am saor, aiste chothrom bia agus chun cúram a fháil i dtimpeallacht teaghlaigh;
U. de bhrí gur ghlac an Chomhairle an Moladh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna Barcelona maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige lena n-áirítear togra chun teidlíocht dhlíthiúil ar oideachas agus cúram na luath-óige a thabhairt isteach;
V. de bhrí nach raibh rochtain ach ag 35,7%(21) de leanaí faoi bhun trí bliana d’aois in AE in 2022 ar chóras foirmiúil oideachais agus cúraim luath-óige (ECEC), agus go dtéann an luach sin suas go 88% do leanaí idir trí bliana d’aois agus an íosaois éigeantach chun an bhunscoil a thosú; de bhrí nach ráthaíonn ach seacht mBallstát AE ionad i gcóras ECEC do gach leanbh ó sé mhí d’aois; de bhrí nach ráthaíonn roinnt Ballstát ionad maoinithe sa chóras cúraim leanaí ach amháin ó thrí bliana d’aois; de bhrí go dtagann méadú suntasach ar infhaighteacht ECEC saor in aisce ó aois a trí agus go leanann an treocht sin ar aghaidh gach bliain d’aois, geall le bheith uilíoch san Eoraip ar fad sa bhliain deiridh sula dtosaítear sa bhunoideachas éigeantach(22); de bhrí go mbíonn ar fhormhór na dteaghlach san Eoraip táillí teagaisc a íoc chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ECEC do leanaí faoi thrí bliana d’aois; de bhrí go ndéanann an easpa rochtana ar na seirbhísí sin – go minic mar gheall ar an idirghníomhú idir infhaighteacht ghann agus costais ardaithe, fholaithe agus neamh-in-aisíoctha – difear do theaghlaigh ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste, do theaghlaigh aontuismitheora agus do theaghlaigh ó réigiúin agus ó chríocha lagfhorbartha, rud a mhéadaíonn an baol go mbeidh luatheisiamh sóisialta ag leanaí; de bhrí, fiú i dtíortha ina bhfuil meánleibhéal infhaighteachta ar sheirbhísí ECEC ard, go gcuireann easpa saoráidí cúraim leanaí isteach ar rannpháirtíocht leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta in ECEC;
W. de bhrí go bhfuil tionchar cinntitheach ag ECEC ar shláinte agus ar fhorbairt chognaíoch agus shóisialtamhothúchánach leanaí; de bhrí gur minic a bhíonn ar thuismitheoirí a bhíonn ag obair nach bhfuil rochtain acu ar shaoráid cúraim leanaí na leanaí a fhágáil faoi chúram neamhfhoirmiúil, lena n-áirítear i líonraí cúraim neamhdheimhnithe; de bhrí go n-áirithíonn ECEC cuimsitheach ardcháilíochta go mbeidh comhdheiseanna oideachais ag na leanaí sin agus go gcothaíonn sé lánpháirtiú na dtuismitheoirí, go háirithe máithreacha, isteach i margadh an tsaothair; de bhrí go dtugann oideachas cuimsitheach aghaidh ar an raon leathan riachtanas sna daltaí uile trí rannpháirtíocht a neartú ó thaobh foghlama, idirghníomhaíochtaí cultúrtha agus braistint phobail de; de bhrí nach mór acmhainní airgeadais agus daonna dóthanacha a bheith ag na seirbhísí sin chun leanaí a bhfuil deacrachtaí ar leith acu a shainaithint agus chun tacú leo;
X. de bhrí gurb iad na teaghlaigh i bhformhór na dtíortha a íocann caiteachas ar oideachas, go háirithe maidir le hábhair scoile agus iompar, agus go bhfuil sé ar cheann de na príomhchúiseanna le scoil a fhágáil; de bhrí gurb ionann meánráta luathfhágála scoile AE agus 10%(23), ach gurb airde an luach sin do ghrúpaí sonracha, amhail leanaí Romacha agus leanaí faoi mhíchumas;
Y. de bhrí, in 2021, go raibh riachtanais liachta nár comhlíonadh ag 3.6% de leanaí in AE faoi bhun 16 bliana d’aois agus gur thuairiscigh 4,4% de leanaí go raibh míchumas orthu(24); de bhrí, fiú i dtíortha go bhfuil an ceart chun sláinte cumhdaithe sa dlí, go bhfuil éagothromais fós ann agus nach bhfuil rochtain ná rochtain thráthúil ag go leor teaghlach ar chúram sláinte dóthanach agus go bhfuil rochtain an-teoranta acu ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail comhairliúcháin le dochtúirí teaghlaigh agus altraí, tacaíocht mheabhairshláinte agus shíceasóisialta nó cúram fiaclóireachta, go háirithe mar gheall ar sheirbhísí poiblí neamhleora; de bhrí gur mó an baol go mbeidh níos mó fadhbanna sláinte ag leanaí a rugadh sa bhochtaineacht agus san eisiamh sóisialta; de bhrí go bhfuil an éagothroime in AE idir ceantair uirbeacha agus thuaithe agus réigiúin níos forbartha agus réigiúin bheagfhorbartha chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar shaoráidí sláinte ar ardchaighdeán ag leathnú(25);
Z. de bhrí go bhfuil an tsláinte ghnéasach bunriachtanach do shláinte agus do dhea-bhail fhoriomlán daoine aonair, lánúineacha agus teaghlach; de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát ag iarraidh rochtain ar shláinte agus ar chearta gnéis agus atáirgthe a theorannú tuilleadh trí dhlíthe an-srianta a chuireann sláinte na mban i mbaol le linn toirchis agus breithe, chomh maith le sláinte leanaí;
AA. de bhrí gurb é an vacsaíniú an phríomhuirlis chun galair thromchúiseacha, thógálacha agus mharfacha uaireanta a chosc; de bhrí go bhfuil rátaí vacsaínithe in aghaidh na bruitíní – táscaire ar scéimeanna ginearálta vacsaínithe leanaí – tar éis titim i 14 thír as 35 thír ECFE(26);
AB. de bhrí go bhfuil dea-bhail meabhrach do leanaí ríthábhachtach, ó lamhálann sé dóibh garspriocanna forbartha a bhaint amach, slite a fhoghlaim chun déileáil le fadhbanna agus scileanna sóisialta agus mothúchánacha a fháil; de bhrí go bhfuil taithí dhíobhálach óige, idirdhealú, rochtain neamhleor ar sheirbhísí agus timpeallachtaí éagobhsaí ar chuid de na príomhchúiseanna le fadhbanna meabhairshláinte a fhorbairt san aois luath; de bhrí gur chuir géarchéimeanna forleathana amhail paindéim COVID-19 meabhairshláinte agus dea-bhail glúine iomlána leanaí i mbaol; cé go bhfuil leitheadúlacht fhadhbanna na meabhairshláinte trí huaire níos airde i leanaí ó theaghlaigh ar ioncam íseal(27);
AC. de bhrí go gcuireann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) béim go bhfuil beathú cíche ar cheann de na slite is éifeachtaí chun sláinte agus maireachtáil fhadtéarmach leanaí a chinntiú agus molann sí gur cheart beathú cíche amháin a thabhairt do naíonáin ar feadh na chéad sé mhí dá saol; de bhrí, ar fud an domhain, áfach, nach bhfuil rochtain ach ag beirt as gach cúigear naíonán ar bheathú cíche(28);
AD. de bhrí go bhfuil leanaí faoi mhíchumas agus leanaí a saolaíodh do thuismitheoirí faoi mhíchumas fós faoi lé idirdhealú agus sárú ar a gcearta trí bhacainní leanúnacha i ngach réimse den saol, eadhon rochtain neamhleor ar áiseanna cúram leanaí, beathú a chomhlíonann a riachtanais agus deiseanna chun freastal ar gníomhaíochtaí cuimsitheacha oideachais agus a bheith rannpháirteach iontu agus easpa cuimsitheachta i scoileanna caighdeánacha, i gcúram sláinte agus i spásanna nach bhfreagraíonn go leor dá riachtanais soghluaisteachta agus shíceasóisialta; de bhrí go bhfuil na bacainní sin agus an easpa seirbhísí cúraim agus tacaíochta ar ardchaighdeán inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine eile a bhfuil gá acu le cúram agus tacaíocht go háirithe le linn géarchéimeanna, rud a chuireann ualach breise ar chúramóirí neamhfhoirmiúla, go háirithe ar chúramóirí teaghlaigh, is mná a bhformhór;
AE. de bhrí gur marcóir riosca tábhachtach í an bhochtaineacht chun dul isteach i gcúram malartach toisc go méadaíonn sí leochaileacht leanaí agus a dteaghlach agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le cás nach féidir le tuismitheoirí cúram leormhaith a thabhairt dá leanaí a thuilleadh; de bhrí go bhfuil thart ar 345,000 leanbh in AE fós ina gcónaí in institiúidí(29) agus go raibh 758,018 leanbh i gcúram malartach in 2021(30); de bhrí go bhfuil bearta cosanta leanaí, lena n-áirítear dí-institiúidiú, bunriachtanach freisin chun go bhféadfaidh leanaí a gcearta agus a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach; de bhrí go bhfuil foireann cháilithe de dhíth ar institiúidí chun deiseanna oideachais cáilithe a áirithiú agus chun mí-úsáidí agus dúshaothrú leanaí a chomhrac;
AF. de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh cosaint a fháil ar mhí-úsáid, ar fhoréigean agus ar fhaillí; de bhrí go gcruthaíonn taighde go dtagann méadú ar an mbaol mí-úsáide, foréigin agus faillí i gcásanna brú airgeadais ar theaghlaigh agus easpa seirbhísí sóisialta imleor;
AG. de bhrí gur íospartach leanbh as gach cúigear de chineál éigin mí-úsáide nó foréigin ghnéasaigh san Eoraip, agus go dtarlaíonn an chuid is mó den mhí-úsáid i dteaghlaigh agus/nó in institiúidí a bhaineann le cúram; de bhrí gurb ionann leanaí agus thart ar an gceathrú cuid d’íospartaigh na gáinneála in AE, ar cailíní iad den chuid is mó a fuadaíodh chun críocha dúshaothrú gnéasach(31);
AH. de bhrí gur fadhb thromchúiseach iad foréigean piaraí agus an bhulaíocht a dhéanann díobháil don chaidreamh i measc leanaí, go háirithe i scoileanna, agus go ndéanann sé dochar do mheabhairshláinte leanaí agus daoine óga; de bhrí gur thuairiscigh 23% de na daltaí go ndearnadh ciapadh orthu ar scoil uair sa mhí ar a laghad(32);
AI. de bhrí nár cheart na rioscaí digiteacha forleatacha do shláinte agus do dhea-bhail leanaí agus a dteaghlach a ghannmheas; de bhrí go bhfuil an ceart ag leanaí a bheith cosanta ar chleachtais mhargaíochta agus fógraíochta oibreoirí tráchtála, lena n-áirítear i spásanna digiteacha; de bhrí go nochtar leanaí ó aois an-óg d’ábhar andúileach ar líne le dearadh na dtáirgí agus na seirbhísí reatha ar líne; de bhrí nach bhfuil na bunscileanna agus an fios gnó is gá ag leanaí chun faisnéis a thomhailt ar mhodh sábháilte agus iontaofa; de bhrí go mbíonn iarmhairtí aige sin ar mheabhairshláinte leanaí, lena n-áirítear díth codlata, imní, dúlagar, easpa airde agus, ar deireadh, forbairt inchinne san fhadtéarma; de bhrí gur féidir le húsáid mhéadaithe idirlín leanaí a chur i mbaol níos mó go ndéanfaí dochar dóibh ar líne amhail dúshaothrú gnéasach, cibearstalcaireacht agus cibearbhulaíocht; cé gur tháinig trian de chailíní agus 20% de bhuachaillí ar rud is ábhar imní é uair sa mhí le bliain anuas; de bhrí gur fhulaing 15% de fhreagróirí LADTIA+ idir 15 agus 17 mbliana d’aois ciapadh ar líne mar gheall ar a ngnéaschlaonadh nó a n-inscne(33);
AJ. de bhrí nach measann ach leanbh as ceathrar go n-urramaíonn an tsochaí i gcoitinne a gcearta(34); de bhrí go mbíonn deacrachtaí ag leanaí ceartas a fháil, ó nach bhfuil struchtúr na n-imeachtaí breithiúnacha in oiriúint dá riachtanais;
AK. de bhrí go bhfuil 3,6 milliún leanbh ar mhór-roinn na hEorpa ag gabháil d’obair(35), go príomha sa talmhaíocht agus san fhoirgníocht; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach bearta a ghlacadh chun fostú leanaí san Aontas Eorpach a dhíothú agus chun teacht chun cinn cásanna nua d’fhostú leanaí a chosc, go háirithe i gcomhthéacs géarchéimeanna;
AL. de bhrí gur bagairt iad fadhbanna comhshaoil amhail truailliú, talamh éillithe agus uisce óil neamhshábháilte do shláinte gach linbh, agus go bhfuil tionchar díréireach acu ar na daoine sin a mhaireann sa bhochtaineacht agus i ndálaí leochaileacha; de bhrí go bhféadfaí an ceart chun comhshaol sábháilte, slán agus glan do leanaí agus an ceart chun todhchaí atá saor ó thruailliú comhshaoil agus cosaint ar thionchar diúltach an athraithe aeráide a fheabhsú trí chur chun feidhme níos fearr agus níos íogaire do leanaí den acquis comhshaoil reatha sna Ballstáit;
AM. de bhrí gurb é an súgradh an tslí nádúrtha agus is éifeachtaí do leanaí foghlaim fúthu féin agus faoina dtimpeallacht shóisialta agus nádúrtha agus iad féin a chur in iúl ar shlí shiombalach; de bhrí gurb é seo bunús bunriachtanach dá bhforbairt chognaíoch agus mhothúchánach, dá neamhspleáchas feidhmiúil, dá nósanna maireachtála, dá n-idirghníomhú le daoine eile agus dá mbainistiú coinbhleachta; de bhrí go gcuireann rannpháirtíocht leanaí sa tsochaí, sa saol cultúrtha, san áineas, san fhóillíocht agus sa spórt go díreach lena ndea-bhail agus go ndéanann sé leas dóibh;
AN. de bhrí go gcuireann srianta airgeadais bac ar rannpháirtíocht leanaí ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste i ngníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla oideachais agus seach-churaclaim, rud a mhéadaíonn éagothromais shóisialta sna luathbhlianta;
Infheistiú in éagothroime a laghdú
1. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht phoiblí inbhuanaithe agus leormhaith a mhéadú go suntasach agus a áirithiú i mbeartais a bhfuil tionchar díreach agus indíreach acu ar shaol leanaí trí sheirbhísí poiblí ardcháilíochta uilíocha, cuimsitheacha agus inacmhainne a ráthú, amhail cúram, ECEC, oideachas, cúram sláinte, seirbhísí sóisialta, uisce agus sláintíocht, chomh maith le rochtain uilíoch ar thithíocht chuibhiúil, fuinneamh, iompar, bia, gníomhaíochtaí cultúrtha agus fóillíochta, agus rochtain éasca agus saor in aisce ar spásanna glasa, arna gcomhlánú le réitigh éifeachtacha spriocdhírithe, go háirithe do na daoine is leochailí;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí a neartú, ar gach leibhéal, chun rannpháirtíocht fhóinteach, shábháilte agus chuimsitheach leanaí, teaghlach, cúramóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú i bhforbairt, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i measúnú na mbeartas sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige ilearnála ina n-oibríonn gach geallsealbhóir ábhartha i gcomhpháirtíocht chun straitéis chomhtháite a fhorbairt chun dul i ngleic le héagothromais san óige trí sheirbhísí cosanta leanaí agus leasa teaghlaigh a sholáthar, ar ina leith is mó is gá infheistíochtaí struchtúracha agus caiteachas poiblí éifeachtach, agus cistí AE agus cistí náisiúnta á n-úsáid;
3. á chur i bhfáth nach mór go gcumasódh beartais cuimsithe shóisialta forbairt fhoriomlán leanaí agus comhlíonadh acmhainneacht gach linbh i ndáil lena sláinte agus dea-bhail fhisiciúil, lena scileanna sóisialta, lena bhforbairt mhothúchánach, lena scileanna cumarsáide, lena n-eolas ginearálta agus lena bhforbairt chognaíoch agus teanga;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cruthú post ardcháilíochta a chur chun cinn le cineálacha fostaíochta neamhiata agus cineálacha nuálacha oibre ina bhfuil cearta láidre saothair, bunaithe ar phá cuibhiúil agus cothrom agus dálaí oibre cuibhiúla a ráthaíonn rochtain ar chosaint shóisialta, sábháilteachta agus sláinte ceirde, agus cómhargáil láidir mar shásra ríthábhachtach chun ionadaíocht a dhéanamh ar chearta oibrithe agus iad a chosaint; á chreidiúint gur gá na bearta sin chomh maith chun tarraingteacht na ngairmeacha san earnáil chúraim agus shóisialta a fheabhsú agus chun freagairt do ghanntanais saothair reatha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cothroime oibre is saoil a ráthú, inter alia, trí shaoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire cúraim agus saoire do thuismitheoirí, agus socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí agus do chúramóirí, lena n-áirítear, mar shampla, an rogha am oibre laghdaithe;
5. á chur i bhfáth gur chuir an cur isteach ar an scolaíocht le linn ghéarchéim COVID-19 leis na héagothromais san fhoghlaim; á iarraidh ar na Ballstáit cláir foghlama ghearrthéarmacha bhreise a chur ar bun, amhail scoileanna samhraidh nó teagasc, chun na bearnaí foghlama reatha a laghdú, ag díriú, go háirithe, ar leanaí ó theaghlaigh leochaileacha; á iarraidh ar na Ballstáit scileanna digiteacha a áireamh i gcuraclaim na n-institiúidí oideachais uile agus an oiliúint agus an trealamh is gá a sholáthar do mhúinteoirí agus do dhaltaí; á iarraidh ar na Ballstáit cearta agus cosaint leanaí a ráthú tráthanna géarchéime, go háirithe rochtain leanúnach ar bhunseirbhísí; ag spreagadh na mBallstát measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a glacadh le linn géarchéimeanna roimhe seo chun raon beart a ullmhú ar féidir iad a chur i ngníomh, a shaincheapadh agus a spriocdhíriú i gcás géarchéimeanna nua, á bhreithniú go raibh tionchar diúltach ag roinnt beart a glacadh le linn na paindéime (amhail obair ón mbaile, teagasc ar líne agus cúram sóisialta/comhairliú), cé gur gá sin ag an am, ar chuimsiú sóisialta leanaí agus a dteaghlach a chur chun cinn;
6. ag admháil ról ríthábhachtach na sochar teaghlaigh agus linbh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha, mar chuid de chórais chosanta sóisialta atá cothrom agus cuimsitheach, ar gá iad a chur in oiriúint do shocruithe éagsúla teaghlaigh agus rochtain thráthúil ar chosaint shóisialta agus tacaíocht dóthanach a chur ar fáil do chách, lena n-áirítear do leanaí dídeanaithe agus imirceacha agus dá dteaghlaigh, de réir chleachtais na mBallstát; á iarraidh ar na Ballstáit daoine a chur ar an eolas faoi incháilitheacht do shochair shóisialta, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus rochtain orthu a éascú, chun dul i ngleic le glacadh íseal agus stiogma agus steiréitíopaí na bochtaineachta a chomhrac ag an am céanna;
7. á iarraidh ar údaráis bhuiséadacha AE leas a bhaint as an athbhreithniú meántéarma atá le teacht ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 chun CSE+, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, InvestEU, chomh maith leis an gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a neartú agus úsáid níos fearr a bhaint astu, chun beartais struchtúracha agus tacaíocht shóisialta do leanaí agus do theaghlaigh a neartú agus cineál ilearnála na bochtaineachta á chur i gcuntas; á athdhearbhú a hiliomad iarrataí go méadófar go práinneach cistiú na Ráthaíochta do Leanaí, le buiséad tiomnaithe EUR 20 billiún ar a laghad don tréimhse 2021-2027; á áitiú go mbeidh an buiséad tiomnaithe sin mar chuid de CAI athbhreithnithe agus CSE+ treisithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, na hacmhainní uile atá ar fáil a sholáthar – agus ar na Ballstáit lánúsáid a bhaint astu – chun an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear CSE+, ReactEU agus RRF; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh úsáid na gcistí sin trédhearcach agus gur ghá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na ngeallsealbhóirí ábhartha sa phleanáil, sa chur chun feidhme agus sa mheastóireacht; á iarraidh an athuair gur cheart do na Ballstáit uile 5% ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha chun bochtaineacht leanaí a chomhrac; á chur i bhfáth nach bhfuil sa tairseach sin ach íosmhéid agus go moltar do na Ballstáit cion níos airde de CSE+ a úsáid chun bochtaineacht leanaí a chomhrac;
8. á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí i gcónaí an spás is gá do phríomhinfheistíochtaí sóisialta chun prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus baint amach na spriocanna chun bochtaineacht leanaí a laghdú i gcoigeartuithe fioscacha beartaithe na mBallstát;
9. á chur i bhfáth gur casta cistí AE a bhainistiú, rud a fhágann nach mbíonn rochtain orthu ag eagraíochtaí a bhfuil níos lú acmhainní teicniúla acu; á thabhairt chun suntais gur féidir le nósanna imeachta bainistíochta níos solúbtha, simplithe agus infheistíocht i gcúnamh teicniúil gar don áit a bhfuil gá leis cabhrú le daoine agus níos mó eagraíochtaí a thacaíonn le leanaí agus daoine óga a chumhachtú; á chur i bhfios go láidir, de réir Rialachán CSE+(36), nach foláir gurb é 90% an ráta cómhaoinithe chun tacú leis na daoine is díothaí, ar cheart dó fáil ar an maoiniú sin a éascú do chláir agus do ghníomhaíochtaí atá ceaptha chun cabhrú leis na pobail sin éalú ón mbochtaineacht;
10. á chur i bhfáth go dtugann beartais uilíocha agus fhadtéarmacha cosaint níos fearr ar fhachtóirí iomadúla na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, lena n-áirithítear freagairtí struchtúracha ar féidir, nuair is gá, iad a chomhlánú le bearta tacaíochta spriocdhírithe aonuaire nó sealadacha, a chuireann le hathléimneacht agus neamhspleáchas teaghlach a neartú agus freastal ar riachtanais a leanaí;
11. á iarraidh ar na Ballstáit aird níos mó a thabhairt ar infhaighteacht rochtana uilíche ar sheirbhísí poiblí i réigiúin iargúlta chun éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus chun rochtain chomhionann ar oideachas, ar bhonneagar agus ar chúram sláinte ar ardchaighdeán a chur ar fáil do gach leanbh;
12. á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht a chur chun feidhme lena gcosnaítear nó lena bhfeabhsaítear cearta máithreachais, atharthachta agus tuismitheora, lena gceadófar cothromaíocht oibre is saoil níos éifeachtaí agus dáileadh níos cothroime cúraim agus obair tí, rud a fhágfaidh gur féidir le mná filleadh ar an obair tar éis toirchis agus saoire mháithreachais agus lena gceadófar méid iomchuí ama agus saoráidí leormhaithe le haghaidh beathú cíche tar éis dóibh filleadh ar an obair; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíochtaí struchtúracha a áirithiú i saoráidí leighis a bhfuil rochtain éasca orthu chun cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe ardcháilíochta a neartú; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh neartú na reachtaíochta sin borradh mór a chur faoin gcomhrac i gcoinne idirdhealú inscnebhunaithe agus idirdhealú pá;
13. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le tuismíocht a aithint idir na Ballstáit; á iarraidh ar an gComhairle é a ghlacadh go pras; á mheabhrú gurb ionann ilroinnt na gceart tuismitheoireachta ar fud AE agus ualach eacnamaíoch, dlíthiúil agus mothúchánach do leanaí agus dá dteaghlaigh agus go dtagann sí salach ar phrionsabal ‘leas an linbh’;
14. á iarraidh ar na Ballstáit struchtúir chomhairleoireachta a chur ar bun chun tacú le teaghlaigh agus chun rochtain leanaí ar cheartas a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais óige agus idirghabháil teaghlaigh-lárnach a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar riachtanais agus ar ardmhianta teaghlach, mar ghné chun comhtháthú sa tsochaí a fheabhsú;
15. á chur i bhfáth go n-éilítear le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí cur chuige saolré a ghlacadh lena rannchuidítear le timthriall idirghlúine na rioscaí bochtaineachta a bhriseadh agus lena léirítear riachtanais éagsúla na luath-óige, na leanaí príomhúla agus an ógánaigh, trí líon na ndíothachtaí a bhíonn ag gach leanbh a thomhas ag an am céanna, agus ar an gcaoi sin na leanaí is díothaí a shainaithint agus ní hamháin bochtaineacht airgeadaíochta a thomhas ach díothachtaí ilghnéitheacha freisin; á iarraidh ar na Ballstáit leanaí atá i mbaol níos mó bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta a shainaithint, lena n-áirítear leanaí sna cásanna is leochailí, chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach agus saor in aisce acu ar phríomhsheirbhísí ardcháilíochta, amhail ECEC, oideachas agus gníomhaíochtaí scoilbhunaithe, cúram sláinte, chomh maith le béile sláintiúil amháin gach lá scoile agus rochtain éifeachtach ar chothú sláintiúil agus ar thithíocht leormhaith; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis uaillmhianach i gcoinne na bochtaineachta atá comhtháite ag AE a tharraingt suas gan mhoill;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs thimthriallta bliantúla an tSeimeastair Eorpaigh (ES) beartais eacnamaíocha agus shóisialta a chomhordú, athchóirithe a mholadh chun cuimsiú sóisialta agus laghdú ar neamhionannais a chur chun cinn trí sheirbhísí poiblí a neartú agus trí chomhpháirtithe sóisialta a rannpháirtiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach agus cláir náisiúnta um athchóiriú, tuarascálacha tíre agus moltaí tírshonracha á ndearadh agus á gcur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí faireachán ar fhorbairtí i dtáscairí bochtaineachta leanaí, mar chuid den Seimeastar Eorpach, chun go mbeidh siad in ann faisnéis leormhaith a chur ar fáil do na Ballstáit uile chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin; á chur i bhfáth, thairis sin, gur bhain ciorruithe ar sheirbhísí poiblí an bonn ó chearta sóisialta agus saothair i roinnt Ballstát; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht in infhaighteacht agus in inrochtaineacht seirbhísí cúraim ghairmiúil a mhéadú mar bhealach chun an t-ualach ar chúramóirí neamhfhoirmiúla a laghdú agus chun íoschaighdeáin cháilíochta sa chúram a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb ionann infheistíocht neamhleor i mbeartais leanaí agus mainneachtain oibleagáidí idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh a chomhlíonadh;
17. á chur in iúl gur oth léi leibhéal íseal uaillmhéine na spriocanna maidir le bochtaineacht leanaí a laghdú faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ag tabhairt dá haire nach leor é sin chun gach leanbh leochaileach a thabhairt as an mbochtaineacht; á chur i bhfáth go bhfuil spriocanna níos uaillmhianaí fós de dhíth ar thionchair COVID-19, an chogaidh san Úcráin agus na géarchéime costais maireachtála; á chur in iúl gur oth léi nár shocraigh ach 19 mBallstát spriocanna náisiúnta chun bochtaineacht leanaí a laghdú faoi 2030; á iarraidh ar na Ballstáit spriocanna uaillmhianacha a ghlacadh chun bochtaineacht leanaí a laghdú, d’fhonn í a dhíothú;
18. á chur i bhfáth gur gá creat um chóineasú sóisialta a thabhairt isteach laistigh den Seimeastar Eorpach chun míchothromaíochtaí sóisialta a bhrath agus a cheartú agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar bheartais do leanaí agus cur chun feidhme éifeachtach EPRS a áirithiú, lena n-áirítear córas scórchláir; á iarraidh go léireofaí toradh chleachtadh an chreata um chóineasú sóisialta sna moltaí tírshonracha;
Beartais phoiblí láidre chun neamhionannais a laghdú
19. á chur i bhfáth, i bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar ECEC ar fud an Aontais, go bhfuil gá le hinfheistíocht mhéadaithe i seirbhísí ECEC atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán, gan faillí a dhéanamh ar leanaí idir 0 agus 3 bliana d’aois agus ar leanaí ó theaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta, agus ar an gcaoi sin freagairt phoiblí agus uilíoch a chruthú nó a threisiú ó thús an phróisis oideachais agus cothroime iomaíochta agus rochtain chomhionann ar an oideachas a ráthú do gach duine; á chur i bhfáth nach mór líon leordhóthanach seirbhísí cúraim leanaí a bheith ann atá chomh hinrochtana céanna ar fud AE; á chur in iúl gur oth léi go ndearna an Chomhairle íosghrádú ar an togra ón gCoimisiún go n-áirtheofaí go bhféadfadh 50 % ar a laghad de leanaí faoi bhun trí bliana d’aois páirt a ghlacadh in ECEC go 45 %;
20. á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar cháilíocht sheirbhísí ECEC trí acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna agus trí oiliúint oideolaíoch iomchuí a chur ar bhaill foirne a bhfuil eolas acu ar shíceolaíocht leanaí agus ar chronaibhitheolaíocht leanaí chun forbairt fhoriomlán leanaí a áirithiú; á chur i bhfáth, chun an feabhas sin a cheadú, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh pá agus deiseanna cuibhiúla ag na baill foirne sin le haghaidh forbairt gairme;
21. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí ECEC a éascú, mar shampla, trí thuismitheoirí a chur ar an eolas faoi na háiteanna atá ar fáil nó trí chúnamh a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha le nósanna imeachta riaracháin, agus na seirbhísí sin a oiriúnú do réaltachtaí mhargadh an tsaothair; á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit rochtain uilíoch ar sheirbhísí poiblí cúraim leanaí a áirithiú; ag tabhairt dá haire, nuair nach leor an rochtain sin, gur cheart go mbeadh saoráidí príobháideacha, baile-bhunaithe agus comhoibritheacha in ann seirbhísí poiblí ECEC a chomhlánú, ar choinníoll go gcomhlíonann siad go hiomlán na caighdeáin cháilíochta chéanna maidir le forbairt fhoriomlán leanaí;
22. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh ar oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, poiblí, cuimsitheach agus ar ardchaighdeán, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seach-churaclaim ag gach aois, lena gcothófar a bhforbairt mhothúchánach, shóisialta, chognaíoch agus fhisiciúil; á iarraidh ar na Ballstáit cóimheasa iomchuí idir múinteoirí agus mic léinn a bhunú, le dearadh atá bunaithe ar riachtanais, sábháilteacht agus folláine leanaí a choimirciú, tionchar na gcóras oideachais a uasmhéadú maidir le comhdheiseanna a chruthú agus timthriallta eisiaimh ó ghlúin go glúin a bhriseadh;
23. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá infheistíochtaí san oideachas príobháideach agus san oideachas poiblí lena n-áirithítear cur chuige atá saincheaptha don duine aonair le haghaidh leanaí a bhaineann le grúpaí sóisialta níos leochailí; á chur i bhfáth gur cheart go bhforbrófaí an cur chuige sin i gcomhar le múinteoirí, speisialtóirí sóisialta agus oideachais, teaghlaigh agus pobail; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit idirdheighilt scoile a chomhrac agus beartais, straitéisí agus uirlisí a fhorbairt chun oideachas cuimsitheach a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire, i gcásanna an-teoranta agus sonracha, amhail i gcásanna dian-mhíchumas, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le ranganna speisialaithe nó scoileanna speisialaithe a thairiscint do leanaí, agus ag an am céanna á thabhairt chun suntais gur cheart gur bearta iad sin a bheadh ina rogha dheiridh mar gheall ar an mbaol idirdhealaithe agus eisiaimh a bhaineann le ranganna speisialaithe nó scoileanna speisialaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rochtain ar oideachas cuimsitheach ardcháilíochta a áirithiú go sonrach do gach duine faoi mhíchumas chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a dhéanann difear dóibh;
24. ag cur béim ar thaithí roinnt Ballstát lena n-áirithítear go gcuirtear téacsleabhair agus ábhair theagaisc, chomh maith le hiompar scoile agus béilí sláintiúla, turais oideachais agus chultúrtha agus maoirseacht, ar fáil saor in aisce; á mholadh go leathnófaí an córas sin chuig na Ballstáit uile chun rochtain chothrom ar oideachas a áirithiú agus mar thacaíocht thábhachtach do bhuiséid na dteaghlach is leochailí; á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú maidir leis an taithí agus na cláir sin; á mholadh do na Ballstáit rochtain ar bhéilí scoile sláintiúla saor in aisce a chur ar fáil do leanaí i gcásanna leochaileacha ar a laghad, gan stiogmatú ná idirdhealú díreach nó indíreach; á chur i bhfáth gur cheart go bhfaigheadh leanaí atá i ngátar coibhéis béile saor in aisce freisin ar na laethanta nach bhfuil siad ar scoil;
25. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain uilíoch ar chúram sláinte poiblí, inacmhainne agus ar ardchaighdeán máthartha, nuabheirthe agus péidiatraiceach a ráthú, lena n-áirítear cosc príomhúil, cláir imdhíonta agus cúram príomhúil, rochtain ar dhiagnóis, ar chóireáil agus ar athshlánú agus rochtain ar an réimse is éagsúla de shainchóireáil leighis agus theiripeach, lena ráthaítear an ceart do mhná sláinte ghnéis agus atáirgthe, cúram máithreachais agus cuairteanna baile sa tréimhse cúraim réamhbhreithe agus iarbhreithe a fháil agus rochtain ar dhochtúirí teaghlaigh, ar altraí, ar fhiaclóirí, ar chothaitheoirí, ar theiripeoirí urlabhra agus teanga, ar otailmeolaithe, ar sheirbhísí comhairleoireachta teaghlaigh agus ar shíceolaithe eile a áirithiú, gan beann ar stádas eitneach, sóisialta nó riaracháin na dtuismitheoirí; ag cur béim ar an luach a bhaineann le leanaí a vacsaíniú agus ar an ngá dul i ngleic le teophointí na bréagaisnéise maidir leis na tairbhí a bhaineann le vacsaíniú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ganntanas leanúnach cógas do leanaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit táirgeadh leordhóthanach agus stoc-charnadh chógais thábhachtacha an chúraim phríomhúil phéidiatraicigh a áirithiú;
26. á iarraidh ar na Ballstáit comhpháirtíochtaí a bhunú idir seirbhísí oideachais, sláinte agus sóisialta chun rochtain ar chúram agus tacaíocht a éascú do leanaí a bhfuil gá acu leis, mar shampla, agus tástálacha éisteachta agus radhairc córasacha á soláthar do leanaí go díreach ar scoil; á iarraidh ar na Ballstáit malartú faisnéise a éascú ar fud seirbhísí éagsúla sóisialta, oideachais agus sláinte maidir le riachtanais forbartha leanaí le comhaontú roimh ré óna dtuismitheoirí, agus urraim á háirithiú don cheart chun príobháideachais atá ag leanaí agus a dteaghlaigh agus do leas an linbh;
27. á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a dhearadh, a chistiú agus a chur chun feidhme go cuí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí agus ag a dteaghlaigh ar bhia sláintiúil agus inacmhainne; á mheabhrú go gcuireann rochtain theoranta leanúnach ar bhia úr, inacmhainne agus sláintiúil le fadhbanna sláinte, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do dhaoine leochaileacha a bhfuil cónaí orthu i limistéir atá nasctha go dona agus a bhfuil seirbhísí in easnamh iontu; ag tathant ar na Ballstáit bia sláintiúil a áireamh ina gcuid straitéisí sláinte poiblí trí éagsúlú aiste bia agus, i gcás inar gá, forbhianna a spreagadh, chun leanaí a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le míchothú nó tearc-chothú; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí chun infhaighteacht bianna sláintiúla agus inacmhainne a dhreasú agus, ag an am céanna, tomhaltas bianna agus deochanna ardsiúcra agus ramhraithe ag leanaí agus déagóirí a dhíspreagadh;
28. á iarraidh ar na Ballstáit comhar rianúil agus tacaíocht airgeadais leormhaith a áirithiú agus a neartú d’eagraíochtaí tiomnaithe neamhrialtasacha um chúnamh bia, chomh maith leis an gcomhar le struchtúir ábhartha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a threisiú chun díriú ar thionchair eacnamaíocha na géarchéime reatha ar bhealach níos éifeachtúla agus chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do theaghlaigh atá buailte; á chur i bhfáth gur gá aird phráinneach a thabhairt ar an ngéarchéim reatha maidir le cúnamh bia atá os comhair na struchtúr ábhartha agus na dteaghlach atá leochaileach ó thaobh an gheilleagair de agus a leanaí araon; á iarraidh ar na Ballstáit eolas agus taithí a mhalartú maidir le tacú le fostaíocht tuismitheoirí trí Chlár AE um Fhoghlaim Fhrithpháirteach;
29. á chreidiúint nár cuireadh streachailt shíceolaíoch atá ag teacht chun cinn ón mbochtaineacht agus ón eisiamh sóisialta san áireamh go leordhóthanach i straitéis mheabhairshláinte agus i bpleananna gníomhaíochta náisiúnta an Choimisiúin; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le teaghlaigh i staideanna leochaileacha trí sheirbhísí sóisialta aonair agus saincheaptha agus trí thacaíocht mheabhairshláinte agus shíceasóisialta;
30. ag cur sonrú ar theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 dar teideal ‘A Digital Decade for children and youth: the new European strategy for a better internet for kids’ [Deich mBliana Digiteacha do leanaí agus don óige: an straitéis Eorpach nua maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí’ agus á iarraidh go mbeadh beartas uileghabhálach ann a bheadh dírithe ar mheabhairshláinte leanaí a chosaint ar ró-nochtadh agus ar ró-thomhaltas ábhair ar líne;
31. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beathú cíche a chur chun cinn go gníomhach, i gcomhréir le moltaí EDS;
32. á chur in iúl gur geal léi an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 mar bhealach nithiúil chun cearta comhionanna daoine faoi mhíchumas agus a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcuirfear míchumais san áireamh go cuí agus beartais agus tionscnaimh AE á gceapadh, á gcur chun feidhme agus faireachán á dhéanamh orthu, go háirithe na bacainní agus na dúshláin atá roimh leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena thogra(37) le haghaidh creat le haghaidh seirbhísí sóisialta barr feabhais do dhaoine faoi mhíchumas agus a áirithiú go bhfeabhsófar leis an gcreat sin freisin rochtain ar sheirbhísí sóisialta barr feabhais do leanaí faoi mhíchumas agus do leanaí a bhfuil tuismitheoirí faoi mhíchumas acu; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil bearta sonracha agus spriocdhírithe de dhíth ar leanaí a bhfuil cúram de dhíth orthu agus ar leanaí atá faoi mhíchumas agus/nó neamhoird chognaíocha iad, go háirithe tráth géarchéime, chomh maith le seirbhísí speisialta oideachais agus cúraim chun cur i gcoinne neamhionannais agus easpa lánpháirtíochta sóisialta;
33. á iarraidh ar na Ballstáit bearta sonracha a fhorbairt chun tacú le tuismitheoirí faoi mhíchumas agus le tuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas agus chun faisnéis inrochtana a áirithiú maidir leis an tacaíocht atá ar fáil dóibh; ag aithint na dtairbhí a bhaineann le hidirghabháil luath-óige atá dírithe ar an teaghlach agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit í a phríomhshruthú sna réimsí beartais ábhartha uile, amhail beartais chun cearta leanaí agus daoine faoi mhíchumas a chosaint, agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas ina leith a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gné an mhíchumais a ionchorprú agus dul i gcomhairle go fóinteach le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha agus gníomhaíochtaí á bpleanáil acu chun caighdeán leormhaith maireachtála agus cosaint shóisialta daoine faoi mhíchumas a áirithiú, go háirithe le linn géarchéimeanna agus aistrithe;
34. á iarraidh ar na Ballstáit éifeachtacht na seirbhísí sóisialta agus na cosanta sóisialta a fheabhsú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais oibrithe agus trí infheistíocht a dhéanamh ina bhforbairt ghairmiúil trí dheiseanna oiliúna leanúnacha, chomh maith le pá leormhaith agus dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an úsáid is leithne is féidir a bhaint as an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí mar fhreagairt shóisialta lena n-éascófar lánpháirtiú sóisialta agus cuimsiú sóisialta leanaí agus teaghlach atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, go háirithe iad siúd ó spriocghrúpaí sainaitheanta agus sna limistéir is iargúlta; á chur i bhfáth gur léir nach leor na cistí atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna struchtúracha atá ann cheana, ar fadhbanna iad atá níos measa mar gheall ar éifeacht charnach géarchéimeanna comhleanúnacha agus an easpa infheistíochta poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an infheistíocht agus córais cosanta leanaí agus seirbhísí leasa shóisialta a neartú, lena bhféadfar an Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme go pras i gcomhthéacs géarchéimeanna nua agus líon méadaitheach(38) na leanaí atá i ngátar;
36. ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit sin nár fhoilsigh a bplean gníomhaíochta náisiúnta go fóill faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí é sin a dhéanamh, ionas gur féidir le leanaí atá i ngátar tairbhe a bhaint as gan mhoill; á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú agus nuashonrú rialta a dhéanamh ar a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, a dtiomantas polaitiúil a chomhlíonadh le gníomhaíochtaí uaillmhianacha cuimsitheacha agus córais faireacháin agus mheastóireachta a chur i bhfeidhm, trí mhéadracht shoiléir, ilearnálach agus inchomparáide a leagan síos, trí infheistiú i mbailiú éifeachtúil agus éifeachtach sonraí agus trí spriocanna níos sonraí a léiriú agus trí chuspóirí na Ráthaíochta do Leanaí a léiriú; á iarraidh ar na Ballstáit comhleanúnachas agus sineirgí a áirithiú idir an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí mar straitéis frithbhochtaineachta agus an Ráthaíocht Neartaithe don Aos Óg mar bheartas gníomhach maidir le margadh an tsaothair, chun an tréimhse aoise iomlán ón mbreith go dtí an aosacht a chumhdach;
37. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht shóisialta a mhéadú a bheidh dírithe go sonrach ar thuismitheoirí atá dífhostaithe nó atá sáinnithe i mbochtaineacht lucht oibre, go háirithe trí ioncam íosta ráthaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú aige, treoir réime a mholadh maidir le hioncam íosta lena leagfar síos íoschaighdeáin chomhchoiteanna agus modheolaíochtaí chun scéimeanna ioncaim íosta inrochtana, cumasaithe agus leormhaithe a ráthú;
38. á thabhairt chun suntais an ceart chun tithíochta cuibhiúla, inacmhainne, cuimsithí, fuinneamhéifeachtúla agus ardcháilíochta lena bhfreastalaítear ar riachtanais leanaí agus a dteaghlaigh agus lena n-áirithítear a bhfolláine, a bpríobháideachas agus a gcáilíocht saoil; á chur in iúl gur saoth léi beartais tithíochta lena ndíbrítear teaghlaigh as cathracha i roinnt Ballstát, lena gcuirtear sásraí caidreamhachta as a riocht agus lena lagaítear líonraí tacaíochta príomhúla, rud a mhéadaíonn eisiamh leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit beartas tithíochta poiblí a chur chun cinn lena dtéitear i ngleic le hamhantraíocht i maoin, lena n-infheistítear i dtithíocht shóisialta agus inbhuanaithe agus lena ráthaítear an ceart chuige sin; á iarraidh ar an gCoimisiún plean uaillmhianach a fhorbairt chun freastal ar riachtanais tithíochta shaoránaigh uile AE, tacú le forbairt tithíochta sóisialta agus fóirdheontais tithíochta a dhéanamh níos inrochtana ag an am céanna, agus deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030 trí straitéisí coisctheacha atá bunaithe ar thithíocht; á mheabhrú go bhfágtar leanaí agus a dteaghlach leochaileach de dheasca stoc tithíochta atá ag dul ó mhaith – a dhéanann difear d’éifeachtúlacht fuinnimh – agus praghsanna fuinnimh atá ag ardú;
39. á iarraidh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchar an bhoilscithe agus an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála ar na grúpaí socheacnamaíocha éagsúla chun bearta spriocdhírithe a fhorbairt do na teaghlaigh is leochailí, go háirithe maidir le bia, fuinneamh, iompar, nascacht idirlín agus earraí bunriachtanacha eile, agus cur chuige atá íogair ó thaobh leanaí agus inscne de á chur san áireamh, chun tionchar an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála ar leanaí agus ar a dteaghlach a laghdú agus chun gníomhú ina choinne ó thaobh airgeadais de; á iarraidh ar na Ballstáit bearta spriocdhírithe a fhorbairt chun dul i ngleic leis na tionchair sin agus coigeartú sochar sóisialta agus pánna a éascú i gcomhréir leis an mboilsciú;
Dul i ngleic leis an idirdhealú agus leis an eisiamh sóisialta
40. ag cáineadh na gcineálacha foréigin, mí-úsáide, dúshaothraithe agus faillí uile, lena n-áirítear na cineálacha a dhéantar ar líne, maidir le leanaí, chomh maith le foréigean in aghaidh na mban, foréigean teaghlaigh agus foréigean inscnebhunaithe; á iarraidh ar na Ballstáit córais chomhtháite um chosc agus um chosaint a fhorbairt, a neartú agus a chur chun feidhme i leith leanaí agus íospartaigh eile d’fhonn foréigean, mí-úsáid, dúshaothrú agus faillí a dhíothú; á chur i bhfios go láidir gur cheart na córais sin a fhorbairt i gcomhar leis na seirbhísí poiblí ábhartha uile (lena n-áirítear scoileanna agus institiúidí sláinte), lena gceadófaí mearfhreagairt lena gcosnaítear agus lena gcumhachtaítear leanaí agus lena gcuirtear a leasanna chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar fhoréigean i measc leanaí, lena n-áirítear cibearfhoréigean agus bulaíocht, chomh maith le dea-chleachtais sa réimse sin a mhalartú, chun freagairtí éifeachtúla a fhorbairt chun iarmhairtí diúltacha ar leanaí a chosc;
41. ag cáineadh na gcineálacha idirdhealaithe uile; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar díreach ag an idirdhealú ar leanaí agus ar a dteaghlach trí bhac a chur ar a rochtain ar mhargadh an tsaothair, ar thithíocht agus ar sheirbhísí bunriachtanacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht an phobail a mhúscailt chun deireadh a chur le stiogmatú, steiréitíopáil agus eisiamh sóisialta leanaí agus teaghlach i staideanna leochaileacha, ionas go dtuigfidh daoine go bhféadfadh sé tarlú nach bhfuil aon smacht ag teaghlaigh ar na himthosca a fhágann go bhfuil siad leochaileach;
42. á chur in iúl gur saoth léi gur minic a bhíonn leanaí Romacha faoi ró-ionadaíocht in institiúidí cosanta sóisialta i gcomparáid le leanaí nach leanaí Romacha iad mar thoradh ar thimthriall na bochtaineachta i dteaghlaigh Romacha; á thabhairt chun suntais gur minic gurb iad leanaí Romacha agus a dteaghlach is túisce a fhulaingíonn le linn géarchéime; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt, agus an Ráthaíocht do Leanaí á cur chun feidhme, ar na dúshláin uathúla a bhíonn roimh leanaí Romacha, ar leanaí iad a bhíonn thíos leis an bhfíorbhochtaineacht, an t-eisiamh agus an t-idirdhealú go minic i ngach réimse den saol; á iarraidh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt do bhearta éifeachtacha agus do ghníomhaíochtaí sonracha chun feabhas a chur ar stádas an teaghlaigh agus ar dhálaí maireachtála, sláinte agus folláine leanaí agus ar luathfhoghlaim agus chun freagrúlacht tuismitheoirí a chothú i gcur chun feidhme Chreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh;
43. á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh i dtacaíocht agus obair leantach le haghaidh leanaí ar imircigh nó teifigh iad, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha agus leanaí gan stát agus a dteaghlach, agus chun cúramóirí cáilithe leordhóthanacha, saoráidí óstacha ar ardchaighdeán agus pobail fháilteacha a áirithiú, chun neamhionannais a laghdú agus chun cuimsiú sóisialta leanaí agus a dteaghlach a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfuil na beartais agus na cinntí uile lena mbaineann ailínithe le straitéis an Aontais um chearta an linbh; á mholadh go ndéanfaí an úsáid a bhaintear as institiúidiú a íoslaghdú leis an bpróiseas cuimsitheach do leanaí neamhthionlactha agus d’iarrthóirí óga tearmainn;
44. á mholadh go bhforbródh na Ballstáit beartais shóisialta réamhghníomhacha chun dul i ngleic le bunchúiseanna institiúidithe leanaí, lena n-áiritheofar nach mar gheall ar an mbochtaineacht agus an t-eisiamh a chuirtear leanaí in institiúid; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear leanaí agus daoine óga in institiúid ach amháin mar rogha dheiridh agus infheistíocht a dhéanamh chun leanaí agus daoine óga a chur i gcórais chúraim mhalartacha chun an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlaigh agus cúram pobalbhunaithe a éascú, agus lánurraim á tabhairt do na hoibleagáidí a chumhdaítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus i bpríomhionstraimí eile maidir le cearta an duine;
45. á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le saothar leanaí san Eoraip agus meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar shaothar leanaí mar thoradh ar chiorruithe buiséadacha ar oideachas agus ar oiliúint, agus ar bheartais shóisialta agus ar thacaíocht do theaghlaigh; á chur in iúl gur geal léi, sa chiall sin, na moltaí(39) chun na cúiseanna le saothar leanaí a dhíothú; á iarraidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeadh acmhainní leormhaithe ag cigireachtaí saothair chun sonraí a bhailiú, faireachán a dhéanamh ar shaothar leanaí agus gníomhaíochtaí coisctheacha agus feabhais a dhéanamh;
46. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún páirt ghníomhach a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar leanaí i leith aon chineál dúshaothraithe, lena n-áirítear obair, pósadh éigeantais, uchtú neamhdhleathach, gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus teacht i dtír gnéasach;
Ceart gach linbh chun timpeallachta glaine, sláintiúla agus inbhuanaithe, chun bheith rannpháirteach agus chun súgradh
47. á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar díréireach ag truailliú an chomhshaoil agus ag an athrú aeráide ar ghrúpaí ar ioncam íseal agus go bhfuil líon níos airde fadhbanna a bhaineann leis an tsláinte, ionchas saoil níos ísle agus níos lú deiseanna saoil do leanaí ann ina dhiaidh sin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé saoráidí maireachtála, cúraim agus oideachais a chur in oiriúint d’éigeandálaí aeráide agus cur chuige atá íogair ó thaobh leanaí de i leith na faidhbe sin a phríomhshruthú, lena n-áirítear rannpháirtíocht na saoráidí sin i ngníomhaíochtaí gaolmhara agus sealbhú na scileanna is gá don aistriú aeráide; á iarraidh ar na Ballstáit an méid thuas a chur san áireamh agus a bpleananna oiriúnaithe agus maolaithe um an athrú aeráide á dtarraingt suas acu, trí réitigh shonracha a chur san áireamh do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áiritheofar go n-urramófar an ceart chun timpeallachta sábháilte, sláine agus glaine agus lena n-áiritheofar feasacht i measc na nglúnta óga;
48. á chur i bhfáth an ceart chun cultúir, spóirt agus fóillíochta agus chun rochtain a fháil ar spásanna oscailte agus ar thimpeallacht shláintiúil do gach leanbh, mar a leagtar síos in UNCRC; á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus fóillíochta iomchuí a chur chun cinn lena gcuirfear ar chumas gach linbh, gan beann ar a gcúlra socheacnamaíoch agus ar a staid teaghlaigh, a gcuid ama a chaitheamh tar éis na scoile agus le linn laethanta saoire agus páirt á glacadh acu i ngníomhaíochtaí atá spreagúil ar bhonn fisiciúil agus cognaíoch; ag moladh do na Ballstáit cistí Eorpacha atá ar fáil a úsáid chun rannpháirtíocht chomhionann leanaí ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim agus fóillíochta; á iarraidh ar na Ballstáit beartais a bhunú lena dtabharfaí cumhacht do thuismitheoirí tacú lena leanaí lasmuigh den timpeallacht cúraim leanaí le linn a n-óige, go háirithe le linn na luath-óige;
49. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá straitéis neartaithe AE don spórt lena spreagtar leanaí agus daoine óga chun páirt a ghlacadh sa spórt agus sa chorpoideachas, gan beann ar a gcúlra socheacnamaíoch, agus sult a bhaint as an saol amuigh faoin aer gan beann ar a n-aois agus a leibhéal aclaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an spórt maidir le feabhas a chur ar athléimneacht sláinte leanaí agus ar ghalair ainsealacha a chosc; á athdhearbhú go bhfuil ról lárnach ag spórt foirne maidir leis an gcuimsiú sóisialta;
50. á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit treoirlínte a fhorbairt chun tacú le rannpháirtíocht leanaí sa phróiseas ceaptha beartas, lena gcuirfear sásraí i bhfeidhm lena gcuirtear rannpháirtíocht leanaí chun cinn sa chinnteoireacht a dhéanann difear dá saol, agus chun leanaí a chumasú agus a spreagadh chun tuairimí feasacha a chur in iúl, agus a áirithiú go léireofar na tuairimí sin sna príomhchinntí a dhéanann difear dóibh;
51. á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit béim a leagan, ina mbeartais maidir le leanaí nó beartais a bhfuil tionchar acu ar leanaí, ar an gceart chun súgradh agus chun gníomhaíochta áineasa mar ghné struchtúrach d’fhorbairt fhoriomlán leanaí, trí bhonneagar agus cláir a chur i bhfeidhm lena léirítear tábhacht an chirt sin;
o o o
52. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Eurostat, ‘1 in 4 children in the EU at risk of poverty or social exclusion’ [Baol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar dhuine as gach ceathrar leanbh san Aontas], 28 Deireadh Fómhair 2021.
Eurostat, ‘1 in 4 children in the EU at risk of poverty or social exclusion’ [Baol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar dhuine as gach ceathrar leanbh san Aontas], 28 Deireadh Fómhair 2021.
I gcomhréir le creat straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh 2020-2030, cuimsíonn an tagairt do ‘Roma’, mar scáth-théarma, raon leathan daoine éagsúla de bhunadh Romach amhail: Romaigh, Sintígh, Kale, Romanichels agus Boyash/Rudari. Cuimsíonn sé freisin grúpaí amhail Ashkali, Éigiptigh, an pobal léineach, Dom, Lom, Rom agus Abdal, chomh maith le pobail lucht siúil, lena n-áirítear an Lucht Siúil eitneach nó iad siúd atá ainmnithe faoin téarma riaracháin gens du voyage agus daoine a aithníonn mar Ghiofóga, Tsiganes nó Tziganes, gan a gcuid sainiúlachtaí a shéanadh. Ba cheart an sainmhíniú sin a chur san áireamh sa tuarascáil ar fad.
Tagraíonn úsáid an natha ‘leanaí i gcásanna leochaileacha’ nó ‘leanaí ó chúlra/teaghlaigh faoi mhíbhuntáiste’ sa tuarascáil seo don sainmhíniú a chumhdaítear sa Ráthaíocht do Leanaí, lena n-áirítear na grúpaí seo a leanas: leanaí gan dídean nó leanaí a bhfuil diandíothacht tithíochta orthu; Leanaí faoi mhíchumas. leanaí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu; leanaí de bhunadh imirceach nó mionlach eitneach (go háirithe Romaigh) leanaí i gcúram malartach (go háirithe cúram institiúideach) leanaí i staideanna éiginnte teaghlaigh Sa tuarascáil sin, áirítear leanaí LGBTIQ+ sa sainmhíniú sin freisin.
Eurostat, ‘Leanaí i gcúram leanaí foirmiúil nó in oideachas foirmiúil de réir aoisghrúpa agus fad - % thar dhaonra gach aoisghrúpa - suirbhé AE-SILC’, 29.9.2023; is ionann sonraí agus suim chéatadáin na leanaí faoi bhun trí bliana d’aois atá i gcúram leanaí foirmiúil ar feadh 1-29 uair an chloig sa tseachtain agus na leanaí atá i gcúram leanaí foirmiúil os cionn 30 uair an chloig sa tseachtain.
Eurostat, 2022, ‘Eoraip uirbeachthuaithe – cáilíocht saoil i limistéir thuaithe’; ECFE iLibrary, ‘Oideachas agus Cúram Sláinte ar Ardchaighdeán a Sholáthar do Chách: Réigiúin a Ullmhú le haghaidh Athruithe Déimeagrafacha – Caibidil 4. Seirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a sholáthar i bpobail tuaithe’, 5.3.2021.
Save the Children Europe, 2023, ‘Todhchaí Leanaí a Ráthú: Éifeacht COVID-19, géarchéimeanna costais maireachtála agus aeráide ar leanaí sa bhochtaineacht agus cad is gá do rialtais san Eoraip a dhéanamh’.
UNICEF agus Eurochild, Samhain 2021, ‘Leanaí i gcúram malartach: Staidreamh inchomparáide chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le dí-institiúidiú ar fud an Aontais Eorpaigh’.
Is ionann sin agus an líon i dtuaisceart, i ndeisceart, in iarthar agus in oirthear na hEorpa: An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, 2021, ‘Próifíl staidrimh d’fhostú leanaí:An Eoraip agus an Áise Láir’.
Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).
An Coimisiún Eorpach, Bealtaine 2022,‘Check progress on the Strategy for the Rights of Persons with Disabilities’ [Seiceáil an dul chun cinn ar an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas].
Save the Children Europe, 2023, ‘Todhchaí Leanaí a Ráthú: Éifeacht COVID-19, géarchéimeanna costais maireachtála agus aeráide ar leanaí sa bhochtaineacht agus cad is gá do rialtais san Eoraip a dhéanamh’.
EIS–UNICEF, 2021, Child Labour: Global estimates 2020, trends and the road forward [Saothar Leanaí: Meastacháin dhomhanda 2020, treochtaí agus an bealach chun cinn].
Tús Áite do Leanaí - an Ráthaíocht do Leanaí a neartú, dhá bhliain tar éis a glactha
81k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 i ndáil le Tús Áite do Leanaí - an Ráthaíocht do Leanaí a neartú, dhá bhliain tar éis a glactha(2023/2811(RSP))
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 165(4), 166(4) agus 214(5) de,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a dhaingnigh AE in 2010,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013(2) (‘Erasmus+’),
– ag féachaint do na Treoirlínte cur chun feidhme: Straitéis Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh um Chuimsiú agus Éagsúlacht, a foilsíodh an 29 Aibreán 2021,
– ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais Eorpaigh(3),
– ag féachaint don rún ón gComhairle agus ó ionadaithe de chuid na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 5 Meitheamh 2019, lena mbunaítear treoirlínte maidir le rialachas idirphlé óige an Aontais Eorpaigh – Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, 2019-2027(4),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience[Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (COM(2020)0274),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Union of equality: EU anti-racism action plan 2020-2025 ]Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025] (COM(2020)0565),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal Digital Education Action Plan 2021-2027 – Resetting education and training for the digital age [Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 – Athshocrú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint don ré dhigiteach] (COM(2020)0624),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (COM(2020)0625),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Samhain 2020 dar teideal Action plan on Integration and Inclusion 2021-2027 [Plean gníomhaíochta maidir le Lánpháirtiú agus le Cuimsiú 2021-2027] (COM(2020)0758),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiúin an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta] (COM(2021)0102),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal EU strategy on the rights of the child [Straitéis AE maidir le cearta an linbh] (COM(2021)0142),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022)(5),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’(7),
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt(8),
– ag féachaint dá rún an 8 Márta 2022 maidir le ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais(9),
– ag féachaint don rún uaithi an 6 Aibreán 2022 maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí oideachais saoránachta(10),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 – micridhintiúir, cuntais foghlama aonair agus foghlaim le haghaidh timpeallacht inbhuanaithe(11),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme bearta cuimsithe laistigh de chlár Erasmus+ 2014-2020(12),
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2022 maidir leis an tionchar a bhí ag dúnadh gníomhaíochtaí oideachais, cultúrtha, óige agus spóirt ar leanaí agus ar dhaoine óga in AE i ngeall ar COVID-19(13),
– ag féachaint do rún uaidh an 24 Samhain 2022 maidir le Leagáid Bhliain Eorpach na hÓige 2022(14),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,
– ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0308/2023),
A. de bhrí gur clár neamhspleách é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ceaptha deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine óga chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí saorálaíochta i réimsí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht, chomh maith le tionscadail dlúthpháirtíochta a cheapadh agus a fhorbairt;
B. de bhrí, mar gheall ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, gur cheart breisluach Eorpach a chur ar fáil, dul chun tairbhe do phobail agus forbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil na rannpháirtithe a chothú; de bhrí gur eispéireas saibhrithe i gcomhthéacs na foghlama seachfhoirmiúla agus na foghlama neamhfhoirmiúla í an tsaorálaíocht, laistigh den Aontas agus lasmuigh de, ina gcuirtear an dlúthpháirtíocht, luachanna Eorpacha agus comhionannas deiseanna chun cinn;
C. de bhrí go raibh tionchar ag éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar ghné soghluaisteachta an chláir agus gur cuireadh moill ar roinnt tionscadal; de bhrí nach ndearna siad difear don spéis sa chlár, rud a leag béim ar acmhainneacht an chláir agus a chruthaigh a thábhachtaí atá rannpháirtíocht daoine óga ar an láthair i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear saorálaíocht chumaisc;
D. de bhrí gur chuir an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna ar fáil chun gníomhaíochtaí a athdhíriú chun tacú le daoine atá ag teitheadh ón Úcráin agus chun gníomhaíocht speisialta beartais a thabhairt isteach chun rannchuidiú le fóirithint agus cúnamh do dhídeanaithe ón Úcráin;
E. de bhrí go bhfuil bearta cáilíochta agus tacaíochta bunriachtanach chun gníomhaíochtaí saorálaíochta ar ardchaighdeán a chur ar fáil; de bhrí go bhfuil go leor deacrachtaí roimh na bearta sin; de bhrí go bhfuil uirlisí éifeachtacha agus éifeachtúla ríthábhachtach do chur chun feidhme an chláir;
F. de bhrí go bhfuil infheictheacht an chláir fós sách íseal, go háirithe i measc eagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla don óige; de bhrí léiríodh gur dheis uathúil í Bliain Eorpach na hÓige in 2022 chun infheictheacht an chláir a fheabhsú; de bhrí go bhfuil gá acmhainní leordhóthanacha a úsáid chun an chláir a chur chun cinn ar bhonn níos forleithne agus branda inaitheanta a chruthú;
G. de bhrí nach n-aithnítear obair don óige agus oideachas oibrithe don óige i ngach Ballstát, rud a chruthaíonn neamhréireachtaí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus i gcláir eile don óige; de bhrí go n-áiritheofar leibhéal íosta comhchuibhithe maidir le réaltachtaí daoine óga ar fud an Aontais trí aitheantas a thabhairt d’obair don óige agus d’oideachas oibrithe don óige agus go bhféadfadh go mbeadh tionchar dearfach aige ar cháilíocht na dtionscadal i gclár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;
H. de bhrí go bhfuil sé beartaithe leis an gclár deiseanna a chur ar fáil do 185 755 duine óg ar a laghad faoi 2027, agus maoiniú bronnta leis go dtí seo ar bheagnach 43 000 duine óg as an 80 000 a chuir iarratais isteach; de bhrí go ndéanann 85 % de rannpháirtithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh iarratas ar ghníomhaíochtaí saorálaíochta fadtéarmacha, i gcomparáid leis an meastachán tosaigh de 65 % ar shaorálaíocht fhadtéarmach agus 35 % ar shaorálaíocht ghearrthéarmach;
I. de bhrí go bhfuil acmhainneacht mhór ag an gCóir Dlúthpháirtíochta Eorpach braistint chomhuintearais Eorpach a fhorbairt trí dheiseanna foghlama a chur ar fáil do shaorálaithe chun a bheith ina saoránaigh ghníomhacha, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le sochaithe níos fearr a thógáil, comhtháthú a chothú, síocháin a chur chun cinn agus foréigean a chosc;
J. de bhrí gur ar cheann de na príomhthosaíochtaí beartais tá daoine óga ar lú na deiseanna atá acu a chur san áireamh; de bhrí, in 2021-2022, gur bhain 14 060 rannpháirtí leis an gcatagóir sin, rannpháirtí ar bronnadh áiteanna ar 8 622 acu mar shaorálaithe aonair agus ar bronnadh áiteanna ar 5 438 acu ar fhoirne saorálaíochta; de bhrí gur cheart go mbeadh an chuimsitheacht, lena n-áirítear i gceantair thuaithe, fós ina príomhthosaíocht don chlár agus gur cheart tuilleadh iarrachtaí a dhíriú ar chothromaíocht gheografach a áirithiú maidir le rannpháirtíocht daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste ar fud an Aontais; de bhrí gur cheart iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun teagmháil a dhéanamh leis an óige agus chun an tacaíocht a theastaíonn uathu a chur ar fáil dóibh; de bhrí, i gcásanna áirithe, gur féidir le húsáid débhríoch an téarma ‘cuimsiú daoine ar lú na deiseanna atá acu’ dúshláin a chruthú agus difear a dhéanamh do chur chun feidhme fóinteach;
K. de bhrí go dtagraíonn an tuarascáil bhliantúil dheireanach ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a cuireadh ar fáil go poiblí don tréimhse 2018-2019; de bhrí go ndearbhaítear le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh go bhfuil ceapadh beartais óige atá bunaithe ar fhianaise agus forbairt eolais bunriachtanach agus go gcuireann siad leis an díospóireacht phoiblí níos leithne; de bhrí go bhfuil an deais a cruthaíodh don Straitéis Óige agus na tacair sonraí atá ar fáil ar Eurostat ilroinnte, neamh-inchomparáide agus dorochtana; de bhrí go bhfuil sonraí atá imdhealaithe de réir aoise agus ó thaobh inscne de ríthábhachtach chun tuiscint ar riachtanais grúpaí éagsúla daoine óga a chothú; de bhrí gur cheart sonraí íogaire maidir le rannpháirtíocht saorálaithe a phróiseáil i gcomhréir iomlán le creataí reachtacha náisiúnta agus Eorpacha maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta;
L. de bhrí go gcuireann an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, an snáithe daonnúil den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, deiseanna ar fáil do dhaoine óga scileanna a fháil agus a fhorbairt agus nuálaíocht, athléimneacht, dlúthpháirtíocht agus slite beatha á gcothú i sochaithe éagsúla ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil an daonnúlachas atá bunaithe ar phrionsabail mar bhonn taca leis an tsaorálaíocht dhaonnúil;
M. de bhrí go bhfuil cur chun feidhme an tsnáithe daonnúil den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach fós ag céim luath, agus go bhfuiltear ag súil leis na chéad imscarthaí i Meitheamh 2023, rud a fhágann nach féidir é a mheasúnú ach go páirteach;
N. de bhrí gur mó an t-ardéileamh ar an gclár ná na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear air, rud a dhéanann difear mór do rannpháirtíocht daoine óga agus do líon na dtionscadal ar bronntar cistiú orthu;
O. de bhrí go bhfuil bacainní struchtúracha ar rannpháirtíocht sa chlár roimh imircigh óga agus roimh dhídeanaithe, go háirithe mar gheall ar a stádas riaracháin;
P. de bhrí nach bhfuil aon phróiseas seasta agus struchtúrtha ann i ndearadh agus i gcur chun feidhme an chláir a bhfuil baint ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ann;
Q. de bhrí go bhfuil tábhacht chuspóirí an chláir – eadhon rannchuidiú le comhtháthú sóisialta, tuiscint a chothú i measc mhuintir na hEorpa agus coinbhleacht a chosc trí dhlúthpháirtíocht – ina cruthúnas ar luach chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh mar chlár neamhspleách ar fiú buiséad níos mó a bheith aige chun a chur ar a chumas a fhíoracmhainneacht a bhaint amach; de bhrí go bhfuil próifíl ráta comhréidh ag an mbuiséad foriomlán EUR 1 033 bhilliún do 2021-2027 agus nach féidir leis freastal ar an ardéileamh, ar na costais mhéadaitheacha a bhaineann le maireachtáil, ar rátaí boilscithe agus ar dhúshláin eile; de bhrí go bhféadfadh srianta buiséid dochar a dhéanamh do cháilíocht agus do chuimsitheacht na dtionscadal agus go bhféadfadh sé nach mbeadh an clár chomh tarraingteach céanna;
1. á mheabhrú don Choimisiún, do na Ballstáit, do na gníomhaireachtaí náisiúnta (NAnna) agus d’eagraíochtaí saorálaíochta clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chur chun feidhme agus a fhorbairt i gcomhréir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a sainaithníodh dó, agus ag an am céanna, cuidiú le nósanna imeachta a shimpliú agus le hinfheictheacht a fheabhsú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar NAnna malartú rialta dea-chleachtas a neartú, comhthuiscint ar nósanna imeachta an chláir a fheabhsú, comhar a dhoimhniú agus cur chun cinn an chláir a fheabhsú; á chur i bhfáth gur cheart do na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, a bheith rannpháirteach i gcomhairliúchán rialta maidir le hábhair a thagann faoina n-inniúlacht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil do réimse éagsúil eagraíochtaí; á mholadh go gcuirfí tús arís leis an gcleachtas comhairle chomhairleach geallsealbhóirí eolacha agus taithí a thionól go rialta, lena n-áirítear eagraíochtaí don óige, arna gcomhordú ag Lárionad Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;
3. ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar NAnna agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha feasacht a mhúscailt faoin gclár agus a shraitheanna aonair, a bhranda a fhorbairt tuilleadh agus teagmháil a dhéanamh le níos mó eagraíochtaí óige agus daoine óga, go háirithe na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tsochaí, lena n-áirítear na daoine sin atá faoi mhíchumas agus a bhfuil níos lú deiseanna acu; á iarraidh ar an gCoimisiún saineolas agus treoir a chur ar fáil do NAnna chun cur ar a gcumas an clár a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag cumarsáid éifeachtach, bearta tacaíochta spriocdhírithe, faireachán agus tuairisciú rialta i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais nach mór cumarsáid mhéadaithe agus feasacht níos fearr faoin gclár a chomhlánú le buiséad méadaithe chun iarratasóirí nua a chumhdach agus chun ráta íseal ratha a sheachaint;
4. á iarraidh ar NAnna gníomhaíochtaí cumarsáide níos saincheaptha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh siad intuigthe agus inrochtana, chun leas a bhaint as acmhainneacht na n-eagraíochtaí don óige, go háirithe iad siúd atá á stiúradh ag daoine óga ar lú na deiseanna atá acu agus a thugann aghaidh orthu, agus chun an tacaíocht a chuireann siad ar fáil d’iarratasóirí a mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feachtas faisnéise a bhunú lena ndíreofar go sonrach ar an lucht spéise sin chun níos mó feasachta a chruthú agus chun cláir oiliúna éigeantacha a dhearadh go hiomchuí;
5. á chreidiúint gur cheart, le comóradh 10 mbliana an chláir in 2026 agus leis an bhféidearthacht 2025 a ainmniú mar Bhliain Eorpach na nOibrithe Deonacha, feabhas breise a chur ar infheictheacht na saorálaíochta agus na ndeiseanna le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach na hóige, ós rud é go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cruthú Bhliain na nOibrithe Deonacha tar éis na ngéarchéimeanna iomadúla a bhí san Eoraip, ar lena linn a bhí na saorálaithe agus a gcuid oibre thar a bheith luachmhar;
6. ag tabhairt dá haire gur lú an spéis a chuirtear i dtionscadail dlúthpháirtíochta agus nach bhfuil siad chomh feiceálach céanna, rud a mbíonn dáileadh neamhchothrom buiséid mar thoradh air; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar NAnna agus ar eagraíochtaí saorálaíochta gníomhaíochtaí gearrthéarmacha a chur chun cinn;
7. ag tabhairt dá haire gur léirigh paindéim COVID-19 gur cheart go mbeadh an clár níos athléimní in oirchill force majeure; ag tabhairt dá haire go bhfuil riachtanais agus treochtaí sóisialta daoine óga ag athrú; á iarraidh ar an gCoimisiún formáidí nua saorálaíochta a fhiosrú don chéad chlárthréimhse eile, amhail saorálaíocht pháirtaimseartha nó chumaisc, agus buiséad leordhóthanach a chur ar fáil do rannpháirtithe agus d’eagraíochtaí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfar na formáidí sin a úsáid mar chomhlánú luachmhar ar an tsoghluaisteacht fhisiciúil i gcásanna sonracha, ach nach gcuireann siad an cháilíocht chéanna taithí agus tairbhí ar fáil agus nach bhfuil siad ina n-ionad d’idirghníomhaíocht fhóinteach ar an láthair;
8. á chreidiúint go bhfuil gníomhaíochtaí intíre ábhartha do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh ar an gCoimisiún an teorainn aoise agus an líon éigeantach de chúigear rannpháirtithe in aghaidh an tionscadail dlúthpháirtíochta a ísliú do ghníomhaíochtaí intíre sa chéad chlárthréimhse eile, ag leanúint shampla ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige Erasmus+;
9. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tsoghluaisteacht shibhialta Eorpach nó cumais saorálaíochta trasnáisiúnta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a neartú, agus ar an gcaoi sin gníomhú mar cheann feadhna don chomhar agus don aitheantas idir scéimeanna náisiúnta saorálaíochta nó seirbhísí sibhialta lena dtairgtear taithí soghluaisteachta Eorpach;
10. ag aithint go bhfuil eagraíochtaí tacaíochta ríthábhachtach chun saorálaithe a ullmhú, ach ag tabhairt dá haire go bhfuil a ról fós doiléir; á iarraidh ar an gCoimisiún ról tacaíochta sonrach na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a aithint agus a neartú, dreasachtaí airgeadais a sholáthar dóibh agus a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí saorálaíochta a dhéanamh éigeantach;
11. á chreidiúint gur cheart go mbeadh an rogha ag eagraíochtaí tacaíochta seimineáir ullmhúcháin a dhéanamh dá saorálaithe féin, agus gur cheart go mbeadh eagraíochtaí in ann a roghnú an nglacfaidh a saorálaithe páirt i seimineáir a eagraíonn siad féin nó NAnna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oiliúint chuí do shaorálaithe a bhfuil gealltanas tugtha acu oibriú le daoine leochaileacha, go háirithe leanaí; á thabhairt chun suntais gur gá na nósanna imeachta riaracháin a éascú, go háirithe d’eagraíochtaí beaga agus d’eagraíochtaí nár dhéileáil le cláir Eorpacha go fóill; á iarraidh ar an gCoimisiún breis treorach mionsonraithe agus cúnaimh theicniúil a eisiúint d’iarratasóirí, chun nach ndíspreagfar eagraíochtaí ó phlé leis an gclár;
12. á chur in iúl gur geal léi cuspóirí cuimsitheacha an chláir agus na treoirlínte cur chun feidhme dá straitéis um éagsúlacht agus cuimsiú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an straitéis a chur chun feidhme le láncúram agus lánaird, go háirithe chun tacú le heagraíochtaí teagmháil a dhéanamh le níos mó rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, agus faireachán cúramach a dhéanamh ar a cur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar NAnna a dtacaíocht d’iarratasóirí a neartú agus sásraí agus uirlisí a fhorbairt chun cuimsiú éifeachtach agus fóinteach daoine ar lú na deiseanna atá acu a áirithiú, go háirithe trí líonrú a éascú idir eagraíochtaí a oibríonn leis na grúpaí sin agus trí oiliúint agus cúrsaí teanga, árachas, tacaíocht riaracháin agus iarghníomhaíochta a thairiscint do rannpháirtithe;
13. á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú a dhéanamh ar chur chuige níos solúbtha a ghlacadh maidir le saorálaíocht aonair, lena gcuirfí ar chumas rannpháirtithe tíortha, réimsí gníomhaíochta agus taithí a mheascadh agus a mheaitseáil; ag tabhairt dá haire neamhdhóthanacht na n-uirlisí cuardaigh agus meaitseála atá ann faoi láthair ar an ardán, rud nach ligeann d’úsáideoirí a acmhainneacht a úsáid go leordhóthanach;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh shonracha a chur san áireamh do shaorálaithe an Aontais chun rannchuidiú le hatógáil iarchogaidh na hÚcráine;
15. ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil na huirlisí agus na córais dhigiteacha a úsáidtear faoi láthair chun an clár a bhainistiú agus a chur chun feidhme ag obair i gceart agus go bhfuil leas iomlán á bhaint astu agus á iarraidh air dul i ngleic, gan mhoill, leis na saincheisteanna tromchúiseacha leanúnacha le huirlisí TF an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ar bac suntasach iad ní hamháin ar rannpháirtíocht eagraíochtaí beaga agus daoine óga ar lú na deiseanna atá acu, ach ar rannpháirtíocht gach cineáil tairbhithe freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún an próiseas le haghaidh uirlisí TF a shimpliú agus é a chur ar fáil do gach grúpa agus a dhéanamh níos soláimhsithe, agus uirlisí TF a thástáil ar scála sách mór sula gcuirfear i bhfeidhm iad a thuilleadh; ag tabhairt dá haire go raibh fadhbanna den chineál céanna le huirlisí TF ag Erasmus+ agus ag cláir eile atá maoinithe ag an Aontas;
16. á áitiú nach mór comhpháirteanna foghlama agus oiliúna a áireamh sa tsaorálaíocht laistigh den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach; ag tabhairt dá haire gur dhéileáil líon an-teoranta gníomhaíochtaí go díreach le hoideachas saoránachta; á iarraidh go bhfeabhsófaí eolas na saorálaithe ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear trí mhodúl maidir le saoránacht Eorpach, ar cheart é a ghlacadh mar chúrsa oiliúna roimh thaithí na dlúthpháirtíochta nó i gcomhthráth leis, chun breisluach Eorpach an chláir a threisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún taithí na dlúthpháirtíochta a dhoimhniú trí shaorálaithe a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna cuimhne sa tír óstach, go háirithe ar shuíomhanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do stair an Aontais Eorpaigh;
17. ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chainníocht na tacaíochta teanga ar líne do rannpháirtithe, uirlisí sórtála agus scagtha níos fearr a chomhtháthú sa chóras riaracháin agus tacaíochta maidir le socrúcháin, an próiseas iarratais ar an Lipéad Cáilíochta nua a shimpliú agus a ghiorrú, spriocdhátaí athchreidiúnaithe níos minice a shocrú agus an t-am agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le hathchreidiúnú a laghdú;
18. á mheabhrú a thábhachtaí atá bailiú agus tuairisciú sonraí chun measúnú agus cumarsáid a dhéanamh ar thionchar an chláir agus chun sonraí a chur ar fáil maidir lena chur chun feidhme, agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus do chosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí maidir le rannpháirtithe, atá imdhealaithe de réir catagóirí ábhartha amhail aoisghrúpa nó inscne, agus na cineálacha eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis an gclár;
19. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leathnú an aitheantais fhrithpháirtigh do thorthaí foghlama ó ghníomhaíochtaí saorálaíochta a éascú, lena n-áirítear scileanna boga agus gairmiúla, trína gclárú in Europass, trí institiúidí ardoideachais agus gairmoideachais a spreagadh chun creidmheasanna a dhámhachtain do na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear faoin gCóras Eorpach Aistrithe Creidiúna (creidmheasanna ECTS) agus faoin gCóras Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint (creidmheasanna ECVET) agus, i gcás inar féidir, trí thaithí saorálaíochta a thaifeadadh mar dhintiúir dhigiteacha nó micridhintiúir; á iarraidh go mbeadh tuilleadh comhair ann le hinstitiúidí oideachais chun na sineirgí sin a chruthú; á athdhearbhú nach ionad sealanna oiliúna ná post í an tsaorálaíocht agus nár cheart gurb ionann í agus fostaíocht;
20. á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le haistriú saorálaithe isteach i margadh an tsaothair; ag cur béim ar an bhfíoras, sa chomhthéacs seo, gur gá acmhainní a mhéadú le haghaidh tacaíocht fhadtéarmach agus fothú acmhainneachta do shaorálaithe leochaileacha;
21. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-aitheantas a thugtar d’obair don óige, d’oideachas oibrithe don óige, agus d’oideachas neamhfhoirmiúil a mhéadú chun réaltachtaí oibrithe don óige a chomhchuibhiú ar fud AE;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit catagóir speisialta víosaí a thabhairt isteach do rannpháirtithe sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ó thíortha nach bhfuil i limistéar Schengen, toisc nach féidir le hósteagraíochtaí cabhrú leo víosaí a fháil;
An Cór Saorálach Eorpach Um Chabhair Dhaonnúil
23. ag cur béim ar a thábhachtaí atá an tsaorálaíocht in oibríochtaí cabhrach daonnúla chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn, maille le bunphrionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais, cur chuige ‘gan dochar a dhéanamh’ agus bunaithe ar an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, a sholáthraíonn creat fhreagairtí AE ar ghéarchéimeanna daonnúla; á mheabhrú mar a shainítear sa Mhargadh Mór, nach mór do chláir saorálaíochta AE i gcomhthéacsanna daonnúla oibriú i gcomhréir leis an gclár oibre logánaithe;
24. á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe i gcomparáid leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, go háirithe ó thaobh tuairisciú simplithe airgeadais agus fad na dtionscadal atá ar fáil;
25. á chur in iúl gur geal léi an líon ard daoine óga a bhfuil suim acu i snáithe na cabhrach daonnúla, agus go bhfuarthas os cionn 42 000 léiriú spéise faoi Bhealtaine 2023;
26. á iarraidh ar an gCoimisiún a thábhachtaí atá oiliúint, slándáil agus cosaint leormhaith saorálaithe a choimeád, ar cheart a bheith faoi réir comhroinnt rialta faisnéise agus measúnú riosca, go háirithe i réimsí a mheastar a bheith guagach;
27. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an nós imeachta fadálach roghnúcháin do shaorálaithe, go háirithe maidir le hamanna feithimh le haghaidh oiliúint éigeantach i bpearsa, agus mar thoradh air sin d’fhéadfadh sé go dtarraingeodh iarrthóirí siar agus go gcaillfidís a gcuid spéise ann; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh saorálaithe ábalta a n-oiliúint éigeantach a chríochnú ag tús a n-imscartha ionas gur féidir leo dul i mbun oibre níos tapúla; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór an nós imeachta roghnúcháin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go ndéanfar saorálaithe a roghnú, a oiliúint agus a imscaradh go héifeachtúil chun freagairt níos tapúla do riachtanais áitiúla agus chun an tacaíocht d’eagraíochtaí áitiúla a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá ag oibríochtaí daonnúla le céim leormhaith foghlama agus oiliúna atá in oiriúint don suíomh áitiúil, nach mór a bheith i gcomhréir le prionsabail na cabhrach daonnúla agus atá nasctha le tionscadail ina mbeidh saorálaithe páirteach chun leasa na saorálaithe agus na n-ósteagraíochtaí araon; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar luach na foirne áitiúla agus na saorálaithe chun leanúnachas na hoibre sna heagraíochtaí a chinntiú; á áitiú nár cheart do shaorálaithe daonnúla teacht in ionad obair na foirne náisiúnta in ósteagraíochtaí ná í a dhúbláil ná róil a dhéanamh a d’fhéadfadh saorálaithe áitiúla a líonadh, ach obair na foirne náisiúnta agus na saorálaithe áitiúla a neartú ina ionad sin;
28. Aithníonn sí gur gá na heagraíochtaí a ghlacann páirt sa chlár a sheiceáil go cúramach agus go cuí, chun sábháilteacht na rannpháirtithe agus oiliúint scileanna ar ardchaighdeán araon a chur ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún ligean d’eagraíochtaí a raibh deimhniú lipéid acu faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, agus eagraíochtaí a shínigh creat-chomhaontú comhpháirtíochta idir ENRanna agus Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Oibríochtaí Eorpacha um Chosaint Shibhialta agus um Chabhair Dhaonnúil leas a bhaint as nós imeachta simplithe chun an Lipéad Cáilíochta a cheanglaítear leis an gclár nua a fháil; ag tabhairt dá haire castacht an phróisis iarratais ar Lipéad Cáilíochta, go háirithe don tsraith dhaonnúil agus d’eagraíochtaí nach bhfuil eolach ar chláir chistiúcháin AE;
29. Ag tabhairt dá haire go bhfuil thart ar dhá thrian de na tionscadail a roghnaíodh do 2023 dírithe ar an bhforbairt; á iarraidh go mbeadh cur chuige daonnúil níos cothroime ann maidir le roghnúcháin amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún smaoineamh an bhféadfaí an rialachán a athbhreithniú chun saorálaíocht a cheadú i limistéir shábháilte tíortha ina bhfuil coinbhleacht, faoi réir prótacail shoiléire slándála agus sábháilteachta, oiliúint iomchuí, seiceálacha cúlra nó bearta eile d’fhonn sábháilteacht saorálaithe a áirithiú agus faoi réir dualgas cúraim i leith na saorálaithe a chomhlíonadh le linn gach céime den ghníomhaíocht dheonach. á áitiú go mbeidh imscaradh saorálaithe dírithe ar shocruithe ullmhachta réamhthubaiste agus ar shocruithe téarnaimh iarthubaiste, i gcás ina bhfuil na dálaí níos fabhraí le haghaidh rochtana agus tionchair gan an baol ann go ndéanfar difear diúltach don tacaíocht a chuireann foireann dhaonnúil rialta ar fáil do na pobail i gceist;
Buiséad Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
30. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i bhfianaise an éilimh gan chomhlíonadh ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, na hiarrataí méadaitheacha ar dhlúthpháirtíocht tar éis géarchéimeanna athfhillteacha agus cost-éifeachtúlacht gníomhaíochtaí chun an tsíocháin a chothú agus coinbhleachtaí a chosc, buiséad leormhaith a chur ar fáil don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bheidh in ann freastal ar an spéis mhéadaitheach sa chlár, agus níos mó solúbthachta a cheadú i leithdháileadh an bhuiséid idir na sraitheanna tionscadail ionas gur féidir leis an gclár aghaidh a thabhairt ar dhúshláin gan choinne, amhail boilsciú atá ag dul i méid agus costais mhaireachtála níos airde; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí buiséad an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a dhúbailt ar a laghad sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (2028-2034);
31. á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna ar chistiú deontais agus á mholadh go gcruthófaí ardán láraithe inar féidir le sealbhóirí deontais leasuithe ar chonarthaí a uaslódáil agus, ar an gcaoi sin, moilleanna ar chur chun feidhme tionscadal a sheachaint;
32. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna le haghaidh cur chuige níos comhtháite i leith gníomhaíochtaí óige ar fud chláir AE; á iarraidh ar an gCoimisiún éascú a dhéanamh ar níos mó sineirgí a chruthú le cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe Erasmus+ agus Fís Eorpach, agus féachaint an bhféadfaí sineirgí a fhorbairt le Ciste Sóisialta na hEorpa agus le gníomhaíochtaí AE maidir le fóirithint anachaine;
33. á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna buiséadacha eile, amhail neamhréireachtaí idir NAnna agus iarratais á láimhseáil, trí dheontais shonracha láraithe a bhunú, arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, do thionscadail aonair saorálaíochta agus dlúthpháirtíochta d’eagraíochtaí agus líonraí Eorpacha, trí íosmhéid a mholadh a íocfaidh ósteagraíochtaí lena gcomhpháirtí/eagraíochtaí tacaíochta, tríd an uasteorainn reatha ar mhaoiniú do chostais chomhordúcháin a bhaint nó a mhéadú, trí rátaí comhréidhe agus cnapshuimeanna a choigeartú chun boilsciú, an tír ina bhfuil an tionscadal ar siúl, agus comhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch na n-iarratasóirí féideartha a chur san áireamh, agus trí chistiú rialta a áirithiú do shealbhóirí lipéid cháilíochta chun críocha pleanála airgeadais fadtéarmaí; á chreidiúint go gcuideoidh na bearta sin le heagraíochtaí agus le NAnna níos mó deiseanna a chur ar fáil agus acmhainneacht an chláir a fhíorú;
o o o
34. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta agus chuig eagraíochtaí don óige agus eagraíochtaí saorálaíochta.
Cur chun feidhme an Rialacháin lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú
170k
53k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2023 ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú (2023/2030(INI))
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú(1) (an ‘Rialachán maidir le hEascanna’),
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 3, 4, 11, 38, 39 agus 43 de,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle(2),
– ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú(3),
– ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce(4),
– ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)(5),
– ag féachaint d’Fhoscríbhinn II don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol,
– ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine,
– ag féachaint do na meastóireachtaí ón gCoimisiún ar an Rialachán maidir le hEascanna in 2014 (COM(2014)0640) agus in 2020 (SWD(2020)0035),
– ag féachaint do thuarascáil mheastóireachta 2019 arna cur amach ar conradh chuig Poseidon ag an gCoimisiún,
– ag féachaint do mholtaí an 4 Bealtaine 2022 ó Chomhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt maidir le bearta bainistíochta eascann,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lenar socraíodh le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta i gcás stoic éisc áirithe, a bheidh infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta Aontais, in uiscí neamh-Aontais áirithe, agus lenar socraíodh le haghaidh 2023 agus 2024 na deiseanna iascaireachta sin i gcás stoic éisc áirithe domhainfharraige(6) agus Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lenar socraíodh le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta i gcás stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc áirithe a bheidh infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 maidir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 a bheidh infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh(7),
– ag féachaint don ráiteas ón Danmhairg, ón bhFrainc, ón Iodáil, ón nGréig, ón Ísiltír, ón bPolainn, ón Spáinn agus ón tSualainn i ndáil le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle,
– ag féachaint dá seasamh an 16 Bealtaine 2006 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athshlánú(8),
– ag féachaint do thuarascáil an 30 Bealtaine 2022 arna heisiúint ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) maidir leis an gceardlann don mheastóireacht theicniúil ar Thuarascálacha ar Dhul Chun Cinn ó Bhallstáit AE lena gcur isteach in 2021 (WKEMP3),
– ag féachaint do chomhairle an 3 Samhain 2022 arna heisiúint ag (ICES) maidir leis an eascann Eorpach (Anguilla anguilla) ar fud a raoin nádúrtha,
– ag féachaint do theachtaireacht an 21 Feabhra 2023 ón gCoimisiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta AE: Éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe agus athléimneacha’ (COM(2023)0102),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, agus d’Airteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta maidir le húdarú a thabhairt chun tuarascálacha neamhreachtacha a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0353/2023),
A. de bhrí go leagtar síos leis an Rialachán maidir le heascanna go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit pleananna náisiúnta bainistíochta eascann (PBE) a fhorbairt, a mbeidh cuspóir aonfhoirmeach ag baint leo agus próiseas tríbhliantúil faireacháin agus meastóireachta a dhéanfar a chomhordú ar bhonn idirnáisiúnta;
B. de bhrí gur ghlac 19 mBallstát PBEnna le haghaidh beagnach 90 Aonad Bainistíochta Eascann, lena gcumhdaítear thart ar 1 880 gníomh; de bhrí go bhfuil sé Bhallstát (an Chipir, Málta, an Ostair, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Ungáir) atá díolmhaithe ó PBE a ullmhú; de bhrí nach ndearna an tSlóivéin a PBE a ullmhú agus nach ndearna an Bhulgáir a PBE a ullmhú dá habhainnchórais seachas an Mhuir Dhubh; de bhrí go bhfuil a PBE á forbairt ag an gCróit faoi láthair;
C. de bhrí nár leasaigh ach aon Bhallstát amháin a PBE go dtí seo; de bhrí, áfach, go bhfuil gníomhaíocht á déanamh ag na Ballstáit agus go bhfuil a PBEnna á gcur chun feidhme acu ar bhealaí éagsúla bunaithe ar a dtraidisiúin riaracháin náisiúnta; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta ó thaobh bearta cur chun feidhme de agus, i gcás inar gá, PBEnna a thabhairt cothrom le dáta;
D. de bhrí nach bhfuil ach aon phlean trasteorann amháin, faoi láthair, atá aitheanta ag an Aontas Eorpach, a bhaineann le habhantrach an Minho (sa Spáinn agus aa Phortaingéil); de bhrí, de réir ICES (2022), go n-aithnítear go mbíonn comhar ann idir Ballstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas, trí bhíthin sásraí eile, ach go bhfuil dobharlaigh ann mar sin féin a thairbheodh de chur chun feidhme na mbeart bainistíochta a bheith á chomhordú níos fearr;
E. de bhrí go bhfuil rialúchán dáilte faoi chomhordú lárnach ina ghné den Rialachán maidir le hEascanna; de bhrí go bhfuil bainistiú na stoc eascann róchasta le go bhfeilfeadh ‘an cheap a dhéanann an uile bhróg’ mar chur chuige; de bhrí go dtugann an Rialachán maidir le hEascanna solúbthacht do na Ballstáit a bPleananna náisiúnta Bainistíochta Eascann a choigeartú de réir cúinsí áitiúla agus tosaíochtaí náisiúnta chun go bhféadfar an stoc a athshlánú;
F. de bhrí nach ann d’aon ardán eascann-shonrach ar leibhéal an Aontais chun faisnéis a mhalartú, pléití a éascú i measc geallsealbhóirí agus d’obair leantach i gcás aiseolais;
G. de bhrí gur minic tuairisceoireacht neamhiomlán agus neamhchaighdeánaithe á déanamh ag Ballstáit; de bhrí, de réir thuarascáil Poseidon 2019, thuairiscigh 18 as 19 mBallstát in 2012, thuairiscigh 14 as 19 mBallstát in 2015 agus thuairiscigh 15 as 19 mBallstát a in 2018; de bhrí, de réir ICES (2022), nár thuairiscigh ach 13 as 19 mBallstát in 2021;
H. de bhrí go ndearna an Coimisiún meastóireacht in 2014 ar chur chun feidhme ginearálta an Rialacháin maidir le hEascanna agus na bPleananna náisiúnta Bainistíochta Eascann, agus gur thángthas ar an gconclúid gur cuireadh srianta ar iascaigh mar thoradh ar chur chun feidhme BPEnna, agus gur cheart tuilleadh airde a thabhairt ar bhearta bainistíochta a bhain le himthosca mortlaíochta antrapaigeanacha neamhiascaireachta, ar bhearta iad nach ndearna na Ballstáit a bhformhór a chur chun feidhme ach go páirteach;
I. de bhrí go ndearna an Coimisiún meastóireacht féachaint an raibh an Rialachán maidir le hEascanna oiriúnach don fheidhm in 2020, gur thángthas ar an gconclúid go raibh sé ábhartha agus oiriúnach don fheidhm, agus gur cuireadh in iúl freisin go raibh uaillmhian bhreise ag teastáil chun an Rialachán a chur chun feidhme agus fócas níos mó a chur ar bhearta nár bhain le hiascaigh;
J. de bhrí go bhfuil an eascann aicmithe fós faoi láthair mar ‘i mbaol criticiúil’ faoi liosta dearg IUCN; de bhrí go bhfuil earcaíocht eascann gloine agus eascann buí cobhsaithe le deich mbliana anuas agus go bhfuil feabhas ag teacht uirthi; de bhrí go n-aithnítear go forleathan go dtógfaidh athshlánú na heascainne Eorpaí blianta fada, mar gheall ar shaolré fhada an speicis;
Gurb é an Rialachán maidir le hEascanna an ionstraim is iomchuí agus is iomlánaíche
1. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an Rialachán maidir le hEascanna agus é ar an gcroíbheartas chun stoc eascann a bhainistiú agus a athshlánú arís, agus cur chuige iomlánaíoch agus comhleanúnach á áirithiú, lena n-áirítear freisin bearta cur chun feidhme i réimsí ábhartha eile lasmuigh den iascach; á mheabhrú go bhfuair an mheastóireacht ón gCoimisiún in 2020 go raibh an Rialachán maidir le hEascanna oiriúnach don fheidhm; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mar sin féin, go bhfuil gá le Rialachán maidir le hEascanna a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus le gníomhaíochtaí breise neartaithe ag na Ballstáit chun a áirithiú go n-achtófar an Rialachán go cuimsitheach;
2. á athdhearbhú go bhfuil mar chuspóir leis an Rialachán maidir le hEascanna an stoc eascann a athshlánú go 40 % i gcomparáid le dálaí gan mhilleadh, agus gurb í an phríomhaidhm leis an mhortlaíocht a laghdú chun gur féidir téarnamh teacht ar an speiceas; á mholadh gur den riachtanas díriú ar an sprioc mhortlaíochta sa ghearrthéarma chun an cuspóir bithmhaise fadtéarmach a bhaint amach; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé a bheith deacair ‘dálaí gan mhilleadh’ a shainiú; á chur i bhfios gur cosúil nach féidir an sprioc 40 % a bhaint amach mar thoradh ar chaillteanas gnáthóg, ach gurb é an caighdeán é i gcás an sprioc laghdú mortlaíochta a dhíorthú;
3. á chur i bhfios go léiríonn na sonraí go bhfuil deireadh tagtha leis an laghdú ar earcaíocht stoic d’eascanna gloine agus eascanna buí ó glacadh an Rialachán maidir le hEascanna, rud a léiríonn go bhfuil roinnt réamhthorthaí dearfacha á léiriú leis an Rialachán maidir le hEascanna, ach go bhfuil an stoc fós, ó thaobh staire de, ar leibhéil ísle; ag tabhairt dá haire go léirítear leis sin gur próiseas fadtéarmach thar roinnt blianta a bheidh san athshlánú, rud a chiallaíonn go mbeidh gá le faireachán agus gníomhaíocht leanúnach;
4. á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú an stoic eascann róchasta le haghaidh cur chuige aontaobhach a bhraitheann ar an ngné mhuirí amháin; á thabhairt chun suntais, mura mbunaítear an cur chuige bainistithe sin ach ar rialú deiseanna iascaireachta bliantúla, nach gcuirtear san áireamh i gceart tosca tábhachtacha amhail bacainní imirce, cáilíocht gnáthóg agus gabhálacha neamhdhleathacha agus trádáil neamhdhleathach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an Rialachán maidir le hEascanna iomlánaíoch agus cuimsitheach, go bhfuil idir chéimeanna muirí agus fionnuisce shaol na heascainne á ngabháil leis agus go ndíríonn sé ar thionchair iascaigh agus neamh-iascaigh araon; á chur i bhfios, ina theannta sin, go bhféadfadh tionchar neamh-iascaigh a bheith níos mó ná tionchair iascaigh agus gur cheart é a chur san áireamh go hiomlán, bunaithe ar chur chuige éiceachórais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur beag aird a tugadh go dtí seo ar bhásanna antrapaigineacha neamh-iascaigh;
5. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim maidir le bearta a ghlactar lasmuigh de chomhthéacs an Rialacháin maidir le hEascanna, go mbainfidís de chomhtháthú an bheartais a glacadh; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, dá bhrí sin, an cur chuige neamh-iomlánaíoch a glacadh i Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, deiseanna is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí neamh-Aontais áirithe, chomh maith le socrú deiseanna iascaireachta den sórt sin le haghaidh 2023 agus 2024 maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe, lena gcuirtear srian le hiascaigh eascann a bhfuil tréimhse choiscthe sé mhí acu gan breithniú a dhéanamh ar phacáiste iomlán beart i limistéir bheartais eile chomh maith le cúiteamh iomchuí;
Rialachas agus aiseolas
6. ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon sásra aiseolais sa Rialachán maidir le hEascanna lena n-áirítheofar go ndéanfaidh na Ballstáit gníomh leantach agus nuashonruithe rialta beartais; á thabhairt chun suntais gur saoth léi nach ndearnadh comhairle ICES ó 2012, 2018 agus 2021, ina raibh iar-mheastóireacht ar chur chun feidhme náisiúnta an Rialacháin maidir le hEascanna, a chur i bhfeidhm go leordhóthanach;
7. á iarraidh, dá bhrí sin, go gcruthófaí grúpa saineolaithe atá sonrach don eascann lena n-áiritheofar ionadaíocht iomlán agus chothrom na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, le hionadaithe ó na Ballstáit agus ón earnáil iascaireachta, iascairí áineasa, bainisteoirí uisce, cuideachtaí hidreachumhachta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirtithe ábhartha eile; á mholadh gur cheart gurb é príomhchúram an chomhlachta sin comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le hEascanna, aiseolas a chur ar fáil do na Ballstáit maidir lena PBEnna, faisnéis a mhalartú idir na páirtithe éagsúla agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an chuir chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach;
8. ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, go bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún grúpa speisialta comhpháirteach a bhunú, amhail a fógraíodh ina phlean gnímh maidir le héiceachórais mhuirí, chun saineolaithe ó na haireachtaí náisiúnta, idir shaineolaithe iascaigh agus shaineolaithe bonneagair, a thabhairt le chéile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na moltaí thuas a chur san áireamh agus an sainghrúpa sin á bhunú, chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú lena gcumhdófar beartais éagsúla maidir le bainistiú agus caomhnú eascann;
9. á thabhairt chun suntais nár leasaigh ach Ballstát amháin a PBE ó glacadh an Rialacháin maidir le hEascanna; ag tathant ar na Ballstáit a PBEnna a nuashonrú go rialta, bunaithe ar an eolas eolaíoch agus ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil; á iarraidh ar na Ballstáit spriocanna nithiúla agus sprioc-amanna idirmheánacha a chur ina PBEnna nuashonraithe; á chur i bhfáth gur próiseas fadtéarmach é athshlánú na heascainne, go mbeidh iarracht leanúnach ag teastáil agus nach leor plean bainistíochta aonuaire;
10. á thabhairt chun suntais go bhfuil moill ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hEascanna agus go bhfuil tuairisciú sonraí neamhiomlán; á chur in iúl gurb oth léi go raibh titim le blianta anuas ar líon na mBallstát a chloíonn leis an gceangaltas tuairisceoireachta faoi Airteagal 9(1) den Rialachán maidir le hEascanna; á mheabhrú do na Ballstáit a thábhachtaí atá sé a n-oibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil leis sin; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach an oiread faisnéise agus sonraí agus is féidir a bhailiú chun a áirithiú go mbeidh an chomhairle eolaíoch chomh cothrom le dáta agus is féidir chun tacú le cinntí maidir leis na bearta bainistíochta is iomchuí, agus chun iad a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu; á thabhairt chun suntais nach gcuireann easpa sonraí cosc ar na Ballstáit gníomhú;
Bearta maidir le hiascaigh eascann
11. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag iascaigh eascann sa tsochaí, go háirithe laistigh dá bpobail áitiúla, gur gníomhaíocht shoch-eacnamaíoch í an iascaireacht eascann agus gur seantraidisiún cultúrtha í freisin atá ann leis na céadta bliain; á thabhairt chun suntais gur tháinig laghdú suntasach ar an iascaireacht eascann le deich mbliana anuas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na srianta atá ar iascaigh cheana agus, i gcás inar gá, gníomhaíochtaí a mholadh chun inbhuanaitheacht iascaigh eascann a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag iascairí tráchtála agus áineasa maidir le sonraí a bhailiú agus maidir le bheith mar chaomhnóirí agus ‘súile agus cluasa’ dár bhfarraigí agus dár n-aibhneacha, rud ar sócmhainn é sa chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN); á chur i bhfios gur gníomhaíocht cheirde ar scála beag a dhéantar sna hiascaigh eascann agus gur i limistéir thuaithe agus iargúlta atá go leor díobh lonnaithe, áiteana a mbíonn ról tábhachtach eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta ag iascairí tráchtála agus áineasa;
12. á chur in iúl go bhfuil súil aici, i gcás ina bhféadfaí a mheas go bhfuil gá le srianta breise ar iascach, go ndéanfar é sin ar bhealach iomlánaíoch i gcomhthéacs na PBEnna náisiúnta agus ní i bhfoirm cinntí ad hoc ón gComhairle, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar réamh-mheasúnuithe tionchair shocheacnamaíocha, agus cúiteamh agus tacaíocht iomchuí d’iascairí ag gabháil leo, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID); ag tathant ar na Ballstáit, dá bhrí sin, a gcuid PBEnna a úsáid agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach níos gníomhaí chun cinntí ad hoc ón gComhairle a sheachaint;
13. á athdhearbhú go bhfuil athstocáil ar na bearta athshlánaithe a liostaíodh faoi Airteagal 2(8) den Rialachán maidir le hEascanna; á chur in iúl go bhfeictear di gur beart riachtanach í an athstocáil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma go dtí go mbeidh réiteach sásúil ar fhadhb na mbacainní imirce; á iarraidh ar na Ballstáit, ina leith sin, leanúint den chleachtas athstocála, lena n-áirítear le tacaíocht ó CEMID; á thabhairt chun suntais, fiú murab eol mar a rannchuidíonn an athstocáil leis an athshlánú stoic ar an leibhéal idirnáisiúnta, go bhféadfadh éifeachtaí dearfacha a bheith ag baint léi ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, go príomha ar bhithéagsúlacht éisc; á mheabhrú go bhfuil sí den tuairim gur bealach í an athstocáil chun rioscaí a leathadh agus a theorannú maidir le hathshlánú an stoic, agus an méadú ar an triomach atá ag cruthú fadhbanna in aibhneacha ar fud na hEorpa á chur san áireamh; á chur i bhfios, ina theannta sin, go mbíonn gabhálacha i gcomhair athstocála sách íseal (2-3 % de na heascanna gloine uile); á chur i bhfáth go bhfuil gabhálacha dleathacha eascann gloine ríthábhachtach don earnáil dobharshaothraithe san Eoraip agus á aithint a thábhachtaí atá ról an dobharshaothraithe don athstocáil;
14. á iarraidh ar na Ballstáit, i bhfianaise an ghá atá leis an iascaireacht a choinneáil ar leibhéil fhreagracha, na tréimhsí is oiriúnaí don iascaireacht a chinneadh, a mhéid is féidir agus i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, ar tréimhsí iad a d’fhéadfadh a bheith éagsúil de réir tíre agus de réir réigiúin, agus tréimhsí iascaireachta i mBallstáit chomharsanachta á gcur san áireamh;
Bearta neamh-iascaigh/imirce
15. á chur i bhfáth nach mór obair bhreise a dhéanamh i gcás ceisteanna neamh-iascaigh a mbíonn tionchar acu ar mhortlaíocht eascann; á thabhairt chun suntais gurb iad bacainní bonneagair ceann de na cúiseanna is measa le mortlaíocht eascann; ag tabhairt dá haire nach ndeachaigh na Ballstáit i ngleic go leordhóthanach leis an bhfadhb sin, rud is léir ó na meastóireachtaí ón gCoimisiún in 2014 agus arís in 2020;
16. á iarraidh ar na Ballstáit dambaí agus bacainní eile atá as feidhm a bhaint nó réitigh a chruthú lena gceadaítear imirce speiceas mar ábhar práinne, chun bealaí imirce a chinntiú, saincheist ar tugadh aghaidh uirthi cheana sna codanna ábhartha den straitéis bhithéagsúlachta agus den Chomhaontú Glas don Eoraip;
17. á chur i bhfios go láidir go bhfuil roghanna ar an margadh atá neamhdhíobhálach d’éisc lenar féidir caidéil uisce agus stáisiúin hidreachumhachta a dhéanamh intrasnaithe ag éisc; á iarraidh ar na Ballstáit a shocrú gur ceanglas sainordaithe í sábháilteacht agus leas éisc i gcás suiteálacha nua agus seansuitéalacha a dhéantar a athionadú; á iarraidh go ndéanfaí breithniú ar an gceanglas sin a dhéanamh éigeantach ar leibhéal AE; á chur i bhfios go bhféadfadh gá a bheith le modheolaíocht chomhchoiteann chun a chinneadh agus a dheimhniú cathain is féidir a mheas go bhfuil caidéil neamhdhíobhálach d’éisc agus go bhféadfadh modheolaíocht den sórt sin imscaradh an bhonneagair sin a éascú; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh caighdeáin náisiúnta i roinnt Ballstát a bheith ina n-eiseamláir;
18. ag moladh do na Ballstáit leanúint de thionscadail maidir le gaistiú agus aistriú agus imirce chuidithe mar réiteach eatramhach ar éalú na n-eascann geal, sa chás nach mbeadh réitigh struchtúrtha indéanta sa ghearrthéarma;
19. á thabhairt chun suntais gur cheart bearta imirce a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus trasnáisiúnta, ag féachaint do bhacainní eile réamhtheachtacha nó iartheachtacha feadh an bhealaigh imirce chéanna, agus uainiú na mbuaicthréimhsí imirce á gcur san áireamh freisin;
20. ag moladh do na Ballstáit staidéar críochnúil a dhéanamh agus bearta a dhéanamh i gcoinne tosca mortlaíochta antrapaigineacha eile, amhail truailliú agus seadáin, chomh maith le creachadóirí; ag tathant ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus ar mhoilleanna sa reachtaíocht chomhshaoil agus pleananna bainistithe cuí a bheith i bhfeidhm acu do speicis eile a dhéanann difear do dhaonra na n-eascann, amhail broighill i limistéir áirithe; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé rialacha coraintín ardchaighdeáin a bheith ann le haghaidh eascanna gloine chun leathadh seadán le linn athstocála a chosc;
21. á aithint a thábhachtaí atá eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus daoine aonair a bheith i mbun gníomhaíochtaí iascaigh áineasa, lena n-áirítear tionscadail chaomhantais; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag na gníomhaíochtaí sin i gcomhtháthú sóisialta pobal áitiúil agus tuaithe;
Bearta i gcoinne trádáil neamhdhleathach agus póitseáil
22. á chur i bhfios go láidir gur fadhb shuntasach i gcónaí iad iascaireacht NNN agus trádáil neamhdhleathach; ag moladh rath reatha na n-údarás forfheidhmithe dlí agus custaim agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gáinneáil bhreise a chosc; á chur i bhfáth go bhfuil breis seiceálacha agus faireacháin ar an Rialachán maidir le hEascanna ag teastáil;
23. á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos fearr ar chustaim, póilíní, rialú iascaigh, údaráis chomhshaoil agus comhlachtaí eolaíocha sna Ballstáit agus idir na Ballstáit agus le tíortha nach bhfuil san Aontas, chomh maith le malartú sonraí; á iarraidh ar na Ballstáit leanúint dá n-infheistíocht i saineolas agus cumas fhorfheidhmiú an dlí;
24. á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht le trédhearcacht agus inrianaitheacht fheabhsaithe i gcás eascanna gloine a mbeirtear orthu chun cleachtais iascaireachta NNN a chomhrac agus gur uirlis thábhachtach iad scéimeanna deimhniúcháin, bunaithe ar fhíoruithe neamhspleácha agus ar chaighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, chun dlíthiúlacht gabhálacha a áirithiú; á chur in iúl i ndáil leis sin go bhfuil gealladh faoi ranníocaíocht scéimeanna amhail an Grúpa um Eascanna Inbhuanaithe; á iarraidh ar na Ballstáit a bpleananna athstocála a phoibliú chun gur fearr is féidir sruthanna gáinneála eascann gloine a shainaithint agus díriú orthu;
25. á iarraidh ar na Ballstáit smachtbhannaí a fhorchur a bheidh fíor-athchomhairleach; ag iarraidh go ndéanfar fíneálacha airgeadais a chomhchuibhiú idir na Ballstáit; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, an Rialachán um Rialú ar Iascach, a ghlac an Pharlaimint le déanaí ar an gcéad léamh(9), a chur chun feidhme go pras, agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme ina n-iomláine na hoibleagáidí a eascraíonn as an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol;
Taighde eolaíoch agus bailiú sonraí a chomhchuibhiú;
26. á mheabhrú go bhfuil go leor nach bhfuil ar eolas faoi shaolré na heascainne, lena n-áirítear a próiseas sceite agus na cúiseanna baileacha le meath an stoic; á iarraidh, ar an ábhar sin, go ndéanfar breis taighde eolaíoch, a mbeidh acmhainní leordhóthanacha cistiúcháin agus daonna ann dó, ar stádas an stoic agus ar na cúiseanna lena mheath; á mholadh gur cheart breathnú ar thruailleáin chomh maith le héifeachtaí an athraithe aeráide sa taighde freisin, mar shampla i Sruth na Murascaille go dtí Muir Sargasso agus ón Muir Shargasach;
27. á chur i bhfios go bhfuil neamhréir ann idir cur chun feidhme an Rialacháin maidir le hEascanna agus comhairle bhliantúil ICES i ndáil le deiseanna iascaireachta, ós rud é gur ar threocht earcaíochta na heascainne gloine agus na heascainne buí a bhunaítear comhairle ICES seachas ar éalú na heascainne gile (sprioc 40 %); á iarraidh go ndéanfar an méid sin a chomhchuibhiú; á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar shonraí earcaíochta, éalaithe agus mortlaíochta, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta;
28. á mholadh do ICES, ina mheastóireacht ar na PBEnna, measúnú a dhéanamh freisin ar a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí uileghabhálacha an chomhbheartais iascaigh;
29. á chur in iúl go bhfuil ICES le moladh as a bheith ag obair ar shamhail iomlánaíoch maidir le stoc chun treochtaí a anailísiú agus a thuar;
30. á chur i bhfáth gur chóir an bailiú sonraí, faireachán agus tuairisceoireacht a chomhchuibhiú agus a chaighdeánú chun go bhféadfar sonraí a chur i gcomparáid; ag moladh go mbeadh baint ag iascairí tráchtála agus áineasa, i gcás inar iomchuí, sa bhailiú sonraí agus san anailís orthu;
Gné trasteorann
31. ag moladh do na Ballstáit breis PBEnna a chur ar bun, i gcás inarb iomchuí; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé tábhachtach go dtacódh an Coimisiún leis an obair sin a dhéanann na Ballstáit agus í a éascú;
32. ag tabhairt suntas sna bearta a rinneadh ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) chun feabhas a chur ar bhainistiú agus taighde eascann sa Mheánmhuir; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit ábhartha agus ar na páirtithe conarthacha eile oibriú le haghaidh plean bainistíochta CGIM don eascann a bheidh uaillmhianach, réalaíoch agus bunaithe ar an eolaíocht; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh an plean ilbhliantúil bainistíochta sin comhoiriúnach leis an Rialacháin maidir le hEascanna;
o o o
33. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú ar iascach (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0365).