Agóid i gcoinne gnímh cur chun feidhme: Uasleibhéil iarmhar le haghaidh tríchioglasóil
84k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhair do thríchilasole i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (COM(2023)0499 – 2023/2998(RPS))
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena n-údaraítear táirgí a bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe Bt11 × MIR162 × MIR604 × MON 89034 × 5307 × GA21 agus tríocha fo-chomhcheangail iontu, nó táirgí atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, de bhun do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D092592/03 – 2023/2993(RSP))
Ola ráibe ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3
84k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a bhfuil ola ráibe ghéinmhodhnaithe Ms8, Rf3 agus Ms8 × Rf3 iontu a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829. /2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D092595/03 – 2023/2995(RSP))
Stádas anaithnid Mikalai Statkevich agus na hionsaithe a rinneadh le déanaí ar bhaill teaghlaigh pholaiteoirí agus ghníomhaithe na Bealarúise
82k
41k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir le stádas anaithnid Mikola Statkevich agus na hionsaithe le déanaí ar bhaill teaghlaigh pholaiteoirí agus ghníomhaithe na Bealarúise(2023/3023(RSP))
Fuadach leanaí Tibéideacha agus cleachtais comhshamhlaithe éigeantais trí scoileanna cónaithe Síneacha sa Tibéid
81k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir le fuadach leanaí Tibéideacha agus cleachtais comhshamhlaithe éigeantais trí scoileanna cónaithe Síneacha sa Tibéid (2023/3025(RSP))
An nuálaíocht, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus teicneolaíoch a mhéadú
170k
56k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 ar an nuálaíocht, an iomaíochas tionsclaíoch agus teicneolaíoch a mhéadú trí thimpeallacht fhabhrach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú (2023/2110(INI))
– ag féachaint d’Airteagail 101 go 109 agus Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Phrótacal Uimh. 27 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus CFAE maidir leis an margadh inmheánach agus iomaíocht,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 dar teideal ‘Europe’s next leaders: the Start-up and Scale-up Initiative’ [Na chéad cheannairí eile a bheidh ag an Aontas: an Tionscnamh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Ghnólachtaí atá ag méadú] COM(2016)0733),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013,(1) (An Rialachán maidir le Fís Eorpach),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery’ [Straitéis Thionsclaíoch Nua 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa’ (COM(2021)0350),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 dar teideal ‘A New European Innovation Agenda’ [Clár Oibre Nua Eorpach um Nuálaíocht] (COM(2022)0332),
– ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2022 maidir le Cur Chun Feidhme na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Iúil 2023 maidir le staid FBManna an Aontais(3),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 maidir leis an bPacáiste Fóirithinte do FBManna (COM(2023)0535),
– ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9‑0383/2023),
A. de bhrí cé go bhfuil teachtaireachtaí éagsúla foilsithe ag institiúidí AE maidir le gnólachtaí nuathionscanta, nach bhfuil aon sainmhínithe nithiúla ar ghnólacht nuathionscanta ná ar ghnólacht atá ag méadú glactha fós;
B. de bhrí gur saintréithe ag gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú acmhainní teoranta pearsanra agus cumas atá teoranta go comparáideach chun córais rialála chasta nó nósanna imeachta cistiúcháin casta a chomhlíonadh; de bhrí gur minic nach ionann a riachtanais ghnó agus a ndúshláin shonracha agus riachtanais ghnó na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) seanbhunaithe;
C. de bhrí gur bunaíodh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) faoin Rialachán maidir le Fís Eorpach,
D. de bhrí go bhfuil tionscnaimh éagsúla i bhfeidhm ag an gCoimisiún atá dírithe ar fhiontraíocht, nuálaíocht agus claochlú digiteach a chur chun cinn in AE, amhail tionscnamh na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá ag méadú glactha fós, an scórchlár éiceanuálaíochta, Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), an t-ardán comhair do bhraislí fiontar Eorpacha, an Deacáid Dhigiteach agus straitéis an mhargaidh aonair dhigitigh, chomh maith le cláir chistithe atá tiomnaithe don nuálaíocht i réimsí beartais eile;
E. de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí stairiúla suntasacha idir an cultúr infheistíochta san Eoraip agus i réigiúin eile den domhan, go háirithe i gcás caipiteal fiontair agus infheistíocht aingeal;
F. de bhrí go bhfuil AE tiomanta dá iomaíochas tionsclaíoch agus teicneolaíoch a fheabhsú sa mhargadh domhanda, do shlabhraí soláthair athléimneacha agus éagsúlaithe a chruthú agus do bheith ar thús cadhnaíochta sna haistrithe glasa agus digiteacha agus, dá bhrí sin, go n-aithníonn sé gur gá feabhas a chur ar a sheasamh trí thacaíocht leanúnach a thabhairt d’fhás gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, ós rud é gur féidir leo nuálaíocht a chothú agus cuspóirí na n-aistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn;
G. de bhrí go n-aithníonn AE an t-ionchas atá ag gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú chun nuálaíocht, fás eacnamaíoch agus cruthú post a thiomáint in AE, díriú ar dhúshláin shochaíocha, inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus cur leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, an clár don Eoraip Dhigiteach an Clár Oibre Nua Eorpach um Nuálaíocht agus straitéis thionsclaíoch nuashonraithe AE;
H. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach nuálaíocht trasearnála a chothú agus comhoibriú agus malartuithe eolais a spreagadh i measc tionscail éagsúla chun an chruthaitheacht, an éifeachtúlacht agus an fás claochlaitheach a chur chun cinn laistigh de thírdhreach na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá ag méadú;
I. de bhrí go bhfuil bac á chur faoi láthair ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí atá ag méadú toisc gan comhtháthú a bheith sa mhargadh aonair, neamhréireachtaí rialála agus ualaí riaracháin iomarcacha; de bhrí go bhfuil iomaíochas Eorpach ag titim chun deiridh ar gheilleagair fhorbartha eile, rud atá ina bagairt d’acmhainneacht na hEorpa chun fás agus rachmas a ghiniúint;
J. de bhrí go bhféadfadh rialacha Státchabhrach agus iomaíochta lagaithe san Aontas a bheith i mbaol bacainní ar iontráil sa mhargadh a mhéadú, go háirithe i gcomhthéacs gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, agus go bhféadfaidís leithdháileadh iomaíoch caipitil bunaithe ar fhiúntas a bhac;
K. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach éiceachóras cuimsitheach do ghnólachtaí nuathionscanta a chothú, toisc go bhfeidhmíonn éagsúlacht i bhfoirne agus sa cheannaireacht mar chatalaíoch don nuálaíocht, don chruthaitheacht agus don athléimneacht;
L. de bhrí gur réamhriachtanais bhunúsacha agus cumasóirí bunriachtanacha iad bonneagar digiteach láidir agus nascacht fhorleathan don nuálaíocht dhigiteach chuimsitheach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú; de bhrí go bhfuil difríochtaí suaithinseacha réigiúnacha in AE i ndáil leis sin; de bhrí gur gá tuilleadh infheistíochta agus dul chun cinn sa bhonneagar digiteach chun coinneáil bord ar bhord le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus chun a chur ar chumas AE fanacht ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht ar an leibhéal domhanda;
M. de bhrí go gcuirtear i dtábhacht i dtuarascáil 2023 ar staid na Deacáide Digití(4) gur gá tuilleadh dul chun cinn i gclaochlú digiteach gnóthaí, go háirithe maidir le glacadh IS, mórshonraí agus néalríomhaireachta;
N. de bhrí gur gné lárnach de ghníomhaíocht fiontraíochta rathúil é bheith ábalta nuáil, oiriúnú agus bearnaí sa mhargadh a shainaithint chun táirgí nó seirbhísí iomaíocha a sholáthar do chustaiméirí ar scála brabúsach ar deireadh; de bhrí, i gcás lucht ceaptha beartas, go dtugann sé sin le tuiscint gurb é an ghníomhaíocht is éifeachtaí chun gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú a chur chun cinn san Aontas tacú le timpeallacht rialála fhabhrach lena n-éascaítear iontráil sa mhargadh, leathnú gnó agus rochtain ar chaipiteal, agus é mar aidhm leis nuálaíocht a spreagadh, iomaíocht shláintiúil a chur chun cinn agus an tairbhe is mó is féidir a áirithiú do thomhaltóirí;
Sainmhínithe
1. á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, sainmhínithe comhchuibhithe agus leathana a mholadh i gcás gnólacht nuathionscanta agus gnólacht atá ag méadú faoi seach, bunaithe ar inscálaitheacht, agus conas atá siad difriúil óna chéile agus a stádas ar leith i gcoibhneas le FBManna á gcur i gcuntas, chun eisiamh gnólachtaí nuathionscanta nó gnólachtaí atá ag méadú de thaisme a chosc mar gheall ar shainmhínithe sriantacha;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá méadú a shainiú laistigh de FBManna, agus an sainmhíniú sin a úsáid i gcomhthéacs beartais agus staidrimh;
3. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur féidir le mainneachtain sainmhínithe cuí a ghlacadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht na mbeartas agus na reachtaíochta láithrí; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil roinnt leasanna forluiteacha ag gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, tá difríocht shuntasach eatarthu nuair a thosaíonn siad an chéim tiomsaithe airgid, fáis agus aibíochta; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil éiginnteacht agus ardriosca teipe ag gnólachtaí nuathionscanta, agus go mbraitheann siad ar éiceachórais agus ar aicme eile infheisteoirí; á chreidiúint, mar sin, má aicmítear gnólachtaí nuathionscanta mar FBManna, go srianfar a bhfás, a rochtain ar mhargaí agus a ndeiseanna infheistíochta;
4. Ós deimhin léi go méadóidh sainmhínithe tiomnaithe na deiseanna tacaíochta trí bhearta atá sainoiriúnaithe do riachtanais agus gnéithe sonracha gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú agus a chuirfidh lena rochtain ar mhargaí caipitil Eorpacha agus ar infheisteoirí príobháideacha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhordú breise a dhéanamh ar a n-iarrachtaí faoi seach caipiteal príobháideach a mhealladh i ngnólachtaí nuathionscanta agus i ngnólachtaí atá ag méadú chun ‘gleannta báis’ comhleanúnacha a thrasnú agus na bearnaí faoi seach a líonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú Eorpacha a fhorbairt a chuirfidh an nuálaíocht chun cinn agus a dhíreoidh ar na dúshláin atá le sárú ag nuálaithe aonair, bunaitheoirí, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú in AE;
Rochtain ar chistiú
5. ag cur béim ar na dúshláin atá roimh ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha chun rochtain a fháil ar mhaoiniú, lena n-áirítear deacrachtaí i ngnóthaí a mhéadú go tapa ar fud na hEorpa; ag tathant ar rialtais, institiúidí airgeadais agus infheisteoirí príobháideacha comhoibriú agus straitéisí a fhorbairt chun cultúr infheistíochta atá níos fabhraí ó thaobh rioscaí de a chothú;
6. á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar suaithinseach ag íocaíochtaí déanacha ar shreabhadh airgid do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú; á thabhairt dá haire gur féidir réitigh dhigiteacha a úsáid chun trédhearcacht mhéadaithe sonrasc agus íocaíochtaí sonraisc níos tapúla a éascú;
7. á thabhairt chun suntais ról na n-infheisteoirí institiúideacha, amhail cistí pinsin agus cuideachtaí árachais, agus á iarraidh go gceadófaí dóibh sciar níos mó dá bpunanna a infheistiú i gcaipiteal fiontair agus in infheistíochtaí luathchéime, ós rud é go gcuirfeadh sé sin foinse ríthábhachtach cistiúcháin fhadtéarmaigh ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta; á mheabhrú go bhfuil sé mar aidhm le cur chun feidhme Threoir (AE) 2019/1023(5) maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach agus dara deis an cultúr an choil riosca san Eoraip a athrú;
8. á mheabhrú go bhfuil ról catalaíoch ag tacaíocht phoiblí spriocdhírithe, i bhfoirm deontas, iasachtaí agus ráthaíochtaí iasachta, sa bhearna chistiúcháin do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú a dhúnadh i gcás nach leor infheistíocht phríobháideach nó nach bhfuil sí ar fáil; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go leanfadh an úsáid a bhaineann institiúidí poiblí AE as infheistíocht chothromais mar uirlis bheartais de bheith ina heisceacht agus nár cheart dóibh, mar threoirphrionsabal ginearálta, ach aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh amháin; ag dréim leis go dtabharfaidh an Coimisiún an-aird ar leasanna gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú i rochtain iomaíoch ar an margadh agus meastóireacht á déanamh aige ar dhíolúintí ó rialacha státchabhrach, rialacha rialú cumaisc agus forálacha an bheartais iomaíochta a scaoileadh;
9. á chur i bhfáth, i ngeilleagair an mhargaidh, gurb é an príomhshásra chun riachtanais chaipitil gnóthaí a mhaoiniú, lena n-áirítear riachtanais gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, ná trí mhargaí fiachais phríobháidigh agus chothromais; ag tathant go gcríochnófaí Aontas na Margaí Caipitil chun caipiteal príobháideach a shlógadh agus chun feabhas a chur ar ghluaiseacht trasteorann an chaipitil sin laistigh den Aontas; á iarraidh go mbeadh cur chuige cuimsitheach ann chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí agus na bacainní réigiúnacha a bhacann rochtain ar mhaoiniú laistigh d’éiceachóras nuathionscanta na hEorpa, agus aitheantas á thabhairt do na tírdhreacha airgeadais éagsúla ar fud na mBallstát agus na réigiún;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus gnólachtaí atá ag méadú i gcláir mhaoinithe AE agus an rannpháirtíocht sin a éascú agus rochtain níos éasca ar chláir agus tairiscintí mhaoinithe AE agus próisis iarratais níos simplí dóibh a áirithiú, chomh maith le heis-sreabhadh níos fearr, níos tapúla agus níos éasca ar na cistí sin; ag aithint an tírdhreacha airgeadais reatha, ina bhfuil deacrachtaí ag gnólachtaí nuathionscanta rochtain a fháil ar chistiú spriocdhírithe trí dheontais, ráthaíochtaí agus iasachtaí mar gheall ar bhacainní maorlathacha agus tréimhsí feithimh fada tar éis deontais a fhormheas; á thabhairt chun suntais gur gá struchtúr cistiúcháin AE láithreach a chur in oiriúint do shainriachtanais na ngnólachtaí nuathionscanta chun a áirithiú nach mbeidh tacaíocht airgeadais ábhartha faoi réir ualaí riaracháin míchuí; á chur i bhfáth, go háirithe, gur gá eisíoc cistí formheasta a bhrostú, tríd an tréimhse feithimh idir formheas deontais agus fáil ciste a íoslaghdú;
11. á aithint, mar gheall ar a riachtanais uathúla, go bhfuil sásraí airgeadais inrochtana agus saincheaptha de dhíth ar earnálacha agus ar thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta; á iarraidh go mbeadh maoiniú spriocdhírithe ann do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú in earnálacha agus i dtionscail an chultúir agus na cruthaitheachta;
12. ag spreagadh na mBallstát agus an Choimisiúin tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i mbonneagar digiteach ar fud na limistéar uirbeach agus tuaithe, trí chur chuige réamhbhreathnaitheach a ghlacadh a tacóidh le fás agus inbhuanaitheacht gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí ag méadú agus lena dtreiseofar ceannaireacht dhigiteach na hEorpa;
13. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na bacainní atá roimh ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú chun rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ar phróisis shaincheaptha chun cistiú a chur i bhfeidhm ar shlí a lamhálfaidh rochtain níos éasca ar mhaoiniú; á iarraidh go ndíreofaí iarrachtaí ar dhlús a chur le comhchuibhiú na margaí caipitil ar fud an Aontais;
14. ag tathant ar an gCoimisiún na sásraí cistiúcháin do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú a fheabhsú, lena n-áirítear soláthar poiblí agus soláthar deontas, iasachtaí, ráthaíochtaí agus sluachistiú, agus aire á tabhairt gan infheistíocht phríobháideach a phlódú; ag tathant air cistí láithreacha a atreorú chun díriú ar ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú ar shlí níos éifeachtaí, lena n-áirítear trí ghlao speisialta ar thionscadail teicneolaíochta doimhne agus teicneolaíochta glaise; á thabhairt chun suntais gur gá córas deonach uile-Eorpach chun tarchuir creidmheasa a fhorbairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú dá ndiúltaítear iasachtaí bainc; á chur i bhfáth gur gá tionscnaimh dála VentureEU a leathnú chun infheistíocht phríobháideach níos mó a mhealladh do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú san fhadtéarma; ag tathant ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun dreasachtaí a fheabhsú don infheistíocht luathchéime ag aingil ghnó agus ag infheisteoirí; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais ábhartha a scrúdú ar fud AE agus moltaí a chur ar fáil chun creat coiteann a chur chun cinn;
15. ag spreagadh gníomhaireachtaí rialtais agus infheisteoirí príobháideacha deontais níos spriocdhírithe agus iasachtaí ar ús íseal a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá méadú ag céimeanna éagsúla fáis, agus sásraí leithdháilte caipitil iomaíocha á gcoinneáil agus an-aire á tabhairt acu gan an infheistíocht phríobháideach a phlódú;
16. ag moladh dreasachtaí agus sásraí cistiúcháin a chruthú chun tacú le tionscadail thrasearnálacha chun ligean do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú comhoibriú neamhghnách a fhiosrú agus saineolas éagsúil a úsáid, go háirithe i réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite, biteicneolaíocht, cathracha cliste agus earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta;
An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach
17. á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE), a bhfuil sé mar aidhm léi tacú, trí dheontais agus ionstraimí airgeadais, le gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus le gnólachtaí nuálacha atá ag méadú, nach raibh ábalta, d’ainneoin cás gnó bailí a bheith acu, cistiú a fháil i ngeall ar chliseadh sa mhargadh; á iarraidh ar Chiste CNE aird ar leith a thabhairt ar chothroime gheografach; á chur in iúl gur geal léi plean gníomhaíochta CNE atá ag leathnú agus an sprioc fhoriomlán rannpháirtíocht na dtíortha a chuimsítear faoin leathnú a mhéadú go sciar 15 % ar a laghad den chistiú ar fud ionstraimí uile CNE, mar a mhol Bord CNE; á iarraidh ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí a mhol Bord CNE a chur chun feidhme go hiomlán chun a áirithiú go mbeidh fíorthionchar Eorpach ag Ciste CNE;
18. á thabhairt chun suntais gur gá do CNE a bheith ina ghníomhaí inchreidte sa mhargadh; á mheabhrú gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag infheistíochtaí CNE infheisteoirí príobháideacha a ‘phlódú isteach’ seachas iad a phlódú amach; á iarraidh, i bhfianaise ghníomhaíocht CNE atá ag méadú, go mbeidh straitéis shoiléir ann maidir le bainistiú Chiste CNE, lena n-áirítear i dtaobh na modhanna agus na critéir chun caipiteal a leithdháileadh agus chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht bhainisteoirí na gcistí; á chur in iúl gur mór aici an dícheall cuí ardcháilíochta a rinne an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go gcoimeádfar an cháilíocht sin, i gcomhréir le caighdeáin an mhargaidh; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Bhord CNE aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar choinbhleachtaí leasa trí rialacha soiléire trédhearcacha agus ag spreagadh na n-iarrachtaí sin; á chur in iúl gur geal léi an cód iompair a glacadh le haghaidh comhairleoirí a thairgeann seirbhísí d’iarratasóirí ar ghlaonna CNE;
An Banc Eorpach Infheistíochta
19. ag spreagadh Ghrúpa BEI, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Infheistíochta, agus bainc forbartha náisiúnta tacaíocht airgeadais a mhéadú go cothrom do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, lena n-áirítear iad siúd atá ag feidhmiú in earnálacha atá ag teacht chun cinn agus in earnálacha ardionchasachta, go háirithe i réimsí athléimneacht fuinnimh agus aeráide AE agus an chlaochlaithe dhigitigh; á thabhairt faoi deara nach bhfuil go leor gnólachtaí nuathionscanta ar an eolas go leor faoi thairiscintí BEI agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil iarrachtaí cumarsáide agus for-rochtana níos fearr ó BEI bunriachtanach chun a áirithiú gur féidir le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú tairbhe iomlán a bhaint as ionstraimí BEI agus as tacaíocht airgeadais;
20. ag aithint, go háirithe, go bhfuil ról ríthábhachtach ag Grúpa BEI chun ionstraimí agus acmhainní airgeadais a chur ar fáil chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus le gnólachtaí atá ag méadú na teicneolaíochta glaine ar fud an Aontais; ag tacú le tacaíocht thiomnaithe iasachta BEI do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú atá i mbun na n-aistrithe glasa agus digiteacha chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna chistiúcháin i gcás infheistíochtaí i mbonneagar agus in acmhainneacht mhonaraíochta, faoi réir coinníollacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag BEI i dtiomantas an Aontais don Chomhaontú Glas don Eoraip agus do Chomhaontú Pháras;
An soláthar poiblí
21. á iarraidh go bhforbrófaí sásraí éifeachtúla agus trédhearcacha chun rochtain ar chonarthaí soláthair phoiblí a éascú do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, i gcomparáid le cuideachtaí seanbhunaithe, nach bhfuil na hinniúlachtaí céanna dlí agus riaracháin, cuntas teiste ná taithí acu ar idirghníomhú le riaracháin phoiblí, agus chun a rannpháirtíocht a spreagadh i soláthar réiteach nuálach ar dhúshláin na hearnála poiblí;
Ualaigh rialála
22. á chur in iúl gur geal léi sprioc an Choimisiúin na hualaí a bhaineann le ceanglais tuairiscithe a laghdú 25 % gan an bonn a bhaint de chuspóirí beartais; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún srianta sonracha agus struchtúracha na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá ag méadú a chur i gcuntas i ndáil leis sin chun brú costais a laghdú agus iomaíochas a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann maidir le reachtaíocht AE chun fás, fiontraíocht agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú; á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal ‘tús áite d’fhiontair bheaga’ a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i bpléití inmheánacha agus ar fud na dtograí reachtacha agus na dtionscnamh beartais ábhartha;
23. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ‘prionsabal na haonuaire’ a chuíchóiriú agus a chur chun cinn i gcás comhroinnt sonraí idir riaracháin agus an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ i nósanna imeachta riaracháin, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát araon; á chreidiúint go gcuideoidh caighdeánú agus digitiú nósanna imeachta agus foirmeacha, i gcomhréir leis na prionsabail sin, go mór le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú trí ualaí riaracháin a laghdú san fhadtéarma; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh ar chur chun feidhme na bprionsabal sin;
24. á iarraidh go mbunófaí rialacháin agus creataí a thacaíonn le gnólachtaí nuathionscanta a éascaíonn fás, inscálaitheacht agus oibríochtaí trasteorann gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, agus cosaint tomhaltóirí, príobháideachas sonraí agus iomaíocht chóir á n-áirithiú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé teorainn a chur le costais chomhlíonta do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a leathnú do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú chun dul i ngleic le castacht rialála, trí chláir a leathnú chun clinicí dlíthiúla a chur chun cinn, mar shampla i gcomhthéacs na Mol Nuálaíochta Digití faoin gclár don Eoraip Dhigiteach;
25. ag tathant ar an gCoimisiún ‘tástáil gnólachta nuathionscanta’ a fhorbairt agus a ghlacadh, ar aon dul le tástáil FBM a ghlac sé in 2021, chun tionchar na reachtaíochta a mheasúnú níos fearr lena ndírítear ar nuálaíocht, ar mhaoiniú agus ar iomaíochas; ag tabhairt dá haire an togra ó Uachtarán an Choimisiúin chun seiceáil iomaíochais a bhunú i gcás reachtaíocht nua AE a bheidh le déanamh ag bord neamhspleách; á mheas gur cheart go mbeadh creat speisialta ag an tseiceáil iomaíochais sin maidir le gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú agus FBManna chun a áirithiú go ndreasófar le rialáil gnólachtaí nua a thosú san Eoraip;
26. Á iarraidh ar an gCoimisiún athmheastóireacht a dhéanamh ar éifeacht na reachtaíochta atá ar na bacáin ar ghnólachtaí nuathionscanta atá dírithe ar FBManna, ar thionscal agus ar nuálaíocht, agus riachtanais agus gnéithe sonracha gnólachtaí nuathionscanta á gcur i gcuntas;
27. ag tabhairt dá haire uirlisí nua chun rialála níos fearr agus an prionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’; á chreidiúint go bhfuil uaillmhian níos mó fós de dhíth ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit chun rialáil a shimpliú agus costas an chomhlíonta a laghdú, lena n-áirítear trí dhlí AE a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát agus trí aghaidh a thabhairt ar dhlíthe forluiteacha sa mhargadh aonair, go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú; á chreidiúint go bhfuil an simpliú sin bunriachtanach chun nuálaíocht agus iomaíochas a chothú;
Fáil tallainne
28. á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé an bhearna tallainne a bhraitear a dhúnadh agus éiceachóras a chruthú ina bhfuil tallann flúirseach, ach ina bhfuil sé comhtháite go hiomlán in earnáil na teicneolaíochta freisin; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil níos lú clár staidéir fochéime in IS ag AE ina iomláine ná roinnt tíortha is lú go mór; á chreidiúint go bhfuil gá le cur chuige spriocdhírithe ar leibhéal AE chun é sin a cheartú; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, gur féidir an plean gníomhaíochta don oideachas digiteach, tionscnamh na n-ollscoileanna Eorpacha agus an Limistéar Eorpach Oideachais, ar bhonn níos leithne, a leathnú chun bunú comhar straitéiseach idir institiúidí acadúla agus lucht tionscail a éascú tuilleadh chun a áirithiú go mbeidh céimithe ullmhaithe go maith agus go mbeidh siad feistithe leis na scileanna is gá sa mhargadh fostaíochta dinimiciúil; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíochtaí san oiliúint agus san oideachas a mhéadú trí chláir staidéir agus cúrsaí a chruthú a bheidh dírithe ar scileanna fiontraíochta agus teicneolaíochta, agus tionscnaimh foghlama ar feadh an tsaoil á gcomhtháthú ag an am céanna d’fhiontraithe atá gníomhach cheana san earnáil, go háirithe i gcás gnólachtaí atá ag méadú;
29. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le tionscnaimh a chuireann scileanna digiteacha agus tionsclaíochta, comhar, comhroinnt eolais, fiontraíocht agus meantóireacht chun cinn ar gach leibhéal oideachais, agus an t-eolas agus na scileanna is gá á dtabhairt do dhaoine aonair chun go mbeidh rath orthu sa ré dhigiteach; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (STEM) i ndáil leis sin;
30. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais feasachta a fhorbairt chun poist a chur chun cinn i dtimpeallachtaí digiteacha agus tionsclaíocha, agus béim ar leith á leagan ar níos mó tallann ban a mhealladh chuig na hearnálacha sin;
31. ag tathant ar an gCoimisiún gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú a áireamh ina chláir scileanna agus tallainne agus aird a tharraingt ar na deiseanna a chuireann gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú ar fáil do chéimithe óga, lena n-áirítear fostaíocht; á chreidiúint gur féidir cláir agus tionscnaimh oideachais an Aontais láithreacha, go háirithe Erasmus+, a ghiaráil chun na cuspóirí sin a bhaint amach;
32. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach, tráth a bhfuil margaí saothair docht AE d’fhostaithe oilte, earcú tallann idirnáisiúnta a éascú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé prionsabal an neamh-idirdhealaithe a choimirciú, éagsúlacht agus cuimsitheacht a chur chun cinn san éiceachóras gnólachtaí nuathionscanta agus uas-scálaithe agus comhdheiseanna a áirithiú do chách, lena n-áirítear daoine óga, gairmithe seanbhunaithe agus grúpaí faoi ghannionadaíocht; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, an tionscnamh ón gCoimisiún chun linn tallainne an Aontais Eorpaigh a chur ar bun;
Rochtain ar an margadh agus iomaíochas
33. á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil sé ríthábhachtach na dálaí a chruthú chun go bhfeidhmeoidh gnólachtaí nuálacha i dtimpeallacht atá simplí, soiléir agus intuartha chun a gcumas fás agus méadú sa mhargadh aonair a áirithiú, ós rud é go gcuirfidh an deis chun rochtain a fháil ar mhargadh níos leithne lena gcumas infheisteoirí a mhealladh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá creataí beartais lena n-éascaítear agus lena dtacaítear leis an gcomhar, trí bhacainní a bhaint a eascraíonn as córais rialála náisiúnta neamhréireacha agus trí na dreasachtaí is gá a chur ar fáil chun rannpháirtíocht ghníomhach ó na geallsealbhóirí uile laistigh d’éiceachóras na nuálaíochta a chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh sásraí ann chun na rioscaí a bhaineann le leathnú idirnáisiúnta a mhaolú chun a áirithiú go mbeidh an tacaíocht agus an treoir is gá ag gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú chun dul i ngleic leis na héiginnteachtaí a bhaineann go dlúth leis na margaí domhanda;
34. á aithint, de réir Aimsitheoir Deep Tech Oifig na bPaitinní Eorpacha, go bhfuil níos mó ná 10 % de na gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha a rinne iarratas ar phaitinní Eorpacha tar éis tairbhe a bhaint as cistiú CNE cheana féin; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur gá daoine a chur ar an eolas i dtaobh thábhacht na maoine intleachtúla; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur dea-shampla é athchóiriú na bPaitinní Aonadacha(6) a bhfuil sé mar aidhm leis cosaint aonfhoirmeach a chur ar fáil ar fud na dtíortha rannpháirteacha uile, ar bhonn ionaid ilfhreastail, trí ualaí riaracháin a laghdú agus comhsheasmhacht a áirithiú sa chásdlí; á iarraidh ar na Ballstáit nach bhfuil an Comhaontú maidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní daingnithe acu go fóill déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an éiceachóras nuathionscanta;
35. ag tabhairt dá haire cuspóirí an Aontais maidir leis an nGníomh um Thionscal Glan-Nialasach(7) agus á iarraidh ar an gCoimisiún a bhreithniú conas a d’fhéadfaí tionscnaimh bhreise a chur chun cinn chun iomaíochas gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú a mhéadú, ar gnólachtaí iad a bhfuil baint acu le slabhraí luacha teicneolaíochta glan-nialasacha agus chun cur lena seasamh i réimse iomaíochta domhanda na dteicneolaíochtaí glan-nialasacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, measúnú a dhéanamh ar conas is féidir le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú rannchuidiú le cuspóirí dícharbónaithe AE, agus a ról a chur san áireamh ina phróisis phleanála, amhail na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide;
36. á chur i bhfáth gur gá tírdhreach teicneolaíochta a chothú ina gcorpraítear an iomaíocht agus an nuálaíocht araon; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór sásraí rialála dul in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch agus d’athruithe sa mhargadh agus iad a fhorbairt chun seasamh leis an iomaíochas agus leis an nuálaíocht, go háirithe i ndáil le gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna agus straitéisí cuimsitheacha a fhorbairt i dtaobh conas an nuálaíocht teicneolaíochta arna cumasú ag gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú a úsáid chun iomaíochas a chur chun cinn agus spriocanna aeráide a bhaint amach;
Rochtain ar shonraí
37. ag spreagadh an Choimisiúin léargais fíor-ama ar shonraí poiblí a chumasú lena gcumhachtaítear cinnteoireacht níos fearr agus lena spreagtar nuálaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, agus sonraí pearsanta agus sonraí eile de chineál íogair á gcosaint ag an am céanna, i gcomhréir le reachtaíocht reatha an Aontais maidir le sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú leis an tionscal, faoin gcreat chun rochtana ar shonraí airgeadais, chun caighdeáin chomhsheasmhacha agus chomhchuibhithe a bhunú do thacair sonraí airgeadais, chomh maith le creat chun comhroinnt sonraí airgeadais níos iontaofa, níos éifeachtúla agus níos nuálaí a áirithiú ar fud gnólachtaí, tríú páirtithe agus rialtas;
38. á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme comhchuibhithe agus éifeachtach na rialachán digiteach a bhí ann le déanaí a áirithiú, go háirithe an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha(8), an Gníomh um Margaí Digiteacha(9), an Gníomh um Rialachas Sonraí(10), an Gníomh um Shonraí(11) agus an Gníomh um Intleacht Shaorga atá ar na bacáin(12); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit éiceachóras margaí le haghaidh sonraí neamhphearsanta faoi stiúir na hEorpa a chothú; á mholadh go bhforbrófaí creataí chun comhchuibhiú a dhéanamh ar láimhseáil tacar sonraí mar shócmhainní i gcuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais;
Éiceachóras nuálaíochta agus struchtúir tacaíochta
39. á chur in iúl gur geal léi na fógraí maidir le toscaire FBM AE a cheapadh; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur gá don toscaire sin anailís chuimsitheach a dhéanamh agus tuarascálacha tréimhsiúla a eisiúint maidir le stádas gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú san Eoraip, lena gcuimsítear a gcuid constaicí agus a bpriontaí laethúla; ag spreagadh an Choimisiúin pointí teagmhála gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú a cheapadh in ardstiúrthóireachtaí ábhartha chun beartais thiomnaithe a chomhordú ar shlí níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún líonra tiomnaithe comhairleoirí a bhunú le haghaidh gnólachtaí atá ag méadú mar chuid den Líonra Fiontar Eorpach;
40. ag cur béim ar an tábhacht bhunúsach a bhaineann le héiceachóras cuimsitheach gnólachtaí nuathionscanta a chruthú lena gcuirfear poist chomhdheise ar fáil do chách, lena n-áirítear daoine óga, gairmithe seanbhunaithe agus grúpaí faoi ghannionadaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh agus beartais réamhghníomhacha a chur ar aghaidh lena gcuirtear cuimsitheacht chun cinn go gníomhach, trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní sistéamacha agus ar chlaontachtaí agus trí chothrom na Féinne a chothú do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht; á mholadh go bhforbrófaí cláir mheantóireachta ábhartha, deiseanna líonraithe agus tionscnaimh oideachais agus tionscnaimh eile a dhíríonn go sonrach ar ghrúpaí faoi ghannionadaíocht;
41. á iarraidh go gcomhthiomsófaí saineolas trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha, trí chomhoibriú agus trí eolas agus trí chomhroinnt acmhainní i measc an lucht acadúil, gníomhaithe tionscail agus gníomhaireachtaí rialtais, agus a láidreachtaí agus a saineolas comhchoiteann a ghiaráil i gcomhthéacs na straitéisí um speisialtóireacht chliste;
42. ag moladh éiceachórais réigiúnacha nuathionscanta lena dtugtar le chéile ollscoileanna, fiontraithe, cuideachtaí agus eintitis earnála poiblí áitiúla, lena n-áirítear trí mhoil nuálaíochta, gorlanna, luasairí agus tógálaithe fiontar, chun láidreachtaí agus acmhainní gach réigiúin a ghiaráil; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú níos fearr a dhéanamh idir beartas nuálaíochta áitbhunaithe agus beartas nuálaíochta feabhas-tiomáinte ar leibhéal an Aontais; ag tabhairt dá haire na scéalta ratha ó éiceachórais nuathionscanta agus na ceachtanna a foghlaimíodh óna dtaithí; á mholadh go mbeidh na héiceachórais réigiúnacha nuathionscanta sin ina bhfóram do cheannairí éiceachórais chun smaointe agus dea-chleachtais a mhalartú;
o o o
43. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.
Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18).
togra ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161),
Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Ionstraim um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).
Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
Togra ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí) (COM(2022)0068),
Togra ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh maidir leis an Intleacht Shaorga) agus gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais a leasú (COM(2021)0206),
Dlínse, an dlí is infheidhme, cinntí a aithint agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismitheoireachta agus Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú
229k
82k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú (COM(2022)0695 – C9-0002/2023 – 2022/0402(CNS))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0695),
— ag féachaint d’Airteagal 81(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0002/2023),
– ag féachaint do rún uaithi an 2 Feabhra 2017 ina raibh moltaí don Choimisiún maidir le gnéithe trasteorann den uchtú(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 5 Aibreán 2022 ar chearta an linbh a chosaint in imeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh(2),
– ag féachaint do na cinntí ón gCoiste um Achainíocha maidir leis an líon achainíocha arna dtíolacadh ag saoránaigh an Aontais i dtaca leis an ngá atá le creat dlíthiúil ar aitheantas trasteorann don tuismíocht idir na Ballstáit;
– ag féachaint do Thuairim 2/2023 ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle in ábhair thuismíochta,
– ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince agus Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2, maidir le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
— ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0368/2023),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1
(1) Tá cuspóir leagtha amach ag an Aontas dó féin chun limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine agus rochtain ar an gceartas. Chun limistéir den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a dhéanamh atá dírithe ar aitheantas frithpháirteach a áirithiú idir Ballstáit ar bhreithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha maidir le hábhair shibhialta agus comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme i mBallstáit a bhaineann le coinbhleacht dlíthe agus dlínse in ábhair shibhialta.
(1) Tá cuspóir leagtha amach ag an Aontas dó féin limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine agus rochtain ar an gceartas, i gcomhréir le Conarthaí an Aontais Eorpaigh agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’). Chun limistéir den sórt sin a bhunú de réir a chéile, tá an tAontas chun bearta a dhéanamh atá dírithe ar aitheantas frithpháirteach a áirithiú idir Ballstáit do bhreithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha maidir le hábhair shibhialta agus comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme i mBallstáit a bhaineann le coinbhleacht dlíthe agus dlínse in ábhair shibhialta.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2
(2) Baineann an Rialachán seo le haitheantas i mBallstát ar thuismíocht linbh mar a shuitear í i mBallstát eile. Is é is aidhm leis cearta bunúsacha agus cearta eile an linbh a chosaint i gcúrsaí a bhaineann lena dtuismíocht in imthosca trasteorann a neartú, lena n-áirítear a gceart chun féiniúlachta, chun neamh-idirdhealaithe agus chun saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh mar phríomhthosaíocht. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo freisin deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar agus chun na costais dlíthíochta agus an t-ualach a laghdú le haghaidh teaghlach, cúirteanna náisiúnta agus údaráis inniúla eile i dtaca le himeachtaí maidir le haitheantas do thuismíocht i mBallstát eile. Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, ba cheart go n-éileofar sa Rialachán seo ar Bhallstáit aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh le haghaidh gach cuspóra mar a shuitear i mBallstát eile.
(2) Baineann an Rialachán seo le haitheantas i mBallstát do thuismíocht linbh mar a shuitear í i mBallstát eile. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit uile gníomhú chun leasa an linbh, lena n-áirítear trí cheart bunúsach gach linbh chun saol an teaghlaigh a choimirciú agus trí thoirmeasc a chur ar idirdhealú a dhéanamh ar an leanbh ar bhonn stádas pósta nó ghnéaschlaonadh a thuismitheoirí, nó ar bhonn na slí ar gineadh an leanbh. Dá bhrí sin, is é is aidhm don Rialachán seo cearta bunúsacha agus cearta eile an linbh a chosaint i gcúrsaí a bhaineann lena dtuismíocht in imthosca trasteorann a neartú, lena n-áirítear a gceart chun féiniúlachta31, chun neamh-idirdhealaithe32 agus chun saoil phríobháidigh agus chun saol an teaghlaigh33, agus lánurraim do phrionsabal leas an linbh á chur san áireamh mar phríomhthosaíocht34. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo freisin deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar agus na costais dlíthíochta agus an t-ualach a laghdú le haghaidh teaghlach, cúirteanna náisiúnta agus údaráis inniúla eile i dtaca le himeachtaí maidir le haitheantas do thuismíocht i mBallstát eile i dtreo is nach gcaillfidh an leanbh na cearta a dhíorthaítear ón tuismíocht a shuitear i mBallstát amháin i gcás trasteorann. Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach, ba cheart go gceanglódh an Rialachán seo ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do thuismíocht linbh le haghaidh gach cuspóra mar a shuitear i mBallstát eile.
__________________
__________________
31 Airteagal 8 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
31 Airteagal 8 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
32 Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
32 Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
33 Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Airteagail 7 agus 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
33 Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Airteagail 7 agus 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
34 Airteagal 3 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
34 Airteagal 3 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) Faoi na Conarthaí, is ag na Ballstáit atá an inniúlacht chun rialacha substainteacha an dlí teaghlaigh a ghlacadh, amhail rialacha maidir le sainmhíniú ar theaghlach agus rialacha maidir le bunú tuismíocht linbh. Ach, de bhun Airteagal 81(3) CFAE, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh a bhaineann le dlí an teaghlaigh le himpleachtaí trasteorann, go háirithe rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, ar dhlí is infheidhme agus ar aitheantas do thuismíocht.
(5) De bhun Airteagal 67(1) CFAE, tá an tAontas le bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-urramófar cearta bunúsacha agus córais agus traidisiúin éagsúla dlí na mBallstát; Faoi na Conarthaí, is ag na Ballstáit atá an inniúlacht eisiach chun rialacha substainteacha maidir leis an dlí teaghlaigh a ghlacadh, amhail rialacha maidir leis an sainmhíniú ar theaghlach agus rialacha maidir le bunú tuismíochta linbh. De bhun Airteagal 81(3) CFAE, áfach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh maidir leis an dlí teaghlaigh ag a bhfuil impleachtaí trasteorann, go háirithe rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, maidir leis an dlí is infheidhme agus maidir le haitheantas do thuismíocht.
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8
(8) Cé go bhfuil inniúlacht ag an Aontas chun bearta a dhéanamh maidir le dlí an teaghlaigh le himpleachtaí trasteorann amhail rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, an dlí is infheidhme agus aitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, go dáta níor ghlac an tAontas le forálacha sna réimsí sin a mhéid a bhaineann le tuismíocht. Tá forálacha na mBallstát infheidhme sna réimsí sin faoi láthair.
(8) Cé go bhfuil inniúlacht ag an Aontas bearta a ghlacadh maidir leis an dlí teaghlaigh ag a bhfuil impleachtaí trasteorann amhail rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta, maidir leis an dlí is infheidhme agus maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, go dtí seo níl forálacha glactha ag na Ballstáit sna réimsí sin a mhéid a bhaineann le tuismíocht. Tá difríochtaí idir forálacha sin na mBallstát is infheidhme sna réimsí sin faoi láthair, rud a fhágann bearnaí dlíthiúla agus éiginnteacht dhlíthiúil a bheith ann i gcás leanaí atá ag feidhmiú a gceart i gcásanna trasteorann agus, uime sin, b’fhéidir go ndéanfaí idirdhealú orthu nó nach n-urramófaí a gcearta bunúsacha.
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 10
(10) De thoradh ar éagmais forálacha Aontais maidir le dlínse idirnáisiúnta agus an dlí is infheidhme maidir le suí tuismíochta in imthosca trasteorann agus maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag teaghlaigh chun aitheantas a fháil do thuismíocht a leanaí chun gach críoch laistigh den Aontas, lena n-áirítear i gcás ina n-aistríonn siad chuig Ballstát eile nó ina bhfilleann siad ar a mBallstát tionscnaimh.
(10) De thoradh ar éagmais forálacha de chuid Aontais i dtaca le dlínse idirnáisiúnta agus i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir le suí tuismíochta in imthosca trasteorann agus maidir le haitheantas do thuismíocht idir Ballstáit, bíonn deacrachtaí ag teaghlaigh aitheantas a fháil do thuismíocht a leanaí chun gach críche laistigh den Aontas, lena n-áirítear i gcás ina n-aistríonn siad chuig Ballstát eile nó ina bhfilleann siad ar a mBallstát tionscnaimh.
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 11 a (nua)
(11a) Nuair nach dtugann Ballstáit aitheantas do thuismíocht arna suí i mBallstát eile, déantar an-difear do theaghlaigh bogha ceatha (teaghlaigh LGBTIQ+) agus freisin do chineálacha eile teaghlach nach bhfuil ag teacht le samhail thraidisiúnta an teaghlaigh núicléach. Is fíor sin go háirithe i gcás nach bhfuil aon nasc bitheolaíoch ann idir na tuismitheoirí agus an leanbh. Leis an Rialachán seo, áiritheofar go ndéanfaidh leanaí a gcearta a theachtadh agus a stádas dlithiúil a choinneáil i gcásanna trasteorann gan beann ar a n-imthosca trasteorann agus gan idirdhealú.
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 13
(13) Leis an Rialachán seo níor cheart go ndéanfaí difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go sonrach na cearta a bhfuil teacht ag an leanbh orthu faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, lena n-áirítear Treoir 2004/38/CE. Mar shampla, is gá go n-aithneodh Ballstáit cheana féin inniu gaol idir tuismitheoir agus leanbh chun críocha leanaí a cheadú, le gach ceann dá mbeirt tuismitheoirí, an ceart a fheidhmiú chun saorghluaiseachta agus cónaí laistigh de chríoch na mBallstát gan aon bhac, agus chun na cearta ar fad a dhíorthaíonn an leanbh sin ó dhlí an Aontais a fheidhmiú. Ní dhéantar foráil sa Rialachán seo maidir le haon choinníoll ná ceanglas breise maidir le feidhmiú na gceart sin.
(13) Leis an Rialachán seo níor cheart go ndéanfaí difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go sonrach na cearta a theachtann leanbh faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, lena n-áirítear Treoir 2004/38/CE. Mar shampla, ní mór do Bhallstáit cheana féin inniu aitheantas a thabhairt don ghaol idir tuismitheoir agus leanbh chun críocha cead a thabhairt do leanaí, i dteannta a dtuismitheoirí, an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát gan bhac a fheidhmiú, agus na cearta uile a dhíorthaíonn an leanbh sin ó dhlí an Aontais a fheidhmiú. Ní dhéantar foráil sa Rialachán seo d’aon choinníoll ná ceanglas breise maidir le feidhmiú na gceart sin.
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14
(14) De réir Airteagal 21 CFAE agus na reachtaíochta tánaistí lena mbaineann mar a léirmhínítear ag an gCúirt Bhreithiúnais é, ní féidir an urraim d’fhéiniúlacht náisiúnta Ballstáit de réir Airteagal 4(2) CFAE agus beartas poiblí Ballstáit feidhmiú mar údar chun diúltú d’aitheantas a thabhairt do ghaol idir tuismitheoir agus leanbh idir leanaí agus a dtuismitheoirí comhghnéis chun críoch fheidhmiú na gceart a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais. Ina theannta sin, chun críoch fheidhmiú na gceart sin, is féidir cruthúnas ar thuismíocht a chur i láthair trí mheán ar bith52 . Dá bhrí sin, níl Ballstát i dteideal ceangal a chur ar dhuine na fianuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghabhann le cinneadh cúirte ná ionstraim bharántúil um thuismíocht, ná an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthaítear leis an Rialachán seo a chur i láthair, i gcás ina ndéanann an duine cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais a agairt, i gcomhthéacs fheidhmiú na gceart chun saorghluaiseachta. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar dhuine roghnú an fianú ábhartha nó Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chur i láthair freisin i gcásanna den sórt sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Lena áirithiú go gcuirtear saoránaigh an Aontais agus a dteaghlach ar an eolas nach ndéantar difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais leis an Rialachán seo, ba cheart a áireamh i bhfoirmeacha na bhfianuithe agus an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta atá i gceangal leis an Rialachán seo ráiteas ina sonraítear nach ndéanann an fianú ábhartha ná an Deimhniú Eorpach Tuismíochta difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go háirithe na cearta atá ag an leanbh sin faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, agus, chun feidhmiú na gceart den chineál sin, féadfar cruthúnas maidir leis an ngaol idir tuismitheoir agus leanbh a chur in iúl trí mhodh ar bith.
(14) De réir Airteagal 21 CFAE agus na reachtaíochta tánaistí lena mbaineann arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, ní féidir urraim d’fhéiniúlacht náisiúnta Ballstáit faoi Airteagal 4(2) CFAE agus do bheartas poiblí Ballstáit a bheith ina údar le diúltú aitheantas a thabhairt don ghaol idir leanaí agus a dtuismitheoirí comhghnéis le haghaidh na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais a fheidhmiú. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go n-áiritheodh na Ballstáit go gcuirfí an Rialachán seo chun feidhme i gceart, nach n-úsáidfí an beartas poiblí chun dul timpeall ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go léirmhíneofaí an Rialachán seo i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Sa bhreis air sin, chun na cearta sin a fheidhmiú, is féidir cruthúnas ar thuismíocht a chur i láthair trí mheán ar bith52 . Dá bhrí sin, níl Ballstát i dteideal ceangal a chur ar dhuine na fianuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghabhann le cinneadh cúirte ná ionstraim bharántúil um thuismíocht, ná an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthaítear leis an Rialachán seo a thabhairt ar aird, i gcás ina ndéanann an duine cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais a agairt, i gcomhthéacs fheidhmiú na gceart chun saorghluaiseachta. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh sé sin cosc ar dhuine a roghnú an fianú ábhartha nó an Deimhniú Eorpach Tuismíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a thabhairt ar aird freisin i gcásanna den sórt sin. Chun a áirithiú go gcuirfear in iúl do shaoránaigh an Aontais agus dá muintir nach ndéantar difear, leis an Rialachán seo, do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, ba cheart ráiteas a áireamh i bhfoirmeacha na bhfianuithe agus an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta atá i gceangal leis an Rialachán seo, ráiteas ina sonraítear nach ndéanann an fianú ábhartha ná an Deimhniú Eorpach Tuismíochta difear do na cearta a dhíorthaíonn leanbh ó dhlí an Aontais, go háirithe na cearta atá ag leanbh faoi dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht, agus gurb amhlaidh, chun na cearta sin a fheidhmiú, a fhéadtar cruthúnas ar an ngaol idir tuismitheoir agus leanbh a chur in iúl trí mhodh ar bith.
__________________
__________________
52 Breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Iúil 2002, C-459/99, MRAX, ECLI:EU:C:2002:461, míreanna 61 agus 62, agus an 17 Feabhra 2005, C-215/03, Oulane, ECLI:EU:C:2005:95, míreanna 23 go 26.
52 Breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Iúil 2002, C-459/99, MRAX, ECLI:EU:C:2002:461, míreanna 61 agus 62, agus an 17 Feabhra 2005, C-215/03, Oulane, ECLI:EU:C:2005:95, míreanna 23 go 26.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 14 a (nua)
(14a) Ba cheart do na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ón nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, oiliúint a eagrú do bhreithiúna, do ghairmithe dlíthiúla agus d’údaráis stáit ábhartha chun a áirithiú go ndéantar an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gceart.
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 16
(16) Éilítear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 (‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh’) ar Stáit Rannpháirteacha cearta leanaí a urramú agus a áirithiú go gcosnaítear iad gan idirdhealú de chineál ar bith, agus chun gach beart iomchuí ábhartha a ghlacadh lena áirithiú go dtugtar cosaint don leanbh in aghaidh gach cineál idirdhealaithe nó pionóis ar bhonn imthosca thuismitheoirí an linbh. Faoi Airteagal 3 den Choinbhinsiún sin, i ngach gníomhaíocht a dhéanann cúirteanna agus comhlachtaí reachtacha, i measc eile, is gá go mbeadh leas an linbh ina phríomhthosaíocht.
(16) Le hAirteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 (‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh’), ceanglaítear ar Stáit is Páirtithe cearta leanaí a urramú agus a áirithiú gan idirdhealú de chineál ar bith, agus na bearta iomchuí uile a ghlacadh chun a áirithiú go dtugtar cosaint don leanbh ar gach cineál idirdhealaithe nó pionóis ar bhonn imthosca thuismitheoirí an linbh. Faoi Airteagal 3 den Choinbhinsiún sin, sna gníomhaíochtaí uile a dhéanann cúirteanna agus comhlachtaí reachtacha, i measc eintitis eile, ní mór leas an linbh a bheith ina phríomhthosaíocht,agus ní mór cearta an linbh a urramú san uile chás agus san uile imthoisc.
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 a (nua)
(17a) Ba cheart sárleasanna an linbh a bheith ar an bpríomhchomaoin. Tá maíte go sainráite ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine go laghdaíonn leas an linbh corrlach breithmheasa na Stát is Páirtithe maidir le haitheantas a thabhairt don chaidreamh idir an leanbh agus na tuismitheoirí1a, agus gurb é atá i gceist le sárleasanna an linbh ná sainaithint a dhéanamh, ar bhealach dlíthiúil, ar na daoine atá freagrach as iad a thógáil, freastal ar a riachtanais agus a leas a áirithiú, agus deis a bheith ag an leanbh maireachtáil agus teacht in inmhe i dtimpeallacht chobhsaí1b. Faoin gCairt agus faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (an ‘Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine’), tá ag leanaí an ceart chun saoil phríobháidigh agus chun saoil teaghlaigh.
__________________
1aECtHR, Breithiúnas 22.11.2022 [Roinn III], D.B. agus Daoine eile v. an Eilvéis - 58252/15 agus 58817/15
1bECtHR, 10.4.2019 [GC], Tuairim chomhairleach arna hiarraidh ag Cúirt Freaschuir na Fraince
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 18
(18) Leagtar síos in Airteagal 8 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950 (‘Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine’) an ceart do mheas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, agus foráiltear in Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 12 leis an gCoinbhinsiún sin gur gá teachtadh aon cheart a leagtar amach sa dlí a shlánú gan idirdhealú ar aon fhoras, lena n-áirítear breith. Léirmhínigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine Airteagal 8 den Choinbhinsiún amhail ag éileamh ar gach Stát laistigh dá dhlínse chun aitheantas a thabhairt don ghaol idir tuismitheoir agus leanbh a dhéantar ar an gcoigríoch idir leanbh a bheirtear trí mháthairionadaíocht agus an tuismitheoir bitheolaíochta atá beartaithe, agus chun foráil a dhéanamh maidir le sásra chun aitheantas a thabhairt sa dlí don ghaol idir tuismitheoir agus leanbh leis an tuismitheoir bitheolaíochta atá beartaithe (mar shampla trí uchtáil an linbh).
(18) Leagtar síos in Airteagal 8 de Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, agus foráiltear in Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin gur gá teachtadh aon chirt a leagtar amach sa dlí a shlánú gan idirdhealú ar aon fhoras, lena n-áirítear breith. Ba é léirmhíniú na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ar Airteagal 8 den Choinbhinsiún mar go gceanglaítear leis ar na Stáit uile laistigh dá dhlínse aitheantas a thabhairt don ghaol idir tuismitheoir agus leanbh a dhéantar ar an gcoigríoch idir leanbh a bheirtear trí mháthairionadaíocht agus an tuismitheoir bitheolaíochta atá beartaithe, agus foráil a dhéanamh do shásra chun aitheantas a thabhairt, sa dlí, don ghaol idir tuismitheoir agus leanbh leis an tuismitheoir bitheolaíochta atá beartaithe (mar shampla trí uchtú an linbh)24. Cé go gcuireann an Rialachán seo leis an gcásdlí sin agus go n-áirithítear leis gur cheart an caidreamh idir leanaí agus tuismitheoirí mar a shuitear i mBallstát amháin a aithint sna Ballstáit uile, ní féidir a mheas go gcuirtear, leis an Rialachán seo, oibleagáid ar Bhallstát a dhlí substainteach teaghlaigh a athrú chun glacadh le cleachtas na máthairionadaíochta. Ní mór inniúlachtaí na mBallstát a urramú ina leith sin.
__________________
__________________
24 Mar shampla, Mennesson v. an Fhrainc (Iarratas Uimh. 65192/11, Comhairle na hEorpa: An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 26 Meitheamh 2014) agus Tuairim Chomhairleach P16-2018-001 (Achainí Uimh. P16-2018-001, Comhairle na hEorpa: An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 10 Aibreán 2019).
24 Mar shampla, Mennesson v. an Fhrainc (Iarratas Uimh. 65192/11, Comhairle na hEorpa: An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 26 Meitheamh 2014) agus Tuairim Chomhairleach P16-2018-001 (Achainí Uimh. P16-2018-001, Comhairle na hEorpa: An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an 10 Aibreán 2019).
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 21
(21) I gcomhréir le forálacha na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais, ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo go mbíonn teacht ag leanaí ar a gcearta agus go gcothaítear a stádas dlíthiúil in imthosca trasteorann gan idirdhealú. Chuige sin, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena n-áirítear maidir le hiontaoibh fhrithpháirteach idir Ballstáit, agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo an t-aitheantas i mBallstát ar an tuismíocht a shuitear i mBallstát eile ainneoin an chaoi ar gineadh nó ar rugadh an leanbh ainneoin cineál teaghlaigh an linbh, agus lena n-áirítear uchtáil intíre. Dá bhrí sin, faoi réir chur i bhfeidhm na rialacha maidir le dlí is infheidhme an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo an t-aitheantas i mBallstát ar an tuismíocht mar a shuitear í i mBallstát eile de leanbh le tuismitheoirí comhghnéis. Ba cheart go gcumhdófaí freisin sa Rialachán seo aitheantas i mBallstát ar thuismíocht linbh arna uchtáil go hintíre i mBallstát eile faoi na rialacha lena rialaítear uchtáil intíre sa Bhallstát sin.
(21) I gcomhréir le forálacha na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta agus le forálacha dhlí an Aontais, ba cheart go n-áiritheofaí leis an Rialachán seo go dteachtann leanaí a gcearta agus go gcothaítear a stádas dlíthiúil in imthosca trasteorann gan idirdhealú. Chuige sin, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena n-áirítear maidir le hiontaoibh fhrithpháirteach idir Ballstáit, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo an t-aitheantas i mBallstát don tuismíocht a shuitear i mBallstát eile gan beann ar conas a gineadh nó a rugadh an leanbh agus gan beann ar chineál teaghlaigh an linbh, agus lena n-áirítear uchtú intíre. Dá bhrí sin, faoi réir chur i bhfeidhm na rialacha maidir le dlí is infheidhme an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo an t-aitheantas i mBallstát do thuismíocht linbh, a shuitear i mBallstát eile, ag a bhfuil tuismitheoirí comhghnéis nó do thuismíocht linbh atá i gcineál eile teaghlaigh nach bhfuil ag teacht le samhail thraidisiúnta an teaghlaigh núicléach. Ba cheart go gcumhdófaí freisin leis an Rialachán seo an t-aitheantas i mBallstát do thuismíocht linbh arna uchtú go hintíre i mBallstát eile faoi na rialacha lena rialaítear uchtú intíre sa Bhallstát sin.
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 30
(30) Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réamhcheisteanna amhail pósadh nó gaol a bheith ann, a bailíocht nó í a aithint a mheastar de réir an dlí is infheidhme maidir léi go bhfuil éifeachtaí inchomparáide aici, a mba cheart í a rialú go leanúnach ag dlí náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear a rialacha maidir le dlí idirnáisiúnta príobháideach agus, i gcás inarb ábhartha, le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le saorghluaiseacht.
(30) Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réamhcheisteanna amhail pósadh nó gaol, a mheastar de réir an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis go bhfuil éifeachtaí inchomparáide aige, amhail páirtnéireacht chláraithe, a bheith ann, a bheith bailí nó aitheantas a bheith tugtha dó, ar cheart é a rialú i gcónaí le dlí náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear a rialacha maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach agus, i gcás inarb ábhartha, le cásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le saorghluaiseacht.
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 36
(36) Chun aitheantas do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla maidir le hábhair thuismíochta, ba cheart go leagfaí síos sa Rialachán seo rialacha dlínse aonfhoirmeacha maidir le suí tuismíocht a bhfuil gné thrasteorann i gceist léi. Ba cheart go soiléireofaí sa Rialachán seo freisin an ceart atá ag leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois chun deis a fháil a dtuairimí a chur in iúl in imeachtaí a bhfuil siad faoina réir.
(36) Chun aitheantas do chinntí cúirte agus d’ionstraimí barántúla maidir le hábhair thuismíochta, ba cheart go leagfaí síos sa Rialachán seo rialacha dlínse aonfhoirmeacha maidir le suí tuismíochta a bhfuil gné thrasteorann i gceist léi. Ba cheart go soiléireofaí sa Rialachán seo freisin an ceart atá ag leanaí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois deis a bheith acu a dtuairimí a chur in iúl in imeachtaí a bhfuil siad faoina réir i gcomhréir le haois agus aibíocht an linbh mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 42
(42) I gcás nach bhféadfar dlínse a shuí bunaithe ar fhorais mhalartacha dlínse ghinearálta, ba cheart go mbeidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a mbeidh an leanbh i láthair ann. Leis an riail láithreachta sin, ba cheart, go háirithe, go mbeadh cúirteanna Ballstáit in ann dlínse a fheidhmiú maidir le leanaí náisiúnta tríú tír, lena n-áirítear iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta amhail leanaí dídeanaithe agus leanaí a easáitíodh go hidirnáisiúnta mar gheall ar shuaitheadh a tharlaíonn ina Stát ina bhfuil gnáthchónaí orthu.
(42) I gcás nach féidir dlínse a shuí bunaithe ar na forais dlínse mhalartacha ghinearálta, ba cheart go mbeidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit a mbeidh an leanbh i láthair ann. Leis an riail láithreachta sin, ba cheart, go háirithe, go mbeadh cúirteanna Ballstáit in ann dlínse a fheidhmiú maidir le leanaí náisiúnta tríú tír, lena n-áirítear iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe cosanta idirnáisiúnta amhail leanaí dídeanaithe, leanaí a easáitíodh go hidirnáisiúnta agus íospartaigh na gáinneála ar dhaoine mar gheall ar shuaitheadh a tharlaíonn sa Stát ina bhfuil gnáthchónaí orthu.
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 44 a (nua)
(44a) Chun suí tuismíochta idir leanbh agus tuismitheoir nó tuismitheoirí in imthosca trasteorann a éascú agus chun aitheantas do chinntí cúirte agus ionstraimí barántúla a bhaineann leis an ngaol teaghlaigh a éascú, agus chun rannchuidiú le cur chun feidhme an Rialacháin seo, is iomchuí go ndéanfadh na Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt do struchtúr a gcúirte náisiúnta acu, breithniú i dtaobh an dlínse i leith imeachtaí den sórt sin a theorranú don líon is lú cúirteanna agus is féidir.
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 49
(49) Ba cheart d’imeachtaí ar shuí tuismíochta faoin Rialachán seo, mar bhunphrionsabal, foráil a dhéanamh maidir le leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois atá faoi réir na n-imeachtaí sin agus atá in ann a gcuid tuairimí féin a thabhairt, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, agus fíordheis éifeachtach á tabhairt dóibh chun a gcuid tuairimí a léiriú agus ba cheart, nuair a dhéantar measúnú ar leas an linbh, go gcuirfí béim chuí ar na tuairimí sin. Ba cheart don Rialachán seo, áfach, an cheist maidir le cé a éistfidh leis an leanbh agus conas a éistfear leis an leanbh a fhágáil le cinneadh ag an dlí náisiúnta agus nós imeachta na mBallstát. Ina theannta sin, cé go mbeidh sé fós de cheart ag an leanbh go n-éistfear leis, níor cheart go mbeadh sé ina oibleagáid dhaingean ach ba cheart é a mheas trí leas an linbh a chur san áireamh.
(49) I gcomhréir le hAirteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus le hAirteagal 24(1) den Chairt, tá sé de cheart ag na leanaí uile a dtuairimí a chur in iúl i leith na n-ábhar uile a dhéanann difear dóibh, agus go ndéanfaí iad a chur san áireamh agus go dtabharfaí aird orthu. Ba cheart deis a thabhairt do leanbh éisteacht a fháil in aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháina dhéanann difear don leanbh sin. Dá bhrí sin, le linn imeachtaí faoin Rialachán seo, mar bhunphrionsabal agus i gcás inarb infheidhme, maidir le leanaí atá faoi réir imeachtaí den chineál sin agus atá in ann a gcuid tuairimí féin a thabhairt, ba cheart fíordheis éifeachtach a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a léiriú, ar cheart a mothúcháin agus a mianta a bheith ar áireamh iontu, agus ba cheart, nuair a dhéantar measúnú ar leas an linbh, béim chuí a chur ar na tuairimí sin. Leis an Rialachán seo, áfach, ba cheart an cheist maidir le cé a éistfidh leis an leanbh agus conas a éistfear leis an leanbh a chinneadh le dlí náisiúnta agus nós imeachta náisiúnta na mBallstát. Sa bhreis air sin, cé go mbeidh sé fós de cheart ag an leanbh go n-éistfear leis, níor cheart go mbeadh sé ina oibleagáid dhaingean go n-éistfear leis, go háirithe má mheastar gur i gcoinne leas an linbh atá sé déanamh amhlaidh, cé gur cheart é a mheasúnú trí leas an linbh a chur san áireamh.
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 56
(56) Ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do chúirteanna agus údaráis inniúla eile a bhunaíonn tuismíocht sna Ballstáit neamhaird a dhéanamh, in imthosca eisceachtúla, d'fhorálacha faoi leith de dhlí coigríche, i gcás ina mbeadh sé soiléir, maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. Níor cheart do na cúirteanna ná d’údaráis inniúla eile a bheith in ann an eisceacht maidir le beartas poiblí a chur i bhfeidhm chun dlí Stáit eile a chur ar ceal, áfach, nuair a bheadh sé contrátha don Chairt é sin a dhéanamh agus, go háirithe, d’Airteagal 21 den Chairt, lena dtoirmeasctar idirdhealú.
(56) Ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do chúirteanna agus údaráis inniúla eile a bhunaíonn tuismíocht sna Ballstáit neamhaird a dhéanamh, in imthosca eisceachtúla, d'fhorálacha faoi leith de dhlí coigríche, i gcás ina mbeadh sé soiléir, maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. Níor cheart do na cúirteanna ná d’údaráis inniúla eile a bheith in ann an eisceacht maidir le beartas poiblí a chur i bhfeidhm chun dlí Stáit eile a chur ar ceal, áfach, nuair a bheadh sé contrátha don Chairt é sin a dhéanamh agus, go háirithe, d’Airteagal 21 den Chairt, lena dtoirmeasctar idirdhealú. Nuair a bheidh eisceacht an bheartais phoiblí ardaithe ag na cúirteanna nó ag údaráis eile inniúla de chuid an Bhallstáit, ba cheart go seasfadh an cinneadh ón gcúirt lena suitear an tuismíocht dtí go mbeidh leigheasanna dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ídithe agus go dtí go mbeidh rialú deiridh tugtha ar eisceacht an bheartais phoiblí.
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 66
(66) Cé nár cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid chun deis a sholáthar do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a dtuairimí a chur in iúl faoi Rialachán seo maidir le hionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo, ba cheart ceart leanaí chun a dtuairimí a chur in iúl a chur san áireamh, áfach, de bhun Airteagal 24 den Chairt agus i bhfianaise Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh arna chur chun feidhme ag dlí náisiúnta agus nós imeachta. Fiú murar tugadh an deis do leanaí chun a gcuid tuairimí a léiriú, níor cheart go gcaithfí leis go huathoibríoch mar fhoras chun aithint ionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach leo a dhiúltú.
(66) Maidir ceart an linbh a thuairimí a chur in iúl, ba chóir é a chur san áireamh de bhun Airteagal 24 den Chairt agus i bhfianaise Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh arna chur chun feidhme leis an dlí náisiúnta agus an nós imeachta náisiúnta i leith ionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht cheangailteach dhlíthiúil leo freisin. Murar tugadh deis don leanbh atá faoi bhun 18 mbliana d’aois a chuid tuairimí a léiriú, áfach, níor cheart go mbeadh sé ina fhoras diúltú aitheantas a thabhairt d’ionstraimí barántúla a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach acu.
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 75
(75) Agus breithniú á dhéanamh ar leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do chúirteanna agus d’údaráis inniúla sna Ballstáit diúltú, in imthosca eisceachtúla, aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir leis an tuismíocht a shuitear i mBallstát eile i gcás, i gcás ina bhfuil sé soiléir maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh na cúirteanna ná údaráis inniúla eile in ann diúltú cinneadh cúirte ná d’ionstraim bharántúil arna n-eisiúint i mBallstát eile a aithint nó, de réir mar a bheidh, glacadh leo, nuair a bheadh sé sin contrártha don Chairt agus, go háirithe, le hAirteagal 21 di, lena dtoirmisctear idirdhealú.
(75) Agus breithniú á dhéanamh ar leas an phobail, ba cheart go gceadófaí do chúirteanna agus d’údaráis inniúla sna Ballstáit diúltú, in imthosca eisceachtúla, aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir leis an tuismíocht a shuitear i mBallstát eile i gcás, i gcás ina bhfuil sé soiléir maidir le cás faoi leith, nach mbeadh sé ag luí le beartas poiblí (ordre public) an Bhallstáit lena mbaineann forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, go mbeadh na cúirteanna ná údaráis inniúla eile in ann diúltú cinneadh cúirte ná d’ionstraim bharántúil arna n-eisiúint i mBallstát eile a aithint nó, de réir mar a bheidh, glacadh leo, nuair a bheadh sé sin contrártha don Chairt agus, go háirithe, d’Airteagal 21 di, lena dtoirmisctear idirdhealú. Nuair a bheidh eisceacht an bheartais phoiblí ardaithe ag na cúirteanna nó ag údaráis eile inniúla de chuid na mBallstát, ba cheart go seasfadh an cinneadh ón gcúirt lena suitear an tuismíocht dtí go mbeidh leigheasanna dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ídithe agus go dtí go mbeidh rialú deiridh tugtha ar eisceacht an bheartais phoiblí.
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 76
(76) Ionas gur féidir aitheantas na tuismíochta atá bunaithe i mBallstát a shocrú go tapa, go réidh agus go héifeachtúil, ba cheart go mbeadh leanaí nó a dtuismitheoir(í) in ann stádas na leanaí i mBallstát eile a léiriú go héasca. Chun iad a chumasú déanamh amhlaidh, ba cheart leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le deimhniú aonfhoirmeach, an Deimhniú Eorpach Tuismíochta, a chruthú a eiseofar lena úsáid i mBallstát eile. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, níor cheart go gcuirfí an Deimhniú Eorpach Tuismíochta in ionad doiciméad inmheánach a fhéadfaidh a bheith ann chun críocha comhchosúla sna Ballstáit.
(76) Chun aitheantas na tuismíochta atá bunaithe i mBallstát a shocrú go tapa, go réidh agus go héifeachtúil, ba cheart go mbeadh leanaí nó a dtuismitheoir(í) in ann stádas na leanaí i mBallstát eile a léiriú go héasca. Is céim thábhachtach é sin le glacadh chun maorlathas a laghdú agus chun rochtain ar shaorghluaiseacht san Aontas a mhéadú mar bhealach chun comhionannas a chur chun cinn. Chun iad a chumasú déanamh amhlaidh, ba cheart, leis an Rialachán seo, foráil a dhéanamh maidir le deimhniú aonfhoirmeach a chruthú, eadhon an Deimhniú Eorpach Tuismíochta, a bheadh le heisiúint lena úsáid i mBallstát eile. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, níor cheart go gcuirfí an Deimhniú Eorpach Tuismíochta in ionad doiciméid inmheánacha a fhéadfaidh a bheith ann chun críocha comhchosúla sna Ballstáit.
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 81
(81) Ba cheart don chúirt nó d’údarás inniúil eile an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint arna iarraidh sin. Ba cheart go bhfanfadh bunchóip an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta leis an údarás eisiúna, ar cheart dó cóip dheimhnithe amháin nó níos mó den Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint don iarratasóir nó don ionadaí dlíthiúil. I bhfianaise chobhsaíocht an stádais tuismíochta i bhformhór mór na gcásanna, níor cheart bailíocht na gcóipeanna den Deimhniú Eorpach Tuismíochta a theorannú ó thaobh ama, gan dochar don fhéidearthacht an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a cheartú, a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de réir mar is gá. Ba cheart sa Rialachán seo go ndéanfaí foráil maidir le sásamh in aghaidh chinntí an údaráis eisiúna, lena n-áirítear cinntí chun eisiúint Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta a dhiúltú. I gcás ina ndéantar an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a cheartú, a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, ba cheart don údarás eisiúna na daoine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe dóibh a chur ar an eolas ionas nach n-úsáidfear cóipeanna den sórt sin go mícheart.
(81) Ba cheart don chúirt nó d’údarás inniúil eile an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint arna iarraidh sin don leanbh (an ‘t-iarratasóir’) nó, i gcás inarb infheidhme, d’ionadaí dlíthiúil. Ba cheart go bhfanfadh bunchóip an Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta leis an údarás eisiúna, ar cheart dó cóip dheimhnithe amháin nó níos mó den Deimhniú Eorpach Tuismíochta a eisiúint don iarratasóir nó don ionadaí dlíthiúil. I bhfianaise chobhsaíocht an stádais tuismíochta i bhformhór mór na gcásanna, níor cheart bailíocht na gcóipeanna den Deimhniú Eorpach Tuismíochta a theorannú ó thaobh ama, gan dochar don fhéidearthacht an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a cheartú, a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de réir mar is gá. Ba cheart sa Rialachán seo go ndéanfaí foráil maidir le sásamh in aghaidh chinntí an údaráis eisiúna, lena n-áirítear cinntí chun eisiúint Deimhnithe Eorpaigh Tuismíochta a dhiúltú. I gcás ina ndéantar an Deimhniú Eorpach Tuismíochta a cheartú, a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, ba cheart don údarás eisiúna na daoine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe dóibh a chur ar an eolas ionas nach n-úsáidfear cóipeanna den sórt sin go mícheart.
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 83
(83) Leis an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach, ba cheart go gceadófaí do dhaoine nádúrtha nó dá n-ionadaithe dlíthiúla iarraidh ar Dheimhniú Eorpach Tuismíochta a sheoladh agus an Deimhniú sin a fháil agus a sheoladh go leictreonach. Ba cheart go bhfágfadh sé freisin go mbeidís in ann cumarsáid leictreonach a dhéanamh le cúirteanna Ballstáit nó le húdaráis inniúla eile in imeachtaí le haghaidh cinnidh nach bhfuil aon fhorais ann le diúltú aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht, nó imeachtaí chun diúltú d’aitheantas, do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht. Níor cheart do chúirteanna Ballstáit nó d'údaráis inniúla eile cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach ach amháin i gcás ina bhfuil toiliú sainráite tugtha roimh ré ag an saoránach le húsáid an mhodha cumarsáide sin.
(83) Leis an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach, ba cheart go gceadófaí d’iarratasóirí nó dá n-ionadaithe dlíthiúla iarraidh ar Dheimhniú Eorpach Tuismíochta a sheoladh agus an Deimhniú sin a fháil agus a sheoladh go leictreonach. Ba cheart go bhfágfadh sé freisin go mbeidís in ann cumarsáid leictreonach a dhéanamh le cúirteanna nó údaráis inniúla eile na mBallstát in imeachtaí a rialaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart do chúirteanna Ballstáit nó d'údaráis inniúla eile cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh tríd an bpointe rochtana leictreonaí Eorpach ach amháin i gcás ina bhfuil toiliú sainráite tugtha roimh ré ag an saoránach le húsáid an mhodha cumarsáide sin.
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 89 a (nua)
(89a) Aon uair atá amhras ann faoin léirmhíniú ar fhoráil den Rialachán seo, tá sé tábhachtach go n-úsáidfeadh breithimh náisiúnta an sásra réamhrialaithe faoi na Conarthaí chun léirmhíniú atá infheidhme go haonfhoirmeach a fháil ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna maidir le dlínse agus an dlí is infheidhme chun tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann; rialacha comhchoiteanna maidir le haitheantas a thabhairt do chinntí cúirte nó d’ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht arna dtarraingt suas nó arna gclárú i dtríú Stát, ná do ghlacadh na gcinntí nó na n-ionstraimí sin de réir mar a bheidh; agus cruthaítear Deimhniú Eorpach Tuismíochta.
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna maidir le dlínse agus maidir leis an dlí is infheidhme chun tuismíocht a shuí in imthosca trasteorann; rialacha comhchoiteanna maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí cúirte nó d’ionstraimí barántúla maidir le tuismíocht arna dtarraingt suas nó arna gclárú i dtríú Stát, ná do ghlacadh na gcinntí nó na n-ionstraimí sin de réir mar a bheidh; agus cruthaítear Deimhniú Eorpach Tuismíochta.
1. ciallaíonn ‘tuismíocht’ an gaol idir tuismitheoir agus leanbh arna shuí faoin dlí. Áirítear ann stádas dlíthiúil a bhaineann le bheith mar leanbh ag tuismitheoir nó tuismitheoirí áirithe;
1. ciallaíonn ‘tuismíocht’ an gaol idir leanbh agus tuismitheoir arna shuí faoin dlí. Áirítear ann stádas dlíthiúil a bhaineann le bheith mar leanbh ag tuismitheoir nó tuismitheoirí áirithe;
(Tá feidhm ag an leasú seo, ‘tuismitheoir agus leanbh’ go ‘leanbh agus tuismitheoir’, ar fud an téacs. Má ghlactar leis, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha tríd síos.)
4. ciallaíonn ‘cúirt’ údarás i mBallstát a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha in ábhair a bhaineann le tuismíocht;
4. ciallaíonn ‘cúirt’ aon údarás breithiúnach agus údaráis eile uile Ballstáit a bhfuil dlínse acu in ábhair tuismíochta agus a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha nó a ghníomhaíonn de bhun tarmligean cumhachta ó údarás breithiúnach nó a ghníomhaíonn faoi rialú údaráis bhreithiúnaigh, ar choinníoll go dtugann údaráis eile den sórt sin ráthaíochtaí maidir le neamhchlaontacht agus ceart na bpáirtithe uile éisteacht a fháil agus ar choinníoll, maidir lena gcinntí faoi an Bhallstáit ina bhfeidhmíonn siad, :
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4 – pointe a (nua)
(a) go bhféadfar iad a chur faoi réir achomhairc nó faoi réir athbreithnithe ag údarás breithiúnach; agus
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4 – pointe b (nua)
(b) go bhféadfaidh siad éifeacht agus fórsa a bheith acu faoi mar a bheadh ag breith ó údarás breithiúnach i ndáil leis an ábhar céanna;
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 – pointe 9 a (nua)
9a. ciallaíonn ‘físchomhdháil’ uirlisí teicneolaíochta tarchurtha closamhairc a úsáid lena gcumasaítear daoine atá i nós imeachta breithiúnach trasteorann páirt a ghlacadh go cianda.
1. Agus a ndlínse á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, soláthróidh cúirteanna na mBallstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an nós imeachta náisiúnta, fíordheis éifeachtach a dtuairimí a chur in iúl, go díreach nó trí ionadaí nó comhlacht cuí, do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a bhfuil a dtuismíocht le bunú agus atá in ann a dtuairimí féin a fhoirmiú.
1. Agus a ndlínse á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, tacóidh cúirteanna na mBallstát, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an nós imeachta náisiúnta, le leanbh atá faoi bhun 18 mbliana d’aois a bhfuil a thuismíocht le bunú agus atá in ann a dtuairimí féin a chur in iúl agus soláthróidh siad fíordheis éifeachtach dó a dtuairimí a chur in iúl, go díreach nó trí ionadaí nó comhlacht cuí in imeachtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
2. I gcás ina dtugann an chúirt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an nós imeachta náisiúnta, deis do leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a dtuairimí a chur in iúl i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh an chúirt aird chuí ar thuairimí na leanaí i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.
2. I gcás ina dtugann an chúirt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an nós imeachta náisiúnta, deis don leanbh faoi bhun 18 mbliana d’aois a dtuairimí a chur in iúl i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh an chúirt aird chuí ar thuairimí an linbh i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 18 – mír 1 – pointe a
(a) nósanna imeachta chun tuismíocht a shuí nó a chonspóid;
(a) nósanna imeachta agus coinníollacha chun tuismíocht a shuí nó a chonspóid;
1. Ní fhéadfar diúltú foráil dlí aon Stáit a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin más follas nach mbeidh an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.
1. Ní fhéadfar diúltú foráil dlí aon Stáit a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin más follas nach mbeidh an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim, agus leas an linbh á chur san áireamh.
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit mír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 de maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit mír 1 i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 de maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe.
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 22 – mír 2 a (nua)
2a. Nuair a dhéanann iarratasóir atá ag lorg aitheantas tuismíochta atá bunaithe cheana féin i mBallstát eile achomharc i gcoinne chur i bhfeidhm mhír 1, seasfaidh an cinneadh ón gcúirt lena mbunaítear an tuismíocht go dtí go mbeidh leigheasanna dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ídithe agus go dtí go mbeidh rialú deiridh tugtha ar an eisceacht ó bheartas poiblí.
2. Críochnófar an fianú agus eiseofar é i dteanga chinneadh na cúirte. Féadfar an fianú a eisiúint freisin i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh arna iarraidh sin don pháirtí. Ní chuirfear leis sin aon oibleagáid ar an údarás inniúil a eisíonn an fianú aistriúchán ná traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs saora a sholáthar.
2. Críochnófar an fianú agus eiseofar é i dteanga chinneadh na cúirte. Déanfar an fianú a eisiúint freisin i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh arna iarraidh sin don pháirtí. Cinnfidh na Ballstáit an gcuirfidh an chúirt agus/nó comhlacht riaracháin phoiblí aistriúchán nó traslitriú den sórt sin ar fáil.
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 31 – mír 1 – pointe a
(a) má tá aitheantas den sórt sin go follasach in aghaidh bheartas poiblí an Bhallstáit ina ndéantar an t-aitheantas a agairt, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh;
(a) má tá aitheantas den sórt sin go follasach in aghaidh bheartas poiblí an Bhallstáit ina ndéantar an t-aitheantas a agairt, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh;
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 31 – mír 1 – pointe c
(c) arna iarraidh sin d’aon duine a éilíonn go sáraíonn an cinneadh cúirte a atharthacht nó a máithreachas i leith an linbh i gcás inar tugadh é gan deis a thabhairt don duine sin éisteacht a fháil;
(c) ar iarratas agus ar thíolacadh fianaise ó aon duine a bhfuil leas dlisteanach aige faoi dhlí nós imeachta an Bhallstáit ina dtionscnaítear na himeachtaí agus ina maíonn sé go sáraíonn cinneadh na cúirte a thuismíocht i leith an linbh i gcás inar tugadh é gan deis a thabhairt don duine sin éisteacht a fháil agus fianaise a thíolacadh;
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe.
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 31 – mír 2 a (nua)
2a. Nuair a dhéanann iarratasóir atá ag lorg aitheantas tuismíochta atá bunaithe cheana féin i mBallstát eile achomharc i gcoinne chur i bhfeidhm mhír 1, pointe (a), seasfaidh an cinneadh ón gcúirt lena mbunaítear an tuismíocht go dtí go mbeidh leigheasanna dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ídithe agus go dtí go mbeidh rialú deiridh tugtha ar an eisceacht ó bheartas poiblí.
1. Féadfaidh aon pháirtí agóid nó achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh cúirte an t-iarratas ar aithint na tuismíochta a dhiúltú.
1. Féadfaidh aon pháirtí a bhfuil leas dlisteanach bunaithe aige agóid nó achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh cúirte an t-iarratas ar aithint na tuismíochta a dhiúltú.
3. Déanfar an fianú a dhéanamh i dteanga na hionstraime barántúla. Féadfar é a eisiúint freisin i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh arna iarraidh sin don pháirtí. Ní chuirfear leis sin de cheangal ar an údarás inniúil a eisíonn an fianú aistriúchán nó traslitriú ar ábhar inaistrithe na réimsí téacs saora a sholáthar.
3. Déanfar an fianú a dhéanamh i dteanga na hionstraime barántúla. Déanfar é a eisiúint freisin i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh arna iarraidh sin don pháirtí. Cinnfidh na Ballstáit an gcuirfidh an chúirt agus/nó comhlacht riaracháin phoiblí aistriúchán nó traslitriú den sórt sin ar fáil.
Leasú 47 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 39 – mír 1 – pointe a
(a) má tá aitheantas den sórt sin go follasach in aghaidh bheartas poiblí an Bhallstáit ina ndéantar an t-aitheantas a agairt, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh;
(a) má tá aitheantas den sórt sin go follasach in aghaidh bheartas poiblí an Bhallstáit ina ndéantar an t-aitheantas a agairt, agus leas an linbh á thabhairt san áireamh;
Leasú 48 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 39 – mír 1 – pointe b
(b) arna iarraidh sin d’aon duine a éilíonn go sáraíonn an ionstraim bharántúil a atharthacht nó a máithreachas i leith an linbh i gcás inar dréachtaíodh nó inar cláraíodh í go foirmiúil gan aon bhaint a bheith ag an duine sin leis;
(b) arna iarraidh sin d’aon duine a éilíonn go sáraíonn an ionstraim bharántúil a dtuismíocht i leith an linbh i gcás inar dréachtaíodh nó inar cláraíodh í go foirmiúil gan aon bhaint a bheith ag an duine sin leis;
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe.
Leasú 50 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 39 – mír 2 a (nua)
2a. Nuair a dhéanann iarratasóir achomharc i gcoinne chur i bhfeidhm mhír (1), pointe (a), a bhfuil aitheantas tuismíochta atá bunaithe cheana féin i mBallstát eile á lorg aige, seasfaidh an t-aitheantas don ionstraim bharántúil agus do na cearta a dhíorthaítear aisti go dtí go mbeidh leigheasanna dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ídithe agus go dtí go mbeidh rialú deiridh tugtha.
3. Féadfar diúltú d’aitheantas a thabhairt d’ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach má dréachtaíodh nó má cláraíodh í gan an deis a thabhairt do leanaí a gcuid tuairimí a chur in iúl. Má bhí na leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois, beidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás ina raibh na leanaí ábalta a gcuid tuairimí a chur le chéile.
3. Féadfar diúltú d’aitheantas a thabhairt d’ionstraim bharántúil lena suitear tuismíocht ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach i gcásanna eisceachtúla má dréachtaíodh nó má cláraíodh í go foirmiúil gan an deis a thabhairt don leanbh a chuid tuairimí a chur in iúl de bhun Airteagal 15.
2. Beidh iarratasóir, a thairbhigh, sa Bhallstát tionscnaimh, d’imeachtaí saora roimh údarás riaracháin a cuireadh in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 71, i dteideal, in aon imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) agus in Airteagal 32, tairbhiú de chabhair dlí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun na críocha sin, cuirfidh an páirtí sin ráiteas i láthair ón údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh go gcomhlíonann sé na riachtanais airgeadais chun bheith i dteideal cabhair dlí iomlán nó pháirteach nó díolúine ó chostais nó speansais.
2. Beidh iarratasóir, a thairbhigh, sa Bhallstát tionscnaimh, d’imeachtaí saora roimh údarás riaracháin a cuireadh in iúl don Choimisiún de bhun Airteagal 71, i dteideal, in aon imeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) agus in Airteagal 32, tairbhiú de chabhair dlí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun na críocha sin, cuirfidh an páirtí sin ráiteas i láthair ón údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh go gcomhlíonann sé na riachtanais airgeadais chun bheith i dteideal cabhair dlí iomlán nó pháirteach nó díolúine ó chostais nó speansais. Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh an ráiteas sin ar fáil saor ó chostas agus laistigh de dhá sheachtain tar éis dó iarraidh a fháil ón bpáirtí.
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit an beartas poiblí (ordre public) dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm chun na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe, a chomhlíonadh.
2. Cuirfidh na cúirteanna agus údaráis inniúla eile de na Ballstáit an beartas poiblí (ordre public) dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta bunúsacha agus na bunphrionsabail a leagtar síos sa Chairt, go háirithe Airteagal 21 di maidir le ceart an neamh-idirdhealaithe.
Leasú 54 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 45 – mír 2 a (nua)
2a. Nuair a dhéanann iarratasóir achomharc i gcoinne chur i bhfeidhm mhír 1, a bhfuil aitheantas tuismíochta atá bunaithe cheana féin i mBallstát eile á lorg aige, seasfaidh éifeacht fhianaiseach na hionstraime barántúla agus na cearta a dhíorthófar uaithi go dtí go mbeidh leigheasanna dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ídithe agus go dtí go mbeidh rialú deiridh tugtha.
2. Chun críocha iarratas a chur isteach, féadfaidh an t-iarratasóir an fhoirm a shuitear in Iarscríbhinn IV a úsáid.
2. Chun críocha iarratas a chur isteach, úsáidfidh an t-iarratasóir an fhoirm a shuitear in Iarscríbhinn IV.
Leasú 56 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 49 – mír 3 a (nua)
3a. I gcás ina dtabharfaidh Ballstát rochtain dhigiteach ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3, tabharfar rochtain don iarratasóir ar leagan digiteach den fhoirm a bhunaítear in Iarscríbhinn IV, a dhéanfaidh na húdaráis inniúla a chomhlánú go huathoibríoch ina iomláine nó go páirteach, ag brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Beidh an t-iarratasóir nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí dlíthiúil an iarratasóra in ann aon fhaisnéis atá in easnamh a chur leis an bhfoirm sula dtíolacfaidh sé an t-iarratas.
1. Tar éis dó an t-iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás an fhaisnéis agus na dearbhuithe agus na doiciméid agus aon fhianaise eile a chuireann an t-iarratasóir ar fáil a fhíorú. Déanfaidh sé na fiosrúcháin is gá le haghaidh an fhíoraithe sin as a stuaim féin nuair a fhoráiltear dó sin nó nuair a údaraítear sin lena dhlí náisiúnta, nó iarrfaidh sé ar an iarratasóir aon fhianaise bhreise a mheasann sé go bhfuil gá léi a sholáthar.
1. Tar éis dó an t-iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás an fhaisnéis agus na dearbhuithe agus na doiciméid agus aon fhianaise eile a chuireann an t-iarratasóir ar fáil a fhíorú. Déanfaidh sé na fiosrúcháin is gá le haghaidh an fhíoraithe sin as a stuaim féin nuair a fhoráiltear dó sin nó nuair a údaraítear sin lena dhlí náisiúnta, nó iarrfaidh sé ar an iarratasóir aon fhaisnéis a mheasann an t-údarás a bheith in easnamh chun an Deimhniú a eisiúint a sholáthar.
Déanfaidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú a eisiúint gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo nuair atá na heilimintí le deimhniú bunaithe faoin dlí infheidhme maidir le tuismíocht a shuí. Úsáidfidh sé an fhoirm in Iarscríbhinn V.
Déanfaidh an t-údarás eisiúna an Deimhniú a eisiúint gan mhoill agus nach déanaí ná dhá sheachtain i ndiaidh iarratas a fháil, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo nuair atá na heilimintí le deimhniú bunaithe faoin dlí infheidhme maidir le tuismíocht a shuí. Úsáidfidh sé an fhoirm in Iarscríbhinn V.
2. Ní bheidh an táille a bhailítear as Deimhniú a eisiúint níos airde ná an táille a bhailítear as deimhniú a eisiúint faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear fianaise ar fáil maidir le tuismíocht an iarratasóra.
2. Ní bheidh an táille a bhailítear as Deimhniú a eisiúint níos airde ná an táille a bhailítear as teastas breithe ná deimhniú a eisiúint faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear fianaise ar fáil maidir le tuismíocht an iarratasóra.
Leasú 60 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 51 – mír 2 a (nua)
2a. Beidh an Deimhniú ar fáil i leaganacha páipéir agus leictreonacha araon.
1. Coimeádfaidh an t-údarás eisiúna bunchóip an Deimhnithe agus eiseoidh sé cóip dheimhnithe amháin nó níos mó ná cóip dheimhnithe amháin don iarratasóir nó dá ionadaí dlíthíuil.
1. Coimeádfaidh an t-údarás eisiúna bunchóip an Deimhnithe agus eiseoidh sé cóip dheimhnithe amháin nó níos mó ná cóip dheimhnithe amháin don iarratasóir nó dá ionadaí dlíthíuil, faoi réir an choinníll amháin go ndéanfaidh an t-iarratasóir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí dlíthiúil, doiciméid a chur isteach chun a gcéannacht a chruthú, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a eisíonn an Deimhniú.
Leasú 62 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 54 – mír 1 a (nua)
1a. Cuirfear cóipeanna leictreonacha den Deimhniú ar fáil tríd an bpointe rochtana leictreonach Eorpach arna bhunú ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) .../... [an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] agus trí thairseacha TF náisiúnta ábhartha atá ann cheana.
1. Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin d’aon duine a léiríonn leas dlisteanach nó as a stuaim féin, an Deimhniú a choigeartú i gcás earráid chléireachais.
1. Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin d’aon duine a léiríonn leas dlisteanach nó as a stuaim féin, an Deimhniú a choigeartú láithreach i gcás earráid chléireachais.
2. Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin d’aon duine a léiríonn leas dlisteanach nó, más féidir sin faoin dlí náisiúnta, as a stuaim féin, an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar má bhunaítear nach bhfuil an Deimhniú nó eilimintí aonair de cruinn.
2. Déanfaidh an t-údarás eisiúna, arna iarraidh sin d’aon duine a léiríonn leas dlisteanach nó, más féidir sin faoin dlí náisiúnta, as a stuaim féin, gan aon mhoill, an Deimhniú a mhodhnú nó a tharraingt siar má bhunaítear nach bhfuil an Deimhniú nó eilimintí aonair de cruinn.
3. Cuirfidh an t-údarás eisiúna gan mhoill in iúl do gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú dóibh de bhun Airteagal 54(1) maidir le haon choigeartú, modhnú nó tarraingt siar ina leith.
3. Cuirfidh an t-údarás eisiúna, gan mhoill agus ar a laghad laistigh de dhá sheachtain tar éis a chinnidh, in iúl do gach duine ar eisíodh cóipeanna deimhnithe den Deimhniú dóibh de bhun Airteagal 54(1) maidir le haon choigeartú, modhnú nó tarraingt siar ina leith.
Leasú 66 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 55 – mír 3 a (nua)
3a. I gcás ina ndéanfar an Deimhniú a cheartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar, caillfidh an Deimhniú bunaidh agus gach cóip dheimhnithe roimhe sin a n-éifeachtaí.
Má shuitear é, de thoradh ar agóid dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil an Deimhniú a eisíodh cruinn, déanfaidh an chúirt inniúil an Deimhniú a choigeartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna é a choigeartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar.
Má shuitear é, de thoradh ar agóid dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil an Deimhniú a eisíodh cruinn, déanfaidh an chúirt inniúil an Deimhniú a choigeartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna é a choigeartú, a mhodhnú nó a tharraingt siar gan mhoill.
Má shuitear é, de thoradh ar agóid dá dtagraítear i mír 1, nach raibh údar leis an diúltú an Deimhniú a eisiúint, déanfaidh an chúirt inniúil an Deimhniú a eisiúint nó a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna measúnú ar an gcás arís agus cinneadh nua a dhéanamh.
Má shuitear é, de thoradh ar agóid dá dtagraítear i mír 1, nach raibh údar leis an diúltú an Deimhniú a eisiúint, déanfaidh an chúirt inniúil an Deimhniú a eisiúint nó a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna measúnú ar an gcás arís agus cinneadh nua a dhéanamh ar a laghad laistigh de dhá sheachtain tar éis a chinnidh.
Le linn éifeachtaí an Deimhnithe a chur ar fionraí, ní fhéadfar cóipeanna deimhnithe breise den Deimhniú a eisiúint.
Le linn éifeachtaí an Deimhnithe a chur ar fionraí, ní fhéadfar cóipeanna deimhnithe breise den Deimhniú a eisiúint. Ní bheidh aon éifeacht ag na cóipeanna deimhnithe den Deimhniú a eisíodh cheana féin le linn éifeacht an Deimhnithe a chur ar fionraí.
Leasú 70 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 58 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Féadfar an pointe rochtana leictreonaí Eorpach bunaithe ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas de bhun Airteagal 4 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] a úsáid le haghaidh cumarsáid leictreonach idir daoine nádúrtha nó a n-ionadaithe dlíthiúla agus cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile i dtaobh na nithe a leanas:
1. Féadfar an pointe rochtana leictreonaí Eorpach bunaithe ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas de bhun Airteagal 4 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] a úsáid le haghaidh cumarsáid leictreonach idir iarratasóirí nó a n-ionadaithe dlíthiúla agus cúirteanna na mBallstát nó údaráis inniúla eile i dtaobh imeachtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
Leasú 71 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 58 – mír 1 – pointe a
(a) imeachtaí le haghaidh cinnidh nach bhfuil aon fhorais ann le diúltú aitheantas a thabhairt do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht, nó imeachtaí chun diúltú d’aitheantas do chinneadh cúirte nó d’ionstraim bharántúil maidir le tuismíocht;
scriosta
Leasú 72 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 58 – mír 1 – pointe b
(b) iarratas ar Dheimhniú Eorpach Tuismíochta a chur isteach, agus eisiúint, coigeartú, modhnú, tarraingt siar, fionraíocht nó nósanna imeachta um shásamh ina leith.
scriosta
Leasú 73 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 58 – mír 1 a (nua)
1a. Déanfar an pointe rochtana leictreonaí Eorpach bunaithe ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas de bhun Airteagal 4 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] a úsáid le haghaidh cumarsáid leictreonach idir údaráis inniúla i dtaobh na nithe seo a leanas:
(a) na himeachtaí agus na hiarratais uile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
2. Beidh feidhm ag Airteagail 4(3), 5(2) agus (3), 6, 9(1) agus 3, agus 10 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] maidir le cumarsáid leictreonach de bhun mhír 1.
2. Beidh feidhm ag Airteagail 4(3), 5(2) agus (3), 6, 9(1) agus 3, agus 10 den [Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach] maidir le cumarsáid leictreonach de bhun mhíreanna 1 agus 1a den Airteagal seo.
Leasú 75 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 58 a (nua)
Airteagal 58a
Úsáid físchomhdhála nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile
1. Beifear in ann úsáid a bhaint as teicneolaíocht físchomhdhála nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile le haghaidh éisteachtaí a bhaineann leis na himeachtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... [an Rialachán maidir leis an gClaochlú Digiteach]
2. De bhun Airteagal 15, féadfaidh cúirteanna Ballstáit, ar bhonn cás ar chás, éisteacht linbh a cheadú atá in ann teacht ar a gcuid tuairimí féin trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh éisteacht a thabhairt do leanbh trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide eile, beidh an t-údarás inniúil á threorú go príomha ag leas an linbh.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 maidir le hIarscríbhinní I go V a leasú chun na hIarscríbhinní sin a nuashonrú nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na hIarscríbhinní sin.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64 maidir le hIarscríbhinní I go V a leasú chun na hIarscríbhinní sin a nuashonrú nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na hIarscríbhinní sin. Sula ndéanfar gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, déanfar comhairliúcháin le geallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus saineolaithe acadúla, a chur san áireamh.
Leasú 77 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 67 a (nua)
Airteagal 67a
Bearta tacaíochta
1. Forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheidh ar fáil ... [sé mhí roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 72].
2. Comhlánóidh na Ballstáit treoirlínte an Choimisiúin i gcás inarb ábhartha le treoirlínte do gach gairmí ábhartha agus do leanaí agus do thuismitheoirí lena mbaineann, agus sainiúlachtaí a gcóras náisiúnta riaracháin agus dlí á gcur san áireamh. Beidh na treoirlínte sin ar fáil faoin ... [an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 72] ar a dhéanaí.
3. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit athbhreithniú rialta ar na treoirlínte dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad nuair is ábhartha.
4. Soláthróidh na Ballstáit faisnéis a bheidh inrochtana go héasca agus a bheidh soláimhsithe faoi na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin poiblí.
5. Le tacaíocht ón gCoimisiún agus ón nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, eagróidh na Ballstáit oiliúintí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo do gach gairmí ábhartha, go háirithe breithiúna, dlíodóirí, agus oifigigh riaracháin phoiblí.
1. Faoi … [5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena n-áirítear meastóireacht ar aon fhadhbanna praiticiúla a thagann chun cinn agus faisnéis a sholáthróidh na Ballstáit mar thaca leo. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.
1. Faoi ... [3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena n-áirítear meastóireacht ar chóineasú agus ar éagsúlachtaí idir na Ballstáit agus ar aon fhadhbanna praiticiúla a thagann chun cinn agus faisnéis a sholáthróidh na Ballstáit mar thaca leo. I gcás inar gá, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil.
Leasú 79 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 70 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2. Soláthróidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, i gcás ina mbeidh fáil orthu, faisnéis don Choimisiún atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar oibríocht agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le:
2. Soláthróidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar oibríocht agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
Leasú 80 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 70 – mír 2 – pointe a a (nua)
(aa) líon na n-iarratas ar aitheantas tuismíochta a cuireadh isteach faoin Rialachán seo agus líon na n-iarratas a diúltaíodh a raibh forléargas ar na cúiseanna leis an diúltú ag gabháil leo;
Leasú 81 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 70 – mír 2 – pointe a b (nua)
(ab) i gcásanna inar diúltaíodh forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm toisc iad a bheith neamh-chomhoiriúnach le beartas poiblí Ballstáit, míniú ar an réasúnaíocht atá le gach cás chomh maith le faisnéis faoi aon achomhairc a tugadh i gcoinne a úsáide;
Leasú 82 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 70 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca) líon na n-iarratas ar aithint cinnidh cúirte nó ar ionstraimí barántúla lena suitear tuismíocht le héifeacht dhlíthiúil cheangailteach sa Bhallstát tionscnaimh de bhun Airteagal 32, agus líon na gcásanna inar deonaíodh aitheanta;
Leasú 83 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 70 – mír 2 a (nua)
2a. Cuirfidh an Coimisiún idirphlé ar bun leis na geallsealbhóirí ábhartha chun rannchuidiú le hullmhú na tuarascála meastóireachta dá dtagraítear i mír 1.
Frontex, ag tógáil ar an imscrúdú aimsithe fíoras a rinne Meitheal LIBE um Ghrinnscrúdú Frontex
83k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir le Frontex, ag tógáil ar an imscrúdú aimsithe fíoras a rinne Meitheal LIBE um Ghrinnscrúdú Frontex (2023/2729(RSP))
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,
– ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
– ag féachaint do theachtaireacht an 16 Márta 2023 ón gCoimisiun maidir leis an mBanc Hidrigine Eorpach (COM(2023)0156),
– ag féachaint do theachtaireacht an 1 Feabhra 2023 ón gCoimisiún dar teideal A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach] (COM(2023)0062),
– ag féachaint do theachtaireacht an 18 Bealtaine 2022 ón gCoimisiún dar teideal ‘ Plean REPowerEU’ (COM(2022)0230),
– ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach] (COM(2020)0301),
– ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún dar teideal ‘Powering a climate-neutral economy: An EU Strategy for Energy System Integration’ [Geilleagar aeráidneodrach a chumhachtú: Straitéis Eorpach um Lánpháirtiú Córas Fuinnimh] (COM(2020)0299),
– ag féachaint do theachtaireacht an 10 Márta 2020 ón gCoimisiún dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip] (COM(2020)0102),
– ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiun maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do thogra an 20 Meitheamh 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (COM(2023)0337),
– ag féachaint do thogra an 20 Meitheamh 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (COM(2023)0335),
– ag féachaint do thogra an 16 Márta 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (An Gníomh um Amhábhair Chriticiúla) (COM(2023)0160),
– ag féachaint do thogra an 16 Márta 2023 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas(1), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,
– ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE(2), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
– ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn(3) (An Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE(4),
– ag féachaint do Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE(5), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005(6),a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,
– ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle(7),
– ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce(8), a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi faoi láthair,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha(9),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014(10),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2(11),
– ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2023/1184 an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (12),
– ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2023/1185 an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte(13),
– ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht(14),
– ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi ar Straitéis Eorpach i ndáil le Hidrigin(15),
– ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi ar straitéis Eorpach maidir le comhtháthú córas fuinnimh(16),
– ag féachaint do rún an 10 Iúil 2020 uaithi maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh de(17),
– ag féachaint do rún an 15 Eanáir 2020 uaithi maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(18),
– ag féachaint do rún an 14 Márta 2019 uaithi maidir leis an athrú aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras(19),
– ag féachaint do rún an 25 Deireadh Fómhair 2018 uaithi maidir le ‘hImscaradh bonneagair i gcomhair breoslaí malartacha san Aontas Eorpach: tá sé in am gníomhú!’(20),
– ag féachaint do rún an 6 Feabhra 2018 uaithi maidir le dlús a chur le nuálaíocht an fhuinnimh ghlain(21),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023 maidir leis an mBanc Eorpach Hidrigine(22),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 30 Samhain 2023 maidir leis an mBanc Eorpach Hidrigine,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9‑0379/2023),
A. de bhrí gur páirtí é an tAontas i gComhaontú Pháras agus go bhfuil gealltanas tugtha aige astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;
B. de bhrí gur féidir hidrigin a úsáid mar bhunábhar, mar bhreosla nó mar iompróir fuinnimh agus go bhfuil acmhainneacht shuntasach dícharbónaithe ag baint léi i gcás tionscail ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú agus i gcás iompar trom, mar nach bhfuil sé indéanta go teicneolaíoch nó iomaíoch é a leictriú go díreach;
C. de bhrí gur féidir hidrigin a úsáid freisin mar rogha dheiridh stórála fuinnimh chun an córas fuinnimh a chothromú, rud a chuirfidh le comhtháthú an chórais fuinnimh;
D. de bhrí gur gás ceaptha teasa indíreach í hidrigin freisin agus go bhfuiltear ag éirí níos eolasaí faoina tionchair aeráide, ar cheart díriú go cuí orthu le bearta faireacháin, coiscthe agus maolúcháin i ndlúthchomhar leis an tionsclaíocht;
E. de bhrí go bhfuil cuspóir leagtha síos i Straitéis AE maidir le Hidrigin i ndáil le 40 GW ar a laghad de leictrealóirí hidrigine in-athnuaite a shuiteáil agus 10 milliún tona de hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh san Aontas faoi 2030 agus gur moladh i bplean REPowerEU an cuspóir sin a chomhlánú tríd an méid céanna hidrigine in-athnuaite a allmhairiú;
F. de bhrí go meastar go mbeidh infheistíocht iomlán EUR 335-471 bhilliún ag teastáil chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, agus infheistíocht bhreise EUR 500 billiún ag teastáil chun allmhairiú an mhéid hidrigine inathnuaite bheartaithe a dhaingniú;
G. de bhrí go ndearna an tionscal monaraíochta leictrealóra san Eoraip suiteáil acmhainneacht mhonaraíochta 25 GW ar a laghad faoi 2025 a leagan amach mar chuspóir, arb ionann í agus thart ar 120 GW d’acmhainneacht shuiteáilte san Eoraip;
H. de bhrí gur tháinig laghdú 60 % ar chostas leictrealóirí cheana féin le 10 mbliana anuas agus go bhfuiltear ag dréim le laghdú 50 % eile ar an gcostas in 2030, i dtuairim an Choimisiúin, de bharr barainneachtaí scála;
I. de bhrí go mbíonn comhpháirteanna atá dian ar theicneolaíocht ag teastáil i gcealla fuinnimh agus i leictrealóirí mar aon le roinnt amhábhar criticiúil, go háirithe miotail sa ghrúpa platanaim, a bhfuil a bpríomhtháirgeoirí lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, cuid mhaith díobh i dtíortha ina bhfuil an mhianadóireacht nasctha le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, rialachas atá ag dul in olcas, coinbhleachtaí agus díghrádú an chomhshaoil, agus go mbíonn ar tháirgeoirí san Aontas Eorpach díriú ar dhálaí oibriúcháin neamhiomaíocha;
J. de bhrí go bhfuil margadh don hidrigin inathnuaite fós le tógáil agus go mbeidh gá le cosaint iomchuí do chustaiméirí agus le hinfheistíochtaí suntasacha chun gur féidir dícharbónú a dhéanamh sna hearnálacha uile ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú;
K. de bhrí gur gá an t-éileamh úsáide deiridh ar hidrigin inathnuaite a dhreasachtú ar fud na n-earnálacha go léir, lena n-áirítear earnálacha a d’fhéadfadh leas a bhaint as hidrigin ísealcharbóin ina n-aistriú go geilleagar dícharbónaithe;
L. de bhrí go bhfuil ríthábhacht leis an bpraghas-aimsiú chun bunsraith an mhargaidh hidrigine a dhaingniú, chun díriú ar thacaíocht airgeadais phoiblí agus formhaoirseacht rialála éifeachtach agus faireachán poiblí éifeachtach a chumasú;
M. de bhrí go measann an Coimisiún go bhfuil praghas hidrigine inathnuaite san Aontas Eorpach idir EUR 2,5 agus 5,5 in aghaidh an kg arb iad praghas leictreachais inathnuaite agus praghas leictrealóirí is cúis leis, agus go bhfuil praghas hidrigine bunaithe ar bhreosla iontaise thart ar EUR 1,5 in aghaidh an kg;
N. de bhrí go ndéanann comhpháirtithe eacnamaíocha domhanda agus iomaitheoirí tacaíocht láidir airgeadais a chur ar fáil dá dtáirgeadh intíre hidrigine inathnuaite, lena n-áirítear an tAcht um Boilsciú a Laghdú sna Stáit Aontaithe lena ndéantar hidrigin inathnuaite a chur chun cinn le creidmheas cánach suas le USD 3 in aghaidh an chileagraim;
1. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an mBanc Hidrigine Eorpach (EHB); ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ‘an Banc Hidrigine Eorpach’ a bheith míthreorach mar ainm, ós rud é nach banc é ach tionscnamh arb é is aidhm dó gníomhú mar ionad ilfhreastail éifeachtúil agus cuíchóirithe chun gníomhaíochtaí agus maoiniú a chomhordú ar feadh an tslabhra soláthair uile mar thacaíocht do thionscadail hidrigine inathnuaite;
2. ag spreagadh an Choimisiúin chun cistiú breise agus infheictheacht bhreise a chur ar fáil don tionscnamh, ós rud é gur garsprioc thábhachtach an méid sin chun borradh a chur faoi mhargadh hidrigine na hEorpa; á mheas gur ar an mBanc Hidrigine Eorpach ba cheart freagracht a bheith, go soiléir, as cur chun feidhme na moltaí atá san áireamh sa rún seo;
3. á mheabhrú gurb í hidrigin inathnuaite an t-aon chineál hidrigine inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire gurb ionann leictrealóirí agus níos lú ná 4 % den táirgeadh iomlán hidrigine san Aontas; ag tabhairt dá haire go mbeidh ról ag hidrigin ísealcharbóin le linn na hidirthréimhse i dtreo geilleagar glan-nialasach agus sa bhorradh faoin margadh hidrigine;
4. á aithint go go mbíonn táirgeadh hidrigine inathnuaite dian ar fhuinneamh; ag tabhairt dá haire go gcaithfear borradh a chur faoi mhonarú leictrealóirí a mbíonn amhábhair chriticiúla iontu chun na spriocanna maidir le hidrigin inathnuaite a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go dteastódh leathnú suntasach ar acmhainneacht an leictreachais inathnuaite freisin chuige sin agus an eangach chumhachta a uasghrádú;
5. á mheabhrú go measann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh gur san Eoraip a bheidh 32 % den acmhainneacht leictrealóirí dhomhanda lonnaithe faoi 2030 más rud é go dtagann ann do na tionscadail uile atá beartaithe; á chur i bhfáth nach mór don Aontas a cheannaireacht dhomhanda maidir le hidrigin a choinneáil agus a fheabhsú trí mhargadh nuálach agus éifeachtúil a fhorbairt lena nasctar táirgeoirí le tomhaltóirí, agus bonneagair leordhóthnanacha in úsáid;
6. á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún le haghaidh Gníomh um Thionscal Glan-Nialasach agus Gníomh um Amhábhair Chriticiúla agus athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite a rannchuideodh le slabhraí luacha slána, iomaíocha agus athléimneacha a bheadh ag freastal ar an éileamh méadaithe ar hidrigin inathnuaite agus leictrealóirí ar san Aontas a táirgeadh iad; á chur i bhfáth gur cheart go bhfeidhmeodh an Banc Hidrigine Eorpach mar chomhlánú ar an nGníomh um Thionscal Glan-Nialasach;
7. ag tacú go láidir le nósanna imeachta ceada cuíchóirithe agus níos tapúla ar fud an tslabhra luacha go léir chun borradh a chur faoin táirgeadh hidrigine inathnuaite agus chun an nuálaíocht a chothú; á áitiú go ndéanfar an leibhéal ard cosanta ar an gcomhshaol atá ann faoi láthair a choimeád nuair a dhéantar iarratais cheada a mheasúnú, agus go ndéanfar gnéithe áirithe de na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus de na próisis riaracháin le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite a chuíchóiriú;
8. á mheas, chun ceannasacht thionsclaíoch an Aontais Eorpaigh a dhaingniú i gcomhthéacs uathriail straitéiseach oscailte, nár mhór, faoi chéad chéim cur chun feidhme an EHB, ardleibhéal tosaíochta a thabhairt don táirgeadh intíre a fhás go tapa agus go bhféadfaí síneadh a chur le céimeanna ina dhiaidh sin chun fás allmhairí iomaíocha de hidrigin inathnuaite a chumasú; á mheabhrú gur faoi inniúlacht an EHB ba cheart an tacaíocht le haghaidh táirgeadh intíre agus allmhairí araon a theacht;
9. á chur in iúl gur geal léi ról an EHB i dtaca le breis trédhearcachta maidir le sreafaí, idirbhearta agus praghsanna sa mhargadh hidrigine atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur feidhm ríthábhachtach é sin chun muinín an mhargaidh a mhéadú, formhaoirseacht rialála agus faireachán poiblí a neartú, agus eolas a dhéanamh do phleanáil comhtháite an bhonneagair fuinnimh;
10. ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh ról lárnach ag an gcistiú príobháideach maidir le margadh Eorpach le haghaidh hidrigin inathnuaite a thógáil agus nár cheart margadh éifeachtúil, a luaithe a fhorbraítear é, a bheith ag brath ar fhóirdheontais phoiblí;
11. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh creat stóinseach rialála margaidh AE le haghaidh hidrigine a bheith ina chabhair chun margadh dea-fheidhmiúil a bhunú; á chreidiúint gur den riachtanas conair phraghais intuartha ar bheagán luaineachta chun cinnteacht infheistíochta a chruthú le haghaidh infheistíochtaí fíor-riachtanacha sa táirgeadh hidrigine agus sa bhonneagar hidrigine;
12. á mheas go bhfuil na gníomhartha tarmligthe maidir le breoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch tar éis cur leis an intuarthacht agus leis an gcinnteacht d’infheisteoirí; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh pacáiste margaidh i dtaca le hidrigin agus gás dícharbónaithe; á áitiú go mbeidh timpeallacht rialála chomhtháite agus chobhsaí le cur ar fáil don tionscal
13. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an táirgeadh hidrigine trí bhíthin leictrealóirí dian ar uisce, dar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh Inathnuaite, agus go n-ídítear idir 18 agus 24 kg uisce leis in aghaidh an kg hidrigine; á thabhairt chun suntais go mbíonn an tomhailt uisce níos airde fós nuair a chuirtear an slabhra luacha réamhtheachtach san áireamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar éifeachtúlacht acmhainní agus ar an Treoir Réime maidir le hUisce(23), go háirithe i gcás réigiúin a mbaineann baol triomaigh leo; á iarraidh go ndéanfar breis taighde ar theicneolaíochtaí díshalannaithe uisce lena n-íoslaghdaítear an tomhailt uisce agus na tionchair ar an gcomhshaol, go háirithe an baol truaillithe ó uisce goirt;
14. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag Gleannta Hidrigine agus bonneagair ghaolmhara mar uirlisí chun tacú le dícharbónú ceantar tionsclaíoch, an nuálaíocht a chothú agus rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil; ag tabhairt dá haire go soláthraíonn Gleannta Hidrigine braislí daingnithe soláthair agus éilimh hidrigine san Eoraip; á mheas gurb é an Banc Hidrigine Eorpach atá freagrach as na lárionaid tomhaltais ábhartha go léir ar fud Gleannta Hidrigine a chomhordú agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh, agus tionscnaimh shuaitheanta mhórscála a uas-scálú;
Tacaíocht airgeadais do tháirgeadh intíre hidrigine inathnuaite
15. á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin an chéad cheant píolótach praghasbhunaithe a sheoladh chun tacú le hidrigin inathnuaite; ag cur sonrú sa bhuiséad EUR 800 milliún chun tacú leis an táirgeadh hidrigine inathnuaite ar feadh thréimhse 10 mbliana; ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun measúnú gan mhoill ar an gceant píolótach sin a mhéid a bhaineann lena éifeachtúlacht, agus lena iarmhairtí maicreacnamaíocha agus tionsclaíocha;
16. á aithint gur roghnaigh an Coimisiún tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm préimh sheasta sa chéad cheant píolótach, ós rud é go mbeidh difríocht mhór idir an táirgeadh hidrigine agus an tomhailt hidrigine, i dtús ama ar aon nós; á áitiú go leagtar síos préimh sheasta le haghaidh ceantanna amach anseo a bheidh coibhéiseach leis an bpréimh atá á moladh ag na Stáit Aontaithe faoin Acht um Boilsciú a Laghdú, nó níos airde ná an phréimh sin; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí comhlántacha amhail deontais, conarthaí difríochta agus conarthaí difríochta carbóin a mheas; á mheas go bhféadfadh na sásraí comhlántacha sin tacú, ní hamháin le táirgeadh hidrigine inathnuaite, ach leis an éileamh ar hidrigin inathnuaite freisin;
17. á athdhearbhú go bhfuil an-tábhacht le cothromaíocht gheografach agus earnálach chun an táirgeadh hidrigine inathnuaite a chumasú ar fud an Aontais Eorpaigh agus a húsáid a chumasú ag earnálacha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú; á áitiú gur den riachtanas gan na díréireachtaí réigiúnacha atá ann cheana féin, de bharr a oiread éagsúlachta a bhaineann le forbairt an mhargaidh hidrigine, a dhoimhniú tuilleadh; ag tathant ar an gCoimisiún ceantanna réigiúnacha a fhorbairt agus, chuige sin, réigiúin a shainiú a bheadh mór go leor chun iomaíocht leordhóthanach a dhaingniú agus cothromaíocht gheografach a áirithiú freisin; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún eochair leithdháilte a mholadh chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt chothrom ar mhargadh hidrigine na hEorpa ar fud na réigiún;
18. ag iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit atá ar bheagán rannpháirtíochta, dá bhforáiltear san athbhreithniú is déanaí ar an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí(24); á chur i bhfáth gur cheart go spreagfadh an tacaíocht sin rannpháirtíocht iarratasóirí ó na Ballstáit go léir sna ceantanna faoin EHB;
19. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an EHB tionscadail forbartha níos lú a mhealladh freisin ag moladh don Choimisiún go gcoigeartódh sé gnéithe de dhearadh ceant, go háirithe an ceanglas maidir le hacmhainneacht íosta an leictrealóra suiteáilte agus an srian ar uasmhéid tairisceana, agus go measfadh sé an bhféadfaí iarratais a chomhthiomsú, chun rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a éascú;
20. á iarraidh ar an gCoimisiún na rialacha maidir le comhoiriúnacht idir tacaíocht airgeadais phoiblí agus cistiú arna sholáthar faoin EHB a athmheasúnú agus a shoiléiriú, ag cur san áireamh nár cheart aon charnadh a bheith ann maidir leis na costais chéanna, chun iomaíocht chóir a chosaint i measc na n-iarratasóirí go léir;
21. á chur i bhfáth gur cheart i ndearadh ceantanna amach anseo go ndéanfaí tosaíocht de hidrigin inathnuaite a dhíol le tionscail ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú agus le hiompar trom, go háirithe eitlíocht agus loingseoireacht; á chreidiúint, i ndail leis sin, gur cheart sriantachtaí áirithe a bheith san áireamh i gcritéir incháilitheachta na gceantanna;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún, ní hamháin praghas a mheas, ach córas soiléir pointí bónais a chur san áireamh freisin i rangú na dtairiscintí; ag tabhairt dá haire gur cheart go dtabharfadh córas den sórt sin luach saothair do thairiscintí lena soláthraítear an leibhéal is airde inbhuanaitheachta, as a n-eascraíonn cruthú fostaíochta suntasach agus lena gcuirtear cúrsaí oiliúna ardcháilíochta, printíseachtaí agus athsciliú nó uas-sciliú oibrithe chun cinn;
23. á aithint go bhfuil géarghá le borradh a chur faoi tháirgeadh leictrealóirí san Aontas; á mholadh go ndéanfaí idirdhealú idir caiteachas oibríochtúil agus caiteachas caipitiúil; á mheas nár cheart tacaíocht fhéideartha do chaiteachas caipitiúil ar hidrigin ísealcharbóin a dhíriú ach ar infheistíochtaí ar féidir leo rannchuidiú le táirgeadh hidrigine inathnuaite ag céim níos déanaí, go háirithe maidir le leictrealóirí a cheannach, agus nár cheart caiteachas oibriúcháin ar hidrigin ísealcharbóin a chumhdach léi;
Tacaíocht neamhairgeadais d’éiceachóras hidrigine an Aontais
24. á chur in iúl gur geal léi smaoineamh an Choimisiúin an coincheap ‘ceantanna mar sheirbhís’ a sheoladh; á mheas go bhféadfadh sé na costais riaracháin do na Ballstáit a laghdú agus conair fhíor-Eorpach i dtreo aistriú fuinnimh a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún an coincheap sin a mheas agus a fhorbairt thairis sin le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite eile a fhiosrú; á chur i bhfáth gur cheart na hualaí riaracháin sa phróiseas iarratais a laghdú a mhéid is féidir, chun go bhféadfadh FBManna na próisis dámhachtana a láimhseáil freisin;
25. ag moladh go mbeadh ar chumas an EHB comhairle dhílsithe a chur ar fáil do ghníomhaithe príobháideacha maidir le suiteálacha hidrigine inathnuaite agus ísealcharbóin a fhorbairt san Aontas; á chreidiúint gur cheart seirbhís den sórt sin a bheith neamhspleách ar chistiú ón EHB a bheith faighte, nó gan a bheith faighte, ag an iarratasóir; ag moladh go mbeadh an tseirbhís chomhairleach sin ag brath ar shaineolas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI); á mholadh go ndeánfaí gníomhaíochtaí na Comhpháirtíochta Eorpaí don Hidrigin Ghlan a áireamh faoin EHB chun fóram fisiciúil a chruthú ina bhféadfadh táirgeoirí agus tomhaltóirí hidrigine teacht le chéile chun comhairle a fháil agus dea-chleachtais a mhalartú;
26. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ilroinnt eintitis AE a bhíonn ag plé le hidrigin a shrianadh; á mholadh go ndéanfar gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, agus go háirithe an Fhaireachlann Breosla-Chille a chur san áireamh faoi chuimsiú an EHB; á áitiú nach laghdófaí ar an infheistíocht phoiblí ar son taighde, forbairt agus nuáil amr gheall ar an gcur san áireamh sin;
27. á chreidiúint go bhféadfadh sásra comhcheannach deonach i gcomhair hidrigine rannchuidiú le forbairt an mhargaidh hidrigine intíre agus le hallmhairí faoin EHB a dhaingniú; á chur i bhfáth freisin maidir le ceannacháin i gcomhpháirt go ndéanfaí infheistíochtaí i dtoilleadh hidrigine inathnuaite a éascú, soláthar hidrigine inathnuaite ar phraghsanna inacmhainne a áirithiú agus tomhaltóirí Eorpacha a chosc ar a bheith ag ceantáil ar a chéile;
28. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh AggregateEU gníomhú mar threoirthionscadal d’fhorbairt an mhargaidh hidrigine faoin EHB; ag iarraidh ar an gCoimisiún a dhéanamh ar fhorbairt sásra i gcomhair comhiomlánú deonach éilimh agus ceannach comhpháirteach hidrigine agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur isteach chuige sin; á chreidiúint go bhféadfaí an measúnú sin a bhunú ar mhionanailís ar na samhlacha imleora comhair cuideachta agus ar an bhféidearthacht go ndéanfaí scéimeanna ráthaíochta a chruthú faoina bhféadfaí cuideachtaí níos lú agus FBManna a fhostú go héifeachtach;
29. ag iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an soláthar poiblí glas chun bheith i bhfách le hearraí a táirgeadh le hidrigin inathnuaite, amhail cruach a úsáidtear chun foirgnimh phoiblí agus bonneagar a thógáil;
Allmhairí de hidrigin inathnuaite
30. ag tabhairt dá haire, in ainneoin méadú ar an táirgeadh intíre hidrigine inathnuaite, go bhféadfadh allmhairí ó thíortha nach tíortha AE iad a bheith ag teastáil mar gheall ar éileamh a bheith ag dul i méid; á chur i bhfáth gur cheart don EHB sineirgí a shaothrú maidir le luathú allmhairí de hidrigin inathnuaite, agus díriú ar an éileamh breise ar mhargadh na hEorpa;
31. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na conairí bonneagair arna sainaithint sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean REPowerEU a chur chun cinn, chun allmhairiú suas le 10 milliún tona hidrigine inathnuaite a éascú, agus tacaíocht a thabhairt don dícharbónú sna tíortha comhpháirtíochta;
32. á mheabhrú go mbeidh feidhm ag an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) maidir le hidrigin; ag cur béim ar a thábhachtaí atá ról AE mar bhunaitheoir caighdeán domhanda agus ag iarraidh ar an gCoimisiún scéim choiteann deimhniúcháin, scéim stóinseach, a sholáthar faoin 31 Nollaig 2025, i gcomhréir leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite le haghaidh allmhairí de hidrigin inathnuaite, a bheidh comhionann leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir leis an táirgeadh intíre, chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chomhpháirtithe idirnáisiúnta iontaofa;
33. á áitiú gur cheart infheistíocht i hidrigin inathnuaite ó thríú tíortha a bheith faoi réir na bprionsabal idirnáisiúnta díchill chuí, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh: Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach;
34. ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte a ullmhú ina mbeidh critéir shoiléire agus thrédhearcacha maidir le hincháilitheacht táirgeoirí ó thíortha neamh-Aontais le haghaidh tacaíocht AE, bunaithe ar rioscaí geopholaitiúla agus an fhéidearthacht iad a laghdú trí chomhar, infhaighteacht acmhainní dá n-aistriú fuinnimh intíre agus iad a bheith ailínithe le luacha AE agus le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta AE, lena n-áirítear dálaí oibre agus cearta na bpobal dúchasach;
35. á chur i bhfáth go bhfuil réigiúin ar domhan a bhfuil dálaí i bhfad níos fearr iontu i gcomhair tháirgeadh hidrigine inathnuaite mar go bhfuil neart spáis acu agus leictreachas inathnuaite; á mheabhrú gur cheart forbairt margaí domhanda riailbhunaithe, trédhearcacha agus neamhshaofa do hidrigin a chur chun cinn le taidhleoireacht fuinnimh agus hidrigine an Aontais Eorpaigh agur gur cheart é a bheith mar aidhm na tíortha comhpháirtíochta domhanda, agus go háirithe tíortha i gcomharsanacht an Aontais, a chumasú chun a n-aistrithe fuinnimh a bhaint amach agus a gcaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus dhaonlathais a fheabhsú;
36. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé soláthróirí a éagsúlú agus cothrom iomaíochta domhanda a choinneáil nuair a thugtar tacaíocht do tháirgeadh hidrigine inathnuaite i dtíortha nach tíortha Aontais iad; á mholadh go gceanglófar an euro a úsáid le haghaidh allmhairí de hidrigin inathnuaite a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, chun go ndéanfar airgeadra tagartha domhanda na malartán hidrigine de ar fud an domhain;
37. ag cur béim ar an bhfíoras gur den riachtanas, chun an margadh hidrigine a luathú go rathúil, infheistíocht leordhóthanach a áirithiú chun go bhforbrófar bonneagar hidrigine imleor, ní hamháin chun soláthar agus éileamh a nascadh, ach chun hidrigin a stóráil agus a iompar ar fud an Aontais Eorpaigh freisin (mar shampla, feadh an chnámh droma Eorpaigh hidrigine); á áitiú gur cheart scóigeanna tráchta agus naisc atá ar iarraidh a sheachaint chun go bhféadfaidh hidrigin na margaí is géire a dteastaíonn sí iontu a bhaint amach; á chur i bhfáth maidir le córais hidrigine a fhorbairt go dtabharfaí tosaíocht, a mhéid is féidir, do chomshuí an táirgthe agus na húsáide, agus a oiread sineirgí agus is féidir a chumasú leis an mbonneagar reatha le haghaidh iompair gáis nádúrtha;
38. ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit infheistíocht phríobháideach a spreagadh agus, i gcás inar gá, a áirithiú go mbeidh cistiú poiblí ann do shuiteálacha nua le haghaidh hidrigine agus le haghaidh athchuspóiriú suiteálacha atá in úsáid don ghás nádúrtha cheana féin; á mheas gur ionstraimí oiriúancha iad deontais agus conarthaí difríochta (carbóin), a mbeadh iompar ina chomhchuid den chostas, chun tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar carbóin; á chur i bhfáth, ón bpeirspictíocht chéanna, gur cheart acmhainní náisiúnta a leithdháileadh ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chun cistiú an bhonneagair ábhartha a fheabhsú, agus gur cheart foinsí malartacha cistiúcháin Aontais faoin mBeartas Comhtháthaithe agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a shlógadh;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún a leagan mar chúram ar an EHB comhordú a dhéanamh ar bhailiú na sonraí ábhartha go léir arna n-eisiúint ag an gCoimisiún, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag an tionscal i ndáil le táirgeadh, stóráil, iompar, dáileadh agus tomhailt hidrigine; ag tabhairt dá haire gur cheart na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí, a mhéid is féidir, agus go bhféadfaí leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta chun bonneagar a bhaineann le hidrigin a fhormheas faoin Rialachán athbhreithnithe maidir le Gréasáin Fuinnimh Thras-Eorpacha(25);
Cuíchóiriú ionstraimí agus sásraí airgeadais AE
40. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil tionscail i lathair na huaire ag plé le héagsúlacht ionstraimí tacaíochta airgeadais le haghaidh táirgeadh hidrigine; ag iarraidh ar an gCoimisiún ionaid ilfhreastail le haghaidh maoiniú hidrigine a dhéanamh den EHB;
41. ag cur sonrú sa bhuiséad foriomlán EUR 3 bhilliún don EHB a fógraíodh in Aitheasc 2022 ar Staid an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar an mbuiséad bliantúil a bheidh ar fáil as seo go ceann cúig bliana faoi gach colún den EHB agus treochlár a ullmhú de na ceantanna a bheartaítear; á áitiú gur cheart ceantanna amach anseo a fhógairt 12 mhí roimh ré ar a laghadh chun intuarthacht a chur ar fáil don tionscal;
42. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di buiséad foriomlán EHB i gcomparáid leis na fóirdheontais, na dreasachtaí agus an creat infheistíochta níos tarraingtí i réigiún eile ar domhan, go háirithe sa tSín agus SAM; á chreidiúint go bhfuil an clúdach reatha EUR 800 milliún don chéad cheant píolótach rótheoranta; ag iarraidh ar an gCoimisiún buiséad iomchuí a mholadh don EHB trína mhéadú go suntasach le hacmhainní úra sna blianta romhainn;
43. á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú meántéarmach ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) mar ar mhol an Coimisiún EUR 5 bhilliún sa bhreis i gcomhair an Chiste don Nuálaíocht; ag iarraidh go ndéanfar cuid shuntasach den airgead breise sin a leithdháileadh ar an EHB, chun go bhféadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacaíocht a thabhairt do bhreis tionscadal; á thabhairt chun suntais gur cheart, de bhreis ar an gCiste don Nuálaíocht, féachaint ar chistiú eile chun go mbeidh an EHB neamhspleách ar éagsúlachtaí i bpraghas carbóin;
44. ag iarraidh ar an gCoimisiún innéacsú boilscithe a mheas i gcás na préimhe seasta, chun cobhsaíocht a áirithiú agus táirgeoirí – go háirithe táirgeoirí beaga agus meánmhéide – a chosaint ar mhéaduithe praghais féideartha ar fhuinneamh, amhábhair agus obair oibríochtúil amach anseo;
45. ag tabhairt dá haire nár tháinig an Coimisiún suas le hionstraim airgeadais go fóill chun tacú le hallmhairí de hidrigin inathnuaite; ag spreagadh comhair idir an EHB agus cláir arna mbunú ag na Ballstáit nuair a bhítear ag ple le hallmhairí; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh le haghaidh ionstraim airgeadais ina spriocdhírítear ar allmhairí ó thíortha neamh-Aontais faoin EHB, i gcás inarb iomchuí agus ina luíonn sé leis an SCCT;
46. á chur i bhfáth go bhfuil gá le foireann dhílsithe chun oibríochtaí EHB a shaothrú agus á iarraidh go mbeadh cistiú leordhóthanach ann ina leith; ag moladh tascfhórsa a chur ar bun don EHB agus foireann ann ó na seirbhísí ábhartha go léir sa Choimisiún ;
47. á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin úsáid chistiú AE le haghaidh tionscadail hidrigine a chuíchóiriú, agus an togra reachtach le haghaidh Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), áit a sainítear hidrigin inathnuaite mar theicneolaíocht ghlan chriticiúil a bhfuil breis tacaíochta de dhíth uirthi; á iarraidh go mbeidh an leibhéil sineirge is airde idir STEP agus EHB;
48. á áitiú go mbeadh EHB ina phointe teagmhála aonair chun faisnéis a sholáthar maidir le cistiú AE atá ar fáil ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun tacú le tionscadail hidrigine inathnuaite; ag moladh go ndéantar an Compás Hidrigine le haghaidh Cistiú Poiblí a chomhcheangal leis an EHB agus faisnéis maidir leis na hionstraimí airgeadais ábhartha go léir a bheith san áireamh, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh: an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Fís Eorpach agus an Ciste don Nuálaíocht, agus nuashonruithe ar bhonn rialta;
49. ag moladh go ndéanfadh an EHB uirlis ar líne a chur ar bun chun deis a thabhairt don tionscal agus do FBManna go háirithe measúnú tapa a dhéanamh ar incháilitheacht fhéideartha tionscadail a bhaineann le hidrigin inathnuaite nó ísealcharbóin i gcomhair cistiú Aontais, a bheadh gan dochar don chinneadh críochnaitheach agus nach gceanglódh aon fhaisnéis rúnda a chur ar fáil;
50. á iarraidh ar an EHB an rochtain ar airgeadas a fheabhsú le haghaidh tionscadail hidrigine inathnuaite; á iarraidh ar an EHB iasachtaí ar ráta nialasach nó iasachtaí ráthaithe a chur ar fáil, cúnamh a thabhairt chun maoiniú fadtéarmach a dhaingniú agus cothromas agus infheistíochtaí eile i dtionscadail ábhartha a chumasú;
51. ag tacú le le praghas síleála a thabhairt isteach maidir leis an bpréimh sheasta, arna mholadh ag an gCoimisiún, chun nach róchúiteofar iarratasóirí rathúla a ghlacann páirt i gceantanna; á áitiú gur cheart go dtiocfadh deireadh le tacaíocht Aontais a luaithe a éiríonn praghas hidrigine inathnuaite iomaíoch; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcostas táirgthe agus ar phraghas an mhargaidh ar hidrigin inathnuaite agus athmheasúnú a dhéanamh ar an bpréimh sheasta a bhronntar ar thionscadail bhuaiteacha ag deireadh gach socrú conarthach idir táirgeoirí agus tomhaltóirí, nó gach cúig bliana ar a laghad;
Trédhearcacht, cuntasacht agus tuairisciú
52. á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn i bhforbairt an mhargaidh hidrigine inathnuaite agus ina ndéanfar meastóireacht ar ghníomhaíochtaí EHB; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar mhiondealú geografach an chistiúcháin, ar líon na bpost a chruthaítear, ar athruithe ar an soláthar agus an éileamh, ar chostas na hidrigine inathnuaite i gcomparáid le cineálacha eile hidrigine, agus ar fhorbairt bonneagar dílsithe hidrigine;
53. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chuimsitheach ar EHB a thíolacadh roimh a thogra le haghaidh CAI nua;
o o o
54. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig gach ceann d’institiúidí an Aontais agus chuig na Ballstáit.
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009 agus (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).
Iarracht ar coup d’état i Guatamala
81k
41k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 maidir le hiarracht ar coup d’état i Guatamala (2023/3031(RSP))