Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0100(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0050/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0050/2023

Díospóireachtaí :

PV 29/03/2023 - 12
CRE 29/03/2023 - 12
PV 15/01/2024 - 14
CRE 15/01/2024 - 14

Vótaí :

PV 30/03/2023 - 5.7
CRE 30/03/2023 - 5.7
Mínithe ar vótaí
PV 16/01/2024 - 6.3
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0093
P9_TA(2024)0001

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 52k
Dé Máirt, 16 Eanáir 2024 - Strasbourg
Substaintí ídithe ózóin
P9_TA(2024)0001A9-0050/2023
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 (COM(2022)0151 – C9-0143/2022 – 2022/0100(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0151),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0143/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Meitheamh 2022(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Deireadh Fómhair 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0050/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 365, 23.9.2022, lch. 50.
(2) Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe arna nglacadh an 30 Márta 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0093).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Eanáir 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009
P9_TC1-COD(2022)0100

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/590).

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais