Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le liúntas um chlaontacht fiachais-cothromais a laghdú agus i dtaca le hin-asbhainteacht úis a theorannú chun críoch cánach ioncaim corparáidí (COM(2022)0216 – C9-0197/2022 – 2022/0154(CNS))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0216),
– ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0197/2022),
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0387/2023),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh treorach Aithris 1
(1) Is ardtosaíocht pholaitiúil don Aontas é timpeallacht ghnó atá cothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear í a chur chun trí bhearta cánach spriocdhírithe lena ndreasaítear infheistíocht agus fás. Chun tacú le maoiniú corparáideach inbhuanaithe fad-téarmach, ba cheart don chóras cánach saobhadh neamhbheartaithe ar chinntí gnó a íoslaghdú, mar shampla i leith fiachais seachas maoiniú cothromais. Cé go bhfuil ar áireamh i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 de chuid an Choimisiúin14 gníomhaíochtaí tábhachtacha chun tacú le maoiniú den sórt sin, mar shampla Gníomhaíocht 4 - Ag spreagadh níos mó maoinithe fhadtéarmaigh agus cothromais ó infheisteoirí institiúideacha, ba cheart bearta cánach spriocdhírithe a ghlacadh chun na gníomhartha sin a fheabhsú. Ba cheart do na bearta sin breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí a chur i gcuntas.
(1) Is ardtosaíocht pholaitiúil don Aontas é timpeallacht ghnó atá cothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an gcóras cánach corparáide, lena n-áirítear í a chur chun trí bhearta cánach spriocdhírithe lena ndreasaítear infheistíocht agus fás. Chun tacú le maoiniú corparáideach inbhuanaithe, láidir agus fadtéarmach, go háirithe tar éis na dtrí ghéarchéim eacnamaíocha ó 2008 i leith, ina raibh ar go leor cuideachtaí brath ar mhaoiniú fiachais chun caillteanais eacnamaíocha a chumhdach, ba cheart don chóras cánach saobhadh neamhbheartaithe ar chinntí gnó a íoslaghdú, mar shampla i dtreo fiachas seachas maoiniú cothromais. Cé go bhfuil ar áireamh i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 de chuid an Choimisiúin14 gníomhaíochtaí tábhachtacha chun tacú le maoiniú den sórt sin, mar shampla Gníomhaíocht 4 - Ag spreagadh níos mó maoinithe fhadtéarmaigh agus cothromais ó infheisteoirí institiúideacha, ba cheart bearta cánach spriocdhírithe a ghlacadh chun na gníomhartha sin a fheabhsú. Ba cheart do na bearta sin breithnithe inbhuanaitheachta fioscaí a chur i gcuntas.
__________________
__________________
14 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua’, COM(2020) 590 final (https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:61042990-fe46-11ea-b44f-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF)
14 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ‘Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua’, COM(2020)0590 final(https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:61042990-fe46-11ea-b44f-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF)
Leasú 2 Togra le haghaidh treorach Aithris 1 a (nua)
(1a) Chun poist, fás eacnamaíoch agus infheistíocht a chur chun cinn, is den ríthábhacht aontas margaí caipitil atá iomaíoch agus athléimneach agus ina mbeidh margadh cothromais láidir mar cheann dá cholúin a chur chun cinn. Tá gá le tuilleadh infheistíochta príobháidí trí chothromas chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha atá romhainn. Dá bhrí sin, is inmholta ionstraim dlí a chruthú chun comhchuibhiú a dhéanamh ar fhorálacha reachtacha atá ann cheana chun claontacht na gcáiníocóirí i dtreo fiachais a laghdú agus roghanna infheistíochta á ndéanamh acu, gan dochar d’úsáid dhlisteanach agus éifeachtach ionstraimí fiachais.
Leasú 3 Togra le haghaidh treorach Aithris 2
(2) Le córais chánach na mBallstát ceadaítear do cháiníocóirí íocaíochtaí úis ar mhaoiniú fiachais a asbhaint, agus dá bhrí sin an dliteanas cánach ioncaim corparáidí a laghdú, agus níl costais a bhaineann le maoiniú cothromais in-asbhainte ó thaobh cánach sa chuid is mó de na Ballstáit. Le cóireáil chánach neamhshiméadrach ar mhaoiniú fiachais agus cothromais ar fud an Aontais, spreagtar claontacht i leith fiachais i gcinntí infheistíochta. Thairis sin, i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le liúntas cánach ar mhaoiniú cothromais ina ndlí náisiúnta, bíonn éagsúlachtaí suntasacha ann idir na bearta náisiúnta sin i dtéarmaí dearadh beartais.
(2) Le córais chánach na mBallstát ceadaítear do cháiníocóirí íocaíochtaí úis ar mhaoiniú fiachais a asbhaint, agus dá bhrí sin an dliteanas cánach ioncaim corparáidí a laghdú, agus níl costais a bhaineann le maoiniú cothromais in-asbhainte ó thaobh cánach sa chuid is mó de na Ballstáit. Le cóireáil chánach neamhshiméadrach ar mhaoiniú fiachais agus cothromais ar fud an Aontais, spreagtar claontacht i leith fiachais i gcinntí infheistíochta. Léirigh na géarchéimeanna a bhain le fadhbanna fiachais cuideachtaí sa mhargadh inmheánach le déanaí go bhfuil gá le hathchóiriú lena gcuirtear cothromas agus fiachas ar comhchéim agus lena gcuirtear deireadh le maoiniú fiachais. Is freagra í an Treoir seo ar na hiarrataí iomadúla ón bParlaimint aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin1a. Thairis sin, i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le liúntas cánach ar mhaoiniú cothromais ina ndlí náisiúnta, bíonn éagsúlachtaí suntasacha ann idir na bearta náisiúnta sin i dtéarmaí dearadh beartais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cothrom iomaíochta a choimirciú le haghaidh réitigh chothromais agus ionstraimí fiachais, ag féachaint don ghá atá le híosleibhéil chomhleanúnachais chórasaigh a ráthú idir creataí cánach náisiúnta, eadhon ar leibhéal na sochar cánach.
__________________
1a Féach:
– an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt a thuilleadh: feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh (2020/2036(INI)) (IO C 395, 29.9.2021, lch. 89);
– an rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2018 maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le comhbhonn don cháin chorparáide (2016/0337(CNS)) (IO C 162, 10.5.2019, lch. 181);
– an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh (Obair iardain de chuid Pharlaimint na hEorpa ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin mhí Iúil agus ar na 25 thionscnamh i réimse na cánach breisluacha agus an chánachais gnólachtaí agus daoine aonair) (2020/2254(INL)) (IO C 347, 9.9.2022, lch. 211)
– an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2022 maidir le tionchar na n-athchóirithe cánach náisiúnta ar gheilleagar AE (2021/2074(INI) (IO C 342, 6.9.2022, lch. 14).
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 3
(3) D’fhonn saobhadh a bhaineann le cáin a d’fhéadfadh a bheith ann i measc na mBallstát a bhaint, tá sé riachtanach creat coiteann rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar fud an Aontais ar bhealach comhordaithe. Le rialacha den sórt sin ba cheart a áirithiú go ndéileáltar le maoiniú cothromais agus maoiniú fiachais ar bhealach comhchosúil chun críoch cánach ar fud an mhargaidh aonair. An tráth céanna, ba cheart do chreat reachtach coiteann de chuid an Aontais a bheith inbhuanaithe go gearrthéarmach le haghaidh bhuiséid na mBallstát freisin. Dá bhrí sin ba cheart a áireamh sa chreat sin rialacha, ar thaobh amháin, maidir le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe cothromais agus, ar an taobh eile, maidir le teorainn a chur le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe fiachais.
(3) D’fhonn saobhadh a bhaineann le cáin a d’fhéadfadh a bheith ann i measc na mBallstát a bhaint, tá sé riachtanach creat coiteann rialacha a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar fud an Aontais ar bhealach comhordaithe, agus urraim á tabhairt go hiomlán do chreat institiúideach an Aontais maidir le cúrsaí cánach mar a bhunaítear leis na Conarthaí. Le rialacha den sórt sin ba cheart a áirithiú go ndéileáltar le maoiniú cothromais agus maoiniú fiachais ar bhealach comhchosúil chun críoch cánach ar fud an mhargaidh aonair. Ag an am céanna, i bhfianaise in-asbhainteacht fhorleathan cánach fiachais agus ós rud é go bhféadfadh tionchar díreach a bheith ag liúntas ar mhéaduithe ar chothromas ar ioncam poiblí, ba cheart comhchreat reachtach de chuid an Aontais a bheith inbhuanaithe freisin sa ghearrthéarma le haghaidh bhuiséid na mBallstát. Dá bhrí sin ba cheart a áireamh sa chreat sin rialacha, ar thaobh amháin, maidir le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe cothromais agus, ar an taobh eile, maidir le teorainn a chur le hin-asbhainteacht chánach na gcostas maoinithe fiachais. Tá sé d’aidhm ag an Treoir seo cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir na dúshláin éagsúla a bhaineann le hinbhuanaitheacht airgeadas poiblí na mBallstát sa ghearrthéarma agus, ar an gcaoi sin, níor cheart go dtabhódh na Ballstáit caillteanais mhóra ioncaim agus ba cheart é a bheith mar aidhm aici cobhsaíocht airgeadais cuideachtaí a fheabhsú.
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 3 a (nua)
(3a) Chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar aontas na margaí caipitil, tá sé d’aidhm ag an Treoir seo foinsí cistiúcháin do chuideachtaí an Aontais a éagsúlú, go háirithe do FBManna. Dá bhrí sin, ba cheart go seachnódh sé costais agus bacainní nua a chruthú maidir le rochtain ar mhaoiniú do na cuideachtaí sin nach féidir leo rochtain a fháil go héasca ar mhargaí caipitil go fóill. Dá gcuirfí teorainn le hin-asbhainteacht chostais úis na gcuideachtaí sin, d’fhéadfaí bac a chur ar infheistíocht ar fud an Aontais, agus dá bhrí sin níor cheart an asbhaint úis a theorannú do FBManna agus do ghrúpaí meánmhéide.
Leasú 6 Togra le haghaidh treorach Aithris 5
(5) Chun an chlaontacht in aghaidh maoiniú cothromais a neodrú, ba cheart liúntas a bheartú ionas go mbeidh méaduithe ar chothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile in-asbhainte óna bhonn cánach, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart an liúntas sin a ríomh tríd an méadú i gcothromas a iolrú faoi ráta úis bharúlaigh atá bunaithe ar ráta úis saor ó riosca mar a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE. Tá rátaí úis saor ó riosca den sórt sin ina gcuid de dhlí an Aontais cheana agus cuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil agus go héifeachtach ar an mbealach sin. Aon chuid den liúntas nach féidir a asbhaint le linn tréimhse cánach mar gheall ar bhrabúis inchánacha neamh-leordhóthanacha, is féidir í a thabhairt ar aghaidh. Agus na dúshláin shonracha a bhíonn roimh fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil á gcur i gcuntas, ba cheart liúntas méadaithe ar chothromas a bheartú le haghaidh cáiníocóirí is FBManna. Ionas go mbeadh asbhaint liúntais ar chothromas inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí go gearrthéarmach, ba cheart teorainn ama a chur leis. Chun an córas a choimirciú ó mhí-úsáid, tá sé riachtanach luach cánach scaireanna cáiníocóra a eisiamh, chomh maith le luach cánach a rannpháirtíochta i bhfiontair chomhlachaithe, ó ríomh na n-athruithe ar chothromas. Ar an gcaoi chéanna, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le cánachas ar laghdú i gcothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile, chun cosc a chur ar mhéadú cothromais a dhéanamh ar bhealach mí-úsáideach. Le riail den sórt sin spreagfaí freisin coinneáil leibhéil cothromais. Bheadh feidhm aige ionas, i gcás ina bhfuil laghdú ar chothromas de chuid cáiníocóra a bhain tairbhe as liúntas ar mhéadú cothromais, maidir le méid arna ríomh ar an mbealach céanna leis an liúntas, go n-éireodh sé inchánach ar feadh 10 dtréimhse chánach; mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise go bhfuil an laghdú seo mar gheall go heisiach ar chaillteanais a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach nó mar gheall ar oibleagáid dhlíthiúil.
(5) Chun an chlaontacht in aghaidh maoiniú cothromais a neodrú, ba cheart liúntas a bheartú ionas go mbeidh méaduithe ar chothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile in-asbhainte óna bhonn cánach, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart an liúntas sin a ríomh tríd an méadú i gcothromas a iolrú faoi ráta úis bharúlaigh atá bunaithe ar ráta úis saor ó riosca mar a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 77e(2) de Threoir 2009/138/CE. Tá rátaí úis saor ó riosca den sórt sin ina gcuid de dhlí an Aontais cheana agus cuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil agus go héifeachtach ar an mbealach sin. Aon chuid den liúntas nach féidir a asbhaint le linn tréimhse cánach mar gheall ar bhrabúis inchánacha neamh-leordhóthanacha, is féidir í a thabhairt ar aghaidh. Agus na dúshláin shonracha a bhíonn roimh fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus roimh ghrúpaí meánmhéide chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil, a gcostais mhaoiniúcháin níos airde, infhaighteacht níos ísle ar chaipiteal agus an dóchúlacht níos airde go mbainfidh tréimhsí níos faide caillteanais dóibh, ba cheart liúntas méadaithe ar chothromas chomh maith le tréimhse níos faide le haghaidh in-asbhainteacht cánach a bheartú do cháiníocóirí ar FBManna nó grúpaí meánmhéide iad. Ionas go mbeadh asbhaint liúntais ar chothromas inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí go gearrthéarmach, ba cheart teorainn chuí agus chomhréireach ama a chur leis. Chun an córas a choimirciú ó mhí-úsáid, tá sé riachtanach luach cánach scaireanna cáiníocóra a eisiamh, chomh maith le luach cánach a rannpháirtíochta i bhfiontair chomhlachaithe, ó ríomh na n-athruithe ar chothromas. Ar an gcaoi chéanna, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le cánachas ar laghdú i gcothromas cáiníocóra ó thréimhse chánach amháin go dtí an chéad thréimhse chánach eile, chun cosc a chur ar mhéadú cothromais a dhéanamh ar bhealach mí-úsáideach. Le riail den sórt sin spreagfaí freisin coinneáil leibhéil cothromais. Bheadh feidhm aige ionas, i gcás laghdú ar chothromas cáiníocóra a bhain tairbhe as liúntas ar mhéadú cothromais, go mbeadh méid a ríomhtar ar an mbealach céanna leis an liúntas incháinithe ar feadh 10 dtréimhse chánach do FBManna agus do ghrúpaí meánmhéide agus ar feadh 7 dtréimhse chánach as a chéile d’aon cháiníocóir seachas FBM nó grúpa meánmhéide, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise go bhfuil an laghdú sin mar thoradh eisiach ar chaillteanais arna dtabhú le linn na tréimhse cánach nó mar gheall ar oibleagáid dhlíthiúil. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na féidearthachtaí agus na tairbhí a bhaineann léi do FBManna.
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 6
(6) D’fhonn mí-úsáid asbhaint an liúntais ar chothromas a sheachaint, tá sé riachtanach rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach a leagan síos. Ba cheart do na rialacha sin díriú go háirithe ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun dul timpeall ar na coinníollacha faoina cháilíonn méadú cothromais do liúntas faoin Treoir seo, cuir i gcás, trí aistrithe inghrúpa na rannpháirtíochtaí i bhfiontair chomhlachaithe. Ba cheart do na rialacha sin díriú freisin ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun liúntas a éileamh in éagmais aon mhéadú cothromais ar leibhéal grúpa. Mar shampla, d’fhéadfaí maoiniú fiachais inghrúpa nó ranníocaíochtaí in airgead tirim a úsáid chun na gcríoch sin. Ba cheart do rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach cosc a chur freisin ar scéimeanna a chur i bhfeidhm chun a mhaíomh go bhfuil méadú i gcothromas, agus an liúntas comhfhreagrach, níos airde ná mar atá i ndáiríre, mar shampla, trí mhéadú in infháltais mhaoinithe iasachta nó róluacháil sócmhainní. Thairis sin, an riail ghinearálta in aghaidh mí-úsáid chánach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle15, tá feidhm aici i gcoinne gníomhaíochtaí mí-úsáideacha nach gcumhdaítear le creat sonrach i gcoinne seachaint cánach na Treorach seo.
(6) D’fhonn mí-úsáid asbhaint an liúntais ar chothromas a sheachaint, tá sé riachtanach rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach a leagan síos. Ba cheart do na rialacha sin díriú go háirithe ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun dul timpeall ar na coinníollacha faoina cháilíonn méadú cothromais do liúntas faoin Treoir seo, cuir i gcás, trí aistrithe inghrúpa na rannpháirtíochtaí i bhfiontair chomhlachaithe. Ba cheart do na rialacha sin díriú freisin ar scéimeanna a chuirtear i bhfeidhm chun liúntas a éileamh in éagmais aon mhéadú cothromais ar leibhéal grúpa. Mar shampla, d’fhéadfaí maoiniú fiachais inghrúpa nó ranníocaíochtaí in airgead tirim a úsáid chun na gcríoch sin. Ba cheart do rialacha sonracha i gcoinne seachaint cánach cosc a chur freisin ar scéimeanna a chur i bhfeidhm chun a mhaíomh go bhfuil méadú i gcothromas, agus an liúntas comhfhreagrach, níos airde ná mar atá i ndáiríre, mar shampla, trí mhéadú in infháltais mhaoinithe iasachta nó róluacháil sócmhainní. Thairis sin, an riail ghinearálta in aghaidh mí-úsáid chánach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle15, tá feidhm aici i gcoinne gníomhaíochtaí mí-úsáideacha nach gcumhdaítear le creat sonrach i gcoinne seachaint cánach na Treorach seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, maidir leis na bearta a ghlacfaidh siad chun an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta, go gcomhlíonfaidh siad an treoir a thugann an Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó).
_________________
_________________
15 Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
15 Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 6 a (nua)
(6a) Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na costais fhioscacha a d’fhéadfadh teacht as cur chun feidhme na Treorach seo in éineacht leis na tairbhí a bhaineann le bonn maoinithe níos láidre a áirithiú do ghnólachtaí an Aontais, rud a bheadh fíorthábhachtach i gcásanna struis airgeadais.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 7
(7) Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí an Aontais, ba cheart teorainn ar in-asbhainteacht na gcostas maoinithe fiachais a bheith ag gabháil le liúntas le haghaidh maoiniú cothromais. Dá bhrí sin ba cheart, le riail maidir le teorannú úis, teorainn a chur le hin-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta agus ba cheart feidhm a bheith aici go neamhspleách ar an liúntas. I bhfianaise go bhfuil éagsúlacht idir cuspóirí rialach den sórt sin agus na rialach i gcoinne seachaint cánach atá ann cheana maidir le teorannú úis d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, ba cheart an dá riail sin a choinneáil ar bun. Ba cheart do cháiníocóirí in-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta a ríomh faoin Treoir seo ar dtús agus ansin faoi ATAD. I gcás inarb é an toradh atá ar an ríomh sin faoi ATAD méid inasbhainte róchostas iasachtaíochta atá níos ísle, ba cheart don cháiníocóir an méid níos ísle sin a asbhaint agus aon difríocht idir an dá mhéid a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de ATAD.
(7) Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an gclaontacht fiachais-cothromais a bhaineann le cáin ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh airgeadas poiblí an Aontais, ba cheart riail a bheith ag gabháil le liúntas le haghaidh maoiniú cothromais lena gcuirtear teorainn le hin-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta do ghrúpaí nach grúpaí meánmhéide iad agus do ghnóthais nach FBManna iad. Mar sin féin, i bhfianaise na ndálaí eacnamaíocha díobhálacha a eascraíonn as géarchéim COVID-19 agus as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, níor cheart an riail sin maidir le teorannú a thabhairt isteach go dtí 2027. I bhfianaise go bhfuil éagsúlacht idir cuspóirí rialach den sórt sin agus na rialach i gcoinne seachaint cánach atá ann cheana maidir le teorannú úis d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, ba cheart an dá riail sin a choinneáil ar bun. Ba cheart do cháiníocóirí in-asbhainteacht na róchostas iasachtaíochta a ríomh faoin Treoir seo ar dtús agus ansin faoi ATAD. I gcás inarb é an toradh atá ar an ríomh sin faoi ATAD méid inasbhainte róchostas iasachtaíochta atá níos ísle, ba cheart don cháiníocóir an méid níos ísle sin a asbhaint agus aon difríocht idir an dá mhéid a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de ATAD.
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 9
(9) Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil.
(9) Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Treorach seo, chomh maith lena tionchar ar FBManna agus ar ioncaim chánach sna Ballstáit, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil. Ba cheart aird ar leith a thabhairt sa tuarascáil sin ar FBManna, agus ba cheart a mheas go háirithe an bhfuil sé léirithe gur leor na coinníollacha speisialta a cuireadh ar fáil do FBManna chun cur le mealltacht maoinithe cothromais dóibh. I gcás meastóireacht dhiúltach sa tuarascáil sin, ba cheart don Choimisiún, gan moill mhíchuí, togra reachtach lena dtugtar aghaidh ar an tsaincheist sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú.
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
(5a) ciallaíonn ‘gnóthas mór’ gnóthas mór de réir bhrí Airteagal 3(4) de Threoir 2013/34/AE;
Leasú 12 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 b (nua)
(5b) ciallaíonn ‘grúpa meánmhéide’ grúpa meánmhéide de réir bhrí Airteagal 3(6) de Threoir 2013/34/AE;
Leasú 13 Togra le haghaidh treorach Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 c (nua)
(5c) ciallaíonn ‘grúpa mór’ grúpa mór de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;
Beidh liúntas ar chothromas in-asbhainte, ar feadh 10 dtréimhse chánach as a chéile, ó bhonn cánach cáiníocóra chun críoch cánach ioncaim corparáidí suas go dtí 30 % de thuilleamh an cháiníocóra roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (‘EBITDA’).
Beidh liúntas ar chothromas inasbhainte sna cásanna seo a leanas:
– 10 dtréimhse chánach as a chéile, ó bhonn inchánach FBM nó grúpa meánmhéide chun críocha cánach ioncaim corparáide suas le 30 % de thuilleamh an cháiníocóra roimh ús, cáin, dímheas agus amúchadh (‘EBITDA’);
– 7 dtréimhse chánach as a chéile, ó bhonn inchánach aon ghnóthais mhóir nó aon ghrúpa mhóir chun críocha cánach ioncaim corparáide suas le 30 % de EBITDA.
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáiníocóirí in ann an chuid den liúntas ar chothromas atá níos mó ná céatadáin EBITDA i dtréimhse chánach a leagtar síos sa chéad fhomhír a thabhairt ar aghaidh ar feadh 3 thréimhse chánach ar a mhéad.
Má tá an liúntas inasbhainte ar chothromas, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, níos airde ná glanioncam inchánach an cháiníocóra le linn tréimhse cánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cáiníocóir an liúntas breise ar chothromas a thabhairt ar aghaidh, gan teorainn ama, do na tréimhsí ina dhiaidh sin.
Má tá an liúntas inasbhainte ar chothromas, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, níos airde ná glanioncam inchánach an cháiníocóra le linn tréimhse cánach, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an cáiníocóir an liúntas breise ar chothromas a thabhairt ar aghaidh mar a leanas:
— ar feadh 3 thréimhse chánach ar a mhéad, i gcás inar gnóthas mór nó grúpa mór é an cáiníocóir;
— gan teorainn ama, i gcás inar FBM nó grúpa meánmhéide é an cáiníocóir.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na cáiníocóirí an chuid den liúntas ar chothromas a sháraíonn 30 % de EBITDA a thabhairt ar aghaidh, go feadh uasmhéid de 5 thréimhse chánach.
Faoi réir Airteagal 5, ríomhfar bonn an liúntais ar chothromas mar an difríocht idir leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach agus leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach roimhe sin.
Faoi réir Airteagal 5, ríomhfar bonn an liúntais ar chothromas mar an difríocht idir leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach agus leibhéal an ghlanchothromais ag deireadh na tréimhse cánach roimhe sin, i bhfocail eile, an méadú bliain ar bhliain ar ghlanchothromas.
Beidh an liúntas ar chothromas cothrom le bonn an liúntais arna iolrú faoin ráta úis saor ó riosca 10 mbliana le haghaidh an airgeadra ábhartha agus méadófar é le préimh riosca 1 % nó, i gcás inarb é FBM an cáiníocóir, préimh riosca 1.5 %.
Beidh an liúntas ar chothromas cothrom le bonn an liúntais arna iolrú faoin ráta úis saor ó riosca 10 mbliana le haghaidh an airgeadra ábhartha, arna mhéadú faoi phréimh riosca 1 % do FBManna.
3. Tar éis dó liúntas ar chothromas a fháil, má tá bonn an liúntais ar chothromas diúltach le linn tréimhse cánach, éireoidh méid atá cothrom leis an liúntas diúltach ar chothromas inchánach ar feadh 10 dtréimhse cánach as a chéile, suas go dtí an méadú foriomlán ar ghlanchothromas a bhfuarthas an liúntas sin ina leith faoin Treoir seo, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise leordhóthanach gur chaillteanais chuntasaíochta a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach ba chúis leis nó oibleagáid dhlíthiúil chun caipiteal a laghdú.
3. Tar éis dó liúntas ar chothromas a fháil, má tá bonn an liúntais ar chothromas diúltach le linn tréimhse cánach, éireoidh méid atá cothrom leis an liúntas diúltach ar chothromas inchánach ar feadh 10 dtréimhse cánach as a chéile i gcás FBManna nó grúpaí meánmhéide nó 7 dtréimhse chánach as a chéile d’aon cháiníocóir seachas FBM nó grúpa meánmhéide, suas go dtí an méadú foriomlán ar ghlanchothromas a bhfuarthas an liúntas sin ina leith faoin Treoir seo, mura soláthraíonn an cáiníocóir fianaise leordhóthanach gur chaillteanais chuntasaíochta a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach ba chúis leis nó oibleagáid dhlíthiúil chun caipiteal a laghdú.
Leasú 21 Togra le haghaidh treorach Airteagal 5 – mír 3 a (nua)
3a. Maidir leis na bearta a ghlacfaidh na Ballstáit chun an tAirteagal seo a thrasuí sa dlí náisiúnta áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na bearta sin an treoir a thugann an Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó) maidir le córais asbhainte úis bharúlaigh.
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáiníocóir in ann a asbhaint óna bhonn cánach, chun críoch cánach ioncaim corparáidí, róchostas iasachtaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/116435 ón gComhairle suas go méid (a) a chomhfhreagraíonn do 85 % de na costais sin a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach. Má tá an méid sin níos airde ná an méid (b) a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an cáiníocóir i dteideal ach an méid níos ísle den dá mhéid a asbhaint le linn na tréimhse cánach. Déanfar an difríocht idir an dá mhéid (a) agus (b) a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164.
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cáiníocóir, seachas FBM nó grúpa meánmhéide, in ann a asbhaint óna bhonn cánach, chun críoch cánach ioncaim corparáidí, róchostas iasachtaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/116435 ón gComhairle suas go méid (a) a chomhfhreagraíonn do 85 % de na costais sin a tabhaíodh le linn na tréimhse cánach. Má tá an méid sin níos airde ná an méid (b) a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh an cáiníocóir i dteideal ach an méid níos ísle den dá mhéid a asbhaint le linn na tréimhse cánach. Déanfar an difríocht idir an dá mhéid (a) agus (b) a thabhairt ar aghaidh nó a thabhairt siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1164.
_______________
_______________
35 Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
35 Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).
2. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le róchostas iasachtaíochta a tabhaíodh ón [OF cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar aghaidh.
2. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le róchostais iasachtaíochta arna dtabhú ón 1 Eanáir 2027.
Leasú 24 Togra le haghaidh treorach Airteagal 7 – mír 1 – pointe b
(b) an líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas le linn na tréimhse cánach, lena n-áirítear mar chéatadán den líon iomlán FBManna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus den líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas, ar cuid de ghrúpaí móra iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;
(b) an líon FBManna agus grúpaí meánmhéide a bhain tairbhe as an liúntas le linn na tréimhse cánach, lena n-áirítear mar chéatadán den líon iomlán FBManna agus grúpaí meánmhéide a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus den líon FBManna a bhain tairbhe as an liúntas, ar cuid de ghrúpaí móra iad de réir bhrí Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE;
Leasú 25 Togra le haghaidh treorach Airteagal 8 – teideal
1. Faoin 31 Nollaig 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo.
1. Faoin 31 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar fheidhmiú agus tionchar an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach chun an Treoir seo a leasú.
Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar thionchar na Treorach seo, agus aird ar leith á tabhairt ar an méid seo a leanas:
(a) FBManna, go háirithe agus measúnú á dhéanamh acu ar léiríodh gur leor na coinníollacha speisialta atá ar fáil do FBManna chun cur le mealltacht an mhaoinithe cothromais dóibh;
(b) an teorainn le hasbhaint úis, go háirithe maidir leis an tionchar atá ag méid (a) dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar ioncaim fhioscacha na mBallstát;
(c) an nasc le gníomhartha reachtacha i réimse na cánach corparáide, eadhon Treoir lena n-áirithítear íosráta cánach éifeachtach do ghníomhaíochtaí domhanda grúpaí móra ilnáisiúnta agus Treoir maidir le Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim san Eoraip (BEFIT).
2. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach sin ar cháiníocóirí a bhaineann, [an 1 Eanáir 2024], tairbhe as liúntas ar chothromas faoin dlí náisiúnta a chur siar ar feadh tréimhse suas go 10 mbliana agus ní dhéanfaidh siad amhlaidh ar feadh tréimhse níos faide ná marthanacht an tairbhe faoin dlí náisiúnta i gcás ar bith.
2. Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach sin ar cháiníocóirí a bhaineann, [an 1 Eanáir 2024], tairbhe as liúntas ar chothromas faoin dlí náisiúnta a chur siar ar feadh tréimhse suas go 5 bliana agus ní dhéanfaidh siad amhlaidh ar feadh tréimhse níos faide ná marthanacht an tairbhe faoin dlí náisiúnta i gcás ar bith.
Leasú 28 Togra le haghaidh treorach Airteagal 11 – mír 3 a (nua)
3a. Sula ndéanfaidh sé an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta, poibleoidh gach Ballstát measúnú ar chostais fhioscacha mheasta na mbeart atá le glacadh agus an laghdú a thiocfaidh as sin ar an ráta cánach éifeachtach do chuideachtaí, agus déanfaidh sé bearta cuí chun ioncam cánach a chosaint más gá.