Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 maidir le cur chun feidhme chlár Erasmus+ 2021-2027 (2023/2002(INI)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2021 dar teideal ‘Beartas spóirt an Aontais Eorpaigh: measúnú agus bealaí féideartha chun cinn'(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025 - micridhintiúir, cuntais foghlama aonair agus foghlaim le haghaidh timpeallacht inbhuanaithe(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme bearta cuimsithe laistigh de chlár Erasmus+ 2014-2020(6),
– ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Cláir mhaoinithe an Aontais Eorpaigh 2021-2027 sa chultúr, sna meáin, san oideachas, san óige agus sa spórt: na chéad cheachtanna, dúshláin agus peirspictíochtaí amach anseo — Erasmus+’ arna fhoilsiú ag a Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais an 11 Meán Fómhair 2023(7),
– ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Cur chun feidhme luath na gceithre chlár AE 2021-2027: Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (Snáithe 3)' arna fhoilsiú ag Ard-Stiúrthóireacht Beartais Inmheánacha an Aontais an 20 Iúil 2023(8),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, agus d’Airteagal 1(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0413/2023),
A. de bhrí gur clár suaitheanta de chuid an Aontais Eorpaigh é Erasmus+ (‘an clár’) a thacaíonn le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt san Eoraip agus níos faide i gcéin;
B. de bhrí go bhfuil Erasmus+ ríthábhachtach chun braistint Eorpach muintearais agus tuisceana a chothú idir cultúir éagsúla, lena gcumasaítear féiniúlacht Eorpach atá ann in éineacht le féiniúlacht náisiúnta a neartú;
C. de bhrí go bhfuil buiséad foriomlán measta EUR 26.2 billiún ag clár 2021-2027 agus go gcuireann sé béim láidir ar chuimsiú, ar na haistrithe glasa agus digiteacha, agus ar rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach a chur chun cinn;
D. de bhrí go raibh tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha i bhfad níos rathúla agus níos forleithne ná mar a bhí beartaithe ar dtús; de bhrí gurb é an uaillmhian 60 Comhaontas Ollscoileanna Eorpacha a bheith ann a mbeidh baint ag níos mó ná 500 institiúid ardoideachais leo faoi lár 2024;
E. de bhrí gur mó an t-éileamh ar an gclár ná na hacmhainní airgeadais atá ar fáil den chuid is mó, rud a dhéanann difear diúltach do rannpháirtíocht agus líon na dtionscadal is féidir a chistiú;
F. de bhrí go rannchuidíonn an clár le neamhionannais a laghdú agus le comhtháthú sóisialta agus comhionannas inscne a fheabhsú ar leibhéal na hEorpa agus ar leibhéal na mBallstát trí dhíriú níos mó ar shoghluaisteacht foghlama atá inrochtana do chách, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus d’eagraíochtaí ar mhionscála;
G. de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag oifigigh chuimsithe i gcur chun cinn na héagsúlachta agus an chuimsithe in Erasmus+;
H. de bhrí go bhfuil bac fós ar rannpháirtíocht daoine aonair ag a bhfuil níos lú deiseanna, foghlaimeoirí fásta, daoine óga, náisiúnaigh tríú tír agus comhpháirtíochtaí agus eagraíochtaí ar mhionscála mar gheall ar cheanglais throma riaracháin;
I. de bhrí go bhfuil cuspóirí an chláir á saothrú trí thrí phríomhghníomhaíocht (KAnna), eadhon ‘Soghluaisteacht foghlama daoine aonair’ (KA1), ‘Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí’ (KA2) agus ‘Tacaíocht d’fhorbairt beartais agus do chomhar’ (KA3);
J. de bhrí go bhfuil na costais mhaireachtála, rátaí arda boilscithe agus dúshláin eile atá ag dul i méid ag cur brú breise ar bhuiséad an chláir;
K. de bhrí go mbíonn bacainní níos mó roimh mhic léinn a bhfuil níos lú acmhainní acu maidir le tairbhe a bhaint as soghluaisteacht mac léinn Erasmus+; de bhrí go bhfágann an méadú ar phraghsanna cíosa tithíochta agus an ganntanas cóiríochta do mhic léinn go bhfuil sé deacair do mhic léinn cóiríocht inacmhainne a fháil agus go bhfuil an fhadhb imithe in olcas le blianta beaga anuas;
L. de bhrí go gcuireann éiginnteachtaí nó moilleanna maidir le huainiú conraitheoireachta agus íocaíochtaí le tairbhithe lena n-ualach riaracháin agus go ndéanann siad pleanáil airgeadais níos casta, rud a dhéanann dochar go háirithe d’eagraíochtaí beaga agus do nuatheachtaithe, rud a bhaineann an bonn de na huaillmhianta chun cuimsiú agus éagsúlacht a bhaint amach;
M. de bhrí go raibh an clár ina cheann feadhna don Limistéar Eorpach Oideachais agus gur cheart dó leanúint de bheith ag freagairt do threochtaí san oideachas amach anseo chun coinneáil suas le hathrú sochaíoch agus teicneolaíoch;
N. de bhrí go mbíonn tionchar dearfach ag forbairt ghairmiúil na n-oibrithe óige ar cháilíocht na dtionscadal in Erasmus+ agus go gcuireann na héagsúlachtaí i stádas oibrithe óige i mBallstáit éagsúla bac ar fhorbairt tionscadal in earnáil óige an chláir;
Staid na ngnóthaí agus an ratha
1. á thabhairt chun suntais go ndíríonn an clár ar éagsúlacht mhéadaitheach beart, lena n-áirítear foghlaim ar feadh an tsaoil, cuimsiú níos fearr daoine ar lú na deiseanna atá acu(9) agus deireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht foghlama, go háirithe an easpa aitheantais uathoibríoch ar cháilíochtaí, agus bacainní airgeadais;
2. á aithint go n-oibríonn an struchtúr atá ann cheana go maith, agus go n-éiríonn leis cláir a bhí ar leithligh roimhe seo a thabhairt le chéile, rud a chuireann éiceachóras maith maoinithe ar fáil;
3. á aithint a thábhachtaí atá éagsúlacht leordhóthanach gníomhaíochtaí seachas cur chuige a oireann do chách;
4. á chur in iúl gur mór aici an ‘pobal foghlama’ ar éirigh le Erasmus+ a chruthú, ina bhfuil rannpháirtithe, tairbhithe, geallsealbhóirí, Gníomhaireachtaí Náisiúnta (NAnna) agus institiúidí an Aontais;
5. á chur in iúl gur geal léi gur síníodh meabhrán tuisceana idir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus na gníomhaireachtaí náisiúnta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cumarsáid chuiditheach agus chomhoibritheach idir an dá pháirtí sin a fheabhsú agus a choinneáil ar bun;
6. ag dréim leis go mbeidh feabhsuithe nithiúla ann sa mheabhrán tuisceana idir an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus na Gníomhaireachtaí Náisiúnta, as a dtiocfaidh malartú dea-chleachtas agus soiléiriú ar róil agus freagrachtaí chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas agus cumarsáid éifeachtach ó na gníomhaireachtaí náisiúnta a bhaint amach;
7. á chur i bhfios gur léiríodh gur gníomhaíochtaí an-éifeachtach iad soghluaisteacht foghlama agus comhpháirtíochtaí ar mionscála chun teagmháil a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne ar fud na hEorpa, lena gcuirtear luach den scoth ar airgead ar fáil agus líon na rannpháirtithe aonair á gcur san áireamh;
8. á aithint gur iolraitheoir cumhachtach don tsoghluaisteacht i measc foghlaimeoirí é soghluaisteacht foghlama agus oiliúint foirne;
9. á chur in iúl gurb eol di gur ghlac earnálacha agus geallsealbhóirí éagsúla go han-mhaith le tosaíochtaí cothrománacha an chláir;
10. á chur in iúl gur geal léi an uaillmhian claochlú digiteach an chláir agus deiseanna foghlama digití a thabhairt i gcrích;
11. ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfar na formáidí sin a úsáid mar chomhlánú luachmhar ar shoghluaisteacht fhisiceach i gcásanna sonracha, ach nach soláthraítear leo an cháilíocht chéanna taithí agus tairbhí, ná nach bhfeidhmíonn siad in ionad idirghníomhaíocht fhóinteach ar an láthair;
12. á chur in iúl gur mór aici na céimeanna atá á nglacadh chun méid an taistil ghlais a mhéadú agus na rátaí maoinithe níos airde atá á n-íoc as bealaí taistil atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol; ag spreagadh tuilleadh iarrachtaí chun an sprioc sin a bhaint amach, cé nár cheart go mbeadh sé sin ina bhac ar rochtain ar an gclár i limistéir nach bhfuil roghanna glasa inrochtana go fóill iontu;
13. á aithint go bhfuil breisluach léirithe ag na gníomhaíochtaí suaitheanta nua;
14. á aithint gur díol mór sásaimh é tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha d’institiúidí ardoideachais agus a lárnaí atá sé chun iarrachtaí a éascú chun bacainní ar chomhar idirnáisiúnta san ardoideachas a bhaint; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionscadail soghluaisteachta, cruthú comhchuraclaim agus comhar taighde idir ollscoileanna san Eoraip ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais i réimsí straitéiseacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an tionscnamh don straitéis Eorpach d’ollscoileanna;
15. á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a glacadh i dtreo lipéad céime Eorpaí comhpháirteach agus dioplómaí coiteanna Eorpacha;
16. á chur in iúl gur geal léi na deiseanna nua a chuireann Acadaimh Múinteoirí ar fáil;
17. á chur in iúl gur geal léi na Lárionaid Barr Feabhais Gairme nuabhunaithe agus á thabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag a gcur i bhfeidhm rathúil maidir le soláthar gairmoideachais agus gairmoiliúna a nuachóiriú san Eoraip;
18. á thabhairt dá haire go bhfuil DiscoverEU, a thionscain an Pharlaimint, ina ghníomhaíocht foghlama neamhfhoirmiúil sheanbhunaithe, a bhfuil tóir uirthi agus atá éasca le rochtain, a thugann daoine óga, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu, níos gaire don Aontas Eorpach, agus a spreagann a rannpháirtíocht amach anseo i dtionscadail eile de chuid an Aontais;
19. á thabhairt chun suntais go raibh gníomhaíochtaí láraithe sa spórt arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) úsáideach chun an ghné Eorpach sa spórt a chur chun cinn; á aithint go gcuireann tabhairt isteach na soghluaisteachta in 2023 mar ghníomhaíocht dhíláraithe borradh faoi mhalartú foirne agus cóitseálaithe spóirt;
20. á mheabhrú go raibh ionsú buiséid 2021-2022 beagnach 100 % in ainneoin gur cuireadh moill ar thús an chláir;
21. á thabhairt dá haire go raibh gá le coigeartuithe mar gheall ar an bpaindéim, le laghdú sealadach ar chistiú don tsoghluaisteacht foghlama agus cistiú méadaithe do chomhar agus do chomhpháirtíochtaí nuálaíochta;
22. á chur in iúl gur mór aici freagairt ghasta agus solúbthacht fheabhsaithe an chláir chun tacú le mic léinn, múinteoirí, oideoirí agus institiúidí oideachais na hÚcráine;
23. á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar roinnt próiseas chun iarratas a dhéanamh, trí bheith níos simplí agus níos éifeachtúla;
24. á thabhairt chun suntais na rátaí earráide an-íseal i gcomparáid le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, go háirithe i bhfianaise chastacht an chláir;
25. á thabhairt chun suntais go bhfuil fáilte roimh gach tír leasmhar a chomhlíonann ceanglais an chláir, lena n-áirítear an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, páirt a ghlacadh sa chlár agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le soghluaisteacht foghlama na hEorpa; ag tacú le rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thíortha comhlachaithe;
Dúshláin agus fadhbanna
26. á chur i bhfios go bhfuil deontais neamhleora chun costais na soghluaisteachta foghlama agus moilleanna ar íocaíochtaí a chumhdach i measc na ndíspreagadh is mó ar rannpháirtithe i dtionscadail soghluaisteachta;
27. á chur in iúl gur oth léi go gcoinnítear go leor daoine óga ar lú na deiseanna atá acu ó thréimhsí ama níos faide a chaitheamh thar lear mar gheall ar bhacainní airgeadais nó bacainní eile;
28. á aithint go raibh próiseas na NAnna ag tarraingt suas pleananna náisiúnta don chuimsiú agus don éagsúlacht deacair;
29. á chur in iúl gur oth léi go gcuireann próisis chasta riaracháin ag gach céim bac suntasach ar rannpháirtíocht nuatheachtaithe agus eagraíochtaí ar mhionscála, go háirithe in earnálacha na scoile, na hóige, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus an spóirt, agus san oideachas aosach chomh maith;
30. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil sé fós am-íditheach iarratas a dhéanamh ar chistiú Erasmus+ agus gur minic nach féidir le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh gan tacaíocht sheachtrach, rud a dhíspreagann rannpháirtíocht eagraíochtaí beaga agus a théann chun tairbhe chomhairleoireachtaí scríbhneoireachta tionscadail;
31. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur thuairiscigh beagnach trian de mhic léinn i soghluaisteacht ardoideachais nach bhfuair siad aitheantas creidmheasa iomlán agus á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chun ailíniú leis na cuspóirí a leagtar síos i gCairt Ardoideachais Erasmus; á chur i bhfios go láidir go gcuireann sé sin bac ar fhíor-Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú agus go gcuireann sé bac suntasach ar mhic léinn atá ag brath ar a gcéim a chríochnú go tráthúil;
32. á chur in iúl gur oth léi an easpa spreagtha comhpháirtíochtaí idir scoileanna agus eagraíochtaí neamhbhrabúis a bhfuil an t-eolas acu chun cabhrú le múinteoirí rochtain a fháil ar shoghluaisteacht foghlama ar ardchaighdeán;
33. á mheas go bhfuil sé thar am aitheantas a thabhairt do VET mar chonair ar comhionann a luach le staidéir acadúla; ina theannta sin, á chur in iúl gur cúis bhuartha di na bacainní atá fós ann ar shoghluaisteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna gan uaim, amhail beartais atá ilroinnte idir an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais;
34. á chur in iúl gur oth léi nach leor an cistiú d’Ionaid Barr Feabhais Gairme i bhfianaise an éilimh atá orthu;
35. á chur in iúl gur cúis díomá di glacadh íseal na foghlama aosaí agus gníomhaíochtaí oideachais, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé;
36. á chur in iúl gur geal léi an cur chuige cnapshuime atá á chur i bhfeidhm i dtionscadail chomhair, ós rud é go n-aithníonn go leor tairbhithe gur beart éifeachtach simpliúcháin é; á thabhairt dá haire, áfach, go bhféadfadh an ceanglas maidir le ‘tuairisciú leanúnach’ a bheith ina ualach, go háirithe d’eagraíochtaí níos lú;
37. á chur in iúl gur oth léi gur laghdaíodh líon na dtairbhithe de dheontais oibriúcháin láraithe don aos óg in 2022 go mór, rud a d’imir tionchar mór ar earnáil na sochaí sibhialta don óige a bhí faoi thionchar COVID cheana féin agus atá faoi stiúir saorálaithe;
38. á chur in iúl gur oth léi freisin an líon i bhfad níos lú iarratas rathúil ó eagraíochtaí óige agus eagraíochtaí faoi stiúir saorálaithe ar dheontais láraithe, go háirithe i ndáil leis an Óige Eorpach le Chéile agus Príomhghníomhaíocht 2, Comhpháirtíochtaí Comhair i réimse na hÓige, agus an laghdú ina dhiaidh sin ar bhuiséad na hóige in 2023;
39. á thabhairt dá haire go bhfuil cistí an-teoranta ag earnáil spóirt Erasmus+ i réimsí áirithe, go háirithe chun imeachtaí a eagrú, rud a chuireann teorainn lena raon feidhme;
40. á chur in iúl gur oth léi go mór forbairt mhall agus neamhiomlán an bhonneagair TF agus feidhmiú míchuí uirlisí TF amhail na modúil Tairbhithe agus Bainistíochta Tionscadal agus an Tacaíocht Teanga ar Líne (OLS), rud a mhéadaíonn ualach oibre gach duine a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an chláir, a dhíspreagann rannpháirtíocht na nuatheachtaithe agus a bhaineann an bonn d’uaillmhian an chláir rannpháirtíocht a leathnú; á thabhairt dá haire go gcuireann sé sin bac ar an gcur chun feidhme is fearr, go bhfuil baol ann maidir le doiciméadacht agus faireachán clár atá lochtach agus neamhiomlán, agus go gcuireann sé forbairt fhianaise-bhunaithe i mbaol amach anseo agus á thabhairt dá haire thairis sin go bhfuil saincheisteanna comhchosúla ann le huirlisí TF i gcláir eile arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach;
41. á chur in iúl gur saoth léi go ndéanann saincheisteanna TF difear mór freisin d’infhaighteacht sonraí, rud atá bunriachtanach don athbhreithniú meántéarma leanúnach, rud a fhágann gur gá modheolaíocht mheastóireachta i bhfad níos dochraidí a bheith ann agus an t-ualach riaracháin a ghéarú;
42. á chur i bhfios gur gá tionchar IS a ghlacadh go dáiríre, ós rud é gur éascaigh sé gníomhaithe calaoiseacha cheana féin, ach go bhféadfadh sé ualach oibre na ngníomhaireachtaí náisiúnta a éascú freisin agus bailiú sonraí a fheabhsú;
43. á chur i bhfios go láidir na neamhréireachtaí atá ann cheana maidir le hionchais tuairiscithe, torthaí meastóireachta agus comhroinnt ghinearálta faisnéise ar fud na NAnna éagsúla, lena gcruthaítear caighdeáin éagsúla cur chun feidhme do thairbhithe agus lena ndéantar difear do chothromas i bhfeidhmiú an chláir;
44. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ganntanas gairmithe agus saorálaithe chun an clár a chur chun feidhme agus a iarraidh go ndéanfaí a shoiléiriú an bhfuil tionchar aige sin ar ionsú cistí;
Feabhas a chur ar an gclár Erasmus+ atá ann faoi láthair agus an clár a bheidh ann amach anseo a dhearadh
45. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, na Ballstáit, na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ a choinneáil gar do na daoine agus a áirithiú go leanfaidh sé de bheith ina chlár ‘saoránaigh’ ón mbun aníos, lena gcuirfear deiseanna oideachais agus soghluaisteachta ar ardchaighdeán ar fáil do dhaoine óga agus d’fhoghlaimeoirí de gach aois;
46. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cuspóir uileghabhálach Erasmus+ leathan agus go dtéann sé thar riachtanais mhargadh an tsaothair;
47. á iarraidh go ndéanfaí an clár a shimpliú ar gach leibhéal, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh i dtaobh an féidir gníomhaíochtaí (fo-ghníomhaíochtaí) atá ann cheana a chumasc, agus nach ndéanfar an clár suaitheanta sin de chuid an Aontais a ró-ualú le cúraimí agus tionscnaimh nua a chaolaíonn a phríomhchuspóir;
48. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún deireadh a chur leis na bacainní uile, lena n-áirítear bacainní airgeadais, teanga agus riaracháin, amhail na bacainní sin a chruthaítear leis na huirlisí nua TFC, chun clár fíorchuimsitheach a bhaint amach lena nglacfar leis an éagsúlacht, agus gan líon na ndeontas atá ar fáil do thairbhithe a laghdú ag an am céanna;
49. á áitiú gur cheart uirlisí digiteacha a bharrfheabhsú faoi 2025 ar a dhéanaí chun timpeallacht atá soláimhsithe, inrochtana, iontaofa, tapa agus éifeachtúil a chruthú ina n-urramófar cosaint sonraí;
50. ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir glacadh le saincheisteanna a bhaineann le bonneagar TF atá cosúil leis na saincheisteanna a bhí ann i dtréimhse an chláir reatha; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na huirlisí TF atá ann cheana a chobhsú agus gan iad a athrú le gach clárthréimhse nua, agus ag dréim leis go mbeidh bonneagar TF na chéad ghlúine eile de Erasmus+ ag feidhmiú go hiomlán ón gcéad lá, go háirithe maidir leis an Modúl Tairbhithe;
51. á iarraidh go ndéanfaí trialacha agus comhairliúcháin chríochnúla le NAnna agus le húsáideoirí deiridh sula ndéanfar gnéithe breise nó uirlisí TF nua a rolladh amach, agus go n-áiritheofaí comhlíonadh Threoir an Aontaismaidir le hInrochtaineacht Gréasáin;
52. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún trédhearcacht theoranta agus inúsáidteacht theoranta na roinne torthaí ‘Tionscadail arna gcistiú faoin topaic seo’ sa tairseach le haghaidh deiseanna cistiúcháin agus tairisceana a cheartú, ionas gur féidir le geallsealbhóirí sonraí a íoslódáil chun anailís a dhéanamh ar shaintréithe na dtionscadal ar éirigh leo agus ar diúltaíodh dóibh maidir le heagrú, méideanna buiséid, tír cheannais an tionscadail nó cineál an tionscadail;
53. á iarraidh ar rialtas na hUngáire an smacht reachta agus luachanna an Aontais a chomhlíonadh láithreach agus na hathchóirithe is gá a leagan síos ionas go bhféadfadh mic léinn, múinteoirí agus taighdeoirí ón Ungáir tairbhe a bhaint as clár Erasmus+ agus rannchuidiú le spriocanna níos leithne maidir le comhar Eorpach oideachais agus taighde san Eoraip;
54. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún breithniú ar mhuirearú a dhéanamh ar uirlisí digiteacha agus ar ghníomhaíochtaí ar líne chun tacú leis an bhfoghlaim ar leithligh, go háirithe nuair a úsáidtear iad chun ullmhú do ghníomhaíocht, chun réamhíocaíochtaí ró-ard a sheachaint;
55. á áitiú go gcaithfidh simpliú na nósanna imeachta agus na gceanglas cur i bhfeidhm agus feabhsú na dtreoirlínte, go háirithe do dhaoine aonair, leanúint de bheith ina n-ardtosaíocht, ós rud é gur bacainní ar an gclár iad; á chur i bhfios gur minic a bhíonn tionchar ag easnaimh ar rannpháirtithe céaduaire óga den chuid is mó;
56. á iarraidh go mbeadh próisis chomhréireacha chlárúcháin, iarratais agus tuairiscithe ann maidir le fad doiciméad agus laghdú ar cheanglais riaracháin agus mhaorlathacha, go háirithe i gcás deontais níos lú;
57. á chur i bhfios gur gá rialacha agus treoir shoiléir i dteanga intuigthe a bheith ag gabháil le foirmeacha togra; á iarraidh go ndéanfadh NAnna tuilleadh feabhais a chur ar an aiseolas a thugtar d’iarratasóirí;
58. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún oiliúint leanúnach a chur ar fáil d’oifigigh tionscadail EACEA agus d’fhoireann NAnna agus cumarsáid shoiléir a chur ar fáil maidir le léirmhíniú thionscnaimh Erasmus+;
59. á mheabhrú go bhfuil cumarsáid luath, thrédhearcach agus iontaofa maidir le spriocdhátaí agus céimeanna mar bhonn do rochtain chothrom agus chomhionann ar an gclár;
60. á iarraidh go ndéanfadh NAnna seisiúin faisnéise a eagrú maidir le ceanglais tuairiscithe ag tús na dtionscadal; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar thuairisciú agus ar chuntasaíocht ionas nach n-iarrtar an fhaisnéis chéanna arís agus arís eile;
61. á iarraidh go ndéanfadh NAnna a n-oifigigh chuimsithe a chumhachtú chun na pleananna don chuimsiú agus don éagsúlacht a chur chun feidhme;
62. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a chuid oibre le geallsealbhóirí maidir le ‘spriocanna cuimsithe’ Eorpacha don chlár a neartú agus sonraí a chur ar fáil maidir le tionscadail lena n-áirítear rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu;
63. á iarraidh go mbeadh cothromaíocht níos fearr ann idir cuspóirí cainníochtúla (líon na dtairbhithe agus na dtionscadal a dtugtar tacaíocht dóibh) agus cuspóirí cáilíochtúla laistigh den chlár, agus ag cur béim ar an bhfíoras nach mór leanúint d’fhócas Erasmus+ ar cháilíocht an oideachais a fheabhsú;
64. ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le claochlú digiteach an chláir, go háirithe maidir le ‘Erasmus gan Pháipéar’ a bhaint amach do gach earnáil oideachais agus oiliúna; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún ‘Cárta Mic Léinn Eorpach’ a bhunú tar éis na chéad pleanála, agus cabhrú le hinstitiúidí ardoideachais glacadh le hainmniúcháin soghluaisteachta foghlama digití agus tras-scríbhinní taifead faoi 2025;
65. á iarraidh go méadófaí na híocaíochtaí tosaigh do thairbhithe ar lú na deiseanna atá acu agus go gcuirfí íocaíochtaí tráthúla ar fáil do thairbhithe;
66. á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú agus coigeartuithe níos minice agus níos rialta ar innéacs ráta boilscithe deontas agus costas aonaid chun iad a ailíniú leis an gcostas maireachtála, leis an mboilsciú agus le riachtanais na dtairbhithe;
67. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna cóiríochta do mhic léinn soghluaisteachta Erasmus+;
68. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar ullmhacht na gcomhghuaillíochtaí maidir le neamhspleáchas i dteannta leo roimh dheireadh a dtréimhse maoinithe, d’fhonn a chinneadh an dteastaíonn cineál éigin de thacaíocht spriocdhírithe uathu chun uathriail a bhaint amach laistigh de thréimhse ama réasúnach, agus chun comhghuaillíochtaí a chobhsú agus a dhoimhniú trí chistiú a bhaineann le tionscadail amach anseo;
69. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún plé leis na comhreachtóirí, a luaithe is féidir, maidir le leanúint inbhuanaithe Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha mar thionscnamh suaitheanta; á chur i bhfáth nach mór go mbeadh na comhghuaillíochtaí sin ar thús cadhnaíochta san ardoideachas Eorpach le fís den sórt sin atá dírithe ar an todhchaí; á mheabhrú gur cheart go bhfeidhmeodh na Comhghuaillíochtaí Ollscoile Eorpacha mar shamhlacha agus gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit creatchoinníollacha a chruthú atá idirnasctha go hiomlán leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais agus leis an Limistéar Eorpach Oideachais chomh maith le stádas dlíthiúil do Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha;
70. á iarraidh go mbainfeadh an Coimisiún úsáid as uirlisí an chláir chun cóiríocht a spreagadh lena n-osclófaí earnálacha ina bhfuil mná faoi ghannionadaíocht amhail TF, eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic, fiontraíocht agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, agus ina dhiaidh sin lánpháirtiú na mban sna codanna sin de mhargadh an tsaothair a éascú; á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún cothromaíocht inscne a chothú sa chlár;
71. á chur i bhfáth, trí fheabhas a chur ar chomhchruthú, gur féidir le Erasmus+ tacú leis an oideachas chun freagairt do riachtanais nua na sochaí le modheolaíochtaí lena gcothaítear forbairt tacar oiriúnaithe eolais, scileanna, dearcthaí agus luachanna, agus ag tarraingt aird ar leith ar rannchuidiú an chláir leis an aistriú i dtreo an oideachais dhigitigh;
72. á iarraidh go mbainfí úsáid níos leithne as an bhfoghlaim fhíorúil agus an fhoghlaim chumaisc agus go dtógfaí bonneagar le haghaidh deiseanna foghlama digitithe agus cianfhoghlama, agus rialacha níos soiléire a bheith ann ina leith sin, agus iad a leathnú chuig earnálacha oideachais eile chun aistrithe níos rianúla agus níos solúbtha a éascú agus chun cuimsiú a éascú;
73. á mholadh go bhforbrófaí sineirgí idir Erasmus+ agus cláir eile de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) chun feabhsuithe a mhaoiniú maidir le rochtain ar uirlisí oideachais do réimsí agus do phobail ina bhfuil nascacht nó rochtain íseal ar theicneolaíochtaí, ar an gcaoi chéanna leis an méid atá á thástáil i réamhbheart;
74. á iarraidh go ndéanfaí eTwinning agus tairseach na Scoile Eorpaí a chomhtháthú go hiomlán agus go rianúil in Erasmus+ agus go ndéanfaí é a chur chun cinn ar bhealach níos fearr i measc múinteoirí agus foirne scoile;
75. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit an ghné Eorpach i bhforbairt ghairmiúil múinteoirí a chur chun cinn agus soghluaisteacht ina measc a spreagadh; á iarraidh go ndéanfaí forálacha chun ionadaíocht a dhéanamh ar mhúinteoirí nó chun iad a chúiteamh as an am a chaitear ar thionscadail Erasmus+;
76. á mholadh go ndéanfaí gníomhaíocht ‘Jean Monnet do Scoileanna’ a dhílárú ionas go ndéanfaidh na NAnna é a bhainistiú chun rochtain do scoileanna a shimpliú;
77. á chur i bhfios go láidir gur gá níos mó maoinithe a leithdháileadh ar dheiseanna atá dírithe ar bhunscoileanna agus ar dhaltaí, i bhfianaise leibhéal an-ard an éilimh i bhformhór thíortha an chláir;
78. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún na saincheisteanna a eascraíonn as an teorannú cainníochtúil atá intuigthe i gcreidiúnú institiúideach a réiteach, i bhfianaise uaillmhian an chláir a bheith cuimsitheach, go háirithe maidir le scoileanna, i bhfianaise a líon mór ar fud an Aontais;
79. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú ar an gcaoi ar féidir sineirgí idir Erasmus+, cláir eile CAI agus Straitéis an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú (2021-2030) a bhunú agus a chur chun cinn ionas go mbeidh rochtain níos fearr ag meánscoileanna ar líonra na suíomhanna cuimhneacháin ar an Uileloscadh agus go dtugtar deis dá ndaltaí chun cuairt a thabhairt ar cheann amháin ar a laghad de na suíomhanna sin san Eoraip le linn a ngairmeacha scoile;
80. á iarraidh go n-eiseodh an Coimisiún glao ar thionscadail chun a chur ar chumas daltaí meánscoile cuairt a thabhairt ar shuíomh a bhaineann leis na hainghníomhartha atá déanta ag réimis ollsmachtacha san Eoraip;
81. á iarraidh go n-eiseodh an Coimisiún glaonna ar thograí in Erasmus+ chun tacú le scoileanna sa chomhrac i gcoinne gach cineál bulaíochta agus idirdhealaithe, agus chun comhairleoireacht shíceolaíoch scoile a fheabhsú;
82. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún ról Erasmus+ a chothú maidir le braistint chómhuintearais, rannpháirtíocht shibhialta, tuiscint níos fearr ar an Aontas agus tacaíocht do luachanna Eorpacha a mhéadú, agus fíorthionscnóir an daonlathais Eorpaigh a dhéanamh den chlár;
83. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún comhpháirt oideachais saoránachta an Aontais a thabhairt isteach le gníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim, atá nasctha le soghluaisteacht foghlama, atá deimhnithe ag micridhintiúir, saoránacht ghníomhach a fhorbairt agus neamh-idirdhealú a ghlacadh;
84. á chur in iúl gur geal léi gné foghlama na gníomhaíochta agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar a thorthaí d’fhonn an ghné oideachais a neartú trí shineirgí níos láidre a bhunú idir soghluaisteacht foghlama agus DiscoverEU;
85. á iarraidh go bhforbrófaí DiscoverEU chun gníomhaíocht níos cuimsithí a chur chun cinn;
86. á mholadh go ndéanfaí breithniú ar chuótaí ticéad do thurais ghrúpa, toisc go bhféadfadh sé a bheith friththáirgiúil má áitítear go ródhian go gcaithfidh gach piaraí i ngrúpa a bheith 18 mbliana d’aois go díreach chun cáiliú mar ghrúpa DiscoverEU;
87. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar roghanna le haghaidh cur chuige níos comhtháite i leith gníomhaíochtaí óige ar fud chláir an Aontais, ag foghlaim ó thaithí Bhliain Eorpach na hÓige 2022 agus i gcomhairle le geallsealbhóirí óige maidir le dearadh, cur chun feidhme agus meastóireacht deontas agus ionstraimí i réimse na hóige;
88. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún ailíniú an chláir le Straitéis Óige an Aontais, leis an 11 sprioc don óige agus le torthaí Idirphlé Óige an Aontais, a neartú; á iarraidh go ndéanfaí cuspóirí agus róil a shainiú níos fearr do thionscadail i bPríomhghníomhaíocht 2 i réimse na hóige ar bhealach lena dtreisítear obair an óige, forbairt ghairmiúil oibrithe don óige agus oideachas neamhfhoirmiúil;
89. á iarraidh go ndéanfadh EACEA agus na Gníomhaireachtaí Náisiúnta straitéis cumarsáide a chruthú a rachaidh i bhfeidhm ar eagraíochtaí nua don óige, go háirithe iad siúd atá á stiúradh ag daoine óga ar lú na deiseanna atá acu nó a oibríonn leo, agus tacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh i dtaca le tograí tionscadail a scríobh agus fothú acmhainneachta trí úsáid a bhaint as Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna don Óige (SALTO);
90. á mheabhrú go bhfuil gá le cistí leordhóthanacha do chomhpháirtíochtaí beaga i ngach earnáil den chlár chun iontráil eagraíochtaí beaga agus daoine gan taithí a éascú, agus chun fíordheiseanna forbartha a thairiscint dóibh;
91. á áitiú go bhfuil an clár ríthábhachtach chun an Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú agus á iarraidh go mbeadh sineirgí níos fearr ann le clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit modh oscailte comhordúcháin a thionscnamh maidir le haitheantas frithpháirteach na n-inniúlachtaí a fuarthas le linn tréimhsí soghluaisteachta Eorpaí nó rannpháirtíochta sibhialta;
92. á mholadh go gcuirfí tacaíocht níos mó ar fáil leis an gclár do bhearta amhail cuntais foghlama aonair agus micridhintiúir lena gcuirtear feabhas ar thréscaoilteacht na gcóras oideachais;
93. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé soghluaisteacht a chur chun cinn i measc mic léinn VET, i measc cúiseanna eile chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit sineirgí a fhorbairt idir Erasmus+ agus cláir chistiúcháin eile chun soghluaisteacht foghlama a éascú i measc foghlaimeoirí VET agus oibrithe ar bheagán oiliúna agus chun comhar críochach agus réigiúnach a fheabhsú;
94. ag tathant go bhforbrófaí uirlis thiomnaithe ar líne atá saincheaptha do riachtanais múinteoirí, teagascóirí agus foghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach, toisc gur léir nach leor na huirlisí atá ann faoi láthair;
95. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an fhís atá aige maidir le leanúint inbhuanaithe na Lárionad Barr Feabhais Gairme mar thionscnamh suaitheanta a phlé leis na comhreachtóirí a luaithe is féidir;
96. á iarraidh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch oideachais ann laistigh de na Lárionaid Barr Feabhais Gairme agus á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit na hionaid sin mar cheann feadhna ar cháilíochtaí, curaclaim agus dioplómaí comhpháirteacha gairmoideachais agus gairmoiliúna Eorpacha a fhorbairt;
97. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún staidéar ar stádas foghlaimeoirí VET atá ar shoghluaisteacht; á áitiú go gceanglófar ar na heagraíochtaí a bhfuil printíseachtaí á n-óstáil acu cairt ardcháilíochta a shíniú i gcomhréir le Cairt Ardoideachais Erasmus agus á iarraidh go ndéanfaí faireachán níos fearr ar na dálaí oibre agus go dtabharfar luach saothair leormhaith do na daoine aonair atá rannpháirteach i bprintíseachtaí Erasmus+;
98. á mholadh go leanfadh an clár de thacaíocht a thabhairt do thionscadail lena gcuirtear raon leathan scileanna chun cinn, lena n-áirítear ceardaíocht cheardaithe, chun iad a chaomhnú;
99. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún athmhachnamh ar a straitéis foghlama aosaí i gcomhar le NAnna agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, i bhfianaise na sprice go mbeadh 60 % de dhaoine fásta rannpháirteach san fhoghlaim aosach agus san oideachas faoi 2030;
100. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún infheictheacht na tacaíochta atá ar fáil don fhoghlaim aosach agus do ghníomhaíochtaí oideachais a mhéadú; á mholadh nach dtabharfar cistí nár caitheadh láithreach bonn do ghníomhaíochtaí eile ach go n-úsáidtear iad le haghaidh comhar san oideachas aosach agus chun glacadh soghluaisteachta i measc foghlaimeoirí fásta a éascú ar lú na deiseanna atá acu trí fheachtais feasachta, iarratais atá éasca le líonadh isteach agus sineirgí níos fearr le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus ar fud na mBallstát;
101. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún feabhas a chur ar an gcumarsáid maidir le cistiú spóirt in Erasmus+ agus ar chur chun cinn an chistithe sin; á iarraidh go ndéanfar ionadaíocht níos fearr ar chomhlachais spóirt sna tionscadail a bhronntar, ós rud é gur minic a dhéantar ró-ionadaíocht ar eagraíochtaí neamhspórt amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhairleachtaí mar thairbhithe;
102. á chur i bhfáth gur gá go bhfuil acmhainneacht an chláir tacaíocht a chur ar fáil i gcásanna géarchéime an-teoranta agus gur cheart don Choimisiún comhar idir na Ballstáit a éascú chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar dhúshláin choiteanna, agus an clár á chosaint ó ró-ualú a dhéanamh air;
103. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na NAnna iarracht a áirithiú nach mbeidh deacrachtaí le linn an phróisis iarratais ag rannpháirtithe ionchasacha, ar náisiúnaigh tríú tír iad atá ina gcónaí go dleathach san Aontas, rud a fhágann go mbeidh an clár fíorchuimsitheach;
104. á chur i bhfios go bhféadfadh comhar le tríú tíortha neamhchomhlachaithe a bheith an-deacair, agus á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún faireachán córasach ar ghné idirnáisiúnta an chláir, í a fheabhsú agus í a neartú;
105. á iarraidh go dtabharfaí aird níos mó ar shaincheisteanna a bhaineann le gné idirnáisiúnta an chláir amhail rialacha cosanta sonraí do thíortha nach bhfuil san Aontas, tionchar saincheisteanna geopholaitiúla agus saincheisteanna a bhaineann le víosaí;
106. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún foráil maidir leis an tsolúbthacht cláir is gá i ndearadh na chéad ghlúine eile de Erasmus+, agus aonfhoirmeacht agus grinnscrúdú cuí an chláir á n-áirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear ag an bParlaimint;
107. á áitiú go mbeadh NAnna, tairbhithe agus geallsealbhóirí eile, lena n-áirítear daoine óga, agus an Pharlaimint rannpháirteach go gníomhach i bpróiseas leanúnach, idirphlé-bhunaithe chun barrfheabhas a chur ar an nglúin reatha agus ar an gcéad ghlúin eile de Erasmus+; á mholadh go bhféachfadh an Coimisiún ar an gcaoi ar féidir uirlisí IS a úsáid chun cabhrú leis an meastóireacht ar an gclár agus léargais níos soiléire a sholáthar ar riachtanais agus ar fhorbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann gan ionadú a dhéanamh ar chinnteoireacht an duine;
108. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún athmheastóireacht ar an ngá atá le hinfheictheacht mhéadaithe ar an nasc díreach idir an tAontas agus Erasmus+ mar a chlár suaitheanta chun feasacht ar an nasc sin a mhéadú i measc tairbhithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
109. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbainfear leas iomlán as sineirgí idir Erasmus+ agus cláir eile amhail Fís Eorpach nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, agus go mbeidh an clár nasctha níos fearr le beartais eile de chuid an Aontais amhail plean gníomhaíochta 2020-2025 maidir leis an bhfrithchiníochas; agus Straitéis an Aontais um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030;
110. á chur in iúl go bhfuil gá le nuashonruithe tráthúla ón ngrúpa idirchláir nua idir Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais, na hÓige, an Spóirt agus an Chultúir sa Choimisiún agus óna Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Nuálaíocht maidir lena thorthaí i dtéarmaí sineirgí idir Fís Eorpach agus Erasmus+;
111. á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le sineirgí idir an Limistéar Eorpach Oideachais, an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus an Clár Oibre Eorpach Scileanna maidir le beartas oideachais dhigiteach a mhúnlú;
112. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir agus na Gníomhaireachtaí Náisiúnta anailís ar bhearta nithiúla lena ndéantar miondealú ar na sadhlanna atá ann cheana i struchtúr an chláir agus iad a chur chun feidhme go córasach chun sineirgí a mhéadú idir réimsí éagsúla oideachais agus gníomhaithe éagsúla chun tréscaoilteacht agus athchothromú an chláir a fheabhsú, agus ag an am céanna na hidirdhealuithe atá riachtanach le haghaidh grinnscrúdú polaitiúil éifeachtach a choinneáil;
113. á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí láraithe agus díláraithe a nascadh ar bhealach níos fearr agus go bhfeabhsófaí úsáid ionstraimí solúbtha cistiúcháin amhail micreadeontais; á mholadh, i bhfianaise na taithí dearfaí a fuarthas le micreadeontais le linn na paindéime, gur cheart iad a choinneáil ar bhealach spriocdhírithe;
114. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún píolótú agus tástáil chuí agus bearta riaracháin nua á dtabhairt isteach amhail breisithe agus cnapshuimeanna ionas nach gcruthófar bacainní riaracháin breise do thairbhithe;
115. á iarraidh go mbeadh deontais oibriúcháin ann chun tacú le forbairt earnálacha straitéiseacha a bhíonn ag brath go minic ar shaorálaithe agus go mbeadh comhar struchtúrtha agus rialta idir geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ionadaíocha tairbhíocha;
116. á iarraidh go gcuirfí feabhas ar cháilíocht na meastóireachtaí ar dheontais oibriúcháin;
117. ag spreagadh dreasachtaí níos láidre agus treoir níos fearr ionas go mbeidh tionchar dearfach inbhraite ag lipéad an tSéala Barr Feabhais ar Erasmus+;
118. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún obair leantach go comhsheasmhach maidir le haon tásca nach n-urramaíonn tairbhí creidiúnaithe luachanna Eorpacha, agus é mar aidhm leis muinín as an sásra creidiúnaithe bunaithe a áirithiú agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh mar thoradh air sin, ar gá díbirt a bheith mar thoradh air má tá bunús leis na líomhaintí agus nach féidir iad a leigheas láithreach agus go buan; á chur i bhfios go bhfuil gá le faireachán níos déine sa chéad tréimhse chláraithe eile;
119. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún calaois a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, amhail cuideachtaí caocha nó breisithe cuimsithe nach sroicheann i ndáiríre grúpaí ar lú na deiseanna atá acu, agus na gníomhaíochtaí a dhéantar chun mí-úsáidí den sórt sin a chomhrac a dhéanamh níos trédhearcaí;
120. á iarraidh go ndéanfar méaduithe buiséadacha níos céimsí agus níos intuartha sa chéad chlárthréimhse eile den chreat airgeadais ilbhliantúil, agus á áitiú, ón tús in 2028, nár cheart go mbeadh na leibhéil chistiúcháin níos lú ná leibhéil na bliana deireanaí den chlár reatha (2027) chun leanúnachas agus cobhsaíocht rianúil ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an chláir a áirithiú;
121. á dhearbhú go bhfuil rún daingean aici méadú suntasach ar bhuiséad Erasmus+ sa chlárthréimhse 2028-2034 a áirithiú agus ag gealladh go ndéanfaidh sí an t-imchlúdach reatha a mhéadú faoi thrí, agus ceanglais an chláir á gcur san áireamh;
o o o
122. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+.
Staidéar – ‘Cláir mhaoinithe an AE 2021-2027 sa chultúr, sna meáin, san oideachas, san óige agus sa spórt: na chéad cheachtanna, na dúshláin agus na peirspictíochtaí amach anseo: Erasmus+', Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúrtha agus Comhtháthaithe, 11 Meán Fómhair 2023.
Staidéar – 'Cur chun feidhme luath na gceithre chlár AE 2021-2027: Erasmus+, An Eoraip Chruthaitheach, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (Snáithe 3)', Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Taighde Parlaiminte, 20 Iúil 2023.