Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0092(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0099/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0099/2023

Díospóireachtaí :

PV 09/05/2023 - 21
CRE 09/05/2023 - 21
PV 16/01/2024 - 8
CRE 16/01/2024 - 8

Vótaí :

PV 11/05/2023 - 7.4
CRE 11/05/2023 - 7.4
Mínithe ar vótaí
PV 17/01/2024 - 8.4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0201
P9_TA(2024)0018

Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 43k
Dé Céadaoin, 17 Eanáir 2024 - Strasbourg
Tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas
P9_TA(2024)0018A9-0099/2023
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (COM(2022)0143 – C9-0128/2022 – 2022/0092(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0143),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0128/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2022(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Deireadh Fómhair 2023 go ndéanfadh sí seasamh Parlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0099/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 443, 22.11.2022, lch. 75.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 11 Bealtaine 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0201).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Eanáir 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr
P9_TC1-COD(2022)0092

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/825).

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais