Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0272(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0002/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0002/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 17/01/2024 - 8.5
CRE 17/01/2024 - 8.5
PV 10/04/2024 - 21.16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0019
P9_TA(2024)0191

Téacsanna atá glactha
PDF 158kWORD 51k
Dé Céadaoin, 17 Eanáir 2024 - Strasbourg
Mearcair: malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú
P9_TA(2024)0019A9-0002/2024

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú (COM(2023)0395 – C9-0309/2023 – 2023/0272(COD))(1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
(1a)  Is ceimeacán é mearcair arb ábhar imní domhanda é don chomhshaol, mar gheall ar a iompar fadraoin atmaisféarach, a mharthanacht tar éis a thabhairt isteach antrapaigineach sa chomhshaol agus a chumas chun bithcharnú in éiceachórais. Tá éifeachtaí diúltacha suntasacha ag mearcair ar shláinte an duine freisin agus cuirtear é ar aghaidh ó mháithreacha go leanaí tríd an bplacaint nó trí bheathú cíche. D'fhéadfadh truailliú mearcair an chomhshaoil a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí antrapaigineacha, lena n-áirítear bainistiú neamhdhóthanach dramhaíola mearcair, créamadh nó deighilteoirí éigeantacha a chur chun feidhme go míchuí i gcleachtais fiaclóireachta.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)   I bhfianaise roghanna malartacha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, is iomchuí toirmeasc a chur ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar an bpobal trí chéile, agus an fhéidearthacht go n-úsáidfí malgam fiaclóireachta le haghaidh othair a bhfuil riachtanais shonracha leighis acu á coinneáil ar bun. Chun malgam fiaclóireachta, atá toirmiscthe ar mhargadh an Aontais, a chosc óna bheith monaraithe lena onnmhairiú ón Aontas, is gá monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta a thoirmeasc. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir.
(4)   I bhfianaise roghanna malartacha saor ó mhearcair a bheith ar fáil, inacmhainneacht ábhar malartach agus an t-aistriú atá ag tarlú faoi láthair go líontaí atá saor ó mhearcair i roinnt mhaith Ballstát, is iomchuí toirmeasc a chur ar úsáid malgaim fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar an bpobal trí chéile, agus an fhéidearthacht go n-úsáidfí malgam fiaclóireachta le haghaidh othair a bhfuil riachtanais shonracha leighis acu á coinneáil ar bun. Tá dul chun cinn déanta cheana i roinnt mhaith Ballstát maidir leis an aistriú go roghanna malartacha atá saor ó mhearcair le haghaidh líontaí fiaclóireachta, agus béim á leagan, ar an gcaoi sin, ar indéantacht an toirmisc sin agus an gá a bhaineann leis mar bhealach costéifeachtach truailliú breise mearcair a chosc. Chun malgam fiaclóireachta, atá toirmiscthe ar mhargadh an Aontais, a chosc óna bheith monaraithe lena onnmhairiú ón Aontas, is gá monarú agus onnmhairiú malgaim fiaclóireachta a thoirmeasc. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2017/852 a leasú dá réir.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Is foinse shuntasach scaoiltí mearcair san atmaisféar iad créamatóiriamaí agus fiú le deireadh a chur de réir a chéile le malgam fiaclóireachta, leanfaidh créamatóiriamaí de bheith ag cur le truailliú mearcair aeir, uisce agus ithreach. Is gá faisnéis a bhailiú maidir le bearta arna gcur chun feidhme sna Ballstáit, agus treoirlínte le haghaidh créamatóiriamaí a fhorbairt, chun cosc iomchuí ar thruailliú a bhaint amach agus an tionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a mhaolú.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 b (nua)
(4b)   Chun teorainn a chur leis an tionchar socheacnamaíoch atá ag aistriú go líontaí atá saor ó mhearcair ar chostais cúram fiacla d’othair agus d’fhiaclóirí, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar aisíocaíocht iomchuí maidir le roghanna malartacha atá saor ó mhearcair. Ba cheart oiliúint ghairmiúil d’fhiaclóirí a bheith ag gabháil le deireadh a chur de réir a chéile le malgam fiaclóireachta, i gcás inarb iomchuí, chun oiriúnú do theicnící nua.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)   Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44 cuirtear toirmeasc ar threalamh leictreach agus leictreonach áirithe ina bhfuil mearcair a chur ar mhargadh an Aontais agus a allmhairiú isteach san Aontas. Liostaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i measc nithe eile, lampaí áirithe ar cuireadh mearcair leo atá díolmhaithe ón toirmeasc sin go dtí na dátaí a shonraítear inti. Chuaigh an díolúine sin in éag cheana féin an 13 Aibreán 2016 i gcás lampaí halafosfáite neamhlíneacha, agus rachaidh in éag an 24 Feabhra 2023 nó an 24 Feabhra 2027 i gcás dlúthshoilse fluaraiseacha, lampaí fluaraiseacha líneacha agus gal-lampaí sóidiam ardbhrú áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta, agus i gcás lampaí fluaraiseacha fosfair trí bhanda neamhlíneacha. Ina theannta sin, liostaítear lampaí fluaraiseacha líneacha áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta lena dtoirmeasc amach anseo i gCinneadh MC-4/3 arna ghlacadh ag an gceathrú cruinniú, a reáchtáladh an 23 nó 25 Márta 2022, de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair45. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/549 ón gCoimisiún46. Ós rud é nach gcumhdaítear cuid de na lampaí sin faoi láthair le Cuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, ba cheart iad áireamh inti, ar mhaithe le comhleanúnachas, chun a monarú agus a n-onnmhairiú a thoirmeasc ó na dátaí i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Threoir 2011/65/AE agus na dátaí is uaillmhianaí a áirítear i gCinneadh MC-4/3.
(5)   Le hAirteagal 4(1) de Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle44 cuirtear toirmeasc ar threalamh leictreach agus leictreonach áirithe ina bhfuil mearcair a chur ar mhargadh an Aontais agus a allmhairiú isteach san Aontas. Liostaítear le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i measc nithe eile, lampaí áirithe ar cuireadh mearcair leo atá díolmhaithe ón toirmeasc sin go dtí na dátaí a shonraítear inti. Chuaigh an díolúine sin in éag cheana féin an 13 Aibreán 2016 i gcás lampaí halafosfáite neamhlíneacha, an 24 Feabhra 2023 i gcás dlúthlampaí fluaraiseacha áirithe agus an 24 Lúnasa 2023 i gcás lampaí fluaraiseacha líneacha chun críoch soilsithe ghinearálta. Maidir le lampaí fluaraiseacha fosfair neamhlíneacha, rachaidh an díolúine in éag an 24 Feabhra 2025. Chuaigh an díolúine i gcás formhór na ngal-lampaí sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta a bhfuil dathinnéacs feabhsaithe leo in éag an 24 Feabhra 2023, ach do na lampaí a bhí fágtha chomh maith leis na gal-lampaí sóidiam ardbhrú chun críoch soilsithe ghinearálta, rachaidh an díolúine in éag an 24 Feabhra 2025. Ina theannta sin, liostaítear lampaí fluaraiseacha líneacha áirithe chun críoch soilsithe ghinearálta lena dtoirmeasc amach anseo i gCinneadh MC-4/3 arna ghlacadh ag an gceathrú cruinniú, a reáchtáladh an 23 nó 25 Márta 2022, de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair45. Thacaigh an tAontas leis an gCinneadh sin trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/549 ón gCoimisiún46. Ós rud é gurb iomchuí toirmeasc a chur ar onnmhairiú na lampaí ar cuireadh mearcair leo atá fágtha ón Aontas a luaithe agus is féidir agus nach gcumhdaítear cuid de na lampaí sin faoi láthair le Cuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/852, ba cheart iad a áireamh inti, ar mhaithe le comhleanúnachas, chun a monarú agus a n-onnmhairiú a thoirmeasc ó na dátaí arna sonrú in Iarscríbhinn III de Threoir 2011/65/AE agus na dátaí is uaillmhianaí a áirítear i gCinneadh MC-4/3. Ina theannta sin, is féidir comhthairbhí móra a bhaint amach trí dheireadh a chur de réir a chéile le honnmhairiú lampaí ar cuireadh mearcair leo a luaithe agus is féidir, ós rud é go bhfuil ábhair mhalartacha atá saor ó mhearcair níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus go gcuirfí cosc dá bhrí sin ar scaoileadh tonaí d’astaíochtaí CO2.
__________________
__________________
44 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 174, 1.7.2011).
44 Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 174, 1.7.2011).
45 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78).
45 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78).
46 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata
46 Cinneadh (AE) 2022/549 ón gComhairle an 17 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an dara cuid den cheathrú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair a mhéid a bhaineann le Cinneadh a ghlacadh chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú (IO L 107, 6.4.2022, lch. 78).
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)  I bhfianaise na n-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann le mearcair agus comhdhúile mearcair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, ba cheart nochtadh agus astaíochtaí a íoslaghdú tuilleadh a mhéid is féidir. Léirítear i dtuarascálacha le déanaí go bhfuil cuideachtaí Eorpacha ag monarú agus ag onnmhairiú comhdhúile mearcair a úsáidtear le haghaidh úsáidí neamhcheadaithe, go háirithe i gcosmaidí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú Choinbhinsiún Minamata, go háirithe maidir le mearcair agus comhdhúile mearcair a úsáid i gcosmaidí agus maidir le monarú, allmhairiú agus onnmhairiú mearcair agus comhdhúl mearcair le haghaidh úsáidí neamhcheadaithe. Ba cheart don Choimisiún measúnú breise a dhéanamh ar na húsáidí mearcair atá fágtha, mar shampla i bpóiriméadracht, i dtithe solais agus i vacsaíní, chomh maith leis an ngá atá le liosta na bhfoinsí móra dramhaíola a leasú, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó bearta a mholadh chun deireadh a chur de réir a chéile leis na húsáidí sin agus monarú, allmhairiú agus onnmhairiú a rialáil chun na gcríoch sin.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
(5b)   I bhfianaise easpa na gcóras bailithe cuí le haghaidh táirgí ar cuireadh mearcair leo i ndramhaíl neamhleictreonach agus leictreonach, leanann astaíochtaí tánaisteacha mearcair ó líonadh talún agus ó loisceoirí dramhaíola de bheith ann, rud a léiríonn gur gá na táirgí sin a bhailiú ar leithligh agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 10 – mír 2a
2a.   Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní úsáidfear malgam fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhuine ar bith den phobal, ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair.;
2a.   Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní úsáidfear malgam fiaclóireachta le haghaidh cóireáil fiaclóireachta ar dhuine ar bith den phobal, ach amháin i gcás ina measfaidh an cleachtóir fiaclóireachta go bhfuil géarghá leis bunaithe ar riachtanais shonracha leighis an othair a bhfuil údar cuí leo.;
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 11 – mír 1 a (nua)
(1a)   In Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘Measfar gur dramhaíl iad táirgí ar cuireadh mearcair leo atá fós i gcúrsaíocht agus nach féidir a úsáid a thuilleadh agus baileofar iad ar leithligh agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.’
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 b (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 18 – mír 3 a (nua)
(1b)  In Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘3a. Faoin 30 Meitheamh 2024, agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le bearta atá beartaithe agus curtha chun feidhme chun astaíochtaí agus scaoiltí mearcair ó chréamatóiriamaí a laghdú.
Cuirfidh an Coimisiún na sonraí maidir le bearta arna dtuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ar fáil go poiblí.’
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 c (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 19 – mír 1 a (nua)
(1c)  In Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘1a. Faoin 31 Nollaig 2025, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hastaíochtaí agus scaoiltí mearcair ó chréamatóiriamaí a laghdú ar bhonn an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 18(3a) agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé treoirlínte a dhréachtú maidir leis na teicneolaíochtaí laghdaithe chun astaíochtaí agus scaoiltí mearcair ó chréamatóiriamaí a rialú agus a laghdú, agus na treoirlínte atá ann cheana á gcur san áireamh.’
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 d (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 19 – mír 2 a (nua)
(1d)  In Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘2a. Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a indéanta atá sé na díolúintí maidir le húsáid an mhalgaim fiaclóireachta, dá dtagraítear in Airteagal 10, a tharraingt siar faoi 2030. Tabharfar breac-chuntas sa tuarascáil sin freisin ar an tionchar ar shláinte na n-othar i gcoitinne agus na n-othar atá ag brath ar líontaí malgaim.
Molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta i dteannta lena thuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo a leanas:
(a)  cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le mearcair i gcosmaidí faoi 2025 ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún agus monarú, allmhairiú agus onnmhairiú comhdhúl mearcair le haghaidh cleachtais neamhdhleathacha laistigh den Aontas agus ar fud an domhain a rialú agus a dhíothú;
(b)  an gá atá le deireadh a chur de réir a chéile leis na húsáidí mearcair atá fágtha, amhail i dtithe solais agus i bpóiriméadracht;
(c)  a riachtanaí atá sé cur leis an liosta d’fhoinsí dramhaíola mearcair dá dtagraítear in Airteagal 11.
I dteannta lena thuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta, amhail athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus srianta ar onnmhairí clóiríd asainíd mhearcarach (HgNH2Cl).
__________________________________
1a Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60).’
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 e (nua)
Rialachán (AE) 2017/852
Airteagal 19 – mír 3
(1e)  In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
3.   Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach i dteannta lena thuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.
3.   Tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach i dteannta lena thuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal sin.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2017/852
Iarscríbhinn II – cuid A - iontráil 4a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

‘4a. Lampaí fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (a).

31.12.2027

Leasú

‘4a. Lampaí fosfair trí bhanda chun críoch soilsithe ghinearálta nach n-áirítear in iontráil 4, pointe (a).

31.12.2025

Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2017/852
Iarscríbhinn II – cuid A - iontráil 4c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

4c.  Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha

31.12.2027

Leasú

4c.  Lampaí fosfair trí bhanda neamhlíneacha.

31.12.2025

Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2017/852
Iarscríbhinn II – cuid A – iontráil 5a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

5a.  Lampaí (gaile) mearcair sóidiam ardbhrú (HPSanna) chun críoch soilsithe ghinearálta.

31.12.2025

Leasú

5a.  Lampaí (gaile) mearcair sóidiam ardbhrú (HPSanna) chun críoch soilsithe ghinearálta le:

(a)  P ≤ 105 W is mó ná 16 mg Hg;

(b)  105 W < P ≤ 155 W is mó ná 20 mg Hg;

(c)  P > 155 W is mó ná 25 mg Hg;

31.12.2025

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0002/2024).

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais