Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/2084(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0429/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0429/2023

Díospóireachtaí :

PV 16/01/2024 - 16
CRE 16/01/2024 - 16

Vótaí :

PV 17/01/2024 - 8.9
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0023

Téacsanna atá glactha
PDF 162kWORD 55k
Dé Céadaoin, 17 Eanáir 2024 - Strasbourg
Cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha maidir le parlaimintí náisiúnta
P9_TA(2024)0023A9-0429/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha maidir le parlaimintí náisiúnta (2023/2084(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 5 maidir le tabhairt inniúlachtaí agus coimhdeacht, Airteagal 10(1) maidir leis an daonlathas ionadaíoch, Airteagal 10(2) maidir le hionadaíocht shaoránaigh AE, Airteagal 10(3) maidir le ceart shaoránaigh AE a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais, Airteagal 10(4) maidir le ról na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, Airteagal 11 maidir leis an daonlathas rannpháirteach, Airteagal 12 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta, Airteagal 48(3) maidir leis an ngnáthnós imeachta athbhreithnithe agus Airteagal 48(7) (clásal passerelle) de,

–  ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach(1) atá i gceangal le Conradh Amstardam agus le Prótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm(2) atá i gceangal le Conradh Liospóin,

–  ag féachaint do Riail 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus d’Airteagail 41 agus 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do rúin uaithi an 7 Bealtaine 2009 maidir le forbairt an chaidrimh idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta faoi Chonradh Liospóin(3), an 16 Aibreán 2014 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta(4) agus an 19 Aibreán 2018 maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha a bhaineann le parlaimintí náisiúnta(5),

–  ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (COM(2021)0734),

–  ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus maidir leis an gcaidreamh le parlaimintí náisiúnta do 2018 an 11 Iúil 2019 (COM(2019)0333), do 2019 an 30 Meitheamh 2020 (COM(2020)0272), do 2020 an 23 Iúil 2021 (COM(2021)0417) agus do 2021 an 1 Lúnasa 2022 (COM(2022)0366),

–  ag féachaint do thuarascálacha bliantúla Stiúrthóireacht Pharlaimint na hEorpa um an gCaidreamh le Parlaimintí Náisiúnta, go háirithe tuarascáil 2022 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus parlaimintí náisiúnta AE,

–  ag féachaint do rúin uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí AE, 2017, 2018 agus 2019(6) agus an 19 Bealtaine 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le hoiriúnacht rialála agus coimhdeacht agus comhréireacht an Aontais Eorpaigh – tuarascáil maidir le Reachtóireacht Níos Fearr do na blianta 2017, 2018 agus 2019(8),

–  ag féachaint don tuarascáil ón Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus ‘Níos Lú a Dhéanamh ar Bhealach Níos Éifeachtúla’ an 10 Iúil 2018 dar teideal ‘Coimhdeacht ghníomhach — bealach oibre nua’(9),

–  ag féachaint do rúin uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir le seasamh Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa(10) agus an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh go mbeadh Coinbhinsiún ann chun na Conarthaí a athbhreithniú(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2023 maidir le tograí ó Pharlaimint na hEorpa go ndéanfaí leasuithe ar na Conarthaí(13),

–  ag féachaint d’Airteagal 13 den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG), lena gcumhdaítear eagrú comhdhálacha idirpharlaiminteacha chun críocha beartais bhuiséadacha agus saincheisteanna eile a chumhdaítear leis an gConradh a phlé,

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Márta 2023 maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch, 2023(14),

–  ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta tar éis Chomhdháil Spéicéirí Pharlaimintí an Aontais Eorpaigh a tionóladh i bPrág an 24 agus an 25 Aibreán 2023(15),

–  ag féachaint do na conclúidí ó Chruinniú Iomlánach Chomhdháil LXIX na gCoistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais (COSAC) a tionóladh i Stócólm an 14-16 Bealtaine 2023(16),

–  ag féachaint don Dearbhú ó Léon maidir leis an bparlaiminteachas a glacadh ag an gComhdháil chun Lá Idirnáisiúnta na Parlaiminte a chomóradh: Neartú na bParlaimintí chun an Daonlathas a Fheabhsú, a tionóladh i Léon an 30 Meitheamh agus an 1 Iúil 2023(17),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, chomh maith le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0429/2023),

A.  de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach na bparlaimintí náisiúnta i ngnóthaí Eorpacha agus grinnscrúdú feabhsaithe ag parlaimintí náisiúnta ar rialtais náisiúnta ríthábhachtach chun cuntasacht dhaonlathach agus dlisteanacht chóras institiúideach AE a áirithiú;

B.  de bhrí go ‘rannchuidíonn na parlaimintí náisiúnta go gníomhach le dea-fheidhmiú an Aontais’ (Airteagal 12 CAE) agus, in éineacht le Parlaimint na hEorpa, go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le dlisteanacht dhaonlathach thionscadal AE a neartú, maidir le muinín na saoránach a chothú agus maidir le rannchuidiú le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht an tionscadail Eorpaigh;

C.  de bhrí nach eol, den chuid is mó, do chinnteoirí ná don phobal i gcoitinne na huirlisí reatha i gcomhair rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta i ngnóthaí Eorpacha; de bhrí gur gá feasacht a mhúscailt maidir leis na huirlisí sin;

D.  de bhrí gurb é cuntasacht agus grinnscrúdú parlaiminteach na rialtas náisiúnta faoi chuimsiú gnóthaí Eorpacha, atá ag brath ar chleachtais náisiúnta aonair, an bhunchloch do ról na bparlaimintí náisiúnta i gcreat reatha an Chonartha Eorpaigh;

E.  de bhrí gur féidir an chuntasacht agus an grinnscrúdú sin a éascú trí thrédhearcacht mhéadaithe sa Chomhairle, go háirithe maidir le taifead vótála agus seasaimh na mBallstát; de bhrí gur cheart do na parlaimintí náisiúnta agus do Pharlaimint na hEorpa cur leis an mbrú ar an gComhairle gníomhú ar bhealach níos trédhearcaí agus a bheith níos cuntasaí le linn an phróisis reachtaigh; de bhrí, thairis sin, go gcuireann rochtain ar dhoiciméid institiúidí eile AE ar chumas na bparlaimintí náisiúnta an grinnscrúdú a fheidhmiú i gceart;

F.  de bhrí go bhféadfadh easpa trédhearcachta i bpróisis reachtacha agus chinnteoireachta AE an bonn a bhaint de shainchumais na bparlaimintí náisiúnta faoi na Conarthaí agus faoi na Prótacail ábhartha agus, go háirithe, dá ról maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar a rialtais náisiúnta ina ról ionadaíochta sa Chomhairle;

G.  de bhrí go mbíonn de thoradh ar an iolrachas parlaiminteach go gcuirtear leis an díospóireacht ar an leibhéal Eorpach agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé an-tairbheach don Aontas agus d’ionadaíocht na mionlach parlaiminteach i ngnóthaí Eorpacha agus go gcabhraíonn sé le frithchothromú a dhéanamh ar na tromlaigh i ngach parlaimint agus iad á n-urramú go hiomlán agus i gcomhréir lena gcionmhaireachtaí; de bhrí gur cheart tuairimí agus ionadaíocht na mionlach parlaiminteach náisiúnta a chur san áireamh ar leibhéal AE agus go bhféadfaidís a bheith úsáideach, inter alia, i bpróiseas a bheidh ann amach anseo chun athbhreithniú a dhéanamh ar Chonarthaí AE, agus inniúlachtaí na bparlaimintí náisiúnta maidir lena n-ionadaíocht á n-urramú ag an am céanna;

H.  de bhrí go n-aithnítear le Prótacal Uimh. 2 (Airteagal 6) go bhféadfaidh na parlaimintí náisiúnta dul i gcomhairle le parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu, ach go bhfuil ról na bparlaimintí réigiúnacha ag brath, den chuid is mó, ar na socruithe náisiúnta agus gur minic nach mbíonn níos mó ná ról comhairleach ag parlaimintí réigiúnacha; de bhrí gur cheart don Choimisiún, don Chomhairle, do na Ballstáit agus dá bparlaimintí náisiúnta ról na bparlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a chur san áireamh agus rannpháirtíocht na bparlaimintí sin a chur chun cinn, go háirithe nuair a d’fhéadfadh sé go bhfuil difear á dhéanamh d’inniúlachtaí eisiacha réigiúnacha;

I.  de bhrí go bhfuil sainordú toghchánach réigiúnach ag a lán de chomhaltaí Choiste na Réigiún; de bhrí go bhféadfaí díospóireacht a reáchtáil maidir le ról Choiste na Réigiún ó thaobh parlaimintí réigiúnacha a thabhairt níos gaire don phróiseas foriomlán lánpháirtíochta agus ó thaobh daonlathas na hEorpa a neartú;

J.  de bhrí gur tugadh aghaidh ar na parlaimintí náisiúnta agus ar a ról laistigh de chreat institiúideach AE le roinnt tograí atá sa tuarascáil maidir le forthoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (CoFoE); de bhrí gur léiríodh le taithí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an chomhghuaillíocht thairbheach atá ann idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa;

K.  de bhrí go bhfuil ról ag na parlaimintí náisiúnta in aon athbhreithniú ar na Conarthaí Eorpacha, go háirithe maidir leis an sprioc gné pharlaiminteach agus saol daonlathach AE a neartú; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa i rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 go mbeadh Coinbhinsiún ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí;

L.  de bhrí go bhféadfaí réimse poiblí Eorpach a chothú le sraith fóram ar an gclár oibre Eorpach agus go bhféadfaí na fóraim sin a fhormhuiniú trí ‘Seachtain Eorpach’ chomhchoiteann, ina ndéanfadh comhaltaí de sheomraí parlaiminteacha náisiúnta agus réigiúnacha gnóthaí Eorpacha a phlé ag an am céanna le Coimisinéirí, le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le hairí ó Uachtaránacht na Comhairle; de bhrí go mbeadh de thoradh freisin ar fheasacht mhéadaithe i measc na saoránach agus ar rannpháirtíocht agus idirphlé méadaithe leis na saoránaigh go dtiocfadh forbairt ar fhíor-réimse poiblí Eorpach;

M.  de bhrí gur cheart rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta i ngnóthaí AE a neartú freisin de réir cur chuige téamach, coiste-bhunaithe nó ad hoc; de bhrí gur cheart formáid na gCruinnithe Coiste Idirpharlaiminteacha (ICM) a mhionchoigeartú tuilleadh;

N.  de bhrí go léiríonn parlaimintí náisiúnta gur spéis leo a bheith rannpháirteach níos dlúithe maidir le substaint bheartais agus reachtaíocht AE seachas faoi chuimsiú an chórais réamhrabhaidh (EWS), a bhaineann go heisiach le coimhdeacht;

O.  de bhrí go bhfuil cur chun feidhme cheart na bparlaimintí náisiúnta grinnscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta, ar bhonn EWS, tar éis rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta i bpróiseas cinnteoireachta AE a neartú;

P.  de bhrí go mbíonn de thoradh ar na tuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh ag na parlaimintí náisiúnta go neartaítear an próiseas reachtach Eorpach toisc go ndéantar measúnú ar chomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta; de bhrí gur léiríodh nach leor an tréimhse ocht seachtaine a leagtar síos in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 chun faireachán tráthúil a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta agus gur cheart síneadh a chur léi faoi chuimsiú an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfar ar na Conarthaí;

Q.  de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag páirtithe polaitiúla Eorpacha maidir leis an mbearna idir AE agus na parlaimintí náisiúnta a dhúnadh; de bhrí go bhfuil de thoradh ar bhacainní rialála nach bhfuil rannpháirtíocht níos fónta ann idir na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na páirtithe náisiúnta; de bhrí gur féidir breithniú a dhéanamh ar uirlisí nuálacha agus níos láidre comhair idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear idirphlé níos déine i measc teaghlaigh pholaitiúla agus grúpaí polaitiúla;

R.  de bhrí gur moladh i dtuarascáil cur chun feidhme 2018 go dtabharfaí an deis do pharlaimintí náisiúnta tograí cuiditheacha a thíolacadh lena mbreithniú ag an gCoimisiún agus aird chuí á tabhairt ar cheart tionscnaimh an Choimisiúin;

S.  de bhrí gur mhol CoFoE go dtabharfaí an deis do pharlaimintí náisiúnta agus do pharlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu ‘tionscnamh reachtach a mholadh ar an leibhéal Eorpach’, ionstraim lena dtabharfaí an deis dóibh tograí cuiditheacha a mholadh le haghaidh bhreithniú an Choimisiúin agus aird chuí á tabhairt ar cheart tionscnaimh an Choimisiúin, tar éis tacaíocht na Parlaiminte a fháil ar dtús; de bhrí gur leagadh béim roinnt uaireanta le linn an reachtais reatha ar an sprioc atá ann ceart iomlán tionscnaimh a bhaint amach do Pharlaimint na hEorpa;

T.  de bhrí gur iarr an Pharlaimint i rún uaithi an 9 Meitheamh 2022 go mbunófaí ceart díreach ginearálta maidir le tionscnamh reachtach do Pharlaimint na hEorpa; de bhrí, tar éis an ceart sin a dheonú, gur cheart nósanna imeachta ‘cárta glas’ a dhíriú ar Pharlaimint na hEorpa;

U.  de bhrí nach féidir a mheas gur uirlis oiriúnach agus chuiditheach é cur chun feidhme nós imeachta ‘cárta dearg’ i ndáil leis an sprioc atá ann rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta sa phróiseas lánpháirtíochta Eorpach a mhéadú;

V.  de bhrí gur cheart IPEX, ardán le haghaidh malartú leanúnach faisnéise idir na parlaimintí náisiúnta féin agus idir na parlaimintí náisiúnta agus na hinstitiúidí Eorpacha, a fhorbairt tuilleadh i gcomhréir lena straitéis dhigiteach; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach tacaíochta ag Parlaimint na hEorpa sa mhéid sin;

W.  de bhrí go bhfuil inniúlachtaí ábhartha ag parlaimintí náisiúnta i réimsí na saoirse, na slándála agus an cheartais de bhun Airteagail 70, 85 agus 88 CFAE agus gur cheart, dá bhrí sin, ról tábhachtach a bheith acu amach anseo maidir le beartas slándála agus cosanta an Aontais, trí obair leantach a dhéanamh freisin ar an gComhdháil Idirpharlaiminteach (IPC) maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBES/CBSC) mar a bunaíodh le hAirteagal 10 de Phrótacal Uimh. 1;

Grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht rialtasach i ngnóthaí Eorpacha

1.  á mheas go bhfuil cur chun feidhme chearta agus oibleagáidí na bparlaimintí náisiúnta a eascraíonn as Conradh Liospóin tar éis feabhas a chur ar a ról laistigh den chreat bunreachtúil Eorpach, agus dá chionn sin go bhfuil foráil á déanamh le haghaidh tuilleadh iolrachais, dlisteanacht dhaonlathach agus feidhmiú níos fearr an Aontais;

2.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb í cuntasacht na rialtas náisiúnta do pharlaimintí náisiúnta mar a aithnítear in Airteagal 10(2) CAE bunchloch ról na seomraí parlaiminte náisiúnta in AE; á mheas gur comhpháirtithe iad na parlaimintí náisiúnta i dtaca le cothromaíocht institiúideach AE a choimeád; ag moladh do na parlaimintí náisiúnta a bhfeidhmeanna Eorpacha a fheidhmiú go hiomlán chun tionchar díreach a imirt ar ábhar na mbeartas Eorpach agus chun grinnscrúdú a dhéanamh air, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar a rialtais náisiúnta ag gníomhú dóibh mar chomhaltaí den Chomhairle Eorpach; á iarraidh ar chomhaltaí na bparlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha coinsias Eorpach a chothú ina gcinnteoireacht agus aitheantas a thabhairt do thionchar díreach bheartais AE ar a dtoghthóirí; ag moladh an dea-eispéiris a fuarthas i dtaobh an chomhair idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa agus á mheas go bhféadfadh parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa a bheith ina gcomhghuaillithe nádúrtha chun gné pharlaiminteach níos láidre de AE a mhúnlú;

3.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndeonófar go leor ama do pharlaimintí náisiúnta, an acmhainneacht, na hacmhainní agus an rochtain is gá ar fhaisnéis chun a ról bunreachtúil a chomhlíonadh maidir le grinnscrúdú a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, gníomhaíocht na rialtas náisiúnta a dhlisteanú nuair a ghníomhaíonn na rialtais sin ar an leibhéal Eorpach; á mheabhrú a thábhachtaí atá rochtain ar fhaisnéis agus á aithint nach mór don Chomhairle na coimircí slándála doiciméad is gá a ghlacadh agus a áirithiú mar aon leis sin go mbeidh parlaimintí náisiúnta in ann grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh ar a rialtais faoi seach, i measc nithe eile trí rochtain ar bhunachar sonraí reachtach na Comhairle, agus, mar aon leis sin, an rúndacht á hurramú go hiomlán;

4.  á mheas gur réamhchoinníoll í trédhearcacht mhodhanna oibre agus phróisis chinnteoireachta institiúidí AE chun cur ar chumas na bparlaimintí náisiúnta a ról institiúideach a eascraíonn as na Conarthaí a chomhlíonadh go héifeachtach; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí taifid vótála agus seasaimh na mBallstát sa Chomhairle a phoibliú; á iarraidh, thairis sin, ar na parlaimintí náisiúnta leas iomlán a bhaint as a n-inniúlachtaí faoi seach, inter alia trína n-eagrúchán inmheánach, a dtráthchláir agus a rialacha nós imeachta a oiriúnú chun go mbeidh ar a gcumas déanamh amhlaidh; ag gealladh agus ag spreagadh na bparlaimintí náisiúnta chun uirlisí comhair níos nuálaí agus níos láidre a thabhairt isteach ar an leibhéal polaitiúil agus riaracháin, lena n-áirítear foirmeacha níos déine malartúcháin agus idirphlé le teaghlaigh agus grúpaí polaitiúla Eorpacha;

5.  ag moladh idirphlé polaitiúil neartaithe idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na parlaimintí náisiúnta agus á mheabhrú nach mór cinntí a dhéanamh i gcomhréir le hinniúlachtaí bunreachtúla, Conarthaí AE agus acquis AE agus an dealú soiléir idir inniúlachtaí cinnteoireachta na gcomhlachtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha faoi seach á chur san áireamh;

6.  á chur in iúl go bhféadfadh ailíniú an tSeimeastair Eorpaigh le cláir oibre na bparlaimintí náisiúnta rannchuidiú tuilleadh le comhordú na mbeartas eacnamaíoch, agus á chur i bhfios go láidir nár cheart don ailíniú sin neamhaird a dhéanamh ar chumhachtaí an fhéinrialachais ná ar rialacha sonracha nós imeachta gach seomra parlaiminte;

7.  á iarraidh go mbeadh ról níos láidre ag na parlaimintí naisiúnta i gcur chun feidhme tréimhse náisiúnta le haghaidh idirphlé ar an mbeartas buiséadach agus eacnamaíoch, a mbeadh parlaimintí náisiúnta in ann, lena linn, comhar agus plé a dhéanamh ar an Seimeastar Eorpach agus rannchuidiú leis trí shainordú a thabhairt dá rialtais ina gcaidreamh leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle;

Réimse poiblí Eorpach a fhorbairt

8.  á chur i bhfáth a ábhartha atá prionsabal na hionadaíochta cionmhaire do chomhaltaí ó pháirtithe polaitiúla éagsúla i ndáil leis sin; ag moladh, dá bhrí sin, gur cheart do thoscaireachtaí parlaiminteacha náisiúnta atá ag gníomhú os comhair na n-institiúidí Eorpacha an éagsúlacht pholaitiúil a léiriú;

9.  ag tabhairt dá haire go bhféadfaí toil cheangailteach na dtromlach parlaiminteach a chur in iúl sna tuairimí arna n-eisiúint ag na parlaimintí náisiúnta, laistigh nó lasmuigh de chreat EWS; ag tacú, áfach, leis an smaoineamh go dtabharfaí an deis do mhionlaigh pholaitiúla sna parlaimintí náisiúnta tuairimí easaontacha a chur in iúl, a d’fhéadfaí a ionchorprú ansin sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na tuairimí sin;

10.  á chreidiúint gur féidir an idirghníomhaíocht leis na parlaimintí náisiúnta a neartú go hindíreach trí pháirtithe polaitiúla Eorpacha a chumhachtú; ag athdhearbhú a hiarrata seanbhunaithe go gcuirfí ar chumas na bpáirtithe sin páirt ghníomhach a ghlacadh i réimsí polaitiúla na mBallstát agus tacú lena mballpháirtithe nuair a bhíonn saincheisteanna de chuid AE i dtreis; á iarraidh go ndéanfar Rialachán athmhúnlaithe (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha(18) a thabhairt chun críche go pras chun go mbeidh ar chumas na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha tacú lena mballpháirtithe agus iad ag feachtasaíocht i gcomhair na dtoghchán Eorpach agus i gcomhair reifrinn maidir le hábhair de chuid AE;

11.  á chreidiúint go mbeadh de thoradh ar bhunú Seachtaine Eorpaí bliantúla go mbeadh Feisirí Pharlaimint na hEorpa, Coimisinéirí agus airí uachtaránachtaí suite na Comhairle in ann seasamh os comhair na bparlaimintí náisiúnta uile agus, i gcás inarb iomchuí, os comhair na bparlaimintí réigiúnacha uile chun an clár oibre Eorpach a phlé agus a mhíniú in éineacht le parlaiminteoirí náisiúnta agus réigiúnacha; á mholadh go gcuirfí tús le plé maidir le dearbhú polaitiúil comhchoiteann nó creat-chomhaontú polaitiúil a tharraingt suas idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa maidir le heagrú na Seachtaine Eorpaí atá beartaithe chun creat comhair níos comhleanúnaí a chur ar fáil ar an leibhéal polaitiúil, institiúideach agus riaracháin; á mheas gur cheart don tSeachtain Eorpach atá beartaithe ceachtanna a fhoghlaim ó fhóraim reatha agus ó fhóraim roimhe seo, amhail an tseachtain pharlaiminteach a thionóil Comhdháil an tSeimeastair Eorpaigh agus an Chomhdháil Idirpharlaiminteach maidir le Cobhsaíocht, Comhordú Eacnamaíoch agus Rialachas san Aontas Eorpach, mar aon le CoFoE; á chreidiúint, thairis sin, go bhféadfadh cruinnithe de chuid na dteaghlach polaitiúil agus cácais idir grúpaí polaitiúla náisiúnta agus Eorpacha agus laistigh de na grúpaí sin faoi chuimsiú chomhar idirpharlaiminteach AE breisluach a chur ar fáil i bhfoirm fíordhíospóireacht pholaitiúil Eorpach;

12.  á mheas gur uirlis bhunriachtanach é rannpháirtíocht níos láidre na bparlaimintí náisiúnta ó thíortha is iarrthóirí chun go n-éireoidh le straitéis AE um méadú; á mholadh go mbeadh ionadaithe ó pharlaimintí náisiúnta ó thíortha is iarrthóirí rannpháirteach sa tSeachtain Eorpach atá beartaithe;

Tacú le hathchóiriú an Chórais Réamhrabhaidh

13.  á chur i bhfios go láidir gurb é an saincheart is suntasaí do pharlaimintí náisiúnta a tháinig chun cinn mar thoradh ar Chonradh Liospóin ná a gcumas grinnscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabal na coimhdeachta sna luathchéimeanna de nósanna imeachta reachtacha AE;

14.  á thabhairt dá haire nár úsáideadh nósanna imeachta amhail na cártaí ‘buí’ nó ‘oráiste’ go forleathan; ag moladh go dtiocfadh institiúidí uile AE agus na Ballstáit ar chomhthuiscint ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a bhí ag gabháil le Conradh Amstardam ar dtús, ar chásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa agus ar chleachtas an Choimisiúin féin; á mheas gur cheart go n-áireofaí i bhforbairt na comhthuisceana sin gach gné den choimhdeacht agus go bhféadfaí í a chothú trí uirlisí nua comhair;

15.  ag aithint na hiarrata ó pharlaimintí náisiúnta síneadh a chur leis an tréimhse ocht seachtaine ar féidir leo tuairimí réasúnaithe a eisiúint lena linn faoi Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 1; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach bhforáiltear le creat reatha an Chonartha don síneadh sin; ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Coimisiún, mar bheart maolaithe, ó 2019 i leith, ar shéasúr na Nollag ag deireadh na bliana a chur as an áireamh agus é ag socrú na tréimhse ocht seachtaine do pharlaimintí náisiúnta chun tuairimí réasúnaithe a sheoladh; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart tabhairt isteach tréimhse dhá sheachtain déag a bhreithniú faoi chuimsiú an chéad athbhreithnithe eile ar na Conarthaí;

16.  á iarraidh ar na parlaimintí náisiúnta na tuairimí réasúnaithe ó pharlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a áireamh ina dtuairimí réasúnaithe críochnaitheacha a chuirtear chuig Uachtarán na Parlaiminte, chuig Uachtarán na Comhairle agus chuig Uachtarán an Choimisiúin nuair a dhéantar difear d’inniúlachtaí eisiacha réigiúnacha;

17.  á mholadh go mbunófaí córas, ar a dtugtar nós imeachta ‘cárta glas’ uaireanta, inar féidir le haon trian ar a laghad de na parlaimintí náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar Pharlaimint na hEorpa, a luaithe a dheonófar ceart tionscnaimh díreach ginearálta don Pharlaimint, tograí a thíolacadh a bhfuil sé mar aidhm leo tionchar dearfach a imirt ar an díospóireacht Eorpach; ag moladh, i ndáil leis an méid sin, go bhféadfadh an Coimisiún nó Parlaimint na hEorpa leas a bhaint as an rogha na tograí sin a chur san áireamh nó freagairt fhoirmiúil a eisiúint ina sonrófaí na cúiseanna atá acu gan é sin a dhéanamh; á chur i bhfios nach féidir ceart tionscnaimh ná an ceart chun reachtaíocht a tharraingt siar nó a leasú a bheith sa nós imeachta sin toisc go ndéanfaí ‘modh an Aontais’ agus dáileadh na n-inniúlachtaí idir an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach a threascairt leis sin, rud a sháródh na Conarthaí;

An ceart chun faisnéise a chur chun feidhme

18.  á athdhearbhú go dtugtar le hAirteagal 12 CAE agus Prótacal Uimh. 1 an ceart do pharlaimintí náisiúnta faisnéis a fháil go díreach ó na hinstitiúidí Eorpacha; ag moladh go ndéanfaí an ceart chun bheith ar an eolas a leathnú freisin chuig parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu;

19.  ag moladh go n-úsáidfidh na parlaimintí náisiúnta ardán IPEX ar bhealach tráthúil chun a áirithiú go gcuirfear tús luath leis an sásra grinnscrúdaithe náisiúnta; ag moladh IPEX a úsáid mar bhealach chun faisnéis a chomhroinnt go córasach agus chun ábhair imní a bhaineann leis an gcoimhdeacht a chur in iúl go luath; á chur in iúl gur geal léi an leagan nuashonraithe de Threoirlínte IPEX, a formheasadh ag cruinniú na nArdrúnaithe i mí Feabhra 2023, ina léirítear an leagan nua d’ardán IPEX chomh maith leis na deiseanna agus na huirlisí a chuirtear ar fáil leis an leagan nua sin;

Comhar idirinstitiúideach níos fearr a bheartú

20.  ag cur sonrú sa chomhar reatha idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta in COSAC, sa Chomhdháil Idirpharlaiminteach ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus faoi chuimsiú Airteagal 13 TSCG; ag tabhairt dá haire, thairis sin, cineálacha níos déanaí den chomhar idirpharlaiminteach amhail an Grúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach ar Europol agus Cruinniú an Choiste Idirpharlaimintigh maidir le Meastóireacht ar Eurojust; á chur i bhfáth gur cheart an comhar sin a fhorbairt ar bhonn phrionsabail na comhthola, na comhroinnte faisnéise agus an chomhairliúcháin chun go ndéanfaidh na parlaimintí náisiúnta grinnscrúdú ar a rialtais agus a riaracháin faoi seach;

21.  á athdhearbhú go bhféadfaí an creat caidrimh atá ann faoi láthair idir an tAontas agus na parlaimintí náisiúnta a shimpliú agus a chomhchuibhiú chun go mbeadh sé i riocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar an rannpháirtíocht idir an tAontas agus a pharlaimintí náisiúnta ar fud na n-ardán agus na bhfóram atá ann cheana, agus é mar aidhm an caidreamh sin a neartú agus iad a chur in oiriúint do na riachtanais reatha; ag spreagadh na n-institiúidí Eorpacha agus na bparlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu chun rannpháirteachas níos gníomhaí agus idirghníomhaíocht dhíreach a bheith acu idir a chéile, agus ról agus inniúlachtaí na bparlaimintí náisiúnta á n-urramú go hiomlán acu ag an am céanna;

22.  á chur i bhfios go mbeadh neartú an idirphlé pholaitiúil agus theicniúil idir coistí parlaiminteacha, agus idir grúpaí polaitiúla, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon, ina chéim an-táirgiúil i dtreo comhar idirpharlaiminteach iomlán; ag moladh, chun na críche sin, tuilleadh feasachta a mhúscailt ar an leibhéal náisiúnta maidir le huirlisí féideartha comhair; ag moladh, dá bhrí sin, acmhainní breise a leithdháileadh chun an aidhm sin a bhaint amach, inter alia, chun cistiú a dhéanamh ar úsáid físchomhdhálacha, malartuithe foirne nó treoirthionscadal;

23.  ag aithint a ábhartha atá na Cruinnithe Coiste Idirpharlaiminteacha (ICManna) arna mbunú in Airteagail 9 agus 10 de Phrótacal Uimh. 1 agus an rath earnálach a bhaineann le ‘modh coiste’ sa chomhar idirpharlaiminteach; á chreidiúint go bhféadfaí comhar idirinstitiúideach níos fearr a bhaint amach dá dtabharfadh Feisirí Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta breis ábharthachta don ICM agus dá mbeidís ullamh le haghaidh comhar níos dlúithe; á mheas go bhféadfaí na rialacha nós imeachta a athrú chun cineálacha comhair níos láidre idir parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa a rialáil, agus lánurraim á tabhairt dá n-inniúlachtaí institiúideacha agus dá ndáileadh;

24.  á mholadh go mbeadh na parlaimintí náisiúnta rannpháirteach go hiomlán i bhforbairt leanúnach an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta; á chreidiúint gur cheart an rannpháirtíocht sin a chur chun cinn i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Phrótacal Uimh. 1 agus le lánurraim d’fhorálacha na mbunreachtanna náisiúnta maidir le beartais slándála agus chosanta; á iarraidh ar na parlaimintí náisiúnta machnamh níos mionsonraithe a dhéanamh ar thosaíocht a thabhairt don chumas cosanta ar leibhéal AE, lena n-áirítear trí chruinnithe idirpharlaiminteacha comhpháirteacha idir ionadaithe ó na parlaimintí náisiúnta agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, laistigh de chomhthéacs na Comhdhála Idirpharlaimintí ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus ar an gComhbheartas Slándála agus Cosanta agus trí idirphlé polaitiúil;

25.  ag meabhrú a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an idirphlé idir na parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an gceart fiosrúcháin;

o
o   o

26.  á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO C 202, 7.6.2016, lch. 203.
(2) IO C 115, 9.5.2008, lch. 206.
(3) IO C 212 E, 5.8.2010, lch. 94.
(4) IO C 443, 22.12.2017, lch. 40.
(5) IO C 390, 18.11.2019, lch. 121.
(6) IO C 456, 10.11.2021, lch. 56.
(7) IO C 479, 16.12.2022, lch. 18.
(8) IO C 81, 18.2.2022, lch. 74.
(9) Coimhdeacht ghníomhach — bealach oibre nua, tuarascáil ón Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus ‘Níos Lú a Dhéanamh ar Bhealach Níos Éifeachtúla’, an 10 Iúil 2018.
(10) IO C 270, 7.7.2021, lch. 71.
(11) IO C 465, 6.12.2022, lch. 109.
(12) IO C 493, 27.12.2022, lch. 130.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0427.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0078.
(15) https://parleu2022.cz/wp-content/uploads/2023/04/EUSC-Prague-Presidency-Conclusions-final-EN-1.pdf.
(16) https://secure.ipex.eu/IPEXL-WEB/download/file/8a8629a88827df1e018828991e660000/Contribution%20adopted%20by%20the%20LXIX%20COSAC.pdf.
(17) https://www.congreso.es/backoffice_doc/prensa/notas_prensa/99181_1688138271277.pdf.
(18) IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais