Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/2112(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0402/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0402/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 17/01/2024 - 8.16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0030

Téacsanna atá glactha
PDF 152kWORD 52k
Dé Céadaoin, 17 Eanáir 2024 - Strasbourg
Comhfhiosacht stairiúil Eorpach
P9_TA(2024)0030A9-0402/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2024 ar an gcomhfhiosacht stairiúil Eorpach (2023/2112(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Meán Fómhair 2019 ar an tábhacht a bhaineann le cuimhneachán Eorpach do thodhchaí na hEorpa(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2009 ar an gcoinsias Eorpach agus an t-ollsmachtachas(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 8 Márta 2022 maidir le ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 6 Aibreán 2022 maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí oideachais saoránachta(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Nollaig 2022 maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua le haghaidh an Chultúir agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 ar Stráitéis AE maidir le Comhionannas Inscne(8),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘A Union of equality: EU anti-racism action plan 2020-2025’ [Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025] (COM(2020)0565),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2016 dar teideal ‘Supporting the prevention of radicalisation leading to violent extremism’ [Ag tacú le cosc a chur ar an radacú a mbíonn antoisceachas foréigneach mar thoradh air] (COM(2016)0379),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Cultúrtha Eorpach an 19 Nollaig 1954(9),

–  ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Chultúr agus um Oideachas dar teideal ‘Comhfhiosacht Stairiúil Eorpach: Beartais, Dúshláin agus Peirspictíochtaí’(10),

–  ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Chultúr agus um Oideachas dar teideal ‘Féiniúlacht Eorpach’(11),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0402/2023),

A.  de bhrí gur dúshlán í stair chasta na hEorpa a bhfuil síorchoinbhleacht ag baint léi agus a chuirtear ina coinne go minic, ach gur deis í chomh maith maidir le lánpháirtiú Eorpach, agus á aithint go gcothaítear comhthuiscint agus caoinfhulaingt le comhfhiosacht stairiúil fheasach;

B.  de bhrí go bhfuil éagóracha bunaithe ar inscne, creideamh agus eitneacht leabaithe i stair na hEorpa leis na céadta blianta, lena n-áirítear i bhfoirm frithsheimíteachais agus frithghiofógachais, agus iarmhairtí leo ar an Eoraip agus cuid eile den domhan;

C.  de bhrí go gcuidíonn rannpháirtíocht fheasach le stair agus éagóracha stairiúla chun aghaidh a thabhairt ar chinéalacha éagsula éadulaingthe agus éagothromaíochta agus chun sochaithe níos ionchuimsithí a fhorbairt;

D.  de bhrí nár cheart go ndéanfaí an stair a chothromú, a shaobhadh ná a fhalsú chun críoch polaitiúil;

E.  de bhrí gur bagairt mhór iad an tséantacht stairiúil agus cineálacha eile léirmhínithe claonta den stair a mhéadaíonn mímhuinín agus coimhlint idir daoine agus náisiúin agus a bhaineann an bonn ó iarrachtaí ceartas stairiúil agus athmhuintearas a chothú;

F.  de bhrí go bhfuil gá le neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht sa léann stairiúil agus i réimse na polaitíochta araon chun déileáil leis an am atá caite;

G.  de bhrí go gcuimsítear sa chuimhne stairiúil leibhéal sainiúil suibiachtúlachta, ós rud é gur gá go mbeadh baint ag breithiúnais luacha leis an rogha faoi cé na rudaí a gcuimhnítear orthu agus leis an gcaoi a dtuigtear an t-am atá caite;

H.  de bhrí, cé go bhfuil ‘fíricí stairiúla’ ann atá bunaithe ar obair stairiúil ghairmiúil, lena n-áirítear taighde, teagasc agus caomhnú acmhainní agus láithreán stairiúil, nach bhfuil aon 'fhírinne stairiúil' amháin ann atá monailiotach agus doshéanta agus a bheidh ann go deo ar féidir le grúpa nó náisiún ar leith monaplacht a dhéanamh uirthi agus í a ghlacadh chuige féin amháin nó í a úsáid chun a bhréagnú gur ann do dhaoine, náisiúin nó stáit eile;

I.  de bhrí gur gnéithe bunriachtanacha don stair agus don oideachas iad cuir chuige idirdhisciplíneacha agus comhthéacsú, nach mór dóibh a bheith bainteach le hoideachas saoránachta Eorpaí chomh maith le cláir mhalartaithe agus shoghluaisteachta;

J.  de bhrí go bhfuil sé tábhachtach comhfhiosacht chriticiúil stairiúil thar theorainneacha a chothú, trí mhodhanna oideachais agus eile, chun cur ar chumas na nEorpach scéal a staire a thuiscint agus teacht chun réitigh leis, déileáil leis an am i láthair go muiníneach agus oibriú i dtreo todhchaí chomhchoiteann;

K.  de bhrí go dtuigtear an chomhfhiosacht stairiúil Eorpach mar chumas agus scil aonair agus chomhchoiteann araon chun an stair a thuiscint, measúnú criticiúil a dhéanamh uirthi agus foghlaim uaithi ar bhealach machnamhach, lena n-éascaítear an ceangal dofhuascailte agus an idirthuilleamaíocht idir an t-am atá caite, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht a aithint;

Dul i ngleic le stair na hEorpa mar riosca agus mar dheis

1.  á aithint gur tasc deacair a d’fhéadfadh a bheith contúirteach í aon iarracht a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal polaitiúil ar startha éagsúla na náisiún Eorpach agus na stát Eorpach a bhíonn i gcoimhlint lena chéile go minic, agus go mbíonn iarrachtaí lena stiúrtar conas an t-am atá caite a chomóradh agus a léirmhíniú dúshlánach i gcónaí;

2.  ag cur béim ar acmhainneacht an phrionsabail historia magistra vitae agus á mheas go háirithe nach amháin gur meabhrúchán láidir iad tréimhsí tragóideacha agus gnéithe dorcha stair na hEorpa, maidir le botúin a rinneadh san am atá caite ar cheart atarlú na mbotún sin a sheachaint, ach gur iarraidh é freisin oibriú go comhpháirteach i dtreo sochaithe ionchuimsitheacha agus daonlathacha san Aontas agus ar fud an domhain;

3.  á mheas gur sine qua non d’aon chomhlacht polaiteach daonlathach é cur chuige freagrach, fianaise-bhunaithe agus criticiúil maidir leis an stair a láimhseáil, lena ndírítear ar chomhluachanna na hEorpa, chun an ghlúin atá ann faoi láthair agus na glúnta atá le teacht a íogrú maidir lena raibh bainte amach agus le seachmaill san am atá caite, dioscúrsa poiblí féinmhachnamhach a neartú, agus tuiscint agus athmhuintearas laistigh de ghrúpaí sóisialta, náisiúin agus stáit áirithe a chothú;

An Pholaitíocht i stair an Aontais Eorpaigh – measúnú criticiúil

4.  á chur i bhfáth go bhfuil gá go ndéanfar measúnú macánta ar stair pholaitiúil AE, lena ndearnadh gach iarracht dlisteanacht a chur leis an tionscadal Eorpach, muintearas Eorpach a neartú agus cómhaireachtáil shíochánta phobail na mór-roinne a chothú, trí na héachtaí agus na heasnaimh atá ann cheana a aithint go cothrom agus grinnscrúdú a dhéanamh ar na bealaí a spreagadh saoránaigh foghlaim faoin am atá caite;

5.  ag aithint an réimse tionscnamh ón am atá caite agus san am i láthair ar an leibhéal Eorpach chun cuimhne stairiúil Eorpach choiteann a chothú, lena n-áirítear Lá Cuimhneacháin ar an Uileloscadh, Lá Cuimhneacháin Eorpach ar Íospartaigh uile gach Réimis Ollsmachtacha agus Údarásaíoch, bunú sraith thiomnaithe cuimhneacháin sa chlár um Eoraip na Saoránach a bhí i bhfeidhm roimhe seo agus sa chlár reatha um Shaoránacht, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, agus rúin éagsúla ón bParlaimint amhail na cinn an 2 Aibreán 2009 ar an gcoinsias Eorpach agus an t-ollsmachtachas agus an 19 Meán Fómhair 2019 ar an tábhacht a bhaineann le cuimhneachán Eorpach maidir le todhchaí na hEorpa;

6.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil iomaíocht fholaigh agus neamhréireacht pháirteach fós ann idir nósanna cuimhne agus cultúir chuimhneacháin san Aontas, lena n-áirítear idir Iarthar na hEorpa agus Oirthear na hEorpa, ach idir tíortha agus náisiúin laistigh de chríocha áirithe na mór-roinne freisin; á chur i bhfáth go bhfuil eispéiris chomhchosúla agus éagsúla araon ag tíortha uile na hEorpa atá mar chuid de stair Eorpach chomhroinnte; ag aithint na gcoireanna a rinneadh le réimis ollsmachtacha Naitsíocha, faisisteacha agus cumannacha, agus faoin gcoilíneachas freisin, agus ag aithint an róil a bhí ag na coireanna sin i mbraistintí stairiúla a mhúnlú san Eoraip; ag cur béim ar an ngá atá leis na bearnaí réigiúnacha agus idé-eolaíochta atá ann maidir leis an gcomhfhiosacht stairiúil i measc tíortha agus pobail Eorpacha a líonadh d’fhonn comhthuiscint don idirphlé, chomh maith le tuiscint agus meas frithpháirteach, a fhorbairt;

7.  á aithint go bhfuil uafáis an ama a chuaigh thart ag feidhmiú mar ‘mhiotas boinn diúltach’ agus go ndéanann siad tuiscint láidir chuspóra a chur ar fáil do thionscadal síochána na hEorpa, ach á aithint maidir le cúis imní an Aontais a bhaineann go príomha le scéal dó féin ex negativo a chur in iúl, go bhfuil an baol ann go gcothófar scéim staire theileolaíoch agus shimplíoch, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar thuiscint iomlán fheasach ar stair chasta na hEorpa agus a laghdaíonn dreasachtaí chun steiréitíopaí agus déithe beaga na startha náisiúnta a chomhrac;

I dtreo comhfhiosacht stairiúil fheasach san Eoraip

8.  á aithint go bhfuil gá le tuiscint níos leithne agus níos iomlánaíche ar stair na hEorpa chun go dtiocfaidh comhfhiosacht stairiúil Eorpach chriticiúil agus féin-tagarthach chun cinn, go háirithe trí fhócas na dtionscnamh cuimhneacháin Eorpach atá ann faoi láthair a leathnú, agus grúpaí a raibh tearcionadaíocht acu go dtí seo á gcur san áireamh freisin, agus trí bhealaí nuálacha chun an stair a mhúineadh a chur chun cinn;

9.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé imeacht ó ‘chultúr cuimhneacháin’ Eorpach ón mbarr anuas den chuid is mó agus a bhaineann le sainmhíniú a thabhairt ar cad ba cheart do mhuintir na hEorpa a thabhairt chun cuimhne i dtreo ‘cultúr cuimhnimh’ ón mbun aníos agus faoi thionchar na saoránach bunaithe ar phrionsabail agus ar luachanna coiteanna Eorpacha, ag díriú ar acmhainneachtaí a fhorbairt chun athobair chriticiúil a dhéanamh ar an am atá caite ar na leibhéil áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha, agus eagraíochtaí sochaí sibhialta rannpháirteach ann;

10.  ag aithint a ríthábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar stair na hEorpa ar bhonn bhunluachanna na hEorpa a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar na traidisiúin eiticiúla agus fealsúnacha atá mar bhonn taca faoi na luachanna sin, agus réimse plé oscailte a chruthú lena bhféadfar aghaidh a thabhairt freisin ar ghnéithe deacra de startha náisiúnta agus lena bhforáiltear do chomhthuiscint agus d’athmhuintearas laistigh de náisiúin na hEorpa agus eatarthu araon, chomh maith le náisiúin na hEorpa agus cuid eile den domhan;

11.  á mheas gur réamhriachtanas í an tsaoirse dul i mbun teagaisc, staidéir agus taighde, lena n-áirítear saor-rochtain ar chartlanna agus foinsí, in éineacht le léiriú saor ealaíne, chun eolas fianaisebhunaithe agus neamhchlaonta a tháirgeadh agus a scaipeadh i sochaithe daonlathacha, agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar an stair ar bhealach criticiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na saoirsí sin atá i mbaol faoi láthair a chosaint, go háirithe mar gheall ar chásanna míleithreasaithe dlíthe cuimhne, lena n-áirítear trí shásra smachta reachta AE;

12.  á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag oideachas agus á iarraidh ar na Ballstáit na curaclaim reatha agus na modheolaíochtaí teagaisc atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn fócas a aistriú ón stair náisiúnta go dtí an stair Eorpach agus dhomhanda agus d’fhonn níos mó béime a chur ar thuiscint stairiúil fornáisiúnta, go háirithe trí dhearcthaí iolracha ar an stair a cheadú agus trí stíleanna teagaisc comhfhreagracha a chothú lena dtugtar tús áite don mhachnamh agus don phlé ar aistriú eolais agus atá á dtreorú ag an gcuspóir foriomlán a bhaineann le foghlaim ‘conas smaoineamh’ seachas ‘cad ba cheart dóibh a bheith ag smaoineamh’;

13.  á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá sé foghlaim faoi lánpháirtiú Eorpach, stair, institiúidí agus bunluachanna an Aontais agus saoránacht Eorpach chun go dtiocfaidh muintearas Eorpach chun cinn; á iarraidh go mbeadh teagasc stair na hEorpa agus lánpháirtiú Eorpach, nach mór iad a mheas sa chomhthéacs domhanda, agus oideachas saoránachta Eorpaí ina gcuid lárnach de chórais oideachais náisiúnta; ag aithint na n-iarrachtaí arna ndéanamh ar leibhéal AE chun eolas faoin Aontas agus stair an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí Jean Monnet mar a thugtar orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, obair a dhéanamh, lena n-áirítear trí Mheitheal an Limistéir Eorpaigh Oideachais um Chomhionannas agus Luachanna, ar spriocanna insoláthartha lena dtugtar aghaidh go sonrach ar an gcomhfhiosacht stairiúil Eorpach a fhorbairt, agus ‘lámhleabhar AE’ a fhorbairt go comhpháirteach i ngníomhaíochtaí curaclaim lena soláthraítear treoirlínte comhchoiteann agus fíricí agus figiúirí neamhchlaonta maidir le teagasc stair na hEorpa;

14.  á mheas go bhfuil an seobhaineachas, steiréitíopaí inscne, neamhshiméadrachtaí cumhachta agus éagothromaíochtaí struchtúracha fréamhaithe go domhain i stair na hEorpa, agus á chur in iúl gur oth léi an easpa cur chuige atá ilchultúrtha agus inscne-íogair go leor maidir le teagasc na staire; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar imeallú na mban agus grúpaí sochaíocha eile faoi ghannionadaíocht sa stair, agus á iarraidh ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le fócas comhfhreagrach níos láidre i gcuraclaim náisiúnta;

15.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le hoiliúint idirdhisciplíneach agus thrasnach staire lena gcuirtear oideolaíocht atá nuálach agus dírithe ar an bhfoghlaimeoir i bhfeidhm, amhail cuir chuige idirghníomhacha, scéalaíochta agus cuir chuige atá bunaithe ar cheachtanna foghlamtha do gach glúin, lena mbaintear úsáid as sraith chuimsitheach foinsí, teicneolaíochtaí agus ábhair foghlama, lena n-áirítear téacsleabhair staire agus startha béil trasteorann agus trasnáisiúnta, agus lena gcuirtear scileanna anailíse agus smaointeoireachta criticiúla chun cinn;

16.  á aithint go bhfuil ról lárnach ag múinteoirí maidir le giniúint agus tarchur na n-inniúlachtaí ar gá leo chun fíricí stairiúla a thuiscint agus measúnú criticiúil a dhéanamh orthu, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé, ní hamháin go gcuirfí múinteoirí faoi oiliúint leormhaith, ach go mbeadh siad rannpháirteach san fhorbairt ghairmiúil leanúnach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus comhroinnt na ndea-chleachtas ar leibhéal náisiúnta agus trasnáisiúnta araon; ag leagan béim, sa chomhthéacs sin, ar bhreisluach Acadamh Múinteoirí Erasmus+;

17.  á iarraidh ar na Ballstáit ábhair teagaisc agus oiliúint shaincheaptha (staire) a sholáthar a chuireann ar chumas múinteoirí díriú ar bhealach níos fearr ar ghnéithe trasnáisiúnta agus ilghnéitheacht na staire, a thugann cuir chuige theagascacha leordhóthanacha agus prionsabail leordhóthanacha maidir le teagasc nua-aimseartha agus a leagann béim go príomha ar dhaoine óga atá féinmhacnamhach a chothú;

18.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé an-luachmhar sonraí a bhailiú agus comparáid a dhéanamh idir modhanna agus uirlisí maidir le teagasc staire agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus á chur in iúl gur geal léi obair na n-eagraíochtaí speisialaithe rialtais agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha araon atá gníomhach sa réimse sin, lena n-áirítear Faireachlann Chomhairle na hEorpa um Stair a Mhúineadh san Eoraip agus EUROCLIO; á chur i bhfáth gur gá go nglacfadh níos mó Ballstát páirt san Fhaireachlann;

19.  ag aithint acmhainneacht iarsmalann, maidir le haghaidh a thabhairt ar bhealach criticiúil ar stair chonspóideach na hEorpa, mar uirlis chun foghlaim faoin am atá caite agus chun comhfhiosacht stairiúil a fhorbairt, go háirithe trí ‘Áras Stair na hEorpa’ mar thionscadal suaitheanta ar cheart go gcuirfí acmhainní leordhóthanach ar fáil dó chun for-rochtain níos leithne i bpobal na hEorpa a áirithiú;

20.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé láithreáin oidhreachta agus cuimhneacháin na hEorpa atá saibhir ó thaobh cultúir agus staire a chaomhnú, go háirithe mar mhodh chun comhfhiosacht stairiúil chriticiúil a bhunú, ar choinníoll nach mbaintear mí-úsáid astu chun críoch idé-eolaíochta, agus á thabhairt chun suntais ina leith sin gur féidir ról a bheith ag an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus institiúidí neamhspleácha chun oidhreacht Eorpach a chur chun cinn, ar oidhreacht inláimhsithe agus dholáimhsithe araon í; ag spreagadh na mBallstát dlús a chur lena n-iarrachtaí áiteanna lena mbaineann cuimhne dhaonlathach a shainiú agus a chosaint, go háirithe iad siúd a bhaineann le grúpaí faoi ghannionadaíocht; ag cur béim ar acmhainneacht Europeana mar leabharlann dhigiteach, cartlann, iarsmalann agus ardán oideachais na hEorpa;

21.  ag aithint acmhainneacht na meán digiteach agus leibhéal an digitithe atá ag dul i méid san oideachas, agus á chur in iúl ag an am céanna gur cúis mhór imní di cainéil dhigiteacha a bhfuil mí-úsáid níos mó á baint astu don chúbláil pholaitiúil agus do scaipeadh bréagaisnéise, lena n-áirítear bréagaisnéis a bhaineann le stair, mar a léiríodh le hathbhreithiúnachas stairiúil na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a neartú agus scileanna agus uirlisí leordhóthanacha a thabhairt do mhúinteoirí agus do mhic léinn lena n-éascaítear teagasc staire bunaithe ar fhíricí agus lena gcuirtear ar a gcumas foinsí stairiúla traidisiúnta chomh maith le foinsí stairiúla nua-aimseartha a shainaithint, a chur i gcomhthéacs agus anailís a dhéanamh orthu;

22.  á chur i bhfáth go gcuirtear malartú smaointe agus eolas trasnaí chun cinn, chomh maith le tuiscint idirchultúrtha, le deiseanna soghluaisteachta foghlama thar theorainneacha arna soláthar ag cláir Eorpacha agus scéimeanna soghluaisteachta eile, ag cuidiú le bacainní náisiúnta a shárú agus tuiscint níos fearr ar an am atá caite agus faoi láthair a sholáthar;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na huirlisí atá ar fáil faoi láthair ar an leibhéal Eorpach a neartú chun comhfhiosacht stairiúil Eorpach agus féinmhachnamhach a chothú, go háirithe an clár Erasmus+, ar clár é a thacaíonn le soghluaiseacht agus foghlaim idirchultúrtha mar phríomhuirlisí chun an tuiscint ar chultúir agus náisiúin eile a mhéadú, agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, a chuireann tacaíocht ar fáil do thionscadail thrasnáisiúnta stairiúla chuimhneacháin agus a chuireann rannpháirtíocht na saoránach chun cinn;

24.  á iarraidh go gcuirfidh na hinstitiúidí Eorpacha, na Ballstáit, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, institiúidí oideachais agus gníomhaithe den tsochaí shibhialta dlús lena n-iarrachtaí athmhuintearas a chothú, staonadh ó aon iarracht chun an stair a ionstraimiú chun críoch polaitiúil agus an t-athbhreithniúchas stairiúil agus an diúltiú stairiúil a chomhrac laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach; ag meabhrú a thábhachtaí atá na gnéithe sin maidir le méaduithe an Aontais amach anseo;

Dearcadh: oidhreacht stair agus thodhchaí AE

25.  ag moladh idéal 'an chultúir cuimhnimh' agus na comhfhiosachta stairiúla atá bunaithe ar chomhluachanna agus comhchleachtais Eorpacha chun aghaidh a thabhairt ar an am atá caite, agus aon simpliú maidir leis an stair á sheachaint ag an am céanna;

26.  á chur in iúl go bhfuil súil aici, ar bhonn féinmhachnamh criticiúil a bhaineann leis an stair agus le freagracht stairiúil ar an leibhéal náisiúnta, go bhféadfadh dioscúrsa machnamhach fíor-Eorpach ar stair na mór-roinne teacht chun cinn, gan mí-úsáid a bhaint as an stair chun críoch cumhacht-pholaitiúil, agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go dtiocfaidh ‘pobal cinniúna’ chun cinn ón obair chomhchoiteann stairiúil i measc phobail na hEorpa;

27.  ag féachaint do chuimhní comhchoiteanna a rannchuidíonn ar deireadh le réimse poiblí Eorpach agus cumasc isteach ann, le cultúir chuimhneacháin éagsúla ag comhlánú a chéile seachas a bheith in iomaíocht, agus déileáil leis an stair a bheith ina saincheist maidir le gníomhaíocht shibhialta seachas gníomhaíocht pholaitiúil;

o
o   o

28.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO C 171, 6.5.2021, lch. 25.
(2) IO C 137 E, 27.5.2010, lch. 25.
(3) IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.
(4) IO C 205, 20.5.2022, lch. 17.
(5) IO C 347, 9.9.2022, lch. 15.
(6) IO C 434, 15.11.2022, lch. 31.
(7) IO C 177, 17.5.2023, lch. 78.
(8) IO C 456, 10.11.2021, lch. 208.
(9) Féach: https://rm.coe.int/168006457e.
(10) Staidéar – ‘Comhfhiosacht Stairiúil Eorpach: Beartais, Dúshláin agus Peirspictíochtaí’ (an dara heagrán), Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Aibreán 2015.
(11) Staidéar – ‘Féiniúlacht Eorpach’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Roinn Beartais B – Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Aibreán 2017.

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais