Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/2229(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0031/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0031/2024

Díospóireachtaí :

PV 28/02/2024 - 13
CRE 28/02/2024 - 13

Vótaí :

PV 28/02/2024 - 17.4
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0107

Téacsanna atá glactha
PDF 170kWORD 59k
Dé Céadaoin, 28 Feabhra 2024 - Strasbourg
Gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta - tuarascáil bhliantúil 2023
P9_TA(2024)0107A9-0031/2024

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 maidir le gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023 (2023/2229(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint d’Airteagail 15, 126, 174, 175, 177, 208, 209, 271, 308 agus 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus do Phrótacal Uimh. 5 a ghabhann leis na Conarthaí ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI),

–  ag féachaint d’Airteagail 41 go 43 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do phreaseisiúint BEI an 7 Deireadh Fómhair 2016 inar léiríodh formheas ar dhaingniú Chomhaontú Pháras ag an Aontas,

–  ag féachaint don Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí maidir le Meastóireacht ar Oibríochtaí 2022 agus Clár Oibre 2023-2025 ó BEI, a foilsíodh an 3 Márta 2023,

–  ag féachaint do na Nósanna Imeachta Sásra Gearán de chuid Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 13 Samhain 2018,

–  ag féachaint d’fhoilseachán BEI dar teideal ‘beartas iasachta fuinnimh BEI’, a foilsíodh an 8 Bealtaine 2023,

–  ag féachaint do Threochlár an Bhainc Aeráide 2021-2025 de chuid Ghrúpa BEI, arna ghlacadh ag Bord Stiúrthóirí BEI an 11 Samhain 2020, agus do straitéis aeráide BEI an 15 Samhain 2020,

–  ag féachaint do Phlean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2023-2025, a foilsíodh an 2 Feabhra 2023,

–  ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta BEI 2022/2023 dar teideal ‘Resilience and renewal in Europe’ [Athléimneacht agus Athnuachan san Eoraip], a foilsíodh an 28 Feabhra 2023,

–  ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2022 Ghrúpa BEI dar teideal ‘Secure Europe’ [an Eoraip Shlán], a foilsíodh an 2 Feabhra 2023,

–  ag féachaint d’Fhorbhreathnú maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht Chomhshaoil BEI 2023, a foilsíodh an 2 Feabhra 2023,

–  ag féachaint do Chreat Comhshaoil BEI, a foilsíodh an 14 Samhain 2022,

–  ag féachaint do Thuarascáil maidir le Rialachas Corparáideach 2022 ó Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 8 Meán Fómhair 2023,

–  ag féachaint d’fhoilseachán BEI an 29 Samhain 2023 dar teideal ‘EIB Global Strategic Roadmap: EU Finance for a Sustainable Future’ [Treochlár Straitéiseach Domhanda BEI: Maoiniú an Aontais do Thodhchaí Inbhuanaithe],

–  ag féachaint do chur chuige BEI Domhanda don aistriú cóir agus athléimneacht chóir, a foilsíodh an 27 Samhain 2023,

–  ag féachaint don Tuarascáil maidir le Nochtadh Bainistíochta Riosca ó Ghrúpa BEI 2022, a foilsíodh an 9 Lúnasa 2023,

–  ag féachaint do Shuirbhé Aeráide BEI 2022-2023,

–  ag féachaint don Chreat Inbhuanaithneachta Comhshaoil agus Sóisialta ó Ghrúpa BEI dar teideal ‘The EIB Group Environmental and Social Policy’ [Beartas Comhshaoil agus Sóisialta Ghrúpa BEI], a glacadh an 2 Feabhra 2022,

–  ag féachaint d’fhoilseachán BEI an 10 Feabhra 2023 dar teideal ‘EIB Global – partnership, people, impact’ [BEI Domhanda – comhpháirtíocht, daoine, tionchar],

–  ag féachaint do chur chuige BEI i leith chearta an duine, a foilsíodh an 6 Feabhra 2023,

–  ag féachaint do thuarascáil BEI an 29 Meitheamh 2023 dar teideal ‘EIB Group activities in EU cohesion regions 2022’ [Gníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe AE 2022],

–  ag feachaint do Straitéis Ghrúpa BEI maidir le comhionannas inscne agus plean gníomhaíochta um chumhachtú eacnamaíoch na mban agus um inscne,

–  ag féachaint don chód iompair d’fhoireann Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 3 Feabhra 2023,

–  ag féachaint don chód iompair de Choiste Iniúchóireachta Ghrúpa an BEI, a foilsíodh an 30 Samhain 2021,

–  ag féachaint don chód iompair de Choiste Bainistíochta Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 14 Deireadh Fómhair 2021,

–  ag féachaint d’fhoilseachán BEI an 27 Samhain 2023 dar teideal ‘EIB Group PATH Framework – Version 1.2 November 2023 – Supporting counterparties on their pathways to align with the Paris Agreement’ [Creat PATH Ghrúpa BEI – Leagan 1.2 Samhain 2023 – Ag tacú le contrapháirtithe ar a gconairí chun ailíniú le Comhaontú Pháras],

–  ag féachaint do Phacáiste Dlúthpháirtíochta BEI don Úcráin, arna fhormheas ag Bord BEI an 4 Márta 2022,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: “Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil”’ [‘Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: “I dTreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú”] (COM(2021)0400),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 dar teideal ‘A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age’ [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Glan-Nialasach] (COM(2023)0062),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 ar an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin gCiste um Aistriú Cóir(2),

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint don Chomhaontú Tríthaobhach idir an Coimisiún, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta, a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2021,

–  ag féachaint do litir an 22 Iúil 2016 ón Ombudsman Eorpach chuig Uachtarán BEI maidir le coinbhleacht leasa agus do fhreagra an 31 Eanáir 2017 ó Uachtarán BEI,

–  ag féachaint do mholtaí ón Ombudsman Eorpach a eisíodh an 20 Samhain 2023 i gCás 2252/2022/OAM,

–  ag féachaint do mholtaí ón Ombudsman Eorpach a eisíodh an 21 Aibreán 2022 i gCás 1251/2020/PB,

–  ag féachaint do mholtaí ón Ombudsman Eorpach a eisíodh an 27 Iúil 2022 i gCás 1016/2021/KR,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0031/2024),

A.  de bhrí go bhfuil Grúpa BEI comhdhéanta den Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI) agus gurb é an institiúid airgeadais iltaobhach is mó ar domhan é agus go bhfuil sé ar cheann de na soláthraithe airgeadais aeráide is mó ar domhan, atá ag feidhmiú i margaí caipitil idirnáisiúnta a thairgeann téarmaí iomaíocha do chliaint agus coinníollacha fabhracha chun tacú le beartais agus tionscadail AE laistigh agus lasmuigh den Aontas araon;

B.  de bhrí, faoi Airteagal 309 CFAE, go bhfuil sé de chúram ar BEI rannchuidiú le baint amach chuspóirí an Aontais;

C.  de bhrí, chun spriocanna aeráide AE a bhaint amach, go bhfuil gá le hinfheistíochtaí EUR 1 thrilliún in aghaidh na bliana in AE, méid atá EUR 356 bhilliún níos mó in aghaidh na bliana ná an méid a raibh gá leis in 2010-2020; de bhrí gur féidir le BEI cabhrú leis an mbearna a dhúnadh trí chaipiteal príobháideach a phlódú isteach;

D.  de bhrí go bhfuiltear ag dréim, le linn na tréimhse 2021-2027, go slógfaidh ráthaíocht InvestEU, arb ionann é agus EUR 26,2 billiúin, le soláthar ón gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus NextGenerationEU, níos mó ná EUR 372 bhilliún i dtaobh infheistíocht bhreise phríobháideach agus phoiblí san Eoraip, go príomha le haghaidh bonneagar inbhuanaithe, taighde, nuálaíocht agus digitiú, tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus infheistíocht shóisialta agus scileanna;

Forbhreathnú ar bheartais agus ar oibríochtaí

1.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá ról BEI mar bhanc poiblí AE agus mar an t-aon institiúid airgeadais idirnáisiúnta amháin atá faoi úinéireacht iomlán na mBallstát, faoi threoir bheartais AE go hiomlán agus faoi réir chaighdeáin dhlíthiúla AE agus é mar aidhm leis tacú leis an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch agus díriú ar na hinfheistíochtaí is gá chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach;

2.  á chur in iúl gur mór aici go bhfuil BEI réidh i gcónaí chun é féin a oiriúnú agus a athcheapadh i gcomhréir le ceanglais bheartais AE atá ag athrú, agus a spriocanna fadtéarmacha á n-urramú ag an am céanna;

3.  á iarraidh an athuair ar mhéadú caipitil chun a chur ar chumas BEI tacaíocht airgeadais inaisíoctha níos fadtéarmaí agus ionstraimí nuálacha a sholáthar; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá leis sin le haghaidh fás inbhuanaithe cuimsitheach cothrom lena dtacaítear le príomhinfheistíochtaí fíorgheilleagair nach ndéanfaí murach sin agus a bhfuil sé d’acmhainn acu gnóthachain nuálaíochta a uasmhéadú i bpríomhréimsí beartais de chuid an Aontais amhail an digitiú agus an t-aistriú glas; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuideodh na hinfheistíochtaí sin le srianta ar iomaíochas a mhaolú, amhail praghsanna arda fuinnimh, bearnaí scileanna agus infheistíochtaí neamhleora sa nuálaíocht agus i dteicneolaíochtaí nua, agus gur cheart go gcabhródh siad le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme; ag dréim go n-áiritheoidh BEI go rannchuideoidh a mhaoiniú le haghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus go seachnófar éifeachtaí plódaithe amach agus go mbeidh tionchair intomhaiste ag baint leis, gan cur isteach ar tharraingteacht fhoriomlán a thairisceana airgeadais;

4.  á chur i bhfáth nach mór do BEI a rátáil chreidmheasa AAA a choinneáil agus lánmhuinín a choinneáil as na margaí caipitil ina chuid gníomhaíochtaí;

5.  ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ról mhaoiniú BEI ag dul i méid i gcomhthéacs na n-iarmhairtí suntasacha sóisialta agus eacnamaíocha a eascraíonn as géarchéim COVID-19 agus, ina dhiaidh sin, i gcomhthéacs an ionraidh ar an Úcráin, go háirithe boilsciú, rátaí úis arda agus airgeadas poiblí sínte; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil ról níos mó ag cistiú BEI i gcomhthéacs ionchas eacnamaíoch dúshlánach agus iomaíocht dhomhanda mhéadaithe, a bhfuil tionchar aige freisin ar thionscadail atá ar siúl faoi láthair;

6.  á chreidiúint go bhféadfadh BEI níos mó a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht earnála agus chun oiriúnú d’éagsúlacht réigiúnach AE chun tarraingteacht a chuid cistí a mhéadú; á iarraidh ar BEI aghaidh a thabhairt ar easnaimh shistéamacha lena gcuirtear cosc ar réigiúin nó tíortha áirithe leas iomlán a bhaint as a ghníomhaíochtaí airgeadais, agus cineál oibríochtaí maoinithe BEI atá dírithe ar an éileamh á urramú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil dáileadh geografach an mhaoinithe faoi InvestEU cothrom, go háirithe maidir le Ballstáit bheaga;

7.  á iarraidh ar BEI tacú le tionscadail lena mbaintear amach cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus lena bhfeabhsaítear cuimsiú sóisialta agus laghdú ar neamhionannais i gcomhréir leis na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta; á iarraidh ar BEI a ról a leathnú maidir le measúnú agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí infheistíochta sa bhonneagar sóisialta agus sa leas sóisialta, amhail tithíocht shóisialta atá inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, cúram sláinte poiblí, fóntais, iompar poiblí, iompar inbhuanaithe, cultúr agus oideachas, agus breisíocht agus comhlántacht le cistí poiblí eile agus iasachtóirí tráchtála eile á n-áirithiú ag an am céanna; á iarraidh ar BEI ualú na sochar sóisialta i mbreithmheasanna tionscadal a mhéadú chun réitigh inacmhainne fhadtéarmacha a sholáthar, i gcomhthéacs géarchéim costais maireachtála*** agus na ndúshlán do theaghlaigh san Aontas Eorpach a eascraíonn as an ionchas eacnamaíoch foriomlán; á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar an nglacadh riosca do thionscadail a sholáthraíonn seirbhísí bunriachtanacha le tairbhí soiléire agus intomhaiste fadtéarmacha; á iarraidh ar BEI tosaíocht airgeadais a thabhairt do thionscadail a bhaineann le daoine leochaileacha nó imeallaithe, go háirithe daoine óga, agus tionscadail faoi stiúir na saoránach, nuair is féidir;

‘Banc aeráide’ AE gníomhú ar son na haeráide agus cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil

8.  ag tabhairt dá haire na torthaí i dtuarascáil infheistíochta BEI 2022/2023 dar teideal ‘Resilience and renewal in Europe’ [Athléimneacht agus athnuachan san Eoraip], ina ndéantar anailís ar an infheistíocht sa ghníomhú ar son na haeráide ar fud AE agus ar bhearnaí infheistíochta in earnálacha éagsúla; ag cur sonrú freisin i bPlean Oibríochtúil Ghrúpa BEI 2023-2025, lena ndeimhnítear ailíniú BEI le tosaíochtaí polaitiúla AE agus a ghealltanas dlús a chur lena uaillmhian maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún modh a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar an mbearna chistiúcháin ghlais in AE agus measúnú a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag BEI maidir leis an mbearna chistiúcháin sin a dhúnadh;

9.  á mheabhrú gurb é BEI an t-eisitheoir ilairgeadra is mó ar domhan de bhannaí glasa; á chur i bhfios go ndéanfaí ról idirnáisiúnta an euro a neartú tuilleadh dá méadófaí cion na mbannaí atá ainmnithe in euro;

10.  á mheabhrú nach mór don aistriú glas a bheith cuimsitheach agus cothrom, agus nach mór d’infheistíochtaí glasa a bheith inmharthana, agus ag dréim go ndéanfaidh BEI, dá bhrí sin, a iasachtú, a ionstraimí airgeadais, a chúnamh teicniúil agus a sheirbhísí comhairleacha a ghiaráil chun tacú le saoránaigh agus gnólachtaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha rompu a eascraíonn as a n-iarrachtaí aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á iarraidh ar BEI tacú le tionscadail lena soláthraítear rochtain inacmhainne ar fhuinneamh in-athnuaite, ar thithíocht agus ar sheirbhísí poiblí, ar thionscnaimh faoi stiúir an phobail, agus ar thionscadail bheaga lena ndírítear go háirithe ar bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac mar thosaíocht;

11.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil a sprioc bainte amach ag BEI cheana maidir le leath ar a laghad dá acmhainní a dhíriú ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus go bhfuil sé ar an mbóthar ceart chun a sprioc a bhaint amach, is é sin tacú le EUR 1 trilliún in infheistíochtaí glasa faoi 2030; ag dréim go ndéanfar athbhreithniú ar Threochlár an Bhainc Aeráide in 2024 chun BEI a chur i gcomhréir go hiomlán leis an gconair 1,5 céim agus leis an sprioc maidir le haeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí, agus aistriú cóir do chách á áirithiú ag an am céanna; á chreidiúint gur cheart gurb é an tagarmharc na cleachtais baincéireachta poiblí is uaillmhianaí; á iarraidh an athuair go n-áireofaí measúnú láidir ar roghanna malartacha nach bhfuil chomh dian ar charbón agus ar astaíochtaí ‘Scóip 3’ do gach tionscadal;

12.  á chur in iúl gur geal léi an Creat um Ailíniú Contrapháirtithe le Comhaontú Pháras (PATH) agus ag dréim go gcuirfear chun feidhme go hiomlán é maidir le laghdú astaíochtaí a uasmhéadú agus athléimneacht aeráide a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur thug BEI freagairt do staid éigeandála fuinnimh san Aontas trí PATH a oiriúnú; ag dréim go mbeidh na díolúintí a dheonaítear faoi chreat PATH chun tacú le REPowerEU eisceachtúil, sealadach agus go mbeidh bonn cirt iomlán leo chun go mbeifear in ann dlús a chur leis an aistriú glas agus deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar allmhairí breosla iontaise, lena n-áirítear ón Rúis; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an méadú ar thacaíocht BEI do REPowerEU go EUR 45 bhilliún in iasachtaí agus maoiniú cothromais do thionscadail i réimse na bhfoinsí in-athnuaite, na héifeachtúlachta fuinnimh, na n-eangach agus na stórála, an bhonneagair luchtaithe feithiclí leictreacha, agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha sna blianta amach romhainn;

13.  á mheabhrú go bhfuil ceangal conarthach ar chliaint chorparáideacha mhaoiniú BEI straitéis inchreidte ailínithe Pháras (‘pleananna dícharbónaithe’) a chruthú agus a fhoilsiú, lena n-áireofar spriocanna agus roghanna meántéarmacha, rollacha, cainníochtúla maidir le laghdú astaíochtaí thar thréimhse ama níos faide chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; ag súil go ndéanfaidh BEI meastóireacht chórasach ar inchreidteacht na bpleananna sin, agus critéir dhícharbónaithe á gcur i bhfeidhm atá comhoiriúnach leis an sprioc 1,5 céim, sula síneofar aon ghealltanais airgeadais nua; á iarraidh an athuair ar BEI oibriú le cliaint agus le hidirghabhálaithe airgeadais a bhfuil plean inchreidte dícharbónaithe acu, lena n-áirítear spriocanna gearrthéarmacha atá comhoiriúnach leis an gconair 1,5 céim agus a chuirfear i bhfeidhm a luaithe is féidir agus faoi 2025 ar a dhéanaí; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh a leithéidí de cheanglais nua chun dochar na rochtana ar airgeadas do FBManna;

14.  á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag BEI maidir le haistriú cóir a áirithiú; á iarraidh ar BEI an t-íosmhéid iasachta do thionscadail aonair nó do scéimeanna iasachta a chuireann leis an aistriú cóir a ísliú; ag spreagadh BEI chun borradh a chur faoi chomhoibriú le hinstitiúidí airgeadais náisiúnta agus réigiúnacha chun maoiniú spriocdhírithe a chur ar fáil; á iarraidh ar BEI rannchuidiú le cuspóirí AE maidir le comhionannas idir mná agus fir a bhaint amach sa chomhthéacs sin; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht BEI i Sásra AE um Aistriú Cóir chun aghaidh a thabhairt ar thionchar socheacnamaíoch an aistrithe chuig geilleagar glan-nialasach agus chun deiseanna nua a chruthú don fhorbairt inbhuanaithe i réigiúin incháilithe;

15.  á iarraidh ar BEI a ghníomhaíochtaí dí-rioscaithe a oiriúnú chun maoiniú príobháideach a stiúradh i dtreo tionscadail a bhfuil ardleibhéal breisíochta acu agus a rannchuidíonn le haistriú cóir, gan inmharthanacht tráchtála a phunainne a chur i mbaol; á iarraidh ar BEI ceachtanna a fhoghlaim ó chur chun feidhme táirgí amhail na cistí aeráide agus bonneagair, lena n-áirítear ábharthacht an chothromais idirghafa agus an gá feabhas a chur ar chóimheasa riosca-luaíochtai dtionscadail bonneagair ghlais ar scála níos lú;

16.  á chur in iúl gur geal léi an infheistíocht mhéadaithe sa hidrigin; á áitiú gurb é ról na hidrigine rannchuidiú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht trí astaíochtaí ó earnálacha tionsclaíocha a bhfuil sé deacair iad a mhaolú a laghdú; ag dréim go n-áiritheofar breisíocht ionas nach ndéanfar acmhainní a atreorú ón leictreachas inathnuaite atá ann cheana de réir an ghnímh tharmligthe ábhartha(3); á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail hidrigine ar an soláthar uisce i réigiúin áirithe agus ar an mbithéagsúlacht; á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar a shaineolas comhairleach d’éiceachóras hidrigine agus do mhargadh hidrigine AE;

17.  á chur i bhfios go láidir go neartaíonn beartas comhshaoil agus sóisialta BEI an tiomantas do chur chun cinn agus cur chun feidhme chuspóirí an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus an Chreata Bithéagsúlachta Dhomhanda tar éis 2020 agus go háirithe an ceanglas nach ndéanann tionscadail mhaoinithe dochar suntasach don bhithéagsúlacht agus d’éiceachórais; á chur in iúl gur geal léi an t-athrú, i dtaobh na bithéagsúlachta; ó ‘gan glanchaillteanas’ go ‘gan chailliúint’; ag féachaint le beartas comhshaoil agus sóisialta BEI a chur i bhfeidhm go hiomlán, go háirithe i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite; ag tathant ar BEI go ndéanfaidh sé a bheartas comhshaoil agus sóisialta a ailíniú go hiomlán leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta tar éis 2020;

18.  á chur in iúl gur geal léi na chéad chomhphrionsabail le haghaidh maoiniú dúlra-dearfach a d’fhoilsigh BEI in éineacht le Bainc Forbartha Iltaobhacha eile ag COP28; ag dréim go leanfaidh BEI de pháirt níos gníomhaí a ghlacadh in infheistíochtaí atá dearfach ó thaobh an dúlra de agus in infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas ar an mbithéagsúlacht agus in earnálacha a bhfuil na comhthairbhí bithéagsúlachta is mó acu, amhail bainistiú uisce, sláintíocht, foraoiseacht agus an t-aigéan, leis an leibhéal is airde sláine agus dearbhuithe, go háirithe maidir le cearta na bpobal áitiúil agus lena gcomhtháthófar na ceachtanna a foghlaimíodh ón tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha; ag dréim go méadóidh BEI maoiniú do réitigh chun truailliú plaisteach a laghdú;

19.  ag dréim le hiarrachtaí feabhsaithe chun an dúlra a phríomhshruthú in anailísí agus in oibríochtaí lena ndéantar measúnú ar an riosca airgeadais a bhaineann le cailliúint na bithéagsúlachta ar leibhéal an chontrapháirtí; ag dréim go ndéanfar gnéithe dúlra-dearfacha a ionchorprú go córasach i dtionscadail bhonneagair ar mórscála, go háirithe le haghaidh infheistíochtaí uirbeacha; ag tabhairt rabhadh i gcoinne tionscadal a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide as a n-eascraíonn scriosadh na bithéagsúlachta;

20.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an chaibidlíocht maidir le babhtálacha fiachais don dúlra leanúnach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leormhaitheas forbartha agus caomhnaithe na mbabhtálacha sin agus a gcostais arda idirbheart, go háirithe ós rud é gur léirigh samplaí roimhe seo go bhfuil na hábhair imní sin bailí; á chur i bhfáth go bhfuil gá le leibhéil arda trédhearcachta agus úinéireachta tíre;

21.  ag dréim go leanfaidh BEI de chaighdeáin dhiana leasa ainmhithe agus den reachtaíocht is infheidhme a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí pórúcháin agus beatha i bhfeirmeoireacht éisc, bunaithe ar an gcaighdeán is airde arna leagan síos ag an Aontas agus ag institiúidí airgeadais iltaobhacha;

22.  á thabhairt chun suntais go bhfuil slándáil sholáthar na n-amhábhar criticiúil (CRM) ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, d’earnáil na cosanta agus do bhonn tionsclaíoch an Aontais i gcoitinne; á mheabhrú go bhfuil ról ag BEI i gComhghuaillíocht Amhábhar AE agus aidhm an Aontais a bheith níos neamhspleáiche a mhéid a bhaineann le soláthar CRM; ag cur béim ar a thábhachtaí atá cur chuige an gheilleagair chiorclaigh i leith CRM, bunaithe ar athchúrsáil agus athúsáid, chun spleáchas AE ar thríú tíortha a laghdú agus borradh a chur faoina neamhspleáchas straitéiseach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar BEI níos mó infheistíochta a dhéanamh in earnáil an tsásra acmhainneachta chun athléimneacht in amhábhair a fheabhsú agus béim ar leith á leagan ar amhábhair thánaisteacha a athchúrsáil, agus réitigh an gheilleagair chiorclaigh a chothú chun cabhrú le héagsúlú an tsoláthair;

Tacaíocht don nuálaíocht, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, don tionsclaíocht agus don digitiú

23.  á mheabhrú gurb iad FBManna cnámh droma gheilleagar na hEorpa; á mheabhrú gurb ionann 23 mhilliún FBM an Aontais agus 99 % de na gnólachtaí uile, go gcuireann siad thart ar thrí cheathrú de na poist uile ar fáil agus go ngineann siad níos mó ná 50 % den bhreisluach iomlán a tháirgeann gnólachtaí AE; á chur i bhfios go láidir gur príomhchuspóir do Ghrúpa BEI é tacaíocht a thabhairt do FBManna; á chur i bhfios go gcruthaíonn an ghéarchéim fuinnimh agus iarmhairtí chogadh na Rúise san Úcráin dúshláin bhreise do FBManna, mar aon le praghsanna amhábhar atá ag méadú agus rátaí úis atá ag ardú;

24.  á mheabhrú gur chuir Grúpa BEI maoiniú ar fáil in 2022 arbh ionann é agus infheistíocht iomlán de EUR 16,35 billiún do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe; ag tabhairt dá haire, de réir mheasúnú Ghrúpa BEI, gur beagnach EUR 20 billiún i nglanshínithe bliantúla a bhí i méid iomlán oibríochtaí Ghrúpa BEI lenar soláthraíodh tacaíocht fiachais do FBManna idir 2010 agus 2020; á iarraidh ar Ghrúpa BEI machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun a thacaíocht do FBManna a éascú tuilleadh, go háirithe do thionscadail maoinithe bheaga;

25.  á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag CEI maidir le feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú do chuideachtaí beaga, do chuideachtaí meánchaipitlithe agus do ghnólachtaí nuathionscanta agus ar an gcaoi sin a thacaíocht don fhiontraíocht, don fhás, don nuálaíocht, don taighde agus don fhorbairt, agus don fhostaíocht san Aontas; á chur i bhfios go bhfuil soláthar cobhsaí fuinnimh ag praghsanna iomaíocha ar cheann de na bunchlocha do bheartas tionsclaíoch rathúil, agus go háirithe do FBManna rathúla; á iarraidh ar Ghrúpa BEI breis caipiteal fáis a sholáthar chun go mbeidh ar chumas FBManna a gcuid oibríochtaí a uas-scálú; ag tathant ar Ghrúpa BEI méadú a dhéanamh ar an tacaíocht atá dírithe ar ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha, lena n-áirítear trí rioscaí níos mó a ghlacadh maidir le caipiteal fiontair a eisíoc chun a áirithiú go mbeidh gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha in ann méadú laistigh de AE seachas lasmuigh de;

26.  á chur i bhfáth gur gá do CEI díriú go láidir ar thionscadail lena gcruthaítear agus lena gcoinnítear poist ardcháilíochta, lena n-áirítear tionscadail atá dírithe ar dhul i ngleic le fadhb mhéadaitheach na dífhostaíochta i measc na n-óg, amhail an déshamhail phrintíseachta, mar a thugtar uirthi, a léiríodh a bheith éifeachtach agus rathúil i roinnt Ballstát, d’fhonn poist shlána ar ardchaighdeán a chruthú;

27.  ag aithint gur minic a bhíonn FBManna i ngleic le hacmhainní riaracháin teoranta agus go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chostais iasachtaíochta níos géire ná corparáidí móra mar gheall ar théarmaí iasachta bainc nach bhfuil chomh fabhrach sin agus go bhfuil sé ríthábhachtach uirlisí maoiniúcháin a thairiscint dóibh atá éasca agus inrochtana; ag moladh go láidir do Ghrúpa BEI, dá bhrí sin, a chláir a cheapadh ar bhealach lena simplítear nósanna imeachta riaracháin agus an cúnamh teicniúil is gá agus cistiú leormhaith le haghaidh seirbhísí comhairleacha á soláthar, agus ar an gcaoi sin a n-inrochtaineacht do FBManna a fheabhsú;

28.  á iarraidh an athuair ar Ghrúpa BEI comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí chun réitigh shonraíbhunaithe a thógáil, agus béim ar leith á leagan ar iomaíochas FBManna, agus a infheistíocht sa réimse sin a dhíriú ar bhearnaí digiteacha a dhúnadh laistigh den Aontas agus idir an tAontas agus réigiúin eile den domhan atá níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de; á iarraidh ar Ghrúpa BEI dlús a chur leis na hinfheistíochtaí sa digitiú, i bhforbairt teicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail IS, agus in uas-sciliú agus athsciliú oibrithe atá bunriachtanach le haghaidh bonn tionsclaíoch láidir;

An Úcráin

29.  á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón Aontas don Úcráin a sheol BEI i mí an Mhárta 2023 chun atógáil agus téarnamh san Úcráin a mhaoiniú, a ceapadh mar scéim shealadach lena gcumasófar rannpháirtíocht leanúnach BEI sa tír agus an tacaíocht mheántéarmach ón Aontas a bhfuiltear ag súil léi á cur i bhfeidhm; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá buiséad AE mar ráthóir do ghníomhaíocht BEI nuair a bhaineann sé sin le hiasachtaí a sholáthar lasmuigh de AE chun cláir AE a chur chun feidhme; á iarraidh go méadófaí na ráthaíochtaí a thugtar do BEI ó bhuiséad AE chun go mbeadh BEI in ann leanúint d’oibríochtaí ríthábhachtacha de chuid na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí a chur ar fáil san Úcráin agus a ghníomhaíochtaí a leathnú sa Domhan Theas; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gníomhaíochtaí uile BEI san Úcráin á dtreorú ag na tosaíochtaí maidir le téarnamh agus atógáil shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil i gcomhréir leis na prionsabail ‘atógáil ar bhealach níos fearr’, agus go mbeidh siad ailínithe go hiomlán leis an bplean don Úcráin atá ar na bacáin; á chur in iúl gur díol sásaimh di comhpháirt an chúnaimh theicniúil chun ullmhú agus cur chun feidhme optamach tionscadal a áirithiú, chomh maith le bearta fothaithe acmhainneachta; ag dréim go sainaithneofar sa tríú Mearmheasúnú ar Riachtanais Damáiste atá ar na bacáin, a dhéanfaidh an Banc Domhanda i gcomhar leis an gCoimisiún, le BEI agus le Rialtas na hÚcráine, riachtanais atá méadaithe go suntasach; á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí BEI calaois agus éilliú a chosc, a dhíspreagadh agus a imscrúdú i ndáil lena thionscadail san Úcráin;

30.  á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar freisin ag cogadh foghach na Rúise ar réigiúin in AE agus go raibh tionchair shuntasacha eacnamaíocha aige, go háirithe i dtíortha teorann thoir AE agus a chomharsanachta, chomh maith le géarchéim dhaonnúil thromchúiseach; á chur i bhfáth gur cheart na hathruithe ar shlabhraí soláthair agus ar chaidreamh trádála agus eacnamaíoch arb é an cogadh is cúis leo a chur san áireamh agus infheistíocht á pleanáil amach anseo; á iarraidh ar BEI an staid gheopholaitiúil agus na hinfheistíochtaí is gá i dtíortha túslíne a chur san áireamh, lena n-áirítear bonneagar agus bainistiú teorainneacha;

31.  á mheabhrú gur athrú ó bhonn é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ós rud é go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar thimpeallacht slándála na hEorpa agus go n-éilítear leis méadú ar ullmhacht cosanta agus, dá bhrí sin, infheistíochtaí leordhóthanacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil do BEI; á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar a thacaíocht don Tionscnamh Straitéiseach Slándála Eorpach agus do thionscal cosanta na hEorpa, lena n-áirítear FBManna, go háirithe chun rannchuidiú le tacaíocht leanúnach don Úcráin; á iarraidh ar BEI a liosta incháilitheachta a leasú ionas nach ndéanfar armlón agus trealamh míleata a théann níos faide ná feidhmeanna dé-úsáide a eisiamh a thuilleadh ó mhaoiniú BEI;

BEI Domhanda

32.  ag dréim go leanfaidh gníomhaíochtaí BEI Domhanda de bheith ailínithe le leasanna straitéiseacha agus cuspóirí beartais sheachtraigh AE; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht BEI sa tionscnamh Global Gateway, lena dtacófar go príomha le hinfheistíochtaí i mbonneagar agus in FBManna, agus ar an gcaoi sin, a rannchuideoidh le cuspóir an Aontais a neamhspleáchas straitéiseach a fheabhsú; ag dréim go n-áiritheoidh BEI Domhanda gur léir go bhfuil infheistíochtaí breise, go gcruthóidh siad tionchair dhearfacha fhadtéarmacha agus go rachaidh siad chun tairbhe do phobail is faighteoirí, tríd an oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha a choimirciú, athléimneacht aeráide a fheabhsú, poist áitiúla a chruthú, caighdeáin mhaireachtála a ardú agus an bhochtaineacht a mhaolú; á chreidiúint nach mór do gheallsealbhóirí na dtíortha is faighteoirí, amhail údaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i gcinneadh a dhéanamh maidir le tionscadail na Straitéise Global Gateway agus iad a chur chun feidhme; á mheabhrú, thairis sin, go mbraitheann rath BEI Domhanda ar leibhéal leormhaith foirne bunaithe ar an láthair, lena n-áirítear oibrithe áitiúla;

33.  ag tabhairt dá haire, ó cuireadh an brainse nua forbartha ar bun, go bhfuil úsáid níos mó ná riamh bainte ag BEI Domhanda as an bhfuinneog thiomnaithe infheistíochta a sholáthraítear leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda ar fáil, lenar soláthraíodh os cionn EUR 10 mbilliún in 2022, go háirithe chun tacú leis an Úcráin agus leis an straitéis Global Gateway; ag tabhairt dá haire go bhfuil treochlár straitéiseach domhanda ag BEI agus go bhfuiltear ag dréim go n-éascóidh sé ar a laghad aon trian den EUR 300 billiún in infheistíochtaí a leagtar amach le giniúint faoi dheireadh 2027; á chur in iúl gur geal léi an sprioc do 2025 maidir le níos mó ná 50 % den iasachtú bliantúil a thabhairt i dtreo infheistíocht sa ghníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil; ag dréim go rannchuideoidh an maoiniú le haistriú cuimsitheach agus cóir ar fud an domhain; ina theannta sin, ag dréim go rannchuideoidh BEI Domhanda ar bhealach fóinteach le sprioc an Aontais 85 % de na gníomhaíochtaí seachtracha nua uile a thacaíonn le comhionannas inscne a bhaint amach faoi 2025; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta chun Ciste na Straitéise Global Gateway a bhunú faoin ráthaíocht maidir leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, a bhfuiltear ag súil go maoineoidh sé infheistíochtaí ardtionchair san earnáil phríobháideach agus go gcuirfidh sé maoiniú cothromais agus fiachais ar fáil do bhonneagar ardtionchair, fuinneamh glan agus tionscadail forbartha daonna ar fud an domhain; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa comhairliúcháin chuimsitheacha agus fhóinteacha le geallsealbhóirí a mbíonn tionchar ag a chuid oibríochtaí orthu; á iarraidh go dtabharfaí níos mó tacaíochta do thionscadail a bhfuil cumas teoranta ó thaobh brabúis de agus torthaí poiblí arda acu, agus go n-ísleofaí an t-íosmhéid iasachta do thionscadail aonair, go háirithe i dtíortha beagfhorbartha;

34.  á iarraidh an athuair ar BEI Domhanda oibríochtaí measctha a theorannú do réimsí inar féidir leo luach a chur leis an ngeilleagar áitiúil agus plódú caipitil phríobháidigh á sheachaint ag an am céanna agus a áirithiú nach n-úsáidfear maoiniú cumaiscthe le haghaidh seirbhísí poiblí bunriachtanacha, go háirithe seirbhísí sláinte, oideachais agus cosanta sóisialta; á mheabhrú gur cheart do spriocanna beartais forbartha AE, agus go háirithe an sprioc rochtain uilíoch agus inacmhainne ar chúram sláinte a fheabhsú, infheistíochtaí BEI sa réimse a threorú, chun torthaí sláinte níos fearr a áirithiú do chách, agus go háirithe do mhná;

35.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di leibhéil fiachais atá ag ardú go tapa agus costais níos airde iasachtaíochta i ngeilleagair atá ag teacht chun cinn agus i ngeilleagair atá i mbéal forbartha, agus meastar go bhfuil 60 % de na tíortha ísealioncaim a bhfuil anás fiachais phoiblí orthu cheana féin nó go bhfuil baol ard anásta fiachais ann(4); á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag BEI agus ag institiúidí iltaobhacha eile maidir le cistiú a chur ar fáil ar théarmaí lamháltais chun ualaí fiachais neamh-inbhuanaithe a mhaolú;

36.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh BEI Domhanda cuntasach as comhlíonadh na bprionsabal a leagtar amach i nDearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht Cabhrach agus i gClár Oibre Accra don Ghníomhaíocht (úinéireacht, ailíniú, comhchuibhiú, bainistiú torthaí agus cuntasacht fhrithpháirteach); á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe, sa chomhthéacs sin, coinbhleacht leasanna idir gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus maoiniú forbartha domhanda BEI agus an tionchar ar bhreisíocht forbartha infheistíochtaí domhanda BEI dá ndéantar difear;

37.  ag tabhairt dá haire gur eisigh BEI nóta faisnéise ina ndéantar achoimre ar a chur chuige maidir le cearta an duine; á mheabhrú do BEI a thábhachtaí atá sé cearta an duine a chomhtháthú ina nósanna imeachta díchill chuí, measúnuithe tionchair ar chearta an duine a dhéanamh, a thiomantas ginearálta maidir le cearta an duine a dhaingniú agus oibriú i gcomhréir iomlán le hAirteagal 2 CFAE; á iarraidh an athuair ar rialacha soiléire agus ceangailteacha chun an nóta faisnéise ina ndéantar achoimre ar chur chuige domhanda BEI i leith chearta an duine a chomhlánú, go háirithe maidir le measúnú agus díscor; á chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di, ó 2015, nár chuir BEI de cheangal ar thionscnóirí tionscadail aon mheasúnuithe tionchair neamhspleácha ar chearta an duine a dhéanamh; á iarraidh ar BEI, dá bhrí sin, straitéis um chearta an duine a chur ar fáil chomh maith le measúnuithe ar chearta an duine agus meastóireachtaí ar a chláir, lena n-áirítear ar an staid iarbhír ar an talamh i dtíortha is faighteoirí, chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle le pobail áitiúla agus go n-urramófar an ceart chun toiliú saor, roimh ré agus feasach ar bhealach córasach; á iarraidh ar BEI, thairis sin, beartais shonracha a fhorbairt maidir le cosantóirí chearta an duine agus prótacail chun freagairt do rioscaí díoltais; á chur i bhfios go láidir gur cheart bearta sonracha a dhéanamh chun pobail dhúchasacha, mná, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí leochaileacha eile a áireamh i gcomhairliúcháin;

38.  á iarraidh an athuair ar BEI a áirithiú go rachaidh a oibríochtaí chun tairbhe do mhná agus do chailíní agus do chumhachtú eacnamaíoch na mban agus d’fhostaíocht na mban a chur chun cinn; á chreidiúint go bhféadfadh BEI méadú breise a dhéanamh ar iasachtaí micreamhaoiniúcháin do ghnólachtaí atá faoi stiúir ban, a bhfuil idirdhealú fós le déanamh orthu i dtaca le rochtain ar mhaoiniú;

39.  á iarraidh ar BEI comhoibriú le hinstitiúidí déthaobhacha agus iltaobhacha eile chun modheolaíochtaí coiteanna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh anailís ar thionchar na forbartha, d’fhonn tionchair dhearfacha fhadtéarmacha agus breisluach a áirithiú;

Trédhearcacht agus rialachas

40.  á mheabhrú gur airgead poiblí iad cistí BEI agus gur cheart go mbeadh a n-úsáid faoi réir grinnscrúdú poiblí agus cuntasacht phoiblí i gcónaí; ag aithint go bhfuil rátáil ‘cothrom’ ag BEI de réir Innéacs Trédhearcachta Infheistíochta Dírí Coigríche 2023; á iarraidh ar BEI faisnéis níos mionsonraithe maidir le tionscadail a fhoilsiú go réamhghníomhach, ar bhealach tráthúil, lena n-áirítear an réasúnaíocht agus an comhthéacs do thionscadail, ina míneofar conas a dhéanann siad ailíniú le haidhmeanna beartais AE agus a chuireann siad chun cinn iad, agus ag dréim go gcuirfidh BEI teorainn leis an neamhnochtadh do na heisceachtaí is infheidhme a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(5) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006(6); ag tathant ar BEI moltaí an Ombudsman Eorpaigh an 20 Samhain 2023 ó Chás 2252/2022/OAM agus an 21 Aibreán 2022 ó Chás 1251/2020/PB a chur chun feidhme chun go bhféadfar measúnú fóinteach a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil agus sóisialta na dtionscadal atá á mbreithniú aige le haghaidh cistiú;

41.  á iarraidh go méadófaí cuntasacht BEI i leith institiúidí AE, go háirithe i leith na Parlaiminte, ós rud é go bhfuil trédhearcacht ar cheann de bhunchlocha an daonlathais; á iarraidh ar BEI, dá bhrí sin, a thuairisciú don Pharlaimint a mhéadú maidir lena chinntí, an dul chun cinn atá déanta agus tionchar a ghníomhaíochtaí iasachtaithe, go háirithe trí idirphlé struchtúrtha rialta idir an Pharlaimint agus BEI; á iarraidh an athuair go mbeadh comhaontú idirinstitiúideach ann idir an Pharlaimint agus BEI chun feabhas a chur ar an rochtain ar dhoiciméid agus sonraí BEI agus chun an chuntasacht dhaonlathach a fheabhsú, lena n-áirítear an cumas ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn a chur faoi bhráid BEI, mar a foráladh cheana don Bhanc Ceannais Eorpach;

42.  á iarraidh an athuair ar BEI a bheartas i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a neartú, lena n-áirítear trí staonadh ó thairbhithe cistiúcháin nó ó idirghabhálaithe airgeadais a bhfuil cuntas teiste diúltach cruthaithe acu; á iarraidh ar BEI bearta coisctheacha agus measúnuithe cánach rialta a fhorfheidhmiú i gcoinne dlínsí cánach neamh-chomhoibríocha, agus chomh maith leis sin i gcoinne calaois chánach agus fhioscach, i gcoinne imghabháil cánach, agus i gcoinne seachaint cánach neamhdhleathach dhian;

43.  ag spreagadh leas-uachtaráin BEI chun rannpháirtíocht i dtograí tionscadail óna dtíortha baile a sheachaint; á iarraidh ar BEI moltaí uile an Ombudsman an 27 Iúil 2022 ó Chás 1016/2021/KR agus an 31 Deireadh Fómhair 2023 ó Chás 611/2022/KR a chur chun feidhme go hiomlán maidir le gníomhaíochtaí iarchomhaltaí a Choiste Bainistíochta; á iarraidh ar chomhaltaí Choiste Bainistíochta BEI a gcruinnithe sceidealaithe le geallsealbhóirí seachtracha a fhoilsiú agus á iarraidh an athuair go ndéanfaí ábhar chruinnithe chomhlachtaí rialaithe BEI a fhoilsiú go córasach, chun trédhearcacht a fheabhsú tuilleadh;

44.  ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ag BEI maidir le lucht saothair níos cothroime ó thaobh inscne de a bhaint amach, cé go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i bpoist shinsearacha agus i bpríomhréimsí gníomhaíochta; á chur in iúl gur oth léi nár bhain BEI amach a spriocanna inscne a leagadh síos do mhná ar leibhéil éagsúla ina Straitéis Éagsúlachta agus Cuimsithe do BEI 2018-2021; á iarraidh ar an mBanc, dá bhrí sin, dlús a chur lena iarrachtaí chun an éagsúlacht inscne a mhéadú ar mhaithe le paireacht inscne agus cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach ar fud na bhfeidhmeanna uile agus go háirithe i bpoist shinsearacha agus bhainistíochta, agus cothromaíocht gheografach á coimeád ag an am céanna; á iarraidh ar BEI cur chun cinn gach cineáil éagsúlachta agus cuimsithe a fheabhsú tuilleadh laistigh dá eagraíocht agus spriocanna uaillmhianacha a leagan síos;

o
o   o

45.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta.

(1) IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.
(2) IO L 274, 30.7.2021, lch. 1.
(3) Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2023/1184 an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (IO L 157, 20.6.2023, lch. 11).
(4) Tuarascáil an Bhainc Dhomhanda, ‘Global Economic Prospects’ [Ionchais Eacnamaíocha Dhomhanda], Eanáir 2024, https://www.worldbank.org/en/publication/global-economic-prospects.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(6) Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais