Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0362(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0043/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0043/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 29/02/2024 - 7.2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0111

Téacsanna atá glactha
PDF 111kWORD 42k
Déardaoin, 29 Feabhra 2024 - Strasbourg
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a thabhairt i gcrích
P9_TA(2024)0111A9-0043/2024

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a thabhairt i gcrích (15048/2022 – C9-0051/2023 – 2022/0362(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15048/2022),

–  ag féachaint don chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte (15088/2022),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0051/2023),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0043/2024),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Séiséal.

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais