Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0259(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0011/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0011/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 29/02/2024 - 7.4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0113

Téacsanna atá glactha
PDF 111kWORD 43k
Déardaoin, 29 Feabhra 2024 - Strasbourg
Comhaontú Eatramhach maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile
P9_TA(2024)0113A9-0011/2024

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eatramhaigh maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile (11667/2023 – C9-0466/2023 – 2023/0259(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11667/2023),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Eatramhach maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile (11668/2023),

–  ag féachaint do Ráiteas Comhpháirteach i dtaca leis na Forálacha maidir le Trádáil agus leis an bhForbairt Inbhuanaithe atá sa Chomhaontú Eatramhach maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile, atá i gceangal leis an gComhaontú,

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 207(4) an chéad fhomhír, Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0466/2023),

–  ag féachaint dá rún eatramhach an 29 Feabhra 2024(1) ar an togra don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích Chreat-Chomhaontaithe Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile,

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0011/2024),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Sile.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0115.

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais