Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe Ardleibhéil, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile (11669/2023 – C9-0467/2023 – 2023/0260(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11669/2023),
– ag féachaint don dréacht-Chreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile (11670/2023),
– ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach maidir leis na Forálacha maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe atá sa Chreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile, atá i gceangal leis an gCreat-Chomhaontú Ardleibhéil (11670/2023),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, Airteagal 212 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7) agus le hAirteagal 218(8), an chéad fhomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0467/2023),
– ag féachaint dá rún eatramhach an 29 Feabhra 2024(1) ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe Ardleibhéil, thar cheann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta de bhun Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0010/2024),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Sile.