Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chreat-Chomhaontaithe Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile (COM(2023)0432 – C9-0467/2023 – 2023/0260R(NLE))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2023)0432),
– ag féachaint don dréacht-Chreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile,
– ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach maidir leis na Forálacha maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe atá sa Chreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile, atá i gceangal leis an gCreat-Chomhaontú Ardleibhéil seo,
– ag féachaint don Chomhaontú Eatramhach maidir le Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile,
– ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an tSile, den pháirt eile(1), a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2005, agus a gcuirfear an Creat-Chomhaontú Ardleibhéil ina ionad,
– ag féachaint don Chomhaontú maidir le Trádáil i bhFíonta agus don Chomhaontú maidir le Trádáil Biotáillí agus Deochanna Cumhraithe, a bhí i gceangal roimhe seo leis an gComhaontú Comhlachais agus a ionchorprófar sa Chreat-Chomhaontú Ardleibhéil,
– ag féachaint do threoracha caibidlíochta an 13 Samhain 2017 le haghaidh na gcaibidlíochtaí maidir le Comhaontú Comhlachais nuachóirithe leis an tSile a d’eisigh an Chomhairle agus a foilsíodh an 22 Eanáir 2018,
– ag féachaint do mholadh uaithi an 13 Meitheamh 2018 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaibidlíocht ar nuachóiriú an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an tSile(2),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí maidir leis na caibidlíochtaí ar nuachóiriú cholún trádála an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an tSile(3),
– ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 20 Meitheamh 2023 dar teideal ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’ (JOIN(2023)2020),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 7 Meitheamh 2023 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal A New Agenda for Relations between the EU and Latin America and the Caribbean [Clár Oibre Nua don Chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib] [(JOIN(2023)0017),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2022 dar teideal The power of trade partnerships: together for green and just economic growth [Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch atá glan agus cóir] (COM(2022)0409),
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal 'The Global Gateway' (JOIN(2021)0030),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] (COM(2021)0066),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),
– ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le toradh athbhreithniú ón gCoimisiún ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le beartas infheistíochta idirnáisiúnta an Aontais amach anseo(5),
– ag féachaint don Mheasúnú Tionchair an 24 Bealtaine 2017 a ghabhann leis an Moladh Comhpháirteach le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chun an chaibidlíocht a thosú agus chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le Comhaontú Comhlachais nuachóirithe le Poblacht na Sile (SWD(2017)0173),
– ag féachaint don Mheasúnú Tionchair maidir le hInbhuanaitheacht an 7 Bealtaine 2019 mar Thaca leis an gCaibidlíocht le haghaidh Nuachóiriú na Coda Trádála den Chomhaontú Comhlachais leis an tSile,
– ag féachaint do Dhearbhú an Chruinnithe Mullaigh 2023 idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) a tionóladh sa Bhruiséil an 17-18 Iúil 2023,
– ag féachaint don ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, le Gabriel Boric, Uachtarán na Sile, an 14 Meitheamh 2023,
– ag féachaint do Rún ES-11/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 dar teideal ‘Fogha i gcoinne na hÚcráine’,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus do Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal 2022,
– ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus do Chomhaontú Pháras, a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe san UNFCCC an 12 Nollaig 2015,
– ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP),
– ag féachaint do choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), go háirithe Coinbhinsiún 169 EIS maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha,
– ag féachaint do chonclúidí na gcuairteanna ar an tSile ó dhá thoscaireacht ad hoc ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha an 19 agus an 20 Meitheamh 2023, agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta an 23-25 Bealtaine 2022,
– ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach i ndáil le Slabhraí Luacha Amhábhar Inbhuanaithe, a síníodh sa Bhruiséil an 18 Iúil 2023,
– ag féachaint do Dhearbhú Comhpháirteach ó Airí Gnóthaí Baile Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus na nAirí atá freagrach as cúrsaí slándála ó Bhallstáit Choiste Mheiriceá Laidinigh um Shlándáil Inmheánach (Dearbhú Comhpháirteach AE-CLASI) an 28 Meán Fómhair 2023,
– ag féachaint don straitéis náisiúnta litiam a thíolaic Rialtas na Sile an 20 Aibreán 2023,
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Teideal V de maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais,
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 91, 100(2), 207 agus 212 de, i gcomhar le hAirteagal 218,
– ag féachaint do Riail 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil eatramhach ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0017/2024),
A. de bhrí go dtugann an éagobhsaíocht idirnáisiúnta atá ann faoi láthair chun suntais gur gá don Aontas a chuid comhpháirtíochtaí le tíortha daonlathacha agus le tíortha atá ar aon intinn leis agus a roinneann a luachanna a athbheochan chun a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú, a shlabhraí soláthair a éagsúlú, rochtain ar amhábhair chriticiúla a dhaingniú agus comhoibriú i ngach fóram iltaobhach chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe atá bunaithe ar an tsíocháin, ar an smacht reachta agus ar fhorbairt inbhuanaithe a chosaint;
B. de bhrí gur dlúth-chomhpháirtithe iad an tSile agus an tAontas chun dul i ngleic le dúshláin réigiúnacha agus dhomhanda agus go bhfuil siad aontaithe ag luachanna uilíocha comhroinnte amhail an daonlathas agus cearta an duine, agus dlúthnaisc chultúrtha, dhaonna, eacnamaíocha agus pholaitiúla; de bhrí gur comhpháirtí an-tábhachtach agus iontaofa de chuid an tAontas í an tSile;
C. de bhrí go gcuirtear luachanna agus prionsabail choiteanna chun cinn leis an gChreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas agus an tSile (‘an Comhaontú’), go bhfuil sé d’acmhainn aige an comhar idir an tSile agus an tAontas a neartú go mór, é a leathnú chuig réimsí nua agus tacaíocht fhrithpháirteach a chur ar fáil chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda nua;
D. de bhrí go bhfuil dhá mhórthionscadal leis an tSile á gcur chun feidhme mar chuid de straitéis Global Gateway an Aontais: tionscnamh Fhoireann na hEorpa maidir le hidrigin in-athnuaite a fhorbairt sa tSile, le buiséad tosaigh EUR 225 mhilliún; agus an tionscnamh maidir le slabhraí luacha amhábhar criticiúil a fhorbairt le haghaidh litiam agus copair;
E. de bhrí gur tionóladh cruinniú aireachta idir an tAontas agus Coiste Mheiriceá Laidinigh um Shlándáil Inmheánach (CLASI), a bhfuil an tSile ina comhalta de, sa Bhruiséil an 28 Meán Fómhair 2023, arb é an toradh a bhí air gur glacadh dearbhú comhpháirteach maidir leis an ngá atá le dlús a chur leis an gcomhar i ndáil leis an tslándáil agus an gháinneáil ar dhrugaí a chomhrac;
F. de bhrí gurb é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSile agus an fhoinse is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche atá aici; de bhrí go bhfuil an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSile, atá i bhfeidhm ó 2003 i leith, tar éis an trádáil dhéthaobhach a leathnú go suntasach agus gur gá é a nuachóiriú anois chun é a thabhairt i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil an tAontas agus an tSile tiomanta do chóras iltaobhach trádála atá oscailte, inbhuanaithe, bunaithe ar rialacha agus ar luachanna a chur chun cinn leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) ina chroílár;
G. de bhrí go bhfuil an tSile ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhan agus go mbraitheann sí go mór ar thrádáil idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil ceann de na geilleagair is rathúla i Meiriceá Laidineach ag an tSile, ach go bhfuil an neamhionannas socheacnamaíoch fós ard;
H. de bhrí go léirítear sna tuarascálacha is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe(6) nár sháraigh sciar Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib d’onnmhairí monaraíochta domhanda 5 % le 20 bliain anuas, rud a léiríonn go bhfuil easnamh trádála leanúnach agus méadaitheach ag an réigiún in onnmhairí monaraíochta;
I. de bhrí go bhfuil cuid de na dálaí nádúrtha is fearr ar fud an domhain ag an tSile chun hidrigin ghlas a tháirgeadh; de bhrí gur ghlac Rialtas na Sile straitéis uaillmhianach maidir le hidrigin ghlas arb é is aidhm di an tSile a bheith ar cheann de na táirgeoirí hidrigine glasa is fearr ar domhan;
J. de bhrí gur amhábhar straitéiseach é litiam; de bhrí gurb í an tSile an dara táirgeoir litiam is mó ar domhan agus go bhfuil na cúlchistí litiam is mó ar domhan aici; de bhrí gurb í an tSile an soláthraí litiam is mó don Aontas cheana féin; de bhrí gurb í an tSile an táirgeoir copair is mó ar domhan freisin; de bhrí gur ghlac Rialtas na Sile straitéis litiam uaillmhianach arb é is aidhm di táirgeadh litiam na Sile a mhéadú; de bhrí go bhfuil sé chun leasa na Sile agus an tAontas araon cumas na Sile a chothú chun a cumas tionsclaíoch intíre féin a fhorbairt san earnáil seo, go háirithe trí bhreisluach a ghiniúint trí phróiseáil agus claochlú intíre amhábhar;
K. de bhrí gur príomhearnálacha iad an talmhaíocht agus an mhianadóireacht do gheilleagar na Sile; de bhrí gur tugadh le fios sa mheasúnú tionchair inbhuanaitheachta go bhfuil mianadóireacht litiam sa tSile comhchruinnithe i réigiúin atá gann ar uisce, i limistéir ina bhfuil pobail thuaithe agus dhúchasacha den chuid is mó; de bhrí go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag méadú neamhrialaithe agus neamh-inbhuanaithe ar an mianadóireacht agus ar tháirgeadh talmhaíochta; de bhrí nach mór aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin go cúramach agus dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu;
L. de bhrí gur cheart go rannchuideodh beartais trádála agus infheistíochta le caighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus leasa ainmhithe a ardú agus le lánurraim do chearta bunúsacha a áirithiú, lena n-áirítear cearta pobal áitiúil agus pobail dhúchasacha, an ceart chun bia agus uisce leormhaith agus cearta tuathánach agus daoine eile atá ag obair i gceantair thuaithe; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le cur chuige an Aontais i leith na trádála agus na forbartha inbhuanaithe rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtach chroíchearta saothair EIS agus Chomhaontú Pháras;
M. de bhrí go bhfuil athchóiriú déanta ag an Aontas ar fhorálacha cosanta infheistíochta, gur chuir sé an córas cúirte infheistíochta (ICS) in ionad an tsásra um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus stát agus gur sheol sé caibidlíocht iltaobhach do chúirt infheistíochta, ar céimeanna suntasacha iad sa treo ceart le haghaidh beartas infheistíochta nuachóirithe agus inbhuanaithe; de bhrí go dtiocfaidh ICS in ionad na seanchonarthaí déthaobhacha cosanta infheistíochta atá tugtha i gcrích ag an tSile le 16 Bhallstát de chuid an Aontais;
N. de bhrí gur chuir an Chomhairle an tsraith iomlán de threoracha caibidlíochta don Chomhaontú ar fáil don phobal, an chéad uair a rinne sí amhlaidh do chomhaontú den sórt sin lena gcumhdaítear cúrsaí polaitiúla agus trádála, agus ar an gcaoi sin ag freagairt do na hiarrataí go mbeadh níos mó trédhearcachta ann agus go ndéanfaí ábhar agus cuspóirí na gcaibidlíochtaí a chur in iúl ar bhealach níos fearr;
Comhar dé-réigiúnach
1. á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht gheopholaitiúil ag baint le caidreamh láidir dé-réigiúnach idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, agus a thábhachtaí atá caidreamh láidir déthaobhach idir an tAontas agus an tSile bunaithe ar nuachóiriú an chomhaontaithe comhlachais, i measc nithe eile; ag cur béim ar luach geopholaitiúil an Chomhaontaithe i bhfianaise gníomhaithe eile a bheith ann, amhail an tSín;
2. á chur in iúl gur geal léi an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus CELAC i mí Iúil 2023 agus an gealltanas an chomhpháirtíocht straitéiseach sin a dhoimhniú tuilleadh bunaithe ar luachanna agus prionsabail chomhroinnte agus ar naisc stairiúla, teanga, chultúrtha agus shóisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá idirphlé dé-réigiúnach rialta agus á chur in iúl gur mór aici ról cuiditheach na Sile san idirphlé dé-réigiúnach sin, agus ar an leibhéal iltaobhach chomh maith;
3. ag cur béim ar an bhfíoras gur gá straitéis an Aontais do Mheiriceá Laidineach agus do Mhuir Chairib a chur chun feidhme go pras bunaithe ar thosaíochtaí comhpháirteacha; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i gcomhar le tíortha CELAC chun an tsíocháin agus an tslándáil, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus an fhorbairt a chur chun cinn agus a ráthú, chomh maith le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, géarchéim na bithéagsúlachta, imirce, foréigean inscnebhunaithe agus éilliú;
4. á chur in iúl gur geal léi gur fógraíodh pacáiste airgeadais EUR 45 bhilliún chun tacú le haistriú glas cothrom, claochlú digiteach cuimsitheach, forbairt dhaonna agus athléimneacht sláinte i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, agus á chur in iúl gur geal léi go háirithe go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an tionscadal chun an Ciste don Hidrigin Ghlas a fhorbairt sa tSile; á iarraidh go ndéanfar clár oibre infheistíochta Global Gateway an Aontais a chur chun feidhme go pras i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib bunaithe ar chur chuige Fhoireann na hEorpa;
5. á thabhairt dá haire go raibh agus go bhfuil tacaíocht na gcomhpháirtithe i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib an-luachmhar i gcónaí maidir le vótáil i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi gur vótáil an tSile i bhfabhar rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe lena gcáintear ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur mór aici an chabhair dhaonnúil a chuireann an tSile ar fáil don Úcráin chomh maith le hullmhacht speisialtóirí na Sile páirt a ghlacadh i gcríocha na hÚcráine a dhímhianú; ag spreagadh na Sile chun páirt a ghlacadh sna bearta sriantacha arna nglacadh ag tíortha an Iarthair i gcoinne na Rúise;
Idirphlé polaitiúil agus comhar earnála
6. á thabhairt chun suntais gur príomh-chomhpháirtí í an tSile don Aontas i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib agus go bhfuil luachanna daonlathacha agus go leor comhleasanna aici leis an Aontas;
7. á thabhairt dá haire gur éirigh go maith le Comhaontú Comhlachais 2002 idir an tAontas agus an tSile, ós rud é go gcuireann sé creat dlíthiúil soiléir ar fáil le haghaidh idirphlé rialta agus a fhágann gur féidir plé a dhéanamh ar go leor réimsí leasa choitinn;
8. á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go léirítear sa Chomhaontú go leor de mholtaí Pharlaimint na hEorpa a eisíodh roimh chaibidlíocht an Chomhaontaithe;
9. á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear taidhleoireacht pharlaiminteach mar cholún den idirphlé polaitiúil leis an tSile; ag moladh ról lárnach na Sile i bParlaimint na nAindéas agus sa Tionól Parlaiminteach Eora-Mheiriceá Laidinigh;
10. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe, gach cineál sáruithe ar chearta an duine a chomhrac agus deireadh a chur go héifeachtach le haon idirdhealú i gcoinne daoine dúchasacha, oibrithe imirceacha, daoine faoi mhíchumas agus daoine LGBTI, i measc daoine eile, agus aon daoine leochaileacha eile; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil forálacha láidre sa Chomhaontú maidir le prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus an smacht reachta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá in-fhorfheidhmitheacht na ngealltanas maidir le cearta an duine;
11. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cearta na bpobal dúchasach a chosaint i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta amhail UNDRIP agus Coinbhinsiún 169 EIS, lena n-áirítear toiliú saor, roimh ré agus feasach (FPIC) na bpobal áitiúil agus na bpobal dúchasach a urramú;
12. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a urramú agus a chaomhnú; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil ról chosantóirí chearta an duine agus sceithirí, i measc nithe eile, ríthábhachtach agus gur gá é a chosaint;
13. á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an Comhaontú an comhar idir an tSile agus an tAontas a neartú go mór agus é a chur ar aghaidh go dtí réimsí nua amhail an chibearchoireacht agus an comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta go comhar maidir le hábhair pholacha;
14. á chur in iúl gur geal léi go bhforáiltear leis an gComhaontú do chomhar polaitiúil neartaithe maidir le hábhair eachtracha agus shlándála le linn na ndúshlán geopholaitiúil, go háirithe maidir le cur i gcoinne leathadh arm ollscriosta;
15. á chur i bhfios go láidir gur colún lárnach de chlár oibre an Aontais maidir le slándáil agus cosaint é an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi seoladh an idirphlé dhéthaobhaigh maidir le Slándáil agus le Cosaint idir an tAontas agus an tSile; á iarraidh go ndéanfaí an comhar leis an tSile maidir le cosaint agus slándáil a dhoimhniú, lena n-áirítear faoi chuimsiú an Chompáis Straitéisigh; á chur in iúl gur mór aici rannpháirtíocht na Sile ó 2004 i leith san oibríocht mhíleata bainistithe géarchéime sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht Althea);
16. á chur i bhfios gur chomhaontaigh na Páirtithe oibriú i gcomhar le chéile agus tuairimí a mhalartú i réimsí na himirce rialta agus na himirce neamhrialta; á mheas gur uirlis an-úsáideach é dea-chleachtais a mhalartú; á thabhairt dá haire gur príomhcheann scríbe í an tSile d’imircigh ó thíortha eile i Meiriceá Laidineach, go háirithe Veiniséala; ag aithint iarrachtaí Rialtas na Sile an daonra imirceach a lánpháirtiú go rathúil; ag aithint ról tábhachtach na Sile mar Uachtarán Pro Tempore ar Phróiseas Quito maidir le freagairt réigiúnach ar ghéarchéim imirce Veiniséala a chomhordú;
17. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá tagtha ar an gcoireacht eagraithe agus ar an ngáinneáil ar dhrugaí i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, an gháinneáil ar dhrugaí atá ag éirí níos suntasaí sa tSile chomh maith leis na cainníochtaí drugaí aindleathacha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a ndéantar a gháinneáil chuig chuig an tAontas ón réigiún; á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcomhar déréigiúnach sa chomhrac i gcoinne na mbagairtí sin; á mheas go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh forálacha sa Chomhaontú maidir le comhar sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na gáinneála ar dhrugaí chun cur chuige comhtháite, fianaise-bhunaithe agus éifeachtach a áirithiú;
18. á thabhairt chun suntais go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag an tSile araon a bheith aeráidneodrach faoi 2050; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas an comhar a neartú sa chomhrac i gcoinne na géarchéime aeráide faoi UNFCCC agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur chun feidhme go héifeachtach, chomh maith le cosaint an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear faoi chuimsiú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch; á chur i bhfáth nach mór an gealltanas sin a léiriú le bearta nithiúla mar chuid de chur chun feidhme an Chomhaontaithe;
19. á aithint a thábhachtaí atá an comhar maidir le loingseoireacht satailíte shibhialta, faire na Cruinne agus gníomhaíochtaí eile spáis; ag tacú le hobair Ionad Faisnéise réigiúnach Galileo sa tSile maidir le faireachán a dhéanamh ar thionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha um loingseoireacht satailíte, margaí agus geallsealbhóirí féideartha a shainaithint, agus tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí chun feidhmchláir nua a fhorbairt trí chomhar idir tionscal Mheiriceá Laidinigh agus tionscal na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi an fógra a rinneadh le déanaí maidir le straitéis réigiúnach Copernicus a chur i bhfeidhm i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, lena n-áirítear ionad réigiúnach sonraí Copernicus sa tSile;
20. á chur in iúl gur mór aici go bhféadfaí an comhar a dhoimhniú tuilleadh i réimsí an taighde eolaíoch, na forbartha teicneolaíche agus na nuálaíochta, na hóige agus an chultúir;
21. ag aithint an ghealltanais chun coinbhinsiúin EIS a urramú agus faisnéis a mhalartú maidir le modhanna chun bochtaineacht a thomhas chun tacú le beartais atá bunaithe ar fhianaise; ag spreagadh malartú dea-chleachtas i bhfianaise ardleibhéal neamhionannais ioncaim na Sile;
22. á chur in iúl gur geal léi an gealltanas comhpháirteach a bhfuil géarghá leis maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, ós rud é go bhfuil siad ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an lae inniu agus gan aon duine a fhágáil ar lár;
Colún trádála agus infheistíochta
23. á chur in iúl gur geal léi an Comhaontú mar chomhartha tábhachtach chun tacú le trádáil oscailte, chothrom agus riailbhunaithe agus luachanna-bhunaithe, tráth a bhfuil ilroinnt eacnamaíoch agus caomhnaitheacht ag dul i méid; á chreidiúint go rachaidh an Comhaontú chun tairbhe don dá thaobh agus go rannchuideoidh sé le feabhas a chur ar fhorbairt eacnamaíoch fhadtéarmach, ar chruthú post, ar éagsúlú agus ar phróisis táirgthe breisluacha;
24. ag moladh chineál uaillmhianach agus cuimsitheach cholún trádála agus infheistíochta an Chomhaontaithe, lena mbaintear amach na tosaíochtaí a leagtar amach sa mholadh ón bParlaimint an 14 Meán Fómhair 2017(7); á thabhairt dá haire go mbeidh 99 % de na línte taraife léirscaoilte go hiomlán agus go mbeidh os cionn 95 % den trádáil idir an tAontas agus an tSile saor ó dhleacht faoin gComhaontú; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh nuachóiriú ar an gcomhaontú ar bhonn Chomhaontú um Éascú Trádála EDT; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil sé ríthábhachtach ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint agus nósanna imeachta onnmhairiúcháin a shimpliú le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe;
25. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gealltanais uaillmhianacha agus cheangailteacha maidir le caighdeáin chomhshaoil agus saothair sa chaibidil maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (TSD); á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach léirítear go hiomlán leis an gcomhaontú cur chuige nua an Aontais maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe;
26. á thabhairt dá haire go ngeallann an tAontas agus an tSile ina ráiteas comhpháirteach maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe atá i gceangal leis an gComhaontú athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha TSD an Chomhaontaithe ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá athbhreithniú uaillmhianach chun na comhaontuithe a chur i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le tograí an Aontais maidir le hathchóiriú TSD mar a tugadh isteach i dteachtaireacht 2022 ón gCoimisiún dar teideal ‘Cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála: le chéile ar mhaithe le fás eacnamaíoch glas agus cóir’, lena gcuirfí forálacha isteach chun feabhas a chur ar shásra forfheidhmithe na caibidle maidir le TSD, lena n-áirítear an fhéidearthacht céim chomhlíonta a chur i bhfeidhm, agus smachtbhannaí trádála mar rogha dheiridh i gcás ina mainnítear Comhaontú Pháras nó prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha EIS ag an obair a chomhlíonadh;
27. ag dréim leis go ndéanfar an t-athbhreithniú laistigh den amlíne a leagtar amach sa ráiteas comhpháirteach agus tar éis comhairliúcháin fhóinteacha leis na geallsealbhóirí ábhartha uile; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an Pharlaimint a choinneáil rannpháirteach go dlúth le linn an phróisis athbhreithnithe, i gcomhréir lena oibleagáidí de bhun Airteagal 218(10) CFAE, agus lánaird a thabhairt ar bharúlacha a d’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa a thabhairt;
28. á thabhairt dá haire go ngeallann an dá thaobh sa ráiteas comhpháirteach go measfaidh siad go bhféadfaí Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a áireamh mar ghné bhunriachtanach den Chomhaontú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar fhorálacha TSD;
29. á chur i bhfáth go mbeadh treochlár cur chun feidhme ina mbeadh spriocanna agus garspriocanna nithiúla chun iad a bhaint amach, arna bhunú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, ina uirlis úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin TSD;
30. á chur in iúl gur geal léi tiomantas na bPáirtithe forbairt na trádála idirnáisiúnta a chur chun cinn ar bhealach a chabhródh le hobair chuibhiúil do chách, go háirithe mná, daoine óga agus daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi seach faoi EIS;
31. á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear eolas agus cleachtais na bpobal dúchasach faoi chaibidil TSD; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach luaitear go sainráite Coinbhinsiún 169 EIS ná prionsabal na Náisiún Aontaithe maidir le toiliú saor roimh ré agus feasach a chumhdaítear in UNDRIP, a sheasann le cearta na bpobal dúchasach sa chaidreamh trádála;
32. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear caibidil thiomnaithe neamhspleách maidir le trádáil agus inscne, an chéad chaibidil dá leithéid i gcomhaontú trádála de chuid an Aontais, lena n-aithnítear a thábhachtaí atá sé gné na hinscne a ionchorprú i gcur chun cinn an fháis eacnamaíoch chuimsithigh, agus an ról lárnach a d’fhéadfadh a bheith ag beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne i ndáil leis sin; ag tacú go láidir le roinnt gealltanas ceangailteach a chur san áireamh chun deireadh a chur le bacainní agus idirdhealú in aghaidh na mban, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn agus a áirithiú go rachaidh an trádáil idirnáisiúnta chun tairbhe do chách; ag tacú go láidir leis an ngealltanas breithnithe inscne a phríomhshruthú sna beartais agus sna hionstraimí agus leis an ngealltanas comhpháirteach oibleagáidí an Choinbhinsiúin maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú a chur chun feidhme go héifeachtach chomh maith le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 maidir le comhionannas inscne a chomhlíonadh; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún leis an bhfasach sin i ngach caibidlíocht trádála amach anseo;
33. á aithint go bhfuil deireadh á chur le taraifí ar onnmhairí an Aontais, rud a d’fhágfadh 99,9 % d’onnmhairí saor ó tharaifí, a d’fhéadfadh a bheith fabhrach do tháirgeoirí táirgí agraibhia ardcháilíochta an Aontais; á chur in iúl gur geal léi nach bhfuil méadú uathoibríoch bliantúil san áireamh a thuilleadh sna taraif-chuótaí (TRQanna) le haghaidh mairteola agus caoireola,ar táirgí íogaire iad an dá tháirge, toisc go gcuirtear méid seasta ina ionad sin lena n-áiritheofar rochtain níos cobhsaí ar an margadh do tháirgí feola na Sile amach anseo; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a mheasúnú tionchair carnach ar thionchar na gcomhaontuithe trádála uile ar earnáil talmhaíochta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta agus, go sonrach, meastóireacht a dhéanamh ar chomhpháirteanna talmhaíochta an Chomhaontaithe mar aon le lamháltais faoi shocruithe trádála eile atá ann cheana agus atá beartaithe, chun a gcarnadh iomarcach a chosc;
34. ag aithint na n-iarrachtaí a rinneadh maidir le táirgí íogaire talmhaíochta an Aontais amhail feoil (mairteoil, éanlaith chlóis, muiceoil agus caoireoil), torthaí agus glasraí áirithe (e.g. gairleog, sú úll, sú fíonchaor) agus ola olóige a chosaint trí rochtain theoranta agus rialaithe a fhorchur ar tháirgí an-íogair ina mbaintear úsáid as taraif-chuótaí, agus siúcra agus bananaí a eisiamh ó aon léirscaoileadh trádála, agus é mar aidhm táirgeadh an Aontais a chosaint;
35. ag aithint go gcosnaítear leis an gComhaontú 216 thásc geografach talmhaíochta eile de chuid an Aontais (GInna) agus 18 GI na Sile, sa bhreis ar na comhaontuithe atá ann cheana maidir le fíonta agus biotáillí, lena gcosnaítear 1745 GI de chuid an Aontais le haghaidh fíonta agus 257 GI de chuid an Aontais le haghaidh biotáillí agus fíonta cumhraithe; á thabhairt chun suntais gur céim thábhachtach chun cinn é síneadh na dtásc geografach a chomhaontaigh an tAontas agus an tSile chun tásca geografacha an Aontais a chosaint ar an leibhéal domhanda; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún a áirithiú go ndéanfar rialacha cosanta táisc gheografaigh a fhorfheidhmiú go héifeachtach do tháirgí an tAontas sa tSile agus machnamh a dhéanamh ar liosta na dtáirgí GI faoi chosaint a leathnú;
36. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear caibidil ar leith maidir le córais bhia inbhuanaithe (SFS) lena gcuirtear chun cinn comhar déthaobhach agus idirnáisiúnta maidir le córas bia inbhuanaithe, lena n-áirítear forálacha maidir le leas ainmhithe, an comhrac i gcoinne cur amú bia, deireadh a chur de réir a chéile le húsáid ábhar frithmhiocróbach, inbhuanaitheacht an bhiashlabhra, agus lotnaidicídí; ag cur sonrú sna gealltanais fhrithpháirteacha chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid antaibheathach mar thionscnóirí fáis, atá i bhfeidhm sa tSile ó 2018 i leith; ag tathant ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as na forálacha comhair atá sa chaibidil sin agus malartú faisnéise maidir le cleachtais nuálacha feirmeoireachta a éascú ionas go mbainfear amach iarrachtaí inbhuanaitheachta an Aontais maidir le maolú ar an athrú aeráide, maidir leis an mbithéagsúlacht agus reachtaíocht maidir le cosaint an chomhshaoil; á chur i bhfáth gur cheart go bhféachfadh an comhar sin freisin le cuspóirí Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal a bhaint amach, a glacadh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, lena n-áirítear i measc spriocanna domhanda 2030 an cuspóir ‘an riosca foriomlán ó lotnaidicídí agus ceimiceáin fhíorghuaiseacha a laghdú faoi leath ar a laghad’;
37. á chreidiúint gur cheart go rannchuideodh beartas trádála an Aontais leis na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht bia, sóisialta, comhshaoil, leas ainmhithe agus cearta an duine a bhaint amach agus a chur chun feidhme le chéile; á iarraidh go ndéanfadh fochoiste SFS an tAontas-na Sile plean comhair uaillmhianach a fhorbairt chun é sin a bhaint amach;
38. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear sa Chomhaontú sásra an eintitis aonair, ós rud é nach gá do gach Ballstát prótacal a shíniú chun táirgí agraibhia a onnmhairiú chuig an tSile, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar acmhainneacht fhoriomlán an Chomhaontaithe agus ualaí agus costais nach bhfuil gá leo a laghdú; á iarraidh go n-áireofaí an beart sin i gcomhaontuithe trádála amach anseo;
39. ag spreagadh AE agus na Sile machnamh a dhéanamh ar chomhar déthaobhach nó iltaobhach i bhforbairt cleachtas táirgthe atá inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de agus i malartú dea-chleachtas sa taighde, sa nuálaíocht agus san fhorbairt theicneolaíoch; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an dá pháirtí saineolas a mhalartú maidir le caighdeáin leasa ainmhithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
40. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit cothrom na Féinne a áirithiú do na táirgí talmhaíochta, iascaigh agus dobharshaothraithe uile a mhargaítear san Aontas gan beann ar a dtionscnamh, lena n-áirítear iad siúd de thionscnamh na Sile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chomhleanúnachas beartais thionscnaimh an Aontais, go háirithe maidir le trádáil, forbairt inbhuanaithe, cosaint an chomhshaoil, beartas tionsclaíoch, iascach agus talmhaíocht;
41. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sraith gníomhaíochtaí sa Chomhaontú don Aontas agus don tSile araon chun tacú le hiarrachtaí chun cleachtais iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chomhrac agus chun cuidiú le trádáil táirgí ó speicis a bhaintear as na cleachtais sin a dhíspreagadh; á chur in iúl gur geal léi freisin gur ghlac an tAontas agus an tSile le Gealltanas Chomhghuaillíocht Gníomhaíochta Iascaireachta NNN le déanaí, arb é is aidhm dó uaillmhian agus gníomhaíocht a spreagadh sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN;
42. á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh na réigiúin is forimeallaí san áireamh i mbearta coimirce déthaobhacha an Chomhaontaithe;
43. ag dréim leis go gcuirfidh na forálacha maidir le léirscaoileadh infheistíochta agus cosaint infheistíochta borradh breise faoi infheistíochtaí inbhuanaithe sa dá threo trína ráthú go dtabharfar cóir chothrom agus neamh-idirdhealaitheach d’infheisteoirí ón dá thaobh; ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilíonn infheistíochtaí slándáil dhlíthiúil, iontaoibh agus intuarthacht; á chur i bhfáth go bhfuil na forálacha maidir le cosaint infheistíochta ailínithe le cur chuige athchóirithe an Aontais maidir le cosaint infheistíochta, ar cheart go mbeadh sé d’aidhm aige cothromaíocht chuí a áirithiú idir cosaint infheistíochtaí agus ceart rialála na rialtas ar mhaithe le leas an phobail; á mheabhrú go ndeimhnítear i ráiteas léirmhínitheach comhpháirteach tuiscint na bpáirtithe go bhfuil na forálacha cosanta infheistíochta le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm agus aird chuí á tabhairt ar a ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras agus go soiléirítear ann gur cheart d’infheisteoirí a bheith ag súil go nglacfaidh an tAontas agus an tSile bearta chun an t-athrú aeráide a chomhrac; á thabhairt dá haire go leanann na nósanna imeachta um réiteach díospóidí arna mbunú leis an gcomhaontú samhail ICS de chuid an Aontais, le binse buan, neamhspleách agus neamhchlaonta agus binse achomhairc; á thabhairt chun suntais gur gá na forálacha maidir le cosaint infheistíochta a chur chun feidhme agus a fheabhsú tuilleadh i gcomhréir le moltaí na Parlaiminte ina rún an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí bheartas infheistíochta idirnáisiúnta an Aontais;
44. á chur in iúl go bhfuil sí suite de go gcuirfidh na gealltanais nua maidir le rochtain ar an margadh a bhaineann le trádáil i seirbhísí deiseanna nua gnó ar fáil do chuideachtaí an Aontais agus na Sile, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); á thabhairt dá haire go bhfuil caibidil úrscothach maidir le trádáil dhigiteach sa Chomhaontú lena n-éascófar tráchtáil leictreonach agus lena gcosnófar custaiméirí ar líne;
45. á thabhairt chun suntais go gcaomhnaítear leis an gComhaontú an ceart atá ag rialtais rialáil a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, mar shampla chun an tsláinte phoiblí, tomhaltóirí nó an comhshaol a chosaint; á chur i bhfáth nach bhfuil ceart rialála na rialtas teoranta do na réimsí sin; á chur i bhfios go láidir go ráthaítear leis an gcomhaontú ceart na n-údarás poiblí seirbhísí poiblí amhail oideachas, cúram sláinte agus uisce a choinneáil, nó athnáisiúnú a dhéanamh ar sheirbhísí a sholáthraítear go príobháideach;
46. ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh cuideachtaí an Aontais agus na Sile in ann tairbhe a bhaint as rochtain fheabhsaithe ar mhargaí soláthair phoiblí d’earraí, do sheirbhísí agus d’obair ar an leibhéal (fo)láraithe; ag cur sonrú sna ceanglais trédhearcachta fheabhsaithe; á chur in iúl gur geal léi go gceadaítear leis an gcomhaontú d’eintitis soláthair cúinsí comhshaoil agus sóisialta a chur san áireamh le linn an nós imeachta soláthair;
47. á chur in iúl gur geal léi an chaibidil thiomnaithe maidir le FBManna, arb ionann í agus cion mór den trádáil idir an tAontas agus an tSile; á iarraidh go gcabhródh an Coimisiún le FBManna leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gcomhaontú nuachóirithe, lena n-áirítear trí threoir a thabhairt do ghnólachtaí onnmhairithe agus allmhairiúcháin maidir leis na deiseanna nua rochtana ar an margadh, chomh maith le tacaíocht riaracháin agus theicniúil a chur ar fáil, nósanna imeachta a shimpliú agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní teicniúla ar thrádáil a dhéanann difear díréireach do FBManna;
48. á chur i bhfáth go mbeidh gá le haistriú tapa chuig fuinneamh in-athnuaite agus gníomhaíocht thapa ón rialtas chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise, lena n-áirítear trí infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise a laghdú agus beartais aeráide na rialtas a scagadh amach ó chosaint infheistíochta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go dtacódh an Comhaontú le hiarrachtaí idirnáisiúnta san aistriú i dtreo fuinnimh inathnuaite; ag tathant ar na Páirtithe a áirithiú go ndéanfar forálacha maidir le cosaint infheistíochta a ailíniú le beartais chomhshaoil, le cearta saothair agus le cearta an duine; á thabhairt dá haire, áfach, go gceadaítear leis an gComhaontú infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise a chosaint; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’acmhainn ag an tSile ról tábhachtach a bheith aici sna haistrithe glasa agus córa domhanda, ar cheart go rachadh sé chun tairbhe freisin d’fhorbairt a cumas tionsclaíoch féin; á thabhairt dá haire go mbeidh gá le hinfheistíochtaí ollmhóra inbhuanaithe agus intuartha chun earnáil agus bonneagar fuinnimh in-athnuaite na Sile a fhorbairt agus a mhéadú, lena n-áirítear infheistíochtaí ó chuideachtaí an Aontais; á chreidiúint, i ndáil leis an méid sin, gur cheart, le straitéis Global Gateway, go mbeifí in ann tionscadail straitéiseacha chomhpháirteacha a chruthú agus feabhas a chur ar fhothú acmhainneachta; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tionscnamh Eorpach a cruthaíodh chun hidrigin inathnuaite a fhorbairt sa tSile, lena gcuirfear chun cinn forbairt an tionscail straitéisigh sin sa tír agus cruthú post agus onnmhairiú hidrigine inathnuaite chun na hEorpa agus chuig áiteanna eile ar domhan á chur chun cinn ag an am céanna;
49. ag cur béim ar an ról ceannasach atá ag an tSile mar phríomhsholáthraí na n-amhábhar criticiúil, lena n-áirítear iad siúd atá bunriachtanach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, amhail litiam agus copar; ag moladh ár gcomhpháirtithe de chuid na Sile as a dtiomantas oibriú i gcomhar leis an Aontas maidir le soláthairtí amhábhar criticiúil, a chuidíonn le hathléimneacht an Aontais a mhéadú in earnálacha amhail earnáil an fhuinnimh, earnáil an iompair, earnáil an bhonneagair dhigitigh agus earnáil na cosanta; á chur i bhfáth go n-áiritheofar leis an gComhaontú sin a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag cuideachtaí de chuid an Aontais ar amhábhair na Sile, agus é mar aidhm leis spás leordhóthanach beartais a fhágáil don tSile chun breisluach áitiúil a chruthú trí phróiseáil agus claochlú intíre amhábhar; ag cur sonrú sna forálacha maidir le srianta déphraghsála agus monaplachta onnmhairiúcháin; á chreidiúint gur cheart don Aontas tacú go gníomhach leis an tSile agus í ag iarraidh dlús a chur leis an slabhra luacha; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur cheart saothrú amhábhar a dhéanamh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de, agus gur cheart go rachadh sé chun tairbhe do phobail áitiúla agus go mbeidís rannpháirteach iontu, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, agus gur cheart dó a gcearta a urramú go hiomlán, lena n-áirítear an ceart chun toiliú saor, roimh ré agus feasach a fháil; á chur in iúl gur geal léi an Meabhrán Tuisceana idir an tAontas agus an tSile maidir le comhpháirtíocht straitéiseach i ndáil le slabhraí luacha amhábhar inbhuanaithe agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go pras é;
Forálacha institiúideacha
50. á mheas go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí an Comhchoiste Parlaiminteach (JPC) ar an eolas faoi chinntí agus faoi mholtaí na Comhairle Comhpháirtí agus go bhféadfaidh JPC moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtí maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe; ag tacú le dhá chruinniú de chuid JPC a thionól in aghaidh na bliana chun leanúint den chaidreamh parlaiminteach idir an dá pháirtí a dhoimhniú;
51. á chur in iúl gur geal léi sásra institiúidithe chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta a rannpháirtiú i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe agus i neartú na nGrúpaí Comhairleacha Baile; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus údaráis na Sile a áirithiú go mbeidh an tsochaí shibhialta rannpháirteach go gníomhach agus go fóinteach, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, ionadaithe dúchasacha, ionadaithe gnó agus ceardchumainn, san fhaireachán ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe;
52. á iarraidh go ndéanfadh an dá pháirtí acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus cúnamh teicniúil leordhóthanach a leithdháileadh ar na Grúpaí Comhairleacha Baile chun a chur ar a gcumas a gcuid cúraimí a chur i gcrích go cuí; ag dréim le dlúthchomhar idir Grúpaí Comhairleacha Baile an Aontais agus na Sile;
53. ag tathant ar an dá pháirtí an Comhaontú a chur i bhfeidhm go tapa, ar mhaithe le cách, lena n-áirítear FBManna agus mná;
54. á mheabhrú go mbeidh gá leis an gComhaontú a dhaingniú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, de bhrí go dtiocfaidh an Comhaontú Eatramhach Trádála, nach bhfuil ann ach na gnéithe trádála agus infheistíochta a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, i bhfeidhm nuair a dhaingneoidh an Pharlaimint agus an Chomhairle é; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, le deighilt an chomhaontaithe chun dlús a chur leis an bpróiseas daingniúcháin, go n-urramaítear go hiomlán dáileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit agus gur féidir na codanna a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais a dhaingniú go pras, agus cineál cuimsitheach an chomhaontaithe á choinneáil ag an am céanna;
o o o
55. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Sile.
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2017 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí maidir leis an gcaibidlíocht i ndáil le nuachóiriú cholún trádála Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSile (IO C 337, 20.9.2018, lch. 113).