Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas don Úcráin, tar éis dhá bhliain de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2024/2526(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe do na rúin sin a glacadh ó tháinig géarú ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022 agus ó ionghabháil Leithinis na Crimé an 19 Feabhra 2014,
– ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin(1), agus an Úcráin, den pháirt eile, agus don Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas agus an Úcráin a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais sin, a síníodh in 2014,
– ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Choinbhinsiúin na Háige, do Choinbhinsiúin na Ginéive agus do na prótacail bhreise a ghabhann leo agus do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2023 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú (COM(2023)0338),
– ag féachaint do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2023 tús a chur le caibidlíochtaí aontachais leis an Úcráin, tar éis mholadh dearfach ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 i ndáil leis sin,
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2023 agus an 1 Feabhra 2024,
– ag féachaint do thuarascáil an 14 Feabhra 2024 ón mBanc Domhanda, ó Rialtas na hÚcráine, ón gCoimisiún agus ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal Ukraine: Third Rapid Damage and Needs Assessment (RDNA3) February 2022-December 2023 [An Úcráin: An Tríú Measúnú Mear ar Dhamáiste agus ar Riachtanais (RDNA3) Feabhra 2022-Nollaig 2023],
– ag féachaint do thuarascáil an 9 Feabhra 2024 ón Meitheal Ardleibhéil um Iarmhairtí Comhshaoil an Chogaidh dar teideal An environmental compact for Ukraine – A Green Future꞉ Recommendations for Accountability and Recovery [Comhshocrú comhshaoil don Úcráin – Todhchaí Ghlas: Moltaí maidir le Cuntasacht agus Téarnamh],
– ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar ar bun ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith; de bhrí gur cuireadh tús le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2014 le forghabháil agus ionghabháil neamhdhleathach Leithinis na Crimé agus le forghabháil codanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk ina dhiaidh sin; de bhrí gur sárú follasach agus mínáireach ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta é an cogadh foghach sin; de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Rúis san Úcráin le bliain anuas fós ag bagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil san Eoraip agus ar fud an domhain;
B. de bhrí go ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i rún uaidh an 2 Márta 2022, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháiliú láithreach mar ghníomh foghach de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus, i rún uaidh an 14 Samhain 2022, gur aithin sé gur gá Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as a cogadh foghach, agus an fhreagracht dhlíthiúil agus airgeadais a chur uirthi as a gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chúiteamh a dhéanamh as an díobháil agus as an damáiste a rinneadh;
C. de bhrí gurb é cogadh foghach na Rúise an choinbhleacht mhíleata is mó ar mhór-roinn na hEorpa ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda agus go léirítear leis an choimhlint atá ag dul i méid idir an t-údarásaíochas agus an daonlathas;
D. de bhrí go bhfuil tiomantas daingean léirithe ag an Úcráin agus ag a saoránaigh a mhéid a bhaineann le cur i gcoinne chogadh foghach na Rúise, agus a dtír á cosaint go rathúil acu, in ainneoin an chostais mhóir atá air sin ó thaobh taismeach sibhialtach agus míleata de, mar aon le scriosadh agus armú an bhonneagair shibhialtaigh agus phoiblí, an chomhshaoil nádúrtha agus na hoidhreachta cultúrtha; de bhrí gur bronnadh Duais Sakharov 2022 ar mhuintir chróga na hÚcráine mar ómós dá misneach agus dá n-athléimneacht;
E. de bhrí go leantar de na milliúin Úcránach a easáitiú laistigh den Úcráin agus lasmuigh di, tar éis dóibh teitheadh ó fhogha na Rúise; de bhrí go bhfuil níos mó ná 3,3 milliún duine, lena n-áirítear 800 000 leanbh, ina gcónaí feadh na líne tosaigh; de bhrí go bhfuil tithe, scoileanna agus ospidéil fós á mbuamáil gach lá; de bhrí, de réir na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, gur fhág feachtas na Rúise um scriosadh in 2023 beagnach 720 000 duine sna codanna is measa atá buailte den Úcráin gan aon rochtain ar thithíocht leormhaith shábháilte; de bhrí gur thuairiscigh Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla gur tháinig méadú ar líon na n-ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar limistéir ina bhfuil daonra de chuid na hÚcráine i mí na Nollag 2023, agus béim á leagan ar an bpatrún leanúnach a mhéid a bhaineann le bás sibhialtach, scriosadh agus riachtanais dhaonnúla le linn 2023;
F. de bhrí go bhfágfaidh coireanna cogaidh na Rúise tráma ar dhaonra iomlán, ós rud é go meastar go bhfuil 10 milliún duine i mbaol nó ag maireachtáil le riocht meabhairshláinte, agus go meastar go bhfuil 3,9 milliún duine thíos le hidir shiomptóim mheasartha agus siomptóim throma lena n-éilítear cóireáil le haghaidh anacair mheabhrach, dúlagair, imní agus neamhord struis iarthrámaigh; de bhrí gur tuairiscíodh 227 dteagmhas a rinne difear d’oibríochtaí daonnúla sa tír in 2023, inar maraíodh nó inar gortaíodh 50 oibrí daonnúil, lena n-áirítear 11 dhuine a maraíodh agus dualgais á gcomhlíonadh acu;
G. de bhrí, de réir mheastacháin choimeádacha Mhisean Faireacháin na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine san Úcráin, beagnach 2 bhliain tar éis ionradh mórscála na Rúise ar an Úcráin, gur maraíodh breis agus 10 000 sibhialtach agus gur gortaíodh beagnach 20 000 eile, agus go gcreideann Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR) gurb airde i bhfad na figiúirí iarbhír;
H. de bhrí gurb iad leanaí na hÚcráine atá ag díol sa deireadh sa chogadh seo, ós rud é gur maraíodh os cionn 520 leanbh de chuid na hÚcráine agus gur gortaíodh os cionn 1226 eile, go raibh ar 1,8 milliún díobh dul isteach i dtíortha comharsanachta mar dhídeanaithe agus go bhfuil 2,5 milliún eile easáitithe laistigh den Úcráin;
I. de bhrí, ó thús an chogaidh fhoghaigh iomláin, go ndearnadh thart ar 20 000 leanbh de chuid na hÚcráine a dhíbirt go héigeantach chun na Rúise agus na Bealarúise nó a choinneáil sna críocha faoi fhorghabháil; de bhrí gur eisigh ICC barántais ghabhála idirnáisiúnta do Vladimir Putin agus Maria Lvova-Belova i bhfianaise a bhfreagrachta as coir chogaidh an díbeartha neamhdhleathaigh a dhéanamh agus as leanaí a aistriú go neamhdhleathach ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil chuig Cónaidhm na Rúise; de bhrí go ndearnadh níos lú ná 400 leanbh a díbríodh a chur ar ais chuig an Úcráin agus a athaontú lena dteaghlaigh;
J. de bhrí gur cúis mhór imní do Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Céastóireacht agus Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach na tuairiscí agus na teistiméireachtaí a thugann le fios go bhfuil dálaí coinneála mídhaonna á bhfulaingt ag sibhialtaigh na hÚcráine agus ag príosúnaigh chogaidh arna gcoimeád ag an Rúis, lena n-áirítear céasadh agus an easpa cúraim leighis, rud a fhágann go ndéantar damáiste buan dá sláinte; de bhrí go dtuigtear gur ann do chásanna inar mharaigh fórsaí míleata na Rúise saighdiúirí na hÚcráine seachas iad a thabhairt ina bpríosúnach, lena n-áirítear iad siúd is déanaí a tuairiscíodh an 24 Feabhra 2024 i limistéar Bakhmut; de bhrí, in 2022, gur maraíodh d’aon ghnó níos mó ná 50 príosúnach cogaidh de chuid na hÚcráine, comhaltaí de Chathlán Azov den chuid is mó, i bpléascadh réamhbheartaithe ag an bpríosún in Olenivka;
K. de bhrí go bhfuil mná agus cailíní go háirithe i mbaol le linn géarchéimeanna daonnúla agus easáitithe, ós rud é go leanann siad, ar mhéid díréireach, de bheith buailte ag an bhforéigean inscnebhunaithe; de bhrí gur fhan go leor ban san Úcráin agus gur slógadh iad chun seirbhís a dhéanamh sna fórsaí armtha; de bhrí go bhfuil comharthaí ann go ndearnadh céasadh ar shaighdiúirí baineanna ón Úcráin i mbraighdeanas agus go ndearnadh foréigean gnéis orthu; de bhrí gur thuairiscigh OHCHR, toisc gurb ionann fir agus tromlach na ndaoine a ndearna fórsaí na Rúise iad a bhású go hachomair i gcríocha faoi fhorghabháil, go bhfágtar baill teaghlaigh atá fós beo – ar mná cuid mhaith díobh – ar gcúl chun déileáil, go minic ina n-aonair, le hioncam teoranta teaghlaigh, le hualaí méadaithe do chúramóirí, agus le diantráma agus le hanacair mheabhrach;
L. de bhrí gur éirigh le Fórsaí Armtha na hÚcráine ionradh na Rúise a sheasamh, gur shaor siad níos mó ná 50 % de na críocha a bhí faoi fhorghabháil shealadach tar éis an 24 Feabhra 2022 agus gur éirigh leo smacht a fháil arís ar rochtain iartharach na hÚcráine ar an Muir Dhubh, lenar brúdh amach Cabhlach Mhuir Dhubh na Rúise a bheag nó a mhór;
M. de bhrí go bhfuil tacaíocht shuntasach tugtha ag AE i ngach réimse, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata, ó thús an ionraidh iomláin; de bhrí gurb ionann an cúnamh foriomlán a gheall an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha don Úcráin ó mhí Feabhra 2022, agus EUR 85 billiún ar a laghad, lena n-áirítear cúnamh daonnúil agus éigeandála, tacaíocht bhuiseádach, cúnamh macra-airgeadais agus cabhair mhíleata; de bhrí gur tugadh EUR 17 mbilliún do na Ballstáit chun thart ar 4 mhilliún dídeanaí ón Úcráin a óstáil, a bhfuil cosaint leathnaithe tairgthe dóibh faoin Treoir um Chosaint Shealadach(2) go dtí mí an Mhárta 2025;
N. de bhrí go bhfuil cabhair mhíleata EUR 28 mbilliún curtha ar fáil ag AE agus a Bhallstáit go dtí seo, agus go bhfuil réamhmhéid de thart ar EUR 21,2 billiún geallta acu do 2024; de bhrí gur úsáideadh an tSaoráid Eorpach Síochána chun EUR 5,6 billiún a chur ar fáil d’aistriú trealaimh mhíleata chuig an Úcráin ag na Ballstáit; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm anois ag an tionscnamh armlóin, a bhí ceaptha ar dtús 1 mhilliún urchar de bhlaosc 155 mm a sholáthar don Úcráin faoi mhí an Mhárta 2024, thart ar leath den mhéid sin a sholáthar faoin dáta sin, agus an leath eile faoi dheireadh 2024; de bhrí gur chuir Misean Cúnaimh Mhíleata AE chun Tacú leis an Úcráin oiliúint ar 40 000 saighdiúir Úcránach sa Ghearmáin agus sa Pholainn go dtí seo agus nach bhfuil ach méadú ag teacht ar an líon sin;
O. de bhrí go bhfuil OTI iomlán thíortha an Iarthair 25 huaire níos mó ná OTI na Rúise, ach, in 2023, gurb ionann cúnamh míleata an Iarthair don Úcráin agus níos lú ná 0,1 % den OTI iomlán sin; de bhrí gur chaith an Rúis tuairim is 6 % dá OTI ar a cogadh foghach in 2023, agus gur chaith an Úcráin coibhéis 25 % dá OTI ar a cosaint;
P. de bhrí gur theip ar Chomhdháil na Stát Aontaithe go dtí seo pacáiste tacaíochta nua USD 60 billiún a ghlacadh don Úcráin le haghaidh 2024, as ar eascair, go bunúsach, stop le gealltanais chabhrach na Stát Aontaithe agus le seachadtaí míleata chun na hÚcráine; de bhrí, chun teacht in ionad thacaíocht mhíleata na Stát Aontaithe in 2024, go mbeadh ar AE agus a Bhallstáit leibhéal agus luas reatha na tacaíochta míleata acu a dhúbailt;
Q. de bhrí gur luaigh Jens Stoltenberg, Ardrúnaí ECAT, nach mór do chomhaltaí ECAT iad féin a ullmhú do choimhlint a d’fhéadfadh a bheith ann leis an Rúis a d’fhéadfadh a bheith ann ar feadh na mblianta; de bhrí go raibh sé mar iarmhairt dhíreach ag cogadh foghach na Rúise go ndeachaigh an Fhionlainn agus an tSualainn isteach in ECAT, san Úcráin, sa Mholdóiv agus sa tSeoirsia mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, toisc go bhfuil níos mó ná 50 tír ag tabhairt pacáistí láidre cúnaimh slándála don Úcráin agus go bhfuil tacaíocht láidir pholaitiúil don Úcráin á cur in iúl ag na Náisiúin Aontaithe;
R. de bhrí gur chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin tar éis moladh dearfach a fháil ón gCoimisiún, agus gur iarr sí freisin ar an gComhairle an creat caibidlíochta a ghlacadh a luaithe a chomhlíonfar na moltaí ábhartha ón gCoimisiún;
S. de bhrí gur shínigh an Úcráin comhaontuithe slándála leis an Ríocht Aontaithe, leis an nGearmáin, leis an bhFrainc, leis an Danmhairg agus leis an Iodáil i gcomhréir le dearbhú comhpháirteach tacaíochta G7 don Úcráin, a comhaontaíodh an 12 Iúil 2023 ar imeall chruinniú mullaigh ECAT i Vilnius; de bhrí, le gealltanas G7, gur osclaíodh an bealach do chaibidlíocht chun gealltanais agus socruithe déthaobhacha slándála fadtéarmacha a chur ar bhonn foirmiúil chun tacú leis an Úcráin;
T. de bhrí, de réir tuarascálacha, go bhfuil an Rúis tar éis a geilleagar a atreorú go mór i dtreo ‘geilleagar cogaidh’, mar aon le pleananna le haghaidh caiteachas an-ard cosanta a mheastar a bheith i bhfad os cionn EUR 100 billiún; de bhrí go dtuairiscítear go dtáirgeann an Rúis níos mó ná 2 mhilliún sliogán airtléire in aghaidh na bliana ar bhonn intíre, rud atá i bhfad níos mó ná an méid a gheall rialtais AE don Úcráin;
U. de bhrí go bhfuil 13 phacáiste smachtbhannaí glactha ag AE ó thosaigh an cogadh agus go bhfuil ról nua cruthaithe aige mar Thoscaire Speisialta Idirnáisiúnta um Smachtbhannaí AE a Chur Chun Feidhme, a bhfuil sé de chúram sonrach air dul i ngleic le himghabháil agus teacht timpeall ar smachtbhannaí atá dírithe ar an Rúis agus ar an mBealarúis mar a seach-ionadaigh;
V. de bhrí go meastar go bhfuil EUR 300 billiún de chúlchistí bainc ceannais na Rúise agus EUR 21,5 mbilliún in airgead olagarcaí na Rúise reoite ag an Aontas agus páirtithe eile, agus go bhfuil na Stáit Aontaithe agus comhghuaillithe eile an Iarthair tar éis níos mó ná USD 58 mbilliún i sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi rialú Rúiseach faoi smachtbhannaí a bhlocáil nó a urghabháil;
W. de bhrí gur tháinig institiúidí AE ar chomhaontú le déanaí chun Saoráid don Úcráin a bhunú lena dtairgfear EUR 50 billiún i dtacaíocht mheántéarmach intuartha, i bhfoirm deontas agus iasachtaí, do dheisiú, téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine ó 2024 go 2027;
X. de bhrí go léiríonn cogadh foghach na Rúise a dearcadh impiriúlaíoch i leith a comharsana; de bhrí, fad a bheidh an Rúis fós ina stát a bhfuil beartais athbhreithnitheacha á saothrú aici, go leanfaidh sí dá hiarrachtaí an tsíorbhagairt ionsaithe ar mhór-roinn na hEorpa, a choinneáil ar bun; de bhrí gur aithin go leor gníomhaithe idirnáisiúnta an Rúis mar urraitheoir stáit sceimhlitheoireachta agus gur stát í a úsáideann modhanna sceimhlitheoireachta;
Y. de bhrí go bhfuil an Rúis freagrach as an ngéarchéim dhomhanda slándála bia mar thoradh ar a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus ar a himshuí ar chalafoirt na hÚcráine; de bhrí go bhfuil an Rúis ag úsáid bia agus ocrais mar arm ó thús an chogaidh;
Z. de bhrí, tar éis dhá dhearbhú ad hoc ón Úcráin, go bhfuil dlínse ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh, ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna agus ar choir an chinedhíothaithe nuair a dhéantar é ar chríoch na hÚcráine ó mhí na Samhna 2013, ach nach bhfuil dlínse ag an gCúirt ar choir an fhogha a shainmhínítear in Airteagal 8 bis de Reacht na Róimhe í, sa chás i dtrácht, toisc nach bhfuil Reacht na Róimhe agus na leasuithe a bhaineann le coir an fhogha daingnithe ag an Úcráin ná ag Cónaidhm na Rúise; de bhrí go dtacaíonn an tAontas le binse speisialta a bhunú maidir le coir an fhogha;
AA. de bhrí go raibh timpeallacht nádúrtha na hÚcráine ina sprioc shonrach sa chogadh, ós rud é go bhfuil damáiste ollmhór don chomhshaol á úsáid go follasach ag an Rúis, amhail páirceanna agus foraoisí a dhó, adhmad na hÚcráine a logáil go neamhdhleathach agus uisce agus ithir a thruailliú le dramhaíl cheimiceach, rud a d’fhág go ndearnadh talamh agus áitritheoir na tíre a scriosadh, agus teorainn a chur le cumas na nglúnta atá le teacht a bheith faoi rath agus faoi bhláth; de bhrí gur sampla soiléir é scriosadh Dam Kakhovka an 6 Meitheamh 2023 de ghníomhaíochtaí na Rúise a leanfaidh de bheith ina chúis le léirscrios éiceolaíoch sna blianta amach romhainn;
AB. de bhrí, an 13 Feabhra 2024, gur aimsíodh Maksim Kuzminov, iar-phíolóta héileacaptar ón Rúis a d’imigh go dtí an Úcráin in 2023, marbh sa Spáinn, agus gur dhúnmharaigh fir ghunna é a sheol Rialtas na Rúise, de réir tuairiscí; de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil roinnt oibríochtaí ceilte teanntásacha déanta ag seirbhísí faisnéise na Rúise, lena n-áirítear feallmharuithe, ar chríoch AE;
1. á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;
2. ag athdhearbhú a cáinte, go neamhbhalbh, ar chogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht an réimis sa Bhealarúis; ag éileamh ar an Rúis agus ar a seachfhórsaí deireadh a chur le gach gníomhaíocht mhíleata agus ag éileamh ar an Rúis na fórsaí, seach-ionadaithe agus an trealamh míleata ar fad a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine atá aitheanta go hidirnáisiúnta; á éileamh go gcuirfear deireadh le lonnaíocht shaoránaigh na Rúise i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach agus go ndéanfar é a aisiompú;
3. á mheabhrú gur cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise le hionghabháil neamhdhleathach leithinis na Crimé i mí Feabhra 2014, agus go ndearnadh codanna d’Oblast Donetsk agus Oblast Luhansk a fhorghabháil ina dhiaidh sin; á mheabhrú go ndearnadh bunáit mhíleata den leithinis agus go raibh sí ina túsphointe don ionradh iomlán in 2022;
4. ag cáineadh céasadh agus marú príosúnach cogaidh agus sibhialtach na hÚcráine ar thaobh na Rúise; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú neamhspleách ar choireanna den sórt sin agus go ndéanfaí iad a ionchúiseamh, agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe chun príosúnaigh a mhalartú idir an Úcráin agus an Rúis;
5. ag cáineadh iarrachtaí na Rúise a bhféiniúlacht eitneach, teanga agus stairiúil a shéanadh ar an Úcráin agus ar mhuintir na hÚcráine trí dheireadh a chur le comharthaí fhéiniúlacht na hÚcráine sna críocha faoi fhorghabháil agus faoi ionghabháil, toirmeasc a chur ar úsáid na hÚcráinise agus siombailí na hÚcráine, chomh maith leis an dianbheartas ‘pasúcháin’ agus na hiarrachtaí a rinne Uachtarán na Rúise agus oifigigh eile arís agus arís eile an stair a athscríobh;
6. á chreidiúint go mbeidh ról ríthábhachtach ag toradh an chogaidh agus ag seasamh an chomhphobail idirnáisiúnta maidir le tionchar a imirt ar ghníomhaíocht a dhéanfaidh réimis fhorlámhacha eile amach anseo, atá ag breathnú go géar ar chúrsa an chogaidh agus ag measúnú a mhéid a bheidh siad in ann beartais fhoghacha eachtracha a fheidhmiú, lena n-áirítear trí mhodhanna míleata;
7. á chur i bhfios go láidir gurb é an príomhchuspóir go mbeidh an bua ag an Úcráin sa chogadh i gcoinne na Rúise, agus gurb éard atá i gceist leis sin ná fórsaí uile na Rúise, a seach-ionadaithe agus a comhghuaillithe a dhíbirt as críoch na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta; á mheas nach féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin trí sholáthar gach cineál gnáth-arm, gan eisceacht, chuig an Úcráin a mhéadú, ar soláthar é ar gá a bheith leanúnach, marthanach agus ag dul i méid go seasta;
8. ag aithint teacht aniar agus diongbháilteacht a léirigh pobal na hÚcráine agus iad ag saothrú luachanna daonlathacha, iarrachtaí athchóirithe agus a huaillmhian maidir le lánpháirtiú i gcomhphobal náisiún Eora-Atlantach;
9. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé leithinis na Crimé, atá faoi fhorghabháil ag an Rúis le deich mbliana anuas, a shaoradh agus a dhífhorghabháil; á mheabhrú go bhfuil cos ar bolg, gabháil agus céasadh roimh shaoránaigh na leithinse atá dílis don Úcráin, go háirithe na Tataraigh dhúchasacha; á mheabhrú go bhfuil gach iarracht déanta ag fórsaí forghabhála na Rúise chun fáil réidh le hoidhreacht Tatarach agus leis an gcuimhne ar láithreacht na hÚcráine sa leithinis, agus go leanann siad dá n-iarrachtaí comhdhéanamh déimeagrafach an daonra a athrú go héigeantach, rud a d’fhéadfadh a bheith ina ngníomhartha cinedhíothaithe mar a thuairiscítear sa Choinbhinsiún um Chinedhíothú; ag tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an Chrimé a ath-lánpháirtiú, go háirithe Ardán na Crimé;
10. á athdhearbhú go dtacaíonn sí le cabhair mhíleata a chur ar fáil go comhsheasmhach don Úcráin chomh fada agus is gá agus i cibé foirm is gá chun go mbeidh an Úcráin in ann an bua a fháil; ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag na Ballstáit maidir le tacaíocht mhíleata don Úcráin a sholáthar agus ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chun tacaíocht mhíleata don Úcráin a chomhordú go dtí seo; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit a dtacaíocht mhíleata a mhéadú go suntasach agus dlús a chur léi, go háirithe soláthar arm agus armlóin mar fhreagairt ar riachtanais arna sainaithint go soiléir, d’fhonn a chur ar chumas na hÚcráine í féin a chosaint i gcoinne ionsaithe na Rúise, ach freisin a chur ar a cumas smacht iomlán a fháil ar a críoch iomlán a aithnítear go hidirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn de na hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo mar gheall ar sheachadadh neamhleor agus moillithe arm agus armlóin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach gcomhlíonfar an sprioc de 1 mhilliún urchar armlóin mar a gealladh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) faisnéis a chur faoi bhráid na Parlaiminte maidir le seachadtaí cabhrach míleata a rinneadh san am a chuaigh thart chuig an Úcráin, lena n-áirítear an t-iniúchadh a rinne SEGS, agus méid na cabhrach a bhfuil na Ballstáit toilteanach gealltanas a thabhairt ina leith le linn 2024;
11. á chreidiúint nár cheart go mbeadh aon srian féin-fhorchurtha ar chúnamh míleata don Úcráin; á chur i bhfios go bhfuil éagsúlacht ollmhór sa tacaíocht mhíleata a chuireann Ballstáit AE ar fáil mar chéatadán dá OTI; á iarraidh go ndéanfaí an infheistíocht is gá i mbonn tionsclaíoch cosanta na hEorpa, chun an t-aschur a mhéadú go suntasach chun freastal ar riachtanais na hÚcráine agus chun stoc laghdaithe Bhallstáit an Aontais a athshlánú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá go háirithe ag an Úcráin le córais sofaisticiúla aerchosanta, le diúracáin fadraoin amhail TAURUS, Storm Shadow/SCALP agus cinn eile, aerárthaí comhraic nua-aimseartha, cineálacha éagsúla airtléire agus armlón (155 mm go háirithe), ladrainn agus airm chun iad a chomhrac; ag tacú leis an togra gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT tacú leis an Úcráin go míleata agus gan níos lú ná 0,25 % dá OTI in aghaidh na bliana; á iarraidh go méadófaí uasteorainn airgeadais na Saoráide Eorpaí Síochána ar an iomlán, agus á iarraidh go n-úsáidfí í i measc nithe eile le haghaidh soláthar foinse aonair d’armlón atá ar fáil ar an margadh domhanda do riachtanais na hÚcráine; ag tathant ar rialtais na mBallstát dul i mbun idirphlé láithreach le cuideachtaí cosanta chun a ráthú go dtabharfar tosaíocht don táirgeadh agus seachadadh armlóin, sliogáin agus diúracáin don Úcráin, go háirithe, ar orduithe ó thríú tíortha eile; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit féachaint ar na féidearthachtaí maidir le comhfhiontair agus dlúthchomhar le tionscail chosanta ó thríú tíortha atá ar aon intinn leo chun an t-armlón is gá a chur ar fáil don Úcráin; ag tathant go háirithe ar na Ballstáit is mó a bhfuil acmhainneachtaí tionsclaíocha cosanta suntasacha acu cúnamh míleata don Úcráin a mhéadú go suntasach agus go práinneach; á iarraidh ar Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe an pacáiste cúnaimh mhíleata don Úcráin a ghlacadh gan a thuilleadh moille;
12. á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit gealltanas Dhearbhú Versailles 2022 a chomhlíonadh agus dlús a chur le cur chun feidhme iomlán an Chompáis Straitéisigh trí bhorradh ollmhór a chur faoin gcomhar míleata Eorpach ar leibhéal na bhfórsaí tionsclaíocha agus armtha, chun go mbeidh an tAontas Eorpach ina sholáthraí slándála níos láidre agus níos cumasaí atá idir-inoibritheach agus comhlántach le ECAT; á chur in iúl gur geal léi buiséid agus infheistíochtaí méadaithe na mBallstát agus institiúidí an Aontais i réimse na cosanta, agus á iarraidh go méadófar caiteachas spriocdhírithe, soláthar comhpháirteach agus infheistíocht chomhpháirteach sa taighde agus san fhorbairt i réimse na cosanta; á chur i bhfáth gur cheart céimeanna nithiúla a ghlacadh i dtreo chomhtháthú na hÚcráine i mbeartais agus i gcláir cosanta agus cibearshlándála AE le linn phróiseas ballraíochta AE;
13. á chur in iúl gur geal léi síniú na gcomhaontuithe slándála idir an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Danmhairg agus an Iodáil, i gcomhréir le dearbhú comhpháirteach G7 maidir le tacaíocht don Úcráin, agus á iarraidh ar chomhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo déanamh amhlaidh; á chur i bhfios go láidir nach féidir a mheas go bhfuil na comhaontuithe slándála sin mar ionadach ar bhallraíocht ECAT amach anseo; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na sonraí praiticiúla agus an uasteorainn airgeadais do Chiste Cúnaimh nua don Úcráin, faoin tSaoráid Eorpach Síochána, lena dtacófaí le trealamh míleata a sholáthar don Úcráin trí thionscnaimh Eorpacha soláthair chomhpháirtigh;
14. ag athdhearbhú a tacaíochta don phlean síochána a chuir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, i láthair; á chreidiúint gur plean cuimsitheach é chun iomláine chríochach na hÚcráine a athbhunú; á mheabhrú gur léiríodh 10 bpointe an phlean i Rún ES-11/6 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 23 Feabhra 2023 maidir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe atá mar bhonn le síocháin chuimsitheach, chóir agus mharthanach san Úcráin;
15. á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún, ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an Úcráin agus leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun binse speisialta a chur ar bun chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar choir an fhogha atá déanta ag ceannairí na Rúise agus a gcuid comhghuaillithe i gcoinne na hÚcráine, amhail an réimeas i mBealarúis; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin sa Háig;
16. á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán leis an imscrúdú atá ar bun faoi láthair ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) ar chúrsaí san Úcráin agus ar na coireanna cogaidh, na coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus an cinedhíothú a líomhnaítear atá á ndéanamh; ag tathant ar an Úcráin Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus na leasuithe atá déanta air a dhaingniú agus ballraíocht fhoirmiúil a bhaint amach sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun tacú leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta atá ar bun chun cuntasacht as coireanna tromchúiseacha idirnáisiúnta a shuí; á iarraidh ar an Aontas tuilleadh iarrachtaí taidhleoireachta a dhéanamh chun daingniú Reacht na Róimhe agus na leasuithe ar fad atá air a chur chun cinn ar fud an domhain;
17. á chur in iúl gur cúis uafáis di go bhfuil ceann de na heasáitithe leanaí ar mhórscála agus ar is mó fás ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á mheabhrú, mar thoradh ar spriocdhíriú ollmhór ar bhonneagar sibhialtach, nach bhfuil rochtain ag leanaí na hÚcráine ar sheirbhísí bunúsacha, amhail oideachas agus cúram sláinte, go háirithe tacaíocht mheabhairshláinte;
18. á athdhearbhú go bhfuil athlonnú agus díbirt éigeantais leanaí ón Úcráin, lena n-áirítear leanaí ó institiúidí, chuig an Rúis agus chuig an mBealarúis agus go bhfuil a n-uchtú éigeantais ag teaghlaigh Rúiseacha ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus ar an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir gurb ionann leanaí ó ghrúpa a aistriú go héigeantach go grúpa eile agus coir an chinedhíothaithe, de réir Airteagal II den Choinbhinsiún um Chinedhíothú; á éileamh go ndéanfaidh údaráis na Rúise agus na Bealarúise filleadh láithreach gach leanbh Úcránach a áirithiú; ag moladh na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag eagraíochtaí áitiúla de chuid na hÚcráine a thacaíonn, de réir an cháis, le tuismitheoirí agus le teaghlaigh agus a leanaí á lorg acu agus atá ag troid ar son a bhfillte shábháilte;
19. á athdhearbhú go gcáineann sí go ndearnadh sibhialtaigh na hÚcráine a dhíbirt go héigeantach chuig an Rúis, chuig críocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach ag an Rúis, agus chuig an mBealarúis; á iarraidh ar gach stát agus ar gach eagraíocht idirnáisiúnta brú a chur ar an Rúis sibhialtaigh uile na hÚcráine a díbríodh go héigeantach agus a cuireadh i bpríosún go neamhdhleathach a thabhairt ar ais, go háirithe leanaí, lena n-áirítear corp na ndaoine uile a fuair bás i ngéibheann; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur leis an gcuardach ar shásraí chun scaoileadh saor sibhialtach Úcránach atá faoi choinneáil neamhdhleathach ag an Rúis a éascú, lena n-áirítear trí shásraí na Náisiún Aontaithe;
20. á chur in iúl gur oth léi go ndéantar an Treoir um Chosaint Shealadach a léirmhíniú ar bhealach chomh cúng sin nach féidir le go leor ban a theith ó chogadh foghach na Rúise rochtain a fháil ar chúram ginmhillte ná ar chóireálacha sláinte gnéis agus atáirgthe eile, lena n-áirítear cóireálacha tar éis mí-úsáid ghnéasach; á chur in iúl gur cúis uafáis di, mar thoradh air sin, go raibh ar go leor ban filleadh ar an Úcráin atá fianaithe ag an gcogadh chun rochtain a bheith acu ar sheirbhísí sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo agus ar chúram atáirgthe; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir chun a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit uile an cúram céanna a d’fhéadfadh na mná a fháil san Úcráin murach sin a chur ar fáil;
21. ag cáineadh rún na Rúise toghcháin uachtaránachta a reáchtáil i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach an 15-17 Márta 2024 agus á chur i bhfios go láidir nach dtabharfaidh sí aitheantas ar thorthaí na dtoghchán neamhdhleathach sin;
22. á iarraidh go ndéanfaí idirghníomhaíocht nuálaíoch, chomhlántach agus sholúbtha idir an obair reatha ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhlachais atá i bhfeidhm faoi láthair agus an próiseas caibidlíochta aontachais, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an Úcráin a lánpháirtiú de réir a chéile i margadh aonair agus cláir earnála an Aontais, lena n-áirítear rochtain ar chistí an Aontais sna réimsí faoi seach, rud a chuirfeadh ar chumas mhuintir na hÚcráine tairbhe a bhaint as an aontachas le linn an phróisis agus ní hamháin nuair a bheidh sé curtha i gcrích; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí rathúla na hÚcráine a d’oscail bealach na Mara Duibhe arís do ghrán na hÚcráine chun a margaí traidisiúnta a bhaint amach; á iarraidh ar na geallsealbhóirí idirnáisiúnta ábhartha na héachtaí agus saoirse na loingseoireachta sa Mhuir Dhubh a dhaingniú go buan chun críocha tráchtála; ag tacú leis an togra ón gCoimisiún athnuachan a dhéanamh ar fhionraí na dleachtanna allmhairiúcháin agus na gcuótaí ar onnmhairí na hÚcráine chuig an Aontas; ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar aon tuarascálacha maidir le suaitheadh sa mhargadh de dheasca chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na dtairbhí trádála a bhaineann leis an Úcráin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá le haon ghníomhaíochtaí aontaobhacha, amhail imshuí teorann, a chuirfeadh teorainn le rochtain na hÚcráine ar mhargadh aonair AE, chun bearta éifeachtacha a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar idirthuras tháirgí talmhaíochta na hÚcráine agus bearta a thabhairt isteach chun na héifeachtaí ar fheirmeoirí na hEorpa a mhaolú, a bhfuil a n-agóidí agus a n-éilimh réasúnta á saothrú ag bréagaisnéis na Rúise freisin agus a bhfuil bréagaisnéis na Rúise dírithe orthu; á iarraidh ar AE, ar a Bhallstáit, ar an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta, ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ar an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus ar ghníomhaithe eile dlúthpháirtíocht níos fearr a léiriú agus an margadh gráin a chobhsú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit stop a chur le hallmhairiú agus idirthuras na ngrán Rúiseach agus na ngrán a goideadh ón Úcráin trí chríoch an Aontais;
23. á chur i bhfios go láidir go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an staid gheopholaitiúil san Eoraip agus níos faide i gcéin mar gheall ar chogadh foghach na Rúise, agus go bhfuil sé ag bagairt ar a struchtúr slándála, agus, dá bhrí sin, ar gá don Aontas cinntí misniúla, cróga agus cuimsitheacha polaitiúla, slándála agus airgeadais a dhéanamh ina leith;
24. á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle Eorpaí tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin a luaithe a chomhlíonfar na moltaí ón gCoimisiún; á chreidiúint gur infheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip aontaithe agus láidir í ballraíocht na hÚcráine in AE agus gurb ionann í agus ceannaireacht, diongbháilteacht agus fís a léiriú;
25. á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún bealach soiléir le haghaidh na caibidlíochta aontachais a leagan amach, agus a bheidh dírithe ar bhuntáistí follasacha a chur ar fáil do shochaí agus saoránaigh na hÚcráine ó thús an phróisis; á iarraidh go ndéanfadh an Comhairle a chur de chúram ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh láithreach le haghaidh an chreata caibidlíochta ábhartha agus é a ghlacadh a luaithe a ghlactar na céimeanna ábhartha a leagtar amach sna moltaí ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 faoi seach;
26. á mheabhrú go mbeidh próiseas aontachais an Aontais bunaithe ar fhiúntas, agus go gcuireann an mhodheolaíocht maidir le méadú béim ar réimsí tábhachtacha na hurraime don smacht reachta, na gceart bunúsach, chearta an duine, an daonlathais agus an chomhraic i gcoinne an éillithe; á chreidiúint gur chun leas na hÚcráine agus AE araon é próiseas aontachais daingean atá bunaithe ar fhiúntas; á mholadh don Aontas agus dá Bhallstáit tacaíocht agus cúnamh méadaithe a chur ar fáil don Úcráin ar a bealach i dtreo aontachais, lena n-áirítear saineolas teicniúil, fothú acmhainneachta agus athchóirithe institiúideacha is gá chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh;
27. á iarraidh ar Rialtas na hÚcráine leanúint d’fhéinrialtas áitiúil a neartú, athchóiriú a bhfuil ardmholadh náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte aige, agus rath an athchóirithe díláraithe a leabú i struchtúr foriomlán phróisis deisiúcháin, téarnaimh agus atógála na hÚcráine: ag athdhearbhú a seasaimh nach mór d’ionadaithe ón bhféinrialtas áitiúil agus ón tsochaí shibhialta san Úcráin a bheith rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas téarnaimh agus atógála agus nach mór don phróiseas sin na caighdeáin is airde trédhearcacht agus cuntasacht a chomhlíonadh;
28. á chur in iúl gur geal léi comhaontú i bprionsabal institiúidí an Aontais maidir le bunú na Saoráide don Úcráin lena gcuirfear cúnamh airgeadais intuartha ar fáil don Úcráin agus á iarraidh go ndéanfar í a imscaradh go pras; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról neartaithe ag Verkhovna Rada, na heintitis fhonáisiúnta agus an tsochaí shibhialta mar chomhpháirtithe ábhartha don údarás feidhmiúcháin maidir leis na tosaíochtaí a mhaoineofar trí Phlean na hÚcráine a shainaithint, agus á bhfios go láidir freisin go méadófar maoirseacht agus faireachán na Saoráide freisin; á chur i bhfios go bhfuil meastachán EUR 452,8 billiún ar a laghad ar an Mearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais is déanaí ón mBanc Domhanda sna deich mbliana amach romhainn le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach leor na cistí dá bhforáiltear sa tSaoráid don Úcráin, agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit gealltanas a thabhairt maoiniú fadtéarmach breise a thabhairt don Úcráin, go háirithe ós rud é go bhfuil bac fós ar an bpacáiste cabhrach is déanaí de chuid na Stát Aontaithe don Úcráin sa Chomhdháil;
29. á iarraidh ar AE, ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo cúnamh polaitiúil, eacnamaíoch, teicniúil agus daonnúil atá cuimsitheach agus comhordaithe a chur ar fáil chun tacú le hatógáil agus téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach na hÚcráine i ndiaidh an chogaidh, agus béim ar leith á leagan ar bhonneagar bunriachtanach, cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta a athchóiriú; á mheas nach mór tús áite a thabhairt le hatógáil na hÚcráine d’fholláine mhuintir na hÚcráine seachas tús áite a thabhairt d’olagarcaí agus do bhrabúis corparáidí; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit leanúint de chóireáil leighis agus athshlánú a chur ar fáil, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, do shaighdiúirí agus do shibhialtaigh de chuid na hÚcráine atá gortaithe agus atá thíos leis; á iarraidh go dtabharfaí aird leanúnach agus níos mó tacaíochta do ghníomhaíochtaí dímhianaithe san Úcráin agus do chlár fadtéarmach dímhianaithe;
30. ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tacú leis an Úcráin le hathbhunú na ndálaí lena gcuirfear ar chumas a muintire saol eacnamaíoch agus sóisialta atá sábháilte agus rathúil a atosú agus téarnamh ó iarmhairtí tromchúiseacha an chogaidh ar an meabhairshláinte, lena bhféadfaidh daoine atá easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe filleadh ar a dtithe, agus, go háirithe lena bhféadfaidh glúin óg na tíre tionscadail phearsanta, oideachais agus fiontraíochta a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, gur gá ábhair imní, riachtanais agus saineolas daoine atá easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe a chur i gcuntas sa phróiseas téarnaimh agus atógála, ós rud é go mbeidh a n-athimeascadh i bpobail áitiúla ríthábhachtach chun athléimneacht shochaíoch agus institiúideach na hÚcráine a neartú agus aontacht na hÚcráine a mhéadú;
31. á iarraidh ar an gComhairle a beartas smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a choinneáil ar bun agus a leathnú, agus faireachán, athbhreithniú agus feabhsú á ndéanamh ar a éifeachtacht agus ar a tionchar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gach 13 phacáiste smachtbhannaí a chur chun feidhme go mear agus a fhorfheidhmiú go dian; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar éifeachtacht na smachtbhannaí chun bac a chur le hiarracht chogaidh na Rúise agus dul timpeall ar smachtbhannaí; á mheabhrú go bhfuil an tAontas ag obair ar reachtaíocht chun sárú ar bhearta sriantacha a ainmniú mar chion coiriúil; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit sásra coisctheach a fhorbairt maidir le smachtbhannaí a sheachaint;
32. á áitiú gur gá toirmeasc a chur ar allmhairiú úráiniam agus allmhairiúcháin miotalóireachta na Rúise isteach san Aontas, agus gur gá comhoibriú le hearnáil núicléach na Rúise agus Rosatom go háirithe; á iarraidh go gcuirfí trádbhac iomlán láithreach ar allmhairiú táirgí talmhaíochta agus iascaigh ón Rúis isteach san Aontas, chomh maith le breoslaí iontaise agus gás nádúrtha leachtaithe a iompraítear ar muir trí phíblínte, agus an chaidhp phraghais ar tháirgí peitriliam na Rúise a laghdú tuilleadh i gcomhar le comhpháirtithe G7 chun stop a chur le maoiniú chogadh na Rúise le hairgead an Aontais; á iarraidh, ina theannta sin, go bhforchuirfí bearta pionósacha i gcoinne ‘scáthfhlít’ na Rúise, a iompraíonn ola gan árachas ar shoithí forbhásacha trí uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta, agus go bhforchuirfí smachtbhannaí i gcoinne cuideachtaí ón tSín agus ó thíortha eile a chabhraíonn leis an Rúis teacht timpeall ar smachtbhannaí; á iarraidh go leathnófaí an córas ceadúnaithe míleata agus dé-úsáide atá ann faoi láthair chun grúpa earraí i bhfad níos mó, atá ábhartha don chogadh, a áireamh, lena n-áirítear comhpháirteanna digiteacha; á iarraidh go ndéanfaí na smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise a ailíniú go hiomlán leo siúd i gcoinne na Rúise; á iarraidh go n-áireofaí tuilleadh daoine a shainaithin Fondúireacht Frith-Éillithe Alexei Navalny ar Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine agus ar liostaí smachtbhannaí eile;
33. ag cáineadh na dtíortha sin uile atá ag soláthar trealamh míleata chuig an Rúis atá ag cuidiú léi teacht timpeall ar na smachtbhannaí arna bhforchur uirthi agus na éifeachtaí smachtbhannaí sin a sheachaint agus á iarraidh ar an Aontas cuideachtaí, comhlachais agus daoine aonair a ghlacann páirt sa teacht timpeall ar smachtbhannaí a ionchúiseamh go dian; ag tathant ar an Aontas, ar na Ballstáit agus ar a gcomhghuaillithe éifeachtacht na smachtbhannaí a forchuireadh cheana a neartú, céimeanna práinneacha a ghlacadh chun bac a chur ar aon iarracht teacht timpeall ar na smachtbhannaí sin agus oibriú ar shásra smachtbhannaí tánaisteacha lena gcumhdófaí aon lúb ar lár;
34. á mheabhrú do ghnólachtaí, do dhaoine aonair, d’institiúidí airgeadais agus do dhaoine eile a oibríonn i gCónaidhm na Rúise nó sna limistéir atá á bhforghabháil aici san Úcráin nó a bhfuil slabhraí luacha acu atá nasctha le Cónaidhm na Rúise nó na limistéir sin san Úcráin, lena n-áirítear infheisteoirí, sainchomhairleoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus soláthraithe seirbhíse díchill chuí, go mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar rioscaí suntasacha oibríochtúla, dlíthiúla, eacnamaíocha agus clú a bhaineann lena n-oibríochtaí gnó Rúiseacha agus lena gcaidreamh gnó Rúiseach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta ar leith a dhéanamh, maidir le táirgí ardteicneolaíochta atá á n-onnmhairiú chuig tríú tíortha, go gcoscfaí gurbh í an Rúis ba cheann scríbe dóibh;
35. á áitiú gur cheart go ndéanfaí gníomh a thagann timpeall ar bheart sriantach de chuid an Aontais, lena n-áirítear trí earraí a aistriú chuig ceann scríbe ina bhfuil srian ar a n-allmhairiú, a n-onnmhairiú, a ndíol, a gceannach, a n-aistriú nó a n-iompar, a choiriúlú ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach don fhorfheidhmiú go ndéanfaidh an tAontas sáruithe díreacha ar smachtbhannaí, lena n-áirítear nuair a dhéantar iad le mórfhaillí, chomh maith le sáruithe indíreacha ar smachtbhannaí trí theacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais, a choiriúlú go tapa; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú i bprionsabal ar thángthas air le déanaí idir institiúidí an Aontais maidir le rialacha nua lena ndéantar sárú smachtbhannaí an Aontais a choiriúlú;
36. ag cáineadh chleachtas na Rúise maidir le bac a chur ar aon ghníomhaíocht ar leibhéal na Náisiún Aontaithe lena bhfuil sé mar aidhm í a thabhairt chun cuntais as an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit tuilleadh gníomhaíochta chun leanúint le leithlisiú idirnáisiúnta na Rúise, lena n-áirítear maidir le ballraíocht na Rúise in eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta amhail Comhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe.
37. á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé córas fónta dlí a bhunú lena bhféadfar sócmhainní na Rúise atá faoi úinéireacht stáit, arna reo ag an Aontas, a choigistiú, agus iad a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí éagsúla ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear atógáil na tíre agus cúiteamh d’íospartaigh ionsaí na Rúise, agus ar an gcaoi sin athléimneacht na hÚcráine a neartú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí den tuairim nach mór a bheith d’oibleagáid ar an Rúis, a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh, an cúiteamh arna bhforchur uirthi a íoc chun a áirithiú go rannchuideoidh sí go suntasach le hatógáil na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh Clár an Damáiste arna dhéanamh ag fogha na Rúise, arb é an chéad chéim é chun sásra idirnáisiúnta cúitimh a bhunú; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an cinneadh ón gComhairle ioncam urghnách arna ghiniúint le sócmhainní agus cúlchistí Bhanc Ceannais na Rúise, atá blocáilte faoi smachtbhannaí an Aontais, a chur ar leataobh mar chéad chéim, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann iad a úsáid chun ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh le tacaíocht an Aontais do théarnamh agus d’atógáil na hÚcráine tríd an tSaoráid don Úcráin;
38. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an staid ag stáisiún cumhachta núicléiche Zaporizhzhia, atá á rialú go neamhdhleathach ag an Rúis; ag tacú le hiarrachtaí chun láithreacht leanúnach na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach a choinneáil ag stáisiún cumhachta núicléiche Zaporizhzhia; ag meabhrú agus ag cáineadh ghníomhaíochtaí na Rúise a bhfuil damáiste tromchúiseach déanta acu don chomhshaol san Úcráin, lena n-áirítear scriosadh Dhamba Kakhovka, lománaíocht fhoraoisí na hÚcráine, an-chuid mianadóireachta agus éilliú aeir agus acmhainní uisce; á athdhearbhú gur cúis mhór bhuartha di an tionchar fadtéarmach níos leithne atá ag an gcogadh ar an gcomhshaol; á chur i bhfios go láidir gur gá córas a chruthú chun an damáiste don chomhshaol arna dhéanamh ag an Rúis a thaifeadadh agus a mheasúnú agus chun forais dhlíthiúla a ullmhú do chuntasacht na Rúise i leith na gcoireanna sin;
39. ag cáineadh go láidir dhíothú, scriosadh agus chreachadh dhéantáin chultúrtha na hÚcráine, amhail eaglaisí, saothair ealaíne, músaeim agus ollscoileanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil damáiste, mar atá fíoraithe ag UNESCO, déanta do 341 láithreán ó cuireadh tús leis an ionradh iomlán, lena n-áirítear 126 láithreán reiligiúnacha, 150 foirgneamh a bhfuil spéis stairiúil agus/nó ealaíonta ag baint leo, 31 mhúsaem, 19 séadchomhartha, 14 leabharlann agus 1 chartlann; á athdhearbhú go bhféadfadh sé gurb ionann láithreáin oidhreachta cultúrtha na hÚcráine a scriosadh agus a chreachadh d’aon ghnó agus coireanna cogaidh;
40. á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit oibriú go straitéiseach agus go réamhghníomhach chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, chun cumarsáid straitéiseach an Aontais a neartú agus chun cur isteach na Rúise ar phróisis pholaitiúla, toghcháin agus próisis dhaonlathacha eile san Úcráin agus san Aontas a chosc, go háirithe gníomhartha mailíseacha atá dírithe ar thuairimí an phobail a ionramháil agus an bonn a bhaint ó lánpháirtiú na hEorpa, go háirithe i bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar maidir leis na tairbhí frithpháirteacha agus na deiseanna frithpháirteacha a bhaineann leis an méadú san Úcráin agus sna Ballstáit araon chun an tacaíocht a thugtar don phróiseas aontachais a mhéadú tuilleadh agus an tuiscint atá air a fheabhsú tuilleadh;
41. ag cáineadh fheallmharú Maksim Kuzminov sa Spáinn; á iarraidh ar na Ballstáit freagairt go pras agus go diongbháilte do ghníomhaíochtaí suaiteacha a dhéanann seirbhísí faisnéise na Rúise laistigh de chríoch an Aontais; á mholadh go gcuirfidh na Ballstáit feabhas ar chomhar frithaisnéise agus ar chomhroinnt faisnéise;
42. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an srian ar thaisteal eachtrach atá ar chomhaltaí Verkhovna Rada na hÚcráine; á chreidiúint go bhféadfaí é sin a mheas mar shrian neamh-idirdhealaitheach ar ghníomhaíocht pholaitiúil chomhaltaí tofa na parlaiminte, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht don fhreasúra; á chreidiúint go láidir nár cheart neamhaird a thabhairt ar aon acmhainn pholaitiúil a d’fhéadfadh cúis na hÚcráine a léiriú in aon fhóram idirnáisiúnta le linn tréimhsí cogaidh;
43. á chur in iúl gur an-mhór aici an obair leanúnach gan staonadh atá á déanamh ag foireann áitiúil Thoscaireacht an Aontais chun na hÚcráine i gcúinsí atá fós an-deacair dóibh féin agus dá ngaolta; ag tathant ar SEGS agus ar an gCoimisiún pleananna teagmhasacha agus réitigh eatramhacha a ghlacadh d’fhoireann áitiúil Thoscaireacht an Aontais, lena n-áirítear teilea-obair agus socruithe solúbtha oibre agus réitigh shealadacha athlonnaithe, atá saincheaptha chun freastal ar riachtanais agus dúshláin iarbhír na foirne; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé aire leormhaith a thabhairt do mheabhairshláinte fhoireann Thoscaireacht an Aontais;
44. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig ag an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Uachtarán, Rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig na Náisiúin Aontaithe agus chuig údaráis na Rúise agus na Bealarúise.
Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á iompar acu (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).