Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) idir an tAontas agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC) (2023/2065(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, den pháirt eile(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2016 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE SADC, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le toradh athbhreithniú ón gCoimisiún ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí an chaidrimh trádála idir an tAontas agus an Afraic(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le Straitéis nua idir an tAontas agus an Afraic – comhpháirtíocht don fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach(5),
– ag féachaint do theachtaireacht an 18 Feabhra 2021 ón gCoimisiún dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] (COM(2021)0066),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘The European Green Deal’ [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025’ (COM(2020)0152),
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 11 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Bileoga faisnéise aonair maidir le cur chun feidhme Chomhaontuithe Trádála an Aontais’ (SWD(2022)0730),
– ag féachaint don pháipéar seasaimh ón gCoimisiún maidir leis an Measúnú Tionchair Inbhuanaitheachta chun tacú le caibidlíocht trádála le Angóla d’aontachas CCE AE-SADC
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla (SIFA AE-Angóla),
– ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, lena n-áirítear Comhaontú Pháras 2015,
– ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,
– ag féachaint d’fhoilseachán Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD) an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Transforming Southern Africa: Harnessing Regional Value Chains and Industrial Policy for Development’ [Deisceart na hAfraice á athrú ó bhonn: Leas a bhaint as Slabhraí Luacha Réigiúnacha agus as Beartas Tionsclaíoch don Fhorbairt’],
– ag féachaint don Chomhaontú lena mbunaítear Limistéar Saorthrádála Ilchríochach na hAfraice,
– ag féachaint don Ráiteas Comhpháirteach ón 26ú Cruinniú Idirpharlaiminteach idir an tAontas agus an Afraic Theas, a tionóladh an 31 Deireadh Fómhair agus an 1 Samhain 2018,
– ag féachaint d’Fhís 2050 SADC,
– ag féachaint do Straitéis agus Treochlár Tionsclaíochta SADC (2015-2063),
– ag féachaint don tuairim féintionscnaimh ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dar teideal Next Generation Trade and Sustainable Development — Reviewing the 15-point action plan [An Chéad Ghlúin Eile den Trádáil agus don Fhorbairt Inbhuanaithe — an plean gníomhaíochta 15 phointe a athbhreithniú](6),
– ag féachaint don mheastóireacht ex post ar Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche AE-SADC — Tuarascáil Tosaigh an 21 Meitheamh 2023,
– ag féachaint do chruinnithe Choiste Trádála agus Forbartha CCE AE-SADC, go háirithe a shéú agus a naoú cruinniú,
– ag féachaint do Thuarascáil Dhomhanda 2021 maidir le Géarchéimeanna Bia,
– ag féachaint don staidéar ón Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i bParlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2023 dar teideal ‘EU-Southern African Development Community Economic Partnership Agreement:AA geo-economic perspective’ [An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) idir an tAontas agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC): Dearcadh geo-eacnamaíoch AA’(7)],
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0024/2024),
A. de bhrí go bhfuil athruithe geopholaitiúla, lena n-áirítear paindéim an choróinvíris, cogadh na Rúise ar an Úcráin agus iarmhairtí eacnamaíocha an chogaidh, ina gcúis le hathshuíomh na hAfraice agus go bhfuil ról níos féinchinntithe ag tíortha an Domhain Theas ar an leibhéal domhanda, rud a chuireann a leasanna agus a rannchuidithe féin chun cinn;
B. de bhrí go leagann comhlachas thíortha tábhachtacha an Domhain Theas in BRICS (an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas), a bhfuil sé thír eile le cur leis ó 2024 tar éis chinneadh chruinniú mullaigh BRICS i mí Lúnasa 2023, béim ar a thábhachtaí atá sé comhar a choinneáil ar bun le náisiúin an Domhain Theas ar théarmaí comhionanna agus cothroma;
C. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an Afraic Theas mar dhéantóir síochána idir an tAontas Eorpach agus mór-roinn na hAfraice agus mar chomhpháirtí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda;
D. de bhrí go mbeidh Comhaontú iarCotonou ina chreat nua uileghabhálach do gach CCE, lena n-áirítear CCE le SADC, mar aon le bheith ina phríomhthagairt d’athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar na comhaontuithe sin;
E. de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht iomlán na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán CCE AE-SADC ríthábhachtach chun dúshláin, deiseanna agus tosaíochtaí a shainaithint go tráthúil agus chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí comhaontaithe faoi seach;
F. de bhrí go bhfuil Angóla i mbun dul isteach in CCE AE-SADC; de bhrí go bhfuil caibidlíocht maidir le SIFA idir an tAontas agus Angóla tugtha i gcrích ag AE agus Angóla;
G. de bhrí gur bunphrionsabal de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) é cóir speisialta dhifreáilte agus gur cheart go dtreoródh prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt caidreamh trádála AE le tíortha atá i mbéal forbartha;
H. de bhrí go gcosnaíonn neamhionannas inscne 6 % ar an meán d’OTI bliantúil an réigiúin ar an Afraic fho-Shahárach, rud a chuireann iarrachtaí na mór-roinne ar mhaithe le forbairt chuimsitheach dhaonna agus fás eacnamaíoch i mbaol; de bhrí go gcuireann méadú aon faoin gcéad ar neamhionannas inscne laghdú 0,75 % ar innéacs forbartha daonna tíre;
I. de bhrí go bhfuil dúshláin roimh Stáit CCE SADC amhail éagothromaíochtaí móra agus spleáchas mór ar onnmhairiú amhábhar neamhphróiseáilte agus táirgí talmhaíochta;
J. de bhrí gur léir go bhfuil na neamhionannais sin ina mbacainn ar iarrachtaí tionsclaíochta leathana agus uaireanta go mbíonn éilliú mar thoradh orthu, agus gur gá beartais dhifreáilte a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais eacnamaíocha laistigh de agus idir tíortha i réigiún SADC;
K. de bhrí go bhfuil Fís 2050 SADC bunaithe ar thrí cholún: forbairt thionsclaíoch agus comhtháthú margaidh, forbairt bonneagair chun tacú le lánpháirtiú réigiúnach, agus forbairt caipitil shóisialta agus dhaonna;
L. de bhrí go n-aithnítear i Straitéis Tionsclaíochta SADC agus i dTreochlár 2015-2063 na trí chonair fáis is fearr le haghaidh tionsclaíocht atá bunaithe ar acmhainní sa réigiún: próiseáil tráchtearraí talmhaíochta, próiseáil mianraí, agus slabhraí luacha tionsclaíocha agus seirbhísbhunaithe;
M. de bhrí go bhfuil bearna USD 2,5 trilliún sa mhaoiniú bliantúil os comhair tíortha i mbéal forbartha chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach faoi 2030; de bhrí gur ionstraim í an infheistíocht dhíreach choigríche (FDI) chun Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na SDGanna comhfhreagracha a mhaoiniú; de bhrí go bhféadfadh caipiteal den sórt sin tacaíocht a thabhairt don chruthú fostaíochta agus d’fheabhsuithe sóisialta agus comhshaoil amhail a leagtar amach sna SDGanna; de bhrí, gur cheart go mbeadh an aidhm infheistíocht a mhealladh agus an admháil ann i dteannta a chéile, i gcomhthéacs comhaontuithe infheistíochta idirnáisiúnta (IIAnna), go bhféachfadh na páirtithe sna comhaontuithe sin lena leibhéil cosanta comhshaoil nó lucht saothair a fheabhsú seachas iad a lagú nó a laghdú;
N. de bhrí gurb é cuspóir Straitéis agus Threochlár Tionsclaíochta SADC 2015-2063 slabhraí luacha réigiúnacha agus domhanda a fhorbairt agus páirt a ghlacadh iontu;
O. de bhrí go bhfuil gá le bonneagar iompair agus digiteach chun slabhraí luacha réigiúnacha a fhorbairt agus chun Stáit SADC a chomhtháthú níos mó i slabhraí luacha domhanda;
P. de bhrí gurb iad na gnéithe ríthábhachtacha le haghaidh rannpháirtíocht rathúil sa slabhra luacha ná maoiniú, scileanna, teicneolaíocht, bonneagar agus lóistíocht;
Q. de bhrí gur leathnaigh paindéim COVID-19 go suntasach na bearnaí infheistíochta i Stáit CCE SADC agus gur chuir sí teorainn lena spás fioscach;
R. de bhrí go bhfuil iarmhairtí na mbeart a rinneadh chun scaipeadh COVID-19 a chosc tar éis difear suntasach a dhéanamh do shlite beatha na ndaonraí, go háirithe i stáit Eswatini agus Lesotho, atá ag brath ar Shaothar agus Trasnú Teorann na hAfraice Theas;
S. de bhrí go ndearna luaineacht praghsanna tráchtearraí le linn phaindéim COVID-19 damáiste eacnamaíoch do Stáit CCE SADC atá ag brath ar ioncam ó cháin ó thionscail eastóscacha;
T. de bhrí go gcoinníonn leibhéal íseal táirgthe ar tháirgí sláinte go háitiúil an réigiún ag brath ar tháirgeadh idirnáisiúnta chun táirgí sláinte ríthábhachtacha a sholáthar, lena n-áirítear vacsaíní bunriachtanacha i gcoinne COVID-19;
Próiseas monatóireachta agus athbhreithnithe CCE
1. Á chur in iúl gur geal léi an chéad phróiseas athbhreithnithe a seoladh i mí na Samhna 2021 tar éis CCE a bheith curtha i bhfeidhm go sealadach ó 2016 i leith agus ag dréim leis go mbeidh sé in ann an nasc idir CCE agus an fhorbairt inbhuanaithe a léiriú;á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú le comhpháirtithe SADC chun trádáil chothrom, chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn ionas gur féidir le CCE, nuair a chuirfear chun feidhme go héifeachtach é, an fhorbairt inbhuanaithe sa réigiún a áirithiú agus rannchuidiú léi; ag tathant ar an gCoimisiún sa mheastóireacht ex post ar CCE AE-SADC anailís chríochnúil a dhéanamh ar thionchar CCE ar SDGanna, ar gheilleagair neamhfhoirmiúla agus áitiúla, ar chomhtháthú réigiúnach agus uile-Afracach, ar éagsúlú eacnamaíoch, ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, lena n-áirítear an méid a chuireann tionscail intíre leis an iarracht sin, agus ar thacaíocht éifeachtach a thabhairt don Tairseach Dhomhanda agus do chlár AE um Chúnamh don Trádáil i gcomhthéacs CCE AE-SADC;díríonn an comhaontú seo go príomha ar thrádáil earraí agus ní thugtar aghaidh leis ar thrádáil seirbhísí, ar infheistíocht ná ar shaincheisteanna eile amhail cearta maoine intleachtúla, iomaíocht, agus soláthar poiblí. á iarraidh ar na páirtithe na saincheisteanna sin a mheas sna hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo, ós rud é go bhfuil foráil ann maidir le caibidlíocht a dhéanamh ar na hábhair sin amach anseo;
2. Ag athdhearbhú a seasaimh maidir lena thábhachtaí atá rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme CCE agus san fhaireachán a dhéantar air; á chur in iúl gur oth léi rannpháirtíocht theoranta na sochaí sibhialta a tugadh faoi deara le linn chur chun feidhme CCE; ag cur béim, ina leith sin, ar an ngá atá le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chur chun cinn go gníomhach; ag tabhairt dá haire gur féidir le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear grúpaí ban agus eagraíochtaí mac léinn, sa phróiseas faireacháin agus meastóireachta léargas agus aiseolas luachmhar a chur ar fáil maidir le tionchar an chomhaontaithe ar mhná agus ar dhaoine óga;
3. Ag aithint go bhfuil an t-ullmhúchán don tuarascáil chomhpháirteach faireacháin maidir le CCE ag dul chun cinn ar luas níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis; ag aithint na srianta acmhainneachta atá ar Stáit CCE SADC ina leith sin; á mheabhrú, de bhun an chur chuige nua maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (TSD), gur cheart go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ionadaithe gnó agus ceardchumainn, rannpháirteach sa mheasúnú sin agus gur cheart spreagadh a thabhairt dóibh moltaí a dhéanamh chun éifeachtacht CCE a uasmhéadú agus gur cheart CCE a nuachóiriú chun Grúpa Comhairleach Baile a bhunú, atá anois ina chleachtas coiteann in CCEanna eile; ag moladh rannpháirtíocht níos struchtúrtha na ngeallsealbhóirí maidir le cur chun feidhme nithiúil na ngnéithe inbhuanaitheachta uile in CCE AE-SADC; ag tathant ar thíortha Stáit CCE SADC na gealltanais a comhaontaíodh faoi CCE a chomhlíonadh agus tabhairt ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta a bheith páirteach;
4. Ag aithint go bhfuil gá le socruithe idirthréimhseacha solúbtha chun go gcomhlíonfaidh Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche ceanglais TSD sa CCE agus gealltanais idirnáisiúnta eile;
5. Ag dréim leis, ag brath ar thoradh an athbhreithnithe, go ndéanfar CCE a oiriúnú nó a leathnú b’fhéidir i gcomhaontuithe comhlántacha chun an chomhpháirtíocht idir AE agus tíortha Dheisceart na hAfraice a chomhdhlúthú agus a dhoimhniú mar fhreagairt ar athruithe geopholaitiúla agus ar dhúshláin an athraithe aeráide;
6. Á chur in iúl gur geal léi mianta dícharbónaithe Angóla, tír a bhí ag brath go mór ar a tionscail eastóscacha;
7. Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil bearta fothaithe acmhainneachta fioscaí á mbeartú faoi chuimsiú SIFA AE-Angóla;
Comhardú na trádála
8. Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus Stáit CCE SADC, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal déthaobhach araon, agus go bhfuil Stáit CCE SADC in ann barrachas trádála a bhaint amach; á mheas go léirítear leis sin rannchuidiú dearfach CCE leis an bhforbairt eacnamaíoch, cé nár bhain na héifeachtaí dearfacha inmhianaithe ar fhostaíocht, ar chomhar eacnamaíoch réigiúnach ná ar éagsúlú agus nuachóiriú an gheilleagair a n-acmhainneacht amach go fóill agus gur cheart iad a shaothrú mar thosaíocht; ag tabhairt dá haire gur clocha lómhara, earraí adhmaid, iompar,(8)táirgí mianraí agus táirgí talmhaíochta, amhail torthaí agus glasraí, is mó a onnmhairíonn Stáit SADC-CCE chuig an Aontas; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil onnmhairí na hAfraice Theas chuig an Aontas níos éagsúla agus go bhfuil earraí breisluacha níos airde san áireamh leo;
9. Ag cur béim ar an bhfíoras, cé is moite den Afraic Theas, go ndéanann Stáit atá in SADC CCE trádáil laistigh den réigiún go príomha; ag tabhairt dá haire gurb ionann trádáil leis an Afraic Theas i gcónaí agus 80 % de thrádáil an Aontais le Stáit Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice atá sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche agus nach ionann trádáil earraí na hAfraice Theas le tíortha eile san Afraic ach 17 % dá trádáil eachtrach iomlán; ag tabhairt dá haire gurb ionann trádáil laistigh de SADC agus 23 % de thrádáil iomlán Stáit SADC; ag aithint go bhfuil patrúin trádála laistigh de SADC éagsúil le trádáil dhéthaobhach AE-SADC; á chur i bhfios, ar an iomlán, nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar éagsúlú agus go bhfuil sciar na monaraíochta in OTI fós lag; á chur i bhfáth go ndéanfadh geilleagair éagsúlaithe Stáit CCE SADC níos athléimní i gcoinne suaití seachtracha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé slabhraí luacha réigiúnacha a neartú;
10. Á chur i bhfáth gur cheart do CCE tacú le dinimic nua trádála idir na Páirtithe trí bhíthin léirscaoileadh neamhshiméadrach trádála de réir a chéile eatarthu; á chur i bhfáth freisin gur féidir léi an comhar a threisiú, a leathnú agus a dhoimhniú i ngach réimse atá ábhartha don trádáil agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht idir tíortha SADC agus an tAontas; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá prionsabal an léirscaoilte trádála neamhshiméadrach mar uirlis chun fás eacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe thíortha SADC CCE a chothú;
11. Á chur i bhfios go láidir, cé gur féidir le CCEanna buntáistí suntasacha a chur ar fáil do thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), go mbaineann dúshláin agus míbhuntáistí dá gcuid féin leo freisin; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanfadh lucht déanta beartas na tosca sin a mheas go cúramach agus go n-oibríonn siad chun a áirithiú go gcuirfear CCEanna chun feidhme ar bhealach lena n-uasmhéadaítear na tairbhí do na páirtithe uile lena mbaineann;
12. Á mheabhrú gur cheart do na Páirtithe uile gníomhú i gcónaí ar bhonn phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus an leasa fhrithpháirtigh chun comhar tairbheach a fheabhsú, a ngealltanais agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus acmhainneacht thíortha SADC CCE a éascú chun leanúint den Chomhaontú a chur chun feidhme;
Bacainní teicniúla ar an trádáil
13. Á mheabhrú go bhfuil sé mar aidhm ag CCE SADC comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus gur cheart go mbeadh an comhaontú ina bhloc tógála do Limistéar Saorthrádála Mór-roinn na hAfraice a seoladh in 2021; ag tabhairt dá haire gur dúshlán don chomhtháthú réigiúnach amanna feithimh fada ag trasnuithe teorann, costais arda teorann agus nascacht trasteorann neamhleor; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Stáit SADC-CCE comhar a mhéadú i mbonneagar, i dtrádáil dhigiteach agus i ndeimhniú, lena n-áirítear faoin Tionscnamh Global Gateway,á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do thionscadail réigiúnacha iompair agus bonneagair sa réigiún chun comhtháthú réigiúnach a dhoimhniú agus chun sreafaí laistigh den trádáil a mhéadú; á mheabhrú gur gá forbairt éifeachtúil bonneagair trasteorann a chur chun cinn, rialacháin a chomhchuibhiú agus comhar a neartú idir Stáit CCE SADC chun réigiún idirnasctha SADC a chruthú; á iarraidh ar Stáit CCE SADC na rialacháin agus na nósanna imeachta a bhaineann le custam agus iompar a chomhchuibhiú chun próisis trasteorann a shimpliú, moilleanna a laghdú agus timpeallacht fhabhrach a chur chun cinn le haghaidh trádála agus infheistíochta;
14. Á chur i bhfáth gur gá socruithe oibre trasteorann a chur ar bhonn foirmiúil chun obair chuibhiúil a chur chun cinn, cearta oibrithe a chosaint agus forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú sa réigiún; ag aithint na ndúshlán sonrach atá le sárú ag mná, go háirithe i gcomhthéacs na hoibre trasteorann, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe agus éilliú;
15. Ag tathant ar an gCoimisiún agus ar Stáit CCE SADC a dtiomantas a leathnú maidir le timpeallacht chumasúcháin a chruthú a thacaíonn le soghluaisteacht an lucht saothair atá de réir an dlí agus trédhearcach, agus cearta agus dínit na n-oibrithe á gcoimirciú ag an am céanna;
Rialacha tionscnaimh
16. Á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir le carnadh réigiúnach a ghníomhachtú le tíortha Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice (SACU); á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach rialacha solúbtha tionscnaimh a thabhairt isteach chun cuspóirí an chomhtháthaithe réigiúnaigh a bhaint amach; á chur i bhfáth nach mór do rialacha tionscnaimh cuspóirí Limistéar Saorthrádála Mór-roinne na hAfraice (AfCFTA) a chur chun cinn; á mheabhrú gur cheart do CCE tacú le AfCFTA a fhorbairt tuilleadh;
Díospóidí trádála agus saincheisteanna maidir le rochtain ar an margadh
17. Ag tabhairt dá haire gurb ann do bhacainní trádála i ndáil le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS), go háirithe maidir le héanlaith chlóis agus torthaí citris; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Stáit CCE SADC leas a bhaint as na fóraim agus na sásraí comhair a comhaontaíodh faoi CCE chun aghaidh a thabhairt ar athruithe ar rialacháin SPS ag céim luath agus in atmaisféar comhoibritheach ionas gur féidir gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh go tráthúil; á mheabhrú gur cheart Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go hiomlán faoi chuimsiú an athbhreithnithe lena n-áiritheofar go mbeidh na bearta SPS a chuireann an Afraic Theas i bhfeidhm i gcomhréir le ceanglais an Aontais agus le forálacha CCE agus nach ndéanfaidh siad dochar do shláinte plandaí tháirgeadh an Aontais agus SADC; ag aithint go bhfuil tacaíocht theicniúil agus airgeadais tugtha ag an gCoimisiún do Stáit AE-SADC CCE chun ceanglais bhearta SPS a chomhlíonadh agus á iarraidh go ndéanfar faireachán críochnúil ar an obair chun rioscaí sláinte a laghdú; á mholadh go lorgófaí réitigh ar bhacainní trádála, arb iad ceanglais SPS is cúis leo, trí phlé polaitiúil ardleibhéil;
Fothú acmhainneachta
18. Ag tabhairt dá haire go bhfuil rialachas agus acmhainneacht fhioscach agus institiúideach fós ar na dúshláin is mó atá roimh chur chun feidhme éifeachtach CCE;
19. Á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar agus an cúnamh teicniúil agus airgeadais a fhorbairt mar thosca riachtanacha chun na cuspóirí faoi CCE a bhaint amach agus chun comhar tairbhiúil idir na Páirtithe a bhaint amach;
20. Á mheabhrú go bhféadfadh sé a bheith dúshlánach do thíortha níos lú ACC nach bhfuil acmhainní agus bonneagar acu chun CCEnna a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cabhrú lena dtíortha comhpháirtíochta i mbéal forbartha ionas gur féidir leo leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le CCEnna;
21. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí maidir le cúnamh teicniúil; á iarraidh ar an gCoimisiún a chumarsáid agus a chomhar le Stáit CCE SADC a leathnú go suntasach agus tacaíocht thráthúil a thabhairt dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, dá gcuideachtaí agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun tionscadail AE atá ar na bacáin a chur chun feidhme agus chun gealltanais idirnáisiúnta eile a chomhlíonadh amhail na Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) agus Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;
Forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil
22. Á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár éirigh le CCE slabhraí luacha réigiúnacha a dhoimhniú ná iad siúd i Stáit CCE SADC agus eatarthu go haon mhéid suntasach, ach gur cheart di éagsúlú onnmhairí agus slabhraí breisluacha réigiúnacha a neartú, chomh maith le slabhraí soláthair níos athléimní a chruthú a bheadh ábalta dul in oiriúint do shuaitheadh amach anseo ar fhorbairt shocheacnamaíoch SADC; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé slabhraí luacha réigiúnacha a fhorbairt d’athléimneacht eacnamaíoch an réigiúin; ag dréim leis go rannchuideoidh CCE ar bhealach níos fearr le fadhbanna marthanacha na ceannasachta bia agus laghdú na bochtaineachta a chomhrac i Stáit SADC-CCE; á mheabhrú gurb é cuspóir CCEanna éifeachtaí dearfacha a chruthú ar an bhforbairt eacnamaíoch agus ar an gcomhtháthú réigiúnach; á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht mhór fós ag CCE forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus gur cheart é sin a shaothrú mar thosaíocht;
23. Á chur i bhfios go láidir gur mian léi spás beartais leordhóthanach a fhágáil do Stáit CCE SADC chun breisluach áitiúil a chruthú; á chreidiúint gur cheart don Aontas tacú go gníomhach le Stáit CCE SADC ina n-iarrachtaí bogadh suas sa slabhra luacha; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú éifeachtach ar speisialtóireacht réigiúnach bunriachtanach chun acmhainneacht na slabhraí luacha réigiúnacha a uasmhéadú agus go bhfuil gá le struchtúir agus beartais rialachais chomhoibritheacha; á iarraidh ar Stáit CCE SADC agus AE oibriú chun bonneagar digiteach ardcháilíochta a fhorbairt, lena n-áirítear líonraí leathanbhanda agus ardáin dhigiteacha, chun nascacht a fheabhsú, ríomhthráchtáil a chur chun cinn agus malartú faisnéise agus seirbhísí thar theorainneacha a éascú;
24. Á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá slabhra luacha na seirbhísí chun fás eacnamaíoch a spreagadh, nuálaíocht a chothú agus comhar réigiúnach a fheabhsú laistigh de réigiún SADC; á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht sna hearnálacha seirbhísí i réigiún SADC, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais, turasóireacht agus teileachumarsáid;
25. Á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tiomantas an Aontais do chomhar iltaobhach agus do leasanna trádála na hEorpa féin a áirithiú, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar roinnt de phríomhleasanna thíortha ACP, go háirithe maidir le lánpháirtiú réigiúnach;
26. á mheabhrú an réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú agus domhandú an gheilleagair, mar a chomhaontaigh comhaltaí Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta/Creat Cuimsitheach G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis;
27. á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a áirithiú go bhfuil an t-íosráta cánach corparáide 15 % a comhaontaíodh le haghaidh fiontair ilnáisiúnta ar an leibhéal domhanda á chur i bhfeidhm go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir go meastar go nginfidh an cháin íosta sin thart ar USD 150 billiún d’ioncam breise cánach ar domhan gach bliain;
28. Ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ar chumas tíortha i mbéal forbartha a gcearta a fheidhmiú go huile faoi fhorálacha EDT maidir le cóir speisialta agus dhifreáilte, go háirithe a slándáil bia a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar theachtaireacht 2009 uaidh maidir le cóirthrádáil(9);
29. Á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le hiarrachtaí comhpháirteacha forleathana a dhéanamh i dtreo an dícharbónaithe agus tacú leis sin le cistiú suntasach, chomh maith le haistrithe teicneolaíochta forleathana a dhéanamh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhar comhpháirteach chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun an t-athrú aeráide a chomhrac, agus fás eacnamaíoch á chothú ag an am céanna; á chur i bhfáth nach mór do bhunú comhpháirtíochtaí fuinnimh le tíortha réigiún SADC díriú ní hamháin ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais san Eoraip, ach nach mór é a bheith d’aidhm aige ag an am céanna an réigiún a sholáthar;
30. Á athdhearbhú go bhféadfadh an t-aistriú glas a bheith ina ghineadóir post ardcháilíochta agus glas a d’fhéadfadh cur go mór le díothú na bochtaineachta agus leis an gcuimsiú sóisialta, i mBallstáit AE agus i Stáit CCE SADC araon;
31. Ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus san fhorbairt scileanna atá saincheaptha d’iarrachtaí dícharbónaithe, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin an aistrithe chóir;
32. Á mheas go bhfuil tionscadail chun feabhas a chur ar bhonneagar áitiúil i dtíortha atá in SADC CCE i ndáil le comhpháirtíochtaí cathrach úsáideach chun taca a chur faoi chomhpháirtíochtaí aeráide idir an tAontas agus Stáit aonair atá in SADC CCE ar bhealach díláraithe, agus chun malartuithe idir bardais i nDeisceart na hAfraice agus san Aontas a dhoimhniú; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfágann malartuithe bardasacha gur féidir le saineolaithe ón Afraic agus ón Eoraip réitigh atá iomchuí ó thaobh fadhbanna de a fhorbairt chun bonneagar áitiúil a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi go dtacaíonn an clár ‘Údaráis Áitiúla: Comhpháirtíochtaí le haghaidh cathracha inbhuanaithe 2020’ le tionscadail chomhpháirtíochta den chineál sin; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chúnamh a thabhairt do thíortha SADC CCE chun ceanglais bheartais chomhshaoil AE a chomhlíonadh agus an clár cistiúcháin sin a choinneáil; ag tathant ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar thoscaireachtaí AE idirphlé a éascú agus é mar aidhm leis comhthuiscint a chur chun cinn maidir le tionchar thionscnaimh aeráide AE, amhail an Rialachán maidir leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) agus an Rialachán maidir le Dífhoraoisiú a thabhairt isteach, agus reachtaíocht díchill chuí an Aontais atá ar na bacáin;
33. á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ar leith ag tionchair an athraithe aeráide ar Stáit CCE SADC; á mheabhrú go ndéanann tuilte agus triomaigh araon difear don talmhaíocht i nDeisceart na hAfraice; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar Stáit CCE SADC dlús a chur lena gcomhar maidir le córais réamhrabhaidh iomchuí agus comhordú a fhorbairt idir aireachtaí ábhartha Stáit CCE SADC chun cuspóirí na Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta a bhaint amach;
34. Á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Stáit CCE SADC agus an Choimisiúin comhar níos dlúithe a bhunú maidir le córais bhia athléimneacha agus biafhlaitheas laistigh den phróiseas athbhreithnithe; á mheas gur deis é an comhar sin chun Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile atá ag Obair i gCeantair Thuaithe agus Coinbhinsiúin ILO atá dírithe ar an talmhaíocht a chur chun cinn amhail Uimh. 129 maidir le cigireacht saothair sa talmhaíocht, Uimh. 10 maidir le haois íosta sa talmhaíocht agus Uimh. 11 maidir leis an gceart comhlachais sa talmhaíocht; á mheabhrú gur aithníodh cumas na hagra-éiceolaíochta na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta den inbhuanaitheacht a thabhairt chun réitigh i dtuarascálacha suntasacha ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide agus ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, agus ón mBanc Domhanda agus ón measúnú talmhaíochta domhanda (IAASTD) faoi stiúir FAO;
35. Á chur i bhfáth go bhfuil gá féachaint le slabhraí luacha atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a thógáil laistigh den agraithionscal agus chun cineálacha barr atá frithsheasmhach in aghaidh triomaigh agus teicnící próiseála atá oiriúnaithe don aeráid a fhorbairt;
36. Ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil rochtain ar uisce glan agus ar shaoráidí sláintíochta bunriachtanach d’inbhuanaitheacht talmhaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le straitéisí cuimsitheacha bainistithe uisce; ag cur béim ar an bhfíoras gur bac ar fhorbairt inbhuanaithe é an easpa rochtana ar uisce glan agus ar shláintíocht i réigiún SADC;
37. Á iarraidh go ndéanfaí tionscnaimh agraiphróiseála réigiúnacha a chur i gcrích agus a chomhroinnt i measc Stáit CCE SADC chun malartú eolais agus comhroinnt dea-chleachtas a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí faireachán ar an dul chun cinn atá déanta i slabhraí luacha réigiúnacha sa phróiseáil talmhaíochta;
Inscne
38. Ag aithint ról ríthábhachtach na mban i bhforbairt eacnamaíoch réigiún SADC agus a thábhachtaí atá sé timpeallacht chumasúcháin a chruthú lena ndéanfar a gcearta a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do shaincheisteanna inscne i gcomhthéacs chur chun feidhme CCE, mar shampla trí cheardlanna a eagrú maidir le comhionannas inscne idir, inter alia, eagraíochtaí um chearta na mban san Aontas agus i dtíortha SADC, trí fheasacht na n-údarás intíre agus na gcuideachtaí a ardú maidir leis an acmhainneacht eacnamaíoch neamhshaothraithe a eascraíonn as idirdhealú in aghaidh na mban agus trí chabhrú leo na gníomhaithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta a chuireann bac ar dhul chun cinn na mban san Afraic a shainaithint agus á iarraidh go mbeadh beartais agus gníomhaíochtaí nithiúla ann chun an bhearna inscne a dhúnadh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé mná agus daoine óga i réigiún SADC a chumhachtú trína rochtain ar mhaoiniú, ar acmhainní agus ar rannpháirtíocht eacnamaíoch a fheabhsú; á iarraidh ar AE agus ar Stáit CCE SADC rochtain chomhionann gan bhac ar sheirbhísí airgeadais agus ar acmhainní airgeadais a áirithiú do mhná agus do dhaoine óga, agus cuimsiú airgeadais a chur chun cinn;
Infheistíocht
39. á chur i bhfios gur gá maoiniú glas agus infheistíochtaí glasa a mhéadú go suntasach chun spriocanna Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chur chun cinn i Stáit CCE SADC;
40. Á iarraidh ar Stáit AE agus SADC CCE féachaint go gníomhach ar shásraí nuálacha le haghaidh maoiniú glas, lena n-áirítear bannaí glasa, cistí infheistíochta atá dírithe ar an aeráid agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, ardáin idirnáisiúnta a ghiaráil chun infheistíochtaí a mhealladh i dtionscadail inbhuanaithe atá athléimneach ó thaobh na haeráide de; á iarraidh ar an Aontas an tionchar atá aige a ghiaráil maidir le cleachtais mhaoinithe fheabhsaithe a fháil ó institiúidí amhail an Banc Domhanda agus feabhas a chur ar ról an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le fiachas tíortha a bhfuil fiachais ollmhóra acu a laghdú agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar na Ballstáit a dtionchar a úsáid chun cineálacha cur chuige nua a fhiosrú lena gcuirfear maoiniú ar fáil le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide; ag cur béim ar an ngá atá le bearta réamhghníomhacha chun leanúint d’infheistíochtaí méadaithe a mhealladh, go háirithe in earnálacha straitéiseacha agus nuálacha, a bhféadfadh torthaí ardcháilíochta a bheith mar thoradh orthu agus forbairt níos inbhuanaithe a chothú, a bhféadfadh tairbhí fadtéarmacha a bheith mar thoradh orthu do Stáit CCE SADC agus don Aontas araon; ag tathant, thairis sin, ar Stáit CCE AE agus SADC féachaint go comhpháirteach ar dheiseanna nuálacha maoinithe amhail iasachtaí a fháil agus iad a leithdháileadh ina dhiaidh sin faoi choinníollacha iomchuí chun bonneagar poiblí a mhaoiniú i réimsí ríthábhachtacha amhail fuinneamh, soláthar uisce, diúscairt dramhaíola agus athchúrsáil;
41. Á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí ag fóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear EDT, chun tacú le maoiniú méadaithe idirnáisiúnta don aeráid;
42. Ag tabhairt dá haire go bhfuil stoc infheistíochta Bhallstáit AE i Stáit CCE SADC i bhfad níos airde ná stoc infheistíochta na Stát Aontaithe nó na Síne;
43. Á mheas, thairis sin, go bhfuil géarghá le hinfheistíocht inbhuanaithe a mhéadú i réigiún SADC agus ag dréim leis go sainaithneofar réimsí infheistíochta a bhfuil cuma orthu go bhfuil siad an-oiriúnach do chomhpháirtíochtaí infheistíochta idir an tAontas agus Stáit CCE SADC; á iarraidh go mbeadh cur chuige níos comhordaithe ag Foireann na hEorpa maidir le bearta oiriúnacha a shainaithint agus a chur chun feidhme chun infheistíocht a mhéadú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíochtaí ollmhóra chun tacú le bonneagar agus le héagsúlú ar shiúl ón spleáchas ar thráchtearraí príomhúla i dtreo táirgí tionsclaíocha ardluacha chun na SDGanna a bhaint amach; á chur i bhfáth gur cheart beartas infheistíochta AE a bheith ag cabhrú le tíortha i mbéal forbartha, go háirithe tíortha san Afraic, chun infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh agus an bhearna chistiúcháin a laghdú chun na SDGanna a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cruthú post cuibhiúil a bheith ina phríomhthoisc chun tacú le hinfheistíocht i réigiún SADC, lena gcumasófar creataí láidre intíre do chearta an duine agus do dhícheall cuí comhshaoil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt do chuideachtaí áitiúla nuair is féidir sa phróiseas cur chun feidhme chun cistí infheistithe a choinneáil sa réigiún, borradh a chur faoin bhfostaíocht agus aistriú scileanna a éascú; á chreidiúint gur cheart cistí na Tairsí Domhanda a mhéadú agus nach mór sciar na ndeontas le haghaidh infheistíochtaí poiblí atá chomh riachtanach céanna a mhéadú;
44. Á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú, agus tionscadail na Tairsí Domhanda á roghnú agus tacaíocht á tabhairt dóibh, gur gá an t-idirphlé sóisialta a bheith ina dhlúthchuid den chreat institiúideach le haghaidh ceapadh beartais agus cur chun feidhme ar gach leibhéal;
45. Á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin náisiúnta aonair Bhallstáit AE chun ailíniú le tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;
46. Á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) i bhforbairt eacnamaíoch Stáit SADC, agus aitheantas á thabhairt dá n-acmhainneacht agus dá ról; á athdhearbhú gur gá feasacht a mhúscailt maidir le tairbhí agus deiseanna an chomhaontaithe, go háirithe do FBManna;
47. Ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh fiontair na hearnála príobháidí rannpháirteach go réamhghníomhach i gcur chun feidhme CCE AE-SADC agus san fhaireachán a dhéantar air;
48. Á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht i gcláir forbartha acmhainní agus i dtionscnaimh réigiúnacha a chur chun cinn agus a spreagadh go gníomhach, arb é is aidhm dóibh acmhainneacht infheistíochta agus onnmhairiúcháin a neartú, agus timpeallacht mhargaidh atá níos fabhraí do FBManna á chothú ag an am céanna;
49. Á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach cláir AE amhail an Clár um Thacaíocht chun Infheistíocht a Fheabhsú agus an Clár um Timpeallacht Ghnó arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus infheistíochta i Stáit SADC; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí níos mó maoinithe a bheartú sa chéad tréimhse airgeadais eile chun borradh níos mó a chur faoi fhás agus faoi fhorbairt na hearnála príobháidí, agus chun deiseanna fostaíochta a chruthú don phobal áitiúil, agus ar an gcaoi sin an bhochtaineacht a laghdú;
50. Á chur i bhfáth go gcuideoidh creat dlíthiúil agus fioscach atá trédhearcach agus intuartha le comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh;
Aontachas Angóla
51. Ag aithint a thábhachtaí atá SIFA AE-Angóla i dtaca leis an gComhaontú seo mar chur chuige nua chun creat dlíthiúil agus fioscach atá trédhearcach agus intuartha riachtanach a thógáil lena gcothófar dícheall cuí na n-infheisteoirí chun infheistíocht inbhuanaithe agus fhreagrach a mhealladh, agus á thabhairt chun suntais na forálacha a comhaontaíodh maidir le gealltanais i ndáil le hinscne, leis an athrú aeráide agus leis an bhforbairt inbhuanaithe; ag spreagadh tíortha eile sa réigiún SIFanna comhchosúla leis an Aontas a mheas, lena n-áirítear rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta ina ndearadh; á chur i bhfios go láidir gur cheart do SIFA AE-Angóla rannchuidiú le hinfheistíocht inbhuanaithe a mhealladh agus a leathnú in Angóla, chomh maith le héagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn, agus gealltanais chomhshaoil agus gealltanais maidir le cearta saothair á gcomhtháthú ag an am céanna, agus nár cheart a mhalairt d’éifeacht a bheith aige; á thabhairt chun suntais deiseanna infheistíochta inbhuanaithe san earnáil talmhaíochta aeráid-íogair, infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite agus bonneagar aeráidseasmhach, chomh maith le forbairt scileanna; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do thionscadail chomhair lena gcuirtear chun cinn na gealltanais inbhuanaitheachta a leagtar amach in SIFA AE-Angóla laistigh den Chlár Ilbhliantúil Táscach d’Angóla; á chreidiúint gur féidir le comhaontuithe amhail SIFA AE-Angóla creat dlíthiúil agus eagraíochtúil a chur ar fáil d’infheistíocht inbhuanaithe lena laghdaítear spleáchas Angóla ar ola agus ar ghás; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear in SIFA AE-Angóla gnéithe tábhachtacha de chur chun feidhme praiticiúil infheistíochtaí amhail trédhearcacht agus intuarthacht infheistíochtaí, cuíchóiriú na nósanna imeachta formheasa, bunú pointí fócasacha infheisteoirí leasmhara, nósanna imeachta chun díospóidí a sheachaint agus a réiteach agus dícheall cuí na n-infheisteoirí; á iarraidh ar AE agus ar Stáit CCE SADC a mheas ar cheart go gcomhlánódh Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú an CCE; á iarraidh ar Stáit CCE SADC dul i mbun caibidlíochta maidir leis an tsaincheist sin, más gá;
52. Á chur in iúl gur geal léi an iarraidh ó Angóla dul isteach in CCE AE-SADC; á chur in iúl go bhfuil súil aici, sa chomhthéacs sin, go gcuirfear tús leis an bpróiseas caibidlíochta gan a thuilleadh moille; á mheas, má ghlacann Angóla páirt in CCE AE-SADC nó in aon ionstraim idirnáisiúnta cheangailteach agus in-fhorfheidhmithe ar leith idir an tAontas agus Stáit SADC, gur cheart SIFA AE-Angóla a oiriúnú dá réir;
53. Á mheabhrú, de réir mheasúnú tionchair an Choimisiúin, go bhfuil saincheisteanna acmhainneachta le sárú ag Angóla maidir le CCE a chur chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú le Angóla i bhfothú acmhainneachta;
Amhábhair
54. Á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Stáit CCE SADC an comhar a neartú trí fhóraim fhoirmiúla, chomh maith le comhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le hamhábhair chriticiúla agus treochláir cur chun feidhme, chun soláthar éagsúlaithe agus inbhuanaithe amhábhar tábhachtach a áirithiú le haghaidh na n-aistrithe glasa, digiteacha agus córa, feabhas a chur ar athchúrsáil acmhainní nádúrtha agus bainistiú dramhaíola, tacú le tionscail intíre an slabhra luacha a ardú ó eastóscadh go próiseáil amhábhar agus cleachtais mhianadóireachta fhreagracha a chur chun cinn, go háirithe trí réamhthoiliú feasach an phobail áitiúil a ndéanann tionscadail mhianadóireachta difear dóibh a aithint agus a chur i bhfeidhm agus trí thairbhí a thabhairt feadh an tslabhra soláthair agus táirgthe ina iomláine; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur gá eastóscadh amhábhar a bheith ann agus caighdeáin chomhshaoil, cearta saothair agus cearta an duine á n-urramú, lena n-áirítear cearta na bpobal dúchasach; á iarraidh go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ar bhonn leanúnach agus leathan, lena n-áirítear pobail áitiúla agus dhúchasacha; ag moladh athchóirithe beartais lena dtugtar aghaidh ar úinéireacht talún agus mianach, ar chearta saothair agus ar cheartas sóisialta chun coinbhleachtaí a mhaolú agus infheistíocht inbhuanaithe a spreagadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cásanna sáruithe ar chearta an duine agus an t-ardleibhéal damáiste don chomhshaol a dhéanann roinnt cuideachtaí mianadóireachta;
55. Á chur in iúl gur geal léi an Chomhpháirtíocht Straitéiseach leis an Namaib, arb é is aidhm di forbairt hidrigine in-athnuaite agus slabhraí luacha amhábhar criticiúil a thógáil; á mheabhrú gur gá an bonneagar is gá a fhorbairt, amhail saoráidí fuinnimh in-athnuaite, líonraí iompair agus ionaid taighde, chun táirgeadh agus dáileadh hidrigine in-athnuaite a éascú;
56. Á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbunófaí ardáin comhroinnte eolais agus líonraí taighde chun malartú dea-chleachtas, taithí agus réiteach nuálach idir na Ballstáit a éascú; á mheas go bhfuil sé úsáideach comhar teicneolaíoch a leathnú chuig réimsí eile;
57. Á chur i bhfáth gur bac fadtéarmach sa phróiseas caibidlíochta maidir le CCEanna atá in iarraidh an Aontais cosc a chur ar chánacha onnmhairithe ar amhábhair, ós rud é nach bhfuil cánacha agus dleachtanna onnmhairiúcháin toirmiscthe faoi chóras EDT; á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag tíortha na hAfraice amhábhair a rialú ar mhaithe le leas an phobail; á iarraidh, dá réir sin, ar an Aontas staonadh ó bheartas trádála a ghlacadh lena gcuirtear, mar riail ghinearálta, cosc ar thíortha i mbéal forbartha cánacha onnmhairithe a ghearradh ar amhábhair, a mhéid agus a luíonn sé seo le rialacha EDT;
Tarscaoileadh TRIPS
58. Ag tabhairt dá haire nach mar a chéile a glacadh ar dtús leis an togra bunaidh, inter alia, tarscaoileadh India agus na hAfraice Theas i ndáil le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID ach gur thacaigh an tAontas leis ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh níos mó idirphlé i gceist leis an gcomhpháirtíocht chomhionann amach anseo; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit agus ar Chomhaltaí EDT dul chun leis an bplé, a cheart a bheith déanta le fada in EDT, maidir le síneadh a chur le cinneadh TRIPS ón 12ú Comhdháil Aireachta chun na solúbthachtaí a comhaontaíodh ar leibhéal EDT a leathnú chun táirgí teiripeacha agus diagnóisic a chumhdach; sa chomhthéacs sin, iarrann sí ar an gCoimisiún creat beartais soiléir a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh córas ceadúnúcháin éigeantach an Aontais amach anseo i gcomhréir le solúbthachtaí TRIPS a comhaontaíodh; á iarraidh go mbeadh comhar comhionann níos láidre ann le Stáit CCE SADC sa chomhthéacs sin;
59. Á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh laistigh den Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus an Afraic Theas chun bonneagar táirgthe vacsaíní a thógáil; á chur i bhfáth nach mór táirgeadh vacsaíní COVID-19 a áireamh sa bhonneagar sin;
o o o
60. Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí Stáit Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice.
Staidéar — ‘ ‘EU-Southern African Development Community Economic Partnership Agreement:AA geo-economic perspective’ [An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) idir an tAontas agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC):: [An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE) idir an tAontas agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC)::Dearcadh geo-eacnamaíoch’,] Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, an 22 Samhain 2023.
Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2009 dar teideal ‘Rannchuidiú leis an bhForbairt Inbhuanaithe: Ról na Cóirthrádála agus na scéimeanna dearbhaithe inbhuanaitheachta neamhrialtasacha a bhaineann le trádáil (COM(2009)0215).