Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2022)0454 – C9-0308/2022 – 2022/0272(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0454),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0308/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0253/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i Sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2847)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas comhpháirteach polaitiúil ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hacmhainní ENISA, tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-athléimneacht)
Measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go dtugtar cúraimí breise do ENISA leis an Rialachán seo, ar cúraimí iad a bhfuil ualach oibre breise mar thoradh orthu agus ar ghá acmhainní breise ina leith, ó thaobh saineolais agus fórsa saothair araon de. I bhfianaise an mhéid sin, chun a chur ar chumas ENISA na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach, measann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh gá lena acmhainní a mhéadú, go háirithe a acmhainní daonna agus an saineolas leormhaith a ghabhann leis sin. D’fhéadfaí foráil a dhéanamh don mhéadú sin sa nós imeachta bliantúil a bhaineann le plean bunaíochta ENISA. Dá réir sin, maidir leis an gCoimisiún, atá freagrach as na meastacháin a measann sé gá a bheith leo do phlean bunaíochta ENISA a iontráil i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Ghníomh um Chibearshlándáil, déanfaidh sé measúnú ar na meastacháin do phlean bunaíochta ENISA arna n-iontráil don chéad bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar na hacmhainní is gá, go háirithe acmhainní daonna, chun a chur ar chumas ENISA a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go leormhaith.