Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0106(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0188/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0188/2023

Díospóireachtaí :

PV 13/06/2023 - 8
CRE 13/06/2023 - 8

Vótaí :

PV 14/06/2023 - 10.6
CRE 14/06/2023 - 10.6
Mínithe ar vótaí
PV 13/03/2024 - 8.2
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0236
P9_TA(2024)0138

Téacsanna atá glactha
PDF 122kWORD 58k
Dé Céadaoin, 13 Márta 2024 - Strasbourg
An Gníomh um an Intleacht Shaorga
P9_TA(2024)0138A9-0188/2023
CEARTÚCHÁIN
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear Gníomhartha áirithe Reachtacha de chuid an Aontais (COM(2021)0206 – C9-0146/2021 – 2021/0106(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0206),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0146/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Nollaig 2021(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2021(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 2 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0188/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 115, 11.3.2022, lch. 5.
(2)IO C 517, 22.12.2021, lch. 56.
(3)Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 14 Meitheamh 2023 (IO C, C/2024/506, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/506/oj).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)
P9_TC1-COD(2021)0106

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1689.)

An nuashonrú is déanaí: 13 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais