Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú (COM(2023)0395 – C9-0309/2023 – 2023/0272(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0395),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0309/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2023(1),
– tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0002/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 17 Eanáir 2024 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0019).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 maidir le mearcair a mhéid a bhaineann le malgam fiaclóireachta agus táirgí eile ar cuireadh mearcair leo faoi réir srianta onnmhairiú, allmhairiú agus monarú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1849.)