Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0042(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0313/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0313/2023

Díospóireachtaí :

PV 21/11/2023 - 3
CRE 21/11/2023 - 3

Vótaí :

PV 21/11/2023 - 7.6
CRE 21/11/2023 - 7.6
Mínithe ar vótaí
PV 10/04/2024 - 21.17
CRE 10/04/2024 - 21.17

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0403
P9_TA(2024)0192

Téacsanna atá glactha
PDF 102kWORD 55k
Dé Céadaoin, 10 Aibreán 2024 - Brussels
Na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ d’fheithiclí nua tromshaothair a neartú
P9_TA(2024)0192A9-0313/2023
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann le caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí tromshaothair nua a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956 (COM(2023)0088) – C9-0025/2023 – 2023/0042(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0088),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0025/2023),

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach Teachtaí na hIodáile agus Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Iúil 2023(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0313/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 349, 29.9.2023, lch. 134.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 21 Samhain 2023 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2023)0403).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1242 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO₂ le haghaidh feithiclí nua tromshaothair a neartú agus oibleagáidí tuairiscithe a chomhtháthú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/956
P9_TC1-COD(2023)0042

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1610.)

An nuashonrú is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais