CBL: leasú ar an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an leasaithe ar an gComhaontú, thar ceann an Aontais, idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha (COM(2023)0736 – C9-0007/2024 – 2023/0419(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2023)0736),
– ag féachaint don dréachtleasú ar an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, chomhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha (16014/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 113 agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0007/2024),
– ag féachaint do Rialacha 82 agus 114(8) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0057/2024),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an leasaithe ar an gcomhaontú;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na hIorua.