Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2024/0901(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0150/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0150/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 23/04/2024 - 5.4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0289

Téacsanna atá glactha
PDF 115kWORD 44k
Dé Máirt, 23 Aibreán 2024 - Strasbourg
Ceapachán Karen Braun-Munzinger mar Chomhalta nua den Bhord Réitigh Aonair
P9_TA(2024)0289A9-0150/2024

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra chun comhalta den Bhord Réitigh Aonair a cheapadh (N9-0006/2024 – C9-0064/2024 – 2024/0901(NLE))

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 12 Márta 2024 chun Karen Braun-Munzinger a cheapadh mar Chomhalta den Bhord Réitigh Aonair (C9-0064/2024),

–  ag féachaint d’Airteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa tar éis fostaíocht phoiblí a chosc(3),

–  ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0150/2024),

A.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 go ndéanfar na comhaltaí den Bhord Réitigh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b), den Rialachán sin a cheapadh ar bhonn fiúntais, scileanna, eolas ar chúrsaí baincéireachta agus airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais, rialáil airgeadais agus réiteach bainc;

B.  de bhrí go bhfuil an Pharlaimint tiomanta do chothromaíocht inscne a áirithiú sna príomhphoist i réimse na baincéireachta agus na seirbhísí airgeadais; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

C.  de bhrí gur ghlac an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, an 21 Feabhra 2024, gearrliosta do phost Chomhalta an Bhoird Réitigh Aonair;

D.  de bhrí gur sholáthair an Coimisiún an gearrliosta do Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 56(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

E.  de bhrí, an 12 Márta 2024, gur ghlac an Coimisiún togra chun Karen Braun-Munzinger a cheapadh mar Chomhalta den Bhord Réitigh Aonair agus gur tharchuir sé an togra sin chuig Parlaimint na hEorpa;

F.  de bhrí go ndearna an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra mholta d’fheidhmeanna Comhalta den Bhord Réitigh Aonair, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;

G.  de bhrí go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le Karen Braun-Munzinger an 20 Márta 2024, arb éisteacht í ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag formheas cheapachán Karen Braun-Munzinger mar Chomhalta den Bhord Réitigh Aonair go ceann tréimhse cúig bliana;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 225, 30.7.2014, lch. 1.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.

An nuashonrú is déanaí: 14 Deireadh Fómhair 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais