Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (COM(2023)0533 – C9-0338/2023 – 2023/0323(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0533),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0338/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Eanáir 2024(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 31 Eanáir 2024(2),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0156/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála
P9_TC1-COD(20230323
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Sa mhargadh inmheánach, déanann oibreoirí eacnamaíocha formhór na n‑earraí agus na seirbhísí a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha eile agus d’údaráis phoiblí ar bhonn íocaíocht iarchurtha, trína dtugann an soláthróir am dá chliant chun an sonrasc a íoc, mar a comhaontaíodh idir páirtithe, mar atá leagtha amach i sonrasc na soláthróirí nó mar atá leagtha síos leis an dlí.
(2) I gcás idirbhearta tráchtála idir oibreoirí eacnamaíocha nó idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis phoiblí, déantar go leor íocaíochtaí tráth is déanaí ná mar a comhaontaíodh sa chonradh nó mar a leagadh síos sna coinníollacha ginearálta tráchtála nó leis an dlí, cé go seachadtar na hearraí nó go soláthraítear na seirbhísí. [Leasú 1]
(3) TáBíonn tionchar díreach ag íocaíochtaí déanacha agus íocaíochtaí a chuirtear siar thar na tréimhsí arna mbunú le dlí ar leachtacht agus intuarthacht sreafaí airgid, rud a mhéadaíonn riachtanais chaipitil oibre agus a chuireann isteach ar rochtain cuideachta ar mhaoiniúbhrabúsacht, nuair is gá don chreidiúnaí maoiniú seachtrach dá réir sina fháil mar gheall ar íocaíocht dhéanach. Déantar difear leis sin don iomaíochas, laghdaítear an táirgiúlacht, tagann iomarcaíochtaí as, méadaítear an dóchúlacht go dtarlóidh dócmhainneachtaí agus féimheachtaí agus is bacainn chriticiúil é don fhás, ag cur san áireamh freisin go laghdaíonn boilsciú fíorluach na gcreidmheasanna le himeacht ama. Le híocaíochtaí déanacha, cuirtear isteach go tromchúiseach ar na slabhraí soláthair, toisc gur minic a chuirtear an mhoill íocaíochta ar aghaidh chuig soláthróirí. TáBíonn tionchar mór ag na héifeachtaíhiarmhairtí diúltacha sin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus go háirithe ar mhicrifhiontair, a bhíonn ag brath ar shruthanna tráthrialtaairgid thirim rialta agus intuartha airgid. Tá íocaíochtaí déanacha ina bhfadhb mhór do gheilleagar an Aontais mar gheall ar na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leo. Méadaítear go mór an riosca a bhaineann le héifeachtaí diúltacha den sórt sin i dtréimhsí sleabhctha eacnamaíoch nuair a bhíonn rochtain ar mhaoiniú níos deacra. [Leasú 2]
(4) Cé go ndéantar éilimh bhreithiúnacha a bhaineann le híocaíochtaí déanacha a éascú cheana féin le Rialacháin (CE) Uimh. 805/2004(2), (CE) Uimh. 1896/2006(3), (CE) Uimh. 861/2007(4) agus (AE) Uimh. 1215/2012(5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is gá forálacha comhlántacha a leagan síos chun íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála a dhíspreagadh.
(5) Ba cheart an deis a bheith ag gnóthais trádáil a dhéanamh ar fud an mhargaidh inmheánaigh faoi choinníollacha a áirithíonn nach mó na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann ná leis na díolacháin intíre. Tharlódh saobhadh sa chomórtas dá gcuirfí rialacha a bhí an-éagsúil le chéile i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí intíre agus le hoibríochtaí trasteorann.
(6) Le Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), leagtar síos rialacha maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála. In 2019 shainaithin Parlaimint na hEorpa roinnt easnamh sa Treoir sin. I Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach(7), iarradh go n‑áiritheofaí timpeallacht ‘saor ó íocaíochtaí déanacha’ do FBManna agus go neartófaí forfheidhmiú Threoir 2011/7/AE. In 2021 léiríodh leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ saincheisteanna criticiúla maidir le cur chun feidhme na Treorach sin sa tuairim uaidh. Baineann na príomheasnaimh a sainaithníodh sna tionscnaimh sin leis na nithe seo a leanas: na forálacha débhríocha maidir le ‘thar a bheith éagórach’ a bhaineann leis na sprioc-amanna le haghaidh íocaíochta in idirbhearta gnólacht le gnólacht, cleachtais íocaíochta éagóracha agus na sprioc-amanna le haghaidh na nósanna imeachta glactha agus fíoraithe; an cúiteamh de réir buntáille; neamhshiméadracht na rialacha maidir le téarmaí íocaíochta idir idirbhearta rialtas le gnólacht agus gnólacht le gnólacht; naneamhshiméadrachtaí i gcumhacht mhargála idir féichiúnaithe móra agus níos cumhachtaí agus creidiúnaithe beaga; anan easpa téarma uasta íocaíochta le haghaidh idirbhearta tráchtála in idirbhearta gnólacht le gnólacht; an easpa faireacháin ar chomhlíonadh agus ar fhorfheidhmiú; an t‑easnamht-easnamh uirlisí chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a chomhrac; chomh maith le huirlisí le haghaidh creidiúnaithe chun gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne a bhféichiúnaithe, agus an easpa sineirgí leis an gcreat soláthair phoiblí. [Leasú 3]
(7) Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, ba cheart Treoir 2011/7/AE a ionadú.
(8) Ba cheart forálacha a leagan síos chun íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála a chosc, ina ndéantar earraí a sheachadadh nó seirbhísí a sholáthar ar luach saothair, beag beann ar cé acu idir gnóthais nó idir gnóthais agus údaráis/eintitis chonarthacha a dhéantar iad, i gcás inarb iad na húdaráis/eintitis chonarthacha sin an féichiúnaí, ós rud é go mbíonn na húdaráis chonarthacha/eintitis ag plé lé méid mór íocaíochtaí le gnóthais.
(9) Is minic a bhíonn téarmaí íocaíochta rófhada agus moilleanna rófhada i gceist le conarthaí oibre poiblí agus le hoibreacha tógála agus innealtóireachta. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí sin.
(9a) Cumhdaítear an éagsúlacht chultúrtha in Airteagal 157 CFAE agus ní mór í a chosaint, agus tá saintréithe sonracha ag baint leis na hearnálacha eacnamaíocha cultúrtha, go háirithe láimhdeachas mall i dtrádáil na leabhar. [Leasú 92]
(10) Ba cheart na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo: idirbhearta le tomhaltóirí, íocaíochtaí a dhéantar mar chúiteamh i leith damáistí, lena n‑áirítear íocaíochtaí ó chuideachtaí árachais, agus oibleagáidí chun íoc ar féidir iad a chur ar ceal, a chur siar nó a tharscaoileadh faoi imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí athstruchtúraithe, lena n‑áirítearn-áirítear imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach faoi Threoir (AE) 2019/1023(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart, áfach, íocaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as conarthaí árachais a chumhdach leis an Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart go dtiocfadh íocaíochtaí a dhéantar in idirbhearta idir cuideachtaí árachais agus gnóthais mar mhalairt ar sheachadadh earraí nó ar sholáthar seirbhísí ar luach saothair, lena n-áirítear mar chúiteamh do thríú páirtithe eile, faoi raon feidhme an Rialacháin seo. [Leasú 4]
(11) Is ionann íocaíocht dhéanach agus sárú conartha atá tarraingteach d’fhéichiúnaithe ó thaobh airgeadais de, mar gheall ar rátaí ísle úis nó rátaí úis ar bith a ghearrtar ar íocaíochtaí déanacha, nó nósanna imeachta malla um shásamh. Is gá athrú suntasach a dhéanamh chuig cultúr íocaíochtaí prasa, lena n‑áirítearn-áirítear cultúr ina bhfuil eisiamh an chirt chun ús a ghearradh ar íocaíocht dhéanach ar neamhní go hiomlán, chun an treocht sin a aisiompú agus chun íocaíochtaí déanacha a dhíspreagadh. Dá réir sin, ba cheart teorainn 30 lá féilire a chur le tréimhsí íocaíochta conarthacha in idirbhearta gnólacht le gnólacht agus in idirbhearta rialtas le gnólacht araon, i gcás inarb é an t‑údarást-údarás poiblí an féichiúnaí. Tá an t-athrú seo ag teastáil freisin chun teorainn a chur le ‘toisc na heagla’, mar a thugtar air, a fhulaingíonn micreaghnóthais agus gnóthais bheaga nuair a bhíonn creidmheas acu le cuideachtaí móra, rud a spreagann creidiúnaithe dá leithéid go minic glacadh le tréimhsí íocaíochta níos faide ná mar a bhíonn siad compordach leo i gcomaoin an ghealltanais go ndéanfar gnó amach anseo. Ag an am céanna, ba cheart solúbthacht bhreise a dheonú do na gnóthais ionas gur féidir leo leas a bhaint as an tsaoirse conartha agus tréimhse íocaíochta níos faide suas go 60 lá féilire a chaibidil. Ba cheart an tréimhse íocaíochta sínte sin a bheith indéanta i gcás ina rachaidh sé chun tairbhe don chreidiúnaí agus don fhéichiúnaí araon. Is féidir le ríomhshonrascadh a bheith ina uirlis chabhrach freisin chun an tréimhse íocaíochta a ghiorrú, mar go gcabhródh sé le creidiúnaithe an dáta a bhfuarthas an sonrasc a chruthú i gcás amhrais nó díospóide. [Leasú 5]
(11a) I bhfianaise an mhéid sin, is gá a aithint gurb ann do shamhlacha gnó agus cleachtais tionscail áirithe laistigh den earnáil miondíola, arb é is aidhm dóibh tréimhsí íocaíochta beagán níos faide a choinneáil ar bun. Ós rud é gur léiriú iad na cleachtais sin ar uainíocht íseal agus séasúracht chatagóirí táirgí áirithe, chomh maith leis na timthriallta oibriúcháin aonair a ghabhann le roinnt earraí cultúrtha mallghluaiseachta, amhail bréagáin, seoda, trealamh spóirt nó leabhair, agus go bhfuil torthaí comhthairbheacha ag baint leo do na creidiúnaithe agus na féichiúnaithe, tá sé inmhianaithe solúbthacht theoranta a cheadú maidir leis an ábhar seo chun gur féidir leis na páirtithe conarthacha tairbhe a bhaint as tréimhse íocaíochta suas le 120 lá féilire. [Leasú 6]
(12) Is minic a úsáidtearBíonn na nósanna imeachta glactha nó fíoraithe maidir le comhréireacht na n‑earraíchun a áirithiú go bhfuil na hearraí nó na seirbhísí a sholáthraítear i gcomhréir le ceanglais an chonartha, mar aon leagus chun cruinneas agus comhréireacht an tsonraisc a fhíorú, an-úsáideach san iliomad idirbheart tráchtála, go háirithe chun leasanna an díoltóra a chosaint agus chun díospóidí dlíthiúla nach bhfuil gá leo idir na páirtithe a sheachaint. Ní fhéachann an Rialachán seo le húsáid na n-uirlisí sin a theorannú. Mar sin féin, is minic a úsáidtear na nósanna imeachta sin chun moill a chur ar an tréimhse íocaíochta d’aon ghnó. Dá bhrí sinI gcomhthéacs an tréimhse íocaíochta a bhunú, ba cheart údar oibiachtúil a bheith lena n‑áireamhn-áireamh sa chonradh, dá bhrí sin, i ngeall ar chineál sonrach an chonartha atá i gceist nó ar bhonn saintréithe áirithe(9).. Níor. Ba cheart, dá bhrí sin, gonach bhféadfaí foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta fíoraithe nó glactha den sórt sin i gconradh ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin sa dlí náisiúnta i gcás inar gá, mar gheall ar chineál sonrach na n‑earraín-earraí nó na seirbhísí. Chun an cás a sheachaint ina n‑úsáidtearn-úsáidtear an nós imeachta glactha nó fíoraithe chun síneadh a chur leis an tréimhse íocaíochta, ba cheart tuairisc shoiléir a thabhairt sa chonradh ar shonraí an nós imeachta sin, lena n‑airítearn-airítear a fhad. Chun na críche céanna, ba cheart don fhéichiúnaí an nós imeachta fíoraithe nó glactha a thionscnamh láithreach tar éis dó na hearraí agus/nó na seirbhísí is ábhar don idirbheart tráchtála a fháil ón gcreidiúnaí, beag beann ar cibé acu ar eisigh an creidiúnaí an sonrasc nó iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht. Ionas nach gcuirfear gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo i mbaol, is iomchuí uasfhad an nós imeachta glactha nó fíoraithe a leagan síos chun críocha an tréimhse íocaíochta a bhunú. [Leasú 7]
(13) Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do thréimhsí níos giorra a d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir leo sa dlí náisiúnta, agus atá níos fabhraí don chreidiúnaí.
(14) Is féidir ról suntasach a bheith ag soláthar poiblí maidir le feidhmíocht íocaíochtaí a fheabhsú. Ba cheart sineirgí feabhsaithe a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, idir beartais agus rialacha soláthair phoiblí agus cuspóirí maidir le híocaíocht phras. Go háirithe in oibreacha poiblí tógála, is minic nach n‑íocann an príomhchonraitheoir fochonraitheoirí in am, fiú nuair a dhéanann na húdaráis chonarthacha nó na heintitis chonarthacha na híocaíochtaí conarthacha leo, rud a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach na ndúradán a bheith aige ar an slabhra soláthair. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gcuireann conraitheoirí fianaise ar fáil d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha maidir le híocaíochtaí lena bhfochonraitheoirí díreacha.
(15) Ar mhaithe le comhsheasmhacht reachtaíocht an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an sainmhíniú ar ‘údaráis chonarthacha’ agus ‘eintitis chonarthacha’ i dTreoracha 2014/23/AE(10), 2014/24/AE(11), 2014/25/AE(12) agus 2009/81/CE(13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun críocha an Rialacháin seo.
(16) Ba cheart ús dlite i gcás íocaíochtaí déanacha a ríomh ar bhonn laethúil mar ús simplí. Tá ús i gcás íocaíochtaí déanacha sa bhreis ar an méid atá dlite. Ní mheasfar go mbeidh oibleagáidí an fhéichiúnaí comhlíonta aige ach amháin nuair a gheobhaidh an creidiúnaí íocaíocht an mhéid atá dlite, lena n‑áirítear na húis chomhfhreagracha agus an cúiteamh de réir buntáille. Ba cheart méid na híocaíochta déanaí leanúint de bheith ag fabhrú go dtí go n‑íocfar an méid atá dlite leis an gcreidiúnaí.
(17) Níor cheart don chreidiúnaí a bheith in ann a cheart chun ús a fháil i gcás íocaíochtaí déanacha a tharscaoileadh, toisc go bhfuil feidhm dhúbailte ag ús i gcás íocaíochtaí déanacha: chun cuid den damáiste a rinneadh don chreidiúnaí a fhritháireamh, rud a tharla mar gheall ar an moill, agus chun bearta sriantacha a chur i bhfeidhm maidir leis an bhféichiúnaí as an gconradh a shárú. Chun fáil úis agus cúitimh ag an gcreidiúnaí a éascú i gcás íocaíocht dhéanach, ba cheart an ceart atá ag an gcreidiúnaí iad a fháil a bheith uathoibríoch, ach amháin i gcás nach é an féichiúnaí is cúis leis an moill ar íocaíocht.
(18) Is gá costais aisghabhála arna dtabhú de dheasca íocaíochtaí déanacha a chúiteamh le creidiúnaithe ar bhonn cothrom d’fhonn íocaíochtaí déanacha a dhíspreagadh. Ba cheart a áireamh ar na costais sin aisghabháil na gcostas riaracháin agus cúiteamh ar chostais inmheánacha a thabhaítear mar gheall ar an íocaíocht dhéanach, ba cheart iad a bheith curtha in oiriúint do luach an tsonraisc a bheidh i gceist agus ba cheart iad a charnadh leis an ús ar an íocaíocht dhéanach as gach idirbheart tráchtála aonair a íocadh go déanach de réir mar a chinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais(14). Ba cheart suim íosta shocraithe an chúitimh i leith na gcostas aisghabhála a chinneadh gan dochar d’fhorálacha náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh cúirt náisiúnta cúiteamh a dhámhachtain don chreidiúnaí i leith aon damáiste breise a bhaineann le híocaíocht dhéanach an fhéichiúnaí. [Leasú 8]
(18a) Tacaíonn an Rialachán sin le saoirse chonarthach agus le cur chun feidhme Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha maidir le saoirse fiontraíochta. Chun na críche sin, fágann an Rialachán sin do na páirtithe conarthacha rogha na gcaidreamh conarthach, chomh maith le cineál an chonartha agus a mhódúlachtaí. Ní chuirtear srian ar bhealach ar bith ar rogha na gcineálacha conarthaí difriúla, lena n-áirítear conarthaí coinsíneachta, i gcásanna ina n-eisítear an sonrasc ag pointe ama arna chomhaontú tar éis earraí a sheachadadh. I gcás conarthaí coinsíneachta nó cineálacha conarthaí comhchosúla eile, ba cheart do na sprioc-amanna a shonraítear sa Rialachán sin a bheith infheidhme tar éis don sonrasc a bheith faighte. Ós rud é go leagtar béim sa Rialachán seo ar an tréimhse íocaíochta tar éis an sonrasc a eisiúint, rud a chuidíonn le feabhas a chur ar an gcultúr íocaíochta ina iomláine, agus nach n-áirithíonn ach nach mbaineann comhaontuithe maidir leis an tréimhse íocaíochta mí-úsáid as saoirse conartha chun míbhuntáiste an chreidiúnaí, ba cheart go bhféadfadh na páirtithe leas a bhaint as an tsaoirse conartha agus toiliú leis an gcineál comhaontaithe is fearr leo; [Leasú 9]
(19) Ba cheart é a bheith indéanta gur féidir íocaíochtaí a dhéanamh i dtráthchodanna nó in íocaíochtaí agaithe. Ba cheart gach tráthchuid a íoc nó gach íocaíocht a dhéanamh, áfach, ar na téarmaí a comhaontaíodh agus ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha maidir le híocaíochtaí déanacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
(20) I dteannta na suime seasta chun costais aisghabhála inmheánacha a chumhdach, ba cheart creidiúnaithe a bheith i dteideal cúiteamh réasúnta a fháil i leith costais aisghabhála a thabhaíonn siad mar gheall ar íocaíocht dhéanach ó fhéichiúnaí. Is éard ba cheart a áireamh sna costais sin, mar shampla, na costais arna dtabhú ag creidiúnaithe as dlíodóir a theagasc nó as gníomhaireacht bailithe fiachais a fhostú.
(21) Ba cheart mí-úsáid saoirse conartha chun míbhuntáiste an chreidiúnaí a sheachaint. Mar thoradh air sin, i go bhfuilgcás clásal i gconradh nó cleachtas a bheith ann a bhaineann le dáta nó téarma na híocaíochta, an íocaíocht nó an ráta úis ar íocaíocht dhéanach, cúiteamh ar chostais aisghabhála, síneadh a chur le fadtréimhse an nós imeachta fíoraithe nó glactha nó moill a chur d’aon ghnó ar an tráth a seoltar an sonrascthráth seolta an tsonraisc nó cosc a chur leis agus nach bhfuil an clásal nó an cleachtas sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart é a bheith ar neamhní go hiomlán agus ba cheart go mbeadh cosc air in aon chás. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart cosc a chur freisin ar chleachtais áirithe as a dtagann mí-úsáid saoirse conartha atá faoi mhíbhuntáiste an chreidiúnaí. Níor cheart go mbeadh an féichiúnaí in ann sannadh creidmheasanna do thríú páirtithe a chosc nó a shrianadh, nó úsáid ordaithe feidhmiúcháin arna eisiúint ag cúirt ag an gcreidiúnaí. [Leasú 10]
(22) Chun feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun cosc a chur le mí-úsáid na saoirse conartha chun dochair do chreidiúnaithe, ba cheart d’eagraíochtaí a aithnítear go hoifigiúil mar ionadaithe ar chreidiúnaithe nó eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu in ionadaíocht a dhéanamh ar ghnóthais a bheith in ann gníomhú os comhair cúirteanna náisiúnta nó comhlachtaí riaracháin chun cosc a chur le híocaíochtaí déanacha agus deireadh a chur le téarmaí agus cleachtais chonarthacha atá ar neamhní. [Leasú 11]
(23) Chun a ráthú go n‑íocfarn-íocfar as an méid atá dlite ina iomlán, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcoinneoidh an díoltóir an teideal chun earraí go dtí go n‑íocfarn-íocfar astu go hiomlán, más rud é gur comhaontaíodh go sainráite idir an ceannaitheoir agus an díoltóir teideal a choinneáil sula seachadfar na hearraí. Chun sainiúlachtaí earraí áirithe a bhfuil a n-uainíocht mhall mar shaintréith acu a chur san áireamh, féadfaidh díoltóirí coinneáil teidil a úsáid freisin chun creidmheas sínte a sholáthar dá gceannaitheoirí ar bhealach a bheidh comhsheasmhach i gcónaí leis an Rialachán seo, mar shampla i ndíolacháin choinsínithe. [Leasú 12]
(24) Chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart, tá sé tábhachtach trédhearcacht a sholáthar maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. Chun a áirithiú go gcuirtear na rátaí cearta úis i bhfeidhm, tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar fáil don phobal iad. Chun rannchuidiú le baint amach chuspóir an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhéadú i measc gnóthas faoi na leigheasanna ar íocaíocht dhéanach trí fhoilseacháin agus trí fheachtais agus ba cheart dóibh scaipeadh na ndea-chleachtas a chothú. [Leasú 13]
(25) Ní féidir na bearta sriantacha i gcás íocaíochtaí déanacha a bheith athchomhairleach ach amháin má tá nósanna imeachta sásaimh atá tapa agus éifeachtach don chreidiúnaí ag gabháil leo. Ba cheart, dá bhrí sin, ba cheart nósanna imeachta aisghabhála caoithiúla i leith éilimhum ghnóthú maidir le héilimh neamhchonspóidithe a bheith ar fáil do na creidiúnaithe uilegach creidiúnaí atá bunaithe san Aontas, i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar amach in Airteagal 18 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’). [Leasú 14]
(26) Chun comhlíontacht leis an Rialacháncomhlíonadh an Rialacháin seo a éascú agus a áirithiú, ba cheart dogo n-ainmneodh na Ballstáit údaráis a ainmniúneamhspleácha a bheidh freagrach as a fhorfheidhmiú, ar údaráis iad a dhéanann a ndualgais agus a gcúraimí ar bhealach oibiachtúil agus cothrom agus a áirithíonn cóir chomhionann gnóthas príobháideach agus údarás poiblíidir gnóthais phríobháideacha agus údaráis phoiblí. Ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe sin imscrúduithe a dhéanamh ar a dtionscnamh féin, gníomhú maidir le gearáin, lena n-áirítear gearáin nó fógraí anaithnide, agus ba cheart iad a chumhachtú, i measc nithe eile, chun bearta sriantacha a fhorchur agus a gcinntí a fhoilsiú ar bhonn rialta. Ina theannta sin, ar mhaithe le forfheidhmiú níos éifeachtaí, ba cheart dogo n-úsáidfeadh na Ballstáit uirlisí digiteacha a úsáid a mhéid is féidirchun an próiseas sin a éascú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann na húdaráis forfheidmithe na cúraimí a thugtar dóibh leis an Rialachán seo. [Leasú 15]
(27) Chun modhanna sásaimh éasca agus inrochtana a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit úsáid dheonach sásra éifeachtaigh neamhspleách um réiteach malartach díospóidí a chur chun cinn chun díospóidí íocaíochta in idirbhearta tráchtála a réiteach. D’fhéadfadh na Ballstáit a gcomhlachais tráchtála agus tionscail faoi seach a ainmniú mar chomhlachtaí atá freagrach as réiteach malartach díospóide, ar choinníoll gur féidir leo neamhchlaontacht agus neamhspleáchas ó na páirtithe a léiriú. Ós rud é go bhféadfaidh páirtithe dul i mbun caibidlíochta chun teacht ar shocrú cairdiúil maidir le fiacha atá faoi dhíospóid, féadfaidh coigeartú úis agus éilimh chúitimh a bheith i gceist le socraíochtaí den sórt sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad prionsabail na cothroime agus nach gcuireann siad an creidiúnaí faoi mhíbhuntáiste míchuí. [Leasú 16]
(27a) I bhfianaise an ghá atá le trédhearcacht agus cuntasacht in idirbhearta tráchtála a fheabhsú, agus i gcomhréir leis na cuspóirí maidir le bainistíocht airgeadais fhreagrach agus cleachtais ghnó chothroma a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach oibleagáidí sonracha tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh údaráis chonarthacha mar a thuairiscítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE. Ba cheart d’údaráis chonarthacha tuairisciú go bliantúil ar a gcleachtais íocaíochta, ag tabhairt léargais mhionsonraithe ar phoncúlacht a n-íocaíochtaí. Tá gá le cur chuige struchtúrtha maidir le tuairisciú chun trédhearcacht níos fearr a chothú i gcleachtais íocaíochta agus chun cabhrú le réimsí a shainaithint ina bhfuil gá le feabhsuithe. Ba cheart go n-áireofaí leis an oibleagáid tuairiscithe méideanna a íocadh laistigh de thréimhsí ama éagsúla tar éis an spriocdháta íocaíochta a leagtar amach sa Rialachán seo a nochtadh in euro. Ba cheart go n-áireofaí sa tuairisciú mionsonraithe catagóiriú ar íocaíochtaí arna ndéanamh i gceann tréimhsí 1 go 30 lá, 31 go 60 lá, 61 go 90 lá, agus níos faide ná 90 lá tar éis an spriocdháta íocaíochta atá sonraithe, agus ba cheart go mbeadh an meán-am a thógann sé sonrasc a íoc mar chuid den tuairisc. Chun a áirithiú go n-úsáidtear an fhaisnéis ní hamháin le haghaidh comhlíonadh rialála ach go bhfeidhmíonn sí freisin mar uirlis le haghaidh grinnscrúdú poiblí agus go spreagann sí dea-chleachtais i ndisciplíní íocaíochta, ba cheart na tuarascálacha a chur ar fáil don phobal agus ba cheart iad a chur isteach i bhformáid leictreonach chuig údarás forfheidhmithe an Bhallstáit ábhartha. [Leasú 17]
(28) Déantar iarrataí ar íocaíocht a thionscnamh le sonraisc agus is doiciméid thábhachtacha iad i slabhra na n‑idirbheartn-idirbheart le haghaidh soláthar earraí agus seirbhísí, inter alia, nuair a bhíonn sprioc-amanna íocaíochta á gcinneadh. Tá sé tábhachtach córais a chur chun cinn lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an dáta beacht a fhaigheann féichiúnaithe sonraisc, lena n‑áirítearn-áirítear an ríomhshonrascadh, rud a d’fhéadfadh, ar fháil sonrasc, fianaise leictreonach a ghiniúint agus rud is féidir cabhrú freisin le feabhas a chur ar chomhlíonadh oibleagáidí CBL, agus rud a rialaítear go páirteach leis na forálacha maidir le sonrascadh i dTreoir 2006/112/CE(15) ón gComhairle agus i dTreoir 2014/55/AE(16) ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. [Leasú 18]
(28a) Má thugtar isteach de réir a chéile ríomhshonrascadh éigeantach, féadfar amanna íocaíochta a laghdú, rialú íocaíochta a mhéadú agus aistriú digiteach FBManna a spreagadh. Ba cheart d’údaráis náisiúnta tacú le FBManna trí bhonneagar agus tacaíocht leordhóthanach a áirithiú. [Leasú 19]
(29) Le rochtain éifeachtach gnóthas, go háirithe micrifhiontair agus FBManna, ar bhainistíocht creidmheasa, lena n-áirítear seirbhísí maoiniúcháin, agus ar oiliúint litearthachta airgeadais, is féidir tionchar mór a imirt maidir le moilleanna íocaíochta a laghdú, sreafaí airgid optamacha a choinneáil ar bun, an riosca mainneachtana a laghdú agus an acmhainneacht fáis a mhéadú. Mar sin féin, is minic nach mbíonn sé d’acmhainn ag micrifhiontair agus FBManna infheistíocht a dhéanamh in oiliúint den sórt sin, agus tá oiliúint agus ábhar oiliúna an-teoranta ar fáil faoi láthair lena ndírítear ar eolas micrifhiontar agus FBManna ar bhainistíocht creidmheasa agus sonraisc a fheabhsú. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh gur gá do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh oiliúint maidir le bainistíocht sonrasc, uirlisí bainistithe creidmheasa, lena n-áirítear fachtóireacht agus oiliúint litearthachta agus litearthacht airgeadais, ar fáil agus inrochtana do mhicrifhiontair agus FBManna, lena n‑áirítearn-áirítear maidir le húsáid uirlisí digiteacha le haghaidh íocaíochtaí tráthúla agus seirbhísí maoiniúcháin. [Leasú 20]
(29a) Agus an tionchar ríthábhachtach atá ag cleachtais um íocaíochtaí déanacha ar thimpeallacht eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh á aithint aige agus chun trédhearcacht, comhlíonadh agus dea-chleachtais a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún Faireachlann an Aontais maidir le hÍocaíochtaí Déanacha (‘an Fhaireachlann’) a bhunú. Ba cheart go mbeadh an Fhaireachlann ina príomhghné chun faireachán agus anailís a dhéanamh agus léargais a roinnt ar iompraíochtaí íocaíochta ar fud an Aontais, agus ba cheart go mbeadh príomhfheidhm aici faireachán a dhéanamh ar chleachtais íocaíochta atá tráthúil agus a bhfuil moill orthu, saineolas a bhailiú agus a scaipeadh, na cleachtais is fearr agus na cleachtais a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a shainaithint, agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na n-údarás forfheidhmithe ina róil rialála. Ba cheart go ndíreodh an Fhaireachlann ar chomhairle agus saineolas leanúnach a sholáthar don Choimisiún, rud atá ríthábhachtach chun éabhlóid na gcleachtas íocaíochta agus íocaíochta déanaí san Aontas a thuiscint agus a mhúnlú. Chun faireachán cuimsitheach agus feidhmiú éifeachtach a éascú, ba cheart do na Ballstáit faisnéis bhunriachtanach a chur in iúl don Fhaireachlann, lena n-áirítear liostaí earraí agus seirbhísí atá faoi réir nósanna imeachta íocaíochta sonracha, sonraí comhiomlánaithe ó airteagail ábhartha, agus sonraí maidir le gníomhaíochtaí agus torthaí forfheidhmithe. Ba cheart don Fhaireachlann, a bhfuil an Coimisiún ina cathaoirleach uirthi agus atá comhdhéanta d’ionadaíocht chothrom saineolaithe agus geallsealbhóirí, tuarascálacha bliantúla, tuairimí agus rannchuidithe a bhaineann le cur chun feidhme agus le forfheidhmiú an Rialacháin seo a eisiúint. Ba cheart go léireodh na haschuir staid na gcleachtas íocaíochta agus go gcuirfeadh siad treoirlínte agus moltaí ar fáil chun éifeachtacht agus cothroime an chreata rialála a rialaíonn íocaíochtaí déanacha a fheabhsú. [Leasú 21]
(29b) Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a mheasúnú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus ar a thionchar trí thuarascáil chuimsitheach. I bhfianaise cineál dinimiciúil na n-idirbheart tráchtála agus na ndálaí margaidh atá ag athrú, ba cheart go mbeadh an tuarascáil ina huirlis ríthábhachtach chun éifeachtacht an Rialacháin a thuiscint agus chun réimsí atá le feabhsú a shainaithint. Ba cheart don Choimisiún, bunaithe ar thorthaí na tuarascála, a bheith ullamh togra reachtach a chur in éineacht leis má mheastar é a bheith riachtanach agus iomchuí, lena n-áiritheofar go mbeidh an Rialachán fós ábhartha, éifeachtach, agus ailínithe chun cleachtais íocaíochta atá cothrom agus éifeachtúil a chur chun cinn laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ceithre bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ndéanfar trédhearcacht a chothabháil, lena ndéanfar meastóireacht ar an dul chun cinn, agus lena ndéanfar na coigeartuithe is gá ar an Rialachán. Ba cheart go scrúdódh an tuarascáil tionchar raon feidhme an Rialacháin seo, ag díriú ar a éifeachtaí ar fud earnálacha sonracha agus samhlacha gnó, agus go dtabharfadh sí léargais ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag an Rialachán ar thírdhreacha tráchtála éagsúla. Ba cheart go ndéanfadh an tuarascáil meastóireacht ar thionchar na mbeart a cuireadh chun feidhme, go háirithe na bearta sin a bhaineann le tréimhsí íocaíochta, ar shreabhadh airgid agus leachtacht an mhargaidh a fheabhsú chun éifeachtacht phraiticiúil na mbeart sin chun dinimic airgeadais a fheabhsú a thabhairt chun solais. Ba cheart go ndéanfadh an tuarascáil measúnú freisin ar éifeachtacht na n-údarás forfheidhmithe maidir le comhlíonadh a áirithiú agus maidir le dul i ngleic le saincheisteanna íocaíochta. Ba cheart go bhféachfaí i ngné bhreise den tuarascáil ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le ríomhshonrascadh a thabhairt isteach ar fud an Aontais agus a ról i dtréimhsí íocaíochta a ghiorrú. Chun an mheastóireacht chuimsitheach sin a éascú, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún, lena n-áirítear mionsonraí ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe agus ar thorthaí. Ba cheart go n-áireofaí sa tuarascáil freisin measúnú ar thionchar foriomlán an Rialacháin seo ar idirbhearta tráchtála agus ar éifeachtacht Fhaireachlann an Aontais maidir le hÍocaíochtaí Déanacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chleachtais íocaíochta laistigh den Aontas. [Leasú 22]
(30) Tá forálacha áirithe sa Rialachán seo nasctha leis na forálacha i Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). Mínítear an gaol idir Treoracha 2011/7/AE agus (AE) 2019/633 in aithrisí (17) agus (18) agus Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/633. Ós rud é go dtagann an Rialachán seo in ionad Threoir 2011/7/AE, níor cheart go ndéanfaí difear do na rialacha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/633, lena n‑airítear na forálacha is infheidhme maidir le híocaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs na scéime scoile(18), comhaontuithe comhroinnte luacha(19) agus íocaíochtaí áirithe i leith díol fíonchaor, úrfhíona agus bulcfhíona in earnáil an fhíona(20), seachas na sprioc-amanna is infheidhme maidir leis na huastréimhsí íocaíochta a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia neamh-mheatacha a sholáthar. Mar sin féin, leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc leisar na Ballstáit forálacha náisiúnta is infheidhme in earnáil na talmhaíochta agus an bhia a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun lena ndéantar foráil maidir le téarmaí íocaíochta níos déine, nó maidir le ríomh éagsúil tréimhsí íocaíochta, dies a quodies a quo agus nósanna imeachta fíoraithe nó glactha le haghaidh soláthróirí táirgí talmhaíochta agus bia atá níos fabhraí don chreidiúnaí. [Leasú 23]
(31) Tá sé de chuspóirí ag an Rialachán seo cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, iomaíochas gnóthas, agus go háirithe iomaíochas micrifhiontar agus FBManna, a chothú. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach go leordhóthanach, toisc gur dócha go mbeadh easpa rialacha aonfhoirmeacha, ilroinnt an mhargaidh aonair agus costais níos airde ar chuideachtaí atá ag trádáil thar theorainneacha mar thoradh ar réitigh náisiúnta a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. [Leasú 24]
(32) Chun am leordhóthanach a thabhairt do na gníomhaithe ábhartha uile na socruithe is gá a chur i bhfeidhm chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur siar. Mar sin féin, chun cosaint níos fearr a áirithiú le haghaidh na gcreidiúnaithe, beidh idirbhearta tráchtála a bheidh le híoc tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh siad faoi réir a fhorálacha, fiú má síníodh an conradh ábhartha roimh dháta a churchuir i bhfeidhm. I gcás micreaghnóthas, a mbíonn na dúshláin is mó rompu i dtéarmaí sreabhadh airgid, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcásanna ina bhfuil féichiúnaithe ann a chur siar 12 mhí eile. [Leasú 25]
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
-1. Tá sé de chuspóir ag an Rialachán seo cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, iomaíochas gnóthas, agus go háirithe iomaíochas FBManna, a chothú. [Leasú 26]
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí a dhéantar in idirbhearta idir gnóthais nó idir gnóthais agus údaráis phoiblí, inarb é an t‑údarás poiblí an féichiúnaí, as a dtagann seachadadh earraí nó soláthar seirbhísí ar luach saothair (‘idirbhearta tráchtála’).
2. Áireofar ar sheachadadh earraí nó soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 dearadh agus cur i gcrích oibreacha poiblí, tógála agus oibreacha innealtóireachta sibhialta.
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:
(a) íocaíochtaí le haghaidh idirbhearta le tomhaltóirí;
(b) íocaíochtaí a dhéantar mar chúiteamh ar dhamáistí, lena n‑áirítear íocaíochtaí ó chuideachtaí árachais; [Leasú 27
(c) íocaíochtaí a eascraíonn as oibleagáidí is féidir a chur ar ceal, a chur siar, nó a tharscaoileadh faoi imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí um athstruchtúrú nó maidir leo, lena n‑airítear imeachtaí um athstruchtúrú coisctheach faoi Threoir (AE) 2019/1023(21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(ca) Íocaíochtaí a eascraíonn as ceannacháin, díolacháin, seachadtaí, coimisiúin nó oibríochtaí gníomhaireachta a rannchuidíonn le leabhair a mhonarú, chomh maith le soláthar páipéir agus tomhaltán eile atá tiomnaithe do chlóbhualadh, do cheangal nó d’fhoilsiú leabhar ina riocht speisialta mar tháirgí mallghluaiseachta, i gcás ina saineofar na téarmaí íocaíochta trí chomhaontú idir na páirtithe lena mbaineann. [Leasú 109]
D’ainneoin phointe (b), cumhdaítear leis an Rialachán seo íocaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as conarthaí árachais. [Leasú 28]
4. Cé is moite d’Airteagal 3(1), Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do na forálacha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/633. [Leasú 29]
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(-1) ciallaíonn ‘idirbhearta tráchtála’ idirbhearta idir gnóthais nó idir gnóthais agus údaráis phoiblí as a dtagann seachadadh earraí nó soláthar seirbhísí ar luach saothair; [Leasú 30]
(1) ciallaíonn ‘gnóthas’ aon eagraíocht, beag beann ar a foirm agus ar a bealach maoinithe, a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch nó ghairmiúil go neamhspleách;
(2) ciallaíonn ‘údarás poiblí’ aon údarás conarthach, mar a shainmhínítear in Airteagal 6(1) de Threoir 2014/23/AE, in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE gan beann ar ábhar nó luach an chonartha; [Leasú 31]
(3) ciallaíonn ‘íocaíocht dhéanach’ íocaíocht de mhéid atá dlite nach ndéantar laistigh den tréimhse íocaíochta chonarthach nó reachtúil mar a leagtar amach in Airteagal 3; [Leasú 32]
(4) ciallaíonn ‘suim dhlite’ an phríomhshuim ba cheart a íoc laistigh den tréimhse íocaíochta chonarthach nó reachtúil, mar a leagtar amach in Airteagal 3, lena n‑áirítear na cánacha, dleachtanna, tobhaigh nó muirir is infheidhme atá sonraithe sa sonrasc nó san iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht;
(5) ciallaíonn ‘teideal infhorfheidhmithe’ aon chinneadh, breithiúnas, ordú íocaíochta arna heisiúint nó arna eisiúint ag cúirt nó údarás inniúil eile, gníomhas príobháideach nó aon doiciméad eile a eisítear, lena n‑áirítear iad siúd atá infhorfheidhmithe go sealadach, cibé acu le haghaidh íocaíocht láithreach nó íocaíocht i dtráthchodanna iad, lena gceadaítear don chreidiúnaí a éileamh nó a héileamh in aghaidh an fhéichiúnaí a bhailiú trí bhíthin forfheidhmithe;
(6) ciallaíonn ‘teideal a choinneáil’ an comhaontú conarthach lena gcoinníonn an díoltóir teideal ar na hearraí atá i gceist go dtí go mbeidh an praghas íoctha go hiomlán;
(7) ciallaíonn ‘nós imeachta glactha nó fíoraithe’ an nós imeachta lena gcinntítearn-áirithítear go bhfuil na hearraí a sheachadtar nó na seirbhísí a sholáthraítear i gcomhréir le ceanglais an chonartha, chomh maith le fíorú a dhéanamh ar chruinneas an tsonraisc agus a chomhréireacht leis na ceanglais sin; [Leasú 33]
(8) ciallaíonn ‘féichiúnaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon údarás poiblí a bhfuil íocaíocht le híoc aige as earra a sheachadtar, nó atá le seachadadh, nó as seirbhís a sholáthraítear, nó atá le soláthar; [Leasú 34]
(9) ciallaíonn ‘creidiúnaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon údarás poiblí a sheachaid earraí, nó a bhfuil oibleagáid air iad a sheachadadh, chuig féichiúnaí nó a sholáthair nó a sholáthraigh seirbhísí, nó a bhfuil oibleagáid air iad a sholáthar, d’fhéichiúnaí. [Leasú 35]
(9a) ciallaíonn ‘gnóthas mór’ ‘gnóthas’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Threoir 2013/34/AE; [Leasú 36]
(9b) ciallaíonn ‘earraí mallghluaiseachta’ earraí atá i seilbh an mhiondíoltóra, ón soláthar iarbhír ag an monaróir nó ag an mórdhíoltóir go dtí an díol miondíola deiridh, ar feadh níos mó ná 60 lá ar an meán; [Leasú 37]
(9c) ciallaíonn ‘earraí séasúracha’ earraí a dtagann méadú suntasach ar an éileamh orthu go tráthrialta ag amanna nó ag séasúir áirithe den bhliain; [Leasú 38]
(9d) Ciallaíonn ‘slabhra leabhar’ na gníomhaithe agus na soláthróirí go léir a bhfuil baint acu leis an bpróiseas táirgthe agus margaíochta ar leabhair pháipéar nó ar leabhair dhigiteacha, agus, go háirithe, na gníomhaithe i dtionscal na leabhar (údar, foilsitheoir, printéir, dáileoir, siopa leabhar) agus a gcuid soláthróirí. [Leasú 94]
Airteagal 3
Tréimhsí íocaíochta
1. In idirbhearta tráchtála, ní bheidh an tréimhse íocaíochta níos faide ná 30 lá féilire, ón lá a bhfaighidh an féichiúnaí an sonrasc nó iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht, ar choinníoll go bhfuair an féichiúnaí na hearraí nó na seirbhísí i gcomhréir leis an gcomhaontú conarthach. I gcás ina bhfuil an dáta a bhfuarthas an sonrasc nó an iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht éiginnte, ní rachaidh an tréimhse íocaíochta thar 30 lá féilire ón dáta a bhfuarthas na hearraí nó na seirbhísí. Beidh feidhm ag an tréimhse sin maidir leis na hidirbhearta idir gnóthais agus idir údaráis phoiblí agus gnóthais araon. Beidh feidhm ag an tréimhse íocaíochta chéanna freisin maidir le táirgí talmhaíochta agus bia neamh-mheatacha a sholáthar ar bhonn rialta agus neamhrialta dá dtagraítear in Airteagail 3(1)(a), pointe (i), an dara fleasc agus 3(1)(a), pointe (ii), an dara fleasc de Threoir (AE) 2019/633, mura dhéanann na Ballstáit foráil maidir le tréimhsí íocaíochta níos giorra i gcás na dtáirgí sin. [Leasú 39]
1a. In idirbhearta tráchtála idir gnóthais, i gcás ina gcomhaontófar go sainráite sa chonradh é, féadfar an tréimhse íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 a fhadú suas le 60 lá féilire. [Leasú 40]
1b. De mhaolú ar mhír 1, in idirbhearta idir gnóthais chun earraí mallghluaiseachta nó chun earraí séasúracha a cheannach, féadfar an tréimhse íocaíochta a fhadú suas le 120 lá féilire ón dáta a bhfaighidh an féichiúnaí an sonrasc nó iarratas coibhéiseach ar íocaíocht, ar choinníoll go bhfuil na hearraí faighte ag an bhféichiúnaí.
Roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh agus foilseoidh an Coimisiún doiciméadacht um threoir theicniúil maidir leis na sonraí praiticiúla chun an mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na hearraí a thagann faoin sainmhíniú ar earraí mallghluaiseachta a leagtar síos in Airteagal 2(9b) agus an sainmhíniú ar earraí séasúracha a leagtar síos in Airteagal 2(9c). Tabharfar aghaidh go háirithe i ndoiciméadacht um threoir theicniúil den sórt sin ar chleachtais íocaíochta éagsúla arna gcur i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha éagsúla, arb é atá ann ná an riosca go ndéanfar an margadh inmheánach a ilroinnt. [Leasú 41]
2. Ní fhéadfarFéadfar foráil eisceachtúil a dhéanamh maidir le nós imeachta glactha nó fíoraithe, trína gcinnfear comhréireacht na n-earraí nó na seirbhísí leis an gconradh, sa dlí náisiúnta ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis mar gheall ar chineál sonrach na n‑earraín-earraí nó na seirbhísí. Sa chás sin, tabharfar tuairisc sa chonradh ar mhionsonraí an nós imeachta glactha nó fíoraithe, lena n‑áirítearn-áirítear fad an nós imeachta sin. [Leasú 42]
3. I gcás ina ndéantar foráilbhforáiltear sa chonradh maidir ledo nós imeachta glactha nó fíoraithe, i gcomhréir le mír 2, chun críocha an Rialacháin seo, ní bheidh uastréimhse an nós imeachta sin níos faide ná 30 lá féilire ón lá a bhfaighidh an féichiúnaí na hearraí nó na seirbhísí, fiú má sholáthraítear na hearraí nó na seirbhísí sin sula n‑eisítearn-eisítear an sonrasc nó iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht. Sa chás sin, cuirfidh an féichiúnaí tús leis an nós imeachta glactha nó fíoraithe a luaithe a gheofar na hearraí agus/nó na seirbhísí is ábhar don idirbheart tráchtála ón gcreidiúnaí. Ní bheidhrachaidh an tréimhse íocaíochta níos faide náthar 30 lá féilire tar éis an nós imeachta sin a bheith curthathabhairt i gcrích nó tar éis an sonrasc, nó iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht, a fháil, má tharlaíonn an dara cheann níos déanaí. [Leasú 43]
4. Is í an tréimhse íocaíochta a leagtar amach i mír 1, 1a agus 1b an uastréimhse íocaíochta agus tá sí gan dochar do thréimhse níos giorra a d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir léi sa dlí náisiúnta. [Leasú 44]
4a. Tabharfaidh na Ballstáit isteach bearta iomchuí chun cleachtais íocaíochta na n-údarás poiblí i leith gnóthas a fheabhsú. I dtaca leis sin, breithneoidh na Ballstáit bearta a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbeidh gnóthas atá ina chreidiúnaí de réir bhrí Airteagal 2(9) in ann a fháil, arna iarraidh sin don údarás poiblí, nach bhfuil an méid atá dlite íoctha laistigh den uastréimhse íocaíochta a leagtar amach i mír 1, an méid atá dlite arna fhritháireamh i gcoinne aon mhéid atá gan íoc atá ag an gcreidiúnaí i dtreo an údaráis phoiblí chéanna. [Leasú 45]
Airteagal 4
Íocaíochtaí le fochonraitheoirí i soláthar poiblí
1. I gcás conarthaí oibreacha poiblí a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, 2014/25/AE, agus 2009/81/CE(22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirfidh conraitheoirí fianaise ar fáil d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha de réir bhrí na dTreoracha sin a d’íoc siad, i gcás inarb infheidhme, a bhfochonraitheoirí díreacha a raibh baint acu le forghníomhú an chonartha laistigh de na sprioc-amanna agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Féadfaidh an fhianaise a bheith i bhfoirm dearbhú scríofa ón gconraitheoir agus cuirfidh an conraitheoir an fhianaise sin ar fáil don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach roimh aon iarraidh ar íocaíocht, nó ar a dhéanaí, in éineacht le haon iarraidh ar íocaíocht.
2. I gcás nach bhfuil an fhianaise dá bhforáiltear i mír 1 faighte ag an údarás conarthach nó ag an eintiteas conarthach nó i gcás ina bhfuil faisnéis aige maidir le híocaíocht dhéanach ón bpríomhchonraitheoir lena fhochonraitheoirí díreacha, cuirfidh an t‑údarás conarthach nó an t‑eintiteas conarthach an méid sin in iúl d’údarás forfheidhmithe a Bhallstáit gan mhoill.
Airteagal 5
Ús ar íocaíochtaí déanacha
1. I gcás íocaíochtaí déanacha, beidh an féichiúnaí faoi dhliteanas ús a íoc ar íocaíochtaí déanacha chuig an gcreidiúnaí, seachas i gcás nach bhfuil an féichiúnaí freagrach as moill na híocaíochta. [Leasú 46]
2. Beidh ús ar íocaíochtaí déanacha dlite go huathoibríoch ón bhféichiúnaí don chreidiúnaí, gan gá don chreidiúnaí meabhrúchán a sheoladh, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá a oibleagáidí conarthacha agus na hoibleagáidí conarthacha dá bhforáiltear sa dlí comhlíonta ag an gcreidiúnaí;
(b) tá an sonrasc nó an iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht faighte ag an bhféichiúnaí;
(c) níl an méid atá dlite a shonraítear sa sonrasc ná san iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht faighte ag an gcreidiúnaí, laistigh den tréimhse íocaíochta chonarthach nó reachtúil a leagtar amach in Airteagal 3.
3. Ní bheidh an creidiúnaí in ann a cheart chun ús a fháil i gcás íocaíochtaí déanacha a tharscaoileadh i gcás ina bhfuil an féichiúnaí ina údarás poiblí nó ina ghnóthas mór. [Leasú 47]
4. Ní bheidh an dáta a bhfaighfear an sonrasc, nó an iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht, faoi réir comhaontú conarthach idir an féichiúnaí agus an creidiúnaí.
5. Tabharfaidh an féichiúnaí an fhaisnéis ábhartha uile don chreidiúnaí chun a áirithiú go nglacfaidh an féichiúnaí le sonrasc an chreidiúnaí nó leis an iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht a luaithe a gheofar í.
6. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, tosóidh ús ar íocaíocht dhéanach ag fabhrú ón gceann deireanach de na teagmhais seo a leanas:lá tar éis don tréimhse chonarthach nó reachtúil íocaíochta dul in éag agus i gcomhréir le hAirteagal 3.
(a) nuair a gheobhaidh an féichiúnaí an sonrasc nó iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht;
(b) nuair a gheobhaidh an creidiúnaí na hearraí nó na seirbhísí. [Leasú 48]
7. Beidh an t‑úst-ús i gcás íocaíochtaí déanacha ag fabhrú go dtí go n‑íocfar an méidbhfaighidh an creidiúnaí íocaíocht den mhéid atá dlite. [Leasú 49]
Airteagal 6
Ráta an úis i gcás íocaíochtaí déanacha
1. Beidh an t‑ús ar íocaíocht dhéanach cothrom leis an ráta tagartha móide 8 bpointe céatadáin.
2. Na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, áiritheoidh siad go gcomhfhreagraíonn an ráta tagartha do cheachtar díobh seo a leanas:
(a) an ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin;
(b) an ráta úis imeallach atá mar thoradh ar na nósanna imeachta tairisceana a mbaineann ráta athraitheach leo le haghaidh na bpríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin is déanaí de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
3. Sna Ballstáit sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, socróidh an banc ceannais náisiúnta an ráta tagartha.
4. Is é an ráta tagartha don chéad seimeastar den bhliain lena mbaineann an ráta is inchinnte an 1 Eanáir den bhliain sin. Is é an ráta tagartha don dara seimeastar den bhliain lena mbaineann an ráta is inchinnte an 1 Iúil den bhliain sin.
Airteagal 7
Sceidil íocaíochta
I gcás ina ndéanfar íocaíocht ar bhonn sceidil lena bhforáiltear do thráthchodanna, agus nach n‑íocfar aon cheann de na tráthchodanna sin faoin dáta a comhaontaíodh, déanfar an t‑ús ar íocaíochtaí déanacha dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh ar bhonn aon mhéid atá thar téarma. Íocfar cúiteamh freisin i gcomhréir le hAirteagal 8.
Airteagal 8
Cúiteamh as costais aisghabhála
1. I gcás ina dtiocfaidh ús ar íocaíochtaí déanacha chun bheith iníoctha i gcomhréir le hAirteagal 5, beidh cúiteamh de réir buntáille as costais aisghabhála dlite go huathoibríoch ag an bhféichiúnaí don chreidiúnaí agus suim sheasta EUR 50 i gceist in aghaidh gach idirbhirt tráchtála aonair i gceistdar luach EUR 0 go EUR 1 500, EUR 100 in aghaidh gach idirbhirt tráchtála aonair dar luach EUR 1 501 go EUR 15 000, agus EUR 150 in aghaidh gach idirbhirt tráchtála aonair os cionn EUR 15 000. [Leasú 50]
2. Beidh an cúiteamh de réir buntáille dá dtagraítear i mír 1 iníoctha ag an bhféichiúnaí don chreidiúnaí mar chúiteamh ar chostais aisghabhála an chreidiúnaí féin, gan gá le meabhrúchán. [Leasú 51]
3. Ní bheidh an creidiúnaí in ann a cheart chun an cúiteamh de réir buntáille a fháil a leagtar síos i mír 1 a tharscaoileadh i gcás ina bhfuil an féichiúnaí ina údarás poiblí nó ina ghnóthas mór. [Leasú 52]
4. I dteannta an chúitimh de réir buntáille dá dtagraítear i mír 1, beidh an creidiúnaí i dteideal cúiteamh réasúnach a fháil ón bhféichiúnaí as aon chostais aisghabhála is mó ná an cúiteamh sin de réir buntáille agus a thabhaítear mar gheall ar íocaíocht dhéanach an fhéichiúnaí.
5. Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do chearta an chreidiúnaí aon chúiteamh eile a fháil.
Airteagal 9
Téarmaí conarthacha agus cleachtais chonarthacha atá ar neamhní go hiomlánáirithe a thoirmeasc [Leasú 53]
1. Beidh na téarmaí conarthacha agus na cleachtais chonarthacha seo a leanas ar neamhní go hiomlán, agus toirmeascfar iad in aon chás: [Leasú 54]
(a) an tréimhsí íocaíochta a shocrú de shárú ar Airteagal 3;
(b) eisiamh nó teorannú a dhéanamh ar cheart an chreidiúnaí ús a fháil ar íocaíochtaí déanacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 nó an ceart cúiteamh a fháil as costais aisghabhála dá bhforáiltear in Airteagal 8;
(ba) lena n-eisiatar nó lena dteorannaítear ceart an chreidiúnaí an méid a leanas a dhéanamh:
(i) an creidmheas a shannadh do thríú páirtithe chun rochtain a fháil ar sheirbhísí maoiniúcháin;
(ii) úsáid a dhéanamh d’ordú feidhmiúcháin ar íocaíochtaí arna eisiúint ag cúirt; [Leasú 55]
(c) síneadh a chur le fad an nós imeachta fíoraithe nó glactha thar an téarma a leagtar síos in Airteagal 3(3);
(d) moill a chur ar an tráth a sheoltar an sonrasc d’aon ghnó nó cosc a chur leis.le tráth seolta an tsonraisc ag an bhféichiúnaí nó an tráth seolta a chur siar; [Leasú 56]
(da) sannadh earraí infhaighte chuig institiúid airgeadais ábhartha a thoirmeasc, a eisiamh nó a theorannú; [Leasú 57]
(db) ag baint úsáide as modhanna íocaíochta a athraíonn téarmaí íocaíochta. [Leasú 58]
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil modhanna leordhóthanacha éifeachtacha ann chun deireadh a chur leis na téarmaí conarthacha agus na cleachtais chonarthacha dá dtagraítear i mír 1.
3. Áireofar ar na modhanna dá dtagraítear i mír 2 an deis a bheith ag eagraíocht a aithnítear go hoifigiúil mar eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do chreidiúnaithe nó ag eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach aici ionadaíocht a dhéanamh ar ghnóthais gníomhú os comhair na gcúirteanna nó na gcomhlachtaí riaracháin inniúla.
Airteagal 10
Teideal a choinneáil
Coinneoidh creidiúnaí teideal chun earraí go dtí go n‑íocfar astu go hiomlán más rud é gur comhaontaíodh go sainráite idir an féichiúnaí agus an creidiúnaí teideal a choinneáil sula seachadfar na hearraí.
Airteagal 11
Trédhearcacht agus múscailt feasachta [Leasú 59]
1. Déanfaidh na Ballstáit an trédhearcacht a áirithiú i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n‑áirítear tríd an ráta úis reachtúil is infheidhme maidir le híocaíochtaí déanacha a chur ar fáil go poiblí.
2. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí ar an idirlíon na rátaí reatha úis ar íocaíochtaí déanacha a bhfuil feidhm acu sna Ballstáit.
2a. I gcás inarb iomchuí, úsáidfidh na Ballstáit foilseacháin ghairmiúla, feachtais chur chun cinn nó aon mhodh feidhmiúil eile chun feasacht a mhéadú i measc gnóthas ar na réitigh ar íocaíocht dhéanach. [Leasú 60]
Airteagal 12
Nósanna imeachta aisghabhála maidir le héilimh neamhchonspóidithe
1. Gheobhaidh creidiúnaithe teideal in-fhorfheidhmithe, lena n‑áirítearn-áirítear trí nós imeachta brostaithe agus beag beann ar mhéid an fhéich, laistigh de 9060 lá féilire ón tráth a thaiscfear an chaingean nó an t‑iarratast-iarratas ag an gcúirt nó ag údarás inniúil eile, ar choinníoll nach ndéanfar an fiach agus an nós imeachta a dhíospóid. [Leasú 61]
2. Agus an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 á ríomh, ní chuirfear an tréimhse seo a leanas san áireamh:
(a) na tréimhsí ama is gá chun doiciméid a sheirbheáil;
(b) aon mhoill arb é an creidiúnaí is cúis léi.
3. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 861/2007. [Leasú 62]
Airteagal 13
Údaráis forfheidhmithe
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú (‘an t‑údaráist-údarás forfheidhmithe’) agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún é/iad gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh na Ballstáit na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais iomchuí ar fáil do na húdaráis chun a chúraimí a chur i gcrích agus chun a gcumhachtaí a úsáid go héifeachtúil. [Leasú 63]
1a. Beidh na húdaráis forfheidhmithe neamhspleách ar údaráis phoiblí eile, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu le nósanna imeachta soláthair poiblí. [Leasú 64]
2. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na húdaráis forfheidhmithe na bearta comhréireacha is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na sprioc-amanna le haghaidh íocaíochtaí. [Leasú 65]
3. Oibreoidh údaráis forfheidhmithe i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún go héifeachtach, agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile in imscrúduithe a bhfuilmbeidh gné trasteorann ag baint leo. Éascóidh an Coimisiún comhordú éifeachtach na n-údarás forfheidhmithe. [Leasú 66]
3a. Cuirfidh na húdaráis forfheidhmithe faisnéis chomhiomlán ar fáil don phobal maidir le líon na ngearán a thaisctear i gcoinne gnóthas agus údarás poiblí de bharr Airteagal 3 den Rialachán seo a shárú. [Leasú 67]
4. Déanfaidh na húdaráis forfheidhmithe a ngníomhaíochtaí a chomhordú le húdaráis eile atá freagrach as reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta eile a fhorfheidhmiú lena n‑áirítear trí oibleagáidí malartaithe faisnéise.
5. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh na húdaráis forfheidhmithe na gearáin a fhaightear maidir le híocaíochtaí déanacha in earnáil na talmhaíochta agus an bhia ar aghaidh chuig na húdaráis forfheidhmithe inniúla faoi Threoir (AE) 2019/633. [Leasú 68]
5a. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 805/2004, (CE) Uimh. 1896/2006, (CE) Uimh. 861/2007 agus (AE) Uimh. 1215/2012. [Leasú 69]
Airteagal 14
Cumhachtaí na n‑údarás forfheidhmithe
1. Beidh na hacmhainní agus an saineolas daonna, airgeadais agus teicniúil is gá ag na húdaráis forfheidhmithe chun a ndualgas a chomhlíonadh go héifeachtach, agus beidh na cumhachtaí seo a leanas acu: [Leasú 70]
(a) an chumhacht imscrúduithe a thionscnamh agus a sheoladh, ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearáin;
(b) an chumhacht ceangal a chur ar chreidiúnaithe agus ar fhéichiúnaithe an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun imscrúduithe a dhéanamh a bhaineann le híocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála;
(c) an chumhacht cigireachtaí ar an láthair gan réamhfhógra a dhéanamh faoi chuimsiú a gcuid imscrúduithe;
(d) an chumhacht cinntí a dhéanamh go raibh sárú ann ar an Rialachán seo agus lena gceanglaítear ar an bhféichiúnaí ús a íoc as íocaíochtaí déanacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 nó lena gceanglaítear ar an bhféichiúnaí an creidiúnaí a chúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 8 nó sa dá cheann; [Leasú 71]
(e) an chumhacht fíneálacha agus pionóis agus bearta idirlinne eile a fhorchur ar na daoine is ábhar don sárú, nó imeachtaí comhdhála thionscnamh maidir leis na nithe sin a fhorchur;
(f) an chumhacht ceangal a chur ar an bhféichiúnaí deireadh a chur leis an sárú;
(g) an chumhacht a gcinntí dá dtagraítear i míreanna (d), (e) agus (f) a fhoilsiú.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a dhéanann na húdaráis forfheidhmithe na cúraimí a bhronntar orthu leis an Rialachán seo. [Leasú 72]
2. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra, [gan mhoill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin, [faoin .../ gan mhoill] agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. [Leasú 73]
Airteagal 15
Gearáin agus rúndacht
1. Féadfaidh creidiúnaithe gearáin a chur faoi bhráid údarás forfheidhmithe an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe nó faoi bhráid údarás forfheidhmithe na mBallstát ina bhfuil an féichiúnaí bunaithe. An t‑údarás forfheidhmithe sin a gcuirtear an gearán chuige, beidh sé inniúil an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.
2. Eagraíochtaí a aithnítear go hoifigiúil mar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar chreidiúnaithe nó eagraíochtaí a bhfuil leas dlisteanach acu maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar ghnóthais, beidh sé de cheart ag na heagraíochtaí sin gearán a chur faoi bhráid na n‑údarás forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 arna iarraidh sin do chomhalta amháin nó níos mó dá gcuid nó, i gcás inarb iomchuí, arna iarraidh sin do chomhalta amháin nó níos mó dá gcuid balleagraíochtaí, i gcás ina measfaidh na comhaltaí sin go ndearna sárú ar an Rialachán seo difear dóibh.
3. Arna iarraidh sin don ghearánaí, Glacfaidh an t‑údarást-údarás forfheidhmithe na bearta is gá chun aitheantas an ghearánaigh a chosaint ar bhealach iomchuí. Féadfaidh an gearánach gearán a chur faoi bhráid an údaráis forfheidhmithe gan ainm nó aon fhaisnéis dá n‑iarrann an gearánaía n-iarrann sé rúndacht, déanfaidh é an fhaisnéis sin ina leith a shainaithint. [Leasú 74]
4. Cuirfidh an t‑údarást-údarás forfheidhmithe a fhaigheann gearán an gearánaígearánach ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige déileáil leis an ngearán laistigh de thréimhse réasúnach ama30 lá tar éis an gearán a fháil. [Leasú 75]
5. I gcás ina measfaidh an t‑údarást-údarás forfheidhmithe nach bhfuil foras leordhóthanach ann le gníomhú ar ghearán, cuirfidh sé cúiseanna a chinnidh in iúl don ghearánaíghearánach laistigh de thréimhse réasúnach ama30 lá tar éis an gearán a fháil. [Leasú 76]
6. I gcás ina measfaidh an t‑údarást-údarás forfheidhmithe go bhfuil foras leordhóthanach ann chun gníomhú ar an ngearán, déanfaidh sé imscrúdú a thionscnamh, a sheoladh agus a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach ama90 lá tar éis an gearán a fháil. [Leasú 77]
7. I gcás ina measann údarás forfheidhmithe gur sháraigh féichiúnaí an Rialachán seo, ceanglóidh sé ar an bhféichiúnaí deireadh a chur leis an gcleachtas neamhdhleathach.
7a. Cuirfidh an Coimisiún foirm ghearáin chaighdeánach AE ar fáil d’údaráis forfheidhmithe na mBallstát. [Leasú 78]
Airteagal 16
Réiteach malartach díospóidí
1. Gan dochar do cheart na gcreidiúnaithe gearáin a chur isteach faoi Airteagal 15, agus d’oibleagáidí agus do chumhachtaí na n‑údarásn-údarás forfheidhmithe a leagtar síos in Airteagail 13, 14 agus 15, déanfaidh na Ballstáit úsáid dheonach sásraí éifeachtacha neamhspleácha um réiteach malartach díospóidí a chur chun cinn chun díospóidí idir féichiúnaithe agus creidiúnaithe a réiteach. D’ainneoin fhorálacha Airteagail 5(3), 8(3), agus 9(1) pointe (b) den Rialachán seo, féadfaidh páirtithe sa chomhaontú dul i mbun caibidlíochta chun teacht ar shocrú cairdiúil maidir le fiacha atá faoi dhíospóid. [Leasú 79]
2. Le sásraí um réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí maidir le híocaíochtaí déanacha, spreagfar na páirtithe i ndíospóid chun teacht ar an réiteach eatarthu féin agus beidh na sásraí tapa, éifeachtúil, agus costéifeachtach, agus muinín agus iontaoibh á gcoinneáil ar bun idir na páirtithe ag an am céanna.
Airteagal 16a
Oibleagáidí tuairiscithe
1. Tuairisceoidh údaráis chonarthacha, dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE, ar bhonn bliantúil ar a gcleachtais íocaíochta.
2. Beidh an méid a leanas san oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1:
(a) an méid, in EUR, a íocadh:
— 1 go 30 lá tar éis an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo;
— 31 go 60 lá tar éis an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo;
— 61 go 90 lá tar éis an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo;
— breis is 90 lá tar éis an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo;
(b) an meán-am chun sonrasc a íoc.
3. Cuirfidh na húdaráis chonarthacha an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid, i bhfoirm leictreonach, údarás forfheidhmithe an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 13 agus beidh rochtain ag an bpobal uirthi. [Leasú 80]
Airteagal 17
Uirlisí digiteacha, bainistíocht creidmheasa agus oiliúint litearthachta airgeadais
1. A mhéid is féidir, úsáidfidh na Ballstáit uirlisí digiteacha chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlisí bainistithe sonraisc agus creidmheasa, lena n-áirítear fachtóireacht agus seirbhísí maoiniúcháin comhchosúla, chomh maith le hoiliúint agus oiliúint litearthachta airgeadais agus aon tionscnamh eile a théann i ngleic le híocaíochtaí déanacha, ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus go mbeidh rochtain acu orthu, lena n‑áirítearn-áirítear maidir le húsáid uirlisí digiteacha le haghaidh íocaíochtaí tráthúla. [Leasú 81]
Airteagal 17a
Faireachlann an Aontais maidir le hÍocaíochtaí Déanacha
1. Bunóidh an Coimisiún Faireachlann maidir le hÍocaíochtaí Déanacha (An Fhaireachlann) faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
2. Déanfaidh an Fhaireachlann faireachán ar íocaíocht chomh maith le cleachtais um íocaíochtaí déanacha laistigh den Aontas chun saineolas a bhailiú agus a scaipeadh, na cleachtais is fearr agus na cleachtais a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a shainaithint, chomh maith le héifeachtacht na n-údarás forfheidhmithe agus iad i mbun a gcúraimí, d’fhonn comhairle agus saineolas ar éabhlóid na gcleachtas íocaíochta agus na gcleachtas um íocaíochtaí déanacha a sholáthar don Choimisiún.
3. Cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas in iúl don Fhaireachlann:
(a) liostaí earraí agus seirbhísí atá faoi réir an nós imeachta glactha nó fíoraithe a leagtar amach in Airteagal 3(2).
(b) sonraí comhiomlánaithe ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13(3a), 14(1), 14(2) agus 16a(3);
(c) faisnéis maidir le húdaráis forfheidhmithe, líon na ngearán agus na n-imscrúduithe agus bearta a glacadh;
4. Eiseoidh an Fhaireachlann tuarascálacha bliantúla, tuairimí agus rannchuidithe scríofa a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear an measúnú agus na treoirlínte chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
5. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an bhFaireachlann agus beidh sí comhdhéanta d’ionadaithe ó shaineolaithe agus gheallsealbhóirí ábhartha. Áiritheoidh comhdhéanamh an bhoird ionadaíocht chothrom ar na geallsealbhóirí leasmhara uile. [Leasú 82]
Airteagal 17b
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 mar seo a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: "
“Déanfar an t-iarratas a chur isteach go leictreonach.’”
"
(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: "
“Déanfar an t-iarratas a shíniú go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal [2(2)] de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach. Aithneofar an síniú sin sa Bhallstát tionscnaimh gan aon choinníollacha eile a fhorchur. Tabharfaidh na Ballstáit isteach córais chumarsáide leictreonaí malartacha lena bhféadfar úsáideoirí a shainaithint go slán. Sa chás sin, ní bheidh síniú leictreonach de dhíth.’”
"
(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(1): "
“Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8, eiseoidh an chúirt ordú Eorpach íocaíochta ag baint úsáide as foirm E mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V laistigh de 14 lá tar éis iarratas a thaisceadh. Agus an tréimhse 14 lá á ríomh, ní chuirfear san áireamh an t-am a thógann sé ar an éilitheoir an t-iarratas a chomhlánú, a cheartú nó a leasú.’”
"
(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(2): "
“Seolfar an ráiteas freasúra laistigh de 14 lá ó dháta seirbheála an ordaithe íocaíochta chuig an gcosantóir.’” [Leasú 83]
"
Airteagal 17c
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2007
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 mar seo a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "
“Laistigh de 14 lá tar éis freagraí an chosantóra nó an éilitheora a fháil laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(3) nó (6), tabharfaidh an chúirt breithiúnas nó rachaidh sí ar aghaidh mar a leanas:
(a)
iarrfaidh sí ar na páirtithe tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an éileamh laistigh de thréimhse shonraithe, nach rachaidh thar 14 lá;
(b)
glacfaidh sí fianaise i gcomhréir le hAirteagal 9;
(c)
déanfaidh sí na páirtithe a thoghairm chuig éisteacht ó bhéal, rud a tharlóidh laistigh de 14 lá tar éis na toghairme.’”
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: "
“Tabharfaidh na Ballstáit isteach córais chumarsáide leictreonaí malartacha lena bhféadfar úsáideoirí a shainaithint go slán. Sa chás sin, ní bheidh síniú leictreonach de dhíth.’”
"
(2) In Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"
“Na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus (6) agus breithiúnais arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 7, is trí mheán leictreonach a dhéanfar iad a sheirbheáil ón 1 Eanáir 2027. Tabharfar fianaise ar an tseirbhís le hadmháil fála ina luafar an dáta fála. Déanfar gach comhfhreagras seachas an comhfhreagras dá dtagraítear i mír 1 idir an chúirt agus na páirtithe nó daoine eile a bhfuil baint acu leis na himeachtaí a tharchur trí mheán leictreonach le hadmháil fála. Soláthróidh na Ballstáit na modhanna teicniúla is gá chuige sin faoin 1 Eanáir 2027.’”
"
(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(2):"
“14 lá a bheidh sa teorainn ama chun athbhreithniú ar an mbreithiúnas a iarraidh. Tosóidh sé ar an lá a tháinig an cosantóir ar an eolas iarbhír faoi ábhar an bhreithiúnais agus a raibh sé in ann gníomhú dá réir sin, ach tráth nach déanaí ná lá an chéad bhirt forfheidhmithe a raibh de thoradh air sócmhainní an chosantóra a bhí ar fáil dó a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach. Ní féidir síneadh a chur leis an tréimhse seo.’” [Leasú 84]
"
Airteagal 18
Tuarascáil
Faoin [Oifig na bhFoilseachán:cuir isteach an dáta = 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chura gcur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. [Leasú 85
Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
(a) tionchar an raon feidhme mar a leagtar síos in Airteagal 1 é, lena n-áirítear an tionchar ar earnálacha sonracha agus ar shamhlacha gnó sonracha;
(b) tionchar na mbeart a cuireadh chun feidhme, go háirithe maidir leis na tréimhsí íocaíochta a leagtar síos in Airteagal 3, ar shreabhadh airgid agus leachtacht an mhargaidh a mhéadú;
(c) éifeachtacht na n-údarás forfheidhmithe mar a leagtar síos in Airteagail 13, 14 agus 15;
(d) na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le ríomhshonrascadh a thabhairt isteach ar fud an Aontais chun tréimhsí íocaíochta ar an margadh a ghiorrú; [Leasú 86]
Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú, lena n-áirítear faisnéis maidir le himscrúduithe, cigireachtaí, cinntí, imeachtaí agus foilseacháin na n-údarás forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 14(1). [Leasú 87]
Áireofar sa tuarascáil measúnú ar thionchar foriomlán an Rialacháin seo ar na hidirbhearta tráchtála agus ar thionchar Fhaireachlann an Aontais maidir le hÍocaíochtaí Déanacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chleachtais um íocaíochtaí déanacha laistigh den Aontas. [Leasú 88]
Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá agus más iomchuí. [Leasú 89]
Airteagal 19
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2011/7/AE.
Mar sin féin, ó [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] go dtí [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige sna cásanna sin inar féichiúnaithe iad na micreaghóthais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2013/34/AE agus na hoibrithe féinfhostaithe. [Leasú 90]
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán:cuir isteach an dáta = 12 mhí18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], faoi réir Airteagal 19, an dara fomhír. [Leasú 91]
3. Beidh idirbhearta tráchtála a dhéanfar tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, lena n‑áirítear nuair a bheidh an bunchonradh tugtha i gcrích roimh an dáta sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (IO L 143, 30.4.2004, lch. 15)
Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO L 399, 30.12.2006, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga (IO L 199, 31.7.2007, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).
Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).
Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháiliúcháin agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18).
Breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, BFF Finance Iberia SAU v. Gerencia Regional de Salud de la Junta de Castilla y León, (IO C 53, 15.2.2021, lch. 19) C-585/20, EU:C:2022:806, mír 53.
Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 1 - 64).
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65-242).
Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 243-374).
Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lgh. 76-136).
Breithiúnas an 20 Deireadh Fómhair 2022, BFF Finance Iberia SAU v. Gerencia Regional de Salud de la Junta de Castilla y León, C-585/20, ECLI:EU:C:2022:806.
Treoir 2014/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ríomhshonrascadh i gcás an tsoláthair phoiblí (IO L 133, 6.5.2014, lch. 1).
Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lch. 59).
Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
Airteagal 172a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
Airteagal 147a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháiliúcháin agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18).
Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha poiblí, soláthair phoiblí agus seirbhíse poiblí ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta nó na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE.