Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 12 Márta 2024 - Strasbourg
An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha
 Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha
 Sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais
 Feithiclí bóthair: meáchain agus toisí uasta
 Úsáid toilleadh bonneagair iarnróid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, Treoir 2012/34/AE a leasú agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 a aisghairm
 Leasú a dhéanamh ar Rialacháin áirithe maidir le seirbhísí airgeadais agus tacaíocht infheistíochta a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe
 Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)
 An Gníomh um Chibear-athléimneacht
 Bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (an Treoir maidir le Maímh Ghlasa)
 Dliteanas i leith táirgí lochtacha
 Leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le lipéadú digiteach tháirgí leasacháin an Aontais
 An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a aisghairm
 Cinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú
 Síneadh a chur le Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach

An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha
PDF 119kWORD 55k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (COM(2022)0156 – C9-0144/2022 – 2022/0104(COD))
P9_TA(2024)0123A9-0216/2023
CEARTÚCHÁIN

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0156),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1), mír 1, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0144/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Iúil 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 12 Deireadh Fómhair 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0216/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl

P9_TC1-COD(2022)0104


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1785.)

(1) IO C 443, 22.11.2022, lch. 130.
(2) IO C 498, 30.12.2022, lch. 154.
(3) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 11 Iúil 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0259).


Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha
PDF 119kWORD 54k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (COM(2022)0157 – C9-0145/2022 – 2022/0105(COD))
P9_TA(2024)0124A9-0211/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0157),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1), mír 1, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0145/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Iúil 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 12 Deireadh Fómhair 2022(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0211/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú sonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena mbunaítear Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006

P9_TC1-COD(2022)0105


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1244.)

(1) IO C 443, 22.11.2022, lch. 130.
(2) IO C 498, 30.12.2022, lch. 154.
(3) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 11 Iúil 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0260).


Sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais
PDF 119kWORD 47k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais (COM(2022)0684 – C9-0401/2022 – 2022/0398(COD))
P9_TA(2024)0125A9-0235/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0684),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0401/2022),

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2332 ón gComhairle an 28 Samhain 2022 maidir le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a shainaithint mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh(1), agus go háirithe Airteagal 1 de,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2023(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0235/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i leith sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2018/1673

P9_TC1-COD(2022)0398


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1226.)

(1) IO L 308, 29.11.2022, lch. 18.
(2) IO C 184, 25.5.2023, lch. 59.


Feithiclí bóthair: meáchain agus toisí uasta
PDF 305kWORD 100k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 96/53/EC ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta d’fheithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (COM(2023)0445 – C9-0306/2023 – 2023/0265(COD))
P9_TA(2024)0126A9-0047/2024

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0445),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0306/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2023(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0047/2024),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna nglacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta d’fheithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal

P9_TC1-COD(2023)0265


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Le Treoir 96/53/CE ón gComhairle(4), leagtar amach meáchain agus toisí ceadaithe uasta feithiclí tromshaothair ar féidir leo gluaiseacht ar bhóithre an Aontais chun sábháilteacht ar bhóithre agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus oibríochtúil na n‑oibríochtaí iompair a chothú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na hoibríochtaí sin a laghdú. Léiríodh sa mheastóireacht ar Threoir 96/53/CE nach raibh sí éifeachtach ach go páirteach maidir lena cuspóirí i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre, an margadh inmheánach agus an comhshaol a bhaint amach, agus gur gá a forálacha a oiriúnú chun na forbairtí teicneolaíocha a léiriú agus an nuálaíocht a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin athraitheacha sa mhargadh iompair agus chun rannchuidiú le tosaíochtaí beartais an Aontais maidir le dícharbónú an iompair.

(2)  Sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Communication on a Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future’ [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí](5), is léir gur gá, chun rannchuidiú le cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip(6) maidir le laghdú 90% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar faoi 2050, na modhanna iompair uile a dhéanamh níos inbhuanaithe, roghanna malartacha inbhuanaithe a chur ar fáil go forleathan i gcóras iompair ilmhódach agus na dreasachtaí cearta a chur i bhfeidhm chun an t‑aistriú chuig córas iompair saor ó thruailliú san Aontas a chur chun cinn.

(3)  Trí na rialacha maidir le meáchain agus toisí feithiclí tromshaothair iompair de bhóthar a chuíchóiriú agus a shoiléiriú, is gá aghaidh a thabhairt ar neamhéifeachtúlachtaí fuinnimh agus oibríochtúla na n‑oibríochtaí iompair trasteorann, dreasachtaí láidre a sholáthar d’oibreoirí chun glacadh le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus úsáid na réiteach coigilte fuinnimh atá ann cheana a éascú, agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’oibríochtaí iompair lasta idirmhódúla. Chun ualaí riaracháin a íoslaghdú, saobhadh iomaíochta a chosc agus rioscaí maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus damáiste don bhonneagar bóithre a laghdú, ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar cheanglais áirithe maidir le húsáid feithiclí níos troime agus níos faide agus forfheidhmiú na rialacha atá i bhfeidhm a neartú.

(4)  Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir éifeachtúlacht eacnamaíoch, inbhuanaitheacht comhshaoil, cosaint an bhonneagair bóithrebóthair agus gnéithe sábháilteachta ar bhóithre. Thairis sin, chun comhleanúnachas reachtach agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart an Treoir seo a ailíniú chomh dlúth agus is féidir leis na caighdeáin CO2 le haghaidh feithiclí tromshaothair agus leis an Treoir maidir le hIompar Traschórais. [Leasú 1]

(5)  Rinneadh na cineálacha feithiclí tromshaothair, chomh maith le luachanna meáchain na bhfeithiclí sin, a shainiú faoi threoir reachtaíocht an Aontais maidir le cineálcheadú agus faireachas margaidh ar fheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, go háirithe Rialacháin (AE) 2018/858(7) agus (AE) 2019/2144(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, is inmhianaithe na tagairtí do na gníomhartha dlí ábhartha sin a thabhairt cothrom le dáta, ar mhaithe le foráil a dhéanamh maidir le soiléireacht an chreata reachtaigh is infheidhme.

(6)  Comhlánaíonn forálacha Threoir 96/53/AE Treoir 92/106/CEE ón gComhairle(9) a mhéid a bhaineann le fás an iompair idirmhódúil a chur chun cinn agus tacú leis. Ba cheart, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar oibríocht iompair idirmhódúil a ailíniú leis an téarmaíocht a chuirtear i bhfeidhm i dTreoir 92/106/CEE, chun go bhféadfaidh leoraithe, leantóirí agus leathleantóirí a úsáidtear in oibríochtaí idirmhódúla tairbhiú de na lamháltais meáchain bhreise chéanna agus a bhaineann le feithiclí bóthair a iompraíonn coimeádáin nó cabhlacha soghluaiste agus a úsáidtear in iompar idirmhódúil coimeádánaithe. Ba cheart go spreagfadh an dreasacht meáchain sin oibreoirí iompair de bhóthar chun gabháil d’iompar idirmhódúil neamhchoimeádánaithe.

(6a)   Tá sé i gceist leis an Treoir seo iomaíochas na hearnála iompair de bhóthar a fheabhsú trí oibríochtaí iompair níos costéifeachtúla agus níos inbhuanaithe a chur chun cinn agus tríd an idirmhódúlacht a spreagadh. Cé go mbeidh laghdú ar na ciliméadair feithicle a thiomáinfear mar thoradh ar na forálacha nua, táthar ag dréim go leanfaidh an géarghanntanas tiománaithe san Aontas de bheith ann. Chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sin, tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar dhálaí oibre do thiománaithe feithiclí tromshaothair Cuireann an easpa limistéir páirceála ar ardchaighdeán do thrucailí san Aontas leis an meath ar dhálaí oibre na dtiománaithe trucaile, rud atá ina fhadhb go háirithe le linn turais fadraoin. Chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin agus chun feabhas a chur ar tharraingteacht na hearnála, níor cheart go mbainfeadh na toisí méadaithe is gá chun teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a shuiteáil i bhfeithiclí den spás cábáin leordhóthanach agus ba cheart dóibh compord na dtiománaithe a fheabhsú. I gcás inar féidir, ba cheart coincheapa lena gcumasaítear spás breise sna cábáin chun saoráidí sláintíochta a shuiteáil ar bord a fhiosrú agus a dhreasú.[Leasú 2]

(7)  Chun comhthuiscint agus cur chun feidhme aonfhoirmeach fhorálacha na Treorach seo sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta a áirithiú, is gá a shoiléiriú nachgo bhfuil feidhm uathoibríoch ag na maoluithe náisiúntasonracha ann faoi láthair, ar bhonn comhthuiscintí déthaobhacha idir Ballstáit chomharsanachta, ó theorainneacha meáchan agus toisí ceadaithe uasta áirithe le haghaidh cineálacha áirithe feithiclí ag gluaiseacht sa trácht náisiúnta maidir le feithiclí a úsáidtear inspeisialaithe a mbíonn oibríochtaí trasteorann.iompair ar siúl acu, ar cheart iad a choinneáil fad is nach ndéanann siad difear d’iomaíochas idirnáisiúnta. [Leasú 3]

(8)  Iompar ualaí doroinnte, is cuid thábhachtach den mhargadh é atá nasctha le réimsí straitéiseacha an fhuinnimh in‑athnuaite, na hinnealtóireachta sibhialta agus an bhonneagair, na hola agus an gháis, an tionscail throm agus na giniúna cumhachta. In ainneoin luach aitheanta na dTreoirlínte Eorpacha don Dea-Chleachtas maidir le hIompar Neamhghnách atá ann cheana, arna nglacadh ag saineolaithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit, is beag dul chun cinn atá déanta i dtreo simpliú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le ceadanna a fháil chun ualaí doroinnte a iompar. Gan dochar do cheart na mBallstát na coinníollacha is gá a bhunú chun iompar sábháilte ualaí doroinnte ar a gcríocha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit comhoibriú chun na ceanglais sin a chomhchuibhiú, a mhéid is féidir, ar mhaithe le hiolrú coinníollacha éagsúla a fhónann don chuspóir céanna a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil na ceanglais náisiúnta comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach, agus nach ndéanann siad ceanglais gan údar a fhorchur, amhail líofacht i dteanga náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Chun an t‑ualach riaracháin ar oibreoirí a laghdú agus chun oibríochtaí éifeachtúla, cothroma agus sábháilte a áirithiú, tá sé ríthábhachtach córas trédhearcach, comhchuibhithe, so-úsáidte a chur ar bun chun ceadanna a fháil, atá ar fáil i ngach teanga de chuid an Aontais agus ar féidir rochtain éasca a dhéanamh air trí mhodhanna cumarsáide leictreonacha. Ba cheart na ceadanna sin a eisiúint i bhformáid leictreonach agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar an doiciméad um Chlárú Speisialta Eorpach Trucailí agus Leantóirí (SERT), a bhfuil sé mar aidhm leis faisnéis theicniúil ar fheithiclí, amhail clárú leantóirí nó leantóirí modúlacha, a chomhchuibhiú. Ba cheart go gceadófaí d’oibreoirí iompair oibríochtaí iompair ualaí doroinnte a dhéanamh leis an doiciméad leictreonach seo. [Leasú 4]

(9)  Baineadh úsáid as Córais Mhodúlacha Eorpacha (EMS) agus rinneadh iad a thriail go mion agus is léir gur réiteach spéisiúil iad chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht eacnamaíoch agus fuinnimh oibríochtaí iompair, agus sábháilteacht ar bhóithre agus cosaint an bhonneagair á n‑áirithiú an tráth céanna, a bhuí lena bheith teoranta do chodanna leordhóthanacha de na gréasáin bhóithre. I bhfianaise sainiúlachtaí náisiúnta, leasanna eacnamaíocha éagsúla, riachtanais iompair agus toilleadh bonneagair iompair éagsúla sna Ballstáit, is iad is fearr atá in ann cúrsaíocht EMS ar a gcríocha a mheasúnú agus a údarú. Roimh EMS a údarú, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh roimh ré ar bhealaí nua maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar shábháilteacht ar bhóithre, ar bhonneagar, ar chomhar módúil, ar an gcion módúil agus ar an gcomhshaol. An tráth céanna, chun na tionchair dhearfacha shocheacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann le húsáid EMS a mhéadú, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur le bacainní neamhriachtanacha ar a n‑úsáid in oibríochtaí trasteorann idir Ballstáit chomharsanachta a cheadaíonn na cónaisc feithiclí den sórt sin ar a gcríocha, gan teorainn ar líon na dteorainneacha a thrasnaítear a fhad agus a chomhlíonann siad na meáchain agus na toisí údaraithe uasta le haghaidh EMS arna mbunú ag na Ballstáit laistigh dá gcríocha féin. Déantar sin chun a áirithiú go gcomhlíonann EMS a úsáidtear in oibríochtaí trasteorann an chomhteorainn meáchainchomhtheorainn mheáchain agus toise is ísle le haghaidh EMS is infheidhme sna Ballstáit sin. Ar mhaithe le sábháilteacht oibríochtaí, trédhearcacht agus soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart coinníollacha coiteanna a bhunú maidir le cúrsaíocht EMS sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ba cheart a áirithiú leis na coinníollacha sin, inter alia, go scaiptear EMS ar bhóithre ina ráthaítear sábháilteacht úsáideoirí soghonta bóithre. Ba cheart do na Ballstáit, lena n‑áirítear faisnéis shoiléir a sholáthar maidir leis na teorainneacha meáchain agus toisí le haghaidh EMS agus maidir le codannaar chodanna den ghréasán bóithre atá comhoiriúnach le sonraíochtaí na bhfeithiclí sin, agus faireachán. Ba cheart do na Ballstáit córas faireacháin a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar úsáid EMS ar shábháilteacht ar bhóithre, ar an mbonneagar bóithre, ar chomhar módachmodúil, chomh maith le tionchair chomhshaoil na gCóras Modúlach Eorpach ar an gcóras iompair, lena n‑áirítear an tionchar ar an gcion módachmódúil. Ráthaítear leis an sainmhíniú soiléir ar EMS sa Treoir seo go bhfuil EMS comhdhéanta d’aonaid chaighdeánacha feithiclí chun comhoiriúnacht le modhanna iompair eile, go háirithe iompar d’iarnród, a áirithiú. Chun an t-aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a spreagadh go héifeachtach, ba cheart EMS a bhíonn ag gabháil do thrácht idirnáisiúnta a bheith, a luaithe is indéanta go teicniúil agus go hoibríochtúil, comhdhéanta d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha nó de chónaisc feithiclí astaíochtaí nialasacha. [Leasú 5]

(9a)   Chun sábháilteacht ar bhóithre agus dálaí oibre cuí a uasmhéadú, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh oiliúint leordhóthanach agus na cáilíochtaí is gá ag tiománaithe EMS chun feithiclí agus cónaisc feithiclí níos troime agus níos faide a láimhseáil. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit íoscheanglais nó scéim deimhniúcháin a bhunú do thiománaithe EMS. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú lena bhforáiltear do chóir chomhionann, agus neamh-idirdhealú, do thiománaithe agus d’oibreoirí EMS, ba cheart do na Ballstáit a ráthú go n-aithneofar na deimhnithe sin go frithpháirteach sna Ballstáit lena mbaineann. [Leasú 6]

(10)  Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit i gcónaí trialacha a reáchtáil ar bhonn sealadach. Go deimhin, maidir le teicneolaíochtaí nua lena gceadaítear luchtú faoi shiúl, amhail grianphainéil, pantagraif agus bóithre leictreacha, nó EMS a thabhairt isteach de réir a chéile sna Ballstáit, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá na meáchain agus na toisí uasta a shárú i dtimpeallacht tástála, lena n‑áirítear i gcodanna trasteorann den ghréasán bóithre. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit i gcónaí na trialacha sin a dhéanamh agus a bheith in ann comhoiriúnacht teicneolaíochtaí agus coincheap nua a thástáil thar theorainneacha. Ní mór cineál sealadach agus nuálach na dtrialacha a shoiléiriú trí uastréimhse ama a bhunú chun iad a dhéanamh. An tráth céanna, níor cheart teorainn a chur le líon na dtrialacha ar theicneolaíochtaí nua agus ar scéimeanna nuálacha chun nach gcuirfear bac ar an nuálaíocht. Ba cheart do na Ballstáit faireachán agus measúnú a dhéanamh go rialta ar fheidhmíocht agus tionchair na tástála ar theicneolaíochtaí agus coincheapa nua maidir le sábháilteacht ar bhóithre, bonneagar bóithre, comhar módach, agus maidir leis na tionchair chomhshaoil ar an gcóras iompair, amhail tionchair ar an gcion módach.

(10a)   Ba cheart bailiú sonraí maidir le sábháilteacht ar bhóithre sna Ballstáit, lena n-áirítear cion na mbásanna agus na ngortuithe ó imbhuailtí, a bheith i gceist leis na rialacha comhchuibhithe nua maidir le EMS i dtrácht náisiúnta agus idirnáisiúnta sna Ballstáit lena gceadaítear iad a chur i gcúrsaíocht. Agus é á chur san áireamh gurb iad úsáideoirí soghonta bóithre iad na híospartaigh i nach mór aon trian de na básanna in imbhuailtí a bhaineann le feithiclí tromshaothair, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh tionchar ag EMS ar an tsábháilteacht ar bhóithre, go háirithe sábháilteacht úsáideoirí bóthair soghonta amhail coisithe agus rothaithe chomh maith le gluaisrothaithe agus daoine a bhfuil míchumas orthu nó a bhfuil a soghluaisteacht agus a dtreoshuíomh laghdaithe. [Leasú 7]

(11)  Maidir le hiompar ualaí doroinnte a dhéanann feithiclí nó cónaisc feithiclí ar mó iad ná na meáchain nó toisí uasta agus úsáid EMS, i bhfianaise a riachtanas le haghaidh gnéithe sábháilteachta breise agus le haghaidh bonneagar oiriúnach, ní mór aird ar leith a thabhairt ar eilimintíghnéithe amhail trédhearcacht na faisnéise ábhartha, deimhneacht dhlíthiúil agus comhchuibhiú na bpróiseas ceada. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit córas leictreonach faisnéise agus cumarsáide aonair a bhunú ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis na coinníollacha oibríochtúla agus riaracháin a bhaineann le hualaí doroinnte a iompar agus EMS a úsáid, ar bhealach atá soiléir agus inrochtana go héasca. Ba cheart go gcuirfeadh an córas náisiúnta sin ar a gcumas do na hoibreoirí an fhaisnéis a fháil agus an t‑iarratas a chur isteach go leictreonach, i bhformáid chaighdeánaithe de chuid an Aontais, ar cheadanna speisialta chun ualaí doroinnte a iompar sa Bhallstát lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart don chóras náisiúnta sin faisnéis a sholáthar maidir le meáchain agus toisí údaraithe uasta náisiúnta na bhfeithiclí agus na gcónasc feithiclí agus maidir le srianta féideartha, go háirithe maidir le hairde. Chun a áirithiú gur féidir le hoibreoirí agus saoránaigh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha uile in aon áit amháin, ba cheart don Choimisiún tairseach gréasáin Eorpach tiomnaithe a bhunú lena nascfar na córais náisiúnta leictreonacha agus chumarsáide agus lena soláthrófar, i measc nithe eile, forléargas grafach soiléir ar na bóithre ar a gceadaítear do EMS, agus, i gcás ina mbeidh rochtain orthu, d’fheithiclí a iompraíonn ualaí doroinnte, a bheith i gcúrsaíocht sna Ballstáit ábhartha, faoin [6 mhí tar éis dháta thrasuí na Treorach seo] ar a dhéanaí. [Leasú 8]

(12)  Na bacainní saorga ar iompar trasteorann leoraithe níos troime a úsáidtear go príomha in iompar fadraoin (amhail cónaisc feithiclí a bhfuil 5 nó 6 acastóir acu), ba cheart iad a bhaint ar bhealach comhchuibhithe chun leas a bhaint sa ghearrthéarma as an éifeachtúlacht oibríochtúil, fuinnimh agus comhshaoilchomhshaoil a bhaineann leis an acmhainnacmhainneacht lastála níos mó lastála a dheonaíonn na Ballstáit, lena n‑áirítear le haghaidh iompar idirmhódúil. Chun an t‑aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn go héifeachtach agus chun éifeachtaí an dlí comhshaoil atá ann cheana a uasmhéadú, is gá deireadh a chur de réir a chéile le húsáid na leoraithe níos troime sin a oibrítear ar bhreoslaí iontaise, ó 2035 ar aghaidh, is é sin nuair a mheastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar líonchun deimhneacht dhlíthiúil a neartú d’infheistíochtaí agus do dhul i bhfód na HDVanna astaíochtaí nialasacha go dtí thart ar 50 % de chlárúcháin HDVanna nuaníos éifeachtúla ar an margadh a spreagadh tuilleadh. Tar éis deireadh a chur le húsáid na leoraithe sin, ba cheart leanúint de leoraithe níos troime a cheadú sa trácht náisiúnta agus, sa trácht idirnáisiúnta, ba cheart dóibh cloí leis na meáchain údaraithe uasta a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/53/CE, lena dteorannaítear an lamháltas meáchain breise d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus d’fheithiclí atá páirteach in oibríocht iompair idirmhódúil. [Leasú 9]

(13)  Sa chruthúnas go gcomhlíonann feithiclí na luachanna a leagtar amach i dTreoir 96/53/CE, ba cheart faisnéis chuimsitheach a bheith ann i gcomhréir le rialacha cothrom le dáta an Aontais maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh cineálcheadú feithiclí. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí do na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais a thabhairt cothrom le dáta, chun tagairt shonrach do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún a chur san áireamh(10). An fhaisnéis ba cheart a chur san áireamh sa chruthúnas ar chomhlíonadh, ba cheart an fhaisnéis sin a ailíniú a thuilleadh leis na hualaí uasta arna n‑údarú faoi Threoir 96/53/CE. Is féidir dúshlán ar leith a bheith ag baint le rialú a dhéanamh ar chineál idirmhódúil oibríochta iompair, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, san iompar neamhchoimeádánaithe. Chun a áirithiú go n‑úsáidfear mar is iomchuí lamháltas meáchain breise i gcás feithiclí tromshaothair atá páirteach in oibríochtaí iompair idirmhódúil, is gá d’oibreoirí cruthúnas de chineál idirmhódúil na hoibríochta a sholáthar. Cuireann na hardáin le haghaidh sonraí iompair digiteacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 1056/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) (‘ardáin eFTI’) uirlis oiriúnach ar fáil toisc gur tógadh iad chun na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach in Airteagail 3 agus 7 de Threoir 92/106/CEC a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid ardáin eFTI a dhéanamh éigeantach chun faisnéis ábhartha iompair a thaifeadadh agus a chur ar fáil, maidir le modhanna iompair a úsáidtear chun an lastas a iompar.

(14)  Tá acmhainneacht an‑teoranta ag iompróirí feithiclí, a bhfuil cabhlacha oscailte ag cuid mhór acu,acu a dtomhaltas fuinnimh a laghdú trí aeraidinimic fheabhsaithe. Tá rialacha náisiúnta éagsúla maidir le hualaí starrtha ar iompróirí feithiclí ina gcúis le saobhadh ar an iomaíocht agus cuireann an éagsúlacht sin teorainn shuntasach lena n‑acmhainneacht feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtúil agus ar fheidhmíocht fuinnimh sa trácht idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le hualaí starrtha ar iompróirí feithiclí a bhfuil cabhlacha oscailte acu, chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin mar is ceart. [Leasú 10]

(15)  Tá feithiclí tromshaothair a bhfuil cábáin fhadaithe acu tar éis teacht isteach ar an margadh, agus iad péireáilte le córais tiomána astaíochtaí nialasacha. Nuair a bhaintear úsáid as córais tiomána astaíochtaí nialasacha, bíonn gá, ag brath ar an teicneolaíocht, le spás breise, ar spás é nár cheart a áireamh chun dochair d’ualach éifeachtach na feithicle, ionas nach ngearrfar pionós eacnamaíoch ar an earnáil iompair de bhóthar atá saor ó astaíochtaí nialasacha. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú gur féidir leis an mbreis faid uasta dá bhforáiltear do na cábáin fhadaithe freastal ar theicneolaíocht astaíochtaí nialasacha, amhail ceallraí agus umair hidrigine, ar choinníoll nach gcuirfear gnéithe sábháilteachta, éifeachtúlachta agus compoird na gcábán aeraidinimiciúil i mbaol, agus go gcloíonn an fheithicil lena mbaineann le ‘riail an chaschiorcail’. [Leasú 11]

(16)  Ar an gcaoi chéanna leis an ngá atá le spás breise, níl na caighdeáin reatha oiriúnach ach oiread chun cúiteamh a dhéanamh ar mheáchan breise feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha, go háirithe i gcás an chianiompair. Tá gá le meáchan breise agus meáchan breise acastóra le haghaidh cónaisc feithiclí astaíochtaí nialasacha, agus le haghaidh na bhfeithiclí paisinéirí is coitianta atá in úsáid san Aontas. Le teicneolaíochtaí níos éadroime agus aeraidinimic níos fearr, beidh úsáid córas tiomána astaíochtaí nialasacha níos éifeachtúla (mar shampla, ó thaobh raon níos faide agus saolré ceallraí níos faide) trína dtomhaltas fuinnimh a laghdú. Chun dreasachtaí breise a chur ar fáil d’úsáid feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha, agus chun forbairt theicneolaíoch chomh maith le feistiú feithiclí le haeraidinimic fheabhsaithe a chur chun cinn, ba cheart, dá bhrí sin, lamháltais meáchain breise a dhícheangal ó mheáchan na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha.

(16a)   Is féidir le hiolracht na marcálacha éagsúla feithiclí agus na comharthaíochta sna Ballstáit mearbhall a chur ar úsáideoirí bóithre agus dochar a dhéanamh don tsábháilteacht ar bhóithre san Aontas. Chun an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, ba cheart lipéad caighdeánaithe de chuid an Aontais d’fhad mótarfheithiclí nó cónasc feithiclí a úsáidtear in EMS nó a bhíonn éagsúil ó na toisí caighdeánacha, a bhunú ar leibhéal an Aontais. Chuideodh an lipéad sin de chuid an Aontais le húsáideoirí bóithre na feithiclí sin a aithint agus eolas a fháil orthu agus laghdófaí leis aon riosca a eascraíonn as srianta infheictheachta nó caochspotaí, mar shampla nuair a bhíonn siad ag scoitheadh na bhfeithiclí fada nó na gcónasc feithiclí sin. [Leasú 12]

(16b)   Tá acmhainneacht láidir ag feithiclí ceallra-leictreacha, ag feithiclí um chealla breosla agus ag feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine chun codanna áirithe den earnáil iompair tromshaothair a dhícharbónú agus ba cheart a bhforbairt a spreagadh, agus é á chur san áireamh ag an am céanna nach bhfuil aon teicneolaíocht nach bhfuil tionchar aici ar an gcomhshaol. I gcás nach féidir leictriú a dhéanamh nó nach bhfuil sé chomh héifeachtúil céanna agus nach bhfuil feithiclí a bhreoslaítear le hidrigin iomchuí ná iomaíoch ó thaobh costais de, le prionsabal na neodrachta teicneolaíche is féidir cothrom iomaíochta a áirithiú le teicneolaíochtaí eile atá níos seanbhunaithe. [Leasú 13]

(17)  Tá sé ríthábhachtach na rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach chun iomaíocht neamhshaofa idir oibreoirí a áirithiú agus chun deireadh a chur leis na rioscaí maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus bonneagar bóithre a bhaineann le feithiclí a sháraíonn go neamhdhleathach na meáchain nó na toisí is infheidhme. Chun rialuithe cois bóthair a dhíriú níos fearr ar fheithiclí ró‑ualaithe, agus má roghnaíonnró-ualaithe, ba cheart do na Ballstáit córais uathoibríocha a úsáid ar an mbonneagar bóithre, ba cheart dóibh a áirithiú, ar a laghad, go n‑úsáidfear nan-úsáidfear córais sinuathoibríocha sa ghréasán tras‑Eorpach iompair de bhóthar, lena n-áirítear na córais dheimhnithe atá ar chroíghréasán TEN-T. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta trealamh ualaithe ar bord atá cruinn agus go hiomlán idir-inoibritheach a úsáid freisin. Ba cheart go mbeadh na córais uathoibríocha dheimhnithe sin in ann feithiclí nó cónaisc feithiclí a sháraíonn na meáchain údaraithe uasta a shainaithint, ach ba cheart maolú a bheith acu air bunaithe ar chead speisialta bailí nó ar shocrú comhchosúil. Ba cheart go mbeadh na córais in ann a bhrath freisin an bhfuil ceanglais ceadanna speisialta á gcomhlíonadh. Meastar go seachnófar leis sin pionóis gan údar agus go sábhálfar costais riaracháin d’oibreoirí agus do na Ballstáit araon. Thairis sin, ar mhaithe le hiontaofacht agus comhsheasmhacht an fhorfheidhmithe ar fud an Aontais, ba cheart an t‑íosleibhéal rialuithe sainordaitheachasainordaitheach atá le déanamh ag na Ballstáit a bhunú i gcomhréir leis an leibhéal tráchta ar a gcríocha ag na feithiclí faoi raon feidhme na Treorach seo, lena n‑áirítearn-áirítear líon iomchuí rialuithe le linn uaireanta oíche. [Leasú 14]

(18)  Chun dlús breise a chur le forfheidhmiú agus faireachán ar chúrsaíocht feithiclí tromshaothair ar bhóithre an Aontais, brú tráchta a laghdú, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, rioscaí maidir le damáiste don bhonneagar a laghdú agus oibríochtaí iompair inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun scéimeanna Beartais Rochtana Cliste a bhunú lena n‑áiritheofar comhlíonadh rialacha maidir leis na meáchain agus toisí údaraithe uasta. Agus scéimeanna den sórt sin á mbunú, Ba cheart do na Ballstáit íoscheanglais chomhchoiteanna a chur i bhfeidhm ar na scéimeanna sin chun comhchuibhiú agus idir-inoibritheacht a áirithiú ar fud an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht agus formáid na sonraí ábhartha atá le malartú. Ba cheart na sonraí ábhartha a bheith inrochtana i bhfíor-am agus i dteangacha oifigiúla an Aontais. Ba cheart go gcuideodh na scéimeanna lena áirithiú go n‑oibreoidh an fheithicil cheart, agus an lasta ceart aici, ar an mbóthar ceart agus ag an am ceart chun a áirithiú go mbeidh an tionchar is lú agus is féidir ann ar an gcomhshaol, ar bhonneagar, ar shláinte agus sábháilteacht an duine, agus ar an tsochaí. Agus na scéimeanna den sórt sin á mbunú, ba cheart úsáid a bhaint as ardchórais chliste iompair, amhail cumarsáid ó fheithicil go bonneagar, cumarsáid ó fheithicil go líonra, comhroinnt sonraí fíor-ama agus cianfhaireachán, chun trácht sábháilte rianúil feithiclí tromshaothair a áirithiú agus níor cheart srianta tráchta díréireacha ná idirdhealaitheacha a bheith mar thoradh orthu. [Leasú 15]

(18a)   Tá forfheidhmiú Threoir 96/53/CE ina chuid riachtanach de na córais faireacháin agus forfheidhmithe sheanbhunaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a rannchuidíonn le cur chun feidhme rialacha sóisialta, margaidh agus teicniúla an Aontais is infheidhme maidir le hiompar de bhóthar. I gcás ina a bhraitear neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le meáchain agus toisí forordaithe, ní mór do na húdaráis náisiúnta inniúla bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na pionóis neamh-idirdhealaitheach maidir leis na cineálacha pionóis a roghnaítear agus maidir lena leibhéil, agus go bhfuil siad éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach le tromchúis an tsáraithe a rinneadh. Ba cheart na sáruithe sin a thaifeadadh i gclár náisiúnta na ngnóthas iompair de bhóthar, a mhalartú tríd an gClár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU) agus ba cheart iad a léiriú i scór grádaithe riosca na ngnóthas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009. Táthar ag dréim go n-éascófar cur chun feidhme trasteorann smachtbhannaí faoi raon feidhme Threoir 96/53/CE trí Threoir leasaithe (AE) 2015/413 maidir le Forfheidhmiú Trasteorann. [Leasú 16]

(18b)   Chun dul chun cinn a dhéanamh sna haistrithe glasa agus digiteacha agus chun na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a chomhlíonadh, go háirithe maidir leis na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair, ba cheart na Ballstáit a spreagadh an t-ioncam a ghintear ó na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Treoir seo, nó an choibhéis i luach airgeadais na n-ioncam sin, a úsáid chun tacú le glacadh modhanna iompair inbhuanaithe agus dá bhrí sin na costais sheachtracha arna nginiúint ag oibríochtaí iompair a mhaolú, chun an idirmhódúlacht a spreagadh, agus chun inbhuanaitheacht oibríochtaí iompair trasteorann a mhéadú. [Leasú 17]

(19)  Chun fás an chórais iompair ilmhódaighilmhódúil a chur chun cinn, ba cheart iompar coimeádánaithe, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann coimeádáin 45 throithe nó 48 dtroithe, cabhlacha soghluaiste 45 throithe nó coimeádáin d’ardtoilleadh, a éascú a thuilleadhtuilleadh trí airde bhreise agus fad breise a cheadú d’fheithiclí bóthair a iompraíonn na coimeádáin d’ardtoilleadhsin. [Leasú 18]

(19a)   Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le cineálcheadú chun comhoiriúnacht theicniúil agus oibríochtúil feithiclí agus cónasc feithiclí nua tromshaothair a neartú, inter alia maidir lena meáchan, lena gcruth, lena méid, lena n-inardaitheacht ag gcraenacha, agus le hin-aistarraingtheacht agus in-fhillteacht na ngaireas atá ag gobadh amach uathu, le ceanglais na n-oibríochtaí iompair thraschórais, agus chun úsáid agus glacadh leantóirí agus leathleantóirí astaíochtaí nialasacha a éascú; [Leasú 19]

(20)  Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go rialta faoi thorthaí na seiceálacha ar chomhlíonadh arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát, maidir le cur in úsáid agus úsáid uirlisí forfheidhmiúcháin agus córas faireacháin, go háirithe i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar na tionchair oibríochtúla, sábháilteachta agus chomhshaoil a bhaineann le húsáid feithiclí níos troime agus/nó níos faide, lena n‑áirítear cónaisc mhodúlacha feithiclí. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis sin, arna soláthar ag na Ballstáit, ar a chumas don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar chomhlíonadh Threoir 96/53/CE. Chun gur fusa do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus chun aonfhoirmeacht agus inchomparáideacht sonraí a áirithiú, lena gcumasófar faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán Threoir 96/53/CE, is inmhianaithe go mbunódh an Coimisiún formáid tuairiscithe soláimhsithe aonfhoirmeach.

(21)  Chun gur féidir leis an earnáil iompair de bhóthar freagairt thapa a thabhairt ar aon ghéarchéim, amhail tubaistí nádúrtha, paindéimí, coinbhleachtaí míleata nó clistí sa bhonneagar, is gá clásal éigeandála a thabhairt isteach i dTreoir 96/53/CE, lena gcumasaítear cúrsaíocht shealadach feithiclí tromshaothair ar mó iad ná na meáchain agus/nó na toisí ceadaithe uasta, chun soláthar leanúnach na n‑earraí agus na seirbhísí riachtanacha a áirithiú. Níor cheart an clásal eisceachtúil den sórt sin a chur i bhfeidhm ach amháin nuair is gá sin ar mhaithe arle leas an phobail, agus ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr sin agus níor cheart a athnuachan féideartha a bheith coinníollach ar mharthanacht na géarchéime. [Leasú 20]

(22)  Maidir leis na córais faireacháin atá le bunú ag na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar thionchair EMS agus trialacha, chun a áirithiú go comhlíonfaidh na córais sin na híoscheanglais chomhchuibhithe ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Treoir 96/53/CE a fhorlíonadh i ndáil leis na tacair íosta sonraí agus/nó táscairí feidhmíochta atá le soláthar ag na córais faireacháin sin a chinneadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(23)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirm iarratais chaighdeánach chomhchoiteann de chuid an Aontais a bhunú agus na rialacha agus na nósanna imeachta a chomhchuibhiú maidir le ceadanna náisiúnta nó socruithe comhchosúla a eisiúint d’fheithiclí nó do chónaisc feithiclí a sháraíonn na meáchain agus/nó na toisí uasta agus lena mbeartaítear ualaí doroinnte a iompar, chun formáid chaighdeánach tuairiscithe a bhunú do na Ballstáit ar mhaithe lena n‑oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, agus chun eisceachtaí sealadacha a bhunú ó chur i bhfeidhm na dteorainneacha meáchain agus toisí a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta idir na Ballstáit a ndéanann géarchéim difear dóibh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13). [Leasú 21]

(23a)   Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na Treorach seo agus chun an dul chun cinn i dtaobh a cuspóirí sonracha a thomhas, tá sé tábhachtach meastóireacht rialta a dhéanamh ar a cur chun feidhme agus ar a tionchar. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuarascálacha measúnaithe rialta a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, bunaithe ar na coinníollacha cumasúcháin maidir le glacadh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha sa mhargadh, amhail infhaighteacht agus acmhainneacht an bhonneagair breoslaí malartacha iomchuí, tionchar an chórais Eorpaigh ar iompar de bhóthar chomh maith le muirir ar úsáideoirí bóthair arna ndifreáil de réir astaíochtaí CO2 sna Ballstáit. Ba cheart faisnéis mhionsonraithe a bheith sna tuarascálacha sin maidir leis na coinníollacha cumasúcháin sin, agus maidir le forbairt an iompair de bhóthar náisiúnta agus idirnáisiúnta, an tionchar ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar bhonneagar bóthair, aistriú módúil, úsáid córas forfheidhmithe cliste, agus an dul chun cinn teicneolaíoch maidir le hiompar de bhóthar. Ina theannta sin, ba cheart breithniú a dhéanamh sna tuarascálacha ar inscálaitheacht na mbeart i gcomhréir le spriocanna fadtéarmacha na Treorach. Ar bhonn na dtorthaí sna measúnaithe sin, ba cheart go mbeadh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil chun an Treoir agus na hoibleagáidí a shuitear inti a leasú. [Leasú 22]

(24)  Agus an iliomad leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/53/CE á gcur san áireamh, ar leasuithe iad a bhaineann leis an ngá atá le dreasachtaí breise a chur ar fáil chun feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid, an gá atá le meáchan uasta mótarfheithiclí 5 acastóir a chomhchuibhiú agus an gá atá le hiompar idirmhódúil a chur chun cinn, is iomchuí, ar mhaithe le soiléireacht, an iarscríbhinn sin a ionadú.

(25)  Chun an fhaisnéis a iarrtar faoi Threoir 96/53/CE a chur le raon feidhme Rialachán (AE) 2020/1056, is gá an Rialachán sin a leasú.

(26)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, is iad sin sábháilteacht ar bhóithre a áirithiú, oibríochtaí iompair inbhuanaithe agus éifeachtúla a chothú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn, ach, de bharr chineál trasteorann an iompair de bhóthar agus na bhfadhbanna a mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu leis an Treoir seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(27)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(14), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(28)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 96/53/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 96/53/CE

Leasaítear Treoir 96/53/CE mar a leanas:

(1)  Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

‘(a) toisí mótarfheithiclí i gcatagóirí M2 agus M3 agus a gcuid leantóirí i gcatagóir O, agus mótarfheithiclí i gcatagóirí N2 agus N3 agus a gcuid leantóirí i gcatagóirí O3 agus O4, catagóirí a aicmítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;;’

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. Na luachanna meáchain ar fad a shonraítear in Iarscríbhinn I, is caighdeáin chúrsaíochta bhailí atá iontu agus dá bhrí sin is do choinníollacha lastála a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, a thagraíonn siad, seachas do choinníollacha táirgeachta.’;

_______

* Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

** Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).;’

"

(2)  leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)  sa dara fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘leantóir’:"

‘— ciallóidh ‘leantóir’ feithicil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(17) de Rialachán (AE) 2018/858,;’

"

(b)  sa tríú fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘leathleantóir’:"

‘— ciallóidh ‘leathleantóir’ feithicil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(33) de Rialachán (AE) 2018/858,;’

"

(c)  cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh an tsainmhínithe ar ‘cónasc feithiclí’:"

‘— ciallóidh‘Córas Modúlach Eorpach’ mótarfheithicil nó cónasc feithiclí atá cúpláilte le leantóir nó leath‑leantóir amháin nó níos mó i gcás inar faide an cónasc iomlán ná an t‑uasfhad údaraithe agus ina bhféadfaidh gur mó é ná na meáchain údaraithe uasta a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus i gcás nach mó an mhótarfheithicil aonair, an leantóir/na leantóirí aonair agus an leathleantóir/na leathleantóirí aonair ná na meáchain ná na toisí a leagtar síos in Iarscríbhinn I,;’

"

(d)  cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh an tsainmhínithe ar ‘feithicil chóirithe’:"

‘— ciallaíonn ‘iompróir feithicle’ cónasc feithiclí atá tógtha nó oiriúnaithe go buan chun feithicil nó feithiclí eile a iompar,;’

"

(e)  sa cheathrú fleasc déag, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘feithicil breosla mhalartaigh’:"

‘— ciallóidh ‘feithicil breosla mhalartaighionadúil’ mótarfheithicil a chumhachtaítear go hiomlán nó go páirteach le breosla malartach agus a formheasadh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/858,;’ [Leasú 23]

"

(f)  sa chúigiú fleasc déag, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘oibríocht iompair idirmhódúil’, pointe (a):"

‘(a) na hoibríochtaí iompair chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 1 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle*; nó’;

________

* Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).;’

"

(g)  cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh an tsainmhínithe ar ‘seoltóir’:"

“— ciallóidh ‘Ardán eFTI’ ardán faisnéise um iompar lastais arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*,’;

________

* Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33).;”

"

(h)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

‘Déanfar na toisí údaraithe uasta uile a shonraítear in Iarscríbhinn I a sheiceáil i gcomparáid leis na luachanna fógartha comhfhreagracha don fheithicil shonrach sa doiciméad faisnéise a ghabhann le Cineálcheadú Feithicle Iomláine AE, arna dhréachtú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún*, gan aon lamháltas deimhneach.’;

________

* Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).;’

"

(3)  leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an pointe (c) seo a leanas léi:"

‘(c) feithiclí nó cónaisc feithiclí le haghaidh iompar idirnáisiúnta earraí nó paisinéirí nach bhfuil i gcomhréir leis na hairíonna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.;’

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:"

“3. Feithiclí nó cónaisc feithiclí a sháraíonn na meáchain agus/nó na toisí uasta, ní fhéadfar ceadú dóibh a bheith i gcúrsaíocht ach amháin ar bhonn ceadanna speisialta a eisíonn na húdaráis inniúla, nó ar bhonn socruithe comhchosúla a chomhaontaítear de réir an cháis leis na húdaráis sin, i gcás ina n‑iompróidh na feithiclí nó na cónaisc feithiclí sin ualaí doroinnte nó ina mbeidh siad in ainm is ualaí doroinnte a iompar.

Maidir leis an nós imeachta i dtaca le ceadanna nó socruithe comhchosúla a fháil chun ualaí doroinnte a iompar, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé rianúil, éifeachtúil agus neamh‑idirdhealaitheach, trí fhoirm iarratais chaighdeánach choiteann de chuid an Aontais a sholáthar agus trí ualaí riaracháin a íoslaghdú agus moilleanna neamhriachtanacha a sheachaint.

Maidir leis na coinníollacha faoina n‑eiseofar na ceadanna nó na socruithe comhchosúla a bhaineann le hiompar ualaí doroinnte, ráthóidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach. Go háirithe, eiseoidh na Ballstáit na ceadanna nó socruithe comhchosúla i bhformáid leictreonach agus oibreoidh siad i gcomhair le chéile chun na spriocdhátaí eisiúna ceadanna a chomhchuibhiú tuilleadh. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile freisin chun an iliomad marcanna agus comharthaíochta feithicle a sheachaint, agus chun tús áite a thabhairt d’úsáid picteagram in ionad théacstéacs. Thairis sin, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha ábhartha maidir le hiompar ualaí doroinnte a thionlacan, amhail maidir leis an úsáid fhorordaithe, marcálacha agus comharthaí d’fheithiclí tionlacain. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit ceanglais teanga a bhaineann le hiompartiománaithe d’iompar ualaí doroinnte.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh lipéad an Aontais, atá leagtha amach in Airteagal 10ca, ar taispeáint ar na feithiclí a iompraíonn ualaí doroinnte. [Leasú 24]

4.  Feithiclí nó cónaisc feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompair agus lena ndéantar oibríochtaí iompair náisiúnta nó idirnáisiúnta áirithe nach ndéanann difear suntasach don iomaíocht idirnáisiúnta san earnáil iompair, agus ar feithiclí nó cónaisc iad lena ngabhann meáchain nó toisí a imíonn ó na meáchain nó toisí sin a leagtar síos i bpointí 1.1, 1.2, 1.3, 1.4 go 1.8, 2, 4,1, 4.2 agus 4.4 d’Iarscríbhinn I, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na feithiclí agus na cónaisc sin a bheith i gcúrsaíocht ar a gcríoch.

Measfar nach ndéanann oibríochtaí iompair difear suntasach don iomaíocht idirnáisiúnta san earnáil iompair má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) na cúinsí atá i gceist agus na hoibríochtaí iompair á ndéanamh ar chríoch Ballstáit ag sainfheithiclí nó ag sainchónaisc feithiclí, ní cúinsí iad ina mbíonn na hoibríochtaí céanna á ndéanamh ag feithiclí ó Bhallstáit eile de ghnáth, e.g. oibríochtaí a bhaineann leis an lománaíocht agus leis an tionscal foraoiseachta;
   (b) feithiclí nó cónaisc feithiclí lena ngabhann toisí a imíonn ó na toisí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, an Ballstát a cheadaíonn go ndéanfaí oibríochtaí iompair ar a chríoch le feithiclí nó cónaisc dá leithéid, ceadaíonn sé freisin cúrsaíocht na gCóras Modúlach Eorpach de bhun mhír 4a, ionas go mbainfear amach an fad lastála atá údaraithe sa Bhallstát sin ar a laghad, agus dá bhrí sin go mbeidh comhchoinníollacha iomaíochta ann le haghaidh gach oibreora.” [Leasú 25]

"

(c)  cuirtear an mhír 4a seo a leanas isteach:"

‘4a. Féadfaidh na Ballstáit cúrsaíocht na gCóras Modúlach Eorpach ar a gcríocha a cheadú i dtrácht náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi réir na gcoinníollacha uile a leanas:

   (-a) Le haghaidh bealaí EMS nua, déanfaidh na Ballstáit measúnú roimh ré ar thionchar féideartha na gCóras Modúlach Eorpach ar an tsábháilteacht ar bhóithre, ar an mbonneagar bóthair, ar an gcomhar módúil, agus ar thionchair chomhshaoil na gCóras Modúlach Eorpach ar an gcóras iompair, lena n-áirítear na tionchair ar an gcion módúil. Cuirfear an measúnú ar fáil go poiblí. Ballstáit a bhfuil bealaí EMS bunaithe acu cheana féin ina gcríoch ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ní cheanglaítear orthu measúnú a dhéanamh roimh ré maidir leis na bealaí sin atá bunaithe cheana féin;
   (a) cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí, ar bhealach inrochtana agus trédhearcach, an fhaisnéis a bhaineann leis na meáchain agus na toisí uasta is infheidhme maidir le cúrsaíocht na gCóras Modúlach Eorpach ar a gcríocha;
   (b) cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí, ar bhealach inrochtana agus trédhearcach, an fhaisnéis a bhaineann leis an gcuid sin den ghréasán bóithre ar ar féidir le Córais Mhodúlacha Eorpacha cúrsaíocht a dhéanamh;
   (c) áiritheoidh na Ballstáit nascacht na coda sin den ghréasán ar ar féidir le Córais Mhodúlacha Eorpacha cúrsaíocht a dhéanamh ar a gcríocha le gréasán bóithre na mBallstát comharsanachta a cheadaíonn cúrsaíocht na gCóras Modúlach Eorpach freisin, chun trácht trasteorann a chumasú;
   (d) socróidhbunóidh na Ballstáit córas faireacháin agus déanfaidh siad measúnú ar thionchar na gCóras Modúlach Eorpach ar shábháilteachtan tsábháilteacht ar bhóithre, ar an mbonneagar bóithre, ar chomhar módachbóthair, ar an gcomhar módúil, ar mhéideanna tráchta, agus ar thionchair chomhshaoil na gCóras Modúlach Eorpach ar an gcóras iompair, lena n‑áirítear na tionchair ar an gcion módach.módúil, agus an measúnú a rinneadh roimh ré faoi phointe (-a) á chur san áireamh;
   (da) áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta iomchuí chun aon tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar an tsábháilteacht ar bhóithre a sheachaint, lena n-áirítear sábháilteacht úsáideoirí soghonta bóithre, mar thoradh ar úsáid na gCóras Modúlach Eorpach.

Féadfaidh na Ballstáit íoscheanglais nó scéim deimhniúcháin a bhunú do thiománaithe na gCóras Modúlach Eorpach, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad comhréireacht agus neamh-idirdhealú. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe a chéile.

Aon uair a cheadóidh Ballstát, de bhun na míre seo, cúrsaíocht na gCóras Modúlach Eorpach sa trácht náisiúnta, ní fhéadfaidh sé cúrsaíocht na gCóras Modúlach Eorpach sa trácht idirnáisiúnta a dhiúltú ná a thoirmeasc ar a chríoch, ar choinníoll nach sáraíonn na córais sin na meáchain agus na toisí uasta a shocraítear do na Córais Mhodúlacha Eorpacha sa trácht náisiúnta.

CuirfidhTabharfaidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolasfógra don Choimisiún i gcás ina gceadaíonn siad cúrsaíocht na gCóras Modúlach Eorpach ar a gcríocha agus cuirfidh siad ar an eolas é faoin mbealach a gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (-a) go (da) den mhír seo.; Tar éis na bhfógraí sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, moltaí a eisiúint chuig na Ballstáit sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin. I gcás ina n-eiseoidh an Coimisiún moltaí, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas, laistigh de 6 mhí, faoin gcaoi a bhfuil sé i gceist aige na moltaí sin a chur chun feidhme. Cuirfear moltaí an Choimisiúin agus freagraí ón mBallstát ar fáil go poiblí.[Leasú 26]

"

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

‘5. Féadfaidh na Ballstáit trialacha ar fheithiclí nó ar chónaisc feithiclí a cheadú ar feadh tréimhse theoranta ama, trialacha ina n‑ionchorpraítear teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua nach féidir leo ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh. Ceadófar d’fheithiclí nó do chónaiscNí cheadófar do na feithiclí den sórtnó na cónaisc feithiclí sin oibríochtaí iompair náisiúnta nó idirnáisiúnta áirithe a dhéanamh don tréimhse thrialach ach amháin tar éis a thaispeáint nach féidir na gníomhaíochtaí iompair spriocdhírithe a sheoladh le haon chineál eile iompair a chuireann tairbhí sábháilteachta agus comhshaoil comhchosúla nó níos fearr ar fáil. Ní mór a chruthú nach bhfuil tionchar suntasach aige sin ar an iomaíocht idirmhódúil sa tionscal iompair ina iomláine. Go háirithe, ceadófar trialacha le Córais Mhodúlacha Eorpacha ar feadh uastréimhse 5 bliana agus féadfar iad a athnuachan uair amháin ar feadh uastréimhse 3 bliana. Má chinneann Ballstát triail a athnuachan, tabharfaidh sé údar leordhóthanach don Choimisiún. Ní bheidh teorainn le líon na dtrialacha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. [Leasú 27]

Socróidh na Ballstáit córas faireacháin agus déanfaidh siad measúnú ar thionchar na dtrialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar shábháilteacht ar bhóithre, ar an mbonneagar bóithre agus ar chomhar módach, chomh maith leis na tionchair chomhshaoil ar an gcóras iompair, lena n‑áirítear na tionchair ar an gcion módach.;’

"

(e)  cuirtear an mhír 5a seo a leanas isteach:"

‘5a. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10h chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na tacair íosta sonraí agus na táscairí feidhmíochta atá le soláthar ag na measúnuithe arna ndéanamh roimh ré agus ag na córais faireacháin arna mbunú ag na Ballstáit dá dtagraítear i mír 4a, pointe (d)pointí (-a) agus (d), agus mír 5 den Airteagal seo, a chinneadh.;’ [Leasú 28]

"

(f)  scriostar mír 7;

(4)  cuirtear isteach na hAirteagail 4a agus 4b seo a leanas:"

‘Airteagal 4a

1.  Déanfaidh na Ballstáit córas leictreonach faisnéise agus cumarsáide a bhunú agus a bhainistiú ag a mbeidh na feidhmeanna ‘ionaid ilfhreastail’ seo a leanas ar a laghad:

   (a) pointe iontrála náisiúnta aonair trína gcuirfidh an t‑iarratasóir isteach a iarratas ar an gcead speisialta nó ar shocrú comhchosúil mar a leagtar síos in Airteagal 4(3) i bhformáid chaighdeánaithe;
   (b) pointe rochtana náisiúnta aonair le haghaidh na n‑iarratasóirí chun an fhaisnéis a fháil maidir leis na ceanglais chun iarratas a dhéanamh ar cheadanna speisialta nó ar shocruithe comhchosúla a leagtar síos in Airteagal 4(3) agus maidir leis an bhfaisnéis is gá chun a mbealaí a phleanáil ar bhealach soiléir, inrochtana agus trédhearcach;
   (c) pointe rochtana náisiúnta aonair le haghaidh oibreoirí na gCóras Modúlach Eorpach ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(4a), pointí (a) agus (b), i gcás inarb ábhartha.
   (ca) pointe rochtana náisiúnta aonair chun faisnéis a fháil, ar bhealach soiléir, inrochtana agus trédhearcach, maidir le meáchain agus toisí náisiúnta údaraithe uasta feithiclí, chomh maith le haon srian, lena n-áirítear ar airde, i limistéir sonraithe nó ar bhóithre sonracha. [Leasú 29]

1a.   Faoin [6 mhí tar éis dháta thrasuí na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún tairseach gréasáin Eorpach thiomnaithe atá cothrom le dáta a bhunú agus a bhainistiú ina dhiaidh sin, a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, lena nascfar, ar bhealach soiléir, inrochtana agus trédhearcach, na córais náisiúnta leictreonacha agus cumarsáide, dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an tairseach Eorpach sin ar fáil go poiblí freisin, ar bhealach inrochtana agus trédhearcach, na codanna den ghréasán bóithre ar ar féidir le Córais Mhodúlacha Eorpacha, agus, i gcás ina mbeidh rochtain orthu, feithiclí a iompraíonn ualaí doroinnte, a bheith i gcúrsaíocht. [Leasú 30]

2.  FéadfaidhDéanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar foirm iarratais chaighdeánach choiteann de chuid an Aontais i gcomhair ceadanna agus lena gcomhchuibheofar na rialacha agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear maidir leis an bhfaisnéis is gá maidir le clárú feithiclí, maidir le ceadanna náisiúnta nó socruithe comhchosúla, lena n-áirítear formáid dhigiteach díobh, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 4(3) a eisiúint, chomh maith leis na rialacha ábhartha maidir le tionlacan d’iompar ualaí doroinnte a chomhchuibhiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10i(2). [Leasú 31]

‘Airteagal 4b

1.  Aon uair a cheadóidh Ballstát, de bhun Airteagal 4(2), pointe (a), cúrsaíocht cónasc feithiclí laistigh dá chríoch ar mó a meáchan uasta ná na teorainneacha a leagtar amach i bpointí 2.2.1 nó 2.2.2 d’Iarscríbhinn I, ní fhéadfaidh sé úsáid na gcónasc feithiclí sin sa trácht idirnáisiúnta a dhiúltú ná a thoirmeasc ar a chríoch, ar chónaisc iad a chomhlíonann na luachanna meáchain a shocraítear d’iompar náisiúnta earraí, ar choinníoll nach mó ná 44 thona meáchan údaraithe uasta na gcónasc feithiclí sin.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfar an teorainn mheáchain 44 thona a leagtar amach i mír 1 a shárú i gcás ina gceadaíonn an Ballstát luachanna meáchain níos airde do na cónaisc feithiclí sin nuair a bhíonn baint acu le hoibríocht iompair idirmhódúil.

3.  I bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar ghlacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha, beidh feidhm ag an Airteagal seo go dtí an 31 Nollaig 2034.;’

"

(5)  leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"

‘1. Na feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus a chomhlíonann an Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ceann de na cruthúnais seo a leanas ar iompar acu:

   (a) cónasc den dá phláta seo a leanas:
   (i) ‘pláta reachtúil an mhonaróra’, é bunaithe agus ceangailte i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún*,
   (ii) an pláta a bhaineann le toisí, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo, agus an pláta sin bunaithe agus ceangailte i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535;
   (b) pláta aonair atá bunaithe agus ceangailte i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535, agus ar a bhfuil an fhaisnéis faoin dá phláta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo;
   (c) doiciméad aonair a d’eisigh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe nó ina bhfuil sí curtha i gcúrsaíocht. Is iad na ceannteidil chéanna agus an fhaisnéis chéanna a bheidh ar an doiciméad sin agus a bheidh ar na plátaí dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar an doiciméad sin a choinneáil in áit a mbeidh rochtain éasca air chun iniúchadh a dhéanamh air agus déanfar é a chosaint go leordhóthanach.’;

________

* Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n‑aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht (IO L 117, 6.4.2021, lch. 1).;’

"

(aa)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

4 Feithiclí a bhfuil cruthúnas ar chomhlíonadh ar iompar acu, beidh siad faoi réir na nithe seo a leanas:

   seiceálacha randamacha, a mhéid a bhaineann le comhchaighdeáin maidir le meáchain;
   seiceálacha sa chás ina bhfuil amhras ann nach bhfuil an Treoir seo á comhlíonadh, a mhéid a bhaineann le comhchaighdeáin maidir le toisí.”[Leasú 32]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

“5. Sa cholún láir den chruthúnas ar chomhlíonadh a bhaineann le meáchain, i gcás inarb iomchuí, beidh caighdeáin an Aontais maidir le meáchain is infheidhme maidir leis an bhfeithicil atá i gceist.;”

"

(c)  cuirtear an mhír 7 seo a leanas isteach:"

‘7. Chun go gcáileoidh oibríocht iompair mar oibríocht iompair idirmhódúil chun críoch na treorach seo, áiritheoidh an seoltóir nó, murab ionann é agus an seoltóir, an gnóthas a eagraíonn an oibríocht iompair idirmhódúil, go ndéanfar na doiciméid dá dtagraítear faoi Airteagail 3 agus 7 de Threoir 92/106/CE, de réir mar is iomchuí, a thaifeadadh agus a chur ar fáil ar ardán eFTI i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1056. Beidh rochtain ag údaráis inniúla ar fhaisnéis den sórt sin, ar an ardán eFTI céanna inar taifeadadh an fhaisnéis iompair, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1056.’

"

(6)  leasaítear Airteagal 8b mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:"

‘1. D’fhonn a n‑éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, feithiclí nó cónaisc feithiclí ar ar feistíodh gairis aeraidinimiciúla a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 agus a chomhlíonann Rialachán (AE) 2018/858, féadfaidh na feithiclí agus na cónaisc sin na faid uasta dá bhforáiltear i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a shárú ionas go mbeifear in ann gairis mar sin a chur ar chúl feithiclí nó cónasc feithiclí. Comhlíonfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí ar ar feistíodh na gairis sin pointe 1.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus ní thiocfaidh méadú ar fhad lastála na bhfeithiclí sin ná ar fhad lastála na gcónasc feithiclí sin mar thoradh ar aon sárú ar na faid uasta.

2.  Sula gcuirfear na gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, déanfar iad a chineálcheadú i gcomhréir leis na rialacha maidir le cineálcheadú faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/858 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535.;’

"

(b)  scriostar mír 5;

(7)  cuirtear isteach an t-Airteagal 8c seo a leanas:"

‘Airteagal 8c

Féadfaidh iompróirí feithiclí a bhfuil cabhlacha oscailte acu na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a shárú agus iad lastáilte, suas le 20,75 méadar san iomlán, agus úsáid á baint as tacaí ualaithe údaraithe, amhail tacaí ualaithe cúil insínte.

Ní féidir le starradh nó taca ualaithe na n‑iompróirí feithiclí gobadh amach i ndáil leis an ualach starrtha. Féadfaidh an t‑ualach gobadh amach suas le 0,5 méadar ar a mhéad os comhair na feithicle tarraingthe, ar choinníoll go luíonn céad acastóiracastóirí uile na feithicle iompair ar struchtúr an leantórana feithicle. Féadfaidh an t‑ualach gobadh amach suas le 1,5 méadar ar a mhéad ar chúl na feithicle, ar choinníoll go luíonn acastóir deiridh na feithicleamháin ar a mhéad den fheithicil iompair ar struchtúr an leantóraan taca ualaithe cúil.;’ [Leasú 33]

"

(8)  leasaítear Airteagal 9a mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:"

‘1. Feithiclí nó cónaisc feithiclí a chomhlíonann Rialachán (AE) 2018/858, féadfaidh siad na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a shárú ar choinníoll go mbeidh feidhmíocht aeraidinimiciúil, éifeachtúlacht fuinnimh agus, feidhmíocht sábháilteachta agus compord tiománaí níos fearr ag baint lena gcábáin. Féadfar aon bhreis faid sna faid uasta a cheadaítear faoin Airteagal seo a úsáid freisin chun teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a shuiteáil. Comhlíonfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí ar ar feistíodh na cábáin sin pointe 1.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoir seo agus ní thiocfaidh méadú ar phá-lasta na bhfeithiclí sin mar thoradh ar aon sárú ar na faid uasta. [Leasú 34]

2.  Sula gcuirfear na feithiclí dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, déanfar iad a cheadú i gcomhréir leis na rialacha maidir le cineálcheadú faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2018/858 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535.;’

"

(b)  scriostar mír 3;

(9)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10b:"

‘Airteagal 10b

1.  Is iad meáchain agus meáchain acastóra údaraithe uasta na bhfeithiclí breosla mhalartaigh nó na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha iad sin a leagtar amach i bpointí 2.2., 2.3, 2.4, 3.4.2 agus 3.4.3 d’Iarscríbhinn I.

Is ar bhonn na doiciméadachta arna soláthar ag an monaróir tráth a fhormheasfar an fheithicil lena mbaineann a shaineofar an meáchan breise a bhfuil gá leis ag feithiclí breosla mhalartaigh seachas feithiclí astaíochtaí nialasacha. Léireofar an meáchan breise sin sa chruthúnas oifigiúil atá ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 6.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10h chun an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an liosta de bhreoslaí malartacha dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil gá le meáchan breise acu a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go leanfaidh an Coimisiún dá ghnáthchleachtas agus go rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe, lena n‑áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

2.  Na faid uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha nó cónaisc feithiclí lena n‑áirítear feithiclí astaíochtaí nialasacha, féadfar iad a shárú leis an bhfad breise is gá chun freastal ar an teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha, le huasmhéid 90 cm, chun gur féidir na gairis den sórt sin a chur leo. Comhlíonfaidh feithiclí nó cónaisc feithiclí astaíochtaí nialasacha den sórt sin pointí 1.5 agus 1.5a d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus ní thiocfaidh méadú ar fhad lastála na bhfeithiclí nó na gcónasc feithiclí sin mar thoradh ar aon sárú ar na faid uasta, chun comhoiriúnacht leantóirí agus leathleantóirí leis na ceanglais le haghaidh oibríochtaí iompair idirmhódúla a áirithiú. [Leasú 35]

Is ar bhonn na doiciméadachta arna soláthar ag an monaróir tráth a fhormheasfar an fheithicil lena mbaineann a shaineofar an fad breise a bhfuil gá leis ag feithiclí astaíochtaí nialasacha. Léireofar an fad breise sin sa chruthúnas oifigiúil atá ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 6..’

"

(10)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10c:"

‘Airteagal 10c

Na faidI gcás feithiclí nó cónaisc feithiclí atá ag gabháil d’oibríocht iompair idirmhódúil, is é 18.00 m a bheidh san fhad uasta a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I, faid atá d’fheithicil altach, faoi réir, más infheidhme, Airteagal 9a(1) agus Airteagal 10b(2), nuair is infheidhme, agus an t‑achar10b(2) agus 13.50 m a bheidh san fhad uasta a leagtar síos i bpointe 1.6 d’Iarscríbhinn I, féadfar sárú 15 cm a dhéanamh orthu i gcás feithiclí nó cónaisc feithiclí a bhíonn ag gabháil d’iompar coimeádán 45 troithe nó cabhlach soghluaiste 45 troithe, bídís folamh nó lastáilte, ar choinníoll gur cuid d’oibríocht iompair idirmhódúil é iompar de bhóthar an choimeádáin nó an chabhlaigh shoghluaiste atá i gceist.;’ [Leasú 36]

"

(10a)   cuirtear isteach Airteagal 10ca mar a leanas:"

Airteagal 10ca

1.   Chun an tsábháilteacht ar bhóithre a mhéadú agus chun iolracht na marcálacha feithiclí agus na comharthaíochta a sheachaint, bunófar leis seo lipéad aonair de chuid an Aontais d’fhad mótarfheithiclí nó cónasc feithiclí atá i gcúrsaíocht a úsáidtear in oibríochtaí EMS nó a bhfuil toisí aige a imíonn ó na toisí a leagtar síos i bpointí 1.1, 1.2, 1.4 go 1.8, 4.2 agus 4.4 d’Iarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh gach mótarfheithicil nó cónasc feithiclí dá dtagraítear i mír1 an lipéad sin de chuid an Aontais a chur ar taispeáint go soiléir agus go feiceálach ar chúl na mótarfheithicle nó an chónaisc feithiclí.

3.   Faoin [1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10h chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin, ceanglais agus forálacha eile mionsonraithe a leagan amach do na lipéid maidir lena n-eisiúint agus lena dtaispeáint, lena dtabharfar tús áite d’úsáid picteagram thar théacs.[Leasú 37]

"

(11)  leasaítear Airteagal 10d mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:"

“1. Feithiclí nó cónaisc feithiclí atá i gcúrsaíocht ar dócha go bhfuila théann thar an meáchan údaraithe uasta sáraithe acu agus ba cheart dá bhrí sin d’údaráis inniúla na mBallstát iad a sheiceáil chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú, lena n-áirítear comhlíonadh cheanglais na gceadanna speisialta, déanfaidh na Ballstáit bearta sonracha chun na feithiclí nó na cónaisc feithiclí sin a shainaithint. Féadfarbhrath. Áireofar ar na bearta sin a dhéanamh le cúnamh córas uathoibríoch a shocrófaícórais uathoibríocha arna mbunú ar an mbonneagar bóithre, nó trí bhíthin trealamh meáite ar bord a shuiteálfaí ar fheithiclí a bhunú lena n-áiritheofar imscaradh ar a laghad i gcomhréir le mír 4Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013*. Bunóidh na Ballstáit córais uathoibríocha dheimhnithe feadh an chroíghréasáin sa ghréasán tras-Eorpach iompair de bhóthar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

I gcás ina roghnóidh BallstátChomh maith le córais uathoibríocha a chur ar bunúsáid atá bunaithe ar an mbonneagar bóithre, áiritheoidh sé ar a laghad go n‑úsáidfear na córais sin ar an ngréasán tras‑Eorpach iompair de bhóthar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013*féadfaidh na Ballstáit feithiclí nó cónaisc feithiclí atá i gcúrsaíocht a shainaithint ar dócha gur sháraigh siad na meáchain údaraithe uasta trí bhíthin trealamh meáite ar bord a shuiteáiltear i bhfeithiclí i gcomhréir le mír 4 nó trí bhithín seiceálacha cois bóthair.

Ní cheanglóidh Ballstát trealamh meáite ar bord a shuiteáil ar fheithiclí ná ar chónaisc feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile.

Gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta, i gcás ina n‑úsáidfear córais uathoibríocha chun a shuí gur sáraíodh an Treoir seo agus chun pionóis a fhorchur, deimhneofarféadfaidh na Ballstáit na córais uathoibríocha sin. I gcás nach n‑úsáidfeardheimhnithe a úsáid chun pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Treoir seo. Beidh córais uathoibríocha ach chun críoch aitheantais, ní gá iad a dheimhniúdheimhnithe nasctha leis an bpointe iontrála náisiúnta aonair do cheadanna speisialta nó do shocrú comhchosúil a leagtar amach in Airteagal 4a chun go mbeifear in ann feithiclí nó cónaisc feithiclí a sháraíonn na meáchain údaraithe uasta agus a bhfuil cead speisialta acu a shainaithint, chomh maith leo siúd a sháraíonn na meáchain údaraithe a cheadaítear faoin gcead speisialta. [Leasú 38]

2.  Gach bliain féilire, déanfaidh gach Ballstát sé sheiceáil ar a laghad in aghaidh an mhilliúin ciliméadar feithicle arna dtaisteal ag feithiclí nó cónaisc feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar ar a chríoch agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo ar mheáchain na bhfeithiclí nó na gcónasc feithiclí sin, gan beann ar thír chlárúcháin na bhfeithiclí sin nó ar an tír inar cuireadh na feithiclí sin i gcúrsaíocht. Áireofar sna seiceálacha comhlíontachta líon iomchuí seiceálacha a dhéanfar san oíche.’;

________

* Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).”

"

(b)  in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe lena n-áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme na rialacha maidir le hidir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht a leagtar amach i mír 4.’;”

"

(12)  cuirtear isteach an t-Airteagal 10da seo a leanas:"

‘Airteagal 10da

1.  Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna Beartais Rochtana Cliste (IAP) a chur chun feidhme laistigh dá gcríocha chun rochtain na bhfeithiclí tromshaothair ar bhóithre nó ar limistéir shonracha a rialáil, faireachán a dhéanamh uirthi agus an rochtain sin a éascú.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh ‘beartas rochtana cliste’ creat teicniúil agus feidhmiúil chun an rochtain atá ag feithiclí tromshaothair ar an ngréasán bóithre a bhainistiú, trí theileamaitic a úsáid, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha is infheidhme maidir le meáchain agus toisí.

2.  Nuair a chuirfidh Ballstát IAP chun feidhme de bhun mhír 1, Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh a scéimeanna IAP Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí a bhaineann leis an scéim IAP agus a thagann faoi raon feidhme Threoir 2010/40/AE, lena n‑áirítear srianta ar mheáchan, ar fhad, ar leithead nó ar airde, ar fáil i bhformáid dhigiteach atá inléite ag meaisín agus go mbeidh rochtain orthu trí na Pointí Rochtana Náisiúnta a bhunaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670**. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh scéim IAP nasctha leis an bpointe iontrála náisiúnta aonair le haghaidh ceadanna speisialta nó socrú comhchosúil a leagtar amach in Airteagal 4a chun go mbeifear in ann feithiclí nó cónaisc feithiclí a sháraíonn na meáchain agus/nó na toisí údaraithe uasta agus a bhfuil cead speisialta acu a shainaithint.

3.  Nuair a chuirfidh BallstátAgus scéimeanna IAP á gcur chun feidhme de bhun mhír 1, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

   (a) na critéir maidir le rochtain a dheonú d’fheithiclí tromshaothair a shainiú, lena n‑áirítear meáchan feithiclí, fad feithiclí, airde feithiclí, sonraíochtaí teicniúla agus comhlíonadh caighdeán sábháilteachta sonrach, ach gan a bheith teoranta dóibh;
   (b) tús áite a thabhairt d’úsáid ardchóras cliste iompair chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun brú tráchta a laghdú in oibríochtaí iompair de bhóthar a ndéanann scéimeanna IAP difear dóibh;
   (c) córas cuimsitheach faisnéise agus cumarsáide a bhunú chun oibreoirí feithiclí tromshaothair a chur ar an eolas faoi cheanglais na scéime IAP, nósanna imeachta iarratais, agus aon nuashonrú nó athrú ar an scéim;
   (ca) srianta idirdhealaitheacha nó díréireacha ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus bac míchuí ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh, a sheachaint.

4.   Ní bheidh bunú scéimeanna IAP ag Ballstát ina chúis le srianta idirdhealaitheacha nó díréireacha ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus ní chuirfidh sé bac míchuí ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. [Leasú 39]

________

* Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir leis an gcreat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).

** Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama uile-AE a sholáthar (IO L 122, 25.4.2022, lch. 1).;’

"

(12a)   Cuirtear an mhír nua seo a leanas le hAirteagal 10e:"

Moltar do na Ballstáit an t-ioncam a ghintear ó na pionóis sin, nó an choibhéis i luach airgeadais na n-ioncam sin a úsáid, chun glacadh margaidh modhanna iompair inbhuanaithe a fhorbairt agus chun tacú leis, chun a bhonneagar agus córais forfheidhmithe cliste a mhaoiniú, chun oibríochtaí iompair idirmhódúla a spreagadh agus chun inbhuanaitheacht oibríochtaí iompair trasteorann a mhéadú.[Leasú 40]

"

(13)  in Airteagal 10f(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

‘(a) lena gceanglaítear ar an seoltóir ráiteas a thabhairt don tarlóir a gcuirfidh sé iompar coimeádáin nó cabhlaigh shogluaiste de chúram air, ar ráiteas é ina sonrófar meáchan agus airde an choimeádáin nó an chabhlaigh shogluaiste a bheidh ar iompar; agus;’

"

(14)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10g:"

‘Airteagal 10g

1.  Gach 2 bhliain, agus faoin 30 Meán Fómhair den bhliain a bheidh ann tar éis dheireadh na tréimhse 2 bhliain lena mbaineann ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

   (a) líon na seiceálacha a rinneadh le linn an 2 bhliain féilire roimhe sin;
   (b) líon na bhfeithiclí nó na gcónasc feithiclí ró‑ualaithe a braitheadh;
   (c) líon agus suíomh na gcóras uathoibríoch arna mbunú ar an mbonneagar bóithre de bhun Airteagal 10d(1), agus cibé acu chun críoch aitheantais amháin nó atá deimhnithe le haghaidh forfheidhmiú díreach atá siad; [Leasú 41]
   (d) cur chun feidhme agus éifeachtacht scéimeanna IAP arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10da;
   (e) líon na gceadanna náisiúnta arna n‑eisiúint d’iompar neamhghnách de bhun Airteagal 4(3) agus fad na gceadanna sin (ceadanna aonuaire nó ceadanna fadtéarmacha);
   (f) torthaí na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 4(4a), pointe (d), agus Airteagal 4(5).

Déanfar an fhaisnéis sin a imdhealú in aghaidh na bliana.

2.  Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1, agus, ar bhonn na faisnéise a fhaightear, moltaí a eisiúint do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí. I gcás ina n-eiseoidh an Coimisiún na moltaí sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas, laistigh de 6 mhí ó eisiúint na moltaí, faoin gcaoi a bhfuil sé i gceist aige na moltaí sin a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhmecomhlíonadh cheanglais na Treorach seo, tráth nach déanaí ná 1312 mhí tar éis dó an fhaisnéis a fháil ó na Ballstáit uile. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis maidir le forbairtí ábhartha sna réimsí atá i gceist. [Leasú 42]

3.  Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirm chaighdeánach tuairiscithe i bhformáid leictreonach a bheidh le húsáid ag na Ballstáit chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10i(2).;’

"

(15)  In Airteagal 10h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 5:"

‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(5a) agus, Airteagal 10b(1) agus Airteagal 10ca a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ó [Oifig na bhFoilseachán: cur isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.; [Leasú 43]

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5a), Airteagal 10b(1) agus Airteagal 10ca a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.’ [Leasú 44]

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(5a), Airteagal 10b(1) ná Airteagal 10ca i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’[Leasú 45]

"

(16)  in Airteagal 10i, cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:"

“4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) 182/2011.;”

"

(17)  scriostarcuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10j;:"

Airteagal 10j

Faoi 2027, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. Beidh measúnú mionsonraithe sa tuarascáil ar éabhlóid an iompair de bhóthar náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear saintréithe codanna áirithe den mhargadh agus tionchar na héabhlóide sin ar shábháilteacht ar bhóithre, ar bhonneagar bóithre, ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh iompair de bhóthar, ar iomaíochas na hearnála, ar nascacht, agus ar aistriú módúil. Féadfaidh gnéithe ón tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10g(2) a bheith ionchorpraithe sa tuarascáil. Go háirithe, sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún anailís i dtaobh an bhfuil na coinníollacha cumasúcháin is gá le haghaidh ghlacadh sa mhargadh d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha san Aontas á gcomhlíonadh go sásúil don dáta dá dtagraítear i mír 3 d’Airteagal 4b. Go háirithe, déanfar measúnú sa tuarascáil seo, i measc nithe eile, ar na coinníollacha cumasúcháin seo a leanas: líon na gcláruithe ar fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha sna Ballstáit, infhaighteacht agus acmhainneacht bonneagair iomchuí breoslaí ionadúla agus tionchar an chórais trádála astaíochtaí Eorpaigh ar iompar de bhóthar chomh maith le muirir ar úsáideoirí bóithre arna ndifreáil ag astaíochtaí CO2 sna Ballstáit. Ina theannta sin, déanfar measúnú san anailís sin ar na coinníollacha cumasúcháin maidir le glacadh sa mhargadh feithiclí astaíochtaí nialasacha nó cónaisc feithiclí de Chórais Mhodúlacha Eorpacha atá ag gabháil do thrácht idirnáisiúnta sna Ballstáit sin lenar féidir go mbeidh siad i gcúrsaíocht ina gcríocha.

Thairis sin, déanfar anailís sa tuarascáil ar an úsáid a bhaintear as scéimeanna den Bheartas Rochtana Cliste (IAP) maidir le forfheidhmiú, agus a n-infhaighteacht agus a gcostéifeachtúlacht á gcur san áireamh. Ina theannta sin, cuirfidh an tuarascáil eolas ar fáil maidir leis an dul chun cinn teicneolaíoch i réimse an iompair de bhóthar atá ábhartha, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua agus gairis aeraidinimiciúla, chomh maith le leantóirí nó leathleantóirí a bhfuil teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha acu.

Mar chuid den tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar éifeachtacht agus tionchar na Treorach seo, ar a mhéid atá cur chun feidhme na Treorach seo tar éis a cuspóirí a bhaint amach agus ar a hidirghníomhú agus a comhoiriúnacht le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais.

Ar bhonn na dtorthaí sna measúnaithe sin thuas, beidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil sin chun an Treoir seo a leasú.

"

(18)  cuirtear isteach an t-Airteagal 10k seo a leanas:"

‘Airteagal 10k

I gcás géarchéime, nuair is gá sin ar mhaithe le leas an phobail, agus ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá bharr sin, féadfaidh na Ballstáit eisceachtaí sealadacha a dheonú ó chur i bhfeidhm na dteorainneacha meáchain agus toisítoise a leagtar amach in Iarscríbhinn I le haghaidh feithiclí a úsáidtear sa trácht náisiúnta, ar feadh tréimhse nach faide ná 2 mhí. Ní fhéadfar an tréimhse sin a athnuachan ach amháin i gcás ina leanfaidh an ghéarchéim ar aghaidh. [Leasú 47]

Beidh réasúnú cuí le haon eisceacht den sórt sin agus tabharfar fógra láithreach ina leith don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis an eisceacht a deonaíodh láithreach ar a shuíomh gréasáin oifigiúil agus ar an tairseach gréasáin Eorpach thiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 4a(1a). [Leasú 48]

I gcás ina ndéanfaidh géarchéim difear do roinnt Ballstát, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun eisceachtaí sealadacha a bhunú ó chur i bhfeidhm na dteorainneacha meáchain agus toisí a leagtar amach in Iarscríbhinn I i gcás feithiclí a úsáidtear sa trácht idirnáisiúnta idir na Ballstáit a ndéantar difear dóibh. Ní fhéadfaidh tréimhse na heisceachta sin a bheith níos faide ná 6 mhí, agus ní fhéadfar í a athnuachan ach amháin i gcás ina leanfaidh an ghéarchéim ar aghaidh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10i(4).

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn géarchéim teagmhas eisceachtúil, gan choinne agus tobann, nádúrtha nó de dhéantús an duine de chineál urghnách agus de scála urghnách a tharlaíonn laistigh den Aontas nó lasmuigh de, ag a bhfuil tionchair mhóra dhíreacha nó indíreacha ar réimse an iompair de bhóthar nó ar an ngeilleagar nó ar leas shaoránaigh an Aontais, lena n-áirítear a sábháilteacht, i gcás ina gcuirtear isteach go mór ar ghnáthfheidhmiú na sochaí, agus i gcás inar gá gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh ar mhaithe ar leas an phobail.;’ [Leasú 49]

"

(19)  cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I;

(20)  in Iarscríbhinn III, cuirtear na focail ‘Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún’ in ionad na bhfocal ‘Treoir 76/114/CEE’.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2020/1056

In Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2020/1056, cuirtear an pointe (vi) seo a leanas isteach:"

“(vi) Airteagal 6(7) de Threoir 96/53/CE ón gComhairle*;’

________

* Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta d’fheithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).”

"

Airteagal 3

Trasuí

1.  Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [dáta glactha+21 bhliain] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí chun an tagairt sin a dhéanamh. [Leasú 50]

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

MEÁCHAIN UASTA AGUS TOISÍ UASTA AGUS AIRÍONNA GAOLMHARA FEITHICLÍ

1.  Toisí údaraithe uasta le haghaidh na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a)

1.1  Fad uasta

 

—  mótarfheithicil eile seachas bus

12,00 m

—  leantóir

12,00 m

—  feithicil altach

16,50 m

—  traein bhóthair

18,75 m

—  bus altach trí acastóir

18,75 m

—  bus altach ceithre acastóir

21.00m

—  bus dhá acastóir

13,50 m

—  bus a bhfuil níos mó ná dhá acastóir aige

15,00 m

—  bus + leantóir

18,75 m

1.2  Leithead uasta:

 

(a)  gach feithicil seachas na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (b)

2,55 m

(b)  forstruchtúir feithiclí cóirithe nó coimeádán cóirithe nó cabhlacha soghluaiste arna n‑iompar ag feithiclí

2,60 m

1.3  Uasairde

 

—  aon fheithicil

4,00 m

—  feithiclí nó cónaisc feithiclí a iompraíonn coimeádán amháin nó níos mó in iompair idirmhódúil ag a bhfuil airde sheachtrach caighdeánach 9’ 6’’ (coimeádán d’ardtoilleadh)

4,30 m

1.4  Forstruchtúir inbhainte agus earraí lastais caighdeánaithe amhail coimeádáin, cuirtear san áireamh iad sna toisí a shonraítear i bpointí 1.1, 1.2, 1.3, 1.6, 1.7, 1.8 agus 4.4.

1.4a  Má dhéantar aon fhorbhall inbhainte amhail bosca sciála a fheistiú ar bhus, ní mór nach rachaidh fad an bhus, na forbhaill san áireamh, thar an bhfad uasta a leagtar síos i bpointe 1.1.

1.5  Aon mhótarfheithicil nó cónasc feithicle atá ag gluaiseacht, ní mór di nó dó a bheith in ann casadh laistigh de ghlanchiorcal dar ga seachtrach 12,50 m agus dar ga inmheánach 5,30 m

1.5a  Ceanglais bhreise maidir le busanna

 

Agus an fheithicil ina stad, cruthófar plána ceartingearach tadhlaíoch le taobh na feithicle a mbeidh a chúl leis an gciorcal aige, rud a dhéanfar trí líne a mharcáil ar an talamh. I gcás feithicil altach, déanfar an dá chuid dhochta a ailíniú leis an bplána.

Nuair a bhogfar an fheithicil de chur chuige líne dírí isteach san achar ciorclach a bhfuil tuairisc air i bpointe 1.5, ní rachaidh aon chuid di níos mó ná 0,60 m amach as an bplána ceartingearach sin

1.6  An fad uasta idir ais pionna ceann aise an chúigiú roth agus cúl an leathleantóra.

12,00 m

1.7  Fad uasta na traenach bóthair ón bpointe seachtrach is faide chun tosaigh den láthair lastála taobh thiar den chábán go dtí an pointe seachtrach is faide siar de leantóir an chónaisc, lúide an t‑achar idir cúl na feithicle tarraingthe agus tosach an leantóra, agus an fad sin tomhaiste comhthreomhar leis an bhfad‑ais.

15,65 m

1.8  Fad uasta na traenach bóthair ón bpointe seachtrach is faide chun tosaigh den láthair lastála taobh thiar den chábán go dtí an pointe seachtrach is faide siar de leantóir an chónaisc, agus an fad sin tomhaiste comhthreomhar leis an bhfad‑ais.

16,40 m

2.  Meáchan uasta údaraithe feithicle

2.1  Feithiclí is cuid de chónasc feithicle

 

2.1.1

Leantóir dhá acastóir

18 dtona

2.1.2

Leantóir trí acastóir

24 thona

2.2  Cónaisc feithiclí

 

2.2.1

Traenacha bóthair ag a bhfuil cúig nó sé acastóir

(a)  mótarfheithicil dhá acastóir lena ngabhann leantóir trí acastóir

40 tona

(b)  mótarfheithicil trí acastóir lena ngabhann leantóir dhá nó trí acastóir

40 tona

2.2.2

Feithiclí altacha ag a bhfuil cúig nó sé acastóir

(a)  

mótarfheithicil dhá acastóir lena ngabhann leathleantóir trí acastóir

40 tona

(b)  

mótarfheithicil trí acastóir lena ngabhann leathleantóir dhá nó trí acastóir

40 tona

(c)  

mótarfheithicil dhá acastóir lena ngabhann leathleantóir trí acastóir a bhfuil baint aige le hoibríochtaí iompair idirmhódúil

42 thona

(d)  

mótarfheithicil trí acastóir lena ngabhann leathleantóir dhá nó trí acastóir a bhfuil baint aige le hoibríochtaí iompair idirmhódúil

44 thona

2.2.3

Traenacha bóthair ceithre acastóir arb é atá iontu mótarfheithicil dhá acastóir agus leantóir dhá acastóir

36 thona

2.2.4

Feithiclí altacha ag a bhfuil ceithre acastóir arb é atá iontu mótarfheithicil dhá acastóir agus leathleantóir dhá acastóir, más rud é, maidir leis an fad idir acastóirí an leathleantóra:

2.2.4.1

go bhfuil sé 1,3 m nó níos mó ach nach bhfuil sé níos mó ná 1,8 m

36 thona

2.2.4.2

go bhfuil sé níos mó ná 1,8 m

36 thona

I gcás ina n‑urramaítear meáchan údaraithe uasta (MAW) na mótarfheithicle (18 dtona) agus MAW acastóir teaindim an leathleantóra (20 tona), agus inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, an meáchan údaraithe uasta dá bhforáiltear i bpointe 2.2.4.2, méadófar an meáchan sin 2 thona.

I gcás cónaisc feithiclí lena n‑áirítear mótarfheithiclí breosla ionadúil seachas mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bhForoinn 2.2 méadófar iad faoi mheáchan breise na teicneolaíochta breosla mhalartaigh le huasmhéid 1 tona.

I gcás cónaisc feithiclí lena n‑áirítear mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bhForoinn 2.2.1 agus Foroinn 2.2.2, méadófar iad 4 thona.

I gcás cónaisc mótarfheithiclí lena n‑áirítear feithiclí astaíochtaí nialasacha, na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bhForoinn 2.2.3 agus Foroinn 2.2.4, méadófar iad 2 thona.

 

I gcás cónaisc feithiclí lena n-áirítear leantóirí nó leathleantóirí a bhfuil teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha acu, na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bhForoinn 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3 agus 2.2.4, méadófar iad 2 thona.

 

I gcás ina mbeidh feidhm ag níos mó ná ceann amháin de na méaduithe le haghaidh cónaisc feithiclí a leagtar amach thuas maidir le cónasc feithicle aonair, beidh feidhm ag na méaduithe sin go carnach.

2.3  Mótarfheithiclí

 

2.3.1

Mótarfheithiclí dhá acastóir eile seachas busanna:

18 dtona

2.3.2

busanna dhá acastóir:

19,5 tona

2.3.3

Mótarfheithiclí trí acastóir:

25 thona

2.3.4

Mótarfheithiclí trí acastóir inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tona meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí.

26 thona

2.3.5

Mótarfheithiclí ceithre acastóir ag a bhfuil dhá acastóir stiúrtha inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tona meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí

32 thona

2.3.6

Mótarfheithiclí cúig acastóir ag a bhfuil dhá acastóir stiúrtha inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tona meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí.

40 tona

I gcás mótarfheithiclí breosla ionadúil seachas mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bpointí 2.3.1, 2.3.3 agus 2.3.4 d’Fhoroinn 2.3 méadófar iad faoi mheáchan breise na teicneolaíochta breosla mhalartaigh le huasmhéid 1 tona.

I gcás mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear i bhForoinn 2.3, méadófar iad 2 thona.

2.4  Busanna altacha trí acastóir

28 dtona

2.5  Busanna altacha ceithre acastóir

32 thona

 

I gcás mótarfheithiclí breosla ionadúil seachas mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, an meáchan na meáchain údaraithe uasta 28 dtona dá bhforáiltear i bhForoinn 2.4 agus i bhForoinn 2.5, méadófar é faoin meáchan breise a éilítear don teicneolaíocht breosla mhalartaigh le huasmhéid 1 tona.

I gcás mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar an na meáchain údaraithe uasta 28 dtona dá bhforáiltear i bhForoinn 2.4 agus i bhForoinn 2.5, méadófar iad 2 thona.

3.  Meáchan údaraithe uasta acastóirí na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b)

3.1  Acastóirí aonair

 

Acastóir neamhthiomána aonair

10 dtona

3.2  Acastóirí teaindim leantóirí agus leathleantóirí

 

Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach acastóra teaindim thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (f) idir na hacastóirí:

 

3.2.1

is lú ná 1 m (f < 1,0)

11 tona

3.2.2

idir 1,0 m agus níos lú ná 1,3 m (1,0 ≤ f < 1,3)

16 thona

3.2.3

idir 1,3 m agus níos lú ná 1,8 m (1,3 ≤ f < 1,8)

18 dtona

3.2.4

1,8 m nó níos mó (1,8 ≤ f)

20 tona

3.3  Trí‑acastóirí leantóirí agus leathleantóirí

 

Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach trí‑acastóra thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (f) idir na hacastóirí:

 

3.3.1

1,3 m nó níos lú (f ≤ 1,3)

21 tona

3.3.2

is mó ná 1,3 m agus nach mó ná 1,4 m(1,3

24 thona

3.4  Acastóir tiomána

 

3.4.1

Acastóir tiomána na bhfeithiclí dá dtagraítear i bpointí 2.2, 2.3 agus 2.4 seachas feithiclí astaíochtaí nialasacha

11,5 tonna

3.4.2

Acastóir tiomána na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear i bpointí 2.2.1 agus 2.2.2

12,5 tona

3.4.3

Busanna dhá acastóir ar feithiclí astaíochtaí nialasacha iad

12,5 tona

 

3.4.4

Busanna trí acastóir ar feithiclí astaíochtaí nialasacha iad

12.5 tona

3.5  Acastóirí teaindim mótarfheithiclí

 

Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach acastóra teaindim thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (f) idir na hacastóirí:

 

3.5.1

is lú ná 1 m (f < 1,0)

11,5 tonna

3.5.2

1,0 m nó níos mó ach níos lú ná 1,3 m (1,0 ≤ f < 1,3)

16 thona

3.5.3

1,3 m nó níos mó ach níos lú ná 1,8 m (1,3 ≤ f < 1,8)

18 dtona

I gcás inar feistíodh an t‑acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9,5 tona meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí. I gcás mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar suim uasta mheáchain an acastóra in aghaidh gach acastóra teaindim faoi 1 thona.

19 dtona

3.6  Trí-acastóirí mótarfheithiclí

 

Ní rachaidh suim mheáchain an acastóra in aghaidh gach trí-acastóra thar an méid a leanas, má bhíonn an fad (d) idir na hacastóirí:

 

3.6.1

is lú ná 1.3 m (f < 1.3)

21 tona

3.6.2

1.3 m nó níos mó ach níos lú ná 1.8 m (1.3 ≤ f < 1.8)

24 thona

4.  Airíonna gaolmhara na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b)

4.1  Gach feithicil

 

An meáchan atá ar iompar ag acastóir tiomána nó acastóirí tiomána feithicle nó cónaisc feithiclí, is gá nach lú an meáchan sin ná 25 % de mheáchan ualaithe iomlán na feithicle nó an chónaisc feithiclí agus í/é á (h)úsáid sa trácht idirnáisiúnta

4.2  Traein bhóthair

 

An fad idir acastóir cúil mótarfheithicle agus acastóir tosaigh leantóra, is gá nach lú é ná 3,00 m

4.3  An meáchan údaraithe uasta de réir rothfhaid

 

Ní rachaidh meáchan údaraithe uasta i dtonaí mótarfheithicle ceithre acastóirí thar cúig oiread an fhaid i méadair idir na hacastóirí tosaigh agus na hacastóirí is faide siar den fheithicil

4.4  Leathleantóirí

 

An fad a thomhaistear go cothrománach idir ais pionna ceann aise an chúigiú roth agus aon phointe ag tosach an leathleantóra, ní mór nach rachaidh sé thar 2,04 m [Leasú 51]

(1) IO C, C/2024/895, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/895/oj.
(2)IO C , , lch. .
(3)IO C , , lch. .
(4)IO L 235, 17.9.1996, lch. 59.
(5)COM(2020)789 final.
(6)COM(2019)640 final.
(7)Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1) agus Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ón gCoimisiún agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).
(8)Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch. 1).
(9)Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).
(10)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n‑aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht (IO L 117, 6.4.2021, lch. 1).
(11)Rialachán (AE) 1056/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33).
(12)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


Úsáid toilleadh bonneagair iarnróid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, Treoir 2012/34/AE a leasú agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 a aisghairm
PDF 553kWORD 186k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 (COM(2023)0443 – C9-0304/2023 – 2023/0271(COD))
P9_TA(2024)0127A9-0069/2024

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0443),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0304/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2023(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 1 Feabhra 2024(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0069/2024),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

P9_TC1-COD(2023)0271


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’(5), leagtar síos cuspóir aeráidneodrachta a bheidh le gnóthú ag an Aontas faoi 2050 mar aon le cuspóir soiléir na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Éilítear laghdú 90 % léi ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar, le linn oibriú i dtreo na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach(6) chun laghdú de bhreis agus 55 % a dhéanamh ar thionchair na n‑astaíochtaí truailleán aeir ar an tsláinte agus laghdú 30 % a dhéanamh ar an sciar daoine a gcuireann torann iompair isteach orthu ar bhonn ainsealach faoi 2030. Is leis an iompar a bhaineann thart faoi 25 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais, agus tá méadú tagtha ar na hastaíochtaí sin le blianta beaga anuas. Tá sciar shubstaintiúil den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu a aistriú chuig na hiarnróid agus chuig uiscebhealaí intíre ina thosaíocht sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Toisc gur modh iompair é an t‑iarnród a bhfuil cuid mhór de leictrithe agus fuinneamhéifeachtúil, ba cheart úsáid níos mó a bheith á baint as seirbhísí iarnróid rannchuidiú chun astaíochtaí agus ídiú fuinnimh an iompair a laghdú.

(2)  Leis an Teachtaireacht maidir leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste(7), leagtar garspriocanna amach chun conair chóras iompair an Aontais a léiriú i dtreo cuspóirí na soghluaisteachta inbhuanaithe, cliste agus athléimní a bhaint amach. Táthar ag brath léi gur cheart méadú 50 % teacht ar an trácht lasta iarnróid faoi 2030 agus é a bheith dhá oiread níos mó faoi 2050; ba cheart an trácht ar an iarnród ardluais a bheith dhá oiread níos mó faoi 2030 agus trí oiread níos mó faoi 2050 agus ba cheart an taisteal comhchoiteann sceidealaithe faoi 500 km a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2030 laistigh den Aontas. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart an t‑iompar ar iarnród a bheith níos tarraingtí i dtéarmaí inacmhainneachta agus, iontaofachta agus inrochtaineachta, agus ní mór, agus ba cheart seirbhísí a bheith oiriúnaithe níos fearr do riachtanais na dtaistealaithe agus na seoltóirí lasta. [Leasú 1]

(2a)   Is é bunaidhm an Rialacháin seo úsáid an bhonneagair iarnróid a mhéadú agus ar an gcaoi sin sciar módach an iarnróid a mhéadú. Mar sin féin, ní féidir leis an Rialachán seo amháin aghaidh a thabhairt ar spriocanna an Aontais maidir le dícharbónú agus aistriú módach. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún leanúint de bheith ag obair ar go leor gnéithe eile a d’fhéadfadh cuidiú le méadú breise a dhéanamh ar thoilleadh bonneagair iarnróid agus iompair araon, amhail cuachadh bealaí traenach, comhchuibhiú luais, athrú éifeachtúil paisinéirí, úsáid traenacha níos faide le hualach méadaithe acastóra, feidhmiú céimneach Córais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) comhchuibhithe ar fud na hEorpa chomh maith le hoibríocht traenacha uathoibrithe. [Leasú 2]

(2b)   Tá sé tábhachtach dul i ngleic le héifeachtúlacht an iarnróid chun méadú ar an ngné iomaíoch ilmhódach idir modhanna éagsúla iompair chun aistriú módach suntasach a éascú agus chun na spriocanna a leagtar amach sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart bearta breise a chur san áireamh freisin chun iomaíochas d’iarnród a mhéadú, amhail muirir rianrochtana níos ísle. Le héileamh méadaithe ar thoilleadh iarnróid ó sheirbhísí paisinéirí agus lasta araon, beidh gá le hinfheistíochtaí freisin chun na bearta feabhsaithe toillte a bhaint amach. [Leasú 3]

(2c)   Le cuspóirí aistrithe go hiarnróid ar leibhéal an Aontais, tá gá le spriocanna náisiúnta bunaithe ar phleananna nithiúla náisiúnta arna bhforbairt ag na Ballstáit de réir cur chuige ón mbun aníos. [Leasú 4]

(3)  Le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir leis an mbonneagar iarnróid a bhainistiú agus a oibriú agus na prionsabail agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta.

(4)  Le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9), déantar foráil maidir le dorchlaí lasta iarnróid agus ionaid uileghnó a bhunú chun iarrataí ar thoilleadh bonneagair a éascú le haghaidh seirbhísí lasta iarnróid idirnáisiúnta.

(5)  Baineann ríthábhacht leis an toilleadhTá bainistiú toillte bonneagair iarnróid agus bainistiú tráchtaagus trácht iarnróid a bhainistiú ó thaobh dhea‑fheidhmiúríthábhachtach do dhea-fheidhmiú na hearnála iarnróid de. Is gá oibriú na seirbhísí iompair ar iarnród a phleanáil agus a chomhordú go cúramach chun go mbeidh traenacha ag a bhfuil saintréithe an‑difriúilan-difriúil, amhail luas agus achar coscánaithe, in ann na ráillí céanna a chomhroinnt go sábháilte. Leis an mbainistiú is fearr a dhéantar ar thoilleadh, cruthaítear tuilleadhníos mó deiseanna le haghaidh seirbhísído sheirbhísí iarnróid ach an toilleadh a bhainistiú ar bhealach barrfheabhsaithe, agus méadaítear iontaofacht na seirbhísí sin, rud a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis maidir le margadh méadaitheach na dtraenacha oíche chomh maith leis na huaillmhianta earraí a aistriú chuig iompar lasta d’iarnród le bainistíocht den sórt sin freisin. Leis an rialachán, ba cheart solúbthacht leordhóthanach a sholáthar do bhainisteoirí bonneagair chun an toilleadh a bhainistiú go héifeachtach agus é á chinntiú go láimhseálfar na gnóthais iarnróid uile gan idirdhealú i dtéarmaí a rochtana ar an ngréasán. [Leasú 5]

(6)  Aithnítear le Treoir 2012/34/AE ceart na mBallstát gan na rialacha maidir le leithdháileadh an toillte bonneagair iarnróid a chur i bhfeidhm maidir le codanna áirithe den ghréasán iarnróid nó seirbhísí iarnróid áirithe, i gcás nach ndéanfadh eisiamh den sórt sin ó raon feidhme dhlí an Aontais difear d’fheidhmiú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid. Ba cheart do heisiaimh sin, agus iad teoranta go docht, feidhm a bheith ag na heisiaimh sinacu fós agus ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit fós chun eisiaimh den sórt sin a iarraidh amach anseo i ndáil leis an Rialachán seo freisin. [Leasú 6]

(7)  Leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le hacmhainn an bhonneagair iarnróid a bhainistiú, ba cheart riachtanais dheighleoga uile an mhargaidh iarnróid a léiriúmheas agus a shásamh ar bhealach níos fearr leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiúneamh-idirdhealaitheach. Ba cheart a chur san áireamh leo go háirithe riachtanas na cobhsaíochta fadtéarmaí a bheith i gceist le toilleadh a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus riachtanas na solúbthachta gearrthéarmaí le haghaidh trácht lasta chun freagairt d’éileamh an mhargaidh. Dá bhrí sin, níor cheart gurb é fócas bliantúil an fócas is mó a bheidh i gceist leis an bpróiseas chun an toilleadh a bhainistiú a thuilleadh, ach an toilleadh a shocrú i dtrí chéim den phleanáil straitéiseach toillte i ndiaidh a chéile; seirbhísí iarnróid a sceidealú agus an toilleadh a leithdháileadh; agus an toilleadh a oiriúnú agus a athsceidealú. Ach céimeanna a thabhairt isteach a bheidh sainithe agus struchtúraithe ar bhealach níos fearr, agus lena ndéanfar foráil maidir le féidearthacht na pleanála fadtéarmaí agus an oiriúnaithe ghearrthéarmaigh maidir leis an toilleadh a bhainistiú, is iad seirbhísí nach mbíonn chomh héasca sin le pleanáil roimh ré nó a bhíonn níos casta le socrú a thairbheodh de sin go háirithe, amhail traenacha lasta agus traenacha paisinéirí trasteorann, lena n-áirítear traenacha oíche. [Leasú 7]

(8)  Tá méadú ag teacht ar an gcion de ghréasán iarnróid an Aontais atá plódaithe nó gar do bheith plódaithe agus nach féidir leis freastal ar na riachtanais maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhíonn ag na hiarratasóirí uile ná tacú le tuilleadh fáis ar an méid iompair ar iarnród. Le forbairt agus digiteáildigitiú an bhonneagair, i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil don idir‑inoibritheacht arna forbairt faoi Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), go háirithe an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (‘ERTMS’), tá coinne leis go n‑eascródh méadú astu sin ar an toilleadh a bheidh ar fáil sa mheántéarma go dtí an fadtéarma. Mar sin féin, ceanglófar ar bhainisteoirí bonneagair tosaíochtaí a shannadh chun úsáid a bhaint as stráicí plódaithe. Gan dochar do na prionsabail ghinearálta maidir le tosaíocht atá leagtha amach ag na Ballstáit sa chreat maidir leis an toilleadh bonneagair a leithdháileadh, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair cinntí a dhéanamh maidir le tosaíochtaí agus úsáid á baint as modheolaíochtaí comhchuibhithe trédhearcacha lena soiléireofar an bealach ar cuireadh tosca sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil san áireamh agus an bealach a ndearna siad difear dá gcinneadh. Ba cheart na critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil sin a bheith bunaithe ar mhodhanna a nglactar leo agus ar an eolas is fearr dá bhfuil ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomh tarmligthe a ghlacadh ina leagtar amach na nósanna imeachta, na critéir agus na modheolaíochtaí. Agus an gníomh tarmligthe sin á ullmhú, ba cheart don Choimisiún comhoibriú le Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (ENIM) agus le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) arna bunú le Rialachán (AE) 2016/796. [Leasú 8]

(8a)   Ní leor an toilleadh bonneagair iarnróid atá ann cheana chun cuspóirí 2030 agus 2050 an Aontais a bhaint amach. Go deimhin, idir 1990 agus 2021, tháinig laghdú níos mó ná 12,000 km ar an ngréasán iarnróid san Aontas. Chun cuspóirí aistrithe mhódúil an Aontais a bhaint amach, tá sé ag brath go príomha ar éifeachtúlacht iarnróid a mhéadú agus ar toilleadh iarnróid a neartú, rud a éilíonn infheistíochtaí chun bonneagar iarnróid a chothabháil, a athnuachan agus a nuathógáil. Áirítear leis sin buiséid náisiúnta a ghiaráil, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) arna bunú le Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), agus infheistíochtaí príobháideacha chun aghaidh a thabhairt ar naisc ríthábhachtacha atá in easnamh agus chun scrogaill tráchta a mhaolú, chomh maith le leibhéil iomchuí cistiúcháin a fháil le haghaidh cothabhála. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit cosc a chur ar dhíghrádú an bhonneagair iarnróid agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag srianta toillte a íoslaghdú trí chistiú fadtéarmach leormhaith, cobhsaí agus tráthúil a áirithiú trí chomhaontuithe feidhmíochta ilbhliantúla ba cheart a thabhairt i gcrích idir an Ballstát agus an bainisteoir bonneagair ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad. [Leasú 9]

(9)  Ba cheart feabhas a chur ar an leas a bhaintear as an mbonneagar iarnróid ach an toilleadh a phleanáil go straitéiseach, tríd an éileamh ar sheirbhísí iarnróid a thuar agus trí fhorbairt, athnuachan agus cothabháil phleanáilte an bhonneagair a chur san áireamh. Ba cheart a áirithiú leis an bpleanáil sin go leithdháilfear toilleadh bonneagair an iarnróid ar bhealach lena n‑uasmhéadófar luach na seirbhísí iarnróid don tsochaí agus tionchair shocheacnamaíocha agus chomhshaoil á gcur i gcuntas. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair a áirithiú go soláthraíonn pleanáil straitéiseach leibhéal sonraí atá ag méadú de réir a chéile faoin toilleadh atá ar fáil agus go bhfuil sí mar bhonn le leithdháileadh an toillte. Ba cheart dul i gcomhairle le hiarratasóirí, leis an Ardán Eorpach Iarnróid (ERP), le custaiméirí seirbhísí iompair d’iarnród agus a gcomhlachais, le húdaráis phoiblí de chuid an Aontais agus le húdaráis phoiblí náisiúnta le linn na pleanála straitéisí, agus ba cheart deis a bheith acu ionchur a sholáthar maidir leis an staidéar ‘Anailís ar fhorbairtí sa mhargadh iompair a bhfuiltear ag súil leo dá dtagraítear in Airteagal 15” agus barúlacha neamhspleácha a thabhairt maidir leis na torthaí. [Leasú 10]

(10)  Chun a áirithiú go bhfuil an toilleadh ar fáil lena leithdháileadh ar dheighleoga éagsúla an mhargaidh iarnróid agus go háirithe do sheirbhísí lasta agus iarnróid trasteorann, ba cheart cead a bheith ag bainisteoirí bonneagair úsáid an toillte a réamhphleanáil ar stráicí den líonra iarnróid atá plódaithe nó a mbaintear úsáid mhór astu agus pleanáil den sórt sin a leathnú chuig stráicí eile den líonra má mheastar gur gá. Ba cheart a chur san áireamh leis an réamhphleanáil sin ar thoilleadh na modhanna éagsúla chun toilleadh a leithdháileadh agus saintréithe dheighleoga éagsúla an mhargaidh iarnróid. Ba cheart don réamhphleanáil sin úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid trí thraenacha a bhfuil saintréithe comhchosúla feidhmíochta acu a ghrúpáil ag an gcéim leithdháilte toillte.

(11)  Agus toilleadh á leithdháileadh, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair cloí leis na pleananna straitéiseacha maidir le toilleadh a sholáthar agus an tráth céanna a áirithiú go leithdháiltear toilleadh i gcomhréir le héileamh an mhargaidh ar bhealach cothrom agus neamh‑idirdhealaitheach. Chun na críche sin, féadfar roinnt toilleadh malartach a thairiscint d’iarrataí ar thoilleadh nó mura bhfuil aon fhéidearthacht eile ann, a dhiúltú agus ní mór an plean um toilleadh a sholáthar toillte a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun an t‑éileamh iarbhír a léiriú. [Leasú 11]

(11a)   I roinnt margaí náisiúnta iarnróid, is cuid de chuideachta shealbhaíochta atá comhtháite go hingearach é an bainisteoir bonneagair ina bhfuil oibreoir iompair paisinéirí agus lasta amháin nó níos mó. Agus an toilleadh á leithdháileadh ar na gnóthais iarnróid sin, tá sé thar a bheith tábhachtach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh go leithdháilfear an toilleadh ar bhealach cóir, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Go háirithe, ba cheart faisnéis íogair a chomhroinntear leis an mbainisteoir bonneagair mar chuid den phróiseas leithdháilte toillte a mheas mar fhaisnéis rúnda. [Leasú 12]

(12)  Tá cumais éagsúla ag deighleoga éagsúla an mhargadh iarnróid chun a riachtanais maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a réamh‑mheas. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt soláthraithe seirbhísí lasta, go háirithe, in ann a riachtanais maidir le toilleadh a shainaithint in am chun iad a áireamh sa tráthchlár oibre, is é sinatá sa phlean bliantúil le haghaidh gluaiseacht traenacha agus rothstoic, agus d’fhéadfadh sé nach n‑oirfidh siad dá sceideal bliantúil. Dá bhrí sin, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair a bheith in ann toilleadh de cháilíocht agus de chainníocht leordhóthanach a thairiscint freisin i gcás seirbhísí iarnróid a bhfuil éileamh éagobhsaí orthu, a eagraítear faoi fhógra réasúnta gearr, a chuimsíonn níos mó ná rith traenach aonair, agus a fhéadfaidh rith arís agus arís eile ar feadh tréimhse ama a d’fhéadfadh gan a bheith comhthráthach le fad thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre. D’fhéadfaí an cineál sin toilleadh a thairgtear a thairiscint freisin maidir le pacáiste de líon íosta bealaí traenach réamháirithe nach bhfuil in áirithe ar féidir iad a leithdháileadh ar ghearrfhógra ina dhiaidh sin. [Leasú 13]

(12a)   Úsáidtear cleachtais éagsúla maidir le pleanáil amchláir sna Ballstáit agus ba cheart na coincheapa sin a chur san áireamh agus an toilleadh straitéiseach á phleanáil. Éilíonn na cleachtais sin comhordú méadaithe idir bainisteoirí bonneagair thar theorainneacha, go háirithe nuair a dhéanann an bainisteoir bonneagair toilleadh a réamhphleanaí trí úsáid a bhaint as amchláir chomhtháite lena gcuirfear seirbhís ar fáil go tráthrialta. [Leasú 14]

(13)  Ba cheart d’iarratasóirí ar thoilleadh bonneagair iarnróid a bheith in ann toilleadh bonneagair iarnróid a phleanáil agus a iarraidh ar bhonn bliantúil tríd an amchlár oibre. Ba cheart d’iarratasóirí a bheith in ann toilleadh bonneagair iarnróid a iarraidh le dul chun cinn níos fearr le haghaidh seirbhísí iarnróid cobhsaí, ilbhliantúla trí chreat‑chomhaontuithe. Ar deireadh, ba cheart iarratasóirí a bheith in ann toilleadh a iarraidh gar don am oibríochta do thraenacha aonair trí iarrataí ar thoilleadh ad hoc nó do sheirbhísí traenach a oibrítear arís agus arís eile trí iarrataí rollacha pleanála.

(14)  Is iompar fad‑achar é sciar mór den iompar lasta iarnróid agus éilíonn sé comhordú trasteorann idir bainisteoirí bonneagair. Bíonn sprioc an bheartais maidir le trácht iarnróid a mhéadú ag brath freisin ar sheirbhísí paisinéirí trasteorann a mhéadú. Chun méadú ar thrácht trasteorann sa limistéar Eorpach aonair iarnróid a éascú agus a chur chun cinn, is gá comhsheasmhacht agus comhchuibhiú níos fearr a áirithiú maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. Dá réir sin, ba cheart ról Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair a neartú d’fhonn forbairt treoirlínte le haghaidh chur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí chun toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú, agus le comhordú gníomhach an toillte agus tráchta trasteorann, a chur ar iontaoibh aige. Go háirithe, ba cheart do Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair creata Eorpacha a fhorbairt le haghaidh bainistiú toillte, chun bainistiú tráchta trasteorann, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a chomhordú, agus le haghaidh an athbhreithnithe feidhmíochta. Ba cheart dul i gcomhairle freisin le gnóthais iarnróid, le hiarratasóirí agus le geallsealbhóirí oibríochtúla eile agus na creataí Eorpacha sin á bhforbairt. [Leasú 15]

(15)  Ba cheart do na creataí Eorpacha arna bhforbairt ag Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair treoirlínte a sholáthar ar cheart do bhainisteoirí bonneagair a ndícheall a dhéanamh iad a leanúint, agus freagracht as a gcinntí oibríochtúla á coinneáil ag an am céanna. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair aonúdar a thabhairt le haon imeacht ó na creataí arna bhforbairt ag Líonra Eorpach na mBainisteoirían Bhainisteora Bonneagair, imeacht nár cheart a cheadú ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus a bheith faoi réir a bhformheasta ag an gcomhlacht rialála náisiúnta iarnróid a thionscnamh. Meastar go mbaintear an chothromaíocht amach leis an gcur chuige seo idir riachtanais chomhordaithe agus cur i bhfeidhm cineálacha cur chuige comhchuibhithe sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, agus an gá atá le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí a oiriúnú do chúinsí sonracha limistéar geografach ar leith. Agus 5 bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm caite, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú cé acu an mbarántaíonn nó nach mbarántaíonn staid chóineasaithe nósanna imeachta agus modheolaíochtaí agus éifeachtacht an phróisis chomhordaithe idir bainisteoirí bonneagair, chomh maith leis an dul chun cinn ginearálta maidir le bunú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, reachtaíocht thánaisteach a thabhairt isteach chun eilimintí arna bhforbairt ag na creataí Eorpacha trí Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair a ionadú. [Leasú 16]

(15a)   Chun gréasán iarnróid Eorpach gan uaim a áirithiú agus chun trácht iarnróid trasteorann agus illíonra a fheabhsú d’iompar lasta agus paisinéirí araon, ba cheart cúraimí nua a shannadh do ERA. Ba cheart do ERA comhoibriú go dlúth le ENIM agus leis an gComhordaitheoir Líonra chun a chúraimí nua a chur i gcrích. [Leasú 17]

(15b)   Ní leor acmhainní ERA i bhfianaise mhéid an mhéadaithe atá beartaithe ar chúraimí na Gníomhaireachta agus scála uaillmhianta an Aontais laistigh den Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart méid na n-acmhainní airgeadais a thiomnaítear d’fheidhmiú chúraimí ERA faoin Rialachán seo a tharraingt ó chorrlaigh neamh-leithdháilte faoi uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nó ba cheart é a shlógadh trí ionstraimí speisialta neamhthéamacha CAI. Ós rud é nár athneartaíodh buiséad ERA leis an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú CAI, ní féidir an méadú ar leithreasuithe do ERA a fhritháireamh le laghdú cúiteach ar chaiteachas cláraithe faoi SCE Iompar ná ní féidir laghdú ar an gcistiú d’aon chláir eile de chuid an Aontais a bheith mar thoradh air. [Leasú 18]

(16)  Leis na rialacha maidir le trácht trasteorann iarnróid a bhainistiú faoi ghnáthchoinníollacha agus, i gcás suaití, ba cheart oibriú rianúil, athléimneach agus gan uaim na seirbhísí iompair ar iarnród a chur chun cinn. Ba cheart foráil a dhéanamh leo maidir le córas comhordaithe struchtúrtha idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara eile.

(17)  Ní hamháin go n‑éilítear dlúthchomhar idir bainisteoirí bonneagair chun bonneagar iarnróid a oibriú, ach éilítear idirghníomhú láidir freisin le gnóthais iarnróid agus le páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint dhíreach acu le hoibríochtaí iompair agus lóistíochta iarnróid agus ilmhódaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le comhordú struchtúrtha idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara eile. Chun ról na nGnóthas Iarnróid agus na n-iarratasóirí a neartú, bunaítear ERP mar chomhlacht comhairleach do ENIM. D’fhéadfadh oibreoirí saoráidí seirbhíse agus críochfort, geallsealbhóir toillte ilmhódaigh, amhail calafoirt farraige agus calafoirt uiscebhealaí intíre agus úinéirí saoráidí seirbhíse eile a bhaineann le hiarnród, a bheith mar chuid de ERP freisin. Ba cheart do ENIM dul i gcomhairle le ERP sula n-ullmhóidh agus sula nglacfaidh sé Creataí Eorpacha le haghaidh Bainistiú Toillte, Bainistiú tráchta agus Bainistiú Feidhmíochta. Thairis sin, d’fhéadfadh ERP dearcadh níos cóngaraí a thabhairt do ENIM maidir le forbairtí sa mhargadh agus d’fhéadfadh sé tuairimí féintionscnaimh a eisiúint freisin maidir le haon tograí nó cinntí ó ENIM agus ERA. [Leasú 19]

(18)  Tá iontaofacht na seirbhísí iarnróid ar cheann de na gnéithe is mó a bhfuil meas ag custaiméirí iarnróid airuirthi, agus go háirithe is ceanglas criticiúil é den mhargadh traenach oíche atá ag teacht chun cinn an athuair, ar gá do chustaiméirí iarnróid agus d’iarratasóirí a bheith ar an eolas roimh ré faoi conas is féidir lena gcuid seirbhísí a reáchtáil. Is gné chriticiúil í iontaofacht na sceideal freisin maidir le feidhmiú rianúil an chórais iarnróid, i gcás ina bhfuil idirghníomhaíochtaí láidre idir seirbhísí agus seachtrachtaí gréasáin. Ar an ábhar sin, ba cheart imeachtaí ón sceideal a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ina theannta sin, ba cheart córas dreasachtaí leordhóthanacha a thabhairt isteach chun comhlíonadh gealltanas ó bhainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid, oibreoirí saoráidí seirbhíse agus geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a chur chun cinn. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith de chineál eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch araon. [Leasú 20]

(19)  Réamhchoinníoll chun feidhmíocht na seirbhísí sin a fheabhsú is ea faireachán leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht an bhonneagair iarnróid agus na seirbhísí iompair. Is gá, Dá bhrí sin, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair faireachán agus tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair d’iarnród. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair, agus a spriocanna feidhmíochta féin á leagan amach acu sa phlean, dul i gcomhairle leis na rialálaithe náisiúnta, leis na haireachtaí náisiúnta agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go bhfuil na spriocanna sin comhsheasmhach le spriocanna feidhmíochta an Aontais. Isgá freisin córas trédhearcach agus oibiachtúil táscairí a bhunú lena soláthraítear aiseolas ar ghnéithe den fheidhmíocht atá ábhartha do na páirtithe leasmhara oibríochtúla éagsúla agus do chustaiméirí deiridh na seirbhísí iompair ar iarnród. Ba cheart príomhfheidhm an chórais sin a dhíriú ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna dtabhairt ag na páirtithe leasmharageallsealbhóirí oibríochtúla agus ar dhul chun cinn na feidhmíochta le himeacht ama, agus imthosca agus saintréithe éagsúla laistigh den earnáil iarnróid á gcur san áireamh. Chun an córas den sórt sin a bhunú agus chun anailís a dhéanamh ar a aschur, ba cheart don Choimisiún agus do ERA a bheith in ann brath ar shaineolaithe neamhspleácha a bhfuil eolas domhain acu ar an earnáil iarnróid i bhfoirm ComhlachtaComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta. Ba cheart don chomhlacht sin a bheithgo mbeadh an comhlacht seo in ann comhairlesainchomhairle neamhspleách a sholáthar don Choimisiún agus do ERA i ngach réimse ina n‑imrítearn-imrítear tionchar ar fheidhmíocht na seirbhísí iarnróid agus ar bhainistíochtan mbainistíocht bonneagair. [Leasú 21]

(20)  Chun feidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid a fheabhsú sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, ba cheart do na bainisteoirí bonneagair, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, le ERA,leis an gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta agus le páirtithe leasmharageallsealbhóirí ábhartha, creat coiteann a bhunú agus a chur chun feidhme chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht. Ba cheart don chreat sin a áirithiú go n‑úsáidfidh bainisteoirí bonneagair uile an Aontais prionsabail agus modheolaíochtaí coiteanna chun feidhmíocht a thomhas trí tháscairí comhaontaithe. Ba cheart don chreat sainaithint easnamh feidhmíochta ar ghréasáin iarnróid an Aontais a éascú. Ba cheart a áirithiú leis go socróidh bainisteoirí bonneagair cuspóirí feidhmíochta ar bhealach a chuireann san áireamh sainiúlachtaí an ghréasáin a bhainistíonn siad, ach a áirithíonn an tráth céanna comhleanúnachas maidir leis na heasnaimh feidhmíochta is ábhartha a shainaithint. Ba cheart don chreat a cheadú do bhainisteoirí bonneagair dul i gcomhar ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear laistigh de ERA chun bearta a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh feidhmíochta agus chun súil a choimeád ar a dtionchar. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair, ag obair le chéile le ERA i Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair agus ag cur tuairim an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta agus an Choimisiúin san áireamh, an creat seo a athbhreithniú go tráthrialta chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm. [Leasú 22]

(21)  Chun creat AE éifeachtach a áirithiú le haghaidh chomhordú na mbainisteoirí bonneagair iarnróid, ba cheart do Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair, a bunaíodh le Treoir 2012/34/AE, éirí níos oibríochtúla. Ba cheart sásraí cinnteoireachta a chur san áireamh leis, rud a cheadóidh do bhainisteoirí bonneagair iarnróid de chuid an Aontais comhordú éifeachtach a dhéanamh ar phleanáil straitéiseach toillte bonneagair iarnróid.

(22)  Ba cheart do na comhlachtaí rialála iarnróid dul i gcomhar ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear an creat rialála i bhfeidhm go comhleanúnach agus go gcaithfear go comhsheasmhach le hiarratasóirí ar fud an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB), d’fhonn cleachtais choiteanna a fhorbairt chun na cinntí a dtugtar de chumhacht dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh. Chun na críche sin, ba cheart do Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála IarnróidENRRB cúraimí comhordaithe a chomhlíonadh agus moltaí agus tuairimí neamhcheangailteacha a ghlacadh, ach níor cheart do na nithe sin difear a dhéanamh d’inniúlachtaí na gcomhlachtaí rialála iarnróid ná d’inniúlachtaí na mbainisteoirí bonneagair. Ba cheart do ENRRB comhoiriúnacht na gcreataí Eorpacha a fhíorú, le cuspóirí rialála an Rialacháin. Ba cheart maoirseacht rialála a cheapadh sa chaoi go gcoiscfear cinntí náisiúnta chun an bonn a bhaint ó na nósanna imeachta comhchuibhithe a bhfuil tuairisc orthu sna creataí Eorpacha, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo. [Leasú 23]

(23)  Éilítear malartú sonraí agus faisnéise idir bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile chun toilleadh iarnróid agus trácht a bhainistiú go héifeachtúil. Féadfaidh an malartú sin a bheith i bhfad níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ach tacaíocht a fháil ó uirlisí digiteacha idir‑inoibritheacha agus, nuair is féidir, ó uathoibriú. Ba cheart, dá bhrí sin, sonraíochtaí le haghaidh idir‑inoibritheachta a chur chun feidhme mar ábhar tosaíochta agus iad a fhorbairt a thuilleadh chun coimeád suas leis na forbairtí teicneolaíochta agus na próisis nua a chuirtear ar aghaidh sa Rialachán seo. Chun forbairt agus cur chun feidhme mear a áirithiú, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun bainistiú comhtháite digiteach Eorpach ar thrácht iarnróid a chur chun feidhme agus a rialú. Ós rud é gurb é ERA an t-údarás córais Eorpach le haghaidh feidhmchláir theileamaitice, ba cheart dlúthbhaint a bheith aige le forbairt agus cur chun feidhme na n-uirlisí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad TSI le haghaidh feidhmchláir theileamaitice mar a shainmhínítear i dTreoir (AE)2016/797 agus i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/796. [Leasú 24]

(23a)   Tá oibrithe ríthábhachtach d’fheidhmiú éifeachtúil na hearnála iarnróid. Chun go mbeidh seirbhísí níos éifeachtúla agus chun a gcáilíocht a mhéadú, tá an digitiú bunriachtanach. Ní mór forbairt scileanna digiteacha d’fhostaithe na hearnála a bheith ag gabháil le digitiú agus uathoibriú na hacmhainneachta iarnróid agus an bhainistithe tráchta. Is é atá i gceist le hoiliúint agus infheistíocht bhreise i leathnú na n-inniúlachtaí digiteacha i ndáil le ceanglais dhigiteacha nua ná a chur ar chumas oibrithe oiriúnú agus rannchuidiú go dearfach le dea-fheidhmiú na hearnála trí chumarsáid fheabhsaithe agus trí chumas feabhsaithe chun déileáil le himeachtaí gan choinne. [Leasú 25]

(24)  Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair ailíniú a áirithiú, go háirithe maidir le digiteáil, le hobair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bunaíodh i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, maidir leis an Máistirphlean dá dtagraítear in Airteagal 86(5) agus an Colún Córasach dá dtagraítear in Airteagal 85(2)(c), agus tríd an ngrúpa imscartha dá dtagraítear in Airteagal 97 de Rialachán (AE) 2021/2085.

(25)  Is gá an sásra a sholáthar chun critéir, prionsabail agus nósanna imeachta a shocrú a bhaineann le toilleadh a bhainistiú, le comhar idir páirtithe leasmhara iarnróid agus le comhordú ar leibhéal an Aontais, le haghaidh bainisteoirí bonneagair agus i réimse na maoirseachta rialála. Éilítear leis an sásra sin go ndéanfaidh bainisteoirí bonneagair agus comhlachtaí rialála iarnróid, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha, creataí agus treoirlínte Eorpacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tar éis meastóireachta ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme na gcreataí Eorpacha agus i gcás nach mbaintear amach le cur i bhfeidhm deonach na dtreoirlínte earnála an leibhéal comhleanúnachais rialála a bhfuil gá leis, ba cheart na hacmhainní a bheith ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh rialála den sórt sin trí ghníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe, i gcás inarb iomchuí.

(26)  Chun próiseas rianúil um bainistiú toillte agus tráchta le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid a áirithiú, íoslaghdú a dhéanamh ar chealuithe an toillte leithdháilte agus ar chur isteach ar oibríochtaí iarnróid de bharr suaití ar an ngréasán iarnróid agus chun forbairtí i gcleachtais na mbainisteoirí bonneagair agus úsáid modhanna nua maidir le toilleadh a leithdháileadh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart do na cumhachtaí sin a bheith bainteach leis na bunspriocanna inghnóthaithe a eascraíonn as pleanáil straitéiseach an toillte bonneagair; an sceideal don phleanáil toillte straitéiseach agus don phróiseas leithdháilte toillte; na sprioc‑amanna le haghaidh athruithe ar thoilleadh leithdháilte agus réitigh mhalartacha a fhorbairt d’iarratasóirí; an sceideal maidir le comhordú, comhairliúchán agus foilsiú na srianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair; sainmhíniú ar bhonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe agus na nósanna imeachta agus na modhanna chun an méid úsáide toillte a ríomh; na critéir chun aon suaitheadh ar an ngréasán a shainaithint agus a dhearbhú; an fhaisnéis atá le soláthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla; agus na réimsí ar cheart do bhainisteoirí bonneagair comhordú a dhéanamh orthu agus na socruithe sonracha don chomhordú sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(12). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais theicniúla agus oibríochtúla a thabhairt isteach chun feidhmiú rianúil an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid a éascú maidir le critéir aonfhoirmeacha le haghaidh na gceanglas arna leagan síos ag bainisteoirí bonneagair maidir le hiarratasóirí; nósanna imeachta, critéir agus modheolaíochtaí coiteanna chun toilleadh gann a bhainistiú, chun pleanáil theagmhasach a dhéanamh, agus chun toilleadh a leithdháileadh thar an tréimhse a chumhdaítear leis an amchlár oibre; cur chuige coiteann i leith cúitimh a íoctar as athruithe ar an toilleadh leithdháilte; critéir agus nósanna imeachta coiteanna maidir le hathsceidealú; an sainmhíniú ar na heilimintí teicniúla de chóras chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht seirbhísí iarnróid agus seirbhísí a bhaineann le hiarnród, lena n‑áirítear modheolaíochtaí agus ceanglais sonraí agus an t‑athbhreithniú orthu. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(28)  Cuirtear na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo in ionad na rialacha maidir le toilleadh a leithdháileadh a leagtar amach i dTreoir 2012/34/AE. Dá bhrí sin, na rialacha maidir le comhar idir bainisteoirí bonneagair, na rialacha maidir le comhar idir comhlachtaí rialála iarnróid, na ceanglais maidir leis na heilimintí den ráiteas gréasáin lena dtugtar tuairisc ar chineál an bhonneagair iarnróid atá ar fáil do ghnóthais iarnróid, na coinníollacha maidir le rochtain a fháil air agus na prionsabail agus na critéir maidir le toilleadh a leithdháileadh, ba cheart iad a shainmhíniú sa Rialachán seo. Ba cheart na rialacha maidir le comhar agus comhordú, chomh maith leis na heilimintí den ráiteas gréasáin, nach mbaineann leis an toilleadh a bhainistiú, leanúint de bheith ina gcuid de Threoir 2012/34/AE.

(29)  Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex‑post ar Rialachán (AE) Uimh. 913/2010(14) go raibh tionchar an Rialacháin ró‑theoranta chun rannchuidiú le haistriú iompair ó bhóthar go hiarnród. Thairis sin, bhí an comhar idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair maidir le bainistíocht an bhonneagair iarnróid neamhéifeachtach fós i gcomhthéacs trasteorann. Léiríodh sa mheastóireacht freisin nach bhfuil sé éifeachtúil an toilleadh ar na dorchlaí lasta iarnróid agus ar an gcuid eile den ghréasán a bhainistiú ar leithligh. Ba cheart feidhm a bheith ag creat rialála aonair maidir le toilleadh an ghréasáin iarnróid a oibriú, rud a chomhdhlúthódh na forálacha gaolmhara i dTreoir 2012/34/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 913/2010. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus na forálacha i dTreoir 2012/34/AE maidir le toilleadh a leithdháileadh a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina n‑ionad. Ba cheart Airteagail ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir le Treoirlínte an Aontais chun forbairt an ghréasáin thras-Eorpigh iompair a leasú dá réir. [Leasú 26]

(29a)   Ar an gcaoi chéanna, ba cheart ailíniú a áirithiú leis na rialacháin cur chun feidhme seo a leanas, le haghaidh na rialacha maidir le leithdháileadh i saoráidí seirbhíse (Rialachán cur chun feidhme (AE) 2017/2177) agus le haghaidh nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le creat-chomhaontuithe (Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/545). [Leasú 27]

(30)  Chun an tráthchlár oibre a ullmhú, is gá gníomhaíochtaí ullmhúcháin a dhéanamh sna blianta roimh theacht i bhfeidhm an amchláir oibre sin. Dá bhrí sin, leis an aistriú ón gcreat rialála a bunaíodh le Treoir 2013/34/AE2012/34/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 go dtí an ceann a bhunaítear leis an Rialachán seo, tugtar le tuiscint gur cheart tosú le hullmhúcháin le haghaidh amchlár oibre faoin gcreat nua i gcomhthreo le cur i bhfeidhm na rialacha faoin gcreat atá ann faoi láthair. Dá réir sin, ní mór feidhm a bheith ag córas déach san idirthréimhse trínar cheart na réamhbhearta is gá do thráthchlár ar leith an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an amchlár oibre sonrach sin a chomhlíonadh. Ba cheart an rogha a bheith ann maidir le creat‑chomhaontuithe arna gcur i gcrích faoin gcreat atá ann faoi láthair, ba cheart an rogha a bheith ann feidhm leanúnach a bheith acu ar feadh idirthréimhse faoin gcóras nua leanúint ar aghaidh go dtí deireadh a gconartha. [Leasú 28]

(31)  Faoin gcreat nua, ba cheart tús a chur leis na réamhbhearta le haghaidh tráthchlár oibre ach straitéis um thoilleadh a fhoilsiú 5 bliana roimh theacht i bhfeidhm amchláir oibre ar leith. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm luath an chreata rialála nua agus an obair ullmhúcháin atá déanta cheana féin ag an earnáil á cur san áireamh, d’fhéadfaí sceideal na ngníomhaíochtaí as a dtiocfaidh bunú an chéad dá amchlár oibre a ghiorrú go 38 mí trí chéim na straitéise um thoilleadh a ghiorrú. Dá réir sin, ba cheart an t‑amchlár oibre dar tosach an [9 Nollaig 2029] a bheith mar an gcéad amchlár oibre a thagann faoin gcreat rialála nua. Ba cheart do na páirtithe leasmharageallsealbhóirí uile na hullmhúcháin is gá a thosú gan mhoill d’fhonn an creat nua a chomhlíonadh. D’fhéadfadh na Ballstáit atá in ann a chruthú go bhfuil gach beart riachtanach déanta acu roimh dháta glactha an Rialacháin dáta cur i bhfeidhm níos luaithe a mheas. [Leasú 29]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leagtar síos leis an Rialachán seo na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus comhordú le saoráidí seirbhíse, bainistiú tráchta, bainistiú géarchéime agus bainistiú feidhmíochta do sheirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le Líonra Eorpach um Chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara ábhartha eile agus maidir le formhaoirseacht ar bhainistiú an toillte agus an tráchta.

1a.   Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha agus nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme córais chomhtháite dhigitigh Eorpaigh um bainistiú tráchta iarnróid. [Leasú 30]

2.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le córas iarnróid an Aontais a shainítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/797, le húsáid bonneagair iarnróid do sheirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2012/34/AE, lena n‑áirítear saoráidí seirbhíse mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) den Treoir sin. [Leasú 31]

3.  Ní bheidh feidhm ag Caibidlí II go V den Rialachán seo maidir le bonneagar iarnróid nó seirbhísí iarnróid a eisiatar ó chur i bhfeidhm Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE i gcomhréir le hAirteagal 2(3), (3a), (4), (8), (8a), (9) agus (10) den Treoir sin le linn thréimhse bhailíochta na n‑eisiamh ábhartha. [Leasú 32]

4.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gCipir ná maidir le Málta fad nach mbeidh aon chóras iarnróid bunaithe ina gcríoch.

Airteagal 2

Freagrachtaí agus prionsabail ghinearálta

1.  Gan dochar d’Airteagal 7c de Threoir 2012/34/AE, beidh bainisteoirí bonneagair freagrach as toilleadh an bhonneagair iarnróid agus an trácht iarnróid a bhainistiú.

Déanfar tagairtí do bhainisteoir bonneagair i ngach foráil a bhaineann le leithdháileadh toillte bonneagair iarnróid sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don chomhlacht leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 7a(3) de Threoir 2012/34/AE.

2.  D’fhonn soláthar toillte bonneagair iarnróid agus bainistithe tráchta éifeachtaigh agus éifeachtúil a éascú laistigh den Aontas, rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhar laistigh de Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (‘ENIM’) dá dtagraítear in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE agus i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo maidir le comhar.

3.  Agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a)  an úsáid éifeachtach is fearr a bhaint as an toilleadh bonneagair atá ar fáil mar a cheanglaítear in Airteagal 26 de Threoir 2012/34/AE chun sciar an iompair d’iarnród a mhéadú, le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus lasta araon i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais; [Leasú 33]

(b)  an luach is fearr don tsochaí a bhaint as seirbhísí iompair ar iarnród arna gcumasú ag bonneagar iarnróid i dtéarmaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil;

(c)  bainistíocht neamh‑idirdhealaitheach agus rochtain thrédhearcach ar thoilleadh bonneagair a áirithiú, lena n‑áirítear le linn oibreacha, d’fhonn tacú le hiomaíocht chóir;

(d)  trácht iarnróid gan uaim agus poncúil a chumasú thar níos mó ná gréasán amháin agus thar theorainneacha trí iarracht a dhéanamh deireadh a chur le scrogaill agus le constaicí oibriochtúla; [Leasú 34]

(e)  trédhearcacht a áirithiú maidir le staid agus infhaighteacht toillte bonneagair iarnróid;

(f)  feidhmíocht bonneagairan bhonneagair iarnróid agus na seirbhísí iompair a athbhreithniú agus a fheabhsú i ndlúthchomhar le hoibreoirí na hearnála iarnróid, lena n-áirítear saoráidí seirbhíse a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhís iarnróid; [Leasú 35]

(g)  rannchuidiú le cur chun feidhme agus le forbairt an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, go háirithe trí rialacha agus caighdeáin theicniúla agus oibríochtúla coiteanna Eorpacha, ceanglais maidir le trealamh teicniúil agus deimhniúchán foirne. [Leasú 36]

Airteagal 3

Neamhchlaontacht an bhainisteora bonneagair i leith bainistiú tráchta agus toillte, lena n‑áirítear pleanáil cothabhála

1.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na feidhmeanna a bhaineann le bainistiú tráchta agus toillte, lena n‑áirítear pleanáil cothabhála ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach agus ní dhéanfaidh aon choinbhleacht leasa difear do na daoine atá i gceannas ar chinntí a dhéanamh i leith na bhfeidhmeanna sin.

2.  A mhéid a bhaineann le bainistiú tráchta, áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go mbeidh rochtain iomlán agus thráthúil ag gnóthais iarnróid ar fhaisnéis ábhartha i gcás aon suaitheadh a bhaineann leo. I gcás ina dtabharfaidh an bainisteoir bonneagair rochtain bhreise ar an bpróiseas bainistithe tráchta, déanfaidh sé amhlaidh ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach do na gnóthais iarnróid lena mbaineann.

3.  A mhéid a bhaineann le bainistiú an toillte agus le pleanáil fhadtéarmach oibríochtaí móra cothabhála, athnuachan agus uasghrádaithe ar an mbonneagar iarnróid, rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19 de Threoir 2012/34/AE, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, a mhéid is féidir, cuirfidh siad na hábhair imní a cuireadh in iúl san áireamh.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘force majeure’ aon teagmhas nó cás neamh‑intuartha nó neamhghnáchstaid neamh-intuartha, dosheachanta nó eisceachtúil nach bhfuil smachtneart ag an mbainisteoir bonneagair, ag an ngnóthas iarnróid nó ag an iarratasóir air, nach féidir a sheachaint nó a shárú le fadbhreathnaitheacht agus le dúthracht réasúnach, nach féidir a réiteach le bearta atá indéanta go réasúnach dóibh ó thaobh dearcadh teicniúil, airgeadais nó eacnamaíoch de, aa d’fhéadfadh a bheith ann le réasún lena n-áirítear athródú thar theorainneacha; ní mór gur tharla an teagmhas sin iarbhír agus atágur gá é a bheith infhíoraithe go hoibiachtúil, agus a fhágann go bhfuil sé dodhéanta don bhainisteoirnach féidir leis an mbainisteoir bonneagair a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, go sealadach nó go buan, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le Treoir 2012/34/AE nó ionas go gcomhlíonfaidh an gnóthasnach féidir leis an ngnóthas iarnróid a oibleagáidí conarthacha i leith bainisteoir nó bainisteoirí bonneagair a chomhlíonadh; [Leasú 37]

(2)  ciallaíonn ‘idir‑inoibritheacht’ idir‑inoibritheacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15);

(2a)   ciallaíonn ‘iarratasóir’ gnóthas iarnróid nó grúpáil idirnáisiúnta gnóthas iarnróid nó daoine nó eintitis dhlíthiúla eile, amhail údaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) agus seoladóirí, seoltóirí lasta agus oibreoirí iompair chomhcheangailte, a bhfuil leas seirbhíse poiblí nó tráchtála acu toilleadh bonneagair a sholáthar; [Leasú 38]

(3)  ciallaíonn ‘páirtí leasmhargeallsealbhóir oibríochtúil’ iarratasóir, gnóthas iarnróidcomhlachas iarratasóirí, bainisteoir bonneagair, oibreoir saoráide um sheirbhís iarnróidseirbhíse, soláthraí seirbhísí a bhaineann le hiarnród agus aon eintiteas eile a bhfuil baint dhíreach aige le seirbhís iompair ar iarnródiarnróid a oibriú; [Leasú 39]

(4)  ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Eorpach’ an Comhordaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán [... Rialachán nua TEN‑T];

(5)  ciallaíonn ‘creat‑chomhaontú’ comhaontú ginearálta atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach, lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí iarratasóra agus an bhainisteora bonneagair i ndáil leis an toilleadh bonneagair atá le leithdháileadh agus na muirir a bheidh le tobhach i gcaitheamh tréimhse níos faide ná aon tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin;

(6)  ciallaíonn ‘toilleadh a leithdháileadh go comhuaineach’ próiseas trína leithdháileann bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid mar fhreagairt ar shraith iarrataí ar thoilleadh a fhaightear faoi scoithdháta áirithe agus trí na hiarrataí sin a chomhordú chun an úsáid is fearr is féidir as an mbonneagar agus an meaits is gaire agus is féidir leis na hiarrataí a áirithiú;

(7)  ciallaíonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ prionsabal maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh i gcás ina dtugtar tosaíocht don phróiseas leithdháilte de réir ord croineolaíoch na n‑iarrataí ar thoilleadh;

(8)  ciallaíonn ‘bealach traenach’ an toilleadh bonneagair is gá chun traein a rith idir dhá áit i gcaitheamh tréimhse ar leith, a thugtar tuairisc uirthi mar bhealach beacht le huainiú na traenach sin, lena n‑áirítear tionscnamh agus ceann scríbe, am iontrála agus lá agus am scoir agus lá, lena n‑áirítear aon phointe stad agus amanna imeachta gaolmhara;

(9)  ciallaíonn ‘sonraíocht toillte’ ceart toillte, a shonraíonn saintréithe tráchtála agus oibríochtúla an toillte bonneagair atá ábhartha don iarratasóir lena mbaineann agus a sholáthraíonn a dhóthain faisnéise don bhainisteoir bonneagair chun bealaí sonracha traenach a urramaíonn na saintréithe sin a ullmhú;

(10)  ciallaíonn ‘seirbhís iarnróid ilghréasáin’ seirbhís iompair lasta nó paisinéirí ar iarnród, intíre nó idirnáisiúnta, a oibrítear ar dhá ghréasán nó níos mó arna mbainistiú ag bainisteoirí bonneagair éagsúla. Féadfaidh an traein a bheith nasctha agus/nó deighilte agus féadfaidh tionscnaimh agus cinn scríbe éagsúla a bheith ag na codanna éagsúla, ar choinníoll go dtrasnaíonn gach vaigín nó carráiste anonn go gréasán amháin ar a laghad arna oibriú ag bainisteoir bonneagair eile;

(11)  ciallaíonn ‘ceart toillte ilghréasáin’ iomlán na gceart toillte lena gcumasaítear seirbhís iarnróid ilghréasáin a sholáthar;

(12)  ciallaíonn ‘toilleadh bonneagair a dheighilt’ scaireanna den toilleadh iomlán atá ar fáil maidir le heilimint den bhonneagar a shannadh do chineálacha éagsúla seirbhísí iompair ar iarnród agus do shrianta toillte a eascraíonn as obair bhonneagair.

(13)  ciallaíonn ‘tráthchlár oibre’ na sonraí a thugtar cothrom le dáta go leanúnach lena sainmhínítear na gluaiseachtaí traenach agus rothstoic uile atá beartaithe a dhéanfar ar an mbonneagar ábhartha, mar a chuirtear in iúl trí chearta toillte leithdháilte, le linn tréimhse bailíochta tráthchláir oibre;

(14)  ciallaíonn ‘tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre’ an tréimhse ama a bhfuil tráthchlár oibre áirithe bailí lena linn;

(15)  ciallaíonn ‘obair bhonneagair’ idirghabhálacha ar an mbonneagar iarnróid chun an bonneagar iarnróid a fhorbairt, a chothabháil, a athnuachan agus a uasghrádú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (2a), (2c), (2d), agus (2e) de Threoir 2012/34/AE;

(16)  ciallaíonn ‘comhlacht rialála’ an comhlacht rialála dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2012/34/AE;

(17)  ciallóidh ‘teagmhas’ aon tarlú, nó sraith tarluithe den tionscnamh céanna, a chuireann isteach ar thrácht iarnróid.

(17a)   ciallaíonn ‘bealaí traenach córasacha’ bealaí traenach atá bunaithe ar Airteagail 11 agus 20 den Rialachán seo, atá réamhphleanáilte i sceideal rialta ar feadh tréimhse tábla ama oibre. [Leasú 40]

CAIBIDIL II

AN TOILLEADH BONNEAGAIR A BHAINISTIÚ

ROINN 1

Prionsabail ghinearálta le maidir le toilleadh bonneagair a bhainistiú

Airteagal 5

An toilleadh a bhainistiú

1.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú trí phróiseas pleanála agus leithdháilte a chuimsíonn trí chéim:

(a)  pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh dá dtagraítear i roinn 2;

(b)  sceidealú agus leithdháileadh toillte bonneagair dá dtagraítear i roinn 3;

(c)  oiriúnú agus athsceidealú an toillte leithdháilte dá dtagraítear i roinn 4.

2.  I dteannta an ábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/34/AE, áireoidh bainisteoirí bonneagair sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin roinn maidir leis an mbonneagar a chuirfear ar fáil do ghnóthais iarnróid; roinn maidir le bainistiú an toillte; roinn maidir le hoibríochtaí, lena n‑áirítear maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime; agus roinn maidir le bainistiú feidhmíochta, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

3.  Beidh cinnteoireacht maidir le toilleadh a bhainistiú dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear sainmhíniú agus measúnú ar infhaighteacht agus leithdháileadh ceart toillte, ina feidhm fhíor‑riachtanach de chuid an bhainisteora bonneagair de réir bhrí Airteagal 3, pointe (2f) de Threoir 2012/34/AE. Beidh feidhm ag na forálacha fíor‑riachtanacha a leagtar síos sa Treoir sin maidir léi.

Airteagal 6

Creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú

1.  Féachfaidh bainisteoirí bonneagair le prionsabail agus nósanna imeachta coiteanna a leanúint chun toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. Chun na críche sin, déanfaidh ENIM i gcomhairle le ERP ‘creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú’ a fhorbairt agus a ghlacadh i gcomhréir le forálacha ChaibidilCaibidil II faoin [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 41]

2.  Sainmhíneoidh an creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú na prionsabail agus na nósanna imeachta coiteanna chun toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus le haghaidh comhordú idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus iarratasóirí eile, oibreoirí saoráide seirbhíse iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile.

3.  Áireofar ar a laghad na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn III sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú agus tabharfar cothrom le dáta é nuair is gá chun taithí bainisteoirí bonneagair, gnóthas iarnróid agus iarratasóirí eile a chur san áireamh agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí ENIM.

4.  Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú agus an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE á ullmhú acu, go háirithe an t‑ábhar a shonraítear in Iarscríbhinn IV den Rialachán seo. Míneoidh siadTabharfaidh siad bonn cirt sa ráiteas gréasáin andon chúis atá le haon imeacht ó na prionsabail agus na nósanna imeachta coiteanna a bhunaítear sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. Ní cheadófar dialltaí ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus beidh siad faoi réir a bhformheasta ag an gcomhlacht rialála náisiúnta iarnróid. [Leasú 42]

4a.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun na prionsabail agus na nósanna imeachta coiteanna a leagan amach maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus chun mír 2 den Airteagal seo a leasú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh trí ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 43]

Airteagal 7

Iarratasóirí

1.  Déanfaidh iarratasóirí iarrataí ar thoilleadh bonneagair. Chun toilleadh bonneagair den sórt sin a úsáid, ceapfaidh iarratasóirí, nach gnóthais iarnróid iad gnóthas iarnróid chun comhaontú a thabhairt i gcrích leis an mbainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2012/34/AE. Tá sé sin gan dochar do cheart na n‑iarratasóirí chun creat‑chomhaontuithe a thabhairt i gcrích le bainisteoirí bonneagair faoi Airteagal 31 den Rialachán seo. [Leasú 44]

2.  FéadfaidhDéanfaidh an bainisteoir bonneagair ceanglais a leagan síos maidir le hiarratasóirí chun a áirithiú go ndéanfar a ionchais dhlisteanacha maidir le hioncam agus úsáid an bhonneagair amach anseo a chosaint. Beidh ceanglais den sórt sin iomchuí, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach. Sonrófar iad sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear i bpointe (1)(b)(2)(c) d’Iarscríbhinn IV. Ní fhéadfaidh siad a áireamh ach foráil de ráthaíocht airgeadais nach sáróidh leibhéal iomchuí a bheidh comhréireach leis an leibhéal gníomhaíochta atá beartaithe ag an iarratasóir, agus dearbhú maidir leis an gcumas tairiscintí comhlíontacha a ullmhú le haghaidh an toillte bonneagair. [Leasú 45]

3.  FéadfaidhDéanfaidh an Coimisiún, faoin [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach sonraíchun mionsonraí an na gcritéar a bheidh le leanúint a leagan amach chun mír 2 a chur i bhfeidhm agus chun mír 2 den Airteagal seo a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3). [Leasú 46]

Airteagal 8

Toilleadh bonneagair gann a bhainistiú

1.  Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go ndéanfar toilleadh bonneagair gann a bhainistiú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 26 de Threoir 2012/34/AE agus in Airteagal 2 den Rialachán seo i ngach céim den phróiseas bainistithe toillte dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.  Agus cinntí á ndéanamh maidir le toilleadh gann, cuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh treoraíocht straitéiseach maidir le húsáid toillte bonneagair arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(3).

Gan dochar do rialacha maidir leis an Státchabhair, féadfaidhdéanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, cúiteamh a dheonú don bhainisteoir bonneagair a chomhfhreagraíonn do chaillteanais ioncaim a bhaineann go heisiach leis an ngá atá leis an treoraíocht straitéiseach maidir le húsáid thoilleadh an bonneagair iarnróid a chomhlíonadh. [Leasú 47]

3.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh gann a phleanáil agus a leithdháileadh a mhéid is féidir tríd an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a mbeidh baint ag na hiarratasóirí lena mbaineann leis agus as a n‑eascróidh réitigh chomhthoiliúla ar riachtanais agus ar iarrataí toillte contrártha.

4.  Mura eascróidh réiteach sásúil ar riachtanais agus ar iarrataí toillte contrártha as an sásra dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh gann a bhainistiú nó coinbhleachtaí a réiteach trí nósanna imeachta atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach.

Leis na nósanna imeachta sin, déanfar measúnú ar roghanna malartacha maidir le húsáid toillte bonneagair, bunaithe ar na critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil seo a leanas, faoi réir infhaighteacht na sonraí caighdeánaithe a chuirfidh na hiarratasóirí ar fáil do na bainisteoirí bonneagair. Áireofar na nithe seo a leanas sna critéir sin, ach ní bheifear teoranta dóibh: [Leasú 48]

(a)  an costas oibriúcháin a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród d’oibreoirí agus an tionchar a bheidh aige sin ar phraghsanna do chustaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród;

(b)  costas na seirbhísí iompair ar iarnród a bhaineann le ham do na custaiméirí;

(c)  nascacht agus inrochtaineacht, mar éifeacht ghréasáin ar an ngréasán foriomlán agus ar chodanna den ghréasán araon,do dhaoine agus do réigiúin ar a bhfreastalaíonn na seirbhísí iompair ar iarnród; [Leasú 49]

(d)  astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin aeir áitiúla, torann agus costais sheachtracha eile a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród agus lena roghanna malartacha dóchúla;

(e)  impleachtaí sábháilteachta agus sláinte poiblí a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród agus lena roghanna malartacha dóchúla.

(ea)   éifeachtaí aistrithe mhódaigh i dtreo an iarnróid. [Leasú 50]

5.  Ullmhóidh agus glacfaidh ENIMDéanfaidh ENIM, i gcomhairle le ERP, na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4 a ullmhú agus a ghlacadh agus cuirfidh sé san áireamh iad sa chreat Eorpach le haghaidh bainistiú acmhainneachtaagus áireoidh sé iad i gcreat an Aontais um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. Beidh na céimeanna seo a leanas i gceist leis na nósanna imeachta: [Leasú 51]

(a)  cásanna malartacha a dhearadh chun an toilleadh atá ar fáil do chineálacha éagsúla seirbhísígach cineál éagsúil seirbhís iompair ar iarnród a bhfuil feidhm acu maidir leis an toilleadh céanna a dheighilt, lena n‑áirítear, i gcás inar féidir, soláthar toillte mhalartaigh ar bhealaí eile nó uainiú malartach a bhfuil saintréithe inchomparáide aige maidir le seirbhísí intíre agus trasteorann araon; [Leasú 52]

(aa)   cásanna malartacha a dhearadh chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí acmhainneachta idir dhá iarraidh nach bhfuil ag teacht leis an bpleanáil straitéiseach acmhainneachta; [Leasú 53]

(b)  meastóireacht a dhéanamh ar na cásanna agus iad a rangú ar bhonn modheolaíochtaí oibiachtúla agus trédhearcacha agus na critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil a leagtar amach i mír 4 á gcur san áireamh;

(c)  an cás is airde rangaithe a roghnú ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i bpointe (b) agus an sainmhíniú ar an tsamhail maidir le toilleadh agus an plean um thoilleadh a sholáthar a leasú dá réir.

6.  Forbróidh ENIM, i gcomhairle le ERP, na modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 5, pointe b(b), den Airteagal seo. Trí pharaiméadair na modheolaíochtaí sin, beifear in ann imthosca áitiúla nó náisiúnta a chur san áireamh bunaithe ar chuir chuige a bhfuil glacadh leo agus ar fhianaise eimpíreach. Áireoidh ENIM na modheolaíochtaí sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 54]

7.  Ag cur san áireamh taithíAgus eispéiris ar ullmhú agus ar chur chun feidhme an chreata dá dtagraítear i mír 6 á gcur i gcuntas, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe a ghlacadh lena leagfar amachi gcomhréir le hAirteagal 71 chun na nósanna imeachta sonracha a leagan amach, sonraí caighdeánaithe a léiríonn codanna éagsúla den mhargadh do na critéir agus do na modheolaíochtaí sonrachacaighdeánaithe a bheidh le cur i bhfeidhm chun toilleadh gann a bhainistiú agus chun mír 6 den Airteagal seo a leasú. Glacfar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3)tarmligthe sin faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 55]

Airteagal 9

Faisnéis maidir le toilleadh bonneagair

1.  Soláthróidh bainisteoirí bonneagair do pháirtithe leasmhara, go háirithe iarratasóirí, iarratasóirí féideartha agus comhlachtaí rialála, faisnéis chruinn agus cothrom le dáta maidir le hinfhaighteacht toillte bonneagair ar feadh an phróisis bainistithe toillte ina iomláine, lena n‑áirítear sa chéim pleanála straitéisí dá dtagraítear i roinn 2, le linn na bpróiseas sceidealaithe agus leithdháilte a leagtar amach i roinn 3 agus aon uair a dhéanfar athruithe ar an toilleadh leithdháilte dá dtagraítear i roinn 4, ag brath ar infhaighteacht na straitéise um thoilleadh, na samhla maidir le toilleadh agus an phlean um thoilleadh a sholáthar foilsithe. [Leasú 56]

Foilseoidh bainisteoirí bonneagair aon nuashonrú ar an bplean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 agus ar an amchlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 30 gan mhoill.

2.  Foilseoidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 62(5) agus rannchuideoidh siad le forbairt sonraíochtaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 62(3).

3.  Arna iarraidh sin ag na hiarratasóirí, soláthróidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar bhonn sonraíochtaí coincréiteacha ar riachtanais tráchtála agus oibríochtúla (‘measúnuithe féidearthachta’). I gcás seirbhísí trasteorann, gheobhaidh agus freagróidh bainisteoirí bonneagair iarrataí den sórt sin in aon áit amháin agus in oibríocht aonair nó trí chomhéadan aonair arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 27 (4). [Leasú 57]

Airteagal 10

Srianta ar an toilleadh a eascraíonn as obair bhonneagair agus bonneagar díghrádaithe

1.  Gan dochar d’Airteagal 7, 7c agus 7e de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh bainisteoirí bonneagair obair bhonneagair a phleanáil i gcomhréir leis an bplean gnó agus leis na cláir infheistíochta agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE. I gcás ina ndéanann leasuithe ar na cláir sin tar éis an plean gnó a ghlacadh difear do phleanáil oibreacha bonneagair nó inar dócha go ndéanfaidh siad difear do phleanáil oibreacha bonneagair, soláthróidh an bainisteoir bonneagair forbhreathnú ar na leasuithe sin agus ar a dtionchar dóchúil sa ráiteas gréasáin. Cuirfidh an Ballstát cistiú ilbhliantúil cobhsaí tráthúil ar fáil don bhainisteoir bonneagair chun bonneagar iarnróid a chothabháil, a athnuachan agus a thógáil ar feadh tréimhse rollach 5 bliana ar a laghad tríd an gcomhaontú feidhmíochta ilbhliantúil chun tacú le bainisteoirí bonneagair díghrádú an bhonneagair iarnróid a chosc agus an tionchar ar shrianta toillte a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú. Déanfar an buiséad bliantúil a bheidh ar fáil do bhainisteoirí bonneagair a dhéanamh trédhearcach don bhainisteoir bonneagair agus leithdháilfear é go hiontaofa. [Leasú 58]

2.  Agus oibreacha bonneagair á bpleanáil, gníomhóidh an bainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus le hAirteagal 3.

Go háirithe, cuirfidh an bainisteoir bonneagair san áireamh ar bhealach cothrom tionchar na n‑oibreacha bonneagair ar a bhainistíocht sócmhainní agus a staid airgeadais dhílis chomh maith leis an tionchar oibríochtúil agus airgeadais ar na hiarratasóirí uile lena mbaineann.

Beidh sé d’aidhm ag an maoiniú a chuirfidh an Ballstát ar fáil don bhainisteoir bonneagair ar chothromaíocht den sórt sin a bhunú. Déanfaidh na hiarratasóirí an fhaisnéis is gá chun go gcomhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an fhoráil seo a sholáthar go tráthúil. [Leasú 59 agus 60]

3.  Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis na hoibreacha bonneagair i gcomhthéacs na sásraí comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7e de Threoir 2012/34/AE 2012/34/AE agus, a mhéid a bhaineann le seirbhísí iarnróid trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 54 den Rialachán seo. [Leasú 61]

4.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na srianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair a phleanáil go leormhaith roimh ré agus cuirfidh siad iarratasóirí ar an eolas faoi na srianta sin agus rachaidh siad i gcomhairle leo go leordhóthanach roimh ré freisin, agus an tionchar measta ar ghnóthais iarnróid á chur san áireamh. Chun na críche sin, urramóidh bainisteoirí bonneagair an sceideal a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn I.

Maidir le srianta ar an toilleadh a bhfuil mórthionchar acu ar an toilleadh atá ar fáil d’iarratasóirí, féadfaidh iarratasóirí a iarraidh ar an mbainisteoir bonneagair pleanáil mhalartach a sholáthar don srianadh toillte d’fhonn rogha a shainaithint agus rogha a dhéanamh lena gcuirtear san áireamh na tionchair ar iarratasóirí agus ar bhainisteoirí bonneagair ar bhealach cothrom. Soláthróidh an bainisteoir bonneagair do na hiarratasóirí sin pleanáil tháscach maidir leis an toilleadh malartach a bheidh ar fáil le linn an tsriain ar an toilleadh.

Cumhdóidh an phleanáil tháscach an líne a ndéantar difear di agus na línte malartacha araon agus léireofar í sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

5.  Cuirfidh bainisteoirí bonneagair tionchar na n‑oibreacha bonneagair ar thrácht trasteorann san áireamh agus maolóidh siad an tionchar sin. Comhordóidh bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53 na hoibreacha bonneagair uile ar na línte dá dtagraítear in Airteagal 53(3) agus aon obair bhonneagair eile a mbeidh tionchar mór trasteorann aici.

Díreofar sa chomhordú go háirithe ar bharrfheabhsú sceideal na n‑oibreacha bonneagair agus ar thoilleadh malartach a sholáthar ar an líne a ndéantar difear di agus ar bhealaí eile, agus riachtanais oibríochtúla, bhonneagair agus tráchtála na n‑iarratasóirín-iarratasóirí éagsúla á gcur san áireamh. [Leasú 62]

Cuirfidh an rialachas lasta iarnróid moladh maidir le comhordú oibreacha faoi bhráid na mbainisteoirí bonneagair faoi seach trí mhí roimh an tréimhse arna sainmhíniú i mír 4. [Leasú 63]

6.  Measfar freisin gur srianta ar an toilleadh iad laghduithe ar thoilleadh nó ar fheidhmíocht bhonneagair atá faoi bhun a luachanna dearaidh a eascraíonn as díghrádú sócmhainní, amhail laghduithe ar an luas incheadaithe nó ar an ualach acastóra. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí faisnéise a leagtar amach in Airteagal 9 maidir le srianta den sórt sin.

7.  Foilseoidh bainisteoirí bonneagair faisnéis chomh luath agus is féidir agus rachaidh siad i gcomhairle le hiarratasóirí maidir le srianta sealadacha ar an toilleadh a bheartaítear, a dtionchar ar an toilleadh atá ar fáil chun críoch tráchtála agus ar thoilleadh malartach.

8.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun roinn 3 d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn an tionchar a bhíonn ag srianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair ar thrácht iarnróid a laghdú, agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

ROINN 2

PLEANÁIL STRAITÉISEACH MAIDIR LE TOILLEADH

Airteagal 11

Pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh

1.  Áireofar leis an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh na gníomhaíochtaí uile a leagtar amach in Airteagail 12 go 25.

2.  Beidh an seicheamh seo a leanas de dhoiciméid phleanála mar thoradh ar an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, ar doiciméid iad lena soláthraítear leibhéal sonraí a bhíonn ag méadú de réir a chéile faoin toilleadh atá ar fáil:

(a)  an straitéis um thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 16;

(b)  an tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17;

(c)  an plean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

Leagtar amach ábhar na mbunspriocanna inghnóthaithe sin agus an sceideal lena n‑ullmhú i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair an t-inneachar go léir ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit agus i mBéarla. [Leasú 64]

Glacfaidh bainisteoirí bonneagair na doiciméid phleanála mar bhonn don chéad chéim eile sa phróiseas pleanála.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I a leasú, chun próiseas pleanála straitéisí éifeachtach a áirithiú agus chun ábhair imní oibríochtúla na mbainisteoirí bonneagair agus na n‑iarratasóirí a léiriú, agus moladh ó ERA agus taithí ENIM, bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, comhlachtaí rialála agus ENRB á curENRRB á gcur san áireamh agus an roinn seo á cur chun feidhme acu. [Leasú 65]

3.  Faoi réir phrionsabal an neamhspleáchais bainistíochta a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2012/34/AE, féadfaidh na Ballstáit treoraíocht straitéiseach a sholáthar don bhainisteoir bonneagair bunaithe ar na straitéisí táscacha um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE. Cuirfidh na Ballstáit an treoir ar fáil go tráthúil ionas go mbeidh bainisteoirí bonneagair agus geallsealbhóirí oibríochtúla in ann na spriocdhátaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint. Féadfaidh an treoraíocht sin na nithe seo a leanas a chumhdach/a chuimsiú go háirithe: [Leasú 66]

(a)  cuspóirí ginearálta an bheartais náisiúnta iarnróid atá ábhartha do phleanáil toillte straitéiseach faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)  dearcadh ar fhorbairt an bhonneagair ar iarnród, ag curiarnróid, agus pleananna ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear pleananna agus straitéisí ábharthabonneagair straitéiseacha fadtéarmacha ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus pleananna oibre na gConairí Iompair Eorpacha Iompair dá dtagraítear in Airteagal 53 de 54 de Rialachán (AE) 2024/ ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17)[Rialachán nua TEN‑T]; [Leasú 67]

(c)  ceanglais ghinearálta agus treoirlínte a mhéid a bhaineann le húsáid thoilleadh an bhonneagair iarnróid, a chuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh agus iad i mbun pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe i ndáil le bonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe dá dtagraítear in Airteagal 21;

(d)  dearcadh ar fhorbairt phleanáilte seirbhísí iarnróid arna n‑oibriú faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí, agus tuairimí na n‑údarás réigiúnach nó áitiúil lena mbaineann á gcur san áireamh, i gcás inar gá.

Déanfaidh na Ballstáit comhordú chunsoláthar tráthúiul treoraíochta a chomhordú agus comhsheasmhacht a áirithiú idir an treoraíocht straitéiseach faoi seach a sholáthróidh siad i gcomhréir leis an mír seo d’fhonn tacú le forbairt seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid do phaisinéirí agus lasta. I bhfianaise Airteagal 8 de Threoir 2012/34/AE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar acmhainní airgeadais a leithdháileadh roimh ré ar na bainisteoirí bonneagair chun bonneagar agus acmhainní airgeadais a chothabháil go rialta i gcomhair forbairt bonneagair a bhfuil tuairisc uirthi sa straitéis um thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán sin. Comhordóidh na Ballstáit a mbonneagar straitéiseach fadtéarmach agus a bpleananna tráthchláir fadtéarmacha, a bhforbairt bonneagair bunaithe ar na pleananna sin agus comhordóidh siad amlínte a gcur chun feidhme. [Leasú 68]

4.  Ní bheidh deonú cearta toillte d’iarratasóirí aonair i gceist le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 26.

4a.   Agus an taithí maidir leis an treoir straitéiseach dá dtagraítear i mír 3 a ullmhú agus a chur chun feidhme á cur i gcuntas, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun an stádas dlíthiúil sonrach, an teimpléad, na nósanna imeachta, na critéir agus na modheolaíochtaí a leagan amach atá le cur i bhfeidhm chun treoir straitéiseach náisiúnta a ghlacadh chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na treoracha straitéiseacha sin arna n-eisiúint ag na Ballstáit, ar treoracha iad atá riachtanach chun tacú le forbairt seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid agus paisinéirí. [Leasú 69]

Airteagal 12

Ceanglais ghinearálta maidir le toilleadh a bhainistiú go straitéiseach

1.  Cuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh ar bhealach cothrom, cóir agus neamh‑idirdhealaitheach gach cineál seirbhíse iompair ar iarnród ar dócha go bhfaighidh siad iarrataí ar thoilleadh ina leith, gan beann ar a méid, méid an mhargaidh iartheachtaigh, cobhsaíocht idir amchláir chomhleanúnacha, rialtacht nó minicíocht laistigh de thréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith.

2.  Sa phleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18, déanfaidh bainisteoirí bonneagair idirdhealú ar a laghad idir na cineálacha seirbhísí iompair ar iarnród seo a leanas:

(a)  seirbhísí iompair lasta;

(b)  seirbhísí idir‑uirbeacha do phaisinéirí (fad‑achair);

(c)  seirbhísí uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí.

Más gá, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, féadfaidh ENIM i gcomhar le ERP liosta níos mionsonraithe a shainmhíniú a dhéanfaidh idirdhealú breise idir na cineálacha seirbhísí iompair ar iarnród. D’fhonn tacú le comhsheasmhacht trasteorann an phróisis pleanála straitéisí, áireofar liosta comhchuibhithe sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 70]

3.  Sa phleanáil toillte straitéiseach, go háirithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18, léireoidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh réamhphleanáilte a bheidh oiriúnach chun seirbhísí iompair ilghréasáin a sholáthar.

4.  Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh freisin le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh:

(a)  an struchtúr agus na forbairtí maidir le héileamh ar thoilleadh bonneagair a breathnaíodh, mar a shainaithnítear trí leithdháileadh toillte i dtréimhsí bailíochta an tráthchláir oibre roimhe seo agus tríd an bhfaireachán margaidh dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE;

(b)  an fhorbairt lena bhfuil coinne maidir le riachtanais iompair agus maidir leis an éileamh ar sheirbhísí iompair ar iarnród agus ar thoilleadh bonneagair a eascróidh as sin, mar a shainaithnítear san anailís dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;

(c)  ionchurna riachtanais toillte arna bhfógairt ag geallsealbhóirí oibríochtúla agus an t-ionchur ón gcomhairliúchán le hiarratasóirí reatha agus iarratasóirí féidearthaionchasacha i gcomhréir le hAirteagal 13; [Leasú 71]

(d)  an fhorbairt lena bhfuil coinne nó atá beartaithe maidir le toilleadh bonneagair, go háirithe mar a shainaithnítear sa straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE agus i bplean gnó an bhainisteora bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE;

(e)  na hoibreacha bonneagair atá beartaithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear don ghréasán;

(f)  Na saintréithe a bhaineann le margaí éagsúla iompair ar iarnród, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(i)  luas;

(ii)  minicíocht;

(iii)  lamháltas maidir le himeachtaí ón mbealach traenach leithdháilte;

(iv)  an fhéidearthacht seirbhísí a athródú, a athsceidealú nó a ionadú trí mhodhanna eile i gcás suaití gréasáin;

(v)  luaineacht an éilimh ar iompar ar iarnród agus an gá atá le seirbhísí iarnróid a phleanáil ar thréimhse ama dhifriúil dá bharr.

(fa)   a mhéid is féidir, an tionchar socheacnamaíoch agus comhshaoil a bhaineann le húsáid na hacmhainne bonneagair. [Leasú 72]

5.  Leis an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, léireofar an toilleadh a leithdháiltear trí chreat‑chomhaontuithe agus pleanáil rollach.

6.  Leis an bpleanáilCumhdófar an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, cumhdófar na línte atá mar chuid de chroíghréasán TEN‑T agus de chroíghréasán leathnaithe TEN‑T dá dtagraítear in Airteagal 6 de [Rialachán nua TEN‑T] agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leisacmhainne. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair línte agus nóid eile den ghréasán a bhainistíonn siad a áireamh. [Leasú 73]

Déanfar pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh ar leibhéal atá mionsonraithe go leor chun gur féidir toilleadh a phleanáil le haghaidh ranna sonracha den ghréasán. Chun na críche sin, déanfar ionadaíocht ar an ngréasán le nóid agus le stráicí a cheadóidh saintréithe ábhartha an éilimh ar thoilleadh agus an tsoláthair toillte a chur san áireamh.

Léireofar na nóid agus na stráicí sin sa chlár bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

7.  Leis an bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, cumhdófar tréimhse atá ar a laghad 5 bliana chun tosaigh ó thaobh ama de. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair an tréimhse a fhadú go dtí níos mó ná 5 bliana, go háirithe chun tacú le forbairt bonneagair faoi chuimsiú na straitéise táscaí um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE.

8.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair torthaí na pleanála straitéisí maidir le toilleadh a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh go háirithe:

(a)  forbairt an bhonneagair iarnróid;

(b)  athruithe ar éileamh an mhargaidh le haghaidh toilleadhar thoilleadh bonneagair agus na riachtanais a d’fhógair iarratasóirí ar sheirbhísí nua nó modhnaithe á gcur i gcuntas; [Leasú 74]

(c)  torthaí na bpróiseas leithdháilte a leagtar amach i ranna 3 agus 4 i dtréimhsí bailíochta tráthchláir oibre roimhe seo, lena n‑áirítear an méid úsáide a bhaineann iarratasóirí as toilleadh bonneagair;

(d)  léargais ón mbainistiú tráchta arna dhéanamh i gcomhréir le Caibidil III;

(e)  toradh suaití agus bainistithe géarchéime arna ndéanamh i gcomhréir le Caibidil III;

(f)  torthaí an athbhreithnithe feidhmíochta i gcomhréir le Caibidil IV.

9.  Faoin ... [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], forbróidh ENIM treoirlínte lena leagfar amach prionsabail, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh na pleanála toillte straitéisí. Áireoidh sé na treoirlínte sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo. Ba cheart na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a bheith sna treoirlínte sin ar a laghad. Tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar na treoirlínte sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na prionsabail, na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí coiteanna a leagtar síos sna treoirlínte. [Leasú 75]

9a.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun prionsabail, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna a leagan amach le haghaidh pleanáil toillte straitéisigh agus chun mír 9 den Airteagal seo a leasú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 76]

Airteagal 13

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara i dtaobh pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh

1.  Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla uile i dtaobh pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 7e de Threoir 2012/34/AE.

2.  Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle leis na páirtithe leasmharageallsealbhóirí oibríochtúla uile a oibríonn seirbhísí iarnróid ilghréasáin i dtaobh pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i rith na céime maidir le toilleadh a bhainistiú go straitéiseach, agus ar a laghad i gcomhréir leis na garspriocanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I i gcomhréir le hAirteagail 53 agus 54. [Leasú 77]

2a.   Tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair an deis d’iarratasóirí a riachtanais toillte a fhógairt i bhformáid struchtúrtha tríd an bpróiseas bainistíochta toillte, agus sonróidh ENIM amlínte iomchuí ina leith. Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair a ndícheall na riachtanais fógartha ag iarratasóirí a chomhtháthú sna doiciméid pleanála straitéisí toillte dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Mura mbeidh roghanna malartacha ar fáil do na riachtanais toillte uile atá fógartha, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair a seacht ndícheall chun na coinbhleachtaí féideartha a réiteach tríd an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36. [Leasú 78]

2b.   Déanfaidh an comhlacht rialála faireachán ar ghníomhaíochtaí an bhainisteora bonneagair sa phleanáil toillte straitéisigh i gcomhréir le hAirteagal 63. [Leasú 79]

Airteagal 14

Comhordú idir bainisteoirí bonneagair maidir le toilleadh a phleanáil go straitéiseach

1.  Comhordóidh bainisteoirí bonneagair a ngníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

Áiritheofar leis an gcomhordú go háirithe:

(a)  comhsheasmhacht na pleanála straitéisí ar fud na ngréasán lena mbaineann, go háirithe i ndáil leis an straitéis um thoilleadh, an tsamhail maidir le toilleadh agus an plean um thoilleadh a sholáthar, pleanáil oibreacha bonneagair agus pleanáil theagmhasach;

(b)  breithniú iomchuí ar na riachtanais toillte do sheirbhísí iarnróid ilghréasáin sa straitéis um thoilleadh, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar;

(c)  athbhreithniú ar fheidhmíocht na pleanála toillte straitéisí agus a torthaí i gcomhréir le Caibidil IV;

(d)  rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmharangeallsealbhóirí oibríochtúla uile agus ERP,agus na gcomhlachtaí rialála, agus uile, Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (‘ENRRB’), na gComhordaitheoirí Eorpacha agus, i gcás inar gá, údaráis na mBallstát agus páirtithe leasmharageallsealbhóirí eile. [Leasú 80]

2.  Cuirfidh ENIM aon ghearán ábhartha ó iarratasóirí nó ó iarratasóirí féideartha san áireamh maidir leis na doiciméid phleanála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus iarrfaidh sé faisnéis bhreise ó na heintitis a bhfuil baint acu leis an gcomhordú i gcomhréir le hAirteagal 53 agus ó pháirtithe leasmhara oibríochtúla a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhréir le hAirteagal 54, sula nglacfar tuairim nó moladh chun comhsheasmhacht na ndoiciméad pleanála sin a fheabhsú. Roinnfidh ENIM a thuairim maidir leis na dréachtdoiciméid phleanála le ENRRB nó cuirfidh sé ENRRB ar an eolas faoi mhainneachtain tuairim a ghlacadh. Gníomhóidh ENRRB i gcomhréir le hAirteagal 65(3).

3.  Cuirfidh bainisteoirí bonneagair aon mholadh arna ghlacadh ag ENIM i gcomhréir le mír 2 san áireamh. I gcás nach leanfaidh bainisteoirí bonneagair an moladh, míneoidh siad na cúiseanna leis sin sna doiciméid phleanála. Déanfaidh ENRRB faireachán ar an bpróiseas comhordaithe agus ar a chur chun feidhme. Cuirfidh sé a thuairimí in iúl don Choimisiún maidir leis an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar aon easnamh sa phróiseas comhordaithe.

3a.   Cuirfidh an rialachas lasta iarnróid moladh maidir le straitéis chomhordaithe toillte faoi bhráid na mbainisteoirí bonneagair faoi seach trí mhí roimh an tréimhse arna sainmhíniú in Airteagal 10(4). [Leasú 81]

Airteagal 15

Anailís ar fhorbairtí lena bhfuil coinne sa mhargadh iompair

1.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair agus ENIM, i gcomhairle le ENRRB agus ERP, faireachán agus anailís go tráthrialta ar mhargaí iompair agus gnéithe ilmhódacha ábhartha don iarnród chun a straitéis ghnó fhoriomlán, a mbainistiú toillte agus a mbainistiú teagmhasach agus a gcuid cinntígcinntí infheistíochta a threorú. Cuirfidh bainisteoirí bonneagair torthaí na hanailíse sin in iúl do pháirtithe leasmharagheallsealbhóirí eile chun críoch comhchosúil, lena n‑áirítear na Comhordaitheoirí Eorpacha. [Leasú 82]

2.  Chun críocha an Rialacháin seo, soláthrófar go háirithe san anailís ar an margadh iompair dá dtagraítear i mír 1 ionchur maidir le pleanáil straitéiseach ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 11, maidir le deighilt an toillte bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 25 agus maidir le toilleadh a leithdháileadh ar bhonn an tsásra fhoirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37.

3.  Déanfaidh ENIM staidéar ar an margadh iompair Eorpach lena gcumhdófar iompar paisinéirí agus lasta i gcomhthéacs ilmhódach faoin [31 Nollaig 2028] ar a dhéanaí. Díreoidh an staidéar go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)  réamh‑mheastacháin ar an éileamh ar iompar paisinéirí agus lasta i gcás gach móid san Aontas;

(b)  meastacháin ar an gcumas méid an iompair ar iarnród, idir phaisinéirí agus lasta, a mhéadú, agus na coinníollacha is gá chun fás den sórt sin a bhaint amach;

(c)  más féidir, miondealú geografach ar na sreafaí iompair réamh‑mheasta mar ionchur do phleanáil toillte straitéiseach.

(ca)   más féidir, tionchar éifeachtaí réamh-mheasta an athraithe aeráide ar an mbonneagar agus ar na seirbhísí a sholáthraítear. [Leasú 83]

4.  Rachaidh ENIM i gcomhairle le hiarratasóirí, le ERP, le custaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród agus lena gcomhlachais, le húdaráis phoiblí náisiúnta agus le húdaráis phoiblí an Aontais maidir le téarmaí tagartha an staidéir, go háirithe a mhéid a bhaineann le cuspóir an staidéir agus leis an bpróiseas maidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara. [Leasú 84]

5.  Déanfaidh ENIM an staidéar a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, agus gach 5 bliana ar a laghad in aon chás.

5a.   Foilseofar na sonraí uile don staidéar agus don staidéar féin agus beidh rochtain éasca orthu. Beidh na sonraí inléite ag meaisín. [Leasú 85]

Airteagal 16

Straitéis um thoilleadh

1.  Glacfaidh an bainisteoir bonneagair straitéis um thoilleadh ina leagfar amach a ionchais maidir le forbairtí amach anseo ar éileamh agus ar sholáthar toillte bonneagair iarnróid agus a fhís maidir le conas freastal ar na forbairtí sin.

Feidhmeoidh an straitéis um thoilleadh mar uirlis le haghaidh cumarsáid, comhairliúchán agus comhordú idir páirtithe leasmhara oibríochtúla.

2.  Beidh faisnéis sa straitéis um thoilleadh maidir le forbairt an bhonneagair iarnróid amach anseo, dearcadh ar fhorbairt an éilimh ar sheirbhísí éagsúla iompair ar iarnród agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le hinfhaighteacht agus úsáid an bhonneagair iarnróid.

3.  Cuimseoidh an straitéis um thoilleadh léarscáil straitéiseach de bhealaí ina sainmhíneofar na nithe seo a leanas:

(a)  raon feidhme geografach na straitéise um thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 16, na samhla maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus an phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18;

(b)  na línte malartacha a ndéantar breithniú orthu i gcás srianta ar an toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus i gcomhthéacs na pleanála teagmhasaí dá dtagraítear in Airteagal 19.

Áireofar an léarscáil straitéiseach de bhealaí i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

4.  Déanfaidh an bainisteoir bonneagair an straitéis um thoilleadh a ullmhú, a fhoilsiú agus, nuair is gá, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta i gcomhréir leis an sceideal agus leis an ábhar a leagtar amach i roinn 2 d’Iarscríbhinn I. [Leasú 86]

5.  Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí agus áiseanna seirbhíse buailte maidir leis an straitéis um thoilleadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus comhordóidh siad straitéisí um thoilleadh le bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 14. [Leasú 87]

5a.   Cuirfidh an bainisteoir bonneagair an straitéis toillte faoi bhráid an chomhlachta rialála. Laistigh de thrí mhí tar éis í a fhoilsiú beidh an chumhacht ag an gcomhlacht rialála, tar éis anailíse, a cheangal ar an mbainisteoir bonneagair í a leasú. [Leasú 88]

Airteagal 17

Samhail maidir le toilleadh

1.  Bunóidh an bainisteoir bonneagair samhail maidir le toilleadh lena ndéanfar an straitéis um thoilleadh a bheachtú ar bhonn thoradh na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin agus comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14.

Leis an tsamhail maidir le toilleadh, tacófar le breithniú cothrom ar riachtanais toillte codanna éagsúla de sheirbhísí iompair ar iarnród agus riachtanais na mbainisteoirí bonneagair maidir leis an mbonneagar iarnróid a chothabháil, a athnuachan agus a fhorbairt (an bonneagar iarnróid atá ann cheana a uasghrádú agus bonneagar iarnróid nua a thógáil). Feidhmeoidh sé mar ionstraim le haghaidh chumarsáid, chomhairliúchán agus chomhordú na pleanála straitéisí maidir le toilleadh idir na páirtithe leasmhara oibríochtúla.

2.  Leis an tsamhail maidir le toilleadh, soláthrófar ar a laghad faisnéis faoi mhéid iomlán an toillte atá ar fáil de réir an stráice gréasáin, faoin sciar den toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh codanna éagsúla de sheirbhísí iompair ar iarnród agus faoi shrianta ar an toilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair. Beidh faisnéis ann freisin maidir le toilleadh na saoráidí seirbhíse faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 29(1). Ullmhóidh agus foilseoidh na bainisteoirí bonneagair an tsamhail maidir lei gcás toilleadh le haghaidh gach tréimhse bailíochta tráthchláir oibre agus tabharfaidh siad an tsamhail maidir le toilleadhtoillte cothrom le dáta go tráthrialtanuair is gá i gcomhréir leis na hábhair agus leis an sceideal a leagtar amach i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I. [Leasú 89]

3.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair aon dibhéirseacht idir an tsamhail maidir le toilleadh agus an straitéis um thoilleadh a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre chéanna a dhoiciméadú agus, i gcás inarb ábhartha, tabharfaidh siad údar léi. I gcás inar gá, déanfarNí gá an straitéis um thoilleadh a athbhreithniú i bhfianaise forbairtí ó ghlactar an straitéis um thoilleadh nó ón nuashonrú is déanaí a dhéantar uirthitoillte a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar foilsíodh an tsamhail toillte cheana féin le haghaidh na tréimhse ama céanna. [Leasú 90]

4.  Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí agus leis an gcomhlacht rialála i dtaobh na samhla maidir le toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus comhordóidh siad straitéisí um thoilleadh le bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 14. [Leasú 91]

4a.   Cuirfidh an bainisteoir bonneagair an tsamhail toillte faoi bhráid an chomhlachta rialála chun í a ghrinnscrúdú dhá mhí roimh an bhfoilsiú. Féadfaidh an comhlacht rialála cinneadh a dhéanamh tráth nach déanaí ná mí amháin roimh a fhoilsiú, lena gceanglófar ar an mbainisteoir bonneagair an tsamhail toillte a leasú sula bhfoilseofar í. D’fhonn comhsheasmhacht trasteorann samhlacha toillte a áirithiú, cuirfear i gcuntas i gcinneadh an chomhlachta rialála, i gcás inarb ábhartha, aon tuairim nó moladh ó ENIM, ó ERA nó ó chomhlachtaí rialála eile. [Leasú 92]

Airteagal 18

Plean um thoilleadh a sholáthar

1.  Bunóidh an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a sholáthar d’fhonn faisnéis chuimsitheach a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  toilleadh bonneagair atá ar fáil lena leithdháileadh ar iarratasóirí sa tráthchlár oibre agus arna gcosaint le haghaidh iarrataí níos déanaí de réir Airteagal 33, lena n-áirítear saoráidí seirbhíse; [Leasú 93]

(b)  níl toilleadh bonneagair ar fáil lena leithdháileadh.

Soláthrófar leis an bplean um thoilleadh a sholáthar an bunús atá le toilleadh a leithdháileadh.

2.  Foilseoidh na bainisteoirí bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar le haghaidh gach tréimhse bailíochta tráthchláir oibre ar a dhéanaí faoin sprioc‑am a leagtar amach i roinn 2 d’Iarscríbhinn I agus tabharfaidh siad cothrom le dáta é go leanúnach go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre, dá dtagraíonn an plean sin. Soláthrófar an plean um thoilleadh a sholáthar le haghaidh gach lá ar leith de thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre lena mbaineann.

3.  Ullmhóidh na bainisteoirí bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar ar bhonn thorthaí an phróisis pleanála straitéisí maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagail 11 go 17 agus i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair aon dibhéirseacht idir an plean um thoilleadh a sholáthar agus an tsamhail maidir le toilleadh a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre chéanna a dhoiciméadú agus, i gcás inarb ábhartha, tabharfaidh siad údar léi.

4.  Sa phlean um thoilleadh a sholáthartoillte soláthair, féadfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair agus toilleadh i saoráidí seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 29(1) a léiriú mar thoilleadh réamhphleanáilte. Ciallaíonn toilleadh réamhphleanáilte toilleadh a sainíonnsainmhíníonn an bainisteoir bonneagair saintréithe agus méideanna an toillte atá ar fáil ina leith d’iarrataí ó iarratasóirí, ina leagtar amach rialacha maidir leleis an toilleadh den sórt sin a leithdháileadh agus ina sainítearsainmhínítear an próiseas trínar féidir an toilleadh den sórt sin a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 20. Cuirfear na saintréithe sonraithe, na rialacha sonraithe agus na próisis leithdháilte shonraithe san áireamhi gcuntas agus toilleadh réamhphleanáilte á leithdháileadh. [Leasú 94]

5.  Cuirfear toilleadh réamhphleanáilte i láthair sa phlean um thoilleadh a sholáthar i bhfoirm réada toillte dá dtagraítear in Airteagal 20, ina sonraítear méid agus saintréithe an toillte agus atá nasctha le rialacha agus próisis maidir le leithdháileadh trína gcuirtear toilleadh den sórt sin ar fáil.

6.  Faoi réir mhír 7, beidh na heilimintí seo a leanas sa phlean um thoilleadh a sholáthar:

(a)  an toilleadh atá ar fáil lena leithdháileadh ar iarratasóirí do thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre dá dtagraítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar:

(i)  an toilleadh, nach bhfuil réamhphleanáilte ag an mbainisteoir bonneagair;

(ii)  an toilleadh, atá réamhphleanáilte ag an mbainisteoir bonneagair.

(b)  an toilleadh nach bhfuil ar fáil lena leithdháileadh ar iarratasóirí:

(i)  an toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh oibreacha bonneagair a bhfuil tionchar mór tráchtála agus oibríochtúil acu ar iarratasóirí agus ar ghnóthais iarnróid dá dtagraítear i roinn 3 d’Iarscríbhinn I;

(ii)  an toilleadh a chuirtear i leataobh do thréimhsí ama tráthrialta lenar féidir oibreacha bonneagair a bhfuil tionchar teoranta acu a sceidealú ag tráth níos moille;

(iii)  an toilleadh a leithdháileadh cheana féin trí chreat‑chomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31 nó tríd an bpróiseas rollach pleanála ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 33;

(iv)  an toilleadh a chuirtear i leataobh chun críoch eile seachas na críocha sin a leagtar amach i bpointí (i), (ii) agus (iii), a léireoidh an bainisteoir bonneagair go soiléir.

Léireofar sa phlean um thoilleadh a sholáthar na srianta is infheidhme maidir le húsáid an bhonneagair speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 24.

7.  Áireoidh na bainisteoirí bonneagair sa phlean um thoilleadh a sholáthar na heilimintí a liostaítear i mír 6, pointe (b) don bhonneagar iarnróid a bhainistíonn siad.

Áireoidh na bainisteoirí bonneagair sa phlean um thoilleadh a sholáthar na heilimintí uile a liostaítear i mír 6 do na línte agus na nóid uile a áirítear i gcroíghréasán TEN‑T agus i gcroíghréasán sínte TEN‑T mar a shainmhínítear i [Rialachán nua TEN‑T], agus áiritheoidh siad comhleanúnachas leis an straitéis toillte. [Leasú 95]

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair na heilimintí dá dtagraítear i mír 6 le haghaidh línte agus nóid eile den ghréasán a bhainistíonn siad a áireamh sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

8.  Agus réamhphleanáil á déanamh acu ar an toilleadh i gcomhréir le mír 6, pointe (a)(ii), cloífidh na bainisteoirí bonneagair leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 8(4).

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh a réamhphleanáil bunaithe ar threoraíocht straitéiseach ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(3), torthaí an chomhairliúcháin leis na hiarratasóirí i gcomhréir le hAirteagal 13 agus an comhordú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 14.

9.  Cuirfidh an bainisteoir bonneagair an dréachtphlean toillte soláthair faoi bhráid an chomhlachta rialála chun é a ghrinnscrúdú dhá mhí roimh an bhfoilsiú. Déanfaidh an comhlacht rialála anailís ar an bplean um thoilleadh a sholátharseo agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh tráth nach déanaí ná mí amháin roimh a fhoilsiú, lena gceanglófar ar an mbainisteoir bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar a leasúsoláthair toillte. Déanfar aon tuairim nó aon mholadh ó ENIM a chur san áireamh i gcinneadh an chomhlachta rialála, i gcás ina soláthraítear an tuairim nó an moladh sin. [Leasú 96]

9a.   D’fhonn comhsheasmhacht trasteorann pleananna soláthair toillte a áirithiú, cuirfear i gcuntas i gcinneadh an chomhlachta rialála, i gcás inarb ábhartha, aon tuairim nó moladh ó ENRRB, ó ERA nó ó chomhlachtaí rialála eile. [Leasú 97]

10.  Faoin... [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus i gcomhairle le ERP, Déanfaidh ENIM treoirlínte a ghlacadh agus iad a áireamh sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6, ina leagfar amach an méid seo a leanas: [Leasú 98]

(a)  an modh chun an plean um thoilleadh a sholáthar a fhoilsiú, lena n‑áirítear seirbhísí digiteacha, uirlisí digiteacha, feidhmeanna digiteacha agus comhéadain dhigiteacha;

(b)  an próiseas chun dul i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar..

10a.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun prionsabail, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna a leagan amach le haghaidh na dtreoirlínte dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo agus chun mír 10 den Airteagal seo a leasú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoi ... [24 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 99]

Airteagal 19

Pleanáil theagmhasach

1.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair próiseas leanúnach pleanála teagmhasaí a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chun ullmhú i gcomhair suaití ar oibríochtaí gréasáin agus i gcomhair géarchéimeanna eile a dhéanann difear do thrácht iarnróid.

Beidh an phleanáil theagmhasach mar bhonn don bhainistiú tráchta, don bhainistiú suaite agus don bhainistiú géarchéime i gcomhréir le hAirteagal 42, d‘fhonn freagairt thapa a chumasú i gcásanna den sórt sin agus a dtionchar ar thrácht iarnróid a íoslaghdú.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair torthaí na pleanála teagmhasaí a dhoiciméadú i bplean teagmhais.

2.  Is é a bheidh i gceist leis an bpleanáil theagmhasach go háirithe:

(a)  bealaí malartacha a ainmniú lena gceadaítearlenar féidir trácht a athródúchur faoi bhealach arís i gcás nach mbeidh na línte a áirítear i gcroíghréasán TEN‑T agus i gcroíghréasán sínte TEN‑Tbhfuil líne ar fáil mar a leagtar amach in Airteagal 6 de [Rialachán TEN‑T nua] agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis; [Leasú 100]

(b)  pleanáil tháscach ar an toilleadh bonneagair atá ar fáil ar na bealaí malartacha arna n‑ainmniú i gcomhréir le pointe (a) lena soláthraítear trédhearcacht maidir leis an toilleadh bonneagair atá ar fáil ar na línte sin, ar féidir é a úsáid i gcás teagmhas agus, go háirithe, i gcás suaití gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 46;

(c)  rialacha agus nósanna imeachta a shainmhíniú maidir le bainistiú tráchta agus géarchéime, lena n‑áirítear faisnéis a chomhroinnt idir bainisteoirí bonneagair, páirtithe leasmhara oibríochtúla eile agus páirtithe leasmhara eile, amhail údaráis phoiblí atá i gceannas ar iarnród nó ar shlándáil agus ar phráinnfhreagairt, chomh maith le critéir chun na nósanna imeachta sin a ghníomhachtú;

(d)  sainaithint agus liostú na gcomhlachtaí a bheidh le cur ar an eolas i gcás teagmhais thromchúiseacha nó i gcás suaití tromchúiseacha ar ghluaiseachtaí traenach;

(e)  aon ullmhúchán eile is gá chun bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 42 agus leis an gcreat Eorpach um chomhordú trasteorann ar bhainistiú tráchta, ar bhainistiú suaite agus ar bhainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44.

3.  Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair go mbeidh an phleanáil theagmhasach comhsheasmhach le pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe an straitéis um thoilleadh, an tsamhail maidir le toilleadh, an plean um thoilleadh a sholáthar agus leis an bpleanáil le haghaidh oibreacha bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 10.

4.  Déanfar torthaí na pleanála teagmhasaí, go háirithe ainmniú línte malartacha i gcomhréir le mír 2, pointe (a) agus an phleanáil tháscach maidir le toilleadh ar línte malartacha i gcomhréir le mír 2, pointe (b) a chur san áireamh sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

5.  Glacfaidh an CoimisiúnCumhachtófar don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 71 ina leagfar amach mionsonraí an nós imeachta agus na gcritéar a bheidh le leanúint chun mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcásanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thrácht trasteorann. DéanfarGlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3)tarmligthe sin faoi ... [24 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 101]

Airteagal 20

Critéir agus nósanna imeachta maidir le toilleadh réamhphleanáilte a leithdháileadh agus maidir le réada pleanála toillte a shainmhíniú

1.  Leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh réamhphleanáilte a áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 trí chritéir agus nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh‑idirdhealaitheacha.

2.  Sainmhíneoidh réada pleanála toillte saintréithe agus airíonna cineálacha éagsúla toillte réamhphleanáilte, lena n‑áirítear an toilleadh atá ar fáil d’iarrataí ó iarratasóirí, an toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh oibreacha bonneagair agus an toilleadh a leithdháileadh cheana féin. Áireofar sna saintréithe agus sna hairíonna sin na gnéithe uile atá ábhartha do chineálacha sonracha toillte réamhphleanáilte, amhail bealach, uainiú, luas íosta ráthaithe nó riachtanach, an chomhoiriúnacht theicniúil idir rothstoc agus bonneagar, paraiméadair agus an líon sliotánaistir traenach a áirítear. [Leasú 102]

3.  Faoin ... [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus i gcomhairle le ERP, forbróidh ENIM creat comhchoiteann maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus cuirfidh sé san áireamhi gcuntas é sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. Beidh cothromaíocht sa chreat comhchoiteann sin idir na tairbhí a bhaineann le toilleadh a chur i leataobh le haghaidh cineálacha sonracha seirbhísí iarnróid nó próisis leithdháilte agus an gá atá le solúbthacht a áirithiú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh maidir le toilleadh a leithdháileadh. Chun na críche sin, déanfar foráil sa chreat comhchoiteann maidir leis an bhféidearthacht iarrataí ar chearta toillte nach bhfuil comhsheasmhach leis an toilleadh réamhphleanáilte i gcomhthéacs an tsásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a chur san áireamh. [Leasú 103]

4.  Forbróidh agus glacfaidh ENIM sonraíochtaí foirmiúla le haghaidh réada pleanála toillte i bhformáid atá inléite ag an duine agus atá meaisín‑inléite. Áireoidh ENIM na sonraíochtaí sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo. Bunaithe ar a thaithí maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, soláthróidh ENIM, tar éis dul i gcomhairle le ERP faisnéis don Choimisiún maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamhféideartha ar na sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir‑inoibritheacht dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/797 agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin, i gcomhréir le hAirteagal 62(3) den Rialachán seo. [Leasú 104]

4a.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 71 ina leagfar amach mionsonraí an nós imeachta agus na gcritéar a bheidh le leanúint chun mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcásanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thrácht trasteorann, agus chun mír 1 den Airteagal seo a leasú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoi ... [24 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 105]

Airteagal 21

Bonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe

1.  Dearbhóidh na bainisteoirí bonneagair gan mhoill go mbeidh an‑úsáid á baint as eilimint den bhonneagar nó go mbeidh sí plódaithe má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  gur sháraigh úsáid an toillte na luachanna tairsí le haghaidh bonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as nó atá plódaithe le linn na dtréimhsí tagartha a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II i dtréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre roimhe seo nó i dtréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre atá ann faoi láthair;

(b)  go léiríonn torthaí na pleanála straitéisí maidir le toilleadh arna déanamh i gcomhréir leis an roinn seo go sáraíonn na riachtanais maidir le toilleadh arna gcur in iúl le linn na gcéimeanna pleanála straitéisí maidir le toilleadh an toilleadh atá ar fáil lena leithdháileadh le linn tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith;

(c)  gurb é an toradh a bhíonn ar oibreacha bonneagair as a dtagann srianta ar an toilleadh a sceidealaítear i gcomhréir le hAirteagal 10 go mbíonn an toilleadh ag éirí gann.

2.  Sonrófar sa dearbhú dá dtagraítear i mír 1 an tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre agus an eilimint den bhonneagar agus na tréimhsí amchláir sonracha lena mbaineann sí.

3.  Maidir le hiarrataí coinbhleachta aonair ar thoilleadh arna gcur isteach le linn thréimhse an tráthchláir oibre, ní bheidh siad ina bhforas chun a dhearbhú go bhfuil an‑úsáid á baint as eilimint den bhonneagar nó go bhfuil sí plódaithe mura gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1. [Leasú 106]

4.  I gcás inar dearbhaíodh go bhfuil an‑úsáid á baint as an mbonneagar nó go bhfuil sé plódaithe, déanfaidh an bainisteoir bonneagair anailís ar an toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22, mura bhfuil plean um thoilleadh a fheabhsú, dá bhforáiltear in Airteagal 23, á chur chun feidhme cheana féin.

5.  I gcás eilimintí den bhonneagar a dhearbhaítear go bhfuil an‑úsáid á baint astu nó go bhfuil siad plódaithe, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh a chur i leataobh sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18, agus toradh na hanailíse ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 22 á chur san áireamh.

6.  I gcás nár gearradh muirir i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir 2012/34/AE nó nach bhfuil toradh sásúil bainte amach acu agus inar dearbhaíodh go bhfuil an bonneagar plódaithe, cuirfidh an bainisteoir bonneagair nós imeachta i bhfeidhm chun toilleadh bonneagair gann a dheighilt nó a leithdháileadh ar bhonn critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla. Cuirfear an nós imeachta sin chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo agus leagfar amach é, in éineacht leis na critéir is infheidhme, sa ráiteas gréasáin.

7.  Léireoidh bainisteoirí bonneagair bonneagar a dearbhaíodh go bhfuil an‑úsáid á baint as nó go bhfuil sé plódaithe i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

8.  Déanfar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus na critéir a bheidh le húsáid i gcás ina mbeidh bonneagar plódaithe a leagan amach sa ráiteas gréasáin agus urramófar leo aon bheart agus aon chritéar arna nglacadh i gcomhréir le mír 76. [Leasú 107]

9.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn II a leasú, chun bainistiú éifeachtúil an toillte ar bhonneagar a bhfuil an‑úsáid á baint as agus atá plódaithe a áirithiú agus chun ábhair imní oibríochtúla bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí bonneagair a léiriú, agus taithí ENIM, na mbainisteoirí bonneagair, na n‑iarratasóirí agus na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla eile, na gcomhlachtaí rialála agus ENRBENRRB á cur san áireamh agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme. [Leasú 108]

Airteagal 22

Anailís ar an toilleadh i gcás bonneagair a bhfuil an‑úsáid á baint as nó atá plódaithe

1.  Déanfaidh an bainisteoir bonneagair anailís ar an toilleadh laistigh de 6 mhí ón uair a dhearbhófar go bhfuil an‑úsáid á baint as an mbonneagar nó go bhfuil sé plódaithe.

Cinnfear leis an anailís ar an toilleadh na srianta ar an toilleadh bonneagair a chuireann cosc ar riachtanais maidir le toilleadh arna sloinneadh ag iarratasóirí a áireamh sa tsamhail maidir le toilleadh, nó sa phlean um thoilleadh a sholáthar, nó a chuireann cosc ar iarrataí ar thoilleadh bonneagair a chomhlíonadh go leormhaith.

Áireofar san anailís ar thoilleadh freisin an chéad tacar táscach de bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun an plódú a mhaolú agus chun infhaighteacht toillte a mhéadú. Déanfar idirdhealú san anailís ar thoilleadh idir bearta maidir le bonneagar a úsáidtear go mór agus maidir le bonneagar plódaithe. [Leasú 109]

2.  Cuirfear saintréithe an bhonneagair san áireamh san anailís ar acmhainneachtthoilleadh, ar chumais agus ar idir‑inoibritheacht, ar nósanna imeachta oibriúcháin, ar chineál na seirbhísí éagsúla a oibríonn agus ar an éifeacht atá ag na tosca sin uile ar thoilleadh bonneagair. Maidir leis na bearta a bheidh le breithniú, áireofar go háirithe seirbhísí athródaithe, lena n-áirítear trí ghréasáin éagsúla más infheidhme, seirbhísí athuainíochta, athruithe luais, comhchuibhiú nósanna imeachta oibriúcháin agus feabhsuithe ar an mbonneagar. [Leasú 110]

3.  Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an dréacht‑anailís ar thoilleadh i gcomhréir le hAirteagal 7e de Threoir 2012/34/AE agus, más cuid de Chonair Iompair Eorpach an stráice den bhonneagar lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 54.

Cuirfidh an bainisteoir bonneagair toradh na hanailíse ar thoilleadh ar fáil go poiblí. Áiritheoidh ENIM go mbeidh fáil éasca ar na foilseacháin sin.

4.  Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair torthaí aon anailíse ar thoilleadh a dhéanfar, lena n-áirítear i líonraí eile lena mbaineann, de bhun an Airteagail seo san áireamhsin i gcuntas sa phleanáil straitéiseach maidir le toilleadh, go háirithe sa straitéis um thoilleadh, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar. [Leasú 111]

Cuirfear torthaí na hanailíse ar thoilleadh faoi bhráid údaráis na mBallstát atá i gceannas ar an straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE a ullmhú agus faoi bhráid an Chomhordaitheora Eorpaigh atá i gceannas ar an gConair Iompair Eorpach lena mbaineann.

Airteagal 23

Plean um thoilleadh a fheabhsú

1.  I gcás bonneagair a ndearbhaítear go bhfuil plódú air i gcomhréir le hAirteagal 21 agus laistigh de 6shé mhí ón anailís ar thoilleadh a thabhairt chun críche i gcomhréir le hAirteagal 22, bunóidh an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a fheabhsú. [Leasú 112]

Sainaithneofar an méid seo a leanas sa phlean um thoilleadh a fheabhsú:

(a)  na cúiseanna atá leis an bplódú;

(b)  forbairt dhóchúil an tráchta sa todhchaí;

(c)  na srianta atá ar fhorbairt bonneagair;

(d)  na roghanna agus na costais a bhaineann le toilleadh a fheabhsú , lena n-áirítear bearta a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 22 (2) agus, lena n‑áirítear athruithe dóchúla ar mhuirir rochtana. [Leasú 113]

Ar bhonn anailís costais agus tairbhe ar na bearta féideartha a sainaithníodh, cinnfear leis an bplean um thoilleadh a fheabhsú freisin an ghníomhaíocht atá le déanamh chun toilleadh bonneagair a fheabhsú, lena n‑áirítear amchlár chun na bearta a chur chun feidhme.

2.  Déanfar an plean um thoilleadh a fheabhsú a bhunú tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí an bhonneagair phlódaithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 13.

Féadfaidh sé a bheith faoi réir formheasa roimh ré ag an mBallstáit.

3.  Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann pleananna um thoilleadh a fheabhsú a chur san áireamh agus an straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE á hathnuachan aige.

Déanfaidh Comhordaitheoir Eorpach na Conaire Iompair Eorpaí lena mbaineann an plean um thoilleadh a fheabhsú a chur san áireamh ina phlean oibre dá dtagraítear in Airteagal 53 de [Rialachán nua TEN‑T].

Ar bhonn anailíse ar thoilleadh, déanfaidh an Ballstát an bonneagar is gá a thógáil nó a uasghrádú. [Leasú 114]

4.  Gan dochar d’Airteagal 40 den Rialachán seo, scoirfidh an bainisteoir bonneagair d’aon mhuirir a thobhach ar an mbonneagar ábhartha faoi Airteagal 31(4) de Threoir 2012/34/AE i gceann de na cásanna seo a leanas:

(a)  nach dtáirgeann an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a fheabhsú;

(b)  nach ndéanann an bainisteoir bonneagair dul chun cinn leis na gníomhaíochtaí arna sainaithint sa phlean um thoilleadh a fheabhsú.

5.  D’ainneoin mhír 4, féadfaidh an bainisteoir bonneagair, faoi réir fhormheas an chomhlachta rialála, leanúint de na muirir a thobhach i gceann de na cásanna seo a leanas:

(a)  mura féidir an plean um thoilleadh a fheabhsú a bhaint amach ar chúiseanna nach mbeidh neart aige orthu;

(b)  mura bhfuil na roghanna atá ar fáil inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nó ó thaobh airgeadais de.

Airteagal 24

Bonneagar speisialaithe

1.  Gan dochar do mhír 2, measfar go mbeidh toilleadh bonneagair ar fáil lena úsáid ag gach cineál tráchta atá comhoiriúnach leis an mbealach atá beartaithe i gcomhair oibriú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi.

2.  I gcás ina bhfuil bealaí malartacha oiriúnacha ann agus inar féidir a léiriú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 25, go bhfuil údar maith leis sin ó thaobh cúrsaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil de, féadfaidh an bainisteoir bonneagair, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, bonneagar ar leith a ainmniú lena úsáid ag cineálacha sonraithe tráchta. Sa chás sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an t‑ainmniúchán in iúl sna doiciméid phleanála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus déanfaidh sé toilleadh a chur i leataobh le haghaidh na gcineálacha tráchta sonraithe atá sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

Le hainmniú den sórt sin, ní chuirfear cosc ar úsáid bonneagair den sórt sin ag cineálacha eile tráchta nuair a bheidh an toilleadh ar fáil.

3.  Déanfar bonneagar arna ainmniú de bhun mhír 2 a léiriú sa ráiteas gréasáin, i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797, sa straitéis um thoilleadh, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

Airteagal 25

Toilleadh bonneagair a dheighilt ar bhonn critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil

1.  I gcás ina ndearbhófar go mbeidh an‑úsáid á baint as eilimint den bhonneagar nó go mbeidh sí plódaithe i dtréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amach anseo, déanfaidh an bainisteoir bonneagair an toilleadh maidir leis an eilimint sin den bhonneagar a dheighilt sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 a bhaineann leis an tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre lena mbaineann.

2.  Agus toilleadh bonneagair á dheighilt a ndearbhaítear go bhfuil plódú air de bhun mhír 1, gníomhóidh an bainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 8. [Leasú 115]

Faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], i gcás inar dearbhaíodh go raibh toilleadh bonneagair deighilte á úsáid go mór de bhun mhír 1 den Airteagal seo, gníomhóidh an bainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 8. [Leasú 116]

Déanfaidh an bainisteoir bonneagair an gá atá le toilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid ilghréasáin, go háirithe seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid, a chur san áireamhi gcuntas. [Leasú 117]

ROINN 3

Sceidealú agus toilleadh a leithdháileadh

Airteagal 26

Cearta toillte

1.  Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh faoin dlí poiblí nó príobháideach ar an mbainisteoir bonneagair chun comhaontú a iarraidh lena ndeonaítear cearta chun bonneagar iarnróid a úsáid in aghaidh muirir mar a fhoráiltear i roinn 2 de Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE.

Leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair an ceart chun toilleadh bonneagair a úsáid ar iarratasóirí i bhfoirm ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)  sonraíochtaí toillte;

(b)  bealaí traenach.

Sainmhíneoidh ENIM saintréithe na sonraíochtaí toillte agus áireofar saintréithe na sonraíochtaí sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte arna leithdháileadh i bhfoirm sonraíochta toillte a thiontú ina gcearta toillte i bhfoirm bealach traenach roimh an ngluaiseacht traenach iarbhír i gcomhréir leis na sprioc‑amanna a leagtar amach i ranna 4, 5 agus 6 d’Iarscríbhinn I.

3.  Féadfar cearta toillte i bhfoirm bealach traenach a dheonú d’iarratasóirí ar feadh uasfhaid de thréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin. Féadfar cearta toillte i bhfoirm sonraíocht toillte a leithdháileadh ar feadh tréimhse níos faide ná tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 33.

4.  Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, leagfar síos cearta agus oibleagáidí na mbainisteoirí bonneagair agus na n‑iarratasóirí faoi seach i leith aon leithdháileadh den toilleadh i gconarthaí nó i reachtaíocht na mBallstát.

5.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag iarratasóir toilleadh bonneagair a iarraidh d’fhonn seirbhís do phaisinéirí a oibriú, i mBallstát ina bhfuil an ceart rochtana ar bhonneagar iarnróid teoranta i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2012/34/AE, cuirfidh sé na bainisteoirí bonneagair agus na comhlachtaí rialála lena mbaineann ar an eolas 18 mí ar a laghad roimh theacht i bhfeidhm an tráthchláir oibre lena mbaineann an iarraidh ar an toilleadh. Chun é a chur ar a gcumas do na comhlachtaí rialála lena mbaineann measúnú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch féideartha ar chonarthaí seirbhíse poiblí atá ann cheana, áiritheoidh comhlachtaí rialála go ndéanfar aon údarás inniúil a dhámh seirbhís iarnróid do phaisinéirí ar an mbealach sin a shainítear i gconradh seirbhíse poiblí, aon údarás inniúil leasmhar eile a bhfuil an ceart aige teorainn a chur le rochtain faoi Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE agus aon ghnóthas iarnróid a fheidhmíonn an conradh seirbhíse poiblí ar bhealach na seirbhíse sin do phaisinéirí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí agus laistigh de 10 lá ar a dhéanaí.

6.  A luaithe a leithdháilfear ar iarratasóir é, ní aistreoidh an faighteoir ceart toillte chuig gnóthas nó seirbhís eile.

Beidh eisiamh ó thoilleadh a leithdháileadh amach anseo mar thoradh ar aon chineál aistrithe.

Ní mheasfar gur aistriú é úsáid an toillte ag gnóthas iarnróid le linn dó gnó iarratasóra nach gnóthas iarnróid é a dhéanamh.

Airteagal 27

Modhanna chun toilleadh a leithdháileadh

1.  Deonóidh bainisteoirí bonneagair cearta toillte d’iarratasóirí trí bhíthin na bpróiseas leithdháilte dá dtagraítear in Airteagail 31 go 34.

Déanfar aon athrú ar an toilleadh a leithdháiltear a mheas mar leithdháileadh an toillte freisin.

2.  Beidh sé de cheart agIarrfaidh iarratasóirí cearta toillte ilghréasáin a iarraidh, agus gheobhaidh siad freagraí ar iarrataí den sórt sin a fháilna hiarrataí sin, in aon áit amháin agus in aon oibríocht amháin dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo. Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhar maidir leis an toilleadh a leithdháileadh le haghaidh seirbhísí iarnróid ilghréasáin, lena n‑áirítear go háirithe seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid agus seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid do phaisinéirí. [Leasú 118]

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh agus a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 28.

3.  Urramóidh na bainisteoirí bonneagair rúndacht tráchtála na faisnéise a sholáthrófar dóibh, go háirithe i gcás cuideachtaí iarnróid atá comhtháite go ceartingearach. Measfar faisnéis amhail an líne shonrach atá faoi réir na hiarrata, a líon, nó minicíocht na faisnéise sin a bheith rúnda. [Leasú 119]

4.  Leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair trí uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.

Maidir leI gcás cearta toillte ilghréasáin, bunóidh ENIM comhéadandéanfaidh ENIM, ar fhormheas chomhlíonadh STIanna ag ERA agus faoi ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ionad ilfhreastail a bhunú i gcomhéadan aonair nó comhchórasi gcóras coiteann arna fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 62,. Úsáidfidh bainisteoirí bonneagair an comhéadan aonair sin chun leithdháileadh an toillte a bhainistiú in aon áit amháin agus in aonáit agus oibríocht amháin. Beidh bainisteoir bonneagair amháin ag seirbhísí iarnróid nasctha nó grúpáilte mar phointe teagmhála aonair. Dearbhófar na seirbhísí iarnróid nasctha nó grúpáilte sin san iarraidh ar thoilleadh. [Leasú 120]

5.  Agus athruithe á n‑iarraidh nó á ndéanamh ar an toilleadh a leithdháiltear, comhlíonfaidh iarratasóirí agus bainisteoirí bonneagair Airteagal 39.

6.  Cealóidh an bainisteoir bonneagair ceart toillte a úsáideadh, i gcaitheamh tréimhse míosa amháin ar a laghad, níos lú ná cuóta tairsí, a bheidh le leagan síos sa ráiteas gréasáin, mura raibh sé sin mar gheall ar chúiseanna neamheacnamaíocha nach raibh neart ag an iarratasóir orthu. Sainmhíneoidh ENIM réimseRachaidh ENIM i gcomhairle le ERP chun raonta a shainmhíniú le haghaidh cuóta tairsí agus cuirfidh sé san áireamh iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 121]

Déanfaidh an comhlacht rialála faireachán ar chur i bhfeidhm trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach na míre seo agus déanfaidh sé imscrúdú ar aon ngearán a gheofar.

7.  I gcás ina gcealóidh an bainisteoir bonneagair, i gcomhréir le mír 6, cearta toillte ilghréasáin, cuirfidh an comhlachtsé é sin in iúl don chomhlacht rialála atá freagrach as an mbainisteoir bonneagair sin. Cuirfidh an comhlacht rialála sin na comhlachtaí rialála ábhartha agus ENRRB ar an eolas. [Leasú 122]

7a.   Lamhálfar don bhainisteoir bonneagair, i gcás inarb ábhartha, cineálacha sonracha cur chuige amscála a úsáid. Má chinneann an bainisteoir bonneagair toilleadh a réamhphleanáil trí chonairí traenach córasacha a úsáid a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, déanfaidh an bainisteoir bonneagair comhordú le bainisteoirí bonneagair comharsanachta agus le bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann chun teacht ar réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach i gcás trácht trasteorann. Gan beann ar an rogha náisiúnta lena gcloíonn na Ballstáit dá dtráthchlárú, áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair go ndéanfar conairí traenach a leithdháileadh go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach. Maidir leis an gcúiteamh as athruithe ar chearta toillte dá dtagraítear in Airteagal 40 a bhfuil conairí traenach córasacha i gceist leo freisin, socrófar a luach ar a laghad 1, 25 oiread an luacha a shainmhínítear do chonairí traenach neamhchórasacha de réir an phróisis a leagtar amach in Airteagal 40. [Leasú 123]

7b.   Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair an comhlacht rialála ar an eolas faoi na hiarrataí uile ar thoilleadh a fuarthas nár oir do pharaiméadair an toillte a bhí ar fáil mar a shainmhínítear iad sa phlean um thoilleadh a sholáthar, gan beann ar ar glacadh leo nó ar diúltaíodh dóibh. Ar bhonn na faisnéise sin, eiseoidh an comhlacht rialála tuairim ar a laghad gach 2 bhliain, ina bhféadfaidh sé a mholadh don bhainisteoir bonneagair an tsamhail toillte a leasú. [Leasú 124]

Airteagal 28

Comhordú ar leithdháileadh na gceart toillte ilghréasáin

1.  I gcás ina bhfaighidh an bainisteoir bonneagair iarraidh ar chearta toillte ilghréasáin de bhun Airteagal 27(2), comhordóidh siad leis na bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.  Go háirithe, áiritheofar na nithe a leanas leis an gcomhordú:

(a)  pointe teagmhála aonairionad ilfhreastail dtagraítear in Airteagal 27(4) a cheapadh a bheidh i gceannas ar chumarsáid leis an iarratasóir maidir leis ani ndáil gach iarraidh ar cheart toillte ilghréasáin, a dtabharfar fógra ina leith don iarratasóir gan mhoill tar éis an iarraidh a fháil; Beidh feidhm aige sin freisin i gcás péirí traenachatrasteorann ar seirbhísí traenach idirnáisiúnta iad go dtí ceann scríbe i mBallstát eile agus uaidh; [Leasú 125]

(b)  an ceart toillte ilghréasáin a bheith ag comhlíonadh íoschritéar cáilíochta ó thaobh comhsheasmhachta idir gréasáin agus ó thaobh gnéithe amhail ródú, uainiú, infhaighteacht ar laethanta gluaiseachta éagsúla agus stádas an leithdháilte;

(c)  feidhmíocht chomhsheasmhach an phróisis chun cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh, lena n‑áirítear go háirithe an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 agus an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37;

(d)  comhordú ar aon athrú ar chearta toillte ilghréasáin arna leithdháileadh i gcomhréir le roinn 4 d’fhonn sláine na gceart toillte ilghréasáin a áirithiú i gcónaí.

Mura gceapfaidh bainisteoirí bonneagair pointe teagmhála aonair, beidh an bainisteoir bonneagair a bhfuil an chéad áit imeachta suite ar a ghréasán freagrach as gníomhú mar an bpointe teagmhála aonair i gcás fiosruithe a bhaineann leis an iarraidh sonrach ar thoilleadh.

3.  Ní sholáthróidh bainisteoirí bonneagair cearta toillte ar cháilíocht níos ísle mar fhreagairt ar iarrataí ar chearta toillte ilghréasáin i gcomparáid le hiarrataí ar thoilleadh a bhaineann le gréasán aonair.

4.  Maidir leis an gcúiteamh as athruithe ar chearta toillte dá dtagraítear in Airteagal 40, measfar gur ceart toillte aonair é ceart toillte ilghréasáin. Go háirithe, measfar gur cealú mar gheall ar force majeure ar an gceart toillte ar an mbealach iomlán a chumhdaítear leis an ngréasán sin cealú mar gheall ar force majeure ar ghréasán amháin.

5.  Faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus i gcomhairle le ERP, sainmhíneoidh ENIM na nósanna imeachta mionsonraithe agus na modhanna chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme agus na híoscheanglais cháilíochta dá dtagraítear i mír 2(b) agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 126]

5a.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta mionsonraithe agus na modhanna a leagan amach chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme agus na híoscheanglais cháilíochta dá dtagraítear i mír 2(b) den Airteagal seo a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3). Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 127]

Airteagal 29

Comhar maidir le toilleadh bonneagair iarnróid agus saoráidí seirbhíse a leithdháileadh

1.  Oibreoirí saoráidí seirbhíse a sholáthraíonn faisnéis tháscach maidir le toilleadh saoráide seirbhíse atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177(18) ón gCoimisiún, rachaidh siad i gcomhar le bainisteoirí bonneagair chun bealaí traenach a bhfuil toilleadh saoráide iarnróidseirbhíse san áireamh iontu a thairiscint. Féadfaidh oibreoirí eile saoráidí seirbhíse comhaontú a dhéanamh le bainisteoirí bonneagair chun an toilleadh a sholáthar go comhpháirteach. [Leasú 128]

2.  Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair liosta ar fáil sa ráiteas gréasáin de na saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1.

3.  Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair gur féidir le hiarratasóirí iarraidh a dhéanamh in aonin áit amháin arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 27(4), a iarraidh ar na cearta maidir le toilleadhtoillte oibríochta ar an mbonneagar iarnróid agus sna saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1. [Leasú 129]

4.  Chun críche mhír 3, déanfaidh bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí saoráidí seirbhíse an toilleadh a chomhordú agus soláthróidh siad cearta toillte, lena n‑áirítear an toilleadh sa tsaoráid iarnróidseirbhíse a chomhlíonann ceanglais an iarratasóra, nó déanfaidh siad iarracht rogha mhalartach inmharthana a sholáthar. [Leasú 130]

5.  Déanfaidh oibreoirí na saoráidí seirbhíse buailte dá dtagraítear i mír 1 faisnéis a chur ar fáil, arna iarraidh sin nó i bhfíor‑am i gcás inar gá, i bhfíor-am faoin toilleadh atá ar fáil don bhainisteoir bonneagair i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 62. [Leasú 131]

5a.   Agus cearta toillte á n-iarraidh acu chun rochtain a fháil ar shaoráid seirbhíse, déanfaidh iarratasóirí comhaontú úinéir na saoráide seirbhíse chun cóiríocht a thabhairt dá bhfeithiclí a dhoiciméadú. [Leasú 132]

6.  Chun críochcríche an Airteagail seo agus i gcomhréir le hAirteagal 62, soláthróidh ENIMdéanfaidh ENIM, ar fhormheas a fháil ó ERA agus faoin... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], treoirlínte a sholáthar maidir leis na ceanglais fheidhmiúla agus theicniúla chun faisnéis a mhalartú idir oibreoirí saoráidí iarnróidseirbhíse agus bainisteoirí bonneagair. Gan dochar d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177, féadfaidh oibreoirí saoráidí seirbhíse a iarraidh go ndíolmhófar iad ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo. Cuirfear iarrataí den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta rialála agus beidh siad cuí‑réasúnaithe. Féadfaidh comhlachtaí rialála cinneadh a dhéanamh síneadh a chur le díolúine i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. [Leasú 133]

7.  Déanfaidh ENRRB faireachán ar chur i bhfeidhm mhír 76 agus soláthróidh sé moltaí maidir leis na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí ar dhíolúintí. [Leasú 134]

7a.   Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair an comhlacht rialála ar an eolas faoi na hiarrataí uile ar thoilleadh a fuarthas nár oir do pharaiméadair an toillte a bhí ar fáil mar a shainítear iad sa phlean um thoilleadh a sholáthar, agus ar diúltaíodh dóibh, mar sin. Ar bhonn na faisnéise sin, eiseoidh an comhlacht rialála tuairim ar a laghad gach 2 bhliain, ina bhféadfaidh sé a mholadh don bhainisteoir bonneagair an tsamhail toillte a leasú. [Leasú 135]

7b.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomhartha cur chun feidhme chun sonraí a leagan amach i dtaobh na gceanglas feidhmiúil agus teicniúil chun faisnéis a mhalartú idir oibreoirí saoráidí iarnróid agus bainisteoirí bonneagair chun críocha an Airteagail seo agus chun mír 6 den Airteagal seo a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3). [Leasú 136]

Airteagal 30

Amchlár oibre

1.  Bunóidh na bainisteoirí bonneagair tráthchlár oibre nua roimh thús gach tréimhse bailíochta tráthchláir oibre. 1 bhliain amháin a bheidh i ré na tréimhse bailíochta tráthchláir oibre.

Tionscnóidh na bainisteoirí bonneagair ullmhú an tráthchláir oibre agus toilleadh á leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 32, agus na cearta toillte arna leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31 agus tríd an bpróiseas rollach pleanála dá dtagraítear in Airteagal 33 á gcur san áireamh.

2.  Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an tráthchlár oibre a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnachgo tráthrialta go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre, agus an toilleadh arna leithdháileadh tríd an bpróiseas rollach pleanála dá dtagraítear in Airteagal 33 á chur san áireamhi gcuntas, mar aon le toilleadh arna leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 34, athruithe ar chearta toillte i gcomhréir le hAirteagal 39 agus athsceidealú i gcomhthéacs an bhainistithena bainistíochta suaite agus an bhainistithena bainistíochta géarchéime i gcomhréir le hAirteagal 41. [Leasú 137]

Airteagal 31

Toilleadh a leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe

1.  Beidh sé de cheart ag iarratasóir toilleadh bonneagair a iarraidh le haghaidh tréimhse ama a sháraíonn tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin. Gan dochar d’Airteagail 101, 102 agus 106 CFAE, leithdháilfidh an bainisteoir bonneagair toilleadh den sórt sin trí chreat‑chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis an iarratasóir sin, faoi réir mhír 3 agus mhír 4.

Sonrófar sna creat‑chomhaontuithe na cearta toillte a deonaíodh i bhfoirm sonraíocht toillte dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) d’Airteagal 26. Ní fhéadfar cearta toillte i bhfoirm bealach traenach a áireamh iontu.

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá ag na Ballstáit le formheas roimh ré ón gcomhlacht rialála i leith creat‑chomhaontuithe.

Tabharfar fógra i dtaobh creat-chomhaontuithe don chomhlacht rialála agus déanfaidh sé iad a fhormheas. I gcás creat-chomhaontuithe ilghréasáin, cuirfear tuairim ENRRB i gcuntas san fhormheas. [Leasú 138]

2.  Iarrfaidh iarratasóir ar páirtí é i gcreat‑chomhaontú na sonraíochtaí toillte a áirítear sa chreat‑chomhaontú a thiontú ina mbealach traenach comhfhreagrach i gcomhréir leis an gcomhaontú sin.

3.  Ní thabharfaidh bainisteoirí bonneagair creat‑chomhaontuithe i gcrích ach amháin i gcás ina bhfuil an ceart toillte a iarrtar comhsheasmhach le doiciméid phleanála na pleanála straitéisí maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Cuirfidh naDéanfaidh bainisteoirí bonneagair in iúl, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na líonraí comharsanachta, an toilleadh a chur in iúl atá beartaithe acu a chur i leataobh lena leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe sna doiciméid phleanála sin. [Leasú 139]

4.  Ní chuirfidh creat‑chomhaontuithe bac ar iarratasóirí nó seirbhísí eile an bonneagar ábhartha a úsáid. Chun na críche sin, socróidh na bainisteoirí bonneagair, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht rialála, na sciartha uasta den toilleadh iomlán is féidir a leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe agus cuirfidh siad na sciartha sin san áireamh sa ráiteas gréasáin. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair tíortha comharsanachta a bhfuil creat-chomhaontuithe trasteorann tugtha i gcrích acu na scaireanna uasta sin den toilleadh iomlán a ailíniú agus beidh siad chomh comhsheasmhach agus is féidir. [Leasú 140]

5.  Leis na creat‑chomhaontuithe, beifear in ann a dtéarmaí a leasú chun gur féidir úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid, gan dochar d’Airteagal 39 agus d’Airteagal 40.

6.  Beidh athruithe ar chearta toillte arna leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe faoi réir cúitimh i gcomhréir le hAirteagal 40, cé is moite den chás dá dtagraítear i mír 5.

7.  Cumhdófar leis na creat‑chomhaontuithe, i bprionsabal, an tréimhse a luaitear i roinn 5 d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh an bainisteoir bonneagair teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse níos giorra nó níos faide i gcásanna sonracha. Aon tréimhse is faide ná an tréimhse a luaitear i bpointeroinn 5 d’Iarscríbhinn I, tabharfar údar léi leis an gceanglas maidir le hinfheistíochtaína n-infheistíochtaí tiomnaithe ó iontrálaithe nua nó le húrnuacht shubstaintiúil na seirbhíse. [Leasú 141]

8.  Maidir le seirbhísí a úsáideann bonneagar speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 24, lena n‑éilítear infheistíocht shubstaintiúil fhadtéarmach, agus údar cuí tugtha ag an iarratasóir leis sin, féadfar creat‑chomhaontuithe a thabhairt i gcrích ina leith ar feadh tréimhse 15 bliana. Ní fhéadfar aon tréimhse is faide ná 15 bliana a chomhaontú ach amháin i gcásanna eisceachtúla, go háirithe i gcás ina bhfuil infheistíocht mhórscála fhadtéarmach ann agus i gcás ina gcumhdaítear an infheistíocht sin le gealltanais chonarthacha, lena n‑áirítear plean amúchta ilbhliantúil.

9.  Áireoidh bainisteoirí bonneagair toilleadh arna leithdháileadh trí chreat‑chomhaontuithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18.

10.  Agus rúndacht tráchtála á hurramú, cuirfear cineál ginearálta gach creat‑chomhaontaithe ar fáil d’aon pháirtí leasmhar.

11.  Bunaithe ar thaithí na gcomhlachtaí rialála, na n‑údarás inniúil agus na ngnóthas iarnróid agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí ENRRB, féadfaidh an Coimisiún faoi ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amachchun sonraí an nós imeachta agus na gcritéar a leagan amach a bheidh le leanúint chun an tAirteagal seo agus Airteagal 33 a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus chun an tAirteagal seo agus in Airteagal 33 a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3). [Leasú 142]

Airteagal 32

Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil

1.  Bunóidh an bainisteoir bonneagair an chéad leagan oibríochtúil den tráthchlár oibre le haghaidh tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)  iarrataí ar chearta toillte a fuarthas sa phróiseas leithdháilte bliantúil;

(b)  cearta toillte a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre lena mbaineann agus a dheonaítear trí chreat‑chomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31;

(c)  cearta toillte a bhaineann le tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre lena mbaineann agus a dheonaítear tríd an bpróiseas rollach pleanála i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.  Déanfaidh an bainisteoir bonneagair toilleadh a leithdháileadh tríd an leithdháileadh comhuaineach an toillte, d’fhonn na hiarrataí uile ar thoilleadh bonneagair dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, a mhéid is féidir, faoi réir mhír 5 agus mhír 6. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair na srianta uile ar iarratasóirí san áireamh, a mhéid is féidir, lena n‑áirítear an éifeacht eacnamaíoch ar a ngnó.

3.  I gcás coinbhleacht idir dhá iarraidh ar thoilleadh nó níos mó, nó i gcás iarrataí ar thoilleadh nach bhfuil comhsheasmhach leis an phlean um thoilleadh a sholáthar, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair iarracht ar dtús an choinbhleacht a réiteach tríd an sásra comhairliúcháinum réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36. [Leasú 143]

4.  Mura réitíonn an sásra foirmiúil um réiteach díospóide dá dtagraítear i mír 3 an choinbhleacht maidir le toilleadh, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37 a chur i bhfeidhm.

5.  I gcomhréir le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 20, tabharfaidh an bainisteoir bonneagair tosaíocht d’iarrataí atá comhsheasmhach leis an toilleadh réamhphleanáilte a shainítearshainmhínítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar. Dá thoradh sin, féadfaidh an bainisteoir bonneagair glacadh le hiarrataí nach bhfuil ag teacht leis an bplean um thoilleadh a sholáthar nó diúltú dóibh, ar choinníoll go ndeachthas i gcomhairle go cuí le geallsealbhóirí oibríochtúla agus gur cuireadh a bhfógraí toillte i gcuntas a mhéid is féidir. [Leasú 144]

Agus é ag glacadh le hiarrataí nach bhfuil i gcomhréir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, beidh sé d’aidhm ag an mbainisteoir bonneagair an chothromaíocht fhoriomlán a choinneáil ar bun idir na heilimintí den phlean um thoilleadh a sholáthar a liostaítear in Airteagal 18(6) agus an iarraidh féin. Ní mór na hiarratais sin a chur i gcuntas má tá dóthain toillte saor ar fáil gan srian a chur leis na riachtanais le haghaidh iarrataí dá éis sin. [Leasú 145]

Agus iarrataí á ndiúltú aigebpróiseáil nach bhfuil ag teacht leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, ba cheart don bhainisteoir bonneagair rogha mhalartach a thairiscint agus, i gcás inar féidir ó thaobh ama de, comhairliúchán leis na hiarratasóirí lena mbaineann roimh ré. Mura féidir tairiscint eile a dhéanamh agus iarraidh á diúltú, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an t‑iarratasóir lena mbaineann ar an eolas gan mhoill go bhfuil rún aige iarraidh a dhiúltú. Beidh sé de cheart ag an iarratasóir gearán a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála. [Leasú 146]

6.  D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cearta toillte a dheonaítear tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil:

(a)  bealaí traenach;

(b)  sonraíochtaí toillte.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte a dheonaítear i bhfoirm sonraíochtaí toillte a thiontú ina mbealaí traenach i gcomhréir le roinn 4 d’Iarscríbhinn I.

7.  Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal don phróiseas leithdháilte a leagtar amach i roinn 4 d’Iarscríbhinn I.

8.  Breithneoidh an bainisteoir bonneagair iarrataí a cuireadh isteach tar éis an sprioc‑ama tosaigh agus roimh an sprioc‑am deiridh a leagtar amach i bpointeroinn 4 d’Iarscríbhinn I. Sna cásanna sin, leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair cearta toillte i gcomhréir le roinn 4, pointe 2 d’Iarscríbhinn I. [Leasú 147]

9.  Maidir le hiarrataí ar an amchlár oibre a gheofar tar éis an sprioc‑ama tosaigh, nach féidir freastal orthu leis an toilleadh iarmharach a chuirtear i leataobh don amchlár oibre, nó leis an toilleadh neamhphleanáilte atá ar fáil, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht chun roghanna malartacha a thairiscint trí chúrsa taistil eile.

10.  Rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an dréacht‑amchlár oibre. Áireofar ar pháirtithe leasmhara iad siúd uile a d’iarr toilleadh bonneagair agus páirtithe eile ar mian leo an deis a bheith acu a mbarúil a thabhairt faoin gcaoi a bhféadfadh an tráthchlár oibre difear a dhéanamh dá gcumas seirbhísí iarnróid a sholáthar le linn thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre.

11.  Déanfaidh an bainisteoir bonneagair bearta iomchuí chun déileáil le haon imní a chuirtear in iúl.

Airteagal 33

Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas rollach pleanála

1.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas rollach pleanála i gcomhréir leis na sprioc‑amanna a leagtar amach i bpointeroinn 6 d’Iarscríbhinn I. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh a chur i leataobh chun na críche sin sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18. [Leasú 148]

2.  D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cearta toillte a dheonaítear tríd an bpróiseas rollach pleanála:

(a)  bealaí traenach nó sonraíochtaí toillte le haghaidh na laethanta gluaisteachta uile le linn thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre ina gcuimsítear an chéad lá gluaiseachta a áirítear san iarraidh;

(b)  sonraíochtaí toillte le haghaidh na laethanta gluaiseachta uile tar éis thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre ina gcuimsítear an chéad lá a áirítear san iarraidh ar feadh uastréimhse a shonraítear i bpointeroinn 6 d’Iarscríbhinn I. [Leasú 149]

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte a dheonaítear i bhfoirm sonraíochtaí toillte a thiontú ina mbealaí traenach i gcomhréir le roinn 6 d’Iarscríbhinn I.

3.  Gan dochar d’Airteagal 18, leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh a chuirfear i leataobh don phróiseas rollach pleanála maidir le leithdháileadh ar bhonn phrionsabal an leithdháilte a leagtar amach i roinn 56, pointe 2 d’Iarscríbhinn I. [Leasú 150]

4.  I gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 20, féadfaidhdéanfaidh bainisteoirí bonneagair diúltú do thoilleadh a leithdháileadha ndícheall toilleadh malartach a thairiscint d’iarrataí rollacha pleanála má tá iarrataí ar neamhréir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 18. CuirfearMura féidir rogha mhalartach a thairiscint, féadfaidh an bainisteoir bonneagair diúltú in iúl don iarratasóir gan mhoilldo thoilleadh a leithdháileadh ar an iarraidh neamhréireach sin. Beidh sé de cheart ag an iarratasóir gearán a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála. [Leasú 151]

5.   Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair an comhlacht rialála ar an eolas faoi na hiarrataí uile ar thoilleadh a fuarthas nár oir do pharaiméadair an toillte a bhí ar fáil mar a shainítear iad sa phlean um thoilleadh a sholáthar, gan beann ar ar glacadh leo nó ar diúltaíodh dóibh. Ar bhonn na faisnéise sin, eiseoidh an comhlacht rialála tuairim ar a laghad gach 2 bhliain, a fhéadfaidh a mholadh don bhainisteoir bonneagair an tsamhail maidir le toilleadh a leasú. [Leasú 152]

6.  Tar éis fógra a thabhairt don chomhlacht rialála, nó tar éis moladh a fháil ón gcomhlacht rialála, diúltóidh an bainisteoir bonneagair d’iarrataí leanúnacha ar phleanáil, más de chineál atriallach iad agus má chomhlíonann siad saintréithe an toillte a leithdháiltear de ghnáth trí chreat‑chomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 31. Cuirfidh an comhlacht rialála ENRRB ar an eolas faoi na cinntí agus na moltaí sin agus áiritheoidh an comhlacht rialála cur i bhfeidhm comhleanúnach na míre seo.

Airteagal 34

Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc

1.  Freagróidh an bainisteoir bonneagair go pras, agus in aon chás laistigh de na sprioc‑amanna a leagtar amach i roinn 7 d’Iarscríbhinn I, d’iarrataí ad hoc ar thoilleadh bonneagair arna gcur isteach tráth ar bith le linn thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre. Déanfar faisnéis maidir leis an toilleadh breise atá ar fáil a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9 do na hiarratasóirí uile a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh an toilleadh sin a úsáid.

Is i bhfoirm bealaí traenach a bheidh na cearta toillte a dheonófar tríd an bpróiseas ad hoc.

2.  Beidh leithdháileadh an toillte bonneagair mar fhreagairt ar iarrataí ad hoc bunaithe ar an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.

Airteagal 35

Sceidealú na srianta ar an toilleadh mar thoradh ar oibreacha bonneagair

1.  Sceidealóidh na bainisteoirí bonneagair srianta ar an toilleadh a thiocfaidh as oibreacha bonneagair nach n‑áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 a luaithe is féidir.

2.  Agus oibreacha bonneagair á sceidealú, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an tionchar ar thoilleadh réamhphleanáilte a áirítear sa tsamhail maidir le toilleadh nó sa phlean um thoilleadh a sholáthar a theorannú a mhéid is féidir.

3.  Má éilíonn sceidealú srianta ar an toilleadh a leanann as oibreacha bonneagair athrú ar cheart toillte leithdháilte de réir bhrí Airteagal 39, beidh an t‑iarratasóir nó na hiarratasóirí lena mbaineann i dteideal an chúitimh dá dtagraítear in Airteagal 40.

4.  Má éilíonn sceidealú srianta ar a toilleadh a leanann as oibreacha bonneagair athrú ar cheart toillte leithdháilte de réir bhrí Airteagal 39, déanfaidh an bainisteoir bonneagair a dhícheall toilleadh malartach a sholáthar do na hiarratasóirí lena mbaineann.

Chun na críche sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair na hiarratasóirí uile lena mbaineann ar an eolas faoin athrú atá beartaithe ar na cearta toillte lena mbaineann. Déanfaidh sé cearta toillte malartacha a thairiscint do na hiarratasóirí lena mbaineann nó seolfaidh sé comhordú leis na hiarratasóirí lena mbaineann d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le cearta toillte malartacha.

5.  Agus oibreacha bonneagair á sceidealú i gcomhréir leis an Airteagal seo, cloífidh bainisteoirí bonneagair leis an sceideal a leagtar amach i roinn 3 d’Iarscríbhinn I.

6.  Áireoidh na bainisteoirí bonneagair na srianta uile ar an toilleadh a thagann as oibreacha bonneagair sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar, gan beann ar an tráth a dhéantar iad a sceidealú.

Airteagal 36

Sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta agus comhordú iarrataí

1.  Más rud é, i gcomhthéacs leithdháileadh comhuaineach an toillte, go dtagann an bainisteoir bonneagair ar choinbhleachtaí idir iarrataí éagsúla ar thoilleadh bonneagair, déanfaidh sé iarracht a áirithiú go ndéanfar an mheaitseáil is fearr is féidir idir na ceanglais uile, trí chomhordú na n‑iarrataí.

2.  I gcás ina mbeidh gá le comhordú, beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bonneagair, laistigh de theorainneacha réasúnacha, toilleadh bonneagair a mholadh atá éagsúil ón toilleadh a iarradh. Sainmhíneoidh an bainisteoir bonneagair na teorainneacha is infheidhme ina ráiteas gréasáin. Soláthróidh ENIM treoirlínte maidir leis an sainmhíniú ar na teorainneacha sin agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.  Déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht, trí chomhairliúchán leis na hiarratasóirí iomchuí, aon choinbhleacht a réiteach. Beidh an comhairliúchán sin bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas a nochtadh laistigh de thréimhse réasúnach ama, saor in aisce agus i bhfoirm leictreonach:

(a)  bealaí traenach arna n‑iarraidh ag gach iarratasóir eile ar na bealaí céanna;

(b)  bealaí traenach a leithdháiltear ar bhonn tosaigh do gach iarratasóir eile ar na bealaí céanna;

(c)  bealaí traenach malartacha a mholtar ar na bealaí ábhartha i gcomhréir le mír 2;

(d)  sonraí iomlána na gcritéar atá á n‑úsáid sa phróiseas leithdháilte toillte.

Gan dochar d’Airteagal 27(3) agus faoi réir chomhaontú na n‑iarratasóirí uile, féadfaidh an bainisteoir bonneagair teagmháil a bhunú idir na hiarratasóirí uile a d’fhéadfadh a bheith bainteach le coinbhleacht a réiteach chun comhordú na n‑iarrataí a éascú.

4.  Leagfar amach sa ráiteas gréasáin na prionsabail lena rialaítear comhordú iarrataí ar thoilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre.

5.  I gcás nach féidir iarrataí ar thoilleadh bonneagair a chomhlíonadh gan comhordú a dhéanamh, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht freastal ar gach iarraidh trí chomhordú a dhéanamh.

6.  Gan dochar do na nósanna imeachta achomhairc atá ann cheana agus d’Airteagal 56 de Threoir 2012/34/AE, i gcás díospóidí a bhaineann le leithdháileadh toillte bonneagair, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear córas réitigh díospóidí ar fáil chun díospóidí den sórt sin a réiteach go pras. Leagfar amach an córas sin sa ráiteas gréasáin maidir le hiarrataí ar thoilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre. Má chuirtear an córas sin i bhfeidhm, déanfar cinneadh laistigh de theorainn ama 10 lá oibre.

7.  I gcás iarrataí ar thoilleadh ilghréasáin, déanfar an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i gcomhréir le hAirteagal 53 agus beidh baint ag an gComhordaitheoir Gréasáin leis.

8.  Faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus tar éis dul i gcomhairle le ERP, ullmhóidh ENIM treoirlínte don sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta d’iarrataí ar thoilleadh ilghréasáin agus áireoidh iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 153]

8a.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomh cur chun feidhme chun mionsonraí an nós imeachta agus na gcritéar a bheidh le leanúint le haghaidh an tsásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta i gcás iarrataí ar thoilleadh ilghréasáin a leagan amach agus chun mír 8 den Airteagal seo a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3). Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 154]

Airteagal 37

Sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta ar bhonn critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil

1.  I gcás nach mbeidh an choinbhleacht maidir le toilleadh réitithe leis na sásraí um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36, leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 8.

2.  I gcomhthéacs an phróisistsásra fhoirmiúil um réiteach coinbhleachta, cuirfear iarrataí ar chearta toillte ilghréasáin san áireamh ina n‑iomláine. Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 8(6), go mbeidh feidhm ag paraiméadair náisiúnta éagsúla, úsáidfear na paraiméadair sin do na stráicí ábhartha. [Leasú 155]

3.  I gcás iarrataí contrártha ar thoilleadh lena mbaineann seirbhísí iarnróid a bhfuil saintréithe comhchosúla acu agus a bhfuil próifíl shocheacnamaíoch chomhchosúil acu, sannfaidh an bainisteoir bonneagair toilleadh ar bhonn ceantála nó ar bhealach a thabharfaidh rochtain don líon is mó iarratasóirí. Cuirfear an modh deireanach sin i bhfeidhm faoi réir a fhormheasta ag an gcomhlacht rialála.

3a.   Chuige sin, tiomsóidh ENRRB treoirlínte chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe Airteagal 3 a éascú. [Leasú 156]

Airteagal 38

Sceideal le haghaidh próisis leithdháilte toillte

1.  Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal maidir le próisis leithdháilte toillte a leagtar amach i ranna 4, 5, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn I.

2.  Féadfaidh bainisteoirí bonneagair tréimhsí ama agus sprioc‑amanna a chinneadh don sceideal maidir le toilleadh a leithdháileadh atá éagsúil ó na cinn dá dtagraítear sa Rialachán seo agus i bpointe 2(b) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/34/AE má bhíonn tionchar suntasach ag bunú bealaí iarnróid idirnáisiúnta i gcomhar le bainisteoirí bonneagair tríú tíortha ar ghréasán a bhfuil a leithead rianta éagsúil ón bpríomhghréasán iarnróid laistigh den Aontas ar an sceideal maidir le toilleadh a leithdháileadh go ginearálta.

3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun ranna 4, 5, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn próiseas leithdháilte éifeachtúil a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar phleanáil, ar leasanna oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann maidir le sceidealú agus leithdháileadh an toillte.

ROINN 4

Oiriúnú agus athsceidealú

Airteagal 39

Athruithe ar chearta toillte tar éis an leithdháilte

1.  Ní fhéadfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte arna leithdháileadh ar iarratasóir ar a thionscnamh féin a athrú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh iarratasóirí athruithe a iarraidh ar an toilleadh a leithdháileadh i gcónaí. Measfar gur cineál sonrach athraithe é cealú.

I gcás athruithe ar chearta toillte arna leithdháileadh, beidh feidhm ag Airteagal 40. Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an tráthchlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 30 a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill.

2.  Cuirfidh bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí teorainn le hathruithe ar chearta toillte tar éis an leithdháilte a mhéid is féidir, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(3).

3.  Áireofar sna hathruithe ar chearta toillte cásanna nach féidir leis an mbainisteoir bonneagair ligean don traein gluaiseacht i gcomhréir leis an gceart toillte a leithdháileadh agus ina bhfuil a dhóthain ama aige ceart toillte malartach a thairiscint don iarratasóir tar éis dó an t‑iarratasóir a chur ar an eolas faoin ngá atá leis an athrú.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair sprioc‑amanna éagsúla a shonrú maidir le cearta toillte a leithdháileadh ar ghréasán aonair agus maidir le cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh. Soláthróidh na bainisteoirí bonneagair faisnéis sa ráiteas gréasáin maidir leis an am is gá chun bealach traenach a thógáil. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná na sprioc‑amanna a shonraítear i roinn 8 d’Iarscríbhinn I.

4.  Déanfar tionchar an athraithe ar an gceart toillte ar an iarratasóir i dtéarmaí oibríochtúla agus tráchtála a chur san áireamh sna rialacha agus sna nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás athrú ar cheart toillte. Chun na críche sin, déanfar athruithe a chatagóiriú bunaithe ar a dtionchar i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo agus beidh leibhéil éagsúla cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 40 mar thoradh orthu.

4a.   I gcásanna ina gcuirtear toilleadh in áirithe ach nach n-úsáidtear é, beidh feidhm ag íocaíocht chúitimh i gcomhréir le hAirteagal 40. [Leasú 157]

5.  I gcás ina n‑athraítear ceart toillte ilghréasáin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann gach iarracht réasúnta chun an chomhsheasmhacht idir na cearta toillte thar an ngluaiseacht traenach ar fad a áirithiú.

Is é an bainisteoir bonneagair a dhéanfaidh athrú ar cheart toillte ilghréasáin a bheidh freagrach as an bpróiseas chun leithdháileadh cirt toillte ilghréasáin mhalartaigh a chomhordú leis na bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann agus cuirfidh sé toradh an chomhordaithe in iúl don iarratasóir agus do na páirtithe uile lena mbaineann. Is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ann ceart toillte ilghréasáin malartach a leithdháileadh nó an fhaisnéis nach bhfuil aon cheart toillte malartach ar fáil.

6.  Chun críoch an Rialacháin seo, i gcás nach n‑úsáidfidh gnóthais iarnróid ceart toillte arna leithdháileadh, measfar gurb ionann sin agus cealú lá na gluaiseachta traenach lena mbaineann.

7.  I gcás ina n‑athróidh bainisteoir bonneagair ceart toillte arna leithdháileadh, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus don ghnóthas iarnróid lena mbaineann gan mhoill.

Déanfaidh an bainisteoir bonneagair cearta toillte malartacha a thairiscint don iarratasóir laistigh de na sprioc‑amanna a leagtar amach i roinn 8 d’Iarscríbhinn I. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, soláthróidhmbeidh aon tairiscint mhalartach indéanta i gcomhréir le hAirteagal 32(5) agus Airteagal 33(4), solathróidh an bainisteoir bonneagair nó na bainisteoirí bonneagair faisnéis ábhartha don iarratasóir lena gcuirfear ar chumas an iarratasóra iarraidh nua ar thoilleadh bonneagair a chur isteach. I gcás inarb ábhartha, déanfar tagairt san fhaisnéis sin don phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18 agus don phleanáil theagmhasach dá dtagraítear in Airteagal 19. [Leasú 158]

8.  Faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ullmhóidh agus glacfaidh ENIM nósanna imeachta comhchuibhithe chun athruithe ar chearta toillte a bhainistiú tar éis a leithdháilte agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 159]

Leis na nósanna imeachta comhchuibhithe sin, déanfar idirdhealú idir athruithe a bhfuil mórthionchar acu ar iarratasóirí agus ar ghnóthais iarnróid i dtéarmaí tráchtála agus oibríochtúla agus athruithe a bhfuil miontionchair acu. Leis na critéir a úsáidfear chun athrú a chatagóiriú mar mhórathrú, cuirfear san áireamh, i measc nithe eile, cumas an ghnóthais iarnróid an tseirbhís a dhéanamh i gcomhréir lena oibleagáidí conarthacha, moilleanna ag an áit imeachta nó athruithe ar an mbealach as a dtagann méadú ar achar, am taistil, muirir rochtana bealaí nó costais ghaolmhara eile, chomh maith le tairseacha le haghaidh na n‑athruithe sin. Beidh feidhm ag critéir níos déine maidir le hathruithe a bhfuil mórthionchar acu.

8a.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan amach chun athruithe ar chearta toillte a bhainistiú tar éis iad a leithdháileadh agus chun mír 8 den Airteagal seo a leasú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoi ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 160]

9.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun roinn 8 d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn próisis oiriúnaithe agus athsceidealaithe éifeachtúla a áirithiú agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

Airteagal 40

Cúiteamh as athruithe ar chearta toillte

1.  I gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair nó an t‑iarratasóir a ngealltanais i ndáil le ceart toillte arna leithdháileadh agus i gcás inarb é an toradh a bheidh air sin athrú a aicmítear mar mhórathrú i gcomhréir le hAirteagal 39, íocfaidh an páirtí a thionscnaíonn an t‑athrú cúiteamh leis an bpáirtí eile.

2.  Ní bheidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 dlite i gcásanna force majeure.

3.  Tar éis dul i gcomhairle le ENRRB agus ERP, sainmhíneoidh ENIM, faoi [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo],, saineoidh ENIM coinníollacha comhchuibhithe as a dtiocfaidhn-eascraíonn cúiteamh. Leis na coinníollacha sin, cuirfear na rialacha a leagtar amach in Airteagal 39(4) agus (8) san áireamhi gcuntas. Áireoidh ENIM na coinníollacha sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. Foilseoidh ENRRB tuairim maidir leis na coinníollacha arna sainiú ag ENIM. [Leasú 161]

4.  Tar éis formheas a fháil ón gcomhlacht rialála, leagfaidh na bainisteoirí bonneagair amach sa ráiteas gréasáin na leibhéil chúitimh a bheidh le híoc ag na hiarratasóirí.

Tar éis togra a fháil ón mbainisteoir bonneagair agus tar éis dul i gcomhairle le hiarratasóirí agus le hiarratasóirí féideartha, socróidh an comhlacht rialála na leibhéil chúitimh a bheidh le híoc ag an mbainisteoir bonneagair. Foilseoidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin sa ráiteas gréasáin.

Is amhlaidh, maidir leis na leibhéil chúitimh, go soláthrófar dreasachtaí éifeachtacha leo don bhainisteoir bonneagair agus d’iarratasóirí chun úsáid bheartaithe an toillte a urramú agus suaití a íoslaghdú. Beidh na leibhéil sin comhréireach agus neamh‑idirdhealaitheach.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair agus comhlachtaí rialála leibhéil éagsúla chúitimh a shocrú ag brath ar thionchar an athraithe agus cé acu is féidir nó nach féidir an toilleadh a ath‑leithdháileadh, agus iarratasóir eile é a úsáid. Cuirfear san áireamh sna leibhéil sin go háirithe na rialacha in Airteagal 39(4) agus (8), an t‑am a bheidh fágtha tar éis an athraithe a iarraidh nó a bheith tarlaithe go dtí am na gluaiseachta traenach agus ráta úsáide an bhonneagair iarnróid atá san áireamh sa cheart toillte.

5.  I gcás cearta toillte ilghréasáin, beidh feidhm ag an oibleagáid a bhaineann leis an gcúiteamh a íoc leis an iarratasóir maidir leis an mbainisteoir bonneagair nó leis na bainisteoirí bonneagair a bheidh freagrach as an athrú ar an gceart toillte, agus an ceart toillte ina iomláine á chur san áireamh agus, i gcás ina mbeidh níos mó ná bainisteoir bonneagair amháin freagrach, cóimheas fhad a ngréasán sa cheart toillte. Ní rachaidh an cúiteamh don cheart toillte ina iomláine thar an gcúiteamh a bheidh dlite don cheart toillte arna leithdháileadh ag an mbainisteoir bonneagair arna iolrú faoi thrí.

6.  Déanfaidh comhlachtaí rialála cinneadh maidir le díospóidí a bhaineann leis an gcúis atá leis an athrú ar cheart toillte nó le cúiteamh moillithemoill ar íocaíocht an chúitimh agus déanfaidh siad cinneadh gan mhoill agus laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis uile is gá a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar an gcúis leis an athrú. Cuirfidh comhlachtaí rialála ENRRB ar an eolas faoi chinntí den sórt sin agus féadfaidh siad dul i gcomhairle le ENRRB. Áiritheoidh ENRRB go mbeidh na cinntí sin comhleanúnach agus go mbeidh siad bunaithe ar phrionsabail a aithnítear go coitianta. [Leasú 162]

7.  Féadfaidh an CoimisiúnCumhachtófar don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe a ghlacadh lena leagtar amachi gcomhréir le hAirteagal 71 chun na coinníollacha a leagan amach as a dtiocfadh íocaíocht cúiteamh, aicmiú na n‑athruithe ar chearta toillte agus na modheolaíochtaí chun na leibhéil chúitimh a shocrú agus chun mír 2 den Airteagal seo a leasú. Glacfar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3)tarmligthe sin faoi ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 163]

Airteagal 41

Athsceidealú i gcomhthéacs an bhainistithe suaite agus an bhainistithe géarchéime

1.  I gcás suaitheadh ar an ngréasán dá dtagraítear in Airteagal 46 nó i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 47, déanfaidh an bainisteoir bonneagair nó na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann gach iarracht is féidir chun an trácht a ndéanann an suaitheadh difear dó a athsceidealú. Chun na críche sin, leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid i gcomhréir leis an gcreat Eorpach um chomhordú trasteorann ar bhainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime, dá dtagraítear in Airteagal 44, ar bhonn na bpleananna teagmhais arna n‑ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 19 agus i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus, i gcás inarb ábhartha, le páirtithe leasmhara eile lena mbaineann.

2.  Faoin ... [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh ENIM treoirlínte a fhorbairt agus a ghlacadh chun toilleadh bonneagair a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaitheadh ar an ngréasán ar bhealach trédhearcach agus neamh‑idirdhealaitheach. Go háirithe, soláthróidh ENIM treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an phróisis chomhuainigh maidir le toilleadh a leithdháileadh agus maidir leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. [Leasú 164]

I gcás ina mbeidh feidhm ag an bpróiseas leithdháilte comhuaineach, soláthróidh ENIM treoirlínte maidir leis na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm, lena n‑áireofar, de réir mar is iomchuí, an próiseas maidir lesásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a chur i bhfeidhm agus maidir leis an bpróiseassásra foirmiúil maidir leum réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37. Áireoidh ENIM na treoirlínte sin sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 165]

3.  Agus iad ag athsceidealú, ní dhéanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte atá ann cheana a athrú ná a chealú ar bhonn aontaobhach chun suaití a bhainistiú. Mar sin féin, bunaithe ar thaithí comhlachtaí rialála, bainisteoirí bonneagair agus gnóthas iarnróid agus ar ghníomhaíochtaí ENIM agus ENRRB, féadfaidh an Coimisiúncumhachtófar don Choimisiún gníomh cur chun feidhmetarmligthe a ghlacadh lena leagfar amach i gcomhréir le hAirteagal 71 chun na critéir agus na nósanna imeachta a leagan amach maidir le hathsceidealú, lena n‑áirítear athruithe aontaobhacha ar chearta toillte leithdháilte ag bainisteoirí bonneagair chun suaití ar an ngréasán a bhainistiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in agus chun mír 2 den Airteagal 72(3)seo a leasú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoi ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 166]

4.  Féadfaidh bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí comhaontuithe a thabhairt i gcrích, ar bhonn deonach, lena bhforálfar d’athsholáthar ceart toillte áirithe i gcás suaitheadh ar an ngréasán. Luafar comhaontuithe den sórt sin sa phlean teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 19.

5.  I gcás suaitheadh ar an ngréasán a dhéanann difear do thrácht ar níos mó ná gréasán amháin, comhordóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann leithdháileadh an toillte mhalartaigh i gcomhréir le hAirteagal 53 agus leis an gcreat Eorpach um chomhordú trasteorann ar bhainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44.

CAIBIDIL III

TRÁCHT, SUAITHEADH AGUS BAINISTIÚ GÉARCHÉIME

Airteagal 42

Bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime

1.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair bainistiú tráchta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir (AE) 2016/797 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin.

Chun na críche sin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:

(a)  bainistiú tráchta le linn gnáthdhálaí oibriúcháin a bhaineann le teagmhais a bhainistiú a mbíonn diallta teoranta ón amchlár oibre mar thoradh orthu;

(b)  bainistiú suaite chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh suntasach ar oibríochtaí gréasáin a éilíonn gníomhaíocht chomhbheartaithe i gcomhréir le hAirteagal 46;

(c)  bainistiú tráchta le linn géarchéimeanna mar a leagtar amach in Airteagal 47.

2.  I gcás géarchéimeanna ar mórscála, laistigh agus lasmuigh den earnáil iompair araon, féadfaidh na Ballstáit bearta a chur chun feidhme de mhaolú ar na rialacha is infheidhme i ngnáthchásanna i gcomhréir le hAirteagal 47. I gcásanna den sórt sin agus i gcás inarb ábhartha, glacfaidh bainisteoirí bonneagair rialacha agus nósanna imeachta speisialta agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in Airteagal 47.

2a.   Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na rialacha agus na nósanna imeachta speisialta dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú agus a chur ar fáil gan bhac. Tabharfaidh ESMA fógra ina dtaobh don Choimisiún. [Leasú 167]

3.  Agus trácht á bhainistiú, cloífidh bainisteoirí bonneagair leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2.

Go háirithe, déanfaidh bainisteoirí bonneagair suaití agus a dtionchar ar thrácht iarnróid a laghdú agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)  freagairt thapa chomhordaithe ar shuaití a áirithiú, go háirithe i gcás suaití gréasáin agus géarchéimeanna;

(b)  an trácht iarnróid a chobhsú agus a optamú le linn fhad iomlán na suaití gréasáin agus na ngéarchéimeanna;

(c)  faisnéis ábhartha, chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla agus do pháirtithe eile lena mbaineann, go háirithe na húdaráis atá i gceannas ar ghéarchéimeanna lasmuigh den earnáil iarnróid a bhainistiú. Soláthrófar an fhaisnéis sin trí na modhanna iomchuí, lena n‑áirítear na modhanna sin dá dtagraítear in Airteagal 62.

Airteagal 43

Rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú tráchta agus bainistiú suaite

1.  Faoin ... [18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh na bainisteoirí bonneagair rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun dialltaí gluaiseachtaí traenach ón amchlár oibre a bhainistiú. Foilseofar na rialacha agus na nósanna imeachta sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE agus cumhdófar leo bainistiú tráchta sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán seo. [Leasú 168]

2.  Beidh sé d’aidhm ag na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 tionchar foriomlán na ndialltaí ón amchlár ar thrácht iarnróid a íoslaghdú, agus riachtanais gach cineáil iompair á gcur san áireamhi gcuntas. Féadfaidh rialacha tosaíochta a bheith i gceist leis na prionsabail maidir le bainistíochtrialacha agus na nósanna imeachta bainistíochta idir na cineálacha éagsúla tráchta agus na nósanna imeachta, na critéir agus na spriocanna sonracha atá le cur i bhfeidhm i gcur chuige atá bunaithe ar bharrfheabhsú a bhraitheann ar fheidhm sprice a bharrfheabhsú, amhail na nóiméid mhoille nó an t‑am chun filleadh ar ghnáthoibríochtaí a íoslaghdú, seachas rialacha tosaíochta sainráite. [Leasú 169]

3.  I gcás ina gcuirfear isteach ar ghluaiseachtaí traenach de dheasca teip theicniúil nó timpiste, déanfaidh an bainisteoir bonneagair, gan mhoill, gach beart is gá chun an staid a athbhunú mar is gnách. Chuige sin, cuirfidh sé plean teagmhais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 19. I gcás suaitheadh a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar thrácht trasteorann, comhoibreoidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann le chéile chun an trácht trasteorann a athbhunú mar is gnách i gcomhréir leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar thrácht, suaitheadh agus bainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44. [Leasú 170]

4.  Agus na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 á leagan amach acu, tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um chomhordú ar thrácht, suaitheadh agus bainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na rialacha comhchoiteanna agus ó na nósanna imeachta comhchoiteanna arna mbunú sa chreat Eorpach um chomhordú tráchta, cur isteach agus bainistiú géarchéime.

4a.   Ní cheadófar dialltaí ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe agus déanfaidh an comhlacht rialála náisiúnta iad a fhormheas. [Leasú 171]

5.  I gcásanna force majeure, agus, i gcás ina bhfuil géarghá leis, mar gheall ar theagmhas a fhágann go bhfuil an bonneagar neamh‑inúsáidte go sealadach, féadfar cearta acmhainneachtatoillte leithdháilte a tharraingt siar gan rabhadh chomh fada agus is gá chun an córas a dheisiú agus, ag an am céanna, sáriarracht a dhéanamh roghanna eile féideartha a chur ar fáil. [Leasú 172]

Féadfaidh an bainisteoir bonneagair, má mheasann sé gur gá sin, a cheangal ar ghnóthais iarnróid na hacmhainní is iomchuí dar leis a chur ar fáil dó chun an gnáthstaid a athbhunú a luaithe is féidir.

5a.   I gcás toilleadh a bheith tarraingthe siar, cuirfidh bainisteoirí bonneagair bainistiú ama, dul chun cinn deisiúcháin agus roghanna malartacha ar a dtoilleadh leithdháilte in iúl do ghnóthais iarnróid go tráthúil. [Leasú 173]

6.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais iarnróid a bheith rannpháirteach i bhforfheidhmiú agus faireachán a áirithiú maidir lena chomhlíontacht féin leis na caighdeáin agus na rialacha sábháilteachta.

6a.   Déanfaidh an Coimisiún, faoi [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan amach chun dialltaí gluaiseachtaí traenach ón tráthchlár oibre a bhainistiú agus mír 1 den Airteagal seo a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3). [Leasú 174]

Airteagal 44

An creat Eorpach um bainistiú tráchta , bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime trasteorann a chomhordú

1.  Déanfaidh ENIM creat Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh chun bainistiú tráchta, suaite tráchta agus géarchéime trasteorann a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 42 ar a dhéanaí faoi ... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Forbróidh ENIM an creat Eorpach um bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime trasteorann a chomhordú i gcomhar le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus le páirtithe leasmhara tríd an bpróiseas comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54, agus obair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bhunaítear le Teideal IV de Rialachán (AE) 2021/20852021/2085 á cur san áireamh. [Leasú 175]

2.  Leis an gcreat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú, soláthrófar treoirlínte maidir le comhar idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, lena n-áirítear ENRRB. [Leasú 176]

3.  Go háirithe, beidh na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn V sa chreat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú.

3a.   Agus an creat a ghlac ENIM i gcomhréir le mír 1 á chur i gcuntas, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun na mionsonraí a leagan amach chun bainistiú tráchta trasteorann, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime a chomhordú agus chun mír 2 den Airteagal seo a leasú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin faoi ... [24 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 177]

Airteagal 45

Bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime a chomhordú

Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair bainistiú tráchta a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 53 agus ar bhonn an chreata Eorpaigh um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44.

Áiritheofar leis an gcomhordú go háirithe:

(a)  go n‑oibríonn seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta leis na suaití is lú faoi oibríochtaí tráthrialta agus i gcásanna suaite araon;

(b)  go ndéanfar na dúshláin shonracha a bhaineann le stráicí trasteorann a thagann, inter alia, as idir‑inoibritheacht theoranta ó thaobh bonneagair, trealaimh theicniúil agus oibríochtaí, ceanglais teanga agus oiliúna a bhaineann le baill foirne, foirmiúlachtaí riaracháin nó foirmiúlachtaí teorann a chur san áireamh i gceart;

(c)  malartú éifeachtúil faisnéise atá cothrom le dáta agus ábhartha idir bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, chomh maith le haon struchtúir rialachais bainistithe géarchéime ábhartha ar leibhéal an Aontais de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear i gcomhréir le hAirteagal 62.

Airteagal 46

Suaití gréasáin

1.  I gcás ina mbeidh nó inar dócha go mbeidh srianta ar oibríochtaí gréasáin mar thoradh ar theagmhas, ar srianta iad a éilíonn gníomhaíocht chomhbheartaithe ó pháirtithe leasmhara oibríochtúla chun an bhainistíocht is fearr is féidir ar thrácht a áirithiú le linn na srianta, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann measúnú ar an tréimhse agus ar an tionchar is dócha a bheidh ag an teagmhas ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil agus na taithí a bhí acu roimhe.

Má chomhlíonann an fad agus an tionchar a mheastar na critéir chun suaití gréasáin a dhearbhú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, dearbhóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann suaitheadh ar an ngréasán agus déanfaidh siad na bearta a leagtar síos in Airteagal 43 a chur chun feidhme.

2.  I gcás ina bhfuil tionchar ag an teagmhas, nó inar dócha go mbeidh tionchar aige, ar níos mó ná gréasán amháin, dearbhóidh an bainisteoirbainisteoir bonneagair inarinar tharla an teagmhas suaitheadh ilghréasáin agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 44, Airteagal 45 agus Airteagal 53. [Leasú 178]

3.  Sainmhíneoidh ENIM modh comhchuibhithe chun meastachán a dhéanamh ar fhad dóchúil an tsuaite gréasáin agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige agus déanfaidh sé é a áireamh sa chreat Eorpach um bainistiúbainistíocht tráchta, suaite agus géarchéime a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44. [Leasú 179]

4.  Cuirfidh an bainisteoir bonneagair na páirtithe leasmhara ar an eolas, a luaithe is féidir, faoi neamh‑infhaighteacht toilleadh bonneagair, go háirithe mar gheall ar theagmhas.

Féadfaidh an comhlacht rialála a cheangal ar an mbainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin a chur ar fáil dó, má mheasann sé gur gá sin.

4a.   I gcás ina gcuirtear isteach go páirteach nó go hiomlán ar sheirbhísí de dheasca briseadh in oibríocht traenach de dheasca cliseadh teicniúil, teagmhas teicniúil nó tionóisc theicniúil ar líne trasteorann a mhaireann níos faide ná 15 lá, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair buailte, laistigh de 30 lá ón tarlú, tuarascáil ar an teagmhas a ullmhú. Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, ar áireamh sa tuarascáil ar an teagmhas:

(a)   faisnéis faoi na bearta oibríochtúla go léir a dhéantar chun slite malartacha a áirithiú;

(b)   faisnéis faoi na gníomhaíochtaí go léir a dhéantar chun seirbhísí rialta a chur ar ais ar an líne idirbhriste.

Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí agus déanfar í a nuashonrú go rialta go dtí go mbainfear an briseadh.

Féadfaidh ERA moltaí a eisiúint maidir le bearta feabhsaithe chun aghaidh a thabhairt ar an gcur isteach agus ar na srianta ar thoilleadh tráchta arb é an tionóisc ba chúis leo. [Leasú 180]

5.  Baileoidh an Comhordaitheoir Gréasáin faisnéis maidir le suaití gréasáin, déanfaidh sé anailís ar an bhfreagairt, tiocfaidh sé ar chonclúidí maidir le héifeachtacht bhainistíocht na dteagmhas sin agus rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 54 agus tuairisceoidh sé do ENIM agus don Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta.

6.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn VI a leasú d’fhonn bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil ar shuaití gréasáin a áirithiú, agus cúrsaí pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

Airteagal 47

Cásanna géarchéime

1.  I gcásanna géarchéimeanna a bhaineann leis an tsábháilteacht phoiblí, eipidéimí sláinte, tubaistí nádúrtha, géarchéimeanna comhshaoil, cosanta agus slándála, a bhfuil nó a bhfuiltear ag súil go mbeidh éifeacht chriticiúil acu ar sholáthar nó ar éileamh seirbhísí iompair iarnróid, ceadófar do na Ballstáit bearta éigeandála a chur i bhfeidhm lena n‑áirítear, de mhaolú ar rialacha an Rialacháin seo:

(a)  cealú ceart acmhainneachta gan chúiteamh;

(b)  prionsabail mhalartacha, rialacha malartacha agus nósanna imeachta malartacha maidir le bainistíocht acmhainneachta, go háirithe maidir le toilleadh bonneagair gann a leithdháileadh;

(c)  nósanna imeachta malartacha le haghaidh bainistíocht tráchta;

(d)  bealaí malartacha a úsáid;

(e)  pleananna soláthair toillte a leasú.

Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go leanfaidh na bearta éigeandála, a mhéid is féidir, na prionsabail maidir le toilleadh a bhainistiú agus bainistiú tráchta a leagtar amach sa Rialachán seo agus go mbainfidh siad úsáid as pleananna atá ann cheana arna n‑ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 19. Comhordóidh siad bearta éigeandála den sórt sin le Ballstáit eile. [Leasú 181]

2.  Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus ENIM ar an eolas gan mhoill maidir lena chinneadh bearta éigeandála a chur i bhfeidhm agus soláthróidh sé réasúnú agus tuairisc ar na bearta sin agus ar fhad measta a gcur i bhfeidhm. Más infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit fógra freisin don Choimisiún agus do na lároifigí idirchaidrimh dá bhforáiltear faoi Airteagal 8 den [Rialachán maidir le hIonstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair].

3.  Ceapfaidh an bainisteoir bonneagair pointe fócasach de réir bhrí Airteagal 60, lena soláthrófar faisnéis don Choimisiún, do ENIM, do bhainisteoirí bonneagair eile agus do pháirtithe leasmhara eile faoi na bearta éigeandála agus cuideoidh sé le bearta den sórt sin a chomhordú.

4.  I gcás ina mbeidh tionchar suntasach ag bearta éigeandála ar thrácht trasteorann, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 54. Agus comhordú á dhéanamh trí struchtúir chomhordaithe thiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 53, mír 2, pointe (a), beidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann páirteach.

5.  Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, cuirfidh comhlachtaí rialála agus ENRRB a dtuairim in iúl maidir leis na bearta éigeandála don Choimisiún laistigh den sprioc‑am arna leagan síos ag an gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena gceanglófar ar Bhallstát na bearta éigeandála a aisghairm, má mheastar nach bhfuil gá leo.

6.  Soláthróidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe i gcás inar gá nó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile a theastaíonn ón gCoimisiún faoi na bearta éigeandála laistigh de na sprioc‑amanna arna leagan síos ag an gCoimisiún.

7.  Féadfaidh údaráis phoiblí atá i gceannas ar ghéarchéimeanna a bhainistiú, lena n‑áirítear an t‑arm, na gníomhaireachtaí cosanta sibhialta, agus daoine eile, gníomhaíochtaí a eagrú lena n‑ionsamhlaítear géarchéimeanna a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo. I gcásanna den sórt sin, leithdháilfidh an bainisteoir bonneagair toilleadh de réir mar is gá, lena n‑áirítear cealú na gceart toillte leithdháilte más gá. Déanfaidh na húdaráis phoiblí lena mbaineann na hiarratasóirí lena mbaineann a chúiteamh i gcomhréir le hAirteagal 40.

Airteagal 48

Malartú faisnéise maidir le bainistiú tráchta

1.  Na páirtithe leasmhara oibríochtúla uile a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhís iompair iarnróid a oibriú, beidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an tseirbhís iompair iarnróid sin a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

Ní fhéadfaidh na páirtithe lena mbaineann an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha Threoir (AE) 2016/797 agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin, mura sonraítear a mhalairt i gcomhaontuithe conarthacha.

2.  Tabharfar rochtain ar an bhfaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 62.

3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn VIII a leasú d’fhonn a áirithiú go léireofar léi aon athruithe ar na sonraíochtaí teicniúla don idir‑inoibritheacht a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.

CAIBIDIL IV

ATHBHREITHNIÚ AR FHEIDHMÍOCHT

Airteagal 49

Prionsabail ghinearálta le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta

1.  Glacfaidh an Coimisiún spriocanna feidhmíochta an Aontais i gcás na réimsí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Beidh na spriocanna i gcomhréir le spriocanna an aistrithe mhódúil agus nuashonrófar iad go rialta. I gcomhréir le hAirteagal 7f, pointe (d) de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh ENIM, le tacaíocht ó bhainisteoirí bonneagair iarnróid faireachán agus tagarmharcáil ar fheidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus na cuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo á gcur san áireamh. Déanfaidhseirbhísí iompair iarnróid agus spriocanna feidhmíochta an Aontais agus bainisteoirí bonneagair iarnróid faireachán freisin ar fheidhmíocht seirbhísí iompair ar iarnródá gcur i gcuntas. Cuirfidh ENIM an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta agus an Coimisiún ar an eolas go tréimhsiúil. [Leasú 182]

2.  Chun na críche sin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair a spriocanna feidhmíochta féin a leagan amachsíos sa phlean dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE, agus aon chuspóirí a leagtar amach sna comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir sin á gcur san áireamh. Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle leis na comhlachtaí ábhartha náisiúnta agus Eorpacha chun a chinntiú go bhfuil na spriocanna sin comhsheasmhach le spriocanna feidhmíochta an Aontais. Déanfaidh siad nósanna imeachta a chur i bhfeidhm agus a fheidhmiú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo na spriocanna a bhaint amach agus chun tuairisciú ina leith, chun cúiseanna na n‑easnamh feidhmíochta a shainaithint in éineacht le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus chun bearta feabhais a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht. Sna nósanna imeachta sin, déanfar an creat Eorpach le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo a chur san áireamh. Míneoidh na bainisteoirí bonneagair sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon diall ó na nósanna imeachta comhchoiteanna arna mbunú sa chreat Eorpach le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta. Ní cheadófar dialltaí ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe agus déanfaidh an comhlacht rialála iad a fhormheas. [Leasú 183]

3.  Rachaidh ENIM i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Eorpacha maidir le hathbhreithnithe feidhmíochta i gcomhréir leis na ceanglais oibríochtúla maidir le Conairí Iompair Eorpacha a leagtar amach in Airteagal 18 de [Rialachán nua TEN‑T].

Airteagal 50

Creat Eorpach le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta

1.  Déanfaidh ERA, le tacaíocht ENIM,ENIM creat Eorpach chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht a chur ar bun agus a chur chun feidhme faoi [12 mhí tar éisó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Cuirfear san áireamh sa chreat sin go háirithe na prionsabail a shainítear in Airteagal 2(3), Airteagal 8(4), Airteagal 42(3) agus na ceanglais oibríochtúla, na cuspóirí feidhmíochta agus na spriocluachanna a leagtar amach in [Airteagal 1819 de Rialachán (AE) 2024/... [Rialachán nua TEN-Tnua TEN‑T]. [Leasú 184]

1a.   Déanfaidh ENRRB moladh a ghlacadh maidir leis an gcreat Eorpach chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht faoi [sé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Agus an creat Eorpach chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht á chur ar bun agus á chur chun feidhme, cuirfidh ERA san áireamh an moladh a d’eisigh ENRRB. [Leasú 185]

2.  Cumhdófar leis an gcreat Eorpach na réimsí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Áireofar leis, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)  liosta de na saincheisteanna feidhmíochta tosaíochta a dtabharfar aghaidh orthu sna réimsí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(b)  táscairí feidhmíochta lenar féidir faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis na saincheisteanna feidhmíochta, lena n‑áirítear ceanglais mhodheolaíochta agus sonraí chun táscairí den sórt sin a ríomh;

(c)  critéir agus nósanna imeachta chun cuspóirí feidhmíochta a shainiú ar leibhéal na mbainisteoirí bonneagair;

(d)  nósanna imeachta chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar na heilimintí i bpointí (a) go (c) chomh maith le bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme agus na cuspóirí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 4 a bhaint amach.

3.  Ar bhonn mhír 2, pointe (d), déanfaidh ENIM athbhreithniú tráthrialta ar an gcreat Eorpach um athbhreithniú ar fheidhmíocht agus ar thorthaí a chur chun feidhme agus molfaidh sé athruithe iomchuí ar an gcreat.

4.  Tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta agus a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh acu. Go háirithe, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair na cuspóirí a shainmhínítear i gcomhréir le mír 2 pointe (c) den Airteagal seo a áireamh sa phlean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE. Áireofar sna cuspóirí sin na spriocluachanna a leagtar amach in [Airteagal 18(1), pointí (a) agus (b) de Rialachán nua TEN-T].

5.  FéadfaidhDéanfaidh an Coimisiún, faoi [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan amach do chur i bhfeidhm na n-eilimintí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo faoin ... [36 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear, lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leis na heilimintí i mír 2, pointí (b) go (d), agus spriocanna feidhmíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 72(2). Agus an méid sin á dhéanamh aige, déanfaidhrachaidh an Coimisiún an obair a dhéanfaidh ENIM i gcomhréir le mír 3 agus aon mholtaí ón gcomhlachti gcomhairle le ENIM, le ERP, le ENRRB, leis an gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta a chur san áireamh, le ERA agus leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa. [Leasú 186]

Airteagal 51

Tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht

1.  Gan dochar d’Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE agus d’Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100(19) ón gCoimisiún, déanfaidh ENIM tuarascáildréacht-tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht a ullmhú agus a fhoilsiú faoi [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar bhonn an chreata Eorpaigh um athbhreithniú ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 50 den Rialachán seo agus foilseoidh sétabharfaidh sé cothrom le dáta í gach bliain. Bunaithe ar an tuarascáil sin, tacóidh ERA leis an gCoimisiún faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cuspóirí an Aontais don iarnród, lena n-áirítear fás tuartha ar thrácht iarnróid atá beartaithe do 2030 agus 2050. Seolfar an dréacht-tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht chuig an gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta. [Leasú 187]

2.  UllmhóidhDéanfaidh an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta cuid neamhspleách den tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht a fhorbairt agus a ghlacadh, ina soláthrófar a mheasúnú ar fheidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród, easaontais a ardaíodh agus moltaí maidir le saincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu le tosaíocht agus moltaí maidir le, lena n-áirítear bearta chun feidhmíocht a fheabhsú, déanfar iad a áireamh sa chéad chlár eile a bheidh ann amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 55(8). [Leasú 188]

3.  Cumhdófar saleis an tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht ar a laghad na línte a áirítear sna Conairí Iompair Eorpacha dá dtagraítear i Rialachán [Rialachán TEN-T nua]sa Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid agus áireofar inti an fhaisnéis a éilítear le [cheanglaítear le hAirteagal 53(3)(g)] de54(3)(g) de Rialachán (AE) 2024/...[Rialachán nua TEN-T]. Beidh an fhaisnéis a chuirfear i láthair mionsonraithe go leordhóthanach i dtéarmaí raon feidhme geografach agus ba cheart a chumhdach léi tréimhse ama fada a dhóthain chun gur féidir léirmhínithe fóinteacha a dhéanamh. [Leasú 189]

4.  Áireofar sa tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú feidhmíochta roinn thiomnaithe maidir le feidhmíocht an chomhordaithe idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53 agus maidir leis an sásra comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54 den Rialachán seo. [Leasú 190]

4a.   Beidh roinn ar leith sa tuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht i ndáil le cur chun feidhme na bpróiseas a thug ENIM isteach. Beidh anailís inti freisin ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcur chun feidhme i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear tuarascálacha a bhaineann le díolúintí náisiúnta agus moltaí le haghaidh tuilleadh comhchuibhithe. [Leasú 191]

Airteagal 52

Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta

1.  Faoi ... [6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunófarI gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 73(3), féadfaidh an Coimisiún Comhlacht neamhchlaonta inniúil a bhunú nó a ainmniú chun gníomhú mar Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta mar chomhlacht neamhchlaonta, inniúil agus neamhspleách. Ceapfar a chomhaltaí ar bhonn tuillteanais, chun go áiritheofar meascán scileanna agus taithí a bheidh ábhartha maidir le bainistiú toillte iarnróid.

Ainmneoidh an Coimisiún comhaltaí an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta trí nós imeachta um ghlao ar shaineolaithe. Cumhachtófar don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun mionsonraí maidir le heagrú, rialachas agus maoiniú an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta a leagan amach. Glacfar an gníomh tarmligthe sin, faoin ... [12 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Le linn don Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, gníomhóidh an Bord Rialála um Athbhreithniú Feidhmíochta go neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní leanfaidh sé treoracha ó rialtas Ballstáit, ón gCoimisiún, ó ERA nó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile. [Leasú 192]

2.  Soláthróidh an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta comhairle don Choimisiún, do ERA, do ENIM agus do na Comhordaitheoirí Eorpacha maidir le hábhair a bhaineann le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ag ERA nó ag na Comhordaitheoirí Eorpacha. [Leasú 193]

3.  Déanfaidh an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta na cúraimí seo a leanas:

(a)  moltaí a sholáthar don Choimisiún agus do ENIM maidir leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta a bhunú agus a athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 50, lena n‑áirítear maidir le réimsí feidhmíochta, saincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu faoi gach ceann de na réimsí feidhmíochta, comhchuibhiú modheolaíochtaí, próiseas, critéar agus sainmhínithe chun anailís a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le táscairí feidhmíochta agus feidhmíochta chun iad a bhailiú; [Leasú 194]

(b)  moltaí a sholáthar do ENIM, do ERA, do ENRRB, bainisteoirído bhainisteoirí bonneagair, d’iarratasóirí, comhlachtaído chomhlachtaí rialála, d’údaráis na mBallstát, agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmharado gheallsealbhóirí eile le haghaidh bearta ceartaitheacha, maidir le bainistiú toillte, bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime; [Leasú 195]

(c)  athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí na dréacht‑tuarascála Eorpaí maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht agus an chuid neamhspleáchtuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 51(2) a ullmhú; [Leasú 196]

(d)  tuairimí agus moltaí a sholáthar maidir le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid i ndáil leis an straitéis forbartha tháscach bonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1), leis an bplean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(3), leis na comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus leis an scéim feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 35 de Threoir 2012/34/AE.

(e)  Comhairle a sholáthar do na Comhordaitheoirí Eorpacha maidir le hábhair a bhaineann le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair iarnróid.

4.  Soláthróidh seolaithe na dtuairimí agus na moltaí dá dtagraítear i mír 3 freagraí don Chomhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta laistigh de na sprioc‑amanna arna leagan síos ag an gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta.

5.  Rachaidh ENIM, an Comhordaitheoir Gréasáin, bainisteoirí bonneagair, comhlachtaí rialála, ENRRB, ERA agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile, i gcomhar leis an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, go háirithe trí fhaisnéis a sholáthar a bhaineann le feidhmíocht ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ón gcomhlacht agus déanfaidh siad a ndícheall chun a mholtaí a chur san áireamh ina gcuid oibre maidir le bainistíocht feidhmíochta iarnróid. [Leasú 197]

6.  Urramóidh an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta rúndacht rún gnó agus faisnéis arna soláthar ag páirtithe leasmhara ábhartha nó ag an gCoimisiún á láimhseáil aige.

CAIBIDIL V

LÍONRA EORPACH LE HAGHAIDH COMHORDAITHE

Airteagal 53

Comhordú idir bainisteoirí bonneagair

1.  I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, déanfaidh bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile maidir leis na freagrachtaí agus na cúraimí a chuirtear ar a n‑iontaoibh sa Rialachán seo.

2.  Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú ar na saincheisteanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IX ar a laghad agus comhlíonfaidh siad na ceanglais shonracha maidir le comhordú a leagtar amach sna hAirteagail dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  struchtúir, nósanna imeachta agus uirlisí eagraíochtúla a bhunú, de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear na huirlisí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 62;

(b)  comhordú a dhéanamh ar an leibhéal geografach is iomchuí, lena mbaineann na heintitis is fearr chun torthaí éifeachtacha agus éifeachtúla a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

(c)  comhoibriú le bainisteoirí bonneagair eile trí na pointí fócasacha ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 60;

(d)  páirt a thabhairt do ENIM nó don Chomhordaitheoir Gréasáin, de réir mar is iomchuí, maidir le hábhair a bhfuil ábharthacht an Aontais ag baint leo. Féadfar comhordú idir bainisteoirí bonneagair a chur chun feidhme ar leibhéal níos mó ná leibhéal amháin, go háirithe maidir le hábhair ina bhfuil gá le comhordú ar leibhéal an Aontais agus laistigh de raon feidhme geografach níos sonraí;

(e)  príomheintiteas a cheapadh, aon uair a bheidh baint ag gníomhaithe éagsúla le gníomhaíochtaí comhordúcháin, a thuairisceoidh do ENIM agus a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí comhairliúcháin a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 54;

(f)  tagairt a dhéanamh do chásanna ENIM nach féidir teacht ar thorthaí comhaontaithe ag céadchéim;

(g)  athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí comhordúcháin i gcomhréir le Caibidil IV.

3.  Cumhdófar leis an gcomhordú gach líne agus nódDéanfar comhordú do na línte agus nóid TEN-T sin a threisiú go háirithe, ar cuid de Chonairí Iompair Eorpacha iad a leagtar amach in Airteagal 7 de [Rialachán nua TEN‑T] agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. [Leasú 198]

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair an comhordú a leathnú go línte breise faoi réir comhaontaithe idir na bainisteoirí bonneagair uile lena mbaineann.

Is féidir leis na Ballstáit agus leis na húdaráis seirbhíse poiblí an cumhdach a leathnú chuig línte eile. [Leasú 199]

4.  Leis an gcomhordú idir bainisteoirí bonneagair a bhaineann le leithdháileadh ceart acmhainneachta ilghréasáin i gcomhréir le hAirteagal 29, cumhdófar gréasáin iomlána na mbainisteoirí bonneagair ar comhaltaí de ENIM iad.

5.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Iarscríbhinn IX a leasú d’fhonn comhordú éifeachtúil idir bainisteoirí bonneagair a áirithiú, agus cúrsaí pleanála, oibríochtúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara uile lena mbaineann á gcur san áireamh, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

Airteagal 54

Sásra comhairliúcháin le haghaidh ábhair Eorpacha agus trasteorann

1.  Déanfaidh ENIM, faoin ... [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfar treoirlínte a ullmhú, a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle go hiomchuí agus go tráthrialta leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ionadaithe ó ERA agus ó na Ballstáit, chomh maith leis na comhlachtaí ionadaíocha dá dtagraítear in Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2016/796 agus go n‑áireofar iad sa chreat Eorpach um bainistiú toilltethoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6, sa chreat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéimechomhordú trasteorann a chomhordúar bhainistiú tráchta, ar bhainistiú suaite agus ar bhainistiú géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 44 agus sa chreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 50. Déanfar an próiseassásra a fhorbairt agus a chur chun feidhme le tacaíocht ón gComhordaitheoir Gréasáin agus le rannpháirtíocht phointí fócasacha ainmnithearna n-ainmniú ag na mbainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 60. [Leasú 200]

2.  I gcás ina nglacfaidh ENIM tuairim nó moladh ar dócha go mbeidh tionchar aige ar ghnóthais iarnróid, ar iarratasóirí eile, ar pháirtithe leasmharagheallsealbhóirí oibríochtúla eile agus ar pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear ionadaithe ó ERA agus ó na Ballstáit, chomh maith leis na comhlachtaí ionadaíocha dá dtagraítear in Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2016/796, foilseoidh sé dréacht le haghaidh comhairliúcháinchun dul i gcomhairle leis na páirtithe lena mbaineann. Tabharfar méid iomchuí ama do na páirtithe lena mbaineann chun aiseolas a thabhairt maidir leis an dréachtchinneadh. Beidh údaráis na mBallstát rannpháirteach nuair is gá. Nuair a dhéanfaidh ENIM cinneadh ar dócha go mbeidh tionchar aige ar ERP, rachaidh ENIM i gcomhairle leis na grúpaí comhairleacha faoi seach. [Leasú 201]

3.  Déanfaidh ENIM an t‑aiseolas a chuirfidh na páirtithe lena mbaineann ar fáil i gcomhréir le mír 2 a chur san áireamh agus an tuairim chríochnaitheach nó an moladh deiridh á glacadh acu. I gcás ina mainníonn ENIM gnéithe suntasacha den aiseolas a soláthraíodh a chur san áireamh, soláthróidh sé na cúiseanna le déanamh amhlaidha mbeidh údar cuí leis sin a dhéanamh. [Leasú 202]

3a.   I gcás tuairimí éagsúla idir ENIM agus na comhlachtaí comhairliúcháin, cuirfidh na comhlachtaí comhairliúcháin ENRRB ar an eolas. Cuirfidh ENRRB tuairimí éagsúla den sórt sin san áireamh ina thuarascáil Eorpach maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 51. [Leasú 203]

3b.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan amach chun a áirithiú go rachfar i gcomhairle go hiomchuí agus go tráthrialta leis na páirtithe leasmhara agus chun mír 1 den Airteagal seo a leasú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(3). Áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú. [Leasú 204]

Airteagal 55

Eagrú Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, eagrófar Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.  Beidh gach bainisteoir bonneagair iarnróid atá freagrach as línte atá mar chuid de chroíghréasán TEN-T agus de chroíghréasán sínte TEN-T, dá dtagraítear in [Airteagal 6 de Rialachán nua TEN-T agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis],ar an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid ina gcomhaltaí de ENIM. Ceapfaidh siad ionadaí agus ionadaí malartach. [Leasú 205]

3.  Féadfaidh bainisteoirí bonneagair iarnróid nach gcomhlíonann an critéar a shainítear i mír 2, ionadaí nach comhalta é a cheapadh chun páirt a ghlacadh i bpléití ENIM.

4.  Tar éis comhairliúcháin leis an gCoimisiúin agus tar éis formheas a fháil uaidh, glacfaidh agus foilseoidh ENIM a rialacha nós imeachta. Eagróidh sé a ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta.

5.  Déanfaidh ENIM a chuid cinntí trí thromlach simplí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa rialacha nós imeachta. Beidh vóta amháin ag gach comhalta ó Bhallstát amháin le chéile. I gcás ina bhfuil comhalta as láthair, beidh comhalta malartach an duine sin i dteideal an ceart sin vótála a fheidhmiú.

6.  Tiocfaidh ENIM le chéile go tráthrialta. Toghfaidh sé Cathaoirleach as a chomhaltaí le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

7.  Beidh an Coimisiún agus ERA ina gcomhaltaina chomhalta neamhvótála ar ENIM. Tacóidh siad le hobair ENIM agus éascóidh sé comhordú. [Leasú 206]

8.  Sainmhíneoidh ENIM a chlár oibre. Cumhdóidh an clár oibre tréimhse dhá bhliain ar a laghad. Rachaidh ENIM i gcomhairle le ERP, le grúpaí comhairleacha mar a bhunaítear in Airteagal 55a, le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmharageallsealbhóirí oibríochtúla eile tríd an sásra comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 54 maidir leis an dréachtchlár oibre. Ina theannta sin, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa agus, de réir mar is iomchuí, le páirtithe leasmharageallsealbhóirí eile. [Leasú 207]

8a.   Agus na creataí Eorpacha le haghaidh bainistiú toillte, bainistiú tráchta agus bainistiú feidhmíochta á bhforbairt, rachaidh ENIM i gcomhairle le ERP. [Leasú 208]

8b.   Maidir le bainisteoirí bonneagair iarnróid agus comhlachtaí leithdháilte tríú tíortha atá freagrach as línte den ghréasán tras-Eorpach iompair, ceadófar dóibh dul isteach in ENIM. [Leasú 209]

Airteagal 55a

An tArdán Eorpach Iarnróid

1.   Bunaítear leis seo an tArdán Eorpach Iarnróid (ERP) mar chomhlacht comhairliúcháin do ENIM.

2.   Beidh ERP comhdhéanta d’ionadaithe ó ghnóthais iarnróid a úsáideann bonneagar iarnróid na hEorpa. Féadfaidh ERP a áireamh freisin, mar chomhalta, aon iarratasóir a úsáideann bonneagar iarnróid na hEorpa ina aonar nó trí chomhlachais, oibreoirí saoráidí seirbhíse agus críochfoirt, geallsealbhóirí toillte ilmhódacha, amhail calafoirt farraige agus uiscebhealaí intíre agus úinéirí saoráidí seirbhíse eile a bhaineann le hiarnród. Ceapfaidh gach comhalta ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin. Ceapfar an Coimisiún agus ERA freisin mar bhreathnóirí laistigh de ERP. Féadfar cuireadh a thabhairt don tionscal iarnróid freastal ar ghrúpaí comhairliúcháin agus ar phléití chun faisnéis agus ullmhacht níos fearr a chumasú.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do ERP trí mhódúlachtaí feidhmíochta ERP a bhunú, lena n-áirítear coinníollacha le haghaidh ionadaithe na gcatagóirí atá faoi mhír 2 a ligean isteach ar an ardán.

4.   Tar éis comhairliúcháin leis an gCoimisiúin agus tar éis formheas a fháil uaidh, glacfaidh agus foilseoidh ERP a rialacha nós imeachta. Eagróidh sé a ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis an riail nós imeachta. Socrófar le rialacha nós imeachta ERP, inter alia, minicíocht na gcruinnithe agus eagrú a ngníomhaíochtaí. Féadfaidh ERP a ghníomhaíochtaí a eagrú i bhfoghrúpaí, cineálacha geallsealbhóirí agus braislí réigiúnacha a ghrúpáil.

5.   Rachaidh ENIM i gcomhairle le ERP sula n-ullmhóidh agus sula nglacfaidh sé creataí Eorpacha le haghaidh bainistiú toillte, bainistiú tráchta agus bainistiú feidhmíochta. Féadfaidh ERP a thuairimí féin a eisiúint, agus cuirfidh ENIM iad sin san áireamh. Féadfaidh ERP tuairimí féintionscnaimh a eisiúint freisin chuig ERA agus/nó chuig an gCoimisiún.

6.   Beidh comhairliúcháin faoin Airteagal sin gan dochar do cheart iarratasóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh chinntí ENIM.

7.   Is chuig ERA agus chuig an gCoimisiún a dhíreoidh ERP tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí. Déanfar an tuarascáil seo a fhoilsiú. [Leasú 210]

Airteagal 56

Freagrachtaí ENIM

1.  De bhreis ar na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE, beidh ENIM freagrach as na cúraimí uile a shanntar dó sa Rialachán seo. Déanfaidh sé, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)  an creat Eorpach um bainistíocht acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a ghlacadh;

(b)  an creat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44 a ghlacadh;

(c)  an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, dá dtagraítear in Airteagal 50 a ghlacadh;

(d)  tuairimí agus moltaí a ghlacadh do bhainisteoirí bonneagair i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus ar a thionscnamh féin;

(e)  tuairimí agus moltaí a ghlacadh do bhainisteoirí bonneagair sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 53(2)(f);

(f)  an comhordú idir bainisteoirí bonneagair a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.  Agus comhordú á dhéanamh trí ghrúpaí comhordaithe tiomnaithe, ceapfaidh bainisteoirí bonneagair na heintitis atá rannpháirteach sa ghrúpa sin, lena n‑áirítear pointí fócasacha arna gceapadh ag bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 60, ag an gComhordaitheoir Gréasáin nó acu araon.

Airteagal 57

Trédhearcacht

1.  Áiritheoidh ENIM go ndéanfar a bhallraíocht, a mhodhanna oibríochta agus an fhaisnéis ábhartha uile faoina chuid oibre a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Áireofar ann sonraí teagmhála grúpaí comhordaithe tiomnaithe, arna mbunú ag na bainisteoirí bonneagair agus tagairtí d’uirlisí comhordaithe agus do nósanna imeachta i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.  Tabharfaidh ENIM cuireadh don Choimisiún, lena n‑áirítear na Comhordaitheoirí Eorpacha, ERP agus, i gcás inarb ábhartha, d’ionadaithe ó ERA agus ó na Ballstáit, chomh maith leis na comhlachtaí ionadaíocha dá dtagraítear in Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2016/796na mBallstát, chuig a chruinnithe d’fhonn saincheisteanna a bhaineann le forbairt an bhonneagair iarnróid a phlé agus chun comhar leis na Comhordaitheoirí Eorpacha a áirithiú, mar a leagtar amach sa [Rialachán nua TEN‑T]. Soláthróidh ENIM an fhaisnéis a cheanglaítear faoi [Airteagal 53, an tríú fomhír de Rialachán nua TEN‑T]. [Leasú 211]

Airteagal 57a

Freagrachtaí ERA

1.   De bhreis ar na cúraimí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/796, beidh ERA freagrach as na cúraimí uile a shanntar dó sa Rialachán seo. Déanfaidh sé, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)   tacaíocht a chur ar fáil, arna iarraidh sin don Choimisiún, chun na gníomhartha sonracha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe a ullmhú dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)   comhordú a dhéanamh, mar údarás córais, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/796 ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 62 den Rialachán seo;

(c)   na cúraimí a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagal 50 den Rialachán seo;

(d)   tacaíocht a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do na comhlachtaí rialála chun rialacha, nósanna imeachta agus uirlisí a shainaithint laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo;

(e)   constaicí do sheirbhísí ilghréasáin iarnróid a shainaithint.

2.   Ina cuid oibre, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)   a mholtaí a tharraingt suas bunaithe ar obair ENIM agus ar obair an chomhordaitheora gréasáin;

(b)   i gcás inarb iomchuí, dul chun cinn teicniúil agus obair aitheanta taighde a chur san áireamh;

(c)   costais mheasta agus sochair a mheastar a bheidh ar a mholtaí a chur san áireamh agus béim a leagan ar na réitigh is inmharthana;

(d)   critéir na hoscailteachta, na comhthola agus na trédhearcachta a chomhlíonadh mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

3.   Déanfar méid na n-acmhainní airgeadais atá tiomnaithe d’fheidhmiú chúraimí ERA faoin rialachán seo a tharraingt ó chorrlaigh neamh-leithdháilte faoi uasteorainneacha CAI nó déanfar é a shlógadh trí ionstraimí speisialta neamhthéamacha CAI. [Leasú 212]

Airteagal 58

An Comhordaitheoir Gréasáin

1.  Soláthróidh na bainisteoirí bonneagair na hacmhainní is gá do ENIM chun a chúraimí a chomhlíonadh. Chun na críche sin, ceapfaidh siadan Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Ballstáit agus le ENIM, eintiteas neamhchlaonta inniúil faoi [12 mhí tar éis6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 59 a chomhlíonadh. Ainmneofar an t‑eintiteas sin mar Chomhordaitheoir Gréasáin. Is le toiliú an Choimisiúin go bhféadfaidh ENIM a chinneadh an t-eintiteas a cheapfar ina Chomhordaitheoir Gréasáin a athrú. [Leasú 213]

Sula gceapfar an Comhordaitheoir Gréasáin , lorgóidh na bainisteoirí bonneagair toiliú an Choimisiúin maidir leis an eintiteas ainmnithe agus maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)  na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gComhordaitheoir Gréasáin a cheapadh;

(b)  na coinníollacha maidir leis an gceapachán a tharraingt siar;

(c)  an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar a chuid oibre agus chun a mheas ar cuireadh a chuid cúraimí i gcrích go héifeachtach aige;

(d)  aon dualgais agus cúraimí breise oibriúcháin an Chomhordaitheora Gréasáin.

2.  Forghníomhóidh an Comhordaitheoir Gréasáin a chúraimí ar bhealach neamhchlaonta agus costéifeachtach agus gníomhóidh sé thar ceann ENIM agus an Choimisiúin. Chun na críche sin, cuirfidh sé a chlár oibre bliantúil maidir leis na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo faoi bhráid ENIM agus an Choimisiúin chomh maith le tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir bhliantúil. [Leasú 214]

Airteagal 59

Cúraimí agus freagrachtaí an Chomhordaitheora Gréasáin

Déanfaidh an Comhordaitheoir Gréasáin na cúraimí seo a leanas mar thaca le ENIM:

(a)  gníomhú mar rúnaíocht agus cruinnithe, doiciméid, cinntí agus tuairimí ENIM a ullmhú;

(b)  cur le hullmhú an chreata Eorpaigh um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 6, an chreata Eorpaigh um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 44 agus an chreata Eorpaigh um athbhreithniú ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 50;

(c)  cur leis an gcomhordúchán oibríochtúil idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53;

(d)  rialacha, nósanna imeachta agus uirlisí a shainaithint faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a glacadh ar leibhéal náisiúnta nó bainisteora bhonneagair a chruthaíonn constaicí do sheirbhísí ilghréasáin iarnróid mar a leagtar amach sa Rialachán seo;

(e)  gníomhú mar phointe teagmhála thar ceann bainisteoirí bonneagair le haghaidh fiosrúcháin a bhaineann le pleanáil agus leithdháileadh toillte, go háirithe maidir le hiarrataí féideartha ar thoilleadh, ar fhaisnéis nó pointí teagmhála a bhaineann le teagmhais iarnróid agus srianta sealadacha toillte;

(f)  gníomhú mar an gcéad phointe teagmhála le haghaidh páirtithe leasmhara lasmuigh den earnáil iarnróid a bhfuil suim acu seirbhísí iarnróid a úsáid, ag soláthar teagmhálaithe do ghníomhaithe ábhartha ag bainisteoirí bonneagair agus ag páirtithe leasmhara oibríochtúla eile;

(g)  gníomhú mar phointe teagmhála thar ceann ENIM le haghaidh iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile maidir le saincheisteanna nach gcumhdaítear go sainráite leis an Rialachán seo, go háirithe an seoladh nó an t‑athrú ar sheirbhísí iompair iarnróid trasteorann nó tacaíocht a eagrú le haghaidh gníomhaíochtaí ad hoc, chun dul i ngleic leis na cásanna géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 47 go háirithe.

(ga)   seirbhísí comhroinnte B2B atá ann cheana agus seirbhísí comhroinnte nua B2B a sholáthar do Bhainisteoirí Bonneagair agus do Ghnóthais Iarnróid chun seirbhísí iarnróid a fheabhsú agus trácht iarnróid tras-Eorpach a threisiú. [Leasú 215]

Airteagal 60

Pointí fócasacha chun bainisteoirí bonneagair a chomhordú

1.  Chun comhordú a áirithiú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53, ainmneoidh na bainisteoirí bonneagair pointí fócasacha. Gníomhóidh an pointe fócasach mar an comhéadan lárnach idir eagraíocht an bhainisteora bhonneagair agus na heintitis eile atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhordaithe.

2.  Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair ENIM ar eolas gan mhoill faoi aon athruithe i bpointí fócasacha le cur san áireamh i bhfoilseacháin dá dtagraítear in Airteagal 57(1) (Trédhearcacht).

Airteagal 61

Struchtúr, clár agus sceideal comhchoiteann le haghaidh ráitis ghréasáin

1.  Ullmhóidh agus glacfaidh ENIM, faoi [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], struchtúr comhchoiteann don ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE, a chuirfidh san áireamh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sceideal comhchoiteann le haghaidh chomhairliúchán na bpáirtithe leasmhara maidir leis an dréachtráiteas gréasáin. Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar an struchtúr agus an sceideal sin agus ráiteas gréasáin á ullmhú acu. [Leasú 216]

2.  Agus an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE á ullmhú, tabharfaidh an bainisteoir bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um bainistiú toillte, an creat Eorpach um bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú agus an creat Eorpach um athbhreithniú ar fheidhmíocht, dá dtagraítear in Airteagail 6, 44 agus 50 faoi seach den Rialachán seo.

3.  I gcás nach gcomhlíonann an bainisteoir bonneagair mír 1 nó mír 2, soláthróidh sé bonn cirt sa ráiteas gréasáin agus cuirfidh sé an comhlacht rialála inniúil agus ENIM ar an eolas.

Airteagal 62

Bainistiú toillte agus tráchta a dhigitiú

1.  Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go gcuirfear próisis bainistithe toillte agus tráchta faoi raon feidhme an Rialacháin seo i bhfeidhm trí uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha.

2.  Déanfaidh na huirlisí digiteacha a imscaradh agus na seirbhísí digiteacha a soláthraíodh na nithe seo a leanas:

(a)  feabhas a chur ar fheidhmíocht agus ar cháilíocht, lena n‑áirítear idir-inoibritheacht iomlán, na seirbhísí a sholáthraíonn bainisteoirí bonneagair d’iarratasóirí;

(b)  feabhas a chur ar thrédhearcacht na bainistíochtabainistithe toillte agus tráchta iarnróid ar fud a gcéimeanna uile, lena n-áirítear réitigh dhigiteacha agus fíor-ama a fhorbrófar de réir a chéile leis na geallsealbhóirí ábhartha; [Leasú 217]

(c)  an t‑ualach riaracháin d’iarratasóirí a laghdú trí gan gach píosa faisnéise a iarraidh ach uair amháin agus trí fhaisnéis nó sonraí a sholáthar in aon ionad amháin, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le seirbhísí trasteorann.

I gcás inarb infheidhme, comhlíonfaidh na huirlisí digiteacha agus na seirbhísí digiteacha TAF/TAP TSI agus RINF, dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir AE 2016/797, chun idir-inoibritheacht na gcóras ábhartha a áirithiú. [Leasú 218]

2a.   Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair go gcomhlíonfaidh na huirlisí digiteacha agus na seirbhísí digiteacha ceanglais an phróisis pleanála agus leithdháilte toillte a leagtar amach i Roinn 3 den Rialachán seo. Chun na feabhsuithe a léirítear i mír 2, pointe (a) den Airteagal seo a bhaint amach, úsáidfidh na bainisteoirí bonneagair freisin uirlis chun srianta sealadacha toillte a dhigitiú agus léiriú digiteach a dhéanamh ar na traenacha a bhíonn ag gluaiseacht ar an ngréasán iarnróid Eorpach. [Leasú 219]

3.  I gcás inar gá na huirlisí digiteacha nó na seirbhísí digiteacha is gá chun tacú le próisis bainistithe toillte nó bainistithe tráchta a chumhdach le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht, nó i gcás inar gá sonraíochtaí atá ann cheana a chumhdaíonn nó a chumhdaíonn go páirteach na huirlisí sin, mar a dhéantar foráil dóibh le Treoir (AE) 2016/797 agus na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh faoin Treoir sin, a leasú, cuirfidh ENIM agus bainisteoirí bonneagair le forbairt agus cothabháil sonraíochtaí den sórt sin i gcomhar le ERA agus leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa agus tríd an bpróiseas dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797. [Leasú 220]

4.  Cuirfidh bainisteoirí bonneagair le hobair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa maidir le saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun na críche sin, féachfaidh ENIM agus na bainisteoirí bonneagair le hionadaíocht iomchuí sa Ghrúpa Stiúrtha don Cholún Córasach agus an Grúpa Imscartha dá dtagraítear faoi seach in Airteagail 96 agus 97 de Rialachán (AE) 2021/2085.

5.  Malartóidh bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid, iarratasóirí eile agus, i gcás inarb ábhartha, oibreoirí na saoráidí seirbhísí iarnróid faisnéis dhigiteach a bhaineann le bainistiú toillte agus bainistiú tráchta trí bhíthin uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha atá bunaithe ar ailtireacht chomhchuibhithe agus lena mbaineann comhéadain chaighdeánaithe nó comhchórais i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha curtha chun feidhme a glacadh faoin Treoir sin.

I gcás seirbhísí iarnróid il‑ghréasáin, soláthróidh bainisteoirí bonneagair seirbhísí digiteacha agus faisnéis dhigiteacha trí chomhéadan aonair nó comhchórais a forbraíodh agus a imscaradh faoi chomhordú ENIM i gcomhréir le mír 3.

5a.   Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go mbeidh na huirlisí digiteacha agus na seirbhísí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 lánoibríochtúil i gcomhréir leis na hamlínte a leagtar amach sa Rialachán seo: Cuirfear chun feidhme na córais dhigiteacha Eorpacha maidir le toilleadh iarnróid agus bainistiú tráchta seo a leanas:

(a)   córas digiteach Eorpach le haghaidh na bpróiseas bainistithe toillte a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán seo, ina mbeidh:

(i)   léiriú digiteach na samhlacha toillte dá dtagraítear in Airteagal 17 faoin 1 Iúil 2025 (‘an uirlis Eorpach um bainistiú toillte’) a bheidh le húsáid ón tréimhse ama 2027;

(ii)   uirlis chun iarrataí bliantúla ilghréasáin maidir le toilleadh a chur isteach agus chun freagraí a fháil in aon áit amháin agus in aon oibríocht amháin faoin 1 Eanáir 2026 (= ‘córas um chomhordú conairí’) a bheidh le húsáid ón tréimhse ama 2027;

(iii)   léiriú digiteach den phlean um thoilleadh a sholáthar i bhfíor-am dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 18 faoin 1 Nollaig 2028 (‘an uirlis Eorpach um bainistiú toillte’) a bheidh le húsáid ó thréimhse an tráthchláir 2030;

(iv)   léiriú digiteach agus uirlis chun comhordú a dhéanamh ar na srianta ar thoilleadh shealadach dá dtagraítear in Airteagal 10 faoin 1 Nollaig 2027 (‘uirlis um shrianta sealadacha ar thoilleadh’) a bheidh le húsáid ó thréimhe an tráthchláir 2029;

(v)   bróicéir toillte chun toilleadh ilghréasáin a iarraidh de réir na bpróiseas a thuairiscítear in Airteagail 32 go 34 faoin 1 Eanáir 2029 (‘bróicéir toillte’) a bheidh le húsáid ó thréimhse an tráthchláir 2030;

(b)   córas digiteach Eorpach atá mar thacaíocht ar choincheap an ghréasáin Eorpaigh um bainistiú tráchta, le haghaidh na bpróiseas bainistithe tráchta a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán seo (‘Córas faisnéise traenach’), lena ndéantar foráil maidir le

(i)   forbhreathnú uile-Eorpach ar thurais traenacha ilghréasáin ó thús go ceann scríbe amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin;

(ii)   malartú rialta faisnéise maidir leis an am teachta measta faoi mhí na Nollag 2027;

(iii)   teagmhais a thuairisciú don chóras coiteann seo nó tríd an gcóras comhchoiteann sin faoi mhí na Nollag 2030;

(iv)   ardán coiteann le haghaidh cumarsáide agus comhair idir na lárionaid náisiúnta rialaithe tráchta faoi mhí na Nollag 2030.

Soláthróidh ERA, i gcomhar le ENIM agus leis an gcomhordaitheoir gréasáin, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/796, faoin... [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], moladh don Choimisiún, ina leagtar amach uirlisí maidir le cur chun feidhme agus rialachas an chórais dhigitigh Eorpaigh maidir le toilleadh iarnróid agus bainistiú tráchta. Cuirfear san áireamh sa mholadh na huirlisí atá i bhfeidhm cheana féin nó atá á bhforbairt, chomh maith le hinfheistíochtaí a rinneadh, agus na huirlisí agus na hamlínte dá bhforáiltear sa mhír seo. Bunaithe ar an moladh sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun na huirlisí sin a leagan amach i ndáil le cur chun feidhme agus rialachas an chórais dhigitigh Eorpaigh maidir le toilleadh iarnróid agus bainistiú tráchta agus chun cúraimí Chomhghnóthas Iarnróid na hEorpa, ERA, bainisteoirí bonneagair, ENIM, ENRRB agus an Chomhordaitheora Gréasáin a shainaithint sa phróiseas sin. [Leasú 221]

5b.   Comhordóidh ERA na cúraimí sin.

Is é an Comhordaitheoir Gréasáin a oibreoidh uirlisí lárnacha na gcóras digiteach Eorpach maidir le toilleadh agus bainistiú tráchta.

Áiritheoidh ERA go gcomhlíonfaidh na córais dhigiteacha arna bhforbairt ag an earnáil leis na caighdeáin theicniúla don idir-inoibritheacht. [Leasú 222]

5c.   Tacóidh an Coimisiún agus na Ballstáit le maoiniú na ngníomhaíochtaí a leagtar amach san Airteagal seo, lena n-áirítear ó SCE, chun cur chun feidhme tráthúil, comhchuibhithe trasteorann agus idir-inoibritheach na n-uirlisí agus na seirbhísí digiteacha a áirithiú. [Leasú 223]

CAIBIDIL VI

FORMHAOIRSEACHT RIALÁLA AR BHAINISTIÚ TOILLTE AGUS TRÁCHTA

ROINN 1

Na comhlachtaí rialála

Airteagal 63

Freagrachtaí na gcomhlachtaí rialála

1.  Feidhmeofar freisin na feidhmeanna agus na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 56 de Threoir 2012/34/AE maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Go háirithe, déanfaidh an comhlacht rialála faireachán ar ghníomhaíochtaí bainisteoirína mbainisteoirí bonneagair agus an comhordaitheora gréasáin Eorpaigh mar a leagtar amach i gCaibidlí II go V den Rialachán seo agus fíoróidh sé comhlíontacht leis an Rialachán seo ar a thionscnamh féin agus d’fhonn idirdhealú in aghaidh iarratasóirí a chosc. [Leasú 224]

1a.   Beidh an comhlacht rialála rannpháirteach i bpleanáil straitéiseach toillte dá bhforáiltear i Roinn II den Rialachán seo, agus déanfaidh sé maoirseacht uirthi. Déanfaidh an comhlacht rialála meastóireacht freisin ar chomhréireacht, neamh-idirdhealú agus trédhearcacht. Féadfaidh an comhlacht rialála tuairimí a eisiúint agus a chomhroinnt le bainisteoirí bonneagair, le ENIM agus le ERP. Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair san áireamh na tograí ó chomhlachtaí rialála maidir le pleanáil straitéiseach toillte a fhorbairt. [Leasú 225]

2.  Beidh an ceart ag gnóthas iarnróid, iarratasóir,ag iarratasóir féidearthaeile, ag iarratasóir ionchasach, ag údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá freagrach as iompar maidir le hachomharcchun achomharc a dhéanamh chuig an gcomhlacht rialála i gcomhréir le hAirteagal 56 de Threoir 2012/34/AE má chreideann sé gur caitheadh go héagothrom leo, go ndearnadh idirdhealú ina n‑aghaidh nó go ndearna an bainisteoir bonneagair éagóir ar aon bhealach eile dóibh agus é ag déanamh na gníomhaíochtaí a leagtar amach i gCaibidlí II, III, IV agus V den Rialachán seo (Bainistíocht ar bhonneagar; Bainistiú tráchta agus géarchéime; Athbhreithniú agus bainistíocht ar fheidhmíocht; Gréasán Eorpach le haghaidh comhordaithe)sin. [Leasú 226]

Airteagal 64

Comhar na gcomhlachtaí rialála laistigh de Ghréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB)

1.  Chun críoch a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seosin a chomhlíonadh, rachaidh na comhlachtaí rialála i gcomhar faoi chuimsiú ENRRB dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2012/34/AE, lena n‑áirítear trí comhairliúcháin agus imscrúduithe comhpháirteacha, trí thuairimí nó moltaí a ghlacadh nó trí ghníomhaíochtaí ábhartha eile. Soláthróidh na comhlachtaí rialála an fhaisnéis uile is gá do ENRRB agus cuirfidh siad na tuairimí agus na moltaí arna nglacadh ag ENRRB san áireamh. [Leasú 227]

I gcás ina ngníomhaíonn ENRRB faoi raon feidhme an Rialacháin seo, beidh na cúraimí agus na freagrachtaí aige agus eagróidh sé a chuid oibre mar a shainmhínítear i roinn 2 na Caibidle seo.

2.  I gcás gearáin nó imscrúdú féintionscnaimh ar ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann difear do rochtain ar nó d’úsáid gréasáin iarnróid i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh an comhlacht rialála lena mbaineann ENRRB agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis an ngearán nó an t‑imscrúdú.

3.  D’fhéadfadh comhlacht rialála aon ábhar ábhartha, gearán nó imscrúdú a tharchur chuig ENRRB le haghaidh seisiún tuairimíochta nó le haghaidh tuairim nó moladh a ghlacadh.

4.  Agus cinntí á ndéanamh maidir le hábhair a dhéanann difear do níos mó ná Ballstát amháin, rachaidh na comhlachtaí rialála lena mbaineann i gcomhar chun a gcinntí faoi seach a ullmhú faoi chomhordú ENRRB chun réiteach an ábhair a thabhairt i gcrích. Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí rialála lena mbaineann a bhfeidhmeanna i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 56 de Threoir 2012/34/AE. Cuirfidh siad san áireamh aon tuairim agus moladh ábhartha arna ghlacadh ag ENRRB agus soláthróidh siad na cinntí sin do ENRRB.

5.  I gcás ina nglacann comhlacht rialála cinneadh, a imíonn ó aon tuairim nó moladh ábhartha ENRRB nó i gcás ina ndiúltaíonn sé cinneadh a ghlacadh, soláthróidh sé chuig ENRRB míniú lena leagtar amach na difríochtaí agus a réasúnú nach leanann sé tuairimí nó moltaí ENRRB agus áireoidh sé an míniú ábhartha sa chinneadh uaidh. [Leasú 228]

6.  Freagróidh na comhlachtaí rialála a chuaigh ENRRB i gcomhairle leo laistigh de na sprioc-amanna a shocraigh ENRRB agus, arna iarraidh sin do ENRRB, soláthróidh siad an fhaisnéis uile a bhfuil an ceart acu a iarraidh faoina ndlí náisiúnta. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun críocha na gníomhaíochtaí a dhéanann na comhlachtaí rialála i gcomhréir leis an Rialachán seo.

7.  Soláthróidh bainisteoirí bonneagair, gan mhoill, an fhaisnéis uile is gá chun críche an gearán nó imscrúdú a láimhseáil dá dtagraítear san Airteagal seo agus a d’iarr comhlacht rialála an Bhallstáit ina bhfuil an bainisteoir bonneagair lonnaithe. Beidh an ceart ag comhlachtaí rialála faisnéis ó ENIM a iarraidh maidir le himscrúduithe i gcomhréir lena n‑inniúlacht. Beidh comhlachtaí rialála i dteideal faisnéis den sórt sin a aistriú chuig ENRRB.

8.  Soláthróidh comhlachtaí rialála iarnróid na hacmhainní is gá le haghaidh fheidhmiú ENRRB.

8a.   Áiritheoidh ENRRB go ndéanfar a struchtúr, a mhodhanna oibríochta agus an fhaisnéis ábhartha uile faoina chuid oibre, lena n-áirítear tuairimí agus moltaí, a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Áireofar ann sonraí teagmhála na meithleacha. [Leasú 229]

ROINN 2

Cúraimí agus freagrachtaí Ghréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid

Airteagal 65

Cúraimí agus freagrachtaí

1.  I dteannta a gcúraimí faoi Threoir 2012/34/AE, beidh na cúraimí agus na freagrachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo ag ENRRB.

2.  Comhordóidh ENRRB gníomhaíochtaí comhair uile na gcomhlachtaí rialála iarnróid a leagtar amach in Airteagal 64 agus cuirfidh sé ailíniú cinntí comhlachtaí rialála chun cinn i ndáil le seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta.

2a.   Sula nglacfar creataí Eorpacha le haghaidh bainistiú toillte, bainistiú tráchta agus athbhreithniú ar fheidhmíocht, déanfaidh ENRRB measúnú orthu chomh maith leis an ráiteas gréasáin ar struchtúr coiteann agus eiseoidh sé agus roinnfidh sé tuairim le comhlachtaí rialála náisiúnta trína bhféadfaidh gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 56 de Threoir 2012/34/AE. Féadfaidh ENRRB measúnú a dhéanamh ar chinntí uile ENIM agus tuairimí a eisiúint agus a chomhroinnt le ENIM, le comhlachtaí rialála, le ERP agus le bainisteoirí bonneagair. [Leasú 230]

3.   Bunaithe ar iarrataí ag iarratasóirí, bainisteoirí bonneagair, agus páirtithe leasmhara eile, soláthróidh ENRRB tuairimí nó moltaí maidir le cinntí ar feitheamh nó a glacadh maidir le gearáin a cuireadh faoi bhráid na gcomhlachtaí rialála iarnróid. [Leasú 231]

4.  Féadfaidh páirtithe leasmhara gearán a thaisceadh le ENRRB maidir le hábhair faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó a dhéanann difear do rochtain ar nó úsáid bhonneagair iarnróid i níos mó ná Ballstát amháin. I gcás ina bhfaigheann ENRRB gearán den sórt sin, aistreoidh sé chuig an gcomhlacht rialála inniúil nó na comhlachtaí rialála inniúla é gan mhoill.

Sna cásanna sin, cuirfidh ENRRB go láithreach na comhlachtaí rialála iarnróid lena mbaineann ar an eolas faoina rún tuairim nó moladh a ghlacadh maidir le haon ábhar den sórt sin.

5.  Cuirfidh ENRRB a thuairim nó a mholadh faoi bhráid na gcomhlachtaí rialála iarnróid lena mbaineann laistigh de mhí amháin ó fuarthas an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis an ngearán. Féadfaidh ENRRB síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh ábhair an‑chasta.

5a.   Déanfaidh ENRRB moltaí a sholáthar do ENIM maidir leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta a bhunú agus a athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 50, lena n-áirítear maidir le réimsí feidhmíochta, saincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu faoi gach ceann de na réimsí feidhmíochta, comhchuibhiú modheolaíochtaí, próiseas, critéar agus sainmhínithe chun anailís a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le táscairí feidhmíochta agus feidhmíochta chun iad a bhailiú. [Leasú 232]

6.  Forbróidh ENRRB prionsabail agus cleachtais choiteanna chun na cinntí a dhéanamh dá gcumhachtaítear comhlachtaí rialála faoin Rialachán seo.

6a.   Déanfaidh ENRRB measúnú ar na creataí Eorpacha le haghaidh bainistiú toillte, bainistiú tráchta agus athbhreithniú ar fheidhmíocht chomh maith leis an ráiteas gréasáin ar struchtúr coiteann agus eiseoidh sé tuairim. Tabharfaidh na comhlachtaí rialála lánaird ar thuairim ENRRB maidir le ráitis ghréasáin a sheiceáil. [Leasú 233]

Airteagal 66

Eagrú agus struchtúr Ghréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (ENRRB)

Chun críoch an Rialacháin seo, eagrófar ENRRB ar an gcaoi seo a leanas:

(a)  Bord Comhlachtaí Rialála;

(b)  Rúnaíocht.

Áiritheoidh comhlachtaí rialála oibriú na Rúnaíochta.

Áiritheoidh ENRRB go ndéanfar a mhodhanna oibríochta agus an fhaisnéis ábhartha uile faoina chuid oibre a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin coiteann. Áireofar ann sonraí teagmhála le haghaidh gearán, faisnéis teagmhála le haghaidh meithleacha tiomnaithe, agus faisnéis faoi nósanna imeachta. [Leasú 234]

Foilseoidh ENRRB a thuairimí agus a mholtaí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

Airteagal 67

Comhdhéanamh an Bhoird Comhlachtaí Rialála

1.  Beidh an Bord Comhlachtaí Rialála comhdhéanta de chomhalta amháin ag a bhfuil cearta vótála ó gach Ballstát a bhfuil gréasán iarnróid in úsáid aige agus comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún. Beidh ERA ina bhreathnóir gan aon chearta vótála. [Leasú 236]

2.  Beidh na comhaltaí ag a bhfuil cearta vótála ina gceann nó ina leascheann, den chomhlacht rialála dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2012/34/AE. Beidh comhalta malartach amháin acu chun ionadaíocht a dhéanamh don chomhalta nuair a bheidh sí nó sé as láthair. Ceapfaidh an comhlacht rialála an comhalta malartach as rialachas nó as bainistíocht an chomhlachais rialála nó, i gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh, as a fhoireann.

3.  Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais, gan beann ar aon leasanna náisiúnta nó pearsanta ar leith. Ní iarrfaidh siad agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas, institiúid, duine nó comhlacht.

4.  Cuirfidh Rúnaíocht ENRRB liosta cothrom le dáta de chomhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha, in éineacht le dearbhuithe maidir le leasanna, ar fáil go poiblí.

Airteagal 68

Ról agus cúraimí an Bhoird

1.  Déanfaidh an Bord cúraimí uile ENRRB a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.  Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  tuairimí nó moltaí a ghlacadh maidir le gearáin nó imscrúduithe a chuireann a Chathaoirleach nó comhlacht nó comhlachtaí rialála i láthair dó i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 69;

(aa)   tuairimí agus moltaí a ghlacadh maidir le cinntí arna ndéanamh ag ENIM i gcomhar leis an gcomhordaitheoir gréasáin laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo; [Leasú 237]

(ab)   tar éis gearán a fháil ó ghnóthais iarnróid, ó oibreoirí saoráidí seirbhíse agus ó pháirtithe leasmhara eile, moltaí agus tuairimí ENRRB a ghlacadh i ndáil leis na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 55a, chomh maith leis na cinntí a dhéanfaidh ENIM i gcomhar leis an gcomhordaitheoir gréasáin; [Leasú 238]

(b)  tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ENRRB a dhréachtú agus a ghlacadh;

(c)  meithleacha a bhunú agus a gCathaoirligh sin a ainmniú.

(ca)   moladh do ENIM a dhréachtú agus a ghlacadh maidir leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú ar fheidhmíocht a bhunú agus a athbhreithniú. [Leasú 239]

Airteagal 69

Eagrú obair an Bhoird

1.  Glacfaidh an Bord lena rialacha nós imeachta, i ndiaidh formheas a fháil ón gCoimisiún.

1a.   Tiocfaidh an Bord le chéile go tráthrialta. Toghfaidh sé Cathaoirleach as measc a chomhaltaí ag a bhfuil tromlach dhá thrian dá chomhaltaí agus fónfaidh sé do théarma bliana. [Leasú 240]

2.  Is éFreastalóidh an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird, tacóidh sé leis an gcomhordú agus éascóidh sé an comhordú sin. Ní bheidh aon chearta vótála aige. [Leasú 241]

3.  Soláthróidh an Rúnaíocht na seirbhísí is gá chun na cruinnithe agus obair an Bhoird a eagrú.

4.  Déanfaidh an Bord a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sna rialacha nós imeachta.

5.  Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. I gcás ina bhfuil comhalta as láthair, beidh comhalta malartach an duine sin i dteideal an ceart sin vótála a fheidhmiú.

6.  Féadfaidh na rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe a bhunú, go háirithe an nós imeachta le haghaidh vótála ar ábhair phráinneacha agus ar chásanna moltaí maidir le cinntí comhlachtaí rialála iarnróid.

Airteagal 70

Meithleacha ENRRB

1.  Ar a thionscnamh féin nó ar bhun moladh ón gCoimisiún, agus i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhoird, féadfaidh an Bord cinneadh a dhéanamh le tromlach simplí meithleacha a shocrú chun obair ENRRB a eagrú ar thopaicí sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.  Sainmhíneoidh an Bord sainordú na meithle agus ceapfaidh sé Cathaoirligh na meithleacha, lena n‑ionadaítear, i gcás inar féidir, comhlachtaí rialála iarnróid éagsúla.

3.  Féadfaidh, ar chuireadh, saineolaithe ó chomhlachtaí rialála iarnróid, an Coimisiún, páirtithe leasmhara oibríochtúlaón gCoimisiún, ó ERA, agus, i gcás inarb ábhartha, comhlachtaíó gheallsealbhóirí oibríochtúla agus ó chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha eile páirt a ghlacadh sna meithleacha. [Leasú 242]

4.  Soláthróidh an Rúnaíocht tacaíocht riaracháin do na meithleacha.

5.  De réir an cháis, féadfaidh an Bord nó Cathaoirligh na meithleacha cuireadh a thabhairt do shaineolaithe ó chomhlachtaí rialála iarnróid, ón gCoimisiún, ó ERA, ó gheallsealbhóirí oibríochtúla agus, i gcás inarb ábhartha, ó chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha eile chomh maith le saineolaithe aonair, atá aitheanta mar shaineolaithe atá inniúil sa réimse ábhartha, páirt a ghlacadh i gcruinnithe na meithleacha, más gá sin. [Leasú 243]

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  TabharfarDéanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4a), Airteagal 8(7), Airteagal 10(8), Airteagal 11(2) agus (4a), Airteagal 12(9a), Airteagal 18(10a), Airteagal 19(5), Airteagal 20(4a), Airteagal 21(9), Airteagal 38(3), Airteagal 39(9)39 (8a) agus (9), Airteagal 40(7), Airteagal 41 (3), Airteagal 44(3a), Airteagal 46(6), Airteagal 48(3), Airteagal 52 (1), agus Airteagal 53(5) agus Airteagal 62(5a), a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana óamhail ón [1 Eanáir 2026]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. [Leasú 244]

Airteagal 72

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/CE de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 73

Tuairisciú agus athbhreithniú

Faoi [31 Nollaig 2030], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar an Rialacháin seo ar an earnáil iarnróid agus cuirfidh sé tuarascáil maidir lena chur chun feidhme faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Measúnófar sa tuarascáil go háirithe:

(a)  tionchar an Rialacháin seo ar fheidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid;

(b)  tionchar an Rialacháin seo ar fhorbairt seirbhísí iarnróid, go háirithe seirbhísí idirnáisiúnta, seirbhísí fad‑achair agus seirbhísí lasta;

(c)  obair Ghréasán Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair, an Chomhordaitheora Gréasáin, Gréasán Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid agus an Chomhlachta Athbhreithnithe Feidhmíochta go ginearálta agus i ndáil le critéir, modheolaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

(d)  an gá sásraí comhordúcháin a threisiú trí rialacha ceangailteacha a chur in ionad eilimintí na gcreataí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 44;

(e)  an gá formhaoirseacht rialála a neartú trí chomhlacht rialála iarnróid de chuid an Aontais a bhunú.

Airteagal 74

Leasuithe ar Threoir 2012/34/AE

1.  Leasaítear Treoir 2012/34/AE mar a leanas:

(a)  In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

‘(c) na prionsabail agus na nósanna imeachta infheidhme maidir le muirir bhonneagair iarnróid a shocrú agus a bhailiú mar a leagtar amach i gCaibidil IV.’

"

(b)  In Airteagal 2, scriostar mír 6;

(c)  In Airteagal 3, scriostar pointí (20), (22), (23), (27) agus (28); [Leasú 245]

(d)  Scriostar Airteagal 7b;

(e)  Scriostar Airteagal 36;

(f)  Scriostar Airteagail 38 go 54;

(g)  In Iarscríbhinn IV, scriostar pointí (1) agus (3);

(h)  Scriostar Iarscríbhinn VII.

2.  Déanfar tagairtí d’fhorálacha scriosta Threoir 2012/34/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil i Roinn 1 d’Iarscríbhinn X.

Airteagal 74a

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/796

1.   Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/796 mar a leanas:

(a)   In Airteagal 19(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

(m) moltaí don Choimisiún a eisiúint, arna iarraidh sin, maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe a dhréachtú agus a nuashonrú dá bhforáiltear i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) .../...[Rialachán maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010].[Leasú 246]

"

Airteagal 74b

Leasuithe ar Threoir (AE) 2016/797

1.   Leasaítear Treoir (AE) 2016/797 mar a leanas:

(a)   I bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

2.9 Toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid: na struchtúir, comhlachtaí agus nósanna imeachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán seo]”. [Leasú 247]

"

Airteagal 75

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Beidh feidhm fós ag creat‑chomhaontuithe a thabharfar i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2012/34/AE roimh an 1 Eanáir 2026 go dtí a ndáta as feidhm. [Leasú 248]

2.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3, pointí (20), (22), (23), (27) agus (28), Airteagail 7b, 36 agus 38 go 54, Iarscríbhinn IV pointe (3) agus Iarscríbhinn VII de Threoir 2012/34/AE maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí a dhéantar i ndáil leis na tráthchláir oibre a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis [8 Nollaig 2029].

Airteagal 76

Aisghairm

1.  Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 le héifeacht ón [9 Nollaig 2029].

2.  Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá i Roinn 2 d’Iarscríbhinn X.

Airteagal 77

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm aige ón [1 Eanáir 2026]. Mar sin féin:

(a)  Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3, Caibidil II, cé is moite d’Airteagal 9(1) agus (2) agus Airteagal 27(4)Airteagail 26, 27, 28, 31, 39 agus 50, agus Caibidil III, cé is moite d’Airteagal 48, den Rialachán seosin ach maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí a dhéantar i ndáil leis na tráthchláir oibre a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis [an 8 Nollaig 2029]2027; [Leasú 249]

(b)  Beidh feidhm ag Airteagal 9(1) agus (2) ón [1 Eanáir 2028]2027; [Leasú 250]

(c)  Beidh feidhm ag Airteagal 27(4) ón [1 Márta 2026];

(ca)   Beidh feidhm ag Airteagal 35 ón 1 Nollaig 2028; [Leasú 251]

(cb)   Beidh feidhm ag Airteagal 40 ón 1 Nollaig 2027; [Leasú 252]

(d)  Beidh feidhm ag Airteagail 48 agus 62 ón [13 Nollaig 2026];

(e)  Beidh feidhm ag Airteagal 74 ón [9 Nollaig 2029]2027. [Leasú 253]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ INSOLÁTHARTHA AGUS SCEIDEAL MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A BHAINISTIÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 11, 16, 18 AGUS 38

1.  TÁIRGÍ INSOLÁTHARTHA ATÁ LE HULLMHÚ AG BAINISTEOIRÍ BONNEAGAIR SA PHLEANÁIL STRAITÉISEACH MAIDIR LE TOILLEADH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 11, 16, 17 AGUS 18

Táirge insoláthartha

Ábhar

Straitéis um thoilleadh (Airteagal 16)

–  Forbairt phleanáilte bhonneagair fhisiciúil, lena n‑áirítear tógáil nua, uasghráduithe, athnuachaintí agus dúnadh/díchoimisiúnú;

–  Forbairt tuartha an éilimh ar sheirbhísí iompair iarnróid;

–  Treoraíocht straitéiseach maidir le húsáid an toillte ag na Ballstáit, lena n‑áirítear ionchas maidir le héabhlóid na n‑oibleagáidí seirbhíse poiblí;

–  An toilleadh a leithdháiltear i gcreat‑chomhaontuithe agus an toilleadh a cheanglaítear chun seirbhísí iompair a sholáthar faoi chonarthaí seirbhíse poiblí;

–  Bonneagar a dhearbhaítear mar bhonneagar ardúsáide nó plódaithe;

–  Srianta móra ar an toilleadh de thoradh oibreacha bonneagair.

Samhail maidir le toilleadh (Airteagal 17)

–  An fhaisnéis uile a áirítear sa straitéis um thoilleadh, agus atá tugtha cothrom le dáta in éineacht le mionsonraí breise i gcás inarb ábhartha

–  Méid an toillte a bhíonn ar fáil d’iarratasóirí de réir dheighleog mhargaidh an iompair iarnróid agus/nó de réir próiseas leithdháilte lena n-áirítear toilleadh a choimirciú le haghaidh iarrataí níos déanaí agus toilleadh arna sannadh ag Creat-Chomhaontuithe

–  Méid an toillte a éilítear le haghaidh oibreacha bonneagair de réir an tionchair ar an trácht (catagóirí)

–  Raon feidhme geografach: ar a laghad na línte a áirítear i gcroíghréasán agus i gcroíghréasán sínte TEN-T

–  Mionsonraí geografacha: miondealú i ranna pleanála iomchuí lena léirítear saintréithe bonneagair agus éilimh

–  Raon feidhme ama: tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre amháin

–  Mionsonraí ama: forbhreathnú bliantúil ar a laghad (srianta ar an toilleadh) agus lá ionadaíoch amháin nó níos mó laethanta ionadaíocha (an toilleadh a bhíonn ar fáil le haghaidh iarrataí)

Plean um thoilleadh a sholáthar (Airteagal 18)

–  An fhaisnéis uile a áirítear sa tsamhail maidir leis an toilleadh, agus atá tugtha cothrom le dáta in éineacht le mionsonraí breise i gcás inarb ábhartha

–  An toilleadh réamhphleanáilte a bhíonn ar fáil le haghaidh iarrataí, arna shainiú i bhfoirm chuspóirí maidir leis an toilleadh

–  Srianta ar an toilleadh, arna sainiú i bhfoirm cuspóirí maidir leis an toilleadh

–  An toilleadh malartach a bhíonn ar fáil le linn srianta ar an toilleadh

–  An toilleadh malartach a bhíonn ar fáil i gcás suaití gréasáin

[Leasu 254]

2.  SCEIDEAL MAIDIR LE BAINISTÍOCHT STRAITÉISEACH AN TOILLTE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 11, 16, 17 AGUS 18

1.  Nuair a bheidh táirgí insoláthartha phleanáil straitéiseach an toillte á n‑ullmhú le haghaidh tréimhse bhailíochta tráthchláir oibre ar leith, urramóidh bainisteoirí bonneagair an sceideal a leagtar amach sa roinn seo.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair sprioc‑amanna níos luaithe a shainiú. Comhchuibheofar na sprioc‑amanna sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus áireofar iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6.

Déanfar an comhairliúchán le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 54 agus beidh ar a laghad gnóthais iarnróid páirteach ann mar aon le hiarratasóirí, páirtithe leasmhara oibríochtúla agus údaráis phoiblí eile. Comhordóidh bainisteoirí bonneagair na táirgí insoláthartha ar bhonn leanúnach agus iad i mbun comhordú i gcomhréir le hAirteagal 53.

Táirge insoláthartha

Cloch mhíle

Sprioc-am

(ar a dhéanaí)

Straitéis um thoilleadh (Airteagal 16)

Foilsiú na chéad eilimintí den straitéis um thoilleadh Céim mionsaothraithe na straitéise um thoilleadh

X–60

 

An chéad chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

X–58

 

Foilsiú na dréachtstraitéise agus an dara comhairliúcháin le páirtithe leasmhara

X– 3848

 

Foilsiú na straitéise críochnaithí um thoilleadh tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–36

 

Foilsiú na samhla um thoilleadh

X-18

 

Foilsiú an phlean chríochnaithigh um thoilleadh a sholáthar tar éis comhairliúcháin idir bainisteoirí bonneagair agus ERP

X - 11

Samhail maidir le toilleadh

(Airteagal 17)

Tús an ullmhúcháin

X–36

 

Comhairliúchán le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla

X–24

 

Comhordú idir bainisteoirí bonneagair agus rannpháirtithe oibríochta agus measúnuithe féidearthachta maidir le riachtanais toillte arna gcur ar fáil, ar riachtanais iad a d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí iad a mheas go hiomlán sa dréacht-samhail um thoilleadh

X-22

 

Dréacht-samhail um thoilleadh a fhoilsiú agus tús an dara comhairliúchán leis na hiarratasóirí agus le rannpháirtithe na hoibríochta

X–21

 

Comhordú le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla

X–19

 

Foilsiú na samhla críochnaithí maidir leis an toilleadh tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–18

Plean um thoilleadh a sholáthar

(Airteagal 18)

Tús an ullmhúcháin

X–18

 

Comhairliúchán le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla

X–14

 

Déanfaidh an comhlacht rialála anailís ar an dréachtphlean um thoilleadh a sholáthar agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar ar an mbainisteoir bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar a leasú.

X-14 go X-13

 

Foilsiú na srianta ar an toilleadh dá dtagraítear i bpointe (1) de roinn (3) den Iarscríbhinn seo

X–12

 

Foilsiú an phlean chríochnaithigh um thoilleadh a sholáthar tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–11

 

Nuashonrú an phlean um thoilleadh a sholáthar le haghaidh iarrataí déanacha

X-6,5

 

Foilsiú na srianta ar an toilleadh dá dtagraítear i bpointe (5) de roinn (3) den Iarscríbhinn seo

X–4

 

Athrú chuspóir an toillte arna fhorchoimeád lena leithdháileadh tríd an tráthchlár oibre le haghaidh próisis leithdháilte eile

X–2

 

Nuashonrú an phlean um thoilleadh a sholáthar chun aon athrú ar an toilleadh réamhphleanáilte nó leithdháilte a léiriú Go dtí X+12 gan mhoill

Go dtí X+12 gan mhoill

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:

(1)  ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X’), i gcomhréir le roinn 4.

[Leasú 255]

2.  De mhaolú ar phointe 1, tá feidhm ag an sceideal simplithe agus giorraithe maidir leis an táirge insoláthartha ‘Straitéis um thoilleadh’ i ndáil leis na tréimhsí bailíochta tráthchláir oibre a thosaíonn i mí na Nollag 2029 agus i mí na Nollag 2030:

Straitéis um thoilleadh (Airteagal 16)

Foilsiú na dréachtstraitéise agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara

X–38

Foilsiú na straitéise críochnaithí um thoilleadh tar éis an chomhordaithe chríochnaithigh idir bainisteoirí bonneagair

X–36

3.  AN SCEIDEAL MAIDIR LE COMHORDÚ, COMHAIRLIÚCHÁN AGUS FOILSIÚ NA SRIANTA AR AN TOILLEADH DE THORADH OIBREACHA BONNEAGAIR DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 10 AGUS 35

1.  A mhéid a bhaineann le srianta sealadacha ar thoilleadh na línte iarnróid, ar chúiseanna amhail oibreacha bonneagair, lena n‑áirítear srianta luais, ualach ar acastóir, fad traenach, fórsa tarraingthe, nó imchlúdach struchtúir (‘srianta ar an toilleadh’) atá bainteach, ar feadh ré is faide ná 7 lá as a chéile agus dá ndéantar breis agus 30 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad lena linn, foilseoidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann na srianta uile ar an toilleadh, a mhéid is eol dóibh, agus na torthaí tosaigh uile de chomhairliúchán leis na hiarratasóirí den chéad uair 24 mhí ar a laghad agus, i bhfoirm nuashonraithe, den dara huair 12 mhí ar a laghad roimh an athrú ar an tráthchlár oibre lena mbaineann. Áireofar na srianta bonneagair sin sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 18. [Leasú 256]

2.  Mar chuid den chomhordú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53, pléifidh na heintitis a ainmnítear i mír 5 den Airteagal sin na srianta sin ar an toilleadh freisin, mura mbeidh tionchar na srianta ar an toilleadh teoranta d’aon ghréasán amháin, i gcomhpháirt le hiarratasóirí leasmhara agus le príomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann nuair a fhoilseofar den chéad uair iad.

3.  Nuair a bheidh srianta ar an toilleadh á bhfoilsiú i gcomhréir le pointe (1) den chéad uair, seolfaidh an bainisteoir bonneagair comhairliúchán leis na hiarratasóirí leasmhara agus le príomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann maidir leis na srianta ar an toilleadh. I gcás inar gá comhordú i gcomhréir le pointe (4) idir an chéad agus an dara foilseachán de shrianta ar an toilleadh, rachaidh na heintitis a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 53(5) i gcomhairle le hiarratasóirí agus le príomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann an dara huair idir deireadh an chomhordaithe sin agus an dara foilseachán den srian ar an toilleadh.

4.  Sula bhfoilseofar srianta ar an toilleadh i gcomhréir le pointe (1), mura mbeidh tionchar na srianta ar an toilleadh teoranta d’aon ghréasán amháin, déanfaidh na heintitis a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 53(5), lena n‑áirítear bainisteoirí bonneagair a bhféadfadh tionchar a bheith ag athródú na dtraenacha orthu, na srianta ar an toilleadh a chomhordú eatarthu féin ar srianta iad a bhféadfadh cealú nó athródú conaire traenach a bheith i gceist leo nó móid iompair eile á chur in ionad traenach.

An comhordú roimh an dara foilseachán, cuirfear i gcrích é:

(a)  tráth nach déanaí ná 18 mí roimh an athrú ar an tráthchlár oibre má dhéantar breis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad ar feadh ré is faide ná 30 lá as a chéile.

(b)  tráth nach déanaí ná 13 mhí agus 15 lá roimh an athrú ar thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre má dhéantar breis agus 30 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad ar feadh ré is faide ná 7 lá as a chéile.

(c)  tráth nach déanaí ná 13 mhí agus 15 lá roimh an athrú ar thréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre má dhéantar breis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad ar feadh ré is faide ná 7 lá as a chéile.

Déanfaidh na heintitis a fheidhmeoidh an comhordú idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 53(5), más gá, cuireadh a thabhairt do na hiarratasóirí atá gníomhach ar na línte lena mbaineann agus do phríomhoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann chun páirt a ghlacadh sa chomhordú sin.

5.  A mhéid a bhaineann le srianta ar an toilleadh ar feadh ré 7 lá as a chéile nó níos lú nach gá iad a fhoilsiú i gcomhréir le pointe (1) agus nach ndéanfar breis agus 10 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid in aghaidh an lae a chur ar ceal, a athródú, nó móid iompair eile a chur ina ionad lena linn, agus a tharlaíonn le linn thréimhse an tráthchláir oibre dá éis sin agus a dtagann an bainisteoir bonneagair ar an eolas fúthu tráth nach déanaí ná 6 mhí agus 15 lá roimh an athrú ar an tráthchlár oibre, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí lena mbaineann maidir leis na srianta ar an toilleadh atáthar ag brath a dhéanamh agus cuirfidh na srianta nuashonraithe ar an toilleadh in iúl 4 mhí ar a laghad roimh an athrú ar an tráthchlár oibre. Soláthróidh an bainisteoir bonneagair mionsonraí ar na conairí traenach a thairgtear le haghaidh traenacha paisinéirí tráth nach déanaí ná 4 mhí agus le haghaidh traenacha lasta tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin roimh thús an tsriain ar an toilleadh, mura gcomhaontóidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí lena mbaineann aga seachadta níos giorra.

6.  Féadfaidh bainisteoirí bonneagair cinneadh a dhéanamh tairseacha níos déine a chur i bhfeidhm maidir le srianta ar an toilleadh bunaithe ar chéatadáin níos ísle de mhéideanna tráchta measta nó ar réanna níos giorra ná mar a léirítear i roinn 3 den Iarscríbhinn seo nó chun critéir a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na critéir a luaitear san Iarscríbhinn seo, de bhun comhairliúcháin le hiarratasóirí agus le hoibreoirí saoráide. Foilseoidh siad na tairseacha agus na critéir maidir le srianta ar an toilleadh a bhraisliú ina ráitis ghréasáin faoi phointe 3 d’Iarscríbhinn IV de Treoir 2012/34/AE.

7.  Gan dochar d’Airteagal 40, féadfaidh an bainisteoir bonneagair cinneadh a dhéanamh gan na tréimhsí a leagtar síos i bpointí (1) go (5) a chur i bhfeidhm, más gá an srian ar an toilleadh chun oibríochtaí traenach sábháilte a athbhunú, mura mbeidh uainiú na srianta faoi smacht an bhainisteora bonneagair, dá mbeadh cur i bhfeidhm na dtréimhsí sin neamhéifeachtach ó thaobh costais nó ina údar damáiste gan ghá i leith saolré ionchais nó bail sócmhainne, nó má chomhaontaíonn na hiarratasóirí uile lena mbaineann. Sna cásanna sin agus i gcás aon srian eile ar an toilleadh nach bhfuil faoi réir comhairliúcháin i gcomhréir le forálacha eile na hIarscríbhinne seo, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí agus le príomhoibreoirí saoráidí seirbhíse lena mbaineann láithreach. [Leasú 257]

8.  Beidh san fhaisnéis a sholáthróidh an bainisteoir bonneagair agus é ag gníomhú i gcomhréir le pointí (1), (5) nó (7):

(a)  an lá ar a bhfuil an srian pleanáilte;

(b)  an t‑am den lá, agus, a luaithe agus is féidir é a shocrú, uair thús agus dheireadh an tsriain ar an toilleadh;

(c)  an stráice den líne dá ndéanann an srian difear;

(d)  i gcás inarb infheidhme, toilleadh na línte atreoraithe.

Foilseoidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin, nó nasc mar is féidir í a fháil, ina ráiteas gréasáin dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn IV de Threoir 2012/34/AE. Coimeádfaidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin cothrom le dáta. Ina theannta sin, foilseoidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis sin i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 9 agus 62.

9.  A mhéid a bhaineann leis na srianta ar an toilleadh ar feadh ré 30 lá as a chéile ar a laghad agus a dhéanann difear do bhreis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid, soláthróidh an bainisteoir bonneagair do na hiarratasóirí arna iarraidh sin dóibh le linn an chéad bhabhta comhairliúcháin le comparáid na ndálaí a bheidh rompu agus ar a laghad dhá rogha mhalartacha de shrianta ar an toilleadh i gceist. Dearfaidh an bainisteoir bonneagair na roghanna malartacha sin ar bhonn an ionchuir a sholáthróidh na hiarratasóirí tráth a n‑iarrataí agus i gcomhpháirt leo.

Beidh sa chomparáid, le haghaidh gach rogha mhalartach, ar a laghad:

(a)  ré an tsriain ar an toilleadh,

(b)  na muirir bhonneagair tháscacha dhlite lena bhfuil coinne,

(c)  an toilleadh a bheidh ar fáil ar na línte atreoraithe,

(d)  na bealaí malartacha a bheidh ar fáil, agus

(e)  na tréimhsí taistil táscacha.

Roimh rogha a dhéanamh idir roghanna malartacha na srianta ar an toilleadh, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí leasmhara agus cuirfidh tionchair na roghanna malartacha difriúla ar na hiarratasóirí sin agus ar úsáideoirí na seirbhísí san áireamh.

Áireofar leis an anailís ar shrianta malartacha ar an toilleadh staideanna a bhaineann le breis agus aon bhainisteoir bonneagair amháin. Sa chás seo, comhordóidh na bainisteoirí bonneagair pleanáil roghanna malartacha na srianta ar an toilleadh i gcomhréir le hAirteagal 53.

10.  A mhéid a bhaineann leis na srianta ar an toilleadh ar feadh ré is faide ná 30 lá as a chéile agus a dhéanann difear do bhreis agus 50 % den mhéid tráchta measta ar líne iarnróid, leagfaidh an bainisteoir bonneagair critéir síos maidir leis na traenacha de gach cineál seirbhíse ba cheart a athródú, agus srianta tráchtála agus oibríochtúla an iarratasóra á gcur san áireamh, ach amháin i gcás ina n‑eascróidh na srianta oibríochtúla sin as cinntí bainistíochta nó eagrúcháin an iarratasóra, agus gan dochar don aidhm costais an bhainisteora bonneagair a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Threoir 2012/34/AE. Foilseoidh an bainisteoir bonneagair na critéir sin sa ráiteas gréasáin.

11.  Foilseoidh ENIM an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (8) ar a shuíomh gréasáin.

12.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme roinn 3 den Iarscríbhinn seo go dtí 31 Nollaig 2024 agus molfaidh togra reachtach más gá.

4.  SCEIDEAL MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A LEITHDHÁILEADH TRÍD AN BPRÓISEAS LEITHDHÁILTE BLIANTÚIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 32 AGUS 38

1.  Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal seo a leanas:

Garsprioc nó tréimhse

Sprioc‑am nó ré(1)

Tréimhse bhailíochta an tráthchláir oibre (‘tréimhse tráthchláir oibre’)

Aon bhliain amháin

Teacht i bhfeidhm an tráthchláir oibre

Meán oíche an dara Sathairn i mí na Nollag

Foilsiú an phlean um thoilleadh a sholáthar

I gcomhréir le roinn 2 den Iarscríbhinn seo

Foilsiú na srianta ar an toilleadh de thoradh oibreacha bonneagair

I gcomhréir le ranna 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo

Sprioc‑am d’iarratasóirí chun iarrataí ar chearta toillte a chur isteach

X–8.5

Ullmhú dréacht‑tráthchláir oibre Sprioc‑am don bhainisteoir (do bhainisteoirí) bonneagair chun dréacht‑tairiscint an toillte a chur faoi bhráid iarratasóirí

X–6.5

Tabhairt chun críche an chomhordaithe le hiarratasóirí, lena n-áirithítear go gcloítear le gach riachtanas roimh an tréimhse 2 sheachtain seo de thabhairt chun críche na ‘céime breathnóireachta’

X–6

Sprioc‑am don bhainisteoir (do bhainisteoirí) bonneagair chun tairiscint chríochnaitheach an toillte a chur faoi bhráid iarratasóirí

X–5.5

Foilsiú tráthchláir oibre chríochnaithigh Sprioc‑am don bhainisteoir bonneagair chun cearta toillte a leithdháileadh ar iarratasóirí

X–5.25

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach

Le sonrú sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: (1) ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X)

[Leasú 258]

2.  Leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh i leith iarrataí a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 32(8) ar bhonn an phrionsabail tús freastail ar an gceann is túisce.

3.  An sprioc‑am d’iarratasóirí chun iarrataí a chur isteach ar chearta toillte agus a leagtar síos sa tábla faoi phointe 1, is é sin an sprioc‑am a bheidh ann d’iarrataí ar an toilleadh bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 27(4) de Threoir 2012/34/AE.

5.  SCEIDEAL MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A LEITHDHÁILEADH TRÍ CHREAT‑CHOMHAONTUITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 31 AGUS 38

1.  Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:

Tréimhse ama

Fad (1)

Tréimhse bhailíochta chaighdeánach na gcreat‑chomhaontuithe

5 bliana

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach

Idir X–8.5 agus X–6.5 (i gcomhpháirt leis an gcomhordú faoin bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear i roinn 4)

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: (1) ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X’), i gcomhréir le roinn 4

6.  SCEIDEAL MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A LEITHDHÁILEADH TRÍD AN BPRÓISEAS LEITHDHÁILTE ROLLACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 33 AGUS 38

1.  Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal seo a leanas le linn an phróisis phleanála rollaigh:

Garsprioc nó tréimhse

Sprioc‑am nó ré(1)

An pointe ama is luaithe d’iarratasóirí chun iarrataí ar an toilleadh a chur isteach faoin bpróiseas leithdháilte rollach

4 mhí roimh an chéad ghluaiseacht traenach

An pointe ama is déanaí d’iarratasóirí chun iarrataí ar an toilleadh a chur isteach faoin bpróiseas leithdháilte rollach

1 mhí roimh an chéad ghluaiseacht traenach

Ré uasta na gceart toillte a dheonaítear faoin bpróiseas leithdháilte rollach

36 mhí ag tosú ón chéad ghluaiseacht traenach

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach le haghaidh cearta toillte a dheonaítear i gcomhréir le mír 2, pointe (a) d’Airteagal 33

Idir X–8.5 agus X–6.5 (i gcomhpháirt leis an gcomhordú faoin bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear i roinn 4)

Tiontú na sonraíochtaí toillte i gconairí traenach le haghaidh cearta toillte a dheonaítear i gcomhréir le mír 2, pointe (b) d’Airteagal 33

Le sonrú ag na bainisteoirí bonneagair agus an creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6 á chur san áireamh

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: (1) ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an tráthchláir oibre (‘X’), i gcomhréir le roinn 4

2.  Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas pleanála rollach bunaithe ar an bprionsabal tús freastail ar an gceann is túisce.

7.  SCEIDEAL MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A LEITHDHÁILEADH TRÍD AN BPRÓISEAS AD HOC DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 34 AGUS 38

Nuair a bheidh toilleadh bonneagair á leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc, comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:

Tréimhse ama

Marthanacht

Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair chun tairiscint chearta toillte a bhaineann le gréasán aonair a ullmhú má chuirtear an iarrata ad hoc isteach tar éis dháta foilsithe an tráthchláir oibre chríochnaithigh

1 lá amháin 24 uair an chloig

Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair chun tairiscint chearta toillte ilghréasáin a ullmhú

5 lá

[Leasú 259]

8.  SCEIDEAL LE HAGHAIDH ATHRUITHE AR AN TOILLEADH A LEITHDHÁILTEAR DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 39

Nuair a bheidh cearta toillte bonneagair á n‑athrú, comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:

Garsprioc nó tréimhse

Sprioc‑am nó ré

Tréimhse uasta don bhainisteoir bonneagair chun ceart toillte malartach, a bhaineann le gréasán aonair, a thairiscint má úsáidtear é ar feadh dhá lá oibre ina dhiaidh sin.

24 uair an chloig

Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair lena mbaineann chun ceart toillte ilghréasáin malartach a thairiscint le paraiméadair speisialta (e.g. coinsíneachtaí urghnácha, rití tástála)

5 lá féilire

[Leasú 260]

Iarscríbhinn II

Bonneagar ardúsáide agus plódaithe dá dtagraítear in Airteagal 20

1.  TAIRSEACHA CHUN BONNEAGAR ARDÚSÁIDE AGUS PLÓDAITHE A DHEARBHÚ

Úsáid

Aicmiú

Úsáid acmhainneachta

Tréimhse thagartha

Trácht ilchineálach

Ardúsáidte

> 65 % den toilleadh teoiriciúil [an luach a bheidh le cinneadh ag ENIM]

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 200 lá in aghaidh na bliana

Trácht ilchineálach

Plódaithe

> 95 % den toilleadh teoiriciúil [an luach a bheidh le cinneadh ag ENIM]

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 250 lá in aghaidh na bliana

Trácht aonchineálach

Ardúsáidte

> 80 % den toilleadh teoiriciúil [an luach a bheidh le cinneadh ag ENIM]

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 200 lá in aghaidh na bliana

Trácht aonchineálach

Plódaithe

> 95 % den toilleadh teoiriciúil [an luach a bheidh le cinneadh ag ENIM]

Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 250 lá in aghaidh na bliana

[Leasú 261]

Ciallaíonn úsáid an toillte an cóimheas idir an toilleadh a leithdháiltear, nó i gcás tréimhsí tráthchláir roimhe, an líon iarbhír traenacha atá ag rith agus an toilleadh teoiriciúil a bhíonn ar fáil ar eilimint bhonneagair ar bhonn na modheolaíochta dá dtagraítear i roinn 2.

Ciallaíonn ‘trácht aonchineálach’ go mbíonn saintréithe comhchosúla ag traenacha ar an stráice lena mbaineann i gcoitinne ar saintréithe iad atá ábhartha maidir le húsáid an toillte, go háirithe luas, patrún stoptha agus luasghéarú.

Ciallaíonn ‘trácht ilchineálach’ go mbíonn saintréithe difriúla ag traenacha ar an stráice lena mbaineann i gcoitinne ar saintréithe iad atá ábhartha maidir le húsáid an toillte, go háirithe luas, patrún stoptha agus luasghéarú.

2.  Nósanna imeachta agus modhanna chun méid úsáide an toillte a ríomh

Déanfaidh bainisteoirí bonneagair measúnú ar mhéid úsáide an toillte ar bhonn nósanna imeachta agus modhanna iomchuí, trédhearcacha agus oibiachtúla.

Féadfaidh bainisteoirí bonneagair leanúint d’úsáid a bhaint as nósanna imeachta agus as modhanna atá ann cheana agus a chomhlíonann na critéir sin. 3 bliana ar a dhéanaí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ullmhóidh ENIM moladh maidir le nós imeachta agus modh comhchuibhithe de chuid an Aontais a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar úsáid an toillte bonneagair iarnróid.

De rogha air sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar úsáid an toillte mar an cóimheas idir an t‑éileamh ar an toilleadh (a bhreathnaítear / roimhe sin nó meastachán faoin éileamh amach anseo) agus an toilleadh a bhíonn ar fáil sa phlean um úsáid an toillte i gcomhréir le hAirteagal 18.

Iarscríbhinn III

INNEACHAR AN CHREATA EORPAIGH UM THOILLEADH A BHAINISTIÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú dá dtagraítear in Airteagal 6:

Gné

Tagairt(í)

Nósanna imeachta agus modheolaíochtaí chun toilleadh bonneagair tearc a bhainistiú agus a leithdháileadh ar bhonn critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil.

Airteagal 8(5), Airteagal 8(6)

Cineálacha agus tuairisc ar sheirbhísí iompair iarnróid a bheidh le húsáid chun an toilleadh bonneagair iarnróid a phleanáil go straitéiseach.

Airteagal 12(2)

Prionsabail, nósanna imeachta agus modheolaíochtaí coiteanna um an toilleadh a phleanáil go straitéiseach, lena n‑áirítear um chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus um chomhairliúchán le páirtithe leasmhara.

Airteagal 12(9), Airteagal 13, Airteagal 14

Meáin chun an plean soláthair um thoilleadh a fhoilsiú agus próiseas chun dul i gcomhairle le hiarratasóirí

Airteagal 18(10)

Rialacha agus nósanna imeachta um an toilleadh réamhphleanáilte a leithdháileadh, a áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar.

Airteagal 20(3)

Saintréithe shonraíochtaí an toillte

Airteagal 26(1)

Raonta le haghaidh cuótaí tairsí is infheidhme maidir le cearta toillte neamhúsáidte a chealú

Airteagal 27(6)

Nósanna imeachta agus modhanna chun leithdháileadh na gceart toillte ilghréasáin a chomhordú lena n‑áirítear íoscheanglais cháilíochta.

Airteagal 28(5)

Treoirlínte maidir leis na teorainneacha i dtaca leis na difríochtaí idir iarrataí ar an toilleadh ó iarratasóirí agus an toilleadh bonneagair atá á mholadh ag bainisteoirí bonneagair sa phróiseas comhthoiliúil um réiteach coinbhleachta.

Airteagal 36(2)

Nósanna imeachta chun athruithe ar chearta toillte a bhainistiú tar éis an leithdháilte.

Airteagal 39(8)

Coinníollacha as a n‑eascraíonn cúiteamh as athruithe ar chearta toillte.

Airteagal 40(3)

Prionsabail, rialacha agus nósanna imeachta chun an toilleadh bonneagair a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaitheadh ar an ngréasán.

Airteagal 41(2)

Iarscríbhinn IV

Inneachar an Ráitis Ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/CE – roinn maidir leis an toilleadh a bhainistiú agus leis an trácht a bhainistiú

Beidh sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE:

(1)  Roinn lena leagfar amach cineál an bhonneagair, a bhíonn ar fáil do ghnóthais iarnróid agus na coinníollacha chun rochtain a fháil air. Tagróidh an roinn sin don fhaisnéis atá ar fáil sa chlár bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.

(2)  Roinn maidir leis na prionsabail agus leis na critéir chun an toilleadh a bhainistiú. Leagfaidh an roinn sin amach saintréithe ginearálta an bhonneagair ó thaobh an toillte de, a bhíonn ar fáil do ghnóthais iarnróid agus aon srian a bhaineann lena úsáid, lena n‑áirítear ceanglais dhóchúla maidir leis an toilleadh le haghaidh na cothabhála. Sonróidh an roinn na nósanna imeachta agus na sprioc‑amanna a bhaineann leis an bpróiseas um thoilleadh a bhainistiú freisin. Beidh inti critéir shonracha, a chuirtear in úsáid le linn an phróisis sin, go háirithe:

(a)  na nósanna imeachta ar dá réir a dtéitear i gcomhairle le hiarratasóirí, dá dtagraítear in Airteagal 55 a, maidir leis an toilleadh a phleanáil go straitéiseach; [Leasú 262]

(b)  na nósanna imeachta ar dá réir a bhféadfaidh iarratasóirí an toilleadh a iarraidh ar an mbainisteoir bonneagair;

(c)  na ceanglais lena rialaítear iarratasóirí;

(d)  an sceideal maidir leis an toilleadh a phleanáil go straitéiseach, maidir leis na próisis chur i bhfeidhm, leithdháilte, oiriúnaithe agus athsceidealaithe agus na nósanna imeachta a leanfar chun faisnéis a iarraidh faoin sceidealú agus na nósanna imeachta um obair chothabhála phleanáilte agus gan choinne a sceidealú;

(e)  na prionsabail lena rialaítear an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 36, lena n‑áirítear an córas réitigh díospóidí a chuirtear ar fáil mar chuid den phróiseas sin, agus an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 37;

(f)  struchtúr agus leibhéal na gcúiteamh as athruithe ar chearta toillte;

(g)  na nósanna imeachta a leanfar agus na critéir a úsáidfear i gcás ina mbeidh bonneagar ardúsáidte nó plódaithe;

(h)  mionsonraí na srianta ar úsáid an bhonneagair;

(i)  míniú ar aon éagsúlú ón gcreat Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 6.

(3)  Roinn maidir le hoibríochtaí, lena n‑áirítear maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime. Leagfar amach leis an roinn sin cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir (AE) 2016/797, Treoir (AE) 2016/798 agus Treoir 2007/59/CE, lena n‑áirítear:

(a)  rialacha oibríochtúla, lena n‑áirítear rialacha tosaíochta nó prionsabail tosaíochta maidir le trácht a bhainistiú, liosta na rialacha teicniúla, oibríochtúla agus sábháilteachta nó tagairtí dóibh agus do rialacha a bhaineann le foireann oibríochtúil;

(b)  bearta oibríochtúla, lena n‑áirítear rialacha agus nósanna imeachta um bainistíocht suaití agus bainistiú géarchéime, cumarsáid oibríochtúil agus malartú sonraí le gnóthais iarnróid agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile;

(c)  liosta de chórais faisnéise a úsáidtear in oibríochtaí agus tagairtí dóibh;

(d)  míniú ar aon éagsúlú ón gcreat Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 44.

(4)  Roinn maidir le príomheilimintí na bainistíochta feidhmíochta, lena n‑áirítear go háirithe:

(a)  tagairtí do chuspóirí feidhmíochta a leagtar amach sa phlean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Threoir 2012/34/AE agus sa chomhaontú conarthach dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir sin;

(b)  nósanna imeachta um fhaireachán agus um thuairisciú ar dhul chun cinn i dtreo na spriocanna a bhaint amach, chun cúiseanna na n‑easnamh feidhmíochta a shainaithint in éineacht le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus chun bearta feabhais a dhearadh agus a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht;

(c)  míniú ar aon éagsúlú ón gcreat Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 50.

Iarscríbhinn V

INNEACHAR AN CHREATA EORPAIGH UM CHOMHORDÚ TRASTEORANN AN BHAINISTITHE TRÁCHTA, AN BHAINISTITHE SUAITÍ AGUS AN BHAINISTITHE GÉARCHÉIME DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 44

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa chreat Eorpach um chomhordú na bainistíochta tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann:

Gné

Tagairt(í)

Prionsabail choiteanna maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a bheidh le cur san áireamh ag bainisteoirí bonneagair agus rialacha agus nósanna imeachta um bainistiú tráchta á leagan amach acu.

Airteagal 43

Prionsabail choiteanna maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus in éineacht le páirtithe leasmhara oibríochtúla.

Airteagal 42, Airteagal 43, Airteagal 45, Airteagal 46, Airteagal 47, Airteagal 48

Prionsabail, rialacha agus nósanna imeachta um an toilleadh a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaití gréasáin agus i staideanna géarchéime.

Airteagal 41(1)

Sainiú fhreagrachtaí na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla a bhfuil páirt acu sa bhainistíocht tráchta trasteorann, bunaithe ar thacar de nósanna imeachta oibríochta, garspriocanna agus comhéadan.

Airteagal 45

Nósanna imeachta, rialacha, uirlisí agus comhéadain le haghaidh cumarsáide agus chun faisnéis a mhalartú, lena n‑áirítear uirlisí agus chomhéadain dhigiteacha chomhchuibhithe, idir bainisteoirí bonneagair, páirtithe leasmhara oibríochtúla agus páirtithe leasmhara eile lena mbaineann, go háirithe údaráis phoiblí.

Airteagal 45, Airteagal 48, Airteagal 62

Prionsabail maidir le grúpaí comhordaithe tiomnaithe a bhunú i ndáil leis an mbainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime.

Airteagal 53(2)

Socruithe le haghaidh an ionsamhlaithe agus na hoiliúna, go háirithe i ndáil le suaití gréasáin agus staideanna géarchéime.

Airteagal 42, Airteagal 46, Airteagal 47

Socruithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht AN bhainistithe tráchta, an bhainistithe suaití agus an bhainistithe géarchéime, lena n‑áirítear an comhordú idir páirtithe leasmhara oibríochtúla.

Airteagal 50, Airteagal 51

Iarscríbhinn VI

Suaití Gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 46

Cineál teagmhais

Ré mheasta dhóchúil

Tionchar measta dóchúil

Suaití gréasáin

Éilítear 3 lá nó níos mó chun filleadh ar leibhéil an toillte infhaighte a bhí ann roimh theagmhas le haghaidh na húsáide traenacha

–  Is gá láimhseáil oibríochtúil le haghaidh 50 % nó níos mó de na traenacha ar an stráice dá ndéantar difear agus a oibrítear ar ghréasán aonair

–  Is gá láimhseáil oibríochtúil, nó tá coinne leis go n‑éileofar an láimhseáil sin le haghaidh 50 % nó níos lú de thraenacha ar an stráice dá ndéantar difear agus a oibrítear ar níos mó ná gréasán amháin

Suaitheadh ilghréasáin

Éilítear 3 lá nó níos mó chun filleadh ar leibhéil an toillte infhaighte a bhí ann roimh theagmhas le haghaidh na húsáide traenacha

–  Is gá láimhseáil oibríochtúil, nó tá coinne leis go n‑éileofar an láimhseáil sin le haghaidh 50 % nó níos mó de thraenacha ar an stráice dá ndéantar difear agus a oibrítear ar níos mó ná gréasán amháin

Is carnach iad na coinníollacha maidir leis an ré agus leis an tionchar dóchúil ar an trácht.

IARSCRÍBHINN VII

Réimsí feidhmíochta atá faoi réir athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 50

Réimse feidhmíochta

Ábhair ábhartha (táscach)

Bonneagar agus trealamh

–  Toilleadh agus cumais an bhonneagair fhisiciúil agus a threalamh, lena n‑áirítear cur in úsáid chaighdeáin TEN-T

–  Laghduithe ar thoilleadh nó ar chumas an bhonneagair i ngeall ar athnuachan, cothabháil nó deisiú bonneagair iarchurtha

Toilleadh bonneagair

–  An toilleadh a thairgtear i dtéarmaí cainníochta agus cáilíochta, lena n-áirítear comhsheasmhacht thar theorainneacha gréasáin

–  Úsáid an toillte, an toilleadh breise chun freastal ar fhás an tráchta

–  Comhsheasmhacht idir an toilleadh a bhíonn ar fáil (pleanáilte nó neamhphleanáilte) agus riachtanais an mhargaidh

–  Cobhsaíocht an toillte a thairgtear, go háirithe i dtaca le hoibreacha bonneagair

–  Bonneagar plódaithe

–  Agaí stoptha pleanáilte traenacha ag stáisiúin teorann

Trácht a bhainistiú

–  Poncúlacht / moilleanna ar chineálacha difriúla seirbhísí iarnróid, ag stadanna tionscnaimh, idirmheánacha agus cinn scríbe agus ag suíomhanna atá tábhachtach ar bhonn oibríochtúil

–  Cealuithe traenacha

–  Agaí stoptha iarbhír traenacha ag stáisiúin teorann

Bainistíocht suaití agus bainistiú géarchéime

–  Cion an tráchta a d’fhéadfaí a athródú nó a athsceidealú le linn an tsuaite nó na géarchéime

–  Tionchar na suaití ar an trácht iarnróid i dtéarmaí moilleanna agus cealuithe

–  Tionchar na suaití ar oibreoirí seirbhísí iarnróid agus ar a gcustaiméirí

–  Saincheisteanna sonracha ar a mbítear ag teacht (cáilíochtúil)

Cur in úsáid agus feidhmíocht seirbhísí, uirlisí agus comhéadan digiteach

–  Tacaíocht leis na próisis a bhaineann leis an mbainistíocht toillte, bainistíocht tráchta agus bainistíocht suaití

–  Iomláine agus cáilíocht na faisnéise agus na sonraí arna soláthar chomh maith le rochtain éasca do gheallsealbhóirí oibríochtúla

–  Ailíniú leis an ailtireacht Eorpach arna forbairt in ERJU agus leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797

Rialachán a chomhlíonadh; formhaoirseacht rialála

–  Táscairí próisis lena ndéantar faireachán ar chomhlíonadh rialacha agus nósanna imeachta

–  Gearáin a thaisctear le comhlachtaí rialála agus le ENRRB

[Leasú 263]

Iarscríbhinn VIII

Faisnéis atá le soláthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 48

An fhaisnéis seo a leanas arna soláthar i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus le gníomhartha cur chun feidhme ábhartha faoin Rialachán sin, beidh sí i raon feidhme Airteagal 48:

—  Uimhir reatha traenach

—  Tuairisciú traenach

—  Sonraí ar an nóta coinsíneachta

—  Iarraidh bhealaigh agus leithdháileadh bealaigh

—  Ullmhúchán traenacha

—  Faisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha agus réamhaisnéis ar ghluaiseachtaí traenacha

—  Faisnéis faoi bhriseadh sa tseirbhís

—  Am Imeachta Measta an Lastais (ETD), Am Idirthurais Measta (ETI), Am Teachta Measta (ETA)

—  Gluaiseacht vaigíní

—  Sonraí a Mhalartú chun Cáilíocht a Fheabhsú

Iarscríbhinn IX

Liosta saincheisteanna le comhordú idir bainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 53

Saincheisteanna le comhordú

Forálacha le cumhdach leis an gcomhordú

Pleanáil straitéiseach maidir le toilleadh

Roinn 1 de Chaibidil II, go háirithe:

–  Airteagal 10 Roinn 2 de Chaibidil II, go háirithe:

–  Airteagal 11

–  Airteagal 13

–  Airteagal 14

–  Airteagal 15

–  Airteagal 16

–  Airteagal 17

–  Airteagal 18

–  Airteagal 19

–  Airteagal 21

–  Airteagal 22

–  Airteagal 25

Sceidealú, leithdháileadh toillte agus athsceidealú

Roinn 3 de Chaibidil II, go háirithe:

–  Airteagal 27

–  Airteagal 28

–  Airteagal 31

–  Airteagal 32

–  Airteagal 33

–  Airteagal 34

–  Airteagal 35

–  Airteagal 36

–  Airteagal 37 Roinn 4 de Chaibidil II

–  Airteagal 39

–  Airteagal 40

–  Airteagal 41

Bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime

Caibidil III, go háirithe:

–  Airteagal 45

–  Airteagal 46

–  Airteagal 47

Athbhreithniú ar fheidhmíocht

Caibidil IV, go háirithe:

–  Airteagal 51

Cur in úsáid seirbhísí, uirlisí agus comhéadan digiteach; rannchuidiú le sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt

–  Airteagal 9(2)

–  Airteagal 20(4)

–  Airteagal 27(4)

–  Airteagal 29(5), Airteagal 29(6)

–  Airteagal 42(3), pointe (c)

–  Airteagal 45, pointe (c)

–  Airteagal 48(2), Airteagal 48(3)

–  Airteagal 62

Iarscríbhinn X

Táblaí Comhghaoil

1.  Tábla comhghaoil le haghaidh na bhforálacha a scriostar i dTreoir 2012/34/AE

Treoir 2012/34/AE

An Rialachán seo

Airteagal 2(6)

Airteagal 36(2)

Airteagal 3, pointe 20

Airteagal 21

Airteagal 3, pointe 22

Airteagal 36

Airteagal 3, pointe 23

Airteagal 31

Airteagal 3, pointe 27

Airteagal 4, pointe 8

Airteagal 3, pointe 28

Airteagal 4, pointe 13

Airteagal 7b(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 7b(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 7b(3)

Airteagal 3(3) agus Airteagal 2(3), pointe b

Airteagal 36

Airteagal 40

Airteagal 38(1)

Airteagal 26(1), an dara fomhír agus Airteagal 26(6)

Airteagal 38(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 38(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 38(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 39(1)

Airteagal 11(3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 27(3)

Airteagal 40(1)

Airteagal 14(2), (3) agus Airteagal 28

Airteagal 40(2)

Airteagal 55(7), Airteagal 57(2), Airteagal 63(1), (4), Airteagal 64(1) agus (7)

Airteagal 40(3)

Airteagal 55 (2), (5) agus (7)

Airteagal 40(4)

Airteagal 57(1)

Airteagal 40(5)

 

Airteagal 41(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 41(2)

Airteagal 7 (2)

Airteagal 41(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 42(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 42(2)

Airteagal 31(4)

Airteagal 42(3)

Airteagal 31(5)

Airteagal 42(4)

Airteagal 31(5) agus (6)

Airteagal 42(5)

Airteagal 31(7) agus Iarscríbhinn I, roinn 5

Airteagal 42(6)

Airteagal 31(8)

Airteagal 42(7)

Airteagal 31(10)

Airteagal 42(8)

Airteagal 31(11)

Airteagal 43(1)

Airteagal 38(1), Airteagal 32(6), (7), (8) agus Airteagal 33(1) agus (2)

Airteagal 43(2)

Airteagal 10(8), Airteagal 11(2), Airteagal 21(9), Airteagal 38(3), agus Airteagal 39(9)

Airteagal 43(3)

n/b

Airteagal 44(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 32(7) agus (8)

Airteagal 44(3)

Airteagal 31(2)

Airteagal 44(4)

Airteagal 28

Airteagal 45(1)

Airteagal 32(2)

Airteagal 45(2)

Airteagal 32(4)

Airteagal 45(3)

Airteagal 32(10)

Airteagal 45(4)

Airteagal 32(11)

Airteagal 46(1)

Airteagal 8(3) Airteagal 20(3) Airteagal 32(3)

Airteagal 46(2)

Airteagal 36(2)

Airteagal 46(3)

Airteagal 36(3)

Airteagal 46(4)

Airteagal 36(4)

Airteagal 46(5)

Airteagal 36(5)

Airteagal 46(6)

Airteagal 36(6)

Airteagal 47(1)

Airteagal 21(1)

Airteagal 47(2)

Airteagal 21(4)

Airteagal 47(3)

Airteagal 21(5), Airteagal 25(1)

Airteagal 47(4)

Airteagal 8(1), (2) (4) agus Airteagal 11(3)

Airteagal 47(5)

Airteagal 8(1) agus (4)

Airteagal 47(6)

Airteagal 21(6)

Airteagal 48(1)

Airteagal 34(1)

Airteagal 48(2)

Airteagal 18(4)

Airteagal 49(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 49(2)

Airteagal 24(2)

Airteagal 49(3)

Airteagal 24(3)

Airteagal 50(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 50(2)

Airteagal 22(2)

Airteagal 50(3)

Airteagal 22(1)

Airteagal 51(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 51(2)

Airteagal 23(1) agus (2)

Airteagal 51(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 51(4)

Airteagal 23(5)

Airteagal 52(1)

Airteagal 12(8)

Airteagal 52(2)

Airteagal 27(6)

Airteagal 53(1)

Airteagal 35(1)

Airteagal 53(2)

Airteagal 10(2), (4) agus Airteagal 35(4)

Airteagal 53(3)

Airteagal 9(1)

Airteagal 54(1)

Airteagal 43(3)

Airteagal 54(2)

Airteagal 43(5)

Airteagal 54(3)

Airteagal 43(6)

2.  Tábla comhghaoil le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

Rialachán (AE) Uimh. 913/2010

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 7

 

Airteagal 8

Airteagail 55(1) go dtí Airteagail (4), (6), (7) agus 8 agus Airteagail 56(1)(a) go dtí (c), (f) agus (2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 14(1), Airteagal 22(3) agus (4), Airteagal 23(3) agus Airteagal 57

Airteagail 9(1)(a), (c), (d), (e), (2), (3), (4) agus (5)

 

Airteagal 9(1)(b)

Airteagal 15 agus Airteagal 22(3) agus (4)

Airteagal 10

 

Airteagal 11

Airteagail 55(1) go dtí (4), (6), (7) agus (8)

Airteagail 12-18

 

Airteagal 19

Airteagal 49 agus Airteagal 52

Airteagail 20 go 25

 

(1) IO C, C/2024/891, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/891/oj.
(2) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(3)IO C , , lch. .
(4)IO C , , lch. .
(5)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘The European Green Deal’ [‘An Comhaontú Glas don Eoraip’], COM(2019)640 final an 11 Nollaig 2019.
(6)Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais: “I dTreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú”’, COM(2021) 400 final an 12 Bealtaine 2021.
(7)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future’ [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], COM(2020) 789 final an 9 Nollaig 2020.
(8)Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).
(10)Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).
(11)Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).
(12)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14)SWD(2021) 134 final an 2 Meitheamh 2021
(15)Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir‑inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).
(16)Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1191/69 agus (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).
(17)Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (IO...).
(18)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród (IO L 307, 23.11.2017, lch. 1).
(19)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2015 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi chuimsiú faireacháin ar an margadh iarnróid (IO L 181, 9.7.2015, lch. 1).


Leasú a dhéanamh ar Rialacháin áirithe maidir le seirbhísí airgeadais agus tacaíocht infheistíochta a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe
PDF 254kWORD 84k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta (COM(2023)0593 – C9-0383/2023 – 2023/0363(COD))
P9_TA(2024)0128A9-0026/2024

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0593),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagail 114(2) agus d’Airteagal 175, an tríú mír den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0383/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Feabhra 2024(1),

–  tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0026/2024),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí na seirbhísí airgeadais agus na tacaíochta infheistíochta(2)

P9_TC1-COD(2023)0363


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, Airteagal 173 agus Airteagal 175, an tríú mír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe agus nochta chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir atá beartaithe dóibh, ▌chun an t-ualach riaracháin a theorannú agus chun dúbláil mhíchuí a sheachaint, go háirithe d’údaráis rialála agus maoirseachta dlínsí airgeadais beaga. Is féidir le ceanglais tuairiscithe agus nochta ualach díréireach a fhorchur ar eintitis, go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar mhicreachuideachtaí.

(2)  Dá bhrí sin, is tosaíochtaí iad oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú gan an bonn a bhaint de chuspóirí beartais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe san earnáil airgeadais agus a mhéid a bhaineann le minicíocht an tuairiscithe a bhaineann le Clár InvestEU a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5).

(3)  I Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010(6), (AE) Uimh. 1093/2010(7), (AE) Uimh. 1094/2010(8), (AE) Uimh. 1095/2010(9), (AE) Uimh. 806/2014(10), Rialachán (AE) …/…(11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle(12) agus Rialachán (AE) 2021/523, tá roinnt ceanglas tuairiscithe agus nochta ba cheart a shimpliú, mar chuid de chleachtas cáilíochtúil, seachas cleachtas cainníochtúil, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030(13).

(3a)  Níl sé i gceist leis an gcleachtadh cáilíochtúil sin an bonn a bhaint d’aon éachtaí beartais de chuid an Aontais agus, thairis sin, aithníonn sé an t-éileamh méadaitheach ar shonraí is gá chun cuspóirí na ngníomhartha reachtacha a bhaineann leis an gclár oibre maidir le maoiniú inbhuanaithe a chomhlíonadh. Mar sin féin, is féidir le comhsheasmhacht agus caighdeánú thar chreataí dlíthiúla agus dlínsí agus le himeacht ama na ceanglais a dhéanamh níos inoibrithe gan difear a dhéanamh d’ábhar iarbhír na gcaighdeán tuairiscithe.

(3b)  Ba cheart anailís cháilíochtúil a dhéanamh freisin ar éagsúlachtaí sonraí idir na Ballstáit. Go háirithe, tá roinnt gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, de bhua a mbunúis dlí, ceaptha comhchuibhiú páirteach nó íosta a sholáthar. Ina theannta sin, tá roinnt caighdeán tuairiscithe deonach nó leanann siad córas um rogha a bheith páirteach. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit dea-chleachtais a fhorbairt nó a bheith ina gceannródaithe maidir le ceanglais tuairiscithe, ar choinníoll go gcloíonn siad leis na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha an Aontais.

(4)  Ceanglaítear ar institiúidí airgeadais agus ar eintitis eile atá gníomhach sna margaí airgeadais raon leathan faisnéise a thuairisciú chun cur ar chumas an Aontais agus na n-údarás náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar an gcóras airgeadais faireachán a dhéanamh ar rioscaí, cobhsaíocht airgeadais agus sláine an mhargaidh a áirithiú, agus infheisteoirí agus tomhaltóirí seirbhísí airgeadais san Aontas a chosaint. Ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus don Údarás Eorpach um Fhrithsciúradh Airgid athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus a mholadh, i gcás inarb iomchuí, ceanglais iomarcacha, ceanglais atá imithe i léig nó ceanglais dhíréireacha sna caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme ábhartha a chuíchóiriú agus a bhaint. Ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha▌ an obair sin a chomhordú trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach. ▌ Ina theannta sin, ba cheart athbhreithnithe piaraí ar údaráis inniúla a dhéanamh freisin chun éifeachtacht agus méid cóineasaithe na gceanglas sin a fheabhsú. Ba cheart na cúraimí faoin gcultúr maoirseachta coiteann chomh maith leis na hathbhreithnithe piaraí a dhéanamh ar bhonn seasta, ar cheart níos mó acmhainní daonna agus ábhartha a leithdháileadh ina leith de réir mar is gá.

(4a)  Eascraíonn cuid mhór de na ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach, imithe i léig nó díréireach as neamhréireachtaí ingearacha idir ceanglais na mBallstát agus ceanglais an Aontais (‘rórialáil’), neamhréireachtaí cothrománacha ar fud reachtaíocht earnáilsonrach agus thrasearnála, chomh maith le heaspa comhréireachta sna ceanglais féin. Dá bhrí sin, ní hamháin gur cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus don Údarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, ach ba cheart dóibh tuairimí a sholáthar freisin maidir leis na gnáthnósanna imeachta reachtacha leanúnacha agus na gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm cheana.

(4b)  Trí chomhroinnt agus athúsáid na faisnéise arna bailiú ag na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh san earnáil airgeadais a éascú, agus cosaint sonraí, rúndacht ghairmiúil agus maoin intleachtúil á gcoimirciú, ba cheart go laghdófaí an t-ualach ar eintitis tuairiscithe agus ar údaráis trí iarrataí dúblacha a sheachaint, i gcomhréir le straitéis an Choimisiúin maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais. Chomh maith leis sin, ba cheart go rannchuideoidh comhroinnt faisnéise le comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maoirseachta agus ar chóineasú maoirseachta.

(4c)  Chun malartú faisnéise a chothú ar fud na hearnála airgeadais ina hiomláine, ba cheart na húdaráis uile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh san earnáil airgeadais, lena n-áirítear BERS, ÚMEnna, ÚFA, SAM, BRA, chomh maith le gach údarás inniúil, maoirseachta agus réitigh faoi seach sna Ballstáit, a áireamh i raon feidhme an Rialacháin leasaithigh seo.

(5)  Chuige sin, ba cheart prionsabal ‘tuairisciú uair amháin’ a fhorfheidhmiú ar bhealach níos comhsheasmhaí san Aontas. Níor cheart do na húdaráis uileatá freagrach as maoirseacht san earnáil airgeadais▌faisnéis a iarraidh ar institiúidí airgeadais nó ar eintitis tuairiscithe eile ach amháin mura bhfuil an fhaisnéis sin tuairiscithe acu d’údaráis eile cheana féin. Má tuairiscíodh faisnéis d’údarás cheana féin, ba cheart d’údaráis eile a bheith in ann an fhaisnéis sin a iarraidh go díreach ar an údarás sin ▌, seachas ▌an fhaisnéis chéanna a bhailiú, lena gcuirfí deireadh le tuairisciú dúbailte ▌, mar a thugtar air ▌. Agus an cuspóir céanna acu, is é sin feabhas a chur ar éifeachtúlacht i mbailiú, próiseáil agus úsáid faisnéise, ba cheart d’údaráis a fheabhsaíonn faisnéis tríd an bhfaisnéis a ghlanadh nó a shaibhriú a bheith in ann faisnéis fheabhsaithe den sórt sin a chomhroinnt freisin.

(5a)  Roinnt pointí sonraí a bhfuil gá ag institiúidí airgeadais leo ó chuideachtaí chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, ní léirítear iad fós i gcreat tuairiscithe an Aontais agus ní mór iad a chur isteach. Dá bhrí sin, sa bhreis ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar cheanglais tuairiscithe atá iomarcach, dúblach nó imithe i léig, ba cheart bearnaí rialála a mheas. Fágann sin go bhfuil sé níos tábhachtaí fós comhsheasmhacht a áirithiú idir ceanglais tuairiscithe airgeadais agus neamhairgeadais.

(5b)  I gcás inarb ábhartha, ba cheart d’institiúidí airgeadais a bheith in ann brath ar chur chuige seicheamhach, rud a chiallaíonn gur cheart dóibh a bheith in ann tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis atá foilsithe cheana féin ag cuideachtaí ina slabhra luacha.

(5c)  Chun go n-éascófaí rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais a bhrath, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chosc agus a mhaolú, ba cheart rochtain a bheith ag BERS ar fhaisnéis ábhartha ó na ÚMEnna agus ó BCE mar réamhshocrú. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí rioscaí córasacha a bhrath ar bhealach níos fearr ar bhonn ex ante, seachas ex post, mar gheall ar nósanna imeachta iarratais agus comhroinnte níos déine.

(6)  Ba cheart comhroinnt faisnéise den sórt sin a bheith comhlántach leis na deiseanna atá ann cheana maidir le faisnéis a mhalartú dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, agus níor cheart di srian a chur ar na deiseanna sin atá ann cheana in aon chás.

(6a)  Ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha measúnú a dhéanamh ar roghanna beartais chun próisis tuairiscithe a chomhtháthú tuilleadh ó thaobh nós imeachta agus ábhair de. Ba cheart do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha measúnú cuí a dhéanamh ar na deiseanna a eascraíonn as méadú ar úsáid na teicneolaíochta digití chun formáidí éifeachtacha agus éifeachtúla a chur chun cinn ina gcuimsítear méadrachtaí, modhanna agus paraiméadair, lena gcothófar iomaíochas na hearnála airgeadais.

(6b)  I ndáil leis an méid sin, le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gCoimisiún agus ag na ÚMEnna maidir le féachaint an bhféadfaí córais tuairiscithe chomhtháite a bhunú. Tá gá le córais tuairiscithe nuálacha den sórt sin chun tairbhe a bhaint as méadú na comhroinnte sonraí idir na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh san earnáil airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis uile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh san earnáil airgeadais san Aontas Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú. Ba cheart go n-áireofaí sa chóras sin foclóir um shonraí comhchoiteanna lena n-áirithítear comhsheasmhacht agus soiléireacht ceanglas tuairiscithe agus caighdeánú sonraí, stór comhpháirteach na sonraí a iarradh agus a fuarthas, spás sonraí lárnach le haghaidh bailiú agus malartú éifeachtúil sonraí chomh maith le pointe tuairiscithe aonair chun é a chur ar a gcumas d’eintitis ceanglais tuairiscithe agus nochta atá dúbailte, imithe i léig nó iomarcach a shainaithint.

(6c)  Mar gheall ar bhacainní dlíthiúla i rialacháin earnála, ní féidir le húdaráis faisnéis ábhartha a mhalartú in amanna. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis sin na bacainní dlíthiúla sin a thuairisciú don Choimisiún agus ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, a mholadh go gcuirfí deireadh leis na bacainní sin, agus cearta maoine intleachtúla, rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí á n-urramú ag an am céanna.

(7)  Teastaíonn faisnéis chruinn agus chuimsitheach ón gCoimisiún chun beartais a fhorbairt, chun meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana agus chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear le linn na caibidlíochta ar thograí reachtacha. Má dhéanann údaráis faisnéis a chomhroinnt leis an gCoimisiún, faisnéis atá tuairiscithe ag institiúidí airgeadais nó eintitis eile do na húdaráis sin de bhun a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, ba cheart go gcuideodh sin le bonn fianaise-bhunaithe a chur ar fáil chun beartais an Aontais a fhoirmliú agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Chun na críche sin, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith i bhfoirm nach féidir eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. Féadfaidh údaráis tairbhe a bhaint freisin as sonraí anaithnidithe agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a chomhroinnt eatarthu féin i gcás inar gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

(8)  Tá dlús á chur le timthriallta nuálaíochta san earnáil airgeadais agus tá siad ag éirí níos oscailte agus níos comhoibríche. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis a bheith in ann faisnéis a chomhroinnt le hinstitiúidí airgeadais, le taighdeoirí agus le heintitis eile chun críoch taighde agus nuálaíochta thar an gcuspóir tosaigh ar bailíodh an fhaisnéis ina leith. Ba cheart do chomhroinnt na faisnéise sin atá i seilbh na n-údarás feabhas a chur ar a fhóntas tríd an bhfaisnéis atá ar fáil le haghaidh taighde san earnáil airgeadais a leathnú agus ba cheart di níos mó deiseanna a chur ar fáil chun táirgí agus samhlacha gnó a thástáil chomh maith le comhar níos fearr a chur ar fáil idir rannpháirtithe éagsúla sa mhargadh airgeadais, lena n-áirítear an teicneolaíocht airgeadais, gnólachtaí nuathionscanta agus institiúidí airgeadais reatha. Rialaítear athúsáid sonraí arna gcomhroinnt ag údarás inniúil leis an gcreat ginearálta le haghaidh athúsáid sonraí a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14). Mar sin féin, i bhfianaise íogaireacht na sonraí arna bhfáil ag na húdaráis san earnáil airgeadais chun críocha maoirseachta, ba cheart coinníollacha éigeantacha sonracha a thabhairt isteach maidir le hathúsáid na sonraí sin, lena n-áirítear anaithnidiú sonraí pearsanta agus neamhphearsanta nach bhféadfaí institiúidí airgeadais aonair a shainaithint ná faisnéis rúnda a chosaint dá mbarr. Dá bhrí sin, leanfaidh na nósanna imeachta agus na céimeanna uile i mbailiú, caighdeánú, anaithnidiú, stóráil agus comhroinnt sonraí de bheith faoi réir na mbeart cibearshlándála is déanaí a fhorordaítear le dlí an Aontais.

(9)  Ba cheart go laghdódh an t-athrú ar mhinicíocht an tuairiscithe ar Chlár InvestEU ag comhpháirtithe cur chun feidhme ó mhinicíocht leathbhliantúil go minicíocht bhliantúil ualach oibre na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, na n-idirghabhálaithe airgeadais, FBManna agus cuideachtaí eile gan aon cheann d'eilimintí substainteacha Rialachán (AE) 2021/523 a athrú.

(10)  Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2021/523 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 mar a leanas:

1.  In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

‘3. Gan dochar d’Airteagail 15 agus 16 agus do chur i bhfeidhm an dlí choiriúil, ní dhéanfar aon fhaisnéis rúnda arna fáil ag na daoine dá dtagraítear i mír 1 le linn a ndualgais a chomhlíonadh a nochtadh d’aon duine nó d’aon údarás, ach amháin i bhfoirm achomair nó chomhiomlán atá de chineál a fhágann nach féidir institiúidí airgeadais aonair a shainaithint.’;

"

1a.  In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go mír 7:"

‘1. Comhoibreoidh na ÚMEnna, an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC), an Coimisiún, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus na húdaráis staidrimh náisiúnta go dlúth leis an BERS trí chomhroinnt na faisnéise agus na hanailíse is gá chun a gcúraimí a bhaint amach.

2.  Déanfaidh BERS, ÚMEnna agus BCE a n-iarrachtaí a chomhordú chun rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais a bhrath, chun faireachán a dhéanamh orthu, chun iad a chosc agus a mhaolú. D’ainneoin forálacha eile maidir le comhroinnt faisnéise maoirseachta agus staidrimh sna míreanna leantacha den Airteagal seo agus i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais, roinnfidh na ÚMEnna agus BCE an fhaisnéis ábhartha uile gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh fáil uirthi, lena n-áirítear faisnéis mhaoirseachta agus staidrimh, mar aon le torthaí a n-anailíse ar an bhfaisnéis sin, le BERS, atá riachtanach chun a mhisean, a chuspóirí agus a chúraimí a bhaint amach.

Chun críocha an fhaisnéis sin a chomhroinnt, bainfidh ÚMEnna agus BCE úsáid as an gCóras Tuairiscithe Comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 15a, nuair a bhunófar é.

3.  I gcás nach leor nó nach bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil cheana féin do BERS trí na ÚMEnna, trí BCE agus tríd an gCóras Staidrimh Eorpach ar fáil go tráthúil, iarrfaidh BERS an fhaisnéis is gá chun a shainordú ó bhainc cheannais náisiúnta, ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ó údaráis staidrimh náisiúnta, a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis sin fós ar fáil, féadfaidh an BERS í a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann, ach sin gan dochar do na sainchumais a thugtar, faoi seach, don Chomhairle, don Choimisiún (Eurostat), do BCE, don Eurochóras agus don CEBC i réimse an staidrimh agus an bhailithe sonraí.

4.  Más rud é go n-iarrann an BERS, i gcomhréir le mír 3, faisnéis nach bhfuil i bhfoirm achomair ná i bhfoirm chomhiomlán, míneofar san iarraidh réasúnaithe cén fáth a meastar go bhfuil na sonraí maidir leis an institiúid airgeadais aonair faoi seach ábhartha go sistéimeach, agus riachtanach, ag féachaint do staid an mhargaidh atá i réim.

5.  Sula ndéanfar gach iarraidh i gcomhréir le mír 3 ar fhaisnéis de chineál maoirseachta nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm chomhiomlán, rachaidh BERS i gcomhairle go cuí leis na ÚMEnna ábhartha chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an iarraidh agus go bhfuil sí comhréireach. Má mheasann an ÚME ábhartha nach bhfuil údar maith leis an iarraidh agus nach bhfuil sí comhréireach, cuirfidh sé an iarraidh ar ais, gan mhoill, chuig BERS agus iarrfaidh sé údar breise. Tar éis do BERS an t-údar sin a thabhairt do ÚME ábhartha, déanfaidh na seolaithe ar díríodh an iarraidh chucu an fhaisnéis a iarrtar a tharchur chuig BERS, ar choinníoll go mbeidh rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha.’;

"

2.  in Airteagal 15, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:"

‘8. Comhroinnfidh BERS le ceann eile de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, le húdarás eile is comhalta de chuid CEMA nó leis na húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis a fuair sé ó údarás eile ▌de na húdaráis sin nó ó na húdaráis eile, nuair ▌ atá an t-údarás iarrthach i dteideal ▌an fhaisnéis ▌sin a fháil de bhun a mhisin, a chuspóirí, a chúraimí agus a chumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

Chun críocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhroinnt, bainfidh BERS úsáid as an gCóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 15a, nuair a bhunófar é.

8a.  Iarrfaidh BERS ar na húdaráis eile faisnéis a d’iarrfadh sé ar shlí eile ar institiúidí airgeadais nó ar údaráis inniúla eile, i gcás ina gcomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tá sé i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun a mhisin, a chuspóirí, a chúraimí agus a chumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;
   (b) go bhfuair ceann amháin ar a laghad de na húdaráis eile an fhaisnéis sin.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar don fhéidearthacht atá ag BERS an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile más rud é, ar chúiseanna oibríochtúla, nach bhfuil an t-údarás eile in ann na sonraí a roinnt.

Chun a chinneadh an gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), an chéad fhomhír, bainfidh BERS úsáid as an gCóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 15a, nuair a bhunófar é.

8b.  Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 15a, ciallaíonn ‘údaráis eile’ aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

   (a) na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha;
   (b) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
   (c) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
   (d) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
   (e) Bunaíodh ÚFA le Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15);
   (f) údaráis, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16);
   (g) SAM, mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2, de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
   (h) BRA;
   (i) údaráis réitigh náisiúnta, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 3, de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

9.   Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise de bhun mhír 8 an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údarás eile dá dtagraítear sa mhír sin. Beidh an t-údarás iarrthach agus BERS faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus na bhforálacha cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 8 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais nó údarás eile dá dtagraítear i mír 8 agus an t-údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir údarás eile dá dtagraítear sa mhír sin agus BERS. Cuirfidh BERS gach údarás ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin, mura ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, gan moill mhíchuí.

10.   Beidh feidhm ag míreanna 8, 8a agus 9 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag BERS ó údaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag BERS uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh BERS ar shlí eile.

11.   Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 8, 8a, 9 agus 10, déanfaidh BERS agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Sonróidh siad freisin socruithe maidir le hacmhainní a chomhroinnt chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, maoin intleachtúil agus rúndacht ghairmiúil. Leis na meabhráin tuisceana, beidh formáid shimplí chaighdeánaithe, trí chomhaontú idir na húdaráis uile lena mbaineann, curtha in oiriúint i gcás inar gá d’aon choinníollacha speisialta oibriúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis shonracha.

12.   Beidh míreanna 8, 9 agus 10 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir BERS agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil míreanna 8, 9 nó 10 ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis eile ▌, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin.

13.   Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le faisnéis a roinnt, féadfaidh BERS, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi agus ar bhonn cás ar chás, faisnéis a bheidh tuairiscithe ag údaráis eile dó de bhun a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais ▌ a chomhroinnt leis an gCoimisiún ▌ , i bhfoirm nach bhféadfar eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. Cuirfear na húdaráis a chuir an fhaisnéis sin isteach ar an eolas go cuí faoin gcomhroinnt a rinneadh.

14.   Féadfaidh BERS rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh BERS gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

   (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;
   (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla.
   (c) gur léirigh na páirtithe dár deonaíodh rochtain go bhfuil na modhanna teicniúla is gá acu chun faisnéis rúnda a chosaint, is é sin, tá ionstraimí acu atá in ann cosaint príobháideachais agus rúndachta a áirithiú go hiomlán.

Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ar an mbonn sin ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.

14a.  Déanfaidh BERs, faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le gach bacainn dhlíthiúil i rialacháin earnála a chuireann cosc ar BERS faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó neamhábhartha ar bhealach eile.

Ar bhonn na tuarascála sin agus aird chuí á tabhairt aige ar chosaint ceart maoine intleachtúla, ar na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus ar chosaint sonraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun bacainní dlí den sórt sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus eintitis eile a chothú faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

2a.  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 15a

Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú

1.  Faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ullmhóidh BERS, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile, tuarascáil ar na mionsonraí teicniúla a bhaineann le Córas um Thuairisciú Comhtháite Aonair a bhunú chomh maith le treochlár, bunaithe ar an obair maidir le comhtháthú an tuairiscithe ag ÚMEnna laistigh dá n-earnálacha agus beidh measúnú ar chostais agus ar shochair san áireamh ann. Chun críocha na tuarascála sin, áireofar an méid seo a leanas sa Chóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair:

   (a) foclóir um shonraí comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí a áirithiú;
   (b) stór comhpháirteach de na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh, de na tuairiscí ar na sonraí a bailíodh agus de na húdaráis a shealbhaíonn iad;
   (c) spás lárnach sonraí lena n-áirítear an dearadh teicniúil chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú; agus
   (d) pointe teagmhála aonair buan d’eintitis chun cásanna tuairiscithe dhúbailte, agus tuairisciú iomarcach nó imithe i léig nó ceanglais maidir le nochtadh, a chur in iúl.

I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, beidh meastachán ar an tionchar airgeadais foriomlán ag gabháil leis an tuarascáil.

Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá a áirithiú chun an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Déanfaidh BERS, i gcomhar leis na húdaráis eile, Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin: [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’.

"

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

-1.  Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 16a(1):"

‘Ní bheidh tuairimí an Údaráis teoranta do nósanna imeachta reachtacha leanúnacha. Féadfaidh an tÚdarás freisin leasuithe ar ghníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm a mholadh ina thuairimí, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear na leasuithe seo a leanas:

   (a) deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó le trasuí náisiúnta dhlí an Aontais ag na Ballstáit;
   (b) ceanglais chomhsheasmhacha tuairiscithe agus nochta a áirithiú ar fud reachtaíocht earnáilsonrach, chomh maith le reachtaíocht trasearnála;
   (c) chun comhréireacht sna ceanglais tuairiscithe agus nochta a áirithiú i ndáil le cineál, méid agus castacht an eintitis tuairiscithe;
   (d) a áirithiú go bhfuil comhlíonadh na gceanglas maidir le tuairisciú agus nochtadh i gcomhréir leis an mbreisluach a ghabhann le comhlíonadh chúraimí agus chuspóirí an Údaráis.

Chun críocha na dtuairimí maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an tÚdarás aird chuí ar ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile trí chomhairliúchán tiomnaithe. Ar bhonn na dtuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’;

"

1.  in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):"

‘(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí, agus inúsáidteacht agus cáilíocht na sonraí á n-áirithiú ag an am céanna, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

   deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá imithe i léig;
   ceanglais chomhréireacha agus chaighdeánaithe maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú;
   costais a íoslaghdú;
   aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála;’;

"

2.  in Airteagal 30(3), cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:"

‘(e) éifeachtacht na gceanglas náisiúnta tuairiscithe agus nochta agus méid chóineasaithe na gceanglas sin leis na ceanglais a leagtar amach i ndlí an Aontais agus a oiriúnaí atá siad chun na caighdeáin a bhunaítear ann a chomhlíonadh, agus saintréithe sonracha dlínsí airgeadais náisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna.’;

"

3.  in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

‘4. Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach mbeidh aon dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1b) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.; 

"

4.  cuirtear an tAirteagal 35a seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 35a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.   Comhroinnfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla leis na húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile, nuair atá an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil, de bhun a mhisin, a chuspóirí, a chúraimí agus a chumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

2.   Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach institiúid airgeadais ábhartha ar an eolas ▌ faoin malartú faisnéise sin, mura ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, gan moill mhíchuí.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 1a agus 2 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó institiúid airgeadais nó ó na húdaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile.

4.   Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 1a, 2 agus 3, déanfaidh an t-Údarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Sonróidh siad freisin socruithe maidir le hacmhainní a chomhroinnt chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, maoin intleachtúil agus rúndacht ghairmiúil. Leis na meabhráin tuisceana, beidh formáid shimplí chaighdeánaithe, trí chomhaontú idir na húdaráis uile lena mbaineann, curtha in oiriúint i gcás inar gá d’aon choinníollacha speisialta oibriúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis shonracha.

5.   Beidh míreanna 1 go 4 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile ▌ i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis eile, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin.

6.   Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún ▌, ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag institiúidí airgeadais dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais, i bhfoirm nach bhféadfar eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. Cuirfear na húdaráis a chuir an fhaisnéis sin isteach ar an eolas go cuí faoin gcomhroinnt a rinneadh.

7.   Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

   (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;
   (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla.

Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ar an mbonn sin ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.

7a.  Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, faoin... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le gach bacainn dhlíthiúil i rialacháin earnála a chuireann cosc orthu faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar a áireamh sa tuarascáil freisin ceanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó ceanglais nach bhfuil ábhartha ar bhealach eile, agus moltaí maidir le comhsheasmhacht a áirithiú idir ceanglais tuairiscithe cuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais.

Ar bhonn na tuarascála sin agus aird chuí á tabhairt aige ar chosaint ceart maoine intleachtúla, ar na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus ar chosaint sonraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun bacainní dlí den sórt sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus eintitis eile a chothú faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

4a.  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 35b

Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú

1.  Faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ullmhóidh an tÚdarás, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile agus le CEBC, tuarascáil ar na mionsonraí teicniúla a bhaineann le Córas um Thuairisciú Comhtháite Aonair a bhunú chomh maith le treochlár, bunaithe ar an obair maidir le comhtháthú an tuairiscithe ag ÚMEnna laistigh dá n-earnálacha agus beidh measúnú ar chostais agus ar shochair san áireamh ann. Chun críocha na tuarascála sin, áireofar an méid seo a leanas sa Chóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair:

   (a) foclóir um shonraí comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí a áirithiú;
   (b) stór comhpháirteach de na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh, de na tuairiscí ar na sonraí a bailíodh agus de na húdaráis a shealbhaíonn iad;
   (c) spás lárnach sonraí lena n-áirítear an dearadh teicniúil chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú; agus
   (d) pointe teagmhála aonair buan d’eintitis chun cásanna tuairiscithe dhúbailte, agus tuairisciú iomarcach nó imithe i léig nó ceanglais maidir le nochtadh, a chur in iúl.

I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, beidh meastachán ar an tionchar airgeadais foriomlán ag gabháil leis an tuarascáil.

Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá a áirithiú chun an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis na húdaráis eile, Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin: [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

4b.  in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. Comhoibreoidh an tÚdarás in éineacht leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), an Coimisiún, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus na húdaráis staidrimh náisiúnta go dlúth leis an BERS trí chomhroinnt na faisnéise agus na hanailíse is gá chun a gcúraimí a bhaint amach.

Déanfaidh an tÚdarás in éineacht le BERS agus BCE a n-iarrachtaí a chomhordú chun rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais a bhrath, chun faireachán a dhéanamh orthu, chun iad a chosc agus a mhaolú.

Comhlíonfaidh an tÚdarás, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, na forálacha a leagtar amach maidir le comhroinnt sonraí.

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis an BERS, nósanna imeachta inmheánacha leordhóthanacha a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le hinstitiúidí airgeadais aonair.’;

"

5.  in Airteagal 54(2), cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:"

‘ — ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó institiúidí airgeadais.’;

"

6.  In Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

‘3. Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1b) — i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.’.

"

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 mar a leanas:

-1.  Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 16a(1):"

‘Ní bheidh tuairimí an Údaráis teoranta do nósanna imeachta reachtacha leanúnacha. Féadfaidh an tÚdarás freisin leasuithe ar ghníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm a mholadh ina thuairimí, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear na leasuithe seo a leanas:

   (a) chun deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó le trasuí náisiúnta dhlí an Aontais ag na Ballstáit;
   (b) chun ceanglais chomhsheasmhacha tuairiscithe agus nochta a áirithiú ar fud reachtaíocht earnáilsonrach, chomh maith le reachtaíocht trasearnála;
   (c) chun comhréireacht sna ceanglais tuairiscithe agus nochta a áirithiú i ndáil le cineál, méid agus castacht an eintitis tuairiscithe;
   (d) chun a áirithiú go bhfuil comhlíonadh na gceanglas maidir le tuairisciú agus nochtadh i gcomhréir leis an mbreisluach a ghabhann le comhlíonadh chúraimí agus chuspóirí an Údaráis.

Chun críocha na dtuairimí maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an tÚdarás aird chuí ar ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile trí chomhairliúchán tiomnaithe. Ar bhonn na dtuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’;

"

1.  in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):"

‘(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí, agus inúsáidteacht agus cáilíocht na sonraí á n-áirithiú ag an am céanna, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

   deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá imithe i léig;
   ceanglais chomhréireacha agus chaighdeánaithe maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú;
   costais a íoslaghdú;
   aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála;’;

"

2.  in Airteagal 30(3), cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:"

‘(e) éifeachtacht na gceanglas náisiúnta tuairiscithe agus nochta agus méid chóineasaithe na gceanglas sin leis na ceanglais a leagtar amach i ndlí an Aontais agus a oiriúnaí atá siad chun na caighdeáin a bhunaítear ann a chomhlíonadh, agus saintréithe sonracha dlínsí airgeadais náisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna.’;

"

3.  in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

‘4.  Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach mbeidh dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1b) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’; 

"

4.  cuirtear an tAirteagal 35a seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 35a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.   Comhroinnfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla leis na húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile, nuair atá an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil, de bhun a mhisin, a chuspóirí, a chúraimí agus a chumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

Chun críocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhroinnt, úsáidfidh an tÚdarás nó an t-údarás inniúil an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 35b, nuair a bhunófar é.

1a.  Beidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla araon in ann faisnéis a iarraidh ar na húdaráis eile a d’iarrfaidís ar shlí eile ar institiúidí airgeadais nó ar údaráis inniúla eile, i gcás ina gcomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tá siad i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun a misin, a gcuspóirí, a gcúraimí agus a gcumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;
   (b) go bhfuair ceann amháin ar a laghad de na húdaráis eile an fhaisnéis sin.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar don fhéidearthacht atá ag an Údarás agus ag na húdaráis inniúla an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile más rud é, ar chúiseanna oibríochtúla, nach bhfuil an t-údarás eile in ann na sonraí a roinnt.

Chun a chinneadh an gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), an chéad fhomhír, bainfidh an tÚdarás nó na húdaráis inniúla úsáid as an gCóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 35b, nuair a bhunófar é.

1b.  Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35b agus Airteagal 70(3), ciallaíonn ‘údaráis eile’ aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

   (a) Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile;
   (b) BERS;
   (c) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4 den Rialachán seo;
   (d) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
   (e) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
   (f) Bunaíodh ÚFA le Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17);
   (g) údaráis, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18);
   (h) SAM, mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2, de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
   (i) BRA;
   (j) údaráis réitigh náisiúnta, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 3, de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ ‘institiúid airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

2.   Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach institiúid airgeadais ábhartha ▌ar an eolas faoin malartú faisnéise sin, mura ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, gan moill mhíchuí.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 1a agus 2 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó institiúid airgeadais nó ó na húdaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile.

4.   Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 1a, 2 agus 3, déanfaidh an t-Údarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Déanfaidh siad socruithe a shonrú freisin maidir le comhroinnt acmhainní chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil. Leis na meabhráin tuisceana, beidh formáid shimplí chaighdeánaithe, trí chomhaontú idir na húdaráis uile lena mbaineann, curtha in oiriúint i gcás inar gá d’aon choinníollacha speisialta oibriúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis shonracha.

5.   Beidh míreanna 1 go 4 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile ▌ i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis eile ▌, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin.

6.   Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún ▌, ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag institiúidí airgeadais dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais, ▌ i bhfoirm nach bhféadfar eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti.

7.  Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

   (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;
   (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla.

Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ar an mbonn sin ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach. ’;

7a.  Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le gach bacainn dhlíthiúil i rialacháin earnála a chuireann cosc orthu faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó ceanglais nach bhfuil ábhartha ar bhealach eile, agus moltaí chun comhsheasmhacht a áirithiú idir ceanglais tuairiscithe cuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais.

Ar bhonn na tuarascála sin agus aird chuí á tabhairt aige ar chosaint ceart maoine intleachtúla, ar na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus ar chosaint sonraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun bacainní dlí den sórt sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus eintitis eile a chothú faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

4a.  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 35b

Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú

1.  Faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ullmhóidh an tÚdarás, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile agus le CEBC, tuarascáil ar na mionsonraí teicniúla a bhaineann le Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú chomh maith le treochlár, bunaithe ar an obair maidir le comhtháthú an tuairiscithe ag ÚMEnna laistigh dá n-earnálacha agus beidh measúnú ar chostais agus ar shochair san áireamh ann. Chun críocha na tuarascála sin, áireofar an méid seo a leanas sa Chóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair:

   (a) foclóir um shonraí comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí a áirithiú;
   (b) stór comhpháirteach de na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh, de na tuairiscí ar na sonraí a bailíodh agus de na húdaráis a shealbhaíonn iad;
   (c) spás lárnach sonraí lena n-áirítear an dearadh teicniúil chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú; agus
   (d) pointe teagmhála aonair buan d’eintitis chun cás tuairiscithe dhúbailte, agus ceanglais tuairiscithe nó nochta atá iomarcach nó imithe i léig, a chur in iúl.

I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, beidh meastachán ar an tionchar airgeadais foriomlán ag gabháil leis an tuarascáil.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá a áirithiú chun an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis na húdaráis eile, Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

4b.  in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

2. Comhoibreoidh an tÚdarás in éineacht leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), an Coimisiún, na húdaráis náisiúnta inniúla agus na húdaráis staidrimh náisiúnta go dlúth le BERS trí chomhroinnt na faisnéise agus na hanailíse is gá chun a gcúraimí a bhaint amach.

Déanfaidh an tÚdarás in éineacht le BERS agus BCE a n-iarrachtaí a chomhordú chun rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais a bhrath, chun faireachán a dhéanamh orthu, chun iad a chosc agus a mhaolú.

Comhlíonfaidh an tÚdarás, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, na forálacha a leagtar amach maidir le comhroinnt sonraí.

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, nósanna imeachta inmheánacha leormhaithe a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le hinstitiúidí airgeadais aonair.’;

"

5.  in Airteagal 54(2), cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:"

‘ — ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó institiúidí airgeadais.’;

"

6.  in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

‘3. Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1b) i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.’

"

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

-1.  Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 16a(1):"

‘Ní bheidh tuairimí an Údaráis teoranta do nósanna imeachta reachtacha leanúnacha. Féadfaidh an tÚdarás freisin leasuithe ar ghníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm a mholadh ina thuairimí, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear leasuithe:

   (a) deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó le trasuí náisiúnta dhlí an Aontais ag na Ballstáit;
   (b) ceanglais chomhsheasmhacha tuairiscithe agus nochta a áirithiú ar fud reachtaíocht earnáilsonrach, chomh maith le reachtaíocht trasearnála;
   (c) chun comhréireacht sna ceanglais tuairiscithe agus nochta a áirithiú i ndáil le cineál, méid agus castacht an eintitis tuairiscithe;
   (d) chun a áirithiú go bhfuil comhlíonadh na gceanglas maidir le tuairisciú agus nochtadh i gcomhréir leis an mbreisluach a ghabhann le comhlíonadh chúraimí agus chuspóirí an Údaráis.

Chun críocha na dtuairimí maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an tÚdarás aird chuí ar ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile trí chomhairliúchán tiomnaithe. Ar bhonn na dtuairimí sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’;

"

1.  in Airteagal 29(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):"

‘(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí, agus inúsáidteacht agus cáilíocht na sonraí á n-áirithiú ag an am céanna, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

   deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig;
   ceanglais chomhréireacha agus chaighdeánaithe maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú;
   costais a íoslaghdú;
   aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála;’;

"

2.  in Airteagal 30(3), cuirtear isteach an pointe (e) seo a leanas:"

‘(e) éifeachtacht na gceanglas náisiúnta tuairiscithe agus nochta agus méid chóineasaithe na gceanglas sin leis na ceanglais a leagtar amach i ndlí an Aontais agus a oiriúnaí atá siad chun na caighdeáin a bhunaítear ann a chomhlíonadh, agus saintréithe sonracha dlínsí airgeadais náisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna.’;

"

3.  in Airteagal 35, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

‘4. Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach mbeidh dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1b) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’; 

"

4.  cuirtear an tAirteagal 35a seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 35a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile 

1.   Comhroinnfidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla le húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile, sa chás go bhfuil t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil, de bhun a mhisin, a chuspóirí, a chúraimí agus a chumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

Chun críocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhroinnt, úsáidfidh an tÚdarás nó an t-údarás inniúil an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 35b, nuair a bhunófar é.

1a.  Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla araon faisnéis a iarraidh ar na húdaráis eile a d’iarrfaidís ar shlí eile ar institiúidí airgeadais nó ar údaráis inniúla eile i gcás ina gcomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tá siad i dteideal an fhaisnéis sin a fháil de bhun a misin, a gcuspóirí, a gcúraimí agus a gcumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;
   (b) go bhfuair ceann amháin ar a laghad de na húdaráis eile an fhaisnéis sin.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar don fhéidearthacht atá ag an Údarás agus ag na húdaráis inniúla an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile más rud é, ar chúiseanna oibríochtúla, nach bhfuil an t-údarás eile in ann na sonraí a roinnt.

Chun a chinneadh an gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), an chéad fhomhír, bainfidh an tÚdarás nó na húdaráis inniúla úsáid as an gCóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 35b, nuair a bhunófar é.

1b.  Chun críocha an Airteagail seo, Airteagal 35b agus Airteagal 70(3), ciallaíonn ‘údaráis eile’ aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

   (a) Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha eile;
   (b) BERS;
   (c) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4 den Rialachán seo;
   (d) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
   (e) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
   (f) ÚSAC, arna bhunú le Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19);
   (g) údaráis, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20);
   (h) SAM, mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2, de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
   (i) BRA;
   (j) údaráis réitigh náisiúnta, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 3, de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ ‘institiúid airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

2.   Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 70 agus 71 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach institiúid airgeadais ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin, mura ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, gan moill mhíchuí.

3.  Beidh feidhm ag míreanna 1, 1a agus 2 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó institiúid airgeadais nó ó na húdaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile.

4.  Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 1a, 2 agus 3, déanfaidh an t-Údarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Sonróidh siad freisin socruithe maidir le hacmhainní a chomhroinnt chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, ar choinníoll go gcomhlíonann na socruithe sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, maoin intleachtúil agus rúndacht ghairmiúil. Leis na meabhráin tuisceana, beidh formáid shimplí chaighdeánaithe, trí chomhaontú idir na húdaráis uile lena mbaineann, curtha in oiriúint i gcás inar gá d’aon choinníollacha speisialta oibriúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis shonracha. 

5.  Beidh míreanna 1 go 4 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile ▌ i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis eile ▌, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin.

6.  Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún ▌, ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag institiúidí airgeadais dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais, ▌ i bhfoirm nach bhféadfar eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. Cuirfear na húdaráis a chuir an fhaisnéis sin isteach ar an eolas go cuí faoin gcomhroinnt a rinneadh.

7.  Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

   (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;
   (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla;
   (c) gur léirigh na páirtithe dár deonaíodh rochtain go bhfuil na modhanna teicniúla is gá acu chun faisnéis rúnda a chosaint, is é sin, tá ionstraimí acu atá in ann cosaint príobháideachais agus rúndachta a áirithiú go hiomlán.

Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ar an mbonn sin ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.’;

7a.  Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le gach bacainn dhlíthiúil i rialacháin earnála a chuireann cosc orthu faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó ceanglais nach bhfuil ábhartha ar bhealach eile, agus moltaí chun comhsheasmhacht a áirithiú idir ceanglais tuairiscithe cuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais.

Ar bhonn na tuarascála sin agus aird chuí á tabhairt aige ar chosaint ceart maoine intleachtúla, ar na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus ar chosaint sonraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun bacainní dlí den sórt sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus eintitis eile a chothú faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

4a.  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 35b

Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú

1.  Faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ullmhóidh an tÚdarás, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile agus le CEBC, tuarascáil ar na mionsonraí teicniúla a bhaineann le Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú chomh maith le treochlár, bunaithe ar an obair maidir le comhtháthú an tuairiscithe ag ÚMEnna laistigh dá n-earnálacha agus beidh measúnú ar chostais agus ar shochair san áireamh ann. Chun críocha na tuarascála sin, áireofar an méid seo a leanas sa Chóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair:

   (a) foclóir um shonraí comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí a áirithiú;
   (b) stór comhpháirteach de na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh, de na tuairiscí ar na sonraí a bailíodh agus de na húdaráis a shealbhaíonn iad;
   (c) spás lárnach sonraí lena n-áirítear an dearadh teicniúil chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú; agus
   (d) pointe teagmhála aonair buan d’eintitis chun cásanna tuairiscithe dhúbailte, agus tuairisciú iomarcach nó imithe i léig nó ceanglais maidir le nochtadh, a chur in iúl.

I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, beidh meastachán ar an tionchar airgeadais foriomlán ag gabháil leis an tuarascáil.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá a áirithiú chun an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis na húdaráis eile, Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

4b.  in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. Comhoibreoidh an tÚdarás in éineacht leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), an Coimisiún, na húdaráis náisiúnta inniúla agus na húdaráis staidrimh náisiúnta go dlúth le BERS trí chomhroinnt na faisnéise agus na hanailíse is gá chun a gcúraimí a bhaint amach.

Déanfaidh an tÚdarás in éineacht le BERS agus BCE a n-iarrachtaí a chomhordú chun rioscaí sistéamacha don chobhsaíocht airgeadais a bhrath, chun faireachán a dhéanamh orthu, chun iad a chosc agus a mhaolú.

Comhlíonfaidh an tÚdarás, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) go (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, na forálacha a leagtar amach maidir le comhroinnt sonraí.

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar le BERS, nósanna imeachta inmheánacha leormhaithe a chur i bhfeidhm maidir le tarchur faisnéise rúnda, go háirithe faisnéis i dtaca le hinstitiúidí airgeadais aonair.’;

"

5.  in Airteagal 54(2), cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:"

‘ — ceanglais tuairiscithe agus nochta agus bailiú na faisnéise ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.’;

"

6.  in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

‘3. Ní chuirfidh míreanna 1 ná 2 cosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 35a(1b) i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais.’.

"

Airteagal 4a

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014

Cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014:"

‘Airteagal 34a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.  Comhroinnfidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta leis na húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile, nuair atá an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil, de bhun a mhisin, a chuspóirí, a chúraimí agus a chumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

Chun críocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhroinnt, úsáidfidh an Bord nó na húdaráis réitigh náisiúnta an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 34b, nuair a bhunófar é.

2.  Déanfaidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta araon faisnéis a iarraidh ar na húdaráis eile a d’iarrfaidís ar shlí eile ar institiúidí airgeadais nó ar údaráis inniúla eile, i gcás ina gcomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tá siad i dteideal an fhaisnéis sin a fháil, de bhun a misin, a gcuspóirí, a gcúraimí agus a gcumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;
   (b) go bhfuair ceann amháin ar a laghad de na húdaráis eile an fhaisnéis sin.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar don fhéidearthacht atá ag an mBord agus ag na húdaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis a iarrtar a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile más rud é, ar chúiseanna oibríochtúla, nach bhfuil an t-údarás eile in ann na sonraí a chomhroinnt.

Chun a chinneadh an gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), an chéad fhomhír, bainfidh an Bord úsáid as an gCóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 34b, nuair a bhunófar é.

3.  Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 34b, ciallaíonn ‘údaráis eile’ aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

   (a) na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha;
   (b) BERS;
   (c) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
   (d) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
   (e) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
   (f) ÚSAC, arna bhunú le Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21);
   (g) údaráis, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22)
   (h) SAM, mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2, de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
   (i) údaráis réitigh náisiúnta, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 3.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ ‘institiúid airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

4.  Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 88 agus 89 agus i reachtaíocht earnálach is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an institiúid airgeadais agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach institiúid airgeadais ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin, mura ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, gan moill mhíchuí.

5.  Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 4 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó institiúid airgeadais nó ó na húdaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile.

6.  Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 4 agus 5, déanfaidh an Bord agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Sonróidh siad freisin socruithe maidir le hacmhainní a chomhroinnt chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, maoin intleachtúil agus rúndacht ghairmiúil. Leis na meabhráin tuisceana, beidh formáid shimplí chaighdeánaithe, trí chomhaontú idir na húdaráis uile lena mbaineann, curtha in oiriúint nuair is gá d’aon choinníollacha speisialta oibriúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis shonracha.

7.  Beidh míreanna 1 go 6 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an Bord agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha sa Rialachán seo nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis eile, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin.

8.  Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, féadfaidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún, ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag institiúidí airgeadais dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais, i bhfoirm nach bhféadfar eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. Cuirfear na húdaráis a chuir an fhaisnéis sin isteach ar an eolas go cuí faoin gcomhroinnt a rinneadh.

9.  Féadfaidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag institiúidí airgeadais, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an Bord gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

   (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí nó an institiúid airgeadais a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;
   (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla;
   (c) gur léirigh na páirtithe dár deonaíodh rochtain go bhfuil na modhanna teicniúla is gá acu chun faisnéis rúnda a chosaint, is é sin, tá ionstraimí acu atá in ann cosaint príobháideachais agus rúndachta a áirithiú go hiomlán.

Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ar an mbonn sin ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.

10.  Déanfaidh an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh an méid seo a leanas, faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le gach bacainn dhlíthiúil i rialacháin earnála a chuireann cosc ar an mBord faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó ceanglais nach bhfuil ábhartha ar bhealach eile, agus moltaí chun comhsheasmhacht a áirithiú idir ceanglais tuairiscithe cuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais.

Ar bhonn na tuarascála sin agus aird chuí á tabhairt aige ar chosaint ceart maoine intleachtúla, ar na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus ar chosaint sonraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun bacainní dlí den sórt sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus eintitis eile a chothú faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Airteagal 34b

Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú

1.  Faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ullmhóidh an Bord, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile, tuarascáil ar na mionsonraí teicniúla a bhaineann le Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú chomh maith le treochlár, bunaithe ar an obair maidir le comhtháthú an tuairiscithe ag ÚMEnna laistigh dá n-earnálacha agus beidh measúnú ar chostais agus ar shochair san áireamh ann. Chun críocha na tuarascála sin, áireofar an méid seo a leanas sa Chóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair:

   (a) foclóir um shonraí comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí a áirithiú;
   (b) stór comhpháirteach de na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh, de na tuairiscí ar na sonraí a bailíodh agus de na húdaráis a shealbhaíonn iad;
   (c) spás lárnach sonraí lena n-áirítear an dearadh teicniúil chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú; agus
   (d) pointe teagmhála aonair buan d’eintitis chun cásanna tuairiscithe dhúbailte, agus tuairisciú iomarcach nó imithe i léig nó ceanglais maidir le nochtadh, a chur in iúl.

2.  I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, beidh meastachán ar an tionchar airgeadais foriomlán ag gabháil leis an tuarascáil.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá a áirithiú chun an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Déanfaidh an Bord, i gcomhar leis na húdaráis eile, Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

Airteagal 4b

Leasuithe ar Rialachán (AE) …/… lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid

Leasaítear Rialachán (AE) …/...(23) mar a leanas:

1.  cuirtear an pointe (d) a leanas le hAirteagal 10(2):"

'(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí, agus inúsáidteacht agus cáilíocht na sonraí á n-áirithiú ag an am céanna, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

   deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá imithe i léig;
   ceanglais chomhréireacha agus chaighdeánaithe maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú;
   costais a íoslaghdú;
   aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála;’;

"

2.  in Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

'3a. Sula n-iarrfaidh an tÚdarás faisnéis i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus chun a áirithiú nach mbeidh dúbailt ar na hoibleagáidí tuairiscithe agus nochta, cuirfidh sé san áireamh faisnéis arna bailiú ag na húdaráis eile dá dtagraítear in Airteagal 16a(3) agus aon staidreamh ábhartha atá ann cheana féin, arna ullmhú agus arna scaipeadh ag an gCóras Eorpach um Staidreamh agus ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais.’;

"

3.  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 16a

Malartú faisnéise idir údaráis agus le heintitis eile

1.  Comhroinnfidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta leis na húdaráis eile, ar bhonn cás ar chás nó ar bhonn rialta, faisnéis arna fáil acu ó eintiteas faoi oibleagáid nó ó údaráis inniúla eile, sa chás go bhfuil an t-údarás iarrthach i dteideal an fhaisnéis sin a fháil, de bhun a mhisin, a chuspóirí, a chúraimí agus a chumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

Chun críocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhroinnt, úsáidfidh an tÚdarás nó an t-údarás maoirseachta an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 16b, nuair a bhunófar é.

2.  Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta araon faisnéis a iarraidh ar na húdaráis eile a d’iarrfaidís ar shlí eile ar eintitis faoi oibleagáid nó ar údaráis inniúla eile, i gcás ina gcomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

   (a) tá siad i dteideal an fhaisnéis sin a fháil, de bhun a misin, a gcuspóirí, a gcúraimí agus a gcumhachtaí nó i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;
   (b) go bhfuair ceann amháin ar a laghad de na húdaráis eile an fhaisnéis sin.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar don fhéidearthacht atá ag an Údarás agus ag na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó údaráis inniúla eile más rud é, ar chúiseanna oibríochtúla, nach bhfuil an t-údarás eile in ann na sonraí a chomhroinnt.

Chun a chinneadh an gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), an chéad fhomhír, bainfidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta úsáid as an gCóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair dá dtagraítear in Airteagal 16b, nuair a bhunófar é.

3.  Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 16(3a) agus Airteagal 16b, ciallaíonn ‘údaráis eile’ aon cheann de na húdaráis seo a leanas:

   (a) na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha;
   (b) BERS;
   (c) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
   (d) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;
   (e) údaráis inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 4, de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
   (f) údaráis, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24);
   (g) údaráis náisiúnta inniúla, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
   (h) BRA;
   (i) údaráis réitigh náisiúnta, mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.
   (j) SAM, mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2, de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ ‘institiúid airgeadais’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010.

4.  Léireofar go cuí san iarraidh ar mhalartú faisnéise an bunús dlí faoi dhlí an Aontais lena gceadaítear don údarás iarrthach an fhaisnéis a fháil ó eintitis faoi oibleagáid nó ó údaráis inniúla eile. Beidh an t-údarás iarrthach agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis faoi réir na n-oibleagáidí rúndachta gairmiúla agus cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagail 75 agus 84 agus i reachtaíocht earnála is infheidhme maidir le sonraí a chomhroinnt idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an t-údarás iarrthach, agus maidir le sonraí a chomhroinnt idir an t-eintiteas faoi oibleagáid agus an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis. Cuirfidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis gach eintiteas faoi oibleagáid ábhartha ar an eolas faoin malartú faisnéise sin, mura ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, gan moill mhíchuí.

5.  Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 4 freisin maidir le faisnéis arna fáil ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ó eintiteas faoi oibleagáid nó ó na húdaráis eile agus a mbeidh seiceálacha cáilíochta déanta ag an údarás a chomhroinneann an fhaisnéis uirthi ina dhiaidh sin nó a phróiseálfaidh an t-údarás a chomhroinneann an fhaisnéis ar shlí eile.

6.  Maidir le comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 4 agus 5, déanfaidh an t-Údarás agus na húdaráis eile meabhráin tuisceana chun módúlachtaí an mhalartaithe faisnéise a shonrú. Sonróidh siad freisin socruithe maidir le hacmhainní a chomhroinnt chun sonraí comhroinnte den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí, maoin intleachtúil agus rúndacht ghairmiúil. Leis na meabhráin tuisceana, beidh formáid shimplí chaighdeánaithe, trí chomhaontú idir na húdaráis uile lena mbaineann, curtha in oiriúint i gcás inar gá d’aon choinníollacha speisialta oibriúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le húdaráis shonracha.

7.  Beidh míreanna 1 go 6 gan dochar do chosaint ceart maoine intleachtúla agus ní chuirfidh siad cosc ná srian ar mhalartú faisnéise idir an tÚdarás agus na húdaráis eile i gcomhréir le forálacha i reachtaíocht eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil na forálacha san Airteagal seo ar neamhréir le forálacha sa Rialachán seo nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise idir na húdaráis eile, beidh forlámhas ag na forálacha sa reachtaíocht eile sin.

8.  Gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le comhroinnt faisnéise, féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta, ar iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil, faisnéis a chomhroinnt ar bhonn cás ar chás leis an gCoimisiún, ar faisnéis í a bheidh tuairiscithe ag eintiteas faoi oibleagáid dóibh de bhun a ndualgas faoi dhlí an Aontais, i bhfoirm nach bhféadfar eintitis aonair a shainaithint léi agus nach bhfuil sonraí pearsanta inti. Cuirfear na húdaráis a chuir an fhaisnéis sin isteach ar an eolas go cuí faoin gcomhroinnt a rinneadh.

9.  Féadfaidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta rochtain a dheonú ar fhaisnéis arna fáil agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu lena hathúsáid ag eintitis faoi oibleagáid, ag taighdeoirí agus ag eintitis eile a bhfuil leas dlisteanach acu san fhaisnéis sin chun críoch taighde agus nuálaíochta, ar choinníoll go n-áiritheoidh an tÚdarás nó na húdaráis mhaoirseachta gur comhlíonadh na nithe uile seo a leanas:

   (a) go ndearnadh an fhaisnéis a anaithnidiú, ar bhealach nach féidir an t-ábhar sonraí nó an t-eintiteas faoi oibleagáid a shainaithint, nó nach féidir iad a shainaithint a thuilleadh;
   (b) go ndearnadh an fhaisnéis a mhodhnú, a chomhiomlánú nó a láimhseáil trí aon mhodh eile rialaithe maidir le nochtadh chun faisnéis rúnda a chosaint, lena n-áirítear rúin trádála nó inneachar a chumhdaítear le cearta maoine intleachtúla;
   (c) gur léirigh na páirtithe dár deonaíodh rochtain go bhfuil na modhanna teicniúla is gá acu chun faisnéis rúnda a chosaint, is é sin, tá ionstraimí acu atá in ann cosaint príobháideachais agus rúndachta a áirithiú go hiomlán.

Ní dhéanfar faisnéis arna fáil ó údarás eile a chomhroinnt ar an mbonn sin ach amháin le comhaontú an údaráis a fuair an fhaisnéis i dtosach.

10.  Déanfaidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta an méid seo a leanas, faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir le gach bacainn dhlíthiúil i rialacháin earnála a chuireann cosc orthu faisnéis a mhalartú leis na húdaráis eile nó le heintitis eile. Féadfar aghaidh a thabhairt sa tuarascáil freisin ar cheanglais tuairiscithe neamhábhartha, imithe i léig, dhúblacha nó ceanglais nach bhfuil ábhartha ar bhealach eile, agus moltaí chun comhsheasmhacht a áirithiú idir ceanglais tuairiscithe cuideachtaí airgeadais agus neamhairgeadais.

Ar bhonn na tuarascála sin agus aird chuí á tabhairt aige ar chosaint ceart maoine intleachtúla, ar na hoibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil agus ar chosaint sonraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun bacainní dlí den sórt sin a bhaint sa reachtaíocht earnálach chun malartú faisnéise idir údaráis agus eintitis eile a chothú faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

4.  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

‘Airteagal 16b

Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú

1.  Faoin ... [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ullmhóidh an tÚdarás agus na húdaráis mhaoirseachta, i ndlúthchomhar leis na húdaráis eile agus le CEBC, tuarascáil ar na mionsonraí teicniúla a bhaineann le Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú chomh maith le treochlár, bunaithe ar an obair maidir le comhtháthú an tuairiscithe ag ÚMEnna laistigh dá n-earnálacha agus beidh measúnú ar chostais agus ar shochair san áireamh ann. Chun críocha na tuarascála sin, áireofar an méid seo a leanas sa Chóras Tuairiscithe Comhtháite Aonair:

   (a) foclóir um shonraí comhchoiteanna chun comhsheasmhacht agus soiléireacht na gceanglas tuairiscithe agus an chaighdeánaithe sonraí a áirithiú;
   (b) stór comhpháirteach de na ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh, de na tuairiscí ar na sonraí a bailíodh agus de na húdaráis a shealbhaíonn iad;
   (c) spás lárnach sonraí lena n-áirítear an dearadh teicniúil chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú; agus
   (d) pointe teagmhála aonair buan d’eintitis chun cásanna tuairiscithe dhúbailte, agus tuairisciú iomarcach nó imithe i léig nó ceanglais maidir le nochtadh, a chur in iúl.

2.  I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, beidh meastachán ar an tionchar airgeadais foriomlán ag gabháil leis an tuarascáil.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun na hacmhainní airgeadais, daonna agus TF is gá a áirithiú chun an Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].

Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis na húdaráis eile, Córas Tuairiscithe Comhtháite Aonair a bhunú faoin ... [3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].’;

"

5.  in Airteagal 44(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:"

‘Ní bheidh tuairimí an Údaráis teoranta do nósanna imeachta reachtacha leanúnacha. Féadfaidh an tÚdarás freisin leasuithe ar ghníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm a mholadh ina thuairimí, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear leasuithe:

   (a) deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig i ndlí an Aontais nó le trasuí náisiúnta dhlí an Aontais ag na Ballstáit;
   (b) ceanglais chomhsheasmhacha tuairiscithe agus nochta a áirithiú ar fud reachtaíocht earnáilsonrach, chomh maith le reachtaíocht trasearnála;
   (c) chun comhréireacht sna ceanglais tuairiscithe agus nochta a áirithiú i ndáil le cineál, méid agus castacht an eintitis tuairiscithe;
   (d) chun a áirithiú go bhfuil comhlíonadh na gceanglas maidir le tuairisciú agus nochtadh i gcomhréir leis an mbreisluach a ghabhann le comhlíonadh chúraimí agus chuspóirí an Údaráis.

Chun críocha na dtuairimí maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an tÚdarás aird chuí ar ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile trí chomhairliúchán tiomnaithe. Ar bhonn na dtuairimí sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtacha chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.’.

"

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/523

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2021/523 mar a leanas:

-1.  In Airteagal 8(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:"

‘Forbróidh an Coimisiún treoir inbhuanaitheachta a fhágfaidh go mbeifear in ann, i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil agus sóisialta agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ chomh maith le difríochtaí sna cineálacha tionscadal bonneagair, an méid seo a leanas a dhéanamh:’;

"

-1a.  In Airteagal 13(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2:"

‘Maidir le conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1) faoi ráthaíocht AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(2), déanfar iad a shíniú faoin 31 Lúnasa 2026. I gcásanna eile, déanfar conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1) a shíniú faoin 31 Nollaig 2028.’;

"

-1b.  In Airteagal 17(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):"

‘(h) tuairisciú airgeadais agus oibríochtúil agus faireachán ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ráthaíocht AE, comhréireacht a áirithiú i gceanglais tuairiscithe agus faireacháin chomh maith le costais a íoslaghdú do na geallsealbhóirí uile agus do na tairbhithe deiridh, gan an bonn a bhaint de chuspóirí InvestEU faoi seach.’;

"

1.   In Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

‘4. Uair amháin sa bhliain, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus í miondealaithe de réir urrann AE agus urrann an Bhallstáit, de réir mar is iomchuí. Sa bhreis air sin, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis maidir le hurrann an Bhallstáit a chur faoi bhráid Bhallstát na hurrainne a chuirfidh sé chun feidhme. Beidh sa tuarascáil measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid na ráthaíochta AE agus ar chomhlíonadh na bpríomhtháscairí feidhmíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh sonraí oibríochtúla, staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta sa tuarascáil freisin maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus meastachán ar na sreafaí airgid ionchasacha, ar leibhéal na hurrainne, ar leibhéal na réimse beartais agus ar leibhéal Chiste InvestEU. Áireofar faisnéis freisin sa tuarascáil ó Ghrúpa BEI agus, i gcás inarb iomchuí, ó chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, ar faisnéis í a bhaineann le bacainní ar infheistíocht ar thángthas orthu agus oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna gcumhdach leis an Rialachán seo á ndéanamh. Beidh an fhaisnéis nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme a sholáthar faoi phointe (a) d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais sna tuarascálacha.’.

"

Airteagal 5a

Ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle

Faoin ... [trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid na Comhairle chun na leasuithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010, (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) …/...(25) sa Rialachán seo, a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)* Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 1 a ghlacadh. Léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
(3) IO C […], […], lch. […]
(4) IO C […], […], lch. […].
(5) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
(11)+ OIFIG NA bhFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2021/0240(COD) (togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - COM/2021/421 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
(13) COM(2023)168.
(14) Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
(15)+ OIFIG NA bhFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2021/0240(COD) (togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - COM/2021/421 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(16)++ OIFIG NA bhFOILSEACHÁN: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(17)+ OIFIG NA bhFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2021/0240(COD) (togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - COM/2021/421 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(18)++ OIFIG NA bhFOILSEACHÁN: cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad (2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(19)+ OIFIG NA BHFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2021/0240(COD) (togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - COM/2021/421 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(20)++ OIFIG NA BHFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad 2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(21)+ OIFIG NA BHFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2021/0240(COD) (togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - COM/2021/421 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(22)++ OIFIG NA BHFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad 2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(23)+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2021/0240(COD) (togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - COM/2021/421 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(24)+ OIFIG NA BHFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad 2021/0250(COD) (togra le haghaidh an 6ú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid - COM/2021/423 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(25)+ OIFIG NA BHFOILSEACHÁN: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad 2021/0240(COD) (togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - COM/2021/421 final) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.


Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)
PDF 119kWORD 61k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) (COM(2021)0802 – C9-0469/2021 – 2021/0426(COD))
P9_TA(2024)0129A9-0033/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0802),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0469/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 30 Meitheamh 2022(2),

–  ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníc um athmhúnlú maidir le gníomhartha dlí(3),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 8 Samhain 2022 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionscal, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 110 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0033/2023),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

P9_TC1-COD(2021)0426


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1275.)

(1) IO C 290, 29.7.2022, lch. 114.
(2) IO C 375, 30.9.2022, lch. 64.
(3) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.


An Gníomh um Chibear-athléimneacht
PDF 123kWORD 57k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2022)0454 – C9-0308/2022 – 2022/0272(COD))
P9_TA(2024)0130A9-0253/2023
CEARTÚCHÁIN

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0454),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0308/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0253/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i Sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht)

P9_TC1-COD(2022)0272


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2847)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas comhpháirteach polaitiúil ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hacmhainní ENISA, tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-athléimneacht)

Measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go dtugtar cúraimí breise do ENISA leis an Rialachán seo, ar cúraimí iad a bhfuil ualach oibre breise mar thoradh orthu agus ar ghá acmhainní breise ina leith, ó thaobh saineolais agus fórsa saothair araon de. I bhfianaise an mhéid sin, chun a chur ar chumas ENISA na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go héifeachtach, measann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh gá lena acmhainní a mhéadú, go háirithe a acmhainní daonna agus an saineolas leormhaith a ghabhann leis sin. D’fhéadfaí foráil a dhéanamh don mhéadú sin sa nós imeachta bliantúil a bhaineann le plean bunaíochta ENISA. Dá réir sin, maidir leis an gCoimisiún, atá freagrach as na meastacháin a measann sé gá a bheith leo do phlean bunaíochta ENISA a iontráil i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Ghníomh um Chibearshlándáil, déanfaidh sé measúnú ar na meastacháin do phlean bunaíochta ENISA arna n-iontráil don chéad bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar na hacmhainní is gá, go háirithe acmhainní daonna, chun a chur ar chumas ENISA a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go leormhaith.

(1) IO C 100, 16.3.2023, lch. 101.


Bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (an Treoir maidir le Maímh Ghlasa)
PDF 378kWORD 116k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (an Treoir maidir le Maímh Ghlasa) (COM(2023)0166 – C9-0116/2023 – 2023/0085(COD))
P9_TA(2024)0131A9-0056/2024

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0166),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0116/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0056/2024),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (Treoir maidir le Maímh Ghlasa)

P9_TC1-COD(2023)0085


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is toisc iomaíochais anois a mhaíomh go bhfuil táirge ‘glas’ agus inbhuanaithe, agus is mó fás a thagann ar tháirgí glasa ná táirgí caighdeánaithe de réir mar a fhásann leas na dtomhaltóirí. Mura mbíonn earraí agus seirbhísí a thairgtear agus a cheannaítear ar an margadh inmheánach chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a chuirtear i láthair, chuirfeadh sé sin na tomhaltóirí ar míthreoir, chuirfeadh sé bac ar an aistriú chuig an ngeilleagar glas, agus chuirfeadh sé cosc ar laghdú na dtionchar diúltach ar an gcomhshaol. Níl an leas is mó is féidir á bhaint as na margaí glasa. Le ceanglais dhifriúla á bhforchur le reachtaíocht náisiúnta nó le tionscnaimh phríobháideacha lena rialáiltear maímh chomhshaoil, cruthaítear ualach le haghaidh cuideachtaí agus iad i mbun na trádála trasteorann, toisc gur gá dóibh ceanglais dhifriúla i ngach Ballstát a chomhlíonadh. Déanann sé sin difear dá n‑inniúlacht chun oibriú sa mhargadh inmheánach agus leas a bhaint as. An tráth céanna, bíonn deacrachtaí ag rannpháirtithe sa mhargadh maímh chomhshaoil iontaofa a shainaithint agus cinntí ceannaigh barrmhaithe a dhéanamh sa mhargadh inmheánach. Agus lipéid agus modhanna ríomha difriúla á n‑iomadú ar an margadh, bíonn sé deacair ag tomhaltóirí, gnólachtaí, infheisteoirí agus páirtithe leasmhara a fháil amach an féidir brath ar na maímh. [Leasú 1]

(2)  Mura mbíonn maímh chomhshaoil iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe, ní féidir le tomhaltóirí ná le gníomhaithe eile sa mhargadh a gcinntí ceannaigh a ghiaráil go hiomlán chun feidhmíocht chomhshaoil níos fearr a chúiteamh. Ar an gcaoi chéanna, cuireann easpa na faisnéise iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe bac ar thionscnaimh chun feidhmíocht chomhshaoil a bharrfheabhsú, rud a bheadh taobh le taobh le gnóthachain éifeachtúlachta agus coigilteas costais le haghaidh cuideachtaí ar feadh an tslabhra soláthair chomh maith go hiondúil. Géaraítear na hiarmhairtí sin le heaspa tagartha coitinne ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus leis an mearbhall a bhíonn ann dá éis.

(3)  Le haghaidh úsáideoirí faisnéise ar an gcomhshaol (tomhaltóirí, gnólachtaí, infheisteoirí, údaráis riaracháin phoiblí, ENRanna) a chuimsítear i maímh chomhshaoil, fágann easpa iontaofachta, inchomparáideachta agus infhíoraitheachta go mbíonn fadhb ó thaobh muiníne de as faisnéis ar an gcomhshaol agus mearbhall ar dhaoine teachtaireachtaí ilchineálacha a thagann salach ar a chéile a léirmhíniú. Déantar dochar do thomhaltóirí agus do ghníomhaithe eile sa mhargadh leis sin, toisc go bhféadfaidís táirge nó idirbheart gnó a roghnú in áit roghanna malartacha bunaithe ar fhaisnéis mhíthreorach.

(4)  Dá bhrí sin, is gá rialáil na maíomh comhshaoil a chomhchuibhiú a thuilleadh. Leis an gcomhchuibhiú sin neartófar an margadh le haghaidh níos mó táirgí agus trádálaithe inbhuanaithe trí ilroinnt an mhargaidh a sheachaint, rud a tharlódh i ngeall ar chineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta. Leagfar tagarmharc síos leis freisin lenar féidir an t‑aistriú domhanda a spreagadh i dtreo geilleagar ciorclach, a bheidh tíosach ar acmhainní, aeráidneodrach agus cóir(3).

(5)  Rialacha mionsonraithe an Aontais maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite, is infheidhme maidir le cuideachtaí a oibríonn ar mhargadh an Aontais i gcumarsáid gnólacht le tomhaltóir, rannchuideoidh siad leis an aistriú glas i dtreo geilleagar glanciorclach, aeráidneodrach agus ciorclachglan san Aontas, lena n-urramófar teorainneacha an phláinéid, trí chur ar a gcumas do thomhaltóirí chun cinntí feasacha ceannaigh a dhéanamh, agus cuideoidh siad le cothroime iomaíochta a chruthú le haghaidh oibreoirí margaidh a dhéanann na maímh sin agus tomhaltas inbhuanaithe á chur chun cinn acu ag an am céanna. [Leasú 2]

(6)  Is é creat rialála le haghaidh maíomh comhshaoil ceann de na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme(4), rud lena n‑aithnítear go bhfuil páirt thábhachtach ag faisnéis iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe le cur ar a gcumas do cheannaitheoirí chun cinntí níos inbhuanaithe a dhéanamh agus laghdaítear leis an gcreat an baol go ndéanfar ‘glas‑snasú’ agus cuimsítear gealltanais ann chun dlús a chur le hiarrachtaí rialála agus neamhrialála chun dul i ngleic le maímh chomhshaoil bhréagacha. In éineacht le creata rialála eile de chuid an Aontais is infheidhme, lena n‑áirítear an togra le haghaidh Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas(5), lena leasaítear Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) a bhfuil sé d’aidhm ag an togra seo iad a chomhlánú mar lex specialis, bunaítear córas soiléir le haghaidh maímh chomhshaoil leo, lena n‑áirítear lipéid chomhshaoil. [Leasú 3]

(7)  Tá an Treoir seo ina cuid de thacar tionscnamh idirghaolmhar chun creat beartais comhleanúnach agus láidir a bhunú maidir le táirgí, lena bhfágfar gurb é an gnáthrud iad táirgí agus múnlaí gnó atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, seachas an eisceacht, agus chun patrúna áirithiú nach féidir maíomh, nach ndéanann ach cleachtas coiteann a léiriú, a chur in iúl do chustaiméirí mar mhaímh inbhuanaithe. Chun patrúin tomhaltais a athrú ó bhonn chun nach dtáirgfearionas nach dtáirgtear aon dramhaíl ar an gcéad dul síos. Comhlánaítear an Treoir, i measc nithe eile, le hidirghabhálacha maidir le dearadh ciorclach táirgí, maidir le múnlaí gnó nua a chothú agus íoscheanglais a leagan síos chun cosc a chur ar tháirgí atá díobhálach don chomhshaol a bheith á gcur ar mhargadh an Aontais tríd an togra le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe(7). [Leasú 4]

(8)  Ba cheart riachtanais shonracha earnálacha eacnamaíocha aonair a aithint agus dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le maímh chomhshaoil shainráite shaorálacha agus le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil nach rialáiltear le haon ghníomh eile de chuid an Aontais a mhéid a bhaineann le bunús a thabhairt leis na maímh nó na scéimeanna nó iad a chur in iúl, nó a fhíorú. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo dá bhrí sin maidir le maímh chomhshaoil shainráite a leagtar rialacha sonracha síos ina leith le reachtaíocht de chuid an Aontais, lena n‑áirítear maidir le creataí modheolaíochta, rialacha measúnúcháin nó cuntasaíochta a bhaineann le tionchair chomhshaoil a thomhas agus a ríomh, nó gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil táirgí nó trádálaithe, nó faisnéis shainordaitheach agus neamh-shainordaitheach a sholáthar do thomhaltóirí faoi fheidhmíocht chomhshaoil táirgí agus trádálaithe nó faisnéis inbhuanaitheachta a bhaineann le teachtaireachtaí nó le huiríll a d’fhéadfadh a bheith sainordaitheach nó saorálach de bhun rialacha an Aontais.

(9)  Laistigh de chomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta, agus i gcomhréir leis an sprioc go mbainfear amach an cuspóir go mbeidh 25 % de thalamh talmhaíochta an Aontais faoin bhfeirmeoireacht orgánach faoi 2030 agus go dtiocfaidh méadú suntasach ar an dobharshaothrú orgánach agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Táirgeadh Orgánach a Fhorbairt (COM(2021) 141), is gá an fheirmeoireacht orgánach agus an táirgeadh orgánach a fhorbairt a thuilleadh. A mhéid a bhaineann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le maímh chomhshaoil i dtaca le táirgí orgánacha a dheimhnítear mar tháirgí orgánacha agus a dtugtar bunús leis na maímh sin ar bhonn an Rialacháin sin, agus a bhaineann, mar shampla, le húsáid na lotnaidicídí, na leasachán agus na bhfrithmhiocróbach nó, mar shampla, le tionchair dhearfacha na feirmeoireachta orgánaí ar an mbithéagsúlacht, ithir nó uisce(9). Bíonn tionchar dearfach aige ar an mbithéagsúlacht freisin, chomh maith le tionchar dearfach sóisialta cruthaítear poist leis agus mealltar feirmeoirí óga. Aithníonn tomhaltóirí a luach. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848, maidir leis na téarmaí ‘bith’ agus ‘éicea’ agus a ndíorthaigh, bíodh siad ina n‑aonar nó in éineacht le chéile, níl siad le húsáid san Aontas le haghaidh táirgí, a gcomhábhar ná ábhair bheatha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin i gcás inar táirgeadh iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848. Mar shampla, chun ‘éicea’ a chur roimh an gcadás, ní mór é a bheith deimhnithe mar chadás orgánach, toisc go dtagann sé faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848. I gcodarsnacht leis sin, má chuirtear ‘éicea’ roimh an ‘nglantach miasniteora’, ní thagann sé sin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848, agus rialáiltear ina áit sin faoi fhorálacha Threoir 2005/29/CE é. [Leasú 5]

(9a)   I gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú (COM 2021/400, an Straitéis Eorpach Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (COM/2020/667) agus Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol (COM/2019/128), tá ról ábhartha ag an earnáil cúraim sláinte maidir le brúnna comhshaoil a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach creat rialála cuí a bhunú chun úsáid a bhaint as maímh ghlasa a bhaineann le hinbhuanaitheacht, in-bhithdhíghrádaitheacht, ciorclaíocht agus tionscnamh chomhpháirteanna an táirge le haghaidh táirgí íocshláinte, i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE, agus feistí leighis, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/745, chun cuideachtaí a spreagadh chun rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil agus chun cumarsáid iontaofa le tomhaltóirí a ráthú. [Leasú 6]

(10)  Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le faisnéis inbhuanaitheachta a bhaineann le teachtaireachtaí ná le huiríll a d’fhéadfadh a bheith sainordaitheach nó saorálach de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta le haghaidh seirbhísí airgeadais, amhail rialacha a bhaineann le baincéireacht, creidmheas, árachas agus athárachas, pinsin cheirde nó phearsanta, urrúis, cistí infheistíochta, gnólachtaí infheistíochta, íocaíocht, bainistíocht punainne agus comhairle infheistíochta, lena n‑áirítear na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36(10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar aon le gníomhaíochtaí socrúcháin agus imréitigh agus seirbhísí comhairle, idirghabhála agus seirbhísí airgeadais coimhdeacha eile, lena n‑áirítear caighdeáin nó scéimeanna deimhniúcháin a bhaineann leis na seirbhísí airgeadais sin.

(11)  Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le faisnéis ar an gcomhshaol arna tuairisciú ag gnóthais a chuireann caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta Eorpacha i bhfeidhm ar bhonn sainordaitheach nó saorálach i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE(11) ná le faisnéis inbhuanaitheachta arna tuairisciú ar bhonn saorálach ag gnóthais a shainítear in airteagail 3(1), 3(2) nó 3(3) den Treoir seo i gcás ina dtuairisceofar an fhaisnéis sin i gcomhréir le caighdeáin dá dtagraítear in Airteagail 29b nó 29c de Threoir 2013/34/AE nó i gcomhréir le caighdeáin nó treoirlínte tuairiscithe inbhuanaitheachta idirnáisiúnta, Eorpacha nó náisiúnta eile.

(12)  Tairiscintí chun earraí a cheannach nó seirbhísí a fháil ar choinníoll go gcomhlíonfar critéir chomhshaoil arna sainiú ag an díoltóir nó ag an soláthraí seirbhíse nó tairiscintí i gcás ina bhfaighidh tomhaltóirí téarmaí conarthacha nó praghsanna níos fabhraí ar na critéir sin a chomhlíonadh dóibh, mar shampla na hiasachtaí glasa mar a thugtar orthu, árachas tí glas nó táirgí seirbhísí airgeadais ag a bhfuil luaíochtaí comhchosúla le haghaidh gníomhaíochtaí nó iompraíocht chomhshaoil, níor cheart iad a bheith faoi réir rialacha na Treorach seo.

(13)   I gcás ina leagfar rialacha síos le haon reachtaíocht de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le maímh chomhshaoil, lipéid chomhshaoil, nó maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchair ar an gcomhshaol, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil táirgí nó trádálaithe áirithe in earnálacha sonracha nó na tionchair, na gnéithe nó an fheidhmíocht sin a chur in iúl, mar shampla, ‘CountEmissions EU’ a fógraíodh, an togra atá le teacht ón gCoimisiún le haghaidh creat reachtaíochta le haghaidh córas bia inbhuanaithe de chuid an Aontais, an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe(12) nó Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), ba cheart na rialacha sin a chur i bhfeidhm maidir leis na maímh chomhshaoil shainráite atá i gceist seachas na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo. [Leasú 7]

(14)  Leis an togra le haghaidh Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas lena leasaítear Treoir 2005/29/CE, leagtar roinnt ceanglas sonrach amach maidir le maímh chomhshaoil agus toirmeasctar maímh chomhshaoil chineálacha nach bhfuil bunaithe ar shárfheidhmíocht chomhshaoil aitheanta atá ábhartha don mhaíomh. Samplaí de mhaímhna maímh chineálacha den sórt sinchomhshaoil is ea ‘éiceabhách’, ‘éicea’, neamhdhíobhálach don chomhshaol’, ‘éicea-chairdiúil’, ‘glas’, ‘cara an dúlra’, ‘éiceolaíoch’ agus, ‘ceart ó thaobh andon chomhshaol’, ‘neamhdhíobhálach don aeráid’, ‘séimh ar an gcomhshaol’, ‘comhshaol ísealcharbóin’, ‘fuinneamhéifeachtúil’, ‘in-bhithdhíghrádaithe’, ‘bithbhunaithe’ nó ráitis chomhchosúla lena maítear feidhmíocht chomhshaoil de’den scoth nó lena bhfuiltear ag tabhairt sin le tuiscint. Ba cheart don Treoir seo na ceanglais a leagtar amach sa togra sin a chomhlánú trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe agus ar cheanglais shonracha maidir le maímh chomhshaoil shainráite a mhéid a bhaineann le bunús a thabhairt leo, iad a chur in iúl agus a fhíorú. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo maidir le gnéithe sonracha de mhaímh chomhshaoil shainráite agus beidh forlámhas acu ar na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2005/29/CE maidir leis na gnéithe sin i gcás coinbhleachta, de bhun Airteagal 3(4) den Treoir sin. [Leasú 8]

(15)  Chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe do thomhaltóirí lena gcuirtear ar a gcumas dóibh cinntí a dhéanamh a bheidh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus chun an baol a laghdú go ndéanfar ‘glas‑snasú’, is gá ceanglais a leagan síos maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite. Ba cheart a chur san áireamh, agus an bunús den sórt sin á thabhairt le maímh, cuir chuige eolaíocha atá láidir agus neamhspleách agus atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus cothrom le dáta maidir le tionchair chomhshaoil ag táirgí nó trádálaithe a thomhas agus a ríomh, mar aon lena ngnéithe comhshaoil agus a bhfeidhmíocht chomhshaoil, agus mar thoradh air sin ba cheart faisnéis iontaofa, thrédhearcach, inchomparáide agus infhíoraithe a bheith ann don tomhaltóir. [Leasú 9]

(16)  Leis an measúnú a úsáidtear chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite, is gá saolré an táirge nó gníomhaíochtaí foriomlána an trádálaí a bhreithniú agus níor cheart aon ghné chomhshaoil ábhartha ná aon tionchar ábhartha ar an gcomhshaol a fhágáil ar lár. De thoradh na sochar a mhaítear, níor chearttionchair dhiúltacha gan údar a aistriú chuig céimeanna eile de shaolré táirge nó trádálaí, nó tionchair dhiúltacha eile ar an gcomhshaol a chruthú ná a mhéadú. [Leasú 10]

(17)  Leis an measúnú lena dtugtar bunús leis an maíomh comhshaoil sainráite, ba cheart é a bheith indéanta na tionchair chomhshaoil agus na gnéithe comhshaoil le haghaidh an táirge nó an trádálaí a shainaithint, ar tionchair nó gnéithe iad a rannchuidíonn go suntasach agus go comhpháirteach le feidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán an táirge nó an trádálaí (tionchair ábhartha ar an gcomhshaol’ agus ‘gnéithe ábhartha ar an gcomhshaol’). Táscairí le haghaidh ábharthacht na dtionchar ar an gcomhshaol agus na ngnéithe comhshaoil, is féidir leo eascairt as measúnuithe lena gcuirtear an tsaolré san áireamh, lena n‑áirítear na staidéir atá bunaithe ar mhodhanna an Loirg Comhshaoil (EF), ar choinníoll go mbeidh siad sin iomlán ó thaobh na dtionchar atá ábhartha don chatagóir táirge de agus nach bhfágtar aon tionchar tábhachtach ar an gcomhshaol ar lár leis na staidéir chéanna. Mar shampla, sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid(14), ba cheart na catagóirí tionchar is ábhartha a sainaithníodh, in éineacht le chéile, cur le 80 % den scór foriomlán aonair. Is féidir leis na táscairí sin maidir le hábharthacht na dtionchar ar an gcomhshaol nó na ngnéithe comhshaoil eascairt as na critéir a leagtar síos in éicilipéid éagsúla de chineál I, mar is amhlaidh an cás le hÉicilipéad an Aontais Eorpaigh, nó i gcritéir an Aontais maidir leis an soláthar poiblí glas, as ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht(15), as rialacha táirgeshonracha a glacadh faoi Rialachán …./…. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos(16) nó as rialacha ábhartha eile an Aontais.

(18)  I gcomhréir le Treoir 2005/29/CE arna leasú leis an togra le haghaidh Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas, níor cheart don trádálaí ceanglais a fhorchuirtear le dlí a chur i láthair ar tháirgí laistigh de chatagóir táirge áirithe mar thréith shuaithinseach de thairiscint an trádálaí nó sochair le haghaidh tomhaltóirí a fhógairt a mheastar mar chleachtas coiteann sa mhargadh ábhartha. Dá bhrí sin, leis an bhfaisnéis a úsáidtear chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite, ba cheart a fhágáil gur féidir feidhmíocht chomhshaoil an táirge nó an trádálaí a shainaithint i gcomparáid leis an gcleachtas coiteann le haghaidh táirgí sa ghrúpa táirge faoi seach, amhail bia, nó san earnáil faoi seach. Is gá sin chun bheith mar bhonn taca faoin measúnú an féidir na maímh chomhshaoil shainráite a dhéanamh maidir le táirge nó trádálaí áirithe i gcomhréir le feidhm mhaímh comhshaoil, arb é an fheidhm sin a léiriú go bhfuil tionchar dearfach nó nach bhfuil tionchar ag táirge nó trádálaí ar an gcomhshaol, nó gur lú dochair don chomhshaol a dhéanann táirge nó trádálaí ná mar a dhéanann táirgí nó trádálaithe eile. D’fhéadfadh an cleachtas coiteann a bheith coibhéiseach leis na híoscheanglais dhlíthiúla is infheidhme maidir leis an ngné chomhshaoil nó leis an bhfeidhmíocht chomhshaoil shonrach, mar shampla a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh táirge, ábhar athchúrsáilte sainordaitheach nó cóireáil deireadh ré. Mar sin féin, i gcás inar fearr feidhmíocht thromlach na dtáirgí laistigh den ghrúpa táirgí , nó feidhmíocht thromlach na dtrádálaithe laistigh den earnáil ná na ceanglais dhlíthiúla sin, níor cheart na híoscheanglais dhlíthiúla a mheas mar chleachtas coiteann. Chomh maith leis sin, maidir le scéimeanna deimhniúcháin atá ann cheana agus a dtrádmharcanna, amhail scéimeanna deimhniúcháin lena n-úsáidtear deimhniú slabhra cumhdaigh, ar féidir leo a bheith níos soghabhálaí i leith calaoise nó nach féidir a ráthú go hiontaofa dlíthiúlacht an táirgthe le haghaidh na dtáirgí deimhnithe, ba cheart iad a fhíorú go hiomlán faoi cheanglais na Treorach seo chun a áirithiú nach gcuirfear tomhaltóirí ar míthreoir. [Leasú 11]

(19)  Bheadh sé míthreorach le haghaidh na dtomhaltóirí dá dtabharfaí na sochair i dtéarmaí na dtionchar ar an gcomhshaol nó na ngnéithe comhshaoil le fios le maíomh comhshaoil sainráite ach go bhfágfaí ar lár an tráth céanna go n‑eascraíonnn-eascraíonn comhbhabhtálacha diúltacha as baint amach na sochar sin ar thionchair eile ar an gcomhshaol, nó ar ghnéithe eile comhshaoil. Chuige sin, ba cheart a áirithiú leis an bhfaisnéis a úsáidtear chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite gur féidir na hidirnaisc idir na tionchair ábhartha ar an gcomhshaol agus idir na gnéithe comhshaoil agus na tionchair chomhshaoil a shainaithint mar aon le comhbhabhtálacha ionchasacha. Leis an measúnú a úsáidtear chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite, ba cheart a shainaithint más amhlaidh de thoradh feabhsuithe ar thionchair ar an gcomhshaol nó ar ghnéithe comhshaoil, go n‑eascraíonnn-eascraíonn an cineál comhbhabhtálacha astu a d’fhéadfadh a fhágáil go rachadh an fheidhmíocht in olcas go suntasach a mhéid a bhaineann le tionchair eile ar an gcomhshaol nó gnéithe eile comhshaoil, mar shampla má eascraíonn méadú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa as coigilteas in ídiú an uisce, nó sa tionchar céanna ar an gcomhshaol le linn céim eile de shaolré an táirge, mar shampla, go bhfágann coigilteas CO2 le linn na céime monaraithe méadú suntasach ar astaíochtaí CO2 le linn na céime úsáide. Mar shampla, le maíomh maidir le tionchair dhearfacha de thoradh úsáid éifeachtúil acmhainní i gcleachtais diantalmhaíochta, féadfar tomhaltóirí a chur ar míthreoir i ngeall ar chomhbhabhtálacha atá nasctha le tionchair ar an mbithéagsúlacht, éiceachórais nó leas ainmhithe. Le maíomh comhshaoil maidir le fuinneamh glas, d’fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir má tá sé bunaithe ar acmhainní a bhfuil tionchar diúltach acu ar an bhforbairt áitiúil agus ar an gcomhshaol áitiúil, nó ar theicstílí ina bhfuil polaiméir phlaisteach as buidéil athchúrsáilte PET, féadfar tomhaltóirí a chur ar míthreoir freisin maidir le sochar comhshaoil na gné sin má théann úsáid na polaiméire athchúrsáilte sin in iomaíocht leis an gcóras athchúrsála lúbiata le haghaidh ábhar teagmhála bia, rud a mheastar a bheith níos tairbhí ó thaobh na ciorclaíochta de. [Leasú 12]

(20)  Chun go measfar go bhfuil an maíomh comhshaoil láidir, ba cheart léiriú chomh cruinn agus is féidir a thabhairt leis ar fheidhmíocht chomhshaoil an táirge nó an trádálaí shonraigh. Dá bhrí sin, leis an bhfaisnéis a úsáidtear chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite, is gá sonraí príomhúla a chuimsiú, a bhaineann leis an gcuideachta go sonrach, le haghaidh gnéithe ábhartha a rannchuidíonn go suntasach le feidhmíocht chomhshaoil an táirge nó an trádálaí dá dtagraítear sa mhaíomh. Is gá an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir faisnéis láidir agus ábhartha a áirithiú chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil, agus na hiarrachtaí is gá chun faisnéis phríomhúil a bhailiú. An ceanglas chun faisnéis phríomhúil a úsáid, ba cheart é a mheas i bhfianaise thionchar an trádálaí a bhfuil an maíomh á dhéanamh aige ar an bpróiseas faoi seach, agus má bhíonn faisnéis phríomhúil ar fáil. Murab é an trádálaí a bhfuil an maíomh á dhéanamh aige atá ag déanamh an phróisis agus mura bhfuil faisnéis phríomhúil ar fáil, ba cheart a bheith in ann faisnéis thánaisteach chruinn a úsáid, fiú le haghaidh próisis a rannchuidíonn go suntasach le feidhmíocht chomhshaoil an táirge nó an trádálaí. Baineann sin le hábhar go mór ionas nach gcuirtear FBManna faoi mhíbhuntáiste agus go gcoimeádfar na hiarrachtaí is gá chun sonraí príomhúla a fháil ar leibhéal comhréireach. Thairis sin, bíonn na gnéithe comhshaoil ábhartha difriúil le haghaidh gach cineáil maíomh comhshaoil. Mar shampla, i gcás maíomh maidir le hábhar bithbhunaithe nó athchúrsáilte, ba cheart comhdhéanamh an táirge a chumhdach le sonraí príomhúla. I gcás maíomh gur lú truailliú comhshaoil le linn céim áirithe den tsaolré, ba cheart sonraí príomhúla a chuimsiú chomh maith le faisnéis faoi astaíochtaí agus tionchair chomhshaoil a bhaineann leis an gcéim sin den tsaolré. Ba cheart ardleibhéal cáilíochta agus cruinnis a léiriú le sonraí príomhúla agus tánaisteacha araon, i.e. meán‑sonraí.

(21)  Léiríodh go mbíonn maímh a bhaineann leis an aeráid go háirithe míshoiléir agus débhríoch agus go gcuirtear tomhaltóirí ar míthreoir.Baineann sé sin go háirithe le maímh chomhshaoil go bhfuil táirgí nó eintitis ‘neodrach ó thaobh aeráide de’, ‘neodrach ó thaobh carbóin de’, ‘100 % an CO2 cúitithe’, nó go mbeidh siad ‘glan‑nialasachglan-nialasach’ faoi bhliain áirithe, nó rud comhchosúil leis sin. Is minic a bhíonn na ráitis den sórt sin bunaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a ‘fhritháireamh’ trí ‘chreidmheasanna carbóin’ a ghintear lasmuigh de shlabhra luacha na cuideachta, ó thionscadail foraoiseachta nó fuinnimh in‑athnuaitein-athnuaite mar shampla. Tá éasúlachtaí móra idir na modheolaíochtaí atá mar bhonn taca faoi na modheolaíochtaí sin iontach éagsúil ar fadis bonn le fritháirimh agus ní bhíonn siad trédhearcach, cruinn ná comhsheasmhach i gcónaí. Fágann sé sin go mbíonn baol suntasach ann go ndéanfar rómheastacháin agus comhaireamh dúbailte ar astaíochtaí seachanta nó laghdaithe, i ngeall ar easpa breisíochta, buaine, bonnlínte creidiúnúcháin dinimiciúla agus uaillmhianacha a imíonn ón ngnó mar is gnách, agus cuntasaíocht chruinn. Fágann na himthosca sin go mbíonn leibhéal íseal ionracais agus inchreidteachta ó thaobh an chomhshaoil de ag baint le creidmheasanna fritháirimh, lena gcuirtear tomhaltóirí ar míthreoir nuair a bhraitear orthu i maímh chomhshaoil shainráite. Is féidir leis an bhfritháireamh trádálaithe a dhíspreagadh maidir le laghduithe astaíochtaí a dhéanamh ina n‑oibríochtaín-oibríochtaí agus ina slabhraí luacha féin. Chun rannchuidiú go leordhóthanach le spriocanna domhanda maidir leis an maolú ar an athrú aeráide, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do laghduithe éifeachtacha ar astaíochtaí ar fud a n‑oibríochtaín-oibríochtaí agus a slabhraí luacha féin seachas tosaíocht a thabhairt doa bheith ag brath ar fhritháirimh. Beidh aon astaíocht iarmharach dá thoradh sin éagsúil de réir chonaire shonrach na hearnála i gcomhréir leis na spriocanna aeráide domhanda agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu trí fheabhsuithe i dtaca le haistrithe. Mar sin féin, nuair a úsáidtear fritháirimh, meastar gurb iomchuí aghaidh a thabhairt ar mhaímh a bhaineann leis an gcomhshaol, lena n‑áirítearn-áirítear maímh a bhaineann leis an bhfeidhmíocht chomhshaoil a bheidh ann amach anseo, bunaithe ar fhritháirimhchreidmheasanna carbóin ar bhealach trédhearcach. Dá bhrí sin, leis an mbunús a thugtar do mhaímh a bhaineann leis an gcomhshaol, ba cheart aon fhritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa arna úsáid ag na trádálaithe a bhreithniú ar leithligh ó astaíochtaí gás ceaptha teasa an trádálaí nó an táirge. Ina theannta sin, ba cheart a shonrú leis an bhfaisnéis sin freisin sciar na n‑astaíochtaí iomlána a dtugtar aghaidh orthu tríd an bhfritháireamh, cé acu a bhaineann na fritháirimh sin le laghduithe astaíochtaí nó le feabhsuithe i dtaca le haistrithe, chomh maith leis an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm. Ní mór bunús a thabhairt do na maímh, a bhaineann le haeráid agus lena gcuimsítear úsáid na bhfritháireamh, le modheolaíochtaí lena n‑áirithítear ionracas agus comhaireamh ceart na bhfritháireamh sin agus an tionchar dá thoradh ar an aeráid a léiriú go comhleanúnach agus go trédhearcach dá réir.[Leasú 13]

(22)  Tá méadú ag teacht ar a mhinice a bhíonn spéis ag trádálaithe i maímh chomhshaoil a dhéanamh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil táirge nó trádálaí a bheidh ann amach anseo, lena n‑áirítearn-áirítear trí pháirt a ghlacadh i dtionscnaimh lena gcuirtear cleachtais chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú le tionchar laghdaithe ar an gcomhshaol nó le tuilleadh ciorclaíochta. Ba cheart bunús a thabhairt do na maímh sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le gach maíomh comhshaoil sainráite. [Leasú 14]

(23)  An fhaisnéis a úsáidtear chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite, ba cheart í a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch neamhspleách, phiarmheasúnaithe, a aithnítear go forleathan, láidir agus infhíoraithe, i.e. maidir le modhanna, cineálacha cur chuige nó staidéir a forbraíodh i gcomhréir le dea-chleachtais i dtéarmaí trédhearcachta agus a bhfuil piarmheasúnú déanta ag an bpobal eolaíochta orthuan eolaíocht, agus ba cheart aon easpa, sa bhealach a mheastar tionchair chomhshaoil áirithe ar an gcomhshaoil nó gnéithe áirithe comhshaoil, áirithe a bhreithniú go cúramach. Ní mór rochtain a bheith ag an bpobal ar na modheolaíochtaí chun trédhearcacht agus sláine na measúnuithe a áirithiú. [Leasú 15]

(24)  Is féidir le modhanna an Loirg Comhshaoil (EF) tacú le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite maidir le tionchair shonracha ar an gcomhshaol le linn saolré a chumhdaítear leis na modhanna, ar choinníoll go mbeidh siad iomlán ó thaobh na dtionchar atá ábhartha don chatagóir táirge de agus nach bhfágtar aon tionchar tábhachtach ar an gcomhshaol ar lár. Cumhdaítear 16 thionchar ar an gcomhshaol leis na modhanna, lena n‑áirítear an t‑athrú aeráide, agus tionchair a bhaineann le huisce, aer, ithir, acmhainní, úsáid talún agus tocsaineacht.

(25)  Ós rud é nach gcumhdaítear tionchar comhshaoil suntasach ag táirge le haon cheann de 16 chatagóir tionchair na modhanna EF, níor cheart é sin a bheith ina údar le heaspa sa bhealach a bhreithnítear na tionchair sin. Gníomhaí eacnamaíoch a dhéanann maíomh comhshaoil sainráite maidir le grúpa táirge den sórt sin, ba cheart oibleagáid an díchill a bheith air chun fianaise a lorg lena dtabharfar bunús leis an maíomh sin. Mar shampla, gníomhaí eacnamaíoch a dhéanann maíomh comhshaoil sainráite faoi tháirge iascaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) ba cheart oibleagáid an díchill a bheith air chun fianaise a lorg lena dtabharfar bunús le hinbhuanaitheacht an stoic éisc ar a ndírítear. Is féidir measúnuithe stoic ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara agus ó chomhlachtaí measúnúcháin stoic chomhchosúla a úsáid chun na críche sin.

(26)  Thairis sin, níl modheolaíocht iontaofa ann fós chun measúnú a dhéanamh ar thionchair comhshaoil ag saolré táirgí a bhaineann le scaoileadh na micreaphlaisteach. Mar sin féin, i gcás ina gcuireann an scaoileadh sin le tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol nach bhfuil faoi réir maímh, níor cheart a cheadú don trádálaí, a bhfuil an maíomh á dhéanamh aige maidir le gné eile, neamhaird a thabhairt air, ach ba cheart faisnéis atá ar fáil a chur san áireamh agus an measúnú a thabhairt cothrom le dáta nuair a bheidh fáil ar fhianaise eolaíoch a bheidh aitheanta go forleathan.

(27)  Is féidir tomhaltóirí a chur ar míthreoir freisin le maímh chomhshaoil shainráite a shonraíonn nó a thugann le tuiscint go bhfuil níos lú nó níos mó tionchair chomhshaoil ag táirge nó trádálaí nó go bhfuil feidhmíocht chomhshaoil níos fearr nó níos measa aige ná táirgí nó trádálaithe eile (‘maímh chomhshaoil chomparáideacha’). Gan dochar do chur i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, Threoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), chun go mbeidh na tomhaltóirí in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa, is gá a áirithiú gur féidir maímh chomhshaoil chomparáideacha a chur i gcomparáid ar bhealach oiriúnach. Mar shampla, braitheann deimhniú feidhmíochtbhunaithe agus deimhniú próiseasbhunaithe ar thacair éagsúla táscairí, amhail tairseacha sonracha a leagan síos nach mór a chomhlíonadh nó a áirithiú go bhfuil nós imeachta áirithe i bhfeidhm. Fágtar gur dodhéanta comparáidí a dhéanamh má roghnaítear táscairí maidir leis na gnéithe comhshaoil céanna ach go n‑úsáidtear foirmle dhifriúil chun na táscairí sin a chainníochtú, agus bíonn baol ann dá bhrí sin go gcuirfear tomhaltóirí ar míthreoir. I gcás ina ndéanann beirt trádálaithe maíomh comhshaoil maidir leis an athrú aeráide, inar bhreithnigh trádálaí amháin tionchair dhíreacha ar an gcomhshaol agus iad sin amháin, ach inar mheas an trádálaí eile tionchair dhíreacha agus indíreacha ar an gcomhshaol araon, ní torthaí inchomparáide iad sin. Chomh maith leis sin, is féidir le maímh mhíthreoracha eascairt as cinneadh chun an chomparáid a dhéanamh le linn céimeanna áirithe de shaolré tháirge agus lena linn sin amháin, mura gcuirtear é sin in iúl go trédhearcach. Le maíomh comhshaoil comparáideach, is gá a áirithiú go gcuirtear na céimeanna is ábhartha den tsaolré san áireamh le haghaidh na dtáirgí uile i gcás táirgí ina bhfuil amhábhair, úsáidí agus slabhraí próisis an‑difriúil i gceist freisin, amhail plaistigh bhithbhunaithe agus plaistigh atá bunaithe ar iontaisí. Mar shampla, bíonn an talmhaíocht nó an fhoraoiseacht ábhartha le haghaidh plaistigh bhithbhunaithe ach bíonn an t‑úscadh amhola ábhartha le haghaidh plaistigh atá bunaithe ar iontaisí agus baineann an cheist, an rachaidh sciar ábhartha den táirge chuig líonadh talún, go mór le plaistigh a bhith-dhíghrádaíonn go maith faoi choinníollacha líonta talún ach b’fhéidir nach bhfuil an cheist sin chomh hábhartha céanna le haghaidh plaistigh nach mbith-dhíghrádaíonn agus dálaí den sórtna coinníllacha sin i gceist. [Leasú 16]

(27a)   Tá sé tábhachtach nach ndéanfaidh trádálaithe maímh chineálacha amhail ‘comhfhiosach’, ‘inbhuanaithe’ agus ‘freagrach’, bunaithe go heisiach ar fheidhmíocht chomhshaoil den scoth atá aitheanta, toisc go mbaineann na téarmaí sin le saintréithe eile sa bhreis ar shaintréithe comhshaoil, amhail saintréithe sóisialta. [Leasú 17]

(28)  Agus na ceanglais á leagan síos maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl, lena n‑áirítear trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún, ba cheart na deacrachtaí a chur san áireamh ar deacrachtaí iad a d’fhéadfadh a bheith roimh thrádálaithe chun faisnéis a bhailiú ó ghníomhaithe eile ar fud a slabhra luacha ar fad nó faoi shaolré fhoriomlán an táirge, go háirithe le haghaidh seirbhísí nó i gcás nach mbeidh leordhóthain fianaise eolaíche ann. Bíonn sé sin tábhachtach mar shampla le haghaidh seirbhísí amhail seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ar féidir é a bheith deacair an raon feidhme agus teorainneacha an chórais a shainiú lena n‑aghaidh, e.g. an áit a dtosaíonn an tsaolré agus an áit a dtagann sí chun críche agus níos mó ná sin fiú, i gcás ina mbeidh slabhraí soláthair casta agus neamhchobhsaí, e.g. i gcásanna ina mbeidh roinnt mhaith trealaimh nó comhpháirteanna á monarú ag an iomaí fiontar lasmuigh den Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeidh faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht inrochtana go héasca do thrádálaithe den Aontas lena mbaineann.

(29)  I gcás roinnt earnálacha nó i gcás táirgí nó trádálaithe áirithe, d’fhéadfadh tionchair shuntasacha amhrasta ar an gcomhshaol nó gnéithe suntasacha comhshaoil amhrasta a bheith ann ach gan aon mhodh eolaíoch aitheanta ann fós chun measúnú iomlán a dhéanamh ar na tionchair sin ar an gcomhshaol ná ar na gnéithe comhshaoil sin. Le haghaidh na gcásanna sin, agus le linn iarrachtaí a bheith á ndéanamh chun modhanna a fhorbairt agus fianaise a bhailiú chun measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó ar an ngné chomhshaoil sin faoi seach a chumasú i gcás na n‑earnálacha, na dtrádálaithe nó na dtáirgí sin, ba cheart trádálaithe a bheith in ann a n‑iarrachtaí ar son na hinbhuanaitheachta a chur chun cinn trí thuairisciú inbhuanaitheachta na cuideachta a fhoilsiú, mar aon le tuairisciú fíorasach ar mhéadracht feidhmíochta na cuideachta agus ar a n‑obair chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú, ar a suímh ghréasáin chomh maith. Leis an tsolúbthacht sin, chuirfí chun cinn agus choinneofaí ar bun tionscnaimh na n‑earnálacha nó na dtrádálaithe sin chun leanúint dá n‑iarrachtaí chun measúnuithe comhshaoil coiteanna a fhorbairt, de bhun na Treorach seo agus foráil á déanamh maidir leis an tréimhse is gá chun obair den sórt sin a chur i gcrích.

(29a)   Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do na dúshláin atá roimh mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide ó thaobh acmhainní agus cumas de, go háirithe i gcomparáid le corparáidí móra. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach do na Ballstáit, agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, gach beart iomchuí a dhéanamh chun cabhrú le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh. [Leasú 18]

(30)  Cé go dtoirmeasctar cleachtais tráchtála éagóracha, lena n‑áirítear maímh chomhshaoil mhíthreoracha, i gcás na dtrádálaithe uile de bhun Threoir 2005/29/CE(19), d’fhéadfadh ualach riaracháin, atá nasctha le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil agus iad a fhíorú, a bheith díréireach le haghaidh na gcuideachtaí is lú agus ba cheart an t‑ualach sin a sheachaint. Chuige sin, ba cheart micrifhiontair a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh faoi Airteagal 3 agus 4 ach amháin i gcás inar mian leis na fiontair sin deimhniú comhréireachta a fháil faoi mhaímh chomhshaoil shainráite a aithneoidh na húdaráis inniúla ar fud an Aontais.

(31)  Chun freastal ar riachtanais na dtrádálaithe maidir le straitéisí margaíochta dinimiciúla, agus riachtanais na dtomhaltóirí maidir le faisnéis ar an gcomhshaol a bheith níos mionsonraithe, agus níos cruinne, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na forálacha a fhorlíonadh maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite trí na critéir maidir le bunús a thabhairt i dtaca le maímh áirithe a shonrú a thuilleadh (e.g. maímh a bhaineann leis an aeráid, lena n‑áirítear maímh faoi fhritháirimh, ‘aeráidneodracht’ nó nithe comhchosúla, an in‑athchúrsáilteachtin-athchúrsáilteacht agus ábhar athchúrsáilte) bunaithe ar chreidmheasanna carbóin ar astaíochtaí iarmharacha trádálaí, amhail ‘neodracht aeráide’, agus maímh maidir le hin-athchúrsáilteacht agus ábhar athchúrsáilte). Ba cheart an chumhacht a thabhairt don CoimisiúnChoimisiún rialacha breise a leagan síos maidir leis na tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil agus feidhmíocht chomhshaoil a thomhas agus a ríomh, trína chinneadh cé na gníomhaíochtaí, próisis, ábhair, astaíochtaí nó úsáidí táirge nó trádálaí a chuireann go suntasach nó nach féidir cur leis na tionchair ábhartha ar an gcomhshaol agus leis na gnéithe ábhartha comhshaoil; trí chinneadh, maidir le faisnéis phríomhúil, cé na gnéithe comhshaoil agus na tionchair chomhshaoil ba cheart faisnéis den sórtan fhaisnéis sin a úsáid lena n‑aghaidh; agus trí na critéir a chinneadh chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas na faisnéise príomhúla agus tánaistí. Cé gurbh amhlaidh i bhformhór na gcásanna nach mbreithneodh an Coimisiún an gá leis na rialacha sin a ghlacadh ach amháin tar éis dó torthaí an fhaireacháin ar éabhlóid na maíomh comhshaoil ar mhargadh an Aontais a fháil, i gcás cineálacha áirithe maíomh, d’fhéadfadh sé gur gá don Choimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh sula mbeidh torthaí an fhaireacháin sin ar fáil. Mar shampla, i gcás na maíomh a bhaineann le haeráid, d’fhéadfadh sé gur gá na gníomhartha forlíontacha den sórt sin a ghlacadh chun na forálacha a chur i ngníomh, ar forálacha iad maidir le bunús a thabhairt le maímh atá bunaithe ar fhritháirimhchreidmheasanna carbóin a úsáidtear ar astaíochtaí iarmharacha trádálaí. [Leasú 19]

(32)  Tá treoraíocht sa Mholadh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 maidir leis an mbealach chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí nó eagraíochtaí sonracha a thomhas agus faoin mbealach chun Rialacha Catagóire maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna) agus Rialacha Earnála maidir leis an Lorg Comhshaoil Eagraíochta (OEFSRanna) a fhorbairt, lena bhfágtar go mbítear in ann táirgí a chur i gcomparáid le tagarmharc. Is féidir na rialacha catagóra den sórt sin le haghaidh táirgí nó trádálaithe sonracha a úsáid chun tacú leis an mbunús a thugtar le maímh i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun rialacha maidir le grúpa táirgí nó maidir le hearnáil shonrach a leagan síos i gcás ina bhféadfadh breisluach a bheith i gceist leis sin. Mar sin féinI gcás roinnt grúpaí táirgí, áfach, níl modh PEF oiriúnach chun measúnú iomlánaíoch comhshaoil a sholáthar. I gcás inarb amhlaidh le modh an Loirg Comhshaoil Táirge nach gcumhdaítear catagóir thionchair fós, ar catagóir í atá ábhartha le haghaidh grúpa táirgí, ní fhéadfaidh PEFCR a ghlacadh ach amháin tar éis do na catagóirí ábhartha tionchar comhshaoil a bheith curtha leis an modh sin. Mar shampla, a mhéid a bhaineann le hiascaigh mhuirí, ba cheart do PEFCR na catagóirí tionchar comhshaoil a bhaineann le hiascaigh go sonrach a léiriú, go háirithe inbhuanaitheacht an stoic ar a ndírítear. Maidir leis an spás, ba cheart do PEFCR na catagóirí tionchar comhshaoil a bhaineann le cúrsaí cosanta agus an spás go sonrach a léiriú, lena n‑áirítearn-áirítear an úsáid sa spás fithiseach. A mhéid a bhaineann le táirgí bia agus talmhaíochta, ba cheart, mar shampla, an bhithéagsúlacht agus cosaint an dúlra, mar aon le cleachtais feirmeoireachta, lena n‑áirítearn-áirítear seachtrachtaí dearfacha na feirmeoireachta forleithne agus leas na n‑ainmhithen-ainmhithe, a chomhtháthú freisin sula bhféadfaí glacadh PEFCR a bhreithniú. A mhéid a bhaineann le teicstílí, ba cheart do PEFCR scaoileadh na micreaphlaisteach a léiriú mar shampla, sula bhféadfaí glacadh PEFCR a bhreithniú. Chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhodh PEF atá ann faoi láthair agus chun aghaidh a thabhairt ar na teorainneacha a bhaineann leis, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht agus nuashonrú rialta ar na modhanna chun dul chun cinn eolaíoch a léiriú. Tá sé tábhachtach freisin go gcuirfidh an Coimisiún ar chumas an fhóraim Comhairliúcháin a bunaíodh faoin Treoir seo cur le forbairt PEFCR agus OEFCR. [Leasú 20]

(32a)   Chun sláine, neamhchlaontacht agus ardcháilíocht an bhunúis a bhaineann le maímh chomhshaoil a áirithiú, agus chun a áirithiú go mbeidh tuiscint níos fearr ar thionchair chomhshaoil ag tomhaltóirí mar thoradh ar na ceanglais maidir leis an mbunús, tá sé tábhachtach go bhforbrófaí na ceanglais sin maidir le bunús a thabhairt do mhaímh chomhshaoil lena mbaineann sraith chothrom geallsealbhóirí, amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha, oibreoirí scéimeanna lipéadaithe agus comhlachtaí inniúla, chomh maith le hionadaithe tionscail, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus ionadaithe ón tionscail cheirde, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún fóram comhairliúcháin a bhunú, a mbeidh sé mar ról aige tuairimí a thabhairt i dtaobh an bhfuil na rialacha agus na modhanna atá ann cheana oiriúnach chun bunús a thabhairt le maímh shonracha chomhshaoil, agus ba cheart dul i gcomhairle leis maidir le hullmhú an athbhreithnithe ar ghníomhartha tarmligthe nua nó maidir lena bhforbairt. [Leasú 21]

(33)  Ós rud é go bhfuil feidhm ag Treoir 2005/29/CE maidir le maímh chomhshaoil mhíthreoracha cheana féin, cumasaítear na cúirteanna agus na húdaráis riaracháin náisiúnta leis an Treoir na maímh den sórt sin a stopadh agus a thoirmeasc. Mar shampla, chun Treoir 2005/29/CE a chomhlíonadh, ba cheart nach mbeadh baint ag maímh chomhshaoil ach amháin le gnéithe atá suntasach i dtéarmaí thionchar an táirge nó an trádálaí ar an gcomhshaol. Ba cheart maímh chomhshaoil agus scéimeanna lipéadaithe a bheith soiléir agus neamh‑dhébhríochneamh-dhébhríoch freisin maidir leis na gnéithe den táirge nó den trádálaí dá dtagraíonn siad agus níor cheart faisnéis thábhachtach faoi fheidhmíocht chomhshaoil an táirge nó an trádálaí a fhágáil ar lár nó a cheilt, ar faisnéis í sin lena mbíonn gá ag tomhaltóirí chun roghanna eolachaeolasacha a dhéanamh. Leis an bhfoclaíocht, na híomhánna agus le cur i láthair foriomlán an táirge, lena n‑áirítearn-áirítear na línte clibe, an leagan amach, rogha na ndathanna, na n‑íomhánna, na bpictiúríomhánna, pictiúir, fuaimeanna, na bhfuaimeanna, na siombailí, trádmharc nó lipéid nó na lipéad, a chuimsítear sa mhaíomh comhshaoil, ba cheart léiriú cruinn agus fírinneach agus cruinn a sholáthar ar scála an tsochair comhshaoil a bhaintear amach, agus níor cheart meastachán thar ceart a dhéanamh ar an sochar comhshaoil a bhaintear amach. I gcás inarb infheidhme, níor cheart faisnéis faoi mhéid beacht inneachar ábhair dheimhnithe táirge, gné a n-oibríonn cineálacha áirithe scéimeanna lipéadaithe maidir léi, a fhágáil ar lár, go háirithe nuair a d’fhéadfadh an t-íosinneachar deimhnithe a bheith cothrom le nialas. [Leasú 22]

(34)  I gcás ina mbainfidh an maíomh comhshaoil sainráite le táirge deiridh agus go dtarlaíonn na tionchair ábhartha comhshaoil nó na gnéithe ábhartha comhshaoil den táirge sin le linn chéim na húsáide nó ag deireadh a shaolré agus i gcás inar féidir le tomhaltóirí tionchar a imirt ar na tionchair sin ar an gcomhshaol nó ar na gnéithe comhshaoil sin trí iompraíocht iomchuí, amhail, mar shampla, dramhaíl a shórtáil i gceart nó tionchair na bpatrún úsáide ar fhad saoil an táirge, ba cheart faisnéis a chuimsiú leis an maíomh freisin lena mínítear do thomhaltóirí an bealach lenar féidir lena n‑iompraíochtn-iompraíocht rannchuidiú go dearfach leis an gcomhshaol a chosaint. [Leasú 23]

(35)  Ionas go n‑éascaítear roghanna tomhaltóirí maidir le táirgí níos inbhuanaithe a roghnú agus chun iarrachtaí na dtrádálaithe a dhreasú chun a dtionchair chomhshaoil a ísliú, nuair a bhaineann an maíomh a chuirtear in iúl le feidhmíocht chomhshaoil a bheidh ann amach anseo, ba cheart, mar thosaíocht, an maíomh a bheith bunaithe ar fheabhsuithe laistigh d’oibríochtaí agus de shlabhraí luacha an trádálaí féin seachas a bheith ag brath ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó tionchair eile ar an gcomhshaol a fhritháireamh.

(36)  Ba cheart rochtain éasca a bheith ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis faoin táirge nó faoin trádálaí arb í an fhaisnéis sin is ábhar don mhaíomh comhshaoil sainráite, lena n-áirítear go díreach ar an táirge nó a ghabhann leis an táirge, agus maidir le faisnéis a thugannlena dtugtar bunús don mhaíomh sinleis an maíomh is infheidhme maidir leis an táirge. Ba cheart riachtanais tomhaltóirí scothaosta a bhreithniú leis an bhfaisnéis sin freisin. Chun na críche sin, ba cheart do thrádálaithe an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfoirm fhisiceach nó nasc gréasáin, cód QR, pas táirge digiteach nó a choibhéis a sholáthar lena dtreorófar an tomhaltóir chuig suíomh gréasáin mar a gcuirtear faisnéis níos mionsonraithe faoin mbunús a thugtar don mhaíomh comhshaoil sainráite ar fáil i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit mar a ndéantar an maíomh. Chun forfheidhmiú na TreorachaTreorach seo a éascú, ba cheart rochtain éasca a áirithiú freisin leis an nasc gréasáin, cód QR nó lena choibhéis ar an deimhniú comhréireachta maidir leis an mbunús a thugtar leis an maíomh comhshaoil sainráite agus ar fhaisnéis teagmhála an fhíoraitheora a tharraing an deimhniú sin suas. Ba cheart na staidéir, na measúnuithe, na modheolaíochtaí nó na ríomhanna bunúsacha a chur ar fáil go poiblí, ach amháin más rún ceirde í an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 2, mír 1 de Threoir (AE) 2016/943. [Leasú 24]

(37)  Chun tionchair dhíréireacha ionchasacha ar na micrifhiontair a sheachaint, ba cheart na cuideachtaí is lú sin a dhíolmhú ó cheanglais Airteagal 5 atá nasctha le faisnéis faoin mbunús a thugtar le maímh chomhshaoil shainráite ach amháin i gcás inar mian leis na fiontair sin deimhniú comhréireachta a fháil faoi mhaímh chomhshaoil shainráite a aithneoidh na húdaráis inniúla ar fud an Aontais. [Leasú 25]

(38)  Nuair a ghlacann an Coimisiún gníomhartha tarmligthe chun na forálacha maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite a fhorlíonadh, d’fhéadfadh sé gur gá na forálacha maidir leis na maímh sin a chur in iúl a fhorlíonadh freisin. Mar shampla, i gcás ina leagfar síos rialacha sonracha atá bunaithe ar an tsaolré maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite le haghaidh grúpa táirgí nó earnáil áirithe, d’fhéadfadh sé gur gá rialacha forlíontacha a chur leo maidir le tionchair chomhshaoil a chur i láthair, ar tionchair iad a ndearnadh measúnú orthu bunaithe ar na rialacha sin, trí cheangal nach mór trí phríomh-thionchar comhshaoil a chur i láthair taobh le táscaire comhiomlánaithe na feidhmíochta comhshaoil foriomláine. Chuige sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na forálacha a fhorlíonadh, ar forálacha iad maidir le maímh chomhshaoil shainráite a chur in iúl.

(39)  Faoi láthair, úsáidtear breis agus 200 lipéad comhshaoil ar mhargadh an Aontais. Cuireann siad difríochtaí tábhachtacha i láthair maidir leis an mbealach a oibríonn siad a mhéid a bhaineann le trédhearcacht agus cuimsitheacht na gcaighdeán nó na modhanna a úsáidtear mar shampla, minicíocht na n‑athbhreithnithe, nó leibhéal na hiniúchóireachta nó an fhíorúcháin. Bíonn tionchar ag na difríochtaí sin ar a iontaofa a bhíonn an fhaisnéis a chuirtear in iúl ar na lipéid chomhshaoil. Cé go leantar bonn eolaíoch daingean leis na maímh a bhíonn bunaithe ar Éicilipéad an Aontais Eorpaigh nó a choibhéisí náisiúnta, go bhfuil forbairt thrédhearcach i gceist lena gcritéir, go gceanglaítear tástáil agus fíorú tríú páirtí lena n‑aghaidh agus go ndéantar foráil maidir le faireachán tráthrialta, tugann fianaise le fios go bhfuil roinnt mhaith lipéad comhshaoil atá ar mhargadh an Aontais faoi láthair míthreorach. Go háirithe, tá nósanna imeachta fíorúcháin leormhaithe in easnamh maidir le roinnt mhaith lipéad comhshaoil. Dá bhrí sin, ba cheart maímh chomhshaoil shainráite a dhéantar ar lipéid chomhshaoil a bheith bunaithe ar scéim deimhniúcháin.

(40)  I gcásanna ina mbeidh cumarsáid tráchtála chuig tomhaltóirí ag baint le lipéad comhshaoil, lena moltar nó lena dtugtar le tuiscint go bhfuil tionchar dearfach nó nach bhfuil tionchar ag táirge ar an gcomhshaol, nó gur lú dochair don chomhshaol a dhéanann sé ná mar a dhéanann táirgí atá san iomaíocht nach bhfuil an lipéad acu, ba cheart a mheas gur maíomh comhshaoil sainráite é an lipéad comhshaoil sin freisin. Bíonn ábhar an lipéid comhshaoil sin faoi réir na gceanglas maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl dá bhrí sin.

(41)  Is minic é a bheith d’aidhm agleis na lipéid chomhshaoil scóráil chomhiomlánaithe a sholáthar do thomhaltóirí lena gcuirtear tionchar carnach táirgí nó trádálaithe ar an gcomhshaol i láthair, chun go mbeifear in ann comparáidí díreacha a dhéanamh idir táirgí nó trádálaithe. Baineann baol leis an scóráil chomhiomlánaithe sin áfach go gcuirfear tomhaltóirí ar míthreoir toisc gurb amhlaidh leis an táscaire comhiomlánaithe go bhféadfaí tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a bhaineann le gnéithe áirithe den táirge a mhaolú le tionchair níos dearfaí ar an gcomhshaol a bhaineann le gnéithe eile den táirge. Ina theannta sin, agus iad forbartha ag oibreoirí difriúla, bíonn na lipéid sin difriúil de ghnáth i dtéarmaí mhodheolaíocht shonrach fholuiteach an scóir chomhiomlánaithe amhail na tionchair chomhshaoil a bhreithnítear nó an t‑ualú a chuirtear i leith na dtionchar sin ar an gcomhshaol. D’fhéadfadh sé sin a fhágáil go bhfaighidh an táirge céanna rátáil nó scór difriúil ag brath ar an scéim. Tagann an t‑údar imní sin chun cinn i ndáil le scéimeanna atá bunaithe san Aontas agus i dtríú tíortha. Tá sé sin ag cur le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh, is baolach go gcuirfear cuideachtaí níos lú faoi mhíbhuntáiste leis, agus is dócha go gcuirfear tomhaltóirí ar míthreoir a thuilleadh agus go ndéanfar dochar dá muinín as lipéid chomhshaoil dá thoradh. Chun an baol sin a sheachaint agus comhchuibhiú níos fearr laistigh den mhargadh aonair a áirithiú, maidir leis na maímh chomhshaoil shainráite lena n‑áirítear lipéid chomhshaoil, bunaithe ar scór comhiomlánaithe, arb é atá ann tionchar carnach táirgí nó trádálaithe ar an gcomhshaol, níor cheart a mheas go bhfuil bunús leordhóthanach tugtha do na maímh sin ach amháin más rud é go n‑eascraíonn na scóir chomhiomlánaithe sin as rialacha an Aontais, lena n‑áirítear na gníomhartha tarmligthe a bhfuil sé tugtha de chumhacht don Choimisiúin iad a ghlacadh faoin Treoir seo, rud a fhágann ceanglais a chomhlíonadh lena n-áirithítear iontaofacht na scéimeanna comhchuibhithe le haghaidh na dtáirgí uile nó in aghaidh an ghrúpa táirgí shonraigh bunaithe ar mhodheolaíocht aonair chun an comhleanúnachas agus an inchomparáideacht a áirithiú.lipéadaithe comhshaoil bunúsacha, lena n-áirítear maidir lena modhanna measúnaithe agus lena rialachas. [Leasú 26]

(42)  I gcomhréir leis an togra le haghaidh Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas, lena leasaítear Treoir 2005/29/CE, is cleachtas tráchtála éagórach i ngach imthoisc é lipéad inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil bunaithe ar scéim deimhniúcháin nó ar scéim a bhunaigh údaráis phoiblí. Ciallaíonn sé sin go dtoirmeasctar na lipéid inbhuanaitheachta ‘féindeimhnithe’, i gcás nach dtarlaíonn aon fhíorú tríú páirtí ná faireachán tráthrialta a mhéid a bhaineann le comhlíontacht le ceanglais fholuiteacha an lipéid inbhuanaitheachta.

(43)  Chun maímh chomhshaoil shainráite mhíthreoracha a chomhrac, ar maímh iad a chuirtear in iúl i bhfoirm na lipéad inbhuanaitheachta agus chun iontaoibh tomhaltóirí as lipéid chomhshaoil a mhéadú, lena n-áirítear trádmharcanna agus lógónna na scéimeanna deimhniúcháin, ba cheart critéir rialachais a leagan síos leis an Treoir seo nach mór do gach scéimeanna lipéadaithe comhshaoil iad a chomhlíonadh, rud a chomhlíonann dá réir na ceanglais a leagtar síos sa togra sin lena leasaítear Treoir 2005/29/CE. [Leasú 27]

(44)   Ionas go seachnaítear tuilleadh iomadaithe scéimeanna lipéadaithe comhshaoil náisiúnta nó réigiúnacha de chineál I EN ISO 14024 atá aitheanta go hoifigiúil (‘éicilipéadú’), agus scéimeanna lipéadaithe comhshaoil eile, agus chun tuilleadh comhchuibhithe sa mhargadh inmheánach a áirithiú, níor cheart scéimeanna lipéadaithe comhshaoil náisiúnta nó réigiúnacha nua a fhorbairt ach amháin faoi dhlí an Aontais. Mar sin féin, is féidir leis na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún breithniú scéimeanna lipéadaithe poiblí a fhorbairt ar leibhéal an Aontais le haghaidh grúpaí táirgí nó earnálacha mar nach ann do lipéid den sórt sin i ndlí an Aontais fós agus mar a mbeadh breisluach i gceist le comhchuibhiú chun na cuspóirí ó thaobh na hinbhuanaitheachta agus an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil. [Leasú 28]

(45)  Chun nach gcruthófar bacainní nach gá roimh an trádáil idirnáisiúnta agus chun cóir chomhionann a áirithiú leis na scéimeanna poiblí arna mbunú san Aontas, ba cheart a cheadú do na húdaráis phoiblí lasmuigh den Aontas, atá ag bunú scéimeanna lipéadaithe nua, formheas a iarraidh ón gCoimisiún chun an lipéad a úsáid ar mhargadh an Aontais. Ba cheart an formheas sin a bheith coinníollach ar rannchuidiú na scéime le cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach agus ar choinníoll go léiríonn na scéimeanna breisluach i dtéarmaí na huaillmhéine i leith an chomhshaoil, cumhdach na dtionchar ar an gcomhshaol, grúpa táirgí nó earnáil agus go gcomhlíonann siad ceanglais uile na Treorach seo.

(46)  D’fhéadfaí mearbhall i measc tomhaltóirí a chruthú nó dochar a dhéanamh dá muinín as lipéid chomhshaoil má bhíonn an iomarca scéimeanna lipéadaithe comhshaoil ann arna mbunú ag oibreoirí príobháideacha, agus má bhíonn na scéimeanna forluiteach i dtéarmaí raon feidhme. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit bunúa cheadú scéimeanna lipéadaithe comhshaoil nua a cheadú aratá ann cheana a léiriú i gcleachtas tráchtála gnólacht le tomhaltóir ach amháin tar éis don Treoir seo teacht i bhfeidhm agus nuair a bheidh na scéimeanna arna mbunú ag sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo, agus níor cheart dóibh a cheadú d’oibreoirí príobháideacha iad,scéimeanna nua lipéadaithe comhshaoil a bhunú ach amháin ar choinníoll go dtairgeanngcuireann siad breisluach suntasach i gcomparáid leis na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha atá ann cheanaar fáil, i gcomhréir leis an Treoir seo, i dtéarmaí uaillmhian na gcritéar i leith an chomhshaoil, chun an lipéad a dhámhachtain, cumhdach na dtionchar ábhartha ar an gcomhshaolcomhshaoil, agus iomláine an mheasúnaithe is bonn leis na critéir. Ba cheart do na Ballstáit nós imeachta a leagan síos umchun scéimeanna lipéadaithe comhshaoil nua a fhormheas bunaithe ar dheimhniú comhréireachta arna tharraingt suas ag an bhfíoraitheoirbhfíoraitheo ir neamhspleách, agus measúnú a dhéanamh ar na maímh a rinneadh le scéimeanna lipéadaithe agus deimhniúcháin comhshaoil agus inbhuanaitheachta atá ann cheana. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir le scéimeanna atá bunaithe san Aontas agus lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear scéimeanna atá ann cheana. [Leasú 29]

(47)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun forfheidhmiú na bhforálacha maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil nua náisiúnta agus réigiúnachanua príobháideacha atá aitheanta go hoifigiúil agus scéimeanna lipéadaithe nua príobháideacha a éascú, ba cheart don Choimisiún liosta de na scéimeanna den sórt sin a d’fhéadfadh leanúint d’fheidhm a bheith acu ar mhargadh an Aontais nó dul isteach i margadh an Aontais a fhoilsiú. [Leasú 30]

(48)  Chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhchuibhithe ag na Ballstáit maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil arna bhforbairt ag oibreoirí príobháideacha a mheasúnú agus a fhormheas, agus chun nós imeachta formheasa ag an gCoimisiún a bhunú le haghaidh scéimeanna beartaithe arna mbunú ag údaráis phoiblí lasmuigh den Aontas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairttugtar de chumhacht don Choimisiún chungníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar amach rialacha comhchoiteanna a ghlacadh lena sonraítear ceanglais mhionsonraithe maidir leleis na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil den sórt sin a fhormheas, maidir le formáid agus inneachar na ndoiciméad tacaíochta agus maidir le rialacha nós imeachta chun na scéimeanna den sórt sin a fhormheas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20).[Leasú 31]

(49)  Tá sé fíor‑riachtanachfíor-riachtanach go léiríonn maímh chomhshaoil shainráite agus scéimeanna lipéadaithe comhshaoil an fheidhmíocht chomhshaoil agus tionchair chomhshaoil a chumhdaítear leis an maíomh i gceart, go díreach ar an táirge agus a ghabhann leis an táirge, agus go mbreithnítear leo an fhianaise eolaíoch is déanaí. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh an trádálaí agus na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a dhéanann an maíomh bunús agus cumarsáid na maíomh a athbhreithniú agus a nuashonrú gach 5 bliana ar a laghad chun comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú. [Leasú 32]

(49a)   Le hAirteagal 13(1)e de Threoir an Aontais maidir le Táirgí Tobac 2014/40/AE, cuirtear toirmeasc ar mhaímh chomhshaoil ar tháirgí tobac agus ar phacáistíocht tobac, ach ní chuirtear toirmeasc leis ar eintitis thionscal an tobac maímh ghlasa a dhéanamh faoina ngníomhaíochtaí ina n-iomláine, go háirithe trí fheachtais fógraíochta maidir lena bhfeidhmíocht chomhshaoil a d’fhéadfadh tomhaltóirí a chur ar míthreoir; dá bhrí sin, níor cheart aon mhaíomh comhshaoil maidir le gníomhaíochtaí thionscal an tobac a cheadú. [Leasú 33]

(50)  Chun a áirithiú go mbeidh maímh chomhshaoil shainráite iontaofa, is gá go mbunóidh na Ballstáit nós imeachta chun a fhíorú go gcomhlíonann bunús agus cumarsáid na maíomh comhshaoil sainráite, lena n‑áirítear lipéid chomhshaoil, nó na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil, na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo.

(51)  Chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann cur chun feidhme fhorálacha na Treorach seo a rialú ar bhealach níos éifeachtúla agus chun maímh chomhshaoil shainráite nach bhfuil bunús tugtha leo a bheith ar an margadh a chosc a oiread agus is féidir, lena n‑áirítear lipéid chomhshaoil, ba cheart d’fhíoraitheoirí a chomhlíonann na ceanglais chomhchuibhithe a leagtar síos leis an Treoir a sheiceáil go gcomhlíonann an fhaisnéis a úsáidtear chun bunús a thabhairt agus cumarsáid a dhéanamh maidir le maímh chomhshaoil shainráite, ceanglais na Treorach seo. Ionas nach gcuirfear tomhaltóirí ar míthreoir, ba cheart an fíorú a dhéanamh in aon chás sula gcuirfear na maímh chomhshaoil ar fáil don phobal nó sula dtaispeánfar lipéid chomhshaoil. Mar sin féin, chun dramhaíl táirgí nó phacáistíochta a bheidh priontáilte cheana féin roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo a sheachaint, féadfaidh na Ballstáit idirthréimhse a thabhairt isteach idir dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar lena linn is féidir maímh chomhshaoil atá ann cheana agus a cuireadh isteach i gcomhair fíorú a úsáid. Féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhíorú ar na maímh a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Féadfaidh an fíoraitheoir, más iomchuí, roinnt bealaí a chur in iúl chun an maíomh comhshaoil sainráite a chomhlíonann ceanglais na Treorach seo a chur in iúl chun an gá le hathdheimhniú leanúnach a sheachaint i gcás go ndéanfaí an bealach cumarsáide a mhodhnú beagán gan difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais na Treorach seo. Chun comhlíonadh na rialacha maidir le bunús a thabhairt agus cumarsáid a dhéanamh maidir le maímh shainráite chomhshaoil a éascú do thrádálaithe, lena n‑áirítear na lipéid comhshaoil, ba cheart cineál agus inneachar an mhaímh nó an lipéid chomhshaoil a chur san áireamh san fhíorú, lena n‑áirítear an dealraíonn sé go bhfuil siad éagórach i bhfianaise Threoir 2005/29/CE. [Leasú 34]

(52)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do thrádálaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh a mhéid a bhaineann leBa cheart micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a bheith in ann tairbhe a bhaint as na deiseanna a chuireann an margadh ar fáil le haghaidh táirgí níos inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais atá níos airde go comhréireach a bheith orthu agus deacrachtaí a bheith i ndán dóinh de thoradh cuid de na ceanglais na Treorach seo a bheith á gcomhlíonadh ag naa chomhlíonadh maidir le bunús a thabhairt agus fíorú a dhéanamh i ndáil le maímh chomhshaoil shainráite,. Ba cheart do na húdaráis inniúlaBallstáit agus don Choimisiún faisnéis leordhóthanach a sholáthar agus feasacht a mhúscailt maidir leis na bealaí chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach, lena n-áirítear cúnamh airgeadais, a chur ar fáil do FBManna ar mian leo maímh chomhshaoil shainráite a dhéanamh a mhéid a bhaineann lena dtáirgí nó lena ngníomhaíochtaí. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir leis an Státchabhair. Chun cothrom na Féinne a áirithiú do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud an Aontais an deimhniú comhréireachta a aithint., ba cheart cead a bheith ag micrifhiontair deimhniú den sórt sin a iarraidh más mian leo a maímh a dheimhniú i gcomhréirdo na Ballstáit dul i mbun idirphlé rialta maidir le bearta tacaíochta do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá i bhfeidhm ar leibhéil réigiúnacha agus náisiúnta faoi seach. Ina theannta sin, agus chun a áirithiú nach mbeidh costais atá díréireach ard agus deacrachtaí i ndán do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i ndáil le ceanglais na Treorach seo agus tairbhe a bhaint as aitheantas an deimhnithe ar fud an Aontais. Níor, ba cheart, áfach, go ndéanfaí leis an deimhniú comhréireachta réamhbhreithiúnas don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar roinnt tionscnamh faoi chuimsiú cláir airgeadais atá tiomnaithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcásanna inar mian leo maímh chomhshaoil shainráite a dhéanamh maidir le maíomh comhshaoil a mheasúnú, ar measúnú é a dhéanann na húdaráis phoiblí nó na cúirteanna a dhéanann Treoir 2005/29/CE a fhorfheidhmiú.lena dtáirgí nó lena ngníomhaíochtaí. [Leasú 35]

(53)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis na forálacha i ndáil le maímh chomhshaoil shainráite agus scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a fhíorú agus chun forfheidhmiú na bhforálacha maidir le fíorú na Treorach seo a éascú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirm choiteann a ghlacadh le haghaidh deimhnithe comhréireachta agus na modhanna teicniúla chun na deimhnithe den sórt sin a eisiúint. Ba cheart go n-éascódh an fhoirm choiteann sin aitheantas na n-údarás inniúil do dheimhnithe comhréireachta ar fud an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21). [Leasú 36]

(54)  Ba cheart micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bheith in ann tairbhe a bhaint as na deiseanna a chuireann an margadh ar fáil le haghaidh táirgí níos inbhuanaithe ach d’fhéadfadh costais atá níos airde go comhréireach a bheith orthu agus deacrachtaí níos airde a bheith orthui ndán dóinh de thoradh cuid de na ceanglais a chomhlíonadh maidir le bunús a thabhairt agus fíorú a dhéanamh i ndáil le maímh chomhshaoil shainráite. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis leordhóthanach a sholáthar agus feasacht a mhúscailt maidir leis na bealaí chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, oiliúint spriocdhírithe agus speisialaithe a áirithiú, agus cúnamh agus tacaíocht shonrach, lena n‑áirítear cúnamh airgeadais, a chur ar fáil do FBManna ar mian leo maímh chomhshaoil shainráite a dhéanamh a mhéid a bhaineann lena dtáirgí nó lena ngníomhaíochtaí. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir leis an Státchabhair. Chun cothrom na Féinne a áirithiú do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit dul i mbun idirphlé rialta maidir le bearta tacaíochta do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá i bhfeidhm ar leibhéil réigiúnacha agus náisiúnta faoi seach. Ina theannta sin, agus chun a áirithiú nach mbeidh costais atá díréireach ard agus deacrachtaí i ndán do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i ndáil le ceanglais na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar roinnt tionscnamh faoi chuimsiú cláir airgeadais atá tiomnaithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcásanna inar mian leo maímh chomhshaoil shainráite a dhéanamh maidir lena dtáirgí nó lena ngníomhaíochtaí. [Leasú 37]

(55)  Chun cothrom iomaíochta a áirithiú ar mhargadh an Aontais, áit a mbeidh maímh faoi fheidhmíocht chomhshaoil táirge nó trádálaí bunaithe ar fhaisnéis atá iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe, is gá rialacha comhchoiteanna maidir le forfheidhmiú agus comhlíonadh a leagan síos.

(56)  Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí na Treorach seo agus go bhforfheidhmeofar na ceanglais go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a n‑údaráisn-údaráis inniúla féin a ainmniú a bheidh freagrach as an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Mar sin féin, i bhfianaise dhlúthchomhlántacht Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Treoir seo le forálacha Threoir 2005/29/CE, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin na húdaráis inniúla chéanna atá freagrach as forfheidhmiú Threoir 2005/29/CE a ainmniú lena bhforfheidhmiú. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, nuair a dhéanann na Ballstáit an rogha sin, ba cheart iad a bheith in ann brath ar na modhanna agus na cumhachtaí forfheidhmithe atá bunaithe acu i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2005/29/CE, de mhaolú ar na rialacha maidir le forfheidhmiú a leagtar síos sa Treoir seo. I gcásanna ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe ina gcríoch agus chun feidhmiú éifeachtach dhualgais na n‑údarásn-údarás inniúil a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit dlúthchomhar a áirithiú idir na húdaráis inniúla ainmnithe uile. [Leasú 38]

(57)  Gan dochar do na cumhachtaí a tugadh cheana féin le Rialachán (AE) 2017/2394(22) d’údaráis cosanta tomhaltóirí, ba cheart sraith íosta cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmithe a bheith ag na húdaráis inniúla chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú, chun dul i gcomhar le chéile ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtúla, agus chun gníomhaithe margaidh a dhíspreagadh ó shárú na Treorach seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a bheith leormhaith chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin forfheidhmiúcháin a bhaineann leis an ríomhthráchtáil agus leis an gcomhshaol digiteach agus chun cosc a chur ar ghníomhaithe neamhchomhlíontacha sa mhargadh leas a bhaint as bearnaí sa chóras forfheidhmiúcháin trí athlonnú chuig na Ballstáit sin a bhféadfadh sé gur lú cumas a n‑údarás inniúil dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha.

(58)  Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann fíorais agus imthosca uile an cháis a úsáid mar fhianaise chun críche a n‑imscrúdaithe.

(59)  Chun cosc a chur ar mhaímh chomhshaoil shainráite atá míthreorach agus nach bhfuil bunús tugtha leo a bheith ar mhargadh an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha tráthrialta a dhéanamh ar mhaímh chomhshaoil shainráite a dhéantar, agus ar na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a chuirtear i bhfeidhm, chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo.

(60)  Nuair a bhraitheann údaráis inniúla sárú ar cheanglais na Treorach seo, ba cheart dóibh meastóireacht a dhéanamh agus, bunaithe ar thorthaí na meastóireachta sin, fógra a thabhairt don trádálaí faoin sárú a braitheadh agus ba cheart dóibh a cheangal go ndéanfadh an trádálaí gníomhaíochtaí ceartaitheacha. Chun éifeacht mhíthreorach ag maímh comhshaoil sainráite neamhchomhlíontach nó ag scéim lipéadaithe comhshaoil neamhchomhlíontach ar thomhaltóirí a íoslaghdú, ba cheart do na húdaráis inniúla a cheangal ar an trádálaí gníomhaíocht éifeachtach agus thapa a dhéanamh chun an sárú sin a leigheas. Ba cheart don ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a bheith comhréireach leis an sárú a bhraitear agus leis na héifeachtaí díobhálacha a mheastar a bheidh aige ar na tomhaltóirí.

(61)  I gcás nach bhfuil sárú srianta dá gcríoch náisiúnta, agus go bhfuil an maíomh comhshaoil sainráite curtha chun cinn idir trádálaithe, ba cheart do na húdaráis inniúla na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta a rinne siad agus faoi aon ghníomhaíocht a cheangail siad ar an trádálaí atá freagrach a dhéanamh.

(62)  Ba cheart d’údaráis inniúla seiceálacha a dhéanamh freisin ar mhaímh chomhshaoil shainráite ar mhargadh an Aontais an tráth atá faisnéis ábhartha ina seilbh acu agus bunaithe uirthi, lena n‑áirítear ábhair imní cuí‑réasúnaithe arna gcur isteach ag tríú páirtithe. Ba cheart do thríú páirtithe a bhfuil ábhar imní á chur isteach acu a bheith in ann leas leormhaith a léiriú nó lagú cirt a áitiú.

(63)  Chun a áirithiú go ndíspreagtar trádálaithe go héifeachtach ó neamhchomhlíonadh cheanglais na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Treoir seo agus a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun cur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí pionós a éascú, is gá critéir choiteanna neamh‑uileghabhálacha a leagan síos chun cineálacha agus leibhéil na bpionós a bheidh le forchur i gcás sáruithe a chinneadh. Ba cheart a áireamh sna critéir sin, inter alia, cineál agus tromchúis an tsáraithe chomh maith leis na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as an sárú chun a áirithiú go mbainfear na sochair sin díobh siúd atá freagrach.

(64)  Agus pionóis agus bearta le haghaidh sáruithe á leagan síos, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh, bunaithe ar thromchúis an tsáraithe, gur cheart do leibhéal na bhfíneálacha an tairbhe eacnamaíoch a eascraíonn as úsáid a bhaint as maíomh comhshaoil sainráite míthreorach nó nach bhfuil bunús tugtha leis nó as an scéim lipéadaithe comhshaoil neamhchomhlíontach a bhaint go héifeachtach den trádálaí neamhchomhlíontach, lena n‑áirítear i gcásanna sáruithe leantacha. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh ar na bearta le haghaidh sáruithe dá bhforáiltear ag na Ballstáit coigistiú an táirge ábhartha ón trádálaí nó ioncam a fuarthas ó na hidirbhearta a ndearna an sárú sin difear dóibh nó eisiaimh nó toirmisc shealadacha ó tháirgí a chur ar mhargadh an Aontais nó ó sheirbhísí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais. Ba cheart tromchúis an tsáraithe a bheith ar an bpríomhchritéar maidir leis na bearta a dhéanann na húdaráis forfheidhmiúcháin. Ba cheart uasmhéid na bhfíneálacha a bheith athchomhairleach agus socraithe ar leibhéal 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann i gcás sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais atá faoi réir bearta comhordaithe imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394(23).

(65)  Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun Airteagal 290 CFAE, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí, lena n-áirítear leis an bhfóram comhairliúcháin le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítearn-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontúi gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(24). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 39]

(66)  Chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta i gcomparáid leis na cuspóirí a shaothraítear léi, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo agus tuarascáil ar na príomhthorthaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Chun bonn eolais a chur faoi mheastóireacht ar an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú go tráthrialta maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus í a sholáthar don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

(67)  I gcás ina measann an Coimisiún, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin agus na meastóireachta ar an Treoir seo, gurb iomchuí athbhreithniú ar an Treoir seo a mholadh, ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar indéantacht agus oiriúnacht forálacha breise maidir le sainordú a thabhairt i dtaca le húsáid modha choitinn chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite, ar leathnú an toirmisc ar mhaímh chomhshaoil i gcás táirgí ina bhfuil substaintí guaiseacha ach amháin i gcás ina meastar go bhfuil a n‑úsáid riachtanach don tsochaí, nó ar chomhchuibhiú breise maidir le ceanglais i ndáil le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shonracha i dtaca le gnéithe comhshaoil nó tionchair chomhshaoil. [Leasú 40]

(68)  Ba cheart úsáid na substaintí is díobhálaí a chéimniú amach ar deireadh san Aontas chun dochar suntasach do shláinte an duine agus don chomhshaol a sheachaint agus a chosc, go háirithe a n‑úsáid i dtáirgí tomhaltais. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur ar fáil maidir le maímh chomhshaoil shainráite a úsáid i leith táirgí ina bhfuil substaintí díobhálacha agus meastóireacht a dhéanamh ar cé na táirgí nó na grúpaí táirgí a bhfuil úsáid maíomh comhshaoil sainráite ina leith míthreorach Ós rud é gur féidir le húsáid na maíomh sin tomhaltas na dtáirgí sin ina bhfuil substaintí atá díobhálach don chomhshaol nó do shláinte an duine a spreagadh, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun srianta nó toirmisc a thabhairt isteach maidir le húsáid na maíomh comhshaoil sainráite sin. Ina thuarascáil, d’fhéadfadh an Coimisiún meastóireacht a dhéanamh freisin an mbeadh sé iomchuí go n-úsáidfí critéir áirithe Éicilipéad an AE a leagtar amach faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 maidir le húsáid substaintí nó ullmhóidí/meascán le haghaidh srianta nó toirmisc a d’fhéadfadh a bheith ann ar úsáid maíomh comhshaoil sainráite faoin Treoir seo. Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25) toirmisctear lipéadú meascán agus substaintí ina bhfuil ceimiceáin ghuaiseacha mar ‘neamhthocsaineach’, ‘neamhdhíobhálach’, ‘neamhthruaillitheach’, ‘éiceolaíoch’ nó aon ráiteas eile lena gcuirtear in iúl nach bhfuil an tsubstaint nó an meascán guaiseach nó ráitis atá ar neamhréir le haicmiú na substainte nó an mheascáin sin. Ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid sin. Mar a gealladh sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht, saineoidh an Coimisiún critéir maidir le húsáidí fíor‑riachtanacha chun a cur i bhfeidhm a threorú i reachtaíocht ábhartha an Aontais. .[Leasú 41]

(69)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú do ghníomhaithe eacnamaíocha atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach agus do thomhaltóirí atá ag brath ar mhaímh chomhshaoil, ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas ceanglais a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(70)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(26), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad ina mínítear an gaol idir comhpháirteanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(71)  Ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27) a leasú chun tagairt don Treoir seo a chur isteach chun an comhar riaracháin idir na húdaráis inniúla a éascú trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh.

(72)  Ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28) a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh ionas go n‑éascófar an comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú na Treorach seo.

(73)  Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29) a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh ionas go n‑áiritheofar go ndéanfar na comhleasanna tomhaltóirí a leagtar amach sa Treoir seo a chosaint.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme [Leasú 42]

-1.   Is é is cuspóir leis an Treoir seo foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir agus don chomhshaol, agus rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ag an am céanna, trí dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú a bhaineann le maímh chomhshaoil a dhéantar ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a dhéantar faoi threoir na dtáirgí sin nó le trádálaithe a chuireann táirgí ar fáil ar an margadh. [Leasú 43]

1.  Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le maímh chomhshaoil shainráite a dhéanann trádálaithe faoi tháirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse, lena n-áirítear trí ardáin ar líne nó faoi thrádálaithe agus scéimeanna lipéadaithe comhshaoilnó trádálaithe i gcleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir. [Leasú 44]

2.  Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil ná maidir le maímh chomhshaoil shainráite a rialaítear nó a dtugtar bunús leo le rialacha a leagtar síos i:

(a)  Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30),

(b)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31),

(c)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32);

(d)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33),

(e)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34)

(f)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35);

(g)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36);

(h)  Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37);

(i)   Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38); [Leasú 45]

(j)  Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39);

(k)   Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(40); [Leasú 46]

(l)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(41)

(m)  Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42);

(n)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(43);

(o)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44), Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(45)agus rialacha, caighdeáin nó treoirlínte eile de chuid an Aontais, náisiúnta nó idirnáisiúnta le haghaidh seirbhísí airgeadais, ionstraimí airgeadais, agus táirgí airgeadais; [Leasú 47]

(oa)   Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(46) [Leasú 48]

(p)   rialacha eile an Aontais atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo lena leagtar amach na coinníollacha faoina bhféadfar maímh chomhshaoil shainráite áirithe i dtaobh táirgí nó trádálaithe áirithe a dhéanamh nó rialacha eile an Aontais lena leagtar síos ceanglais maidir le measúnú nó cumarsáid a dhéanamh i ndáil le tionchair chomhshaoil, ar ghnéithe comhshaoil nó ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí áirithe nó trádálaithe áirithe nó coinníollacha maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil. [Leasú 49]

2a.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an liosta dá dtagraítear i mír 2 a leasú chun reachtaíocht nua nó reachtaíocht athbhreithnithe a scriosadh nó a chur isteach i gcás ina soláthraíonn siad leibhéal ceanglas is féidir a mheas a bheith coibhéiseach leis na ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo. Áirítear an méid seo a leanas ar na ceanglais a cheanglaítear a bheith coibhéiseach:

(a)   an leibhéal nochta faisnéise;

(b)   na ceanglais maidir le fíorú tríú páirtí sula gcuirfear an maíomh ar an margadh;

(c)   an leibhéal forfheidhmithe. [Leasú 50]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil’ maíomh comhshaoil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (o), de Threoir 2005/29/CE;

(2)  ciallaíonn ‘maíomh comhshaoil sainráite’ maíomh comhshaoil atá i bhfoirm téacs nó atá ar lipéad comhshaoil;

(3)  ciallaíonn ‘trádálaí’ trádálaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 2005/29/CE;

(4)  ciallaíonn ‘táirge’ táirge mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2005/29/CE;

(5)  ciallaíonn ‘tomhaltóir’ tomhaltóir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2005/29/CE;

(6)  ciallaíonn ‘cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir’ cleachtais tráchtála idir gnólachtaí agus tomhaltóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir 2005/29/CE;

(7)  ciallaíonn ‘lipéad inbhuanaitheachta’ lipéad inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (r) de Threoir 2005/29/CE;

(8)  ciallaíonn ‘lipéad comhshaoil’ lipéad inbhuanaitheachta lena gcumhdaítear gné amhaín nó níos mó gnéithe comhshaoil de tháirge, próiseas nó trádálaí a bhaineann leis an gcomhshaol amháin nó leis an gcomhshaol den chuid is mó;; [Leasú 51]

(9)  ciallaíonn ‘grúpa táirgí’ sraith táirgí a fhónann chun críoch comhchosúil nó atá comhchosúil i dtéarmaí úsáide de nó a bhfuil airíonna feidhmiúla comhchosúla acu;

(10)  ciallaíonn ‘scéim deimhniúcháin’ scéim deimhniúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (s), de Threoir 2005/29/CE;

(11)  ciallaíonn ‘fíorú’ an próiseas measúnaithe comhréireachta a dhéanann fíoraitheoir chun a fhíorú an bhfuil bunús agus cumarsáid na maíomh comhshaoil sainráite ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Treoir seo nó an gcomhlíonann scéimeanna lipéadaithe comhshaoil an Treoir seo;

(12)  ciallaíonn ‘slabhra luacha’ gach gníomhaíocht agus próiseas atá mar chuid de shaolré táirge nó de ghníomhaíocht trádálaí, lena n‑áirítear athmhonaraíocht, athúsáid, athchúrsáil agus deireadh ré; [Leasú 52]

(13)  ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leantacha agus idirnasctha i saol táirge, arb é atá iontu amhábhar a fháil nó a ghiniúint as acmhainní nádúrtha, réamhphróiseáil, monarú, stóráil, dáileadh, suiteáil, úsáid, cothabháil, deisiú, uasghrádú, athfheistiú chomh maith le hathúsáid, agus deireadh ré;

(14)  ciallaíonn ‘faisnéis phríomha’ faisnéis a thomhaiseann nó a bhailíonn an trádálaí go díreach ó shaoráid amháin nó níos mó atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí an trádálaí;

(15)  ciallaíonn ‘faisnéis thánaisteach’ faisnéis atá bunaithe ar fhoinsí eile seachas faisnéis phríomhúil lena n‑áirítearn-áirítear staidéir litríochta piarmheasúnaithe, staidéir innealtóireachta agus paitinní. [Leasú 53]

(16)  ciallaíonn ‘poiblí’ duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó agus a gcomhlachais, a dtrádálaithe nó a ngrúpaí;

(17)  ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil’ feidhmíocht táirgí nó grúpa táirgí áirithe nó trádálaí nó earnáil áirithe a bhaineann le gnéithe comhshaoil nó le tionchair chomhshaoil an táirge nó an ghrúpa táirgí sin nó le gníomhaíochtaí an trádálaí nó na hearnála sin;

(18)  ciallaíonn ‘gné chomhshaoil’ cuid de ghníomhaíochtaí trádálaí nó earnála nó de tháirgí nó de ghrúpaí táirgí a idirghníomhaíonn leis an gcomhshaol nó ar féidir leo idirghníomhú leis an gcomhshaol.

(19)  ciallaíonn ‘tionchar comhshaoil’ aon athrú intomhaiste ar an gcomhshaol, bíodh sé dearfach nó diúltach, a eascraíonn go hiomlán nó go páirteach as gníomhaíochtaí trádálaí nó earnála nó as táirge nó grúpa táirgí le linn a shaolré. [Leasú 54]

(19a)   ciallaíonn ‘scéim lipéadaithe comhshaoil’ scéim deimhniúcháin lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge, próiseas nó trádálaí na ceanglais maidir le lipéad comhshaoil. [Leasú 55]

Airteagal 3

Bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh trádálaithe measúnú chun bunús a thabhairt le maímh shainráite chomhshaoil. Déanfar an méid seo a leanas leis an measúnú sin:

(a)  sonrófar an mbaineann an maíomh le táirge iomlán, le cuid de tháirge, le cuid de shaolré táirge, nó le gnéithe áirithe de tháirge, nó le gníomhaíochtaí uile trádálaí nó le cuid nó gné áirithe de na gníomhaíochtaí sin, de réir mar is ábhartha maidir leis an maíomh; [Leasú 56]

(b)  braithfear ar fhianaise eolaíoch a aithnítearneamhspleách, phiarmheasúnaithe, atá aitheanta go forleathan, láidir agus infhíoraithe, úsáidfear faisnéis chruinn agus cuirfear caighdeáin ábhartha de chuid an Aontais nó caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta ábhartha san áireamh; [Leasú 57]

(c)  léireofar go bhfuil tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil atá faoi réir an mhaímh suntasach ó thaobh saolré de;

(d)  i gcás ina ndéanfar maíomh maidir le feidhmíocht chomhshaoil, cuirfear san áireamh na gnéithe comhshaoil nó na tionchair chomhshaoil uile atá suntasach ó thaobh measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil, lena n-áirítear ó thaobh na saolré de; [Leasú 58]

(e)  léireofar nach bhfuil an maíomh coibhéiseach leis na ceanglais a fhorchuirtear le dlí ar tháirgí laistigh den ghrúpa táirgí, nó ar thrádálaithe laistigh den earnáil;

(f)  soláthrófar faisnéis i dtaobh an bhfeidhmíonn an táirge nó an trádálaí atá faoi réir an mhaímh i bhfad níos fearr maidir le tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil atá faoi réir an mhaímh ná an cleachtas coiteann le haghaidh táirgí sa ghrúpa táirgí ábhartha nó le haghaidh trádálaithe ábhartha san earnáil ábhartha;

(g)  sainaithneofar an ndéanfar dochar suntasach do thionchairan dtagann comhbhabhtála diúltacha i ndáil leis an gcomhshaol agus le tionchair shonracha chomhshaoil maidir le hathrú aeráide, do, lena n-áirítear ar thomhaltas acmhainní an athraithe aeráide agus ar chiorclaíocht, ar agus ciorclaíocht, d’úsáid inbhuanaithe agus doar chosaint uisce agus acmhainní muirí, don truailliú, donar thruailliú, ar bhithéagsúlacht, doar leas ainmhithe agus d’ar éiceachórais mar thoradh ar fheabhas a chur ar thionchair chomhshaoil, ar ghnéithe comhshaoil nó ar fheidhmíocht chomhshaoil atá faoi réir an mhaímh; [Leasú 59]

(h)  deighlfear aon fhritháireamh d’astaíochtaí gás ceaptha teasachreidmheasanna carbóin a úsáidtear ó astaíochtaí gás ceaptha teasa mar fhaisnéis bhreise faoin gcomhshaolchomhshaol, sonrófar an mbaineann na fritháirimhcreidmheasanna sin le laghduithe nó aistrithe astaíochtaí, agus tabharfar tuairisc ar an gcaoi a bhfuil na fritháirimh ar a bhfuiltear ag brath d’ardshláine agus curtha san áireamh i gceart chun an tionchar a mhaítear ar an aeráid a léiriú;; [Leasuithe 156 agus 167]

(ha)   i gcás creidmheasanna carbóin a úsáid i gcomhréir le mír 3b, léireofar sciar na n-astaíochtaí iarmharacha arna sloinneadh mar sciar d’astaíochtaí bunbhliana, mar sciar de na hastaíochtaí bithghineacha agus iontaise laistigh de na hastaíochta iarmharacha sin agus cainníocht agus cineáil na gníomhaíochta (buanaistriú carbóin, stóráil carbóin i dtáirgí, ceapadh na feirmeoireachta carbóin, nó laghduithe ar astaíochtaí ithreach, mar a shainmhínítear in [Rialachán lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, na feirmeoireachta carbóin agus na stórála carbóin i dtáirgí]) is bonn leis na creidmheasanna a úsáideadh, agus fianaise á soláthar gur baineadh na creidmheasanna go hiomchuí ó chlár na scéime deimhniúcháin, chun comhaireamh dúbailte a sheachaint; [Leasuithe 157 agus 168]

(i)  áireofar príomhfhaisnéis atá ar fáil don trádálaífaisnéis phríomhúil maidir le tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil, atá faoi réir an mhaímh atá inrochtana ag an trádálaí nó a fhéadfaidh an trádálaí a fháil, lena n-áirítear trí sheilbh, trí thaighde nó trí sholáthar; [Leasú 62]

(j)  áireofar, mar fhorlíonadh ar fhaisnéis phríomhúil, faisnéis thánaisteach ábhartha maidir le tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil, nó feidhmíocht chomhshaoil atá ionadaíoch ardo shlabhra luacha sonrach an táirge nó an trádálaí a ndéantar maíomh ina leith, i gcásanna nach bhfuil aon fhaisnéis phríomhúil ar fáil, maille le bonn cirt maidir leis an bhfáth ar úsáideadh faisnéis thánaisteach. [Leasú 63]

(ja)   chun creidmheasanna carbóin a úsáid le haghaidh maímh ranníocaíochta, a áirithiú nach n-úsáidfear aon ranníocaíocht airgeadais chun tionchar feabhsaithe aeráide nó comhshaoil an táirge nó an trádálaí a mhaíomh, agus aon ranníocaíocht airgeadais a dheighilt ó thionchar aeráide nó comhshaoil an táirge nó an trádálaí mar fhaisnéis bhreise chomhshaoil. [Leasú 64]

2.  I gcás ina léirítear gur ann do thionchair chomhshaoil shuntasacha nach bhfuil faoi réir an mhaímh ach nach bhfuil aon fhianaise eolaíoch a aithnítear go forleathan ann chun an measúnú dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a dhéanamh, déanfaidh an trádálaí a dhéanann an maíomh ar ghné eile an fhaisnéis atá ar fáil a chur san áireamh agus, más gá, an measúnú a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le mír 1 a luaithe a bheidh fianaise eolaíoch a aithnítear go forleathan ar fáil.

3.  Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 maidir le trádálaithe ar micrifhiontair iad de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún(47) mura n‑iarrann siad an fíorú agus é d’aidhm acu an deimhniú comhréireachta a fháil i gcomhréir le hAirteagal 10.

3a.   Beidh toirmeasc ar mhaímh chomhshaoil i ndáil le tionchar neodrach, laghdaithe nó dearfach a bheith ag táirge bunaithe ar úsáid creidmheasanna carbóin, i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE mar a leasaítear le Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le [Tomhaltóirí a Chumhachtú don Aistriú Glas]. [Leasuithe 159 agus 169]

3b.   Ní fhéadfar éilimh ar chúiteamh bunaithe ar úsáid creidmheasanna carbóin a dhéanamh ach maidir le hastaíochtaí iarmharacha trádálaí i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe a leagtar amach in Airteagal 3(4a). Maidir le maímh ar fheidhmíocht chomhshaoil a bheidh ann amach anseo bunaithe ar úsáid creidmheasanna carbóin, comhlíonfaidh an trádálaí na rialacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772. Ní mór na creidmheasanna carbóin a úsáidtear a bheith ina n-aonaid dheimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid Aontais le haghaidh aistrithe carbóin, ina n-aonaid eile i gcomhair le mír 3c. I gcás ina bhfuil aonaid á n-úsáid i gcomhair astaíochtaí iontaise a chúiteamh, tabharfar bunús leis an éileamh trí bhuanaistrithe mar a shainmhínítear i [Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat deimhniúcháin an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin]. [Leasuithe 160 agus 170]

3c.   Féadfar aonaid dheimhnithe seachas iad sin a eisiatar i gcomhréir le [Rialachán ó lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, na feirmeoireachta carbóin agus na stórála carbóin i dtáirgí] a úsáid i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina n-aithníonn an Coimisiún na scéimeanna sin mar chuid den liosta de scéimeanna comhlíontacha a chomhfhreagraíonn do cheanglais atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd dá bhforáiltear i [Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, na feirmeoireachta carbóin agus na stórála carbóin i dtáirgí], go háirithe maidir le ceanglais faireacháin, tuairiscithe, fíoraithe agus dliteanais, agus lena n-áirithítear nach ndéantar comhaireamh dúbailte. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun scéimeanna creidmheasa carbóin aitheanta a liostú a mheastar go gcomhlíonann siad na ceanglais choibhéiseacha sin. [Leasuithe 161 agus 171]

3d.   Faoi ..[18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], soláthróidh an Coimisiún tuarascáil maidir le húsáid maíomh comhshaoil sainráite i leith táirgí nó grúpaí táirgí ina bhfuil substaintí nó ullmhóidí/meascáin a chomhlíonann na critéir maidir lena n-aicmiú mar thocsaineach, atá guaiseach don chomhshaol, carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (CMR), rud is cúis le suaitheadh inchríneach ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol, airíonna marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha (PBT), airíonna an-mharthanach, an-bhithcharnach (vPvB), airíonna marthanacha, soghluaiste agus tocsaineacha (PMT), nó airíonna an-mharthanach agus an-soghluaiste (vPvM) mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus substaintí dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar cé na táirgí nó na grúpaí táirgí a bhfuil úsáid maíomh comhshaoil sainráite míthreorach ina leith agus déanfar measúnú inti ar an ngá atá le srianta nó toirmisc ar úsáid maíomh comhshaoil sainráite i gcás na dtáirgí sin nó na ngrúpaí táirgí sin d’fhonn maímh mhíthreoracha a chosc agus rannchuidiú le cosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil

I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil úsáid maíomh comhshaoil sainráite i dtáirge nó i ngrúpa táirgí ina bhfuil substaintí nó ullmhóidí/meascáin dá dtagraítear i bhfomhír 1 míthreorach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite a fhorlíonadh trí shrianta nó toirmisc a thabhairt isteach maidir le húsáid maíomh comhshaoil sainráite maidir leis an táirge nó an grúpa táirgí sin. . [Leasú 68]

4.  Tráth a nochtar leis an bhfaireachán tráthrialta ar éabhlóid na maíomh comhshaoil sainráite dá dtagraítear in Airteagal 20 go bhfuil difríochtaí maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos i mír 1 i ndáil le maímh shonracha agus go gcruthaíonnbhféadfadh drochthionchar a bheith ag na difríochtaí den sórt sin bacainnísin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, nó i gcás ina n‑aithníonnn-aithníonn an Coimisiún go gcuirtearbhféadfadh sé go gcuirfí tomhaltóirí ar míthreoir go forleathan mar gheall ar easpa ceanglas maidir le maímh shonracha, féadfaidhdéanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh shainráite chomhshaoil shainráite a leagtar síos i mír 1 a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas: [Leasú 69]

(-a)   na tionchair ábhartha chomhshaoil a chumhdófar leis an mbunús a chinneadh; [Leasú 70]

(a)  cinneadh a dhéanamh maidir leis na rialacha chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil, ar thionchair chomhshaoil agus ar fheidhmíocht chomhshaoil, lena n‑áirítear trí ghníomhaíochtaí, próisis, ábhair, astaíochtaí nó úsáid táirge a chinneadh, a chuireann go suntasach nó nach féidir cur go suntasach leis na tionchair chomhshaoil ábhartha, leis na gnéithe comhshaoil ábhartha nó leis an bhfeidhmíocht chomhshaoil ábhartha;

(b)  cinneadh a dhéanamh maidir leis na gnéithe comhshaoil nó na tionchair chomhshaoil a soláthrófar príomhfhaisnéis ina leith agus critéir a chinneadh ar féidir measúnú a dhéanamh ar chruinneas na faisnéise príomhúla agus na faisnéise tánaistí bunaithe ar na critéir sin; nó

(c)  rialacha sonracha saolré‑bhunaithesaolré-bhunaithe a leagan síos maidir le bunús a thabhairt le maímh shainráite chomhshaoil shainráite i gcás grúpaí agus earnálacha táirgí áirithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn na Rialacha Catagóire maidir le Lorg Comhshaoil Táirge agus Rialacha Earnála maidir le Lorg Comhshaoil Eagraíochtaí i gcás ina gcumhdaítear leis na rialacha sin gach tionchar ar an gcomhshaol nó gach gné atá ábhartha don chatagóir táirgí nó don trádálaí. [Leasú 71]

4a.   Chun na forálacha maidir le húsáid aonad deimhnithe i gcomhair astaíochtaí iarmharacha trádálaí a fhorlíonadh, glacfaidh an Coimisiún1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18 chun modh a bhunú chun astaíochtaí iarmharacha a shainmhíniú, bunaithe ar chonair laghdaithe astaíochtaí atá comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C agus an fhéidearthacht theicniúil á cur san áireamh agus i gcomhairle leis an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide. [Leasuithe 162/rev agus 172]

4b.   Faoi ... [1 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], sainaithneoidh an Coimisiún na maímh chomhshaoil shainráite is coitianta a dhéantar ar mhargadh an Aontais agus foilseoidh sé plean oibre ina liostófar na maímh a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a fhorlíonadh leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4. Tabharfar an plean oibre sin cothrom le dáta gach 3 bliana ar a laghad. [Leasú 72]

4c.   Faoi ... [1 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], glacfaidh an Coimisiún treoirlínte chun léirmhíniú Airteagal 3(1) pointe (b) a éascú. [Leasú 73]

5.  Agus na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite á sonrú a thuilleadh i gcomhréir leis an mír roimhe seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis eolaíoch nó faisnéis theicniúil eile atá ar fáil, lena n‑áirítear caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, agus i gcás inarb ábhartha, breithneoidh sé an méid seo a leanas:

(a)  sainiúlachtaí na n‑earnálacha agus na dtáirgí a dteastaíonn cur chuige modheolaíochta sonrach ina leith;

(aa)   Rialacha Catagóire maidir le Lorg Comhshaoil Táirge agus Rialacha Earnála maidir le Lorg Comhshaoil Eagraíochta atá ann cheana; [Leasú 74]

(b)  an méid a d’fhéadfadh grúpaí sonracha táirgí nó earnálacha sonracha cuidiú chun cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach;

(c)  aon fhaisnéis ábhartha a dhíorthaítear ó reachtaíocht an Aontais;

(d)  rochtain éasca ar fhaisnéis agus ar shonraí le haghaidh measúnú agus úsáid na faisnéise agus na sonraí sin ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’). [Leasú 75]

5a.   I gcás nach bhfuil aon mhodh eolaíoch aitheanta ann nó nach bhfuil dóthain fianaise ann chun tionchair agus gnéithe comhshaoil a mheasúnú, beidh eisiamh na dtionchar sin trédhearcach agus déanfar iarrachtaí modhanna a fhorbairt agus fianaise a charnadh chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar faoi seach. Go dtí go bhforbrófar an modh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa chéad mhír, ní dhéanfar maímh a thagraíonn do na tionchair chomhshaoil sin. [Leasú 76]

Airteagal 4

Bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite chomparáideacha

1.  An bunús arna thabhairt le maímh shainráite chomhshaoil a shonraíonn nó a thugann le tuiscint gur lú na tionchair chomhshaoil nó go bhfuil feidhmíocht chomhshaoil níos fearr ag táirge nó trádálaí ná mar atá ag táirgí nó trádálaithe eile (‘maímh chomparáideacha chomhshaoil’), comhlíonfaidh sé, mar aon leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3, na ceanglais seo a leanas:

(a)  go bhfuil an fhaisnéis agus, na sonraí agus na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil, ar ghnéithe comhshaoil nó ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí nó na dtrádálaithe a ndéantar an chomparáid ina leith, coibhéiseach leis an bhfaisnéis agus, na sonraí agus na modhanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil, ar ghnéithe comhshaoil nó ar fheidhmíocht chomhshaoil an táirge nó an trádálaí atá faoi réir an mhaímh; [Leasú 77]

(b)  go ndéantar na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil, ar ghnéithe comhshaoil nó ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí nó na dtrádálaithe a ghiniúint nó a aimsiú ar bhealach atá coibhéiseach leis na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil, ar ghnéithe comhshaoil nó ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí nó na dtrádálaithe a ndéantar an chomparáid ina leith;

(c)  go bhfuil cumhdach na gcéimeanna feadh an tslabhra luacha coibhéiseach le haghaidh na dtáirgí agus na dtrádálaithe i gcomparáid le chéile agus go n‑áirithítear leis go gcuirtear na céimeanna is suntasaí san áireamh i gcás gach táirge agus gach trádálaí;

(d)  go bhfuil cumhdach na dtionchar comhshaoil, na ngnéithe nó na feidhmíochta comhshaoil coibhéiseach maidir leis na táirgí agus na trádálaithe a gcuirtear an táirge nó trádálaí i gcomparáid leo agus go gcuirtear na tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó an fheidhmíocht chomhshaoil is suntasaí san áireamh maidir leis na táirgí agus na trádálaithe uile a gcuirtear táirge nó trádálaí i gcomparáid leo;

(e)  go socraítear toimhdí a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh ar bhealach coibhéiseach i gcás na dtáirgí agus na dtrádálaithe a chuirtear i gcomparáid le chéile.

2.  I gcás ina mbaineann maíomh comparáideach comhshaoil le feabhsú maidir le tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil táirge atá faoi réir an mhaímh i gcomparáid le tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil táirge eile ón trádálaí céanna, ó thrádálaí iomaíoch nach bhfuil gníomhach ar an margadh a thuilleadh nó ó thrádálaí nach ndíolann le tomhaltóirí a thuilleadh, míneofar i mbunús an mhaímh conas a dhéanann an feabhsú sin difear do thionchair ábhartha chomhshaoil, do ghnéithe comhshaoil nó d’fheidhmíocht chomhshaoil eile an táirge atá faoi réir an éilimh agus luafar go soiléir ann bliain bhonnlíne na comparáide.

3.  Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo maidir le trádálaithe ar micrifhiontair iad de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún(48) mura n‑iarrann siad an fíorú agus é d’aidhm acu an deimhniú comhréireachta a fháil i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 5

Maímh chomhshaoil shainráite a chur in iúl

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar thrádálaí maíomh soiléir comhshaoil a chur in iúl i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

2.  Ní fhéadfar a chumhdach le maímh chomhshaoil shainráite ach tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil a dtugtar bunús leo i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3, in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 agus a shainaithnítear a bheith suntasach don táirge nó don trádálaí lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3 mír (1) pointe (c) nó (d).

3.  I gcás ina bhfuil baint ag an maíomh comhshaoil sainráite le táirge deiridh, agus go bhfuil an chéim úsáide nó deireadh ré ar cheann de na céimeanna saolré is ábhartha den táirge sin, áireofar leis an maíomh sin faisnéis faoin gcaoi ar cheart don tomhaltóir an táirge a úsáid nó a dhiúscairt chun feidhmíocht chomhshaoil ionchasach an táirge sin a bhfuil coinne leis a bhaint amach. CuirfearBeidh an fhaisnéis sin le feiceáil go soiléir agus ar fáil in éineacht leis an maíomhéileamh. [Leasú 78]

4.  I gcás ina bhfuil baint ag an maíomh comhshaoil sainráite le feidhmíocht chomhshaoil táirge nó trádálaí a bheidh ann amach anseo, áireofar ann gealltanas faoi cheangal ama maidir le feabhsuithe laistigh d’oibríochtaí féin agus de shlabhraí luacha.déanfaidh an trádálaí an méid seo a leanas:

(a)   gealltanas faoi cheangal ama, atá bunaithe ar an eolaíocht agus atá intomhaiste maidir le feabhsuithe laistigh d’oibríochtaí féin agus de shlabhraí luacha a áireamh,

(b)   plean cur chun feidhme a áireamh ina mbeidh spriocanna eatramhacha atá intomhaiste agus infhíoraithe agus gnéithe ábhartha eile a bhfuil gá leo chun tacú le cur chun feidhme, amhail leithdháileadh acmhainní, plean faireacháin agus plean tuairiscithe bunaithe ar thuairisciú agus ar fhíoruithe go tráthrialta,

(c)   an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a chur ar fáil go poiblí, lena n-áirítear torthaí an tuairiscithe. [Leasú 79]

5.  Ní féidir maímh chomhshaoil shainráite maidir le tionchair chomhshaoil charnacha táirge nó trádálaí bunaithe ar tháscaire comhiomlánaithe tionchar comhshaolar thionchair chomhshaoil a dhéanamh ach amháin nuair atá siad bunaithe ar lipéid chomhshaoil a chomhlíonann Airteagal 7. I gcás ina ndéanfar na maímh sin, cuirfear naar bhonn rialacha a úsáidtear chun anchun táscaire comhiomlánaithe den sórt sin atá bunaithe i ndlí an Aontais a ríomh in iúl do na tomhaltóirí. [Leasú 80]

6.  Cuirfear faisnéis faoin táirge nó faoin trádálaí arb é is ábhar don mhaíomh comhshaoil sainráite agus faoin mbunús atá leis ar fáil go poblí in éineacht leis an maíomh i bhfoirm fhisiceach nó i bhfoirm naisc ghréasáin, cóid QR, pas táirge digiteach nó a choibhéis. [Leasú 81]

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:

(a)  gnéithe comhshaoil, tionchair chomhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil arna gcumhdach ag an maíomh;

(b)  caighdeáin ábhartha an Aontais nó na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí;

(c)  na bunstaidéir, na bunmodhanna nó na bunríomhanna, lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 3, a úsáidtear a úsáideadh chun measúnú, tomhas agus faireachán a dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil, ar na gnéithe comhshaoil nó ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil a chumhdaítear leis an maíomh, gan torthaí na staidéar nó na ríomhanna sin a fhágáil ar lár agus gan mínithe ar a raon feidhme, a dtoimhdí agus a dteorainneacha a fhágáil ar lár, ach amháin más rún ceirde í an fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 2, mír 1 de Threoir (AE) 2016/943(49); [Leasú 82]

(d)  míniú gearr ar an gcaoi a mbaintear amach na feabhsuithe atá faoi réir an mhaímh;

(e)  an deimhniú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 10 maidir le bunús an mhaímh agus faisnéis teagmhála an fhíoraitheora a tharraing suas an deimhniú comhréireachta;

(ea)   tuairisc ar an gcineál córais faireacháin agus meastóireachta atá i bhfeidhm ag an scéim lipéadaithe comhshaoil chun a áirithiú go ndéanfar measúnuithe rialta ar fheidhmíocht agus ar thionchair. [Leasú 83]

(f)  i gcás maímh chomhshaoil shainráite a bhaineann leis an aeráid atá ag brath ar fhritháirimh astaíochtaí gás ceaptha teasaa úsáideann creidmheasanna carbóin, faisnéis maidir leis an méid a bhíonn siad ag brath ar fhritháirimh agus an mbaineann siad le laghduithe nó aistrithe astaíochtaí;dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(h), (ha) agus (ja); [Leasú 84]

(fa)   Déanfar maímh chomhshaoil ó thionscail ardthruaillithe i dtéarmaí coibhneasta chun go mbeidh tomhaltóirí in ann tuiscint a fháil ar thionchar diúltach foriomlán an táirge ar an gcomhshaol; [Leasú 85]

(g)  achoimre ar an measúnú lena n‑áirítear na heilimintí a liostaítear sa mhír seo atá soiléir agus intuigthe do na tomhaltóirí a bhfuil an maíomh dírithe orthu agus a chuirtear ar fáil i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéantar an maíomh.

7.  Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 6 maidir le trádálaithe ar micrifhiontair iad de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún mura n‑iarrann siad an fíorú agus é d’aidhm acu an deimhniú comhréireachta a fháil i gcomhréir le hAirteagal 10.

8.  I gcás ina mbeidh an bunús atá le tionchair chomhshaoil áirithe, le gnéithe comhshaoil áirithe nó le feidhmíocht chomhshaoil áirithe faoi réir na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 4(a) agus mír 4(c), Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun forlíonadh a dhéanamh ar na ceanglais maidir le maímh chomhshaoil shainráite a chur in iúl a leagtar amach in Airteagal 5, trí shonrú breise a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhéadfaí a chur in iúl nó a chuirfear in iúl maidir leis na tionchair chomhshaoil, na gnéithe comhshaoil nó an fheidhmíocht chomhshaoil sin, chun a áirithiú nach gcuirfear na tomhaltóirí amúar míthreoir, go háirithe i gcás ina mbeidh bunús le tionchair chomhshaoil áirithe, le gnéithe comhshaoil nó le feidhmíocht chomhshaoil faoi réir na rialacha a bhunaítear i ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3, i mír 4(a) agus i mír 4(c). [Leasú 86]

Airteagal 6

Maímh chomhshaoil chomparáideacha a chur in iúl

Ní bhainfidh maímh chomhshaoil chomparáideacha le feabhas ar na tionchair chomhshaoil, ar ghnéithe comhshaoil nó ar fheidhmíocht chomhshaoil an táirge is ábhar don mhaíomh i gcomparáid leis na tionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil táirge eile ón trádálaí céanna nó ó thrádálaí iomaíoch nach bhfuil gníomhach ar an margadh a thuilleadh nó ó thrádálaí nach ndíolann le tomhaltóirí a thuilleadh, mura rud é go bhfuil siad bunaithe ar fhianaise lena gcruthaítear gur feabhas mór atá i gceist agus gur baineadh amach é le 5 bliana anuas.

Airteagal 7

Lipéid chomhshaoil

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 3 go 6 leis na lipéid chomhshaoil agus go bhfuil siad faoi réir fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 10.

1a.   Má léiríonn lipéad comhshaoil feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth mar a shainmhínítear in Airteagal 2(s) ECGT nó má fhorbraíonn eagraíochtaí aitheanta tomhaltóirí é agus nuair a bheidh a modh bunaithe ar mhodhanna measúnaithe eolaíocha agus in-athsholáthraithe, ní bheidh an lipéad faoi réir a fhíoraithe ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 10(2), ach ní bheidh na ceanglais ná an tástáil ghaolmhar do gach grúpa táirge nó seirbhíse aonair a chumhdaítear leis an lipéad. [Leasú 87]

2.  Ní fhéadfar rátáil nó scór táirge nó trádálaí a chur i láthair ach amháin le lipéid chomhshaoil a chomhlíonann ceanglais na chéad mhíre agus arna ndámhachtain faoi scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a bhunaítear faoi dhlí an Aontaisatá bunaithe ar mhodhanna measúnaithe eolaíocha, neamhspleácha agus in-atáirgthe agus cur chuige saolré agus an rátáil agus an scór sin bunaithe ar tháscaire comhiomlánaithe na dtionchar comhshaoil ag táirge nó trádálaí. [Leasú 88]

Airteagal 8

Ceanglais maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil

1.   Is éard atá i gceist le scéim lipéadaithe comhshaoil scéim deimhniúcháin lena ndeimhnítear go gcomhlíonann táirge, próiseas nó trádálaí na ceanglais maidir le lipéad comhshaoil. [Leasú 89]

2.  Le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)  faisnéis maidir le húinéireacht agus comhlachtaí cinnteoireachta na scéime lipéadaithe comhshaoil, beidh sí trédhearcach, inrochtana, saor in aisce, éasca le tuiscint agus mionsonraithe go leormhaith agus ar fáil ar líne nó ar mheán marthanach; [Leasú 90]

(aa)   go bhfuil comhlachtaí cinnteoireachta na scéime lipéadaithe comhshaoil saor ó choinbhleachtaí leasa agus go bhfuil siad neamhspleách ar thrádálaithe a úsáideann an lipéad; [Leasú 91]

(b)  faisnéis maidir le cuspóirí na scéime lipéadaithe comhshaoil agus na ceanglais agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an scéim lipéadaithe comhshaoil, beidh siad trédhearcach, inrochtana saor in aisce, éasca le tuiscint agus mionsonraithe go leormhaith;

(c)  tá na coinníollacha chun páirt a ghlacadh sna scéimeanna lipéadaithe comhshaoil comhréireach le méid agus láimhdeachas na gcuideachtaí ionas nach gcuirfearn-eisiafar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide as an áireamh, lena n-áirítear trí tháillí réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha a shocrú; [Leasú 92]

(d)  is saineolaithe a d’fhorbair na ceanglais maidir leis an scéim lipéadaithe comhshaoil ar féidir leo stóinseacht eolaíoch na gceanglas sin a áirithiú agus cuireadh faoi bhráid grúpa ilchineálach páirtithe leasmhara nó ionadaithe na bpáirtithe leasmhara iad le haghaidh comhairliúcháin, ar grúpa é trédhearcach, a rinne athbhreithniú orthu agus a d’áirithigh go raibh siad ábhartha ó thaobh na sochaí de. Beidh na geallsealbhóirí saor ó aon choinbhleachtaí leasa, lena n-áirítear trí bheith neamhspleách ar úinéir na scéime lipéadaithe comhshaoil, agus áireofar leo, ar a laghad, saineolaithe ábhartha; [Leasú 93]

(e)  tá sásra um réiteach gearán agus díospóidí i bhfeidhm sa scéim lipéadaithe comhshaoil;

(f)  leagtar amach sa scéim lipéadaithe comhshaoil nósanna imeachta trédhearcacha chun déileáil le neamhchomhlíonadh agus déantar foráil léi maidir leis an lipéad comhshaoil a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcás neamhchomhlíonadh marthanach agus neamhnáireach cheanglais na scéime.; [Leasú 94]

(fa)   tá córas láidir faireacháin agus meastóireachta ag an scéim lipéadaithe comhshaoil chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a cuspóirí, a straitéisí, a feidhmíocht agus a tionchair, bunaithe ar na dea-chleachtais is déanaí, ar shonraí eolaíocha agus ar fhianaise eolaíoch, agus i gcás inarb ábhartha, chun a ceanglais a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na torthaí. [Leasú 95]

3.   Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = dáta thrasuí na Treorach seo] ní bhunóidh údaráis phoiblí na mBallstát aon scéim lipéadaithe comhshaoil nua ar bhonn náisiúnta nó réigiúnach. Mar sin féin, le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil náisiúnta nó réigiúnacha a bunaíodh roimh an dáta sin, féadfar leanúint de na lipéid chomhshaoil a dhámhachtain ar mhargadh an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais na Treorach seo leo. [Leasú 96]

Ón dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní fhéadfar scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a bhunú ach amháin faoi dhlí an Aontais. [Leasú 97]

4.  Ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = dáta thrasuí na Treorach seo] aon scéim lipéadaithe comhshaoil nua arna bunú ag údaráis phoiblí na mBallstát nó i dtríú tíortha a dhámhann lipéid chomhshaoil a úsáidfear ar mhargadh an Aontais, beidh siad faoi réir formheas, gan moill mhíchuí, ón gCoimisiún sula gcuirfear ar mhargadh an Aontais iad d’fhonn a áirithiú go soláthrófar breisluach leis na lipéid sin i dtéarmaí a n‑uaillmhéinen-uaillmhéine comhshaoil, lena n‑áirítearn-áirítear go háirithe a gcumhdach ar thionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil, nó ar ghrúpa nó earnáil táirgí áirithe, i gcomparáid le scéimeanna de chuid an Aontais, nó na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha atá ann cheana dá dtagraítear i mír 3, agus comhlíonfar ceanglais na Treorach seo leis an scéim sin. Le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil arna mbunú ag údaráis phoiblí an Bhallstáit nó i dtríú tíortha roimh an dáta sin, féadfar leanúint de na lipéid chomhshaoil a dhámhachtain, ar lipéid iad a úsáidfear ar mhargadh an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais na Treorach seo leo. [Leasú 98]

5.  Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil arna mbunú ag oibreoirí príobháideacha tar éisÓn … [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = dáta thrasuí na Treorach seo] aon scéim lipéadaithe comhshaoil nua arna bunú ag údaráis phoiblí na mBallstát nó i dtríú tíortha a dhámhann lipéid chomhshaoil a úsáidfear ar mhargadh an Aontais, beidh siad faoi réir formheas, gan moill mhíchuí, ón gCoimisiún sula gcuirfear ar mhargadh an Aontais iad d’fhonn a áirithiú, nach bhformheasfar iad ach amháin más rud é go soláthrófar breisluach leis na scéimeannalipéid sin i dtéarmaí a n‑uaillmhéinen-uaillmhéine comhshaoil, lena n‑áirítearn-áirítear go háirithe fairsinge a gcumhdaigha gcumhdach ar thionchair chomhshaoil, gnéithe comhshaoil nó feidhmíocht chomhshaoil, nó ar ghrúpa nó earnáil táirgí áirithe agus a gcumas tacú le haistriú glas FBManna, i gcomparáid le scéimeanna de chuid an Aontais, nó na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha atá ann cheana dá dtagraítear i mír 3, agus más rud é, agus comhlíonfar ceanglais na Treorach seo leis an scéim sin. Le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil arna mbunú ag údaráis phoiblí an Bhallstáit nó i dtríú tíortha roimh an dáta sin, féadfar leanúint de na lipéid chomhshaoil a dhámhachtain, ar lipéid iad a úsáidfear ar mhargadh an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais na Treorach seo leis na scéimeanna sin.leo. [Leasú 99]

Beidh feidhm ag an nós imeachta sin um scéimeanna lipéadaithe comhshaoil nua a fhormheas maidir le scéimeanna arna mbunú ag oibreoirí príobháideacha san Aontas agus i dtríú tíortha.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a fhormheasfar scéimeanna príobháideacha nua.

6.  Chun na formheasanna dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a fháil, soláthróidh oibreoirí scéimeanna lipéadaithe comhshaoil nua doiciméid tacaíochta ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(a)  an réasúnaíocht atá faoi bhun fhorbairt na scéime

(aa)   tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo; [Leasú 100]

(b)  an raon feidhme a mholtar don scéim,

(c)  an fhianaise go soláthrófar breisluach leis an scéim mar a leagtar amach i mír 4 le haghaidh scéimeanna lipéadaithe comhshaoil arna mbunú ag údaráis phoiblí i dtríú tíortha, nó i mír 5 le haghaidh scéimeanna lipéadaithe comhshaoil arna mbunú ag oibreoirí príobháideacha; [Leasú 101]

(d)  togra le haghaidh dréachtchritéar agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an lipéad comhshaoil a fhorbairt agus a dhámhachtain agus na tionchair ar an margadh lena bhfuil coinne;

(e)  tuairisc mhionsonraithe ar úinéireacht agus comhlachtaí cinnteoireachta na scéime lipéadaithe comhshaoil.

CuirfearDéanfar na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go poiblí agus cuirfear iad faoi bhráid an Choimisiúin i gcás scéimeanna dá dtagraítear i mír 4 nó faoi bhráid údaráis na mBallstát i gcás scéimeanna dá dtagraítear i mír 5, mar aon leis an deimhniú comhréireachta le haghaidh scéimeanna lipéadaithe comhshaoil arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 10. [Leasú 102]

7.  FoilseoidhDéanfaidh an Coimisiún liosta de scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a chomhlíonann an Treoir seo agus lipéid chomhshaoil mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 66/2010a aithnítear go hoifigiúil agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta, ar lipéid iad a cheadaítear lena n‑úsáida úsáid ar mhargadh an Aontais a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta tar éis [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = dáta thrasuí na Treorach seo] de bhun mhíreanna 3, 4 agus 5, lena n-áirítear an fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir le mír 6. Beidh an liosta sin ar fáil saor in aisce don phobal agus cuirfear ar fáil ar bhealach intuigthe é. [Leasú 103]

8.  Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ar fud an Aontaissan Aontas a áirithiú, glacfaidhdéanfaidh an Coimisiún, faoin ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an méid seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 104]

(a)  ceanglais mhionsonraithe a sholáthar maidir le scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a fhormheas agus a athbhreithniú de bhun na gcritéar dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5; [Leasú 105]

(b)  formáid agus ábhar na ndoiciméad tacaíochta dá dtagraítear i mír 6 a shonrú a thuilleadh;

(c)  rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir leis an nós imeachta um an bhformheas dá dtagraítear i mír 4.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19. [Leasú 106]

Airteagal 9

Athbhreithniú ar an mbunús le maímh chomhshaoil shainráite

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh trádálaithe athbhreithniú ar an bhfaisnéis a úsáidtear chun bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus go dtabharfaidh siad cothrom le dáta í, nuair a bhíonn imthosca ann ina bhféadfaí difear a dhéanamh do chruinneascruinneas maímh a athrú, agus tráth nach déanaí ná 5 bliana ón dáta a sholáthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(6). San athbhreithniú, déanfaidh an trádálaí athbhreithniú ar an mbunfhaisnéis a úsáidtear chun a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais Airteagail 3 agus 4 ina n‑iomláinen-iomláine. [Leasú 107]

Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an trádálaí athbhreithniú a dhéanamh ar an mbunús ná iarratas a dhéanamh arís ar dheimhniú i gcás botúin litrithe nó athruithe cosmaideacha eile i dtéacs an mhaímh mura ndéanann sé difear do shubstaint ná do chruinneas an mhaímh. [Leasú 108]

Beidh an maíomh comhshaoil sainráite arna thabhairt cothrom le dáta faoi réir fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 10

Bunús a fhíorú agus a dheimhniú agus cur in iúl na maíomh comhshaoil agus na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil

1.  Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta chun bunús agus cur in iúl na maíomh comhshaoil sainráite a fhíorú in aghaidh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 3 go 7. Déanfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go rialta. [Leasú 109]

2.  Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta chun comhlíontacht na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 a fhíorú. Déanfaidh an Coimisiún na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go rialta. [Leasú 110]

3.  Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a bhaineann le fíorú agus deimhniú maidir le trádálaithe ar micrifhiontair iad de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún ach amháin má iarrann siad amhlaidh.

3a.   Agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcur ar bun acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh i gcostas an fhíoraithe agus an deimhniúcháin castacht an bhunúis a bhaineann leis an maímh, agus méid agus láimhdeachas na dtrádálaithe a iarrann fíorú agus deimhniú agus aird ar leith á tabhairt ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. [Leasú 111]

3b.   Ní bheidh feidhm ag na ceanglais fíoraithe maidir le trádálaithe a bhfuil lipéad comhshaoil ar taispeáint acu a arna fhíorú i gcomhréir leis an Airteagal seo agus maíomh comhshaoil sainráite á dhéanamh acu maidir le gnéithe comhshaoil, tionchair agus feidhmíocht chomhshaoil arna dheimhniú leis an lipéad sin.

Is í an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 5(6) an fhaisnéis a bhaineann leis an scéim lipéadaithe comhshaoil. [Leasú 112]

4.  Is fíoraitheoir a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11 a dhéanfaidh an fíorú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, sula gcuirfear an maíomh comhshaoil ar fáil go poiblí nó sula dtaispeánann trádálaí an lipéad comhshaoil.

4a.   Déanfar fíorú ar mhaímh chomhshaoil shainráite agus scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a chur i gcrích laistigh de 30 lá. Féadfaidh an fíoraitheoir cinneadh a dhéanamh síneadh níos faide ná 30 lá a chur leis an tréimhse fíoraithe i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Cuirfidh fíoraitheoirí meastachán ar fáil don trádálaí maidir le tréimhse an nós imeachta fíoraithe ar an dáta a cuireadh isteach an iarraidh ar fhíorú. [Leasú 113]

5.  Chun críocha an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir cineál agus inneachar an mhaímh comhshaoil shainráite nó an lipéid comhshaoil a chur san áireamh.

6.  Ach an fíorú a chur i gcrích, déanfaidh an fíoraitheoir, i gcás inarb iomchuí, deimhniú comhréireachta a tharraingt suas ina ndeimhneofar go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo leis an maíomh comhshaoil sainráite nó an lipéad comhshaol.

7.  Aithneoidh na húdaráis inniúla an deimhniú comhréireachta, arb iad na húdaráis sin a bheidh freagrach as an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin liosta deimhnithe comhréireachta trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012. A luaithe a dhéanfar deimhniú comhréireachta a sheachadadh agus a chur in iúl, is féidir an scéim lipéadaithe nó an maíomh comhshaoil a úsáid laistigh den Aontas, sa mhéid go gcuirtear an scéim nó an maíomh in iúl i dteanga is féidir le tomhaltóirí a thuiscint sna Ballstáit ina bhfuil an táirge nó an tseirbhís á margú. Cuirfear na deimhnithe comhréireachta ar fáil go poiblí i mbunachar sonraí inchuardaithe ina sainaithneofar go soiléir an trádálaí, an cineál maímh, an modh measúnaithe agus an earnáil. [Leasú 114]

8.  Ní dhéanfar réamhbhreithiúnas leis an deimhniú comhréireachta maidir le measúnú ar mhaíomh comhshaoil a dhéanann na húdaráis náisiúnta nó na cúirteanna i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE.

9.  Faoin... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun mionsonraí a leagan amach maidir le foirm an deimhnithe comhréireachta dá dtagraítear i mír 5 agus maidir leis na modhanna teicniúla chun an deimhniú comhréireachta sin a eisiúint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19. [Leasú 115]

9a.   Féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’fhíorú ar na maímh chomhshaoil atá ann cheana roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo. [Leasú 116]

Airteagal 11

Fíoraitheoir

1.  Is comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachta a bheidh san fhíoraitheoir agus é creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008(50).

2.  Áireofar sa chreidiúnú go háirithe an mheastóireacht ar chomhlíontacht leis na ceanglais i mír 3.

3.  Comhlíonfaidh an fíoraitheoir na ceanglais seo a leanas:

(a)  beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an táirge lena ngabhann an maíomh comhshaoil, nó ar an trádálaí atá bainteach leis;

(b)  an fíoraitheoir, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí fíoraithe a dhéanamh, ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n‑ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí fíoraithe;

(c)  déanfaidh an fíoraitheoir agus a phearsanra na gníomhaíochtaí fíoraithe leis an ard‑ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach agus beidh sé saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a ghníomhaíochtaí fíoraithe,

(d)  beidh an saineolas, trealamh agus bonneagar is gá ag an bhfíoraitheoir chun na gníomhaíochtaí fíoraithe a bhfuil sé creidiúnaithe ina leith a dhéanamh;

(e)  beidh acmhainní leordhóthanacha, go háirithe acmhainní teicniúla agus líon leordhóthanach fostaithe ag an bhfíoraitheoir a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí, agus a bhfuil taithí acu ar mheasúnuithe saolré, i gcás inar gá, acu chun na cúraimí fíoraithe a dhéanamh; [Leasú 117]

(f)  déanfaidh pearsanra fíoraitheora rúndacht ghairmiúil a urramú agus gníomhóidh siad i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le rúin trádála a chosaint, go háirithe Treoir (AE) 2016/943, maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus na cúraimí fíoraithe á ndéanamh aigegcur i gcrích; i gcás nach bhfaigheann an fíoraitheoir an fhaisnéis réamhriachtanach le haghaidh fíoraithe mar gheall ar rúin trádála a chosaint, ní eiseoidh an fíoraitheoir deimhniú comhréireachta; [Leasú 118]

(g)  i gcás ina ndéanfaidh fíoraitheoir cúraimí sonracha a bhaineann le fíorú a ligean ar fochonradh nó ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, glacfaidh sé freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann na fochonraitheoirí nó na fochuideachtaí agus déanfaidh sé measúnú agus faireachán ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus ar an obair a dhéanann siad. Beidh feidhm ag ceanglais mhír 3, pointí (a) go (f), maidir le fochonraitheoirí agus fochuideachtaí freisin. [Leasú 119]

(ga)   beidh sásra um ghearáin agus um réiteach díospóidí i bhfeidhm ag an bhfíoraitheoir; [Leasú 120]

(gb)   beidh an fíoraitheoir a dheonaíonn an deimhniú comhréireachta freagrach as cruinneas mheasúnú an mhaímh atá á dheimhniú agus tabharfar chun cuntais é má fhaightear amach in imscrúdú go raibh sé faillíoch ina mheasúnú. Níl feidhm ag an gcuntasacht sin, áfach, ach amháin sa mhéid nach raibh an trádálaí páirteach i gcleachtais tráchtála mhíthreoracha mar a chuirtear i dtábhacht iad in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. [Leasú 121]

3a.   Féadfaidh fíoraitheoirí creidiúnaithe atá bunaithe i mBallstát amháin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 gníomhaíochtaí fíoraithe a dhéanamh in aon Bhallstát eile faoi na coinníollacha céanna le fíoraitheoirí creidiúnaithe atá bunaithe sa Bhallstát sin. [Leasú 122]

Airteagal 12

Micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide [Leasú 123]

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, bearta iomchuí chun cuidiú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide chun na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm. Áireofar treoirlínte nó sásraí comhchosúlale samplaí agus nósanna imeachta sonracha sna bearta sin ar a laghad chun feasacht a mhúscailt ar bhealaí chun na ceanglais maidir le maímh chomhshaoil shainráite a chomhlíonadh. Ina theannta sin, Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair, d’fhéadfaíáireofar ar na bearta sin a bheidh le glacadh ag na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:: [Leasú 124]

(a)  tacaíocht airgeadais;

(aa)   sásraí eile chun feasacht a mhúscailt maidir le bealaí chun na ceanglais maidir le maímh chomhshaoil shainráite a chomhlíonadh; [Leasú 125]

(b)  rochtain ar mhaoiniú;

(c)  bainistíocht speisialaithe agus oiliúint foirne;

(d)  cúnamh oibríochtúil agus teicniúil saincheaptha. [Leasú 126]

(da)   bainistíocht speisialaithe agus oiliúint foirne; [Leasú 127]

I gcomhthéacs chláir an Aontais ar féidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide tairbhe a bhaint astu, déanfaidh an Coimisiún tionscnaimh a chur san áireamh agus a chur chun cinn lenar féidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. [Leasú 128]

Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála aonair do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ónar féidir leo faisnéis a iarraidh maidir le comhlíonadh na gceanglas maidir le maímh chomhshaoil shainráite agus maidir leis an tacaíocht atá ar fáil dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo. [Leasú 129]

Airteagal 12a

Córas fíoraithe simplithe

1.   Faoin ... [18 mí tar éis an teacht i bhfeidhm], bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe, córas fíoraithe simplithe lena gcuirfear ar chumas trádálaithe leas a bhaint as nós imeachta simplithe, a bhféadfadh toimhde comhréireachta a bheith san áireamh ann, i gcás maímh chomhshaoil áirithe. Sa chóras fíoraithe simplithe sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)   tús áite a thabhairt do mhaímh chomhshaoil nach gá anailís saolré iomlán a dhéanamh orthu nó modhanna casta a úsáid, mar gheall ar chineál an mhaímh;

(b)   formheas níos tapúla na maíomh comhshaoil is coitianta a éascú, i gcomhréir leis an liosta a leagtar amach in Airteagal 3, mír 4a;

(c)   formheas maíomh comhshaoil atá bunaithe ar chaighdeáin nó ar mhodhanna, amhail anailís saolré, atá aitheanta go hoifigiúil ag an gCoimisiún agus atá comhréireach leo, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal sin, a éascú;

(d)   deimhniú maíomh comhshaoil agus lipéad comhshaoil a cheadú bunaithe ar rialacha táirgeshonracha agus rialacha catagóire earnála arna bhforbairt de bhun Airteagal 3(4)(c) agus 5(8), i gcás ina bhforáiltear fíorú tríú páirtí leis na rialacha sin cheana féin.

2.   I gcomhréir le mír 1, forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí de na caighdeáin agus de na modhanna aitheanta sin a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as nós imeachta simplithe, a dhéanfar a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. [Leasú 130]

Airteagal 13

Údaráis inniúla a ainmniú agus sásra comhordaithe

1.  Ainmneoidh Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

2.  Chun Airteagail 5 agus 6 a fhorfheidhmiú, féadfaidh na Ballstáit na húdaráis náisiúnta nó na cúirteanna a bheidh freagrach as Treoir 2005/29/CE a fhorfheidhmiú a ainmniú. Sa chás sin, féadfaidhÁiritheoidh na Ballstáit maolú ar Airteagail 14 go 17 den Treoir seo agus na rialacha forfheidhmithe arna nglacadhgo mbeidh rochtain ag tomhaltóirí a ndéantar díobháil dá leasanna eacnamaíocha de dheasca neamhchomhlíonadh na Treorach seo ar leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha i gcomhréir le hAirteagail 11 go 13hAirteagal 11a de Threoir 2005/29/CE a chur i bhfeidhm.. [Leasú 131]

3.  I gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ina gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go saineofar dualgais na n‑údarás sin faoi seach go soiléir agus go mbunófar sásraí cumarsáide agus comhordaithe iomchuí.

4.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan mhoill faoi chéannacht na n‑údarás inniúil ina mBallstát agus faoi réimsí inniúlachta na n‑údarás sin.

Airteagal 14

Cumhachtaí na n‑údarás inniúil

1.  Tabharfaidh na Ballstáit na cumhachtaí iniúchta agus forfheidhmithe is gá dá n‑údaráis inniúla chun comhlíontacht leis an Treoir seo a áirithiú.

2.  Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla faoi mhír 1:

(a)  an chumhacht chun rochtain a fháil ar aon doiciméad, sonraí nó faisnéis ábhartha a bhaineann le sárú ar an Treoir seo, in aon fhoirm nó formáid agus gan beann ar mheán nó áit a stórála, agus an chumhacht chun cóipeanna díobh a thógáil nó a fháil;

(b)  an chumhacht chun a cheangal ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach aon fhaisnéis, sonraí nó doiciméad ábhartha, in aon fhoirm nó formáid agus gan beann ar mheán nó áit a stórála, a sholáthar, chun a shuí an ndearnadh sárú ar an Treoir seo nó an bhfuiltear á dhéanamh agus mionsonraí an tsáraithe sin;

(c)  an chumhacht chun tús a chur le himscrúduithe nó le nósanna imeachta ar a dtionscnamh féin chun a chur faoi deara go scoirfí de sháruithe ar an Treoir seo nó go dtoirmeascfaí iad;

(d)  an chumhacht chun a cheangal ar thrádálaithe leigheasanna oiriúnacha agus éifeachtacha a ghlacadh agus bearta iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur le sárú ar an Treoir seo;

(e)  an chumhacht chun faoiseamh urghaire a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, maidir le sáruithe ar an Treoir seo;

(f)  an chumhacht chun pionóis a ghearradh le haghaidh sáruithe ar an Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.  Féadfaidh údaráis inniúla úsáid a bhaint as aon fhaisnéis, doiciméad, toradh, ráiteas, nó faisnéis mar fhianaise chun críoch a n‑imscrúduithe, gan beann ar an bhformáid ná ar an meán ina stóráiltear iad.

Airteagal 15

Bearta um fhaireachán ar chomhlíonadh

1.  Údaráis inniúla na mBallstát arna n‑ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 13, déanfaidh siad seiceálacha tráthrialta ar na maímh chomhshaoil shainráite a dhéantar agus ar na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a chuirtear i bhfeidhm ar mhargadh an Aontais. Cuirfear na tuarascálacha ina mionsonrófar torthaí na seiceálacha sin ar fáil don phobal ar líne.

2.  I gcás ina mbraithfidh údaráis inniúla Ballstáit sárú ar oibleagáid a leagtar amach sa Treoir seo, déanfaidh siad meastóireacht ina gcumhdófar na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos sa Treoir seo.

3.  I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis inniúla amach, mar thoradh ar an meastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann bunús agus cur in iúl an mhaímh comhshaoil shainráite ná na scéime lipéadaithe comhshaoil na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo, tabharfaidh siad fógra don trádálaí a dhéanfaidh an maíomh faoin neamhchomhlíonadh sula bhfoilseoidh siad an tuarascáil dá dtagraítear in airteagal 15(1) agus éileoidh siad go ndéanfaidh an trádálaí gach beart ceartaitheach iomchuí laistigh de 30 lá chun an maíomh comhshaoil sainráite nó an scéim lipéadaithe comhshaoil a thabhairt chun comhréireachta leis an Treoir seo nó laistigh de 30 lá, chun deireadh a chur leis an maíomh comhshaoil sainráite neamhchomhlíontach agus na tagairtí dó. Beidh an beartghníomhaíocht sin chomh héifeachtach agus chomh tapa agus is féidir, agus prionsabal na comhréireachta agus an ceart chun éisteacht a fháil á gcomhlíonadh an tráth céanna.

Féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón trádálaí, i gcásanna eisceachtúla, síneadh amháin go dtí an 30 lá bunaidh a thabhairt don trádálaí, síneadh a mbeidh sé de cheangal ar an trádálaí gach gníomh ceartaitheach iomchuí a dhéanamh lena linn. [Leasú 132]

3a.   I gcás ina suífidh údaráis inniúla Ballstáit nach gcomhlíonann maíomh comhshaoil sainráite nó scéim lipéadaithe comhshaoil na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo, ceanglóidh siad ar an trádálaí a nochtadh, gan moill mhíchuí, más rud é gur cuireadh an maíomh sainráite comhshaoil nó an scéim lipéadaithe comhshaoil in iúl i mBallstát eile. Más amhlaidh an cás, tabharfaidh na húdaráis inniúla a shuigh an neamhchomhlíonadh fógra gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát eile inar cuireadh an maíomh nó an lipéad in iúl maidir le toradh na meastóireachta de bhun Airteagal 15(3). [Leasú 133]

3b.   I gcás ina suífidh údaráis inniúla Ballstáit go bhfuil deimhnithe comhréireachta eisithe arís agus arís eile ag fíoraitheoirí maidir le maíomh comhshaoil sainráite nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo, déanfar creidiúnú an fhíoraitheora a tharraingt siar gan moill mhíchuí. [Leasú 134]

Airteagal 16

Gearáin a láimhseáil agus rochtain ar an gceartas

1.  Daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó eagraíochtaí a mheastar go bhfuil leas dlisteanachleordhóthanach acu faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, beidh siad i dteideal gearáin a bhfuil bunús leo a chur faoi bhráid na n‑údarásn-údarás inniúil i gcás ina measfaidh siad, ar bhonn imthosca oibiachtúla, nach bhfuil trádálaí nó fíoraitheoir amháin nó níos mó ag comhlíonadh fhorálacha na Treorach seo. [Leasú 135]

2.  Chun críocha na chéad fhomhíre, maidir le heintitis neamhrialtasacha nó eagraíochtaí a chuireann sláinte an duine, cosaint an chomhshaoil nó cosaint tomhaltóirí chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, measfar gur leordhóthanach a leas.

3.  Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú gan moill mhíchuí ar an ngearán lena bhfuil bunús dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inar gá, déanfaidh siad na bearta is gá, lena n‑áirítearn-áirítear cigireachtaí ar an duine nó ar an eagraíocht agus ar na trádálaithe nó na bhfíoraitheoirí lena mbaineann nó éisteachtaí uathu, d’fhonn neamhchomhlíonadh fhorálacha na Treorach seo a bhrath agus na gearáin sin a fhíorú. Má dheimhnítear iadé, déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá i gcomhréir le hAirteagal 15. [Leasú 136]

4.  Déanfaidh na húdaráis inniúla, a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de 30 lá tar éis dóibh an t-ábhar imní a bhfuil bunús leis a fháil agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha denan dlí náisiúnta, an duine nó an eagraíocht dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas, arb é an duine nó an eagraíocht é a chuir gearán faoi bhráid an údaráis, faoina chinneadh aontú don iarraidh ar ghníomhaíocht a chuir sé chun tosaigh ina ghearán nó diúltú dó sin, agus soláthróidh siad na cúiseanna atá leis sin agus tuairisc ar na céimeanna breise agus ar na bearta a dhéanfaidh sé. Ceadóidh na húdaráis inniúla don duine a chuir an t-ábhar imní isteach faisnéis bhreise a chur ar fáil. [Leasú 137]

5.  Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le duine nó eagraíocht dá dtagraítear i mír 1 a chuireann gearán faoi bhráid na n‑údarás inniúil, ar gearán é a bhfuil bunús leis, go mbeidh rochtain acu ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhspleách neamhchlaonta eile atá inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghnásúil agus shubstainteach na gcinntí, na ngníomhartha nó na heaspa gníomhaíochta ón údarás inniúil faoin Treoir seo, gan dochar d’aon fhoráil den dlí náisiúnta lena n‑éilítear nach mór nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin a bheith ídithe sula dtéitear ar iontaoibh imeachtaí breithiúnacha. Beidh na nósanna imeachta sin um athbhreithniú breithiúnach cóir, cothrom, tráthúil agus saor in aisce nó ní bheidh siad i bhfad róchostasach, agus soláthrófar leo leigheasanna leormhaithe agus éifeachtacha, lena n‑áirítear faoiseamh urghaire i gcás inar gá.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal saor in aisce ar bhealach atá inrochtana go héasca agus intuigthe maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo. [Leasú 138]

Airteagal 17

Pionóis

1.  Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE40(51), leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Agus cineál agus leibhéal na bpionós atá le forchur i gcás sáruithe á gcinneadh acu, tabharfaidh na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát aird chuí ar a leanas:

(a)  cineál, tromchúis, méid agus fad an tsáraithe;

(b)  cineál beartaithe nó faillíoch an tsáraithe agus aon bheart arna dhéanamh ag an trádálaí chun an díobháil a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas, i gcás inarb infheidhme;

(c)  láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhreithnítear freagrach, a léirítear, mar shampla, trí láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh a bhreithnítear freagrach, nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha a bhreithnítear freagrach;

(d)  na sochair eacnamaíocha a dhíorthaíonn siad siúd atá freagrach as an sárú;

(e)  aon sárú a rinne an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach atá freagrach roimhe sin;

(f)  aon fhachtóir géaraitheach nó maolaithe eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis;

(g)  pionóis a ghearrtar ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina mbíonn faisnéis maidir leis na pionóis sin ar fáil tríd an sásra a bhunaítear le Rialachán (AE) 2017/2394, i gcás inarb infheidhme.

3.  Déanfaidh na Ballstáit foráil go n‑áireofar an méid seo a leanas sna pionóis agus sna bearta i leith sáruithe ar an Treoir seo:

(a)  fíneálacha lena mbainfear go héifeachtach díobh siúd atá freagrach as na sáruithe a dhéanamh na sochair eacnamaíocha a dhíorthaíonn siad uathu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú as sáruithe leantacha;

(b)  coigistiú ioncam arna bhfáil ag an trádálaí as idirbheart leis na táirgí ábhartha lena mbaineann;

(c)  eisiamh sealadach ar feadh uastréimhse 12 mhí ó phróisis soláthair phoiblí agus ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n‑áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais.

Chun críocha phointe (a), áiritheoidh na Ballstáit, maidir le pionóis a ghearrfar i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394(52), gur 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann a bheidh in uasmhéid na bhfíneálacha sin.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus in Airteagal 5(8) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta thrasuí na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus in Airteagal 5(8) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse [2 mhí] i ndiaidh fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon i ndiaidh a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar síneadh [2 mhí] a chur leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18a

Fóram comhairliúcháin

Bunóidh an Coimisiún fóram comhairliúcháin maidir le maímh ghlasa (an Fóram) ina mbeidh rannpháirtíocht chothrom ionadaithe na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha uile, amhail ionadaithe tionscail, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus ionadaithe ón tionscal ceardaíochta, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, taighdeoirí acadúla, grúpaí cosanta comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an bhfóram maidir leis an méid seo a leanas:

(i)   na pleananna oibre dá dtagraítear in Airteagal 3(4a) a bhunú;

(ii)   gníomhartha tarmligthe a fhorbairt;

(iii)   nuashonrú ar na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil agus iad a chur in iúl;

(iv)   aon mheastóireacht ar na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil agus iad a chur in iúl;

(v)   aon mheastóireacht ar éifeachtacht na gceanglas atá ann cheana maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil agus iad a chur in iúl. [Leasú 139]

Airteagal 19

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Faireachán

1.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach seo go tráthrialta bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)  forbhreathnú ar na cineálacha maíomh comhshaoil sainráite agus scéimeanna lipéadaithe comhshaoil a bhí faoi réir gearáin a raibh bunús leo i gcomhréir le hAirteagal 16;

(b)  forbhreathnú ar na maímh chomhshaoil shainráite agus ar na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil ar cheangail údaráis inniúla ar an trádálaí bearta ceartaitheacha a dhéanamh ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 15, nó ar ghearr siad pionóis ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17.

2.  San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 sonrófar an maíomh comhshaoil sainráite nó an scéim lipéadaithe comhshaoil, cineál an tsáraithe a líomhnaítear, cineál agus fad an bhirt cheartaithigh agus, más infheidhme, an pionós a gearradh.

3.  Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

3a.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta go gníomhach agus malartóidh siad dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar bhonn rialta. [Leasú 140]

4.  Bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh de bhun mhír 3 agus ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1), agus, más gá, comhairliúcháin bhreise leis na húdaráis inniúla, foilseoidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil tuarascáil gach 2 bhliain ina mbeidh measúnú ar fhorbairt na maíomh comhshaoil sainráite agus na scéimeanna lipéadaithe comhshaoil i ngach Ballstát agus le haghaidh an Aontais ina iomláine. Cumasófar difreáil leis an tuarascáil de réir mhéid an trádálaí a dhéanfaidh an maíomh agus de réir cháilíocht an bhunúis a thugtar.

Airteagal 21

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.  Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 5 bliana tar éis dháta thrasuí na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraíonn sé agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.  Scrúdófar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar baineadh amach cuspóir na Treorach seo, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  a áirithiú go mbeidh maímh chomhshaoil shainráite a dhéantar faoi fheidhmíocht chomhshaoil táirge nó trádálaí bunaithe ar fhaisnéis iontaofa, inchomparáide agus infhíoraithe;

(b)  a áirithiú go mbeidh scéimeanna lipéadaithe comhshaoil bunaithe ar scéimeanna deimhniúcháin agus go gcomhlíontar na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagal 8 leo;

(c)  a áirithiú nach bhformheasfaidh na Ballstáit scéimeanna lipéadaithe comhshaoil príobháideacha a bhaineann le táirgí nó trádálaithe a chumhdaítear cheana féin le scéimeanna atá ann cheana, ach amháin má sholáthraítear breisluach leo i gcomparáid leis na scéimeanna atá ann cheana;

(d)  na rialacha a leagan amach maidir le maímh chomhshaoil shainráite a chur in iúl ar mhargadh an Aontais, agus dúbailt costas a sheachaint le linn na maímh sin a chur in iúl;

(da)   a áirithiú go dtabharfaidh trádálaithe tosaíocht éifeachtach do laghduithe ar astaíochtaí ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí luacha féin, trí mheasúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na bhforálacha a bhaineann le creidmheasanna carbóin a úsáid; [Leasú 141]

(e)  feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú.

(ea)   an t-aistriú chuig comhshaol atá saor ó thocsainí a éascú. [Leasú 142]

3.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn na forálacha ábhartha den Treoir seo a leasú, lena n‑áirítear breithniú ar fhorálacha breise maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  deiseanna a dhíghlasáil don gheilleagar ciorclach, don bhithgheilleagar agus don gheilleagar glas trí mheasúnú a dhéanamh ar a iomchuí agus a indéanta a bheadh sainordú a thabhairt maidir le húsáid a bhaint as modh comhchoiteann agus, i gcás inarb ábhartha, modh bunaithe ar an tsaolré, chun bunús a thabhairt leis na maímh chomhshaoil;

(b)   an t‑aistriú i dtreo comhshaol saor ó thocsainí a éascú trí bhreithniú ar thoirmeasc a thabhairt isteach ar mhaímh chomhshaoil maidir le táirgí ina bhfuil substaintí guaiseacha, ach amháin i gcás ina meastar gur fíor‑riachtanach a n‑úsáid don tsochaí i gcomhréir leis na critéir a bheidh le forbairt ag an gCoimisiún; [Leasú 143]

(ba)   cosaint tomhaltóirí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú tuilleadh trí bhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite a leathnú chuig micrifhiontair. [Leasú 144]

(c)  tuilleadh comhchuibhithe a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bunús a thabhairt le maímh shonracha chomhshaoil a bhaineann le gnéithe nó tionchair chomhshaoil amhail marthanacht, ath‑inúsáidteacht, indeisitheacht, in‑athchúrsáilteacht, ábhar athchúrsáilte, úsáid ábhair nádúrtha, lena n‑áirítear snáithíní, feidhmíocht chomhshaoil nó inbhuanaitheacht, eilimintí bithbhunaithe, in‑bhithdhíghrádaitheacht, bithéagsúlacht, cosc agus laghdú dramhaíola.

Airteagal 22

Leasú ar Rialachán (AE) 1024/2012

  San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 1024/2012, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘X. [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an chéad uimhir leantach eile] Treoir (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (IO L ..., dáta, leathanach: Airteagal 13(3) agus Airteagal 15).’

"

Airteagal 23

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2394

  San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘X. [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an chéad uimhir leantach eile] Treoir (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (IO L ..., dáta, leathanach).’

"

Airteagal 24

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

  In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

‘(X) [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an chéad uimhir leantach eile] Treoir (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le bunús a thabhairt le maímh chomhshaoil shainráite agus iad a chur in iúl (IO L ..., dáta, leathanach).’

"

Airteagal 25

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta= 24 mhí30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. [Leasú 173]

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le fiontair bheaga de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún faoi cheann 42 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm. [Leasú 145]

1a.   Féadfaidh na Ballstáit idirthréimhse a thabhairt isteach, idir dáta theacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar lena linn is féidir maímh chomhshaoil atá ann cheana agus a tíolacadh lena bhfíorú a úsáid. [Leasú 146]

2.  Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 293, 18.8.2023, lch. 86.
(2)IO C , , lch. .
(3)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe, COM/2020/98 final [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche], COM/2020/98 final
(4)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Comhaontú Glas don Eoraip, COM/2019/640 final
(5)Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr, COM(2022) 143 final
(6)Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir éagothroma sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(7)Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a shocrú do tháirgí inbhuanaithe agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/125/CE, COM(2022) 132 final
(8)Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(9)https://agriculture.ec.europa.eu/system/files/2023-01/agri-market-brief-20-organic-farming-eu_en_1.pdf
(10)Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(11)Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(12)COM(2022) 132 final
(13)Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n‑aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoireacha 96/73/CE 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1).
(14)Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl, IO L 471, 30.12.2021, lch. 1.
(15)Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(16)[…]
(17)Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
(18)Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).
(19)Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála gnólacht le tomhaltóir éagothroma sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22) arna leasú.
(20)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(21)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(22)Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(23)Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(24)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(25)Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(26)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(27)Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n‑aisghairtear an Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(28)IO L 345, 27.12.2017, lch. 1
(29)Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
(30)Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).
(31)Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(32)Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).
(33)Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais um éicidhearthóireacht maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
(34)Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n‑aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
(35)Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(36)Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).
(37)Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí faoi bharainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin nua paisinéirí a chur ar an margadh (IO L 12, 18.1.2000, lch. 16).
(38)Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n‑aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
(39)Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1).
(40)Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).
(41)Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(42)Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat deimhniúcháin an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin (IO L...).
(43)Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(44)Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(45) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
(46)Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus margaíocht ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1).
(47)Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú(IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(48)Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú(IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(49)Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise gan nochtadh agus faisnéis ghnó (rúin trádála) ar a n‑éadáil, a n‑úsáid agus a nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(50)Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(51)Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
(52)IO L 345, 27.12.2017, lch. 1.


Dliteanas i leith táirgí lochtacha
PDF 118kWORD 51k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha (COM(2022)0495 – C9-0322/2022 – 2022/0302(COD))
P9_TA(2024)0132A9-0291/2023
CEARTÚCHÁIN

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0495),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0322/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Eanáir 2023(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 24 Eanáir 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0291/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha agus lena n-aisghairtear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle

P9_TC1-COD(2022)0302


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2853).

(1) IO C 140, 21.4.2023, lch. 34.


Leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2019/1009 maidir le lipéadú digiteach tháirgí leasacháin an Aontais
PDF 117kWORD 56k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 a mhéid a bhaineann le lipéadú digiteach táirgí leasacháin AE (COM(2023)0098 – C9-0030/2023 – 2023/0049(COD))
P9_TA(2024)0133A9-0330/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0098),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0030/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0330/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 a mhéid a bhaineann le lipéadú digiteach tháirgí leasacháin AE

P9_TC1-COD(2023)0049


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2516)

(1) IO C 293, 18.8.2023, lch. 108.


An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a aisghairm
PDF 334kWORD 113k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 (COM(2023)0269 – C9-0190/2023 – 2023/0163(COD))
P9_TA(2024)0134A9-0423/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0269),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0190/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Meán Fómhair 2023(1),

–  tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Iascach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0423/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Márta 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002

P9_TC1-COD(2023)0163


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Glacadh roinnt beart reachtach san Aontas chun sábháilteacht agus slándáil mhuirí a fheabhsú, chun inbhuanaitheacht agus dícharbónú na loingseoireachta a chur chun cinn, trí thruailliú a chosc freisin, agus chun malartú faisnéise agus digitiú na hearnála muirí a éascú. Ba cheart an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm ar bhealach cuí agus aonfhoirmeach ar fud an Aontais chun go mbeidh sí éifeachtach. D’áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta, laghdófaí saobhadh na hiomaíochta de bharr na mbuntáistí eacnamaíocha a bhíonn ag longa neamh‑chomhlíontacha agus thabharfadh sé luach saothair dóibh siúd a oibríonn go díograiseach san earnáil muirí.

(1a)   Tarlaíonn a lán tionóiscí in earnáil na hiascaireachta, ar trúig bháis iad i mórán cásanna, agus is den tábhacht oiliúint a chur ar iascairí chun sábháilteacht ag an obair a áirithiú. [Leasú 1]

(2)  Éilítear roinnt mhaith obair theicniúil faoi cheannas comhlachta speisialaithe chun na spriocanna sin a shaothrú. Is é sin an fáth ar ghá, mar chuid den dara ‘pacáiste Erika’ in 2002, gníomhaireacht Eorpach a bhunú, laistigh den chreat institiúideach atá ann cheana agus freagrachtaí agus cearta na mBallstát mar Stáit bhrataí, Stáit chalafoirt agus Stáit chósta á n‑urramú, chun leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach de shábháilteacht mhuirí a áirithiú agus chun truailliú ó longa a chosc.

(3)  Le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (‘an Ghníomhaireacht’) chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit an reachtaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach ar leibhéal an Aontais sna réimsí a bhaineann le sábháilteacht mhuirí agus truailliú a chosc trí chuairteanna iomchuí a thabhairt ar na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha agus chun oiliúint agus forbairt acmhainne a sholáthar.

(4)  Tar éis an Ghníomhaireacht a bheith bunaithe in 2002, leathnaíodh reachtaíocht an Aontais sna réimsí a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, inbhuanaitheacht agus truailliú a chosc agus slándáil mhuirí go suntasach, agus dá bharr sin rinneadh cúig leasú ar shainordú na Gníomhaireachta.

(5)  Ó 2013 i leith lean an Ghníomhaireacht dá cuid cúraimí a leathnú go suntasach trí na cúraimí coimhdeacha ábhartha a fhorordaítear in Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a ghníomhú nó trí iarrataí a dhéantar ar chúnamh teicniúil don Choimisiún agus do na Ballstáit, go háirithe sa réimse a bhaineann le dícharbónú agus digitiú na hearnála muirí. Ina theannta sin, bíonn tionchar díreach ag leasuithe ar Threoracha 2005/35/CE(5), 2009/16/CE(6), 2009/18/CE(7) agus 2009/21/CE(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar chúraimí na Gníomhaireachta. Déantar foráil leis na Treoracha sin go háirithe maidir le feidhmiú cúraimí ag an nGníomhaireacht, ar cúraimí iad a bhaineann le truailliú ó longa, córas an rialaithe Stáit ar chalafoirt ar leibhéal an Aontais, gníomhaíochtaí na mBallstát maidir leis na himscrúduithe a bhaineann le timpistí muirí in uiscí an Aontais agus oibleagáidí na mBallstát mar Stáit bhrataí.

(6)  Ina theannta sin, is gá rialachas riaracháin agus airgeadais na Gníomhaireachta a ailíniú leis an gcomhaontú idir‑institiúideach maidir le rialachas gníomhaireachtaí díláraithe(9) agus leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh chomhlachtaí díláraithe an Aontais(10).

(7)  De bharr an lín shubstaintiúil athruithe i bhfianaise na bhforbairtí thuas, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 a aisghairm agus gníomh dlí nua a chur ina ionad.

(8)  Bunaíodh an Ghníomhaireacht ar dtús agus é de chuspóir aici rannchuidiú le hardleibhéal sábháilteachta muirí a bhunú ar fud an Aontais agus cúnamh a thabhairt freisin maidir le truailliú ó longa agus ina dhiaidh sin freisin ó shuiteálacha ola agus gáis a chosc. Cé gur neartaíodh na cuspóirí sin tuilleadh le cur chun cinn na slándála muirí, maidir le díriú na Gníomhaireachta le blianta beaga anuas ar thacaíocht d’fhorbairtí rialála sa réimse a bhaineann le dícharbónú agus digitiú na loingseoireachta, lena n-áirítear limistéir chalafoirt, is fiú na réimsí sin a chur le cuspóirí foriomlána na Gníomhaireachta, rud a chuirfidh ar a cumas rannchuidiú leis na spriocanna don dá aistriú sa tionscal, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Ar an gcaoi chéanna, leis an ról ríthábhachtach atá ag an nGníomhaireacht maidir le pictiúr feasachta muirí a sholáthar ar muir, trí íomhánna satailíte agus córais aerárthaí cianrialaithe a oibriú, tá údar cuí le cuspóir foriomlán ábhartha a chur le cuspóirí na Gníomhaireachta. [Leasú 2]

(9)  Leis na cuspóirí sin ba cheart réimsí rannpháirtíochta na Gníomhaireachta a shainiú agus í ag tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le cúnamh teicniúil agus oibríochtúil chun beartais an Aontais a chur chun feidhme sa réimse muirí.

(10)  Chun na cuspóirí sin a bhaint amach i gceart, is iomchuí go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí sonracha sa réimse a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, cosc ar thruailliú ó longa, an inbhuanaitheacht, dícharbónú na hearnála muirí, slándáil agus cibearshlándáil mhuirí, faireachas muirí agus géarchéimeanna muirí agus digitiú agus éascú malartuithe sonraí sa réimse muirí a chur chun cinn. Agus na cúraimí sin á ndéanamh aici, ba cheart don Ghníomhaireacht aird a thabhairt ar shainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla gníomhaíochtaí muirí agus aird ar leith a thabhairt ar na coinníollacha is infheidhme maidir le hearnáil na hiascaireachta. [Leasú 3]

(11)  I dteannta na gcúraimí sonracha, ba cheart don Ghníomhaireacht tacaíocht chothrománach, theicniúil a sholáthar, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do na Ballstáit, chun aon chúram a thagann faoi shainchúram a hinniúlachtaí agus a cuspóirí a chur chun feidhme, ar cúram é a eascraíonn as riachtanais agus forbairtí amach anseo ar leibhéal an Aontais faoi théarmaí tagartha na reachtaíochta muirí. Beidh na cúraimí breise sin faoi réir machnaimh a dhéanfar ar na hacmhainní daonna agus airgeadais a bheidh ar fáil, ar acmhainní iad ar cheart do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta iad a chur san áireamh sula gcinnfidh sé iad a chuimsiú i nDoiciméad Clársceidealaithe Aonair na Gníomhaireachta mar chuid dá clár oibre bliantúil nó ilbhliantúil. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh ráiteas airgeadais reachtach ag gabháil le cúraimí breise nua a chuirfear faoi bhráid na n-údarás reachtach agus buiséadach. Tá gá leis sin chun a áirithiú go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do chúraimí áirithe ar croí‑chúraimí na Gníomhaireachta iad dá mba ghá. [Leasú 4]

(11a)   Ba cheart don Ghníomhaireacht aird ar leith a thabhairt ar earnáil an iascaigh agus a cúraimí á ndéanamh aici, ós rud é go bhfuil tionchar tábhachtach eacnamaíoch agus sóisialta aici in AE. Go háirithe, tá soithí iascaireachta agus oibrithe thar a bheith leochaileach i leith rioscaí sábháilteachta muirí agus tá ról ábhartha acu san aistriú glas. [Leasú 5]

(12)  Tá an Ghníomhaireacht ar thús cadhnaíochta sa saineolas teicniúil i réimsí a hinniúlachta, agus dá bhrí sin ba cheart di oiliúint agus gníomhaíochtaí forbartha acmhainne a sholáthar do na Ballstáit trí bhíthin cúrsaí croí‑churaclaim coiteanna a fhorbairt agus trí úsáid a bhaint as na huirlisí is forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de le linn na cúrsaí sin a sheachadadh. Ba cheart don Ghníomhaireacht tacú, inter alia, le hoiliúint a chur ar chigirí um Rialú Stáit ar Chalafoirt na mBallstát agus le hoifigigh Riaracháin Stáit Brataí chun cigireachtaí spriocdhírithe a dhéanamh maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú MLC 2006 i ndáil le cearta maraithe agus dálaí oibre agus maireachtála ar bord long a chur chun feidhme. Chun tarraingteacht na ngairmeacha muirí a mhéadú, ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar líonra a fhorbairt ina mbeidh an saol acadúil agus aon bhunaíochtaí eile a sholáthraíonn cáilíochtaí oiriúnacha chun riachtanais foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn. [Leasú 6]

(13)  Ba cheart an saineolas teicniúil sin atá ag an nGníomhaireacht a chothú tuilleadh trí thaighde a dhéanamh sa réimse muirí agus rannchuidiú le gníomhaíochtaí ábhartha an Aontais sa réimse. Ba cheart don Ghníomhaireacht rannchuidiú agus cur chuige réamhghníomhach a bheith i bhfeidhm aici maidir leis na cuspóirí a bhaineann le feabhas a chur ar shábháilteacht agus slándáil mhuirí, dícharbónú na loingseoireachta agus na gcalafort muirí agus truailliú ó longa a chosc. Ina leith sin, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht treoraíocht, moltaí nó lámhleabhair ábhartha neamhcheangailteacha a eisiúint lena bhféadfaí cúnamh a thabhairt don Choimisiún, do na Ballstáit agus/nó don tionscal muirí na cuspóirí sin a bhaint amach. [Leasú 7]

(14)  A mhéid a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, ba cheart don Ghníomhaireacht cur chuige réamhghníomhach a fhorbairt maidir le rioscaí agus dúshláin sábháilteachta a chinneadh agus ar a mbonn sin ba cheart di tuarascáil ar an dul chun cinn ar shábháilteacht mhuirí a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 3 bliana. Thairis sin, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais, go háirithe sna réimsí a bhaineann leis na hoibleagáidí ar Stáit bhrataí agus ar Stáit chalafoirt, imscrúduithetacú go díreach le himscrúduithe ar thimpistí muirí, an reachtaíocht sábháilteachta le haghaidh longa d’iompar paisinéirí, Eagraíochtaí Aitheanta agus trealamh muirí. Ar deireadh, ba cheart ról réamhghníomhach a bheith ag an nGníomhaireacht maidir le cúnamh a thabhairt le linn longa dromchla muirí atá uathrialaitheach agus uathoibrithe a chur in úsáid, agus tá sé tábhachtach freisin sonraí breise a bhailiú i réimse na hoiliúna agus an deimhniúcháin do mharaithe agus don Choinbhinsiún Oibreachais Mhuirí (MLC, 2006). [Leasú 8]

(14a)   Á iarraidh ar an gCoimisiún Coinbhinsiún Idirnáisiúnta IMO maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Phearsanra Soithí Iascaireachta (STCW-F 1995) a thrasuí i ndlí an Aontais chun creat comhchuibhithe a ghnóthú le haghaidh íosleibhéal oiliúna d’iascairí san Eoraip. [Leasú 9]

(15)  Ó rinneadh an leasú substaintiúil deiridh ar an Rialachán in 2013, tá forbairtí reachtacha móra tagtha chun cinn san earnáil muirí maidir leis an inbhuanaitheacht. I dteannta na gcúraimí a cumhdaíodh le sainordú na Gníomhaireachta go dtí seo, amhail truailliú ó longa agus ó shuiteálacha ola agus gáis a chosc, trí CleanSeaNet a oibriú go príomha, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) tríd an gcúram sin a léiriú ina sainordú arna thabhairt cothrom le dáta. Thairis sin, is mó an gá atá ag an nGníomhaireacht anois leanúint de chúnamh a thabhairt maidir le cur chun feidhme na n‑eilimintí a bhaineann le loingseoireacht de Threoracha 2008/56/CE(12) agus (AE) 2016/802(13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. An dá réimse sin, mar aon le rannpháirtíocht na Gníomhaireachta agus na sonraí i ndáil le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) ó longa á mbailiú, á n‑anailísiú agus á gcomhroinnt, tá siad ríthábhachtach chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn san earnáil muirí, agus ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil a sholáthar ar an dul chun cinn a dhéantar ina leith sin gach 3 bliana.

(16)  Sa réimse a bhaineann le dícharbónú na hearnála loingseoireachta, tá iarrachtaí á ndéanamh anois chun astaíochtaí domhanda muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh, lena n‑áirítear cur chun feidhme tapa Straitéis tosaigh IMO um Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa ó Longa a Laghdú, a glacadh in 2018. Tá cainteanna ar siúl anois faoi na bealaí chun an uaillmhian sin a chur chun feidhme sa chleachtas. Leis an bplé sin, cumhdaítear an fhéidearthacht, lena n‑áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis tosaigh, agus tugtar an deis machnamh a dhéanamh ar uaillmhianta an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar a thábhachtaí atá sé cothrom iomaíochta domhanda a bhaint amach a mbeadh neartú iomaíochas muirí an Aontais mar thoradh air. Ar leibhéal an Aontais, forbraíodh sraith beartas agus tograí reachtacha chun tacú leis an dícharbónú agus chun inbhuanaitheacht na hearnála muirí a chur chun cinn a thuilleadh, mar a léirítear go háirithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus sa Straitéis maidir le Truailliú Nialasach. Dá thoradh sin, ba cheart an gá atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil muirí a laghdú a léiriú i sainordú na Gníomhaireachta. [Leasú 10]

(17)  Ina leith sin, cé gur cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) ba cheart di tuilleadh cúnaimh a thabhairt maidir le cur chun feidhme na mbeart rialála nua chun an earnáil loingseoireachta a dhícharbónú, rud a eascraíonn as an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’, amhail an Rialachán [..] maidir le húsáid breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin san iompar muirí agus na heilimintí a bhaineann le loingseoireacht de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal. Áirítear leis sin faireachán agus tuairisciú ar na tionchair a bhíonn ag Córas Trádála Astaíochtaí Muirí an Aontais agus ag FuelEU Maritime ar thrácht calafoirt, seachaint calafoirt agus aistriú tráchta chuig calafoirt trasloingsithe i dtríú tíortha, rud a dhéanann dochar do chalafoirt an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta sa saineolas ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt maidir leis an earnáil a aistriú chuig breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin, trí thaighde a dhéanamh agus treoraíocht a sholáthar maidir le glacadh agus cur in úsáid foinsí inbhuanaithe malartacha cumhachta le haghaidh long, agus maidir leis an mbonneagar gaolmhar i limistéir chalafoirt, lena n-áirítearlena n‑áirítear soláthar cumhachta ar tír mór do longa agus i ndáil le réitigh um éifeachtúlacht fuinnimh agus cúnamh tiomána gaoithe a chur in úsáidréitigh ghaothchuidithe, ghréine agus tonntiomáinte cinéiteacha a imscaradh. Áirítear leis sin freisin teicneolaíochtaí nua chun gás ceaptha teasa a laghdú, amhail gabháil carbóin ar bord agus cleachtais éifeachtúlachta fuinnimh, amhail galú mall. Thairis sin, ba cheart di a saineolas a roinnt maidir le rioscaí a bhaineann le sábháilteacht calafort, buncaeireacht agus stóráil maidir le breoslaí malartacha inbhuanaithe, bacainní teicneolaíocha agus rialála a ghlacadh. Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus an bealach a réiteach don dul chun cinn sin sa réimse a bhaineann le dícharbónú na hearnála loingseoireachta agus limistéir chalafoirt, ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don Choimisiún agus don Pharlaimint gach 3 bliana ar na hiarrachtaí chun gáis cheapthagás ceaptha teasa a laghdú agus ar aon mholadh a d’fhéadfadh a bheith aici. Ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú freisin ar na deacrachtaí riaracháin agus praiticiúla go léir a mbíonn na Ballstáit ag dul i ngleic leo agus na gníomhartha reachtacha gaolmhara á gcur chun feidhme acu. [Leasú 11]

(18)  I réimse na sábháilteachta muirí, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúnamh teicniúil a sholáthar i leith cigireachtaí ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh.725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú. Ó tharla go bhfuil méadú nach beag tagtha ar an líon teagmhas cibearshlándála san earnáil muirí le blianta beaga anuas, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt i leith iarrachtaí an Aontais chun athléimneacht a fheabhsú in aghaidh teagmhais chibearshlándála a chosc agus feabhas a chur ar cibear-athléimneacht san earnáil muirí trí mhalartú dea‑chleachtasthreoirlínte a ullmhú, lena n-éascaítear malartú dea-chleachtas agus faisnéise maidir le teagmhais chibearshlándála idir na Ballstáit a éascú. [Leasú 12]

(19)  Ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint den chóras faireacháin agus faisnéise ar shoithí a óstáil, a bunaíodh faoi Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) mar aon le córais eile atá mar bhonn taca faoi phictiúr feasachta muirí a bhunú. Ina leith sin, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de ról ríthábhachtach a bheith aici agus an ghné slándála muirí de chlár Copernicus á bainistiú agus ba cheart di leanúint den teicneolaíocht is nua‑aimseartha atá ar fáil a úsáid, amhail córais aerárthaí cianrialaithe, a sholáthraíonn uirlis úsáideach do na Ballstáit agus do chomhlachtaí eile de chuid an Aontais chun faireachas agus faireachán a dhéanamh. Anuas ar na seirbhísí sin, léirigh an Ghníomhaireacht an ról straitéiseach atá aici maidir le feasacht ar réimsí muirí a sholáthar chun tacú le géarchéimeanna éagsúla, amhail COVID‑19 agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Dá thoradh sin, ba cheart don Ghníomhaireacht lárionad a oibriú, a bheadh ar oscailt 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus 7 lá sa tseachtain, agus ba cheart don lárionad sin cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit agus faisnéis a sholáthar maidir le cásanna féideartha agus éigeandála den sórt sin. Chun tacú le freagra láidir aontaithe ón Aontas agus óna Bhallstáit ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart don Ghníomhaireacht, inter alia, faireachán a dhéanamh ar iompar amhrasach maidir le píblínte agus seachaint smachtbhannaí ar muir a bhrath. [Leasú 13]

(20)  Tá an digitiú sonraí de dhlúth agus d’inneach sa dul chun cinn teicneolaíochta i réimse an bhailithe agus na cumarsáide sonraí d’fhonn cabhrú le costais a laghdú, an t-ualach riaracháin a laghdú, agus le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní daonna. Trí Longa Uathrialacha Dromchla Muirí (MASS) a chur in úsáid agus a oibriú agus leis na forbairtí digiteacha agus teicneolaíochta, soláthraítear raon leathan deiseanna nua i dtéarmaí bailiú sonraí agus bainistíocht córas comhtháite. Cruthaítear deiseanna leis sin chun digitiú, uathoibriú agus caighdeánú ionchasach a dhéanamh ar roinnt próiseas, rud a cheadódh go bhféadfaí sábháilteacht, slándáil, inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht oibríochtaí muirí a éascú, lena n‑áirítear sásraí faireachais, ar leibhéal an Aontais, agus a laghdófaí an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit i gcomhthráth leis sin. Ina leith sin, úsáid deimhnithe leictreonacha, bailiú, taifeadadh agus meastóireacht ar shonraí teicniúla, saothrú sistéamach na mbunachar sonraí atá ann cheana, lena n‑áirítear iad a chomhroinnt trí úsáid a bhaint as TF nuálach agus uirlisí intleachta saorga, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt bunachar sonraí idir‑inoibritheach breise, ba cheart don ghníomhaireacht na nithe sin a éascú agus a chur chun cinn, i measc nithe eile. [Leasú 14]

(21)  Chun na cúraimí a chuirtear ar iontaoibh na Gníomhaireachta a dhéanamh i gceart, is iomchuí go dtabharfadh oifigigh na Gníomhaireachta cuairteanna ar na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú foriomlán chóras sábháilteachta muirí agus coiscthe truaillithe an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht cigireachtaí a dhéanamh freisin chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais.

(22)  I gcomhthéacs IMO, na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt, a síníodh i bPáras an 26 Eanáir 1982 (‘MC Pháras’), d’fhéadfadh cúnamh teicniúil agus saineolas a bheith de dhíth ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lena dtreiseofaí ról EMSA, go háirithe laistigh de IMO, lenar cheart do EMSA páirt a ghlacadh i bpléití agus freastal orthu. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh cúnamh teicniúil a bheith de dhíth ar an gCoimisiún ón nGníomhaireacht chun tacú le tríú tíortha sa réimse muirí, go háirithe maidir le fothú acmhainneachta agus modhanna chun an truailliú a chosc agus freagairt dó. Ba cheart é a chur de chúram ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta straitéis um chaidreamh idirnáisiúnta na Gníomhaireachta a ghlacadh maidir le hábhair a thagann faoina hinniúlacht, mar chuid den doiciméad clársceidealaithe aonair. [Leasú 15]

(23)  Na húdaráis náisiúnta sin a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu i leith raon leathan cúraimí, a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála muirí, rialú ag teorainneacha muirí, rialú ar iascach muirí, rialú custaim mhuirí, forfheidhmiú ginearálta dlí muirí agus cosaint an chomhshaoil mhuirí a bheith ar áireamh leo. Ba cheart don Ghníomhaireacht, don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19), dá bhrí sin, a gcomhar a neartú, laistigh dá sainordú, le chéile agus leis na húdaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna garda cósta, chun feasacht ar réimsí muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chost‑éifeachtúil, trí sheirbhís, faisnéis, teicneolaíocht, trealamh agus oiliúint a sholáthar, agus trí chomhordú a dhéanamh ar oibríochtaí ilchuspóireacha, sonraí a bhailiú don taighde eolaíoch, faireachán a dhéanamh ar uiscí Eorpacha agus cláir um chomhar le tríú tíortha a chur chun feidhme. [Leasú 16]

(24)  Le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ní dhéantar difear do dheighilt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, agus ionstraimí muirí ábhartha idirnáisiúnta eile.

(25)  D’fhonnChun an próiseas cinnteoireachta a chuíchóiriú sa Ghníomhaireacht agus chun cuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, ba cheart struchtúr rialachais dé‑leibhéil a thabhairt isteach. Chun na críche sin, ba cheart ionadaithe a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a dtabharfar na cumhachtaí riachtanacha dó, lena n‑áirítear an chumhacht chun an buiséad a bhunú agus chun an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas. Ba cheart ionadaíocht a bheith ag Parlaimint na hEorpa mar bhreathnóir. Ba cheart don Bhord Bainistíochta treoshuíomhanna ginearálta a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus ba cheart dó páirt níos mó a ghlacadh i dtaobh faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, d’fhonn maoirseacht ar chúrsaí riaracháin agus buiséadacha a atreisiú. Ba cheart Bord Feidhmiúcháin is lú a chur ar bun agus é de chúram aige cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróiseas cinnteoireachta. Ba cheart cumhachtaí an Bhoird Feidhmiúcháin a shainiú i sainordú a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta agus ba cheart tuairimí agus cinntí sealadacha a bheith san áireamh ann, i gcás inar gá, faoi réir fhormhuiniú deiridh an Bhoird Bainistíochta. Ba cheart Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith i gceannas ar an nGníomhaireacht. [Leasú 17]

(26)  Chun trédhearcacht chinntí an Bhoird Bainistíochta a áirithiú, ba cheart d’ionadaithe ó na hearnálacha lena mbaineann freastal ar na cruinnithe dá chuid, ach gan ceart vótála a bheith acu. Ba cheart don Choimisiún ionadaithe na bpáirtithe leasmhara éagsúla a cheapadh ar bhonn a n‑ionadaíochta ar leibhéal an Aontais.

(27)  D’fhonnChun go bhféadfaidh sí a cúraimí a chomhlíonadh i gceart, ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith agus buiséad uathrialach ag an nGníomhaireacht, ar buiséad é a mhaoineofar, go príomha, trí ranníocaíocht ón Aontas agus trí tháillí agus muirir chomhréireacha a íocfaidh iarratasóirí. Níor cheart neamhspleáchas ná neamhchlaontacht na Gníomhaireachta a chur i mbaol mar gheall ar aon ranníocaíocht airgeadais a fhaigheann sí ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile. D’fhonn neamhspleáchas a áirithiú ina cuid bainistíochta ó lá go lá agus sna tuairimí, moltaí agus cinntí a eisíonn sí, ba cheart eagrú na Gníomhaireachta a bheith trédhearcach agus ba cheart freagracht iomlán a bheith ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ba cheart d’fhoireann na Gníomhaireachta a bheith neamhspleách agus iad ar conarthaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon ionas go gcoimeádfaidh sí an t‑eolas eagraíochtúil agus an leanúnachas gnó atá aici, agus malartú riachtanach leanúnach saineolais leis an earnáil muirí á choinneáil ag an am céanna. Ba cheart a áireamh le caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibriúcháin. [Leasú 18]

(28)  I ndáil le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, tá sé fíor‑riachtanach go ngníomhóidh an Ghníomhaireacht go neamhchlaonta, go léireoidh sí ionracas agus go ndéanfaidh sí ardchaighdeáin ghairmiúla a bhunú di féin. Níor cheart aon chúis dhlisteanach a bheith ann riamh le bheith in amhras go bhféadfaí tionchar a imirt ar chinntí le leasanna a bheadh contrártha do ról na Gníomhaireachta mar chomhlacht a fhónann don Aontas ina iomláine nó le leasanna nó cleamhnachtaí príobháideacha aon chomhalta den Bhord Bainistíochta a chruthódh coinbhleacht, nó a bhfuil seans ann go gcruthóidís coinbhleacht, le feidhmiú cuí dhualgais oifigiúla an duine lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha cuimsitheacha a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí maidir le coinbhleachtaí leasa, agus aird chuí á tabhairt ar mholtaí an Ombudsman Eorpaigh. [Leasú 19]

(29)  Le dearcadh straitéiseach níos leithne i leith ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, d’éascófaí pleanáil agus bainistíocht níos éifeachtaí a dhéanamh ar a cuid acmhainní agus rannchuideodh sé le cáilíocht níos airde ar thorthaí na Gníomhaireachta. Deimhnítear agus atreisítear é sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715. Ba cheart don Bhord Bainistíochta, dá bhrí sin, doiciméad clársceidealaithe aonair, ina bhfuil na cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla, a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, tar éis dul i mbun comhairliúchán cuí leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

(30)  I gcás ina n‑iarrtar ar an nGníomhaireacht cúram nua a dhéanamh nach bhforáiltear go sonrach dó ina sainordú nó ina n‑iarrtar uirthi cúraimí áirithe a dhéanamh ar gá, de réir a sainordaithe, cuimhneamh agus anailís a dhéanamh ar an tionchar a bheidh acu ar a hacmhainní, i dtéarmaí daonna agus buiséadacha, níor cheart don Bhord Bainistíochta na cúraimí sin a áireamh sa doiciméad clársceidealaithe ach amháin tar éis an anailís sin a bheith déanta. Ba cheart a shainaithint san anailís sin na hacmhainní is gá lena bhféadfadh an Ghníomhaireacht na cúraimí nua sin a chomhlíonadh agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar do na cúraimí atá ar an nGníomhaireacht faoi láthair.

(31)  Ba cheart acmhainní cuí a bheith ag an nGníomhaireacht chun a cúraimí a chur i gcrích agus ba cheart buiséad uathrialach a dheonú di. Ba cheart í a mhaoiniú go príomha trí ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhme maidir le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontas eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa na cuntais a iniúchadh.

(32)  Le táillí cuirtear feabhas ar chistiú gníomhaireachta agus féadfar iad a chur san áireamh le haghaidh seirbhísí sonracha, ar seirbhísí iad a thagann faoi raon feidhme a hinniúlachtaí, arna soláthar ag an nGníomhaireacht do thríú tíortha nó don tionscal. Ba cheart aon táille a thoibheoidh an Ghníomhaireacht a costais a chlúdach as na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar.

(33)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le táillí agus muirir, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na táillí agus muirir do sholáthar seirbhísí a chinneadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20). [Leasú 20]

(33a)   Chun an mhodheolaíocht chun na táillí agus na muirir sin a ríomh a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le ... [ábhar agus raon feidhme]. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 21]

(34)  Le blianta beaga anuas, agus níos mó gníomhaireachtaí díláraithe á gcruthú, táthar tar éis feabhas a chur ar an trédhearcacht agus an rialú ar bhainistiú chistiú ón Aontas a leithdháiltear orthu, go háirithe a mhéid a bhaineann le buiséadú táillí, rialú airgeadais, cumhacht urscaoilte, ranníocaíochtaí scéimeanna pinsin agus an nós imeachta buiséadach inmheánach (cód iompair). Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22) gan srian maidir leis an nGníomhaireacht, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)(23).

(34a)   Ní leor an méadú atá beartaithe ar acmhainní EMSA i bhfianaise mhéid an mhéadaithe atá beartaithe ar chúraimí na Gníomhaireachta agus scála uaillmhianta an Aontais maidir le beartas muirí. Dá bhrí sin, ba cheart méid na n-acmhainní airgeadais atá tiomnaithe don togra seo a tharraingt ó na corrlaigh neamh-leithdháilte faoi uasteorainneacha CAI nó a shlógadh trí ionstraimí speisialta CAI neamhthéamacha. Ós rud é nár athneartaíodh buiséad EMSA leis an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú CAI, ní féidir an méadú ar leithreasuithe do EMSA a fhritháireamh le laghdú cúiteach ar chaiteachas cláraithe faoi SCE Iompar ná ní féidir laghdú ar an gcistiú d’aon chláir eile de chuid an Aontais a bheith mar thoradh air. [Leasú 22]

(35)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leormhaith, mar atá comhlacht speisialaithe a bhunú a fhéadfaidh cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le reachtaíocht an Aontais i réimse na sábháilteachta muirí a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh uirthi, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus, de bharr an chomhair atá le déanamh, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(36)  Is gá, chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht go cuí, go gcuirfear prionsabail áirithe chun feidhme maidir le rialachas na Gníomhaireachta, d’fhonn an Comhráiteas agus an Cur Chuige Comhchoiteann arna gcomhaontú ag an Meitheal Idirinstitiúideach ar ghníomhaireachtaí díláraithe AE i mí Iúil 2012 a chomhlíonadh, arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí a chuíchóiriú agus cur lena bhfeidhmíocht.

(37)  Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(38)  Is é an duine dlítheanach céanna i gcónaí atá sa Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2022 agus leanfaidh sí lena cuid gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta uile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS CUSPÓIRÍ

Airteagal 1

Bunú, ábhar agus raon feidhme

1.  Soláthraítear rialacha cuimsitheacha leis an Rialachán maidir le cúraimí, feidhmiú agus rialachas na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 (‘an Ghníomhaireacht’).

2.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún chun dlí an Aontais maidir le hiompar muirí a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud an Aontais. Chuige sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus soláthróidh sí cúnamh teicniúil, oibríochtúil agus eolaíoch dóibh faoi raon feidhme chuspóirí agus chúraimí na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 2 agus i gCaibidlí II agus III.

3.  Tríd an gcúnamh dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, soláthróidh an Ghníomhaireacht tacaíocht do na Ballstáit agus don Choimisiún go háirithe chun na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart agus an tráth céanna rannchuidiú le héifeachtúlacht fhoriomlán an tráchta mhuirí agus an iompair mhuirí mar a leagtar amach sa Rialachán seo, chun a éascú go mbainfear amach cuspóirí an Aontais i réimse an iompair mhuirí.

4.  Beidh aon chúnamh a sholáthróidh an Ghníomhaireacht gan dochar do chearta agus freagrachtaí na mBallstát mar Stáit bhrataí, Stáit chalafoirt nó Stáit chósta.

Airteagal 2

Cuspóirí na Gníomhaireachta

1.  Is iad na cuspóirí a bheidh ag an nGníomhaireacht leibhéal ard, aonfhoirmeach agus éifeachtach de shábháilteacht mhuirí a chur chun cinn agus a bhunú lena ndíreofar ar an laghdú uasta ar thimpistí nialasacha, slándáil, ar shlándáil mhuirí, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa a laghdú agus inbhuanaitheacht na hearnála muirí, chomh maith le truailliú ó longa a chosc agus freagairt dó, agus an fhreagairt do thruailliú muirí ó shuiteálacha ola agus gáis. [Leasú 23]

2.  Cuspóirí breise de chuid na Gníomhaireachta is ea digitiú na hearnála muirí a chur chun cinn trí tharchur leictreonach sonraí a éascú, ar sonraí iad a thacaíonn le simpliú, an t-ualach riaracháin a laghdú agus córais agus seirbhísí comhtháite um fhaireachas agus feasacht mhuirí a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit. [Leasú 24]

CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 3

Tacaíocht theicniúil chothrománach

1.  Beidh an Ghníomhaireacht de chúnamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit: [Leasú 25]

(a)  chun rialú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na ngníomhartha dlí ceangailteacha ábhartha de chuid an Aontais, a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta, go háirithe trí na cuairteanna agus na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 a dhéanamh. Ina leith sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a dhíriú chuig an gCoimisiún maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh;

(b)  san obair ullmhúcháin chun na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt, go háirithe i gcomhréir le forbairt an dlí idirnáisiúnta;

(c)  i bhfeidhmiú aon chúraim eile a shanntar don Choimisiún i ngníomhartha reachtacha an Aontais maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta.

2.  Oibreoidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit chun na gcríoch seo a leanas:

(a)  gníomhaíochtaí ábhartha um fhorbairt acmhainne agus oiliúint a eagrú, i gcás inarb iomchuí, i réimsí a thagann faoi chuspóirí na Gníomhaireachta agus arb iad na Ballstáit atá freagrach astu. Ina leith sin, bunóidh an Ghníomhaireacht cumais iomchuí d’fhonn gníomhaíochtaí oiliúna atá ábhartha do chuspóirí na Gníomhaireachta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú, lena n‑áirítear trí chúrsaí croí‑churaclaim coiteanna, seimineáir, comhdhálacha agus ceardlanna a fhorbairt, chomh maith le huirlisí oiliúna gréasánbhunaithe, ríomhfhoghlama agus nuálacha agus ardleibhéil eile. Déanfar mionsonraí na ngníomhaíochtaí oiliúna sin a sholáthrófar lasmuigh den oideachas foirmiúil a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, agus formheasfaidh an Bord Bainistíochta iad i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo, agus Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) á urramú ina iomláine aige;

(b)  réitigh theicniúla a fhorbairt, lena n‑áirítear seirbhísí ábhartha oibríochtúla a sholáthar, agus cúnamh teicniúil a sholáthar i ndáil leis an inniúlacht náisiúnta is gá a fhorbairt chun gníomhartha ábhartha dlí an Aontais is ábhartha maidir le cuspóirí na Gníomhaireachta a chur chun feidhme.

3.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar idir na Ballstáit agus idir iad agus an Coimisiún a chur chun cinn agus a éascú agus reachtaíocht an Aontais á cur chun feidhme trí mhalartú agus scaipeadh eispéireas agus dea‑chleachtas a chur chun cinn.

4.  Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíochtaí taighde muirí ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le cuspóirí na Gníomhaireachta, arna n‑iarraidh sin don Choimisiún nó ar a tionscnamh féin, faoi réir fhormheas an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 17. Ina leith sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus mórthéamaí taighde á sainaithint acu, gan dochar do ghníomhaíochtaí taighde eile ar leibhéal an Aontais, agus anailís á déanamh acu ar thionscadail taighde atá ar bun faoi láthair agus ar na cinn siúd a cuireadh i gcrích cheana, ar tionscadail iad atá ábhartha do chuspóirí na Gníomhaireachta. I gcás inarb iomchuí, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le maoin intleachtúil agus aon cheisteanna slándála, féadfaidhdéanfaidh an Ghníomhaireacht torthaí a cuid gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a scaipeadh, tar éis don Choimisiún iad a fhormheas, mar chuid dá rannchuidiú le sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh ag comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus ag na Ballstáit. [Leasú 26]

5.  I gcás ina bhfuil gá lena leithéid chun a cuid cúraimí a chur chun feidhme, déanfaidh an Ghníomhaireacht staidéir, agus rannpháirt á tabhairt aici don Choimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, do na Ballstáit, trí ghrúpaí stiúrtha comhairliúcháin, agus i gcás inarb iomchuí, do na comhpháirtithe sóisialta agus na hionadaithe tionscail a bhfuil saineolas acu ar na hábhair ábhartha.

6.  Ar bhonn an taighde agus na staidéar a rinne an Ghníomhaireacht, ach chomh maith leis sin ar bhonn na taithí a fuarthas trína cuid gníomhaíochtaí féin, go háirithe na cuairteanna agus na cigireachtaí, agus an malartú faisnéise agus dea‑chleachtas leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún roimh ré, moltaí, treoirlínte nó lámhleabhair neamhcheangailteacha ábhartha a eisiúint chun tacú leis na Ballstáit agus éascaíocht a dhéanamh orthu, agus i gcás inarb iomchuí don tionscal freisin, agus reachtaíocht an Aontais á cur chun feidhme.

Airteagal 4

Cúraimí a bhaineann leis an sábháilteacht mhuirí

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an dul chun cinn ar shábháilteacht an iompair mhuirí san Aontas, déanfaidh sí anailís riosca ar bhonn na sonraí atá ar fáil agus forbróidh sí samhlacha de mheasúnú riosca um shábháilteacht chun dúshláin agus rioscaí sábháilteachta a shainaithint. Cuirfidh sí tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach 3 bliana maidir le dul chun cinn ar shábháilteacht mhuirí agus d’fhéadfadh sé go mbeidh moltaí sa tuarascáil sin a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ina leith sin, anailíseoidh agus molfaidh an Ghníomhaireacht go háirithe treoraíocht nó moltaí ábhartha i ndáil le rioscaí sábháilteachta ionchasacha a eascraíonn as glacadh agus cur in úsáid foinsí inbhuanaithe malartacha cumhachta le haghaidh long, lena n‑áirítear soláthar cumhachta ar tír do longa atá i mbeart, teicneolaíochtaí ceallraí a úsáidtear le haghaidh tiomána nó ‘teicnoleáíochtaí astaíochtaí nialasacha’, mar a shainmhínítear in [FuelEU Maritime] nó teicneolaíochtaí sa todhchaí ar bord loinge nó i limistéir chalafoirt. [Leasú 27]

2.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoir 2009/21/CE á cur chun feidhme. Go háirithe, forbróidh an Ghníomhaireacht an bunachar sonraí cigireachta agus déanfaidh sí é a choinneáil ar bun i gcomhréir le [hAirteagal 6a] den Treoir sin, bunóidh sí an uirlis tuairiscithe leictreonach dá dtagraítear in [Airteagal 9b] den Treoir sin, déanfaidh sí an suíomh gréasáin poiblí dá dtagraítear in Airteagal 8(2c) a choinneáil ar bun agus soláthróidh sí moltaí don Choimisiún ar bhonn na sonraí a bhaileofar.

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus é rannpháirteach mar bhreathnóir i bpróiseas iniúchóireachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta de réir [Airteagal 7] de Threoir 2009/21/CE. Forbróidh an Ghníomhaireacht uirlisí agus seirbhísí ábhartha freisin lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit, arna n‑iarraidh sin dóibh, a gcuid oibleagáidí faoi Threoir 2009/21/CE a chomhlíonadh.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht scéim choiteann um fhothú acmhainneachta do shuirbhéirí stát brataí agus do chigirí stát brataí de chuid na mBallstát freisin, dá dtagraítear in [Airteagal 4c] den Treoir réamhluaite.

3.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir leis na bunachair sonraí dá ndéantar foráil in Airteagal 24 agus 24a de Threoir 2009/16/CE a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Ar bhonn na sonraí a bhaileofar, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus anailís á déanamh ar an bhfaisnéis ábhartha agus faisnéis á foilsiú maidir le longa agus cuideachtaí ag a bhfuil feidhmíocht íseal agus an‑íseal de bhun Threoir 2009/16/CE. [Leasú 28]

Forbróidh an Ghníomhaireacht uirlisí agus seirbhísí ábhartha lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, a gcuid oibleagáidí faoi Threoir 2009/16/CE a chomhlíonadh.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht freisin clár forbartha gairmiúla agus oiliúna do chigirí an rialaithe Stáit ar chalafoirt de chuid na mBallstát, dá ndéantar foráil in [Airteagal 22(7)] de Threoir 2009/16/CE réamhluaite.

4.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an mbunachar sonraí dá ndéantar foráil in Airteagal 17 de Threoir 2009/18/CE a fhorbairt agus a choinneáil ar bun. Ar bhonn na sonraí a bhaileofar, tiomsóidh an Ghníomhaireacht forbhreathnú bliantúil ar thaismigh agus teagmhais mhuirí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, má iarrannFéadfaidh na Ballstáit lena mbaineann amhlaidh agus i gcás nach n‑eascróidh aon choinbhleacht leasa as,iarraidh ar an nGníomhaireacht tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil a sholáthar do na Ballstáit sin maidir le himscrúduithe sábháilteachta. Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí sin i gcás nach dtiocfaidh coinbhleacht leasa chun cinn don Ghníomhaireacht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís freisin ar thuarascálacha um imscrúduithe sábháilteachta d’fhonn breisluach a shainaithint ar leibhéal an Aontais i dtéarmaí aon cheacht ábhartha a bheidh le baint. [Leasú 29]

Soláthróidh an Ghníomhaireacht clár forbartha gairmiúla agus oiliúna do na hÚdaráis inniúla um imscrúdú ar thimpistí sábháilteachta muirí.

5.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoracha 2009/45/CE(24) agus 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25) agus Treoir 98/41/CE ón gComhairle(26) á gcur chun feidhme. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, bunachar sonraí a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun bearta a thaifeadadh dá ndéantar foráil in Airteagal 9 de Threoir 2009/45/CE agus Airteagal 9 de Threoir 98/41/CE agus tabharfaidh sí cúnamh don Choimisiún agus measúnú á dhéanamh ar na bearta sin.

6.  Éascóidh an Ghníomhaireacht an comhar agus an malartú faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun measúnú a dhéanamh ar na heagraíochtaí aitheanta a dhéanann cúraimí suirbhéireachta agus deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009(27). Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)  tuairim a sholáthar don Choimisiún maidir lena measúnú ar na heagraíochtaí aitheanta faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009;

(b)  faisnéis iomchuí a sholáthar do na Ballstáit i gcomhthéacs na gcigireachtaí a dhéantar chun tacú le measúnú an Choimisiúin faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 d’fhonn tacú le faireachán agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na heagraíochtaí aitheanta de réir Airteagal 9 de Threoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), ar eagraíochtaí iad a thacaíonn leis na Ballstáit agus iad ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí Aontais agus idirnáisiúnta mar Stáit bhrataí. Ina leith sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus é ag bainistiú an ghrúpa ardleibhéil um ábhair a bhaineann le Stáit bhrataí faoi [Airteagal 9(1)] de Threoir 2009/21/CE.

(c)  moladh agus cúnamh teicniúil a sholáthar don Choimisiún, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún, maidir le bearta feabhais a d’fhéadfadh a bheith ann nó maidir le fíneálacha a ghearradh ar na heagraíochtaí aitheanta i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 391/2009.

7.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit agus Treoir ón gComhairle(29) á cur chun feidhme trína mheasúnú teicniúil ar ghnéithe sábháilteachta a sholáthar, trí mholtaí a sholáthar in éineacht le liostaí de na ceanglais deartha, tógála agus feidhmíochta agus de na caighdeáin tástála faoi seach, an bunachar sonraí dá ndéantar foráil in Airteagal 35(4) den Treoir sin a fhorbairt agus a choinneáil ar bun agus comhar a éascú idir chomhlachtaí measúnúcháin faoina dtugtar fógra, ar comhlachtaí iad a ghníomhaíonn mar an rúnaíocht theicniúil dá ngrúpa comhordúcháin. [Leasú 30]

8.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus rioscaí sábháilteachta á sainaithint acu a bhaineann le longa dromchla muirí atá uathrialaitheach agus uathoibrithe (MASS) a fhorbairt, agus tabharfaidh sí cúnamh do na Ballstáit trí threoraíocht agus lámhleabhair a éascú, trí thaighde agus forbairt a dhéanamh ar uirlisí digiteacha ábhartha, chun formheas a fháil le haghaidh tionscadail agus/nó oibríochtaí MASS.

9.  Baileoidh an Ghníomhaireacht sonraí maidir le maraithe agus déanfaidh sí anailís orthu, ar sonraí iad a sholáthrófar agus a úsáidfear i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30). Féadfaidh sí sonraí a bhailiú freisin agus anailís a dhéanamh orthu maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (MLC, 2006) d’fhonn cúnamh a thabhairt maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála maraithe ar bord. Úsáidfidh an Coimisiún na sonraí sin, i gcomhpháirt leis na sonraí arna nginiúint ag an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe (STCW IS) chun freagairtí straitéiseacha iomchuí a fhorbairt chun maraithe a earcú agus a choinneáil i mbun gníomhaíochta. [Leasú 31]

Airteagal 5

Cúraimí a bhaineann leis an inbhuanaitheacht

1.  Tacóidh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit ar bhealach costéifeachtúil trí thuilleadh modhanna freagartha ar thruailliú a sholáthar i gcás truailliú ó longa chomh maith le truailliú muirí ó shuiteálacha ola agus gáis. Gníomhóidh an Ghníomhaireacht amhlaidh arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, ar faoi údarás an Bhallstáit sin a dhéanfar na hoibríochtaí glantacháin. Tá an cúnamh sin gan dochar don fhreagracht atá ar Stáit chósta sásraí iomchuí freagartha ar thruailliú a bheith i bhfeidhm acu agus urramófar léi an comhar atá ann cheana idir na Ballstáit sa réimse seo. Leis na modhanna oibríochtúla a sholáthróidh an Ghníomhaireacht do na Ballstáit, cuirfear san áireamh aistriú na hearnála chuig foinsí inbhuanaithe malartacha cumhachta le haghaidh long agus déanfar freastal ar an aistriú sin leo. De réir mar is iomchuí, déanfar iarrataí ar ghníomhaíochtaí in aghaidh an truaillithe a shlógadh a chur ar aghaidh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31).

2.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus iad ag brath truailliú féideartha agus ag dul sa tóir ar longa a dhéanann sceití neamhdhleathacha i gcomhréir le Treoir 2005/35/CE. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh go háirithe maidir le cur chun feidhme Airteagal [10, 10a, 10b, 10c agus 10d] den Treoir sin trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)  an córas faisnéise is gá (CleanSeaNet), mar chuid de Chóras an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet), agus bunachair sonraí a fhorbairt agus a choinneáil ar bun;

(b)  an fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú Threoir 2005/35/CE a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh;

(c)  fothú acmhainneachta a sholáthar do na húdaráis náisiúnta inniúla agus malartú dea‑chleachtas a éascú;

(d)  an bealach tuairiscithe seachtrach ar líne a fhorbairt agus a choinneáil ar bun chun faisnéis a fháil agus a láimhseáil maidir le sceití neamhdhleathacha ionchasacha arna gcur in iúl ag an bhfoireann agus chun an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig an mBallstát nó na Ballstáit lena mbaineann.

(da)   faisnéis ábhartha ó Ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, amhail EFCA, a chomhroinnt agus a fháil, go háirithe i ndáil le trealamh iascaireachta caillte. [Leasú 32]

3.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht an tseirbhís CleanSeaNet agus aon uirlis eile chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, faireachán a dhéanamh ar mhéid agus ar thionchar comhshaoil an truaillithe ola mhuirí ó shuiteálacha ola agus gáis.

4.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoir (AE) 2019/883 maidir le saoráidí glactha calafoirt chun dramhaíl a sheachadadh ó longa á cur chun feidhme. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an mbunachar sonraí cigireachta dá ndéantar foráil in Airteagal 14 den Treoir sin a fhorbairt agus a choinneáil ar bun.

5.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit i gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir 2008/56/CE, trí rannchuidiú leis an gcuspóir maidir le dea‑stádas comhshaoil uiscí mara a bhaint amach i dtaca leis na heilimintí a bhaineann leis an loingseoireacht agus iad ag saothrú thorthaí na n‑uirlisí atá ann cheana amhail na Seirbhísí Muirí Comhtháite. Ina leith sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuilleadh taighde ar shaincheisteanna a bhaineann le coimeádáin chaillte, lena n‑áirítear millíní plaisteacha agus torann faoi uisce agus soláthróidh sí moltaí don Choimisiún agus do na Ballstáit.

I dtaca le coimeádáin a chailltear ar muir, soláthróidh an Ghníomhaireacht treoir do na geallsealbhóirí tionscail agus don Stát brataí ar na ceanglais arna gcomhaontú ag IMO maidir le tuairisciú éigeantach ar choimeádáin arna gcailleadh. Déanfar breithniú freisin i dtaobh an bhféadfadh sásraí freagartha comhchoiteanna agus comhordaithe a bheith ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. [Leasú 33]

6.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit, lena n‑áirítear maidir le huirlisí agus seirbhísí oibríochtúla, agus na heilimintí loingseoireachta de Threoir (AE) 2016/802 á gcur chun feidhme. Ina leith sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí a fheabhsú agus a choinneáil ar bun lena soláthrófar cúnamh do na Ballstáit maidir le longa a spriocdhíriú agus a chur in ord tosaíochta go hiomchuí le haghaidh cigireachtaí bunaithe ar an riosca a bhaineann le neamhchomhlíonadh na Treorach sin.

7.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, le huirlisí agus seirbhísí oibríochtúla iomchuí maidir le faireachán agus bailiú sonraí i ndáil le hastaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) ó longa.

8.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) á chur chun feidhme acu trí threoraíocht iomchuí a eisiúint agus trí shonraí maidir le comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin sin a bhailiú agus a anailísiú.

9.  Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach 3 bliana maidir leis an dul chun cinn a dhéantar chun tionchar comhshaoil an iompair mhuirí a laghdú ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 6

Cúraimí a bhaineann leis an dícharbónú

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar dhul chun cinn maidir leis na beartai leith na mbeart oibríochtúla agus teicniúla a dhéantararna ndéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh long agus calafort a mhéadú agus breoslaí agus córais fuinnimh agus chumhachta inbhuanaithe mhalartacha do longa a chur in úsáid, lena n‑áirítear soláthar cumhachta ar tír agus cúnamh tiomána gaoithetiomáint ghaothchuidithe agus gabháil carbóin ar bord, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa a laghdú. [Leasú 34]

1a.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar an ngá atá le modúil oiliúna bhreise a chur chun feidhme do ghairmithe muirí a bhíonn ag plé le córais hibrideacha agus córais astaíochtaí nialasacha atá nua agus ar casta go minic iad. [Leasú 35]

2.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil don Choimisiún agus do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, i ndáil le hiarrachtaí rialála chunar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa agus calafoirt a laghdú. Ina leith sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht aon uirlis nó seirbhís oibríochtúil a úsáid atá ábhartha don chúram. Ina leith sin, molfaidhDéanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, taighde ar threoraíocht treoraíocht nó moltaí ábhartha go háirithe agus déanfaidh sí taighde agus anailís orthu, mar aon lena n-anailísiú agus lena moladh, i ndáil le glacadh agus cur in úsáid breoslaí, fuinnimh agus córais chumhachta inbhuanaithe mhalartacha do longa, lena n‑áirítear soláthar cumhachta ar tír, tiomáint toinne ghaothchuidithe, gréine agus chinéiteach agus gabháil carbóin ar bord, urraim do neodracht na teicneolaíochta a áirithiú, agus freisin agus cúnamh tiomána gaoithe, agus i ndáil le bearta um éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith, maille le cleachtais amhail galú mall agus barrfheabhsú luais. [Leasú 36]

3.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Rialachán (AE) [.., maidir le breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid san iompar muirí] á chur chun feidhme. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an mbunachar sonraí FuelEU agus uirlisí TF ábhartha eile dá dtagraítear in [Airteagal 16] den Rialachán sin a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, leis na huirlisí faireacháin, treoraíocht agus uirlisí spriocdhírithe rioscabhunaithe iomchuí a fhorbairt chun gníomhaíochtaí fíorúcháin agus forfheidhmiúcháin a éascú dá ndéantar foráil in [Airteagal 15 ter] den Rialachán sin agus le hanailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha agus leis an tuairisciú a ullmhú faoi [Airteagal 28] den Rialachán sin.

4.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Rialachán (AE) 2015/757 á chur chun feidhme. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir le huirlisí TF, bunachair sonraí agus treoraíocht ábhartha a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta agus a choinneáil ar bun chun an Rialachán sin a chur chun feidhme agus chun gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a éascú, tabharfaidh sí cúnamh don Choimisiún maidir le hanailís a dhéanamh ar shonraí ábhartha arna dtuairisciú faoin Rialachán sin, agus tacóidh sí leis an gCoimisiún ina chuid gníomhaíochtaí chun na hoibleagáidí faoi Airteagal 21 den Rialachán sin a chomhlíonadh.

5.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit agus Treoir 2003/87/CE á cur chun feidhme, de réir mar is ábhartha don earnáil muirí. Go háirithe, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir le huirlisí cur chun feidhme TF, uirlisí faireacháin, treoraíocht agus uirlisí spriocdhírithe rioscabhunaithe iomchuí a fhorbairt chun gníomhaíochtaí fíorúcháin, forfheidhmiúcháin agus cur chun feidhme a bhaineann le Treoir 2003/87/CE a éascú, de réir mar is ábhartha don earnáil muirí, agus torthaí na n‑uirlisí, na seirbhísí agus na mbunachar sonraí ábhartha atá ann cheana á saothrú an tráth céanna.

Áireofar ar an gcúnamh sin freisin faireachán agus tuairisciú ar an tionchar ar thrácht calafoirt, seachaint calafoirt agus aistriú tráchta chuig na calafoirt thrasloingsithe coimeádán chomharsanacha, chun dochair do chalafoirt an Aontais. [Leasú 37]

6.  CuirfidhDéanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an t-iompar muirí a dhícharbónú ar leibhéal an Aontais a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 3 bliana maidir leis an dul chun cinn a dhéantar chun dícharbónú an iompair mhuirí a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. I gcás inar féidir, áireofar sa tuarascáil anailís theicniúil ar shaincheisteanna arna sainaithint a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta i bhformáid inchuardaithe agus ar bhealach imdhealaithe. [Leasú 38]

Airteagal 7

Cúraimí a bhaineann le slándáil agus cibearshlándáil mhuirí

1.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil don Choimisiún agus do na Ballstáit agus é ag feidhmiú na gcúraimí cigireachta a shanntar dó de bhun Airteagal 9(4)9 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004. [Leasú 39]

2.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit, mar aonin éineacht le haon chomhlacht ábhartha eile de chuid an Aontais, chun athléimneacht a fhorbairt in aghaidh teagmhais chibearshlándála san earnáil muirí, go háirithe trí threoirlínte a sholáthar agus trí mhalartú dea‑chleachtas agus faisnéise maidir le teagmhais chibearshlándála idir na Ballstáit a éascú. [Leasú 40]

Airteagal 8

Cúraimí a bhaineann leis an bhfaireachas muirí agus géarchéimeanna muirí

1.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí faireachais agus cumarsáide muirí don Choimisiún agus do na Ballstáit arna n‑iarraidh sin dóibh, a bheidh bunaithe ar theicneolaíocht úrscothach, lena n‑áirítear bonneagar spás‑bhunaithe agus bonneagar talún chomh maith le braiteoirí atá suiteáilte ar ardán d’aon chineál, rud a chuirfidh feabhas ar fheasacht ar réimsí muirí, lena n-áirítear i ndáil le dúshláin gheopholaitiúla nua, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na bagairtí slándála gaolmhara ar Bhallstáit ar leith agus ar an Aontas ina iomláine. [Leasú 41]

2.  I réimse an fhaireacháin tráchta atá cumhdaithe le Treoir 2002/59/CE, cothóidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, comhar idir bruach‑Stáit sna réimsí loingseoireachta lena mbaineann, agus forbróidh sí agus oibreoidh sí Lárionad an Aontais Eorpaigh um Shonraí maidir le haithint agus Rianú Fadraoin Long (Lárionad Sonraí LRIT Eorpach) agus Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) dá dtagraítear in Airteagal 6b agus in Airteagal 22a den Treoir sin chomh maith le córas malartaithe sonraí faisnéise um Aithint agus Rianú Idirnáisiúnta Fadraoin Long a fhorbairt agus a oibriú i gcomhréir leis an ngealltanas a rinneadh in ‘EMI.

3.  Tríd an méid seo a leanas a sholáthar, arna iarraidh sin agus gan dochar don dlí náisiúnta ná do dhlí an Aontais, sonraí ábhartha suite soithí agus um fhaire na Cruinne do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí ábhartha an Aontais de réir a sainordaithe, chun cabhrú le bearta in aghaidh bhagairtí na píoráideachta agus bhagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d’aon turas, faoi mar a fhoráiltear dó i ndlí infheidhme an Aontais nó faoi ionstraimí dlí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta i réimse an iompair mhuirí, faoi réir na rialacha infheidhme maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin a bhunóidh an Grúpa Stiúrtha Ardleibhéil arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE, de réir mar is iomchuí. Beidh soláthar sonraí maidir le sainaithint agus rianú fadraoin long faoi réir thoiliú an Stáit brataí lena mbaineann.

4.  Oibreoidh an Ghníomhaireacht lárionad a mbeidh fáil air 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus 7 lá sa tseachtain, ina soláthrófar, arna iarraidh sin agus gan dochar do dhlí náisiúnta agus do dhlí an Aontais, don Choimisiún, do na húdaráis náisiúnta inniúla, gan dochar dá gcearta agus dá bhfreagrachtaí mar Stáit bhrataí, Stáit chósta agus Stáit chalafoirt, agus do chomhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, laistigh dá sainordú, feasacht ar réimsí muirí agus sonraí anailíseacha, de réir mar is iomchuí, lena dtacófar leo maidir chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 42]

(a)  sábháilteacht, slándáil agus truailliú ar muir;

(b)  cásanna éigeandála ar muir;

(c)  aon reachtaíocht de chuid an Aontais a chur chun feidhme lena gceanglaítear faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí long agus coimeádáin arna gcailleadh ar muir a chur chun feidhme; [Leasú 43]

(d)  bearta in aghaidh bhagairtí na píoráideachta agus bhagairtí ó ghníomhartha neamhdhleathacha a dhéanfaí d’aon turas, faoi mar a fhoráiltear dó i ndlí infheidhme an Aontais nó faoi ionstraimí dlí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta i réimse an iompair mhuirí;

(e)  MASS a chur in úsáid agus a n‑idirghníomhú le gnáth longa.

Beidh soláthar na faisnéise sin faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin a bhunóidh an Grúpa Stiúrtha Ardleibhéil arna bhunú i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE, de réir mar is iomchuí. Beidh soláthar sonraí maidir le sainaithint agus rianú fadraoin long faoi réir thoiliú an Stáit brataí lena mbaineann.

5.  Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht laistigh dá réimse inniúlachta le freagairt thráthúil a thabhairt do ghéarchéimeanna agus iad a mhaolú trí chúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún, arna iarraidh sin, maidir le pleananna teagmhasacha a chur i gcrích agus trí mhalartú faisnéise agus dea‑chleachtas a éascú.

6.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún maidir leis an ngné faireachais mhuirí de Sheirbhís Slándála Copernicus a oibriú laistigh den chreat rialachais agus airgeadais den chlár Copernicus.

7.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir leis an Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise (CISE) a fhorbairt agus a choinneáil ar bun, ar réiteach idir‑inoibritheachta é, d’fhonn malartú faisnéise a éascú idir córais éagsúla a úsáideann údaráis shibhialta agus mhíleata a bhfuil freagracht orthu sa réimse muirí, rud a chomhlánóidh an fhaisnéis atá ar fáil cheana féin trí na córais faisnéise shainordaitheacha.

Airteagal 9

Cúraimí a bhaineann leis an digitiú agus an simpliú

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, staidreamh, faisnéis agus sonraí oibiachtúla, iontaofa agus inchomparáide a bhailiú agus a sholáthar, i réimsí dhlí an Aontais faoi réir inniúlacht na Gníomhaireachta, chun é a chur ar a gcumas don Choimisiún agus do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus costéifeachtúlacht na mbeart atá ann cheana. Áireofar ar na cúraimí sin deimhnithe leictreonacha a éascú agus a chur chun cinn, sonraí teicniúla a bhailiú, a thaifeadadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu, na bunachair sonraí atá ann cheana a shaothrú ar bhonn sistéamach, lena n‑áirítear iad a chomhroinnt trí úsáid a bhaint as TF nuálach agus uirlisí intleachta saorga, agus, i gcás inarb iomchuí, bunachair sonraí idir‑inoibritheacha breise a fhorbairt. Ina leith sin, rannchuideoidh an Ghníomhaireacht freisin le réimse muirí an spáis choitinn Eorpaigh do shonraí soghluaisteachta trí fhiosrú a dhéanamh ar naisc le córais córacha eile iompair.

2.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33) á chur chun feidhme, i ndáil leis na cúraimí seo a leanas:

(a)  comhpháirteanna agus seirbhísí coiteanna TF na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (‘EMSWe’) a fhorbairt, a chur ar fáil agus a choinneáil ar bun faoi fhreagracht an Choimisiúin;

(b)  Tacar Sonraí EMSWe, an Treoir um Chur Chun Feidhme Teachtaireachtaí agus teimpléid na scarbhileog digiteach a choinneáil ar bun;

(c)  treoraíocht theicniúil a sholáthar do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme EMSWe;

(d)  athúsáid agus comhroinnt sonraí iontaofa a mhalartaítear in EMSWe trí úsáid a bhaint as SafeSeaNet a éascú agus SafeSeaNet á úsáidfeabhas a chur orthu. [Leasú 44]

3.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil, mar aon le cláir oiliúna agus deimhniúcháin rialta do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh agus gan dochar dá gcearta agus dá n‑oibleagáidí mar Stáit bhrataí, maidir lena gcuid clár agus nósanna imeachta a dhigitiú, rud a éascóidh glacadh na ndeimhnithe leictreonacha agus maidir le haon nós imeachta eile a dhigitiú, rud a bhféadfadh éifeacht dhearfach a bheith aige i ndail leis an ualach riaracháin ar údaráis na Stát brataí, na Stát cósta agus na Stát calafoirt a laghdú. [Leasú 45]

Airteagal 10

Cuairteanna ar Bhallstáit agus cigireachtaí

1.  Chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir lena chuid dualgas faoi CFAE a chomhlíonadh, agus go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach dhlí ábhartha an Aontais, tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna ar na Ballstáit i gcomhréir le modheolaíocht arna bunú ag an mBord Bainistíochta. Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht sin cur chuige comhtháite le haghaidh gach cuairte lena ndíreofar ar níos mó ná píosa reachtaíochta amháin a fhíorú gach uair le linn na cuairte, ar píosaí reachtaíochta iad atá ábhartha d’fheidhm an Bhallstáit a bheidh faoi scrúdú mar Stát brataí, Stát calafoirt nó Stát cósta.

2.  Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Ballstát lena mbaineann ar an eolas in am tráthúil faoin gcuairt atá pleanáilte, faoi ainm na n‑oifigeach údaraithe, agus faoin dáta ar a dtosóidh an chuairt agus an fad a mhairfidh sí. Maidir leis na hoifigigh atá tarmligthe chun cuairteanna mar sin a thabhairt, déanfaidh siad amhlaidh ach cinneadh i scríbhinn a fháil ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta lena sonrófar cuspóir agus aidhmeanna a misin.

3.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin mar a cheanglaítear le gníomhartha dlí ceangailteacha an Aontais maidir le heagraíochtaí a aithníonn an tAontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 391/2009, agus a mhéid a bhaineann le hoiliúint agus deimhniú maraithe i dtríú tíortha i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/993.

4.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin freisin mar a cheanglaítear le haon ghníomh dlí ceangailteach eile de chuid an Aontais má chinneann an Coimisiún an cúram sin a tharmligean chuig an nGníomhaireacht.

5.  Ag deireadh gach cuairte nó gach cigireachta, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil a tharraingt suas agus a chur chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann. Sa tuarascáil leanfaí an teimpléad a bhunaigh an Coimisiún roimhe seo.

6.  I gcás inarb iomchuí, agus in aon chás ina gcuirfear timthriall cigireachtaí nó cuairteanna i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís ar thuarascálacha ón timthriall sin d’fhonn torthaí cothrománacha agus conclúidí ginearálta ar éifeachtacht agus ar chost‑éifeachtúlacht na mbeart atá ar bun a shainaithint. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an anailís sin faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh tuilleadh plé leis na Ballstáit chun aon cheacht ábhartha a tharraingt aisti agus chun scaipeadh na ndea‑chleachtas oibre a éascú, go háirithe a mhéid a bhaineann le dlí an Aontais a chur chun feidhme. [Leasú 46]

CAIBIDIL III

CÚRAIMÍ EILE NA GNÍOMHAIREACHTA MAIDIR LE CAIDREAMH IDIRNÁISIÚNTA AGUS COMHAR EORPACH UM AN nGARDA CÓSTA

Airteagal 11

Caidreamh idirnáisiúnta

1.  AgusSoláthróidh an Ghníomhaireacht an cúnamh teicniúil á sholátharis gá do na Ballstáit agus don Choimisiún, arna iarraidh sin dóibh, i dtreo is go bhféadfaidh siad chun cur le hobair ábhartha na gcomhlachtaíchomhlachtaí teicniúla mar IMO, i gcás inar cheart do EMSA, laistigh de thoscaireacht an Choimisiúin, páirt a ghlacadh sa phlé agus freastal air, le hobair ábhartha na hEagraíochtaan Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a mhéid a bhaineann le loingseoireacht, agus Meabhrán Comhthuisceana Pháras umleis na Meabhráin Tuisceana ábhartha i ndáil le Rialú Stáit ar Chalafoirt (‘MCT Pháras’) agus le hobair ábhartha eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha a bhfuil an tAontas aontaithetar éis aontú dóibh, i ndáil le ceisteannamaidir le hábhair a bhaineann le hinniúlacht an Aontais. [Leasú 47]

Chun na cúraimí sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh a dhéanamh foireann a lonnú i dtoscaireachtaí Aontais i dtríú tíortha faoi réir na gcomhaontuithe iomchuí leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Chun an cinneadh sin a dhéanamh éilítear toiliú roimh ré ón gCoimisiún agus ón mBord Bainistíochta. Leis an gcinneadh sin sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag an bhfoireann arna lonnú ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta a dhéanamh faoi dhó.

2.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiúni gcomhairle leis an gCoimisiún, cúnamh teicniúil a sholáthar, lena n‑áirítear eagrú gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha, a mhéid a bhaineann le gníomhartha dlí ábhartha an Aontais, do Stáit atá ag cur isteach ar aontachas leis an Aontas, agus i gcás inarb iomchuíinfheidhme, do thíortha comhpháirtíochta Chomharsanacht na hEorpa agus do thíortha atá páirteach in MC Pháras. [Leasú 48]

3.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún nó doni gcomhairle leis an gCoimisiún nó leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, nó don dá cheann díobhleo araon, cúnamh a sholáthar i gcás truailliú ó longa chomh maith le truailliú muirí ó shuiteálacha ola agus gáis a dhéanann difear do thríú tíortha a chomhroinneann imchuach farraige réigiúnach leis an Aontas. Soláthróidh an Ghníomhaireacht an cúnamh i gcomhréir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE, agus i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme maidir leis na Ballstáit amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo arna gcur i bhfeidhm de réir analaí maidir leis na tríú tíortha. Déanfar na cúraimí sin a chomhordú leis na socruithe comhair réigiúnacha atá ann cheana agus a bhaineann le truailliú muirí. [Leasú 49]

4.  Gan dochar d’Airteagal 24, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhairle leis an gCoimisiún, cúnamh teicniúil a sholáthar do thríú tíortha le haghaidh ábhair a thagann faoina hinniúlacht, arna iarraidh sin don Choimisiún. [Leasú 50]

5.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht socruithe riaracháin agus comhar a dhéanamh le comhlachtaí eile de chuid an Aontais a oibríonn sna hábhair a thagann faoi raon feidhme a hinniúlachta tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún. Beidh na socruithe agus an comhar sin faoi réir thuairim an Choimisiúin agus an tuairiscithe thréimhsiúil dó. [Leasú 51]

6.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis um chaidreamh idirnáisiúnta na Gníomhaireachta maidir le hábhair a thagann faoina hinniúlacht. Beidh an straitéis sin i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin agus beidh sé d’aidhm aiciag an straitéis cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí na tosaíochtaí sinan Aontais a chomhlíonadh. Beidh an straitéis sin san áireamh i ndoiciméad clársceidealaithe na Gníomhaireachta, ina sonrófar na hacmhainní a ghabhfaidh léi. [Leasú 52]

Airteagal 12

Comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta

1.  I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896, agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/473, agus an dá cheann díobh sin laistigh dá sainordú, tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal idirnáisiúnta, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)  comhroinnt, comhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna n‑óstáil ag na gníomhaireachtaí sin nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach agus gan dochar d’úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

(b)  seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena n‑áirítear bonneagar spás‑bhunaithe agus bonneagar talún chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán d’aon chineál;

(c)  acmhainneacht a fhothú trí threoirlínte agus moltaí a tharraingt suas agus trí dhea‑chleachtais a bhunú, agus trí oiliúint agus malartú foirne a chur ar fáil;

(d)  malartú faisnéise agus comhar um fheidhmeanna garda cósta a fheabhsú lena n‑áirítear trí dhúshláin oibríochtúla agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse muirí a anailísiú, lena n-áirítear trí uirlisí ionsamhlúcháin digiteacha a úsáid chun staidéar a dhéanamh ar éifeachtaí tionóiscí; [Leasú 53]

(e)  acmhainní a chomhroinnt trí oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme agus trí shócmhainní agus acmhainneachtaí eile a chomhroinnt, a mhéid a dhéanann na gníomhaireachtaí sin na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus a chomhaontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leo;

(ea)   an taighde, na forbairtí agus na teicneolaíochtaí ábhartha, lena n-áirítear an intleacht shaorga, a chomhroinnt ar bhealach comhoibríoch agus solúbtha chun teacht ar réitigh ar na dúshláin atá ann sna réimsí éagsúla; [Leasú 54]

(eb)   an comhar a mhéadú chun sonraí ar éiceachórais mhuirí, ar an n-aigéaneolaíocht fhisiceach, ar an gceimic mhuirí, ar an mbitheolaíocht mhuirí, ar iascaigh, ar dhruileáil eolaíoch na n-aigéan agus croíleacú na n-aigéan, ar thaighde geolaíoch agus geoifisiceach, agus ar ghníomhaíochtaí eile, a bhailiú le haghaidh taighde eolaíoch muirí a dhéanamh; [Leasú 55]

(ec)   tionscadail chomhair a chur chun feidhme le tríú tíortha chun feabhas a chur ar shábháilteacht mhuirí, cosc ar thruailliú ó longa, slándáil mhuirí agus caomhnú na muirthimpeallachta. [Leasú 56]

2.  Gan dochar do chumhachtaí Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 15, is de réir socrú oibre a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, socrú oibre a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis na Gníomhaireachtaí. Déanfaidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta, Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach agus bord bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta socrú den sórt sin a fhormheas.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta. Beidh sa lámhleabhar sin treoirlínte, moltaí agus dea‑chleachtais i ndáil le faisnéis a mhalartú. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm molta.

4.  Ní bheidh na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo díobhálach do chúraimí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagail 4 go 12 agus ní sháróidh siad cearta agus oibleagáidí na mBallstát, go háirithe mar Stáit bhrataí, Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta.

Airteagal 13

Cumarsáid agus scaipeadh

Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a thionscnamh féin sna réimsí a thagann faoina sainordú. Ní chuirfidh gníomhaíochtaí cumarsáide isteach ar an gcuid eile de na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 4 go 13 agus déanfar iad i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta na pleananna sin cothrom le dáta go tráthrialta, bunaithe ar anailís ar riachtanais.

CAIBIDIL IV

EAGRÚ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 14

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a)  Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 16;

(b)  Bord Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 21;

(c)  Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a fheidhmeoidh na dualgais a leagtar amach in Airteagal 23.

Airteagal 15

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.  Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ceathrar ionadaithe ón gCoimisiún, agus beidh cearta vótála acu uile.

Áireofar ar an mBord Bainistíochta freisin ceathrar gairmithe ó na hearnálacha is mó lena mbaineann, mar a thagraítear dó sinamhail dá dtagraítear in Airteagal 2, arna gceapadh ag an gCoimisiún, gan ceart vótála a bheith acu. [Leasú 57]

Áireofar ar an mBord Bainistíochta freisin beirt ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, a bheidh ina mbreathnóirí, gan cearta vótála a bheith acu. [Leasú 58]

Déanfar comhaltaí uile an Bhoird Bainistíochta a cheapadh ar bhonn an mhéid taithí agus saineolais ábhartha a bheidh acu sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 2. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún, araon a ndícheall le go mbeidh ionadaíocht chothrom ar fhir agus ar mhná ar an mBord Bainistíochta. Beidh duine den cheathrar gairmithe ina ionadaí don Chreat Buanchomhair do chomhlachtaí imscrúdaithe timpistí i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/18/CE.

2.  Ceapfaidh gach Ballstát, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún a gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta chomh maith le comhalta malartach a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé nó sí as láthair. [Leasú 59]

3.  4 bliana a bheidh i ré an téarma oifige. Féadfar an téarma oifige a athnuachan.

4.  Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn a shíniú an tráth a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasanna ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasanna. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na ráitis agus na nuashonruithe ar a suíomh gréasáin.

Airteagal 16

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.  Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí, déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)  na treoshuíomhanna ginearálta agus straitéiseacha a thabhairt le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta;

(b)  doiciméad clársceidealaithe aonair na Gníomhaireachta a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil agus i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c)  buiséad bliantúil agus plean bunaithe foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i leith bhuiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil VI;

(d)  an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, agus í a chur ar aghaidh gach bliain faoin 1 Iúil chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus na Ballstáit. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí;

(e)  na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25;

(f)  tuairim a sholáthar maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta;

(g)  modheolaíocht a bhunú do na cuairteanna a dhéanfar de bhun Airteagal 10. I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a ghlacfar an mhodheolaíocht, nach n‑aontaíonn sé léi, déanfaidh an Bord Bainistíochta an mhodheolaíocht a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta uirthi más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian, lena n‑áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d’aon toil ionadaithe na mBallstát; [Leasú 60]

(h)  socruithe riaracháin a bhreithniú agus a fhormheas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 11(5);

(i)  straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart a bheidh le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(j)  na rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a comhaltaí a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí agus dearbhú leasanna chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú go bliantúil ar a suíomh gréasáin; [Leasú 61]

(k)  na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

(l)  a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí; [Leasú 62]

(m)  comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh, trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí a bhfuil cearta vótála acu, i gcomhréir le hAirteagal 21;

(n)  sainordú a ghlacadh le haghaidh chúraimí an Bhoird Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21;

(o)  na cumhachtaí a fheidhmiú, i ndáil le foireann na Gníomhaireachta agus i gcomhréir le mír 2, a thugtar le Rialacháin Foirne na nOifigeach don Údarás Ceapacháin agus leis na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích(34);

(p)  rialacha cur chun feidhme a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 (2) de na Rialacháin Foirne;

(q)  an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, treoraíocht a sholáthar dó agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus, i gcás inarb ábhartha, síneadh a chur lena théarma oifige nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 22;

(r)  nósanna imeachta a bhunú le haghaidh chinnteoireacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(s)  más iomchuí, Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é nó í ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(t)  a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith ar thorthaí agus ar mholtaí a eascróidh as na tuarascálacha iniúchóireachtaí agus ó mheastóireachtaí, inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);

(u)  na cinntí uile a ghlacadh maidir le bunú struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta, lena n‑áirítear bunún-áirítear meithleacha nó grúpaí comhairleacha a chur ar bun agus, i gcás inar gá, maidir lenaa modhnú, agus riachtanais gníomhaíochta na Gníomhaireachta á gcur san áireamh agus ag féachaint don bhainistiú buiséadach fónta; [Leasú 63]

(v)  cinneadh a dhéanamh maidir leis na seirbhísí a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a thairiscint in aghaidh táillí agus muirear agus samhail de chreat a ghlacadh chun na táillí agus na muirir is iníoctha a chionroinnt ó thaobh an airgeadais de mar a thagraítear dó sinamhail dá dtagraítear in Airteagal 26(3), pointe (c). I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a ghlacfar an cinneadh ón mBord Bainistíochta maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear in aghaidh táillí nó an tsamhail de chreat, nach gcomhaontaíonn sé leo, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta orthu más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian, lena n‑áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d’aon toil ionadaithe na mBallstát; [Leasú 64]

(w)  straitéis um ghnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí a ghlacadh;

(x)  straitéis a ghlacadh le haghaidh comhaircomhar le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, nó an dá cheann, dá dtagraítear in Airteagal 11(6). I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a ghlacfar an straitéis, nach gcomhaontaíonn sé léi, déanfaidh an Bord Bainistíochta an straitéis a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta uirthi más iomchuí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian, lena n‑áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d’aon toil ionadaithe na mBallstát; [Leasú 65]

(y)  rialacha slándála inmheánacha na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 41 a ghlacadh;

(z)  oifigeach cosanta sonraí na Gníomhaireachta a cheapadh.

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh ar bhonn Airteagal 2 (1) de na Rialacháin Foirne agus ar bhonn Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fho‑tharmligean.

Nuair is gá mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin chomh maith leo siúd arna dtarmligean aige, a chur ar fionraí agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean do dhuine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 17

Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

1.  Faoin 30 Samhain gach bliain glacfaidh an Bord Bainistíochta doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh an clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil, bunaithe ar dhréacht arna chur chun tosaigh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh, agus maidir leis an gclársceidealú ilbhliantúil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Má chinneann an Bord Bainistíochta gan gnéithe de thuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, tabharfaidh sé bonn cirt cuimsitheach leis an gcinneadh sin. Beidh feidhm ag an oibleagáid bonn cirt cuimsitheach a sholáthar freisin maidir leis na gnéithe arna n-ardú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle le linn an chomhairliúcháin. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur aige. Cuirfidh sé ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún éfaoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn. [Leasú 66]

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún in iúl, laistigh de 15 lá ón dáta a ghlacfar an doiciméad clársceidealaithe aonair, nach gcomhaontaíonn sé leis an doiciméad, déanfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta air más iomchuí, laistigh de thréimhse 2 mhí, ar an dara léamh trí thromlach dhá thrian, lena n‑áirítear ionadaithe an Choimisiúin, nó d’aon toil ionadaithe na mBallstát. [Leasú 67]

2.  Tiocfaidh an doiciméad aonair clársceidealaithe chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh an bhuiséid ghinearálta agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

3.  Beidh sa chlár oibre bliantúil cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuil coinne leo, lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 7. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe. Beidh ar áireamh sa chlársceidealú bliantúil nó ilbhliantúil, nó sa dá cheann, an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin.

4.  Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Údarás. Beidh cuimsiú an chúraim nua sin faoi réir anailíse ar na hacmhainní daonna agus buiséadacha agus féadfaidh sé bheith faoi réir cinnidh lena bhfionrófar cúraimí eile.

5.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta scrúdú ar iarrataí ón gCoimisiún nó ó na Ballstáit ar chúnamh teicniúil agus formheasfaidh sé iad, faoi chuimsiú ullmhú an doiciméid chlársceidealaithe aonair, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (c), Airteagal 3(2), pointe (b), Airteagal 5(5) go (8), Airteagal 8(6) agus (7), Airteagal 9(3), Airteagal 10(4) agus Airteagal 11(2) agus (4). Maidir le formheas na n‑iarrataí sin:

(a)  ní chuirfidh siad isteach ar chúraimí eile na Gníomhaireachta;

(b)  seachnófar dúbláil iarrachtaí leo;

(c)  beidh siad faoi réir anailíse ar na himpleachtaí a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus buiséadacha; agus

(d)  féadfaidh siad a bheith faoi réir cinnidh lena bhfionrófar cúraimí eile.

6.  Is leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

7.  Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n‑áirítear na cuspóirí, na torthaí a bhfuil coinne leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin clársceidealú acmhainní, lena n‑áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.

8.  Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Déanfar nuashonrú ar an gclársceidealú straitéiseach i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar thoradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 41.

Airteagal 18

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.  Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

2.  Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é go gcuirtear cosc ar an gCathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh.

3.  Mairfidh tréimhse oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh 4 bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltacht sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 19

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.  Déanfar cruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus déanfaidh an cathaoirleach iad a ghairm.

2.  Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta páirt sna pléití, seachas i gcás inar coinbhleacht leasa é toradh a rannpháirtíochta, de réir mar a chinnfidh an Cathaoirleach, nó i gcás ina mbeidh cinneadh le déanamh ag an mBord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 35.

3.  Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Bainistíochta dhá uair sa bhliain. Ina theanntaSa bhreis air sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh aan Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó d’aon trian de na Ballstáitdá chomhaltaí. [Leasú 68]

4.  Nuair a bheidh ceist rúndachta nó coinbhleachta leasa ann, féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh na míreanna sonracha ar a chlár oibre a scrúdú gan na comhaltaí lena mbaineann a bheith i láthair. Ní dhéanfaidh sé sin difear don cheart a bheidh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún go ndéanfadh malartach nó aon duine eile ionadaíocht orthu. Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo i rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

5.  Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim freastal ar a chruinnithe i gcáil breathnóra.

6.  Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

7.  Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 20

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí trí thromlach glan na gcomhaltaí dá chuid a bhfuil cearta vótála acu, seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

2.   Ní fhéadfar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) pointí (c) go (e) agus pointí (i), (j), (n), (o), (p), (q), (t), (u) agus in Airteagal 16(2) a dhéanamh ach má chaitheann ionadaithe an Choimisiúin vóta dearfach. Chun críocha na cinntí a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointe (b), ní bheidh vóta dearfach ionadaí an Choimisiúin de dhíth ach amháin i leith na ngnéithe den chinneadh nach mbaineann le clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil na Gníomhaireachta. [Leasú 69]

3.  Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil cearta vótála. Ní chaithfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta vóta. [Leasú 70]

4.  Má bhíonn comhalta as láthair, beidh a c(h)omhalta malartach i dteideal ceart vótála an chomhalta a fheidhmiú.

5.  Bunófar leis na rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, lena n‑áirítear na coinníollacha faoinar féidir le comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Airteagal 21

An Bord Feidhmiúcháin

1.  Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.  Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas:

(a)  maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta maidir le bainistíocht riaracháin agus bhuiséadach;

(aa)   cinneadh a dhéanamh faoi na hábhair sin dá bhforáiltear sna rialacha airgeadais arna nglacadh de bhun Airteagal 25 nach bhforchoimeádtar don Bhord Bainistíochta leis an Rialachán seo; [Leasú 71]

(b)  na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(c)  a áirithiú, i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus ar mholtaí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe OLAF agus OIPE;

3.  Nuair is gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena n‑áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin agus cúrsaí buiséadacha a chur ar fionraí.

4.  Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, ionadaí amháin ón gCoimisiún ar an mBord Bainistíochta agus trí chomhaltatriúr comhaltaí eile arna gceapadh ag an mBord Bainistíochta as measc a chomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí eile freastal ar a chuid cruinnithe. [Leasú 72]

5.  4 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus féidearthacht ann le haghaidh téarma athnuaite. Tiocfaidh deireadh le tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta.

6.  Reáchtálfaidh an Bord Feidhmiúcháin gnáthchruinniú amháin ar a laghad gach 3 mhí. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna n‑iarraidh sin dá chuid comhaltaí.

6a.   Is de chomhthoil a ghlacfaidh an Bord Feidhmiúcháin a chuid cinntí. Mura mbeidh an Bord Feidhmiúcháin in ann cinneadh a dhéanamh de chomhthoil, cuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta. [Leasú 73]

7.  Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

CAIBIDIL V

AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN

Airteagal 22

Ceapachán, síneadh le téarma oifige agus cur as oifig

1.  Ceapfaidh an Bord rialálaBainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn tuillteanais agusfiúntais, scileanna, saineolais agus inniúlacht agus taithí chruthaithe atá ábhartha don earnáil mhuirí, ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a urramóidh prionsabal na cothromaíochta inscne. [Leasú 74]

1a.   Sula ndéanfar an ceapachán, iarrfar ar an iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt. [Leasú 75]

2.  Ar mhaithe le conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

3.  5 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. In am trátha roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

4.  An Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh aige, féadfaidh sé síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin rún atá aige síneadh a chur le sainordú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Sula ndéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh síneadh a chur leis an sainordú, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt. [Leasú 76]

5.  Ní fhéadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

6.  Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar bhealach lena gcomhlíonfar na ceanglais rúndachta is infheidhme, faoi na cúiseanna atá le cinneadh den sórt sin. [Leasú 77]

6a.   Is ar bhonn tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a thiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí maidir le ceapacháin, maidir le síneadh a chur leis an téarma oifige nó maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig. [Leasú 78]

7.  Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid na gníomhaireachta faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 23

Cúraimí agus freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.  Bainisteoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht i gcomhréir le cinntí an Bhoird Bainistíochta agus beidh sé cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2.  Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé ná ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.  Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú a d(h)ualgas nuair a iarrtar sin air/uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar fheidhmiú a d(h)ualgas.

4.  Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin marina ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachtaar an nGníomhaireacht. Mar sin de, maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin: [Leasú 79]

(a)   déanfaidh sé foráil do chúnamh teicniúil agus saineolas don Choimisiún agus do na Ballstáit i gcomhthéacs IMO; [Leasú 80]

(b)   beidh sé cuntasach do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta agus cinntí atá íogair ó thaobh na polaitíochta de á ndéanamh aige chun leasa an Aontais. [Leasú 81]

5.  Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Go háirithe, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na nithe seo a leanas:

(a)  riarachán laethúil inbhuanaithe agus éifeachtúil na Gníomhaireachta a áirithiú; [Leasú 82]

(b)  oibríochtaí agus foireann na Gníomhaireachta a eagrú, a stiúradh agus a mhaoirsiú laistigh de theorainneacha na gcinntí ón mBord Bainistíochta;

(c)  cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(d)  dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Bainistíochta;

(e)  meastacháin a tharraingt suas ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 27 agus an buiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 28.

(f)  an dréacht‑doiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún 4 seachtaine ar a laghad roimh an gcruinniú ábhartha de chuid an Bhoird Bainistíochta;

(g)  an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme, measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn i gcomparáid leis na táscairí ábhartha agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(h)  an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(i)  freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar chúnamh i gcomhréir le hAirteagal 17(5);

(j)  cinneadh a dhéanamh na cuairteanna agus na cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10 a dhéanamh, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus de réir na modheolaíochta le haghaidh cuairteanna a bhunaigh an Bord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 16(1), pointe (g);

(k)  cinneadh a dhéanamh socruithe riaracháin a dhéanamh le comhlachtaí eile de chuid an Aontais a oibríonn i réimsí gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ar choinníoll gur cuireadh an dréacht‑socrú faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta ar dtús le haghaidh comhairliúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11(5) agus ar choinníoll nach bhfuil agóid déanta ag an mBord Bainistíochta laistigh de 4 seachtaine;

(l)  gach beart is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(m)  córas faireacháin éifeachtach a eagrú ionas go mbeidh sé nó sí in ann na spriocanna atá bainte amach ag an nGníomhaireacht a chur i gcomparáid lena cuspóirí agus lena cúraimí mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Chun na críche sin, déanfaidh sé nó sí, i gcomhaontú leis an gCoimisiún agus leis an mBord Bainistíochta, táscairí feidhmíochta sainoiriúnaithe a bhunú lena bhféadfar measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach. Áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta a oiriúnú go tráthrialta do na hathruithe a thiocfaidh ar na riachtanais agus é sin laistigh de na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil. Ina leith sin, bunóidh sé nó sí nósanna imeachta meastóireachta tráthrialta a chomhlíonfaidh caighdeáin ghairmiúla aitheanta;

(n)  feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh éifeachtaigh agus éifeachtúil a bhunú agus a áirithiú agus aon athrú suntasach air a thuairisciú leis an mBord Rialála;

(o)  cur i gcrích na measúnuithe riosca agus na bainistíochta riosca ar son an chomhghnóthais a áirithiú;

(p)  plean gníomhaíochta leantach a ullmhú i ndáil le conclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, mar aon le conclúidí imscrúduithe de chuid OLAF agus OIPE, dá dtagraítear in Airteagal 38, agus tuairisc a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta agus an Bord Feidhmiúcháin ar bhonn tráthrialta, maidir leis an dul chun cinn at déanta;

(q)  leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF agus ag OIPE trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach, agus athchomhairleach a fhorchur, lena n‑áirítear pionóis airgeadais;

(r)  straitéis frithchalaoise a ullmhú, in éineacht le straitéis um ghnóthachain éifeachtúlachta agus sineirgí, straitéis le haghaidh comhair le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó an dá cheann díobh, agus straitéis le haghaidh na gcóras bainistíochta eagraíochtúla agus rialaithe inmheánaigh le haghaidh na Gníomhaireachta agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena bhformheas;

(s)  éagsúlacht a chur chun cinn agus cothromaíocht inscne a áirithiú a mhéid a bhaineann le foireann na Gníomhaireachta a earcú;

(t)  comhaltaí foirne a earcú ar an mbonn geografach is leithne is féidir;

(u)  beartas cumarsáide a dhearadh agus a chur chun feidhme le haghaidh na Gníomhaireachta;

(v)  aon chúram eile atá ar iontaoibh nó atá tarmligthe dó nó di ag an mbord rialála nó is gá faoin Rialachán seo a dhéanamh;

Airteagal 24

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.  Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha, a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas, ina bhfuil dlí an Aontais glactha agus á gcur i bhfeidhm acu i réimse na sábháilteachta muirí, na slándála muirí, an choisc ar thruailliú agus na freagartha do thruailliú ó longa.

2.  Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, socruithe lena sonraítear cineál agus méid na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n‑áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus le foireann, tabharfaidh an Ghníomhaireacht i gcrích iad tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 25

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh na rialacha airgeadais ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh fheidhmiú na Gníomhaireachta agus mura rud é gur thug an Coimisiún toiliú don imeacht sin roimh ré.

Airteagal 26

Buiséad

1.  Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.

2.  Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.  Gan dochar d’acmhainní eile, cuimseofar in ioncam na Gníomhaireachta na nithe seo a leanas:

(a)  ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus deontais ó chomhlachtaí de chuid an Aontais;

(b)  ranníocaíochtaí féideartha ó aon tríú tír atá rannpháirteach in obair na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 24;

(c)  aon táille agus muirear ar bhonneagar, foilseacháin, oiliúint nó aon seirbhís eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhundá dtagraítear in Airteagal 33; [Leasú 83]

(d)  aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile, ar choinníoll go mbeidh an ranníocaíocht sin trédhearcach, go mbeidh sé sainaitheanta go soiléir sa bhuiséad agus nach gcuirfear isteach léi ar neamhspleáchas ná ar neamhchlaontacht na Gníomhaireachta.

4.  Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bhonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.

Airteagal 27

An buiséad a Bhunú

1.  Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht‑ráiteas sealadach a tharraingt suas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta le haghaidh na bliana airgeadais dár gcionn, lena n‑áirítear an plean bunaíochta, agus seolfaidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2.  Ar bhonn an dréachta shealadaigh sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréacht‑mheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn.

3.  Seolfar an dréacht‑mheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréacht‑mheastachán críochnaitheach chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta den bhliain sin.

4.  Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh chuig an údarás buiséadach.

5.  Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, iontrálfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí is gá dar leis i ndréacht‑bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an bplean bunaíochta agus i dtaca leis an méid den fhóirdheontas a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta a leagfaidh sé os comhair an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 de CFAE.

6.  Is é an t‑údarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta a thabharfar don Ghníomhaireacht.

7.  Glacfaidh an t‑údarás buiséadach plean bunaíochta na Gníomhaireachta.

8.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh. Beidh sé críochnaitheach ach dréacht‑bhuiséad an Aontais Eorpaigh a bheith glactha go críochnaitheach. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir. [Leasú 84]

9.  I gcás aon tionscadail ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 maidir leis.

Airteagal 28

An buiséad a chur chun feidhme

1.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach gach bliain.

Airteagal 29

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.  Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí

2.  Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

3.  Faoin 31 Márta den bliain airgeadais dár gcionn, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.

4.  Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, de bhun Airteagal 246 den Rialachán Airgeadais, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram nó ar a cúram féin agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.  Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.  Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, déanfaidh an t‑oifigeach cuntasaíochta na cuntais chríochnaitheacha, in éineacht leis an tuairim ón mBoird Bainistíochta, a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.  Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain dár gcionn.

8.  Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna hiarraidh sin di, aon fhaisnéis is gá chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais.

10.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

CAIBIDIL VII

FOIREANN

Airteagal 30

Foráil ghinearálta

Na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta.

Airteagal 31

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht.

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Stádas dlítheanach agus suíomh

1.  Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.  I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

3.  Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht uirthi.

4.  Is i Liospóin, Poblacht na Portaingéile, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.

4a.   Chun coigilteas airgeadais a bhaint amach, oibreoidh an Ghníomhaireacht, i gcás inarb iomchuí, i ndlúthchomhar le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad sin a bhfuil a suíomh sa Bhallstát céanna acu. [Leasú 85]

5.  Arna iarraidh sin don Choimisiún, féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh, tar éis an coiste inniúil i bParlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, agus i gcomhar leo, agus an aire iomchuí á tabhairt ar impleachtaí buiséadacha, lena n‑áirítear an méid a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann ar fáil, na lárionaid réigiúnacha is gá a bhunú d’fhonn cuid de chúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus is féidir. Agus cinneadh mar sin á dhéanamh, saineoidh an Bord Bainistíochta raon feidhme beacht gníomhaíochtaí an lárionaid réigiúnaigh agus seachnófar aon chostas airgeadais neamhriachtanach agus cuirfear leis an gcomhar leis na líonraí réigiúnacha agus náisiúnta arbh ann dóibh cheana. [Leasú 86]

Airteagal 33

Gníomhartha cur chun feidhme maidir le Táillí agus le muirir [Leasú 87]

1.   I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)   na táillí agus na muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht, go háirithe maidir le hAirteagal 26 (3), pointe (c) a chur i bhfeidhm; agus

(b)   na coinníollacha íocaíochta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34 (2). [Leasú 88]

2.  Toibheofar táillí agus muirir ar sheirbhísí féideartha a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht, go háirithe do thríú tíortha agus don tionscal le haghaidh cúraimí a thagann faoina hinniúlachtaí.

3.  Sloinnfear gach táille agus muirear in euro, agus beidh siad iníoctha in euro. Socrófar na táillí agus na muirir ar bhealach trédhearcach, cothrom agus aonfhoirmeach. Déanfar na riachtanais shonracha a bhíonn ag fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n‑áirítear an fhéidearthacht íocaíochtaí a dheighilt ina dtráthchodanna agus céim ar chéim, a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí. Sainaithneofar cionroinnt na dtáillí go soiléir sna cuntais. Socrófar sprioc‑amanna réasúnta chun táillí agus muirir a íoc.

4.  Socrófar méid na dtáillí agus na muirear ar an leibhéal sin lena n‑áiritheofar gur leor an t‑ioncam ina leith chun costas iomlán na seirbhísí arna soláthar a chumhdach. Léireofar sa chostas sin go háirithe, caiteachas uile na Gníomhaireachta a chuirfear i leith na comhaltaí foirne a bheidh rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n‑áireofar ranníocaíochtaí pro rata an fhostóra leis an scéim pinsean. Más rud é go dtiocfaidh neamh‑chomhardú suntasach as soláthar na seirbhísí arna gclúdach le táillí agus le muirir arís agus arís eile, déanfar athbhreithniú ar leibhéal na dtáillí agus na muirear sin. Sannfar na táillí agus na muirir sin don Ghníomhaireacht mar ioncam.

4a.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 33a, lena bhforlíonfar an Rialachán seo tríd an modheolaíocht le haghaidh ríomh a dhéanamh ar na táillí agus na muirir dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos. Beidh an mhodheolaíocht sin bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos i míreanna 3 agus 4. [Leasú 89]

4b.   Ar bhonn na modheolaíochta a leagtar síos de bhun mhír 4a, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na táillí agus na muirir is iníoctha as seirbhísí a sholáthar. Déanfar na gníomhartha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2). [Leasú 90]

Airteagal 33a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   An chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33(4a) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. / go ceann tréimhse ... ó ...

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 33(4a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 33(4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú de 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 91]

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cúnamh don Choimisiún(35). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht agus lena baill foirne.

Airteagal 36

Socruithe teanga

1.  Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1(36) ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht.

2.  Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

Airteagal 37

Trédhearcacht

1.  Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37) maidir le doiciméid i seilbh na Gníomhaireachta.

2.  Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.  Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh an Oifig Tacaíochta de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n‑ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n‑ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 228 agus 263 den CFAE faoi seach.

4.  Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38).

Airteagal 38

Calaois a chomhrac

1.  Chun éascaíocht a dhéanamh ar chalaois, éilliú, drochúsáid oifige agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, glacfaidh an Ghníomhaireacht forálacha iomchuí isa bheidh infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta. [Leasú 92]

2.  Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, i gcás gach faighteora deontais, gach conraitheora agus gach fochonraitheora a fuair cistí Aontais ón nGníomhaireacht.

3.  Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú, drochúsáid oifige nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna chistiú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. [Leasú 93]

4.  Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na Gníomhaireachta, forálacha lena dtugtar cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF agus OIPE chun na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí féin.

Airteagal 39

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis neamh‑rúnaicmithe íogair a chosaint

Glacfaidh an Ghníomhaireacht a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh‑rúnaicmithe a chosaint, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443(39) agus i gCinneadh 2015/444(40) ón gCoimisiún. Áireofar ar rialacha slándála na Gníomhaireachta forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 40

Dliteanas

1.  Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

2.  Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.  I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a seirbhísigh ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

4.  Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith damáistí dá dtagraítear i mír 3.

5.  Beidh dliteanas pearsanta a foirne i leith na Gníomhaireachta á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 41

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.  Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis [an dáta theacht i bhfeidhm], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar, éifeachtúlacht agus anailís costais is tairbhe na Gníomhaireachta agus a cleachtas oibre. Tabharfar aghaidh, go háirithe, sa mheastóireacht ar an ngá féideartha a bheidha d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú, agus impleachtaíar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin. [Leasú 94]

2.  Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena conclúidí ar an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Bord Bainistíochta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

3.  Nuair a dhéanfar gach dara meastóireacht, déanfar measúnú freisin ar na torthaí a bhain an Ghníomhaireacht amach ag féachaint dá cuspóirí, dá sainordú agus dá cúraimí. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh ag an nGníomhaireacht leanúint leis na cuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán sin a leasú dá réir nó a aisghairm.

Airteagal 42

Fiosrúcháin riaracháin de chuid an Ombudsmain Eorpaigh

Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir fhiosruithe an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 de CFAE.

Airteagal 43

Forálacha idirthréimhseacha

1.  De mhaolú ar Airteagal 15 den Rialachán seo, fanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin arna gceapadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 roimh [an dáta theacht i bhfeidhm] in oifig mar chomhaltaí den Bhord Bainistíochta go dtí dáta éaga a dtéarma oifige, gan dochar do cheart gach Ballstáit ionadaí nua a cheapadh.

2.  Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a ceapadh ar bhonn Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, fanfaidh sannta don phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus na cúraimí agus freagrachtaí aige nó aice dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Rialachán seo. Má dhéantar cinneadh lena leathnaítear sainordú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1406/2002 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é 5 bliana ré an tsainordaithe leathnaithe sin a bheidh ann. Ní thiocfaidh aon athrú ar choinníollacha eile a conartha.

3.  Tá teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do gach aon chonradh fostaíochta atá i bhfeidhm an [an dáta theacht i bhfeidhm].

Airteagal 44

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002.

Airteagal 45

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C, C/2023/873, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/873/oj .
(2)IO C , , lch. .
(3)IO C , , lch. .
(4)Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(5)Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis, lena n‑áirítear pionóis choiriúla, a thabhairt isteach do chionta an truaillithe (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11).
(6)Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
(7)Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na prionsabail bhunúsacha a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí san earnáil iompair mhuirí agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 28.5.2009, lch. 114).
(8)Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le ceanglais stát brataí a chomhlíonadh (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).
(9)https://european‑union.europa.eu/system/files/2022-06/joint_statement_on_decentralised_agencies_en.pdf
(10)Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).
(11)Treoir (AE) 2019/883 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).
(12)Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(13)Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).
(14)Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).
(15)Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(16)Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slandáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú, IO L 129, 29.4.2004, lch. 6.
(17)Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht árthaí de chuid an Chomhphobail agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).
(18)Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(19)Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).
(20)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(21)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(22)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(23)IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.
(24)Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).
(25)Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais chobhsaíochta shonracha do longa paisinéirí róró (IO L 123, 17.5.2003, lch. 22).
(26)Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).
(27)Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).
(28)Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47).
(29)Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).
(30)Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 169, 27.6.2022, lch. 45).
(31)Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(32)Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir Uimh. 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).
(33)Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64).
(34)Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1)
(35)Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus le truailliú ó longa a chosc (IO L 324, 29.11.2002, lch. 1).
(36)IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 an 20 Samhain 2006 lena n‑oiriúnaítear Rialacháin agus Cinntí áirithe mar gheall ar aontachas na Bulgáire agus na Rómáine.
(37)Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(38)Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(39)Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(40)Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).


Cinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú
PDF 111kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar na Ballstáit Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh, 2019 (Uimh. 190) a dhaingniú (13106/2023 – C9-0396/2023 – 2020/0011(NLE))
P9_TA(2024)0135A9-0040/2024

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13106/2023),

–  ag féachaint do Coinbhinsiún 2019 (Uimh. 190) na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh,

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 153(2) i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (a), Airteagal 157(3) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0396/2023),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0040/2024),

1.  ag tabhairt a toilithe don dréachtchinneadh ón gComhairle;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.


Síneadh a chur le Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach
PDF 113kWORD 44k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 lena gcuirtear síneadh le Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach (2024/2565(RSO))
P9_TA(2024)0136B9-0159/2024

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa(1),

–  ag féachaint don Chód Iompair um Ilteangachas arna ghlacadh ag an mBiúró an 1 Iúil 2019,

–  ag féachaint do chinneadh uaithi an 12 Márta 2019(2) lena gcuirtear síneadh le hinfheidhmeacht Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an naoú téarma parlaiminteach agus do na cinntí ón mBiúró ina dhiaidh sin lena gcuirtear síneadh leis an maolú ó Riail 167 go dtí deireadh an téarma sin,

–  ag féachaint do mholadh ón mBiúró an 5 Feabhra 2024,

–  ag féachaint do Rialacha 167 agus 168 dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí, de bhun Riail 167, go bhfuil doiciméid uile na Parlaiminte le tarraingt suas sna teangacha oifigiúla, agus go bhfuil sé de cheart ag na Feisirí go léir labhairt sa Pharlaimint sa dteanga oifigiúil a roghnaigh siad féin, agus ateangaireacht go dtí na teangacha oifigiúla eile á cur ar fáil;

B.  de bhrí, faoi Riail 168, go bhfuil maoluithe ar Riail 167 ceadaithe go dtí deireadh an naoú téarma parlaiminteach más rud é, agus sa mhéid, nach bhfuil dóthain ateangairí nó aistritheoirí ar fáil do theanga oifigiúil áirithe, d’ainneoin réamhchúraimí leordhóthanacha a bheith curtha i gcrích; de bhrí, maidir le gach teanga oifigiúil a meastar go bhfuil gá le maolú ina leith, go gceanglaítear ar an mBiúró, ar thogra ón Ardrúnaí agus ag féachaint go cuí d’aon socruithe speisialta sealadacha arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn na gConarthaí maidir le gníomhartha dlíthiúla a dhréachtú, a fháil amach an bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh gach sé mhí;

C.  de bhrí go ndeachaigh an maolú i leith na Gaeilge a mhéid a bhaineann le gníomhartha dlí a bhfuil feidhm ghinearálta leo a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle(3) as feidhm amhail ón 1 Eanáir 2022;

D.  de bhrí, in ainneoin na réamhchúraimí leordhóthanacha go léir, nach bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh an acmhainn sa Ghaeilge ná i Máltais seirbhís ateangaireachta iomlán a chur ar fáil sna teangacha sin ó thús an deichiú téarma parlaiminteach;

E.  de bhrí, in ainneoin iarrachtaí idirinstitiúideacha marthanacha agus leanúnacha agus dul chun cinn suntasach, go meastar fós go mbeidh líon na n-aistritheoirí cáilithe chomh teoranta sin maidir leis an nGaeilge nach féidir, go ceann tamall fada, cumhdach iomlán na teanga sin faoi Riail 167 a áirithiú do dhoiciméid seachas gníomhartha dlí a bhfuil feidhm ghinearálta leo;

F.  de bhrí go bhforáiltear le Riail 168(4) go bhféadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn moladh réasúnaithe ón mBiúró, a chinneadh, ag deireadh an téarma pharlaimintigh, síneadh a chur leis an Riail sin;

G.  de bhrí, i bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, gur mhol an Biúró síneadh a chur le Riail 168 go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach;

1.  á chinneadh síneadh a chur le Riail 168 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte go dtí deireadh an deichiú téarma parlaiminteach;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas.

(1) IO 17, 6.10.1958, lch. 385.
(2) IO C 23, 21.1.2021, lch. 171.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2005 lena leasaítear Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear an teanga atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear an teanga atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus lena dtugtar isteach bearta maolaithe sealadacha ó na Rialacháin sin (IO L 156, 18.6.2005, lch. 3).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais