Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0220(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0175/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0175/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 23/04/2024 - 5.23

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0306

Téacsanna atá glactha
PDF 110kWORD 43k
Dé Máirt, 23 Aibreán 2024 - Strasbourg
Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara: rannpháirtíocht na hÉigipte i gcláir de chuid an Aontais
P9_TA(2024)0306A9-0175/2024

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht Arabach na hÉigipte i gcláir de chuid an Aontais (15093/2023 – C9-0017/2024 – 2023/0220(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15093/2023),

–  ag féachaint don dréacht-Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Arabach na hÉigipte, den pháirt eile, maidir le Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Arabach na hÉigipte maidir leis na prionsabail ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht Phoblacht Arabach na hÉigipte i gcláir de chuid an Aontais (15086/2023),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 212, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0017/2024),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0175/2024),

1.  Ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;

2.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Arabach na hÉigipte.

An nuashonrú is déanaí: 14 Deireadh Fómhair 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais