Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2023/0373(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0148/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0148/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 23/04/2024 - 5.24
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0307

Téacsanna atá glactha
PDF 318kWORD 120k
Dé Máirt, 23 Aibreán 2024 - Strasbourg
Caillteanais millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú
P9_TA(2024)0307A9-0148/2024
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú (COM(2023)0645 – C9-0378/2023 – 2023/0373(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0645),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0378/2023),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí san Iodáil, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Feabhra 2024(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 18 Aibreán 2024(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0148/2024),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C, C/2024/2487, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2487/oj.
(2) IO C, C/2024/3675, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3675/oj.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú
P9_TC1-COD(2023)0373

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá micreaphlaistigh ina substaint uileláithreach dianseasmhach trasteorann. Déanann siad díobháil don chomhshaol agus d’fhéadfaidís díobháil a dhéanamh do shláinte an duine, go háirithe de bharr breiseáin dhíobhálacha cheimiceacha agus substaintí eile a bheith ann, ar údar imní iad agus a chuirtear isteach le linn an táirgthe agus an tiontaithe, amhail taláití, bisfeanól A, nó lasairmhoillithigh(3). Iompraítear micreaphlaistigh go héasca tríd an aer agus in uiscí dromchla talún agus sruthanna aigéin, agus is toisc ghéaraitheach í a soghluaisteacht. Faightear san ithir iad (lena n‑áirítear tailte talmhaíochta) agus i lochanna, in aibhneacha, in inbhir, ar thránna, i murlaigh, i bhfarraigí, in aigéin agus i réigiúin iargúlta a bhíodh gan mhilleadh tráth, agus de dheasca iad a bheith san ithir d’fhéadfadhbíonn éifeachtaí a bheith aige sin ar airíonna ithreach agus d’fhéadfadhspreagann sé athruithe ar an ithir a spreagadh a bhféadfadh, rud a bhfuil tionchar diúltach a bheith aige ar fhás roinnt plandaí. Tá doiciméadú forleathan déanta ar thionchair micreaphlaisteach ar an muirthimpeallacht. Tar éis dóibh dul isteach sa mhuirthimpeallacht, tá sé beagnach dodhéanta micreaphlaistigh a bhailiú, agus is eol go n‑itheann raon orgánach agus ainmhithe iad agus go ndéanann siad díobháil don bhithéagsúlacht agus d’éiceachórais. Féadfar marthanacht millíní plaisteacha sa timpeallacht uisceach a thomhas i gcaitheamh scór éigin bliain nó tréimhse is faide, agus má dhéanann fiadhúlra muirí, go háirithe éin mhara agus turtair mhara, millíní plaisteacha a ionghabháil, d’fhéadfaidís díobháil fhisiceach a dhéanamh dóibh nó a bheith ina gcúis bháis. Cuireann micreaphlaistigh leis an athrú aeráide freisin mar fhoinse bhreise astaíochtaí gás ceaptha teasa agus brú ar éiceachórais araon. Is cuid dhílis den fhadhb é go bhféadfadh micreaphlaistigh feidhmiú mar iompróir substaintí tocsaineacha asúite nó miocrorgánach pataigineach. Nochtar daoine ar mhicreaphlaistigh tríd an aer agus trí thomhaltas bia. An fheasacht mhéadaithe faoi mhicreaphlaistigh a bheith sa slabhra bia, d’fhéadfadh sí dochar a dhéanamh do mhuinín tomhaltóirí agus d’fhéadfadh iarmhairtí eacnamaíocha a bheith léi. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair eacnamaíocha dhiúltacha ar ghníomhaíochtaí amhail an iascaireacht tráchtála agus an talmhaíocht chomh maith leis an áineas agus an turasóireacht i limistéir a ndéanann na scaoiltí difear dóibh. [Leasú 1]

(2)  Sa tuairim uathu dar teideal Environmental and health risks of microplastic pollution [Rioscaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le truailliú micreaphlaisteach], bhreithnigh Grúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta an Choimisiúin go bhfuil ‘cúiseanna móra imní ann agus cúiseanna móra le bearta réamhchúraim a dhéanamh’(4).

(3)  Tá caillteanas millíní plaisteacha ar an tríú foinse is mó micreaphlaisteach a scaoiltear go neamhbheartaithe isteach sa chomhshaol san Aontas agus tarlaíonn sé i ngeall ar dhroch‑chleachtais láimhseála ag gach céim den slabhra soláthair, lena n‑áirítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh, iompar, lena n‑áirítear iompar ar muir, agus oibríochtaí lóistíochta eile. Tá sé fíor‑riachtanach dá réir sin cur chuige i leith an tslabhra soláthair a ghlacadh chun gealltanas na ngníomhaithe eacnamaíocha uile a bhfuil baint acu le láimhseáil millíní plaisteacha a áirithiú, ar gealltanais iad i leith caillteanas a chosc. Ó bhí 2015 ann, tá an clár idirnáisiúnta Operation Clean Sweep® (OCS) glactha de réir a chéile ag tionscal monaraíochta ábhar plaisteach na hEorpa mar ghealltanas deonach. Faoin gclár sin, aithníonn gach cuideachta a dhéanann nó a láimhseálann millíní a thábhachtaí atá sé gan aon chaillteanas millíní a bheith ann agus geallann siad dea‑chleachtais a ghlacadh. Cé go mbíonn tuiscint mhaith go ginearálta ag sínitheoirí OCS ar chleachtais den sórt sin, níor cuireadh chun feidhme go cuimsitheach iad. Tá glacadh an chláir ag an tionscal ábhar plaisteach íseal fós.

(4)  Tá imní léirithe sa chuid is mó den domhan maidir le tionchair an truaillithe mhicreaphlaistigh ar an gcomhshaol agus b’fhéidir ar shláinte an duine. Tá bearta tiomnaithe glactha nó beartaithe ag roinnt Ballstát. Mar sin féin, d’fhéadfadh meascán de shrianta náisiúnta bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. [Leasú 2]

(5)  Mar iarracht dul i ngleic leis an truailliú plaisteach, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht i mí Eanáir 2018 dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le hÁbhair Phlaisteacha’(5) inar aithin sé na rioscaí a bhaineann le micreaphlaistigh agus inar iarr sé réitigh nuálacha a bheadh spriocdhírithe ar na foinsí éagsúla micreaphlaisteach. Rinneadh an gealltanas sin a athnuachan nuair a glacadh an Comhaontú Glas don Eoraip i mí na Nollag 2019, Plean Gníomhaíochta nua an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach(6) i mí an Mhárta 2020 agus an Plean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú(7) i mí na Bealtaine 2021. Áirítear sa Phlean Gníomhaíochta Saor ó Thruailliú, i measc a spriocanna le haghaidh 2030, an méid micreaphlaisteach a scaoiltear sa chomhshaol a laghdú 30 %.

(6)  Le Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún(8) tugtar aghaidh ar an truailliú micreaphlaisteach trí shrian a fhorchur ar mhicreaphlaistigh a chur ar an margadh, ar micreaphlaistigh iad a chuirtear le táirgí d’aon ghnó (an ‘srian’), toisc go bhfuil truailliú micreaphlaisteach nach beag ann, rud a eascraíonn as úsáid mhicreacháithníní polaiméire sintéisí astu féin nó atá i láthair d’aon turas i dtáirgí, agus toisc go mbaineann riosca doghlactha don chomhshaol leis an truailliú.

(7)  In 2021 ghlac na páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (OSPAR) Moladh neamhcheangailteach 2021/06(9) chun cailleadh na millíní plaisteacha sa mhuirthimpeallacht a laghdú trí fhorbairt agus cur chun feidhme caighdeán éifeachtach comhsheasmhach um chaillteanas millíní a chosc agus scéimeanna deimhniúcháin le haghaidh an tslabhra soláthair plaistigh ar fad. Tá bearta á scrúdú ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta chun an riosca atá bainteach le muiriompar na millíní plaisteacha a íoslaghdú i bhfianaise an riosca shuntasaigh maidir le truailliú tubaisteach a bhaineann le muiriompar na millíní plaisteacha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Aontas súil ghéar a choinneáil ar fhorbairtí ag IMO, agus ról ceannasach a bheith aige maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú ar an tsaincheist sin. [Leasú 3]

(7a)   Cláraíodh roinnt tionóiscí a raibh doirteadh agus caillteanais millíní plaisteacha mar thoradh orthu san Aontas agus a raibh tionchar trasteorann acu, rud a tharraing aird ar an ngéarghá atá le bearta uaillmhianacha iomlánaíocha chun an riosca maidir le truailliú millíní plaisteacha a laghdú go suntasach agus cumais freagartha á neartú maidir le doirteadh millíní plaisteacha ar fud chríocha agus uiscí an Aontais. [Leasú 4]

(7b)   Iompraítear beagnach 90 % d’earraí an domhain ar muir, lena n-áirítear millíní plaisteacha. Mar sin féin, d’fhéadfadh drochchleachtais láimhseála nó easpa maoirseachta ar ghnáthoibríochtaí áirithe, amhail cabhlacha nó coimeádáin a ghlanadh, a bheith ina gcúis le millíní a sceitheadh agus a dhoirteadh isteach san aigéan. Ina theannta sin, tuairiscíodh go leor tubaistí millíní muirí, rud a fhágann gur gníomhaíocht ardriosca é an muiriompar i ndáil le truailliú millíní plaisteacha. Tá tionchar tubaisteach ag caillteanais millíní den sórt sin ar éiceachórais mhuirí agus chósta agus ar na speicis a bhfuil iontu, agus fágann soghluaisteacht fhoircneach millíní plaisteacha go bhfuil sé deacair oibríochtaí srianta agus glantacháin a dhéanamh go héifeachtach. Déantar láimhseáil millíní den sórt sin a rialáil ar an leibhéal idirnáisiúnta le Coinbhinsiún 1972 maidir le Coimeádáin Shábháilte, agus forlíontar é le ciorclán Fhochoiste 2023 um Iompar Lasta agus Coimeádán maidir leis an oibleagáid coimeádáin chaillte a thuairisciú, ach ní thugtar leis na ráthaíochtaí is gá chun truailliú ó mhillíní plaisteacha a chosc. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach iompar muirí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, chomh maith le forálacha a bhaineann le millíní plaisteacha a láimhseáil a bhaineann go sonrach leis an modh iompair sin, má táthar chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. [Leasú 5]

(8)  San aighneacht ón Aontas a cuireadh faoi bhráid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe i bhfianaise an dara seisiún den Choiste Caibidlíochta Idir‑Rialtasach um ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir leis an truailliú plaisteach (INC-2)(10), chuir an tAontas agus a Bhallstáit i dtábhacht an gá go n‑áireofar bearta san ionstraim a bheidh ann amach anseo, ar bearta iad chun scaoiltí neamhbheartaithe micreaphlaisteach a laghdú.

(9)  D’ainneoin reachtaíocht an Aontais a bhaineann leis an dramhaíl, an truailliú, bruscar muirí agus ceimiceáin a chosc, níl aon riail shonrach de chuid an Aontais ann lena gcoisctear caillteanas millíní mar fhoinse truaillithe micreaphlaistigh ar feadh an tslabhra soláthair ar fad. Le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) leagtar síos prionsabail bhunúsacha maidir le bainistiú dramhaíola agus forchuirtear oibleagáidí ginearálta ar na Ballstáit chun bearta a dhéanamh chun giniúint dramhaíola a chosc. Ba cheart na hoibleagáidí ginearálta sin a chomhlánú trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe agus ar cheanglais shonracha maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil go cúramach i dtreo nach dramhaíl a bheidh iontuchun cosc a chur ar a n-éalú amach sa chomhshaol. [Leasú 6]

(9a)   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le bearta chun truailliú millíní plaisteacha a tharlaíonn tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chosc, a shrianadh agus a ghlanadh, ach ní dhéantar foráil ann maidir le bearta chun aghaidh a thabhairt ar thruailliú atá ann cheana. Tá sé ríthábhachtach ithir, aibhneacha agus sruthanna a ghlanadh, agus éiceachórais talún, mhuirí, chladachúla agus chósta dhíghrádaithe a athbhunú chun an sprioc maidir le laghdú 30 % a bhaint amach faoi 2030, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12), agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba cheart don Choimisiún sraith beart a fhorbairt chun na limistéir sin atá truaillithe cheana féin a mhapáil agus a ghlanadh suas, agus iad a chur chun feidhme mar chuid de straitéis Eorpach maidir le micreaphlaistigh a dhí-thruailliú, nó trí bhearta tacaíochta agus tionlacain do na Ballstáit. Ar bhonn níos leithne, ba cheart don Aontas a bheith rannpháirteach i réitigh a chur chun cinn feadh an tslabhra luacha ina iomláine, agus ba cheart dó réitigh den sórt sin a áireamh sa chaibidlíocht leanúnach maidir le Conradh idirnáisiúnta um Thruailliú Plaisteach a fhorbairt, agus sa 81ú seisiún de Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO MEPC) atá ar na bacáin. [Leasú 7]

(10)  Cé go bhfuil táirgeadh na n‑ábhar polaiméireach ar scála tionsclaíoch faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), ní chumhdaítear gníomhaíochtaí eile leis an Treoir sin, amhail tiontú, iompar nó stóráil na millíní, ar fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a bhíonn i mbun na ngníomhaíochtaí sin de ghnáth. Thairis sin, an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil i dTáirgeadh na bPolaiméirí ó mhí Lúnasa 2007(14), a leagadh síos de bhun Threoir 96/61/CE ón gComhairle(15) a bhaineann le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú, ní thugann sé aghaidh ar shaincheist sonrach chaillteanas na millíní.

(11)  Tugann Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) aghaidh ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar thionchair an mhicreabhruscair, lena n‑áirítear micreaphlaistigh, sa chomhshaol cósta agus sa mhuirthimpeallacht. Uasdátú ar an chéad treoraíocht maidir le faireachán a dhéanamh ar an mbruscar muirí, tá sé á fhorbairt i bhfianaise modheolaíochtaí comhchuibhithe lena n‑áirítear modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar láithreacht agus ar dháileadh na millíní plaisteacha ar feadh an chósta. Mar sin féin, ní áirítear le Treoir 2008/56/CE ceanglais shonracha a bhaineann le caillteanas na millíní ag an bhfoinse a chosc nó a laghdú.

(12)  Le Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún tugtar aghaidh ar chaillteanas na micreacháithníní polaiméire sintéisí lena n‑úsáid ag suíomhanna tionsclaíocha, i.e. millíní plaisteacha, mar scaoiltí inseachanta. I gcás na scaoiltí sin, tugadh ceanglas tuairiscithe isteach maidir le meastachán a dhéanamh faoi chainníocht na micreaphlaisteach a scaoiltear sa chomhshaol ar bhonn bliantúil. Cé go bhfuilMar sin féin, tá modheolaíocht in easnamh ar an gceanglas tuairiscithe sin chun meastachán a dhéanamh faoi chaillteanas, cuirfearagus ní sholáthraítear leis ach meastacháin bhliantúla. Cé go gcuirfear leis an bhfaisnéis faoi chaillteanas na millíní leis an gceanglas agus cuirfear feabhas ar cháilíocht na faisnéise a bhailítear chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a dhíorthaíonn as na micreaphlaistigh sin amach anseo, ní leor forléargas a bheith ann ar chineál sonrach na gcaillteanas agus ar na cúiseanna atá leo. [Leasú 8]

(13)  Chun a áirithiú go ndéanfar millíní plaisteacha a láimhseáil go sábháilte agus go freagrach ag gach céim den slabhra soláthair, chun go gcoiscfear caillteanas sa chomhshaol, is gá ceanglais a leagan síos maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil ar feadh an tslabhra soláthair ar fad: táirgeadh, máistirbhaisceáil agus máistirmheascadh, tiontú, bainistiú dramhaíola, lena n‑áirítear athchúrsáil, dáileadh, athphacáil, iompar, stóráil agus glanadh umar ag stáisiúin ghlantacháin.

(14)  Leis na ceanglais sin, ba cheart dea‑chleachtais láimhseála a mholtar go hidirnáisiúnta a chur san áireamh mar aon le ceanglais atá ann cheana maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil, ar ceanglais iad a leag an tionscal san Aontas síos.

(15)  Oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad, ba cheart dóibh na ceanglais a chur chun feidhme maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil trí ord tosaíochta gníomhaíochta a leanúint, agus é de phríomhsprioc leis sin scaoileadh na millíní sa chomhshaol a chosc mar an tosaíocht is tábhachtaí. Dá bhrí sin, doirteadh millíní plaisteacha ó imshrianadh príomhúil a chosc le linn na gnáthláimhseála, rud lena ndéantar riosca an doirte a laghdú go dtí an leibhéal is ísle is féidir, ba cheart gurbh é sin an chéad chéim a bheadh san ord gníomhaíochta, agus aon láimhseáil neamhriachtanach á seachaint mar chuid de sin (trí na pointí aistrithe a laghdú mar shampla) agus trí gach coimeádán stórála agus iompair ina bhfuil millíní plaisteacha a lipéadú chomh maith le trí phacáistíocht atá díonach ar pholladhiomchuí a úsáid, agus millíní doirte a imshrianadh dá éis sin chun a áirithiú nach gcaillfear sa chomhshaol iad, agus trí ghlantachán a dhéanamh tar éis teagmhas doirte nó caillte mar chéim dheiridh. [Leasú 9]

(16)  Cé gurb é an aidhm go gcoiscfear caillteanas nialasach millíní plaisteacha sa chomhshaol a bhaint amach i gcás na n‑oibreoirín-oibreoirí eacnamaíocha uile, agus na n‑iompróirí uile ar de chuid an Aontais agus nach de chuid an Aontais iad, ba cheart oibleagáidí le haghaidh micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéidea láimhseálann níos lú ná 1 000 tona millíní plaisteacha go bliantúil a choigeartú chun an t‑ualacht-ualach orthu a mhaolú. [Leasú 10]

(17)  Clárú na suiteálacha a láimhseálann millíní plaisteacha agus na n‑iompróirí a iompraíonn iad, is gá é sin ar mhaithe le hinrianaitheacht na millíní plaisteacha a láimhseáiltear agus a iompraítear i ngach Ballstát agus chun go mbeidh údaráis inniúla in ann seiceálacha comhlíontachta a dhéanamh go héifeachtúil.

(18)  Chun caillteanas millíní plaisteacha a chosc agus caillteanas nialasach millíní plaisteacha a bhaint amach, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha plean measúnaithe riosca a leagan síos, a chur chun feidhme, agus a thabhairt cothrom le dáta ag gach tráth lena sainaithneofar an acmhainneacht go bhféadfadh doirteadh agus caillteanas tarlú agus doiciméadú a dhéanamh go háirithe ar threalamh agus ar nósanna imeachta sonracha atá i bhfeidhm chun caillteanas millíní a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh, agus méid na suiteála agus scála na n‑oibríochtaí á gcur san áireamh. [Leasú 11]

(19)  Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla comhlíontacht le ceanglais an phlean measúnaithe riosca a fhíorú, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an plean measúnaithe riosca atá déanta acu a sholáthar don údarás inniúil, in éineacht le féindearbhú comhréireachta.

(20)  Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an trealamh sonrach a bheidh le suiteáil nó an nós imeachta a bheidh le forghníomhú, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann é a roghnú a chur i bhfeidhm. Dá ainneoin sin, agus an chomhlíontacht á fíorú ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha an plean measúnaithe riosca a leasú, lena n‑áirítearn-áirítear é sin a dhéanamh trí aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear sa Rialachán seo a dhéanamh, i dtráthchlár ar leith, chun cur chun feidhme leordhóthanach cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart a bheith in ann oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó chineálacha áirithe trealaimh a shuiteáil nó ó bhearta áirithe a ghlacadh má thugann siad údar cuí leis na díolúintí sin do na húdaráis inniúla, agus cineál agus méid na suiteála agus scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh. Ba cheart do mhicrifhiontair an trealamh sonrach a bheidh le suiteáil nó an nós imeachta a bheidh le forghníomhú a mheas, agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh. [Leasú 12]

(21)  Chun meastóireacht a dhéanamh ar leordhóthanacht an phlean measúnaithe riosca a dhéantar i gcás gach suiteála, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha taifead a choimeád ar mheastachán faoi chainníocht na millíní a scaoiltear sa chomhshaol in aghaidh na bliana, in éineacht leis an méid iomlán a láimhseáiltear. Chun an t‑ualach ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, féadfar úsáid a bhaint as an bhfaisnéis ar mheastacháin faoi chainníochtaí a scaoiltear faoi chuimsiú an cheanglais tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún.

(22)  I ngeall ar shaintréithe a ngníomhaíochta, níor cheart iompróirí a shainordú chun plean measúnaithe riosca a dhéanamh. Ina áit sin, ba cheart é a chur de cheangal orthu tabhairt faoi bhearta inláimhsithe arb é is aidhm dóibh doirteadh agus caillteanas a chosc agus a imshrianadh agus aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart na bearta sin a bheith faoi réir a bhfíoraithe ag údaráis inniúla, le linn an phróisis iompair go príomha.

(23)  Chun na gníomhaíochtaí a cheanglaítear, chun caillteanas millíní plaisteacha a chosc agus caillteanas nialasach millíní plaisteacha a bhaint amach, a chur chun feidhme go rathúil, tá gá le comhar agus tiomantas iomlán fhostaithe na n‑oibreoirín-oibreoirí eacnamaíocha, fostaithe iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus fostaithe iompróirí nach de chuid an Aontais iad. Ba cheart é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha ar iompróirí de chuid an Aontais oiliúint a chur ar a bhfoireann de réir róil agus fhreagrachtaí sonracha a bhfostaithe chun a áirithiú go mbeidh siad ar an eolas faoin trealamh agus in ann é a úsáid agus go ndéanfaidh siad na nósanna imeachta a fhorghníomhú, ar nósanna imeachta iad is gá chun comhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú. Ba cheart é a chur de cheangal freisin ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar iompróirí de chuid an Aontais faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí ábhartha chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chur chun feidhme agus taifid a choimeád ar na gníomhaíochtaí sin, mar shampla socrú feistí gabhála. I gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh gníomhartha ceartaitheacha a ghlacadh lena n‑áirítear, i gcás inar gá, feabhas a chur ar threalamh agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm. [Leasú 13]

(24)  Fiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra a oibríonn suiteálacha mar a láimhseáiltear millíní plaisteacha i gcainníochtaí os cionn 1 000 tona, d’fhéadfadh rioscaí níos airde a bheith i gceist leo go gcaillfí millíní plaisteacha sa chomhshaol. Ar an gcúis sin, ba cheart é a chur de cheangal ar na fiontair sin gníomhaíochtaí breise a chur chun feidhme, i gcás gach suiteála, amhail measúnú inmheánach bliantúil a dhéanamh, agus clár oiliúna éigeantach a ghlacadh a thabharfaidh aghaidh ar riachtanais agus ar mhódúlachtaíshaincheisteanna sonracha oiliúnamaidir le cosc, cleachtais, cosaint oibrithe, teicneolaíochtaí glantacháin, úsáid agus cothabháil trealaimh, cur i gcrích nósanna imeachta, chomh maith le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chaillteanas millíní plaisteacha. Ina theannta sin, i gcás na bhfiontar sin, ba cheart comhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a léiriú trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoirí a fháil, agus a athnuachan. Na deimhnitheoirí sin, d’fhéadfadh comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta nó fíoraitheoir comhshaoil a bheith i gceist atá ceadúnaithe chun fíorú agus bailíochtú a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil de chuid an Chomhphobail Eorpaigh (EMAS). Ba cheart an deimhniú sin a bheith ag comhfhreagairt d’fhormáid uathúil chun faisnéis aonfhoirmeach a áirithiú. Maidir le fiontair bheaga a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh millíní plaisteacha ar mó ná 1000 tona iad, níor cheart dóibh deimhniú a fháil ach aon uair amháin. Ba cheart deimhniú den sórt sin a bheith bailí ar feadh 5 bliana agus ina dhiaidh sin ba cheart dóibh fógra a thabhairt maidir lena bplean measúnaithe riosca a thabhairt cothrom le dáta chomh maith le féindearbhú comhréireachta gach 5 bliana. [Leasú 14]

(25)  Micrifhiontair agus fiontairBa cheart é a chur de cheangal ar fhiontair bheaga, agus fiontair mheánmhéide agus mhóra a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh millíní plaisteacha i gcainníochtaí faoi bhun 1 000, ba cheart é a chur de cheangal orthu agus ar mhicrifhiontair a bheith faoi réir féindearbhú comhréireachta. Ba cheart tréimhse leordhóthanach a thabhairt dóibh freisin chun a gcomhlíontacht a léiriú. [Leasú 15]

(26)  Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla an chomhlíontacht a fhíorú ar bhealach níos éifeachtúla faoin Rialachán seo, ba cheart do dheimhnitheoirí fógra a thabhairt d’údaráis inniúla faoi thoradh a measúnuithe. Níor cheart réamhbhreithiúnas a dhéanamh leis na deimhnithe ar an measúnú ar chomhlíontacht na n‑údarás inniúil.

(27)  Chun bheith cláraithe faoi EMAS, ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha reachtaíocht chomhshaoil a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an Rialachán seo. Dá dheasca sin, oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe faoi EMAS, ba cheart a mheas go bhfuil siad comhlíontach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ar choinníoll go mbeidh sé fíoraithe ag fíoraitheoir comhshaoil gur áiríodh ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ina gcóras bainistíochta comhshaoil agus gur cuireadh chun feidhme iad. Dá bhrí sin, ba cheart na hoibreoirí eacnamaíocha sin a dhíolmhú ó oibleagáid an deimhniúcháin agus ón oibleagáid fógra a thabhairt d’údaráis inniúla agus féindearbhuithe agus measúnuithe riosca á n‑athnuachan acu.

(28)  Comhlíontacht na n‑oibreoirí eacnamaíocha, na n‑iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus na n‑iompróirí nach de chuid an Aontais iad leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, ba cheart d’údaráis inniúla an chomhlíontacht sin a fhíorú agus úsáid á baint, más iomchuí, as na torthaí a soláthraíodh mar chuid den deimhniúchán nó mar fhéindearbhuithe, bunaithe ar chigireachtaí comhshaoil nó ar bhearta fíorúcháin eile, ar chur chuige rioscabhunaithe. Ba cheart cigireachtaí, i gcás inar féidir, a chomhordú leis na cigireachtaí a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile an Aontais. Ba cheart d’údaráis inniúla faisnéis faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a sholáthar don Choimisiún.

(29)  Chun éifeachtaí aon chaillteanais a íoslaghdú, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch, don iompróir ar de chuid an Aontais é agus don iompróir nach de chuid an Aontais é na bearta is gá a dhéanamh chun an chomhlíontacht a athbhunú. Ba cheart an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a bheith i gcomhréir leis an sárú a bhraitear agus leis na héifeachtaí díobhálacha a mheastar a bheidh aige ar an gcomhshaol. I gcás ina mbraitheann údaráis inniúla sárú ar an Rialachán seo, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch, don iompróir de chuid an Aontais nó don iompróir nach de chuid an Aontais é faoin sárú a braitheadh agus ba cheart dóibh é a chur de cheangal orthu bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun an chomhlíontacht a athbhunú.

(30)  Ba cheart tacar íosta cumhachtaí iniúchta agus forfheidhmithe a bheith ag údaráis inniúla chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú, chun dul i gcomhar le chéile ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtúla, agus chun oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad a dhíspreagadh ó shárú na Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a bheith leordhóthanach chun dul i ngleic leis na dúshláin forfheidhmithe agus chun cosc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha leas a bhaint as bearnaí sa chóras forfheidhmithe trí athlonnú chuig na Ballstáit sin nach bhfuil sé ar chumas a n‑údarás inniúil dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha.

(31)  Ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann fíorais agus imthosca uile an cháis a úsáid mar fhianaise chun críoch a gcigireachta.

(32)  Ba cheart doÓs rud é gurb ionann micrifhiontair, agus fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna) saagus sciar tábhachtach den slabhra soláthair millíní, ba cheart dóibh na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, achagus na dúshláin éagsúla a d’fhéadfadh costais agus deacrachtaí a níos airde a bheith rompu agus cuid de na hoibleagáidí áann a bhaineann leis an gcomhlíonadh acusin agus leis na costais a d’fhéadfadh a bheith níos airde go comhréireach á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún cur leis an bhfeasachtagus do na húdaráis inniúla feasacht a mhúscailt i measc oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí maidir leis an riachtanas go gcoiscfear caillteanas millíní. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla ábhair oiliúna a fhorbairt, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, chun cúnamh a thabhairt dóibh a n‑oibleagáidíd’oibreoirí eacnamaíocha agus d’iompróirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le ceanglais an mheasúnaithe riosca. Ba cheart é sin a dhéanamh tríd an Moladh neamhcheangailteach arna ghlacadh ag na páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (OSPAR) a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar fhaisnéis agus ar chúnamh a sholáthar maidir le comhlíontacht le hoibleagáidí agus ceanglais an mheasúnaithe riosca. Maidir le cúnamh na mBallstát, d’fhéadfaí a áireamh leis sin tacaíocht theicniúil agus airgeadais mar aon le hoiliúintoiliúint speisialaithe do FBManna a áireamh airgach pearsanra a láimhseálann millíní plaisteacha, chomh maith le tacaíocht airgeadais agus rochtain ar mhaoiniú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus do shuiteálacha a láimhseálann millíní plaisteacha i gcainníochtaí níos lú. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh i leith na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. [Leasú 16]

(33)  Chun éascaíocht a dhéanamh d’fhoras coiteann i dtaca le meastachán a dhéanamh ar chaillteanais na millíní plaisteacha sa chomhshaol, is gá modheolaíocht chaighdeánaithe a bheith ann a leagtar síos i gcaighdeán comhchuibhithe a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18). Go dtí go nglacfar an mhodheolaíocht chaighdeánaithe, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an mhodheolaíocht a úsáideadh agus caillteanais millíní plaisteacha á dtuairisciú acu a léiriú. [Leasú 17]

(34)  Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo ina n‑iomláine.

(35)  Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Rialachán seo agus go bhforfheidhmeofar na ceanglais go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a n‑údaráis inniúla féin a ainmniú a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. I gcásanna ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe ina gcríoch, chun feidhmiú éifeachtach dhualgais na n‑údarás inniúil a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit dlúthchomhar a áirithiú idir na húdaráis inniúla ainmnithe uile.

(36)  Chun an chomhlíontacht a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla na céimeanna is gá a dhéanamh freisin, lena n‑áirítear cigireachtaí agus éisteachtaí nuair a bhíonn faisnéis ábhartha ina seilbh acu agus bunaithe ar fhaisnéis den sórt sin, lena n‑áirítear gearáin chuí‑réasúnaithe arna gcur isteach ag tríú páirtithe. Ba cheart do thríú páirtithe a bhfuil gearán á chur isteach acu a bheith in ann leas leordhóthanach a léiriú nó lagú cirt a áitiú.

(37)  Maidir le haon bheart arna dhéanamh ag a n‑údaráis inniúla faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na bearta sin faoi réir leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh(19). De réir chásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is faoi chúirteanna na mBallstát cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ceanglaítear ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar rochtain ar cheartas a áirithiú don phobal, lena n‑áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá aontaithe ag na Ballstáit mar pháirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (‘Coinbhinsiún Aarhus’)(20).

(38)  Chun a áirithiú go ndíspreagtar oibreoirí eacnamaíocha go héifeachtach maidir le neamhchomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i dtaca leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun cur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí pionós a éascú, is gá critéir choiteanna a leagan síos chun cineálacha agus leibhéil na bpionós a bheidh le forchur i gcás sárú a chinneadh. Ba cheart a áireamh leis na critéir sin, inter alia, cineál agus tromchúis an tsáraithe chomh maith leis na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as an sárú chun a áirithiú go mbainfear na sochair sin díobh siúd atá freagrach. Ba cheart do na Ballstáit féachaint lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó na pionóis, nó a luach airgeadais coibhéiseach, chun tacú le tionscadail atá dírithe ar limistéir a thruaillítear le plaisteach a ghlanadh agus truailliú millíní plaisteacha a sheachaint. [Leasú 18]

(39)  Agus pionóis agus bearta le haghaidh sáruithe á leagan síos, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh, bunaithe ar thromchúis an tsáraithe, gur cheart do leibhéal na bhfíneálacha an tairbhe eacnamaíoch a eascraíonn as neamhchomhlíontacht leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, lena n‑áirítearn-áirítear cásanna sáruithe leantacha, a bhaint go héifeachtach den oibreoir eacnamaíoch neamhchomhlíontach agus d’iompróirí neamhchomhlíontacha ar de chuid an Aontais iad agus d’iompróirí neamhchomhlíontacha nach de chuid an Aontais iad. Ba cheart tromchúis an tsáraithe a bheith ina príomhchritéar maidir leis na bearta a dhéanann na húdaráis forfheidhmiúcháin. I gcás sárú arna dhéanamh ag duine dlítheanach, ba cheart 43 % ar a laghad den láimhdeachas bliantúil eacnamaíoch sa Bhallstát lena mbaineannsan Aontas a bheith in uasmhéid na bhfíneálacha. [Leasú 19]

(40)  I gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de thoradh sárú ar an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na daoine aonair a ndéantar difear dóibh in ann cúiteamh maidir leis an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, ó na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as an sárú. Rannchuidíonn na rialacha sin maidir le cúiteamh le saothrú na gcuspóirí go ndéanfar cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus sláinte an duine a chosaint mar a leagtar síos in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, cuireann siad bonn taca faoin gceart chun na beatha, chun sláine an duine agus chun cúraim sláinte a leagtar síos in Airteagail 2, 3 agus 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoin gceart chun leighis éifeachtaigh mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt. Thairis sin, ní thugtar le Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) ceart chun cúitimh do pháirtithe príobháideacha de thoradh damáiste don chomhshaol ná de thoradh garbhagairt damáiste den sórt sin.

(41)  Chun a áirithiú go mbeidh daoine aonair in ann a gcearta a chosaint in aghaidh dochar don tsláinte de dheasca sáruithe ar an Rialachán seo, agus ar an mbealach sin a fhorfheidhmiú níos éifeachtúla a áirithiú, ba cheart a thabhairt de chumhacht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn, lena n‑áirítear na heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint tomhaltóirí chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, mar bhaill den phobal lena mbaineann, páirt a ghlacadh in imeachtaí, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit, thar ceann aon íospartaigh nó chun tacú leis, gan dochar do rialacha náisiúnta nós imeachta maidir le hionadaíocht agus cosaint os comhair na gcúirteanna. De ghnáth, bíonn neamhspleáchas nós imeachta ag na Ballstáit chun leigheas éifeachtach in aghaidh sáruithe ar dhlí an Aontais a áirithiú, faoi réir urramú phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil sé deacair ar íospartaigh faoi na rialacha nós imeachta maidir leis an dualgas cruthúnais is infheidhme go ginearálta sna Ballstáit, nasc cúisíoch idir an dochar a fulaingíodh agus an sárú a léiriú, cé go bhfuil an-mhórán fianaise eipidéimeolaíche ann maidir leis na tionchair dhiúltacha sláinte ar an daonra de dheasca truaillithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le haer. Dá bhrí sin, is gá an dualgas cruthúnais is infheidhme maidir leis na staideanna sin a oiriúnú. I gcás ina bhfuil duine aonair in ann fianaise sách láidir a chur ar fáil as a dtagann toimhde gurb é an sárú ar an Rialachán seo is bunús leis an dochar a rinneadh do shláinte duine aonair, nó gur chuir sé go mór leis, ba cheart don chosantóir an toimhde sin a bhréagnú chun a dhliteanas a sheachaint.

(42)  Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú na nIarscríbhinní. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(22). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(43)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith faisnéis ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a thuairisciú.

(44)  Chun tréimhse leordhóthanach a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’iompróirí ar de chuid an Aontais agus d’iompróirí nach de chuid an Aontais iad chun oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart a chur i bhfeidhm a chur siar.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo leagtar síos oibleagáidí maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil ag gach céim den slabhra soláthair chun caillteanas a chosc, agus é mar chuspóir caillteanas nialasach millíní plaisteacha a bhaint amach. [Leasú 20]

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hábhair seo a leanas:

(a)  oibreoirí eacnamaíocha a láimhseálann millíní plaisteacha san Aontas i gcainníochtaí os cionn 5 thona sa bhliain féilire roimhe;

(b)  iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad a iompraíonn millíní plaisteacha san Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘millín plaisteach’ mais bheag d’ábhar múnlaithe réamhfhoirmithe ina bhfuil polaiméir, gan beann ar a chruth nó ar a fhoirm, lena n-áirítear púdair, sorcóirí, coirníní agus calóga, arbh fhéidir gur cuireadh breiseáin leoar thoisí cuibheasach aonfhoirmeach i luchtóg ar leith, a úsáidtear mar bhunábhar in oibríochtaí monaraíochta táirgí plaisteacha agus athchúrsála plaistigh; [Leasú 21]

(aa)   ciallaíonn ‘deannach millíní plaisteacha’ an t-iarmhar tionsclaíoch ó millíní plaisteacha a láimhseáil, a mheilt nó a phróiseáil, nach n-úsáidtear mar bhunábhar in oibríochtaí monaraíochta táirgí plaisteacha ; [Leasú 22]

(b)  ciallaíonn ‘doirteadh’ éalú aon uaire nó fada millíní plaisteacha ó imshrianadh príomhúil; [Leasú 23]

(c)  ciallaíonn ‘caillteanas’ éalú aon uaire nó fada millíní plaisteacha ó theorainnag aon chéim den slabhra soláthair, lena n-áirítear ón teorainn suiteála chuig an gcomhshaol nó ó fheithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre a iompraíonniompar millíní plaisteacha; [Leasú 24]

(d)  ciallaíonn ‘suiteáil’ aon áitreabh, struchtúr, timpeallachtláithreán nó áit ar laistigh de a ndéantar gníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó níos mó a bhaineann le millíní plaisteacha a láimhseáil; [Leasú 25]

(e)  ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn an tsuiteáil i bpáirt nó ina hiomláine, nó, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa dlí náisiúnta, duine ar tarmligeadh dó cumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil na suiteála;

(f)  ciallaíonn ‘iompróir de chuid an Aontais’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, a ghabhann d’iompar millíní plaisteacha mar chuid dá ghníomhaíocht eacnamaíoch trí úsáid a bhaint as feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre;; [Leasú 26]

(g)  ciallaíonn ‘iompróir nach de chuid an Aontais é’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír, a ghabhann d’iompar millíní plaisteacha mar chuid dá ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas trí úsáid a bhaint as feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre;; [Leasú 27]

(h)  ciallaíonn ‘micrifhiontar, fiontar beag nó meánmhéide’ micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(23);

(i)  ciallaíonn ‘fiontar mór’ fiontar nach micrifhiontar, fiontar beag nó meánmhéide é;

(j)  ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás nó comhlacht atá ainmnithe ag Ballstát chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a dhéanamh;

(k)  ciallaíonn ‘deimhnitheoir’ aon cheann díobh seo a leanas:

(i)  comhlacht um measúnú comhréireachta arna shainmhíniú in Airteagal 2(13) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24), nó aon chomhlachas nó grúpa eile de chomhlachtaí den sórt sin, a bhfuil creidiúnú faighte aige i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(ii)  fíoraitheoir comhshaoil arna shainmhíniú in Airteagal 2(20), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009;

(l)  ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann suiteáil na rialacha is infheidhme den Rialachán seo agus de na gníomhartha tarmligthe a ghlactar ar a bhonn sin;

Airteagal 3

Oibleagáidí ginearálta

1.  Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad go seachnófar caillteanas. I gcás ina dtarlaíonn doirtí agus caillteanas, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad gníomhaíocht láithreach chun na doirtí agus an caillteanas sin a shrianadh agus a ghlanadh. [Leasú 28]

2.  Tabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí de chuid an Aontais fógra don údarás inniúil, ar an mbealach arna chinneadh ag an údarás inniúil sin, faoi gach suiteáil dá n‑oibríonn siad agus faoin uair a bheidh siad ag gabháil d’iompar millíní plaisteacha, de réir mar is infheidhme.

3.  Tabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí de chuid an Aontais fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe faoi aon athrú suntasach ar a suiteálacha agus ar a ngníomhaíochtaí a bhaineann le millíní plaisteacha a láimhseáil agus a iompar, lena n-áirítear, lena n‑áirítear aon chás ina ndúntar suiteáil atá ann cheana, de réir mar is infheidhme. [Leasú 29]

3a.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, chun críocha an Rialacháin seo, gach coimeádán stórála agus iompair ina bhfuil millíní plaisteacha a lipéadú i gcomhréir le hIarscríbhinn IVb a ghabhann leis an Rialachán seo. [Leasú 30]

4.  Déanfaidh údaráis inniúla clár poiblí a bhunú agus a choinneáil ar bun ina mbeidh an fhaisnéis arna fáil acu i gcomhréir le míreanna 3 agus 42 agus 3. Beidh an clár ar fáil go poiblí agus inrochtana gan stró. [Leasú 31]

Airteagal 4

Oibleagáidí maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil

1.  Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)  plean measúnaithe a leagan síos i gcás gach suiteála i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh;

(b)  an trealamh a shuiteáil agus na nósanna imeachta a fhorghníomhú, arb iad na nósanna imeachta ar a dtugtar tuairisc sa phlean measúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)  fógra a thabhairt faoin bplean measúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe (a) d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an tsuiteáil lonnaithe in éineacht le féindearbhú comhréireachta arna eisiúint i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Coimeádfaidh oibreoirí eacnamaíocha an plean measúnaithe riosca cothrom le dáta, agus go háirithe na laigí á gcur san áireamh ar laigí iad a shainaithnítear trína dtaithí ar mhillíní plaisteacha a láimhseáil, agus cuirfidh siad an plean sin ar fáil d’údaráis inniúla ach í a éileamh.

2.  Oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra iad a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh cainníochtaí millíní plaisteacha faoi bhun 1 000 tona sa bhliain féilire roimhe nó ar micrifhiontair nó fiontair bheaga iad, tabharfaidh siad fógra faoi uasdátú ar an bplean measúnaithe riosca i gcás gach suiteála mar aon le hathnuachan ar an bhféindearbhú comhréireachta don údarás inniúil gach 53 bliana ón bhfógra deireanach. [Leasú 32]

2a.   Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga iad a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh millíní plaisteacha i gcainníochtaí os cionn 1000 tona sa bhliain féilire roimhe sin, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, ach amháin má tá deimhniú bailí acu a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 5(2a). [Leasú 33]

3.  Féadfaidh údaráis inniúla é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)  athrú a dhéanamh ar phleananna measúnaithe riosca a fógraíodh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 chun a áirithiú gur féidir an caillteanas a chosc go héifeachtach agus, i gcás inarb iomchuí, a imshrianadh agus a ghlanadh agus go gcomhlíonfar Iarscríbhinn I; [Leasú 34]

(b)  aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme go tráthúil.

4.  Déanfaidh údaráis inniúla clár a bhunú, a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta, ar clár é ina mbeidh na pleananna measúnaithe riosca agus, na féindearbhuithe comhréireachta a fógraíodhagus na fógraí caillteanais arna soláthar i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seohIarscríbhinn IVa. Beidh an clár ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin. [Leasú 35]

5.  Áiritheoidh iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad go gcuirfear na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun feidhme le linn oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe, turais iompair, agus oibríochtaí glantacháin agus cothabhála.

6.  Nuair a chuireann oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí chun feidhme a leagtar amach sa phlean measúnaithe riosca arna leagan síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus nuair a chuireann na hiompróirí ar de chuid an Aontais iad agus na hiompróirí nach de chuid an Aontais iad na gníomhaíochtaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III chun feidhme, déanfaidh siad bearta, san ord tosaíochta seo a leanas:

(a)  gníomhaíochtaí chun doirteadh a chosc

(b)  gníomhaíochtaí chun doirteadh a imshrianadh i dtreo nach n‑eascróidh caillteanas astu;

(c)  gníomhaíochtaí chun glantachán a dhéanamh tar éis doirte nó caillteanais.

7.  Beidh na hoibleagáidí seo a leanas ar oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí AE agus iompróirí de chuid an Aontais:neamh-AE: [Leasú 36]

(a)  a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar a bhfoireann de réir a ról agus a bhfreagrachtaí sonracha agus go mbeidh siad ar an eolas faoin trealamh ábhartha agus in ann é a úsáid, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach, agus na nósanna imeachta a fhorghníomhú, ar nósanna imeachta iad a leagtar amach chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú; [Leasú 37]

(b)  taifead a choimeád ar na gníomhaíochtaí a dhéantar chun na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh;

(c)  taifid a choimeád ar mheastacháin a dhéantar go bliantúil faoi chainníochtaí an chaillteanais agus faoi mhéid iomlánchainníochtaí iomlána na millíní plaisteacha a láimhseáiltear. [Leasú 38]

Ó 6 mhí tar éis fhoilsiú an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den Rialachán seo, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha meastachán faoi chainníochtaí an chaillteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c) i gcomhréir leis an modheolaíocht chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 13.

Coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí de chuid an Aontais taifid dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den mhír seo ar feadh tréimhse 5 bliana agus cuirfidh siad ar fáil d’údaráis inniúla iad agus, i gcás inarb infheidhme, do dheimhnitheoirí ach iad a éileamh.

8.  I gcás ina dteipeann ar ghníomhaíocht a dhéantar chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iadAE agus iompróirí nach de chuid an Aontaisneamh-AE iad gníomhartha ceartaitheacha, a luaithe is féidir.gan mhoill. [Leasú 39]

9.  Gach bliain, déanfaidh oibreoirí nach micrifhiontair ná fiontair bheaga iad agusiad nó a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh millíní plaisteacha i gcainníochtaí os cionn 1 000 tona sa bhliain féilire roimhe, déanfaidh siad, i gcás gach suiteála, measúnú inmheánach ar staid chomhlíontacht na suiteála le ceanglais an phlean measúnaithe riosca a leagtar síos in Iarscríbhinn I. Leis an measúnú inmheánach, féadfardéanfar na hábhair seo a leanas a chumhdach, i measc ábhair eile: [Leasú 40]

(a)  cainníochtaí agus cúiseanna measta an chaillteanais;

(b)  trealamh agus/nó nósanna imeachta coisctheacha, imshrianta agus glantacháin arna gcur chun feidhme chun caillteanas amach anseo a sheachaint, agus meastóireacht ar a n-éifeachtachta n‑éifeachtacht; [Leasú 41]

(c)  plé leis an bpearsanra agus cláir oiliúna a mbaineann leo, cigireachtaí ar threalamh, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach, agus ar nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus athbhreithniú ar aon doiciméadacht ábhartha. [Leasú 42]

Coinneoidh na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír taifid ar na measúnuithe agus ar aon ghníomhaíochtaí a rinneadh ina dhiaidh sin agus cuirfidh siad na taifid sin ar fáil d’údaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh. [Leasú 43]

Airteagal 5

Deimhniú

1.  Faoin … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 3 bliana dá éis sin, oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mhóra iad, léireoidh siad maidir le gach suiteáil inar láimhseáladh millíní plaisteacha i gcainníochtaí os cionn 1 000 tona sa bhliain féilire roimhe, go bhfuil an tsuiteáil sin comhlíontach leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil.

2.  Faoin ... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 43 bliana dá éis sin, oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mheánmhéide iad, léireoidh siad maidir le gach suiteáil inar láimhseáladh millíní plaisteacha i gcainníochtaí os cionn 1 000 tona sa bhliain féilire roimhe, go bhfuil an tsuiteáil sin comhlíontach leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil. [Leasú 44]

2a.   Faoin … [60 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga iad, maidir le gach suiteáil inar láimhseáladh millíní plaisteacha i gcainníochtaí os cionn 1 000 tona sa bhliain féilire roimhe, go bhfuil an tsuiteáil sin comhlíontach leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil. Beidh an deimhniú sin bailí ar feadh 5 bliana. [Leasú 45]

3.  Déanfaidh deimhnitheoirí spotseiceálacha agus cigireachtaí ar láithreáin, modhanna iompair agus ar na ceantair mháguaird chun a áirithiú maidir leis na bearta uile sa phlean measúnaithe riosca arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hIarscríbhinn I, go gcuirtear chun feidhme go cuí iad. [Leasú 46]

4.  Comhlíonfaidh na deimhnithe na ceanglais seo a leanas:

(a)  eiseofar iad i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus i bhfoirm leictreonach;

(b)  sonróidh siad an t‑oibreoir eacnamaíoch, an tsuiteáil a chumhdaítear leis an deimhniú, dáta na spotseiceálacha a dhéantar, agus an tréimhse bhailíochta;

(c)  deimhneoidh siad comhréireacht na suiteála a chumhdaítear leis an deimhniú leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

5.  Gan moill mhíchuí, tabharfaidh deimhnitheoirí fógra don údarás inniúil faoin méid seo a leanas:

(a)  deimhnithe arna n‑eisiúint;

(b)  deimhnithe arna gcur ar fionraí nó arna dtarraingt siar;

(c)  athruithe ar dheimhnithe.

Déanfaidh údaráis inniúla clár deimhnithe a bhunú agus a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta. Beidh an clár ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin.

Airteagal 6

Córais bainistithe comhshaoil

Oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe faoin Scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, tá siad díolmhaithe ó chomhlíontacht leis an oibleagáid um fhógra a leagtar síos in Airteagal 4(2) agus leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) den Rialachán seo ar choinníoll go mbeidh seiceáil déanta ag an bhfíoraitheoir comhshaoil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(20) de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 gur áiríodh na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I i gcóras bainistithe comhshaoil an oibreora eacnamaíoch agus go bhfuil na ceanglais sin curtha chun feidhme.

Airteagal 7

Creidiúnú na ndeimhnitheoirí

Le creidiúnú na ndeimhnitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 32, pointe (k)(i), beidh meastóireacht ar chomhlíontacht leis na ceanglais seo a leanas: [Leasú 47]

(a)  beidh an deimhnitheoir neamhspleách ar an oibreoir eacnamaíoch;

(b)  an deimhnitheoir, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as an measúnú comhréireachta a dhéanamh, ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais ná lena n‑ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí deimhniúcháin;

(c)  déanfaidh an deimhnitheoir agus a phearsanra a ngníomhaíochtaí leis an ard‑ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach agus beidh sé saor ó gach brú agus mealladh, lena n‑áirítear ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a ghníomhaíochtaí deimhniúcháin;

(d)  beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar is gá ag an deimhnitheoir chun an measúnú comhréireachta a bhfuil sé creidiúnaithe ina leith a dhéanamh;

(e)  beidh líon leordhóthanach pearsana ag an deimhnitheoir a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu, ar pearsanra é atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(f)  déanfaidh pearsanra deimhnitheora rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta á ndéanamh aige;

(g)  i gcás ina ndéanfaidh deimhnitheoir cúraimí sonracha a bhaineann le deimhniú a ligean ar fochonradh nó ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, glacfaidh sé freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann na fochonraitheoirí nó na fochuideachtaí agus déanfaidh sé measúnú agus faireachán ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus ar an obair a dhéanann siad.

Airteagal 8

Comhlíontacht a fhíorú agus a thuairisciú

1.  Fíoróidh údaráis inniúla comhlíontacht oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus an fhaisnéis á cur san áireamh arna soláthar i bhféindearbhuithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) agus arna soláthar ag deimhnitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 5(5). Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí comhshaoil gan fógra agus bearta fíorúcháin eile, agus cur chuige rioscabhunaithe á leanúint. [Leasú 48]

2.  Faoin … ar a dhéanaí [OP cuir isteach an dáta = an 1ú lá den mhí i ndiaidh 43 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 3 bliana dá éis sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe. Áireofar ar an bhfaisnéis sin: [Leasú 49]

(a)  an líon oibreoirí eacnamaíocha de réir mhéid an fhiontair de réir Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus in aghaidh na gníomhaíochta eacnamaíche, a suiteálacha agus cainníochtaí iomlána na millíní plaisteacha arna láimhseáil acu, agus an líon iompróirí de chuid an Aontais agus na modhanna iompair dá gcuid arna leithdháileadh ar iompar na millíní plaisteacha agus na cáinníochtaí arna láimhseáil acu; [Leasú 50]

(b)  an líon pleananna measúnaithe riosca, na féindearbhuithe a fógraíodh de bhun Airteagal 4(1) agus 4(2) agus an líon deimhnithe a fógraíodh de bhun Airteagal 5(5);

(c)  an líon cigireachtaí comhshaoil agus beart fíorúcháin eile agus a dtorthaí, ar iniúchtaí agus bearta iad arna ndéanamh faoi mhír 1 den Airteagal seo mar aon leis an líon teagmhas agus timpistí arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 9(1) agus na bearta arna ndéanamh i gcás neamhchomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, formáid le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos.

3a.   Gach trí bliana, bunaithe ar na tuarascálacha ó na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil sintéise ar fáil maidir le comhlíonadh agus tuairisciú, ina leagfar amach an fhaisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo atá i dtuarascálacha na mBallstát. [Leasú 51]

Airteagal 9

Teagmhais agus timpistí

1.  Gan dochar do Threoir 2004/35/CE, i gcás caillteanas teagmhasach nó de thimpiste lena ndéantar difear do shláinte an duine nó don chomhshaol, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad na nithe seo a leanas láithreach: [Leasú 52]

(a)  an t‑údarás inniúil ar ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste a chur ar an eolas, chomh maith le húdarás inniúil aon chríche ar dócha go ndéanfar difear di, agus mar aon le cainníochtaí measta an chaillteanais i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IVa; [Leasú 53]

(aa)   bearta a dhéanamh chun na caillteanais sin a shrianadh agus a ghlanadh suas ar bhealach atá íogair ó thaobh na héiceolaíochta de; [Leasú 54]

(b)  beartagach beart is féidir a dhéanamh chun na hiarmhairtí sláinte nó comhshaoil a theorannúíoslaghdú agus chun tuilleadh teagmhas nó timpistí a chosc. [Leasú 55]

2.  An t‑údarást-údarás inniúil ar ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste, cuirfidh sé de cheangal, i gcás inar gá, ar oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad bearta comhlántacha iomchuí a dhéanamh agus oiliúint shonrach a eagrú chun na hiarmhairtí sláinte nó comhshaoil a theorannúíoslaghdú agus chun tuilleadh teagmhas nó timpistí a chosc. [Leasú 56]

3.  I gcás aon teagmhais nó timpiste lena ndéantar difear suntasach do shláinte an duine nó don chomhshaol i mBallstát eile, cuirfidh an t‑údarást-údarás inniúil ar ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste údarás inniúil an Bhallstáit eile sin ar an eolas láithreach. [Leasú 57]

Airteagal 10

Neamhchomhlíonadh

1.  I gcás ina sáraítear na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí ar de chuid an Aontais iad agus iompróirí nach de chuid an Aontais iad na nithe seo a leanas láithreach:

(a)  an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas;

(b)  na bearta a dhéanamh is gá chun a áirithiú go n‑athbhunófar an chomhlíontacht laistigh den tréimhse is giorra is féidir;

(c)  aon bheart comhlántach a chomhlíonadh ar beart é arna chinneadh ag an údarás inniúil de réir mar is gá chun an chomhlíontacht a athbhunú.

2.  I gcás ina mbaineann contúirt láithreach do shláinte an duine le sárú na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó ina mbeidh bagairt i gceist leis an sárú go mbeidh sé ina údar le héifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol, féadfaidh an t‑údarásdéanfaidh an t-údarás inniúil oibriú na suiteála a chur ar fionraí go dtí go n‑athbhunófar an chomhlíontacht i gcomhréir le mír 1, pointí (b) agus (c). [Leasú 58]

Airteagal 11

Údaráis inniúla a ainmniú, agus a gcumhachtaí

1.  Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. [Leasú 59]

2.  Tabharfaidh na Ballstáit cumhachtaí an iniúchta agus an fhorfheidhmithe dá n‑údaráis inniúla, ar cumhachtaí iad is gá chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú.

3.  Beidh an méid seo a leanas ar a laghad ina chuid de na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2:

(a)  an chumhacht rochtain a fháil ar dhoiciméad, sonraí nó faisnéis ábhartha ar bith a bhaineann le sárú ar an Rialachán seo, in aon fhoirm nó formáid agus gan beann ar mheán nó ionad a stórála, agus an chumhacht chun cóipeanna díobh a thógáil nó a fháil;

(b)  an chumhacht é a cheangal ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach faisnéis, sonraí nó doiciméad ábhartha ar bith, in aon fhoirm nó formáid agus gan beann ar mheán nó ionad a stórála, a sholáthar, chun a shuí cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar an Rialachán seo nó an bhfuiltear á dhéanamh agus mionsonraí an tsáraithe sin;

(c)  an chumhacht tús a chur le hiniúchadh ar a dtionscnamh féin chun scor de sháruithe ar an Rialachán seo nó a dtoirmeasc a thabhairt i gcrích;

(d)  an chumhacht rochtain a fháil ar shuiteálacha.

4.  Féadfaidh údaráis inniúla úsáid a bhaint as aon fhaisnéis, doiciméad, toradh nó ráiteas mar fhianaise chun críoch a gcigireachtaí comhshaoil agus na mbeart fíorúcháin eile dá gcuid, gan beann ar an bhformáid ná ar an meán ina stóráiltear iad.

5.  I gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ina gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar sásraí cumarsáide agus comhordaithe iomchuí.

Airteagal 12

Cúnamh a bhaineann le comhlíontacht

1.  ForbróidhFaoin... [12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún ábhar méadaitheardaithe feasachta agus oiliúna a fhorbairt agus a chistiú, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm treoracha agus cúrsaí, maidir le cur chun feidhme fónta na n‑oibleagáidín-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhairle le hionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí, agus deimhnitheoirí, lena n‑áirítearn-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, comhpháirtithe sóisialta, ionadaithe na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha agus i gcomhar leleis na húdaráis inniúla. [Leasú 60]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí, go háirithe micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, rochtain ar fhaisnéis agus ar chúnamh maidir le comhlíontacht leis an Rialachán seo.comhlíonadh an Rialacháin seo. [Leasú 61]

2a.   Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh an cúnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

(a)   oiliúint speisialaithe don bhainistíocht agus don fhoireann, lena n-airítear cláir oiliúna a eagrú;

(b)   cúnamh oibríochtúil agus teicniúil. [Leasú 62]

Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh an cúnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga agus do shuiteálacha a láimhseálann millíní plaisteacha i gcainníochtaí atá faoi bhun na tairsí a leagtar amach in Airteagal 4(2), a bheith sna foirmeacha seo a leanas freisin: [Leasú 63]

(a)  tacaíocht airgeadais;

(b)  rochtain ar mhaoiniú, lena n-áirítear d'fhonn trealamh a fháil atá riachtanach chun comhlíonadh a bhaint amach; [Leasú 64]

(c)   bainistíocht speisialaithe agus oiliúint foirne; [Leasú 65]

(d)   cúnamh oibríochtúil agus teicniúil. [Leasú 66]

3.  Spreagfaidh na Ballstáit cláir oiliúna ar mhaithe le cáiliú phearsanra na ndeimhnitheoirí.

Airteagal 13

Modheolaíocht chaighdeánaithe

1.  Chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 4(7), an chéad fhomhír, pointe (c) agus Iarscríbhinn IVa a chomhlíonadh, forbrófar modheolaíocht chun meastachán a dhéanamh faoi chainníochtaí an chaillteanais i gcaighdeáin chomhchuibhithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. [Leasú 67]

2.  I gcás nach nglacann aon eagraíocht Eorpach um chaighdeánú leis an iarraidh chun caighdeán comhchuibhithe a tharraingt suas nó i gcás ina mbreithníonn an Coimisiún nach gcomhlíonfaidh an caighdeán atá beartaithe na ceanglais arb é is aidhm a chumhdach, leagfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht dá dtagraítear mír 1 síos trí Ghníomh cur chun feidhme.

Airteagal 14

Gearáin a láimhseáil agus rochtain ar an gceartas

1.  Daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó eagraíochtaí a mheastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas leordhóthanach acu nó iad sin a mheasann gur sáraíodh a gcearta, beidh siad i dteideal gearáin chuí‑réasúnaithe a chur faoi bhráid na n‑údarás inniúil i gcás ina measann siad, ar bhonn imthosca oibiachtúla, nach bhfuil oibreoir eacnamaíoch, iompróir ar de chuid an Aontais é nó iompróir nach de chuid an Aontais é ag comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, maidir le heintitis neamhrialtasacha nó eagraíochtaí a chuireann sláinte an duine, cosaint an chomhshaoil nó cosaint tomhaltóirí chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, measfar gur leordhóthanach a leas.

2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an ngearán cuí-réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inar gá, déanfaidh siad na bearta is gá, lena n‑áirítear cigireachtaí ar an duine nó ar an eagraíocht nó éisteachtaí uathu, d’fhonn na gearáin sin a fhíorú. Má chinntear go bhfuil bunús leis an ngearán, déanfaidh na húdaráis inniúla na gníomhaíochtaí is gá i gcomhréir le hAirteagal 4(3)hAirteagail 4(3), 9(2) agus 10(2). [Leasú 68]

3.  Déanfaidh na húdaráis inniúla, a luaithe is féidir, an duine nó an eagraíocht dá dtagraítear i mír 1 agus a chuir gearán faoi bhráid an údaráis a chur ar an eolas, faoina chinneadh aontú don iarraidh ar ghníomhaíocht a cuireadh chun cinn sa ghearán nó diúltú don iarraidh sin, agus soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le duine nó eagraíocht dá dtagraítear i mír 1 a chuireann gearán cuí-réasúnaithe isteach, go mbeidh rochtain acu ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhspleách neamhchlaonta eile atá inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht ghnásúil agus shubstainteach aon chinnidh maidir leis an ngearán sin, mar aon le dlíthiúlacht ghnásúil agus shubstainteach chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomh an údaráis inniúil faoin Rialachán seo, gan dochar d’aon fhoráil den dlí náisiúnta lena gceanglaítear nach mór nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin a bheith ídithe sula dtéitear ar iontaoibh imeachtaí breithiúnacha. Beidh na nósanna imeachta sin um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus saor in aisce nó ní bheidh siad i bhfad róchostasach, agus soláthrófar leo leigheasanna leordhóthanacha agus éifeachtacha, lena n‑áirítear faoiseamh urghaire i gcás inar gá.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 15

Pionóis

1.  Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Áireofar ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1 fíneálacha atá comhréireach le láimhdeachas an duine dhlítheanaigh nó le hioncam an duine nádúrtha a rinne an sárú. Ríomhfar leibhéal na bhfíneálacha ar bhealach chun a áirithiú go gceiltear go héifeachtach ar an duine atá freagrach as na sáruithe na leasanna eacnamaíocha a bhaint as na sáruithe sin. Déanfar leibhéal na bhfíneálacha a mhéadú de réir a chéile i gcás sáruithe a dhéanfar arís agus arís eile. I gcás sárú arna dhéanamh ag duine dlítheanach, maidir le huasmhéid na bhfíneálacha is é 4 3 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an oibreora eacnamaíoch sa Bhallstát lena mbaineannsan Aontas sa bhliain ghnó roimh chinneadh na fíneála a bheidh san uasmhéid sin. [Leasú 69]

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar na nithe seo a leanas sna pionóis a leagfar síos de bhun an Airteagail seo, de réir mar is infheidhme:

(a)  cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe;

(b)  an sárú a bheith d’aon ghnó nó faillíoch;

(c)  an daonra nó an comhshaol dá ndéanann an sárú difear, agus aird á tabhairt ar thionchar an tsáraithe ar an gcuspóir ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach;

(d)  staid airgeadais an oibreora eacnamaíoch, an iompróra ar de chuid an Aontais é agus an iompróra nach de chuid an Aontais é a bhreithnítear a bheith freagrach.

3a.  Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó na pionóis dá dtagraítear i mír 1, nó a luach airgeadais coibhéiseach, chun tacú le tionscadail atá dírithe ar limistéir atá truaillithe ag plaisteach a ghlanadh roimh... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus truailliú millíní plaisteacha a sheachaint.

Féadfaidh tionscadail a mhaoinítear leis an ioncam a ghintear ó phionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír rannchuidiú le hobair eolaíoch a chur chun cinn chun staidéar a dhéanamh ar thionchar millíní plaisteacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, tacú le taighde agus forbairt i réimse truailliú millíní plaisteacha, cláir feasachta a chur chun feidhme, agus cláir oiliúna a mhaoiniú atá ceaptha go sonrach do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga.

Faoin … [60 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach bliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gcaoi ar úsáideadh an t-ioncam a gineadh ó phionóis an bhliain roimhe sin agus maidir leis an gcaoi ar rannchuidigh úsáid den sórt sin le truailliú millíní plaisteach a laghdú, lena n-áirítear faisnéis faoi na tairbhithe agus leibhéal an chaiteachais a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. [Leasú 70]

Airteagal 16

Cúiteamh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de dheasca sárú ar an Rialachán seo, go bhfuil an ceart ag na daoine aonair a ndéantar difear dóibh cúiteamh maidir leis an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, ó na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as an sárú.

2.  Maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dóibh, mar chuid den phobal lena mbaineann, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na ndaoine aonair a ndéantar difear dóibh agus gníomhaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh cúitimh a thionscnamh. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar éileamh mar gheall ar shárú a dtagann dochar as a shaothrú faoi dhó, eadhon ag na daoine aonair a ndéantar difear dóibh agus ag na heagraíochtaí neamhrialtasacha dá dtagraítear sa mhír seo.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh a fheidhmiú i gcás dochar arb é sárú is cúis leis de bhun mhír 1.

4.  I gcás ina mbíonn an t‑éileamh ar chúiteamh dá dtagraítear i mír 1, ar éileamh é a mbeidh fianaise ag tacú leis ónar féidir nasc cúisíoch idir an dochar agus an sárú a thoimhdiú, áiritheoidh na Ballstáit gur ar an duine atá freagrach as an sárú a bheidh an dualgas a chruthú nach raibh an sárú ina chúis leis an dochar ná nár chuir sé leis an dochar.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na tréimhsí teorann chun éilimh a thionscnamh le haghaidh an chúitimh dá dtagraítear i mír 1 níos giorra ná 5 bliana. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula mbeidh deireadh leis an sárú agus sula mbeidh a fhios ag an duine a éileoidh an cúiteamh gur bhain dochar dó nó di de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh a fhios aige nó aici faoi sin.

Airteagal 17

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Cumhachtaítear an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 lena leasaítear Iarscríbhinní I go IVIVb, chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh. [Leasú 71]

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)  an taithí a fhaightear ó chur chun feidhme na n‑oibleagáidín-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 5, 8 agus 94 agus 5; [Leasú 72]

(b)  caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta;

(c)  sainiúlachtaí na n‑earnálacha gníomhaíochta;

(d)  riachtanais shonracha na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

Airteagal 17a

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus ar fhorbairtí ábhartha ag IMO. Faoin... [8 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach ar chur i bhfeidhm foriomlán an Rialacháin sin agus ar a éifeachtacht agus, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach chun an Rialachán sin a leasú. [Leasú 73]

Airteagal 17b

Inrianaitheacht

Faoin …[24 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an bhféidearthacht inrianaitheacht cheimiceach millíní plaisteacha a thabhairt isteach. Sa tuarascáil sin, breathnófar an méid a leanas ar a laghad:

(a)   an fhéidearthacht theicniúil a bhaineann le síniú ceimiceach uathúil agus indifreálach a thabhairt isteach nach ndéanann dochar don chomhshaol ná do shláinte an duine;

(b)   bunachar sonraí de chuid an Aontais de gach síniú ceimiceach a chur ar bun.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír. [Leasú 74]

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [OP, cuir isteach an dáta = an 1ú lá den mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Cuirfear síneadh le tarmligean na cumhachta go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínidh sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

PLEAN MEASÚNAITHE RIOSCA LE hAGHAIDH SUITEÁLACHA

Beidh na heilimintí seo a leanas sa phlean measúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 4(1):

(1)  an plean láithreáin;

(1a)  an líon tonaí millíní plaisteacha a láimhseáiltear in aghaidh na bliana; [Leasú 75]

(2)  na suíomhanna ina bhféadfadh doirtí agus caillteanas millíní tarlú laistigh de theorainneacha na suiteála, agus suíomhanna ardriosca agus ísealriosca á sonrú;

(3)  na hoibríochtaí láimhseála ar lena linn a d’fhéadfadh doirtí agus caillteanas millíní tarlú laistigh de theorainneacha na suiteála, agus suíomhanna ardriosca agus ísealriosca á sonrú;

(3a)  faisnéis a bhaineann le nádúr ceimiceach gach polaiméire atá i millíní plaisteacha ar an láthair, lena n-áirítear faisnéis maidir le hairíonna fisiceimiceacha agus cuibheas guaise; [Leasú 76]

(4)  an meastachán ar na cainníochtaí doirtí agus caillteanas sna suíomhanna agus sna hoibríochtaí sainaitheanta;

(5)  tarraingt suas an liosta de na gníomhaíochtaí a bhféadfadh údarás a bheith ag an tsuiteáil rialú a fheidhmiú orthu, lena n‑áirítear soláthróirí, fochonraitheoirí agus saoráidí stórála lasmuigh den láthair;

(6)  sainiú róil shonraigh amháin ag ball foirne atá freagrach as doirtí agus caillteanais a thaifeadadh agus a imscrúdú agus bearta leantacha a dhéanamh ina dtaobh, lena n‑áirítear iad a thuairisciú d’údaráis inniúla mar a luaitear in Airteagal 4 (7) agus Airteagal 9 (1);

(7)  tuairisc ar threalamh atá i bhfeidhm chun doirtí agus caillteanais a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh.

BreithneoidhCuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na nithe seo a leanas i bhfeidhm ar a laghad, agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh: [Leasú 77]

(a)  Maidir le cosc: séalaí folúis ar phíobáin agus píbobair; pacáistíocht atá frithsheasmhach in aghaidh stróiceadh agus tuairte, uiscedhíonach, séalaithe agus lipéadaithe a fhéadann díghrádú i dtimpeallachtaí garbha uisceacha a sheasamh; trealamh chun pointí ceangail slána a chruthú agus bacainní tánaisteacha i bhfeidhm; córais luchtaithe arna ndearadh chun a áirithiú gur féidir línte aistrithe a fholmhú go hiomlán tar éis luchtú agus díluchtú; Coimeádáin thurraingfhriotaíocha, uiscedhíonacha, shéalaithe agus lipéadaithe nó sadhlanna seachtracha chun millíní a stóráil; córais iompair uathoibrithe le haghaidh millíní, scagairí chun leathadh deannaigh millíní san aer agus ar an láthair a chosc; [Leasú 78]

(b)  Maidir le himshrianadh: tráidirí doirte agus feistí gabhála lonnaithe feadh imeall seachtrach limistéar luchtaithe agus díluchtaithe; umair choinneála laistigh den talamh ar a bhfuil grátaí cruach faoi bhun teophointí doirte amhail pointí aistrithe; folúsghlantóirí tionsclaíocha agus uirlisí láimhe le haghaidh glantachán láithreach; cumhdaigh draenach inmheánaí agus seachtraílaistigh agus lasmuigh ar gach draein a bhfuil mogallmhéid níos lú acu ná na millíní plaisteacha is lú a láimhseáiltear ar an láthair, córais draenála múnlaigh stoirme nó córais scagacháin chun bainistíocht a dhéanamh ar thuilte nó teagmhais stoirme is féidir a thuar go réasúnta; córas cóireála séarachais; [Leasú 79]

(c)  Maidir le glantachán: folúsghlantóirí tionsclaíocha le haghaidh úsáid inmheánach agus sheachtrach; coimeádáin iomchuí thiomnaithe le haghaidh millíní aisghafa agus iad cumhdaitheturraingfhriotaíoch, uiscedhíonach, séalaithe, lipéadaithe agus slánaithe chun tuilleadh doirtí agus caillteanas a chosc; uirlisí láimhe (e.g., scuaba, sluasaidín agus scuaibín, buicéid, téipeanna deisithe); málaí bailithe treisithe. [Leasú 80]

Beidh díolúintí i ndáil le cineálacha áirithe trealaimh dá dtagraítear sa phointe sin a shuiteáil indeánta d’oibreoirí eacnamaíocha atá in ann údar a thabhairt leis na díolúintí sin chuig na húdaráis inniúla, agus cineál agus méid na suiteála mar aon le scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh.

Breithneoidh oibreoirí eacnamaíocha ar micrifhiontair iad na heilimintí a leagtar amach sa phointe seo ar a laghad, agus cineál agus méid na suiteála mar aon le scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh. [Leasú 81]

(8)  tuairisc ar nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun doirtí agus caillteanais a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh.

BreithneoidhCuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na nithebearta seo a leanas i bhfeidhm ar a laghad, agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh: [Leasú 82]

(a)  maidir le cosc: teorainneacha ar na méideanna millíní a iompraítear i bpacáistíocht áirithe (e.g. ní mór millíní a bheith pacáistithe agus séalaithe i málaíbpacáistíocht de 25 kg atá frithsheasmhach in aghaidh cuimilte agus imbhuailte atá in ann díghrádú i dtimpeallachtaí uisceacha a sheasamh, agus luchtaithe sa chaoi nach troime iad ná 1 tona amháin in aghaidh an phailléid); iniúchadh agus cothabháil thráthrialta ar phacáistíocht, ar choimeádáin agus ar shaoráidí stórála; úsáid tráidirí doirte faoi phointí aistrithe agus le linn luchtú agus díluchtú; nósanna imeachta soiléire um choimeádáin a oscailt, a luchtú, a dhúnadh agus a shéalú ag tús agus deireadh an luchtaithe; tástáil fhisiceach agus faireachán ar éifeachtacht nósanna imeachta um chosc; [Leasú 83]

(b)  maidir le himshrianadh: cigireacht, glantachán agus cothabháil thráthrialta ar fheistí gabhála; cigireacht, glantachán agus cothabháil thráthrialta ar chumhdaigh draenach, ar chórais draenála múnlaigh stoirme nó ar chórais scagacháin; cigireacht agus glantachán tráthrialta ar fheithiclí a fhágann agus/nó a thagann isteach i láithreán, saoráidí uisce amach agus fálta feadh imeall na saoráidear theorainneacha na suiteála atá i limistéir phoiblí i gcás inarb infheidhme; ionadú nó deisiú láithreach ar phacáistíocht atá ag ligean tríthi; seiceálacha le haghaidh millíní ar phacáistíocht nó coimeádáin bhriste nó dhiúscartha roimh dhiúscairt nó deisiú; cigireacht, glantachán agus cothabháil thráthrialta ar chóras cóireála séarachais.; [Leasú 84]

(c)  maidir le glantachán: déantar millíní plaisteacha doirte a ghlanadh suas láithreach chun caillteanais sa chomhshaol a chosc, ar fhoirceannadh na hoibríochta ar a dhéanaí, agus a bhailiú i gcoimeádán ainmnithe uiscedhíonach, séalaithe, agus lipéadaithe. Más féidir, athúsáidtear millíní plaisteacha doirte mar amhábhar chun diomailt a laghdú. Mura féidir millíní plaisteacha doirte a athúsáid mar amhábhair, aisghabhtar agus diúscraítear iad i gcomhréir le reachtaíocht maidir le dramhaíl.; mar aon le coimeádáin damáistithe. [Leasú 85]

Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann díolúintí a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir leis na bearta dá dtagraítear sa phointe sin a dhéanamh, agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le scála a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh.

Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann díolúintí a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir leis na bearta dá dtagraítear sa phointe sin a dhéanamh, agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le scála a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh. [Leasú 86]

(9)  i dteannta na n‑eilimintí dá dtugtar tuairisc i bpointí (1) go (8), i gcásdéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mheánmhéide nó mhóra iad agus a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh millíní plaisteacha i gcainníochtaí níos mó ná 1 000 tona sa bhliain féilire roimhe seo, déanfaidh siad na beartanach micrifhiontair iad na gníomhaíochtaí seo a leanas freisin: [Leasú 87]

(a)  tuairisc a thabhairt ar na heilimintí ar cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu ag cruinnithe foirmiúla bainistíochta uair amháin sa bhliain ar a laghad, lena n‑áirítear an chainníocht mheasta agus cúiseanna le haon chaillteanas; trealamh agus nósanna imeachta coisctheacha, maolaithe agus glantacháin arna gcur chun feidhme agus a n‑éifeachtacht.

(b)  clár feasachta agus oiliúna a bhunú, bunaithe ar róil agus freagrachtaí sonracha na bhfostaithe, maidir le cosc, imshrianadh agus glantachán, maidir leis an tsuiteáil, le húsáid agus cothabháil trealaimh, le nósanna imeachta forghníomhaithe, agus maidir leis an bhfaireachán ar chaillteanas millíní agus an tuairisciú orthu;

(c)  na nósanna imeachta a shocrú um thiománaithe, soláthróirí agus fochonraitheoirí a chur ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta ábhartha chun doirtí agus caillteanais a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh.

IARSCRÍBHINN II

FOIRM LE hAGHAIDH FÉINDEARBHÚ COMHRÉIREACHTA

............................................................... ............................................................... ......... (ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch).

Dearbhaíonn sé faoina fhreagracht féin go gcomhlíonann an láimhseáil millíní plaisteacha a dhéantar sa tsuiteáil atá lonnaithe in ............................................................................... (seoladh) ag a bhfuil an uimhir chlárúcháin (más ann di) ……………. ceanglais uile Rialachán (AE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú.

Tríd an dearbhú seo a shíniú, dearbhaím gur cuireadh an measúnú tionchair atá i gceangal leis seo, arna dhéanamh an ………….. (dáta) chun feidhme.

Arna dhéanamh i/in/sa/san … an …/…/20..

Síniú

IARSCRÍBHINN III

GNÍOMHAÍOCHTAÍ ATÁ LE DÉANAMH AG IOMPRÓIRÍ AE AGUS IOMPRÓIRÍ NEAMH‑AE

Bearta atá le déanamh agus trealamh atá le cur i bhfeidhm ag iompróirí AE agus iompróirí neamh‑AE:

(1)  Maidir le cosc: fíorú le linn luchtú agus díluchtú, agus ina ndiaidh, go mbaintear millíní go cuí den taobh amuigh den trealamh iompair sula bhfágfaidh sé an láithreán luchtaithe/díluchtaithe; cumarsáid shoiléirlipéadú soiléir infheicthe maidir le ceanglais stuála agus stórála shábháilte; aon sceitheadh a chosc, lena n‑áirítearn-áirítear sceitheadh le linn an aistir iompair, e.g. trí oiriúnacht theicniúil an mhodha iompair agus na gcoimeádán, arna bhforlíonadh, más gá, i bpacáistíocht atá uiscedhíonach agus frithsheasmhach in aghaidh cuimilte agus imbhuailte atá in ann díghrádú i dtimpeallachtaí uisceacha a sheasamh, le séalú iomchuí; tráidirí doirte agus feistí gabhála; a áirithiú go n‑úsáidtearn-úsáidtear cumhdaigh chosanta ar fhorcardaitheoirí/trealamh hiodrálach, mar shampla, chun polladh pacáistíochta a chosc; na hurranna luchtaithe agus na, coimeádáin agus leantóirí a ghlanadh go tráthrialta agus a sheiceáil an bhfuil siad i ndea-bhail chun caillteanas millíní a doirteadh a imshrianadh agus a íoslaghdú; seiceáil súiló amharc ar oscailtí agus ar shláine na n‑urrannn-urrann luchtaithe roimh an aistear agus lena linn, a mhéid is féidir, lena n‑áirítearn-áirítear sna críochfoirt ilmhódacha, críochfoirt iarnróid, calafoirt intíre agus chósta. [Leasú 88]

(1a)  Bearta breise a bheidh le déanamh agus trealamh is infheidhme go sonrach maidir le hiompar muirí agus iompar ar uiscebhealaí intíre:

(a)   léiriú soiléir a thabhairt ar na coimeádáin ina bhfuil millíní plaisteacha;

(b)   millíní plaisteacha a stóráil i gcoimeádáin i ndea-bhail agus loirg a sheachaint a d’fhéadfadh málaí agus boscaí a chuimilt agus coimeádáin a stóráil sa bholg seachas ar an deic;

(c)   millíní plaisteacha a choimeád agus a ghlanadh, agus caillteanais millíní plaisteacha san uisce a sheachaint a nuair a bheidh an limistéar bordála, deic, boilg nó i gcoimeádán loingseoireachta á ghlanadh. [Leasú 89]

(2)  Maidir le himshrianadh agus glantachán: i gcás inar féidir, pacáistíocht dhamáistithe a athsholáthar nó a dheisiú (e.g. trí bhúmanna, bacainní agus téip) agus na millíní atá fágtha sa choimeádán nó san urrann luchtaithe a imshrianadh; na millíní a doirteadh a bhailiú i gcoimeádáin nó málaí dúntauiscedhíonacha atá lipéadaithe agus séalaithe lena ndiúscairt go cuí; i gcás iompar millíní in ollumair, gantráidirí doirte agus feistí gabhála iomchuí a úsáid roimh an dúnpholl/cón ag bun an umair sadhlainne a oscailt go dtí go rachaidh séach amháin tar éis dul isteach sa bhá ghlantacháin; gan an líneáil choimeádáin a ionadú ach amháin i limistéir oscailte neamhphoiblí, mar a mbeifear in ann aon doirteadh a imshrianadh; fógra a thabhairt do na húdaráis láithreach, amhail údaráis éigeandála idirnáisiúnta agus náisiúnta, nó údaráis chomhshaoil, mar is iomchuí, ón mBallstát inar tharla an teagmhas. [Leasú 90]

(3)  Trealamh ar bord: gaireas laghdaithesoilsiúcháin iniompartha amháin ar a laghad, uirlisí láimhe (e.g., scuaba, sluasaidín agus scuaibín, buicéid, téipeanna deisithe, etc.); coimeádáin bhailithe dhúnta/málaí bailithe treisithe. [Leasú 91]

(3a)  Oiliúint: clár feasachta agus oiliúna a bhunú, bunaithe ar róil agus freagrachtaí sonracha na bhfostaithe, maidir le cosc, imshrianadh agus glantachán caillteanas millíní plaisteacha, maidir leis an tsuiteáil, le húsáid agus cothabháil trealaimh, le nósanna imeachta forghníomhaithe, agus maidir leis an bhfaireachán ar chaillteanas millíní plaisteacha agus an tuairisciú orthu; [Leasú 92]

IARSCRÍBHINN IV

FOIRM AN DEIMHNITHE COMHRÉIREACHTA

............................................................... ............................................................... ......... Dearbhaíonn (ainm).

ag a bhfuil an uimhir chlárúcháin ...............................................................................

arna chreidiúnú le haghaidh an raoin feidhme. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . (Cód NACE)

dearbhaíonn sé, tar éis dó fíorú a dhéanamh ar shuiteáil an oibreora eacnamaíoch …………………. (ainm) atá lonnaithe in ……………………………….. ag a bhfuil an uimhir chlárúcháin (más ann di) ...................................................................................................

go gcomhlíonann an tsuiteáil na ceanglais uile a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú.

Tríd an dearbhú seo a shíniú, dearbhaím:

—  go ndearnadh an fíorú i gcomhréir iomlán le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. [...], lena n‑áirítear spotseiceálacha arna ndéanamh in ……….. (dátaí),

—  gurb é a dheimhnítear le toradh an fhíoraithe nach bhfuil aon fhianaise ann ar neamhchomhlíonadh cheanglais dhlíthiúla Rialachán (AE) Uimh. [...] is infheidhme.

Arna dhéanamh i/in/sa/san … an …/…/20..

Síniú

IARSCRÍBHINN IVa

FOIRM CHUN CAILLTEANAS A RIANÚ

Áit an teagmhais: [Bosca Téacs]

Foirm Rianaithe Caillteanas Millíní

Dáta an Teagmhais: [dáta]

Am an Teagmhais: [am]

Suíomh an Chaillteanais:

[ ] Limistéar Táirgthe:

[ ] Limistéar Stórála

[ ] Limistéar Monaraíochta

[ ] Iompar

Cur síos ar Chaillteanas Millíní:

[Bosca Téacs]

Cainníocht mheasta na Millíní Caillte:

[Bosca Téacs]

[Bosca Téacs – cainníocht mheasta na millíní a cailleadh bunaithe ar an modheolaíocht chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 13]

An Chúis atá leis an gCaillteanas:

[ ] Mífheidhm Trealaimh

[ ] Earráid Dhaonna

[ ] Tosca Comhshaoil nó Aimsire (Sonraigh): [Bosca Téacs]

[ ] Cineál Eile (Sonraigh): [Bosca Téacs]

Gníomhaíochtaí arna nDéanamh Láithreach:

[Bosca Téacs]

Bearta Glantacháin:

[ ] Scuabadh

[ ] Folúsú

[ ] Ábhair Ionsúiteacha

[ ] Srianadh

[ ] Diúscairt

Measúnú Tionchair ar an gComhshaol:

[ ] Éilliú Ithreach

[ ] Éilliú Uisce

[ ] Éilliú Cháilíocht an Aeir

[ ] Tionchar ar an bhFiadhúlra

Faisnéis ó Fhinnéithe (más infheidhme):

Ainm: [Bosca Téacs]

Uimhir Theagmhála [Bosca Téacs]

Seoladh Ríomhphoist [Bosca Téacs]

Tuairisceoir:

Ainm: [Bosca Téacs]

Seasamh: [Bosca Téacs]

Uimhir Theagmhála [Bosca Téacs]

Seoladh Ríomhphoist [Bosca Téacs]

Ceangaltáin (e.g., grianghraif, tuarascálacha):

[Uaslódáil Chomhaid]

Barúlacha breise: [Bosca Téacs] [Leasú 93]

IARSCRÍBHINN IV b

Lipéadú le haghaidh millíní plaisteach

Picteagram

20240423-P9_TA(2024)0307_GA-p0000002.png

Focal Comhartha

Contúirt

Ráiteas Guaise

Díobhálach don chomhshaol

Ráiteas Réamhchúraim – Cosc

Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol

Ráiteas Réamhchúraim – Freagairt

Bailigh doirteadh

Ráiteas Réamhchúraim – Diúscairt

Athúsáid mar amhábhar, athchúrsáil nó diúscairt ábhair..

 

... de réir dlí áitiúil/réigiúnach/ náisiúnta/idirnáisiúnta (le sonrú).

[Leasú 93]

(1)IO C , , , lch. .
(2)IO C , , , lch. .
(3)Plastic giants polluting through the back door: The case for a regulatory supply-chain approach to pellet pollution’ [Fathaigh phlaisteacha a dhéanann truailliú ar chúla téarmaí: An cás le haghaidh cur chuige rialála slabhra soláthair i leith truailliú millíní], Surfrider Foundation Europe agus Rethink Plastic, Samhain 2020.
(4)Scientific opinion on the environmental and health risks of microplastic pollution [Tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le truailliú micreaphlaisteach], mí Aibreáin 2019.
(5)COM(2018) 28 final.
(6)COM(2020)98 final, 2020.
(7)COM(2021) 400 final.
(8)Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le micreacháithníní polaiméire sintéisí (IO L 238, 27.9.2023, lch. 67).
(9)Moladh OSPAR 2021/06 maidir le caillteanas millíní plaisteacha sa mhuirthimpeallacht a laghdú,
(10)UNEP, Aighneacht Réamhsheisiúin an Aontais roimh an Dara Seisiún den Choiste Caibidlíochta Idir‑Rialtasach chun ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí a fhorbairt maidir leis an truailliú plaisteach, 2023.
(11)Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(12)Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 (IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj).
(13)Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(14)https://eippcb.jrc.ec.europa.eu/sites/default/files/2019-11/pol_bref_0807.pdf
(15)Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26).
(16)Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(17)Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).
(18)Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(19)IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391–407: IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.
(20)https://unece.org/environment-policy/public-participation/aarhus-convention/text
(21)Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).
(22)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(23)Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(24)Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(25)Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(26)Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

An nuashonrú is déanaí: 25 Samhain 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais