Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (COM(2022)0453 – C9-0307/2022 – 2022/0269(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0453),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0307/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Eanáir 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Iascach agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0306/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937(1)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114 agus Airteagal 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Mar a aithnítear sa Bhrollach a ghabhann le Prótacal 2014 a ghabhann le Coinbhinsiún Uimh. 29 maidir le saothar éigeantais (‘Coinbhinsiún EIS Uimh. 29 ’) den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (‘EIS’), is sárú tromchúiseach ar dhínit an duine agus ar chearta bunúsacha an duine é saothar éigeantais, rannchuidíonn sé le buanú na bochtaineachta agus seasann sé sa bhealach ar obair chuibhiúil a bhaint amach do chách. Dhearbhaigh EIS go gcuirfí deireadh le gach cineál saothair éigeantais nó saothair éigeantaigh mar phrionsabal a bhaineann le cearta bunúsacha. Aicmíonn EIS Coinbhinsiún EIS Uimh. 29, lena n-áirítear Prótacal forlíontach 2014 a ghabhann le Coinbhinsiún Uimh. 29 agus Moladh Uimh. 203 maidir leSaothar Éigeantais (Bearta Forlíontacha) agus Coinbhinsiún EIS Uimh.105 maidir le saothar éigeantais a dhíothú (‘Coinbhinsiún EIS Uimh.105’) mar Choinbhinsiúin bhunúsacha EIS(4) agus eisíonn sé moltaí chun saothar éigeantais a chosc, a dhíothú agus a leigheas(5). Tá roinnt táscairí forbartha ag EIS a úsáidtear chun cásanna saothair éigeantais a shainaithint agus a léiriú, amhail bagairtí agus díobháil fhisiceach agus ghnéasach iarbhír, mí-úsáid leochaileachta, mí-úsáid dálaí oibre agus maireachtála agus ragobair iomarcach, dallamullóg, srianadh gluaiseachta nó gaibhniúcháin san ionad oibre nó limistéar teoranta, leithlisiú, cuibhriú fiachais, pá a choinneáil siar nó laghdú iomarcach pá, pasanna agus doiciméid aitheantais a choinneáil nó bagairt séanta chuig na húdaráis i gcás ina bhfuil stádas inimirce neamhrialta ag an oibrí(6).
Is minic a bhíonn baint ag saothar éigeantais leis an mbochtaineacht agus leis an idirdhealú. Tá ionramháil creidmheasa agus fiachais, bíodh sin ag fostóirí nó ag gníomhairí earcaíochta, fós ina heochairthoisc lena sáinnítear oibrithe leochaileacha i gcásanna saothair éigeantais(7). De réir chomhlachtaí maoirseachta EIS, níl saothar príosúin, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar é do chuideachtaí príobháideacha, bunaithe ann féin ar shaothar éigeantais ar choinníoll go ndéantar é ar bhonn deonach, ar mhaithe leis an bpríosúnach agus go neasaíonn sé na coinníollacha a bhaineann le caidreamh saothair dheonaigh. Ba cheart gur chun leasa an phobail i gcoitinne i gcónaí a bheadh an obair phobail mar smachtbhanna pionósach malartach ar phríosúnacht agus níor cheart do Stáit, in imthosca ar bith, mí-úsáid a bhaint aisti mar bhealach chun an duine ciontaithe a dhíghrádú nó a ndínit a bhaint den duine(8). I gcásanna ina bhforchuirtear obair nó seirbhís trí leas a bhaint as leochaileacht an oibrí, faoi bhagairt pionóis, ní gá an bhagairt sin a bheith i bhfoirm smachtbhanna pionóis ach d’fhéadfadh sé gur caillteanas ceart nó sochar a bheadh ann freisin.
(2) Baintear úsáid as saothar éigeantais go forleathan ar fud an domhain. Meastar go raibh tuairim is 27.6 milliún duine i saothar éigeantais in 2021(9). Tá grúpaí leochaileacha agus imeallaithe i sochaí, amhail mná, leanaí, mionlaigh eitneacha, daoine faoi mhíchumas, daoine ó shainaicmí níos ísle, pobail dhúchasacha agus threibheacha, imircigh, go háirithe má tá siad gan doiciméid nó má tá stádas forbhásach acu agus má oibríonn siad sa gheilleagar neamhfhoirmiúil, thar a bheith soghabhálach ó thaobh brú a chur orthu tabhairt faoi shaothar éigeantais. Fiú nuair nach bhforchuirtear é ag an stát, is minic a bhíonn saothar éigeantais mar thoradh ar easpa dea-rialachais nó gan aon dea-rialachas ag oibreoirí eacnamaíocha áirithe agus léiriú gur theip ar stát cearta sóisialta agus saothair a fhorfheidhmiú, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha agus imeallaithe. Is féidir le saothar éigeantais tarlú freisin mar thoradh ar thoiliú intuigthe na n-údarás. Tarlaíonn formhór mór an tsaothair éigeantais san earnáil phríobháideach, go háirithe trí dhúshaothrú saothair éigeantais (17.3 milliún duine), arb ionann é agus 86 % de chásanna uile an tsaothair éigeantais(10). Ba cheart oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith intuartha agus soiléir chun comhlíonadh iomlán agus éifeachtach a áirithiú agus chun rannchuidiú le deireadh a chur le saothar éigeantais.
(3) Is tosaíocht ag an Aontas saothar éigeantais de gach cineál, lena n-áirítear saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, a dhíothú. Tá meas ar dhínit an duine agus ar uilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine cumhdaithe go daingean in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Chun Sprioc 8.7 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, ba cheart don Aontas tacú lena luachanna agus iad a chur chun cinn agus cur le cosaint chearta an duine, go háirithe cearta an linbh. Le hAirteagal 5 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), cuirtear toirmeasc go sainráite ar an sclábhaíocht, ar dhaoirse, ar shaothar éigeantais agus éigeantach agus ar gháinneáil ar dhaoine agus foráiltear le hAirteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine nach gceanglófar ar aon duine saothar éigeantais nó éigeantach a dhéanamh. Tá léirmhíniú déanta ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine arís agus arís eile ar Airteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go gceanglaítear ar Bhallstáit pionós a ghearradh agus ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh ar aon ghníomh a choinníonn duine sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 4 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine(11). Is ceart daonna é an ceart chun leigheasanna éifeachtacha a fháil i leith sáruithe ar chearta bunúsacha, agus is gné bhunúsach é den phróiseas chun coireanna a ionchúiseamh go héifeachtach. Dearbhaítear le dlí reatha an Aontais, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe um Ghnó agus Cearta an Duine (PTNAnna), Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (‘ECFE’) go bhfuil an ceart ag íospartaigh chun leigheas éifeachtach a fháil ó thaobh sáruithe nó mí-úsáidí ar chearta an duine a bhaineann le gnó, lena n-áirítear saothar éigeantais.
(4) Dhaingnigh na Ballstáit uile Coinbhinsiúin bhunúsacha EIS, eadhon Coinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 182 maidir leis na cineálacha is measa de shaothar leanaí(12). Dá bhrí sin tá oibleagáid orthu de réir an dlí úsáid saothair éigeantais a chosc agus a dhíothú agus tuairisciú go rialta chuig EIS.
(5) Féachann an tAontas le úsáid saothair éigeantais a dhíothú trína chuid beartas agus tionscnaimh reachtacha agus obair chuibhiúil agus cearta saothair a chur chun cinn ar fud an domhain. Cuireann an tAontas dícheall cuí chun cinn i gcomhréir le treoirlínte agus prionsabail idirnáisiúnta arna mbunú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear EIS, ECFE agus na Náisiúin Aontaithe (NA), chun a áirithiú nach n-aimseoidh saothar éigeantais áit i slabhraí soláthair gnóthas atá bunaithe san Aontas.
(6) Tacaíonn beartas trádála an Aontais leis an gcomhrac i gcoinne saothar éigeantais i gcaidreamh trádála aontaobhach agus déthaobhach araon. Sna caibidlí ar thrádáil agus ar fhorbairt inbhuanaithe de chomhaontuithe trádála an Aontais, tá gealltanas ann Coinbhinsiúin bhunúsacha EIS, lena n-áirítear Coinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 105, a dhaingniú agus a chur chun feidhme go héifeachtach, de bhrí go mbunaítear le trádáil agus inscne lionsa inscne atá riachtanach do chumhachtú eacnamaíoch na mban chun saothar éigeantais inscne a chomhrac. Ina theannta sin, féadfar fabhair tharaife aontaobhacha faoi Scéim Ghinearálta um Fhabhair an Aontais a tharraingt siar i gcás sáruithe tromchúiseacha agus córasacha ar Choinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus ar Choinbhinsiún EIS Uimh. 105.
(7) Bíonn tionchar ar leith ag saothar éigeantais ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, amhail leanaí, mná, imircigh, dídeanaithe nó pobail dhúchasacha, agus dá bhrí sin tá cur chuige atá íogair ó thaobh trasnaí agus inscne bunriachtanach chun saothar éigeantais a chomhrac go héifeachtach. Táthar ag súil, dá bhrí sin, go rannchuideoidh an Rialachán seo le cuspóirí na gcomhaontuithe agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta ábhartha, amhail Choinbhinsiún 182 EIS, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Baile a Chosc agus a Chomhrac, Dearbhú Bhéising, an Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta, Coinbhinsiún na Ginéive i dtaobh Stádas Dídeanaithe; Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 169 maidir le pobail dhúchasacha agus threibheacha.
(8) Le Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) ▌ déantar comhchuibhiú ar an sainmhíniú atá ar gháinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear saothair nó seirbhísí éigeantais, agus bunaítear rialacha maidir le híosphionóis. Ba cheart aon rialacha a leagtar síos maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí intíre nó táirgí allmhairithe arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, nó na táirgí sin a onnmhairiú, agus an oibleagáid lena áirithiú go dtarraingítear na táirgí sin siar ó mhargadh an Aontais ('an toirmeasc'), a bheith gan dochar don Treoir sin, agus go háirithe d'inniúlacht údaráis forghníomhaithe an dlí agus na n-údarás breithiúnach chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar chionta maidir le gáinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear dúshaothrú saothair.
(9) ▌Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) ar allmhaireoirí mianraí nó miotal ón Aontas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin oibleagáidí díchill chuí a chur i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le Slabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus Limistéir Ard-Riosca, agus leis na moltaí i dtaca le dícheall cuí atá leagtha amach iontu. I Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) tá oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha dícheall cuí a dhéanamh ina slabhraí soláthair, lena n-áirítear maidir le cearta saothair. Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) go ndéanfar dícheall cuí maidir le nádúr dlíthiúil agus saor ó dhífhoraoisiú na dtáirgí agus na dtráchtearraí laistigh dá raon feidhme, lena n-áirítear maidir le cearta an duine.
(10) Ceanglaítear le hAirteagail 19a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17)ina leagan den 21 Samhain 2021 ar na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseoidh oibreoirí eacnamaíocha áirithe ráitis neamhairgeadais gach bliain ina dtuairiscíonn siad ar thionchar a ngníomhaíochta ar nithe comhshaoil, sóisialta agus fostaithe, meas ar chearta an duine, lena n-áirítear maidir le saothar éigeantais, cúrsaí frith-éillithe agus breabaireachta. ▌ Thairis sin, le Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18) maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach leasaíodh an ceanglas sin trí cheanglais mhionsonraithe tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh cuideachtaí cumhdaithe maidir le cearta an duine a urramú, lena n-áirítear i slabhraí soláthair domhanda. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis a nochtann gnóthais faoi chearta an duine, nuair is ábhartha, faisnéis faoi shaothar éigeantais ina slabhraí luacha. ▌
(11) Mar chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), tá an tAontas tiomanta do chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha a chur chun cinn. Aon bhearta a thugann an tAontas isteach a dhéanann difear don trádáil, ba cheart dóibh a bheith comhlíontach le EDT.
(12) I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí treoir chun cuidiú le gnóthais san Aontas bearta iomchuí a ghlacadh chun dul i ngleic le riosca um shaothar éigeantais ina gcuid oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair(19).
(13) Mar a aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir agus téarnamh inbhuanaithe, d'ainneoin na mbeartas reatha agus an chreata reachtaigh, tá gá le tuilleadh gnímh chun na cuspóirí atá ann i dtaobh deireadh a chur le táirgí saothair éigeantais ar mhargadh an Aontais a bhaint amach agus, dá bhrí sin, rannchuidiú tuilleadh leis an gcomhrac in aghaidh saothar éigeantais ar fud an domhain.
(14) Is príomhthosaíochtaí de chuid an Aontais obair chuibhiúil agus todhchaí oibre atá dírithe ar an duine a chur chun cinn lena n-áiritheofar go n-urramófar prionsabail bhunúsacha agus cearta an duine, an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn mar aon le daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach choinbhinsiúin agus phrótacail ábhartha EIS, mar a chumhdaítear i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024.
(15) Ina rúin an 9 Meitheamh 2022 maidir le hionstraim trádála nua chun toirmeasc a chur ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais(20), an 17 Nollaig 2020 maidir le saothar éigeantais agus staid na nUigiúrach i Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uigiúrach(21) agus an 16 Nollaig 2021 maidir le saothar éigeantais i monarcha Linglong agus agóidí comhshaoil sa tSeirbia(22), cháin Parlaimint na hEorpa go láidir saothar éigeantais agus d’iarr sí go gcuirfí toirmeasc ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais. Dá bhrí sin, is ábhar imní morálta don phobal, go bhféadfadh táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a bheith ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a bheith á n-onnmhairiú go tríú tíortha gan sásra éifeachtach a bheith ann chun táirgí den sórt sin a thoirmeasc nó a tharraingt siar.
(16) Chun creat reachtach agus beartais an Aontais maidir le saothar éigeantais a chomhlánú, ba cheart toirmeasc a chur ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, sin nó toirmeasc a chur ar onnmhairiú táirgí a táirgeadh sa chríoch bhaile nó táirgí allmhairithe arna ndéanamh le saothar éigeantais agus ba cheart a áirithiú go dtarraingítear siar na táirgí sin ó mhargadh an Aontais.
(17) Faoi láthair níl aon reachtaíocht ann de chuid an Aontais a chumhachtaíonn d’údaráis na mBallstát táirge a choinneáil go díreach, a urghabháil, nó a ordú go ndéanfaí é a tharraingt siar ar an mbonn go bhfuarthas amach go ndearnadh é, go hiomlán nó go páirteach, le saothar éigeantais.
(18) Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag toirmeasc den sórt sin maidir le táirgí ar úsáideadh saothar éigeantais ina leith ag aon chéim dá dtáirgeadh, dá monarú, dá mbaint agus dá n-eastóscadh, lena n-áirítear oibriú nó próiseáil a bhaineann leis na táirgí. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc maidir le gach táirge, de chineál ar bith, lena n-áirítear a gcomhpháirteanna, agus ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir le táirgí gan beann ar an earnáil, ar a dtionscnamh, cibé an táirgí intíre nó allmhairithe iad, nó a cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairíodh. Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthar seirbhísí iompair.
(19) Ba cheart go rannchuideodh an toirmeasc leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta deireadh a chur le saothar éigeantais. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar ‘saothar éigeantais’ a ailíniú leis an sainmhíniú a leagtar síos i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 29 ina luaitear go gciallaíonn saothar éigeantais nó éigeantach an obair nó an tseirbhís ar fad a éilítear ar aon duine faoi bhagairt aon phionóis agus nár thairg an duine sin é féin go deonach ina leith, cé is moite den mhéid seo a leanas:
(a) aon obair nó seirbhís a éilítear de bhua dlíthe seirbhíse míleata éigeantacha d’obair de chineál míleata amháin;
(b) aon obair nó seirbhís atá mar chuid de ghnáthoibleagáidí sibhialta saoránach tíre atá go hiomlán féinrialaitheach;
(c) aon obair nó seirbhís a éilíltear ar aon duine mar thoradh ar chiontú i gcúirt dlí, ar choinníoll gur faoi mhaoirseacht agus faoi rialú údarás poiblí a dhéantar an obair nó an tseirbhís sin agus nach mbeidh an duine sin fruilithe ag daoine príobháideacha, cuideachtaí nó comhlachais phríobháideacha ná ar fáil dóibh;
(d) aon obair nó seirbhís a éilítear i gcásanna éigeandála, is é sin le rá, i gcás cogaidh nó tubaiste nó tubaiste bhagartha, amhail dóiteán, tuile, gorta, crith talún, géar-eipidéim nó galair eipeasótacha, ionradh ag lotnaidí ainmhithe, feithidí nó plandúla, agus go ginearálta aon imthoisc a chuirfeadh beatha nó leas an phobail go léir nó cuid de i mbaol;
(e) mionseirbhísí comhchoiteanna de chineál a d’fhéadfaí a mheas dá bhrí sin, ar mhaithe le leas díreach an phobail sin, gur gnáthoibleagáidí sibhialta ar bhaill an phobail iad, ar choinníoll go mbeidh sé de cheart ag daoine den phobal nó ag a n-ionadaithe díreacha dul i gcomhairle leo maidir leis an ngá atá leis na seirbhísí sin.
(20) Bunaithe ar an sainmhíniú ar shaothar éigeantais a shonraítear i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 29 agus a úsáidtear sa Rialachán seo, is iad na ‘Táscairí EIS maidir le Saothar Éigeantais’ agus na treoirlínte EIS ‘Deacair a fheiceáil, níos deacra a áireamh’ na comharthaí is coitianta a léiríonn go bhféadfadh saothar éigeantais a bheith ann agus ba cheart iad a chur i gcuntas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme. D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh na táscairí sin leordhóthanach chun saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit a shainaithint. Tá na cleachtais saothair éigeantais sin bunaithe ar bheartais chomhéigneacha agus shistéamacha dhomhanda a bhfuil táscairí breise atá deartha go sonrach ag teastáil ina leith.
(21) Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an sainmhíniú ar ‘saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit’ a ailíniú leis an gcoincheap atá i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 105, lena gcuirtear toirmeasc go sonrach ar shaothar éigeantais nó saothar éigeantach a úsáid mar mhodh comhéigin pholaitiúil nó oideachais pholaitiúil nó mar phionós as tuairimí polaitiúla nó tuairimí a chur in iúl atá i gcoinne an chórais pholaitiúil, shóisialta nó eacnamaíoch atá bunaithe, mar mhodh chun é a shlógadh agus a úsáid chun críocha forbartha eacnamaíche, mar mhodh chun é a shlógadh agus a úsáid chun críocha disciplín an tsaothair, mar phionós as páirt a ghlacadh i stailceanna, nó mar mhodh idirdhealaithe chiníoch, shóisialta, náisiúnta nó reiligiúnaigh(23).
(22) Ba cheart an ciandíol, lena n-áirítear díol ar líne, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo freisin. I gcás táirge a tháirgtear lena dhíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, ba cheart a mheas go bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. I gcomhréir le rialacha is infheidhme an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, ba cheart anailís de réir an cháis a dhéanamh chun a shuí an bhfuil tairiscint dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. Ba cheart a mheas go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát. Maidir leis na hanailísí de réir an cháis, ba cheart tosca ábhartha, amhail na limistéir gheografacha ar féidir seachadadh chucu, na teangacha atá ar fáil, a úsáidtear don tairiscint nó don ordú, modhanna íocaíochta, úsáid airgeadra an Bhallstáit nó ainm fearainn atá cláraithe i gceann de na Ballstáit a chur san áireamh i ndáil leis sin. I gcás na ndíolachán ar líne, ní leor díreach go mbeadh comhéadan na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na soláthraithe margaí ar líne inrochtana sa Bhallstát ina bhfuil an t-úsáideoir deiridh bunaithe nó ina bhfuil sainchónaí air. Ó mheastar go bhfuil táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin ar fáil ar mhargadh an Aontais má tá an tairiscint díola dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas, tugtar de chumhacht do na húdaráis inniúla na bearta is gá a sheiceáil agus na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh i ndáil leis na táirgí sin de bhun an Rialacháin seo, cé nár cuireadh ar an margadh iad go hiarbhír tráth na tairisceana díola ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin. Ní mór do na táirgí sin reachtaíocht ábhartha an Aontais atá i bhfeidhm tráth a chuirtear ar an margadh go hiarbhír iad a chomhlíonadh agus, i gcás táirgí a thagann isteach san Aontas, nuair a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ iad. Cé go meastar go bhfuil an táirge a thairgtear lena dhíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint díola dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas, ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do rialacha maidir le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a théann amach as.
(23) Tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe margaí ar líne, chun táirgí a dhíol. I ndáil leis sin, aon fhaisnéis a bhaineann le díol táirgí lena sáraítear an toirmeasc a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart a mheas gur ábhar neamhdhleathach í de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24) agus ba cheart í a bheith faoi réir na n-oibleagáidí agus na mbeart faoin Rialachán sin.
(24) Ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát ▌ sáruithe ar an toirmeasc a shainaithint. Nuair atá na húdaráis inniúla sin á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais ag na húdaráis sin agus go bhfuil na hinniúlachtaí agus an t-eolas is gá ag a bhfoirne, go háirithe maidir le cearta an duine, cearta saothair, comhionannas inscne, bainistiú slabhra soláthair agus próisis díchill chuí. Ba cheart d’údaráis inniúla dul i gcomhar go dlúth le cigireachtaí náisiúnta saothair agus le húdaráis bhreithiúnacha agus forghníomhaithe an dlí, lena n-áirítear iadsan atá freagrach as gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, ar bhealach nach gcuirfeadh imscrúduithe na n-údarás sin i mbaol.
(25) Chun cur chun feidhme éifeachtach a chúraimí faoin Rialachán seo a áirithiú, go háirithe chun imscrúduithe a dhéanamh, tá an deis ag an gCoimisiún cúnamh a iarraidh ar chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais a bhfuil sainordú iomchuí acu. D’fhéadfadh na cúraimí seo a leanas a bheith san áireamh: aigneachtaí faisnéise a phróiseáil, tacú le leithdháileadh imscrúduithe, réamh-imscrúduithe agus imscrúduithe a dhéanamh, comhar le húdaráis na mBallstát agus eatarthu a éascú, comhar idirnáisiúnta a éascú, tacú le huirlisí tacaíochta a fhorbairt agus, más iomchuí, tacú le cur chun feidhme ag lucht custaim agus tacú leis an gCoimisiún cinntí a ullmhú chun táirgí a thoirmeasc. Tá an méid sin gan dochar do chúram an Choimisiúin ina ról mar údarás inniúil chun cinntí a dhéanamh chun cosc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh i gcásanna. Feidhmíonn an Coimisiún, ina ról mar údarás inniúil, a chumhachtaí go neamhchlaonta, go trédhearcach agus le hurraim chuí d’oibleagáidí na rúndachta gairmiúla agus ba cheart an saineolas is gá a bheith aige. Ba cheart go mbeadh na hacmhainní ag an gCoimisiún chun an fhoireann is gá agus na costais ghaolmhara a mhaoiniú chun na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chur i gcrích agus chun an saineolas is gá a thógáil.
(26) Ba cheart prionsabal na comhréireachta a bheith mar threoir ag na húdaráis inniúla agus ag an gCoimisiún agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu. Ba cheart do na húdaráis inniúla ▌agus don Choimisiún ▌a áirithiú, go háirithe, go bhfuil na bearta agus na gníomhaíochtaí uile a dhéantar le linn an réamh-imscrúdaithe agus an imscrúdaithe agus a leagtar amach sa chinneadh oiriúnach agus riachtanach chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach agus nach gcuirfidh siad ualach ar oibreoirí eacnamaíocha atá iomarcach i ndáil leis an gcuspóir atá á lorg.
(27) Chun comhar a áirithiú i measc an Choimisiúin agus na n-údarás inniúil arna n-ainmniú faoin reachtaíocht seo agus faoi reachtaíocht ábhartha eile agus chun comhsheasmhacht a áirithiú ina mbearta agus ina gcinntí, ba cheart d’údaráis inniúla arna n-ainmniú faoin Rialachán seo faisnéis a iarraidh ó údaráis ábhartha eile, nuair is gá sin, maidir le cibé acu atá oibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú faoi réir dícheall cuí, nó a thugann siad faoi, i ndáil le saothar éigeantais agus i gcomhréir le reachtaíocht infheidhme an Aontais nó na mBallstát lena leagtar amach ceanglais díchill chuí agus trédhearcachta maidir le saothar éigeantais. Agus faisnéis á hiarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabal aonuaire an Choimisiúin a leanúint aon uair is féidir, trí chomhar agus idirphlé méadaithe idir údaráis atá i mbun maoirseacht a dhéanamh ar rialáil táirgí. Chun na gcríoch céanna, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoin Rialachán seo na húdaráis ábhartha eile, amhail údaráis um Fhaireachas Margaidh, a chur ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí agus faoina gcinntí.
(28) Ní féidir forfheidhmiú aonfhoirmeach a dhéanamh ar an toirmeasc seo a mhéid a bhaineann le táirgí a thagann isteach nó a fhágann margadh an Aontais, ach amháin trí mhalartú faisnéise agus comhar córasach idir na húdaráis inniúla, na húdaráis chustaim agus an Coimisiún. Ba cheart don Choimisiún tacú leis an gcomhar sin.
(29) Chun faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil, i bhfoirm struchtúrtha, maidir le saincheisteanna a bhaineann le himscrúduithe, leis an bpróiseas cinnteoireachta agus le forfheidhmiú an toirmisc, ba cheart do na húdaráis inniúla an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) a úsáid. Ba cheart rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla agus ag na húdaráis custam ar an gcóras sin chun tabhairt faoina ndualgais faoi seach faoin Rialachán seo. Is féidir leis na húdaráis inniúla freisin córais chumarsáide eile atá ann cheana a úsáid le húdaráis eile laistigh dá mBallstát féin, a fhad is nach ndéanann sé sin difear don oibleagáid ICSMS a úsáid chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.
(30) Chun an leas is fearr a bhaint as an bpróiseas rialaithe a bhaineann le táirgí a thagann isteach nó a fhágann margadh an Aontais agus an t-ualach a bhaint de, is gá aistriú uathoibrithe sonraí a cheadú idir ICSMS agus córais custam. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir trí chineál aistrithe sonraí éagsúla i bhfianaise a gcuspóirí faoi seach: Ar an gcéad dul síos, ba cheart cinntí lena mbunaítear sárú ar an toirmeasc a chur in iúl ón ICSMS chuig an gCóras Leictreonach Bainistíochta Riosca Custam (CRMS) dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447(25), ón gCoimisiún, gan dochar d’aon athrú ar an timpeallacht bainistíochta riosca custam amach anseo, le húsáid ag údaráis custam chun táirgí a d’fhéadfadh freagairt do chinneadh den sórt sin a shainaithint. Ba cheart na comhéadain atá ar fáil sa timpeallacht custam a úsáid do na chéad aistrithe sonraí sin. Ar an dara dul síos, i gcás ina sainaithneoidh údaráis custam táirge den sórt sin, beidh gá le cásbhainistiú, i measc nithe eile, chun an fógra faoin bhfionraí, conclúid na n-údarás inniúil agus toradh na mbeart a rinne lucht custam a aistriú. Ba cheart go dtacódh Timpeallacht Fhuinneog Aonair an Aontais do Chustaim leis an dara aistriú sonraí sin idir ICSMS agus córais náisiúnta chustaim. Ar an tríú dul síos, tá faisnéis i gcórais custam maidir le táirgí a thagann isteach agus a fhágann margadh an Aontais a bheadh ábhartha d’údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh ach nach bhfuil rochtain acu orthu. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhaisnéis ábhartha a bhaint amach agus a tharchur chuig ICSMS. Ba cheart na trí idirnasc a bheith fíor-uathoibrithe agus éasca le húsáid, chun teorainn a chur le haon ualach breise ar na húdaráis custam. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, i gcomhar le húdaráis custam agus le húdaráis inniúla, na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun na rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla agus na heilimintí sonraí a bheidh le haistriú idir ICSMS agus córais custam a chinneadh chomh maith le haon cheanglas coimhdeach eile.
(31) Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí táscach agus neamh-uileghabhálach de rioscaí saothair éigeantais a bhunú chun tacú le hobair na n-údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an toirmeasc agus cuidiú le hoibreoirí eacnamaíocha rioscaí féideartha saothair éigeantais ina slabhraí soláthair a shainaithint. Féadfaidh an Coimisiún dul i muinín an tsaineolais sheachtraigh chun an bunachar sonraí a fhorbairt. Leis an mbunachar sonraí, ba cheart rioscaí maidir le saothar éigeantais a shainaithint i limistéir gheografacha shonracha nó i ndáil le táirgí sonracha nó grúpaí táirgí sonracha, agus béim ar leith á leagan ar rioscaí forleathana agus tromchúiseacha saothair éigeantais, bunaithe ar fhaisnéis iontaofa agus infhíoraithe ó institiúidí idirnáisiúnta, institiúidí amhail EIS agus na Náisiúin Aontaithe, agus institiúidí taighde nó acadúla. Ba cheart an bunachar sonraí a chur ar fáil go poiblí tríd an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais. I gcás ina bhfuil fianaise iontaofa agus infhíoraithe ann go bhfuil riosca mór ag baint le táirgí a tháirgeann earnálacha eacnamaíocha sonracha i limistéir gheografacha shonracha go ndearnadh le saothar éigeantais iad arna fhorchur ag údaráis stáit, ba cheart na hearnálacha sin sna limistéir sin a shainaithint sa bhunachar sonraí arna bhunú faoin Rialachán seo.
(32) D'fhéadfadh acmhainní agus cumas teoranta a bheith ag micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) lena áirithiú go bhfuil na táirgí a chuireann siad ar mhargadh an Aontais nó a chuireann siad ar fáil ar mhargadh an Aontais saor ó shaothar éigeantais. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le dícheall cuí maidir le saothar éigeantais, inar cheart go gcuirfí i gcuntas freisin méid agus acmhainní eacnamaíocha oibreoirí eacnamaíocha. Chomh maith leis sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint i ndáil le táscairí riosca um shaothar éigeantais, lena n-áirítear conas iad a shainaithint, ar cheart í a bheith bunaithe ar fhaisnéis neamhspleách infhíoraithe, lena n-áirítear tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe EIS.
(33) Ba cheart don Choimisiún freisin cosc a chur ar ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar FBManna. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún bearta tionlacain a fhorbairt chun tacú le hiarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha agus a gcomhpháirtithe gnó sa slabhra soláthair céanna, go háirithe na FBManna. Féadfar deasca cabhrach gnó agus cearta an duine nó pointí teagmhála díchill chuí atá ann cheana a cheapadh mar phointí teagmhála chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart do FBManna a bheith ábalta teagmháil a dhéanamh le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, agus úsáid á baint acu as an bhfaisnéis a sholáthraítear ar an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais. Ba cheart dóibh a bheith ábalta, go háirithe, plé a dhéanamh leis na húdarás inniúil chun tacú leo i gcúrsa imscrúdaithe. Ba cheart acmhainní tacaíochta leordhóthanacha a chur ar fáil ar líne freisin ar shlí shoiléir agus intuigthe do FBManna.
(34) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint freisin maidir le conas dul i mbun idirphlé leis na húdaráis inniúla chun cuidiú le hoibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe FBManna, chomh maith le geallsealbhóirí eile, chun ceanglais an toirmisc a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint freisin chun cuidiú le haon duine nó comhlachas faisnéis a thíolacadh.
(35) Agus an éagsúlacht de dhlí an Aontais a bhaineann le saincheisteanna saothair éigeantais á cur i gcuntas, ba cheart don Choimisiún treoir bhreise a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, maidir le conas na hoibleagáidí éagsúla a eascraíonn as dlí an Aontais a chur i bhfeidhm.
(36) Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag údaráis inniúla. Ba cheart treoir a áireamh sna treoirlínte d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais, lena n-áirítear le haghaidh cineálacha éagsúla soláthróirí agus earnálacha gníomhaíochta, maidir le dea-chleachtais chun deireadh a chur le saothar éigeantais agus é a leigheas agus maidir le díscor freagrach. Tuigtear gurb ionann leigheas agus aiseag an duine nó na ndaoine nó na bpobal dá ndéantar difear i staid atá coibhéiseach nó chomh gar agus is féidir don staid ina mbeidís murar tharla saothar éigeantais, i gcomhréir le himpleachtaí na cuideachta ar an saothar éigeantais, lena n-áirítear cúiteamh airgeadais nó neamhairgeadais arna sholáthar ag an gcuideachta do dhuine nó do dhaoine a ndéanann saothar éigeantais difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, aisíocaíocht na gcostas arna dtabhú ag údaráis phoiblí as aon bhearta feabhais is gá. Ba cheart, satreoir d’údaráis inniúla, díriú ar fhaisnéis atá ábhartha do chur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo. Ba cheart go gcuirfeadh an treoir maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais leis an Treoir maidir le dícheall cuí do ghnóthais an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an riosca um shaothar éigeantais ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair arna foilsiú ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i mí Iúil 2021. Ba cheart na treoirlínte a bheith i gcomhréir le treoirlínte eile an Choimisiúin ina leith sin agus le treoirlínte ábhartha eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart na treoirlínte a fhorbairt i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus ba cheart iad a bheith ag brath ar thaithí agus ar dhea-chleachtais ó údaráis ábhartha na mBallstát. Ba cheart na tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe EIS, chomh maith le foinsí faisnéise neamhspleácha agus infhíoraithe eile a mheas chun táscairí riosca a shainaithint.
(37) Ós rud é gur fadhb é saothar éigeantais atá ar fud an domhain agus i bhfianaise idirnaisc na slabhraí soláthair domhanda, ní mór comhar idirnáisiúnta i gcoinne saothar éigeantais a chur chun cinn, rud a chuirfeadh feabhas freisin ar éifeachtúlacht chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, comhoibriú ▌le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus faisnéis a mhalartú leo chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a fheabhsú. Ba cheart comhar idirnáisiúnta le húdaráis tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, lena n-áirítear le tíortha a bhfuil reachtaíocht chomhchosúil i bhfeidhm acu, a dhéanamh ar bhealach struchtúrtha mar chuid de na struchtúir idirphlé atá ann cheana leis na tíortha sin, nó, más gá, le tíortha sonracha a chruthófar ar bhonn ad hoc. Féadfar a áireamh sa chomhar sin malartuithe faisnéise maidir le rioscaí saothair éigeantais, amhail rioscaí a shainaithnítear sa bhunachar sonraí, agus maidir le cinntí chun táirgí a thoirmeasc ach níor cheart faisnéis faoi imscrúduithe leanúnacha a áireamh ann. Ba cheart d’ionadaíochtaí taidhleoireachta an Aontais rannchuidiú le faisnéis faoin Rialachán seo a scaipeadh agus le tíolacadh faisnéise ag geallsealbhóirí ábhartha a éascú maidir le rioscaí a saothair éigeantais. Féadfar a áireamh sa chomhar idirnáisiúnta freisin forbairt tionscnamh comhair agus beart tionlacain chun tacú le geallsealbhóirí ábhartha ina n-iarrachtaí saothar éigeantais a dhíothú ó shlabhraí soláthair domhanda, chomh maith le timpeallachtaí cumasúcháin a chruthú i dtríú tíortha chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint.
▌
(38) Ba cheart go gceadófaí d’aon duine, cibé acu is duine nádúrtha nó dlítheanach é, nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, faisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil nuair a mheasann sé go gcuirtear táirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais agus ar fáil ar mhargadh an Aontais agus go gcuirfí ar an eolas iad faoi thoradh an mheasúnaithe ar a n-aighneacht. Ba cheart faisnéis faoi sháruithe líomhnaithe a chur isteach trí phointe aonair taiscthe faisnéise arna chur ar bun ag an gCoimisiún agus arna chur ar fáil ar an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais. Chun a áirithiú go mbeidh sé éasca úsáid a bhaint as faisnéis a chur isteach agus an fhaisnéis a sholáthraítear a chaighdeánú, ba cheart don Choimisiún treoir a eisiúint maidir le pointe aonair tíolactha faisnéise a úsáid agus féadfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha nós imeachta, teimpléid agus mionsonraí na faisnéise a chuirtear isteach a shonrú. Ba cheart fáil réidh le haighneachtaí atá go follasach neamhiomlán, gan bhunús nó a dhéantar de mheon mímhacánta. Ba cheart bearta cosanta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun sábháilteacht aon duine a bhfuil baint aige leis an aighneacht nó leis an bhfaisnéis atá ann a áirithiú, lena n-áirítear ó fhrithbheartaíocht.
(39) Is féidir le sceithirí faisnéis nua a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil chun cabhrú leo sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath agus a chur ar a gcumas gníomhaíocht a dhéanamh. Ba cheart a áirithiú go mbeidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm chun sceithirí a chumasú na húdaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán seo agus na sceithirí a chosaint ar fhrithbhearta. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo go bhfuil Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26) infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin, a mhéid a thagann siad faoi raon feidhme pearsanta chur i bhfeidhm na Treorach sin.
(40) Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart infheidhmeacht Threoir (AE) 2019/1937 i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe, de bhun an Rialacháin seo, a léiriú sa Treoir sin. Ba cheart, dá réir sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937 a leasú. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léireofar an leasú seo ina mbearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937, cé nach bhfuil glacadh na mbeart trasuite náisiúnta mar choinníoll i dtaca le hinfheidhmeacht na Treorach sin i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus cosaint na ndaoine a dhéanann an tuairisciú ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
(41) Chun rochtain éasca ar fhaisnéis ábhartha faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tairseach gréasáin aonair a chur ar bun ar leibhéal an Aontais, a bheadh ar fáil don phobal i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.
(42) Nuair atá sáruithe féideartha ar an toirmeasc á sainaithint, ba cheart don Choimisiún nó do na húdaráis inniúla cur chuige riosca-bhunaithe a leanúint agus an fhaisnéis go léir atá ar fáil dóibh a mheasúnú. Chun an cur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme agus tosaíocht á tabhairt dá n-imscrúduithe, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla an sciar den chuid amhrasta den táirge deiridh, cainníocht agus méid na dtáirgí lena mbaineann, agus scála agus déine an tsaothair éigeantais amhrasta a chur i gcuntas, lena n-áirítear an bhféadfadh saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit a bheith ina ábhar imní. Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha agus castacht an tslabhra soláthair a chur i gcuntas freisin, agus ba cheart dóibh díriú a mhéid is féidir ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb ábhartha, ar sholáthróirí táirgí atá níos cóngaraí do riosca an tsaothair éigeantais agus a bhfuil an acmhainn is mó acu chun úsáid saothair éigeantais a chosc, a mhaolú agus deireadh a chur leis.
(43) Sula dtionscnófar imscrúdú, ba cheart do na príomhúdaráis inniúla a bheith ábalta faisnéis a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha atá faoi mheasúnú ach freisin ar gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear na daoine nó na comhlachais a chuir faisnéis ábhartha faoi bhráid na n-údarás inniúil. Ba cheart do phríomhúdaráis inniúla a bheith ábalta a roghnú gan faisnéis bhreise a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha má mheasann siad go bhféadfadh sé sin a bheith ina chúis le hiarracht ag na hoibreoirí eacnamaíocha sin staid saothair éigeantais a cheilt agus, ar an gcaoi sin, an t-imscrúdú a chur i mbaol. Ba cheart do phríomhúdaráis inniúla imscrúdú a thionscnamh i gcás ina suíonn siad, bunaithe ar a measúnú ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil, nó ar bhonn aon fhíorais eile a bhí ar fáil i gcás nárbh fhéidir faisnéis agus fianaise a bhailiú le linn réamhchéim an imscrúdaithe, go bhfuil údar imní ann a bhfuil bunús leis maidir le sárú ar an toirmeasc.
▌
(44) Chun éifeachtacht an toirmisc a mhéadú, ba cheart do na húdaráis inniúla am réasúnach a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun riosca an tsaothair éigeantais a shainaithint, a mhaolú, a chosc agus deireadh a chur leis, agus castacht an imeachta agus líon na ngeallsealbhóirí lena mbaineann, i measc nithe eile, á gcur i gcuntas.
(45) Sula ndéantar imscrúdú a thionscnamh, ba cheart d’údaráis inniúla faisnéis a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi mheasúnú maidir le bearta a dhéantar chun rioscaí um shaothar éigeantais ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí luacha a mhaolú, a chosc, a thabhairt chun deiridh nó chun cásanna saothair éigeantais a leigheas ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair i ndáil leis na táirgí atá faoi mheasúnú. Ba cheart go rannchuideodh an dícheall cuí sin i ndáil le saothar éigeantais cuidiú leis an oibreoir eacnamaíoch a bheith i mbaol níos lú go mbeadh saothar éigeantais ina chuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair. D’fhéadfadh sé go gciallódh dícheall cuí iomchuí go bhfuil saincheisteanna saothair éigeantais sa slabhra soláthair sainaitheanta agus go dtugtar aghaidh orthu i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta. Tugann sé sin le fios i gcás ina measann an t-údarás inniúil nach bhfuil aon ábhar imní a bhfuil bunús leis faoi shárú an toirmisc, nó gur cuireadh deireadh leis na cúiseanna ba chúis le hábhar imní réasúnaithe a bheith ann, mar shampla mar gheall ar an reachtaíocht, na treoirlínte, na moltaí nó aon dícheall cuí eile is infheidhme maidir le saothar éigeantais a bheith á chur i bhfeidhm, ach gan a bheith teoranta dóibh, ar bhealach lena maolaítear, lena gcoisctear agus lena gcuirtear deireadh le riosca an tsaothair éigeantais, nár cheart aon imscrúdú a thionscnamh.
(46) Ba cheart d’údaráis inniúla, agus faisnéis á hiarraidh acu le linn an imscrúdaithe, tosaíocht a thabhairt, a mhéid is féidir agus i gcomhréir le seoladh éifeachtach an imscrúdaithe, do na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú agus a bhfuil baint acu le céimeanna an tslabhra soláthair chomh gar agus is féidir don áit ar dócha a dtarlaíonn an riosca um shaothar éigeantais agus a chur i gcuntas méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha, cainníocht na dtáirgí lena mbaineann, chomh maith le scála an tsaothair éigeantais amhrasta.
▌
(47) Ba cheart gur ar na húdaráis inniúla a bheadh an t-ualach a shocrú, ar bhonn na faisnéise agus na fianaise uile a bailíodh le linn an imscrúdaithe, lena n-áirítear réamhchéim an imscrúdaithe, ar úsáideadh saothar éigeantais ag aon chéim de tháirgeadh, de mhonarú, de bhuaint nó d’eastóscadh táirge, lena n-áirítear oibriú nó próiseáil a bhaineann leis an táirge. Chun a gceart ar phróiseas cuí a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chun iad féin a chosaint a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin le linn an imscrúdaithe. Más rud é, mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis ó phríomhúdarás inniúil, go ndiúltaíonn nó go mainníonn oibreoir eacnamaíoch nó údarás poiblí, gan údar bailí, faisnéis a iarrtar a sholáthar, go ndéanann siad faisnéis neamhiomlán nó mhícheart a sholáthar a bhfuil sé mar chuspóir leis an imscrúdú a bhlocáil, faisnéis mhíthreorach a sholáthar nó bac a chur ar an imscrúdú ar bhealach eile, lena n-áirítear nuair a shainaithnítear riosca saothair éigeantais arna forchur ag údaráis stáit, ba cheart don phríomhúdarás inniúil a bheith in ann a shuíomh gur sáraíodh an toirmeasc ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha agus infhíoraithe eile a bailíodh le linn réamhchéim an imscrúdaithe agus an imscrúdaithe. Ba cheart do na príomhúdaráis inniúla na tosca sin a chur i gcuntas freisin agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar chinneadh a rinneadh ar an mbonn sin.
(48) I gcás ina mbunaíonn an príomhúdarás inniúil gur sháraigh oibreoirí eacnamaíocha an toirmeasc, ba cheart dó toirmeasc a chur gan aon mhoill ar na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas, agus a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh imscrúdú orthu na ▌ táirgí lena mbaineann atá curtha ar fáil cheana ó mhargadh an Aontais a tharraingt siar agus táirgí meatacha a dheonú chun críocha carthanúla nó leas an phobail. Mura bhfuil na táirgí sin meatach, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha na táirgí sin a athchúrsáil, agus mura bhfuil sé sin indéanta, ba cheart an táirge a scriosadh, a chur as feidhm, nó a dhiúscairt ar shlí eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola. Mar sin féin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shuaitheadh slabhraí soláthair, a bhfuil tábhacht straitéiseach nó ríthábhachtach leo don Aontas, a chosc agus, i ndáil leis sin, ar tháirgí a n-athródh a ndiúscairt feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus na slabhraí soláthair sin. Sna cásanna sin, mar eisceacht ón oibleagáid ordú a fhorchur an táirge lena mbaineann a dhiúscairt, ba cheart don phríomhúdarás inniúil, i gcás inarb iomchuí, a bheith in ann a ordú an táirge lena mbaineann a choinneáil siar ar feadh tréimhse shainithe, ar chostas na n-oibreoirí eacnamaíocha. Agus measúnú á dhéanamh ar an tábhacht straitéiseach nó chriticiúil a bhaineann le táirge don Aontas, ba cheart don phríomhúdarás inniúil, go háirithe, liosta na n-earnálacha a chur i gcuntas a bunaíodh sa [Rialachán atá beartaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasacha na hEorpa a neartú (an Gníomh um an Glantionscal Nialasach)] agus i Moladh (AE) 2023/2113(27) ón gCoimisiún chomh maith leis na táirgí a liostaítear sa Rialachán atá beartaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 — an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla.
Agus measúnú á dhéanamh acu an iomchuí é eisceacht ón oibleagáid ordú diúscartha a fhorchur, ba cheart do na príomhúdaráis inniúla aird a thabhairt ar an dóchúlacht go gcomhlíonfadh oibreoirí eacnamaíocha coinníollacha an athbhreithnithe ar an gcinneadh laistigh den tréimhse arna sainmhíniú ag an bpríomhúdarás inniúil. Leis an tréimhse arna socrú ag an bpríomhúdarás inniúil, lamhálfaí do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a léiriú gur dhíothaigh siad saothar éigeantais maidir leis an táirge lena mbaineann, trí dheireadh a chur leis laistigh dá slabhra soláthair. Ní féidir athrú ar do shlabhra soláthair, sa chiall go bhfuiltear ag brath ar sholáthróirí eile, a mheas mar bhealach chun an saothar éigeantais a dhíothú maidir leis an táirge lena mbaineann le cinneadh, ós rud é go mbeadh táirge difriúil mar thoradh air. Má sholáthraíonn na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhianaise don léiriú sin, ba cheart don phríomhúdarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh lena dtoirmisctear na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, as a dtiocfaidh tarraingt siar na dtáirgí lena mbaineann agus, dá bhrí sin, lena gcuirtear deireadh le coinneáil siar na dtáirgí lena mbaineann. Mura soláthraíonn na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhianaise sin, ba cheart ordú a bheith sa chinneadh lena dtoirmisctear na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, ar cinneadh é ina bhfuil an t-ordú na táirgí a choinneáil siar ar feadh tréimhse shainithe, chun na táirgí a dhiúscairt tar éis don tréimhse sin dul in éag.
(49) Sa chinneadh sin, ba cheart do phríomhúdaráis inniúla torthaí an imscrúdaithe, agus an fhaisnéis is bonn leis na torthaí, a lua agus tréimhse ama réasúnta a leagan síos ar laistigh di ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha an cinneadh a chomhlíonadh, chomh maith le faisnéis lena gceadaítear an táirge lena mbaineann an cinneadh a shainaithint. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme riachtanacha a ghlacadh chun na mionsonraí maidir leis an bhfaisnéis a bheidh i gcinntí den sórt sin a shonrú. Ba cheart cinntí na bpríomhúdarás inniúil a chur ar fáil go poiblí.
(50) Nuair a bheidh tréimhse réasúnta a socrú chun an t-ordú a chomhlíonadh, ba cheart do na príomhúdaráis inniúla méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chur i gcuntas.
(51) Chun cinntí forfheidhmithe éifeachtacha a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla sna Ballstáit cinntí a dhéanfaidh údarás inniúil i mBallstát eile a aithint agus a fhorfheidhmiú maidir le táirgí a bhfuil an t-aitheantas céanna acu ón slabhra soláthair céanna a bhfuarthas saothar éigeantais ina leith.
(52) Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha athbhreithniú ar chinntí na bpríomhúdarás inniúil a iarraidh, tar éis dóibh faisnéis shubstaintiúil nua a sholáthar lena léirítear go bhfuil na táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh nó atá le honnmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 3. Ba cheart do na príomhúdaráis inniúla a gcinneadh don todhchaí a tharraingt siar i gcás ina léireoidh na hoibreoirí eacnamaíocha gur chomhlíon siad an cinneadh agus gur dhíothaigh siad saothar éigeatnais ina n-oibríochtaí nó ina slabhra soláthair i ndáil leis na táirgí lena mbaineann. Ba cheart na cinntí ó na príomhúdaráis inniúla a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme.
(53) Má theipeann ar na hoibreoirí eacnamaíocha cinneadh an phríomhúdaráis inniúil a chomhlíonadh faoi dheireadh na tréimhse ama atá leagtha síos, ba cheart do na príomhúdaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear toirmeasc ar ▌na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, ar a n-onnmhairiú nó go ndéantar iad a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais agus go ndéanfar aon táirgí mar sin a fhanann leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha a dheonú chun críocha carthanúla nó leas an phobail, i gcás ina bhfuil siad meatach. Mura bhfuil na táirgí sin meatach, ba cheart d’údaráis inniúla na táirgí sin a athchúrsáil, agus mura féidir sin a dhéanamh, ba cheart na táirgí a scriosadh, a chur as feidhm, nó a dhiúscairt ar shlí eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola agus le héicidhearadh le haghaidh táirgí inbhuanaithe ar chostas na n-oibreoirí eacnamaíocha. I gcás inar féidir, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go mbeidh an tionchar is lú is féidir ag na roghanna go léir atá ar fáil ar an modh diúscartha nó scriosta arna roghnú. Ba cheart d’údaráis inniúla ó na Ballstáit a bheith freagrach as na cinntí a fhorfheidhmiú ina gcríoch féin, lena n-áirítear cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún. Tar éis dóibh na cinntí a chur in iúl trí ICSMS, rachaidh na húdaráis inniúla uile lena mbaineann an cinneadh sonrach ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
(54) Ba cheart an éifeacht ar leas ainmhithe a mheas agus an toirmeasc ar chur ar an margadh agus ar chur ar fáil táirgí a dhéantar le saothar éigeantais á fhorfheidhmiú chun aon phian, anacair nó fulaingt inseachanta a spáráil ar na hainmhithe lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don reachtaíocht maidir le leas ainmhithe, amhail Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle(28) agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle(29).
▌
(55) Ba cheart cinntí na bpríomhúdarás inniúil lena mbunaítear sárú ar an toirmeasc a chur in iúl d'údaráis custam, agus ba cheart go mbeadh sé d'aidhm acu an táirge lena mbaineann a shainaithint i measc na dtáirgí atá dearbhaithe le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla na mBallstát freagrach as forfheidhmiú foriomlán an toirmisc maidir leis an margadh inmheánach chomh maith le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann é. Ós rud é gur cuid den phróiseas monaraíochta é saothar éigeantais agus nach bhfágann sé aon rian ar an táirge, agus nach gclúdaíonn Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30) ach táirgí monaraithe agus go bhfuil a raon feidhme teoranta do scaoileadh i saorchúrsaíocht, ní bheadh na húdaráis custam in ann gníomhú go huathrialach faoi Rialachán (AE) 2019/1020 chun an toirmeasc a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ba cheart eagrú sonrach na rialuithe ag gach Ballstát a bheith gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31) agus dá fhorálacha ginearálta maidir le cumhachtaí rialaithe agus maoirseachta na n-údarás custam.
(56) Is faisnéis ghinearálta amháin faoi na táirgí atá san fhaisnéis a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha nó a chuireann siad ar fáil d’údaráis custam faoi láthair agus tá easpa faisnéise inti faoin monaróir nó faoin táirgeoir nó faoi sholáthraithe an táirge chomh maith le faisnéis shonrach faoi tháirgí. Chun go mbeidh údaráis custam in ann táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann é a fhéadfaidh sárú a dhéanamh ar an Rialachán a shainaithint agus ar cheart iad a stopadh dá réir ag teorainneacha seachtracha AE, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás custam lena gceadófar cinneadh ó na príomhúdaráis inniúla a mheaitseáil leis an táirge lena mbaineann. Ba cheart a chuimsiú leis sin faisnéis faoin monaróir nó faoin táirgeoir agus faoi sholáthraithe an táirge chomh maith le haon fhaisnéis eile faoin táirge féin. Chuige sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sainaithnítear na táirgí ar cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ina leith agus úsáid á baint as, i measc nithe eile, an bunachar sonraí a bhunaítear faoin Rialachán sin mar aon le faisnéis agus cinntí na bpríomhúdarás inniúil a ionchódaítear sa chóras faisnéise agus cumarsáide a leagtar amach in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme riachtanacha ▌ a ghlacadh chun mionsonraí na faisnéise a bheidh le soláthar nó le cur ar fáil ag oibreoirí eacnamaíocha don lucht custam a shonrú. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin tuairisc, ainm nó branda an táirge, ceanglais shonracha faoi reachtaíocht an Aontais maidir le sainaithint an táirge (amhail cineál, tagairt, samhail, baisc nó sraithuimhir a ghreamaítear den táirge, nó a chuirtear ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, nó in aitheantóir uathúil phas an táirge dhigitigh) chomh maith le sonraí maidir leis an monaróir nó an táirgeoir agus soláthraithe an táirge, lena n-áirítear i ndáil le gach duine díobh a n-ainm, a dtrádainm nó a dtrádmharc cláraithe, a sonraí teagmhála, a n-uimhir aitheantais sa tír ina bhfuil siad bunaithe agus, nuair a bhíonn sí ar fáil, a n-uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI).
Breithneofar san athbhreithniú ar Chód Custaim an Aontais an fhaisnéis is gá do na hoibreoirí eacnamaíocha a sholáthar nó a chur ar fáil do lucht custam a thabhairt isteach sa reachtaíocht chustaim chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus ar bhonn níos leithne chun trédhearcacht an tslabhra soláthair a threisiú. Ba cheart don Choimisiún treoir agus tacaíocht a eisiúint d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, maidir le conas an fhaisnéis is gá a bhailiú.
(57) Ba cheart d’údaráis custam a shainaithníonn táirge a d’fhéadfadh a bheith ag teacht faoi chinneadh arna chur in iúl ag príomhúdaráis inniúla lena mbunaítear sárú ar an toirmeasc scaoileadh an táirge sin a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla láithreach. Ba cheart d’údaráis inniúla teacht ar chonclúid laistigh de thréimhse ama réasúnach maidir leis an gcás a dtugann na húdaráis custam fógra ina leith, trína dheimhniú nó a shéanadh go bhfuil an táirge lena mbaineann ag teacht faoi chinneadh. I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, ba cheart do na húdaráis inniúla a údarú chun fionraíocht ar a scaoileadh a choinneáil, agus an damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann don oibreoir eacnamaíoch á chur i gcuntas. In éagmais chonclúid ó na húdaráis inniúla laistigh den teorainn ama shonraithe, ba cheart do na húdaráis custam na táirgí a scaoileadh má chomhlíontar na ceanglais agus na foirmiúlachtaí eile go léir is infheidhme. Go ginearálta, níor cheart a mheas gurb ionann scaoileadh i saorchúrsaíocht nó lena onnmhairiú agus cruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais, toisc nach gá go n-áirítear rialú iomlán ar chomhlíontacht leis an scaoileadh sin.
(58) I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid go bhfreagraíonn táirge do chinneadh lena mbunaítear sárú ar an toirmeasc, ba cheart dóibh na húdaráis custam a chur ar an eolas láithreach agus dóibhsean diúltú é a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú. Ba cheart do na húdaráis custam a bheith in ann, i gcás ina n-iarrann údarás inniúil amhlaidh agus thar ceann agus faoi fhreagracht an údaráis inniúil sin, an táirge sin a urghabháil de rogha air sin agus é a chur ar fáil don údarás inniúil sin agus faoi údarás an údaráis inniúil sin. Sna cásanna sin, ba cheart don údarás inniúil ábhartha na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an táirge lena mbaineann a dhiúscairt go hiomchuí. Féadfar a áireamh leis sin tabhartas d’eagraíochtaí carthanúla nó d’eagraíochtaí a oibríonn ar son leas an phobail, a athchúrsáil nó a dhiúscairt ar shlí eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais ar chostas an oibreora eacnamaíoch ábhartha.
(59) Ba cheart do na príomhúdaráis inniúla aird chuí a thabhairt ar an riosca a bhaineann le díscor ag oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil baint acu le táirgí nó réigiúin sa bhunachar sonraí, nó ar baineadh a dtáirge de mhargadh an Aontais, chomh maith leis na hiarmhairtí ar oibrithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart do na príomhúdaráis inniúla, i gcás inarb iomchuí, tacú le hoibreoirí eacnamaíocha bearta a ghlacadh agus a chur i gcrích atá oiriúnach agus éifeachtach chun deireadh a chur le saothar éigeantais. Áirítear le díscor freagrach comhaontuithe comhchoiteanna a chomhlíonadh agus bearta méadúcháin a chur in iúl.
(60) Is iad na húdaráis custam ar cheart dóibh na coinníollacha is infheidhme a chinneadh le linn táirgí a bheith fionraí óna scaoileadh i saorchúrsaíocht nó óna n-onnmhairiú a chinneadh, lena n-áirítear a stóráil nó a scriosadh agus a ndiúscairt i gcás go ndiúltaítear iad a scaoileadh i gcúrsaíocht, nuair is infheidhme de bhun Rialachán (AE) 952/2013 ón gComhairle. I gcás gur gá tuilleadh próiseála a dhéanamh ar tháirgí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais, tá siad le cur faoin nós imeachta custam iomchuí lena gceadaítear próiseáil den sórt sin i gcomhréir le hAirteagail 220, 254, 256, 257 agus 258 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
(61) Más gá sonraí pearsanta a phróiseáil, ar mhaithe leis an toirmeasc, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin toirmeasc seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) nó Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33).
(62) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a) na rialacha nós imeachta agus mionsonraí na socruithe le haghaidh úsáid an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020;
(b) na rialacha nós imeachta, na teimpléid agus na sonraí chun faisnéis a chur isteach faoi sháruithe líomhnaithe ar an toirmeasc ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais a chur ar an margadh, a chur ar fáil nó a onnmhairiú;
(c) na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún lena mbunaítear gur sáraíodh an toirmeasc ar tháirgí a rinneadh le saothar éigeantais a chur ar an margadh, a chur ar fáil nó a onnmhairiú;
(d) na cinntí sin a tharraingt siar;
(e) mionsonraí inneachar na gcinntí sin agus na gcinntí coibhéiseacha arna nglacadh ag na húdaráis inniúla;
(f) na socruithe agus na mionsonraí maidir le faisnéis áirithe faoi tháirgí sonracha nó faoi ghrúpaí táirgí sonracha a sholáthar do na húdaráis custam nó a chur ar fáil dóibh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34).
(63) Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le tarraingt siar na gcinntí lena mbunaítear gur sáraíodh an toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar an margadh, a chur ar fáil nó a onnmhairiú, agus go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne.
(64) Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a dhréachtú, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhonn tráthúil agus iomchuí.
(65) Chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis custam ábalta gníomhú go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na faisnéise breise lena sainaithnítear ▌an táirge lena mbaineann a shonrú tuilleadh ar faisnéis í ar cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a chur ar fáil nó a sholáthar do na húdaráis custam maidir le táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais nó ag dul amach as. D’fhéadfadh faisnéis lena sainaithnítear an táirge lena mbaineann, faisnéis faoin monaróir nó faoin táirgeoir agus faisnéis faoi sholáthraithe an táirge a bheith san fhaisnéis sin. Ní mór a chur ar chumas na n-údarás custam faisnéis a fháil go tapa ar tháirgí sonracha, arna sainaithint i gcinntí na n-údarás inniúil chun gníomhaíochtaí agus bearta a dhéanamh go héifeachtach agus go tapa. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i nós imeachta práinne.
(66) Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht dá n-údaráis inniúla pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur agus a chur chun feidhme i gcásanna nach mbeidh an t-oibreoir eacnamaíoch tar éis cinneadh a chomhlíonadh lena dtoirmisctear táirgí a chur ar an margadh. Ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le neamhchomhall cinnidh a bhunú, agus aird chuí á tabhairt ar ghnéithe amhail tromchúis agus fad an tsáraithe, sáruithe a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch roimhe sin, an méid comhair leis na húdaráis inniúla agus aon toisc mhaolaitheach nó ghéaraitheach eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis ar leith. Ba cheart don Choimisiún treoir a eisiúint do na Ballstáit maidir leis an modh chun pionóis airgeadais a ríomh agus na tairseacha is infheidhme agus ba cheart don Líonra dea-chleachtais a chur chun cinn i gcur i bhfeidhm na bpionós sin.
(67) Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus tuarascáil ina leith a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil ar rannchuidiú an Rialacháin seo le táirgí a dhéantar le saothar éigeantais a dhíothú ón margadh inmheánach agus leis an gcomhrac i gcoinne an tsaothair éigeantais chomh maith leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla agus comhar idirnáisiúnta chun saothar éigeangais a dhíothú. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil freisin ar thionchar an Rialacháin seo, ar ghnóthaí, go háirithe ar FBManna, agus ar íospartaigh, chomh maith le costais agus tairbhí foriomlána an toirmisc. Ba cheart measúnú breise a dhéanamh sa tuarascáil ar ailíniú an Rialacháin seo le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais.
(68) Urramaítear leis an Rialachán seo an ceart chun dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt, lena n-áirítear, inter alia, an ceart atá ag gach duine éisteacht a fháil sula ndéanfar aon bheart aonair a dhéanfadh difear díobhálach dó nó di. Maidir leis sin, ba cheart do na príomhúdaráis inniúla a dhéanann an t-imscrúdú na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chur ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus faoi na hiarmhairtí féideartha air. Chun a gceart ar phróiseas cuí a áirithiú, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chun iad féin a chosaint a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh le linn an imscrúdaithe. Ba cheart an deis a bheith ag na hoibreoirí eacnamaíocha a iarraidh ar an bpríomhúdarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh lena ndéantar difear dóibh, trí fhaisnéis shubstaintiúil nua a sholáthar. Ba cheart na cinntí a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme. Tá na cinntí a ghlacann an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.
(69) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, toirmeasc, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(70) Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Caibidil I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha lena gcuirtear toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí a dhéantar le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais, iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó iad a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, d’fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus rannchuidiú ag an am céanna leis an gcomhrac i gcoinne an tsaothair éigeantais.
2. Ní chumhdóidh an Rialachán seo tarraingt siar táirgí a bhfuil na húsáideoirí deiridh bainte amach acu ar mhargadh an Aontais.
3. Ní chruthaítear leis an Rialachán seo oibleagáidí díchill chuí breise d’oibreoirí eacnamaíocha seachas na cinn sin dá bhforáiltear cheana i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) ciallaíonn ‘saothar éigeantais’ saothar éigeantais nó éigeantach, lena n-áirítear saothar éigeantais leanaí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair ▌ ;
(b) ciallaíonn ‘saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit’ úsáid saothair éigeantais mar a thuairiscítear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún chun Saothar Éigeantach a chur ar ceal, 1957 (Uimh. 105) den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair;
(c) ciallaíonn ‘dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais’ iarrachtaí an oibreora eacnamaíoch chun ceanglais shainordaitheacha, treoirlínte deonacha, moltaí nó cleachtais a chur chun feidhme chun saothar éigeantais a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur le húsáid an tsaothair éigeantais maidir le táirgí atá le cur ar an margadh, le cur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó atá le honnmhairiú;
(d) ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce ▌ ;
(e) ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
(f) ciallaíonn ‘táirge’ aon táirge is féidir a luacháil in airgead agus atá in ann, sa cháil sin, a bheith ina ábhar d’idirbhearta tráchtála, cibé acu a eastósctar, a bhuaintear, a tháirgtear nó a mhonaraítear é, lena n-áirítear oibriú nó próiseáil a bhaineann le táirge ag aon chéim de shlabhra soláthair an táirge sin;
(g) ciallaíonn ‘táirge a dhéantar le saothar éigeantais’ táirge ar úsáideadh saothar éigeantais ina leith go hiomlán nó go páirteach ag aon chéim dá eastóscadh, dá bhuaint, dá tháirgeadh nó dá mhonarú, lena n-áirítear oibriú nó próiseáil a bhaineann le táirge ag aon chéim de shlabhra soláthair an táirge sin;
(h) ciallaíonn ‘slabhra soláthair’ córas na ngníomhaíochtaí, na bpróiseas agus na ngníomhaithe atá bainteach le gach céim réamhtheachtach den táirge a chur ar fáil ar an margadh, eadhon táirge a eastóscadh, a bhuaint, a tháirgeadh agus a mhonarú ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear oibriú nó próiseáil a bhaineann leis an táirge ag aon cheann de na céimeanna sin;
(i) ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó comhlachas daoine atá ag cur táirgí ar mhargadh an Aontais nó ag cur táirgí ar fáil ar mhargadh an Aontais nó ag onnmhairiú táirgí ón Aontas;
(j) ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn na táirgí sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc;
(k) ciallaíonn ‘táirgeoir’ táirgeoir táirgí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 38(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó táirgeoir amhábhar;
(l) ciallaíonn ‘soláthróir táirgí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas daoine sa slabhra soláthair a eastóscann, a bhuaineann, a tháirgeann nó a mhonaraíonn táirge go hiomlán nó go páirteach, nó a dhéanann idiragairt san oibriú nó sa phróiseáil a bhaineann le táirge ag aon chéim dá slabhra soláthair, cibé acu mar mhonaróir nó in imthosca ar bith eile;
(m) ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ina chónaí san Aontas nó atá bunaithe ann, ar cuireadh táirge ar fáil dó i gcáil tomhaltóra lasmuigh d’aon trádáil, gnó, ceird nó gairm, nó i gcáil úsáideoir deiridh gairmiúil i rith a chuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla;
(n) ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas daoine atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais ó thríú tír;
(o) ciallaíonn ‘onnmhaireoir’ onnmhaireoir mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (19) de Rialachán arna Tharmligean (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún(35);
(p) ciallaíonn ‘ábhar imní a bhfuil bunús leis’, tásc réasúnach atá bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, fhíorasach agus infhíoraithe, lena bhféadfadh na húdaráis inniúla a bheith in amhras gur dócha go ndearnadh táirgí le saothar éigeantais;
(q) ciallaíonn ‘príomhúdarás inniúil’ an t-údarás atá freagrach as aighneachtaí a mheasúnú, imscrúduithe a dhéanamh, agus cinntí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15, d’fhéadfadh gurbh údarás inniúil Ballstáit é nó gurbh é an Coimisiún é;
(r) Ciallaíonn ‘údaráis custam’ údarás custam mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe 1, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36);
(s) ciallaíonn ‘táirgí atá ag teacht isteach ar mhargadh an Aontais’ táirgí ó thríú tíortha atá beartaithe a chur ar mhargadh an Aontais nó atá beartaithe d'úsáid phríobháideach nó do thomhailt phríobháideach laistigh de chríoch custam an Aontais agus atá le cur faoin nós imeachta custam ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’;
(t) ciallaíonn ‘táirgí a fhágann margadh an Aontais’ táirgí atá le cur faoin nós imeachta custaim ‘onnmhairiú’;
(u) ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(v) ciallaíonn ‘onnmhairiú’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 269 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(w) ciallaíonn ‘Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam’ nó (CSW-CERTEX AE) an córas a bhunaítear le hAirteagal 4 de ▌Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37) ▌ ;
(x) ciallaíonn “timpeallachtaí náisiúnta fuinneoige aonair do chustaim” na timpeallachtaí náisiúnta fuinneoige aonair do chustaim mar a shainmhínítear i bpointe 9 d'Airteagal 2 ▌ de Rialachán 2022/2399 ▌.
Airteagal 3
Toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais
Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha táirgí a dhéantar le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais ná a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais, ná ní dhéanfaidh siad na táirgí sin a onnmhairiú.
▌
Airteagal 4
Cásanna ina dtairgtear táirge trí chiandíol
Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, measfar go bhfuil siad curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. Measfar go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, ar aon bhealach, ar Bhallstát amháin nó níos mó.
Airteagal 5
Údaráis inniúla
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i gcrích. Oibreoidh údaráis inniúla ainmnithe na mBallstát agus an Coimisiún i ndlúthchomhar le chéile agus beidh siad freagrach as a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach agus go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.
2. I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe ag na Ballstáit, leagfaidh siad amach go soiléir na dualgais faoi seach agus bunóidh siad sásraí cumarsáide agus comhordaithe a chuirfidh ar chumas na n-údarás sin dul i ndlúthchomhar agus a gcuid dualgas a fheidhmiú go héifeachtach.
3. Tráth nach déanaí ná ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile:
(a) ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil ainmnithe;
(b) réimsí inniúlachta an údaráis inniúil nó na n-údarás inniúil ainmnithe.
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo a nuashonrú go rialta.
4. Déanfaidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ainmnithe a chur ar fáil don phobal ar an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta, bunaithe ar na nuashonruithe a gheofar ó na Ballstáit.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis inniúla ainmnithe a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus le meas cuí ar oibleagáidí na rúndachta gairmiúla. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí, an saineolas agus na hacmhainní is gá ag a n-údaráis inniúla chun na himscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha buiséadacha agus acmhainní leordhóthanacha eile ▌.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dlúthchomhordú idir na húdaráis inniúla agus go malartóidh siad faisnéis leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, amhail na cigireachtaí saothair agus na húdaráis bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear na cinn sin atá freagrach as gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, agus leis na húdaráis arna n-ainmniú ag an mBallstát faoi Threoir (AE) 2019/1937.
7. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht dá n-údaráis inniúla pionóis a fhorchur, go díreach, i gcomhar le húdaráis eile nó trí iarratas ar na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 37.
Caibidil II
Rialachas
Airteagal 6
Líonra an Aontais i gcoinne Táirgí Saothair Éigeantais
1. Bunaítear leis seo Líonra an Aontais i gcoinne Táirgí Saothair Éigeantais (‘an Líonra’).
2. Fónfaidh an Líonra mar ardán le haghaidh comhordú agus comhar struchtúrtha idir údaráis inniúla na mBallstát agus an Coimisiún, chun cleachtais maidir le forfheidhmiú an Rialacháin seo a chuíchóiriú laistigh den Aontas, rud a dhéanfaidh forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí.
3. Beidh an Líonra comhdhéanta d’ionadaithe ó gach Ballstáit, ionadaithe ón gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe ó na húdaráis custam.
4. Déanfaidh an Coimisiún obair an Líonra a chomhordú. Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar chruinnithe an Líonra.
5. Beidh rúnaíocht ag an Líonra arna soláthar ag an gCoimisiún. Eagróidh an rúnaíocht cruinnithe an Líonra agus cuirfidh sé tacaíocht theicniúil agus lóistíochta ar fáil dó.
6. Beidh comhaltaí an Líonra gníomhach chun comhordú agus comhar éifeachtúil a áirithiú, agus rannchuideoidh siad le cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo.
7. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Líonra:
(a) sainaithint an dtosaíochtaí coiteanna forfheidhmiúcháin a éascú chun na cuspóirí a bhaint amach maidir le toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais ar mhargadh an Aontais agus rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an tsaothair éigeantais;
(b) comhordú na n-imscrúduithe a éascú;
(c) obair iardain a dhéanamh maidir le forfheidhmiú cinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 20;
(d) arna iarraidh sin don Choimisiún, rannchuidiú le forbairt na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 11;
(e) bailiú agus malartú faisnéise, saineolais agus dea-chleachtas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seoa éascú agus a chomhordú;
(f) rannchuidiú le cur chuige aonfhoirmeach rioscabhunaithe agus cleachtais riaracháin chun an Rialachán sin a chur chun feidhme;
(g) dea-chleachtais a chur chun cinn le linn pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 37 a chur i bhfeidhm;
(h) comhoibriú, de réir mar is iomchuí, le seirbhísí an Choimisiúin, le gníomhaireachtaí an Aontais nó le húdaráis na mBallstát atá ábhartha chun an Rialacháin seo a chur chun feidhme,
(i) comhar, malartuithe pearsanra agus cláir cuairte a chur chun cinn i measc na n-údarás inniúil agus na n-údarás custam, agus idir na húdaráis inniúla sin agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(j) eagrú gníomhaíochtaí oiliúna agus fothaithe acmhainneachta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú do na húdaráis inniúla, do na húdaráis custam agus d’údaráis ábhartha eile na mBallstát, don Choimisiún agus do Thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha;
(k) arna iarraidh sin don Choimisiún, cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chuige comhordaithe a fhorbairt chun rannpháirtíochta agus comhair le tríú tíortha de bhun Airteagal 13,
(l) faireachán a dhéanamh ar chásanna d’úsáid shistéimeach an tsaothair éigeantais;
(m) cúnamh a thabhairt le linn feachtais faisnéise agus múscailte feasachta a eagrú faoin Rialachán seo;
(n) comhar a chur chun cinn agus a éascú chun féidearthachtaí a iniúchadh chun teicneolaíochtaí nua a úsáid chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus d’inrianaitheacht táirgí.
(o) sonraí a bhailiú maidir le feabhsúchán a bhaineann leis na cinntí agus meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht.
8. Is féidir le húdaráis ábhartha eile na mBallstát freastal ar chruinnithe ar bhonn ad hoc. Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear ionadaithe ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí eile oibrithe, ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí um chearta an duine, eagraíochtaí gnó, eagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis ábhartha tríú tíortha, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chearta Bunúsacha, an tÚdarás Eorpach Saothair nó seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, Toscaireachtaí an Aontais agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil saineolas acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, freastal ar chruinnithe an Líonra nó aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar.
9. Tiocfaidh an Líonra le chéile ar bhonn rialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó Bhallstát.
10. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag an Líonra chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh, lena n-áirítear acmhainní leordhóthanacha buiséadacha.
11. Bunóidh an Líonra a rialacha nós imeachta.
▌
Airteagal 7
Córas faisnéise agus cumarsáide
1. Chun críocha Chaibidlí III, IV agus V, úsáidfidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38). Beidh rochtain ag an gCoimisiún, ag údaráis inniúla agus ag údaráis custam ar an gcóras sin chun críocha an Rialacháin seo.
2. Déanfar na cinntí a chuirfear in iúl de bhun Airteagal 26(3) a iontráil sa timpeallacht ábhartha um bainistiú riosca custam.
3. Déanfaidh an Coimisiún idirnasc a fhorbairt chun cumarsáid uathoibrithe na gcinntí dá dtagraítear in Airteagal 26(3) ón gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 chuig an timpeallacht dá dtagraítear i mír 2 a chumasú. Tosóidh an t-idirnasc sin ag feidhmiú tráth nach déanaí ná 2 bhliain ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7, pointe (b), i leith an idirnaisc sin.
4. Is trí bhíthin an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfar iarrataí agus fógraí a mhalartófar idir údaráis inniúla agus údaráis custam de bhun Chaibidil V, Roinn II den Rialachán seo chomh maith leis na teachtaireachtaí ina dhiaidh sin.
5. Bunófar idirnasc idir an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 agus Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custaim i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2399 chun iarrataí agus fógraí a mhalartú idir údaráis custam agus údaráis inniúla de bhun Chaibidil V, Roinn II den Rialachán seo. Bunófar an t-idirnascadh sin laistigh de 4 bliana ar a dhéanaí ón dáta a nglacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7. Déanfar na malartuithe dá dtagraítear i mír 4 tríd an idirnasc sin a luaithe a bheidh sé ag feidhmiú.
6. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis a bhaint as an gcóras faireachais dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún maidir le táirgí atá ag teacht isteach nó ag fágáil mhargadh an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus í a tharchur chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin de bhun Airteagal 35(2) chun na rialacha nós imeachta agus sonraí na socruithe cur chun feidhme don Airteagal seo a shonrú, lena n-áirítear:
(a) na feidhmiúlachtaí, eilimintí sonraí agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rúndacht agus rialaithe, an chórais faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4;
(b) na feidhmiúlachtaí, na heilimintí sonraí agus an phróiseáil sonraí, chomh maith leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta, rúndacht agus rialaitheoireacht don idirnasc dá dtagraítear i mír 3;
(c) na sonraí atá le tarchur, chomh maith leis na rialacha maidir lena rúndacht agus lena rialaitheoireacht, i gcomhréir le mír 6.
Airteagal 8
Bunachar sonraí de limistéir nó táirgí a mbaineann riosca saothair éigeantais leo
1. Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí le cúnamh ó shaineolas seachtrach más gá. Soláthrófar leis an mbunachar sonraí sin faisnéis tháscach, neamh-uileghabhálach, fianaise-bhunaithe, infhíoraithe agus a nuashonraítear go rialta faoi rioscaí saothair éigeantais i limistéir gheografacha shonracha nó maidir le táirgí sonracha nó grúpaí táirgí sonracha lena n-áirítear maidir le saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit. Tabharfar tús áite sa bhunachar sonraí do rioscaí forleathana agus tromchúiseacha de shaothar éigeantais a shainaithint.
2. Beidh an bunachar sonraí bunaithe ar fhaisnéis neamhspleách agus infhíoraithe, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus ó Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, nó ó eagraíochtaí institiúideacha, taighde nó acadúla.
Ní nochtfaidh sé go poiblí faisnéis ina n-ainmnítear oibreoirí eacnamaíocha go díreach. Cuirfear an bunachar sonraí ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.
Léireofar sa bhunachar sonraí earnálacha eacnamaíocha sonracha i limistéir gheografacha shonracha a bhfuil fianaise iontaofa agus infhíoraithe ann ina leith go bhfuil saothar éigeantais á fhorchur ag údaráis stáit.
2. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar an mbunachar sonraí, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas, agus go gcuirfear ar fáil go poiblí é, i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais, ar a dhéanaí... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
▌
Airteagal 9
Pointe aonair chun faisnéis a chur isteach
1. Déanfaidh an Coimisiún sásra láraithe tiomnaithe a chur ar bun chun faisnéis a chur isteach. Beidh an sásra sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais, agus beidh sé soláimhsithe agus saor in aisce.
2. Déanfar faisnéis maidir le sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 3 a chur isteach tríd an bpointe aonair faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó ag aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige. Beidh faisnéis maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha nó na táirgí lena mbaineann sna haighneachtaí, tabharfar na cúiseanna agus an fhianaise a thugann bunús leis an líomhain, agus i gcás inar féidir, doiciméid tacaíochta. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha nós imeachta, teimpléid agus mionsonraí na n-aighneachtaí a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
▌
3. Déanfaidh an Coimisiún aon aighneachtaí ar follasach go bhfuil siad neamhiomlán nó gan bhunús nó a dhéantar de mheon mímhacánta a dhíobhadh agus dáilfidh sé na haighneachtaí atá fágtha de réir na heochrach leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 15 chun measúnú a dhéanamh orthu.
▌
4. Déanfaidh an príomhúdarás inniúil atá i gceannas ar an measúnú de bhun mhír 3 measúnú dícheallach agus neamhchlaonta ar an bhfaisnéis, admhóidh sé go bhfuarthas an fhaisnéis sin agus cuirfidh sé an duine ar an eolas maidir le toradh an mheasúnaithe ar a aighneacht a luaithe is féidir.
5. Féadfaidh an príomhúdarás inniúil iarraidh ar an duine nó ar an gcomhlachas dá dtagraítear i mír 1 faisnéis bhreise a sholáthar.
6. I gcásanna ina bhfuil eatramh ama suntasach idir an fhaisnéis a chur isteach agus an cinneadh dul ar aghaidh le himscrúdú de réir Chaibidil III, fíoróidh an príomhúdarás inniúil, a mhéid is féidir, leis an duine nó leis an gcomhlachas a chuir an fhaisnéis isteach, cibé acu atá nó nach bhfuil athrú suntasach tagtha ar an staid, chomh fada agus is eol dóibh.
7. Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir leis na sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.
Airteagal 10
Bearta tacaíochta le haghaidh FBManna
Forbróidh an Coimisiún bearta tionlacain chun tacú le hiarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha agus a gcomhpháirtithe gnó sa slabhra soláthair céanna, go háirithe na fiontair bheaga agus mheánnhéide. I gcás inarb iomchuí, cuirfear na bearta sin ar fáil tríd an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais.
Ainmneoidh na húdaráis inniúla pointí teagmhála chun faisnéis a chur ar fáil do FBManna i gcás ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh na pointí teagmhála sin cúnamh a chur ar fáil do FBManna maidir leis na hábhair sin chomh maith.
Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát oiliúint a eagrú freisin d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le táscairí riosca saothair éigeantais agus maidir le conas dul i mbun idirphlé leis na húdaráis le linn imscrúdaithe.
Airteagal 11
Treoirlínte
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, treoirlínte a chur ar fáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, tráth nach déanaí ná ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], lena n-áireofar an méid seo a leanas:
(a) treoir d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais, lena n-áirítear saothar éigeantais leanaí, ina gcuirfear i gcuntas reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais is infheidhme, lena leagfar amach ceanglais díchill chuí maidir le saothar éigeantais, treoirlínte agus moltaí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le méid agus acmhainní eacnamaíocha oibreoirí eacnamaíocha, cineálacha éagsúla soláthróirí feadh an tslabhra soláthair, agus earnálacha éagsúla;
(b) Treoir d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dea-chleachtais chun deireadh a chur le cineálacha éagsúla saothair éigeantais agus iad a leigheas;
(c) Treoir d’údaráis inniúla maidir le cur chun feidhme praiticiúil Airteagail 17 agus 18, Airteagal 8, lena n-áirítear tagarmharcanna chun cabhrú leis na húdaráis inniúla measúnuithe rioscabhunaithe a dhéanamh ar imscrúduithe agus treoirlínte maidir leis an gcaighdeán fianaise is infheidhme;
(d) treoir le haghaidh údaráis custam agus oibreoirí eacnamaíocha maidir le cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 27 agus, i gcás inarb iomchuí, aon fhoráil eile a leagtar síos i Roinn II de Chaibidil V den Rialachán seo.
(e) faisnéis maidir le táscairí riosca um shaothar éigeantais, lena n-áirítear conas iad a aithint, a bheidh bunaithe ar fhaisnéis neamhspleách agus infhíoraithe, lena n-áirítear tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí gnó, ó cheardchumainn agus taithí ar reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme lena leagfar amach ceanglais i ndáil le dícheall cuí maidir le saothar éigeantais;
(f) Treoir d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit;
(g) treoir d’oibreoirí eacnamaíocha agus do sholáthróirí táirgí maidir le conas dul i mbun idirphlé le húdaráis inniúla de bhun Chaibidil III, go háirithe an cineál faisnéise atá le cur isteach;
(h) treoir maidir le conas faisnéis a chur isteach de bhun Airteagal 9;
(i) Treoir do na Ballstáit maidir leis an modh chun pionóis airgeadais a ríomh agus na tairseacha is infheidhme;
(j) tuilleadh faisnéise chun cur chun feidhme an Rialacháin seo ag na húdaráis inniúla agus chun comhlíonadh an Rialacháin seo ag oibreoir eacnamaíoch a éascú;
▌ Leis an treoir dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (f), díreofar go háirithe ar chúnamh a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) le linn an Rialachán seo a chomhlíonadh.
Beidh na treoirlínte comhsheasmhach leis na treoirlínte dá bhforáiltear i gcomhréir le dlí ábhartha eile an Aontais.
Airteagal 12
Tairseach Aonair Saothair éigeantais
Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin aonair a chur ar bun agus a nuashonrú go rialta lena gcuirfear na nithe seo a leanas ar fáil don phobal, san áit chéanna agus i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais:
(a) liosta agus teagmhálaithe na n-údarás inniúil ainmnithe;
(b) na treoirlínte;
(c) bunachar sonraí;
(d) liosta d’fhoinsí faisnéise atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin sin, lena n-áirítear foinsí lena gcuirtear sonraí imdhealaithe ar fáil maidir le tionchar an tsaothair éigeantais agus íospartaigh an tsaothair éigeantais, amhail sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de i dtaobh saothar éigeantais leanaí, lenar féidir treochtaí aois-sonrach agus inscne-shonrach a shainaithint;
(e) an pointe aonair chun faisnéis a chur isteach;
(f) aon chinneadh chun toirmeasc a chur ar tháirge;
(g) aon toirmeasc a tharraingt siar;
(h) toradh na n-athbhreithnithe.
▌
Airteagal 13
Comhar idirnáisiúnta
1. Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin sin a éascú, rachaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, i gcomhar ▌ le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le hionadaithe na sochaí sibhialta, le ceardchumainn, le heagraíochtaí gnó agus le geallsealbhóirí ábhartha, agus déanfaidh sé faisnéis a mhalartú leo ▌ .
2. Déanfar comhar idirnáisiúnta le húdaráis tríú tíortha ar bhealach struchtúrtha, mar shampla i gcomhthéacs an idirphlé atá ann cheana le tríú tíortha, amhail idirphlé maidir le cearta an duine agus idirphlé polaitiúil, cur chun feidhme na ngealltanas trádála agus forbartha inbhuanaithe a bhaineann le comhaontuithe trádála nó le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife, agus tionscnaimh an Aontais maidir le comhar um fhorbairt nó, más gá, idirphlé sonrach a chruthófar ar bhonn ad hoc. D’fhéadfadh malartuithe faisnéise a bheith i gceist leis an gcomhar sin maidir le réimsí nó táirgí a bhfuil riosca saothair éigeantais ag baint leo, malartú dea-chleachtas chun deireadh a chur le saothar éigeantais, agus malartuithe faisnéise faoi chinntí chun táirgí a thoirmeasc, lena n-áirítear a gcúiseanna agus a bhfianaise, go háirithe le tíortha a bhfuil reachtaíocht chomhchosúil i bhfeidhm acu.
3. Chun críocha mhír 2, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh chomhair agus bearta tionlacain a fhorbairt chun tacú le hiarrachtaí na n-oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe FBManna, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus tríú tíortha chun dul i ngleic le saothar éigeantais agus na bunchúiseanna atá leis.
Caibidil III
Imscrúduithe
Airteagal 14
Cur chuige rioscabhunaithe
1. Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún de réir cur chuige rioscabhunaithe agus measúnú á dhéanamh acu ar an dóchúlacht go sárófar Airteagal 3, réamhchéim na n-imscrúduithe a thionscnamh agus a sheoladh agus na táirgí agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a shainaithint.
2. Le linn measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go sárófar Airteagal 3, bainfidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún úsáid as na critéir seo a leanas, de réir mar is iomchuí, chun tosaíocht a thabhairt do tháirgí a bhfuil amhras fúthu go ndearnadh iad le saothar éigeantais:
(a) scála agus déine an tsaothair éigeantais amhrasta, lena n-áirítear an bhféadfadh saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát a bheith ina ábhar imní;
(b) cainníocht nó méid na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais
(c) an sciar den chuid a mheastar a rinneadh le saothar éigeantais sa táirge deiridh.
3. Beidh an measúnú ar an dóchúlacht go sárófar Airteagal 3 bunaithe ar an bhfaisnéis ábhartha, fhíorasach agus infhíoraithe uile atá ar fáil do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a) faisnéis agus cinntí atá ionchódaithe sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), lena n-áirítear aon chásanna san am a chuaigh thart inar chomhlíon oibreoir eacnamaíoch Airteagal 3 nó nár chomhlíon oibreoir Airteagal 3;
(b) an bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8;
(c) na táscairí riosca agus faisnéis eile de bhun Airteagal 11, pointe (e);
(d) aighneachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 9;
(e) faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil nó an Coimisiún ó údaráis eile atá ábhartha do chur chun feidhme an rialacháin seo, amhail údaráis díchill chuí, údaráis saothair, údaráis sláinte nó údaráis fhioscacha na mBallstát, maidir leis na táirgí agus na hoibreoirí eacnamaíocha atá á measúnú;
(f) saincheisteanna ar bith a eascraíonn as comhairliúcháin fhóinteacha le geallsealbhóirí ábhartha, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumainn.
4. Agus réamh-imscrúdú á thionscnamh de bhun Airteagal 17, díreoidh na príomhúdaráis inniúla, a mhéid is féidir, ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb ábhartha, ar na soláthraithe táirgí atá bainteach le céimeanna an tslabhra soláthair chomh gar agus is féidir don áit inar dócha go dtarlaíonn an saothar éigeantais, agus leis an ngiaráil is airde chun úsáid an tsaothair éigeantais a chosc, a mhaolú agus deireadh a chur leis. Cuirfidh na príomhúdaráis inniúla i gcuntas freisin méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe an FBM é an t-oibreoir eacnamaíoch, agus castacht an tslabhra soláthair.
▌
▌
Airteagal 15
Leithdháileadh imscrúduithe
1. I gcás ina dtarlaíonn an saothar éigeantais amhrasta lasmuigh de chríoch an Aontais, gníomhóidh an Coimisiún mar phríomhúdarás inniúil.
2. I gcás ina dtarlaíonn an saothar éigeantais amhrasta i gcríoch Ballstáit, gníomhóidh údarás inniúil de chuid an Bhallstáit sin ▌ mar phríomhúdarás inniúil.
Airteagal 16
Comhordú ar imscrúduithe agus cúnamh frithpháirteach
1. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla go dlúth le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil.
2. Urramóidh na príomhúdaráis inniúla ceart an oibreora eacnamaíoch éisteacht a fháil ag gach céim den phróiseas.
3. Déanfaidh príomhúdaráis inniúla, tráth ar bith agus gan moill mhíchuí, cumarsáid tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1) má aimsíonn siad faisnéis nua faoi shaothar éigeantais amhrasta atá ar siúl i gcríoch nach bhfuil siad inniúil ina leith de bhun Airteagal 15.
4. Féadfaidh an príomhúdarás inniúil tacaíocht a iarraidh ó údaráis inniúla ábhartha eile, lena n-áirítear dul i dteagmháil le hoibreoirí eacnamaíocha a bhfuil a n-áit bhunaíochta i gcríoch an Bhallstáit sin nó arb í teanga oibríochta Ballstáit í. Féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil leas acu san imscrúdú a iarraidh go mbeidh dlúthbhaint acu leis an imscrúdú.
5. Aon údarás inniúil a fuair iarraidh ar fhaisnéis ó údarás inniúil eile tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), tabharfaidh sé freagra laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fhaightear an iarraidh.
6. Féadfaidh an t-údarás inniúil iarrtha a iarraidh ar an údarás inniúil iarrthach an fhaisnéis atá san iarraidh a chomhlánú má chinneann sé nach leor an fhaisnéis a a bheidh curtha ar fáil ar dtús.
7. Ní fhéadfaidh údarás inniúil iarrtha diúltú d'iarraidh a chomhlíonadh ach amháin má léiríonn an t-údarás iarrtha go ndéanfadh comhlíonadh na hiarrata dochar suntasach d’fhorghníomhú a ghníomhaíochtaí féin.
▌
Airteagal 17
Réamhchéim na n-imscrúduithe
1. Sula dtionscnóidh siad imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 18(1), iarrfaidh na príomhúdaráis inniúla ar na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi mheasúnú agus, i gcás inarb ábhartha, ar sholáthróirí táirgí eile, faisnéis faoina ngníomhaíochtaí ábhartha a rinneadh chun rioscaí saothair éigeantais ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair a shainaithint, a chosc, a mhaolú, a thabhairt chun deiridh nó a leigheas i ndáil leis na táirgí atá faoi mheasúnú, lena n-áirítear ar bhonn aon cheann de na nithe seo a leanas, mura rud é go gcuirfeadh sé toradh an mheasúnaithe i mbaol:
(a) reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht na mBallstát is infheidhme lena leagtar amach ceanglais díchill chuí agus trédhearcacht maidir le saothar éigeantais;
(b) na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún ▌ ;
(c) treoirlínte nó moltaí díchill chuí ó na Náisiúin Aontaithe, ó EIS, ó ECFE nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, go háirithe na treoirlínte agus na moltaí sin a bhaineann le limistéir gheografacha, láithreáin táirgthe agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha áirithe ina bhfuil cleachtais saothair éigeantais atá córasach agus forleathan;
(d) aon dícheall cuí fóinteach eile nó aon fhaisnéis eile i ndáil le saothar éigeantais ina slabhra soláthair.
Féadfaidh príomhúdaráis inniúla faisnéis faoi na gníomhaíochtaí sin a iarraidh ar gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear na daoine nó na comhlachais a bhfuil faisnéis ábhartha, fhíorasach agus infhíoraithe curtha isteach acu de bhun Airteagal 9 agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhaineann leis na táirgí agus na limistéir gheografacha a bhfuil measúnú á dhéanamh orthu, agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar Thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha ábhartha.
2. Freagróidh oibreoirí eacnamaíocha an iarraidh ▌dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá oibre ón lá a fhaigheann siad an iarraidh sin. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis eile a mheasfaidh siad a bheith úsáideach chun críocha an Airteagail seo a sholáthar ▌.
I gcás inar gá, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha tacaíocht a iarraidh maidir le conas plé leis an bpríomhúdarás inniúil ó phointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 10.
3. Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a bhfaighidh siad an fhaisnéis arna tíolacadh ag oibreoirí eacnamaíocha de bhun mhír 2, tabharfaidh na príomhúdaráis inniúla an réamhchéim dá n-imscrúdú i gcrích maidir le cibé an bhfuil bunús leis an ábhar imní a bhaineann le sárú ar Airteagal 3 ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus na faisnéise arna cur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha de bhun mhír 2.
▌
4. D’ainneoin mhír 3, féadfaidh na príomhúdaráis inniúla a chinneadh gurb ann ▌d’ábhar imní a bhfuil bunús leis ar bhonn aon fhíorais eile atá ar fáil i gcás inar staon príomhúdaráis inniúla ó fhaisnéis a iarraidh i gcomhréir le mír 1 nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (a) go (e).
5. Ní thionscnóidh príomhúdaráis inniúla imscrúdú de bhun Airteagal 18, agus cuirfidh siad na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi mheasúnú ar an eolas dá réir sin, i gcás ina measann siad, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(3) agus, más ann d’aon fhaisnéis arna cur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha de bhun mhír 2, nach bhfuil aon ábhar imní a bhfuil bunús leis faoi shárú ar Airteagal 3, nó gur cuireadh deireadh leis na cúiseanna lenar spreagadh ábhar imní réasúnaithe a bheith ann, mar shampla mar gheall ar an reachtaíocht, na treoirlínte, na moltaí nó aon dícheall cuí eile maidir le saothar éigeantais dá dtagraítear i mír 1, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin, a bheith á chur i bhfeidhm ar bhealach lena maolaítear, lena gcoisctear agus lena gcuirtear deireadh le riosca an tsaothair éigeantais.
6. Déanfaidh na príomhúdaráis inniúla toradh a measúnaithe de bhun mhír 5 a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
▌
Airteagal 18
Imscrúduithe
1. Tionscnóidh na príomhúdaráis inniúla a chinnfidh, de bhun Airteagal 17(4), go bhfuil ábhar imní a bhfuil bunús leis faoi shárú ar Airteagal 3, imscrúdú ar na táirgí agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus cuirfidh siad na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir an imscrúdaithe ar an eolas, laistigh de 3 lá oibre ó dháta an chinnidh an t-imscrúdú sin a thionscnamh, maidir leis an méid seo a leanas:
(a) tionscnamh an imscrúdaithe agus na hiarmhairtí féideartha air;
(b) na táirgí atá faoi réir an imscrúdaithe;
(c) na cúiseanna atá leis an imscrúdú a thionscnamh, mura rud é go gcuirfeadh sé toradh an imscrúdaithe i mbaol;
(d) an fhéidearthacht atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha aon doiciméad nó faisnéis eile a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis inniúil, agus an dáta nach mór an fhaisnéis sin a chur isteach.
2. Déanfaidh na príomhúdaráis inniúla tionscnamh imscrúdaithe de bhun mhír 1 a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
3. I gcás ina n-iarrfaidh príomhúdaráis inniúla orthu déanamh amhlaidh, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú aon fhaisnéis atá ábhartha agus riachtanach don imscrúdú isteach, lena n-áirítear faisnéis lena sainaithnítear na táirgí atá faoi imscrúdú agus, i gcás inarb iomchuí, lena sainaithnítear an chuid den táirge ar cheart an t-imscrúdú a theorannú di, monaróir, táirgeoir nó soláthróir táirgí na dtáirgí sin nó codanna díobh. Agus an fhaisnéis sin á hiarraidh acu, tabharfaidh príomhúdaráis inniúla, a mhéid is féidir, tosaíocht do na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú agus a bhfuil baint acu le céimeanna an tslabhra soláthair chomh gar agus is féidir don áit ar dócha go dtarlaíonn an saothar éigeantais, agus cuirfidh siad i gcuntas méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe an FBM é an t-oibreoir, cainníocht na dtáirgí lena mbaineann, castacht an tslabhra soláthair, chomh maith le méid an tsaothair éigeantais amhrasta. I gcás inar gá, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha tacaíocht a iarraidh maidir le conas plé leis an bpríomhúdarás inniúil ó phointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 10.
4. Socróidh na príomhúdaráis inniúla spriocdháta do na hoibreoirí eacnamaíocha chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur isteach 30 lá oibre ar a laghad agus tráth nach faide ná 60 lá oibre. Mar sin féin, féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha síneadh leis an sprioc-am sin a iarraidh agus údar cuí leis. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an síneadh sin, déanfaidh príomhúdaráis inniúla méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a mheas, lena n-áirítear an FBM é an t-oibreoir eacnamaíoch.
5. Féadfaidh na príomhúdaráis inniúla faisnéis a bhailiú ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ábhartha a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar an imscrúdaithe, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus aon gheallsealbhóirí eile, nó féadfaidh siad agallamh a chur orthu.
▌
6. Féadfaidh na príomhúdaráis inniúla, i gcás inar gá, na seiceálacha agus na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19.
Airteagal 19
Cigireacht ar an bhfód
1. I gcásanna eisceachtúla ina bhféadfaidh an príomhúdarás inniúil a mheas gur gá cigireachtaí ar an bhfód a dhéanamh, déanfaidh sé é sin agus aird á tabhairt aige ar cá bhfuil riosca saothair éigeantais.
2. I gcás ina bhfuil riosca an tsaothair éigeantais suite ar chríoch an Bhallstáit, féadfaidh an príomhúdarás inniúil a chigireachtaí féin a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Más gá, féadfaidh an príomhúdarás inniúil comhar a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile atá ábhartha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, amhail údaráis saothair, sláinte nó fhioscacha.
3. I gcás ina bhfuil an riosca saothair éigeantais suite lasmuigh de chríoch an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó mar phríomhúdarás inniúil, na seiceálacha agus na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh ar choinníoll go dtugann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a dtoiliú agus go bhfuil fógra oifigiúil tugtha do rialtas an tríú tír ina bhfuil na cigireachtaí le déanamh agus nach ndéanann siad aon agóid. Féadfar cúnamh a iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, de réir mar is iomchuí, chun na teagmhálacha sin a éascú.
▌
CAIBIDIL IV
Cinntí
Airteagal 20
Cinntí ▌
1. Déanfaidh na príomhúdaráis inniúla measúnú ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise go léir a bailíodh de bhun Chaibidil III, agus, ar an mbonn sin, deimhneoidh siad ar cuireadh na táirgí lena mbaineann ar an margadh nó ar cuireadh ar fáil ar an margadh iad nó an bhfuil siad á n-onnmhairiú de shárú ar Airteagal 3, laistigh de thréimhse réasúnta ama ón dáta a thionscain siad an t-imscrúdú de bhun Airteagal 18(1). Féachfaidh na príomhúdaráis inniúla lena gcinntí a ghlacadh laistigh de 9 mí ón dáta ar thionscain siad an t-imscrúdú.
2. D’ainneoin mhír 1, féadfaidh na príomhúdaráis inniúla a shuíomh gur sáraíodh Airteagal 3 ar bhonn aon fhíorais eile a bhí ar fáil i gcás nárbh fhéidir faisnéis agus fianaise a bhailiú de bhun Airteagal 17(1) agus Airteagal 18(3), go háirithe más rud é, mar fhreagra ar iarraidh ar fhaisnéis, maidir le hoibreoir eacnamaíoch nó le húdarás poiblí:
(a) go ndiúltóidh sé don fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil gan údar bailí; nó
(b) go mainneoidh sé an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil laistigh den teorainn ama atá forordaithe gan údar bailí; nó
(c) go gcuirfidh sé faisnéis neamhiomlán nó mhícheart ar fáil agus é mar chuspóir leis sin an t-imscrúdú a bhlocáil; nó
(d) go gcuirfidh sé faisnéis mhíthreorach ar fáil; nó
(e) go gcuirfidh sé bac ar an imscrúdú ar shlí eile, lena n-áirítear nuair a shainaithnítear riosca saothair éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit le linn réamhchéim an imscrúdaithe nó i rith an imscrúdaithe.
3. I gcás nach féidir le príomhúdaráis inniúla a shuíomh gur cuireadh na táirgí lena mbaineann ar an margadh nó gur cuireadh ar fáil ar an margadh iad nó go bhfuil siad á n-onnmhairiú de shárú ar Airteagal 3, cuirfidh siad deireadh leis an imscrúdú agus cuirfidh siad na hoibreoirí eacnamaíocha a bhí faoi réir an imscrúdaithe ar an eolas. Cuirfidh siad na húdaráis inniúla eile go léir ar an eolas freisin tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1). Ní chuirfidhdúnadh an imscrúdaithe bac ar imscrúdú nua a sheoladh ar an táirge céanna agus ar an oibreoir eacnamaíoch céanna i gcás ina dtiocfaidh faisnéis ábhartha nua chun cinn.
▌
4. I gcás ina suífidh príomhúdaráis inniúla gur cuireadh na táirgí lena mbaineann ar an margadh nó gur cuireadh ar fáil ar an margadh iad nó go bhfuil siad á n-onnmhairiú de shárú ar Airteagal 3, glacfaidh siad cinneadh gan mhoill ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a) toirmeasc ar na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus iad a onnmhairiú;
(b) ordú do na hoibreoirí eacnamaíocha a bhí faoi réir an imscrúdaithe na táirgí lena mbaineann a cuireadh ar an margadh cheana nó a cuireadh ar fáil ar an margadh a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais nó ábhar a bhaint de chomhéadan ar líne ina dtagraítear do na táirgí nó do liostaí na dtáirgí lena mbaineann;
(c) ordú do na hoibreoirí eacnamaíocha a bhí faoi réir an imscrúdaithe na táirgí lena mbaineann a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 25 nó, má tá na codanna den táirge, a mheastar a bheith ag sárú Airteagal 3, in-athsholáthair, ordú chun na codanna faoi seach de tháirgí a dhiúscairt.
▌ I gcás inarb ábhartha, déanfar a shainaithint leis an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus leis an ordú dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo na codanna den táirge a mheastar a bheith ag sárú Airteagal 3, nach mór a ionadú chun an táirge a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.
▌
5. Mar eisceacht ar mhír 4, pointe (c), agus i gcás inarb iomchuí d’fhonn cur isteach ar shlabhra soláthair lena bhfuil tábhacht straitéiseach nó chriticiúil don Aontas a chosc, féadfaidh na príomhúdaráis inniúla staonadh ó ordú a fhorchur chun an táirge lena mbaineann a dhiúscairt sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4. Ina ionad sin, féadfaidh na príomhúdaráis inniúla a ordú an táirge lena mbaineann a choinneáil siar ar feadh tréimhse shainmhínithe ama, nach mbeidh níos faide ná an t-am is gá chun saothar éigeantais a dhíothú don táirge lena mbaineann, ar chostas na n-oibreoirí eacnamaíocha:
(a) má léiríonn oibreoirí eacnamaíocha, le linn na tréimhse ama sin, go ndearna siad saothar éigeantais a dhíothú ó shlabhra soláthair na dtáirgí lena mbaineann, gan an táirge sin a athrú agus trí dheireadh a chur leis an saothar éigeantais mar a shainaithnítear sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh an príomhúdarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 21;
(b) mura léiríonn oibreoirí eacnamaíocha, le linn na tréimhse ama sin, gur chuir siad deireadh le saothar éigeantais ó shlabhra soláthair na dtáirgí lena mbaineann, gan an táirge sin a athrú agus trí dheireadh a chur leis an saothar éigeantais mar a shainaithnítear sa chinneadh dá dtagraítear i mír 4, beidh feidhm ag mír 4, pointe (c).
6. I gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar phríomhúdarás inniúil, glacfar cinntí dá dtagraítear i mír 4 trí ghníomhartha cur chun feidhme i bhfoirm cinnidh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
7. Tabharfaidh na príomhúdaráis inniúla fógra faoin gcinneadh deiridh do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir ar a bhfuil sé dírithe agus cuirfidh siad in iúl do gach údarás inniúil é, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
8. Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile, de bhun mhír 4, cinntí a dhéanfaidh údarás inniúil i mBallstát eile a aithint agus a fhorfheidhmiú a mhéid a bhaineann siad le táirgí a bhfuil an t-aitheantas céanna acu agus ón slabhra soláthair céanna a bhfuarthas saothar éigeantais ina leith.
Airteagal 21
Athbhreithniú ar chinntí a glacadh maidir le sárú ar Airteagal 3
1. Tabharfaidh na príomhúdaráis inniúla deis d’oibreoirí eacnamaíocha a ndéanann cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 20 difear dóibh athbhreithniú a iarraidh ar an gcinneadh tráth ar bith. Beidh faisnéis san iarraidh ar athbhreithniú a léireoidh go gcuirtear na táirgí ar an margadh nó go gcuirtear ar fáil ar an margadh iad nó go n-onnmhaireofar iad i gcomhréir le hAirteagal 3. Beidh san fhaisnéis sin faisnéis shubstaintiúil nua nár tugadh ar aird an údaráis inniúil le linn an imscrúdaithe.
2. Déanfaidh príomhúdarás inniúil cinneadh maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú laistigh de 30 lá oibre ón dáta a bhfaighfear an iarraidh.
3. I gcás ina gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha fianaise ar fáil do na húdaráis inniúla gur chomhlíon siad an cinneadh dá dtagraítear i mír 20, agus gur dhíothaigh siad saothar éigeantais ina n-oibríochtaí nó ina slabhra soláthair maidir leis na táirgí lena mbaineann, tarraingeoidh na húdaráis inniúla siar a gcinneadh ag dul ar aghaidh agus cuirfidh siad na hoibreoirí eacnamaíocha ar an eolas agus bainfidh siad é den Tairseach Aonair Saothair Éigeantais dá dtagraítear in Airteagal 12.
4. I gcás ina ngníomhóidh an Coimisiún mar phríomhúdarás inniúil, déanfar an tarraingt siar dá dtagraítear i mír 3 a chur chun feidhme trí ghníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le cearta cosanta agus maoin na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a chosaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(3). Beidh na gníomhartha sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí.
5. Beidh ag na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh difear dóibh le cinneadh ó údarás inniúil Ballstáit de bhun an Rialacháin seo, rochtain ar chúirt nó ar bhinse chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus shubstainteach an chinnidh.
6. Beidh mír 4 gan dochar d’aon fhoráil den dlí náisiúnta lena gceanglaítear go mbeidh nósanna imeachta athbhreithniúcháin riaracháin spíonta sula rachfar i muinín imeachtaí breithiúnacha.
7. Tá cinntí arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát de bhun an Rialacháin seo gan dochar d’aon chinntí de chineál breithiúnach a ghlacann cúirteanna nó binsí náisiúnta na mBallstát i ndáil leis na hoibreoirí eacnamaíocha céanna nó leis na táirgí céanna.
Airteagal 22
Ábhar cinnidh
1. Beidh gach ceann díobh seo a leanas sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20:
(a) torthaí an imscrúdaithe agus an fhaisnéis agus an fhianaise atá mar bhonn agus taca ag na torthaí;
(b) ▌teorainneacha ama réasúnta do na hoibreoirí eacnamaíocha chun na horduithe a chomhlíonadh, ar teorainneacha iad nach mbeidh níos lú ná 30 lá oibre.
I gcás táirgí meatacha, ainmhithe agus plandaí, ní bheidh an teorainn ama níos lú ná 10 lá oibre. Agus na teorainneacha ama á socrú aige, cuirfidh an príomhúdarás inniúil méid agus acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch i gcuntas, lena n-áirítear an FBM é an t-oibreoir, an sciar den táirge agus an féidir é a ionadú. Beidh na teorainneacha ama comhréireach leis an am is gá chun na horduithe éagsúla a chomhlíonadh agus ní bheidh siad níos faide ná mar is gá;
(c) an fhaisnéis ábhartha go léir agus go háirithe na mionsonraí lena gceadaítear an táirge, a bhfuil feidhm ag an gcinneadh ina leith, a shainaithint, lena n-áirítear mionsonraí faoin monaróir, faoin táirgeoir, faoin láithreán táirgthe, agus faoi sholáthraithe an táirge, agus, i gcás inarb iomchuí, suíomh táirgthe;
(d) i gcás ina bhfuil sí ar fáil agus inar infheidhme, faisnéis a éilítear faoin reachtaíocht custam mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
(e) faisnéis maidir leis na féidearthachtaí i gcás athbhreithniú breithiúnach i gcoinne cinnidh.
2. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar mionsonraí na faisnéise atá le háireamh sna cinntí a shonrú tuilleadh. Áireofar sna mionsonraí sin ar a laghad mionsonraí na faisnéise atá le cur ar fáil d’údaráis custam i gcomhréir le hAirteagal 27(3) chun a chur ar a gcumas na táirgí arna n-iarraidh faoi Aiteagal 26(4) a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin de bhun Airteagal 35(2).
Caibidil VI
Forfheidhmiú
Roinn 1
Údaráis inniúla
Airteagal 23
Forfheidhmiú na gcinntí ag údaráis inniúla
1. Más rud é, laistigh den teorainn ama réasúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(1), pointe (b), nach mbeidh oibreoir eacnamaíoch tar éis an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20(4) a chomhlíonadh, beidh na húdaráis inniúla freagrach as forfheidhmiú an chinnidh agus áiritheoidh siad gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a) go bhfuil sé toirmiscthe na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais agus iad a onnmhairiú;
(b) go ndéantar na táirgí lena mbaineann atá curtha ar an margadh nó atá curtha ar fáil ar an margadh cheana féin a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais ag na húdaráis ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus dlíthe náisiúnta;
(c) go ndéanfar na táirgí lena mbaineann atá fágtha ag an oibreoir eacnamaíoch a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 25, ar chostas an oibreora eacnamaíoch;
(d) go bhfuil srian ar an rochtain sin ar na táirgí agus ar na liostaí a thagraíonn do na táirgí lena mbaineann trína iarraidh ar an tríú páirtí ábhartha na bearta sin a chur chun feidhme.
2. Má mhainníonn an t-oibreoir eacnamaíoch an cinneadh a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil pionóis a fhorchur go díreach, i gcomhar le húdaráis eile nó trí iarratas chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, ar an oibreoir eacnamaíoch de bhun Airteagal 37.
Airteagal 24
Tarraingt siar táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais
1. Aon chinneadh chun tarraingt siar na dtáirgí a ordú a cuireadh ar mhargadh an Aontais cheana féin nó a cuireadh ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a ndiúscairt dá dtagraítear in Airteagal 20(4), déanfar é a chur in iúl, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1), do na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1020 nó do na húdaráis eile atá ábhartha i gcás an táirge lena mbaineann.
2. Is ar an údarás inniúil a bheidh an fhreagracht tarraingt siar táirgí a fhorfheidhmiú, i gcomhar le haon údarás ábhartha eile i gcás an táirge lena mbaineann.
Airteagal 25
Diúscairt táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais
I gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as táirgí a dhiúscairt, de bhun Airteagal 20(4), pointe (c), na táirgí lena mbaineann a dhiúscairt trína n-athchúrsáil nó, nuair nach féidir sin a dhéanamh, trí na táirgí sin a dhéanamh do-oibrithe. I gcás táirgí meatacha, déanfar an diúscairt trí na táirgí lena mbaineann a dheonú chun críocha carthanúla nó leasa phoiblí nó, nuair nach féidir é sin a dhéanamh, trí na táirgí sin a dhéanamh neamh-inoibrithe.
▌
Roinn II
Údaráis custam
Airteagal 26
Rialuithe ag údaráis custam
1. Beidh táirgí atá ag teacht isteach ar mhargadh an Aontais nó atá ag fágáil mhargadh an Aontais faoi réir na rialuithe agus na mbeart a leagtar síos sa Roinn seo.
2. Tá cur i bhfeidhm na Roinne seo gan dochar d’aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear bainistiú riosca custam, rialuithe custam agus scaoileadh earraí i saorchúrsaíocht agus onnmhairiú, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
3. Cuirfidh an príomhúdarás inniúil cinntí in iúl gan mhoill d’údaráis custam na mBallstát chun toirmeasc a chur ar na táirgí a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a n-onnmhairiú, de bhun Airteagal 20(4).
4. Beidh na húdaráis custam ag brath ar na cinntí a chuirfear in iúl de bhun mhír 3 chun táirgí a bhféadfadh an toirmeasc atá leagtha síos in Airteagal 3 a bheith gan comhlíonadh acu a shainaithint. Chun na críche sin, déanfaidh siad rialuithe ar tháirgí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais bunaithe ar bhainistiú riosca arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
5. Cuirfidh an príomhúdarás inniúil aon tarraingt siar in iúl d’údaráis custam na mBallstát gan mhoill, chomh maith le haon athrú ar chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20(4) de bhun Airteagal 21.
▌
Airteagal 27
Faisnéis bhreiseatá le cur ar fáil do na húdaráis custam
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na táirgí nó na grúpaí táirgí ar ina leith a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na húdaráis custam a shainaithint. Roghnófar na táirgí nó an grúpa táirgí lena mbaineann de réir cur chuige comhréireach, ag tógáil, i measc nithe eile, ar an bhfaisnéis atá ar fáil sa bhunachar sonraí, ar fhaisnéis atá ionchódaithe sa chóras faisnéise agus cumarsáide, agus ar fhaisnéis a bhfuil bunús léi agus a mhalartaítear sa Líonra.
2. Déanfaidh an duine a bheartaíonn táirge a chur isteach a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo faoi na nósanna imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ nó ‘onnmhairiú’, faisnéis lena sainaithnítear an táirge, faisnéis faoin monaróir nó faoin táirgeoir agus faisnéis faoi na soláthróirí táirgí a sholáthar nó a chur ar fáil do na húdaráis custam, mura rud é go n-éilítear cheana féin an fhaisnéis sin a sholáthar de bhun na reachtaíochta custam dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na socruithe mionsonraithe maidir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur chun feidhme, agus lena sainmhíneofar mionsonraí na faisnéise atá le soláthar nó le cur ar fáil do lucht custaim de bhun mhír 1.
4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ▌a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin de bhun Airteagal 35(2).
5. I gcás ina n-aithneofar táirge sonrach i gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20(4), chun go mbeidh na húdaráis custam in ann gníomhú láithreach i leith an táirge shonraigh sin, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 34 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 1.
Airteagal 28
Fionraí
I gcás ina sainaithneoidh na húdaráis custam, trína gcóras bainistithe riosca ábhartha, táirge a thugtar isteach i margadh an Aontais nó a chuirtear amach as agus a d’fhéadfadh, de réir cinnidh a cuireadh in iúl de bhun Airteagal 26(3), a bheith de shárú ar Airteagal 3, cuirfidh siad scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an táirge sin ar fionraí. Tabharfaidh na húdaráis custam fógra láithreach d’údaráis inniúla a mBallstáit faoi seach maidir leis an bhfionraí agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile chun a chur ar a gcumas a dheimhniú an gcumhdaítear an táirge le cinneadh a cuireadh in iúl de bhun Airteagal 26(3).
Airteagal 29
Scaoileadh i saorchúrsaíocht nó lena onnmhairiú
1. I gcás ina mbeidh scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú táirge ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 28, scaoilfear an táirge sin i saorchúrsaíocht nó déanfar é a onnmhairiú i gcás ina sásófar gach ceanglas agus foirmiúlacht eile a bhaineann le scaoileadh nó onnmhairiú den sórt sin, agus má shásaítear aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) laistigh de 4 lá oibre ón bhfionraí, mura bhfuil iarrtha ag na húdaráis inniúla ar na húdaráis custam an fionraí a choimeád. I gcás táirgí meatacha, ainmhithe agus plandaí is 2 lá oibre an teorainn ama sin;
(b) chuir na húdaráis inniúla na húdaráis custam ar an eolas faoina bhformheas le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú de bhun an Rialacháin seo.
2. Ní mheasfar gur cruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais ná, comhlíonadh an Rialacháin seo, go háirithe, é an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú.
Airteagal 30
Scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú a dhiúltú
1. I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid gur táirge a rinneadh le saothar éigeantais é táirge ar tugadh fógra dóibh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 28 de bhun cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 20, cuirfidh siad de cheangal ar na húdaráis custam gan é a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó gan onnmhairiú an táirge a cheadú.
2. Iontrálfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin láithreach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus cuirfidh siad na húdaráis custam ar an eolas dá réir. Ar fhógra den sórt sin a fháil, ní cheadóidh na húdaráis custam an táirge sin a scaoileadh chun saorchúrsaíochta nó chun onnmhairiú agus áireoidh siad freisin an fógra seo a leanas sa chóras próiseála sonraí custam agus, i gcás inar féidir, ar an sonrasc tráchtála a ghabhann leis an táirge agus ar aon doiciméad ábhartha eile a ghabhann leis:
‘Táirge arna dhéanamh le saothar éigeantais – ní údaraítear é le scaoileadh chun saorchúrsaíochta/onnmhairiú – Rialachán (AE) …/…’ [OP chun tagairt an Rialacháin seo a léiriú].
3. I gcás inar diúltaíodh do tháirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú i gcomhréir le mír 1, déanfaidh na húdaráis custam an táirge lena mbaineann a dhiúscairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. ▌
4. Arna iarraidh sin d’údarás inniúil agus thar ceann agus faoi fhreagracht an údaráis inniúil sin, féadfaidh na húdaráis custam an táirge sin a urghabháil de rogha air sin agus é a chur ar fáil don údarás inniúil sin agus faoi údarás an údaráis inniúil sin. Sna gcásanna sin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin na bearta is gá chun a áirithiú go ndiúscrófar an táirge lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 25.
Airteagal 31
Faisnéis agus comhar a mhalartú
1. Chun anailís riosca-bhunaithe a chumasú i ndáil le táirgí a thagann isteach nó a fhágann margadh an Aontais agus chun a áirithiú go bhfuil na rialuithe éifeachtach agus go ndéantar iad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin, oibreoidh an Coimisiún, na húdaráis inniúla agus na húdaráis custam i ndlúthchomhar agus malartóidh siad faisnéis a bhaineann le riosca, ina nglacfaidh an Coimisiún ról comhordúcháin.
2. Déanfar comhar idir údaráis agus malartú ar an bhfaisnéis riosca-bhainteach is gá chun a bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013:
(a) idir na húdaráis custam;
(b) idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis custam ▌.
Caibidil VI
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 32
Rúndacht
1. Ní bhainfidh na húdaráis inniúla leas as faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, mura gceanglaítear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. ▌
2. ▌Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na húdaráis inniúla céannacht na ndaoine sin a sholáthraíonn faisnéis, nó an fhaisnéis a sholáthraítear, a láimhseáil mar fhaisnéis rúnda, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, ach amháin má shonraíonn siadsan a chuir an fhaisnéis ar fáil a mhalairt ▌.
3. Ní chuirfear cosc ar an gCoimisiún le mír 2 faisnéis ghinearálta a nochtadh i bhfoirm achomair, ar choinníoll nach mbeidh aon fhaisnéis san fhaisnéis ghinearálta sin lena bhféadfaí soláthraí na faisnéise a shainaithint. Cuirfear i gcuntas i nochtadh faisnéise ginearálta den sórt sin i bhfoirm achomair leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann chun nochtadh faisnéise rúnda a chosc.
▌
Airteagal 33,
▌An Tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 27(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón … [an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(40).
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 34
Nós imeachta práinne
1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.
Airteagal 35
An nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí ▌Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.
Airteagal 36
Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
I gCuid I.C.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas léi:"
‘(iv) Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937.’.
"
Airteagal 37
Pionóis
1. ▌Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le neamh-chomhlíonadh cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 20 a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na húdaráis inniúla go dtabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
(a) tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b) aon sáruithe ábhartha a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch roimhe seo;
(c) an méid comhair leis na húdaráis inniúla;
(d) aon fhachtóir maolaitheach nó géaraitheach eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis, amhail gnóthachain sochair airgeadais, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, ón sárú.
3. ▌Tabharfaidh na Ballstáit, faoin ... [24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ▌fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, agus tabharfaidh sé fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
4. Agus na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme á leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, cuirfidh siad an treoir dá dtagraítear in Airteagal 11 i lánchuntas.
Airteagal 38
Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Faoi dhá bhliain tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fhorfheidhmiú agus ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Áireofar sa mheastóireacht go háirithe measúnú ar an méid seo a leanas:
(a) an rannchuidíonn an sásra atá i bhfeidhm go héifeachtach le cuspóirí an Rialacháin seo, mar a leagtar amach in Airteagal 1, eadhon táirgí a dhéantar le saothar éigeantais a dhíothú ón margadh inmheánach agus an rannchuidiú le saothar éigeantais a chomhrac;
(b) an comhar idir na húdaráis inniúla, lena n-áirítear laistigh den Líonra, chomh maith le gach údarás ábhartha eile agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu;
(c) éifeachtacht an chomhair idirnáisiúnta chun rannchuidiú le díothú an tsaothair éigeantais ó shlabhraí soláthair domhanda;
(d) an tionchar ar ghnóthaí, agus go háirithe ar FBManna, lena n-áirítear an tionchar ar a n-iomaíochas ag na nósanna imeachta a bhaineann leis na himscrúduithe agus na cinntí;
(e) an costas a bhaineann le comhlíonadh d’oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe do FBManna;
(f) costas is tairbhe agus éifeachtacht fhoriomlán an toirmisc.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.
2. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar cheart an raon feidhme a mhéadú chun seirbhísí atá coimhdeach le heastóscadh, buaint, táirgeadh nó monarú táirgí a chur san áireamh.
3. Mar chuid den mheasúnú faoi mhír 1, pointe (a), cumhdófar sa tuarascáil tionchar an Rialacháin seo ar íospartaigh an tsaothair éigeantais, agus aird ar leith á tabhairt ar staid na mban agus na leanaí. Beidh an measúnú ar an tionchar sin bunaithe ar fhaireachán rialta a dhéanamh ar fhaisnéis ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó gheallsealbhóirí ábhartha.
4. Ina thuarascáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú breise ar an ngá atá le sásra sonrach chun aghaidh a thabhairt ar shaothar éigeantais agus é a leigheas, lena n-áirítear measúnú tionchair chun sásra den sórt sin a chur chun feidhme.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón ... [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm anRialacháin seo].
Beidh feidhm ag Airteagail 5(3), 7, 8, 9(2), 11, 33, 34, 35 agus 37(3), áfach, ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa...,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
EIS, Brabús agus Bochtaineacht: Eacnamaíocht an tsaothair éigeantais: https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---ed_norm/---declaration/documents/publication/wcms_243391.pdf
Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1.)
Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú chomh maith leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).
Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ar chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
Treoir maidir le dícheall cuí do ghnóthaí an Aontais chun dul i ngleic leis an riosca um shaothar éigeantais ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair.
Cad is saothar éigeantais, sclábhaíocht nua-aimseartha agus gáinneáil ar dhaoine ann (Saothar éigeantais, sclábhaíocht nua-aimseartha agus gáinneáil ar dhaoine) (ilo.org) agus Coinbhinsiúin EIS Uimh. 29 agus Uimh. 105 dá dtagraítear iontu.
Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558.
Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais IO L 305, 26.11.2019, lch. 17.
Moladh (AE) 2023/2113 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais le haghaidh measúnú riosca breise leis na Ballstáit (IO L, 2023/2113, 11.10.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reco/2023/2113/oj?locale=ga).
Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Rialachán arna Tharmligean (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3);
Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).