Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2024/2006(REG)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0163/2024

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0163/2024

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 24/04/2024 - 7.1
CRE 24/04/2024 - 7.1

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2024)0315

Téacsanna atá glactha
PDF 131kWORD 44k
Dé Céadaoin, 24 Aibreán 2024 - Strasbourg
Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le hoiliúint faoi choinbhleacht agus ciapadh a chosc san ionad oibre agus faoi dhea-bhainistiú oifige
P9_TA(2024)0315A9-0163/2024

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le hoiliúint faoi choinbhleacht agus ciapadh a chosc san ionad oibre agus faoi dhea-bhainistiú oifige (2024/2006(REG))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0163/2024),

1.  á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos;

2.  á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe seo i bhfeidhm an 16 Iúil 2024;

3.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh, le haghaidh faisnéise, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

An téacs atá ann   Leasú
Leasú 1
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 10 – mír 6 – fomhír 2
Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh an dearbhú a bhaineann leis an gCód sin sínithe acu.
Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige na Parlaiminte ná ceann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar Rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach:
(a)  más rud é nach bhfuil an dearbhú sínithe acu lena ndeimhnítear go bhfuil siad tiomanta an Cód sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear an oiliúint speisialaithe a d’eagraigh Parlaimint na hEorpa dóibh a chur i gcrích maidir le coinbhleacht agus ciapadh a chosc san ionad oibre agus maidir le dea-bhainistíocht oifige; nó
(b)  más rud é nach bhfuil an oiliúint speisialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) curtha i gcrích acu, de shárú ar an spriocdháta agus ar na coinníollacha a leagtar síos sa Chód sin.
Leasuithe 4 agus 10
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 176 – mír 1 – fomhír 3
I ndáil le Riail 10 (6), ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis é a bheith suite gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.
I ndáil le Riail 10 (6), maidir leis an toirmeasc ar aon chineál ciaptha shíceolaíoch nó gnéis a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír sin, ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis a shuíomh gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach is infheidhme maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.
Leasú 6
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Iarscríbhinn II – pointe 5
5.   I gcás inar gá, comhoibreoidh Feisirí go pras agus go hiomlán leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun staideanna coimhlinte nó ciaptha (síceolaíoch nó gnéasach) a láimhseáil, lena n-áirítear freagairt go pras d'aon líomhaintí maidir le ciapadh. Ba cheart d’Fheisirí páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna speisialaithe a eagraítear dóibh a phléann le coimhlint agus ciapadh a chosc san áit oibre agus le dea-bhainistiú oifige.
5.   I gcás inar gá, comhoibreoidh na Feisirí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos ag an mBiúró, atá i bhfeidhm d’fhonn staideanna coimhlinte nó ciaptha (síceolaíoch nó gnéasach) a láimhseáil, lena n-áirítear trí fhreagairt go pras d’aon líomhaintí maidir le ciapadh.
Glacfaidh feisirí, nach bhfuil sin déanta acu cheana féin, páirt i gcúrsaí oiliúna speisialaithe arna heagrú dóibh ag Parlaimint na hEorpa maidir le coimhlint agus ciapadh a chosc san áit oibre agus maidir le dea-bhainistíocht oifige. Cuirfear an oiliúint sin i gcrích laistigh den chéad sé mhí de théarma oifige an Fheisire ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe. Foilseofar teastais na bhFeisirí maidir le críochnú na hoiliúna sin ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
An nuashonrú is déanaí: 14 Deireadh Fómhair 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais