Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0051(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0184/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0184/2023

Díospóireachtaí :

PV 31/05/2023 - 13
CRE 31/05/2023 - 13

Vótaí :

PV 01/06/2023 - 6.4
CRE 01/06/2023 - 6.4
Mínithe ar vótaí
PV 24/04/2024 - 7.16
CRE 24/04/2024 - 7.16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0209
P9_TA(2024)0329

Téacsanna atá glactha
PDF 499kWORD 165k
Dé Céadaoin, 24 Aibreán 2024 - Strasbourg
Dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach
P9_TA(2024)0329A9-0184/2023
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071 – C9-0050/2022 – 2022/0051(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0071),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(2), d'Airteagal 50(1). Airteagal 50(2), pointe (g), agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0050/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Iúil 2022(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0184/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 443, 22.11.2022, lch. 81.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 1 Meitheamh 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0209).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d’fhonn go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859
P9_TC1-COD(2022)0051

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1), Airteagal 50(2), pointe (g), agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Mar atá luaite in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine mar a chumhdaítear iad i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Na bunluachanna sin, a spreag cruthú an Aontais féin, chomh maith le huilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine, agus meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta, ba cheart dóibh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta a threorú. Áirítear ar ghníomhaíocht mar sin forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha a chothú.

(2)  I gcomhréir le hAirteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil agus cur chun cinn bunluachanna na hEorpa i measc thosaíochtaí an Aontais, mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir le Comhaontú Glas don Eoraip.. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, tá gá ní hamháin le rannpháirtíocht na n-údarás poiblí ach le rannpháirtíocht gníomhaithe príobháideacha freisin, go háirithe cuideachtaí.

(3)  Ina Theachtaireacht an 14 Eanáir 2020 maidir le hEoraip Láidir Shóisialta don Aistriú Cóir, gheall an Coimisiún geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a uasghrádú chun aistriú cóir i dtreo na hinbhuanaitheachta a bhaint amach, agus á áirithiú nach bhfágfaí aon duine ar lár. Rannchuideoidh an Treoir seo freisin le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena gcuirtear chun cinn cearta lena n-áirithítear dálaí oibre cothroma. Is cuid í de bheartais agus de straitéisí an Aontais a bhaineann le hobair chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain, lena n-áirítear i slabhraí luacha domhanda, dá dtagraítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain.

(4)  Tá iompraíocht cuideachtaí i ngach earnáil den gheilleagar ríthábhachtach chun go n-éireoidh le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais ó bhraitheann cuideachtaí an Aontais, go háirithe cinn mhóra, ar shlabhraí luacha domhanda. Is chun leasa cuideachtaí freisin é cearta an duine agus an comhshaol a chosaint, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar imní tomhaltóirí agus infheisteoirí maidir leis na hábhair sin. Is ann do roinnt tionscnamh cheana féin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, tionscnaimh lena gcothaítear fiontair a thacaíonn le claochlú atá dírithe ar luach.

(5)  Sonraítear leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le hiompar freagrach gnó gur cheart do chuideachtaí cearta an duine a chosaint agus leagtar amach iontu an chaoi ar cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar chosaint an chomhshaoil ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí luacha. Aithnítear le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe) freagracht cuideachtaí dícheall cuí a fheidhmiú maidir le cearta an duine trí dhrochthionchair a n-oibríochtaí ar chearta an duine a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus trí chuntas a thabhairt i leith conas a thugann siad aghaidh ar na tionchair sin. Luaitear i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe nár cheart do ghnóthaí cearta an duine a shárú agus gur cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair ar chearta an duine arbh iadsan ba chúis leo, ar chuir siad leo nó a bhfuil baint acu leo trína gcuid oibríochtaí féin, trína bhfochuideachtaí agus trína gcaidrimh gnó dhíreacha agus indíreacha.

(6)  Rinneadh coincheap an díchill chuí maidir le cearta an duine a shonrú agus a fhorbairt tuilleadh i dTreoirlínte d’Fhiontair Ilnáisiúnta (Treoirlínte FI) na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) lenar leathnaíodh cur i bhfeidhm an díchill chuí chun ábhair chomhshaoil agus rialachais a chumhdach. Is creataí a aithnítear go hidirnáisiúnta iad Treoraíocht Díchill Chuí ECFE d’Iompar Freagrach Gnó (Treoraíocht d’Iompar Freagrach Gnó) agus treoraíocht earnála, creataí ina leagtar amach céimeanna praiticiúla díchill chuí chun cuidiú le cuideachtaí tionchair iarbhír agus fhéideartha ina n-oibríochtaí, ina slabhraí soláthair agus i gcaidrimh ghnó eile a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus cuntas a thabhairt ar conas a thugann siad aghaidh orthu. Tá coincheap an díchill chuí leabaithe freisin i moltaí Dhearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta.

(7)   Tá freagracht ar gach gnólacht cearta an duine a urramú, ar cearta iad atá uilíoch, doroinnte, idirspleách agus idirghaolmhar.

(8)  Áirítear ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, a ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe in 2015, na cuspóirí go gcuirfí chun cinn fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe. Tá an cuspóir leagtha amach ag an Aontas dó féin Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Rannchuidíonn an earnáil phríobháideach le saothrú na n-aidhmeanna sin.

(9)   Bíonn tionchar ag éifeachtaí díobhálacha guaiseacha nádúrtha nó guaiseacha de dhéantús an duine ar shlabhraí luacha domhanda, agus go háirithe ar shlabhraí luacha na n-amhábhar criticiúil. Is é is dóchúla go dtiocfaidh méadú amach anseo ar mhinicíocht agus ar thionchar suaití a bhaineann le rioscaí do shlabhraí luacha criticiúla. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an earnáil phríobháideach chun fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, agus éagothroimí sa mhargadh inmheánach a sheachaint ag an am céanna. Cuireann sé sin i dtreis a thábhachtaí atá athléimneacht cuideachtaí a neartú i ndáil le cásanna díobhálacha a bhaineann lena slabhraí luacha, agus seachtrachtaí chomh maith le rioscaí sóisialta, comhshaoil agus rialachais á gcur i gcuntas.

(10)  Sna comhaontuithe idirnáisiúnta faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe iontu, amhail Comhaontú Pháras) faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a glacadh an 12 Nollaig 2015 (‘Comhaontú Pháras’)(3) agus Comhaontú Glaschú maidir leis an Aeráid le déanaí, leagtar amach bealaí beachta chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an téamh domhanda a choinneáil laistigh de 1.5°C. Chomh maith le gníomhaíochtaí sonracha a bhfuiltear ag súil leo ó na Páirtithe sínitheacha go léir, meastar freisin go bhfuil ról lárnach ag an earnáil phríobháideach, go háirithe a straitéisí infheistíochta, chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(11)  Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4), thug an tAontas gealltanas dlíthiúil freisin go mbeadh sé aeráidneodrach faoi 2050 agus go laghdódh sé astaíochtaí 55% ar a laghad faoi 2030. Chun an dá ghealltanas sin a chomhlíonadh, beidh gá an chaoi a dtáirgeann agus a sholáthraíonn cuideachtaí a athrú. I nDoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin a ghabhann leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa 2030: Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár muintire] (an Plean um Sprioc Aeráide 2030), samhlaítear céimeanna éagsúla laghduithe ar astaíochtaí a theastaíonn ó earnálacha eacnamaíocha éagsúla, cé gur gá laghduithe suntasacha a fheiceáil faoi gach cás chun go mbainfeadh an tAontas a chuspóirí aeráide amach. Cuirtear i dtábhacht sa Phlean sin freisin ‘go mbeidh ar úinéirí agus bainisteoirí cuideachtaí tosaíocht a thabhairt do chuspóirí inbhuanaitheachta ina ngníomhaíochtaí agus ina straitéisí, de thoradh athruithe ar rialacha agus cleachtais rialachais, lena n-áirítear maidir le maoiniú inbhuanaithe’. I dteachtaireacht ón gCoimisiún ar an gComhaontú Glas don Eoraip, leagtar amach gur cheart gníomhaíochtaí agus beartais uile an Aontais a bheith ar aon dul le chéile chun cuidiú leis an Aontas aistriú rathúil cóir chuig todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach.

Leagtar amach ann freisin gur cheart an inbhuanaitheacht a neadú tuilleadh sa chreat rialachais chorparáidigh. Is é is aidhm don chreat do ghníomhaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na haeráide a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, athléimneach agus iomaíoch, ar bhealach cóir, cothrom agus cuimsitheach, agus riocht an chomhshaoil a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú trí, inter alia, cailliúint na bithéagsúlachta a stop agus í a aisiompú.

(12)  De réir na teachtaireachta ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 maidir le hEoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú, ina gcuirtear i láthair Straitéis an Aontais maidir le hOiriúnú don athrú aeráide, ba cheart infheistíocht nua agus cinntí beartais an aeráid a chur san áireamh agus a bheith slán i bhfad na haimsire, lena n-áirítear le haghaidh gnóthaí móra a bhainistíonn slabhraí luacha. Ba cheart an Treoir seo a bheith comhsheasmhach leis an straitéis sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart comhsheasmhacht a bheith ann le Treoir (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6)(7), lena leagtar amach ceanglais shoiléire i gcás rialacha rialachais na mbanc lena n-áirítear eolas faoi rioscaí comhshaoil, shóisialta, agus rialachais ar leibhéal an bhoird stiúrthóirí.

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (Plean Gníomhaíochta maidir le Geilleagar Ciorclach), an teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (Straitéis bithéagsúlachta), teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2020 maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ i gcás córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’) agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí (Straitéis ceimiceán), teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais i dtreo Truailliú Nialasach don Aer, don Uisce agus don Ithir, teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 maidir le Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa, cur chuige an Choimisiúin dá ngairtear Tionscal 5.0, teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 maidir le hAthbhreithniú ar an mBeartas Trádála: I measc na ngnéithe a bhaineann le Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach tá tionscnamh maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe.

Leis na ceanglais díchill chuí faoin Treoir seo, ba cheart rannchuidiú le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú a shroicheadh go gcruthófaí comhshaol atá saor ó thocsainí agus sláinte agus meanma daoine, ainmhithe agus éiceachóras a chosaint ar rioscaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus ar thionchair dhiúltacha.

(14)  Tá an Treoir seo comhsheasmhach leis an teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024. Sainmhínítear sa Phlean Gníomhaíochta sin gur tosaíocht é rannpháirtíocht an Aontais a neartú chun cur chun feidhme domhanda Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe agus treoirlínte idirnáisiúnta ábhartha eile amhail Treoirlínte FI a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chaighdeáin ábhartha an díchill chuí a chur chun cinn.

(15)  I rún uaithi an 10 Márta 2021, le moltaí chun an Choimisiúin maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialacha an Aontais a mholadh le haghaidh ▌ oibleagáidí cuimsitheacha maidir le dícheall cuí corparáideach, a mbeidh iarmhairtí acu, lena n-áirítear dliteanas sibhialta, do na cuideachtaí sin is cúis le díobháil nó is cúis ar bhonn comhpháirteach le díobháil trí mhainneachtain dícheall cuí a dhéanamh. Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le Cearta an Duine agus Obair Chuibhiúil i Slabhraí Soláthair Domhanda, a eisíodh an 1 Nollaig 2020, iarradh ar an gCoimisiún togra a chur síos le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe, lena n-áirítear oibleagáidí trasearnálacha maidir le dícheall cuí corparáideach feadh na slabhraí soláthair domhanda. Ina tuarascáil féintionscnaimh an 2 Nollaig 2020 ar rialachas corparáideach inbhuanaithe, d’iarr Parlaimint na hEorpa freisin go ndéanfaí dualgais stiúrthóirí a shoiléiriú. Sa Dearbhú Comhpháirteach uathu maidir le Tosaíochtaí Reachtacha an Aontais do 2022 an 21 Nollaig 2021, tá gealltanas tugtha ag Parlaimint na hEorpa, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCoimisiún geilleagar a fhóireann do dhaoine a bhaint amach, agus an creat rialála maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe a fheabhsú.

(16)  Is é is aidhm don Treoir seo a áirithiú go rannchuideoidh cuideachtaí atá gníomhach sa mhargadh inmheánach leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le haistriú na ngeilleagar agus na sochaithe i dtreo na hinbhuanaitheachta trí iarmhairtí dochracha féideartha nó iarbhír ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint, a chosc agus a mhaolú, trí dheireadh a chur leo, iad a íoslaghdú, agus a fheabhsú, agus i gcás inar gá, tosaíochtaí a shocrú, ar drochthionchair iad a bhfuil baint acu le hoibríochtaí féin na gcuideachtaí, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí, agus a áirithiú go mbeidh rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna dlí ag na daoine sin atá thíos de bharr an dualgas sin gan a bheith á urramú. Beidh an Treoir seo gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit cearta an duine agus an comhshaol a urramú agus a chosaint faoin dlí idirnáisiúnta.

(17)   Beidh an Treoir seo gan dochar d’oibleagáidí i réimsí chearta an duine, cearta fostaíochta agus cearta sóisialta, chosaint an chomhshaoil agus an athraithe aeráide faoi ghníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais. Má bhíonn forálacha na Treorach seo i gcoinbhleacht le foráil de ghníomh reachtach eile de chuid an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna á saothrú aige agus ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí níos fairsinge nó níos sonraí, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha an ghnímh reachtaigh eile de chuid an Aontais ar mhéid na coinbhleachta agus ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na hoibleagáidí sonracha sin I measc na samplaí de na hoibleagáidí sin i ngníomhartha reachtacha de chuid an Aontais tá oibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) agus Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).

(18)   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le hinstitiúidí pinsin a oibríonn córais slándála sóisialta faoi dhlí an Aontais. I gcás inar roghnaigh Ballstát gan Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) a chur i bhfeidhm ina hiomláine nó i bpáirt maidir le hinstitiúide um sholáthar pinsean ceirde i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin, níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na hinstitiúidí sin um sholáthar pinsean ceirde.

(19)  Ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh chun bearta díchill chuí a chur ar bun agus a dhéanamh, maidir lena n-oibríochtaí féin agus oibríochtaí a bhfochuideachtaí, chomh maith lena gcomhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha ar fud a slabhraí gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Treoir seo. Níor cheart don Treoir seo a cheangal ar chuideachtaí a ráthú, i ngach uile chás, nach dtarlóidh drochthionchair riamh nó go gcuirfear stop leo. Mar shampla, maidir le comhpháirtithe gnó i gcás ina n-eascraíonn an drochthionchar as idirghabháil Stáit, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an chuideachta in ann na torthaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí díchill a bheith sna príomhoibleagáidí sa Treoir seo. Ba cheart don chuideachta na bearta iomchuí a dhéanamh atá ábalta cuspóirí an díchill chuí a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhrochthionchair ar shlí atá i gcomhréir le déine agus dóchúlacht an drochthionchair. Ba cheart imthosca an cháis shonraigh, cineál agus méid an drochthionchair agus na bhfachtóirí riosca ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear, chun drochthionchair a chosc agus a íoslaghdú, sainiúlachtaí oibríochtaí gnó na cuideachta agus a slabhra gníomhaíochtaí, a hearnála nó an limistéir gheografaigh ina n-oibríonn a comhpháirtithe gnó cumhacht na cuideachta tionchar a imirt ar a comhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha, agus an bhféadfadh an chuideachta a cumhacht chun tionchar a imirt a mhéadú.

(20)  Ba cheart a chumhdach leis an bpróiseas díchill chuí a leagtar amach sa Treoir seo na sé chéim arna sainiú ag an Treoir maidir le hIompar Freagrach Gnó, lena n-áirítear bearta díchill chuí le haghaidh cuideachtaí chun drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Cumhdaítear leis an bpróiseas sin na céimeanna seo a leanas: (1) dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistíochta; (2) drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mheasúnú; (3) drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine ▌ agus ar an gcomhshaol a chosc, deireadh a chur leo nó iad a íoslaghdú; (4) faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart agus í a mheasúnú; (5) cumarsáid a dhéanamh, agus (6) leigheas a chur ar fáil.

(21)   Chun dícheall cuí a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun an t-ualach ar chuideachtaí a laghdú, ba cheart dóibh a bheith i dteideal acmhainní agus faisnéis a chomhroinnt laistigh dá ngrúpaí cuideachtaí faoi seach agus le heintitis dhlíthiúla eile. Ba cheart cead a bheith ag máthairchuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo roinnt de na hoibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh freisin thar ceann a bhfochuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, má áirithítear comhlíonadh éifeachtach leis sin. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar do na fochuideachtaí a bheith faoi réir fheidhmiú chumhachtaí an údaráis mhaoirseachta agus go mbeidh siad faoi réir dliteanas sibhialta faoin Treoir seo. I gcás ina gcomhlíonann máthairchuideachta na hoibleagáidí maidir leis an athrú aeráide a chomhrac thar ceann fochuideachta, ba cheart don fhochuideachta na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh i gcomhréir le plean na máthairchuideachta maidir le maolú ar an athrú aeráide arna oiriúnú dá réir dá samhail ghnó agus dá straitéis ghnó. Mura dtagann an fhochuideachta faoi raon feidhme na Treorach seo, ós rud é nach bhfuil oibleagáid ar an bhfochuideachta dícheall cuí a dhéanamh, ba cheart don mháthairchuideachta oibríochtaí na fochuideachta a chumhdach mar chuid dá hoibleagáidí díchill chuí féin. I gcás ina dtagann na fochuideachtaí faoi raon feidhme na Treorach seo, ach nach dtagann an mháthairchuideachta faoi, ba cheart cead a bheith acu fós acmhainní agus faisnéis a roinnt laistigh den ghrúpa cuideachtaí. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh na fochuideachtaí freagrach as oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(22)   Má chomhlíontar roinnt de na hoibleagáidí díchill chuí ar leibhéal an ghrúpa, ba cheart dó sin a bheith gan dochar do dhliteanas sibhialta fochuideachtaí faoin Treoir seo i leith íospartach a ndéantar an damáiste dóibh. Má chomhlíontar na coinníollacha dliteanais shibhialta, d’fhéadfaí an fhochuideachta a chur faoi dhliteanas i leith damáiste a rinneadh, is cuma cé acu a rinne an fhochuideachta nó an mháthairchuideachta na hoibleagáidí díchill chuí a chur i gcrích thar ceann na fochuideachta.

(23)   Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar chomhpháirtithe gnó faisnéis atá ina rún trádála mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) a nochtadh do chuideachta atá ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo gan dochar do nochtadh chéannacht na gcomhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha, ná faisnéis bhunriachtanach atá riachtanach chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a shainaithint, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis chun go gcomhlíonfaidh an chuideachta oibleagáidí díchill chuí. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag na comhpháirtithe gnó a rúin trádála a chosaint trí na sásraí a bhunaítear i dTreoir (AE) 2016/943. Níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar chomhpháirtithe gnó riamh faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis eile a nochtadh a mbeadh a nochtadh ina cúis le riosca do leasanna bunriachtanacha slándála stáit.

(24)  Is féidir go n-imreofaí drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol in oibríochtaí na gcuideachtaí féin, in oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a gcomhpháirtithe gnó i ▌slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí, go háirithe ar leibhéal an fhoinsithe amhábhar agus na monaraíochta ▌. Chun go mbeidh tionchar fóinteach ag an dícheall cuí, ba cheart é a bheith ag cumhdach na ndrochthionchar ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a bhíonn ann le linn fhormhór shaolré táirgthe, dáilte, iompair agus stórála ▌ táirge nó soláthair seirbhísí, ar leibhéal oibríochtaí na gcuideachtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a gcomhpháirtithe gnó ina slabhraí gníomhaíochtaí.

(25)  Ba cheart an slabhra gníomhaíochtaí a bheith ag cumhdach gníomhaíochtaí comhpháirtithe gnó réamhtheachtacha cuideachta a bhaineann le earraí a bheith á dtáirgeadh nó seirbhísí á soláthar ag an gcuideachta, lena n-áirítear dearadh, eastóscadh, foinsiú, monarú, iompar, stóráil agus soláthar amhábhar, táirgí nó codanna de na táirgí agus forbairt an táirge nó na seirbhíse, agus gníomhaíochtaí comhpháirtithe gnó iartheachtacha cuideachta a bhaineann le dáileadh, iompar agus stóráil an táirge, i gcás ina ndéanann na comhpháirtithe gnó na gníomhaíochtaí sin don chuideachta nó thar ceann na cuideachta. Níor cheart diúscairt táirgí a chumhdach leis an Treoir seo. Chomh maith leis sin, faoin Treoir seo, níor cheart don slabhra gníomhaíochtaí dáileadh, iompar, stóráil agus diúscairt táirge a chuimsiú más táirge é atá faoi réir rialú onnmhairiúcháin ag Ballstát, rud a chiallaíonn an rialú onnmhairiúcháin faoi Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) nó rialú onnmhairithe arm, muinisean nó ábhair chogaidh faoi rialuithe náisiúnta onnmhairiúcháin, tar éis onnmhairiú an táirge a údarú.

Comhlánaítear an Treoir seo le gníomhartha reachtacha eile, lena dtugtar aghaidh freisin ar dhrochthionchair dhiúltacha i réimse chearta an duine nó chosaint an chomhshaoil. Go háirithe, le Rialachán (AE) 2021/821, bunaítear córas chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú, lena gcumhdaítear, inter alia, bogearraí agus teicneolaíochtaí is féidir a úsáid chun críoch cibearfhaireachais. Faoin réimeas sin, ba cheart do na Ballstáit breathnú go háirithe ar an mbaol go n-úsáidfí earraí den sórt sin i ndáil le brú faoi chois inmheánach nó sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, le Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), earraí ar nós substaintí ceimiceacha a úsáidtear nó a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta nó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, déantar na hearraí sin a thoirmeasc nó a rialáil, de réir an cháis. Thairis sin, tá roinnt tionscnamh reachtach eile dírithe ar thionchair chomhshaoil táirgí a mhaolú le linn a saolré ar fad, lena n-áirítear trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan síos bunaithe ar ghnéithe inbhuanaitheachta agus ciorclaíochta táirgí.

Ba cheart go n-éascódh comhlíonadh na Treorach seo comhlíonadh fhorálacha agus chuspóirí na ngníomhartha reachtacha eile sin, chomh maith le comhlíonadh théarmaí agus choinníollacha na n-údaruithe is infheidhme a chuirtear chun feidhme fúthu. Ba cheart d’onnmhaireoirí torthaí a dtorthaí díchill chuí faoin Treoir seo a chur i gcuntas agus na gníomhartha reachtacha eile sin á gcomhlíonadh acu. Beidh an téarma ‘slabhra gníomhaíochtaí’ mar a shainmhínítear sa Treoir seo gan dochar do na téarmaí ‘slabhra luacha’ nó ‘slabhra soláthair’ mar a shainmhínítear i reachtaíocht eile an Aontais nó de réir a brí.

(26)  Níor cheart á áireamh leis an sainmhíniú ar an téarma ‘slabhra gníomhaíochtaí’ gníomhaíochtaí comhpháirtithe gnó iartheachtacha cuideachta a bhaineann le seirbhísí na cuideachta. I gcás gnóthais airgeadais rialáilte, níor cheart comhpháirtithe gnó iartheachtacha a fhaigheann a seirbhísí agus a dtáirgí a áireamh sa sainmhíniú ar an téarma ‘slabhra gníomhaíochtaí’. Dá bhrí sin, maidir le gnóthais airgeadais rialáilte, níor cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo ach an chuid réamhtheachtach gan an chuid iartheachtach dá slabhra gníomhaíochtaí.

(27)  Faoin Treoir seo, ba cheart cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht Bhallstáit a bheith faoi réir ceanglais díchill chuí nuair a chomhlíonann siad coinníollacha áirithe, lena n-áirítear láimhdeachas agus, i gcásanna áirithe, tairseacha fostaithe. Cé go gcuirtear na coinníollacha sin in iúl maidir le blianta airgeadais aonair, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin má chomhlíon an chuideachta iad le haghaidh gach ceann den dá bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile agus níor cheart feidhm a bheith aici a thuilleadh i gcás ina scoirfear d’iad a chomhlíonadh le haghaidh gach ceann den dá bhliain airgeadais ábhartha dheireanacha. Is fíor sin freisin i gcás cuideachtaí a bunaíodh i gcomhréir le dlí tríú tír ar cheart dóibh critéar ábhartha an Aontais maidir le láimhdeachas le haghaidh gach ceann den dá bhliain airgeadais dheireanacha a chomhlíonadh. Ar mhaithe le soiléireacht, agus cur i bhfeidhm céimnithe na Treorach á cur i gcuntas, ní mór do chuideachtaí an Aontais agus cuideachtaí tríú tír, araon, na critéir raon feidhme a chomhlíonadh ar feadh dhá bhliain airgeadais as a chéile roimh na dátaí ábhartha cur i bhfeidhm arna mbunú i gcomhréir leis na rialacha maidir le trasuí na Treorach seo.

Maidir le tairseacha fostaithe, oibrithe gníomhaireachta sealadacha, agus oibrithe ar postú faoi Airteagal 1(3), pointe (c), de Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), ba cheart iad a chur san áireamh i ríomh líon na bhfostaithe sa chuideachta úsáideora. Oibrithe ar postú faoi Airteagal 1(3), pointí (a) agus (b), de Threoir 96/71/CE, níor cheart iad a áireamh ach amháin i ríomh líon fostaithe na cuideachta seolta. Ba cheart oibrithe eile i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha a áireamh freisin agus líon na bhfostaithe á ríomh a mhéid a chomhlíonann siad na critéir chun stádas oibrí a chinneadh arna bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE). Ba cheart oibrithe séasúracha a áireamh agus líon na bhfostaithe á ríomh i gcomhréir le líon na míonna dá bhfostaítear iad.

Ba cheart go n-áireofaí i ríomh na dtairseach dá bhforáiltear sa Treoir seo líon na bhfostaithe agus láimhdeachas brainsí cuideachta, ar áiteanna gnó iad seachas an cheannoifig, agus atá spleách uirthi go dlíthiúil, agus a mheastar, dá bhrí sin, mar chuid den chuideachta, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin freisin maidir leis an ngrúpa cuideachtaí i gcás ina ríomhtar na tairseacha ar bhonn comhdhlúite. I gcás nach sonraítear a mhalairt, ba cheart na tairseacha atá le comhall chun cuideachta a chumhdach leis an Treoir seo a thuiscint mar thairseacha a ríomhtar ar bhonn aonair.

(28)  Ba cheart a cheangal ar chuideachtaí atá bunaithe san Aontas ag a bhfuil níos mó ná 1 000 fostaí ar an meán agus glanláimhdeachas domhanda os cionn EUR 450 000 000 milliún sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais nó ar cheart ráitis airgeadais a bheith glactha ina leith, chun oibleagáidí díchill chuí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh. Ba cheart do chuideachtaí a rinne comhaontuithe saincheadúnais nó ceadúnúcháin san Aontas i gcomaoin ríchíosanna le cuideachtaí neamhspleácha tríú páirtí, i gcás ina n-áirithítear leis na comhaontuithe sin céannacht choiteann, coincheap comhchoiteann gnó agus cur i bhfeidhm modhanna gnó aonfhoirmeacha, agus i gcás inar mó na ríchíosanna sin ná EUR 22 500 000 sa bhliain airgeadais dheireanach dár glacadh nó dár cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha, agus ar choinníoll go raibh níos mó ná EUR 80 000 000 de ghlanláimhdeachas domhanda sa bhliain airgeadais dheireanach ar glacadh ráitis airgeadais nó ar cheart ráitis airgeadais a bheith glactha ina leith, oibleagáidí na Treorach seo a chomhlíonadh chomh maith. Is amhlaidh atá i gcás máthairchuideachtaí deiridh grúpaí cuideachtaí a chomhlíonann na coinníollacha sin i dteannta a chéile. ▌Maidir leis na máthairchuideachtaí deiridh sin, ba cheart don mháthairchuideachta deiridh oibleagáidí na Treorach seo a chomhlíonadh nó, i gcás inarb í príomhghníomhaíocht na mháthairchuideachta deiridh scaireanna a shealbhú i bhfochuideachtaí oibríochtúla agus nach ndéanann sí cinntí bainistíochta, oibríochtúla nó airgeadais a dhéanann difear don ghrúpa nó do cheann amháin nó níos mó dá fhochuideachtaí, agus go mbíonn siad sin á ndéanamh in ionad na máthairchuideachta deiridh sin ag fochuideachta oibríochtúil amháin atá bunaithe san Aontas, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(29)  Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach ina n-iomláine, ar cuspóirí iad lena dtugtar aghaidh ar dhrochthionchair ar chearta an duine agus ▌ ar an gcomhshaol i ndáil le hoibríochtaí cuideachtaí, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí oibríochtaí na gcuideachtaí, ba cheart cuideachtaí tríú tír a bhfuil oibríochtaí suntasacha acu san Aontas a chumhdach freisin. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí tríú tíortha a ghin EUR 450 000 000 de láimhdeachas glan ar a laghad san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach. Cuideachtaí a bhfuil comhaontuithe saincheadúnaithe nó ceadúnúcháin déanta acu san Aontas i gcomaoin ar ríchíosanna le cuideachtaí tríú páirtí neamhspleácha, i gcás ina n-áirithítear leis na comhaontuithe sin céannacht choiteann, coincheap comhchoiteann gnó agus cur i bhfeidhm modhanna aonfhoirmeacha gnó, agus i gcás inar mó na ríchíosanna sin ná EUR 22 500 000 san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, agus ar choinníoll gur mó ná EUR 80 000 000 an glanláimhdeachas a bhí ag an gcuideachta san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, ba cheart dóibh na hoibleagáidí díchill chuí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh chomh maith. Is amhlaidh atá i gcás máthairchuideachtaí deiridh grúpaí cuideachtaí a chomhlíonann na coinníollacha sin i dteannta a chéile. ▌Maidir leis na máthairchuideachtaí deiridh sin, ba cheart don mháthairchuideachta deiridh oibleagáidí na Treorach seo a chomhlíonadh nó, i gcás inarb í príomhghníomhaíocht na mháthairchuideachta deiridh scaireanna a shealbhú i bhfochuideachtaí oibríochtúla agus nach ndéanann sí cinntí bainistíochta, oibríochtúla nó airgeadais a dhéanann difear don ghrúpa nó do cheann amháin nó níos mó dá fhochuideachtaí, agus go mbíonn siad sin á ndéanamh in ionad na máthairchuideachta deiridh ag fochuideachta oibríochtúil amháin atá bunaithe san Aontas, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(30)  Chun raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo a shainmhíniú i ndáil le cuideachtaí tríú tír, ba cheart an critéar láimhdeachais a bhfuil tuairisc air a roghnú toisc go gcruthaíonn sé nasc críochach idir na cuideachtaí tríú tír agus críoch an Aontais. Is athróg ionadach é an láimhdeachas le haghaidh na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí na gcuideachtaí sin ar an margadh inmheánach. I gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, tugann na héifeachtaí sin bonn cirt le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le cuideachtaí tríú tír. Chun a áirithiú go sainaithneofaí láimhdeachas ábhartha na gcuideachtaí lena mbaineann, ba cheart úsáid a bhaint as na modhanna a leagtar síos i dTreoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) chun glanláimhdeachas a ríomh le haghaidh cuideachtaí tríú tír. Chun forfheidhmiú éifeachtach na Treorach seo a áirithiú, níor cheart tairseach fostaithe a chur i bhfeidhm chun a chinneadh cé na cuideachtaí tríú tír a thagann faoin Treoir seo, ós rud é go bhfuil an coincheap a bhaineann le ‘fostaithe’ a choinnítear chun críocha na Treorach seo bunaithe ar dhlí an Aontais agus nach bhféadfaí é a thrasuí go héasca lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, in éagmais modheolaíocht shoiléir agus chomhsheasmhach, lena n-áirítear i gcreataí cuntasaíochta, chun fostaithe cuideachtaí tríú tír a chinneadh, chruthódh an tairseach fostaithe sin éiginnteacht dhlíthiúil agus bheadh sé deacair í a chur i bhfeidhm le haghaidh údaráis mhaoirseachta.

Ba cheart an sainmhíniú ar an téarma ‘láimhdeachas’ a bheith bunaithe ar Threoir 2013/34/AE lenar bunaíodh cheana na modhanna chun glanláimhdeachas a ríomh i gcás cuideachtaí nach cuideachtaí tríú, toisc go bhfuil na sainmhínithe ar láimhdeachas agus ar ioncam cosúil le chéile i gcreataí idirnáisiúnta cuntasaíochta. D’fhonn a áirithiú go mbeidh a fhios ag an údarás maoirseachta cé na cuideachtaí tríú tír a ghineann an láimhdeachas san Aontas is gá chun teacht laistigh de raon feidhme na Treorach seo, ba cheart a cheangal leis an Treoir seo go gcuirfeadh ionadaí údaraithe na cuideachta tríú tír nó an chuideachta féin in iúl d’údarás maoirseachta sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí ar ionadaí údaraithe na cuideachta tríú tír nó ina bhfuil sé bunaithe agus, i gcás nach ionann é, d’údarás maoirseachta an Bhallstát inar ghin an chuideachta an chuid is mó dá glanláimhdeachas san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach ▌gur cuideachta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo í an chuideachta. Ba cheart go mbeadh an Ballstát ábalta a iarraidh ar an gCoimisiún an Ballstát a chur ar an eolas faoi ghlanláimhdeachas na cuideachta tríú tír arna ghiniúint san Aontas, más gá sin chun a chinneadh cé acu Ballstát ar ghin an chuideachta tríú tír an chuid is mó dá glanláimhdeachas san Aontas ann. Ba cheart don Choimisiún córas a chur ar bun chun malartú faisnéise mar sin a áirithiú.

(31)   Tá sé ríthábhachtach creat de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh cur chuige freagrach inbhuanaithe i leith slabhraí luacha domhanda, i bhfianaise a thábhachtaí atá cuideachtaí mar cholún i gcruthú sochaí agus geilleagair inbhuanaithe. Mar thoradh ar theacht chun cinn an dlí cheangailtigh i roinnt Ballstát, tá gá le cothrom iomaíochta do chuideachtaí chun ilroinnt a sheachaint agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do ghnóthaí atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfí cosc ar na Ballstáit leis an Treoir seo forálacha an dlí náisiúnta níos déine a thabhairt isteach nach ionann iad agus na forálacha a leagtar síos in Airteagail seachas Airteagal 8(1), Airteagal 8(2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1), lena n-áirítear i gcás ina bhféadfadh na forálacha sin leibhéal cosanta Airteagal 8(1), Airteagal 8(2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1) sin a ardú go hindíreach, amhail na forálacha maidir leis an raon feidhme, maidir leis na sainmhínithe, maidir leis na bearta iomchuí chun drochthionchair iarbhír a leigheas, maidir le rannpháirtíocht fhóinteach a dhéanamh le geallsealbhóirí agus maidir leis an dliteanas sibhialta; nó iad a chosc forálacha an dlí náisiúnta a thabhairt isteach atá níos sonraí ó thaobh an chuspóra atá leo nó an réimse a gcumhdaítear leo, mar shampla, forálacha an dlí náisiúnta lena rialaítear drochthionchair shonracha nó earnálacha gníomhaíochta sonracha, chun leibhéal éagsúil cosanta a bhaint amach do chearta an duine, do chearta fostaíochta agus sóisialta, don chomhshaol nó don aeráid.

(32)  Is é is aidhm don Treoir seo cearta an duine a chumhdach go cuimsitheach, lena n-áirítear na cúig phrionsabal bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair mar a shainmhínítear i nDearbhú 1998 EIS maidir le prionsabail bhunúsacha agus cearta bunúsacha san obair. Chun rannchuidiú fóinteach leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta a bhaint amach, ba cheart dícheall cuí faoin Treoir seo a dhéanamh i ndáil le drochthionchair ar chearta an duine ar dhaoine de thoradh mí-úsáid ar cheann de na cearta ▌a chumhdaítear sna hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. Ba cheart an téarma ‘mí-úsáid’ a léirmhíniú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Chun cumhdach cuimsitheach ar chearta an duine a áirithiú, ba cheart mí-úsáid ar cheart duine nach liostaítear go sonrach i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo ar féidir le cuideachta nó eintiteas dlíthiúil mí-úsáid a bhaint as, agus a dhéanann díobháil dhíreach do leas dlíthiúil a chosnaítear sna hionstraimí um chearta an duine a liostaítear i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a bheith mar chuid de na drochthionchair ar chearta an duine a chumhdaítear leis an Treoir seo, ar choinníoll go bhféadfadh an chuideachta lena mbaineann a thuar le réasún riosca na mí-úsáide sin ar chearta an duine roimh ré, agus imthosca ábhartha uile an cháis shonraigh á gcur san áireamh, lena n-áirítear cineál agus méid oibríochtaí gnó na cuideachta agus a slabhra gníomhaíochtaí, a hearnáil eacnamaíoch agus a comhthéacs geografach agus oibríochtúil.

Ba cheart a chuimsiú le dícheall cuí freisin drochthionchair ar an gcomhshaol de thoradh sárú ar cheann de na toirmisc agus na hoibleagáidí a liostaítear i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, chomh maith le drochthionchair mar thoradh ar shárú ar cheann de na toirmisc a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid I, pointí 15 agus 16, agus an reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le forálacha na n-ionstraimí a liostaítear san Iarscríbhinn á cur i gcuntas. Ba cheart na toirmisc agus na hoibleagáidí sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail ghinearálta dhlí comhshaoil an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE. Áirítear ar na toirmisc sin toirmeasc ar aon díghrádú comhshaoil intomhaiste a dhéanamh, mar shampla, athrú díobhálach ithreach, truailliú uisce nó aeir, astaíochtaí díobhálacha, ró-ídiú uisce, díghrádú talún, nó tionchar eile ar acmhainní nádúrtha, mar shampla, dífhoraoisiú, a dhéanann dochar suntasach do na boinn nádúrtha do chaomhnú agus do tháirgeadh bia, nó a shéanann rochtain do dhuine ar uisce óil sábháilte glan, nó a fhágann gur deacair do dhuine rochtain a fháil ar shaoráidí sláintíochta nó a scriosann iad, nó a dhéanann dochar do shláinte, do shábháilteacht, do ghnáthúsáid talún nó dá bhfuil i seilbh dhleathach duine, nó a ndéanfaidh sé dochar suntasach do sheirbhísí éiceachórais trína gcuireann éiceachóras go díreach nó go hindíreach le folláine agus meanma an duine.

Chun a mheas an bhfuil an damáiste do sheirbhísí éiceachórais suntasach, ba cheart na gnéithe seo a leanas a chur i gcuntas i gcás inarb ábhartha: staid bhunlíne an chomhshaoil dá ndéantar difear, cibé acu an damáiste fadtéarmach, meántéarmach nó gearrthéarmach é, leathadh an damáiste, agus inchúlaitheacht an damáiste. Dá bhrí sin, ba cheart do cheanglais díchill chuí faoin Treoir seo rannchuidiú leis an mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú agus le riocht an chomhshaoil a fheabhsú, go háirithe an t-aer, an t-uisce agus an ithir, lena n-áirítear chun feabhas a chur ar chosaint chearta an duine. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 3(2), lena n-áirítear trí thagairt, a luaithe a bheidh sí daingnithe ag Ballstáit uile an Aontais, a chur isteach do Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde, 1981 (Uimh.. 155), agus le Creat Cur Chun Cinn EIS um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, 2006 (Uimh. 187), is cuid d’ionstraimí bunúsacha EIS.

(33)   Ag brath ar na cúinsí, féadfaidh gur gá do chuideachtaí caighdeáin bhreise a mheas. Mar shampla, agus comhthéacsanna sonracha nó tosca trasnacha á gcur i gcuntas, lena n-áirítear i measc nithe eile, inscne, aois, cine, eitneacht, aicme, sainaicme, oideachas, stádas imirce, míchumas, chomh maith le stádas sóisialta agus eacnamaíoch, mar chuid de chur chuige atá freagrúil ó thaobh inscne agus cultúrtha de i leith dícheall cuí, ba cheart do chuideachtaí aird ar leith a thabhairt ar aon drochthionchar ar leith ar dhaoine aonair a d’fhéadfadh a bheith i mbaol méadaithe mar gheall ar imeallú, leochaileacht nó imthosca eile, ina n-aonar nó mar bhaill de ghrúpálacha nó de phobail áirithe, lena n-áirítear Daoine Dúchasacha, mar a chosnaítear faoi Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, lena n-áirítear i ndáil le saorthoiliú feasach roimh ré (FPIC). Agus an méid sin á dhéanamh acu, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar chuideachtaí ionstraimí idirnáisiúnta a chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, mar shampla, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

(34)   Ba cheart cuideachtaí a bheith freagrach freisin as a dtionchar a úsáid chun cur le caighdeán leordhóthanach maireachtála i slabhraí gníomhaíochtaí. Tuigtear gurb é atá i gceist leis sin pá maireachtála d’fhostaithe agus ioncam maireachtála d’oibrithe féinfhostaithe agus do shealbhóirí beaga, a thuilleann siad dá gcuid oibre agus táirgthe féin a chur san áireamh.

(35)   Aithnítear sa Treoir seo an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ mar a d’aithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte é, mar chur chuige comhtháite agus aontaithe arb é is aidhm dó cothromaíocht inbhuanaithe a bhaint amach agus sláinte daoine, ainmhithe agus éiceachóras a bharrfheabhsú. Aithnítear leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ go bhfuil dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe clóis agus sláinte ainmhithe fiáine, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil i gcoitinne, lena n-áirítear éiceachórais. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh gur cheart go gcuimseodh dícheall cuí comhshaoil díghrádú comhshaoil a bhfuil éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte amhail eipidéimí mar thoradh air a sheachaint, agus ba cheart go n-urramófaí an ceart chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe.

(36)   D’fhéadfadh dlúthbhaint a bheith ag an éilliú agus an bhreabaireacht, i measc tosca eile, le drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol, sin nó d’fhéadfaidís a bheith mar bhonn leo. Mar sin, féadfaidh gur gá do chuideachtaí na tosca sin a chur i gcuntas agus iad ag déanamh dícheall cuí maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol, agus ar mhodh atá i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe.

(37)  Agus na drochthionchair ar chearta an duine á meas, bíonn treoraíocht ar fáil do chuideachtaí a léiríonn conas a fhéadfaidh a ngníomhaíochtaí tionchar a imirt ar chearta an duine agus a léiríonn an iompraíocht chorparáideach a thoirmisctear i gcomhréir le cearta an duine a aithnítear go hidirnáisiúnta. Áirítear an treoraíocht sin, mar shampla, i gCreat Tuairiscithe Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe, agus i dTreoirleabhar Léirmhínithe Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe. ▌

(38)  Chun dícheall cuí iomchuí maidir le cearta an duine ▌ agus leis an gcomhshaol a dhéanamh i ndáil lena n-oibríochtaí, oibríochtaí a bhfochuideachtaí, agus oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí cuideachtaí, ba cheart do chuideachtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo dícheall cuí a chomhtháthú lena mbeartais agus lena gcórais bainistithe riosca, drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mheasúnú, tosaíocht a dhéanamh díobh, i gcás inar gá, iad a chosc agus a mhaolú, deireadh a chur leo agus a méid a íoslaghdú, ceartú a dhéanamh ar dhrochthionchair iarbhír, plé bríoch a dhéanamh le geallsealbhóirí, sásra fógraí agus nós imeachta gearán a bhunú agus a choinneáil ar bun, faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a dhéantar i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear sa Treoir seo agus a ndícheall cuí a chur in iúl go poiblí. Ba cheart na bearta, go háirithe, chun drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú agus chun deireadh a chur le drochthionchair iarbhír nó, nuair nach féidir sin a dhéanamh, méid na ndrochthionchar iarbhír a íoslaghdú, a shonrú go soiléir sa Treoir seo chun soiléireacht a áirithiú do chuideachtaí.

(39)  Chun a áirithiú gur cuid de bheartais agus de chórais bainistithe riosca na gcuideachtaí an dícheall cuí, agus i gcomhréir leis an gcreat idirnáisiúnta ábhartha, ba cheart do chuideachtaí an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais agus ina gcórais bainistithe riosca ábhartha agus ar gach leibhéal ábhartha oibríochta, agus ba cheart beartas díchill chuí a bheith i bhfeidhm acu. Ba cheart an beartas díchill chuí a fhorbairt trí chomhairliúchán roimh ré le fostaithe na cuideachta agus lena n-ionadaithe agus ba cheart tuairisc a bheith ann ar chur chuige na cuideachta, lena n-áirítear san fhadtéarma, le dícheall cuí, cód iompair ina dtugtar tuairisc ar na rialacha agus na prionsabail atá le leanúint ar fud na cuideachta agus a fochuideachtaí, agus, i gcás inarb ábhartha, comhpháirtithe gnó díreacha nó indíreacha na cuideachta agus tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm chun an dícheall cuí a chomhtháthú leis na beartais ábhartha agus chun dícheall cuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a rinneadh chun comhlíonadh an chóid iompair a fhíorú agus chun a chur i bhfeidhm a leathnú chun comhpháirtithe gnó. Ba cheart dícheall cuí riosca-bhunaithe a áirithiú leis an mbeartas díchill chuí. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcód iompair maidir leis na feidhmeanna agus na hoibríochtaí corparáideacha ábhartha uile, lena n-áirítear cinntí soláthair, fostaíochta, agus ceannaigh. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart a thuiscint go n-áirítear le fostaithe oibrithe sealadacha gníomhaireachta agus oibrithe eile i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir lena gcinntear stádas oibrí, arna mbunú ag CBAE.

(40)  Chun oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh, ní mór do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh maidir le drochthionchair a shainaithint, a chosc, deireadh a chur leo, iad a íoslaghdú agus a leigheas, agus rannpháirtíocht fhóinteach a dhéanamh le páirtithe leasmhara i rith phróiseas an díchill chuí. ▌ Ba cheart go dtuigtear go gciallaíonn an téarma ‘bearta iomchuí’ bearta is féidir an díchill chuí a bhaint amach, trí aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar dhrochthionchair ar shlí atá i gcomhréir le déine agus dóchúlacht an drochthionchair, agus atá ar fáil go réasúnta don chuideachta, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur i gcuntas, lena n-áirítear cineál agus méid an drochthionchair agus na fachtóirí riosca ábhartha. Más rud é nach féidir faisnéis riachtanach, lena n-áirítear faisnéis a mheastar a bheith ina rún trádála, a fháil go réasúnta de bharr bacainní fíorasacha nó dlíthiúla, mar shampla toisc go ndiúltaíonn comhpháirtí gnó faisnéis a chur ar fáil agus nach bhfuil aon fhorais dhlíthiúla ann chun a fhorfheidhmiú go gcuirfí ar fáil í, ní féidir an chuideachta a lochtú mar gheall ar na himthosca sin, ach ba cheart di a bheith ábalta a mhíniú cén fáth nach bhféadfaí an fhaisnéis sin a fháil agus ba cheart di na bearta riachtanacha réasúnta a dhéanamh chun í a fháil a luaithe is féidir.

(41)  Faoi na hoibleagáidí díchill chuí dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart do chuideachta drochthionchair iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus a mheasúnú. Chun gur féidir drochthionchair a shainaithint agus a mheasúnú ar shlí chuimsitheach, ba cheart don tsainaithint agus don mheasúnú sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, lena n-áirítear na sonraí dí-chomhiomlánaithe ábhartha is féidir le cuideachta a fháil go réasúnta. Ba cheart do chuideachtaí úsáid a bhaint as modhanna agus acmhainní iomchuí, lena n-áirítear tuarascálacha poiblí. Mar shampla, maidir le drochthionchair ar an gcomhshaol, ba cheart don chuideachta faisnéis a fháil faoi dhálaí bonnlíne ag láithreáin nó saoráidí ardriosca ina slabhra gníomhaíochtaí. Mar chuid den oibleagáid drochthionchair a shainaithint, ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh chun a n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina mbaineann siad lena slabhraí gníomhaíochtaí, oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó a mhapáil, chun na réimsí ginearálta a shainaithint inar dóchúla drochthionchair a bheith ann agus a bheith níos déine. Bunaithe ar thorthaí na mapála sin, ba cheart do chuideachtaí measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar a n-oibríochtaí féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina mbaineann siad lena slabhraí gníomhaíochtaí, ar oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó, sna réimsí inar sainaithníodh drochthionchair a bheith níos dóchúla agus níos déine.

Agus drochthionchair á sainaithint, agus á measúnú aici, ba cheart don chuideachta fachtóirí riosca ábhartha féideartha a chur i gcuntas, bunaithe ar mheasúnú foriomlán, lena n-áirítear fachtóirí riosca ar leibhéal na cuideachta, mar shampla, nach bhfuil an comhpháirtí gnó ina chuideachta a chumhdaítear leis an Treoir seo; fachtóirí riosca na hoibríochta gnó; fachtóirí riosca geografacha agus comhthéacsúla, mar shampla, leibhéal fhorfheidhmiú an dlí i ndáil le cineál na ndrochthionchar; fachtóirí riosca na dtáirgí agus na seirbhíse; agus fachtóirí riosca earnálach. Agus drochthionchair á sainaithint agus á measúnú acu, ba cheart do chuideachtaí tionchar na samhla gnó agus na straitéisí atá ag comhpháirtí gnó, lena n-áirítear a chleachtais trádála, soláthair agus phraghsála, a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu freisin. D’fhonn teorainn a chur leis an ualach ar chuideachtaí beaga a chruthaítear le hiarrataí ar fhaisnéis, i gcás inar féidir faisnéis is gá chun drochthionchair a shainaithint a fháil ó chomhpháirtithe gnó ar leibhéil éagsúla dá slabhraí gníomhaíochtaí, ba cheart do chuideachtaí srian a chur orthu féin maidir le comhpháirtithe gnó nach mbaineann rioscaí na ndrochthionchar leo agus tús áite a thabhairt do theagmháil dhíreach a dhéanamh, nuair is réasúnta, le comhpháirtithe gnó ar leibhéil i slabhraí a ngníomhaíochtaí inar dóchúla, ar bhonn na mapála, go dtarlódh drochthionchair iarbhír nó fhéideartha.

Ba cheart go gcuimseodh sainaithint na ndrochthionchar measúnú ar chearta an duine agus ar chomhthéacs an chomhshaoil ar shlí dhinimiciúil agus go tráthrialta: gan mhoill mhíchuí tar éis athrú suntasach a bheith ann, ach gach 12 mhí ar a laghad, i rith saolré ghníomhaíochta nó chaidrimh, agus aon uair a bhíonn forais réasúnta ann a cheapadh go bhféadfadh rioscaí nua teacht aníos. Ba cheart athrú suntasach a thuiscint mar athrú ar status quo oibríochtaí na cuideachta féin, oibríochtaí a fochuideachtaí nó a comhpháirtithe gnó, na timpeallachta dlíthiúla nó na timpeallachta gnó nó aon athrú suntasach eile ar staid na cuideachta nó ar a chomhthéacs oibríochta. D’fhéadfadh sé gur samplaí d’athrú suntasach cásanna ina dtosaíonn an chuideachta ag oibriú in earnáil eacnamaíoch nua nó i limistéar geografach nua, ina dtosaíonn sí ag táirgeadh táirgí nua nó ina n-athraíonn sí an bealach a dtáirgtear na táirgí atá ann cheana agus úsáid á baint as teicneolaíocht a bhféadfadh drochthionchair níos mó a bheith aici, nó ina n-athraíonn sí a struchtúr corparáideach trí athstruchtúrú nó tri chumaisc nó trí cheannaigh. Féadfaidh forais réasúnta lena chreidiúint go bhfuil rioscaí nua ann teacht chun cinn ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear foghlaim faoin drochthionchar trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, trí rannpháirtíocht geallsealbhóirí, nó trí fhógraí a tugadh. Más rud é, d’ainneoin bearta iomchuí a bheith déanta acu chun drochthionchair a shainaithint, nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá ag cuideachtaí maidir lena slabhraí gníomhaíochtaí, ba cheart dóibh a bheith ábalta a mhíniú cén fáth nach bhféadfaí an fhaisnéis sin a fháil agus ba cheart dóibh na bearta riachtanacha réasúnta a dhéanamh chun í a fháil a luaithe is féidir.

(42)   I limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus i limistéir ardriosca, mar a shainmhínítear iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/821, is dóchúla go dtarlóidh agus gur déine sáruithe ar chearta an duine. Ba cheart do chuideachtaí é sin a chur i gcuntas agus dícheall cuí á chomhtháthú ina mbeartais agus ina gcórais bainistithe riosca chun a áirithiú go n-oiriúnófar cóid iompair agus próisis a chuirtear i bhfeidhm chun dícheall cuí a dhéanamh do limistéir ardriosca ina bhfuil coinbhleacht, ar mhodh atá ar comhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, mar a leagtar amach i gCoinbhinsiúin na Ginéive agus ina bprótacail bhreise. Ba cheart do chuideachtaí a chur i gcuntas gur fachtóirí riosca ar leith de chineál geografach agus comhthéacsúil iad na cásanna sin agus measúnuithe doimhne á ndéanamh acu mar chuid den phróiseas sainaitheanta agus measúnaithe, agus bearta iomchuí á ndéanamh acu chun drochthionchair shainaitheanta a chosc, a mhaolú, a thabhairt chun deiridh agus a íoslaghdú, agus nuair a bhíonn siad i dteagmháil le geallsealbhóirí.. Chun na críche sin, féadfaidh cuideachtaí brath ar an treoraíocht ón gCoimisiún maidir le measúnú a dhéanamh ar fhachtóirí riosca a bhaineann le limistéir ardriosca ina bhfuil coinbhleacht, ar cheart treoraíocht ó Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe ʻHeightened Human Rights Due Diligence for Business in Conflict-Affected Contexts. A Guideʼ. [Dícheall Cuí Breisithe maidir le Cearta an Duine do Ghnó i gComhthéacsanna Coinbhleachta. Treoraíocht]

(43)   Ba cheart don Treoir seo a bheith gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil is infheidhme maidir le dlíodóirí nó maidir le gairmithe deimhnithe eile atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint in imeachtaí breithiúnacha, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

(44)  I gcás nach féidir le cuideachta méid iomlán na ndrochthionchar iarbhír agus féideartha arna sainaithint a chosc, a mhaolú, deireadh a chur leis, nó a íoslaghdú go hiomlán ag an am céanna, ba cheart di díriú mar thosaíocht ar na drochthionchair bunaithe ar a ndéine agus ar a ndóchúlacht. Ba cheart déine drochthionchair a mheasúnú bunaithe ar scála, raon feidhme nó carachtar doleigheasta an drochthionchair, agus a thromchúisí atá sé á cur san áireamh, lena n-áirítear líon na ndaoine a bhfuil éifeacht aige nó a mbeidh éifeacht aige orthu, a mhéid a dhéantar nó a d’fhéadfaí damáiste a dhéanamh don chomhshaol nó éifeachtaí eile a bheith air, do-inchúlaitheacht an damáiste sin agus na teorainneacha ó thaobh na daoine nó an chomhshaol a tháinig faoina éifeacht a athbhunú go riocht coibhéiseach dá riocht roimh an drochthionchar laistigh d’achar réasúnta ama. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair is déine agus is dóchúla in achar ama réasúnta, agus ina dhiaidh sin ba cheart don chuideachta aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair nach bhfuil chomh dian ná chomh dóchúil céanna. Ar an taobh eile, níor cheart go measfar gur fachtóirí ábhartha i dtosaíocht a thabhairt do dhrochthionchair é tionchar iarbhír nó féideartha atá na cuideachta ar a comhpháirtithe gnó, leibhéal rannpháirtíochta na cuideachta sa drochthionchar, an ghaireacht don fhochuideachta nó don chomhpháirtí gnó, nó a dliteanas ionchasach.

(45)  Faoi na hoibleagáidí díchill chuí dá bhforáiltear sa Treoir seo, i gcás ina sainaithníonn cuideachta drochthionchair fhéideartha ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol, ba cheart di bearta iomchuí a dhéanamh chun iad a chosc a mhaolú ar shlí leordhóthanach. Chun deimhneacht agus soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar do chuideachtaí, ba cheart go leagfaí amach sa Treoir seo na gníomhaíochtaí ar cheart a bheith ag súil leis go ndéanfadh cuideachtaí chun drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú i gcás inarbh ábhartha, ag brath ar na himthosca. Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta iomchuí chun na drochthionchair a chosc nó a mhaolú go leordhóthanach, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ‘leibhéal rannpháirtíochta na cuideachta i ndrochthionchar’, mar a thugtar air, i gcomhréir leis na creataí idirnáisiúnta agus le cumas na cuideachta tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó is cúis leis an drochthionchar nó is cúis leis go comhpháirteach. Ba cheart do chuideachtaí bearta cuí a dhéanamh chun na drochthionchair arb iad féin is cúis leo (‘a bheith ina chúis’, mar dhea, leis an drochthionchar dá tagraítear sa chreat idirnáisiúnta) a chosc nó mhaolú nó i gcomhpháirt lena bhfochuideachtaí nó lena gcomhpháirtithe gnó (‘a rannchuidíonn’, mar dhea, leis an drochthionchar dá tagraítear sa chreat idirnáisiúnta). Tá feidhm ag an méid sin gan beann ar cé acu is cúis tríú páirtithe lasmuigh de shlabhra gníomhaíochtaí na cuideachta leis an drochthionchar freisin.

I gcás ina gcruthaítear drochthionchar go comhpháirteach, ní hionann é agus baint chomhionann ag an gcuideachta agus a fochuideachta nó a comhpháirtí gnó leis an drochthionchar, ach ba cheart go gcumhdófaí leis gach cás de ghníomhartha nó neamhghníomhartha na cuideachta is cúis leis an drochthionchar in éineacht le gníomhartha nó neamhghníomhartha fochuideachtaí nó comhpháirtithe gnó, lena n-áirítear i gcás ina n-éascaíonn nó ina spreagann cuideachta go substaintiúil do chomhpháirtí gnó drochthionchar a dhéanamh, ach gan mion-rannchuidiú ná rannchuidiú fánach a áireamh. I gcás nach bhfuil cuideachtaí iad féin ina gcúis leis na drochthionchair a tharlaíonn ina slabhraí gníomhaíochtaí nó i gcomhpháirt le heintitis dhlíthiúla eile, ach gurb é a gcomhpháirtí gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí, agus é sin amháin, is cúis leis an drochthionchar (‘nasc díreach’ a bheith aige le drochthionchar, mar a deirtear sa chreat idirnáisiúnta), ba cheart fós féin é a bheith mar sprioc acu a dtionchar a úsáid chun an drochthionchar arb iad a gcomhpháirtithe gnó is cúis leis a chosc nó a mhaolú nó chun a dtionchar a mhéadú chun é sin a dhéanamh. Gan ach úsáid a bhaint as an nóisean drochthionchar ‘a chruthú’ in ionad na dtéarmaí thuasluaite a úsáidtear sna creataí idirnáisiúnta, seachnaítear mearbhall le téarmaí dlíthiúla láithreacha i gcórais náisiúnta dlí agus clúdaíonn sé na gaolmhaireachtaí cúiseacha céanna a bhfuil cur síos orthu sna creataí sin. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir leis na creataí idirnáisiúnta, ba cheart go n-áireofaí le tionchar na cuideachta ar chomhpháirtí gnó, ar thaobh amháin, a cumas a chur ina luí ar an gcomhpháirtí gnó drochthionchair a chosc (mar shampla trí chumhacht mhargaidh, ceanglais réamhcháiliúcháin, dreasachtaí gnó a nascadh leis an bhfeidhmíocht i ndáil le cearta an duine agus leis an gcomhshaol) agus, ar an taobh eile, an méid tionchair nó giarála a d’fhéadfadh an chuideachta a fheidhmiú go réasúnta, mar shampla trí chomhar leis an gcomhpháirtí gnó ábhartha nó trí idirghabháil le cuideachta eile is comhpháirtí gnó díreach an chomhpháirtí gnó a bhfuil baint aige leis an drochthionchar.

(46)  Chun an oibleagáid maidir le cosc agus maolú faoin Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart a chur de cheangal ar chuideachtaí na bearta iomchuí seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarbh ábhartha. I gcás inar gá sin i ngeall ar chastacht na mbeart coiscthe, ba cheart do chuideachtaí plean gníomhaíochta coisctheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ba cheart do chuideachtaí féachaint le dearbhuithe conarthacha a fháil ó chomhpháirtí gnó ▌ díreach go n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar an cód iompair ,agus, de réir mar is gá, an plean gníomhaíochta coisctheach, lena n-áirítear trí dhearbhuithe conarthacha comhfhreagracha a lorg óna chomhpháirtithe féin, sa mhéid gur cuid de shlabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí iad a ngníomhaíochtaí. Ba cheart dearbhuithe conarthacha a cheapadh chun a áirithiú go roinneann an chuideachta agus na comhpháirtithe gnó na freagrachtaí go hiomchuí. Ba cheart bearta iomchuí chun an chomhlíontacht a fhíorú a bheith ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha. Mar sin féin, níor cheart oibleagáid a bheith ar an gcuideachta ach na dearbhuithe conarthacha a lorg, mar d’fhéadfadh sé go mbeadh fáil orthu ag brath ar na himthosca. Chun cosc cuimsitheach ar ▌ dhrochthionchair fhéideartha a áirithiú, ba cheart do chuideachtaí infheistíochtaí airgeadais nó infheistíochtaí nach infheistíochtaí airgeadais iad, coigeartuithe nó uasghrádaithe a dhéanamh freisin arb é is aidhm dóibh drochthionchair a chosc, agus comhoibriú le cuideachtaí eile, i gcomhréir le dlí an Aontais.

I gcás inarb ábhartha, ba cheart do chuideachtaí pleananna gnó, straitéisí agus oibríochtaí foriomlána a oiriúnú, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, agus beartais cheannaigh a fhorbairt agus a úsáid lena gcuirtear le pá maireachtála agus ioncaim dá soláthróirí, agus nach spreagtar drochthionchair fhéideartha ar chearta an duine ná ar an gcomhshaol leo. Chun a ndícheall cuí a dhéanamh ar mhodh éifeachtach éifeachtúil, ba cheart do chuideachtaí freisin na modhnuithe nó na feabhsuithe is gá a dhéanamh ar a gcleachtais deartha agus dáileacháin chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair a eascraíonn sa chuid réamhtheachtach agus iartheachtach araon dá slabhraí gníomhaíochtaí, sula ndéantar an táirge agus ina dhiaidh dó a bheith déanta. D’fhéadfadh glacadh agus oiriúnú na gcleachtas sin, de réir mar is gá, a bheith ábhartha go háirithe don chuideachta, chun drochthionchar a sheachaint ar an gcéad dul síos. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith ábhartha freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair arb iad an chuideachta agus a comhpháirtithe gnó is cúis leo go comhpháirteach, mar shampla mar gheall ar na spriocdhátaí nó na sonraíochtaí arna bhforchur ag an gcuideachta orthu. Ina theannta sin, agus an luach feadh shlabhra na ngníomhaíochtaí á chomhroinnt ar shlí níos fearr, rannchuidíonn cleachtais cheannaigh nó dáileacháin fhreagracha leis an gcomhrac i gcoinne saothar leanaí, rud a thagann chun cinn go minic i dtíortha nó i gcríocha ina bhfuil leibhéil arda bhochtaineachta. Ba cheart do chuideachtaí tacaíocht spriocdhírithe chomhréireach a sholáthar d’fhiontar beag agus meánmhéide (FBM) ar comhpháirtí gnó leis an gcuideachta é, i gcás inar gá sin i bhfianaise acmhainní, eolas agus srianta an FBM; lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar nó a éascú ar chórais fothaithe acmhainneachta, oiliúna nó uasghrádaithe bainistíochta, agus, i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh an chóid iompair nó an phlean gníomhaíochta coiscthí inmharthanacht an FBM i mbaol, trí thacaíocht airgeadais spriocdhírithe chomhréireach a sholáthar, mar shampla, maoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, nó cúnamh chun maoiniú a fháil. Ba cheart an nóisean ‘inmharthanacht FBM a chur i mbaol’ a léirmhíniú mar ní a d’fhéadfadh bheith ina chúis le féimheacht FBM nó an FBM a chur i gcás ina bhfuil féimheacht ar tí tarlú.

(47)  Tá tábhacht ar leith ag baint le dul i ngleic le cleachtais cheannaigh dhíobhálacha agus brú praghsanna ar tháirgeoirí, go háirithe oibreoirí beaga i ndáil le díolacháin táirgí talmhaíochta agus bia. Chun aghaidh a thabhairt ar na míchothromaíochtaí cumhachta san earnáil talmhaíochta agus chun praghsanna cothroma a áirithiú ag gach nasc i slabhra an tsoláthair bia agus chun seasamh na bhfeirmeoirí a neartú, ba cheart do phróiseálaithe móra bia agus do mhiondíoltóirí a gcleachtais cheannaigh a oiriúnú, agus beartais cheannaigh a fhorbairt agus a úsáid lena gcuirtear le pá agus ioncam maireachtála dá soláthraithe. Trí iarratas a dhéanamh ar iompar gnó na n-oibreoirí is mó amháin, is é sin, iad siúd a bhfuil glanláimhdeachas domhanda os cionn EUR 450 000 000 acu, ba cheart an Treoir seo a bheith ag dul chun tairbhe do tháirgeoirí talmhaíochta ar lú a gcumhacht mhargántaíochta. Thairis sin, tá cuideachtaí arna mbunú i gcomhréir le dlí tríú tír faoi réir na Treorach seo chomh maith céanna, rud a chosnódh táirgeoirí talmhaíochta san Aontas ar iomaíocht éagórach agus ar chleachtais dhíobhálacha a bheith á ndéanamh ag oibreoirí atá bunaithe ní hamháin laistigh den Aontas, ach lasmuigh de freisin.

(48)  Chun raon iomlán na roghanna don chuideachta a léiriú i gcásanna nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair fhéideartha leis na bearta maolúcháin nó coisctheacha a bhfuil tuairisc orthu, ba cheart go dtagrófaí sa Treoir seo freisin don rogha atá ag an gcuideachta dearbhuithe conarthacha a lorg leis an gcomhpháirtí gnó indíreach, d’fhonn go ndéanfaí cód iompair nó plean gníomhaíochta coisctheach na cuideachta a chomhlíonadh, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a fhíorú go bhfuil na dearbhuithe conarthacha á gcomhlíonadh ag an gcomhpháirtí gnó indíreach.

(49)   D’fhéadfadh gur ghá comhoibriú le cuideachta eile chun drochthionchair fhéideartha a chosc, mar shampla, ar leibhéal comhpháirtí gnó indíreach le cuideachta, i gcás cuideachta a bhfuil caidreamh conarthach díreach aici leis an gcomhpháirtí gnó indíreach sin. I gcásanna áirithe, mura leor tionchar na cuideachta, d’fhéadfadh gurbh é an comhar le heintitis eile an t-aon slí réadúil chun drochthionchair fhéideartha a chosc, fiú iad siúd arb iad comhpháirtithe gnó díreacha is cúis leo. Ba cheart don chuideachta comhoibriú leis an eintiteas ar féidir leis drochthionchair fhéideartha a chosc nó a mhaolú ar an mbealach is éifeachtaí, bíodh sé sin leis féin nó i gcomhpháirt leis an gcuideachta, nó le heintitis dhlíthiúla eile, agus an dlí is infheidhme á urramú ag an am céanna, go háirithe dlí na hiomaíochta.

(50)  Chun a áirithiú gur éifeachtach a bheidh na bearta iomchuí chun na drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú, ba cheart do chuideachtaí tosaíocht a thabhairt don idirghabháil le comhpháirtithe gnó ina slabhraí gníomhaíochtaí, seachas an caidreamh gnó a fhoirceannadh, ar gníomh na rogha deiridh é tar éis iarracht in aisce drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú. I gcásanna, áfach, nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair fhéideartha leis na bearta iomchuí sin, ba cheart go dtagrófaí sa Treoir freisin don oibleagáid ar chuideachtaí, mar rogha deiridh, gan caidrimh nua a bhunú leis an gcomhpháirtí gnó atá i gceist ná na caidrimh atá acu leis cheana a leathnú agus, i gcás ina bhfuil ionchas réasúnta go mbeidh athrú ann, giaráil na cuideachta a úsáid nó a mhéadú tríd an gcaidreamh gnó a fhionraí go sealadach maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann, plean gníomhaíochta coisctheach feabhsaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme le haghaidh an drochthionchair shonraigh gan mhoill mhíchuí, lena n-áirítear amlíne shonrach iomchuí chun na gníomhaíochtaí go léir atá ann a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ina bhféadfaidh an chuideachta comhpháirtithe malartacha gnó a lorg freisin. Ar na fachtóirí lena gcinntear oiriúnacht na hamlíne chun na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, d’fhéadfaí déine an drochthionchair a áireamh, mar aon leis an ngá atá le haon drochthionchair bhreise a shainaithint agus gníomhú lena gcosc nó a maolú, lena n-áirítear tionchair ar FBManna nó ar shealbhóirí beaga.

Ba cheart do chuideachtaí a gcaidreamh gnó leis an gcomhpháirtí gnó a fhionraí, rud a mhéadaíonn a ngiaráil agus a mhéadaíonn an seans go dtabharfar aghaidh ar an tionchar. I gcás nach bhfuil aon ionchas réasúnta ann go n-éireodh leis na hiarrachtaí sin, mar shampla i gcás saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, nó i gcás nár éirigh le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta coiscthí fheabhsaithe an drochthionchar a chosc nó a mhaolú, ba cheart a cheangal ar an gcuideachta an caidreamh gnó a fhoirceannadh maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann más dian an drochthionchar féideartha. Chun lamháil do chuideachtaí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rogha a bheith ar fáil chun an caidreamh gnó a fhoirceannadh i gconarthaí a rialaíonn a ndlíthe iad. Agus cinneadh á dhéanamh aici caidreamh gnó a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, ba cheart don chuideachta a mheas an bhféadfadh drochthionchair an fhoirceanta nó an fhionraí sin a bheith níos déine ná an drochthionchar nach rabhthas in ann a chosc ná a mhaolú go leordhóthanach. I gcás ina ndéanann cuideachtaí an caidreamh gnó a fhionraí go sealadach nó a fhoirceannadh, ba cheart dóibh bearta a chur i gcrích chun tionchair na fionraí nó an fhoirceanta a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, fógra réasúnta a thabhairt don chomhpháirtí gnó agus an cinneadh sin a choinneáil faoi athbhreithniú. D’fhéadfadh sé gur ghá comhoibriú le heintiteas eile chun drochthionchair a chosc ar leibhéal an chaidrimh gnó indírigh. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurbh é an comhar le cuideachta eile an t-aon bhealach réalaíoch chun drochthionchair a chosc ar leibhéal an chaidrimh indírigh gnó, go háirithe i gcás nach bhfuil an comhpháirtí gnó indíreach ullamh chun conradh a dhéanamh leis an gcuideachta.

(51)   Cé nach bhfuil gnóthais airgeadais rialáilte faoi réir oibleagáidí díchill chuí ach amháin don chuid réamhtheachtach dá slabhraí gníomhaíochtaí, leis na sainiúlachtaí seirbhísí airgeadais agus Treoirlínte FI, tugtar le fios na cineálacha beart is iomchuí agus is éifeachtach do ghnóthais airgeadais a ghlacadh i bpróisis díchill chuí. Toisc go léirítear freisin i dTreoirlínte FI é, ní mór sainiúlachtaí na seirbhísí airgeadais a aithint. Táthar ag súil go ndéanfaidh gnóthais airgeadais rialáilte drochthionchair a mheas agus go n-úsáidfidh siad ‘giaráil’, mar a thugtar air, chun tionchar a imirt ar chuideachtaí. D’fhéadfadh feidhmiú chearta na scairshealbhóirí a bheith ina bhealach chun giaráil a fheidhmiú.

(52)  A mhéid a bhaineann le comhpháirtithe gnó, díreacha agus indíreacha, is féidir ▌ le tionscnaimh earnála agus il-gheallsealbhóirí cabhrú le giaráil bhreise a chruthú chun drochthionchair a shainaithint, a mhaolú agus a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh cuideachtaí a bheith rannpháirteach sna tionscnaimh sin chun tacú le cur chun feidhme ▌ na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 7 go 16 den Treoir seo a mhéid is iomchuí na scéimeanna agus na tionscnaimh sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin.

Tá brí leathan le tionscnaimh, lena n-áirítear teaglaim de nósanna imeachta, uirlisí agus sásraí deonacha díchill chuí, arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag rialtais, comhlachais tionscail, eagraíochtaí leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, nó grúpálacha nó meascáin díobh sin, ina bhféadfadh cuideachtaí a bheith rannpháirteach chun tacú le chur chun feidhme oibleagáidí díchill chuí. Tar éis measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht, d’fhéadfadh cuideachtaí úsáid a bhaint as anailís riosca ábhartha nó páirt a ghlacadh inti arna déanamh ag tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí nó ag comhaltaí de na tionscnaimh sin agus d’fhéadfaidís bearta iomchuí éifeachtacha a dhéanamh nó páirt a ghlacadh iontu trí na tionscnaimh sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do chuideachtaí faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart sin agus leanúint de bhearta iomchuí a dhéanamh i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí. Chun faisnéis iomlán faoi thionscnaimh den sórt sin a áirithiú, ba cheart freisin go dtagrófaí sa Treoir seo don rogha atá ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit scaipeadh faisnéise faoi na tionscnaimh sin agus faoina dtorthaí a éascú. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht a eisiúint ina leagtar amach critéir oiriúnachta agus modheolaíocht do chuideachtaí chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht tionscnaimh earnála agus il-gheallsealbhóirí.

D’fhéadfadh cuideachtaí úsáid a bhaint freisin as fíorú neamhspleách tríú páirtí arna dhéanamh ar chuideachtaí agus ag cuideachtaí ina slabhraí gníomhaíochtaí chun tacú le cur chun feidhme oibleagáidí díchill chuí a mhéid is iomchuí an fíorú sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha. D’fhéadfadh cuideachtaí eile nó tionscnamh earnála nó il-gheallsealbhóirí fíorú tríú páirtí neamhspleách a dhéanamh. Ba cheart d’fhíoraitheoirí tríú páirtí neamhspleácha gníomhú go hoibiachtúil agus go hiomlán neamhspleách ar an gcuideachta, ba cheart dóibh a bheith saor ó aon choinbhleacht leasa, fanacht saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ba cheart dóibh staonadh ó aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag teacht lena neamhspleáchas. De réir chineál an drochthionchair, ba cheart taithí agus inniúlacht a bheith acu in ábhair a bhaineann leis an gcomhshaol nó le cearta an duine agus ba cheart dóibh a bheith cuntasach as cáilíocht agus iontaofacht an fhíoraithe. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht a eisiúint lena leagfar amach critéir oiriúnachta agus modheolaíocht do chuideachtaí chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht fíoraitheoirí tríú páirtí, agus treoraíocht chun faireachán a dhéanamh ar chruinneas, éifeachtacht agus sláine an fhíoraithe a dhéanfaidh tríú páirtí. Tá an treoraíocht sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh na n-iniúchtaí neamhéifeachtacha. cuideachtaí atá rannpháirteach i dtionscnaimh na hearnála nó na n-il-gheallsealbhóirí nó a úsáideann fíorú tríú páirtí nó clásail chonarthacha chun tacú le cur chun feidhme oibleagáidí díchill chuí, ba cheart go mbeidís fós in ann pionós a ghearradh orthu nó iad a bheith faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Treoir seo agus i leith damáiste a d’fhulaing íospartaigh dá thoradh sin.

(53)  Faoi na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar amach sa Treoir seo, má shainaithníonn cuideachta drochthionchair iarbhír ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol ▌, ba cheart di bearta iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur leo sin. Is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh cuideachta in ann deireadh a chur le drochthionchair iarbhír ina oibríochtaí féin agus in oibríochta a fochuideachtaí. Mar sin féin, ba cheart a shoiléiriú, ▌ i gcás nach féidir deireadh a chur le drochthionchair, gur cheart do chuideachtaí méid na dtionchar sin a íoslaghdú. Ba cheart a cheangal gurb é an toradh a bheidh ar íoslaghdú mhéid na n-iarmhairtí dochracha ná an toradh is gaire is féidir do dheireadh a chur leis an iarmhairt dhochrach. Mar sin, ba cheart don chuideachta athmheasúnú tréimhsiúil a dhéanamh ar na himthosca a choisc í deireadh a chur leis an drochthionchar, agus an féidir deireadh a chur leis an drochthionchar. Chun an deimhneacht agus an tsoiléireacht dhlíthiúil a sholáthar do chuideachtaí, ba cheart a shonrú leis an Treoir seo na gníomhaíochtaí ar cheart dóibh a bheith ina gceangal ar chuideachtaí a dhéanamh chun deireadh a chur le hiarmhairtí dochracha iarbhír do chearta an duine agus don chomhshaol agus chun méid na n-iarmhairtí sin a íoslaghdú, i gcás inarb iomchuí ag brath ar na himthosca. Agus measúnú á dhéanamh ar na bearta iomchuí chun deireadh a chur leis na drochthionchair nó chun méid na dtionchar sin a íoslaghdú, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ‘leibhéal rannpháirtíochta na cuideachta i ndrochthionchar’, mar a thugtar air, i gcomhréir leis na creataí idirnáisiúnta agus le cumas na cuideachta tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó is cúis leis an drochthionchar nó is cúis leis go comhpháirteach.

Ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur le méid na ndrochthionchar arb iad féin is cúis leo (‘is cúis leis’ an drochthionchar i bhfriotal an chreata idirnáisiúnta) nó i gcomhpháirt lena bhfochuideachtaí nó lena gcomhpháirtithe gnó (‘a rannchuidíonn’ leis an drochthionchar, sa chreat idirnáisiúnta). Tá feidhm ag an méid sin gan beann ar cé acu is cúis tríú páirtithe lasmuigh de shlabhra gníomhaíochtaí na cuideachta leis an drochthionchar freisin. I gcás ina gcruthaítear drochthionchar go comhpháirteach, ní hionann é agus baint chomhionann ag an gcuideachta agus a fochuideachta nó a comhpháirtí gnó leis an drochthionchar, ach ba cheart go gcumhdófaí leis gach cás de ghníomhartha nó neamhghníomhartha na cuideachta is cúis leis an drochthionchar in éineacht le gníomhartha nó neamhghníomhartha fochuideachtaí nó comhpháirtithe gnó, lena n-áirítear i gcás ina n-éascaíonn nó ina spreagann cuideachta go substaintiúil do chomhpháirtí gnó drochthionchar a dhéanamh, ach gan mion-rannchuidiú ná rannchuidiú fánach a áireamh. I gcás nach bhfuil cuideachtaí ina gcúis leis na drochthionchair a tharlaíonn ina slabhraí gníomhaíochtaí iad féin ná i gcomhpháirt le heintitis dhlíthiúla eile, ach gurb é a gcomhpháirtí gnó i slabhraí gníomhaíochtaí agus é sin amháin is cúis leis an drochthionchar (‘nasc díreach’ leis an drochthionchar, a deirtear sa chreat idirnáisiúnta), ba cheart dóibh féachaint fós féin lena dtionchar a úsáid chun deireadh a chur leis an drochthionchar arb iad a gcomhpháirtithe gnó is cúis leis nó méid an drochthionchair sin a íoslaghdú, nó a dtionchar a mhéadú chun é sin a dhéanamh.

Trí úsáid a bhaint as an gcoincheap ‘is cúis leis’ an drochthionchar, agus é sin amháin, in ionad na dtéarmaí thuasluaite a úsáidtear sna creataí idirnáisiúnta, féachtar le mearbhall a sheachaint le téarmaí dlíthiúla atá ann cheana i gcórais dlí náisiúnta agus, ag an am céanna, cumhdaítear na caidrimh chúisíocha chéanna a dtugtar tuairisc orthu sna creataí sin. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir leis na creataí idirnáisiúnta, ba cheart go n-áireofaí le tionchar na cuideachta ar chomhpháirtí gnó, ar thaobh amháin, a cumas a chur ina luí ar an gcomhpháirtí gnó deireadh a chur leis na drochthionchair nó méid na ndrochthionchar a íoslaghdú (mar shampla trí chumhacht mhargaidh, ceanglais réamhcháiliúcháin, dreasachtaí gnó a nascadh leis an bhfeidhmíocht i ndáil le cearta an duine agus leis an gcomhshaol) agus, ar an taobh eile, an méid tionchair nó giarála a d’fhéadfadh an chuideachta a fheidhmiú go réasúnta, mar shampla trí chomhar leis an gcomhpháirtí gnó ábhartha nó trí idirghabháil le cuideachta eile atá ina chomhpháirtí gnó díreach leis an gcomhpháirtí gnó a bhfuil baint aige leis an drochthionchar.

(54)  Chun an oibleagáid atá orthu dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh chun deireadh a chur leis na ndrochthionchar iarbhír agus méid na ndrochthionchar sin a íoslaghdú, ba cheart ceangal a chur ar chuideachtaí na bearta iomchuí, seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha. I gcás inar gá toisc nach féidir deireadh a chur láithreach leis an drochthionchar, ba cheart do chuideachtaí plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Ba cheart do chuideachtaí féachaint le dearbhuithe conarthacha a fháil ó chomhpháirtí gnó díreach go n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar an cód iompair, agus, de réir mar is gá, an plean gníomhaíochta coisctheach, lena n-áirítear trí dhearbhuithe conarthacha comhfhreagracha a lorg óna chomhpháirtithe féin, sa mhéid gur cuid de shlabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí iad a ngníomhaíochtaí. Ba cheart dearbhuithe conarthacha a cheapadh chun a áirithiú go roinneann an chuideachta agus na comhpháirtithe gnó na freagrachtaí go hiomchuí. Ba cheart bearta iomchuí chun an chomhlíontacht a fhíorú a bheith ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha. Mar sin féin, níor cheart oibleagáid a bheith ar an gcuideachta ach na dearbhuithe conarthacha a lorg, mar d’fhéadfadh sé go mbeadh fáil orthu ag brath ar na himthosca. Ba cheart do chuideachtaí infheistíochtaí airgeadais nó infheistíochtaí nach infheistíochtaí airgeadais iad, coigeartuithe nó uasghráduithe a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh na drochthionchair a scor nó a méid a laghdú, agus comhoibriú le cuideachtaí eile, i gcomhréir le dlí an Aontais.

I gcás inarb ábhartha, ba cheart do chuideachtaí pleananna gnó, straitéisí agus oibríochtaí foriomlána a oiriúnú, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, agus beartais cheannaigh a fhorbairt agus a úsáid lena gcuirtear le pá maireachtála agus ioncaim dá soláthróirí, agus nach spreagtar drochthionchair iarbhír ar chearta an duine ná ar an gcomhshaol leo. Chun a ndícheall cuí a dhéanamh ar mhodh éifeachtach éifeachtúil, ba cheart do chuideachtaí freisin na modhnuithe nó na feabhsuithe is gá a dhéanamh ar a gcleachtais deartha agus dáileacháin chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair a eascraíonn sa chuid réamhtheachtach agus iartheachtach araon dá slabhraí gníomhaíochtaí, sula ndéantar an táirge agus dá éis sin. D’fhéadfadh glacadh agus oiriúnú na gcleachtas sin, de réir mar is gá, a bheith ábhartha go háirithe don chuideachta chun drochthionchar a sheachaint ar an gcéad dul síos. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith ábhartha freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair arb iad an chuideachta agus a comhpháirtithe gnó is cúis leo go comhpháirteach, mar shampla mar gheall ar na spriocdhátaí nó na sonraíochtaí arna bhforchur ag an gcuideachta orthu. Ina theannta sin, agus an luach feadh shlabhra na ngníomhaíochtaí á chomhroinnt ar shlí níos fearr, rannchuidíonn cleachtais cheannaigh nó dáileacháin fhreagracha leis an gcomhrac i gcoinne saothar leanaí, rud a thagann chun cinn go minic i dtíortha nó i gcríocha ina bhfuil leibhéil arda bhochtaineachta.

Ba cheart do chuideachtaí tacaíocht spriocdhírithe chomhréireach a sholáthar do FBM ar comhpháirtí gnó leis an gcuideachta é, i gcás inar gá sin i bhfianaise acmhainní, eolas agus srianta an FBM; lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar chórais fothaithe acmhainneachta, oiliúna nó uasghrádaithe bainistíochta, agus, i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh an chóid iompair nó an phlean gníomhaíochta ceartaithí inmharthanacht an FBM i mbaol, trí thacaíocht airgeadais spriocdhírithe chomhréireach a sholáthar, mar shampla maoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, nó cúnamh chun maoiniú a fháil. Ba cheart an nóisean ‘inmharthanacht FBM a chur i mbaol’ a léirmhíniú mar mar ní a d’fhéadfadh bheith ina chúis le féimheacht FBM nó an FBM a chur i gcás ina bhfuil féimheacht ar tí tarlú.

(55)  Chun raon iomlán na roghanna don chuideachta a léiriú i gcásanna nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair iarbhír leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Treoir seo freisin don rogha atá ag an gcuideachta dearbhuithe conarthacha a lorg leis an gcomhpháirtí gnó indíreach, d’fhonn go ndéanfaí cód iompair nó plean gníomhaíochta ceartaitheach na cuideachta a chomhlíonadh, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a fhíorú go bhfuil na dearbhuithe conarthacha á gcomhlíonadh ag an gcomhpháirtí gnó indíreach.

(56)   Nuair a fhaightear dearbhuithe conarthacha ó FBM ar comhpháirtí gnó indíreach é, ba cheart do chuideachtaí a mheas ar cheart bearta iomchuí do FBManna a bheith ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha. Nuair a iarrann FBM cuid den chostas a íoc, nó i gás gcomhaontú leis an gcuideachta, ba cheart don FBM a bheith ábalta torthaí an fhíoraithe a roinnt le cuideachtaí eile.

(57)  Chun a áirithiú gur éifeachtach a bheidh na bearta iomchuí chun deireadh a chur le drochthionchair iarbhír nó iad a íoslaghdú, ba cheart do chuideachtaí tosaíocht a thabhairt don idirghabháil le comhpháirtithe gnó ina slabhraí gníomhaíochtaí, seachas an caidreamh gnó a fhoirceannadh, ar gníomh na rogha deiridh é tar éis iarracht in aisce deireadh a chur le drochthionchair iarbhír nó a méid a íoslaghdú gan rath. I gcásanna, áfach, nach bhféadfaí deireadh a chur leis na drochthionchair iarbhír leis na bearta iomchuí sin nó a méid a íoslaghdú go leordhóthanach, ba cheart go dtagrófaí sa Treoir freisin don oibleagáid ar chuideachtaí, mar rogha deiridh, gan caidrimh nua a bhunú leis an gcomhpháirtí gnó atá i gceist ná na caidrimh atá acu leis cheana a leathnú agus, i gcás ina bhfuil ionchas réasúnta ann go mbeidh athrú ann, giaráil na cuideachta a úsáid nó a mhéadú tríd an gcaidreamh gnó a chur ar fionraí go sealadach i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann, plean gníomhaíochta ceartaitheach feabhsaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme le haghaidh an drochthionchair shonraigh gan moill mhíchuí, lena n-áirítear amlíne shonrach iomchuí chun na gníomhaíochtaí go léir atá ann a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ar tréimhse í ina bhféadfaidh an chuideachta comhpháirtithe malartacha gnó a lorg freisin.

Ar na fachtóirí lena gcinntear oiriúnacht na hamlíne chun na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, d’fhéadfaí déine an drochthionchair a áireamh, mar aon leis an ngá atá le haon drochthionchair bhreise a shainaithint agus bearta a dhéanamh chun deireadh a chur leo nó a méid a íoslaghdú, chomh maith le tionchair ar FBManna nó ar shealbhóirí beaga. Ba cheart do chuideachtaí a gcaidreamh gnó leis an gcomhpháirtí gnó a fhionraí, rud a mhéadaíonn a ngiaráil agus a mhéadaíonn an seans go dtabharfar aghaidh ar an tionchar. I gcás nach bhfuil aon ionchas réasúnta ann go n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin, mar shampla i gcás saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, nó i gcás nár éirigh le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ceartaithí feabhsaithe deireadh a chur leis an drochthionchar nó a mhéid a íoslaghdú, ba cheart a cheangal ar an gcuideachta an gcaidreamh gnó a fhoirceannadh maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann ▌ más dian an drochthionchar ▌ iarbhír. Chun lamháil do chuideachtaí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rogha a bheith ar fáil chun an caidreamh gnó a fhoirceannadh i gconarthaí a rialaíonn a ndlíthe iad.

Agus cinneadh á dhéanamh aici caidreamh gnó a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí, ba cheart don chuideachta a mheas an bhféadfadh drochthionchair an fhoirceanta nó an fhionraí sin a bheith níos déine ná an drochthionchar nach rabhthas in ann deireadh a chur leis nó á méid a íoslaghdú ar bhealach leordhóthanach. I gcás ina ndéanann cuideachtaí an caidreamh gnó a fhionraí go sealadach nó a fhoirceannadh, ba cheart dóibh bearta a chur i gcrích chun tionchair na fionraí nó an fhoirceanta a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, fógra réasúnta a thabhairt don chomhpháirtí gnó agus an cinneadh sin a choinneáil faoi athbhreithniú. D’fhéadfadh sé gur ghá comhoibriú le heintiteas eile chun deireadh a chur le drochthionchair ar leibhéal an chaidrimh gnó indírigh. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurbh é an comhar le cuideachta eile an t-aon bhealach réalaíoch chun deireadh a chur le drochthionchair ag leibhéal an chaidrimh indírigh gnó, go háirithe i gcás nach bhfuil an comhpháirtí gnó indíreach ullamh chun conradh a dhéanamh leis an gcuideachta.

(58)   I gcás ina raibh cuideachta ina cúis nó ina cúis go comhpháirteach le drochthionchar iarbhír, ba cheart don chuideachta leigheas a chur ar fáil. Ciallaíonn an téarma ‘leigheas’ an duine nó na daoine, na pobail nó an comhshaol a raibh éifeacht orthu a athbhunú go riocht atá coibhéiseach nó chomh cosúil agus is féidir leis an riocht ina mbeidís dá mba rud é nár tharla an drochthionchar iarbhír, i gcomhréir le baint na cuideachta leis an drochthionchar, agus lena n-áirítear trí chúiteamh airgeadais nó cúiteamh nach cúiteamh airgeadais é arna sholáthar ag an gcuideachta do dhuine nó do dhaoine a raibh éifeacht ag an drochthionchar orthu agus, i gcás inarb infheidhme, aisíoc na gcostas arna dtabhú ag údaráis phoiblí i ndáil le haon bheart leighis is gá. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gceanglófaí ar gheallsealbhóirí a raibh éifeacht ag drochthionchar orthu leigheas a lorg sula ndéanfaidh siad éilimh a chomhdú sa chúirt. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás nach gcuireann an chuideachta leigheas ar fáil i gcás inarb í an chuideachta ba chúis leis an drochthionchar iarbhír nó i gcás ina raibh sí ina cúis go comhpháirteach leis an drochthionchar iarbhír, go mbeidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil maoirseachta, ar a thionscnamh féin nó mar thoradh ar ábhair imní chuí-réasúnaithe agus a cuireadh in iúl dó i gcomhréir leis an Treoir, a ordú don chuideachta leigheas iomchuí a sholáthar. Beidh an méid sin gan dochar do phionóis arna bhforchur i leith sárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus don dliteanas sibhialta arna lorg os comhair cúirt náisiúnta. I gcás inarb é comhpháirtí gnó na cuideachta agus é sin amháin is cúis leis an drochthionchar iarbhír, féadfaidh an chuideachta leigheas a chur ar fáil ar bhonn deonach. Féadfaidh an chuideachta úsáid a bhaint freisin as a cumas tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó is cúis leis an drochthionchar nó is cúis leis go comhpháirteach chun gur féidir leigheas a thabhairt.

(59)  Ba cheart do chuideachtaí an deis a thabhairt do dhaoine agus d’eagraíochtaí gearáin a chur go díreach faoina mbráid i gcás ábhair imní dhlisteanacha maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine nó ar an gcomhshaol. Ar na daoine agus na heagraíochtaí a d’fhéadfadh na gearáin sin a dhéanamh, ba cheart go n-áireofaí daoine a bhfuil éifeacht orthu nó a bhfuil forais réasúnta acu lena chreidiúint go bhféadfadh éifeacht a bheith orthu agus ionadaithe dlisteanacha na ndaoine sin thar a gceann, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine; ceardchumainn agus ionadaithe eile oibrithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine aonair a oibríonn sa slabhra gníomhaíochtaí lena mbaineann; agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach agus a bhfuil taithí acu sna réimsí a bhaineann leis an drochthionchar ar an gcomhshaol is ábhar don ghearán. Ba cheart do chuideachtaí nós imeachta atá cothrom, ar fáil go poiblí, inrochtana agus trédhearcach a bhunú chun déileáil leis na gearáin sin agus ba cheart dóibh na hoibrithe ábhartha, na ceardchumainn agus ionadaithe eile na n-oibrithe a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta sin. Ba cheart do chuideachtaí sásra inrochtana a bhunú freisin chun go gcuirfidh daoine agus eagraíochtaí fógraí isteach i gcás ina bhfuil faisnéis nó ábhair imní acu maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha. Chun an t-ualach ar chuideachtaí a laghdú, ba cheart dóibh a bheith in ann páirt a ghlacadh i nósanna imeachta comhoibritheacha gearán agus i sásraí comhoibritheacha maidir le fógra a thabhairt, amhail na cinn sin arna mbunú go comhpháirteach ag cuideachtaí mar shampla, ag grúpa cuideachtaí, trí chomhlachais tionscail, tionscnaimh il-geallsealbhóirí nó creat-chomhaontuithe domhanda.

Níor cheart gur réamhriachtanas é fógra nó gearán a chur isteach ná níor cheart cosc a chur ar an duine atá á chur isteach ó rochtain a bheith aige ar nós imeachta na n-ábhar imní cuí-réasúnaithe ná ar shásraí breithiúnacha ná ar shásraí neamhbhreithiúnacha eile, amhail pointí teagmhála náisiúnta ECFE i gcás inarb ann dóibh. Ba cheart gur de chineál iad na forálacha maidir leis an nós imeachta gearán agus an sásra fógra faoin Treoir seo, go seachnófaí sirtheoireacht mhíréasúnta mar thoradh ar an rochtain ar ionadaithe cuideachta. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart daoine a bhfuil gearáin á gcur isteach acu, i gcás nach gcuireann siad isteach go hanaithnid iad, a bheith i dteideal a iarraidh ar an gcuideachta go ndéanfaí obair leantach thráthúil iomchuí agus bualadh le hionadaithe na cuideachta ar leibhéal iomchuí chun na drochthionchair dhiana fhéideartha nó iarbhír is ábhar don ghearán agus an leigheas féideartha a phlé, agus go míneofaí an réasúnaíocht dóibh i dtaobh bunús a bheith nó gan a bheith measta a bheith leis an ngearán, agus i gcás ina bhfuil bunús leis, go dtabharfaí faisnéis dóibh maidir leis na céimeanna agus na bearta a rinneadh nó atá le déanamh.

Ba cheart do chuideachtaí bearta réasúnta a dhéanamh freisin chun aon chineál frithbhirt a chosc trí rúndacht chéannacht an duine nó na heagraíochta a bhfuil an gearán nó an fógra curtha isteach acu a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart na téarmaí ‘cothrom, ar fáil go poiblí, inrochtana, intuartha agus trédhearcach’ a thuiscint i gcomhréir le prionsabal 31 de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe lena gceanglaítear go mbeidh nósanna imeachta dlisteanacha, inrochtana, intuartha, cothrom, trédhearcach, comhoiriúnach do chearta agus ina bhfoinse foghlama leanúnaí, faoi mar a thagraítear dóibh freisin i mBarúil Ghinearálta Uimh. 16 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ba cheart cosaint chuí a thabhairt d’oibrithe agus dá n-ionadaithe freisin, agus ba cheart aon iarrachtaí neamhbhreithiúnacha ar leigheas a bheith gan dochar do chómhargáil agus aitheantas do cheardchumainn a spreagadh agus níor cheart, ar bhealach ar bith, an bonn a bhaint ó ról na gceardchumann dlisteanach nó ionadaithe na n-oibrithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhíospóidí a bhaineann leis an lucht saothair. Ba cheart do chuideachtaí inrochtaineacht na sásraí fógra agus na nósanna imeachta gearáin do gheallsealbhóirí a áirithiú, agus aird chuí á tabhairt ar bhacainní ábhartha.

(60)   Ós rud é gur liosta níos leithne é liosta na ndaoine nó na n-eagraíochtaí atá i dteideal gearán a chur isteach agus gur leithne raon feidhme ábhar gearán, ba cheart go dtuigfí i dtéarmaí dlíthiúla gur sásra ar leith é an nós imeachta gearán faoin Treoir seo ón nós imeachta tuairiscithe inmheánach arna bhunú ag cuideachtaí i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). Más féidir an sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta a áirítear i raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheas mar dhrochthionchar agus gur fostaí de chuid na cuideachta é an duine atá ag tuairisciú a raibh éifeacht dhíreach ag an drochthionchar air, d’fhéadfadh an duine sin an dá nós imeachta a úsáid: an sásra gearán i gcomhréir leis an Treoir seo agus le nós imeachta tuairiscithe inmheánach a leagtar amach i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937. Mar sin féin, mura gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha thuas, ansin níor cheart go mbeadh an duine ábalta dul ar aghaidh ach amháin trí cheann de na nósanna imeachta.

(61)  Ba cheart do chuideachtaí faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht a mbeart díchill chuí. Ba cheart dóibh measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar a n-oibríochtaí féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu le slabhraí gníomhaíochtaí na cuideachta, ar oibríochtaí a ▌ gcomhpháirtithe gnó, chun measúnú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na mbeart um drochthionchair ▌ a shainaithint, a chosc, a íoslaghdú, a mhaolú agus deireadh a chur leo. Ba cheart leis na measúnuithe sin a fhíorú go sainaithnítear na drochthionchair go cuí, go gcuirtear bearta díchill chuí chun feidhme, agus gur coisceadh na drochthionchair nó gur cuireadh deireadh leo go hiarbhír. Chun a áirithiú go mbeidh na measúnuithe sin cothrom le dáta, ba cheart iad a dhéanamh gan mhoill mhíchuí tar éis athrú suntasach a tharlaíonn, ach gach 12 mhí ar a laghad agus ba cheart iad a athbhreithniú idir an dá linn má tá forais réasúnacha ann a chreidiúint go bhféadfadh rioscaí ▌nua drochthionchair a bheith tagtha chun cinn. Ba cheart athrú suntasach a thuiscint mar athrú ar status quo oibríochtaí na cuideachta féin, oibríochtaí a fochuideachtaí nó a comhpháirtithe gnó, na timpeallachta dlíthiúla nó na timpeallachta gnó nó aon athrú suntasach eile ar staid na cuideachta nó ar a chomhthéacs oibríochta.

D’fhéadfadh sé gur samplaí d’athrú suntasach cásanna ina dtosaíonn an chuideachta ag oibriú in earnáil eacnamaíoch nua nó i limistéar geografach nua, ina dtosaíonn sí ag táirgeadh táirgí nua nó ina n-athraíonn sí an bealach a dtáirgtear na táirgí atá ann cheana agus úsáid á baint as teicneolaíocht a bhféadfadh drochthionchar níos mó a bheith aici, nó ina n-athraíonn sí a struchtúr corparáideach trí athstruchtúrú nó tri chumaisc nó trí cheannaigh. D’fhéadfadh forais réasúnta lena chreidiúint go bhfuil rioscaí nua ann teacht chun cinn ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear foghlaim faoin drochthionchar trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, trí rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, nó trí fhógraí a tugadh. Ba cheart do chuideachtaí doiciméadacht lena léirítear go bhfuil an ceanglas sin á chomhlíonadh acu a choinneáil ar feadh cúig bliana ar a laghad. Ba cheart a áireamh sa doiciméadacht sin, i gcás inarb ábhartha, na tionchair shainaitheanta agus na measúnuithe doimhne de bhun Airteagal 8, an plean gníomhaíochta coisctheach agus/nó ceartaitheach de bhun Airteagal 10(2), pointe (a), agus Airteagal 11(3), pointe (b), na forálacha conarthacha a fuarthas nó conarthaí a tugadh i gcrích de bhun Airteagal 10(2), pointe (b), Airteagal 10(4) agus Airteagal 11(3)(c) agus 11(5), na fíoruithe de bhun Airteagal 10(5) agus Airteagal 11(6), bearta leighis, measúnuithe tréimhsiúla mar chuid d’oibleagáid faireacháin na cuideachta, chomh maith le fógraí agus gearáin. Níor cheart do ghnóthais airgeadais measúnú tréimhsiúil a dhéanamh ach amháin ar a n-oibríochtaí féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus ar oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó réamhtheachtacha.

(62)  Mar atá an cás sna gcaighdeán idirnáisiúnta a leagtar síos cheana i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe agus i gcreat ECFE, is cuid dílis den cheanglas díchill chuí í faisnéis a fhoilsiú atá ábhartha go seachtrach maidir leis na beartais, próisis agus gníomhaíochtaí díchill chuí a rinneadh chun drochthionchair iarbhír nó féideartha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear cinntí agus torthaí na ngníomhaíochtaí sin. Leagtar amach i dTreoir 2013/34/AE oibleagáidí tuairiscithe ábhartha le haghaidh na gcuideachtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Ina theannta sin, leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18) tuilleadh oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh gnóthais airgeadais maidir le nochtadh a bhaineann le hinbhuanaitheacht san earnáil airgeadais. Chun dúbláil na n-oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, níor cheart, dá bhrí sin, go dtabharfaí aon oibleagáidí tuairiscithe nua isteach leis an Treoir seo sa bhreis ar na hoibleagáidí faoi Threoir 2013/34/AE le haghaidh na gcuideachtaí a chumhdaítear le Treoir 2013/34/AE agus leis na caighdeáin tuairiscithe ba cheart a fhorbairt fúithi. Chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le cumarsáid a dhéanamh mar chuid den dícheall cuí faoin Treoir seo, ba cheart do chuideachtaí ráiteas bliantúil a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais, laistigh de thréimhse réasúnta ama, ach tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta chlár comhardaithe na bliana airgeadais a ndéantar an ráiteas a tharraingt suas ina leith, ach amháin má tá an chuideachta faoi réir cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/34/AE.

I gcásanna nach gceanglaítear ar chuideachta tuairisciú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE, ba cheart an ráiteas a fhoilsiú faoi dháta foilsithe na ráiteas airgeadais bliantúil. Ba cheart an ráiteas bliantúil a chur faoi bhráid an chomhlachta bailithe ainmnithe le go mbeadh sé inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19). Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i ndáil leis na rialacha maidir le hinrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2859 a leasú tríd an tagairt don Treoir seo a chur isteach.

(63)   Maidir leis an gceanglas ar chuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus atá, ag an am céanna, faoi réir ceanglais tuairiscithe faoi Airteagail 19a, 29a agus 40a de Threoir 2013/34/AE chun tuairisciú a dhéanamh ar a bpróiseas díchill chuí mar a shonraítear in Airteagail 19a, 29a agus 40a de Threoir 2013/34/AE, ba cheart iad a thuiscint mar cheanglas atá ar chuideachtaí cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann siad an dícheall cuí dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcrích.

(64)   Níl sé mar chuspóir leis an Treoir seo a cheangal ar chuideachtaí caipiteal intleachtúil, maoin intleachtúil, fios gnó nó torthaí nuálaíochta a nochtadh go poiblí a cháileodh mar rúin trádála mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943. Ba cheart na ceanglais tuairiscithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, dá bhrí sin, a bheith gan dochar do Threoir (AE) 2016/943. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo freisin gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20).

(65)   Chun dícheall cuí fóinteach a dhéanamh maidir le cearta an duine agus an comhshaol, ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh chun teagmháil éifeachtach a dhéanamh le pháirtithe leasmhara, ar mhaithe leis an bpróiseas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí díchill chuí a dhéanamh. Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, ba cheart go gcumhdófaí le teagmháil éifeachtach faisnéis ábhartha chuimsitheach a sholáthar do gheallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo, chomh maith le comhairliúchán leanúnach lenar féidir fíor-idirghníomhaíocht agus fíor-idirphlé a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí, ar leibhéal an tionscadail nó an láithreáin, mar shampla, agus le tréimhsiúlacht iomchuí. Le linn na rannpháirtíochta fóintí leis na páirtithe leasmhara a dtéitear i gcomhairle leo, ba cheart aird chuí a thabhairt ar bhacainní ar rannpháirtíocht, ba cheart a áirithiú nach mbeidh na geallsealbhóirí faoi réir frithbhearta nó bearta díoltais, lena n-áirítear trí am rúndacht agus an anaithnideacht a chaomhnú, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais geallsealbhóirí leochaileacha, agus ar leochaileachtaí forluiteacha agus ar thosca forluiteacha, lena n-áirítear trí ghrúpálacha agus pobail a chur i gcuntas dá ndéantar difear go féideartha, mar shampla iad siúd a chosnaítear faoi Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus a chumhdaítear i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine.

Tá cásanna ann nach mbeifear in ann dul i mbun rannpháirtíocht fhóinteach le geallsealbhóirí lena ndeachthas i gcomhairle, nó ina mbeidh rannpháirtíocht le peirspictíochtaí saineolaithe breise úsáideach chun go mbeidh an chuideachta in ann ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh go hiomlán. Sna cásanna sin, ba cheart do chuideachtaí dul i gcomhairle le saineolaithe freisin, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chosnaíonn cearta an duine nó an comhshaol chun léargas inchreidte a fháil ar dhrochthionchair iarbhír nó fhéideartha. Ba cheart an comhairliúchán leis na fostaithe agus lena n-ionadaithe a dhéanamh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, agus i gcás inarb infheidhme, leis an dlí náisiúnta agus le comhaontuithe comhchoiteanna agus gan dochar dá gcearta is infheidhme maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht, agus go háirithe na cearta sin a chumhdaítear le reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimse na fostaíochta agus na gceart sóisialta, lena n-áirítear Treoir 2001/86/CE ón gComhairle(21) agus Treoracha 2002/14/CE(22) agus 2009/38/CE(23) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart a thuiscint go n-áirítear le fostaithe oibrithe sealadacha gníomhaireachta agus oibrithe eile i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir lena gcinntear stádas oibrí, arna mbunú ag CBAE. Agus comhairliúcháin á ndéanamh acu, ba cheart do chuideachtaí a bheith in ann brath ar thionscnaimh earnála a mhéid atá siad iomchuí chun tacú le rannpháirtíocht éifeachtach. Ní leor ann féin úsáid a bhaint as tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí chun an oibleagáid dul i gcomhairle le hoibrithe agus lena n-ionadaithe a chomhlíonadh.

(66)  Chun uirlisí a thabhairt do chuideachtaí chun cabhrú leo a gceanglais díchill chuí a chomhlíonadh trína slabhraí gníomhaíochtaí, ba cheart don Choimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, treoraíocht a thabhairt maidir le clásail chonarthacha eiseamláireacha, ar féidir le cuideachtaí iad a úsáid go deonach mar uirlis chun cabhrú lena n-oibleagáidí in Airteagal 10 agus Airteagal 11 a chomhlíonadh. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an treoraíocht gurbh fhusa a bheadh sé na cúraimí a leithdháileadh ar bhealach soiléir idir na páirtithe conarthacha agus comhar leanúnach a dhéanamh, ar shlí a sheachnóidh aistriú oibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo chuig comhpháirtí gnó agus a chuirfeadh an conradh ar neamhní go huathoibríoch i gcás sárú. Ba cheart go léireofaí sa treoraíocht an prionsabal nach leor úsáid na ndearbhuithe conarthacha, aisti féin, chun caighdeáin díchill chuí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh.

(67)  Chun tacaíocht agus uirlisí praiticiúla a sholáthar do chuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh go praiticiúil, agus chun tacaíocht a thabhairt do na geallsealbhóirí, ba cheart an rogha a bheith ag an gCoimisiún, agus leas á bhaint aige as treoirlínte agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha mar thagairt, i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, leis an Údarás Eorpach Saothair, agus i gcás inarb iomchuí le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí eile a bhfuil saineolas acu ar an dícheall cuí, ▌ treoirlínte a eisiúint, lena n-áirítear treoirlínte ginearálta agus treoirlínte i gcás earnálacha sonracha nó drochthionchair shonracha agus idirghníomhú na Treorach seo agus gníomhartha reachtacha eile an Aontais agus lena bhforáiltear d'oibleagáidí níos forleithne nó níos sonraí.

(68)   Le huirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha, mar shampla iad siúd a úsáidtear chun amhábhair, earraí agus táirgí a fhaire agus a rianú ar fud na slabhraí luacha satailítí, ladrainn, radair nó réitigh ardánbhunaithe, cuir i gcás, d’fhéadfaí tacú leis an mbailiú sonraí i gcás bhainistiú an tslabhra luacha agus an costas a bhaineann leis a laghdú, lena n-áirítear drochthionchair a shainaithint agus a mheasúnú, cosc agus maolú, agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart díchill chuí. Chun cuidiú le cuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh feadh a slabhra luacha, ba cheart úsáid na n-uirlisí agus na dteicneolaíochtaí sin a spreagadh agus a chur chun cinn. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint ina mbeadh faisnéis úsáideach agus tagairtí d’acmhainní iomchuí. Agus uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha á n-úsáid acu, ba cheart do chuideachtaí na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt orthu go hiomchuí, agus ba cheart dóibh sásraí a chur i bhfeidhm chun oiriúnacht na faisnéise a fhaightear a fhíorú.

(69)  Cé nach n-áirítear FBManna faoi raon feidhme na Treorach seo, d’fhéadfadh forálacha na Treorach seo tionchar a imirt orthu nuair a fheidhmíonn siad mar chonraitheoirí nó mar fhochonraitheoirí do na cuideachtaí atá faoi raon feidhme na Treorach seo. Mar sin féin, is é an aidhm atá ann an t-ualach airgeadais nó riaracháin ar FBManna a mhaolú, nó tá cuid mhór díobh ag streachailt cheana féin i gcomhthéacs na géarchéime domhanda eacnamaíche agus sláintíochta. Chun tacú le FBManna, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, le tacaíocht ón gCoimisiún, suíomhanna gréasáin, tairseacha nó ardáin tiomnaithe so-úsáidte a chur ar bun agus a oibriú,, chun faisnéis a sholáthar do chuideachtaí agus chun tacú leo, agus d’fhéadfadh na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do FBManna freisin agus cabhrú leo cur lena n-acmhainneacht. D’fhéadfaí an tacaíocht sin a chur ar fáil freisin d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha i dtríú tíortha agus í a chur in oiriúint dóibh agus a leathnú i gcás inar gá. Moltar freisin do chuideachtaí ar FBM iad a gcomhpháirtithe gnó, tacú leo chun na bearta díchill chuí a chomhlíonadh ▌agus ceanglais chothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha, chomhréireacha a úsáid i leith na FBManna.

(70)   Ba cheart don Choimisiún deasc chabhrach lárnach ar leith a bhunú maidir le dícheall cuí na hinbhuanaitheachta corparáidí. Ba cheart don deasc chabhrach lárnach sin a bheith ábalta comhoibriú le húdaráis náisiúnta ábhartha i ngach Ballstát agus faisnéis a iarraidh orthu, lena n-áirítear ar dheasca náisiúnta cabhrach i gcás inarb ann dóibh, mar shampla chun cuidiú leis an bhfaisnéis agus an treoraíocht a chur in oiriúint do chomhthéacsanna náisiúnta agus lena scaipeadh, gan dochar do leithdháileadh feidhmeanna agus cumhachtaí i measc na n-údarás sna córais náisiúnta. Ba cheart don deasc chabhrach lárnach agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha idirchaidreamh a dhéanamh le chéile freisin chun comhar trasteorann a áirithiú.

(71)  Chun an tacaíocht a thugann na Ballstáit do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, ina gcur chun feidhme ar oibleagáidí díchill chuí a chomhlánú, féadfaidh an Coimisiún tógáil ar na huirlisí, na tionscadail agus na gníomhaíochtaí eile atá ag an Aontas cheana agus a chabhraíonn le cur chun feidhme an díchill chuí san Aontas agus i dtríú tíortha. Féadfaidh sé bearta tacaíochta nua a chur ar bun a chuideoidh le cuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, maidir le ceanglais díchill chuí, lena n-áirítear faireachlann do thrédhearcacht an tslabhra gníomhaíochtaí agus tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí a éascú.

(72)  D’fhéadfadh an Coimisiún bearta tacaíochta na mBallstát a chomhlánú ag tógáil ar ghníomhaíocht an Aontais láithreach chun tacú le hoibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha cur lena gcumas drochthionchair a n-oibríochtaí agus a gcaidrimh gnó ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc agus a mhaolú ar bhealach éifeachtach, agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin atá roimh fheirmeoirí beaga. Moltar don Aontas agus do na Ballstáit, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach a n-ionstraimí comharsanachta, forbartha agus comhair idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe trádála, a úsáid chun tacú le rialtais tríú tíortha agus le hoibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtacha i dtríú tíortha chun aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair a gcuid oibríochtaí agus a gcaidrimh ghnó réamhtheachtacha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an comhar le rialtais tíortha comhpháirtíochta, leis an earnáil phríobháideach áitiúil agus le páirtithe leasmhara chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna a bhaineann le drochthionchair ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol.

(73)  Is uirlis thábhachtach reachtach í an Treoir seo chun an t-aistriú corparáideach chuig geilleagar inbhuanaithe a áirithiú, lena n-áirítear chun dochair eiseacha agus costais an athraithe aeráide a laghdú, chun a áirithiú go ndéanfar an t-ailíniú le spriocanna glan-nialasacha domhanda faoi 2050, chun aon mhaíomh míthreorach maidir leis an ailíniú sin a sheachaint agus chun stop a chur le glas-snasú, bréagaisnéis agus méadú úsáid na mbreoslaí iontaise ar fud an domhain ionas go sroichfear cuspóirí aeráide idirnáisiúnta agus Eorpacha. Chun a áirithiú go rannchuideoidh an Treoir seo ar bhealach éifeachtach chun an t-athrú aeráide a chomhrac, ba cheart do chuideachtaí plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, arb é is aidhm dó a áirithiú, trí na hiarrachtaí is fearr, go bhfuil samhail ghnó agus straitéis ghnó na cuideachta comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus le teorannú an téimh dhomhanda go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus comhoiriúnach leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach mar a bhunaítear é i Rialachán (AE) 2021/1119, lena n-áirítear a spriocanna aeráidneodrachta idirmheánacha agus 2050. Ba cheart aghaidh a thabhairt sa phlean, i gcás inarb ábhartha, ar nochtadh na cuideachta do ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás. Ba cheart na ceanglais sin a thuiscint mar oibleagáid i dtéarmaí modhanna seachas mar oibleagáid i dtéarmaí torthaí. Ós rud é gur oibleagáid ó thaobh modhanna de í, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn a dhéanann cuideachtaí, agus ar chastacht agus cineál athraitheach an aistrithe aeráide. Cé gur cheart do chuideachtaí a ndícheall a dhéanamh chun na spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a shroicheadh atá ina bpleananna, féadfaidh sé nach mbeidh cuideachtaí ábalta na spriocanna sin a shroicheadh toisc imthosca sonracha, i gcás nach mbeidh sé réasúnta a thuilleadh. Ba cheart go n-áireofaí sa phlean spriocanna faoi cheangal ama a bhaineann lena gcuspóirí aeráide do 2030 agus i gcéimeanna 5 bliana suas go 2050 bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhoshéanta agus, i gcás inarb iomchuí, dearbhspriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcás raon feidhme 1, raon feidhme 2 agus raon feidhme 3 astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Ba cheart leis na pleananna go bhforbrófaí gníomhaíochtaí cur chun feidhme chun spriocanna aeráide na cuideachta a bhaint amach agus a bheith bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhochloíte, rud a chiallaíonn fianaise le bailíochtú eolaíoch neamhspleách atá comhsheasmhach le teorannú an téimh dhomhanda ag 1.5 °C arna sainiú ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus na moltaí ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide á gcur i gcuntas. Ba cheart a cheangal ar na húdaráis mhaoirseachta maoirseacht a dhéanamh, ar a laghad, ar ghlacadh agus ar dhearadh an phlean agus ar na nuashonruithe air, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo. Ós rud é gur cheart inneachar an phlean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide a bheith i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe faoi Threoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach, ba cheart a mheas go bhfuil an oibleagáid shonrach maidir le plean a ghlacadh faoin Treoir seo comhlíonta ag cuideachtaí a thuairiscíonn plean den sórt sin faoi Threoir 2013/34/AE. Cé go measfar go bhfuil an oibleagáid chun glacadh comhlíonta, ba cheart do chuideachtaí fós cloí lena n-oibleagáid an plean aistrithe sin do mhaolú an athraithe aeráide a chur i bhfeidhm agus é a nuashonrú gach 12 mhí chun an dul chun cinn atá déanta i dtreo a spriocanna a mheasúnú..

(74)  Chun go bhféadfar formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an Treoir seo agus, i gcás inar gá, í a fhorfheidhmiú go héifeachtach i ndáil leis na cuideachtaí tríú tír ▌, ba cheart do na cuideachtaí sin ionadaí údaraithe san Aontas a ainmniú a mbeidh sainordú leordhóthanach aige, agus ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar a bhaineann lena n-ionadaithe údaraithe. Ba cheart go bhféadfadh an t-ionadaí údaraithe feidhmiú mar phointe teagmhála freisin, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais ábhartha na Treorach seo. Mura n-ainmníonn an chuideachta tríú tír an t-ionadaí údaraithe, ba cheart gach Ballstát ina bhfeidhmíonn an chuideachta a bheith inniúil chun comhlíonadh na hoibleagáide sin a fhorfheidhmiú, go háirithe duine nádúrtha nó dlítheanach a ainmniú i gceann de na Ballstáit ina n-oibríonn sí, i gcomhréir leis an gcreat forfheidhmithe a leagtar amach sa dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a chuireann tús leis an bhforfheidhmiú sin údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile a chur ar an eolas trí Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta ionas nach ndéanfaidh na Ballstáit eile forfheidhmiú.

(75)  Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme ceart oibleagáidí díchill chuí na gcuideachtaí agus chun forfheidhmiú cuí na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údarás nó údaráis maoirseachta náisiúnta a ainmniú. Ba cheart na húdaráis mhaoirseachta sin a bheith de chineál poiblí, neamhspleách ar na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus ar leasanna eile sa mhargadh, agus iad a bheith saor ó choinbhleachtaí leasa agus ó thionchar seachtrach, bíodh sé sin díreach nó indíreach. Chun a gcumhachtaí a fheidhmiú ar shlí neamhchlaonta, níor cheart do na húdaráis mhaoirseachta sin treoracha a lorg ná a ghlacadh ó aon duine. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar do gach údarás maoirseachta na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach. Ba cheart dóibh a bheith i dteideal imscrúduithe a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn ▌ ábhair imní chuí-réasúnaithe a agraítear faoin Treoir seo. D’fhéadfaí a áireamh ar na himscrúduithe sin, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair agus éisteacht na ngeallsealbhóirí ábhartha. I gcás inarb ann d’údaráis inniúla faoi reachtaíocht earnálach, d’fhéadfadh na Ballstáit iad siúd a shainaithint mar údaráis atá freagrach as cur i bhfeidhm na Treorach seo ina réimsí inniúlachta. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin maidir lena ngníomhaíochtaí roimhe sin, lena n-áirítear na sáruithe is tromchúisí a sainaithníodh. Ba cheart do na Ballstáit sásra inrochtana a chur ar bun, a bheadh saor in aisce nó ar táille nach ndéanfadh ach na costais riaracháin a chumhdach, chun glacadh le hábhair imní chuí-réasúnaithe, agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfí faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal faoi conas is féidir an ceart sin a fheidhmiú.

(76)  Chun forfheidhmiú éifeachtach fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis athchomhairleacha chomhréireacha éifeachtacha i gcás sáruithe ar na bearta sin. Ionas go mbeidh an córas pionós sin éifeachtach, ba cheart go n-áireofaí ar na pionóis a bheidh le forchur ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta pionóis airgid agus ráiteas poiblí lena léireofaí an chuideachta atá freagrach agus cineál an tsáraithe má mhainníonn an chuideachta an cinneadh lena bhforchuirtear pionós airgid a chomhlíonadh laistigh den tréimhse is infheidhme. Beidh an córas pionós sin gan dochar don chumhacht táirgí a tharraingt siar agus toirmeasc a chur ar tháirgí a chur ar an margadh, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú faoi ghníomhartha reachtacha eile an Aontais lena bhforáiltear d’oibleagáidí díchill chuí níos fairsinge nó níos sonraí, amhail Rialachán (AE) 2023/1115. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an pionós airgid i gcomhréir le glanláimhdeachas domhanda na cuideachta tráth a fhorchurtha. Níor cheart, mar gheall air sin áfach, oibleagáid a bheith ar na Ballstáit an pionós airgid a bhunú ar ghlanláimhdeachas na cuideachta agus air sin amháin i ngach cás.

Ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar cheart d’údaráis mhaoirseachta na pionóis a fhorchur go díreach, i gcomhar le húdaráis eile nó trí iarraidh ar na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. Chun maoirseacht phoiblí ar chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a áirithiú, maidir le cinntí na n-údarás maoirseachta lena bhforchuirtear pionóis ar chuideachtaí toisc gur theip orthu forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh, ba cheart na cinntí sin a fhoilsiú, a sheoladh chuig Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta agus a bheith ar fáil go poiblí ar feadh trí bliana ar a laghad. Níor cheart aon sonraí pearsanta a bheith sa chinneadh foilsithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24). Ba cheart go gceadófaí ainm na cuideachta a fhoilsiú fiú má tá ainm duine nádúrtha ann.

(77)   Chun laghdú saorga ar aon fhíneálacha riaracháin a d'fhéadfadh a bheith ann a chosc, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus pionós airgid á fhorchur acu ar chuideachta ar le grúpa í, go ríomhtar an pionós sin agus an láimhdeachas comhdhlúite arna ríomh ar leibhéal na máthairchuideachta deiridh á chur i gcuntas.

(78)  Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta oibriú i gcomhar le chéile agus a ngníomhaíocht a chomhordú. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta a bhunú agus ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta cúnamh a thabhairt dá chéile i dtaca lena gcúraimí a fheidhmiú agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile.

(79)  Chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag íospartaigh drochthionchar ar cheartas agus ar chúiteamh, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit rialacha a leagan síos lena rialaítear dliteanas sibhialta cuideachtaí i dtaobh aon damáiste a dhéantar do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar choinníoll gur mhainnigh an chuideachta d’aon ghnó nó le faillí drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus a mhaolú nó deireadh a chur le tionchair iarbhír agus a méid ▌ a íoslaghdú agus go ndearnadh damáiste don duine nádúrtha nó dlítheanach de dheasca mainneachtana den sórt sin. Ba cheart damáiste a dhéantar do leasanna dlíthiúla cosanta duine a thuiscint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, mar shampla bás, gortú fisiciúil nó síceolaíoch, díothú saoirse pearsanta, cailleadh dínit an duine, nó damáiste do mhaoin duine.

Maidir leis an gcoinníoll nach mór an damáiste a bheith déanta do dhuine toisc nár chomhlíon an chuideachta an oibleagáid aghaidh a thabhairt ar an drochthionchar, i gcás inar dírithe ar an duine nádúrtha nó dlítheanach dá ndéantar an damáiste a chosaint atá an ceart, an toirmeasc nó an oibleagáid a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, arb é a mí-úsáid nó a sárú ba chúis leis an drochthionchar ar cheart aghaidh a bheith tugtha air , sa chás sin ba cheart go dtuigfí leis an gcoinníoll sin nach gcumhdaítear damáiste díorthach (.i. damáiste a tharla go hindíreach do dhaoine eile nach íospartaigh drochthionchar iad agus nach bhfuil faoi chosaint na gceart, na dtoirmeasc ná na n-oibleagáidí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo). Mar shampla, má d’fhulaing fostaí de chuideachta damáiste mar gheall ar an gcuideachta a bheith ag sárú caighdeáin sábháilteachta san ionad oibre, níor cheart cead a bheith ag tiarna talún an fhostaí sin éileamh a dhéanamh in aghaidh na cuideachta ar chaillteanas eacnamaíoch de bharr nach bhfuil an fostaí in ann an cíos a íoc. Dála na cúisíochta, de réir bhrí an dliteanais shibhialta, ní rialaítear leis an Treoir seo í, ach amháin sa mhéid nár cheart na cuideachtaí a chur faoi dhliteanas más iad na comhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí agus iadsan amháin is cúis leis an damáiste (‘nasc díreach’a bheith acu leis, mar a thugtar air dá dtagraítear sa chreat idirnáisiúnta). Ba cheart é a bheith de cheart ag íospartaigh cúiteamh iomlán a fháil as an damáiste a tharla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis an bprionsabal coiteann sin. Ba cheart cosc a chur ar dhíspreagadh trí dhamáistí (damáistí pionósacha) nó aon chineál eile róchúitimh.

(80)  Ós rud é gur cheart tosaíocht a thabhairt do na drochthionchair de réir a ndéine agus a ndóchúlachta agus aghaidh a thabhairt orthu de réir a chéile, mura féidir aghaidh a thabhairt go hiomlán an tráth céanna ar na drochthionchair uile a sainaithníodh, níor cheart go mbeadh cuideachta faoi dhliteanas faoin Treoir seo i leith aon damáiste a eascraíonn as aon drochthionchair nach bhfuil chomh suntasach sin agus nár tugadh aghaidh orthu go fóill. Ba cheart, áfach, cruinneas i mbeartú tosaíochta na cuideachta do dhrochthionchair a mheasúnú nuair a chinntear cibé acu a comhlíonadh na coinníollacha i dtaca le dliteanas na cuideachta mar chuid den mheasúnú ar cibé acu a sháraigh an chuideachta a hoibleagáid i ndáil le haghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na drochthionchair a shainaithin sé.

(81)  Ní rialaítear leis an gcóras dliteanais cé air a bhfuil sé a chruthú gur comhlíonadh na coinníollacha dliteanais faoi imthosca an cháis, nó ar choinníollacha faoinar féidir imeachtaí sibhialta a thionscnamh, mar sin fágtar na ceisteanna sin faoin dlí náisiúnta.

(82)   Chun an ceart chun leighis éifeachtaigh a áirithiú, mar a chumhdaítear in Airteagal 2(3) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, in Airteagal 8 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus), tugtar aghaidh leis an Treoir seo ar bhacainní praiticiúla agus nós imeachta áirithe ar cheartas d’íospartaigh drochthionchar, lena n-áirítear deacrachtaí maidir le rochtain ar fhianaise, fad teoranta tréimhsí teorann, easpa sásraí leordhóthanacha le haghaidh caingne ionadaíocha, agus na costais thoirmeascacha a bhaineann le himeachtaí dliteanais shibhialta.

(83)   I gcás ina dtíolacann éilitheoir bonn cirt réasúnaithe ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun tacú le inchreidteacht a éilimh ar dhamáistí agus ina léiríonn sé go bhfuil fianaise bhreise faoi rialú na cuideachta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na cúirteanna a ordú go ndéanfaidh an chuideachta fianaise mar sin a nochtadh i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta, ach an nochtadh sin a theorannú do mhéid na fianaise atá riachtanach agus comhréireach. Chun na críche sin, ba cheart do chúirteanna náisiúnta breithniú a dhéanamh ar a mhéid a thacaíonn na fíorais atá ar fáil leis an éileamh nó leis an gcosaint, agus ar an bhfianaise lena dtugtar bonn cirt don iarraidh ar nochtadh; raon feidhme agus costas an nochta chomh maith le leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear cuardaigh neamhshonracha ar fhaisnéis a chosc nach dócha go mbeidh sí ábhartha do na páirtithe sa nós imeachta. I gcás ina bhfuil faisnéis rúnda san fhianaise sin, níor cheart do chúirteanna náisiúnta a bheith ábalta nochtadh na faisnéise sin a ordú ach amháin i gcás ina measann siad go bhfuil sí ábhartha leis an gcaingean i leith damáistí agus ba cheart dóibh bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a chosaint.

(84)   Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha réasúnta faoinar cheart d’aon pháirtí díobhálaithe líomhnaithe a bheith in ann ceardchumann, eagraíocht neamhrialtasach um chearta an duine nó eagraíocht neamhrialtasach eile a údarú, agus, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, atá bunaithe in aon Bhallstát, a údarú chun caingne dliteanais shibhialta a thionscnamh chun cearta íospartach a fhorfheidhmiú, i gcás ina gcomhlíonann na heintitis sin na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta, mar shampla, i gcás ina bhfuil láithreacht bhuan dá gcuid féin acu agus, i gcomhréir lena reachtanna, nach bhfuil siad bainteach, go sealadach fiú, ar bhonn tráchtála, le réadú na gceart a chosnaítear faoin Treoir seo nó faoi na cearta comhfhreagracha sa dlí náisiúnta. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí fhorálacha an nós imeachta shibhialta náisiúnta maidir le húdarú chun ionadaíocht a dhéanamh ar an íospartach i gcomhthéacs idirghabháil tríú páirtí, bunaithe ar thoiliú sainráite an duine díobhálaithe líomhnaithe, agus níor cheart a léirmhíniú go gceanglaítear ar na Ballstáit forálacha a ndlí náisiúnta maidir le caingne ionadaíocha a leathnú mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.(25).

(85)   Ba cheart gur cúig bliana ar a laghad a bheadh sna tréimhsí teorann chun éilimh ar dhliteanas sibhialta a thionscnamh i leith damáistí agus, i gcás ar bith, níor cheart iad a bheith níos giorra ná an tréimhse teorann a leagtar síos faoi chórais náisiúnta dliteanais shibhialta ghinearálta. Níor cheart go gcuirfeadh rialacha náisiúnta maidir le tús, fad, fionraí nó briseadh tréimhsí teorann bac míchuí ar chaingne i leith damáistí a thionscnamh agus, i gcás ar bith, níor cheart go mbeidís níos srianta ná na rialacha maidir le córais náisiúnta dliteanais shibhialta ghinearálta.

(86)   Thairis sin, chun leigheasanna dlí a áirithiú, ba cheart éilitheoirí a bheith ábalta bearta urghaire a lorg i bhfoirm beart críochnúil nó sealadach, trí ghníomhaíocht a dhéanamh nó trí iompar a scor, chun sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta a scor arna nglacadh de bhun na Treorach seo.

(87)  A mhéid a bhaineann le rialacha dliteanais shibhialta, ba cheart dliteanas sibhialta cuideachta as damáistí a eascraíonn as gan dícheall cuí leordhóthanach a bheith déanta aici a bheith gan dochar do dhliteanas sibhialta a cuid fochuideachtaí ná do dhliteanas sibhialta faoi seach comhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha ina slabhra gníomhaíochtaí. I gcás ina ndearna an chuideachta an damáiste go comhpháirteach lena fochuideachta nó lena comhpháirtí gnó, ba cheart í a bheith faoi dliteanas comhpháirteach agus leithleach leis an bhfochuideachta nó leis an gcomhpháirtí gnó sin. Ba cheart é sin a bheith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le coinníollacha an dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh, agus gan dochar d’aon dlí de chuid an Aontais nó don dlí náisiúnta maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach, agus maidir le cearta cúláraigh ar an gcúiteamh iomlán arna íoc ag páirtí amháin atá faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach.

(88)   Ba cheart na rialacha maidir le dliteanas sibhialta faoin Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha an Aontais nó do rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta a bhaineann le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair ar an gcomhshaol lena bhforáiltear do dhliteanas i gcásanna nach gcumhdaítear le dliteanas níos déine ná an Treoir seo nó nach bhforáiltear dóibh maidir le dliteanas níos déine. Ba cheart córas dliteanais níos déine a thuiscint freisin mar chóras dliteanais shibhialta lena bhforáiltear do dhliteanas freisin i gcásanna nach mbeadh dliteanas na cuideachta mar thoradh ar chur i bhfeidhm na rialacha dliteanais faoin Treoir seo.

(89)  A mhéid a bhaineann le dliteanas sibhialta a eascraíonn ó dhrochthionchair ar an gcomhshaol, is féidir le daoine a ndéantar damáiste dóibh cúiteamh a éileamh faoin Treoir seo fiú i gcás ina bhfuil forluí idir na héilimh sin agus na héilimh maidir le cearta an duine.

(90)  Chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh sáruithe ar chearta an duine agus dochar don chomhshaol caingean chun cúiteamh a ghnóthú agus cúiteamh a éileamh i leith damáistí a dhéanann an chuideachta d’aon ghnó nó go faillíoch toisc nár chomhlíon sí na hoibleagáidí díchill chuí a eascraíonn as an Treoir seo, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit leis an Treoir seo a áirithiú go bhfuil forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an córas dliteanais shibhialta dá bhforáiltear sa Treoir seo á gcur i bhfeidhm go héigeantach agus gó sáraitheach i gcásanna nach dlí náisiúnta an Bhallstáit é ▌ an dlí is infheidhme maidir leis na héilimh sin, rud ▌ a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh mar shampla i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta an dlí phríobháidigh nuair a dhéantar an damáiste i dtríú tír. Ciallaíonn sé sin gur cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil feidhm éigeantach sáraitheach ag na ceanglais ar ina a leith is féidir le daoine nádúrtha nó dlítheanach an t-éileamh a dhéanamh, reacht na dtréimhsí agus nochtadh fianaise. Agus an córas dliteanais shibhialta dá bhforáiltear sa Treoir seo á thrasuí agus na modhanna á roghnú chun na torthaí sin a ghnóthú, ba cheart go mbeadh na Ballstáit ábalta na rialacha náisiúnta uile lena mbaineann a chur i gcuntas a mhéid is gá iad chun cosaint íospartach a áirithiú agus a mhéid is den ríthábhacht iad chun leasanna poiblí na mBallstát a chosaint, mar atá a n-eagrú polaitiúil, sóisialta nó eacnamaíoch.

(91)  Ba cheart an córas dliteanais shibhialta faoin Treoir seo a bheith gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26). Níor cheart don Treoir seo cosc a chur ar na Ballstáit oibleagáidí breise níos déine a fhorchur ar chuideachtaí nó bearta breise eile a ghlacadh a bhfuil na cuspóirí céanna acu agus atá ag ▌ Treoir 2004/35/CE.

(92)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcáileoidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó as a gcur chun feidhme deonach, mar ghné chomhshaoil agus/nó shóisialta nó mar ghné shóisialta a fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha a chur i gcuntas, mar chuid de na critéir dhámhachtana do chonarthaí poiblí agus lamháltais, nó a fhéadfaidh siad a leagan síos maidir le feidhmiú na gconarthaí sin, i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE(27), 2014/24/AE(28) agus 2014/25/AE(29) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha aon oibreoir eacnamaíoch a eisiamh nó féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur orthu é a eisiamh ó rannpháirtíocht i nós imeachta soláthair, lena n-áirítear nós imeachta dámhachtana lamháltais, i gcás inarb infheidhme, i gcás inar féidir leo a léiriú trí bhealach iomchuí ar bith gur sáraíodh na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí comhshaoil, shóisialta agus saothair, lena n-áirítear na hoibleagáidí sin a eascraíonn as comhaontuithe idirnáisiúnta áirithe a dhaingnigh na Ballstáit uile agus atá liostaithe sna Treoracha sin, nó go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, rud a fhágann go bhfuil a ionracas in amhras. Chun comhleanúnachas a áirithiú i reachtaíocht an Aontais agus chun tacú leis an gcur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a mheas an bhfuil sé ábhartha aon cheann de na treoracha sin a nuashonrú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na ceanglais agus na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí inbhuanaitheachta agus díchill chuí feadh an phróisis soláthair agus lamháltais.

(93)  Maidir le daoine a oibríonn i gcuideachtaí atá faoi réir oibleagáidí díchill chuí dá bhforáiltear sa Treoir seo nó atá i dteagmháil leis na cuideachtaí sin i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí oibre, féadfaidh ról lárnach a bheith acu i sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a nochtadh. Dá bhrí sin, is féidir leo rannchuidiú le sáruithe mar sin a chosc agus a dhíspreagadh agus forfheidhmiú na Treorach seo a neartú. Mar sin, ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2019/1937 ▌ maidir le tuairisciú gach sárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.

(94)   Chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart infheidhmeacht Threoir (AE) 2019/1937, de bhun na Treorach seo, maidir le tuairisciú sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin a léiriú i dTreoir (AE) 2019/1937. Ba cheart, dá réir sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937 a leasú. Is faoi na Ballstáit atá sé a áirithiú go léireofar an leasú sin ina mbearta trasuite arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937.

(95)  Chun sonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis gur cheart do chuideachtaí nach bhfuil faoi réir ceanglais tuairiscithe faoi na forálacha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach faoi Threoir 2013/34/AE a bheith ag déanamh cumarsáide maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha breise a chinneadh maidir le hinneachar agus critéir tuairiscithe den sórt sin, lena sonraítear faisnéis maidir leis an tuairisc ar dhícheall cuí, tionchair iarbhír agus fhéideartha agus bearta arna ndéanamh ina leith sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(30). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(96)  Ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais um chosaint sonraí agus an ceart ar chosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta mar a chumhdaítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Chairt. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Treoir seo, is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 a dhéanfar í ▌, lena n-áirítear na ceanglais maidir le teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí agus teorannú stórála.

(97)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31) agus thug sé tuairim uaidh an 17 Márta 2022.

(98)  Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach agus maidir lena héifeachtacht i ndáil lena cuspóirí a bhaint amach, go háirithe i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair. Ba cheart a chumhdach sa chéad tuarascáil, i measc ábhair eile, tionchair na Treorach seo ar FBManna, raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo i dtéarmaí na gcuideachtaí a chumhdaítear, ▌cibé acu ba cheart an sainmhíniú an téarma ar ‘slabhra gníomhaíochtaí’ a athbhreithniú, an gá an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a mhodhnú agus an gá an liosta de choinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha dá dtagraítear sa Treoir seo a leasú, go háirithe i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta, an gá na rialacha maidir leis an athrú aeráide a chomhrac agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta i leith na rialacha céanna a athbhreithniú, éifeachtacht na sásraí forfheidhmiúcháin arna gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, éifeachtacht na bpionós agus na rialacha maidir le dliteanas sibhialta agus an gá athruithe ar leibhéal comhchuibhithe na Treorach seo riachtanach chun cothrom iomaíochta a thabhairt do chuideachtaí sa mhargadh inmheánach. A luaithe is féidir tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta sin, ba cheart freisin don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an ngá atá le ceanglais bhreise i ndícheall cuí na hinbhuanaitheachta a leagan síos a bheadh saincheaptha do ghnóthais airgeadais rialáilte i ndáil le seirbhísí airgeadais agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar, agus na roghanna maidir leis na ceanglais díchill chuí sin chomh maith lena dtionchair, i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo, agus gníomhartha reachtacha eile an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais airgeadais rialáilte á gcur i gcuntas ag an am céanna. Ba cheart togra reachtach, más iomchuí, a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.

(99)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon leas níos fearr a bhaint as poitéinseal an mhargaidh aonair chun rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe trí dhrochthionchair iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a chosc agus a mhaolú i slabhraí gníomhaíochtaí ▌ cuideachtaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, go háirithe, gur fadhbanna trasnáisiúnta iad fadhbanna agus cúiseanna na bhfadhbanna sin a dtugtar aghaidh orthu sa Treoir seo, ós rud é go bhfuil go leor cuideachtaí ag feidhmiú ar fud an Aontais nó ar fud an domhain agus go mbaineann a slabhraí luacha le Ballstáit eile agus le tríú tíortha, agus ós rud é go bhfuil an baol ann go mbeidh bearta na mBallstát aonair neamhéifeachtach agus go mbeidh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh mar thoradh orthu, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  ▌ oibleagáidí ar chuideachtaí maidir le drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol, i ndáil lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí, agus ▌ leis na hoibríochtaí arna ndéanamh ag a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí sin;

(b)  ▌ dliteanas i leith sáruithe ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe(a); agus

(c)   an oibleagáid ar chuideachtaí plean aistrithe i gcás maolú ar an athrú aeráide a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm a bhfuil sé d’aidhm aige, trí na hiarrachtaí is fearr, comhoiriúnacht shamhail ghnó agus straitéis ghnó na cuideachta a áirithiú leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus le teorainn 1.5 °C a chur leis an téamh domhanda i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

2.  Ní bheidh an Treoir seo ina foras chun an leibhéal cosanta a laghdú do chearta an duine, cearta fostaíochta, agus sóisialta, nó leibhéal cosanta an chomhshaoil nó na haeráide a laghdú, dá bhforáiltear le dlí náisiúnta na mBallstát nó leis na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme tráth glactha na Treorach seo.

3.  Beidh an Treoir seo gan dochar d’oibleagáidí i réimsí chearta an duine, cearta fostaíochta agus sóisialta, chosaint an chomhshaoil agus an athraithe aeráide faoi ghníomhartha reachtacha eile an Aontais. Má thagann foráil de chuid na Treorach seo salach ar fhoráil de ghníomh reachtach eile de chuid an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna á saothrú aige agus ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí níos fairsinge nó níos sonraí, ba cheart forlámhas a bheith ag foráil an ghnímh reachtaigh eile sin an Aontais ar feadh na coinbhleachta agus beidh feidhm acu a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí sonracha sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht Ballstáit agus a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  bhí níos mó ná 1 000 fostaí ag an gcuideachta ar an meán agus bhí glanláimhdeachas domhanda de níos mó ná EUR 450 000 000 aici sa bhliain airgeadais dheireanach dár glacadh nó dár cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha;

(b)  níor shroich an chuideachta na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (a) ach is máthairchuideachta deiridh grúpa í ar grúpa é a shroich na tairseacha sin sa bhliain airgeadais dheireanach dár glacadh nó dár cheart ráitis airgeadais chomhdhlúite bhliantúla a bheith glactha;

(c)   chuaigh an chuideachta isteach i ngrúpa nó is í máthairchuideachta deiridh grúpa ar grúpa é a rinne comhaontuithe saincheadúnais nó ceadúnúcháin san Aontas i gcomaoin ríchíosanna le cuideachtaí neamhspleácha tríú páirtí, i gcás ina n-áirithítear leis na comhaontuithe sin céannacht choiteann, coincheap comhchoiteann gnó agus cur i bhfeidhm modhanna gnó aonfhoirmeacha, agus i gcás gur mhó na ríchíosanna sin ná EUR 22 500 000 sa bhliain airgeadais dheireanach dár glacadh nó dár cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha, agus ar choinníoll go raibh ag an gcuideachta nó ag an ngrúpa arb í an chuideachta a mháthairchuideachta, glanláimhdeachas domhanda de níos mó ná EUR 80 000 000 sa bhliain airgeadais dheireanach dár glacadh ráitis airgeadais nó dár cheart ráitis airgeadais a bheith glactha;

2.  Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le cuideachtaí a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht tríú tír agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  ghin an chuideachta glanláimhdeachas níos mó ná EUR 450 000 000 san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach;

(b)  níor shroich an chuideachta an tairseach dá dtagraítear i bpointe (a) ach is máthairchuideachta deiridh grúpa a shroich, ar bhonn comhdhlúite, an tairseach sin sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach;

(c)   chuaigh an chuideachta isteach i ngrúpa nó is máthairchuideachta deiridh grúpa ar grúpa é a rinne comhaontuithe saincheadúnais nó ceadúnúcháin san Aontas i gcomaoin ríchíosanna le cuideachtaí neamhspleácha tríú páirtí, i gcás ina n-áirithítear leis na comhaontuithe sin céannacht choiteann, coincheap comhchoiteann gnó agus cur i bhfeidhm modhanna gnó aonfhoirmeacha, agus i gcás inar mhó na ríchíosanna sin ná EUR 22 500 000 san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach; agus ar choinníoll gur ghin an chuideachta, nó gurb í máthairchuideachta deiridh grúpa í a ghin, glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 80 milliún san Aontas sa bhliain airgeadais dheireanach.

3.  I gcás inarb é príomhghníomhaíocht na máthairchuideachta deiridh scaireanna a shealbhú i bhfochuideachtaí oibríochtúla agus nach nglacann sí páirt i gcinntí bainistíochta, oibríochtúla nó airgeadais a dhéanann difear don ghrúpa nó do cheann amháin nó níos mó dá fhochuideachtaí, féadfar í a dhíolmhú ó na hoibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Tá an díolúine sin faoi réir an choinníll go n-ainmneofar ceann d’fhochuideachtaí na máthairchuideachta deiridh atá bunaithe san Aontas chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 6 go 16 agus Airteagal 22 chomhlíonadh thar ceann na máthairchuideachta deiridh, lena n-áirítear oibleagáidí na máthairchuideachta deiridh maidir le gníomhaíochtaí a fochuideachtaí. I gcás mar sin, tugtar na hacmhainní agus an t-údarás dlíthiúil uile is gá don fhochuideachta ainmnithe chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach, go háirithe chun a áirithiú go bhfaighidh an fhochuideachta ainmnithe an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ó chuideachtaí an ghrúpa chun oibleagáidí na máthairchuideachta deiridh faoin Treoir seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an mháthairchuideachta deiridh iarratas ar an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mír seo chun an údaráis inniúil mhaoirseachta, i gcomhréir le hAirteagal 24, chun a mheasúnú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo comhlíonta. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha, deonóidh an t-údarás inniúil maoirseachta an díolúine I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an t-údarás sin údarás inniúil maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an fhochuideachta ainmnithe bunaithe ar an eolas faoin iarratas agus ansin faoina chinneadh.

Leanfaidh an mháthairchuideachta deiridh de bheith faoi dhliteanas comhpháirteach in éineacht leis an bhfochuideachta ainmnithe i leith mhainneachtain na fochuideachta sin a hoibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

4.  Chun críocha mhír 1, déanfar líon na bhfostaithe páirtaimseartha a ríomh ar bhonn coibhéis lánaimseartha. Déanfar oibrithe gníomhaireachta sealadacha agus oibrithe eile i gcineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir lena gcinntear stádas oibrí, arna mbunú ag an Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a áireamh nuair a bheidh líon na bhfostaithe á ríomh amhail is gur oibrithe iad atá fostaithe go díreach ar feadh tréimhse chomhionann ama ag an gcuideachta.

5.   I gcás ina gcomhlíonann an chuideachta na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 nó 2, ní bheidh feidhm ag an Treoir ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha sin in 2 bhliain airgeadais as a chéile. Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an Treoir seo maidir le cuideachta dá dtagraítear i mír 1 nó 2 i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 nó 2 i gcás gach ceann den dá bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile níos mó.

6.  Maidir leis na cuideachtaí dá dtagraítear i mír 1, is é an Ballstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta a bheidh inniúil ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a rialáil.

7.   Maidir le cuideachta dá dtagraítear i mír 2, is é an Ballstát ina bhfuil a brainse ag an gcuideachta sin a bheidh inniúil ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a rialáil. Mura bhfuil brainse ag cuideachta in aon Bhallstát, nó má tá brainsí aici atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla, is é an Ballstát inar ghin an chuideachta sin an glanláimhdeachas is airde san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach a bheidh inniúil chun rialáil a dhéanamh ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo.

8.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le CIManna, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) ná maidir le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33).

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘cuideachta’ aon cheann díobh seo a leanas:

(i)  duine dlítheanach atá bunaithe mar cheann de na foirmeacha dlíthiúla a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;

(ii)  duine dlítheanach atá bunaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta tríú tír i bhfoirm atá inchomparáide leis na foirmeacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le ▌Treoir 2013/34/AE;

(iii)  gnóthas airgeadais rialáilte, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, is:

—  institiúid creidmheasa é mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34);

—  gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35);

—  bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM), mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear bainisteoir cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECA), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36), bainisteoir cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37), agus bainisteoir cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38);

—  cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE

—  gnóthas árachais mar shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39);

—  gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

—  institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 i gcomhréir le hAirteagal 2 di, murar roghnaigh Ballstát iomlán na Treorach sin, nó cuid de, a chur i bhfeidhm ar na hinstitiúidí sin le haghaidh soláthar scoir ceirde i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin;

—  contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(40);

—  taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(41);

—  meán sainchuspóireach árachais nó athárachais é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE;

—  ‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42);

—  cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, is cuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseachta ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) de Threoir 2009/138/CE;

—  institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(43);

—  gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44);

—  soláthróir seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(45);

—  soláthróir seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(46), i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainní amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán sin;

(b)  ciallaíonn ‘drochthionchar ar an gcomhshaol’ tionchar ar an gcomhshaol de thoradh sárú ar na toirmisc agus na hoibleagáidí a liostaítear i gCuid I, pointí 15 agus 16, agus Cuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, agus an reachtaíocht náisiúnta a bhfuil nasc aici le forálacha na n-ionstraimí a liostaítear iontu á cur i gcuntas;

(c)  ciallaíonn ‘drochthionchar ar chearta an duine’ ▌tionchar ar ▌dhaoine a eascraíonn as na nithe seo a leanas:

(i)   mí-úsáid ar cheann de chearta an duine a liostaítear i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, ó tá na cearta sin cumhdaithe sna hionstraimí idirnáisiúnta a liostaítear i gCuid I, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo;

(ii)   mí-úsáid ar cheart duine nach liostaítear i gCuid I, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, ach atá cumhdaithe sna ionstraimí um chearta an duine a liostaítear i gCuid I, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, ar choinníoll:

—   go bhféadfaidh cuideachta nó eintiteas dlíthiúil mí-úsáid a bhaint as ceart sin an duine;

—   go gcuireann mí-úsáid ar cheart an duine isteach go díreach ar leas dlíthiúil a chosnaítear sna ionstraimí um chearta an duine a liostaítear i gCuid I, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo; agus

—   go bhféadfadh sé a bheith tuartha go réasúnta ag an gcuideachta gur bhaolach go mbeadh éifeacht ar cheart sin an duine, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur i gcuntas, lena n-áirítear cineál agus méid oibríochtaí gnó na cuideachta agus a slabhra gníomhaíochtaí, saintréithe na hearnála eacnamaíche agus an comhthéacs geografach agus oibríochtúil;

(d)   ciallaíonn ‘drochthionchar’ drochthionchar ar an gcomhshaol nó drochthionchar ar chearta an duine;

(e)  ciallaíonn ‘fochuideachta’ duine dlítheanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10) de Threoir 2013/34/AE agus duine dlítheanach trína bhfeidhmítear gníomhaíocht ‘gnóthas rialaithe’ mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(1), pointe (f) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(47);

(f)  ciallaíonn ‘comhpháirtí gnó’ eintiteas:

(i)  a bhfuil comhaontú tráchtála ag an gcuideachta leis a bhaineann le hoibríochtaí, táirgí nó seirbhísí na cuideachta nó dá soláthraíonn an chuideachta seirbhísí de bhun phointe (g) (‘comhpháirtí gnó díreach’);

(ii)  nach comhpháirtí gnó díreach é ach a dhéanann oibríochtaí gnó a bhaineann le hoibríochtaí, táirgí nó seirbhísí na cuideachta (‘comhpháirtí gnó indíreach’);

(g)  ciallaíonn ‘slabhra gníomhaíochtaí’:

(i)   gníomhaíochtaí comhpháirtithe gnó réamhtheachtacha cuideachta a bhaineann le táirgeadh earraí nó le soláthar seirbhísí arna dhéanamh ag an gcuideachta sin, lena n-áirítear dearadh, eastóscadh, foinsiú, monarú, iompar, stóráil agus soláthar amhábhar, táirgí nó codanna de na táirgí agus forbairt an táirge nó na seirbhíse; agus

(ii)   gníomhaíochtaí comhpháirtithe gnó iartheachtacha cuideachta a bhaineann le dáileadh, iompar agus stóráil tháirge na cuideachta sin, i gcás ina ndéanann na comhpháirtithe gnó na gníomhaíochtaí sin don chuideachta nó thar ceann na cuideachta, seachas dáileadh, iompar agus stóráil táirge atá faoi réir na rialuithe onnmhairiúcháin faoi Rialachán (AE) 2021/821 nó na rialuithe onnmhairiúcháin a bhaineann le hairm, muinisin nó ábhair chogaidh, a luaithe a bheidh onnmhairiú an táirge údaraithe.

(h)  ciallaíonn ‘fíorú neamhspleách tríú páirtí’ fíorú go gcomhlíonann cuideachta, nó codanna dá slabhra gníomhaíochtaí, ceanglais maidir le cearta an duine agus an comhshaol a eascraíonn as an Treoir seo, is fíorú arna dhéanamh ag saineolaí atá oibiachtúil neamhspleách go hiomlán ar an gcuideachta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus ó thionchar seachtrach, a bhfuil taithí agus inniúlacht aige in ábhair a bhaineann leis an gcomhshaol le cearta an duine, de réir chineál an drochthionchair, agus atá cuntasach as cáilíocht agus iontaofacht an fhíoraithe;

(i)  ciallaíonn ‘FBM’ micreaghnóthas, gnóthas beag nó gnóthas meánmhéide, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, nach cuid de mhórghrúpa é, mar a shainmhínítear na téarmaí sin de réir Airteagal 3(1), (2), (3) agus (7) de Threoir 2013/34/AE;

(j)  ciallaíonn ‘tionscnamh earnála nó il-gheallsealbhóirí’ teaglaim de nósanna imeachta, uirlisí agus sásraí ▌deonacha ▌díchill chuí, arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag rialtais, comhlachais tionscail, eagraíochtaí leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, nó grúpálacha nó teaglama de, ina bhféadfaidh cuideachtaí a bheith rannpháirteach chun tacú le chur chun feidhme oibleagáidí díchill chuí;

(k)  ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach ar a bhfuil cónaí nó atá bunaithe san Aontas agus ag a bhfuil sainordú ó chuideachta de réir bhrí phointe (a)(ii) gníomhú thar a ceann i ndáil le comhlíonadh oibleagáidí na cuideachta sin de bhun na Treorach seo;

(l)  ciallaíonn ‘drochthionchar dian’ drochthionchar ▌a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis de bharr a chineáil, amhail tionchar lena mbaineann díobháil do bheatha, do shláinte agus do shaoirse an duine, nó de bharr a scála, raon feidhme nó carachtar doleigheasta, agus a thromchúisí atá sé á chur i gcuntas, lena n-áirítear líon na ndaoine a bhfuil éifeacht orthu nó a bhféadfadh sé go mbeadh éifeacht orthu, a mhéid a dhéantar damáiste a fhéadfar damáiste a dhéanamh don chomhshaol nó go mbeadh éifeacht eile air, a dho-inchúlaithí atá sé na teorainneacha ar an gcumas daoine aonair dá ndéantar difear nó an comhshaol a athbhunú go riocht coibhéiseach dá riocht roimh an drochthionchar laistigh d’achar réasúnta;

(m)  ciallaíonn ‘glanláimhdeachas’:

(i)  an ‘glanláimhdeachas’ mar a shainmhín in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2013/34/AE; nó ▌

(ii)  i gcás ina gcuireann an chuideachta caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta i bhfeidhm arna nglacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(48) nó gur cuideachta í de réir bhrí phointe (a)(ii), an t-ioncam arna shainiú leis an gcreat tuairiscithe airgeadais, nó de réir bhrí an chreata tuairiscithe airgeadais ar ar a bhonn a ullmhaítear ráitis airgeadais na cuideachta;

(n)  ciallaíonn ‘geallsealbhóirí’ fostaithe na cuideachta, fostaithe a fochuideachtaí, ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe, tomhaltóirí agus daoine aonair eile, grúpálacha, pobail nó eintitis a ndéanann táirgí, seirbhísí agus oibríochtaí na cuideachta, a fochuideachtaí agus a comhpháirtithe gnó lena n-áirítear fostaithe chomhpháirtithe gnó na cuideachta agus a gceardchumainn agus ionadaithe oibrithe, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus comhshaoil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil de chuspóir acu an comhshaol a chosaint, agus ionadaithe dlisteanacha na ndaoine aonair, na ngrúpálacha, na bpobal nó na n-eintiteas sin difear dá gcearta nó dá leasanna nó a bhféadfaidís difear a dhéanamh dóibh; ón gComhairle nó

(o)  ciallaíonn ‘bearta iomchuí’ bearta is féidir cuspóirí an díchill chuí a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar shlí éifeachtach ar dhrochthionchair ar shlí atá comhréireach le leibhéal na déine agus le dóchúlacht an drochthionchair, agus atá ar fáil ar bhonn réasúnta don chuideachta, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur i gcuntas, lena n-áirítear cineál agus méid an drochthionchair agus na fachtóirí riosca ábhartha;

(p)   ciallaíonn ‘caidreamh gnó’ an caidreamh idir cuideachta agus comhpháirtí gnó;

(q)   ciallaíonn ‘máthairchuideachta’ cuideachta a rialaíonn fochuideachta amháin nó níos mó;

(r)   ciallaíonn ‘máthairchuideachta deiridh’ máthairchuideachta a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22(1) go (5) de Threoir 2013/34/AE, fochuideachta amháin nó níos mó agus nach bhfuil á rialú ag cuideachta eile;

(s)   ciallaíonn ‘grúpa cuideachtaí’ nó ‘grúpa’ máthairchuideachta agus gach ceann dá fochuideachtaí;

(t)   ciallaíonn leigheas an duine nó na daoine, na pobail nó an comhshaol a raibh éifeacht orthu a athchóiriú go riocht atá coibhéiseach nó chomh cosúil agus is féidir leis an riocht ina mbeidís dá mba rud é nár tharla an drochthionchar iarbhír, i gcomhréir le baint na cuideachta leis an drochthionchar, lena n-áirítear cúiteamh airgeadais nó eile arna sholáthar ag an gcuideachta do dhuine nó do dhaoine a ndeachaigh an drochthionchar i bhfeidhm orthu agus, i gcás inarb infheidhme, aisíoc na gcostas arna dtabhú ag údaráis phoiblí i ndáil le haon bheart feabhais is gá.

(u)   ciallaíonn ‘fachtóirí riosca’ fíricí, staideanna nó imthosca a bhaineann le déine agus dóchúlacht drochthionchair, lena n-áirítear fachtóirí riosca ar leibhéal na cuideachta, fachtóirí riosca na n-oibríochtaí gnó, fachtóirí riosca geografacha agus comhthéacsúla, fachtóirí riosca na dtáirgí agus na seirbhíse, agus fíricí, staideanna nó imthosca earnálacha;

(v)   ciallaíonn ‘déine drochthionchair’ scála, raon feidhme agus carachtar doleigheasta an drochthionchair, agus a thromchúisí atá sé á cur san áireamh, lena n-áirítear líon na ndaoine a bhfuil éifeacht orthu nó a bhféadfadh éifeacht a bheith orthu, a mhéid a dhéantar nó a bhféadfaí damáiste a dhéanamh don chomhshaol nó éifeacht eile a bheith air, a dho-athraithí atá sé agus na teorainneacha ar an gcumas ó thaobh na daoine nó an comhshaol a raibh éifeacht orthu a athbhunú go riocht coibhéiseach dá riocht roimh an drochthionchar laistigh d’achar réasúnta ama.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a leasú tríd an méid a leanas a dhéanamh tríd an méid seo a leanas:

(a)  na tagairtí d’airteagail ionstraimí idirnáisiúnta arna ndaingniú ag na Ballstáit uile agus a thagann faoi raon feidhme cirt shonraigh, toirmisc shonraigh nó oibleagáide sonraí a bhaineann le cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus an comhshaol a chosaint arna liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, a chur isteach;

(b)  na tagairtí d’ionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, a mhodhnú i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise aon mhodhnú, dímholadh nó aisghairm arna dhéanamh ar na hionstraimí sin;

(c)  i gcomhréir le forbairtí laistigh de na fóraim idirnáisiúnta ábhartha maidir leis na hionstraimí a liostaítear i gCuid 1, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo:

(i)  na tagairtí d’ionstraimí nua lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile a chur in ionad na dtagairtí do na hionstraimí atá liostaithe; nó

(ii)  tagairtí d’ionstraimí nua lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna agus a chumhdaítear leis na hionstraimí liostaithe agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile a chur isteach.

Airteagal 4

Leibhéal an chomhchuibhithe

1.   Gan dochar d’Airteagal 1(2) agus (3), ní thabharfaidh na Ballstáit isteach ina ndlí náisiúnta forálacha faoin réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leo siúd a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1).

2.   D’ainneoin mhír 1, ní chuirfidh an Treoir seo bac ar na Ballstáit forálacha níos déine a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta nach ionann iad agus na forálacha a leagtar síos i bhforálacha seachas Airteagal 8(1) agus (2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1), nó forálacha atá níos sonraí i dtéarmaí an chuspóra nó an réimse a chumhdaítear, chun leibhéal éagsúil cosanta a bhaint amach i ndáil le cearta an duine, cearta fostaíochta agus cearta sóisialta, an chomhshaol nó an aeráid.

Airteagal 5

Dícheall cuí

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí dícheall cuí rioscabhunaithe maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol mar a leagtar síos in Airteagail 7 go 16 (‘dícheall cuí’) trí na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)  dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais agus ina gcórais bainistithe riosca i gcomhréir le hAirteagal 7;

(b)  drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus i gcás inar gá, tosaíocht a thabhairt do dhrochthionchair fhéideartha agus iarbhír i gcomhréir le hAirteagal 9;

(c)  drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú, agus deireadh a chur le drochthionchair iarbhír agus a méid a mhaolú i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;

(d)   leigheas a chur ar fáil i gcás drochthionchair iarbhír i gcomhréir le hAirteagal 12;

(e)   dul i mbun rannpháirtíocht fhóinteach leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 13;

(f)  sásra fógra agus nós imeachta gearán a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le hAirteagal 14;

(g)  faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht a mbeartais díchill chuí agus a mbeart díchill chuí i gcomhréir le hAirteagal 15;

(h)  an dícheall cuí a chur in iúl go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 16.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, chun críocha díchill chuí, go bhfuil cuideachtaí i dteideal acmhainní agus faisnéis a chomhroinnt laistigh dá ngrúpaí cuideachtaí faoi seach agus le heintitis dhlíthiúla eile.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh oibleagáid ar chomhpháirtí gnó faisnéis ar rún trádála í mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2016/943 a nochtadh do chuideachta atá ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo gan dochar do nochtadh chéannacht na gcomhpháirtithe gnó díreacha agus indíreacha, ná faisnéis bhunriachtanach is gá chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha a shainaithint, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis chun go gcomhlíonfaidh an chuideachta oibleagáidí díchill chuí. Beidh an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag na comhpháirtithe gnó a rúin trádála a chosaint trí na sásraí a bhunaítear le Treoir (AE) 2016/943. Ní bheidh oibleagáid ar chomhpháirtithe gnó riamh faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis eile a nochtadh a mbeadh a nochtadh ina cúis le riosca do leasanna bunriachtanacha slándála stáit.

4.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí doiciméadacht a choinneáil maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh chun a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh chun comhlíonadh a léiriú, lena n-áirítear fianaise thacaíochta, go ceann 5 bliana ar a laghad ón tráth a táirgeadh nó a fuarthas an doiciméadacht sin.

Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse choinneála dá bhforáiltear sa chéad fhomhír go bhfuil imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin ar siúl faoin Treoir seo, cuirfear síneadh leis an tréimhse choinneála go dtí go dtabharfar an t-ábhar i gcrích.

Airteagal 6

Tacaíocht i ndáil le dícheall chuí ar leibhéal an ghrúpa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar do mháthairchuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 go 11 agus in Airteagal 22 a chomhlíonadh thar ceann cuideachtaí is fochuideachtaí de na máthairchuideachtaí sin agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, má áirithítear comhlíonadh éifeachtach leis sin. Beidh an méid sin gan dochar do na fochuideachtaí sin a bheith faoi réir fheidhmiú chumhachtaí an údaráis mhaoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 25 agus dá ndliteanas sibhialta i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Beidh na hoibleagáidí díchill chuí a leagtar amach in Airteagail 7 go 16 á gcomhlíonadh ag máthairchuideachta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, faoi réir na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)   soláthraíonn an fhochuideachta agus an mháthairchuideachta an fhaisnéis uile is gá dá chéile chun na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a chomhlíonadh;

(b)   cloíonn an fhochuideachta le beartas díchill chuí a máthairchuideachta arna oiriúnú mar is cuí chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1) i ndáil leis an bhfochuideachta;

(c)   comhtháthaíonn an fhochuideachta dícheall cuí ina beartais agus ina córais bainistithe riosca go léir i gcomhréir le hAirteagal 7, agus tuairisc shoiléir á tabhairt aici ar na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag an máthairchuideachta, agus, i gcás inar gá, é sin á chur in iúl do na geallsealbhóirí ábhartha;

(d)   i gcás inar gá, leanann an fhochuideachta de bhearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11, agus leanann sí dá hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 12 agus 13;

(e)   i gcás inarb ábhartha, lorgaíonn an fhochuideachta dearbhuithe conarthacha ó chomhpháirtí gnó díreach i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (b), nó Airteagal 11(3), pointe (c), agus lorgaíonn sí dearbhuithe conarthacha ó chomhpháirtí gnó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 10(4) nó le hAirteagal 11(5) agus déanann sí an caidreamh gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 10(6) nó le hAirteagal 11(7).

3.   I gcás ina gcomhlíonann an mháthairchuideachta an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 22 thar ceann na fochuideachta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, comhlíonfaidh an fhochuideachta na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 22 i gcomhréir le plean aistrithe na máthairchuideachta maidir le maolú ar an athrú aeráide arna oiriúnú mar is cuí dá samhail ghnó agus dá straitéis ghnó.

Airteagal 7

Dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistithe riosca na cuideachta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí an dícheall cuí a chomhtháthú ina mbeartais ábhartha go léir agus ina gcórais bainistithe riosca ábhartha go léir agus go mbeidh beartas díchill chuí i bhfeidhm acu lena gcinntítear dícheall cuí rioscabhunaithe.

2.   Déanfar an beartas díchill chuí dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt tar éis dul i gcomhairle le fostaithe na cuideachta agus lena n-ionadaithe, agus ba cheart an méid seo a leanas a bheith ann:

(a)   tuairisc ar chur chuige na cuideachta, lena n-áirítear san fhadtéarma, maidir le dícheall cuí;

(b)   cód iompair ina bhfuil cur síos ar rialacha agus prionsabail atá le leanúint sa chuideachta ina hiomláine agus ina fochuideachtaí, agus i gcomhpháirtithe gnó díreacha nó indíreacha na cuideachta, i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (b), Airteagal 10(4), Airteagal 11(3), pointe (c), nó Airteagal 11(5); agus

(c)   tuairisc ar na próisis a cuireadh i bhfeidhm chun an dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais ábhartha na cuideachta agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a glacadh chun comhlíonadh an chóid iompair dá dtagraítear i bpointe (b) a fhíorú agus chun cur i bhfeidhm an chóid sin a leathnú chun comhpháirtithe gnó.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cuideachtaí a mbeartais díchill chuí a nuashonrú gan mhoill mhíchuí tar éis athrú suntasach a bheith ann, agus athbhreithniú a dhéanamh air agus, i gcás inar gá, é a nuashonrú gach 24 mhí ar a laghad.

Chun na críoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh cuideachtaí i gcuntas na drochthionchar a sainaithníodh cheana i gcomhréir le hAirteagal 8, chomh maith leis na bearta iomchuí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na drochthionchair sin i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11 agus toradh na measúnuithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 15.

Airteagal 8

Drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun drochthionchair ▌ iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus a mheasúnú a eascraíonn as a n-oibríochtaí féin nó as oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu lena slabhraí gníomhaíochtaí, as oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó , i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Mar chuid den oibleagáid a leagtar amach i mír 1, agus fachtóirí riosca ábhartha á gcur i gcuntas, déanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  mapáil a dhéanamh ar a n-oibríochtaí, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu lena slabhraí gníomhaíochtaí, oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó, chun na réimsí ginearálta a shainaithint inar dóchúla drochthionchair a bheith ann agus inar dóchúla na drochthionchair a bheith níos déine;

(b)  bunaithe ar thorthaí na mapála dá dtagraítear i bpointe (a), measúnú cuimsitheach ar a n-oibríochtaí féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina mbaineann siad lena slabhraí gníomhaíochtaí, ar oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó, sna réimsí inar sainaithníodh drochthionchair a bheith níos dóchúla agus níos déine.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit, chun na drochthionchair dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus a mheasúnú, go mbeidh cuideachtaí i dteideal úsáid a bhaint, bunaithe i gcás inarb iomchuí ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil, as acmhainní iomchuí, lena n-áirítear tuarascálacha neamhspleácha agus faisnéis a bhailítear tríd an sásra fógra agus an nós imeachta gearán dá bhforáiltear in Airteagal 14. ▌

4.   I gcás inar féidir an fhaisnéis is gá don mheasúnú domhain dá bhforáiltear i mír 2, pointe (b), a fháil ó chomhpháirtithe gnó ar leibhéil éagsúla den slabhra gníomhaíochtaí, tabharfaidh an chuideachta tosaíocht don fhaisnéis sin a iarraidh, i gcás inar réasúnta, ó na comhpháirtithe gnó inar dóchúla drochthionchair a bheith ann.

Airteagal 9

Tosaíocht a thabhairt do dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a sainaithníodh

1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta na drochthionchair uile arna sainaithint a chosc, a mhaolú, deireadh a chur leo nó iad a íoslaghdú go hiomlán ag an am céanna, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh cuideachtaí tosaíocht do na drochthionchair arna sainaithint de bhun Airteagal 8 chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 10 nó 11 a chomhlíonadh.

2.   Beidh an tosaíocht dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar dhéine agus ar dhóchúlacht na ndrochthionchar.

3.   Ach aghaidh a bheith tugtha ar na drochthionchair is déine agus is dóchúla i gcomhréir le hAirteagal 10 nó 11 laistigh d’achar réasúnta ama, tabharfaidh an chuideachta aghaidh ar dhrochthionchair ar lú a ndéine agus a ndóchúlacht.

Airteagal 10

Drochthionchair fhéideartha a chosc

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun drochthionchair fhéideartha ▌ arna sainaithint, nó ar cheart a bheith sainaitheanta, de bhun Airteagal 8, a chosc nó, i gcás nach féidir iad a chosc láithreach, iad a mhaolú ar bhealach leordhóthanach i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis an Airteagal seo.

Chun na bearta iomchuí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)   cibé acu is féidir gurb í an chuideachta agus í sin amháin is cúis leis an drochthionchar féideartha; cibé acu is féidir gurb iad an chuideachta agus fochuideachta nó comhpháirtí gnó is cúis leis go comhpháirteach, trí gníomhartha nó neamhghníomhartha; nó cibé acu is féidir gurb é comhpháirtí gnó cuideachta sa slabhra gníomhaíochtaí agus é sin amháin is cúis leis;

(b)   cibé acu is féidir gur tharla an drochthionchar féideartha in oibríochtaí fochuideachta, comhpháirtí gnó díreach nó comhpháirtí gnó indíreach; agus

(c)   cumas na cuideachta tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis leis an drochthionchar nó ina chúis chomhpháirteach.

2.  Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na bearta iomchuí, seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha:

(a)  i gcás inar gá, i ngeall ar chineál nó ar chastacht na mbeart is gá i ndáil le cosc, plean gníomhaíochta coisctheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme gan mhoill mhíchuí ina mbeidh amlínte réasúnta léir-shainithe chun na bearta iomchuí a chur chun feidhme agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun feabhsú a thomhas. féadfaidh cuideachtaí a bpleananna gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar le tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí; cuirfear an plean gníomhaíochta coisctheach in oiriúint d’oibríochtaí agus do shlabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí;

(b)  dearbhuithe conarthacha a lorg ó ▌ chomhpháirtí gnó díreach a áiritheoidh go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, an plean gníomhaíochta coisctheach, lena n-áirítear trí dearbhuithe conarthacha chomhfhreagracha a bhunú lena chomhpháirtithe, a mhéid is cuid de shlabhra gníomhaíochtaí ▌na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí; nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 5;

(c)  infheistíochtaí riachtanacha airgeadais nó infheistíochtaí nach cinn airgeadais iad, coigeartuithe nó uasghráduithe, mar shampla, ar shaoráidí ar phróisis táirgthe nó ar phróisis oibríochtúla agus bonneagair ▌ ;

(d)   modhnuithe agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar phlean gnó na cuideachta féin, ar straitéisí agus ar oibríochtaí foriomlána, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, dearadh agus cleachtais dáileacháin;

(e)  tacaíocht spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil do FBM, is comhpháirtí gnó de chuid na cuideachta, i gcás inar gá i bhfianaise acmhainní, eolas agus srianta an FBM, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, ar oiliúint nó chórais bainistithe an uasghrádaithe, agus, i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh an chóid iompair nó an phlean gníomhaíochta coiscthí inmharthanacht an FBM i mbaol, tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil, mar shampla maoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, nó cúnamh chun maoiniú a fháil;

(f)  i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, comhoibriú le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cur le cumas na cuideachta an drochthionchar a chosc nó a mhaolú ▌, go háirithe i gcás nach bhfuil aon bheart eile oiriúnach ná éifeachtach.

3.   Féadfaidh cuideachtaí, i gcás inarb ábhartha, bearta iomchuí a dhéanamh de bhreis ar na bearta a liostaítear i mír 2, amhail dul i dteagmháil le comhpháirtí gnó faoi ionchais na cuideachta maidir le drochthionchair fhéideartha a chosc agus a mhaolú, nó trí rochtain a chur ar fáil nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, treoraíocht, tacaíocht riaracháin agus airgeadais mar shampla iasachtaí nó maoiniú, agus acmhainní, eolas agus srianta an chomhpháirtí gnó á gcur i gcuntas.

4.  Maidir le drochthionchair fhéideartha nach bhféadfaí a chosc ná a íoslaghdú go leordhóthanach leis na bearta iomchuí a liostaítear i mír 2, féadfaidh an chuideachta dearbhuithe conarthacha a lorg ó comhpháirtí gnó, indíreach, d’fhonn go ndéanfaí cód iompair nó plean gníomhaíochta coisctheach na cuideachta a chomhlíonadh. Nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 5.

5.  Beidh ▌na bearta iomchuí chun an comhlíonadh a fhíorú ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) agus i mír 4. Chun críocha an comhlíonadh a fhíorú, féadfaidh an chuideachta tagairt a dhéanamh d’fhíorú neamhspleách tríú páirtí, lena n-áirítear trí thionscnaimh tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí.

Nuair a fhaightear dearbhuithe conarthacha ó FBM, nó nuair a dhéantar conradh le FBM, beidh na téarmaí a úsáidfear cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh an chuideachta measúnú freisin ar cheart aon cheann de na bearta iomchuí do FBManna dá dtagraítear i mír 2, pointe (e) a bheith ag gabháil le dearbhuithe conarthacha FBManna.. I gcás ina ndéantar bearta chun comhlíontacht a fhíorú i ndáil le FBManna, is í an chuideachta a íocfaidh as costas an fhíoraithe neamhspleách tríú páirtí. I gcás ina n-iarrann an FBM ar a laghad cuid de chostas fhíorú neamhspleách an tríú páirtí a íoc, nó i gcomhaontú leis an gcuideachta, féadfaidh an FBM sin torthaí an fhíoraithe sin a roinnt le cuideachtaí eile.

6.  Maidir le drochthionchair fhéideartha dá dtagraítear i mír 1 nach bhféadfaí a chosc nó a mhaolú go leordhóthanach leis na bearta a leagtar amach i míreanna 2, 4 agus 5, beidh sé de cheangal, mar rogha dheireanach, ar an gcuideachta staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh leis an gcomhpháirtí gnó nó staonadh ón gcaidreamh atá acu a leathnú leis an gcomhpháirtí gnó ar eascair an tionchar sin ina leith nó ina shlabhra gníomhaíochtaí agus déanfaidh siad, más i dteideal a dhéanta atá siad de réir an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, an méid seo a leanas, mar rogha dheireanach:

(a)  plean gníomhaíochta coisctheach feabhsaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme maidir leis an drochthionchar sonrach, gan mhoill mhíchuí, trí ghiaráil na cuideachta a úsáid nó a mhéadú tríd an gcaidreamh ghnó i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí go sealadach, ar choinníoll go meastar go réasúnach go bhféadfadh sé go n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin. áireofar sa phlean gníomhaíochtaí amlíne shonrach iomchuí chun na gníomhaíochtaí go léir atá ann a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus a bhféadfaidh an chuideachta comhpháirtithe malartacha gnó a lorg lena linn;

(b)  mura bhfuil súil réasúnta ann go n-éireodh leis na hiarrachtaí sin, nó mura éirigh le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta coiscthí fheabhsaithe an drochthionchar a chosc nó a mhaolú, an caidreamh gnó a fhoirceannadh maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann más dian an drochthionchar féideartha.

Sula ndéanfar caidreamh gnó a chur ar fionraí go sealadach nó a fhoirceannadh, déanfaidh an chuideachta a mheas an bhféadfadh na drochthionchair a thiocfadh as sin a bheith níos déine ná an drochthionchar nach rabhthas in ann a chosc nó a mhaolú ar bhealach leordhóthanach. Más amhlaidh an cás, ní cheanglófar ar an gcuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí ná a fhoirceannadh, agus beidh sí in ann tuairisc a thabhairt don údarás inniúil maoirseachta faoi chúiseanna cuí-réasúnaithe an chinnidh sin.

Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh rogha an caidreamh gnó a chur ar fionraí go sealadach nó é a fhoirceannadh i gconarthaí arna rialú lena ndlíthe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ach amháin i gcás conarthaí ina bhfuil oibleagáid dlí ar na páirtithe iad a dhéanamh.

I gcás ina gcinneann an chuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí go sealadach nó a fhoirceannadh, cuirfidh sí bearta i gcrích chun iarmhairtí na fionraí nó an fhoirceanta a chosc, a mhaolú nó chun deireadh a chur leo, tabharfaidh sí fógra réasúnta don chomhpháirtí gnó lena mbaineann agus coinneoidh sí an cinneadh sin faoi athbhreithniú.

I gcás ina gcinneann an chuideachta gan an caidreamh gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh sí faireachán ar an drochthionchar féideartha agus measúnú tréimhsiúil ar a cinneadh agus an bhfuil bearta iomchuí breise ar fáil.

Airteagal 11

Deireadh a chur le drochthionchair iarbhír

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun deireadh a chur le drochthionchair iarbhír a sainaithníodh, nó ar cheart iad a bheith sainaitheanta, de bhun Airteagal 8, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leis an Airteagal seo.

Chun na bearta iomchuí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)   cibé acu an í an chuideachta agus í sin amháin is cúis leis an drochthionchar iarbhír; cibé acu an í an chuideachta agus fochuideachta nó comhpháirtí gnó is cúis leis go comhpháirteach, trí gníomhartha nó neamhghníomhartha; nó cibé acu is comhpháirtí gnó cuideachta sa slabhra gníomhaíochtaí, agus é sin amháin, is cúis leis;

(b)   cibé acu a tharla an drochthionchar iarbhír in oibríochtaí fochuideachta, comhpháirtí gnó dírigh nó comhpháirtí gnó indírigh; agus

(c)   cumas na cuideachta tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó ba chúis leis an drochthionchar iarbhír, nó ba chúis leis go comhpháirteach.

2.  I gcás nach féidir deireadh a chur leis an drochthionchar láithreach, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí méid an tionchair sin a íoslaghdú.

3.  Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na bearta iomchuí, seo a leanas a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha:

(a)  an drochthionchar a neodrú nó a mhéid ▌a íoslaghdú; beidh na bearta sin comhréireach le déine an drochthionchair agus le baint na cuideachta leis an drochthionchar;

(b)  i gcás inar gá, toisc nach féidir deireadh a chur leis an drochthionchar láithreach, plean gníomhaíochta ceartaitheach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, gan mhoill mhíchuí , ina mbeidh amlínte réasúnta léir-shainithe le haghaidh cur chun feidhme na mbeart iomchuí agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun an feabhsú a thomhas; féadfaidh cuideachtaí a bpleananna gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar le tionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí; cuirfear an plean gníomhaíochta ceartaitheach in oiriúint d’oibríochtaí na cuideachta agus dá slabhraí gníomhaíochtaí;

(c)  dearbhuithe conarthacha a lorg ó chomhpháirtí gnó ▌díreach a áiritheoidh go gcomhlíonfar cód iompair na cuideachta agus, de réir mar is gá, plean gníomhaíochta ceartaitheach, lena n-áirítear trí dearbhuithe conarthacha chomhfhreagracha a bhunú lena chomhpháirtithe, a mhéid is cuid de shlabhra gníomhaíochtaí na cuideachta iad a gcuid gníomhaíochtaí. nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 6;

(d)  infheistíochtaí riachtanacha airgeadais nó infheistíochtaí nach cinn airgeadais iad, coigeartuithe nó uasghráduithe , mar shampla, ar shaoráidí, ar phróisis táirgthe nó ar phróisis oibríochtúla agus bonneagair ▌ ;

(e)   na modhnuithe, na feabhsuithe is gá a dhéanamh ar phlean gnó na cuideachta féin, ar straitéisí agus ar oibríochtaí foriomlána, lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, dearadh agus cleachtais dáileacháin;

(f)  tacaíocht spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil do FBM ▌ is comhpháirtí gnó de chuid na cuideachta, i gcás inar gá i bhfianaise acmhainní, eolas agus srianta an FBM, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, ar oiliúint nó chórais bainistithe an uasghrádaithe, agus, i gcás ina gcuirfeadh comhlíonadh an chóid iompair nó an phlean gníomhaíochta ceartaithí inmharthanacht an FBM i mbaol, tacaíocht airgeadais spriocdhírithe agus chomhréireach a chur ar fáil, mar shampla maoiniú díreach, iasachtaí ar ús íseal, ráthaíochtaí maidir le foinsiú leanúnach, nó cúnamh chun maoiniú a fháil;

(g)  i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, comhoibriú le heintitis eile, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cur le cumas na cuideachta deireadh a chur leis an drochthionchar nó méid an tionchair sin a íoslaghdú, go háirithe i gcás nach bhfuil aon bheart eile oiriúnach ná éifeachtach;

(h)   Leigheas a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 12.

4.   Féadfaidh cuideachtaí bearta iomchuí a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, sa bhreis ar na bearta a liostaítear i mír 3, amhail, dul i dteagmháil le comhpháirtí gnó faoi ionchais na cuideachta maidir le deireadh a chur le drochthionchair iarbhír nó méid na dtionchar sin a íoslaghdú, nó rochtain a sholáthar nó trína dhéanamh gur féidir rochtain a fháil ar fhothú acmhainneachta, ar threoraíocht, ar thacaíocht riaracháin agus airgeadais, ar nós iasachtaí nó maoiniú, agus acmhainní, eolas agus srianta an chomhpháirtí gnó á gcur san áireamh.

5.  Maidir le drochthionchair iarbhír nach bhféadfaí deireadh a chur leis ná nach bhféadfaí a méid a íoslaghdú go leordhóthanach leis na bearta iomchuí a liostaítear i mír 3, féadfaidh an chuideachta féachaint le dearbhuithe conarthacha a lorg ó comhpháirtí indíreach gnó, d’fhonn go ndéanfaí cód iompair nó plean gníomhaíochta ceartaitheach na cuideachta a chomhlíonadh. Nuair a fhaightear na dearbhuithe conarthacha sin, beidh feidhm ag mír 6.

6.  Beidh ▌na bearta iomchuí chun an comhlíonadh a fhíorú ag gabháil leis na dearbhuithe conarthacha dá dtagraítear i mír 3, pointe (c) agus i mír 5. Chun críocha an comhlíonadh a fhíorú, féadfaidh an chuideachta tagairt a dhéanamh d’fhíorú neamhspleách tríú páirtí, lena n-áirítear trí thionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí.

Nuair a fhaightear dearbhuithe conarthacha ó FBM, nó nuair a dhéantar conradh le FBM, beidh na téarmaí a úsáidfear cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh an chuideachta measúnú freisin ar cheart aon cheann de na bearta iomchuí do FBManna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f) a bheith ag gabháil le dearbhuithe conarthacha FBManna. I gcás ina ndéantar bearta chun comhlíontacht a fhíorú i ndáil le FBManna, is í an chuideachta a íocfaidh as costas an fhíoraithe neamhspleách tríú páirtí. I gcás ina n-iarrann an FBM ar a laghad cuid de chostas fhíorú neamhspleách an tríú páirtí a íoc nó i gcomhaontú leis an gcuideachta, féadfaidh an FBM sin torthaí an fhíoraithe sin a roinnt le cuideachtaí eile.

7.  Maidir le drochthionchair iarbhír dá dtagraítear i mír 1 nach bhféadfaí deireadh a chur leo ná nach bhféadfaí a méid a íoslaghdú leis na bearta ▌a leagtar amach i míreanna 3, 5 agus 6, beidh sé de cheangal mar rogha dheireanach, ar an gcuideachta staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh leis an gcomhpháirtí gnó nó staonadh ón gcaidreamh atá acu a leathnú leis an gcomhpháirtí gnó ar eascair an tionchar sin ina leith nó ▌ina shlabhra gníomhaíochtaí agus déanfaidh siad, más i dteideal a dhéanta atá siad de réir an dlí lena rialaítear a gcaidreamh, an méid ▌seo a leanas, mar rogha dheireanach:

(a)  plean gníomhaíochta ceartaitheach feabhsaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme maidir leis an drochthionchar sonrach, gan mhoill mhíchuí, lena n-áirítear trí ghiaráil na cuideachta a úsáid nó a mhéadú tríd an gcaidreamh ghnó i ndáil leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí go sealadach, ar choinníoll go meastar go réasúnach go bhféadfadh sé go n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin; áireofar sa phlean gníomhaíochtaí amlíne shonrach iomchuí chun na gníomhaíochtaí go léir atá ann a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus a bhféadfaidh an chuideachta comhpháirtithe malartacha gnó a lorg lena linn;

(b)  mura bhfuil súil réasúnta ann go n-éireodh leis na hiarrachtaí sin, nó mura n-éiríonn le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ceartaithí fheabhsaithe an drochthionchar a chosc nó a mhaolú, an caidreamh gnó a fhoirceannadh maidir leis na gníomhaíochtaí ▌lena mbaineann más dian ▌an drochthionchar iarbhír .

Sula ndéanfar caidreamh gnó a chur ar fionraí go sealadach nó a fhoirceannadh, déanfaidh an chuideachta a mheas an bhféadfadh na drochthionchair a thiocfadh as sin a bheith níos déine ná an drochthionchar nach rabhthas in ann a chosc nó a mhaolú ar bhealach leordhóthanach. Más amhlaidh an cás, ní cheanglófar ar an gcuideachta an caidreamh gnó a fhionraí ná a fhoirceannadh, agus beidh sí ábalta tuairisc a thabhairt don údarás inniúil maoirseachta faoi chúiseanna cuí-réasúnaithe an chinnidh sin.

Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh rogha an caidreamh gnó a fhionraí go sealadach nó é a fhoirceannadh i gconarthaí arna rialú lena ndlíthe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ach amháin i gcás conarthaí ina bhfuil oibleagáid dlí ar na páirtithe iad a dhéanamh.

I gcás ina gcinneann an chuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí go sealadach nó a fhoirceannadh, cuirfidh an chuideachta bearta i gcrích chun iarmhairtí na fionraí nó an fhoirceannta a chosc, a mhaolú nó chun deireadh a chur leo, tabharfaidh sí fógra réasúnta don chomhpháirtí gnó agus coinneoidh sí an cinneadh sin faoi athbhreithniú.

I gcás ina gcinneann an chuideachta gan an caidreamh gnó a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an chuideachta faireachán ar an drochthionchar iarbhír agus measúnú tréimhsiúil ar a cinneadh agus an bhfuil bearta iomchuí breise ar fáil.

Airteagal 12

Drochthionchair iarbhír a leigheas

1.   I gcás inar cuideachta is cúis nó is cúis go comhpháirteach le drochthionchar iarbhír, áiritheoidh na Ballstáit go leigheasfaidh an chuideachta an drochthionchar.

2.   I gcás inarb é comhpháirtí gnó na cuideachta agus é sin amháin is cúis leis an drochthionchar iarbhír, féadfaidh an chuideachta leigheas a chur ar fáil ar bhonn deonach. Féadfaidh an chuideachta leas a bhaint as a tionchar a imirt ar an gcomhpháirtí gnó is cúis leis an drochthionchar chun leigheas a chur ar fáil.

Airteagal 13

Rannpháirtíocht fhóinteach leis na geallsealbhóirí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí bearta iomchuí chun rannpháirtíocht éifeachtach a dhéanamh le geallsealbhóirí, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, agus iad ag dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, déanfaidh cuideachtaí, de réir mar is iomchuí, faisnéis ábhartha chuimsitheach a sholáthar dóibh, chun comhairliúcháin éifeachtacha thrédhearcacha a dhéanamh. Gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, beidh cead ag na páirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar fhaisnéis bhreise ábhartha, a chuirfidh an chuideachta ar fáil laistigh d'achar réasúnta ama agus i bhformáid iomchuí agus intuigthe. Má dhiúltaíonn an chuideachta d’iarraidh ar fhaisnéis bhreise, beidh na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo i dteideal an bonn cirt leis an diúltú sin a fháil i scríbhinn.

3.   Rachfar i gcomhairle le geallsealbhóirí sna céimeanna seo a leanas de phróiseas an díchill chuí:

(a)  nuair a bhailítear an fhaisnéis is gá maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha, chun na drochthionchair a shainaithint, a mheasúnú agus a chur in ord tosaíochta de bhun Airteagail 8 agus 9;

(b)  nuair a fhorbraítear pleananna gníomhaíochta coisctheacha agus ceartaitheacha de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), nuair a fhorbraítear pleananna gníomhaíochta coisctheacha feabhsaithe agus ceartaitheacha feabhsaithe de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 11(7);

(c)  nuair a chinntear caidreamh gnó a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 11(7);

(d)  nuair a ghlactar bearta iomchuí chun drochthionchair a leigheas de bhun Airteagal 12;

(e)  de réir mar is iomchuí, agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla á bhforbairt don fhaireachán is gá faoi Airteagal 15.

4.   I gcás nach bhfuiltear ábalta dul i mbun rannpháirtíocht éifeachtach le geallsealbhóirí a mhéid is gá chun ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, rachaidh cuideachtaí i gcomhairle freisin le saineolaithe ar féidir leo léargais inchreidte a thabhairt ar dhrochthionchair iarbhír nó fhéideartha.

5.   Agus iad ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, sainaithneoidh cuideachtaí bacainní ar rannpháirtíocht agus tabharfaidh siad aghaidh orthu agus áiritheoidh cuideachtaí nach ndéanfar frithbhearta ná bearta díoltais in éadan rannpháirtithe, lena n-áirítear trí rúndacht nó anaithnideacht a chaomhnú.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar do chuideachtaí na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a chomhlíonadh trí thionscnaimh earnála nó il-gheallsealbhóirí, de réir mar is iomchuí, ar choinníoll go gcomhlíonann na nósanna imeachta comhairliúcháin na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo. Ní leor tionscnaimh de chuid na hearnála ná tionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara chun an oibleagáid dul i gcomhairle le fostaithe na cuideachta ná lena n-ionadaithe a chomhlíonadh.

7.   Beidh rannpháirtíocht le fostaithe agus lena n-ionadaithe gan dochar do reachtaíocht ábhartha an Aontais agus don dlí náisiúnta i réimse na fostaíochta agus na gceart sóisialta agus beidh sí gan dochar do na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme.

Airteagal 14

Sásra fógra agus nós imeachta gearán

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcumasóidh cuideachtaí do dhaoine agus d’eintitis atá liostaithe i mír 2 gearáin a chur faoina mbráid i gcás ina bhfuil ábhair imní dhlisteanacha ag na daoine nó ag na heintitis sin maidir le drochthionchair ▌ iarbhír nó fhéideartha i ndáil le hoibríochtaí na gcuideachtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí nó oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad seo a leanas gearáin a chur isteach:

(a)  daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanann drochthionchar difear dóibh nó a bhfuil forais réasúnta acu chun a chreidiúint go bhféadfadh sé difear a dhéanamh dóibh, agus ionadaithe dlisteanacha na ndaoine sin thar a gceann, mar shampla eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine;

(b)  ceardchumainn agus ionadaithe eile oibrithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine aonair a oibríonn sa slabhra gníomhaíochtaí lena mbaineann; agus

(c)  eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach agus a bhfuil taithí acu i réimsí inar drochthionchar ar an gcomhshaol is ábhar don ghearán.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh cuideachtaí ▌ nós imeachta atá cothrom, ar fáil go poiblí, inrochtana, intuartha agus trédhearcach chun déileáil leis na gearáin dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear nós imeachta le haghaidh cásanna ina measann cuideachta go bhfuil an gearán gan bhunús, agus go gcuirfidh siad ionadaithe ábhartha na n-oibrithe agus na ceardchumainn ar an eolas faoin nós imeachta sin. Déanfaidh cuideachtaí bearta atá ar fáil go réasúnta chun aon chineál frithbhirt a chosc trí rúndacht chéannacht an duine nó na heagraíochta atá ag tíolacadh an ghearáin a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás inar gá faisnéis a roinnt, déanfar é ar shlí nach gcuirfidh sábháilteacht an ghearánaí i mbaol, lena n-áirítear trí gan chéannacht an ghearánaí a nochtadh.

I gcás ina bhfuil bunús leis an ngearán, áiritheoidh na Ballstáit go measfar an drochthionchar is ábhar don ghearán a bheith sainaitheanta de réir bhrí Airteagal 8 agus déanfaidh an chuideachta bearta iomchuí i gcomhréir le hAirteagail 10, 11, agus 12.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gearánaithe i dteideal an mhéid seo a leanas:

(a)  obair leantach iomchuí a iarraidh ar an gcuideachta i ndáil leis an ngearán ar chuir siad gearán curtha isteach ina leith de bhun mhír 1;

(b)  bualadh le hionadaithe na cuideachta ar leibhéal cuí chun plé a dhéanamh i ndáil leis na drochthionchair thromchúiseacha fhéideartha nó iarbhír atá ina n-ábhar don ghearán, agus leigheas féideartha i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c)   an chuideachta do thabhairt réasún dóibh i dtaobh an meastar go bhfuil bunús leis an ngearán nó nach bhfuil agus, i gcás ina meastar go bhfuil, do thabhairt faisnéise dóibh maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí atá déanta nó atá le déanamh.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí ar bun sásra inrochtana lenar féidir le daoine nó eintitis fógraí a thabhairt i gcás ina bhfuil faisnéis nó ábhar imní acu maidir le drochthionchair iarbhír nó fhéideartha i ndáil lena n-oibríochtaí féin, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí.

Áiritheofar leis an sásra gur féidir fógraí a thabhairt gan ainm nó faoi rún i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfaidh cuideachtaí bearta atá ar fáil le réasún chun aon chineál frithbheartaíochta a chosc trína áirithiú go bhfanfaidh céannacht na ndaoine nó na n-eintiteas a thíolacann fógraí faoi rún, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Féadfaidh an chuideachta na daoine nó na heintitis a thíolacann fógraí a chur ar an eolas faoi na céimeanna agus na bearta atá déanta nó le déanamh, i gcás inarb ábhartha.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar do chuideachtaí na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1, sa chéad fhomhír de mhír 3, agus i mír 5, a chomhlíonadh trí rannpháirtíocht i nósanna imeachta comhoibríocha gearáin agus sásraí fógra, lena n-áirítear na nósanna imeachta sin arna mbunú go comhpháirteach ag cuideachtaí, trí chomhlachais tionscail, trí thionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara nó comhaontuithe réime domhanda, ar choinníoll go gcomhlíonann na nósanna imeachta comhoibríocha sin na ceanglais agus na sásraí a leagtar amach san Airteagal seo.

7.   Ní réamhriachtanas a bheidh i bhfógra nó gearán a chur isteach faoin Airteagal seo ná ní chuirfidh sé cosc ar an duine atá á gcur isteach ó rochtain a bheith aige ar na nósanna imeachta faoi Airteagal 26 agus 29 ná ar shásraí neamhbhreithiúnacha eile.

Airteagal 15

Faireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí measúnuithe tréimhsiúla ar a n-oibríochtaí agus ar a mbearta féin, ar oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina bhfuil baint acu le slabhraí gníomhaíochtaí na cuideachta, ar ▌oibríochtaí a gcomhpháirtithe gnó, chun an cur chun feidhme a mheasúnú agus faireachán a dhéanamh ar a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá na bearta chun ▌drochthionchair a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus a thabhairt chun deiridh agus a íoslaghdú. Beidh na measúnuithe sin bunaithe, i gcás inarb iomchuí, ar tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus déanfar iad gan mhoill mhíchuí tar éis athrú suntasach a bheith ann, ach gach 12 mhí ar a laghad agus aon uair a bheidh forais réasúnta ann lena chreidiúint go bhféadfadh ▌rioscaí nua teacht chun cinn maidir leis na drochthionchair sin a tharlú. I gcás inarb iomchuí, déanfar an beartas díchill chuí, na drochthionchair arna sainaithint agus na bearta iomchuí a díorthaíodh a nuashonrú i gcomhréir le toradh na measúnuithe sin agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis ábhartha ó gheallsealbhóirí.

Airteagal 16

Cumarsáid

1.   Gan dochar don díolúine dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh cuideachtaí ar na hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo trí ráiteas bliantúil a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Foilseofar an ráiteas bliantúil sin:

(a)  i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais a úsáidtear i mBallstát an údaráis mhaoirseachta arna ainmniú de bhun Airteagal 24 agus, i gcás nach teanga acu sin í, i dteanga is gnách a úsáid i réimse an ghnó idirnáisiúnta;

(b)  laistigh d'achar réasúnta ama, ach tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta chlár comhardaithe na bliana airgeadais dá dtarraingítear suas an ráiteas, nó, i gcás cuideachtaí a thuairiscíonn go deonach i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, faoi dháta foilsithe na ráiteas airgeadais bliantúil.

I gcás cuideachta arna foirmiú i gcomhréir le dlí tríú tír, áireofar sa ráiteas freisin an fhaisnéis is gá de bhun Airteagal 23(2) maidir le hionadaí údaraithe na cuideachta.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le cuideachtaí atá faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta i gcomhréir le hAirteagal 19a, 29a nó 40a de Threoir 2013/34/AE, lena n-áirítear iad siúd atá díolmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 19a(9) nó Airteagal 29a(8) den Treoir sin.

3.   Faoin 31 Márta 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 maidir le hinneachar agus critéir an tuairiscithe faoi mhír 1, lena sonrófar, go háirithe, faisnéis atá mionsonraithe go leor faoin tuairisc ar dhícheall cuí, drochthionchair fhéideartha agus iarbhír arna sainaithint agus bearta iomchuí a rinneadh i ndáil leis na drochthionchair sin. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagail 29b agus 40b de Threoir 2013/34/AE, agus déanfaidh sé iad a ailíniú de réir mar is iomchuí leis na caighdeáin sin.

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh aige, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon dúbláil sna ceanglais tuairiscithe le haghaidh cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a)(iii), atá faoi réir ceanglais tuairiscithe faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2088, agus fós na hoibleagáidí íosta a shonraítear sa Treoir seo á gcoinneáil go hiomlán.

Airteagal 17

Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach

1.   Ón 1 Eanáir 2029, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Treoir seo á fógairt go poiblí acu, go ndéanfaidh cuideachtaí an ráiteas sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna chun go mbeidh sí inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis atá sa ráiteas bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír na ceanglais seo a leanas:

(a)  cuirfear isteach í i bhformáid ineastósctha sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;

(b)  beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil léi:

(i)  ainmneacha uile na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;

(ii)  aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iii)  méid na cuideachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(iv)  earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(v)  an cineál faisnéise mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) pointe (c), de Rialachán (AE) 2023/2859;

(vi)  léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh cuideachtaí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.

3.   Faoin 31 Nollaig 2028, chun go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ina leith sin.

4.   Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)  aon mheiteashonraí eile is gá chun bheith ag gabháil leis an bhfaisnéis;

(b)  struchtúrú na sonraí san fhaisnéis; agus

(c)  nó cén fhaisnéis ar gá formáid mheaisín-inléite ina leith agus, sna cásanna sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.

Airteagal 18

Clásail chonarthacha eiseamláireacha

Chun tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí chun comhlíonadh Airteagal 10(2), pointe (b) agus Airteagal 11(3), pointe (c) a éascú, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, treoir maidir le clásail chonarthacha shamplacha dheonacha, faoin ... [30 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Airteagal 19

Treoirlínte

1.   Chun tacú le cuideachtaí nó d’údaráis na mBallstát maidir leis an gcaoi ar cheart do chuideachtaí a n-oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh ar mhodh praiticiúil agus chun tacú le geallsealbhóirí, féadfaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, leis an Údarás Eorpach Saothair, agus i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí eile a bhfuil saineolas acu ar an dícheall cuí, treoirlínte a eisiúint, lena n-áirítear treoirlínte ginearálta agus treoirlínte earnáilsonracha nó treoirlínte i gcás tionchair dhíobhálacha shonracha.

2.   Áireofar an méid seo a leanas ar na treoirlínte atá le heisiúint de bhun mhír 1:

(a)  treoraíocht agus dea-chleachtais maidir le conas dícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 go 16, go háirithe an próiseas sainaitheanta de bhun Airteagal 8, tosaíocht a thabhairt do thionchair de bhun Airteagal 9, bearta iomchuí chun cleachtais cheannaigh a oiriúnú de bhun Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3), díscor freagrach de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 11(7), bearta iomchuí feabhsúcháin de bhun Airteagal 12, agus maidir le conas geallsealbhóirí a shainaithint agus dul i dteagmháil leo de bhun Airteagal 13, lena n-áirítear tríd an sásra fógra agus nós imeachta gearán a bhunaítear in Airteagal 14;

(b)  phraiticiúil maidir leis an bplean aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 22;

(c)  treoraíocht earnáilsonrach;

(d)  treoraíocht maidir le measúnú a dhéanamh ar fhachtóirí riosca ar leibhéal na cuideachta, fachtóirí riosca oibríochtaí gnó, fachtóirí riosca geografacha agus comhthéacsúla, fachtóirí riosca táirgí agus seirbhíse, agus fachtóirí riosca earnálacha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca;

(e)  tagairtí do shonraí agus d’fhoinsí faisnéise atá ar fáil chun na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh, agus d’uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha a d’fhéadfadh comhlíonadh a éascú agus tacú leis;

(f)  faisnéis maidir le conas acmhainní agus faisnéis a chomhroinnt idir cuideachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile chun forálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a chomhlíonadh, ar mhodh atá i gcomhréir le cosaint rún trádála de bhun Airteagal 5(3) agus an chosaint ar aon fhrithbheart agus aon díoltas féideartha dá bhforáiltear in Airteagal 13;

(g)  faisnéis do pháirtithe leasmhara agus dá n-ionadaithe maidir le conas a bheith páirteach ó thús deireadh i bpróiseas an díchill chuí.

3.   Cuirfear na treoirlínte dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil tráth nach déanaí ná ... [cuir isteach an dáta: 30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfear na treoirlínte i mír 2, pointí (b), (f) agus (g) ar fáil tráth nach déanaí ná ... [cuir isteach an dáta: 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

4.   Cuirfear na treoirlínte dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar na treoirlínte agus oiriúnóidh sé iad i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 20

Bearta tionlacain

1.  Chun faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí agus dá gcomhpháirtithe gnó agus do gheallsealbhóirí, cuirfidh na Ballstáit ar bun, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha tiomnaithe agus oibreoidh siad iad. Tabharfar aird ar leith, i ndáil leis sin, ar na FBManna atá i láthair i slabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí. Tabharfaidh na suíomhanna gréasáin, na hardáin nó na tairseacha sin rochtain ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  an t-inneachar agus na critéir tuairiscithe arna leagan síos ag an gCoimisiún sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 16(3);

(b)  treoraíocht an Choimisiúin i dtaobh clásail chonarthacha eiseamláireacha dheonacha dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus na treoirlínte a eisíonn sé de bhun Airteagal 19;

(c)  an deasc chabhrach aonair dá bhforáiltear in Airteagal 21; agus

(d)  faisnéis do pháirtithe leasmhara agus dá n-ionadaithe maidir le conas a bheith páirteach ó thús deireadh i bpróiseas an díchill chuí.

2.  Gan dochar do na rialacha maidir leis an státchabhair, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do FBManna. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil freisin do geallsealbhóirí chun feidhmiú na gceart a leagtar síos sa Treoir seo a éascú.

3.  Féadfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta na mBallstát a chomhlánú lena gcuirfear le gníomhaíocht an Aontais atá ann cheana chun tacú le dícheall cuí san Aontas agus i dtríú tíortha agus chun bearta nua a cheapadh, lena n-áirítear tionscnaimh chomhpháirteacha earnála agus il-gheallsealbhóirí a éascú chun cabhrú le cuideachtaí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

4.  Gan dochar d’Airteagail 25, 26 agus 29, féadfaidh cuideachtaí a bheith rannpháirteach i ▌dtionscnaimh earnála agus il-gheallsealbhóirí chun tacú le cur chun feidhme ▌na n-oibleagáidí díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 7 go hAirteagal 16▌ a mhéid is iomchuí na tionscnaimh sin▌ chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Go háirithe, féadfaidh cuideachtaí, tar éis measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht, úsáid a bhaint as anailís riosca ábhartha nó páirt a ghlacadh in anailís riosca ábhartha arna déanamh ag tionscnaimh de chuid na hearnála nó tionscnaimh lena mbaineann raon páirtithe leasmhara nó ag comhaltaí de na tionscnaimh sin agus féadfaidh siad bearta iomchuí éifeachtacha a dhéanamh nó páirt a ghlacadh iontu trí na tionscnaimh sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh cuideachtaí faireachán ar éifeachtacht na mbeart sin agus, leanfaidh siad de bhearta iomchuí a dhéanamh i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí.

Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit scaipeadh faisnéise faoi ▌na tionscnaimh sin agus a dtorthaí a éascú. Eiseoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht ina leagtar amach critéir oiriúnachta agus modheolaíocht do chuideachtaí chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na dtionscnamh earnála agus il-gheallsealbhóirí.

5.   Gan dochar d’Airteagail 25, 26 agus 29, féadfaidh cuideachtaí úsáid a bhaint as fíorú neamhspleách tríú páirtí ar chuideachtaí agus ó chuideachtaí ina slabhraí gníomhaíochtaí chun tacú le cur chun feidhme oibleagáidí díchill chuí a mhéid is iomchuí an fíorú sin chun tacú le comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha. Féadfaidh cuideachtaí eile nó tionscnamh earnála nó il-gheallsealbhóirí fíorú tríú páirtí neamhspleách a dhéanamh. Gníomhóidh fíoraitheoirí tríú páirtí neamhspleácha go hoibiachtúil agus go hiomlán neamhspleách ar an gcuideachta, beidh siad saor ó aon choinbhleacht leasa, fanfaidh siad saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht nach bhfuil ag teacht lena neamhspleáchas. Ag brath ar chineál an drochthionchair, beidh taithí agus inniúlacht acu in ábhair a bhaineann leis an gcomhshaol nó le cearta an duine agus beidh siad freagrach as cáilíocht agus iontaofacht an fhíoraithe a dhéanann siad.

Eiseoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoraíocht lena leagfar amach critéir oiriúnachta agus modheolaíocht do chuideachtaí chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht fíoraitheoirí tríú páirtí, agus treoraíocht chun faireachán a dhéanamh ar chruinneas, éifeachtacht agus sláine an fhíoraithe a dhéanfaidh tríú páirtí.

Airteagal 21

Deasc chabhrach lárnach

1.   Bunóidh an Coimisiún deasc chabhrach lárnach trína bhféadfaidh cuideachtaí faisnéis, treoraíocht agus tacaíocht a lorg maidir lena n-oibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh.

2.   Comhoibreoidh na húdaráis náisiúnta ábhartha i ngach Ballstát leis an deasc chabhrach lárnach chun cuidiú leis an bhfaisnéis agus an treoraíocht a chur in oiriúint do chomhthéacsanna náisiúnta agus leis an bhfaisnéis agus leis an treoraíocht sin á scaipeadh.

Airteagal 22

Dul i ngleic leis an athrú aeráide

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 2(2), pointí (a), (b) agus (c), plean aistrithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm maidir le maolú ar an athrú aeráide arb é is aidhm dó a áirithiú, trí na hiarrachtaí is fearr, go bhfuil samhail ghnó agus straitéis ghnó na cuideachta comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach arna bunú i Rialachán (AE) 2021/1119, lena n-áirítear a spriocanna idirmheánacha agus 2050 maidir le neodracht aeráide, agus i gcás inarb ábhartha, neamhchosaint na cuideachta ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gas.

Beidh an méid seo a leanas i ndearadh an phlean idirthréimhsigh i gcás maolú ar an athrú aeráide dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)  na spriocanna faoi cheangal ama a bhaineann leis an athrú aeráide do 2030 agus i gcéimeanna 5 bliana suas go 2050 bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhoshéanta agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, dearbhspriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do raon feidhme 1, raon feidhme 2 agus raon feidhme 3 i gcás astaíochtaí gas ceaptha teasa i gcás gach catagóire suntasaí faoi leith;

(b)  tuairisc ar luamháin dícharbónúcháin a sainaithníodh agus príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe chun na spriocanna dá dtagraítear i bpointe (a) a shroicheadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, athruithe ar phunann táirgí agus seirbhísí na cuideachta agus glacadh teicneolaíochtaí nua;

(c)  míniú agus cainníochtú ar na hinfheistíochtaí agus ar an gcistiú a thacaíonn le cur chun feidhme an phlean aistrithe i gcás maolú ar an athrú aeráide; agus

(d)  tuairisc ar ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir leis an bplean aistrithe agus i gcás maolú ar an athrú aeráide.

2.  Measfar gur chomhlíon cuideachtaí a thuairiscíonn plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 19a, 29a nó 40a, de réir mar a bheidh, de Threoir 2013/34/AE, gur chomhlíon siad an oibleagáid chun plean i gcás maolú ar an athrú aeráide a ghlacadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Cuideachtaí a áirítear sa phlean aistrithe i gcás maolú ar an athrú aeráide a thíolacann a máthairghnóthas agus a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 29a nó 40a, de réir mar a bheidh, de Threoir 2013/34/AE, measfar gur chomhlíon siad an oibleagáid chun plean aistrithe i gcás maolú ar an athrú aeráide a ghlacadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an plean aistrithe i gcás maolú ar an athrú aeráide dá dtagraítear i mír 1 cothrom le dáta gach 12 mhí agus go mbeidh tuairisc ann ar an dul chun cinn atá déanta ag an gcuideachta i dtreo na spriocanna dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (a) a bhaint amach.

Airteagal 23

Ionadaí údaraithe

1.  Ceanglóidh na Ballstáit go n-ainmneoidh gach cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a oibríonn i mBallstát mar a ionadaí údaraithe duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe nó a bhfuil sainchónaí air i gceann de na Ballstáit ina n-oibríonn an chuideachta. Beidh an t-ainmniú bailí nuair a dheimhneofar gur ghlac an t-ionadaí údaraithe leis.

2.  Ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfaidh an t-ionadaí údaraithe nó an chuideachta fógra faoi ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an ionadaí údaraithe ▌d’údarás maoirseachta sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí ar an ionadaí údaraithe nó ina bhfuil sé bunaithe agus, i gcás nach é an ceann céanna é, an t-údarás maoirseachta inniúil, a shonraítear in Airteagal 24(3). Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’oibleagáid ar an ionadaí údaraithe cóip den ainmniú a sholáthar i dteanga oifigiúil Ballstáit, arna iarraidh sin, d’aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta.

3.  Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-ionadaí údaraithe nó an chuideachta in iúl d’údarás maoirseachta sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí ar an ionadaí údaraithe nó ina bhfuil sé bunaithe agus, i gcás nach ionann é, don údarás maoirseachta inniúil, a shonraítear in Airteagal 24(3), gur cuideachta í an chuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2).

4.  Ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfaidh gach cuideachta de chumhacht dá ionadaí údaraithe cumarsáid a fháil ó údaráis mhaoirseachta maidir leis na hábhair uile is gá chun forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Beidh sé de cheangal ar chuideachtaí na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a thabhairt dá n-ionadaí údaraithe chun dul i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta.

5.   I gcás nach gcomhlíonann cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo, beidh gach Ballstát ina n-oibríonn an chuideachta sin inniúil chun comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Aon Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a fhorfheidhmiú, tabharfaidh sé fógra do na húdaráis mhaoirseachta trí Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta a bunaíodh faoi Airteagal 28 ionas nach bhforfheidhmeoidh na Ballstáit eile iad.

Airteagal 24

Údaráis mhaoirseachta

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta amháin nó níos mó chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-oibleagáidí a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagail 7 go 16 agus Airteagal 22.

2.  Maidir le cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), is é a bheidh san údarás maoirseachta inniúil údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta.

3.  Maidir le cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), is é a bheidh san údarás maoirseachta inniúil údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil brainse ag an gcuideachta. Mura bhfuil brainse ag an gcuideachta in aon Bhallstát, nó mura bhfuil brainsí aici i mBallstáit éagsúla, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit inar ghin an chuideachta an chuid is mó dá glanláimhdeachas san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an dáta a luaitear in Airteagal 37 nó an dáta a chomhlíonann an chuideachta na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(2) den chéad uair a bheidh an t-údarás maoirseachta inniúil, cibé acu is déanaí.

Féadfaidh cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), ar bhonn athrú ar imthosca as a n-eascraíonn an chuid is mó dá láimhdeachas san Aontas i mBallstát eile, iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh chun an t-údarás maoirseachta atá inniúil ar ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo a athrú i ndáil leis an gcuideachta sin.

4.   I gcás ina gcomhlíonfaidh máthairchuideachta na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo thar ceann a fochuideachtaí i gcomhréir le hAirteagal 6, comhoibreoidh údarás inniúil maoirseachta na máthairchuideachta le húdarás inniúil maoirseachta na fochuideachta, a leanfaidh de bheith inniúil chun a áirithiú go mbeidh an fhochuideachta faoi réir fheidhmiú na gcumhachtaí i gcomhréir le hAirteagal 25. I ndáil leis sin, éascóidh Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta a cuireadh ar bun faoi Airteagal 28 an comhar, an comhordú agus an cúnamh frithpháirteach is gá i gcomhréir le hAirteagal 28.

5.  I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás maoirseachta amháin, áiritheoidh sé go saineofar inniúlachtaí faoi seach na n-údarás maoirseachta sin go soiléir agus go gcomhoibreoidh siad go dlúth agus go héifeachtach lena chéile.

6.  Féadfaidh na Ballstáit na húdaráis a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais airgeadais rialáilte mar údaráis mhaoirseachta freisin chun críocha na Treorach seo.

7.  Faoin [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmneacha agus sonraí teagmhála na n-údarás maoirseachta arna n-ainmniú de bhun an Airteagail seo, mar aon lena n-inniúlachtaí faoi seach i gcás ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta ainmnithe ann. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe a dhéanfar air.

8.  Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin liosta na n-údarás maoirseachta, agus, i gcás ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta ag Ballstát, inniúlachtaí na n-údarás sin faoi seach i ndáil leis an Treoir seo. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta go rialta ar bhonn na faisnéise a gheofar ó na Ballstáit.

9.  Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas na n-údarás maoirseachta agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh siad féin agus gach duine a oibríonn dóibh nó a d’oibrigh dóibh agus iniúchóirí, saineolaithe agus aon daoine eile a bheidh ag gníomhú thar a gceann, a gcuid cumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus le hurraim chuí ar oibleagáidí na rúndachta gairmiúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis mhaoirseachta neamhspleách go dlíthiúil agus go feidhmiúil agus saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, lena n-áirítear, go mbeidh sé neamhspleách ar na cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo nó ar leasanna eile sa mhargadh, go mbeidh a bhfoireann agus na daoine atá freagrach as a bhainistiú saor ó choinbhleachtaí leasa, faoi réir ceanglais rúndachta, agus go staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis mhaoirseachta tuarascáil bhliantúil maidir lena ngníomhaíochtaí faoin Treoir seo agus go gcuirfear ar fáil ar líne.

Airteagal 25

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis mhaoirseachta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Treoir seo a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht chun ceangal ar chuideachtaí faisnéis a sholáthar agus imscrúduithe a dhéanamh a bhaineann le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 go 16. Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis mhaoirseachta maoirseacht a dhéanamh ar ghlacadh agus ar dhearadh an phlean aistrithe i gcás maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 22(1).

2.  Féadfaidh údarás maoirseachta imscrúdú ar a thionscnamh féin nó mar thoradh ar ábhair imní chuí-réasúnaithe a cuireadh in iúl dó de bhun Airteagal 26, má mheasann sé go bhfuil faisnéis leordhóthanach aige lena léirítear gur sháraigh cuideachta na hoibleagáidí dá bhforáiltear i bhforálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo.

3.  Déanfar cigireachtaí i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht agus tar éis réamhrabhadh a thabhairt don chuideachta, ach amháin i gcás ina gcuirfidh an réamhrabhadh sin bac ar éifeachtacht na cigireachta. I gcás inar mian le húdarás maoirseachta, mar chuid dá imscrúdú, cigireacht a dhéanamh ar chríoch Bhallstáit nach é a Bhallstát féin é, iarrfaidh sé cúnamh ar an údarás maoirseachta sa Bhallstát sin de bhun Airteagal 28(3).

4.  Más rud é, mar thoradh ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun mhíreanna 1 agus 2, go sainaithníonn údarás maoirseachta cás nach bhfuil i bhforálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo á gcomhlíonadh, tabharfaidh sé tréimhse iomchuí ama don chuideachta lena mbaineann chun gníomh leighis a dhéanamh, más indéanta an gníomh sin.

Trí ghníomh leighis a dhéanamh, ní chuirtear bac ar phionóis a fhorchur ná ar dhliteanas sibhialta a ghníomhachtú, i gcomhréir le hAirteagal 27 agus le hAirteagal 29, faoi seach.

5.  Agus a gcúraimí á ndéanamh acu, beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag na húdaráis mhaoirseachta:

(a)  a ordú don chuideachta:

(i)   scor de sháruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo trí ghníomh a dhéanamh nó scor d’iompar;

(ii)   staonadh ó aon athdhéanamh ar an iompar ábhartha; agus

(iii)   i gcás inarb iomchuí, leasúchán atá comhréireach leis an sárú agus atá riachtanach chun an sárú a thabhairt chun deiridh a chur ar fáil;

(b)  pionóis a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 27; agus

(c)  bearta eatramhacha a ghlacadh i gcás garbhaol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dholeasaithe.

6.  Feidhmeoidh na húdaráis mhaoirseachta na cumhachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)   go díreach;

(b)   i gcomhar le húdaráis eile; nó

(c)   trí iarraidh ar na húdaráis bhreithiúnacha inniúla, a áiritheoidh go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht acu atá coibhéiseach le fíneálacha riaracháin arna bhforchur go díreach ag údaráis mhaoirseachta.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil in aghaidh cinneadh ó údarás maoirseachta a bhaineann leis an duine sin agus atá ceangailteach ó thaobh an dlí de , i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádann na húdaráis mhaoirseachta taifid ar na himscrúduithe dá dtagraítear i mír 1, ina léirítear, go háirithe, cineál agus toradh na n-imscrúduithe sin, chomh maith le taifid ar aon ghníomhaíocht fhorfheidhmiúcháin arna déanamh faoi mhír 5.

9.   Is gan dochar do dhliteanas sibhialta na cuideachta faoi Airteagal 29 a bheidh cinntí na n-údarás maoirseachta maidir le forálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a bheith á gcomhlíonadh ag cuideachta.

Airteagal 26

Ábhair imní chuí-réasúnaithe

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha i dteideal ábhair imní chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid aon údaráis mhaoirseachta , trí bhealaí inrochtana, i gcás ina bhfuil cúiseanna acu lena chreidiúint, ar bhonn imthosca oibiachtúla, nach bhfuil cuideachta i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin do dhaoine a bhfuil ábhair imní chuí-réasúnaithe á gcur isteach acu go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta is gá chun céannacht agus faisnéis phearsanta an duine sin, a bheadh díobhálach don duine sin dá nochtfaí í, a chosaint go hiomchuí.

3.  I gcás ina dtagann ábhar imní cuí-réasúnaithe faoi inniúlacht údaráis mhaoirseachta eile, déanfaidh an t-údarás a fhaigheann an t-ábhar imní cuí-réasúnaithe a tharchur chuig an údarás sin.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta measúnú ar na hábhair imní chuí-réasúnaithe agus, i dtréimhse iomchuí ama , agus, i gcás inarb iomchuí ,go bhfeidhmeoidh siad a gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 25.

5.  Déanfaidh an t-údarás maoirseachta, a luaithe is féidir agus i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais, na daoine dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe ar a n-ábhair imní chuí-réasúnaithe agus soláthróidh sé an réasúnú leis an toradh sin. Ina theannta sin, cuirfidh an t-údarás maoirseachta daoine a bhfuil ábhair imní chuí-réasúnaithe á chur isteach acu a bhfuil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leas dlisteanach acu san ábhar, ar an eolas faoina chinneadh aontú d’aon iarraidh ar ghníomhaíocht nó diúltú di, mar aon le tuairisc ar na céimeanna agus ar na bearta breise a dhéanfaidh sé, agus eolas praiticiúil maidir le rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.

6.  Aon daoine a chuireann isteach ábhair imní chuí-réasúnaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a bhfuil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leas dlisteanach acu san ábhar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain acu ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhchlaonta eile atá inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus shubstainteach chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomh an údaráis mhaoirseachta.

Airteagal 27

Pionóis

1.  Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear pionóis airgid, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar pionóis a fhorchur agus, i gcás ina ndéanfar amhlaidh, le linn cineál agus leibhéal iomchuí na bpionós a chinneadh, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)   cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus déine na dtionchar a eascraíonn as an sárú sin;

(b)   aon infheistíochtaí arna ndéanamh agus aon tacaíocht spriocdhírithe arna soláthar de bhun Airteagail 10 agus 11;

(c)   aon chomhoibriú le heintitis eile chun aghaidh a thabhairt ar thionchair lena mbaineann;

(d)   i gcás inarb ábhartha, a mhéid a rinneadh cinntí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e)   aon sáruithe ábhartha a rinne an chuideachta roimhe sin ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo;

(f)   a mhéid a rinne an chuideachta aon ghníomhaíocht leasúcháin maidir leis an ábhar lena mbaineann;

(g)   na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an chuideachta nó na caillteanais a sheachain sí de bharr an tsáraithe;

(h)   aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis lena mbaineann.

3.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do na pionóis seo a leanas ar a laghad:

(a)  pionóis airgid;

(b)  mura gcomhlíonann cuideachta an cinneadh lena bhforchuirtear pionós airgid laistigh den teorainn ama is infheidhme, ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl an chuideachta atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe.

4.  Nuair a fhorchuirfear pionóis airgid, beidh siad bunaithe ar ghlanláimhdeachas domhanda na cuideachta. Ní bheidh uasteorainn phionóis airgid níos lú ná 5 % de ghlanláimhdeachas domhanda na cuideachta sa bhliain airgeadais sa bhliain airgeadais roimh an gcinneadh an fhíneáil a ghearradh.

Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), agus in Airteagal 2(2), pointe (b), go ndéanfar pionóis airgid a ríomh agus an láimhdeachas comhdhlúite arna thuairisciú ag an máthairchuideachta deiridh á chur i gcuntas.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar aon chinneadh de chuid na n‑údarás maoirseachta maidir le pionóis a bhaineann le sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, go mbeidh sé ar fáil go poiblí ar feadh 5 bliana ar a laghad agus go gcuirfear chuig Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta é a cuireadh ar bun faoi Airteagal 28. Ní bheidh aon sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 sa chinneadh foilsithe.

Airteagal 28

Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta

1.  Bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta, ina mbeidh ionadaithe ó na húdaráis mhaoirseachta. Éascóidh Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta comhar na n-údarás maoirseachta agus comhordú agus ailíniú cleachtas rialála, imscrúdaitheacha, smachtbhannaí agus maoirseachta na n-údarás maoirseachta agus, de réir mar is iomchuí, comhroinnt na faisnéise eatarthu.

Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do ghníomhaireachtaí an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo dul isteach i Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta.

2.   Comhoibreoidh na Ballstáit le Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta chun na cuideachtaí laistigh dá ndlínse a shainaithint, go háirithe tríd an bhfaisnéis uile is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann cuideachta tríú tír na critéir a leagtar síos in Airteagal 2. Bunóidh an Coimisiún córas slán chun faisnéis a mhalartú maidir leis an nglanláimhdeachas arna ghiniúint san Aontas ag cuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), nach bhfuil brainse aici in aon Bhallstát, nó mura bhfuil brainsí aici i mBallstáit éagsúla, agus cuirfidh na Ballstáit in iúl go rialta faisnéis atá acu maidir leis an nglanláimhdeachas arna ghiniúint ag na cuideachtaí sin. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis sin laistigh d'achar réasúnta ama agus tabharfaidh sé fógra don Bhallstát inar ghin an chuideachta an chuid is mó dá glanláimhdeachas san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach, gur cuideachta í an chuideachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus go bhfuil údarás maoirseachta an Bhallstáit inniúil i gcomhréir le hAirteagal 24(3).

3.  Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach dá chéile agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm ar mhaithe le comhar éifeachtach a bhaint amach lena chéile. Áireofar le cúnamh frithpháirteach comhoibriú d’fhonn na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 18 a fheidhmiú, lena n-áirítear i ndáil le cigireachtaí agus iarrataí ar fhaisnéis.

4.  Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta na bearta iomchuí uile is gá chun iarraidh ar chúnamh ó údarás maoirseachta eile a fhreagairt agus déanfar é sin gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás inar gá sin de bharr imthosca an cháis, féadfar an tréimhse a fhadú síneadh suas go 2 mhí ar a mhéad, bunaithe ar údar cuí. Féadfar a áireamh sna bearta sin, go háirithe, faisnéis ábhartha a tharchur maidir le himscrúdú a dhéanamh.

5.  Cuimseofar sna hiarrataí ar chúnamh gach faisnéis is gá, lena n-áirítear cuspóir na hiarrata agus na cúiseanna atá léi. Ní bhainfidh údaráis mhaoirseachta úsáid as an bhfaisnéis a fhaightear trí iarraidh ar chúnamh ach amháin chun na críche ar iarradh í.

6.  Cuirfidh an t-údarás maoirseachta iarrtha an t-údarás maoirseachta iarrthach ar an eolas faoi thorthaí na mbeart nó, de réir mar a bheidh, faoin dul chun cinn maidir leis na bearta atá le déanamh chun freagairt don iarraidh ar chúnamh.

7.  Ní ghearrfaidh údaráis mhaoirseachta táillí ar a chéile as gníomhaíochtaí agus bearta a dhéanfar de bhun iarraidh ar chúnamh.

Féadfaidh údaráis mhaoirseachta rialacha a chomhaontú le chéile, áfach, le go slánóidh údaráis mhaoirseachta eile iad maidir le caiteachas sonrach a éiríonn as cúnamh a sholáthar i gcásanna eisceachtúla.

8.  Cuirfidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 24(3) Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta ar an eolas faoin méid sin agus faoi aon iarraidh an t-údarás inniúil maoirseachta a athrú.

9.  Nuair atá amhras ann maidir le sannadh na hinniúlachta, déanfar an fhaisnéis ar a bhfuil an sannadh sin bunaithe a roinnt le Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta, a d’fhéadfadh iarrachtaí a chomhordú chun teacht ar réiteach.

10.   Foilseoidh Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta an méid seo a leanas:

(a)  cinntí na n-údarás maoirseachta ina bhfuil pionóis dá dtagraítear in Airteagal 27(5); agus

(b)  liosta táscach de chuideachtaí tríú tír atá faoi réir na Treorach seo.

Airteagal 29

Dliteanas sibhialta cuideachtaí agus an ceart chun lánchúitimh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir cuideachta a chur faoi dhliteanas i leith damáiste a dhéantar do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar choinníoll:

(a)  gur mhainnigh an chuideachta d’aon ghnó nó le faillí na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 10 agus 11 a chomhlíonadh, nuair atá an ceart, an toirmeasc nó an oibleagáid a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo dírithe ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a chosaint; agus

(b)  mar thoradh ar mhainneachtain dá dtagraítear i bpointe (a), go ndearnadh damáiste do leasanna dlíthiúla an duine nádúrtha nó dlítheanaigh atá faoi chosaint faoin dlí náisiúnta.

Ní féidir cuideachta a chur faoi dhliteanas más iad a comhpháirtithe gnó agus iadsan amháin ba chúis leis an damáiste ina slabhra gníomhaíochtaí.

2.  I gcás ina bhfuil cuideachta faoi dhliteanas i gcomhréir le mír 1, beidh sé de cheart ag duine nádúrtha nó dlítheanach cúiteamh iomlán a fháil as an damáiste i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh róchúiteamh mar thoradh ar chúiteamh iomlán faoin Treoir seo, cibé acu trí dhamáistí pionósacha, iolracha nó cineálacha eile damáistí.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)  ní chuirfidh rialacha náisiúnta maidir le tús, fad, fionraí nó briseadh tréimhsí teorann bac míchuí ar chaingne i leith damáistí a thionscnamh agus, i gcás ar bith, ní bheidh siad níos srianta ná na rialacha maidir le córais náisiúnta dliteanais shibhialta ghinearálta;

is é cúig bliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse teorann chun caingne i leith damáistí a thabhairt faoin Treoir seo agus, i gcás ar bith, ní giorra iad ná an tréimhse teorann a leagtar síos faoi chórais náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta ginearálta.

ní chuirfear tús le tréimhsí teorann sula mbeidh deireadh leis an sárú agus go mbeidh an méid seo a leanas ar eolas ag an éilitheoir, nó gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeadh sé ar an eolas:

(i)  faoin iompraíocht agus gur sárú é;

(ii)  gur bhain díobháil dóibh leis an sárú; agus

(iii)  faoi chéannacht an tsáraitheora;

(b)  ní bheidh costas na n-imeachtaí róchostasach d’éilitheoirí chun ceartas a lorg;

(c)  beidh éilitheoirí in ann bearta urghaire a lorg, lena n-áirítear trí nósanna imeachta eatramhacha. beidh na bearta urghaire sin i bhfoirm beart críochnúil nó sealadach chun sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a scor trí ghníomhaíocht a dhéanamh nó trí iompar a scor;

(d)  déantar foráil maidir le coinníollacha réasúnacha faoina bhféadfaidh aon pháirtí díobhálaithe líomhnaithe údarú do cheardchumann, d’eagraíocht neamhrialtasach um chearta an duine nó um chomhshaol nó d’eagraíocht neamhrialtasach eile, agus, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d’institiúidí náisiúnta um chearta an duine, atá bunaithe i mBallstát, chun caingne a thabhairt chun cearta an duine díobhálaithe líomhnaithe a fhorfheidhmiú, gan dochar do rialacha náisiúnta an nós imeachta shibhialta;

féadfar ceardchumann nó eagraíocht neamhrialtasach a údarú faoin gcéad fhomhír den phointe seo má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos sa dlí náisiúnta; féadfar a áireamh ar na ceanglais sin láithreacht bhuan dá gcuid féin a choinneáil agus, i gcomhréir lena reachtanna, gan a bheith bainteach, go sealadach fiú, ar bhonn tráchtála, le réadú na gceart a chosnaítear faoin Treoir seo nó faoi na cearta comhfhreagracha sa dlí náisiúnta;

(e)  i gcás ina ndéantar éileamh, agus tíolacann éilitheoir bonn cirt réasúnaithe ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun tacú le inchreidteacht a n-éilimh ar dhamáistí agus inar léirigh siad go bhfuil fianaise bhreise faoi rialú na cuideachta, féadfaidh cúirteanna a ordú go ndéanfaidh an chuideachta an fhianaise sin a nochtadh i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta.

cuirfidh na cúirteanna náisiúnta teorainn le nochtadh na fianaise a lorgófar don mhéid sin is gá agus atá comhréireach chun tacú le héileamh féideartha nó le héileamh ar dhamáistí agus teorannóidh siad caomhnú na fianaise don mhéid sin is gá agus atá comhréireach d’fhonn tacú le héileamh den sórt sin ar dhamáistí; agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil ordú chun fianaise a nochtadh nó a chaomhnú comhréireach, breithneoidh cúirteanna náisiúnta a mhéid a thacaíonn fíorais agus fianaise atá ar fáil leis an éileamh nó leis an gcosaint, ar fíorais agus fianaise iad lena dtugtar bonn cirt don iarraidh fianaise a nochtadh; raon feidhme agus costas an nochta chomh maith le leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear aon tríú páirtithe, lena n-áirítear cuardaigh neamhshonracha ar fhaisnéis a chosc nach dócha go mbeidh siad ábhartha do na páirtithe sa nós imeachta; an bhfuil faisnéis rúnda san fhianaise a bhfuil a nochtadh á lorg, go háirithe maidir le haon tríú páirtithe, agus cé na socruithe atá i bhfeidhm chun an fhaisnéis rúnda sin a chosaint;

áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag na cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise a ordú ar fianaise í a bhfuil faisnéis rúnda inti a mheasann siad a bheith ábhartha don chaingean le haghaidh damáistí; Áiritheoidh Ballstáit, agus nochtadh na faisnéise sin á ordú acu, go mbeidh bearta éifeachtacha ar fáil do chúirteanna náisiúnta chun an fhaisnéis sin a chosaint.

4.   Aon chuideachtaí a ghlac páirt i dtionscnaimh earnála nó geallsealbhóirí, nó a d’úsáid fíorú tríú páirtí nó clásail chonarthacha chun tacú le hoibleagáidí díchill chuí a chur chun feidhme, is féidir iad a chur faoi dhliteanas fós i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.  Beidh dliteanas sibhialta cuideachta i leith damáistí a eascraíonn faoin bhforáil seo gan dochar do dhliteanas sibhialta a fochuideachtaí nó aon chomhpháirtí gnó díreach nó indíreach i slabhra gníomhaíochtaí na cuideachta.

Nuair is í an chuideachta agus a fochuideachta, comhpháirtí gnó díreach nó indíreach, ba chúis leis an damáiste i gcomhpháirt, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach, gan dochar d’fhorálacha an dlí náisiúnta a bhaineann le coinníollacha an dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh, agus le cearta cúláraigh.

6.  Leis na rialacha maidir le dliteanas sibhialta faoin Treoir seo, ní chuirfear teorainn le dliteanas cuideachtaí faoi chórais dlí an Aontais nó faoi chórais dlí náisiúnta agus beidh siad gan dochar do rialacha an Aontais nó do rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta a bhaineann le drochthionchair ar chearta an duine nó le drochthionchair ar an gcomhshaol lena bhforáiltear do dhliteanas i gcásanna nach gcumhdaítear le dliteanas níos déine ná an Treoir seo nó nach bhforáiltear dóibh maidir le dliteanas níos déine.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh cur i bhfeidhm éigeantach leis an dliteanas dá bhforáiltear ▌ bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an tAirteagal seo i gcásanna nach é dlí Ballstáit an dlí is infheidhme maidir le héilimh chuige sin.

Airteagal 30

Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh Treoir (AE) 2019/1937 infheidhme maidir le tuairisciú ▌sáruithe ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin.

Airteagal 31

Tacaíocht phoiblí, soláthar poiblí agus lamháltais phoiblí

Áiritheoidh na Ballstáit go gcáileoidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó as a gcur chun feidhme deonach, mar ghné chomhshaoil nó shóisialta a fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha a chur i gcuntas, i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, mar chuid de na critéir dhámhachtana do chonarthaí poiblí agus lamháltais, agus mar choinníoll comhshaoil agus sóisialta, a fhéadfaidh na húdaráis chonarthacha, i gcomhréir leis na Treoracha sin, a leagan síos i ndáil le feidhmiú chonarthaí poiblí agus lamháltais.

Airteagal 32

Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937

I dTreoir (AE) 2019/1937, pointe E.2 de Chuid I den Iarscríbhinn, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

‘(vi) `▌ Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L ..., ...)+.

_________________

+ IO: Cuir isteach sa téacs, uimhir, dáta agus tagairt IO na Treorach atá i ndoiciméad (2022/0051(COD)).’

"

Airteagal 33

Leasú ar Rialachán (AE) 2023/2859

I Rialachán (AE) 2023/2859, cuid B den Iarscríbhinn, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

ʻ17. Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an... maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L ..., ...)*.

_________________

+ IO: Cuir isteach sa téacs, uimhir, dáta agus tagairt IO na Treorach atá i ndoiciméad (2022/0051(COD)).’

"

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus Airteagal 16 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón … [dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 16 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) nó Airteagal 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. ▌

Airteagal 35

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(49).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 36

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an ngá atá le ceanglais bhreise maidir le díchill chuí inbhuanaitheachta a leagan síos atá saincheaptha do ghnóthais airgeadais rialáilte maidir le seirbhísí airgeadais agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar, agus maidir leis na roghanna le haghaidh ceanglais díchill chuí den sórt sin chomh maith lena dtionchair, i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo.

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais airgeadais rialáilte. Foilseofar í a luaithe is féidir tar éis ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], ach tráth nach déanaí ná ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Beidh togra reachtach ag gabháil leis, más iomchuí.

2.  Faoin … ▌ [sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo,]agus gach trí bliana dá éis sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus maidir lena héifeachtacht i ndáil lena cuspóirí a bhaint amach, go háirithe i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí. Déanfar measúnú sa chéad tuarascáil, inter alia, ar na saincheisteanna seo a leanas:

(a)   tionchair na Treorach seo ar FBManna, mar aon le measúnú ar éifeachtacht na mbeart agus na n-uirlisí éagsúla le haghaidh tacaíochta arna soláthar do FBManna ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit;

(b)   raon feidhme na Treorach seo i dtéarmaí na gcuideachtaí a chumhdaítear, cibé acu a áirithítear léi éifeachtacht na Treorach seo i bhfianaise a cuspóirí, cothrom iomaíochta idir eintitis a chumhdaítear agus nach féidir le cuideachtaí teacht timpeall ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear:

–  cibé acu is gá Airteagal 3(1), pointe (a) a athbhreithniú ionas go gcumhdófar leis an Treoir seo eintitis atá comhdhéanta mar fhoirmeacha dlíthiúla atá éagsúil leo siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;

–  cibé acu is gá samhlacha gnó nó cineálacha comhair eacnamaíoch le cuideachtaí tríú páirtí seachas iad sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach seo;

–  cibé acu is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha maidir le líon na bhfostaithe agus glanláimhdeachas a leagtar síos in Airteagal 2 agus más gá cur chuige earnáilsonrach a thabhairt isteach in earnálacha ardriosca;

–  cibé acu an gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar chritéar an ghlanláimhdeachais arna ghiniúint san Aontas a leagtar síos in Airteagal 2(2);

(c)   cibé acu is gá an sainmhíniú ar ‘slabhra gníomhaíochtaí’ a athbhreithniú;

(d)  cibé acu is gá an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a mhodhnú, lena n-áirítear i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta, agus ar cheart í a leathnú chun drochthionchair bhreise a chumhdach, go háirithe drochthionchair ar dhea-rialachas;

(e)   cibé acu is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an athrú aeráide a chomhrac dá bhforáiltear sa Treoir seo, go háirithe maidir le pleananna aistrithe i gcás maolú ar an athrú aeráide a dhearadh, a nglacadh agus cuideachtaí do chur na bpleananna sin i bhfeidhm, chomh maith le cumhachtaí na n-údarás maoirseachta a bhaineann leis na rialacha sin;

(f)   éifeachtacht na sásraí forfheidhmiúcháin arna gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus éifeachtacht na bpionós agus na rialacha maidir le dliteanas sibhialta;

(g)  cibé acu is gá athruithe ar leibhéal comhchuibhithe na Treorach seo chun cothrom na Féinne a áirithiú do chuideachtaí sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear cóineasú agus éagsúlacht idir forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

Airteagal 37

Trasuí

1.  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad thabhairt déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin … [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo],. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm:

(a)  ón … [3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit agus a raibh níos mó ná 5 000 fostaí acu ar an meán agus a ghin glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 1 500 000 000, sa bhliain airgeadais dheireanach roimh an ... [3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla, nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha, ina leith, seachas na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó ina dhiaidh sin;

(b)  ón ... [4 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit agus a raibh níos mó ná 3 000 fostaí acu ar an meán agus a ghin glanláimhdeachas domhanda níos mó ná EUR 900 000 000, sa bhliain airgeadais dheireanach roimh ... [4 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar glacadh ráitis airgeadais bhliantúla, nó ar cheart ráitis airgeadais bhliantúla a bheith glactha, ina leith, cé is moite de na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2029 nó ina dhiaidh sin;

(c)  ón ... [3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht tríú tír agus a ghin glanláimhdeachas níos mó ná EUR 1 500 000 000 san Aontas, sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach roimh ... [3 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo], seachas na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó dá éis;

(d)  ón ... [4 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), a fhoirmítear i gcomhréir le reachtaíocht tríú tír agus a ghin glanláimhdeachas níos mó ná EUR 900 000 000 san Aontas, sa bhliain airgeadais roimh an mbliain airgeadais dheireanach roimh ... [4 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo], seachas na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhlíonadh, a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2029 nó dá éis;

(e)   ón ... [5 bliana ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo] a mhéid a bhaineann le gach cuideachta eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 2(2), pointí (a) agus (b), agus cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c) agus Airteagal 2(2), pointe (c), seachas na bearta is gá chun Airteagal 16 a chomhall, a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir leis na cuideachtaí sin ar feadh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2029 nó dá éis.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 39

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh ,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Cuid I

1.   CEARTA AGUS TOIRMISC A ÁIRÍTEAR I gCOMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA UM CHEARTA AN DUINE

1.  An ceart chun na beatha, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla. Áirítear le mí-úsáid an chirt sin gardaí slándála príobháideacha nó poiblí a chosnaíonn acmhainní, saoráidí nó pearsanra na cuideachta is cúis le bás duine de dheasca easpa teagaisc nó rialaithe ón gcuideachta, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin;

2.  ▌Toirmeasc ar chéastóireacht, ar íde eile atá cruálach, mídhaonna, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla. Áirítear leis sin gardaí slándála príobháideacha nó poiblí a chosnaíonn acmhainní, saoráidí nó pearsanra na cuideachta a dhéanann duine a chéasadh nó a thugann íde do dhuine atá cruálach, mídhaonna nó táireach de dheasca easpa teagaisc nó rialaithe ón gcuideachta;

3.  ▌An ceart chun saoirse agus slándála, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

4.  ▌Toirmeasc ar chur isteach treallach nó neamhdhleathach a dhéanamh ar phríobháideachas, ar theaghlach, ar theach nó ar chomhfhreagras duine agus ar ionsaithe neamhdhleathacha a dhéanamh ar a chlú arna léirmhíniú, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;

5.  ▌Toirmeasc ar chur isteach a dhéanamh ar shaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

6.  ▌An ceart chun dálaí oibre córa agus fabhracha a bheith acu, lena n-áirítear pá cothrom agus pá maireachtála leordhóthanach d’oibrithe fostaithe agus ioncam leordhóthanach maireachtála d’oibrithe féinfhostaithe agus do shealbhóirí beaga, a thuilleann siad i gcomaoin ar a gcuid oibre agus táirgeachta, slí bheatha chuibhiúil, dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla agus teorannú réasúnta ar uaireanta oibre, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

7.  ▌Toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar thithíocht leordhóthanach, más i gcóiríocht arna soláthar ag an gcuideachta a bhfuil cónaí ar an lucht saothair, agus an toirmeasc ar shrian a chur le rochtain oibrithe ar bhia, éadaí, uisce agus sláintíocht leordhóthanach san ionad oibre, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

8.  ▌Ceart an linbh chun an chaighdeáin sláinte is airde is féidir i gcomhréir le hAirteagal 24 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ▌an ceart chun oideachais i gcomhréir le hAirteagal 28 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ▌ an ceart chun caighdeáin mhaireachtála leordhóthanach arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 27 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ceart an linbh a bheith cosanta ar dhúshaothrú eacnamaíoch agus ar aon obair a dhéanamh ar dóigh di a bheith guaiseach nó cur isteach ar oideachas an linbh, nó a bheith díobhálach do shláinte nó d’fhorbairt choirp, mheabhrach, spioradálta, mhorálta nó shóisialta an linbh, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 32 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh; ceart an linbh a bheith cosanta ar gach cineál teacht i dtír ghnéasaigh agus mí-úsáide ghnéasaigh agus a bheith cosanta ar fhuadach, ar dhíol nó ar ghluaiseacht neamhdhleathach chuig áit eile laistigh nó lasmuigh dá thír chun críocha teacht i dtír, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35 den Choinbhinsiún um Chearta an Linbh;

9.  ▌Toirmeasc ar fhostú linbh faoi bhun na haoise ag a gcríochnaítear an scolaíocht éigeantach agus, i gcás ar bith, leanbh nach óige ná 15 bliana d’aois é, ach amháin i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ndlí na háite fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138);

10.  ▌Toirmeasc ar ▌na cineálacha is measa de shaothar leanaí ▌ (daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois) , arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 3 ▌ de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182). Áirítear sa mhéid sin:

(a)  gach cineál sclábhaíochta nó gach cineál cleachtas atá cosúil leis an sclábhaíocht, mar shampla díol agus gáinneáil leanaí, cuibhriú fiachais agus seirfeachas, mar aon le saothar éigeantais nó éigeantach, lena n-áirítear earcú éigeantais nó éigeantach leanaí lena n-úsáid i gcoinbhleachtaí armtha;

(b)  leanbh a úsáid, a sholáthar nó a thairiscint le haghaidh striapachais, chun pornagrafaíocht a tháirgeadh nó le haghaidh léiriú pornagrafacha;

(c)  leanbh a úsáid, a sholáthar nó a thairiscint le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha, go háirithe chun drugaí a tháirgeadh ▌nó chun gáinneáil a dhéanamh orthu; agus

(d)  obair ar dócha go ndéanfaí dochar do shláinte, do shábháilteacht nó do mhoráltacht leanaí, de bharr chineál na hoibre nó na gcúinsí faoina ndéantar an obair sin;

11.  ▌Toirmeasc ar shaothar éigeantais nó éigeantach , rud a chiallaíonn an obair nó an tseirbhís go léir a ordaítear ar aon duine faoi bhagairt aon phionóis agus nár thairg an duine sin é féin nó í féin dá dheoin féin, mar shampla mar thoradh ar ghéibheann fiachais nó ar gháinneáil ar dhaoine, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh 29). Ní chiallóidh saothar éignithe nó éigeantach aon obair nó seirbhísí a chomhlíonann Airteagal 2(2) de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) nó Airteagal  8(3), pointí (b) agus (c)den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

12.  ▌Toirmeasc ar gach cineál sclábhaíochta agus trádála sclábhaí, lena n-áirítear cleachtais cosúil leis an sclábhaíocht, an seirfeachas nó cineálacha eile forlámhas nó leatroim san ionad oibre, mar shampla teacht i dtír agus uirísliú ollmhór eacnamaíoch nó gnéasach, nó gáinneáil ar dhaoine, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

13.  ▌An ceart chun saoirse comhlachais, comhthionóil, an ceart eagrúcháin agus chun cómhargála, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Airteagal 8 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87), agus Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98). Áirítear an méid seo a leanas ar na cearta sin:

(a)  tá an tsaoirse ag oibrithe ceardchumainn a chur ar bun nó dul i bpáirt le ceardchumainn;

(b)  ní mór gan cur ar bun, dul i bpáirt ná ballraíocht i gceardchumann, a úsáid mar chúis le hidirdhealú nó frithbheart gan údar maith;

(c)  tá an tsaoirse ag ceardchumainn oibriú i ▌gcomhréir lena mbunreachtanna agus a rialacha gan aon chur isteach ó na húdaráis; agus

(d)  an ceart chun dul ar stailc agus an ceart chun cómhargála;

14.  ▌Toirmeasc ar chóir neamh-chomhionann san fhostaíocht, mura rud é go bhfuil údar leis sin de bharr cheanglais na fostaíochta, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 2 agus ▌3 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100), Airteagail 1 agus ▌2 de Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111), agus Airteagal 7 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. Leis an méid seo áirítear go háirithe:

(a)   luach saothair neamh-chomhionann a íoc as obair ar luach comhionann; agus

(b)   idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó bunaithe ar thionscnamh sóisialta, cine, dath, gnéas, reiligiún nó tuairimí polaitiúla;

15.  ▌An toirmeasc ar aon díghrádú comhshaoil a chruthú, mar shampla athrú díobhálach ithreach, truailliú uisce nó aeir, astaíochtaí díobhálacha, ídiú iomarcach uisce, díghrádú talún, nó iarmhairt eile ar acmhainní nádúrtha, amhail dífhoraoisiú:

(a)  a chuireann as go suntasach do na bunúis nádúrtha maidir le bia a chaomhnú agus a tháirgeadh;

(b)  nach dtugann rochtain do dhuine ar uisce óil atá sábháilte agus glan;

(c)  a fhágann gur deacair ag duine rochtain a fháil ar shaoráidí sláintíochta nó a dhíothaíonn na saoráidí sin;

(d)  a dhéanann díobháil do shláinte, do shábháilteacht, do ghnáthúsáid talún nó do shealúchais arna bhfáil go dleathach ag duine;

(e)  a bhíonn éifeacht dhiúltach shuntasach aige ar sheirbhísí éiceachórais trína gcuireann éiceachóras go díreach nó go hindíreach le folláine agus meanma an duine;

arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1)de Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus Airteagail 11 agus 12 den Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

16.  An ceart atá ag daoine aonair, ag grúpaí agus ag pobail tailte agus acmhainní a fháil agus gan cóir mhaireachtála a bhaint díobh, rud a fhágann go bhfuil toirmeasc ar thalamh, ar fhoraoisí agus ar uiscí a dhíshealbhú nó a thógáil go neamhdhleathach agus talamh, foraoisí agus uiscí á bhfáil, á bhforbairt nó á n-úsáid ar shlí eile lena n-áirítear trí dhífhoraoisiú, a ndéantar slí bheatha duine a áirithiú lena n-úsáid, i gcomhréir le hAirteagail agus 27 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus le hAirteagal 1, le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 11 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha.

2.  IONSTRAIMÍ MAIDIR LE CEARTA AN DUINE AGUS SAOIRSÍ BUNÚSACHA

—  An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;

—  An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

—  An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;

—  Croíchoinbhinsiúin/bunchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair:

—  An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87);

—  An Coinbhinsiún i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98);

—  An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) agus Prótacal 2014 lena mbaineann;

—  An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105);

—  An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138);

—  An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182);

—  An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100);

—  An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111).

Cuid II

TOIRMISC AGUS OIBLEAGÁIDÍ A ÁIRÍTEAR IN IONSTRAIM A BHAINEANN LEIS AN TIMPEALLACHT

1.  ▌An oibleagáid ▌drochthionchair ar éagsúlacht bhitheolaíoch a sheachaint nó a íoslaghdú, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 10, pointe (b) de Choinbhinsiún 1992 maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha, lena n-áirítear na oibleagáidí Phrótacal Cartagena maidir le forbairt, láimhseáil, iompar, úsáid, aistriú agus scaoileadh orgánach modhnaithe beo agus oibleagáidí Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus na Tairbhí a Bhaineann leis na hAcmhainní sin mar aon lena n-Úsáid a Roinnt go Cóir agus go Cothromasach an 12 Deireadh Fómhair 2014.

2.  ▌Toirmeasc ar aon eiseamal a áirítear i bhFoscríbhinn I go III den Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol (CITES) an 3 Márta 1973 a allmhairiú, a onnmhairiú, a athonnmhairiú nó a thabhairt isteach ón bhfarraige gan chead, )arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail III, IV agus V den Choinbhinsiún;

3.  ▌Toirmeasc a chur ar mhonarú, allmhairiú agus onnmhairiú táirgí ar cuireadh mearcair leo a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata maidir le Mearcair an 10 Deireadh Fómhair 2013 (Coinbhinsiún Minamata), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Choinbhinsiún;

4.  ▌Toirmeasc ar úsáid mearcair comhdhúl mearcair sna próisis mhonaraithe a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Coinbhinsiún Minamata tar éis an dáta céimnithe amach a shonraítear sa Choinbhinsiún do na próisis leithleacha, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Choinbhinsiún;

5.  ▌Toirmeasc ar chóireáil neamhdhleathach dramhaíola mearcair, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Choinbhinsiún Minamata agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(50);

6.  ▌Toirmeasc ar tháirgeadh agus úsáid ceimiceán a liostaítear in Iarscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún Stócólm an 22 Bealtaine 2001 ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a), pointe (i) den Choinbhinsiún agus Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(51);

7.  ▌Toirmeasc ar láimhseáil, bailiú, stóráil agus diúscairt neamhdhleathach dramhaíola, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) pointe (d), pointí (i) agus (ii) den Choinbhinsiún ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1021;

8.  ▌Toirmeasc ar allmhairiú nó onnmhairiú ceimiceáin a liostaítear in Iarscríbhinn III de Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (UNEP/FAO)  an10 Meán Fómhair 1998, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagail 10(1), 11(1)(b) agus 11(2) den Choinbhinsiún agus arna léiriú ag an bPáirtí allmhairíochta nó onnmhairíochta sa Choinbhinsiún i gcomhréir leis an nós imeachta i dtaobh toiliú feasach;

9.  ▌Toirmeasc ar tháirgeadh, ithe, allmhairiú agus onnmhairiú neamhdhleathach substaintí rialaithe in Iarscríbhinní A, B, C agus E a ghabhann le Prótacal Montréal um Shubstaintí a ídíonn an Ciseal Ózóin a ghabhann le Coinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4B de Phrótacal Montréal agus forálacha ceadúnúcháin faoin dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha;

10.  ▌Toirmeasc ar onnmhairiú dramhaíola guaisí nó dramhaíola eile, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 1(1) agus (2) de Choinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt an 22 Márta 1989 (Coinbhinsiún Basel) agus ▌Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(52):

(a)  chuig páirtí sa Choinbhinsiún a chuir toirmeasc ar allmhairiú dramhaíola guaisí agus dramhaíola eile mar sin, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) pointe (b)de Choinbhinsiún Basel;

(b)  chuig stát allmhairiúcháin ▌ nach dtoilíonn i scríbhinn don allmhairiú sonrach, sa chás nach bhfuil toirmeasc curtha ag an stát allmhairiúcháin sin ar dhramhaíl ghuaiseach mar sin a allmhairiú, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) pointe (c)de Choinbhinsiún Basel;

(c)  chuig páirtí nach páirtí é i gCoinbhinsiún Basel, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Choinbhinsiún Basel;

(d)  chuig stát allmhairiúcháin mura ndéantar an dramhaíl ghuaiseach nó an dramhaíl eile sin a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sa stát sin nó in áit eile , arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(8), an chéad abairt  ▌ de Choinbhinsiún Basel ▌;

11.  ▌Toirmeasc ar dhramhaíl ghuaiseach a onnmhairiú ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel chuig tíortha nach liostaítear in Iarscríbhinn VII le haghaidh oibríochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, arna léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4A de Choinbhinsiún Basel agus le hAirteagal 34 agus Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ▌;

12.  ▌Toirmeasc ar dhramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl eile a allmhairiú ó thír nach páirtí é agus nár dhaingnigh Coinbhinsiún Basel go fóill, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Choinbhinsiún Basel;

13.   An oibleagáid chun drochthionchair ar na maoine atá sainithe mar oidhreacht nádúrtha a sheachaint nó a íoslaghdú mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a chosaint an 16 Samhain 1972 (an Coinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 5 pointe (d) den Choinbhinsiún maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha;

14.   An oibleagáid chun drochthionchair ar bhogaigh a sheachaint nó a íoslaghdú mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo go háirithe mar Ghnáthóg d’Éin Uisce an 2 Feabhra 1971 (Coinbhinsiún Ramsar), arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Choinbhinsiún Ramsar agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha;

15.   An oibleagáid truailliú ó longa a chosc, arna léirmhíniú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973, arna leasú le Prótacal 1978 (MARPOL 73/78). Áirítear sa mhéid sin:

(a)  toirmeasc ar na nithe seo a leanas a scaoileadh amach san fharraige:

(i)   ola nó meascán olach mar atá sainmhínithe i Rialachán 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 9 go 11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le MARPOL 73/78;

(ii)   substaintí leachtacha urchóideacha mar a shainmhínítear iad i Rialachán 1(6) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 5 agus 6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le MARPOL 73/78; agus

(iii)   séarachas mar a shainmhínítear é i Rialachán 1(3) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 8 agus 9 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le MARPOL 73/78;

(b)   toirmeasc ar thruailliú neamhdhleathach ó shubstaintí díobhálacha a iompraítear ar muir i bhfoirm pacáistithe mar atá sainmhínithe i Rialachán 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 1 go 7 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le MARPOL 73/78; agus

(c)   toirmeasc ar thruailliú neamhdhleathach ó dhramhaíl longa mar atá sainmhínithe i Rialachán 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le MARPOL 73/78, arna léirmhíniú i gcomhréir le Rialacháin 3 go 6 a ghabhann le hIarscríbhinn V de MARPOL 73/78;

16.   An oibleagáid truailliú na muirthimpeallachta a chosc, a laghdú agus a rialú trí dhumpáil, arna léirmhíniú i gcomhréir le hAirteagal 210 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (UNCLOS) agus leis an dlí is infheidhme sa dlínse ábhartha.

(1)IO C 443, 22.11.2022, lch. 81.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024.
(3)IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(4)Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ▌(IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(5)Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
(6)Treoir (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an …, lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, shóisialta, agus rialachais (an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil) (IO C […], […], p. […]).
(7)* IO: Cuir isteach sa téacs, uimhir na Treorach atá i ndoiciméad PE-CONS 79/23 (2021/0341(COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(8)Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1).
(9)Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).
(10)Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 206).
(11) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(12)Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le saineolas neamhnochta agus faisnéis ghnó (rúin trádála) a chosaint i gcoinne a bhfála agus a n-úsáide neamhdhleathaí agus i gcoinne a nochta neamhdhleathaigh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(13)Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, iompar agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).
(14)Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).
(15)Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(16)Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(17)Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(18)Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)
(19)Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis, atá ar fáil go poiblí, is ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L 2023/2859, 20.12.2023).
(20)Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1);
(21)Treoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht do chuideachta Eorpach (SE) maidir le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 294, 10.11.2001, lch. 22).
(22)Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo - Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
(23)Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpacha a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).
(24)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(25)Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
(26)Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).
(27)Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(28)Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n- aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(29)Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(30) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(31) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(32) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(33) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(34) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(35) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(36) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(37) Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(38) Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(39) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(40) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(41) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(42) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
(43) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(44) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(45) Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L 347, 20.10.2020, lch. 1).
(46) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
(47) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
(48) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
(49)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(50)Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lch. 1).
(51)Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
(52)Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 26 Aibreán 2024Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais