Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0140(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0395/2023

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0395/2023

Díospóireachtaí :

PV 12/12/2023 - 9
CRE 12/12/2023 - 9

Vótaí :

PV 13/12/2023 - 10.1
CRE 13/12/2023 - 10.1
Mínithe ar vótaí
PV 24/04/2024 - 7.18

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0462
P9_TA(2024)0331

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 46k
Dé Céadaoin, 24 Aibreán 2024 - Strasbourg
An Spás Eorpach Sonraí Sláinte
P9_TA(2024)0331A9-0395/2023
CEARTÚCHÁIN
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (COM(2022)0197 – C9-0167/2022 – 2022/0140(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0197),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0167/2022),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2022(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 9 Feabhra 2023(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0395/2023),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 486, 21.12.2022, lch. 123
(2) IO C 157, 3.5.2023, lch. 64
(3) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 13 Nollaig 2023 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0462).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847
P9_TC1-COD(2022)0140

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/327.)

An nuashonrú is déanaí: 20 Meitheamh 2025Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais