Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (COM(2023)0692 – C9-0408/2023 – 2023/0397(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0692),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 212 agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0408/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 30 Eanáir 2024(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Aibreán 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Buiséid faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach;
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Rialú Buiséadach;
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid (A9-0085/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ón bParliament agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1449.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an ainmníocht bhuiséadach iomchuí le haghaidh Shaoráid na mBalcán Thiar
Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dearbhú an Choimisiúin dá n-aire maidir le tuairisciú. Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi na Conarthaí, tá sé ar intinn ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ainmníocht na Saoráide a athbhreithniú, mar shampla maidir le leithreasuithe in aghaidh an tairbhí, chun grinnscrúdú polaitiúil agus buiséadach iomchuí a áirithiú. Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún Eorpach aird chuí a thabhairt ar an ráiteas sin, de réir mar is iomchuí, le linn Dréachtbhuiséad 2025 a ullmhú.