Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024 ar thabhairt i gcrích Comhaontú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún, lena mbunaítear Comhlacht Idirinstitiúideach um Chaighdeáin Eitice do Chomhaltaí na nInstitiúidí agus na gcomhlachtaí comhairleacha a luaitear in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (2024/2008(ACI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do chinntí Chomhdháil na nUachtarán an 14 agus an 19 Márta 2024, lena bhformhuinítear an dréacht-Chomhaontú idirinstitiúideach lena mbunaítear Comhlacht Idirinstitiúideach um Chaighdeáin Eiticiúla do Chomhaltaí na nInstitiúidí agus na gcomhlachtaí comhairleacha a luaitear in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún, lena mbunaítear Comhlacht Idirinstitiúideach um Chaighdeáin Eiticiúla do Chomhaltaí na nInstitiúidí agus na gcomhlachtaí comhairleacha a luaitear in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (an ‘Comhaontú’),
– ag féachaint d’Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
– ag féachaint d’Airteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2023 maidir le togra le haghaidh comhlacht eitice idirinstitiúideach agus na hiarscríbhinní a ghabhann léi (COM(2023)0311),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le trédhearcacht agus sláine a neartú in institiúidí an Aontais trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais a chur ar bun(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir le hamhras faoi éilliú ó Chatar agus an gá níos leithne atá le trédhearcacht agus cuntasacht a bheith sna hinstitiúidí Eorpacha(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2023 maidir le comhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais a bhunú(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2023 maidir le hobair leantach a dhéanamh ar bhearta arna n-iarraidh ag Parlaimint na hEorpa chun sláine na n-institiúidí Eorpacha a neartú(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 12 Iúil 2023 maidir le comhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais a bhunú(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Iúil 2023 maidir le moltaí le haghaidh athchóiriú ar rialacha Pharlaimint na hEorpa maidir le trédhearcacht, sláine, cuntasacht agus frith-éilliú(6),
– ag féachaint do Riail 148(1) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0181/2024),
A. de bhrí go bhfuil neamhspleáchas, trédhearcacht agus cuntasacht institiúidí an Aontais ríthábhachtach dá ndlisteanacht dhaonlathach agus chun muinín na saoránach a chothú; de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa inniu ar cheann de na reachtais is trédhearcaí ar domhan;
B. de bhrí gur gá aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a eascraíonn as an gcreat eitice atá ann faoi láthair, atá ilroinnte ar fud institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, le rialacha, nósanna imeachta agus leibhéil éagsúla forfheidhmithe;
C. de bhrí gur mhol Parlaimint na hEorpa, i rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021(7), agus gur athdhearbhaigh sí, sna rúin uaithi ina dhiaidh sin an 16 Feabhra 2023(8) agus an 12 Iúil 2023(9), comhlacht eitice uaillmhianach, dílis agus neamhspleách a chur ar bun;
D. de bhrí gur thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le comhlacht eitice idirinstitiúideach a bhunú an 8 Meitheamh 2023, agus comhlacht um chaighdeáin a shocrú á chur ar aghaidh aige; de bhrí nár éirigh leis an togra ón gCoimisiún an uaillmhian a cuireadh chun cinn sna rúin ó Pharlaimint na hEorpa a bhaint amach, ina raibh easpa inniúlachta den chuid is mó i dtaobh cásanna aonair agus sáruithe féideartha ar rialacha eiticiúla a scrúdú agus smachtbhannaí a mholadh;
E. de bhrí gur fhóin na rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2023(10) agus an 12 Iúil 2023 (11) mar shainordú caibidlíochta Pharlaimint na hEorpa;
F. de bhrí go rannchuideoidh comhlacht eitice idirinstitiúideach le muinín as institiúidí an Aontais agus a ndlisteanacht dhaonlathach a neartú, chomh maith le cultúr institiúideach a fhorbairt bunaithe ar na caighdeáin eiticiúla is airde;
G. de bhrí go bhforáiltear le rialacha eiticiúla reatha Pharlaimint na hEorpa ina Rialacha nós imeachta do go leor dearbhuithe caighdeánaithe i scríbhinn lena n-áirítear dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha, dearbhuithe sócmhainní, dearbhuithe maidir le feasacht faoi choinbhleachtaí leasa do shealbhóirí oifige, Rapóirtéirí, Scáthrapóirtéirí agus rannpháirtithe i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha, dearbhuithe maidir le cruinnithe sceidealaithe le hionadaithe sainleasa, agus freisin nuair a dhéantar iad a tharmligean chuig a gcúntóirí, dearbhuithe ionchuir ó na Rapóirtéirí maidir lena gcomhaid, dearbhuithe maidir le freastal ar imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe, dearbhuithe bronntanas agus dearbhuithe maidir le hidirghrúpaí nó grúpálacha neamhoifigiúla maidir le tacaíocht airgeadais sheachtrach;
1. á chur in iúl gur geal léi an Comhaontú lena gcumasaítear comhchaighdeáin eiticiúla láidre agus malartú dea-chleachtas a fhorbairt, agus lena gceadaítear do shaineolaithe neamhspleácha cásanna aonair a scrúdú arna iarraidh sin d’institiúid nó do chomhlacht comhairleach ar páirtí é sa Chomhaontú maidir le haon dearbhú óna bhFeisirí;
2. á chur i bhfios go láidir gur ag údaráis ábhartha na n-institiúidí nó na gcomhlachtaí atá an chumhacht chinnteoireachta deiridh maidir le cur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go gcuirtear tús le haon chomhairliúchán leis na saineolaithe neamhspleácha maidir le cás aonair le hiarraidh ó pháirtí atá sa Chomhaontú maidir lena chomhaltaí féin i gcomhréir lena rialacha inmheánacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart dearbhuithe leasanna airgeadais na gCoimisinéirí ainmnithe, mar chásanna ardleibhéil a tharchéimníonn leasanna na hinstitiúide lena mbaineann, a bheith faoi réir scrúdú ag na saineolaithe neamhspleácha de ghnáth;
3. á athdhearbhú, áfach, go bhfuil Parlaimint na hEorpa fós tiomanta go hiomlán do chomhlacht eitice neamhspleách, atá ábalta imscrúduithe a dhéanamh ar a tionscnamh féin agus moltaí i dtaobh smachtbhannaí a eisiúint d’údaráis fhreagracha na n-institiúidí nó na gcomhlachtaí rannpháirteacha, atá comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha mar lánchomhaltaí, a chumhdaíonn Comhaltaí institiúidí agus comhlachtaí an Aontais roimh, le linn agus tar éis a dtéarma oifige nó seirbhíse mar aon le foireann, mar a bheartaítear i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021(12) agus a athdhearbhaítear sna rúin uaithi an 16 Feabhra 2023(13) agus an 12 Iúil 2023(14);
4. á chur in iúl gur oth léi gur chinn an Chomhairle Eorpach gan dul isteach sa Chomhaontú;
5. á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Chomhairle toilteanach raon feidhme an Chomhaontaithe a leathnú chuig ar a laghad na hionadaithe ar leibhéal aireachta an Bhallstáit ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle, trína áitiú nach bhfuil aon bhunús dlí sna Conarthaí chun íoschaighdeáin chomhchoiteanna a ghlacadh a bhfuil feidhm acu i leith ionadaithe na mBallstát; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do leas a bhaint as an gcéad athbhreithniú ar an gComhaontú chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna dhlíthiúil sin agus á iarraidh, idir an dá linn, ar Uachtaránachtaí na Comhairle sa todhchaí a bhforálacha a chur i bhfeidhm go deonach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh Feisirí den Chomhairle, amhail Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, a bheith faoi cheangal ag na rialacha arna leagan síos ag an gComhairle de bhun a cumhachta féineagraíochta, a mbeadh forlámhas acu i gcás coinbhleacht le rialacha náisiúnta; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, go ngníomhaíonn ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle ina gcáil mar Fheisirí den Chomhairle agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á nglacadh acu; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do shoiléiriú dlíthiúil a lorg i dtaobh an bhféadfadh an Chomhairle ceangal a chur ar a Feisirí trí íoschaighdeáin chomhchoiteanna;
6. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór do na hacmhainní a chuirtear ar fáil feidhmiú cuí an chomhlachta idirinstitiúidigh um chaighdeáin eitice (‘an Comhlacht’) atá comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach páirtí sa Chomhaontú agus de chúigear saineolaithe neamhspleácha a thugann cúnamh do na hionadaithe institiúideacha agus a bhíonn rannpháirteach sa Chomhlacht mar bhreathnóirí, mar aon le haon tacaíocht is gá ina leith sin, a chumasú; á chur in iúl gur oth léi, de réir Airteagal 17 den Chomhaontú, go bhfuil aon chostas a eascraíonn as comhairliúchán leis na saineolaithe neamhspleácha le cumhdach ag an bpáirtí iarrthach, toisc go bhféadfadh teorainn ar líon na gcomhairliúchán sin a bheith mar thoradh air sin;
7. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh taithí ghairmiúil ag na saineolaithe neamhspleácha, a cheapfar trí chomhthoil na bpáirtithe sa Chomhaontú, go sonrach i réimsí na heitice, na sláine agus na trédhearcachta, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(2) den Chomhaontú lena dtagraítear do thaifead gan locht ar iompar gairmiúil agus do thaithí ar fheidhmeanna ardleibhéil in eagraíochtaí poiblí Eorpacha, náisiúnta nó idirnáisiúnta;
8. ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na saineolaithe neamhspleácha maidir le cásanna aonair a scrúdú arna iarraidh sin do pháirtí sa Chomhaontú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeadh sé thar a bheith tairbheach dá seolfadh gach páirtí sampla beag randamach de chásanna chuig na saineolaithe neamhspleácha chun caighdeán eiticiúil a fhorbairt nó a nuashonrú;
9. á chreidiúint gur cheart don Chomhlacht brath ar na cumhachtaí atá ag institiúidí cheana chun faisnéis a iarraidh ar a gcomhaltaí nó ar chomhaontú na n-údarás náisiúnta chun faisnéis a roinnt; á chreidiúint gur cheart do na saineolaithe neamhspleácha a bheith ábalta faisnéis a mhalartú leis na húdaráis náisiúnta i gcás inar gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, agus déileáil ag an am céanna leis an bhfaisnéis sin leis an rúndacht chéanna agus a rinne an t-údarás tionscnaimh; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart rochtain a bheith ag na saineolaithe neamhspleácha ar dhoiciméid riaracháin na bpáirtithe rannpháirteacha, go háirithe an páirtí a théann i gcomhairle leo maidir le cás, chun go mbeidh siad ábalta measúnuithe dea-réasúnaithe agus dea-dhoiciméadaithe a dhéanamh;
10. ag tabhairt dá haire go n-ainmneoidh na saineolaithe neamhspleácha cainteoir as a measc; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart neamhspleáchas iomlán a bheith ag na saineolaithe neamhspleácha maidir lena gcuid oibre a eagrú, agus maidir lena gcruinnithe féin a thionól;
11. á chreidiúint gur cheart don institiúid nó don chomhlacht comhairleach an moladh réasúnaithe ó na saineolaithe neamhspleácha a phoibliú, gan dochar don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus cearta pearsanta, in éineacht leis an gcinneadh ón údarás inniúil, ar cheart dó míniú a thabhairt mura leantar na moltaí go hiomlán;
12. á iarraidh ar an gComhlacht dea-shampla a thabhairt maidir le trédhearcacht trí na moltaí, na tuarascálacha bliantúla, na cinntí agus na taifid chaiteachais uile a fhoilsiú i bhformáid sonraí oscailte meaisín-inléite atá ar fáil do gach saoránach, agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme, lena n-áirítear, inter alia, tuairim i scríbhinn ó na saineolaithe neamhspleácha maidir le féinmheasúnuithe na n-institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 10 den Chomhaontú agus cuntas bliantúil anaithnidithe agus comhiomlánaithe gach bliana ina ndéantar achoimre i bhfoirm anaithnidithe agus comhiomlánaithe ar na comhairliúcháin agus na ceisteanna a thíolaic na páirtithe agus na gníomhaíochtaí chun obair leantach a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 7(4) den Chomhaontú ; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé príobháideacht agus toimhde na neamhchiontachta na ndaoine aonair lena mbaineann a chosaint a mhéid is iomchuí; á iarraidh ar na páirtithe sa Chomhaontú treoraíocht choiteann a fhorbairt maidir le comhairliúchán leis na saineolaithe neamhspleácha agus maidir lena moltaí a fhoilsiú;
13. á chreidiúint, chun go mbeadh sé go hiomlán éifeachtach, go mbeadh ar an gComhlacht comhcheangal a dhéanamh le feidhmeanna na n-orgán atá ann cheana atá freagrach as eitic agus, dá bhrí sin, i gcásanna inar gá breithniú sonrach a dhéanamh orthu nó chun caighdeán eiticiúil a fhorbairt nó a nuashonrú, gur cheart do gach páirtí rannpháirteach dul i gcomhairle leis na saineolaithe neamhspleácha;
14. á chur i bhfáth gur gá a shainiú conas a chinnfear sainordú an Leas-Uachtaráin a dhéanann ionadaíocht ar an bParlaimint sa Chomhlacht agus sásraí cuntasachta iomchuí a chur i bhfeidhm;
15. á mheas gur gá a shoiléiriú cé a bheadh mar ionadaí malartach na Parlaiminte sa Chomhlacht;
16. á mheas gur cheart go mbeadh ról ag an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla maidir le sainordú an Leas-Uachtaráin a dhéanann ionadaíocht ar Pharlaimint na hEorpa sa Chomhlacht a chinneadh, chomh maith leis an Leas-Uachtarán agus an t-ionadaí malartach a thabhairt chun cuntais; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh tionchar ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar chaighdeáin a fhorbairt a bheidh ceangailteach orthu;
17. á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta i gcónaí do pháirt chuiditheach a ghlacadh san athbhreithniú ar an gComhaontú atá le déanamh 3 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm chun an Comhlacht a fheabhsú agus a bhreisiú, amhail dá bhforáiltear dó in Airteagal 21 den Chomhaontú;
18. ag meabhrú a seasaimh gur cheart don Chomhlacht a bheith ábalta imscrúdú a dhéanamh ar a thionscnamh féin ar sháruithe líomhnaithe ar rialacha eiticiúla ag oifigigh agus foireann institiúidí an Aontais agus imscrúduithe ar an láthair agus taifid-bhunaithe a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá bailithe aige nó atá faighte aige ó thríú páirtithe;
19. ag formheas thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe atá i gceangal leis seo;
20. á threorú dá hUachtarán an Comhaontú a shíniú le hUachtarán na Comhairle, le hUachtarán an Choimisiúin, le hUachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, le hUachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, le hUachtarán na Cúirte Iniúchóirí, le hUachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le hUachtarán Choiste na Réigiún agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
21. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, lena n-áirítear a iarscríbhinn, a chur ar aghaidh chuig na páirtithe uile sa Chomhaontú mar eolas.
COMHAONTÚ IDIR PARLAIMINT NA HEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, AN COIMISIÚN EORPACH, CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH, AN BANC CEANNAIS EORPACH, CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA HEORPA, COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA AGUS COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN, LENA MBUNAÍTEAR COMHLACHT IDIRINSTITIÚIDEACH UM CHAIGHDEÁIN EITICE DO CHOMHALTAÍ NA N‑INSTITIÚIDÍ AGUS NA GCOMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 13 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo toisc go gcomhfhreagraíonn sé don chomhaontú idirinstitiúideach mar a foilsíodh in IO L, 2024/1365, 17.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2024/1365/ oj)